Historical Irish Corpus
1600 - 1926

No. 11: Seinnéid

Title
No. 11: Seinnéid
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. I. — No. 11.


L. 205


Seinnéid.



Da m-budh ag Eirinn 'ús mar bhí fad ó
A saoirse gheal — an duais is mó thug Dia
Do thír ar bith — coiseontaoi í le sciath
'S le cloídheamh mór, treun, cumhaetach go deo.
Nach mór an cloídheamh? seadh! is mór gan go, —
Ag gearradh slighe chum saoirse treas an ngliath;
Ag tógbháil cinidh bhoicht as láib na criadh;
Ag cur ar árd aris á 'measg na m-beo.



Do bhí tú saor, a thír na mílte naomh;
A's béidh tú saor, a thír na mílte laoch;
Béidh glóir mar óir-fhleasg um do cheann arís.
Tá'n samhradh breágh ag teacht — ameasg na g-craobh
Atá na h-éin ag seinim — cluinim sgreuch
Na bh-fainleog — feuch! tá blátha ar an dris!



AN GABHAR DONN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services