Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuínn na Smól - Cuid a Trí

Title
Fuínn na Smól - Cuid a Trí
Author(s)
Bailithe ag an Athair Pádraig Breathnach,
Compiler/Editor
Breathnach, Pádraig, An tAthair
Composition Date
1913
Publisher
Muinntir Bhrúin agus Nualláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Bruach na Laoi



Gléas F. - Cuíbhsach mall & go modhmharach. Fonn : Táim-se im chodladh.



1. Ar bruach na Laoi ins an oidhche casadh mé,
Gan buadhairt ar m'aigine samhluigheas féin,
Chun go ndeaghas thar slighe le díth mo mhearathail,
I gcruadhtán daingean nach fearrde mé.
Ní fheicfinn an spéir le haon chorp mearathail, dá
nochtfadh an rae ní fhéadfainn amharc air,


L. 4


Ní raibh maitheas dam glaodhach ná d'aoinne beó freagairt dam,
Ag fuaim gach caise 's ag gárthaibh éan.


L. 3


2. Do shuidheassa síos go sgíosmhar ath-tuirseach,
Gan súil le casadh le fáinne 'n lae,
Faoi árd-thor draighin go fíllte taisgidhthe,
Gan de clúdach leapan le fagháil ach é.
Bhí géadhna ar linn ann, míolta a's maraphuic,
Éisg a' tígheacht de dhruim gach caise 'ca,
<L 4 >
Naosgaig faoilinn, sgeimheal de lachannaibh,
A' tígheacht gan eagala 'trácht ó'n spéir.


L. 3


3. Tá iongantas éigin éan ná feadarsa,
A' déanamh neadaighthe 'r bharr na ngéag,
An fiolar 's an chuach 'gus mór-chuid eatartha,
Go suanmhar seascair faoi sgáth na gcraobh.
An druide 's an creabhar ar chrann eil' in a aice sin,
An céirseach sleamhain 's an seabhac breágh beathuighthe,


L. 4


Cáig 'gus c'lúir i n-a dtrúpaibh a' teasdal ann,
Is smólaigh bhreaca 'r a n-árus féin.



Sid é an cunntas do chuir Pádruig Ua Cruadhlaoi ag trial orm.
'Sé Seaghán Maighistir Ua Conaill is ughdar le " Bruach na Laoi". Chomh-
nuigh an file so i bparóisde Chill-na-Martra i gConntae Chorcaighe agus
is cosamhail gur do Ghaortha na Laoi do chum sé an t-amhrán so. Tá an
Gaortha so i ngiorracht míle do Mhaghchrontha ar an dtaobh thiar theas de,
agus tá sgéimh na h-áilneachta soin fós ar a mhaoidhimh an file. Oide
sgoile cliste do b'eadh Seaghán Ua Conaill 'na ré & deirtear nár bhfui-
riste fear d'fhaghail le n-a linn ba líomhtha, léigheannta ná é. Bhí sé
fileadhta, fíor-eólach, lánmhar i gceárdaibh agus i reachtaibh na suadh éigse.



A Chuman 'sa stór.



Gléas G. - go socair aoibhinn. Fonn: "A Bhrighide Bheag Chrón."



1. A chuman 'sa stór cuirim gan gó,
líne nó dhó agus cáirt chúghat,


L. 5


Ar son an am fad ó nuair bhiomair óg,
a's gheibhinn uait cuireadh 'gus fáilte.
B'fhearr liom ná ór bheith agam mar stór,
Ná cuirfinn riamh speóis id' ráidhtibh,
Nuair bhrosdaig an tóir bhog tú an ród,
a's d'fhág tú mise 'r a' bhfáithim.


L. 4


2. Dubairt tú go minic a chúil na finne,
fá an Chrann Cuilinn 's mé láithreach,


L. 5


Ná séanfá mise fad is bheadh uisge,
Ag rioth ins a' Machain le fánadh.
Is gnáthach fraoch ar dhruim gach sléibh',
'S tá'n Mhachain go tréan 'na háitreabh,
Ag rioth le gréin tré ghleann na gcaor,
'S gan annir na gcraobh le háireamh.


L. 4


3. I mBaile Nua an aonaig dubhairt do bhéal liom,
ar sgaramhaint le chéile an lá úd,


L. 5


Go gcuirfeá an m'éileamh litir fá shéala,
'Nois leagaim na bréaga id' láthair .
Tar éis, is fear, 'seadh chítear gach beart,
Teachtaire sgéil níor tháinig,
'S gur b'é mo mheas a chúilfhionn deas,
gur dhíol tú ró-shaor go bráth mé.


L. 4


4. Gach uile Domhnach buaileann fonn me,
Siubhal ar fuaid na mbánta, mar bhidhinnse 'gus tú gan ghruaim gan chúmha,


L. 5


'S id' fhochair do gheibhinn mo shláinte;
Le feabhas na himeartha bhuaidh tú an cluich' orm,
's ní fuiris liom, t'réis, tú a cháineadh,
I lár deabhadh is deithinis guidhim go minic leat,
'Gus cuirim ort Dia mar ghárda.



Riobárd Bheldon.



Bean Uí Chróinín do thug dam an fonn so. Chómhnuigheann sí i bparóisde


L. 6


na Tóime i n-aice Maghchromtha. Is iomdha sean-amhrán atá aici & go deimhin
séin is maith a thugann sí uaithe iad. La dá rabhas 'na teannta chrom sí ar
shean-fhonn do ghabhail. Níor stad sí nó gur sheinn sí sé cinn déag dam,
agus bhí gach aon cheann aca níos binne 'na a chéile. Bean fir oibre 'seadh í.
Ní gábhadh dham a rádh ná go bhfuil Gaedhilge mhaith bhlasda aici, mar tá sí aici
ó'n gcliaabhán. D'fhoghluim sí na sean-amhráin ó n-a máthair agus ó na sean-
daoinibh. Tugann sí iad ar an sean-nós uaithe.



An Dreóilín.



Gléas C nú Bb. - Go héadrom, roinnt mear.



1. Dreóilín a fuarassa thíos ar an Ínse,
Fé bhrághaid carraige 's carabhat síod'air,
Do thugassa chúghaibh-s'é, a lánamha'n tighe seo,
'Gus gura seachtfearr um an dtaca so arís síbh.



2. Dreóilín a thugassa chúghatsa a Dhiarmuid,
Ní mar dhúil i lionn ná'n iarsma,
Ach mar dhúil sa tsúgradh d'iarraidh,
Do bhíodh 'nár ndúthaigh lá cinn bhliadhna.



3. Dreóilín a thugassa chúghatsa a Shiobhán
Ní mar dhúil i lionn ná'n arán,
Ach mar dhúil sa tsúgradh chimeád,
Do bhíodh 'n ár ndúthaigh lá le Stiopáin.



4. Dreóilín a fuarassa i gcarn cloch,
'Gus ar neóin cár bhfearr é fághail i dtor,
do chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a chos,
Éirigh id' shuidhe a bhean a' tighe 'gus líon chúghainn deoch.


L. 7


5. Is mór a' truagh an dreóilín i mbarr an chnuic
An bháisteach 's a' tárr air, an síon is an sioc,
Ag imtheacht ar na bántaibh, a chosa do bhí gearrtha
Agus bríste gan bhást' air, 's is fuar é a dhriuch.



6. D'imthigh an dreóilín anonn thar muir
Ó lúib na carraige uainn do rioth
Is mó duine a' faire air ó Luan go Satharn
Gan bhall ná baile 'ge ach sgáth an toir.



7. Dreóilín óir an Dreóilín
'S beidh ór i bpóca an Dreóilín
Dreóilín airgid fé bhinn-fhallaing
Agus Mac na Banba an Dreóilín



8. Feithig 's do gheobhaidh sibh Dreóilín glic
A thiocfaidh le fórsaíbh aniar is anoir
Cuirfar an cóir-righ arís 'nár gcionn
Agus ólfamíd-ne sláinte an tsár-fhir ghil.



9. 'S beidh ór fós ag an Dreóilín,
'S beidh ór i stór ag an Dreóilín,
'S beidh ór ar a chóra 's síoda ar a bhróga
'Gus fíon da h-ól 'na sheómraí.



10. Is ard é an Dreóilín i mbárr an toir
Is mear a's is seóltha a bheidh a shliocht
A' dul go tigh 'n ósta 's an juga mór lán rómhainn
'Gus ólfaimíd-ne sláinte an tsár-fhir indiu.



Seo dhíbh a bhuacaillidhe óga amhrán atá ag teastáil uaibh le fada. Ní
gábhadh dhíbh focail Béarla do bheith ar bhur dteangthaibh agaibh feasta nuair
raghaidh sibh ag triall ar na daoinibh aosta ar lorg airgid uatha lá le
Stiopháin. Táim siúrálta go bhfuighidh sibh bhur ndóthain airgid anois má
thabharfaidh sibh an t-amhrán so go maith uaibh.


L. 8


Mo Mháire.



Gléas D.



1. Ag feis nó dáil ní'l bean le fághail,
Chómh sgiamhach le mo Mháire;
Tá aici cneas bog bán is deas,
Do chuirfeadh líl faoi náire.
'San domhan so ní'l aon chroidhe chómh díl,


L. 9


Nó cáilín 'tá níos fíre.
'Measg óg nó sean 'sí plúr na mban,
Is si-si bród na tíre.


L. 8


2. Tá gruag mo stóir mar fháinnidhe óir,
A' tuitim síos go talamh thar
muineál bán is guailnibh lán,
'Gus cuma 'tá mar dhealbh.
Gídh glan soiléir gach réalt 'san spéir,
tá súil mo ghrádh níos glaine,


L. 9


'S is binne glór mo chailín chóir,
'Na cláirsighe ciúin na cruinne.


L. 8


3. A measg aos óg i leathar bróg,
Ar úrlár cúirt' nó pailliúin;
Níor sheas le taoibh tréanfhir ariamh,
bean rinnctheóir leath chómh háluinn.
Má bhris sí croidhe aon ógánaigh,
gan bhréag do bhris sí céadta,


L. 9


'Gus tá na mná fághail bháis gach lá,
le troime 's neart a n-éada.



"Pádraic."



Tá'n fonn so le fagháil i leabhar an tSeodhaigh .i. "Ancient Irish Music,"
leath. 56, ach do cuireadh i gcló i módh "lá" (lah) annsan é. Do rinneas-sa
aistriughadh ar an módh, agus tá'n fonn annso agam i módh "rae." Is deas
an fonn é. Réidhtigheann an t-amhrán & an fonn le n-a chéile. Do cheap
"Pádraic" cuid mhaith d'amhránaibh & do cuireadh i gcló i n-Irisleabhar na
Gaedhilge iad 'sa mbliadhain 1892. Ní dóigh liom go bhfuil aon cheann aca
cumtha chomh mhaith leis an amhrán so. Fear ó Chúige Ulaidh é "Pádraic"
Ó Broin a shloinne.



Ailliliú mo Mháilín.



Gléas G. - Go Súgach, roinnt mall.



1. Aililiú mo mháilín breágh, mín, deas nighte nuadh,


L. 10


Do cheannuigheas ar a sráid síos ó Dháithín an sgeanadóir,
Do chuirinn ann gach áise do shásuígheadh mo mhuirighin óg,
Costard úr 'gus árd shaíll, cáise 'gus smut do bhulóg.



Curfá -
Aililiú mo mháilín, mo mháilín do guideadh uaim!
Is mó 'rán is cáise sa máilín do guideadh uaim!


L. 9


2. Do chuirinn chúgham im' mháilín ar áirmhigheas 'gus tuille sórt


L. 10


Min is plúr is prátaí, cnáimhíní circe ' s feóil;
Printeann' úr ó mhnáibh tighe, an táth lín, 's an fíon ó'n bhfóisg,
'S istigh 'na chúinne lán snaois' do sholáthar-uighinn chun bheith ghá ól.


L. 9


3. Nuair a leagaim chúgham mo mháilín i mbrá'd claidhe nó in imealróid.


L. 10


Do sgeartfadh fonn chun gáirídhe 's mo pháistí le hiomad scóip;
Do gheárainn chúcha stráicídheacha lán bhríce 's ime nuaidh,
Costard úr 'gus árdshaíll, cácaí 'gus cupa cnó.


L. 9


4. Ó do thaisdiolas ó Tráigh Lí tráth síos go Magh-Chromdha ó,


L. 10


'S go maragadh na málaí 's a lán díobh 'a gceannach romham;
Ní fhaca cúbhar ar mháilín ó'n lá úd bhí briseadh Bhóinn,
Ba greanta lúba 's lásaí 'ná mo mháilín deas, nighte, nuadh.


L. 9


5. Pé sgrámaire de ráigí nó rásta do chuir mé i mbrón,


L. 10


'S do bhradaigh uaim mo máilín 's mo pháistíse a' gol 'na dheóidh;
Mura dtagaidh chúgham le cáil díol, 'gus áirmhim go bhfuil san mór,
Go gcrochtar e 'dir ghárdaíbh gan fághail tigheacht thar n-ais go deo!



Cuirtear i gcló annso an fonn fé mar thuir sé ar bheal Nóra Ní
Loingsigh, an bhean céadna do thug dam fonn "Seaghán Ó Duibhir a
Ghleanna" atá le fagháil i "gcuid a dó" de'n Chnuasachd so. Tá an fonn le
fagháil i leabhar an tSeodhaigh .i. Ancient Irish Music, leath. 46, ach ní mar a
chéle ar fad iad araon. Bíodh a rogha ag gach aon amhránuidhe.


L. 11


Cailín na Gruaige Donne.



Gléas C. - Go modhmharach.



1. Ar bhántaibh an tSróil 'seadh d'fhágas mo stór,
'S a máithrín ag gleo gan dabhat léi,
'Dtaobh grádh thabhairt dom shórtsa d'fhánaidhe gan treó,
Gan cáirne buidhe óir i gcabhair dam.
'S í an bháb mhiochair bheóil chuir bláth ar mo sgeól,


L. 12


'S is páiste bhí óg gan dabht í,
'S nach breágh deas mo shórt ag geáitseáil ar bórd,
Le cailín na gruaige donne.


L. 11


2. Is fann lag a bhím 'dir Bhanndain is Laoi.
I ngaorthaibh go dtighean an Domhnach,
Is gáir luin go síoch i mbarr bile crainn,
'S a ráidhteachas fíor a mheall mé.
A Dhia ghléghil do chíonn tréanmhuir is tír,


L. 12


Nár léigir 'sa chill go fann mé.
'S an péarla 'tá im' chroidhe go léigir im líon,
Sí cailín na gruaige donne.


L. 11


3. Is 'neósad mo stair dom mhuintir ar fad,
cé claoidhte go lag gan mheabhair mé,
ag smaoineadh 's a braith 's a' tnúth le hí theacht,
Gach oidhche is maidin Domhnaigh.


L. 12


Rinnce go pras, aoibhneas ná cleas ní smaoinim le heasba mheabhrach,
Ach mo chroidhe 'stigh dhá shlad le dian díogras searc,
Do chailín na gruaige donne.


L. 11


4. Is tréith lag a bhím gan aoinne dem' bhuidhin,
A' déanamh aon truim' 'sa domhan díom,
'S is baoghalach da dhruím go néagfad gan mhoill,
Am éigin ar díth mo mheabhrach.
Le saor-ghuth a cinn go léimid aníos,


L. 12


Na héisg as an linn ag leabhaireacht,
Is dá breágh-thacht mar nidh ní shásóchadh mo chroidhe
Gan cailín na gruaige donne.



Ní'l 'sa chnuasachd bheag amhrán so fonn níos deise ná'n fonn so.
Do tógadh síos é as béal Cáit Ní Chróinín.
O Thúirín na Lobhar, i n-aice Inse Gheimhligh iseadh Cáit.



Ar Maidin Moch.



Gléas C. - Go ceanamhail, gan bheith ro-mhear.



1. Ar maidin moch i bhfeidhil mo stoic,
Is dá seoladh chun an fhéir,


L. 13


'Seadh bhuail umam an stuaire suilt
'Sí a duanaireacht 's ag éigeamh,
Do chual'a an guth budh shuairce liom a's le
fonn do dhruideas léi,
Is budh throm gach deór ar a leacain bhoig,
Is budh thruagh i a' gol i gcéin.



2. Budh dhualach cluthmhar sguabach tiugh,
Iad a cuacha a 'tuitim léi,


L. 13


A chúm seang singil 's ar a h-éadan suidhte,
A mala dheas budh chaol,
A déid budh ghile 's a béal budh bhinne,
'S a dá chíoch chruinne ghéara,
Is go deimhin an bhean budh bhreághtha gean,
le fáinnín geal an lae.


L. 12


3. An tú Céarnait shnoíght' an bhé cheap muillte,
Amach a tuisgint ghear,


L. 13


Nú'n chúilfhionn tugadh de bhárr an tsrutha,
Do mhúsgail cath na Trae,
Nú'n fíor gur tú sgiob an t-úbhall do'n bhile,
Ó mhnáibh an domhain go léir,
Mar is áluinn deas do sgéimh 's do dhreach,
Le fáinnín geal an lae.


L. 12


4. A sháirfhir ghlic na ráidhte suilt.
Ní haoinne 'ca san mé,
Ach bé 'seadh mé gan chéile 'r bith,


L. 13


A's is fada mé faoi léan,
Tug sgéala 'nois gur daoradh sinn,
ag aicme 'n oilc go claon,
Ach gan bhréag a chuid tá'n téarma 's tigh.
'S beidh Éire 'gainn faoi réim.


L. 14


Domhnall Bán.



Gléas C. - Go bínn mear. Fonn: "Liam Ó Broin ó Bhaile Mhaghnuis."
ó leabhar an tSeodhaigh.



1. Is áluinn snódh mo bhuachalla bháin,
Is mór liom grádh mo chléibh,
Ní bhfuighinn ar shlóightibh móra 'n áir,
A dhíol de shárfhear thréan;
Is dílse Domhnall cródha cáidh,
do bhíon dom ghárdadh féin;


L. 15


Ná'n t-iolar mór ós comhair a háil,
'S ná leomhan dá láidreacht sgéimh.



2. Ní glaine 'n ghaoth do théidhean de rás,
Thar maoilinn lá le gréin,
Ní cródha 'n laoch is tréine d'fhás,
I gcríochaibh Fáilbhe 's chéin',
Ní luaithe léim thar léith-chraig árd,
An míol is lán-mhear léir;


L. 15


Ná'n glaine 's cródhacht mhórdha bláith,
Is luas mo ghrádhsa féin.


L. 14


3. Mo mhíle stór thú, a Dhomhnaill Bháin,
Mo radharc mo ghrádh mo laoch,
Ní d'réir an óir a thomhaisim cáil,
An té seo ghrádhaim go héag;
Ní mór ár maoin a chroidhe gan smál,


L. 15


Ach taoise láidir tréan;
'S le congnadh 'n Ríogh do stríoc do'n pháis
Ní bhlaisfam gádh ná léan.



"Tórna"



"Tórna" (Tadhg Ua Donnchadha) do chum an t-amhrán so. Do rugadh
Tadhg i gCarraig-na-bhFear i gCo. Chorcaighe. Dearbhráthair do "Éamonn
a' Chnuic" is eadh é. Is iomdha amhrán do chum sé. Fuair ceann díobh .i. "An
Túirne Lín" an bonn óir ag an Oireachtas 'sa mbliadhain 1899. Do bhí Tadhg
ar feadh tamaill 'na oide sgoile. 'Na dhiaidh sin do rinneadh fear eagair
"Irisleabhair na Gaedhilge" de. File agus scríobhnóir breágh é Tórna." Is
í an Ghaedhilge a theanga dúthchais.



A Cheól-chruit mo Thíre.



Gléas F.



1. A cheól-chruit mo thíre, bhí ceó-bhrat na hoidhche,
Le ró-fhad' id' thimcheall 'na chuíbhseach go fuar;
An leon-nasg gur sgaoileas le dóchas, a ríogan,


L. 16


'S do ghlór glan do shíor-spreag[adh] i soillse gan suan.
Is beómhar do bhínn-ghuth a ró-shein[i]m ar dhíograis,
'Sa theo bhíd do laoithe am aoibhnis is buadha,
Ach fós ó do bhiodhgais fá mheóraibh na gcaointeach,
Tá brón osnadh choidhch' ionnat fillte fád' uabhar.


L. 15


2. A cheol-chruit mo thíre, slán beo leat óm' chroidhe-se,
Ní gheobha mise 'rís asat caoin-tsruth na bhfuam;
Codlóchair-se 'gus soillse na glóire gan teimheal ort,


L. 16


Go dtógfaidh an fíor-fhile 'rís tú a suan.
Má bhéodhaigh sinne croidhe chuisle óig-fhear is bríghdeach,
'San slógh ceart do ghríosadh, do bhríghse rug buaidh.
Ní'l im' ghnó-s' acht mar shidhe gaoithe seóladh it' shlighe-se,
Is gleóiteacht na draoi-bhinn' ód' shringse do ghluais.



Osborn Ó hAimhirgin d'aistrigh.



Duan na Saoirse.



Gléas Eb. - go lasánta, bheomhar. An ceól ó Phéitrí.



1. Is fada mé i gcúmha gan tnúth le téarnamh,
Go dubh-chroidheach tréith-lag tláith gan treóir,


L. 17


Im' bhascadh ag búir 's im' bhrúghadh ag baoth-laigh,
I lúib luim sléibh' faoi bhrách' an bhróin.
Gan charaid im' chabhair ach Donn 's a ghaolta
Do bheartuigh ar dtúis dam túirling taobh leis
Go n-aithriseadh dúinn gach rún budh léir do,
Le dúil greínn, sgléipe gártha 's ceóil.


L. 16


2. D'aithris ar dtúis dúinn cúis na saor-fhlaith,
gan fiú suím gné 'gus fáth a ngleo,


L. 17


'S gur gairid beidh búir i ndúthchas Fhéidh-lim,
Is crú chaoin Éibhir táir gan treóir.
Tá Carolus lonn 's a chabhlach gléasta
Ag tarraing tar abhainn le cabhair d'ár saoradh
'S ní mhaithfidh sé bonn do chlann lú-téruis,
'S beidh fogha Gaoídhil tréan gan tlás sa tóir.


L. 16


3. Fearda beidh greann le fonn ar éigsibh,
Is tiúin bhínn gléasta 'g dáimh an cheóil,


L. 17


Beidh cantain i dTeamhair fá shamhain ag saor-fhlaith,
Is tógha slighe ag cléir le fághail óm' leomhan.
Beidh cealla 'gus úird gan cúinse 'g Papists,
Beidh easbairt Dia-Domhnaigh i dteampoil Éireann
Beidh scaipeadh 'gus scannradh 's chomhplucht éigin,
'S is súbhach sítheach Gaedheal go bráth 'na dheóigh.


L. 16


4. Sin agaibh ó thúis gach rún ba mhéin liom,
Is meabhraigh féin do chách mo sgeól,


L. 17


Tigeadh gach crobhaire ag cabhair le Séarlas,
Bíodh togha cloidhimh gléast' i láimh gach treóin.
Sin agaibh an t-am is gabhaidh le chéile,
Preabaidh le fonn is pleanncaidh méith-phuic
Leanaidh an fogha ar dhroing an éithigh,
'S ná hiompoígheadh aén le scáth ó'n ngleo.



Aindrias Mac Craith, 1790.


L. 18


Mar Mheath Uaim.



Gléas C. - go mín milis.



1. Mar mheath uaim mo cháirde, bhí grádhmhar fad ó,
A's rúagadh le fán mé, gan fághaltas gan treóir,
Ní'l tathag im' ráidhtibh ná binneas im' ghlór,
Is ceileabhair gan áird gach a sceinneann óm' shórt.



2. Bíodh siúd mar atá sé, a sháimhfhir na sógh,
Tá nídh beag ar m'fhághail-se, nár éaluigh uaim fós,
'Sé an grádh fíor im' lár é ná feóchfaidh go déo,
Seólaim é a Thaidhg chúghat go soillseach gan cheó.



3. Ó's duine mar chách mé, do thárlaigh bheith d'reóil
'S gur bheartuigheas le páirt leat do shláinte-se d'ol,
Tá an baraille dá bheárnadh 's an t-áth ar a ' mbórd,
Seo mo lámh dhuit a sháirfhir, is slán leat go fóil.



Riobárd Bheldon.



'Sé an ainm go nglaodhtar ar an bhfonn so ná "Lovely Willy". Tá sé
ag na daoinibh ar an dtaobh shiar de Maghchromtha. "File an Chomaraigh"


L. 19


Tugtar mar ainm ar an té do chum an t-amhrán. Do rugadh & do tógadh
Riobárd Bheldon, nó Bheleton (cia 'ca?) i ngleann aoibhinn na Machan,
i n-aice an Chomariagh i gCo. Phórtláirge 'sa mbliadhain 1837. Ní
misde "File an Chomaraigh" do thabhairt mar ainm air, mar is file ó dhúthchas
é Riobárd. 'Na chainnt choitcheannta bíonn filidheacht ann. Ta a chuid dán
agus a chuid amhrán sgaipighthe ar fuaid na nDéise. Is mór an náire dhúinn
gan iad do bheith bailighthe roimhe seo againn. Budh cheart do Ghaedhilgeóiribh
na nDéise & do Ghaedhilgeóiribh Chonntae Phortláirge a gcomhairle do chur i
gceann a chéile agus amhráin is dánta Riobáird do chur i gcló. Ní'l file
'na bheathaidh againn mar "File an Chomaraigh". Do ghabh sé bonn óir ag an
Oireachtas. Do rug sé leis trí huaire ins an oiread sain bliadhanta an
chéad duais i n-iomaidheacht filidheachta i bhfeis na Mumhan. Tá sé 'n-a
bheathaidh fós (1905) bhuidheachas mór le Dia & go dtugaidh Dia saoghal fada &
sláinte mhaith dho.



Sin Traochta i n-Éinfheacht.



Gléas D. - Cuíbhsach mear. Fonn: Cailín deas crúidhte na mbó.



1. Sin traochta in éinfheacht fé rígh-lic
Ár dtéad gheal, ár n-impre, ár bhfáid,


L. 20


Ár bhFénics, ár bpéarla, ár rígh-fhlaith
Ár séad ghlan, ár sínsear, ár ngrádh;
Ár réiltean, ár Saesar nár chinnte
Ár ngléghas den fhíorfhuil do b'fhearr,
'S is créacht nimhe gan faesiomh don tír sin
Ár réics dil mar síneadh ar lár.


L. 19


2. Do léimeadar éisc ghil ón dtaoide
le péinbhruid i nglinntibh go hárd,


L. 20


le héigean a léin duibh mar síneadh
Ár saor-fhlaith go claoidhte fé chlár;
Do thréanlas na sléibhte mar theinte
i néalaibh le bíodhgadh 'n-a dheáidh,
'S táid éigse na ndaorcheart do scaoile
Go déarfhliuch i ngeimhle do gnáth.


L. 19


3. Do réabadar géaga na gcoillte
A's d'éagadar mílte le ráig,


L. 20


Do léimeadar éisce tar líne
Ní'l maoththortha mílse ag fás;
Táid béithe 'gus éanlaith go binnghuth
Fé ghaorthaibh go fíor-lag gach tráth,
'S na Déithe i ndaolbhrat a síoda
Gan faesiomh dá chaoine do ghnáth.



'Liam Ua Lionáin.


L. 21


Casadh an tSúgáin.



Gléas F.



1. D'imreas cleas i dteach, Uí Dhómhnaill, aréir,
'S an tarna cleas i dtig bheag eile le na thaobh;
an tríomhadh cleas ní'l neart don áireamh ar mo scéal,
Ach go meallfaidhe bean dá dtabharfaidh duthracht don bhé.



2. Agus d'aithneas féin a baint luachrach aréir,
go dtug bean searc 'gus gean ró-mhór dom sgéimh;
Do chuireas mo thoil le n-a toil a's ghluaiseamair araon,
'S is minic do bhain bean slat a bhuailfadh í féin.



3. Má bhíon tú liom bí liom a rúin ghil mo chroidhe,
Má bhíon tú liom bí liom ór comhair an tsaoghail;
Má bhíon tú liom bí liom gach órlach dod chroidhe,
'Sé mo mhíle cnoc nach liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoi.



4. Do threabh'nn, d'fhuirsfinn, chuirfinn síol ins a' chré,
'S do dhéanfainn obair shocair áluinn mhín réidh;
Do chuirfinn crúdh fá each a's mire shiúbhal riamh ar féar,
Agus d'éalóch' bean le fear ná déanfadh soin féin.



5. A Rígh na bhfeart cad a chas ins a' duthaigh seo mé,
Is gur 'mo chilín deas a ghéobhainn im' dhúthaigh is spré.
Gur casadh me isteach mar raibh searc agus rún geal mo chléibh
Chuir a' tsean-a-bhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féin.


L. 22


6. A's budh mhaith liom bean d'fhanfadh bliadhain le n-a grádh.
A's budh mhaith liom bean d'fhanfadh bliadhain agus lá,
Níor mhaith liom bean a bheadh leat is liom-sa do ghnáth,
Augs mo chéad grádh an bhean san d'fhanfadh ar aon staid amháin.



Seaghán De Búrca, maighistir sgoile i bparóisde na Tóime i naice
Maghchromtha a thug dam an t-amhrán so. Dála an fhuinn d'airigheas Domhnall
Ó Marnáin & a bhean 'ghá thabhairt uatha. Amhránuidhthe breághtha iseadh iad
araon. Tá aithne mhaith ar Domhnall ar fuaid Cúigidh Mumhan, mar ba mhinic
a thrial ar na feiseannaib & ba mhinic leis é agus duaiseanna gaibhte aige.
Fuair sé féin & Mac Uí Chéillachair an chéad duais eatorra af Feis na
Mumhan 'sa mbliadhain 1903. Níor chuaidh bean Dhomhnaill riamh go dtí feis
ach amháin go dtí feis na Tóime 'sa mbliadhain 1904. Fuair sí an chéad duais
ann. Is mór an truagh ná téidhean sí a' trial ar na feiseannaibh gach aon
bhliadhain, mar ní dóigh liom gur fuirist guth níos binne 'ná atá aici
dh'fhagháil. Agus rud is fearr 'ná sin - tugann sí na hamhráin uaithe ar an
gcuma cheart d'réir an tsean-nóis. Tá a lán amhrán ag Domhnall & ag a
chéile. Is aoibhinn a bheith ag éisdeacht léo.



An Capaillín Bán.



Gléas Ab. - Cuíbhsach mear.



1. Mo chreach is mo chás! 'Sé an bás a thagann go trom,


L. 23


Nuair leagtar ar lár an cara gur mhaith linn bheith buan;
Ní le fearaibh, le mnáibh ná le buachaillibh bhainean mo dhán,
Ach le láirín droch mhianaigh ar a nglaoidís an Capaillín bán.


L. 22


2. I nUibh-laogh're na nGaortha seadh chaith sise a saoghal,


L. 23


Nior fhas sí puinn riamh mar ba dhual di ó gach taobh dá gaol,
Gidh gur 'mdhó mála coirce 'gus mine a d'ith sí go slán,
Is fíor-bheag dá chomhartha bhí ar chroiceann an Chapaillín Bháin.


L. 22


3. Do bhí ciall na n-ocht nduine chliste i gceann an láirín,


L. 23


D'aithneóch' sí an deifir bhí idir drochcheól is ceól binn,
ar fill[eadh] ó Maghchromtha a bhaile buail suas amhrán,
'S ní bhéarfadh gaoth anoir nó aneas ar an gCapaillin mbán.


L. 22


4. Bhí súil léi imthighthe gan aon chuinne go bhfillfeadh go deo,


L. 23


do bhí sí 'r leathshúil gan dúil le sonas ná sógh,
Ach dá ghéire radharc Cyclops nó an seabhac ar lor[a]g préachán,
Is suarach a b'fhiú iad seoch súilín an Chapaillín Bháin.



5. A cosa níor láidir gidh gur tháinig buidéal ó'n ndoctúir,
Chómh cam cnapánach gan dásacht, gan deiseacht, gan lúth.
Is cuimhin liom-sa lá 'na raibh slán ach an t-aon chos amháin,
A's ba ghioballach fánach an láir í, an Capaillín Bán.



6. Fe dheire thiar thall do b'fhonn le hAthair na nGrás,
A theachtaire dubhach a chur chúichi le sgéala an bháis.
Do cuireadh go glánta an láir bhocht; sin deire mo dháin,
A's síothcháin is sólás go bhfaghaidh anam an Chapaillín Bháin.



Seóirse Seartan.



Ó Bhéal Áth' an Ghaorthaidh is eadh Seoirse. Ní'l áit i nÉirinn go bhfuil
Gaedhilg níos fearr ag na daoinibh 'ná san áit 'n ar rugadh é. Tá Seoirse
'na Uachtarán ar Choiste Cheanntair Libherpul. Tá'n Gaedhilg go líomhtha ar
a theangaidh aige agus tá a chroidhe i gcúis na Gaedhilge le bliadhantaibh. Ní
misde a rádh ná go bhfuil sé ag déanadh a dhithchill chun na daoine do mhúscailt
as an neamh-shuim in a bhfuilid timcheall teangan ár sinsir & a d'iarraidh
iad do bhrostughadh chun í foghluim.


L. 24


Ailliliú na Gamhna



Gléas F.



1. Is inghean d'aodhaire mé féinig gan amhras,
Do bhíodh 'na comhnuidhe cois taoibh na leamhna;
Bhí bothán agam féin agus fuinneóg i gceann de,
faid a bhíodh bainne ag teidheadh 'gam 'seadh ghlaoidhinn ar na gamhna.



Curfá -
Aililiú na gamhna, na gamhna bána;
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom;
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána;
Na gamhna maidin Shamhraidh ag damhas ar na bántaibh.



2. Faghtar dam canna 'gus faghtar dam buarach,
Is faghtar dam soighteach 'na gcuirfead mo chuid uachtair;
Ceólta sidhe na cruinne bheith dhá síorchur im'chluasaibh,
Is gur bhinne liomsa géimneach na mbó 'teacht chum buaile.



3. Raghaimíd ar an aonach is ceannóchamaoid gamhn' ann,
'Gus cuirfimíd ar féar iad amach ins na gleannta;
Íosfaidh siad an fraoch agus bárr an aitinn gheamhraigh,
Agus tiocfaid siad a bhaile cum an bhainne 'gcóir an tSamhraidh.


L. 25


Bruach na Carraige Báine.



Gléas G. - cuíbhsach mear.



1. Is treabhadóir mise do threabhfainn is d'fhuirs-fainn,
'S na cómharsain go bhfeicid mo threithe;
'S ní'l aon tsórd nidh-the 'r mo bhéim ná tuigim,
A's treabhaim gan tuirse go héasgaidh.
An foghmhar nuair a thigeann mo chuid eórna bhuainim,


L. 26


A's cuirim go seasgair im' sheómra,
an lár do sgriosfainn, do bhuailfainn tuille,
Ar thaoibh na Carraige Báine.


L. 25


2. Is léanmhar mo thurus le tréimhse gan rachart,
Is baoghalach go gcuirfear chun fáin me;
Le géarshearc do'n duine is néata 's a chruinne,
Do chuir céadta ar uireasbaidh sláinte.
Bhí a héadann mar luisne na gréin' tré criosdal,


L. 26


Téid éanlaith chum sucaird le grádh dhi,
Tagann tréinfhir a's righthe tar tréanmhuir dhá hamharc,
'S í grian na Carraige Báin' í.


L. 25


3. Do b'fhearr liom féin 'ná Éire mhór,
'S ná saidhbh[e]reas Ríogh na Spáinne;
go mbeidhinnse 'gus tusa i lúb na finne,
I gcoilltibh i bhfad ó n-ár gcáirdibh.
Tusa 'gus mise bheith pósta 'grádh,


L. 26


le haon-toil athar is máthar,
A mhaighdean óg is binne clódh,
A ghrian na Carraige Báine.


L. 25


4. A stuaire 'n chinn cailce má's dual go mbeidhir agam,
Beidh cóir ort do thaithneoch' led' cháirdíbh;
'Dir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas,
'S gach nidh ins a' chathair dá áilleacht.
Beidh do bhólacht dá gcasadh gach nóin chun baile,


L. 26


A's ceól binn ag ad bheachaibh ar bhántaibh,
Beidh ór ar do ghlacaibh a's cóisde ad' tharruint,
go bhruach na Carraige Báine.



Do chuir Áine Ní Raghallaigh an fonn so a' trial orm. Deir sí gur
ab ó Dhiarmuid Ua Buacalla i Maghchromdha fuair sí é, agus an fonn
"Bruach na Laoi" mar an gcéadna. Measann sí iad a bheith sa cheart,
mar is amhránuidhe binn blasda de'n tsean-aimsir é Diarmuid. Do rugadh
& do beathuigheadh cois "Bruach na Laoi" é, agus tá sé lán do bhéasaibh & de
ghnásaibh na sean-aimsire & is Gaedheal tír-grádhach é.


L. 27


Ar Éirinn ní 'neosfainn cé h-í!



Gléas F. - Cuíbhsach mear.



1. Aréir is mé 'téarnamh ar neóin,
Ar an dtaobh eile den teóra 'na mbím,
Do thaobhnuigh an spéirbhean am chomhair,
D'fhág taomanach, breóite, lag sinn.
Do ghéilleas d'á méin a's d'á clódh,


L. 28


D'á béal tana beó mhilis bínn,
'S gur léim mé fé dhén dul 'na treó,
'S ar Éirinn ní 'neósainn cé h-í!


L. 27


2. Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór,
Is iad ráidhte mo beóil do bheith fíor;
Go deimhin duit do dhéanfainn do ghnó,
Do léir chuir i gcóir a's i gcrích.
Do léighfinn go léir stair dom stór,


L. 28


'S ba mhéinn liom mo stór ó mo chroidhe,
Do bhéarfainn an chraobh dí 'na dóid,
'S ar Éirinn ní 'neosainn cé h-í!


L. 27


3. Tá spéir-bhruinneal maordha mod'l óg,
Ar an dtaobh eile den teóra 'na mbím;
Tá féile 'gus daonacht a's meón.
A's deire ró-mhór san mnaoi.
Tá folta léi 'tuitim go feór,


L. 28


go cocánach ómrach buidhe,
Tá lasadh 'na leacain mar rós,
'S ar Éirinn ní 'neosainn cé h-í!



Slán le Corcaigh.



Gléas A.



1. Mo chúig céad slán leat, a Chorcaigh cháidh,
Nó an bhfeicfad go brách tú airís?


L. 29


Tá mo chroidhe go tláth, 'gus im cheann míorán,
'S is dúbhach lag tnáithte bhím;
Do b'aoibhinn tráth liom bheith 'fiadhach ar bhántaibh
Nó ag iascach i lár na Laoi,
Sar ar chuadhas i dtlás a's gur chruaidh ar mo chás,
I gcathair ghil bhreágh Chorcaighe.


L. 28


2. Céad léan agus sgannrad'r an dlíghe seo 'nall,
'S é d'fhág i dteannta sínn;


L. 29


'S ní bhfuaireamair ann, ach clulan'-reacht cham,
Do bhain tigh agus treabhchas dínn;
Is mé bhíodh go teann mórdhálach modh'l,
Nó gur tháinig dream an fheíll,
Do chuir, mo lom, mé féín go fann,
Chun fáin ó ghreann Chorcaighe.


L. 28


3. A Mháire, a ghrádh, cuir suas do lámha,
agus tiormuigh do bhláth ruisc ghrínn,


L. 29


Ní réabfar tráth go héag ár bpáirt,
Agus fillfad gan spás airís.
Tá sceimhle 'gus fán dár námhaid i ndán,
ó bhuidheanta fear láidir groidhe,
'S beam fós, a ghrádh, go suaimhneach sámh,
I gcathair ghil bhreágh Chorcaighe.


L. 30


Ar Maidin i nDé.



Gléas F. - go mall a's go modhmharach. Fonn: - Ag Taisdeal na Slighe.



1. Ar maidin i ndé 'gus mé im shuan,
le hamharc an lae's gan Phoebus suas,
do dhearcas an spéirbhean mhaordha uaim,
'N a seasamh ar bhruach an bhán-chnuic.
A mala ba chaol ar a héadan suairc,
'S a ramhar rosc réidh ag cur gaethe uaidh,


L. 31


A carn fholt péarlach léi 'n a dhual ag
éirighe suas le héigean buadha,
'S go mba chosmhail a gné le géis cois cuain,
Ag tarraint anuas im dháilse.


L. 30


2. Tan dhearcassa féin an réaltean uaim,
le hanfadh i bpéin trím néalta suain,
D'fheasas go séimh don bhé cá'r ghluais,
Nó'r b'eagal léi buairt i gClár -Luirc?
D'fhreagair an séiltean mé go duairc,
ag greadadh na ngéag 's ag éigheamh go cruaidh,


L. 31


Ní heagal dam aon tar éis mo chuard;
Ní hé mo bhuairt ach Séarlus uaim,
A ghasra go léir a's a chléir go fuar,
A's Gallaibh go buan 'n a n-áitreabh.



Seán Clárach.



Táim-se im Chodladh.



Gléas Eb.



1. Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dham,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;


L. 32


'Seadh dhearcas lem' thaobh an spéirbhean mhaiseamhail,
Táimse im chodladh's ná dúistear mé;
Ba bhacalach péarlach dréimreach barrachas,
a carn-fholt craobhach ag téacht léi 'r bhaillichrith,
'Sí ag caitheamh na saeghead trém thaobh do chealg mé.



Táimse im chodladh 's ná dúistear mé.


L. 31


2. A's éirigidh, a chlann, agus gabhaidh bhur nairm chughaibh,
Táimse im chodladh 's ná dúístear mé;


L. 32


A's leagaigidh sa tsrúil gach sgrúile Sasanaigh,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
Muna mairfeadh ach triúr, bíodh clú ins gach bhaile 'gaibh,
ó Charraig na Siúire go ciumhais an Daingin shiar,
Árd-uighidh bhur lann tugaidh fogha fé na Sasanaigh,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé.


L. 31


3. Is 'mó buachailín óg a tógadh go ceannasach,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
Do cuireadh le fóirneart anonn tar faraige,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé;
Go bhfeicead-sa 'n lá go mbeidh ár ar Shasanaigh,
Ughaim ar a ndrom 's iad ag treabhadh 's ag bran-'r dúinn,
Gan mise bheith ann mura dteannam an maide leó,
Táimse im chodladh 's ná dúistear mé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services