THE
SHAN VAN VOCHT
VOL. II. — No. 14.
SEAN SGEUL ÁR N-DÚITHCHE.
Timcheall sé ceud bliadhain ó fhoin, do thaisbéan taoisigh na
Eíreann iad feín ceanndána in aghaidh muintire sacsanaigh. An
chuid budh thréine ameasg na laoch do rinneador cath, agus do
dhortadar a gcuid fola ar son na h'Eireann ba h-iad na Gearailthigh,
agus flaithe O'Fáilghe, Muiris Ua Concubhar, agus a dhearbh-
rathair, Calbhach "an t-ard mheirleach." Budh gnathachleis na
sacsanachaibh, easgcáirdeas do chur ar bun in a measg, agus a
gcumhachta do laghadhadh mar sin.
Caitheann an sgeul so leanas solas gleigheal ar gniomharthaibh
na ngall san am sin. Do chuir an righ Edbhaird furáileamh ar a
fheadhmannach Ufford teacht chuige cum cuntais do thabhairt,
cia an fath ar fhulaing sé iomarbhaid idir chloinn Concubhair agus
chloinn Diarmuida.
Do thagair seisean trí "Fulburn" easpog Phortláirge, nach raibh
aon rud budh mhó luthgháir leis 'ná meirleach ag imirt cosgair ar
mheirleac eile, agus gur mar sin do spáralfaidhe ciste an riogh,
agus do ceanneóchaidhe síothcháir do'n tír.
Ar an am so, ní raibh aon tslige dá díbh fheargaighe nár
chleachtadar chum uaisle na Eíreann do dhibirt nó do marbhadh.
Do rug Calbhach "árd-mheirleach" buaidh ar a námhadaibh
agus do' ghab se caislean Chilledara.
Do chuir so an oiread Feirge ar na sacsanachaibh gur thugadar
moid, an gaiscuideach so agus a dhearbhrathair do mharbah ar aon
chop. Is mar so do rinneadar é, agus is náireach an sgeul é!
Fuair Flaithe O'Fáilghe cuireadh Fleide go cuislean Piarais Mhic
Feoruis rudaire, gcairraigh Cairbre, i gcondae Chill-dara. Do
fheagadar an cuireadh gan súil aco go n-deunfaide dochar 'da
dioghbháilorra; acht i n-deireadh na seire domarbadh gach uile
dhuine aco go ro-fhealltach.
Is minich do rinneadar na Sacsanaigh mar so acht câide go
mbeidh deireadh leis.
MEIRLEACH.
An Chaoimh-Inghean.
Ar lorg dáin le Próinsias O'Fathaigh (än Dreóilin) leis an g-craoib-
hin aoibhin.
Ta maighdean ann dileas mar aingioll,
Chomh sámh leis an m Bealtaine buidhe,
Air a dtugaid caoimh-ingheann mar ainm,
Is múinte 's is maiseamhail í.
Tá a súile mar thaithneamh na gréine
Ag lasadh le sgeimh ar a dtonn,
Agus b'fhearr liom a grádh agam féin
'Ná an saidhbhreas ó Thír-na-long.
Cidh sgartha ó m' stoirín tá mé,
Dar liom-sa in láithreach í,
Ta im' chluais a grith lúth gháireach,
A's tá draoidheacht a géire im' chroidhe
Má's diúltadh cruaidh ta i ndán dam
No truagh, no cibé nidh,
Tá a searc-san im' inntinn sáighte,
'S ni chlaoidhfidh an Bás féin í.
"Gabh ar bhur ngtunaibh,
Agus fosgailidh bhur suile,
Agus leigidh isteach Brighid!"
"Gabh ar bhur ngtunaibh,
Agus fosgailidh bhur suile,
Agus leigidh isteach Brighid!"
"Gabh ar bhur ngtunaibh,
Agus fosgailidh bhur suile,
Agus leigidh isteach Brighid!"
Sé a beatha!
Sé a bheatha!
Sé a bheatha!
A bhean uasail!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11