Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoghan Ó Comhraí, File Traidisiúnta

Title
Eoghan Ó Comhraí, File Traidisiúnta
Author(s)
Ó Comhraidhe, Eoghan,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1829
Publisher
(Maigh Nuad: An Sagart, 1989)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


M 97, 230 Eoghan Ó Comhraidhe cct ó Luimneach Mumhan chuim Michíl Uí
Longáin go Gleann Maighir 1829



A bhile gan bhéim, 's a réaltain solais na suadh
Do fuineadh go léir as saorfhuil Gholaimh na mbua,
Do chumas i réamhchur dréachta i gcothram 's in uaim
Do bhrostaigh fád dhéin le méin an duille seo uaim.



Uaim sin chugaibhse ar siúl gan spás tar lear
Nuaghin chumtha chúileann bhláfar mhear,
Bhuaicghil mhúinte in úrchulaith álainn dheas,
Gan truaill gan chionta i gclúid i gcáil ná i gcleas.



An cleasa béithe, géarsmacht Galla nó draíocht
Nó an feas gur éag an éigse b'fhearra san ríocht,
Bheir teast do thréithe, gléire d'fhearta 's do bhrí
Ar feadh mo ré 's mo shaoil i m'aice gan tíocht?



Gan tíocht im ghlacaibh is dearbh gur díth mór liom
Do laoithe gasta glic ceapaithe i bhfíorfhoghlaim,
Ach bíodh ar mh'fhalaing gur easnamh is díth eolais
d'fhág sinn gan caidreamh fleadha ná fíoroidis.



Oideas na ndréacht is léir gur ghlacais go beacht
Is ó bhrollach na naoi mban séimh do ghlacais a lacht, 231
Forastacht céille, éifeacht, eagna is dleacht
Le cothrom is féile caoimhe i d'aice is feas.



Ós feas gur dhíscigh Clíó a lacht id bhráidse
Is gur las id chroí le díogras gean dod cháilse,
Is eagal linn nár ghrinn leat searc ár bpáirtne
Gé mheasas féin bheith ríofa i measc do chairde.


L. 283


I gcairdeas cumainn leat b'ionmhain tréimhse teacht
Is ná cáin mo thuigsint trí laige mo dhréacht gan slacht.
Gé sámh do chuirirse friotal na n-éigse ar cairt
Den dámhshruth mionnaim nár fliuchadh le braon mo thart.



Tart an óil mo bhrón do chleachtas le seal
Is i measc na n-eolgach cóir bíonn m'ainm ar ceal.
Fear dem shórt más dóigh gur taitneamhach leat
Sin feas mo mheoin is mo chló gan easnamh agat.



Sin agat go dearbh an teastas do dhlighid cách dom,
Is aitim má thaiscid mo ranna duit puinn sásaimh,
Ceartaigh ar leabharbhrat meamraim laoi táite
'S ar gcasadh don teachtaire glacfad uaidh í is fáilte.



Taistil gan spás, a bhláthghin chailce gan cheas
'S ná hadmhaigh fáth do ráis ná taisce do chneas
Go dtabhrair 'na láimh mo pháirt, mo thaitneamh, mo mheas,
'S mo bheannacht le grá don Longán eatarthu theas.



B 1825 19T
C 73,1 Eoghan Ó Comhraí ar Chomhdháil Choiteann na gCaitliceach
i.e. Catholic Association 1825



A Chlannaibh na nGaoidheal ba gníomhach calma
i dtreasaibh na gclaíomh, 's a suíomhchur cathanna
Spreagaíg bhur gcroí, tá an coimse ag baile
do chloífeas glasaibh bhur námhad.
Tá gasra léidmheach gléasta in éifeacht
eagna is léim gach lae 'na suí
I gcathair cheart aoibhinn chinn na Banba
ag scaipeadh 's ag scaoileadh suim na n-eachtrann
Cheangail sa daoirse sínn le Sasana
Gealfaidh ár dtír is beam choíche gaireamach
gaoisghlan gradamach gáireach.



Ní saightear i scríbhinn pinn go dearfa
ar mheamraim slim ná i suíomh re bhalla ar bith,
Samhail an dlí do chloígh go ceasnathach
saoithe gaisceamhail Chláir Loirc.


L. 284


Níl aiste le spórt ná ceol ar neoin ná
carabhas óil air bord go binn,
Ach sraitheanna binse daoirse is deachmhaithe
cealla á scaoileadh, cill dá tarcaisne,
Is Eaglais Chríost gan tíos gan beatha acu,
Ár mairbh gan oidhe gan laoi gan sailm
gan chíos ag feallachoin Mhártain.



Le fearta an Spioraid Naoimh tá an taoide feasta linn
tathag an dlí agus fís chum taca againn,
Cosnamh ár gcríche choíche ag baile,
gan suim i gcabhair thar sáile.
Níor ceapadh san Eoraip fós im dhóighse
fearaibh i ngleo mar shlóite Gaoidheal.
Ná ceanglaig cuing le dríodar fanatics,
Roche is a mhuintir choíche seachanaig;
Níl seasamh ná gníomh i mbuíon dá samhail sin,
Ach leanaig go díreach Riegó is Washington
is dlífar Banba slán díbh. 2



Cúis aitis is grinn dúinn choíche an ghasra
ghaisceamhail ghroí tá cruinn gan eagla,
Ag atargadh an dlí d'fhág claointsliocht Chalvin
'na suí inár mbailte go sásta.
Tá cathbhile córach caolmhar cróga
in aice na dtreon seo ag bord 'na shuí.
Is é Connell go síor é saoi re seanchas,
trealamh don tír agus díon don anabhann,
Dalta na naoi mban ngnaoighlan ngeanamhail,
Seabhac na Muimhneach, gaois na heagna, is
prímhéileach tacair Chríoch Fháilbhe.



Ba dearamad baoise an príomhfhlaith pearsanta
an faraire Sheil d'fhág tim san agallmhadh
An tEaspag Magee san bhuíon tá in earraid
ag tíolmhadh rachtaibh an Aird-Mhic.
Ní chasfaid na leoin ón ngleo go deo
go nglanfaid an ceo 's an smól de Ghaoidhil.
Siúd Coppinger grinn san gcoimheascar eatarthu,
taise re tim is fíoch re namhaid é;
A ghaisce mar Naois ón gCraoibh nó Achilles.
An diabhal Orangeman buí san tír ná rachfadh
tar dhroim na mara re scáth roímhe.


L. 285


Mar phearsa don bhuíon chum gnímh is calmacht,
sin seabhac do scaoilfeas snaidhm na gCatholics.
Is feasach a líne i gCraoibh na Baiscne
D'fhíorfhuil dearfa Dáil gCais,
Lannaire léannta léir chum pléide,
scriosfas an penal chain do Ghaoidhil.
Go bhfeicead ina shuí é ar bhinse an reachta cirt,
patent an rí le suíomh ina ghlaic aige.
Is gaise glan caoin an dlí dá shrathadh aige.
Aicim faid saoil agus saoirse in aice
aigem' ríghas Phurcell O'Gorman.



Pé mhairfeas arís budh grinn an aiste leis,
fanatics cloíte cnaíte in anabhroid.
Aiseag a saoirse ag Gaoidhil go dearfa
gan daoirse Saxon dá gcarnadh. 3
Beidh an Eaglais ionraic umhal go súgach
's an tEaspag Ó Dúill 'na phrionsa i ndiacht.
Beidh Bradley agus Lees fá snaidhm i gcarcair dhuibh,
Manning is Steele is Tighe in anachruth
Eldon is Peel fá chuing na hainnise;
Goulbourn buí 's an daoichlamh Liverpool
guím mar chuideachta ag Charon.



B 1828 19T
ARÉ: 602,71 Eoghan Ó Comhraí cct ar thogha .i. election Dhónaill Uí
Chonaill 'na ridire feise .i. parliament san mbliain 1828 in Inis
Díomáin i gContae an Chláir.



A Éigse Chinn Chóradh is a threoin de Shíol Éibhir,
Más méin libh na sceolta so d'fhóir díbh go déanach,
Gléasaig bhur n-órchruitibh beoga binn téadmhar
Is méarspreagaig ceolta go fóirghlic fíornéata.
Sréanaig gan easnamh in aiste na ndámh
An chéim seo le gaisce rug gasra an Chláir
D'fhúig Vesey Mac Gearailt faoi tharcaisne ar lár
'S Dónall Ó Conaill faoi chumas i bhfeighreacht
'S pósta le cumann ag Síle Ní Ghadhra.



Is dearbh nárbh eol dom i dtóir Choinn na gCéad gCath,
Ná ag Cairbre cróga fuair coróin rí le géilleadh,
In Eamhain na leon ná i sló Chraoibhe craorac,
I dTeamhair na mórghníomh ná ag fórsaí na Féinne,


L. 286


Samhail an laoich léidmhigh ó Dhaire Fhionáin bhláith
Ag tréanchuraídh chalma Chaisil na bhfáidh
Ná ag réabadh na nGallaibh ó Eachraim tráth,
Aon seabhac mar mo Dhónall i ngleo chlaímh 's in aighneas,
Ag tagairt a córa do Shíle Ní Ghadhra. 72



Is éifeachtach eolach tais treorach caoin tréitheach,
Is séimh sultmhar sódhúil bleacht beoga binn béasach,
Gan léanadh gan leonadh gan smól gan teimheal béime,
Gan chléith chlis gan chróilí gan cló críon gan claonchur,
An bhéith mhilis mhaiseamhail bharamhail bhláith
Fuair caomhnas is caradas flatha cirt Fáil
Tá i ngéibheann le sealad ag Gallaibh faoi tháir ,
'S nár ceapadh le mórChruith na gComhachtaibh aon deigh-ghin,
Chomh taitneamhach snó leatsa, a Shíle Ní Ghadhra.



Cé fada treibh Eoghain fá bhrón i gCríoch Fhéidhlim,
Gan fearann, gan fórsa, gan só, gan suim séada,
Fá tharcaisne ar feochan gan gleo gan gníomh laochais
I nglasaibh ag cóbaigh chasdreoite bhuí an Bhéarla,
Gan cléire, gan cealla, gan fearann, gan fál,
Gan Féinne, gan fearta, gan chabhair, gan cháin,
Gan féile, gan freastal, gan charaid, gan cháil,
Is gan mursaire tuata den chuainne chinnfheidhmigh
In ionad a nuachair ag Síle Ní Ghadhra.



A shaorchlanna cróga dár chóir cíos is céimibh
Na hÉireann gan córnaigh tar mórthuinn dá n-éileamh,
Téarnaig go slómhar i gcló caomh le chéile
Is réabaig gach fóirdhlí dár bhreoigh Gaoidhil le tréimhse.
Éighim sibh, ná stadaig is ná casaig go brách,
Go leige sibh fala na nGallaibh ar lár,
Bíodh éiric na n-easmailt ag fearachoin Fáil.
'S is gairid dá bhíthin gurb aoibhinn an radharc linn,
Ar aiseag a saoirse ag Síle Ní Ghadhra. 73



Staonaig, a chóngais a chomharsain, bíg foighdeach;
Éistig le Dónall is dá chomhairle chaoin claonaig;
Féachaig bhur mórnaimhde i gcóir choimheascair taobh libh;
Léigig do bhur n-ólbhaois is de bhur gcoinbhleacht le chéile;
Séanaig an tábhairne is blaiseadh na gcárt,
Tréigig bhur sparainn is bhur gcaismirt le cách.
Géillig do theagasc na heagailse i dtráth
Is in ionad gach ruathair 's gach luascadh croí treighdeach,
Beidh misneach is nuachruth ar Shíle Ní Ghadhra.


L. 287


Tá tréanchuradh treorach de phórcheap Milesius
Ar taobh linn chum comhlainne comhchliste gléasta;
Is léir feacht san Eoraip mar sheol thar tuinn Thetis
Jervis is Croker is crón-Massey an éithigh.
Glébhile gaisceamhail gasta glic cáidh
As préamhchirt na Baiscinne d'eascair faoi bhláth
Gan éalaing gan easpa gan feacadh gan fáth,
'Sé O'Gorman Mahon mo phreabaire meidhreach
A d'fháiscfeadh len' anam tú a Shíle Ní Ghadhra.



Measaim, a Shíle, gurb aoibhinn do shaolsa,
Feasta gan bíobha, gan daoirse dod chéasadh,
Macaibh do chích ghil 's taoisigh do chaomhchnis,
Trealamhach taoibh leat fá dhíonbhrat do scéithe.
Gealfaigh ár dtír 's biam síoch sultmhar saibhir
Beidh cealla agus saoithe go gaoismhear fá mheidhir
Fá ghlasaibh ag Shiel 's ag Steele beidh na Gaill,
'S ag Purcell O'Gorman an ráib chliste dheighilfidh
Le bodaigh na cáise tú, a Shíle Ní Ghadhra.



B 1830c 19T
ARÉ: 116,52 Eoghan Ó Comhraí cct. Don bhile bhuan mhaiseamhail dá
ngoirthear do ghnáth O'Gorman Mahon. Fonn "Seán Buí".



A Éigse Chláir Thuamhan 's a shaorcheap na suadhaibh
Do léirchleacht an suairceas is an só síor,
Gléasaig go huamach bhur ndréacht is bhur nduantaibh
Go séimh sultmhar suaimhneach re seol fíor.
Sin céim do rug bua libh go déanach tar shluaitibh
Is féachaig gur dual san do leormhaíomh,
Mar d'aontaigh an buanbhile Séamas mar nuachar
An bhéith mhilis uasal d'fhuil Bhóirmhí.



D'fhuil Bhóirmhí ó shíolraigh mo leogan gan choimse
Tá an feothan 's an taoide re Gaelaíbh;
Táid nósbhroid is dlíthe anchóra fá dhíoscadh
Is tórmach ár naimhde re faoltaíbh
Táid crónbhodaigh cnaíte gan feolta gan fíonta
Gan sóchas gan saoirse gan séadaíbh,
Is Seoirse ba rí acu re fórchur i ndaoirse
Fá chomhrainn dá ghríobhadh re daolaíbh.


L. 288


Ba daoldhathach gnaídhreach ár mbéithe is ár mínbhan,
Ar n-éigsibh, ár ndraoithe, is ár n-eolaíbh,
Ar gcléirigh, ár gcaoinfhir, ár ngléchuraidh choimheascair,
Ar saorfhlatha, ár saoithe is ár dtreonaíbh, 53
Gan féile gan fíonta gan séise gan saoirse
Gan géilleadh gan gaoise gan gleoghníomh,
Gur aontaigh an Naomh-Sprid ár ngéibhinn do scaoileadh
Rem ghéghas fá dhíonbhrat na gcomhachtaíbh.



Fá chomhachtaibh a scéithe sin Fódla gan téibhe
Go slómhar go séanmhar go sódhail síoch,
Gan gleobhroid gan géibheann gan tóirchur ag meirligh
Gan foirne dá gcéasadh mar ró bhíodh.
Sin Croker is Jervis is crón-Massey an éithigh
An tórpach Vereker is na Seoin Bhuí,
Ina gcló san Sir Éadbhard Droim Eolainn is Vesey
Ar scornain dá léasadh agam' leon groí.



Sé an leon groí gan amhras é d'fhóir Gaoidhil ó chamdhlithe
Ch'róin bhíobha Ghallda rér breodh sínn.
Sé scól croí gach ceann acu is leoin brí gach dream acu,
Is sheol na mílte amhas díobh tar mórthoinn.
Is eol sin don chrann chumais chnómhín ór phlandaigh
As mórchoill na Teamhrach ba chóir fí,
De phór mhilis sheanda ghabh córaíocht is ceansacht
A meodhan tíre seamhairmhilis Fódlaí.



Clár Fódla gur dhílis don mhórchine ór shíolraigh
Is róghasta suítear re heolaíbh;
Is coróin cheart na Muimhneach ba chóir dó gan chinseal
Do réir cóimhcheangal Choinn agus Eoghain chaoimh.
Dob eol dom a shinsear tré sheoladh gach craoibhe 54
Den órbhile bhríomhar nár feothaí,
An leon glan Muirchíortach d'fhuil Bhóirmhe ná stríocfadh
San gcomhlann re bíobha dá threonaí.



Beidh treonaibh is laochaibh na Boirne is a ngaoltaibh
Go slómhar ag téarnadh 'na gcóistí,
Is gach óigfhear d'fhuil Éibhir ó bhordaibh Tuaim Ghréine
Go feorainn Chinn Léime chois bóchnaí.
Beidh ceolchruit ar séise, beidh glór binn ag éanlaibh
Beidh snó suilt ar bhéithe na n-óg-ghnaoi.
An tan dheonfaidh mo laoch mear a nuachar do léigean
Dár gcóngar san taobh so don chóigí.


L. 289


San gcóige thart timcheall tá gleo grod ag míltibh
Do chóngas mo ríbhile beogaí.
Tá geoin choscair mhaíteach ag slóite dá choimhdeacht
Go bordaibh na hInse le tóirsí.
Beidh vote-charadh dílis gach óg-chura is taoisigh
I gcomhar leis go haoibhinn dá sheolaí
Go mórsheanaid impireacht óll na dtrí ríochtaibh
Chum nóisreachta is dlíthe do chóirshuí. 55



Suífidh mo laoch mear ar bhinse na saorfhear
I bpríomhsheanad léannta na comhairlí,
Is fíorfaidh a bhréathra 's a ghníomhartha i ngach dréachta
Dár scríobhadh re héigse dá mhórmhaíomh.
Beidh Peel is an méid sin dá mhuintir do chéas sinn
I ngeimhle aige Séamas fá chróilí,
Is chífidh gach meirleach ba naimhde re Gaelaibh
Nach díon dósan méith-Whig ná Tory.



Gach saoirchuradh éachtach gach príomhursa léannta
Gach laoch luinneach leidmheach i ngleo an chlaímh,
Gach binnbhile béasach de chaoincheap na cléire
Nár thíolmhaigh re claonchoir a nósaíbh,
Tigig uile 'om chaomhnadh don Inse gan staonadh
Dá choimhdeacht 's ag taoscadh na beoraí,
Go ndíogam re héifeacht sláinte aoibhinn gheal Shéamais
De fhíorfhuil ghlan shéimh Mhic Mhathghamhnaí.



An Ceangal
Aicim go séimh ar Aon-Mhac umhal na ngrás
A d'fhulaing a thaobh do réabadh dúinn san bpáis,
Sonas is séan na dtréanshruith úr gan trá
Go rithfeadh re Séamas caomh 's a mhuirneach mná



B 1825 19T
C 73 h, 3 Don Athair Uilliam Ó Dubháin 1825



A shéimhfhir shuairc shnuaghlain, is a shaoi gan cháim,
Do théarnaigh ó chnuas uachtair na craoibhe b'fhearr
Dár shéid ar bhruach ruashrotha línghlais lán
San Egypt fuair bua cosnaimh, cíos, is cáin.


L. 290


Cáin choscarthach i mbrollach trúip 's a gcoimheascar námhad
Táin thorthamhail i bpobal Loirc 's i gcríche Táil,
Cáil bhronnathach ar ollamhain 's ar shaoithe dáin,
d'fhág tofa sibh mar phosta i dtigh Mhic Rí na nGrás.



Grása an Uain bhuaigh dhuitse díol is dáil,
Is an barr ó Ghuaire i bhfuascailt na bhfíorbhochtán;
Grá glan suairc suadhoilte na naoi mban tráth
Do thál gan uabhar buansruth a gcíoch id bhráid.



Id bhráid do dhíoscaigh Clíó lán a lacht
Is gur fhás do chroí le díacht ghlan táite ó neamh.
Ó táir le Críost is gur dhlís gan tlás dá reacht
Is fearrde tíos Mhichíl go brách do theacht.



Do theacht inár gcomhair ó dheoin Mac Muire na nIúdhal,
Do scaip ár mbrón is shiúil ár gcoirthibh ar gcúl;
Níl acht tar meon níl ól ná imirt ná drúis,
Inár measc an ló bheir beolghuth d'oideasa chugainn.



Chugainn ós follas gur thoirbhir an naomh-Ghin tú,
Do mhúch nuasholais is táid foilithe in eclypse cumha;
Do sciúirse bhrostaigh as brollach na hÉireann úir
Na búir a d'fhoscail don bhodach an naomhscript rúin.



Ba rún lem chroí bheith snaidhmthe i bhfoirm do pháirte
Gé dúr mo laoi is mo shlí chum gustail go cráite;
Ná diúltaigh sinn is ná smaoin gur teimheal dod cháil ghlain,
Trú mar taoim bheith ríofa in uimhir do chairde.



Cairdeas gan tlás time ceangail liom feacht,
Is ná cáin mé tré tháire mo ranna gan slacht
Ós tláth mise i gcáil scríofa an tseanachais cheart,
Is don dámhshruth nár ráinig mé taise mo thairt.



Tart an óil mo bhrón do chleachtas le seal
Is i measc na n-eolgach cóir dob annamh mo theacht;
Feas mo sceoil is mo mheoin sin agat go beacht
Is cé leamh mo chló ní dóigh duit athais óm cheacht.


L. 291


Ceacht cairdeach fád láimh dheas ar leabharbhrat mhín
Ar shála na Máirte seo is neasa dhúinn guím;
Is ní foláir sin le háthas go lasfaidh mo chroí
Dá bhfághainn bheith id pháirt seal ag blaiseadh na dí.



Taistil go dian a ghrianstair go ciúin id rás,
Is ná faghthar do rian i gcria Chláir i gcúil ná sráid,
Go dtaiscir gan ciach mo mhian ghlan is mo rún 'na láimh
Don tsagart geal fial Uilliam blasta búch Ó Dubháin.



B 1829c 19T
ARÉ: 714,91 Dochum an Chomhthionóil ró-oirdheirc leabharléannta dá
ngoirthear an Scoil Ríoga Ghaelach.



A uaisle oirirc na bhfocalbhriocht is milse blas,
Den chnuas mhodhamhail ba torthamhail i gcríochaibh Cais,
Dár dhual lorgaireacht ollamhan is draoithe cain,
A lua costamhlacht is cosgaraibh bhur sinsear sean.



Ar shean bhur sinsir laoithe 'gus aiste 'ghréasadh
I dteangain Ghaoidhil bhinnshnoite bhreasach léannta
Stair do mhínscríobhadh 'gus catha Féinne
Ba cleachtadh grinn croí istigh gan ceas don éigse.



Táid éigse Chláir Éibhir monuarchroí ar lár
Fá mhéala i gcás éaga go buan faoi tháir,
Gan séada bláith-thréada ná dualdhíol dáimh'
I ngéibheann fa ghéarbhroid 's i nguaisnimhe táimh'.



Is táimh torchartha fá ghoirmlic 'na bhfaonluí in úir
Bláth corcara na gcolainn ngil le ngléastaí túir
Áil oirirc le costas tiubh is caomhnaíocht ciúil,
Dá n-ollamhain ba torthamhail i saothraíocht iúil.



Iúl iolarga an iolarghutha bhreas bhúch bhinn,
Rúin síorchaille na bhfiormaimint 's na neamh-ndúl gcruinn,
Dlúthfhriotalaibh ar ghinealacha ghlanchrú Ghaoidhil
Súd foireann ghlic do chumfadh san gan mearbhú fuíll.


L. 292


Ós fuíoll dána do tháithim is gur baoth mo cheacht,
Gan suíomh sásta gan bláthfhriotal léannta beacht,
Ní nár dhamh an tásc san ós léir an bheart
Don dáimhshruth nár báthadh le braon mo thart.



Tá an tart le fíríota gan stad am' buaireamh,
Bheir creatha cinn pinn agus glaice am 'shuaitheadh;
Cé leamh mar laoi, sirim sibh, glacaig uaim í,
Is gabham go fíoríseal mo chead libh 'uaisle.



B 1829c 19T
ARÉ: 514,91 Eall ar sheanchas na hÉireann fa réim an Dara Séarlas



Monuar is mairg don ghasra dhaonna
A lua ná 'cheapadh go dtabhair na déithe
Buanacht rachmais is marthanacht réime
Suaimhneas seascair le haiteas is éireacht . . .



Ní dual gur sheachain na galairse Éire,
Gidh luadar startha dhi ainm ba naofa;
Do bhuaidhreadh sealad le Danair ba claon í
Is tug ruathar Gallaibh fá ghlasaibh go leir í.



Ní luafad aiste na bhfearchon aosta
Ghluais anallód tar caladh is tréanmhuir . . .



Gidh d'fhág na Sacsaibh fa ainnis' an réx so
Gidh chráigh gach peannaid an aicme tug géill' dó
Gidh carnadh sealad tar farraige 'gcéin é
Gan stát gan fearann gan flaitheas gan féadhma . . .



93 'Na dheoigh sin ceapadh le Shaftesbury an meirleach
Oates do bhreabadh lér spalpadh san éitheach
Móidibh marfach mallaithe madhmach
An Popish Plot sin gur bheartadar Papists . . .


L. 293


Ní labharfad feasta ar imeachtaibh Shéarlais
Is gairid gur leagadh fá cheannas an éaga é
Is go ndeachaigh gan seasamh go breathamh an léirchirt;
Go mbaine de aiseag go dearbh 'na chlaonchoir.



Ní leanfad san taisteal é sealad má fhéadaim
Is dearbh ní haithreach liom marthain dá éamais;
Má damantar anam dubh danartha claonmhar
Is damanta an damaint le ndamanfar é sin . . .



Ní mheasaim go fíor, sílim nach measfadh éinne,
Gur taitneamh do mhíntíortha na Sacsan aoirde
Ná caradas caoin d'fhíorshliocht na bhflaith nár shéan é
Fá ndeara dhó tíocht choíche tar lear dá n-éileamh.



94 Ach taitneamh is fíorchroí shearc do ghlacadh réime
I bhflaitheasbhrogh mhín aoibhinn le taisce gréithre
Is go gcaithfeadh mar shíl choíche gan cheas a laethe
Go rabairneach ríthíosmhar gan cead ag éinne . . .



Go bhfaiceam gach drúng d'umhlas do reachta an Dé chirt,
Go ceanamhail ciúin cúthail i searc gan chlébhirt
Gan chealg gan chumha cionta ná caismirt céasta
Gan achta le brú rún duine seach a chéile.



B 1829 19T
ARÉ 116,56 Eoghan Ó Comhraí cct. Do Phádraig Ó Néill, píobaire, ar
mbriseadh a choise dhó i Luimneach um Nollaig san mbliain 1829.



Go mbeannaí Críost gan dearmad, a Phádraig chneasta Uí Néill duit.
Is aithreach linn go dearfa mar táir go lag faoi phéinbhroid,
Do bhláthchois bhríomhar bharamhail i mbearnain treas ba léimneach
Bheith tláthach tinn gan tapa agat 'na cnáfairt chlamh go créimtheach.



Crá mo chroí fad mhairfeadsa mo ráib ghlan ghasta ghléigheal
Nár staon i gcoimheascar catha cnoic ná in ár na bhflath ba thréine.
Ba fáilteach fíontach freastalach i dtábhairne i dteach 's i dtaoscadh;
Ní ghráifeadh choíche an cheacharacht, le stráic ná spreas ní leigfeadh.


L. 294


Is crá go fíor i mBanba go brách tú ar easpa réime;
Is cásmhar tríd gach ainnir gheal ón gClár go teach Chinn Léime.
Cé tá le píob do spreagadh dhóibh ná cláirseach cheart na dtéada?
Cé thráchtfaidh rince fada leo, ná waltz go maiseach maorga?



Ní foláir nó saighead do caitheadh leat as áitreabh mallaithe éigin,
As lánChnoc Fírinn' feargach nó ardChnoc leabhair Gréine,
Ó Áine bhíogach bheartamhail nó Gráinne chleasach chréachtach,
As lár chnoic Dhroim an asail sin, nó bánbhrogh beacht na Féile.



Má tá gur buíon dá samhail seo, thug ár is galar léin ort,
Is náireach choíche an gaisce sin, is mo chrá má rachadh saor leo;
Atá bláth na saoithe i d'aicese gan cairde 'teacht chum eirligh
Is beidh sásamh fíor id mhasladh agat, nó fágfa' an aicme úd Éire. 57



Ag sin láimh leat Aoibheall cheannasach charnach Chraige Léithe,
Táin Lios Chróin' na Fallainge is ardchnoc easnach Réithe,
Lánlucht Dhoinn na Baiscine, Cruachán na gcreach 's an aonbhean,
Is cuir Máire Ní Chuinn an peata leo, tá barr gach gaisce léithi.



Ní fhágfa' an bhuíon ghlan mhaiseamhail bhearnach bhagairbhéim seo
Ardchnoc sí ná daingeanlios, ráth, ná ros, ná gaothra,
Bánbhrogh bruíon ná calafort, cathair chloch ná sléibhte,
O Nás na Rí 's na ngaisce ngrod gan eagal go Baoi Bhéarra,



Gan carnadh cíoradh is cartadh tiubh le garbhtholladh is traochadh,
Lánscrios líofa lannarga gan taise tost ná staonadh,
Do thál go fíor gan anacal ar aicme an doladh-chéasta,
Go bhfaghairse díol id leabhairchois, 's a thabhairt duit le héigean.



Is gidh táid do mhuintir calma 's a n-airm gaisce taobh leo
Ní foláir go fíor duit aiste 'ghlacadh, cheapfaidh beatha is réim duit.
Atá clár geal aoibhinn Banba go fada fairsing réidh glan
Is má thráchtfair tríd id bhacach mhaith, ní dealbh bocht do shaothar.



Dogheabhair cairdeas caoin is caradas gach seabhaic sultmhar séanmhar
Ó táir go fíor in an-bhroid is do bhacard briste créimeach;
Tá Coileán gnaoighlan geanamhail cois fairrge Malbay amuigh
Is mo lámh dheas faoi go gceapfaidh duitse bata croise léirmhaith.


L. 295


Má tá nach cuí duit taisteal leis go dearfa gheabhair péire,
Is lánchos chruinn gan dearmad is maide cuilinn craobhghlas;
Bíodh cána righin den dair agat id leabhairghlaic go gléasta
Is gach cnápach críon nach cara leat cuir d'aitheantas i gcéill dó.



Ní foláir duit bríste leathair d'fháil is hata beannach béabhair,
Bláthwig chíortha cheartaithe go crathach cluthair caomhghlan;
Bíodh sárbhosca aoibhinn airgid 'na n-aice agat go séadmhar
Is é lán den tsnaoisín faiseanta thaistealann tar Téitis. 58



'Na ndáil seo scaoilim feasta leat wallet leabhair léirghlan,
Mála cruinn is satchel leat go fada fairsing taobhgheal;
Mála an toill go dearfa 's an preabaire caithréimeach
Is mála binn na hascaille ná dearmad ar aon chor.



Bíodh an mála beag 's an reachtaire, 's an pacaide mar aon leo,
An mála mór 's an balcaire, an glafaire 's recéiver
Mála an treoill 's an feamaire 's an mangaire gan séanadh,
Go bláfar córach beartaithe, go ceartaithe led thaobhsa.



Ag súd fám láimh go dearbh duit gan eagla roimh éinne,
Údarás is ceannas ceart fá bhratachaibh na héigse,
Chum siúil go rábach rathamhail trí chathairphoirt na hÉireann,
Re súil do shláinte d'aiseag ort is chum beatha is costas d'éileamh.



Ag sin saor gach cóige i bhfearann Loirc, le taisteal duit gan léanadh;
Is glaoigh go ciúintais ceanamhail ar ghasra na féile;
Réidhfid siúd gach ceasnadhbhroid is gach anachain dár chéas tú,
Is an té nach umhal chum freastail ort, led bhata croise pléasc é!



Déin ar dtús go ceannasach ar Mhileachlainn chailce cháilmhear
An cléireach cumhra carthanach atá in aice faiche Máighearta
Is leir dó súd gach taistealach ded shamhailse do shásamh,
Is mar dhéirc gheabhair cúigear sovereigns is beatha shultmhar ráithe.



Mar aon leis siúd go dearfa gheabhair fallaing chluthair shásta
Den bhréid is dlúithe cneas dár fhigh mac Phreabaire an tsrutháin thiar,
Is ní léigfidh tú chum taistil uaidh, an sagart fuinte fáilteach,
Gan saorphas siúil do thabhairt duit, ar mheamram go bláfar.


L. 296


Léig do ghlún gan dearmad, go talamh fút re baochas
Is déin ar siúl go baramhail cois garbhchiuimhse Bhréachfa.
Do théacht ansiúd ba thairbheach is taisteal as go héasca,
Fá dhéin fhir úir san bhaile fhada fhairsing sin Chill Fhéarach.
59



Mo léan! is ansiúd do chasfar leat na flatha fleadhach fáilteach
Nár aontaigh cúngrach ceachartha na seascaireacht na gcnápach;
Táid féilteach fiúntach freastalach le tearmainn gach fánaigh,
'S is leo caomhnadh clú agus caradas na hEaglaise is na dáimhe.



Ní spéis leo siúd do shamhailse 'na n-aice istigh do ghnáthadh,
Is beir séanmhar súgach searcamhail ag spreagadh poirt is dánta;
Beidh éadan boird ag cnagarnaigh fá leath an toirc id láthair
Is daorphuins úr dá scaipeadh agat, mar chaise ag rith le fána.



D'éis caogad dlúth de sheachtainibh do chaitheamh acu fá léirchion,
Déin ar siúl don Charn soir go baramhail treaséadrom.
Glaoigh gan smúit ar Barthelmy glacgharbh Ó Cinnéide,
Is mura dtéifidh siúd do leathracha le beathuisce, bím céasta.



Atá saorfhlaith fiúntach fearamhail san mbaile sin gan éalaing,
Géag ghlan chumhra chabharthach is seabhac suilt don éigse;
Dogheabhair véarsa dlúith is caibidil fá thearmainn na mbéithe
Óm ghléghas Cusack cathamhail 's is fearra sin ná stéideach.



Atá céad fear ionraic acfainneach ded charaid i gCill Chaoi 'stigh
Dobhéarfa cúnamh is cabhair duit fád ghalar caite cloíte.
Léig ar siúl go baramhail is ná stadtar leat den scríb sin.
Go dtéir ar lúth go leabhairthigh an tsagairt ghil Choimínigh.



Do théacht ansiúd go dearfa ní haithreach leatsa choíche
Mar tá féile fíonta is fearamhlacht is fairsinge san tíosach;
Gheabhair éadach clúid is airgead is freastal suilt gan chuimse,
Is géag ghlan úr den leathanmhart chum smeara a chur id chaoilspeir.



Sléacht go múinte maiseamhail don tsagart cliste córach,
Is déin ar siúl san mbealach soir don fharraige gach cóngar.
Beidh caoimhchruit chiúil ag spreagaireacht le carabhas is cóisir,
Go féastach fiúntach freastalach fád thearmainn ag Joseph. 60


L. 297


Sin réidh an Mhumhain fád dhearbhsmacht, is gaibhse treasna tríthi,
Ag éileamh clúid is caradais 's ag glacaireacht do chíosa.
Bí séimhghlan súgach searcamhail le fearachoin na críche
Ach séan fá chúig na fleascacha is gach feannaire bocht cinnte.



Ná taobhaigh sprionlach spaice ar bith, ná srathaire glaomhaíteach;
Ná féach go ciúin ar bhrasaire ná ar ghrabaire deaschaínteach;
Ná héist le brútach beachtaithe ná airgtheach spaidbhruíneach,
Ach pléasc go dlúth san mbaitheas iad má thairgid bheith nimhneach.



Aontaigh comhar is caradas na heagailse is na saoithe;
Is gach n-aon tug mule nó asal duit nó colpach nó caora,
Gabh baochas búch is beannacht air in ainm neartmhar Íosa;
Is ná héiligh plúr ná garbhmhin ná airgead ná im air.



Go Newpark soir gan taisteal duit ba damaintghuth is náire,
Go plúr na sárfhear searcamhail, an seabhac suilt gan táire.
Do chlú, do cháil, do phearsachruth, do bhacaird is do spágaibh,
Bíodh cumhra bearrtha baramhail, chum seasmhaithe 'na láthair.



Ó theacht tar sáil don ghasra glan gaisceamhail Milesius
Mo léan, má d'fhás i bhfearann Loirc a shamhail sin do laoch mear;
Níl éacht le fáil ar airmchlis ná tabhairt suilt do bhéithe,
Nach é bheir barr na gaisce leis san aiste sin tar éinne.



Bíodh méar ar bharr do hata dhó, is tabhair beannacht Dé air;
Níl laoch ón gClár go Caiseal soir ná caithfeadh sin do dhéanamh.
Féach an rás go tapa chuir ar Massey dubh is ar Jérvis
Is ar aonach lán de Brunswickers i Luimneach le chéile.



Ní baol duit tráth gur feargach a leaca mhaiseach mhíonla;
Gheobhair féasta fáilteach fairsing uaidh mar chleachtadar a shinsir;
Recéipt go sámh ar mheamram fá leabhairglaic an taoisigh,
Gan éileamh cáin ná deachmhaithe ná srathannaibh ort choíche. 61



Níor spéis lem cháidhfhear meanmnach is níorbh' easnamh ar a thréada,
Dá leigfeadh lámh leat colpach nó ceathrar beag caorach
Do shaorfadh tráth an bhanaltra 's an leanbh bocht ó bhéiceach
Is bheadh tréanshruth grás na bhflaitheasaibh ag fearthain air in éiric.


L. 298


An tréanfhlaith táirtheach treasamhail 's an faraire seo mhaímse,
Ba léir don chnámh ór eascair sé gach ceasnadhbhroid do scaoileadh,
Sliocht Éibhir ard i mBaiscinne - is nár mheathaid ansin choíche,
'S mo laoch O'Gorman Mahon gur leis barr glan mo chraoibhe.



Tar éis go bhfaighir a n-abraim, cuir beannacht mhaith is guí leis,
Is déin go rábach rathamhail fá thearmainn an chaoinfhir;
'Sé Micheál grámhar greannamhar geal acfainneach Ó Míocháin,
Is bíodh mo lámh mar thaca dhuit nach dealbh dhuit an oíche ann.



Líonfaidh cáirt gan dearmad de bheathuisce mhaith dhaoir ann;
Guím, a ghrá thú, seachain é, ná bain ach casadh caol as;
Beidh rince ráig is ragairne in aice 'gat gan choimse
Agus saoirse shámh ag baile romhat gan eagla roimh chíosa.



An déirc is lú dá nglacfairse bíodh leath an toirc go cinnte ann,
An ghéag is tiugha den ramharmhart nó satchel den mhin tíortha,
An taobh is mó 's is mursanta 's a lomra den chaora,
Nó leine nua agus rufa léi, gan uireaspa go híochtar .



Bí réidh ar theacht na hInide go sioscaithe glan suíte
Ar chaoleach éadrom innilte le spuir is whip is laímhne
Gach féasta saor, gach coire fliuch is gach cuideachta 'na suífir,
Bí ar thaobh na méise is luchtmhaire 's is sultmhaire san gcuibhreann.



Atá an Cháisc ag teacht go hobann ort, bí ullamh glan chum saothair,
Ciseán fá dhéin na n-ubh agat, agus butter-box go gléasta.
Beidh a lán araon gan dochma agat, gidh shloigfidís buiséad maith,
Is tabhair stair lánéadrom fhonnamhar le foscail díobh im fhéachain. 62
160



'S a Phádraig ghrámhair ghreannamhair, mo bheannacht feasta i gcéin leat.
Guím ádh na gcárt is na gcnagaire, na mbleáthach is na ngé leat.
Gach áit nach fáilteach freastalach is nach cabharthach go séimh leat
Nár fhása arán ná arbhar ná bleachtanas ná séan air.



B 1847ls 19L
C 71 8
Go mbeannaí Dia fá thrí duit a sheanbhean bhocht;
Is fada riamh ó scaoileadh ort, lom agus nocht.


L. 299


Do gheal do chiabh le críne, is do chas do ghiall ó chaoineadh
Is do shreath ort rian na síne, mo sheanbhean bhocht.



Monuar is fíor do ghlórtha, arsan tseanbhean bhocht;
Is buartha bhíos gan fóirthin in amhgar go docht,
Ó scar liom Brian na mórghal, gur éirigh suas mo Dhónall
Ní bhfuaras suan ná sóchas, arsan tseanbhean bhocht.



Do bhíos i maidhm na Bóinne, arsan tseanbhean bhocht,
Leis an meatach ríoga bhreoigh mé 'gus d'fheall ar mo lucht.
Mo chreach ná raibh mo leoghain fán Sairséalach sa ngleo sin,
Is ní bheinn tinn ná leointe, arsan tseanbhean bhocht.



Is cuimhin liom bliain mo ghlóire, arsan tseanbhean bhocht,
Is mo chéadaibh míle leoghan a d'fhuascail mo thocht,
An tan lasadar an lóchrann bhain an bhíog as Seoirse
Insan ochtmhó 's a dó sin, arsan tseanbhean bhocht.



Mo bhrón ba gar 'na dheoigh sin arsan tseanbhean bhocht . . .



B 1825 19T
C71 7 Eóghan Ó Comhraí cecinit 1825



Maidin mhoch im aonar ag taisteal coille craobhaí
ag machnamh staid an tsaoil seo le tréimhse faoi bhrón
San aiste chlamh seo Éirinn 'na fail le fada ag béaraibh
tug cnead go beacht is géarnimh im chléithibh gan fóir,
Do dhearcas ainnir bhéasach ag teacht 'na reathaibh éasca,
gan stad gur sheasaimh taobh liom is ba gléigeal a snó;
Ba fada casta péarlach, ba craitheach snamthach dréimreach,
gach beart go halt dá céibh is é ar aon dath an óir.



Ba maiseach geal a héadan is a mala chasta chaoldeas
a dearca glasa chréachtnaigh le gaethe gach treon;
Ina leacain tais gan éalaing bhí an sneachta i gcath re caoraibh
is ba snasmhar cailce a déad mion 'na béal tana modhail;
A mama cruinne ar aoldath le cleasa fir nár leanadh;
a leabharchruibh do léirchuireadh gléasta faoi sheol
Barca is foireann léidmheach i gcaismirt chliste laochais
ealta coille is éiscibh ar néamhbhrataibh sróil.


L. 300


Ar amharc iorghal scéimhe is pearsa chirt na béithe
do lagaigh mise in aonchrith le géarshearc don óigh;
Is d'fheasas dise arbh fhéidir gur d'aicme ghlic na ndéithe
nó ar bhean den chine dhaonna do théarnaigh im chomhair;
"An tú Pallas cruth na céille nó banartla na scéimhe
nó an ainnir mhilis mhaorga chuir Traoi thoir faoi cheo,
Nó an bhean tug trúipibh Gréagach in aice an lomra éachtaigh
i mbarcaibh luchtmhar téadmhar mhic Jason ar bord?



"Aithris dom go héasca an tú an ainnir mhiochair Deirdre
tug macaibh Uisnigh éachtaigh go tréithlag gan treoir,
Nó an bhean tar lear do théarnaigh ó dhragan mear Bhinn Éadair
tug feacht 'na reathaibh géara é i gcéin seal 'na deoidh,
Nó an bhean le cleasa d'éalaigh ón bhfear ba ceart go héag dhi,
is d'fhág lag gan preab na Gaeil bhoicht i ngéibheann 's i mbrón".
d'fhreagair dom an réaltan go cathach tuirseach déarach:
"Ní bean den aicme léis mé, is ní leir dhuit mo shórt;



Ach bean do chleachtadh réimeas in aice flatha is réixibh
fuair taitneamh cara is caomhnas Choinn Éibhir is Eoghain. 8
Do chaitheas seal 'na dhéidh sin im bhanartla ghlan naofa
ag freatháil lacht mo chaomhchnis ar chléir is ar leoin.
Gur las le peaca an mheirdreach tug creach mo bhailte in éineacht
is do tharraing Danair Bhéarla tar tréanmhuir im chomhair.
Cidh chailleas leath mo sgéimhe ar dteacht tar lear don tréad sin
bhí meas is rath is daonnacht go séanmhar im dheoidh."



B 1829 19T
C12, 122 Arna scríobhadh riomsa, Eoghan Óg Ó Comhraí i dTearmann na
nGealt i Luimneach Mumhan, dá lá roimh Lá Nollag Mór, Aois Chríost 1829.
Agus mh'aois féin an tan so ceathair ar tríochad bliadhain.



Mo dhaithnid an dochar rér tolladh de shíorghnáth mé
Dom chartadh gan sosadh os brollach mo phríomhchairde,
d'fhág dealbh mé um Nollaig gan cothrom gan caoi fáltais
Fá ainnis' ag cogaint an donais, i ndíol sámhaltais.



Ní faightear in iothlainn punann ná cruinn stáca;
Níl capall ná searrach re turas na slí ainghnátha;
Níl samhaisc ar innilt ná mucaibh re saill dámhsa
Is cé ghlacfaidh re cumann mé ar cuireadh go dtí an Márta?


L. 301


B 1829 19T
Is dearbh gur teastas fíor é sin ar Mhac Uí Chomhraí.



B 1825 19T
An Cúileann
C73 5
Scaradh le hÉirinn cé déarach lem chroí
Fós bé ionad 'na mbéirse faighim Éire ann de shíor;


L. 302


I ndeoraíocht faighim caomhnas do chléibh feacht mar thíos
Is do ródhearca gléirghlas mo spéir i ngach tír.



Fá neol dubh an dlúithghleanna is go ciumhais sreabh na bóchna
Áit ná leomhfaidh súil ionsaithe an bhúir teacht 'nár gcóngar
Tóigfead lem Chúileann 's ba ciúin linn gach seosean
Seoch cóthach ár namhad bheas fá dhúirdhreach 'nár ndeoidhna



Dearcfad le mórtas ar d'órfholt trí mín
Agus fairfead do cheolchruit dá seoladh go binn;
Is nach eagal go sróicfidh an cóbach tar toinn
Aon taca as do cheolchruit ná as d'órfholt aon dlaí.



A Éire nach aoibhinn do chruinnbhrollach deisgios
'Na phéarla ghlan shuíomhchurtha i bhfíor iorra an taoid
Is séadmhar lem chroíse gach mínscoth ded maíghibh
A ríoghan ár gcríche thú, 'chuisle mo chroí.



Do ghlébhroghtha scaoilte don dítheach 's don chaídhin bhocht,
Is féile ar eacht aoibhinn gan chúise ina suí,
Is léir feacht do chaoinchion i bhfíorbhruid nó i maídhm cnoic
Is tá saortheacht deoraí chughat, a chuisle



Do thréanmhic táid laoichta acht ón gcoimhscar dá bhfillfid
Go saorghlan dá mbíobhaibh searcsíor chumm dhlí,
Is caoindhreach d'inínibh gan tíolmha go bhfoilfid
An scéimh lasmhar ghrinn deir cuisle aoibhinn.



Ansin géag eascair choíche mo chríoch chumainn oireacht.
Cé déarach lag díbeartha ataoim uait mo dhíth,
Is ar aonstoc led mhínchnoic mo chroí 'stigh gan deimhin oilc
Guibhim tréad nimhe id choimhdeacht a chuisle mo chroí.



B 1827-46ls 19L
R 97, 515 Eoghan Ó Comhraí chum a charad .i. Micheál Ó Raghallaigh



Taistil gan spás, a bhánchnis chailce gan chiaich,
Is ná hadmhaigh fáth do thrácht ná cá bhfuil do thriall,
Go dtaiscir 'na láimh mo pháirt 's mo thaitneamh re mian,
'S mo bheannacht 'na ndáil do Mhicheál Ó Raghallaigh thiar .
Críoch.


L. 303


U 0401



An taistealaí bánbhreac do sheol tú chugam gan chiach
An rúnaí is fearr dár lámhaigh duine ar bith riamh,
Níor stad in aon áit gur ráinig mise re mian;
An Raghallach fuair slán mar a d'fhág mo chara in Áth Cliath.
Críoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services