Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No.2

Title
Vol. III - No.2
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. III. — No. 2.


L. 28


A Mhná Uisle Oga — Cuirim chugaibh nóta punta le n-a bheith
'nna faoi-sgríobhadh air son bhur b-páipéir. Atá bhur b-páipeur
míosamhail ro-thaithneamhach, an-mhaith, agus mar is cóir.
Glacaidh meisneach. Tá'n chúis in a bh-fuil sibh aig oibriughadh
ceart. Téighidh air aghaidh agus tabhairidh aire díobh féin.
Bidhidh air ríribh agus ní bheidh baoghal orraibh. Cuiridh
chugam an "t-Sean Bhean Bhocht" ó n-a tús, agus go g-cuiridh
Dia an t-adh orraibh.



Is mise bhur g-cára,



J.S. UA GALLCHOBHAIR.



DILEAGRA



Do'n mhnaoi uasail Maud Gonne ó chomhluchd na m-ban Eir-
eannach a chomhnuigheas i Nuadh Eabhrac.



A bhean uasal uramach —



Sinne atá in ár n-díbeartachaibh as oileán díl na naomh agus na
n-ollamh, beannuighmíd dhuit!



Is feasach dhúinn an obair mhór atá tú ag deunadh, eadhon,
ag meudughadh agus ag leathnughadh aondachda imeasg Clann na
n-Gaodhal; ag aith-bheódhughadh agus ag buanughadh ar d teanga
matharda, teanga mhín, mhilis na h-Eireann; agus faoi dheoidh
agus faoi dheireadh, ag saoradh ár m-brathrach ó chuibhreachaibh
diura i g-carcar na Sacsan.



Tá tú chomh fialmhar fonnmhar soin ag cur na h-oibre sin chum
cinn, nach misde a rádh gur thoirbhir tú do bheatha go h-uile agus
go h-iomlán do chúis ár d-tíre.



Tá cuid mhór le deunadh agat agus ag do chomh-oibrightheór-
aibh fós. Tar éis iomad bliadhan de ghéir-leanamhain agus


L. 30


Mo Buachaill Cael-Dubh.



Glaodh an Chroppy.



"An Dia do leig do'n iarann fás
Níor mhaith leis tráill ná sglábhuidh,"
Mar sin do ghlaodh, fad ó, an bárd
Ag brostughadh suas Gearmánia,
An focal fíor, an focal breágh!
O éistigidh a cháirde,
"An Dia do leig do'n iarann fás
Níor chuir sé grádh í sglábhuidh."



'Seadh! 's mór an leigheas an t-iarann
Le: haghaidh gach droing' ta cráidhte!
An t-iarann! rinn Dia sin,
'S ni dhearnadh é gan adhbhar,
A's buailfimid amach an spúd
Go cloidheamh a mbeidh bárr air,
An t-iarann, is é amháin
Sean-leigheas breágh na sglábhuidh.



An t-iarann! an t-iarann!
An t-iarann 's an t-ádhmad!
An t-iarann, rinn Dia sin
A's cuirfimid-ne bárr air;
Béidh fós, le congnamh Dé, le fághail
An bhuaidh ar an námhaid
Ni chuirfidh Dia spéis ná grádh
Na dúil go brath i sglábhuidh.



O tabhair 'uin bás no buaidh, bas
Nó buaidh ar an námhaid
Is feárr bheith sínte ar an bpáirc
Ná'd phiososúnach gránna
Buail! buail! buail! Bás
No Buaidh ar an námhaid
'S ní fhanfamaoid aon uair ná lá
I sglábhuigheacht mar támaoid.



An Chraoibín Aoibhinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services