Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Go maire tú do nuaíocht

Title
Go maire tú do nuaíocht
Compiler/Editor
Harrison, Alan
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann Liteartha, Coláiste na hOllscoile, 1978-79)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Slán ma do phósadh a Dhomhnaill Mhegnosa,
séan ar th'obair;
nó go gcuire tú mac sa mbromaigh
ná déana codail.



Slaod í leat gusan seomra,
ná sir ardán,
turraic suas a mullach, a miodla,
suaith a gragán.


L. 63


Fá nglaca sí fóis nó fiatacht
múin do chliobóg,
cóirigh a taoibh, a tarra 'sa tiarach,
cíor a riobóg.



Iompaigh suas a clab in airde,
craith a crúba,
féach cá treise poll nó tairnge,
turnaigh mar bhrúta.



Turnaigh do chliobóg thart mar bhrúta
rúisc a bríste,
nó go mbí sí gan bhraon 'na giústa
ná léig scíste.




i Ná léig scís, fossadh nó cónaí dhí a Dhomhnaill óig mhic an tiarna
ó Ráth na mBraoilleán nó go gcuire tú Sorcha i riocht cloinne ria
maidin; go dtiocfaidh a deartháir .i. Coronéal Ruairí ruadh ramhar
riabhach Mág Uidhir do ghabháil dá bhasaibh agus dá bhailcchragaibh
ar a chéile os cionn a cuirp nó fós go dtí Róise ní Néill .i. beantiarna
Innse Ceithlinn do chaoineadh agus do chomhghol na toirnéise sin.




A Dhomhnaill óig déana gnás don toirnéis,
tig sláinte as garbhléas;
alarum luath ar stuaigh na gcornchraobh
buail ar ghallghléas.




ii Go ndéanaí Críost agus an Domhnach feartach atá againn a-niu
mar sin é.




Deirthear is an Róimh Aifreann
's beantar cluigín,
is tocha lena mhnaoi féin Mac Ailín
nó an giolla duillín.



Mac Leoid gí suairc an marcach
ní mór nach turcach;
gí fuair ón Phápa i mbliana luchtach,
bréanchliar churcach.


L. 64



iii Agus má táimse curcach nó claonchomhairleach dhamh féin, is
minic tug mo shamhail comhairle a leasa do dhuine roimhe; gurb
uime sin a mholaimse duitse a Dhomhnaill; ná fág fréamh gan
síneadh nó fallaing gan suathadh nó rópa gan robhriseadh go gcuartaí
agus go rannsaí tú gabhla agus caolta mara críche na Sorcha ón bPort
go chéile .i.




Port Feire, Béal Ruainne
's Port Lairge;
idir chloidhe, pháirc is phóirse,
rúisc do pháiste.



A hÍle anall ré comhairle dhuitse
táinic meise,
sirim ar Dhia ciall is tuigse,
táim ar meisce.




iv Agus bhí meisce agus mearughadh agus míchiall ar Mhac
Donnchadha ó Loch Léin. Is olc do thug sé lámh Iarla
Dheasmhumhan ar mbeith trí bliana pósta dhó nár chuimhnigh sé ar
feadh na ré agus na h-aimsire sin feis chloinne nó chonáigh do
dhéanamh lena nuachar nó lena robhromach féin. Gurb uime sin
nach déanta dhuitse dearmad gan dúthchas do shean agus do
shinnsireadh do chuartú go friuchnamhach .i. Bealach na Láimhe,
Dún na Más, Lios Gabhail agus Gleann Dorcha, Gleann Bhoidhe,
Gleann Éada agus Gleann Dalláin a chois Deirge Duibhlinne, Bléan an
Bholgáin, Coill an Ghaslaigh, an Bogán agus an Gabhlán riabhach,
agus gach teagasc agus gach comhairle dá bhfuighe tú ionnta sin do
mheabhrú go grinn galach d'eagla go gcuirfí as giollacht tú mar do
cuireadh Mac Donnchadha ó Loch Léin.




A Dhomhnaill óig an chúil do chreach Callann,
ort mo thorann,
dhá láimh Dhia le giolla an ghabhann,
do stiall corann.



Mo bhromach beag féin do-ní an t-aonach,
Críost dhá cumhdach,


L. 65


níor chleacht sí gan damhsa is daonnacht
's a bheith súgach.




Agus gomadh subhach Dia díbhse a Dhomhnaill óig agus a Shorcha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services