Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá Dhán le Tomás Déis, Easbog na Mí, 1622-1652

Title
Dhá Dhán le Tomás Déis, Easbog na Mí, 1622-1652
Author(s)
Déis, Tomás,
Compiler/Editor
Ua Brádaigh, Tomás
Composition Date
1651
Publisher
(Droichead Átha: Meath Archaeological and Historical Society, 1963)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I.



LS. G. 38, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.



Tomás Déise .i. an t-easbog cc.



Gabh mo theagasg, a inghean óg,
is na déana bród as do sgéimh,
acht tuig gur bláth samhraidh thú
théid ar cccúl ó niugh go né.



Biogh gur corcra leat do bhéul,
's go bhfuil do dhéud gléasta glan,
ionnta aráon niel ach cré,
do sgéimh uile ni bhí acht seal.



Do ghruaidh chorcra is do dhearc mall,
béid ar ball gan ghné gan chruth,
is do chorp uile, as cruaidh an cás,
béid go brath mar fhéasta cnumh.


L. 103


T'fholt bachallach órdha tiubh,
gidh mór aniogh as do ghlóir,
a ndéarna tu le cláonadh súl,
is annsa n-úir bhéir go deóigh.



Do chuid osguir hairgid is hóir,
is do shlabhraidhe móra lán do stád,
do phlátaighe is do bhrata sróil,
fuigfir iad da dheoigh aig cách.



Ar thacair tu ríamh go cam,
cuirfid do chlann sin re sruth,
is beith hanam bochtsa a bpéin,
is do chorp séimh an n-úir na ccnumh.



Do ghaol is do chlann fo seach,
ni bhiaidh síad acht seal fa ghleó,
is t' fhear chéile pósta, a bhean,
is ann sa tsaoghal ní bhfuil ach ceó.



Mas glórmhur thu as do sgéimh,
smuáin ort féin 's ar mhéad do locht,
do ní an phéacóg úaill as a clúmh,
no go bhféachann sí snúadh a cos.



Peacach thu o bhroinn anall,
is fós is gearr go mbéir san ccré,
mar sin na déan stró as do chruth,
san bhfíach dubh nach bhfuil ach fíach.



Smuain ar ifrionn, smuáin ar huaigh,
sa bhreith chruaidh noch bhearfar ort,
tiucfa an bás, óglach Dé,
bhéarfas a ccré leis do chorp.



Smuain ar holcaibh na n-am féin,
aithreachas gér déan go grod,
smuain ar Chríost do dhíol do cháin,
os é amháin do chuaidh san ccróich.



Os guin ochta rígh na diúl,
d' fúasguil thu sa dhá chrobh,
na leig braon da fhuil fo lár,
's go bás mo theagasg gabh.



Gabh mo theagasg etc..


L. 104


II.



LS. 23. 1. 20., A. R. na hÉ.



An tEasbog Deisi cc.



A dhuine ó ndeachaidh do bhean,
Féach an treabh an ar cuireadh;
Féach a taisi mar tá anois
Na mná caisi do chuiris.



Sgáthán fallsa an folt buidhe,
Sgáth bréige an bréid tanuidhe;
Ar fholt bhuídhe 's ar bhreid gheal
Ná tréig, a dhuine, an Dúileamh.



Gúais reic nimhe ar niamh fallsa
Na mban sochrach súilmhealsa;
Taoibh throma bhána na mban
Budh cnámha loma ar léaghadh.



I LS. 12. F. 18. i rann la. "ndeachadh", i 2c. "sair".



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services