Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Blaithfhleasg de Mhílseáinibh na Gaoidheilge

Title
Blaithfhleasg de Mhílseáinibh na Gaoidheilge
Author(s)
Coimín, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Briain, Padruig
Composition Date
1893
Publisher
Ó Briain, Padruig

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Blaithfhleasg
de
Mhílseáinibh na Gaoidheilge.



Connradh na Gaedhilge
Ar n-a chur ar bun chum
na Gaedhilge' do chongbháil d'a labhairt i n-Éirinn.



Uachdaran -
Dubhghlas de h-Ide, LL.D.



Comhairle -
Cormac Feórus Buais, Mártan Ua Ceallaigh,
Seumus Micheál Mac Cogadháin, Seosaph Hanraoi Laoide,
Tomás C. Mac Conmidhe, Eóin Mac Néill, B. A.;
Micheál Cíosóg, Tomás Ua Míocháin,
R. Mac S. Ua Gobhráin, Padruig Ua Briain,
An tAthair Uilliam Ua hAodháin, S. I.; An tAthair E. Ua Gramhna, M.R.I.A.;
Seaghán Ua hOgáin, Tomás O. Ruiseal,
Padruig I. Ua hÓgáin, M.A.; Seórsa Sigerson, M.D., F.R.U.I.



Cisdeoiridhe -
S. H. Laoide, 8 Cúilbhealach Uaterloo, Tráigh Thuaidh, Baile-Átha-Cliath.
Seaghán Ua hOgáin, 3 Sráid Mhountjoy, Baile-Átha-Claith.



Ruin-chleirigh shaoirseanacha -
R. Mac S. Ua Gobhráin, Eoin Mac Néill, B.A.;
4 Faithche an Choláiste, Baile-Átha-Cliath.



Eolus foirleathan
de thaoibh na Gaedhilge, a stáid fá látháir agus an dóthchas atá
againn aiste 'san am atá le teacht.



An fiú an Ghaedhilg a congbháil beo? Is fiú go dearbhtha,
ar na h-adhbharaibh so shíos :-



1. Is í teanga dhúthchasach ár d-tíre í.



2. Is í an aon oidhreacht amháin anois beó do fágbhadh ag ár g-cineadh,
agus ag ár d-tír ó'n am do chuaidh thorainn. Beatha agus beusa agus
bunudhais na nGaodhal, a n-ealadhna, agus a n-oirfide, a gcluithchidhe, a
g-céirde agus a g-ceól, - caillfimíd iad so go léir na beidhid againn
gan fás, gan lúth, gan brígh, gan biseach muna g-cleachtamaoid Gaedhilg.


L. iv


3. Is í an Ghaedhilg an comhartha is léire do'n domhan ar sinne do
bheith i n-ár g-cineadh. Atá naoi n-uaire níos mó chéill agus de
bhríoghmhaireacht in gach ainm Eireannach, má's ainm sloinnidh nó ainm
áite é an tan breathnuighthear air fá sholus na Gaedhilge.



4. Is teanga do na teangthaibh í is mó clú agus céim 'san domhan, ar
mbeith di 'san am cheudna líonmhar láin-cheolmhar i n-a fuamannaibh,
úrghlan ilbhriathrach i n-a foclaibh, bríoghmhar binn blasta i n-a h-úr-
labhra, agus gach gnás cainte dá bh-fuil innti ag taisbeánadh an nóis fá
leith i n-a smuaineann an chineadh ag a bh-fuil sí mar chanamhuin.



5. Ní'l aon teanga acht í amháin ag míltibh d'ar n-daoinibh coimh-
thíoracha, d'fhuiling roimhe so agus fhuilngeas fá láthair dochair mhóra
mar gheall ar an bh-faillighe tugthar innti leis an g-coimheagar múinte
coitchinn atá againn. Is í an fhaillighe so is príomh-adhbhar do'n easbaidh
fhoghlama agus do'n aineolas atá ar faghbháil i mórán d'áitibh i n-Eirinn.
Is roi-mhinic fhágbhas aos óg an sgoil 'san am atá i láthair, tar éis
mhóráin bhliadhan do chaitheamh dhóibh innti, gan foghlam dob' fhiú trácht
air aca, do bhrígh gur múineadh iad i teangaidh nár thuigeadar.



6. Atá ag an nGaedhilg litridheacht áluinn eugsamhail i bprós agus
i n-dán.



An féidir an Ghaedhilg do chongbháil beo? Is féidir gan
amhras, ar na h-adhbharaibh so shíos :-



1. Atá an Ghaedhilg d'á labhairt fós ag cuid mhóir de mhuinntir na
h-Eireann, mar is follus ó'n g-clár so shíos, ar n-a chur le chéile as áirimh
na bliadhna 1891 :-


L. v


Ní áirmhigheann an cúntas so na leinbh nach d-táinig chum aoise urlabhra
acht do laibheóradh Gaedhilg, do réir nádúire, ar bh-fás suas dóibh; ná na
daoine nach raibh 'san m-baile an tráth sin, mairneulaigh agus a samhail
sin; ná an iomad daoine ag a m-biodh Gaedhilg gan a fhios do'n dream
do chuir na cúntais le chéile. Is dócha nach bh-fuil an uimhir cheart níor lugha
ioná 750,000, nó timcheall duine 'san seisear do mhuintir na tíre ar fad.



2. Is mó ioná trina na h-Eireann meud na tíre fá n-a bhfuil an
Ghaedhilg dá labhairt



3. Is iomdha tír agus tuath eile le'r éirigh roimhe so a dteanga
thíoramhail do chongbháil beó, agus iad i g-cás níos measa ar mhórán
de shlighthibh ioná mar atámaoidne. Is sompladha air sin na Breathnaigh
Gaodhail na h-Alban, na Flandraisigh, na Bohémiánaigh, na Pólánaigh,
na Finnigh, &c. Agus dar n-dóigh, dá m-beidheadh mhian dá ríribh ag muinn-
tir thíre air bith le a d-teanga do chongbháil beo, níor bhaoghal do'n
teangaidh sin bás d'fhaghbháil ar aon chor.



Na Neithe Chuireas an Ghaedhilg i g-Contabhairt
Bháis d'fhaghbháil;-



1. An bharamhail shuarach agus an meas mearbhaileach míothuigsionach
atá ag móran de lucht na Gaedhilge, gur comhartha aineolais agus uirís-
leachta Gaedhilg do labhairt; agus an faitcheas gan fáth gan fíor-bhun
go m-bacfadh sí le n-a n-eolas ar Bheurla, ar chuma go n-deunfadh sí
dochar d'á slighidh m-beathadh.



2. Neamh-shuim agus leisge na n-Eireannach bh'foghlamtha, ar chor go
n-deunaid faillighe do ghnáth fá'n nGaedhilg d'fhoghlaim agus dho chleachtadh
go dúthrachtach.



3. Ainbhfios an dreama so do thaoibh na neithe bheanas leis an
nGaedhilg mar do sgríobhamar shuas.



4. An toirmeasg cuirthear ar mhúnadh na Gaedhilge ins na sgolaibh
agus ins na coláisdibh.



Is féidir le gach n-aon a chongnamh do thabhairt do'n chomhchorraighe atá
ar bun chum na Gaedhilge do chongbháil dá labhairt, i n-aon mhodh nó in gach
uile mhodh de na slighthibh so leanas :-



1. Gabhadh sé le Connradh na Gaedhilge; tugadh sé cabhair d'á chisde,
agus misnigheadh sé cách chum an nídh ceudna do dheunamh.


L. vi


Foghlamadh sé Gaedhilg do labhairt, agus treoruigheadh sé cách uile
chum a foghlama,



3. Brosduigheadh sé lucht na Gaedhilge chum í do labhairt do ghnáth, agus
déanadh sé a dhíthcheall i g-comhnaidhe chum tuairim na n-daoineadh do
dheunamh carthannach do chúis na Gaedhilge.



Is í an Chuspóir chuireas Connradh na Gaedhilge roimhe,
an Ghaedhilg do bhuanughadh agus do leathhughadh mar gnáith-theangaidh. Is
e modh oibre do toghadh le Connradh na Gaedhilge chum an t-saothair so do
chur chum cinn, comhchorraighe gníomhach do chur ar bun i measg muinntire
na Gaddhilge. Is iad na príomh-ghnótha is mó cleachtóchar 'san g-comh-
chorragihe, so coimhthionóil nó cruinnighthe áiteamhla agus cumann coimh-
oibre nó móir-eagar áiteamhail do shuidhiughadh fá'n tír i n-a bh-fuil
Gaedhilg dá labhairt. Atá muinighin ag Connradh na Gaedhilge go
d-tiocfaidh leo cainteoiridhe oireamhnacha do chur amach chum comhráidh
do dheunamh i nGaedhilg agus i m-Beurla leis na comhdhálaibh áiteamhla.



Ní thiubharthar faillighe i n-aon t-slighidh le'r féidir an comhchorraighe do
chur ar aghaidh go tráthamhail. Dobheurthar aire go h-áirighe do mhúnadh na
Gaedhilge ins na sgolaibh tíoramhla; agus an tan theasdóchas fear le
h-aghaidh chúrama nó ionaid ;huiblidhe i n-áit i n-a bh-fuil Gaedhilg d'á
labhairt, tiubharfar iarracht dhíthcheallach ar roghain do dheunamh de na
daoimibh atá i g-cumas Gaedhilge do labhairt.



Coimhthionóil do chur i bh-feidhm, aire do thabhairt do gach sochar bhaieas
leis an nGaedhilg in gach áit fá leith, fios agus sgeula gach áite do chur
go dtí an Ard-Chomhairle - ag sin an chuid bhus mó do'n obiar bheidheas
le deunamh ag gach craoibh áiteamhail.



Fágbhaidh Connradh na Gadehilge gnothaigh liteardha na teangadh fá
chúram na gcumann eile atá ar bun cheana, na n-Irisleabhar (nó na
bpáipeur tugthar amach gach mí nó gach ráithe) agus na bhfear léighinn fá
seach, acht 'san g-cás so amháin go bhfeudfaidhe obair liteardha do dheunamh
foghainteach do'n chuspóir chuireas an Connradh roimhe, .i., an Ghaedhilg do
chongbháil dá labhairt. Ag so an t-aon tsaothar amháin bheidheas aca, bara-
mhail choitcheann agus intinn na n-daoineadh do ghríosadh aghus do chúmadh i
n-aghaidh léir sgriosta na Gaedhilge, agus na h-adhbhair náimhdeamhla uile
ar ar thráchtamar shuas do chur ar g-cúl.


L. vii


Dobheurthar agallmha ins na bailtibh móra agus in gach áit oireamhnach,
leath amuigh de'n roinn de'n dúthaigh i n-a bh-fuil Gaedhilg d'a labhairt
chum intinne na n-daoineadh do mhúnadh agus do stiúradh, agus chum
airgid do bhailiughadh fá chuinne na h-oibre.



Ní leighthear isteach ar aon chor i gcuspóiribh ná i n-obair Chonnartha
na Gaedhilge na h-imreasáin nó na ceisdeanna móra puiblidhe fá a
m-bíonn muintear na tíre sgartha ó chéile do láthair.



Is í uair agus aimsir thig an Árd-Chraobh



i g-ceann a chéile gach seachtmhain, do réir mar atá socruighthe fá láthair,
a h-ocht do chlog d'éis mheadhóin lae Dé Ceudaoine ag uimhir 4 i bhfaithche
an Choláisde, i m-Baile-Átha-Cliath. Do ghníthear gnothaigh na Craoibhe
mar a chéile i nGaedhilg agus i mBeurla. Do cuireadh ar bun muirighne
léighinn chum labhartha na Gaedhilge do mhúnadh. Do bheurthar ó am
go h-am agallmha agus ceachtanna agus léigheannta Gaedhilge os
comhair na g-coimhthionól,



Is í díolaidheacht iarrthar ar gach ball, coróin 'san m-bliadhian. Is
ceaduightheach do na daoinibh bhíos i n-a gcomhnaidhe 'san dúthaigh bheith i n-a
m-ballaibh agus gan acht leath an mhéid sin do thabhairt uatha. Is dual do
gach ball cóip mo macsamhail na tuarasgbhála bliadhnamhla d'fhaghbháil.
Atá cead ag gach ball a cháirde do thabhairt isteach leis ins na cruinnigh-
thibh coitcheanna.



Baile-Átha-Cliath, Ochtmí, 1893.


L. vii


Toirbheart.



Do'n duine uasal móirchéimeamhuil,
Oirbhidneach



Macsuel H. Close, Máighistir Ealadhan.



A Dhuine Uasail, -



Is daoibh-se toirbheirim an leabhrán so le deagh-
roide, de bhrigh go d-tugabhair congnamh tabhachtach, le
morán bliadhan, chum na Gaoidhilge do shaothrughadh. Is
iomdha duine chualaidh trácht air bhur n'ainm, acht is beag
ag a bh-fuil fios air mhéid an chaonbhuidheachais dlighthear
daoibh faoi an aireachais thugabair do theangaidh ársaigh
na h-Éireann. Gidh go raibh iomarca de neithibh ag bhur
ngríosughadh in aghaidh an teasghrádha tíre thug fá n-deara
dhaoibh an cúram so thógbháil oraibh féin, do leanabhair de'n
rian ionmholta, moch do dheimhnigh gan amhrus go n-dearna-
bhar bhur n-dithchoill go deabhaigeantach air son na Gaoi-
dhilge. Budh sibh an taca calma bhí ag gach tionnsgnamh
feidhmeamhail cuireadh air bun le bhur linn chum na h-oibre
sin do chur i g-críche foghanta. Go m-budh fada mhairfir fá
mhaise agus fá réim.



Bhur searbhfóghantuidhe sár-umhal,
Padruig O Briain.


L. v


Díon-bhrollach.



Is iomdha sgeul greannmhar atá le fághail ins na sean-leabhraibh
láimhsgríobhtha tá sgaptha air fuid ár d-tíre - agus cuid aca ag
dreóghadh le h-aois - nár cuireadh riamh i g-clódh. Is chum cinn díobh so do
chosnamh agus do chur i n-eagar do thógas orm féin an leabhrán so
d'fhoillsiughadh. B'fhéidir go m-b'fhurasda dham ceann do b'fheárr agus do
b'oireamhnuighe do thoghadh, acht is dóigh liom go raibh meas mór air an
"eachtra" so tréimhse aimsire ó shoin, oir atá ocht cóipe dhe i láimhsgríbh-
inighibh eugsamhla i leabharlann Ardscoile Ríoghamhala na h-Eireann agus
tuilleadh díobh ag daoinibh i d-tuaith agus i m-baile. Do rinneas coimhmheas
air cheithre cóipibh le n-a cheile, agus is beag an difir bhí eatorra. Thógas
an meud shaoileas budh sothuigsiona agus budh soiléire as gach ceann aca,
agus thairis sin ní dhearna aon athrughadh uaim féin ann. Do réir gach
sgríbhinne theagmhuidh liom budh Mhícheál Coimín ainm an úghdair.
Measaim nach bh-fuil fios cinnte air an m-bliadhain áirighthe 'nar sgríobh
sé é. Is é an bhliadhain 1775 cheapann Seághan O Faoláin dó i g-cóip do
sgríobh sé féin go gairid n-a dhiaigh sin. A deir úghdar eile go n-dearnadh
é sgríobhadh 'san m-bliadhian 1749. Air aon chuma tá sé go h-árd ós cionn
ceud bliadhain ó cuireadh le chéile é. An tráth sin budh bheag de ghlafarnach
na Sacronach bhí le clos i n-Eirinn, agus ní raibh úrmhór na n-daoineadh
uasal ró-uaibhreach ná ró-dhíomasach chum a nGaoidhilge mhín mhilis féin do
labhairt. Dobh' éigin dóibh go léir, b'é olc máith leó é, óir ní raibh dul
air a mhalairt aca go minic, Gaoidhilge do thuigsin. Leighmíd i m-beathaidh
an Chéitinnigh, noch do mhair timcheall ceud bliadhan roimhe sin, gurb olc
do b'fhéidir leis comhrádh do dheunamh i m-Beurla, agus air caint dó, anois
agus arís, le h-Iarla Ormhumhan gur labhair duine díobh i nGaoidhilig
agus an fear eile i m-Beurla. Aithristear dúinn gur fhoghluim
Iarla Ormhumhan Gaoidhilge ó bheith i g-comhluadar uaisle na h-Eireann
bhí 'n-a g-comhnuidhe i Lonndain an tráth úd. Acht is iomdha cor tháinic
do'n t-saoghal ó shoin, agus ní chum maitheasa na Gaoidhilge thárla. Na
daoine saidhbhre taibhreacha in ionad cabhruighthe chum breise eolais
air theangaidh a d-tíre d'fhóirleathnughadh, mar chleachtuigh na h-uaisle i
n-allód, rinneadar a n-dithcioll í mhilleadh agus do sgrois as an duthaigh,
<L vi(a)>
óir mheasadar go raibh sí ró-allta dóibh fein. Is beag de leabhraibh do
clódhbhuaileadh i nGaoidhilig, agus rinneadh magadh fútha so chuir aon suim
ionnta. Da laighead na n-daoine bhí i n-Albain, i g-comortus le muinntir
na h-Eireann, ní riabh an sgeul so le h-innsint aca. Na h-uaisle budh
mhó bhí 'n-a measg d'fhoghluimeadar Gaoidhilge a d-tíre féin do labhairt,
do leigheadh, agus do sgríobhadh, agus tá a n-urmhór indiú i g-cumus é
dheunamh. Chum an fhírinne so do dheimhniughadh geobhthar fá na bhun so
litir fuaras in uraidh o'n bhain-tighearna, inghean Diúic Atha-Fhódhla (Atol)
i n-Albain:-



Maison Monney, Montreux, Suisse.



An t-ochdamh-la-deug
de Cheud Mhios an Fhoghair, 1892.



I n-aghaidh gach leathtroim agus mar an g-ceudna comhairle na n-ollamhan
leigheanta, do b'iad na daoine bochta i n-Eirinn do chomhnuigh ins na
h-áitibh tuatha do ghreamuigh go dlúth d'á sean-chanamhuin féin, agus tá sí
fós le clos i n-a m-beul i gach cúige de'n tír. Budh dhioghbhálach do na
daoinibh so teirce agus gainne na leabhar Gaoidhilge, agus is beag díobh
tá fós le fághail. Is fíor go bh-fuil iomarca de leabhraibh móra, daora,
againn do réir sgríbhinn tá ins na sean-leabharibh do sgríobhadh
na ceudta bliadhain ó shoin, acht táid siad ró-dhothuigsionta d'aon duine
taobh amuigh de na fearaibh foghlumtha chuir i n-eagar iad. Dá gcaithtí
leath an airgid chailltear leó so ag foillsiughadh leabhar d'feudfadh na
daoine tuigsin budh mhór an sochar thiucfadh d'á bhárr. Is mó an tairbhe
tá deunta do'n Ghaoidhilig ag na leabhraibh 'nar dhíol an duine uasal
oirbhidneach, E. D. Mac Cliabhar, as a g-cur i g-clódh, ná lán loinge de
na leabhraibh docamhlacha ársuigh air ar labhras shuas. Tuilleann mar an
g-ceudna an t-Athair Pádruig A. Breathnach, C. M., chomhnuigheas i g-Corcaigh,
buidheachas mór i d-taoibh an dara clódh de'n "Searc-leanamhain Chríost,"
óir is breágh an leabhar é. Is mór an saothar tá deunta in ár measg,


L. vii


ag an duine uasal Dúbhghlas de h-Ide LL.D., chum na Ghaoidhilge d'árd-
ughadh i meas agus i ngnáth úsáid agus atáid mórán daoineadh eile ag
deanamh a n-dithchioll air an g-cuma ceadna. Deirid na foillsighteóiridhe
gur deacair leabhair Ghaedhilge do dhíol, de bhrigh nach bh-fuil glaodhach mór
orra, agus gan amhrus tá an fhírinne aca, agus cuireann an bharamhuil so
mímhisneach air na daoinibh bheidheadh toiltionach chum obair do dheanamh le
a bh-fuilmíd i ngádh. Is beag de leabhraibh Gaoidhilge dhíolas choidhche thar
leath an chosduis do lean iad dá g-cur i gclódh. Dá chionn so ní h-iongnadh
nach bh-fuil i n-Eirinn aon chlódhadóir ná reiceadóir leabhar chuirfeadh a
chuid airgid i g-conntabhairt le h-aon leabhar Gaoidhilge d'fhoillsiughadh gur
bh-fiú trácht tharais. Ní h-é nach bh-fuil iomad Eirionnach tá saidhbhir
go leor, acht is beag díobh chuireas an t-suim i d-teangaidh a sinnsear budh
cheart dóibh. Is é so an fáth nach bh-fuil againn foclóiridhe agus leabhair
taithneamhacha eile mar budh chubhaidh dhúinn. Ta súil agam gur geárr go
m-beidh sgeul níos feárr againn i d-taoibh na n-dochar bhí 'n-ár slighe,
óir atáid níos mó de sgoláiridhibh - óg agus aosda - anois ag foghluim
Gaoidhilge ná bhí le h-aimsir fhada roimhe so. Má leigtear do'n
Ghaoidhilge bás d'fhághail, caillfimíd an seod luachmhar so d'fhágadh
againn ó ghlún go glun trí gach sogh agus annró do rug air ár d-tír ó
aimsir i g-cian. Tá sé fós i n-ár g-comas an diachair so do sheachnadh, óir
atá mórán slightheadh 'nar féidir congnamh do thabhairt. Caithfad buidh-
eachas do ghabháil lem' dhuine muinnteardha, Seághan Pléimionn, do thug
cabhair dhom, mar sinn go minic cheana, ins gach cuma d'ár theasduigh sé
uaim. DO cheartuigh na sgoláiridhe Gaoidhilge - an t-Athair Eoghan
O Gramhna, Dúbhghlas de h-Ide, LL.D.; Dáibhid Coimín (budh fhear-eagair
Irisleabhair na Gaoidhilge air feadh treimhse fada), Risteárd I. O Maoil-
bhreannáin, B.A., agus Seosaph H. Laoide - an clódh go cúramach. Go
g-cuiridh Dia rath air ár saothar.



P. O B.



Baile-Atha-Cliath, an chéad lá de Mhárta, 1893.


L. 9


EACHTRA THOIRDHEALBHAIGH



Annso síos.



Lá aoibhinn geal gréine d'ár éirigh amach Toir-
dhealbhach Mac Stairn, mac dearbhráthar Rígh Lochlann,
d'ár bh'ainm Aralt Mac Canúit, air bhruach Chuain na
Beirbe Lochlannuighe, ag feuchain air na tonnaibh taibh-
seacha, tonnmhóra, aig briseadh le sleasaibh an chalaith, agus
air ainmhinntidhibh uathbhásacha na fairrge ag imirt agus
ag súgradh le na chéile air dhromchládhaibh na d-tonn
corrach cúbharbhán sin. Do bhí sé ag siúbhal le h-ais an
chuain, gur shroith doire diamhair dlúth-choille air bhruach
na h-aille, agus do chonnairc ann triur ban ag siubhal
re h-ais a chéile, gan aon ag feithiomh orrtha; agus do
chuaidh dá n-ionnsuighe, agus tug dá aire bean díobh sin
nach feacaidh air feadh a bheathadh roimhe riamh a macsamhail
air fheabhus a deilbhe agus a deunaimh. Do bheannuigh sé
dhóibh do réir nóis na h-aimsire, agus d'fhiafraigh dhíobh cá
tír no talamh no treibh dhóibh. D'fhreagair an bhean sin d'á
d-tug aire dhí, agus a dúbhairt gur de Thuathaibh dealbh-
chaoine dreach-áille Dé Danann í féin, agus gur deor-
aighe 'san tír sin í, agus nach fada budh mhian léi féin
cómhnuighe ann. A dubhairt an dís eile gur de'n treibh
ceudna iad féin, agus gur clann do Aongus Óg Mac
an Dághda iad ó Bhruighin Charcair na Gréine, do bhí a


L. 10


bh-fogus do'n áit sin. Re na línn sin do cheileabhair an
triuir bhan do'n laoch agus d'imthigheadar tríd an g-coill
uaidh.



Dála Thoirdhealbhaigh, fuair gur bhradaigh a chroidhe
uaidh iar d-tabhairt seirce agus síorghrádha do'n mhnaoi
óig áluinn sin do chonnairc sé; agus do ghluais roimhe
a bhaile, agus dob fhada leis an mhaidin air na mhárach
uaidh chum an dara h-amhairc d'fhághail air an óg-mhnaoi,
agus do ghluais air éirghe na gréine chum na coille, agus
ní bh-fuair tuairisg na m-ban ann; agus do chuaidh as sin
go Bruighin Aonghuis Óig Mic an Daghda, agus ní bh-fuair
ann sin an tí bhí uaidh. Do innis an dís eile dhó gur
imthigh an tí bhí uaidh a d-tosach na h-oidhche aréir ag triall
air a dúthaigh féin, agus gur ab air chuairt trí lá tháinic
sí chuca féin, mar budh inghean dearbhráthar athar dhóibh
féin í, agus nach raibh aon nidh budh mhó ioná sin d'á sgeula
aca féin.



Do ghluais Toirdhealbhach, air chlos na cainte sin,
chum an bhaile go dubhach dobhrónach, agus do chuaidh air
leabuidh, agus do bhí sé i m-baoghal báis. An tan
chualaidh an rígh sin do chuir a liaigh féin d'á fheuchaint, agus
d'innis Toirdhealbhach do'n liaigh gach nidh d'ár imthigh air
féin, agus leis sin d'innis an liaigh do'n rígh gur grádh
mná do bhí air, agus gur budh deóruighe í, agus nár
bh'fhios cá h-ainm ná cá tír dí, agus gurab air bhruach
an chalaith do chonnairc sé í, agus gur imthigh sí an oidhche
cheudna ar fairrge as Rioghacht Lochlann. Iar sin tháinic an
rígh féin go nuige Toirdhealbhaich, agus a dubhairt leis


L. 11


gur geilt glinne no deamhan aodhair do chonnairc sé agus
nach gein saoghalta; d'iarr air a chiall do ghairm chuige,
agus é féin d'ullmhughadh fá cheann sé lá chum deirbhsheathar
a chéile phósadh, iodhon, inghean Righ na Sorcha, agus
bheith mar oighre ar Ríoghacht Lochlann tar éis a bháis féin,
no muna n-deunfadh go bh-fóigeóradh sé féin as Ríoghacht
Lochlann é, agas as sin suas dá siubhlóchadh aon choiscéim
innte go m-bainfeadh a cheann de; agus d'imthigh an rígh
uadh tar éis na m-briathar sin.



D'éirigh Toirdhealbhach go moch air n-a mhárach, agus
d'ullmhaigh é féin chum taisdil air lorg na h-óg-mhná;
agus do cheannuigh long agus gach nidh bhí oireamhnach chum
muir-thaisdeal do dheunamh; agus d'fhág Rígh Lochlann
gan chead gan chéileabhradh, fá bhuaidhreadh aigne agus
inntinne, agus, ag casadh chúil le n-a dhuthaigh dó, a dubhart
an laoidh:



"A chríoch Lochlann, leatsa slán!
Ó 'n-diu go bráth ní fhaicfead thú;
Sgaradh leat is cruadh an cás,
A's casadh ad' dháil gan agam súil.



"An áit 'n-a bh-fuighinn-se módh a's meas,
A's gairm flatha ós cionn gach sluaigh,
Anois dá bh-fágbháil súd am' dhiaigh
Air lorg iath a's ag taisdeal cuain -



"Is follus dam mo chás gur truaigh,
Le meud mo ghrádh do'n ríoghain t-séimh,


L. 12


A's gan fios agam nach le fuath
Do theith an stuaidh-bhean dom' sheachain féin."



A h-aithle na laoidhe sin, tug a thosach do mhuir agus a
dheireadh do thír, go deorach dubhrónach, agus do chuarduigh
críocha Dubh-Lochlann agus Fionn-Lochlann agus a raibh
d'oileánaibh mara, gídh gur mór iad 'n-a thimchioll, acht ní
raibh maith ann. Do thriall as sin go mórchríoch na
Sorcha, agus do chuarduigh tír na Lapa, tír na Finne,
agus Dála Chairinn, agus ní bh-fuair tuairisg na mná
ionnta. Thug ansin aghaidh air Insibh Orc agus air Insibh
Gall agus air gach inis agus oileán do bhí timchioll
Cruithin-tuaith, agus dá éis sin air thír mhóir na h-Alban
agus 'n-a dhiaidh sin air Bhriotainn Mhóir agus air Oilean
Mhannain; agus níor fhág both, baile, ná bóthar - cnoc,
coill, nó currach - nó cuan nó gleann deilgneach diamhair
dorcha - nó cruinniughadh, coimhthionól, aonach, no oireach-
tus ins na tíorthaibh ná ins na h-oileánaibh sin uile
gan taisdeal agus mionchuardughadh; agus tásg nó
tuairisg ní bh-fuair air an tí bhí uaidh ionnta.



Budh thuirseach, tromchroidheach, an maccaomh Lochlannach
tar éis gach turais díobh sin, agus iad uile díomhaoin.
Do cheap sé dhó féin cuaird na h-Éirionn iathghlaise,
oileánuighe do thabhairt, agus muna bh-fuigheadh ann sin
tuairisg na mná nach raibh sí le fághail 'san roinn
Eorpa, agus go g-cuairdeóchadh féin na trí ranna eile
de'n domhan air a lorg nó go bh-fuigheadh sé í, nó e féin do
thuitim thríd. Do réir na comhairle sin do thóg a sheolta
báinbhreaca le gaoith, agus ghluaiseas d'ionnsuidhe na


L. 13


h-Éirionn, agus ní h-aithristear a imtheachta gur ghabh
cuan agus calaphort in Inbhear Colpa, mar ar baitheadh
Colpa, mac Míleadh Easpáine, ag teacht go h-Éirinn ag
buain cheannais na críche de Thuathaibh De Danann; agus
air d-teacht i d-tír dó, do shiubhail air an bh-feorán bhláth-
chúbhartha, agus do chonnairc air feadh a radhairc 'n-a
thimchioll coillte cranngharbha ceannárda cnuastorthacha
craobhghlasa, agus machairidhe maiseacha mínfheurmhara
móirthreudacha; agus do ghluais roimhe go bh-facaidh sé
muicídhe muc do bhí ag cóimheud muc air na coilltibh sin.
Do loirg Toirdhealbhach sgeula dhe, agus d'innis an
muicídhe dhó nach raibh sgeul nuadh air bith aige féin,
agus má's ag lorg sgéil do bhí sé, gurab i d-Teamhraigh
budh chóir dó a lorg, mar a raibh maithe agus móruaisle
na h-Éirionn air aon áit - mar atá Rígh Éirionn agus
a bhantracht, mar aon le Fionn Mac Cumhaill mhic Threun-
mhóir Uí Bhaoisgne agus Fiannaibh glan-áille Gaodhal
le n-a m-bantracht, Tuatha dealbh-chaoine dreach-áille
De Danann go n-a m-bantracht mearshúlacha mórdhálacha
air fhód fá leith leó féin, mar atá gach bantracht eile.



"Agus an fada," ar Toirdhealbhach, "a bheidheas an
cóimhthionól sin ann?"



"Le teora láethibh atáid ann," do ráidh an muicidhe,
"agus naoi lá do bheidhid ann."



"Creud fáth an chóimhthionóil sin?" do ráidh Toir-
dhealbhach.



"Aithnighim gur deóruighe 'san tír thú," do ráid an
muicídhe, "mar nach bh-fuil fios Féise Teamhrach agat; óir


L. 14


uair ins na trí bliadhnaibh ceanglaid fir Éirionn páirt
agus connradh le n-a chéile, agus ghníd síth agus cáirdeas,
agus fós is ann déintear pósda agus cleamhnais, malairt
seod, airgid, agus áirnéise, agus réidhtear gach imreas
agus easumhlacht thagas idir aon dís díobh."



"Beir buaidh agus beannacht," do ráidh Toirdhealbhach;
"is maith na sgeula sin atá agat. Fiafruighim díot
anois an fada as so an áit sin?"



"Ní bh-fuil," ar an muicídhe "acht turas leith-lae, agus
ó tá an ghrian ag druidim le n-a fuinneadh, fansa
am' fhocair anocht, agus do gheóbhair féisteas na h-oidhche
uaim."



Budh mhaith le Tóirdhealbhach an cuireadh sin d'fhághail, agus
do freasdaladh agus do friotholadh go maith an oidhche
sin é. D'eirigh go moch air na mhárach, agus thug corn dearg-
óir do'n mhuicídhe ag sgaradh dhó leis; agus gluaiseas
roimhe an aithghiorra gacha conaire agus gacha slighe d'ár
thaisbean an muicídhe dhó d'ionnsuidhe na Teamhrach. Do
fuair annsin roimhe na trí coimhthionóil budh mhó d'á
bh-facaidh riamh, agus is iad an drong do bhí ann, eadhon,
Cormac mac Airt mhic Choinn Cheudchathaigh, .i. Árd-Rígh
Éireann, agus fir Éireann 'n-a thimchioll air thaoibh
na tulcha fíoruaine, agus a bhantracht fá leith leó féin
air thaoibh chlí de'n rígh; agus, air an d-taoibh eile de'n
tulaigh cheudna do bhí Fionn Mac Cumhaill mhic Threunmhóir
Uí Bhaoisgne, agus seacht g-catha na gnáith-Fhéinne i n-a
thimcheall; agus air an taoibh thuaidh de'n t-sluagh do bhí
Tuatha De Danann, agus a m-bantracht sgiamhach súgach


L. 15


soilbhir séimh air fhód air leith leó féin mar an
g-ceudna.



'Nuair do chonnairc an laoch Lochlannach an chuma do bhí
orra, táinic do láthair Righ Éirionn, agus do chrom a
chraoiseach chum talmhan agus d'fheac a ghlúin ag umhla
do'n rígh. Do thóg an rígh an buinne óir do bhí 'n-a láimh
aige ós a chionn mar chomhartha ceada teachta agus im-
theachta do bheith aige, agus d'fhiafruigh an rígh dhé sgeula.



"Ní le h-olc táinic mé, a Rígh Eirionn, do'n tír seo,"
ar Toirdhealbhach; "agus is mac dearbhráthar do Rígh
Lochlann mé, agus is ag tóruigheacht mná táinic mé,
agus is é sin fáth mo thurais do'n chuaird so."



D'éirigh Toirdealbhach iar sin, agus do chuaidh mar a
raibh Fionn Mac Cumhaill, agus do rinne an t-umhlughadh
ceudna dhó, agus d'innis cia h-é féin agus fáth a thuruis.
Dá éis sin do chuaidh mar a raibh bantracht fear Eirionn
agus tug súil orrtha, agus ní fheacaidh an tí bhí uaidh 'n-a
measg; agus tug súil eile air bhantracht na Féinne,
agus, gidh gurb iomdha maighre maighdine maiseach mór-
dhálach do bhí annsin, ní fheacaidh an tí bhí uaidh eatorra.



D'iompuigh an laoch iar sin, agus do chuaidh mar a raibh
bantracht Tuaithe De Danann, agus do rinne umhlughadh
d'á n-árd thaoiseach agus do Mhac an Dághda mar an
g-ceudna, mar do rinne do Rígh Éireann agus do Rígh na
Féinne, agus Mac an Daghda budh thaoiseach agus budh
righ air Thuathaibh De Danann an tráth sin; agus do thóg
Mac an Dághda an t-slat airgid do bhí ina láimh ós
a chionn agus tug cead dó gibé nidh bhí uaidh d'iarraidh.


L. 16


D'éirigh Tóirdhealbhach 'n-a sheasamh, agus do ghluais
d'ionnsuighe na m-bantracht, agus budh shuairc an mhaise
sin dóibh. Air an g-ceud amharc thug orra do chonnairc
air a lár astigh Fionnabharthach, do chionn air a raibh ann
i n-deilbh agus i n-deunamh, i sgéimh agus i n-dreach;
agus air n-a feicsin dó níor fhán lúth, tapadh, ná úrlabhradh
ann, acht mar budh chloch nó crann é; agus do bhán sise
mar shneachta aon oidhche agus, an dara feacht dhearg sí
mar an rós, agus d'éirigh 'n-a seasamh agus do ghluais
roimpe tríd an m-bantracht dá ionnsuidhe, agus a dubhairt
do ghuth árd, mhór, sholus-ghlan, a g-comhchlos dá raibh air
an láthair sin:



"Fíorchaoimh fáilte romhat do'n tír so, a oighre Righ
Lochlann! Is fada do chuaird, agus is maith do chean-
naigh tú mise, agus ní thréigfinn-se tú air mhaithis na
cruinne i g-crích Lochlann acht d'á fhéachuin an raibh cumann
nó coinghioll ceart agat dam, agus anois, ó chídhim go
bh-fuil an luach-saothair is feárr air mo chumas do
thabhairt dhuit do gheobhair é, is é sin mé féin," ag síneadh
a lámh chuige, "agus admhuighim gur tú amháin m'aon
toghadh agus m'aon rogha d'fhearaibh an domhain uile."



Do thóg an ríoghan idir a dhá láimh, agus do phóg sé
agus d'fháisg le n-a chroidhe í, agus dob' fheárr leis a
seilbh an uair sin ioná ceannas Éirionn agus Alban
agus fós Lochlann le chéile.



Air g-clos an sgéil sin, chruinnuigheadar maithe agus
mór-uaisle Tuaithe De Danainn 'n-a thimchioll, agus
dob' áthasach leó an cleamhnas sin, agus do rugadar do


L. 17


láthair Mhic an Dághda iad, 'sé sin seanathair na ríoghna
féin, agus do pósadh iad d'á láthair, agus do chaitheadar
a bh-fleadh agus a bh-feusda an oidhche sin, agus do bhí air
siubhal go ceann seacht laetheadh agus seacht n-oidhcheadh go
súgach sólásach, agus air sgapadh do'n t-sluagh do thriall
gach n-aon díbh d'á dhún agus d'á dheaghbhaile féin.



Agus do thriall Toirdhealbhac agus Fionnabharthach go
dún Aonghuis Mhic an Dághda mar a rabhadar faoi chion
agus faoi mheas ag maithibh Tuaithe De Danann go ceann
lae agus lán-bhliadhna, agus i n-deireadh na h-aimsire sin
do rug Fionnabharthach triúr mhac muirneach maiseach
d'aon toirbheirt, agus budh luatgháireach Tuatha De Danann
uile de chionn an triuir mhac sin do theacht air an saoghal,
agus do cuireadh fios air mhac ealadhan áirde Tuaithe De
Danann chum anmanna do thabhairt orrtha; agus táinic
an draoi, agus do bhaist Crochan, Sal, agus Daitlion
orrtha do réir mar thuirlingeadar ar an saoghal. Do
chuardaigh iad, agus do rinne tairngireacht dóibh, agus a
dubhairt an laoidh:



"Tiocfaidh gein nach rugadh fós,
A's go m-beidhid donn, óg, a's fíor;
Beidh an triur-so saoghlach buan,
A's tiocfaidh uair a n-euga ann sin."



D'fhiafraigheadar Tuatha De Danann ciall na m-briathar
sin dé. A dubhairt seisean nach raibh fios aige féin, acht
gurab mar súd do fuair i leabhar na fáisdine iad.



Gídh tracht, do cuireadh an triur mac d'á n-oileamhuin
go nuige Mac Cearbuighe, Gruagach Sléibhe Mis, agus is


L. 18


amhlaidh do bhí an fear sin: Ní raibh ealadha uasal, ná
ceárd gheinntlídhe, nó cleasa dorcha draoidheachta, ná
eólas uasal uaigneach i g-ceithre rannaibh an domhain nach
raibh air eólas aige; agus do bhorradar agus d'fhásadar
an triur mac sin go ró-cháidheamhail agus go ró-rathmhar
air a chúram, agus budh luathgháireach le n-a n-athair agus
le Tuathaibh De Danann uile sin.



Dála Thoirdhealbhaigh, a dubhairt lá do na laethibh sin
gur bh'fada leis do bhí 'n-a chómhnuidhe gan fearann agus
fineachas do shaothrughadh d'á chloinn, agus go raibh síth
agus cáirdeas an tan sin eidir Fiannaibh Éireann, agus
air an ádhbhar sin go rachadh féin ag glacadh tuillidh agus
tuarasdail mar gheall air ghoile agus ghaisge go tír éigin
eile de rannaibh an domhain, ó do bhí a thír féin, .i. críoch
Lochlann,'n-a fásach air. A dubhairt Fionnabharthach, dá
m-budh duine do dheunfadh sin é nach bh-fanfadh sí féin d'á
éis, agus go m-beidheadh a cuid aice féin de gach sógh agus
de gach annró do bhí i n-dán dó d'fhághail; agus ó chualaidh
Tuatha De Danann sin, ghleusadar long agus lón agus
gach nídh eile budh chóir chum turais na fairrge do
thabhairt, agus do bhí ann sin long Mhananáin Mhic Lir
do shiubhladh in aghaidh mara agus gaoithe, agus nach rachadh
caitheamh ná céim choidhche ins an lón do chuirfidhe innte,
agus nach m-beidheadh feicsin uirthe féin nó air a fuirinn
an feadh do bheidís i g-cuan nó air mhuir, agus do thug
Mananán cuaird an domhain fá thrí innte.



Iar g-cur na luinge i g-cóir do ghlac Toirdhealbhach
agus Fionnabharthach cead le Tuathaibh De Danann, agus


L. 19


budh chúmhach tuirseach, truaighmhéileach sgaradh na g-carad
le n-a chéile an tráth sin, agus a dubhairt Fionnabharthach
an laoidh mar leanas, agus do fhreagair Toirdhealbhach
Mac Stairn í:



"Slán libh, a Thuatha shéimh"
De Danann fhéil' na g-céird nglan!
A bhuidhean sho-chroidheach, shéimh, shuairc,
Nár thuill gruaim ná gráin ban.



"Sgaradh libh is doiligh liom,
A's le h-iath na bh-Fiann ag cur mo chúil,
A's le casadh air n-ais arís
Go mbeidh mo ghuidhe le Dia, a's mo shúil."



A dubhairt Toirdhealbhach -



"Agaibh fágbhaim míle slán,
A Thuatha áille na m-brat sróil,
A thriatha treuna is feárr cáil,
A lucht nár thláith ag sgapadh an óir!



"Dob' fhairsing agaibh mil agus fíon,
'S dob' fhial bhur suidhe ameasg an óil;
Dob' ait libh mórán buidhean air biadh,
Éigse riar a's saoithe a's ceól.



"Dá d-tugaidís na deithe aordha
Ionad áitribh dam le toghadh,
Mo thír féin fá dheireadh d'fhágfainn
A's Inis Fáil dob' í mo rogha.


L. 20


"I g-críoch Lochlann ní bh-fuil mo spéis,
Nó in mo ghaoltaibh ní bh-fuil mo chás;
O thárla agam an t-sígh-bhean t-séimh
Mo chuid de'n t-saoghal agam atá.



Thugadar a d-tosach do mhuir agus a n-deireadh do
thír, agus a n-aghaidh go díreach siar ó Éirionn, agus is
geárr do bhí an Mhurúdhach, is é sin long Mhanannáin, ag
fágbháil radhairc na h-Eirionn, agus níor iarr cabhair ná
chongnamh air a fuirinn, acht triallas in aghaidh gaoithe
agus anfa, agus budh chuma léi gaoth roimpe no 'n-a
h-aghaidh, no bheith fá uisge no air uachtar uisge, óir do
sgoiltfeadh sí an tonn mhór thríthe, agus do bhruighfeadh sí
an tonn bheag fúithe. Ciodh trácht, ní h-aithristear a
sgeula no gur ghlan sí as radharc na h-Eorpa, agus
gur iompuigh soir go díreach, agus d'fhág an treas roinn
de rannaibh an domhain, d'á ngoirthear Afraic uirrthe, air
a láimh chlí, go n-deachaidh i d-tír 'san taoibh dheis de Ríogh-
acht na h-Iorruaidhe, agus do shocruigh an long í féin feisd
'san g-cuan mar dob' eól dí, agus do chuir ceó draoidh-
eachta i n-a timchioll ionnus nach feichfeadh aon d'fhearaibh
an domhain í dá m-beidheadh sí ann lá agus bliadhain.



Táinic Tóirdhealbhach agus Fionnabharthach i d-tír agus
do rinneadar both fhairsing, chluthmhar, chúmhdaighthe dhóibh
féin de gheal-bhréidibh cnáibe air bhruach an chuain, agus do
cuireadh cealtair draoidheachta air, ionnus nach feicfeadh
neach é dá m-buailfeadh a lámh air, agus do chodail an
laoch Lochlannach agus a chéile go sámh suaimhneasach an
oidhche sin. Iar g-cur tuirse mara agus mórfhairrge dhíobh,


L. 21


agus air n-éirghe dhóibh amach air na mhárach, ag siubhal na
faithche feuruaithne, do chualadar garbhchasmuirt ghaibhtheach
ghrodfhaobhrach catha, agus osnaidhe éigneacha eugchomhlainn,
agus búirfeacha laoch leathmharbh.



"Ag so an nidh bhí uaim," ar Toirdhdealbhach; "agus
tá súil agam go bh-fuair mé é."



Agus, mar budh ag druidim leis do bhí an borb-gleó
agus an torann, do tharraing Toirdhealbhach a chloidheamh
amach, agus an t-sleagh do bhronn Mac an Dághda air, agus
dob' í sin sleagh Logha Lámhfhada, Mac Chéin mhic Cháinte
mhic inghíne Bhalair Bhéimionnaigh, agus is í an t-sleagh
sin do mharbh Balar féin i g-cath Mhuighe Mhochruimhe, agus
is le Dornbhrughadh Lámhbhuadha do rinneadh gach gníomh
iongantach d'á n-dearnadh ann, oir is iomdha buaidh do bhí
aice: do'n cheud fheacht, níor caitheadh riamh í gan éacht
do dheunamh, agus do thiocfadh uaithe féin arís tar ais i
láimh an té do chaithfeadh í, agus níor thearna neach beó
o'n g-creucht do dheunfadh sí; agus comhluath do leagfadh
sí daoine le n-a rinn agus le n-a h-urlainn; agus
crann na sleighe, mar an g-ceudna, ní raibh gan buaidh, oir
casnadh dhí dh'á g-caithtidhe 'san muir do dheunfaidhe long de
do láthair, agus do thiocfadh 'n-a chuma féin arís an uair
budh thoil le duine é; agus d'á n-deunfaidhe casnadh dhí do
chuimilt do chneadh no do chreucht do leighisfidhe do láthair
iad.



Níor bh'fhada do bhí Toirdhealbhach ag feitheamh ann sin
go bh-feacaidh chuige na táinte sluagha lachtna leathlom-
nochta, agus an ruaig orrtha; agus dubha na g-cnoc agus


L. 22


na m-bánta de shluaightibh eile, dubha agus gorma, lom-
noctuighthe mar an g-ceudna; agus is air an bh-fairrge
do bhí an sluagh lachtna ag tabhairt ionnsuidhe chum iad
féin do bhathadh seach bheith air g-cumas na bh-fear n-dubh
chum a n-ithe, amhail is nós aca é. Tigeas Toirdhealbhach
rómpa, agus croitheas sleagh na n-éacht, agus cuireas
cith tinntídhe lasrach agus splanc d'á rinn gur stad an
sluagh dubh, agus tug urchar arrachtach amhsamhail de shleigh
fútha agus do mharbh naoi naonbhair de na taoiseachaibh
budh thréine ins an ruaig, agus air leagadh na súl do
bhí an t-sleagh tar n-ais in a láimh, agus tug an dara
h-urchar fútha, agus do mharbh an t-suim cheudna. Cíodh
trácht, do chaith naoi n-urchair tríotha agus fútha, agus
mharbh naoi naonbhair díobh le gach urchar; agus ann sin
d'aimsigh le n-a chloidheamh agus le n-a shleigh i n-éin-
fheacht iad go rabhadar na mágha agus na machairidhe
foluighthe de chorpaibh marbhtha an dubhshluaigh an tráth sin.
'Nuair do chonncadar an sluagh lachtna an chabhair sin,
d'iompuigheadar air a namhaid, agus tugadar ár do-
áirmhighthe orra, agus do thárla an t-árd-thaoiseach do
bhí orra air Thoirdhealbhach annsan ruaig sin, agus do
bhuain Toirdhealbhach a cheann d'á cholainn d'aon bhuille,
ionnus nár fágadh croidhe ná meisneach ag aon aca, acht
láthair an chatha do thréigean, agus an ruaig cheudna
do bheith tar n-ais orra mar do bhi aca sin air chách
roimhe sin; agus tháinic Toirdhealbhach fá bhuaidh chosgair
agus comhmhaoidhte tar ais dá bhoth féin an oidhche sin; agus
an uair do chualaidh Rígh na h-Iorruaidhe imtheacht an chatha


L. 23


agus na h-éachta do rinne aon laoch amháin an-aithnid an
lá sin air a namhaid, do chuir fios air, agus do thairg
leath a ríoghachta dhó agus leath d'á m-bainfeadh amach de
thalamh a namhad, acht fuireach 'n-a fhochair féin agus
congnamh do thabhairt dó ins an éigin 'n-a raibh, óir do
bhí leath na h-Iorruaidhe air láimh a namhad, agus do bhí dias
ríghtheadh ag gabhail dó - is siad sin, Rígh na bh-Fear n-Dubh
agus Righ na bh-Fear nGorm. A dubhairt Tóirdhealbhach
go nglacfadh sin uaidh, agus do chuaidh tar ais d'á thigh
féin an oidhche sin mar a raibh Fionnabharthach, agus do
chodladar go suaimhneasach an oidhche sin i bh-fochair a
chéile.



Air maidin air na mhárach do bhí na cnuic agus na
machairidhe foluighthe le sluaightibh dubha agus gorma agus
lachtna chum catha thabhairt do mhuinntir Ríogh na h-Ior-
ruaidhe. D'éirigh an laoch Lochlannach amach, agus do chuir é
féin i d-tosach a mhuinntire féin, agus do bhí ag brughadh
agus ag leadairt agus ag cnáimhgheárradh a namhad go
fíorchalma mórchroidheach ionnus i meadhon lae gur ghlac
na sluaightibh dubha agus gorma rian madhma agus mór-
bhíodhga chuca féin, agus uim thráthnóna go d-tárladar
taoisigh an dá shluagh agus Tóirdhealbhach air a chéile,
agus gur bhuain an dá cheann díobh de dhá iarracht, agus
gurb é dorchadas na h-oidhche thug fá deara d'aon aicme
aca dul abhaile beó; agus tháinic Tóirdhealbhach sláin-
chreuchtach sláin-chneadhach abhaile gan fuilughadh ná foir-
dheargadh air.



Budh lúthgháireach láin-mheanmnach bhí Rígh na h-Iorruaidhe
d'éachtaibh an lae sin.


L. 24


Dála na Ríghtheadh n-Dubh agus nGorm, dob' iongnadh leó
meud an áir do ghnídheadh an laoch Lochlannach air a muinn-
tir, gur mheasadar nár neach saoghalta é do rinne an
t-éirleach mór sin, do réir an datha agus an innill
do chualadar do bheith air; agus is an chómhairle air ar
chinneadar, iad féin do dhul 'san g-cath le n-a neart
uile, agus buaidh do bhreith no iad do thuitim leis, agus
is amhla bhí. Do chruinnigheadar a sluaighte air aon láthair
agus do ghluaiseadar ag ionnsuidhe Ríogh na h-Iorruaidhe.



An uair do chonnairc Toirdhealbhach na cruinnighthe uath-
bhásacha sin do chuir sé fá deara Rígh na h-Iorruaidhe teacht
i measg a mhuintire go láthair an chatha, agus tugadar
na sluaighte falchaidhe, fiannuidhe, fiathamhla, fíochmhara sin
aghaidh air a chéile, leith air leith, agus sin go fírmhillteach,
ionnus gur thuit an iomad díobh. Níor marbhadh an oiread
daoineadh i n-aon chath d'á d-tugadh air an d-taoibh sin
de'n domhan riamh roimhe sin agus do thuit 'san g-cath úd.
Do bhidheadar na ríghthe air gach taoibh ag deunamh a
n-dualgais go meanmnach móraigeantach, ag leadairt
agus ag treasgairt rómpa agus 'n-a n-diaigh, agus níor
bh'fhada gur gabhadh Rígh na h-Iorruaidhe i d-tosach a mhuinn-
tire, agus do bhidheadar sin ag tosughadh air sgapadh agus
air teitheadh.



Dála Thóirdhealbhaigh, ní dhearnaidh leath goile nó gaisge
i d-tosach an lae sin, acht do bheith ag breathnughadh air na
sluaightibh do gach leith aig árgaina chéile, no gur gabhadh
Rígh n-a h-Iorruaidhe leó. Is annsin do chroith an laoch
láidir, lánchalma, é féin i meadhon a earraidh agus a éididh,


L. 25


ionnus go m-beidheadh cith splancach ag léimnigh i n-a thim-
chioll air lár a namhad, agus tug ucht agus ionnsuidhe air
an áit 'n-a raibh Rígh na h-Iorruaidhe air láimh, agus do thug
rian urchair de shleagh Lughaidh Lámhfhada fútha, gur mharbh
trí cheud do'n urchar sin díobh; agus tug ruathar eatorra
leis an g-cloidheam nár thearnaidh neach ó n-a chreucht,
agus do rinne carn dá g-corpaibh timchioll an ríogh, agus
do sgaoil sé na cuibhreacha do bhí air, agus tug cloidheamh
i n-a láimh dhó, agus a dubhairt leis é féin do leanamhain,
agus do chuaidh mar a bh-feacaidh Rígh na bh-Fear n-Dubh
'san iorghuil, agus do leag chum talmhun é, agus do
chruadh-chuibhrigh é; agus d'ionnsuigh Rígh na bh-Fear
nGorm do chonnairc ag deunamh éirligh go mear, láidir,
chalma, agus tug béim cloidhimh air do rinne dá leith
d'á sgéith, agus an dara h-iarracht gur bhuain an dá láimh
ó n-a ghuailnibh dhe, agus an treas bhuille gur bhuain a
cheann d'á cholainn. Do bhi Rígh na h-Iorruaidhe i riocht dul i
n-anbhfainne ag feicsin an ghníomha sin. Iar g-cailleamhain
na ríghtheadh do'n t-sluagh do ghabhadar raon madhma agus
teithmhe chuca, agus do chuir Toirdhealbhach last luinge d'ór
agus d'airgiod agus d'eudáil an lae sin air bhórd a
luinge féin an oidhche sin; agus táinic Rígh na h-Iorruaidhe
go lúthgháireach d'á dhún agus d'á dheaghbhaile féin, agus
Rígh na bh-Fear n-Dubh fá shlabhraidhibh iarainn aige.



Air maidin air na mhárach táinic Toirdhealbhach as a bhoth
draoidheachta do láthair Ríogh na h-Iorruaidhe, agus d'iarr
an tuarasdal do thuill sé, agus tug an rígh leath a ríogh-
achta féin dó go h-éasguidhe. Budh le Toirdhealbhach leath


L. 26


rioghacht, eidir Dubh agus Gorm, do bhuain de'n namhaid.
Is le ríoghacht Ríogh na h-Iorruaidhe do chuir Toirdhealbhach
a chuid féin chum cíosa, agus an cíos sin do chuir chuige
gach treas bhliadhain go h-Éirinn, agus do bhronn leath a
ríoghachta féin do Rígh na bh-Fear n-Dubh, agus do fuair ó
Rígh na h-Iorruaidhe a leath séin do bhronnadh dó agus
maitheamhnus d'fhághail uaidh agus a bheith d'á réir ó sin
suas.



Tar éis deireadh do chur leis an imreasán bhi eidir na
ríghthibh sin, do bhí Rígh na h-Iorruaidhe go sámh seasgair
agus go socair suaimhneasach air a thoil féin, agus níor
thaise do Thoirdhealbhach é, óir do bhí fá chion agus fá mheas
ag Rígh na h-Iorrúaidhe agus a mhuinntir, agus leath a ríogh-
achta air a chumas féin aige, agus an oiread óir, airgid
saibhris, ullmháitheasa, ionnmhuis agus gach nidh eile air a
chumas féin agus do cheannóchadh seacht ríoghachta.



Do bhidheadar mar sin aca seal d'a n-aimsir no go d-tug
Rígh na h-Iorruaidhe cuireadh coitchionn d'á mhuinntir chum
fleidhe agus feusda do chaitheamh le meanmain agus luath-
gháir fá'n t-suaimhneas do bhí aca agus fá'n m-buaidh do
ghabhadar air a n-easgcáirdibh; agas thangadar an lá
cinnte do ceapadh dhóibh. Dob' iad Toirdhealbhach agus
Fionnabharthach na cheud daoine d'ár cuireadh fios orra,
agus tángadar ann. Do bí bantracht na d-trí rightheadh
eile ann rómpa, agus iad leathlomnocht acht amháin stráic
síoda casta timchioll a g-corp. Ní raibh órlach air faid
ins an bh-fionnadh chas chiardubh gruaige do bhí air a g-cean-
naibh amhail olainn uain duibh a g-cionn míosa d'aois. Do bhí


L. 27


cheithre cuir de shlabhra dearg-óir casta fá bhrághaid agus
fá lámha gach mná dhíobh, agus cheithre cuir de shuas d'á
nguaillibh, agus fáinne fairsing óir air crochadh as sróin
gach mná aca go soiche a smigín. Ní raibh cead suidhe air
suidheachán aca acht do bheith 'n-a seasamh ag friotholadh air
an rígh; agus ní raibh 'n-a suidhe acht an rígh féin, Toir-
dhealbhach, agus Fionnabharthach; agus ní mór d'fheitheamh
ná d'fhriotholadh do rinne na bantracht mísgiamhach sin
acht ag deunadh iongantais de mhnaoi Thoirdhealbhaigh óir
ní fheacadar roimhe sin riamh aon nidh dob' uathbhásaigh
leó ioná an ghile do bhí in a cneas, agus an deirge do
bhí in a gruaidh, agus an fhaid agus an fhinne do bhi in
a folt; agus níor thóg an rígh féin a shúile dhí.



Do chaitheadar an fhleadh go súbhailceach soimheanmnach,
agus d'á éis sin do thriall Toirdhealbhach agus Fionn-
abharthach chum a d-teaghlaigh féin. Do bhidheadar annsin
aimsir fhada, agus long Mhanannáin ós a g-coinne faoi
n-a cealtair draoidheachta gan radharc ag neach uirrthe.



Ní raibh aon lá nach caitheadh Tordhealbhach dul go nuige
an rígh, agus urraim agus oighréir aige d'á fhághail, mar
b'ionann agus righ é féin, agus bhí an oiread taoiseach na
tíre fá n-a smacht, agus cíos agus cáin aige orra. Lá
d'á raibh an rígh agus é féin i bh-fochair a chéile do ghoir
air Thoirdhealbhach air fhód fá leith leis, agus a dubhairt:



"A Thoirdhealbhaigh, atáir ad' rígh ins an tír so anois,
agus is cóir duit nós na tíre do leanamhain. Atá tusa
agus mise i n-aon cheangal charaduis le chéile, agus air
an ádhbhar sin tabhair-se do bhean féin damhsa, agus


L. 28


do bhéarfad-sa caogad bean duit uirrthe, an bhantracht
cheudna chonnairc tú lá na bh-fleadh; agus do bheirim trí lá
dhuit chum comhairle do dheunamh. Tuig gur rígh me, agus
go g-caithfear mo thoil do thabhairt dam air ais nó air
éigion."



Dob' ionann agus bladhm tóirnighe air Thoirdealbhach an
friotal sin. D'fheuch sé air an rígh go fraochda, agus níor
labhair ní budh mhó ioná rádh go n-deunfadh, agus do ghluais
a bhaile agus d'innis dh'á mhnaoi an sgeul do bhi aige, agus
do iarr cómhairle uirrthe ins an g-cás sin, nó cread budh
mhaith léi dheunamh?



Iar g-clos an sgéil sin do'n ríoghain is beag nár eug
sí do láthair. 'Nuair d'éirigh sí as a neul, agus táinic
chúiche féin, is é a dubhairt -



"A Thoirdhealbhaigh, ní bh-fuil acht ceachtar de dhá nídh
againn le deunamh ins an g-cás sin, mar atá, sinn féin
d'imtheacht as an d-tír so, nó go h-áirighthe mise; óir caill-
fighthear tusa gan amhrus mar gheall ormsa, agus sin
mise marbh annsin. Ó mise d'imtheach as do radharc gan
amhrus ní bheidheadh-sa beo, gidh bheidhtheá-sa gan anachain.
Air an ádhbhar sin, rachaidh mise tar n-ais go h-Éirinn, air
coinghioll go leanfaidh tusa mé fá cheann lae agus
bliadhna."



"Beir buaidh agus beannacht," ar Toirdhealbhach, "óir
is é sin an nidh ceudna bhí am' aigne féin, acht sgáth
orm a luadh leat, agus do bheidhinn-se i n-éinfheahct leat,
acht air ór na cruinne ní fhágfainn-se an tír so no go
sgoiltfead a chroidhe i lár a chléibh do'n rígh chlaon cheal-


L. 29


gach do mheas thusa bhuain díom, agus gur mé do shocruigh
i n-a ríoghacht é."



Uime sin do rinneadar cómhairle iad féin d'ullmhughadh
an oidhche sin, óir dob' eusgaidh nóin ioná maidin, agus
dul air bhórd na Murúdhaighe, eadhon, long Mhanannáin.



Do chuaidh Fionnabharthach ins an luing tar éis teóra
póg do thabhairt do Thoirdhealbhach, agus ag sgaradh dhóibh
le chéile, dubhradar an laoidh so 'n-ár n-diaigh: -



Fionnabharthach:



"Sgaradh leat is gar dam bás,
Is truagh mo chás ag imtheacht uait,
'S gan súil agam arís go deó
Tú fheicsin beó go d-téidhead 'san uaigh."



Toirdhealbhach:



"A shearc mo chroidhe a's a ghrádh mo chléibh!
A dhreach air dath an aoil 's an róis!
Ní bh-fuil acht cor annso de'n t-saoghal;
Beidheam araon faoi ghradam fós."



Fionnabharthach:



"Acht go bh-fuil agam-sa féin
Fios mo sgéil a's fáth mo shiúbhail,
Ní sgarfainn leat air feadh mo rae,
Ná leat lem' shaoghal ní chuirfinn cúl."



Toirdhealbhach agus Fionnabharthach le chéile:



"Ó do rinneadh an feall so orrainn,
'S go raibh an chros so dhúinn i n-dán,
'S gur b'éigin bheith ó chéile tamall,
Fágaim agat mo mhíle slán!"


L. 30


Do thóg long Mhanannáin a bán-bhratacha snáth-righne
le gaoith, agus air leagadh na súl do bhí as radharc tíre
agus talmhan, agus do sgar an lanamhuin uasal le chéile
an tráth sin, b'fhéidir gan a bheith i n-dán dóibh a chéile
d'fheicsin 'n-a dhiaigh sin go lá an bhrátha.



Dála Rígh na h-Iorruaidhe, air sgaradh do Thoirdhealbhach
leis, agus mar nach fuair freagra uaidh air an friotul
chaith sé leis, chuir ceud laoch d'á mhuinntir ós ísiol ag
forfhaire air, agus d'á fheuchain cread do bhí aige dh'á
dheunamh. Chuaidh an ceud laoch mar a n-dubhradh leó dul,
agus, do bhithin na cealtrach draoidheachta do bhí tim-
cheall an chuain, níor bh'fheas dóibh long nó both, ná duine
ann, án aon chor d'á raibh orra, agus ní fheacadar
iad, gidheadh gur bh'fhogus dóibh bhíodar. Iar g-casadh do
Thoirdhealbhach ó'n luing, go tuirseach dobhrónach, chon-
nairc an cóimhthionól laoch sin air an bhfeorán ghlas
aoibhinn le ciumhais na trágha, agus d'aithin fáth a d-turuis.
D'fhiafruigh sé go fraochda, feargach, fírnimhneach cia bhí
ann, agus níor fhan le freagradh d'fághail acht sleagh
na g-caor do leigean fíortharsna fútha, gur mharbh an
ceud laoch do'n urchar sin, ionnus nach n-deachaidh fear
innste sgéil beó as an áit. Iar g-casadh do'n t-sleagh i
n-a láimh arís mar budh ghnáth léi, do ghluais sé fá racht
cuthaigh feirge d'ionnsuidhe an ríogh, agus é air lár a
theaghlaigh, agus do chroith an t-sleagh gur chuir ceatha
splancacha teinntighe air feadh an dúna agus na cúirte
uile, agus a dubhairt:



"A rígh chlaoin chealgaigh, do rinne mé mo chómhairle air


L. 31


an g-comhrádh do chaith tú liom, agus ag so í." Le n-a linn
sin do chaith an t-sleagh doilbhthe draoidheachta i m-brollach
an righ, gur cheart-sgoilt a chroidhe i lár a chléibh de'n
urchar sin; agus d'iompuigh air an d-teaghlach, agus do
mharbh chúig ceud díobh, agus do theith an chuid eile tar
mhúraibh an dúna amach, acht an drong do chuir iad féin
air choimirce Thoirdhealbhaigh; agus do ghaibh ceannus na
ríoghachta go h-uile chuige féin. Do sgaoil sé bantracht
an ríogh le na n-ádhbhar féin, agus do chuir fios air mhaithibh
agus air fhlaithibh na tíre agus do ghabhadar go lúth-
gháireach leis mar righ, agus thugadar grian agus gealach
i g-comhruigheacht orra féin bheith díleas úmhal dó mar
thíghearna ós a g-cionn go bráth, ionnus go d-tárla do'n
laoch Lochlannach do chaill ríoghacht a shinnsear le gradh
mná ríoghacht eile dob' fheárr ioná í fá dheóigh d'fhághail do
féin, agus fós dá m-beidheadh Éire le n-a chois. Do bhí
Toirdhealbhach ag cur gach nidh i g-cóir ins an ríoghácht
chum dul go h-Éirinn agus a bhain-chéile mar aon le n-a
thriúr mac do thabhairt leis go nuige na h-Iorruaidhe,
agus iad do shocrughadh ann air feadh a m-beatha.



Dála na Murúdhaighe, Long Manannáin, agus a foirne,
tar éis sgaradh le Toirdhealbhach dhí, do ghluais go h-aoi-
bhinn aodharach mioghuaiseamhail tar dhruim mara agus
mór-fhairrge amach, ag cur a turais dí go cionn seacht
laetheadh agus seacht n-oidhcheadh no gur ghlac taom tinnis
Fionnabharthach ó bheith taobh-throm torrach dí. A dubhairt go
m-b'fheárr léithe go m-beidheadh air talamh ghlas éigin. A
dubhairt an fhuirionn nár bh'fhiosach dóibh féin aon talamh


L. 32


air a g-cómhgar ins an taoibh sin de'n domhan. Gidheadh,
do mhothaigh an long mian na mná do bhrigh na m-buadh
do bhí aice, agus níor airigh an fhuirionn aon nidh go bh-fuar-
adar iad féin i g-cuan agus i g-caladh tíre taobh-uaithne
taithneamhuighe, agus tháinic Fionnabharthach i d-tír, agus a
dubhairt le lucht na loinge nach bh-fhágfadh sí féin an tír
sin no go g-cuirfeadh an t-ualach do bhí air iomchar aice dhí,
agus a dubhairt leó sin triall go h-Éirinn leis an eudáil
do bhí 'san luing agus a tabhairt d'á h-athair agus d'á
seanathair, eadhon, Deála, Mac an Dághda, agus d'á
triúr mac, ma bhidheadar beó, agus iar sin iad féin
do theacht air ais i g-cionn ráithe d'ionnsuidhe Thoir-
dealbhaigh 'san Iorruaidh, agus é thabhairt leó chúiche féin
má bhí beó, agus go m-beidís araon i n-éinfheacht 'san
luing go h-Éirinn. D'fág lucht na luinge iomchomairc
le h-aghaidh a beathadh, agus sláinte aice, agus thugadar
fairrge amach orra, fá chúmha agus fá thuirse i n-diaigh na
ríoghna.



Dála Fionnabharthaigh, iar sgaradh na luinge léi, do
thriall go dún soillseach sárdhaingean do chonnairc sí air
mhullach cnocáin aoibhinn aodhraigh; agus is í do bhí ann
sin Ríoghan na m-Ban Cíoch Loisgthe; agus ní raibh 'san
tír uile acht mná, agus ní fhuilngidís fear air bith ann
gan é chur chum báis.



D'innis Fionnabharthach do'n ríoghan a sgeul féin agus
gach siubhal d'ár éirigh dhí, ó thúis go deireadh. Do chong-
bhaigh an bhainríoghan i n-a fochair féin í, agus budh mhór a
cion uirrthe.


L. 33


Dála na luinge, ní h-aithristear sgeula uirrthe, acht
gur ghabh sí cuan agus caladh i d-Tíoghmhóir i n-iarthar
Eireann, agus tháinic Mac an Dághda, árd-taoiseach
Tuaithe De Danann, a mhac, agus uaisle na tuaithe uile
chúca ag lorg sgeul orra agus fios a d-turais ó d'fhág-
bhadar Éire. D'innsidear lucht na luinge gach sgeul d'a
raibh aca dhóibh; agus thugadar do Mhac an Dághda an t-ór
agus an t-airgead, na seóid saidhbhre agus na greithre
sgiamhacha, do cuireadh leó chuige. Budh luathgháireach do
bhí Mac an Dághda agus Tuatha De Danann uile fá'n
tabhartas sin; gidheadh, do bhí eagla agus uathbhás orra
as los neamh-chruinne na sgeul thug lucht na luinge leó
air Fhionnabharthaigh, agus níor thaise dhóibh as los Toir-
dhealbhaigh do bheith ins an g-contabhairt in ar fhág an
fhuirionn é. D'éisdeadar Tuatha De Danann leó, mar shúil
le deigh-sgeulaibh d'fághail, óir dubhairt lucht na luinge
go g-caithfidís féin fá chionn ráithe an uras ceudna do
thabhairt d'ionnsuidhe na h-Iorruaidhe. Do chaitheadar a
n-aimsir amach i bh-fogus do'n ráithe sin, agus dob' fhada
le Mac an Dághda fuireach leis an luing d'imtheacht no
le n-a teacht arís, agus do ghlaodhaigh Cíochal chuige.



"A Chíochail," ar sé, "bí ag imtheacht do'n Domhan t-Soir
as do sheasamh, agus tabhair sgeula Thoirdhealbhaigh agus
Fionnabharthaighe chugam-sa."



"Tá sin deunta," ar Cíochal.



Is amhla do bhí an Cíochal so, ní raibh air dhruim na
talmhan fear budh ghránna agus budh dhoi-dhealbhuighe ioná
é. I n-dún Fhear m-Bolg do rugadh é, agus deamhan aodhair


L. 34


budh athair dó, ionnus go raibh páirt, caidreamh, comh-
luadar, agus comhbhráithreas eidir é féin agus a raibh de
dheamhnaibh eidir neimh agus talamh. Ní raibh ann acht cnámha
agus féitheacha agus croiceann d'á g-congbháil i bh-focair
a chéile, agus ní rugadh air dhruim talmhan riamh gein budh
shugaighe, sultmhaire, subhailcighe ioná é. Greann agus
cleasa an domhain do bhí ann, ionnus go m-bainfeadh gáire
as na clochaibh glasa. Do bhí de lúthmhaireacht agus d'eud-
truime ann nach m-beurfadh an ghaoth do bheidheadh i n-a dhiaigh
air, agus níor luaithe ag rith air thalamh tirim ioná air chlár
na mara agus gan bonn a chos do fhliuchadh. Do bhí air a
chumas gan aon duine d'á fhaicsin acht an uair budh mhaith
leis féin, agus ní raibh air feadh cheithre rann an domhain
aisde, sgeul, comhrádh, nó luathrádh nach m-bidheadh aige
air leagadh na súl ó na deamhnaibh aodhair eile. Do bí dhá
leabhar deug na filidheachta de ghlan-mheabhair aige, agus
ní raibh ceard, nó ealadha, ná eólas i n-diabhlaidheacht nó
i ngeintlidheacht nach raibh aige; agus is amhlaidh thárla
chum Mhic an Dághda é, air m-beith do Chíochal ráithe d'aois,
d'fhág a mháthair lá foghmhair tar a h-éis é ins an sgailp
air mhullach Cnuic na m-Bárc air a d-tugthar Réithe anois,
agus mar do shiubhail an aithid ins an aois sin ní bheur-
fadh fear deich m-bliadhan bh-fichead air. Do chuaidh do
thorradh reatha as an sgailp go mullach an chnuic, d'á
ghrianadh féin, no go bh-feacaidh fiolar liath na Sionainne
é, agus do shaoil gur banabh muice bhí ann, ionnus gur
bhuail an crobh cragach caim-ingneach ins an aithid, agus
gur thóg leis ins an aodhar é; agus ní dhearnaidh oiriseamh


L. 35


ná cómhnuidhe gur thuirling air Chnoc an t-Sodair ag
Cruachain Chuailgne (eadhon, óglaoch d'fhearaibh Bolg tá
curtha ann), air a d-tugthar anois Duibhtheach na g-Clochán,
agus, gidh gur mhaith faobhar agus gur b'fhulláin cam-
ghob cruaidh an fhiolair agus a ingne geura, gonta, níor
bh'fhéidir leis díoghbháil air bith do dheunamh do'n leanabh
le righne an chroicinn do bhí air, agus gan greim feola
eidir é agus na cnámhaibh. Thug aodhaire d'á aire iad bhí ag
coiméad gabhar air thaoibh an chnuic, agus do chuaidh d'án-ion-
suighe. D'imthigh an fiolar go h-aithmhéalach ag deunamh
a ádbhair féin. D'éirigh an aithid i n-a sheasamh, agus budh
luaithe chum áruis an aodhaire é ioná é féin, agus ní raibh
sgeul d'ár fhiafraigh an t-aodhaire dhé nach d-tug dó agus
seacht sgeula le n-a chois; agus do chuaidh a thásg agus
a thuarasgbhail air feadh Éireann uile ionnus go m-badh
éigin do Mhac an Dághda é d'fhághail do féin, agus go
raibh 'n-a theachtaire agus 'n-a ghiolla turuis aige, agus do
thug Cíochail mar ainm air; agus is é an cheud smisteóir-
eacht do rinne an Cíochal so, la d'á d-táinig le teacht-
aireacht go h-Iath Muc, leis a ráidhtear anois Inis Caorach,
áit in a raibh an uair sin sgoil ag teagasg óg Tuaithe
De Danann, agus ag gabháil do Chíochal in a aonar aniar
le h-ais Cruachan Cuailgne do ghabh mian é Cnoc an
t-Sodair d'fhaicsin, agus do chuaidh i n-a mhullach, agus
do shuidhe ann gur thuit a chodladh air, agus air musgladh
dhó do ghabh tart ádhbhal-mhór é le teas an lae, agus do
chuaidh mar a raibh Cailleach an Bhuláin, ag iarraidh díghe
de'n uisge uirre do bhí aice; agus is amhlaidh do bhí an chail-


L. 36


leach sin, do bhí gabháltas fearainn aice air an d-taoibh
shoir de'n Chruachan, agur ní raibh 'san domhan an oiread
talmhain budh shaidhbhre agus budh thoirrtheamhla ioná é; óir
d'fhág draoi d'Fhearaibh Bolg de bhuaidh aige an uile thoradh
do chuirfidhe ann do thabhairt, ionnus go m-bídheadh mil,
fíon, cruithneacht, agus an uile thoradh budh riachtanus
chum beathadh an duine ag teacht as an talamh d'á leointe
féin. Do bhi ann, mar an g-ceudna, an bulán cruaidh,
agus a leath faoi thalamh agus an leath eile ós a chionn,
agus do bhéarfadh an bulán sin uisge d'fhearaibh Éireann
agus d'á d-treudaibh, agus ní thugadh an chailleach aon
bhraon de'n uisge sin uaithe gan díol d'fhághail do láthair.
Tháinic Cíochal ag iarraidh díghe de'n uisge, agus, mar
nach raibh díol aige, a dubhairt an chailleach leis an aithid
ghránna imtheacht d'á chrochadh féin, agus nach fuigheadh braon
de'n uisge. Leis sin, buaileas Cíochal preab do'n chois
chaoil, chruaidh, cheann-mhóir, chaol-spágaigh air an m-bulán,
agus do rinne bruscar d'á raibh ó thalamh suas dé, agus
gan mhoill 'n-a dhiaidh sin do bhrúchtadh loch uisge thar an
áit uile, agús do báthadh an chailleach. D'fhán an loch air
an láthair sin ó shoin a leith, agus ní fhuil leithead baise
de'n talamh aoibhinn sin anois le feicsin acht ionad cómh-
nuighe na caillighe atá a n-oileán beag i lár na locha
sin.



Iomthúsa Thoirdhealbhaigh, iar marbhadh Rígh na bh-Iorruaidhe
leis, tangadar flatha agus uaisle na tíre chuige, agus do
chuireadar iad féin air choimirce Thoirdhealbhaigh, agus do
ghabhadar leis mar rígh agus mar thighearna as sin suas go
bráth.


L. 37


Dá éis sin bhí dúil ag Toirdhealbhach cuid de shaidhbhreas
na h-Iorruaidhe do bhreith go h-Éirinn agus do sgaipeadh
air Thuathaibh De Danann, agus Fionnabharthach agus a thriur
mhac do thabhairt leis do'n h-Iorruaidh, agus ríoghan air an
Iorruaidh do dheanamh di. Do réir sin, do chruinnigh sé
mórán óir agus airgid agus iomad de ghréithribh agus de
sheódaibh daora do-fhághala. Do bhidheadar ullamh air an
láthair aige, agus, an uair do chonnairc nach d-táinic
long Mhanannáin d'á ionnsuidhe a g-cionn an ráithe,
do ghleus féin long luchtmhar, lán-taibhseach, agus do
chuir a lán-last d'eudáil na h-Iorruaidhe innte. Do shoc-
ruigh sé an ríoghacht 'n-a dhiaigh agus d'fhág flaith d'uaislibh
na tíre ag riaghlughadh i n-a ionad féin.



Do chuaidh Toirdhealbhach air muir go luathgháireach
eudálach ag triall air a mhnaoi agus air a chloinn (dar
leis féin) go h-Éirinn. Do bhí ag treabhadh na d-tonn
treun-mhór, agus sruth agus gaoth leis go h-ádhbharach,
go bh-feacaidh an treas lá long fá lán-seól agus
iomramh d'á ionnsuidhe. Cia long do bheidheadh ann acht
long Mhanannáin Mhic Lir, .i. an Mhurudhach, agus budh
luathgháireach le Toirdhealbhach a feicsin, óir do shaoil
sgeula Fionnabharthaighe d'fhághail. Do lorg sé go h-eus-
gaidh sgeul a mhná agus a chloinne dhíobh.



D'innseadar an fhuirionn go raibh a chlann go maith,
agus nach raibh léir tuairisg aca air Fhionnabharthaigh, de
bhrigh gur ghlac sí taom tinnis air muir agus í ag triall
go h-Éirinn, agus gur iarr sí a cur i d-tír 'san g-céad
tír do chídhfidís, agus go n-dearnadar amhlaidh sin, "agus


L. 38


nach raibh ainm na tíre aca an uair sin; agus gur iarr sí
orra féin dul go h-Éirinn leis an eudáil do bhí aca agus
i g-cionn trí míos teacht do'n h-Iorruaidh do d'ionnsuighe-
se, agus thu thabhairt linn, agus ag casadh dhúinn go
h-Éirinn teacht do'n tír sin d'á lorg féin ionnus go
m-beidheadh sibh araon i n-aon luing ag dul abhaile go
h-Éirinn; agus sin iad ár sgeula féin duit," ar siad.



"Is olc bhur sgeula'" ar Toirdhealbhach. "Is baoghal
liom go bh-fuil ní bhus measa."



Ní raibh acht deireadh an fhocail as a bheul an tráth
chonncadar siosga gaoithe chúca, mar a bheidheadh síogh-
ghaoithe lá Márta, agus is é do bhí ann Cíochal, giolla
turais Mhic an Dághda.



Budh luathgháireach le Toirdhealbhach amharc an fhir an
tan sin 'san m-buaidhirt do bhí air a aignead agus air a
inntinn, agus do lorg sgeul air Chíochal.



D'innis Cíochal dó go raibh a thriúr mhac slán, gidheadh
go raibh Fionnabharthach air an m-buidhin budh mhó.



Iar n-a chlos sin do Thoirdhealbhach, do thuit i d-taise
agus i d-táimhneulaibh báis, ionnus gur mheasadar lucht
na luinge go raibh a d-triath gan anam. Tháinic chuige
féin i g-cionn agadh fada, agus d'iarr air Chíochal innsin
dó cionnus do cailleadh Fionnabharthach.



D'innis Cíochal dó - "An uair do ghlac sí taom-tinnis
air muir as bheith taobh-throm torrach, do chuaidh i d-tír i
Rioghacht na m-Ban g-Cíoch Loisgthe, áit nach bh-fuilingthear
fear air bith beo, gur ghlac ríoghan na tíre sin gean mór
dí, agus gur chongbhaigh timchioll a pearsan féin í go


L. 39


bh-fuair sí bás d'aistir na h-inghíne bhí air iomchar aice
do bhreith air an saoghal, agus go bh-fuil an inghíon sin fá
chion mhór ag an ríoghan; agus go bh-fuair a máthair
d'athchuinge ó'n ríoghan, sul d'eug sí, gan aon chíoch léi
do losgadh óir budh dheoruighe i d-tír coigcrigh í."



Dob' iad sin sgeula Chíochail ó thúis go deireadh.



Budh shásamh mór le Toirdhealbhach an léir-chúntus sin
féin air Fhionnabharthaigh, gidheadh gur bh'olc leis é d'fhághail,
agus do bhí ag smuaineadh cread budh mhaith dhó féin do
dhéanamh 'san g-cruadh chás sin. Is air do chínn sé fá
dheireadh an éadail do bhí i n-a luing féin do chur i luing
Mhanannáin go h-Éirinn d'ionnsuighe Tuaithe De Danann
agus a chloinne, agus é féin do chasadh tar a ais, agus gan
a aghaidh do thabhairt air chrích Lóchlann ná air Eirinn, ná air
aon ríoghacht de'n roinn Eorpa feadh laetheadh a bheathadh,
acht dul go roinn éigin eile de'n domhan chum luathuighthe
le n-a laethibh in gach bearna baoghail do casfaidhe air
i g-coimhghleo catha agus cómhruic, agus is amhlaidh do
rinne.



Do líon sé long Mhanannáin de'n éadáil tug ó'n
Iorruaidh, agus chuir de chúram air Chíochal dul innte agus
a tabhairt suas do Mhac an Daghda, agus an iolmhaoin
sin uile do roinn eidir a chloinn féin agus Tuathaibh De
Danann agus gan a lorg do chur air féin as sin suas
go bráth, agus gurb'é sin an tabhartas déighionach do
chuirfeadh féin d'á n-ionnsuidhe; agus a dubhairt le doi-
mheanmuin an laoidh so shíos: -


L. 40


"Dob' fhurus aithne damhsa a bás
An uair d'fhágbhas slán ag searc mo chléibh,
As mo shróin do thuit trí braon,
D'fhuil mo chroidhe mar chomhartha leun



"Coróin ríogh air mo cheann,
A's ríoghacht nár ghann fám' chomhair do bhí,
A's d'fhágbhas féin iad sin tar mh'éis,
Le searc do'n bhéith do chráidh mo chroidhe.



"Dob' fhada mise ag taisdiol cuan,
I n-diaigh na stuaidhe budh mhaiseach gnaoi,
A's gurb' innte amháin do chuireas dúil,
'S d'á d-tugas rún a's searc mo chroidhe



"Do thugas mo rath air mhnaoi,
A's gairm ríogh agam le fághail,
Do chailleas mo ríoghacht agus mo rath,
'S ní fhuil an bhean agam d'á bhárr



"A chríoch Lochlann chaomh na long,
Tá deireadh agam-sa leat go bráth,
A's ní taise dhuitse é, a Éire shiar,
Gidh bhidheas i n-diu ag triall ad' dháil.



"Do chailleas ríoghacht le grádh mná,
A's gan í d'a bharr agam d'á éis;
Is ormsa do rinneadh an feall,
Abhus a's thall do chailleas é."


L. 41


A h-aithle na laoidhe sin, do sgaradar le chéile, go
h-athchúmhach, tuirseach, dobhronach, agus tug an Murudhach
an fhairrge amach uirrthe féin. Do bhí sruth agus gaoith
léi go h-ádhbharach; agus ag gabháil tar Chríoch na m-Ban
g-Cíoch Loisgthe dhóibh, ní dhearnadar sosadh ná comh-
nuighe ann air an ádbhar nár mhair Fionnabharthach, agus
nach táinic Toirdhealbhach leó. Do thrialladar leis an
g-cóir do bhí aca agus ní h-aithristear a sgeula gur ghabh-
adar cuan agus caladh i n-Éirinn.



Do chruinnigheadar maithe agus mór-uaisle Tuaithe De
Danann i n-a d-timcheall; agus budh chaointeach, diom-
bhádhach, truaigh-mhéileach na sgeula do bhí le fághail aca ó
Chíochal nó ó'n bh-fuirionn. Do chaoineadar go tuirseach
dobhrónach an chinneamhuin chruaidh thárla do'n lánamhain
uasail sin. Iar d-traochadh d'á n-dubhrón, do chuir Mac
an Dághda cóir air an eudáil do bhí 'san luing, agus do
roinn an saidhbhreas agus na seóid do bhí innte mar budh
thoil leis féin e, agus budh mhór a leath, óir ní tháinic riamh
agus ní thiocfaidh go h-Éirinn choidhche aon long budh shaidhbhre
ná í; agus ní raibh treabh ná tuath i n-Éirinn, nó 'san
domhan, budh shaidhbhre ioná an mheid de Thuathaibh De
Danann bhí i n-Eirinn an tráth sin - ionnus go raibh eud
agus formad ag fearaibh Éireann leó, agus gurab uatha
gheibhidís fuasgladh a m-bruid agus a g-cás in gach
cruadhail do bheidheadh orra, agus gurab leó budh mhian
le fearaibh Éireann cleamhnus agus cáisdeas do dheunadh.



Iomthúsa Thoirdhealbhaigh, iar n-imtheacht do'n Mhurú-
dhaigh as a radharc, do chas féin tar n-ais go trom-


L. 42


chroidheach dubhrónach do'n Iorruadh agus d'fhan air feadh
caoicidhise ann ag socrughadh na tíre agus ag teagusg
an taoisigh d'fhág d'á éis i g-ceannus na h-Iorruaidhe,
d'á órdughadh dhó an cíos agus gach cáin eile do bheith
cruinnighthe fá na chomhair féin, nó fá chomhair an té chuir-
feadh sé i n-a choinne gach treas bliadhain; agus a dubhairt
go g-caithfeadh bheith seal as an áit, ag tabhairt aire do
chúram eile do bhí air; agus do chuir chruinniughadh air
mhaithibh na rioghachta go h-aon láthair, agus dho chuir do
shlánaibh orra fá bheith díleas urramach do féin air feadh
a rae, agus do'n té d'fhágfadh i n-a ionad ag rialughadh
orra.



Iar sin do chuir Toirdhealbhach a long d'á córughadh,
agus d'fhág slán agus beatha ag maithibh na tíre, agus
ní dhearnadh oiriseamh ná cómhnuidhe gur ghabh cuan i d-Tír
an Óir, 'san Domhan t-Soir.



Iar n-dul i d-tir do'n laoch Lochlannach, do thárladar
aodhairidhe treud air, agus d'fhiafruigh sgeula dhíobh.



D'innseadar na h-aodhairidhe dó gurab í sin Tír an
Óir, agus go raibh Rígh Tíre an Óir i ngábhadh agus i
g-cruadháil ag Árd-fhlaith na h-India, noch do bhris seacht
g-catha air, agus go raibh sealbh dhá d-trian na tíre aige;
agus dá m-buaidhfidhe an t-ochtmhadh cath air go m-beidheadh
iomlán na rioghachta caillte aige, agus an righ féin mar an
g-ceudna; nach le neart sluagh bhí sé ag breith buadha air
Rígh Thíre an Óir, acht le n-a neart agus le n-a chródhacht
agus le n-a chalmacht féin, óir ní raibh 'san taoibh sin
de'n domhan fear budh mhó agus dob' arrachtaighe ioná é,


L. 43


"agus atá uillphiast mhór iongantach aige, bhíos faoi mar
each, agus is amhlaidh atá sí agus deich d-troighthe fichead air
aoirde ó thalamh innte, agus caogad air fad. D'iomchradh
sí cheud laoch air a druim, gan mothughadh do chuir uirthe.
Fir agus eich an domhain do bheith air aon lathair, dheunfadh
an uillphiast so comach agus brúsgar d'á g-cnámháibh faoi
na cosaibh. Atá dhá stair-fhiacail, aice ag a bh-fuil seacht
d-troighthe air fad ionnta; agus cuireann sí seisear
laoch fúithe d'aon léim, agus le h-aon chrothadh amháin do
bheir sí orra 'san aidheor do ghnidh sí greamanna seabhaic
díobh. Air a druim so do bhíos an fear mór, agus deich-
neabhar laoch ag a m-bidheann bacla sleagh rinn-gheur
le h-ais an fhir mhóir, agus níor mhian agus níor mhaise
leis sin aon t-sleagh do chaitheamh acht le magadh nó fon-
nómhaid; agus ní bhíodh aon ghábhadh leó aige, óir ní leig-
feadh an uillphiast neach de'n t-sluagh i n-a fogus gan
greamanna beaga do dheunamh díobh; agus níor bheag
dó acht an phéist do stiúradh mar a bh-faicfeadh tiughdas na
sluagh, agus laoch d'á d tugadh seisean d'á aire ag
deunamh calmachta no gníomhachta, do chaitheadh sleagh de
na sleaghaibh anuas air go g-cuireadh tríd go talamh í -
ionnus gach áit d'á d-tugadh Rígh na h-Inndia agus an oil-
phiast sin aghaidh nach raibh seasamh ná fuireacht leó, acht
raon madhma agus mor-theithmhe do ghabháil uatha.



Toirdhealbhach ní raibh gan iongantus mór iar g-clos
na sgeul sin dó.



D'ionnsuigh sé Rígh Tíre an Óir, agus d'innis dó gur
laoch é do bhí ag siubhal an domhain ag tuilleamh tuaras-


L. 44


dáil le gaisge agus le neart a lamh, agus go d-táinic
d'á ionnsuidhe, mar righne le righthibh eile.



Budh fháilteach luathgháireach le Rígh Thíre an Óir a mhac-
samhail do theangmháil chuige an tráth sin, agus gur i
g-cionn dhá lá do bhí an cath déighionach aige le tabhairt
in aghaidh an namhad, in a raibh a ríoghacht agus a bheatha
aige le breith no le cailleamhain, agus d'iarr air fan-
mhain i n-a fhochair fein, agus go d-tiubhradh breith a bhéil
féin dó do'n earradh do bhí aige, .i. dearg-ór na h-India,
agus gach maitheas eile budh thoil leis d'fhághail.



Dubhairt Toirdhealbhach nach iarrfadh féin acht mar dob
fhiú a shaothar agus a ghníomh é d'fhághail.



Do chaitheadar an dá lá do bhí eidir iad agus lá an
chatha ag ullmhughadh sleagh agus ag cur gach nidh i g-cóir
le h-ucht an chatha.



Iar n-éirghe do'n ghréin an treas lá, do thriall Rígh
Tíre an Óir agus an deóruighe gaisgidheach agus sluagh
Tíre an Óir chum láithreach an catha, agus gidh moch do
chuadar ann, do bhí Árd-fhlaith na h-India agus a mhór-
shluagh rómpa ann, agus is amhlaidh do bhí agus é air dhruim
na péiste. Bhí brat ór-loisgthe faoi, agus eire caogad
laoch de chraoiseachaibh crann-reamhra rinn-gheura catha air
an taoibh dheis agus air an taoibh chlí dhe, agus deichneabhar
laoch ag feithiomh air agus iad air dhruim na péiste
ceadna chum na g-craiseach do thiomsughadh, agus a d-tar-
ruing as corpaibh na laoch do mhuirfidhe leo. Do bhí
air cheann gach aon fhir clogad airgid, agus air cheann
an fhir mhóir clogad comhchruinn ór-loisgthe, agus folt


L. 45


fada an eich chiarduibh as mullach an chlogaid sin ag
luasgadh leis an ngaoit. Do bhí a sgiath, a lúireach, agus
a éideadh deunta de'n ór aithleachta. Ní raibh mar an
g-ceudna aon ghréis eachardha nach de dhearg-ór na h-India
do bhí deunta. An uair do chonnairc an phiast na sluaighte
bhí ós a coinne air an d-taoibh eile de'n mhachaire, agus
fuair boladh na n-daoineadh agus na n-each do ghlac cúthach
agus dearg-bhuile í chum deunaimh orra, agus tháinic trian
slighe de'n mhachaire do bhí eidir an dá sluagh d'aimhdheoin
luchta a stiúruighthe; agus bhí ag léimnigh agus ag pram-
sáil le corp buile, agus i riocht a raibh air a druim do
chaitheamh dhi. An uair do chonnairc Toirdhealbhach air an
g-cuma sin í do ghluais as tosach an t-sluaigh amach d'á
h-ionnsuighe de choischéimibh fearamhla, foisdineacha, far-
ránta, agus an tráth do tháinic i bh-fogus do'n phéist do
chroith sleagh Lughaidh Lámhfhada i n-a dheas-láimh go láidir
deaghthapaidh, agus do chuir an t-sleagh cith threunmhór
teineadh d'á rinn air feadh an mhachaire i ngnát-chomhartha
buaidh do bheith aice; agus, iar n-éirghe do'n phéist air a
cosaibh deiridh le cúthach na teineadh d'fhaicsin, do thug
Toirdhealbhach rogha urchair de'n t-sleagh fúithe gur chuir
tré lárr a chroidhe siar de'n urchar sin í; agus 'san am
ceudna do chaith Rígh na h-India an t-sleagh budh shía agus
budh neartmhaire agus budh ghéire do bhí aige leis an laoch
Lochlannach, agus d'imthigh sí tar a ghualainn deis gan é
d'aimsiughadh. Is annsin do thuit an uillphiast i n-a tuairt
agus a raibh air a druim chum talmhan. Air d-tuitim do'n
righ, thug mac gnímhéachtach Stairn buille amusach áthasach


L. 46


dó leis an g-cloidheamh cleasach cros-órdha sin Mhanannáin
do fuair ó Mhach an Dághda i n-néinfeacht leis an sleagh,
agus do sgoilt a cheann ó mhullach go brághaid leis an
m-borb-bhéim sin, agus do bhuail an dara buille gur
sgoith d'á cholainn e, agus do thóig an ceann i n-áirde air
rínn na t-sleighe, agus do chuir féin gáir chosgair agus
comhmhaoidhthe as. D'fhreagradar sluagh Thíre an Óir é go
luathgháireach. Dála sluaigh na h-India, an uair do chonn-
cadar ceann an ríogh i n-áirde air an t-sleigh agus an
uillphiast marbh, agus gurab aiste do bhí a n-dóchas, do
chuireadar trí gártha caointe asta, agus do ghabhadar
raon madhma agus móir-theithmhe chucha, agus níor fhan dias
le chéile dhíobh. Iar na fhaicsin sin do shluagh Thire an Óir,
d'ionnsuigheadar iad ins an ruaig agus do bhidheadar
d'á leadairt, d'á ngearradh, agus d'á n-éirlioch ó éirghe
gréine go fuinneadh neul nóna, ionnus nach deachaidh fear
innste sgéil de'n mhór-shluagh sin as gan marbhadh, acht
gibé aca d'á ráinig dul i g-coilltibh no i ngleanntaibh
doimhne dorcha, nó i n-uamhaibh fá thalamh d'á bh-folach
féin air an iomruthar do bhidheadar ag fághail ó n-a
m-bíodhbhadhaibh an tráth sin; oir 'san taoibh sin do'n domhan
níor tugadh a mhacsamhail de ruaig roimhe riamh, oir ní raibh
cnoc ná cabhán, gleann ná réidh-mhachaire nach raibh foluighthe
de chorpaibh daoineadh, d'earraidhibh, d'éidibh, d'ór, d'airgead,
agus d'iolmhaoinibh. Mar an g-ceudna, ní raibh cloidheamh,
clogad, craoiseach, lúireach, sgiath, nó sleagh ag sluagh na
h-India nach de'n dearg-ór aith-leagta do bhíodar deunta.
Cíodh trácht, d'iompoigheadar sluagh Tíre an Óir agus


L. 47


an rígh chum an bhaile go súgach soimheanmnach, lán de
chroidhe agus d'aigneadh, d'éis buadh iomlán do bhreith air
a naimhdibh.



Ní raibh a fhios ag an Rígh creud dheunfadh leis an laoch
lochlannac do mharb Righ na h-India agus an phiast le
méid an cheana agus an measta do bhí aige air, agus a
dubhairt leis tuarasdal a cheapadh dho fein do réir a
thoile agus a dubhairt da bh-fanfadh aige féin do d-tiubh-
radh leath a ríoghachta dhó air feadh a bheathadh féin agus an
leath eile d'éis a bháis.



A dubhairt Toridhealbhach gur chuir suas de'n ríoghacht
ins an tír ina rugadh é, agus nar bh'fhéidir dó cómhnuidhe
fada do dheunamh in aon áit amháin, agus go raibh gádh
le h-eudáil an mhachaire lá an bhriste aige, agus sin do
choimead no go d-tigeadh féin d'á iarraidh no duine uaidh.



Tángadar air na mhárach cúigear taoiseach ó lucht na
h-India aig iarraigh caraduis air Rígh Thíre an Óir.



Thug Toirdhealbhach congnamh dhóibh, ionnus go raibh an
dá ríoghacht comhachtach sin soineanta síothchánta le n-a
chéile ó sin amach, gan easbaidh gan iomarca ag ceachtar
diobh de bhithin Toirdealbhaigh do dhul do'n Domhan t-Soir.



D'fhan Toirdhealbhach seal i d-Tír an Óir d'éis na
síothchána-soin; agus, gidh go raibh réir agus ómós ríogh
aige d'fhághail ní raibh suaimhneas 'n-a cheann, oir do bhí
Fionnabharthach in a aigneadh gach lá agus in a aisligthibh
gach oidhche, agus a chroidhe d'á mhúchadh i n-a chliabh le neart
cumha agus lionn duibh, ionnus fá dheireadh go d-táinic i
n-a aigneadh tuile de'n domhan do shiubhal d'á fhéachain


L. 48


cia an áit is mó do gheobhadh suaimhneas ó'n m-buaidhreadh
aigneadh in a raibh.



Air an ádhbhar sin, d'fhág an laoch slán agus beatha ag
Rígh Thíre an Óir agus ag a mhuinntir, agus ní dhearnaidh
oiriseamh ná comhnuighe gur ghlac cuan i d-Tír thaith-
neamhaigh thaobh-áluinn Tairngire, agus is mór thaithnigh
aodhar agus úir na tíre sin leis.



Do ghluais roimhe d'ionnsuidhe an dúin agus an deagh-
bhaile do bhí ag rígh na tíre sin i mullach cnuic i bh-fogus
dó, agus air rochtain dó gus an dún tug fá deara smúit
dorcha dhólásach in aghaidh gach duine de'n teaghlach agus
ní budh mhó in aghaidh an ríogh féin.



An uair do chonnairc an rígh an laoch láidir, lúthmhar,
lán-tapaidh, i n-a earradh agus i n-a éideadh ghaisgidhigh,
agus lúireach lúbach, uillghréasach, láidir, Lochlannach air,
agus sleagh chinn-gheur i n-a dheas-láimh, agus leathain-
sgiath ór-dhualach air a ghualain chlí, agus cloidheamh clais-
leathan, cúil-reamhar, geur-fhaobhrach air a chois-tsliasaid
chlí, d'fhiafraigh an rígh cia h-é féin agus fáth a thurais
do'n tír sin.



A dubhairt Toirdhealbhach de'n cheud fheacht nach de fhuil
an-uasail an domhain é, agus gur deoraidhe agus coi-
gcríoch é 'san tír sin; agus an dara feacht gur laoch é bhí
ag imtheacht le gaisge agus ag fághail tuillimh agus
tuarasdail ó ríghthibh agus árd-fhlaithibh an domhain, agus
ag tabhairt conganta a láimhe dhóibh air son an tuarasdail.



"Beir buaidh agus beannacht," ar an righ, "oir is mór
atáim-se i n-easbaidh dó mhacsamhla an tráth so; oir atá


L. 49


rígh comhachtach cumasach am' chomharsanacht d'á ngoirthear
Rígh Tíre an t-Sneachta agus thug a inghean sin agus mise
grádh d'á chéile, agus ní thiubhraidh an rígh dham í le pósadh,
acht do rígh eile atá i n-a chomharsanacht, air a d-tugthar Righ
Tíre an Fhuachta, agus atá gráin agus fuath ag an ríoghan
dó sin, agus d'euluigh liom ó n-a h-athair agus uaidh-sean
an oidhche bhidheadar chum a bh-pósta, agus do bhí seacht lá
agus seacht n-oidhche am' fhocair-se go d-táinic tóir orrainn
agus neart sleagh le n-ar chailleas í, agus atá sí i
m-braighdeanas ag a h-athair, agus mar dhíoghaltas orm-
sa tá ag buaint mo ríoghachta dhíom. Thugamar cheithre
catha calma d'a chéile fós, in ar cailleadh mórán daoineadh
air gach taoibh; agus, ó chonncadar flaithe fearainn agus
uaisle na tíre air gach taoibh díth na n-daoineadh agus an
creachadh do bhí d'á dhéunadh, rinneadar socrughadh eadrainn
an deifir d'fhágbháil i g-cómhrac aoinfhir, agus dá m-budh le
gaisgidheach Ríogh Tíre an t-Sneachta do bheidheadh an bhuaidh
mo ríoghacht do bheith ag an rígh sin; agus dá m-budh
lem' ghaisgidheach-sa do bheidheadh an bhuaidh an inghean do
bheith agam-sa agus a ríogacht mar an g-ceudna ó n-a bhás
amach. Is é tug fá deara dhó connradh chomh réidh sin do
dhéanamh, tá a fhios aige nach clisfeadh aon laoch 'san domhan
ar an bh-fear atá aige ag seasamh an chómhraic, de bhrigh gur
fhostaidh sé dhó féin an t-aon ghaisgidheach is feárr 'san
domhan, agus atá ag siubhal riamh air tuilleamh agus air
tuarasdal in gach rann de'n domhan. Níor cliseadh riamh
air, agus ní mó Rígh na h-India i n-a phearsain ioná é.
Is anam bhideas cúram air a cloidheamh d'iomchar, óir atá


L. 50


sleagh aige i n-a bh-fuil dithchioll déise laoch í ardughadh
ó'n talamh; agus chomh-throm agus choimh-chliste sin, agus
níor mheath aon urchar uirre riamh gan aimsiughadh, agus
ní fhágfadh cloch ná crann, cruaidh ná prás, nach pollfadh
tríotha mar gur bolgán béiceadh nó fás na h-aon oidhche
iad, agus ní mhothuigheadh an curadh a truime le n-a neart
féin, acht mar bhrobh luachra i n-a láimh. Ag sin an chuid
is lugha d'á thuairisg agat," ar an righ, "agus an treas
lá ó andiu tá ceapuighthe chum an chomhraic so, agus ní
fhuil aon duine i n-áirighthe agam chum seasda air mo
shon acht mé féin; óir air feadh mo ríoghachta ní fhuil neach
go leigfeadh eagla dho seasamh in aghaidh an fhir mhóir sin;
agus má's duine thusa gheobhas do láimh é do chosg, do
gheobhair breith do bhéil féin uaimse, mar thuilleamh agus
mar thuarasdal, agus leath mo rioghachta má iarrfair é."



Dála Thoirdhealbhaigh, aontuigheas air an g-coinghioll sin
do sheasamh air son an riogh i n-aghaidh an Ghaisgidhigh sin
an Domhain Tuaidh 'san g-comhrac imshniomhach contabhartach
do bhí le breith an treas lá ó'n lá sin, i n-a raibh rioghacht
chomhachtach le n-a cailleamhain nó ríoghacht agus inghíon
ríogh le buadhachtain aige.



D'éisteadar leó go lá an chómhraic, agus air d-teacht
do'n lá sin níor fhan fear ná bean 'san dá ríoghacht gan
cruinnughadh do'n láthair sin mar a raibh an dá Laoch
chum buailte fá chéile air réidh-mhachaire, bláth-chiumhsach,
glas-aoibhinn, feur-uaithne do bhí eidir dhá chnoc árda
aodharacha.



Iar g-cruinniughadh dhóibh air gach taoibh de'n áit in-a


L. 51


rabhadar chum troda, do sheasaimh an Laoch Lochlannach i
bh-fhíor-thosach sluaigh Thíre Thairngire, agus do bhí Gais-
gidheach an Domhain Tuaidh i d-tosach a shluaighteadh féin;
agus dob' fhuras é fheicsin, óir do bhí a raibh ó n-a chrios
suas de bhreis aoirde aige air a raibh 'san dá sluagh de
dhaoinibh; agus ag so an chuma do bhí air an lá sin, eadhon
lúireach mhaiseach, mhín-lúbach, ór-chiúmhsach, gheal-chruaidh ós
cionn a earraidh agus a eudaigh air, agus éideadh éasgaidh
eudtrom, boill-sgiamhach, cuan-bholgach, grábhálta; agus
clogad cruinn, cluthmhar, cath-bhuadhach, crosach, cráobhach,
ciuimhseach, caon-dathach, de'n gheal-chruaidh cheudna, agus
gríbhingneacha i bh-fíor-mhullach an chlogaid agus a dhá
sgiathán leathta aige air gach taoibh de'n chlogad sin, ag
deunamh sgátha agus fosgaidh dhó. Do bhí sgiath leathan-
mhór, ghorm-dhualach air a ghualainn chlí, air a raibh croicionn
seacht d-tarbh d'á chorrughadh le gaoith agus le gréin, agus
iad dúbalta seacht n-uaire ós cionn a chéile air lom-
chlár de'n daraigh; agus leathan-phláta práis i n-a raibh
troigh air tiughdas buailte asteach tre cheart lár na
sgéithe chum nach m-bidheadh greim ag arm air bith le breith
uirre, agus budh shamhail an mhór-sgiath sin air ghualainn an
ghaisgídhigh le h-éascán fóirlíonta ag éirghe ar dhruim chnuic
measg neulta na feascora. Do bhí, mar an g-ceudna,
cloidheamh clais-leathan cúl-reamhar aige noch do bhuain-
feadh, le beartughadh oireamhnach do dheunamh, air an ceann
de shliabh, agus an cloidheamh sin crochta air chrios de
leathar leómhain tar caol a chuirp go léir; budh mheirgeach
an trom-chloidheamh sin i n-a raibh dithchíoll déise laoch a


L. 52


iomchar, agus do bhrúighfidhe ceathramha mairt nó tuirc
le buille dhé. Do bhí go gasda aige sleagh chrann-
reamhar catha i n-a láimh láidir, budh ghiorra do throigh
agus fiche 'ná fearna na luinge in ar tháinic Suarán Mac
Stairn, dearbhráthair Thoirdhealbhaigh féin, chum ceannais
na h-Eireann do bhuaint de Chormac Óg Mac Áirt, agus é
ag feitheamh air a chéile-chómhraich d'fheicsin. Air an g-ceud
amharc thug an laoch Lochlannach air do ghluais de chois-
céimibh fearamhla, farránta, troigh-eusgaidh, do láthair an
chomhraic, agus do chroith sleagh ádhmhar amusach Logha Lámh-
fhada, mac inghine Bhalair Bhéimionnaigh, agus do líon an
láthair uile de na ceathaibh treun-mhóra teinntídhe do chuir
aiste. Leis sin do ghluais Gaisgidheach an Domhain Tuaidh
de choiscéimibh toirteamhla, treun-bhorba, ó thosach a shluaigh
féin d'á ionnsuighe, agus an t-sleagh mhór beartuighthe i
n-a dheis-láimh aige, agus a leathain-sgiath air a sgáth;
agus do chuir aon gháir ós árd briste catha as go
n-deachaidh na ceudta bean agus fear i d-táimhneultaibh
báis de'n dá shluagh ó ghéimneach na g-cnoc agus na
ngleannta i n-a d-timcheall ó chomhódhagh na mór-ghártha
sin. Le na línn sin thugadar an dias deagh-laoch, ó'n dá
rann de'n domhan budh shia ó chéile, rian urchair d'á sleagh-
aibh fiara, sleamhna, slinn-gheura fá chorpaibh agus fá
colnaibh a chéile, ionnus nár mhó bladhm tóirnighe ioná an
torann do righneadar ag briseadh agus ag reubadh an
aodhair rómpa, gidheadh is amhlaidh d'éirigh do shleigh an fhir
mhóir d'imtheacht air fiaradh agus lár a chroinn do bhualadh
trasna fá sgéith Mhic Stáirn, agus le neart an urchair


L. 53


do cuireadh an laoch Lochlannach dá coiscéim air a chúl
agus do rinneadh dá leith chomhthrom de chrann na sleighe
i n-a ceart-lár ionnus go n-deachaidh a leath air gach taoibh
de'n laoch dí. Dála na sleighe eile do chuaidh 'san réim
dhírigh, mar budh ghnáthach léi, agus d'aimsigh ceart-lár an
phláta do bhí air sgéith an fhir mhóir, agus do chuaidh tríthe
agus tré chruadh-chroicionn na d-tarbh agus an chlár dar-
aighe, agus tríd an lúireach toirmeasga go ráinig an
éideadh, agus do chuaidh tríthe agus tré bhrollach an churaidh
go rug a h-urlann léi tré lár a chroidhe siar agus tre
n-a dhruim, gur thuit an laoch marbh gan anam chum láir
agus lán-talmhan, agus leanas an laoch Lochlannach d'á
ionnsuidhe chum a cheann do bhuaint dé, acht an uair ráinig
é agus d'fheuch air do chorraigh a chroidhe i n-a chliabh, agus
d'iompuigh a intinn agus a aigne an uair do chonnairc an
laoch laidir lán-chalma do thuill clú agus meas air feadh
ar shiubhal de'n domhan, agus rug buaidh chosgair agus
chómhraic air gach aon do thárla leis gus an uair sin, é
an trath sin sínte air a dhruim, agus fuil a chroidhe 'n-a
linn i n-a thimcheall, ag teacht i n-a chaisidhibh tré n-a
chreucht uathbhásach bhí treasna tré n-a chorp i n-a d-toill-
feadh lámh laoch le fairsinge, agus é i n-a chonablach air
lár an mhachaire chum bheith i n-a bhiadh agus i n-a bheathaidh
ag eunlaith an aodhair agus ag beathaighibh éigciallta na
talmhan; agus gur mar sin do bhí i n-dán dó féin lá
éigin eile. Air an ádhbhar sin dubhairt nách buainfeadh
féin ceann ná cos dé, agus gurab é marbhughadh an
churaidh sin an gníomh déighionach do dheunfadh féin a raibh


L. 54


roimhe de laethibh a bheathadh, agus nach doirtfeadh féin ní
budh mó d'fhuil daoineadh an fhaid do mhairfeadh; agus
d'iompuigh tar ais air a mhuinntir féin, gan áthas, gan
taidhbhse do bheith air ó ghníomh an lae sin.



Gidheadh, níor mar sin do bhí Rígh Tíre Tairngire, is
iongnadh nach deachaidh i ngealtacht le neart áthais agus
luathgháire ó ríoghacht chomhachtaigh do bheith le fághbhail aige,
an uair do gheobhadh an righ bhí uirre bás, agus inghean
áluinn ríogh d'fhághbhail do láthair, de thairbhe aon uaire
amháin de ló; agus d'imthigh le drong d'á mhuinntir d'ionn-
suidhe inghine Ríogh Tíre an t-Sneachta do'n dún i n-a
raibh i m-braighdeanus ag a h-athair, agus tug leis í. Ní
raibh a fhios aige cionnus do dheunfadh cúitiughadh do'n laoch
Lochlannach do shabháil a ríoghacht agus a anam dhó;
agus do tharraing breith a bhéil féin dó, agus leath a
rioghachta agus fanmhuin i n-a fhochair, nó go g-cuirfeadh
cíos agus cáin in aghaidh na bliadhna chuige chum b'é rann
de'n domhan a chuirfeadh roimhe chomhnuighe ann.



A dubhairt Toirdhealbhach nach glacfadh féin aon nídh
uaidh do'n chuaird sin no go d-tagadh arís, agus nach
raibh dúil aige comhnuidhe fada do dheunamh ins an tír
sin; acht níor bh'fhéidir le Toirdhealbhach Fionnabharthach
do chur as a aigneadh; ghidheadh, do chaith cuid d'á aimsir
amach ann go súgach.



Do bhí anois Rígh Tíre na Tairngire air a thoil féin
ag caitheamh na h-aimsire go solásach le n-a mhnaoi; acht
níor sgar Toirdhealbhach le cuimhne Fionnabharthaighe, agus
níor bh'fhéidir leis subháilceas ná soilbhireacht do


L. 55


dheunamh, acht ag iarraidh leithliochais agus aonarachd,
uaigneas agus diamhaireacht. Oidhche d'á n-deachaidh chum
suain do thuit neul codalta air, agus budh dhóigh leis go
raibh Fionnabharthach i n-a cruth daonda, chómh sgiamhach
agus chomh maiseach agus do bhí sí riamh; gur shuidh air
cholbha na leabtha, agus go n-dubhairt na briathra so
le Toirdhealbhach:



"Mo cheud grádh agus mo ghrádh déighionach! is mór dó
chúmha-sa am' dhiaigh, agus ní mó ná mo chúmha-sa ad'
dhiaigh-se. Is mór an trioblóid liom nach sguirir do'n
chéird coiripthe sin agat. Ná doirt ní bhus mó d'fhuil
daoineadh feasda. Éirigh go Coill na Marbh, agus do
gheobhair fóirithin agus furtacht ann; agus is gairid
go m-beidheam araon i bh-focair a chéile, gan cumas ag
an m-bás orrainn le saoghal na saoghal as so amach."



Leis an bh-focal deighionach sin do mhúsgail Toirdheal-
bhach, agus do leath a dhá lámh leabhra timcheall a dhian-
ghrádha, ghidheadh is amhlaidh d'imthigh sí tré n-a lámhaibh (dar
leis féin) mar ghath ghréine, agus é in-a shuidhe 'san leab-
aidh. Do chaith sé an chuid eile de'n oidhche i n-a dhúiseacht, ag
smuaineadh cread budh mhaith le deunamh air maidin, agus
air bhriathraibh na h-aislinge. D'éirigh sé go moch air
maidin go suaite i n-a dheilbh agus i n-a aigneadh, agus do
chuir iomad de cheistibh air mhuintir an riogh, agus imeasg
gach nidh do fhiafruigh cá raibh Coill na Marbh. D'inn-
seadar dó go raibh sí ceud míle ó'n áit sin ins an
bh-fásach, agus go raibh fiche míle air faid innte agus an
oiread eile air leithead.


L. 56


Do bhí Toirdhealbhach ag caitheamh an lae sin amach go
rug an trathnóna air, agus i bh-fíor-thosach na h-oidhce, le
solus na gealaighe, d'fhág sé slán agus beannacht ag
muinntir an riogh agus do ghluais air ag ionnsuidhe
Coille na Marbh, ins an áird mhóir, mar h-innseadh dhó a
beith. Níor cheileabhair do aon neach do casadh air ins an
slighe, agus ní dhearnaidh cómhnuighe go ráinic an choill
cheudna. Budh docrach, aimhréidh, anródhach an áit í, oir ní
raibh ins an tír uile in-a thimcheall acht árd-chnuic agus
cnapacha carraigeacha, gan foithin féir orra, agus bhí
roinn eile fá choilltibh cluthmhara, ceann-árda, crann-
reamhra, agus fá ghleanntaibh dubha diamhra, doimhne,
do-eolais. Ní thigeadh toradh ná beathadh do dhuine ná
d'ainmhidhe tríd an talamh truaillighthe sin.



D'fhan Toirdhealbhach an oidhche sin fá sgailp de char-
raig go tuirseach suaite, d'éis a thurais, ag deunamh
iongantuis de dhiamhaire agus de uaignighe na h-áite.
Do chuaidh sé isteach 'san choill air maidin, agus bhí d'á
siubhal. Níor bh'fhada go raibh sé i n-a h-eachrann, agus go
gairid in-a dhiaigh sin do casadh duine deagh-labharthach
deaghbhallach air.



Budh luathgháireach le Toirdhealbhách duine air bith
d'fheichsin 'san áit uaignigh sin. Do bheannuigheadar d'á
chéile, agus do chuadar i g-caoineas cómhráidh le chéile,
ionnus gur innseadar d'á chéile a n-aimne, a n-dúthaigh
fá leith, agus a d-turais do'n áit fhiadhta sin.



Iúdaigheach dob' eadh an fear eile, agus bás a mhná do
thug do'n áit sin é, ag iarraidh fortachta, amhail tháinich an


L. 57


laoch Lochlannach; agus uim thráthnóna do chonnairc Toir-
dhealbhach macaomh óg caoin-dhealbhach, agus ualach air, ag
teacht d'á n-ionnsuidhe, agus an uair d'amhairc sé air
Thoirdhealbhach d'fhan i n-a sheasamh suas gan teacht níos
goire dhóibh.



"A dheoraighe," ar an duine maith eile, "aingeal é súd
do chuireas an fír-Dhia i n-aghaidh an dara lá dom' ionn-
suidhe le biadh agus beathaidh ins an bh-fásach so; agus
aithnighim air sheasamh an aingil nach de'n chreideamh chóir
thusa. Imthigh go fóil uaim agus tiocfaidh an t-aingeal
chugam-sa."



D'imthigh Toirdhealbhach as an áit, agus táinic an
t-aingeal agus leag a ualach dé agus d'imthigh suas ins
an aodhar.



Budh mhór iongantas Thoirdhealbhaigh d'éis an nidh do
chonnairc, agus a dubhairt gur mhaith leis féin a bheith air
chreideamh an Dé do bheurfadh cabhair d'á mhuinntir.



Iar na g-clos sin do'n duine mhaith, do ghlac asteach i
g-creideamh an fhír-Dhé é, agus do theagaisg i n-urnaighe
agus i n-altaibh an chreidimh chóir é, ionnus gur bhinne ná
ceól-síghe iad araon ag seinm psalm do'n Dia Uile-
chómhachtach; agus an dara lá tháinic an t-aingeal, agus i
n-ionad choda aon duine amháin do thabhairt leis, thug
cuid beirte.



Budh mhór luathgháir an Iudaidhe ó thuig sé go raibh
Dia buidheach de féin de chionn na h-oibre do ráinig leis
do dheunamh, agus do chaitheadar a b-proinn go subhailceach
an lá sin.


L. 58


Do bhidheadar seal air an modh sin ag teacht suas go
diadha cráibhtheach, a bh-fad ó chómhluadar daoineadh agus ó
phiadóireacht pheacach, ag guidhe an aon Dé Uile-chómh-
achtaigh do rinne neamh agus talamh, ionnus an smúit
agus an dubhrón do bhí air chroidhe Mhic Stairn tré bhás
Fionnabharthaighe gur sgaoil agus gur sgaip ó'n dóchas
do bhí aige d'éis báis d'fhághail air an saoghal so go
n-éireóchadh chum na beathadh síorruidhe. Is annsin do thuig
sé briathra na h-aislinge go h-iomlán, agus mar an
g-ceudna an fhortacht do gheall Fionnabharthach dó i
g-Coill na Marbh. Do bhí luathgháir chomh mór sin air chum
dul air neimh d'fheicsin Fhionnabharthaighe go m-b'fhearr
leis go m-beurfaidhe as an saoghal é an lá sin.



Tháinic an t-aingeal lá eilé chuca, agus a dubhairt go
m-b'fhada leis an bh-fír-Dhia do bhidheadar uaidh, agus
gur chuir é féin chum a rádh leo bheith ullamh an treas
lá ó'n lá sin chum an t-saoghail so d'fhágbháil, agus budh
mheanmnach subhailceach leó an cuireadh fuaradar.



D'ullmhuigheadar iad féin go h-achmuir, agus i n-a
dhiaigh sin do chuireadar cóir adhluicthe orra féin, agus
do thochladar fá líag cloiche mhóire air thaoibh an ghleanna
uaigh fhairsing ghlan, agus bhí dias aingeal ag tabhairt
conganta dhóibh; ionnus an obair nach deunfadh cúig ceud
fear, go raibh deunta ag an dias aingeal i g-coinne an
treas lá. Do bhí an uaigh sin fada, doimhin, glan, agus
é lán de chaonach fír-mhín, ghorm-uaithne, deagh-bholaightheach,
agus luibheanna cubhartha, noch d'fhás air leagadh na súl,
le míorbhuilighibh Dé, air an taoibh istigh dé'n uaigh sin.


L. 59


An uair tháinich an treas lá do ghluais an dias ghrádh-
mhar so go doras na h-uaighe, agus do chuireadar a nguidhe
chum Dé nimhe agus talmhan. D'eirgheadar in-a seasamh
thar éis a n-urnuightheadh do radh, agus do chuadar láimh air
láimh go bun na h-uaighe, agus do shíneadar annsin taoibh
air taoibh le n-a chéile, air leabaidh cubhartha caonaigh,
agus do thuit a g-codladh orra, agus as an g-codladh
sin do fuaradar bás.



Agus do bhí sleagh Lughadh Lámh-fhada sínte le taoibh
Thoirdhealbhaigh, air eagla go n-doirtfeadh sí nidh budh mhó
d'fhuil daoineadh.



Do bhí sean-duine beag ag coimeud gabhar i n-a shuidhe
air mhullach cnuic, ag feuchaint orra ag dul ins an uaigh,
agus do chonnairc aingeal, air n-dul do'n ngréin faoi
an lá ceudna, ag tabhairt líege cloiche leis nach bh-feud-
fadh cheud laoch d'iomchar, agus do shocruigh é air dhoras
na h-uaighe d'á cúmhdach ó bheathaighibh allta, agus do
sgriobh air le rinn ghaith na línidhe so:



"Ann so tá'n laoch 'n-a chodladh suain
Tháinic chughainn thar sáil air lear,
A's mar do ghéill do Dhia na n-dúl
Tá anam súd go sámh air neamh."



Do chuireas i g-crích an nidh nach caithfear go deó
Le h-iarann, nó le h-aimsir, nó teine, nó fóir-neart Ióbh.



Eachtra Thoirdhealbhaigh go nuige so.


L. 61


EACTRA



THRIÚIR MHAC THOIRDHEALBHAIGH MHIC STAIRN



Ann so síos.



DÁLA thriúir mhac Thoirdhealbhaigh - mar atá Crochán, Sál
agus Daithlion - do bhí i n-a n-oileamhain ag Gruagach
Sléibhe Mhis. Do bhidheadar fá mhór-chion aige agus
fá chúram in gach uile nidh d'fhághail dóibh i bh-foghluim, i
n-eolas, i modh, agus i m-beusaibh, ionnus gur chinn-
adar air lucht a g-comh-aimsire i méid agus i n-arrachtus,
g-cruth agus i n-deunamh, i sgéimh, i n-deilbh, i n-dal-
itramh, i lúth, agus i láidreacht, i ngaois, agus i n-eagna,
ionnus ná raibh cáiligheacht air feabhus le fághail i
g-cloinn ríogh ná ró-fhlatha nach raibh 'san triúr óglach sin
le feicsin le dúthracht Ghruagaigh Sléibhe Mhis. Ní raibh
foghluim ná eolus aige féin - gidh gur mór iad - i
n-ealadhnuibh uaisle agus i g-ceardaibh geinntlídhe, i
n-draoidheacht, i lámhach, i ngoile, agus i ngaisgeadh nár
theagaisg sé dhóibh, agus nach raibh aca chomh chlisde leis séin.
Do tharla 'san am sin go raibh maithe agus mór-uaisle


L. 62


Tuaithe De Danann i n-Eirinn ag cur sgoile suas do
theagusg a n-óg, gur chruinnigheadar ó'n nGréig agus ó
gach roinn eile de'n domhan na h-oididhe léighinn agus na
maighistridhe budh cumasuighe a bh-foghluim dob' fhéidir
d'fhághail air ór nó air airgead; agus is é áit do ceapadh
do'n sgoil sin a bhéith i n-Inis na Muc, air a d-tugthar
anois Inis Caorach, .i. oileán beag, aoibhinn, aodhrach, atá
'san bh-fairrge shiar leath slighe eidir Cheann Caillighe agus
Léim Chonculainn; agus is amlaidh do bhí an t-oileán
beag sin go h-uaigneach i n-imeal na tíre, i bh-fad ó
ghleó daoineadh, agus is uime tugadh Inis na Muc air,
eadhon, air n-dibirt Fear Bolg le Tuathaibh De Danann
do bhí an tír líonta de mhucaibh thar a n-éis, ionnus go
millfidís an dúthaigh de ló agus d'oidhche le foghail; agus
gur b'é an t-oileán sin dob' ionad leaptha dhóibh chum
suaimhnis tar éis na díoghbhála sin agus an uilc do
ghnidís, go d-tárla fá dheireadh go ráinig le Tuathaibh De
Danann a sgrios agus a n-díbirt, acht collach breac
budh mhó agus budh mhilltighe dob' fhéidir d'fhághail nó
d'fheicsin; agus is é an áit in-a g-codladh sé i n-oileán
bheag atá siar ó dheas ó Inis na Muc. Matal dob' ainm
do'n chollach sin, agus do chuirthí seilg air, agus do
chuirthí ainide roimhe air an g-cuan, agus do chaithtí
ceud sleagh i n-aoinfheacht leis, agus ní ghníthí fuiliughadh
ná fóirdheargadh air; agus d'á m-beidís ceud cú agus
gadhar i n-a dhiaigh ní chasfadh aon cheann díobh beó um
thráthnóna gan marbhadh leis an g-collach sin, ionnus go
m-b'éigin do Tuathaibh De Danann cruinniughadh do chur air


L. 63


na draoithibh, gur thógbhadar le n-a n-draoidheacht stoirm
agus anfadh gaoth agus tóirnighe cómh h-uathbhásach sin go
luaisgidheadh na carraigeacha i n-iochtar na fairrge agus
gur foiligheadh go h-iomlán an t-oileán sin an tuirc le
h-uisge, agus gur caitheadh an torc fá'n bh-fairrge le
h-uathbhásaighe an anfaidh agus le tuargain na d-tonn,
agus do leigeadh a innchinn amach imeasg na g-carraig;
agus ata Oileán an Mhatail mar ainm air an oileán
bheag sin ó sin a leith.



Iar m-beith do'n sgoil sin cruinnighthe anns an oileán
tháinic Gruagach Sléibhe Mis le na thriúr daltaidhe go
nuige Mac an Dághda, iodhon, a seanathair chum go g-cuir-
feadh air an sgoil iad, agus táinich féin leó, agus do
shocraigh ann iad; agus ag sgaradh dhó leó is é a dubhairt
ó bhí sé féin aig dealughadh leó nach raibh sé aig iarraidh
mar dhuais nó mar thuarasdal orra acht an chómhairle do
bhearfadh sé féin dóibh do leanamhain, agus gur air mhaithe
leó sin do rachadh sé, agus gur b'é a chómhairle dhóibh gan
iad a d-triúr do sgaradh le chéile choidhche, agus a g-con-
gnamh féin do bheith le chéile in gach uile nidh do ghlach-
faidís le h-ais do dheunamh; agus, mar is aon lá do
thangadar air an saoghal, gur i n-aon lá agus i n-aoin-
fheacht is ceart agus is cuibhe dóibh an saoghal d'fágbháil;
agus, mar is air mhaithe leó do bhí sé, chum gur siade
bheidís air an saoghal é, go raibh sé d'á g-cur fá gheasaibh
a chómhairle 'san g-cás sin do leanamhain.



A dubradar an triúr de ghuth aoin-fhir go n-deun-
faidís a chomhairle go bráth.


L. 64


D'fág an Gruagac ann sin iad, agus do thriall a
bhaile go Sliabh Mis.



Dála an thriúir óglach do chaitheadar cuid de'n aimsir
amach air an sgoil sin, agus ní fada gur cinneadar air
a raibh ann i n-uaisle, i bh-foghluim, i léighean, agus in
gach uile chleas lútha agus gaisge, agus i neart agus i
n-arrachtus, i bh-feabhas deilbhe agus i n-deunamh. I
g-cionn beagáin aimsire do chinneadar air a máighistribh,
ionnus go n-deachaidh a g-clú agus a d-tásc air feadh na
h-Éireann agus na tíortha timchioll. Ní raibh uatha acht
ócáid chum a g-ceannais agus a neirt do theasbánadh.
Ní fada go bh-fuaradar faill de'n t-sórd sin, óir do bhí
torc draoidheachta de mhucaibh bh-Fear m-Bolg d'fágadar
d'á n-éis i n-Éirinn an uair dob' éigin dóibh a fagbhail
ag Tuaithibh De Danann, agus is é áit comhnuighthe do bhí
aige árd-chnoc Sléibhe Challáin. Is é áit i n-a raibh fáil
aige agus ionad codalta i ngleann doimhin, diamhar,
dorcha, atá air an taobh tuaidh de chnoc air a d-tugthar
Poll Goirmliagh; agus is é tuarasgbháil an tuirch féin
gur mhó é ioná aon ceithre dhaimh dá raibh i n-Éirinn, agus
nár leithne líag cheathair-cúineadh cloiche 'ná gach súil leis,
agus iad air dearglasadh i n-a cheann. Níor reimhe agus
níor láidre lán duirn de shlataibh gealla coille 'ná gach
ciar-ghuaire bhí ó mhullach chínn go bun a earbaill air. Do
bhí dhá stair-fhiachal as gach giall leis, agus cúig troighthe
air faid in gach caim-fhical díobh, ionus dá m-beidheadh
ceithre damh no deichneamhar laoch air aon láthair aige go
m-beidheadh a n-ionnathar amuigh le h-aon fogha amháin


L. 65


de stair-fhiacail díobh sin ó'n d-torc ainsprianta draoidh-
eachta sin do bhí ag milleadh na tíre, agus ag creachadh
na g-críoch le h-aimsir imchéin roimhe sin. Gidheadh gur
minic do chuirthí fiadhach air, ní raibh dul as ag duine
ná ag beitheach uaidh gan marbhadh an uair do chastaoi
air iad, ionnus go raibh an tír uile in-a fásach ó Shliabh
Calláin go Bréintír shoir, agus ó'n taoibh shiar go
fairrge.



Acht cheana, do thárla cruinniughadh agus cóimhthionól
iongantach, amhail budh ghnáthach leó uair ins na trí
bliadhantaibh, i m-Baile na nGréine, air an taoibh dheis
de Chnoc Calláin, ag deunamh iodhbarta do'n ghréin air
altóir na gréine atá deunta de chlochaibh geala odhra
ins an áit sin, agus an iomarca tarbh, réithe, agus
puchán d'á marbhadh agus d'á róstadh timcheall na líag
sin, agus fuil agus ionathar na m-beitheach sin d'á
n-dortadh agus d'a smearadh air an altóir sin gach
Domhnach Cincíse. Agus uair ins na trí bliadhantaibh do
bhí an cóimhthionól sin aca ann. Do bhí an tír uile - eidir
fearaibh agus mnáibh agus leanbhaibh - cruinn-bhailighthe i
m-Baile na nGréine an lá sin.



Thárla triúr chloinne Thoirdhealbhaigh Mhic Stairn ann
imeasg cháich; agus air uair an mheadhoin lae, le feuchain
do thug cuid de'n choimhthionóil tharsta, do chonncadar an
torc mór ag deunamh ó'n loch aníos thar éis uisge d'ól,
agus é ag gabháil air an taoibh shiar dhíobh suas chum a
leabtha; agus le teas an lae níor ghluais acht go socair
in aghaidh áird an chnuic amach. Air bh-feicsin do'n chóímh-


L. 66


thionól an méid agus an chuma do bhí air, ní raibh fear,
bean, ná mion-dhuine air an machaire nár thuit i g-cionn
a g-cos, agus nach deacaidh i luige agus i n-anbhfainnighe
an tan do chonncadar gur fheuch an torc d'á leath-thaoibh
shoir air an sluagh; agus is é boladh na feola agus toit
na deatach fá n-deara do'n torc an leath-fheuchain
sin do thabhairt orra. Gidheadh, níor tháinic d'á n-ionn-
suidhe, acht deunamh chum áird an chnuic.



Dála thriuir chloinne Thoirdhealbhaigh Mhic Stairn, air an
g-ceud amharc thugadar air, do phreab a g-croidhe i n-a
g-cliabh le n-a bh-feabhus de fhaill d'fhághail an tráth sin
chum a g-crodhachta, a neirt, agus a misnigh féin do theas-
dáil, agus leigid iad féin i d-toradh reatha go d-tán-
gadar roimh an d-torc, gan aon duine de'n t-sluagh d'á
leanmhuin. Air bh-feicsin do'n torc gur d'á leanmhain
do bhidheadar, do chuir fiadh-sgread as budh chlos ag
bruachaib na Sionann, agus ins na trí chontae budh
neasa dhóibh. Ní raibh gleann, coill, ná cabhán tim-
cheall Sléibhe Calláin nachar ghéim leis an d-torann sin,
agus tháinic sé i n-anfadh chúthaigh d'á n-ionnsuidhe, agus
tóit deataigh as a bheul agus i n-a thimcheall nach mór
d'fholaigh é go h-iomlán, agus an uair do bhuail a dhá
ghiall air a chéile do bhain sé cith theineadh asda. D'iom-
puigh sé má gcuairt chomh luaith le roith mhuilinn chum
foghadh leath-thaoibhe d'á stair-fiacail do thabhairt fá na
laochra. Gidheadh, ins an iompughadh do thug air féin, do
chaitheadar an triúr laoch na trí sleagh i n-aoinfheacht
leis agus do chuireadar tré n-a chorp iad. Do thuit sé


L. 67


air an d-taoibh i n-a n-deachadar na sleagh amach, agus
bhidheadar in-a d-trí m-bioránaibh d'á cheangal do thalamh.
Do léimeadar an triur laoch go lúthmhar d'á ionnsuidhe le
n-a g-cloidhmhtibh clais-leathna cros-órdha gur righneadar
le trí bhoirb-bhéim cheithre chuid chomhthroma dhé. Tháinic
iar sin urmhór an t-sluaigh d'á n-ionnsuidhe, agus is air
éigin do thiocfaidís a bh-fogus do'n torc le h-eagla agus
le h-uamhain roimhe, gidheadh go raibh marbh ós a g-comhair.



Do mhol an tír uile an gníomh gaisgeadh sin do righne na
h-óglaoich, agus budh mhór meanmain agus mórdháil a
maighistridhe agus a n-oidighe foghlamtha fá'n g-ceud
ghniomh gaisgeadh sin do righne a n-daltaidhe an lá sin.



Do chuimhnigheadar an triur dearbhráthair féin gur
mhaith an chomhairle thug Gruagach Sléibhe Mis dóibh an
uair do chuir fá gheasaibh iad a g-congnamh féin a d-triúr
do bheith choidhche le chéile in gach cás, oir ní raibh ins an
domhan aon laoch amháin do chlisfeadh air fhiadh-thorc
Shléibhe Calláin.



As a h-aithle sin do rugadh an torc chum altóire na
gréine d'á iodhbairt, agus thug sé a leór-dhóithin bidh d'á
raibh de dhaoinibh 'san mór-shluagh sin air feadh na h-aim-
rire do bhidheadar ann.



An treas lá de'n aimsir sin do fuaradar an triur
laoch sgeula air ainmhidh eile, agus air dhochar mhór do
bheith i bh-fogus do'n áit sin, do bhí ag milleadh na tíre
i bh-fad agus i ngairid de thaoibh eile de Dhubhloch, eadhon
fear-chat Carraig na Sean-Eun. Is amlaidh do bhí an
cat sin: Níor mhó aon damh i n-Éirinn ioná é, agus níor


L. 68


dhuibhe an gual ioná é, agus crios geal air chuma na
gealaighe i g-clár a eudain, agus earball air an n-dath
ceudna, agus ionga chruaidh, chain, gheur, cnámhach i bh-fíor-
bhár an earbaill sin; agus na h-ingne bhí air a chosaibh go
n-deunfaidís greamanna beaga de tharbh an tan d'fhos-
taidís é. Do bhí uathchas aige fá aill gharbh chloiche 'san
g-carraig, agus níor mhó garbh-chathair chloiche 'ná'n fhail
do bhí i n-doras na h-uathchaise sin de chnámhaibh daoineadh
agus de'n uile short airnéis agus eallaigh eile tar éis a
g-coda feola do chreime ag an g-cat uathbhásach sin.



Iar bh-fághail thuairisge an chait do'n triur óglaoch do
ghabh mian iad dul d'á ionnsuidhe, agus a chosg ó mhilleadh
na tíre nó iad féin do thuitim leis.



Do chaitheadar an triur dearbhráthar an oidhche sin i
m-Baile na nGréine gur eirigh an lá air na mhárach, agus
do ghluaiseadar go moch air maidin d'ionnsuidhe Chairrge
na Sean-Eun; agus, ghidh budh mhór an coimh-thionól do bhí
i m-Baile na nGréine, níor leig an eagla d'aon duine
d'á raibh ann dul i g-cuideachta na n-óglaoch. Acht cheana,
do ghluaiseadar féin go meisneamhail mór-aigeantach,
agus ag gabháil tar aill gharbh-chloch atá 'san taoibh thuaidh
de'n loch do chonncadar i n-a shuidhe eidir dhá liath-charraig
fá bhun sgailpe seanóir seirgthe, clumhach, cian-aosda,
agus gur ab' air éigin do shamhlóchaighe súil in-a cheann,
acht a aghaidh agus a dhealbh uile foluighthe le muthal cluimh
agus féasóige, agus é air baill-chrith ó bhon go bathas.



D'fhiafraigheadar an triur óglaoch dé an duine saogh-
alta é, no ciar bh'é féin?


L. 69


Do labhair an seanóir de ghuth laig-spioradach, an-
bhfainneach, agus a dubhairt gur dhuine saoghalta é mar
iad féin, agus gur fá'n loch sin dó bhí a thír dhuthchais,
agus gur de Fhearaibh Bolg é, agus nach fuil 'san domhan
ionad áitreabh is aoibhne ioná an rioghacht atá ag Fearaibh
Bolg fá'n loch sin, agus nach táinic toradh ná bláth, luibh,
ná crann, biadh ná beathadh as tír ná as talamh i n-aon
rann de cheithre rannaibh an domhain nach tigeadh as an
d-talamh aníos atá ag an dream d'Fhearaibh Bolg atá
faoi Dhubhloch; agus fir an domhain do bheith ag congnamh
le chéile nach bh-fuil i g-cumas dóibh dul d'á n-ionnsuidhe
ná buaidhreadh do chur orra, le daingne na draoidheachta
do chuir Cearbán, árd-draoi Fear m-Bolg, le uisge
na locha do chrochadh ós a g-cionn i n-ionad aodhair dóibh mar
atá an t-aodhar ós bhur g-cionn-sa, agus d'á g-cumhdach
air fhóirneart Tuaithe De Danann, agus i n-a dhiaigh sin air
chumhachta Clann Mileadh, agus air gach fóirneart eile
do thainic ó shoin nó tiochfaidh go brath.



"Ní fhuil," ar an seanóir, "aon loch i n-Éirinn nach
bh-fuil áitreabh aguinn faoi, agus do bheirimid uair ins na
seacht bliadhantaibh táisbeánadh air cuid d'ár m-bailteadh
do gidh b'é duine d'á m-bidheann i n-dán dó an uair sin
bheith i bh-fogus dúinn nó ag feuchain air. Agus dom'
dhála féin," ar sé, "do bhí mé air thuitim oidhche aréir
comh h-óg le fear deich m-bliadhan fichead, agus mé ag
feitheamh air an rígh; agus, air an n-droch-uair dam, do
bhí bean de bhanntracht an righ ag gabháil tharm, agus do
rug mé air láimh uirre, ag deunamh slighe dhí thríd na


L. 70


daoinibh, agus do chonnairc an rígh sin, agus i d-trom-
chodladh 'san oidhche a réir do tógadh liom, agus do fuaras
mé féin roimh lá andiú 'san áit so agus ins an g-cruth
so i n-a bh-feiceann sibhse me anois; agus muna
m-beurfar anocht a bhaile mé deunfaidhe dorn luaith-
reamháin díom fá mhaidin a márach."



D'fhágadar an triúr laoch annsin é, agus do ghluais-
eadar rómpa ag deunamh iongantus mhóir de thásc an
t-seanóra, agus de gach iongantais eile do bhí 'san tír
sin. Níor bh'fhada go rángadar Carraig na Sean-Eun,
agus go bh-facadar an fhail chnámh do bhí i n-dorus na
h-uathaise; agus, air rochtain gus an bh-fail dóibh, do bhear-
tuigheadar a sleagha, agus do sheasuigheadar a d-triúr
taobh le chéile; agus is amhlaidh do bhí an cat ins an am
sin air bhruach na h-aille ós cionn na n-uathaise, agus
é i n-a lúb i n-a chodladh ag éirghe do'n ghréin, agus do
mhothuigh boladh na laochraidhe. Iar d-teacht a bh-fogus do'n
fhail dóibh, do chuir fiadh-sgread as budh chlos do choimh-
thionól Bhaile na Gréine, agus thug baoithléim anuas i
mullach an fhíor-láir de'n triur. agus do ghabhadar an
triur i n-aoinfheacht air a sleaghnaibh é, agus do theilg-
eadar as a láimh iad an uair do ghreamuigheadar an cat
ag gabháil anuas dó, agus do chuaidh sé go talamh, agus
na sleaghna tríd go h-urlann. Le na linn sin do
bhuaileadar an triur laoch i n-aoinfheacht trí bhorbh-bhéim
air leis na cloidhimhtibh gorm-ghlasa geur-fhaobhrach gur
sgoilt Crochán a chloigeann go nuige a ghualainn, agus
gur bhuain Sál an slinneán deas dé ó n-a chorp amach,


L. 71


agus go n-dearnaidh Daithlion an cleas ceudna leis an
slinneán eile, agus i n-a dhiagh sin go n-dearnadar
óirdneacha beaga d'á corp, agus go m-beidís na giotaidhe
sin go ceann uaire ag léimnigh air feádh an mhachaire
i n-a d-timcheall.



Dob' áthasach leis an triúr laoch an dara gníomh gaisge
sin d'éirigh leó, agus do chuimhnigheadar féin gur mhaith
an chomhairle do thug Gruagach Sléibhe Mis dóibh, eadhon,
iad féin do chur le chéile in gach cás; agus do chuaidh an
triúr air mhullach splince na cairrge ag glacadh gaoithe.
Do chonncadar coimhthionól Bhaile na Gréine iad, agus
d'aithnigheadar ó'n d-triúr d'fheicsin ann gur éirigh a
d-turus leo. Do ghluais na mílte d'á n-ionnsuidhe, agus
do chuaidh mórán díobh i luige air bh-faicsin na n-oirdneach
de'n chat do bhí sgaipthe air an mhachaire. Do rinneadar
teinte treun-mhóra d'á chnámhaibh, agus do dhóghdar an cat
le h-eagla galair do theacht do'n tír ó chonablach an fhear-
chait uathbhásaigh sin.



Do thrialladar um thráthnóna tar n-ais go Baile na
Gréine, agus do fearadh fíor-chaoin fáilte rómpa. Do
chuaidh a g-clú agus a n-ainm i bh-fad agus i ngairid air
feadh n-a h-Éireann ó'n dá ghníomh sin do rinneadar.



An oidhche cheudna tháinic seanóir do bhí air ceil, agus
do theith ó Dhubhloch cian d'aimsir roimhe sin, do láthair an
choimhthionóil, agus a dubhairt go m-budh iongnadh leis iad
d'fhanmhuin i bh-fogus do Dhubhloch, agus a ghaireacht dóibh
do bhí an anachain. D'innis dóibh go raibh uillphiast ion-
gantach 'san loch sin d'á d-tugthaoi Fearbach uirre, agus


L. 72


ná'r mhó long mheadhonach gan crann, gan seol ioná í; gur
mar cheann leomhain do bhí a ceann agus a tosach, agus
go sluigfeadh an craos do bhí aice deich n-damh i n-éin-
feacht; gur air chumadh urróige éisg do bhí an chuid shiar di,
agus go raibh dá fhichid cos fúithe - eadhon, fiche cos fá gach
taoibh dí, agus crobh mar chrobh leomhain fá gach cois díobh,
agus fuirionn d'ingnibh deilgneacha, cama, cruaidhe, cóir-
gheurach do rachadh tre chairrgeachaibh glasa le fulaing,
fóirneart, agus fóiréigin. An uair do shiubhailfeadh sí air
chlochaibh an locha le luas agus líonmhaire na g-cos sin
ní bhídheadh cloch bheag ná mór nach bidheadh ag léimnigh i
n-a timcheall, amhlaidh do bhidheadh clocha na fairrge ag
fóir-éirghe le garbh-anfadh. Do bhí, mar an g-ceudna, dhá
sgiathán air an b-péist nár leithne seól luinge ioná iad,
agus dó ghnidheadh sí eitiolladh arrachtach tar talamh, agus
do bhí a h-urróg ag sguabadh na talmhan in-a diaigh, agus
is de chroiceann do bhí ciar-clumhach do bhí a sgiatháin
deunta. Ní raibh acht aon t-súil amháin aice, agus í sin i
g-ceart-lár a h-eudain, agus níor mhó roith mhuilinn ioná'n
timcheall do bhí ag an súil sin, agus í air dearg-lasadh
do ghnáth. Do bhí air uachtar agus air íochtar na h-or-
róige sin mong de rón ciar-dhubh i bh-fad fuilt lárach.
Dob' é sin cuma agus deunamh péiste Dubhlocha
Sléibhe Calláin. Árd-dhraoi Fear m-Bolg do rinne
agus do chum mar sin í mar fhór-choimeud air thalamh
aoibhinn aodharach na h-áite sin no gur tugadh dhó go
bh-faghadh sí bhás le h-aois no le galar éigin. Agus ann
sin do cheap an draoi an loch do thabhairt ós cionn na


L. 73


h-áite; agus gur b'é an díon budh bhuaine agus budh
daingne é, agus do fhan an phiast mar an g-ceudna ann
ó shoin anuas.



Iar g-clos tuairisge na péiste do'n triur laoch budh
fhada leó uatha an lá air na mharach chum dul d'á ionn-
suighe. A dubhradar, ó ghlanadár an tír ó'n dá ain-
mhidhe eile, go nglanfaidís í o'n treas ainmhidhe, no go
d-tuitfidís féin ins an ngníomh sin. Do ghluaiseadhar
d'á h-ionnsuighe in-a n-aonar, agus do sheasuigheadar ag
an ceann t-siar de'n loch, agus do chuireadar trí ghlaodh
ghlan-ghaothach asda, agus le n-a linn sin do chidhid chucha
an oir tré lár an locha ó oileán bheag atá 'san taoibh
shoir de'n loch, mar do comhnuigheadh sí de ghnáth, an uill-
phiast so. Níor mhó long gan seol ioná'n tort do bhí
aice, agus a tosach agus a sgiatháin ós cionn uisge, agus
a craos leath-fhosgailte, agus an meud uisge do bhí 'san
loch i n-a cnoch air gach taoibh dí le neart agus le dásacht
an iomartha do ghnídh sí, agus d'éirigheadh air uairibh
de bhaoithléim as an uisge le congnamh a sgiathán go
d-téidheadh sí acra talmhan de'n bhaoithléim sin le cúthach
agus le deabhadh ag teacht d'ionnsuidhe an triuir laoich,
agus fuaim aice d'á bhuain as na cabháin do bhí timcheall
na locha le brúcht bhuirfeadh allta budh samhail do
bhuithreadh tarbh ag ionnsuidhe a chéile chum comhraic air
thaoibh mhachaire nó maol sléibhe; agus, iar rochtain chum
puirt dí, tug baoithléim as an uisge go n-deacaidh dhá
fhichid spás suas air talamh tirm, agus do chuir séidóg
aiste ionnus gur chur sí an triúr laoch dá fhichid spás


L. 74


air a g-cúl siar, gur buaileadh faoi lár agus faoi lán-
talamh iad. Níor thúisge air lár iad ioná i n-a seasamh
arís, agus a sleaghna beartuighthe aca i n-a lámhaibh
láidre deagh-tapaidhe. Thug an phiast súghadh orra chum a
sluigthe d'aon ghreim, agus thug sí de'n súghadh sin iad go
bruach a craois. Gidheadh, do cuireadh na trí sleagh i n-a
craos go dorn go n-deachaidh dá shleagh trí chúl a cinn
siar, agus d'fhágbhadar an triur laoch annsin í. D'iom-
puigheadar go tapaidh tar ais, agus thug an phiast séideóg
eile fútha, agus i n-ionad gaoithe do chaitheamh amach aiste
tháinic as a craos tonn fola do bhaithfeadh long, agus do
buaileadh an tonn sin orra gur leagadh fá thalamh an
dara feacht iad. Gidheadh, d'eirgheadar go tapaidh air a
m-bonnaibh, agus, gidh go rabhadar salach ó bhonn go báthus
ó fhuil na péiste, d'ionnsuidheadar í leis na cloidhmhtibh
colgacha, clais-leathna, cros-ordha, agus bhuaileadar trí
bhorb-bhéim uirre gur bhuain buille dhíobh an sgiathán deas
dí, agus an dara buille an sgiathán clí dhí, agus an treas
buille thugadar fúithe do buaineadh fiche cos de thaoibh dí.
Do chaill an phiast mórán d'á neart, agus níor fhan leath
a lútha innte. Bhí sí sínte air thaoibh dí ó chaill sí a cosa.
Thug sí iarracht air chasadh do'n loch arís; gidheadh, do
bhuaileadar an triúr trí bhuille i d-tosach a h-orróige go
n-dearnadar ceithre h-oirdneacha dhí, agus gur fhágbhadar
an phiast gan lúth innte, acht í sínte mar shail phortaigh
air an bh-feorán. Do bhidheadar an triur laoch ag
gabháil d'á g-cloidhmhtibh uirre go raibh allus a g-corp
leó agus go raibh sí lán-mharbh aca. Do chuadhdar chum an


L. 75


locha iar sin, agus do nigheadar iad féin ó bhonn go báthus
ó n-a g-cuid alluis féin, agus ó fhuil na péiste. D'éis
sin do chuadhdar air mhullach an chnuic budh coimhneasa
dhóibh d'á d-tiormughadh féin.



Air bh-feicsin do phobal Bhaile na Gréine gur stad
búirfeadh na péiste do ghluaiseadar uile d'ionnsuidhe
an locha, agus ní chreidfidís a súile féin le h-iongantas
na h-uillphéiste agus le h-iongantas go d-tiocfadh le
h-aon duine air dhruim talmhan buaidh do bhreith uirre.
Do chaitheadar a raibh rómpa de'n ló ag dóghadh na péiste
agus d'á cur faoi thalamh, air eagla galar nó pláighe
do tharraing air an d-tír. D'á éis sin do thrialladar
tar a n-ais go Baile na Gréine, agus ní raibh i m-beul
gach aon duine an oidhche sin acht ag trácht air chumas, air
neart, agus air chrodhacht na n-óglaoch. Chuaidh a d-tuar-
asgbháil ní h-é amháin air feadh Éireann, acht go Breatain,
go Cruithin Thuaidh, agus go crích Lochlann. Iar g-clos
do Chormac Mac Airt, Ardrigh Éireann, agus do Righ na
Féinne, Fionn Mac Cumhaill, an gaisge sin do rinne an
triúr óglach, agus méid tuarasgabhla do bhí orra, níor
mhaith leo é i d-taoibh a mathar do bheith de Thuathaibh De
Danann.



Ciodh trácht, do chaitheadar an oidhche sin amach i
m-Baile na Gréine, agus air maidin air na mháireach
do sgaip an pobal, agus do thriall gach aon d'á dhún
agus d'a dheagh-bhaile féin, agus do chuaidh triúr mhac Thoir-
dhealbhaigh siar go h-Oileán na Muc. Dob' áthasach mór-
dhálach dho bhí a máighistridhe ó ná gníomharthaibh éagsamhla


L. 76


iongantaigh sin do righneadh timchioll Sléibhe Colláin.
D'fhanadar i n-Oileán na Muc gur chuireadar a d-tuirse
dhíobh; i n-a dhiaigh sin do ghlac mian iad dul air chuairt
chum Deala Mhic an Dághda Móir - eadhon, a sean-athair,
agus do ghlacadar a g-cead ag a g-comhsgolairighe agus
ag a n-oide foghlamtha, agus do chuadhdar an chéad oidhche
go h-Innis Laoigh, air a d-tugthar anois Innis uirre, agus
an dara h-oidhche go Ros dá Shoileach, air a d-tugthar
anois Luimneach. Do ghluaiseadar as sin tre Chnoc
Chonaill Ghabhra, agus tre Bhealach Amhra, agus ní dhear-
nadar oireasamh ná comhnuighe go rangadar Oileán Mór
an Bharraigh, mar a raibh a sean-athair agus a sean sean-
athair in-a g-comhnuighe an tráth sin; áit ar fearadh fíor-
chaoin fáilte rómpa; agus ní raibh a fhios aca méid an
chin bhí orra ag muinntir a mathar uile. Tar éir seal do
chaitheamh annsin fá mhor-chion agus fá ghradam, lá n-aon
dubhradar le n-a sean-aithreacha nach m-beidheadh suaibh-
neas in-a g-ceann go bh-faghaidís tuairisg a n-athar beo
nó marbh, agus go d-tug Cíochal fáisnéis dóibh mar gheall
air a máthair; agus go d-tiubhraidís féin cuairt an
domhain no go d-diucfadh leo a n-athair do fhághail amach
beo nó marbh.



Ó chualadar a sean-aithreacha sin, do ghleusadar an
Mhurudhach dhóibh - eadhon, an long do bhí ag a n-athair.
Do chuireadar lón agus fuirion, ór agus airgead go leor
innte, agus do ghlacadar cead ag a ngaoltaibh agus ag
a g-cáirdibh, agus do chuadhdar ins an long. Thugadar a
n-adhaigh siar go díreach ó oileán Ára Neimhe, agus ní


L. 77


h-aithreastar a n-imtheacht ná aon anró do rug orra go
rangadar an Iorruadh, agus gur ghaibh an Murudhach cuan
agus calaith 'san áith céadna in ar gaibh sí cuan i n-aimsir
Mhic Stairn.



Do chuadhdar na laochra i d-tír, agus d'fhágadar a long
agus a bh-fuirion sá ceo dhraoidheachta ins an chuan. Do
ghluiseadar féin d'ionnsuighe an áruis fionn-aolta riogh-
amhuil do chonnacadar. Do casadh fear orra ins an
bealach, agus d'fhiafruigheadar sgeula na tíre sin dé;
agus d'innis an fear sin dóibh gur bí sin Ríoghacht na
h-Iorruidhe, agus go raibh ró-bhuadhartha an tráth sin;
agus go d-táinic gaisgidheach coigriche innte seal roimhe
sin, agus gur ghaibh cumas na tíre dhó féin, agus gur
mhairbh sé an righ do bhí ann; agus gur fhág taoiseach de
lucht na tíre ag rialughadh na h-áite i n-a ionad féin;
a dubhairt go g-casfeadh tar ais arís an uair do thiubhar-
fadhan turas do bhí i n-a cheann, agus mar nár tháinic
ó shoin anuas gur éirigheadar triúr mac dearbhrathar do'n
righ do marbhadh, agus gur ghabhadar ceannas na tíre dhóibh
féin; agus gur chuireadar an cíos agus an cáin do bhí
cruinnighthe ag an taoiseach do bhí ag rialughadh ann i n-a
slighe féin; agus go bh-fuil an taoiseach i g-carcar dhorcha
príosúin aca fá bhruid, agus fá eagla a chur chum báis
in aghaidh gach lae; agus gur b'é sin imtheacht na tíre.
D'fiafrugheadar dé cread dob' ainm do'n deoruighe gais-
gidhidh do mhairbh an righ agus do ghlac ceannus na riogh-
achta. D'innis sé dhóibh gur Toirdhealbhach Mac Stairn.



Is buadhartha brónach do bhí an triúr óglach ó n-a sgeul-


L. 78


taibh sin. Do cheapadar dóibh féin díoghaltas do dheunamh
air na trí righthe óga sin, nó iad féin do thuitim thríd.
Leis an aigneadh sin d'ionnsuigheadar an dún i n-a raibh
na righthe air tuitim na h-oidhche. D'aimsigheadar an
chuid budh shia amach de'n teaghlach, agus do mharbhuigheadar
ceud laoch de'n ruathar sin díobh.



Iar g-clos do na righthibh bhí astigh an gleo do bhí amuigh,
do chuireadar a g-clogaid air a g-ceannaibh, agus do
ritheadar amach le n-a g-cloidhmhtibh nochtuighthe ag réighteach
eidir a muinntearaibh, dar leo féin. Do bhí stráic de shról
dearg casta air cheann gach fir díobh, agus cuid de air
sileadh le na n-druim, ag luasgadh leis an ngaoith mar
chomhartha uaisleachta agus áird-cheannuis seach cách. Do
thug clann Thoirdhealbhaigh fá deara iad. Do leanadar
iad tríd an d-teaghlach d'á n-ionnsuighe, agus le trí bhorb-
bhéim áthasacha an-mhóra, do bhuaineadar na trí cínn d'á
g-colnaibh, agus do thógbhadar i n-áirde air bhárr a
g-cloidheamh iad, agus dubhradar de ghuth árd sholus-ghlan
gur b'iad féin clann an riogh do bhí orra ó cheart, agus
muna leagfaidís a n-airm agus géilleadh dhóibh féin, nach
bh-fágfaidís duine beo dhíobh ag éirghe do'n ghréin air na
mháireach. Iar g-clos so do mhuinntir na rightheadh d'iom-
puigheadar uile leis an triúr laoch, agus do chuadhdar do'n
charcar i n-a raibh an taoiseach i m-braighdionas. Budh
luathgháireach leo breith beo air. Do chruinnigheadar éadáil
an dúna air aon láthair, agus an cíos agus an cáin do
bhí i seilbh na trí rightheadh do marbhadh.



I g-cionn trí lá do chuaidh clann Thoirdhealbhaigh agus


L. 79


sluagh mór d'ionnsuighe rioghacht na bh-Fear n-Dubh. Is
amhlaidh bhidheadar-soin an uair d'imthigh Toirdhealbhach
Mac Stairn go Tír an Óir agus nach táinic an uair do
gheall sé, d'éirgheadar triúr mac Riogh na bh-Fear n-Dubh
do marbhadh le Toirdhealbhach roimhe sin agus do ghabhadar
féin ceannus na tíre, agus ní thugadar cíos ná cáin do'n
taoiseach d'fhág Toirdhealbhach ós a g-cionn.



Do thriall clann Thoirdhealbhaigh d'á n-ionnsuighe, agus
do ghluais clann Ríogh na bh-Fear n-Dubh le sluagh mór
do-áirmhighthe i n-a g-coinne. Tugadh cath calma, con-
tabhartach, gaibhtheach eidir an dá shluagh, gan dul ag taoibh
díobh air an taoibh eile go d-tárla clann Ríogh na bh-Fear
n-Dubh agus clann Thoirdhealbhaigh air a chéile. Do bhidh-
eadar ag troid air feadh tamaill, acht fá dheireadh do
marbhadh clann Ríogh na bh-Fear n-Dubh, agus do ghaibh a
muinntir rian madhma agus móir-theithidh chuca.



Do chas clann Toirdhealbhaigh agus sluagh na h-Ior-
ruaidhe go buadhach móir-mheanmnach abhaile, I g-cionn
sealaid aimsire i n-a dhiaigh sin do shocruigheadar triúr
chloinne Thoirdhealbhaigh an ríoghacht so fá n-a riaghlachadh
agus fá n-a g-comhacht féin, agus do cheapadar an
taoiseach céadna ag riaghlughadh na rioghachta go g-cas-
faidís air ais. Do fhágbhadar an cíos agus an cháin do bhí
tiomargtha ag an triúr óig-rightheadh do marbhadh 'san
g-caith ag an taoiseach le coimead dóibh féin.



Tar éis an socrughadh sin do dheunamh do chuadhadar air
bhórd a luinge, agus do thrialladar d'ionnsuighe Tíre
an Óir, óir is ann do chuaidh a n-athair an uair d'fhág sé


L. 80


Iorruadh; agus ní h-aithreastar a n-imtheacht gur ghaibh
an Murudhách cuan agus calaphort i d-tír an Óir. Air
rachtain i d-tír dóibh budh bhuadhartha an sgeula fuaradar
air an d-tír sin; óir an uair d'fhág a n-athair Righ Tíre
an Óir go samh síochánta, i seilbh a rioghachta féin agus i
seilbh urmhór na h-Iorruaidhe, iar marbhughadh an fhir mhóir,
do bhí triúr dearbhraithre ag an bh-fear mór do ghaibh seilbh
na rioghachta an uair d'fhág Toirdheálbhach Tír an Óir;
agus ní h-é sin amhain, acht do bhuaineadar amach urmhór
Thíre an Óir, agus air an g-cath dó bhí le tabhairt i gcionn
trí lá do bhí cailleamhuin iomláin na tíre nó a bhuachain
go brath. Iar g-clos an sgéil sin do'n triúr laoch do
ghluaiseadar d'ionnsuighe áruis an riogh, agus d'innis an
rígh féin dóibh an cás i n-a raibh sé, agus d'á d-tugaidís
a g-congnamh dó, agus d'á m-budh leis féin do bheidheadh
an buadh, go d-tiubhairfeadh breith a m-bheul féin dóibh;
go raibh sé féin i n-a leithead eile de chás roimhe sin, agus
gur bhuail gaisgidheach coigriche chuige, agus gur fhuasgail
é, agus gur mhairbh Rígh mór na h-India; go d-tug a
rioghacht do féin, agus gur imthigh sé uaidh; gur gheall
teacht arís agus nach d-táinic, agus gur go Tír na
Tairingre do chuaidh sé.



Iar g-clos na m-briathar sin do'n triúr laoch budh
dheimhin leo gur b'é an laoch-soin a n-athair, agus d'inn-
sidear do'n righ gur ab air a thóirigheacht air feadh an
domhain do bhidheadar le seal, agus go d-tiubharfaidis
féin an congnamh ceudna dhó. Budh luathghaireach le Righ
Thíre an Óir an fuasgladh sin, agus do chuir é féin i
g-cóir i g-coinne an chatha.


L. 81


Lá an chatha do ghluaiseadar chum an mhachaire, agus
níor thaise do thriúr dhearbhráthar ríogh na h-India é, óir do
bhidheadar i bh-fíor-thosach a mór-shluaigh féin go millteach,
mear-chalma. Do chuaidh an dá shluagh fá chéile, agus thuit
iomarca dhíobh air an g-ceud ruathar, no go d-tárladar
an seisear laoch air a chéile. Is annsin do bhí an torann
agus an treun-tuargain iongantach, ionnus gur fhanadar
an dá shluagh i n-a seasamh suas gan cor do chur díobh, acht
ag feuchain air an g-cómhrac fuilteach, faobhrach, fíor-
dásachtach sin. Dob' iongnadh le righ na h-India, agus
le na muinntir cá bh-fuair Righ Tíre an Óir an triúr laoch
sin le n-a méid agus le n-a g-cumasacht, a n-éideadh agus
a n-deunamh.



Do bhí an cómhrac air siubhal go meadhon lae, go
n-dubhairt Crochán, "A dhearbhráithre," ar sé, "ní raibh ár
n-athair an fhaid so ag marbhughadh Righ mhóir na h-India."



Le na linn sin do chromadar an triúr laoch a g-cinn
agus d'árduigheadar a lámha, agus do bhuaineadar na
trí cinn de na righthibh sin le trí borb-bhéimeannaibh, agus
do chuireadar trí gártha chosgair agus comhmhaoidhte asta;
leis sin gabhus an sluagh raon madhma agus móir-teithidh
chuca, agus do marbhadh an urmhór 'san ruaig sin.



Budh iongnadh nach deachaidh Righ Thíre an Óir i ngeal-
taigheacht le luathgháir ó'n bh-fuasgladh sin do fuair sé,
agus ní raibh a fhios aige cá m-beidheadh an triúr laoch
sin aige le cion agus le meas orra. Air n-a mhárach
do ghaibh Righ Thíre an Óir seilbh ins an India, agus do
chuir fá n-a smacht í, agus d'fhanadar an triúr laoch go


L. 82


ceann seachdmhuine i n-a fhochair; agus ó fuaradar
tuairisg gur go Tír Tairngire do chuaidh a n-athair as
Tír an Óir, níor bh'fhéidir sosadh do chur ionnta go n-deach-
aidís do'n tír sin.



Do ghluaiseadar d'ionnsuighe na tíre sin, agus air
rochdain ann dóibh, do chuadhdar go dún an ríogh. Budh
chúmhach doilghiosach do bhí an rígh rompa tar éis urmhóir a
rioghachta do chailleamhuin, agus an cuid eile, mar an
g-ceudna, ins an g-cath do bhí fógartha i g-cionn trí lá,
muna m-buaidhfeadh sé é. An uair do chonnairc an righ an
triúr gaisgidheach do b'fheárr inneall agus éagcosg d'á
bh-feacaidh sé riamh roimhe sin, d'fháiltigh sé rómpa, agus
d'fhiafruigh fios a d-turais díobh. D'innseadar dó gurab
as oileán atá i n-iarthar an domhain dóibh, agus gurab
air tóruigheacht a n-athar do thángadar féin, agus go
g-cualadar go raibh sé seal ins an ríoghacht sin, agus
gur Toirdhealbhach Mac Stairn dob' ainm dó. Air na
chlos sin do'n righ do chuir míle fáilte rompa, agus
d'innis dóibh gurab é a n-athair do chosain é féin agus
a ríoghacht roimhe sin, óir gur éirigh Righ Thíre an Fhuachta
ag buaint a mhná pósta dhé - eadhon, inghean Riogh Thíre an
t-Sneachta; go raibh Gaisgidheach an Domhain Thuaidh air
thaoibh Ríogh Thíre an t-Sneachta, agus gur mharbh a n-athair
é i g-cómhrac aoin-fhir; agus an uair d'imthigh a n-athair
as an d-tír sin gur éirigh Rígh Tíre an t-Sneachta agus
Rígh na Mara Gile agus gur chreachadar a dhúthaigh, agus
gur mharbhadar a dhaoine, agus nach raibh dul dé ag Rígh
Tíre an Fhuachta gan a ríoghacht do bhuain dhé, agus a


L. 83


bhean, budh mheasa leis ioná seach ríoghachta, agus gur b'é
sin an cás i n-a raibh sé féin.



A dubhradar an triúr leis meisneach do ghlacadh, agus
go d-tiubhraidís féin an congnamh agus an chabhair cheudna
thug a n-athair dhó.



Budh mheanmnach luathgháireach do bhí an rígh ó'n ngeal-
lamhain sin do thug na laocraidh dó, agus do chuir gach
nidh i g-cóir le h-ucht an chatha. Do chuaidh sé ins an
machaire go luathgháireach agus an triúr laoch sin i bh-fíor-
thosach an t-sluaigh aige.



Agus tángadar an triúr ríghtheadh do'n taoibh eile le
sluagh líonmhar lán-taibhseach, agus thugadar ucht air a
chéile go dian dásachtach.



Dála chloinne Thoirdhealbhaigh thángadar air lár an
t-sluaigh, agus thugadar ruathar rachtmhar fá thiughdus an
t-sluaigh ó thosach go deireadh gur mharbhadar trí míle fear
de'n ruathar sin díobh, agus go m-bidheadh fál de chorpaibh
daoineadh marbh air gach taoibh díobh; agus thugadar
an dearg-ruathar ceudna tar ais tríd an sluagh go rán-
gadar an láthair i n-a raibh an triur ríghtheadh, agus do
bhaineadar na trí cinn díobh gan mhoill.



Iar g-cailleamhain na ríghtheadh do ghaibh a muinntir
raon madhma agus móir-theithidh chuca. Do thainic an
triúr laoch agus sluagh an ríogh fútha agus thársa, agus
air gach taoibh díobh, ionnus air n-dul do'n ghréin faoi
nach raibh fear inniste sgéil beó de'n mhór-shluagh sin
do throid air son na d-trí rightheadh; agus do chas Righ Thíre
Thairngire agus clann Thoirdhealbhaigh go buadhach a bhaile


L. 84


an oidhche sin agus seilbh a mhná agus a rioghachta aige. Ní
féidir a chur síos i m-briathraibh méid an cheana agus an
ghraduim do bhí air an triúr laoch sin ó Éirinn. Do thairg
an righ breith a m-beul féin dóibh, agus ní ghlacfaidís aon
nidh no go m-beidís ag casadh a bhaile b'é uair é. D'fhan-
adar ins an áit sin go ceann caoicidhíse ag smuaineadh cá
h-áit do rachfaidís. Lá de na laethibh sin tháinig seanóir
cian aosda d'á láthair, agus a dubhairt leo go g-cualaidh
sé gurab air thóruigheacht an ghaisgidhigh Lochlannaigh do
bhí 'san tír sin seal do thángadar, agus go d-tiubhradh
féin a thuairisg dóibh, agus go m-beurfadh leis iad mar a
raibh sé.



Ní chualadar an triur laoch riamh sgeul budh bhinne
leó ioná an sgeul sin, agus thugadar dorn óir do'n
t-seanóir, agus do ghluaiseadar leis air n-a mhárach gan
fhios do thabhairt d'aon duine cár' ghabhadar no go ran-
gadar Coill na Marbh, agus do thaisbeán an seanóir
dóibh an áit i n-a m-bidheadh sé féin faoi scailp, agus
mar do chonnairc an dias laoch air a n-urnaighthibh, agus
mar thigeadh an t-aingeal le biadh chuca, agus mar do
rinneadar uaigh dhóibh féin, agus mar do chuaidh innte chum
báis d'fághail i n-aoinfheacht, gur thug an t-aingeal liag
lán-mhór cloiche leis, agus mar do chuir air dorus na
h-uaighe í, agus mar d'fhág sgríbhinn air an lic do sgríobh
le rinn gátha do bhí aige. Agus do chuaidh an seanóir
leó, agus do thaisbeán dóibh an uaigh agus an liag.
Do bhuaileadar a g-corp faoi lár agus faoi lán-thalamh,
agus do shileadar frasa diana deór, agus do chromadar


L. 85


ag caoidh agus ag caoineadh a n-athar, go raibh a g-croidhe
dian-bhriste le cúmha agus le dubhrón, ionnus nach raibh
tapadh mná seólta ionnta, agus gur fhanadar air feadh
na h-oidhche uile sínte air an d-talamh fá bhun na lice,
ag deunamh dubhrón agus tuirse go h-éirigh gréine air
na márach, agus, ag imtheacht dóibh annsin, a dubhairt
gach n-aon aca an laoidh so síos: -



CROCHAN:



"Och! is truagh sin, a athair cháidh,
Is fada atáir air seachmall uainn;
A's anois, ó thárla tusa air fághail,
Gan ad' áit aguinn acht d'uaigh.



"A's fágbhaim agat míle slán,
Ó 'n-diu go bhráth ní fheicfead thú;
Is é do bhris go deo mo chroidhe
Tú bheith sínte 'n-diú 'san úir."



Sal:



"Dob' fhada sinne air do rian -
Tar tonna a' triall a's ag fearadh gleó -
A's gan fá dheireadh dúinn i n-dán
Do bheannacht d'fhághail nó d'fheicsin beó.



"Ní fhuil aguinn anois le rádh,
Ag dul tar sáil go h-Iath na bh-Fiann,
Acht go bh-feacamar an feart
Agus an leac atá ós do chionn."


L. 86


DAITHLIONN:



"Is triúr sinne is truagh cás
D'fhág ár máthair go h-óg i n-a diaigh,
Ní fhuil sí féin ná ár n-athair beó,
A's táid fós gan feicsin riamh.



"Fágbhamaoid, a athair ghrádhaigh,
Míle slán agat go deó!
A's glac uainn, mar chluithche chaointe,
Osnadh chroidhe agus frasa deór."



A h-aithle na laoidhe sin d'iompuigheadar an triúr laoch
tar a n-ais chum trí póga do thabhairt do'n lic, agus do
chonncadar fá chiumhais na lice solus budh chosamhail le
teine ghealáin; agus do chuir Crochán a lámh isteach,
agus is amhlaidh do fuair ann sleagh Lugha Lámhfhada
agus do tharraing amach í; agus do chuir an t-sleagh,
amhail budh ghnáth léi, cioth teineadh dá rinn; agus is amhlaidh
do bhí crann na sleighe chómh dearg le rós ó fhuil na
rightheadh agus na d-taoiseach do thuit lei, ionnus nár
bh'fhéidir le h-uisge nó le nidh air bith a ghlanadh; agus
is í an t-sleagh cheudna so do thárla chum Diarmada Uí
Dhuibhne 'n-a dhiaigh sin, air a d-tugthaoi an Gá Dearg,
agus is léi do rinne Diarmuid urmhór na ngniomhartha
gaisge do rinne sé 'n-a dhiaigh so, oir ní thearnaidh neach
slán uaithe 'n-a g-caithtidhe leis í.



Budh luathgháireach leis an triur laoch an t-aon chomh-
artha amháin sin ó n-a n-athair do theangmháil chuca; agus


L. 87


do ghluaiseadar tar a n-ais go Ríoghacht Thíre Thairngire
agus d'fhanadar seal ann; agus as sin do chuadhdar go
Ríoghacht na h-Iorruaidhe agus go Tír an Óir. An uair
budh mhithid leó bheith ag imtheacht do chuireadar air bhórd
a luinge an méid óir agus iolmhaoine agus budh thoil leó
féin.



D'fhágbhadar Tír an Óir go síothchánta tar a n-éis,
agus do ghluaiseadar as sin go Ríoghacht na h-India, mar
ar fearadh na fáiltighe rómpa, agus do chomhnuigheadar
seal annsin ag cur a d-tuirse dhíobh, agus ag cruin-
niughadh a g-cíosa, agus ag líonadh a luinge de éadáil,
ionnus nár shnámh riamh air muir roimhe sin ná ó shoin a
leith long budh shaidhbhre ná an Mhurudhach an tráth sin.



Tar éis a ngnótha do shocrughadh agus taoiseach do
cheapadh ag riaghlughadh gach tíre díobh i n-a n-ainm féin,
do b'fhada leo do bhídheadar i n-eugmhais radhairc na
h-Éireann d'fhághail; agus leis sin d'fhágbhadar slán
ag muinntir na d-tíortha so, agus d'iompuigheadar ag
triall go h-Éirinn.



Ní h-aithristear a n-imtheacht gus an deachmhadh lá,
timchioll meodhain oidhche, agus, i n-ionad bheith air mhuir
do'n Mhurudhaigh, an tráth sin, is amhlaidh do bhí sí air a
h-eolas féin i g-calaith ciúin, cuain-réidh, i d-tír thaith-
niomhaigh, fheur-uaithne.



D'aithin an fuirionn an cuan, agus d'fhógradar gur
b'í sin Tír na m-Ban g-Cíoch Loisgthe, agus gurab ins
an g-cuan sin do chuireadar féin i d-tír Fionnabharthach,
agus gur b,é sin thug fá deara do'n luing dul ann an


L. 88


tan sin. Air éirghe gréine do chonncadar air an bh-feorán
i n-a seasamh i n-a h-aonar an bhean budh bhreághtha cruth,
cuma, sgéimh, agus dreach d'á bh-feacadar riamh, agus
do rinne comhartha dhóibh druidim léi. D'fhiafruigh sí dhíobh
cia h-iad féin. Do labhair duine dé'n triúr laoch, agus
a dubhairt gurab ó oilean do bhí i n-iarthar an domhain
iad, agus gur ag taisdeal na g-críoch le seal do
bhidheadar.



D'iarr sí orra teacht i d-tír, agus do thángadar.
D'fhiafruigh sí dhíobh mórán de sgeultaibh, agus d'inn-
seadar dí do réir mar bhí aca. D'fhiafruigheadar-soin
dise a sgeula féin, mar an g-ceudna. A dubhairt sí leo
nach maith do bhí a sgeula féin aice, agus gurab bean
ó iarthar an domhain a máthair, agus go bh-fuair sí bás
ins an tír sin d'á tabhairt féin chum an t-saoghail, agus
gur ghaibh bainrioghan na tíre sin le hais í féin, agus go
raibh air a cúram; agus gurab uirre féin do bhí coimhéad
an chuain an lá sin; nach fuilingtidhe fear air bith beó
innte, agus go loisgtidhe cíoch dheas gach mná i n-a h-óige,
agus go bh-fuair a máthair féin ó'n m-bainrioghan gan
sin do dheunamh léi féin, agus gurab as sin thugadar
an Aoinbhean mar ainm uirre; agus go raibh bean uasal
ó'n Talamh Naomhtha 'san Asia ro-cheanamhuil air a máthair,
agus gur do'n fhíor-Dhia do ghéill sí, agus go d-tug sí a
máthair féin air an g-creideamh ceudna, agus ag fágh-
bháil bháis d'á máthair gurab air an mnaoi uasail sin
d'fhág sí a cúram féin; agus gur fhág sí bosga nó
ball dearg óir aice agus a dubhairt léi é choimhéad fá


L. 89


na comhair féin, dá maireadh sí, agus go bh-fuigheadh ins an
ball-soin cia d'uaislibh nó d'an-uaislibh an domhain dí
féin; agus gur thaisbeán sí an ball sin do na mílte
pearsan, agus nár bh'fhéidir le h-aon aca an sgríbhinn do
léigheadh; agus, mar budh air lear a bh-fad iad, dob' é
sin fá deara dí féin a leigean i d-tír d'fheuchain an
m-b'fhéidir leó an sgríbhinn do léigheadh.



Leis sin, do bhuain an bhean óg an ball ó n-a braghaid
brollach-gheal, agus do sgaoil é, agus thug do'n triúr
laoch é.



Is amhlaidh do bhí an sgribhinn sin i litreachaibh agus i
d-teangaidh ceart-Ghaoidhilge ins na briathraibh so: -



"Mise inghean Thoirdhealbhaigh Mhic Stairn, mac dear-
bhráthar Riogh Lochlann, agus Fionnabharthaighe, inghean
Deala, mic an Daghda, árd-taoiseach Tuaithe De Danann,
atá i n-oileán i n-iarthar an domhain, air a d-tugthar Éire;
agus is ag triall ó'n Iorruaidh go h-Éirinn do bhí mo
mháthair an uair do tháínic sí do'n chríoch so na m-Ban
g-Cíoch-Loisgthe, agus do fuair bás am' thabhairt-se chum
an t-saoghail. Atá triúr dearbhrathar i n-Éirinn agam,
má mhairid siad. Crochán, Sál, agus Daithlíon is anm-
anna dhóibh."



Iar léigheadh na m-briathar sin ós árd do'n triur laoch
i g-comh-chlos na h-óg-mná, d'fheucadar a g-ceathrar air
a chéile, agus d'athrughadh a snuadh, a n-deilbhe, agus a
g-cruth, agus níor fhan focal ionnta le h-úr-gháirdiughadh,
meanman, agus aigeanta, iad do chasadh air a chéile comh
h-eugsamhuil sin. Do phógadar a chéile seal, agus do


L. 90


shileadar frasa diana deór seal eile, agus budh mhó
gradam na h-óg-mhná 'ná na bh-fear an uair do dheimh-
nigheadar dí gur b'iad féin a triúr dearbhráthair do bhí
ainmnighte ins an sgríbhinn sin, agus a dubhairt nach
sgarfadh leó, agus go ngluaisfeadh leó go h-Éirinn, agus
d'á réir sin d'imthigh uatha chum an dúna. Thug sí ualach
deichneabhair laoch léi de'n eudach budh shaidhbhre 'san domhan,
agus do chuir sgríbhinn chum bainrioghna na tíre ag gabháil
a leith-sgéil ó'n imtheacht sin do rinne sí, agus fáth a
h-imtheachta; agus nach tug aon nidh léi acht eudach a cuirp,
agus gur fhág sí gach nidh bhí air a cúram sabhálta tar
a h-éis.



As a h-aithle sin do chuadhdar air bhórd na Murúghaidh go
luthgháireach, tar éis tuairisge a n-athar agus a mathar
d'fhághail, agus a deirbhshiur nach raibh fios aca bheith beó,
agus thógadar a seolta snáith-righne le gaoith d'ionnsuidhe
na h-Éireann.



Ní h-aithristear a n-imtheacht go rángadar Cuan an
Óir 'san roinn ó dheas de'n Afraic, an cheathramhadh rann
de rannaibh an domhain, agus do chuadhdar i d-tír ann
chum tuirse na fairrge do chuir díobh ins an tír aoibhinn
áluinn sin. Do rinneadar both air bhruach an fheoráin, agus
thárla an uair sin cogadh eidir rígh na tíre sin agus trí
righthibh eile do bhí i n-a chomharsanacht, agus do bhuaidheadar
dhá chath air Righ Chuain an Óir, agus air an treas chath do bhí
le tabhairt i g-cionn dhá lá do bheidheadh deimhniughadh cia
aca de na righthibh fíochmhara so do bhuaidhfeadh go h-iomlán.
Do chuadhdar an triúr dearbhráthar ins an g-coimhghleic


L. 91


sin, agus do mharbhadar na trí righthe. Do thug Rígh Chuain
an Óir éadáil na d-trí rightheadh eile do'n triúr laoch agus
leath a raibh d'iolmhaitheasaibh aige féin, agus do thionnlaic
go bruach an fheoráin an éadail sin chuca; agus tar éis
na h-oidhche do thuitim tháinic an righ fiadhain fealltamhuil
agus deich míle d'á dhubh-shluagh chum feille do dheunamh air i
an triur dearbhráthar, agus an éadáil do chasadh air féin
arís; acht is é críoch an sgéil gur chaill an righ a cheann
agus nach deachaidh fear innste sgéíl as d'á mhuinntir
gan díth-cheannughadh mar aon leis féin. Do chuaidh an triúr
laoch go h-éudálach air bhórd a luinge, agus d'árduigh-
eadar a seolta go súgach so-mheanmnach, agus ní h-aith-
ristear a n-imtheachta gur gabhadar cuan agus calaith i
n-Oileán Mhór an Bharraigh, ionad cómhnuighe Mhic an
Dághda an tráth sin; agus do cruinnigheadar Tuatha De
Danann as gac áit i n-Éirinn 'n-a rabhadar ag fáiltiughadh
rómpa; agus tháinic Gruagach Sléibhe Mis air na ceud
daoine ag fáiltiughadh roimh a thriur dalta agus roimh
a n-deirbhshiuir, agus níor tháiníc go h-Eirinn bean budh
bhreághtha 'ná í, agus do ghaibh gach n-aon ag deunamh ion-
gantuis dí, acht Gruagach Sléibhe Mis amháin; oir, gidh
gur chuir sé fáilte roimpe, níor tháthaigh a chroidhe léi;
agus d'innis tré rún d'á dearbhráithrib an tairngireacht
do rinn, i n-allód, árd-draoidh Tuaithe De Danann an
uair do baisteadh iad féin, agus go bh-feacaidh sé féin an
tairngireacht cheudna i Leabhar Ruadh na Faistine, i
d-tigh Chada Chosaigh, Rígh Bearnáin Éile, agus a dubhairt
an tairngireacht ins na briathraibh so:


L. 92


"Tiocfaidh gein nach rugadh fós,
A's go m-beith do'n óigh air chumus fir
Biaidh an triur so saoghlach buan,
A's tiocfaidh uair a n-euga annsin."



Acht níor chuir an triur laoch suim i n-a chómhrádh, acht a
bheith ag fonomhaid faoi an laoidh sin; agus a dubhradar
gurab annsna spéartaibh shuas do cheapthar gach nidh do
thuiteas amach air an d-talamh, agus gidh b'é nidh cheapthar
ann nách bh-fuil toirmeasg le cur air, agus nách raibh i
d-tairngireacht air bith acht ráiméis do chumadar sean-
daoine mar chaitheamh-aimsire dóibh féin, agus nach géill-
fidis féin d'á macsamhail.



Cíodh trácht, do chaitheadar Tuatha De Danann seal dá
n-aimsir go súgach subhailceach a bh-fochair a chéile, no go
d-táinic foráileamh agus fógradh air bháire comórtais
do bheith le h-imirt eidir fhearaibh Éireann agus
Fiannaibh Éireann air fhaithche feur-uaithne na Teamh-
rach lá áirighthe, agus do rith an sgeul sin air feadh
Éireann, agus ní raibh fear nó bean i n-Éirinn nach raibh
d'a n-ullmhughadh féin chum dul air an m-báire sin.



An uair do chonnairc inghean Toirdhealbhaigh, eadhon, an
Aoinbhean, gach n-duine d'á n-ullmhughadh féin a dubhairt
go rachadh féin i n-aoinfheacht le banntracht Thuaithe De
Danann, agus do chuireadar iad féin i g-cóir, eidir fhear
agus mhnaoi, agus do thrialladar go Teamhair.



Do bhí rómpa ann sin Cormac Mac Áirt mhic Choinn
Cheud-Chathaigh, eadhon, Árd-Rígh Éireann; agus a mhac
maiseach móir-mheanmnach, eadhon, Cairbre Lifeachair,


L. 93


agus fir Bhreagh agus Mídhe, agus a m-banntracht, air
thaoibh de'n fhaithche. Do bhí air an taoibh eile Fionn Mac
Cumhaill, mhic Treun-Mhóir Ui Bhaoisgne, Righ Féinne
na h-Éireann, agus seacht g-catha na gnáith-Féinne in-a
thimcheall, agus a m-banntracht, air fód fá leith leó
féin.



Do tairngeadh amach na tiománaidhthe air gach taoibh,
agus do cuireadh 'n-a seasamh air aghaidh a chéile iad.



Is ann sin d'fhiafraigh an Aoinbhean de mhnaoi-uasail
do bhí 'n-a fochair ainm gach n-duine do thug fá deara, óir
ní fheacaidh sí riamh roimhe sin an oiread sin fear air aon
bhall.



"Cia h-é," ar sí, "an fear forasda úd, átá faith-
cheamhail faid-dhealbhach, i n-a bh-fuil coróin dearg-ór air
a cheann, agus slat ór i n-a láimh dheis?"



"Atá ann súd," do radh an bhean-uasal, "Cormac
Mac Airt, Áird-Rígh Éireann."



"Cia h-é an fear feóil-tearc, fearamhail, fíochmhar,
fraochach, fiar-shúileach úd air dheas-láimh an ríogh, agus
brat dearg sróil áir?"



"Atá ann súd Cairbre Lifeachair Mac Chormaic, oighre
Ríogh Éireann."



"Cia h-é an fear fír-eólach, fada, finn-chiabhach, feasach,
fíor-maiseach úd, i n-a bh-fuil féilim airgid air a cheann,
agus slat airgid i-n a láimh chlí?"



"Atá ann súd Fionn Mac Cumhail mhic Threun-Mhóir
Ui Bhaoisgne, Rígh Fianna Éireann," do radh an bhean-
uasail.


L. 94


"Cia h-é an fear mór, maiseach, maordha, mear-
shúileach úd, air a bh-fuil folt fada fionn-bhuidhe, agus
fos flatha agus lonnradh riogh i n-a dheilbh?"



"Atá ann súd Oisín Mac Fhinn, mac Riogh na Féinne,
agus taoiseach ós cionn míle laoch 'san bh-Fiann."



"Cia h-é an t-óig-fhear áluin, an-mhór árd-aigeantach,
lúthmhar úd do chidhim, ag a bh-fuil an roisg ruithneach, réadh-
ghlas, agus folt fáinneach fada, donn-fhionn air? Is é is
áilne pearsa, is aoirde meanmuin, agus is breághtha de'n
dream daona. Is é is mó de mhilidhibh, is láidre de laoch-
aibh, is crodha de churaidhibh agus de ghaisgidhibh, 'san
chruinne cheathardha coimhleathan, do réir a phearsan agus
a dhealbha."



"Atá ann súd," do rádh an bhean uasal, "Osgar óir-
dhearc iolbhuadhach Mac Oisín mhic Fhinn, curadh calma,
taithiceach, agus ceannurradh air míle fear 'san bh-Féinn;
aonlámh tiodhlaice seod agus maoin, toirbheart agus
tuarasdal i n-iarthar an domhain, fear coimeadta clú
agus creach do Chlann na Gaodhal an mileadh chumasach úd."



"Cia h-é an fear trom, toirteamhail, taidhbhseach,
craosach, crom-ghuailleach, ceann-mhór, cos-árda, cnáimh-
reamhar, garbh, gruamamhail, gharbh-mháileach úd, agus folt
dubh, triopollach, trasáilte, bric-liath air, agus deilbh
fearamhuil, soineanta, stuama, suairc, séimh, soilbhir,
subháilceach, sochroidheach, sochaideartha aige?"



"Atá ann súd Goll millteach greannmhar gnímh-éachtach
Mac Móirne, Ríogh-laoch na h-Éireann, taoiseach agus
curradh air míle fear de'n Fhéinn."


L. 95


"Cia h-é an fear mór, maol, modartha, mísgiamhach,
murtaill, mór-mháileach úd, atá mall, míodh-thapaidh, mór-
ghlórach, milleánach, sgalaoideach?"



"Atá ann súd Conán maol Mac Móirne, fear grinn
agus míghrinn na Féinne, le suairceas agus le cros-
dacht."



"Cia h-é an fear fireannda, fuadrach, forránta,
foirtill, dathach, deud-sholuis úd, atá luath, líomhtha,
léir, lúthmhar, tapa, láin-mhéir, leabhair-gheugach, gean-
amhail, gasda, daol-dhualach, ghlé-chroicean, geal-gháireach,
greanamhar, grádhmhar, gorm-shúileach, agus folt cas
cíor-dubh air, agus dá ghruadh corcra coimh-dhearg, agus
déid geala, deas, dainghion, dlúth, i n-a bheul bhlasda
bhinn-bhriathrach?"



"Atá," air an bhean uasal, "Diarmaid deud-gheal
Ó Duibhne, Ríogh-laoch míle de'n Fhéinn agus taoiseach
air míle fear."



"Beir buaidh agus beannacht!" ar an Aoinbhean. "Is
mó m'eolas anois ioná air maidin, agus is mór an
mhaith liom fios an mhéid sin de'n t-sluagh do bheith
agam."



Cíodh trácht, do roinneadh na fir air gach taoibh an tráth
sin air lár na faithche, agus ní raibh i n-aon ríoghacht 'san
domhan cóimhthionól fear ná ban budh mhaisighe agus budh
mhórdhálaighe ioná an cruinniughadh do bhí air fhaithche na
Teamhrach an lá sin; agus, iar m-beith roinnte dhóibh, do
rugadh an liathród go lár na faithche, agus do buaileadh
poc dí 'san aodhar, agus níor leigeadh air talamh go


L. 96


ceann uaire í, acht í ag eitiollaidh ins an aodhar le h-air-
leógaibh cumais agus le neart laoch, no go ráinic sí Diar-
maid, agus do bhuail airleóg uirthe 'san aodhar do chuir
as a radharc í, agus air d-tuirling dí, do bhuail an dara
h-airleóg uirre 'san aodhar arís, agus d'fhág dhá d-trian
an mhachaire i n-a dhiaigh, agus air a tuirling dí arís, do
bhuail an treas leang uirre gur chuir seacht g-ceud
slat tar bheul báire í.



Is annsin do thóg an sluagh gáir mhaoidhte do shroith an
fhiormaimeint, agus a dubhairt Rígh Éireann an báire
do bhualadh arís, mar do bhí gaoth agus grian i n-aghaidh
bh-fear n-Éireann air an m-báire sin.



Do buaileadh an dara báire, agus d'fhan Diarmaid as
tosach an báire go d-táinic meadhon lae; gidh b'é breis do
bhí ann an tráth sin is ag fearaibh Éireann do bhí sé. Air
na fheicsin sin do Dhiarmaid, do chuaidh imeasg a mhuinn-
tire féin, agus do chuir an báire amach le trí ruathar
amhail do rinn ó chiainibh róimhe sin.



Do ghaibh fearg an Rígh Cormac agus a dubhairt an
báire do bhualadh an treas uair.



Acht do fuair Cairbre Lifeachair uaidh gan sin do
dheunamh, agus an báire do chur go h-am éigin eile;
agus a dubhairt gan fearg do bheith air, óir nár cosmhuil
go m-beidheadh seun báire orra an feadh do bheidheadh
Diarmuid O Duibhne ameasg na Féinne; agus do
ghnidhidh amhlaidh sin.



Gidheadh, do bhí nós agus reacht i n-Éirinn an tráth sin
gidh b'é duine do chuirfeadh báire amach cead do bheith


L. 97


aige trí póga do thabhairt do gidh b'é bean budh thoil leis
ins an rioghlann acht amháin bean an ríogh nó a inghean.



Dá réir sin, do chuaidh Diarmuid imeasg na m-ban,
agus d'feuch air bhanntracht bh-fear n-Éireann; agus do
chuaidh as sin go banntracht na Féinne, agus do thug súil
orra, agus as sin go banntracht Tuaithe De Danann, agus
air an cheud amharc do thug orra-soin, do chonnairc an Aoin-
bhean, dob' áilne 'ná an ghrian i n-a g-ceart-lár, do chinn
i sgéimh air an m-banntracht uile agus air mhnáibh Eireann
uile, mar an ngréin imeasg na coda eile de reultaibh
neimhe. Do bhí eudach iongantach eugsamhail uirre de
shról uaithne agus de shíoda ór-loisgthe in-a raibh lonn-
radh gacha datha 'san m-bogha gréine timcheall a cinn agus
a brollaigh, mar sgáth ag cosaint gaoithe agus gréine
dí. Níor bh'ionnan cuma ná deunamh d'á h-eudach agus
d'aon mhnaoi eile i n-Érinn ná fós 'san roinn Eorpa,
óir is ó Bhainríoghan na m-Ban g-Cíoch-Loisgthe fuair sí
iad, agus i n-éagmhais na cuma do bhí uirre ní raibh
órlach dí nach raibh buailte le reultaibh dearg-ór agus
le clochaibh sgiamhacha daora, do-fhághala na h-India. Dala
a crotha féin, ní raibh ins an domhan bean dob' fheárr
sgéimh, cuma, agus deunamh ioná í. Do bhí 'n-a deilbh
finne agus gile agus luisne an róis ag gleic d'á feu-
chain cia aca a d-triúr do bheurfadh buaidh air a chéile;
agus do bhí gach ball eile dí 'n-a g-cuma agus i n-a
n-deunamh ag teacht suas le gach iongantus sgéimhe do
bhí 'n-a deilbh



Acht cheana, do ghluais Diarmaid tríd an m-banntracht
go ráinic an Aoinbhean, agus tug trí póga dí, agus is air


L. 98


éigin do bhí ann iompughadh uaithe le searc agus síor-
ghrádh dí. Iar n-dul as an m-banntracht amach dó, do
lorg cia h-í féin, agus ní raibh air chumas aon duine
sgeula do thabhairt dó.



Dála an choimhthionóil, iar n-éirghe do Rígh Éireann
agus do Rígh na Féinne, do sgaradar le chéile, agus do
thriall gach n-aon air a dhún agus air a dheagh-bhaile féin.
Agus do rinneadar Tuatha De Danann an nidh ceudna.
Do thriall Mac an Dághda agus a mhuintir go h-Oileán
Arda Neimhidh.



Do chaith an Aoinbhean agus a triur dearbhráthar seal
d'á n-aimsir go súgach soimheanmnach imeasg a ngaolta
agus a n-daoineadh muinteardha.



Gidheadh, níor mhaith le Tuathaibh De Danann an aire do
thug Diarmaid Ó Dhuibhne do'n Aonmhnaoi agus gan
iarraidh aca féin cleamhnas do dheunamh le h-aon duine
de'n Fhéinn, mar nár chneasda le chéile riamh iad; agus
dob' eagal leó ó na trí pógaibh do thug Diarmuid dí go
d-tiubharfadh sé ionnsaidhe air a breith leis air ais no air
éigin. Is í cómhairle do rinneadar, an triur dear-
bhráthar agus í féin do shocrughadh i g-cúil éigin d'Eirinn
budh shia agus budh uaignighe ó shiubhal ná ó lorg na
Féinne.



Dá réir sin do thrialladar ó Oileán Árda Neimhidh,
agus ní dhearnadar oireasamh nó cómhnuighe go rangadar
Léim Chonchulainn i n-iarthar Tuadh-Mhumhan, agus mórán
mór d'á ngaoltaibh i n-a bh-fochair.



Mar do bhí ór agus airgead aca do rinne Crochán dún


L. 99


do féin le taoibh na fairrge thuaidh, agus do rinne Daith-
lion dún do féin le taoibh na fairrge ó dheas, agus do
rinne Sál dún daingean doibhriste dho féin leath-slighe
eidir an dá dhún eile; agus do rinneadar dún greannta
grianmhar do'n Aonmhnaoi air aghaidh an chaisleáin-láir,
air fíor-bhruach na fairrge shiar, ionnus nach raibh dul ag
fearaibh Éireann air an Aonmhnaoi de thír le treise
a triur dearbhráthar air a sgáth shoir; agus fir an
domhain air muir ní raibh cumas aca air teacht i d-tír le
calmacht oill-phéiste do bhí lámh re Léim Chonchulainn.
Na dúnta so do rinneadar is fá thalamh do bhí togha na
h-oibre, agus, mar sgáth air an obair mhaiseac sin, do
chuireadar cathracha garbh-cloch air mhullach na n-dún d'á
bh-folach air amharc namhad nó droch-dhaoineadh. Ní raibh
i n-Éirinn obair budh mhaiseamhla agus budh shaidhbhre
fá ór agus fá airgead agus fá iolmhaitheas na h-India
'ná áitreabha na trí triath sin agus cathair na h-Aonmhná
mar an g-ceudna. Do chuireadar an tír uile fá n-a
smacht, agus d'fhásadar fá neart agus fá chómhacht ion-
gantach, agus ór d'á bronnadh orra gach lá, agus bhí seun
agus sonus ag brúchtadh orra.



Iomthúsa Diarmuda Uí Duibhne, suaimhneas de ló ná
d'oidhche níor bh'fhéidir leis do dheunamh le searc agus le
síor-ghrád do'n Aonmhnaoi ó'n lá thug na trí póga dhí.
Níor fhág sé áitreabh nó ionad suidhte le Tuathaibh De
Danann gan lorg dí. Do cuardaigh sé Cúige Uladh, agus
an Mhumhain, agus urmhór Chuige Chonnacht, agus ní
fhuair a tuairisg ionnta.


L. 100


An uair do chonnairc an Ríg Féinne, Fionn, an
dubhrón do bhí air Diarmaid do chuir a lorgairidhe féin -
eadhon Clanna Neamhuin, mar atá Aodh Beag, Cearbhall
agus Conn Ó Neamhuin - air a tóruigheacht. Is amhlaidh
do bhidheadar-san, do chuireadaois lorg na h-eunlaithe
'san aodhar agus lorg na g-corr-mhíoltóg air talamh,
agus lorg an éisg 'san mhuir. Agus do theip orra
tuairisg na h-Aonmhna d'fhághbhail; oir, gidh go n-deach-
adar go Léim Chonchulainn, ní raibh maith ann, de bhrigh
gur chuir Clann Toirdhealbhaigh ceó draoidheachta i n-a
d-timcheall féin, ionnus nach fuaradar Clanna Neamhuin
amach iad, agus do chasadar a bhaile gan sgeul ná fáis-
néis d'fághbhail orra.



Iar na bh-feicsin sin do Dhiarmuid, níor fhan lúth ná
tapadh ann, agus do ghlac galar dubhach é, ionnus go raibh
le bás d'fhághail.



Budh thruagh le Fionn agus leis an bh-Féinn uile
Diarmuid do bheith mar sin, agus do tugadh Fearghus
Finnbhéil agus Cearbhall Cruacháin, dhá árd-liagh na
Féinne, d'á ionnsuighe, agus ní raibh tairbhe ann.



Is ann sin do labhair preabaire abhaic bhig do bhí ag
Fionn, nach raibh acht trí troighthe air aoirde ann agus
seacht d-troighthe air leithead, agus a dubhairt:



"A Dhiarmuid," ar sé, "is follus gur grádh mná do
ghalar, agus is sé mo chomhairle féin duit dul go nuige
d'oide múinte féin, eadhon, Aonghus Óg an Bhrogha, go
bruach na Bóinne, agus do bhearfaidh sé faisnéis duit
agus léigheas air do ghalar agus fios duit cá bh-fuil an


L. 101


bhean féin, oir ní fhuil ins an domhan macsamhail an fhir
sin i g-ceardaibh geinntlidhe draoidheachta. Agus sin
mo chómhairle féin duit."



Do mholadar an Fhiann uile cómhairle an abhaic bhig, agus
do chuireadar cóir air Dhiarmuid le h-ucht an turais.



Ní dhearnaidh Diarmuid cómhnuighe go ráinic fá dheireadh
go Brugh ós Bóinn, mar air fearadh fíor-chaoin fáilte
roimhe ag a oide, Aonghus an Bhrogha. Budh thruagh le
h-Aonghus, agus budh thuirse leis an cruth i n-a raibh
a dhálta ionmhuin; agus air an g-ceud amharc thug air
d'aithin a ghalar agus fáth a aicíde, agus a dubhairt leis
meisneach do ghlacadh, agus go m-b'fhéidir go d-tiocfadh
leis féin furtacht do thabhairt dó; agus do bhí Diarmuid
i n-a fhochair trí lá agus trí oidhche ag cur a thuirse dé
sul do thrácht Aonghus leis air an fuasgladh do thabhairt
dó ó n-a ghalar, agus i g-cionn na h-aimsire sin do rug
Aonghus leis é go bruach na Bóinne, agus do shuidheadar
araon go h-uaigneach i ngar do'n uisge geal-shruthach
iasg-líonmhar, agus d'aithris Diarmuid dó fáth a ghalair
agus a thurais.



"Is aithne damh-sa gach nidh d'éirigh dhuit," ar Aonghus,
"agus mórán eile nach aithnid duit féin; agus ní fhuil
ins an domhan bean is seachránuighe le bualadh fúithe 'ná
an bhean sin, nó fós is deacra d'fhághail amach ioná i, óir is
i g-Críoch na m-Ban g-Cíoch-Loisgthe do rugadh í; agus
Toirdhealbhac Mac Stairn, mac dearbhráthair Rígh Loch-
lann, a h-athair, agus Fionnabharthach, bean de Tuathaibh
De Danann, amáthair; agus Aoinbhean is ainm dí féin


L. 102


agus atá triúr dearbhráthair lúbach, láidir, lán-chalma
aice is glice i g-ceardaibh ginntlighe draoidheachta d'á
bh-fuil ins an domhan, agus ní taise dí féin é. An oidhche
rugadh í do rinneadh faisdine dí chomh luaith agus do bheidh
céile aice nach beidheadh níos faide 'ná soin de shaoghal ag
a dearbhraithribh; agus air an ádhbhar sin atáid ag cosnadh
gach chéile uaithe; agus ó'n lá thug tusa na trí póga
dí air fhaithche na Teamhrach ní h-iontaoibh leó í bheith
air chómhgur aon áit i n-a m-beidheadh siubhal nó rian
na Féinne ann; agus, air an ádhbhar sin, do shocruigh-
eadar iad féin agus an óigbhean i n-iargcúl Éireann,
láimh re Léimh Chonchulainn; agus is amhlaidh atá an áit
sin, roinn talmhan atá ag dul siar ins an bh-fairrge
amach leith-slighe eidir Ceann Caillighe agus Léim Chon-
chulainn, agus an fhairrge ó dheas agus ó thuaigh de, agus
gan chumas teacht air an áit sin act i n-aon bhealach
amháin anoir. Do righne an dearbhráthair budh shine dún
deagh-mhaiseach dó féin le taoibh na fairrge thuaigh. Do
righne an dara fear dún eile dó féin leath-slighe eidir
an dún thuaigh agus an dún do righne an treas fhear dó
féin air bhruach na fairrge ó dheas; agus is maiseach, eud-
álach, ríoghamhail, ró-áluin, na dúnta iad sin fá thalamh
le neart draoidheachta; agus do rinneadar ós cionn na
n-dún sin cathracha de gharbh-chlochaibh cruinne comhthroma
ag folach na n-áitreabh uasal sgiamhach atá fútha, agus
gur ab é cúmhdach budh bhuaine é; agus do rinneadar air
an d-taobh shiar de'n dún lár, dún greannta grianmhar
do'n Aonmhnaoi air chúmhdach an triuir laoch. Agus, a Dhiar -


L. 103


muid, so an áit i n-a g-cómhnuighid, agus is é sin an chuma
agus an fuithin atá air Chloinn Thoirdhealbhaigh; agus ní
fhuil air g-cumas d'fhearaibh Eireann teacht do thalamh orra
le cumhacht an triúir laoch agus le méid a n-draoidheachta,
agus fir Éireann ní thiocfadh de mhuir orra le buirbe
na fairrge agus le h-aoirde na n-ailltreach. Atá anachain
agus dochamhlacht eile is mó'ná sin ann - eadhon, oillphiast
iongantach anmhór atá i n-uathais ins an bh-fairrge air an
d-taobh shiar díobh, agus Dabhrán is ainm dí, agus is aon
de na trí h-oillphiastaibh í do rug an Cráinn Craosach do
Dhóirseóir Ifrionn air Lic na Cruinne; agus is iad so a
n-anmanna - eadhon, Fearbach, Cathach, agus Dabhrán. Do
cuireadh leis an Deamhan Ruadh d'á n-oileamhain iad, agus
is í áit i n-ar shocraigh iad i n-iarthar Eireann - mar
atá Fearbach i n-Dubhloch, Sléibhe Calláin, do marbhadh
le Cloinn Thoirdhealbhaigh i n-a n-óige, mar cheud ghníomh
gaisge; agus Cathach do fágbhadh i n-oileán beag atá i
m-beul na Sionnain, do thuitfidh i n-a dhiaigh so le Fionnán
Naomhtha; agus Dabhrán atá i n-Uathais Dabhráin láimh
re Léim Chonchulainn. Agus is amhlaidh atá an oill-phiast
sin: Ní taibhsighe long mhór faoi n-a seoil ioná í, agus
air chuma eascuinne atá sí, agus ní fhuil fághail ag loing
nó ag bád dul slán uaithe acht muna m-beidheadh sí 'n-a
codladh; agus atá Cathach, a deirbhshiúr, róimpe chum
spior spruadair do dheunamh de dh'á mhéid cobhlaigh do
casfaidh chuca, ionnus nach féidir, d'á dheasgadh so,
teacht de mhuir ag breith na h-ógmhná ó'n d-triur
laoch; agus, air an adhbhar sin, a Dhiarmaid, fir an


L. 104


domhain do bheith ag congnamh dhuit ní bheidheadh tairbhe duit
ann gan mo chongnamh agus mo chomhairle; agus ag so
dhuit iad agus fáilte. Beir leat an fáinne so, agus
cuir air do mheur meadhoin é, agus déan árus duit féin
air mhullach Chnuic Breandáin atá air an d-taobh ó dheas
de'n t-Sionnain, agus déan fóir-choimeud agus feitheamh
go bh-fágfaidh an triur laoch an baile. An uair sin iompó-
chaidh an chloch dhearg so ins an bh-fáinne chum bheith uaithne,
agus annsin triall led' chorrachán ó thuadh go h-uathais
Dabhráin, agus las an dá orlach de choinnill ceathar-
chuinneach ciarach so, agus an feadh do bheidheas an coin-
neal air lasadh beidh an oill-phiast i n-a trom-chodladh
agus torann an domhain ní dúiseochaidh í. Iar n-dul i
d-tír duit éirigh go tapadh go cathair na h-Aonmhná, agus
lámhaigh í; agus budh bheag an tairbhe dhuit sin le mór-
dhraoidheacht na mná, acht gur treise draoidheacht an
fháinne 'ná a draoidheacht sin. Ná dearmad an t-sleagh
draoidheachta do bhí ag Lughadh Lámhfhada do thabhairt
leat, óir is ag an Aonmhnaoi atá a coimeud, air eagla
siosma do bheith ag na dearbhráthrachaibh le cheile fá n-a
seilbh. Má tá i n-dán go g-caithfir amach an choinneal sul
a d-tiocfaidh tú a bhaile, agus go n-éireóchaidh an oillphiast
ad' leanamhain, caith an fáinne 'n-a coinne, agus rachaidh
i n-a craos, agus bhuainfidh dhá d-trian aneirt agus ameis-
nigh dí. Déan dó dhithchioll leis an t-sleigh as sin amach. Ní
fhuil ins an domhan macsamhail na sleighe sin. Do thuit an
oiread sin de ríghthibh agus de ró-fhlathaibh an domhain léi,
atá a g-cuid fola ríoghamhala uirre, ionnus nach féidir


L. 105


le h-uisge an domhain a bhuain dí. Má tá i n-dán duit
í d'fhághail tabhair an Gáith Dearg mar ainm uirre, Rach-
faidh tuairisg a gníomharthadh 'n-a dhiaigh so go críochaibh im-
chiana i n-eugmhais na h-Éireann. Agus, a Dhiarmuid,
tar éis na mná sin do bheith agat is iomdha duagh agus
dochair rómhat le fulaing agus le gabháil tríd sul a
m-beidh a seilbh díleas go h-iomlán agat nach bh-fuil air
g-cumas damh-sa d'fhoillsiughadh duit anois."



"Beir buaidh agus beannacht!" ar Diarmuid. "Tháinic
dhá d-trian mo neirt ionnam ó'n leur-chúntas sin thugais
dain; agus, ó tá a fhios agam cá bh-fuil an bhean d'á
d-tugas searc mo chroidhe dhí, beidh sí agam air ais no
air éigin, no tuitfead féin ins an gníomh sin."



Do chaith Diarmaid an oidhche sin go súgach soimheanm-
nach i bh-focair Aonghuis Óig, agus air maidin air na
mhárach do cheileabhair sé d'Aonghus agus d'á theaghlach,
agus ní dhearnaidh comhnuighe go ráinic sé Corca Uí
Dhuibhne i g-Contae Chiarraighe, agus do shocruigh sé ann,
agus do chuir pobal i n-a sheasamh ann agus do chuir lón
lae agus lán-bhliadhna ann, chum comhnuighthe ann ag fór-
choimeud air Léim Chonchulainn mar a raibh an Aoinbhean,
agus ag feitheamh air an uair d'fhágfaidís an triur laoch
an baile, agus ag síor-feuchain air fháinne Aonghuis
agus air athrughadh datha na cloiche ó dhearg go h-uaithne.



Do chuir Diarmuid fios air Garadh Ghlúndubh Mac
Móirne mar chuideachtain air mhullach an chnuic uaignigh
diamhair sin. Do chaitheadar a n-aimsir go h-aoibhinn go
ceann leath-bhliadhna, mar fhágfamaoid iad go fóil.


L. 106


Do bhí an tráth sin in a rabhadar Clann Thoirdhealbhaigh
go socair air a d-toil féin ins an g-cúil iarthar sin
d'Éirinn triur laoch lán-chalma d'iarmhar Fear m-Bolg,
i g-cumas i d-taoibh thuaigh de Thuadh-Mhumhan agus budh
triúr dearbhráthair iad agus do bhidheadar air fhearaibh
arrachtacha an domhain i n-a g-cómh-aimsir, agus ní h-é
amháin an réim talmhan d'á d-tugthar anois Corcamruadh
agus Buirrinn orra, acht do bhí cuid mór de Chonnacht fá
chíos agus cáin ag an triur laoch lúbach láidir sin -
eadhon Ruadhaoin, Ceannúir, agus Stuifin a n-anmanna.
Do bhí dún ríogha ró-mhaiseach ag Ruadhaoin, an fear budh
sine, air bhruachaibh na h-aille thuaigh, air a d-tugthar
in-diú Muthar Ui Ruadhaoin air. Do bhí ag Ceannúir, an
dara fear, a leithéid sin d'árus air bhruach na fairrge
ó dheas, air a d-tugthar air in-diú Lios Ceannúir; agus
do bhí ag an treas fear dún air lár na fairrge do chlis
orra uile i méid agus i maise, deunta air lár oileáin
sgiamhaigh feur-uaithne, agus droichead draoidheachta ó Lios
Ceannúir chuige, agus is ann do bhí urmhór eudáil an
triuir i d-taisge as los a dhaingne agus na mara do
bheith in-a thimchioll, óir do chuirfeadh Stuifin fá mhuir an
t-oileán, an dún, agus an droichead an uair budh thoil
leis fein é; agus ní fhliuchadh braon de mhuir an t-oileán
nó aon nidh bhí ann, acht an mhuir ag crochadh mar sgamal
ós a chionn.



Is é sin an suidheamh agus an t-imtheacht do bhí air an
triur laoch sin, go d-tárla dóibh lá aoibhinn samhraidh,
smuaineadh air amus do thabhairt siar budh dheas go


L. 107


h-iarthar na tíre, le saint agus le sáir-n eart, chum
creiche do fhuadach leó agus cuid de'n tír d'arguin;
agus do cinneadh an chomhairle sin leó, agus do ghluais-
eadar le trí chaogaid laoch, agus níor comhnuigheadh leó
de'n réim sin go rángadar Rinn na bh-Faoilinn leis a
ráidhtear Cill Chaoi anois; agus d'iompuigheadar ann-
sin, agus beathaigheach ceithre g-cos níor fhágbhadar gan
tiomáin leó chum an bhaile.



Iar na chlos sin do Chloinn Thoirdhealbhaigh do leanadar
an chreach le trí chaogaid laoch de dhearg-ruathar cúthach,
agus air uair an mheadhoin lae do rugadar orra ag
Cnoc na Síoguidhe ris a ráidhtear anois Leacht Uí
Chonchubhair, agus tosach na creiche ag dul 'san abhainn,
atá ag rith chum na mara air an d-taoibh thuaigh de na
dabhacha atá 'san áit úd. Is ann do fearadh cath gáibh-
theach eidir na fearaibh fíochmhara fíor-chalma sin go dul
do'n ghréin faoi, agus is í críoch do cuireadh air an ngleo
sin Ruadhaoin do thuitim le Crochán, Ceannúir do thuitim
le Sal, agus Stuifinn do thuitim le Daithlion. Ní
dheachaidh fear innste sgeul as de na trí chaogaid laoch
gan tuitim air an tráigh glain gaineamhaigh atá eidir an
muir agus na dabhacha; agus olc budh mhó ioná sin do
tharla de mharbhadh an lae sin, dún Staifinn, an t-oileán,
agus a raibh d'iollmhaitheas i n-a g-críoch i d-taisge ann,
gur cailleamh go bráth iad; óir ag imtheacht do'n iarthar
do Stuifinn, le na dhís dearbhráthar, do chuir an t-oileán
agus an dún faoi neart na mara le n-a draoidheacht,
agus ó cailleamh é féin, nach raibh a bh-fuasgailt le fághail


L. 108


go bráth, agus atáid faoi fhairrge ó'n lá sin gus an lá
in-diu.



Iomthusa Dhiarmuda, do bhí air mhullach chnuic Breandáin
ag fóirchoimeád agus ag feitheamh air an bh-fáinne gach
uair de ló agus d'oidhche. Thárla dhó an lá sin d'fhágbhadar
Clann Thoirdhealbhaigh an baile, go bh-feacaidh sé an chloch
uaithne, do bhí dearg roimhe sin; agus air feicsin sin dó,
do chuir a churach i g-cóir, agus do ghlaodhaigh air Gharadh
Glúndubh Mhic Mhóirne, agus a dubhairt -



"A Gharaidh ionmhuin," ar sé, "is éigin damhsa sgaradh
leat, agus do b'fhéidir gan tú d'fheicsin arís go fóir-
cheann na beatha. Tabhair mo bheannacht do'n Righ Féinne,
Fionn, agus do'n Fhéinn uile; óir, gidh budh mhór d'éachtaibh
agus d'eachtraibh d'á n-deachas tríotha riamh, ní raibh
éucht ná eachtra aca is cruaidhe agus is conntabhairtighe
ioná an turas so; agus tiomnaim mo mhaoin t-saoghalta
dhuit-se le roinnt mar so: iodhon, leath mo choda de'n
t-saoghal do'n Rígh Féinne, Fionn Mac Chumhaill, agus a
leath eile dhuit féin agus do Mac an Fhir Léith, atá an
tráth so ag fór-choimeud Cuain Bhinne Éadair; agus ní
fhuil nidh bhus mó agam le rád leat, acht fágbhaim beatha
agus slán agat."



A h-aithle na m-briathar sin do chuaidh sé 'n-a churach,
agus do thriall trasna ó h-uaigh d'ionnsuidhe Léim Chon-
chulainn agus do las an choinneal, agus ní h-aithristear
a imtheacht no gur ghabh cuan agus calaidh i n-Aill na
g-Curach roimh briseadh fáinne an lae. Níor mhothaigh an oill-
phiast é, le buaidh draoidheachta na coinnle. Do léim sé de


L. 109


chrannaibh a chraoiseach gur thuirling de'n bhaoithléim sin
air mhullach na h-aille feur-uaithne, agus do ghluais de
thoradh reatha go réim-dhíreach go cathair na h-Aonmhná. Do
fuair an ríoghan roimhe 'n-a suidhe ann, mar nach rachadh
do chodladh go d-tiocfaidís a dearbhráithreacha abhaile ó
leanmhuin na creiche. Mar do chonnairc Diarmuid
amharc a shúl uirre, do leath a dhá láimh láidre deagh-
thapaigh 'n-a timcheall féin agus timcheall na sleighe
sin Lughadh Lámhfhada, agus níor chuir lámh ná cos ins na
cairnibh ór agus airgid na h-India do bhí air urlár an
áruis sin. Do thriall go réim díreach siar d'ionnsuidhe a
churacháin, mar fhiadh maol thar ghleanntaibh, nó sidhe
gaoithe glan fuar lá míosa Mhárta thar móinfheur,
agus do chuaidh de léim úir-mheisneamhuil innte, gan
mothughadh do'n oill-phiast go rabhadar leith slighe de'n
fhairrge go Cnoc Breandáin, agus Garadh Glúndubh ag
feitheamh go luathgháireach leis; agus do thárla go cin-
neamhnach gur caitheamh amach an choinneal, agus gur
múchadh í, agus, air an uair sin, d'éirigh an fhairrge agus
do las an mhuir agus do bhlaodham an t-aodhar le tóirnigh
uathbhásacha; agus do líon dorchadas ós cionn na fairrge
ionnus nach raibh radharc ag neach air mhuir nó air thalamh
nó air aodhar acht b'é splancacha tinntidhe do bheireadh
solus uatha, ag meudughadh uathbháis na d-trágh an tan
sin. Is é nidh do tharraing an anfadh sin - eadhon, triall
na péiste as a h-uathais iar múchadh do'n choinneal;
agus is amhlaidh do bhí sí agus faid seacht loingeas
innte, agus gach luaid do ghnidh a h-uróg do chuireadh an


L. 110


fhairrge air feadh trí léige faoi anfadh agus faoi thonna
briste cúbhar-bhána, ag triall tríotha, agus a dá shúil air
dearg-lasadh, agus a craos osguilte aice, agus go sloig-
feadh sí long faoi n-a seoil d'aon ghreim, agus le gach
séideóg do chuireadh aiste go n-éirgheadh íochtar na
fairrge 'n-a uachtar, agus gach géim sgeunmhar do
leigeadh sí go g-cluintidhe iad i Ros Dá Shoilleach, leis
a ráidhtear Luimneach anois. Gidh gur chliste draoidh-
eacht na h-Aonmhná, air amharc na péiste agus air sgann-
radh na fairrge, do thuit sí i d-táimh-neultaib báis, agus
do bhí sínte 'san g-curach gan cor innte, agus do bheidheadh
Diarmuid 'san g-cruth ceudna muna m-beidheadh fáinne
Aonghuis do bheith aige. Gidheadh, do ghlac meisneach é,
agus air d-teacht do'n phéist i ngoire urchair sleighe dhó,
agus a craos osguilte aice, thug rian-urchar do'n fháinne
d'á ionnsuidhe, agus do chuaidh 'n-a craos, agus as sin
tré n-a corp, agus as sin tré n-a h-uróig, agus níor
fhan trian a lúth innte, agus do bhí seal gan aon chor do
chur dí tar éis an fhainne do dhul tríthe; gidheadh, do
choruigh sí fá dheire, agus do thriall go mall d'ionnsuidhe
an churracháin, agus a craos i n-áirde aice, agus tug
Diarmuid urchar do'n t-sleigh dí, agus cith teineadh air a
rinn, agus do gabh an t-sleagh go h-ádhbharach áthusach tré
ucht na péiste go d-táinic amach ag a h-uróig, agus air
leagadh na súl do bhí an t-sleagh i n-deas láimh Diar-
muda arís; agus do chaith an dara h-urchar, agus do chuir
trí na corp í, agus tháinic in-a láimh arís; agus thug an
treas urchar dí, agus d'aimsigh i n-a craos í, agus do


L. 111


chuaidh tre n-a croidhe, agus tré n-a h-earball amach,
agus do bhí sínte gan anam air uachtar na d-tonn. Do
chiúnaigh an mhuir agus an ghaoth, agus do spalp an lá air
ghréin agus air theasbhach. Is annsin d'éirigh Garadh
Glúndubh i n-a sheasamh, agus do chonnairc Diarmuid ag
triall go h-áthasach chum an chuain chum teacht i d-tír,
óir is amhlaidh do bhí Garadh Glúndubh air feicsin na
péiste ag triall d'ionnsuigh Diarmuda, agus i d-túis an
dhorachaduis agus an anfadh, sínte air a bholg air bhruach
na h-aille, agus a aghaidh faoi air an bh-feur chum nach
bh-feicfeadh sé Diarmuid d'á shlogadh ag an b-péist. An
tan do chonnarc sé Diarmuid ag triall chuige, agus an
bhean i n-a suidhe air shliasaibh an churacháin, is iongantach
nach n-deachaidh sé re gealtaoigheacht le meanmna agus
le luathgháir.



Is annsin tháinig Diarmuid i d-tír leis an dá sheod
do b'fheárr do bhí ag aon laoch 'san domhan - eadhon, bean
bhreágh agus sleagh Lúghadh Lámhfhada. Do bhí an oillphiast
sínte air lár na fairrge, agus gan aithine uisge nó sáile
air an bh-fairrge, acht í 'n-a linn fola, agus do bhí sí
mar sin go ceann lae agus bliadhna, agus a raibh d'éan-
laithibh agus de phríochánaibh i n-Éirinn d'á priocadh agus
d'á creimirt air feadh na ráe sin. Budh mhór an t-olc
eile do tháinic de thoisg na péiste sin; óir a deirbhshiúr,
eadhon, oill-phiast Innis Catha, iar bh-fághail boladh na
feola, do ghaibh buile garbh chuithigh í, ionnus gur chuir sí an
t-oileán i n-a raibh sí fá mhuir agus fá mhór fhairrge, agus
go n-deachaidh sí féin amach fá tír air gac taobh do'n


L. 112


t-Sionnan ag marbhadh daoineadh agus airnéiseadh, gur
bh'éigean do lucht na tíre a n-áitreabh do thréigean, agus
teitheadh le n-a n-anam agus le n-a n-áirnéis fá thiorthaibh
amach ó ruathar na h-oi-llphéiste coiripthe go ceann trí
bliadhan ó'n tráth sin. Air feadh na rae agus na h-aim-
sire sin níor bh'fhéidir le loing ná le bárc ná le coite
dul go Ros dá Shoilleach ná teacht as le h-uamhain agus
le h-eagla na péiste sin.



Dála Chloinne Thoirdhéalbhaigh, tar éis buaidh cosgair
agus comhmhaoidhte do bhreith, mar a dubhramar, air Rua-
dhaoin agus air a dhís dearbhráthar, thugadar mór-éadáil
leo, gidheadh ní raibh dul aca air Chill Stuifinn, mar do
bí an mhuir ós a cionn, agus gan cóir fuasgladh air
go bruinne an bhrátha ó cailleadh a thaoiseach féin, acht
amháin go sgaipeadh an draoidheacht dé air feadh trí h-uair
an chluig uair ins na seacht m-bliadhnaibh, agus go bh-feicid
lucht na tíre go soiléir é.



Do ghluaiseadar Clann Thoirdhealbhaigh de ló agus
d'oidhche d'ionnsuigh an iarthair, agus deithneamhur laoch i n-a
g-cuideachtain. Mar budh ghnáth leó an chéad amharc do
thabhairt air a n-deirbhshiúr, do thugadar an mhaidin sin
an chéad ionnsuidhe uirre, fá a g-cuid arm agus éadaigh,
agus ní bh-fuaradar a tuairisg féin ná an t-sleagh
rompa. Níor fhágbhadar slíghe ná campóirse gan chuar-
dughadh dí féin agus do'n t-sleigh.



Is annsin do dhubh agus do ghorm air an triúr laoch,
agus níor fhan caint ná úrlabhra aca, acht bunnsaidhe
fola do bhriseadh as a srónaibh. Tar éis teacht chuca féin


L. 113


dóibh, do chuarduigheadar timchioll na cathrach, agus fuar-
adar lorg an ghaisgidhigh agus na mná 'san drúcht, taobh
air thaoibh siar go díreach d'ionnsuighe na fairrge; agus do
leanadar an lorg go réim díreach go bruach na fairrge,
agus do chonncadar an fhairrge i n-a linn fola air feadh
a radhairc uatha, agus an oillphiast air lár na linne mar
bheidheadh inis nó oileán, agus éanlaithe an domhain ós a
cionn. Do chonncadar an curachán agus fear agus bean
i n-a suidhe ann, agus iad ag dul chum tíre, teacht ag bun
chnuic Breandáin, agus air a bh-feicsin mar sin dóibh, do
ghabh rabhartha chuthaigh agus buile agus leun comh mór sin
iad, go rugadar lámh air láimh air a chéile, agus gur chaith-
eadar iad féin i n-éinfeacht síos le h-Aill na g-Curach
gur leigeadar smúdar a g-cuid fola agus a n-innchinn
amach; agus tháinig an mhuir orra, agus d'fhuaduigh iad fá
dhoimhne na fairrge, ionnus nár frith a d-tuairisg ó'n
lá sin gus an lá in diu.



FOIRCHEANN.


L. 127


Sgeul Fiannuidheachta.



Bruighean Eóchaidh Bhig Dheirg.



Air na chur i n-eagar
le
Padruig O Briain,
Clódhadóir an Leabhráin so.



I m-Baile-Átha-Cliath.
1893.


L. 128


Do'n leightheoir.



Ní fiosach dam ainm úghdair an sgéil "Bruighean Eochaidh Bhig Dheirg,"
ná an tan 'nar mhair sé; acht is docha liom nach bh-fuil níos lugha 'ná
trí cheud bliadhan ó rinneadh an t-eachtra so do sgríobhadh. Ta dhá
chóib de ameasg na leabhar láimh-sgríobhtha i n-Ardscoil Ríoghamhuil na
h-Eireann; an ceann is feárr díobh-san dob' é Micheál Og O Longain do
sgríobh é, i m-bliadhain 1799, fear ag a raibh eolas mór air an
Ghaoidheilig. Bhí cóib maith de agam féin do sgríobhadh suas le ceud
bliadhan ó shoin; agus dob' iad sa na trí cóibh d'á n-deárna úsáid ag cur
an sgéil Fiannaidheachta so i g-clódh, do réir mar mheasas an mhodh úrlabhra
bheith níos so-thuigsionnaighe agus níos soiléire, ins na h-áitibh i n-a raibh
aon eidiridhealughadh eatorra, agus budh bheag é sin. Bhidheas ag macht-
namh air d-tús air an sgeul so d'aistriughadh go Beurla, agus é chur i
g-clodh le cois na coda Gaoidhilge; acht air athsmuaineadh samhluigheadh
dam go m-b'fheárr gan an deaghrún sin do chur i ngníomh, de bhrigh nach
b-fuil an chanamhain ró-dhoiceamhuil ná ró-ársaigh. Maille leis an
g-congnamh fuaras ó'm dhaoine muinnteardha, do rinneas mo dhithchioll
air an saothar bheag so do cheartughadh agus do chur i n-eagar mar budh
cóir. Is deacair leabhar Gaoidheilge do chuir i g-clódh gan lochtuigh beaga
éigean ann, agus gabhtar mo leith-sgeul 'na-a d-taobh so.



Padruig O Briain.


L. 129


LÁ naon d'á raibh Fionn Mac Cumhaill mhic Airt
mhic Threunmhóir Uí Bhaoisgne air dhruim na Gaillmhe,
agus d'éirigheadh fiadh fáthach foluaimneach i g-cionn gacha
seachtmhadh bliadhan roimhe dó ann; agus dob' í sin
bliadhain na seilge; agus an tan do leigtidhe coin agus
gadhair na Féinne i n-a dháil d'fágbhadh iad uile de thoradh
a reatha agus a threun-luathais. An lá roimhe lá Samhna do
bhí Fionn agus an Fhiann ins an ionad sin; agus do iarr-
adar Fianna Éireann air, coinnimh choitchionn do thabhairt
dóibh.



"A Chonáin Mhic Mhóirne (ar Fionn) déin Fianna
Éireann do choinnimheadh."



"Is fada an díomadh agus an t-eascaradas (ar Conán)
atá agad-sa agus ag an bh-Féinn uile i g-coinne
Clainne Móirne; agus dá n-deunfainn-se dearmad
coinnimhthe air aon droing de Fhiannaibh Eireann do bheidís
air tí m'áimhleasa ós ísiol agus ós árd go bráth."



"Maiseadh cia gheobhfar anois dh'á choinnimheadh?" ar
Fionn.



"Is maith atá a fhios sin agam-sa," ar Conán, "eadhon,
an fear is mó fearann agus feanchas, ór agus airgead,
buar agus bótháin, ionmhus agus iolmhaoin, agus do bhiadh-
fadh seacht g-catha na gnáth Fhéinne lá gacha seachtmhuine
agus seachtmhuin gacha míosa, agus mí gacha ráithe, agus
ráithe gacha bliadhna - eadhon, Caoilte Mac Chronnchuir
Mhic Ronáin."


L. 130


Tháinic Caoilte chuca iar sin, agus iarras Fianna
Éireann air coinnimh.



"A Ghalgaoithe," ar Fionn, "déin Fianna Eireann do
áireamh, agus déinfead féin iad do choinnmheadh."



Iar sin éirgheas Galgaoithe air thaoibh na tulcha budh
choimhneasa dhó; ag feuchain an bh-fuighbheadh sé giolla con
ná gadhar ná taoiseach Féinne d'uireasbaidh air seacht
g-catha na Gnáth Fhéinne; óir an t-aon súil is lugha do
bheurfadh orra d'aithneochadh sé aon díobh do bheith d'eas-
buidh orra.



Gurab ann sin do chuadhadar cuig fir deug de Fhian-
naibh na h-Eireann agus de mhaithibh na Féinne air thaoibh
na tulcha budh choimhneasa dhóibh, agus tugadh fithchioll
Oisín Mhic Fhinn chuca d'á h-imirt. Is iad so an bhuidhean
laochraidhe do bhí ann - eadhon, dís mhac Fhinn Mhic Chúmhaill
agus mac a mhic (Osgar Mac Oisín), agus triúr mhac
Aon-Cheárda Bheara (eadhon, Glas, Geur, agus Gadhbha),
agus Diarinuid O Duibhne, agus Art mór-bhuilleach Mhic
Móirne, agus Mac Luigheadh láimh-threun, agus Aonghus
Óg Mac Móirne, agus Sgiathbhreac Mac Dathchaoin, fear-
iomchartha sgéithe Fhinn; agus Roighneadh roisgleathan
Mac Fhinn; agus Caol crodha lámh-éachtach Mac Móirne,
agas Conán Maol na mallacht, i., fear millte agus
mór-bhuaidheartha gacha cuideachta.



D'éirigh Galgaoithe air thaoibh na tulcha budh choimh-
neasa dhóibh, d'fheuchaint an bh-feicfeadh sé giolla con
ná gadhar, ná taoiseach Féinne d'easbaidh orra. Gurab
annsin do chonnairc sé na cúig fir deug de Fhiannaibh


L. 131


Éireann agus de mhaithibh na Féinne agus iad ag imirt
fithchille.



Téidh sé d'á láthair iar sin agus do bhuain sé an
dornchladh d'á chloidheamh ag teacht i n-a bh-fiadhnaise dhó.



"Créad é sin dob' áil leat do dheunamh?" ar Oisin
Mac Fhinn.



"Budh mhaith liom," ar Galgaoithe, "tusa do bhuain mo
chinn díom, tar éis an dearmad choinnimhthe do rinneas
díot féin agus de na cheithre fearaibh deug eile sin ad'
chuideachtain."



"Ní bhuainfead-sa do cheann díot," ar Oisín, "acht do
shaoilfinn go m-beidheadh fear-buainte dó chinn díot am'
chuideachtain."



"Cia h-é féin?" ar Galgaoithe.



"Conán Maol Mhac Mhóirne," ar Oisín.



"Níor bhuaineas-sa a cheann d'á leithéid riamh," ar
Conán.



"Cread é mo leithéid?" ar Galgaoithe.



"Is maith atá a fhios sin agam-sa," ar Conán. "Agus
an bh-fuil a fhios agat créad um a d-tugthar Galgaoithe
ort?"



"Ní fheadar," ar Galgaoithe.



"Ní bh-fuilim-se mar sin," ar Conán, "eadhon, duine
thusa a bhidheas ag éirghe anáirde le gaoith agus le geal-
tachus an tan chluineas tú gáir chatha nó chomhlainne; agus
níor bhuaineas-sa a cheann de gheilt ná d'fhear buile
romhad riamh, agus ní bhuainfead dhíot-sa do cheann go
h-áirighthe."


L. 132


"Ní fhuilingeochaidh mise m'imdheargadh ná m'aithisughadh
níos mó dhíbh," ar Galgaoithe, ag imtheacht uatha le feirg
mhóir ó'n láthair sin.



Níor chian dóibh iar sin go bh-feacadar an gaisgidheach
gallach gníomh-éachthach chuca gach n-díreach, go rosg
flatha, agus go méad mileadh, agus go d-toichim tighearna,
agus eudach Easpáinneach uime, ag folach a lurgan síos
go talamh, agus íochtar an bhruit suas, agus dealg óir
ann; agus is é budh mhó méid agus maise, tréine agus
treise, agus ddb' áile de'n druing daonda duineanta;
agus níor stadadh leis go d-táinic sé d'á láthar; agus
bheannuigheas dóibh tar éis na Déithe do adhradh.



Freagras Oisín an bheannacht mar an g-ceadna, agus
d'fhiafruigh sgeula dhe.



Do fhreagair an gaisgidheach dhó iar sin, agus is é
adubhairt -



"Tar chionn Fhinn Mhic Chumhaill agus seacht g-catha na
Gnáth-Fhéinne tháinic mé (ar sé) d'á m-breith liom air
cuireadh go m-bearfaidh an Bealltaine orra; óir atá
fleadh ionchaithte ollamh agam 'n-a n-oirchill."



"Ná déin sin," ar Conán Mac Móirne, "agus déin
mo chomhairle-se; óir atá cuig fir deug annso de Fhiannaibh
Éireann agus de mhaithibh na Féinne - eadhon, dís mhac
Fhinn Mhic Chúmhaill, agus mac a mhic (Osgar mac Oisin),
agus triúr mhac Aon-Chearda Bhéara (.i., Glas, Geur agus
Gadhbha), agus Diarmuid O Duibhne, agus Art mór-
bhuilleach Mhac Móirne, agus daoine maithe eile nach
áirmhighthear annso; agus ní bh-fuil aon áit 'n-a m-beidh-


L. 133


dís nach deurfaidhe go m-beidheadh an Fhiann uile ann.
Budh mhaith le Fionn an fhleadh do thabhairt dóibh, agus
d'fheudfamaoisne clú agus oirdhearcus na fleidhe sin
do chur i m-beulaibh suadh agus seanchuidheadh, agus fír-
éigse, agus lucht léighte leabhar fór an domhain go h-iom-
lán, dá m-beurfá-sa leat d'á chaitheamh sinn; agus adhbhar
eile fá nár chóir dhuit gan táin budh mhó 'ná sinne do
bhreith leat, de brigh gur choinnimheadh an Fiann seachnóin
Éireann le Fionn acht na cúig fir dheug so; gabh air an
adhbhar sin, ó nár cuireadh coinnimh eile orra, thusa d'á
m-breith leat dod' dhún agus dod' dheagh-árus féin."



"Dob' fheárr liom-sa (ar an gaisgidheach) Cúig Cúigeidh
na h-Éireann do bheith air aon láthair ag siúbhal agus
ag sírimtheacht mar aon liom ioná an tionól fleidhe
do rinneas do dhul do dhíth a caite orm - mar atá
Cúige mórdhálach Mumhan, Cúige láimh-dhearg Laighean,
Cúige oll-bhuadhach Uladh, agus Cúige caomh-áluinn Chon-
nacht, agus triucha cheud na Mídhe. Air n-a rádh sin dó thug
sé úbhall i láimh gach fir díobh, agus itheas Conán greim
as a úbhal féin, agus do thaithnigh leis go mór. D'itheadar
an Fhiann uile greim as gach úbhall d'á d-tug sé dhóibh.



"Ar itheabhar uile bhur n-úbhla, a Fhianna Éireann?"
ar an gaisgidheach.



"D'itheamair," ar Chonán, "agus na h-uile díomadh
orm-sa nach chualamar de cheol ná d'oirfideadh riamh ceol
budh bhinne linn do chloistin ná dá bh-fuighbhmís ár sáith
dhíobh."



"Maiseadh (ar an gaisgidheach) atáid seacht n-úbhall-


L. 134


ghorta de na h-úbhlaibh sin agam-sa, agus do gheobhaidh
sibh bhur n-dóthain díobh nó go m-beirfidh an Bealltaine
orraibh; agus ní bh-fuil a fhios agam an d-tiubharfaidh
sibh-se coisidheacht dam nó go soicheam mo theach féin."



"Na h-uile diombhuaidh ort (ar Conán), créad fáth nach
tiubhramaois-ne coisidheacht duit, agus go m-beirimíd-ne
air na laoighibh allta le luas ár d-treun-reatha."



An uair do chualaidh an gaisgidheach sin, tógbhas a
eudach ós cionn a mhalamhás agus do ghluais sé roimhe
'n-a choiscéimibh tiugha, troigh-éasguidh, tinn-easnacha mar
luas fainnle nó feirbhe, de mhaoilín gacha gleanna,
agus de theorainn gacha faithche, de uachtar gacha h-inbhir,
agus de ghaineamh gacha geal-trágha go d-táinic fuinneadh
neol an tráthnóna, agus na cúig fhir deug sin de Fhian-
naibh Eireann d'á leanmhain. Annsin a dubhairt an
gaisgidheach -



"A Fhianna Éireann (ar sé) do chuaidh teist mór-luais
orraibh-se, agus ní daoine ro-luaith sibh. Ag súd thall mo
bhruighean féin, agus imthighidh romham d'á h-ionnsaidhe.
Déinidh teine innte nó go rachfaid-se ag soláthar bidhe
dhíbh."



"Is olc thárla dhúinn," ar siad, "má's anois atá biadh
d'á soláthar dúinn."



Iar sin téid siad d'ionnsuidhe na bruighne; agus do
bhuain Conán an tállán do bhí aige amach, agus do
fhaduigh sé toirt-teine treun-mhór, gan deagh, gan deatach
dóibh.



"Ní bh-fuil leabaidh laoigh ná eallaigh i n-Éirinn," ar


L. 135


Oisín, "nach rabhas féin uair éigin innte do ló nó d'oidhche
am' shuidhe nó am' luighe, am' chodladh nó am' dhúiseacht
agus ní aithnid dam an t-ionad ionna bh-fuilim anois. Is
dócha liom go rugadh as Éirinn amach mé."



Adubhairt gach n-aon aca an nidh ceudna acht Diar-
muid O Duibhne amháin, agus ní dhubhairt go raibh fios na
h-áite aige féin nó nach raibh.



"Créad é an cor sin ort a mhic Uí Dhuibhne," do ráidh
Oisín, "gan an t-ionad ionna bh-fuilimíd d'innsin dúinn,
nó a rádh mar gach neach eile de Fhiannaibh Éireann?"



Iar sin adubhairt Diarmuid O Dúibhne -



"Atá aithne agus mearaithne agam air an m-bruighin
so; agus éirgheadh duine agaibh-se amach d'á fheuchain
an bh-fuighbheadh carraig ceann-mhór cloiche i n-ursain na
bruighne, agus dá bh-faghthar inneosfad-sa an t-ionad
i n-a bh-fuiltidhe dhíbh, agus muna bh-faghthar ní bh-fuil a
fhios agam-sa acht mar gach n-aon eile atá annso de
Fhiannaibh Éireann."



Annsin thug Conán lámh thapa laochda for a leathan-
armaibh, agus do thriall sé timcheall na bruighne go
bh-fuair sé an charraig 'san ionad a dubhairt Diarmuid
O Duibhne ris, agus d'innis sin do Dhiarmuid.



"Maiseadh," ar Diarmuid, "sealg trom-thorrach do
comóradh le Fionn Mac Cumhaill agus le Fiannaibh
Eireann 'san ionad so, agus do dúisigheadh míola meas-
gartha maighe agus sionnacha cealgacha, cáib-liatha, agus
laoigh allaidh leo an lá sin. Iar sin do shuidh Fionn i n-a
dhumha sealga, agus i n-a láthair leice, agus i n-a ionad


L. 136


úrdhalta, agus i n-a bhearna bhaoghail, mar a g-cleachtadh
sé cosgar gacha seilge do chur go minic roimhe sin; agus
níor fhan 'n-a fharradh ná 'n-a fhochair acht mise amháin, agus
do thuit i d-toirchim suain agus síor-chodalta, agus níor
chian dhamh-sa mar sin an tan do phreab an Rígh-Fhéinne
trí n-a chodladh, agus do bhuail sé air lár m'uchta agus
mo bhruinne mé, ionnus gur chuir sé bolgam fola fír-
dheirge thar mo bheul agus thar mo bhroinne amach. Eirghim-
se am' sheasamh iar sin, agus thugas mo dhruim leis an
g-carraig úd amuigh, agus aimsighim an Righ-Fhéinne i
g-croidhe a dhá bhonn gur chuireas mórán fola fír-dheirge
thar bhárr gacha méir de mheuraibh a chos, agus brúcht
fola fír-dheirge thar a bheul amach. Preabas an Righ-
Fhéinne as a chodladh iar sin, agus chuireas a lámh i n-dorn-
chlaidh a chloidhimh, agus téidhimse i g-cionn m'arm féin
dom chosnamh air an láthair sin."



"'Dar liom, a chara agus a chompánaigh ionmhuin," ar
Fionn, 'dob' fhuras thusa do mharbhadh de'n chor úd.'



"'Is deimhin gur bh'fhuras,' ar mise.



"'Maiseadh, ar Fionn, fios amhra agus aislinge ion-
gantaigh tárfas dam ins an chodladh úd, .i., go d-tioc-
faidh bruighean 'san ionad so, agus go m-beidís Fianna
Éireann i n-airc agus i n-éigean innte ag Eochaidh Beag
Dearg agus ag Tuathaibh De Danann air g-cuma ceilge
agus meabhail chúthaigh,' agus is í so an bhruighean do thar-
raingir Fionn díbh, agus is é Eochaidh Beag Dearg an
gaisgidheach do tharraing annso sibh; agus tá feall
agus fionghoil aige féin agus ag Tuathaibh De Danann


L. 137


d'á inneall fá bhur g-comhair le seacht bliadhan go leath,
agus dob' fheárr díbh nach teangmhochadh sibh annso anocht
acht mar gach neach eile de Fhiannaibh Éireann."



Adubhairt gach neach eile aca an nidh céadna.



Gidh trácht, fanas Fionn air an g-cnoc gur coinnimheadh
an Fhiann, agus drong d'á mhuinntir maille ris; agus
níor chian dó ann an tan do chonnairc sé brughach boc-
óideac ag teacht chum cuiridh do thabhairt dó féin agus do
sheacht g-cathaibh na Gnáth Fhéinne, nó go m-beurfaidh an
Bealltainne orra.



"Is cosmhail," ar Fionn, "go bh-fuilid deocha garbha
gabhala agat agus proinn, agus tomhaltus an tan budh
mhian leat an Fhiann do bhiadhthughadh go Bealltaine, agus
gur trom le h-Eirinn féin iad do chongbháil an fhaid sin.
Agus cia thú féin, a óglaoich, thug an cuireadh sin dúinn,
agus an gealladh mór maith úd uait?"



"Brudhach bocóideach dod' mhuinntir-se mé - eadhon,
Dearg mac Donarthaidh me; agus is áil liom i n-íoc a
bh-fuaras de bhuar agus de bhotháinte agus do ghroidheacht
uait-se coinnimh coitchionn do thabhairt duit féin agus
dod' mhuinntir go m-béarfaidh an Bealltainne orraibh."



"Maiseadh," ar Fionn, "beir leat mo mhná agus mo
mhaccaomha, mo choin agus mo ghadhair, agus m'aos ceoil,
oirfidighe, agus ealadhna, agus leanfad féin uim tráth-
nóna sibh."



Gidh trácht, ghluaiseas Mac Donarthaidh agus díosgar
sluaigh na Féinne maille ris, d'á dhún agus d'á dheagh-
árus féin; agus ní mór go ráinig leó suidhe astigh


L. 138


an tan do choncadar Fionn Mac Cumhaill chuca, agus
suidheas Fionn air shlios na bruighne, agus iarras
soightheach agus uisge lámh do thabhairt chuige, agus do
h-ionnladh a lámha leis. Do chuir sé a ordóg fá n-a
dhéid fhis, agus do foillsigheadh fios agus fír-eolus dó an
drong sin de Fhiannaibh Eireann do bheith in-airc agus i
n-éigean ag Eochaidh Beag Dearg agus ag Tuathaibh De
Danann air chuma ceilge agus meabhail chúthaigh.



Iar sin éaluigheas Fionn amach gan a fhios d'aon neach
d'á raibh astigh, acht ag Aodh Beag mac Fhinn, do bhí 'n-a
mhaccaomh óg, air an láthair sin. Do lean sé Fionn air a
lorg nó go raibh Fionn ag dul thar an ath anonn, agus
d'airigh sé an gaisgidheach 'n-a dhiaigh, agus fiafhruigheas
Fionn sgeula dhe, nó cia h-é féin.



"Mise (ar sé) Aodh Beag mac Fhinn, do mhac féin."



"Is mór an náire, agus an masladh, agus an mí-chlú
duit-se teacht annso (ar Fionn) acht mar gach neach eile
de Fhiannaibh Eireann."



Is feárr liom-sa (ar Aodh Beag) mo chlú agus m'óir-
dhearcus féin do chur i m-beulaibh suadh agus sean chuidhe,
agus ag feuchaint mo lútha agus mo lámhaighe, mo loinne
agus mo ghníomhartha goile agus gaisgidh air chorpaibh
curadh agus caith-mileadh, agus ad' chuideachtain-se anocht,
a Righ-Fhéinne."



"Gluais uait," ar Fionn.



Iar sin níor thúrnadar de'n réim sin nó go rangadar
Bruighean Eochaidh Bhig Dheirg.



Gidh trácht, budh luathgháireach na cúig fir deug sin


L. 139


de Fiannaibh Eireann air bh-faicsin Fhinn Mhic Cumhaill
chúca.



Gidh trácht, níor chian dóibh an tan do choncadar Eochaidh
Beag Dearg ag teacht d'á n-ionnsuidhe. Air d-teacht
do láthair dó, is é adubhairt -



"Go m-beannuiighidh na déithe árda dhuit, a Fhinn Mhic
Chúmhaill; is feirrde an áit i n-a d-tángais, agus is
miste an áit d'fhágbhais. Atá tuilleadh coinnimhthe amuigh
agam-sa, agus budh mhaith liom an dara taobh de'n
bhruighin do thabhairt dhóibh."



"Cia h-iad féin?" ar Fionn.



"Aodh mac Aodha Fhinn-Léith, agus trí cheud gaisgidheach
gallach gnímh-eachtach de Thuathaibh De Danann mar aon
leis."



"Leigtear asteach iad," ar Fionn.



Do leigeadh, agus dubhairt Fionn riu suidh ins an taobh
thall de'n bhruighin. Do shuidheadar, agus iar sin do
tháinig Eochaidh Beag Dearg asteach an dara feacht, agus
adubhairt -



"Atá Conn mac Aodha Fhínn-Léith 'san dorus agus trí
cheud gaisgidheach gnímh-eachtach de Thuathaibh De Danann
mar aon leis."



"Leigtear asteach iad," ar Fionn.



Do leigeadh, agus do bhídheadar sé cheud de Thuathaibh
De Danann astigh annsin, agus gan acht seacht fir
déag de Fhiannaibh Éireann ann, agus gach aon de Thua-
thaibh De Danann ag gabháil fíocha agus fealltanais do
Fhionn agus do'n bh-Féinn.


L. 140


Tháinig Eochaidh Beag Dearg asteach an treas feacht,
agus a dubhairt -



"Atá cabhlach inghean Aodha Mhic Aodha Fhinn-Léith 'san
dorus, agus trí cheud ban-ghaisgidheach i n-a cuid-
eachtain."



"Leigtear asteach iad," ar Fionn.



Do leigeadh, agus is amhlaidh thángadar na mná sin
agus bógha geárr i láimh gach mná dhíobh; agus ní chaithidís
le neach nach aimsighdís, agus ní aimsighdís duine nach
marbhaidís. Adubhairt Fionn leo suidhe, san leith thall
de'n bhruighean, agus do rinneadar amhlaidh.



"A Chonáin Mhic Mhóirne," ar Fionn, "do bheirim féin
dóirseoireacht na bruighne so dhuit go lá."



"Gabhaim chugam sin," ar Conán, "agus na h-uile
diombuaidh orm má leigim aon duine atá amuigh asteach
ná aon duine d'á bh-fuil astigh amach, acht led' chead-sa,
a Righ-Féinne," ar Conán.



Suidheas Conán i n-ursain na bruighne, agus air
m-beith tréimhse agus tamall dó ann, do chonnairc sé aon
óglách ag teacht chuige, agus é modartha mí-sgiamhach,
agus folt slím, sleamhain, snuadh-dhorcha, agus é dlúith-
dhreach, garbh, dath-ghránna, agus mailighe, mothlacha,
mion-gharbha air; agus súile loma, árda, luaimneacha
'n-a cheann, agus coltar sróna silteach 'n-a sruth-bhuinne,
go nós deataighe dian mhóir, ag teacht asteach, agus cinn-
bheul manntach, mór-shúileach, agus méidil mhór fhairsing
as compuir a chléibhe, agus tháinic sé asteach, agus
dubhairt Fionn ris suidhe ins an leith thall de'n bhruighin.


L. 141


"Ní shuidhfead (ar sé), acht d'á m-beidheadh a fhios agam
cia is feárr 'san leith thall nó 'san leith abhus, do chuir-
finn as a ionad é, agus do shuidhfinn féin in-a áit."



"Innsim duit (ar Fionn) gurb'é an fear maol sin
shoir ag an dorus is feárr againne."



Beireas an fear mór air ioscaduidhe air Chonán,
agus teilgeas a chorp ins an loch mhúnlaigh do bhí ag
dorus na bruighne, agus suigheas féin in-a ionad; agus
annsin d,éirigh an fear mór agus Conán an aghaidh a chéile,
agus do snadhmadar na dóide daingiona doi-leointe tar
dromannaibh a chéile, agus do bhíodar Tuatha De Danann
ag greasughadh an fhir mhóir, agus na sé fir deag de Fhian-
naibh Éireann ag greasughadh an fhir Chonáin; agus de
bhrigh gur bh'é Conán budh threise, thug cor agus crothadh
arrachtach anaghaidh a neirt do'n fhear mhor, gur ghaibh a
chorp air lár agus air leathan talmhan de'n tuairt sin.



Air d-tuitim do'n bh-fear mór, bhuaineas braon neimhe
de cheann a shleighe do Chonán, gur bhuain dhá thrian a
lúith agus a lamhaigh dhe; acht cheana, tarraingeas Conán
a chloidheamh trom tort-bhuilleadhach amach agus buaileas
an fear mór i mullach an bhathais, go n-dearna dhá leith
cheart-chomhthroma dhe go talamh, agus comhmhaoidheamhas an
gníomh sin i bh-fiadhnaise Fhinn agus na Féinne agus
Tuatha De Danann, agus teilgeas a chorp 'san loch
múnlaigh do bhí ag dorus na bruighne.



Suidheas Conán iar sin i n-ursain na bruighne, go
cneadhach, creuchtach, cróilinnteach.



Annsin adubhairt an chailleach, eadhon, cabhlach inghean


L. 142


Aodha Mhic Fhinn-Léith - "Na h-uile diomadh orm-sa, a
Conáin (ar sí) ó thuit mo dhearbhráthair leat, go d-tuit-
fead féin nó go d-tuitfir liom."



Annsin do ionnsuidh an chailleach agus Conán a chéile,
go cródha, calma, curanta, agus do rinneadar troid
féig fuilteach aimsir fhada, agus do b'é críoch an chomhraic
sin gur cheangal an chailleach go daingean do-sgaoilte
air an latháir sin Conán, mar atá caol a dhá lámh agus a
dhá chos, agus baic a mhuinéil a g-coimh-cheangal d'á chéile.
Thóg sí léi Conán air mhaol árd a dá gualann, agus
theilg é 'san loch múnlaigh do bhí ag dorus na bruighne,
agus comhmhaoidheamhas an gníomh sin i bh-fiadhnaise Tuatha
De Danann. Thug sí a h-aghaidh air Chonán an dara feacht,
agus bhí air tí é do dhith-cheannadh.



"A Dhiarmuid Uí Dhuibhne (ar Conán), a lámh láidir,
agus a churaidh chatha, nach faiceadh aon duine riamh i
n-éigean nach fóirfeadh, fuasgail mé ó'n g-cailligh úd."



Éirgheas Diarmuid d'fhortacht Chonáin, agus leagas
Fionn a lámh air, agus do chuir i n-a ionad féin arís é.



"Is geasa dhamh-sa (ar Fionn) gan a chomhlonn do
bhuaint d'aon neach agus ní bhuainfead di súd é go
h-áirighthe."



Mar nár leigeadh do Dhiarmuid furtácht do thabhairt
air Chonán, chuaidh neart na gualann chum na h-uilleann,
agus neart na h-uilleann chum na meur, agus chuireas
a mheuraibh chum snadhma síoda a shleighe, agus thug rogha
urchair chum na caillighe. Beireas Fionn air úrlann na
sleighe, agus níor bh'áil leis dán fír fhir do dhéanamh


L. 143


de'n chailligh; agus 'n-a dhiaigh sin buaineas braon nimhe
de cheann na sleighe do'n chailligh le ar bhuain dhá d-trian
a lúith agus a láidreachta dí.



"A Chonáin Mic Mhóirne (ar an chailleach), an bh-fuil a
fhios agat créad do bheir beo an fhaid so thú gan do dhíth-
cheannadh?"



"Na h-uile díomadh orm-sa," ar Conán, "dá m-budh
tusa do bheidheadh mar so agam-sa gur fad ó riamh do
bhuainfinn-se do cheann díot."



"Maiseadh," ar an cailleach, "do bhidheas-sa bliadhain
ag friothólamh air Fhionn Mac Cumhaill, agus tusa ag
suighe friom ris an bhliadhain sin, agus ní rabhais ad'
fhear ná ad' chéile agam."



"Ní misde liom sin," ar Conán, "agus ní móide
do bheidhinn arís mar sin."



Gurab annsin do bhí aire na caillighe agus na Féinne
air a chéile, go bh-fuair Conán doigh air na ceangail do
bhí air do sgaoileadh, agus d'éirigh ós cionn na caillighe
gur chuir faoi í, agus tarraingeas amach altán sgeine
sgoith-gheur do bhí aige agus gearras an cuimhreach
leathair do bhí timcheall na caillighe, agus do mheas an
ceann do bhuain dí."



"A Chonáin," ar an chailleach, "ná mairbh mé agus
do bheurfaidh mé cumhthadh maith duit d'á chionn."



"Créad é an cumhthadh sin?" ar Conán.



"Atá (ar an chailleach), nach bh-fuil bun tuir ná tuinnidhe
fá thriocha, cheud de'n bhruighin so gan a lán de Thuathaibh
De Danann air tí bhur marbhtha-sa. Seacht bh-fir deug de


L. 144


Fhiannaibh Éireann an méid atá sibh annso, agus atáid
trí cheud ban-ghaisgidheach air mo chomhairle-se annso,
agus trí cheud bogha geárr gréas-ghontach aca, agus ní
theilgtear aon urchar cam ná iomroill asta, agus
buainfead-sa a g-congnamh sin de Thuathaibh De Danann
má ainicir-se me."



"A Fhinn (ar Conán) an ngeobhadh mé súd uait?"



"Ná diúltaigh aon chongnamh d'á bh-fuighbhir," ar Fionn.



Iar sin leigeas Conán an chailleach uaidh, agus téid
sí féin agus na trí cheud ban amach as an m-bruighin
fá'n g-céad uair.



Suidheas Conán i n-ursain na bruighne iar sin. Air
m-beith tréimhse agus tamall dó ann, do chonnairc sé
Tuatha De Danann ag feuchaint amach, agus aigneadh
gáire ag gabháil gacha fir díobh. Feuchas Conán féin amach,
go bh-feacadh sé an t-aon óglách d'á ionnsuidhe agus cú
geárr dubh air shlabhradh iarainn ionna láimh, agus is
iongnadh nach loisgfeadh sí an bhruighean le gach caor
teineadh d'á g-cuireadh sí as a craos agus thar a carbal
amach. Tig an t-óglách go n-a choin duibh asteach, agus
is é adubhairt -



"Go m-beannuighidh na déithe árda dhuit (ar sé) a Fhinn
uasail óirdheirc Uí Bhaoisgine, is feirrde an áit 'nar
thángais agus is miste an áit d'fhágbhais; do chualadh
féin nár dhiúltaighis aon duine riamh fá aon nídh d'á
n-iarrfaídhe ort, agus is é nídh dob' áil liom-sa d'fhaghbháil
a sáith comhraic agus comhlainn dom choin."



"Na h-uile diombuaidh air an m-beul do luadhaigh sin


L. 145


(ar Conán), créad uime nár bhreathnuighis go bh-fuighbheadh
dó mhadradh craos-dubh gránna a sháith comhraic mar a
bh-fuilid na seacht g-coin deug is feárr ag Fiannaibh
Éireann?"



Iar sin leigeas Conán a chú do'n choin duibh, agus dá
m-budh cú shaoghalta an chú dhubh, níor bhaoghal do choin
Chonáin, agus ó nár bh'eadh do marbhadh cú Chonáin.



"Do marbhadh mo chú," ar Conán.



"Do marbhadh, go deimhin," ar óglaoch na con duibhe.



"Na h-uile diombuaidh orm-sa (ar Conan) go n-díol-
fad-sa air do chnámhaibh-se a n-deárna an chú úd ad' fhiadh-
naise-se ag marbhadh mo chon féin."



Iar sin leigeas Oisín a chú dhí, agus do mhairbh an chú dhubh
í. Leigid Clanna Aon-Cheárda Beura a g-coin dí agus
marbhas an cú dubh iad. Leigeas Art mór-bhuilleadhach
Mac Móirne a chú dhi agus marbhas an chú dhubh í. O do
chonnairc Bran na coin eile d'á maslughadh, do ghabh eagla
í, agus do chuaidh i riocht chon bige nó cruinn-mhiasáin fá
ghlúin Fhinn. An uair do chonnairc Fionn sin do ghabh d'á
greasughadh agus d'á h-imdheargadh, agus is é adubhairt -



"A Bhrain nach cuimhin leat gur tú mhairbh an torc nimhe
do bhí i m-Beinn Gulban, agus an cat fiadhain do bhí
i n-uaimh Chruacháin, le ar thuit drong mhór de'n Fhéinn,
agus nach nár duit an imeagla sin ort anois?



An tráth chualaidh Bran sin thug sí crothadh uirthe féin
gur bhris a h-iall; agus do chroth an dara h-uair í féin,
go n-deachaidh i n-a riocht féin arís, agus d'ionnsuidh sí
féin agus an chú dhubh a chéile, agus do bhidheadar an


L. 146


Fhéinn ag greasughadh Brain chum calmachta do dhéanamh,
agus Tuatha De Danann ag greasughadh na con duibhe.
Níor chían goraibh Bran d'á maslughadh ag an g-coin duibh.



Iar sin éirgheas Diarmuid O Duibhne agus beireas
air árd gualann gacha con díobh, agus coingbheas ó chéile
iad gur bhuain Conán an bhróg airgid aith-leaghtha do bhí
air chruibh dheis Bhrain dí; annsin thug Bran sáthadh sanntach
d'á cruibh dheis i m-brághaid na con duibhe, go d-tug a
h-abhac agus a h-ionathar aisde, agus do fágbhadh marbh
gan anam í.



"Dar liom do marbhadh mo chú," ar óglaoch na con
duibhe.



"Do marbhadh go deimhin," ar Conán, ag tarraing a
chloidhimh amach agus ag bualadh an óglaoich in-a mhuinéal
gur bhuain an ceann d'á cholann, agus teilgeas a chorp
ins an log mhúnlaigh do bhí i g-comhghar na bruighne, agus
coingbheas an ceann aige féin, d'á chomhmhaoidheamh air
Tuathaibh De Danann.



Suidheas Conán i n-ursain na bruighne iar sin, agus
air m-beith tréimhse agus tamall dó ann do chonnairc sé
Tuatha De Danann ag feuchain amach agus aigneadh gáire
ag briseadh air gach fear díobh; feuchas Conán féin amach
go bh-feacaidh sé an t-aon óglách ag teacht chuige, agus
umar uisge air árd a ghualann aige. Tháinig sé asteach
agus leagas an t-umar i lár úrláir na bruighne, agus
do bhuain criothnughadh agus comhbhogadh as, agus adubhairt:



"Gibé agaibh is feárr, tigeadh sé chugam nó go n-ionn-
lad a chosa agus a lámha."


L. 147


"Is é an fear maol sin shoir ag ursain an doruis is
feárr againne," ar Fionn.



Iar sin fágbhas an t-óglaoch an t-umar i bh-fiadhnaise
Chonáin. Eirgheas Conán agus tógbhas a dhá chois i n-aoin-
fheacht d'á g-cur 'san umar.



"Fóil ort, a Chonáin (ar Fionn). Gibé ball budh lugha
cás leat bheith dod' dhíth, cuir ann é."



"Sin lúidín mo choise," ar Conán.



Cuireas Conán lúidín a choise 'san umar go n-dearna
min agus luaith air luathas de.



"Na h-uile diombuaidh orm-sa," do ráidh Conán,
"má's feárr do las lúidín mo choise 'san umar ioná
mar lasfar d'fheoil agus d'fhinn-leathair-se ann," ag
breith air an óglách agus d'a leagadh 'san umar go
n-deárna min agus luaith de go h-iomlán.



Iar sin tógbhas Conán an t-umar air árd a ghualann,
agus adubhairt -



"A Thuatha De Danann, dá m-beidheadh sé níos measa
ioná so agam-sa budh choir dam bhur g-cuid do thabhairt
daoibh-se de; agus crothas a raibh 'san umar orra ionnus
gur loisg sé gach n-aon le ar bhuain aon bhraon de.



"A Chonáin," ar siad, "is olc an fear aoin-tighe dúinne
thú anocht.



"Na huile díomadh ormsa," ar Conán, "má bheidh mise
go lá aon uair níos feárr d'fhear aoin-tighe dhaoibh ioná
mar atáim anois."



Suidheas Conán i n-ursain na bruighne, agus air m-beith
tréimhse agus tamall dó ann, do chonnairc sé Tuatha


L. 148


De Danann ag feuchaint amach agus aigneadh gáire ag
gabháil gach fir díobh. Féachas Conán amach, agus do
chonnairc aon óglách ag teacht asteach, agus torc glas,
garbh, liath air árd a ghualann aige. Tig an t-óglách
asteach, agus leagas an torc air lár úrláir na bruighne,
gur bhuain sé criothnughadh agus comhbhogadh as.



A Fhinn Mhic Chumhaill (ar an óglách), ag sin féis oidhche
do chuir Eochaidh Beag Dearg chugat agus chum Fianna
Éireann, agus bruithidh féin í, óir ní fhuil daoine ag
Eochaidh Beag Dearg féin do bhruithfeadh í."



Iar sin d'éirgheadar naoi naonbhar de Thuathaibh De
Danann chum an tuirc do bhreith chum na teineadh, agus
níor bh'féidir leo aon chor amháin do chur de.



"Na h-uile díomadh orm, a Thuatha De Danann," ar
Conán, "gur mar sin is maith liom bhur m-beith, gan lúth
gan tapadh."



Éirgheas Conán agus beireas air an torc, agus níor
bh-féidir leis aon chor amháin do chur dé.



"Na h-uile diomadh orm," ar Conán, "ó nach feudaim
an torc do bhreith chum na teineadh go d-tiubhrad an
teine chum an tuirc,"



Téidh Conán ag iarraidh na teineadh, ionnus nár fágbhadh
aon spréidh ná aithinne dhí gan fhadughadh air dhruim agus
faoi thár an tuirc; annsin do ghabh mian tochais é féin
agus do leig sé a dhruim ris an teinidh, agus mar do
mhothuigh an torc draoidheacht na teineadh ag losgadh a
ghuairidhe agus a fhionnaidh, do thug crothadh air féin, ionnus
nár fágbhadh aon spréidh de'n teinidh gan chur air dhruim


L. 149


agus faoi thár Conáin; agus beireas leis iona chosaibh
é thar dhoruis-bheul na bruighne amach. Eirgheas Conán go
bh-feirg agus le fuasnadh mhór; agus thug luath-chuaird
timcheall na bruighne go bh-fuair fé an t-óglách thug an
torc asteach, agus adubhairt Conán -



"Na h-uile diomadh ormsa muna n-díolfaidh mise air
chnámhaibh dó chinn a n-deárna an torc úd orm."



"Fóil ort, a Chonáin," ar an t-óglách, "ná marbh mé,
agus do bheurfaidh mise cumha maith dhuit d'á chionn."



"Créad é an chumha sin?" ar Conán.



"Atá," ar an t-óglách, "an torc do thabhairt bruite
air cheithre bioránaibh airgid chugat."



"Créad é an t-ainm atá ort?" ar Conán.



"Atá Coingheas," ar sé.



"An bh-fuighbhead sin uait, a Fhinn?" ar Conán.



"Ná diúltaidh aon congnamh d'á bh-fuighidh tú," ar
Fionn.



Leigeas Conán an t-óglách uaidh i ngeall ris an
g-congnamh sin. I g-cionn tréimhse aimsire 'n-a dhiaidh
sin tháinig an t-óglách asteach agus an torc bruite air
cheithre bioránaibh airgid aige, agus thug sé i láimh Chonáin
iad. Iar sin adubhairt Conán -



"Ní furas damh-sa iad so do roinn, óir an aon uair
is lugha do bhí biadh riamh ag Fionn níor bh'fuláir dó
ceathramha tuirc do bheith aige féin, agus do bheurad an
chéad cheathramha dhó. An uair is lugha bhí biadh riamh ag na
cúig fearaibh deug atá maille ris, níor bh'fuláir dóibh
ceathramha thuirc do bheith aca, agus do bheurad féin an


L. 150


dara ceathramha dhóibh; agus an aon chomhroinn is lugha
fuair na seacht coin deug do bhí ins an bhruighin so anocht,
an uair do mhaireadar, níor bh'fuláir dóibh ceathramha
thuirc do bheith aca; agus ó's sí Bran do rinne an gníomh
uile, do bheurad an treas cheathramha dí, agus ní mór
liom an cheathramha eile dam féin i n-íoc a bh-fuaras de
mhaslughadh agus de mhíochlú, de thart agus d'ocras ó
tháinig an oidhche anocht; agus a Thuatha De Danann
faghbhaidh sibh-se biadh díbh féin, nó bidheadh sibh 'n-a
h-eughmais.



Mar do chonnairc Aodh Mac Aodha Fhinn-Léith sin thug
síth sanntach air Chonán go rug an cheathramha thuirc uaidh
d'á aimhdheoin.



Eirgheas Conán go lúthmhar lámh-chalma, agus buaineas
an ceathramha de. Mar do chonnairc Conn mac Aodha Fhinn-
Léith sin, thug sé síth sanntach sár-luaimneach air Chonán,
gur fhuadaigh an sgian agus an cheathramha uaidh. Eirgheas
Conán go bh-feirg mhóir agus beireas an sgian agus an
cheathramha thuirc uaidh arís; agus do fuair sé óglách de
mhuinntir Aodha roimhe 'san t-slighidh, agus buaineas a
cheann dé, agus teilgeas a chorp 'san log múnlaigh do
bhí ag dorus na bruighne, agus crothas an ceann i bh-fiadh-
naise Tuaithe De Danann, dá chomhmhaoidheamh orra.



"A Chonáin," ar Aodh mac Aodha Fhinn-Léith, "is olc an
fear aoin-tighe dúinn féin thú anocht."



"Na h-uile díomadh orm-sa," ar Conán, "dá raibh mé
aon uair go lá níos feárr de fhear aoin-tighe dhaoibh ioná
tá mé anois."


L. 151


Suidheas Conán i n-ursain na bruighne, agus níor chian
dó amhlaidh sin an tan do chonnairc sé drong dho-áirighthe
de Thuathaibh De Danann ag feuchain asteach tré shinis-
tribh agus tré fhuinneogaibh na dúna. Goireas Conán
Bran leis iar sin, agus ní bh-fuaradar aon duine 'n-a
shuidhe ná 'n-a sheasamh timcheall na bruighne nach d-tuga-
dar bás agus beag-shaoghal dó. Iar sin do tháinigh Eochaidh
Beag Dearg asteach, agus adubhairt -



"A Fhinn Mhic Cúmhaill, rachaidh do mhíochlú fá Éirinn
uile tré na bh-fuil Conán Mhac Móirne agus do chú do
mharbhadh dom' mhuinntir féin."



"Cia gheobhad d'á n-anacal súd?" ar Fionn.



"Do gheobhair mise," ar Diarmuid.



Iar sin do thriall sé timcheall na bruighne, agus gach
n-aon dár imthigh ó Chonán agus ó Bhran do marbhadh agus
do mion-chosgradh agus do múchadh le Diarmuid iad.



Tháinig Eochaidh Beag Dearg asteach an dara feacht,
agus adubhairt - "Is olc an t-anacal atá Mac Uí
Dhúibhne d'á dheunamh dom mhuinntir féin - eadhon, gach
n-aon dár imthigh ó Chonán agus ó Bhran do marbhadh agus
do múchadh aige iad."



"Cia gheobhainn d'á n-anacal súd?" ar Fionn.



Ní fhuil tairbhe dhamhsa ann," ar Eochaidh Beag Dearg,
"óir ní h-anacal dheunfaidís acht marbhadh na muinntire
eile úd; acht seinn-se an Dórd Fhiann, óir is geasa do
gach n-aon dod' mhuinntir do chluinfeas é teacht asteach."



"Is geasa dhamh-sa a sheinm," ar Fionn, "chum iad do
bheith am' thimcheall."


L. 152


"Iar sin do sheinn Fionn an dórdfhiann, agus ó nach
cualaidh é acht Diarmuid O Duibhne, Conán, agus Bran,
thángadar asteach; agus suidheas Conán i n-ursain na
bruighne. Air m-beith tréimhse agus tamall dó ann, do
chonnairc sé Tuatha De Danann ag feuchain amach agus
aigneadh gáire ag gabháil gacha aon fhir díobh. Feuchas
Conán féin amach go bh-feacaidh sé óglaoch ag teacht chuige
agus loirg-fhearsaid iaruinn air a ghualainn aige, agus
budh mhó 'ná lán-ualach seisir an lorg sin; agus budh
samhuil an trost agus an toruinn do ghnidheadh sé le
trost nó fothrum caogad Fiann bh-fíor-árrachta. Ag
teacht d'a n-ionnsuidhe, do tharraing an fear mór
asteach, agus adubhairt -



"A Fhinn Mhic Chumhaill, is ag iarraidh churaidheachta nó
comhraic air neach éigin dod' mhuinntir atá mé."



"Is é, an fear maol sin ag an dorus is feárr
aguinne," ar Fionn.



"Na h-uile diomadh orm," ar Conán, "go d-tiubhrad
comhrac dó súd."



Eirgheas Conán agus an fear mór i n-aghaidh a chéile,
agus do snadhmadar na dóide daingeana, doi-leointe
thar dhromannaibh a chéile, agus do thugadar cuir thul-
ganta, diana, dána, dásachta d'á chéile gur chomhthuarg-
adar an talamh fá n-a g-cosaibh; agus do rinneadar
gleic chrodha, choimhneartmhar aimsir imchian, gan fios time
ná tláthais ná tarcaisne ag ceachtar díobh air a chéile an
tan sin; agus Tuatha De Danann agus na sé fir deug
de Fhiannaibh Éireann d'á ngreasughadh go díthchiollach.


L. 153


O's sé Conán budh threise, thug sé cor i n-aghaidh a lúith
do'n fhear mhór, gur thomhais sé leithead a dhroma de'n
úrlár agus de lán-talamh leis; agus buaineas an
ceann de gan fuigheall, go furasda, agus teilgeas a
chorp san log múnlaigh do bhí ag ursain na bruighne,
agus coingbheas an ceann aige féin, d'á chomhmhaoidheamh
air Thuathaibh De Danann.



Iar sin do labhair Eochaidh Beag Dearg agus adubhairt
- "A Fhinn Mhic Chumhaill, is leor dúinn féin ar fhuiling-
eamar, agus ní fhuilingeochmaoid níos mó uaibh."



Iar sin d'eirigheadar Tuatha De Danann de'n chéad
taobh agus Fianna Éireann de'n dara taobh; agus
adubhairt Fionn le n-a mhuinntir féin bilidhe a sgiath do
dhruidim le chéile, agus gan Tuatha De Danann do
leigean eatorra; agus dá leigfidís nách feárr do dheun-
faidís marbhughadh air Thuathaibh De Danann ioná orra
féin.



Do chuireadar Fianna Éireann uille le h-uillinn agus
dóid le dóid, agus thugadar féin agus Tuatha De
Danann treas treun tinn-easnach, agus gleo gáibhtheach
gráineamhla d'á chéile, gur bhriseadar craoiseacha cinn-
gheura cró-fhairsinge catha air chorpaibh agus air chean-
naibh a chéile agus do sgaoileadar a lúireacha áilne lán-
daingeana, air chor go g-cuiridís trí ceathanna dhíobh-
i., cioth fola d'á g-créachtaibh, cioth teineadh d'á n-armaibh,
agus cioth cailce d'á lúireachaibh. Budh ró iomdha amha ag
cosaint lámh air n-a leadartha, cos air n-a g-coimhtheasgadh,
súil air n-a saobhadh, agus dóid air n-a druim-ghearradh,


L. 154


agus beul air na m-blasmharna, agus corp air n-a
g-coimhchiorbhadh. Budh chlos ann iar sin gáir na sgiath d'á
sgoltadh, agus osnadha na Fhéinne air n-a ngabháil i
bh-feadhmannaibh catha, agus gáir ná m-badhbh ós cionn na
bruighne sin.



Annsin do labhair Aodh Mac Aoda Fhinn-Léith, agus is
é adubhairt -



"An maireann tú, a Fhinn Mhic Chumhaill?"



"Mairim go deimhin," ar Fionn.



"Maiseadh iarraim féin athchuinge ort - eadhón, sosadh
catha do thabhairt dúinn féin go lá, no go bh-feicidh cách
ár ngoile agus ár ngaisge air an bh-faithche fód-ghlas,
feur-uaithne so amuigh amárach le cheile."



Agus ó nachar bh'áil le Fionn aon duine do dhiúltughadh
fá athchuinge sosaidh chomhraic, thug sé sin dóibh go h-eirghe
gréine air na mháireach. Air theacht an lae chuca téid
Fionn go na sé fearaibh deug amach air an bh-faithche, gan
fuiliughadh na fóir-dheargadh orra. Do fhuagair Fionn
d'á mhuinntir féin a n-uilleanna do thabhairt d'á chéile,
agus gan aon duine de Thuathaibh De Danann do leigean
eatorra asteach. Do rinneadar amhlaidh sin; agus do
thugadar Fionn agus Tuatha De Danann aghaidh air a chéile
go curata calma, agus go fraochda foirniata, go rabha-
dar ag freasdal agus ag friotholamh a chéile de ghontaibh
gáibhtheacha, gráineamhla geur-luatha agus de bhéimean-
naibh borba, agus de chréachtaibh craois-leathana comh-
dhoimhne, no go rug neoin agus deireadh an lae orra. Do bhí
an cath ag á shraoineadh air Fhionn go n-a mhuinntir, ionnus


L. 155


nach raibh dul as ag aon duine díobh re méid an anfhorlámh.



Iomthusa Fhinn, thug sé siolladh d'á shúil seacha de, go
bh-feacaidh sé an Fhiann uile ag teacht chuige as gach árd i
n-a rabhadar, 'n-a g-curadhaibh catha, agus i n-a n-drong-
aibh diana dána do-sgaoilte. D'ionnsuigheadar Fionn
agus Tuatha De Danann a chéile go d-tugadar frasa
fuilteacha fír-neartmhaire d'á sleaghaib slím-leathana
séimh-nimhneacha, agus d'á saigheadaibh sith-righne guib-
gheura, agus d'á g-craoiseachaibh cinn-gheura catha, agus
d'á n-armaibh ionchaithte ionchalma, agus d'á g-clochaibh
cruadha codroma cruinne teintighe i g-cneasaibh agus
i g-corpaibh a chéile. Budh iomdha mileadh mear-dhána air
n-a mhúchadh, agus curadh cródha air n-a chréachtughadh, agus
laoch láidir lán-chalma air n-a luath-mharbhadh; agus budh
samhuil re srothaibh sáile ag coimh shileadh tré cheannaibh
carraigeach, a h-aithle na d-tonn treun-ruadh, cinn churaidh
agus caith-mhileadh ag tuitim go lár agus go lán-talmhuin
ins an g-comhlann sin.



Do sraoineadh an cath fá dheireadh air Thuathaibh De
Danann tré neart iombhuailte agus iomghonacha na
Féinne; agus do cuireadh an t-ár agus an t-oirleach
an tan sin le Fiannaibh Éireann, ionnus nach deachaidh
fear insinnte sgeil, ná fear maoidhte móir-ghníomh as
de Thuathaibh De Danann, muna n-deachaidh i sgalpach
carraigeach, nó i m-beannaibh sléibhteadh, nó i n-duibh-
neulaibh diamhaire cloch, nó i g-coilltibh cluthmhara dlútha
gan marbhadh agus gan múchadh ins an g-cath sin le Fionn
Mac Cumhaill agus le Fiannaibh Éireann; ionnus gur


L. 156


amhlaidh sin do sgar Eochaidh Beag Dearg agus Fianna
Éireann re chéile.



Gurab í sin críoch Bruighne Eochaidh Bhig Dheirg agus
Fiann na h-Éireann.


L. 158


LAOIDH LEICE CHONÁIN MHAOIL AIR SHLIABH
COLLÁIN.



Brian Mac Uilliam Uí Luaighni ro chan ag tabhairt
tuarasgbhla leice Chonáin Mhaoil Mhic Mhóirne air Shliabh
Colláin, i g-contae an Chláir, d'á charaid, rígh-oirdhearc, .i.,
Uilliam Gaibhnean O Briain, árd-thaoiseach na h-Éireann
agus bláth-cheann triath na nGaodhal, an ionbhaidh sin, .i.,
an tan fa h-aois do'n Tighearna, 1859.



A thriaith uasail, a úa na ríogh,
A Bhláth-Chróinn Chínn-Chórradh
Tá sgeul agam le cur i m-brígh,
Go g-cead dod' ghrínn, a chaomh-churadh.



Och! andiu is crádh lem' chroidhe
Nach léir dham sgeul go beacht do luadh.
Is tláith 's is faon mo leannán laoidh,
'S gan agam sgáil d'óirchisde suadh.



An sgeul atáim re h-innsin duit
Budh dheas re rádh i rian na rann,
Acht tá easbadh an ghrínn do shíor dhom lot,
'S cruadhas an t-saoighil dom chrádh 'n-a cheann.



Budh gnaoi liom innsin duit i n-dán
Mar chuadhas air lorg sgeul na bh-Fiann
Tré ghleanntaibh diamhra Chnuic Cholláin
In gach ceárd i n-a raibh a rian.



Do chuala féin, 's budh cian re clos,
Trácht air Ogham Leice Chonáin
Idir éigse grínn thall 'sa bhus,
'S í dá luadh i m-beul a láin.


L. 159


Cuid d'á rádh nach raibh i d-Tuamhain
Fear léighte laoidh na leice,
'S cuid d'á suidheamh nach raibh 'san Ogham
Acht saothar leinbh coise brice.



Do chuadhas-sa féin gach troigh gan sgíth,
Ag siúbhal romhmham air feadh an lae,
Ag céimnughadh eolais ins an t-slighe
Air gach iath i n-a d-tárla mé.



Ní thrachtfhad duit anois go fóil
Gach sgeula suilt do chuala me.
Bhí greann 's gáire in gach beul
Ó éirghe gréine go deireadh lae.



Ag taisdeal dúinn tré Ghleann na g-Caor,
Do chuala fuaim ag iomad fear.
Budh geárr gan mhoill go d-tigid am' ghaor
Ag fiafruighe sgeula dhíom thar lear.



D'innseas dóibh go blasda bínn
A n-iomad sgeul is cúntas cian
Mar thrachtadh dhúinn ó bheul Oisín
Air éachtaibh Fhinn 's na bh-Fiann.



Air rochtain dúinn go beacht 'san áit
'Na bh-feaca tráth an trom-leac,
Ní raibh cloch ann 'n-a ceart-stáit
Acht liaga fáin 's fraoch breac.



Budh mhór annsúd ár n-iongantus féin,
'S gan radharc de'n líag dúinn i n-dán,
Ag caoineadh ár d-teacht chómh fada i g-céin
Ag lorg Laoidh agus Leac Chonnáin.



Sealad dúinn gan sult gan ghreann,
Ag feuchain uainn do mhaoil an t-sléibh',
Go bh-feacamuir-ne fúinn 'san n-gleann
An liath-leac's a leath faoi chré.


L. 160


Gluaistear linn le fánaidh an chnuic,
'S budh h-árd re clos gáir na bh-fear,
Go rángamuir-ne gus an leic,
Gan sgith gan tláthas go tapaidh mear.



Budh mhór mo mhairg féin ann súd,
Air fághail na líege 'n-a dá blodh,
'Gus uaigh Chonáin 'n-a creacht gan chlúid,
'N-a caodh mharla gan feur gan scoth.



Do thráchtas leo air cháil Chonáin,
Air a éacht, air a ghrínn,'s air a mhighreann,
'S nár bh'feas air Éirinn cíos ná cáin
'Nuair mhair sé féin 's a shlóighte ann.



Dubhras léo an dara feacht,
Gur mór an crádh lem' chroidhe
Gan an líag do leagadh air an leacht
'Gus an feart do dheilbheadh suas mar bhí.



Do shíoras iad go dearbh dian,
'S mé i b-pian i g-croidhe 's i méin,
I n-ainm Fhinn 's éacht na bh-Fiann,
'S Chonáin Mhaoil Mhic Mhóirne feín.



D'aontaigh cách go preab dom ghlór,
'S dubhairt gach n-aon díobh le greann,
Gach cloch do chur 'n-a h-ionad cóir,
'S an líag do thogbháil as an ngleann.



Tógthar linn eidir ár lámhaibh,
Do Bhuaile Bhláth na Gréine,
An leathan-líag, budh thróm re rádh,
Go Tullaigh Ard na Féinne.



Déantar linne suas an feart,
'S an líag mharmhuir air mar dhíon,
Gidh nach maoidhteach mise as mo neart,
Maoidhim le mórtas feabhus mo bhuidhean.


L. 161


Tomhastar linn an líag 'n-a clódh,
Bhí troigh 'n-a h-aoirde dhúinn,
Aon troigh déag a fad, ní gó,
'S trí lán-troigh 'n-a tarsna anúnn.



Luighim-si féin air an leacht,
Go grínn ag amharc air an laoidh,
Gur léig sí liom a rún go beacht
Gur b'é Conán bhí curtha faoi.



Má theidheann tú choidhche go Collán
Air lorg rian na Féinne,
Feicfir Leacht 's Leac Chonáin
Air leirg Locha (Buaile) na Gréine.



Feicfir thall ós do chomhair
Altóir Adhartha na Gréine,
Líaga liatha leathan-mhór'
Ag ar sleachtadh buidhean na Feínne.



Feicfir fós go soillseach as
Ceall Uí Scrafain sgéin,
Iomdha Challáin shiar budh dheas,
'S uaigh Fear-Chait Craig' na Sean-Eun.



Feicfir as Dubhloch doimhin,
Oill-phiastach ádhbhal céar,
An iomad loch a's leirg feidhm,
Mar léighim i Stáiribh Stairn stáir.



Feicfir as siar budh thuaidh
Lios Cheannúir a's Ruadhain Ruadh,
Ceall Stuifin, an Creachalán.
Leacht Uí Chuinn a's Dún Dionáin.



Feicfir ann Cenntuirc Treun,
Leaba Dhiarmada 's Ghráinne;
Feicfir as do dúthaigh féin,
Cnoc Síth Fínn agus Cnoc Áine.




L. 163


AGALLAMH PHÁDRUIC AGUS OISIN AIR AN
MODH IN AR THÁRLA CATH SUIRIDHE.



Pad. A Oisín chríne is fada air baois,
Is iomdha maidhm 's treun chath,
Do thugais féin re linn na bh-Fiann,
'S ní raibh d'iasacht ann acht seal.



Is aosda bruthmhar atá tú féin,
Agus do bhidhís ad' laoch budh mhaith goil;
Gidh gur iomdha cath do thugais riamh,
Atá aon chath fós gan dul thort.



Ois. Créad é an cath é sin, a Mhic Alphruin,
In a bh-fuil meas mór agat as a luadh,
'S a liacht cath treun borb
In a rugas treise agus buaidh?



P. Atá, Oisín, cath an bháis,
An cath is tréine d'á raibh ann riamh,
Cath do chuir ruaig air a d-táinig fós,
'S a d-tiocfaidh go deo i n-a n-diaigh.



O. Is truagh, a Phádruig, nach faghbhaim amharc
Air an m-bás i g-conair éigin,
'S d'á d-tugfadh dhamh-sa comhthrom catha
Go bráth ní thiocfadh am' éiliomh.



P. Innsim duit, a sheanóir shuairc,
Go d-tiocfaidh an bás, 's nach fios cá h-uair
Ad' aimhdheoin go n-deunfaidh thu claoidh,
Dá mhéid do neart 's do láimh-ghníomh.



O. Is briathar dhamh-sa, is ní breug
Nach creidim uait-se aon sgeul;
'S má bhí a mhacsamhuil 'san t-slighe,
Gur b'e thuit i g-cath Suiridhe.


L. 164


P. Cread é an cath sin, a sheanóir bhláith,
Ionar thuit, mar saoiltear leat, an bás.
Innis dam gach ní gan bhreug,
Tásg an chatha do bhí treun.



O. 'Neosfad, 's ní le greann go fíor,
Tuarasgbháil chatha na Suiridhe,
Do tugadh go dian tréidheach,
'Cois geal-trágha aoibhinn' (Bhinn) Éadair.



Lá n-aon dár ghluais Fionn na nglac m-bán,
Mise 's an Fiann go h-iomlán,
Ag fiadhach agus ag fian-chosgar,
Air feadh gleannta diamhra, diana, dorcha.



Do thárla oruinn 'san leirg gan mhoill,
An bhean dob' áille dreach 's gnaoi,
Budh samhuil a deilbh leis an ngréin,
Is budh ró-áluinn a pearsa 's a sgéimh.



Do bhí a ceann foilt-leabhair fionn,
A h-éadan cailce, budh bhreágha snuadh;
A leaca air dath an aoil 's an róis,
Ag síor-chath agus ag teann-ghleo.



Do dhruid Fionn léi go fíor-dhlúth,
'S do bheannuigh d'á geal-ghnúis.
D'fhiafruigh sé de'n macaomh mná,
Cread do b'ainm di do ghnáth.



A Phádruig na m-bachal m-bán,
Dá bh-feicfeá dreach na mná,
Do bheurfá searc di 's gean mór
Gan chead do líon chléir na Róimh'.



P. Gráin ort a sheanóir gan ghreann,
Is tú fear an chrábhaidh lán-ghann.
Ní h-eagal leat bheith i n-ifrionn go duairc,
Dod' chomhthuargain ameasg na n-deamhan.


L. 165


O. Má tá ifrionn na n-deamhan
I n-aon áit de'n domhan mhór
Gib'é áird in a bh-fuilid súd
Go m-beiridh siad tusa leo air d-tús.



P. Och! a sheanóir, smuain air an m-bás,
'S leig feasda dod' iomrádh;
Aontaigh dhámhsa agus déin mo réir,
Tréig d'ainbhfios agus ná bí baoth.



O. Ná bí ag luadh dó réir' liom féin,
Tréig d'fhearg agus bí réidh,
Nó geallaim duit gan bhreug
Go m-brisfidh mé do mhuinéal.



P. Lean dhíot anois, a sheanóir chrín',
Air thuarasgbháil chatha na Suiridhe,
An cath é do bhí treun?
Tabhair sgeula dham a Oisín fhéil.



O. Do naisg an bhean air an bh-flaith Fionn,
Triall léi d'á geal-dún,
D'fhiafruigh dise cia h-í féin,
'S níor innis sise dho an sgeul.



Racham ann do ráidh Conán Maol,
I g-comh-chlos do'n mhóir-Fhéinn,
Do ghluaiseamar uile go neamh-thláith,
Ins an leirg i n-diaigh na mná



Do thriall sise air d-tús romhainn,
'S d'imthigh Conán 'n-a diaigh go dlúth,
Do shuidh Conán go prap síos,
'S an uair budh mhian níor fhéad éirghe.



Do thriall asteach go láin-dian,
Seacht g-catha na Gnáith-Fhiann.
Shuidheamair uile síos mar Chonán,
'S is truagh nach dam i n-deireadh cháich.


L. 166


Do shuidheadar an Fhiann uile síos,
'S do ceangladh iad uile le draoidheacht;
An uair budh léir dóibh d'á g-cealg,
Budh mhian leo annsin éirghe 'n-a seasamh.



"Mairg ort, a Chonáin," do ráidh Mac Chumhaill,
"Cread fáth nár innsis do thoisg dúinn,
Ó's tú do fuair ceilg air d-tús,
Mo mhallacht ort go fíor-dlúth.



"Budh bheag ormsa," do ráidh Conán,
"An sgeul sin do bheith agaibh le rádh;
'S is ró-dhoiligh liom-sa me féin,
Do bheith shíos de'n chéad aon.



D'amhairceamar uile air an n-dún,
'S is í dob' áille d'á bh-feacaidh súil.
Adubhairt an bhean, 's budh fhocal cliabh,
"Triallaigh romham anois ag fiadhach."



Do shaoil an Fhiann go raibh a nglas díobh,
'S chorruigheadar iad séin le neart gnímh,
Do bhidheadar ceangailte de na suidheacháin,
'Sh go daingean dlúth de'n úrlár.



Do thug Conán iarracht chalma le furrán,
Eirghe 'n-á sheasamh de'n úrlár,
Do bhuail lámh air ursain an doruis,
'S do cheangail de mar bhreis donais.



"Is treun bhur g-cath 's bur neart
Air feadh na h-Eireann," do ráidh an bhean.
"Beidh sibh annsoin choidhche gan cóir,
Go d-tagaidh mo chéile-se fá thóir.



"Is truagh an toisg," do ráidh Conán,
Seacht g-catha na bh-Fiann i g-cruadh-chás.
'S dá m-beimís uile láimh air láimh,
D'éireochamaois 'n-ár seasamh i g-comhdháil.


L. 167


O. Do thug Conán óbairt an-theann,
Is do chorruigh anonn agus anall,
Do chuir a lámh eile i d-taca,
'S do ceangladh í go ró-dhaingean.



"Do thugas cuireadh dhaoibh dom' chúirt,"
Do ráidh an bhean budh ghile gnúis,
Atá biadh agus deoch agam duitse a Fhinn,
Agus do'n chuid eile dod' mhór-bhuidheann."



"Is olc mo thoisg-se, do ráidh Chonán,
"'S mo dhá láimh uaim air gabháil,
Cionnas do chaithfead mo chuid de'n m-biadh,
Ná an dhigh do gheobhainn 'n-a dhiaigh?"



Do ráidh Osgar, budh neamhthláith,
"Ní truagh liom féin tu, a Chonáin,
Dá m-beidheadh againn Gobha na g-Ceárd,
Do sgaoilfeadh sin ó n-ár g-cruadh-chás,"



"Cread é an t-áird 'n-a bh-fuil sé uainn,
I bh-fearann Fáil shoir ná thuaidh.
'S goirfead air i g-comas árd,
I g-cómh-chlos d'á bh-fuil 'san áit."



"Atá súd i n-Almhuin Laighion,
Le seacht seachtmhainibh d'á leigheas,
Ó lá an fhiadhaigh do leanamar ann,
Do briseadh asna 'n-a chorp an-teann."



Do ghoir Conán go borb ós árd,
Air Gobha glic na saor-Cheárd.
Budh chomh-chlos borb-ghairm sin Chonáin
Air feadh fhearain ghlais Inse Fáil.



Do ghluais chugainn Gobha na g-Ceárd
Fá ghaibh-ghlór borb Chonáin,
'S do mheas triall asteach go dian,
'S do chonnairc Conán i nglas pian.


L. 168


"Cread é sin ort, a Chonáin áigh"
Do raidh Gobha glic na g-Ceárd.
"Atá an donus," do ráidh Conn
"Táim ceangailte i g-cruadh-chás."



"Cá bh-fuil an chuid eile de'n Fhéinn?"
Do ráidh an Gobha le Conán Maol.
"Atáid ceangailte go tláith,
Acht go bh-fuil aca cumas a lámh."



"A ríoghain na ngruadh n-dearg breágh,"
Do ráidh Conán leis an macaomh mná,
"Tiubair leat bórd agus biadh,
Atá an Gobha ceardach chum a riar."



Annsin adubhairt an macaomh mná
Le Gobha clisde na saor g-ceárd,
"Sgaoil an fear borb sin ó n-a phian,
Go n-íbhe deoch 's go g-caithfeadh biadh.



Do thóg an Gobha an t-órd go dian,
'S do tharraing í le neart 's le mian;
Do bhuail béim borb le na dhá láimh
Treasna an dá chrobh air Chonán.



Do leigeamar an Fhiann gáir ghrínn
An uair do bhuail an Gobha an buille bínn,
Do luidh sin go croidhe air Chonán,
'S adubhairt "Cúis caoi chugaibh 's gearán."



"Ná glac fearg," ar an Gobha, "a Chonáin,
'S sgaoilfead-sa thu ód' chruadh-chás,
Brisfead an chomhla 's an chathaoir
Le neart mo bhaoil 's mo úird thruim.



"Do chuir an ríoghan bórd 's biadh
Do fhiadhnaise slóighte na móir-Fhiann.
"Sgaoil mo nasg anois," ar Conán,
Atá an t-ocras dom' dian-chrádh.


L. 169


Do thóg an Gobha an t-órd arís,
'S do bhuail an dara béim go cruínn
Ins an dá chrobh arís air Chonán,
'S do bhrúigh go smior iad go h-iomlán.



Do leig Conán gáir agus uaill
Budh chomhchlos shoir agus thuaidh,
Agus fós in gach uile áit
Air feadh fhearann Inse Fáil.



Do fhraoch Conán le nimh go dian,
'Sh thug éirighe roimhe 's n-a dhiaigh;
Do stróic a shliasaid as an g-cathaoir,
'S do fhág an seithe 'n-a dhiaigh shíos.



Do thriall Conán fá ghoimh gheur
I n-diaigh an Ghobhan go dian treun.
"Ná déin díoghaltus," ar an Gobha, "a Conáin,
'S leighisfead arís do shuidheachán



"Triall tar ais arís, a Chonain,"
Do ráidh an Gobha go neamhthláith,
Do gheabhair íoc-luibh 's deoch chóir
O'n mhnaoi ghreannda na g-cuach n-óir.",



D'fhill Conán air a chúlaibh go dian;
Ní raibh ann mór-neart riamh.
Do rith an bhean 'n-a chomhdháil,
'S deoch 's corn 'n-a deas-láimh.



Seo, a Chonáin 's íbh deoch go cóir,
As an g-corn so na m-buadh mór,
'S beidh tú ad' neart 's ad' lúth go dian
Go mór níos tréine ná bhidhis riamh."



"A Chonáin ná h-ól an deoch anois,"
Do ráidh Fionn budh dhian glic,
"Ná h-íbh an deoch aon bhraon air an bh-Fiann,
Nó íocfaidh tú as do neamhchiall.


L. 170


"Déin féin agus Gobha na g-Ceárd
Díoghaltus air an machaomh mná,
Muna d-tugaidh cead rian do'n Fhéinn,
O gheasaibh 's ó dhraoidheacht péin."



"Buain fáith as mo leigheas go geur,"
Do ráidh Conán i bh-feirg léi,
"Nó is briathar dhamhsa go fíor,
Go n-íocfad ort é gan mhoill."



"Íbh an deoch air d-tús go grod,
Ná corraigh 's ná feuch thort,
'S m'fhocal dhuit gan breug,
Go leighisfidh mé do mhóir-chréacht."



"Ná déin a Chonáin," do ráidh an Fhiann,
"Ná h-íbh an deoch 's ná blais an biadh,
Nó go bh-faghaid an Fhiann uile a réim,
O na geasaibh atá ró chlaon."



"Nach cuimhin leat-sa, a Chonáin,
Gáir na Féinne ós árd,
Do bhrigh gur ghreann leo go fíor
Tusa bheith ad' mhór-luighe."



D'árduigh Conán an corn cóir,
'S do mheas a raibh ann do ól,
Do lean beul an chuirn de bheul Chonáin
Sul ar íbh an deoch go h-iomlán.



"Dob í ár g-comhairle," do ráidh an Fhiann,
"Gan a bheith brosdaightheach ná dian,
Ag sin agat air son do shaobh-chiall, a Conáin,
'S do bhí tú riamh le h-earáid."



Ritheas Conán ameasg na bh-Fiann,
Le neart buile agus ainrian,
Do bhí ag labhairt go fraoch borb,
'S ní thuigtí uaidh aon fhocal.


L. 171


O. Do ghluais Conán iona threun-rás,
Go borb dian i n-diaigh na mná.
Do ráidh Conán "bú" 's "bé,"
'S níor thuig neach air bith a n-deireadh sé



Annsin adubhairt an bhean go caoin,
"Buail lámh air go ghualainn clí,
'S buail an lámh eile air bhonn an chuirn,
'S beidh tú saor ód' gheasaibh go follus,"



Do rinne Conán sin go baoth,
'S do lean an lámh d'á ghualainn chlé;
Do lean an lámh eile de'n m-bonn;
Is air do bhí an ceangal lom.



Do ghlacamar an Fhiann móir-fhearg
An uair do bhí an bhean ag síor-chealg.
Do rugamar uile láimh air láimh,
'S do shaoileamar eirghe i g-comhdháil.



Do cheanglamar uile go dosgaoilte
D'á chéile ins an ghníomh sin.
Do ghoireamar uile air Ghobha na g-Ceárd,
Agus do rith sé i n-ár g-comhdháil.



Do tháinigh sé chughainn go luath,
'S fuair cealg go lán-truagh;
Do ceangladh é mar chách gan gó,
'S a throm-órd 'n-a dheas-dhóid.



Do raidh an bhean re Fionn go caoin,
"Sgaoilfead cead slighe dhuit gan mhoill,
Má's áil leat cath do thabhairt go follus,
Do'n chéad neach liomsa do thiocfaidh."



"Sgaoil de Chonán," do ráidh Fionn,
"Air dh-tús, is é is maith liom,
'S annsin sgaoil díom' féin,
'S beidhead feasda dod' réir.


L. 172


O. Do sgaoil de Chonán air d-tús,
'S annsin do sgaoil de Mhach Cumhaill.
"Sgaoil anois, a rioghain áigh
De Ghobha bheag chlisde na g-Ceárd."



Do sgaoil sí an Gobha beag ó n-a ghlas,
'S budh ghníomh sin liom-sa dobh ait.
Do chogain Fionn annsin a mheur,
'S do fuair fírinne gacha sgeul.



Do fhaisnéis an meur do Fhionn go beacht
Gach sgeul díreach bhí le teacht,
'S d'á ngoidfeadh sé póg ó'n mhnaoi
Go raibh a geasa gan aon bhrigh.



Do fuair Fionn annsin uain,
'S do thug póg do'n mhnaoi gan guais.
"Le buadh feasda," do ráidh an bhean, "a Fhínn,
"D'fhágbhais mo gheasa gan aon bhrigh."



Dar mo láimh-se, 's ní gó,
Nach raibh naomh riamh 'san Róimh,
D'á ngeabhadh amharc air dhreach na mná
Nach d-tiubhradh searc di agus grádh.



P. Ní fheaca riamh seanóir chomh ársa
Nachar bh'fhéidir do thabhairt chum chrábhaidh.
A Oisín, smaoin feasda air Dhia,
'S tabhair d'aire do luadh na bh-Fiann.



Lean feasda do'n laoidh mar leanais,
Fág seachrán na baoise feasda,
Aithris dom, 's ná can gó,
Cionnas do fuasgladh an Fhiann ó bhrón?



O. Ní raibh neach air bhith do'n Fhéinn,
Nach raibh créachtach lán tinn,
Do leighiseadh a g-créachta uile gan mhoill
Acht créachta goimhe Chonáin Mhaoil.


L. 173


O. D'fhiafruigh Conán de'n ríoghain chóir,
Cá bh-fuigheadh leigheas d'á chréachtaibh mhór.
"Do gheabhair i d-talamh nó i n-uisge,
A Chonáin Mhaoil," do ráidh sise.



Níor chian go g-cualamar glór borb
Ag triall go dian chum an doruis,
Do ráidh Conán de ghuth árd,
"Is baoghal liom sibh anois tráth."



Do ghluais chughainn go troigh dian,
Laoch mór corpach fairsing-chliabh.
A ghnaoi dubh gráineamhuil go leor,
'S a lann líomhtha 'n-a dheas-dhóid.
"Do rinneas rann daoibh a Fhianna Fáil,"
Do ráidh an fear borb do ghuth árd,
"Do choisgfidh sibh ó dhul thar lear,
'S ó smacht Éirinn iath-ghlas."



"Can do rann," ar Osgar na lann,
"'S fraoch 's is borb do mhór-cheann,
Creidim gur buirbe do mhór-ghlór,
Ná do ghníomh i n-am an ghleo."



"Gaisgidheach borb me na g-cruadh-lann,
D'fhágfas an Fhiann air díth cheann,
Gach a bh-fuil ann díobh ó thrágha na Binne,
I bh-fearann Fáil na h-iath-ghluise."



Do nocht Osgar a lann cruadh geur,
'S d'fhógair cath air go treun.
Do ghluais an fear borb 'n-a chomhdháil,
'S a lann leadartha 'n-a dheas-láimh,



Do fearadh cath 's gleo treun,
Go fraoch feargach eidir an dís laoch.
Do fuair Osgar buaidh an chatha,
'S do leag an fear dubh go talamh.


L. 174


O. "Is baoth an rann do chanais go fíor,"
Do ráidh Osgar na mór-ghníomh.
Le béim crodha do bhí dian teann,
Do theilg d'á cholann a mhór-cheann.



P. Is fada thú air baois a sheanóir,
Ag leanmhuin cam-shlighe 's mí-threoir,
Atá an bás air a bhonnaibh mar do bhí,
'S ní h-é do thuit i g-cath Suiridhe.



O. Is cuma liom a thuitim no a bheith shuas,
Ní mór mo shúim 'n-a bheith d'á luadh,
Acht d'á bh-faghbhainn seilbh air am' dheas-dhóid,
Do bhuainfinn d'á rith é budh dhoigh.



P. Innis dúinn anois, a Oisín ghrínn,
Críoch uile chatha na Suiridhe.
Ar leagadh aon neach eile ann
Acht an fear borb do bhí ró-theann?



O. Ní cian do bhidheamar annsúd
An tan do thriall tuille chughainn,
Fiche fear d'á chloinn féin,
'S fiche bean leo mar aon.



Is iomdha curadh treum-chatha,
'S gaisgidheach laochda air buaidh sleagh,
Do thuit le láimh éachtaigh Osgair,
Le buaidh a neirt 's a laoich cumais.



Níor tháinig a shamhail de chath riamh,
I g-crích Éireann, shoir ná shiar,
Is mó in ar díthceannadh de shluagh
Le neart sleagh 's lán buaidh.



Och! a Phádruig, dob' iomdha laoch
Do bhí an lá úd fá chaithréim,
Do thuit le béimeanaibh Osgair na lann,
Budh ghnáth rachmus 's lán teann.


L. 175


Níor bh-fada go bh-feacamair ag teacht
Meirgeach na lann lán m-breac,
Macaomh glac láidir roimhe amach,
'S fanuidhe gaisgidheach re n'ais.



Do dhruid an Meirgeach le Osgar an áigh,
'S do dhruid Osgar 'n-a chomhdháil,
Dá d-tagaidh eatorra súd an bás
Do chosgfaidh é d'á chomhrás.



Do bhí Osgar 's an Meirgeach teann
Ag feachuin cruadhas a g-comhlann,
I bh-fóircheann an chatha chruaidh,
Gur thuit an Meirgeach chum lán t-suain.



Budh thréine cogadh na m-béith go mór
Ná cath na bh-fear féin 'san ngleo.
Níor fhágamair a shliocht air faghbháil
Air feadh fearann Inis Fáil.



Sin agat, a chléirigh cháidh chaoin,
Tuarasgbháil chatha na Suiridhe,
'S má bhí an daol-bhás riamh ann,
Is ann do teilgeadh de a cheann.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services