Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán do Mhuire Mháthar

Title
Dán do Mhuire Mháthar
Author(s)
Cuthbert Mhág Craith,
Compiler/Editor
Mhág Craith, Cuthbert
Composition Date
1670
Publisher
(Maigh Nuad: Cumann na Sagart, 1958)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DÁN DO MHUIRE MHÁTHAR
Cuthbert Mhág Craith, O.F.M.



Do chuireas mo dhóigh
San ainnir óig
Do mhéaduigh glóir Fhlaithis Dé.



Muire mo lón -
Bean chuiridh mhóir;
Loinneardha an ógh Máthair Dhé.



Ní deirge an rós
Tig as an bpór
Ná drud cóir glan a béil.



Déad chailce is nó
Tá aige an óigh.
Is gasda an seord sgáil a déad.



Dearcain gan ceo
'S glaise ná an ró
d'iomchair i módh Máthair Dhé.



Is míne iná'n sról,
Is fír-bhinn, a glór;
Is aoibhne ná'n t-ór dath a céibh.



Muire mo stór;
Gloine gan smól;
'S gile go mór a corp ná'n ghéis.



Buime 'ní treoir
Don chruinne neoid;
Réidhis gach ród don uile ghein.



Is innealta an ógh
Rug iomad slógh
San gcathraigh mhóir fhairsing fhéil.



- Duine anaithnid.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services