Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire na Nuadh-Ghaedhilge

Title
Duanaire na Nuadh-Ghaedhilge
Author(s)
P. O'Briain,
Compiler/Editor
Mac Cliabhair, E. D.
Composition Date
1891
Publisher
O'Briain, P

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DUANAIRE
NA
NUADH-GHAEDHILGE



DUAN AN BHÁDÓRA



A bhárc, b'anamh thu i n-anacair na d-tonntrach n-árd,
Cáisg cobharthach gídh budh barbardha trom é an lá,
Tráth lasann an fhairge ó bhonn go bárr!
Lán cuirn di ní ghabann ó stiuir go crann!



Cuir fa.



A bár a lán, a bár a lán,
A ghrádh na rún, a chuid de 'n t-saogal,
A lán - 'sí an bád brieágh seoil!



Tráth ghleusann sé a h-eudach, gan fiar gan cam,
De'n g-caol-anairt glégheil ó na h-Indiachaibh anall,
Caol-bharc seang síoganda ag ar chuir Dia an greann,
A's dá bh-feicfeá anaghaidh an lae í 's í ag eirghe as gal.



A bár a lán agus 7c.


L. 4


A Dhaoileinn, a chrom-charraig gharbh gan sgáth,
Air an nuadh-bharc so fúm-sa breathnuigh do sháith;
An cuimhin leat, 'san g-cuan so, go bh-faca tú bád,
Gan chontabhairt tonn-bharra ag gearradh mar táim!



A bár a lán, agus 7c.



Is cuimhin liom, a dubhairt Daoileann, gur carraig mé de
ghnáth,
'S gurab' air an g-cuan so is buan dam ag amharc gach lá,
Acht slinnteog ní thabhairfinn air a bh-facas de bháid
Seach an nuadh-bharc a's a chomplacht ag tarraing 'san
t-snámh.



A bar a lán, agus 7c.



A Athair na n-dúl, tabhair dúinne dídean na tragha;
Gabhaim do chomairc, súd é aníos an bád,
Tre gharbh-thonntaibh fobhadhach fá chíocras gnáith,
A's muna m-bárraidh do chúmhacht gabhann sé tré mo lár!



A bár a lán, agus 7c.



BÁN-CHNUIC AOIBHINN ÉIREANN.



Donnachadh Ruadh Mac-Con-Mara cct.



Beir beannacht óm' chroidhe go tír na h-Éireann,
Bán-chnuic aoibhinn Éireann;
Chum a maireann de shíolradh Ir a's Éibhir,
Air bhán-chnuic aoibhinn Éireann;


L. 5


An áit úd in ar bh'aoibhinn bínn-ghuth eun,
Mar shámh-cruit chaoin ag caoineadh Gaedheal;
'Sé mo chás a bheith míle míle i g-céin
Ó bhán-chnuic aoibhinn Éireann.



Bídheann barra bog slím air chaoin-chnuic Éireann,
Bán-chnuic aoibhinn Éireann;
'S is fearra 'ná 'n tír so díth gach sléibhe ann,
Bán-chnuic aoibhinn Éireann.
Dob' árd a coillte, 's budh dhíreach réig,
'S a m-bláth mar aol air mhaoilinn geug,
Atá grádh ag am' chroidhe i m'intinn féin
Do bhán-chnuic aoibhinn Éireann.



Atá gasra líonmhar i d-tír na h-Éireann,
Bán-chnuic aoibhinn Éireann;
A's fearachoin ghroidhe nach claoidhfeadh ceudta,
Air bhán-chnuic aoibhinn Éireann.
M' fhadtuirse croidhe's mo chuimhne (?) sgeul,
Iad aig gallaphuic síos fá ghreim, mo leun!
'S a m-bailte d'á roinn fá chíos go daor,
Bán-chnuic aoibhinn Éireann.



Is fairsing 's is mór iad crúacha na h-Éireann,
Bán-chnuic aoibhinn Éireann.
A cuid meala agus uachtair a' gluaiseacht 'na slaodaibh
Air bhán-chnuic aoibhinn Eireann.
Rachaidh mé air cuairt nó is luath mo shaoghal,
Do'n talamh beag, suairc sin is dual do Ghaedhil;


L. 6


'S go m-b'fearra liom 'ná duais da uaisleacht é,
Bheith air bhán-chnuic aoibhinn Éireann.



Sgaipeann an drúcht air gheamhar agus feur ann,
Air bhán-chnoic aoibhinn Éireann;
Agus tagaid sin úbhla cúmhra air gheugaibh ann,
Air bhán-chnuic aoibhinn Eireann.
Biolar agus samhadh ann i ngleanntaibh ceó
'S na srotha 'san t-samhradh a' labhairt air neóin;
Uisge na Siuire a' brúcht 'na slóigh,
Air bhán-chnuic aoibhinn Éireann.



Is osguilte fáilteach an áit sin, Éire,
Bán-chnoic aoibhinn Éireann;
Agus toradh na sláinte m-bárr na déise,
I m-bán chnuic aoibhinn Éireann.
Budh bhinne 'ná meura air theudaibh ceoil
Seinm agus géimreadh a laogh 's a m-bó,
Agus taithneamh na gréine orra, aosda 's óg,
Air bhán-chnuic aoibhinn Éireann.



BÁN-CHNUIC ÉIREANN ÓGH.



Is fairsing is 's fáilteach an áit do bheith i n-Eirinn,
Uileacán dubh O!
Mar a m-bidheann toradh na sláinte i m-bárr na déise ann
Uileacán dubh O!
Bídheann an mhil air an g-crann ann, i n-gleanntaibh ce.
'S na srutha ins an t-samhradh ann, i g-ciumhais gach róid;
Bidheann uisge 'na shrúill ann, a's drúcht um nóin,
Air bhán-chnoic Éireann Ógh!


L. 7


Is bacallach, buacach, dualach, dréimneach,
Uileacán dubh O!
Gach faraire ghluaiseas ó chuantaibh na h-Eireann,
Uileacán dubh O!
Rachfad-sa air cuaird, má's buan mo shaoghal bheidheas,
Go talamh an t-suaircis mar is dual do shaoghal bheith
Do b'feárr liom 'ná bhur n-dualgas, gídh mór le mui-
dheamh, bheith
Air bhán-chnuic Éireann Óg!



Is tairbheach 's is mór iad cruacha na h-Éireann,
Uileacán dubh O!
Bidheann an t-im a's an t-uachdar ag gluaiseacht 'n-a
slaod ann,
Uileacán dubh O!
Bídheann an biolar air an d-tuinn ann a's samhadh bog
sóghail,
A's na cuacha ag labhairt ann ó ló go ló,
'S an smóilín uasal is fuaim-bhinne cheol,
Air bhán-chnuic Éireann Ógh!



I N-AONDACHD TÁ BUAIDH.



A dhaoine na h-Eireann! cuimhnighídh air an radh: -
"I n-aondachd tá buaidh; i sgaradh mí-ádh;"
Gan aondachd, measg daoineadh no muintir' air bith,
Ní féidir leó saoirse d'fhághail air aon chaoi.


L. 8


Tá fírinn' an líne foillsighthe go mín,
I g-cúis ár n-oileáin le ceithre ceud bliadhain;
Tá sé dearbhtha scríobhtha 'san am a chuaidh thart,
'Gus 'san am atá láthair, tá na focla ceart.



Le sgaradh ár n-daoineadh do tháinic - faraoir!
Na Sacsanaighe gránda air d-tús chum ár d-tír';
'Sé'n sgaradh a d'fhág iad ó shoin in ár measg,
'Sé'n sgaradh anois tá ag teannadh ár neasg.



Gidh shaothruigh go minic, fir treuna 'gus fíor',
Chum slabhradh ár n-oileán do bhriseadh go síor;
Gidh dhóirt siad fuil a g-croidhe air ghort agus mágh,
Do cailleadh a g-cómhnuidhe le sgaradh, an cath.



'Gus a n-diú, tá'n fuath dubh céadna, do bhí
'S na h-aimsiribh thart, deunadh nimhneach gach croidhe,
'S ag congbháil ó chéile na n-daoineadh budh cheart
A bheith aontuighthe, seasmhach, in aghaidh ain-neirt.



'Sé'n t-aon oileán amháin do thóg sinn go léir -
Is aon ghrian amháin tá aig lasadh 'n ár spéir -
'Sé'n t-aon talamh amháin tá againn mar thír -
Do'n tír sin a choidhche is cóir dúinn bheíth fíor.



'Sé an creachadóir céadna bhi againn fad ó,
A n-diú tá ag congbháil ár n-daoineadh gan sógh;
'Sé'n scriosadóir ceadna bheidheas orrainn achoidh'e.
Muna m-beidhmíd le chéile níos ceannsa i g-croidhe.


L. 9


Má throid 'Liam 'gus Séamas i laethibh tá thart,
Nách cuma dhúinn anois cia aca bhí ceart?
Is fada iad sínte 'san roilig go bráth,
"Bidheadh a n-imreas leo marbh" - sin agaibh mo rádh.



An ceart dúinn bheith cáineadh a chéile go buan,
Muna n-ísligheann Eireannaighe uile a nglún
I n-aon teampull amháin a's aig aon altóir a n-Dé,
Nó aig aon altóir eile, má's áil leó-san é?



Má's é so bhur g-creideamh, a dhaoine gan chéill!
Is fada tá saoirse ó pháisdibh na "nGael."
Má's gráin air a chéile bhur moladh chum Dé
Is Pagánach mise go d-téidh mé 'san g-cré!



"Gráin air an b-Pápa!" "an Pápa a choidhch"!
An iad so na paidreacha is cóir dúinn a ghuidhe?
Do b'fheárr dúinn go mór a bheith g-cómhnuidhe a' rádh,
"So saoirse na h-Eireann a choidhche 's go bráth."



Cúige no contae, ná bidheadh siad níos mó
Aig congbháil na n-daoineadh ó chéile go deó;
Creideamh - ná bidheadh sé mar bhac in ár slighe,
Acht spioraid na síothchána go buan in gach croidhe.



Bidheadh Ultach le Muimhneach a coidhche go sámh,
Connachtach 's Laighionach ag fásgadh a lámh;
Gall a's Gaodhal mar chlann aon mháthar amháin
Go dílis, gan imreas, gan achrann, gan cháin.


L. 10


Gidh láidir an námhaid, má támaoidne fíor,
'Gus seasmhach le chéile, i g-cúisibh ár d-tír';
Air thalamh na cruinne ní'l cúmhacht chomh dian,
Ár n-oileán do chongbháil faoi dhaoirse aon bhliadhain!



"PÁDRAIC."



AITHREACHUS.



Ní'l maith bheith smuaineadh, nó ní'l maith bheith caoineadh
Air na laethibh d' imthigh mar shéideóig gaoith';
Ní'l maith bheith cráidhte timcheall aimsir' caithte,
Agus uair na h-óige tá uainn a choidhch'
Muna bh-fuilmíd feasda le cráibhtheachd lasta
'Gus ár g-croidhthe tógtha go Neamh do síor;
Muna bh-fuil ár smuainte 's ár n-innt'nne claonta
Air ár g-cómhnuidhe áluinn na beatha fír'
Chum rotha muilinn, mar go bráth ní fhilleann
An t-uisge d' iomhpuigh é aon uair amháin;
Mar sin d' ár m-beatha tá an aimsir caithte
Nuair do bhí ár g-croidhthe le dóthchas lán.



Le dothchas líonta, acht a n-diú, táid críonta,
Óir na neithe shaoil'mar a bheith chomh breágh
Do rith siad thorrainn, 'gus níor bhronn siad orrainn
Acht ualach cúram, le trom-chúmhadh 's crádh.
'San am tá láthair air gach siúr a's bráthair
Tá leathtrom croidhe agus brón go leór;
Aig siúbhal an t-saoghal, O! is iomdha baoghail
A' teacht 'nn ár m-bealach 'gus a' tarruing deór.


L. 11


Muna raibh na bliadhanta tá tharrainn sínte,
Do Dhia tugtha mar budh mhaith linn féin;
Mar sin is ceart dúinn, go dian, le searc-rún
Ar saoghal do leasughadh gach lá go tréun.
'S anois le Nuadh-bhliadhain, bíodh againn cruaidh-mhian.
Gan cionntacht dheunadh, no gan nídh a rádh
Do bheurfadh náire, nó shaothróch' táire,
Acht bidhmís ceart agus cóir go bráth.
Tá Rígh na bh-Flaitheas in a ghrádh 's 'n-a mhaitheas
Go síorruighe féitheamh le peacach fáin;
'Gus tá fáilte dhílis agus dualgas mílis
Do lucht an aithreachuis ameasg na slán.



"PÁDRAIC."



BRUACHA NA LAOI.



Budh bhrónach mo chroidhe an uair d'fhag mé an baile.
'Gus dubhairt mé, "Slán leat, dhil Éire, mo ghrádh."
Gidh d' fheuch mé le bheith súgach, budh dheórach mo shúil é,
Ag sgaradh ó'n tír in nach bh-fillfinn go bráth;
Ag sgaradh go bráth ó gach cnoc agus leuna,
'Gus cathair dheas Chorcaighe nach bh-feicfinn a choidh'e!
Ag-sgaradh go deo ó na cáirdibh budh thréine, -
Ó dhíl-cháirdibh m' óige air bhruachaibh na Laoi!



Is minic d'éirigh grian lonnrach na spéire,
Is minic do thom sí faoi uisge na d-tonn,
Ó d'fhág mé thú 'n lá sin, mo mháthair bhocht - Eire!
'Gus sheól mé thar sáile do'n thír so anonn.


L. 12


Acht fós, in mo chroidhe tá do chuimhne aig lasadh
Air maidin, air nóin, 'gus le tuitim na h-oidhch',
'Gus i n-aisling, arís, táim go minic a' seasamh
'Measg carad fíor m'óige, air bhruachaibh na Laoi.



A Chorcaigh a stóir! a chéad Chondae ár d-tíre!
Aon fhealltóir ní tháinic ariamh ó do chlann;
A Chondae na m-ban n-deas le sgiamhacht níos fíre
'Na fiadhain-bhlátha samhraidh i bh-fascadh do ghleann!
A Chorcaigh a rún! budh h-é dóthchus mo bheatha,
Mian laetheamhuil m' inntinn', 'gus sólás mo chroidhe,
Go m-beidhinn-se aig treórughadh i dtosach do chatha,
'San brat glas anáirde air bhruachaibh na Laoi!



Acht 'nois ins an t-saoghal so ní fada mo bhliadhanta,
Is crom tá mo chuma; is liath mo cheann;
Is geárr uaim 'san roilig a choidhche bheith sínte,
Bh-fad, bh-fad, ó thír áluinn mo ghrádh a's mo ghean!
Acht fós, ins an bh-Flaitheas ní bheidh tú gan bheannacht,
Is ort-sa beidheas mise go síorruighe aig guidhe;
'S beidh spioraid do dheóraidhe go dílis a' fanacht
Le soillsiughadh na Saoirse air bhruachaibh na Laoi!



"PADRAIC".



GAEDHEAL ÉIREANN CHUM GAEDHIL ALBAN.



Mo lámh dhuit, a bhráthair is tréine,
Le fásgadh teann, teith, mar is cóir;
'Gus tabhair dham do lámh mar an g-céadna,
Táid siad sgartha le fada go leór.


L. 13


A bhráthair! A bhráthair! ní'l ádhbhar
Gan sinne i n-aondachd bheith beó;
'Gus ólfamaoid sláinte go grádhmhar. -
"Clann Alban 'gus Éireann go deo!"



Gidh go seasann siad coiscéim ó cheile,
Ceann-Tíre 'gus Anntruim na ngleann -
An té sin do chruthaigh an tuille,
Níor mhian leis go sgarfaidhe a g-clann,
Óir thug Sé dhuinn int'inne 'gus croidhthe
Le spioraid a's tír-ghrádhacht lán;
'Gus níor órduigh Sé eadrainn a choidhche
Acht síothcháin a's ceannsacht amháin.



Chum sinne do dhéanadh níos dílse,
Do chum Sé príomh-theanga dhúinn 'raon,
Le nótaibh ceud uair níos millse
'Ná ceileabhar ceólmhar na n-eun.
Acht tháinic an mealltóir budh dhuibhe,
Le Béurla 'gus sgeultaibh neimh-fhíor';
A's chuir sí pór millteach na nimhe
Do mharbh mo thír a's do thír.



A! tháinic sé chugainn mar charaid,
'Gus d'éist sinn go h-amaideach ris,
Gus spaip sé 'nár measg an droch-spioraid
A d'fhág sin mar tá sinn anois.
Do rinn' sé an obair go cliste,
'S nuair mhill sé ár n-aondachd go deo.


L. 14


Bhí briathar an t-Sacsanaigh briste
Ag Luimneach, 's a log dubh Ghleanncoe.



I laethibh na Gaedhilge do mhair sinn,
Le dílseacht go teith in gach croidh'e;
'Sé'n Beurla, 'sé'n Beurla do sgar sinn,
A's d'fhág sinn ó chéile a choidhch'!
Tá Sruthán na Maoille le bliadhantaibh
Níos fairsinge eadrainn a' fas,
Ó leagadh an droichead bhí sínte



Ó Albain go h-Éirinn abhus - "PÁDRAIC."



MO MHÁIRE.



Cumtha i g-cosamhlachd "Seamróige" Ui Mhórdha.



Ag féis no dáil,
Níl bean le fághail
Chomh sgiamhach le mo Mháire;
Tá aici cneas
Bog, bán a's deas,
Do chuirfeadh lil' faoi náire;
'San domhan so ní'l
Aon chroidhe chomh díl,
No cailín tá níos fíre;
'Measg óg no sean
'Sí plúr na m-ban;
Is sisi bród na tíre.
O mo Mháire, mo stór is sí, mo Mháire!
Mo rún is sí,
Grádh geal mo chroidhe,
Mo mhuirnín dílis Máire!


L. 15


Tá gruaig mo stóir
Mar fháinnidhe óir,
Ag tuitim síos go talamh,
Tar mhuineul bán,
A's guailnibh lán',
'Gus cuma tá mar dhealbh.
Gidh glan, soilléir
Gach reult 'san spéir,
Tá súil mo ghráidh níos glaine;
'S is binne glór
Mo chailín chóir
'Ná cláirsighe ciuin na cruinne.
O mo Mháire, mo stór is sí, mo Mháire;
Mo rún is sí,
Grádh geal mo chroidhe,
Mo mhnirnín dílis, Máire;



Ameasg aos-óg,
I leathar bróg
Air urlár cúirt' no pailliúin,
Níor sheas le taoibh
Tréun-fhir ariamh,
Bean-rinctheóir leath chomh h-áluinn,
Má bhris sí croidhe
Aon ógánaigh,
Gan bréug do bhris sí ceudta;
'Gus tá na mná
Fághail bháis gach lá
Le troime 's neart a n-euda


L. 16


O mo Mháire! Ná marbh iad, a Mháire!
Acht deun aon chroidhe
Sámh, sona, choidh'e
So dhuit mé féin, a Mháire!



"PÁDRAIC."



SMUAINTE AIR ÉIRINN.



Gidh gur chailleamar ár saoirse 's ár sólás, gidh gur
chailleamar ár sonas 's ár sógh;



Gidh gur chailleamar an neart a's an chúmhacht do bhí
'gainn i laethibh fad ó;



Gidh gur fágadh ár n-oileán go claoidhte, i leathtrom, i
m-bochtacht, i m-brón;



Gidh gur sgapadh ár g-cine go fairsing, anonn 'gus aniar
ins an domhan;



Gidh gur sgiobadh uainn maoin agus talamh, gidh gur fágadh
sinn lag agus fann;



Gidh gur fágadh sinn úmhal 'gus ísiol i slabhruighibh na
sgriosadóir teann;



Gidh gur oibrigh ár namhaid le bliadhantaibh chum tír-ghrádh
do chur as gach croidhe,



Is Éireannaighe uile anocht sinn, 'gus beidhmíd 'n-ár
n-Éireannaighibh chóidh'e!



Gidh gur saothrach na Sacsanaighe millteach' ó chuir siad
cos in ár measg,



Chum teanga ár sinnsear do mhilleadh, chum ceol binn
ár sinnsear do chosg;


L. 17


Gidh gur chum siad a n-dlighthe le h-innleachd nach d-táinic
ó Dhia anuas,



Gidh gur thóg siad mar riagh'lóiribh orrainn na spioraid
as ifrionn suas;



Gidh chrochadar, gus chreachadar, 'gus dhóghdar; gidh sgrios
siad 'gus mhill siad an tír;



Gidh mhasluigh siad, mhalluigh siad, bhagair siad, dhibir siad
soir agus siar;



In aghaidh gach dlighe agus daortha, cluintear ár d-teanga
go fóil;



Seinntear ár n-dánta 's ár rannta, seinntear ár
n-abh áin 's ár g-ceól.



Gidh gur fheuch siad gach cleachdadh budh áilne do chur as ár
n-innt'nibh go deó -



Gach deagh-chleachtadh dílis choingóbhadh cuimhne na sean-
laetheadh beó -



Gach cleachtadh do bhí 'gainn in aoisibh ár g-cumhacht' is ár
g-cumais 's ár g-ceirt -



Gach cleachtadh do bhí ag ár muintir 'sna h-aimsiribh
sona chuaidh thart;



Níor thréig riamh ár n-aithreacha cródha, aon mhodh nó aon
ghníomh nó aon ghnáth



Do cleachtadh 'na measg ins na laethibh tá imithighthe uainn
go bráth;



Acht chongbhaigh siad beó in a n-innt'nibh buan-smuainte
na mórdhachd' do bhí;



Agus chongbhaigh siad teinte na saoirse go dian a's go
teith in gach croidhe.


L. 18


'S an teanga, 's an ceól, a's-gach cleachtadh do chongbhaigh
ár n-aithreacha bheó.



Tré bhliadhantaibh de dhaoirse's de dhonas, tré bhliadhantaibh
de chath agus gleó,



An leigfimíd iad as ár láthair? An bh-fuilmíd comh
tráilleach i g-croidhe?



An bh-fuilmíd chomh fuar a's chomh marbh, gan meisneach, gan
cródhacht, gan brigh?



Ar fhulaing ár n-aithreacha pianta, ar fhulaing siad brón
agus crádh?



Ar fhulaing siad bás air son daoineadh, tá sásta le
daoirse go bráth?



An b-fuilmíd gan meas air ár d-tír bhoicht tá cromtha
faói ualach trom-léin?



An bh-fuilmíd gan meas air ár d-teangaidh? An bh-fuil-
míd gan meas orrain féin?



Agus feicim an freagra i súilibh gach carad 'san t-seomra
anocht,



Agus feicim an spiorad is mian liom a' gríosúghadh's a'
corrughadh gach ucht' -



An spiorad do neartuigh ár sinnsir i n-oidhche a
m-buaidheartha 's a m-bruid -



An spiorad do neartuigh ár n-daoine i n-aimsiribh catha
's i d-troid;



Agus preabann mo chroidhe-se go h-éadtrom le h-aoibh-
neas le luthgháir a's grádh



Nuair fheicim nach féidir le daoirse an spiorad sin
bhriseadh go bráth;


L. 19


'S le teasbáint do'n námhaid go bh-fuilmíd buan-seasmhach
d'ár d-teangain 's d'ár d-tír,



An mionna so glacfamaid uile mar Éireannachaibh
cneasta 'gus fíor: -



Dar g-cuimhne na muinntir' chuadh rómainn, dar g-cuimhne
na n-daoineadh do bhí,



Dar g-cuimhne na d-taoiseach budh thréine, tá 'nois ins an
roilig 'na luidhe,



Dar g-cuimhne na mairtíridhe cródha, a d'eug air an sgalán
go h-árd;



Dar g-cuimhne na ríogh a's na n-ollamh, dar g-cuimhne na
bh-fileadh 's na m-bárd;



Dar g-cuimhne na g-cnámh atá bánughadh 'san g-créafóig bhí
beannuighthe tráth;



Dar g-cuimhne na naomh a's na maighdean 'n-a g-comhnuidhe
'san bh-Flaitheas a tá;



Dar g-cuimhne ár n-aithreach dílis a thuit in gach comhrac
a's gleó,



Ceól teanga 's nósa ár n-oileáin, ní leigfimíd uainn iad
go deo!



"PÁDRAIC."


L. 20


"TEITHEAMH NA N-IARLADH."



Le "PÁDRAIC."



Budh bhrónach, dubh, bhí Eire 'nuair a d' imthigh scoith a clann
'Nuair a d' imthigh plúr a prionnsadh, mar chaoirigh ag dul
air fán;
'Nuair a d' fhág a laochradh treunmhar' í, a throid a cás go
fíor,
'Gus scapadh iad mar cháith roimh ghaoith, anoir agus aniar!



Budh ghruama grian na h-Éireann an lá a d'fhág siad í;
An lá do sheól siad uaithe, gan aon t-súil le filleadh choidh'e
Budh dubhach cúis na tíre, ó'n m-bárr go d-tí an m-bun,
Óir thuit an brat an lá sin bhí le bliadhantibh ós a cionn.



Budh dhoilléir, donn na neulta bhí an lá sin ins an spéir;
'Gus tá na neulta ceadna fós gan glanadh ins an aer;
O! tá siad a' fás níos truime'gus níos duibhe, o lá go lá
O tugadh uainn an solus sin do ghlanfadh iad go bráth.



Budh gheur 's budh árd an caoineadh bhí an lá sin ins
an ngaoith -
'San domh an so 'riamh ní chualaidh cluas aon cháoineadh
geur mar é;
Budh chaoineadh é a d' éirigh suas ó chroidhthibh briste, trom',
Budh chaoineadh é ó dhaoinibh bhí faoi smacht a namhad crom!


L. 21


'Gus fós, a tá an caoineadh sin níos géire fás gach
bliadhain,
'Gus tá gach crodhe crádhte fós le brón agus le pian;
An t-ualach bhí go trom orrainn, níos truime tá sé fás
Oir iadsan dheunfadh eadrom é, do fuir siad uile
bhás.



Mo mhallacht air an t-Sacsanach! Mo mhallacht air a
shliocht!
A dhibir uainn gach treóradhe fíor, 'gus d'fhág sinn lag
a's bocht!
Is truagh, truagh, támaoid anois - is cruadh tá ár g-cás!
Ó dibreadh uainn ár d-taoiseachaibh! O! tá ár m-brón a
fás!



Chomh fad' a's bhí siad againn, ní raibh eagla in aon
chroidhe,
Oir bhi siad treunmhar, crodha, 'nuair budh dhuibhe bhí ár
slighe;
O! bhí ár n-dóchas ionnta-san, i síothcháin nó i g-cath -
Acht, mo bhrón! tá siad imthighthe - 's ní fhillfidh siad go
bráth!



Nach brónach é an smuaineadh dhúinn, gur ruagadh iad
amach;
Amach as tír a n-dúthchais féin, go tíorthaibh coimhdheach';
Gur díbreadh iad ó'n oileán in a raibh a sinsear beó,
Gur sgaradh iad ó Éirinn bhoicht, a choidhche a's go deó!


L. 22


Is fuar a tá gac teallach 'nois - is uaigneach gach cais-
leán.
'S an odhche ní'l aon fhuaim ionnta acht sgreuch an ul-
chabhcháin;
Tá'n fligh a' fás go fiadhain árd, air bhalla agus díon,
O! tá sé fás annsin go glas le iomad lá's bliadhain.



Ní mar atá do bhídheadh sé ins an aimsir bhí fad ó,
'N uair bhídheadh gach h-alla fuaimneach le súgradh agus
gleó;
Bhidheadh ceól na m-bárd le clos ionnta gach lá agus gach
oidhch';
'Gus sgeulta 'gus sean-ráidhte ó Seanachaidhe 'gus Saoi.



Ní raibh a n-dóirse dúnta dian in aghadh neach ariamh;
Bhí fáilte roimh an astránach, bhí fáilte cheannsa chaomh.
Budh chuma árd no ísiol é, budh ionann fáilte dhó -
Ní mar fháilte fhuar na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so.



Acht imthighthe a tá na fir do shuidh ag ceann gach clár;
A's ní cluintear tríd ár n-oileán 'nois acht caoineadh
agus gáir,
O! iadsan bheurfadh fáilte dhúinn, atá siad sgartha uainn;
Acht ní i g-cré na h-Eireann dil' a luigheann siad i suan.



Ui Néill, a stóir! go suaimhnighidh tú i síocháin ciuin, a
choidhch',
A bh-fad o'n tír budh dhilse, 'gus budh áilne le do chroidhe -
An tír sin d'fhág tú deórach, lag, faoi dhólás agus brón -
Is fada tá do leabaidh 'nois ó chnocáibh glas' Thír'-Eoghain


L. 23


'Gus le do thaoibh tá sínte síos 'san g-créafóig fhuair úd
thall,
Ua Dómhnaill, triath na loingeas, Árd-fhlaith treunmhar
Dhúin na nGall.
Is minic ghlan sibh' taobh le taobh' an námhaid as bhur
slighe -
'Gus, taobh le taobh, atá sibh 'nois i n-aon uaigh amháin ag
luidhe!



A Dhia mhaith! budh throm an lámh do leag Tú air ár
d-tír -
Do leag Tú air an muinntir sin bhí dhuit a g-cómhnuidhe
fíor;
'Nuair d'fhulaing Tú a n-dul air siúbhal, faoi dhonas a's
faoi chrádh,
Ar n-uaisle, agus d'fhág Tú sinn 'n ár sclábhudhibh go
bráth!



Is trom Do lám atá a n-diú, d'ár g-congbháil faoi gheur-
smacht -
A Dhia! deun go h-éudtrom í, san am a tá le teacht.
O díbir uainn na Sacsanaighe! O! bris an slabhra
dian!
A tá ag teannadh air ár d-tír le beag nach míle bliadhain.



O! glan na neulta tá go fóill ag deunadh dubh na
n-dúl,
O! tiormuigh suas na deóra tá le bliadhantaibh in gach
súil,


L. 24


O! stad an caoineadh tá go geur ag síneadh air an
ngaoith!
Bí trócaireach, a Thighearna! agus éist-si le n-ár
nguidhe!



AN NÓINÍN.



Ná tráchd air an rós gídh gur áluinn an bláth é;
Ná tráchd air an lile chomh bog a's chomh bán;
Ná trácd air an t-sóbhrach, gidh deirim gur breágh é;
Óir b'fheárr liom 'ná'n t-iomlán aon nóinín amháin.



Tabhair damh-sa an nóinín,
Is díl liom an nóinín,
Och, b'fheárr liom 'ná'n t-iomlán aon nóinín amháin.



Ácht fós, ní'l sé ceart dam an rós do dhímheasadh,
Óir go cinnte is cosamhail deirge a bláth,
Le deirge na sláinte go síorruidhe ag lasadh
Na sgéimhe d'fhág nádúir air leacain mo ghráidh.



Acht tabhair dam an nóinín.
O! cáraim an nóinín.
Ní'l fás mar an nóinín 'measg iomlan na m-bláth.



Anois, ní'l mé dall timchioll áille na lile
A nochduigheas suas as na h-uisgidhibh fúinn,
Oir bheireann sí chugam-sa buige 'gus gile
An bhraghaid sin mar shneachta i seilbh mo rúin.



Acht, grádh chum an nóinín,
O! adhraim an nóinín.


L. 25


Ní'l bláth anns an domhan mar an nóinín beag, ciuin.



Is áil liom an sóbhrach a d-tosach na bliadhna,
Le buidheacht a duilleadh tá beagnach mar ór,
Óir bheireann sé chugam dath gruaige is míne
A shuigheas mar choróin air éadan mo stóir.



Acht measfad an nóinín,
A's molfad an nóinín,
'Gus seinnfead an nóinín le h-iomlán mo ghlór.



Nuair dhearcaim an nóinín, luigheas go h-ísiol,
Ag smigeadh go grádhmhar air lorg mo shlighe,
Ní fheicim-se sgiamhacht mo chailín ró-uasail,
Acht smuainim air mhaitheas 'gus fírinn a croidhe.



O! beannachta móra,
Ceud beannacht 'gus glóire
Do'n nóinín, caomh-nóinín mo thíre, a choidh'e



"PADRAIC."



MO PHÍOPA GHOIRID, DHONN.



Is iomadh buille searbh, trom,
Do fuaras in mo shaoghal;
Is minic bhí mo phócaidhe lom,
'Gus cíos na míos gan díol;


L. 26


Acht in gach buaidhreamh, beag no mór,
Ní raibh mé riamh gan fonn,
'Nuair phógas thú, mo mhíle stór,
Mo Phíopa Ghoirid, Dhonn.



Mo bheannacht ort a chára fhíor,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní iarraim grádh acht thu go síor,
Mo Phíopa Ghoirid, Dhonn.



An lá a d'fhág mé tír mo bhreith'
Le dulair fud an domhain,
Budh frasach thuit mo dheóra teith',
Budh gheur, ró-gheur mo brón -
I stoirm, síon, i ngoimh no gádh,
Air fhairsingeacht na d-tonn,
Fuair mise sólás in mo chrádh
O m' Phíopa Ghoirid, Dhonn.



'Gus dubhras leat: "A chára fhíor,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní'l agam 'nois acht tú, faraoir!
Mo Phíopa Ghoirid Donn."



'Nuair casadh thusa liom air d-tús,
Budh sgiamhach thu 'gus bán,
Bí snas na h-óige air do ghnúis,
A's bhí do cholann slán;
Anois atá tú féin 'gus me
Níos sine bh-fad, mo ghrádh;
Chuadh fiche samhradh thart a n-dé
O bhí tú in do bhláth.


L. 27


Acht, beannacht ort, a chára fhíor,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní féidir linn bheith óg go síor,
Mo Phíopa Ghoirid, Dhonn.



Budh cheannsa thú, a rúin mo chrodhe,
'Gus deirim é, a stóir,
Gur minic fuarais in mo dhith
An cúram ná'r budh chóir.
Is minic, minic, bhuail mé féin
An sméaróid air do chár,
'S ní dhúbhrais liom riamh: "Mo leun!
Gan agad ciall níos feárr!"



Budh fhoighideach thú, a chára fhíor,
'Nuair sgoilt mé síos do cheann;
Beidh lorg loite ann go síor,
Mo Phíopa Ghoirid Dhonn.



Mo chreach! 'nuair dhearcaim air an t-saoghal,
'S air nós na n-daoineadh ann,
A thréigeas bráthair ins an m-baoghal
Chuir Dia ós a g-cionn -
Nuair smuainim féin gur ionann cré
Na píopa, fir 'gus mná,
Ní h-iongantach é má chluintear mé
Ag seinm liom go bráth:-


L. 28


Mo bheannacht ort, a chára fhíor,
Ceud beannacht air do cheann;
Ní sgarfar tú 'gus mé go síor,
Mo Phíopa Ghoirid, Dhonn!



"PÁDRAIC."



TEANGA NA h-ÉIREANN.



So gráin do na daoinibh, gan anam, gan chroidhe,
Nach ngrádhuigheann teanga 'g s ceol binn a d-tir';
So fuath 'gus mí-mheas do'n droing so a choidh'e -
An drong sin tá líonmhar i n-Éirinn - faraoir!



Och! cluinim-se daoine, gach lá ins an mí,
Ag glaodhadh go h-árd uim a d-tír-ghrádhacht' móir';
Ag caint air an m-bruid a bh-fuil Eire bh-fad faoi,
'S ag maslughadh a namhad i n-droch-bheurla go leór.



Tá'n drong so i g-comhnuidhe (do réir a g-caint' féin)
'N a saighdiuraibh treuna,'s na d-taoiseachaibh fíor';
Táid uile toileamhuil le píce no cloidheamh
Da tharraing, go réidh, air son saoirse d'á d-tír'



Táid go síorrudhe ag gul, a's ag caoineadh, go geur
An daoirse, a's an crádh, tá go trom air ár sliocht;
'Gus ag cáineadh an t-Sasanaigh, dhibir go léir
Ár muintir, a's d'fhág sinn 'nn ár n-deóraidhthibh bocht'.


L. 29


Budh mhaith leis an dream so a d-talamh gan cíos -
Budh mhaith leo a n-dlighe do dheunadh iad fhéin -
Budh mhaith leó na tighearnadhe bheith díbirte síos
I n-áit tá níos teó - gidh fada í ó'n ngréin.



Acht trácht leis an drong so air theangain a d-tír'
An teanga do labhair a n-dil sinsear fad ó -
An teanga budh chóir a bheith 'gá labhairt go fíor
Le gach Éireannach buan, a's tír-grádhach, tá beó.



Trácht leó air shean-abhránaibh blasda na m-bárd,
Agus seinn dóibh an ceól sin is binne 'san domhan;
Agus innis dóibh sgeulta an am' a tá thart -
'N uair bhí fóghluim na h-Eireann mar sholus um nóin.



'Sé an freagradh budh dhóchaidhe dhuit d'fhághail uatha súd -
"Tá teanga ár n-oileáin 'nois marbh go deó;
Tá'n Beurla níos tairbhighe - greamóchamuid leis,
Tá againn aon teanga - ní'l maith anns an dó"



Mo thruaigh an drong so! - ní h-iongantach mar tá
Ár d-tír, a's ár muintir bocht, ísiol a n-diú;
Ní h-iongantach go bh-fuil sinn faoi bhrón 'gus mí-ádh,
Gan meas a's gan urraim, gan onóir 's gan clú.



Is fíor iad na focla a deir an sean-rádh -
"Bidheann meas air na daoinibh 'gá bh-fuil meas orra
féin."
Bedh muintir na h-Éireann faoi dhroch-mheas go bráth
Má leigid siad teanga ár n-aithreach uainn.


L. 30


Is deas an rud saoirse, ní'l aon nidh chomh dil -
Is maith an rud talamh gan cáin no gan cíos;
Is olc iad na tighearnadh - aon mhaith ionnta, ní'l,
Is budh chóir iad bheith sáidhte 'san bh-fairge síos.



Acht do b'fheárr liomsa daoirse ár n-oileáin go deó;
A's do b'fheárr liom ár d-talamh do bheith mar a tá;
O! b'fheárr liom na tighearnaidhe a choidhche bheith beó,
'Ná teanga na h-Éireann bheith marbh go bráth.



"PÁDRAIC."



CAOINEADH AIR ÉIRINN.



Leis an "g-Craoibhín Aoibhínn."



Caoinfead, a's caoinfead, a's caoinfead go deórach
Na h-aimsire bhí 'gainn i d-tír Inse Fáil;
Caoinfead a righthe bhí treunmhar a's treórach;
Caoinfead a ngníomhartha, caoinfead a g-cáil.
Ná bídhidh am' bhacadh, a dhaoine gan eólas,
Is caoineadh mo chaoineadh nach d-tuigfear go bráth.
Is dubh agus doimhin mar an odhche mo bhrón-sa -
Oidhche nach bh-feicfidh a choidhche an lá.



Is cosmhúil mo chaoineadh le caoineadh an duine
A chídheas go sábhálta ó shliabh ró árd,
A mhaoin a's a mhuinntir 'gá m-báthadh le tuile,
Agus éision 'n-a aonar fágtha go slán.


L. 31


Is cosmhuil mo chaoineadh le caoineadh na máthar
A chaileas a páisde 'sa h-aon mhac amháin,
Is doimhne mo bhrón ná aon bhrón ins an Nádúir,
Mar caoinim-se náisiun tá scaphtha air fán.



Is searbh' an brón é, an brón so am' láthair,
Ní aithnighim pian is géire 'ná é,
A's 'nuair feicim an tír, a's 'nuair feicim an cháthair
Air sheilbh ár námhad, budh mhaith liom an chré;
Do b'fheárr liom bheith sínte go fuar ins an roilig,
A's m'anam bheith sgaoilte ó'n g-créafóig laig,
Go bh-feicfead mo mhuinntir a's laochra Éireann
Mo shuim ins an g-corp so dar n-dóigh gur beag.



DÓTHCHAS NA h-ÉIREANN.



(A bh-freagra air an "g-Craoibhín Aoibhinn.")



Ná caoin, a bhínn-cheóltóir, ná caoin chomh geur deórach,
Na laethe do bhí in ár n-oileán fad ó;
Ná caoin iad, a righthe bhí treunmhar a's treórach,
Ná caoin iad, na gníomhartha a d'imthigh mar cheó.
Ní'l maith in do chaoineadh, gidh is nádúrtha dhéanadh,
Acht tíormuigh do shúile ó dheóraibh go bráth;
Nó má's "dubh a's má's domhain mar an oidhche do bhrón-sa"
Cuimhnigh go d-tigeann as gach oidhche an lá.



Gidh gur iomad d'á páisdighibh do chaill ár n-dil-mháthair
Le bás tá níos measa 'ná báthadh, go mór;
'S gdh go bh-fuil a clann sgaptha a bh-fad ó n-a láthair,
Tá fágtha fós laochra maith', treunmhar', go leór;


L. 32


Agus iadsan tá sgaptha 'nn gach áit air an g-cruinne,
Má's fada táid-'nois ó n-a d-tír thar an t-sáil,
Tá mian in gach croide, agus neart ag gach duine
Le buile do thabhairt air son Éireann go fóil.
'Nuair thiocfas an lá sin ní dóigh liom go m-beidh tú
Faoi bhr'ón, nó faoi phéin, 's aon deór anois ná sil;
'San trath feicfir do thír a's gach cathair faoi shaoirse,
As seilbh ár namhad, ní budh mhaith leat an chill;
Óir measaim go m-beidh tú ag gleusadh do chruite,
'S ag seinn le saor-ghuth do h-abhrán go h-árd;
'Gus ní bheidh tú ag caoineadh acht a' moladh na laetheadh
Bheidh againn an uair sin, a Phrionnsa na m-Bárd!



"PÁDRAIC."



AN DÍBIRTEACH.



Leis an "g-Craoibhín Aoibhin."



Mo bheannacht leat, a thír mo ghrádh,
O sgarfar mé 'gus tú!
Mo bheannacht leat, acht ní go bráth,
Ní dheirim leat adieú -
Ní deirim leat adieú, a stóir -
Ní deirim leat adieú;
Gidh triall thar an t-sáile mhóir,
Tá mé liom féin a n-diu!
Is dubh atá an t-sáile mhor,
Is doimhin dubh tá sí;
Acht ó is doimhne tá mo bhrón,
Is duibhe tá mo chroidhe!


L. 33


Acht o'! is duibhe tá mo chroidhe,
'S mé triall uait anoct,
Gan f'ios agam an bh-fillfidh mé
Go bráth dom' oileán bhoicht!



Anois atá mé dul air fán,
Is truagh tá mo chás,
Gan fhios agam bh-fuil sé i n-dán
Dam teacht go bráth air ais.
Liom féin atá mé dul air fán,
Air feadh an t-saoghail mhóir:
An iongantach é, mo chroidhe beith lán,
'S mé sgaramhain le mo stór!



Ní raibh aon bhean agam ná clann,
Ná cailín ghrádhuigh mé;
T-ug mé mo ghradh dhuit go h-iomlán,
'S tú fuair uaim go h-uile é.
Bhí sé chomh teith agus chomh fíor,
Nach bh-feudfainn é do roinnt,
A's thug mo chroidhe é féin d'á thír
Go glan gan cáim' no saint.



Má chuartuighim an saoghal lán,
Ó'n m-bárr go d-tí an bunn;
Má shiúbhlaim tríd an domhan iomlán
Anall agus anonn;
Ní bh-fuighidh mé aon áit go bráth,
Aon choirnéull, ball, nó clúid,
D'á d-tiubhrainn searc mo chroidhe 's mo ghrádh
Acht Eire tá faoi smúid!


L. 34


Má tá sí 'nois faoi smúid na sgrios,
Trom-smúid agus trom-cheó;
Ó tógfamaoid a smúid arís,
A's sgapfamaoid a ceó;
Acht cá bh-fuil sásamh dhamh le fághail,
'S mé bh-fad ó thír mo chroidhe,
Atá mé 'g imtheacht; och! mo chrádh!
An bh-fillfidh mé a choidhch'?



Acht móidim é, cuimhneóchaidh mé,
'S mé míle míl' ó d' thráigh,
Na cnuic 's na gleannta d'aithnigh mé,
A machairidhe 's a m-bláth.
Cé bé mo chás, go lá mo bháis
Cuimhneóchaidh mise thú;
A's muna bh-feudaim teacht air m'ais,
Slán leat agus adieú!



AN GLEANN 'NN AR TÓGADH ME.



Leis an "g-Craoibhín Aoibhinn."



O áit go h-áit budh bhreagh mo shiúbhal,
A's b' árd mo léim air bhárr an t-sléibh',
I Luing 's i m-bád budh mhór mo dhúil,
'S budh bheó mo chroidhe i lár mo chléibh.
Mar chois an gheirrfhiadh bhí mo chos,
Mar iarann gach alt a's féith,
Bhí 'n sonas rómham-sa thall's abhos,
Ann san ngleann 'nn ar tógadh mé.


L. 35


'Budh chuma liom-sa fear air bith,
Budh choma liom an domhan iomlán,
Mar rith an fhiadh bhí mo rith,
Mar shruth an t-sléibhe dul le fán,
A's ní raibh rud air bith 'san domhan
Nach n-dearnas, dá m-budh mhaith liom é,
Do léim mo bhád air bhárr na n-abhain,
Ann san ngleann 'nn ar tógadh mé.



Na dathanna bhí air mo shúil,
Och! bhí siad mar dath an óir,
Ní dhearcainn riamh air mo chúl,
Acht dul air aghaidh le meisneach mór.
Do leanainn-se gan stad gan sgith
Mo rún, dá g-cuirfinn rómham-sa é,
Do bhéarfainn, dar liom, air an ngaoith
Ann san ngleann 'nn ar tógadh mé.



Ní h-amhlaidh tá sé liom anois,
Do bhí me luath, a's tá mé mall,
Ní'l fhios agam cad é do bhris
Sean-neart an chroidhe a's lúth na m-ball,
Do chaill mé mórán, 's fuair mé fios
Air mhorán, och! ní sásadh é,
Mo leun! mo leun! gan mé arís
Óg 'san ngleann 'nn ar tógadh mé.


L. 36


LÁ I N-ÉIREANN.
Leis an "g-Craoibhín Aoibhinn"



Ceithre speal' gheura ag siúbhal le chéile,
Ag dul i n-eudan an mhóinfhéir mhóir,
Ceathrar fear láidir le lúth 'nná lámhaibh
Ag baint na m-báidhe glas os a g-comhair.
Mise an ceathramhadh duine de'n dream sin,
Agus mo speal-sa ag dul gan sgith,
'S ní raibh mo speal-sa am, láimh an trath sin
Acht mar bheidh' traithnín no coinlín tuighe.



A Righ na glóire nach athrughadh mór é
O bhí me i m' óigfhear, fad, fad ó,
Agus teas na gréine ag lasadh m' eudain
Ag baint an fhéir sin lá breágh gan ceó;
Cailínidh bána ag deunamh gáire
Air feadh na páirce ag rácáil féir,
A's iad go súgach 'san maidin chúbhartha,
A's fuaim a ngotha mar cheól san aér.



Do bhídheadh na beacha air tóir na meala
'Gá tabhairt d'á neadaibh ameasg an fhéir,
Ag eitioll 'nn ár n-aghaidh-ne go mear 's go meadhrach,
'S ag dul as radharc le srann beag geur.
A's na féiliocáin air na fothanánaibh,
'S air na buachalánaibh 's ó bhláth go bláth,
Air sgiathán eudtrom ag luidhe 's ag éirighe,
'S ag siúbhal 's na spéarthaibh - is iad bhí breágh.


L. 37


Bhí an lon 's an smólach i g-coill na g-cnó beag
Ag deunamh ceóil bhinn mar cheól na m-bárd,
'S an fhuiseóg aérach 's abhrán 'nn a béilín
'G á luasgadh féin ann san spéir go h-árd.
Bhí an ceirseach aoibhinn air bhárr na craoibhe
'S a phíobán sínte le port go binn.
A's a Dhé na ngrása is é bhí breágh, bheith
I n-Éirinn áluinn 'san aimsir sin.



ÉIRE MO MHÚIRNÍN, SLÁN LEAT GO BRÁT.
Leis an "g-Craoibhín Aoibhinn."



Is fuar í an ghaoth orm, cruaidh-lá Márta,
Éire mo mhúirnín, slán leat go bráth,
Agus mise ag triall anonn thar an t-sáile,
Anonn thar an t-sáile, mo chreach! mo chrádh!
O tá me ag triall uait, a mhúirnín dhílis;
Beannacht agus fiche dhuit, a rúin, óm' chroidhe-stigh;
Beannacht ort go buan, och! beannacht agus míle,
'S a Éire, 's a mhúirnín, slán leat go brát.



O Anntruim go Corcaigh tá brón air na daoinibh
Tá sgartha, sgannruighthe, dul air fán,
Ní'l baile ná sráid ann nach g-cluinfidh tu caoineadh,
"Éire, mo mhúirnín, slán leat go bráth."
Is fada uaim an solas, is dorcha an oidhche,
Is mór atámaoid sgaptha, is fad atámaoid sgaoilte,
An fear agus an bhean agus na páistidhe d'á n-díbirt,
'S a Eire, 's a mhúirnin, slán leat go bráth.


L. 38


Is fuar orm, geur orm, faobhar na gaoithe,
'S an sioc air na sléibhtibh reóidhte bán,
Acht is fuaire 'ná sioc a's 'ná gaoth tá mo chroidhe-se.
A's mise ag caoineadh, "Slán leat go bráth."
Slán leat, a's slán leat, a-choidhche a Éire,
Slán le do ghleanntaibh do thráigh a's do shléibhtibh,
Le do mhuinntir's do chlainn-se, uile go léir uaim,
Slán leat agus leó-san arís go brath.



SMUAÍNTE BRÓIN.
Leis an "g-Craoibhín Aoibhinn."



I.



Is dorcha anocht í an oidhche, ní fheicim aon reult amháin,
Gus is dorcha trom atá smuainte mo chroidhe-sa tá
sgaoilte air fán.
Ní'l toran air bith ann mo thimchioll acht na h-eunlaith dul
thart os mo cheann.
Aithnighim sgiathána na bh-filbín air a m-buille fad-
tharraingte fann,
Agus tagann an fheadóg mar pheiléar ag gearradh na
h-oidhche le fead,
Agus cluinim an gé-fiadháin liath, an t-eun is gairbhe
sgread,
Acht aon toran eile ní chluinim - is é sin do mheudaigh mo
bhrón,
Aon toran eile acht sgríoch agus glaodhach na n-eun air an
móin.


L. 39


II.



Acht i bh-fad uaim ag bunn dubh an t-sléibhe tá láimh leis
an bh-fairge mhóir,
Éist leis an taoide ag tathfan leis na tonntaibh atá air
a tóir,
Ag teacht chum na tráighe 's ag slugadh an fhéir a's na
feamna buig' buidhe,
Acht chomh fuar a's tá taoide na h-oidhche is fuaire go mór
é mo chroidhe.
Ní fheudaim, ní fheudaim a innsint, ní fheudaim a thuigsint
an fáth
Faoi a bh-fuil mé comh buadheartha brónach, chomh leónta
le brón agus crádh.
Is fuar 'gus is fiadháin an áit seo, an áit ann a bh-fuil
mé mo shuidhe;
Acht ní h-é sin an t-ádhbhar do fhág mé chomh cráidhte a's
tá mé am' chroidhe.



III.



O d'imthigh na daoine bhí díleas, na daoine d'á d-tug mé
mo ghrádh,
O bhí siad díbirte sgaoilte ó'n tír ann ar tógadh mé
tráth,
Ag iarraidh fosgaidh a's dídin ó'n m-bochtanas agus anró,
'San tír ann a raibh siad suighte ní'l anois acht an
chaora 'san bhó.


L. 40


Tá an bhó 'gus an chaora ag innbhear air lorg na n-daoine,
mo leun!
I n-áit gáire na b-páisteadh 's na leanbh, ní chluinim acht
sgríoch na n-eun;
Do múchadh gach coinneall a's solas do bhidheadh i n-doras
gach tighe.
Is é brón agus díbirt na n-daoine do mheudaigh mo bhrón
ann mo chroidhe.



IV.



Acht féuch! tá'n ghealach ag éirighe 's ag reubadh na neull
dubh trom,
Agus solas a gaétheadh air eudan na machaire
lom;
Agus bheirim faoi deara sean-bhallaidh na d-tightheadh bhí
leagtha ann so -
Na d-tightheadh gan gábla gan tairseach, gan cailín, gan
buaile, gan bó.
Ó'n g-carraig 'nn a bh-fuil mé mo shudhe, och! is léar
dham anois é an gleann;
Acht ní'l duine innte acht mise, ná aon neach ó cheann dé
go ceann;
Ná aon nidh acht bath agus caoirighe ann san áit a raibh
daoine fad ó;
An naosg aonránach ag sgreadach, agus mise liom féin
ann san g-ceó.


L. 41


V.



Acht amhlaidh a's tháinig an ghealach ag briseadh amach air
an spéir,
Ag sgapadh uainn sgáile na h-oidhche, 's na néull dubh uile
go léir,
Ag ruagadh dorchadais oidhche, ag ruagadh smúide gus ceó
Ag soillsiughadh air chnoc agus sliabh, air fheur agus
innbhear na m-bó.
O amhlaidh a's lasann an ghealach air an m-bealach tá
fuar agus bocht,
Creidim go lasfaidh an t-saoirse air an daoirse 'nn a
bh-fuilmíd anocht;
Creidim go reubfaidh si sgáile an bháis ann a bh-fuilmíd
anois,
A's go g-cluinfear go goirid thar sáile ár n-gártha
lúthgháireach, arís.



VI.



Acht ó ní h-é comhrádh ná caoineadh, ní caint é ná labhairt-
le-beul
A thógfas an dorchadas dínn-ne, a sgapfas an sgáile 's
an neull;
Ní ceól agus rannta na m-bárd é, ná fuaim na n-abhrán
atá bínn;
Ní gol é, ní gudhe é, ní caoineadh, ná breugadh níos
millse 'ná sin:


L. 42


Acht obair na lámh atá láidir ag na daoinibh gan
eagla 'nn a g-croidhe,
Nach n-deachaidh air ais, a's nach rachfaidh ó'n g-cogadh
'nn bh-fuilmíd a choidhch';
Na daoine a sheasfas, san m-bearna, nach n-dearnadh 's
nach n-deunfaidh breug -
Na daoine nach féidir a sgannrughadh le bagairt, le
pláigh, ná le h-eug.



VII.



Mo léir-sgrios! cá rithid mo smuainte, sin neimh-nídh do
tháinig am' cheann.
Cá feicfimíd daoine mar iad? Ní'l duine air shliabh ná
gleann.
Atá siad díbirte, caithte amach uainn air eudan an
domhain,
Ní'l lorg a g-cos air an t-sliabh; ní'l lorg a m-bád air
an abhain;
Agus tá mé am' aonar mé féin ann; tá mo long-sa
gan seól a's gan stiúir,
Ag tabhairt m'aghaidh air fhad-imtheacht as Éirinn go
thíorthaibh strainséaracha fuar'.
B'éidir a bh-fágbhaim de m' cháirdibh, nuair fillfead
nach m-béidh siad beó,
A's an teanga so tá mé ag labhairt nach laibheórad arís
í go deó.


L. 43


IMPIDHE
(Leis an "g-Craoibhín Aoibhinn.")



Ann san uair dhuibh dheireannaigh luighim air leabuidh,
(Acht an leabuidh chaol de chúpla clár),
Mo cháirde 's mo ghaol im' thimchioll 'nna seasamh,
'S an bás ag teacht air a lán-sgiathán;
Ann san uair ádhbhéil sin, a Rígh na Rígheacht,
Nár dhiúltaigh sglábhuidh, fear bocht, ná tráill,
Tabhair damh cabhair a's fóirithín a's dídion,
A's suaimhneas, faoi dheireadh, na bh-flaitheas d'fhághail.



An uair aithreóchas mo lá go h-oidhche,
A's mise sínte i ngreim an bháis,
An uair fhuaróchas mo lámh 's mo chroidhe-se,
A Rígh 's a Thighearna dearc air mo chás;
'Nuair fhosgailtear geata na síorrudheacht'
'S tiomáintear mise am' aimhdheóin 'steach,
Is dod' thruaigh-se fágbhaim ann sin, a Thighearna,
An áit i g-cuirfighear mé ann do theach,



Air bh-fosgailt, faoi dheireadh, do'n leabhar sgríobhtha
A bh-fuil mo smuaínte-se uile ann,
'Nuair cuirtear air mheadhachan geur mo ghníomhartha -
Mo pheacadh éadtrom' 's mo lochta trom',
An tráth 'nn a léigfear amach gach aon rud
A fhágfas m'anam bocht nochta lom,
Och! cuimhnigh, a Tighearna, do chathughadh-sa féin,
Ná sgiúrsaigh mé le breitheamhnas trom.


L. 44


AULD LANG SYNE.



AN T-AM FAD Ó.
(Leis an Athair Eoghan O'Gramhna.)



I.



Ar chóir sean-cháirde 'leigean uainn,
Gan cuimhniughadh 'rra go deo,
An chóir sean-cháirde 'leigean uainn
'S an t-am bhí ann fad ó?
Air son an am' fad ó, a ghrádh,
Air son an am' fad ó,
A's ólfamuid deoch muinteardha
Air son an am' fad ó,



II.



Bhídhinnse a's thu 'buaint nóinínidh,
S' ag imirt d' oidhch' 's de ló,
Acht is iomdha cos a shiúbhlamar
Ó d' imthigh an t-am fad ó,
Air son an am' fad ó, a ghrádh, etc.



III.



Ó d'éirigheadh grian bhídhmís araon,
Ag rith 'san sruth le gleo,
Acht bhí tonnta treuna eadrainn
Ó d'imthigh 'n t-am fad ó.
Air son an am' fad ó, a ghrádh, etc.


L. 45


A's so mo lámh dhuit, a chara dhil,
A's tabhair dham lámh go beó,
A's ólamuis aon ghloine mhaith
Air son an am' fad ó.
Air son an am' fad ó, a ghrádh, etc.



CAITHAEMH AN GHLAIS.



(Leis an Athair Eoghan O'Gramhna)



I.



A Pháid, a stóir, an g-cualais fós gó n-dearnadh aithne
's dlighe
Gan Seamróg bheith ag fás i g-cré na h-Éireann feasta
choidhch'?
Gan lá Féil Pádraig chaitheamh, gan duille glas bheith 'r
fághail
Air fhear nó mhnaoi - sud é an dlighe as Sagsana anall!
O! casadh Napper Tandi dhamh, a's rug sé air mó láimh,
"Cia 'n chaoi," ar sé, "bh-fuil Eire bhocht? No bh-fuil sí
fós d'á crádh?"
"'Sí an tír is boichte cráidhte í dá bh-fuil 'san domhan
air fad,
Gach fear a's bean a chaitheas glas dá g-crochadh suas gan
stad."


L. 46


II.



Má's é 'n dath atá le caitheamh, a n-Dearg fuilteach féin,
O! cuirfidh sé i g-cuimhne dhúinn an fhuil do dhóirt na
tréin;
Cuir dhíot, mar sin, an t-Seamróg, caith uait í, acht ná
saoil
Nach g-cuirfidh sí a freumha síos: ní h-eagal di, ní
baoghal.
'Nuair a choisgfeas dlighe na Sagsanach an feur ó bheith
ag fás,
'Nuair a choisgfeas dlighe na Sagsanach an feur ó bheith
ag fás,
'Nuair a choisgfeas sé an duilleabhar ins an samhradh ó
bheith glas,
O, buainfidh mé an t-Seamróg de mó cháibín an lá úd,
Acht leanfadh mé, le congnadh Dé, do'n duille glas go
súd.



DÚTHAIGH BREÁGH AN PAORAIGH.
(Air n-a sgríobhadh le Padruig Ó Laoghaire ó sean-
duine i m-Béara. Do b'é ádhbhar an dáin so, dhá
fhile theagmhaigh air a chéile, agus do chromadar
air adhnios. Bhí gach duine dhíobh ag moladh a
dhúthaigh féin. Ní'l annso acht a n-dubhairt ceann
de na filibh, air a d-tugthaoi mar leas-ainim
"Seumas na Srón." - P.O'B.)



Cois na Leamhainne mar a ghnáthuighid ba, caoirigh, agus
gamhna,
Tá caisidhe boga uachdair agus mór chuid de leamhnacht;


L. 47


Is trom iad na slaoda ann, agus féur glas go glúinibh,
Agus ceol bínn breágh ag éanaibh gach aon mhaidin
dhrúchta.
Ní'l caora maidin drúchta gan cúpla aice ag meidhligh;
Ní'l bó maidin samhraidh gan gamhain le n-a taoibh dheis;
Ní'l neach óg ná seanda gan fogluim agus beusa air;
Ní'l ubhall-ghort gan ubhlaibh, ná cárthan gan coara.



Bidheann an nóinín deas órdha ann, agus an mhodhad chum
daithte,
Agus duilleabhar go h-árd anm ag fás air na crannaibh;
Bidheann gach uile short ann do fhóirfeadh air an
b-peacach;
Agus dá n-abrainn go leór de; bidheann glóir ann
ó na Flaithis!
Bidheann na laoighidhe breágh biadhta ann i g-cionn bliadhna
ag na gamhnaibh,'
Agus na sioraigh 'n-a n-diaigh sin ag na fiadh-capuill
gallda,
Ag tarraing na h-iarlain agus na fiaguidhe ó Londun,
Agus ceol bínn breágh grínn le clos ann gan chonntal.



Bidheann an ghealach agus an ghrian ann, bidheann Dia ann
agus A Mháthair,
Agus an Dá Absdol Deug ann ag deanamh na Cásga,
Bidheann Micheál 'n-a n-diaigh ann, agus is dian-breágh
é a gharda,
Agus trocaire ó Dhiá ann dó'n té thriallfadh chum a
fhághaltha.


L. 48


Is iomdha nidh breágh aorach air an d-taobh eile de Dhrom-
thana,
An coinín mear éadtrom ag léimnigh air an ngaineamh,
Úbhla cúmhartha i ngáirdínibh, mar a ghnáthuigheann na
marcuigh
Agus tighearnaidhe na tuatha ag siúbhal ann gach maidin.



Is iomdha crann breágh draighean agus dair chídhmíd air an
d-taobh úd,
Agus fúinseóg fada díreach ag fás taoibh le n-a chéile;
An chuach air bharr craóibh' ann, ceol faoilean agus
naosgach;
Agus súd é mo thuairisg air Dhúthchaigh bhreágh an Paoraigh.



A BHAINTREABHACH MO CHROIDHE.
"WIDOW MACHREE,"



(Eidirteaguighthe go Goaidhilge ó Sacs-bheurla.)



I.



A Bhaintreabhach Mo Chroidhe, ní'l tú gruama gan chúis,
Ochón! a Bhaintreabhach Mo Chróidhe.
Ní oireann do ghúna 'ná a shnuadh led' gheal ghnúis,
Ochón, etc,
Tá an choidhip dheas mhaiseamhuíl ró dhlúth air do chúl,
Agus ní'l fághail bhreithnughadh súl air do ghruaig fháineach
bhuidhe
Faoi pheurlaidhe do ghruadh, ná bí feasta ró chruaidh,
Ochón etch,


L. 49


II.



A Bhaintreabhach, gan amhrus, tá'n samhradh ceodhach breágh,
Ochón, etc.
Agus ná bí-se ag éagcaoineadh 'measg ceoil eun agus
bláth,
Ochón, etc.
Tá éanlaith an aeir, agus geirrfhiadhacha agus beithir,
Agus na coinínidhe go léir, aon le h-aon ag suirighe;
Agus gan caint ná comhrádh, táid na h-éisg féin a' rádh,
Ochón, etc.



III.



A Bhaintreabhach, a ghrádh, air theacht lá na seacht síon,
Ochón, etc.
B'é 'n truagh tú beith ag gríosadh na teineadh leat féin,
Ochón, etc.
Tá'n t-sluasad a's an tlugh, láimh le chéile gó dlúth,
'S le singe an chitil bidheann tnúth, ag muinntir an
tighe,
A's tú ad' aonar ad' shuighe, mar thréadaighe chum bídh,
Ochón, etc.



IV.



Cá bh-fios duit anois thar éis na neithe d'airmhdheas,
Ochón, etc.,
Nach bh-fuil fear bocht d'á bhásughadh le fíor-ghrádh dod'
ghnaoi,
Ochón etc.


L. 50


Ní bh-faghair fuasgailt ad' shuan, ná ag éisteacht le duan,
Ód' pheacaighibh síor-bhuan',ag diúltughadh do chaomhnaighe,
Is beidh spiorad no bean-sighe, gach oidhche ad' ionnsuigh'
Ochón, etc.



Anois glac mo chómhairle agus lean sompla na n-eun,
Ochón, etch.,
'S budh mhaith liom lem' chómhairle go d-tógfá me féin
Ochón, etc.
Do bheidhinn led' thaoibh sínte, 's ag gríosadh do smuaínteadh;
'Sé mo dhóthchas go cínnte go ruagfá le gaoith,
Gach púca agus bean-sighe, an uair bheidhinn leat ag luidhe,
Ochón, etc.



TÁIM AG IMTHEACHT THAR SÁILE ANONN



Fuaras an t-abhrán so i leabhar láim-sgríobhtha
bhí ag Nioclás Ua Ceárnuigh, agus tá anois
ins an Árd-Scoil Ríoghamhuil Éireannaigh.



Go moch maidin shamhraidh air ngoire do'n chuaich,
Síos le taoibh coille do thugas mo ruaig;
Is é smuaineas air seinm do'n traona agus do'n lon
Gur mhithid dhamh triall thar sáile anonn!



Táid mo cháirde air buile agus ní nár dhamh é,
Mar is éigin damh imtheacht le fáinneadh an lae;
Acht d'aimhdheóin mo charad rachad-sa air tuinn,
Agus gluaisfead amárach thar sáile anonn.


L. 51


Dá m-beidheadh air mo chumas ní fhágfainn iad,
Ní thréigfinn mo chumainn air ghrádh na g-ceud;
Acht is faon mo charaid agus is faon mo theann,
Agur rachad amárach thar sáile anonn.



Tá lámh an t-Sacsanaigh láidir cruaidh;
Is neart a cheart agus is dearg-ár a bhuaidh,
Is breug a mhóide, 's is fuilteach a lann,
Agus is mithid damh éalnghadh thar sáile anonn.



Mo chrádh gur leagadh leó lámh na n-éacht!
Mo chradh gur milleadh leo curaidh na g-créacht!
Mo mhíle milleadh go bh-fuilmídne fann,
Is mo chrádh mo thuras thar sáile anonn.



An bh-fíoróchar ráidhte ár naomh agus ár saoi?
An m-beidhmíd-ne i n-ár n-deoraidhibh i n-ár n-dúthaigh
a choidhch'?
An m-béidh seun no sonas air Eirinn on?
Dá m-beidheadh ní rachfainn thar sáile anonn.



Acht fad mo ghearáin agus fad mo chaoidh,
Fad mo dhíbearta agus crádh mo chroidhe,
Dian-lomadh ár bh-fearainn- ár ngearán gach am -
Och! a's oireann dúinn imtheacht thar sáile anonn.



Tá Laighin agus Connacht' agus Mumhan gan bhrigh,
Agus mór-Chuige Uladh gan teann i n-ár g-crích;
Tá craobh na g-curaidh air seargadh sean,
Ó imtheacht ár g-cáirde thar sáile anonn


L. 52


Och slán a chomhghaoil agus a charaid mochroidhe;
Slán le clannaibh Glais-Inse na saoi!
Le mághaibh agus le tulchaibh ó bhárr go bonn,
Ó táim-se ag imtheacht thar sáile anonn.



CRÉAD DHÉANFAIDH TÚ, A GHRÁDH.



Le Caiptín Tomás Mac Dáibhí de Norradh.



Cread dheanfaidh tú, a ghrádh,'nuair bheidhead-sa 'gluai-
seacht,
Faoi sheoltaibh móra thar mhuir anonn?
Cread dhéanfaidh tú, a ghrádh, faoi shíobhas ghaolta 'r
Ár ngean d'á chéile 's sinn air dhá chuan?
Faoi shíobhas ghaolta 'gus sinn ó chéile,
Am' chroidhe gan teipeadh beidh mise fíor!
'Gus air mo ghlúinibh ag tiodhlac úrnuighe,
Chum Dé tú chumhdach béidh mé go shíor.



Cread do dheanfá-sa dá d-tiocfadh sgeula,
Thar mhuir gur thréigeas le claon mo ghrádh,
'S go d-tugas géilleadh, i n-díth mo chéille,
Gur dhearcas béithe bhí leat comh breágh?



Ná tráchd liom choidhch' air, le sgáth a's míochlú,
Air d'ainm ghrínn-se, do bheidhinn-se fíor!
Ácht le do chroidhe-se d'á roinnt le mnaoi 'r bith,
Do bheidhinn-se claoidhte 's am' chnaoidh go síor:


L. 53


Cread dhéanfadh tú, a ghrádh, dá m-bédhinn se 'r
siubhal as
An g-coimhtheachd chúghad-sa le cisde móir,
A's go m-beidheadh mo long do bhí treun air d-túis,
'Nois briste túmtha roimh theachd chum feoir
D'á saorfaidhe thusa do bheidhinn go chraibhtheach,
I g-crádh 'sa nganntar a's tú bheith beo,
A's air mo chroidhe-si, mar pheiliúr ceannsa,
Do bheidheadh do ghruaidh-se liom féin go deo!



CARA FÍOR.



Sliocht as "An nGaodhal."



Is iomdha seod 'san domhan atá
Aluinn, luachmhar, aoibhinn, breágh;
Acht ní'l 'san g-cruinne seod chomh daor,
Chomh luachmhar, díl le caraid fíor.



Is maith an nídh mór-shaidhbhreas óir,
Is maith na neithe maoin a's stóir;
Acht b'fheárr liom 'ná sparán lán,
Aon chara dílis, fíor amháin.



Óir ins an t-saoghal ní'l saidhbhreas buan,
'Gus ritheann maoin mar aimsir uainn;
Imthigheann meas na n-daoineadh leo -
Acht maireann cáirdeaas fíor go deo.


L. 54


Tá cáirde breugach, 'gus a ngrádh
Le fághail againn go réidh gach lá,
Chomh fad a's támaoid laidir, slán,
Chomh fad a's tá ár b-pócaidhe lán.



Acht 'nuair atámaoid bocht, gan pighin,
Gan talamh, teach, gan stór, gan maoin,
De'n iomad bhí chomh dílis tráth,
Ní'l duine 'nois le "fáilte" rádh.



Is blasta bínn atá gach beul
'Nuair tá ár spéir gan gruaim no neul,
Acht 'nuair thuiteann oidhch' ar m-bróin,
Is searbh, searbh, caint an domhain.



Acht ní mar sin le caraid fíor,
A mhairfeas seasmhach, buan, go fíor;
Ní'l againn fios a ghean' 's a ghrád',
Go d-tigeann buaidhreadh, brón, a's crádh.



I sonas ní'l sé le n-ár d-taoibh,
Le briathraibh blasda, milse, caomh';
I n-donas tá sé linn go buan
Le foclaibh dóthchais, láidir, ciuin.



A Dhia ghlórmhair! Righ na ríogh!
Ó, Athair Neimhe a's na talmhan faoi!
Gabh uaim gach subha ins an domhan,
Acht fág fíor-chara agam am' bhrón,


L. 55


'Gus 'nuair atáim i b-piantaibh báis,
A's m' anam ag dul chugat féin air ais,
I g-cluais do pháisde shuaraigh fháin,
Bídheadh paidir carad fíor amháin.



GLEANN-DÁ-LOCH.



Sliocht ó Irisleabhar na Gaedhilge.



A ghleann mhilis aoibhinn! ní dorcha ná fiadhain -
Tá d'uisge chomh soillseach l'aon uisge 'san domhan,
Tá na cnuic a's na coillte ad' thimchioll chomh breágh,
'S nár bh-féidir do fheicsin ann bliadhain agus lá.



Gidh deirtear nár sheinn fós an fhuiseog ós cionn
Do locha, ó'n lá do báthadh Catailín ann,
Cluintear ceol ann chomh binn leis - sin siosma na sroth
Ag triall ó sna sléibhtibh ort'measg carraig a's cloch.



Táir ceólmhar ad' chiúnas a Ghleann ghil na naomh,
Tá do theampoill, do chuilceach, 's an chill le na thaobh,
Ag labhairt ort níos treise ná 'n guth atá beó,
Ag innsint an mhórdhacht' do bhí ort fad ó.



'Nuair bhí do sheacht d-teampoill de oidhche 's de ló,
Go ceólmhar le bínn-ghuth na manach 's na n-ógh,
Tabhairt glóire do'n Tighearna 's do mháthair na ngrás,
D-taobh tiodhluictheadh 'n chinidh i m-beatha 's i m-bás.


L. 56


'Nuair thriall ort na ceudta, 'dir Ghall agus Gaodhal
(Air thóir na fír-eagna thug buaidh air an saoghal),
Chum breith leó caor lasrach de'n teinne ó'n altóir
Do ghleus Naomh-dhil-Caoimhighin do Dhia mar bhudh chóir.



'Nuair d'imthigheadh amach uait na sluaighte fear treun -
Taoisíghe cródha'san Eaglais 'na buadhirt a's 'na leun -
Chum cogadh do dheunamh i n-aghaidh an gheur-namhad,
Aithrighe do chraobh-sgaoilead,'s an peacadh do throid.



Aithchim air Dhia 'n uile-chomhachdaigh a dubhairt -
"Deuntar solas," a's leis sin do shoillsigh a chuairt -
Go d-tigeadh an lá u-d arís ort go moch,
'Nuair a bheidh tú mar bhídhis, a Ghleann an Dá Loch.
Mí Mheadhoin an t-Samhraidh, 1886.



A CHEOIL GHRÍNN DHÚTHCHAIS.



Sliocht ó Irisleabhar na Gaedhilge.



A cheoil ghrínn dhúthchais gan samhuil comórtais,
Is binne d'fhuaim-se 'ná a g-cluintear d'fonn,
Do ranna míne, táid buan 'nár g-cuimhne,
'S ár g-croidhe dh'á líonadh le guth do thonn.



Do chranaoil annsa, bhíodh treun no ceannsa,
'Sé thugann suairceas do'n Ghaodhal thar sáil',
Ó cia 'ga bh-fuil fhios cá liachd é aoibhneas
Na n-dán do sheinneas clann Inse Fáil!


L. 57


An t-umhal, an rábach, an turasach cráibhtheach,
An t-óglach gáirdeach d-taobh áille a rúin,
An file smuaineas cois abhann air d'aoibhneas,
Táid uile claoidhte féd' chomhacht ós meodhain;



An deoraidhe cíachmhar, an saighdiuir fíochmhar,
An mháthair mhúinte 'gá dúthchas fíor,
A chuireann sógh air a báb neamh-shuanmhar,
Le h-abhrán nuaghmhar d'á buan-ghlas-tír.



DRUIMFHIONN DUBH Ó!



Sliocht ó dhuanaire Niocláis Ui Cheárnaigh, ins an
Árd-Scoil Rioghamhuil Éireannaigh.



A Dhruimfhionn dhubh dhílis, a sgoith shíoda na món,
Cá bh-fuil do mhuinntir no an maireann siad beo?
Tá siad ins na díogaibh sínte faoi 'n bh-fód,
Ag súil le Righ Seumus do thoigheacht insa g-c'róin.
Dá b-faghainn-se cead aoibhnis no radharc air an
g-c'róin,
Thriallfainn go Sacsain d'oidhche 's de ló,
Ag siúbhal boga a's curraighthe'gus sléibhte dubh ceoidh,
No go seinnfear air dhromaibh Druimfhionn Dubh Ó!
Dia do bheatha do'n m-baile, a Dhruimfhionn Dubh Ó!
Budh mhaith do chuid bainne 's budh mhilis le h-ól,
Do chaoinfinn do leaca 's do chum cailce mar rós,
A's do mhalairt ní dhéanfad a Dhruimfhionn Dubh O!


L. 58


Do mhalairt ní dhéanfainn air airgead ná air ór,
No air nuachar na g-cailín ó Ghaillimh go Bóinn;
Oir budh shúgach do aoibheal fá'n m-buailidh gach
neoin,
'S ní fheicthear do leithid-se, a Dhruimfhionn Dubh Ó!



Béidh fáilte 'do choinne-se, a Dhruimfhionn Dubh Ó!
Béidh feur fada fásaigh agad go fóill;
Cláirseacha 's dromaidh 'ga seinm go leor,
Ag cur fáilte rómhat a bhaile, a Dhruimfhionn Dúbh Ó!



CAOINEADH PÁTRUIN CHILLE-SLÉIBHE.



Abhrán a rinne Seumas Ua Cearnuigh 'nuair do cuireadh
an pátrun sin ar g-cúl. Fuaras i g-Contae Árdmhacha
é le S. H. Laoide, as Baile-átha-cliath.



'Nuair a chuaidh mé féin suas go Cill-shléibhe,
'Seadh chualaidh mé an éagcoir a rinneadh ann.
D'fhiosruigh mé de'n Mhaighdin ghléigil,
"An m-beidheadh ár b-pléisiur arís air bun?"



'Sé labhair an Mhaighdean liom-sa go ciallaidh,
"Le sé cheud deug atá mé air bun;
I n-áit Eaglais Ghaedhalach bheith teacht fámo dhéin-se,
Go bh-fuil neada ag eunlaith anois 'mo bhárr."


L. 59


Guidhim-se an t-Árd-Righ tá shuas i n-áirde,
Sgrios ó'n Árd-Righ go d-tagaigh ar a n-dream;
Gurb é Fear an Tighe Bháin, atá 'na chomhnuidhe láimh
linn,
A chuir ár b-pátrun i m-bun a's cionn.



Is cosmhail gur eug siad Clann na nGaedhal,
A bhí i g-Cill-shléibhe seal fad' ar bun,
Mar bhí an dá Réamann 's a d-treibh 'na dhiaidh sin,
Nach leigfeadh a réim le Clainn Bhullaidh ann.



Deanaigidh foighid mhaith a Chlann na nGaedhal,
Go d-tiocfadh an Cléibhin atá thall anall;
Beidh againn pátruin agus aifrinn 'gá rádh ann,
Mar d'órduigh Báinrioghan Lá Fheil Blinne dhuinn.



Munab é chomh geur a's tá'n dligheadh 'nár n-aghaidh,
Bhéidhinn 'ga léadhbail o thóm go tom,
'S le h-athair an áirne bhéidhinn 'ga g-cárnadh,
O d'fhuigfinn an pátrun go m-bhéidhinn 'sa Ghleann.


L. 60


CEARC AGUS COILEACH.



Sliocht as "An nGaodhal." Air na sgriobhadh le Seághan
O Laighin o fear d'fhoghluimigh an dán ins an Ghaillimh.



Cearc agus coileach a d'imthigh le chéile,
Shiúbhladar Éire gur briseadh a g-croidhe,
'S chuadhdar go Gaillimh le h-éirighe na gréine,
Gur cuireadh an péire isteach ag an dligh.'



'S ag Uilliam Ua Neuláin a bhí siad air feurach,
Ag ithe mónógaidh sléibhe a's a' codladh 'sa bh-fraoch,
Go d-táinic an siriam go lúthmhar a's go h-aorach,
'S scuab sé an péire isteach go Bail'-áth' an Righ.



Dá bh-feicfeá-sa an coileach lá aonaigh na Sráide,
Hata breágh lásadh air a's a lamhainnidhe buidhe,
Ceithre spuir fhada de'n airgiod Spáinne,
Fuip in a láimh a's é teacht mar an righ.



Is ag Muilleann na Leice 'seadh chualadh mé an
tráchda
Ag mnáibh bhí ag cáthadh air faithche Sheághain Mhóir,
M'éinín coiligh bhí agam le h-aghaidh na Féile
Martan,
Gur mharbhuigh na mná é le dúil ins an bh-feoil.



Thugadar isteach é agus scoileadar a chnámha,
Agus chaitheadar an lá sin spóirteamhuil go leór;
Is ná's bh-feárr dhóibh spóillín cheannach doibh féin
'Ná an chaoi a n-deachaidh a g-cáil air fuid Chondae
Mhaigheo.


L. 61


Bhí cearc ag Seághan Bán búdh deise na péacóg,
Ubh agus ceud rug sí 'san lá,
Thainic an sionnach, a mharbhuigh na ceudta,
'Gus thug sé de'n réim sin í 'steach go Sliabh Bán,
Dhamhasóchadh sí mionuabhar, cuadrill a's céapar
'Muigh cois an stáca os coinne Dhúinínóir,
Is air bharra na Gaillimhe leig sí an cheud ghlaodh,
Cleite as a sciathán níor buaineadh go fóil.



D'éirigh mé suas air maidin 'san drúchta,
Bhí mo dhá chú agam a's mo mhadradh beag bhán;
Chonnairc mé an sionnach a's é fillte, fuaighte
Siar ins an uaimh agus cloch air a cheann.



Tharraing mé 'niar é go n-dearnadh sé uachta
In a bh-facadh a shúil no lorg a láimh';
Is é Tomás A Búrca an buachaillín sciurtha
Chuireadh na cear a a's na coilighe air fághail.



M'ochón! ars an chearc, a's í dul air an bh-faradh,
Nach brónach a's nach deorach le h-innsin mo sgeul;
Athair mo chloinne a's céile mo leaptha
Ag dul ins an b-pota a's leac air a bheul.



'Nois, arsan chearc, ó tharla am' baintreabhach mé,
Gráinne ní phiocfad d'á rachainn insa g-cré,
Acht bheirim mo mhallacht tráthnóna a's maidin
Do mhnáibh Dhoire Leathain a chuir deireadh lem' réim'


L. 62


SOMHARCLAN AN ÁIRD-GHLAIS



Sliocht ó Dhuanaire Niocláis Ui Cheárnaigh.



Lá dhamh air Árd-glas na saoi agus na m-bárd,
Mo cheudfadha air corruighe a's m'inntinn féin árd,
'Seadh tháinic 'mo ghoire caoimh-bhean shéimh chiuin
Na mín-ndual cas famainneach, 's í mar Shomharclan
an Dún.



Budh dheise í 'ná feileagan an t-samhraidh air bhláth;
Mar reultan a dearca, 's í thug bárr-sgéimh air mhnáibh;
Budh phéacaighe a h-amharc 'ná Déirdre chaomh sháimh;
Filéad fa n-a ciabh a's caomh-chruit 'n-a láimh.



"Mo cheist ort, 's ná ceil é, cár' geineadh thú féin?
An de dháil na Míleadh thú ghabh ceannas a's céim?
Inghean árdfhlaith fearainn no mór-cheannais bruighne?
Cáit fá'n chruinne an t-ionad a m-bidheann tú?"



"Ní shéimh liom do phléid, a ógánaigh bháin,
'S ní thabhraim ort freagradh gé mór an cháin,
Oir is follus nach fiosach dhuit go maireann 'sa g-crích
Cosantóir na n-ollamh, Bainríoghan Bean-tsidhe,"



"Och! íslighim, a ríoghan! aithris gan gó,
An m-béidh saor-chlanna Mhíleadh am gan ghleo?
An m-béidh faosamh no saoirse feadh na h-Inse Uaithne,
A's a g-ceart ag an dín úd mar is dual go súthain,?"


L. 63


"A thréin-mic, táim buaidheartha, 's is iocht liom mar atá,
Óir is faosaomh a's dhíthchéille fáth bhur mairg a's crádh;
Tá sibh claodhartha ag eud le chéile gan síth gan suan,
Tre mheisge reubtha gan choimhcheangal eadraibh go buan.
Acht tiocfaidh an lá a m-béidh ádh orraibh uile agus seun'
Béidh óg a's ársaid i m-bádh-cheangal cumainn maraon;
Ní bhéidh pótaire air fághail - súd bárr dhuit air mo
sgeulaibh" -
'S do éaluigh an stáid-naoi gan áiriughadh uaim i néallaibh!



CUISLE MO CHRÓIDHE.



Le Padruig O Laoghaire.



A Éire dhíl aoibhinn! nach sár-uasal do ghné -
Mar sheod glas i bh-fáinne na fairrge groidhe!
Ó do phógfainn le greann duit gach préimhín thre d' chré,
A thír ghrínn is áille, 'sa chuisle mo chroidhe!
Le h-ísiol a's uasal táir go caoin, cneasda, caomh;
'S níor chrapais do lámh riamh roimh bochtaibh i n-dith;
A's níor threigis 'do cháirde a ngéar-uain a m-baoghail'
A fhéile na d-tíortha, 'sa chuisle mo chroidhe!
Tá do mhic teann i ngleo, acht thar éis an chruadh-lae
Crothaid lamha le na naimhdibh i nós bráithreach i síth;
A's tá lasadh mar rós i mion-ghruaidhnibh do bhéith,
Ag radh gan aon ghó gur tú cuisle mo chroidhe.
A Éire, a rúin dhil! go deo go rabhair glé,
Gidh gur fada ód' ghleanntaibh cluintear mé ag caoi;
A,s chomh daingean led' chnocaibh go rabhair in gach ré,
A' chomh fíor leis an ngréin, a chuisle mo chroidhe.


L. 64


CORMAC ÓG.



Táid na cuilm ag súgradh, 's an samhradh ag teacht,
'S an bláth ag briseadh tré mhullach na g-crann amach,
Air thuinn tá'n biolar go triopallach, glúineach glas,
Is na corcóga ag sileadh le h-iomad de shúghadh na
m-beach.



Is iomdha tortha a's meas air an g-coill so shuas,
As óig-bhean mhaiseach cheart an t-seang-chuirp shuairc,
Ceud bó bhainne, capall groidhe 'gus uan
Cois Laoi na m-breac, mo chreach! mé air dhibirt uait!



Táid na h-éin ag déanamh gutha agus ceoil,
Táid na laoigh ag géimneadh go treun chum sochair na
m-bó,
Táid na h-éisg ag reubadh corradh air an bh-feór,
A's mise féin am' aonar a's Cormac Óg!



Crioch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services