Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Dhánta

Title
Nua-Dhánta
Author(s)
Gógan, Liam S.,
Pen Name
Leasg
Composition Date
1919
Publisher
Maunsel agus a Chomhlucht Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


PRIMHIDÍ



TIOMNAIM AN LEABHAR SO
DOM' MHNAOI



A chuid de'n tsaoghal,
A ghrádh mo chléibh,
A stór ghil,
A chuisle chaomh,
A bhláth de'n ghéig
Nach bhfeochann.



A mhillse an tséin,
A bhinnis éin,
An cheoil fhír,
A ríoghain ró-shéimh,
A chroidhe gan bhéim,
Gan nósa,



A Mháire, a laogh,
Is tú gan bhréig
Mo stór geal;
Mo ghrádh, mo shéan,
Mo dhóchas saoghail
Go deo thú.


L. 9


COMÓRTAIS



Ag taisteal an róid aréir, a chroidhe,
Go bhfeaca na neolta daora, a chroidhe,
Ag foscailt, is féach!
An corrán ó'n spéir
Ag teasbáint a shnódha is a scéimhe, a chroidhe.



Im baiste gur dóigh liom féin, a chroidhe,
Go bhfeaca im chóir thú féin, a chroidhe,
Is loinnir bheag, bhaoth,
Ód' roscaibh ag téacht
Dá sacadh tré mheodhan mo chléibh, a chroidhe.



Dhearcas-sa rós indé, a chroidhe,
I gcaismirt le slóightibh craobh, a chroidhe,
Ó dhuillí na gcraobh
Dá nochtú do'n tsaoghal
Is b'aiteasach fórsa a n-éada, a chroidhe.



Im baiste gur dóigh liom féin, a chroidhe,
Go bhfeaca sa' treo thú féin, a chroidhe,
Is brollach gan bhéim
Le feiscint ag dréim
Led' bhratacha sróill tais féin, a chroidhe.


L. 10


Canadh agus ceol go caomh, a chroidhe,
D'airigheas um nóin san ghaortha, a chroidhe,
An chéirseach ar ghéig
Ag seinnm feadh 'n lae
Gan mhairg, gan bhrón, gan bhéad, a chroidhe.



Im baiste gur dóigh liom féin, a chroidhe,
Gur m'ainnir gheal, ghleoite féin, a chroidhe,
Ba chlos dom im' ghaor
Go sochma ag séis,
Is ar m'anam, gur móide m'aer, a chroidhe.



Bhíos sealad ag stróireacht taobh le tuínn
Mar a labharann bóchna bréithre brigh
In a murmur chaomh,
In a gcogarnaigh scéal,
In a n-eachtra bhrónach éigin iad.



Im baiste gur dóigh liom féin, a chroidhe,
Go rabhas ag comhrádh leat féin, a chroidhe,
Is gur chloiseas ód' bhéal
Fad-osna, a laogh,
Do thachtas le póig agus céad, a chroidhe.


L. 11


DÁN MOLTA CORCAIGHE



Is tú go dearbh an chathair is áille,
A ríoghan na gcathrach gceannasach gcaomh:
Ar chlú, ar rachmus, ar acfuinn do shár-fhear
Is fíor ná faca do shamhail i gcéin.
Is luaite ar leachtaibh gur leathan do shráide,
Gur caomh do chealla thar ceallaibh críoch Céin,
Gur uasal aibidh an aicme is ál duit,
Gur fialmhar flaitheamhail feardha an treud,
Is ní lugha, mar mheasaim do mhaise gach mná leat,
Buidhean ór tharraingeas taca mo shaoghail.



Is tú is aith-ghein ar Aithin na bhfáidh nglic,
Ó's dícheallach leanair gach brainse de'n léigheann
Caondúthracht cleachtaid lucht ceaptha do dhánta,
Lucht scríobhtha do leabhar, lucht spreagtha do theud.
Corr-uair im' sheasamh ar gheal-droichead Phádraig
Siar do dhearcfainn ar leathan-radharc: b'é
Bhuaileadh ar m'aigne gur tú Aithean an Fhál-ghuirt:
Na haílltreacha breacaithe ó bharra go feur
Le túir a's eaglaisí a's le srathana árus
A's an Laoi, le hairgead, dá gceangal go léir.



A shrúil thar aibhne, tá t'ainm in áirde,
A Laoi, a leathan-tsruth ghlana-chruth ghlé,
le múra geala, ag teacht is ag tráchaint
A's is líonmhar eala — nach aithis dod' scéimh-
Ag gluaiseacht tharat go gradamach gáirdeach,
Agus faoilinn mara ag casadh san aer.
Ar suaineas sealad, tá ana-chuid árthach
Id' chlí ag fanacht nó ag taisteal i gcéin
Le cumhachta gaile nó le daingean-phuth gála:
Tír a's abha a's cathair gan bhéim.


L. 12


AN TRÁIGHTEOIR



Ní'l sé aosta agus ní'l sé óg,
An Tráighteoir Uaigneach,
Acht fear téagartha, i seana-chasóig,
A's is minic gruaim air.



Bíonn lantaer aige greamtha in a dhóid,
Sean-cháibín air, cluasach,
Ar a chúm téad aniar a's bróga
Árda air, A thuairisc:



Imthigheann sé ar cuaird gach ló
Do'n tráigh ag cnuasacht:
Congbhuigheann sé le taobh na n-ailleach mór
Má's lán an chruadh-mhuir,



An uair do théigheann ann bíonn muir in 'ór,
A's an lá ar siubhal uaidh:
Ós a cheann an spéir a's í ag teacht crón
'S an tráigh go suaimhneach.



I measc na nglé-chloch i mbun a ghnó
Gan cháirde ag cuardach
Reaca, a's pé rud thig ó'n mhuir ina threo
Áthas ann músclann.



An babhta seo léigeann leis bosca mór,
An tráth seo stiuir báirc,
Am eile, b'éidir, crann seoil
Fá thácla a's fiu téad.


L. 13


Adeir an scéal agus ann ní'l gó
Sa' tráigh go bhfuair sé
Am, corp spéir-mhná, ball de'n mhuir-shlógh,
I lár na ruadh-chreag.



Má theipeann mar chéird luim air, geobhaidh
An cárr a's gluaisfidh
Ag tarraing go saothrach feamainn i gcóir
A gháirdín shuaraigh.



'PÉ IN EORAIP Í



(LITIR)



Ó's ceart, a laoigh, go scríobhfainn
Chomh maith a's 'tá im' láimh
Beart rann ag mola' d' chroidhe-se,
Do scéimhe a's do íntinn',
Seo, ceaptha dhuit an dán.



Is áil liom bheith ag cuímhneamh
I gcomhnuidhe ar an dtráth
Ar mhúscail in ár gcliabh-na
Anál, a's feidhm a's aoibheall
Lonnrach, glé an ghrádha.


L. 14


Le fada dom fa dhaoirse
Bróin a's gach mí-ádha
Gur seoladh chugham sa' tslighe thú
Ag aingealaibh an Choímhde
A mhiochair gheanamhail, lághach.



An iongnadh faon fa dhraoidheachtaibh
Do scéimhe dom ar lár
A's fós fa ama croidhe dhil
Ar olc an tsaoghail nár smaoinigh?
Ní hiongnadh, dar mo láimh!



Dar liom-sa thug an fiach dhuit
Do ghruaig chiar-dhubh, bhláth,
A's thug an rós a lí dhuit,
An lile gheal a sciamh dhuit,
An tsalchuach, caoimhe 's tlás.



Is léir gur éan ó'n choíll ghlais
Do lonnuigh seal id' bhrághaid
Gur fhágaibh ceol dá mhilse
A's fuinn gan fabht id' bhinn-ghuth
Le cantain chaoin-deis, sháimh.



Mar mhil na mbeach do bhriathra,
Ní miste dhúinn a rádh,
Le cneastacht mhaith a's míonlacht,
Macántacht chóir a's fírinne
Ar stiuir as croidhe gan cháim,


L. 15


Dá bhfeiceann de mhnáibh an ghrian gheal
Ar siubhal ó lá go lá,
Ní fheiceann, 'táim-se cinnte,
Bé ná báb ná bruínngheal
B' ionchurtha i gcomparáid.



Ag Méidhbh 'tá buadh na haoibhne,
Ag Ceárnait sciamh thar bárr,
Ag Fionnabhair, modhlacht, míne,
Ag Sadhbh 'tá tréithe glínn-ghlic',
Ag Déirdre cion a's grádh:



Acht ní'l aon bhuadh dá'r ríomhas,
Ná tréith ná subháilce báirr
Má's modhlacht féin nó míne é,
Nó áilneacht chruinn nó gaois é,
Nó fíor-scoth ceana a's grádha —



Ná fuil go daingean suidhte
I bhflós, i mborradh, i mbláth,
I gcroidhe a's cruth na ríoghna,
I ngnaoi, i méin a's intinn
An té dár thugas fíor-chion,
'Sí Máire gheal gan smál!



Ag so, a laoigh an chroidhe istigh,
Cé suarach é mar dhán,
Breactha ar phár mo laoi duit,
Ní'l bladar, bréag ná maoidheamh ann.
Anois, fágaim agat slán.


L. 16


AIFREANN DÉ



A Mhuire, cé an tslighe, ar thuill ár sórt,
Do Mhaicín díleas féin againn gach ló
Dá íodhbairt ag an sagart ar altóir
Do'n Athair Oll — mar rinneadh anallód?



Do-chím arís an Chroch go hárd 'san aer
A's doircheacht na díthe ar an spéir,
Do-chím-se corp sclártha Uain ghil Dé,
Ar bh'fiú ár gcine luach chomh millteach daor?



Cad í an mhaith, a Ógh, 'san duine chlaon
Go réabhfadh claidheamh id' chroidhe dhil dearg-chréacht?
Go bhfaghbhadh sin, Íosa bás a's brughadh a's brón?
'S go ndéanadh mar an gcéadna i n-aghaidh an lae
Go dtiubhradh sé, dá chionntacht sinn, uchón!
Gan chuimse dúinn fleadh fola agus feol'?



A DHIA! SAOR ÉIRE!



A Dhia na gCumhacht! do chúm an saoghal seo,
Idir thír agus cubhar-thonn luamnach, chraosmhar,
Ar chraoibh chuir bláth a's ar bhláth chuir scéimh-chruth,
An ghrian in áirde a's áilne ar spéarthaibh.



An leamh a ghuidheachtain d'ímpidhe go tréan ort,
Sonas a's síothcháin shuidheamh ar Éirinn,
Réim ag saoithibh agus riar ag laochra
Thaobhfadh dlighe gan luighe le claon-bhreith,


L. 17


Sheolfadh muintir a's tír a's saor-shlógh
Ar eolas díreach, ar caoi gan baoghal ann?
Is ceart, a Choímhde chaoimh, le maoidheamh ort
Nár leasc leat riamh ag triall ar dhaoine
Ó smacht aintighearnaí ndian do scaoileadh
A's caismirt naímhde, acht guidhe leat choidhche,



CRUITIREACHT



Bíonn rath ar chruinneas
I ndálaibh cruite
Le cothrom binnis
Bhaint as téid.



A's is tapa sceinneann
Gach galar tinnis
A's aeibh nuair sheinnim
Port le haer.



Nach mear é imirt
Na méar le fuinneamh
Mar éan na finne
Le gealán lae,



Ó bharr barr tuinne
Ag léim gan time
Nó réaltain muinge
Ó spéir go spéir!



I gcluais gach duine
Ar fonn leis fuireach
Is réidh do chuirim,
Lem' cheolta, séan:



Agus néalta doineannta
An tsaoghail de tuiteann,
Bíonn a chroidhe in a theine
Cé dó ba thréith!


L. 18


Is gearr gur follus
Dó súd gach solus
Neámhdha is gile
Dá bhfeicim féin



A's nuair do sheinnim
An casadh deiridh
Annsain is finid
Dá dhomblas léin.



AMHRÁN BAN NA SEAN-AIMSIRE



(I gcead do scáil Villon)



Cá bhfuil Éabha do b'áluinn snódh
I ngarradh an Éadain ith ubhall thar cóir?
Ba máthair ar gcine a's ceann ar bpóir,
Scúig sí, a's ní bréag adeirim:
Cá bhfuil bainríoghan na Séabha, a stór?
Hélen dár baineadh an Traoi dá treoir?
A's, tá 's agat bairrfhionn an lomra óir,
Cár imthigh sí-siúd ar turus?
D'imthigh mar d'imthigh a dtáinig fós,
D'fheochadar uile mar d'fheoch an rós
I ndeireadh an tsamhraidh, i dtús an fhóghmhair,
Mar an sneachta bhí ann anuraidh.



Cá bhfuil Meadhbh ba riar na slógh
A's a macsamhail Fhranncach, Jehanne an Ógh,
Lér bascadh na Gaill gan mhoill sa' ghleo?
Agus, dar go deimhin, níor mhiste!
Déirdre dhílis, an bháb is mó
Fuair cion a's géill ó chách gan ghó
Ar díograis croidhe a's ar áilneacht cló,
An ór-fholt, íogar, oinigh?


L. 19


Gráinne, thug Fionn in a diaidh ar tóir
Nuair d'éaluigh le Diarmuid, cé dona an gnó,
I ndeireadh na dála, é siud do phós
Thar mar ba dhóigh le duine.



Cár thriall Alcaist, an Aithneach óg?
Noch d'aontuigh in ionad a céile chóir
Í féin do thabhairt do'n Bhás, uchón!
Ní facas a chomhmaith misnigh:
Scáthach mhíleata, buime na leomhan?
Aoife acfuinneach, oileadh na hóig?
Sorcha, ná géillfeadh rún go deo
Cé crádhadh d'éis ceannairc' Emmet?
Gráinne ní Mháille, an ban-loingseoir
Do shealbhuigh sealad na céadta seol,
I gcroidhe an Ghalla-phuic neartuigh sceon?
A's an sneachta bhí ann anuraidh?



A rí, dá scéaltaibh-súd is leor,
Dá áilneacht iad le cur le ceol;
Cá bhfuilid anois le fada? má's cóir
An cheist do chur — gan bhinib.
Gach céilionn a's ainnir dar ríomhas romham,
Dá fheabhas ar maise, 'táid uile thar fóir
I mbaclainn an bháis go fuar fé'n bhfód
Mar is dual, mo léan, dár gcinidh.
Aon duine amháin do chuaidh ó'n bhfeodhadh,
An Mhaighdean Bheannuighthe nár thaobhuigh smól,
Do tháinig na haingil a's ise do thóg
Ar neamh mar nach eol aon donas.


L. 20


AMHRÁN TRIATH NA SEAN-AIMSIRE



Cá bhfuil Cior bhí tréan sa' tóir
A's líon an Pheirse suas le hór
Cé d'fhág na céadta daor i mbrón?
Agus cá bhfuil Xerxes cumais?
Alastrom uais chuir cath a's gleo?
Hanabal ársa a's Caesar cóir?
Attila d'airg ríoghacht na Rómha?
Agus taoiseach groidhe na gCeilteach?
Laoich nach iad-san a's Séarlas Mór,
Acht cá bhfuil Brian do bhuaidh an ghlóir?



D'imthigh ar 'Liam, an conncaire mór
D'fhág Aralt easbathach aindeis go leor,
A's Risteard shealbhuigh croidhe an leomhain,
'Se! bhí a shliocht go dona?
A's Sóbiesci do thraoch go feor
Lucht leanta an Fháidh dá mhéid a gcomhacht,
Séarlas Maol agus Séarlas Órd
A's Pilib an Spáinneach glonnach;
Drác, an fomharach fealltach, fós,
Agus cá bhfuil Brian do bhuaidh an ghlóir?



Cá bhfuil Fionn le fonn a's scóip
I gcumhangrach gliadh do riaradh slógh
A's chosain an tír seo síothach, sóghach,
A's an Fhiann ba dhéadhla diorraing?
Muircheartach, an rígh-fhlaith óg
Rinn giolla de's gach rígh mar spóirt?
Is léir gur treascaradh iad fé dheoigh
Mar fhéar le faobhar na speile.
Éibhir, Ír agus Eireamhóin?
Acht cá bhfuil Brian do bhuaidh an ghlóir?


L. 21


A rí nach gann! gan aon agó
Níor geineadh flaith ná fear dearóil
In aghaidh an Bháis nár chúb fé dheoigh
Ó thionscain Ádhamh an imirt.
Bhí Aicill tréan i gcath dar ndóigh
A's Cú na n-éacht an fhaid bhí beo
A's Lugh bhí líomhtha d'oidhche a's ló
Acht féach an cor i bhfuilid!
'Táid uile, mo chreach, fé luighe na bhfód —
Acht, cá bhfuil Brian do bhuaidh an ghlóir?



DEORAIDHE Ó'N TSLÉIBH



(De chuid Chateaubriand)



Uch! bím ag cuímhneamh liom gach uair
Ar m'áitreabh dúthchais aoibhinn, úr:
A shiúr, nach dúinn ba shona sámh
Annsúd?
A thír, is tú mo rún gan phlás
Go bás!



Nach cuimhin leat ár máthair bhúidh
In ár dtigh chinn-tuighe a's s-inn sa' chlúid
A's í dár ndlúthú léi go lághach,
Arú,
Nuair phógaimís a fionn-fholt bán
Go bádhach?


L. 22


Nach cuimhin leat-sa, fós, a shiúr,
An caisleán úd ar thaobh an Dobhair,
An sean-tor Múrach, uaigneach, árd
Ba chiuin
Acht nuair do chraeladh clog do chách
An lá?



An cuimhin leat an loch gan smúid,
An t-éan ag léim ó thonn go tonn,
An ghaoth i measc na ngiolc go gnáthach
Dá suathadh,
A's luighe na gréine, radharc thar bárr,
'Na lár?



Uch! cá bhfuil Hélen d'éaluigh uaim,
Mo shléibh a's, fós, mo righin-dair chlú?
Ní thig de dheascaibh smaointe acht crádh
A's cumha:
A thír, is tú mó rún gan phlás
Go bás!



FILE CAOIN ÓG



(AUSTIN CLARKE)



A fhile chaoin óig, ar ór an inneosfá dom féin
Cá bhfuarais gan gó do stór a's an t-ionmhas go léir?
Is cliútach im' dhóigh do cheol, a's is binn liom do shéis,
A's, innis, a fhir chóir, cé'n treo i gcomhnuidheann do
Bhé?


L. 23


Fá iongantas gan cheo, le scóip, an aiste úd
léigheas
Ar Ghráinne, d'fhág slógh i ngleo de bhárr áilneacht' a
scéimh,
I nDoire gan stró ar sógh a's ar díbirt ó'n tsaoghal,
A's, clisde go leor, a snódh do bhreacais gan bhéim.



Cad do chonnarcais romhat ar seol 'san Doire i
gceann lae?
An ainnir i gcló dár ndóigh do b'áilne faoi'n spéir!
Bhí deabhadh na rós leis an bhflós is finne a's is glé
In a leacain go gnóthach a's a beol ag sméideadh
leat féin.



Nach follus an tseoid ar feorainn locha ghlaisléith
Ina luighe ar an bhfód, gan glór acht na héanlaith
in a gaor
Ag breathnú a cló go fóill 'san uisce dí féin:
Mais, a fhile chaoin óig, ní mór gur thuigis a méin.



'Sé mo thruagh go deo na ndeor gan agam do ghléas
Nó chuirfinn ós comhair an tsóirt is oilte de shliocht
Gaedheal,
Ar ríomhais id' sceol le ceol a's le togha gach céird'
An pictiuir seo beo na stór-mhná ba ghuasachtach béas.



A's mar rinn' sí fad ó, dubh-cheo gach draoidheachta
bhí claon
Do shníomh léi i gcóir a ngeobhadh de churaidhibh na
gcraobh
In a haice 'sa treo, a óig-fhile chneasta, fuair céim,
Sin mar ghnír led' cheol — a smólaigh ar uaigneas an
tsléibh'!


L. 24


DÍMHEALLTA



(Smuta de chuid Musset mheabhruigh .i. Tristesse)



Ó 'táim-se gan bail 's gan brigh
A's cara nár fágadh agam-sa
Is dubhach, dubh, dona mar bhím
A's ní mheasaim-se m'íntleacht taithiceach.



Nuair b'fhacas ar dtús dom an Fíor
Do cheapas go mb'é ba chara dom,
Nuair thuigeas fá dheireadh a shlighe
Is dearbh nach suím bhí agam ann.



Is buanmhar é d'aimhdheoin gach spíd
Agus cibé 'tá beo gan bacaint leis
Ní mholaim-se tuigsint a chinn
Agus fágaim le hudhacht gur mairg dó.



Caithfear, tráth labhrann an Rí
Dá ghuth le humhlaidheacht freagradh.
Ní dhearnas de mhaitheas lem' línn
Acht gur chongbhuigheas mo chroidhe go taise-bhog.


L. 25


CAOINEADH SEOIRSE UÍ CHOBHTHAIGH,
SEANCHAIDHE ÉIREANN



Cois uaighe go déarach tá na Béithe ag caoineadh
An tsuadh ró-léigheanta fuair céim idir saoithibh,
An seanchaidhe eolgaiseach, Eorapach d'éiligh
Gradam a heolas do ghnóthughadh do Éirinn.



Mo léan a's mo mhairg, gan taise ag an éag dó!
Gan séan mar do tháinig a's d'fhágaibh gan éirim
An seanchaidhe seasamhach, staraidhe gan éalaing,
Chuarduigh gach cruadh-cheist a's d'fhuascail gan bhéim í.



A ndearna, ar mhachtnaimh, ar bheartuigh síol Éibhir,
Ar cuireadh i bhfuirm a's i gcruth riamh i nÉirinn,
Ar scríobhadh, ar ceapadh, ar gearradh as caomh-chloich,
Níor lag chuir sé suím ann a's ba dhícheallach shaothruigh.



Acht anois tá sé fuadaighthe ar sluaghadh na naomh-fhear
A's go bhfuighbhidh ó'n Athair lé'r ceapadh gach aon rud
Suaimhneas i bhflaitheas dá anam gan traochadh
A's go mairidh a chlú in san triuch seo le tréimhse.



(Nóta. — I mbéalaibh an bháis dó, d'iompuigh sé arís ar Chreideamh
ár sean.)


L. 26


CILL BEARAIGH



(Tá Cill Bearaigh leath-bhealaigh idir Baile Átha Cliath agus
sean-Bheann Éadair: fothrach uaigneach, glas cois imill
fairrge atá ann.)



In oirthear Breagh cois cuain Átha Cliath
Ós comhair Binn' Éadair, aoibhinn, árd,
Ar millín ghlas, fos suain a liacht,
I mbeol gach séideáin suidhte atá
Cill Bearaigh,
Gan cheol, gan chléir, gan mhuintir 'tá
Cill Bearaigh.



'Na fothrach chaithte, uaigneach, fríth,
Na dóirse réabhtha, an díon ar lár,
Gach fuinneog spealtha, gach stuagh críon,
Mo bhrón, is éachtach línn mar atá
Cill Bearaigh,
Gan chór, gan chré, gan ghuidhe i dtráth,
Cill Bearaigh.



Is follus scamaill dá scuabadh siar,
Is mór an fraoch do chím fé'n dtráigh
Ag tonnaibh alpacha ag brughadh i dtír;
Is brón liom scréach na bhfaoileann mbán,
Faoidh gharg,
Id' chlós gan séan, gan síth ó'n nglám,
Cill Bearaigh.



Sámh-chodladh cneasta chughaibh, a chliar,
Gur leor bhúr séan, mo ghuidhe ós árd!
Ach, stoirm braithim uaim ós Cliathaibh,
Ní mór dom éalódh dian ó chádhas
Cill Bearaigh,
Ní mór dom tréigean cuíbhreann áidh
Cill Bearaigh.


L. 27


AOIBHNEAS SAOGHALTA



"An tábhairne seachain a's rás na gcapall,
Báire, sagairne a's rinnce!"



ECSTASIS



Joie de vivre! Bárr gach aoibhnis,
Sógh a's siamsa a's suairceas:
Plóid ar pianta! Ceol is bínn liom,
Ól na bhfíonta luachmhar;
Seo, ag rinnce, a bháb na ndlaoithe,
Gabham sa tímcheall fuadrach;
Ór a's aoibhneas — cad ba mhian leat?
Feodhadh ar slighe i n-uaigneas?



EUPHRASIA



Joie de vivre! b'áil liom coíll dubh,
Clós ba ghrianta ar uairibh:
Trácht gan chiach measc blátha gcaoin-deas,
Ceol arís im' chluasaibh:
Bába im' thímcheall, áluinn, íogar,
Do'n mhór-thráigh síos ag siubhal liom-
Mo chás! ní cuímhin go bráth lem' íntinn
Seol na mbliadhanta uainn-ne.



PATHOS



Joie de vivre! bás dá coimhdeacht,
'Sé eolas cínnte ughdar:
B'fhearr duit choidhche ghabháil chun dísirt
A's sómpla naoimh dod' stiuradh.
Joie de vivre! bárr gach aoibhnis!
Sóghachas síor a's súgradh,
Bába sciamhdha, ceol aintsrianta,
Ceo le mílltear sluaighte!


L. 28


BATHOS



Acht, joie de vivre, tá go fíor, nach
Ceo ná siamsa suarach:
Do lá go foíghdeach sámh gan baois do
Thabhairt 'réir dlighe an dúthchais;
Tál ar phíopa, dáil na saoithe,
Comhrádh caoin-leabhar gciuin-ghlic,
Sin joie de vivre báirr go cruínn duit —
A's seoid de mhnaoi mar bhuaic air.



RANNÓG



Bí ar siubhal, a chumha trém' chroidhe,
Is beag is fonn do chuideacht línn.
Imthigh leat, a ghalair dhoirbh,
'Tá an saoghal so sona, soirbh,
Lán de aoibhneas, lán de shult,
An té a mb'áil leis, bheith dá lorg.
Bí ar siubhal, a chumha trém' chroidhe,
D'fhág mé sealad faon, gan bhrigh.
Ná cas orm ar ais arís,
Is feárr liom féin i gcéin do ghnaoi,
Fág fá aiteas mé go síothach,
Bí ar siubhal, a chumha trém' chroidhe.


L. 29


MEA PUELLA



Éist lem' ghuidhe, a ainnir cháidh,
Éist, a stór, go sámh lem' ghlórtha:
Searbhfhoghanta mé dod' cháil,
Id' éigeandáil ag teacht i bhfóir ort.



Innis dom, a Fhódla ghrádha,
Cad is áil leat díom id' ghnóthaibh?
Múin go séimh do mheon le páirt,
Ní mé nár láidir riamh dá chomhlladh.



Fós gan ghó tá búir id' áit:
Léan go deo ar ál na fóirne;
Neartuigh sinn chun gleo a's áir!
Beag linn bás ar son do ghlóire!



DRÁMA ABHANN LIFE



(in a sheacht radharcaibh)



Tritheamh gáire,
Foinse áilne,
Gáire ghlé —



Radharc a hAon.



Sléibhte glasa,
Craobhcha dosach',
Easa gleo —



Radharc a Dó.



Uisce leathan,
Maiseach, calm,
Saor gan teímheal —



Radharc a Trí.


L. 30


Léim thar corainn —
Taosc a's torann!
Fiadhain a reatha —



Radharc a Ceathair.



Abha chathrach,
Mall, mí-thapa,
Salach, súigh —



Radharc a Cúig.



Báid a's loingis,
Gal a's scruingí
Feadh an lae —



Radharc a Sé.



Scóip na mara,
Feothanach, fairsing,
Beo a reacht —
Radharc a Seacht.



Sean-Bheann Éadair,
Aigéan éachtach,
Tonna cubhair —



(Brat Anuas!)



(Nóta. — Éirgheann Abha Life agus Sruth Dothra in aice a
chéile ar Sléibh Cip Iubhair.)



CEOL AGUS CUÍMHNE



A's mé im' shuidhe, seal, ar meara-chuímhne
D'éis bheith ag scríobhadh ó gheal an lá,
Cluinim an bínn-ghuth, leath'smuigh dem' thighse,
Éinín ar chraoibh ghlais ag labhairt go sámh.



Tá na nótaí cruínn-bheacht', ceileabhracha, aoibhne,
Gan cheo, gan srianta fá chúrsa lán:
Is tapa smaoinim nár chuala cuíbhdeas
Ar domhan lem' línnse, ar súd do bhárr,


L. 31


Do ghlór, a chaoimh-shearc, a's geoin na gaoithe
A's siosma an taoide le slios an bháid,
A's torann cianmhar na ngiolc dá bhfiaradh —
Sin é airighim-se i bport an bháird.



A's radharc do-chím, leis, mar aisling draoidheachta:
Sléibhte a's aílltreach, go taidhbhseach, árd;
An ré ag soíllsiú ar oileán dílis,
Dhoilbh, dhiamhair, chiuin Fionn-báirr.



Ó! scar ded' phíobracht! ní thig lem' íntinn
Fulaing ná foídhneamh led' cheolta áidh!
Tig snadhm mo mhíllte a's tocht ó'n bhfaoidh sin
A's loscadh im' chliabh de: id' thost duit, tráth!



Binneas gan chuímse agus tortach smaointe,
Áthas nach n-ínnsim fighte im' lár,
Is meabhair liom an oidhche úd nuair leath i gcianta
Thar loch a's tíortha, a laogh, d'abhrán.



Agus, mea amica, an ceart a ínnsint —
An rún do-scaoilte — an cead a rádh —
Go bhfaca ní leis id' rosc ag glínneamhaint,
Spréacharnach grínn geal, glé an ghrádha'.



Mais, port gan chríochnadh an port ó'n chraoibh úd
Do mhúscail m'íntinn, le caoineas gáir',
Seo an t-éan ag píobracht anois mar bhí sé:
Leanadh sé choidhche: meabhruigheann sé grádh.


L. 32


AMHRÁN AN CHRUITIRE



(A thiomnadh do'n ghearrchaile is inghean do'n ollamh Mhac Ch--)



A leanbh áluinn, maran' dom is dána,
Amhrán do ghabháil duit le caoin-chruit cheoil,
Do chanfainn spás duit mar réidhis cás dom
Nuair bhí na táinte doigh im' chroidhe.



Ba chruaidh, scálta mo chliabh mar chrádhadar,
Is deimhin gur fhágadar mé gan bhrigh.
Mar bhíos gan cháirde ar easbaidh grádha ar bith
A's theastuigh bás uaim chomh dubhach sin bhíos.



Im' shlighe gur thárla, gan choinne, báibín
Níos deise ná mar a bhfaca bhí.
Ba léir-theasbánta in a gnúisín áluinn
Forgain grásta — do b'aingeal í!



Ba bheag a ráidhte, labhairt níor gádh dí:
Do labhair a háilneacht, do labhair a sciamh!
Acht, stath sí bláth dom a raibh a háilneacht
Clóbhuailte thársna air go maiseamhail mín.



Ní baileach sáithte dhó in ucht mo chába
Tráth scaip le fánaidh le scannradh 's sceímhil
Na pianta cráidhte, na smaointe cásmhar',
Gach meathtacht ghránna — is saor do bhíos!



Gabhaim, dá bhárr sin — má's mall sa' lá dom —
Mo bhuidheachas sár-dhil agat, a ríobh,
Ba ghar an bás dom an t-am ar thárrthais
Le draoidheacht bláithín do ghiolla croidhe.


L. 33


ENVOI



A leanbh áluinn!
Maran' dom is dána
An port amhráin seo
Do sheinnt go caoin:
Is cruitire fáin mé
In Éirinn ráinig
Ó chríochaibh sámha
Na Normandie.



TOGHA TEAGAISC



Tomás Naomhtha Acuínas
Ba fáidh a's éigeas doímhin-ghlic
An méid seo mhúin
Gur folamh, fuar gach teagasc
Ar domhan má bhíonn sé d'easbaidh
Na cúig mbuadh.



Ní fuláir é bheith go gléineach,
Lán tábhachta-agus-éifeacht'
A's milse búidhe:
Ní mór dó bheith, mar mheasann,
Go hathchumair 's go haibidh
An t-ainm má's fiú.



A éigse óga Éireann,
Ar mhaith libh bheith ag saothrú
An diamhair-rúin,
An doilbh 's an dorcha seachain,
Na seana-chuspaí leanaidh,
A's gheobhfar clú.


L. 34


BUACHAILLÍN NA MBLÁTH



A bhuachaillín ar bheagán pláis,
Cá bhfuarais féin do cháirrín bláth,
Innis go séimh dom bhrigh do cháis,
Ní misde dhuit dar liom a rádh.



An bhfuarais iad cois imill trágha?
Nó an bhfuarais iad ó Dhia na bpáirc?
Nó ar ghoidis iad ó gháirdín bhreághdha?
No ar stathais iad i ngleann na bhfeádha?



Tá lilí caomha, glé id' chárr,
Salchuach go fairsing — scoth na mbláth —
Rósaí a's raithneach a's partaing árd,
A's dornán fraoigh ann in a lár.



Is geal a's gleoite é do chárr
Fa ualach throm-árd, líonmhar, bláth,
'Pé bhall i bhfuarais iad, a ghrádh,
Ort-sa a's ortha-san go raibh an t-ádh!



RUSPAIDÍN DROCHSHÚILEACH



A Ruspaidín, a Ruspaidín,
Is iongantach iad do shúile cinn
Do tharraing mé go dlúth in a ndiaidh,
A Ruspaidín!



Do ghruaig chiar, do leaca mhín,
Do bhéala dearga do chím,
Acht chím-se leis, cé leasc liom, iad:
Do shúile nimhe.


L. 35


A Ruspaidín, a Ruspaidín,
Cé dubh an choill tré bhfuil ár dtriall,
Cé bocht, ró-bhuaidheartha, cam, an tslighe
Is beag mo shuím.



A Ruspaidín, a Ruspaidín,
Ar son do ghrádha-sa, d'fhágbhas iad,
Mo mháithrín, mo cháirde gaoil —
An sneachta chím —



A Ruspaidín, a Ruspaidín,
An é tar éis mo thréigthe ataoi
Sa' tsneachta measc na gcrann seo fiadhain,
A Ruspaidín?



A Ruspaidín, a Ruspaidín,
Is maith do-chluinim-se an gaoth-ghuth,
A's cluinim leis, a Dhé! na faolchoin!
A Ruspaidín!



Uch! Uch! Mo dhíth!



MUIRE MÁTHAIR



Tráth bhíonn an mhaith le séan i ndán dúinn
A's grian an ratha ghlé in áirde,
Gan chiach ná meath ná léan dár gcárnadh,
A Mhuire Mháthair,
A Bhuime an Árd-mhic,
Is aoibhne i bhfad ár saoghal ded' bhárr-sa
Ach bheith i bpáirt leat
Go diongmhálta.


L. 36


Nuair bhíonn, mo cheas! na spéartha lán uile
A's síon gan stad ag séideadh gála
A's pianta a's creatha péine a's sár-ghoin
Dár gcnaoi go prádhaineach,
A Mhuire Mháthair,
Ded' ghuidheachtain tagann faothamh, sásamh,
A's sonas áluinn
Sár-shólásach.



Is fíor im' mheas do'n naomh an ráidhteacht,
Béarnart b'eadh an méid seo d'áitimh,
An mhuíntir mhaith dá n-éiligheann cáin ort,
A Mhuire Mháthair,
D'fhulaing crádhnus,
Nach righin ná leasc leat éisteacht láithreach,
A Mhuire Máthair,
A Bhuime an Árd-mhic.



Im' líon (gur feas do'n tsaoghal) dá dtárla
An righe ar dhathaibh, an tréith Iodálach,
Is caoin do dhealbh dhéanainn ar pár duit,
A Phéarla Áluinn,
A Bhé na nDánta,
Do phríomh-chur maise ar saoghal bhí gránna;
An chraobh dhuit ráinig
Le scéimh a's grása.


L. 37


AR DÍBIRT



Ar mbeith do'n gheimhreadh fhuar
Curtha ar gcúl ar fad
A's an ghrian ag spalladh anuas
Go soillseach lonnrach deas
A's an fháinleóg casta chughainn
Má bhím i ndóchas mhaith
Raghad-sa seal ar chuaird
Do'n áit a dtángas as.



Do chaitheas spás ag siubhal
Tré Éilibhéis na nAlp
A's fós san Iodáil uais
A's i Venetia na sreabh,
Acht bíodh go bhfaca súd
Is é adeirim leat
Go raghad-sa seal ar chuaird
Do'n áit go dtángas as.



Tig tráth in a gcuirtear suas
Do mheon gach croidhe gan ceas,
A's go gcuirtear ana-dhúil
I machtnamh fhada amach:
An tráth go raghaidh i bhfuacht
Mo cheol a's mé go seasc
Raghad-sa seal ar chuaird
Do'n áit go dtángas as.


L. 38


A's fanfad ann im' uath
(Mara mbeir, a rúin, le m'ais) —
Go nglaodhtar orm suas
Chun áit in nach scartha leat,
Acht sara raghad anonn
Ar lorg luach mo bheart
Raghad-sa seal ar chuaird
Do'n áit a dtángas as.



DÍOLTAS NA gCRIOGAR



Nach meidhreach glór na gcriogar
Ins an ngeimhreadh gharbh, fhuar,
Go binn i gclúid na teine
Ar séirse is ar siubhal,
Ní héirighid choidhche tuirseach
Is ní chodlaid siad go buan,
Acht tá daoine lán de dhoicheall
Ná taithneann leo a dtiuin.



In san aimsir úd adeirim
Do mhair am ar an dtuaith
Cailín baileach cliste
Ghlac chúcha fearg mhuar,
Agus bheartuigh sí san deire
Go scriosfadh sí an sluagh
Do sheinneadh ceol cois teine
Is choinnigh í ó'n tsuan.



Do chrom sí ar an gcogadh
Is an choscairt sin go luath,
Níor stad sí ná níor stop sí
Gur díbreadh as an gclúid


L. 39


Gach aindeiseoirín criogair
Dá dtárla fé n-a scuaib,
Acht d'imthigh cuid ar teicheadh
Le scéala feadh na dtriuch.



An oidhche chéadna chruinnigh
Na criogair lán de chumha
Chun comhairle díoltais chinneadh
I n-aghaidh an chailín úd,
Gur ghluaiseadar go huile
Chun an ionaid in a bhfuair
A mbráithre a milleadh
Gan trócaire le scuaib.



Ár maidin nuair do chorruigh
An bhruinneall as a suan
Nach í do bí ar buile
Nuair a chonnaic sí an rúm!
Bhí far-is bárr a gc'luithe
In a smionagar, dar Duach!
'Sa timcheall bhí na criogair
Ag maoidheamh as an mbuadh.



AN MÚINEADH



A dhaoine uaisle uile,
Glac comhairle leasa uaim,
Ná fearguigh na criogair
Ar eagla a bhfuath.
Go mairidh sibh fé shonas,
Acht leigidh do ghach trúig,
Dá aindeise, dá bhoichte,
Maireachtaint, leis, gan duas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services