Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abhráin atá leagtha ar an Reachtabhrach

Title
Abhráin atá leagtha ar an Reachtabhrach
Author(s)
De hÍde, Dubhghlas,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An
Composition Date
1903
Publisher
Gill agus a mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ABHRÁIN AN REACHTÚIRE.



Nuair caithtear cloch i n-uisge corruighthear an
t-uisge. Tuitean an chloch go dti an tóin agus luidh-
eann sí annsin, acht a bhfad tar éis a tuitime maireann
gluasacht an uisge agus chidhtear ar a bhárr an tonn do
thóg an chloch. Snámhann na tonn so amach ó'n gceart-
lár, mar fháinne mór, go dtagann sé go dti an bruach.



Is é tháinig in mo cheann, ar gcruinniughadh dánta
an Reachtúire dham, go dtuitean file ó neimh in san
tsaoghal, corr-uair, mar chloch i n-uisge. Sgiobthar uainn
an file ag an mBás, tuiteann a chorpán in san talamh,
acht maireann an ghluasacht do thóg sé, agus tógann a
chuid dán tonn beag séimh síothchánta ar uisge an
tsaoghail, ag snámh amach a bhfad ó áit dhúthchais an fhile
féin. Is amhlaidh thárla sé, gur buaileadh orm an tonn
do thóg Antoine O Reachtúire ceithre fichid míle ó n-a áit
féin agus níos mó ná dá fhichid bliadhan tar éis a chorp
do bheith sínte in san tsean roilig i gCillínin. Is mar
so thárla sé. D'éirigheas amach, lá breágh seaca san
ngeimhreadh, mo ghadhairín le mo chois agus mo ghunna ar
mo ghualainn, agus níor bhfada chuaidh mé no go gcual-
aidh mé an sean-fhear ag doras a bhotháin agus é ag
gabhail go binn dó féin,



Anois ar dteacht an earraigh béidh an lá síneadh
Nois ar dteacht na Féil Bríghde 'seadh thógfad mo cheól,
O chuir mé in mo cheann é ní stopfaidh mé choidhche
Go seasfaidh mé shiar i lár Chondaé Mhuigh-Eó.



Fágaim le h-údhachta go n-éirigheann mo chroidhe-se
Mar árduighthear an ghaoth no mar sgapthar an cheó
Nuair smuaínighim ar Chearra agus ar Bhalla taoibh shíos de
Ar sgeathach a'mhíle, no ar Phláinéad Mhuigh-Eó.


L. 4


Do thaithnigh na briathra liom go mór. Dhruid mé
anonn do'n tsean-fhear, agus "an múinfeá an t-abhrán
sin dam?" arsa mise. Do mhúin, agus d'imthigh mé
abhaile, agus cuid mhór de "Chondaé Mhuigh-Eó" de
mheabhar agam. Do bh'é sin mo chéad chasadh leis an tonn
d'fhág an Reachtúire 'na dhiaigh. Níor chualas a ainm an
uair sin, agus ní raibh fhios agam go ceann móráin de
bhliadhantaibh 'na dhiaigh sin gur bh'é do cheap an píosa do
thaithnigh liom chomh mór sin.



Do bhí mé lá, cúig bliadhna déag, 'na dhiaigh sin, ag
láimhsiughadh agus ag pruchadh ameasg na sean lámh-
sgríbhinn Gaedhilge atá san Acadaimh Ríoghamhail, i
mBail-ath-cliath, agus créad do casfaidhe orm acht
leabhar lámh-sgríobhtha a raibh cuid de dhántaibh an
Reachtúire ann, agus do bhí mo shean-charaid "Conndaé
Mhuigh-Eó'" na measg, agus is ann sin do fuair mé
amach gur bh'é an Reachtúire a úghdar, agus gur bh'iomdha
abhran binn eile do chum sé leis.



Do bhí mé lá eile, a bhfad tar éis sin, anaice leis
an gCarraig Dhuibh, i gCondaé Bhail-ath-cliath, agus
mé ag siubhalóideacht dam féin ar an mbóthar. Do bhí
fear dall ar thaoibh an bhóthair, agus é ag iarraidh déirce.
Thug mé sin dó, agus d'imthigh mé liom. Acht tar éis
fiche péirse no mar sin do bheith siúbhalta agam, tháinig
sé in mo cheann d'aon phreap amháin, go mba chosmhúil le
Gaedheilgtheór an dall sin, gur éadan agus béal Gaedh-
eilgtheóra do bhí air, agus "cad chuige," ar sa mise liom
féin, "nár labhair tú i nGaedheilg leis?" Ní túisge
tháinig an smuaíneamh sin chugam ná d'fhill mé ar m'ais
arís go dti an dall, agus labhair mé leis i nGaedheilg.
D'fhreagair sé mé go binn blasta ann san teangaidh


L. 6


chéadna, agus d'fhan mé tamall fada ag caint leis.
Seághan O Mainnín an t-ainm do bhí air. Budh as Chon-
daé na Gaillimhe é. Giolla capall do bhí ann, in a óige,
agus do chaill sé radharc a shúl ag léimnigh sgonnsa ar
mhuin chapaill; do bhuail craobh é, agus do dhall sí é.
D'innis sé a lán dam i dtaoibh an Reachtúire. Dubhairt
sé liom: "Má bhéidheas tú choidhche i mbaile beag dar
b'ainm Creachmhaol i gCondae na Gaillimhe; tá teach ar
thaoibh an bhóthair agus feilméar dar b'ainm Diarmuid
O Cluanáin 'na chómhnuide ann. Is ann san tigh sin
fuair an Reachtúire bás, agus bhí fhios aige seacht
mbliadhna roimhe sin, cad é an áit agus an teach agus an
lá agus an uair do bhí i ndán dó bás fhághail." Do
chuimhnigh mé ar an méad adubhairt an dall liom, acht
níor shaoil mé go mbéinn choidhche i gCreachmhaol. Acht
thárla go bhfuaras mé féin i ndeisceart an chondaé
agus tháinig an rud adubhairt an dall in mo chuimhne.
Chuaidh mé chomh fada le Creachmhaol, fuair mé amach
Diarmuid O Cluanáin, agus chonnairc mé an teach a
bhfuair an file bás ann. Dubhairt an sean fhear liom
go raibh a chuid dánta sgríobhtha i leabhar ag a leitheid
seo d'fhear. Chuaidh mé ar a dtóir, acht dubhradh liom
gur tógadh an leabhar go dtí an t-Oileán Úr.
Chuaidh mé go tigh na gCalnánach do bhí san gcómhar-
sanacht sin, óir chualaidh mé go raibh leabhar aca-
san a raibh dánta an Reachtúire agus dánta a n-oncail
féin ann. Bhí na Calnánaigh breágh fialmhar fairsing,
d'iarradar orm an oidhche do chaitheamh leó, acht dubhra-
dar go raibh an leabhar so imthighthe go dtí an t-Oileán
Úr mar an gcéadna, agus b'éigin dam filleadh gan é.



Níor bhfada 'na dhiaigh sin go ndeachaidh mo charaid,


L. 8


an Bhaintighearna Gregori, ar thóir leabhair do chualaidh
sí do bheith san gcómharsanacht chéadna, agus fuair sí é i
seilbh shean shaoir-cloiche anaice le Cillínin. Do
sgríobhadh an leabhar go h-an-mhaith i litreachaibh Gaedh-
eilge ag duine éigin gan ainm, timchioll leith-chead bliadh-
an ó shoin; fuair sí an leabhar so ar iasacht agus thug
damh-sa é, agus sgríobh mé seacht n-abhráin déag as.
Dá abhrán fichid leis an Reachtúire do bhí ann, agus trí
cinn no ceathar le daoinibh eile. Tar éis sin chuaidh mé ar
thóir an leabhair do chonnaic mé san Acadaimh níos mó
ná deich mbliadhan roimhe sin. Chuaidh mé ar dtús go
dti an clár, no index, na leabhar atá san Acadaimh acht
ní raibh oiread agus ainm an Reachtúire ar chlár na
leabhar Gaedheilge ann san Acadaimh, agus ní raibh
céad líne aon dáin d'a chuid dántaibh le fághail ar chlár
na gcéad-línte. Chaith mé dá lá ó mhaidin go h-oidhche
ag dul tré na leabhraibh sul fuair mé é. Atá níos
mó ná fiche dán leis an Reachtúire in san sgríbhinn
seo, agus iad sgríobhtha go maith i litreachaibh Gaedh-
eilge le láimh sean-duine, mar mheasaim, dochtúir
leighis, b'éidir, óir tá an líne seo, i Laidion, sgríobh-
tha ar dhuilleóig de, tollere nodosam nescit medicina
podagram, agus tá peictéar cinn an Reachtúire
tarraingte go réidh le peann ar leathanach eile,
agus cúpla focal i mBéarla faoi (1) ag tabhairt
dáta a bháis, 1835, agus a aois, aon bhliadhain déag
agus dá fhichid! Do sgríobh mé amach na h-abhráin nach
raibh san leabar eile, agus rinne mé compráid le
h-aire mhóir idir na cóipeannaibh do bhí san sgríbhinn


L. 10


seo agus i sgríbhinn an tsaoir-cloiche: ag so anois mar
chuir mé na dánta eile le chéile,



Do fuair mé ocht ndánta óm' charaid Eóghan
O Neachtáin, i nGaillimh, creidim go bhfuair seisean
an chuid is mó aca ó fhear de mhuinntir Chomáin in
san gcathair sin. Do fuair mé cúig abhráin eile
ó'n Athair Clement O Lúghnaidh, ó'n Mainistir i mBail-
loch-riach, do sgríobh iad ó bhéal sean-duine fiche
bliadhan roimhe sin. Tar éis sin, do fuair mé sgríbhinn
ar iasacht óm' charaid, Mac Ui Fhloinn, cléireach
Thuama, ann ar chuir sé síos as sgríbhinn do bhain le
Mac Ui Cheallaigh éigin, agus ó bhéal daoine, cuid mhór
de na dántaibh do bhí agam cheana. Chuaidh mé tríd an
sgríbhinn seo le h-aire mhóir, agus b'úsáideach é ag cear-
tughadh na gcóib eile. Ní raibh ann acht dá abhráin
amháin (l) agus cúpla rann nach raibh agam cheana. Do
fuair mé an dán fada, "Seanchus na Sgeithe," óm' char-
aid, Mac Ui Mhíodhcháin, ar dtús, agus do cheartaigh mé
é as sgríbhinn Mhic Ui Fhloinn. Do fuair mé "An
Cholera Morbus" ó'n bhfear céadna. Do fuaireas an
"Chúis dá Pléidh" i sgríbhinn do rinne fear de na
h-Oisinigh i litreachaibh Rómánacha do réir fuaime na
bhfocal, san mbliadhain, 1834, no mar sin. Fuair mé ias-
acht na sgríbhinne seo óm' charaid, Mac Ui Fhloinn.
Fuair mé "Fiadhach Mharcuis Ui Challáin" as an sgríbh-
inn chéadna, agus as sgríbhinn Mhic Ui Fhloinn. Sgríobh
me síos "Máire Ni h-Eidhin" ó bhéal Thomáis Ui h-Eidh-
in, as Chilltartan, atá gaolach leis an gcailín áluinn
do bhí 'na bun-ádhbhar do'n abhrán, agus sgríobh mé an
chuid is mó de'n "Reachtúire agus an Bás" ó bhéal an


L. 12


dhuine chéadna. Fuair mé "Cill-aodáin" no "Condaé
Mhuigh-Eó," ó Thadhg O Connláin, maor do mhuinntir
Mhic Mhághnasa, i gCill-aodáin, do rugadh agus do
thógadh i n-aon bhaile leis an Reachtúire féin (c). Fuair
mé an chuid is mó "d'Anac Cuain" óm' charaid, Proin-
sias O Conchúbhair, do chualaidh é ag sean-mhnaoi i n-Anach
Cuain fhéin. Fuair mé "Bail-loch-riach" ó Sheumas
O Maoildhia, as Druim Dreifin, do chualaidh ag a athair
é. Fuair mé abhráin eile agus sgéalta ó dhaoinibh eile.



Is mar sin do chuir mé le chéile, chomh maith agus
d'fhéadas, an méad do fuair mé, de thoradh tóruigheachta
fada, de dhántaibh agus d'abhránaibh an Reachtúire, no
de na h-abhránaibh do bhí leagtha air.



Do rugadh an Reachtúire timchioll na bliadhna, 1784,
ag Cill-aodáin, anaice le Coillte-mach, i gCondaé
Mhuigh-Eó. Do taisbeánadh dham an áit a raibh an both-
án ann a rugadh é. Ní'l sé a bhfad ó'n Lios Ard, cnoc-
áinín faoi chrannaibh ar chúl tighe mhóir Chill-aodáin, an
áit budh mhó táithighe sitheóg d'á bhfuil san tír sin. Nuair
bhí sé timchioll naoi mbliadhana d'aois do buaileadh é leis
an ngalar breac, agus chaill sé a radharc. Thosaigh
sé ar an bheidhlín no an fhidil d'fhóghluim, acht níor chual-
aidh mé cia mhúin dó é. Tá aon rud cinnte, nach raibh sé
riamh acht 'na dhroch-bheidhileadóir, agus níor mhaith an bheidh-
lín do bhí aige. Níor fhéad mé fhághail amach cad fáth ar
thréig sé a áit dhúthchais i gCondaé Mhuigh-Eó le dul go
Condaé na Gaillimhe. Acht rinne sé sin, agus chaith sé
an chuid ba mhó d'á shaoghal go dti a bhás ag dul suas 's


L. 14


anuas i gCondaé na Gaillimhe, go mór-mhór idir B'l-áth-
an-righ agus Bail-loch-ria'ch, agus Gort Innse Guaire,
ag déanamh amach slighe bheatha dhó féin le n-a chuid ceóil
agus abhrán. Bhí triúr no ceathrar de bhárdaibh maithe
an uair seo i gConnachtaibh, mar do bhí Mac Ui Shuibhne
agus an Bairéadach, i gCondaé Mhuigh-Eó, agus deir
cuid de na sean-daoinibh go mbfearr iad so ná an Reach-
túire. Acht tá an chuid is mó d'á n-abhránaibh-sean
caillte, agus is doiligh, ar an ádhbhar sin, comórtas do
dhéanamh eatorra, agus níor cheart é. Óir is fir léighin
agus eólais agus maoine do bhí in san mbeirt sin; acht
súd chugainn an Reachtúire, 'na dhall ó n-a óige, ag
iomchar mála, gan teach, gan téagar, gan dídionn, gan
árus, gan eólas aige ar léigheadh ná ar sgríobhadh, gan
teangaidh i gceart aige acht a Ghaedheilg féin, agus d'fhág
sé lorg 'na dhiaigh go dti an lá indiu, níos doimhne, dar
liom-sa, ná d'fhág siad-san. Muna mbeith de mhaith in
san leabhar so acht abhráin daill gan léighean do chruin-
niughadh, do b'fhiú an trioblóid é. Acht nuair tá fhios
againn go raibh an dall so 'na chúmhacht in san tír, ag
gríosughadh na ndaoine a-naghaidh na ndeachmhuidh, agus
gá mbrostughadh a-naghaidh a námhad, má's olc maith a
chuid abhrán is fiú a gcruinniughadh ar a shon sin féin.



Rinne an Reachtúire abhráin ag moladh na ndaoine
do chuidigh no do thaithnigh leis, no ag moladh na n-áiteacha
in ar chómhnuigh siad, rinne sé abhráin poiliticeacha ag
gríosughadh na ndaoine a-naghaidh na nGall, agus ag
cuidiughadh le páirti Dhómhnaill Ui Chonaill. Rinne sé
corr abhrán grádh agus corr abhrán diadha, agus anois
agus arís abhrán ag cáineadh duine, no "aer" mar thuga-
dar na Sean Ghaedhil air. Do b'fhearr a abhráin-molta


L. 16


ná a abhráin-cáinte. Dubhradh d'á thaoibh, "cia bé duine
mhol sé, mhol sé go maith é," acht san am céadna dubhairt
cuid de na daoinibh nár bh'ádhamhail an rud é bheith molta
i n-abhrán. Dubhairt sean Dhiarmuid O Cluanáin, an
fear a bhfuair an file bás in a thigh, "do thigeadh an
Reachtúire go minic," adubhairt sé, "go dti an teach so
agus d'fhanadh se linn, acht ní dhearnaidh sé bhéarsa 'nár
dtaoibh ariamh. Níor iíiaith le m'athair sin, óir ní ádhamh-
ail é." Dubhairt fear eile, "is minic chualaidh mé
m'athair ag caint i dtaoibh Raifteri, bhí buaidh icéint
(éigin) aige, agus bhidheadh faitchios ar na daoinibh roimhe.
Is minic chualaidh mé caint ar dhaoinibh do bhéarfadh suidhe
ar a gcárr dhó, agus nuair d'fhiafruigheadh sé cad é an
t-ainm bhí orra ní innseóchaidís dó é, le faitchios go
gcuirfeadh sé i n-abhrán é." Agus dubhairt fear eile,
"bhí duine muinnteardha do m'athair ag tiomáint a
cháirr ar an mbóthar, lá, agus chonnairc sé an Reach-
túire acht níor leig sé air go bhfacaidh sé é. Agus nuair
bhí sé ag gabhail thairis dubhairt an Reachtúire:



Ní raibh saighdiúr riamh
Nach bhfuigheadh a bhiléad
Acht tá námhaid an choinín
In san bhfeiréad.



Dubhairt duine muinnteardha m'athair annsin agus
deifir air. "O! a Mháighistir Raifteridh, ní raibh fhios
agam gur tusa do bhí ann. Nach n-éireóchaidh tú agus
suidhe ar an gcárr?'" Mhol sé Máire Ni h-Eidhin
agus Brighdín Bhéasaigh, agus bhí saoghal buaidheartha ag
an mbeirt aca. Fuair Máire Ni h-Eidhin bás go brón-
ach i lár purtaigh, agus dubhairt cómharsa di, "ndeamhan
a bhfad a bhéidheas duine beó a mbéidh abhrán ceaptha
air." Acht ar an taoibh eile rinne sé abhrán ag moladh


L. 18


mná óige do bhí mi-sgiamhach, acht bhí sí sibhialta cóir cin-
eálta. Do bhidheadh sí ag freastal air, i dtigh éigin,
'n-áit a mbíodh sé ar lóistín, agus fuair sí fear leis
an abhrán, agus tá mac léi 'na chómhnuidhe anois i gClár-
Gaillimh. Dubhairt bean aosta liom, i gCilltartain, go
bhfacaidh sí an Reachtúire aon uair amháin, i dtigh damhsa,
agus labhair sé léi agus dubhairt, "budh mhaith an fear
ceirde do rinne thusa, a chailín, is séimh do leag sé an
plána ort; bhí a cheird aige." "Níos fearr ná tá
agad-sa," arsa mise, óir bhí cúpla téad briste in a
bheidhlín. Labhair sé rud éigin ar "O h-Eadhra na
cleiche móire" agus níor mhaith le m'athair sin agus níor
leig sé dham tuilleadh cainte bheith agam leis. Muna
mbeith sin b'éidir go ndéanfadh sé abhrán dam féin mar
rinne sé do Mháire Ni h-Eidhin agus do Mháire
Stantún!"



Fuair muinntir na tíre a gcuid eólais ar stair
agus ar sheanchas ó bheul-oideas na sean-daoine, agus
bhíodar go mór níos fóghlamtha, agus iad gan leabhar,
gan léighean, ná mar táid anois. Do bhí fhios aca ar
mhódh ar bith go raibh tír dhúthchais aca agus go mba thír
aosta í, agus go raibh sí aon uair amháin 'na tír bhreágh,
chlúdhamhail, fhóghlamtha. Ní raibh an Reachtúire acht ag
tabhairt amach an eólais do bhí ameasg na ndaoine nuair
chuir sé "Seanchas na Sgeiche" le chéile. Stair na
h-Eireann atá in san dán sin go cruinn agus go so-
thuigseannach. Rith an dán so ar fud na tíre agus is
dóigh nach raibh buachaill i gCondaé na Gaillimhe an uair
sin chomh brúideamhail dall aineólach i dtaoibh a thíre féin
leis an gcuid is mó de bhuachaillibh tá ann indiu. Ní
bhfuighfeá i gCondaé na Gaillimhe an uair sin an nidh do


L. 20


fuair an t-Athair O Caomhánaigh nuair chuir sé ceist go
déigheannach ar dhuisin de bhuachaillibh as na sgoiltibh
Caitilceacha is fearr i Luimneach, ag fiafruighe dhíobh,
"cia'r bh é righ deireannach na h-Eireann?" nach raibh
fhios ag duine ar bith aca cia r' bhé, no má bhí righ i
n-Eirinn ariamh. Dubhairt fear aca gurbh é an Sair-
séalach é, agus dubhairt fear eile gur bh'é Righ Eóin é.
Ní mar sin do na na daoinibh nuair bhí a nGaedheilg féin
aca, agus daoine mar an dall so beó na measg.



Bhí tart ar an Reachtúire i gcómhnuidhe ag iarraidh
eólais. Dubhairt a charaid an Calnánach nuair thuit sé
amach leis agus nuair bhí se 'gá cháineadh



Ní'l cearda de'n chúige ó Ghaillimh go Dúbhros
No as sin go bruach na fairrge
A mbeith caint ar bith ar siamsa ná ar úghdar
Nach mbuailfeadh an sgóla so a ladar ann.



Dubhairt fear d'á thaoibh go bhfeiceadh sé é go minic i
sgoil-tíre do bhí ag a oncal féin. Bhí an t-oncal 'na
mháighistir-sgoile, agus bhí sé tugtha go mór do'n ól. Nuair
bhíodh sé dall ar meisge do bhaineadh sé a chuid éadaigh
dhé agus ritheadh sé lom-nocht ar fud na tíre. Acht ar
dteacht na h-oidhche do bhíodh sé ag múnadh na sgoláire
ar fud na h-oidhche, agus d'fheiceadh an fear so an Reach-
túire go minic 'na shuidhe in san sgoil ar feadh na h-oidhche
ag éisteacht leis an múnadh.



Nuair bhí caint ameasg na ndaoine go raibh an
t-Uachtaránacht ag dul sgoilte do chur ar bun chum na
ndaoine do mhúnadh fá 'na riaghail féin, do thuig sé ar an
móimid go raibh feall agus droch-bheart dul dá n-imirt
orrainn, agus chómairligh sé na daoine gan baint ar bith
do bheith aca dhóibh.


L. 22


Chualaidh mé, munab bréag, go dtiucfaidh sé san tsaoghal
Go gcuirfidhear máighistir léighin ins gach cúinne,
Ní'l in san gcas acht sgéim ag mealladh uainn an tréid
Agus diúltaighidh do ghnóthaighibh Lúiteir.
Creidigidh do'n chléir,'s ná téidhidh ar mhalairt féir
No caillfidh sibh Mac Dé a's a chúmhachta,
'S an long so chuaidh i léig (?) má théidheann sibh ann de léim
Iompóchaidh sí, a's béidh sibh fúithi.



agus ba é sin go díreach an rud do rinne sí, d'iompuigh
sí agus d'fhág sí na Gaedhil fúithi; agus d'fhág sí na
buachaillidh do rugadh i n-aon bhaile leis féin, chomh
brúighte briste sin, gan spreacadh, gan spiorad, gan
mhéin, gan mheisneach, gan tuisge, gan tír-ghrádh, gan
Béarla ná Gaedheilg, nach bhfuil siad abalta ar chúig
línte dá abhránaibh féin - ní h-é amháin do rádh, acht do
thuigsint!



Chom géar agus do bhrostaigh sé na daoine a
n-aghaidh na nGall agus a n-aghaidh na n-éagcóir do bhí
d'á n-imirt orra, ní raibh sé gan chéill mhaith. Tá sgéal
ag sean-fhear i n-aice le Baile-ui-Liagh go raibh cruinn-
iughadh ag na Buachaillibh Bána no ag daoinibh de'n
tsórt sin aon oidhche amháin, agus d'iarradar ar an
Reachtúire do theacht leó. D'imthigh sé leo go dti an
cruinniughadh, agus rinne sé cúpla rann orra. Níor
cuimhnigheadh na bhéarsaidh, acht dubhairt an sean-fhear gur
bh'é seo an bhrigh do bhí ionnta; "Cuimhnighidh," ar sé, "ar
an méad saidhdiúr dearg atá ag na Sacsanachaibh, agus
tá a lán gunna agus arm agus h-uile shórt aca. Fuair
siad an bhuaidh ar an Spáin féin, agus bhaineadar Gib-
raltar dí, agus rinne siad cogadh bliadhain agus fiche in
san Oileán Úr, agus an é sin le rádh go bhfuil sibh-se
dul amach a n-aghaidh na ngunna agus na saighdiúr mar
tá sibh, agus gan agaibh acht cipín maide a bhaineas sibh


L. 24


ins an gcoill sin shíos. Ná déanaidh sin agus na bígidh
amuigh ag siubhal san oidhche, acht tigidh amach fá sholus
na gréine agus mise mo bhanaidh go mbéidh ceart agus
cóir agaibh go fóill." Lean na daoine an chómhairle
chríona so nuair tháinig cogadh na ndeachmhuidh. Acht
chualaidh mé rann eile ó thiománuidhe cáirr de Mhuinntir
Dhiarmada, i gCaisleán-a-bharra, agus dubhairt fear
eile liom gur bh'é an Reachtúire rinne é, ag moladh, na
mBuachaillidhe Bána mar leanas



Innsim-se dhaoibh, má bhfághann sibh bhur saoghal,
Go bhfuighfidh "rebelmen" luach a sláinte,
I leabuidh gach oidhch' do chaitheadar na suidhe
Faoi ghaoith, faoi fhearrthainn, a's faoi bhaisteach.
Seasagaidh go dlúth, ná téidhidh ar gcúl,
Agus brisigidh tre lucht gárda,
Biseach agus buaidh go dtigidh go luath,
Agus leagfaidh Mac Dé bhur námhaid.



Tá an bhéarsa so níos cosmhúile le inntinn an Reachtúire
ná an chómhairle eile, agus má chuir sé a n-aghaidh na
ndaoine do bhí ag cruinniughadh i mBaile-ui-liagh, b'éidir
go raibh fhios aige go rabhadar ar ti gníomh amadánta
éigin do dhéanamh.



Duine seang caol do bhí in san Reachtúire. Do
tharraing an Calnánach dúinn mar so é, nuair bhí sé ag
déanamh ball-magaidh dhé.



Bhí dá chois faoi mar mhaide bacaigh
Agus iad chomh caol le snáthaid phacaigh,
Log in a lár ar nós bacaigh.
'Sé iomchar an mhála d'fhágbhaigh cruit air.
Bhí a éadan tana snalaidh (?) snaoighte.
'S ba dhuibhe a ghruag na gual Cill-choinnigh,
'S a shúile gluasacht mar dá pháil uisge
Ag snamh anuas le taobh a phluca.


L. 26


Bhí sé go h-iongantach láidir. Ní raibh sé ro-árd. Cóta
fada bréidin agus briste de'n chórdorái do bhíodh air.
Dubhairt fear leis an mBaintighearna Gregori gur
innis a athair dhó gur dhubhairt an Reachtúire féin, leis,
nach ndeachaidh sé ag caraigheacht le duine riamh nach
leagfadh sé é, agus go raibh sé chomh láidir sin in a
ghéagaibh go bhféadfadh sé luidhe ar a dhruim agus mála
a mbeith ceithre céad cruithneachta ann do chur suas os a
chionn. Níor fhéad sé ceó na frighid (stím ar bith) fheic-
sint. Nuair bhuail an galar breac é, is in a shúilibh do
shocruigh sé, agus níor fhág sé acht tri no ceithre baill ar
a éadan, acht bhain sé an radharc dé ar fad. Chomh dall
agus bhí sé do shiubhladh sé bóithre na tíre go léir, agus
do thionntóchadh sé san áit cheirt ó bhóthar go bóthar gan
oiread agus a lámh ná a mhaide do leagan ar an
mballa. Dubhairt duine: "Bhí m'athair ag déanamh ion-
gantais faoi, aon lá amháin, agus dubhairt seisean leis,
'fan go dtiucfamaoid go dti an crois-bhóthar go
B'l'áth'n-righ, agus ná h-innis dam, acht féach, féin, má
theipeann sé orm,' agus chomh cinnte a's tá mé beó nuair
tháinig sé go dti an crois-bhóthar do thionntaigh sé, go
díreach i gceart-lár an bhóthair."



Dubhairt fear eile go raibh an Reachtúire agus píob-
aire dall le chéile i nGort, agus d'fhágadar an baile-
mór le chéile le dul go Baile-ui-liagh, acht bhí sé
déigheannac agus níor fhéadadar an bearna no an
staidhre do bhí in san mballa fhághail, le dul síos go
Baile-ui-liagh, agus níor tháinig aon duine le na tais-
beánt dóibh. Dubhairt an Reachtúire annsin, go bhfill-
feadh sé go Gort, agus nach dteipfeadh sé air arís.
Chuaidh sé míle ar ais go Gort, agus chómhairigh sé h-uile


L. 28


choiscéim ar dteacht amach dhó, agus nuair tháinig sé chomh
fada leis an mbearnainn sheas sé, agus é go díreach os a
a chómhair!"



Dubhairt na daoine, i gCill-aodáin, go mbíodh leac
leagtha síos ar bhruach na bpoll-móna in san tír sin, le
seasamh uirri nuair léimeadh duine an poll-móna, agus
go léimeadh an Reachtúire iad chomh maith le duine ar bith
nuair b'éigin dó dul tharsta. Do chómhaireadh sé a chuid
cois-céim ar ais o'n leic ritheadh sé agus léimeadh sé
annsin go dti an taobh eile, chomh maith le duine a raibh
a radharc aige.



Do bh'é an chéad abhrán do rinne sé, do réir muinn-
tire Chill-aodáin abhrán ar hata do goideach ó fhear
éigin do bhí ag cur coirce. Nuair chuaidh sé asteach chum
a dhinéir d'fhág an fear so a hata crochta ar mhaide chum
na préacháin do sgannrughadh. D'iarr an Reachtúire óg ar
dhuine éigin an hata do thabhairt leis, nuair bhí an fear
eile astigh ag a dhinéar, le greann do dhéanamh dhó féin.
Agus rinne sé abhrán ar an hata, ag rádh gur bh'iad na
daoine maithe do thóg leó é, agus chuir sé in san abhrán
gur lean an fear so iad suas go Cruach Mheadh' agus
as sin soir go Roscomáin, ar thóir a hata, agus an méad
thárla dhó. Níor fhéad mé an t-abhrán so fhághail, is dóigh
go bhfuil sé caillte. Is in-bhreathnuighthe gur bh'é an chéad
abhrán do rinne Toirdhealbhach O Cearbhalláin, fear do
chaill a radharc mar an Reachtúire agus do lean slighe-
bheatha mar eisean, acht ameasg na ndaoine uasal nuair
bhí an Reachtúire ameasg na ndaoine ísioll - gur bh'é an
chéad abhrán rinne sé abhrán ar na daoinibh maithe.


L. 30


Sgríobhthar a ainm féin O Reachtúire, O Reachtúrigh, nó
O Rachtúraigh, i nGaedheilg, acht is í an fhoirm Bhéarla
"Raifteri" is mó atá cleachtaighthe, agus chleacht sé féin,
é. Sgríobhaim-se mar Reachtúire é, óir is ionnan Reach-
túire agus maor no stiúbhart agus is dóigh gur ó'n oifig
tháinig an sloinneadh. Acht chualaidh mé daoine do bhí gan
focal Béarla aca, ag tabhairt Raifteri air. Is cos-
mhúile fuaim an ainme le Reachtúrígh ná le Reachtúire.
Coitéar do bhí in a athair, agus bhí a mháthair de Mhuinn-
tir Bhraonáin. Tá cuid de'n bhunnadh céadna in san tír
sin fós; chualaidh mé go raibh na Rachnaoinigh gaolach
leis, acht tugann na máighistridhe sgoile Rochford ar
Rachnaoin anois! Budh é Franc Taafe, duine uasal
saidhbhir, do bhí 'na chómhnuidhe san tigh mór ag Cill-aodáin
an uair sin. Bí conrait gadhar aige, agus do bhíodh sé
ag fiadhach leó. Chuimhnigh na sean-daoine go mbíodh a
chapall-fiadhaigh ag léimnigh agus ag prompsáil nuair
bhíodh an Reachtúire ag seinnm ar a bheidhlín. Bhí Franc
Taafe carthanach leis, is dóigh, óir tagann a ainm asteach
san abhrán "Condaé Mhuigh-Eó" agus bhí sé 'na bhreith-
eamh ar an abhrán sin, óir rinneadh geall idir an Reach-
túire agus file eile as Ghaillimh, cia aca is fearr mhol-
fadh a chondaé féin, agus d'fhágadar an breitheamhnas fá
Fhranc Taafe. Níor fhág an Franc Taafe seo sliocht
'na dhiaigh; measaim nach raibh sé pósta, agus deir siad
go mbíonn a thais le feicsint go minic timchioll an tighe
mhóir, in san ngáirdín agus ameasg na gcrann. Is in
san tigh céadna do rugadh a's tógadh Lotaidh Nic Mhágh-
nasa, úirsgeuluidhe agus Gaedhilgtheóir, do rinne mórán
chum na Gaedheilge agus cuimhne an Reachtúire do chong-
bháil beó san áit sin.


L. 32


B'olc an chuma do bhí ar ár bhfile bocht nuair d'fhágh sé
Cill-aodaín. O nach raibh oiread agus acra talmhan ag
a mhuinntir, agus é féin 'na dhall, is dóigh go raibh sé chomh
bocht agus bhí fear ariamh ar an tsaoghal so. Ag so an
pictéar do rinne an Calnánach ar a theacht i dtosach, go
huachtar Condaé na Gaillimhe.



B'olc é a cháilidheacht ar a thigheacht chum tíre,
Bhí cáibín de hata air, ar dhath an tsnísín,
A raibh sreangán barraigh air, casta sníomhtha,
Agus is fada chaith sé, caithte ar an gcarn aoiligh!



Bhi "rapper" smeartha air, agus níor náir é mhíniughadh,
Mar is iomda daba chuireadh sé i bpóca na taoibhe,
Bhí trouser salach air go talamh síos leis,
A raibh dá chéad poll air agus gach le píosa.



Bhí sean-cheirt claoidhte ghiobach ar a bheiste,
Fáisgthe ar a iomlachán ag falach a pheilte.
Bhí beilt ar a bhásta, 'sé ar chuma na geilte,
'S nuair bhíodh a bholg (d)ruidte leigeadh sé léithe.



Acht, chomh bocht agus bhí sé, níor bhfada go bhfuair sé
meas agus onóir agus grádh ameasg:na muinntire
flaitheamhla féile do chómhnuigh i n-uachtar Condaé na
Gaillimhe, agus ní raibh aon charaid do b'fearr aige, ar
feadh tamaill ar mhódh ar bith, ná an fear do rinne na
línte cruaidhe seo air.


L. 34


Bhí tuairm ag cuid de na daoinibh go bhfuair an
Reachtúire a chuid filidheachta go míorbhúilteach.
Dubhairt sean-bhean do rinne damhsa go minic d'á chuid
ceóil: "Nuair luidheadh sé ar a leabaidh in san oidhche, is í
sin an uair do ghnidheadh sé a chuid abhrán, agus chuirfeadh
sé iongnadh ort ar maidin agus gan fhios agat cá
bhfuair sé iad." Agus dubhairt fear eile: "Sin buaidh
fuair sé. Deir siad go bhfuair sé a rogha, cia aca
b'fhearr leis a bheith aige, an chaint no an ceól, agus thogh
sé an chaint. Dá mbudh é an ceól do thogh sé, ní bheith
ceóltóir eile ar an domhan chomh maith leis, acht thogh sé an
chaint, agus thionntaigh sé amach bheith na fhile mór. Agus
muna mbeith sin cá bhfuighfeadh sé na focail uile do chuir
sé in a chuid abhrán?" Dubhairt sean-bhean eile: "Ní
raibh stim radhairc (radharc ar bith) in a cheann, agus
sin é an fáth a raibh an t-eólas mór sin aige. Thug
Dia dhó é, agus d'imthigh a chuid abhrán ar fud an
tsaoghail. Guth mar an ghaoth do bhí aige."



Dubhairt fear do chómhnuigh i n-aice le Muine-bheith
agus do bhí gan Béarla, liom, i dtaoibh an abhráin do
rinne sé i n-aghaidh Sheághain a Búrca. "In san oidhche,
nuair chuaidh sé a codlad, annsin 'seadh rinne sé an
raiméis ar fad. Ar a leabuidh do ghnidheadh sé h-uile
chaint d'á ndearnaidh sé ariamh; is ar a leabuidh dhéan-
fadh sé iad. Caint an-bhlasta, an tabhartha-amach
caint Raifteri." (1)



(1) Sin iad a cheart-bhriathra. Sgríobh é síos iad ó n-a bhéal.


L. 36


Ní raibh móran le lochtughadh i mbeatha ár bhfile
bhoicht. Is dóigh, dá mbeith, nach bhfuighfeadh sé an meas
do fuair sé ó na daoinibh. Is fíor gur chuir sé an iomar-
cuidh dúil in san ól, anois agus arís, acht mar dubhairt
sé féin,



Tá fhios ag an saoghal (1)
Nach le dúil ann a bhím,
Acht le grádh do na daoinibh bhíos na aice!



Agus deir sé i n-abhrán eile go bhfuighfeadh sé bás leis
an náire tar éis é bheith ar meisge, acht mar gheall air
seo - nach raibh sé 'na aonar agus é ag caruigheacht
leis na uisge-beatha. (2)



Acht gur gleacuidhe é bhíos eadrainn
A bhaineas iompódh as preabairibh
Go deimhin agus go dearbhtha
Do shínfinn síos le náire.



Is dóigh go mba bheag an locht an t-ólachán i súilibh na
ndaoine an uair sin, agus taisbeánann an dá bhéarsa
thuas, nach measa, acht gur fearr do bhí sé ná mórán
eile, do chuirfeadh iad féin ar meisge gan grádh ar bith
do'n chómhluadar, agus nach mbeith aon náire orra faoi,
na dhiaigh sin.



(1) Tuigfidh an Muimhneach gur labhair sé "saoghal" annso mar
"saoigheal" no "saoil." Acht labhrann sé ar amantaibh eile é mar
"saégheal." Tá "ao" = "aoi" i gConnachtaibh.


L. 38


Deir sé féin in a aithrighe go dtug sé an iomarcuidh
grádh do na mnáibh, acht níor chualas aon droch-sgéal d'á
thaoibh in san gcúis sin, agus ní chuireann an Calnánach
'na leith é. Deir sé féin in a "fhaoisidin" nach raibh sé
leath chomh h-olc le mórán daoine eile in san tír, acht
admhuigheann sé i dtaoibh an óil agus na mban.



Má labhair mise 'g cois ísioll
Go caoidheamhail le mnáibh deasa,
Sin a bhfuil i m'aghaidh sgríobhtha,
Agus go n-ólaim uisge-beatha!



Is é an locht is mó do chuir a náimhde 'na leith, go raibh sé
ró shanntach, agus ró ghéar ag cruinniughadh airgid,
agus nár dhearmaid sé riamh an pláta do chrathadh tar
éis damhsa. Ní'l aon amhras ann go raibh faitchios ag na
daoinibh roimhe, agus an té nach dtiúbhradh dhó le carthan-
as do bhéarfadh sé dhó le faitchios. Cuireann an Cal-
nánach sin i gcéill dúinn nuair chuir sé an Reachtúire
síos mar



Ag searsál na tíre, agus ag sgóladh na ndaoine,
Agus ag tógbháil na cíosa in sna bailteachaibh,
Agus mar bhfágh' seisean dídion agus a bholg do líonadh,
Béidh a dheimheas i bhfaobhar a' bearradh aige!



Budh é a theanga a dheimheas, agus ó bhí sí chomh géar sin is
iongnadh liom nár ghearr sé níos mó léi. Dar liom-sa,
is crothughadh ar mhíne agus ar chaoine a nadúire, nach
bhfuair mé aon abhrán géar searbh 'na dhiaigh, acht an dá
cheann do rinne sé i n-aghaidh na gCalnánach agus i
n-aghaidh Sheághain a Búrca agus i n-aghaidh duine do
ghoid a chóta mór. Agus maidir le n-a dhántaibh diadha
ní féidir nach ndearnaidh siad maith dhó-inniste in san


L. 40


dúthaidh. Mar dubhairt fear liom: "B'fhearr iad sin
ná sagart no bráthair ag teagasg na ndaoine!" Is
beag de neithibh, dar liom-sa, a chorruigheas an croidhe
mar an freagradh iongantach do thug sé ar dhuine éigin
do chonnairc é ag seinm, agus nár aithnigh é. D'fhiafruigh
an fear so i gcois árd, "Cia h-é an ceóltóir?" agus
d'fhreagair ár bheidhileadóir dall:-



MISE RAIFTERI



Mise Raifteri an file,
Lán dóchais agus grádh,
Le súilibh gan solus
Le ciúnas gan crádh.



Dul siar ar m'aistear
Le solus mo chroidhe,
Fann agus tuirseach
Go deireadh mo shlighe.



Féach anois mé
Agus m'aghaidh ar bhalla (1)
Ag seinm ceóil
Do phócaibh falamh.



Bhí máighistreacht mhór aige ar a teangaidh dhúthchais
acht thuig sé an Béarla. Deir daoine nár thuig, acht is
dóigh gur thuig. Dubhairt Antoine O Dálaigh liom, tá
beó i mBail-ath-cliath fós, gur chuimhnigh sé go maith gur
léigh a shean-athair leabhar Béarla dhó anaice le Bail-
loch-riabhach, agus chuir Raifteri Gaedheilg air in san
oidhche. Ba é sin san mbliadhain, 1830. Dubhairt sé go
raibh sé gleusta go h-an-mheasamhail an uair sin, agus
go raibh a mhac leis. D'fhág a mhac, do bhí 'na bheidhilea-
dóir maith, é, le dul le "circus" do bhí ag gabhail na
tíre.


L. 42


Taisbeánann sé go raibh eólas aige ar oibreach-
aibh Sheathrúin Céiting. B'éidir gur léigheadh iad as
láimh-sgríbhinn dó, le sgoláire éigin, agus is forus
a fheicsint ar chuid d'á abhránaibh go raibh togha
aithne aige ar dhántaibh mar "Tuireadh na h-Eir-
eann," le Dochtúir O Conaill, agus leis an "Síoguidhe
Romhánach" agus le píosaibh eile de'n tsórt céadna.
Is dóigh go gcualaidh sé iad so uile ó bhéal na
sean daoine, agus do chum seisean a dhánta féin ar a
lorg. Níor fhág sé bóthar na ndaoine do chuaidh roimhe.
Tá cuid mhór d'á Ghaedheilg an-ghlan, agus saor ó
fhoclaibh iasachta as an mBéarla. Is beag nach saoil-
feadh duine go ndeachaidh sé as a bhealach ag iarraidh
glaine in a chuid Gaedheilge, acht tá cuid eile d'á
abhránaibh truaillighthe le foclaibh Béarla measgtha tríd
an nGaedheilg. Is iomdha cor-cainte deas atá aige a
thaisbeánas a mháighistreacht ar an gcaint, agus ní'l oir-
ead agus foeal aige nach bhfuair sé ó na daoinibh féin,
agus nach raibh coitchionn ameasg na ndaoine an uair
sin. Tabhair fá deara chomh grinn agus do cheap sé focal
mar "ceardcha-an-óir" ar an áit a ndéantar na boinn
óir, agus briathra mar "taiplís dá mbreacadh," "dísle
cnámh," "gairm sgoile," "Críoch Fáil," agus c., agus mar
thugann sé asteach ainmneacha mar "Chnoc an áir,"
"Cath Cluain Tairbh," "Conlaoch," "Ardán Aille
(Ainle) agus Naoise," "Goll Mac Mórna," agus "an
Dearg Mór," agus c., ó'n tsean-litridheacht, do bhí an uair
sin ar bhéal h-uile dhuine.


L. 44


Ní'l cosmhúileacht ar bith le déanamh idir an Reach-
túire mar fhile, agus fear mar Eóghan Ruadh O Súillio-
bháin, agus na filidhe Muimhneacha do bhí ann, céad
bliadhan ó shoin. Daoine fóghlamtha do bhí ionnta so.
Máighistridhe ar an nGaedheilg, sean agus nuadh, do bhí
ionnta. Bhí foclóir aca féin, agus ní raibh sí ró
nádúrdha. Is binneas d'iarr siad, agus fuair siad
binneas. Acht bhaineadar go ró mhinic de'n chéill le cur
le n-a mbinneas. Níor iarr mo Reachtúire binneas ar
aon chor. Ní'l sé gan é, acht ní dheachaidh d'á thóruigheacht.
Níor chleacht sé cruadh-fhocal ariamh le ceól a bhéarsa
do mhéadughadh. Labhair sé amach an rud do bhí in a
chroidhe, go simplidhe agus go díreach, in a bhriathraibh féin;
acht mealltar mé, ar a shon sin, muna dtuigfeadh Muimh-
neach féin, indiu, é, níos fearr ná thuigfeadh sé Eóghan
Ruadh.



Bhí sé tuigseannach chomh maith le cráibhtheach. Tar
éis an Dómhnallánach do mholadh ar son na troide rinne
se leis an gCalnánach (troid dorn do bhí ann, agus
daoine uaisle na tíre go léir ag dearcadh orra), féach
chomh críona agus deir sé san ndeireadh



Le breathnughadh grinn san sgéal sin
Nár thruagh sin dhá mhac Gaedheal
Do chur os coinne a chéile
Le féachaint cia bheith síos.



Nach bhfuil sé seo níos uaisle agus níos measamhla go
mór ná iomchar agus inntinn na ndaoine uasal do
chuir chum troide iad.


L. 46


Deirthear, acht ní fíor é ar fad, gur chaith an Reach-
túire na seacht mbliadhna déigheannacha d'á shaoghal ag
urnuighe agus ag déanamh dán diadha mar gheall ar
aisling do bhí aige. Ag so an cuntus do thug Diarmuid
O Cluanáin ar an aisling sin (1):- "Chualaidh mé é
d'á rádh le m'athair go raibh sé tinn i nGaillimh, agus bhí
cupán leagtha ar bhord le taoibh na leapthan dó, agus
deoch ann, agus in san oidhche chualaidh sé toran éigin in
san tseomra, agus shaoil sé gur bh'é an cat do bhí ar an
mbord agus go leagfadh sí an 'mug.' Agus chuir sé
amach a lámh, agus créad do gheobhadh sé ann acht cnámha
caola an Bháis. Agus tháinig a radharc ar ais chuige
arís, agus chonnairc sé an áit a raibh a chóta mór crochta
ar an mballa. Agus dubhairt an Bás go dtáinig sé le
n-a thabhairt leis, no le fear eile de na cómharsannaibh
do chómhnuigh in a leithéid sin de thigh, do thabhairt leis,
muna dtiubhradh sé an Reachtúire. Agus bhíodar ag
caint sgathadh le chéile, agus dubhairt an Bás go dtiubh-
radh sé aimsir chinnte dhó, agus go dtiucfadh sé fá n-a
dhéin nuair bheith a cháirde caithte, agus annsin d'imtigh
sé uaidh. Agus nuair tháinig a bhean asteach ar maidin,
d'fhiafruigh sé dhi cia an áit ar chroch sí a chóta mór an
oidhche roimhe sin. Agus dubhairt sise gur chroch sí in a
leitheid seo d'áit é, agus budh é sin go díreach an áit
chéadna 'na bhfacaidh seisean é, agus bhí fhios aige annsin
go dtáinig a radharc ar ais chuige da ríribh in san oidhche.
Agus chuir sé teachtaire go dti teach na cómharsan air
ar labhair an Bás, agus dubhradh leis gur cailleadh é in


L. 48


san oidhche. Is maith chuimhnighim nuair bhí sé ag fághail
bháis 'na dhiaigh sin, go dtáinig caraid dó, fear de na
Cuanaighibh, asteach, agus dubhairt sé "maith go leór, a
Raifteri," ar sé, "ní'l an cháirde do thug an Bás duit
caithte fós," agus d'fhreagair Raifteri agus dubhairt
se, "tá sé déanta amach ag an Eaglais agus agam
féin anois nach é an Bás dó bhí ann, chor ar bith, acht
gur bh'é an diabhal é do tháinig ag cur cathuighthe orm.'"



Is iomdha sgéal chualaidh mé i dtaoibh a bháis. Dubh-
airt sean fhear do bhí gan Béarla liom go bhfuair sé
bás 'na aonar, i dteach folamh gan duine ar bith bheith
leis, agus go raibh an teach uile lasta suas chomh geal
leis an lá, agus lasair in sna spéarthaibh os a chionn,
agus gur bh'iad sin na h-aingil do bhí ann ag déanamh
tórraidh dhó.



Dubhairt fear eile go raibh fhios ag an Reachtúire
roimh-láimh, cia an lá agus an uair do bheith a théarma
caithte, agus go ndeachaidh sé go Gaillimh agus gur
cheannuigh sé clár, agus go dtug leis é go tigh éigin,
agus chuir sé ar an bhfaradh é. Dubhairt sé le muinntir
an tighe cómhra do dhéanamh dhó as sin, agus fuair sé bás
an oidhche chéadna!



Acht ní mar sin thárla sé. Fuair an Bhaintighearna
Gregori cuntas iomlán ar a bhás ó fhear do bhí i láthair,
agus é 'na ghasún. Dubhairt an fear so gur buaileadh
é le tinneas i nGaillimh, agus nuair d'eirigh sé níos
fearr d'imthigh sé ar fud na dúthaighe arís le sguibín,
beag airgid do bhailliughadh, "acht buaileadh síos arís é
nuair tháinig sé chum an tighe seo. Ní raibh sé ró aosta


L. 50


timchioll deich mbliadhan a's tri fichid (1). Bhí sé tinn
ar an leabuidh ar feadh coicthídhise. Dubhairt m'athair
annsin sagart d'fhághail dó. Bhí an sagart parráiste
as an mbaile, acht fuaramar sagart eile agus chuir sé
an ola dheireannach air agus thug asbolóid dó. Ní raibh
pian ar bith air, acht a chosa do bheith fuar, agus théitheadh
na buachaillidh cloch agus chuireadh siad in san leabuidh
chuige í. Budh mhian le mo mháthair fios a chur ar a bhean
agus ar a mhac do bhí i nGaillimh, go dtiucfaidís le aire
níor fearr thabhairt dó, acht ní leigfeadh sé dhúinn sin a
dhéanamh. Feicthear dham gur shaoil sé nach ndearnadar
gur ro mhaith dhó. Chualaidh mé sgéal gur dhiúltaigh an
sagart asbolóid do thabhairt dó, agus é ag fághail bháis,
muna maithfeadh sé do námhaid éigin do bhí aige, agus gur
dhubhairt seisean, 'má mhaith mé dhó le mo bhéal níor
mhaitheas dó le mo chroidhe,' acht ní'l focal fírinne ann.
Ní raibh maille ar bith ar an sagart ag cur an ola air.
Acht do bhí siúinéaraidh 'na chómhnuidhe, síos annsin, ar an
mbóthar, a chuir Raifteri droch-aighneas aon uair amháin
air. Sórt file do bhí in san siúinéaraidh so agus bhí guth
breágh aige ag gabhail abhráin, agus tháinig sé amach
agus bhris sé an bheidhlín ar Raifteri. Agus is maith chuimh-
nighim, nuair bhí sé ag fághail bháis, go dtug an sagart
an siúinéaraidh seo asteach, agus thug sé orra maitheamh-
nas thabhairt d'á chéile agus lámh a chéile chrathadh. Agus
dubhairt an siúinéaraidh, 'dá mbeith difir idir bheirt
dhearbhráthar do mhaithfidís d'á chéile, agus cad chuige nach


L. 52


maithfimís-ne?" Do cuireadh é i gCillínín. Ní raibh
sochraid ró mhór aige, acht bhí daoine an bhaile ar fad
ann. Oidhche Fhéil Nodlag fuair sé bás agus dubhairt
sé féin i gcómhnuidhe dá mbeith lámh ag Dia ann, gur fá'n
Nodlaig do gheibheadh sé bás."



Tá fear anaice leis an roilig in ar cuireadh é
agus dubhairt sé gur shaoil sé gur chum a thighe féin do
bhí an Reachtúire teacht, nuair buaileadh síos é "acht
chuaidh sé asteach annsin san tigh, shíos," ar sé. "Oidhche
Nodlag fuair sé bás, agus sin comhartha go raibh
sé beannaighthe, bíonn beannacht ar na daoinibh fhághann
bás fá'n Nodlag. In san oidhche do cuireadh é, óir ní
dhéanfaidhe aon obair Lá Nodlag, acht chruinnuigh
m'athair, agus beagán dé chómharsanaibh eile, scuibín
airgid le cómhra do cheannach dó, agus rinneadh é le fear
san mbaile, lá San Steapháin, agus tugadh é annso,
agus lean daoine na mbailte é, óir bhí meas agus grádh
aca uile ar Raifteri; acht nuair thángadar annso, bhí
an oidche ag tuitim, agus nuair bhíodar ag tochailt na
h-uaighe bhí cloch mhór rompa innti, agus níor fhéadadar
a tógbháil, agus shaoil na buachaillidh é do thabhairt
asteach san sgioból agus an oidhche do bhaint as. Acht
bhí meas mór ag mo mháthair, go ndéanaidh Dia trócaire
uirri, ar Raifteri, agus chuir sí amach dá choinnil-múnla
lasta, le solas do thabhairt dúinn. Do bhíodh a múnla
féin ag h-uile bhean an uair sin, agus do ghnidís a
gcuid coinneal féin i gcómhair na Nodlag. Chongbhuigh-
eamar na coinnle lasta os cionn na h-uaighe do bhí a
n-aice le binn an tséipéil le tabhairt soluis dúinn, agus
chuaidh mo dhearbhráthair síos in san uaigh, agus thóg sé an
chloch; agus chuireamar annsin é. Bhí séideóg mhaith


L. 54


gaoithe ann, an uair chéadna, acht níor mhúch sé na
coinnle, agus ní mheasaim gur chorruigh sí an lasair féin,
agus crothuigh sé sin go raibh lámh an Tighearna ann."



Do fágadh an file mar sin in san tsean-roilig i
gCillínin ag codladh go sáimh ameasg na ndaoine
d'aithnigh sé agus do ghrádhuigh sé. Cúig bliadhna agus
tri fichid dó, ag codladh annsin go ciúin, gan a chodladh
bheith buaidheartha, go dtáinig an seiseadh lá fichead
Lúghnasa anurraigh (19 0). Do cruinnigheadh an lá sin
sluagh mór daoine le cheile as na bailtibh thimcioll, agus
daoine do tháinig ó bhfad, agus sagart oirbhidneach na
parráiste, agus daoine mar Eadbhard Mártain ó
Chaisleán Tuloighre dá mhíle dhéag as sin, agus an
Bhaintighearna Gregori as an gCúil i bhfad do'n taoibh
shuas de'n chondaé, agus an t-Athair Consaidin agus
mórán daoine eile as Ghaillimh, agus úghdar na línte
seo mar an gcéadna. Do cruinnigheadh iad annsin,
idir ísioll agus uasal, idir sean agus óg, le onóir do
thabhairt do'n fhile marbh. Ba í an Bhaintighearna
Gregori cion-siocair an chruinnighthe. Fuair sí amach go
díreach an áit ar cuireadh é, agus annsin do thóg sí cloch
árd áluinn os cionn na h-uaighe, agus ainm an fhile i
nGaedheilg uirri i litreachaibh óir. Ba í do shaoil a
dhéanamh, agus is uirri thuit an costas, no an chuid ba
mhó dhe. Bhí urnaighthe na h-Eaglaise léighte os cómhair
an tsluaigh, agus do rinneadh óráididh i nGaedheilg ag
moladh an Reachtúire.


L. 56


Ní h-í mo bharamhail gur chruinnigh mé dánta uile
an Reachtúire ar aon chor. B'éidir nach bhfuil mórán
nos mó ná an leath aca agam, acht is cinnte mé go
bhfuil an dánta is fearr aca agam. Ní i n-aon áit
amháin do bhíodh sé, acht i gcómhnuidhe ag siubhal, agus do
rinne sé abhráin do réir mar d'éirigh ocáid. Níor mhair
go dti an lá indiu, ar bhéal na ndaoine, acht na cinn is
clúdhamhla. Is iomdha ceann rinne sé nár leathnuigheadh
ar fud na tíre ar aon chor; do cuimhneóchaidhe é in san
áit a ndearnadh, ar feadh tamaill, é, agus ann-
sin caillfidhe é. Chualaidh mé trácht ar chuid
de na h-abhránaibh do rinne sé nár fhéad mé
na bhéarsaidh fhághail ar aon chor. Tá abhráin i sgribhinn
Mhic Ui Dialaigh, an tsaoir-cloiche, nach bhfuil i
scribhinn Mhic Ui Fhloinn, tá abhráin in san scribhinn
san Acadaimh nach bhfuil ag ceachtar aca, agus mórán
aca-san, nach bhfuil innti seo, agus fuair mé abhráin ó'n
Neachtánach, ó Phroínsias O Conchubhair, ó'n Athair
Clement O Lúghnaidh, agus ó Sheóirse Mac Giolla an
Chloig nach raibh ag duine ar bith eile acht aca féin
amháin; agus chualaidh mé trácht ar mhórán eile nach
bhfuaireas. Acht adeir an sean-fhocal Gaedheilg "bíonn
blas ar bheagán" agus b'éidir go bhfuil mo sháith cruinn-
ighthe agam. Is dóigh go bhfuil h-uile abhrán clúdhamhail
agam d'á ndearnaidh sé, agus is leór sin. B'éidir gur
b'iad "Brighdín Bhéasaigh" agus "Máire Ni-h-Eidhin"
(no an Pabhsae Glégeal) an dá abhrán, is mó do chual-
aidh mé ameasg na ndaoine i gCondaé na Gaillimhe,
agus an t-abhrán ar Chill-aodáin, i gCondaé Mhuigh-
Eó. Tá na h-abhráin seo ag h-uile dhuine a bhfuil guth
aige. Tá an "Aithrighe" le fághail ins gach aon áit.


L. 58


Tá an argúinteacht leis an uisge beatha coitchionn go
leór mar an gcéadna. Is beag duine nár chualaidh
caint ar "Sheanchus (no Caismirt) na Sgeiche" agus
ar "Fhiadhach Sheághain Bhradaigh" mar an gcéadna.



Ní féidir liom abhráin an Reachtúire thabhairt do
réir na h-aimsire ar cumadh iad. Ní thig liom a rádh
cia h-iad na h-abhráin do rinne sé i dtosach, agus ní
bheith aon mhaith ann, iad do chur i n-ordughadh agus i
n-eagar do réir a mbun-ádhbhair, na dánta diadha leó
féin, na dánta grádh leó féin, agus mar sin leis an
gcuid eile aca. B'fhearr liom iad do mheasgadh tríd a
chéile do réir mar do chum seisean agus mar do fuair
mise iad, agus is é an chéad-abhrán bhéarfas mé, abhrán
bróin do rinne sé ar bhás ceóltóra, fear d'á ealadhain
féin, píobaire.



An té nach bhfuil cleachtach le filidheacht na
nGaedheal, ní fheicfidh sé agus ní thuigfidh sé binneas
agus ceól an dáin seo. Ní thuigfidh an Béarlóir ar chor
ar bith é, óir tá filidheacht na nGaedheal éagsamhail ar
fad ó fhilidheacht na Sacsanach. Budh chóir do gach uile
ghasún i nEirinn fios do bheith aige ar an dá shórt filidh-
eachta, acht faraor! ní'l; agus ní mhúinid na sgoilte
bradacha atá againn aon phioc do na daoinibh i dtaoibh a
litridheachta féin. Ar an ádhbhar sin iarraim ar an
léightheóir a thabhairt fá deara go dtuiteann brigh an
ghotha ocht n-uaire in san gcéad bhéarsa ar an litir á,
agus sgríobhaim an siolla sin mór, le na chur i n-iúl
do'n leightheóir ar mhódh so-thuigseannach. Tuiteann se
mar an gcéadna ar Á in san gceathramhadh cúigeadh
seiseadh agus seachtmhadh rann. Tuiteann brigh an gotha
ocht n-uaire ar Ú in san dara agus in san treas rann,


L. 60


agus ocht n-uaire ar É san rann deiridh. Is fíor-fhile
ealadhnach do bhí san Reachtúire.



(Seasfaidh an litir C. in sna nótaibh, le cur i gcéill
mar do bhí focail an abhráin ag an gCománach ó a bhfuair
an Neachtánach iad. G. mar do bhíodar ag Mac Ui
Fhloinn, O'L. ar do bhíodar ag an Athair Clement
Lúghnaidh, S. mar do bhíodar i scríbhinn Mhic Ui Dialaigh
(an saor cloiche), agus A. mar bhíodar san scríbhinn san
Acadaimh.)



CAOINE AR THOMÁS O DÁLAIGH.



Is é Tomás O DÁLAIGH
D'fhág FÁN agus sgap ar aois óig,
A's ó d'imir an BÁS air,
Na GRÁSA go dtugaidh Dia dhó.
Tá an tír seó ar fad CRÁIDHTE,
Ag síor-THRÁCHT air, ó d'éag ár bhfear-spóirt,
Do bhéarfadh an BÁIRE
As gach CEÁRDA le breághtha a chuid ceóil.



Tá na h-ealaidh ar na cuantaibh
Naoi n-uaire chomh dubh leis an sméar,
O d'éag an fear uainn-ne,
A raibh an suairceas ar bhárraibh a mhéar.
Budh dheise (1) a dhá shúil ghlas
Ná drúcht na maidne ar bhárr féir,
'S ó síneadh in san uaimh é
Tá'n fuacht (2) ag fághail treise ar an ngréin.


L. 62


Dá siúbhalfá na cúig cúige,
le múnadh (1), cruth, deise, agus méin,
A shamhail, mar dubhradh,
Níor shiúbhail sé riamh talamh ná féar,
Árd-righ na ndúl
A bhfuil na cúmhachta so ar fad agad féin
Ó 'sé croidhe nach raibh cúmhang,
Tabhair cúitiughadh dhó i bhflaitheas dá réir.



Budh é súd an chraobh áluinn
Ins gach ceárd dá'r chleachtadh (2) sé ariamh
Sgapadh sé a lán
A's níor chruinnigh sé taca ná maoin.
Chaithfeadh sé státa
Na nDálaigh 'na bheóir agus fíon,
'S i gcáthaoir na ngrásta
I lár Phárrthais go raibh sé 'na shuidhe.



Sgeul cráidhte ag an mBás,
An phláigh (3) ghránna nach é rinn an feall.
Nach dtug dó lá cáirde,
A Dhia láidir, ná beagáinín am'!
Tá mná óga, a's ní gan fáth é,
Críon cráidhte ó fágadh é i gcill,
A ngruag síos le fánuidh
Na strácaidh (4) a's í ag liathadh ar a gcinn.



(1) Ar croidhe, múinteacht, deise, agus c., C.
(2) Gach cearda da ndeachaidh C.


L. 64


Ní'l pósaidh (1) i n-aon gháirdín,
'S tá fáth caointe ag duille na gcrann,
A bheith tuitim le fánadh,
'S ní'l bárr glas ar bhárraibh na dtom.
O chuaidh cónra (2) clár
Ar an Dálach tá brón ar lucht grinn,
Tá smúid ar an lá geal,
'S ní shnámhann aon bhreac ar na toinn.



Orpheus 's a chláirseach
A d'árdaigh (3) gach duine d'á threóir
A's an gleacaidhe do bhí (ag) fairdeal (4)
Ar Argus gur ghoid sé ló.
Apollo mar léightear
Ó 'sé thug an t-oideachas dóibh
A gcur ar fad le n-a chéile,
'S bfhearr an Dálach ná'n méad súd lucht
ceóil.



Dá mbeidhinn-se mo chléireach
Is úmhall éasgaidh do bhéarfainn ar pheann,
Go sgríobhfainn-se sgéal beag,
'Na bhéarsaibh i lár lic' os a cheann,
A ghníomh 's a dheagh-thréithre
Na céadtha ní chuirfeadh a gcionn (?),
A's dubhairt Reachtúire an méad sin
'R éis (5) an Dálach, mar thaithnigh sé liom (6)



(1) pabhsaé, C. Deir an Cománach gur b'é seo an chéad bhéarsa.
(2) Cónra = cómhra.
(3) "A d'árduigh" = do árdaigh. Dubhairt an Cománach mar seo é:
"Sí an fliút a's an chláirseach a tharraingeas," agus c.
(4) An gaduidhe bhí ag airdiul (!), C.
(5) "Léis," S., recté "an Dálaigh."
(6) Ní'l an bhéarsa so ag an gCománach, acht tá bhéarsa eile aige.


L. 66


Do bhí an Dálach so do chaoin an Reachtúire 'na
dhuine-uasal. D'innis Mac Ui Fhinn, as Oránmór, dham,
go mbíodh capall maith diallaide faoi i gcómhnuidhe, agus
nach seinneadh sé ceól do na daoinibh coitchionna ar chor
ar bith, acht amháin do na daoinibh uaisle, ó bhí sé féin
uasal. Chuir beirt phíobaire i nGaillimh dúbhshlán faoi,
aon uair amháin, ag iarraidh cia aca is fearr dhéanfad
píobaireacht, agus rinneadar breitheamh de'n Reachtúire,
óir bhí cluas mhaith aige, bíodh nach raibh sé acht 'na
dhroch-fheidhileadóir. Thug an Reachtúire an bhuaidh
do'n Dálach.



Ag so abhrán do rinne sé ag moladh an Bhúrcaigh
do bhí 'na chómhnuidhe i mBéal-áth-na-h-aibhne an uair sin.
Is áit bheag, tri mhíle do'n taoibh thoir de Chreachmhaol,
í. Tá sean-mhuileann loisgthe ann, a raibh muinntir
h-Eidhin 'na muilleóiribh ann, agus sin é an fáth adeir
sé go bhfuil "cómhgar muilinn agus átha ann." Tá an
muileann i nGort Innse Guaire ag fear aca anois. Is
in san áit chéadna do mhair M'riartach O h-Eidhin a
ndearnaidh an Súiliobhánach an t-abhrán clúdhamhail air.
Chidhfidh an léightheóir go dtuiteann brigh an ghotha go
riaghalta dá uair dhéag in san gcéad bhéarsa ar fhuaim
na litre "í":-


L. 68


BÉAL-ÁTHA-NA-hAIBHNE.



Tá árus in san tír seo bheir cabhair do (na) daoinibh
'S níor bhfada liom choidhche beith trácht air,
Sháruigh sé an ríoghacht le féile 's le daonnacht
'S dá bhféadfainn sgríobh síos air, bhéinn sásta.
An té ghluaisfeadh 'gcois ísioll (1) ar uair an mheadhon-
oidhche
Chloisfeadh sé lucht siamsa agus dánta,
Sgapadh ar fhíon agus coirn d'á líonadh
'S ní iarrfadh fear síneadh siar ráithe ann.



Ní'l Búrcach in san gcúige seó, Blácach ná Brúnach (2)
Frionnsach ná sinsear síl nDálach
Loingseach ná Núinnsionn ná aon oidhre dúithche
Nár mhian leó glaodhach go teach Phádraig (3)
(Tá) faoisidin 's loghadh (ann), bíonn freasdal a's
cabhair ann,
(Bíonn) cómhgar muilinn agus átha,
'S dá bhfághainn-se mo roghann ar áitibh an domhain
Is i mBaile-na-hamhan do b'fhearr liom.



(1) "Co síosal," MS., "os ísioll" an focal ceart, agus is
cosmhúil go n-abarthar "ag os ísioll" mar "'gois isioll."
(2) Ní'l an bhéarsa so acht i n-A. amháin.
(3) "Go teach Pádraig de Búrca" san MS.


L. 70


Tá éisg in san abhain ann agus tortha ar chrann ann (1)
Duille breágh glas agus sméartha,
Seilínidh a's áirnidhe, úbhla 's baláistidh (2)
Agus meas ag fás ar bhárr geug ann.
Bíonn an chuach ann ag labhairt ó Shamhain go dti
Nodlaig,
Bíonn smólach ann, creabhair, agus céirseach,
An eilit i dteannta ag na gadhraibh sna gleanntaibh
'S an sionnach i sáinn (3) ag na Bléasair(s).



Tá coillte breágh réidh ann, agus báinte dá réir sin (4)
Tá gealach ann, grian agus reultain,
Seagal agus ráib, agus cruithneacht ag fás ann,
Atá geamhar agus coirce thóg déis ann (5),
An tseisreach 'san earrach 's na síolta dá gcrathadh
'S na bánta d'á sgoilteadh ó chéile,
Soithighe d'á dtolladh, bíonn coic ionnta 's eochair,
Agus soiléir d'á bhfosgailt 's d'á réighteach.



Boird ann dá leagan agus cócairidh ag freastal
Miasa ann 's gréithre dá (6) dhaoirse,
Decanter go bárr (7) (lán-)líonta ar an gclár
Le h-uisge le fíon a's le negus (8).
Na tancaird (9) ann fastaighte s na gloinidh na n-aice,
'S daoine uaisle ag ól sláinte a chéile,
Táiplís d'á mbreacadh, agus dísle d'á gcrathadh,
Agus ceólta dá seinm ar théadaibh.



(1) Aliter, tá éisg in san linn, a's gall-chnóa ar chroinn.
(2) Bláistidhe, G. (3) Redhnard i dteannta, G.
(4) "A's soillse gan éclips," A.
(5) "Thre déis," A."'S togha déis," G.
(6) Aliter, "miasa an delph agus china." "Greighidh," S.;
"gréithe," G. Mise a léigheas "gréithre." (7) Aliter, "a's jars."


L. 72


Dinéar dá réir sin d'á ullmhughadh 's d'á réighteach
Bíonn turcai ann, puiléid a's géadha
An luaghán 's an lacha agus caoir-fheóil 'na h-aice,
Agus mairt-fheóil ar thosach (1) na méise.
An portán 's an gliomach an cnúdán (2) 's an ronnach
An bradán 's an turabord gleusta,
An liús as an meagach (3), an troisg as an ballach,
'gus an tartais ní theastuigh(eann) ó'n bhféasta.



Mná maithe an domhain le féile agus feabhas,
Annsúd atá'n bhean aca is féile,
Dá dtosóchá (4) ag Corcaigh gan cómhnuidhe gan stopadh
'S dá siúbhalfá thart timchioll na h-Eireann.
Is í nach mbeith tuirseach ó Lúghnas go Nodlaig
'N a seasamh 's í ag riar ar lucht déirce.
O chuaidh mé d'á moladh cloisfidh an poball
Gur fada bhéidheas teastas a tréithre.



Bíonn searrach ag láir ann, a's banbh ag cráin ann,
'S loilightheach ar maidin ag géimnigh,
Asail as múilidh i bhfásach go súilibh,
Uain agus caoirigh ag méidhligh.
I gcúntas mar sgríobh na h-úghdair air síos,
Ar ndóigh ní dhéanfaidh mé bréag air,
I gcearda ná i gcúige le méin agus le múnadh
Thug Béal-áth'-na-haibhne an chraébh leis.



(1) "Teiseac," S., mar labhairthear go minic i gConnachtaibh é.
(3) "Ionga agus maogach," S.; "meangach" an
focal ceart, saoilim.


L. 74


Do bhí mo Reachtúire an mheisneamhail, árd-aigean-
tach, agus, mar deir na Muimhnigh, neamh-spleadhach. Chomh
bocht agus bhí sé níor chrom sé a cheann riamh roimh duine
ar bith, mór ná beag, agus níor mhol sé acht an duine do
bhí ion-mholta. Do shaoil an mhuinntir Ghallda an uair
sin, mar shaoileadar i n-aimsir Isibéil trí chéad bliadh-
an roimhe sin, nach raibh aon dream ar an oileán níos
baoghalaighe ná píobairidhe ar seachrán, bheidhileadóiridhe,
agus lucht-siubhail, óir bhíodar so uile go léir ar thaoibh
na ndaoine, agus bhí sé ar a gcumas sgéalta do
thabhairt leó ó áit go h-áit ar fud na tíre; agus nuair
bhuaileadh an dlighe Ghallda a chrúca in a leithéid de
dhuine bocht, b'olc dó é. Deir siad gur chaith an Reach-
túire tri míosa i bpríosún i nGallimh mar gheall ar
abhrán do rinne sé i n-aghaidh na h-Eaglaise Gallda (1)
agus ní'l mé 'rádh nach fíor é, óir tá fhios agam go raibh
Ciarruidheach bocht ann, i n-aimsir an dhroch-shaoghail, do
cuireadh i bpríosún ar feadh tri mi ar son abhráin do
ghabhail ar shráid Thráighlighe, agus is cinnte nach spór-
áilfidhe an Reachtúire. Do tugadh é, lá eile, i láthair
Iúistís an tSíothcháin i mBail-áth-an-righ agus chuadar
d'á cheistniughadh. Ní fhreagóradh an Reachtúire acht i
nGaedheilg. Is dóigh gur thuig sé Béarla, acht ní mheas-
aim gur labhair sé é. Cuireadh fios ar mhínightheóir, óir
ní raibh aon Ghaedheilg ag an Iúistís mór so. Budh é an


L. 76


chéad cheist chuireadar air, "Cá bhfuil tú do chómhnuidhe?"
Tá dá chéill leis an bhfocal so - Cá chómhnuigheann tú,
agus cá mbíonn tú ag leigean do sgith? Níor fhéad rud
ar bith sgannradh do chur ar an Reachtúire agus
d'fhreagair sé an chúirt le rann:-



I n-Oránmór atáim 'mo chómhnuidhe
i nGaillimh atá mo theach
I dTuaim…



Tá an dá líne seo chomh gársamhail nach bhféadaim a gcur
i gcló. Do mínigheadh an rann mi-náireach so, focal ar
fhocal, do'n iúistís leis an bhfear eile, acht do ghlaodh
amach an Reachtúire nach raibh siad mínighthe i gceart
aige. Dubhairt an fear eile go raibh; do thug an Reach-
túire a mhionna nach raibh. Is annsin d'éirigh an clampar
agus an árgúint idir an dá fhear. Do bhris a chuid
foighde ar an iúistís fá dheireadh, agus thiomáin sé an
bheirt aca amach.



Níor sgannruigheadh le rud ar bith é. Bhí sé de
mheisneach aige beagán magaidh do dhéanamh anois agus
arís, fá shagart féin. Bhí fear i gCrostachán i n-aice
le Bail-loch-ri'ach agus do goideadh, aon oidhche amháin,
dá chéad crann gabáiste uaidh. Do labhair an sagart
ó'n altóir ar an obair ghránna sin, ag rádh go mbudh
mhór an sgannail é. Nuair bhí sé ag labhairt thug sé fá
deara an Reachtúire do bheith in san gcruinniughadh, agus
dubhairt sé: "Céar'd deir tusa, a Raifteri, leis an
bhfear do ghoid an ghabáiste?"


L. 78


Shaoil an Reachtúire gur chuir an sagart an iomar-
cuidh suime i rud beag de'n tsórt, agus ghlaodh sé
amach:-



A Athair, adeirim-se
An té d'ith dá chéad crann gabáiste
Go mbudh mhór é a ch'ráiste!
Dá mbeith siad bruithte as feóil
Go riarfadh sé an paráiste!
Ó's tusa, a Athair, do chaith
Chomh fada i gColáiste,
Ar léigh tú riamh
An oiread sin ar ghabáiste?



Bhí sé dul tuilleadh do chur leis sin, acht do bhac an
sagart é.



Bhí sagart eile, lá, ag múnadh dhó páiste do bhais-
teadh, óir do bhí tighthte sgapthta ar fud na tíre sin a
bhfad ó shagart ar bith, agus bhí an ceart ag daoinibh
spesialta leinbh do bhaisteadh dá mbeith eagla báis orra.
Do chuir an sagart sean-hata caithtte ar láimh an Reach-
túire, amhail agus da mbudh páiste do bhí ann, agus do
mhúin sé dhó na focail do bhí aige le rádh. Acht is é
adubhairt an Reachtúire:-



Baistim tú a leinbh, gan tóin, gan ceann
Gan uisge, gan salann, gan bradn de'n leann,
Tri tonna baiste do buaileadh ar do cheann,
Reithe bhí i d'athair, agus caora in do mháthair,
Agus do leitheid-se le baisteadh ní tháinig riamh in mo
láthair.


L. 80


Ag sin mar chualaidh mé an rann ó phíobaire i gCondaé
na Gaillimhe, acht is iomdha cur-síos atá air. Ag so
ceann eile:-



Baistim thú, a leinbh, ó thóin go ceann
gan ola, gan sagart, gan fuisge, gan leann,
D'athair 's do mháthair ní féidir liom fhághail
Acht 's tú an ola a d'fhás ar an gcaora bháin,
Agus maidir le fiadhnuise ní'l gnotha aca ann



Ag so cur-síos eile air:-



Baistim thú, a leinbh, gan arán, gan biadh,
I n-onóir do'n tsagart 's le grádh do Dhia,
'Sé an t-ainm do bheirim ort "Sean-cháibín liath!"



Ag so anois mar do mhol an Reachtúire sagart maith.



Chualaidh mé gur de mhuinntir Dhubhshláinge do bhí an
sagart so. Is dóigh ó'n abhrán go raibh sé 'na shagart i
gCillcornáin, anaice le Oránmór, i ngar do'n áit in
ar cuireadh an Reachtúire féin, 'na dhiaigh sin (1):-



(1) Do bhí sé 'na shagart paráiste ag Droichead-a-chláirín. Tugadh
"paráiste Chillcornáin" ar Droichead-a-chláirín an uair sin. Bhí teach


L. 81


an tsagairt an uair sin ag an gCloch-Árd, acht do athruigheadh go
Droichead-a-chláirín é tar éis sin.



AN T-ATHAIR UILLIAM.



Saoghal fad ag an leómhan do sgapfadh an t-ór,
'S ní leanann sé acht nós a dhaoine,
Beagán d'á short do gheobhfa in san deóise,
Tá a theastas in san Róimh thall sgríobhtha.
Do thógfadh a ghlór ó n-a bpeacadh na slóighte
'S tá (a) imtheacht go mór le Maoise,
'S gur geall é os ár gcómhair i gCill-cornáin Dia
Dómhnaigh
Le h-aingiol faoi chlóca Chríosta.



Súd é an fíreun, glan-chruithneacht na nGaédheal,
'S crann-seasta na cléire an ndóigh,
A shamhail i léighean ní gheobhfá in do réim
Dá siúbhalfá go léir Críoch Fódhla.
'Sé teagasg a bhéil, 'na sheasamh 'na léine
Do ghlanfadh go réidh an bóthar,
'S nach aoibhinn do'n tréad atá faoi na sgéith
Má chreideann siad Reult an Eóluis.


L. 84


Sé an t-Athair 'Liam an teachtaire fial,
Do mhúinfeadh dhóibh ciall agus cómhairle,
'S go sgapfadh sé an saoghal chomh fairsing's chomh fial
Mar lasanns an ghrian in san bhfóghmhar.
Níor orduigh na naoimh acht ceart agus dlighe
'S gan taisge ná maoin do chómhaireamh (1),
A bhfacaidh sibh ariamh agus bíodh sé 'n bhur ndiaigh (2)
Ní bhéidh ar an Sliabh pighin rómhaibh dé.



A phobail go léir, creididh mo sgéal
Mar is aige atá an beul is caoine
Ná ceileabhar (3) na n-éan 's ná ceólta na dteud
Dá seinm faoi aédheir na hoidhche.
Is é leagfadh an séala nach dteilgfeadh 's nach
dtréigfeadh,
Agus glanfaidhear lá an tSléibhe a chaoirigh,
I bhflaitheas Mhic Dé go raibh sé 's a threud,
Measg abstal as naomh dá gcaomhain.



(1) a chómhaire, S. (2) Agus beídeach se dhaigh, S.
(3) Ceiliúr, S, is mar sin labhairthear é.


L. 86


Tá na cathuigthe ró mhór i ndiaigh imirt a's óil,
Is dona 'n rud bród no díomus,
Ag mealladh ban óg, 's dá dtarraingt d'á dtreóir,
Damnuigheann sé mórán mílte.
An dream a bhéidheas tabhartha (1) do dhrúis a's do
phóit,
Béidh siad go fóil d'á chaoineadh,
Ar thaoibh Chnuic na nDeór béidh aca "ochón,"
'S Mac Mhuire d'á fhóirighint díobhtha (= dóibh).



Feuchagaidh uaibh (2) sul thiucfas an uair,
A mbéidh an gad cruaidh ar ceudtaibh,
I gcómhra caol cúmhmhang, gan tharrainn ná fúinn
Acht iomad daol (3) agus péiste.
Béidh bhur lasadh 's bhur ngruadh (4) chomh dubh leis an
ngual,
Agus sibh-se gan meabhar gan éisteacht
Béidh bhur gcorp in san uaimh a's bhur leaca chomh fuar
leis an sneachta ar chúl na gréine.



Sé deireadh mo sgéil, agus creidigidh é,
Go mealltar ró dhéan (5) an saoghal-so,
'S gur duine gan chéill ghnidheas saidhbhreas dó féin,
'S nach leanann a leus go díreach.
Maoin agus stór, airgead a's ór,
Ní'l ionnta acht ceó ameasg daoine,
S gur file gan treóir (6) nár chruinnigh pighin fós
Do thug daoibh-se an chómhairle chríona.


L. 88


Nuair bhí an Reachtúire óg do bhíodh sé go minic i
dtigh mhór Chill-aodáin agus bhí meas ag máthair
Fhrainc Taafe air, óir thuig sí nach buachaill coitchionn
do bhí ann. Acht ní mar sin do Bhríghid an cócaire do
bhí in san tigh mór. Do mhaoidh sí air, gach greim agus
gach blogam (bolgam) do b'éigin dí thabhairt dó. Níor
mhian léi, ná leis na searbhfóghantaibh eile, go mbeith an
tsean-mháighistreas chomh fádhbharach sin do fhear-seachráin
mar an Reachtúire. Thárla go bhfuair Brighid, an
cócaire, bás, nuair bhí an Reachtúire ó bhaile, agus nuair
tháinig sé arís go Cill-aodáin chualaidh sé sin. "Cá'uil
sí curtha?" ar sé leis an máighistreas nuair bhíodar ag
teacht amach as an séipéal le chéile. Rug an tsean
bhean-uasal é go dti an uaigh. Chuaidh an Reachtúire
ar a dhá ghlúin, bhain sé a hata dhé, agus labhair sé an
rann so:-



Maoidhim thú a leac
Gan Bhrighid do leigean amach (1)
Ghiorraigh sí ár ndeoch
Agus náirigh sí ár dteach
Agus anois a Bhríghid ó thárla tusa i bhfeart
T'riomach síorruidhe ort, agus tart!



Do bhíodh a bharamhail chinnte féin ag an Reachtúire
i gcómhnuidhe, agus níor bhfear é do leanfadh baramhla
daoine eile gan iad do mheadhachain. D'innis Pádraig
O h-Aoidh, i gClár Chloinne Mhuiris, dam, sgéal beag
óir labhairthear "uait" mar an Béarla wet go minic i gConnachtaibh;


L. 89


acht is boinnion leac, - leac, leice, leic.


L. 90


d'á thaoibh, agus é 'na ghasún, a chrothuigheas chomh dána
agus bhí sé. Bhí fear ann dar bh'ainm Conchúbhair O Lia-
dáin, i ngar do Chill-aodáin, agus bhí tri bainbh aige le
díol. Thiomáin sé asteach go Coilltemach iad, agus
cheannuigh fear éigin ceann aca ar ocht sgillinibh agus
gheall sé go dtiúbhradh sé na h-ocht sgilline do Chonchu-
bhair i gcionn cúpla lá. D'imthigh mí thart, agus ní bhfuair
Conchubhair an t-airgiod. Dubhairt sé annsin, le n-a mhac,
sugán do tabhairt leis, agus dul go teach an dhuine seo
a raibh an banbh aige, Dia Dómhnaigh, nuair bheith sé ag
Aifrionn, agus an banbh do thabhairt abhaile leis. Rinne
an mac amhlaidh, agus ar bhfilleadh dhó, casadh dream ga-
sún dó ar an mbóthar, agus iad ag caitheamh cnaipidhe. Bhí
an Reachtúire óg 'na measg. Leig na buachaillidhe eile
do'n ghasún an banbh do thiomáint leis, acht ní mar sin
do'n Reachtúire. Ghlaodh seisean amach nár cheart agus
nár chóir an banbh do leigean abhaile leis, mar nár bh'é
an banbh céadna do bhí ann anois, acht banbh níos fearr
agus níos ramhra do fuair biadh agus beathughadh míosa,
ar chostas an dhuine eile. Shaoil sé breith ar an sugán,
acht rith an Liadánach óg uaidh. Lean an Reachtúire é,
agus bhí sé teacht suas leis, óir má bhí sé 'na dhall féin,
bhí sé an ghasta. Nuair chonnairc an buachaill eile sin
do sheas sé go ciúin gan corughadh cois taoibhe an bhóthair,
agus leig sé do'n Reachtúire rith a bhfad thairis. Do
sheas an Reachtúire agus chuir sé cluas air, agus nuair
nár chualaidh sé dadaidh, ghlaodh sé amach "hurrais!
hurrais!" D'fhreagair an mhuc é. Chualaidh sé sin,
rith sé chuici, rug sé ar an rópa, agus níor sheas gur
chuir sé an banbh ar ais arís in san gcró as a dtáinig
sé.


L. 92


Fa dheireadh do tharraing an Reachtúire fearg Fhrainc
Taafe air féin. Do bhí fleidh agus féasta ag an tigh
mór, agus bhí an t-ól ag éirighe gann, agus cuireadh
searbhfóghanta ag marcuigheacht le dul go dti an baile
mór le tuilleadh do thabhairt amach. D'iarr an searbh-
fóghanta ar an Reachtúire teacht leis. Léimeadar ar dhá
chapall agus amach leó. Togha capall do bhíodh ag Franc
Taafe, agus bhíodh meas mór aige orra. Shaoil an
searbhfóghanta dá mbeith an Reachtúire dall, féin, nach
raibh baoghal air, mar rachadh an dhá chapall le chéile,
agus bheith sé féin anaice leis, agus maidir leis an
Reachtúire ní sgannróchadh rud ar bith é. D'imthigheadar
mar sin ar chois-an-áirde tríd an oidhche, acht ar chuma
éigin do sgaradar ó chéile. Tháinig capall an Reach-
túire go casadh obann in san mbóthar, agus é ar a lán-
luathas. Níor fhéad sé tionntódh i n-am, agus chuaidh sé
de léim i bpoll-móna agus báitheadh é. Ar éigin tháinig
an Reachtúire saor, acht níor chualaidh mé gur gortuigh-
eadh, féin, é. Deir Pádraig O h-Aoidh liom gur bh'é seo
an t-ádhbhar fá'r fhág sé Cill-aodáin, óir bhí fearg áidh-
bhéal ar Fhranc Taafe nuair chualaidh sé gur báitheadh
a chapall breágh, agus ruaig sé an file bocht ar fad as
Chill-aodáin.



Deir cuid gur chum sé abhrán Chill-aodáin tar éis
sin, chum síothcháin do dhéanamh le Franc Taafe, agus
nach dtáinig sé féin chuige leis, acht gur mhúin sé é d'fhear
bocht do bhíodh ag gabhail na tíre agus ag ceannach
ceirteach, le n-a rádh do mhuinntir an tighe mhóir. Acht
deir daoine eile go ndearnaidh sé geall le file éigin
eile as Ghaillimh (chualaidh mé an t-ainm acht ní chuimh-
nighim air) go molfadh sé a chondaé féin níos fearr ná


L. 94


mholfadh an fear eile Condaé na Gaillimhe, agus gur
fhágadar an breitheamhnas fá Fhranc Taafe. Budh é
an Reachtúire do labhair a abhrán ar dtús, acht nuair
bhí sé ráidhte aige do ghlaodh an fear eile, agus fearg
air: "Mo chuid tubaiste leat, a Raifteri, níor fhág tú
rud ar bith do Chondae na Gaillimhe," agus níor thug sé
a dhán féin uaidh chor ar bith. Deir siad mar an gcéadna
go raibh Franc Taafe an mhi-shásta nuair nach dtáinig a
ainm féin asteach níos luaithe in san abhrán, acht gur
congbhuigheadh ar gcúl é go dti an líne dheireannach,
agus nach dtug an Reachtúire esquire air, acht go dtug
sé Franc Taafe air, ar an nós Gaedhealach. Bhí inntinn
na Sacsanach ar siubhal an uair sin féin i gCondaé
Mhuigh-Eó, agus do shanntuigh Franc rud éigin do
b'oireamhnaighe d'á onóir, dar leis féin, na sean-fhoirme
cneasta cóire na nGaedheal. Deir cuid gur thug sé an
geall do'n fhear as Chondaé na Gaillimhe. Deir cuid
eile gur dhubhairt sé leis an Reachtúire, "do bhéarfainn
deich bpúnta dhuit, a Raifteri, acht go dtug tú m'ainm
asteach chomh ciotach sin."



Tá clú mór ar an abhrán so i gCondaé Mhuigh-Eó.
Do cuireadh sórt Béarla air le duine éigin, agus, mo
leun! is fá dhroch-chulaidh Bhéarla do bhí sé ag an aois
óig, acht is i nGaedheilg atá sé ag na sean daoinibh,
agus is i nGaedheilg, le congnamh Dé, bhéidheas sé ag


L. 96


h-uile dhuine feasta, mar is ceart agus mar is cóir.
Chualaidh mé d'á rádh go ndeachaidh cailín, as Chill-
aodáin, go dti an t-Oileán Úr, tamall gearr ó shoin, go
Sicago, agus go mbudh é an chéad rud do chualaidh sí in
san gcáthair sin, fear óg, do bhí i "dtram-car," ag
gabhail abhráin Chill-aodáin dó féin go binn agus go
h-árd! Ag so anois an t-abhrán féin:-



CILL-AODAIN,



no



CONDAÉ MHUIGH-EÓ.



Anois, teacht an earraigh, béidh an lá dul 'un síneadh (1)
A's tar éis na Féil-Bríghde árdóchad mo sheól (2),
Ó chuir mé in mo cheann é, ní stopfaidh mé choidhche
Go seasfaidh mé shíos i lár Chondaé Mhuigh-Eó.
I gClár-cloinne-Mhuiris bhéidheas mé an chéad oidhche,
'S i mBalla taobh shíos de, thosóchas mé ag ól,
Go Coillte-mach rachad, go ndéanfad cuairt míosa ann,
I bhfogus dá mhíle go Béal-an-áth-mhóir (3).



(3) "Baile an
tighe mhóir" dubhairt Tadhg O Coinnleáin agus budh chóir fios bheith
aige-sean, acht is Béal an ath mhóir atá ag h-uile dhuine eile.


L. 98


Fágaim le h-udhachta go n-éirigheann mo chroidhe-se
Mar éirigheanns an ghaoth, no mar sgapas an ceó
Nuair smuaínighim ar Chearra a's ar Ghaillin (1) taobh
shíos de
Ar sgeathach a' mhíle (2) no ar phláinéad Mhuigh-Eó.
Cill-aodáin an baile a bhfásann gach nidh ann,
Tá sméara 's súbh-chraobh ann a's meas ar gach sórt,
'S dá mbéinn-se mo sheasamh i gceart-lár mo dhaoine
D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn arís óg.



Bíonn cruithneacht a's coirce, fás eórna 'gus lín ann,
Seagal i gcraobh ann, 'rán plúir, agus feóil,
Lucht déanta poitín gan license d'á dhíol ann,
Mór-uaisle na tíre ann ag imirt 's ag ól.
Tá cur agus treabhadh ann, a's leasughadh gan aoileach,
Is iomdha sin nidh ann nár labhair mé go fóil (3)
Athanna (4) 's muillte ag obair gan sgith ann
Dheamhan caint ar pighin cíosa ann ná dadaidh d'á shórt.



(3) Deirthear "go fóil" i n-áit "fós" san tír timchioll Cill-
aodáin. Nuair bhí an Reachtúire i gcondae na Gaillimhe deireadh sé
"fós."


L. 100


Tá gach uile shórt ádhmaid dá'r chóir do chur síos ann,
Bíonn sicamór 's beech ann, coll, giúbhais, a's
fuinnseóg,
Box agus cuileann, iúbhar, beith, agus caorthan
'S an ghlas-dair d'á ndéantar bád long a's crann
seóil.
An logwood, mahogani, 's gach ádhmad d'á daoirse,
'S an fíor-mhaide (1) dhéanfadh gach uile ghleus ceóil
Oltóir (?) 's sgeach gheal ann d'á gearradh 's d'á
snoíghmeadh
'S an tslat ann do dhéanfadh cis cléibh agus lóid.



Tá an chuach 's an smólach ag freagairt a chéile ann,
Tá an londubh 's an céirseach ar gur, os a gcómhair,
An gúld-finse, 'n creabhar, 's an linnet (2) i gcage ann
An naosgach ag léimnigh, a's an eala ó'n Róimh.
An t-iorlach (3) as Acaill 's an fiach dubh ó'n gCéis ann,
An seabhac as Loch Éirne 's an fhuiseóg ó'n mhóin.
'S dá mbeitheá ann ar maidin roimh éirighe na gréine,
Go gcloisfeá gach éan aca ag seinm san "ngróbh."



(?) do chualaidh mise nuair bhí mé óg:



(2) "lionóid," G. (3) Dubhairt sé sin i n-áit "iolar" mar is
gnáthach i gcondaé Mhuigh-Eó.


L. 102


Tá an láir ann 's an searrach a bhfochair a chéile,
An tseisreach (1) 's an ceuchta, an treabhach's an síol,
Na huain ann ar maidin go fairsing ag méidhligh,
Bíonn caoirigh a's tréada a's leanbh ag an mnaoi (2).
Ní'l tinneas, ní'l aicíd, ní'l galar, ní'l éag ann,
Acht sagart a's cléirigh ag guidhe na naomh,
Tá mionáin ag gabhar a's bainbh ag an gcéis ann,
'S an loiligheach ag géimnigh ag triall ar an mnaoi.



Tá an t-uisge san loch, agus abhnacha líonta,
Na coracha déanta, 's na líonta i gcóir (3)
Tá an liús (4) a's an bhreac a's an eascon 'na luidhe ann,
An purtán, an faochan, an runach, 's an rón.
Tá an bradán 's an ballach na gcómhnuidhe san oidhche ann,
'S an liubhán ag triall ann ó'n bhfairrge mhóir,
An tártois 's an an gliomach 's an turabot riabhach,
Cnúdáin a's iasg ann chomh fairsing le móin.



Tá an eilit 's an fiadh 's gach uile shórt "gaém" ann,
An madadh-ruadh 'léimnigh, an broc 's an míol buidhe,
Ceólta na ngadhar 's na h-adharca d'á séideadh
'S le h-éirighe na gréine do thógfá do chroidhe.
Tá daoine uaisle ar eachraibh agus marcaigh dá
bhféachaint
Ag fiadhach tre na chéile (5) go dtigidh an oidhch'
Soiléar go maidin arís dá réabadh
Ól ag na céadthaibh a's leabaidh le luidhe.



(1) "An tseistreach," dubhairt seisean.
(2) tá an líne seo le fághail i n-abhránaibh eile, mar atá san
"gCnoicín Fraoich" agus i "nDoire Ui Bhriain."
(3) Ag gól (i.e. ag gabhail) dubhairt seisean, acht "i gcóir" ag G.


L. 103


(4) Ní thuigeann siad an focal so i Condaé Roscomáin, tugann
siad "giosóg" air, ainm fíor-Ghaedhealach. Ní'l an bhéarsa so ag A.
(5) Sic: G., acht dubhairt an Connlánach "tre plantations."


L. 104


Fághann díleachta 's baintreabhach cabhair a's réidhteach
Slighe bidh, a's éadaigh, a's talamh gan cíos,
Sgoláiridhe bochta sgríobh, sgoil, agus léigheann ann,
Lucht iarrata (1) na déirce ann, ag tarraing 's ag
triall.
Sháruigh sé an domhan in a h-uile (2) dheagh-thréithribh
Thug Raifteri an chraebh dó ar a bhfacaidh sé riamh,
Sé deireadh na cainte: saoghal fad ag Franc Taafe
ann
Sliocht Loinnsigh (3) na féile nár choigil an fiadhach.



Ag so abhrán do rinne an Reachtúire ag moladh
cailín, Nansaidh Breathnach éigin. Shaoil mise gur
cailín as Chondaé Mhuigh-Eó í, do chómhmhnaigh i n-aice le
Coilltemach óir deir sé féin go dtug sé a ghrádh dhi go
hóg, agus tugann sé ainm na Leasa Móire (cnocáinín
atá ar chúl Tighe Mhóir Chillaodáin) agus Coilltemach
asteach san abhrán, acht deir Mac Ui Fhinn liom go raibh
sí 'na searbhfóghanta ag Geata-mór i ngar do Bhaile-
loch-riabhach, agus gur thaisbeán sí cineáltas mór do'n
Reachtúire ag nighe a chuid éadaigh, agus c. Ní chongbhuigheann
an Reachtúire an guth céadna ar fud gach bhéarsa ó thús
go deireadh. Ní thuiteann brigh an ghlóir ar an litir ó
acht in san gcéad leath-rann. Is dóigh gur abhrán d'á
abhránaibh tosaigh é seo:-



(1) Sic: an Conlánach, acht "lucht iarraidh" ag h-uile chóip eile.
(2) "Ann gach uile deagh-thréithibh," an Conlánach. "Le gach uile
deagh-threurtha," G. Mise d'athruigh an focal mar tá.
(3) Sic: an Conlánach."Sliocht shinsir Ghaodhail glais nár choingill
an fial," G. "Sliocht sinnsir na féile," A. ; agus is mar súd do
chualaidh mise é ó bhéal daoine eile, acht chualaidh mise i gcómhnuidhe
'nár coigill an fiadhach," agus is dóigh gur ceart sin. Ní léir dam
cad é "nár coigil an fial." Labhairthear "Taafe" mar "Taéf" i
mBéarla, mar "Tá" i nGaedheilg.


L. 106


NANSAIDH BREATHNACH.



Cómhnuidheann cailín óg taobh shíos de'n gheata mhór
A dtug mé go mór (1) mo ghrádh dhí,
Tá a gruadh ar dhath na rós (2) do dhéanfadh marbh beó,
A's go mbfearr liom léi gabhail (3) ná i bPárrthas.
Tá a cúilfhionn fáinneach fionn 's a malaidh caol dheas
donn
'S a dá shúil ghlas chomh cruinn le áirne
Thréigfinn bean a's clann, a stóir, ná ngluaisfeá liom
Go hIorrus (4) no go h-Úmhall Ui Mháille.



Labhair sí liom go tláith, 'sé dubhairt sí, "a mhíle grádh
Bíodh foighid agad go dtagaidh an oidhche,
'S eulóchad leat gan spás go h-íochtar Chontaé Chláir
A's ní fhillfidh mé ar mó mháthair choidhche,
Dá mbéinn-se ar Shliabh Cairn no ar mhullach an Leasa
áird (5),
An áit ar chaith mé céad lá sínte
Is cinnte a chúilfhionn bháin go n-ólfadh muid ár sáith
I gCoilltemach gach aon lá aonaigh."



(1) "Go h-óg," C. (2) "Folt ar dhath an óir," C.



(3) "Bheith ag ól léi," C.



(5) Recte "na leasa áirde," ag Cill-aodáin, 'n áit a rugadh é.


L. 108


Is cinnte a rúin-chroidhe dá bhféadfainn-se sgríobh síos
Go meallfainn mo mhian gan amhras,
'S go leanfainn thú tre sliabh gan deoch ná greim de'n
bhiadh
Dá mbeidh' fhios agam go mbeitheá (12) i ndán dam.
Acht míle glóir do Dhia, níor chaill mé leat mo chiall,
Cidh gur maith a chuaidh mé as, a chúilín fáinneach,
'S nár rugadh aon fhear riamh do chuirfeadh a lámh amar
Thar Nansaigh Walsh nach dtiúbhradh grádh dhí.



Lide (13) de mo stór dá bhfeicfeá teacht san ród,
Budh h-í réalt í in san gceó lá geimhridh,
Tá a folt ar dhath an óir ag teacht go béal a bróg,
Go troillseach, soillseach, fáinnneach, fillte (14).
Tá a brollach corrach (?), lán, ar dhath an tsiúcra bháin,
No mar bheidh' dísle cnámh ar chlár ag rinnce,
'S an gile i mbrághaid mo ghrádh mar chúbhar tuile ar
tráigh,
No an eala teacht ó'n snámh, dar liom-sa.



(1) "An tu bhí, ndán dam," C.
(3) 'Na dlaoidhthibh, soillseach, freilseach, fainneach, fillteach; C.


L. 110


Bhénus, t'réis gach nidh sgriobh Homer ar a gnaoi,
Agus Io, an bhean le'r dalladh Árgus,
Casandra do thabhairt na ndiaigh, a dubhairt an sgéal
do b'fhíor,
"Go sgriosfaidhe a raibh 'san Traoi le Páris,"
Iúno, céile an righ, 's Minerbha, nuair do bhí,
'S an dias ar aon oidhche thabhairt i láthair,
Ní thiucfadh a (g)cáilleacht síos le Nansaidh Walsh mo
mhian,
I ndeise, i ngile, i sgéimh, ná i mbreághacht. (1).



Dhá mbudh liom-sa an Fhrainc 's an Spáin, 's ó'n
tSionnain nuas go Bóinn (2)
Thiúbhrainn é as a bheith leat sínte,
'S go mbfearr liom uait-se póg ná a bhfuil i gcearta
an óir,
Agus é bheith os mo chómhair 'na míltibh,
Dá ngluaisfeá liom a stóir gheobhfá ceól agus spórt,
Ins gach baile beag a's mór d'á bhfuil san ríogachta,
'S dá mbéidhinn mo righ faoi 'n gcróin i gcómhacht an
cheathramhadh Seórsa,
Phósfainn thú gan bath gan caoirigh.



(1) "An Fhrainc 's an Róimh, 's a bhfuil ionnta go tóin," C.


L. 112


Níor féad mé aon chuntas fhághail i gceart ar an
gcruinniughadh mór do bhí ag Catoilcibh Chondaé na
Gaillimhe, i mBail-loch-ri'ach. Tá cuimhne ag na sean
daoinibh go raibh a leithéid ann, acht ag sin an méad.
Is dóigh gur ag láidriughadh lámh Dhómhnaill Ui Chonaill
do cruinnigheadh é, agus gur labhair na cainteóiridhe i
n-aghaidh na ndroch-dhlighthe Gallda agus i n-aghaidh na
ndeachmhuidh. Is cosmhúil gur in san mbliadhain, 1828, do
criuinnigheadh é, óir deir an Reachtúire go mbéidh iong-
nadh le feicsint ag na daoinibh ar dteacht bliadhna a
naoi-fhichid is é sin, is dóigh, naoi-ar-fhichid. Fuair mé an
chóip is fearr de'n abhrán so o'n Athair Clement O Lúgh-
naidh, do chualaidh é ó bhéal sean-fhir cúig bliadhna fichid ó
shoin. Deir sé i nGaedeilg mar leanas: "Do bhí
athruighthe de'n abhrán so, ann, gach aon 'gá chumadh dhó féin
do réir neithe an laé, de bhrigh a cheóil. Tá sé sgríobhtha
do cheól "Lá Féile Naoimh Pádraig" agus gidheadh nach
bhfuil mórán de smuaíntibh árd-aigeantacha ann, ní'l go
cinnte abhrán eile san nGaedheilg no san Sacsbhéarla a
théideas chomh maith leis an gceól sin. Sin é príomh-bhuaidh
an abhráin seo." Tá dá ainm ar an abhrán so: "An
Cíos Catoilceach," agus "Cómhchruinniughadh na gCatoil-
ceach i mBail-loch-ri'ach";-


L. 114


AN CÍOS CATOILCEACH.



Le feuchaint in sna síontaibh seó is baoghalach do'n
aicme (1),
Nach dtroisgeann an Aoine 's nach ngéilleann do
Chatoilcibh (2),
Na flaithis ní bhfuighfidh siad gan séala na h-Eaglaise,
Do réir mar dubhairt Peadar 'sa Mháighistir;
Sgríobh Pastoríní go dtiucfadh an bealach-sa,
Lá gach aon mhí go mbeidh' cruinniugh' ins gach baile aca,
Ag Cluain-meala béidh (3) díbirt Ar New Lights a's
Orangemen,
'S i mBaile-loch-ri'ach (4), 'seadh léigheadh a mbeatha dhóibh,
Ó chailleamar Clayton tá Daly na leabaidh 'gainn,
Do lucht Bíoblaidh bréige na géilligidh feasta,
Nach n-úmhlaigheann do shagart ná bráthair.



(4) "Loch réaghach, i léighnidh i mbeatha dhaoibh," S.


L. 116


Acht creidigidh do'n chléir 's do chómhrádh na h-Eagluise
'S do'n tseanmhóir naomhtha sgríobh naomh agus abstail
dúinn
Ná h-éiligidh an Bíobla, no tiucfaidh sé trasna orraibh(1)
As tuigidh nach magadh an cás so.
Thosaigh an sgéal so le uabhar a's le tarcuisne,
Sheun Hannraoi a chéile le drúis agus mallachan,
Budh mhaith congamh Lúiter faoi Chranmer 's faoi Latimer
Ridly (2) agus Bulsaidh 's Seághan Cailbhín, droch-rath
orra,
Ó chailleamar Máire (3) tá báire le Sacsanaigh,
Acht tiucfaidh an lá a bhfuighfidh sinn sásamh in san
ngealladh



Thug Críost do Pheadar 's do'n Phápa (4).



(1) "Is baoghalach an t-athrughadh é,"
(3) "Ó bhfuilmid gan righe," O'L. (4) "Peadar an Papa," S.


L. 118


Innseóchaidh mé sgéal daoibh ar Éadhmonn 's ar a athair,
Ó 'siad do chuir léan-sgrios ar Ghaedheal a's ar
Chatoilcibh,
Shaoil siad le chéile an fhíneamhain (1) so do ghearradh
Nach gcríonann i n-earrach ná i Márta,
Ní gaineamh séidte bun-áit (2) an bhalla so
Tá Críost mar (is) léighte, i a-éinfheacht le Peadar
faoi,
Obair nach dtréigfidh 's nach bpleusgfaidh an charraig seo,
Shocruigh an t-aon mhac do ceusadh ar an dtalamh dhúinn,
Sé Séamas, ní breug, a d'fhág Éire ag na Sacsanaigh,
Acht tá'n taisbéanadh (3) anaice le baile 'gainn
Saoilim nach fada uainn sasadh.


L. 119


Sé tigheacht Righ Séamas do bhain dínn Éire,
Lo n-a leath-bhróig Gallda, s a leath-bhróg Gaedhealach,
Ní thiubhradh sé buille uaidh ná réidhteach,
'S d'fhág sin, fhad 's mairid, an donus ar Ghaedhealaibh.


L. 120


Is fada mé ag éisteacht le sgéaltaibh ag imtheacht
An naomhadh lá déag go mbéidh céad pearsa i gcuid-
eacht (1),
Ag bréagnughadh lucht éithigh (2) nach ngéilleann do Mhuire
A d'oil ar a h-ucht righ na ngrása
Ag an mbreitheamhnas déigheannach glaodhfar (3) gach
duine aca
Béidh guais agus géibhionn ag lucht séala briste ann,
Séamas as Seaslus a d'iompaigh le tubaiste,
A's Isibél mhéirdreach (4) faoi leun in san monbhar,
Béidh Cromaill ar éill a's O Néill os a choinne,
Acht saoilim, mar léightear, má fhéadann Uilliam imtheacht
Nach seasfaidh sé talamh le Sáirséall.



Éirghidhe a dhaoine agus glacaidh meisneach
Óir feicfidh sibh iongnadh (5), teacht bliadhna an naoi fichid
An té dubhairt an méad sin ní fear é gan tuigsin
Mar léigheadh sé gach úghdar a's dáta,
Níor chóir do mhac Gaedheil ar bith claonadh ná filleadh (6)
Acht togha Clann Mhílidh, O Ceallaigh, ní chlisfidh,
Bhí (an) Gúnán(ach) 's an Dálach ag léigheadh an
chommission
Saoghal fad ag Dan Aodhgán a's ag Councellor Guthry
Fíor-sgoth na bPaorach agus ar ndóig Bob Darcy
Lucht feóla oidhche chéasta bhí ag eulógh 's ag imtheacht
'S níor léir dóibh an dorus le náire.



(2) Sic, O.L.; "ag breathnughadh ar lucht eigheacha," S.
(3) "Bliaghfar, blaoghfar," S. and G. Blaodh = glaodh.
(4) "Mealltac," S. (5) "Aonadh," S.; "iongantas," O.L.
(6) "Mar támuid mic Milidh (sic) nach rinne riamh cealg," O'L.


L. 122


Goirim sibh a dhaoine 's na bígidh faoi tharcuisne,
Molfaidh mé a choidhche sibh, agus íocaidh an cíos Catoil-
ceach,
Is beagán 'san mhí orrainn feóirling 'san tseachtmhain,
'S ná tuilligidh sgannail ná náire,
Is beag in san gcíos é, a's saoróchaidh sé talamh
An deachmhadh ní ghlaodhfar (1) mar déantaidhe orraibh
cheana,
Béidh ceart agus dlighe dhaoibh i dtír a's i dtalamh.
Ní baoghlach dúinn choidhche chomh fhad 's mhairfeas O Conaill.
Creididh le fírinne na naoimh a's na h-apstail (2),
'Sé Raifteri do mhínigh 's do chuir síos an aithris seo
Adeir go mbéidh Gallaibh le fánaidh (3).



Bhí an saoghal buaidheartha go leór i nÉirinn i
dtosach an chéid-bliadhan chuaidh tharrainn. Budh shíor-
náimhde d'á chéile an Dlighe agus na Daoine. Ní gádh a
rádh gur i n-aghaidh an Dlighe agus ar thaoibh na ndaoine
do bhí an Reachtúire i gcómhnuidhe. Do bhí fear ann, an
uair sin, dar bh'ainm Antoine O Dálaigh. Bhí sé 'na
shaor ádhmuid, agus do bhí sé 'na chaiptín ar na Buach-
aillibh Bána. Thug duine fiadhnuise 'na aghaidh gur
sgaoil sé gunna leis, acht níor bhfíor dhó, mar chreid na
daoine, acht go raibh imreasán eatorra. Ar leath-shúil
do bhí an Dálach, agus dubhairt sé leis an bhfear so in
san gcúirt? "Dá gcaithfinn urchar leat, ná saoil nach


L. 124


mbuailfinn thú, má tá mé ar leath-shúil féin," agus ann-
sin dubhairt sé leis an mbreitheamh cuspair no marc do
chur suas os a choinne, "agus feuch, féin, má bhuailim é,"
ar seisean, óir bhí togha urchair aige. Níor dhubhairt sé
aon rud eile acht sin. Bhí faitchios mór ar na buach-
aillibh go leigfeadh sé amach a n-ainmneacha féin, acht ní
raibh baoghal air. Tligeadh (teilgeadh) é, agus tugadh
breitheamhnas crochta air. Do rinneadh cómhra dhó agus
cuireadh an cómhra ar chárt, agus do cuireadh é féin 'ná
shuidhe ar an gcómhra lá breágh Aibreáin, nuair bhí an
ghrian ag soillsiughadh agus na héanlaith ag seinm, agus
tugadh é mar sin go dti Suidhe-Finn, 'n áit ar cuireadh
croch suas le n-a chrochadh. Do bhí an bóthar lán daoine,
ag féachaint air ag dul ann, agus do réir mar bhí an
cárt ag siubhal bhí siad ag glaodhach air léimnigh anuas
agus rith leis, amach tríotha féin, agus go sabháilfidís é,
agus bhí cuid de na saighdiúraibh do bhí in san ngárda na
n-Éireannaighibh, agus dubhairt siad leis i nGaedheilg dá
ndéanfadh sé sin go sgaoilfidís a gcuid gunna suas san
spéir agus nach marbhóchadh siad aon duine. Acht ní dhear-
naidh sé aon iarraidh ar imtheacht; chuaidh sé go socair go
dti an chroch agus crochadh é. Dubhairt sean-fhear leis an
mBaintighearna Gregori, go raib sé ag cur fataidh an
lá sin ag Suidhe-finn, agus go bhfacaidh sé an crochadh,
san mbliadhain, 1820, agus go raibh an Reachtúire ann,
agus go ndearnaidh sé abhrán air, agus gur dhubhairt sé
in san gcéad bhéarsa do bhí in san abhrán, "go mbudh
mhaith an crann é nach leigfeadh d'aon ghéag ná d'aon
chraobh d'á raibh air, tuitim ar lár." Budh é an chiall do
bhí leis sin, go mbudh mhaith an gaisgidheach an Dálach
nuair nár leig sé amach ainmneacha na mBuachaillidhe


L. 126


Bán eile; chomh cruaidh agus chuireadar air é. Agus i
ndeireadh an abhráin do ghlaodh sé ar Dhia breitheamhnas
ceart do dhéanamh ar an mbeirt do bhraith go h-éagcór-
ach é, no dá dtiucfaidís féin saor, ghuidh sé go dtuitfeadh
díoghaltas ar a gcuid cloinne. "Agus b'fhíor dhó é
Féach iad a raibh neart talmhan agus gabháltas aca ins
gach uile áit, cá 'uil siad anois? Chaill siad uile go
léir é, agus an méad maoine agus saidhbhris do bhí aca,
do sgapadh é, agus fuair an chuid is mó d'á gcloinn bás;
níor fágadh acht beirt aca, agus tá ceann aca so 'na
bhráthair, agus tá an ceann eile 'na chómhnuidhe i…"
Do pósadh cailín de'n bhunadh so go déigheannach le fear
do chómhnuigh a bhfad ó Shuidhe-finn, agus dubhairt duine
eile leis an mBaintighearna Gregori go mbudh bheag an
fháilte do bhí roimpi. D'fhiafruigh an fear so cad fáth
nár cuireadh fáilte níos fearr roimpi, agus sé r'd
dubhairt siad leis, "An chuid sin d'á bunadh do chuaidh
chomh h-árd sin, is truagh nach ndeachaidh siad níos áirde,"
agus budh é an chiall do bhí leis sin, go mbudh thruagh é
nár crochadh iad féin! "Nuair chualaidh mé sin," ar
seisean, "chuimhnigh mé ar mhallacht Raifteri, agus chon-
nairc mé go raibh éifeacht ann go fóill." Dubhairt an
fear céadna gur chualaidh sé nár fhás féar riamh ó shoin
ar an mball ar crochadh an Dálach i n-éagcóir.



Fuair mé cuid de'n abhrán do rinne an Reachtúire
an uair sin. Bhí beagán de na bhéarsaidhibh ag an
gComáineach agus fuair Mac Ui Neachtáin uaidh iad,
agus bhí cuid eile ag Seóirse Mac Giolla-an-chloig agus
ag Mac Ui Fhloinn. Ag so mar chuir mé le chéile iad, acht
is dóigh nach bhfuil ann acht blodh, óir ní'l an rann sin


L. 128


ann, ar an gcrann, nár leig d'aon d'á chuid géag tuit-
im ar lár. Nach nádúrdha thráchtas an Reachtúire ar
"Chogadh Gaedheal le Gallaibh" in san gcéad bhéarsa!
Tá an fhuaim chéadna ins gach bhéarsa aige; rinne sé gach
aon ar an gcuma céadna, ar "é" i lár na línte, agus
ar "m," "n," no "ll" i ndeireadh na línte comhthrom:-



ANTOINE O DÁLAIGH.



Tráthnóna Aoine an Chéasta,
Bhí na Gaédhil faoi miorsa (1) ag na Gaill,
Comhthrom an laé chéadna,
Do bhí Aon-mhac Mhuire in san gcrann.
Tá súil le Mac Dé (2) 'gam,
'Sé mo leun! a's gan maith ar bith dhó ann,
'S gur b'é Cullen (3) 's a chéile
Chroch Daly, a's go dtugaid díol ann.



Acht a bhean óg, le m' raé
Cuirim éag ar an mbaile 'mbéidhir ann,
Aicíd agus éag air,
A's go n-éirighidh an tuile os a cheann,
Ní peacadh ar bith an méad sin,
A Dhia ghlégil, is é guidhim le fonn
Ar an bhfear do chroch Daly
'S d'fhágbhaigh a ghaolta ag gol 's a chlann.


L. 130


Is maith díoghaltas Dé
An té d'fhéadfadh fanacht le na am.
Gach peacadh d'á léightear
Go h-éag go bhfairidh (?) ar an dream.
'S iad an dá Shéimín
Le sgéim do shocruigh an plan,
An méad nach bhfairfidh orra féin
An sgéal céadna go bhfairidh ar a gclainn.



Ó síneadh do ghéaga
Tá an t-aér in a mhuirt os ar gcionn
Ní lasann na réalta
A's na h-éisg, ní phreabann ar tuinn.
Ní thagann drúcht ar an bhféar
A's na h-éanlaith, ní labhraid go binn,
le cúmha do dhiaigh, Daly,
Go h-éag ní thig toradh ar chroinn.



A's siúd é an fíréan
Nár úmhlaigh 's nár ísligh do Ghaill,
Antoine O Dálaigh (a Mhic Dé!) (1)
Gan bhréig do bhídheadh againn gach am.
Acht d'éag sé 'na Ghaedheal mhaith
Agus d'aon fhear níor chlaon sé a cheann,
A's gur teann-mionnaidh éithigh
Chroch Daly, agus neart cloinne Gall.


L. 132


Dá mbéinn-se mo chléireach
Lághach, éadtrom, aigeanta ar pheann,
Is deas do sgríobhfainn do thréithre
I nglan-Ghaedheilge ar leac os do cheann.
Míle a's ocht gcéad
An sé déag, 's an ceathair 'na cheann,
O thuirling Mac Dé
Gur éag Daly, i gCaisleán Suidhe Finn (1).



Ag so píosa gearr do chum an Reachtúire ag cur
i gcéill do na daoinibh chomh léigheanta agus bhí sé, agus
chomh mór agus bhí a eólas ar dhéithibh agus ar stair na
nGréagach agus na Rómhánach! Is dóigh go raibh tuilleadh
ann, acht má bhí, ní bhfuaireas acht an méad so. Tá an
miosúr fada so binn go leór. As leabhar an tsaoir
cloiche do tharraing mé an giota so.



(1) Ní'l an dara ná an tríomhadh bhéarsa ag G., ná leath de'n
chúigeadh bhéarsa; acht tá ceann eile aige nach dtug me thuas. Tá sé
mar leanas:-



Tá na paipeir seo shuas
A' fanacht go dtigidh an lá
Iarraim ar Righ na ngrásta
Gur gearr go ngabhaidh anuas
Go bhfeicfidh mé an lá
A mbéidh orra rása a's ruaig
Ar gach uile mhac máthar
Dar orduigh thú Daly chur suas.


L. 134


AN DIA DAR BH'AINM IUPITER.



An Dia dar bh'ainm Iúpiter is mór do thuit i bpeachadh
leis,
Bhí be an aige ins gach bealach ar an talamh a's in
san aér,
Neptiún is fad ó dubhradh gur stiúradh an lán mara
leis,
Mars do bhí ins gach cath mar is do'n chlaidheamh (1)
ceapadh é.
An triúr adeir na h-úghdair ar caitheadh an t-úbhall
eatorra (2)
Paris 's mór do mealladh é le Helen in san nGréig,
Ulissés a's a chúmhachta is le n-a stuaim do mhealladh
sé (3)
Accilés ghearr an Traoi (4)- agus ní saor a d'imthigh
an Ghréig.



Is iomdha ríoghacht fuar do chuartaigh Telemeachus
Ar thóirigheacht a athar bhí i gcoigcríoch bhfad i gcéin
Go h-ifrionn thug sé cuairt, agus Minus (mór) do
theangmhaigh leis
Bhí sé ag cearta Bhulcáin agus dhearc sé ar a ghleus.
Cheistnigh sé Radimantus acht Pluto an prionnsa
d'fhreagair é,
Fear aon tsúil do dalladh leis, an trá thuirling sé
in san chéibh,
Charon do sgaoil fútha é do'n Ghréig ar ais go ndeach-
aidh sé,
'S níor aithin acht a mhadadh é' mar d'athraigh a shnuadh
's a sgéimh.


L. 136


Dheginira, an óg-mhnaoi, ar ndóigh le'r crádhadh Hercules.
Centáur san bhád a theangmhaigh leis, budh chionntach
leis an sgéal,
An léine nimhe fuair sé thug sé a mhíle mallacht dí,
Dóitheadh an fear 's ní maith liom é, no is bréaga dubh-
airt lucht léighinn.
An chaint anois a dubhairt mé, tá úghdar siar ag seas-
amh leis,
Homer Bhirgil, Horais, agus tuilleadh nár sgríobh
bréag,
File ar bith in san gcúige a déarfas a n-aghaidh Raif-
teridh,
Tagadh sé leath-bhealaigh agus rachaidh gobán ina bhéal.



Ag so mar do mhol sé oibridhe maith, saor ádhmuid,
do chómhnuigh i n-uachtar Chondae na Gaillimhe. Bhíodh
dúil mhór ag an Reachtúire i gcómhnuidhe i n-oibridhe
maith, no i bhfear ceirde maith. Ní raibh aon rud do chuir
fearg air mar droch-obair. Do tharraing mé an
t-abhrán so as leabhar an tsaoir-chloiche:-


L. 138


SEÁGHAN CONROID.



Tá oibridhe sgioptha tráthamhail ag bóthar Chaisleáin
Táilliúr
Ar mhaith liom choidhch' bheith trácht air, mar tá dúil aige
san sport,
Cúmhlódar (1) é is áille i n-éadann gloine as cárta,
Níor theangbhaigh ariamh a mháighistir orm, i n-áit ar
bith go fóill.



Ní h-iongnadh air, an cás sin, do réir a ghníomh 's a
cháileacht,
Tá múnadh air ó nádúir, agus an t-oineach in a phór,
Éistidh an sgeul má's áil libh, agus míneóchad daoibh ar
ball é,
Gur oibridhe Conróidh do sháraigh a bhfuil ó Árainn
go Dúnmór.



Sash go deas i bhfráma i bhfuinneógaibh is é d'fháisg-
feadh,
Doirse halla ar áille, agus a bhfoilfeadh do theach
mór,
Bainistéir a's rálaidh, le meabhar a chinn 's a láimhe,
Stoighre a's urlár-clár agus a lán nár dhubhairt mé
fós.
Dhéanfadh long ar sáile, coite as maididhe rámha,
Muillte plúir a's ráibe, sé chuirfeadh i gcaoi 's i
gcóir,
Le siséal glan a's plána a chríochnuigheann gach áilge
Ceapann sé gach ádhmad le h-aghaidh báid do chur chum
seóil.



(1) Deirthear "cúmhlodar" i gConnachtaibh, i n-ain "comhluadar."


L. 140


Oibridhe trathamhail stuama é, do dhéanfadh crois a's
túrna,
An seól 's na maididhe luasgtha, an tslinn, agus an
spól,
Do léighfeadh leabhar a's nuaidheacht mar tá fóghlaim air
agus múnadh
Dá siúbhalfá thart an Chúige ní fheicfeá fear d'á shórt.
Tá crothughadh díreach láidir nach bréag atá mé rádh leis,
Mar is iomdha fear san áit seo a ndearna sé obair
dhó,
An chuing an chliath 's an práca, barra rotha, 'gus láimhe,
Céacht do threabhfadh báinte, agus d'iompóchadh suas
an fód.



'S a lán nach gcuimhnighim trácht air, dhéanfadh sé gan
bhásta (?)
Fac as bróg do'n láidh, agus le sleacht gach uile shórt,
Dhéanfadh sé go seólta carr a's cáirt a's cóiste,
Gach huile nidh de'n tsórt sin, agus cómhra do fhear
báis.
Fear (lúthmhar) leigthe sgaoilte é ar margadh no ar
aonach,
A shamhail ní'l san tír seo, in ar casadh liom go fóill.
Is beag a shuim i dtíoghbhas acht caitheamh 's fághail go
gnaoidheamhail,
Is iomdha lá agus oidhche do bhí mé leis ag ól.


L. 142


Dá mbeidh' sé suas naoi n-oidhche cia d'fheicfeadh lorg
(an) bhraoin air
Mar ta sé ciallmhar críona flaitheamhail duineamhail
cóir,
Rath agus bail ó Chríost air, atá mo chómhrádh déanta (1),
Sin é a cháilleacht síos daoibh, a's ní dhéarfaidh mé
níos mó.



Do thuit mi-ádh mór amach ar loch Orbsen, i gCondaé
na Gaillimhe, san mbliadhain, 1828. Chuaidh aon duine
déag agus fiche ar bord sean-bháid ag Anac Dúin no
Anach Cuain, i n-éinfheacht le caorachaibh agus le rudaibh
eile, le dul go h-aonach na Gaillimhe. Bhí timchioll ocht
mílte le dul aca. Nuair thángadar i bhfoigseacht dá
mhíle do Ghaillimh do chuir caora aca a cos tré thóin an
bháid, agus thosaigh an t-uisge ar theacht asteach go luath.
Nuair chonnairc fear do bhí in san mbád an t-uisge ag
rith asteach, leag sé a chóta mór ar an bpoll, agus
bhrúigh sé a chos air. Acht rinne sé go ró láidir é, agus
i n-áit an poll do stopadh is eadh rinne sé an clár do
thiomáint ar fad as an mbád. Do líonadh an bád lán
uisge ar an móimid, agus chuaidh sé síos, agus d'fhág sé
aon duine déag ar fhichid agus deich gcaoirigh ag troid
leis an uisge. Ní raibh siad acht sgathamh gearr ó'n
talamh, acht 'na aimhdheóin sin do báitheadh naoi ndaoine
dhéag aca, daoine óga, lúthmhara, láidre. I dtosach mi
deiridh an fhóghmhair, maidin bhreágh, chiúin, do chuaidh an
bád go tóin, agus do báitheadh na daoine seo. Chuaidh


L. 144


an sgéal áidhbhéal tríd an tír agus chruinnigh a
lucht gaoil na dtimchioll. Do frith na corpáin uile
as an uisge acht aon cheann amháin. Ní h-iongnadh
go raibh brón agus géar-ghol ar fud na tíre, agus bhí
inntinn na ndaoine corruighthe go mór leis an mi-ádh
do thuit orra chomh h-obann sin. Dubhairt an Reachtúire
go bhfágfadh sé cuimhne go bráth ar an sgéal, agus do
chuir sé i bhéarsaibh é. Fuair mé an chuid is mó de na
bhéarsaibh seo ó Phróinsias O Conchubhair do chualaidh
iad ó shean-mhnaoi do rugadh i n-Anach Cuain í féin, agus
do chuimhnigh go maith mar do thuit an mi-ádh amach, agus
bhí cuid eile dhé ag sean-dall i ngar do Thuaim. Bhí cuid
dé, de mheabhar ag an gCománach mar an gcéadna, agus
tá cuid dé in san sgríbhinn tá san Acadaimh. Do chuir
mé le chéile é chomh maith agus d'fhéadas, acht tá sé
measgtha go mór tríd a chéile, agus ní'l acht buille fá
thuairm in san eagar do chuir mé ar na bhéarsaibh.
Tagann bhéarsa no dó aca asteach fá dhó fá chulaidh
éagsamhail, mar do bhíodar ag daoinibh éagsamhla, acht
níor mhaith liom iad d'fhágbháil amach. Is cinnte nach mar
tá sé anois do tháinig sé ó bhéal an Reachtúire féin, acht
go raibh slacht níos fearr air:-


L. 146


ANAC-CUAIN.



Má fhághaim-se sláinte is fada bhéidheas tráchtadh
Ar an méad do báitheadh as Anach-cuain,
'S mo thruagh, amárach gach athair 's máthair
Bean a's páiste tá a' sileadh súl.
A Righ na ngrásta cheap neamh a's Párrthas
Nár bheag an t-ádhbhachth (?) dúinn beirt ná triúr,
Acht lá chomh breágh leis, gan gaoith ná báisteach,
Lán a' bháid aca a' sguabadh ar siúbhal!



Nár mhór an t-iongnadh os cómhair na ndaoine
A bhfeicsint sínte ar chúl a gcinn,
Sgreadadh a's caoineadh do sgannróchadh daoine
Gruag d'á ciaradh 's an chreach d'á roinn.
Bhí buachaillidhe óga ann, tigheacht an fhóghmhair,
D'á síneadh ar chrócar, 's dá dtabhairt go cill,
'S gur b'é gleus a bpósta do bhí d'á dtóramh,
'S a Dhia na Glóire nár mhór an feall!



Annsúd Dia h-Aoine chluinfeá an caoineadh
Ag teacht gach taobh, agus greadadh bos,
A's a lán thar oidhche trom tuirseach claoidhte
Gan ceó le déanamh aca acht a' síneadh corp.
A Dhia 's a Chríosta d'fhulaing íodhbhairt
Do cheannuigh (go) fíreannach an bocht 's an nocht
Go Párrthas naomhtha go dtugair saor leat
Gach (créatúir) díobh dá'r thuit faoi an lot.


L. 148


Milleán géar ar an ionad (1) céadna
Nár lasaidh reult ann is nár éirighidh grian,
Do bháith an méad úd do thriall i n-éinfheacht
Go Gaillimh ar aonach go moch Diardaoin.
Na fir do ghleusadh cliath 'gus céacht,
Do threabhadh bréanra 's do chraitheadh síol,
A 's na mná dá réir sin do dhéanfadh gach aon rud,
Do shníomhfadh bréid agus anairt chaol.



Baile-chláir do bhí anaice láimhe
Níor leig an t-ádh dhóibh a ghabháil aníos,
Bhí an Bás chomh láidir nach dtug sé cáirde
D'aon mhac máthar dá 'r rugadh riamh.
Muna sgéal a ceapadh dhóibh an lá so a mbáidhte
A Righ na nGrása nár bhocht an nidh,
Acht a gcailleadh uile gan loch ná sáile,
Le sean-bhád gránna 's iad láimh le tír.



A Righ na nGrása chruthaigh Neamh a's Párrthas
A's a Dhé cia an cás dúinn beirt na triúr
Acht lá chomh breágh sin gan gaoith gan báisteach,
Agus lán (an) bháid aca do dul go tóin.
Bhris an bád agus báitheadh na daoine,
Sgap na caoirigh anonn san tsnámh,
A's a Dhé! nach annsin bhí an t-ár mór déanta
Ar aon fhear déag agus ochtar mná (2).



(1) "Losgadh sléibhe ar an ngiodán (= ball) céadna," mar do bhí
sé ag an gCománach.


L. 149


(2) Tá na bhéarsa so agus na tri cinn 'na dhiaigh ó'n tsean mnaoi
do rugadh ag Anach-cuain í féin.


L. 150


Bhí aithre a's máithre ann, mná 'gus páistidhe,
Ag gol 's ag gárthaoil 's ag seilt na ndeór,
A's mná dá réir sin do dhéanfadh aon rud
Do shníomhfadh bréidín a's anrait (anairt) caol.
A Thómáis Ui Chathail, ba mhór an sgéal thú
Do threabhfá brannra do chuirfeá síol
A's a liachta buachaill do chraithfeadh lámh leat,
Mo leun 's tú báidhte i n-Anach-cuain.



A Seághain Ui Chosgair ba mhór an sgéal thú
Gur sheas tú ariamh i luing ná i mbád,
'S a liachta coiscéim lúthmhar shiúbhail tú
Ó Londhún anall go dti Béal-tráth;
An uair do shaoil tú snámh do dhéanamh
Rug na mná óga ort 'bhos a's thall,
'S gur shaoil do mháithrín dá mbáithfidhe céad fear
Go dtiucfá féin chuici 'bhaile slán.



Bhí Máire Nic Ruadháin ann, buinneán glégeal,
An cailín spéireamhail bhí againn san áit,
Ghleus sí í féin go moch Dia Céadaoin
Le dul chum aonaigh ó Chnoc Dealáin.
Bhí cóta uirri de thogha an éadaigh
Cáipín lace a's ribínidh bán',
Agus d'fhág sí a máithrín brónach cráidhte
Ag seilt na ndeór arís go bráth.


L. 152


Losgadh sléibhe agus sgalladh cléibhe
Ar an áit ar éagadar, a's milleán cruaidh
Mar 's iomdha créatúir d'fhág sé ag géar-gol,
Ag sileadh 's ag éagcaoin gach maidin Luain.
Ní díoghbháil eólais do chuir d'á dtreóir iad
Acht mi-ádh mór bhí san gCaisleán Nuadh,
'Sé críocnughadh an abhráin gur báitheadh mórán
D'fhág ádhbhar dóláis ag Anach-cuain.




Ag so abhrán do rinne an Reachtúire ag moladh
Mhic Ui Cheallaigh do chómhnuigh in san Trian Bán, árus
atá, saoilim, áit éigin i ngar do Thuaim. Tá an
t-abhrán go h-iomlán ar na gothannaibh "á" agus "í,"
acht amháin an seiseadh bhéarsa, atá ar "ó" agus "í,"
agus an bhéarsa deireannach, atá ar "é" agus "í":-



UILLIAM O CEALLAIGH.



Goireann go h-árd an chuach san Márt
I lár an Triain Bháin 's ní stadann sí mí,
Acht ag seinm le h-áthas measg duilleabhar a's bláth
A's ag éirighe go h-árd i mbarraibh na gcraobh.
Molfaidh mé an t-árus ó fhéadaim a ráidhte (sic)
B'fhearr liom-sa lá ann, ná i n-áit eile, bliadhain,
Acht is fad ó bhí trácht air gur bhuail sé Cill-áirne
Le gach uile shórt breághacht, deise 'gus gnaoi.


L. 154


Ta an eilit 's a h-ál ann, an broc 's an fiadh bán
Annsúd gach aon lá, a's an tseilg 'na (n)diaigh,
Redhnard ann, 's na gárrtha 's an tóir le n-a shálaibh,
'S daoine uaisle as gach ceard ann ag breathnughadh
ar a sians'.
Capla breágha rása, a's eachraidh ar stábla,
Hunters ann sáruighthe tar éis do bheith fiadhach
Coirce mín bán i mainséar breágh cláir
Aca le fághail ann dá bhfanfaidís bliadhain.



Bochta, lán sráide, d'fheicfeá gach lá ann
Ag triall ar an árus a roinntear an biadh,
Ní'l diúltadh le fághail ag aon fhear go bráth
Acht céad míle fáilte agus rud le n-a riar.
Fá Nodlaig bíonn bláth ar na crannaibh a' fás ann.
Toradh ba ghnáthach agus meas ar bhárr craobh.
Tá gach uile shórt breághacht ann, budh mhór an tuar
sláinte
'S aon fhear do bheith lá ann, budh fhad é ar a shaoghal.



Na h-ionaid 's na h-árais's na coillte is breághacht(a)
Tá an dair ghlas ag fás ann chomh díreach le riaghail,
Laoi bó i gcionn trí ráithe ag rith chum a dára,
'S ní fheicfeá san bhfásach acht bárr a dá h-adhairc.
An chruithneacht chomh h-árd a's go ndéanfadh sí fál,
Chomh geal leis an gcnáimh, a's i sgeinneadh as an
gcraoibh,
An eala ar an snámh ann, an lacha a's a h-ál ann,
An t-uisge suas lán ann, a's é sgartadh le h-iasg.


L. 156


Tá briogúin (?) i gcóir ann, a's potaidh fá fheóil ann,
Bruith agus róstadh agus cócairidhe (ag) triall,
Ní'l cliseadh ar aon tsórt ann dá bhfanfá go deó ann,
Acht soiléar gan cómhla (1) agus ól ag an saoghal.
Eachraidh a's lucht cóistidhe ag triall ar na bóithribh
Agus a lán daoine móra ann ag breathnughadh ar a
sians,
Decanters go leór d'á líonadh ar na bóird ann
Ag O Ceallaigh an chroidhe mhóir nár choigil an fial.



Shiúbhail mé Portláirge agus cuanta Cinntsáile
Corcaigh na mbád agus siar go Tráigh-lí,
Bantraighe 's Cill-áirne, agus (an) chúige le fána,
Gur chaith mé mo dháta i n-Árainn na naomh,
Is mór bhíos trácht ann ar Bhúrcaigh 's ar Mháilligh
An dream nár chuir cás i gcruinneas ariamh,
Acht ar uaisle Crích' Fáil a's é bheith ar mo láimh
Is d' O Ceallaigh an Thriain Bháin do bhéarfainn an
chraobh.



Is de thogha na Milésians do tháinig le h-Éibhir
O Ceallaigh 's a ghaolta, a's a gcuirfidh mé síos,
O Ceallaigh, O Néill, a's O Dómhnaill 'na dhiaigh,
O Cearbhaill Dúin Éile, O Conchubhair a's O Briain,
Bhí treise ar na Gaedhealaibh agus meas ar a sgéal
Gur ghnóthaigh cionán spéiriot an cluithche ar an
bhFiann,
Deir na h-úghdair, mar léightear, nár sgriosadh amach
Éire
Go ndeachaidh Rígh Séamas i gcleamhnas le 'Liam.


L. 158


Nuair fuair an Mac Ui Cheallaigh seo bás, do
chaoin an Reachtúire go géar é. Fuair mé an chéad leath
de'n chaoine seo i sgríbhinn an tsaoir-cloiche, agus an
leath deiridh in san Acadaimh. Is dóigh gur bh'é seo an
Mac Ui Cheallaigh céadna do chómhnuigh i dTrian Bán,
acht fuair mé "Caoine Ui Cheallaigh Chluain-leathan"
mar ainm air i gceann de na láimh-sgríbhinnibh. Is dóigh
gur b'é an áit chéadna í, oir ní cosmhúil go raibh dá
Uilliam O Ceallaigh ann. Do bí timchioll dá fhichid de
mhuinntir Ui Cheallaigh an uair sin i gCondaé na
Gaillimhe agus i gCondaé Roscomáin a raibh dúithchidhe
breágha agus tighthe móra aca. Cá bhfuil siad anois?
Do sgriosadh iad leis an "bhféile" agus leis an "bhfairr-
singe" do mhol an Reachtúire agus na báird eile chomh
h-árd sin. Chuir aimsir an droch-shaoghail deireadh leis
an gcuid budh mhó aca, faríor!



CAOINEADH UI CHEALLAIGH.



Ní'l drúcht ar Chluain-leathan ná féar
A's ní ghoireann ann éan ná cuach,
Tá'n duille ag imtheacht i léig
'S na crainn ann ag éagcaoin fuacht;
Ní'l grian ná gealach ar aér ann,
'S ní lasann na réaltain suas,
Ó síneadh O Ceallaigh san gcré,
An fear soineanta séimh bhí suairc.


L. 160


Mo leun! do shrath bheith ar lár,
A ghiolla nár chráidh an cruadhas,
Do sgapadh a nglachadh do lámh,
Do riaradh lucht fáin a's fuacht.
Ba tú fíor-sgoth fola na h-áite,
Agus marcach i lár an tsluaigh,
I dteach seisiúin do labhaireadh go h-árd
Agus bhéarfadh fear báis as ghuais.



Ní'l iasg i dtuile ná i dtráigh,
Ná solus ar lá mar bhíodh,
Ní'l toradh ag borradh ná fás,
'S ar leinbh ní thálann cíoch,
Ní'l tairbhe ar bith in san ngrán
(Ní'l) crotal (?) ná bláth ar an gcraoibh
Ó d'imthigh Ua Ceallaigh an Triain Bháin (1)
Do mhaitheadh do 'lán an cíos.



Ó leagadh na fearaibh bhí treun
Clann Uisneach le Déirdre ó thuaith,
Cuchulain mar dubhairt na sgéalta,
Do bheireadh 's gach céim cath-bhuaidh (2),
Ó cailleadh é a leithéid de sgéal
Níor tháinig do léan 'na ruaig
Ó díoladh i n-Each-dhruim na Gaedhil
Agus ó cuireadh chum éig Eóghan Ruadh.



(1) "An chúil bháin," S.
(2) "Céim cath buaidh," S. Mise do léigh é mar tá shuas,


L. 162


A's milleadh (1) a's brón ar an mbás
Do tháinig a's d'árduigh uainn
O Ceallaigh sméar-mullaigh na h-áite
A mbíodh aige a lán ar cuairt.
A Aon-mhic Mhuire bhí a's tá (ann)
Saor h-uile clann Ádhaimh aon uair,
Uilliam bíodh agaibh ar láimh
A bhFlaitheas na nGrása shuas.



'S ó claonadh Clann Lír san tsnámh
le imeartas mná, má's fíor,
'S ó caillead Solamh Mac Dáibhí
Do cheangaileadh páirt a's ciall.
Ó rinneadh an tor do bhí árd,
A's ó báiteadh clann Ádhaimh a rian,
Níor facas aon mharcach san bpáirc
Do chuirfeadh cúl-báire ar 'Liam.



Dá bhfeicfeadh sibh Frionnsaigh a's Blácaigh
Loingsighe a's Dálaigh a' tigheacht,
Brúnaigh, Búrcaigh, a's Táithí,
Piarsaigh a's Máilligh a' fiadhach,
Dá mhéad a gcumas 's a gcáil
Ag seilg i mbán 's i sliabh
Redhnard ní chuirfeadh a sách
Ná a bhrocais ar fághail gan 'Liam.



(1) "Brón a's milleadh"


L. 164


Mo leun an flaith fialmhar ar lár,
'Sé bheireadh ó gach ceárd an chraobh,
'S ó chualaidh mé tuairisg do bháis
Gur faide liom lá ná bliadhain.
Ní'l fiadhach ó Shionnainn go tráigh
Nach mbeitfidhe ann trácht ar 'Liam
Crann cosanta fearaibh Crích' Fáil,
'S é sgapadh ós árd an fíon.



Do mhol an Reachtúire, go mór, gaisgideach, dar
bh'ainm Mac Ui Dhómhnalláin, do rinne troid-dorn le
fear de na Calnánaibh i láthair daoine uasal na tíre,
áit éigin i dtaoibh-shoir de Connachtaibh, cois na Sion-
nainne, mar chualaidh mé.



Ní'l fhios agam cia h-é an Dómhnallánach so. Do bhí
gaisgidheach mór Connachtach ann, timchioll an ama so, air
a dtugadh "Danaille" no "Danalaidh" agus chualaidh
mé sgéal iongantach d'á thaoibh ó fhear dar bh'ainm Már-
tain Ruadh O Giollarnáth, a chómhnuigheas i n-aice le
Muine-bheith i gCondaé na Gaillimhe. Do thug seisean
"Danalaidh" ar an ngaisgidheach so, cidh nach raibh aon
Bhéarla aige, agus nuair dubhairt mé leis go mbudh
fhoirm Bhéarla sin, ag fiafruidhe dhé cad é an fíor-ainm
Gaedheilg do bhí air, dubhairt sé gur shaoil sé go mbudh
O Dómhnaill no O Dómhnalláin é. Má's amhlaidh atá,
b'éidir gur b'é an fear céadna air a ndearnaidh an
Reachtúire an dán. Do sgríobh mé síos focal ar fhocal


L. 166


an sgéal i dtaoibh an dhuine seo ó bhéal Mhic Ui Ghiollar-
náth, do bhí mar dubhairt mé, gan aon Bhéarla ar bith,
agus tá an sgéal chomh h-aisteach sin go mbudh thruagh é
gan a thabhairt annso. Cuirfidh sé i gcuimhne dhúinn an
sgéal i dtaoibh Macha, do rith i n-aghaidh capaill Conchu-
bhair, righ Uladh, agus d'fhág an tinneas iongantach sin
an "ceasnaidhean" ar na h-Ulltaibh. Níor athruigheas
aon fhocal amháin in san sgéal so a leanas. Atá sé
curtha síos go díreach mar do sgríobhas é ó bheal an
dhuine as Ghaillim.



SGÉAL AR DHANALAIDH.



In san am a raibh Danalaidh, an gaisgidheach mór,
i mbroinn a mháthar, ní raibh acht beirt an-bhocht in a
athair agus in a mháthair, ní raibh slighe ar bit aca acht a
n-obair ó lá go lá.



Seághan do bhí ar a athair. Casadh ar dhuine uasal
é, ar maidin, agus an duine uasal ag dul amach ag
fiadhach. Bheannuigh sé do Sheághan, agus é ag gabhail
asteach ar an tsráid ar maidin.



"An measann tú, a Sheághain," ar sé, "go mbéid
aon mharcach in san gcuideachta, is fearr ná mé féin?"



"Tá 's agam bean," adeir Seághan, "tá san ráithe
deiridh le clainn, do rithfeadh leat féin agus le do
chapall."



Shaoil an duine uasal, as an gcaint adubhairt
Seághan, gur droch-mheas do bhí sé 'tabhairt air. "Dar
fiadh (ar sé) muna seasaidh tú ar do ghlór, cuirfidh mise
as an dúthaigh ar fad thú. Cuirfadh mise i n-iar-
taire (?)."


L. 168


"Well, tá sí mo dhiaigh san mbaile," ar Seághan,
"is mo bhean í," adeir sé, "agus muna rithfidh sí leat
trí mhíle san mbóthar ag teacht agus ag imtheacht - sin
sé mhíle - agus tusa in do shodar gan cead agad dul
cos-an-áirde, agus ise ag rith chomh teann agus is féidir
léi, tiubhraidh (1) mise cead duit do rogha do dhéanamh
orm féin."



"Má ghnhidheann tú sin, a Sheághain," adeir sé,
"tiubhraidh mise cúig punta dhuit, chomh luath agus bhéidh-
eas an rása rithte."



D'iompuigh Seághan abhaile chuige féin, i gcoinne na
mná, agus d'innis sé an sgéal dí - an geall do bhí curtha
idir é féin agus a mháighistir.



"Óra! a Sheághach, is mait an suipéar a bhéidh agad
féch agus agam féin anocht, ó nach dtug tú cead dó dul
ar a chos-an-áirde!"



Anois, chuaidh siad go teach an dhuine uasail, an
bhean agus Seághan. Nuair chuaidh siad asteach ar an
tsráid chuir sí sgéal le rádh go rabhadar ar fághail.
Chuaidh an duine uasal amach ar a chapall ag marcuigh-
eacht, agus d'fhiafruigh sé dhí an raibh sí sásta ag dul ag
rith an rása. Dubhairt sí leis go raibh.



Chuir siad ainm ar an bhfad do rachadaois in san
mbóthar, ó n-a mbaile féin, agus nuair rachadaois chomh
fada leis an áit sin, go bhfillfidís arís. Chuadar ann-
sin amach ar an mbóthar, agus an capall agus an bhean,
agus buaileadh buille díofa (dóibh), agus ritheadar le
chéile chomh comhthrom in san mbóthar agus nach bhféadfadh


L. 170


an capall ná an bhean an lámh láidir d'fhághail ar a
chéile. Nuair chuadar in san mbóthar chomh fada agus
bhíodar le dul, agus nuair d'iompuigheadar ag teacht
abhaile, bhí an bhean ag caint leis an marcach agus é ag
teacht i mbéal an bhóthair. Chongbhuigh sí cúig slata uaidh
amach, agus níor imthigh sí thar sin uaidh no go dtáinig sí
i bhfoigseacht ceatramhadh míle do'n bhaile - agus d'imthigh
sí annsin uaidh. "Bhfuil tú ionnánn dul níos láidre ná
sin in do shodar?" ar sise "Ní'l," ar sé. 'Sé do bhí
aici céad agus dá fhichid slat roimhe, agus d'éirigh sé in a
chos-an-áirde, i n-imtheacht cúig móimid, agus ní raibh i
n-am le teacht suas léi!



Chuaidh sé asteach annsin chuig an teach agus chuir sé
cúig punta amach chuig Seághan agus chuig a bhean. Agus
bé (cibé) ar bith an meas bhí ag an duine uasal roimhe sin
ar Sheághan, bhí meas mór ar fad aige 'réis sin air, agus
ar an mbean. Dubhairt sé go raibh cineál maith ionnta.



Nuair bhí an chlann aici do bhí sí ag iomchar, annsin,
thóg sé bean Sheághain agus an páiste asteach chuige féin,
ar eagla nach bhfaighfidís aire mhaith. Congbhuigh Caiptín
O Ceallaigh - ainm an dhuine uasail - iad, dá bhliadhain,
in san teach leis féin. Agus nuair bhí an mac dá bhliadh-
ain d'aois, leig sé an mháthair abhaile chuici féin, agus
chongbhuigh sé féin an mac. Thug sé sgoil dó, agus thug
sé fóghluim dó, agus bhí an mac ag éirighe suas 'na fhear
breágh; agus nuair bhí sé cúig bliadhna déag d'aois bhí
sé 'na thogha sgoláire. Sé r'd do bhí (i g)Caiptín O
Ceallaigh "bulli," ain-fhear gaisgidheach(ta) mar
déarfá. Bhí sé ag tabhairt an mhic amach leis, ag múnadh
gaisgidheachta dhó h-uile thrathnóna nuair thiucfadh sé


L. 172


abhaile ó'n sgoil, ag féachaint an ndéanfadh sé gaisgidh-
each maith dhé. Bhí sé ag múnadh "boxála" dhó, go raibh
sé bliadhain agus fiche d'aois, agus dubhairt sé go mbudh
chóir dhó bheith chomh láidir leis féin.



An lá ghabhadar amach ar an bpáirc bháin ag féach-
aint a chéile dubhairt Caiptín O Ceallaigh leis - go
gcuirfeadh sé an faitchios ceart air - "maróchaidh (1) mise
thusa," adeir sé, "no maróchaidh tusa mise."



Sheas an fear eile roimhe, agus níor bhuail sé Caip-
tín O Ceallaigh, acht bhí sé d'á chosaint féin, nár leig sé
dhó aon rud dhéanamh air. "Well, a phleóta, cé (an chaoi)
nach bhfuil tú ionnánn dorn do thabhairt dam?"



"Well tá mé," ar Danalaidh, "ionnánn dorn do
thabhairt duit, buailfidh mé anois thú," adeir sé. Bhuail
sé dorn, air annsin, agus chuir sé an fhuil amach in a
shrón agus in a chluasaibh.



"Well," adeir Caiptín O Ceallaigh, "Tá mo chuid-
se "boxáil" déanta go maith leat," adeir sé. Thug sé
suas dhó annsin nach raibh sé ionnánn aige.



Ins an am sin, anois, ní raibh B'l'athcliath ariamh
gan gaisgidheach do bhí ag iomchar beilte. Thug sé annsin
go B'l'athcliath é, agus an gaisgidheach do bhí i mB'l'ath-
cliath, bhí árd-chíos le fághail aige ó'n mbaile mór. Casadh
an gaisgidheach ar O Ceallaigh agus Danalaidh ag doras
tighe ósta, no áit éigin, agus bhí comhluadar daoine
uasal ag caint le chéile ann, seisear no mórsheisear
aca. Tháinig an gaisgidheach so an bhaile mhóir trasna,
agus bhí sé ag iarraidh luach an óil do bhaint díobh - de
na daoinibh uaisle. An té nach dtiubhradh sé pighne dhó


L. 174


bhí an gaisgidheach ag caitheamh droch-mheas air, agus d'á
mhaslughadh. Tháinig sé chuig Caiptín O Ceallaigh agus
d'iarr sé a chuid air, agus dubhairt Caiptín O Ceallaigh
nach dtiubhradh sé pighin dó. D'innis na daoine do Chaip-
tín O Ceallaigh gur b'é "bulli" an bhaile é, agus gan
aon fhearg do chur air, no go ndéanfadh sé rud as
bealach.



"Má sé sin "builli" Bh'l'athcliath, is suarach an
baile é nach bhfuil aon fhear ann is fearr ná é. Tá
gaimse de bhuachaill óg agam annso," adeir sé, "agus
measaim nach seasfaidh sé mórán cainte uaidh sin."



D'fhiafruigh sé de Dhanalaidh "raibh sé sásta "round"
do bheith aige leis an "mbulli," agus dubhairt Danalaidh
go raibh, acht Caiptín O Ceallaigh do thabhairt cead dó.



Nuair chonnaic an gaisgidheach Danalaidh, ní thug sé
aon mheas dó, shaoil sé nach raibh ann acht duine bog.



Thug Caiptín O Ceallaigh leath-chróin d'fhíon agus de
bhranndaidh le n'ól do Dhanalaidh, agus dubhairt leis dul
amach.



Tháinig an dá ghaisgidheach amach i n-aghaidh a chéile
ar an tsráid, agus bhuail Danalaidh dorn air, agus
níor bhuail sé an darna dorn air, agus ní sheasfadh an
fear eile leis an darna dorn dó.



"An é sin an fear is fearr i mB'l'acliath?" ar
Danalaidh.



"Tá sé déanta amach gur b'é," dubhairt na daoine
eile.



"Well! do bhuailfinn fear agus fiche d'á shórt i
ndiaigh a chéile, agus iad do theacht in mo láthair."



"Tabhair suas an bheilt sin," ar O Ceallaigh (leis
an "mbulli").


L. 176


"Ní h-eadh, acht iomchair thú féin, é. Ní'l aon mheas
agam air nuair nach raibh sé ag fear do b'fhearr ná thú!



Sin anois an chéad píosa gaisgidheachta do rinne
Danalaidh agus thosaigh sé, ó sin amach, ag tabhairt dubh-
shláin do ghaisgidhighibh na tíre, go raibh gach uile dhuine
buailte aige, agus tugadh suas dó gur bh'é an gaisgidh-
each is fearr san domhan é.



Ag so anois an dán, cibé air a ndearnadh é:-



PÁDRAIG O DÓMHNALLÁIN.



I n-uair a trí Dia h-Aoine
I mBellbhiú d'fheicfeá an t-iongantus (1)
Ag mór-uaislibh na tíre
Ag triall as gach ceárd,
'S do réir mar sgríobh na naoimh
Budh nidh nár chóir a dhéanamh,
Gaedhil a chur ann (2) cath'
Dá mbeidheadh aon cheart le fághail.



Ní bhfuair siad spás ná fuílte (?3)
Acht an talamh do ghearradh dhíobhtha (4) (dóibh)
D'fhéach Páid suas ar Chríosta
Agus ghuidh sé Righ na nGrás,
Nuair chuaidh an sgéal le gníomh
Níor chraith a lámh ná a chroidhe
Acht mar Hector in san Traoi
No gur fhág sé an laoch ar lár.



(4) Deirtear "diobhtha" no "díofa" i n-áiteachaibh i gCondaé na
Gaillimhe.


L. 178


Ó d'imthigh Iulius Caésar
Agus Naoise thuit le Déirdre
Agus Hanibal do reubfadh
A gcasfaidhe dhó in san tslighe,
Mac Cúmhaill do chuir na ceudta,
'S Cuchullainn do rinne sléachta,
Níor tháinig ó shoin tre Éirinn
Aon fhear do rinn (1) a ghníom.



Curaidhe (bhí tréan) na Gréige
'S a gcur ar fad i n-éinfheacht
Agus Achillés mar léightear
An fear le'r sgriosadh an Traoi,
Ní thiubhradh an t-úbhall ná 'n chraobh leis
Ó sgoth na fola is tréine
I gcleasaibh lúth ná i léimnidh,
Ó chaith sé (2) an seacht fó thrí.



Dia Luain a tháinig sgéala
Chuig O Dómhnalláin fághail réidh,
A's mur bhfreagraidh sé an sgéal
Go mbuailfidhe a ainm síos,
Acht choruigh an braon glan Gaedhil
A's ar ndóigh níor bhfiú leis claonadh,
D'éirigh sé de léim
Agus (is árd) do gheith a chroidhe.



(1) "a dhean," S; "do dheanfadh gníomh," G.
(2) Chaith sé = Léim sé. Chaith sé loch Éirne = léim sé tar Loch Éirne.


L. 180


A dhreach mar ghréir' (?) nír thréig
A dhath, a chruth, ná a sgéimh,
Nuair tháinig Séamas a's Éamonn (1)
Agus sheas siad le n-a thaoibh,
Níor thrácht aon fhear ar réidhteach
Acht talamh ghearradh do'n phéire.
Sé an deireadh bhí ar an sgéal
Gur fágadh Calnán síos.



Ó shinnsear glan Ghadélus,
Do thriall a shruth (2) 's a ghaolta,
An té leighfeadh Dochtúir Céiting
Tá sé ann tarraingte síos (3),
Deir leabhar na Milésians,
An t-am a dtáinig Héber
Gur leó do gnóthuigheadh Éire
A bhfad sul do thurluing Críost



Mac Coill, Mac Céacht, 's Mac Gréin.
A gcur chum báis i n-éinfheacht,
D'árdaigh bláth agus sgéimh
In san am ar briseadh a ndlighe,
Le breathnughadh grinn san sgéal sin
Nár thruagh sin dá mhac Gaedheal
Do chur os coinne a chéile
Ag feuchaint cia bheith síos.



(1) Edhrí = Eyre; "Eyre," G.
"Dath a ghnúis níor thréig sé
Ó cruthaigheadh bláth na sgeimhe ann
Nuair chualaidh seisean e
Do sheas sé na thaoibh."- C.


L. 182


Dá dtagfadh sé sna sgéalaibh
Go dtuitfeadh Pat san sléachta
Is mór do ghoillfeadh Gaedhil
Agus gearrfaidhe a meisneach síos,
Ní labhróchadh cuach ná éan,
Ní fhásfadh luibh ná féar,
Ní apóchadh súgh ná sméartha
Ná meas ar an gcraoibh (1).



Homer do labhair Gréigis,
'S an Pápa, chuir air, Béarla,
Dá mbéinn mar iad ar aon chor
Níor bhfada liom mo shaoghal,
Bheith 'cur síos ar chaint a's tréithribh
A's ar sgoth na fola tréine,
Do bhéarfadh buaidh ar chéadtaibh
Le neart agus le gníomh.



Dá mbeith maoin agam san saoghal so
Dhéanfainn spórt tré Éirinn
Bheith gunnaidh móra ag séideadh
Agus teinnte cnámha síos,
Le spórt mhór,- croidhe na féile
Do theacht ó ghádh an laé sin,
Agus míle glóir do'n Té sin
Do thug thú abhaile saor.



(1) Bhí an bhéarsa so agus an ceann 'na dhiaigh acht ag an Comáin-
each amháin. Ní raibh siad in sna sgríbhinnibh.


L. 184


Acht do réir mar thuigim Gaedhilge (1)
Tiúbhrad bealach réidh dhaoibh,
Dhéanfainn dán a's bhéarsaidh
Agus is truagh nach dtig Liom sgríob,
'Sé Reachtúire, dá bhféadfadh,
Do mholfadh Páid tre Éire,
Acht chomh fad asteach 's is léir dham
Sin é a cháileacht síos.



Ag so abhrán atá an-choitchionnta, agallamh no cómh-
rádh do rinne an Reachtúire idir é féin agus an t-uisge-
beatha. Fuair mé i dtosach é ó Phróinsias O Conchubhair,
agus arís ó'n gComáineach, agus ó Sheóirse Mac Giolla
an Cloig. Rinne an bárd é agus é 'na luidhe tinn ag
Cillchríosta, i gCondaé na Gaillimhe, de bhárr an iom-
arcuidh óil i gcomhluadar le "cuideachta shéimh."



CAISMIRT AN PHÓTAIRE LEIS AN UISGE-BEATHA.



An pótaire:-



A chomráididh dhílis ar chaith mé mo shaoghal leat,
Dar m'fhírinn' (2) do shaoil mé bheith cneasta,
Gur b'iomdha sin oidhche do chaith mé leat sínte
'S mé caithte ar mo thaoibh cois an bhalla.
Ar chómhairle na ríoghachta níor sgar mise riamh leat
Gur dhóigh tú mo ghruag a's mo mhala,
In san oidhche Dia h-Aoine lá aonaigh Chillchríosta,
I Suidhe-finn (3) ag teach Pheadair Ui Charrthaigh.



(1) "acht an té nach dtuigeann Béarla," ar san comáineach.


L. 186


Seachtmhain go priaclach (1) i bpeannaid 's i bpiantaibh
I dtigh Thomáir Ui Fhloinn (2) ar mo leabaidh,
Do mo ghleus gach aon oidhche 's ar maidin arís,
- Nár bhogaidh (3) Dia choidhche mo charaid!
Geallamhain go fíreannach do bheirim do Críost
Go ndiúltóchaidh mé d'ól uisge-beatha,
'S go bhfuil fhios ag an saoghal nach le dúil ann a bhím,
Acht le grádh do na daoinibh bhíos 'na aice.



Is deas an rud bólacht, féar maith agus gabhaltas (4),
Cruithneacht agus eórna le gearradh,
Min in san gcófhra, 'gus teine, trathnóna,
Agus dídionn d'fhear bóthair a's bealaigh (5)
Léine 'gus cóta ag an Aifrionn Dia Dómhnaigh,
Hata 'gus bróga 'san bhfáisiun,
A's go saoilim-se, ar ndóigh (6) gur fearr sin go mór
Ná bheith 'g imtheacht 's ag ól uisge-beatha.



Is liom-sa thig a mhíniughadh mar chaith mé mo shaoghal leat
Ó baineadh an chíoch díom 'mo leanbh,
Gur thréig mé mo dhaoine, mo dháimh, a's mo ghaolta,
'S ní shéanfainn thú ar chómhairle na h-Eaglais'.
Do stór 's do mhaoin shaoghalta 's ar socruigheadh
ariamh ort,
Agus caith é gan sgith ag mnáibh leanna
Má fhilleann tú arís a's do phursa bheith (7) spíonta
Ní thiubhraidh siad braon duit ar maidin.



(4) Labhairthear an focal so mar "góltas."
(4) Aliter, slighe mhaith ar bóthar as bealach; "slighe b'fhearr b. agus


L. 187


b.," Mac Ui Chonchubhair. (6) "Ar nuachar," Bell; "ar nó," Mac Ui
Conchubhair. (7) "Agus ar thoigh ariamh ort," Bell.
(8) "Agus go mbi do phursa," Bell.


L. 188


An t-uisge-Beatha:-



Maiseadh! is fada mé ag éisteacht leat ag sgeileag-
adh bréag liom,
Agus caithfidh mé féin labhairt feasta,
A's gur b'iomdha sin naégar ag iarraidh (1) na déirce
'S gan luach aige le m'éiliughadh acht a wallet (2).
An té chruinnigheas na céadta le cruadhtain 's díth-
chéille
A's nach bhfliuchfaidh a bhéal, agus tart air,
Tiucfaidh oidhre 'na dhéigh agus fear-croidhe nach
ngéillfidh
Gan bheith 'g ól cois an chlaidhe no an bhalla (3).



Nach comhluadar séimh mé ar chomh-chruinniughadh 's ar
aonach
Ag an té shuidhfeadh go fiadhta (?4) síos im' aice.
Ní'l duit-se acht dith-chéille bheith anois do mo shéanadh
A's ní chreidfidh do sgéal acht fear meathta.
Lucht casacht' a's réuma 's mé do dhéanfadh a réidhteach
Agus tá fhios ag na céadtaibh air seo, cheana,
'S go mbím-se ag na ladies, ag sagairt, 's ag cléire,
'S ag máighistir re (5) léighean agus Laidion.



(3) labhair an t-uisge-beatha go garsamhail in san líne seo.
B'éigin dam a h-athrughadh. Acht deir Mac Ui Neachtain



"Tagann oidhre 'na dhiaigh nach leanann d'á thréithribh
'S nach ngéilleann a séideadh le balla."



(4) Sic. an Neachtanach; "feathta," Bell.
(5) Ré = le. Tabhair an tseandacht so fá deara.


L. 190


An Pótaire:-



Maiseadh! dochar agus grain ort is tú labhras neamh-
náireach
A's ní thiubhrainn-se cáil leath chomh maith ort,
Do chaith mé mo dhátha dhá oidhche 's dhá lá leat,
Agus níor ghabh do chás go ró mhaith dham.
Do dhóigh tú clár m'éadain agus bárra (1) mo mhéara
'S ar na téadaibh ní fhéadaim a leagan,
Ní'l aon fhear san saoghal so chuimleóchadh ró ghéar leat
Nach é a dhualgus sean-éadach 's droch-leaba.



an t-uisge-Beatha:-



Bhfuil gabha-dubh no cearduighe nach ndéanfadh díom
páirtidh?
Is mé buachaill (2) an bháire ins gach bealach,
Ní'l gréasuidhe ná tailliúr d'á dtug ariamh sáthadh
Nach mbeannuigheadh in san tsráid dam ar maidin.
Ní'l bean óg dá bhreághacht nach ndéanfadh liom gáire
An trath do leagfaidhe ar an gclár mé 'na h-aice,
'S go mbím ag an bPápa, ag sagairt, 's ag bráithribh
A's níor cháin riamh mé acht fear meathta (3).



an Pótaire:-



Fuair Raifteri sgríobhtha i leabhar na daonnacht'
Lucht póite go mbíonn tú d'á mealladh
Gan lór-ghníomh do dhéanamh no sásadh in san saoghal so
Go dtuitfidh siad daor in san bpeacadh.
I sgonnsa ná i ndíoga má chailltear (4) fear choidhche
De bhárr a bheith comráideach leat-sa,
Deir beatha na naomh linn gur caint í, dubhairt Críost
Go cinnte nach bhfaighfidh sé na flaithis.


L. 192


Ní'l dearmad ar Dhonncadh Brún i gCondaé Mhuigh-
Eó go fóill. Bhí sé 'na árd-sheirriam ar an gcondaé
mi-ádhamhail sin i mbliadhain na bhFranncach, agus do chuir
sé a chos ar an Éirighe-amach chomh cruaidh sin go mbíodh
fear nuadh crochta aige h-uile lá, beag-nach, i gCaisleán-
a-bharra ar pháirc an bhaile mhóir. Tá an crann ar a
gcrochtaidhe iad 'na sheasamh annsin fós. Deir siad gur
ar an gcrann céadna do chroch sé a námhaid, Mac Uí
Ghearailt. Bhris an rópa agus thuit Mac Ui Ghearailt
ar lár. D'fhosgail sé a shúile, d'fhéach sé na thimchioll,
agus dubhairt, "tá mé sábhálta." "Ní'l tú sábhalta,"
ar sa Donnchadh Brún, "má tá rópa eile le fághail i
gCondaé Mhuigh-Eó!" agus chroch sé arís é. Budh bheag
an t-iongnadh go raibh gráin ag na daoinibh air. Ag so
abhrán do fuair mo chara an Neachtánach ó bhéal duine
éigin i nGaillimh. Ní bhfuaireas acht uaidh-sean é. Níor
cuireadh ariamh ar pháipéar é. Bheith an iomarcuidh con-
tabhairt ann. Dubhairt an fear so gur bh'é an Reach-
túire do rinne é. B'éidir sin, acht tá amhras ann. Ag
so an giota fíochmhar so:-


L. 194


NA BUACHAILLIDH BÁNA.



A Dhonnchadh Brúin 's deas do chraithfinn lámh leat
Agus le grádh dhuit acht le fonn do ghabhail (1),
Ceanglóchainn suas thú le rópa cnáibe,
Agus chuirfinn mo "spír" in do bholg mór.
Nur is iomdha buachaill maith chuir tú thar sáile
Thiucfas anall fós a's congnamh leó,
Faoi chultaibh dearga agus hataibh lása,
'S béidh 'n droma Franncach a' seinm leó.



A chrainn na nduilleóg (2) má chríon do bhláth-sa
Mo chreach níor dhaingnigh d'fhreumhrachaidh,
Mar tháinig an donus orm le linn na bhFranncach
'S an t-arm Gallda 'r gach uile thaoibh.
Cia'n bhrigh an cluithche seo go dtagaidh 'n Spáinneach
'S imtheóchaidh 'n parliament ó chúmhacht an righ,
Seo é 'n imirc a bhfuighfidhmíd sásadh
Béidh an talamh bán againn ar bheagán chíos'.



Ag teacht an tséasúir déanfamaoid sleuchta
Marbhóchamuid céad agus dá mhíle bó,
Béidh buailidhe Shasana le beagán geimneach
Ag teacht an tséasúir má bhíonn muid beó.
Béidh leathar fairsing ag na gréasaibh Gaedhalach'
'S ní iarrfamaoid péire orrtha níos lúgha ná c'róin,
Béidh bróga againn-ne gan Dia 'gá meudughadh,
'S ní íosfamaoid béile níos mó gan feóil.



(1) labhair sé an focal se mar "góail."
(2) "a chrainn duillioch" dubhairt an neachtanach:


L. 196


A Jonny Gibbons mo chlúig céad slán leat,
Is fada uaim thú in sa nGearamán
B'é do chroidhe gan chealgughadh bhí riamh le suairceas
Ar an gcnoc so shuas tá ár gcongnamh fann.
Tá sé d'á aithris dúinn ó bhéal an úghdair
Go loisgidh an "slúp" linn nár baisdeadh a dhream,
Mur a dtagaidh tú de "relíf" orrainn i n-aimsir
chruadhtain
Is mór an truaigh muid faoi bharra gleann.



Tá Jonny Gibbons agus ár n-Athair Maol're
Agus iad 'dá gcaomhuint amach faoi'n móin,
Faoi thart 's faoi easonóir, agus fuacht na h-oidhche,
'S ní'l fiú 'n bhraoin dighe aca, ná dram le n'ól.
Ní mar sin do chleachtadar acht fuigheall na bhfuigheall
Agus hora dhíobhtha nach dtug aire dhó,
Is righ-mhór m'fhaitchios muna bhfuil (truaigh) ag Íosa
Go mbéidh siad síos leis, agus tuilleadh leó.



Tá fhios ag an saoghal nár mharbhuigheas caora
In san oidhche 's nár speir mé bó,
Má tá i ndán agus go n-éireóchadh 'n lá linn
Go bhfuighfimid sásadh in sa chúis seo fós,
Bronnann muid Camus leis an Athair Maol're
Agus Baile'n-mhaoil' le h-aghaidh a bhó
('S ní bhéidhmid a choidhche arís d'ár ndíbirt
Gan biadh gan dídeann amach fá'n mhóin) (1).



(1) ní raibh an dá líne seo ag an té d'innis. Mise do chum iad
chum an rann d'iomlánughadh.


L. 198


Tá bolán bacach faoi bhárr an tsléibhe
A's deir gach aon neach nach mbéidh bhfad beó
Coirnéall Máirtin tá 'na cheann ar an taobh sin
Agus measaim féin gur aige is cóir.
Tá céad fear aca chuir an t-airgead le chéile
Nár ghearr (na) féithe a's nár ith an fheóil,
Acht a chlann Ma Geochagáin má tá tú i n-Éirinn
Ná leig an léan-sgrios go h-Iorrus Mór.



Ag so abhrán do fuair mé ó'n Athair Clement O
Lúghnaidh i mBaile-loch-ria'ch. Ní bhfuair mé ag duine
ar bith é acht aige-sean. Fuair seisean é ó bhéal sean-
duine timchioll cúig bliadhna fichid ó shoin. Ag so a
bhriathra féin i nGaedheilg d'á mhíniughadh dham. Deir
sé:- "Do rinneadh an t-abhrán so i dtaoibh fiadhnuise
bréagaighe do thóg Waters agus Wakefield éigin, le
congnamh cailín mi-chéillidhe, a n-aghaidh sagairt san áit
seo, agus tugadh an "Fhiadhnuise Bhréagach" ar an
abhrán. Budh de lucht feadhma Sacsanaigh d'á ngoirthear
Polís, Waters, agus budh dhuine uasal i mBaile-na-
Sluagh Wakefield, agus dubhradh go dtugadar mórán
airgid do'n chailín seo le cúis nimhneach do chur i n-aghaidh
an tsagairt. Dubhradh go ndearnadar so as an tnuth
do bhí aca do na Catoilcigh, agus chum tarcuisne do chur
ar a gcreideamh. Acht tar éis a ndíthchioll do dhéanamh
níor fhéadadar aon díoghbháil ar bith do chur ar an
sagart maith. Do mhair sé a bhfad 'na dhiaidh sin ag
fritheóladh go diadhach dúthrachtach ameasg na ndaoine."


L. 200


Ag so an t-abhrán. Tá gach bhéarsa dhé ceaptha ar
an gcaoi chéadna, ar na gothannaibh Á agus E:-



AN FHIADHNUISE BHRÉAGACH.



Samson láidir, Solamh a's Dáibhi,
Do mheall na mná iad uile go léir,
Is léi do fágadh an Traoi 'na fásach (1)
I n-ar thuit Priamus 's Hector tréan.
Le na mnáibh chailleamar Aonghus as Áilbhe
As Cuchulauin áigh do sheasfadh céim.
Do dóitheadh Hercules go dti an cnámh
Agus dalladh Árgus, adeir lucht léighin.



Sgríobh na naoimh dúinn go dtiucfadh námhaid
Do bhuailfeadh báire a n-aghaidh na nGaedheal,
Is fíor go dtáinig Seághan agus Mártain
Ar iompuigheadh mádh, agus gnóthaighead "game."
Dias chomh dona leó, Wakefield a's Waters
Aicíd a's pláigh orra! ruaig a's léan!
A's diombuaidh (2) na h-Eaglaise le toil an Phápa
Do shaoil sgannail a's náire thabhairt ar ár
gcléir.



Tá an pobal cráidhte, as a lán ag trácht air,
An maslugh' gránna fuar ceann an thréid;
Acht a Righ na nGrásta le toil do Mháthar
Tabhair dúinn sásadh gan mhoill san sgéal,
An bhean ní cháinfead, raibh cathughadh i ndán dí,
A's tuig gur i bPárrthas do mealladh Éabh,
Is sanntughadh airgid do rinne an cás so
A's mioscas Waters do Chlannaibh Gaedheal.



(1) "A's is le n-a cineadh tugadh traoi 'na fánn." an t-Athair
O Lughnaigh. (2) Labhairthear an focal so mar "diomúgh."


L. 202


Gheit mo chroidhe-stigh, agus ní le h-áthas,
Nuair chualas trácht ar fhear aithne Dé
Na séalaidh tarraingte le tabhairt i láthair
Ní bhfuigfid sin (1) árus measg na naemh.
Treóruidhe maith pobail é do réir a cháile
Ar ór ná ar státa níor dhíol (2) sé an chléir
Acht bás i riachtanas, ar easbhaidh na nGrásta
Go mbuaileann sé Waters chuir air an bhréag.



Úmhlaigh a bhean, 's dean aithrighe chráibhtheach,
A's tá na grásta le fághail ó'n gcléir,
Úmhlaigh san maidin, agus sil an ádhbhar,
Óir atá Dia grásamhail's ní dhéanann Sé bréag.
Smuainidh ar Iúdas, gur le síneadh a láimhe
Do bhraith sé an t-áird-righ, cia an ghlóir do féin?
Do thuirling san oidhche 'gainn i lár an stábla,
A's d'fhulaing an bás Crois' ar ár son go léir.



Is cás é an cáineadh tá dúinn dólásach
Acht do bhí sé i ndán dúinn tre anró (3) géar,
Leagadh orrainn-ne é de bhrigh úbhla i bPárrthas
Ag ceapadh dúinn báis mar gheall ar Éabh.
Peadar, an t-easbal do shéan a mháighistir,
Do fuair sé párdún gan mhoill 'san sgéal,
Agus féach an gaduidhe cuireadh i gcrann na páise
Go bhfuil sé i bhflaitheas ameasg na naomh.



(1) "is dóibh ní fághtar" an t-Athair O Lúghnaidh.
(2) "níor dheill" dubhairt an t-Athair O Lúghnaidh, acht ní thuigim


L. 203


sin. (3) Níor léir dam an focal so, mar sgriobhadh é.


L. 204


Tá eólas ag h-uile dhuine ar an sean-abhrán
"Bean an Fhir Ruadh." Rinneadh é níos mó ná céad
agus b'éidir ná dhá chéad bliadhan ó shoin. Is sean-fhocal
i nGaedheilg "táilliúr aerach," agus deir bean le
táilliúr i n-abhrán eile:



Ní deise liom mar ghearras tú
Ná mar chumas tú na bréaga.



Agus chonncamar mar dubhairt an Reachtúire féin:



Greusuidhe ar stól muna ndéanfadh sé acht bróg
Budh mhian le mnáibh óga bheith i ná (1) leis
No táilliúr ar bórd 's a shiosúir i gcóir,
Mur ngearrfadh sé acht cóta no cába.



Deir siad go dtagann an stair ar ais arís ar an gcuma
céadna 'na raibh sí roimhe sin, agus, nuair mhair an
Reachtúire, thárla gur éalaigh táilliúr eile le mnaoi fir
ruadh eile, amhail thárla céad no dá chéad bliadhan roimhe
sin nuair rinneadh an t-abhrán ar dtús, agus do chum an
Reachtúire an dara abhrán ar an gcúis, ar an bhfonn
céadna leis an sean-abhrán. Ní chreidfinn gur thárla
sé dá ríribh go raibh an dara táilliúr agus an dara
bean an Fhir Ruadh ann, acht go bhfuair mé an sgéal óm'
charaid an Neachtánach, mar fuair seisean é ó bhéal
duine i gConamara. Fuair sé an t-abhrán ó'n gComán-
ach, agus bhí cuid nach raibh aige-sean ag Mac Ui Fhloinn.
Ag so an sgéal do bhí leis an abhrán mar fuair mise ó'n
Neachtánach é, in a bhriathraibh féin:-



(1) i. anaice leis.


L. 206


SGÉAL AR BHEAN AN FIR RUADH.



Bhí teach an fhir ruadh agus teach athar an chailín,
fastuighthe dá chéile, i gCondaé Mhuigh-Eó. 'Sí an cheird
agus an tslighe mhartainn bhí ag an bhfear ruadh, ag
ceannach stocaidh, agus 'gá ndíol arís; agus d'éirigh
leis go ndearnaidh sé saidhbhreas mór leis an obair seo,
acht bhí athair an chailín bocht go leór. Fá dheireadh cheap
an ceannuidhe-stocaidh go mbudh chóir dhó cur faoi, agus
d'iarr sé an inghean ar a chómharsain. Sin é 'raibh ó'n
gcómharsain, agus faoi fhéil Pádraig rinneadh an
cleamhnas. (Do chómhnuigh táilliur anaice leó).



Seurd do bhí sa táilliúr fear breágh, leigthe, aig-
ionta, agus le meidhir agus le fiadhantas d'imthigh leis i
n-óige agus liostáil sé. Agus tar éis dhá bhliadhain do
chaitheamh dhó ag saighdiúireacht i mbaile beag i gCondaé
Mhuigh-Eó, d'éalaigh sé abhaile arís a-gan-fhios. Is cos-
mhúil gur mó an gean do bhí ag an gcailín ar an táilliúr
ná ar aon duine eile, agus, tráthamhail go leór, bhí sé sa
mbaile i n-am le bheith ag an gcleamhnas. I n-imtheacht
na h-oidhche (is de shiubhal oidhche rinneadh an cleamhnas)
thairg an Fear Ruadh glaine biotáile do'n chailín acht
d'eitigh sise í; agus tamall 'na dhiaidh sin thairg an
táilliúr glaine dhí agus ghlac sí uaidh-sean í. Chuir sin
eudóchas ar an bhFear Ruadh acht níor leig sé air gur
ghoill sé air, agus críochnuigheadh déanamh an cleamhnais.



An tseachtmhain d'ár gcionn bhí gnó ag an bhFear
Ruadh go Baile-átha-Cliath, mar is ann do thugadh sé na
stocaidh, agus cheannuigheadh sé earraidh eile 'na n-áit,
le díol ar ais arís ar fud na tuaith. Bhí sé lá ag
ceannach stocaidh ó shean-mhnaoi ar an mbaile, cúpla lá


L. 208


sul bhí sé le h-imtheacht, agus mar is iondual le mnáibh
bheith cainteach cabach, thosuigh sí seo ag caint ar an
bpósadh agus ag rádh go raibh rimheud orra ar fad é
bheith ag cur faoi sa mbaile 'na measg, agus so agus
súd eile, "acht," adeir sí, "seachain thú féin ar an
táilliúr." Níor leig seisean dada air, acht dubhairt sé
leis féin nach raibh gar aige dhul go Baile-átha-Cliath,
agus an táilliúr fhágbháil sa mbaile; agus cheap sé dá
bhféadfadh sé an táilliúr thabhairt leis go ndéanfadh sin
cúis dó. Dubhairt sé annsin le athair an chailín gur
theastuigh fear glic uaidh i n-éinfheacht leis, agus dubhairt
an t-athair leis, an táilliúr iarraidh. D'iarr, agus
d'eitigh seisean é. D'iarr athair an chailín annsin ar
an táilliúr dul leis an bhFear Ruadh, agus chuaidh.
Chuadar araon go Baile-átha-Cliath, chríochnuigheadar a
ngnó ann agus chuadar a chodladh in aon tseomra amháin
san oidhche. Ar maidin go moch, liúgh an Fear Ruadh amach
gur ghoid an táilliúr a chuid airgid uaidh san oidhche, agus
amach leis fá dhéin na "bpóilíos." Gabhadh an táilliúr
acht chruthuigh sé sa gcúirt go dtáinig luach na stocaidh
agus luach an earraidh do cheannuigh sé, le chéile, agus
gur eugcóir do cuireadh air-sean.



Sgaoileadh amach annsin é, acht d'innis an Fear
Ruadh annsin go raibh an táilliúr 'na shaighdiúr, agus
gur éaluigh sé as an arm. Gabhadh fear na snáithide
arís agus fá'n gcoir sin cuireadh i bpríosún é go ceann
dhá bhliadhain.



Tháinig an Fear Ruadh abhaile agus phós sé, agus
nuair bhí an dá bhliadhain istigh ag an táilliúr, tháinig sé
abhaile, agus d'éalaigh bean ar Fhir Ruadh leis, gidh go
raibh beirt chloinne aici le na fear. Ghoill sé seo chomh


L. 210


mór sin ar an bhFear Ruadh go dtáinig saobhchan-céille
fá dheireadh air, agus d'imthigh sé i bhfiadhantas i ndiaidh
a chinn roimhe, agus tamall sul cailleadh é ní aithneóchadh
sé aon duine, ná amháin a bhean féin thar mhnaoi ar bith
eile.



BEAN AN FHIR RUADH.



Smaoinigh gur ceusadh
Aon Mhac Mhuire ar an gcrann,
'S gur i bpeacadh síl Éibh'
Gan bhréig do rugadh sinn ann.
Béidh mallacht na naomh
N'ár ndiaidh má imthigheann muid cam,
Úmhluigh feasta do'n chléir
Agus ná tréig-se Flaitheas le greann.



A dhuine gan áird
Ná trácht-sa ar sheachtmhain ná ar luan,
No tiucfaidh ort gráin
Ó'n Árd Righ ó Fhlaitheas anuas.
Béidh arraing ó'n mbás
In do lár 's tú 'g osnaoil go cruaidh,
'S ná tréig-se na grása
Le grádh do bhean an Fhir Ruadh.


L. 212


A dhuine gan chéill
Ná tréig, thusa, Flaitheas na ndúl,
Smaoinigh gur claon
'S gur baoghlach é peacadh na drúis',
Béidh tú fre Néro
Mar 'sé bhéidheas agad mar dhuais,
Nach truagh Mhuire do sgéal
'S gan do réidhteach ag bean an Fhir Ruadh.



Tiucfaidh lá'n tsléibhe
'S béidh 'n sgéal so d'á tharraing anuas
I bhfiadhnuis' an Righ
Bhfuil na línte fola (1) ar a ghruaidh.
Béidh lucht na mí-ngníomh
D'á ndíbirt go h-ifrionn ó thuadh,
'S a tháilliúir na gaoithe
Is dáor íocfas tú bean an Fhir Ruadh.



Súd é 'n lá léin
A léimfidh na mairbh ó'n uaigh,
Béidh do chorp ag na péistibh
A's tréigfidh an lasadh do ghruadh.
Béidh do chionnta (2) i t'eudan
Go léir (3) le léigheadh ag an sluagh,
'S nach fealltach an sgéal (4) duit
Éalóghadh le bean an Fhir Ruadh (5).



(1) "Na línte breágh folluighthe" an Neachtánach. D'athruigh mise
é mar tá.



Tiucfaidh an lá léin
a léimfidh na coirp as an uaimh
Lasfaidh na sléibhte


L. 213


Agus pleusgfaidh cnoic agus cuain.
Tuitfidh na reulta
'S béidh an taer chomh dubh leis an ngual
'S béidh an táilliúr ag boc-léimnigh
Mur a dtréigfidh sé bean an Fhir Ruadh.


L. 214


Is iomdha lá aereach
Ar éirigh sí 'mach (1) in san ngleann,
Le na culaidh (2) bhreágh éadaigh
Gan bhréig, a's a hata ar a ceann.
Ní chreidfinn ó'n saoghal
Nach neullta a d'éirigh 'na ceann,
Le gur shanntuig sí 'n seucla
'S gur thréig sí a fear a's a clann.



'S iomdha sin féirín
Gan bhréig d'fhág sí na diaidh,
Capaill's caoirigh 's céachtaidh
Do threabhfadh tré shliabh.
Le amhgar faoi 'n sgéal
Ní féidir go mairfidh sí bliadhain,
Dul a' fuaghail sean-éadaigh
Ins gach aon teach le táilliúr na míol.



Ní'l siosúr ná miosúr
Ná snáithe d'ár dhúbail (3) sé riamh,
Nach mbéidh in a láthair
An lá úd tarraingte sa sliabh.
Béidh mallacht Chrích' Fáil
Na sháil, a's nár fheicfidh sé Dia,
Thug Bríghid ó'n dá pháisde
'S d'fhág fán orra soir agus siar.



(1) Aliter: D'eirigheas go moch. (2) Aliter: Mo chulaidh, agus c.
(3) "Dhúmhail," dubhairt sé.


L. 216


A tháilliúir tá ar fán
Má's áil leat feasta bheith buan,
Cuir Aifrionn d'á rádh
Go h-árd, agus scread ar an Uan
Cuir Aifrionn chum Dé
'S go h-éag na h-ísligh do ghruaidh,
No ní fhóirfidh Mac Dé ort
Go h-éag ná th'r éis dul' san uaigh (1)



Hercules láidir (2)
Do crádhadh san teine le mnaoi,
Loisgeadh le Hélen
An Ghréig agus feara na Traoi.
Thuit siad le Déirdre
Treun-chlann Uisnigh nár stríoc,
'S gur cailleadh Turgésius
Le inghin Mhaoil-sheachlainn na Midhe.



Cailleadh le Blánaid
Mac Dáire 's Cuchulainn cruaidh,
Agus Diarmuid le Gráinne
Ar árd Bhinn Gulbain (3) ó thuaith.
Nuair thigeas grádh mór
'S é is dóigh go leanann dó fuacht,
Glac feasta mo chómhairle
'S ná tóirigh choidhche bean an Fhir Ruadh.



(1) Aliter:
Agus sin é 'n receipt le
thú shaoradh ó pheacadh na drúis'.
(2) Tá an bhéarsa so agus an ceathar a leanas ó G. Bhí sé ó'n


L. 217


gComáineach go dti seo.
(3) "Binn Borb", san MS.


L. 218


Tuig gur le h-Aoife (1)
Do claoidheadh Clann Lir in san snámh,
'S gur le beartuigheacht a's draoidheacht
Do rinneadh (2) dhíobh clúmhach eala bháin.
Samson le mnaoi
Chaill a bhrigh, 's a spreacadh, 's a ghruag
Cia an chaoi a dtiucfá-sa saor
'S do bheith síneadh le bean an Fhir Ruadh



Béidh ar shíolruigh ó Ádhamh
An lá úd i bhfiadhnuise an Uain,
'S gach duine dhó féin
Mar chléireach ag innsint a chúis'.
Gach peacadh d'á ndéantar
Dul i gcéill 's i meabhar do'n tsluagh,
'S béidh an táilliúr i ngéibhionn
Faoi bheith 'plé le bean an Fhir Ruadh.



Deir Raifteri féin
Go h-éag nach maithfear an drúis,
Solamh bhí tréan
In a laéthibh, chuir sí ar gcúl.
Mur bhfuil (grása) ag Mac Dé
Sé mo leun, tá (an) peacadh ró chruaidh,
'S bhí an táilliúr gan chéill
An lá d'éalaigh sé le bean an Fhir Ruadh.


L. 220


Ní'l aon abhrán grádh d'á ndearnaidh an Reachtúire
is mó clú na Bríghdín Bheusaidh. Ag so an cúntas do
chualaidh mé ar ádhbhar an abhráin ó'n Athair Clement
O Lughnaidh, i mBail-loch-ri'ach, i gCondaé na Gaillimhe.



"Bhí Bríghdín Bheusaigh no Vésey, 'na h-inghin d'fhear
do tháinig go Bail-loch-ri'ach le na mhnaoi, ó áit éigin i
gCondaé Mhuigh-Eó, ó Chaisleán-a'-bharra, deir siad. 'Sé
an tslighe bheatha do bhí ag an bhfear so, friothólamh do
dhéanamh thimchioll na h-Eaglaise parráiste i mBail-loch-
ri'ach. Do bhí Brighid ar aimsir, mar chailín, i dtigh éigin
san tsráid mhóir atá ag dul o'n taoibh shiar go dti an
taobh shoir, óir ní'l i mBail-roch-ri'ach acht an aon tsráid
amháin, leith amuigh de shráidínibh beaga agus d'áiteachaibh
eile ar bhruach an locha. Do théidheadh Raifteri go minic
do'n tigh úd a raibh Bríghdín ann, agus bhí Bríghdín 'na
caraid mhaith dhó i gcómhnuidhe, bhí sí fáilteamhail fialmhar,
agus do b'annsa leis í. Acht do briseadh suas an
mhuinntir úd a raibh Brighid leó, agus tar éis sin chuaidh
sí asteach go tigh ministéir dar bh'ainm Medlicott agus
do bhí sí 'na searbhfóghanta annsin. Do athruigheadh an
ministéir seo go Cill-dhá-lua, agus rug sé Bríghdín leis
mar bhean-tighe. Ar gclos do Raifteri gur fhág Bríghdín
an tsean-áit agus go raibh sí leis an ministéir, tháinig
brón air, óir bhí sí go díreach tar éis imtheachta nuair
ráinig Raifteri an baile mór. Chuaidh sé asteach i
dteach beag do bhí ar thaoibh an chnuic do'n árd shoir de'n
bhaile, os cionn an locha, agus annsin do sgaoil sé amach
a rún croidhe ag caoineadh Brighde.


L. 222


"Maidir le Brighid, d'fhan sí leis an ministéir ar
feadh móráin bliadhan, agus fa dheireadh do chuaidh sí go
Sacsana, agus is annsin d'éag sí. Bhí sí 'na Catoil-
ceach maith i gcómhnuidhe. Deirthear fós go raibh sí an
sgiamhach, acht go raibh sí (mar bhíos cuid mhór d'á leith-
éid) mi-ádhamhail. D'á bhrigh sin adeir Raifteri go
ndeachaidh sé go dti na h-áiteacha íochtaracha le n-a
h-iarraidh, agus gur in súd do fuair sé í fá dheireadh, no
go dtug sé abhaile asta í.



"Do bhí col-ceathair do Bhríghdín 'san áit seo do
chuaidh go h-America seacht no ocht de bhliadhantaibh ó
shoin."



Ag sin an cuntas do fuair mé uirri ó'n Athair O
Lúghnaidh. Acht dubhairt mo chara, Mártain P. Mac a
Bháird, atá anois i San Francisco, liom, gur de mhuinntir
Chathasaigh do bhí an cailín, agus gur leis an sagart
parráiste do bhí sí ar aimsir, sul chuaidh sí go teach an
mhinistéir. Fuair mé an t-abhrán ó'n Lúghnach, ó Mhac a'
Bháird, agus ó dhaoinibh eile, agus chuir mé le chéile é
chomh maith agus d'fhéad mé.



BRIGHID BHEUSAIDH.



Phósfainn Brighdín Bheusaidh
Gan cóta bróig ná léine,
A stóir mo chroidhe dá mb'fhéidir liom,
Do throisgfinn duit naoi dtrath,
Gan bhiadh gan deoch gan aon chuid
Ar oileán i Loch Éirne,
D'fhonn mé a's tú bheith i n-éinfheacht
Go réidhfimís ár gcás.


L. 224


A ghruaidh ar dhath na gcaor-chon
A chuaichín bháirr an tsléibhe,
Do ghealladh ná déan bréagach
Acht éirigh (leis an lá)
'S i n-aimhdheóin (1) dlighe na cléire
Go dtoghfainn thú mar chéile,
'S a Dhé, nár dheas an sgéal sin
Duine ag eulógh' le n-a ghrádh



Do gheit mo chroidhe le buaidhreadh
Agus sgannraidh mé naoi n-uaire
An mhaidin úd do chualaidh mé
Nach raibh tú rómham le fághail
'S a liacht lá faoi shuairceas
Chaith mise 's tú i n-uaigneas
'S gan neach ar bith d'ár gcúmhdach (2)
Acht an crúisgín 's é ar an gclás
Dá bhfághainn amach do thuaraisg
Dá dtéidhtheá go bonn cruaiche
Rachadh an sgéal ró chruaidh orm
No leanfainn do mo ghrádh,
'S go mb'fhearr liom sínte suas leat
'S gan fúinn acht fraoch a's luachair
Ná (bheith) 'g éisteacht leis na cuachaibh
Bhíos ar siúbhal ag éirighe lá (i.e. laé).



(1) "Ingdheóin" dubhairt sé. Labhairthear mar sin é i meadhon


L. 225


Chonnachta.


L. 226


'S é ádhbhar m'osna 's m'éagcaoin
Gach maidin mhoch d'á n-éirighim
A chúil na lúb 's na bpeurla
Nach tú bhí dham i ndán,
'S ní iarrfainn leat mar fhéirín
Acht mé a's tú bheith i n-éinfheacht
I n-áit icéint (1) 'n ár n-aonar
Go leagfainn ort mo lámh (2).
Sheinnfinn ceól ar teudaibh
Go binn, le bárr mo mheura,
Thréigfinn mná na h-Éireann ort,
A's leanfainn thú 'san tsnámh,
'S dá mbéidhinn am' righ na Gréige
No im' phrionnsa ar na céadtaibh
Do bheurfainn suas an méad sin
Do pheurla an bhrollaigh bháin.



Dá bhfeicfeá reult an eólais
'S í teacht i mbéal an bhóthair
Déarfá go mbudh sheód uait
Do thógfadh ceó a's draoidheacht,
A gruadh dearg mar rósaibh
'S a súil mar drúcht an fhóghmhair,
A béilín tana ró dheas
'S a brághaid ar dhath an aoil.



(1) Labhairthear "éigin" mar "icéint" i gConnachtaibh agus mar
"éigint" i Mumhan.



(2) "go luidhfidh orrainn bás," O'L.


L. 228


Bhí a dá chích corra cómh-chruinn
Mhol mé iad 's ní mór liom,
'N a seasamh ag déanamh lóchrain
'S iad ceaptha os cómhair a croidhe,
Tá mé i mbrón 's i ndóghraing (1)
Ó sgiorr tú uaim tar teórainn,
Cidh is fada ó fuair mé cómhairle
Go ngiorróchá ar mo shaoghal.



Tosóchad shíos i mBréuch-bhuidhe
A's rachad go Loch Éirne,
Ó Shligeach go bonn Céise
Bheurfaidh mé mo sgríob,
Siúbhalfaidh mé Móin-Éile
Corcaigh a's Binn-Éidir
'S ní sheasfaidh mé i dTom-Gréine
Go dtéidh mé go Tráighlighe.
Ní'l gleanntán cnoic ná sléibhe
Ná baile-cuain 'san méad sin
Nach siúbhalfaidh mé, má fhéadaim,



'S nach dtóireóchaidh mé mo mhian,
Muna bhfágh' mé Brighid 'san méad sin
Ní'l agam le rádh léithe
Acht beannacht slán a's céad do chur
Le bláth na sugh-chraobh.



(1) Aliter: "Dórann"; "a' deór-caoi," O'L.


L. 230


A sgéimh, a croidhe, 's a breághtha (1)
Ní sgríobhfadh Bhirgil ráithe,
A dá chíc gheala bhána
Mar an eala tá ar an dtoinn,
A malaidh caola, tarraingte,
'S a súil chomh cruinn le áirne,
A bhíos i gcómhnuidhe, tá 's againn,
Ag fás ar bhárr an toim (2).
Budh mhillse blas a póige
Ná mil na mbeach 's é reóidhte,
Ba dheas a seasamh i mbróig
'S a cúilfhionn fáinneach fionn
'S dá mbéinn a's bláth na h-óige
I mBalla no i mBothóla (3)
Ní fhágfamaois go deireadh fóghmhair é,
Acht ag spórt 's ag déanamh grinn.



Deir Mercuri gur dóigh
Gur b'é Pluto sgiob an tseód leis,
'S gur ab iomdha gárdaidh móra
Tá gabhail idir mé 'gus í,
Is é Jupiter a máighistir
A's triallfaidh mé d'á láthair,
Acht fanfad go dti amárach
Go leigidh mé mo sgith.



(1) "Sceimh a croidhe comh-breaighe," O'L
(2) "Bhíos i gcómhnuidhe tá's againn
Na fas ar bhar na craoibh," O'L.


L. 231


(3) "I gcillcaoi no i dTraighmor," O'L.


L. 232


Tá mé tuirseach, breóidhte.
Cidh chaith mé leat mo bhróga,
Go síorruidhe ag déanamh bróin,
Ní chodlaighim neull de'n oidhch.
'S ó thug Hercules le ró-neart
Cerberus de'n bhóthar,
An measann sibh nach cóir dham
Mo stór do leanamhain síos.



Níor mhór dham congnamh láidir,
Ní'l mé mór le Charon,
B'éidir dhó mé bháthadh
Dá dtiginn in a líon.
Tá a bhád 's a mhaididhe rámha
Go síorruidhe annsúd ar ghárda.
Ní thaitnigheann dream an Phápa leis,
Ní ghéilleann sé d'á ndlighe.
Níor chabhair dham na Spáinigh
Mar gheall ar Bhainríoghain Máire,
Bhíodh ag brúghadh a's ag cárnadh
'S ag congbháil na nGall síos,
Acht dá mairfeadh Calvin lá 'cint (1)
Cromaill, Hannraoi, a's Mártain,
Dá sgríobhfadh siad dam cárda
Ní h-éileóchaidhe orm pighin.



(1) i.e."lá éigin."


L. 234


'Sé Pluto an prionnsa clamprach
Sgiob uaim mo ghrádh agus m'annsacht
É féin agus Radamantus
Ní caraid dam an dias,
Bhulcan brúighte dóighte
'S a leath-chos briste breóidhte,
Minos nach dtug (1) tróchaire,
Na trustaigh an gaduidhe choidhch'.
Is iomdha abhainn bháidhte
Sin agus contabhairt chráidhte,
Tóirneachaidh ag cárnadh



Agus ag losgadh ar gach taoibh,
Acht triallfad orra amárach
Agus mar admhuigh siad mo ghrádh dham,
Geobhad congnadh láidir
Nach n-éileóchaidhe orm pighin.



Fianta Finn níor mhór dam
Osgar 's Goll mac Mórna,
'S Cúchullainn an laoch cróganta
Nár chlis i gcath ariamh.
Clann Uisnigh dubhairt go leór liom
Do bhainfeadh as claidheamh lóchran,
Agus Hector an laoch mór-chruth
Fuair fóghluim breágh san Traoi.



(1) "Bhfuair" dubhradh liom-sa.


L. 236


Chluinfeá i dTír na h-Óige
Gníomh na bhfeara móra,
An tráth thosaigheadar a' strócadh
Ag gearradh rompa síos,
Acht Iupiter níor mhór dham
Cuir Mentor an fear eóluis liom,
Nár leig amugh' i n-aon bhóthar mé
Go dtug me abhaile Brighid.



Ag so abhrán do rinne an Reachtúire ag moladh
ceirde an fhigheadóra. Do chuir sé dúil riamh i bhfear-
ceirde maith. Bhí dá fhichid no mar sin d'fhigheadóiribh ag
obair gach lá i mBail-loch-ri'ach nuair bhí an Reachtúire
ann, agus budh iad do rinne éadaigh na tíre. Ní mheasaim
go bhfuil níos mó ná fear amháin no beirt ann anios.



AN FIGHEADÓIR.
Molaim go deó an crann agair 's an seól
'S an tslinn do bheir leigean do'n chúrsa,
An t-úghaim a's an spól 'san lámh-chlár níor mhór,
An garumna na runners (1) 's an túrna.
Tá an uirlis le fághail, a gcion a's a gcáil,
'S an figheadóir, Mac Mhuire d'á chúmhdach;
'Sé chuirfeadh brat brághaid ar fhearaibh 's ar mnáibh,
Ins gach bealach 'na gcodladh 's 'na ndúiseacht.



(1) "An garm rithire," G


L. 238


Ní'l bruinniol dá bhreághtha ar chruinniugh' no báire,
Ar a capall, nach bhfoillfeadh dhí, fúithi,
Pillín breágh árd, a's a beilt faoi n-a lár,
Ribínidh, ruffaidh, a's gúna.
A fallaing bhreágh thláith 's a mbíonn ar a brághaid,
'Sé ('n) seól do bheir fasgadh d'á glúnaibh,
'S an fear tar éis bháis dá dheasughadh ar an gclár.
Gur deiside é sgiorta dá chúngnamh.



Amach as a lár do thigeas gach áilg (1),
An carpet, an phluid, a's an súsa,
An muslin 's an gáus, seól loinge 'gus báid,
'S go ngleusann sé uaisle na cúige.
An céimbric 's an láun, center crois bár (2),
'S na síodaidh ghnidh habit a's gúna,
An ceasamar (3) bán 's an bhelbhet is fearr
Dá'r chaith riamh iarla ná diúca.



Gréasaidh ar stól (4) mur ndéanfadh sé acht bróg,
Budh mhian le mnáibh óga bheith i ná leis (5),
No táilliúr ar bórd 's a shisiúr i gcóir
Mur ngearrfadh sé acht cóta no cába.
Ní cháinfead aon tsórt, ní'l baint agam dó,
Acht 'sé 'n figheadóir sháraigh an ríoghacht,
Budh maith é i dtigh an óil, fear-chaithte an spóil,
Tá sonas a's sógh ó Chríost air.



(1) Aliter, "áirge."
(4) "Fear ar ceann stóil," C.


L. 240


Ní'l file ná bárd (1) ó'n tSionnainn go tráigh,
Nach leigfidh mé an seanchus fútha,
'S mur bhfuil sé sáith árd ó bhuail mé ann lámh,
Éileóchaidh mé beagánín cúngnamh.
Ní'l agam le rádh ar fad in san gcás,
Acht an Brianach nár chrothaigh sé fiúntach,
Arís go lá 'n bháis chomh fad 's mhairfeas clann Ádhamh,
Ní mholfad aon fhear (2) as a dhúithche.



Má tharraing sé siar bhí fear ar an sliabh
Do thógfadh go sgioptha mo pháirt-se,
De sliocht Cloinne Mhíl' ó thosach a' tsaoghail,
Nár eitigh fear riamh (faoi) chárta (3).
Bheirim dó 'n chraobh 's go maisidh sé í,
'S go bhfeicidh Dia sonus a's ádh air,
'S go deimhin, a Shuibhne, tá Reachtúire buidheach díot,
Agus ólfaidh ins gach baile do shláinte.



Nuair bhí an Reachtúire aon am amháin i gCeapach-
teagail, áit atá leath-bhealaigh idir Bhail-loch-ria'bhach
agus Béal-áth-na-sluagh, agus timchioll ceithre míle
taobh shíos d'Each-dhruim, fuair sé ádhbhar maith abhráin as
phósadh do bhí ann. Do bhí beirt an-bhocht in san áit sin,
acht chomh bocht agus do bhíodar, do cheapadar go bpós-
fadh siad le chéile. Níor ghnáthach, an uair sin, daoine do
bheith pósta in san teampoll, acht do théidheadh an sagart
go teach an dhuine shaidhbhir le 'na phósadh, agus do thigeadh


L. 242


an duine bocht go teach an tsagairt. Do shaoil ógánaigh
an bhaile greann do dhéanamh dóibh féin as an bpósadh so,
agus chruinnigh siad le chéile, go dtáinig siad i n-éin-
fheacht leis an lánamhain go teach an tsagairt. Nuair
bhí an bheirt annsin ag fanamhaint leis an sagart, chuaidh
na buachaillidhe go tigh-an-óil do bhí a n-aice leó, agus
thosuigh siad ag ól. Do bhí péire bacach annsin, rompa,
ag iarraidh déirce, agus thug na buachaillidhe neart le
n'ól dóibh, go bpiocfadh siad greann asta. Níor bhfada
go raibh an cúpla ar meisge, agus thosuigh siad ag troid
le chéile, agus ag bualadh a chéile. Nuair tháinig an
lánamhain nuadh-phósta amach ó thigh an tsagairt tar éis
an phósta, do chruinnigh an cómhluadar na dtimchioll, agus
d'fhágadar san mbaile iad, acht mo leun! ní raibh ag an
lánamhain bhoicht nuair thángadar abhaile acht prátaidh
bruithte agus sgadán goirt le n-a suipéar. Nuair
chualaidh an Reachtúire trácht air seo, an lá ar na
mhárach, do bhí sé ag gáiridhe gur rith an t-uisge as a
shúilibh, agus níor stad sé go ndearnaidh sé an dán so
ar an mbanais.



Tá rud éigin in san dán so a dhealuigheas é ó'n
gcuid is mó d'obair an Reachtúire. Tá lorg na sean-
bhéarsaigheachta sin air a dtugthar "Rannaigheacht mhór"
agus "Séadhna" le feicsint fós ar na líntibh seo. Dá
ngearrfaidhe síos corr-líne annso agus annsúd, ní bheith
acht seacht no ocht siollaidh ins gach líne san gcuid is mó
de na ceathramhnaibh, mar atá in san tsean-bhéarsaigh-
eacht. Tá na línte níos teannta-le-chéile, níos giorra,
níos dlúithe ná in san gcuid is mó d'á chuid dán. Ag
so é:-


L. 244


BAINFHEIS AN TSLEADHTHÁIN MHÓIR.



Féasta bhí ar an Sleadhthán mór
Agus deir go leór gur mhair sé seachtmhain.
"Guinea" rinneadh suas do'n cheól,
Cúig phunta a's cróin do fuair an sagart.



Is ann do sgapadh súgh na h-eórna,
"Ale" a's pórter a's uisge-beatha,
Teamhair na slógh (1) ba shamhail dó
An trath bhídís ag ól ó oidhch' go maidin.



Is ann d'fheicfeá an mágh-shluagh (2) mór,
Fir go leór, as óg-mhná deasa.
Is fear gan croidhe nach leanfadh dóibh,
Ba gheall le "show" iad dul thre 'n mbaile.



Bhí biadh 'gus deoch do'n mBeag 's do'n Mhor,
'S gan glaodhach ná tóir ar chótaighibh breacha.
Acht lucht cnotaigh árda, bonnets, béabhers,
Centons (3), céimbric, a's gúnaidh geala.



Is iomdha cailín barramhail spéireamhail,
Do bhí ann gléasta i gclódh 's i bhfáisiún.
Dámbeith a cleamhnas réighte go mbudh deas an sgéal
Do bheith ag cómhrádh léi ar cholmhadh leapthan (4).


L. 246


Éadaigh cláir, a's boird dá réir sin,
I ndiaigh a chéile bhí siad leagtha.
Miasa geala agus plátaidh péatair,
Agus sgeanna géara le dul ag gearradh.



Briogúin a's teine os coinne a chéile,
A's Máire a-Céin ag casadh an bhiora.
Delf a's china, turreen, taépot,
Agus mórán gréithre bána a's breaca.



Seacht sóirt feóla tugadh ar bórd ann,
Gléasta cóirighthe os cómhair an tsagairt.
Muic-fheóil, mairt-fheóil, caoir-fheóil rósta,
Turcaigh géadha puiléid a's cearca.



Patraidh (1?) uisge ar phlátaibh gléasta,
Cá 'uil an t-éan nach bhfeicfidhe ann, leagtha,
Londubh, feadóg, creabhar, céirseach,
Crotach, naosgach, a's péire lachain.



I n-aimsir cóisir suidhe le chéile,
Iasg fhághail gléasta dar ndóigh, níor fhearg.
Breac a's bradán, troisg má 's féidir,
Maéden raé (2) agus cnúdán dearg.



Torabord bíodh ar thosach méise,
An lang, an bréam, an plás 's an ballach.
Cadóg, ronnach, sgadáin úra,
A's béidh mé ag súil le liús a's mangach.



(1) an focal ceart.
(2) "Meadin Re agus crodane," Hessian.


L. 248


Ní'l an bórd sáthach gléasta i ndiaidh an mhéid sin,
Go bhfághmaoid gach aon nidh i dtráigh 's i gcladach
Purtán, Gliomach, oistridhe (1), séaclaidh,
A's mar fuair sí gach aon ná fágaidh an tártois.



Mias agus fiche le h-ais a chéile,
Fear agus céad a' riar 's a' freasdal.
Acht molaidh an chraobh le bláth na sgéimhe,
'S í ghléas an méad úd, Mary Loftus.



Cácaidh pósta tugadh ar bórd ann,
Arán breágh gabhalach, fíon a's "craclings."
Acht an t-ádh go raibh ar an dís do pósadh,
Mar is orra dar ndóigh do gheobhfá an brabach (2).



Bhí "jar" 's gach láimh, le ancor lán,
Mar is fear é ariamh do chleacht an fhairsinge (3),
Puinnse 's brandaigh a's glainidhe ar bórd,
Is iomdha stróinse d'fheicfeá ann leagtha.



Rum a's "canary" i gcannaibh a' léimnigh,
Go leór mná gléasta a's "négus" aca,
Muna gcualas bréag, le h-éirighe an laé,
D'fheicfeá céad nach bhféadfhadh seasamh.



Boird d'á gcrapadh, teach dá réitiughadh,
Is iomdha "séat" (4) do bhí le balla,
Thosaigh damhsa, shéid na ceólta,
'S nár ró-bhreágh an spórt do bheith 'na n-aice.


L. 250


Ar an ngreann ar fad ní thiubharfá ceó,
Gur árdaigh an t-ól i stuaic na mbacach,
Diabhal tom na claidhe go Bóthar Mór,
Nach gcluinfeá gleó agus rúsgadh bata.



Bhí puis (?) mhná (1) sínte ar an ród,
Agus dar mo dhóigh go rabhadar salach (2),
Acht is damh-sa d'éirigh an mi-ádh mór,
Do chaill an spórt agus mé ar mo leabaidh.



Ní'l poll ná cró ná bothán bó,
Nach gcluinnfeá gleó ann ar siúbhal le balla,
Acht "Padaidh the Song" a's Machann (?) mór (3),
Do bhuail go leór a's do mhill an baile.



Dubhairt an fear liom bhí san láthair,
Gur b'é an paidirín páirteach bhí ag na bacaigh,
Éirighe suas gan sgith ná spás
Cuaillidhe fhághail, agus tosughadh ag greadadh.



Trathnóna an laé sin d'fheicfeá i n-éinfheacht
Gabhtha gléasta naoi gcéad bacach,
As Amhain-mhac-gcearrna, as Umhall-Ui-Mháille,
As Uachtar Árd a's as Chonamara.



Litir faoi shéala chuaidh san "mail,"
Agus shiúbhal sí Éire i n-imtheacht seachtmhain (4),
Dheamhan bacach réiceamhail d'á gcualaidh sgéal air,
Nár ghlac a ghléas a's a chulaidh gaisge.



(2) "Gur ól siad greadamh," G.


L. 252


Cleith naoi dtroighe, dhíreach, láidir,
Fáinne 'na bhárr a's bior 'na sheasamh,
Coirín eiris (1), strapa a's mála,
Búcla táirne, 's beilt mhaith leathair.



Thriall siad chugainn as gach áird,
Ó Dhroichead Átha 's aniar ó Ghaillimh,
(Ar) bhóithribh Áthasgrach d'fheicfeá a lán,
Agus anuas le fána, taobh Shléibh Baichte (2)



Deamhan claidhe ná fál ó Chloch na Páirce,
Nach raibh ar lár do'n Cheap a' tSeagail,
Cruach ná stáca, ná leath-thaoibh bearnann,
Nach bhfeicfeá ann páiste, bean, ná bacach.



Shocruigh siad campa os coinne a chéile,
A's fuair siad réidh le dul chum catha,
Cath na bPunann do b'fhusa a réidhteach,
Ná a gcur ó chéile arís go maidin.



Bhí "pitchers," "cettles," pacaidh, (3) a's málaidh
I mbéal na sráide d'fheicfeá iad caithte,
Bhí fuil ar smuit a's malaidhe gearrtha (4),
A's a chuaille i n-áirde i láimh gach bacaigh.



(1) "Coreen agus erish" Hessian; "curreen thairis," R.I.A.


L. 254


Is annsin do tugadh an "battle" cruaidh,
Bhí cloigne cluasa a's gruag d'á streachailt,
Tráth chruinnigh an sluagh agus sheas siad suas,
Ba chontabhairt chruaidh a bheit 'na n-aice.



Mághnas Mór tráth bhí sé beó,
Loisg Teamhair na slógh sul féadadh a leagan,
Dá mbeith sé annsúd le tús an ghleó,
Céad fear d'á shórt ní fhéadfadh seasamh.



Earcuil tréan na sgiath mbreac,
Do rinne an chreach i n-aice an chuain (1),
Fianna Finn 's a gcruinniughadh ar fad,
Ní chuirfeadh na bacaigh i ndiaigh a gcúil.



Conlaoch, Árdan, Ainle (2), a's Naoise
Thógfadh cíos i n-aimsir gaisge,
Goll mac Mórna, an Dearg Mór,
Agus Tailc mac Treóin do bheith 'na n-aice.



Sgrios na Traoi deich mbliadhna 's mí,
Súd é an "siege" le'r thuit na feara,
Acht a rugadh ariamh 's a mbéarfar choidhche,
Ní fhéadfadh sgríobh ar ghníomh na mbacach.



Cnoc-an-áir, ba mhór é a cháil,
Tá fios ag a lán go ndearnadh ann gaisge,
Acht an té bhí annsúd a's a tháinig slán,
Níor bhfiú leis tráchtadh ar Chath Chluain Tairbh.


L. 256


Míle 'gus fiche bhí ann, ar lár,
Lán na páirce, brúighte, loitthe,
Oiread eile aca múchta a's báidhte,
Do rith le fána ar Cúl-a'-choirce.



Le h-éirighe gréine, lá ar na mhárach,
Chloisfeá mná agus páistidhe ag sgreadach,
Ag ceasnughadh a gcáis (1) ar a ndíthchioll báis,
A's gan fear le fághail d'iomchóradh wallet.



Gairm sgoile glaodhadh (2) an lá so,
Fir do fhághail do chuirfeadh an aicme (3),
Thriall do'n tír gan slighe ná ádhbhar,
Acht a' rith ar mhnáibh 's a' rúsgadh bata.



Cath do tugadh i gCríoch Fáil,
D'fhág an áit ar bheagán bacach,
Acht mise cheap agus rinne an dán,
Bá é mo pháigh - dho bheith gan dadaidh.



Ní mar súd críochnuigheadh bainfheis Eóghain,
Ní'l lá go deó nár chóir í mholadh,
Acht tar éis pléaráca an tSleaghtháin Mhóir (4),
Leig siad Raifteri an póet gan deór a chodladh.


L. 258


Ag so abhrán bríoghmhar do rinne an Reachtúire ag
brostughadh na nGaedheal chum seasta le Dómhnall O
Conaill, agus chum cúmhachta na nDálach agus na
dTreinnseach do bhriseadh i gCondaé na Gaillimhe. Shaoil
na daoine go raibh an dá bhunadh so 'na n-aghaidh go mór
i gcómhnuidhe. Is follusach ó'n abhrán féin gur bh'é Sir
Seághan De Búrca, as Mileac, i n-aice le Gaillimh, do
bhí ag seasamh ar son na nGaedheal, ag iarraidh dul
asteach i bhFéis Sacsan agus chuidigh an Reachtúire leis
in san abhrán so:-



AR ELECTION NA GAILLIMHE.



Atá Jumpers go deachrach in gach baile faoi bhuaidhreadh
Nár dhéanaidh Dia truaigh do lucht bíoblaidh bréag,
Budh bheag aca sinn-ne beith tuirseach faoi ualach,
Ó sgríobh Mártain Lúiter i mbliadhain a' seacht-déag.
H-Imreadh an cluiche 's bhí an muiliot i n-uachtar
O Conaill 's a chongnamh chuir ceann ar an sgéal,
Acht cuiridh san gcathaoir dhúinn Sir Seághan De Búrca
'S labhróchaidh sé (go) clúdhamhail i bhfábhar na
nGaedheal.
Ní'l Dálach ná Treinnseach d'á bhfuil in san gcúige
Nach gcuirfeadh i ndúithche go gclisfeadh na Gaedhil,
Sgéal do réir baramhla ar fad, a gcuid úghdar,
Acht i dtriall na cúise chuaidh ceann ar an sgéal.
Na Mairtínigh 's Darsaighidh, na Frionnsaigh 's na
Brúnaigh,
Chlis an lámh chonganta orra an t-ochtmhadh lá déag,
Tá sé le feicsin i bpaipéar 's i nuaidheacht,
I n-aimsir an chruadhtain gur sheas na fíréin.


L. 260


Ba shaighdiuridh seasmhacha i Mileac na Búrcaigh,
I gCaisleán Chille-chúil, a's i gCondaé Mhuigh-Eó,
Do sheas ariamh talamh i gcruadhtan gach cúise,
'S ní raibh san gcúige an té d'úmhluighdís dó.
Tighearna na Gaillimhe throid go glan, fiúntach,
I n-Eachdhruim go clúdhamhail gur thuit ar an bhfód,
Gibé d'fheicfeadh é ar maidin 's é marbh faoi'n drúcht,
Do shilfeadh a shúil dá mbeith innti deór.



Diarmuid Laighean a d'imir an chéad-bheart,
A's shaoil sé nár bhféidir go mbacfaidhe leis faoi,
D'árduigh sé chum bealaigh leis bean Thighearna na
Breifne
Agus cailleadh na céadta mar gheall ar an mnaoi.
Strongbow 's a bhunadh de sgioradh ghnóthuigh Éire,
Ba mhór ar na Gaedhil é, acht ní raibh ann leath-bhrígh,
Gur bhuail fúfa Cromaill, lámh sgriosta na Féinne
Do chuir chum báis Séarlus mac Shéamais, an righ.



Ó caitheadh an Pretender as chróin agus dúithche,
Tá Gaedhil ar an gcúainne seo faoi sgiúrsa ag an
dream
Do sgríobh i n-aghaidh Mhuire fuair grása 'gus cúmhacht,
'S í d'oil an t-Uan cúbhartha fuair bás ar an gCrann.
Dhíol Hanraoi an creideamh ar pheacadh na drúise
Do phápa ná úghdár ní úmhlaigheadh a cheann,
Acht díoghaltas na ghnóthaibh lá an tsléibhe fá dhúthracht,
Ar Chranmer, ar dtús, do cheangail leis Anne.


L. 262


Féachaidh Fisher agus Pluincéad mar léightear,
Do tarraingeadh ó chéile gan siocar ná slighe,
'S a lán eile cailleadh le fiadhnuise bréige,
Díoghaltas dá réir go raibh ar lucht an dá chroidhe.
Cúig phunta as ceann sagairt a's "guinea" as an
gcléireach,
D'admhaigheadh an t-éide chum Peadár a's Críost,
Acht Bainríoghan na n-Apstol d'oil an righ, céasadh
Cá bhfuil an té déarfadh go mbeith innti brigh?



A bhuachaillidh dílse cuidigh(idh) le chéile
Agus smuaínigh ar Éire tá i bhfad i ndroch-chaoi,
Gan ceannas, gan cumas, gan cuibheas, gan éifeacht,
A móinte 's a sléibhte le sglábhuigheacht (1) ariamh.
Bhí siad i n-Each-dhruim mar bheith caoirigh léithe
D'á ruagadh ó chéile gan ceannport ná righ,
Acht d'iompuigh an rotha, ní sásadh dúinn aon rud,
Gan seasamh (le) chéile 's na Sacsanaigh 'chlaoidh.



Ta Lochri'ach a's Gaillimh a's Gort Innse Guaire
Le seachtmhain 'na ndúisiughadh 's níor chodail siad
néall,
Acht teinteacha lasta agus púdar d'á sguabadh
Ag ísioll 's ag uasal, le spórt faoi na nGaedhil.
Tá geataidh Dhún-sandail faoi smúit a's faoi uaigneas
A's na Brunswickers buaidheartha mar gheall ar an
sgéal,
M'impidhe gach maidin, go mothaighmid dúsgadh
Agus Gallaidh d'á rúsgadh in gach cúinne ag na
Gaedhil.



(1) "le cead fada" san MS., acht ní thuigim sin.


L. 264


Is minic bhí Condaé na Gaillimhe buaidhrighthe ag
toghadh daoine le dul asteach i bPairliméad, acht is
anamh bhí an oiread miosgais agus droch-fhola ar siúbhal
agus do bhí nuair chum an Reachtúire an t-abhrán shuas,
san mbliadhain 1833 nuair tháinig togha geinearálta ar
Bhille an Reform. Do sheas Séamas O Dálaigh (an chéad
Tighearna Dunsandail) agus an Treinnseach ó Bhéal-áth-
na-sluaighte mar "Tóris," agus bhí Sir Seághan a Búrca
agus Séamas Lambert, Chreige-chlára, ar son na Whigs.
Tug an Darsaigheach ó'n gClochán a lán de bhóitéaraibh
leis go Gaillimh agus cuireadh iad ar lóistín i dteach-
braiche Mhic Ui Dhonnghaile, acht cuireadh an teach ar
lasadh os a gcionn agus dóigheadh orra é. Bhí long bhreágh
seólta, long pléisiúr, ag an mBlácach ó Chaisleán
Óráin, air a dtugadh an Corsair. Bhí sí ar ancoire i
mbáidhe Óránmóir nuair cuireadh le teinidh í agus chuaidh
sí go tóin. Tá a fuighleach le feicsint fós ag "Poll a
Chorsair." Bhí an Cladach i nGallimh ag Séamas O
Dálaigh an uair sin, acht d'iompuigh na h-iasgairidhe 'na
aghaidh agus thugadar a gcuid bhóta do'n Whig. Chuir
sin an oiread sin déistinn agus feirge ar an nDálach
gur dhíol sé an Cladach le Hannraoi Grattan, nach
maireann. Is air sin atá an Reachtúire trácht nuair
deir sé san abhrán "i n-aimsir an chruadhtain do sheas
na fíréin," mar tharraing siad fearg an tighearna
talmhan orra. Is óm' charaid Maitiú O Finn as Orán-
mór do fuair mé an cuntas so, óir chuimhnigh sé féin an
toghadh so go maith. Rinne an Reachtúire amach go mbudh
é an Gaedheal do bhí a n-aghaidh an Ghaill agus an
Caitiolcach do bhí a n-aghaidh an Phrostastúin ann.


L. 266


Ag so an t-abhrán do rinne an Reachtúire nuair
toghadh Dómhnall O Conaill 'na fhéisire le Condaé an
Chláir. Do bhí cath cruaidh idir é féin agus Vési Mac
Gearailt san mbliadhain, 1829, agus tháinig Dómhnall
O Conaill amach i n-uachtar. Rinne Eoghan O Comhraidhe,
i gCondaé an Cláir, abhrán eile ar fonn "Sighle Ni
Ghadhra," ar an ocáid seo, ocáid d'fhág, mar dubhairt
sé:-



D'fhág Vési Mac Gearailt faoi tharcuisne ar lár
agus Dómhnal O Conaill i gcumann 's i bhfeidhriocht
agus pósta le snódh leat, a Shighle Ni Gadhra.



Níor mheasa do'n Reachtúire, agus d'iarr sé meisneach
nuadh do chur in san nGaedheal, agus d'árdaigh sé
Dómhnall O Conaill in san abhrán so, leanas.-



BUAIDH UI CHONAILL.



Atá Túrcaigh a's Gréagaigh ag gabhail d'á chéile,
Agus caillfear na céadta a bhfos a's thall,
Aimseóchaidh Sacsanaigh a's Franncaigh a chéile,
Agus lasfaidh Éire le faobhar lann.
M'impidhe ar Íosa, Dia h-Aoine céasadh,
Nár théidh mé i n-éag go dtigidh an t-am
A mbéidh gach cuid aca ag planncadh a chéile,
A's go bhfághmaoid pléisiúr ar "Orangemen."


L. 268


Má's fíor gach aon nidh dá'r sgríobhadh ar Éirinn,
Is fada an t-éiliughadh do thabhairt chum cinn,
"Emancipation" do teacht faoi shéala,
Cead ag an nGaedheal bheith chomh h-árd le Gaill.
Do shaoil na céadta nach dtiucfadh an sgéal sin,
Go dtosaigheadh spreuchadh a bhus a's thall,
Fuair Éire réightiughadh cabhair a's éisteacht,
Muna síothchán bréige é ní'l dochar ann.



Féachaidh Brownlow bhí rómhainn 'na námhaid,
'Na ceannphort árd os cionn "Orangemen,"
Gur iompuigh a inntinn le toil na ngrása,
Le linn an cháis seo bheith teacht chum cinn.
Tá an cruthughadh láidir san úghdar tarraingte,
Gur chaill sin Máire le cliseadh Gall,
Deir Siadhail a's Lálais, O Conaill a's Gorman,
Go bhfuigh'mid sásadh gan mórán maill'.



Is fadá géarleanamhain leagtha ar Ghaedheal bocht,
'Sé Hannraoi an chéad-fhear thosaigh an cás,
Ba mheasa a thréithre go mór ná Hérod
Do chuir na céadta 's na mílte chum báis,
D'íoc sé an féarach do réir mar léightear,
Má's nidh go ngéillfimid do chómhrádh Ward,
Tá sé i ndaorbhruid faoi chúrsaibh géara,
'San áit nach féidir aon fhurtacht fhághail


L. 270


Glóir do Chríost a's do Righ na nGrása,
Tá an charraig láidir nár chlis ariamh,
Shaoil Seágan a's Mártain a tabhairt le fána,
'S thóg Hannraoi páirt leó i ngeall ar mhnaoi.
Críonfaidh an fóthanán 's tuitfidh an bláth dhé,
Béidh an leómhan ar lár a's ní fhanfaidh ann brigh,
Mar is fada ó dubhradh linn go dtiucfadh an lá geal
Do sheinnfeadh an chláirseach dhúinn i mbliadhain an
Naoi



Gunnaidh a's lámhach a's teinte cnámha,
Béidh againn amárach, agus tá sé i n-am,
Ó fuair O Conaill buaidh ar an námhaid,
Aipeóchaidh bláith a's béidh meas ar chrainn.
I gCondaé an Chláir tá uaisle a's árd-fhlatha
Ag crathadh lámh a's ag déanamh grinn,
Acht bog faoi an gcárta go n-ólam sláinte
Ná bhfear ó Árainn go h-Innse Cuinn.



Ag so abhrán eile do rinne an Reachtúire a
n-aghaidh na nGall agus an Riaghaltais. Duine an
mheasamhail, mar chualas, do bhí i mBearnán Ristéard.
Is follusach ó'n abhrán go raibh sé 'na Bhuachaill Bán no
rud de'n tsórt sin, agus gur teilgeadh é ag an ndlighe
Gallda, agus gur díbreadh é thar sáile, agus gur



Nuair chailleas an leómhan a neart
'S an fóthanán breac a bhrigh,
Seinnfidh an chláirseach go binn, binn,
Idir a h-ocht agus a naoi.


L. 272


shaoil na daoine gur i n-éagceart do teilgeadh é. Tá
leath de'n bhéarsa deireannach imthighthe, agus níor fhéad
mé a fághail. Ag an saor cloiche agus ag Mac Ui Fhloinn
do fuair me an t-abhrán so:-



BEARNÁN RISTÉARD.



Thug na h-úghdair naemhtha cúntus dúinn san sgéal so,
Go dtiucfadh ruaig ar Ghaedheal, 's go mbeith' an
dream le fághail,
Nach leanfadh dlighe an Aén-mhic chuaidh in san gcrann
d'á cheusadh,
Ar son an chine daonna, agus ar uair a trí san lá.
Mar sgeathas an gath gréine, no mar thuirlingeas na
h-éclips,
Gach pláigh do thuit ar Éigipt go dtagaidh orra d'á
bhárr,
Bernán croidhe na féile, sgoth na fola is tréine,
A chur a bhfad as Éirinn 's é neamh-chionntach in san
gcás.



Ó dhiúltuigh Hannraoi a chéad-bhean ar dtús an
"Refomation,"
Tá sgiúrsaidh cruaidhe ghéara ar Ghaedhil s gach h-uile
áit,
D'á ndlighe ní thugthar géilleadh acht d'á gcrochadh a's
dá gcéasadh,
'S a Dhia nach mór an t-iongantas an síol do bheith ar
lár!


L. 274


Creididh ceann na cléire do sgríobh 's do thug dúinn
sgéala
Go bhfuil an gráin i mbárr na déise no is bréag a
dubhairt N. Seághan,
Ó d'iompaigh cíonán spéiriot a n-aghaidh Donnchadh agus
Séamais,
Lomadh an clár i n-éinfheacht a's tá Éire ó shoin le fán.



Tá súil agam le Críosta go bhfillfidh Bairnidh aríste
(arís),
Mar sgríobh (dúinn) Pastoríní nach fada uainn an lá,
Go mbéidh Gallaibh suaighte sínte gan duine le n-a
gcaoineadh,
Acht teinte cnámh (dul) síos chugainn ag lasadh suas
go h-árd.
Tá an dlighe ag Clannaibh Mhilidh do orduigh Peadar
's Críosta,
Acht ó thosaigh Hannraoi a ghníomhartha tá Caitiolcaigh
ar lár,
Acht béidh siad suas aríste tá an spás a bhfogas díobh-
tha (dóibh),
A mbéidh "Orangemen" d'á spíonadh agus spideóiridh
le fán.



'Sé Hannraoi, réir mar léightear, do shocraigh ar fad
an sgéal so
D'fhág sgiúrsaidh cruaidh ar Ghaedhil, no go gcaithfeadh
siad a spás,
S gur b'é dubhairt an t-úghdar naemhtha Naomh Seághan
san "revelation,"
Gur duine ar bheagán céille nach bhfanfadh leis an lá.


L. 276


Nuair ionnsóchas Gaill a chéile mar d'ionnsaigh Cromaill
Séarlus,
No Pompaidh Iulius Séasar do tharraing éag a's ar,
Nuair cidhfidh sibh an méad sin tigeadh Gaedhil i dteannta
a chéile,
A's sin í an uair má's féidir gnódhochaidh sibh an lá.



An ghaoth a ndeas go séidfidh an teas le neart na
gréine,
A's go dtógfaidh as a h-éadan an tsraith do chidh tú
ar lár,
Ceól na cruinne i n-éinfheacht agus Orpheus ag seinm
téadá,
Budh bhinne liom ná an méad sin na Sacsanaigh bheith
ar lár*.



*Fuair mé cóip eile, ó shoin, de'n dán so ó'n Neachtánach, agus
thug seisean "Bairní Rochfort" air. Tá an bhéarsa deireannach so
aige nach raibh agam-sa:-



Dá bhfreagruigheadh Bairní Bléicni, acht, ar ndóigh, ní raibh baoghal air,
Mar 's iad a mhuinntir féin bhí d'á triaghail in san gcás,
Dá mhéad lucht an éithigh shuas ar an ngreen table
(Ag) mionnughadh in san sgéal sin, 's iad ann gan fios cia'n fháth.
Ó! a Chríost do shábháil céadta a's sgoilt rompa an mhuir théachtaighthe,
Fuair buaidh ó Mhuire Naemhtha tá aca ins gach gádh,
Go dtugaidh tú slán an péire abhaile chugainn fre chéile
Bairní Rochfort a's Pat Égan, an dias atá mé 'rádh.


L. 278


Fuair mé ó thiománuidhe cáirr i gCaisleán-a-bharra,
fear de mhuinntir Dhiarmada, cuid de dhán eile ar na
"Ribbonmen," agus fuair mé tuilleadh dhé 'na dhiaigh sin
óm' charaid an Neachtánach a dubhairt gur bh'é an Reach-
túire do rinne é. Ní'l ann acht giota beag briste agus
ní cinnte é gur bh'é an Reachtúie do chum é:-



NA BUACAILLÍ BÁNA.



Is fada le fán an charraig gan phláigh,
Nach gclisfeadh go bráth, 's nach bpléasgfadh,
'S go bhfuil cruthughadh le fághail i "Revelation" Naomh
Seághain,
Gur bh'é Peadar do leag an "foundation."
Mar tá crann in a lár bheireas crothughadh d'á lán,
Gur bh'é Liúteir do ghearr an "plantation,"
A's na "suckers" a d'fhás, go gcríonaidh a mbláth,
'S go raibh sibh siad ar lár má's féidir.



Tá an Treinseach go tréan i n-aghaidh Clanna Gaedheal,
Go dtugaidh siad lán a' bhíobla,
Bheith díleas do'n té nach nguidhfidh Mac Dé,
'S nach ngéillfidh do Mháthair Críosta.
Éirighidh suas, agus freagraigidh an uair,
Tá 'nois ag teacht orraibh fá láthair,
Go sgaoiltear na duail tá fighte go dlúth,
Ó lasadh an choinneall do Mhártain.


L. 280


Acht geallaim-sé dhaoibh an té gheobhas saoghal,
Go bhfuighfidh "Ribbonmen" luach a sláinte,
Ar son gach h-uile oidhche d'á rabhadar na suidhe
Faoi shioc, faoi shneachta, a's faoi bháisteach.
Cíos an righ ní bhéidh feasta le n'íoc,
Deachmhuidh ná nidh ar bith ní bhéidh trácht air,
Béidh talamh gan (1) luach, a's Clanna Gaedheal suas
Agus Sacsanaigh buaidheartha cráidhte.



A Thomáisín Breathnaigh nár leigidh Dia seun ort,
Is iomdha mionn'-éige thug tú le mí,
Id' sheasamh in san "mbarrac" ag dúil leis an ngame (3)
Shaoil tú go h-éag nach bhfeicfeá an Gort-fraoich (4).
Má théidheann tú abhaile seachain do shúile
Ar ghráin agus púghdar (go dtéidh tú san gcré.)
A's "Mollie Maguires," is láidir a gcongnamh (5)
'Siad shiúbhlas go clúdhamha il igceart-lár an laé.



Innsim-se dhaoibh má bhfághann sibh-se saoghal,
Go bhfuighfidh "rebelmen" luach a sláinte
I leabaidh gach oidhch' do chaith siad 'na suidhe
Faoi ghaoith, faoi fhearthainn, a's faoi bháisteach.
Seasaidh go dlúth ná téidhidh ar gcúl
Agus brisigidh tre luchtgárda
Biseach agus buaidh go dtagaidh go luath,
Agus leagfaidh Mac Dé ár námhaid.



(1) "Na luach," dubhairt seisean, acht ní thuigim sin.
(2) Mionn'-éige = éitheach, dearg-bhréag.
(3) "Leis an aémh," dubhairt sé. Ní thuigim sin.
(4) Dubhairt an Diarmaideach liom gur bh'é anb Gort-fraoic áit
chómhnuidhe an spidheadóra, acht gur chaith sé an oiread sin d'á aimsir
in san mbarrac go saoilfeadh duine nach mbeith sé dul abhaile choidhche.
(5) "Congnamh tá láidir," ar san Diarmaideach, acht d'athraigh


L. 281


mise é. Labhairthear "congnamh" mar "cúnú."


L. 282


Tigmid anois go dti an dán is faide agus go dtí
an iarracht is mó do rinne an Reachtúire ag filidheacht.
Ní mó agus ní lúgha é seo ná stair ghearr chruinn ar
Éirinn, agus í curtha síos i bhfoirm chómráidh idir é féin
agus sean-sgeach chríon. Is iongantach liom mar do
chum duine do bhí gan radharc, agus é báidhte i ndearg-
bhochtanus mar an Reachtúire, an dán fadá so chomh grinn
sin agus is doiligh a rádh cá bhfuair sé a chuid eólais ar
sheanchus agus ar shean-stair na h-Éireann. Óir ní raibh
an cúntas thugann sé ar na sean-bhunnaidhibh, agus ar
chuid de'n tsean-stair le fághail i n-aon leabhar, agus
is dóigh gur ab ar bhéal na ndaoine do mhair an chuid is
mó de'n tseanchus sin, ag teacht anuas agus é ar na
sgagadh ó dhuine go duine ó'n aimsir a raibh a gcuid
seanchuidhe féin ag na Gaedhealaibh. Tá a bhfad níos mó
tráchta in san dán so ar shean-stair na h-Éireann mar
bhí sí roimh aimsir na Sean-Ghall ná atá ar stair nuaidh
na tíre ó aimsir na nGall anuas. Agus is fíor-Ghaedh-
ealach an cháilidheacht é sin, óir ba é in san tsean-
Éirinn do fuair na sgéaltóirí agus na filidhe ádhbhar a
gcuid sgéal agus a gcuid dán do ghnáth.



Is inntleachtach an chaoi ar ghleus an Reachtúire a
sgéal. Ní thosaigheann sé eachtra agus imtheachta na
h-Éireann d'innsint ar dtús, as éadan. Cuireann sé
faobhar ar ár n-éisteacht i dtosach, leis an sgéal dá
thaoibh féin, mar roimh-rádh. Is ó n-a bheatha féin, is dóigh,
agus ó n-a fhulaing mhinic féin, do tharraing sé an cur-
síos ar an tuile trom-fhearrthainne do tháinig air, agus
ar an ndroch-fhasgadh do fuair sé ag bun na sean-
sgeiche. Ní h-é acht an lá ar n-a mhárach do labhair an
Sgeach leis nuair thug sé a mhallacht dó.


L. 284


Is mar so roinntear an dán. Tá trí ceathramhna
fichid mar roimhrádh i dtaoibh na fearrthaine agus na
sgeiche agus an mhéid d'fhulaing sé féin. Tá dá cheath-
ramha dhéag ar fhichid ag an sean-sgeich ag cur síos ar
Éirinn ó aimsir na dTuatha De Danann go teacht Naoimh
Pádraig. Tá fiche ceathramhna eile as sgéal na h-Éir-
eann ó theacht Phádraig go dtug Diarmaid Laighean na
Sacsanaigh ar dtús go h-Éirinn. Agus tá ceithre ceath-
ramhna fichid as sin go dti an deireadh, ag cur síos ar
Éirinn fá riaghaltas na Sacsanach.



Fuair mé an dán so ar dtús óm' charaid Tomás O
Míodhcháin, ó chóip do sgríobhadh síos thimchioll fiche
bliadhan ó shoin ó bhéal sean-duine bhoicht dar bh'ainm
Micheáilín O Cléirigh do bhíodh ag gabhail timchioll na
tíre ag iarraidh déirce. Do rinne mé compráid ghrinn
idir an gcóip seo agus na cóipeannaibh do bhí ag an
saor cloiche agus ag Mac Ui Fhloinn do fuair mé 'na
dhiaigh sin, agus ag so anois an dán chomh so-léighte agus
chomh h-iomlán agus is féidir liom a chur síos. Thug an
Míodhchánach agus daoine eile "Seanchus na Sgeiche" ar
an dán so, acht is é "Caisimirt na Sgeiche" an t-ainm
atá air i gCondaé Mhuighe-Eó:



SEANCHUS (NO CAISIMIRT) NA SGEICHE.



Tráth, faoi Lúghnas, ba dhamh-sa thárla,
Ar bhord Áth-cinn (1) 's é go mór ag báisteach,
Dhruid mé ar leath-thaobh agus ní gan ádhbhar,
Go bhfághainn claidhe (2) no tom do dhéanfadh sgáth dham.



(1) Labhrann muinntir na h-áite sin an t-Á mar Ó, deir siad
"O-cinn." (2) Labhairthear an focal so "cloidhe" no "claidhe" mar
"claigh" (cly).


L. 286


Ní bhfuair mé ann, i leath-thaoibh bearnan,
Acht sean-sgeach chaithte, chráithte, chráidhte,
Ar thaoibh an chlaidhe, 's a h-aghaidh le fánadh,
Dhruid mé fúithi 's ba fhliuch an áit dam.



Bhí an fhearrthainn go dian, ag teacht as gach cearda,
Anoir 's aniar, 's anuas le fánadh,
A shamhail ní fhéadfainn thabhairt duit, láithreach,
Acht roilleán lán bheith ag criathrughadh ráibe.



Go feargach, fraochmhar, stoirmeamhail, rágach (1),
Mar bheith saighead ar luas, no aghaidh ar rása,
Bhí an casgairt ag teacht 's na tíortha báidhte,
'S nár mise an díol truaighe 's mé i gcruas go cráidhte 2



Uair a's ceathramha bhí sé ag báisteach,
'S ní raibh braon (3) nach gcuirfeadh maol ar chárta,
Ní'l muileann 'san gcúige plúir no ráibe,
Nach gcuirfeadh sé ar siubhal i lár na mbánta (4).



Rinn mé smuaínte, nidh nár náir dham,
Nár bhfad é mo shaoghal, 's go mbudh ghearr mo cháirde,
Go dtiucfadh an díle, a's bheith daoine (5) báidhte,
'S go mba olc an obair bhí a ndiaigh mo láimhe.



Bheith ag déanamh peacaidh dham ó bhí mé im' pháiste,
Ag luadh mionna-mór 's ag gearradh na nGrása,
Dul chum Aifrinn ní iarrfainn trácht air (6),
(No) faoisidin Nodlag d'fhághail, no Cásga.



(2) "I gcúis gan fóirint," G.; "i gcruas gan
chagas," an Míodhchánach. Mise d'athruigh an líne mar atá shuas.
(3) "Braon dá ndearnaidh sé," MS.


L. 287


"Ar srúl an lá ur na mhárach," an Míodhchánach.
(5) "An cinne daonna," MS.
(6) "Ní ghnidhinn aon chás dé," G.


L. 288


Ná Deich n-Aithne do bhriseadh ní ghnidhinn aon chás dé,
Faoi bhris (eadh) mo chómharsa, ar ndóigh (1) ghnidhinn gáire,
Gach imirt, gach ól, a's gach aon phléaráca,
Dá dtagadh trasna orm, bhíodh mo lámh ann.



Dá fhaide an t-am tig an cáirde
Go mbéidh mo "summons" ann sgríobhtha tarraingte,
Tá mé i n-easna (?2) 's an t-inneach gan fághail air,
Agus "trial" mo chúise ar siubhal amárach.



Bheith ag dul san áit nach mbíonn aon fháilte ann,
Roimh saidhbhir thar bhocht acht réir a gcáileacht,
An t-olc 's an mhaith ó bhí tú id' pháiste,
Shíos le léigheadh (3) ar t'éadan tarraingte.



Ar aithrighe smuaínigheas mar so go cráibhtheach,
"A Dhia tá shuas a's gnídheas na Grása,
"Thug solas ar ghealaigh a's fás ar fhásach,
"A stiúraigheas an mhuir 's do chuir grian i n-áirde."



"Thug toradh ar chrainn agus longa ó bháthadh,
"Thug na h-Israelitigh ó chosaibh a námhad,
"Thug Enoc 's Elias go gáirdín Phárrthais,
"'S rinne fíon de'n uisge le toil do Mháthar."



"Féach anuas ar Oileán Phádraig
"Mar d'fhéach tú ar an ngaduidhe ar chrann na Páise,
"Rinn tú gach nidh d'á bhfuil agam ráithte,
"Tabhair mise leat agus chum saoghail láimhe (4)."



(2) "Aneige n-easna s a tionach" an Míodhchánach; "tá mé an
asna 's a t-ionach," G. Mise do sgríobh na focla mar tá siad shuas.


L. 289


(3) "I bprionnda," an Míodhchánach.
(4) "An Saoghal Láimhe," MS. Ní léir dham sin. Is mise d'athraigh
é mar ta sé shuas.


L. 290


Do rinn mé smuaíntiughadh arís ar ball air,
Go bhfacaidh mé san mBíobla sgríobhtha tarraingte,
Gealladh glan díreach ó Rígh na nGrása
Chomh fad a's bheith stuath-ceatha cam nár bhaoghal dúinn
báthadh.



Budh ghearr an síon gur lag an báisteach,
Grian gur las agus gaoth gur árduigh,
Gur ghluais mé ar siúbhal a's mé múchta, báidhte,
Gur tharraing mé ar Sheághan agus bhí rómham fáilte.



Is iomdha sin cárta uisge d'fháisg mé
Ó mo sgiorta go dti mo chába,
Chroch mé mo hata suas ar tairnge,
Agus chuir sé mo chodladh mé ar leabuidh bhláthmhar (1).



Níor bhfada go facas mo shuidhe arís mé
Ag cur mire ar cheól, spórt, a's siamsa,
'S ar ndóigh le bród (a's ceól a's aoibhneas),
Do chaitheamar (féin le seun) an oidhche sin (2).



Ar n-iompódh thart dám, lá ar n-a mhárach (3),
Siolla beag uaim le ciúmhas na h-átha (3,)
Súd mar dubhairt mé ar theacht i láthair
(Na sgeiche céadna faoi a raibh mé báidhte).



"A shean-sgeacháin gránna fuagraim gráin ort,
"Ná raibh a-choidhche snuadh ná bláth ort!
"Faoi shúiste Oscair go bhfágh tú do chárnadh,
"Do(d') bhrúghadh 's do(d') bhriseadh ag ord mór ceard-
chan."



(1) "Mhín bhláthmhar," MS. (2) Leanann dá líne annso nach bhfuil ro
soiléir? "Acht ag filiúnt ar m'ais dam nid nár b'iongnadh, bhí


L. 291


challenge liom tairnidh i bhfoirm 's i bhfaobhar," an Míodhchánach;
"bidh fa na coinnidh le fearg ag faomhar," G.


L. 292


"Mar bh'olc an áit do theacht i ná leat (1),
"Ná druidim fút ag iarraidh sgáith ort,
"Ní'l braon d'ar bhuail faoi do cham-stoc gránna,
"Nár sgaoil tú orm le ciúbhas do mhása."



sgeach:-



Má's file thusa tá ag iarraidh sásadh,
Tá mise annso rómhat, ar gárdha,
Is seanóir mé tá a bhfad san áit seo,
'S na tarraigh níos goire dham le do chlaidheamh tar-
raingte.



Nuair bhí mise óg dá mbeitheá i ná liom,
Budh fhogas duit díon ó ghaoith 's ó bháisteach,
'Sí an ghaoth aniar d'fhág m'aghaidh le fánadh,
A's do sgrios (2) mé síos ó bhárr go sálaibh.



An Reachtúire:-



A sgeacháin mhaiseach, shochlach (3), bhláthmhair,
Snuadh 'gus snas ort ó Righ na nGrásta,
Ubhla, peiridhe, plumaidh, a's bláistidhe (4),
Agus cuir dam síos aois do dháta.



an sgeach:-



Céad agus míle roimh am na h-airce
Tús agus crothughadh m'aois 's mo dháta,
Tá mé ó shoin im' shuidhe san áit so,
'Gus is iomdha sgéal a bhféadáim trácht air.


L. 294


Ochtar do thriall 's na mílte do báitheadh,
Noah, a chlann, a chéile, 's a mháthair,
Acht amháin gur sgríobh an t-easbog gáibhtheach (?),
Gur mhair Párthalón mac Seara ar thaoibh Cruaich'
Pádraig.



Fuaramar cruthughadh eile a n-aghaidh an cháis seo
Gur i sruth na mbeódhaibh do mhair Párthalon (1),
'Na sheasamh suas san bhfuar-loch báidhte,
Mhair sé beó ann le toil na ngrása.



Druim Tuirc (2) an uair sin b'ainm do'n áit seo,
Agus ní raibh ann acht coillte a's fásach
Coin allta a's broic (3) ag éirighe i n-áirde,
No gur bhuail na Fir Bolg chum Portláirge.



Thógadar seilbh gan fear a mbárrtha,
Chuireadar fúfa, a's rinneadar árais,
Bhíodar faoi bhród agus lán d'áthais
Gur stríoc (4) siad a gcúrsa ó chúmhacht a námhad.



Ghearradár croinn, rinn, (?5) agus fásach,
Agus chuireadar an ríoghacht, ar ndóigh, i bhfáinne.
Ó Dhún Dómhnaill (6) go Droichead Átha,
Ó Cnoc-bhoilg (7) ó thuaith go cuan Cinn-tsáile.



Ag fiadhach ar chnuic 's ag seilg ar shléibhthibh,
Ba mhór a dteann (8) i dteannta a chéile,
No gur buaileadh fúfa an dream nár naomhadh,
Sliocht Tuatha Dé Danann as tír na h-Eigipt.



(1) "I sruth na Maoile bhí Parthalán 'na sheasamh," an Míodhchánach.


L. 295


(6) "Ó Dhún na nGhall," an Míodhchánach.


L. 296


Mise, Sgeachán Áth-chinn (1), do chonnairc an méad sin,
A's chonnairc an dá shluagh ag teacht 'na chéile,
Le saighdibh catha agus airm géara,
Dóirteadh fuil agus cailleadh na céadta.



Is iomdha cath i n-áit a chéile,
Do thug an dá shluagh tre mhóin 's tre shléibhtibh,
B'é críochnughadh na cúise a's deireadh na sgéalta,
Gur chaill na Fir Bolg Druim Tuirc ar éigin (2).



Sliocht Tuatha Dé Danann gan croidhe gan daonnacht,
Ní le gníomh ná gaisge do ghnidís aon rud,
'Sé r'd deir Saltair Chaisill a's Dochtúir Céitinn,
Le diabhluigheacht cleasuigheacht (3) agus mionnaibh bréige.



Nuair fuaradár cúmhachta tháinig léirsgrios,
An síol do craitheadh, ní tháinig déas air,
Níor fhan sliocht ar bhó ná olann ar chaoraibh,
Toradh ar chrannaibh ná maise ar aon rud.



Cuirtear síos dúinn do réir mar léightear,
Gur b'é an chéad fhear thriall do'n tír, Gadélus,
Prionnsa ríoghamhail de'n fhíor-fhuil Ghaedhealach,
De phór na ngníomh 's de shíol Mhilésius (4).



Nuair thriall an righ go mbraithfeadh sé Éire,
Níor smuaíntigh a chroidhe go ndéanfaidhe sgéal air,
No gur leagadh faoi an bréitheamhnas do dhéanamh,
Acht (5) deireadh na cúise gur cailleadh é féin leis.



(2) Ní'l an ceathramha so ag an Míodhchánach.
(4) "Do chuir pór ar gníomh gur triall Milésius," an Míodhchánach.


L. 297


(5) "Gur bé deire," G.; "gur bé criochnughadh," an Míodhchánach.


L. 298


Acht chuaidh sé beó (1) do'n Spáin ar éigin,
No gur sgríobh sé síos ar chúrsaibh (2) Éireann,
Dubhairt a chlann, béal ar bhéal leis,
Go bhfuighfidis cinn agus fuil i n-éiric.



D'árduigheadar leó, i gcualacht glégeal,
Agus bhuaileadar bruach ar chuan Bhinn Éadain (3),
Tharraing amach a gcuid lanna géara,
Agus dubhairt nach nglacfadh bríob ná aon rud.



Dubhairt Mac Céacht (4) go mbudh mhór an éagcóir (5).
Do theacht asteach a-gan-fhios d'aon fhear,
Do dhul naoi dtoinn in san mbealach céadna,
A's dá dtagadh arís go bhfuighfidís géilleadh.



D'árduigheadar a gcuid seól, le dith-chéille,
No gur fosgladh leabhra draoidheacht' a's bréige,
D'árduigh stoirm agus fairrgidhe tréana,
Do mhúch do bháith 's do bhasg na céadta.



Acht is beag aca tháinig de bhárr an laé sin,
Acht an méad do chuaidh go Spáin le sgéalaibh,
Go ndearnaidh siad suas an oiread céadna,
'S gur bhuaileadar an dara uair bruach na h-Éireann (6).



Níor ghlacadár caint (7) bladar ná bréaga,
Acht ag lasgadh 's ag gearradh le lannaibh géara,
Acht súd í an mhaidin a ndearnadh an sléachta
Gach ceannphort ag teacht a's a bhunnadh (8) féin leis.



(1) "Thriall a righ arís do'n S.," an Míodhchánach.
(2) "Ar dlighe a'sar cheart," G.
(3) "Ar cuantaibh Éireann,,' an Míodhchánach.
(4) "Mac Airt," an Míodhchánach.


L. 299


(8) "A mhonam," an Míodhchánach; "bhunbhur,"


L. 300


Cinn agus cuirp dá ngearradh i n-éinfheacht,
Agus fuil ag imtheacht 'na tuile sléibhe,
Acht súd é an cath in ar cailleadh na tréin-fhir,
Acht ag críochnughadh na cúise bhí an lá ag Miléisius (1).



Cailleadh Mac Cuill, Mac Céacht, 's Mac Gréine
Le lannaibh tana, glana, géara,
Bhí cead caointe ag a dtri céile
Mar bhí Fódhla, Banba, 's Éire.



Sgoilteadar treasna Inis Éilge (2),
Acht bhí fear de'n dís nár thaithnigh an sgéal leis,
Eidir h-Eber 's h-Eremón (3) thug mionnaidh tréana
Muna bhfuighfeadh a cheart go bhfuighfeadh dá bhféadfadh.



Thosaigh slad feall agus eigceart,
Do dhlighe na gceart ní thugfaidhe géilleadh,
Tíortha a's cúigidhe ag dul tríd a chéile,
Gur thóg Cormac Mac Airt lámh le h-Éirinn.



Cuir sé milíste (4) i gceann a chéile,
'S bhí ainm eile orra Fianta (5) Éireann,
Lucht gníomh a's gaisge, lucht lúith agus léimnigh,
Nár chuir ariamh ar laoch acht aon fhear (6).



(4) "Slóighte i dteannta a chéile," S.


L. 302


Mar bhí Goll Mac Mórna 's a shár-lann líomhtha,
Lámh riamh nár theip ó ghaisge ríghteadh (1),
Flann agus Áille na n-arm géara,
Agus Conán maol malluighthe fear millte na Féinne.



Goireall (2) a's Osgar, Faolán agus Caoilte,
Agus Diarmuid O Duibhne do thógfadh draoidheachta,
Fionn fear feasa agus ceist do sgaoileadh (3),
Togha na ngaisgidheach de Clainn Baoisgne (4).



Clann I Dáibh a bhfáol (?5) na ndaoine
Agus a chraoiseach féin i láimh gach taoisigh,
Cairbre cnisgheal (6) na n-arm líomhtha,
Agus Clanna Dóimhre (7) as Teamhair na Ríghteadh.



Is fúm-sa (8) do bhídís ag déanamh siamsa
Ag imirt 's ag ól, gach ló 's gach oidhche,
Clogada, sgiatha, 's claidheamha faobhair,
Do bhídheadh fúm-sa ar bord, agus coirn líonta.



Ag fiadhach ar chnoc, ar mhóin, 's ar shléibhtibh,
Ag rith ar bhroic 's ar eiltibh maola,
Acht le mire (9) na gcon gur cailleadh na tréin-fhir.
Mar nach dtugadar riamh do Dhia géilleadh.



Conchúbhar do tháinig i gcróin 'na dhéigh sin
Agus na curaidh cliste, na ngaisge tréana.
Clann Uisnigh, chuir Alba faoi chíos le h-Éirinn,
Agus cailleadh an triúr, ar ndóigh, le Déirdre,



(1) "Mar gheall ar rightibh," an Míodhchánach.
(2) "Gearal," an Míodhchánach. "Caireall an ceart.
(3) "Fear cirte agus gaoltra (?)," an Míodhchánach.
(4) "B'iad sin na gaisgidhidh bhí ar agusc.," an Míodhchánach. 1 edit as
above. (5) "Clineadaobh agus a maol mhaith daoine," an Míodhchánach.


L. 303


(6) "Coramna, criathal," an Míodhchánach.
(7) Sic, S.; "Clineaduchraocra," an Míodhchánach.
(8) "Fuaimneach," an Míodhchánach. (9) "Le miair (i.e. meadhar), G.


L. 304


Tógadh suas í, i gcéill (1) 'si gcríonacht
Le bheith ag an righ mar chéile 's mar chaoibhtheach,
Thréig sí an chróin, a cuid óir agus daoine,
Agus lean sí Ardán, Ai(n)le (2), a's Naoise.



Cúchulain na gcleas, lámh bhriste gach bearna,
Agus Conróidh (3) cailleadh leis an mbruinneall Bláth-
naid (3),
A cómh-oide múinte bhíodh siad trácht air,
Fearghas (4) Mac Rodaidh agus Conall Cearnach.



Sin iad ainmne na gcuraidh tá mé rádh leat,
Bhíodh ar cuantaibh (ag) seasamh gárda,
Acht Conchúbhar amháin ó thús an dáta,
Níor naomhadh duine go dtáinig Pádraig.



Easball beannuighthe thriall go h-Éirinn,
Thug an tSacramuint Bheannuighthe(5) i mbéal gach aoinne
Ghnidheadh an marbh beó, 's an fear malluighthe naemhtha,
S do mhúch Coinneall na Carraige le n-a sméideadh.



Do thug ord a's Aifrion (6) do shagart 's do chléireach,
Agus slánughadh a n-anam san tSacramuint Naemhtha,
Seacht gcéad roilig do chuir sé le chéile
Agus bliadhain 's tri fichid do stiúr sé Éire (7).



(1)Sic, G; "i gcoill," an Míodhchánach; "i gciall," S.
(2) Labhairthear an t-ainm seo i gcómhnuidhe mar "Aille."
(3) "Pláinid," an Míodhchánach; "cuirigh," an Míodhchánach.
(4) "Fairis Mhic Moithid," an Míodhchánach; "Farais mac Rodaidh,"
S. Labhairthear Feargas i gcómhnuidhe mar "Feasas" no "Fearaois."
(5) "An tseanmóir naomhtha," an Míodhchánach.


L. 305


(6) "Ola 'gus baisteadh," G.
(7) "Ag déanamh troisge urnaighthe 's déirce."


L. 306


Dream eile tháinig i ndiaigh an sgéil seó,
Lochlannaigh, chuir buaidhreadh a's amhgar (1) ar Éirinn,
Turgésius mar cheannphort orra ag réabadh (2),
An fear ba mheasa dlighe agus béasa.



Nár cham an dlighe bhídheadh ag an bpéiste,
Gach fear óg do thiucfadh chum féadhma,
No rachadh chum pósta le mnaoi no céile,
Níor leis a tús acht le Turgésius.



No gur sgríobh Maoilsheachlainn litir bhréagach
Agus teachtaire chur léi le sgéalaibh,
Rún na cúise do cheilt 's do shéanadh,
'S gur b'é críochnughadh na cúise gur cailleadh Turgésius.



Nuair cailleadh an ceannphort 's dá'r'éag bhí araon leis,
Bhí Lochlannaigh i sáin ag Milésius,
Gach duine 's a ruaig ar dhream Thurgéisius,
No gur ruaigeadh a ndeireadh amach as Éirinn.



Acht beirt a d'fhan ag piucadh sgéala (3)
Chuir an bonn 's an chúig 's an chluithche n-éinfheacht,
A's le sé bhairc déag (4) do réir mar léightear,
An darna uair 'seadh thóg siad Éire.



Áird-chíos cruaidh agus sgiúrsaidh géara
Do leaghadh annsin anuas ar Éirinn,
Buanaidhe ins gach teach le faitchios sgéala,
No rún gach dias do dhul (5) 'na chéile.



(1) "Ag déanamh binibh ar Éirinn," an Míodhchánach.
(2) "Mar cheann 's mar léadar," an Míodhchánach.
(3) sic, an Míodhchánach; G. has "d'fhan triur na ndiaigh ag baill-
iughadh sgéalta." (4) "Sé báid déag," S. (5) "Tri na chéile," S.


L. 308


Dualgus eile i gceann an mhéid sin,
Unnsa de'n ór bheith ar gach aén tigh,
'S an fear nach n-íocfadh é i gceann gach féile
Bhí an tsrón le baint dé ó chár (1) a éadain.



No gur ghlac Brian Bóroimhe truaighe d'Éirinn
Bheith ag Lochlannaigh faoi chómhair a daortha (2),
Go ndeachaidh sé féin 's O Conchubhair (3) i n-éinfheacht,
'S gur chuireadar a gcongnamh i dteannta a chéile.



Phreap an Ríoghachta suas i n-éinfheacht,
Tugadh focal na faire i mbéal gach aén neach,
Lucht faire do thachtadh agus soip do shéideadh (4),
Oidhche Fhéile San Seághain (5) ins gach cearda d'Éirinn.



Ghluaiseadar ó'n Múmhain do réir mar léightear,
O Cearbhaill 's a shluaighte ó Mhóin Eile (6),
Cinnéidigh agus Lorcánaigh tréana,
Agus Clann Conamara as an gCreatalaigh glégeal.



O Súiliobháin aniar as iarthar (7) Éireann,
Moránaigh, Brógánaigh, gabhtha gleusta,
O Donabháin na bhfiadh, O Meachair 's O Béara.
O Seachnasaigh ó'n nGort, nár chóir a shéanadh.



O Múrdha, O Doinn, a's O Floinn le chéile,
Cathánaigh, Cochlánaigh, agus Clann Ui Mhélidh (?8),
Mac Carthan (9) ó'n sliabh, fear fial gan aon lucht,
O Briain 's O Murchugha orra mar "léaders."



(1) "Go clar" i.e."de chlár" an Míodhchánach.
(2) "Faoi cuire daora," G. (3) "O Cruchúr," an míodhchánach.
(4) Aliter, "Lucht faire do theacht agus na seip a théada!"


L. 309


(5) "Ioltain Seághain," an Míodhchánach. (6) "Dún File," S.; "Dun
Éile," G. (7) "Iochtar," an Míodhchánach. (8) "Clinidhe Muilearga,"
an Míodhchánach; "Clann Ui Meoloidh," G.; "clann agus Méloidh,"
cóip eile (9) 'Mac Abhra," an Míodhchánach.


L. 310


O Fearghaill, O Ruairc, O Ceallaigh, ná séantar,
Raghallaigh, Dúdáigh, a's Flaithbheartaigh treuna,
O Conchubhair (1) as Sligeach, an fhíor-fhuil Ghaedhealach,
A's Clann Donnchadh aníos ó bhun na Céise.



Mar bhí Dochartaigh, Beirnigh, Braonánaigh, a's Céitings,
Maguidhir, 's Mac Mathgamhain thóg lámh le h-Éirinn,
O Néill 's O Dómhnaill ó bhruach na h-Éirne,
Gach fear aca teacht i n-airm 's i n-éadach.



Mar bheith sionnach roimh ghadhar ar chúrsa sléibhe
Bhí Lochlannaigh i sáin ag Clainn Mhilésius (3),
Bhí Lochlannaigh i sáin mar bheith caoirighe léatha (?),
Ar maidin go moch, Aoine an Chéasta.



(Ar maidin go moch, Aoine an Chéasta),
Idir Átha na gCliath agus Cuan Bhinn Éadáin (4),
Bhí dá mhíle déag, deir Dochtúir Céiting,
De Lochlannaigh leagta i gcoinne a chéile.



An fear do bhí ann 's nár thuit san sléachta,
Chonnairc sé ár de bhárr an laé sin,
Acht Brian 's a chlann, ba mhór é a n-éagmais,
'S gur i mbriseadh Cluain Tairbh do cailleadh na tréinfhir. 5



Céad bliadhan eile i ndiaigh an sgéil seó
Go dtug mac Righ Laighean, munar cuireadh bréag air,
An bhean ó'n Ruairceach (6), d'fhág buaidhreadh ar Ghaedh-
ealaibh,
Agus tharraing Sacsanaigh ó tús ar Éirinn.



(1) "O Cruchuir" an Míodhchánach. (2) "Nar sheun na Gaedhil," G.
(4) Deir na daoine Binn Éadain go minic i n-áit Binn Éadair.


L. 311


(5) Tá leath-rann eile annso ag an Míodhchánach nach dtugaim shuas:
"Ag fear do bhí ann 's nár fhan le sgéalaibh,
is i mB'L'acliath thuit tubaiste an laé sin" (aliter air).
(6) Sic G.; "go ndearnaidh R L cocal de'n Ruarcach," M.


L. 312


I gceann Righ Sacsan tháinig Tighearna Eisin (?1),
Thug sé dhó a fhocal agus mionnaidh treuna
Go dtiubhradh sé suas a cheart féin do Éirinn,
Acht sásadh thabhairt do i n-ionad (2) an sgéil sin.



Teachtaireacht (3) d'imthigh, a's adharc ag séideadh,
Gur cuireadh le chéile mórán céadta,
Tighearna Strongbow orra mar léadar.
Gur thógadar Cúige Laighean de'n réim sin.



Tri chéad annsin, agus cuir leis éiric (4),
No go rugadh i Sacsana an prionnsa ceusta,
(Agus) Mártain Lúitear do chionntaigh na céadta,
Do sheun an Pápa 's an Sacraiméad Naémhtha.



C'fhad a's bhí sé i gconvent b'olc iad ad bhéasa,
Ag sgríobh a's ag tarraing leabhra bréige,
Ag foghladh toraidh 's ag leagadh "plantations,"
Ag réabadh geataidh ballaidh 's "foundations."



Is iomdha cómhrádh cruiteach (?) bréagach (5),
Tarraing(eadh) amach as an mBíobla Gaedhealach (6),
Gach duine as a cheann ag piocadh léighin as,
Ag dearbhughadh an cheirt i mullach an éithigh.



(1) Sic M.; "Brefnidh," G. (2) "i leabaidh" G.
(4) Sic G.; "tri céadach bliadhan a ndiaigh an sgéil so," M.
(5) Ní'l an ceathramha so ag an Míodhchánach.
(6) "As lár An bhiobla G.," G.


L. 314


Mar bhí Anabaptists, Seekers, agus Quakers,
Protastúin, Swadlers (1), agus Presbitérians,
In san am sin ní raibh trácht ar Cromwellians,
No go dtáinig Cromail, an fear thóg Éire.



Míle 's cúig céad do réir mar léightear,
Naoi agus a h-ocht do chur i gceann an mhéid sin,
Ó thuirling Críost i gcolainn dhaonna,
No gur thosaigh Hannraoi an Reformation.



Thug (2) a chúl do Dhia a's dhiúltaigh a chéad-bhean,
Agus phós sé a inghean féin mar mhnaoi 's mar chéile,
Lúitear a's Calbhin do b'ainm do'n phéire
Do sgaoileadh an bheirt an poc le chéile (3).



Bhain sé an ceann di le lannaibh géara,
A's ní di-se amháin acht de thuilleadh léi,
Nár cham an dlighe do bhí ag an té sin,
Do chuir a bhean 's a inghean chum báis i n-éinfheacht.



An Bhainríoghain Máire, cuing (4) na nGaedheal,
An mhaighdean mhódhamhail, mhaiseach, bhéasach,
Réab sí tuim, croinn, agus géaga,
'S muna mbeith í cailleadh tharrnóchadh sí fréamhach.



Eisibél tháinig i gcróin 'na dhéigh sin,
Nár phós fear agus nár throisg gan céile (5),
Cuir a cúl 's a druim le cuing na cléire,
No gur chuir sí an ruaig ar an Eaglais Ghaedhealaigh.



(2) "Thug sé," MSS.
"a sgaoil an bheirt i bpairt a chéile," M.


L. 316


Séamas do tháinig i gcróin 'na dhéigh sin,
An fear ba mheasa dlighe agus béasa,
Do dlighe Straford thug sé géilleadh (1)
Ag leagan slabhra ar mhóin 's ar shléibhtibh (2)



S níor mheasa an t-athair ná an mac Séarlus,
Ag leagan sgiúrsaidhe go cruaidh ar Éirinn,
Acht nuair b'áil le duine 's le Dia an sgéala (3),
Caill sé a cheann le Cionáin Spéiriot (4).



Maguidhir 's Mac Mathghamhain thóg lámh le h-Éirinn,
I Londún do baineadh an ceann de'n phéire,
Eóghan Ruadh do tháinig i ndiaigh an sgéil seó,
Marcach fearamhail, barramhail, béasach.



Lúthmhar, cleasach, súgach, éasga,
Do bhain léim leath-thaoibhe as Cromwellians,
Ó Dhroichead (5) na Siúire go Dún Fhéile (6),
Ó Chaisioll Múmhan go cuan Binn Éadain (7).



Ó Cill-dalua (8) go bruach Loch Gréine,
'S an dhá chúige Múmhan do chur le chéile (9),
Acht gur le bean Lord Golden (10) do cailleadh an
péarla
I gCondaé Ciarraidhe i n-iarthar Éireann.



(1) "níor thug sé geilleadh acht leagan," etc san MS., acht ní cos-
mhúil gur ceart sin. Mise d'athruigh é.
(2) Sic G.; "ag leagan sgiursaighe cruaidhe anuas ar éire," M.
(3)"Acht nuair biodh déan le Dia 's le daoinibh an sgéala," M.;
Is neamh-ghnáthach "an sgéala" i n-áit "na sgéala" no an sgéal."


L. 317


(7) "Ó cluain-mheala go Baile Séamais," G.
(8) "Ó Dhún Dómhnaill," M.
(9) "Ar nua (= ndoigh) bhí dréim leis," M.
(10) "Tighearna Gorden," G.


L. 318


'Sé bás Eóghain Ruaidh d'fhág buaidhreadh ar Ghaedhealaibh,
Ord agus Aifrionn agus Eaglais seuntach,
Mar bheith liathróid ar béal fuadáidh (?) dá casgairt ag
céadtaibh,
Bhí Cromaill 's a shluaighte san ruaig orra as Éirinn (1).



Ba bhuaidhreadh an tráth sin, i mbéal an fhóghmhair,
I -Each-dhruim Dia Luain de bhárr an Dómhnaigh,
Is iomdha mac Gaedhil a d'fhág sé brón air,
Gan trácht ar ar cailleadh i mBriseadh na Bóinne (2).



Acht Séamas a' chaca, mallacht Dé dhó,
Thug a inghean do 'Liam mar mhnaoi 's mar chéile,
'Sé rinn an Gaedhealach Gallda 's an Gallda Gaedh-
ealach,
Nuair chuir sé an chruithneacht 's an eórna tre na chéile.



Tre Mhóin-na-ngallda 'seadh thriall lucht Béarla (3),
'S ag Geata-na-gceann (4) 'seadh rinneadh a sleuchtas,
Ag Rutarell Pass (5) 'seadh díoladh na Gaedhealaigh
Ar sgilllin (6) a's raél amach an péire.



Ag Cillín O Guairigh (7) bhí na Galla (8) ar féasta,
No go dtáinig an Sairsealach, croidhe na féile,
Leig sé leis an tSionnainn (9) a gcuid arm a's éadaigh,
'S gur thóg sé Luimneach an mhaidin chéadna.



(1) "Ní'l an ceathramha so ag an Míodhchánach.
(2) "Gan trácht ar bith ar Bhriseadh na Bóinne," M.
(3) "Triall a mhéadracht (?)," M.
(5) "An Rutriallach fallsa do dhíol," G.


L. 319


(6) "Ar sgillin an triúr mar fuair mé sgéala," G.
(9) Sic. G, acht sgríobhann sé "leis an tunthainn." "'S gur sgaoil
sé le fán," M.


L. 320


Ná bígidhe (feasta) gan meisneach (gan) éifeacht (1),
Is treise le Dia ná le Cromwellians,
'S go ndeir San Seághan (2) in san "Revelation
An naomhadh bliadhain fichead go mbeith an sgór le Gaedh-
ealaibh (3).



Iarraim-se ar Mhuire ins an imirc (4) is géire
Go n-ionntaigh an muiliot i mullach na spéiriot,
- Sin mar chuir Raifteri síos ar Éirinn,
É féin 's an sgeachán i bpáirt le chéile (5).



Ag so abhrán clúdhamhail do rinne an Reachtúire ar
chailín deas, Máire Stanton éigin, do chómhnuigh, mar
chualaidh mé, ar an gcéibh i nGaillimh. Bhí cáil mhór ar
an abhrán so i gcómhnuidhe. Ní féidir 'a rádh anois cia
an uair rinneadh é:



MÁIRE STANTON.



Tá pósaidh glégeal ar bhruach na céibhe
Agus bhuail sí Déirdre le sgéimh a's gnaoi,
'S dá n-abrainn Hélen an bhainríoghain Ghréagach
Ar thuit na céadta d'á bárr 'san Traoi.
Tá lasadh as gil' innti, réir' a chéile,
Is binne a béilín ná cuach ar chraoibh,
'S a méin ná a tréithre ní gheobhfaidhe i naen bhean
Ó d'éag an péarla bhí i mBaile-ui-liagh.



(1) "Ná bígidhe gan meisneach i bhfochair a chéile," G.
(2) "Dubhairt Naomh Seághan," G.; "San John" M.


L. 321


(3) "An cúigeadh bl. f. go bhfuigheach muid géilleadh," G.
(5) "Bhfarra a chéile," M.


L. 322


Dá bhfeicfeá an spéirbhean a's í gabhtha gleusta,
Lá breágh gréine san tsráid, 'sí siúbhal,
Solus lasta as a brollach glégeal
Do tiúbhradh léirgeas do fhear gan súil.
Tá grádh na gceudta i gclár a h-éadain,
Is geall a feuchaint (1) le reult a' Luain,
'S dá mbeidheadh sí i n-éinfheacht le linn na ndéithe
Ní suas do Bhénus do bhéarfaidhe an t-úbhall.



Tá a folt ag casadh léi sos go glúnaibh,
Ag filleadh 's ag lúbadh go béal a bróg,
Na ndualtaibh sgartha, 'sé chomh glas le drúchta,
'S na troilsidhe a' sguabadh (2) na diaigh san ród.
A's súd í an chúilfhionn is gile múinte
Dá'r fhosgail súil agus d'á maireann beó,
'S dá mbudh liom-sa dúithche an Tighearna Lúcan
Dar bhrígh mo chúise budh liom-sa an tseóid.



Tá a cum caol cailce 's a gruadh mar na rósaibh
'S a dá chích cómh-chruinn os cómhair a croidhe,
A brághaid a leaca 's a cúilín ómra,
A's mar drúcht an fhóghmhair 'seadh breathnuigheann
sí.
Bhirgil, Cicero, no cómhacht Hómer
Ní thiúbhradh i gcóimh-mheas (3) a sgéimh 's a gnaoi,
Thuit mé i bpeacadh leat a bhláth na h-óige
'S muna dtig tú ag ól liom ní mhairfead mí.



(1) "Dá shúil mar r, a, l.," C. (2) "Na bhfreilseain lúbach," C.


L. 324


Ag siúbhal no ag damhsa dá bhfeicfeá an plannda
Do bhéarfá t'annsacht (1) do bhláth na gcraobh,
A gruadh tre lasadh 's a croidhe gan amhgar,
'S nach lághach an rud teanntughadh le n-a brollach
mín.
Cómhachta Sampson no Alexander
Ar ndóigh, ní shanntóchainn i n-áit mo mhian,
'S mur bhfághad cead cainte le Máire Stanton
Tá mé i n-amhras gur gearr mo shaoghal.



Thug sí "mara" (2) dham go moch le pléisiúr,
Leag sí séat (3) agam agus ní 'sa gclúid,
D'ól sí deoch orm, b'í croidhe na féile í,
In san am ar éirigh mé le dul chum siúbhail.
Do bhuail mé 'labhairt a's cómhrádh léi,
Is muinte d'fhéach sí orm, bláth na n-úbhall,
Acht so bannaidh béil daoibh gan focal bréige,
Gur fhág mé an chraobh aici (4) ó Mháire Brún.



Do labhair an Reachtúire in san abhrán so ar an
bPósae Glégeal bhí i mBaile-ui-liagh. Do b'í sin an
mhaighdean do b'áille, adeir siad, do rugadh le céad
bliadhan i n-iarthar Éirinn. Ní'l aon tsean-duine an
taobh sin de Chondaé na Gaillimhe nár chualaidh caint ar
an spéirbhean so, agus iad-san do chonnairc í, ní
féidir leó a sáith molta thabhairt d'á sgéimh agus d'á


L. 325


(4) "go dtug sí an réim léi."


L. 326


béasaibh lághacha. Do chómhnuigh sí i n-aice le Gort-innse-
Guaire, agus tá fuighleach an tighe in ar mhair sí le feic-
sint go fóill ag Baile-ui-liagh, baile beag a bhfuil leath-
dhuisin de thighthibh ann, ar bhruach aibhne bige árd-ghlóraighe
i mbarúntacht Chilltartan. Do baineadh an chuid is mó
de na clochaibh as bhinn agus taobh-bhallaibh an tighe le na
gcur i dtighthibh eile no le ballaibh-cloiche do thógbháil,
agus d'fhás na sgeacha agus na driseóga ameasg an
mhéid díobh do fágadh, agus tá siad sin féin ithte ag na
gabhraibh, i riocht nach bhfuil aon fhás ionnta, agus sin an
méad atá le feicsint de'n áit ar mhair Máire Ní
h-Eidhin 'na bláth agus na sgéimh. Mar léighmid i
"n-Oidhe Cloinne Lir": "is amhlaidh fuaramar an baile
fás folamh ar a gcionn, gan acht maol-rátha glasa agus
doireadha neannta ann, gan tigh, gan teine, gan treibh."



"Ní fhacaidh mé riamh aon bhean chomh breágh léi agus
ní fheicfead go bhfághaidh mé bás," arsa sean-bhean leis
an mBaintighearna Gregori. Adubhairt sean-fhigheadóir
do chuimhnigh í go maith, "budh é Máire Ni h-Eidhin an rud
ba bhreágha da'r cumadh riamh. Ní bhíodh comórtas báire
in san tír nach mbeith sí ann, agus éadaigh bána uirri i
gcómhnuidhe. D'iarr aon fhear déag í le pósadh i n-aon
lá amháin, acht ní phósfadh sí fear ar bith aca. Bhí dream
d'fhearaibh óga 'na suidhe ag ól aon oidhche amháin, agus
chromadar ag caint ar Mháire Ni h-Eidhin, agus d'éal-
aigh fear aca amach le dul go Baile-ui-Liagh le n-a feic-
eál, acht nuair tháinig sé go Móin Cluana thuit sé in
san uisge agus báitheadh é." Dubhairt sean-fhear eile,
"an fear is láidre bhí againn budh é sin Seághan O …
fuair sé bás d'á bárr, ag dul treasna na h-abhann in
san oidhche ag súil le n-a feiceál." Dubhairt sean-bhean


L. 328


eile, "ní fhacaidh an ghrian ná an ghealach aon rud chomh
breágh léi. Chonnairc mise í go minic. Bhí croidhe
cineálta aici. Bhí mé, lá amháin, ag dul abhaile tríd
an bpáirc sin thall, agus mise tuirseach go leór, agus
cia thiucfadh amach chugam acht an Pósae Glégeal agus
thug sí glaine leamhnachta dham." Dubhairt fear as
Chinn-mhara, "deir h-uile dhuine nach bhfuil aon duine le
feiceál anois chomh sgiamhach léi. Bhí gruag bhreágh uirri
ar dhath an óir. Bhí sí 'na cailín bocht, acht do bhíodh sí
gléasta h-uile á mar an Dómhnach, bhí sí chomh snasta
sin, agus dá rachadh sí go báire no go cruinniughadh
do bhíodh na daoine ag rith i mullach a chéile le n-a gcuid
súl do leagan uirri. Bhí a lán i ngrádh léi, acht fuair
sí bás agus í óg. Duine ar bith a mbíonn abhrán déanta
air, ní mhairfidh sé a bhfad adeir siad." B'éidir, adubh-
airt sean-bhean le caraid damh-sa, gur bh'iad na daoine
maithe do rug leó í, óir adeir sí, "tháinig daoine as gach
uile áird le na feiceál agus b'éidir go raibh daoine
ann do dhearmad "bail ó Dhia uirri" do rádh."



Faraor! do thug duine uasal mór do bhí in san tír
sin grádh dhí. Tréigeadh í agus fuair sí bás i mbochtanas
tamall beag súl tháinig an droch-shaoghal.



Do sgríobh mise an t-abhrán do rinne an Reachtúire
dhí, ag Cilltartan, ó bhéal Thomáis Ui h-Eidhin, Gaedheil-
theóir breágh cliste, agus fear-abhrán maith, atá féin
gaolach léi. Thug mé an t-abhrán do Norma Bortuic
agus chuir sise in a "Ceól Sidhe" é. Ag so an t-abhrán
mar do bhí sé aige:-


L. 330


MÁIRE NI H-EIDHIN



no



AN PÓSAÉ GLÉGEAL.



Dul chuig an Aifrionn dám le toil na nGrásta,
Do bhí an lá báisteach, agus d'árduigh gaoth,
Casadh an ainnir liom le taoibh Chilltartain
Agus thuit mé láithreach i ngrádh le mnaoi.
Labhair mé léi (1) go múinte mánla
'S do réir a cáileacht 's eadh d'fhreagair sí,
'Sé dubhairt sí, "Raifteri tá m'inntinn sásta
Agus gluais go lá liom go Bail'-ui-liagh (2)."



Nuair fuair mé an tairisgint 3 níor leig mé ar cáirde é,
Rinne mé gáire agus gheit mo chroidhe,
Ní raibh le dhul againn acht trasna páirce
'S ní thug muid (4) an lá linn acht go tóin an tighe.
Leagadh chugainn bord a raibh gloine a's cárta air,
Agus cúilfhionn fáinneach le m'ais 'na suidhe,
'Sé dubhairt sí, "Raifteri, bí 'g ól 's céad fáilte,
Tá'n soiléar láidir i mBail'-ui-Liagh."



Is aoibhinn aéreach ar thaoibh an tsléibhe
Ag breathnughadh síos ar Bhail'-Ui-liagh,
Ag siúbhal sna gleanntaibh 'baint cnó agus sméara,
'S geall ceileabhar (5) éan ann le ceóltaibh sidhe.
Cia'n bhrigh san méad sin go bhfáightheá léargus,
Ar bhláth na gcraébh atá le n-a thaoibh,
Ní'l maith d'á seunadh a's ná ceil ar aenne,
'Sí spéir na gréine agus grádh mo chroidhe (6).



(1) Aliter, "lean mé dise." (2) labhairthear an áit mar "Baile-laoi."
(4) Muid = sinn.
(5) Aliter, "a's ceileabhar, agus c." labhairthear ceileabhar mar "ceil-


L. 331


iúr. (6) Aliter, "do bhreóidh mó chroidhe.


L. 332


Shiúbhail mé Sachsana 's an Fhrainc le chéile,
An Spáin, an Ghréig, agus ar m'ais arís,
Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Céibhe (1),
'S ní fhacaidh mé féirín ar bith mar í.
Dá mbéinn-se pósta le bláth na h-óige
Tré Loch an Tóraic do leanfainn í,
Cuanta a's cóstaidh go siúbhalfainn a's bóithre
A ndiaigh an tseóid-bhean (2) tá i mBaile-ui-Liagh.



'Sí Máire Ni h-Eidhin (3) an stáid-bhean bheusach,
Ba dheise méin agus b'áille gnaoi,
Dá chéad cléireach, 's a gcur le chéile,
Agus trian a tréithre ní fhéadfadh sgríobh.
Bhuail sí Déirdre le breághacht a's Bhénus,
'S dá n-abrainn Hélen le'r sgriosadh an Traoi,
Acht is sgoth ban Éirinn as ucht an mhéid sin,
An Pósaé glégeal tá i mBail'-ui-Liagh.



A réaltain an tsoluis agus a ghrian an fhóghmháir,
A chúilfhionn ómra agus a chuid de'n tsaoghal,
An ngluaisfeá liom-sa faoi chómhair an Dómhnaigh,
No go ndéanfamaoid cómhairle cá mbéidh ár suidhe.
Níor mhór liom ceól duit gach aon oidhche Dómhnaigh,
Puinnse ar bórd agus dá n-ólfá fíon,
A's a Righ na Glóire go dtrinnigh (4) an bóthar,
Go bhfágh mé an t-eólas go Bail'-ui-Liagh.



(1) Aliter, "Béal-áth-caorthainn.(2) Sic, i n-áit "na seód-mhná."
(3) "Mary Hynes" adubhairt Tomás O h-Eidhin, "óir," ar seisean
liom, "nach deise sin go mor ná "Máire ni h-Eidhin" a rádh," agus


L. 333


h-uile dhuine eile da raibh an t-abhrán aca, dubhradar Mary Hynes, agus
is dóigh gur ab é dubhairt an Reachtúire féin, acht d'athraigh mise é.
(4) i.e., go dtrimigh no go dtiormaigh.


L. 334


Tá bhéarsa eile san abhrán so nach raibh ag Tomás
O h-Eidhin acht fuair mé ó fhear eile é. Deir Tomás nach
mbaineann sé leis an abhrán agus go dtugann sé
gruag dhubh do Mháire Ní h-Eidhin, nuair bhí gruag óir no
gruag ómra uirri. Is fíor dhó sin, acht bheirim an bhéar-
sa ann so, óir is maith é cibé rinne é:



Tá a folt ag casadh léi ar dhath na sméara.
'Na soillse rae-gheal na diaigh san drúcht,
An solus lasta in a brollach glégeal,
A d'fhág na céadtha fear i ngalar dúbhach.
A brághaid is gile ná sneachta séidte,
Is lúthmhar (1) éadtrom a cosa ag siúbhal,
A's mo righ dá mbéinn-se mar Iuilius Caesar,
Do dhéanfainn réidhteach le bláth na n-úbhall.



Ag so abhrán áluinn eile do fuair mé san lámh-
sgríbhinn in san Acadaimh, ameasg dánta an Reachtúire.
Dubhairt an sgríbhinn gur leis an Reachtúire é, agus
dubhairt Mac Ui Fhinn liom gur innis sean-fhear de na
h-Oisínigh dhó go gcualaidh sé an Reachtúire d'á ghabháil.
Tá na bhéarsaidh chomh binn sin gur shaoil mé go mbudh
thruagh gan a gcur síos annso cibé rinne iad:-



(1) Labhairthear an focal so mar "lúfar."


L. 336


PEIGIDH MISTÉALL.



B'ait liom bean dimreóchadh cleas 's nach gclisfeadh ar
a grádh,
Siubhalfadh asteach le greann ar fhear 's nach seasfadh
leis san tsráid,
Béilín deas is millse blas ná mil na mbeach faoi Cháisg
Cúl trom, tais, fionn, fáinneach, glas, sí Peigidh tá mé
'rádh,



Is míne a dreach ná clumh mín geal 's ná cúbhar na
tuille ar tráigh
Croidhe breágh glas, do fhás nár mheath, mar éirigheas
duileabhar 's bláth.
Go dtéidh mé i bhfeart tá m'inntinn leat, a Pheigidh a
mhíle grádh,
Mo leun's mo chreach gan tú 's mé leat ar chuantaibh
Americá.



A stóir mo chroidhe ná tréig do mhian acht breathnuigh
'steach san gcás,
Nuair thiucfas an tslighe béidh ól ar fhíon 's ní baoghal
dúinn choidhche bás.
A bhláth na gcraobh nach cruaidh an sgéal munab tú tá
dham i ndán,
Ar uaisle an tsaoghail dá mbéinn mo rig is leat do
chraithfinn lámh.


L. 338


Dá bhfághainn-se caoi no áit le suidhe ní stadfainn
bliadhain a's lá,
Go sgríobhainn síos le peann deas caol do chuma a's do
cháil.
Níor rugadh riamh aon bhean san tír do bhéarfadh uait
an bárr,
Ó sgriosadh an Traoi niar gheall ar mhnaoi, a's ó cuir-
eadh Déirdre chum báis.



Tá lonnradh an óir i bhfolt mo stóir 'sé ag fás go
fáinneach fionn
Go béal a bróige chomh glas le deór 'sé fighte os a
cionn (1),
A bhláth na n-úbhall is breághtha snuadh ná duilleabhar
báirr na gcrann,
Fágh réidh Dia Luain go dtéidheam chum siúbhal a's féach
go bhfuil sé i n-am.



Tá breághacht a's gile fuil a's cuisle a's lasadh deas dá
réir,
I mbláth na finne is cruinne glaise súil a's leagan
béil,
Ní bréag ar bith an sgéal tá amuigh, nach fear mé tá
as mo chéill
Le bliadhain indiu gach aon lá suilt 's mé ag smuaín-
eamh ar bláth na gcraébh.



(1) "Os uainn a cinn," MS., ní thuigim sin.


L. 340


Mo ghrádh fá dhó na mná go deó gidh d'fhág siad mise
tinn
Ag déanamh bróin faoi luach an óil do dhíoghbháil é bheith
cruinn,
B'fhearr liom póg ó Pheigidh ar ndóigh 'sí bheith i n-uaig-
neas liom,
Ná saidhbheas (1) Sheóirse gidh budh mhór a leath dá mbeith
sé cruinn.



Do b'ait liom dórtadh bheith ar pórter a's cannaidh lán
de leann,
Puinnse ar bórd a's gloinne i gcóir chomh fhad (2) 's beith
mo phóca teann,
Mo ghrádh 's mo stór bheith os mo chómhair ag caint 's ag
cómhrádh liom,
Is léi d'ólfainn luach na mbróg dá mbeith mo chóta i
ngeall.



Ag so anois an dán fadá do rinne an Reachtúire
nuair bhí an cholera ag sgrios na ndaoine go tiugh i
n-Éirinn. Is é "Aithrighe Raifteri," an t-ainm atá air
go coitchionn. Acht glaodhaim-se an "Cholera Mor-
bus" ar an gcéad leit dhé agus an "Aithrighe," ar an
dara leith, óir ní i n-aon bhéarsaigheacht no i n-aon
tomhas atá siad. Fuair mé cóip de'n dán so óm'
charaid Tomás O Míodhcháin agus cóip eile do rinne
Seághan O Cuillionáin san mbliadhain 1838, agus fuair



(l) "Nár siubhal ar," MS., rud nach dtuigim.


L. 341


Labhairthear "chomh fad" mar "c'ad."


L. 342


mé cóipeanna eile ó dhaoinibh éagsamhla, agus chuir mé
le chéile iad chomh maith agus d'fhéad mé. Chuir mé an
píosa so i gcló i "m'Abhránaibh Diadha Chúige Connacht,"
acht ag so arís é:-



AN CHOLERA MORBUS.



A Íosa Críost 's a Righ na ngrása,
A (1) chruthaigh talamh neamh agus Párrthas,
A dhóirt Do chuid fola i gcrann na páise,
Sábháil sinn ar an gCholera Morbus (2).



Is iomdha sagart bean-riaghalta 's bráthair
Ag agairt Dé; na h-easboig 's an Pápa,
Acht b'éidir go n-éistfidh an té is táire,
Shilfeadh (4) a dheóra 's a chroidhe bheith cráidhte



'Sé mo thuairm 's is dubhach liom trácht air,
Gur uair í seó tá ag iarraidh sásta,
Guidhfimid ar fad ar Mhuire Mháthair,
Tá fearg ar Dhia 's a sgiúrsa tarraingte.



(1) tá an "a" so i n-áit "do." Labhairthear "do" mar "a" go
ró-mhinic. (2) Aliter, "saor sinn ó olc no aon bhás cráidhte.



(3) Aliter, "A's easbog cráifeach." (4) Aliter, "sheilfeach le míon.


L. 344


A lucht an pheacaidh tuigidh an cás so,
Déanaidh an aithrighe atá mé rádh libh,
Dubhairt Críost féin atá lán de ghrása,
"An té d'iompoch' leis go mbeidh' sé tárrtha."



Is mairg a leigfeadh a leas ar cháirde,
Ar uath (5) go dtiucfadh an síorthóir (6) gránna.
'S a liachta gruagach uaibhreach dána,
A chuir sé faoi, dá chaoile(a) chnámha.



Feuch an té bhí indé luath láidir,
A léimfeadh sgonnsa cloidhe 'gus bearna,
Bhí ar trathnóna ag siúbhal na sráide,
'S ag dul faoi 'n gcréafóig lá'r na mhára



Is mire an Bás ná an tonn báidhte,
'S ná each dá luaithe ar chúrsa an rása,
A n-aghaidh na sluagh do bhuailfeadh sé báire,
'S ní túisge annsúd é ná rómhainn ar gárda (7).



(7) Do críochnuigheadh gach líne go dti seo leis an litir A. Tos-
aigheann anois an litir "í" no "ao" tá cosmhúil le í in a fhuaim i
gConnachtaibh.


L. 346


Tá sé luaimneach fuadhrach leigthe sgaoilte (1)
Ní fearr leis an lá ná lár na h-oidhche,
An tráth shaoileas neach nach mbidheann aon bhaoghal air,
Súd é ar an mball ar lár (2) le caoineadh.



Is mór do thuit leis i dtráth na díleann,
Gan caint no tráchtadh ar aimsir Mhaoise,
Acht d'á mhéad le rádh gach (a) bhfágthar shíos leis,
Ní h-é tá láidir acht grása Chríosta.



Is sladaidh an Bás a chárnas (3) ríghte,
Prionnsaidh árda a's tighearnaidh tíre,
Bheir sé an mór leis, an t-óg 's an críona,
Ar fastughadh sgóig' leis os cómhair na ndaoine.



Is dána an duine ná an mac-tíre,
A mharbhuigheas na h-uain ar shiúbhal na h-oidhche,
Acht fáth mo bhróin agus mo chrádh saoghalta
An t-am bheith thart, 's gan an aithrighe déanta.



Is mairg a mealltar le cathaighthibh an tsaoghail,
Agus laighead an lóin a cuirthear síos leis,
Gan bhrigh 'n a leus dá mairfeadh sé míle
Acht mar sgiorrfadh sé ar cuairt 'sar ais arís (4).



(1) "luaineach, fuadeach, leigthe, sgaoilteach," G.
(4) is follusach ó'n líne seo gur labhair an Reachtúire an focal
so "arís" mar "aríste," mar chluinntear go minic é i gConnachtaibh.


L. 348


Dá mbudh leat-sa stór a's ór na rígheachta,
Maoin (ró) mhór 's gach saidhbhreas saoghalta,
A ndiaigh do bháis dá mhéad do thréadta (2),
Ní fhuil le fághail agad acht uaimh déanta.



Cá ndeachaidh do chapaill, do bhath, 's do chaoirigh?
Cá ndeachaidh an tseód do bhidheadh i d'fhiadhnuis'?
Do bhean 's do chlann do bhidheadh 'n a suidhe leat?
No an clumhthach mín árd air a mbítheá sínte?



Cá ndeachaidh an bórd a n-ólthaidhe fíon dé?
Do chúirt, do theach, 's do hallaidh míne,
Do chóistidh, d'eachraidh, 's do chulta' síoda,
'S do lucht ealadhna do ghnidheadh siams' duit?



Cá ndeachaidh do bhróga slíoca, dáthta?
No an réalt do bhíodh ar thaoibh do hata?
Do chuid éadaigh daora bhí déanta san bhfaisiún?
Do chósair mhór a's do chuid lucht freastail?



Nuair bhéidheas do chnámha tre n-a chéile,
Gan fuil gan feóil ar aghaidh na gréine,
Cá ndeachaidh lasadh no gile d'eudain?
No an cúl glas gruaige bhidhtheá réidhteach?



(2) "Cidh go mbudh mhór do tháinte," acht ní cómh-fhuaim sin; "tar
éis an siubhal ariamh ort ní bhfuil do dá bhár le fáil acht pípe," G.


L. 350


Béidh do chluasa bodhar gan meamhar gan éisteacht,
Siocfaidh do ghuailne 's crapfaidh do gheuga,
Béidh do dá shúil grinn gan radharc gan leurgas,
Do bhí in do cheann gan camadh gan claonadh.



Ní bailte, fearranna, stoc, ná tréuda,
A mhúineas an tslighe go Flaitheas Dé dhúinn,
Acht leasughadh ár n-anma réir mar léightear
A' déanamh trosgaidh urnaigh 's déirce.



Ag dul a' luidhe dhuit ná bí-se balbh,
Feac do ghlúna 's brúgh an talamh,
Cuimhnigh ar gach nidh do leig tú tharad (i.e. thart),
'S go bhfuil tú ag triall go cluain (1) na marbh.



Úmhlaigh do'n chléir agus géill do'n eaglais,
Fuair Cúmhacht ó Dhia na peacaidh mhaitheamh,
Coimhlíon an dlighe tá i dteampoll Pheadair,
A's ní baoghal duit bás acht malrait (2) beatha.



Is mairg nach meabhraigheann cré agus paidir,
'S gur faidhe ar an tsaoghal so mí no seachtmhain
Ná míle bliadhain ag Crann na Beatha
I nGáirdín Phárrthais no ag bord na n-Abstal.



(1) "go sluagh na marbh" mar fuaireas é ó'n Míodhchánach.
Aliter, "ar sluagh."


L. 352


Is mairg a dhíolas rígheacht na bhflaitheas,
Áras Dé atá 'n a thri pearsan'
'N áit a mbíonn naoimh 'n a suidhe agus abstail
Bhí ar an tsaoghal so 'g leasughad ár mbeatha.



Níor shanntaigh an croidhe 's níor smuaín an peacach
Ar mhéad an tsóláis (1) atá 's na flaithis'
Ag éisteacht le ceól agus greann gan cealg (2),
Ag feitheamh na glóire gus í 'gá freagairt.



Lucht éirigh' i n-áirde, státa 's dhúithche,
Tiucfaidh siad gearr i ndeireadh na cúise,
Gan a n-aithrighe déanta béidh siad brúighte,
Ameasg lucht feille, póite 's drúise.



An fear a shanntaigheas maoin a's talamh,
'S nach ndéanann truagh do'n té bhíos falamh,
Béidh sé shíos 's ní maith í a leaba,
Gioscán fiacal air, fuacht a's creathadh.



Nuair thiucfas Críost ar thaoibh an tSléibhe,
'S Cruinneóchaidh sé chuige an cine daonna.
Béidh do ghníomhartha sgríobhtha ar d'eudan,
A's an fear le d'ais ionnán a léighte.



(1) Aliter, "ar an sólás siorruidhe."(2) Aliter, "spórt agus aithis."


L. 354


Is súd í an chúirt nach nglacfaidh bréaga,
'S nach gclosfaidh (1) caint ó fhear dá thréine,
Breitheamh na fírinne bhéidheas 'g ár bhféachaint,
An t-aon Mhac Íosa, d'fhulaing a cheusadh.



Fosglóchaidh ifrionn 's flaitheas i n-éinfheacht,
Agus múchfaidh(ear) solas na gealaighe 's na
gréine (2),
'S an méad a rugadh o cruthaigheadh an chéad fhear,
Béidh siad i gcuidheacht os cómhair a chéile.



Nuair fhosglóchas Dia leabhar a' chúntais,
Agus sgáthán an cheirt a bhéidheas 'gá iomchar,
Is an-mhór an gar an mhaith a dhéantar,
Diúltaigh an peacadh agus éist liom-sa (3).



Ag so, mar chreidim, deireadh an chéad dháin, no
b'éidir go bhfuil cuid de caillte, óir ní críochnughadh
snasta é seo. Bheirim an dara dán annso, faoi ainm
an "Aithrighe."



(1) Nach gcluinfidh; aliter, "nach nglactar."
(2) "Solus gealach is grian," MS.
(3)"Nach mór an maith an chreach a roinntear
Diultaigh don peacadh agus umpaidh," G.


L. 356


AITHRIGHE AN REACHTIÚRE



A Righ tá ar neimh 's a chruthaigh Ádhamh,
'S a chuireas cás (1) i bpeacadh an úbhaill,
(O) sgreadaim ort anois 's os ard,
O is le do ghrása ta mé ag súil (2),



Tá mé i n-aois, a's do chríon mo bhláth,
Is iomdha lá mé ag dul amúgh',
Do thuit mé i bpeacadh anois naoi dtráth (3),
Acht tá na grása ar láimh an Uain.



Nuair bhí mé óg b'olc iad mo thréithe,
Budh mhór mo spéis i scléip 's i n-eachrann,
B'fhearr liom go mór ag imirt 's ag ól
Ar maidin Dómhnaigh ná triall chum Aifrinn.



Níor bh'fhearr liom suidhe 'naice cailín óig
Ná le mnaoi phósta ag céilidheacht tamall,
Do mhionnaibh móra do bhí mé tabhartha
Agus drúis no póite níor leig mé tharm



Peacadh an úbhaill, mo chrádh 's mo leun!
Is é mhill an saoghal mar gheall ar bheirt
A's ó's coir an craos atá mise síos,
Muna bhfóirfidh Íosa ar m'anam bocht



(1) "Nár chuir cás," G. (2) Aliter, "tá mé (ag) siúbhal."
(3) Aliter, "os cionn naoi bhfeath," (bhfeagh) (bhfeá), nach dtuigim,
muanab é


L. 358


Is orm, faraor! tá na coireacha móra,
Acht diúltóchad dóibh má mhairim tamall,
Gach nidh buail anuas (1) ar mo cholainn fós,
A Rígh na Glóire 'gus tárrthaigh m'anam.



D'éalaigh an lá a's níor thóg mé an fál,
No gur itheadh (2) an bárr ann ar chuir tú dúil (3),
Acht a Áird-righ an Ceirt, anois réidh mo chás,
A's le sruth na ngrása fliuch mo shúil.



Is le do ghrása do ghlan tú Máire,
A's shaor tú Dháibhidh do rinne an aithrighe,
Do thug tú Maoise slán ó'n mbáthadh,
'S tá crothughadh láidir gur shaor tú an gaduidhe.



Mar is peacach mé nach ndearna stór,
Ná sólás mór do Dhia ná Muire,
Acht fáth mo bhróin tá mo choireacha rómham,
Mar sheóil mé an scóad ar an méar is fuide



A Righ na Glóire tá lán de ghrása,
'S tú rinne beóir a's fíon de'n uisge,
Le beagán aráin do riar tú an sluagh,
Och! freasdail fóir agus slánaigh mise.



(1) Aliter, "leig gach nidh." (2) "Lobh," Connelly and G.
(3) "Ó alt go bun," acht ní'l an chomh-fhuaim cheart annsin; "go
críonadh an bárr í alt go glúin," do réir an Miodhchánaigh agus G.
Mise d'athruigh é mar atá.
(4) Aliter, "'S a Chríost thrócairigh tárrthaigh mise."


L. 360


O a Íosa Críost a d'fhulaing an pháis,
A's do adhlachadh, mar do bhí tú úmhall,
Cuirim cuimridh (1) m'anama ar do sgáth,
A's ar uair mo bháis ná tabhair dam cúl.



A Bhainríoghain Phárrthais, máthair a's maighdean,
Sgáthán na ngrasa, aingeal a's naomh,
Cuirim cosaint m'anama ar do láimh,
A Mhuire ná diúltaigh mé, 's béidh mé saor (2).



'Nois tá mé i n-aois 's ar bhruach an bháis,
'S is gearr an spás go dtéigh(im) i n-úir,
Acht is fearr go deireannach ná go bráth,
Agus fuagraim páirt ar Righ na nDúl.



Is cuaille gan mhaith mé i gcoirnéall fáil (3),
No is cosmhúil le bád mé a chaill a stiúr,
Do brisfidhe asteach a n-aghaidh carraig 'sa 'bhfráigh (4)
'S do bheidheadh dá bháthadh 'sna tonntaibh fuar' (5)



A Íosa Críost a fuair bás Dia h-Aoine,
A d'éirigh arís ann do righ gan locht,
Nach tú thug an tslighe le aithrighe do dhéanamh,
'S nach beag an smuaíneadh do rinneas ort!



(1) "Cuimridh" i gConnachtaibh, i n-áit "comairce," agus dídionn.
(2) Aliter, "tóg mo pháirt agus tá mé saor."
(3) "Is cuaille cor mé i n-éadan fáil," G.
(4) = Fairrge, "ar bhruach na trá," Connelly.
(5) "Bheidheadh 'gá báthadh 's a chaillfeadh a snámh"; aliter, "seól"
aliter, "siúbhal"; acht d'athraigh mé an líne le comhfhuaim do dhéanamh."


L. 362


Do thárla ar dtús míle, 's ocht gceud,
An fiche go beacht, i gceann an do-déag,
Ó'n am thuirling Críost do reub an geataidh,
Go dti an bhliadhain a ndearnaidh Reachtúire an
aithrighe.



Ag so abhrán eile do rinne an Reachtúire ar an
uisge-beasa. Ó Sheoirse Mac Giolla an Cloig agus ó
Mhac Ui Fhloinn do fuaireas é. B'éidir nach Bealach
acht Balla budh chóir do bheith in san chéad líne, acht is
mar sin fuaireas é:-



AN PÓTAIRE AG MOLADH AN UISGE-BEATHA



Ag triall go h-aonach Bheallach dham
'S mo chos ar lár an bhóthair,
Tugadh mé go tigh 'Lealaigh asteach
Go bhfághainn ann deoch an doruis (1).
"Dempsi" do mhúin an bealach dam,
Is é do bhuail an báirille,
Mar ba é féin an preabaire,
Nach dtréigfeadh bean an ósda.



(1) "Dochtuir dorus," Bell.



Le criochnughadh an airrighe agus í beith so léigte
Ta Ceilidh feltach (?) i aithrughadh go beurla.
Le buadh birrech (?) grása agus trocaire
Beith ag gac duine glacaich a comhairle



Guibhe doneadh saturn agus aoinead
Don te daróach do cinne daoineadh
Na don beirt dfagad an airigte sin deuntad
agus cuirim-sa an actcuinghnidh ar Íosa Criosta. Amen.


L. 363


Guidhe Dómhnaigh Sháthairn a's Aoine
Go dteidh a dtairbhe do'n cinne daonna
Sé ainm na cainte a d'fhág mé sgríobhtha
Athchuinge Reifteridh ar Íosa Críosta.


L. 364


Go ndiúltaigh an saoghal do'n airgead
Folamh ná raibh a phóca,
Fágfaidh mé "Bacchus" baistthe air
Do thionsgail fíon a's pórter.
(Ní'l) earraidh ar bith chomh (1) beannuighthe leis,
Aon fhear ariamh dá'r leagadh leis,
Níor bh'fhearr leis sínte ar leabaidh,
Ná caithte ar thaoibh (2) an bhóthair.



Súgh na h-eórna glaise,
Níor facas riamh a mháighistir,
Níor fhás sé tríd an talamh
A leitheide de ghráinne.
'Sé bhéarfadh croidhe do'n phreabaire,
Agus bainne cích' do'n bhanaltra,
A's do chuirfeadh i dtiúin an creagaire.
Nár chaith dhá phighin le ráithe.



Feochan (?) d'fhághail ar maidin dé,
Ní'l rud ar bith chomh (3) breágh leis,
Is maith do rachadh gloine dhé
Do dhuine bheith' as a shláinte.
Duine ar bith do bhlasfadh dhé,
Níor bhaoghal fuacht no (4) casacht do,
'S dá dtugfaidhe braon do'n chailligh dhé,
Do rithfeadh sí dhuit rása.



1 "Ach a," Bell, agus labhairthear "chomh" go minic i gCondaé
Roscomáin agus i gCondae Mhuigh-eó mar "acha," i.e., "a-cho."


L. 365


(2) "Ar chul-taoibh," M.S. (3) "Ach a, Bell.
(4) "Fuacht múchadh no casacht," Bell.


L. 366


Tá uisge-beatha ag tigh 'Leallaidh,
'S níor h-óladh riamh a mháighistir,
Is beag atá ar an ngloine dhé,
Cidh gur mór is fiu an cárta.
Tá an bhean is féile fairsinge aige,
Go bhfeicidh an tír saoghal fad' aici,
'Sí a déarfadh - "Seas a Raifteridh
Go mblasfaidh tú de m' "cháirdial.""



Do thriall mé ar Father Callaghan,
Ba fhairsing fial an áit sin,
Bhí Dillon ann agus Gaothgain
Agus O Ceallaigh, croidhe na páirte.
An saoghal ní stopfadh an ceathrar sin
Acht ag líonadh punch agus cláiréid suas,
Gur fhágbhaigh siad sínte Raifteridh
Dá lá ar a thaobh-a-n-áirde.



Ní mise amháin do leagadh leis
Ó pheachaigh Éabh i bPárrthas,
Is iomdha fear do cailleadh leis
Ó'n am ar dalladh Argus.
Muna mbeith' gur cleas (tá) eadrainn é (1)
'S gur bhain sé iompóc as preabaire,
Go deimhin agus go dearbhtha
Do shínfinn síos le náire.



(1) Aliter, "acht gur gleacaidhe é atá eadrainn."



Shiubhail mé tuaim a's Beannachoir,
Corcaigh a's Cinn-tsáile,
Is fada chaith má i nGaillimh,
Agus bhí mé i nDroichead Atha,


L. 367


Le fírinne bheirim gealladh dhaoibh,
Nár bhlais mé riamh d'earradh ar bith,
Níos fearr ná bhí ag tigh Mhacala
Go gcuiridh Críost an t-ádh air.


L. 368


Do thug mé aon abhrán déag ar fhichid go dti anois,
de na h-abhránaibh do rinne an Reachtuire, agus chuir
mé síos sgéal a bheatha chomh maith agus d'fhéad mé.



Acht tá mórán eile le n'innsint i dtaoibh ár bhfile,
agus tá mórán de phíosaibh eile do chum sé féin, no atá
leagtha air, le cur síos go fóil. Ag so ainmneacha na
n-abhrán eile seo do réir mar chruinnigh mise ins gach
aon áit iad. Is é an ceann is fuide aca "Fiadhach
Sheághain Bhradáigh," dán fada do rinne sé ar fhear-
mála, Seághan a Búrca éigin, do bhí féin na shórt file.
Leigeann Raifteri air gur chruinnigh daoine uaisle
Chonnachta agus a gcuid gadhar leó, le Seaghán Bradach
do ruagadh, mar shionnac, tre Éirinn, agus cuireann sé
síos na h-áiteacha tre ar ruaigeadh é agus na daoine
do ruaig é. Tá "Cnocán Faobhair" air a dtugann daoine
eile "Úna Ní Chatháin," ag moladh áite, agus na mná
uaisle do chómhnuigh annsin. Is abhrán "Béal-áth-gártha,"
ag moladh áite eile. Is é "an Leath-bhaile," an rud
céadna. Is abhrán "Baile-loch-riabhach," no Bail-loch-
riach mar labhairthear é, do rinne sé ar fhear tábhairne
do bhain a hata dhé agus d'imir cleas air, chum abhráin
do phiocadh as. Is abhrán "Seóinín Bán," ag moladh fir-
ceirde. Tá "Peigidh Bláth na Sgéimhe," ag moladh
cailín. Seo tri cinn eile "Plaincsti an tSeiriodánaigh,"
"Seághan O Branáin," agus "An Gréasaidhe." "Dias-
póireacht Raifteri leis an Déan," sin abhrán do rinne
an Reachtúire agus é ag agairt leis an sagart do
chuir breitheamhnas aithrighe cruaidh air. "Fiadhach Mhar-
cuis Ui Caláin," sin dán do rinne sé cosmhúil leis an
gceann eile ar Sheághan Bradách. "Is Fada ó Cuireadh
síos," sin dán ag gríosughadh na gCatoilceach chum


L. 370


seasta go daingionn dlúth le chéile. "An Chúis dá
Pléidh," sin dán eile ar an rud céadna, ag brostughadh
na gConachtach chum congnamh do thabhairt do na Muimh-
neachaibh ag troid a n-aghaidh na nDeachmhuidh do bheiridís
do na ministéiribh Gallda. Do chuir mé an dá abhrán so
i gcló im' Dhántaibh Diadha Cúige Connacht. "Agallamh
Raifteri leis an mBás," is é seo an dán do rinne sé
nuair tháinig, mar shaoil sé, an Bás chuige in san oidhche,
mar chuir mé síos cheana.



Tá tuilleadh mar an gcéadna le n'innsint i dtaoibh
beatha an Reachtúire i nGaillimh ó dheas, agus i dtaoibh
na gCalnánach, agus i dtaoibh na n-imreasán do bhíodh
eatorra. Ní'l áit ná achar agam dóibh anois, acht
b'éidir go bhfillfidh mé orra uair éigin eile.



Is mian liom anois mo bhuidheachas do thabhairt do'n
"Fhreeman Seachtmhaineamhail" do chuir na h-abhráin seo
i gcló. Is leis na plátaibh do fuair mé uatha-san
atá mé ag cur an leabhair seo i gcló. Fágfaidh mé
anois slán agus beannacht ag lucht léighte abhrán an
Reachtúire.



(Críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services