Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac Dathó

Title
Mac Dathó
Author(s)
Ó Máille, Tomás,
Pen Name
Stócach
Composition Date
1924
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉAMH-FHOCAL



Seo sean-sgéal Gaedhilge a ndearna mé leagan nua a
chur air. Cuireadh trí innsean den tsean-sgéal i gcló:
ceann a chuir Windisch (Irische Texte I. 96) as an Leabhar
Laighneach, agus rl., ceann a chuir Kuno Meyer i gcló (Rawl. 512,
Hibernica Minora, 51), agus sliocht H. 3. 18 as Coláiste na
Tríonóide (Anecdota from Irish MSS. V.8). Tá tuilleamh
tráchta ar an sgéal ag Thurneysen ina leabhar (Die Irische
Helden-und Koenigsage, 494.).



Mar is léar don léightheoir ar an gcéad amharc, ní hé
a aistriú díreach as an meadhon-Ghaedhilg a rinne mé ach a
innsean mar hinnseochaidhe a leithéid anois. Lean mé go
dlúth don tsean-innsean i n-áiteacha (An Comhramh); i n-áit-
eacha eile, chuir mé athrú mór air, agus chuir mé lide beag leis
ina dheireadh.



Maidir leis an ainm, Mac Dá-thó a thugas cuid de na
hughdair air, agus deir siad go raibh a athair agus a mháthair bodhar,
balbh .i. dá thó, gurb ’in dá bhalbhán. Dath-ó a thugas furmhór
na sgríbhneoirí ar an sloinneadh, agus tugann ceann amháin
acu “(muic mic) ndathóó” air. Deir Marstrander ina fhoc-
lóir gurb ’in é an roinn cheart le tabhairt ar an bhfocal .i.
Dath-ó (nó Nath-ó) mar tá Dath-í; agus Nath-í; nath .i. nia (nephew).



Níor chuir mé sa ngluais ach focla neamh-choitcheanna.
Focal ar bith dhá bhfuil sa sgéal atá uireasbhach sa ngluais
geobhfar é sa nGaoith Aniar.



T. Ó M.
Gaillimh, Mheitheamh, 1924.


L. 9


MAC DATHÓ



Bhí rí ar Laighin fada ó, arb ainm dó Meas Geaghra, a
bhfuil trácht air is na sgéalta. Bhí dearbhráthair rí-dheiseamhail
aige, agus isé an t-ainm a bhí ar an dearbhráthair Meas Roedha
mac Dathó. Bhí dúithche mhór thalmhan ag Mac Dathó den
talamh ab fhearr a bhí i gCúige Laighean. Bhí machairí fré chéile
fá bheithidhigh aige agus bhí sléibhte agus cnuic fá chaoirigh. Bhí tréada
muc aige dá mbeathú is na coillte, ar mheas darach agus ar
thórtha crann. Bhí páirceanna curtha fá chruithneacht agus fá
choirce aige. Bhí límistéir mhóra aige fá mhóinfhéar le haghaidh
a chuid loilgheach. Bhí buachaillí bó agus caorach aige le freastal
ar an dúithche agus ar an sealbhán sin. Agus dá mhéid í a dhúithche
agus a chuid eallaigh, bhí cú amháin aige bhí i gcruth iad a chosaint
uile go léir. Ailbhe bhí ar an gcoin.



Bhí teach mór féile ag Mac Dathó déanta ag comar
sheacht mbóithrí, agus bhí dorus ar an teach ar aghaidh gach bóthair.
Ní raibh samhail an tighe sin i nÉirinn ar fad le méid agus le
deise, agus gach duine dá mbíodh a’ dul an bealach bheireadh
Mac Dathó biadh agus leabaidh dhó. Dhá mbu rí nó ró-fhlaith
a ghabhfadh an tslighe bhéarfadh sé aoidheacht dó mar bhí fhios
aige nach leigfeadh an rí ná an ró-fhlaith gan cúitiú é ach go
dtiubhraidís ór agus airgead dó agus talta maithe le go mbeadh
fáilte rómpu chuile uair a ghabhfaidís an bealach agus le nach
mbeidís a’ déanamh liocáiste air. Na ceannaighthe a bhíodh a’
dul an bealach bhíodh fáilte aige rómpu mar thugaidís a
luach go maith dhó ar a chuid arbhair agus ar a chuid eallaigh agus
d’fhágaidís brait bhreágha iol-dathacha aige a thugaidís leo
as na réigiúin choimhthigheacha. Na daoine bochta a bhíodh a’
dul an tslighe ghnídís obair dhó agus ghnídís curaigheacht dó agus
ghnídís freastal dó ar na daoine móra. Agus an té nach


L. 10


ndéanfadh aon cheo dhó bhí glacadh aige leis le go mbeadh sé
dhá mholadh agus go mbeadh cáil mhór ar fud na tíre agus i mbéal
gach éinne air le eineach agus le féile agus le córtas.



Níl aon duine den uimhir sin a bhíodh a’ taisteal na tíre
nach gcuala trácht ar an gcoin: cuid acu a chonaic í agus cuid
eile nach bhfaca. Dhá fhad dá ndeacha cáil Mhic Dathó, is
fuide arís a chuaidh cáil an chon. An mhuintir a théidheas thar
tír amach agus a fheiceas ruda iongantacha ina siubhal, is
iondamhail go ndéanann siad áibhéil fá gach ní a fheiceas siad.
Agus an mhuintir a bhí i dteach-féile Mhic Dathó nuair a
chuadar abhaile go dtí n-a mbailte dúthchais, níl duine acu
raibh sgéal ná luadhrádh aige fá choin Mhic Dathó.



MEADHBH.



Sin am sin, bhí rí ar gach uile chúige i nÉirinn. Bhí Con-
chubhar mac Neasa ina rí ar Chúige Uladh, agus isí an bhainríoghan
Meadhbh agus a fear Airill a ghlac flaitheamhnas Chonnachta. Is
amhlaidh bhí Conchubhar agus Meadhbh san am, bhíodar comh-árd i
gcomh-chéim, agus ní ghéillfeadh ceachtar acu don taobh eile.
Bhí cumhacht na bhfear ag Meidhbh, ach is i gCúige Uladh bhí na
gaisgidhigh thréana. Ba mhaith le Meidhbh sgoth gach uile shórt
a bheith aici féin. Ba mhaith léi na caorigh is fearr a bheith aici
agus na beithidhigh is urrúnta. Dá gcluineadh sí trácht ar tharbh
breágh a bheith i n-aon cheárd den tír ní bheadh aon tsásamh
uirri go gceannuigheadh sí é, le go mbeadh an cineál is fearr
beithidheach aici féin. Chuala sí trácht ar choin Mhic Dathó agus
shanntuigh sí é agus dubhairt sí ina hintinn féin go bhfuigheadh sí
é, ar ais nó ar éigin.



BRICRE.



Le n-a linn seo, bhí fear i gCúige Uladh arb ainm dó Bricre


L. 11


mac Carbhaidh. Fear siamsa agus spóirt a bhí ann. Chaitheadh sé
a shaoghal i mbun capall rása (nó gabhar ngraifneach mar
thughadh an tsean-Ghaedhilg orthu) a’ faireadh orthu a’ coimhlinnt.
Bhí a aithshliocht air; ní raibh ball den chapall ó chrúib go
cluais nach raibh breitheamhnas aige ann. Bhí suim aige i
gcleasa lútha agus i ngaisgidhigh, agus níorbh fhearr leis siamsa a
bheadh aige ná na gaisgidhigh mhóra a fheiceál dá bhféachaint
féin. Bhí teanga nimhe aige, agus ba mhinic leis an focal a rádh a
shaghdfadh daoine i n-aghaidh a chéile, agus a thairneochadh achrann.



Bhí Conchubhar agus mór-uaisle Uladh, lá, i bhfochair a chéile
ar fhaithche na hEamhna go dtáinig Bricre suas chucu. Thug-
adar fá deara go raibh ruibh air agus go raibh rud éigin a’ déan-
amh buadhartha dhó. D’fhanadar ar fad ina sost go bhfeici-
dís cé’n t-ugach a bhí aige, mar bhí fhios acu go labhróchadh sé
uaidh féin agus go dtiubhradh sé droch-sglamh d’aonduine a
thiocfadh treasna air go mbeadh deireadh ráidhte aige.



“A Chonchubhair,” ar seisean, “agus a mhór-uaisle Uladh,
bhí lá ann agus ba mhór é bhur n-árd-chéim agus bhur n-árdnós, ach
anois atá bhur maith a’ dul go léig agus ar neamh-ní, tá bhur
ngaisge gan bhrigh, tá Meadhbh agus Connachtaigh a’ breith buadha
oraibh. Tá bhur gcuid capall sgoithte sa gcoimhlinnt,
tá bhur gcuid beithidheach a’ dul i miondaigheacht, tá bhur gcuid
gadhar agus coinfeart gan rath, agus níl aon cheann acu i ndon geall
a bhaint amach ná a theacht suas leis an bhfiadh sa tseilg.
B’fhearr dhaoibh sibh féin a fhéachaint amach ar láthair an chatha
ná an chraobh a leigean uaibh go fánach le dailtíní Chonnachta.”



“Céard tá i gceist anois agad, a Bhricre,” arsa Con-
chubhar go lag, lúbach, mar bhí fhios aige go raibh beart éigin
ina shuidhe ag Bricre agus nach sguirfeadh sé go bráth go mbeadh
breith a bhéil féin aige sa deireadh.



“Is beag sin,” arsa Bricre. “An cú seilge is fearr
i nÉirinn tá sí a’ dul siar go Connachta go banríoghain Meadhbh
agus dá mbudh agad-sa a bheadh sí, a rí, an lá a bheitheá a’


L. 12


seilg ar shléibhte Moghdhuirn ná ar úr-chnoc Chéin Mhic Cáinte
ó dheas nár mhór an soilgheas agus an sásamh intinne dhuit gurb í
do chú-sa a bhéarfadh ar an bhfiadh, agus dá mbeadh sí sin againn
bheadh coinfeart arís go malairt saoghail i gCúige Uladh
nárbh fhéidir a sárú.”



“Cá bhfuil an cú sin le fáil?” arsa Conchubhar.



“Ag Mac Dathó i n-Almhain Laighean atá sí, agus chuala
mé go bhfuil Meadhbh a’ brath teachtairí a chur ar a tóir, ach
má thugann tú cead damh-sa cuirfe mé fir ó dheas bog, teith
agus béimid i dtosach uirri.”



“Tá a chead sin agad,” arsa Conchubhar.



AN TEACHTAIREACHT.



Bhí Mac Dachó a’ críochnú a bhéilí deireadh lae agus é rí-
shásta ina intinn de bhárr margaidh mhaith a bhí déanta aige an
lá céadhna le lucht tráchtála as an bhFrainc (nó Gallia),
nuair a bhuail an giolla ag an dorus.



“Cé sin,” arsa Mac Dathó.



“Tá, teachtaireacht chugad ó Chonchubhar, rí Uladh,” arsan
giolla.



“Cuir aníos annseo iad,” arsa Mac Dathó.



Cuireadh aníos na teachtairí agus chuir Mac Dathó míle
fáilte rómpu agus thug sé fleadh agus féasta dóibh, ithe agus ól nár
ghann. Nuair a bhí an fhleadh thart agus gur theann sé amach san
oidhche, labhair ceannphort na dteachtairí le Mac Dathó.



“Ar theachtaireacht chugad ó Rí Uladh a tháinig sinn, a
fhlaith árdnósaigh,” ar seisean.



“Ó, dhá mbeadh sibh annseo go ceann lae agus bliadna ní
fhiafróchainn díbh céard a thug an bealach sibh, ach má thig liom-
sa ní ar bith ar an domhan a dhéanamh le cumaoin a chur ar
Rí Uladh déanfa mé é agus míle fáilte.”


L. 13


“Is maith linne na sgéala sin a chloisteáil,” ar siad-san,
“Arae tá cú agad agus chualamar nach bhfuil a leithéid eile i
nÉirinn ná i n-aon chéard den domhan, agus bu mhaith le
Rí Conchubhar í bheith aige dhó féin, agus cébi céard is maith leat
iarraidh uirri bhéarfa sé dhuit é.”



Le n-a linn sin, bhí buille eile ag an dorus.



“Céard sin,” arsa Mac Dathó.



“Teachtaireacht eile chugad,” arsan fear freastail, “ó
Airill agus ó Mheidhbh, rí agus banríoghan Chonnachta. Deir siad
go bhfuil deifir orthu agus bu mhaith leo t’fheiceál.



“A dhaoine geanamhla,” arsa Mac Dathó leis na hUltaigh,
“Caithfe mé slán codlata a fhágáil agaibh anocht. Tá leab-
thacha ullamh ag an lucht freastail fá n-’ur gcomhair, agus béimid
a’ caint ar na gnotha sin ar maidin.”



Chuaidh Mac Dathó amach agus d’fháiltigh sé roimh theachtairí
Chonnachta mar rinne sé roimh an gcéad dream, agus má ba lághach
agus ba mhúinte é roimh theachtairí Chonchubhair ba seacht láighe
mhúinte é rómpú seo, gur chuir sé na mílte fáilte rómpú,
gur innsigheadar dhó gurb éard a theastaigh uathú an cú,
Ailbhe a fhághail, agus go raibh comhadha iongantacha le fáil ag Mac
Dathó as ucht sgartha léi. “Go gcrochtar agus go dtachtar on
cú céadna sin,” arsa Mac Dathó ina intinn féin, “Marab í an
dris chosáin sa mbealach í.”



Is amhlaidh bhí Mac Dathó, bhí sé sleamhain, lághach, síod-
amhail le gach duine. Ní chuirfeadh sé fearg ná uraic ar
aon duine a mbeadh gnó tábhachtach aige le déanamh leis.
Bhíodh sé i gcomhnuidhe a’ dul idir na daoine, agus ba chuma leis
má bhí na daoine sin mór nó beag le chéile bhí Mac Dathó
mór le gach aon duine, agus ní raibh fhios ag éinne nach leis
féin is mó a bhí sé. Bhíodh beart i gcomhnuidhe aige le sleamh-
nú as gach gábhadh, agus níor cuireadh i sáinn riamh é.



Ach ba doiligh dhó sleamhnú as an ngábhadh seo. Níor
mhisde leis sgaradh leis an gcoin ná le rud ar bith eile a


L. 14


bhfuigheadh sé a luach go maith air, ach bhí fhios aige, cébi cé dhó
a dtiubhradh sé an cú, go mbeadh fearg ar an taobh eile.
B’fhurusda a theacht le bladar le daoine éidtreoracha gan
feidhm, ach níorbh ionann an cás an uair seo aige é.



Bhí fhios ag an lucht freastail go raibh imnidhe air. Bhí
fhios ag a mhnaoi é.



BEAN MHIC DATHÓ.



Bhí bean ag Mac Dathó, ach níor bhaoghal go leigfeadh
sé a rún léi. Ucha an t-ainm a bhí uirri. Bean mhór, bhríogh-
mhar a bhí innti. Bhí béal mór uirthi agus bhí fiacla stramhacha innti.
Níor locht uirthi an méid sin ach gur chinn Dia léi gó raibh sí
cabach. An rud a chluinfeadh sí indiu bheadh sé puiblighthe
ar fud na seacht bparáistí arbhú amáireach aici. An té ba
mhian léi cáineadh bhí a chliú caillte go héag aige. Ní
thugadh sí sgith shuaimhnis di féin ach i gcomhnuidhe a’ cur
isteach ar ghnotha daoine eile. Dá mbeadh páiste tinn i
dteach na comharsan ní thiubhradh sí cead do liaigh ná do dhoch-
túr focal a labhairt go dtugadh sí féin ordú céard bu chóir
a dhéanamh. Dá mbeadh figheadóir a’ déanamh bréidín mhúin-
feadh sí dhó leis na clanna a chur síos agus na dathanna a fhigheachan
’un a chéile. Mhúinfeadh sí do shaor-cloiche cé’n chaoi a
gcuirfeadh sé an chloch. Ní meas mór a bhí ag lucht
ceardachta uirri.



Ach bhí meas aici uirri féin, agus bhí roinn mheasa ag daoine
eile uirri mar gheall ar an méid saidhbhris a bhí ag a fear, agus
bhídís a’ bladar léi agus dá moladh.



Níor leig Mac Dathó a rún léi, ní nárbh iongnadh. Ach
níor lughaide a bhí sé ag iompódh ó thaobh go taobh ar a leabaidh,
agus thug sise fá deara go raibh anshogh éigin air. Níor
chodail sé néall an oidhche sin. Chaith sé an lá ar a leabaidh


L. 15


ag iarraidh seift éigin a cheapadh agus chuir sé sgéal ag na teach-
tairí go raibh sé tinn is nach raibh sé i ndon éirghe. An oidhce
dár gcionn bhí sé ar an gcuma chéadhna. An tríomhadh hoidhche,
labhair Ucha leis.



“An bhfuil tú i do chodladh?” ar sise.



“Níl,” ar seisean.



“Ar chodail tú aon néall ar feadh na hoidhche?”



“Ag an diabhal néall ná go deo,” ar seisean.



“Céard atá a’ déanamh imnidhe dhuit?” ar sise.



“Ní beag dhom a bhfuil de chrádhadh fáighte cheana agam
gan tusa a bheith a’ chur tuilleamh spídeamhlachta orm. Chuala
mé ag na sean-iondúirí nach ceart do dhuine a rún a leigean
le mnaoi, agus ní mó a leigfead-sa leat-sa é.”



“Muise, thora dhíot! a Mhic Dathó,” ar sise, “Mur
tú a labhras go teann ar bheagán ádhbhair. Bíodh fhios agad
an fáth a ndéanann tú gaisge. Is fada a bheitheá ó theach is
ó theinidh gan chleith os do chionn marach mise a’ déanamh tíogh-
bhuis duit agus tú féin a’ sgapadh do chuid ar bhacaigh agus ar
leadaidhthe na hÉireann; ní annseo a bheitheá marach mise agus
congnamh mo dhearbhráithreacha a chaomhain thú nuair a thar-
raing do chaimiléaracht féin náimhde ort as gach uile thaobh,
agus ní bheadh do dhearbhráthair ina rí ar Laighin marach mé
agus mo chomhairle, agus is tú féin a bheadh in do rí air dhá
mbeadh aon rath leat.”



AN CHOMHAIRLE.



“’D aile, má tá comhairle agad dom tabhair dhom anois
i,” arsa Mac Dathó go lag-bhríoghach. D'innis sé dhi an
chaoi a raibh an sgéal.



“Cia hacu is treise,” ar sise, “Connachtaigh nó Ultaigh?”



“Tá cumhacht na bhfear ag Meidhbh,” ar seisean, “Ach


L. 16


gur treise na laochra atá ag Conchubhar.”



“An í Meadhbh a eiteochas tú?”



“Dhá n-eitighinn Meadhbh,” ar seisean, “Ní fhágfadh sí
beithidheach ar mhachaire agam ná caora ar chnoc nach dtiubhradh
sí léi agus ní fhágfadh sí cruach ná stáca ná gráinne i n-iothlainn
agam nach ndóighfeadh sí.”



“An é Conchubhar a eiteóchas tú mar sin?”



“Dhá n-eitighinn Conchubhar,” ar seisean, “Thiocfadh sé a
dtuaidh chugainn le faobhar lann agus ní fhágfadh sé cleith os mo
chionn na cloch os cionn a chéile de mo theach nach leagfadh sé
agus nach ndóighfeadh sé, agus mar bhárr ar an méid sin go léir
dhéanfadh sé mion-mhiolthóg díom féin agus chreachfadh sé Laighin.”



“Más mar sin atá an sgéal,” arsa Ucha, “fág eatorru
é. Geall an cu dá gach aon taobh acu, agus réidhtighdís féin an
cás eatorru.”



Nuair a chuala Mac Dathó an chaint sin, d’árduigh a
cheann agus tháinig solus ina shúil agus ina dhreach le dhá dtrian
misnigh, gur éirigh sé de léim chroidhtheamhail, éadrom, aerach
as an leabaidh gur ghabh sé leitheid a dhá bhonn ar an urlár.



“Is maith an chomhairle í sin, gan bhréig, a bhean,” ar seisean.



AN CUIREADH.



Níor luaithe an ghrian ina suidhe ná Mac Dathó an mhaidin
sin, agus is iad teachtairí Uladh an chéad dream a ghlaoidh sé
chuige:



“'D aile,” ar seisean, “bhí mé féin go dona le lae-
thanta, agus níor mhaith liom aon duine eile a chur le sgéala
chugaibh ná leigean daoibh imtheacht go dtagainn féin ’un
cainte libh. Abraigí le Conchubhar,” ar seisean, “go bhfuil
an cú le fáil aige agus míle fáilte agus dhá mbeadh seacht gcoin
agam bhíodar le fáil aige. Comh-aois mé féin agus Conchubhar,


L. 17


agus bhí an-chion agam air nuair a bhíomar ar aon óg, agus is
iomdha lá siamsa bhí againn i gcuideacht, agus bu mhaith liom
a fheiceál arís go mbeadh seanchas againn le chéile, agus
abraigí leis gur thug mise cureadh dhó a theacht a dtuaidh fá
cheann míosa, agus tugadh sé deich nduine fhichead dá thaoisigh
thréana leis agus beidh an cú agus mo bheannacht a’ dul abhaile
leis.”



Nuair a bhíodar siod glanta leo, ghlaoidh sé ar na Connach-
taigh.



“A theachtairí árdnósacha Chonnachta,” ar seisean, “Is
dona liom nach raibh mé féin i ndon a theacht ’un láithreach
ó tháinig sibh le go gcuirfinn cóir mhaith oraibh ná giollacht
a thabhairt daoibh mar b’ait liom. Is ro-annamh a fheiceas
sinn Meadhbh sa taobh seo den tír le séan agus le sonas a thabhairt
dár gcúige. Agus abraigí léi gurb é is cás liom nach
bhfuil cú agam seacht n-uaire déag is fearr ná í seo le
go mb’fhiu í a thabhairt de bhronntanas di, ní áirmhim, comhaidh
ar bith a iarraidh uirri. Agus déarfa sibh léi gur iarr
mise uirri a theacht ar cuireadh míosa í féin agus Airill agus deich
bhfeara ficheadh de sgoith laochra Chonnachta i n-éinfheacht leo.
Agus tagadh sí i gceann míosa agus beidh fleadh agus féasta ullamh
agam fá n-a comhair, agus beidh an cú léi a’ dul abhaile dhi.”



D’imthigh na teachtairí go buidheach, beannachtach.



AN DÁIL



D’fhan an sgéal mar sin go ceann míosa.



“An bhfeiceann tú dada a’ teacht,” arsa Mac Dathó
le n-a ghiolla.



“Ní fheicim-se toirt fiadha ná fionnóige ar aon taobh,”
ars an giolla, “Ach go bhfuil dubhchan beag ag bun na spéire
san áird ó thuaidh, agus níl fhios agam an tom coilleadh é
nó sgata marcach.”


L. 18


“Buaidh de mo bhuadha,” arsa Mac Dathó, “Nár chinn
aon duine riamh orm le radharc súl. Tabhair dhom an fiodán
sin. (Breathnuigheann sé tamall thríd an bhfiodán). Sin
Conchubhar agus laochra Uladh i n-éindidh leis. Caithfe mé a dhul
isteach agus ordú a thabhairt don lucht freastail a bheith fá réir.
Fan annsin agus innis dom cé mhéad atá a’ tigheacht.”
Gabhann sé isteach.



“Cé mhéad tá marbh agaibh?” ar seisean.



“Tá céad caorach marbh againn agus fiche mart agus seacht gcinn
de mhuca.”



“Ní héadáil ar bith an méid sin. Marbhuigidh an mhuc
mhór.” Sé an saghas muice bhí innti sin, muc a bhí dhá tógáil
ar leamhnacht agus ar ghruth agus ar aorthainn sa samhradh agus ar eithní
cnó agus cruithneacht sa bhfoghmhar agus ar fheoil agus anbhruith sa
ngeimhreadh, agus ní raibh a leithéid eile i nÉirinn le méid agus
le reaimhe. Tá sé ráidhte, murab fhuil áibhéil ann, nár mhór
trí fichid fear dá hiomchar, an lá a marbhuigheadh í.



Tháinig an giolla isteach arís.



“Céard sin, a ghiolla? Cé mhéad acu ann agus cáide uainn
iad?”



“Ní deich nduine fichead atá ann mar cheap tú ach céad
fear, agus is gearr uait iad. Arae, tá stuaigh-eachraidh
slíoctha, seanga, cos-luatha acu fá n-a gcóistí, agus cluinim
cheana féin torann na gcruidhthe agus gíosgán na gcarbad agus
iad a’ sguabadh thar ghleannta agus thar réidhteacha mar bheadh
gaoth an fhoghmhair a’ séideadh thar sgothacha an mhachaire. Agus
is geall le sgaoth éanlaith greallach agus múirín na mbealaighe
ag éirghe ar gach taobh díobh, agus is cosmhail le ros-samh nó ceo
sean-ghealaighe ar maidin shamhraidh an dé agus an ghal atá ag
éirghe de na capaill.”



“Caithfe mé cóir mhaith a chur ar Chonchubhar, nó leagfa sé
an teach i mo mhullach agus déanfa sé mion-mhiolthóg díom féin
má cheapann sé gur himreadh beart éagórach air.”


L. 19


AN FÁILTIÚ



Gabhann Mac Dathó amach.



“Céad míle fáilte romhat, a Chonchubhair, a árd-leomhain
Uladh, a lasair laoch na hÉireann, a choinneall ghaisge iarthair
dhomhain, is fada sinn a’ feitheamh leat ach tháinig tú nuair
nach rabhamar ullamh fá do chomhair mar ba mhian linn. Ach
an rud atá uireasbhach anocht ort beidh sé agad san oidhche
amáireach. Ísligh de do chóiste agus gabh isteach, agus a fhad is bheas
an fhleadh dá hullmhú agus daibhche fothragtha dá bhfáil fá réir
duit féin agus do do chuid tréinfhear, bhéarfamaid deoc d'fhíon
saic agus d’fhíon Spáinneach daoibh agus airighe bhidh agus beidh dreas
comhrádha againn ar an sean-tsaoghal, agus seinnfe na píobairí
agus an t-aos seanma ceol dúinn agus beidh sibh a’ leigean bhur
sgíthe.”



“Tá go maith,” arsa Conchubhar, “déanfamaid amhlaidh.”



Is gearr a bhíodar ar an ordú sin gur chualadar an fo-
throm agus an gleo agus an torann, agus nír fhéadadar samhail
ar bith a chur leis ach pléasgadh comhla nimhe le caoir theintighe,
nó sinneán mór gaoithe Márta a réabadh na coilleadh, nó
tréan-ruathar marc-shluaigh Chonnachta i n-aghaidh a námhad i
láthair chatha.



“A Dhia dá bhfoghnaim,” arsa Mac Dathó, “Céard sin?”



“Tá chugad annseo,” ars an giolla, “An bhainríoghan
Meadhbh agus céad fear i n-éinfeacht léi de sgoith laochra Chon-
nachta.”



“Dar m'fhírinne, a Chonchubhair,” arsa Mac Dathó, “Tá
daoine tagtha chugainn nach raibh súil leo anocht.”



Iarann Mac Dathó ar Ucha Meadhbh a choinneál ar siubhal
an fhad is bheadh sé féin a’ bladhar le Conchubhar, mar níorbh
fhéidir an bheirt acu a thabhairt un láithreach i n-éindidh. Téidh-
eann sé féin amach annsin agus cuireann sé fáilte roimh Mheidhbh.



“Céad fáilte romhat, a Mheadhbh, a bhainríoghan árdnósach,


L. 20


a fhíor-sgoith na hÉireann, a chraobh áluinn Chonnachta, a bhean
is fearr agus is breághcha dhár las a haghaidh le gréin riamh, a
sheod luachmhar iarthair dhomhain, is minic a bhí mé a’ súil le
thú a fheiceál ach níor shíl mé go mbeadh an t-ádh sin orm chomh
luath. Tá tú tuirseach, sáruighthe de bhárr t-aistir agus ní mór
dhuit do sgíth a leigean. Seo í mo bhean, agus bhéarfa sí thú
go dtí n-a grianán le go mbeidh airighe bhídh nó roisín éigin
agad fhad is bheas an mhór-fhleadh dá fáil fá réir.”



“Cogar, a Mheadhbh,” arsa Ucha, bean Mhic Dathó, “gabh
isteach annseo — tá braon maith —”



“Ní mór dhom mo chuid éadaighe aistir agus imtheachta a
chaitheamh dhíom,” arsa Meadhbh.



“Tá cultacha de shíodaí na Fraince fá do chomhair annseo
agam,” arsa Ucha.



“Ní dheacha mé rith circe ó mo theach féin riamh,” arsa
Meadhbh, “gan éadaighe fleidhe agus feise a thabhairt liom, ní
a’ caitheamh droch-mheasa ar aon rud dhá bhfuil agad-sa é.”



AN COMHRAMH.



“Tá an fhleadh ullamh, a uaisle,” arsa Meas Roedha
Mac Dathó, “Agus suidheadh gach aonduine san ionad suidhte
atá ceaptha dhó, idir righthe agus mhór-uaisle. Tá aithne agaibh ar
a chéile le fada riamh.”



“B'fhéidir nach bhfacamar a chéile ach chualamar caint ar
a chéile,” arsa Bricre Mac Carbhaidh.



Cuireadh Conchubhar agus Airill ina suidhe ar aghaidh a chéile
le hais cinn an bhuird, ach fágadh an suidheachán a bhí ag ceann
an bhuird falamh.



Leis sin, thosaigh Conchubhar agus Airill a’ grinneadh ar a
chéile, agus ní haghaidh charadh ag fleidh a thugadar féin ar a chéile.
Níor dhubhairt ceachtar acu focal ar feadh tamaill.


L. 21


“B’áibhéil an mhuc í,” arsa Conchubhar.



“B’áibhéil gan bhréig,” arsa Airill.



“Cé’n chaoi a roinnfear an mhuc,” arsa Airill.



“Cé’n chaoi a ndéanfaidhe a roinn,” arsa Bricre anuas
ón gceann eile den bhord, “Ach an chaoi ar roinneadh gach
muc ag a leithéid seo d’fhéasta riamh .i. an gaisgidheach is fearr
sa teach suidheadh ag ceann an bhuird agus dá roinn. Níl aon
fhear agaibh nár fhéach é féin i n-aghaidh na muintire eile i n-am
éigin cheana — i gcath ná i gcomhrac. Níl gaisge dhá ndearna
aonduine nach dtig leis a chruthú.”



“Támaid sásta,” arsa Airill.



“Níl locht air,” arsa Conchubhar. “Tá buachaillí cruadha
sa teach linn anocht a chuaidh go minic thar tórainn.”



“B’fhéidir nár mhór dhóibh a bhfeabhas sul dhá mbí an oidhche
anocht thart,” arsa Sean-laoch Áradh as Ciarraidhe. “Tháinig
said chugainne cheana a dtuaidh agus má tháinig féin is iomdha an
bleitheach mór acu a fágadh caithte ar chúl a chinn i mbogaigh
agus i bpuiteacha Chiarraidhe, agus ruide Luachra Deadhadh fúthu.”



“Ná raibh maith ná fad saoghail agad-sa, a shean-ghiolla a
thaomas na bréaga,” arsa Cealtchar mac Uitheachair. “Níor mhó
bleitheach ar bith acu ná do dhearbhráthair féin, Cruaichne mac
Ruadhluim a chuir mise féin le fánaidh ar learga Bhréifne.”



“Cé mb’fhearr é sin,” arsa Lughaidh Mac ConRí, “Ná
an Loth Mór, mac Fearghusa mic Léide a d’fhág Eichbhéal mac
Deadhadh sínte i dTeamhair Luachra?”



“Cé’n meas a bhí agaibh-se,” arsa Cealtchar mac Uitheachair,
“Ar Chongan-chneas mac Deadhadh a mharbhuigh mise is gur mé
a bhain a cheann agus a choiméad beatha dhe?”



Níl aon ghníomh mór gaisge dá ndearna ceachtar den dá
thaobh i n-aghaidh a chéile nár comhaireadh agus nár taidhbhrigheadh nó
go raibh ’chuile cheann acu comhairthe agus gach uile ádhbhar gaisge
ídighthe ag gach aon taobh go dtí nár fágadh ach an fear a bhuadh-
aigh ar ’chuile dhuine, sé sin, Ceat mac Maghach .i. dearbhráthair


L. 22


an rí as Connachta. D’árduigh seisean a airm os comhair an
tsluaigh agus shuidh sé síos i n-éadan na muice.



“Fáightear,” ar seisean, “Aon fhear d’fheara Éireann
atá i ndon comhramh, nó gníomh ar an ngníomh a chomhaireamh i
m’aghaidh-sa, sin, nó leigidh go geanamhail dom an mhuc a
roinn i láthair uaisle fear Fáil.”



Níor frítheadh ar an bpoinnte sin ar na hUltaigh aon
ghaisgidheach amháin a bhí i ndon seasta ina aghaidh, agus thuit
socht ar chách. Bhí fhios ag na hUltaigh go raibh dul orthu ach
níor mhaith leo géilleadh.



“A Laeghaire,” arsa Conchubhar go fann le Laeghaire
Buadhach, “Cuir athrú ar an sgéal sin.”



Labhair Laeghaire ach má labhair is i n-aghaidh a thola é. Agus
is lag a labhair sé, mar bhí fhios aige nach dtiocfadh leis aon
chúis a dhéanamh.



“Ní hamhlaidh a bheas,” ar seisean, “gur ag Ceat a
fágfar roinn na muice i n-ar bhfiadnaise ar fad.”



“Foighid ort, rud beag, a Laeghaire,” arsa Ceat, “go mbí
seanchas agam leat. Sé an gnás atá agaibh-sé, a Ultaigh,”
ar seisean, “gach sgorach agaibh a ghabhas airm gur chugainne
a bhíos ceann a bháire. Tháinig tusa ar nós cháich go dtí tórainn
Chonnachta, agus casadh dhuit ag an tórainn mé. Bhí troid bheag
eadrainn. D’fhág tú do chapaill, do chóiste agus do thiomán-
aidhe agam-sa. Ní hé an gníomh sin a bhéarfas roinn na
muice anocht duit.” Shuidh Laeghaire síos i dteannta na
coda eile agus níor labhair níos mó.



“Ní hamhlaidh a bheas,” arsa óglach mór fionn de na
hUltaigh “go bhfágfar roinn na muice ag Ceat agus mise sa
láthair.”



“Cé seo?” arsa Ceat.



“Tá, gaisgidheach is fearr ná thusa,” ars na hUltaigh,
“Aonghus mac Lámha-gubha as Cúige Uladh.”



“Cé’n fáth,” arsa Ceat, “A bhfuil Lámh-ghubha (.i. éalannach)


L. 23


ar a athair?”



“Níl fhios againn,” ars na hUltaigh.



“Tá fhios agam-sa é,” arsa Ceat. “Chuaidh mise soir
feacht (.i. uair) go ndeacha mé isteach ar thalamh Uladh. D’éirigh
an tóir ’mo dhiaidh. Tháinig Lámh-ghubha sa tóir chomh maith leis
an gcuid eile. Chaith sé urchar dá gha liom. Theilg mise chuige
ar ais an ga céadhna gur bhain mé a lámh dhe, gur thuit sí sa
bpáirc le n-a ais. Céard a bhéarfadh mac an fhir sin a’ seasamh
comhramha im’ aghaidh-sa?”



Leis sin chuaidh Aonghus ar ais go dtí n-a iomdhaidh.



“Coinnigidh leis an gcomhramh,” arsa Ceat, “Nó tugaidh
cead dom feasta an mhuc a roinn.”



“Ní hagad-sa a fágfar a roinn, a Cheit,” arsa gaisgidh-
each mór, fionn eile de na hUltaigh.



“Cé hé seo?” arsa Ceat.



“Sin Eoghan Mór mac Durthachta, rí Fhearnmhuighe,” ars
na hUltaigh.



“Chonaic mé cheana thú,” arsa Ceat.



“Cé’n áit a bhfaca tú mé?” arsa Eoghan.



“Chonaic mé ar fhaithche do thighe féin thú,” arsa Ceat,
“Agus mé a’ tabhairt creiche bó uait. Hárduigheadh an tóir
’mo dhiaidh. Tháinig tú suas liom gur chaith tú do shleagh liom
go ndeacha sí i bhfastodh i mo sgiath. Tharraing mé an tsleagh
as mo sgiath gur chaith mé leat í go ndeacha sí trí do cheann
gur bhain sí an tsúil as do cheann. Agus is léar d’fheara
Éireann go bhfuil tú ar leath-shúil ó shoin.” Shuidh Eoghan síos.



“An comhramh nó cead dom an mhuc a roinn,” arsa Ceat.



“Ní tú a roinnfeas,” arsa Muinreamhar mac Geirrginn,
fear mór, bríoghmhar de na hUltaigh a raibh muineál reamhar
air.



“An é seo Muin-reamhar againn?” arsa Ceat.



“Isé,” arsa fir Éireann.



“Is mé a ghlan mo lámha go deiridh ionnad,” arsa Ceat.


L. 24


“Níl sé trí lá ó thug mé trí chloigeann gaisgidheach uait amach
as do chuid talmhan, agus bhí cloigeann do chéad mhic ar cheann
acu.”



Shuidh Muin-reamhar.



“Coinnigidh leis an gcomhramh,” arsa Ceat, “Nó tugaidh
cead dom an mhuc a roinn.”



“Sé an comhramh a gheobhfas tú,” arsa Meann mac Sál-
cholga.



“Cé seo?!” arsa Ceat.



“Tá, Meann,” arsa cách.



“Nach é an feic againn é,” arsa Ceat, “Mac bacaigh
na leas-ainmneacha a’ tigheacht a’ seasamh comhramha im’
aghaidh-sa. Is mise an sagart a bhaist an t-ainm sin, Sál-
cholga ar t-athair, mar is mé a bhain a shál de le mo chlaidheamh
ar chaoi nach dtug sé leis ach aon tsáil, agus tá sé bacach ó
shoin. Céard a thug mianach na mbacach a’ comórtas
liom-sa?”



Shuidh Meann síos.



“Cothuigidh an comhramh,” arsa Ceat, “Nó léigidh dhom feasta
an mhuc a roinn.”



“Sé an comhramh a gheobhfas tú,” arsa Cumhsgraidh Meann
Macha mac Conchubhair.



“Cé hé seo,” arsa Ceat.



“Tá, Cumhsgraidh mac Conchubhair,” arsa cách. “Is ádhbhar
rí é ar a dheilbh agus a dhéanamh.”



“Tá go maith,” arsa Ceat. “Chugainne,” ar seisean,
“A thánagais ar do chéad ghníomh gaisge. Casadh dhá chéile ar
an tórainn sinn. Chuir mise an ruaig ort. D'fhág tú trian
do mhuintire agam agus is amhlaidh a chuaidh tú féin as agus ga
thrí do bhrághaid gur loiteadh féitheacha do mhuiníl ar chaoi nach
dtig leat focal a thabhairt i gceart as do cheann, go bhfuil tú
balbh, briotach ó shoin. Agus sin é an fáth ar baisteadh Cumh-


L. 25


sgraidh Meann Macha ort, agus isé a d'fhan ort.”



Ar an gcuma sin, níor fhág Ceat duine de na hUltaigh
nár chaith sé aithis leis agus droch-mheas.



CONALL CEARNACH



Shuidh sé annsin i n-éadan na muice go dtéidheadh sé dá
gearradh. Bhí an sgian ina láimh go díreach aige, nuair cé
thiocfadh isteach an dorus ach Conall Cearnach. Badh é sin an
dara gaisgidheach ab fhearr a bhí i gCúige Uladh. Agus tháinig
sé de leigean isteach ar urlár an tighe le a raibh de dheifir
air. Agus níl duine de na hUltaigh nár éirigh a’ cur
fáilte roimhe. Agus bhí oiread ríméid agus áthais ar Chonchubhar
mac Neasa gur éirigh sé de léim gur bhain sé an cathbharr
dá cheann gur chaith sé suas sa spéir é.



“Is maith linn,” arsa Conall, “go bhfuil ar gcuid fá
réir againn. Cé tá a’ roinn daoibh?”



“Rug aon fhear amháin d’fheara Éireann, .i. Ceat mac
Maghach, buaidh comhramha,” arsa cách, “Agus isé tá dhá roinn.”



“An fíor siúd, a Cheit,” arsa Conall, “gur agad-sa
a fágadh roinn na muice?”



“Is fíor cheana,” arsa Ceat.



Is annsin adubhairt Ceat an rosg (.i. an chaint) seo le
Conall a’ cur fáilte roimhe agus le ómós dó, thar éis go mba
námhaid dó é:



“Fáilte, a Chonaill, a chroidhe cloiche, a bhfuil deallradh
na leice oighre in t’éadan, thar éis fearg lasamhnach mar theine
do do ghlacadh, a bhfuil croidhe láidir gaisgidhigh istigh in do
chliabh, a thréan-laoich chréachtaigh, chathbhuadhaigh, beannaighim
duit.”



Is annsin adubhairt Conall:



“Go mbeannaighthear dhuit, a Cheit, a Cheit mhic Mághach,


L. 26


a mhíol mór na laochra a bhfuil croidhe leomhain in do chliabh
agus neart tairbh throda in do ghéaga, a árd-ghaisgidhigh nár
claoidheadh, go mbeannaighthear dhuit.”



“Éirigh as gearradh na muice, a Cheit,” arsa Conall.



“Céard a bhéarfadh dhuit-se í?” arsa Ceat.



“An ag iarraidh gníomh ar an ngníomh a chomhaireamh liom-
sa atá tú?” arsa Conall. “Bheirim-se mo bhriathar dhuit
i láthair an dé dhá n-adhraim, ó ghlac mé claidheamh in mo láimh
nach raibh mé lá gan Connachtach a mharbhadh agus ní mó a chaith mé
oidhche gan cloigeann Connachtaigh fá mo ghlúin.”



“Is fíor, mo léan!” arsa Ceat. “Is fearr an gaisgidh-
each thú ná mise. Ach dá mbeadh mo dhearbhráthair, Anluan
annseo bhéarfadh sé comhramh ar an gcomhramh dhuit, agus is truagh
nach bhfuil sé ar fáil anocht.”



“Ní fada uait é. Seo chugad é,” arsa Conall, a’ tar-
raing chloiginn Anluain as a chrios, agus dá theilgean chun Cheit
gur bhuail sé ar a chliabhrach é, go dtáinig braon fola amach
thar a bhéal. Shuidh Conall annsin i n-éadan na muice, agus
d’imthigh Ceat uaithi.



“Cothuigidh an comhramh feasta,” arsa Conall. Ní raibh
aon laoch de na Connachtaigh annsin a bhí i ndon comhramh a
sheasamh leis mar níor mhaith leo a marbhadh ar áit na mbonn.
Rinne Ultaigh annsin damh-dhabhach dá sgiatha thart fá gcuairt
ar Chonall, mar bhíodar in’ aimhreas gur gearr go mbeadh
teangmháil ann, agus ní raibh fhios acu cé’n poinnte a n-ionn-
sóchaidhe iad féin ná Conall.



Roinn Conall an mhuc, agus tá sé i gceist nach dtug sé
do na Connachtaigh ach an dá cheathramhain tosaigh, nó an dá
chois tosaigh agus an muineál.



AN TROID.



Ba bheag leis na Connachtaigh a gcuid den mhuic, agus d’éirigh-


L. 27


eadar ón mbord. D’éirigh na hUltaigh ar an taobh eile go
raibh an dá dhream i n-éadan a chéile. Deir na sean-ughdair
go raibh buillí thar chluais agus thar cheann annsin mar bhí sean-
fhaltanas acu dhá chéile. Bhí cogadh eatorru trí chéad bliadhain
roimh aimsir Chríosta, agus is dócha go minic ón am sin anuas go
dtí an uair a tharla an sgéal seo .i. tuairim’s i n-aimsir ar
Slánuightheora. Tá sé ráidhte freisin sa sean-sgéal go
raibh sruth fola a’ gabháil amach an doruis agus gur marbhaigheadh
na céadtha. Ach is dócha gurb’in áibhéil a cuireadh leis an
sgéal, mar ní raibh na céadtha ann.



Do réir mar bhí an troid ar siubhal, bhí na fir ar gach taobh
a’ madhmadh amach thar na doirsí gur fearadh cath millteach
taobh ’muigh ar an mbán ar aghaidh bruighne Mhic Dathó. Bruigh-
in a thugaidís an uair sin ar theach mhór aoidheachta, agus le
n-a liachta uair a bhíodh achrann ag a leithéidí, is dócha gurb é
sin an fáth ar dubhradh an té a bhíos a’ troid go minic go mbíonn
sé “a’ bruighin.”



Bhí crann mór darach a’ fás amuigh ar aghaidh an doruis.
Deir na hUltaigh a bhí ag innsean an sgéil go rug Fearghus
mac Róigh ar an gcrann darach sin gur tharraing sé as na
fréamhracha é gur thosaigh sé a’ gabháil ar na Connachtaigh leis.
Deir na Muimhnigh agus na Connachtaigh a bhí ag innsean an sgéil
gurb é CúRí mac Dáire as Ciarraidhe a tharraing an crann
agus gur áitigh sé a’ gabháil ar Ultaigh go dtug sé leath na muice
leis.



Deir gach aon taobh, Ultaigh, Connachtaigh agus Muimhnigh nach
raibh fhios ag Mac Dathó, an uair sin féin, cé’n taobh a nglac-
fadh sé páirt leis agus é ina sheasamh sa dorus a’ faireadh ar
an gcath, agus an cú ar éill leis, agus í a’ tafann agus a’ giúinighil gach
le sgathamh. Mar nír fhéad Mac Dathó é féin cinneadh ar
chomhairle, d’fhág sé ar bhreitheamhnas an chon é. Sgaoil sé
den choin go bhfeiceadh sé cé’n taobh a thoghfadh sí. Deir siad
gurb iad na hUltaigh a thogh an cú gur áitigh sí a’ liúradh (.i.


L. 28


ag leadhradh) na gConnachtach go mór.



Nuair a bhí an troid tamall ar siubhal, tháinig Meadhbh
amach as an teach. D'éirigh léi go leor dá cuid fear a
tharraing do leithrigh as an achrann i dteannta a chéile, agus dubh-
airt leo a bheith a’ glanadh. Ní dhearna sí annsin ach sméideadh
ar Airill go ndeachadar ar aon isteach ina gcóiste, agus
Fear Logha dá dtiomáin, mar bhíodh seisean i gcomhnuidhe fá
réir le iad a tharraing as gach uile ghábhadh.



FEAR LOGHA.



Nuair a d’airigh an cú ag imtheacht iad, lean sí dhóibh ag
iarraidh iad a bhasgadh, agus bhíodh sí a’ rith amach roimh na capaill
dh’fhonn iad a cheapadh. Ní dhearna Fear Logha ach buille sa
gcloigeann a thabhairt di go ndearna sé brusgar dhá ceann,
gur thuit sí mín marbh. Ailbhe a bhí ar an gcoin agus Magh Ailbhe
a tugadh ar an áit ar marbhuigheadh í.



Nuair a bhí an gníomh sin déanta ag Fear Logha, thiomáin
sé leis, é féin agus an rí agus an bhainríoghan, agus ní moill ná comhnuidhe
a rinneadar go dtáinig siad go dtí Fraochmhagh Midhe, ar an
taobh ó dheas den chúige sin.



Ní fhéadfadh sé a aghaidh a thabhairt siar díreach, mar ní
raibh aon droichead ar an tSionainn ag Beannchar an uair
sin, agus ’sé droichead Bhaile Átha Luain ab éigean dó ionnsaighe.



Nuair a bhí an méid sin bealaighe déanta acu agus iad i bhfad
ón gcontubhairt sguir siad na capaill go dtugtaí beathú
dhóibh agus go leigidís sgíth.



Níorbh fhada dhóibh annsin go bhfacadar carbad (.i. cóiste)
eile a’ tigheacht, agus ní ro-thréan a bhí sé a’ tigheacht mar bhí
gothadh ar na capaill go rabhadar féachta, agus bhíodar a’
cromadh a muineál agus ag árdú a gcloigní mar bheadh capaill
bheadh rí-ghar dhá bheith sáraighthe.


L. 29


D’aithin Fear Logha ar an gcarbad agus ar na capaill nach
carbad Connachtach a bhí ann, ach thug sé fá deara san am
céadna go mba carbad rí é. Séan rí Conchubhar agus a thiománaidhe
gan aon choimhdeacht leo a bhí ann.



Chuir seisean, Fear Logha, beart ina shuidhe. Luigh sé i
suidheachan rómpu sa bhfraoch go raibh an cóiste a’ dul thairis
i n-aghaidh an áird suas. D'éirigh sé amach de léim go ndeacha
sé isteach ar chúlaí an rí sa gcarbad. Chuir sé an tiomán-
aidhe as an gcarbad amach d’aon iarraid amháin agus rug sé ar
mhuineál ar an rí de thaobh a chúil.



“Géill dom, a Chonchubhair,” ar seisean.



“Cara agus coimrighe,” arsa Conchubhar, “Agus do riar go
hiomlán duit.”



“Sí mo riar,” arsa fear Logha, “go gcaithfe tú mé a
thabhairt leat go hEamhain Mhacha agus mná na hEamhna a
bheith cruinnighthe thart orm gach uile oidhche go ceann bliadhna
agus iad a’ déanamh ceapóg dhom, agus ’sé an tosach a chaithfeas a
bheith le ’chuile cheapóig dá ndéanfa siad dom:



“Fear Logha mo leannán.”



“Gheobhfa tú é sin agus míle fáilte,” arsa Conchubhar, “As ucht
sgaoile dhíomh.”



Sé ’n saghas duine a bhí in Fear Logha, brísteálach d’fhear
dhathamhail, ghléasta a raibh intinn uaibhreach aige, agus é lán de
chámus as a dhathamhlacht mar bheadh cailín óg. Ní duine uasal
a bhí ann cidh go raibh sé i gceist go raibh fuil uasal ann i
dtaobh a athar. Ní tógáil duine uasail a fuair sé, ach mar sin
féin, bhí tóir i ndiaidh na huaisle aige agus bu mhaith leis gothadh
duine mhóir a bheith air. Chaitheadh sé éadaighe feiceálacha,
gáibhtheacha d’fhonn suathantas na mban a tharraing air. Ach
dteannta an méid sin, is fear tréan, misneamhail a bhí ann
nach dtáinig faitchios ná cladhaireacht air riamh i n-aon ghábhadh.



Níl sé ráidhte cáide a thug sé Meadhbh agus Airill ar an
mbealach go Cruachain Chonnachta, ach is cosmhail nár sgar


L. 30


sé leo gur fhág sé saor, slán ina ríoghacht féin iad, agus nár
chuir siad-san in’ aghaidh a dhul go Cúige Uladh.



Thug sé a aghaidh ar Eamhain Mhacha agus rinne sé ar chúirt an
rí, agus má rinne féin d’aithin Conchubhar é agus sheas sé ar a
ghealladh mar sheasfadh rí nó ró-fhlaith.



Tugadh i láthair fleidhe agus féasta é. Nuair a bhí an fhleadh
thart, thosaigh an ceol dá sheinnm, agus chruinnigh na mná isteach,
agus má’s gléasta a bhíodh mná Chruachna, facthas d’Fhear
Logha go mb’fhearr arís a bhíodar seo gléasta le éadaighe
síoda agus sróil ar gach uile dhath dhá bhfaca sé riamh nó nach
bhfaca. Bhí mná dubha ann, mná donna, mná fionna agus mná
ruadha, agus iad a’ comhrádh is a’ gabháil fhuinn is a’ déanamh ceap-
óg, agus is gearr gur thuig sé gur chuige féin a bhíodar a’
tarraing agus gur dhó a bhí na ceapóga dhá ndéanamh.



Níor thuig sé a gcaint i gceart ar an gcaoi ar dhubhairt
siad í. Mar sin féin, níor leig sé dada air féin ach glacadh
leis an sgéal mar bhí. Chonaic sé cuid acu a’ gáirí faoi agus
ní fhaca sé aonduine a’ gáirí leis. Shíl sé, d’fhear chomh datha-
mhail leis, go gcuirfeadh cuid éigin acu suim ann, ach má chuir
níor leigeadar orthu é.



Bhí cuid de na fir ag imirt fidhchille agus ní rabhadar a’ cur
aon tsuime, beag ná mór ann. Bhí cuid eile acú ag éisteacht
leis na ceapóga, a’ comhrádh agus a’ gáirí. Is ar éigin a thuig sé
cuid ar bith acu. Bhí mar sin go dtáinig am codlata. Tháinig
Conchubhar chuige agus dubhairt sé leis.



“Cé’n chaoi ar thaithnigh leat?”



“Ná moltar lá maith go dtí n-a dheireadh,” ar seisean.



Facthas dó gur labhair Conchubhar go cineálta leis agus go
raibh fáilte aige roimhe dhá réir. Sé an t-aon fhear aitheantais
amháin a bhí aige sa gcúirt, agus shíl sé, ina cheann sin, go mbadh
é an t-aon chúl toraic amháin a bhí aige é, agus é ina chadhan aonraic
i bhfad ó bhaile.



Dubhairt sé in’ intinn féin gur fear geanamhail a bhí in


L. 31


Conchubhar thar éis ar chuala sé de cháil air, agus bhí báidh agus
luigheadh aige leis. Ba dóigh leis go raibh go leor den cháilidh-
eacht chéadna ag an mbeirt acu, thar éis gur rí a bhí in Con-
chubhar agus nach raibh ann féin ach ara (.i. tiománaidhe), agus
gur thuigeadar féin a chéile.



“Tá eolus mór agad ar chapaill,” arsa Conchubhar.



“Tá roinn eoluis agam orthu,” arsa Fear Logha.



“Feicfe tú mo chuid capall-sa amáireach,” adeir Conchu-
bhar. Nuair a tháinig an mhaidin, níl aon chapall dá raibh ag
an rí nár theasbáin sé d’Fhear Logha. Níl aon chleas dár
dearnadh le capall go dtí sin, idir marcaigheacht, thiomáint
agus léimneach nach ndearna Fear Logha ar an machaire os comhair
phálais an rí. Ní raibh duine uasal ná íseall sa gcúirt nach
raibh amuigh a’ breathnú ar na gníomhartha agus ar an gcleas-
aigheacht sin. Ní raibh aon ara, monach ná tiománaidhe ag
an rí a raibh goir ná gaobhar aige ar Fhear Logha. B’éigean
do Bhricre féin sin a thabhairt suas dó sa deireadh, agus
tháinig Conchubhar leis.



An chéad oidhche eile a raibh fleadh ar bun sa bpálás, thosaigh
na ceapóga arís. Bhí an magadh céadhna ionntu agus an gáirí
céadna ar siubhal, ach facthas an oidhche sin d’Fear Logha
nach faoi uilig a bhí an gáirí dá dhéanamh, go raibh beagan de
leis, ach chomh maith. Agus thar éis go rabhthas dá chealgadh
leis na ceapóga shíl sé nach raibh an nímh chéadhna ná an ghaimh
chéadhna ionntu is bhí an chéad oidhche. Shíl sé, freisin, gurb
iomdha duine acu a d’fhéachfadh díreach air dá mbu mhaith leo
sin a thabhairt le rádh dhá chéile.



Thug sé suathantas go háithrithe de chailín nár chuir mórán
gaimhe sa gceapóig an chéad oidhche féin agus nach ndearna aon
gháirí gangaideach faoi. Séard a bhí innti cailín donn-ruadh,
bricíneach. Bhí sí ann an dara hoidhche freisin, agus facthas
dó gur focal molta agus focal fabhair a chuir sí sa gceapóig.
(Níl aon cheo fán mnaoi ruaidh sa sean-sgéal, ach níl sé ráidhte


L. 32


ach oiread ann nár thuit a leitheid amach. Ní ghnídís trácht
ar neithe den tsórt sin ach go hannamh is na sean-sgéalta).



Nuair a bhí sé i n’ am sgortha, tháinig Conchubhar chuige:



“Céard do mheas?” ar seisean.



“Measaim,” arsa Fear Logha, “Nach truimide an deo-
raidhe an cineáltas agus go mbíonn chuile áit a’ dul i bhfeabhas
le taithighe.”



Bhí mar sin gur chaitheadar tamall mór den bhliadhain.



Nuair a bhí Fear Logha ar thí a dhul abhaile go Connachta
i ndeireadh na bliadhna, ghlaoidh Conchubhar chuige air agus
adubhairt:



“Ceist agam ort, a Fhir Logha,” arsa Conchubhar. “Is
fada achrann eadrainne agus na Connachtaigh. Cé’n chaoi is fearr
le deireadh a chur le sean-fhaltanas?”



“Bhéarfa mé a fhreagradh sin duit amáireach sul dá n-
imthighe mé, a rí,” arsa Fear Logha.



Tháinig Fear Logha chuige lá’r n-a mháireach agus bean le n-a
ais. Bhí éadaighe aistir agus imtheachta ar an mbeirt.



“Seo í mo fhreagradh ar do cheist,” arsa Fear Logha,
“.i. an cailín bricíneach, ruadh.”



Níl sé ráidhte cé’n chóir a chuir Conchubhar orthu annsin, ach
thug sé dhá chapall den chuid ab fhearr a bhí aige d’Fhear Logha
agus srian óir ar gach ceann acu. D’fhág sin go raibh duine éigin
a’ dul leis siar abhaile, agus go raibh na hUltaigh agus é féin buidheach
dá chéile, agus gur cheangail sé a pháirt leo.


L. 33



L. 38


CEISNEOIR.



MAC DATHÓ.



1. Innis an méid a bhí i seilbh Mhic Dathó.



2. Cé’n saghas con a bhí aige?



3. Cé’n saghas tighe a bhí aige?



4. Cé’n fáth a gcuirfeadh sé cóir mhaith ar an rí?



5. Céard a ghníodh na ceannaidhthe dhó? agus na daoine bochta?



6. Cé’n chaoi ar chuala daoine thar tír amach trácht ar an gcoin.



MEADHBH.



1. Cé’n sórt duine bhí in Meidhbh, agus céard iad na béasa a bhí
aici?



BRICRE.



1. Cé’n sórt duine bhí in Bricre agus cé na béasa a bhí aige?



2. Cé’n saghas teangan a bhí aige?



3. Innis an rud a thuit amach nuair a tháinig Bricre go dtí
Conchubhar agus mór-uaisle Uladh.



4. Cé’n chaint a chas sé? Innis ar fad í.



5. Innis an méid adubhairt sé nuair a d'fhreagair Concubhar é.



6. Ceard a rinne Conchubhar annsin?



AN TEACHTAIREACHT.



1. Céard a rinne Mac Dathó le teachtairí Uladh?



2. Ceard dubhairt sé leo nuair a labhair siad leis?



3. Cé’n freagra a thugadar-san air?



4. Céard dubhairt sé leo nuair a tháinig an dara teachtair-
eacht?



5. Ceard a rinne Mac Dathó le teachtairí Chonnachta?



6. Cé’n sórt duine a bhí in Mac Dathó.



BEAN MHIC DATHÓ.



1. Déan cur síos ar mhnaoi Mhic Dathó? Cé na béasa bhí
aici?


L. 39


2. Cé’n chaoi ar chaith Mac Dathó an oidhche sin thar éis na
teachtairí a thigheacht?



3. Innis an chaint a rinne Mac Dathó agus a bhean.



4. Ceard dubhairt bean Mhic Dathó nuair a cuireadh fearg
uirrí?



AN CHOMHAIRLE.
1. Céard a thuitfeadh amach dá n-eitighthe Meadhbh?



2. Céard a dhéanfadh Conchubhar dá n-eitighthe é?



3. Cé’n chomhairle a thug bean Mhic Dathó uaithi?



4. Céard a rinne Mac Dathó annsin?



AN CUIREADH.



1. Céard dubhairt Mac Dathó le teachtairí Uladh?



2. Céard dubhairt sé leis na Connachtaigh?



3. Céard dubhairt sé leo rádh le Meidhbh?



AN DÁIL.



1. Céard a chonaic an giolla a bhí a’ faire ag an dorus?



2. Céard dubhairt Mac Dathó leis agus céard a rinne sé?



3. Cé’n saghas muice bhí sa muic mhóir?



4. Cé’n chaoi ar tóigeach í?



5. Cé’n cur síos a thug an giolla ar an gcaoi a raibh na gais-
gidhigh a’ tigheacht?



AN FÁILTIÚ.



1. Céard dubhairt Mac Dathó le Conchubhar nuair a tháinig sé?



2. Céard a thug sé dhó?



3. Céard a chualadar annsin?



4. Céard dubhairt Mac Dathó le Conchubhar annsin?



5. Cé’n chaint a chas Mac Dathó le Meidhbh?



6. Innis an comhrádh a bhí ag Meidhbh le bean Mhic Dathó.



AN COMHRÁMH.



1. Céard dubhairt Mac Dathó leis na huaislí?



2. Céard a rinne Conchubhar agus Airill i dtosach?



3. Cé’n chaint a chasadar annsin?



4. Cé’n ladar a chuir Bricre isteach sa gcaint?


L. 40


5. Cé’n chaoi a ndéantaí an féasta a roinnt?



6. Céard dubhairt Sean-laoch Áradh?



7. Céard dubhairt Cealtchar?



8. Cé’n chaoi ar bhuadhaigh Ceat?



9. Ceard dubhairt sé le Laoghaire?



10. Ceard dubhairt sé le Eoghan Mac Durthachta? le Muin-
reamhar? le Meann?



11. Ceard d'éirigh do Chumhsgraidh agus Cé’n chaoi a bhfuair sé
a leas-ainm?



CONALL CEARNACH.



1. Cé’n chaoi a dtáinig Conall?



2. Céard a rinne Conchubhar annsin?



3. Cé’n chaint a chas sé féin agus Ceat le chéile?



4. Cé’n ghaisge a rinne Conall?



5. Ceard a rinne Conall Cearnach le Anluan?



AN TROID.



1. Céard ba ciontach leis an troid a thosaigh?



2. Céard a thuit amach annsin?



3. Cé’n chiall atá leis an bhfocal “bruighean?”



4. Céard a rinne Fearghus Mac Róigh?



5. Cé’n pháirt a ghlac Mac Dathó sa sgéal?



6. Ceard a rinne an cú?



FEAR LOGHA



1. Céard a rinne Fear Logha leis an gcoin?



2. Cé ndeacha sé annsin?



3. Cé’n chaoi a raibh capaill Chonchubhair?



4. Céard a rinne Fear Logha nuair a bhí Conchubhar a’ gabháil
thairis?



5. Cé’n saghas duine a bhí in Fear Logha?



6. Cén margadh a rinne sé le Conchubhar?



7. Céard a chonaic sé ag an bhfleidh?



8. Céard a thuit amach ina dhiaidh sin?



9. Cé’n gníomh a rinne Fear Logha leis na capaill?



10. Innis an comhrádh a bhí ag Conchubhar le Fear Logha agus
deireadh an sgéil.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services