Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Casadh an tSúgáin

Title
Casadh an tSúgáin
Author(s)
De hÍde, Dubhghlas,
Composition Date
1901
Publisher
Sealy, Bryers & Walker

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CASADH AN tSUGÁIN.



DRAMA AON-GHNÍMH.



NA DAOINE:-



TOMÁS O h-ANNRACHÁIN, file Connachtach atá ar seachrán



MÁIRE NÍ RÍOGÁIN, bean an tighe.



ÚNA, Inghean Mháire.



SÉAMUS O h-IARAINN, atá luaidhte le Úna.



SÍGHLE, cómharsa do Mháire.



Píobaire, cómharsanna agus daoine eile.



ÁIT:-



Teach feilméir i gCúige Múmhan céad bliadhan ó shoin. Tá fir agus
mná ag dul tríd a chéile in san tigh, no 'na seasamh cois na
mballa, amhail agus dá mbeith damhsa críochnuighthe aca. Tá Tomás
O h-Annracháin ag caint le Úna i bhfíor-thosach na stáide. Tá an
Píobaire ag fásgadh a phíobaidh air, le tosughadh ar sheinm arís, acht
do bheir Séamas O h-Iarainn deoch chuige, agus stadann sé. Tagann
fear óg go h-Úna le n-a tabhairt amach ar an urlár chum damhsa, acht
diúltann sí dhó.



ÚNA — Ná bí m'bhodhrughadh anois. Nach bhfeiceann tú go bhfuil mé ag
éisteacht le n-a bhfuil seisean d'a rádh liom. (Leis an h-Annrachánach):
Lean leat, cad é sin do bhí tú 'rádh ar ball?



TOMÁS O h-ANNRACHÁIN — Cad é do bhí an bodach sin d'á iarraidh ort?



ÚNA — Ag iarraidh damhsa orm, do bhí sé, acht ní thiúbhrainn dó é.



MAC UI h-ANN. — Is cinnte nach dtiubhrá. Is dóigh, ní mheasann tú go
leigfinn-se do dhuine ar bith damhsa leat, chomh fhad agus tá mise ann so.
A! a Úna, ní raibh sólás ná sócamhail agam le fada go dtáinig mé ann so
nocht agus go bhfacaidh mé thusa!



ÚNA — Cad é an sólás duit mise?



MAC UI h-ANN. — Nuair a bhfuil maide leath-dhóighte in san teine, nach
bhfághann sé sólás nuair dóirtear uisge air?



ÚNA — Is dóigh, ní'l tusa leath-dhóighte.



MAC UI h-ANN. — Tá mé, agus tá trí ceathramhna de mo chroidhe,
dóighte agus loisgthe agus caithte, ag troid leis an saoghal, agus an
saoghal ag troid liom-sa.


L. 21


ÚNA — Ní fhéachann tú chomh dona sin!



MAC UI h-ANN. — Uch! a Úna ní Ríogáin, ní'l aon eólas agad-sa ar bheatha
an bháird bhoicht, atá gan teach gan téagar gan tíoghbhas, acht é ag imtheacht agus
ag síor-imtheacht le fán ar fud an tsaoghail mhóir, gan duine ar bith leis acht
é féin. Ní'l maidin in san tseachtmhain nuair éirighim suas nach n-abraim
liom féin go mb'fheárr dham an uaigh 'ná an seachrán. Ní'l aon rud ag
seasamh dh'am acht an bronntanus do fuair mé ó Dhia — mo chuid abhrán.
Nuair thosaighim orra sin, imthigheann mo bhrón agus mo bhuaidhreadh dhíom,
agus ní chuimhnighim níos mó ar mo ghéar-chrádh agus ar mo mhí-ádh. Agus
anois, ó chonnaic mé thusa, a Úna, chím go bhfuil rud eile ann, níos binne
'ná na h-abhráin féin!



ÚNA — Is iongantach an bronntanus ó Dhia an bhárduigheacht. Chomh fada
agus tá sin agad nach bhfuil tú níos saidhbhre na lucht stuic agus stóir, lucht
bó agus eallaigh.



MAC UI h-ANN. — A! a Úna, is mór an bheannacht acht is mór an mhallacht,
leis, do dhuine é do bheith 'na bhárd. Feuch mise! bhfuil caraid agam ar an
saoghal so? Bhfuil fear beó ar mhaith leis mé? Bhfuil grádh ag duine ar
bith orm? Bím ag imtheacht, mo chadhan bocht aonránach, ar fud an tsaoghail,
mar Oisín andiaigh na Féinne. Bíonn fuath ag h-uile dhuine orm, ní'l fuath
agad-sa orm, a Úna?



ÚNA — Ná h-abair rud mar sin, ní féidir go bhfuil fuath ag duine ar
bith ort-sa.



MAC UI h-ANN. — Tar liom agus suidhfimid i gcúinne an tighe le chéile
agus déarfaidh mé dhuit an t-abhrán do rinne mé dhuit. Is ort-sa rinneas é.



(Imthigheann siad go dtí an coirneull is faide ón stáid, agus suidheann
siad anaice le chéile).



(Tig Síghle asteach).



SÍGHLE — Tháinig mé chugad chomh luath agus d'fheud mé.



MÁIRE — Céad fáilte rómhad.



SÍGHLE — Cad tá ar siúbhal agad anois?



MÁIRE — Ag tosughadh atámuid. Bhí aon phort amháin againn, agus anois
tá an píobaire ag ól dighe. Tosóchaidh an damhsa arís nuair bhéidheas an
píobaire réidh.



SÍGHLE — Tá na daoine ag bailiughadh asteach go maith, béidh damhsa breágh
againn.



MÁIRE — Béidh a Shíghle, acht tá fear aca ann agus b'fhearr liom amuigh
ná astigh é! Feuch é.



SÍGHLE — Is ar an bhfear fada donn atá tú ag caint, nach eadh? An
fear sin atá ag cómhrádh chomh dlúth sin le Úna in san gcoirneull anois.
Cá'r b'as é, no cia h-é féin?



MÁIRE — Sin é an sgraiste is mó tháinig i n-Éirinn ariamh. Tomás
O h-Annracháin thugann siad air, acht Tomás Rógaire budh chóir do bhaisteadh
air, i gceart. Óra! nach raibh an mí-ádh orm, é do theacht asteach chugainn,
chor ar bith, anocht!



SÍGHLE — Cia'n sórt duine é? Nach fear déanta abhrán as Chonnachtaibh


L. 22


é? Chualaidh mé caint air, cheana, agus deir siad nach bhfuil damhsóir eile i
n-Eirinn chomh maith leis: budh mhaith liom a fheicsint ag damhsa.



MÁIRE — Gráin go deó ar an mbitheamhnach! Tá's agam-sa go ró
mhaith cia 'n cineál atá ann, mar bhí sórt carthanais idir é féin agus an
chéad-fhear do bhí agam-sa, agus is minic chualaidh mé ó Dhiarmuid bocht (go
ndéanaidh Dia trócaire air!) cia 'n sórt duine bhí ann. Bhí sé 'na mháighis-
tir sgoile, shíos i gConnachtaibh, acht bhíodh h-uile chleas aige budh mheasa ná
a chéile. Ag síor-dhéanamh abhrán do bhíodh sé, agus ag ól uisge beatha,
agus ag cur imris ar bonn ameasg na gcómharsan le n-a chuid cainte.
Deir siad nach bhfuil bean in sna cúig cúigibh nach meallfadh sé. Is measa
é ná Dómhnall na Gréine fad ó. Acht budh é deireadh an sgéil gur ruaig
an sagart amach as an bparráiste é ar fad. Fuair sé áit eile ann sin,
acht lean sé do na cleasannaibh céadna, gur ruaigeadh amach arís é, agus
arís eile, leis. Agus anois ní'l áit ná teach ná dadaidh aige acht é bheith ag
gabhail na tíre, ag déanamh abhrán agus ag fághail lóistín na h-oidhche ó na
daoinibh. Ní dhiúltóchaidh duine ar bith é, mar tá faitcheas orra roimhe. Is
mór an file é, agus b'éidir go ndéanfadh sé rann ort do ghreamóchadh go
deó dhuit, dá gcuirfeá fearg air.



SÍGHLE — Go bhfóiridh Dia orrainn. Acht créad do thug asteach anocht é?



MÁIRE — Bhí sé ag taisteal na tíre, agus chualaidh sé go raibh damhsa
le bheith ann so, agus tháinig sé asteach, mar bhí eólas aige orrainn, — bhí sé
mór go leór le mo chéad-fhear. Is iongantach mar tá sé ag déanamh amach
a shlighe-bheatha, chor ar bith, agus gan aige acht a chuid abhrán. Deir siad
nach bhfuil áit a rachaidh sé nach dtugann na mná grádh, agus nach dtugann
na fir fuath dhó.



SÍGHLE (ag breith ar ghualainn Mháire) — Iompuigh do cheann, a Mháire,
feuch é anois; é féin agus d' inghean-sa, agus a gcinn le chéile. Tá sé
tar éis abhráin do dhéanamh dí, agus tá sé dh'á mhúnadh dhí ag cogarnuigh in
a cluais. Óra, an bitheamhnach! béidh sé ag cur a chuid pistreóg ar Úna
anois.



MÁIRE — Och ón! go deó! Nach mí-ádhamhail tháinig sé! Tá sé ag
caint le Úna h-uile mhóimid ó tháinig sé asteach, trí uaire ó shoin. Rinne
mé mo dhithchioll le n-a sgaradh ó chéile, acht theip sé orm. Tá Úna bhocht
tugtha do h-uile shórt sean-abhrán agus sean-ráiméis de sgéaltaibh, agus is
binn leis an gcréatúir bheith ag éisteacht leis, mar tá béal aige sin do
bhréagfadh an smólach de'n chraoibh. Tá's agad go bhfuil an pósadh réidhte
socruighthe idir Úna agus Séamas O h-Iarainn ann sin, ráithe ó'n lá indiú.
Feuch Séamus bocht ag an dorus agus é ag faire orra. Tá brón agus
ceannfaoi air. Is furus a fheicsint go mbudh mhaith le Séamus an sgraisde
sin do thachtadh an móimid seo. Tá faitchios mór orm go mbéidh an ceann
iompuighthe ar Úna le n-a chuid bhladaireacht. Chomh cinnte a's tá mé beó,
tiucfaidh olc as an oidhche seo.



SÍGHLE — Agus nach bhféadfá a chur amach?



MÁIRE — D'fhéadfainn; ní'l duine ann so do chuideóchadh leis, muna
mbeith bean no dó. Acht is file mór é, agus tá mallacht aige do sgoilt-


L. 23


feadh na crainn agus do réabfadh na clocha. Deir siad go lobhthann an síol
in san talamh, agus go n-imthigheann a gcuid bhainne ó na bath nuair
thugann file mar é sin a mhallacht dóibh, má ruaigeann duine as an teach é.
Acht dá mbeith sé amuigh, mise mo bhannuidhe nach leigfinn asteach arís é.



SÍGHLE. — Dá rachadh sé féin amach go toileamhail, ní bheith aon bhrigh in a
chuid mhallacht ann sin?



MÁIRE — Ní bheith. Acht ní rachaidh sé amach go toileamhail, agus ní thig
liom-sa a ruagadh amach ar eagla a mhallacht.



SÍGHLE — Feuch Séamus bocht. Tá sé dul anonn go h-Úna.



(Éirigheann Séamus agus téidheann sé go h-Úna.)



SÉAMUS — An ndamhsóchaidh tú an ríl seo liom-sa, a Úna, nuair
bhéidheas an píobaire réidh.



MAC UI h-ANN. (ag éirghe) — Is mise Tomás O h-Annracháin, agus tá mé
ag labhairt le Úna Ní Ríogáin anois, agus chomh fad agus bhéidheas fonn
uirre-se bheith ag caint liom-sa ní leigfidh mé d'aon dhuine eile do theacht
eadrainn.



SÉAMUS (gan aire ar Mac Ui h-Annracháin) — Nach ndamhsóchaidh tú
liom, a Úna?



MAC UI h-ANN. (go fíochmhar) — Nár dhubhairt mé leat anois gur
liom-sa do bhí Úna Ní Ríogáin ag caint? Imthigh leat ar an móimid,
a bhodaigh, agus ná tóg clampar ann so.



SÉAMUS — A Úna —



MAC UI h-ANN. (ag béicil) — Fág sin!



(Imthigheann Séamas agus tig sé go dtí an bheirt shean-mhnaoi.)



SÉAMUS — A Mháire Ní Ríogáin, tá mé ag iarraidh cead ort-sa an
sgraiste mí-ádhamhail meisgeamhail sin do chaitheamh amach as an tigh. Má
leigeann tú dham, cuirfidh mise agus mo bheirt dhearbhráthar amach é, agus
nuair bhéidheas sé amuigh sochróchaidh mise leis.



MÁIRE — O! a Shéamais, ná déan. Tá faitchios orm roimhe. Tá mal-
lacht aige sin do sgoiltfeadh na crainn, deir siad.



SÉAMAS — Is cuma liom má tá mallacht aige do leagfadh na spéartha.
Is orm-sa tuitfidh sé, agus cuirim mo dhúbhshlán faoi. Dá marbhóchadh sé mé
ar an móimid ní leigfidh mé dhó a chuid phistreóg do chur ar Úna. A Mháire,
tabhair 'm cead.



SÍGHLE — Ná déan sin, a Shéamuis, tá cómairle níos feárr 'ná sin
agam-sa.



SÉAMUS — Cia an chómhairle í sin?



SÍGHLE — Tá slighe in mo cheann agam le n-a chur amach. Má leanann sibh-
se mo chómhairle-se rachaidh se féin amach chomh socair le uan, d'á thoil féin,
agus nuair gheobhaidh sibh amuigh é, buailidh an dorus air, agus na leigidh
asteach arís go bráth é.



MÁIRE — Rath ó Dhia ort, agus innis dam cad é tá in do cheann.



SÍGHLE — Déanfamaoid é chomh deas agus chomh simplidhe agus chonnaic
tú ariamh. Cuirfimid é ag casadh sugáin go bhfuighimid amuigh é, agus
buailfimid an dorus air ann sin.


L. 24


MÁIRE — Is forus a rádh, acht ní forus a dhéanamh. Déarfaidh sé leat
"déan sugán, thú féin."



SÍGHLE — Déarfamaoid, ann sin, nach bhfacaidh duine ar bith ann so sugán
féir ariamh, nach bhfuil duine ar bith an san tigh ar féidir leis ceann aca
dhéanamh.



SÉAMUS — Acht an gcreidfidh sé rud mar sin — nach bhfacamar sugán
riamh?



SÍGHLE — An gcreidfidh sé, an eadh? Creidfidh sé rud ar bith chreidfeadh
sé go raibh sé féin 'na righ ar Éirinn nuair bhfuil glaine ólta aige, mar atá
anois.



SÉAMUS — Acht cad é an croiceann chuirfeas sinn ar an mbréig seo,
— go bhfuil sugán féir ag teastál uainn?



MÁIRE — Smuaín ar chroicionn do chur air sin, a Shéamus.



SÉAMUS — Déarfaidh mé go bhfuil an ghaoth ag eirighe agus go bhfuil
cúmhdach an tighe d'á sguabadh leis an stoirm, agus go gcaithfimid sugán
tharraingt air.



MÁIRE — Acht má éisteann sé ag an dorus béidh fhios aige nach bhfuil
gaoth ná stoirm ann. Smuaín ar chroicionn eile, a Shéamuis.



SÍGHLE — 'Nois, tá an chómhairle cheart agam-sa. Abair go bhfuil cóiste
leagtha ag bonn an chnuic, agus go bhfuil siad ag iarraidh sugáin leis an
gcóiste do leasughadh. Ní fheicfidh sé chomh fada sin ó'n dorus, agus ní
bhéidh fhios aige nach fíor é.



MÁIRE — Sin é an sgéal, a Shíghle. 'Nois, a Shéamuis gabh imeasg na
ndaoine agus leig an rún leó. Innis dóibh cad tá aca le rádh — nach
bhfacaidh duine ar bith san tír seo sugán féir riamh — agus cuir croicionn
maith ar an mbréig, thú féin.



(Imthigheann Séamus ó dhuine go duine ag cogarnaigh leó. Tosaigheann
cuid aca ag gáire. Tagann an píobaire agus tosuigheann sé ag seinm.
Éirigheann trí no ceathrar de chúplachaibh, agus tosuigheann siad ag damhsa.
Imthigheann Séamas amach.)



MAC UI h-ANN. (ag éirighe tar éis a bheith ag féachaint orra ar feadh
cúpla móimid) — Psuit! stopagaidh! An dtugann sibh damhsa ar an
strapaireacht sin! Tá sibh ag bualadh an urláir mar bheith an oiread sin
d'eallach. Tá sibh chomh trom lé bulláin, agus chomh ciotach le asail. Go
dtachtar mo phíobán dá mb'fhearr liom bheith ag féachaint orraibh 'ná ar an
oiread sin lachain bacach, ag léimnigh ar fud an tigh ar leath-chois!
Fágaidh an t-urlár fá Úna Ní Ríogáin agus fúm-sa.



FEAR (atá dul ag damhsa) — Agus cad fáth a bhfagfamaois an t-urlár
fút-sa?



MAC UI h-ANN. — Tá an eala ar bhruach na toinne, tá an Phoénics
Ríoghdha, tá péarla an bhrollaigh bháin, tá an Bhénus ameasg na mban, tá Úna
Ní Ríogáin ag seasamh suas liom-sa, agus áit ar bith a n-éirigheann sise suas
úmhluigheann an ghealach agus an ghrian féin dí, agus úmhlóchaidh sibh-se. Tá
sí ró áluinn agus ró spéireamhail le h-aon bhean eile do bheith 'na h-aice.
Acht fan go fóil, sul thaisbeánaim daoibh mar gnidheann an buachaill breágh


L. 25


Connachtach rinnce, déarfaidh mé an t-abhrán daoibh do rinne mé do
Reult Chúige Múmhan — d'Úna ní Ríogáin. Éirigh, a ghrian na mban, agus
déarfamaoid an t-abhrán le chéile, gach le bhéarsa, agus ann sin múinfimid
dóibh cad é is rinnce fíreannach ann.



(Eirigheann siad agus gabhaid abhrán).



MAC UI h-ANN.



'Sí Úna bhán, na gruaige buidhe,
An chúilfhionn 'chrádh in mo lár mo chroidhe,
Is ise mo rún, 's mo chumann go buan,
Is cuma liom choidhche bean acht í.



ÚNA.



A bháird na súile duibhe, is tú
Fuair buaidh in san saoghal a's clú,
Goirim do bhéal, a's molaim thú féin,
Do chuiris mo chroidhe in mo chléibh amúgh.



MAC UI h-ANN.



'Sí Úna bhán na gruaige óir,
Mo shearc, mo chumann, mo ghrádh, mo stór.
Rachaidh sí féin le n-a bárd i gcéin,
Do loit sí a chroidhe in a chléibh go mór.



ÚNA.



Níor bhfhada oidhche liom, ná lá,
Ag éisteacht le do chómhrádh breágh.
Is binne do bhéal ná seinm na n-éan,
Óm' chroidhe in mo chléibh do fuairis grádh.



MAC UI h-ANN.



Do shiúbhail mé féin an domhan iomlán,
Sacsana, Éire, an Fhrainc 's an Spáin,
Ní fhacaidh mé féin i mbaile ná' 'gcéin
Aon ainnir fa'n ngréin mar Úna bhán.



ÚNA.



Do chualaidh mise an chláirseach bhinn
San tsráid sin Corcaigh, ag seinm linn,
Is binne go mór liom féin do ghlór,
Is binne go mór do bhéal 'ná sin.


L. 26


MAC UI h-ANN.



Do bhí mé féin mo chadhan bocht, tráth,
Níor léir dham oidhche thar an lá,
Go bhfacaidh mé í, do ghoid mo chroidhe
A's do dhíbir dhíom mo bhrón 's mo chrádh.



ÚNA.



Do bhí mé féin ar maidin indé
Ag siúbhal cois coille le fáinne an laé,
Bhí eun ann sin ag seinm go binn,
"Mo ghrádh-sa an grádh, a's nach áluinn é!"



(Glaodh agus torann, agus buaileann Séamus O h-Iarainn an dorus
asteach).



SÉAMUS — Ob ob ú, och on í ó, go deó! Tá an cóiste mór leagtha
ag bonn an chnuic. Tá an mála a bhfuil litreacha na tíre ann pléasgtha,
agus níl sreang ná téad ná rópa ná dadaidh aca le na cheangailt arís.
Tá siad ag glaodhach amach anois ar sugán féir do dhéanamh dóibh — cibé
sórt ruid é sin — agus deir siad go mbéidh na litreacha agus an cóiste caillte
ar easbhuidh sugáin féir le n-a gceangailt.



MAC UI h-ANN — Ná bí 'g ár mbodhrughadh! Tá ár n-abhrán ráidhte
againn, agus anois támaoid dul ag damhsa. Ní thagann an cóiste an
bealach sin ar aon chor.



SÉAMUS — Tagann sé an bealach sin anois — acht i dóigh gur strain-
séar thusa, agus nach bhfuil eólas agad air. Nach dtagann an cóiste thar
an gcnoc anois a chómharsanna?



IAD UILE — Tagann, tagann go cinnte.



MAC UI h-ANN. — Is cuma liom, má thagann no muna dt ann. Acht
b'fearr liom fiche cóiste bheith briste ar an mbóthar ná go gcuirfeá
Péarla an bhrollaigh bháin ó dhamhsa dúinn. Abair leis an gcóisteóir rópa
do chasadh dhó féin.



SÉAMUS — O murder, ní thig leis, tá an oiread sin de fuinneamh agus
de theas agus de shpreacadh agus de lúth in sna caplaibh aigeanta sin go
gcaithidh mo chóisteór bocht breith ar a gcinn. Is ar éigin-báis is féidir leis
a gceapadh ná a gcongbháil. Tá faitchios a anam' air go n-eireóchaidh siad
in a mhullach, agus go n-imtheóchaidh siad uaidh de ruaig. Tá h-uile sheit-
reach asta, ní fhacaidh tú riamh a leithéid de chaplaibh fiadháine!



MAC UI h-ANN. — Má tá, tá aoine eile ins an gcóiste a dhéanfas
rópa má's éigin do'n chóisteóir bheith ag ceann na gcapall: fág sin agus
leig dúinn damhsa.



SÉAMUS — Tá; tá triúr eile ann, acht maidir le ceann aca, tá sé ar
leath-láimh, agus fear eile aca, — tá sé ag crith agus ag crathadh leis an
sgannradh fuair sé, ní thig leis seasamh ar a dhá chois leis an eagla atá air


L. 27


agus maidir leis an tríomhadh fear ní'l duine ar bith sin tír do leigfeadh
an focal sin "rópa" as a bheul in a fhiadhnuise, mar nach le rópa do chrochadh
a athair féin anurraigh, mar gheall ar chaoirigh do ghoid.



MAC ÚI h-ANN. — Casadh fear agaibh féin sugán dó, mar sin, agus
fágaidh an t-urlár fúinn. (Le Úna.) 'Nois, a réilt na mban, taisbeán dóibh
mar imthigheann Iúnó imeasg na ndéithe, no Helen fá'r sgriosadh an Traoi
Dar mo láimh, ó d'éag Déirdre, fá'r cuireadh Naoise mac Uisneach chum báis,
ní'l a hoidhre i nÉirinn indiú acht thu féin. Tosóchamaoid.



SÉAMUS — Ná tosaigh, go mbéidh an sugán againn. Ní thig linn-ne
sugán chasadh. Ní'l duine ar bith annso ar féidir leis rópa do dhéanamh!



MAC UI h-ANN — Ní'l duine ar bith ann so ar féidir leis rópa dhéanamh!!



IAD UILE — Ní'l.



SÍGHLE — Agus is fíor dhaoibh sin. Ní dhearnaidh duine ar bith ins an
tír seo sugán féir ariamh, ní mheasaim go bhfuil duine in san tigh seo do
chonnaic ceann aca, féin, acht mise. Is maith cuimhnighim-se, nuair nach raibh
ionnam acht girseach bheag go bhfacaidh mé ceann aca ar ghabhar do rug mo
shean-athair leis as Connachtaibh. Bhíodh na daoine uile ag rádh, "ara! cia
'n sórt ruid é sin chor ar bith?" agus dubhairt seisean gur sugán do bhí
ann, agus go gnidís na daoine a leithéid sin shíos i gConnachtaibh. Dubhairt
sé go rachadh fear aca ag congbháil an fhéir agus fear eile d'á chasadh.
Congbhóchaidh mise an féar anois, má théidheann tusa d'á chasadh.



SÉAMUS — Bhéarfaidh mise glac féir asteach.



(Imthigheann sé amach.)



MAC UI h-ANN (ag gabháil) —



Déanfaidh mé cáineadh cúige Múmhan,
Ní fhágann siad an t-urlár fúinn;
Ní'l ionnta casadh sugáin, féin!
Cúige Mumhan gan snas gan seun!



Gráin go deó ar chúige Múmhan,
Nach bhfágann siad an t-urlár fúinn;
Cúige Múmhan na mbaillseóir mbréan,
Nach dtig leó casadh sugáin, féin!



SÉAMUS (ar ais) — Seó an féar anois.



MAC ÚI h-ANN. — Tabhair 'm ann so é. Taisbeánfaidh mise dhaoibh cad
dhéanfas an Connachtach deagh-mhúinte deaslámhach, an Connachtach cóir
cliste ciallmhar, a bhfuil lúth agus lán-stuaim aige in a láimh, agus ciall
in a cheann, agus coráiste in a chroidhe, acht gur sheól mi-ádh agus mór-
bhuaidhreadh an tsaoghail é ameasg leibidíní chúige Mumhan, atá gan aoirde
gan uaisle, atá gan eólas ar an eala thar an lachain, no ar an ór thar an
bprás, no ar an lile thar an bhfóthanán, no ar reult na mbán óg, agus
ar phéarla an bhrollaigh bháin, thar a gcuid straoille agus giobach féin.
Tabhair 'm cipín!


L. 28


(Séachaideann fear maide dhó, cuireann sé sop féir timchioll air;
tosaigheann sé dh'á chasadh, agus Síghle ag tabhairt amach an fhéir dó.)



MAC UI h-ANN. (ag gabhail) —



Tá péarla mná 'tabhairt soluis dúinn,
Is í mo ghrádh, is í mo rún,
'S í Úna bhán, an righ-bhean chiuin,
'S ní thuigid na Muimhnigh leath a stuaim.



Atá na Muimhnigh seo dallta ag Dia,
Ní aithnighid eala thar lacha liath,
Acht tiucfaidh sí liom-sa, mo Hélen bhreágh
Mar a molfar a pearsa 's a sgéimh go bráth.



Ara! mhuise! mhuise! mhuise! Nach é seo an baile breágh lághach, nach é seo
an baile thar bárr, an baile a mbíonn an oiread sin rógaire crochta ann
nach mbíonn aon easbhuidh rópa ar na daoinibh, leis an méad rópa ghoideann
siad ó'n gcrochaire. Cráidhteacháin atá ionnta. Tá na rópaidh aca agus ní
thugann siad uatha iad — acht go gcuireann siad an Connachtach bocht ag
casadh sugáin dóibh! Níor chas siad sugán féir in san mbaile seo ariamh —
agus an méad sughán cnáibe atá aca de bhárr an chrochaire!



Gnidheann Connachtach ciallmhar
Rópa dhó féin,
Acht goideann an Muimhneach
Ó'n gcrochaire é!
Go bhfeicidh mé rópa
Breágh cnáibe go fóill
D'á fhásgadh ar sgóigibh
Gach aoinne ann so!



Mar gheall ar aon mhnaoi amháin d'imthigheadar na Gréagaigh, agus níor
stopadar agus níor mhór-chómhnuigheadar no gur sgriosadar an Traoi, agus
mar gheall ar aon mhnaoi amháin béidh an baile seo damanta go deó na
ndeór agus go bruinne an bhrátha, le Dia na ngrás, go síorruidhe suthain,
nuair nár thuigeadar gur ab í Úna ní Ríogáin an dara Helen do rugadh in
a measg, agus go rug sí bárr áille ar Helen agus ar Bhénus, ar a dtáinig
roimpi agus ar dtiucfas 'na diaigh.



Acht tiucfaidh sí liom mo phéarla mná
Go cúige Connacht na ndaoine breágh;
Geobhaidh sí féasta fíon a's feóil,
Rinnceanna árda, spórt a's ceól.



O! mhuise! mhuise! nár éirighidh an ghrian ar an mbaile seo, agus nár
lasaidh réalta air, agus nár —


L. 29


(Tá sé san am so amuigh thar an dorus. Éirigheann na fir uile agus
dúnaid é d'aon ruaig amháin air. Tugann Úna léim chum an doruis, acht
beirid na mná uirri. Téidheann Séamus anonn chuici.)



ÚNA — O! O! O! ná cuirigidhe amach é. Leig ar ais é. Sin Tomas
O h-Annrachain, is file é, is bárd é, is fear iongantach é. O leig ar ais é,
ná déan sin air!



SÉAMUS — A Úna bhán, agus a chuisle dhíleas, leig dó. Tá sé
imthighthe anois agus a chuid phistreóg leis. Béidh sé imthighthe as do cheann
amárach, agus béidh tusa imthighthe as a cheann-san. Nach bhfuil fhios agat go
maith go mb'fearr liom thu 'ná céad míle Déirdre, agus gur tusa m'aon
phéarla mná amháin d'á bhfuil in san domhan.



MAC UI h-ANN (amuigh, ag bualadh ar an dorus) — Fosgail! fosgail!
fosgail! Leigidh asteach mé. O mo sheacht gcéad míle mallacht orraibh,



Mallacht na lag orraibh 's na láidir,
Mallacht na sagart agus na mbráthair,
Mallacht na n-Easball agus an Pápa,
Mallacht na mbaintreabhach 's na ngarlach.
Fosgail! fosgail! fosgail!



(Buaileann sé an dorus arís agus arís eile.)



SÉAMUS — Tá mé buidheach díbh a chómharsanna, agus béidh Úna buidheach
díbh amarach. Buail leat, a sgraiste! déan do dhamhsa leat féin amuigh
ann sin, anois! Ní bhfuighidh tú asteach ann so! Óra, a chómharsanna nach
breágh é, duine do bheith ag éisteacht leis an stoirm taobh amuigh, agus é
féin go socair sásta cois na teineadh. Buail leat. Cá
'uil Connacht anois?



(CRÍOCH.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services