Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tír na hÉireann

Title
Tír na hÉireann
Author(s)
Ó Duirinne, Séamus,
Pen Name
Seabhac, An
Compiler/Editor
Ó Siochfhradha, Pádraig
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TÍR NA hÉIREANN



Féach ar léar-scáil na hEorpa agus chífidh tú dhá oileán
siar amach ó'n móir-thír.



An t-oileán is lugha dhíobh agus is sia siar, sin é Éire -
ár dtír féin.



An Bhreatain Mhór an t-oileán eile.



Tá an Bhreatain Mhór idir Éire agus an mhóir thír.



Is í Éire an tír is sia siar de thíorthaibh na hEorpa acht
Inis Tuile amháin acht tá an t-oileán san chomh fada ó
thuaidh na fuil se i mbealach na long a bhíonn ag dul siar
agus ag teacht an ar thar an Atlantach, agus ní'l aon roinn
uisce ar domhan a mbíonn an oiread tráchtála air agus
a bhíonn ar an bhfairrge sin idir móir-thír na hEorpa agus
an domhan thiar.



Tá cuanta breághtha i nÉirinn, go mór-mór ar an dtaobh
thiar (féach ortha ar an léar-scáil). Gheobhadh na h-árthraighe
is mó ar fairrge teacht isteach ionta. An méid sin
amháin, agus í i mbealach na long soir, siar, is mór an
bhuntáiste a thugann sé dhí maidir le tráchtáil. Tá an
fhairrge mhór, leathan siar uaithe go Aimeirce agus tá sí
gairid go leor do thíorthaibh na hEorpa chun tráchtáil do
dhéanamh leo (Féach ar léar-scáil na hEorpa agus déin
usáid de'n scála chun faid an bhóthair do thomhas).



Tuig go bhfuil togha suidhim ar Éirinn chun tráchtála
soir agus siar. Tá sí sa mbóthar díreach idir tír na


L. 4


hEorpa agus an domhan thiar. Tá sí sa roinn de'n domhan is
treise i n-intleacht, i litríocht, i n-innilteoireacht agus i
saidhbhreas saoghalta.



TEORANTA.



Féach ar léar-scáil na hÉireann agus cífidh tú go
bhfuil fairrge mór thimcheall na tíre.



An Fhairrge Mhór atá ar an leith thuaidh, an leith thiar
agus an leith theas dí. Muir Meann atá ar an leith thoir
idir Éire agus Sasana. Srúth na Maoile thoir thuaidh idir í
agus Albain agus Muir na Breataine thoir theas idir í
agus deisceart Shasana.



Tabhair fé ndeara go bhfuil an sáile atá idir Éire agus
an Bhreatain Mhór an-caol i n-áiteannaibh.



Ní'l acht 60 míle slighe ó Dhún Laoghaire go Caoir Goibi
agus tugann bád na litreach an turas san isteach i dá
uair go leith an chluig.



Ní'l acht 54 míle slighe ó Ros Láire go Fishguard agus
35 míle ó Latharna i gCo. Aontroma go Stanraer i nAlbain.



Tá isteach is amach le 2,800 míle slighe ó Ghaillimh siar go
Nua-Eabhrach.



AN FHAIRRGE TIMCHEALL AR ÉIRINN.



An fhairrge atá timcheall ar an mBreatain Mhóir agus
ar Éirinn, ní'l sí doimhin.



Bhí talamh tirim idir Éire agus an Bhreathain Mhór agus
idir an Bhreatain Mhór agus móir-thír na hEorpa uair.
Talamh íseal, leibhéalta ba eadh é agus bhris an fhairrge
isteach thairis. Sin mar deineadh Éire agus an Bhreatain
Mhór do dheighilt ó n-a chéile agus ó'n móir-thír.



Bhris an fhairrge isteach idir Éire agus an Bhreatain
Mhór sar ar bhris sí isteach idir an Bhreatain Mhór
agus an mhóir-tír. Dá bhrigh sin ba thúisce Éire i n-a
h-oileán ná an Bhreatain Mhór.


L. 5


tá Fios againn é sin, mar shrois planndaí agus
ainmhidhthe an Bhreatain Mhór ón móir-thír nár shrois Éire
riamh. An fhairrge do chuir stop leo agus iad ar an mbóthar
chugainn.



Bhí talamh tirim ó'n Norbhuaidh adtuaidh, taobh thiar
d'Éirinn agus ó dheas go dtí an Fhrainnc agus an Spáinn. Dá
bhrigh sin bhí iarthar na hÉireann i bhfad ní ba shia siar sa
bhfairrge tráth ná mar atá anois. Ghéill an talamh do'n
fhairrge agus báthadh é. Acht theip ar an bhfairrge paistí
talamh annso, súd do bháthadh agus oileáin na paistí sin
anois. Tá go leor aca ar iarthar na hÉireann.



Is beag oileán ar oirthear na hÉireann. Acht tabhair
fé ndeara gur theip ar an bhfairrge paiste mór talmhan
idir Éire agus Sasana do bháthadh. Sin é Inis Manann.



Ní'l an fhairrge mór-thimcheall na hÉireann agus mór-
thimcheall na Breataine Móire thar 600 troigh ar doimhneas
agus dá n-ísleochadh an fhairrge an méid sin bheadh casán
tirim idir Éire agus an Bhreatain Mhór agus talamh
tirim idir an Bhreatain Mhór agus móir-thír na hEorpa.



Ní'l ins na h-oileáin seo acht giota de'n mhóir-thír.



ÉIRE AR AN gCRUINNEÓIG.



Féachamaois ar an gCruinneóig.



Rud comh-chruinn - ar nós liathróide - is eadh an chruinneóige.
Sin é déanamh an domhain.



Féach ar an gciorcal atá timcheall ar lár na cruinneóige.
An Meadhon-chiorcal tugtar air sin. Timcheall ar an
Meadhon-chiorcal atá na réigiúin is teo sa domhan. Ó
thuaidh agus ó dheas ó'n gcrios te sin tá creasa ná fuil
ró thé ná ró fhuar, na creasa measardha agus ó thuaidh agus
ó dheas arís ó sna creasa sin tá na creasa reoidhte.



Féach ar Éirinn ar an gcruinneóig. Tá sí sa Chrios
Measardha thuaidh, breis is leath-slighe ó'n Meadhon
Chiorcal go dtí an Mol Thuaidh.


L. 6


Tá sí i roinn de'n domhan ná bhíonn sé ró thé nó ró fuar,
acht tá buntáiste thairis sin aici. An fhairrge timcheall
uirthe, coimeádann sí an aimsear gan a bheith ró fhuar ins
an nGeimhreadh, agus coimeádann sí fionn-fhuar deas ins
an Samhradh é.



Na tíortha is cáileamhla agus is treise, i saidhbhreas,
i n-intleacht, i ndéantúisí, agus c., sa roinn sin de'n domhan
atá siad agus ní'l suidheamh níos feárr chun tráchtála
ar aon tír aca ná mar atá ar Éirinn.



DÉANAMH NA hÉIREANN.



Tá Éire timcheall 300 míle ar fhaid - ó'n mBeinn Mhóir i
gCo. Aontroma go Carn Uí Néid i gCo. Chorcaigh agus
timcheall 175 míle ar leithead - ó Bheinn Éadair i gCo.
Bhaile Átha Cliath go Ceann Léime i gCo. na Gaillimhe.



Tá cóstaí na hÉireann an-bheárnach, go mór mór ar an iar-
thar. Tabhair fé ndeara ar an léar scáil na cuanta breághtha
atá ar iarthar na hÉireann agus iad ag dul i bhfad isteach
sa tír. Tá siad doimhin, fairsing, fothaineamhail.


L. 7


Ní'l aon roinn d'Éirinn an-fhada ó'n bhfairrge agus is
mór an bhuntáiste atá ag baint leis sin. Is saoire agus is
saoráidighe earraí do iomchar ar uisce ná ar thalamh thirim.



Ní'l cósta an oirthir chom[h] beárnach leis na costa eile
agus ní'l na cuanta chomh doimhin ann. Bailigheann gainim[h]
is gairbhéal i gcuid de sna cuanta agus is éigean an
grinneal do ghlanadh (Cuan Bhaile Átha Cliath cuir i gcás).
Tonnta móra troma na Fairrge Móire a choimeádann
scuabtha, glan, cuanta an iarthair agus an deiscirt,
agus an tuaiscirt.



Lascadh na dtonn agus teacht is imtheacht na taoide is
mó is cionntach leis na cuanta. Talamh bog agus car-
raigeacha boga fé a bhí uair mar a bhfuil na cuanta anois.



Ins na háiteanna cois fairrge mar a bhfuil carraigeacha
cruadhaníorghéill an talamh, agus cinn tíre agus failltreacha
atá ins na háiteanna san anois. Carraigeacha cruadha
fé thalamh a choimeád na h-oileáin ós cionn uisce.



NA CRUACHA.



Féach ar an léar-scáil agus tabhair fé ndeara gur
cois fairrge atá urmhór de shléibhte na hÉireann agus
iad deighilte ó n-a chéile, sé sin le rádh go bhfuil talamh
iseal nó gleannta, nó beárnacha eatortha. Na h-aibhne
a bheireann uisce go fairrge ó Mhaigh Mhóir na hÉireann,
amach tríd an talamh íseal sin a dhéinid a slighe.



Is gnáthach cathair nó baile mór cois béal na n-abhann
agus dá bhrígh sin bíonn bóithre agus bóithre iarainn ins na
beárnacha so idir na sleibhte chun taistil agus chun tráchtála
idir na bailte cuain agus na bailte isteach sa tuaith. Ba
fhusa agus ba shaoire bóithre do dhéanamh cois abhann ná ar
an talamh árd agus sin é an fáth an oiread aca a bheith ar an
talamh réidh cois na n-abhann.



Scraith lom a bhíonn ar bhárr na sléibhte, agus go minic
ní bhíonn scraith ar bith ann. Fraoch, cúnlach agus féar


L. 8


garbh a bhíonn síos le fána an tsléibhe. An ghaoth, an
fhearthainn agus an aimsear a scuab chun siubhail an chre
agus síos le fána a chuaidh sí. Is furus dá bhrígh sin, a
thuigsint gur méithe an mhagh ná an sliabh. Bíonn an ithir
ró thanaidhe ar an sliabh chun curadóireacht a dhéanamh ann,
agus bíonn sé ró fhuar leis agus gan aon fhothain aige.
Dá bhrígh sin ní chuireann daoine fútha ar na sléibhte. Acht
déineann na sléibhte an tír do mhaisiughadh. Is deise an
dúthaigh i n-a mbíonn sléibhte agus gleannta ná an dúthaigh
leibhéalta (Cuir an dúthaigh timcheall ar Loch Léin agus
timcheall ar Ghleann Dá Loch i gcompráid le dúthaighe
na Maighe Móire).



Gheibhtear mianaighe ins na sléibhte.



AN MHAGH MHÓR.



Tá achar mór de thalamh réidh i lár na hÉireann ar a
dtugtar an Mhagh Mhór.



Sroiseann an Mhagh ó Bhaile Átha Cliath go Dún Dealgan
cois fairrge agus siar go sléibhte an Iarthair agus amach
go Loch Lurgan (Cuan na Gaillimhe). Sroiseann an talamh
leibhéalta sin ó dheas go Sliabh Bladhma agus ó thuaidh tré
Cho. an Chabháin go Loch Éirne. Tá tuairim is an ceathramhadh
cuid d Éirinn fé an Maigh Mhóir.



Is furus a thuigsint go bhfuil luighe uisce sa Mhaigh
(Féach ar na locha beaga ar an léar-scáil, go mór-mhór
i gCo. na hIar-Mhidhe.)



Toisc fána beag a bheith leis an maigh ó n-a lár siar
beireann aibhne cuid de' n uisce siar go Sionainn agus
beireann an Bhóinn agus an Life uisce soir, mar tá tuitim
soir le cuid de'n mhaigh. Beireann an Bhearbha uisce ó
dheas agus an Éirne uisce ó thuaidh ó'n Maigh.



Tuig nach mór le rádh an fána atá le talamh na Maighe
i n-aon treo agus dá bhrígh sin is mall, righin na h-aibhne a
ghabhann tríthe.


L. 9


Tá iarthar na maighe níos fliche ná an t-oirthear agus dá
bhrígh sin is mó an churadóireacht a déantar san oirthear ná
san iarthar.



Tá go leor móinte, corraigh, agus riasca sa Maigh. Ortha
san atá:-



Móin Almhan agus Móin Éile
An dá mhóin is mó nÉirinn.



Bhí magh na hÉireann i bhfad níos aoirde uair ná mar atá
anois. Bhí sí níos aoirde ná Sliabh Eachta agus ná Sléibhte
an Airgid. Maireach go raibh ní thiocfadh leis an Sionainn
an bealach ó dheas go Luimneach a thabhairt uirthe. D'iom-
póchadh na sléibhte siar go Loch Lurgan i dá mbeidis ann
roimpe an tráth úd. Acht bhí a leaba déanta aici sar ar
isligh an mhagh agus do réir agus mar a bhí an mhagh ag ísliughadh
d'éirigh leis an Sionainn pasáiste do ghearradh dhí féin ó
dheas tré sna sléibhte a bhí ag cur a gceann anáirde. Mar
sin féin baineadh moill aiste agus leathnuigh sí amach agus
dhein Loch Deirg-Dheirc di.



Cloch aoil atá fé'n maigh agus ghéill an chloch aoil do'n
aimsir agus mar sin d'ísligh an talamh. Tá an Mhagh ag
isliughadh fós.



AORÁID.



Aoráid bhreágh, bhog, thais is eadh aoráid na hÉireann.
Ní bhíonn sé ró the ins an Samhradh ná ró fhuar ins an
nGeimhreadh. Bíonn, uaireannta, breis agus ár ndóthain
fearthanna againn, go mór-mhór san iarthar agus cé go
dtéigheann sí go maith do thalamh féarach agus do bharraí
mar chabáiste goilleann sí ar bharraí eile mar arbhar.
Ni'l arthar na hÉireann chomh h-oireamhnach do chruithneacht
agus atá an t-oirthear nó an deisceart.



Is mó nídh a bhfuil baint aige le h-aoráid tíre.


L. 10


Seo cuid aca:-



(1) Leathfhad na tíre, sé sin a giorracht do'n
Mheadhon-chiorcal, nó a faid uaidh.



Do réir mar téightear ó thuaidh nó ó dheas ó'n Meadhon-
chiorcal téigheann sé i bhfuaire i n-áit a chéile go sroistear
na réigiúin reoidhte cois na mull.



(2) Aoirde tíre. 'Sé is ciall le "Aoirde" annso
ná aoirde ós cionn mara.



Do réir mar a théighimíd suas sliabh braithimíd
ag dul i bhfuaire é. Ísligheann an teodhacht timceall 1° F.
i n-aghaidh gach 300 troigh dá dtéightear suas. Bíonn sé
tuairim agus 12°F. níos fuaire ar bhárr Chorráin Tuathail
ná mar a bhíonn sé ag a bhun. Bíonn sé níos fuaire ar an
taobh thuaidh de shliabh ná mar a bhíonn ar an taobh theas.
Bíonn luighe na gréine ar an taobh theas agus ní bhíonn ar an
taobh thuaidh-



(3) Giorracht do'n Fhairrge: An tír a bhíonn cois
fairrge ní bhíonn sé chomh te ann sa Samhradh ná chomh fuar
ann sa nGeimhreadh agus a bhíonn i dtíortha i bhfad ó'n
bhfairrge sa leathfhad chéadna. Tá fhios againn nach ró-mhór
an deifir a bhíonn idir meadhon-teodhacht an tSamhraidh
agus meadhon-teodhacht an Geimhridh i nÉirinn i gcompráid
leis an Ruis (abair) san leathfhad chéadna. Sa Ruis bíonn
an talamh loiscithe tirim mar luaithre sa Samhradh agus e
reoidhte i n-a bhalc sa nGeimhreadh.



Ní thuiteann a leithéid sin amach i nÉirinn agus bíodh
ár mbuidheachas ar an bhfairrge.



Téidheann an t-uisce go mall (i bhfad níos maille ná
an talamh) agus ar an gcuma san maoluigheann sé teas
an tSamhraidh. Scarann an talam[h] le n-a chuid teasa ar
theacht an Gheimhridh i bhfad níos mire ná mar a scarann
an t-uisce agus dá bhrígh sin maoluigheann an fhairrge fuacht
an Gheimhridh.



Bíonn an talamh níos teo ná an t-uisce ins an Samhradh


L. 11


acht bíonn an t-uisce níos teo ná an talamh ins an nGeimhreadh.
Is beag deifir a bhíonn idir teodhacht na fairrge sa Samhradh
agus sa nGeimhreadh timcheall ar Éirinn.



(4) Gaoth aniar nó aniar andeas an ghaoth is coitcheanta
i nÉirinn. Ní bhíonn sí ró the ins an Samhradh (coimeádann
an fhairrge fionn-fhuar, deas í) agus san nGeimhreadh
coimeádann an fhairrge gan a bheith ró fhuar í. Is fuaire
i bhfad an ghaoth adtuaidh agus an ghaoth anoir ná an ghaoth
a thagann chugainn thar an bhFairrge Mhóir. Ag teacht dí
séideann sí roimpe uachtar an tsáile agus ós rud gur
ó réigiúnaibh teo a thagann an síobadh uisce seo bíonn teas
ag baint leis agus árduigheann sé teodhacht na hÉireann
san nGeimhreadh.



Maireach an ghaoth aniar agus aniar andeas ni bheadh
an oiread baint ag an bhfairrge le h-aoráid na hÉireann
agus atá.



AN AIMSEAR.



Bíonn gal uisce san aer i gcómhnuidhe.



Bíonn níos mó gaile san aer agus é te (ins an
Samhradh) ná mar a bhíonn agus é fuar (ins an nGeimhreadh).
Is féidir le h-aer te níos mó gaile do iomchar ná mar is
féidir le h-aer fhuar. Dá bhrígh sin nuair déantar an t-aer
do fhuaradh is éigean do scaramhaint le cuid de'n ghail.
Déantar uisce de'n ghail agus tuiteann sé i bhfuirm fear-
thanna.



Is furus a thuigsint go mbíonn an-chuid gaile san aer
bhreágh, bhog a shéideann aniar agus aniar andeas chugainn
thar an bhFairrge Mhóir. Nuair bhuaileann an t-aer i
gcoinne sléibhte an iarthair imthigheann sé suas aghaidh
an tsléibhe agus téigheann sé i bhfuaire, scarann sé le cuid
de'n ghail a bhíonn ann agus tagann an fhearthainn.



Is furus a thuigsint uaidh sin gur fliche an aimsear a
bhíonn i n-iarthar na hÉireann ná an aimsear a bhíonn san
oirthear nó i lár na tíre. Acht ní scarann an t-aer le n-a


L. 12


chuid gaile go léir san iarthar agus dá bhrigh sin ní bhíonn aon
áit sa tír gan a dhóthain fearthanna agus breis is a dhóthain
go minic. Acht is mó d'fhearthainn a thuiteann ar na sléibhte
i gcómhnaidhe (cuma dé'n roinn de'n tír dóibh) ná mar a
thuiteann ar an talamh íseal i n-a límistéireacht.



Ciarraighe (i measc na sléibhte), Connamara, agus
Sléibhte Dhún na nGall na h-achair is fliche i nÉirinn-



An dúthaigh thimcheall ar Bhaile Átha Cliath agus ó thuaidh
go Dún Dealgan an dúthaigh is tiorma i nÉirinn.



FEARTHAINN LEIS AN nGAOITH ANOIR AGUS
ANOIR ADTUAIDH.



Bíonn fearthainn againn uaireannta leis an ngaoith
anoir agus anoir adtuaidh agus fearthainn fhuar leis,
agus sneachta.



Gaoth fhuar is eadh an ghaoth sin mar is ó réigiúnaibh fuara
a thagann sí agus ag dul i dteodhacht a bhíonn sí ag déanamh
adtuaidh nó anoir adtuaidh, nó anoir fém dí. Dá bhrígh
sin pé gal a bhíonn inte ní ag scaramhaint léi a bhíonn sí
acht ag cur léi (toisc í bheith ag dul i dteodhacht). Nuair
a thagann sí san Earrach is mear a thiormuigheann sí an
talamh. Mar sin féin is minic fearthainn againn le na
linn. Mar seo a thuiteann sé amach:-



An ghaot[h] aniar thar na fairrgí bíonn sí bog, éadtroin
agus go leor gaile uisce inte. Buaileann sí leis an
ngaoith chruaidh anoir adtuaidh, abair, agus toisc gur
éadtruime í ná an ghaoth anoir adtuaidh éirigheann sí os a
cionn anáirde agus leanann sí uirthe soir thuas. San
éirghe dhi fuarann sí, déantar uisce de chuid de'n ghail
a bhíonn inte agus tagann an ghal anuas i bhfuirm fearthanna
nó i bhfuirm cloich-shneachta nó sneachta tríd an ngaoith
anoir adtuaidh. Sí an ghaoth aniar a thugann an ghal léi;
ní dhéanann an ghaoth anoir adtuaidh acht an ghal d'fhuaradh
agus uisce a dhéanamh dhe.


L. 13


BÓITHRE AGUS BAILTE.



Nuair a thosnuigh daoine ag taisteal na tíre ar dtúis
an talamh leibhealta a thugadar ortha. Cois na n-abhann
a bhí an talamh ba réidhe agus ba oireamhnaighe do chasán
agus do bhóthar, agus do'n bhóthar iarainn nuair tháinig a ré.
Féach ar an léar-scáil agus tabhair fé ndeara mar a
leanann bóithre agus bóithre iarainn an talamh íseal cois
na n-abhann. Is furus é a thuigsint.



Dob' fhusa an talamh réidh do shiubhal.



Dob' fhusa casáin agus bóithre do dhéanamh ann.



Dob' fhusa biadh a fhagháil ann toisc an talamh a bheith
saidhbhir (níos saidhbhre ná an talamh árd).



Ní raibh aon uireasba uisce ann agus ní féidir le duine
ná beithidheach maireachtain gan uisce.



I n-áit a chéile chuir cuid de'n lucht taistil fútha
n-áiteanna áirithe sa ngleann, áiteanna go raibh buntáiste
éigin ag baint leo áth ar an abhainn nó dhá abhainn ag teacht
le chéile, nó a dó nó a trí de bhóithre ag tarraingt ann,
nó deárna go cuan nó buntáiste éigin eile, agus n-áit
a chéile d'fhás bailte ins na h-áiteannaibh sin. Acht tabhair
fé ndeara nár tógadh baile riamh i n-aon áit ná raibh teacht
air ó sna cheithre h-áirdibh.



Cois fairrge nó cois cuain atá na bailte is mó i
nÉirinn.



Tá Luimneach timcheall le trí fichid míle isteach ó'n
bhfairrge, mar is féidir do longaibh dul an fhaid sin isteach.
Rud eile, nior bh'fhéidir droichead a thógaint ar an abhainn
nios goire do'n fhairrge agus an dream ar an dtaobh eile
d'abhainn bheadh sé deacair dóibh a gcuid earraidhe a bhreith
go dtí an chathair, dá mbeadh sí níos goire do'n fhairrge.



Tógadh Áth Luain cois Sionna acht bhí áth ar an abhainn
annsúd.



Dá mbeadh an Life leathan agus doimhin a dóthain do


L. 14


longaibh chun dul níos sia isteach i dtír sé is dóichighe go
mbeadh an chathair níos sia isteach.



Féach ar Bhéalfeirste, ar Phortláirge, ar Chorcaigh
agus ar bhailte eile cois cuam ar an léar-scáil agus
tuigfidh tú an fáth gur tógadh iad mar a bhfuil siad.



Is mór an bhuntáiste do bhaile talamh mhéith leibhéalta
bheith timcheall air. Bíonn toradh na talmhan ag na dóirse
beagnach ag muinntir an bhaile, bíonn sé úr aca agus bíonn
sé saor aca.



BÓITHRE IARAINN.



Bhí bóithre agus bailte agamn i bhfad roimh bóithre iarainn.
Ní'l céad bliadhain ó rmneadh an chéad bhóthar iaramn i
nÉirmn (1834) ó Bhaile Átha Cliath go Dún Laoghaire.



Is ó chathair go cathair agus ó bhaile mór go baile mór
a deineadh na bóithre iarainn agus thug lucht a ndéanta
an talamh ba réidhe ortha, ní nach iongna. Ar an talam[h]
réidh, cois na n-abhann atá na bailte agus dá bhrígh sin ar an
talamh réidh, agus go minic cois abhann, atá na bóithre
iarainn.



Go dtí le déannaighe is ar na bóithre iarainn a dhéantaí
an tráchtáil ar fad beagnach (dhéantaí cuid de ar na can-
áilte) idir bhailte, acht déantar go leor de ar na bóithre
anois. Beireann mótair mhóra agus busanna earraidhe
ó bhaile go baile agus ó áit go háit anois. Tá an mótar
níos costasamhla ná an traen, acht tá sé acrach sa méid
seo, gur féidir leis glaodhach go dtí doras an díoltóra
fé dhéin earraidhe agus iad a bhreith go doras an chean-
nuightheora. Ar an gcuma san ní bhíonn de shuathadh ná de
láimhseáil ar na h-earraidhe acht fíor-bheagán.



Tá na mótair ag baint go mór ó sna bóithre iarainn le
tamall anuas.


L. 15


CANÁILTE.



Is saoire earraidhe do iomchar ar an gcanáil ná ar an
traen agus ná ar an mótar acht bíonn an t-iomchar an-
righin. Capall ag siubhal ar an gcasán cois na canálach,
a dhéineann an bád do tharraingt le téid fhada, láidir agus
is féidir leis leath-chéad tona meadhachaint d'ualach do
bhreith leis. An capall céadna san ní bhéarfadh sé leis thar
thona go leith i dtrucail. Rudaí troma mar adhmad,
gual, móin, clocha, stroighin agus nidhthe eile de'n tsaghas
san nach gábhadh aon deithneas mór a bheith leo a déantar
a iomchar ar an gcanáil.



'Sé an duine do rinne na canáilte, agus níor dheacair
iad do dhéanamh i nÉirinn toisc an talam[h] a bheith chomh
leibhéalta agus mar atá sé. Agus rud eile ní gábhadh glasa
ná comhlaí bheith comhgarach dá chéile, acht amháin ag déanamh
ar chuan mar a mbíonn an chanáil ag baint amach leibhéala
na fairrge, sé sin ag dul le fána go fairrge.


L. 16


RANNA NA hÉIREANN
(mar a bhí agus mar atá).



Cúig Cúigí a bhí i nÉirinn i n-aimsir bhFear mBolg,
.i. Uladh, Laighin Thuaidh, Laighin Theas, Mumha agus
Connachta. ('Sé is brígh le "cúige" ná an cúigeadh
cuid).



Cúig Cúigí na hÉireann i n-aimsir
bhFear mBolg



Le linn Chormaic Mhic Airt (bl. 226 - 277) rinneadh
athrughadh ar na cúigí sin, agus sid iad na cúigí
d'a h-órduigheadh!


L. 17


Cúige Laighean, Cúige na Midhe, Cúige Uladh, Cúige
Connacht agus Cúige Mumhan.



Seacht Ríoghachta a bhí i nÉirinn le linn Phádraig Naomhtha
do theacht, .i. Ulaidh, Laighin, Midhe, Airghialla, Aileach,
Mumha, Connachta (ó'n gcúigeadh go dtí an deichmhadh aois).



Cheithre cúigí atá i nÉirinn anois, .i. Cúige Laighean, Cúige
Mumhan, Cúige Connacht agus Cúige Uladh.



Is iad na Sasanaigh a roinn Éire i n-a conntaethe. Sa
mbliadhain 1199 do tosnuigheadh ar an roinnt sin.



Dhá chonntae déag is fiche atá i nÉirinn.



Seacht Ríoghachta na hÉireann sa chúigeadh Aois



I mbliadhain a 1922 rinneadh roinnt eile ar an tír, .i.
"Tuaisceart Éireann," i n-a bhfuil sé conntaethe agus
Saor Stát Éireann i n-a bhfuil sé conntaethe agus fiche.


L. 18


Cé go bhfuil pairlimeint dá cuid féin ag Tuaisceart
Éireann (na sé conntaethe) fé dhlighthe Shasana atá an
roinn sin.



An tOireachtas, sé sin an Dáil agus an tSeanaid, a
dhéineann dlighthe do'n Saor-Stát agus a chuireann i
bhfeidhm iad.



CÚIGE LAIGHEAN



I n-oirthear Éireann atá an chúige seo.



Dhá chonntae déag atá sa chúige. Tá urmhór na Maighe
Móire i gCúige Laighean - ó Mhuir Meann siar go Sionainn.



Talamh mhaith, thorach atá i n-ur-mhór na cúige, agus cuid
de, mar Cho. na Midhe, an-shaidhbhir.



Tá na bóithre go flúirseach agus iad ar fheabhas, agus
tá bóithre iarrainn ó Bhaile Átha Cliath amach go cheithre
h-áirde na hÉireann.



CONNTAETHE COIS FAIRRGE - CÚIG CINN.



CO. LUGHBHAIDH.



DÚN DEALGAN, DROICHEAD ÁTHA, ÁTH FHIRDIADH,
CAIRLINN, GRIANPHORT.



Baile cuain is eadh Dún Dealgan. Déantar leann
biotáille agus tobac ann. Is ann atá oibreacha Bhóthair
Iarainn Mhóir an Tuaiscirt. Bíonn iascaireacht ar siubhal
ann, agus cuirtear beithidhigh agus toradh talmhan go
Sasana as. Trí mhíle uaidh atá Fochard, an áit i n-a rugadh
Naomh Brighid, agus i n-ar marbhuigheadh Éamon de Brús
i mbliadhain a 1318.


L. 19


Ar an mBóinn atá Droichead Átha trí mhíle go leith ón
bhfairrge. Cuirtear mórán de thoradh talmhan go Sasana
ó'n áit. Deantar leann, gallúnach, salann, agus earraí
iarainn ann. Déantar plúr do mheilt ann.



I n-aice le Droichead Átha atá Mamistir Buithe agus tá
fotharacha na sean-mhainistreach, cloigtheach, agus crosanna
ó'n tsean-aimsir ann.



Seoltar bád na litreach idir Ghrianphort agus Caoir
Ghoibí.



CO. NA MIDHE.



ÁTH TRUIM, AN UAIMH, CEANNANAS MÓR.



Déantar eadach olna ins An Uaimh. Timcheall
sé míle ó'n mbaile tá Cnoc na Teamhrach, ionad cómhnuighthe
árd-righthe Éireann anallód.



Baile ársa is eadh Ceanannas Mór agus tá fotharacha
an tsean-shaoghail le feicsint ann - idir cloigtheach,
crosanna, agus c.



CO. BHAILE ÁTHA CLIATH.



BAILE ÁTHA CLIATH, DÚN LAOGHAIRE, BAILE
BREACÁIN, SCEIRÍ.



Is é Baile Átha Cliath príomh-chathair na hÉireann.
Ní raibh acht bailiughadh beag tighthe tráth mar a bhfuil an
chathair anois. Togha suidhimh chun tráchtála, cuan maith,
agus talamh shaidhbhir leibhéalta timcheall uirthe is bun leis
an bhfás agus leis an dul chun cinn a dhein an chathair. Tá
sí ag fás agus ag leathnughadh amach i n-aghaidh na bliadhna.



Deantar mórán tráchtála idir Bhaile Átha Cliath agus
Learpoll agus áiteanna eile i Sasana agus i nAlbain.
Tá bóithre iarainn ó'n gcathair amach go gach áird sa tír.
Is mór an bhuntáiste dhí (nó d'aon chathair) talamh mhaith


L. 20


bheith i n-aice léi. Bíonn toradh talmhan, idir ghlasraí
is eile, go deas, úr ag na dóirsibh beagnach, ag muinntir
na cathrach agus iad saor toisc gan iomchar fada bheith ortha.



Tá na sráideanna móra go háluinn agus deirtear ná
fuil sráid níos breághtha ná Sráid Ó Conaill san Eóraip.



Déantúisí i mBaile Átha Cliath:-



Leann, biotáille, brioscaí, éadach olna milseáin,
páipéar, longa, troscán agus obair adhmuid de gach
saghas, clódóireacht, poiplin, agus c.



Áit déanta leanna Mhic Aonghusa an áit is mó de'n
tsaghas san sa domhan.



Tá cáil ar bhrioscaí Bhaile Átha Cliath i dtíortha eile.



Laetheanta saoire: Tá áiteanna aoibhinne chun saoire
do chaitheam timcheall ar an gcathair. Seo cuid aca:-



Beann Éadair: Áit bhreágh, shláinteamhail agus radharc
breágh uaidh ar an gcuan agus ar Shléibhte Bhaile Átha Cliath
agus ar Shléibhte Chill Mantáin. Déantar go leor
iascaireachta ann.



Muirbhthe: Is maith le páistí na cathrach laetheannta
geala an tSamhraidh do chaitheamh ar Thráigh Muirbhthín,
agus bíonn na sluaighte aca ann. Téigheann go leor daoine
go Leamhcán ar mhaithe le n-a sláinte. Tá Spá ann.



Baile beag cois cuain i n-a gcaitheann daoine laetheanta
saoire is eadh Baile Átha Thíd, nó Mullach Íde, naoi míle ó'n
gcathair. Agus baile beag i n-a mbíonn mórán daoine sa
Samhradh is eadh Sceirí.



Tá Páirc an Fhionn-Uisce - le h-ais na cathrach - ar cheann
de sna páirceanna is breághtha sa domhan.



Ag Cluain Tarbh, i n-aice na cathrach, do briseadh cumhacht
na lochlannach i mbliadhain a 1014.



Seoltar bád na litreach idir Dún Laoghaire agus Caoir
Ghoibí.



Déantar mór-chuid cniotála i mBaile Breacáin.


L. 21


CO. CHILL MANTÁIN.



CILL MANTÁIN, AN tINBHEAR MÓR, BRÍ CUALANN,
RÁTH DROMA.



Caitheann go leor daoine saoire an tSamhraidh i mBrí
Cualann agus i gCill Mantáin chun aer an tsáile
d'fhagháil.



Déantar mórán iascaireachta ag an Inbhear Mór.



CO. LOCH GARMAN.



LOCH GARMAN, ROS MHIC TREOIN, INIS CÓRTHAIDH,
GUAIRE.



Déantar earraí iarainn i Loch Garman, go mór mhór
úirlisí a bhaineann le feirmeoireacht. Tá cáil mhór ar na
rothair a dhéantar ann.



Caladh-phort is eadh Ros Láire agus bíonn longa anonn is
anall idir é agus Fishguard. Tá tráigh an-bhreágh ann agus
áit dheas é chun saoire do chaitheamh sa Samhradh.



Tá muilte plúir i nInis Córthaidh agus i Ros Mhic Treoin.



CONNTAETHE FÁ'N DTUAITH - SEACHT GCINN.



CO. NA hIAR-MHIDHE.



AN MUILEANN CEARR, BÉAL ÁTHA LUAIN, MÓTA
GHRÁINNE ÓIGE, CILL BEAGÁIN.



Áit mhór aontaighe beithidheach is eadh An Muileann
Cearr.



Tá Bhéal Átha Luain ar dhá phort na Sionna. Déantae
éadach olna ann. Timcheall deich míle ó dheas, ar bhruach
na Sionna atá Cluain Mac Nois mar a raibh scoil cháileamhail
fadó.


L. 22


CO. LONGPHUIRT.



LONGPHORT, GRÁNÁRD (GRÁNAIRIOD), MEATHUS
TRUIM.



Longphort, i lár an chonntae, bíonn margaidhe móra
de thoradh talmhan ann.



CO. CHILL DARA.



NÁS (NA RÍOGH), ÁTH hÍ, MAGH NUADHAT, CILL DARA,
AN DROICHEAD NUA.



Nás na Ríogh, nó Nás Laighean, tá sé ar cheann de sna
bailte is ársa i nÉirinn. Ba é príomh-chathair na cúige
é uair. Tá an ráth ar a gcruinnigheadh an fheis fadó le
feicsint ann fós.



Bíonn tráchtáil ar siubhal idir Ath hI, agus Áth Cliath
ar Chanáil Laighean. Áit mhór arbhair é.



Cill Dara, is annso do bhunuigh Naomh Brighid a cill
sa chúigeadh aois, agus d'fhás mainistir mhór ann i n-a
dhiaidh sin. Tá cloigtheach ann agus fotharacha na sean-
mhainistreach.



Magh Nuadhat, tá coláiste sagart ann. Tá fotharacha
caisleáin na nGearaltach, iarlaí Chill Dara ann.



CO. UA BHFAILGHE.



AN TULACH MHÓR, BIORRA, ÉADAN DOIRE,
BEANNCHOR, AN DAINGEAN.



Déantar leann agus biotáille sa Tulaigh Mhóir. Deantar
ceárranna agus carráistí i nÉadan Doire.



CO. LAOIGHISE.



PORT LAOIGHISE, CÚIL AN tSÚDAIRE, MÓINTE
MÍLIC, MÓIN RÁTHA.



Tá muileann plúir i gCúil an tSúdaire. Deantar lása
i Móinte Mílic.


L. 23


CO. CHEATHARLACH.



CEARTHARLACH, MUINE BHEAG, AN TULACH, LEITHGHLINN.



Tá monarcha siúicre i gCeatharlach, agus déantar an-chuid
siúicre ann ó'n mbiatas. Ó'n dúthaigh mór-thimcheall
a gheibhtear an biatas.



Déantar bróga ann. Tá muileann plúir ann. Déantar
mórán iascaireachta sa mBearbha i n-aice na h-áite.



CO. CHILL CHAINNIGH.



CILL CHAINNIGH, CALAINN, CAISLEÁN AN CHUMAIR,
BAILE MHIC ANNDÁIN.



Dúthaigh áluinn agus talamh mhéith atá timcheall ar Chill
Chainnigh.



Tá muileann éadaigh sa chathair agus déantar leann
ann. Tá cairéal marmair dhuibh i n-aice na h-áite. Bain-
tear gual i n-aice le Caisleán an Chumair. Tamall slighe
ó Bhaile Mhic Anndáin atá Mainistir Sheiriopúin, agus
gach rian ar an bhfotharach gur mhainistir bhreágh, órnáideach í.



CÚIGE MHUMHAN



I ndeisceart Éireann atá an chúige seo.



Sé conntaethe atá sa chúige. Tá sléibhte árda, gleannta
doimhne, agus aibhne breághtha i gCúige Mumhan.
Maidir le sléibhte is gleannta is locha Chiarraighe, ní'l
a mbuadhchain le fagháil agus tagann daoine ó thíorthaibh
thar lear chun iad do fheicsint agus chun tréimhse do chaitheamh
i n-a measc.



Timcheall na Siúire agus siar tré Thiobrad Árann agus
Luimnigh tá achar de thalamh an-saidhbhir - Machaire Mór
na Mumhan. Talamh féaraigh urmhór de'n mhachaire,
agus ba bainne is bulláin air.


L. 24


Tá na cuanta doimhin agus fairsing sa Mumhain agus
déantar cuid mhaith iascaireachta ionta agus mór-thimcheall
an chósta go léir.



CONNTAETHE COIS FAIRRGE - CHEITHRE CINN.



CO. PHORTLÁIRGE.



PORTLÁIRGE, DÚN GARBHÁN, LIOS MÓR, CEAPACH
CHUINN, TRÁIGH MHÓR.



Cuan breágh is eadh cuan Phortláirge agus cuirtear a
lán toradh talmhan beithidheach agus bagúin go tíortha
eile ó'n gcathair. Bíonn mórán tráchtála ar siubhal idir
an chathair agus Learpoll agus Briostó.



Dún Garbhán; baile deas cois cuain é, agus áit
shláinteamhail chun laetheanta saoire do chaitheam[h] ann sa
Samhradh. Treasna an chuain tá An Chois mar is maith le
muinntir an bhaile dul gach tráthnóna breágh. Coinigéar
is eadh é agus é lán de choiníní. Soir ó Dhún Garbhán agus
cois cuain atá an Rinn (Rinn Ó gCuanach) mar a bhfuil
coláiste mór-chlú Gaedhilge. Dúthaigh an-Ghaedhealach atá ó'n
Rinn siar go dtí an Abha Mhór, agus fós ó thuaidh ó Dhún
Garbhán (Sliabh gCua).



Bhí árd-scoil léighinn i Lios Mór sa tsean-shaoghal acht
tugadh teine do'n scoil agus do'n bhaile i mbliadhain a 1207
agus ní'l rian na scoile ann anois.



I n-aice le Ceapach Chuinn atá Mainistir Mellirí.



Caitheann daoine saoire i dTráigh Mhóir.



CO. CHORCAIGHE.



CORCAIGH, AN CÓBH, MAINISTIR FHEAR MUIGHE,
EOCHAILL, MAGH EALLA, CIONN tSÁILE, DROICHEAD NA
BANNDAN, MAINISTIR NA CORANN.


L. 25


Cathair bhreágh is eadh Corcaigh, agus tá áiteanna deasa
i n-aice na cathrach ar gach taobh. Tá tráchtáil na cathrach
ana-threis, agus cuirtear toradh talmhan, beithidhigh, muca,
caoirigh, eallaigh, uibhe, im, agus c., thar sáile.



Déantar leann, biotáille, éadach olna, bróga mótair,
tarracthóirí, agus c., ann.



Tá muilte i gcomharsanacht na cathrach i n-a ndéantar
éadach olna .i. Muileann na Blárnan, Muileann na
Druibsighe agus dhá mhuileann i nDubhghlais.



An Cóbh, caladh-phort do longaibh móra é agus is
taithneamhach an pictiúir a chíonn lucht na long ar theacht
i gcuan dóibh ann.



Áit mhór iascaireachta is eadh Eochaill. Is annsan
do chómhnuigh Uaitéar Raleigh, an té thug an práta agus
an tobac go hÉirinn. Deirtear gur i nEochaill do caitheadh
an chéad ghal tobac i nÉirinn agus gur ann a fhás an chéad
phráta.



Cionn tSáile; áit mhór iascaireachta is eadh é.



Snaidhm mhór traeneach is eadh Magh Ealla, agus déantar
a lán iascaireachta san Abha Mhóir timcheall na h-áite.



CO. CHIARRAIGHE.



TRÁIGHLÍ, CILL ÁIRNE, LIOS TUTHAIL, DAINGEAN UÍ
CHÚISE, NEIDÍN, CATHAIR SAIDHBHÍN.



Baile cuain is eadh Tráighlí, cuan breágh ann, agus talamh
mhaith timcheall air. Déantar mór-chuid tráchtála ann.
Tá duga breágh ag Fiannait, ocht míle ó Thráighlí, agus is
féidir do longaibh móra teacht chun puirt ann. Tá cáil
mhór ar na h-oisrí a gheibhtear ann.



'Sé An Daingean an baile is sia siar de bhailtibh na
hEórpa. Áit bhreágh, shláinteamhail cois fairrge é. Tá
ceanntar an-Ghaedhealach siar uaidh agus iarsmaí an tsean-
shaoghail go fairsing ann.


L. 26


Tá trácht ar áilneacht Chill Áirne i mbaile is i gcéin.
An ceanntar timcheall na h-áite, idir sléibhte, coillte,
locha, aibhne agus easa, tá sé ar áilneacht an domhain.



CO. AN CHLÁIR.



INIS, CILL RUIS, CILL DÁ LUA, CILL CHAOIDHE, SRÁID
NA CATHRACH, LIOS DÚIN BHEÁRNA.



Cois bun na Sionna atá Cill Ruis, agus ar aghaidh an
bhaile amach san abhainn atá Inis Cathaigh, oileán i n-a raibh
mainistir agus scoil mór sa tsean-shaoghal. Tá na fotharacha
agus cloightheach ann fós.



Baile deas ar bhruach na Sionna láimh le Loch Deirg-
Dheirc is eadh Cill DáLua. Áit mhór iascaireacht bradán é.



Baintear slinn i n-aice na h-áite.



I n-aice an bhaile atá Ceann Corra mar a raibh dún
Bhriain Bhóraimhe.



Áit aoibhinn ar aghaidh na Fairrge Móire is eadh Cill
Chaoidhe agus caitheann mórán daoine laetheanta saoire
ann.



Téigheann an-chuid daoine go Lios Dúin Bheárna gach
Samhradh ar mhaithe le n-a sláinte. Tá spá san áit.



Ó thuaidh ó Lios Dúin Bheárna tá achar de thalamh árd,
lom ar a dtugtar An Bhoireann.



CONNTAETHE FÁ'N DTUAITH - DHÁ CHEANN.



CO. LUIMNIGH.



LUIMNEACH, RÁTH GAOLA, AN CAISLEÁN NUA, BRUGH
NA nDÉISE, CILL FIONÁN, CILL MOCHEALLÓG.



Cathair mhaith tráchtála is eadh Luimneach, cé go mba
threise an tráchtáil uair ná mar atá anois.


L. 27


Ag Árd na Croise, i n-aice na cathrach, atá oibreacha
aibhléise na Sionna.



Déantar lása, plúr, agus im ann, agus déantar bagún
do shailleadh ann. Déantar feoil agus bainne do channadh
ann.



Talamh mhaith, mhéith atá timcheall ar Luimneach. Tá stair
ag baint le Luimneach agus ní féidir machtnamh ar an stair
gan cuimhneamh ar Phádraig Sáirséal agus ar na gníomhartha
gaisceamhla a dhein sé ann i mbliadhain a 1690 agus i mbliadh-
ain a 1691. Tá "Cloch an Chonnartha" ann fós chun a
chur a dtuigsint do chách an feall do h-imirigheadh ar Ghaedhil
an tráth úd.



Áit mhór [i]ascaireachta is eadh Caisleán Ó gConaing, i
n-aice Luimnigh. Láimh leis an áit atá Dún Easa.



CO. THIOBRAID ÁRANN.



CLUAN MEALA, TIOBRAID ÁRANN, CAISEAL
MUMHAN, AONACH URMHUMHAN, DÚRLAS ÉILE, CARRAIG
NA SIÚIRE, ROS CRÉ.



Baile maith tráchtála is eadh Cluain Meala. Cuirtear
toradh talmhan agus c., go Portláirge ar bháid ar an Siúir.



Déantar cabhla do mhótair agus do bhusanna ann.



Caiseal (na ríogh) ba é príomh-chathair ríoghdha na Mumhan
é tráth. Ar charraig áird i lár an mhachaire bhreágh do bhí an
dún agus an mhainistir. Deineadh roinnt deisighthe agus
maisighthe ar na fotharacha le déannaighe.



Baintear slinn i n-aice le Carraig na Siúire.



Baile maith margaidh is eadh Tiobraid Árann i lár
Mhachaire na Muman.


L. 28


CÚIGE CONNACHT



I n-iarthar Éireann atá an chúige seo.



Cúig conntaethe atá sa chúige.



Ní'l talamh na cúige seo chomh saidhbhir ná chomh torthamhail
le talamh na gcúigí eile. Tá roinnt mhaith dhe fliuch agus
corraigh agus portacha ann.



Tá iarthar na cúige fiadhain, garbh, sléibhteach acht tá
áilneacht ar leith i leith ag baint leis. Tá áilneacht sa
bhfiadhantas agus san uaigneas.



Tá cuanta breághtha doimhne ann agus failtreacha árda
ag tabhairt fothna dhóibh. Déantar roinnt curadóireachta
agus coimeádtar caoirigh ar an talamh shléibhteach. Soir ó Loch
Coirib agus ó Loch Measc tá talamh mhaith acht tá cuid de
bog fliuch.



Déantar a lán iascaireachta timcheall an chósta agus
is cródha an dream iad iascairí an iarthair. Curacha
is mó a bhíonn aca agus ní bhíonn mairg ar domhan ortha
ag dul amach i bhfairrge chorruighthe ins na báidíní beaga
éadtroma úd. Tá roinnt trálaerí agus bád seoil aca
leis.



CONNTAETHE COIS FAIRRGE-CHEITHRE CINN.



CO. NA GAILLIMHE.



AN GHAILLIMH, BÉAL ÁTHA NA SLUAGH, TUAIM, BAILE
LOCHA RIACH, GORT INSE GUAIRE.



Ní baile gnóthach an Ghaillimh cé go ndéantaí go leor
tráchtála ann tráth. Tá an cuan go h-áluinn agus tagann
longa móra isteach ann anois.



Déantar eadach olna ann, agus baintear marmar


L. 29


glas timcheall na h-áite - marmar go bhfuil an-chaitheamh
i n-a dhiaidh. Déantar ornáidí deasa dhe.



Áit an-deas is eadh Bóthar na Trágha, i n-aice na Gaillimhe.



Sa dúthaigh siar ó Ghaillimh - Connamara - an Ghaedhilg
a labhrann óg is aosta.



Bíonn aontaighe móra beithidheach i mBéal Átha na
Sluagh.



Tá cathaoir árd easbuig i dTuaim.



CO. MHUIGHEO.



CAISLEÁN NA BHARRAIGH, BÉAL AN ÁTHA, CATHAIR
NA MART, BAILE AN RÓDHBA, CILL ALAIDH, BÉAL
EASA.



Baile maith tráchtála is eadh Caisleán an Bharraigh.
Thóg na Franncaigh sealbh ar Chaisleán an Bharraigh agus ar
Bhéal an Átha i mbliadham a 1798.



Déantar a lán iascaireachta i gCathair na Mart
agus gCill Alaidh.



Déantar éadach olna i mBéal Easa.



CO. SHLIGIGH.



SLIGEACH, BAILE AN MHÓTA, TOBAR AN CHOIRE,
CÚIL MHAOILE.



Baile maith tráchtála is eadh Sligeach, agus cuirtear
cuid mhaith toradh talmhan go Learpoll agus go Glascú ó'n áit.



Déantar go leor iascaireachta ann agus tá na
h-iascairi gléasta go maith chuige - idir bhádaibh is eile.


L. 30


CO. LIATHDROMA.



CARA DROMA RÚISC, AN CLUAINÍN, MAOTHAIL,
DRUIM SEAN-BHOTH.



Baintear gual i n-Airgne i n-aice Drom Sean-bhoth
agus tá iarann i Sliabh an Iarainn i n-aice Loch Aillinne.



FÁ'N DTUAITH - CONNTAE AMHÁIN.



CO. ROS COMÁIN



ROS COMÁIN, MAINISTIR NA BÚILE, AILFIONN.



CÚIGE ULADH



i dtuaisceart Éireann atá an chúige seo.



Naoi gconntaethe atá sa chúige. Tá sléibhte árda is
gleannta i n-iarthar na cúige (i nDún na nGall) agus
san oirthear, agus cnuic is cnocáin tríd an gcúige.



Tá déantúisí go leor i gCúige Uladh, go mór mhór san
oirthear.



Tá cuanta móra fairsinge ann.



Na trí conntaethe seo leanas, tá siad ins an Saor
Stát:-



CO. DHÚN NA nGALL (cois fairrge).



LEITHBHEARR, BÉAL ÁTHA SEANAIGH, LEITIR CEANAINN,
DÚN NA nGALL, BUN DOBHRÁIN.



Tá árd-cháil ar éadaighe láimfhighte Dhúin na nGall.


L. 31


Déantar mórán iascaireachta (bradán) ins an Éirne
ag Béal Átha Seanaigh.



Áit dheas cois cuain chun saoire do chaitheamh is eadh Bun
Dobhráin.



Tá fotharacha na mainistreach i n-ar scríobhadh "Annála
Ríoghachta Éireann" (Annála na gCeithre Máighistrí) le
feicsint i nDún na nGall.



CO. MHUINEACHÁIN (fá'n dtuaith).



MUINEACHÁN, CLUAIN EOIS, CARRAIG MHACHAIRE
ROIS, CAISLEÁN MATHGHAMHNACH.



Déantar lása i gCarraig Mhachaire Rois.



Baile ársa is eadh Cluain Eois, agus tá iarsmaí an
tsean-shaoghail ann i bhfuirm sean-eaglaise agus cloigthighe.



CO. AN CHABHÁIN (fá'n dtuaith).



Bailte beaga margaidh iad.



TUAISCEART ÉIREANN
("nó NA Sé Conntaethe").



DOIRE CHOLMCILLE, CÚIL RATHAIN, LÉIM AN
MHADAIDH.



Doire Cholmcille cathair mhaiseamhail timcheall cheithre
mhíle ó'n gcuan. Tá déantús mór leinteacha ann.


L. 32


Déantar longa ann, agus déantar leathar do leasughadh
ann.



Tá fallaí na cathrach go daingean fós cé gur tógadh
iad sa seachtmhadh aois déag acht tá mór-chuid de'n chathair
leath 'smuigh dhíobh anois.



Déantar lín-éadach, léinteacha agus biotáille i gCúil
Rathain.



Déantar lín-éadach i Léim an Mhadaidh.



CO. AONDROMA (cois fairrge).



BÉAL FEIRSTE, CARRAIG FHEARGHUSA, LIOS NA
gCEARRBHACH, AN BAILE MEADHONACH, LATHARNA,
BAILE AN CHLÁIR, BAILE MUINE, AONDRUIM.



Béal Feirste, príomh-chathair Chúige Uladh. Cathair í
do fhás go han-mhear. Níor bronnadh an teideal "cathair"
ar an mbaile go dtí bliadhain a 1888. Déantús long agus
déantús lín-éadaigh is bun leis an dul chun cinn a dhein
Béal Feirste.



Tá árd-cháil ar an lín-éadach a déantar ann agus déantar
na longa is breághtha ar muir ann.



Déantar téadacha agus córdaí de gach saghas ann agus
tá muileann an-mhór chun a ndéanta.



Déantar tobac is biotáille ann leis agus tá muilte
figheadóireachta ann.



Tá cuid de'n chathair i gCo. an Dúin.



Tá áiteanna deasa sa limistéireacht agus is maith le
munntir na cathrach na tráthnóintí breághtha fada Samhraidh
do chaitheamh ionta. Ortha san atá Árd Mhic Nasca,
Beannchor, Domnach Diagh, An Caisleán Nua.



Déantar lín-éadach i Lios na gCearrbhach agus sa mBaile
Meadhonach.



Tá mianach salainn i n-aice le Carraig Fhearghusa.



Déantar páipéar i mBaile an Chláir.


L. 33


CO. AN DÚIN (cois fairrge).



DÚN PÁDRAIG, IUBHAR CHINN TRÁGHA, BAILE ÁRD
ULADH, DROICHEAD NA BANNA, ÁRD MHIC NASCA,
BEANNCHOR, RINN MHIC GIOLLA RUAIDH.



Dún Pádraig, is ann atá uaigh Phádraig Naomhtha.
Tamall beag ó'n áit atá Sabhal, mar ar thóg Naomh Pádraig
a chéad theampall i nÉirinn. Is ann do thosnuigh sé ar
chraobhscaoileadh an Chreidimh do Ghaedhil.



Tá muilte plúir agus lín-éadaigh i n-Iubhar Chinn Trágha
agus déantar eibhear ó Bheanna Boirche do ghléasadh ann.



Déantar lín-éadach i mBaile Árd Uladh agus i nDroichead
na Banna.



Baile deas chun laetheanta saoire do chaitheamh ann cois
cuain is eadh Rinn Mhic Giolla Ruaidh.



CO. ÁRD MHACA (fá'n dtuaith).



ÁRD MACHA, AN LURGA, PORT AN DÚNÁIN.



Árd Macha príomh-chathair na hEaglaise i nÉirinn.



Dhá mhíle ó'n áit a bhí An Eamhain, ionad cómhnuighthe righthe
Uladh.



Déantar lín-éadach i ngach baile dhíobh.



CO. TÍR EOGHAIN (fá'n dtuaith).



AN ÓGHMAIGH, DÚN GHEANAINN, AN SRATH BÁN, CORA
CRÍCHE.



Deantar léinteacha ins An Óghmaigh.



I nDún Gheanainn a bhí dún agus árus cómhnuighthe na
Niallach go dtí teicheadh na nIarla i mbliadhain a 1607.



Déantar lín-éadach ann.



Déantae lín-eadach i gCora Ceiche agus lín-eadach agus
léinteacha sa Srath Bán.


L. 34


CO. FHEAR MANACH (fá'n dtuaith).



INIS CEITHLEANN, LIOS NA SCIACH, BÉAL LEICE.



Baile margaidh is eadh Inis Ceithleann agus é suidhte
go deas ar oileán san Éirne agus droichid ar gach taobh
de treasna na habhann.



Tá ainm mhór ar an gcriadóireacht a dhéantar i mBéal
Leice.



LÍON DAOINE.



Bhí a dhá oiread daoine (nó suas leis) i nÉirinn tráth
agus atá anois.



Timcheall cheithre milliúin is trí chéad míle duine
(4,300,000) atá i nÉirinn fé láthair, agus díobh san timcheall
trí milliúin atá ins an Saor-Stát.



Droch-dhlighthe a chuir chun siubhail muinntear na hÉireann
agus is beag tír sa domhan ná faghtar cuid de chlann na
nGaedheal ann. Is brónach le léigheamh cionus mar scaipeadh
iad.



NA BAILTE IS MÓ DE RÉIR LUCHT ÁITREABHTHA.



Baile Átha Cliath timcheall cheithre chéad míle duine,
Béal Feirste (400,000).



Corcaigh - suas le céad míle duine (100,000).
Luimneach
Doire Cholmcille timcheall dachad míle duine (40,000).



Portláirge - tuairim is naoi míle fichead duine (29,000).



Dún Laoghaire - timcheall fiche míle duine (20,000).



Timcheall dhá mhíle dhéag duine (12,000), nó ós a cionn:-



Gaillimh, Cill Chainnigh, Cluain Meala, Loch Garman,
Sligeach, Iubhar Chinn Trágha, Tráighlí, Droichead Átha.
Dún Dealgan, Lios na gCearrbhach, An Lurga, Port an
Dúnáin.


L. 35


ACHAR.



Isteach is amach le 21,000,000 acra talmhan atá i nÉirinn
uile.



De sin tá timcheall 17,500,000 acra sa Saor-Stát
agus 3,500,000 acra i dTuaisceart Éireann.



Tá breis is leath na talmhan ag tabhairt féir, agus
tuairim is an ceathramhadh cuid fé churadóireacht, agus an
chuid eile fé phortaigh móna, talamh fhliuch, coillte, sléibhte
agus bóithre.



SLÉIBHTE, AIBHNE, AGUS LOCHA



An Roinn Thoir Thuaidh.



Tá raon de shléibhte nó de chlár árd thalmhan i gCo.
Aondroma ó Bhéal Feirste ó thuaidh go dtí an Bheann Mhór
cois fairrge. Trostán an bior is aoirde ar an raon so.



Carraig chruaidh, dhubh ar a dtugtar basalt is mó atá
ins na sleibhte seo.



Is annso ar Shliabh Mis do chaith Naomh Pádraig roinnt
bliadhanta dá óige ag aodhaireacht muc agus caorach.



Taobh thiar de sna sléibhte tá talamh atá leibhéalta go
leor agus lagán mór ann i n-a bhfuil Loch nEachach, an
loch is mó i nÉirinn. Tabhair fé ndeara ar an léar scéil
na haibhne a theigheann isteach i Loch nEachach - An Bhanna
Uachtarach, an Abha mhór. Abha Bhaile an Doire, An Mhang, agus c.



An Bhanna Íochtarach a dhéineann Loch nEachach do
thaoscadh ó thuaidh go fairrge.



Taobh theas de Shléibhte Aondroma tá talamh íseal
agus gabhann An Lagán tríd ó Shliabh Crúb go fairrge i Loch
Laoigh.


L. 36


Sa roinn theas de Cho. an Dúin atá Beanna Boirche agus
Sliabh Domhangairt an bheann is aoirde ortha.



Éirigheann An Righ i mBeanna Boirche agus tugann sí a
haghaidh ó dheas tré Ghleann Righe go Loch Cáirlinne. Tabhair
fé ndeara go bhfuil dhá bhóthar iarainn agus canáil agus
bóthar ag gabháil tríd an ngleann so. 'Sé an bealach mór
ó Chúige Uladh go Cúige Laighean é.



(Tabhair fe ndeara an oiread bailte móra agus bailte
beaga atá i ngleannta na n-abhann so. Tá an talamh go maith,
b'fhurus bóithre agus bóithre iarainn do dhéanamh ann ó
bhaile go baile agus amach go Loch Laoigh mar a bhfuil Béal
Feirsde. Déantús lín éadaigh an obair is mó a bhíonn
ae siubhal ins na bailte seo. Ní'l aon bhailte ar chlár
árd Aontroma acht tá bailte idir é agus fairrge.)



AN tOIRTHEAR.



Thaobh theas de Loch Cáirlinne tá Sléibhte Chuailnge i gCo.
Lughbhaidh, agus tá Sliabh gCuillinn i gCo. Árd Macha.



Dúthaigh shaidhbhir leibhéalta atá as so ó dheas (roinn
de'n Mhaigh Mhóie) go Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Sléibhte
Chill Mantáin.



Amach tríd an dúthaigh seo a ghabhann an Bhóinn. In Uibh
bhFailghe atá a tobar agus soir ó thuaidh tré Cho. mhéith na
Midhe atá a cúrsa go sroiseann sí fairrge ag Inbhear
Colpa, idir an Midhe agus Lughbhaidh. Abha mhall, righin í,
toisc gur tré thalamh chothrom, leibhéalta a ghabhann sí.



Tá seanchus ag baint leis an mBóinn agus ba mhór le
rádh í sa tsean-shaoghal. Bhí daingin is mainistreacha
ar a bruachaibh agus tamall beag slighe uaithe bhí Teamhair
na Ríogh.



Talamh féarach atá timcheall na Bóinne (i gCo. na Midhe)
agus dá bhrígh sin ní'l an líon daoine ann a bheadh ann dá
mbeadh curadóireacht ar siubhal ann.



Tagann Abha Mhór na Midhe adtuaidh ó Cho. an Chabháin go
dtí an Bhóinn i n-aice leis an Uaimh.


L. 37


Sléibhte agus aibhne na hÉireann


L. 38


Tamall slighe ó dheas atá an Life. I Sléibhte Chill Man-
táin atá a tobar agus tré Cho. Chill Dara agus tre Cho.
Bhaile Átha Cliath a dhéineann sí a slighe go sáile i gCuan
Bhaile Átha Cliath.



I Sliabh Cualann a éirigheann Abha Fhear Tíre agus i
nInbhear Dé, láimh le Cill Mantáin a théigheann sí i
bhfairrge. Sin í an abha a choimeádann uisce le cathair
Bhaile Átha Cliath.



Aibhne eile a éirigheann i Sléibhte Chill Mantáin is eadh
An Abha Mhór a théigheann go fairrge san Inbhear Mór,
agus an tSláinge a éirigheann i Log na gCoileach agus
a théigheann ó dheas tré Cheatharlach agus Loch Garman go
sáile i nInbhear Sláinge (Loch Garman).



Tá sléibhte árda, gleannta doimhne, srutha agus srutháin
i gCo. Chill Mantáin. Log na gCoileach an bheann is aoirde
ar na sléibhte.



Baintear an-chuid eibhir i Sléibhte Chill Mantáin.



Bíonn tarraingt mhór daoine go Gleann Dá Loch san
Samhradh. Gleann aoibhinn é i n-a raibh mainistir agus scoil
ag Naomh Caoimhghin fadó.



Siar ó'n tSláinge agus idir í agus an Bhearbha atá raon
de shléibhte ar a dtugtar An Staighre Dubh. Suidhe Laighean
an bheann is aoirde ar na sléibhte sin.



AN DEISCEART.



Tabhair fé ndeara gur soir, siar a ritheann sléibhte
na Mumhan. Táid ó oirthear Phortláirge siar go
fairrge. Tabhair fé ndeara leis, an bhaint atá aca le faid
cuid de sna haibhnibh.



Sean ruadh-chloch ghainmhe atá i sléibhte na Mumhan.



I gCo. Phortláirge tá Sléibhte an Chomaraigh agus siar
uatha Sliabh gCua agus Cnoc Maol Domhnaigh.



Cnoc an Aifrinn an bheann is aoirde ar na Comaraigh,
agus Cnoc Maol Domhnaigh ar Shléibhte Maol Domhnaigh.


L. 39


Taobh thuaidh de sna Comaraigh agus soir uatha atá gleann
na Siúire, agus talamh mhaith mhéith ann. I mBearnán Éile
a éirigheann an tSiúir agus ó dheas tré Cho. Thiobraid Árann
a thugann sí a h-aghaidh go mbuaileann sí le Cnoc Maol
Domhnaigh mar a gcasann sí ó thuaidh agus annsan
iompuigheann sí soir go Loch Dá Chaoch.



Taobh thuaidh dí sa roinn thoir theas de Thiobraid Árann atá
Sliabh na mBan.



Abha eile a théigheann isteach i Loch Dá Chaoch is eadh an
Bhearbha. Éirigheann sí i Sliabh Bladhma, iompuigheann
sí ó thuaidh agus annsan soir agus ó dheas go meascann sí
leis an tSiúir ag Loch Dá Chaoch. Beireann sí uisce léi
ó Mhóin Almhan. Abha mhall leadránach i toisc gan
aon fhána bheith léi.



Éirigheann an Fheoir i mBeárnán Éile tamall beag slighe
ó thobarna Siúire agus soir ó dheas a ghabhann sí go meascann
sí leis an mBearbha láim[h] le Ros Mhic Treoin.



Cumar na dTrí nUisce tugtar ar mheascadh na dtrí
n-abhann so - an tSiúir, an Fheoir agus an Bhearbha.
Bealaigh an-oireamhnacha ó Phortláirge isteach go meadhon
tíre is eadh gleannta na n-abhann so, agus tabhair fé ndeara
ar an léar-scáil na bóithre iarainn agus na bailte atá
ionta.



Sa roinn thiar theas de Thiobraid Árann tá Sléibhte na
nGailte. Sliabh gCrot an bheann is aoirde ortha.



I gCorcaigh tá Sléibhte an Nóglaigh agus Sléibhte an
Bhagraigh, in-a sreatha soir, siar.



Taobh thuaidh de sna sléibhte seo tá gleann na hAbhann
Móire. I sléibhte Chiarraighe atá a tobar agus soir tré
ghleann aoibhinn go Ceapach Chuinn atá a cúrsa agus as san
ó dheas go Cuan Eochaille.



Abha an-áluinn is eadh í, go mór-mhór ó Cheapach Chuinn go
hEochaill mar a bhfuil crainn agus coillte ar a bruachaibh.



I n-iarthar Chorcaighe, láimh le Gúgán Barra, a éirigheann


L. 40


an Laoi agus soir a thugann sí a h-aghaidh agus ó dheas go
Cuan Chorcaighe.



In iarthar Chorcaighe is eadh éirigheann an Bhannda agus soir
agus ó dheas atá a cúrsa go Cuan Chinn tSáile.



(Tabhair fé ndeara cúrsa na dtrí n-abhann so - soir
agus ó dheas - an casadh céadna ó dheas ins na trí cinn aca.
Na sreatha sliabh soir, siar is bun le cúrsa na n-abhann,
acht scoilt nó locht sa charraig is bun leis an ngear-
iompódh ó dheas a thugaid i ndeire a gcúrsa. Tabhair
fe ndeara leis go bhfuil bóthar iarainn i n-aice le gach
ceann aca mar bealaigh nádúrtha soir, siar tríd an Mumhain
is eadh an gleannta.)



AN ROINN THIAR THEAS.



Trí sreatha sliabh atá i gCiarraighe agus iad deighilte
go maith ó n-a chéile. Bágh an Daingin agus Inbhear Scéine
atá eatortha.



Sean ruadh-chloch ghainmhe atá ins na sléibhte, agus mar a
bhfuil na cuanta anois cloch aoil a bhí ann. Ghéill an chloch-aoil
do'n uisce agus do'n aimsir agus sin mar deineadh na
cuanta fada doim[h]ne úd. Is amhlaidh báthadh an talamh.
Is iad cruacha Chiarraighe na sléibhte is aoirde i nÉirinn.



Sa roinn mheadhoin idir Inbhear Scéine agus Bágh an
Daingin atá na Cruacha Dubha, agus ortha so atá Corrán
Tuathail - an sliabh is aoirde i nÉirinn - é 3,414 troigh
ós cionn leibhéala na mara.



Ó dheas ó Loch Léin atá an Mhangarta, í 2,750 troigh ar
aoirde.



Na sléibhte thuaidh, idir Bhágh an Daingin agus Loch
Foirdhreamhain atá siad, agus Cnoc Bréanainn an bheann
is aoirde ortha, é 3,127 troigh ar aoirde.



Na sléibhte theas, idir Inbhear Scéine agus Cuan Baoi.
Cnoc Buidhe (2,320 troigh) an bheann is aoirde ortha.



Annso, láimh leis na Cruacha Dubha atá Loch Léin i ndúthaigh


L. 41


aoibhinn go bhfuil trácht ar a h-áilneacht i mbaile agus i
gcéin.



An Leamhain a bheireann uisce Locha Léin siar go fairrge
i mBágh na Daingin.



AN tIARTHAR.
Tá iarthar Chúige Chonnacht an-gharbh, an-shléibhteach.



Sroisid Sléibhte Chonnamara ó Chuan na Gaillimhe ó thuaidh
go dtí an Caolsháile. Na beanna is aoirde ortha, Beanna
Beola agus Mám Torc.



Idir an Caolsháile agus Cuan Modh atá Sléibhte Mhuirisce.
An Maol Riabhach agus Cruach Pádraig na beanna is aoirde
ortha. Do chaith Pádraig Naomhtha tréimhse ar Chruach Pádraig.
Tugtar turas go bárr an chnuic uair sa mbliadhain chun
Aifreann d'éisteacht ann agus onóir a thabhairt do Naomh
Pádraig.



Ó thuaidh ó Chuan Modh atá Sliabh Néifinn agus Néifinn
Bheag i n-iarthar Mhuigheo.



Sroiseann cloch-aoil na Maghab siar go Loch Lurgan agus
go Cuan Modh agus sin é an fáth gur ghéill an talamh ionta
do lascadh na dtonn. Carraigeacha cruadha atá ins na
cinn-tíre agus na h-oileáin agus sin é an fáth nár ghéilleadar.



Soir ó shléibhte an iarthair tá talamh leibhéalta agus trí
locha móra ann.



Tá Loch Coirib i nGaillimh, agus ó thuaidh uaidh Loch Measc
i Muigheo. Tá sruth fé thalamh idir an dá loch. Abha bheag
(an Choirib) a bheireann uisce ó'n dá loch go Cuan na
Gaillimhe.



I dtuaisceart Mhuigheo atá Loch Con agus an Mhuaidh
a bheireann uisce an locha san go Cuan Chill Alaidh. I
Sliabh Gamh i gCo. Shligigh atá tobar na Muaidhe.



Talamh íseal, agus an-chuid corrach ann atá soir ó sna


L. 42


locha so. Tá fána beag siar le cuid de go dtí na locha
agus fána soir le n-a thuille dhe go Sionainn - an abha
is mó i nÉirinn.



I Sliabh Cailceach i gCo. an Chabháin atá tobar na Sionna.
Log na Sionna tugtar ar an tobar, agus tá sé dhá mhíle
troigh ós cionn leibhéala na mara. Tá fána mór leis an
abhainn go sroiseann sí Loch Ailinne, dhá mhíle dhéag
slighe ó n-a tobar. Ní'l an loch so acht timcheall céad
go leith troigh ós cionn mara. As so amach abha mhall, réidh
is eadh í ag snámh is ag sníomh ó dheas tríd an machaire
mhór dí.



Is iomdha loch ar an Sionainn, acht Loch Ailinne, Loch
Ríbh agus Loch Deirg-Dheirc na cinn is mó dhíobh.



Tar éis Loch Deirg-Dheirc do fhágaint dí, amach tré
bheárnain idir Sliabh Beárnach i gCo. An Chláir agus Sliabh
Ára agus Sléibhte an Airgid i dTiobraid Árann a ghabhann
sí ó dheas go Luimneach. Is ar an roinn seo de'n abhainn
atá oibreacha na h-aibhléise, agus ag Árd na Croise
in-aice Luimnigh atá na h-innill a bhaineann leis an ngnó.



Loch Luimnigh tugtar ar an Sionainn ó Luimneach go
fairrge, é sa mbeárnain mhóir atá idir Sléibhte Chiarraighe
agus Sléibhte Chonnamara, agus bealach breágh uisce ag
dul i bhfad isteach sa tír é.



Faid na Sionna ó thobar go fairrge 224 míle.



Tabhair fé ndeara anois an t-achar mór talmhan ó n-a
mbeireann an tSionann uisce. Tagann srutha agus aibhne
go leor chuichi ó'n taobh thiar agus ó'n taobh thoir ar a gabháil
tríd an maigh dhí.



De sna h-aibhne a bheireann uisce chuichi sid iad na cinn
is mó:-



Ó thaobh na Láimhe Deise -



An Suca ó Cho. na Gaillimhe agus an Fhorgus ó Cho. an
Chláir.


L. 43


Ó Thaobh na Láimhe Clé -



An Eithne, a thaoscann Loch Síleann, Loch Dairbhreach agus
locha beaga eile i gCo. na hIar-Mhidhe.



An Bhrosnach ó'n Iar-Mhidhe, taoscann sí Loch Uair agus
Loch Ainninne agus locha beaga eile.



Trí aibhne a thagann chuichi ó shléibhte na Mumhan is eadh
an Mháigh, an Daoil agus an Fhéil.



AN ROINN THIAR THUAIDH.



Sreatha de shléibhte agus gleannta eatortha atá i nDún
na nGall agus cloch eibhir agus cloch theine na carraigeacha
is coitchianta ionta. An Chruach Ghorm agus Airgeal na
beanna is aoirde ar Shléibhte Dhún na nGall.



Soir uatha i dTír Eoghain agus i nDoire atá na Speiríní
agus Samhal an bheann is aoirde ortha. Idir na sléibhte
seo agus Sléibhte Dhún na nGall tá gleann an Fheabail.
Dhá abhainn - an Finn ó Thír Chonaill agus an Mhodharn ó
Thír Eoghain - a mheascann le chéile idir Leithbhearr agus an
Srath Bán, a dhéineann an Feabhal agus i Loch Feabhail a
théigheann sí i sáile.



Do bhris an fhairrge isteach go trom taobh theas de
Shléibte Dhún na nGall (Cuan na nGall), mar cloch aoil
atá ann agus soir ó dheas tré lagán na hÉirne.



I Loch Gamhna i gCo. Longphuirt atá tobar na hÉirne.
Gabhann sí ó thuaidh tré Cho. an Chabháin mar a ndéineann sí
Loch Uachtair, agus siar ó thuaidh tré Cho. Fhear Monach
mar a leathnuigheann sí amach i dhá loch. Loch Éirne Uachtarach
agus Loch Éirne Iochtarach. I gCuan na nGall a théigheann
sí i bhfairrge.



NA CANÁILTE.



Ó Bhaile Átha Cliath siar go Béal Átha na Sluagh atá an
Chanáil Mhór agus géag uaithe ó dheas go Baile Átha hÍ


L. 44


mar a dtéigheann sí isteach sa mBearbha. Ritheann Canáil
na Midhe ó Shionainn go Baile Átha Cliath tré Cho. Long-
phuirt, Co. na h-Iar-Mhidhe, Co. Chill Dara agus Co.
Bhaile Átha Cliath.



Ó Loch nEachach go Loch Éirne atá Canáil Uladh, agus ó
Bhéal Feirste go Loch nEachach atá Canáil an Lagáin.



(Canáilte eile i gCúige Uladh is féidir stuidéar a
dhéanamh ortha ar an léar-scáil.)



NA BÓITHRE IARAINN.



Bóithre iarainn an Deiscirt tugtar ar an dá bhóthar
a théigheann ó dheas agus ar an mbóthar a théigheann siar go
Gaillimh ó Bhaile Átha Cliath:-



An bóthar iarainn ó Dhroichead an Ríogh i mBaile Átha
Cliath go Corcaigh agus go Cóbh agus na géaga a bhaineas leis
go Luimneach Tráighlí agus Portláirge.



An bóthar iarainn ó Shráid Fearchair agus ó Raedh na
nIartharach i mBaile Átha Cliath go Loch Garman agus as san
go Portláirge.



An bóthar iarainn ó Stáisiún na Cloiche Leithne siar go
Gaillimh agus go Sligeach.



Bóthar iarainn an Tuaiscirt tugtar ar an mbóthar
a théigheann ó thuaidh go Béal Feirste agus tuaisceart
Éireann.



(Scrúduigh an léar-scáil agus breathnuigh na bailte móra
trí n-a ngabhann na bóithre iarainn seo. Breathnuigh a
ngéaga agus na bailte a ngabhann siad tríotha. Ba
cheart clár-ama na mbóthar iarainn do scrúdughadh
agus a bheith i ndán ceisteanna de'n tsaghas so do fhreagairt
uaidh:-



Traen na maidne go Corcaigh, cathoin a fhágann sí Droichead
an Ríogh i mBaile Átha Cliath?



Cathoin a shroiseann sí Corcaigh?



Cá ndéanfá athrughadh traenach dá mbeadh ort dul go
Cill Áirne agus c.?)


L. 45


CUANTA



AR AN OIRTHEAR.



An Cuan Ruadh agus Loch Ollarbha i gCo. Aondroma.



Loch Laoigh idir Co. Aondroma agus Co. an Dúin.



Loch Cuan agus Loch Rudhraighe i gCo. an Dúin.



Loch Cáirlinne idir Co. an Dúin agus Co. Lughbhaidh.



Cuan an tSráidbhaile i gCo. Lughbhaidh.



Cuan Bhaile Átha Cliath i gCo. Bhaile Átha Cliath.



Inbhear Sláinge (Loch Garman). I gCo. Loch Garman.



AR AN DEISCEART.



Loch Dá Chaoch idir Co. Loch Garman agus Co. Phortláirge.



Cuan na Trágha Móire agus Cuan Dhún Garbhán i gCo.
Phortláirge.



Cuan Eochaille idir Co. Phortláirge agus Co. Chorcaighe.



Cuan Chorcaighe, Cuan Chinn tSáile, Cuan Chlanna Chaoilte.
Cuan Dhún Maoghnuis agus Cuan Baoi i gCo. Chorcaighe.



AR AN IARTHAR.



Inbhear Scéine idir Co. Chorcaighe augs Co Chiarraighe.



Cuan Dairbhre (Cuan Bhéil-ínse) Bágh an Daingin agus loch
Foirdhreamhain i gCo. Chiarraighe.



Loch Luimnigh (Béal na Sionna) idir Co. Chiarraighe agus
Co. An Chláir.



Loch Lurgan (Cuan na Gaillimhe) idir Co. an Chláir agus
Co. na Gaillimhe.



Cuan Modh, Cuan an Fhoid Dhuibh agus Cuan an Inbir
Mhóir i gCo. Mhuigheo.



Cuan Chill Alaidh idir Co. Mhuigheo agus Co. Sligigh.



Cuan na nGall taobh theas de Dhún na nGall.


L. 46


AR AN TUAISCEART.



Cuan na Long agus Loch Súilighe i gCo. Dhún na nGall.



Loch Feabhail idir Co. Dhún na nGall agus Co. Dhoire.



NA hOILEÁIN



AR AN OIRTHEAR.



Inse Beagna taobh thoir thuaidh de Cho. an Dúin.



Reachra Bhreágh agus Inis Faithleann taobh thoir de Bhaile
Átha Cliath. Bhí mainistir ar Reachra Bhreágh fadó.



Carraig an Tuscair taobh thoir theas de Loch Garman.
Tá teach-soluis ar an oileán san.



Oileáin bheaga iad go léir.



AR AN DEISCEART.



Oileáin an tSáile, ó dheas ó Loch Garman.



Inis Piocht (Spíc) i gCuan Chorcaighe. Bhíodh príosún
ar an oiléan san ag na Sasanaigh tráth.



Oileán Cléire taobh theas de Cho. Chorcaighe.



Siar ó dheas ó Oileán Cléire tá an Charraig Aonair ar
a bhfuil teach-soluis.



Oileán Béara agus faoide i gCuan Baoi.



AR AN IARTHAR.



Inis Baoi Bhéara, Oileán Dairbhre agus na Bloscaodaí
taobh thiar de Chiarraighe.



Oileáin Árann, siar amach ó Chuan na Gaillimhe. Trí
oileáin atá ann - Inis Mór, Inis Meadhoin augs Inis
Thiar. Tá iarsmaí an tsean-shaoghail go fairsing i nÁrainn
fós. Ta an Ghaedhilg ann chomh beo agus a bhí na céadta


L. 47


bliadhain ó shoin. Ta fotharacha na sean-teampall, na sean-
mhainistreach, agus na sean-scoileanna ann.



Acaill, Cliara, Inis Torc, Inis Bó finne, Inis Airc
taobh thiar de Mhuigheo.



Acaill an t-oileán is mó ar chósta na hÉireann. Tá
sé chomh gairid sin do'n chósta go bhfuil droichead treasna
an chaoluisce chuige.



Ára Mhór (thuaidh) taobh thiar de Dhún na ngall.



AR AN TUAISCEART.



Torach taobh thuaidh de Dhún na nGall. Ta cloigtheach
agus fotharacha teampaill ar an oileán so.



Inis Trágha Thall ó thuaidh ó Inis Eoghain.



Oileán Reachrann (Rachla) taobh thuaidh de Cho. Aontroma.



(Chuir manaigh fútha ar a lán de sna h-oileáin fadó,
go mór-mhór ar an iarthar, agus tá fotharacha na sean
teampall le feicsint ortha fós.)



Ta oileáin bheaga ghlasa i mórán de locha na hÉireann
agus fotharacha mainistreach ar chuid aca.



CINN TÍRE



AR AN OIRTHEAR.



Ceann Beara i gCo. an Dúin, ar rinn talmhan is sia
soir i nÉirinn.



Beann Éadar i mBaile Átha Cliath. Ó Bheinn Éadair
go Ceann Léime i nGaillimh a tomhaistear leithead na
hÉireann.



Ceann Brí agus Árd an Aodhaire i gCo. Chill Mantáin.



Rinn na Cathaoire i gCo. Loch Garman.


L. 48


AR AN DEISCEART.



Rinn an Chairn agus Rinn Dubháin i gCo. Loch Garman.
Tá teach-soluis ar Rinn Dubháin ag Beál Locha Dá Chaoch.



Ceann hEilbhic i bPortláirge.



Dún Cearmna augs Carn Uí Néid i gCorcaigh. Ó Charn Ui
Néid go dtí an Bheann Mhór i gCo. Aontroma a tomhaistear
faid na hÉireann.



Ceann Cléire i n-Oileán Cléire.



AR AN IARTHAR.



Ceann Breagh, i n-iarthar Oileáin Dairbhre.



An Dún Mór, i gCorca Dhuibhne an ceann tíre is sia
siar de thalamh na hÉireann.



Ceann Chiarraighe taobh theas de Bhéal na Sionna agus
Ceann Léime taobh thuaidh de.



(Breathnuigh ar an léar-scáil agus tabhair fé ndeara
na reanna talmhan agus na cinn tíre i gCiarraighe. Tá
mórán aca ann, agus sean-ruadh-chloch gainmhe atá ionta
agus sin é an fáth nár ghéilleadar do'n aimsir ná do
lascadh na dtonn. Cloch aoil a bhí mar a bhfuil na cuanta
anois.)



Ceann Caillighe agus Ceann Bóirne i gCo. an Chláir.



Ceann Léime i gCo. na Gaillimhe, agus teach-soluis
air. Ó Cheann léime go Beinn Éadair a thomhaistear
leithead na hÉireann.



Ceann Acla i nAcaill.



Ceann Iorruis (ar a bhfuil teach-soluis) agus Dún
Pádraig i gCo. Mhuigheo.



Ceann Eoghain agus Cnoc Fola taobh thiar de Dhún na
nGall.


L. 49


AR AN TUAISCEART.



An Mhallainn i nInis Eoghain, ar rinn talmhan is sia ó
thuaidh i nÉirinn.



Beann Gabhar agus An Bheann Mhór i gCo. Aondroma.
Ó'n mBeinn Mhóir go Carn Uí Néid i gCorcaigh a tomhaistear
faid an hÉireann.



Clochán na bhFomorach: Ar chósta thuaidh Aondroma
atá Clochán na bhFomorach agus is iongantach an radharc
é. Colamhna carraige, agus sé éadan ar gach colamhan aca
agus iad táithte ar a chéile, atá sa Chlochan. Lábha an charraig
atá ionta agus ag fuaradh do'n lábha do scoilt se i n-a
cholamhnaibh fé mar a scoilteann slab fé theas na gréine
uaireannta.



MIANAIGHE AGUS CAIRÉIL



Cé go bhfuil gual le fagháil i n-áiteanna i nÉirinn ní
móran de a baintear. Ó thíortha eile a gheibhimíd urmhór
mór d'ár gcuid guail. Tagann sé ó'n nGearmáin agus ó
áiteanna eile i dTír na hEorpa agus ó Shasana chugainn.



(I n-áiteanna mar a mbíonn cloch-aoil thíos fé thalamh
a gheibhtear gual. Tá cloch-aoil go fairsing ar fuaid
na hÉireann agus deirtear go raibh gual anuas air tráth
acht i n-áit a chéile gur scuab an doineann agus an
aimsear chun siubhail é, acht amháín i bpaistí annso agus
annsúd.)



Tá gual le fagháil ins na h-áiteanna so: -



I n-aice le Caisleán an Chumair i gCill Chainnigh. Gual
gan lasair an gual so.


L. 50


I nAirgne i n-aice le loch Ailinne gheibhtear gual an-mhaith.



I dTír Eoghain siar ó Loch nEachach.



I gCo. Aondroma i n-aice Bhaile An Chaisleáin.



I gCorcaigh thiar thuaidh, agus i n-áiteanna eile.



Tá mianach iarainn le fagháil: -



I gCo. Aontroma, i n-aice le Gleann Arma.



I dTír Eoghain i n-aice le Cora Críche.



I Sliabh an Iarainn i n-aice le loch Ailinne.



I nDún na nGall agus i Laoighis agus i n-áiteanna eile.



Mianaighe eile atá le fagháil: -



Copar - i gCorcaigh, i bPortláirge agus i gCill Mantáin.



Airgead agus Luaidh - i gCill Mantáin, i Sléibhte An
Airgid i dTiobraid Árann, agus i gCo. Mhuineacháin.



Ór - i gCill Mantáin.



Ailimín- i n-aice le Latharna agus i n-áiteanna eile i
gCúige Uladh.



Slinn - i gCill Dá Lua, Carraig na Siúire, Cill Chainnigh,
Clanna Chaoilte agus ar Oileán Dairbhre. Baintear Leacacha
de chloich-ghainmhe i gCill Chainnigh.



Marmar - i nGaillimh, Cill Chainnigh, Dún na nGall
agus i gCorcaigh.



Cloch eibhir - i nGaillimh, Muigheo, Cill Mantáin, Dún
na nGall, Co. an Dúin, agus i mBaile Átha Cliath.



Salann - i gCarraig Fhearghusa.



Gheibhtear cloch-aoil go fairsing i mórán áiteanna.


L. 51


TRÁCHTÁIL AGUS DÉANTÚISÍ



Saothrughadh na talmhan an obair is treise agus is
tairbhighe i nÉirinn. Tugann an talamh barraí maithe
agus chothóchadh toradh na talmhan i bhfad níos mó daoine
ná mar atá i nÉirinn anois da ndéantaí an talamh do
shaothrughadh.



Tagann earraí isteach chugainn ó thíortha eile go mba
cheart ná beadh aon ghábhadh leo - cuir i gcás cruithneacht,
eorna, coirce, siúicre, im, plúr agus mórán neithe eile.



Cuirtear beithidhigh agus toradh talmhan go dtí an
Bhreatain Mhór agus tá an teacht isteach ó churadóireacht
agus ó bheithidhigh i bhfad níos mó ná mar ata ó aon obair
ná aon ghnó eile i nÉirinn.



Acht 'n-a dhiaidh sin tagann feoil isteach chugainn.
Cuirtear bagún na hÉireann (an bagún is feárr sa domhan)
go tíortha eile acht tá bagún bog, mí-bhlasta ag teacht
chugainn ó thíortha eile. Tagann feoil reoidhte isteach
chugann freisin. Acht tá cosc á chur leis sin anois agus
má's maith is mithid.



OBAIR NA nDAOINE.



Tá isteach is amach le leath lucht oibre na hÉireann ag
gabhailt do shaothrughadh na talmhan.



Bíonn níos mó congnaimh ag teastáil mar a ndéantar
curadóireacht agus mar a gcoimeádtar ba bainne (chun
iad do chrúdhadh agus chun im is cáise, agus c., do dhéanamh)
ná mar a bhíonn mar a ndéantar beithidhigh do thógaint agus
do reamhrughadh.



An talamh féarach mar a mbíonn cloch-aoil bíonn se go
han-mhaith do bheithidhigh. Déanann an t-aol an cnámh. Sin é


L. 52


an fáth an oiread san beithidheach a bheith ar thalamh mhéith
na Midhe. Rud eile, tá an áit sin comhgarach do Bhaile
Átha Cliath agus do Dhroichead Átha chun na beithidhigh
reamhra do chur thar sáile.



Cuirtear beithidhigh thar sáile ó Chorcaigh, Portláirge.
Béal Feirste, Doire, agus ó áiteanna eile leis.



Is mór an áit ime Corcaigh, agus Luimneach, Tiobraid
Árann agus tuaisceart Chiarraighe. Tá an talamh go maith
i sna háiteanna san agus fothain ag mórán de ó'n ngaoith
adtuaidh, agus bíonn a thoradh san ar na buaibh bainne.



Bíonn mór-chuid tráchtála i n-im ar Mhargadh an Ime
i gCorcaigh.



I dtaobh curadóireachta, tá áiteanna a oireann do
bharraí áirithe níos feárr na a chéile.



Fásann cruithneacht agus eorna go maith i n-oirthear
agus i ndeisceart na hÉireann.



Co. Corcaighe, Co. Loch Garman agus Co. an Dúin na
conntaethe is feárr a thugann cruithneacht. Tá an talamh
ionta oireamhnach dí, ní bhíonn breis fearthanna ionta agus,
dá bhrígh sin, bíonn grian a dóthain ag an gcruithneacht
chun í d' aibiughadh. Bhíodh i bhfad níos mó cruithneachta
i nÉirinn tráth ná mar a bhíonn anois, acht táthar ag déanamh
iarracht ar shaothrughadh cruithneachta do bhrostughadh.



An ithir agus an aoráid chéadna a oireann d'eornain.
Déantar mór-chuid eornan d'úsáid chun leann is biotáille
do dhéanamh.



Áit mhór eornan is eadh Co. Loch Garman, mar tá an
talamh ann an-oireamhnach dí. I n-ionad min bhuidhe do
cheannach agus a thabhairt do mhuca, deintear iad do ream-
rughadh ar eornain i gCo. Loch Garman.



Conntaethe eile a thugann barraí breághtha eornan is
eadh Co. Thiobraid Árann, Co. Ua bhFáilghe, Co. Laoighis,
Co. Chill Chainnigh agus Co. Chorcaighe.



Tá biadh do'n duine agus do'n bheithidheach i gcoirce


L. 53


agus fásann coirce go maith i ngach aon chonntae i nÉirinn.
Cuirtear an-chuid coirce i dtuaisceart Éireann, níos
mó ná mar a bhíonn ó sna daoine, agus cuirtear an bhreis
thar lear.



Fásann prátaí go maith i ngach aon roinn de'n tír.
Bheadh an scéal go dona againn dá dteipeadh ortha mar is
ar an bpráta is mó a mhaireann muinntear na tuaithe.
Nuair a theip ar na prátaí i mbliadhain a 1845 agus 1846 bhí
gorta sa tír.



Biatas: i gCo. Cheatharlach, Co. Loch Garman, Co.
Thiobraid Árann, Co. Laoighise agus Co. Chill Dara is
treise an biatas mar tá siad san cómhgarach do Cheatharlach
mar a bhfuil monarcha siúicre, agus is as an mbiatas a
déantar an siúicre.



Bhíodh líon ag fás ar fuaid na hÉireann uile tráth acht
is fíor-bheag de anois leath is 'muigh de'n tuaisceart.
Ta aoráid na hÉireann an-oireamhnach do. Teastuigheann
ithir an-shaidhbhir uaidh mar bíonn sé an-dhian ar an talamh.
Is beag baile sa roinn thoir thuaidh d'Éirinn ná fuil déantús
lín-éadaigh ar siubhal ann acht tugtar mórán de'n líon ó
thíorthaibh eile ann anois.



Tobac: fásann tobac go maith i gCo. Loch Garman agus
i gCo. na Midhe. Earradh is eadh tobac go bhfuil cáin an-
throm ar na duilleóga ag teacht isteach sa tír. An tobac
a saothruightear annso tá se saor ó'n gcáinsin. Tá
iarracht a dhéanamh anois ar shaothrughadh tobac do leath-
nughadh.



Seo cuid de dhéantúisí na hÉireann
agus na háiteanna i n-a ndéantar iad.
Seo cómhartha a bhíonn ortha á thais-
beáint gur de dhéantús na hÉireann
iad: -


L. 54


Éadach olna - i gCorcaigh (An Bhlárna Dubhghlas agus
ar an Druibsigh), Béal Átha Luain, An Uaim, Cill Chainnigh,
Baile Átha Cliath, Leamhcán i n-aice le Cathair Bhaile Átha
Cliath, An Ghaillimh, Béal Easa (i gCo. Mhuigheo), Cill Mhic
Thomáis Fhinn, agus i gConnamara, i nDún na nGall, i Muigheo
agus i n-áiteanna eile.



Lín-éadach - Sa roinn thoir thuaidh de Chúige Uladh is
eadh déantar urmhór de lín-éadach na hÉireann. Is
beag baile ann ná fuil an obair seo ar siubhal ann.
Déantar e i nDún Dealgan, Droichead Átha agus Baile
Átha Cliath leis.



Léinteacha agus Bónaí - Doire Cholmcille, Cúl Rathain,
Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Sligeach agus áiteanna eile.



Lása - Luimneach, Eochaill, Ceann tSáile, An Neidin,
Ros Mhic Treoin, Carraig Machaire Ruis, Móinte Mílic.



Poiplín - Baile Átha Cliath.



Coinnle - Baile Átha Cliath, Corcaigh, Béal Feirste,
Domhnach Mór.



Gallúnach - Baile Átha Cliath, Corcaigh, Béal Feirste.



Úirlisí talmhan do shaothrughadh - Loch Garman, Corcaigh
(tarracthóirí), Baile Átha Cliath.



Longa - Béal Feirste, Doire Cholmcille, Baile Átha
Cliath, agus déantar iad do dheisiughadh ag An gCóbh i gCuan
Chorcaighe.



Bróga - Baile Átha Cliath, Corcaigh, Portláirge
Ceatharlach agus áiteanna eile.



Tobac - Baile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, Dún
Dealgan, Béal Feirste agus áiteanna eile.



Déantar bagún do leasughadh i Luimneach, Corcaigh
Portláirge, Tráighlí, Baile Átha Cliath, Béal Feirste augs
i n-áiteanna eile.



Déantar go leor iascaireachta ins na cuanta agus sa
bhfairrge timcheall na hÉireann, agus ins na locha agus
na h-aibhne.


L. 55


Seo iad na h-éisc is mó a marbhuightear: - Colamóirí,
Langaí, truisc, scadáin, macraeil, codóga, cnúdáin,
bradáin, bric, eascoin, agus gheibhtear gliomaigh, portáin,
oisrí, píotáin, agus c., timcheall na gcóstaí.



ROINNT BHEAG SEANCHUIS



AIMSEAR NA PÁGÁNACHTA.



Tá deifir mhór idir chruth na tíre anois agus a cruth
fadó.



Bhí na sléibhte agus na gleannta agus na h-aibhne agus
na locha ann gan amhras fé mar atáid anois, acht 'sé is
dóichighe go raibh na locha ar an maigh ní ba mhó augs slogairí
timcheall ortha, agus biorach is seisc ag fás go borb ar
na riasca.



Bhí Éire beagnach clúduighthe le coillte tráth acht is í
an tír is luime fé chrannaibh í anois de thíorthaibh na hEorpa.



Na Tighthe: De chleatha agus de dhóib a déantaí na
tighthe agus iad ar dhéanamh na corcóige. Bhíodh fallaí
dóibh, agus dígreacha timcheall ar chuid de sna tighthe
mar chosaint ortha.



Tá na tighthe sin go léir imthighthe, nídh nach iongna, acht
tá a rian le feicsint i ngo leor áiteanna fós, agus i n-a
fhochair sin inniseann na háit-ainmneacha dhúinn cá rabhadar.
Dún, ráth, caiseal, cathair, lios, agus mar sin de, tugtaí
ar na háruisíbh móra. Cuir i gcás Dún Garbhán, Rath
Droma, Caiseal Mumhan, Cathair Saidhbhín, Lios Tuathail, agus c.



Bhí slighe eile chun na tighthe do chosaint seachas fallaí
agus dígreacha. Thógaidís ar oileánaibh beaga ins na lochaibh
iad - oileáin a dhéinidís féin d'aon ghnó chun na tighthe do
thógaint ortha. Crannóga tugtaí ortha san. Is minic a


L. 56


gheibhtear iad, nó a rian, ins na lochaibh agus ins na corraigh
mar a raibh locha fadó.



Tighthe Ósta: Tighthe ba eadh iad san i n-a bhfaghadh
lucht taistil iostas, agus brugha tugtaí ortha. Bhíodar
i ngo leor áiteanna de'n tír mar a chuireann na sean-
ainmneacha i n-úil dúinn, cuir i gcás Brugh Ríogh, Bóthar
na Bruighne, agus c.



Ionaid adhlaicthe: Dhéantaí na mairbh do chur fé mar
déantar anois, acht ba mhinic a cuirtí ríghthe agus laochra
i n-a seasamh agus a n-éide catha ortha, agus ba mhinic a
cuirtí carn cloch os cionn an h-uaighe. Tá na cáirne sin
le feicsint fós ar chuid de sna cnocaibh.



Uaireanta dhéantaí na cuirp do dhóghadh agus cuirtí
an luaithreach i dtaisceadán fé thalamh agus leac
anuas air. Ta na leacacha san le feicsint fós i n-áiteannaibh.



TEACHT AN CHREIDIMH



MAINISTREACHA AGUS SCOILEANN.



Nuair a thug Naomh Pádraig an creideamh go hÉirinn
tosnuigheadh ar mhainistreacha agus scoileanna do thógaint.
Tógadh cuid díobh d'adhmad acht tá siad san imthighthe ar
fad. Tógadh a thuille dhíobh de chlochaibh agus tá cuid de
sna fotharacha le feicsint i ngo leor áiteanna fós.
Bhíodar i ngach roinn de'n tír agus ar na h-oileánaibh.
Bhí ainm an léighinn agus na foghluma agus na diadhachta
ar mhuinntir na hÉireann. Sa séamhadh aois chuireadar
sagairt is bráithre go dtí an Bhreatain Mhór chun an
Soiscéal do chraobhscaoileadh ann, agus sa seachtmhadh
agus sa h-ochtmhadh aois chuadar go dtí an Fhrainnc, an Iodáil,
an Ghearmáin agus chomh fada ó thuaidh le hInis Tuile.
Ní h-aon iongna gur tugadh Oileán na Naomh agus na
n-Ollamh ar Éirinn an tráth úd.


L. 57


Ar feadh breis agus trí chéad bliadhain (ó theacht
Phádraig go teacht na nDanar) bhí síothchain i nÉirinn.
Do leathnuigh an Creideamh agus chuaidh leigheann agus
foghluim chun cinn.



Seo cuid de sna mainistreacha agus na scoileanna
ba mó dá raibh sa tír agus na naoimh a bhunuigh: -



Naomh Pádraig: Mainistir is scoil i nÁrd Mhacha
mar a raibh sé i n-a Árd-Easbog.



Naomh Brighid, do bhunuigh sí clochair i mórán áiteanna
sa tír, acht i gCilldara do chuir sí fúithi, mar ar bhunuigh
sí ceann de sna clochair ba mhó cáil i nÉirinn. Bhunaigh
sí mainistir agus scoil ann leis.



Naomh Comhghal, Mainistir agus scoil mhór i mBeannchor
i gCo. An Dúin. Bhí árd-cháil ar an scoil sin.



Naomh Fionnán, bhunuigh sé scoil i gCluain Ioraird
ar bhruach na Bóinne. Ba í sin an scoil ba mhó i nÉirinn
le n-a linn. Fuair go leor de naoimh agus de ollaimh na
hÉireann teagasc sa scoil sin.



Naomh Ciarán, is é bhunuigh an mhainistir agus an
scoil i gCluain Mhac Nois ar bhruacha na Sionna.



Naomh Bréanann (an seoltóir), bhunuigh sé mainistir
i gCluain Fearta sa nGaillimh.



Naomh Cárthach, scoil an-cháileamhail i Lios Mór i
nDéise Mumhan.



Naomh Buithe: Is é bhunaigh Mainistir Buithe, láimh le
Droichead Átha.



Naomh Caoimhghin: Mainistir agus scoil i nÁird Mhóir
ins na Déise.



Bhí mórán mainistreach agus scoileanna eile ar fuaid
na hÉireann.



Na cloig-thighthe a chítear i n-aice le cuid de sna sean-
teampaill, na Críostaidhthe do thóg iad, ó'n naomhadh go dtí
an tríomhadh aois déag.


L. 58


Na Danair.



I ndeire na h-ochtmhadh aoise a tháinig siad, agus ó'n
lá a tháinig siad nó gur cuireadh fé chois iad bhí troid is
achrann i nÉirinn. Bhí deire leis an síothcháin.



Daoine borba, láidre ba eadh iad, agus árd-mhairnéalaigh.
Bhí an ghráin aca ar léigheann mar daoine otaire ba eadh iad.



Níor thúisce annso dhóibh ná bhíodar ag goid is ag raobadh
is ag stracadh; agus fé sna mainistreacha, agus na
scoileanna, a thugadar ar dtúis. An rud nár ghoideadar
bhriseadar, agus stracadar agus dhóghadar láimh-
scríbhinní pé áit a dtáinig siad ortha.



Ba mhinic a bhuaidh na hÉireannaigh ortha i gcath acht ba
bheag an cosc do cuireadh leo go dtug Brian Bóroimhe
agus a arm fútha i gCluain Tarbh i mbliadhain a 1014.
Briseadh a gcomhacht i nÉirinn go deo i gCluain Tarbh.



Acht d'aimhdheoin an achrainn go léir níor cuireadh cosc
leis an léigheann ná leis an bhfoghluim. Do fágadh, gan amhras,
na mainistreacha agus na scoileanna go fuar, dealbh, acht
lean na filí agus na h-ollaimh ortha ag ceapadh is ag scríobhadh
agus tá againn fós, ó ré na nDanar, roinnt scríbhinní,
acht tá a n-urmhór imthighthe.



Tar éis an scéil go léir ní mór dá rian a fhág na Danair
i n-a ndiaidh. Is iad do thóg Baile Átha Cliath, Portláirge,
Luimneach, agus bailte eile agus d'fhan siad ionta tar
éis chath Chluana Tarbh ag maireachtain go macánta agus ag
tráchtáil le tíorthaibh eile. Tá ainmneacha Danar againn
fós. Ba mhór a fhoghluim Gaedhil uatha i gcúrsaí tráchtála.
Ghabh mórán aca leis an bhFíor-Chreideamh.



Na Normánaigh.



I mbliadhain a 1169 a tháinig siad agus Diarmuid Mac
Murchadha ("Diarmuid na nGall") a thug cuireadh dhóibh


L. 59


teacht. Ba bheag cuireadh a bhí uatha; raghaidís i n-aon
áit i n-a bhféadfaidís gabháltas a dhéanamh.



Bhí Diarmuid agus a arm ag feitheamh leo i Loch Garman.
I dteannta a chéile thosuigheadar ar an mbriseadh agus ar
an raobadh i nOsraighe.



Bhailigh Ruaidhrí Ó Conchubhair arm, acht i n-ionad
cogadh do chur ortha dhein sé connradh le Diarmuid na
Normánaigh do sheoladh thar n-ais agus go bhfaghadh Diarmuid
bheith i n-a rí ar Laighnibh. Bhris Diarmuid an connradh
agus tháinig a thuille agus a thuille de sna Normánaigh.



Chreachadar Loch Garman, Portláirge agus Baile Átha
Cliath. Do phós Strongbow inghean Dhiarmuda i bPortláirge.



Nuair fuair Diarmuid bás do ghabh Strongbow ríoghacht
Laighean.



Ba é sin an chéad ghreim a rug na h-allmhuraigh ar
Éirinn (1171) agus greim é nár bogadh go dtí n-ár linn
féin - i mbliadhain a 1922. Bhí greim Shasana orainn ar
feadh seacht gcéad go leith bliadhain agus breis.



Bhí na Normánaigh annso dhá bliadhain nuair a tháinig an
dara Annraoi, rí Shasana, agus arm mór i n-a fhochair,
go hÉirinn. Theastuigh uaidh a chumhacht féin a chur i n-úil
do mhuinntir na hÉireann agus san am chéadna uisce fé
thalamh do dhéanamh. Dhein sé muinntearas le Gaedhil. Ní raibh
aon chogadh ann fhaid is bhí sé annso - leath-bhliadhain. Shaoil
Éireannaigh gur ar mhaithe leo a tháinig sé agus go gcuirfeadh
sé cosc leis na Normánaigh. Chuir sé an dubh i n-a gheal
ortha. Ghéill cuid de sna prionnsaí dho.



Acht ar mhaithe leis féin agus le n-a dhaoine muinnteardha -
na Normánaigh - a bhí sé.



Roinn sé talamh na hÉireann ortha acht choimeád sé na
bailte móra dho féin. Roinn sé talamh ná raibh aon bhaint
aige leis ná aon cháll aige chuige, agus d'imthigh sé leis abhaile.



Tar éis imtheachta dho thosnuigh an troid arís, na Normánaigh
a d'iarraidh seilbh a fhagháilt ar na talamhaintí do bronnadh


L. 60


ortha, agus na hÉireannaigh a d'iarraidh a gcuid féin do
choimeád. Lean an troid sin ar siubhal go ceann céad
bliadhain.



Acht i rith na haimsire sin bhí athrughadh mór ag teacht
ar chuid de sna Normánaigh. Bhíodar ag labhairt na Gaedhilge,
ag glacadh chucha sloinnte Gaedhealacha agus ag foghluim
nósa na nGaedheal. Níor thaithnigh sé sin leis na Sasanaigh
agus chuireadar acht i bhfeidhm á chosc.



Bhí an scéal go dona ag na Gaedhil. Tiomáineadh amach
as na talamhaintí méithe, saidhbhre iad, goideadh uatha, agus
ní raibh aon cheart ná aon tsásamh le fagháil aca.



Chuireadar fios go hAlbain ar Éamon de Brús chun
congnamh a thabhairt dóibh. Tháinig sé agus chaith sé trí
bliadhna annso. Bhuaidh sé ar na Normánaigh i ngach aon
chath a bhí eatortha i gCúige Uladh, i gCúige Mumhan agus i
gCúige Laighean go dtáinig sé go Fochard, láimh le Dún
Dealgan, mar ar marbhuigheadh é.



Ba mhó go mór an díoghbháil a dhein an Brúsach ná mar a
dhein sé de mhaitheas i nÉirinn. Sa troid do loiteadh
barraí agus an méid nár loiteadh bhíodar lom, bocht. Bhí
gorta agus aindeise sa tír.



Tar éis bháis an Bhrúsaigh.



Do laguigh na Normánaigh. Thosnuigh imreas á dhéanamh
aca eatortha féin. Chuaidh Gaedhil chun cinn agus d'éirigh
leo mór-chuid de sna Normánaigh do scriosadh amach dá
gcuid talamhaintí féin agus seilbh do thógaint arís.



Bhí muinntearas de shórt ag éirghe idir an dá dhream
agus cleamhnaisí á ndéanamh eatortha. Ní raibh aon tslighe
eile ag na Normánaigh chun greim a choimeád ar na talamhaintí
um an dtaca san acht muinntearas a dhéanamh leis na
hÉireannaigh.



Cuireadh "Acht Chill Chainnigh" i bhfeidhm chun cosc a


L. 61


chur le h-aon chaidreamh soir Ghaedhil is Ghaill, ach níor chuir.



Tiomáineadh soir na hAllmhuraigh agus níor fágadh
fútha acht sciorta talmhan ó bhaile Átha Cliath ó thuaidh go
Dún Dealgan agus gan aon phioc de'n talamh thar fiche
míle ó'n bhfairrge. Ní raibh dlighe na n-allmhurach i bhfeidhm
taobh amuigh de'n achar san. Acht ní raibh síothcháin sa tír,
acht a mhalairt. Níor cuireadh an namhaid thar teorainn
amach.



Léigheann agus foghluim.



Cé gur loit Danair scoileanna agus mainistreacha
níor chuireadar cosc leis an léigheann.



Acht coimheascair úd na Normanách do mhill sé nach
mór obair na scol agus na mainistreach.



'Sé a bhí ó sna hAllmhuraigh an tráth úd ná na Gaedhil
do dhíbirt ar fad, nó a ndlighthe, a nósa, agus a gcultúr
do mharbhughadh. Cuireadh an t-ollamh agus an file le fán
an tsaoghail. B'éigin do'n scríobhnóir an claidheamh a
ghabháil chuige i n-ionad an phinn.



Mar sin féin mhair an urraim do'n léigheann. Bhí na
báird, na breithimh, na seanchuidhthe, na h-ollaimh agus
na scoláirí ann agus urraim dóibh agus dídean le fagháil
aca d'aimhdheoin na n-allmhurach.



Tubaiste eile.



I mbliadhain a 1534 cuireadh an creideamh Protastúnach
ar bun i Sasana agus dhein riaghaltas Shasana a ndícheall
chun é chur i bhfeidhm annso agus an sean-chreideamh do dhíbirt.
Níor gheill muinntear na hÉireann riamh do lucht an nua-
chreidimh, agus d'fhulaing siad pian is pionós is bás ar son
a gcreidimh féin. Ní raibh aon cheart le fagháil ag an
gCatoiliceach i nÉirinn.



Bhí faoiseamh beag an fhaid a bhí Máire i ríoghacht Shasana,
acht sin a raibh. Is le linn Mháire do tosnuigheadh ar Ghaill


L. 62


do planndughadh ar thalamh na hÉireann. Ba bheag a dhein sí
do mhuinntir na hÉireann. An planndughadh san ar ar
tosnuigheadh le linn Mháire is deacair cur síos ar an aindeise
agus ar an gcruadhtan a thug sé ar mhuinntir na hÉireann.
Cuireadh as seilbh iad agus cuireadh allmhuraigh i n-a
n-ionad. Is furus a thuigsint cionus gur tháinig troid
is achrann as an obair sin.



D'éirigh muinntear na hÉireann i gcoinne na ndlighthe
pianamhla agus i gcoinne an phlannduighthe. Bhuaidh an
neart ar an gceart acht níor tréigeadh an creideamh riamh.



Tháinig Cromail agus scuab sé an tír le faobhar claidhimh
is tine. Do dhíbir sé Éireannaigh siar thar Sionainn.
Chuir sé buachaillí agus cailíní óga na hÉireann i n-a
sclábhuidhthe agus i n-a ndaoráin go dtí na hIndiacha Thiar.



Nuair a fuair Cromail bás saoil Éireannaigh go bhfaghaidís
a gcuid talamhaintí thar n-ais arís ó'n rí Gallda Séarlas,
acht, mo léir! is beag aca a fuair.



Cuireadh acht i bhfeidhm (bl. a 1663) á chosc ar mhuinntir
na hÉireann aon tráchtail a dhéanamh leis na cóilíní agus
cúpla bliadhain i n-a dhiaidh sin cuireadh acht i bhfeidhm á
chosc ortha beithidhigh a chur go Sasana. Aon ghnó a bhí ag dul
chun cinn annso chuir Sasanaigh i n-a choinne, go mór mhór má
chuir sé isteach ortha féin.



Tar éis bháis Shéarluis fuair an dara Séamus rioghacht
Shasana acht toisc é bheith chomh mór san i gcoinne na
bProtastúnach thall chaill sé a choróin agus do rith sé leis
go dtí an Fhrainnc agus ó'n bhFrainnc tháinig sé go
hÉirinn.



D'ionnsuigh sé Doire acht theip air an chathair do thógaint.



Buaileadh cath na Bóinne idir é fein agus Rí Liam (a
lean annso é). Nuair chonnaic sé an cath ag dul i n-a
choinne chuir sé dhe go dtí an Fhrainnc. Cladhaire lag ba
eadh Séamus agus is é an dearmad a ghein Éireannaigh aon
iontaoibh a bheith aca as, ná as a leithéid.


L. 63


Do lean Liam ar an gcogadh ag Áth Luain, Eachdhruim
agus Luimneach mar ar dhein an Sáirséalach ghníomhartha
gaisceamhla a mbeidh cuimhne go deo ortha i nÉirinn.



I ndeire na dála thairig na Sasanaigh coingheallacha
síothchána do Ghaedhil Luimnigh agus ghlacadar leo.



Do réir an chonnartha san bhí cead ag saighdiúirí an
tSáirséalaigh dul i n-arm Liam nó dul go dtí an Fhrainnc.
Bhí ceart le fagháil feasta ag Catoilicigh leanamhaint d'á
gcreideamh, agus bhí roinnt coingheallacha eile ann.



D'imthigh timcheall 12,000 d'óglaigh cródha na hÉireann
go dtí an Fhrainnc. Ba bhrónach an lá d'Éirinn é. Do fágadh
gan chosaint gan dídean í.



Briseadh connradh Luimnigh. Cuireadh na dlighthe pianamhla
fé lán-tseóil arís i dtreo is go raibh an saoghal go mí-
ádhmharach ag na Catoilicigh.



Bhí dlighthe Shasana ag brúghadh chomh dian san ortha gur
éirigheadar amach i mbliadhain a 1798, agus an bhliadhain
i n-a dhiaidh sin rugadh Pairlimeint na hÉireann go Lonndain
Shasana.



Is mór a d'fhulaing Éireannaigh ó'n tráth san anuas fé
dhroch-dhlighthe, dlighthe pianamhla, tighearnaí talmhan agus
eile, agus is mó iarracht a deineadh chun faoiseamh do
bhaint amach.



I mbliadhain a 1891 tugadh caoi do thionóntaidhthe a gcuid
feirmeacha do cheannach agus cuireadh deire le cumhacht
na dtighearnaí talmhan.



Ba dhóigh le duine ar feadh tamaill annsan go raibh
Éireannaigh ag dul i n-éadóchas. Acht dhein éirghe-amach
na Cásca i mbliadhain a 1916 a sprid d'aithbheóchaint.
Tar éis an troid a thárla i mbliadhain a 1920 agus '21
d'imthigh na Sasanaigh leo amach as an tír seo, nó as Saor-
Stát Éireann.



Tá riaghlughadh ár ngnóthaí fein fúinn féin ó shoin.


L. 65


An Domhan



Talamh agus uisce atá ar dhromchladh an domhain. Tá
trí ceathramhna d' achar an domhain fé uisce agus an
cheathramha eile 'na thalamh tirm.



Na móir-thíortha.



Cúig ranna móra de thalamh atá ann agus a bheag nó a
mhór de dheighilt eatortha. Móir-thíortha tugtar ar na ranna
móra san. Sid iad iad: -



An Eoraip, An Aisia, An Afraic, An Astráil ins an
leath-chruinneán thoir, agus Americe ins an leath-chruinneán
thiar.



Tá deifir mhór idir na móir-thíortha maidir le déanamh,
achar, aoráid is aimsear, áitreabhaigh, teanga, agus rl.



Tá An Aisia agus Americe cúig n-uair níos mó ná an
Eoraip.



Tá An Aifraic trí huaire níos mó ná an Eoraip.



Tá An Astráil roinnt bheag níos lugha ná an Eoraip.



Tá fo-roinnt déanta ar gach aon mhóir-thír aca, agus
tíortha tugtar ar na ranna san.



Tá deighilt de shaghas éigin idir na tíortha, .i. an fhairrge,
nó sléibhte, nó aibhne, nó locha. San áit ná bíonn deighilt
nádúrtha is gnáthach dúnta nó daingin do thógaint cois
teorainn, acht ní'l aon deighilt chomh láidir, seasmhach leis an
deighilt nadúrtha.



Is gnáthach gur cine fé leith atá i ngach tír fé leith. Bíonn
a dteanga féin agus a gcultúr féin ag gach cine. Sa
bhFrainnc, cuir i gcás, labhraid Frainncis, sa nGearmáin
Gearmáinis, i nÉirinn Gaedhilg, agus mar sin de. 'Sí an
teanga an chosaint nádúrtha is treise agus is buaine ag aon
tír.


L. 66


Ranna eile de thalamh.



Oileán - sin roinn talmhan atá níos lugha ná móir-thír
agus uisce mór-thimcheall air. Tugtar Inis air leis, .i.,
Oileán Dairbre, Inis Tuile.



Oileánradh - Nuair a bhíonn a lán oileán i dteannta a
chéile Oileánradh tugtar ortha.



Tá ranna talmhan ann agus tugtar ainmneacha ortha do
réir a ndeilbhe agus a gcrota.



Roinn talmhan ag díriughadh amach sa bhfairrge Ceanntíre,
nó Ceann nó Rinn, nó Beann a tugtar air, .i., Ceann
Léime (i gCo. an Chláir), Rinn an Chairn (i Loch Garman),
Beann Éadair (i n-aice Baile Átha Cliath).



Roinn talmhan go mbíonn uisce i n-a thimcheall ar fad
nach mór Leathinis tugtar air, .i. An Leathinis Lochlannach.



An muinéal talmhan a cheangluigheann an leathinis de thír
Conga, nó Muinéal tugtar ar, .i., Conga Phanama,
Muinéal Suez, agus rl.



Nuair a fhágann abha an chré a bhíonn measctha léi, nuair
a fhágann sí ag a béal é agus go ndéantar talamh tirm de
Deilt a tugtar ar an talamh san. Ithir shaidhbhir a bhíonn sa
deilt.



Roinn talmhan atá i n-a chruaich ós cionn na coda eile
Sliabh a tugtar air. Ní bhíonn an cnoc chomh hárd leis an
sliabh.



Sliabh nó cnoc a scéitheann teine, luaithre is lábha amach
as, sin Bolcán nó Sliabh Teineadh.



Magh nó machaire, sin achar de thalamh chothrom, leibhéalta,
.i. Magh na hÉireann.



Gaineamhlach, sin talamh a bhíonn chomh tirim sin ná
fásanna dada ann, .i. an Sathára ins an Afraic. Dá
dtuiteadh fearthainn ann ní bheadh sé lom mar atá. Thiocfadh
planndaí ann.


L. 67


Uisce



Fé mar atá ranna móra agus ranna beaga de thalamh
ann tá ranna móra agus ranna beaga d'uisce ann.



Cúig ranna móra uisce atá ann agus deighilt eatortha
acht gan an deighilt a bheith i n-iomlán, mar táid táithte
le n-a chéile. An tAigéan tugtar ar an leithead mhór uisce
sin.



Sin iad na cúig ranna móra: -



An tAigéan Athlantach, An tAigéan Suaimhneach, An
tAigéan Indiach, An tAigéan Artach, agus An tAigéan
Friothartach.



Do-bheirtear fairrgí ortha leis, .i. An Fhairrge Atlantach,
nó an Fhairrge Mhór. Acht de ghnáth roinn uisce atá níos
lugha ná aigéan is eadh fairrge.



Muir, sin roinn uisce ata níos lugha ná aigéan, .i.
Muir Meann.



Loch Mara (Loch) sin roinn de mhuir ag dul isteach sa
tír agus béal cumhang leis, .i. Loch dá Chaoch.



Nuair a bhíonn Béal leathan, oscailte leis, Bágh a tugtar
air, .i. bágh an Daingin.



Is minic tugtar Cuan ar loch mara nó ar bhágh, .i. Cuan
Chorcaighe, Cuan na nGall, acht sé is ciall le cuan go minic
ná an sáile cois calaidh, .i. Cuan an Daingin.



Roinn uisce go mbíonn talamh mór-thimcheall air sin Loch
(tíre), .i. Loch nEachach.



An caol uisce idir dha mhuir, Caol, nó Siúnda, nó Sruth
tugtar air, .i. an caol idir Dairbhre agus Ciarraighe, Sruth
na Maoile idir Éire agus Alba.



Abha, sin sruth fíoruisce a théigheann le fánaidh go fairrge
nó go loch, .i. An Abha Mhór. Is minic do do-bheirtear
Inbhear ar bhéal abhann, .i. Inbher Sláinge (i gCo. Loch
Garman).


L. 68


Déanamh an domhain.



Comhchruinneán is eadh an domhan. Ní féidir é sin a thabhairt
fé ndeara le radharc na súl mar tá an domhan ró mhór chuige
agus an t-achar a chímíd ró bheag. Acht is feidir a dheimh-
niughadh gur comhchruinneán é.



Nuair a bhíonn long ag cur chun fairrge is féidir í go
léir a fheicsint ó'n tráigh go dtéigheann sí tamall slighe
amach. Annsan teipeann ar an duine ar an tráigh a cabhail
d'fheicsint, annsan íochtar na gcrann agus mar sin de
go n-imthigheann sí as radharc ar fad. An t-uisce a bheith
i n-a chuar idir an tráigh agus í féin is cionntach leis sin.
Dá mbeadh an t-uisce comhthrom, leibhéalta sí an chabhail is
deireannaighe a chifí toisc í bheith mór, dorcha.



Éirigheann an ghrian sa domhan thoir níos túisce ná mar a
éirigheann sí sa domhan thiar acht da mbeadh dromchladh
an domhain leibhéalta chífimís go léir ag éirghe í ar an am
chéadna.



Nuair a bhíonn urdhubhadh (éiclips) na gealaighe ann bíonn
scáil an domhain ar an ré, mar tagann an domhan idir
an ghrian agus an ré le linn urdhubhtha. Bíonn an scáil sin
ciorcalach i gcómhaidhe agus maireach an domhan a bheith
i n-a chomhchruinneán ní bheadh, mar bíonn an domhan ag
iomrothlughadh ós chomhair na gréine agus dá mbeadh aon
dealbh eile ar an domhan níorbh fhéidir an scáil a bheith ciorcal-
ach i gcómhnaidhe.


L. 69


AN LÁ AGUS AN OIDHCHE.



Bíonn an domhan ag síor-iomrothlughadh aniar soir ós
cómhair na gréine agus déineann sé aon iomrothlughadh
iomlán amháin gach cheithre huaire fichead agus sin é is bun leis
an lá agus an oidhche i ndiaidh a chéile. Bíonn leath an domhain
fé sholas na gréine agus an leath eile i ndorchadas na
hoidhche i gcómhnaidhe, agus leanann an solas agus an
dorchadas a céile toisc an iomrothluighthe aniar soir.



NA SÉASÚIR.
Gabhann an domhan mór-thimcheall na gréine uair sa
mbliadhain. I gcasán atá ciorcalach (beagnach). An diaithir
tugtar ar an gcasán san. An ghluaiseacht san timcheall
na gréine is bun leis na séasúir.



An Mol Thuaidh
an Crios Uardha Thuaidh
An Crios Meadhonach Thuaidh
An Teo-chrios
An Crios Meadhonach Theas
An Crios Uardha Theas
An Mol Theas



Ní bhíonn aisil an domhain ingearach le clár na diaithre
sa ngluaiseacht. Bíonn sé ar sceabha agus déineann sé
uille de le clár na diathre. Sa samhradh líonn an
leath thuaidh de'n aisil ar sceabha chun na gréine agus an


L. 70


leath theas ar sceabha uaithi. Dá bhrígh sin nuair a bhíonn an
samhradh againn-ne, an geimhreadh a bhíonn aca sa leathfhad
theas. I lár an tsamhraidh a bhíonn Lá Nodlag aca san Astráil.



Lár earraigh agus i lár fóghmhair ní bhíonn an aisil ar
sceabha chun na gréine ná ar sceabha uaithi (cé go ndéineann
sí an uille chéadna - le clár na diaithre) agus dá
bhrígh sin an teas céadna a bhíonn sa leathfhad thuaidh agus sa
leathfhad theas, agus cómhfhaid a bhíonn lá is oidhche ar fuaid
an domhain.



LEATHFHAD.



Féach ar léar-scáil an domhain, nó ar an gcruinneóig,
agus chífir líne nó ciorcal timcheall a láir. Sin é an
meadhon-chiorcal. Gach aon áit taobh thuaidh de'n chiorcal
san sa leathfhad thuaidh atá sé agus gach aon áit taobh theas
de sa leathfhad theas atá sé. Tá leath an domhain taobh thuaidh
agus an leath eile taobh theas de'n mheadhon-chiorcal.



Dá dtugadh duine a chul leis an meadhon-chiorcal agus
seoladh ó thuaidh nó ó dheas bheadh sé ag imtheacht ó'n meadhon-
chiorcal go mbeadh ceathramha ciorcal tabhartha isteach aige,
agus annsan dá leanadh sé air bheadh sé ag déanamh ar an
meadhon-chiorcal arís.



An dá phointe sin is sia ó'n meadhon-chiorcal an Mol
Thuaidh agus an Mol Theas tugtar ortha.



Nócha céim de'n chrios (90o) atá ó'n meadhon-chiorcal
go dtí gach mol. Sin mar tomhaistear leathfhad áite.



Na ciorcail ar an gcruinneóig agus ar an léar-scáil -
iad comh-threórmhar leis an meadhon-chiorcall - ag teasbáint
leathfhad áiteanna, línte coimh-leathfhaid tugtar ortha.



FAD DOMHANDA.



Chun go mbeadh fios suidhiuthadh áite againn ar dhruim
an domhain níor mhór dúinn leathfhad na háite a bheith


L. 71


ar eolas againn agus i n-a theannta san a fhaid soir nó
siar ó fhaidlíne áirithe, 'sé sin fad domhanda na háite a
bheith againn. Ciorcail mhóra is eadh na faidlínte, iad go
léir ag dul tríd an dá mhol, agus iad ingearach leis na
línte cóimh-leathfhaid. Féach ortha ar an gcruinneóig.
Teasbáineann siad fad domhanda áiteanna.



Is ó'n bhfaidlíne a thabhann tré Greenwich i n-aice le
Londain Shasana a tomhaistear fad domhanda áite. An
phrímhlíne faid tugtar ar an líne sin. Gach aon áit soir uaidh
tá sé sa bhfad thoir, agus gach aon áit siar uaidh sa bhfad thiar.



Féach ar Bhaile Átha Cliath - a leathfhad timcheall
(go beacht) agus a fhad (thiar)


L. 72


Ceisteanna



(Le súil go mbeidis oireamhnach d'obair theinteáin
agus mar sin de tá roinnt ceisteanna ar gach caibidil
annso síos. Is féidir cur leo nó baint uatha do réir
mar a chítear do'n mhúinteoir.)



ROINN A I.



Cad is oileán ann? Cad é an t-oileán is sia siar
d'oileánaibh na hEorpa? An t-oileán idir Éire agus an
mhóir-thír, cad is ainm dó? Cia aca is mó? Cionus
ná bíonn tarraingt mór long ar Inis Tuile? Tabhair
cúntas ar chuanta iarthair na hÉireann. Innis aon
bhuntáiste atá ag baint leo maidir le tráchtáil. An
bhfuil suidheamh maith ar Éirinn maidir le tráchtáil?
Mínigh.



TEORANTA



Cad iad teoranta na hÉireann? An mó míle ó Dhún
Laoghaire go Caoir Ghoibí. 'Dé'n fhaid a bhaineann sé
de'n bhád an turus a thabhairt isteach? Innis dom
áiteanna eile ná fuil acht turus gairid eatortha agus
Sasana agus Albain. An mó míle ó'n nGaillimh go Nua
Eabhrac?



AN FHAIRRGE TIMCHEALL AR ÉIRINN.



An raibh Éire i n-a h-oileán i gcómhnuidhe? An bhfuil
an fhairrge timcheall uirthe an-doimhin? Cionus ná fuil?
Cia aca ba thúisce i n-a h-oileán, Éire nó an Bhreatain Mhór?
Cá bhfios dúinn go mba thúisce Éire i n-a h-oileán? (mar
shrois planndaí agus ainmhidhthe an Bhreatain Mhór nár
shrois Éire riamh. An fhairrge do chuir stad leo agus iad
ar an mbóthar chugainn). An raibh iarthar na hÉireann i
gcómhnuidhe mar a bhfuil anois? An raibh sé níos sia siar?
Cad a bhain do? Cad is cionntach leis na h-oileáin ar


L. 73


iarthar na hÉireann? Cionus nár báthadh iad san?
Cionus ná fuil an oiread oileán ar oirthear na hÉireann?
Innis dom oileán mór amháin nár báthadh, idir Éire agus
Sasana.



Cad in-a thaobh go ndeirtear ná fuil ins na h-oileáin
seo acht giota de'n mhóir-thír? Cad é an doimhneas atá
sa bhfairrge timcheall ortha?



ÉIRE AR AN gCRUINNEÓIG.



Cad é an déanamh atá ar an domhan? Cad tugtar ar an
gcearcall atá timcheall ar lár na cruinneóige, comhfhaid
ó'n dá mhull? Cá bhfuil na réigiúin is teo sa domhan?
Cad é an crios atá ó thuaidh ó'n gcrios te? Agus ó thuaidh
uaidh sin arís? 'Dé'n sórt aimsire bhíonn aca sa chrios
reoidhte? Sa chrios mheasardha? Teasbáin Éire ar an
gcruinneóig. Cá bhfuil sí suidhte? Cionus ná bíonn sé
ró-the ná ró-fhuar i nÉirinn? 'Dé'n bhaint atá ag an bhfairrge
le haoráid na hÉireann?



Cuir na tíortha sa chrios mheasardha i gcompráid le
tíortha ins na creasa eile maidir le h-intleacht, déan-
túisí, agus c.



DÉANAMH NA hÉIREANN.



An mó míle ar fhaid Éire? Ar leithead? Cá dtomh-
aistir faid agus leithead na hÉireann?



Cad é an deifir atá idir cuanta an iarthair agus cuanta
an oirthir? Cad is bun leis an deifir sin? Cionus go
mbailigheann gaineamh i gcuanta an oirthir agus ná
bailigheann i gcuanta an iarthair? Cad is bun leis na
cuanta? Cionus nár báthadh na cinntíre?



"Níl aon roinn d'Éirinn an-fhada ó'n bhfairrge."
An bhfuil aon bhuntáiste ag baint leis sin?



NA CRUACHA.



Cá bhfuil urmhór de chruacha na hÉireann suidhte?
An bhfuil siad deighilte ó n-a chéile? Dé'n saghas talmhan
atá eatortha? Na h-aibhne a bheireann uisce ó'n maigh
cionus a shroisid fairrge? Cad eile a bhíonn ins an
talamh íseal seachas aibhne?



'Dé'n sórt scraithe a bhíonn ar bhárr sléibhe? Cad is
cionntach leis sin? Cad 'n-a thaobh ná déantar curadóireacht


L. 74


ar na sléibhte? Cionus gur saidhbhre an talamh ag bun
sléibhe ná an sliabh féin? An bhfuil aon mhaith ins na
sléibhte? Má tá cur amach agat ar dhúthaigh shléibhteach
agus ar dhúthaig leibhéalta cuir i gcompráid iad.



AN MHAGH MHÓR.



Cad iad teoranta na Maighe Móire? Cionus go bhfuil
luighe uisce sa maigh? Cionus beirtear uisce na maighe
go fairrge? An bhfuil fána ar bith leis an maigh?
Ainmnigh cuid de sna haibhne a bheireann uisce ó'n maigh.
Cad é an corrach is mó i nÉirinn? Cad a gheibhtear ó sna
corraigh?



An raibh an mhagh ní b'aoirde riamh ná mar atá anois?
Cá bhfios dúinn gur ísligh an talamh? Cad ba bhun leis an
ísliughadh? An bhfuil sí ag ísliughadh fós?



AORÁID.



Tabhair cúntas geárr ar aoráid na hÉireann. Tá
nidhthe go bhfuil aca le haoráid tíre, ainmnigh iad.



Cionus go mbíonn an taobh theas de shliabh níos teo ná
an taobh thuaidh?



Cionus a choimeádann an fhairrge gan a bheith ró fhuar
sa nGeimhreadh é, ná ró the ins an Samhradh?



Cuir aoraid na hÉireann i gcompráid le haoráid na
Ruise sa leathfhad chéadna.



Tabhair cúntas ar an síobadh sáile a thagann aniar
'ndeas chugainn ar uachtar na fairrge agus abair cad is
bun leis. Cionus a braithtear san nGeimhreadh é?



AN AIMSEAR.



Cad is bun le buigeacht na h-aimsire i nÉirinn?
Cionus go mbíonn an oiread san gaile sa ngaoith aniar
agus aniar 'ndeas? Cad n-a thaobh go mbíonn níos mó
fearthanna i n-iarthar na hÉireann ná mar a bhíonn san
oirthear? Cad iad na háiteanna is fliche i nÉirinn?
Na h-áiteanna is tiorma? Mínigh an scéal. Cionus
go dtuiteann níos mó fearthanna ar na sléibhtibh ná mar a
thuiteann ar an maigh? Aithris aon deifir idir an ngaoith
anoir adtuaidh agus an ngaoith aniar 'ndeas? Cad is
bun leis an deifir sin? Cionus go mbíonn fearthainn


L. 75


againn uaireanta leis an ngaoith anoir adtuaidh? Cad
is bun le sneachta agus le cloich-shneachta?



ROINN A II.



An mó cúige a bhí i nÉirinn anallód? Abair iad. Cad
is brígh leis an bhfocal "cúige"? Cad é an t-athrughadh
a dheineadh ar na cúigí le linn Chormaic Mhic Airt? Cionus
a bhí Éire roinnte le linn Phádraig Naomhtha? An mó
cúige i nÉirinn i mbliadhain a 1922? Cionus déantar
an Saor-Stát do riaghlughadh?



CÚIGE LAIGHEAN.



Abair na conntaethe cois fairrge i gCúige Laighean?
Innis dom cuid de sna bailte is mó cois cuain? Cad iad na
buntaisí atá aca ar na bailte fá'n dtuaith? Cad iad
na tionnscail a bhíonn ar siubhal i nDroichead Átha, Dún
Dealgan, agus c.?



Cionus gur fhás Baile Átha Cliath agus gur chuaidh sé
chomh mór san chun cinn? Cuir síos ar na déantúisí is
tábhachtaighe i mBaile Átha Cliath.



Cad é an bhuntaiste atá ag baint le talamh leibhéalta,
shaidhbhir i n-aice cathrach?



Innis cuid de sna háiteanna i n-a ndéantar plúr do
mheilt i gCúige Laighean?



Ainmnigh áiteanna i n-a raibh mainistreacha móra fadó.



CÚIGE MUMHAN.



An mó conntae sa chúige? Tabhair cúntas ar chruth
nádúrtha na tíre sa chúige. Cá bhfuil an talamh is saidhbhre
sa Mughain? Tabhair cúntas ar na cuanta. 'Dé'n
saghas tráchtála a chífeá i gCuan Phortláirge, i gCuan
Chorcaighe agus c.? Ainmnigh cuid de sna háiteanna i n-a
ndéantar go leor iascaireachta sa chúige. Cad iad na
déantúisí is tábhachtaighe i gCorcaigh agus i limistéireacht
Chorcaighe?



Ainmnigh áiteanna cois fairrge i n-a gcaitheann daoine
laetheannta saoire. Tabhair cúntas geárr ar an dúthaigh
timcheall ar Chill Áirne.


L. 76


Tabhair cúntas ar thionnscail agus ar thráchtáil Luimnigh.
Cad is ciall le "Cloch an Connartha"?



Cá bhfaghtar slinn le baint i gCúige Mumhan?



Tabhair cúntas geárr ar Chaiseal Mughan?



Cá bhfuil An Boireann agus 'dé'n saghas áite é?



CÚIGE CONNACHT.



An mó conntae sa chúige? Cuir talamh na cúige i
gcompráid le talamh Laighean. 'De'n sórt talmhan ata i
n-iarthar na cúige? Tabhair cúntas ar na cuanta. Cad
é an deifir atá eatortha agus cuanta an oirthir?
Cionus a mhaireann na daoine cois fairrge? Cad iad na
tionnscail a bhíonn ar siubhal i nGaillimh?



Abair na bailte i gCo. Shligigh. Cad é an tráchtáil a
bhíonn ar siubhal i Sligigh?



CÚIGE ULADH.



An mó conntae ann? An mó ceann díobh a bhaineann
leis an Saor-Stát? Ainmnigh iad. Tabhair cúntas ar
chruth nádúrtha na cúige? Cá bhfuil na sléibhte is aoirde
sa chúige? An talamh leibhéalta atá sa chuid eile? Cá
ndéantar urmhór de dhéantúisí Chúige Uladh? Cad
déantar i nDún na nGall go bhfuil an-chaitheamh i n-a
dhiaidh?



Ainmnigh cuid de sna bailte i n-a ndéantar lín-éadach.



Tabhair cúntas ar na deantúisí is treise i mBeal Feirste.



Cár thosnuigh Naomh Pádraig ar a chuid oibre? Cá
bhfuil sé curtha?



SLÉIBHTE, AIBHNE AGUS LOCHA.



Cad iad na sléibhte ata i gCo. Aondroma agus i gCo.
An Dúin? Cionus atá siad deighilte ó n-a cheile? Cad iad
na beanna is aoirde ortha? Cár chaith Naomh Pádraig
tréimhse dá óige? 'Dé'n sórt talmhan atá taobh thiar de
Shléibhte Aondroma? Cad é an loch mór atá ann?
Ainmnigh cuid de sna haibhne a théigheann isteach i Loch
nEachach. Cad í an abha a bheireann uisce uaidh go fairrge?



Ca n-éirigheann an Lagán agus cá dtéigheann sí i bhfairrge?
Ainmnigh dhá bhaile ar a bhruachaibh. Cá dtéigheann an Righ
i bhfairrge? Tabhair cúntas geárr ar Ghleann Righe.


L. 77


Cad 'n-a thaobh an oiread bailte bheith ar an dtalamh réidh
timcheall ar Bhéal Feirste? 'Dé chúis gan bailte bheith
ar chlár árd Aondroma?



AN tOIRTHEAR.



Cad iad na sléibhte atá taobh theas de Loch Cáirlinne?
Tabhair cúntas ar an dúthaigh atá idir na sléibhte seo agus
Sléibhte Bhaile Átha Cliath. Cad iad na h-aibhne a ghabhann
tríd an talamh réidh seo?



Tabhair cúntas geárr ar an mBóinn maidir le seanchus,
agus an talamh trí n-a ngabhann sí. Cad í an abha a bheireann
uisce chuichi?



Cá n-éirigheann an Life? Cionus a théigheann sí go
fairrge?



Ainmnigh na h-aibhne a éirigheann i Sléibhte Chill Mantáin?
Cad í an abha a choimeádan uisce le cathair Bhaile Átha
Cliath? Cad é an bóthar a thugann an tSláinge uirthe go
fairrge? Cad í an bheann is aoirde ar Shléibhte Chill
Mantáin? Tabhair cúntas geárr ar Ghleann Dá Loch.



Cad iad na sléibhte atá idir gleann na Sláinge agus
gleann na Bearbha? An bheann is aoirde ortha?



Ainmnigh áiteanna cois cuanta an oirthir i n-a gcaitheann
daoine laetheannta saoire an tSamhraidh. Tabhair cúntas
ar áit amháin díobh.



AN DEISCEART.



Ainmnigh aon deifir idir Shléibhte na Mumhan agus sléibhte
an oirthir? 'Dé'n sórt carraige atá ionta? Cad iad na
sléibhte atá i bPortláirge? An bheann is aoirde ortha?



Cá n-éirigheann an tSiúir? Cionus a thugann sí a
h-aghaidh annsan? Cad a chuireann stop ó dheas léi?
Tabhair cúntas ar a cúrsa as san amach dí. Cá dtéigheann
sí i bfairrge? Ainmnigh aibhne eile a théigheann go dtí
an cuan céadna. Cad tugtar ar mheascadh na dtrí n-abhann
so? Tabhair cúntas ar chúrsa na Bearbha. Cionus go bhfuil
bóithre agus bóithre iarainn i ngleannta na n-abhann so?
Féach ar an léar-scáil agus ainmnigh cuid de sna bailte
ar a mbruachaibh. An bhfuil a fhios agat cad 'na thaobh gur
tógadh bailte ar bhruachaibh na n-abhann so? Mínigh.



Cad iad na sléibhte atá i gCorcaigh? Cá n-éirigheann


L. 78


an Abha Mhór? Cionus a théigheann sí go fairrge? Cad
'n-a thaobh go n-iompuigheann sí ó dheas ag Ceapach Chuinn?
Ainmnigh dhá abhainn eile i gCorcaigh.



Scríobh nóta ar ghleannta na n-abhann so.



Cad é an deighilt atá idir na sreatha sliabh i gCiarraighe?
Cionus gur báthadh an talamh ins na cuanta móra ann?
Cá bhfuil na Cruacha Dubha? Cad í an bheann is aoirde
ortha? Dé'n aoirde atá ins an mbeinn sin? Ainmnigh
beanna árda eile i Sléibhte Chiarraighe. Tabhair cúntas
geárr ar Loch Léin agus an dúthaigh timcheall air. Cad
í an abha a thaoscann Loch Léin?



AN tIARTHAR



'De'n sórt dúthaighe atá i n-iarthar Chonnacht? Ainmnigh
na sléibhte i nGaillimh agus i Muigheo agus na beanna is
aoirde ortha. Cad é an seanchus atá ag baint le Cruach
Pádraig? Cionus gur ghéill an talamh i gCuan na Gaillimhe
(Loch Lurgan agus i gCuan Modh)?



'Dé'n sórt talmhan atá soir ó sna sléibhte seo? Cad
iad na locha atá sa talamh leibhéalta so? Siar ó sna trí
locha so 'dé'n sórt talmhan atá ann? Cá bhfios duit go
bhfuil fána leis go Sionainn? (taisbeánann na h-aibhne
a ritheann tríd go Sionainn go bhfuil).



Cá bhfuil tobar na Sionna? Tabhair cúntas ar a cúrsa
go mbuaileann sí Loch Ailinne. As so amach 'dé'n sórt
abhann í? 'Dé chúis í bheith chomh mall? Cad iad na trí locha
móra atá uirthe? Cad iad na sléibhte atá ar a bruachaibh
tar eis Loch Deirg-Dheirc a fhágaint dí? Cá bhfuil oibreacha
aibhléise na Sionna? Ainmnigh na h-aibhne is mó a bheireann
uisce chuichi. An mó míle ó n-a tobar go fairrge?



AN ROINN THIAR THUAIDH.



Tabhair cúntas geárr ar Shléibhte Dhún na nGall. Cad
iad na beanna is aoirde ortha? Cad iad na sléibhte
atá i dTír Eoghain agus i nDoire? Cad iad na h-aibhne
a dheineann an Feabhal?



Cionus gur ghéill an talamh i gCuan na nGall? Cá
n-éirigheann an Éirne? Tabhair cúntas ar a cúrsa go
fairrge.


L. 79


NA CANÁILTE.



Cad iad na canáilte atá ag tarraingt ar Bhaile Átha
Cliath? Tabhair cuntas ar a gcúrsa.



NA BÓITHRE IARAINN.



Dá mbeitheá ag dul ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath sa
traen cad iad na bailte a chífeá?



Tabhair cúntas ar an dúthaigh a chífeá ag dul ó Phortláirge
go Lios Mór duit.



CUANTA.



Ainmnigh na cuanta is mó ar oirthear Éireann. Cad
é an saghas tráchtála a chífeá i gCuan Bhaile Átha Cliath?
Cá bhfuil Loch dá Chaoch? Cad iad na h-aibhne a théigheann
isteach ann? Ainmnigh na cuanta i gCiarraighe? Cad
ba bhun leo? Cad é an deifir atá idir chuanta an iarthair
agus cuanta an oirthir? Cad is bun leis an deifir?
Cionus níos mó tráchtála bheith i gcuanta an oirthir ná
i gcuanta an iarthair?



NA hOILEÁIN.



Cad é an t-oileán is mó ar chósta na hÉireann?
Cá bhfuil Oileáin Árann? Tabhair cúntas geárr ortha?



Ainmnigh oileáin go raibh mainistreacha ortha fadó.
Cionus níos mó oileán a bheith ar iarthar na hÉireann ná
mar atá ar an oirthear?



CINN TÍRE.



Cad é an roinn talmhan is sia soir i nÉirinn? Ainmnigh
cinn tíre eile ar oirthear na h Éireann. Cad iad na reanna
ó n-a dtomhaistear faid agus leithead na hÉireann?
Ainmnigh cuid de sna cinn-tíre i gCiarraighe. Tabhair
cúntas geárr ar Chlochán na bFomorach.



MIANAIGHE AGUS CAIRÉIL.



Cionus go bhfuil mianaighe guail gann i nÉirinn?
Ainmnigh áiteanna i n-a bfaghtar gual. Cá bhfuil iarann le
fagháil? Ainmnigh áiteanna i n-a mbaintear slinn?
Marmar, agus c.?


L. 80


SEANCHUS.



Tabhair cúntas geárr ar na Danair, is cad é an saghas
daoine iad? Cad é an díoghbháil a dheineadar annso?
Cionus d'éirigh le léigheann agus foghluim le n-a linn?
Cár buadhadh ortha? Cad a thárla dhóibh annsan?



Cionus a thárla go dtáinig na Normánaigh annso?
Cad iad na bailte a thógadar tar éis teacht dóibh? Cionus
nár tiomáineadh amach iad? Cathoin a tosnuigheadh ar
thalamh na hÉireann do roinnt idir allmhuraigh? Tabhair
cúntas geárr ar Éirinn le linn na Normánach. Cionus
a bhí an saoghal i nÉirinn tar éis bháis an Bhrúsaigh? Cionus
d'éirigh le léigheann agus foghluim le linn na
Normánach?



Cad a thug annso Rí Séamus? Tabhair geárr-chúntas
ar a ghníomhartha i nÉirinn? Cad is ciall le "Connradh
Luimnigh"? Cad a thuit amach tar éis an chonnartha do
dhéanamh?



TRÁCHTÁIL AHGUS DÉANTÚISÍ.



Cad é an saothar is tairbhighe dá bhfuil againn? Mínigh.
Ainmnigh earraí a thagann cugainn ó thíortha eile nár cheart
aon gábhadh bheith leo. Mínigh é sin i dtaobh bagúin. Cá
ndéantar éadach olna i nÉirinn? Coinnle, gallúnach, agus c.?



AN DOMHAN.



Ainmnigh na ranna móra talmhan, uisce. Cionus tá na
mór-thíortha roinnte? Cad é an deighilt atá eatortha?
Cad is oileán ann? Cad iad na ranna móra uisce?



Ca bhfios dúinn gur cómhchruinneán an domhan? Mínigh
cionus go mbíonn an lá agus an oidhche i ndiaidh a chéile
againn? Cad is bun leis na séasúir? Cathoin a bhíonn an lá
agus an oidhche cómhfhaid? Cad is bun leis sin?



Cad is leathfhad ann? Cionus déantar leathfhad áite
do thomhas? An mó céim de'n chrios ó'n meadhon-chiorcall
go dtí na muil? Cad chuige línte cóimh-leathfhaid agus
faidlínte ar an léar-scáil?



Cad is ciall le fad domhanda? Cad é an líne ó na dtomh-
aistear é?



I nÉirinn do Cló-bhuaileadh ag Cló na bhFoillsitheoirí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services