Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Official Correspondence Relating to the Peace Negotiations, June-September 1921

Title
Official Correspondence Relating to the Peace Negotiations, June-September 1921
Author(s)
De Valera, Eamon,
Composition Date
1921
Publisher
Dáil Éireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


II.



10 Lughnasa, 1921.



Dáithí Onórach Leód Seóirse,
10, Sráid Downing,
i Lonndain.



A Chara,



An tráth ba dhiadnaighe bhíomair i gcomhairle a chéile thugas mar thuairim uaim ná
féadfadh Dáil Éireann is ná déanfadh muinntear na hEireann glacadh le tairsgint bhur Riagh-
altais fé mar leagadh amach é i sgríbhinn úd an 20adh lae d'Iúl a chuiris fé mo dhéin. Tar
éis comhairle a ghlacadh lem' chomhdhaltaibh agus dianmhachtnamh do dhéanamh ar an
tairsgint deinim deimhin de'n tuairim sin anois.



An míniughadh tugtar san scríbhinn sáruigheann sé é féin, agus ní furas "brígh an
Chonnartha" do dhéanamh amach. Chomh fada is mar chialluigheann sé go ngabhann a
náisiúntacht féin le hEirinn is go bhfuil de cheart aici a réir féin do cheapadh glacaimid leis,
gan amhras. Acht ins na ceanglaibh agus na coingheallacaibh i dtaoibh nidhthe atá bunadh-
sach is greannmhar linn go gcuirtear an bhrígh sin ar leath-taoibh, agus leigeann bhur
Riaghaltas-sa ortha go bhfuil de chead aca cur isteach ar ár ngnóthaibh agus smacht do chur
orainn i slighe nach féadaimíd a admháil.



Tá de cheart ag Eirinn a rogha slighe do ghabháil fa'n saoghal atá i ndán di, agus ceart
é nach ceadtha dhúinn a scaoileadh ar cheal. Ceart é tá dá bhuan-chosaint tre ciantaibh de
chruadhtan, tre iodhbairt nár sáruigheadh riamh, is tre ghéirleanmhain nár áirmhigheadh
riamh, agus ní thabharfar suas é choidhche. Ní dual dúinne a chur ar neamhbhrígh ná a
lagughadh. Mar a chéile, ní dleaghthach do'n Bhreatain Mhóir ná d'aon stát eile ná cumann
stát bacadh le héifeacht an chirt sin ar mhaithe le n-a gcúramaibh áirithe féin.



Is é tuairim muinntire na hEireann go dtiocfaidh buanrath na tíre dá ríribh tre bheith
i n-a haonar i gcursaibh polaitíochta, saor ó shnadhmaibh impireamhla do cheangalfadh iad
i n-eachtraibh nach réidhteochadh le tréithibh an náisiúin agus a mhillfeadh na nidhthe
is annsa leo, agus ná tabharfadh mar thoradh chughtha acht cogtha creachta is cúramaidhe
móra, míoshástacht an phobail, achrann fóirleathan is míshéan. Ar nós beag-státa na hEorpa,
ní miste leo go seasochadh a neamhspleadhchas ar bhunadhas cirt; bheadh dóchas aca, ó
budh rud é ná bagrochaidís féin ar thír ná ar mhuinntir eile, go mbeidís féin saor ar an gcuma
céadna ó ionnsuidhe eachtrannach. Sin é an tuairim a chuireadar i gcéill arís agus arís eile
tre ghuth an phobail; agus is do réir mar druidtear uaidh sin, no ó aon chúrsa eile ba mhian
leis an bpobal, a thuigfear cad é an méid fóiréigin iasachta agus lámh láidir a bheidh le
cur i bhfeidhm i gcoinnibh na nidhthe is mian le furmhór ár ndaoine.


L. 9


Maidir liom féin is lem' chomhdhaltaibh, is é ár dtuarim daingean gur tre dheighilt ghlan
charthannach is túisce thiocfaidh an muinnteardhas le Sacsaibh atá curtha ar athló le
ciantaibh de bharr fóiréigin airm. An eagla so go ndéanfaidhe ionad de thalamh na
hEireann chum fogha do thabhairt fé shaoirse Shacsan - eagla gan bhun do réir a dtuairime -
is feidir deimhniughadh oireamhnach do thabhairt i n-a thaoibh san nach beidh bun os cionn
le staid saorstáit.



Gach duine a thuigeann cúrsaidhe an scéil is léir do nach bhfuil acht samhail bréige
'san abairt úd "Staid Tighearnachta d'Eirinn." An saoirse atá ag na Tighearnachtaibh so
fé chomairce Bhreatan is lugha tá sé aca de bharr reacht is connradh 'ná de dheascaibh na
móraistear idir iad féin is an Bhreatain Mhór; ní leigid na haistir seo dhi cur isteach ortha.
Gach deimhniughadh dearbhtha is féidir a cheapadh; fiú an cead deighilte atá, mar admh-
uightear, ag na Tighearnachtaibh, níor mhór iad chun a shamhail de shaoirse do dheimh-
niughadh d'Eirinn. Ní léir dúinn aon deimhniughadh mar soin ná a rian féin i nbhur
dtairsgint. I n-a ionad san, cuirtear an staid, mar atá, bun os cionn; an láthair mar a
bhfuilimíd i gcomórtas leis an mBreatain Mhóir deintear leathscéal de chum ár gceart do
dhiúltadh is do chumhangadh i slighe nach aithnid do Thighearnachtaibh: is éigin do'n
oileán bheag dlúthchosaint is deimhniughadh eile do thabhairt do'n oileán mhór do réir
deallraimh, agus glacadh le staid sealbhuidheachta fé dhearbh-smacht.



Is soiléir ná féadfaimís-na a thabhairt mar chomhairle dár muinntir glacadh le n-a leithéid
de thairsgint. Badh thoil linn saor-cheangal áirithe le "Cumann na Náisiún fé Chomairce
Bhreatan," amhail is dá mba Cumann de Náisiunaibh áirithe é, do mholadh; agus níor mhiste
linn mar Riaghaltas, Connradh dhéanamh i n-a thaoibh, agus a chur mar chúram orainn
féin, dá n-eirgheadh linn deimhniughadh d'fhagháil go mbeadh an beagán dár ndaoinibh
nach tagann linn anois dílis dúinn dá gcuirimís a shamhail de cheangal ar ár náisiún uile,
rud do cheapamair d'aon ghnó mar chomhartha báidhe leo súd.



Is toil linn connartha i dtaoibh bhur dtairsgean mar gheall ar shaor-thráchtáil is laigh-
eadughadh arm ar gach taoibh do shocrughadh aon tráth. Gan amhras d'fhéadfaidhe socru-
gadh do dhéanamh eadrainn a rachadh i dtairbhe do choimhshlightibh i gcomhair tráchtála
'san aer, tre bhóithribh iarainn, is mar soin de. Is deimhin ná cuirfimíd-na aon bhac ar
an gcaidreamh cneasta i gcúrsaibh ceannuidheachta is riachtanach do shaoghal an dá oileán,
is gurab iad féin araon an ceannuidhe is fearr agus an margadh is fearr ag a chéile. Is
éigin a thuigsint, ámh, nár mhór gach coimhcheangal is connradh aca súd do leagadh os
comhair Riaghaltais an náisiúin i dtosach, chum go ndéanfaidhe a ndeimhniughadh, agus iar
shoin os comhair muinntire na hEireann uile fé choingeallachaibh a léireochaidh gur breith-
eamhnas ar a dtoil féin an breitheamhnas agus ná raibh aon rian de smacht airm le tabhairt
fé ndeara aca le n-a linn.



An bhaint atá ag Eirinn le "cuid de fhiachaibh na Ríoghachta Aontuighthe fé láthair"
ní miste linn a shocrughadh san d'fhágaint fé bhord breitheamhan: Eire aimneochadh duine
aca, an Bhreatain Mhór an dara duine, agus thoghfaidís eadartha an treas duine, no dá
dteipeadh ortha dhéanfadh Uachtarán Stát Aontuighthe Ameirice, abair, é ainmniughadh dá
mbudh thoil leis san.



I dtaoibh an nidhe atá i gceist i gcúrsaibh polaitíochta idir bheagán de mhuinntir na
hEireann agus a bhfurmhór mór, caithfear réidhteacht na ceiste sin d'fhágaint fé mhuinntir
na hEireann féin. Ní dual dúinn a admháil go bhfuil de cheart ag Riaghaltas Bhreatan ár
n-oileán do chreim-ghearradh ar mhaithe leo féin no mar fhreagra ar chuireadh ó aon roinnt
dár ndaoinibh. Níl ceaptha againne feidhm do bhaint as fóiréigean. Má dhruideann bhur
Riaghaltas-sa ar leathtaoibh tiocfaidh linne cáirdeas do cheangal eadrainn uile. Táimíd ar
aon aigne libh "nach tre smacht a thagann coimhcheangal is cáirdeas." Is eadh is
truagh linn nach toil le nbhur Riaghaltas fós an chomhairle chiallmhar so leagann sibh amach
dúinne i gcomhair socruighthe ár gceiste teóranta annso do chur i bhfeidhm i gcomhair
socruighthe na ceiste bunadhsaighe atá ag síor-chur isteach ar mhuinteardhas an dá oileán
so. I n-ár dtaoibh-na, an leigheas go seasuighmíd air thall glacfaimíd leis i bhfus. Agus
muna féidir socrughadh do cheapadh le comhthoil gan mhoill is toil linn, fós, socrughadh na
ceiste seo d'fhágaint fé bhreitheamhnas iasachta.



Dá réir sin is toil linn teacht libh i ngach nidh dá bhfuil oireamhnach cóir. Ní ar
ár Riaghaltas-na acht ar bhur Riaghaltas-sa atá sé mar phríomh chúram síothcháin do
sholáthairt le onóir. Níl aon choingheallacha againne le déanamh aon éileamh againn le
cur, acht an t-aon cheann .i. go mbeimís saor ó ionnsuidhe eachtrann. Cúitighimíd libh
go dúthrachtach an dúil seo luaidhte agaibh i gcomhcháirdeas buan, agus is móide ár
ndúthracht 'san dúil sin an ghéirleanmhain atá curtha dhíobh le ciantaibh ag ár muinntir.
An sean-achrann so gur aithreachas libh é, ní raibh riamh mar bhun leis, mar is eol dúinn
agus mar is léir ó sheanchus, acht an t-ionnsuidhe dhein lucht riaghalta Sacsan ar shaoirse
Eireann. Is féidir deireadh a chur leis an ionnsuidhe sin láithreach má's toil le nbhur Riagh-
altas é. Tá slighe na síothchána ar leathadh romhainn.



Mise,



do chara gan cháim,
(Síghnithe) EAMON DE VALERA.


L. 12


IV.



24 Lughnasa, 1921.



Do Dháithí Uasal Leód Seóirse,
10, Sráid Downing,
i Lonndain.



A Chara,



An tuairim do bhí agam roimh ré agus me ag tabhairt freagra ort an 10adh lá de
Lughnasa tá deimhniughadh déanta air anois. Leagas tairsgint bhur Riaghaltais-sa os
comhair Dála Eireann, agus dheineadar a dhiúltadh d'aon ghuth.



Ba léir ó nbhur litir an 13adh lá de Lughnasa gur mhian libh go n-admhuighmís nár mhór
ceart na hEireann do bheith ar lár ar mhaithe le cúrsaibh cosanta Sacsan do réir mar shaoil
sí féin, toisc a chomhgaraighe is bhí Eire do Shacsaibh; agus nár mhór d'Eirinn géilleadh
do'n smacht iasachta anois toisc a fhaid agus a dhícheallaighe is do bhítheas a d'iarraidh
Eire do chur fé'n smacht soin 'san am atá imighthe.



Ní féidir liom a chreideamhaint gur mheas bhur Riaghaltas feidhm do bhaint as neart
airm gan scál a chuirfeadh ar neamhnidh macántacht na náisiún is a chuirfeadh críoch le
síothcháin an domhain. Má théigheann ceart saoirse an náisiúin bhig ar cheal chomh luath is
chuireann comhursa neartmhar dúil 'san tír i gcomhair airm no pé buntáiste eile bheadh le
baint as, sin deireadh le saoirse. Ní fhéadfadh náisiún beag súil do beith aici le neamh-
spleadhchas iomshlán feasta. D'fhéadfaidhe Tír fo Thuinn is Danmharc do chur fé smacht na
Gearmáine, Flondras fé smacht na Gearmáine no na Frainnce, an Portainéal fé smacht na
Spáinne. Náisiúin dár ceangladh d'impireachtaibh le neart fóiréigin, má chaillid a neamh-
spleadhchas dá dheascaibh, níl aithbreith na saoirse i ndán dóibh feasta. Maidir le hEirinn
má luadhtar go bhfuil sí ag scaradh le páirtidheacht nár ghlac sí riamh leis, no le dílse nár
gheall sí riamh, níl ann acht bréag ó bhonn; mar a chéile, éagcóir ó bhonn bheith ag éileamh
a neamhspleadhchas do chur fé chois ar mhaithe le cosaint Sacsan. Ní féidir linne .i.
teachtaidhe an náisiúin, géilleadh do cheachtar aca.



Ní thréigfimíd-na onóir ár dtíre ná an ceart a tugadh dúinn le cosaint; agus má dheineann
Sacsa adhbhar cogaidh de sin, is truagh linn é. Is léir dúinn cad é ár gcúram ar son na
mbeo, agus ní lugha ár dtuigsint 'san nidh is dual dúinn agus 'san chomaoin atá orainn ag
ár marbh cródha. Ní rabhamair ar lorg troda, is nílmíd ar lorg troda; acht má chuirtear
an comhrac orainn caithfimíd sinn féin do chosaint agus déanfaimíd san. Agus ciaca eirgh-
eochaidh linn no ná eirgheochaidh, beimíd deimhnighthe ná molfaidh aon dream fear ná ban
de theachtaibh Eireann do'n náisiún an ceart is dual di do scaoileadh uaithe.



Is mór is mian linn deireadh do chur leis an achrann so idir Eirinn agus Sacsaibh. Má
tá ceaptha ag bhur Riaghaltas-sa a toil d'imirt orainn le neart fóréigin agus coingeallacha
do leagadh amach roimh ré a bhainfeadh dínn ár staid dúthchais is a dhéanfadh adhbhar
magaidh de'n socrughadh so ar siubhal eadrainn, sibh-se bheidh ciontach le buaine an
achrainn.



Do réir na gnáth-chomhairle úd gur toil an phobuil is bun le Riaghaltas is féidir síoth-
cháin do dhéanamh feasta, agus síothcháin go mbeidh ceart is onóir ann do chách is go mbeidh


L. 13


cneastacht is buan-mhuinnteardhas mar thoradh air. Is toil le Dáil Eireann teachtaidhe do
thoghadh chun a leithéid de shíothcháin do dhéanamh; agus lán-chomhacht do thabhairt dóibh
chun a chur i bhfeidhm i nbhur dteannta-sa, má ghéilleann bhur Riaghaltas do'n ghnáth-
chomhairle seo luaidhte.



Mise,



do chara gan cháim,
(Síghnithe) EAMON DE VALERA.


L. 15


VI.



30 Lughnasa, 1921.



Dáithí Uasal Leód Seóirse,
10, Sráid Downing,
i Lonndain.



A Chara,



Táimíd-na, leis, deimhnighthe "gur riachtanach nidh éigin do dhéanamh gan mhoill chun
ionad d'fhagháil ó n-ar féidir réidhteacht ár scéil do chur chun cinn," agus is léir dúinn gur beag
toradh le baint as an argóint seo eadrainn tré nótaibh. Dá bhrigh sin ní bhacfad leis na nidh-
thibh neamhstaramhla do luadhais id' litir dheireannaigh.



An scéal mar atá sé eadrainn fé láthair an rud atá againn le socrughadh. Toradh an
tsaoghail atá imthighthe atá i gcúrsaibh na haimsire seo; mínighid siad go cruinn beacht brígh
agus fírinne an scéil. Agus seo é a bhrígh.



1. Ní admhuighid muintear na hEireann go bhfuil aon cheangal aca dá dtoil le
Sacsaibh; deirid go bhfuil de cheart nádúrdha bunadhsach aca a slighe féin do cheapadh
i gcomhair an tsaoghail atá rómpa; dheimhnigh a n-urmhór mór go dteastuigheann neamh-
spleadhchas uatha, chuireadar Saorstát ar bun, agus dheineadar deimhin dá rogha arís is
arís eile.



2. Ar an dtaobh eile de'n scéal tá Sacsa ag cur di amhail is dá mbeadh Eire ceang-
ailte dhi de bharr connartha nach ceadochadh dóibh deighilt. Tá eolas ag an saoghal ar
chúrsaibh an chonnartha bréige sin acht leigid Sacsa agus Feis Sacsan ortha gur connradh


L. 16


dleaghthach é, agus dá bhrígh sin go bhfuil de chomhacht aca reachta do cheapadh is
do chur i bhfeidhm i nEirinn; tír na hEireann do roinnt i n-aindeoin tola na nGaedheal;
agus gach Gaedheal nach tugann dílse don eachtranach do mharbhadh no do chur i
gcarcar.



An tairgsint a dhein bhur Riaghaltas-sa 'san litir úd an 20adh lá d'Iúl an dara coingeall
so is bun léi. Dhiúltaigheamair-na do'n tairgsint sin, agus ní féidir dul siar air. Ní cuireadh
bhí ann do mhuintir na hEireann chun dul isteach go saor toilteannach i bpáirtidheacht le
saornáisiúnaibh Impreachta Breatan. Is eadh bhí ann cuireadh d'Eirinn chun dul isteach
fé scáth agus fé choingeallachaibh d'fhágfadh í i staid b'ísle 'ná staid na náisiún so. Canada,
Astraoile, Deisceart Afraice is an Zealand Nuadh tá deimhniughadh aca uile ná beid fé smacht
Stáit Mhóir, ní headh amháin go bhfuil san aca tré gach ceart riaghalta dá n-admhuightar is
a chuireann iad ar chomhstaid le Sacsaibh agus i dtreó ná fuil aon smacht ag Feis ná ag
Riaghaltas Shacsan ortha acht trí na míltibh míle slighe idir iad féin is Sacsain. Ní bheadh
ceart ná mór-aistear mar chosaint ag Eirinn. Na coingeallacha bhí le déanamh, dhéanfaidís
dá chuid di, agus gach ceann aca ag cur comhachta an chinn eile ar neamhnidh i n-aon
Chomhairle mar a mbeidís araon, agus ceachtar aca fé smacht airm is loingis is tráchtála ag
Riaghaltas Shacsan.



Na prímh-nidhthe bhaineann le n-ár stair is le n-ár suidhe ní gábhadh a bpléidhe; acht
budh mhian le nbhur Riaghaltas-sa go nglacfaidhe le nbhur dtuairim féin i n-a dtaoibh.
Caithfimíd-na ár dtuairim féin do bheith againn, leis. An stair a mholann aondacht do réir
bhur mínighthe-sa, deighilt a chialluigheann sé dhúinne. Na tuairimidhe atá againn i dtaobh
a "chomhgaraidhe" is táimíd dá chéile táid súd féin go mór i gcoinnibh a chéile. Táimíd-
na deimhnighthe gur againn féin atá an tuairim cheart chóir; agus mar shuidheamh air
sin is toil linn moltóir gan leagadh aige le héinne mar bhreitheamh eadrainn. Tugann sibh-
se an t-eiteach do san agus bagrann sibh go gcuirfidh sibh bhur dtuairim féin i bhfeidhm le neart
fóiréigin. Ar bhfreagra-na air sin, má dheineann sibh gníomh da réir ní bheidh le déanamh
againne acht cur i nbhur gcoinnibh mar is dual sínsear dúinn.



Ní réidhteochaidh fóiréigin an scéal. Ní bhuaidhfidh sé choídhche ar a bhfuil ciallmhar
ceart. Má chromann sibh ar fhóiréigin arís, agus muna dtéigheann an buaidh de thaoibh an
chirt, an cheist seo ag déanamh buaidheartha dhúinn beidh sé mar chúram fós ortha so
thiocfaidh i n-ár ndiaidh. Is leór de fhiadhnaise is de fhuagradh dhúinn go bhfuil teipthe ar
fhóiréigin mar leigheas ar an gceist le seacht gcéad go leith bliadhan. Dá bhrigh sin, ní
tuairim bhréige acht fíorghliocas agus tuigsint riaghluighthe atá dhom ghríosughadh féin is ag
brostughadh mo chomhdhaltaidhe. Caithfear bagairt fhóiréigin do chur ar leath-taobh.
Caithfear a chur ar leath-taobh ó thosach agus le linn réidhteachta. Caithfidh ár dteachtaidhe
araon teacht le chéile gan aon bhac ortha acht na nidhthe bheidh le socrughadh; agus ní le
bagairt fóiréigin; árd no íseal, acht fé riaghail treortha go mbeithfear ar aon aigne i n-a thaoibh,
dhéanfaid siad pé easaontas a bheidh eadartha do leigheas feasta. Mholamair-na mar bhun-
chomhairle riaghaltas le cead an phobail agus ní mar abairt a mholamair é. Tá ceist simplidhe
ann, agus pé socrughadh dhéanfar eadrainn caithfidh sé bheith ar aon leagan leis no ní bheidh
buan, agus is féidir feidhm do bhaint as mar thomhas i gcomhair na mionrudaidhe is na
réidhteachta uile. Toisc go n-abrann tusa gur le Sacsaibh ó dúthchas an bhun-chomhairle sin
agus gurab é "Beatha na náisiún fé chomairce Bhreatan anois é" ní fuláir nó gur furas duit
glacadh leis. As an mbonn sin, agus as an mbonn san ar leithligh tá dóchas againn gur
féidir réidhteacht do dheunamh idir "na nidhthibh a bheidh mar chomhacht treortha" ag
teachtaibh Shacsan agus na nidhthibh a bheidh mar chomhacht treortha ag teachtaibh Eireann;
agus ar na coingheallachaibh sin is toil linn feasta feadhmannaigh do cheapadh.



Mise,



do chara gan cháim,
(Síghnithe) EAMON DE VALERA.


L. 18


VIII.



Baile Atha Cliath,



12 Meadhon Foghmhair, 1921.



Dáithí Uasal Leód Seóirse,
10, Sráid Downing,
i Lonndain.



A Chara,



Níl aon scáth orainn a rádh leat go bhfuilimíd lántoilteanach "dul i gcomhdháil chum a
dhéanamh amach conus is fearr is féidir an bhaint a bheidh idir an Saor-Chumann Náisiún ar
a nglaodhtar Impireacht Shasana agus cuspóir náisiúnta mhuintir na hEireann do réidhteach."
Do chuireamair i n-iúl duit i n-ár litir, 10 Lughnasa, chomh fonnmhar is táimíd a leithéid de
chomh-bhaint a bhreithniughadh. Dá bhrígh sin tá glaoidhte againn ar DHAIL EIREANN
teacht le chéile chum go gcuirimíd fé n-a brághaid ainmneacha na dteachtaí atá ar aigne againn
a cheapadh chum a ndeimhnighthe. Tá súil againn go mbeidh ar chumas na dteachtaí seo
bheith i n-Inbhear Nois ar an lá adeirir, an 20adh lá de Mheadhon Foghmhair.



Ins an nóta deireannach so is dualgas linn a rádh arís go bhfuil an sgéal againn díreach
mar a mhínigheamair sa chomhfhreagrachas so é, agus nách féidir gan é bheith amhlaidh.
Tá a neamhspleadhchus féin fógraithe ag Eirinn do réir nós na naisiún agus dar léi féin gur
Saorstát í. Is mar lucht labhartha ar son an tsaorstáit sin amháin agus mar lucht toghtha
a cosanta atá ughdarás no cumas againn beart a dhéanamh ar son ár muintire.



Maidir le "Riaghaltas do réir toil na ndaoine a riaghaluightear" tá sé do réir nádúra go
gcaithfidh san bheith mar bhun fé aon tsocrughadh a thabharfaidh an rud is mian linn chum
críche, is é sin, caradas seasmhach a shnaidhmeadh idir an dá náisiún. Níor bhaineamair-ne
riamh aon bhrígh eile as an dteagasg san ach an ghnáth-bhrígh, an bhrígh, cuiream i gcás,
do bhain muintir chomónta an tsaoghail as nuair adubhrais ar an 5adh Eanair, 1918:



"… Caithfear socrughadh na hEuróipe nua a dhéanamh ar bhun éigin réasúin
agus cirt nach miste bheith i ndóchas a bhuanuighthe. Dá bhrígh sin is é ár mór-thuairim
nach foláir riaghaltas do réir toil na ndaoine a riaghaluightear a bheith mar bhun fé aon
tsocrughadh líomatáiste a déanfar de dhruim an chogaidh seo."


L. 19


Siad na focail seo an fíor-fhreagra atá ar an léirmheas do deineadh orainn id' litir dheir-
eannach. 'Sé brígh a baineadh as an uair sin ná ceart a bheith ag náisiúin a tugadh fé
smacht impreachtaí i gcoinnibh a dtola iad féin d'fhuasgailt ón gceangal a bhí ortha. B'in
í an bhrígh do bhaineamair-ne as. Le fírinne is é do Riaghaltas-sa a thuigfeadh leis an
dteagasg "go mbainfí an bonn ós gach aon stát a sheasuigheann ar thoil na ndaoine agus
go gcasfaí an saoghal síbhialta thar n-ais chum finidheachais" nuair a iarann sé cúis chum
ar náisiún ársa a stracadh as a chéile agus a líomatáiste do roinnt.



Mise,



do chara gan cháim,
(Síghnithe) EAMON DE VALERA.


L. 23


XVI.



Tigh an Ard-Mhéire,
Baile Atha Cliath,



30 Meadhon Foghmhair, 1921.



Dáithí Uasal Leód Seóirse,
Gairloch.



A Chara, - Fuaireamair do litir ag tabhairt chuireadh dhúinn chum Comhdhála i
Lundain ar an 11adh Deire Foghmhair "chum a dhéanamh amach conus is fearr is féidir an
bhaint a bheidh idir an Saor-Chumann Náisiún ar a nglaodhtar Impireacht Shasana agus
cuspóir náisiúnta mhuintir na hEireann do réidhteach."



Do mínigheadh conus mar atá an sgéal ag an dá thaobh agus tuigtear é, agus táimíd
ar aon aigne leat gur comhdháil agus ní comhfhreagrachas an tslighe is fearr agus is mó
dóchas chum teacht ar chomh-thuisgint sa chúrsa. Glacaimíd leis an gcuireadh agus
teangmhóidh ár dTeachtaí leat i Lundain ar an lá atá luaidhte "d'fhonn gach is féidir a
dhéanamh chum réidhtigh do thástáil le díospóireacht bhéil.



Mise, do chara gan cháim,
EAMON DE VALERA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services