Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Orlando agus Melóra

Title
Orlando agus Melóra
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Draak, A.M.E.
Composition Date
1679
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1946)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




ORLANDO AGUS MELÓRA



Feacht n-aoin dia roibh Cing Airtiúir mac Úir mheic
Ambrois mheic Úterpendragon .i. Rí an Domhain ina dhún agus ina
dheaghbhaile féin .i. Dúnadh an Halla Deirg, agus is amhlaidh
do bhí an rígh sin: ní roibh rí nó flaith fon chruinne cheathardha
ba liadh ridire óg uasal agus gaisgidheach gníomheachtach air a
theaghlach ná é, óir ní roibh rí nó roithighearna fo cheithre foghur-
rannaibh an domhain gan mac nó bráthair dhó air teaghlach Cing
Airtiúir.



Tárla do Ching Airtiúir mun n-am so go raibhe inghean áluinn
aontumha aige darbh ainm Melóra, agus do rug an inghean sin bárr


L. 18


air chlannuibh ríogh agus rothighearnadh in domhain air dheilbh,
air dhénamh, air mhodh agus air bhéasaibh agus air dheghmhúnadh,
agus air an uile shubhailce dar chóir a beith a n-inghin rígh nó roflatha.



Tárla don inghin so aoidhche áirithe go bfacadh fís agus aisling do
chuir buaidhreadh mór air a hintinn agus is eadh adchonnuirc .i.
dair le féin gur éirigh an ghrian odheas agus go ttáinic gath gréine
ón ghréin sin gur bhuail a mbéal a hochta agus a húrbhruinne í agus
gomadh lán d'aoibhneas agus d'urgháirdiugh í, ón méid taithnimh ro
ghabh don ghath ghréine sin agus iair sin go l29 v0 go ttáinic
marcach eich dhuibh idir í agus an gath gréine, agus gur mhúch soillsi an
ghatha gréine urtha air mhodh nár léir dhi én ní, agus asa haithle sin
go ttáinic leoghan dá hionnsoigh agus go ttucc beangán do chrann na
pailme ina láimh agus gur bhuail marcach an eich dh>uibh do bhuille
do chrann na pailme agus gur thuit marbh don bhuille sin agus gur
shoillsigh an gath gréine urtha arís, ionnas gur taidhbhseadh
dhi gurb as a com caomháluinn do bhí an ghrian uile ag
dealramh.



Air musgladh dhi as an ccodla sin do ghabh imthshníomh mór
í agus airna mháireach is eadh dorinne: dul d'ionnsoigh air dhraoi
ro-eagnach eólach do bhí ag an rí, darbh ainm Meirlín agus nochtas
an aisling dó ó thús cco deireadh. Adubhairt Meirlín: "A ríaghan,"
air sé, "tiucfaidh mac rígh ó dheisceart an domhain dot' thochmaircsi
agus dobhéra tusa grádh dhó agus gidheadh cuirfidhthear toirmeisg
agus ruibh re daoinibh urchóideacha eile, air mhodh go bhfuighe
tusa agus eision mórán imshníomha agus urchóide, suil thiocfus díbh a
bheith dá chéile. Acht a cheana: is díotsa thiocfus gach buaidheirt
agus gach iomthshníomh dá ttiucfaidh tresan ghrádh sin do
thabairt chum cinn agus chum críche; gidheadh ní gan dochar mór
dodhénas tú sin l30 r0 dhénas tú sin.



Ciodh trácht ní di leanas an stair fós seal oile, acht tárla mun
n-am so rí uasal oireadha cudrama ceartbhreathach a rígheacht na
Teasáille, darbh ainm Gustabhus; tárla aige an rí se mac óg
uaibhreach aigiontach árd-inntinneach dob fearr lúth agus lámhach
agus lánchoibhleadh agus deilbh agus dénamh agus deaghghníomha d'fhearaibh
óga no ársoigh na cruinne go comhiomlán, darbh ainm Orlando.
Agus dochuaidh teist agus tuarasgbáil an mheic sin fo rannuibh iartharacha
an domhain uile. Acht cheana, do chuaidh alladh
agus árdnós theaghlaigh Dhúine an Halla Deirg fon chruinne cheathordha
go comhchoitcheann agus go háirithe go baile Rígh na Teasáille,


L. 19


ionnas gur ghabh fonn ainmhianach Orlando, mac Rígh na Teasáille
dul seal dá aimsir go Dúnadh an Halla Deirg agus da críochnuigheadh
an chomhairle sin leis agus do iarr cead air an rígh agus tucc an rí an cead
sin dó, maille rena beannacht agus do hullmuigheadh gach ní badh
cubhaidh do mac rígh nó rothighearna re hucht aistair agus imtheachta
dhó, agus an aoidhche roimhe triall dó, do chonnuirc fís agus aisling,
agus is í aisling tárfás dó .i. dair leis go roibh inna lubhghort fíneamhna
agus go raibhe crann árdáluinn isin lubhghort sin air a roibheadur
tortha agus ubhla aipche ionchaithmhe dob' áille da bhfaiceadh
ariamh agus gur shín a lámh do bhuain an 130 v0 bhuain an ubhaill
dob' áille da bhfacadh air an ccrann agus air síneadh a láimhe dhó
go ttáinic athair nimhe chuige agus gur iath fo chaol a dhá chos agus gur
leag é agus go raibhe a ngeibhionn aig an athair nimhe amhlaidh sin
nogo ttáinic don ubhall sin gusar shín sé a lámh tuitiom don gcrann
air an athair nimhe, ionnas go ndearna dhá leath don athair nimhe
agus gur fóir Orlando óna gheibhionn. Dúisgeas Orlando asa haithle
agus do bhí aig síor-smuainiugh air an aisling nogo ttáinic an lá agus
air n-éirgheadh don lá gona lán-tshoillsi éirghighus Orlando agus
téid gusan draoi do bhí re haghaidh fiosa agus foghloma ag a athair
agus do nocht an aisling dó agus is eadh adubhairt an draoi:



"Dobhéra tusa," air sé, "grádh do mhnaoi bhias ro-chumhachtach
agus ro-sgiamhach agus dobhéra sisi an grádh céadna duitsi agus
níos taosga nó do bhuaidheóchair í, do gheabha tú mórán duaigh
agus dochair agus bia tú a n-éigean mór báis," air sé, "gidheadh is í an
bhean sin do bhérus fuasgladh dhuit fa dheóidh agus fóirfeas ó gach
imthshníomh thú, agus bia sibh go sona síthchánta aig a chéile ó
sin amach."



Haithle na breatha sin tucc an draoi air an aisling, gabhus
Orlando lámh air imtheacht agus téid ina loing agus níor comhnuigheadh
leis cco ráinic Dúnadh an Halla 131 r0 Dúnadh an Halla Deirg
mura raibhe Cing Airtiúir agus a theaghlach agus air tteacht don mbaile
dhó, tig sgéala cco Cing Airtiúir, mac Rígh na Teasáille do
theacht 'na dháil.



Cuirios Rí an Domhain fuireann dona ridiraibh fa huaisle agus
fa honóraighe nó chéile do bhí air a theaghlach d'furbháilteadh
roimhe agus dá thabhaírt don dúnadh. Agus air tteacht do láthuir
Rí an Domhain dó, do léig air a ghlúinibh é agus do rinne comharrtha


L. 20


umhlachta agus urramha agus dhó agus ráidhius go ttáinic air impidhe
athairdha d'feitheamh airsion agus do dhénamh searbhíse dhó agus
d'admháil an ardsmachta do bhaoi ag Cing Airtiúir air ríghthibh
agus air rothighearnadhaibh an domhain.



Gabhus an rí air láimh é asa haithle sin agus fáiltighus roimhe agus
órduigheas áit agus ionadh dhó air an mBord Chruinn mura mbídis
clanna ríghthe agus rothighearnadh fa mó meas agus onóir nó chéile ag
Rí an Domhain.



Ciodh tráchta ní roibh mac rígh nó rofhlatha nó fear nó bean
isin teaghlach sin uile nár gabh iongnadh adhbhalmhór fa óige
agus fa áille agus fa dheaghmhaise mheic Rígh na Tessáille, agus fana
iomláine ina briathearaibh agus ina chaomhchomhradh agus ina
n-uile cherd fa cubhaidh do mhac rígh no rofhlatha, óir gér líonmur
re n-áireamh an trénteaghlach sin, do rug Orlando a mbárr uile
ann gach cáilidhiocht dhíobh so.



Dála Mhelóra, inghean Rígh an Domhain, air bhfaicsin mheic
131 v0 mheic Rígh na Tessáille dhi, ní fuair suan nó codladh
nó comhsanadh ina hintinn acht lán do smuainighibh buartha
baothluaimneacha agus ní fhéadadh a súil do théarnodh uadha in
gach ionadh ina bhfaicadh é. Agus níor lugha leision don taoibh
eile é, óir do bhí deilbh agus deaghmhaisi Mhelóra ag géarghuin a
chraoidhe agus aig buain suain agus cudallta agus mían bídh agus dighe dhe.
Gidheadh níor léig an eagla dhó sin do nochtadh dhi nó d'aoineach
oile, óir níor bhfeas dó a chara seacha a námha isin dúnadh so bheos.



Ciodh tráchta fa gnáth mun am so a mbailtibh rígh agus rothighearnadh
cluithche dá ngoirthear giustúil nó iomruagadh agus is é an
cluithche sin: marcuidheacht agus lámhach agus briseadh sleagh a
ccorpuibh agus a ccneasaibh a chéile agus a meabhrugh croibhnirt agus cleasa
goile agus gaisgidh, agus fa gnáitheach na tré atharraigh sin da mheabhrugh
a nDúnadh in Halla Deirg, áit a roibhedhur clanna ríghe an
domhain cruinn air aon láthair. Acht atá aon ní chena: is le
hOrlando do bhíodh buadh gach cluithche agus gach báire agus gach
berna, ionnas gur ghabh Rí an Domhain greim agus taitneamh dhe
agus go ttucc seirc agus síorghrádh dhó tair chách, agus gur leis do léigeadh
a rún agus a shecréit, agus fós: is é do chuireadh le biadh agus le digh dá
bhórd féin agus le teachtaireacht go seómra Mhelóra; go ttáinic dhe
sin gur nocht a rún di agus go ndearnadur comhcheangal 132 r0


L. 21


comhcheangal gráidh re chéile agus go ttuccadur gealladh air gach
leith gan claonadh air a chéile re heagla báis no pinúis.



Tárla a nDúnadh an Halla Deirg an uair sin ridire cródha
cathbhuadhach darbh ainm Sir Mádor mac Rígh na hIsbeirne agus
ba duine aingidhe anuaibhreach an ridire sin agus do bhí grádh folaigheach
aige do Mhelóra agus do bhreathnuigh Melóra sin air go minic,
gidheadh náir léig an faitchios dó a foillsiugh dhi go soilléir.



Ciodh trácht do conncus do Sir Mádor ann so go ndeachaidh
Orlando a bhfoghar an rígh agus Mhelóra comhmhór agus sin nach
raibhe tábhocht dó féin dúil do bheith aige re Melóra go bráth,
agus nach raibhe dúil aige nogo nglacfaidhsi toil agus taitneamh
do Orlando tre romhéad allaidh agus airdnóis, agus is eadh do rinne
ó sin amach: fúath agus miosguis do thoghbháil d'Orlando agus mí-sgéal
bréagach bheith dá chur idir é agus na ridireadh oile d'fios an ttiucfadh
dhe sin fúath an rígh agus an teaghlaigh do thairring air; agus
dá bhrígh sin go madh héidir dhó an chúirt d'fhágbháil agus triall
dá chrích féin.



Giodheadh ní hamhlaidh tárla, óir do bhí domhéad annsachta
an righ agus an teaghlaigh do Orlando agus d'fheabhus a ghníomh agus a
dheaghbhéas, gurb méadugh do bhí céim agus cáilidhiocht
Orlando go láitheamhail.



Air na fhaicsin do Sir Mádor nár ghabh an tshlighe si greim, do
smuain slighe oile ina meanmain, agus is é sin: dol d'ionnsoigh
air dhraoi eagnach eólach do bhí aig Rí an Domhain darbh ainm
Meirlín agus 132 v0 agus a ghairm leis a bhfód fo leith agus is eadh
adubhairt ris:



"A Mheirlín," air sé, "atá cúis shecréite agam lena nochtadh
dhuit dá ttugthá do chonghioll damh rún maith dhénamh air,
agus dá ttigeadh dhíot an ní d'inneósainn duit do leasugh, dobhearuinn
breith do bhéil féin duit agus budh leat orlámhus mo chríche
agus mo dhuthaighe agus gach a mbiadh um' chumhachtaibh ó so
amach go bráth."



"Nocht damh gach a bhfuil fot'intinn," air Meirlín, "agus mas
ní bhus féidir do leasugh é dodhénsa gach a bhféadfa sinn
dot'maith, agus mun beidheadh, is é ní is lugha thiucfus linn rún
do dhénamh air go bráth."



"Maiseadh," air Sir Mádor, "do bhí seirc agus síorghrádh agam
do Mhelóra, inghean Rígh an Domhain agus níor labhras mé mo ghrádh
dhi fós, agus anois dochím go bhfuil Orlando, mac Rígh na Tessáille
ina secréit agus ina síorthathaighe agus fós go bhfuil sé a bhfoghur


L. 22


an rígh comhmhór, agus sin go bhfuilim dearbhtha gur thoirmeisg
sé oram an uile shlighe le ar bhféidir liom taitneamh Mhelóra do
thairring oram. Agus dá ttíosadh dhíotsa," air sé, "Orlando do
mhilleadh, nó go háirithe fúath an rígh agus Mhelóra do thairring
air, ní bhfuil ní dá mbíadh ann mo chumhachtaibhsi go bráth
nach badh leatsa a chaitheamh agus urlámhus go síorraithe," air
sé.



"Biu foighid agad," air Meirlín, "agus gabhuimsi 133 r0
gabhuimsi do láimh nach ba mór trom bhéarus mac Rígh na
Teasáille ort féin nó air nach oile ó so amach go bráth, acht go
bhfagha misi fóill agus uain air meallaibh ndhraoidheachta d'imirt fair."



Agus is amhlaidh ro bhaoi Meirlín: ní roibh fon chruinne
cheadhardha ina chomhaimsir féin duine ba mó adhmhilleadh agus
aimsiughadh draoidheachta agus diabhlaidheachta iná é.



Ba luathgháireach Sir Mádor don sgéal sin, agus bhador
amhlaidh nogo ttáinic lá dh'áirithe darbh féidir do mhac Rí na
Tessáille dul air a sheal go Foraois na nIongnadh ionnas go ttugadh
sgéal iongantach ionghnáthigthe d'ionnsoigh Rí an Domhain aisde.



Óir is amhlaidh ro bhaoi Cing Airtiúir: fa geis dó pruinn nó
tomaltus do chaitheamh noccond' innsidhe sgéal iongantach
ionghnáith an fhiaghnuisi; agus is amhlaidh mur do bhí Foraois
na nIongnadh: ní roíbh aon lá ariamh nach bhfuighthidhe
iongnadh inte nach bhfacus agus nach ccualus a leithit ariamh roimhe,
agus tárla do Orlando an lá so gurb fhéidir dhó dul air a sheal go Foraois
na nIongnadh d'fhaicsin iongantuis re nd-innsi don rí re hucht
n-oidhche.



Iar sin gabhus Orlando a earradh áigh agus iorghaile uime agus
triallus 'na uath agus 'na 133 v0 'na aonur go Foraois na nIongnadh
agus air ndol don bhforaois dó, ní fada do bhaoi aig a taisteal, an tan
adchí dhá láimh ríogha ro-mhaiseacha gan chorp, gan cholainn,
gan chuideachta, agus claidheamh géarglan fhaobhrach in gach láimh
dhíobh agus iad aig tuargain agus ag treaghdadh a chéile go neartmhar
náimhdeach neamhcharrthannach, ionnas go ccluinfidhe fo cheithre
beannaibh na foraoisi an torann agus an trénbhualadh do bhí eatorra.



Do bhí Orlando tréimsi agus tamall dá bhféachain agus adubhairt:



"Measuim," air sé, "go ccaithfeadh Rí an Domhain a phruinn
agus a thomulltus ris an n-iongnadh sin. Gidheadh ní fhúigfead an
fhoraois nogo bhfaicfe mé iongnadh oile d'eagla nach badh sásta
an rí risan iongnadh so."


L. 23


Iar sin gabhus ag taisteal na foraoise seal eile, agus ní fada do
chuaidh an tan adchonnuirc long luchtmhur lán-aibhreach go
gceithre seóltaibh n-éxamhla urtha agus gan cloch nó crann nó adhmad
oile inte acht gloine tana taobhthaitneamhach agus í ag seóladh
tarr bharraibh crann agus fiodhbhuidhe, níosa ghéire nó gach long air
muir agus gan d'fuirinn inte acht madh ealta do ghéisíph glégheala
do bhaoi aig cantain chéoil agus oirfide air haiste uachtarach na
luinge sin.



Do bhaoi Orlando seal ag féchuin 134 r0 féchain na luinge
amhlaidh sin agus adubhairt:



"Measuim go ccaithfeadh Rí an Domhain a phruinn re sgéal
is neamhiongantaighe iná soin. Gidheadh: féachfad an fhoraois
seal oile."



Agus do ghabh ag síubhal seal oile go bhfacaidh óglach aig
siubhal roimhe agus a cheann airna theasgadh do cholainn agus srotha
fola rena ghuaillibh agus rena shlinnénuibh asa mhéidhe mhaoldhearg
agus an ceann ina ucht aige, agus é dá chioradh re cír do chnaimh
elephinte.



Do bhí Orlando tréimsi agus tamall dá féchain.



"Anois," air sé, "is mithigh dhamh an fhoraois d'fágbháil, óir
creidim go ndearna Cing Airtiúir a bhiadh uair éigin re hiongnadh
is lugha ná a bhfaca mé." Agus is leis sin gabhus lámh air an
fhoraois d'fágbháil agus air mbeith ag filleadh dhó, dochonnuirc aon
óglach árd ur-aibhéiseach agus é air leithchois agus air leithláimh agus
air leithshúil agus cruit chaoirthéadach cheoilbhinn ina ucht aige, agus
aois, galair agus easláinte fir ghonta agus mná ria n-iongnadh an domhain
do chodeóldís ris an cceól shíorrachtach shíorbhinn do bhí sé th'sheinm
air an ccruit sin. Agus én áloinn iongantach 'na shuidhe air corr na
cruite, agus go madh samhalta re haingeal as Purt Parrdhuis an
comhcheól cainteach comhmbinn do bhí an t-én do dhénamh
mar aon ris an gcláirseach.



Air 134 v0 air na fhaicsin sin do Orlando, do ghabh an uirid
sin do thaitneamh isin gceól é gur dhearmad fir agus mná an domhain,
agus gurb' eadh do rinne: fear na cruite do leanmhain in gach áit ar
ghabh, nogo ráinicc neóin, agus deireadh laoi ortha, agus air tteacht
thráthnóno do ló, dochí Orlando dúnadh ríoghdha ro-mhaiseach
agus piláit áluinn iongantach dob' áille dá bhfacaidh súil ariamh agus


L. 24


téid óglach na cruite asteach inte agus do lean Orlando é agus air
ndol asteach d'Orlando, do sgar fear na cruite ris agus ní fhaca é
níosa mhó. Gidheadh dochonnuirc gach ní fa taitneamhach re
súil dhaonda ann, acht amháin nach bhfacaidh fear nó bean don
Adhamhchloinn ann. Ciodh tráchta do chonnuirc fithcheal chuanna
cheardamhail fosluighthe air bórd áloinn iontlais agus aon lámh
amháin ón ghualoinn anuas aig fras-imirt gach ré mbeirte thall
agus abhos air an cclár agus air mbeith tréimsi agus tamall mur sin don
láimh, do thóguibh an taibhfleasg don mbórd agus do fholuigh an
bórd d'éadachuibh líoghdha lánmhaiseacha agus do sgaraoidibh
sgiamhghlana, agus do chur biadha saora so-chaithme agus deocha
millsi meisgamhla air an mbórd agus do dheasuigh cathaoir áluinn
órduighthe don taoibh ba faicsi 135 r0 faicsi do Orlando don
mbórd agus do thuig Orlando gurb' aig iarraidh air biadh do chaitheamh
do bhadus agus leis sin suidheas Orlando air an mbórd agus ro chaith
a lórdhaothain bídh agus dighe, agus do bhaoi ceól agus oirfide dá
cantain dó, an feadh do bhaoi ag caitheamh an bhídh soin.



Acht cheana: air ccaitheamh an bhídh sin, do chí aon chailleach
chrapach chuislionnach dhiabhlaidhe dhathghránda dá ionnsoighe
agus go madh duibhe ná gual Gaibhneann gabhann gach alt agus
gach aidhe dhi; agus is eadh adubhairt:



"A mhic Rígh na Teasáille," air sí, "ciodh taitneamhach leat
an t-ionadh so ina ttárla thú, dob' fhearr duit nach ttaigeóbadh
ann thú."



"Créad sin?," air Orlando.



"Atá," air sí, "go mbiadh tú a ndaoirsi agus a ndochar agus a
n-amhgur, gan cuideachta, gan comhluadar, gan soillsi gréine no
éusga ann so go bráth," air sí.



"As adhbhar uathmhain agus urghráine an sgéal insis tú, agus créad
um a ttiucfadh sin?," air Orlando.



"Thusa," air sí, "do bhaoi aig suirghidh re hinghin Rí an
Domhain," air sí, "agus do bhaoi grádh folaigheach aig fear oile dhi,
.i. Sir Mádor, mac Rí na hIsbeirne, agus do conncus do Sir Mádor
go ndeacha tusa a secréit an rígh agus a inghine, agus gur thoirmeisg
tú gach slighe le ar bhféidir leis grádh na hinghine do thairring
air. Agus dá bhrígh sin do thairg 135 v0 thairg cumtha agus
tairgsiona móra do Mheirlín .i. draoi Ching Airtiúir, re thusa do


L. 25


mhilleadh," air sí, "agus is é Meirlín fear na cruite do thairring ann so
thú, agus bia tú gan soillsi gréine nó éusga, gan uirghioll, gan
urlabhra, gan neach fir nó mná d'fhaicsin ann so go bráth feasta,"
air sí, "acht madh misi amháin bhias dot' chumhdach amhlaidh
sin, óir is mé bhíos aig teachtaireacht, aig taisteal idir Meirlín,
deamhain Ifrinn," air sí, "agus an Mhilltionach m'ainm," air sí, "agus
beanfa mé h' uirghioll díotsa anois," air sí, "d'eagla go ndénta
urnaighe nó eadarghuidhe d'ionnsoigh air dhia nó air deamhnaibh,
amhlaidh mur do órduigh Meirlín damh."



"Sul beanfus tú m'uirghioll díom," air Orlando," innis damh
an bhfuil furtacht a ndán damh go bráth ón daoirsi sin," air sé.



"Ní bhfuil cheana," air sí," acht re trí seódaibh atá a n-iarthar
dhomhain d'fagháil: mur atá an t-shleagh tá aig an t-Samhdán
Mhór .i. Rí na Babilóin, do bhí aig Láginus, .i. an fear Romhánach
don ghárda reir tolladh taobh Íosa Chríst, agus ní bhrisfeadh
ní air dhoman an charraic dhraoidheachta atá a ttimcheall na
huamcha so acht an t-shleagh sin. Agus liag lóghmhur atá aig
inghin Rígh na Narsinga a n-iarthur Innia, darbh ainm car-
buncail, agus is leis an ccarbuncail sin do sgaoilfeadh an
dorchadus atá isin áit so," air sí, "agus ola muice Túis atá ag
Rígh na hAsía Móire agus is leis an ola sin do bhlasadh do thiucfeadh
h'uirghioll chugad arís. Agus ní bhfuil ridire nó gaisgeach air
tuinn talmhan re na ttiucfeadh na trí seóid sin d'fagháil," air sí;
agus leis sin do chumhail a lámh chiorclach chíordhubh do ghnúis
agus d'aghaidh Orlando agus do bhean cumhachta urlabhra agus
uirghill de, agus do imdhigh uadh iar sin agus do múchadh an solus
agus an ceól, go nach roibh a ttimcheall Orlando ann acht uaimh
chaol chumhang chomhdhorcha, áit a bhfuighfeam é go fóill mur
duine do bhiadh a ttiaghuis éigin do thiaghuisaibh ifrinn, acht
amháin go smuaineadhadh go minic air an aisling do chonnuirc
agus air an bhreith tucc an draoi urrtha.



Dála King Airtiúir ann so, do bhí an aoidhche sin gan
bhiadh do choimhlionadh a gheasa agus airna mhárach do ghluais maille
rena theaghlach go Foraois na nIongnadh d'iarraidh sgéal Orlando,
agus air ccuartugadh na foraoise dhaíbh agus air bhfaicsin a n-iomad
iongantus, ní fuaradur aon fhocal do sgéaluibh Orlando, agus do


L. 26


filledur go Dúnadh an Halla Deirg go tuirseach iomshníomhach,
agus air rochtain na sgéal sin go Melóra, inghean Rígh an Domhain,
ní féidir a fhaisnéis nó 136 v0 a fhaisnéis nó a innse gach ar
ghabh sí do thuirsi agus do dhólás ina hinntinn agus do smuain go
minic air an aisling do chonnuirc, agus air mharcach an eich dhuibh
do mhúch an gath gréihe urrtha, agus do mheas aice féin go madh
éidir go madh Sir Mádor do chuirfeadh slighe mhillte air Orlando,
óir do aithinsi air go raibhe grádh folaigheach aige dhi, acht nár
léig eagla dhó a fhoillsiughadh; agus is eadh do rinne ó sin amach:
bheith furbhfáilteach furánach air Sir Mádor gach áit a ttagbadh
ris d'fhéachain an mbeanfadh adhmál as fa sgéaluibh air bith do
bheith aige ó Orlando.



Do bhaoi mur sin tréimsi agus tamall nogo ttáinic Sir Mádor
lá áirithe asteach a seómra Mhelóra agus isi 'na huathadh agus 'na
haonur ann, níos dhána nó thigeadh uair air bioth oile roimhe sin,
do bhrigh dair leis féin gur bhreathnuigh nísa mhó do thaitneamh
aice air a cuideachta anois nó mur do bhí riamh roimhe. Agus air
tteacht asteach dhó, éirghighus Melóra agus do fhear fáilte fris, agus do
chuir 'na shuidhe ina fochair é, agus do rinne comhrádh caoin carrthannach
fris, go ndubhairt:



"A Sir Mádor," air sí, "as annamh do chuairt mur a mbímsi,
agus nach bhfuil mac righ nó rofhlatha isan teaghlach sa is annsa
linne ná thú."



"A Ríoghan," air Sir Mádor, "dá bhfeasuinnse sin ort, do
bheinn nísa mhionca id' chuideachta 137 r0 chuideachta níosa
mhionca nó bhím."



"Go deimhin," air sí, "muna bheith eagla oram go ttéabradh
Orlando, mac Rígh na Tesáille, do chuir m'athair feitheamh oram
agus dothig le biadh agus le digh chugam," air sí, "drochbharamhail
dúinn, do chuirfinn fios ort go minic, ionnas go ndénmaois cuideachta
agus carrthannacht re chéile."



"Is maith mur atá, a Ríoghan," air Sir Mádor , "ní chuirfe
Orlando eagla ort féin nó air duine oile go bruinne mbrátha agus
mbeatha."



"Dá mbiadh deimhin agamsa air sin," air Melóra, "do dhénainn
slighe re ná bhféadfuinn féin agus tusa beith do thoil a chéile gach
uair badh mian linn gan eagla, gan uathman," air sí.



"A Ríoghan," air Sir Mádor, "da ttugthasa deimhniughadh
dhamsa air do ghrádh, agus rún maith do dhénamh air gach ní


L. 27


dá nochtfuinn duit, do bhéaruinn sgéala dhuit ón ccrích táinic re
mac Rígh na Tessáille, air sé.



"Ní léigionn tú a leas," air Melóra, "rún do cheangal díom,
óir dair liom féin is lór do dheimhniugh dham mo ghrádh agus mo
shecréit do nochtadh dhuitsi," air sí, ".i. an ní nach air nocht mé
d'aoinneach oile romhad ariamh."



"As fíor sin, a Ríoghan," air Sir Mádor, "agus do bhrígh go
bhfuilim dearbhtha as do chonghioll anois: inneósa mé dhuit an
ní nar shaoil mé d'innsi d'aoinneach go forcheann mo t-shaoghail,"
air sé. "As amhlaidh mur tárla, a Ríoghan 137 v0 a
Ríoghan," air Sir Mádor, "go roibh grádh do-fhulaing agamsa
dhuitsi, agus nar léig h'eagla féin agus eagla h' athara dhamh
aithniugh oram, agus fós do conncus damh gur ghlac an rí mac
Rí na Tesáille go mór ina shechréit agus mur an ccéadna go roibh
taithighe mhór aige ad' láthairsi agus do mheas mé leis sin go
ttiucfadh sé eadrom agus tusa agus go ttoirmeisgfeadh gach uile shlighe
leir bhféidir liom do ghrádhsa do thairring orm, agus is eadh do rinne
mé: cumha agus tairgsiona móra do ghealladh do Mheirlín
draoi le hOrlando do mhilleadh, agus dorinne Meirlín sin," air
sé, agus do nocht dhi ó thús go deireadh amhail mur do bhí Orlando
isin uaimh chairrge agus an charraig dúnta uime agus gan dáil
chabhra aige acht ris na trí seódaibh adubhramur thuas d' fhagháil;
agus gur fháguibh Meirlín do gheasaibh air gan fear dár iomchur
arm ariamh do bhuadhiugh na ttrí seód sin d'ais nó d'éigean, agus
mur sin nach bhfuigheadh duine don Adhamhchloinn aon fhocal
do sgéalaibh Orlando go bruinne mbrátha agus mbeatha.



Air cclos an chomhráidh sin do Mhelóra táinic airgheana báis
agus buain-éaga ina craoidhe, agus do chlaochluigheadar a ceadfadha
corpordha go huilidhe agus go 138 r0 go hiomlán agus is eadh
do rinne: éirghe 'na seasamh d'eagla go n-aitheónadh Sir Mádor
claochlódh air bioth uirthe, agus do bhí tréimsi agus tamall nár
fhéad aon fhocal do labhairt. Agus air tteacht thaomdha céadfadh
chuici, do labhair agus is eadh adubhairt:



"Maiseadh, a Sir Mádor," air sí, "is eadh dodhénas misi:
imtheacht as an mbaile si gan fhios d' aoinneach agus a bheith
tréimsi agus tamall amuigh, agus mur nach bhfuigthear aon
fhocal sgéal uaim, cuirfe an rí tairgsiona móra agus cumho don tí
ghéabhus sgéala uaim, agus tiucfa misi ann sin," air sí, "a ndeilbh


L. 28


agus a n-éadach anaithnigh agus iarrfad breith mo bhéil féin air an
rí do chionn sgéal a inghine d' fhagháil agus do bhéara an rí sin damh,
agus is é breith iarrfus misi: cead mo rogha fir dá bhfuil isin teaghlach;
is é rogha ghéabhus misi thusa," air sí. "Agus bhíse air
siubhal anois," air sí, "agus ná seachain an dúnadh so madh
fada gearr bhias misi amuigh, agus ná léig do rún re duine
air dhomhan go filleadh dhamhsa arís," air sí.



Imdhigheas Sir Mádor as an tsheómra lán do luathgháir agus do
mhéadmeanma.



Dála Mhelóra feasta air n-imtheacht Sir Mádor do chuir a
héadach ríoghna dhi agus do ghabh éadach ridire uirthe agus
téid as sin go carcair na n-arm agus do thógh amach as sin rogha arm
agus éideadh agus do cheangail a caoimhchorp 138 v0 cheangail a
caoimhchorp ina ccath-éideadh cadad comhdhaingean cruadha
agus do gabh ionar do mhaothshról ghorm air uachtar an éideadh sin,
óir is leis a nionar do bhíodh air uachtar a n-éideadh an uair sin
dá ngoirthaoi cót-éidigh do haitheantaoi na ridireadh an uair
sin, do bhrígh go mbídis a bhfolach uile ó bhonn go bathais acht
amháin a ndá tshúil agus a mbéal agus a srón.



Air ngabháil arm agus éideadh uimpi amhlaidh sin, téid mur a
raibhe eachraidh an rígh agus do thógh aisdiobh an t-each dob
fhearr lúth agus luas agus lán aignidh, agus téid air mharcaidheacht
asa haithle agus triallus as críochaibh Breatan gan mothugh,
gan airiugh don duine d' fhearaibh dhomhain agus ní dhéarna
fos nó comhnaidhe dhá aoidhche a nén-bhaile nogo ráinic Crích
na Babiloin agus air ndol don ccrích dhi is eadh do fuair: na bailte
agus na cathrachadh airna ndóghadh agus air na losgadh, agus an
tír 'na fásach fada féar-uaine, agus do bhí ag siubhal na críche
tréimsi agus tamall mur sin nogo ttárla óglach air an fhásach dhi agus
iair mbeannugh don óglach dhi, fochtus sgéala dhe: cia hí an
tír sin nó cread tug 'na fásach í.



"Is cosmhail," air an t-óglach, "gurb aineólach isna tírthaibh so
thú an tan nach bhfuilid sgéala na críche so agat," air in t-óglach.



"Is aineólach go deimhin" 139 r0 go deimhin, air sí.



"Cia hí an chrích darb díobh thú féin?," air in t-óglach.



"Do chríochaibh Breatan a ttuasgeart dhomhain," air sí,
"agus Ridire an Earraidh Ghuirm m'ainm, agus ridire óg ainiuil


L. 29


mé atá aig taisteal an domhain re foghlaim agus re meabhrugh ceard
goile agus gaisgidh," air sí.



"Is ní air a bhfuil feidhm isin ccrích so sin, air an t-óglach,
"agus is é is ainm don ccrích si: Críoch na Babiloin," air sé, "agus
atá cogadh agus coinbhliocht aig Rí na hAifrice air Rí na críche si
re cian d'aimsir," air sé, "agus do loisg sé agus do dhódh sé a chathrachadh
agus do mharbh sé a dhaoine agus a ridireadh, agus atá a
mhac oighreachta a mbruid agus a ngeibhionn aige agus fós ní bhfuil dún
nó deaghbhaile aig rí na críche si anois, acht aon bhaile amháin
ina bhfuil sé féin agus beagán mhairios dá mhuintir astigh ann agus atá
Rí na hAifrice agus sluagh líonmhur re hucht an bhaile sin agus
ní éirghionn de go bráth nogo ttoirbheir Rí na Babiloin a cheart
agus a choróin dó agus go ttigidh féin agus an beagán sin mhairios dá
mhuintir fona ghrásaibh gebé is toil leis do dhénamh leo," air sé, "agus
aig sin sgéala na críche si dhuit," air in t-óglach.



"Dénasa eólus damhsa gusan ccathraigh," air Ridire an Earraidh
Ghuirm óir is faoi an ainm sin shiubhlas Melóra seal oile.



Do ní an t-óglach eólus 139 v0 eólus dó gusan ccathraigh
agus air ndol isin ccathair dhó, tigid muintir an rí 'na thimcheall air
gach leath, agus beirid a láthair an rígh é agus fochtus an rí sgéala
dhe: cia hé féin nó cá crích dhó. Adubhairt seision gurb as críochaibh
Breatan dó agus gurb ridire óg uasal é do ghabh grádha ridire
go nuadh agus go raibhe aig taisteal an domhain le meabhrugh gacha
glanghaisgidh agus mur do chualaidh cogadh agus coinbhliocht do
bheith air sion, go ttáinic do thabhairt a chonganta leis.



"Is iongnadh liom," air an rí, "do theacht dom' ionnsoighsi
seach mo námhad, óir is iad is neartmhaire agus is líonmhaire agus
is fearr tuillmhe agus tuarusdail; agus is mó chreidfinn," air sé, "gurb
dom' námhad thú agus gurb do bhrath an bhaile si tánguis."



"Ní mur sin is dúth nó is dual do ridire gaisgidh," air Ridire an
Earraidh Ghuirm, "acht a chongnamh do thabhairt don rann is
laige agus an t-anbhfann do nearthugh, agus an eccóir do chur air
ccúl, agus gurb eadh dhénas tusa, a Rí," air sé, "féch mise a
n-aghaidh do námhad um' aonur nó le cuideachta agus ann sin biaidh
a fhios agad cia haca mé: cara nó námhad."



"Dodhéna mé amhlaidh sin," air an rí. Agus iar sin beirius an
rí leis don bphalas é agus do órduigh seómra agus lucht feithmhe dhó ann
agus do bhí amhlaidh go maidin 140 r0 maidin airna mhárach agus a


L. 30


mochdheaghail na maidne éirghighus Rideire an Earraidh Ghuirm
agus gabhus earradh áigh agus iorghaile uime agus téid mur a raibhe
an rí agus is amhlaidh mur do bhaoi Rí na Babiloin: ní dheacha sé
féin nó aonneach dá mhuintir re cian d'aimsir roimhe sin tair
gheaphtaibh na cathracha amach re heagla a námhad do bhrígh
nach roibh líon catha nó comhloinn dóibh agus gur marbhadh urmhór
a roibh le feidhm aige, agus adubhairt Ridire an Earraidh Ghuirm
leis:



"A Rí," air sé, "ní meatacht re hucht anfhorlainn is fearr agus an
feadh bhias tusa do chomhnaidhe amhlaidh so, biadh do bhiodhbadh
ag dul a neart is biadh tusa ag dol a laige agus a neamhneart agus
biadh do lón bídh agus dighe aig laghdugh agus is eadh is dénta dhuit,"
air sé, "deabhaidh láitheamhail thabhairt dot' námhuid go nach
aithnighdís do laige agus nach braithfidís do chumhachta airna laghdughadh."



"Is briathra deaghlaoich sin," air an rí, "agus féachfumuid
an lá aniugh ad' chuideachta," air sé. Agus leis sin fógrus an rí
dá chathaibh acht gér bheag iad ullmughadh agus doníghid
amhlaidh sin go hurlamh i measgadh agus tiaghuid amach as an ccathair
agus air na fhaicsin sin do sluaghaibh na hAifrice, tigid 'na ccoinne
agus 'na ccomhdháil 'na ndrongaibh diana dásachtacha agus 'na mbuidhnibh
troma taiphseacha agus 'na mbróintibh armtha éidighthe innillte.
Ciodh tráchta níor chudroma an choimhéirgeadh sin, óir 140 v0,
óir do bhí sluagh na hAifrice deichneamhur fon duine dá roibhe
Rí na Babiloin. Giodheadh tuccadur an dá shluagh sin aghaidh air
a chéile, agus níorbh ionnsoigh dhá charad an ionnsoigh sin, óir
dob' iomdha ridire óg uasal agus curadh calma cathbhuadhach gan
anmuin ann agus dob' iomdha lámh airna teasgadh agus súil airna siabhrugh
agus beól aig blastarnadh, agus searbhghartha badhbh agus branén,
agus sruthlinte fola fordheirge air an láthair sin.



Acht cheana: gach áit agus gach ionadh ina mbíodh baoghal
nó bernadh nó briseadh air mhuintir Rígh na Babiloin, do bhíodh
Ridire an Earraidh Ghuirm rompo agus 'na ndiaidh mur sgéith dhídin,
ionnas nogo n-aireómhthur gaineamh mara agus duille feadha, nach
áirmhighthear leath nó trian air thuit leis do thshluaghaibh agus na


L. 31


hAifrice an lá sin. Gidheadh tárla do Rí na Babiloin air an láthair
sin tre mhéad anfhorlainn agus tre líonmhuireacht a námhad agus tre
uathadh a charad gur leagadh dá each é air lár an chatha agus gur
iathadur 'na thimchioll a námhaid air gach leath, ionnas nach
raibhe dul ass aige gan a mharbhadh nó braighe do dhénamh dhe.



Air bhfaicsin an anfhorlainn sin air an rí do Ridire an Earraidh
Ghuirm, tig dá chabhair agus dá fhoirighin amhail leomhan luath-aigeantach
aig teacht fo dhásacht feirge chum ealbha do bheitheachaibh
bruideamhla, is eadh an torann do rug tríotha agus
futha, ionnas go madh samhalta nár marbhadh air fuaid an chatha
roimhe soin acht ar marbh Ridire an Earraidh Ghuirm a ttimcheall
Rígh 141 r0 Rígh na Babiloin air an láthair sin, agus do chuir
an Rí marcaidheacht arís agus tárla mac dearbhráthara do Rígh na
hAifrice leis air an láthair sin do bhí 'na thaoiseach air na sluaghaibh
agus tug béim claidhimh dhó, gur sgoilt a sgiamhchorp go ráinic
béal ochta agus urbhruinne agus gur thuit marbh gan anmain.



Air bhfaicsin do shluagh na hAifrice na hára agus na heasbadha
tucc Ridire an Earraidh Ghuirm ortha agus fós mur do thuit an taoiseach
do bhaoi ortha leis, do ghabh uathmhaire agus eagla roimhe iat
agus do ghlacadar briseadh chuga, acht muna beith go ttáinic an
aoidhche ortha ann sin agus gurb fhéidir dhóibh sgaradh air gach leath
.i. Rí na Babiloin don ccathraigh agus sluagh na hAifrice dá bhfás-
longphort.



Ní hionann mur do bhadhus aige an dá thshluagh sin an tan so,
óir do bhadur sluaigh na hAifrice go tuirseach imthshníomhach fo
na n-easbadh agus fo bhás a ttaoisigh .i. mac dearbhráthara an
rígh agus do bhadur sluaigh na Babiloin go huallach ard-aigeantach
fa bhuadh aon laoi do bheith air a mbiodbaidh agus air a n-easccaruid.
Acht atá aon ní cheana: ní fheidir a innse nó a fhaisnéis
méad na muirne agus na honóra dorinneadh fo Ridire an Earraidh
Ghuirm a ccathair na Babiloin a n-alt na huaire si agus tucc an rí
ceannus agus cumus a ridireadh agus a mhuintiri uile fona smacht
agus fona chumhachtaibh.



Dála Rígh na hAifrice: do ghabh racht agus mire é fo nair chaill
dá dhaoinibh agus fo dhiombáidh chatha an lae sin agus is eadh do rinne:


L. 32


teachtaireacht do chur go Rí na Babiloin do rádha ris teacht ina
phersainn do chomhrac 141 v0 chomhrac agus do chomlann ris
féin, nó a rogha ridire dá mhuintir air a shon, air acht dá madh
é Rí na hAifrice do claoidhfidhe isin ccomhlann go ttogeóbhadh
an sluagh don ccathraigh go sgaoilfeadh a mhac asa bhraighdeanus
agus go ndénadh lórghníomh in gach ní dáir mhill ó tháinic go rioghacht
na Babiloin. Agus dá madh é Rí na Babiloin do claoidhfidhe
ann, a cheart agus a choróin agus a dhignit ríoghdha do
thoirbheirt dhósan.



Air rochtain na sgéal sin go Rí na Babiloin, cuirios gairm air
feadh muintire uile gidhbé dhíobh do ghéabhadh comhrac Rígh
na hAifrice do láimh air a shon, do bhrígh nach roibh féin ionchomhraic
fris, dá madh leis badh treisi go ttiobhradh ceartleith a
thíre agus a thigheardais dó, maille re ceartleith a sheód agus ionnmus
agus iolmhaoine agus gach maitheas talmhan dá roibh aige. Gidheadh
ní fhuair ridire nó gaisgidheach do ghéabhadh an comhrac do
láimh air a shon, do bhrígh go madh docair comhmeas nó cathughadh
re Rí na hAifrice air neart a chuirp agus air a thréarrthaibh goile
agus gaisgidh agus air mhéad a lúth agus a lánchoibhleadh.



Dála Ridire an Earraidh Ghuirm ann so: do mheas aige féin
dá ttíosadh dhe cathugh re Rí na hAifrice nach biadh toirmeasg
air gan an tshleagh d'fhagháil ó Rí na Babiloin, agus dá madh ridire
oile do dhénadh an comhrac, gurb é is mó do bhiadh a bhfoghur
an rí go bráth, agus nach biadh do mheas air féin acht mur gach
ridire oile dár ob 142 r0 ob an comhrac agus dá bhrígh sin do chuir
roimhe tuitiom air an láthair sin nó aoibh Rí na Babiloin do thuilleamh,
agus leis sin téid mur a roibh an Rí agus adubhairt:



"A Rí agus a Thighearna," air sé, "ó nach bhfaicim ridire nó
gaisgidheach eile ag gabháil comhraic Rígh na hAifrice do láimh
air do shonsa, dá mbeinn deimhneach go ndéntasa do ghealladh
go maith dham, do rachfuinn do chomhrac re Rí na hAifrice air
do shon."



"A mhic ghrádhuidh," air an Rí, "ní hionchomhraic ridire
comhóg anaosach leatsa fris agus níor mhaith liomsa do thuitiom a
bhforcheann an chomhraic agus mé féin do chaill mo choróna agus mo
dhignite ríoghdha uile," air sé.



"Is amhlaidh mur atá," air Ridire an Earraidh Ghuirm,
"ní ghéabhuinn maitheas na talmhan gan dol ann, acht amháin
go ccoimhlíona tusa gach cumho dár gheall tú," air sé.


L. 33


"Luidhim fo nDia dhúileach," air an rí, "madh leat bhus
treise isin ccomhlann, go ccoimheóla mé gach ar gheall mé agus
go mbia tú mur mac agus mur oighre agam."



"Maiseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "fuaguir an
comhlann do Rí na hAifrice a nairceis na maidne a márach."
Doníthear amhlaidh sin, agus a mocha na maidne airna mhárach
éirghighus Ridire an Earraidh Ghuirm agus ceanglus a chorp ina chath-éideadh
catha agus do éirghighdur na sluaigh air gach leath agus do
suidheadh agus do hórduidheadh ionadh agus áit an chomhraic agus do
daingneadhadh agus do ceangladh an cuntur agus an cunradh air
142 v0 cunradh air gach taoibh agus iar sin táinic Rí na hAifrice
go háit an chomhraic agus each ceann-árd, craosach, cliabhfhairsing,
cíordhubh faoi agus sgiath mórdhrolach dualach air na ceangal
don dearg-ór air clár ochta agus claidhiomh claisleathan casgurtha
air a thaobh chlí agus sleagh chinnghéar chrófhairsing chrannreamhur
ina láimh agus a dhá shúil mur lóchrainn ciaracha air lasadh ina cheann
tre mhéad an dásachta agus an dóchais do bhaoi ann chum díoghaltais.



Tig Ridire an Earraidh Ghuirm don leath oile, agus each dualach
dubhghorm dásachtach díbhruice faoi, agus gomadh samhalta
re hiara léimnigh idir chrannaibh an lúth agus an borrfadh agus an
buanaigneadh do bhaoi inte, agus sgiath go ndealbhaibh leomhan
agus liopurd agus ghríobh n-eingneach agus beathach n-examhail oile air
ghualainn chlí agus claidhiomh iontlaise órdhuirn aige, agus sleagh
shleamhain shlimghorm shlinnleathan ina láimh agus do sheasuibh ina
ionadh urdálta agus ina áit iombuailte.



Ann sin do sinneadh na caismeartadh catha agus na beanna
buabhaill agus na hadharcadh ciúil air gach leath, agus do fhuagur
na bollsuireadh dona ridiraibh a ndíthcheal do dhénamh. Ciodh
trácht: ba neamhchudrama an chath-iorghail so; mur atá fear
borrfadhach borbneartmhur buan-aigeantach air thaoibh 143 r0
air thaoibh agus maighdion chiúin chaoin cheannsa ghnúisnáireach
don thaoibh oile. Acht a cheana do bhí do mhéad na tola agus na
hinntinne do bhaoi aice furtacht agus fuasgladh d'fhagháil dá searc
agus dá síorghrádh d'fhearaibh an bheatha .i. mac Rígh na Teasáille,
gur mheas í féin ionchatha re curadh nó re cathmhíleadh air
dhruim dhomhain agus fós nach raibhe ag iarraidh fadugh ree air
bith dhi féin muna bhfaghadh furtacht dhósan.



As ann sin tuccadur an días ridireadh so dhá ionnsoigh a


L. 34


ccoinne agus a ccomhairrcis a chéile amhail leomhan agus aonbheannach
ag dul chum comhraic re 'roile .i. an dá bheathach is neartmhaire
agus is neimhnighe agus is námhadaighe san domhan agus tuccadur
saighte neartmhura náimhdeacha dá sleaghaibh slinnghéara a
ccorpaibh agus a ccneasaibh a chéile gur míniodheadh agus gur mion-bhrúghadh
na sgiatha agus na luireachadh agus gur bhriseadur na
sleagha agus go ndeachadar a muinighin na cclaidheamh cclais-leathan
ccolgdhíreach agus gur ghabhadur ag leódh agus aig leadradh
a chéile gan taisi, gan trócaire. Ciodh tráchta do bhaoi Ridire
an Earraidh Ghuirm a n-éigean mhór aig béimeannaibh básamhla
borbneartmhura Rígh na hAifrice agus air na fhaicsin dó .i. méad
an ghábhaidh ina raibhe agus méad an neithe do bhí ina ghioll
uadha, do árduigh a aigneadh agus do mhéaduigh a meanma agus
do luathuigh a láimh agus do dhlúthuigh a bhuilleadh agus do bheir
béim claidhimh do Rí na hAifrice ós árd a cheinn agus a cheannmhullaigh
gur sgoilt an cathbharr agus gur chuir an 143 v0 an
claidheamh go cúl ina ghualainn deis go ndearna áladh domhain
do-leighis ann agus gur thuit a chlaidheamh as láimh Rígh na hAifrice
re neimh an álaidh agus dobheir Ridire an Earraidh Ghuirm béim
oile dhó gur theasg sróndhídean na clogaide agus an tshrón féin
gusa bheag dhe agus gur thuit faon fotarsna chum láir agus lántalmhan.
Agus leis sin toirlingeas Ridire an Earraidh Ghuirm agus cuirios
rinn dheis a chlaidhimh air ubhall a bhrághadh agus dob' áil
leis a chur tríd go talmhain.



Is ann sin adubhairt Rí na hAifrice: "Fóill, a Ridire óig
uasail, is lór dhuit mo bhuadh agus mo chosgur do bhreith agus gan
mo mharbhadh," air sé, "agus déna braighe dhíom agus dodhén leasughadh
in gach ní dár mhill mé fo Rí na Babiloin."



Do naisg seision sin air agus tuccsan grian agus éusga agus ranna
nimhe agus talmhan re sin do chomhall dó.



Iar sin do léig éirghe do Rí na hAifrice agus dobheir leis a
ngeibhionn agus a ccuibhreach a láthair Rígh na Babiloin é
agus iar sin tiaguid don ccathraigh lán d' aoibhneas agus d'urghair-


L. 35


dios, agus do bhadur sluaigh na hAifrice go hathtuirseach
imthshníomhach don leath oile.



Ciodh tráchta: air mbeith seal a mbaile Rígh na Babiloin
dhóibh mur sin, dorinneadh síth agus réidhteach idir na ríghthe
sin, agus do chuir Rí na hAifrice fios agus teachta air cheann mheic
Rígh na Babiloin do bhí a mbraighdionus aige gonuige sin agus
do 144 r0 do imdhigh Rí na hAifrice maille re na thoicheasdal
as crích na Babiloin, iar ndénamh síotha agus caradraidh agus iar
ndénamh lórghníomha in gach ar mhilleadh ó tháinic inte.



Iar n-imtheacht Rígh na hAifrice agus iar tteacht 'na bhaile do
mhac Righ na Babiloin asa bhraighdionus, darbh ainm Leuander,
do bhaoi Rígh na Babiloin go subhaidh so-mheanmnach; gidheadh
do bhaoi Ridire an Earraidh Ghuirm lán do thuirsi agus d' iomshníomh
air fhad leis do bhaoi 'na chomhnaidhe agus tre chumhaidh a charad
.i. Orlando, mac Rígh na Teasáille, agus air mbeith seal áirithe
san mBabiloin mur sin, téid aon do ló a láthair an rígh agus adubhairt
ris:



"A Rígh agus a Thighearna," air sé, "is mian liom féin coimhlíonadh
d' fhagháil in gach ar gheall tusa dhamh do chionn comhraic
re Righ na hAifrice".



"A mhic ghrádhuidh," air an rí, "do ghéabha tú sin, do bhrígh
gurb ort atá cumaoin m'anma agamsa agus neart mo námhad agus m'easccarad
do thógbháil dom thír agus dom thigeardus".



"Maiseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "do gheall tú
roinn leatha dhamh ann do thír agus ann do thigheardus, in do
mhaoin agus ann do shéadaibh".



"Do gheallus go deimhin," air an rí, "agus dodhéna mé a
mhaith dhe."



"Maiseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "ní iarrfa mé
roinn críche nó fearuinn ort, acht amháin iarrfa mé iasacht én-seóid
amháin dot' shéadaibh ort agus fós 144 v0 fós atá rún
secréideach agam lena nochtadh dhuit"; agus leis sin goirios
an rí leis a bhfód fo leath agus nochtus a thoisg agus a thuras dó
ó thús go deireadh, agus gurb ag iarraidh na sleighe ro bhaoi
d'fhurtacht agus d'fhóirighin a charad .i. mac Rígh na Teasáille agus
innsios dó mur an ccéadna gurb inghean do Rígh an Domhain


L. 36


í féin agus taisbeánus a hucht agus a hurbhruinne mur dhearbhugh
air sin. Agus air na fHaicsin sin don rí, do ghabh iongnadh adhbhalmhór
é, agus adubhairt:



"A inghean ghrádhach," air sé, "is truagh doilghigh an sgéal
innsios tú agus fós is iongnadh adhbhalmhór na gníomheachta
dorinneadh leat gonuige so, agus air son na sleighe agus gach ní
oile dá bhfuil air chumus nó air chumhochtaibh dhamhsa is
leatsa iat; gidheadh na seóid oile air a ttráchtann tú, mur atá
ola mhuice Túis agus an carbuncail, ní'l gníomh is doilghe nó a
bhfagháil, acht amháin: cuirfiodsa mo mhac féin atá 'na ridire
chródha chríonna leat, óir dá ttagmadh dhíobh tuitiom ann, ní
measa liomsa eision do thuitiom ann nó thusa; agus cuirfiod mo
long féin libh agus is í long is fearr agus as luaithe san domhan í."



Ciodh trácht: do naisg Ridire an Earraidh Ghuirm air gan
an rún so do nochtadh dá mhac nó do neach oile air domhan go
ttuitiom nó go ttearnódh dháibh, agus do gheall 145 r0 gheall
an rí sin dó. Agus asa haithle sin do hullmhigheadh long an rígh
dháibh agus do cuireadh gach tinchuire inte badh riachtanusach
dáibh agus do ghabh Leuander, mac Rígh na Babiloin, ionar easnadhach
órchiumhsach do mhaoth-shról uaine air uachtar earraidh
agus éididh, ionnas gomadh leis sin do haitheónadh é .i. Ridire an
Earraidh Uaine. Agus dobheir an rí an tshleagh do Ridire an Earraidh
Ghuirm agus fa luathgháireach uime sin é. Iar sin do cheileabhradar
don rígh agus tiaguid air muir agus ní haithristear sgéaluigheacht
ortha go rochtain a ttír a mbaile Rí na hAsia dháibh.
Agus is í sin uair agus aimsir fa ttárla Rí na hAsia agus maithe agus
mór-uaisle a chríche a n-aonach agus a n-árd-oireachtus air faithche in
dúnaidh agus air bhfaicsin na déise ridireadh chuca, do bhreathnuidhdur
gurb as críochaibh ainiúil dáibh, agus air tteacht a
láthair an rí dháibh, fochtus sgéala dhíobh. Ro innsidur dhó gur
dias ridireadh as críochaibh Breatan iad do mhuintir Rígh an
Domhain, do bhí ag taisdiol gacha críche re foghluim cerda
goile agus gaisgidh. Air na chlos sin don rí do lonnadh agus do feargadh
uime go mór agus do ráidh rena mhuintir: breith orrtha agus a ccreapall
agus a ccuibhreach, do bhrígh nach roibh san domhan neach badh
lugha air ná Cing Airtiúir agus gurbh iongnadh leis cionnus do
fuair ann féin Rí an Domhain do ghairm dhe féin agus nach ttug
seision nó duine dár bain ris urraim nó umhlocht dhó ariamh agus
nach ttiubradh go bráth; agus fós go roibh a dheimhin aige gur do


L. 37


145 v0 do bhrath a thíre agus a thighearduis do chuir sé iadsan agus
nach rachdís le sgéaluibh air ais chuige go bráth, acht go
ttiobhradh féin bás for-éigneach dhóibh gan cháirde. Iar sin do
rugadar muintir an rígh ortha agus do ceangladh go daor-dhochrach
iad agus do cuireadh a bprisún domhain dorcha iad gan soillsi
gréine nó éusga agis do bhadar amhlaidh go ttáinic an oidhche agus
go ndeachaidh an rí agus na huaisle don bpalás.



Tárla dhóibh 'mun n-am sin gurb as críochaibh Breatan
don cheannphort do bhí air an ghárda do bhaoi aig cumhdach
an phrisúin agus is é fa hainm dhó: Uránus agus is amhlaidh tárla dhó
bheith isin ccéim sin aig Rí na hAsia .i. go ttáinic athair Uránus
as críochaibh Breatan cían d'aimsir roimhe sin go críochaibh Asia
agus go ndérna gníomheacht mhór isin ccogadh do bhí idir Rí na
hAsia agus an t-Impire Romhánach, agus dá bhrígh sin go ndérna
Rí na hAsia ceannphort air ghárda chuirp féin de. Agus an
tan do marbhadh an t-athair gur thuit an áit agus an céim céadna
d'ionsoigh air Uránus, do bhaoi 'na bhuachaill óg an-aosach aig
tiecht dá athair go críochaibh na hAsia. Dála Uránus air ndol
do mhuintir na cathracha chum suain agus codalta, téid asteach
isin bprisún agus labhrus a tteangaidh na Briotaine risna ridiraibh
agus do fhreaguir Ridire an Earraidh Ghuirm dhó isin teangaidh
chéadna agus 146 r0 agus fiafruighus Uránus sgéala dhíobh
cia haca d'fholaibh uaisle nó an-uaisle na Breatan iad. Adubhairt
Ridire an Earraidh Ghuirm nach sénfuidís a bhfuil nó a bhfolaidheacht
re hucht anfhorlainn agus gur don fhuil ríoghdha iad agus gur
bhráithre fogus do Rí an Domhain iat agus go ndíogholfadh Rí an
Domhain a mbás go maith agus fós cébé lena ttiucfadh caomhnadh
a n-anma do dhénamh dhóibh, nach biadh duine ós a
cheann ag Rí an Domhain go bráth ó sin amach.



"Maiseadh," air Uránus, "is do chríochaibh Breatan misi agus
mo shean romhamh," air sé; agus do nocht dhóibh ó thús go deireadh
amhail mur táinic sé féin agus a athair go críochaibh na hAsia "agus
dodhéna caomhnadh bhur n-anma dhíobhsi," air sé, "acht
amháin go n-innse sibh dhamh fáth bhur tturais go fírinneach don
ccrích si."



"Dá mbeithmís deimhneach dhe sin," air Ridire an Earraidh


L. 38


Ghuirm, "dob' fhusaide linn air rún do léigean leat é, acht gomb'
édir gur do bhrath air n-intinne táinic tusa," air sé.



Do chuir Uránus ranna nimhe agus talmhan a ccoraidheacht
air fana bheith dílios dáibh agus fa shábháil a n-anma méad gurb
fhéidir leis.



Dá bhrígh sin ro innis Ridire an Earraidh Ghuirm dhó fáth a
tturais .i. gurb aig iarraidh ola mhuice Túis tángadar agus go roibh
mórán 'na contabhairt uatha.



"Maiseadh," air Uránus, "is nídh do-fhaghla sin, óir is a
ttimcheall an rí 146 v0 an rí féin bhíos do ghnáth. Agus is
amhlaidh mur dhéntur," air sé, "rachaidh an rí do thsheilg fo
shléiphtibh na hAsia amárach agus ní bhfuil do mhoill air gan bás
d'imirt oraibhsi acht filleadh 'na bhaile dhó agus béara misi sibhsi
as so anocht agus cuirfiod éadach air nós na hAsia oraibh agus tiaghaidh
isin tsheilg fear mur chách agus bithigh a ngar don rí nogo sgaoilid
cách a ttáraidheacht na sealga agus mur do ghéabha sibh 'na aonur é,
teachaidh dhá ionnsoigh agus léigeadh fear aguibh air a bheith balbh
agus iarradh an fear oile air an rí blasadh na hola do thabhairt dó
agus dodhéna seision sin mur is gnáth leis, óir saoilfidh gurb do mhuintir
na hAsia sibh, agus muna bhfagha sibh amus urrtha mur sin, ní
dhóigh dhíbh a fagháil go bráth agus biadh misi a ngar dhíbh agus má
éirigh libh, dodhéna eólus as an ccrích dhíbh."



Iar sin sgaoilios an gheibhionn do bhí ortha agus dobheir leis amach
as an ccathraigh iad agus fágbhus a n-ionadh uaigneach iad agus téid air
ais don ccathraigh agus dobheir dhá chulaidh air nós agus air fhasiún na
hAsia chuca agus cuirid ortha iat agus dobheir a n-eachraidh féin as a
haithle chuca agus anuid ann sin go maidin nogo bhfacadur an rí agus na
huaisle air cheana ag triall chum na sealga agus triall-
uid féin 'na measg agus do fhanadar do ghnádh a n-aice in rígh
nogur dúisgeadh leómhain agus lipuird agus beathaigh allta na foraoise agus
gur sgaoileadur na huaisle cco comhchoitcheann 'na ndiaidh agus gur
fágbhadh an rí 'na uath agus 'na aonur air an láthair agus leis sin tighid
na ridireadh dhá ionnsoigh agus do léig Ridire an Earraidh Ghuirm air féin
a bheith balbh agus do labhair Ridire an Earraidh Uaine .i. mac Rígh na
Babiloin agus is eadh adubhairt:



"A Rí agus a Thighearna," air sé, "aig so mac iarla dot' mhuintir
agus atá sé balbh gan uirghioll ó rughadh é agus do chualamur go
bhfuil ní agadsa dobheir urlabhra don tí bhíos balbh agus táinic fo
do ghrásaibh d'iarraidh foirighin ort," air sé.


L. 39


Fiafruighios an rí cá haca d'fholaibh uaisle na hAsia é agus ro
fhreaguir mac Rígh na Babiloin dá ann gach én-cheist amhail mur
do theguisg Uránus dóibh. Leis sin cuirios an rí lámh ina fhochrus
agus tarringios an buidél ina raibhe an ola amach agus tungus re
béal Ridire an Earraidh Ghuirm é, agus leis sin beirios Ridire an
Earraidh Uaine siothadh santach air agus fáisgios an buidéal go
foréigneach as a dhorn agus dobheir i lláimh Ridire an Earraidh
Ghuirm é agus beirios air an rí asa haithle sin agus trasguras go lár agus
go lántalmhain é agus ceanglus go daordhochrach é gan cead uirghill
nó iorlabhra, nó gluasacht coisi nó láimhe aige. Agus 147 v0
tiaghuid air a n-eachaibh asa haithle sin agus tig Uránus dá nd'ionnsoighe
agus níor comhnuigheadh leo nogo rángadar an cuan ina raibhe
a long agus tiaghuid inte gan cháirde iair bhfágbháil Rí na hAsia
creapailte cruadhchuibhrighthe air mullach in thshléibhe agus gan
sgéala aig aonneach dá mhuintir uadha. Agus do ghabhadur aig
taisteal mara agus tíre nogo rángadar a ttír a ríoghacht na Narsinga
a n-iarthar India, agus air tteacht a ttír dháibh, adubhairt Ridire
an Earraidh Uaine:



"Is eadh is dénta dhúinn," air sé, "ar n-airm agus ar n-earradh
d'fhágbháil isin luing agus ar n-aitheachaidh ciúil agus oirfide do bhreith
linn agus a rádha gur lucht ciúil agus oirfide sinn, d'eagla go nglacfaidhe
san ccrích si sinn mur do glacadh a ccrích na hAsia sinn."



Do críochnuigheadh an chomhairle sin leo, agus tiaghuid go
dúnadh Rígh na Narsinga agus air ndol do láthair an rígh dháibh,
adubhradur gurb as críochaibh Breatan dáibh, agus gurb
é Rí an Domhain do chuir dá ionnsoighsion iad mur lucht ciúil
agus oirfide agus do cheangal gráidh agus caradraidh eatorra. Fáiltius
an rí reampa agus gabhuid na ridireadh a n-ionstrumimtidh chiúil
chuca agus do shinneadur ceól taithiur taitneamhach nach ccualaidh
an rí a leithéit nó a ionnamhail ariamh roimhe, óir níor ghnáitheach
lucht ciúil air bioth san ccrích sain riamh roimhe agus do ghlac
an rí taitneamh 148 r0 taitneamh mór isan cceól agus adubhairt go
raibhe ro-bhuadhach do Rí an Domhain um iadsan do chuir chuige.
Agus adubhairt go ccuirfeadh féin lán luinge do phérlaibh na
hInnia chuigesion mur an ccéadna agus do órduigh do Ridire an
Earraidh Uaine bheith a bhfochair a inghine darbh ainm Ueróna
do dhénamh ceóill cuidiochta dhi, agus do chongaibh Ridire an


L. 40


Earraidh Ghuirm ina sheomra féin. Agus is amhlaidh mur do
bhí an carbuncail, do bhíodh a ttimcheall an rí féin air iomchur
air léas láe agus do bhíodh aige ina seomra isin n-aoidhche agus isí
donídheadh soillsi air feadh an dúnaidh go comhchoitcheann air
léas aoidhche agus ní léigeadh an rí air iocht dhuine air dhomhan í,
acht é féin amháin.



Do bhadur na ridireadh seal áirithe mur sin fa aoibhnios agus
fa mhuirn aig Rí na Narsinga go ttárla dhó, lá áirithe, beith
aig fiafruighe bhéas agus ghnáthach theaghlaigh Rígh an Domhain
dona ridiraibh. Do innsedur na ridireadh dhó nach raibhe
air druim dhomhain rí nó flaith badh liadh ridire cródha cathbhuadhach
agus gaisgidheach gníomhéachtach air a theaghlach nó
Rí an Domhain agus gurb é Dúnadh an Halla Deirg dúnadh badh
deise bantracht agus bandáil agus badh líonmhuire ceól agus caismearta
isin domhan.



Ro fhiafruigh an rí dhíobh náir ghnáth le Rí an Domhain ceól
nó caismirt do bheith aige re 148 v0 aige re linn catha nó troda,
nó re linn a bheith air fairge dhó. Adubhradur san go mbíodh an
iomad do sheórtaibh ceóil agus caismeirt aige air muir agus air tír.
Agus dámadh toil rena ghrásaibh san dul mur a raibhe in long tug
iat féin don ccrích si, go ttaisbénaidís cuid don chaismeirt fa gnáth
leis do bheith aige air muir dhó. Adubhairt an rí go rachadh do
bhrígh gur ro mhaith leis amharc d'fhagháil air.



Gluaiseas an rí agus na ridireadh agus inghean an rígh .i. Ueróna
agus tiaghuid mur a roibh an long, agus tiaghuid amach air an loing
uile a n-aoinfheacht agus téid Ridire an Earraidh Ghuirm agus an rí
agus inghean an rígh faoi haiste, agus gabhus Ridire an Earraidh
Ghuirm beann bhángheal bhinnghlórach bhuabhaill don airgead
áloinn aithleaghtha ina láimh dá ngoirthear galltrompa aniugh,
agus sinneas cuir agus caismearta air, amhail fa gnáthach a nDúnadh
an Halla Deirg re linn catha nó comhlainn nó re linn coimhthionól
nó comhghluasacht air bioth do theacht eatorra. Agus gabhus
an rí iongnadh agus taitneamh mór isan mbeinn mbuabhaill sin agus do
bhaoi ag gabháil tuillidh sgéal do Ridire an Earraidh Ghuirm.
Ciodh 149 r0 Ciodh tráchta, an feadh do bhí Rí na Narsinga agus
Ridire an Earraidh Ghuirm ag comhrádh re chéile faoi haiste,
is eadh dorinne Ridire an Earraidh Uaine agus Uránus: an ancaireadh
do thairring agus na seólta do thógbháil agus a ccablaidh do cheangal
agus tús do thabhairt do mhuir agus deireadh do thír, agus seóladh isin


L. 41


aidhbhéis aibhsidhe eochairghuirm gan airiugh, gan mhothughadh
do Rí na Narsinga. Acht a cheana: ní fada do bhaoi an rí ann,
an tan do chualaidh gearán agus golghuire na ttonn caínteach ccubhrach
ccasaoideach re taobhaibh agus re bolgánaibh 'na leath an
luinge, agus gleic agus géarchasaoid na gaoithi siubhlaidhe síorchaíntighe
ris na bréidibh snasta snáithrighinn, agus curr thaobhthana
thshrónettrom thosaigh na loinge ag sgoilteadh agus ag sgaoileadh na
ttonn ttinniosnach ttulbhorb.



Tig an rí aníos air druim haiste iar sin agus is eadh do chí: an long
air bhfágbháil radharc tíre agus talmhan air gach uile thaoibh
dhe.



Do labhair an rí go feargach forniata ris na ridiraibh agus
fiafruighius díobh créad sin dob'áil leo do dhénamh. Adubhairt
Ridire an Earraidh Ghuirm aig breith air an rí agus dá chur 'na
shuidhe air bórd na luinge:



"A Rí agus a Thighearna," air sé, "dob'áil linn an carbuncail
atá agadsa 149 v0 agadsa d'fhagháil uait d'fhurtacht agus d'fhóirighin
carad atá fo chiamhair dhraoidheachta," air sé, "agus ní dáil
fuasgail dó acht re trí seódaibh atá ag trí ríghthibh d'fhagháil, mur
atá: sleagh Rígh na Babiloin agus ola mhuice Túis ag Rí na hAsia agus
an carbuncail fil agadsa; agus fuaramar an tshleagh agus an ola," air
sé," agus is mian linn an carbuncail d'fhagháil mur an ccéadna agus
do béaram ranna nimhe agus talmhan agus grian agus éasga a ccoraidheacht
oruinn fana haisioc ort féin arís agus fós is mian linn thusa do bhreith
linn go Dúnadh an Halla Deirg," air sé, "agus síoth agus caradradh
do dhénamh idir thú féin agus Rí an Domhain, agus do chur slán
dochum do thíre féin arís."



"Da mbéadh a dheimhin agam," air an rí, "tiecht slán air
m'ais dochum mo chríche féin, do bhadh maith liom Rí an Domhain
agus a theaghlach d'fhaicsin," air sé.



Tucc Ridire an Earraidh Ghuirm grian agus éasga agus ranna
nimhe agus talmhan a ccoraidheacht air fana chur slán dá chrích
féin arís, dá ndeachaidh leo go toiltionach go Dúnadh an Halla
Deirg.



Leis sin cuirios an rí lámh ina fhochrus agus dobheir an carbuncail i
lláimh Ridire an Earaidh Ghuirm, agus fa luathgháireach dhe
sin é.



Asa haithle sin dorinneadur iomramh aigiontach im-éasgaidh
gan tuisleadh, gan toirmeasg, gan guasacht mara nó tíre nogo


L. 42


150 r0 go rángadar a ttír a ccríochaibh Breatan agus air tteacht a
ttír dháibh ann, do labhair Ridire an Earraidh Ghuirm agus is
eadh adubhairt:



"A thighearnadh," air sé, "aig so mo thír agus mo thalamhsa agus
is eadh is mian liom: sibhsi do bheith air mo chomhairle agus air
m'impidhe féin an feadh bhias sibh inte agus tús uirghill agus urlabhra
do léigin damh a bhfiaghnuise Rígh an Domhain do bhrígh gur
mé is fearr ghnáthugh agus eólus air féin agus air a theaghlach."



Adubhairt Rí na Narsinga agus Leuander, mac Rígh na Babiloin,
gur thoil leo féin agus go ngéabhdís gach comhuirle dobhéaradh ortha
an feadh do bhiadís a ccríochaibh Breatan.



"Maiseadh," air sé, "is eadh is dénta dhúinn: éadach agus earradh
ridireadh gaisgidh do ghabháil umainn re ndul dúinn go Dúnadh
an Halla Deirg go nach bhfeasadh an rí cia sinn nogo ccríochnuigheam
cuid d'adhbhur ar tturais agus ar n-eachtra."



Do críochnuigheadh an chomhairle sin leo, agus dobheir Ridire
an Earraidh Ghuirm éideadh agus airm agus each d'ionnsoigh air gach
aon díobh agus do chuir éadach líogha lánmhaiseach air Ueróna,
inghean Rígh na Narsinga agus do ghluaiseadur fon tuireamh sin
go Dúnadh an Halla Deirg agus níor comhnuigheadh leo go rángadar
faithche in dúnaidh agus léigfiom dhínn labhairt ortha go fóill,
acht laibheóram beagán beag air Rí an Domhain agus air a theaghlach
ann so. Dála 150 v0



Dála Rígh an Domhain ann so.



Air n-imtheacht a inghine as Dúnadh an Halla Deirg gan
fhios, gan airiugh d'aoinneach, agus air cconnsughadh Orlando mhic
Rígh na Tesáille agus gan aonfhocal dá sgéalaibh air bhfagháil, do
mheas aige féin gur imtheacht re chéile dorinne an lánamhain sin
agus do chuir cuid dá theaghlach i ngach én-chearnaidh don ríoghacht
d'fhagháil sgéal uatha. Gidheadh: ní fhuarus focal do sgéalaibh
cheachtair dhíobh. Agus ó nach bhfuair, seólus a theachta go
Crích na Tesáille d'fhagháil sgéal uatha ann agus ní fríth én-ní dhá
sgéalaibh agus fa tuirseach imshníomhach Rígh na Teasáille air
bhfagháil dhrochsgéala óna mhac agus níor lugha le Rí an Domhain
fa n-a inghin é agus ní féidir a fhaisnéis méad na heólchaire dorinne
an ríoghan .i. bean Ching Airtiúir darbh ainm Gunever fa n-a
hinghin.



Ciodh trácht is eadh dorinne an rí: garmail agus craithail do chur


L. 43


amach giodh bé neach fir nó mná dobhéaradh sgéala beó nó
mairbh a inghine nó mheic Rígh na Tesaille dhá ionnsoighe, go
ttéabhradh breith a bhéil féin dó gidh bé san domhan é; gidheadh
ní bhfuair duine air dhomhan dobhéaradh sgéala dhó.



Dála Ridire an Earraidh Ghuirm agus a chuideachta ann so:
air ttuirling dáibh air an bhfaith-che amhail
adubhramur, tig sgéala d'ionnsoigh an rí ceathrur ridireadh uasal
an-aithnigh aira raibhe inneall agus éideadh cóigríche, do thoirling
air an bhfaithche. Cuirios an rí ridire uasal oirdnidhe dá mhuintir,
darbh ainm Sir Brandamor, dá ttabhairt don bpalás. Agus air
tteacht do láthair an rí dháibh, do léigeadar air a nglúinibh iad
agus dorinnedur comharrtha umhla agus urrama dhó agus do thóguibh an
rí a lámh ós a ccionn agus do ráidh riu éirghe agus tucc cead uirghill agus
iorlabhro dháibh agus fochtus sgéala dhíoph: cia d'fholaibh uaisle
nó an-uaisle an domhain iat.



Do fhreaguir Ridire an Earraidh Ghuirm dhó a nglan-bhérla
chríche Breatan agus is eadh adubhairt:



"Do mhuintir na críche si féin mise, a Rí agus a Thighearna,"
air sé, "agus ní féidir liom m'fhuil nó m'fholaidheacht do nochtadh
fós nogo ccríochnuigh mé bladh dom' eachtra tá gan chríochnughadh
fós. Agus an triur so eile dochí tú: tá fear dhíobh as crích na
Babiloin agus fear oile as crích na hInnia agus an treas fear as
críochaibh Asia," air sé. "Agus atámaoid re seal áirithe ag taisteal
an domhain re meabhrugh gacha gaisgidh agus tángamur dot'
ionnsoighsi, a Rí agus a Thighearna," air sé, "ionnas go mbeadhmaois
seal air do theaghlach aig foghluim cerda guile agus
gaisgidh, béas agus deaghmhúineadh."



"Gurb é bhur mbeatha chugamsa," air an rí, "agus do ghéabha
sibh tuillmhe agus tuarusdál uaim mur gach 151 v0 mur gach
mac Rígh agus rofhlatha dá bhfuil air mo theaghlach; agus fós," air an
rí, "atá ní oile agam lena fhiafruighe dhíobh agus dá mbeadh én-ní
do sgéalaibh an neithe sin ag ceachtar agaibhsi, do bhéarainn
breith a bhéil agus a theanga féin dó."



"Créad an ní sin, a Rí?," air sé.



"Atá," air an rí, "ridire óg uasal do bhí air an teaghlach so


L. 44


.i. Orlando mac Rígh na Tésaille agus dochuaidh lá áirithe go Foraois
na nIongnadh d'fhaicsin iongantuis ann re ccaithfinnsi mo phruinn,"
air an rí, "agus ní fhacamur é féin nó én-fhocal dá sgéalaibh ó'n ló
sin i lleath; agus go grod 'na dhiaidh sin," air an rí, "do bhí én
inghean amháin agamsa darbh ainm Melóra agus do connsuigheadh a
bhféagmuis an dúnaidh si í, agus ní fhuaramur sgéala a beó nó a
mairbh ó'n uair sin gusanois," air sé agus ag rádh na mbriathur sin
dó, do shil frassa diandhiochra dér agus do stad uirghioll agus urlabhra
uadh, agus air na fhaicsin sin do Ridire an Earraidh Ghuirm, níor
fhéad fulang ó eólchaire agus tucc a chúla ris an rí agus do sging sruth
dianchuimseach dér uadh.



Ciodh trácht do iontoigh Ridire an Earraidh Ghuirm air an
rí arís agus is eadh adubhairt: "A Rí agus a Thighearna," air sé, "atá
bladh dom eachtra sa gan chríochnughadh isin ccrích so agus is eadh
is 152 r0 is mian liom: thusa maille re maithuibh do theaghlaigh
do dhol gusan ionadh inar dóigh liom m'eachtra do chríochnughadh
agus má chríochnuighthear an t-eachtra sin liom, doghéabha
tú sgéla uaim chuirfios luathgháir mhór agus urghairdiugh ort."



Air gclos na mbriathar sin don rí, fogrus dá theaghlach ullmhughadh
agus do tharrngadar air an bhfaithche amach, agus ní
léaghthear a ccroinic nó a stair san domhan gur chruinnigh air
aon-láthair ariamh faoi chumhochtaibh rígh nó rofhlatha ionnamhuil
an mhórtheaghlaigh sin air líonmuireacht sármhac rígh agus ro-thigherna
agus ridire déarsgnach deaghghníomhach agus curadh cródha cathbhuadhach
agus arsuigh iorgaile agus ógmhacaonh áluinn iolchrothach
do bhaoi ann agus air éxamhlacht a n-arm agus a n-earradh agus a n-éideadh
agus air dheachruidheacht a ccleas lúth agus lámhach dá ttabhairt
ós áird, agus air áille a mban agus a mbantracht.



Ciodh trácht: air mbeith ullumh ionimtheachta dháibh mur
sin, do ghluaiseadar uile d'énláimh nogo rángadar go Foraois na
nIongnadh agus air tteacht annsin dáibh, tiaghuid gusan ccarruic
chloiche do bhí a leith-imeal na foraoise agus gabhus Ridire an Earraidh
Ghuirm sleagh Rígh na Babiloin ina láimh agus téid gus an
ccarruic agus dobheir trí sáite don tsleagh inte agus ris 152 v0 ris an
treas sáthadh do gheamh an charruic ionnas go madh samhalta
re blaosg tana taobhthirim an aiéir air mbriseadh nó ris an
talamh thromfhóideach air bhfosgladh an torann agus tóirneach dorinne
an charruic air sgáineadh ó chéile dhi, gur léig craos cabach comh-


L. 45


dhorcha béalfhoslúigthe chugtha agus air bhfosgladh dhi mur sin, do
sging an bhan-dhraoi dheamhnach, darbh ainm an Mhilltionach,
do bhaoi ag cumhdach an draoidheachta, amach as an uamhaidh
'na meall thaibhseach theineadh a bhfroithchibh na firminte.



Iar sin téid Ridire an Earraidh Ghuirm asteach isin uamhaidh
agus tairrngios an carbuncail as a fhochrus amach agus nochtus isin
uamhaidh í, ionnas tre mhéad a lonnraidh agus a soillsi gomadh
léir ruithne dá laghad inte. Agus air ttabhairt soillsi san uamhaidh
amhlaidh sin, dogheibh mac Rígh na Tesáille 'na dheilbh uathmhair
an-aithnigh nó mur taise mairbh airna eirgeadh, gan
aithne, gan urlabhra, gan én-ní do dheilbh dhaonda fair, acht
madh féithe agus finnleathar ag congbháil a chnámh agus a bhall re
chéile. Beirios Ridire an Earraidh Ghuirm air láimh fair agus dobheir
amach a measg na slógh hé, agus ba hiongnadh mór risan rí agus
risna 153 r0 na sluaghaibh an ní do chonncudur. Agus asa
haithle sin tairrngios Ridire an Earraidh Ghuirm an buidél ina
roibh ola mhuice Túis as a choim agus adubhairt:



"A mhic Rígh na Teasáille," air sé, "ibh cuid don íc atá
isin mballán so agus badh feirde dhíot é go forcheann do bheatha,"
agus congbhus féin an ballán re na bhéal agus do ibh Orlando trí bolguim
as an mballán agus iar n-ól an treas bolguim dhó, táinic a chruth agus
a dheilbh, a innioll agus a éccosg féin air, agus do bheir an rí agus
na ridireadh aithne fair agus do iathadur uime fair gach leath agus
do phógadar go dil díochra é, agus asa haithle sin fiafruighius an
rí sgéla dhe: créad tug is na riochtaibh sin é, nó créad do sgar
fris an teaghlach é.



Ro innis Orlando gurb é Sir Mádor, mac Rígh na hIsbeirne
agus Meirlino an draoi do imir draoidhiocht agus diabhlaidheacht
fair agus nach raibhe dáil chabhra dhó, acht ris na trí seódaibh adubhramur
d'fhagháil agus nach roibh súil aige féin ris an fhurtacht sin
d'fhagháil go saoghal na saoghal.



"Maiseadh," air an rí, "an bhfuil aithne agad air an ridire so
d'fhuasgail duit?"



"Ní bhfuil go deimhin," air Orlando, "óir ní feasach 153 v0
feasach mé cia d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain é."



Leis sin iontoigheas Ridire an Earraidh Ghuirm air an rí agus do
léig air a dhá ghlún é, agus adubhairt:



"A Rí agus a Thigherna," air sé, "ní bhiadsa níos faide dom
cheilt féin ort," agus leis sin do chuir a cheinbheirt chatha agus
chruadh-chomhlainn de agus do nocht a aghuidh agus a édan agus
adubhairt:


L. 46


"A Rí agus a athair ghrádhuidh," air sé, "aig so h'inghean .i.
Melóra."



Leis sin do bheir an rí aithne furtha agus gabhus air láimh hí agus
pógus go dil diochra í agus do shil frasa trom-aidhbhle dér tre
ro-mhéad luathghara agus urgháirdis agus ro fhiabhruigh sgéla dhi: cionnas
ro fhághuibh si an dúnadh gan fhios, nó cionnas do tháinic dhi fuasgladh
do mhac Rígh na Teasáille.



Do nocht sisi dhó ó thús go deireadh amhail mur do bhean si
admháil na ceilge as mac Rígh na hIsbeirne agus nach air bhfédir
fear dar rugadh riamh fuasgladh dhó, gur ghabh si féin airm ghaisgidh
furtha agus go ndeachaidh d'iarraidh na seód dobhéaradh furtacht
dhó, agus do nocht a heachtra agus a himtheacht ó thosach go
deireadh agus gach mór-éacht dar éirigh le a mbaile Rígh na 154 r0
Rígh na Babiloin agus amhail mur do thucc Rí na Babiloin an
tshleagh dhi agus mur do chuir a mhac féin .i. Leuander, mac Rígh na
Babiloin, do thabhach ola mhuice Túis, do bhaoi ag Rí na hAsia,
agus amhail mur do thucc Rí na hAsia breatheamhnus báis ortha
agus mur do fhuasgail Uranus .i. captín an ghárda dhóibh agus mur do
sheól dáibh cionnas dogheabhdís an ola a ttimchioll an rí air mbeith
aig seilg dhó, agus mur do fhagadar Rí na hAsia creapailte
chruadhchuibhrighthe air an bhfásach 'na uath agus 'na aonur.



Do nocht mur an ccéadna mur do chuadar 'na ttriur go
Crích na Narsinga agus amhail mar do mhealladur é féin agus a
inghean leo air fairrge agus gurb é an ceathramhadh fer do bhí
a ndeilbh ridire mar aon riu é.



A haithle na n-árdsgéal sin iontoigheas Rí an Domhain air Rí
na Narsinga agus air mac Rí na Babiloin agus failtighios rumpo go
mín muinteardha agus dobheir buidheachus mór dháibh agus mur an
ccéadna do Uránus tre shabháil a inghine agus mic Rígh na Babiloin as
lámhuibh Rígh na hAsia. Air bhfaicsin do mhac Rígh na Ba-
154 v0 Babiloin agus do Rí na Narsinga gur maighdion mhín
mhilis-bhriathrach agus inghean Airdrígh an Domhain do bhaoi mur
fhear cuideachta agus caitheamh aimsire aca agus le na ndearnadh
mór-eachta nár bhféidir le ridire nó le gaisgidheach eile do dhénamh,
do ghabh iongnadh agus uathbhás iad, agus do innsedar don rí agus dona
sluaghaibh a maithghníomha agus a mór-éachta go fairsing forleathan,



Ciodh tráchta dobheir an rí fo deara breith air Sir Mádor
mac Rígh na hIsbeirne, agus air Meirlín .i. an draoi, agus creapall
agus cruadhchuibhreach do chur orra agus asa haithle sin do ghluaiseadur
an thromshochraide sin d'én-láimh nogo rangadar Dúnadh an Halla
Deirg agus shuidh an rí ina ionadh chuibhghe agus do suidheadh


L. 47


Rí na Narsinga air a ghualainn deis agus mac Rígh na Babiloin air a
ghualainn chlí agus do shuidh an ríoghan don taoibh air aill
agus Melóra air thaoibh dhi agus mac Rígh na Teasáille air an taoibh
oile, agus na huaisle air cheana ó sin amach. Agus dobheirthear
155 r0 bheirthear Sir Mádor agus Meirlín do láthair an rígh
agus do admhadur d'admháil a mbéil agus a tteangtha féin gach feall
agus gach meabhal dar chumadur chum Orlando, mheic Rígh na
Teasáille agus dá bhrígh sin dobheir an rí agus an chomhairle breatheamhnus
orrtha: a losgadh air faithche an dúnaidh amhail
mur do thuill a mí-ghníomha dháibh. Agus do mholadur cách go
coitcheann an breatheamhnus sin.



Is ann sin do labhair Melóra agus is eadh adubhairt:



"A Rí agus a Thighearna," air si, "do gheall tu breith a bhéil féin
don tí dobhéaradh sgéla mo bheó nó mhairbhsi, nó beó nó mairbh
mic Rígh na Tessáille chugad, agus ós misi tug sgéala gach ceachtair
dhíobh dhuit, is mian liom aithchuingeadh d'fhagháil uait."



"Doghéabha tú sin go deimhin," air an rí, "gach a n-iarrfa tú."



"Maiseadh," air Melóra, "do bhrígh gurb as mo shiocairsi
dorinne mac Rígh na hIsbeirne gach mhí-ghníomh dá nderna sé,
is eadh is mian liom: pardún anma d'fhagháil do féin agus don draoi,
agus a ccur air ttibeirt ón dúnadh so; agus an dara haithchuingeadh
naisgim ort: mac Rígh na Teasáille d'fhagháil mur fhear agus mur
chaoimhchéile dhamh pfhéin."



Do mholadur cách go coitcheann 155 v0 go coitcheann
taisi agus trócaire na hóigríoghna agus cródhacht a mórghníomh agus
do aontoigh an rí dhi gach ar iarr si air don chur sin, agus do pósadh
í féin agus mac Rígh na Tesáille re chéile agus do pósadh Leuander,
mac Rígh na Babiloin agus Ueróna, inghean Rígh na Narsinga mur
an ccéadna, agus dobheir Rígh an Domhain mórán seód agus maoine
agus ionnmhus dáibh, agus do bhador na huaisle eachtrann sin
seal fada a bhfochair Rí an Domhain fa aoibhneas agus fa mhuirn,
nogur ghabh mian Rí na Narsinga triall dá chrich féin agus air na
airiugh sin do Rí an Domhain, do ullmhuigh trén-chabhlach trom
taidhbhseach do thionnlacadh Rí na Narsinga dá chrích agus dá
dhuthaigh féin, agus air mbeith ag triall dó, tig Melóra dá ionnsoigh
agus an carbuncail ina láimh lé, agus sleagh Righ na Babiloin
isin láimh oile agus is eadh itbert:



"A Rí na hInnia," air sí, "ó do chríochnuigh misi mo mhór-eachtra
agus gur fhuasgail mé dom charuid, agus gur gheall mé
tusa do chur slán dot' chrích féin, aig so dhuit air ais an carbuncail


L. 48


maille re buidheachus agus re mo 156 r0 re mo mhaithsi go bruinne
mbrátha agus mbeatha." "Agus a mhic Rígh na Babiloin," air sí,
"aig so dhuitsi sleagh h'athura agus táimsi buidheach dhíot tre a
bhfuarais do dhúadh agus do dhochar um' chuidiochta feadh
m'eachtra aig taisteal an domhain."



"Maiseadh," air Rí na Narsinga, "bronnuimsi ort féin ris
í"; agus do bhronn mac Rígh na Babiloin an tshleagh air Ching
Airtiúir agus asa haithle sin téid Rí na Narsinga air muir agus aig so
anmannadh na ridireadh fa huaisle agus fa honóraighe dá ndeachaidh
dá thionnlacadh dá thír féin. Do chuadar ann: 12 ridire na
cródhachta do bhiodh do ghnáth a ttimchioll chuirp an rí féin dá
chumhdach amhail mur adeirthear gall-óglach cúl-choimhéata
aniugh. Aig so a n-anmannadh: Sir Gabhín, mac deirbhshiaracha
Rígh an Domhain agus a dhías dearbhráthar .i. Sir Garet agus Sir
Gaheris; Sir Brandámor, mac Rígh na hEadaille; Sir Marrábhus,
mac Rígh Éireann; Sir Frol, Sir Tor agus Sir Ector agus ní feas
dúinn a n-aithre. Sir Lameric as críochaibh Dobhar, ridire ro-chródha;
Sir Bébus, Sir Bóbus, agus Sir Lanselot, mac Rígh na Binne Brice;
agus mórán oile do ridiraibh ro-chródha nach ainmnighthear ann so,
agus ní haithristear a bheag dá sgéaluigheacht 156 v0 sgéaluigheacht
go rochtain a ttír a cCrích na hInnia dháibh, agus air
tteacht go dúnadh Rígh na Narsinga dháibh, ní féidir a innse nó
a fhaisnéis méad na muirne agus na honóra dorinneadh umpa ann
agus do nocht Rígh na Narsinga dá mhathaibh agus mhór-uaisle
a eachtra agus a imtheacht ó thús go deireadh agus amhail mur do rugadh
go Dúnadh an Halla Deirg é. Agus air mbeith seal fada dona
ridiraibh ina fhochair, do ghabhadur lámh air imtheacht agus do
chuir an Rí an cabhlach céadna leo lán do phérlaibh agus do gheamaibh
agus do líoguibh lánmhaiseacha lóghmhura agus do sheódaibh
rígh agus ro-fhlatha maille re comharrtha umhla agus urrama do Rí an
Domhain, agus air tteacht go Dúnadh an Halla Deirg dháibh, ní
fada do bhadur ann an tan do cuireadh cuid dhíobh le mac Rígh
na Babiloin agus le hinghean Rígh na Narsinga go críochaibh na
Babiloin agus an chuid oile le mac Rígh na Tesáille agus le Melóra,
inghean Rígh an Domhain, go críochaibh cuan aille na Teasáille,
áit air chaitheadur a ré agus a n-aimsir mur fa haoibhinn leo féin,
agus do díbreagh Sir Mádor, mac Rígh na hIsbeirne agus 157 r0
agus Meirlín, an draoi, go siorruighe suthain as Dúnadh an
Halla Deirg, air bhfagháil maitheamhnuis anma tre Mhelóra.



Gonadh é sin eachtra agus imtheacht Melóra, inghine Rígh an
Domhain agus Orlando, mic Rígh na Tesáille oige sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services