Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiche Duan

Title
Fiche Duan
Original Title
Selection of Gaelic Poems From the Best Modern Authors, A
Author(s)
In eagar ag Shán Ó Cuív,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Shán
Composition Date
1924
Publisher
Browne and Nolan Ltd

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FICHE DUAN



Bheadh sé chomh maith agat bheith ad'iarraidh cur síos ar an
áireamh agus gan d'áis agat chuige ach na figiúiri Rómhánacha
(1, 11, 111, etc.) agus bheith ag tabhairt fé'n bhfogharaidheacht a
mhíniú agus gan de chóir agat chuige ach an gnáth leitriu. —



PAUL PASSY.


L. 7


FICHE DUAN



1917-1607


L. 8


AN FUISEÓIGÍN.



Binn do ghlór ón binn do ghlór,
A dhraoi bhig is deise ceól,
Thuas san aer ag spreagadh puirt,
Le racht suilt le mire mór.



Árd do mhian ón árd do mhian,
A ghruagaigh lér gean an ghrian,
Ag síreitill suas ón úir,
Le bárr dúil san lonnradh i gcian.



Mór do ghreann ón mór do ghreann,
Ar an mbás is beag do bheann,
Beag do spéis i gcúrsaíbh fear,
Ní cás leat me tréith i gceall.



Uch mo léir ón uch mo léir,
Gan mise thuas taobh leat, a éin,
I bhfad ó ghéibhinn na nglas,
Saor gan cheas go hárd san spéir.



PIARAS BÉASLAÍ.



(Agus é ag obair i ngort
i bpríosún Lewes, Bealtaine, 1917.)


L. 9




L. 10


COIS FAIRRGE.



Fearaim fiche beannacht ort,
A fháinne an lae,
Is gatha gile á sgaipeadh agat
Fém' dháil ag téacht;
Leoithne anoir ón bhfairrge
Is ceó na gcnoc dhá shladadh aige
Glór na sruth dhom mhealladh anois
Chun ábhachta is aér.



Raidim tuile taithnimh dhil
Do gháir na n-éan:
Freagarfad dá gcantaireacht
Le gárdas cléibh;
Tabharfad tréimhse ag treabhadh liom
Le ciumhasaibh caoltsruth clagarach
Tré lúbaibh gaortha is glasara
Go trácht don ré.



Beannachnuic ag amharc ar
Lochán beag glé
I dtaisge i log an ghleanna dhuibh
Ar sgáth ó'n ngréin;
Dreóilín níl san aitinn ann,
Smólach bhínn ní chlaistear ann,
Acht ceólta sidhe ní hannamh ann
Ag táin an aéir.



Chaitheas uaim chun dearmaid
Mo chráidhteacht cléibh;
Aisling tsuilt do dhearcas-sa —
Caisleán san spéir,
Slógh de Ghaedhlaibh calma
I gcomhlainn sléibhe ba bhagarthach
Ag leónadh tréad na nAllachon
Le ráig is faobhar.


L. 12


Mo dheacair boct! ná maireann dom
An tráth dem' shaoghal
Do chaithinn thoir cois fairrge,
'S me im' páisde shéimh;
Ní fhóghnann dréacht ná aisling dom;
Tá lónnradh an lae sin sgartha liom;
I meórghlaic bhréin na cathrach
Atáim, mo léan!



PIARAS BÉASLAÍ.


L. 11




L. 14


MAIDEAN I mBÉARRA.



Is é mo chaoi gan mise maidean aerach,
Amuigh i mBéarra im' sheasamh ar an dtráigh,
Is guth na n-éan am tharraing thar na sléibhtibh cois na fairrge,
Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrádh.
Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn,
Do ruithfinn saor ó ana-bhroid an tláis,
Do chuirfinn druim le sgamalaibh an tsaoghail seo,
Dá bhfaghainn mo léir-dhóthain d'amharc ar mo chaoimh-shearc bhán.



Is é mo dhíth bheith ceangailte go faon lag,
Is neart mo chléibh dá thachtadh annso sa tsráid,
An fhaid tá réim na habhann agus gaoth ghlan na fairrge
Ag glaodhach 's ag gairm ar an gcroidhe seo im' lár.
Is milis bríoghmhar leathan-bhog an t-aer ann,
Is gile ó'n ngréin go fairsing ar an mbán,
'S uchón, a Rígh-bhean bhanamhail na gcraobhfholt,
Gan sinn-né araon i measc an aitinn mar do bhímís tráth.



OSBORN Ó HAIMHIRGIN.


L. 15




L. 16


CAOINEADH AR PHÁDRAIG Ó LAOGHAIRE.



Tá ceó ar na cnocaibh,
'S ar thaoibh an ghleanna,
Tá glór an tsrotha
Do shíor im' aice,
Is brónach osnadh
Na gaoithe i gcrannaibh,
'S is deórach doiligh
Mo chroidhe-se, a chara.



Is lúthmhar lán-mhear
Do bhíos-sa sealad,
Ag siubhal na mbánta
I n-aoinfheacht leatsa;
Gan chumha, gan cháineadh,
Gan díth, gan easbaidh,
Gan súil, a bhráthair,
Le sgaoileadh an cheangail.



Is sámh do thriallainn
I n-úire an tsolais,
Do ráidhte im' chliabh-sa,
'S gach rún dá nochtadh;
Gur fhág an ghrian sinn,
Gur dhubhuigh a loise,
'S gur crádhadh me id' dhiaidh-se,
Dom' brúdh gan chosnamh.



Ba ghile t'fháilte,
'S do bhriathra caomha,
'Ná duille is blátha,
'Gus niamh na spéire.
Anois níl áthas
Ar shliabh ná ar ghaortha,
Acht duibhthean d'fhág me
Id' dhiaidh im' aonar.



OSBORN Ó HAIMHIRGIN.


L. 17




L. 18


CATHAIN BHEAM SAOR?



Cathain bheam saor?
Cathain bheam saor?
Cathain bheam saor ón nasc?
Cathain bheam saor
Mar cheileabhra éin,
Amuigh i san spéir,
Ó cathain bheam saor ar fad?



Ní bheimíd-na saor,
Ní bheimíd-na saor,
Ní bheimíd-na saor ó'n nasc,
Ní bheimíd-na saor,
Go n-aithneocham sinn féin
Idir pór agus préamh
'S go gcuirfeam le chéile i gceart.



Conas is féid,
Conas is féid
Ár n-aithne féin gan stad?
Le teagasc is céill
'Bheith 'g an bpobal go léir
Is le fuath agus daod
Do dhíbirt d'á chéile ar fad.



Conas is féid,
Conas is féid,
Cur le n-a chéile i gceart?
Seasam mar aon,
Le dóigh asainn féin,
Is gearram ó phréimh
An daoirse go léir amach.



PÁDRAIG Ó LAOGHAIRE.


L. 19




L. 20


DOMHNALL BÁN.



Is suairc liom póg mo Dhomhnaill Bháin;
Is geal liom grádh mo chléibh;
Ní bhfuighinn ar shlóighte móra an áir
A dhíol de sháir-fhear thréan,
Is dílse Domhnall cródha cáidh,
Do bhíonn dom ghárdadh féin,
'Ná an fiolar órdha am thógaint áil
'S ná an leóghan dá láidreacht é.



Ní gluine an ghaoth do théigheann de rás
Thar maoilinn lá le gréin;
Ní cródha an laoch is tréine d'fhás
I gcríochaibh Fáilbhe 's Chéin;
Ní luaithe an t-éan dó théigheann gan sgáth
Os cionn na mbánta féir,
'Ná gluine 's cródhacht mhórdha bhláth,
Is luas mo ghrádhsa féin.



Mo mhíle stór thu, a Dhomhnaill Bháin,
Mo chuid, mó ghrádh, mo laoch:
Ní d'réir an óir a thomhaisim cáil
An té seo ghrádhaim go héag;
Ní háil liom maoin, a chroidhe gan cháim,
Ó taoi-se láidir tréan,
'S le congnamh Chríost do stríoc do'n pháis
Ní fheicfam gábhadh ná léan.



TADHG Ó DONNCHADHA.


L. 21




L. 22


SEOTHÍN.



Ó ragha mé féin,
Ar aonach Mhalla,
'S ceannógha mé bréid
Dom laogh 'gus hata
Seothín, seothó,
Seothó ariú a leanbh,
Seothín, seothó,
Mo stór mo leanbh.



Is sníomhfad sróll,
As ór na maidne
Dom naoidhin bhig óig,
Mar róba is racaid.
Seothín, agus rl.



Is fighfead éill
De réir an fhaisinn
Don bhróigín chaol.
Rug craobh na maise.
Seothín, agus rl.



Dom buidheanaigh ó,
Cóireógha mé leabaig,
Ba thuar chun flós
Na rós n-a leacain.
Seothín, agus rl.



I gcoill na gcnó,
Tráthnóna um Shamhain.
Beidh fuighlach róinn
Den chnósach aibidh.
Seothín, agus rl.



Beidh ríghthe ón nGréig
Is laochra ón mBreatain
Go dian ag éad
Lem péarla cheanann.
Seothín, agus rl.



TADHG Ó DONNCHADHA


L. 23




L. 24


A CHOMARAIGH AOIBHINN Ó.



Mo bheannacht ó chroidhe dod' thír is dod' shléibhtibh,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
'S dod mhuinntir shuairc ar dual dóibh féile,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Do shrotháin gheala 's do choillte craobhach',
Do ghleannta meala 's do bhánta léire,
Grádh mo chroidhe iad súd le chéile,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!



Is dathamhail breágh do "chruacha" sgéimhchruth,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Nuair lasaid suas le hamharc gréine,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Na faillte 's leacain ar gach taobh díot
Mar bhrata sróil le seódaibh gléasta,
Nuair sgaipeann drúcht anuas ón spéir ort,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!



Is líonmhar lán do shrutháin ghlégeal',
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Ag rith anuas go luath le taobh chnuic,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
An Mhachain thall, 's i bhfhus an Tae dhil,
Mar mhionnáin gabhair le spórt is sgléipsuilt,
Ag snámh anonn ód bhonn go tréanmhuir,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!



Is fairsing fial do locha taosgach',
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Fé iasg ná fuil a shamhailt i nÉirinn,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Loch Com Seangán na hOllaphéiste,
An dá Sgiollóig 'na mbíonn an méith-bhreac
Na Comalocha, 's Com Fiadh taobh leó,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!


L. 26


Is breágh é an radharc a chím gach taobh díot,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Ó thuaidh, ó dheas, is soir i n-éinfheacht,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Ó Dhrom Finghín i lár na nDéise,
Go Corrach Mór i dtír na bPaorach,
'S as son ó thuaidh go Sliabh Ban Féinne.
A Chomaraigh aoibhinn Ó!



Do bhíos tar sáile seal i gcéin uait,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
I ndúthaighibh fáin ag déanamh saothair,
A Chomaraigh aoibhinn Ó!
Acht b'obair tháir liom cnuasacht gréithre
I bhfad ó m'áit fé sgáil do shléibhte,
Is chas mé arís ort, "Plúr na nDéise,"
A Chomaraigh aoibhinn Ó!



R. M. Ó FAOLÁIN.


L. 25




L. 28


A CHUMANN 'S A STÓR.



A Chumann 'sa stór, cuirim gan gó,
Líne nó dhó agus cárt chughat,
Ar son an am fadó nuair bhíomair óg,
A's gheibhinn uait cuireadh 'gus fáilte.
B'fheárr liom ná ór bheith agam mar stór,
Ná cuirfinn riamh speóis id' ráidhtibh;
Nuair bhrosdaigh an tóir bhog tú an ród,
A's d'fhág tú mise ar a bhfáithim.



Dubhairt tú go minic, a chúil na finne,
Fá an chrann cuilinn a's mé láithreach,
Ná séanfá mise fad is bheadh uisge
Ag rioth ins an Mhachain le fánadh.
Is gnáthach fraoch ar dhruim gach sléibhe,
'S tá an Mhachain go tréan 'na háitreabh
Ag rioth le gréin tré ghleann na gcaor,
'S gan ainnir na gcraobh le háireamh.



I mBaile Nua an aonaigh dubhairt do bhéal liom,
Ar scaramhaint le chéile an lá úd,
Go cuirfeá ar m'éileamh litir fá shéala,
'Nois leagaim na bréaga id' láthair.
Taréis is feas seadh chítear gach beart,
Teachtaire sgéil níor tháinig,
'S gur b'é mo mheas, a chúilfhionn deas,
Gur dhíol tú ró-shaor go bráth mé.



Gach uile Domhnach buaileann fonn mé,
Siubhal ar fuaid na mbánta,
Mar a mbínnse 'gus tú gan ghruaim gan chumha,
'S it' fhochair do gheibhinn mo shláinte.
Le feabhas na himeartha bhuaidh tú an cluich' orm,
'S ní fuiris liom, taréis, tú a cháineadh,
I lár deabhadh is deithinis guidhim go minic leat,
'Gus cuirim ort Dia mar ghárda.



RIOBÁRD BHELDON.


L. 29




L. 30


FUACHT NA SGAILPE SEO.



Fuacht na sgailpe seo, deatach is gaoth gimhridh
Cruas na leapa so is easba bruit lae is oidhche,
Muarchuid teaxana, deachaithe, is glaoch cíosa, —
Thug buartha cathach me, easbathach, éagcaointeach.



Mo sguaine leanabh go dealbh gan aenní acu,
'S an tsuairc-bhean chneasta, a mbanaltra mbéil-bhinn sin,
Cruas an reachta so ag Gallaibh dár ngéirdhíbirt, —
Do bhuair, do mheathlaigh do mhairbh go léir mh'intinn.



Ar cuaird dá dtagadh sin caraid dom fhéafraí-se,
Níor thualaing mh'acfuinn a fhreastal ná a chaemh-dhíon liom,
Ag sluaite Danar ag taisteal gach aon oidhche
Ar fuaid ár mbailte ag bagar an chlaen-dlí orainn.



Uain ná aga níl agam do ghléas caoil-phin,
Le a luaifinn grafa mo leabhar i saer-sgríbhinn;
Atáid uaim ar sgaipe go seachmalach saobhnuíseach,
Suarach, searbh, ar aiste nár chéim cuibhe dhom.



A Uain ghil Banaltran beannaithe an chaemh-Rí sin
D'fhuasgail sgata ó pheannaid na ndaor-gclaoinbheart,
Ruaig-se Gallaibh as fearannaibh saer-Chríomhthain
Uainn tar caise, is nár chasaid go h-éag choidhche!



MÍCHEÁL ÓG Ó LONGÁIN.



(Ar mbeith 'n-a chómhnaidhe dho i mboith bheag dhireóil
mhuardheataigh ar an gCnoc mBuí san mbliain
1823.)


L. 31




L. 32


SEÓ LEÓ THOIL.



Mo ghroidhin go bráth tú, a pháistín óig,
Mar taoi'n tú buadhartha suaite direoil,
Má thighean tú liomsa gheobhair foithin is cóir
Agus gheobhaidh tú duais nár luadhadh leat fós,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil.



Do gheobhair chun bainne uaim macha breágh bó,
Is gheobhaidh tú an tarbh chun clasuighthe leó,
Gheobhair na capaill chun branair is romhair.
Is do gheobhair fíon dearg is a mhalairt ar bórd,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil.



Gheobhair an clogad 's an sgiath ón Amadán Mór,
Is gheobhaidh tú an t-ubhall ó'n gcúilinn óig,
Gheobhair an gadhar ba mheidhrighe ceól
Do cheangail an laoch a h-éil 'n-a dhóid,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil.



Do gheobhair an corn fí dheochanna sóghail
Do chuireadh an draoidheacht ar na mílte slógh,
Do gheobhair an chathair úd Dún an Óir,
A bhí ag an nGruagach Muar chun spóirt,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil,



Gheobhair an lomradh do fuilcadh le h-ór,
Thug Iáson na luíng thar tuinn ar bórd,
Gheobhair na capaill fí bhratannaibh sróil,
Ó Mhac an Deirg cé gur fada dho ad' chóir,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil.



Gheobhair Maghchromtha gan dabht chun bróg,
Is gheobhaidh tú an Droichead chun probhision lóin,
Gheobhair B'l'áth Cliath chun fiadhaigh is spóirt
Is gheobhair chun stuiceanna Luimnigh Mhór,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil.


L. 34


Gheobhaidh tú Béara chun éisc ar bórd,
Is gheobhair an Margadh Leathan fí fheóil,
Gheobhair na cuanta fí bhádaibh seóil,
Agus gheobhair Íbhlaoghaire chun sméar is cnó,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil.



Ar an mbliadhain seo chughainn beidh búir gan treó,
Beidh cathair is dún gan smúit gan cheó,
Beidh ruag ar Dhanair thar fairrge mhóir,
Is Gaedhil 'na n-inead go seasgair ar nóin,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil,



Ná goil a thuilleadh is ná feicim do dheóir,
Mar beid siúd sgriosta shar a dtigidh an foghmhar,
Beidh a súile ag sile agus briste ar a nglór,
Is a gcóistí aguinn-ne 'n-a nglugaram spóirt,
Agus seó leó thoil is ná goil go fóil.



MÁIRE BHUIDHE NÍ LAOGHAIRE.


L. 33




L. 36


ÉIRE I BHFUIRM THRÉADUIDHE MNÁ.



"A chéithlionn bheag bhéal-tana bhaoth,
A thréad-bhean ba séadmhaire suim,
A réaltann na spéir-gcoinneall gcaomh,
'S a chéile na ndéithe go fíor, —
Mo léan-sa! cár éaluigh do ghné,
Is do chlaon-rosg na spéir-gcriostal gcaoin.
Do sgéimh-dhreach mar éin-tsneachta an tsléibhe
Is caor-lasair thréan ag teacht tríd?



"Ná do chraobhfholt tiugh dréimreach do théidheadh
Go faon-chluthar fé bhun do chuim?
Do chaol-mhala éadtrom glan réidh,
Is t'éadan ar aon-dath an aoil?
Do thaobh geal rug céim ar an ngréin,
Do ghéaga mar ghéis ar an linn?
Do thréigis do chaomh-chruth go léir, —
Tabhair sgéala dham créad do bhain díbh."



"Is é chuir mé i n-éagmais mo ghné,
'S lér thréigeas mo sgéimh-chruth go fíor,
Na faolchoin seo ag aodhaireacht mo thréad,
Is mé gan mo chéile lem' thaoibh,
Ná aon mhac d'fhuil Éibhir na séad
Dom chaomhna ar spéirling mar bhíodh.
Acht saor-chead ag daorsgar go claon
Chun éirligh mo chaorach gach laoi.



"Tá daolbhrat ar Fhébus go féar,
Is féach Pan mar thréig sin a phíp;
Ag éigse níl caol-chruit ar ghléas,
'S ag béithe níl aon fhocal fuinn.
D'éagadar maoth-thortha craobh,
Is tréith atáid éanlaith na gcríoch,
Ós éigin dom chéile geal féin,
Mo thréigean, 's gan é ag teacht, fóríor!"



SEÁN CLÁRACH MAC DOMHNAILL.


L. 37




L. 38


A CHUISLE NA HÉIGSE, ÉIRIGH SUAS.



A chuisle na héigse, éirigh suas,
Is tuirseach i n-éagchruth mé gan suan,
Gan duine san tsaoghal ag innisint sgéil,
Ar thuras an té tá i gcéin ar cuaird,
Is a Éire mo chroidhe tá m'inntinn ort.



Do b'aite liom súd óm úr-ghas óg,
Ag gearradh 's ag brughadh na mbúr go feór
Is fada mé ag súil go bhfaicfinn a ghnúis,
An faraire fiúntach fionn i gcoróinn,
Is a Éire mo chroidhe tá m'inntinn ort.



Corruighidh go léir i n-éifeacht duain,
Is seinnidh-se dréacht de réir na suadh,
Sin chugaibh an t-aon le huimhir de'n Fhéinn.
Is stuirmeach tréan do dhéanfas buairt,
Is a Éire mo chroidhe tá m'inntinn ort.



Tá Pilib is Séamus glé 's a sluagh,
Is na righthe le chéile ag téacht le buaidh,
Tiocfaid go léir i bhfuinneamh is i bhfaobhar
'S i n-Inis ghil Éilge réidhfid cuan,
Is a Éire mo chroidhe tá m'inntinn ort.



Brisfid is réabfaid is déanfaid ruaig
Ar bhruithinisc bhaoth an Bhéarla uainn,
Cuirfid na Gaedhil 'na n-ionadaibh féin,
Sin mise lem' ré is an éigse suas,
Is a Éire mo chroidhe tá m'inntinn ort



A Mhuire na naomh, nách aerach, suairc
An briseadh seo ag téacht ar bhéir an uabhair,
Fuireann na cléire ag seinm na dtéad,
Is gach bile den éigse ag déanamh duan,
Is a Éire mo chroidhe tá m'inntinn ort.


L. 40


Is gur bhinne liom súd, a rún 's a stór,
An ghloine go húr dá diúgadh ar bórd,
Cuideachta shúgach mhuirneach mhúinte,
Is go mbristear an cúl ná conganfadh leó,
Is a Éire mo chroidhe tá m'inntinn ort.



SEÁN Ó TUAMA.


L. 39




L. 42


SEÁN Ó DIGHE.



Níor ghéilleas riamh do ráidhtibh
Fileadh, fáidh, ná draoi,
Go bhfuair an Bhulcán gránda
Bhénus bhreágh mar mhnaoi,
Nó go bhfeaca péarla an bháin-chnis
Le toil a cáirde gaoil
Gan rogha ná malairt áruis
I bhfochair Sheáin Uí Dhighe.



Ní ghéillim nách sprid náimhdeach,
Do tháthuigh dlúith an dís.
A chuspóir pheacaidh, a Mhámoin,
'Na measc, mo náire, bhís!
Mopso Nysa datur —
Is fíor an ráidhteacht í
Ó fuair an stuaire d'ádhbhar
Fear mar Sheán Ó Dighe.



Dá mba fear mar chách mé
'S gur mhaith mar cheárd liom í,
Do throidfinn seal mar Mhárs di
'S do ghrádhfainn í óm' chroidhe;
Ó 'sé do bhreoidh 's do chráidh mé,
Is d'fhág mé támh gan bhrígh,
Ár gceartlín sneachta mhná bheith
'Na tráill ag Seán Ó Dighe.



PIARAS MAC GEARAILT.


L. 43




L. 44


BÁN-CHNUIC ÉIREANN Ó.



Beir beannacht óm' chroidhe go tír na hÉireann,
Bán-chnuic Éireann Ó,
Chun a maireann de shíolrach Ír is Éibhir
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó.
An áit úd 'nar bh'aoibhinn binn-ghuth éan
Mar shámh-chruit chaoin ag caoineadh Gaedhal,
Mo chás a bheith míle míle i gcéin
Ó Bhán-chnuic Éireann Ó.



Bíonn barra bóg slím ar chaoin-chnuic Éireann,
Bán-chnuic Éireann Ó.
'S is fearra ná an tír seo dighe gach sléibhe
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó.
Is árd a coillte 's is díreach réidh
Is an bláth mar aol ar mhaoilinn géag,
Atá grádh im' croidhe is im 'inntinn féin
Do Bhán-chnuic Éireann Ó.



Ní fhaicim a gcóruid ag gabháil san taobh so,
Bán-chnuic Éireann Ó.
Ní fhaicim a mbólacht dá treoradh chun féir ann,
Bán-chnuic Éireann O.
Acht barca dá seóladh le fóir-neart gaoth,
Is fairrgí móra go deo lena dtaobh,
Go bhfaicithear fós mé im' chóige féin, —
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó.



Atá gasradh líonmhar i dtír na hÉireann,
Bán-chnuic Éireann Ó.
D'fheara-choin ghroidhe ná claoidhfadh céadta,
Ar bhán-chnuic Éireann Ó.
M'atuirse chroidhe! mo chaoineadh géar
Iad ag gallaphoic thíos fé ghreim, mo léan,
'S a mbailte dá ríomh fé chíos go daor,
Bán-chnuic Éireann Ó.


L. 46


Is fairsing 's is muar iad cruacha Éireann,
Bán-chnuic Éireann Ó.
A cuid meala agus uachtair gluaisid 'n-a slaodaibh
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó
Rachaidh mise ar cuaird nó is luath é mo shaoghal,
Don talamh bhig shuairc sin is dual do Ghaedhil,
B'fhearra liom ná duais dá uaisleacht é
Bheith ar Bhan-chnuic Éireann Ó.



Scaiptear an drúcht ar gheamhar 's ar féar ann,
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó.
Is tagaid ann ubhla cúmhra ar ghéagaibh
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó;
Biolar is samhadh i ngleanntaibh ceóidh
'S na srotha sa tsamhradh ag labhairt ar neóin,
Bíonn maise gheal is clú i gcúilfhinn óig
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó.



Is oscailteach fáilteach an áit sin Éire,
Bán-chnuic Éireann Ó,
Bíonn toradh na sláinte i mbárr na déise
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó
Ba bhinne ná méara ar théadaibh ceóil
Ag seinm liom géimneadh a laogh is a bó,
Bíonn taithneamh na gréine ortha, aosta is óg,
Ar Bhán-chnuic Éireann Ó.



DONNCHADH RUADH MAC NA MARA.


L. 45




L. 48


GILE MO CHROIDHE.



Gile mo chroidhe, do chroidhe-se, a Shlánuightheóir,
Is ciste mo chroidhe do chroidhe-se d'fhaghbháil im' chóir;
Os follus gur líon do chroidhe dom ghrádh-sa, a Stór,
I gcochall mo chroidhe do chroidhe-se fág i gcomhad.



Ar fhuilingis trínn-ne, a Rí ghil árd na gcómhacht,
Ní thigeann im' smaointe a shuigheamh ná a thrácht i gcóir:
'S gur le goradh-ghoin nimhe do chroidhe is do chneadha-sa, a Stór,
Do bhrostuigh na mílte saoi go sámh i gcoróinn.



A Athair, is a Íosa dhíon led bhás me beó,
'S do dhealbh mo ghnaoi gan chríochnadh ceárd id chlódh,
Nach danardha an gníomh, a Chríost, nár ghrádhas-sa fós,
Acht gach uile nidh 'n-a mbíodh do ghráin don tsórt.



Ar shealbhuigh Maois dod dhligheadh-se i bpáirt an tslóigh,
Do b'annamh mo chroidhe-se sítheach ná sásta leó,
Acht fala 'gus fraoch-nimh, craos is cárna stóir,
Le heasmailt gach n-aon as na mílte cáin ba mhó.



Le hathtuirse chnaoidhte ag suigheamh a ndeárna geobhad,
Ag taisteal gach tíre i gcríochaibh Fháilbhe is Eoghain,
Ag aithris mo gníomhartha 's ag caoi le gártha bróin,
'S ag screadadh go scíosmhar tríd ag tál na ndeor.



Nuair chasfad-sa arís led ghuidhe-se, a bhláth na n-órd,
Fá thearmainn Chríost is díon a ghrás im' chómhad,
Beidh garbh-chnuic fhraoich na líog do chrádhadh me romham
'Na machairí míne síoda 's n-a mbánta sróil.



An Ceangal:



Ar fán cé bhís-se, a Righ gil naomhtha ó neamh
Go cráidhte trínn-ne i slighidh nach léir a mheas,
Do ghrádhsa, a Chríost, níor mhaoidhis gur réab an tsleagh
Árus dín id' chroidhe don tsaoghal ar fad.



TADHG GAODHLACH Ó SÚILLEABHÁIN.


L. 49




L. 50


IS LÉAN LE N-AITHRIS.



Is léan le n'aithris dá ndealbhadh éigse duain
Do laocra Chaisil, ba tairise ar dhréachtaibh druadh,
Gurab éaradh is aithis do-gheabhaid i n-éiric duas,
Céim le meastar gur mheathadar Gaedhil, mo nuar!



Féach na flatha ba fairsing i nÉirinn uair,
Tug séada is airgead, fearanna stéada is buar,
Caomhna is carthannacht, ceannus is géille mhuar,
D'éigse Bhanba i gceannach a ndréacht 's a nduan:



Gur éirigh Galla agus ceannaighthe caola an chnuais,
Le tréimhse eatortha a' teagasg a mbéas don tsluagh;
Do réir mar mheallaid a mbailte do b'aolta snuadh,
Tá Béarla i bhfaisean go tairise, is Gaedhilg fuar.



Céim is eagal do leanfas an sgéal so, is truagh,
Nach féidir aithris cia agaibh is aerde ghluais —
An méid do threasgair Mac Arpluinn ar dtéacht tar cuan,
Ná an laochra lannach tug Banba as géibheann cruaidh.



Má éirgheann bathlach go beachtuithe i néadach nua,
'S go bhféadfaidh hata do cheannach madh daor a luach,
Is Béarla labhairt, is gairid go ndéarfa an fhuaid:
"Dar faith, má mhairim beidh gairm Í Néill ar m'ua!"



Tá an éigse balbh, ós acu tá sgéal gach sluagh,
'S ná féadaid camadh 'na dteangain chun Béarla luadh;
Tá an méid seo mhaireas do mhaithibh na nGaedheal, mo nuar!
Gan spéis i n-aiste ná i n-aithris na n-éacht do chuaidh.



Is léir gur cartadh a maithibh i gcéin tar cuan
Do dhéanadh anacal eagailse is éigse tuath;
Do b'fhéidir aithris gur bhaineadar Éire uair,
D'éis a leagtha do Dhanair gan bhréag go mbuadh.



Tá éin-ghin fheardha lasfas mar spré san ngual.
Séarlus a ainm, ó theasduig an Phénix uainn;
Is baoghal go gcasfaidh go Caiseal 'na léadar sluagh,
'S i n-éiric a athar ná glacfaidh gan géilleadh uaibh.



AODH BUIDHE MAC CRUITÍN.


L. 51




L. 52


CAOINE AR SHEÁN Ó BHRIAIN.



Ba mhuar an muirearach fuinneamhail fáilteach fial,
Uasal oinigh i dtighthibh 's i dtábhairne riamh
Gan chruas, gan cheisneamh, gan chrithir, gan cháim, gan chiach
'S ba shuairc an siollaire i gcuideachtain Seán Ó Briain.



Táid maithe na tíre ag caoine Sheáin go cruaidh,
Barraigh na saoithe is síolrach Dáil gCais Tuamhan,
De Ghallaibh níl puinn sa tír ná sár-fhear suairc
Nach danaid ó chroidhe leis finis Sheáin san uaigh.



Na bailte 'na mbíodh a ghaoilta táid fá ghruaim,
'S na bailte 'n-ar figheadh a shinnsir lámh le cuan,
Na bailte im' thímcheall sgaoilid gártha im' cluais,
Fá thearmainn Bhrighd' ó síneadh Seán san uaigh.



Tá Carn na saoithe tríd go cásmhar duairc,
'S ní taise don Mhaoilinn aoibhinn áluinn suairc.
Níl caise ar an mBríd nár fhíll an tráigh mágcuaird,
'S tá galar fá'm chlí ná díbrid leagha ar bith uaim.



CONN Ó BRIAIN.


L. 53




L. 54


GILE NA GILE.



Gile na gile do chonnarc ar slighe i n-uaigneas;
Criostal an chriostail a goirm-ruisc rinn-uaine;
Binneas an bhinnis a friotal nár chríon-ghruama;
Deirge is finne do fionnadh n-a gríos-ghruadhnaibh.



Caise na caise i ngach ruibe dá buidhe-chuachaibh,
Bhaineas a ruithneadh den chruinne le rínn scuabaibh;
Iorradh ba ghlaine 'ná gloine ar a bruinn bhuacaigh,
Do geineadh ar gheineamhain di-se san tír uachtraigh.



Fios fiosach dam d'innis, is ise go fíor-uaigneach;
Fios filleadh don duine don ionad ba rí-dhualgas;
Fios milleadh na druinge chuir eisean ar rinn-ruagairt;
'S fios eile ná cuirfead im laoidhthibh le fíor-uamhan.



Leimhe na leimhe dham druidim 'na cruinn-tuairim!
Im chime ag an gcime do snaidhmeadh go fíor-chruaidh me,
Ar ghoirm Mhic Mhuire dhom fhurtacht do bhiodhg uaimse,
Is d'imthigh an bhruinneal 'na luisne go bruighin Luachra.



Ruithim le rith mire im rithibh go croidhe-luaimneach,
Trí imeallaibh curraigh, trí mhuingibh, trí shlím-ruaidhtigh,
Don tinne-bhrogh tigim ní thuigim cia an tslighe fuaras,
Go hionad na n-ionad do cumadh le draoidheacht dhruadha.



Brisid fé sgige go sgigeamhail buidhean ghruagach
Is fuireann de bhruinnealaibh sioscaithe dlaoi-chuachach;
I ngeimhealaibh geimheal me cuirid gan puinn suaimhnis;
'S mo bhruinneal ar bruinnibh ag bruinnire bruinn-stuacach.



D'inniseas di-se san bhfriotal do b'fhíor uaimse,
Nár chuibhe dhi snaidhmeadh le slibire slím-bhuaidheartha,
'S an duine ba ghile ar shliocht chinidh Scuit trí huaire,
Ag feitheamh ar ise bheith aige mar chaoin-nuachar.


L. 56


Ar chloistin mo ghotha dhi goileann go fíor-uaibhreach,
Is sileadh ag an bhfliche go Life as a gríos-ghruadhnaibh,
Cuireann liom giolla dom choimirc ón mbruighin uaithi;
'Sí gile na gile do chonnarc ar slighe i n-uaigneas.



An Ceangal:



Mo threighid! mo thubaist! mo thurrainn! mo bhrón! mo dhith!
An tsoillseach mhuirneach mhiochair-gheal bheóltais chaoin,
Ag adharcach fuireann-dubh mioscaiseach cóirneach buidhe!
'S gan leigheas n-a goire go bhfillid na leóghain tar tuinn.



AODHAGÁN Ó RAITHILLE.


L. 55




L. 58


ÓM SCEÓL AR ÁRDMHAGH FÁIL.



Óm sceól ar árdmhagh Fáil ní chodlaim oidhche,
'S do bhreoidh go bráth mé dála a pobuil dílis,
Gidh ró-fhada atáid 'na bhfál re broscar bíodhbhadh,
Fá dheoidh gur fhás a lán den chogal tríotha.



A Fhódla phláis, is nár nach follus daoibhse,
Gur chóra tál ar sháir-shliocht mhogail Mhíleadh;
Deor níl fágtha i gclár do bhrollaigh mhín-ghil,
Nár dheólsad ál gach crána coigcriche.



Gach treód gan tásc tar sáil dár thogair síneadh,
Go h-óir-lios álainn ársaidh Chobhthaigh Chaoilchirt,
Is leó gan ghráscar lámh ar ghunna-bhruidhne,
Gach fód is feárr dár n-áitibh eochar-aoibhne.



Táid fóirne ag fás 'san chlár so Logha líomhtha,
Dár chóir bheith tláth gidh árd a rolla stíle;
Síol Eoghain gan áird 's an Tál-fhuil bodhar-chlaoidhte,
'S na hóig ó'n mBán-tsrath scáinte i gcoigcríochaibh.



Na tóisigh tháisc ón Nás gan bhogadh bhrígh-nirt
I ngleó gé'r gháibhtheach ágh na lonna-bhuidhne,
Fá shróin an stáit ba ghnáth ag cogadh i ndíormaibh;
Ní dóibh ba nár acht cách gan comhall dlighe ar bith.



Dá mba beó againn árd-fhlaith Áine is Droma Daoile
'S na leóghain láidre ón Máigh do bhronnadh maoine,
Dár ndóigh, níor bh'áit don táin sin oscuil Bhríghde
Gan geoin is gártha. ós árd dá dtoghail-díbirt.



Muna bhfóiridh Ceárd na n-áird-reann pobul chríoch gCuirc.
Ar fhóirneart námhad ndána n-ollamh ndíoghaltach
Ní mór nár bhfeárr gan cháirde a bhfoscain-díoghlaim,
'S a seóladh slán i bhfán tar tonnaibh Clíodhna.



SÉATHRÚN CÉITINN.


L. 59




L. 61


II. COIS FAIRRGE — Piaras Béaslaí do chúm i bhfad
roim Eirighe Amach, 1916.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services