UIBH CEINNSEALAIGH N-ÉIGSE AGUS NA SCOILEANNA.
CAD é an cuma a bhí ar shibhialtacht nó ar eolaidheacht muintire Uibh
Ceinnsealaigh nuair a tugadh Creideamh agus Teagasc Chríost don
tír seo ar dtúis? Ceist spéisamhail í seo. Creidtear agus tá
cúis ár ndóthain againn leis gur daoine cliste, foghlumtha iad
muintear na h-Éireann, daoine go raibh meabhair cinn thar bárr acu sar
ar tháinig Pádraig Naomhtha na measc. Na Gaedhil, an treabh ba mhileata
i Roinn na H-Eorpa, uair, bhíodar tar éis teacht i dtír i gCarman agus
tar éis a muintire féin do shocrú go daingean ann a trí no a ceithre céad
bliain roim aimsir Chríost. Ní tháinig siad in aon oidhche amháin ná in aon
lá amháin ach bhíodar ag teacht ar feadh na céadta bliain agus ní raibh deireadh
leis an teacht so go dtí tar éis deasgabhála Íosa Críost. Tá teis-
timéireact Ptolemy Cruinneolaidhe mar ughdarás againn air. Deirean
an fear clúmhail seo go raibh a lán daoine guais-bheartach, fiadhain,
dó-smachtuighthe in Iarthar na H-Eórpa sa chéad aois agus gur tháinig
cuid acu san agus alucht leanamhna go gainimh-Bhórdaibh Locha gCarman
agus chuireadar futha ann. Pé eolaidheacht agus foghluim a's sibhialtacht
a bhí acu do thugadar leo í dá m-bailtibh nuadha agus do scaipeadar í ar
fud na tíre um a gcuaird.
Tá oileán beag in inbhear Sláinge darb ainm Beag Éire ach fad ó
'sé ainm a bhí air ná Inis Fáil. Págánaigh dob'eadh ár sinsear agus bhí
a ndéithe bréige féin acu. Ceann des na déithibh seo ab eadh Fáil.
Chuireadar an t-oileán beag ar leath-taoibh in a chóir, do choisreacadar é
agus bhí sé már áit naomhtha ag an dia bréige seo. Ar an oileán seo,
leis, do chomhnuigh na draoithe, na feallsamhna agus na fir oilte do bhí
imeasc muintire Uibh Ceinnsealaigh tar éis teacht idtír ar an oileán seo
dhóibh. Ní féidir teine d'adú gan teas a teacht aistí agus gan an t-aer
mór-dtímpal do théigheamh. Sa t-slighe chéadna ní féidir Coláiste
léighinn do chur ar bun ná dream oilte, foghlumtha do thabhairt le chéile
gan a rian a bheith ar dhaonibh na dúithche. Má admhuightear an méid seo
is soiléir go raibh muintear Uibh Ceinnsealaigh sibhialta, déigh-bhéasach
agus go raibh baint acu le foghluim agus le feallsamhnacht na h-aimsire
úd ar a shon gur feallsamhnacht phágánta í.
Ní fada ón áit seo 'seadh do rugadh Iobhar Naomhtha a's naomh Fionn-
tán Munnu. Deirtear gur draoithe iad ar dtúis agus nuair a cheap
Iobhar Iol-scoil agus Mainistir do chur ar bun 'sí an áit ba rogha leis
chúiche ná Beag Éire. Ní raibh aon áit b'oiriúnaighe ná é sa dúthaigh mar
bhí boladh na foghluma san aer ann agus bhí múinteóirí nuadh-bhaistighthe
cheana féin ann o bhíodar so chomh toiltheonnach anois an creideamh nuadh
agus an sibhialtacht Chríostomhail do chraobh-scaoileadh a's bhíodar an
t-sean-shibhialtacht do mhúineadh uair d'á saoghal. Bhí an chúis chéadna ag
Fionntán Naomhtha chun a scoile féin do chur ar bun i dteach Munnu.
Deirtear gur Uibh Ceinnsealaigh seo leis a tháinig an Bárd foghlumtha
agus an t-Árd-draoi Dubhthach, an Dubhthach céadna a d'eirigh na sheasamh
i Righ-theaghlach Laoghaire, ar maidin Domhnaigh na Cásca, i dTeamhair
na Riogh nuair a thánig Naomh Pádraig d'á fhiosrú, agus bhí Laoghaire
tar éis Gairm-scoile do chur amach chun gach duine a bhí láithreach gan aon
onóis do thabhairt don Naomh. Ach “ní mar siltear bíthtear.” Bhí a
mhachtnamh féin ag dubhthach agus do dhéin sé beart da réir. Tamall in
a dhiaidh seo tháinig Naomh Pádraig ar chuairt agus ar aoidheacht chuige
go Garman. Do dhein an Naomh eaglais de thigh Dubhthaigh agus tugadh
an Domhnach mór air. Leanann an t-ainm céadna ar an áit go dtí an
lá indiu. Mar dheimhnuí ar an scéal so thuas idtaobh na foghluma a's na
sibhialtachta d'eirigh fear eile imeasc muintire Uibh Ceannsealaigh, Aodán
nó Maodhog Naomhtha, Easpog as múinteoir, an fear do chur Iol-scoil
Fearna ar bun, agus ní beag san.
Tímpal na bliana 300 A.D. bhí cos-ar-bolg a's géar-leanamhaint
dá dhéanamh ag Dioclísean, Rí an Domhain, ar Chríostaidhthibh a Impreachta.
Do theich cuid acu go h-Éirinn mar ní raibh dlighthe pianamhla na Rómha
i bhfeidhim ann. Do Dhia a bhuidheachas, ní raghaidís go h-Éirinn muna
m-beadh go raibh a fhios acu go maith go raibh míle fáilte rómpa agus
go raibh sagairt as Críóstaidhthe ann cheana féin, nó mar a deirtear
“Bhí a n-daoine muinteardha ann.” Do thiocfadh na seachránaidhthe seo
go h-Éirinn tré inbhear Sláinge mar is é oscailt na Sláinge an áit is
oiríunaighe agus is giorra d'Impreacht na Rómha agus rud eile tá a
fhios againn go maith gur mó fear Naomhtha agus scolaire léigheonta
do chuaidh amach agus a tháinig thar nais tré cuan Coille Cairn. Gan
dabht ar domhan bhí mórán tráchtála ar siúbhal idir muintir Uibh Céin
agus tír mhór na h-Eorpa ar feadh na céadta bliain sar ar tháinig Pád-
raig naomhtha agus ní bréag a rádh gur mó smuaineamh nuadh agus fear
foghlumtha a tháinig in dhiaidh na tráchtála.
Táimid tar éis súil-fhéachaint a thabhairt ar aimsir ar sean i gCéin.
Tá mo smaointe agus mo mhachtnamh curtha síos agam agus is ion-chreidthe
go raibh foghluim agus sibhialtacht imeasc muintire uibh Ceinnsealaigh
an t-am do bhí an Creideamh dá chraobh-scaoileadh igCarman. Mar
gheall ar an bhfoghluim gCríostamhail do cuireadh na trí iol scoileanna
sheo ar bun sa chúinne seo den tír.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11