Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Suantraidh agus Goltraidhe

Title
Suantraidh agus Goltraidhe
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Composition Date
1914
Publisher
Irish Review

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CRÓNÁN MNÁ SLÉIBHE.



A chinnín óir, a choinneall mo thighe-se,
Déanfair eolas dá siubhlann an tír so.



A bhéilín bhuig do dheol mo chíocha,
Pógfaidh Muire thu ar a slighe dhi.



A ghruadh bheag chruinn is séimhe 'ná síoda,
Leagfaidh Íosa a láimhín mín ort.



Póga Mhuire ar bhéilín mo naoidhe-se,
Láimhín Chríost ar leacain mo laoigh bhig!



Bí ciúin, a theach, 's a luichíní liatha,
Comhnuighidh anocht in bhur gcuasaibh iadhta.



A leomhana ar an bhfuinneoig, fillidh bhur sgiatha,
Cosgaidh bhur gcrónán, a chuileoga ciara.



A fheadóg 's a chrotaigh, thar mo theach ná triallaidh,
Ná labhair, a chadhain, ag dul thar an sliabh so.



A dhúile an tsléibhe dhúisigheas go hiar-mhoch,
Ná corruighidh anocht go ngealaidh grian díbh!


L. 6


DEAN tSLÉIBHE AG CAOINEADH A MIC.



Brón ar an mbás, 'sé dhubh mo chroidhe-se:
D'fhuadaigh mo ghrádh is d'fhág mé claoidhte,
Gan caraid gan compánach fá dhíon mo thighe-se
Acht an léan so im' lár, is mé ag caoineadh!



Ag gabháil an tsléibhe dhom tráthnóna
Do labhair an éanlaith liom go brónach,
Do labhair an naosg binn 's an crotach glórach
Ag faisnéis dom gur éag mo stórach.



Do ghlaoidh mé ort is do ghlór ní chualas,
Do ghlaoidh mé arís is freagra ní bhfuaras,
Do phóg mé do bhéal, is a Dia, nárbh' fhuar é! —
Och, is fuar í do leaba sa gcillín uaigneach.



'S a uaigh fhód-ghlas 'na bhfuil mo leanabh,
A uaigh chaol bheag, ó's tú a leaba,
Mo bheannacht ort, 's na mílte beannacht
Ar na fódaibh glasa atá os cionn mo pheata.


L. 7


Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh,
Leagann sé úr is críon le chéile, —
'S a mhaicín mhánla, is é mo chéasadh
Do cholainn chaomh 'bheith ag déanamh créafóig'!


L. 8


A ÉIN BHIG.



Gealbhan do fuaras ar lic mo dhorais lá geimhridh agus
é marbh.]



A éin bhig!
Fuar liom do luighe ar an lig:
A éin nár smuain riamh olc,
Truagh triall an bháis ort!


L. 9


CAD CHUIGE DHÍBH DOM' CHIAPADH?



Cad chuige dhíbh dom' chiapadh, a mhiana mo chroidhe?
Dom' chiapadh is dom' phianadh de ló is d'oidhch',
Dom' fhiadhach mar do fiadhóchaidhe fiadh bocht ar
shliabh,
Fiadh bocht fad-tuirseach 's an chonairt ina
dhiaidh?



Níl suaimhneas dom' phianas i n-uaigneas na
gcnoc,
Act uall-gháir na bhfiadhaidhe go huathmhar le
clos,
Uall-gháir mo mhian-sa dom' fhiadhach gan spás, —
'S a chona craos-fhiaclacha, is fada bhur rás!



Níl sásamh i ndán dom' mhianaibh lem' ré,
Óir ní sásamh an sásamh do mhianas indé,
'S is cíocraighe an chonairt de'n tsásamh do
fuair, —
'S go síorraidhe ní chodlóchad go gcodluighead
san uaigh.


L. 10


A MHIC BHIG NA gCLEAS.



A mhic bhig na gcleas,
Is maith is feas dom
Go ndearnais mí-ghníomh:
Can go fíor do locht.



Maithim dhuit, a leinbh
An bhéil deirg bhuig:
Ní dhaorfar liom neach
Ar pheacadh nár thuig.



Do cheann maiseach tóg
Go bpógad do bhéal:
Má's feirrde aon dínn sin,
Is feirrde mise é.



Tá cumhracht id' phóig
Nachar fríth fós liom
I bpógaibh na mban
Ná i mbalsam a gcorp.


L. 11


A mhic na rosg nglas,
An lasair sin id' ghnúis
Dem, uamhan bheadh bán
Dá léighfeá mo rúin.



An té 'gá bhfuil mo rúin,
Ní fiú é teagmháil leat:
Nach truagh an dáil sin,
A mhic bhig na gcleas?


L. 12


A CHINN ÁLUINN.



A chinn áluinn na mná do ghrádhas,
I lár na hoidhche cuimhnighim ort:
Acht filleann léargus le gile gréine, —
Mo léan an chnumh chaol dod' chnaoi anocht!



A ghlóir ionmhuin dob' íseal aoibhinn,
An fíor go gcualas trém' shuanaibh thu?
Nó an fíor an t-eolas atá dom' bheo-ghoin?
Mo bhrón, sa tuamba níl fuaim ná guth!


L. 13


FADA LIOM DO THEACHT



Fada liom do theacht,
A shean-eachlaigh Dé,
A chara na gcarad,
Dom' sgaradh lem' phéin.



A shiolla ar an ngaoith,
A choiscéim nach trom,
A lámh san doircheacht,
Bhur dteacht is fada liom.


L. 14


RANN DO RINNEAS.



Rann do rinneas in mo chroidhe
Do'n ridire, do'n árd-rígh,
Rann do rinneas do mo ghrádh,
Do rígh na ríogh, do'n tsean-bhás:



Gile liom 'ná soillse lae
Doircheacht do thighe gidh dubh-chré;
Binne liom 'ná ceol na stoc
Ciúineas do thighe 's a shíor-thost.


L. 15


DO LEANBH IONMHUIN.



A bhéil gháirigh, is é chrádhas mé
Go mbiaidh tú ag caoi;
A ghné áluinn, is é mo chás-sa
Go liathfaidh do lí.



A chinn uasail, ataoi uaibhreach,
Acht cromfair le brón;
'S is ní thruaghmhar bhím do thuar dhuit,
Nuair bhronnaim ort póg.


L. 16


NÍOR CRUINNIGHEADH LIOM-SA ÓR.



Níor cruinnigheadh liom-sa ór;
An clú do fríth liom, d'fheodh;
San ngrádh do fuaras brón
Mo shaoghal do sheirg:



De ionnmhus ná de ghlóir
Ní fhágfad in mo dheoidh
(Liom-sa, a Dhia, is leor)
Acht m'ainm i gcroidhe leinbh.


L. 17


MISE ÉIRE.



Mise Éire:
Sine mé ioná an Chailleach Béarra.



Mór mo ghlóir:
Mé do rug Cú Chulainn cródha.



Mór mo náir:
Mo chlann féin do dhíol a máthair.



Mise Éire:
Uaignighe mé ioná an Chailleach Béarra.


L. 18


FORNOCHT DO CHONNAC THU.



Fornocht do chonnac thu,
A áille na háille,
Is do dhallas mo súil
Ar eagla go stánfainn.



Do chualas do cheol,
A bhinne na binne,
Is do dhúnas mo chluas
Ar eagla go gclisfinn.



Do bhlaiseas do bhéal,
A mhilse na milse,
Is do chruadhas mo chroidhe
Ar eagla mo mhillte.



Do dhallas mo shúil,
Is mo chluas do dhúnas,
Do chruadhas mo chroidhe
Is mo mhian do mhúchas;


L. 19


Do thugas mo chúl
Ar an aisling do chumas,
'S ar an ród so romham
M'aghaidh do thugas.



Do thugas mo ghnúis
Ar an ród so romham,
Ar an ngníomh do-chím
'S ar an mbás do-gheobhad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services