Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár gCeol Féinig

Title
Ár gCeol Féinig
Author(s)
Bailithe ag Pádraig Breathnach,
Compiler/Editor
Breathnach, Pádraig
Composition Date
1920
Publisher
Brún agus Ó Nualláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Réamhrádh



Tamaillín sar a bhfuair sé bás do gheall an tAthair Peadar
Ua Laoghaire, Canónach, go scríobhfadh sé Réamhrádh i gcóir na
hoibre seo. Mo leun ghéar! nár mhair sé. Ní'l mórán agam
le rádh i dtaobh na n-amhrán atá cruinnighthe anso agam. B'fhearr
liom go deimhin go gcuirfeadh céoltóir éigint eile is eólgas-
aighe 'ná mise na hamhráin seo i n-eagar idir ceól agus focail.
Ach ní raibh súil agam go ndéanfadh éinne eile an obair, agus
sin é an chúis gur chuireas mo lámh leis, mar bhí eagal orm go
gcaillfidhe ar fad cuid mhaith des na hamhránaibh sar a bhfad.



Ta eólas ag na daoinibh i gCo. Chorcaighe ar chuid mhaith des na
hamhránaibh seo. Cuid eile aca agus táid siad le fagháil i gCo.
Phortláirge. Tá naoi nú deich cheannaibh aca-san ann. Nioclás
Tóibín, ceóltóir breágh, do thug dam iad. Bhí sé ag múineadh
an cheóil sa Rinn ar feadh tamail. Tá'n seana-nós go háluinn
thar barr aige. Do thug Áine Ní Raghallaigh móran congnaimh dom
chun an cheóil do chur síos i gceart. Agus fuaras, mar an
gcéadna, congnamh ó Riseárd Ó Foghludha chun scrúdughadh do
dhéanamh ar na focail. Táim fé chumaoine aca go léir. Rud
eile. Do thug A.M. Freeman cead dom chun cló do chur anso ar
trí chinn des na hamhránaibh do chuir sé féin i n-eagar in "Journal
of the Folk-Song Society." Sid iad anso iad, agus na huimh-
reaca atá aige-sean : - "Loch Léin" (II); "Luan Dubh an Áir"
(13), agus "Cailín deas crúidhte na mbó" (27). Fé dheire budh
mhaith liom an méid seo a rádh. Dubhairt an tAth. Peadar Ua
Laoghaire i dtaobh na n-amhrán do chuireas i gcló cheana i "bhFuínn
na Smól": "We have in these songs not only music wedded
to immortal verse, but immortal music wedded to immortal
verse." Ta súil agam gur féidir an focal céadna a rádh
'dtaobh na n-amhrán atá cruinnighthe agam anso.



An tAthair Pádruig Breathnach.



Ath Cliath, 1920.


L. 4


EÓCHAILL.



Gléas Eb. Go hana-mhall.



Maidin Domhnaigh, 's mé dul go
h-Eóchaill, do casadh an óig-bhean orum 'sa
tslighe; Bhí scáil 'n-a leacain ar dath na
rósaí, A's ba bhinn' a glór ná na
ceólta sidhe. Leagas mo lámh thar a brághaid le
mórtas, Agus d'iarr mé póigín ar stór mo
chroidhe, Is é dubhairt sí "stad, a's ná strac mo
chlóca, A's gan fios do ghnó-sa ag
bean do thíghe".


L. 5


2



"Seo mo lámh dhuit ná fuilim pósta,
'S gur buachail óg mé thug gean do mhnaoi,
'S dá dtrialfá liom-sa ar ais go h-Eóchaill
Go bhfuighfeá omóid mar gheobhadh bean tighe.
Chuirfinn high-caul cap i gceart 's i gcóir ort,
Gúna, clóca 'gus caipisín,
Beidh siopadriam agat de'n fhíon 's de'n bheóraig,
'S do leanbh dóigheamhail ag tarraing díghe."



3
"Ní'l ann ach uair bheag ó fhágas Eóchaill,
'S ní leigean an brón dom filleadh arís;
Do bhéadh mo mhuintir i bhfeirg mhóir liom,
'S ní bhfuighinn-se fóirithin óm' cháirdibh gaoil;
Leath a n-abair siad, ní dhéanaim a gcómhairle,
Ach buailim an bóthar do ló a's d'oidh'e,
Is cailín scaithte mé 'tá 'siubhal an bhóthair,
Ag iarraidh an eolais ar Cheapach Chuinn."


L. 6


MAIDIN LUAIN CÍNGCÍSE.



Gléas C. Go h-uaigneach agus go mall.



Maidin Luain Cíngcíse labhair an Síothbhra 'sa ghleann. Do bhail-
ighead ar na cága chun ádhbhacht do dhéanamh ann. Do chruinn
-ígheam air na dtímpall 's do lasam air na soillse, A's do
thógamair ceo draoidheachta go haoibhinn os a gceann.



2



Is mó baile-maragaidh a's cathair aoibhinn ceoil,
A's cúirt aiges na Sasanaig chun seasaimh ann 'nár gcómhair.
Beir sgéula cruinn abhaile uaim Dé Domhnaig 'dtí an t-Aifrion
Gur chun sléibhe do cuireadh chun reatha sinn chun seasaimh ann fé bhrón.



3



Dá bhfeicfeá-sa 'n buachaill a's an cailín ceann buidhe cas
Do bhíodh ag imtheacht suas ar thuairisg na bhfear,
Beir sgéula cruinn dóibh uaim-se go bhfuil Captaen Lambert fuar lag,
Ar thaobh a' tsléibhe go huaigneach, 's gan tuamba air ná leac.


L. 7


4



Cá bhfuilid na Muímhnig, nú an fíor go mairid beo?
Ná cruinnighid siad 'nár dtímpall agus cabhrughadh linn 'sa' ghleo
Mar is deacair púirt do stríocadh ná Clanna Bhúir do dhíbirt
Ó 'nár mbailtí dúthcais dílis bhí ag ár sínsear riamh rómhainn.



5



Do tháinig aníos ó Chonnacht chúghainn céad a's míle laoch,
An oiread céadna ó Uladh chúghainn i bhfuirim cheart 's i bhfaobhar;
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh chun gur bhuaileamair bualadh 's fiche ortha
'Sé mo léun 'nár shileadh fuil as cuirp ár bhfear i ndeire an lae.



6



Beir sgéula suas chun Mumhan uaim, a rúin dhil 'sa stór,
Agus inis ann fé chumha dhóibh go bhfuil an sgiúirse 'nár gcóir;
Mar is mó leanbh firean fionn-gheal 'gus ainnir mhilis mhúinte
Agus óig-fhear cliste lúthmhar 'san úir uainn a' feodh.



7



Mo léun ar an Mumhain nár eirigh nuair d'adhnamair an gleo!
Fé airm greanta greidhnmhar i bhfaghairt acu 'nár gcóir!
D'fhágadar go teinn sinn agus neart ár namhad 'nár dtímpall -
Ach! grádh mo chroidhe na laighnig! 'siad d'adhain an teine leo.



MICHEÁL ÓG Ó LONGÁIN.



Fuaireamair an t-amhrán so ins "An Lóchran." Fionán Mac Colum
do chuir annsan é. Ach ní mar a cheile an ceól atá le fagháil ins "An Lóchran"
agus an ceól atá agam-sa. Ó Áine Ní Raghallaigh do fuaras an port so
thuas.


L. 8


Máirín Seóighe



Gléas D. Go mall.



Is buachailín óg mé, a's ní'l mé pósta, A's bainfidh mé'n
fóghmhar so'r mo chómhairle féin, Ní'l mise
ceangailte ó shagart ná bráthair, 'S ní dhéarnas
árus 'san earrach riamh. Dá dtightheá-sa
'bhaile liom, a stór, 'sé bh'fearr liom, Sgur tú tá
'ndán dom go bráth arís, Dá mbeidhmís
follamh nár mhór an náire, 'S a liacht a
slámóg tá go deas 'na suidhe.


L. 9


2



Budh mhíle b'fearr liom mo chailín ar aimsir
Ag saothrughadh aráin agus balcaisigh
Ná í bheith ceangailte de ranuidhe gránda
'S faoi sáil a phráca go bráth airís.
Níl ann ach dá bhfaightí na focla ráidhte
Chuir méar 'sa bhfáinne a's tá tú réidh;
Lá'r n-a bháireach ag scuabadh clábair
'S an máilín faisgthe i n-áit an ghléis,



3



Chuir mise tuairisg le fear de'n comharsain
Cérbh í a ainnir úd chuaidh romhamh sa tslighe
Thug seisean sgéal dom go mba cailín óg í
De'n chineadh mhor a b'fearr sa tír.
Cailín óg í fuair scoil a's foghluim
'S nár ghlac aon chomhairle ó dhuine riamh,
'Sé ainm bh{a}iste dí Máirín Seóighe
'S mí ní beo mé mara bhfaighidh mé í.


L. 10


SAMHRADH.



Gléas Eb.



Bí mis' a's óg-bhean lá 'dul an bóthar,
Thugamair féin an samhradh linn;
Cé casfaidhe dhúinn ach an gruagach cródha,
Thugamair féin an samhradh linn;
Samhradh, samhradh bainne na ngamhna,
Thugamair féin an samhradh linn;
Samhradh, samhradh bainne na ngamhna,
Thugamair féin an samhradh linn;



2



D'fhiafruigh sé dhíom an inghion dom an bhean óg sin
Thugamair féin, agus c.
Go deimhin ní hí. 'Sí mo ghrádh 's mo stór í.
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.


L. 11


3



An dtiubharthá cead domh-sa labhairt go fóil léi?
Thugamair féin, agus c.
Mara ndéanaidh tú sin, déanfaidh mé an cóirtheas,
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.



4



Téigh thus' an aithghiorra 's rachad-sa 'n bóthar,
Thugamair féin, agus c.
Pé againn leanfas í bíodh sí go deó aige.
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.



5



Leanfaidh mé an gruagach ó's deas an fear óg é.
Thugamair féin, agus c.
Do bheó nú do mharthainn nár fhillir go deó orm.
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.



6



Is iomdha sin bó ag dul thar chlaidhe teorann.
Thugamair féin, agus c.
Ag tógáil seilbh' ar sheilbh na gcomharsan
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.



7



'Sé 'fhearacht sin agam-sa leat-sa a stóirín.
Thugamair féin, agus c.
D'fhágais annsan me bocht a's brónach.
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.



8



Tháinic sí chugham airís tráthnóna.
Thugamair féin, agus c.
Thug sisi léi an leith-sgéal ba chórtha.
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.



9



Ach níor fhéad mise éisteacht le caint den t-sórt sin.
Thugamair féin, agus c.
D'fhágas ó shoin í ag gol go brónach.
Thugamair féin, agus c.
Curfá - Samhradh, samhradh, agus c.



Sagart Gaedhlach ó Chonnacht do thug dom an t-amhrán so.


L. 12


RÓISÍN DUBH.



Gléas C. Adagio.



A Róisín, ná bíodh brón ort ná
cás anois, Tá do
phárdún ó'n Róimh a's ó'n
bpápa 'gat. Tá na
bráith-se theacht thar sáile, A's a'
tríail thar muir, A's ní
ceilfar fíon Spáinneach ar mo
Róisín dubh.


L. 13


2



Tá grádh 'gam am' lár dhuit le bliadhain anois
Grádh cráidhte, grádh cásmhar, grádh ciapaithe,
Grádh d'fhág mé gan sláinte, gan rian, gan ruith,
'S go bráth, bráth, gan aon fhághail agam ar mo Róisín Dubh.



3



Do shiúbhalfainn-se an Mhúmhan leat, a's ciúmhas na gcnoc,
Mar shúil go bhfaghainn rún ort, nó páirt le cion,
A chraobh chúmhrtha, tuigtear dúinne, go bhfuil grádh agat dom
'S gur b'í plúr-sgoith na mban múinte mo Róisín Dubh.



4



Beidh an fharaige 'na tuilte dearga 's an spéir 'na fuil,
Beidh an saoghal 'na chogadh craorac do dhruim na gcnoc,
Beidh gach gleann sléibhe ar fuid Éireann, a's móinte ar crith
Lá éigin sul a n-eugfaidh mo Róisín Dubh.


L. 14


CARRAIG AONAIR.



Gléas E.



An Luan úd an áir tháinig suaimhneas ró
breágh, Agus ghluaiseabhair uaim-se
uair bheag roim lá, Ag iascaireacht do'n
smáil nú i gcinntibh bhúr mbáth, 'S go bhfuil
iarsma na bliadhna 'nbhur ndiaidh go bhfaghad
bás.



2



A chlann ó mo chroidhe, nú an truagh libh mar a bhí
Bhur n-athair bocht féinidh ag géar-ghol 's ag caoi,
Na chuaille throm chríon i gcúil fhuair an tighe
'S bhúr ndlúth cháirde féinidh ag céasamh mar a bhí.



3



A inghean ó mo chroidhe, ná goil-se, 's ná caoi
Mar geobhaidh tú togha nuachair déanfaidh rómhar duit 's crích
Ní bhfaghad-sa mo bhuidhean ná mo thriúr d'fhearaibh groidhe
Ná mo cheathrar breágh múinte de lubairibh groidhe.


L. 15


4



'Sé Cormac mo stór, togha na bh'fear n-óg
Mar do bhí sé modhmhail múinte lúthmhar go leór
Do scrí' sé ar a gcóir leis a mbúcla a bhí n-a bhróig
Gurab í Carraig Aonair a chéile go deó.



5



'Sé Domhnall mo bhuidhean, an té b' óige dem chlaínn
'Gus coighcíos ón lá san 'seadh tháinig se i dtír
Gan ghuna, gan chlaidheamh, gan anam 'n-a chroidhe,
Ach a ghéaga boga, geala 's iad leathta ar a dtuínn.



6



Tá duine eile 'em chlainn ná tráchtaim air puinn
'Sé Donnchadh mo scíos, ceann cothuighthe mo thighe
Go mbíon lacha aige ó'n bhfíoghar, a's an gé aige ón dtúinn
Fiodóga dubha an tsléibhe 'muigh a's gan bhréag cearca fraoigh.



7



Ma chreach a's mo dhith ná théigheabair-se ar luíng
Nú imtheacht le chéile mar a dtéidhean na "Wild Geese,"
Bhéadh mo shúil-se le Chríost, a's le nbúr gcongnamh airís
Mo cheathrar modhmhail múinte de lúbairíbh groidhe.



8



Sí an Nodlaig seo chughainn an Nodlaig gan fonn
Ag am' cheathrar breágh bruinne-gheal fí thuillibh na dtonn
Dá bhfaighinn-se mo thriúr tá go deimhin ins an tsrúil
Do dhéanfainn iad do chaoineadh a's do shíneadh i nAcadh-
Dúin.



9



Nuair théidhim-se ar an gclaidhe, 's nuair fhéachaim uaim síos,
Nuair a chím-se Carraig Aonair pléascann mo chroidhe,
Agus thar n-ais airís go bathas mo chinn
'Mar gurb í Carraig Aonair tá mar chéile agam chlainn.



Caitlín Ní Shéaghdha ó Eadragóil do thug dúinn
an t-amhrán so agus an ceól.


L. 16


TARRAING GO CIÚIN, GO CIÚIN.



Gléas Bb.



Is buachail mé 'déanfadh aon ghnó, Do
chuirfadh aon tóin i n-aon bharaille Aon
rí, aon mhí, aon bhó, Aon
ghloine, aon cheo, 's aon chnagaire.



Curfá -



Taraing go ciúin go ciúin,
Taraing go ciúin an baraille
Rí Ré Ragairne'n óil, Tá
gloin' ar an mbórd a's ní folamh é.


L. 17


2



Is buachail mé dhéanfadh dhá ghnó
Do chuirfeadh dhá thóin i dhá bharaille
Dhá rí, dhá mhí, dhá bhó,
Dhá ghloine, dhá cheo, dhá chnagaire.



Curfá



3



Is buachail mé dhéanfadh trí ghnó
Do chuirfeadh trí tóin i dtrí baraille
Trí rí, trí mhí, trí bhó,
Trí ghloine, trí cheo, trí chnagaire.



Curfá


L. 18


AN SMACHTÍN CRÓN.



Gléas F. Moderato.



Tráth 'ndé a's mé ar mearaighe, Ag
siubhal liom féin i nGarrdhá, Do
dhearcas uaim i nglas-choill
stuaire chailín óig, Ba
ghlonnrach éin ar crannaíbh,
Puic a's bruic ar stró, A's
éisc ag teacht i nglaisíbh, Ag
éisteacht le n-a glór.


L. 19


2



Ba bhúclach péarlach cas buidhe
A dlúth-fholt léi go halt síos;
Ba tiugh mar fhéar an teas-mhaighe
A lomra-fhlíos an óir;
Bhí luisne caor 'n-a geal-ghnaoi
'S gile na géis' 'n-a snódh;
Gluise 'n-a claon-rosc beadaidhe
'S ba dheirge a gruadh ná'n rós,



3



Do dhruideas-sa léi gan stad puinn
'S do leigeas go thaobh mo hat' dhíom
A's d 'fhiosruigh mé go tais tím
De'n chaomh-bhean chneas-chaoin chóir;
An tú Hélen tséimh an bhean-rí
Thug ár na Trae 's na dtreón,
Nó Déirdre mhaordha bean Naois
Dob áilne gné faoi dhó ?



4



An tusa bé na mbas mín
Do rith i gcéin fá neart Fhinn
Gur thuit an laoch do lean í
Le hOsgar tréan san ngleo,
Nó'n ríoghan nár ghéill dón chneasaigheacht
'S do chuir Actéon a clódh
Ríoghan na rae's na gealaighe
'S do bhí i gcoilltibh cnó?



5



D'fhreagair mé an gheal-chíoch
Nach de dhream tar lear í
Ach d'fhlathaibh uaisle Sean-Ghaoidheal
D'úr-fhuil Éibhir Mhóir;
Gur fada bhí a maith-bhuidhean
'N-a ríghthibh Mumhan i gc'róin
Go trúpach tréadach dath-íoghair
Go téacht na nGall tar bóch.



SEÁN Ó COILEÁIN.


L. 20


COGAR MOGAR.



Gléas C. Go mall ceanamhail.



Éist liúm go fóil, a mhúirnín Ó, And hear my
story true, Bíon daoine
'rádh 's ag trácht gach lá, That I'm in
love with you. Gur b'é do
ghlór ró-bhinn, a stór, My theme by
night and day; Ó ní neósainn
féin gur fíor an sgéal. But that's what
people say.


L. 21


2



Dá bhfaghainn-se cáil a's clú gan smál
And acres broad and free,
Dá bhfaghainn-se ór a's árd-onóir
And ships upon the sea -
B'fhearr liom ná iad, a riúin mo chroidhe,
Your smile to light my way,
Gach uile lá, a mhíle ghrádh,
Well - that's what people say.



3



'Sé deirtar fós, a chailín chóir,
That you have love for me;
'S dubhairt bean i ndé go ndubhairt bean léi
That you my bride will be,
A riúin mo chléibh, a chuid de'n tsaoghal,
My light and hope alway;
Ó cuir do lámh am láimh, a ghrádh,
And say what people say.



BRIAN O hUIGÍN.



Tá ceól a's amhrán le faghail i leabhar an tSeósaigh go dtugtar mar
ainm air "Ancient Irish Music." An "Leprech{e}un" glaodhann an Seósach
ar an bport. Sin é an ceól a bhí i gcomhair na súil ag Brian nuair
a chúm sé an t-amhrán so thuas. Tugaim-se anso ceól eile agus, am
thuairim-se, is ceól é níos deise, níos milse ar fad, Aine Ní Raghallaigh
do thug dom é. D'airigh sí sa mblian 1910 é i gColáiste Na Mumhan i
mBéal Áth' an Ghaorthaidh.



Seán Ó Conghaile, maighistir scoile do thug uaidh an port. Fear ó
Chontae Phort Láirge Seán. Is amhlaidh, mar sin, gur ceól Chontae Phort-
Láirge an ceól so.


L. 22


BEAN DUBH AN GHLEANNA.



Go mall.



Tá bó 'gam ar a' slíabh, agus táim-se seal 'n-a diaid,
A's dá seóladh soir a's siar ins an áit go ngabhan an ghrian,



Ó chailleas-sa mo chiall le nóchar,
Ó mhaidin 's go mbuidheann tráthnóna.



Nuair a fhéachaim féin anonn ins an áit go mbíodh mo rún
Rithean óm' shúil sruth deóra,
'S a Rí ghil na gcumhacht go bhfóirir ar mo chúis
Gur b'í Bean dubh ó'n nGleann do bhreoidh mé.


L. 23


2



Bean dubh a' Ghleanna, bean dubh do b'fhearra!
Bean dubh ba dheise gáire;
A gruaidh mar an eala, 's a píob mar a' sneachta,
'S a cúm seang singil áluinn.
Ní'l ógánach cailce ó Bh'le-Áth-Cliath go Gaillimh,
Ná as súd go Tuam Uí Mheára,
Ná go bhfuil ag trial 's ag taraing ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an bhean dubh áluinn.



3



Do gheobhainn-se bean sa Mhumhain, triúr ban i Liúghean,
Bean ó righ geal Seoirse,
Bean na lúba buidhe, do ghrádhfadh mé ó chroidhe,
Bean 'gus dá mhíle bó léi;
Inghíon óg an Iarla, atá go teinn dubhach diacrach
A' d'iarraidh mé fhagháil le pósadh,
'S dá bhfaghainn-se féin mo rogha de mhnáibh deasa 'n domhain,
'Sí bean dubh ó'n nGleann b'fhearr liom.



4



An té chífeadh mo theach, 's gan de dhíon air ach seasg
'N-a suidhe 'muigh ó thaobh an bhóthair,
Nuair éirighean a' bheach, 'gus dheinean a nead
Le grian a's le teas an tsamhraidh!
Nuair aosuighean suas an tslat ní fhanann uirthe aon mheas,
Ach ag tnúth leis an mbrainnse óige,
'S mo chailín plúrach, deas, d'éaluig uaim le spreas,
Mo chúig céad slán go deó léi!



An tAthair Séamus Ó Floinn do thug an ceól so do Áine Ní Raghallaigh.
'Sé an ceól céadna é do múineadh dos na macaibh léighinn ins an scoil a bhí
ar siubhal i gCathair Chorcaighe chun ceóil duthchais do mhúineadh. Micheál
Ó Gráda oide múinte an cheóil do thug uaidh an port so.


L. 24


"CLOICH REÓDH."



Gléas C. Go mall.



Trí bliana an fóghmhar so seadh d'fhágas an treo so, 'Dir
Chorcaigh agus Eóchail do stadas. I
mballín beag gleoidhte agus "thirteen" 'sa ló 'gam, Fíon
puins agus beóir ann le caitheamh, Do
dhearcas an óig-bhean am' choinnibh sa
bhóthar, Go raibh sgáil mar an rósaí 'na
leacain, A's do luighear léi a' stróireacht go
teacht um thráthnóinín, 'Sa bparóiste Cloich
Reódh bhíos ar maidin.


L. 25


2



Do rug Cloich Reódh an "sway" léi ó'n bparóiste bhí taobh léi
Chun léathróid do phléasg os cionn talaimh,
I mballín beag néata cois abhann deis na gCaorach
Mar a mbíon "sportsmen" 'sa' tsaoghal ann gan stad air.
Bíon ubhla, bíon caortha, bíon cnó buidhe ar bharr ghéig ann,
Agus ceól binn ag éanaibh gach maidin,
Bíon an eala breágh glé-gheal a' snámh ar na "lakes" ann,
'A's mná-uaisle ag aeridheacht fé chrannaibh.



3



Céad moladh lem' mháighistir nár chuir orm aon mhacháil,
Mar do léimfinn-se páile seacht dtroighthe,
Do lámhseáilfinn sámhthach, súisde nú ráinne,
Nú do bhuailfinn poc báire le fuinneamh.
A's do raghainn go tigh an tábhairne le gasra sáir-fhear,
Do ghlaodhfainn-se ar chárt a's ar ghloine
Do sheinnfinn ar "Garman" a's do rinncfinn ar chlár dóibh,
A's do dhíolfainn gan spleáchas mo bhille.



Seo ceól agus amhrán do fuaras ó Áine Ní Raghallaigh. Is é thug di
iad, idir ceól agus amhrán, ná Eibhlín Ní Scannail, inghion do Thadhg, atá
'n-a comhnuidhe i mBéal Áth' an Ghaorthaidh.


L. 26


AR AN DTAOBH THALL DE'N GHÓILÍN.



Gléas C. Go héadtrom.



Ar an dtaobh thall de'n Ghóilín, 'Seadh chomhnuighean mo ghrádh gheal, a
gruadh mar an róisín 'S mar nóinín a brághaid gheal, A
craobh-fholt mar ór buidhe 'na peórlaí siar síos léi, 'S mar a
liom-sa mo stóirín le brón-chroidhe is sgíos mé, och-
ón ó!



2



Ar a' dtaobh thall de'n Ghóilín tráthnóinín ar siubhal dom,
Ag éisteacht le smóilín an cheóil bhinn cois srúil dom,
'S eadh dhearcas-sa Nóirín i mbóithrín dheas chrainn ghlais.
'S mar a liom-sa mo stóirín is deóraidhe thar tuinn glais mé, och ó!


L. 27


3



'S ar a' dtaobh thall de'n Ghóilín do sheóluigheas t'r éis bliana.
'S do bhuail liom mo stóirín' sa' bhóithrín glas céudna,
S do bhaineas féin póigín de Nóirín ghá fásgadh,
'S ar an dtaobh thall de'n Ghóilín mo lóistín t'r éis Cásga le'm stór ó.



4



'S'ar a' dtaobh thall de'n Ghóilín, 'seadh, chómhnuíghim lem ghrádh 'nois
Chómh teaspamhail le dreóilín mo ghnó ghním cois trágha 'nois.
Tá triúr clainn ag Nóirín - Cáit, Eoghainín a's Brighde -
'S ó'n dtaobh thall de'n Ghóilín ní sheólfad thar taoide go deo, deo.



Dómhnall Ó Loingsigh do chúm an t-amhrán so agus go deimhin is deas
an t-amhrán é idir ceól agus focail.


L. 28


ORÓ! SÉ DO BHEATHA 'BHAILE.



Gléas C. Máirseál.



Sé do bheatha, 'bhean ba léanmhar, Do b'é ár gcreach thú
bheith i ngéibhinn, Ár ndúthaig bhreágh i seilbh méirleach
Díolta leis na Gallaibh. Óró! Sé do
bheatha 'bhaile, Bhfearr liom thú ná céad bó bhainne
Óró! Sé do bheatha 'bhaile 'Nois ar theacht a'
tsamhraidh.



2



Tá Gráinne Mhaoil a' triall thar sáile,
Óglaig armtha léi mar ghárda,
Gaedhil iad-féin, ní Gaill ná Spáinnig,
'S cuirfid ruaig ar Ghallaibh.



Curfá.



3



A bhuidhe le Rígh na bhfeart má dhearcam
- Cé nách beo 'na dheoidh dúinn seachtmhain -
Ghráinne Mhaoil a's míle gaisgidheach
'Fógairt fáin ar Ghallaibh.



Curfá.


L. 29


ORÓ! SÉ DO BHEATHA 'BHAILE.



Gléas D.



'Sé do bheatha, a bhean budh léanmhar, Dob
é ár gcreach tú bheith i ngéibhinn, Ár
ndúthaig bhreágh i seilbh méirlig, 'S tú
díoltha leis na Gallaibh.



Curfá -



Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile!
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile!
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile!
'Nois ar theacht an tsamhraidh.



Ceól eile é seo ar an amhrán. Biodh a rogha ag gach duine.


L. 30


AN SPRID.



Gléas Ab. Cuibhsach mear. Fonn: "Bean an fhir ruaidh."



Ar maidin indé 's mé ar séirse
taisdeal anonn, 'Seadh do dhearcas-sa
féin an réilthean gheanamhail
fhionn; Ba thanaidh é a béal 's dob'
éadtrom pras é a siubhal, 'Sa
c'laidh fada ghléigeal néata a
scaipfeadh an drúcht.



2



'S mara mbeadh na coilig a ghlaodhach, mo léan! do chlaochlóch' mo neart
Le heagla an sgéal gur bhaoghal dom í bheith lem' ais,
Tháinig allus 'n-a shlaodaibh ar m'éadan an iomarca ar fad,
Mar do cheapas narbh' éinne beó saoghaltha an bhruinneal i gceart.


L. 31


3



'S nuair a chonnac-sa 'n-a saighead í 's i n-aoirde chumais thar bárr,
'S ba ghile í 'ná an fhaoilean 's a píob mar an eala 's í ag snámh,
Do tháinig faitchíos mo chroidhe orm roimpi an sgiothaire mná,
'S gan arm ná claidheamh am' thimcheall ná gunna chun láimh.



4



Dá mbeadh arm ná claidheamh am' thimcheall nó gunna am' dhóid,
Ní thiocfadh crith croidhe orm roimpi ná eagla, ar ndó',
Mar i siubhal lae ná oidhche níor smuínigheas eagla fós
Chun gur casadh sa tslighe orm an rígh-bhean mhaiseamhail mhór.



5



Agus d'fhiosras féin do'n réilthean chumasach chóir
Nó goidé an taobh eile de'n tsaoghal do théarnaigh sí an taca so am' threó,
Nó ar b'éinne beó í i n-ao'chor do'n tréad úd do leagadh na treóin
I gcaismirt chlaidheamh ghéar na laoch mear acfuinneach óg.



6



"'S ní héinne beó i n-ao'chor mé féinig dár chanais-se fós
Ach bruinneal mhodhamhail bhéasach ná déanfaidh duit deacair go deó,
'S mara mbeadh do bhréithre néata labhartha beóil
Is eagal gur bhaoghal duit féinig a thuille tá am' threó."



7



B'í an réilthean néata aerach gheanamhail í,
Mar do labhair sí féin liom Béarla taithneamhach binn,
"Ná bíodh mairg sa tsaoghal ort féinig, a fharaire ghroidhe,
Mar ambasa nach baoghal duit mé an fhaid fhanfad sa tír."



8



'S do ghabhas-sa céad buidheachas léi siúd - sí an bhruinneal gan teimheal
Do bhí a gruadh mar na caortha 's dob' aereach é lasadh sa gnaoi
Ba gheal crathach téadach péarlach fada feann buidhe,
Iad a cuacha go néata 'n-a slaodaibh le barra chrob síos!



FINGHÍN NA LEAMHNA.



(Diarmaid Ó Gealbháin, file ó Pharóisde an Phríoracht, i n-Uíbh Ráthach,
do chúm an t-amhrán so do sprid (dar leis) a bhuail uime i lár na hoidhche
cúpla mí o shoin.)


L. 32


AN GANDAL.



Gléas C. Moderato.



Um thráthnón' i ndé 'seadh chualas-sa scéal, Ar
sgafaire gléigeal gandail,
D'imthigheadh tar caol i n-imiol móinfhéir, 'S do
thugadh roint féir 'n-a chabhail leis. Tá
duine's an mbaile go gceilfidh mé 'ainm, A's
ghéaruigh sé madara donn leis, Ba
thruagh libh a dhearcadh nuair síneadh é marbh, 'S is
dóich liom gur stracadh an ceann de.


L. 33


2



Is é dúbhairt Tomás nuair airigh sé a thásg,
"Ciarrbhadh air! níor ghádh dhó an sgannra!
I dtaobh aon tsaghas fáis, ní raibh sé le fagháil,
Mura raghadh sé ag snámh nú ag damhas ann!
Ní raibh ins an áit ach tuinneacha báithte,
Ní stadfadh préachán ná seabhac ann.
Go ndéintear é bháth, é chrochadh, nú lámhach!
An té thug anabhás dom ghandal!"



3



Do bhí sé sgafánta, cumasach, láidir,
Chuirfeadh sé bláth ar ghéanaibh!
An té chídhfeadh gach lá é ag taisdeal na mbánta
Chuirfeadh sé áthas cléibh air!
Osna mo chroidhe! mar tá 'gam le hínsint,
Go bhfuil sé gan bhrígh, lag, traochta!
Táim creachta gan puinn de shaibhreas an tsaoighil
'S is baoghlach, d'á dhruim, go n-éagfad.



4



Gur a' madra i bpéin e! Treasgarta, faon lag!
Eascaine géana an domhain air!
A theanga 'n-a bhéal go scapaidh 'n-a chraos,
'N-a anghaid go gcaochtar dall é.
Mar bhár ar a thiubaist, é thuitim sa teine!
Go loisgtear a fhiona's a dhrandal!
Gach cnámh leis a mhille do chrádhfadh é tuille!
As bás chuige i n-uireasba! an snamhaire!"



MICHEÁL UA TUAMA.



Fear oibre Micheál. Do bhíodh sé ag obair i dteannta muintire an
Athar Pheadair Uí Laoghaire.


L. 34


Táim-se ar an mbaile seo.



Gléas C. .



Táim-se ar an mbaile seo le bliain agus trí
lá, S dá mbeadh fios mo scéil ag aoinn' agaibh ní
chodlóchadh sibh go sámh; Dochtúirí na
Frainnce ní leighisfidís mo chneamha, Go dtigidh
péarla'n chúil chraobhaigh 's go gcrothaidh sí mo
lámh.



2



Tá mo mhuíntir dá shíor-rádh go gcaithfead dul anonn,
Tá mo shúil le Rí na Righthe 'gam ná faghaid siad bád ná long,
Dá mbeinn-se féin fé chíumhais an tsléibhe nú duileabhar glas na
gcrann
A Dhia dhílis nár bh'aoibhinn é, 'gus grádh mo chroidhe 'gam ann.


L. 35


3



Dá mbeadh lán na páirce báine agam de bhuaibh breaca 's buidhe,
Tuile 'gus lán báid agam de ghinithibh breághtha buidhe
Is duitse féin do bhéarfainn iad, a stóirín ghil mo chroidhe
D'fhonn bheith i gcleamhnas leat pé fada gearr go dtí.



4



Dé Domhnaig, Dé Domhnaig do dheineadar mé chreach
Do phósadar mo stór agus níor iaradar mo chead
Dá mbeadh sí i dtig an óil agam nú ins an tseómairín le n-ais
Ó grádh mo chroidhe do sheólfainn í thar Beanntraighe siar ó dheas.


L. 36


"Táim Breóidhte go leór."



Gléas C. Go mall, brónach.



Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a
bhuachailín ó? Cá
rabhais ar feadh an lae uaim, a
laoigh ghil 's a stór? A'
fiadhach 's a' foghlaeracht, a
mháthairín ó, Agus
cóirig mo leabaidh, táim
breóidhte go leór.


L. 37


2



Cad d'ithis dot' dhinnéar, a bhuachailín ó?
Cad d'ithis dot' dhinnéar, a laogh ghil sa stór?
D'itheas sicíní nimhe a' pláitíní óir,
Agus cóirig mo leabaidh, táim breóidhte go leór.



3



Cár mhaith leat bheith curtha, a bhuachailín ó?
Cár mhaith leat bheith curtha, a laogh ghil sa stór?
I dteampal Chill-Muire, a mháithirín ó
Agus cóirig mo leabaidh, táim breóidhte go leór.



An t-Athair Séamus Ó Floinn do thug dúinn an ceól.


L. 38


Brighid Gheal Bhán.



Gléas E. Fonn: "Jimmy mo mhíle stór."



Do b'aoibhinn mo bheatha feadh sealaid i
dtúis mo shaoghail. Gan bhuaireamh, gan
mhairg cois Macain ghlas úr na
gcraobh; 'S ann a chomhnuigh an ainnir gheal
phearsanta shuairc mhín tséimh. Chuirfeadh
subhailceas ar mh'aigine'r maidin 's a
meadhon an lae.


L. 39


2



B'í péarla'n chúil chraobhaigh, mo rogha's mo thogha thar mnáibh,
A dtug mo chroidhe gean agus taithneamh d'á brághaid geal bán;
'Sé mhéaduigh ar m'osna 'gus chuir mé lem rae chun fáin,
Nuair a sgaras, mo dhochar! le hainnir na mbuidhe gcocán.



3



A chuman na gcuman nách ormsa tá'n mí-ádh
Is iomad de'n donas ná leigfidh mé dhíom go bráth;
Comhairle mo leasa níor ghlacas i n-am ná i dtráth,
'Sé mo léan a's mo dhochar mar ar cheangail mé riamh le páirt



4



Nach suarach mar ghnó é, bheith siubhal ar na maoil' seo thiar,
Ó Charraig an Iolair go himeal loch Cam-an-fhiaidh,
'Smuíneamh 's a' machtnamh go n-iompuighean an ghrian aniar
Ar ghile na gile - mo chailín deas, mánla ó'n tsliabh.



5



Cá'r bh'iongna mo thuitim sa tubaiste 's laighead mo cháil,
Feuch Diarmuid, laoch clisde - an fear cúil ar na feinn dob fhearr
Chuir Gráinne faoi gheas' é go bhfuaireadh a chorp ar lár,
'Nuair treasgair an torc é san tseilg ar bheinn Gulbáin.



6



Anois ó táim claoidhte 's d'imthigheas am' spreas gan áird,
Mo shlán chun gach bruinneal dheas, mhilis dá dtug mé páirt,
I dtig tábhairne an ghloine budh mheidhreach mé am' shuidhe ag ceann cláir
'S go n-ólfainn a sláinte go fáilteach, a's go dtéigh tú slán.



RIOBÁRD BHELDON.



Fuair an t-amhrán so an chead duais ag Feis na Mumhan sa bhliadhain
1903.


L. 40


Raithineach, a bhean bheag.



Gléas C. Go haerach.



Do chuireas mo ghearra-chaile go Barra na hAoine, A
d'iarraidh staimpí nú cácaí mísle, Nuair a
tháinigh sí a bhaile, ní bhlaisfeadh fear a' tighe iad, A's
raithineach, a bhean bheag, staimpí 's ím air.



Curfá -



Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, staimpí a's ím air;
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag a's déanfimíd an císte.


L. 41


2



Tá tigh mór fairsiog i mBarra na hAoine;
Tá bean acu dh'á ghlanadh agus bean acu dh'á scríobadh ann,
A's bean acu dh'á fhásgadh os cionn corcáin ar a díchioll,
Agus seanabhean ar a corragiob dh'á leathadh ar an ngríosaigh



Curfá.



3



Ní stampí an t-arán so ná prátaí scríobtha,
Ach plúr ó'n Spáinn trí áisibh síoda;
An té íosfadh císte dhe ar maidin t'réis na hoidhche,
Do bhuaidhfeadh sé an rás ar thráigh mhóir na hAoine,



Curfá.



4



Tá mná barr-fhionna i mBarra na hAoine,
Ní'l siad taitheach ar an staimpí seo scríobadh;
Meilid siad garbh é 's bíon leacacha 'na chroidhe istigh,
'S bíon cluig ar a gcarbail ar feadh ló-go-n-oidhche.



Curfá.



5



Na mná fionna fairseoga tá i mBarra na hAoine,
Ní gnó do chleachtaid siad staimpí do scríobhadh;
Bíon plúr geal na déise 'cu i gcóir na hoidhche,
Agus crústaí de'n tsórt sain go deó níor chuibhe dhóibh.



Curfá.



6



Nuair a ghluaisighean Máire, Siobhán agus Síle,
Nóra 'gus Cáit, is sásta a bhíd siad;
An juga ar an gclár 's an cháirt d'á líonadh
'S mo cheól go bráth sibh, a mhná, cois Aoine.



Curfá.



7



Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, staimpí 's ím air;
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
'S is beag an mhaith an staimpí, mara mbeadh an t-ím air.


L. 42


Na Cleagana.



Gléas F.



An bhfeacbhúirse Seán ó bharr an chnuic. Ar
lic an tínteáin ag rinnce Jig? Mar
dheineadh sé gleo le cleagan a nódha, Do
tugadh sa treo so ó Cheanntuirc, Agus
ó bhean a' tíghe, cad é'n bhuairt sin ort?



2



Do bhíodar 'na mbrógaibh gleóidhte deas
Cluthmhar cúmpórdach 's tar meón le teas;
Níor bh'fhearr dhuit clúimh mar chneasdacht fé d'bhonn
Ná pheidhre breagh cúmtha 'cu súd bheith ort.
Agus ó, 'bhean a tighe, cad é'n bhuairt sin ort?



3



Tá cneasughadh na mílte aicíd ionta
Do sgaipfeadh gan moíll liath-bhuidhe nó triuch,
Do chuirfeadh chun fáin crampaí 'gus fuachtáin
A's mórán eile g'ránta ná h-áirím duit.
Agus ó, 'bhean a tighe, cad é'n bhuairt sin ort?


L. 43


4



Bhí pheidhre 'cu súd ar Fhionn fadó,
Is 'mdhó sliabh a's fiadhain-chúm do shiúbhlaidh leó;
Is 'mdhó cathair do thóg mar le buille d'á bhróig
Do chuirfeadh chun sgeóin na slóighte fear.
Agus ó, 'bhean a' tighe cad é'n bhuairt sin ort?



5



Tá croicean ceart-aos d'á ndeunamh soin
Ní raibh sé poll-phéisteach ná méisgreach briosg;
Bhí bucalaí óir go greanta 'na mbeól
Go bhfeicfeá do chlódh gan cheó ionta.
Agus ó, 'bhean a' tighe, cad é'n bhuairt sin ort?



6



Ní cuilean ná draighean a bhí 'na mbonn
Ach bíoma bhreagh déil bhí eudtrom úr:
Teanga bhreágh shleamhain do chroicean óg gamhain
Nár gearadh ró ghann, a's mo lom nách liom
Iad! 's ó, 'bean a' tighe, cad é'n bhuairt sin ort?



MICHEÁL UA TUAMA.


L. 44


AN ÓG-CHEARC GHUIR.



1



A rún ghil 's a stór, is brónach liom,
Mar chuiris i dtreó 'sa chró anocht,
Na trapanna nódha
Roim fhranncach nó dhó
Do mheabhruigh an lón a bhí i gcóir na muc;
'S is dúbhach mé ag caoi d'á dhruim anois.



2



Nuair thánag sa chlós le móin ó'n gcnoc,
Bhí ana-chuid sgeóltha nódha agat dam, -
Go ndeighis ansa chró soir
Le biadh chun na n-óg-mhuc,
Is go raibh franncaigh thar comhaireamh rómhat sa phic,
'S is dúbhach mé ag caoi d'á dhruím anois.



3



Ach bhí-se ró-eólgach, dar ndóigh, chun clis,
A bheith imeartha ar nóchair shoghamhail mar tú, -
Gur chuiris faoi eornainn
Na trapanna rómpa,
Is go bhfaghainn-se ar neómat spórt ionnta;
'S is dúbhach mé ag caoi d'á dhruím anois.



4



Níor bh'fhada 'n-a dheóidh gur cheólmhar sinn,
Ag taisteal an chlóis agus tóirse againn,
Ag dul go dtí an cró,
Mar ar chlunamar glór,
An fhranncaigh 'sa tró 'gus é i mbrón, dar linn,
'S is dúbhach nié ag caoi d'á dhruím anois.



5



Ach ar sroisint an chró ba bhrónach sinn,
Már cad a bheadh romhainn ná óg-chearc ghuir,
Is í greamuighthe ar sgeólmhaigh
I dtrap i bpic eórnann,
A chuir ceathanna deóra gan teóra linn;
'S is dubhach mé ag caoi d'á dhruím anois.



CONCHUBHAR Ó DEASMHUNA.



'Sé an ceol atá leis an amhrán so ná ceól "Na cleagana." Tá sé le
faghail ar leath. 42.


L. 45


Toirdhealbhach Cóir.



Gléas C. Moderato. Fonn: "An Gandal."



Ní chreideam go deó, ó aon a bheidheas beó,
"Beir bocht nó go leónaidh an bás thú";
A's a liacht sin dóigh a dtuitean mór-thorrtha
Ar dhuine gan stró, a's é ársa
Ní fios do neach beó, an mhaidin nó'n neóin,
A gcuirfidh an Rí glórmhar ádh air;
Féach teagadh i gcóiste ag taisdeal na mbóthar
Síos, Toirdheal bhach cóir Ua hÁmuill.


L. 46


2



Níor chruinnigh sé stór, nó ciste de'n ór,
Nach scapfadh 'dtigh-'n-óil go fáilteach;
(Do) shuidhfeadh fá bhórd ó mhaidin Dia-Domhnaigh
Go n-éireoch' an ló Dia-Sathruin air;
Ní ghlacfadh sé cómhairle mhná, nó mhi-Lord,
Ní fhoirseadh, ní threabhfadh, 's ní fhálfadh;
'S nach bhfeic sibh fá dheoidh gur chuir fortún i gcóiste
Toirdhealbhach cóir Ua hÁmuill.



3



Ní raibh tigh leanna fá chuairt, ó Charraig ó thuaidh,
Go hInis-chaoin suairc na fáilte;
Ó sin go Móin-fhuaghaidh, 's go Dealgain na gcuach,
Ná'r thiormuigh sé suas, mo pháisde:
Dá dteagadh na sluaighthe phronnadh gan gruaim,
Na casca ó'n chuan, gan chánaigh;
'S ní raibh oslóir gan duais ó Thoirdhealbhach ruadh,
Fó'n eachradh chur suas ar stábla.



4



B'fhearr liom lem' bheó, gan chapall, gan bhó,
Gan earradh, a's fós, gan árus;
'Ná imtheacht 'san ród, mar Icarus óg
Mac Daedaluis eólragh ádhmhair;
B'fhearr imtheacht 'san meodhain, mar teagasgadh dhó.
Ná brosnadh le stró go hárd suas;
'S gur thuit sé fá dheóidh, 's a chleite gan treóir,
'S gur i dtonnaibh na bóchna báthadh é.


L. 47


5



A Thoirdhealbhach, fiath! ná lean-sa do'n riaghail,
Lé'r cailleadh an fial-mhac áirighthe;
Tráth thabhuidh de'n ghrian, cead a heachradh do riar
Ag imtheacht le riaghail a mháthara:
Leig leis na srianta a's bhrosnadh gan cian,
Na greadha bhí diana, dán-bhrasa,
Gur loisgeadh 's na ciantaibh na hórisons shiar,
'S nach dona chuaidh a mhian do Pháeton.



6



Dá nglacfadh mo chómhairle gach duine dá dtabhrann
Tuilte do'n ór, a's grádh fós,
Aigne ní thóigfeadh seacha mar chóir dhó,
Ach imtheacht 'san nós is gnáth leis;
Ní'l ann ach ceó, ní mhaireann sé 'gcomhnuidhe,
'S is peacadh ró-mhór a lán dé;
'S go sgagann a chóiste amach ar a thóin
An fear úd nach eól dó, a's náire air!



PEADAR UA DOIRNÍN.
(1704 - 1769.)


L. 48


Mo chreach a's mo chás.



Gléas Eb. Fonn: "Bruach na Caraige Báine."



Mo chreach a's mo chás ná tagann liom snámh,
Mar luingeas ar bhárr na taoide,
Nú eitilt mar chág nú go raghainn go dtí m' ghrádh
Pé baile nú áit go mbíonn sé.
Go neósfainn mo ghearán a's mo easba gach lá,
Ó cuireadh chun fáin 'sa tír mé
Gan scilling ar fagháil ach uireasba 's gádh,
A's má bhristear an bád táim díolta.


L. 49


2



Ó do chois deas i mbróig a bhí suidhte go leór
Ba dheas liom ag gabháilt na slighe thú
Ar mhuin chapaill fé scóip ag tarraint 's a ród
Ba mhinic ag ól 's ag d'iol tú.
Do shamhail-se d'fhear óg ní fheaca riamh fós,
'S níor casadh fé dhó am' líon thú,
Cuir litir sa phóst ó Shasana Nódh
Pé baile nú áit i mbíonn tú.



3



A's ó thair ar a thaobh gur cuireadh romhat léighean
'S nár leigeadh ar strae thú ad' thógaint
Go bhfuil clisdeacht at' bhéal a's do leacain mar aol
A's tú ag amharc ar Réilthean eóluis.
Ó! b'fhearra liom féin ná baile fé léis
A's ná fearanta saor gan feóirling
Go gcloisinn ót' bhéal a bhí binn gan aon bhréag
Ar sheasaig an ghaoth i gcóir duit.



Micheál Ó Foghludha atá anois 'n-a thimthire ag Dála Déise do chuir
chugham an t-amhrán so, idir ceól agus focail. 'Sé an Micheál Ó Foghludha
céadna do sheól chugham ceól an amhrán "An túirnín lín" bliadhnta éigint
ó shin. Bhí sé an uair sin 'n-a chómhnuidhe i nGlascú agus do shíleas gur
fear ó Dhún na nGall é. Tá 'fhios agam anois gur ó h-Árd Mhór Dheagláin
i nDéisibh é. Budh mhaith liom ceartú do dhéanamh ar ar scríobhas 'n-a thaobh
cheana. Táim fé chumaoin aige anois airís.


L. 50


Maidin áluinn gréine.



Gléas F. Cuibhsach mall.



Maidin áluinn gréine 's mé'r thaobh cnuic na buaile, 'Seadh
dhearcas cúilfhion mhaordha 's a bhréidin fliuch ón luachair, Bhí
gile 's finne 'n éinfheacht go gréineach 'n-a gruaidhnibh, A's
d'fhúig sí m'íntinn léanmhar 's is baoghlach nach buan a bhead, A's
gheóbham airís an crúiscín lán, lán, lán.



2



D'fhiafruigheas-sa go béasach de'n spéir-bhruinneal stuamdha
"Cá bhfuil do ghaolta, nú cad é an taobh as gur ghluaisis
An bean ar fán an tsaoghail tú gan céile ar a thuairisg
Nú an fíor gur tusa Céarnait chuir tréan Mhuilte ar fuaimint?"



A's gheóbham airís, agus ml.



3



'Sa óigfhir chlúmhail léigheanta ní haoinne mé d'á ndubhraís
Ach bean do mhaithibh Gaodhal mé 'ta léunuighthe ag cruadhtan
M'ainm cheartsa Éire a's Mac Séarlas ghá luadh liom
'S bhúr mbailte puirt ag béaraibh an éithigh a's an fhuadaig.



A's gheóbham, agus ml.


L. 51


4



Leigfead feasta dem dhántaibh, táim cráidhte ó na nduantaibh
Ag bailiughadh cíosa a's cána a's gan fághail ar aon dualgas
Ag feitheamh ar an lá úd nár tháinig aon fhuasgailt
'S is mór an galar báis liom an t-ál so fé chruadh-smacht.
A's gheóbham, agus ml.



5



Ná leig-se feasta ded' dhántaibh, ní gádh dhuit bheith buartha
Gídh fada dhúinn ag tracht air, tá an cháirde linn buailte
Is cúilfhion mhaiseach mná mé do tháinig le tuairisg
Go bhfuil Conail ó Uíbh Ráthach, a's an lá aige siud buaidhte.
A's gheóbham, agus ml.



6



Do thugas crothadh lámh dhí, agus céad fáilte roimh an stuaire
Cuire stad go lá dhi, go sásta ar a suaimhneas
Do dhóghfainn teinte cnámha dhi mar áthas i mór-chnuic
Mar shúil go mbeadh an lá 'gainn, a's cead ráis ar na huaislibh.
A's gheóbham, agus ml.



7



Níl neart dom stad go lá, cé gur gábatar liom suaimhneas
Caithfead trial go Clár Luirc, tá an báire le bualadh
Beidh Sasanaigh a's a n-álta gan fághaltas d'á ruagairt
'S Clanna Gaedheal 'n-a n-áitreabh, 's is áthas é ró-mhór linn
A's gheóbham agus ml.



MÁIRE BHUIDHE.


L. 52


An Banbh.



Gléas C.



Ar maidin Dé Máirt ba chraidhte bhí m'aigin', Am
shuidhe ar cheann cláir ag ithe prátaí 'gus bainne leo; Nuair a
phreab chugham mo mháthair ba dhána bhí a labhartha,
"Eirigh at' shuidhe 'stráile, ar fán chuaidh an banbh uainn."



Curfá -



2



Do phreabas ón mbórd, dheineas comhartha na crois' orm
'S mo hata le fórsa am dhóid liom gur sgiubas é;
Do ritheas an bóthar go dtí na comharsain ba ghiorra dhom,
Féachaint a' gcasfaí le nóimeat ar stró banbh muic' orra



Curfá.


L. 53


3



Ar filleadh dhomhsa ba bhrónach bhí m'aigine,
Le súil a's fá dhóigh, go ngeobhfaí don mhaide orm;
'Sé an leath-scéal do fuaras sar a mbuailfí sa mhalain mé
Gur ceudhlacan muar chuir an ruagairt chomh tapaidh air.



Curfá.



4



Níor thaithin san mar ráiteachas leis na mnáibh do bhí am baile romham,
Dubhradar nár ghnáthach le fáidhe bheith rathmhar riamh;
"Eirigh at' shuidhe a stráile, 'gus sláthair an banbh chughainn
Nú ní íosfair aon phráta ar an gclár seo 'n faid mairfidh tú.



Curfá.



5



Forasta tógaidh, fóil ná bidh cealgach,
Mar is eól domhsa é fhógairt gan feóirlinn do chailleamhaint leis."
D'imthigheas an bóthar ar seól chun an geata soir,
Rian a chrúibín do fuaras gan fuacht ins an lathaigh ann.



Curfá.



6



Cuadhas ó thuaidh go dtí 'n teampail, mar bhí óg-bhruinneal mhais-
eamhail,
Dúbhairt go raibh sé sa chlós nuair bhí bólacht ar bainne aici.
D'imthigheas ó thuaidh a's mór tímpal an leasa shiar,
Agus fuaras sa tuar é, 'gus fuadar chun treabhtha faoi.



Curfá.


L. 54


7



Ba thruagh leatsa an "Poet" ag iarraidh é chóisteáil a bhaile leis,
Ná raibh aige córda ná póna go gcasfadh é;
Do rugas ar chluais air lem' fuaimeat nár leagadh mé,
Go n-aireóchfá gan spleáchas i n-Annacháile a' screadadh é.



Curfá.



8



I dtaobh na rabhcán so, bíon a lán daoine i n-arraid liom,
Bíon, a's mo mháthair, i dtaobh trácht ar an mbanbh so.
Ba dhóigh liomsa go mb'fhearr san ná bheith i dtigh'n tábhairne ag
ragairneacht
Ar meisge, crostáltha a's constáblatha am' stracadh leo.



Curfá.


L. 55


An Curaichín cois na Brighde.



Gléas E. .



Is fada mé 'gabhail tímpal, A'
siúbhal cúigí a's tíortha, A'bhfuil ó
Chaiseal go Beanntraighe, 'S de'n
sgríb sin cois trágha. Nú gur
sheól an t-Ógh Mhac Naomhtha, 'Sa
ród aréir chun tíghe mé, Thug
bárr ó ailne 's saoithe, Go
crích eile Fáil. Ta'n
cuan ag snámh go h-aoibhinn, A's an


L. 56


long thar sáil' a' tíocht chúghainn,
Ár thaighe cúmhrtha líonta De
fíon geal ó'n Spáinn, Tá na
báid 'na rás aníos ann, Fá na
lán-neart i mbarraí taoide, Teacht 'dtí'n
Curaichín cois na Bríghide, 'Dtí'n
lígheach geal gan cháim.



2



Tá an bán-bhroc go clúthair díonmhar,
A's fosgadh ó gach síon ann,
Taithneamh gréine ag luighe air,
'S is 'm do brainnse ann ag fás;
Fir a's spriús gan críonadh,
Iubhar a's laurel díreach,
Cárthann, cuileann groidhe,
'S an righin-dair do hárd;


L. 57


Fuinnseog, beith a's beech ann,
A's an leamhán breagh gan aimhleas,
An uile shórt eile adhmaid
Nach cuimhin liom ar trácht.
Tá ceileabhar éan ar chrainn ann,
An lon 's an smóilín binn ann -
Sa Churaicín cois na Bríghde
Ag an Ligheach geal gan cháim!



3



'Sé Pádraig grádhmhar Lighe é,
Togha 'gus rogha na díse,
'S a chéile bhéasa chaoin-tais
Nár claoidhte le rádh,
Óig-fhear cródha, groidhe mear
De phréamh-shliocht óige ó'n tír seo,
Cruthamhail spórt neamh-thaidhbhseach
'S gan aon teimheal ar a cháil!
Táid uaisle 's éigs' ag suidhe ann -
Cléir go sultmhar sítheach ann,
Ceól, is spórt a's aoibneas
Bhíodh acu de ghnáth;
Tá bochta Dé 'gus daill
Ag fágháil iostais lae' gus oidhche
Sa Churaichín cois na Bríghde
Ag an Ligheach geal gan cháim!



SEÁN Ó LIGHE,
ón Lios Mór.



Seo thuas againn an ceól fé mar thugann daoine i gCo Phortláirge an
t-amhrán uatha.


L. 58


Mo theaghlach.



Gléas Eb. Go h-éadrom.



Curfá.



Seinn h-adhraibh! ó! h-úraibh! ó! h-úgaibh! ó! hí!
'Siúd agaibh an obair d'fhág meidhreach m'im chroidhe!
Nuair seolaim mo chos' chun mo theighleach beag grinn
Ar chríochnú' ar shaothar mo lae dhom
'Siúd thall thar an easach mar a bhfásann gach craobh
An botháinín beag aoibhinn do gealadh le h-aol
Siúd agaibh mo theaghlach, 's teaghlach mo ghaolth'
Mar a gcaithim mo shaogal go sásta.


L. 59


2



Tá maise 'san áit úd a's breághthacht ró mhuar
Tá biolar 's nóinín 's seamróg na dtrí gcluas.
Tá foithin 'sa gheimhreadh ó ghaoith an taoibh thuaidh -
Sin moladh a's tuairisg ar (a) áilneacht -.



Curfá -



3



Tá nádúr 'san áit ud 'gus éanlaith chun cheoil
Tá duilleabhar 's sméara 's an chéirseach 's an smól;
Tá sgáth ann 's fuarthan ó bhrothal um neóin,
A's Móirín a' crónán do'n pháisde.



Curfá -



4



Guidhim sonas 's ádh ort, 'bhotháinín, gach am
Mar ar thógas gan gábhtar mór-áireamh dom' chlann
A gcroidhe 's a nádúr go brách go raibh teann,
A's aoibhneas choidhche 'nbúr mbláth-shúl!



Curfá -



Diarmuid Mac Coitir, Béal Átha'n Ghaorthaidh, do chúm na focail. Is
deas an t-amhrán é gan dabht.


L. 60


Plúirín na mban donn óg.



Gléas F. Moderato.



Dá dtiocfá liúmsa go Conntae Liathdruim, A
phlúirín na mban donn óg, A's
bhéarfainn-se mil bheach agus meádh mar bhiadh dhuit, A
phlúirín na mban donn og.



Bhéarfainn aer na Long, na seol 's na mbád duit, Fé
bharraí na dtonn a's sinn a' fill' ón dtráigh, 'S ní
leogfainn-se aon bhrón choidhche it' dháil A
phlúirín na mban donn óg.


L. 61


2



Ní rachaidh mise leat 's níl maith dhuit bheith am iarraidh,
Dubhairt plúirín na mban donn óg;
Mar ná coinneoch' do ghlórtha beo gan biadh mé,
Dubhairt plúirín na mban donn óg.
Míle céad fearr liom bheith choidhche gan fhear
Ná bheith ag siubhal an drúchta 'sna bhfásach leat;
Ní thug mo chroidhe dhuit grádh ná gean,
Dubhairt plúirín na mban donn óg.



3



Chonnaic mé chugham í tré lár an tsléibh',
Mar réilthean tríd an gceo,
'S do bhí mé 'cainnt 's ag cómhrádh léi,
Go ndeachamair go páirc na mbó.
Shuidheamair-ne síos i lúib an fháil,
Go dtug mé dhi scríobhtha faoi mo láimh
Ná fuil coir dá ndéanfadh sí ná h-íocfainn a cáin
Do plúirín na mban donn óg.



4



Mo chreach a's mo chrádh gan mé fáiscthe síos léi,
Plúirín na mban donn óg,
Fé cheangal grádha go bráth ná scaoilfeadh,
Plúirín na mban donn óg.
Tuille le fagháil go bráth ní iarrfainn -
Ach ag sugradh 's ag gáire 'réir mar ba mhian linn;
A Dhia! nach cruaidh an cás mara bhfaghaidh mé mo mhian -
Sí plúirín na mban donn óg.



(Tá deisiú déanta ar an rann deiridh. - "An Seabhac.")


L. 62


A Mháire na gcarad.



Gléas Bb. Go soilbhir. Fonn: "An Páistín Fionn."



A Mháire na gcarad 's a mhascalaigh mhín,
Slán uaimse feasda chun am dá mbínn
Ag taisteal gan mhairg 's tú romham 's a tslighe,
Gach maidin le soillse na gréine.



Curfá:-



A chuman 's a ghrádh is tú dhein mo chroidhe 'chrádh
A chuman 's a ghrádh dhil bí páirteach,
A chuman 's a ghrádh 's a phlúr na mban mbreágh,
Suigh síos a mhúirnín láimh liom.


L. 63


2



Ba thusa thar béithibh do thoghas mar mhnaoi,
Mo réalthan phéarlach sciamhach chaoin,
Saidhbhreas na hAsia 's é ghabháilt gan maoidheamh
Ar an méid úd ní dhéanfainn tú shéanadh.



Curfá.



3



Is é do scéimh-se do ghoin mo chroidhe,
A's sheól me i gcéin i ngleanntaibh fraoich,
Do chúl chas búclach ómrach buidhe,
A's do shúilín chleasach chlaonmhar.



Curfá.



4



Ag siubhal ar dhrúcht 's an ghrian t'réis luighe,
Ag déanamh cumha 's an ré 'n-a suidhe,
Mar thug mé gean dod' mhala mhín
A's dod' choimín seang tar aon bhean.



Curfá.



5



Is fada mé ag súil le huair na nguidhe,
'S is dual gach uair gur duairc a bhím,
Gan codla, gan suan, le buaireamh tríot,
Ag siubhal na dtriuch so am aonar.



Curfá.



6



Dá mbudh Liom a bhfeicim ó Chnoc na Righ,
Go Caraig a' tSamhadh 'n-a bhíodh Fionn 'n-a shuidhe,
Móin a' Mhollaigh 'gus Móin Áraidhe,
Do bhronnfainn iad uile go léir ort.



Curfá.



RIOBÁRD BHELDON.
(1902.)


L. 64


Fórnocht.



Gléas F.



Mo shlánsa cuirim chun Fórnocht, 'Sé
baile beag an tséin, Mar is
ann do tógadh go hóg mé, Gan
uireasbha puinn sa tsaoghal, Chun go
dtáinig chughainn le fórsaíbh
Seóirse Brésiur Cré, A's do
ruagair sé na comharsain, Dob'
fhearr do shiúbhluigh féar.


L. 65


2



Dá maireadh mo dhrithár Domhnall
Do bheadh acu malairt scéil,
Mar dá mbeadh a sheilbh tógtha,
Do gheobhaidís gráin a's pléir,
Tá a thig anois go huaigneach
'S é féin ag tabhairt an fhéir,
A cháirde gaoil dá ruagairt
Agus iad i bhfad i gcéin.



3



'Gus báthadh a's basgadh a's múchadh
Ar lucht stiúrtha Brésiur Cré!
A chlann go n-imthighid 's na cúigibh
Le cros 's le mí-ádh an tsaoghail!
Gach milleadh dá ngabhaidh chúcha
Go ndiúgaidh iad go tréith,
'S nár cuirtear choidhche i n-úir iad
Ach a leigheadh mar dhrúcht le gréin!



4



Is deas an baile Fórnocht,
Is breágh é a aer 's a scéimh,
Bíon aifrean Lá Ríogh an Domhnaigh ann
'S an sagart go humhal dá léigeadh;
Bíon an siúinéir a's an gabha ann,
An gréasaidhe 'gus an saor,
An smólach bhinn 'sa ghleann ann
A's inseacha chun féir.



5



Dá siubhlochainn-se go hEochaill,
A's as san go ciumhais Loch' Léin,
As san go dtí Tigh Mhóire,
A's as san go Talamh an Éisg,
Go Mainistir Ó dTórna,
A's as san go dúth' Uí Néill,
Aon bhaile beag mar Fórnocht
Ní bhfaghainn am' shiubhal go léir.



DONNCHADH Ó CEALLACHÁIN.



Tailliúir do b'eadh Donnchadh. Do ruagadh a mhuíntir as a bfeirm
tímpal deich mbliadhna a's dachad ó shin. Do chomhnuigheadar i n-áit ar a
dtugtar Fórnocht, baile puirt i bhfogus do Dhomhnach Mhór agus tímpal
deich míle ó Chathraigh Chorcaighe.


L. 66


Cois Laoi na Sreabh.



Gléas E. Andante.



Cois Laoi na sreabh go huaigneach, A
raoir le hais an chuain dam, Gan
aoin ar bith dhom bhuaidhreabh, Ach
fuaim ghuth na trágha; Lem
thaoibh do dhearcas stuaire, 'N-a
suidhe go seasgair suas liom, A
píob mar eala ag gluaiseacht, Ar
chuarchaise ag snámh. Budh
chíor dubh crathach cuachach, A


L. 67


dlaoifholt dathach dualach,
Síos le hais a gualann, Ar
luasgadh go sáil', A
braoithe deasa fuaidhte, Go
caoin ar athadh'n tsuaimhnis, A
rinn ruisc ghlasa bhuair me, Mar
dhrúcht ghil na máighe.



2



Bhí caoir tré shneachta ar uainibh
Ag coimhscar seal 'n-a gruadhnaibh
Go líonmhar lasmhar luaimneach
'N-a suairc-leacain bhláith;
A cíocha cruinne cruadha
Ar a caoimh-chneas cailce uasal
Do chlaoidh gan aiseag sluaighte
Le muar-ghean d'á grádh.


L. 68


A caoil-chrobh cailce 's suairce
Do scríobhas ar bhrataibh uaisle
Crainn a's ceathra a's muar-thruip
Ag gluaiseacht chun lámhaigh,
An coíbhleach a's an chualacht
Ag tíocht 'n-a gcathaibh muara
A's faoilinn scaptha ar chuantaibh
Ag uaill-ghol cois trágha.



3



Ag tíocht lem ais do stuaire
Na gcraoibh-fholt gcasta gcuachach
Do shuidheas go seasgair suaimhneach
Ar bhruachaibh na trágha;
Go n-innseadh sí go suairc dam
Cá tír, cá treabh, cá tuath dhi,
Nú'n í fá ndeara an buairt seo
Ar fuaid Inse Fáil.
Is caoin do labhair stuaire
An mhín-chnis chailce, stuama.
Ní haoin den aicme luaidhis me,
Cé suairc leat a gcáil,
Ach ríogan chneasda ghluais me
Ón dtaoibh a ndeas le tuairisg
Go mbeidh sceimhle ar Galla-shluaightibh
'Gus ruagairt thar lárr.



4



Tá'n flít a' teacht ó chuan Brest
Go líonmhar, lannach, luaimneach,
'S a gcraínn fá bhrataibh uaine
Go buacach 'n-a mbarr;
Tá a dtaoiseach Mars go huaibhreach,
'S a chlaidheamh 'n-a ghlaic ar luathchrith,
D'á mhaoidheamh gur gairid fuascailt
'Nois d'uaislibh Inse Fáil.
Innsim duit go mbuadhfar
Ar shíolrach Chailbhin uaibhrigh,
Ar dtíocht don aicme shluaghaigh
Ar cuaird chughainn ón Spáinn:
Beid Gaoidhil go seasgair suaimhneach
'N-a dtíorthaibh ceart gan uamhan,
'S an bhuidhean so tharaing tuar uilc
D'á ruagadh le fán.


L. 69


A Chuisle mo Chroidhe.



Gléas Eb. Go mall, ceanamhail.



Ar maidin indé roimh ghréin go moch, do
dhearcas an bhé ba néamhrach cruth; Bhí
sneachta 'gus caor ag caismirt 'n-a scéimh, 'S a
seanga chorp séimh mar ghéis ar sruth; 'S a
chuisle mo chroidhe! créad í'n ghruaim sin ort?



2



Budh bhinne guth caomh a béil le sult
Ná Orpheus do léig go faon na tuirc;
Bhí a reamhar-rosc réidh mar chriostal na mbraon
Ar sheamar ghlais fhéir roimh ghréin go moch;
'S a chuisle mo chroidhe! créad í'n ghruaim sin ort?


L. 70


Cailín Deas crúidhte na mbó.



Gléas D. Cuibhsach mear.



Tá bliain nú níos mó 'gam ag eisteacht, le
cogar doilghéasach mo mheoin, Ó
casadh liom grádh geal mo chléibhe, Tráth-
nóna breágh gréine 'sa bhfoghmhar, Bhí an
bhó bhainne chumhrtha ag géimnigh, A's na
héanlaith go meidhreach le ceól, A's ar
bhruach an strotháin ar leath-thaobh díom, Bhí
cailín deas crúidhte na mbó.


L. 71


2



Tá a súile mar lonnradh na gréine
Ag scaipeadh tré spéarthaibh an cheoigh:
'S is deirge a gruadh 'ná na caora
Ar lasadh 'measg craobha na gcnó:
Tá a béilín níos mílse 'ná sméara,
'S is gile 'ná leamhnacht a snódh:
Ní'l óig-bhean níos deise 'san tsaoghal seo
'Ná cailín deas crúidhte na mbó.



3



Dá bhfaghainn-se árd tighearnas na hÉireann
Agus éideacha síoda 'gus sróil:
Dá bhfaghainn-se an bhainríoghan is aeirde
Dá bhfuil ar an dtalamh so beó:
Dá bhfaghainn-se céad loingeas mar spré dham
Píoláití, caisleáin, agus ór:
Do b'fearr liom bheith bocht ar druim sléibhe
Le cailín deas crúidhte na mbó.



4



Muna bhfuil sé am' chomhair bheith i n-éinfheacht
Leis an spéir-bhean ro-dhílis úd fós,
Is daoirseacht dobrónach mo saoghal-sa
Gan suairceas, gan éifeacht, gan treó:
Ní bheidh sólás am' chroidhe, 'ná am' íntinn,
'Ná suaimhneas orm oidhche ná ló,
Chun go bhfeicfead lem' thaoibh ó n-a muíntir
Cailín deas crúidhte na mbó.



MICHEÁL Ó SÚILLEABHÁIN.


L. 72


An áit d'ar ghabhas.



Gléas C. Go ciúin socair.



An áit d'ar ghabhas féinig go dé'nach araoir,
Do casadh orm spéir-bhean, 'sí ag réidhteach a cinn,
Caisí boga braonach le n-a caomhleacain síos,
A dhá bois aici dhá bpléascadh 's í ag géar-ghol 's ag caoi.



2



'S cad do thug an tráth so 'san áit seo thú 't aonar,
A chailín na gcocán cúil-chrothánach péarlach?
An é t'athair nó do dhritháir nó do leanán fir céile
Do chuaidh uait ar neamháird go bhfuil an t-uchlán go léir olt?



3



D'fhreagair sí: "Dar ndóigh 's mé bean mhodhmharach na gciabh,
Ní gaolta ná comhgus do leónuigh mo chliabh,
Ní capall ná bólacht ná mór-stoc ar shliabh,
Ach grádh mo chroidhe seóladh ar bórd luinge siar."



4



"A's má imthigh ar fán uait, a bháin-chnis, is dóich
Ná fillfidh éan-tráth ort thar sáile go deó;
Cuirfead síoda 'gus seál' ort 's tú árdúghadh chun ceóil,
Ach gluaiseacht go bráth liom, a ghrádh ghil 's a stór."


L. 73


5



"'S dá dtabarthá dhóm féinig fíon craorac a's beóir,
A's bainríoghan do dhéanamh díom féin ar an gcoróinn,
Ní ghluaiseochainn-se féinig le héin-fhear go deó,
Go bhfeicfead mo chéad searc a' théacht marbh nó beó."



Sin é an fonn fé mar chuir "Oisín" ag trial ar an 'Irisleabhar' é.
Fuair sé é, dar leis, ó Thadhg Ua Léinn agus ó Dhomhnal Ua hEilidhe. Tá
fonn eile - an tarna fonn - scríobhtha síos anso againn, agus 'n-a thaobh
deir "Oisín" linn go raibh sé n-a cheann feadh a bhfad, ach ní fhéadfadh a rádh
cár airig sé é, nú cá bhfuair sé an chéad uair.



AN ÁIT D'AR GHABHAS,



Gléas C. Go ciúin socair.



An áit d'ar ghabhas féinig go dé'nach araoir,
Do carad orm spéir-bhean, 'sí ag réidhteach a cinn,
Caisí boga braonach' le n-a caomhleacain síos,
A dhá bois aici dhá bpleascadh, 's í ag géarghol 's ag caoi.


L. 74


Máirín de Barra.



Gléas G. Go mall.



A Mháirín De Barra do mhairbh tú
m'íntinn, A's d'fhág tú dubhach dealbh mé
gan fhios dom' mhuíntir. Ar mo luighe dhom ar mo
leabaidh is ortsa bhím a' cuimhneamh, A's ar
m'éirighe dhom ar maidin mar do chealg tú an
croidhe 'nnam.



2



Thugas agus thugas is do thugas óm' chroidhe greann duit
Ar maidin lá 'éil Muire na gcoinneall san teampall;
Do shúilín ba ghlaise ná uisge na ngeamhartha,
Is do bhéilín ba bhinne na 'n druid nuair a labhrann


L. 75


3



Do shíl mé tu mhealladh le briathra 's le póga,
Do shíl mé tu mhealladh le leabhartha 's le móide;
Do shíl mé tú mhealladh ar bhreacadh na heornan -
Ach d'fhág tú dúbhach dealbh ar theacht do'n mbliadhain nódh me.



4



Is aoibhinn do'n talamh a siubhlann tú féin air.
Is aoibhinn do'n talamh nuair seinneann tú bhéarsa
Is aoibhinn do'n leabaidh nuair luigheann tú fe éadach
'S is ró-aoibhinn do'n bhfear a gheobhaidh tu mar chéile.



5



Do shiúbhlóchainn 's do shiúbhlóchainn is do shiúbhlóchainn an saoghal
leat,
Do raghainn-se thar sáile gan dá phinginn spré leat;
Do thug mo chroidhe grádh dhuit go bráth. bráth ná tréigfidh,
Is do leigheasfá ó'n mbás mé ach a rádh gur leat féin me.



6



D'ólfainn 's d'ólfainn 's d'ólfainn do shláinte,
Is dá mbeinn ar bórd luinge d'ólfainn ní b'fheárr í;
Dá mbeinn-se am bhanaltra d'oilfinn do bhábán,
Siúd ort is ól deoch is Dé bheatha-sa it shláinte.



7



A Mháirín, glac mo chomhairle, ná seoltar tú'r t-aimhleas,
Seachain an stróinse fear séidhte na h-adhairce;
Gaibh leis an óig-fhear go nglaodhann siad Ó Floinn air
Pós é do ghrádh réidhtigh, o's é 's toil let mhuíntir.



Mairisíl Ní Mhurthuile do sholáthruigh.


L. 76


Geobham airís an crúiscín.



Gléas D. Cuibhsach mear.



Is fada dham ar an mbaile seo am' chomhnuidhe am'
aonar, Gan airigead sa spaga 'gam ná'n
t-ór buidhe taobh liom, Deir ainnir bhean na
cabaireacht; "Sé's dóighchighe a laogh liom Ná
glacfar i dtigh m'athar tú gan pócaí
méithe," A's geobham airís an crúiscín a's
bíodh sé lán. Grádh mo chroidhe mo
chrúiscín, Sláinte geal mo mhúirnín is
cuma liom an cúilín dubh nú


L. 77


bán, Agus geobham airís an crúiscín
lán, lán, lán.



2



Tá paróiste na Scairte seo ar mearathal le tréimhse
Agus Conntae Cheatharla gan dada i bhfuirm faobhair ann
Níl pící ann chun treascartha ná claidhmhte aca chun éirligh
A's buailfar iad, is eagal liom, ag seanaphuic an bhéarla.
Agus geóbham an crúiscín a's bíodh sé lán.



Curfá.



3



Nár fhaghadsa bás i bhfearann Luirc 's nár fhága mé an saoghal so
Go bhfeicfe mé na Sasanaigh le steallachas na déarca
A rámhainní ar a nguaillibh ag tuilleamh a gcuid réalach
A's bróga boga fliucha ortha mar bhíodh ar Chlanna Gaedheal bocht
Agus geóbham airís an crúiscín a's bíodh sé lán.



Curfá.


L. 78


Mo shlán le dúthracht d'Éirinn.



Gléas A.



Mo shlán le dúthracht d'Éirinn, 'S do
Ghaedhil bhocht le gile ghrádha, Mo
shlán le dutha dhéarcach Ghlan
Dhéiseacha uile, 'ghnáth; Mo
shlán le Dún na méithbhreac, Na
séimh-fhear 'sna mbruinneal mbán, Do
thráchtadh liúmsa ar naomhthacht, An
Aon-Mhic sin d'fhuiling páis.


L. 79


2



Mo shlán go dlúth do chléir mhilis
Mhéinneach na ndlighthe is fearr,
Mo shlán do phrionnsa léigheanta
Na féile do tuileann barr;
Go fáilteach, fiúntach, féastach.
Do ghléasadh dam culaith sámh,
'S mo shlán thar triúch dá thréithe
Go Paoracha an tsuilt le grádh.



3



Bíodh táinte tiúin ar théadaibh
Na gcaomh-chruit i gcuideacht áird,
A's dánta i ndúntaibh ghréin-ghuirt
Na Féinne le seinm bárd;
Atáim-se ag tnúth go tréanmhar
Go mbéarfair leat sinn tréd' bhás
Id árus shúgach shéadach
Go séanmhar a Mhic na ngrás.



TADHG GAEDHLACH.


L. 80


I Mothar Cluthair Cumhrtha.



Gléas C. . Fonn: "An Stáicín Eórnan."



I mothar cluthair cumhrtha, i lúib coill' am aonar, A's
mé a' smuíneamh ar thréithibh an tsaoghail chleasaigh chlaoin; Gan
neach ar bith dhom' chumhdach ach fonn ghuth na n-éanlaith, Go
súgach ag pléireacht ar ghéagaibh gach crainn. Do
dhearcas ainnir mhúinte na n-úrfholt scasta gcraobhach, Ag
túirling lem thaobhsa go séimh sultmhar síoch, Ba
ghile gnúis a's scéimh-chruth 'ná'n chúil-fhionn do thréig Tailc, 'S ná'n
bhúig-bhean mhilis mhaordha thug léir-scrios na Traoi.


L. 81


2



Ba chamarsach, ba chúrsach, ba ghlúineach, ba ghréagach,
Ba lonnrach ba néamhrach gach réidhse dá dlaoi,
Go feacach, fada, fonnsach, go fionn, dlathach, dréimreach
Ag túirling go caol-chrios n-a shlaodaibh ar bís;
A mala shnuidhte chumtha go dlúth ar a héadan
Mar dhrúcht gheal na déise a claon-rosc gan teimheal,
N-a leacain bhúig ag pléireacht bhí an sneacta a' tnúth le caoraibh,
A pearsa a com 's a caomh-chneas mar ghéis ar an linn.



3



Is slaodmhar, is lonnrach, is longach, 's is léidmhach,
Is trúpach, caithréimeach ár gcaomh-churadh groidhe
Go calma, go camthach, go cabhlach, go gléasta
Ar tonntaibh ag taoscadh na tréan-mhara roimhe
Táid flatha suilt a's ughdair dá dhlúth-chur i n-éinfheacht,
Go ndubhairt focal Dé linn i dtéacsaibh na naoimh
Anois ar theacht do'n Fheabhra nó an Samhradh n-a dhéidh soin
Go mbeidh brúidigh an Bhéarla go faon-lag gan bhrígh.



SEÁN Ó MULÁIN, cct., I gCorcaigh



Timcheall na Bliadhna, 1802.


L. 82


An Túirnín Lín.



Gléas D.



An bhliain sul ar phósas stór mo chroidhe, Ba
ghairid mar lón aici sé púnt lín, Ach an-
san nuair a phósas a's chuadhmair i dtigheas, Bhíodh
bun ag a púnt i gcionn trí mhí. Ach mo
bhean a's mo chlann a's mo thúirnín lín, Mo
chúpla púnt olna go deó gan sníomh, Dhá
lá in a luighe i n-aghaidh lae in a suidhe, A's go
dtógaidh Dia dílis a cúram díom.


L. 83


2



Nuair a mheasas gur thoghas-sa togha mná tighe
Go tais a's go modhamhail a's 'n-a rogha thar díogha
Ní hamhlaidh a bhí ach an faladh 'n-a croidhe
Do leag mé am' cheann gan mheabhair gan bhrigh.



Curfá.



3



Tá bean agam féin a's nár mhairidh mé í,
Nár mhairidh sí agam a's nár mhairidh mé í;
Dá mb'éigean dom Éire do shiúbhal le n-a cloinn,
Go rabhad fé n-a cróchar i gcionn trí mhí.



Curfá



4



Nuair a bhraitheann sí mise ag teacht chun an tighe,
Teine mhaith mhóna cuireann sí síos,
Stiúruigheann na leinbh ar fuaid an tighe
Agus sgaoileann ar siúbhal an túirnín lín.



Curfá.



5



Ach, mo bhean a's mo chlann a's mo thúirnín lín,
Mo chúpla púnt olna go deo gan sníomh,
Tobac ar a bais a's píopa le n-ais,
'S is cuma sa domhan cá ngabhann an cíos.



Curfá.


L. 84


A Mháire Mhilis Bhreágh.



Gléas G. Moderato.



A Mháire mhilis bhreágh, d'fúig an chneádh so am' lár,
Ná leighsfadh san oileán na Fodla,
A's go mbéarfainn dar mo láimh dá dtuigfá féin mo chás,
Ná leigfá mo bhás gan fóirthin.
Ní chaithim únsa bídh, ní chodlaim néal ó luighim,
Ní'l tap a' nnam na brigh ach scáil bheag,
Mara bhfagh me uain nú scíth ar dian-ghrádh lar mo chroidhe,
Ní mhairfe mé beó mí ná ráithe.


L. 85


2



Ní'l fios ná leigheas mo chráidh ag éinne beó le fagháil
Ach amháin ag an mhnaoi do bhreoigh mé;
Ní'l mo leigheas ar mhuir ná tráigh, ní'l mo leigheas ar luibh ná láim
Ní'l mo leigheas ach ag bláth na hóige;
Ní aithnighim cearc thar cuach, ní aithnighim teas thar fuacht
Ní aithnighim aon uair mo cháirde;
Ní aithnighim oidhch' thar lá a's d'aithneoch' mo chroidhe mo ghrádh
Dá dtagadh sí i dtráth 'gus fóirthin.



3



Fóir, a chuman, déin, faighim póg mhilis od' bhéal,
A's tóg chughat féin aníos o'n mbás mé;
Nó órd' dam leaba chaol i gcomhra cluthair déil
I gcomhgar an daeil 'sa cháirde.
Ní beo mo bheo ach éag, ní glór mo ghlór ach gaoth,
Ní'l snódh orm, ná saoghal, ná sláinte;
Ach go deorach, brónach, tréith, gan cheól, gan spórt, gan réim,
I ndaorbhruid a's i bpéin le grádh duit.



Ó CURNÁN.


L. 86


Radhadlam Raindí.



Gléas C. Go haerach.



Bhí divarsion aerach ar an aonach



Curfá: Radha-dlam Raindí Radhla-dlam Raindí.



Mór-chuid aer a's aoibhnis
Radha-dlam Raindí Rétí 'San



Ceólta néata spórt a's scléip suilt
Radha-dlam Raindí Radha-dlam Raind' a's



Feoil dá gléas chun bídh ann, Bhí
malluighethe 'n dream tíncéir í.



Whiskey's ale ann fíon Genéva
Brannda craorac bríoghmhar
Plúr na déis' arán sínséir, A's
cáis a's scales dhá dhíol ann, San


L. 87


2



Bhí siúicre, síolta, 'gus risíní,
Mil na gcíor a taosgadh,
Mór-chuid fíona, feóil sicíní
'S budh shoghail, blas-chaoin an gravy;
Bhí ann feoil choiligh a bhí ró-mhilis,
Bhí ann feoil druide 's naosgaig,
Bhí salan 's leek ar anairthe laoigh,
A's cana dá dhíol ar raol de.



3



An bhó ionlaogh ná beadh ró-aosda,
Bhí sí daor a dhóithin,
Sé púint sé deich scillinge 's raol,
'S ní bhfaghfá'n laogh gan ch'róinn ann.
Ar sheafaidí aosda gheóbhthá aon rud
Bhí gamhna daor go leor ann,
Capall groidhe ba dheacair a dhíol
Bhí donas le daoire ar ponies.



4



Bhí sean-mhná críona laga gan brigh ann,
'S a dteangtha go líomhtha ag básduideacht,
Plucaireacht chainte acu le sainnt,
A gclanna do dheighilt o'n árd-bhruighean.
Bhí bacaig na dútha ann, trick o' the loop,
Dob aibig do liúgheach lucht cártaí,
Bhí dathacha i nglúinibh shean duine'n gúta,
'Sé ag eascaine ansúd le hárd-chroidhe.



5



Bhí ba, capail, laoigh ann, gabhair, muca agus caoire,
Ar asail do bhí an t-anéileamh,
Ar bhó bhainne ghroidhe bhí seacht ngini buidhe
Bhí ba seasga cuibhsach daor ann.
Ar chráinte a's slipí bhí cheithre púint trí,
Agus ana-chuid díobh go léir ann,
Ach ar na banbhaíbh ní raibh ach neamh nidh
Níor bh'fiú dhuit a ndíol i n-aon chor.


L. 88


Sean Dún na nGall.



Gléas C. .



Is grádh geal mo chroidhe thú, 'Thír Conaill, a
stór, Ad' luighe mar bheadh séod glas san
fharige mhóir, Ó grádhaim thú i
gcomhnuidhe go moch a's go mall, A's
molfaidh mé a choidhche thú, a Shean Dún na
nGall.


L. 89


Ní'l Conndae i n-Éirinn níos deise ná thú.
Ní'l daoine sa domhan níos fearr cáil a's clú
Ná tá i dTír Chonaill i bhfos agus thall,
Ó bláth bán ár dtíre thú a Shean Dún na nGall.



3



Tá teanga ár sinnsir dá labhairt ann go fóil
Chomh milis, binn blasta le habhráin ná ceól
Na n-aingeal 'sna Flaithis gan smachtughadh gan smál,
Ó grádhaim go deó thú a Shean Dún na nGall.



Do scríobh Carl G. Hardebeck an t-amhrán so, idir ceól agus focail, fé
mar thug Con Ó Friel uaidh é. Tá Con Ó Friel 'n-a chomhnuidhe i nGort na
horc gCo Dhún na nGall.


L. 90


Dán-Mholadh na Gaedhilge.



Gléas F. Le fuinneamh. Fonn: "The Princess Royal."



'Sí'n teanga Ghaedhilge 's greanta cló, Go
blasda léightear í mar chéol, 'Sí chanadh bréithre
binn-ghuith beoil, 'S is fíor gur mór a háittreabh. Ní'l
teanga 'r domhan dá bhreaghthacht í, Le blas a's fonn nár
sháruigh sí, 'S go ceart do labhraid dáimhe linn, Na
dánta 's ceól, do fhagháil 'na cóir; A's seanachus na
ríoghfhlaith mór, A's saoithe cródha Chláir Luirc.


L. 91


2



Dá mbeadh ríghthe Éireann fós
'N-a suidhe san ríoghacht i gcéim 's i gcoróinn,
Ba bhinn siollaidhe na Gaedhilge leó
Ar chaoin-chruit cheóil a's táibhlis.
Beidh filí léighinn go sásta, sóghach,
Ag déanamh saothair dánta dhóibh;
Gach éigeas dhíobh san árus mór,
Ag moladh'n ríogh 's a sár-mhaith-ghníomh,
'S a shínsir uaisle thréana ghroidhe,
'S a gcríochaibh Fodla'n ársacht'.



3



Do bhéadh saoghal órdha 'g Eire 'rís,
Le saidhbhreas, cómhacht, le réim a's brígh;
Lucht léighinn fé mhór-chaithréim san ríoghacht,
A's tréan-lucht díbirt námhad.
D'éireóchadh 'n Ghaedhilge 'gcéimibh árd
I gcló 's i gcéill tar Béarla cháich,
A's startha Gaedhal d'á léigeadh do ghnáth,
A's seanachaidheacht, a's teagasg Chríost,
A's diadhairí Dé go séimh do shíor -
Ag léir-mhíniú dlighe neámhdha.



Toirdhealbhach Ua Cearbhaláin.


L. 92


An Carabhat.



Gléas Eb. Cuibhsach mear.



Is fada atá fuaim ag gluaiseacht
eadrainn Ag tuar chun sparainne i
gClár Uí Néill; Ó bhailtibh na
tuatha go bruach na farige,
Uabhar agus eagal agus ár ar
Ghaedhil. Tá siosma ró-mhuar 'san
chuan-so i n-aice linn, An eaglais
buar tha'r uair an aifirinn, Ag


L. 93


sileadh na súl ag tabhairt cómhairle bhúr
leasa dhíbh, Táimse 'm chodla nú is
fíor mo scéal.



2



A bhuachaillí'n croidhe ná bídhidh i bhfearg liom,
Is díbh-se spreagaim mo ráidhte béil;
Tagann osna am' chroidhe nuair a chím ná leanann sibh
Dlighe na hEagailse 's áilne méinn,
Ach ag imtheacht le baois ag déanadh aimhlis bhúr n-anama
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearathal,
Geallaim-se dhíbh go bhfuil bhur naímhde ag magadh fúibh,
Táim-se am' chodladh nú is fíor mo scéal.



3



'Sé teagasg na cléire a's réir na hEagailse,
An tslighe mar measaim-se b'fearr chun Dé;
'S ní ag dul chun an aonaigh le faobhar go fearagach,
Tréan fé arm chun lámhach na bpléar.
Nach dealbh an scéal é dá léigheadh ag Gallachoin
Gur b'iad clanna Gaodhal tá ag déanadh an achrainn,
Ag fealladh ar a chéile fé ghné gach seanacheirt
Bhest agus Carabhat bán do thréig.



SÉAMUS Ó DOMHNALL.


L. 94


Is cóir súd cuimhneamh.



Gléas F. Le fuinneamh. Fonn: "Róisín Dubh."



Is cóir súd cuimhneamh ar na taoisigh, Croidhe-
amhail gníomhach crodha,



D'fhulaing íosbairt, ár a's íorguil i
n-aghaidh cam dhlighe 's éagcóir, Chuir
brúid nár chuibhe as fearann na nGaoidheal, Gan
filleadh 'rís ar seól, Le
grádh dá dtír dhoirt fuil a gcroidhe go
dílseacht, díl, i ngleo. Tar
éis gach íosbairt ár a's íorghail, Níl-


L. 95


mídne claoidhte fós; an
brat nár stríoc, bíodh leis an ngaoith, a's
beam airís i gcóir.



2



'S iad clann na bhFéinn ariamh nár staon
Dá dhéineacht cath nó tóir,
Ag riar na bpléar go seasmhach, tréan
Ar namhaid's ag traochadh treón
Danair chlaon a's Gallaphoic mhaol
An bhuidhean badh líonmhar slógh
Le fulang a's faobhar 's an fhiúir dá réir
Do baineadh iad dá dtreóir.



Curfá.



3



Beidh athru' saoghail, tá fonnsa'n lae
A's muir na néal gan ceó,
Tá teanga na nGaedheal ar ais gan chréim
Do bhí le tréimhse ar feódh;
Go tóirseach, glé, gan beann, gan baoghal
I n-Éilge saor 'n-a clódh,
Do dhearbhuigh Gaedhil go haontamhail léi,
'S ní múchfar í go deó.



Curfá.



'Sí teanga an tséin, ár dteanga ghle,
'Sí labhair ár naomh gan gó;
Go mbeidh Loch Léin 'n-a thráigh gan braon
Beidh Gaedhilge i nÉirinn beó.


L. 96


4



Beidh fuaim na bpíob le clos airís
Mar bhíodh againn fad ó,
'S an chláirseach chaoin na gceólta sidhe
Ag scéith i dTeamhair na slógh.
Beidh leagaint síos ar Seóiníní
'S a maireann de na bpór,
Siúd é an "Buidhe" le fánaidh síos
Beidh "Uaithne" 'gainn go fóil.



Curfá.



RIOBÁRD BHELDON.



Do chum Ríobárd an t-amhrán so i gcóir na hoibre seo, 1910. Fuair an
fear bocht bás ó shin. Go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam.


L. 97


An Béarla Tháir.



Gléas Bb. Fonn: "Taruing go ciúin an spól."



Is fada mé i bpéin am' chrádh,
A's cealg trém' lár i n-anachain,
Ag béarla am' dhalladh gach lá,



Curfá.



A's teanga na nGaedheal fé tharcuisne. Siúd
orraibh, a chuideachta shéimh, Ní'l
maitheas le fagháil as acharann,
Ólfaimíd sláinte gach n-aon, A
mb'ionmhuin leis Béarla bheith bascuighthe.


L. 98


2



Dá dtagadh an Samhradh breágh,
A's blatha ar ghéagaibh eascartha,
Raghainn go barra Chruacháin,
A's chaithfinn ann tráth ag machtnamh.



Curfá.



3
As súd do chuirfinn-se slán
A's póg om' láimh thar farige,
Chun gach sár-fhear a's bruinneal deagh-ghrádhach,
D'imthigh chun fáin uainn scapuighthe.



Curfá.



4



'Sí an imtheacht i gcéin thar sáil
Is dlighthe an chaisleáin budh dhamanta
Sraitheana, cíos, agus cáin
D'fhág cuisle tláth ag Banba.



Curfá.



5



Is dochrach dubhach diombádhach,
Is náireach é a dtásg le haithris
Go bhfuilid Seóiníní do ghnáth
Le ceileabhar na gcág ag clabaireacht.



Curfá.



6



A cháirde dil' brosduigh bhúr lámha
'S ná bíodh ag cách mar seanachas
Gur leigeadh a chlaoidh leis an mbás
An teanga úd do ghrádhuigh na hApstalaibh.



Curfá.


L. 99


7



Ó Ghaillimh go críochaibh Fhinn Trágha
Ins gach ionad 's gach áit go farige
Tá an báire dá imirt gach lá
A's bíodh orrainn féin má chaillimíd.



Curfá.



8



Ní'l sosa 'n-a suaimhneas le fagháil
Ag an mbéarla tháir do shladaigh sinn
Go bhfiadhachfar thar caladh é chun Sheáin
A's ná'r mhairidh sí slán le casadh orrainn.



Curfá.



9



Fágfaimíd Tadhg ag an áth
'S an Dálach mar ghárda tathagach
Beid Domhnall i nDún na mBád
Ag cimeád an bháire 'n-a sheasamh ann,



Curfá.



10



Seo linn gan sceidiol gan scáth
Seo linn go grádhmhar seasmhach
Beidh Gaodhlinn i n-Éirinn slán
Gan spleádhachus d'Atcins' ná Mathaifí,



Curfá.



RIOBÁRD BHELDON (File an Chomaraigh).



Fuair Riobárd bás ins an mbliadhain 1912. Go ndéanaidh Dia trócaire
ar a anam.


L. 100


Coillte Glasa an Triúcha.



Gléas C. Andante.



A óg-bhruinneal deas, na n-órfholt breágh tais, Ó
trial's bí teacht chun an Triúcha, 'S go bhfuil mo
chroidhe 'stig ghá shlad mar shníomh-faidhe ar ghad, le
bliadhain mhóir, a shearc 's mo dhúil ort. Ach dá
bhfaighinnse an ceart a's cead pósta leat, Is
éadtrom breágh gasta shiúbhalfainn, 'S go bhfuil mo
smuínte ag teacht chun éalódh leat, a shearc, go
coilltibh breágh' glas' an Triúcha.


L. 101


2



'Sé mo chreach a's mo chrádh gan mé ar uaigneas seal lá,
'S gan neach ar bith le fagháil 'n-a dhúsgadh,
Na fir a's na mná bheith 'n-a gcodladh go sámh,
A's mise a's mo ghrádh a bheith ag súgradh,
A aon bhruinniol bhán is deise de na mnáibh,
A réilt eólais a bhfuil mo dhúil ort,
Ní chreidim go bráth ó Shagart nó ó bhráthair,
Go bhfuil peaca ins an pháirt a dhúbailt.



3



Tá dhá chích chruinne ag mo Nansaidh bhig mhilis,
I gcompás a brollaigh ghlégil,
A com cailce mar an eala, a's a méara míne meala,
'S is ró-dheas a seinim ar théadaibh.
A Phatrúin na Cruinne, sháruigh tú an iomad,
'S is cráidhte mo chineamhain féin duit,
Grádh a thabhairt do mhnaoi nach bhfágbhann mo chroidhe,
'S nach bhfaghaim í go deó le bréagnadh.



4



A Nansaidh na seód, is tú rogha na mban óg,
Is tú is deise bhfuil beó i nÉirinn,
Gheall tú bheith romham ag coillidh ghlais na gcnó,
Go gcuirfimís ár gcomhairle i n-éinfeacht;
Creid tusa, a stór, nach bhfuil peaca ins an domhan,
Is measa 'gus is mó le déanamh,
'Ná buachail beag óg a mhealladh le do phóig
Agus fealladh air go deó 'n-a dhéidh sin!


L. 102


A Mháire, a Ghrádh.



Gléas G. Ceól Uí Chearbhalláin.



A Mháire, a ghrádh is tú tá 'm chrádh,
Och tabhair do lámh go dlúth dham;
'S gur dual dam buadh na cúige d'fhaghail,
Go brách ná déan me dhiúltadh.
A chúil na ndual 's é mo chumhadh go buan,
Nach bhfuilim leat fuaidhte i gcleamhnas,
A's bead go duairc fá shíor-ghruaim,
Má bhí a bhfad uaimse a annsacht.


L. 103


2



A bhláith na gcaor ó thárla mé
Go claoidhte, tréith le greann duit;
Táir faoi 'm dhéin, a rúin mo chléibh,
'S tabhair grádh gan chlaon, gan cham dam,
Och, faraoir géar 's mé an ceann gan chéill
'S do chomhairle m'athar níor umhluigheas
'S gur b'é comhrádh déanach a dubhairt sé liom,
"Tréig-se Béal-Ath-hamhnais"!



3



Ach thug mé grádh dod' chúilín bán,
Ar chúl an gháirdín pónaire;
Dod' bhéilín tláith mar chubhar na trágha,
Dod' dhá ghruadh dhearg mar chaor chon.
Dod' bhéal is binne ná'n chuach ar bile,
'S ná ceileabhar caoin na n-éanlaith;
Mo léan! 's mo mhilleadh! gan mé 's tú, a chuman,
Ag éaloghadh le na chéile.



4



A ghrádh 's a rúin dá ngluaisfá liom
Go tír na long as Éirinn
Ní'l tinneas cinn ná tuirse croidhe
Nach leighisfí ann gan amhras,
'S tú an réalt eóluis thar mnáibh na Fodla
Agus coinnigh agat féin ó'n mbás mé,
Óir gan grásta Dé ní mhairfidh mé
Ar an tsráid seo Bhéil Áth' hAmhnais!


L. 104


Caitilín Ní Uallacháin.



Gléas Bb. Go socair.



Is fada mílte dá gcartadh síos a's suas ar
fán, Agus clanna saoithe ar easba grinn gan
cluain, gan stáit; Gan chanadh laoi, gan
fleadh, gan fíon, gan chnuas, gan cheárd, Ag
brath airís ar Chaitlín Ní Ualla-
cháin.


L. 105


2



Ná measaighidh gur caile críon ná guaireachán,
Ná cailichín an ainnir mhín-tais, bhuacach mnámhail,
Is fada airís ba banaltra í, 's ba mhuar a hál
Dá mbeadh mac an Ríogh ag Caitlín Ní Uallacháin.



3



Budh dheas a gnaoi dá mhairimís le ruagadh námhad
A's brata síod' ag taraint gaoithe 'gus buadh do'n bháib;
Plaid go groidhe ó bhathas cinn anuas go sáil
Ag mac an Ríogh ar Chaitilín Ní Uallacháin.


L. 106


Sin Choidhche Clár Luirc.



Gléas F. Cuibhsach mear. Fonn: "An ceó drúchta."



Sin choidhche Clár Luirc támhach gan treóir,
Síolrach Mhártain lan de scóip
Gan fíon, gan dán, gan trácht ar cheól,
A's sliocht Mhileadh Spáinne báidhte i mbrón.
De dhruim na scéal le tréimhse a leath,
Do dhíbir séan, do chlaochlaidh rath
Do mhill na héin, a's éisg na sreabh,
Do chríon gach géag 's a bpréamha mheath.


L. 107


2



Sin cás a's créacht a's éacht go deó
Do rás na nGaedheal an méid is beó,
Don dáimh, don éigs, do chléir na Rómha,
'S an pápa féin, ní'l spéis 'n-a ghlór.
D'fhill an rae ins gach céim thar n-ais
Do líon an spéir, na sléibhte a las;
Ní'l brígh san ghréin, is daol a dath,
'S do chíonn an saoghal gur thréig a teacht.



3



Béad ag guidhe lem námhaid gach lá go deó,
'S ag luighe fé sháil an bhráca dhóibh;
Glacfad céachta a's déanfad rómhar
A's maithim féin do scéalta nódha
Mara dtighidh i gcéin, i réim, 's i reacht
Airís dár saoradh an laoch nú a mhac
Sin cuing na cléithe ar thréad na sean
Go crích an tsaoghail seo fé n-a smacht.



SEÁN CLÁRACH.


L. 108


A Bhé na Lúb.



Gléas D. Go héadtrom.



A bhé na lúb ndréimionach ndlúth, Do
aontuigh dúil cealgach, A
réiltion iúil na méirdreach siubhail, Cé
haosta tú, a sheanabhean, Is
clé, dar liom, do léigis sonn
Caomhshliocht Niúil tairipigh, A
chéibhfion úr is aolta múr, Fá
néalaibh dúin parathais.



Curfá.



A bhé na lúb ndréimionach ndlúth, do
aontuigh dúil cealgach, A


L. 109


réiltion iúil na méirdreach siubhail, Cé
haosta tú, a sheanabhean.



2



Créad an chúis a mhaordha bhúch
Fá'r thréigis crú Banaba?
Is méad na dtnúth thug Éibhir fionn
Dod chaomhna'r drong danardha;
Do thraoch le glonn géar a lúith
Saormhac clúmhail Chearmada,
Cé féigion dúinn bheith faon go dubhach
Ag éad read chúl bachalach.



Curfá.



3



'S a chéile Luighidh na ngéibhean gcumhang
Nach clé mar chúis mhearaighthe,
Nú'n léan dod ghnúis an laochradh úd
Dar faomhais rún tarachtac,
Tréan-mhac Chumhail na Féinne 'r dtúis
Mar aon is Cú a's Cairbire,
Féidhlim úr, Laoghaire a's Conn,
Ba chéim leasc dúr draganta.



Curfá.



4



Is saoth lem chom a chlaon-chuilc úr
Fá thréadaibh clúmach Sacsanach,
Is néamh na bhfonn ag éirighe'r drúcht
Le séis i mbrúscamalaibh ;
A féarmhagh fionn is craobhach siúd
Gan éalaing brú caladh phuirt,
Is braon liom súd, a shaoghain chiúin
Bhréagach, umhal, mhalartach.



Curfá.



DÁIBHÍ Ó BRUADAIR.
1657.


L. 110


Túirín an Chéim.



Gléas Ab. Cuibhsach mear. Fonn: "Bean An Fhir Ruaidh."



Níor bh'fhada liom lá gheobhainn spás ar
Thúirín an Chéim, Ag amharc na
mbárc ba bhreághtha 's ba dheise fé'n
spéir, i dtimpal Ghleann Átha, Cathair
Fhionán a's Mucrois na gcraobh, I mbun
Ros an Chaisleáin mar a ngnáthann an
ghasra thréan.



2



'San ghleann bíon suairceas, fuaim a's echo ag an gceól
Gach rábaire duine uasail ghluaiseann sealad ón Róimh
Ní théid siad chun suaimhnis i gcuantaibh ná i gCorcaig na seól
Nead an fhiolair go mbuailid a gcluais leis ag caitheamh a stór.


L. 111


3



I mbun Tuirc na slógh bíon cóir ag saoithibh nach gann
Fíon punch agus beóir ar bórd i mbun Chromaghleann
Bíon na fiadha ruadha chun spóirt ann, glór na heala a's an tseabhaic
An londubh 's an smólach go speógach i mbarra na gcrann.



4



I mBéal Átha Máilis fásann tosadh bog úr
Crann loingis, dúrchárthain, a's gan fán an pluma 's an t-ubhal
Bíon an chaithne ag fás go hárd ann, a's nead ag an gcolúr
'S i mbarra an Chaisleáin bíon mná agus leinbh ag siubhal.



5



An té mhairfidh um Shamhain is geall le Nodlaig dúinn é
Mar beidh againn brannda leamhnacht mil agus céir
An mhuc a bhíon reamhar i dteannta an mhairt a bhíon méith
'S an bradán ón Leamhain ag damhas don choire go tréan.



6



Shiubhlas-sa a lán gan spás i dtosach mo shaoghail
Ón Daingean go Ráth, is é rádh gan bhladar gan bhréig
Níor bhuail liom éanáit ba bhreághtha 's ba dheise fén spéir
'Ná an baile beag bán tá láimh le barra Loch Léin.


L. 112


Slán le Máig.



Gléas Ab.



Ó Slan a's céad ó'n dtaobh so uaim Cois Máigh na
gcaor, na gcraobh, na gcruach, Na stát, na
séad, na saor, na sluagh, Na ndán, na
ndréacht, na dtréan gan ghruaim! Och, och-
ón, is breóite mise, Gan chuid, gan
chóir, gan chóip, gan chiste, Gan sult, gan
seód, gan spórt, gan spionnadh, Ó seóladh
mé chun uaignis!


L. 113


2



Slán go héag dá saor-fhear suairc,
Dá dáimh, dá cléir, dá héigs', dá suadh,
Dom cháirde cléibh gan chlaon, gan chluain,
Gan cháim, gan chaon, gan chraos, gan chruadhas.



Och, ochón, agus lm.



3



Slán dá éis dá béithe uaim,
Dá mná go léir, dá scéimh, dá snuadh,
Dá gcáil, dá gcéill, dá gcéim, dá gcuaird,
Dá bpráisc, dá bpléidhe, dá méinn, dá mbuaidh.



Och, ochón agus lm.



4



Is fánach faon mé, is fraochmhar, fuar,
Is támh-lag tréith 's is taomach truagh,
I mbarr an tsléibhe gan aon, monuar,
Am' pháirt, ach fraoch a's gaoth a dtuaidh.



Och, ochón agus lm.



5



Dom cháirde am' ghaor gan téacht is truagh,
'S mé am' chrádhadh ag an saoghal i ngéibh 's i nguais,
Le ráithe i bpéin i gcéin ar cuaird,
Gan ádhbhacht, gan scléip, gan scéal dá luadhadh.



Och, ochón agus lm.



"AN MANGAIRE SÚGACH."
(1770).


L. 114


Binn Lisín Aerach an Bhrógha.



Gléas G.



Lá meadhrach do rabhas-sa liom féin, Ar
bhinn Lisín aerach an Bhrógha, Ag
éisteacht le binn-ghuth na n-éan, Ag
cantain ar ghéaga cois abhann; An breac
taidhseach san linn úd faoi réim, Ag
rinnce sa ngaortha le fonn, Má's
tinn libhse radharc súl nú béil, Tá
leigheas luath ó'n éag dibh dul ann.


L. 115


2



Níor chian dúinn cois diantsrúil na séad,
'Nar mhian le fir Éireann dul ann;
An tráth thrial chughainn an ghrian-mhilis bhé
Go dian 's í an eug-chruith go lom;
A ciabh-fholt breágh niamhrach go féar,
Ag fás léi-si roimpe 's n-a deabhaidh;
"A Bhriain ghil, cread é 'n dian-ghol so ghnéir
Do chiap mé go haeibh os mo cheann?"



3



Ní scaoilfead-sa príomh-rún mo scéil,
Go n-innsir cá taobh díom ar ghabhais,
An tú Aoibhil bheag chlaoin-chleasach, chlaon,
Mar líonais go léir me dod' ghreann;
Nó'n tsíth-bhean thug buidhin-truip na Trae,
Gur líonadar Gréagaig 'n-a deabhaidh.
Nó'n brighdeach lé'r claoidheag léi gan réim,
Clann Uisnigh na tréan-fhir gan chabhair.



BRIAN Ó FLATHARTAIGH.


L. 116


Inghíon an Phalaitínigh.



Gléas C.



La breágh aoibhinn mharagaidh, a's mé
'gabhail trí Bhail' Ó Síoda
Rax fol ol de deedle tay rye om de deedle
Rax fol ol de deedle dee. Cé
chasfí ins an tslighe orm ach in-
ghíon an Phalatínigh,
Rax fol ol de deedle.
D'fhiosruigh sí fios m'ainim' "Nú 'dé'n
baile ó go mbíon tú? An


L. 117


dtiocfá féin a bhaile liom
seal i dtigh mo múintir?" 'S é
dubhart, is buachail greannta mé do
chomhnuigheann i gCoirínibh
Rax fol ol de deedle tay rye om de deedle
Rax fol ol de deedle dee.



2



Má thréigeann tusa an tAifrean do gheobhaidh tú mise le pósadh,
Rax fol ol de deedle, agus c.
Mar dhein an chuid eile 'em charaid-se, a's a maireann beó dem cháisde,
Rax fol ol de deedle, agus c.
Do gheobhaidh tú ór a's airigead agus talamh maith gan chásamh,
Agus litir ó Mister Oliver go bhfuil m'athair caithte cráidhte
Agus cailín deas ag suidhe led ais má's méinn leat-sa an Pailitíneach.
Rax fol ol de deedle, agus c.



3



Do dhruideas-sa 'n-a haice siúd a's thugas di cúpla póigín,
Rax fol ol de deedle, agus c.
"'S má théidhim-se féin a bhaile leat, an bhfaghaidh mé thú le pósadh?"
Rax fol ol de deedle, agus c.
'Sé dubhairt sí, "Ná bíodh eagal ort, tar liom a's míle fáilte,
Gheóbhaidh tú le toil m'athar mé, 's gan dearmad óm' [b]máithrín;
Geóbhaidh tú stoc a's thalamh liom, a's mairfimíd go sásta."
Rax fol ol de deedle, agus c.


L. 118


Páidín Ó Rafartaigh.



Gléas G.



Is buachail gan ghruaim mé ná'r gráidh a bheith achranach
Gairim ní bhfuair mé bheith stuacach ná caismirteach, Gan
aon locht sa tsaogal le léigheamh ná le haithris, Ach go
dtug mé grádh cléibh do'n spéirbhean deagh-aithintheacht.
Bíodh sé mar cómhartha gur b'é deir gach faraire, Go
ndíolfainn chúig phúint ar an gclár i dtig tabhairne, Ní
árthach tóin caoil do bhíodh agam ná cnagaire 'S a-
measg na bhfearg gleoidhte 'seadh d'ólfainnse 'n baraile.


L. 119


2



Threabhfainn na bánta agus raobfainn gach garbhfhonn
A's dá dtabharthaidhe grafán dam is clisde do ghrafainn leis,
Nó speal am' dheas láimh a bheadh fadhairte glan taraingthe
Budh dheas leat chomh díreach is shínfinn na srathanna;
Chuirfinn stáca gan cháim ar stál insan eathala
Díon air a chimeádfadh neamh spléadhach leis an bhfearthainn é
Do léimfinn an tSiúir a's do snámhfinn an fharige
Dá mbudh dhóigh go bhfaghainn rún ó Cháití mo leanbh bhocht.



3



Is fuath orm guagaire, is fuath orm dranaire,
Is fuath orm stuaire bheith pósta 'ge seanduine,
Is fuath orm luascaire gadhgach de sheana bhean
A bheadh a teanga aici suaidhte i nidhthibh ná bainfeadh léi.
Is fuath orm óig bhean a chodlach go headarshuth,
A's leogfeadh do'n bhó go loisgfeadh an bhainne uirre,
Is fuath orm óinmhid is fuath orm grabaire
A bheadh ag déanamh ádhbhacht de dhuine bhocht amalach.



4



B'fearr liom ná stór a's é chomhaireamh i n-airigead,
'S ná an lomra órdha thug Jáson thar farige
a's ná tuille gan gó de ghréithribh bheith agam-sa
Go bhfaghainn buile nó dhó ar fhear an leis leagaithe.
Dá bhfaghainn-se caoi ar an deárna do leagaint air,
B'fhada bheadh cuimhne aige ar fheabhas mar smalcfinn é,
Má gabhann sé an tslighe le n-a leath-chois ag plabarnaigh
Ag éiliom mo mhaoin-se leagfaidh mé an mala aige.


L. 120


5



Mo bhruinneal dheas, mhánla, bhláthmhar, charthanach,
Shoinneanta, bhádhmhar, ghrádhmhar, ghreannamhar,
Is é leagaint a súl a's a béilín bladartha,
A scaipeann an chumha 's an brón dem aigine;
Finne bhean mhúinte, chiúin tais, thaithneamhach,
Flaitheamhail, fiúntach, flúirseach, chailcineach,
I dtaisdiol na Mumhan a samhail ní fhaca mé
'S í an ainnir gan smúit í agus togha na Banban.



6



Dá mbeadh maide donn draighin shnasmhar dlúth snadhmanach,
Nó cuileann dúr chaoin am dhóid agam greamuighthe,
Níl bodach sa tír ná mairtíneach ar m' aitheantas
Do bhainfeadh liom bhaoin-sa ná faigheadh insa phlaitin é
Le faobhar neart mo ghéige is ró-léir do scaipfinn iad
Bheinn-se dá bpléascadh, go mbáthfinn sa Mhachain iad,
Gan fóirthin, gan faesiomh le saothar ag screadarnaigh
A's ná'r bhinne mar cheól é 'ná "Páidín Ó Rafartaigh."



RIOBÁRD BHELDON.



Fuair an t-amhrán so an chéad duais ag Feis na Mumhan, 1900.


L. 121


Lá 'gus mé a' taisdeal am' aonar.



Gléas F. Go hanamamhal, gan bheith ró-mhear.



Lá, 'gus me ag taisdeal am aonar, Tré
Cnocáinín aerach na Biolaraige; 'S mar is
duine le crosaibh an tsaoghail mé, Do
theagmhaidh liom éachta na turrainní.



2



Do casadh orm seana-bhean aosta
'S a bairille taobh léi mar channa díghe;
D'fhiafruigh sí an dhuine de thaest mé
A' stadfainn nó a' nglaodhfainn ar mhuga díghe.



3



Dúbhart-sa gur duine de thaest mé
'S i dtosach mo shaoghail dom go mblaisinn í;
Líon sí chúgham corn gan aon rud,
A's thaithnig liom an méid sin ó'n seana-mhnaoi.


L. 122


4



'S nuair fuaras an tseana-bhean éasga
'S gur chorruigh an braon san mé ar fad am' buíll
Do luigheas ar chnagadh 's ar ghlaodhach
Chun nár fhágas aon bhraon ins a' bhairillín.



5



A's ar maidin nuair cheap sí mé dh'éileamh,
A's chonac an daor-bhille ag teacht am' ghaoir,
Bhíos gairid do'n airgead ghlé-geal
Do ghlanfad an t-éileamh do'n tseana-mhnaoi.



6



Do luigeas ar sheanachus léi-se
Ar imtheacht an tsaoghail di go fada bínn,
Ach 'sé crích agus deire mo sgéil duit
Ná déanfadh mílseacht mo bhréithre í bhogadh dhíom.



7



Do chaitheamair sealad go h-éadmhar
Ag caismirt le chéile 's ag ganguidigheacht,
A's ba ghairid an t-aga 'na dhéigh sin
Gur sgiob sise an baebhar ar fad dem mhaoil.



8



Do thug sí na mionna ba thréine
Mura ndéininn léi réidhteacht gan camasduigheal
Go mbainfeadh dem cholainn an t-éadach
'S go ndéanfadh sí éifid go tapaidh dhíom.


L. 123


9



Cé phreabfadh chun a' doruis go h-éadtrom
'Ná marcach breágh gleusta ar chapall ghroídhe;
'Ainim siúd Tomás ó Cléirigh
An sagart do b' fhéile 's ba charadaíghe.



10



D'fhiafhruigh cad as do'n stróinséarach
A's d'fhreagair go h-éasga dhó bean a' tíghe.,
D'atharuigh teanga sa Bhéarla
A's bíodh orm gur léirígh mo mhaitheasaí!



11



Tar éis mo cháil ag an sagart do léigheadh dhi
Níor tháinig aon taod inti ach mar a bhí;
'S ba ghearr an tamall 'na dhéigh sin
Gur thairg sé an t-éileamh ar fad do dhíol.



12



'S nuair cheapas na ranna so dhéanamh
Níor bh'eagal liom baoghal ó cheachtar díobh;
Siúd mar a chaitheas mo thréimhse,
'S nár chastar lem' shaoghal orm an caillichín.



13



Do ghluaisigheas abhaile go léanmhar,
A' machtnamh liom féinig ar feadh na slíghe
Dá sroiseadh an cúrsa mo ghaolta
Go ndéanfaidís éirleach a's magadh dhíom.


L. 124


Eóghan Cóir.



Gléas E. Con spirito.



Nach é seo an scéal deacrach san tírse
A n-anacair chroidhe 'gus bróin,
Ó fhágbhas sé Creagán an Líne
Go dtéidh sé go dtí'n Fál mór.
A leithéad de screadadh 's de chaoine
Níor cluineadh 'san dtírse fós,
Gidh ní'l againne a n-iongnadh
Ó cailleadh, faraoir! Eóghan Cóir.


L. 125


2



Bhí gnaoi agus gean ag gach n-aon air,
An sean-duine críon 's an t-óg,
Bhí'n saidhbhir 's an daidhbhir i ngrádh leis
Mar gheall ar a chroidhe maith mór.
Le togha 's le rogha na tíre
Do chaitheadh sé píosa óir,
'S le daoine bocht' eile nior spíd leis
Boidéal de'n tsíbín d'ól.



3



Tá Antoine Ó Gabháin ag caoineadh,
A's ní Seán Ó Baoighill a bhfad beó,
O cailleadh a gcaraid san dtír seo
'Sé d'fhágfaidh a gcroidhe faoi bhrón;
An anacair chathair níor síneadh.
'Sé mheasaim, fá liag ná fód,
Aoin neach bud mheasa do'n dtír-se
Ná an duine bocht maol, Eóghan Cóir.



4



Budh ró-mhaith ag tógbháil an chíosa é
Budh bheag aige mí nú dhó,
Go ndíoltaidh an bhó ar an aonach,
Nú an giota do bhíodh san tseól.
'Sé dubhairt Séamus Pheadair mhic Riabhaigh,
A's é ag agairt ar Rígh na ndeór,
"Do réir mar bhí se sean do dhaoinibh
Gur ab amhla bheidh Chríosta dhó."



RIOCÁRD BARÉAD.


L. 126


Mo thalamh Beag Dúthchais Féin.



Gléas F.



A Éire, a chuman na gcumhangach,
Fuair bascadh 'gus brughadh ó bhéir,
Do réab, a chara, do ghnúis-se
'S do laguigh go humhal do scéimh.
Is dilse fé dhó thu liúmsa
'Ná stór a's 'ná cumhacht a'n tsaoghail,
'S ná ríoghachta na Rómha's na Rúise
Mo thalamh beag dúthchais féin.


L. 127


2



Mo ghrádh-sa do mhór-bheanna, a mhúirnín,
Do ró-ghleannta srúileach glé,
Do bhánta 's do mhóinte geal' úra
Fé cheó-bhrataibh drúchta ar fhéar;
Is aoibhinn é um meadhón an Iúil ghluin
Le fáinne flúirseach an lae,
Éan-amharc amháin ar an ndúthaigh
Am' thalamh beag dúthchais féin.



3



Na coillte glasa duilleabhra
Cois abhann gan diúltadh ag téacht ;
Na héanlaith gan eagal ag súgradh
A's na héisc ins an tsrúil fé réim;
Ó caithfad mo shaoghal go húir dam
I nÉirinn mo chúig chéad spéis :
A's Dia na nAingeal ag cumhdach
Mo thalaimh bhig dhúthchais féin.



"TÓRNA."


L. 128


Turus go dTír na n-Óg.



Gléas A. Go ciúin socair.



Tá gaoth na tír' ag séideadh, 's tá na
héanlaith ag dul chun suain, Tá'n
dubhar ag dul chun síneadh ar an
mbán, Ó éadan ruadh an
tsléibhe tagann meidhleachán na
n-uan, Agus fuaim na caise ag
caoineadh ar an dtráigh; Tá
uaigneas ar m'anam 's is
fada liom an oidhche, budh


L. 129


mhian lem' spiorad gluaiseacht leis an
ngréin, Ó'n mbuairt seo tá ar
m'aigine is ó cheal ag rún an
tsaoghail, Go tír a bhfaghainnse
fuasgailt ar mo phéin.



2



Glaoidhtear orm aniar, agus is aoibhinn liom an ghlór
Mar bheadh leóithne caoin ag cogar thar an gcuan,
Raghad chun mo luinge, nó go scaoilfidh mé mo sheól,
A's go ndeónuighthear mo shroistin slán anonn!
Ní tír go n-iomad soillse, ná laoithe liom do b'fhearr,
Ach tír bheith lán de charthanacht 'mo chomhair,
Mar a maireann féile croidhthe idir shaoithibh Inse Fáil,
In ann atá mo thrial - go Tír na n-Óg!



An tAthair F. Ua Conaill.



Do scríobh an tAth. Tomás Mac 'Liam síos an fonn so i Mainistir
Fhearmuighe ó'n Athair Séamus de Róiste, do chaith a óige imeasc na ndaoine
fá'n dtuaith. Ní raibh ainm an fhuinn aige, ná na focail, ach chomh beag.


L. 130


Domhnall na Gréine.



Gléas Ab. Allegretto vivo.



Comaoin a's frolic ó árd-churadh 'n bhaile seo, Ar
Dhomhnall na gréine Mar chualasa a thréithe, Dá
mbeadh ar feadh seachtmhaine ag ól a dheoch leanna, Ní
thiocfadh éin-néall air, Do b'annamh díth céille air, Do
b'fhada a léim reatha 'S ba bhreágh a bhuille bhata, In
aimsir an éigin Do sciúrsálfadh céad fear, A
shamhail de dhaire le Lugha lámhfhada a, Nó
Alastram tréanmhar Nó Harcules Gréagach.


L. 131


2



Ní'l ceólta dá spreagadh i seómra ná halla
Ná fuil ar a mhéaraibh
Do chúmfadh sé bhéarsa
Is ró-líomhtha a theanga i mBéarla nó i Laidin
Do scríobhfadh sé Gaedhlainn
Dutch agus Gréigis.
Táiliúir ná gabha ná fear déanta poll.
D'fhighfeadh sé an t-éadach
Kinling a's Cambric
Gréasaidhe ar fheabhas a's priontaire leabhar
Deineann sé an céachta
'S d'fhuirsfeadh sé an bréanar.



3



Gléasaire ana-mholta is aeraighe i gCorcaigh
'Sé Domhnall na gréine
Seinnean sé ar théadaibh,
Le haol a's le clocha do dhéanfadh sé obair
Mar dhroichead na hÉirne
Treasna ar an dtréanmhuir
Bád agus coite do dhéanfadh go toghtha
Stiúruigheann sé an caolbharc
Anonn go dtí an Ghréig leis
Gruamaeir a's marcach ná fuair riamh éin-leagadh
Seinneann sé ar phíb
'S gach samhail chun seinnte



4



Do dhéanfadh sé síolchur a's chartfadh an t-aoileach,
Muileann do bhreacadh
Do chúbadh 's do leagadh
'S ní ghlacann sé díol ar chor ar bith choidche ann
Do dhéanfadh sé hata
Do easpog Chinnmara
Peirbhic don iarla srian agus diallait.
Do dhéanfadh sé eangach
Do bhéarfadh ar ghealach
Amuich ar loch iascach is roinnfeadh go fial é
Sleannadóir tapa
Dá bhfaghadh sé fear freastail.


L. 132


"An Síoda 'Tá it Bhaillet?"



Moderato.



Dia Máirt moch ar maidin do ghléusas mo chapall chun
dul 'n Ghleann Gharbh de'n chuaird sin. Ba ró-ghearr go bhfaca an
patrún breágh fairsig ag Cipíní Aitinn mar chuala. 'S a
Síoda 'tá't bhaillet, An Síoda 'tá't bhaillet, An Síoda 'tá't bhaillet, a
bhuachaill, 'San Síoda tá't bhaillet, nú ubhla bréagha aibig, Nú
péiríní 'mheallas mná uaisle?


L. 133


2



A Chipíní Aitinn, céad dith ort a's deacair!
A's gúta go dtagaidh id' ghualnibh!
Is le Cipíní Aitinn, 's le máilíní leathair
Do mealladh an t-airgead ruadh uaim.



Curfá.



3



Nuair a thánag abhaile do shuidheas ar an raca
'S ní rabhas ann ach tamaillín suarach,
Nuair a tháinig chúgham mh'athair am' pleanncadh le bata,
A's dubhairt liom bheith tapaidh a' bualadh.



Curfá.



4
"Fóil, fóil, a athair, bhí foidhneach, fan fada,
Cuir uait an maide 's ná buail me,
'S go deo deo 'n fhaid mhairfead ní thréigfead an baile
'S déanfaidh mé grafa 'gus buaint duit."



Curfá.



'S ní Síoda 'tá'm Bhaillet, ní síoda 'tá'm Bhaillet,
Ní Síoda 'tá'm Bhaillet, a Stuaire,
Ní Síoda 'tá'm Bhaillet, ná ubhla 'tá aibig
Ná péiríní 'bhlaisfeadh mná uaisle.


L. 134


Cathair na Léige.



Gléas C.



Is go Cathair na léige mo leun ba mhinic mé
siar, Ag trial chun mo chéad shearc do
thréig 's bhain díom mo chiall, Muna
ndéantar mé phósadh lem' stór ar an Inid seo
chughainn, Tuitfidh mé i mbrón a's ní
docha go mairfidh mé bliadhain.


L. 135


2



Ná tagadh an ceó ná an brón so timchioll do chroidhe,
Dhéanfainn tú phósadh ar an gcoróinn ó Eaglais Chríost,
B'fhearr liom tú, a óigfhir gan feóirling agat sa saoighal
Ná fear eile a's ór chuirfeadh cóistí ag rith fúm sa tslighe.



3



Do chrothas-sa lámh leat an lá úd ag barr an Chnuic Bhuidhe,
Shíleas do bhárr ná raibh le fagháil agam sa saoighal,
Rug tú an bárr leat ó Phlánaed an bhrollaig ghil mhín
A's ó'n bhean a thraoch George an sár-fhear meanmach groidhe.



4



A Phádruig bháin a shár-fhir ó Scairt na draoighnighe
A bhfuilim-se i ngrádh leat a's nach náir liom t-ainm thabhairt síos,
Rachad leat thar sáile nú aon pháirt de Shasana nuaídh,
Séanfad mo cháirde a's go bráth ní chasfam airís.



An t-amhrán so agus naoi nó deich de cheannaibh eile d'amhránaibh atá le
fághail anso i ndiaidh a chéile is ó Nioclás Tóibín do fuaras iad. 'Sa Rinn
atáid siad ag na daoinibh. Amhránuidhe ana-bhinn é Nioclás. Tá an seana nós
go háluinn aige agus tá na casaí ar a thoil aige. Bhí sé 'n-a mhúinteóir
cheóil 'sa Rinn ar feadh tamail. Agus dár ndóigh táim-se anabhuidheach de
'dtaobh an cheóil seo go léir do thabhairt uaidh ar mo shon-sa. I gcóir na
hoibre seo do thug sé uaidh iad. Thug Áine Ní Raghallaigh congnamh maith
dhúinn chun na n-amhrán so do chur síos i gceart.


L. 136


Sliabh na mBan.



Gléas Eb. Go hana-mhall agus go brónach.



Is soith liom féineach bualadh'n lae úd, Do dhul ar
Ghaedhil bhoicht 'sna céadta shlad, Mar tá na
méirlig ag déanamh game dínn, A's a rádh nách
aon nidh leo píc ná sleagh. Níor tháinig ár
Major i dtúis an lae chughainn, 'S ní rabhmair
féin ann i gcóir 'nar gceart, Ach mar a seólfí
aodhre le bó 'dtí'n aonach, Ar thaobh na
gréine de Shliabh na mBan.


L. 137


2



Mo leum léir ar an dream gan éifeacht
Nár fhan le h-eirim asd' oidhche is stad
Go mbeadh dúthaighe Déise agus iarthar Éireann
Ag triall le chéile ón tír andeas
Go mbeadh a gcampaí déanta le fórsaí tréana
Bheadh congnamh Dé linn sa saoghal ar fad
A's ní dhíolfadh méirlig de mhuintir Néill sinn
A's bhuaidhfidhe an réim linn ar Shliabh na mBan.



3



'Sé Ros do bhreoidh a's do chlaoidh go deó sinn
Mar ar fhágadh mor chuid dínn sínte lag
Leanbhaí óga 'na smól ann dóighte
A's an méid a fhan beó dhíobh cois claidhe nó sgairt
Ach geallaim féin díbh an té dhein an foghla
Go mbeam-na i gcóir dó le píc a's le sleagh.
A's go gcuirfeam yeomen ar crith na mbróga
Ag díol a gcomhar leo ar Shliabh na mBan.



4



Is 'mó fear aosda a's crobhaire glé-geal,
O'n am go chéile do gabhadh le seal;
'N-a bhfuil córdaí caola ag bain lúth a ngéag díobh,
I ndoinsiúin daora go doimhinn faoi ghlas;
Gárdaí taobh leó ná leómhtha sméid orra,
Do dhéanfadh plé dhóibh i dtír tar lear;
Dá dtabhairt saor ó na namhaid gan baodhchus,
I n-am an tsaothair ar Shliabh na mBan.



5



Atá an Francach faobhrach a's a loingeas gléasta
Le cranna geura acu ar muir le seal
'Sé (a) síor-sgéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn
A's go gcuirfid Gaedhil bhoicht arís 'na gceart
Dá mbadh dhóigh liom féineach go mbadh bhfíor an sgéal úd
Bheadh mo chroidhe chómh éadtrom le lon ar sgeach
Go mbeadh claoidhe ar mhéirlig a's an adharc 'á séide
Ar thaobh na gréine de Sliabh na mBan.


L. 138


6



Tá na cóbaigh ag iarraidh eólais,
Tá'n aimsir óg 's an chabhair ag teacht;
An té mheill na gnótha is é leighisfeas fós iad,
A's ní dhíolfam feóirling leó, cíos ná sraith ;
Píosa c'róinneach an chuid is mó dhe,
Luath éiric bó nó teaghlaigh deas,
Beidh rainnce ar bóithre a's soillse dhá ndóghadh 'guinn,
Beidh meidhir a's mórtas ar Shliabh na mBan.


L. 139


Taobh Chill an Fhuarthain.



Gléas F.



Aisling a deineadh aréir dom trím néalta 's mé'r mo
shuanaibh Gur dhearcas an spéirbhean déigh-
mhaordha an dress uaithne, Do fhiosruigh sí go
séimh díom an raibh leun orm ná buaidhreamh, Mo
cháirde bheith go tréith lag ar thaobh Chill an
Fhuarthain.



2



Phreabas trím' néalta mar ba mhéinn liom an duain sin
Nó go bhfuaireas thú traochta ar thaobh Chill an Fhuarthain
Ciacu evil ón spéir nó an t-ague do bhuail tú
A fhág tú go tréith lag ar Thaobh Chill an Fhuarthain.



3



Tá filí na h-Éireann 'nois tríot-sa ar fad buadhartha
Ó chualadar an sgéal úd go raibh Éire faoi chruadhtan
Ach anois ó táis tréith lag a's nach féidir liom ort fuasgailt
Guidhim-se Mac Dé leat ar thaobh Chill an Fhuarthain.


L. 140


Cailín Ní Sheáin Uí Chuilleanáin.



Gléas Eb.



Mo shuidhe 'stig cois na teine dhom, Mo
ghloine 'gam 's mo chrónáin dighe, Do
bhuail chugham ceó ar m'ínchinn, Nár
imthig díom gur chuadar an chrín, Mar do
chuir sé mise i gcoilice i
bhfionn-chruth 's i bpiantaibh tláth, Nó gur
bhuail chugham ceó ar m'ínchinn nár
imthigh díom go bhfuaras bás.


L. 141


2



Líon chugham buidéal réidhtig
Dom féin a's dom' mhíle stór,
Chun beanacht do chur lem' chéad shearc,
'S í siúd péarla na bhfáinní óir ;
Ach pioc ní raghaidh am' bhéal de
Nó go leigfidh mo dhiombádh dí an brón
A's a mhaise plúr ban Éireann
A's d' dhéidh-se ní mhairfead beó.



3



Tá an sparán trom so teacht caithte 'gam
A's ní'l faic ann anois le h-ól,
Dá líonfá piúnta a's gloine dhom
Nó go bhfillfinn airís an ród;
Ach pon my word ní thuigim tú
Mar atá cuideachta go meabhar leo suidhe
Siúd fad ort-sa a glogaire
Atá an tuille romhat sa sruthán buidhe.



4



Do bhios-sa lá a's do b'ionmhuin liom
A's ba mhinic mé ag dul ag ól,
Do líonfaidhe piúnta a's gloine dhom
Chomh minic a's do bhuailfinn bórd,
Do dhéanfainn sgathamh súgra
Le gach bruinneal a buailfidhe am' chomhair,
A's go raghadh spriosán in ioma liom
Nár chaith sgilling riamh a's nár chuaidh n-a cóir.



5



Mo ghabháil trí Shráid a Mhuilliun dom
Bhí pilliliú ann a's céad am' thóir,
A's cailíní Sheain Uí Choilleanáin
A's cár mhisde leó súd méid mo bhróin;
Ach anois ó bhuail an donus mé
A's go bhfuil boineanaig chomh saor le móin
Dá mbeinn i gCúige Chonnachta
Gheobhainn bruinneal ann a's míle 'en ór.


L. 142


An Céachta.



Gléas Eb.



Aréir 's mé 'r mo leabaidh do smuíneas trím néulta
Gur goideadh mo chéachta as páirc an chlaidhe nódh
Gheiteas a's phreabas, 's chuireas orm mo chuid éadaig,
A's chuaidh mé go héasga ar a tuairisg ar nóin.
Do shiubhlaigh mé cladhthacha, bailtí 'gus árda,
A's chuaidh mé de'n stair úd síos go tigh Chnochúir
A's ghlaodhas ag tigh Racait i mBaile na hÁrda
'S ní bhfuaireas aon tsásamh am' chéachta breágh nuadh.


L. 143


A's a Bháitéir na n-anama imthig chun bóthair
A's ná cas chughainn dtí an Tóchar gan tuairisg de ghnó.
Gabh thimchioll den bhFearann a's suas dtí tigh an Ceónaig
A's nuair atáir ar an mbóthar glaodh dtí Cúnón
O a chomharsa na n-anam nách náireach mar sgéal é
Lorg mo chéachta do imthig amudha
A's ar mo chasadh dom a bhaile bhí sé ag an bPaorach
A's d'iarr sé fair play orm le cliamhain Thom gan tóin.



3



Nach é an Paorach an scafaire ar bheag air de náire
Thug as an bpáirc é a's mo chapaill i dtiúin
Mo chlasa gan bogadh a's mo phrátaí gan clúdach
A's go b'é deir na comharsain gur am' chodla atáim.
Mo chomhairle má ghlacfair cuirfidh tú chugham é
A's cuirfead i gcomhad é go dtiocfaidh lá 'le Seáin
A's ar theacht an Dubh Charraig nach sinn bheidh go súgach
Chun na ingions a chlúdach dearg a's bán.



4



A mhic ó na n-anam! ná bhí deacair a dhúiseacht
Fair Faill an Rúin fad a dh'éireóchaidh an lá
Mar atá sé rith am' aigne go bhfuil truscar ag lúbadh
Caithte ins na cúlachaibh thíos ar an dtráig
Nuair a eirig mé ar maidin cé gurbh anamh liom múscailt
Chuaidh mé den shiubhal úd go Roinn an oileáin
Nuair a sheasaidh mé ar bharr-faille mar mbíodh tigh Mhichíl Núgla
Bhí trioscar na dúthaig ag screen an Ghalláin.


L. 144


Na Connerys.



Gléas Db. Go mall.



A Chomthain mhalluighthe, guidhim-se deacair ort a's
gráin Mhic Dé, A's ar an
ngasra úd 'tá ceangailte go
dlúth led' thaobh, Mar sibh do
dhearubhaig i láthair Choisdealaig Ar'n
triúr fear séimh 'S a chuir na
Connerys thar na farigí 'dtí's na
New South Wales.


L. 145


2



An té bheadh 'na sheasamh ann 'sa dhéanfadh machtnamh ar ár gcúis dá phléidhe
Mar do sheasaigh sí ón a seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi
Chrith an talamh fúinn le linn na leabhratha agá dtabairt sa mbréig
A's mo ghraidhin-se an t-anam bocht tá sé damanta nó is fíor í an chlé!



3



Tá jacéid gairid 'á dhéanamh ó mhaidin dúinn a's triús dó réir
Culaidhe farraigí ní nár thaithigheamar i dtúis ár saoghail
Muireach feabhas ár gcaradais bhí ár muiníl cnagtha is sin go doimhinn san aol
Nó gur casadh sinn chun tearmaí chaitheamh is na New South Wales.



4



A Bhainrioghain bheannuighthe sa Rí na bhFlathas geal tabhair fuasgailt orainn
araon
A's ar an mbanartla atá sa mbaile go dubhach 'nár ndéidh
Le linn an Aifrinn bídhí ag agallamh a's ag guidhe chun Dé
Ar na Connerys a thabhairt abhaile chughainn os na New South Wales.


L. 146


An Bhuaitis.



Gléas Eb.



Is aililiú dhuine do chruinnig an t-ualach, An
mhiste leat gluaiseacht, nó'n mairfir go brách?
Bagún dod' chistin a oirfeadh ró-mhuar dhuit, 'S má
chuirfear 'san uaigh leat é codail go sámh. Dá
mhéid iad do dhlighthe, t'ionmhain a's t'ualach
Chífidh tú'n tuama fút lán des na cnámha, Ach
d'réir mar a thuigim do shentence an uair úd, Ní
thabharfairse 'n bhuaitis go flathais na ngrás.


L. 147


2



Is dóigh liom gur chodail tú i gcroiceann mhictíre
A's an-sprid coimhtheach ag faire ar do bhrághaid
Ná déin Dia ded' bholg i bpobal na mílte
Nó an bhfeiceann tú gaoil bhocht le heasnamh fagháil bháis?
Do aithnigheas ar do ghothanna lá crochta na síol dom
Ná raibh do croidhe istig sin aoinchamh le heagla an bháis
Ach an crann a mbíon an toradh air is fada go gcríonnann
A's go bhfuaireadh go caoin é Mhac Muire na ngrás.



3



Mo láimh mo lagar i mbranar ag gluaiseacht
Ní chloisim aon duan uait i bhflaithis na ngrás
Ní airighim ná meamhram cneasta ná stuama
Ó cailleadh Con Ruadh ní'l a barra le fagháil
An té thabharfadh bliadhain ar an leabaidh i ngalar 's i gcruadhtan
Do éireochadh n-a sheasamh ag grafa a's ag buailte
Nó smuíneochadh ar aifreann bheanuighte an Uain Mhic
A shaorfadh ón gcruadhtan t'anam lá an ghádh.



4



Nach é an Paorach an scafaire ar bheag air de náire
Tug as an bpáirc é as mo chapaill i dtiún
Mo chlasa gan bogadh as mo phrátaí gan clúdach
As go b'é deir na comharsain gur am' chodla atáim
Mo comhairle má ghlacair cuirfidh tú chugham é
As cuirfead i gcomhad é go dtiocfaidh lá 'le Seáin
As ar teacht an Dubh Charraig nach sinn abheidh go siogach
Chun na ingiona a chlúdach dearg a's bán.



5



A Mhic ó na n-anam ná bí deacair a dhúiseacht
Fair Faill an Rúin fad a d'eireochaidh an lá
Mar atá se rith am' aigne go bhfuil truscar ag lúbadh
Caithte ins na cúlachaibh thíos ar an dtráigh
Nuair éirig me ar maidin cé gurbh anamh liom múscailt
Chuirfidh mé den siubhal úd go Roinn an Oileáin
Nuair a sheasaidh mé ar bharr-faille mar a mbíodh tigh Mhichíl Núgla
Bhí trioscar na dútha ag Scrum an Ghalláin.



SEÁN Ó MEACHAIR.


L. 148


Domhnall Ó Dubhshláine.



Gléas C.



(Ar) maidean bhog dhrúchtmhar 'dir
Chaiseal a's Dúrlas, Go
triopalach ciúinmhar gabháil am'
chionne sa ród, Do
labhair sé go tláth liom den
chomhrádh chaoin ghrádhmhar, 'Gus
chuir sé siúd fáilte 'gus
fiche am chomhair.


L. 149


2



Seacht seachtmhaine ón lá úd do casadh mo ghrádh orm
Go ciúin banamhail nárach ag gabháil im choinne sa ród
Do las sé le náire 'gus dhein sé siúd gáire
Siúd' Dé bheatha id' shláinte chughainn ógánaig óig.



3



Fuaireas leitir óm father 'gus sgéal ó mo mháithrín
I dtaobh an pháirt a bhí agat dá stór
Atá súd le fághail agat céad púnt le n-áireamh
'Gus mise mar bhárr orra choidhche a's go deo.



4



Fuaireas leitir ón aonach a's sgéal ó gach éinne
Go raibh mo mhalairt de chéile agat ógánaig óig
Má dhéinir-se féin sin ní i dtaobh leat tá Éire
Mar gheobhad-sa togha céile fad a's mhairfead féin beó.



5



Mo chreach fhada nimhneach nach marbh a bhíosa
Nuair a casadh im' líon tú a ogánaig óig
Go mbeadh sé le maoidheamh agat go mbeadh céile agat choidhche
'Gus mise siubhal tírach ag sileadh na ndeór.



6



B'fhearr liom ná Éire a's ná'n domhan le n-a chéile
Ná feicfinn riamh im' saoghal tú a's ná tabharfainn duit grádh
Mar adubhraís ód' béal liom go meallfá na céadta
A's cár mhiste liom féin sin ach mé mhealladh mar chách.


L. 150


Cití na gcuman.



Gléas C. Lively.



'S thángas an baile seo
'séir, Is bhí sé 'gam
déanach go leór, Is mé'r inntinn an
mharagadh dhéanadh, 'S ná
sgarfainn léi féin go deo; Níor
tháinig a daidí chun réidh-
tigh, Cár mhiste dhom
é ná dhóibh, Bheirim slán is bean-


L. 151


nacht agem ghaolta, Is ní
chasfadh me féin go deo.



2



Níor cuireadh romham cuiread na fáilte
Ó thangas an tsráid seo thíos
Ón uair a d'airig mo grádh geal
Go dtugas mo láimh do mhnaoi,
Is dóigh leó go bhfuilim-se pósta
A's dar ndóigh ma's dóigh ní fíor
Dar an leabhar so atá thíos in mo phóca
Is ag mealladh ban óg a bhíos.



3



Dhéanfainn cupard ar neutacht nó muilion
A bheadh gléasta ar abhainn
Bád nú coite dá réir sin
A bhéarfadh sinn araon anonn.
Scríobhfainn Laidion nú Gaedhilg
Chomh ghléasta le h-aon mhac rí,
'S a Dhia mhór nár deacair a bheith daor orm
A's go bpósfainn gan aon rud í.



4



A's a Cití na gcuman ná séan mé
Siubhal feasta gus éaluig liom
I ngleanntán coille nú sléibhe
Amuigh nó sealad faoi bhláth na gcrann
Ní thógfaínn gan fhios don saoghal thú
Ná don sagart á mb'éidir liom
A's mar a bhfuighfear sinn ceangailte i n-éinfheacht
Racham araon anonn.


L. 152


Bliadhain 'sa taca so phós mé.



Gléas Eb. Andante.



Bliadhain 'sa taca so phós mé, 'S níor
bhfada liom lá ná mí, I mbo-
tháinín chlúthair go sásta, le
beathuis ce'r clár gan suím;
Seán Ó Finnghíolla láimh liom, 'S é ag
seinm Righ Rádh ar a phíp; 'S dá
mbeinn ann o 'ndiú go dtí máireach, Gan
fhiafraighe cad tá le díol.


L. 153


2



An té 'gá mbíon buaibh agus caoirigh
Bíon sé saoitheamhail suairc;
Bíon sé i bhfochair na ndaoine,
'S a hata mar dhíon ar a stuaic;
Faraoir ní mar sin do bhím-se
'S fá m' osgail a bhíon sé go buan
An súsa nách maise le mnaoi 'r bith,
'S gan orm ach trian de'n ghruaig.



3



Nuair théighim ar mharagadh an aonaigh
Le gasra ghlé gan ghnó,
Mo chapall ní moltar a léimnigh
'S ní hairighthear géim mo bhó;
Mo chaoirigh ní chluintear ag méiligh,
'S ní bhainean dam gaoth an fhoghmhair;
Ólfad mo sgilling le plésiúr,
'S ní chuirfead san tsaogal speóis.



4



Nuair théighim cun Aifrinn Dé Domhnaigh,
A's chím na mnáibh óga ag teacht,
An uair ná feicim mo stóirín,
Go séidim fuil tsrón le reacht;
Mo ghruaig ag imteacht 'n-a ceó dhíom
A's m'intinn tá breóite lag
A's mí ní mhairfead ná nómaid,
Muna bhfagh mise póg óm shearc.


L. 154


5



Mo brón gan mise 's an spéirbhean,
Na mílte léig ó chuan,
I n-oileáinín druidthe na gcraobha,
Mar a dtéid éin chun suain;
An áit 'n-a mbeadh nead ag an phoenics
An fiolar ar ghéig a's an chuach
'S go gcuirfinn do gheasaibh ar Phoebus
Solas an lae bhreith uainn.


L. 155


A Nóra an Chúil Ómra.



Gléas F. Andante.



A Nóra 'n chúil ómra, 'Sé mo bhrónsa ná
féadaim, lámh do chur fá do cheannsa, Nó ar
bhrollach do léintín, Is tú d'fhág mo
cheannsa Gan únsa ar bith céille, 'S go
n-éalóchainn thar tuinn leat, A riúin ghil mo
chroidhe.



2



A valentine chroidhe na páirte,
Cé go ndeárnais liom bréag,
A's gur gheall tú mé phósadh,
Gan feóirling de spré;
Do shiubhlfainn an drúcht rómhat,
A's ní bhrúdhfainn an féar;
A's go mbuaidh Rí na ndúl leat
A lúibín na gcraobh.



Do fuaras an ceól so i leabhar Phetrie agus seo mar a labhrann sé
'n-a thaobh:


L. 156


Rós Geal Dubh.



Gléas C.



Tá lionn-dubh ar na triúcha agus
ceó ar na cnuic; Tá
fraoch ar na sléibhtibh, A's ní
hiongna san; Do
thaosgfainn an tréanmhuir le
plaosg an uibh. Dá
bhféadainn bheith réidh leat, a
Rós gheal dubh.


L. 157


2



A ghrádh geal ná bíodh cás ort,
Tré 'nar éirigh dhuit;
Táid bráithre dhúinn tar sáile,
'Gus a dtrial tar muir;
Beidh do párdún ó Phápa
Na Rómha aguinn,
A's céad sláinte i bhfíon Spáinneach
Dom Rós gheal dubh.



3



Do shiubhalfainn an Mhumhain leat,
A's barr gach cnuic,
Mar shúil 's go bhfaghainn rún uait,
A's cáirdeas suilt;
A chraobh chúmhrtha, a dubhairt liom
Go raibh grádh agat dham
Is tú plúr na mban múinte,
A Rós gheal dubh.



I Leabhar Petrie "Ancient Music of Ireland" tá an ceól so thuas le
fagháil. Seo mar a Labhrann Petrie 'n-a thaob:- "The air is one of great
beauty." Fear gurab ainm dó Fógartaigh do thug do Phetríe an port.
Feirmeóir é a bhí'n-a chomhnuidhe i n-aice do Charraig na Siúire, i gContae
Chille Choinnigh san áit go nglaodhthar Tigh Bruachna air. Is 'mdha port binn
a bhí ag Fógartaigh, agus do chuir sé cuid mhaith acú ag trial ar Phetrie.


L. 158


Brighid Ní Phádraic.



Gléas Bb. Andante. Fonn: "Ní thréigfidh mo ghrádh go deo mé."
(Petrie).



Deamhan mac ríogh nó árd-fhlaith, A
dhearcfadh Brighid Ní Phádraic, Ná tiubharfadh a shearc 's a
ghrádh dhí, Seach 's mná deasa 'n tsaoghail; A
súil is gluise deallradh, Ná drúcht ar maidin
shamhraidh, Is ciúin 's is deas é a gáirí, 'Sí is
áille ar bith méin. Ní hiongantas feara
Fáil A bheith claoidhte i ngalra grádh léi; An
tráth chím a leacaí is áille, 'Seadh sgannruigheann sí
mé. A caolchom cailce a tháirnigheadh, Gan


L. 159


sgith gan stad i bParrthus, A píop mar ealaí 's
lánmhuir 'Sí a bhásóch' gach aon.



2



A's ariamh ó baisdeadh Críosta
Níor rugadh ar thalamh naomhtha
A samhail-se dhe mhnaoi ar bith
Ar áille go fóil.
Is lúbach bachalach coinnleach
Clúnach clannach glúnmhar
Ag feacadh go dlúth 'n-a timcheall
Agus í faoi fháinnibh buidhe óir.
Tá deallradh na gcaora caorthainn
Ar a leacaíbh is gile míne,
Baladh breagh na taoime
Go gnáthach ar a póig.
A caol-chom cailce dílis
Nár smuínigh an peaca a dhéanamh.
'Sí a thiubharfadh an cine daoineach
O'n mbás glan gan stróbh.



3



Nuair a mhúscluighiin thall san oidhche,
Cidh gur gearr an codladh ghním-se,
Is ort a bhím ag smuíneadh
A mhín-chnis mar aol;
Do ghruaidh mar chaora caorthainn,
Snuadh na gile thríd sin;
A Mhaighdean mhilis mhín-gheal,
'Sé do chroidhe tá mar an éan.


L. 160


B'fhearr liom ná ór na ríghthe,
Dá bhfaghainn-se gean a's gnaoi uait,
Ná mé bheith i bhfoisgeacht blaoidh uait
Go leigheastá mo phéin,
Shul dá mbeadh sé le haitris choidhchin
Ag an té tá lag mar ghíoll ort
Nach dtiocfá seal 'g ais íseal
Faoi choilltibh breagh' na gcraobh.



I leabhar "Amhráin Chlainne Gaedheal" do fuaras an t-amhrán so,
deirtear ansan gurab ar an Ráith Áird thiar de Bhaile an Róba a rinneadh
é. Brighid Ruadh Ní Dhraighneáin, a bhí uirthi, ach gur Pádraic a bhí ar a hathair.
Bhí a hathair agus a dhrithár agus comharsa ag ól agus sise istig 'n-a cailín ag
i n-éinfeacht leó. Bhí gach aon duine acu ag déanadh ceathramhan go bhfeicidís
ciacu is fearr a mholfadh í. Ní'l anso agam ach trí cheathramha. Tá'n ceól
le fagháil i leabhar Petrie - "Ancient Irish Music." Chuireas féin le chéile
iad. 'Dtaobh an cheóil labhrann Petrie mar seo:


L. 161


Gléas F. Andante.



Nach aoibhinn do sna héiníní



Nach aoibhinn do sna héiníní D'éirigheann go
hárd, A's túirlingeann le chéile ar
aon chraobh amháin; Ní mar sin do
dhéinim A's mo chéad míle ghrádh, Ach is
fada óna chéile bhíos ár n-éirighe gach
lá.



2



Is báine i ná'n lile,
Is deise í 'n-a sgéimh;
Is binne í ná'n bheidhlín,
'S is soillsighe ná'n ghréin;
Is fearr ná sin uile
A huaisleacht 's a méinn
'S a Dhia, 'tá ins na flathis,
Fuasgail dam féin.


L. 162


Slán cois Máige.



Gléas Eb. Andante.



Slán a's céad ó'n dtaobh so uaim, Cois
Máighe na gcaor na gcraobh, na gcruach; Na
stát, na stéad, na saor, na sluagh, Na
ndán, na ndréacht, na dtréan gan ghruaim. Och och-
ón is breóite mise, Gan
chuid, gan chóir, gan chóip gan chisde, Gan
sult, gan sógh, gan spórt gan spionna, Ó
seóladh mé chun uaignis.


L. 163


2



Slán go héag dá saor-fhir suairc;
Dá dáimh, dá cléir, dá héigsibh suadh;
Dá cáirdibh cléibh, gan chlaon, gan chluain;
Gan cháim, gan chréim, gan chraos, gan chruas.
Och, ochon agus c.



3



Slán dá éis dá béithibh uaim;
Dá mnáibh go léir, dá sgéimh, dá snuadh;
Dá gcáil, dá gcéill, dá gcéim, dá gcuaird;
Dá bpráisg, dá bplé, dá méinn, dá mbuadh.
Och, ochón, agus c.



4



Slán tar aon don bhe dá'r dual,
An bháin-chnis bhéasach, bhéal-tais bhuadhach,
'Chuir tráth chun sléibh me i gcéin am ruag;
Is í grádh mo cléibh 'bé i n-Éirinn cuach.
Och, ochon, agus c.



5



Is fánach faon mé, fraochmhar fuar,
Is támhlag tréith, 's is taomach truagh;
I mbarr an tsléibh, gan aon monuar,
Am páirt ach fraoch agus gaoth adtuaidh.
Och, ochon, agus c.



AN MANGAIRE SÚGACH.



Tá'n ceól so le fagháil 's an leabhar go nglaodhtar "Ancient Music of
Ireland" air. Deir Petrie 'n-a thaobh:


L. 164


A Mhúirnín Bán.



Gléas F. Andante.



'S é fáth mo bhuartha Ná faghaim cead cuarta 'Sa ngleanntán
uaigneach A mbíonn mo ghrádh; Bíonn mil ar
luachair Ann 's im ar uachtar, 'S go tús an
fhuaicht 'Bhíos na crainn faoi bhláth. Ní'l gaoth a
dtuaidh ann, Ní'l fearthainn buan ann; Tá calthadh 's
cuan ann Ag luing 's ag bád; Tá tuileadh
buaidh ann, Ní'l turus na cuaiche ann, an té dhéanfadh
suas le n-a mhúirnín bán.


L. 165


2



Ní ar sliabh ná'r mínleach
Tá stór mo chroidhe-se
Ach ar thaltaibh aoibhinn
A dtig torthaí ar chrann
Bíonn an chuach go haoibhinn
Ar bharr na craoibhe ann,
Tá'n chruithneacht maol ann
A's an coirce bán.
Bíonn an fiadh's a laogh ann,
Tá bric 'n-a sgaoth ann,
Tá'n eala go haoibhinn
Ar an loch 's í ag snámh;
Tá'n mheach lághach chríonna
'N-a nead go díonmhar,
Tá'n coileach fraoigh ann,
An chearc a's a hál.



3



Is ar sliabh go cinnte
Tá stór mo chroidhe-se
'S ní chodluighim oidhche
Ach ag déanamh bróin,
'Sí cum an síoda í;
'Sí méara mín' í;
Béal tanaidhe dílis
A's mheall sí a lán.
Ba bhinne liom uaim í
'S na gleanntaibh 'r uaigneas
Ná ceileabhar cuaiche
'S ná ceól na n-éan,
'S go mb'fhearr liom ón uair sin,
Dá mbudh liom an stuaidh-bhean,
Ná lámh i n-uachtar
Ar Chlainne Gaedheal.


L. 166


Shíl mé, a stóirín,
Mar bhí tú óg deas,
Go ndéanfá foghluim
Ar éalódh liom;
'S nach bhfuil tráthnóna.
Ná maidin fóghmhair,
Nach tú'n réalt eólais
A bhí ag gabháil rómham.
Ag siubhal na móinte
'S na gcoillte clódhmhar,
Ní bheadh orm brón
Ná duibhthin croidhe,
Ach mé bheith pósta
Lem' mhíle stóirín,
'S mo lámh bheith bródamhail
Ar a brollach mín.



5



'S a riúin 's a chéad shearc
A bhfuil tú ag éisteacht
Le gach éin-nidh
Dá bhfuil mé rádh?
'S dá mbeinn mo chléireach
Chomh maith le Faelean,
Ar leath do thréartha
Ní fhéadfainn trácht.
Bhreoidh tú mo chroidhe 'stig
De ló a's d'oidhche
Ó, a Dhia dhílis
Nach cladhartha táim?
Mé bheith i ngrádh le
Plúr na mban mánla,
'S mo chroidhe dhá rádh liom
Nach bhfuil maith dhom ann.



I dtaobh an cheóil seo Labhrann Petrie mar seo:



Tá an t-amhrán le faghail 'san leabhar go nglaodhtar "Amhráin Chlainne
Gaedheal" air.


L. 167


Is deas an buachail Páidín.



Gléas Ab. Go mear.



Is deas an buachail Páidín, lá aonaigh nú
maragadh, 'S is deise ná lá Márta ar thaobh a bháidín
iomarmha. Curfa. Ó-ró, 'stór, a stóirín, Ó-ró, 'stór a'
dtiocfaidh tú? Ó-ró, 'stór, a stóirín, A chúilín óir a'
dtiocfaidh tú?



2



A dubhairt sé a's a dubhairt sé,
A's dubhairt sé go dtiocfadh sé,
A léine bhí gan smúdáil
'Sé siúd an nidh do chongaibh é.
Curfá.



3



A dubhairt sé a's do gheall sé,
A's dubhairt sé go dtiocfadh sé,
A stocaí bhí gan úradh
'Se siúd an nidh do longaibh é.



Curfá.



4



A dubhairt sé a's do gheall sé,
A's dubhairt sé go dtiocfadh sé,
Ach an charraig i mBéal Bóirne
Do bualadh ins a' mullach air.



Curfá.



5



A dubhairt sé a's do gheall sé,
A's dubhairt sé go dtiocfadh sé.
'S mar a dtighe an lá gheall sé,
Go mbáidhtear ins an churach é.



Curfá.


L. 168


A Phlúr na gCuach.



Gléas G. Fonn: Port Gordon."



A phlúr na gcuach 'sé mo thruagh go buan, Nach
fút a bhuail mé i gcleamhneas, Sul ar
shiubhail mé Tu amhain, bailte muar', Ag
déanamh buartha 'gus amhgar, Is
dána mé ná an dánacht féin, A's is
dána an té 'bhí i ndán dom, A's go
hifrean na bpéin dá gcuirtí mé, Beidh
mé a choidhche ag trácht ort.


L. 169


2



Dá n-éaluighinn féin le grádh mo chléibh
Cé bhaineann sé do'n Eaglais?
A's ní lugha ná céad dá gcloigín féin
A chraithfidh siad gan adhbhar.
A chuach na gcraobh, ó luaidheadh leat mé,
Ná sgiob de'n tsaoghal go fóil me,
'S nó go dtéidhidh na spéartha dubh thré néaltaibh,
'N-a dhéidh is tú an réalt eólais.



3



Togha na séad, a stór mo chléibh,
Agus fuasgail mé o'n mbuaidhreadh,
'S go mba bhinne liom do bhéal ná'n lon dubh 's an chéirseach
'S iad a bheith araon i n-uaigneas.
Do bhráigh ba mhíne ná'n eala ar an tuinn
A's tá gruag do chinn i n-a dualaibh,
A's a riúin mo chléibh, gluais liom féin,
Agus fuasgail mé o'n mbuaidreadh.


L. 170


Ceart agus Coileach.



Gléas Eb. Allegretto. mf.



Cearc agus coileach a d'imthigh le chéile
Shiúbhaladar Éire gur briseadh a gcroidhe; A's
chuadar go Gaillimh le h-éirighe na gréine, Gur
cuireadh an "péire" isteach ag an dlighe. Is ag
Uilliam o h-Uileán a bhí siad ar féarach, 'G ithe
mónóga sléibhe 'gus codladh 'sa bhfraoch, go
dtáinig an sirriamh go lúthmhar go aerach, A's
scuab sé an péire isteach go B'l'áth'n Ríogh.


L. 171


2



Dá bhfeictheá-sa'n coileach lá aonaigh 's na sráidibh,
Hata breágh lása air a's láimhíní buidhe,
Ceithre spur fhada de'n airgead Spáinneach,
Fuip in a láimh, 's é 'tigheacht mar an righ.
'S ag Muilean na leice, 'seadh chuala mé an trácht air
Ag mnáibh bhí cothuighthe le bláthach Sheáin Mhóir.
M'éinín coiligh bhí agam le haghaidh na féile Mártan,
Gur mharbuigh na mná é le dúil ins a bhfeóil.



3



Thug siad isteach é gur sgar siad a chnámha,
'S gur chaith siad an lá san spóirteamhail go leór.
'S narbh fhearr dóibh spóilín a cheannach ar fóghnamh,
Ná an chaoi a ndeachaidh a gcáil ar fud Chondae Mhuigheó.
Bhí cearc ag Seán Bán budh dheise ná péacóg,
Ubh agus céad a rug sí sa lá;
Tháinig an sionnach a mharbhuigh na céadta
'S thug sé de'n réim sin í isteach go Sliabh Bán.



4



Daimhseochaidh sí monuar, quadrille a's caper,
'Muigh ar an "stage" os coinne Dúin-Mhóir,
'S ar bharra na Gaillimhe leag sí an chéad ghlaodh,
Cleite as mó "ghame" níor baineadh go fóil.
D'éirigh mé suas ar maidin 'sa drúchta,
Mo chapailín cú liom 's mo mhadadh beag bán;
Chonnaic mé an sionnach 's é fighte, fuaighte,
Siar ins an uaimh 's cloch ar a cheann.



5



Tharaing mé aniar é go ndearnadh sé udhachta,
Ann a bhfacaidh a shúil nó loirg a lámh;
'S é Tomás De Búrca an buachailín sgiúrtha
Chuirfeadh na cearca 's na coilig ar fagháil.
"M'ochón"! ars an chearc 's í 'dul ar an bhfaraigh,
"Nach brónach 's nach deórach le hinnsint mo sgéal,
Athair mo chloinne, 's céile mo leabthan,
A' dul ins an bpota a's leac ar a bhéal."



Seo mar labhrann Petrie ar an gceól so:


L. 172


Ar an gCoill Mhóir.



Gléas C.



Ar an gcoill Mhóir a bhím 'mo chomhnuidhe
'Gus mé faoi dhólás anois le bliain,
Ag cuimhneamh uirthíse 'n cúilín ómra
A gruaidh mar rósaí 's a béal tá binn.
Ar thigheacht an Domhnaigh bím go ró-lághach
Ar shúil go seólfadh Dia am' bealach í;
Airís trathnóna bímse brónach
Ag cuimhneamh 'r chómhrádh mo chailín chaoin.


L. 173


2



Dá mbudh liom féin í, do bhéarfainn aedhear dí
Gach aon lá aonaigh a's margaidhe,
Síodaí craorac a's gach nídh dá réir sin,
'Gus bheinn mar chéile 'cí ag caitheamh an tsaoghail.
Do bhuailfinn prionnda go deas i dtúmba
'Gus dhéanfainn sgonnsa 'gus balla fóid,
Dúthaigh an phrionnsa dá mbudh liom-sa é
Is leat do roinnfinn é, mo mhíle stór.



3



Bean a's fiche bhí anuraidh i ngrádh liom,
Ach i lán na sráide níor chuir mé suim
Nó go dtáinic an mhaighdean ba chiúine gáirí
Is gur thríd an bhfáinne go gcuirfeá a coim.
Bhí culaidh gheal uirthí dhe'n tsíoda Spáinneach
Agus mil go bhfaisgfídhe as gruaig a cinn;
Is gur b'é mo ghrádh-sa do'n maighdean mhánla
A d'fáguigh cráidhte mé le mo linn.


L. 174


Máirtín Seoighe.



Gléas F. Andante. Fonn: "Dá dtéidhinn go cóbach."



Dá bhfeicthá Máirtín 's é ag árdú'n Mháma,
'S a phílí mná leis, má bhfíor dhó féin!
Bhí mála lán aice le bioráin a's snáthadaibh
'Gus beagán fáinní i mbuisgín chaol.
Shiubhail sé a lán ar fud na háite
Go Bail' an Átha 'gus as sin síos,
'S ní bhfuair sé shásamh dhe chailín mhánla
Gur ghluais an stáidbhean 'steach 'un an tighe.


L. 175


2



'Sí Nuala Seoighe an óigbhean mhúinte
A ghluais ar cuairt isteach do'n tír.
Thug Máirtín a annsacht dí, mar bhí sé múinte,
Agus chuir sé a dhúthracht dí i gcéill.
Ní'l aon óigbhean i ngleanntaibh Dhubhuchta
Nach bhfuil ag gol d'á súilibh le cumhadh n-a dhéid,
'S mar dtigidh a bhaile chúcha, béidhid 'n-a gcúrsa
Go bhfaghaidh siad tuairisg cá gcomhnuigheann sé.



3



Stad tusa feasta, a Phádraic Seoighe,
A's ná cuir do ghlórtha amach faoi'n tír,
Má thug mé an buachail uait 's gur shiubhail sé an ród liom
Táir faoi bhrón go ró-mhór ina dhiaidh.
Níor chuir mé suim ariamh i nglórthaibh,
Cidh gur b'óigbhean mé a chuaidh i gcéin,
'S má shiubhail sé'n bealach is é do mo threórughadh
Nach iomdha óig-fhear a dheanfadh é?



4



Tá Paidín a's Máire buartha cráidhte
I ndiaidh an óig-fhir nach bhfillfidh choidhch'.
Thug sé an ruaig leis go hInnis Bó Finn'
'S fuair mé a thuairisg i nAcail thíos.
Dá mbeadh fhios agam-sa gur ar thóir mo bhuachail
A ghluais an chuairsge údaigh 'steach do'n tír,
Bheadh sgata madadh 'gam a's báillí cruaidhe
'Gur chuirfinn ruaig uirthí 'un bealaigh aríst.


L. 176


Cormac Spáinneach.



Gléas D. Go haerach.



'Sa chailín deas na gcocán gcas, Ná fuil snódh ná dath na
gréine ort, An dtiocfá liom don tír o dheas, Ag
féacaint seal d'ár ngaolta. Do thug mé grádh a's
taithneamh dhuit Gan fhios don tsaogal bhréagach, Mar
shúil 's go dtiocfá 'bhaile liom, 'S go mbeitheá 'gam mar
chéile.


L. 177


2



'S a dhrumadóir cad thuigtear dhuit
Nach Reanagád 's an tír thú,
'S ní hé sin féin is measa liom,
Ach ná feadar mé cé'r diobh thú.
Do chroicean gabhair dá ghreadadh 'gat,
Is olc an biadh do mhnaoi é,
Ag siubhal na mbóithre fada leat,
A's lathach uirre a's ríobul.


L. 178


A Bhuachail an Chúil Dualaigh.



Gléas E. Andantino.



A bhuachail an chúil dualaigh, Cá'r
chodail mé aréir? Ag
colbha do leapthan, A's ní
airig tú mé; Dá mbeadh
fios mo cháis agat, Ní
chodlóchthá néal; 'S gur b'é do
chomhrádh binn blasta, D'fhág an
osnadh so 'm thaobh.


L. 179


2



A bhuachail an chúil dualaigh,
Nár fheice mé Dia,
Go bhfeicim-se do sgáile
Teacht 'dir mé's an ghrian!
Ní thuigeann tú mo mhearughadh,
'S ní airigheann tú mo phian;
A's mar bharr ar gach aindeis,
Is leat do chailleas mo chiall.



3



A bhuachail an chúil dualaigh,
An bhfuil ár sonas le fagháil,
Nó an mbeimíd 'n ár gcomhnuidhe,
Ar aon lóistín amháin?
Sinn araon pósda,
A stór 's a dhian ghrádh!
Ár naímhdibh fá bhrón,
A's ár gcomghas go sámh!



I leabhar Phetrie do fuaras an t-amhrán agus an ceól so thuas. Seo
mar a labhrann Petrie i dtaobh an cheóil:


L. 180


Ag an mbóithrín buidhe.



Gléas F.



Ag an mbóithirín buidhe, Tá rún mo chroidhe
'N-a luighe ar leabainn 'n-a haonar,
Gach ruibe dh'á dlaoi, Mar ór buidhe an rígh,
Do scaipeas an drúcht do'n fhéir ghlas.
Is fear de Chlainn Thaidhg mé, Bhíos dá coimhdeacht
'S mé i ngalar an bháis dá héaghmais,
'S a chuman geal 's a stór, Ná bíodh ortsa brón
Ag sin buachail deas óg ad' bhréagadh.


L. 181


2



Dá bhfaghainn-se mo riúin,
Do dhéanfainn dhi cúirt,
Ba dheise dá'r dubhradh i n-Éirinn;
A's do bheadh aici an bárr
Choidhche 's go brách
Ó fhearaibh a's ó mhnáibh ar fhéile.
Mar is ad' bhrollach geal bán,
Tá solus gach lá,
A's ní áirmhim-se clár geal t'éadain;
A's dá bhféadainn a rádh
Gur tusa mo ghrádh
Níor bh'eaglach mé ar dháil an éaga.



Seo mar a labhrann Petrie i dtaobh an amhráin a's an cheóil: -




L. 182


Cois na Brighde.



Gléas G. Adagio. Fonn: "An clár bog déil."



Cois na Brighde seal do bhíos-sa go
súgach sámh; Ag taraing
síos ar ainnir chaoin, An
úrla bháin; Ba ghile
píb ná eala'r linn, 'S ná
drúcht ar bán; 'S ní coig-
críoch mé ach buachail bríoghmhar, Ó
Dhún na mbád.


L. 183


2



Searc mo chléibh do thugas féin duit,
'S grádh tré rún!
'S dá dtagadh sé dom chor san tsaoghal,
Go mbeidhinn lá 'gus tú;
Ceangal cléire bheith orrainn araon,
Faoi fháinne dlúth;
Ach dá bhfeicfinn féin tú ag fear san tsaoghal,
Geobhainn bás le cumhadh!



3



Tá úr-phíb agam rún croidhe,
A's brághaid mar aol;
'S a cúilín cas búclach
Ag fás go féar;
Mo chumhadh thríom nach sa n-úir sínte
Do fágbhadh mé!
Sul ar stiúruigheadh mé i gcúigí
'S mo ghrádh tar m'éis.



4



Nach dubhchroidheach mé i bhfionntar,
Mar táim i bpéin!
'S nach iontaoibh leat sciúirse,
Dem' shórt gan spré;
Go deimhin duit-se a mhaighdean,
Dá mb'áil leat é,
Do leighisfeá-sa an tsaighead so
Tré lár mo chléibh.



'LIAM INGLIS.


L. 184


Na Sláintí.



Gléas Eb. Fonn: "Éamonn an Cnuic."



Slán chun na gcnoc, 's chun árd ghleanna an
tsuilt, Agus slán leat-sa, a Thiobrad
Árann; Chun Sheáin ghil Uí
Chuirc, Agus Shéamais gan choir, le
saor-chead óm thoil céad slán
chughaibh: Gach lá bhíodh aguinn cead
vault agus con, Báire 'gus
rith tar éis snádhaimh seal, Ar


L. 185


mhóinte mhín bhog ag cur seoladh faoi
phoc, Sin slán uaim lem ghoin don
ráig sin!



2



Slán chun na habhann - mo ghrádh "Lios na nGall,"
'S gach páirc dheas dá ngabhaimís tríthe;
Slán chun an dream a's chun árd-ghuth na ngleann,
D'fhágamair-ne an am aoibhinn!
Tá mo shláinte go fann ó ráinigh mé 'nonn,
'S ná tráchtaid liom ar am na baoise,
Mar a mbí báire 'gus greann le fághail ann go Samhain,
Agus slán le n-ár lionnta Brighde!



3



Slán chun na Mumhan 's chun Sheáin ghil de Búrc,
Agus slán chughaibh go dlúth le chéile;
Slán chun na Cúlach mar a mbíodh an greann,
Agus scáirdeach den mbrannda daor leis.
Tá mo shláinte go fann ó ráinigh mé ann,
'S ná tráchtaid siad liom ar Mhaothail,
Do chaill mé mo shiubhal mo vault 's mo lúth,
Ó d'fhág mé an tSiúir 's an Réidhchoill.


L. 186


4



Slán chun an dá Uilliam tá ag crádh-ghol am dhiaidh,
Agus slán chughat-sa siar, a Phádruig;
Slán cun na gcliar a d'fág mé i bpian,
Agus slán chun na mbriathra cráidhte;
Tá do shláinte-se, 'Bhriain, 'dir lámha 'guinn le bliain,
Gach lá ag cur ciacha grádh dhíom,
Sláinte fhada óm' chliabh le hárd-cheas a's pian,
Chun sáir-fhear na gcliar tar sáile!



5



Cá bhfágfainn thú, a Philib, slán chughat a chuirim,
Slán chun tuille dhod' chomharsa,
Slán chun mo chumainn 'tá i "gCnoc na Curra"
Slán agus fiche dom' stórach.
Go dtráighfidh an tuile 'tá 'dir mé 's tusa,
Grádh bheidh agam i gcomhad duit,
Lámh ar mo ghloine, slán chughat a chuirim,
Do shláinte tar muir 'nois ólaim!



UILLIAM Ó CONAIRE.


L. 187


Lúibín na mbúclaí.



Fonn: "Róisín Dubh."



1



Ní'l súgaidheacht ná dúil grinn,
Le spás am' ghaor!
Ach lúth-shaighead am' brúth' síos;
Le grádh don mbé,
A shiúirín na bhfionn-dlaoith
Ag fás go féar,
Ó dhúisighis mo chúis caoi,
Ná fág mé 'bpéin!



2



Tá a cúilín go cúl-bhuidhe,
Ag fás go féar;
'S a cam-bhraoith' go dlúth mín,
Mar shnáithe caol,
Nach cúmha-chraoidheach i gcúigí,
Mar táim i bpéin;
Ag lúibín na mbúclaí
'S nach áil léi mé!



3



A chúil doinn don chrú chaoin
Do sháruigh mé;
Is dúbhach bhím am chiuin-tsnuigheamh,
Do ghnáth ad dhéigh;
A mhúirnín is tú ghuidhim,
Ar ghrádh Mhic Dé;
O stiuruighis an phudhair tríom,
Uch, slánuigh mé!



'Liam Inglis.



Tá ceól an "Rós geal dubh" le fagháil ar leath. 12. Tá seacht gceath-
ramhna ar fad san amhrán.


L. 188


Gaorthaí Airirighe.



Gléas Eb. Moderato. Fonn: "Leaba clúimh a's córdaí."



Ar sméide súl ar maidion laoi,
Do Phoebur fionn ar faid an tsaoighil
'S ag téacht ar dtúis isteach 'na shlighe,
'N-a charbad aoibhinn órdha
A's mé ar siúbhal ar easba fuinn,
Ag téacht na dtriúch do chleachtas í
Fá ghaorthaibh úra Airirighe.
Is fairsing fíodhbha fód ghlas.


L. 189


2



'S an réim sin dúinn níor bhfada línn,
An spéir-bhean chiúin go bhfeaca í,
Go maordha múinte maiseach mín,
Ag taisteal taoibh an bhóthair;
Téidhim do riuid isteach tar claidh,
I méin go mb'fhiú re hagall í,
'S do réinneas úmhlacht thais don mhnaoi,
'S do bheartas míle póg di.



3



Is é dubhart, im basa dhíbh,
"A ghéag na lúb a's maiseach gnaoi,
Is céim le clú's is aithis fhíor,
Má ghlacathaí mo chomhairle;
Déanam súgra, a ghailthion ghrinn,
Ní'l aon neach dúinn i ngar ach sinn,
Ná héimigh siúd, a bhean mo chroidhe
Má's maiseach díbh-se beó mé."



Seán Clárach.


L. 190


An Buachail Caol Dubh.



Gléas B. Andantino.



Do thugas céad searc don bhuachail
caol dubh ar fheabhus a mhéinne a's ar mhaise a
shnódh. Dá dhá shúil ghléineach mar dhrúcht an
fhéir ghluis, Dá dhá ghruadh néamha ar dhath an
róis. Dá chuachaibh néata mar chnuasach
sméar dubh is gluaire ó'n ghréin ortha maidin
fhóghmhair, Ach b'é a chómhrádh béil sin sa teanga
Ghaedhilge Do mhealltar aon rud mo ghean dá
chlódh.


L. 191


2



Ar fheis nó ar aonach ní fheicimse éinne
Do 'neósadh scéal leis sa tseananós,
Do ringcfeadh tréanphuirt ar bhínse taobh leis
Ná chasfadh dréacht leis i gceart an cheóil.
Agus deir gach aonfhear: "Seo chughainn an réice;
Beidh báire laochais annso go fóill,"
Nuair is chúcha léimeann an buachaill caol dubh
'S a chamán gléasta n-a ghlaic chun spóirt.



3



O, dubhairt sé féin liom de mhóid a bhéil ghil
Gur mise an t-aonbhean n-a thigh a gheóbhadh,
'S go mbfheárr leis mé aige gan feóirling spré liom
'Ná toice an Bhéarla 's a cáirne 'en ór.
A's a shiúr na n-ae ionnam, na creidse ó éinne
Nach é an faision Gaedhlach is feárr mar nós.
Mar ise do bhréagfadh an buachaill caol dubh
Is uaisle tréithe 's is gile meóin.



Torna.


L. 192


Do chuirfinn-se féin mo leanbh a chodladh.



Gléas Ab. Allegro moderato.



Do chuirfinn-se féin mo leanbh a chodladh,
'S ní mar do chuirfeadh mná na mbodach, fá
shúisín bhuidhe ná a mbraitlín bhorraig, Ach i
gcliabhán óir a's an ghaoth dhá bhogadh.
Seó hín seó, huil leó, leó,
Seó hín seó is tú mo leanbh;
Seó hín seo, huil leó, leó,
Seó hín seó 's is tú mo leanbh.


L. 193


2



Do chuirfinn-se féin mo leanbh a chodladh,
Lá breágh gréine idir dhá Nodluig,
I gcliabhán óir an úrlár shocair,
Faoi bharra na gcraobh a's an ghaoth dhá bhogadh,
Seó hín seó, huil leó, leó, agus c.



3



Codail a leinbh 's gur ba codladh slán dhuit,
A's as do chodladh go dtugair do shláinte;
Nár bhuailidh treighid ná greim an bháis tú,
Galar na leanbh ná'n bholgach ghránna
Seó hín seó, huil leó, leó, agus c.



4



Codail a leinbh 's gur ba codladh slán dhuit,
A's as do chodladh go dtugair do shláinte;
As do smuínte do chroidhe nár chráidhtear,
A's nár ba bean gan mac do mháthair.



Seó hín seó, huil leó, leó, agus c.


L. 194


Loch Léin.



Gléas Ab. Cuibhsach mear. Fonn: "Bean an fhir ruaidh."



Do shiubhlas a lán gan spás i
dtosach mo shaoghail, Ó'n tSionainn go
Ráth a's cois bánta daingion a'n
tSleibh, Ní feasach aon áit ba
bhreághtha 's ba dheise 'ná é, An
baile beag bán atá lámh le
barra loch léin.


L. 195


2



Nach aoibhinn an áit 'na bhfásaid torthaí go h-úr,
An dair go ró-bhreagh, agus plána ar mhaghthaibh na Mumhan;
Crainn loingis a's báid, gan trácht ar phluma ná ubhall,
'S gur ag Ros an Chaisleáin bíon mna ag seinim a dtiúin.



3



I mbun tortha na slógh bíon spórt ag saoithibh d'á fheabhas,
Bíon fíon agus beóir ar bórd acu i mbun tortha a ngleann,
Bíon an fiadh 'cu chun spóirt, chun ceóil an druid a's an creabhar,
An londubh 's an smólach go ceólmhar ar bharraí na gcrann.



4



Do shiúbhlas Baoi Bhéara, cois Éirne, a's as san tsoir thuaidh,
Cois Mainge gan bhréag, agus tréimhse a n-arm a dTuamhuin,
Ní fhacas aon bhall de'n mhéid, cé gur bh'fhada í mo chuaird
Ba bhreághtha 'ná Loch Léin mar a mbíon an mathshluagh.


L. 196


Seó hú leó.



Gléas Eb. Allegretto.



A bhean úd thíos ar bhruach an tsrotháin, Seó hú leó
seó hú leó, A' dtuigeann tusa fáth mo ghearáin,
Seó hú leó, seó hú leó, 'S gur bliain sa lá 'ndiu
fuadaigh mé óm' leanán, Seó hú leó, seo hú leo, 'S do
rugadh 'steach mé i Lios an Chnócáin, Seó hú leó,
seó hú leó. Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín,
Seó hú leó, seó hú leó, Seó hín, seó hín,
seó hín, seó hín, Seó hú leó, seó hú leó.


L. 197


2



Seo hé anso mo theach mór maiseach,
Seó hú leó, seó hú leó,
Is 'mdha leann úr agus leann sean ann
Seó hú leó, seo hú leó,
Is 'mdha mil buidhe agus céir bheach ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
Is 'mdha sean duine ar a nasg ann
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seo hín, seó hín, seó hín, agus l.



3



Is 'mdha buachail cúl-donn cas ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
Is 'mdha cailín cúl-bhuidhe cas ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
Tá dhá bhean déag ag iomchar mac ann.
Seó hú leó, seó hú leó,
Tá an oiread eile le n-a n-ais ann,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín, agus l.



4



Abair lem' chéile teacht amárach,
Seó hú leó, seó hú leó,
'S an choinneal chiarach i gcroidhe a dheárnann
Seó hú leó, seó hú leó,
Scian choise duibhe 'thabhairt 'n-a láimh leis,
Seó hú leó, seó hú leó,
'S an capall tosaigh do bhualadh 'san mbeárnain,
Seó hú leó, seó hú leó
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín, agus l.


L. 198


5



An luibh a bhuain 'tá i ndorus an leasa,
Seó hú leó, seó hú leó,
Mar shúil le Dia go raghainn leis a bhaile,
Seó hú leó, seó hú leó,
Nú mara dtige sé fá'n tráth sin,
Seó hú leó, seó hú leó,
Go mbeid-sa am bainríoghan ar na mná so,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín, agus l.



I leabhar Petrie tá an t-amhrán so le fagháil. Deir sé mar seo 'n-a
thaobh:


L. 199


Táim-se am chodladh.



Gléas Bb. Go mall.



Is fada tá fuaim a'
gluaiseacht eadarainn, A'
tuar chun sparainne i
gclár Uí Néill, O
bhailtí na tuatha go
bruach na farige,
Uabhar agus eagal a 'gus
ár ar Ghaedhil. Tá
siosma ró mhuar 's


L. 200


chuan so 'n-aice linn, An
eagalais buartha ar
uair an Aifirinn, Ag
sileadh na súil 'tabhairt
comhairle bhúr leasa dhíbh
Táim-se 'm chodladh nú is
fíor mo sgéal.



2



A bhuachailí an chroidhe ná bígídh i bhfearg liom,
Is díbh do spreagaim mo ráidhte béil;
Tagann osna am chroidhe nuair chím ná leanann sibh
Dlighe na heagailse is áilne méinn;
Ach ag imtheacht le baois ag déanadh aimhlis bhúr n-anmann,
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearathall,
Geallaim-se dhíbh go bhfuil bhúr naimhde ag magadh fúbh,
Táim-se am chodladh nú is fíor mo sgéal!


L. 201


Is é teagasg na cléire a's réir na heagailse,
An tslighe, mar mheasaim-se, b'fhearr chun Dé;
A's ní ag dul chun an aonaig le faobhar go feargach
Tréan faoi arm chun lámhach na bpléar;
Nach dealbh an sgéal dá léigheadh ag gallachoin,
Gur b'iad clanna Gaodhal tá ag déanadh an achrainn,
Ag fealladh ar a chéile faoi ghné gach seana cheirt,
Bhest agus carabhat bán do thréig!



Sean Ó Domhnall.



Nioclás Tóibín, amhránuidhe ceólmhar atá 'n-a comhnuidhe 'sa Rinn, do thug
uaidh an ceól so. Áine Ní Raghallaigh do scrí síos é. Ceól ana-bhinn é.
Mar a dubhart cheana tá an seana nós go háluinn ag Nicolás agus tá na
casaí ar a thoil aige. Tá atharú ghléis ins an gceól. Tosnuigheann sé ar
an ngléas Bb agus ins an ochtmhadh líne den cheól tá gléas eile .i. gléas
C le fagháil.


L. 202


An Caol Each Dubh.



Fonn: "Roisín Dubh."



1



Níor bhfada bhíos ar leaba am luighe,
Nuair ghlaodhaigh amuich;
Marcach líomhtha i ndeisceart oidhche,
Ar chaol each ruadh;
A Bharraigh ghroidhe an ad' chodla 'taoir,
Nó créad é sin ort?
Preab ad shuighe go dtagair linn
A's féach ár dtoirt.



2



Do ghlac mé bíodhga, geit, 's líonadh,
Trém néalta suain;
'S dob' fhada bhí mé gan focal caínte,
Do bhéarfainn uaim;
Allus fuigheach do gheabhadh síos,
Go tréan dem' ghruadh,
Ba ghearr gan mhoill gur phreab óm' thaoibh-se
Ar chaol each ruadh!



3



I n-ár liost do bhí dathad míle
De shéimhfhir shuairc;
De chlanna Míleadh faoi arm líomhtha,
'S iad déanta suas;
Do fhiafruigheas-sa go tapadh díobh san,
Cá raghadh siad cuan;
Nó a' mbeidh Gaill i dtalamh sinsear
Ar nGaoidhil go buan.



4



A dtoradh rúin do fuaras nuadhacht,
Na Máirte i ndé;
Dar an leabhar ba thaithneamhach liomsa
Cáil gach sgéil,
Gur baineadh Lonndain 's Port Mathgamhna,
Don stát indé;
Gur phreab an Diuic ar each chun siúbhail,
'S go mbeidh an lá le Gaoidhil.


L. 203


5



Dá dtigeadh súd mar acht san dútha
Ba bhreágh an sgéal!
Ár mbailte dúchais le sealbhú 'guinn,
Gach lá d'ár saoghal;
Ár sgata cú gach maidion drúchta
Ar stáid-eich caol,
'S go mbeidh na búir dá dhearbhughadh,
Gur sinn mághistir game.



6



Do ghlac mé fonn chun dul anonn
Tar sáile a gcéin!
Ag meargughadh na seabhac ciuin,
Atá láidir tréan,
Dá dhearbhughadh go bhfuil ár mbailte dúchais
'S ár námhaid 'n-ár ndéigh,
Mar bhárra air siúd tá mo ghlaic go brúighte
Ón rámhan, mo léan!



7



I Ros mhic Triúin, mo ghalar dúbhach,
Bhí an cárnadh ar Gaoidhil!
Dathadh míle de arm líomhtha,
Faoi lán neart pléar;
Threasgruidhmair na táinte díobh san,
I dtúis an lae!
'S ár bhfearaibh ghroidhe gur a dtaisge fuigheadh
Le dúil san mbraon!



8



Is fada an Mhumhain n-a codla gan múscailt,
Nuair bhí an cás dá phléidh;
Agus plúr-scoth chlanna Ultaidh,
Go hárd dá nglaodhach:
Is é léighid na hughdair as leabhar an chúntais
Is as rádh na naomh,
Is mithid dúinne feasta múscailt
Nó tá'n dáta ar strae!



Tá'n ceol le fagháil ar leath. 12 de'n leabhairín seo. Ní fheadar cé dhein
an t-amhrán, ach amháin gur san aimsir '98 do cumadh é. Duine éigint, is
dóigh liom, a bhí 'n-a chomhnuidhe i n-aice do Charraig na Siúire do chum é.


L. 204


An Crúiscín Lán.



Gléas Bb.



A éigse Fodla dlúthaigh, Lem thaobh isteach 'nbúr dtrupaibh, A's
éistigh liom go subhach síoch sámh, Go
léigfead startha cíuin díbh, A nGaedhilge bhlasta bhúig bhinn, 'S go
nglaodhfad ar mo chrúiscín lán, lán, lan, Agus
Ólfaimíd an chrúiscín lán.



Curfá.



Ólfaimíd an chrúiscín, Sláinte geal mo mhúirnín 'Na bhfuil a
thaisdiol chughainn tar taoide Slán, slán, slán, Agus
ólfaimíd an chrúiscín lán.


L. 205


2



Is deórach doilbh dubhach sinn,
Tréimhse ag taisdiol triúch bhím,
A gcéin tar lear a gcúigí fághain!
Taoibh le fearaibh úr-chroidheach,
Ba mhian liom stad le dúil ghrinn,
Gan chlaona ag blaise an chrúiscín lán, lán, lán,
Gan chlaona ag blaise an chrúisín lán!



Curfá.



3



An taon-mhac cailce chum sinn,
Dá léigfeadh feasta chughainn rígh,
Séarlus ceart's a thrúpaí slán!
Séimhfhir soilbh subhach síoch,
Saor gan chol a diúgfaoidhe
Le féile a mbeidh san gcrúiscín lán, lán, lán.
Le féile a mbeidh san gcrúiscín lán!



Curfá.



4



Gach óigfhear cneasda clúmhail binn,
D'ar chath a stór san gcrúiscín,
Mar shúil go dtiocfadh chughainn righ 'dtráith!
Glacadh lann 'n-a lámh ghroidhe
Tá taisdiol chughainn tré chúigí,
'S ólfam feasda an chrúiscín lán, lán, lán!
'S ólfam feasda an chrúiscín lán!



Curfá.



5



An tréad so 'nois fá ghúnadhaibh
A dteampaill chóir ár bprionnsaí,
Tréigfid feasda ár gcúigí stáit,
Beidh Gaodhil airís go húrchroidheach,
A dtréad sa mbailte clumhail bíodh,
A's ólfam feasda an chrúiscín lán, lán, lán!
Agus ólfam feasda an chrúiscín lán!



Curfá.


L. 206


Loch Léin.



Gléas F.



Do shiubhluigheas a lán gan spás i
dtosach mo shaoghail, Ón Sionainn go
Ráth a's cois bánta Daingean an
tsléibhe; Ní fheacas aon áit ba
bhreághtha 's ba dheise ná é - Ná'n
baile beag bán 'tá láimh le
barra Loch Léín.


L. 207


2



Níor bhfada liom lá bheith spás ar Thúirín a' Chéim
Ag amharc ar an áit ba bhreaghtha 's ba dheise fí'n spéir
Mórthimcheall Dhoirín, Áth Chathair (Fhio)nán agus Mucros na gcraobh
'S ag Ros an Chaisleáin do ghnáthuigheadh an ghasra thréan.



3



Nuair a thagann an tSamhain is geall le Nodlag aca é;
Bíonn aca gan amhras brannda mil agus céir
An mairt a bheadh reamhar i dteannta an bhroic a bheadh méith
An bradán ón Leamhain ag damhas don choire go léir.



4



Do shiubhluigheas Baoi Bhéarra, cois Éirne, 'gus as-san thoir thuaidh
Cois Mainge gan bhréag, agus tréimhse in arm i dTuadhmhain
Ní fheacas-sa éanbhall den méid sin, cé gur fada mo chuaird
Ba bhreághtha 'ná Loch Léin mar a mbíonn an maithshluagh.



Do thógas an t-amhrán so agus cúpla eile amhrán do leanas anso ar leabhar
go nglaodhthar "Journal of the Folk-Song Society" air. A.M. Freeman
do bhailigh iad. 'Dtaobh an amhráin seo labhrann sé mar seo: "This ex-
traordinarily beautiful tune seems hitherto to have escaped collectors.
Amongst the many thousands of Irish airs in the standard collections I have
not met with any close variant."


L. 208


Luan Dubh an Áir.



Gléas G.



(Ó san) Luan dubh an áir tháinig suaimhneas (a) ró-
bhreágh, (ó) D'imthighdar uaimse leath-
uairín roimh lá Ag iascaireacht
báid a gciantaibh a mbáth, D'fhúig
iarsma na bliadhna 'n-a ndiaidh go bhfaghad
bás.



2



Nuair a ghabhaimse annso síos agus d'fhéachaim fén linn
Nuair a chim Carraig Aonair pléascann mo chroidhe
Thar n-ais dam arís go mullach mo chinn
Agus is í Carraig Aonair is céile dhom chlainn.


L. 209


3



'S is é mo chreach is mo dhíth nár leogas iad ar luing
Nó in éinfheacht le chéile mar a dtéigheadh a Wild Geese
'S do bheadh mo shúil-se le Críost 's le n-a chongnamh arís
Go mbeadh mo cheathrar modhmhail múinte 'n-a Lúbairíbh groidhe.



4



Agus tá duine dhem chlann ná cuirfe mé i suim
Donnchadh breágh brollagheal, fear cosnaithe mo thighe
Thugadh an fiadh leis ón gcoill agus an bradán ón linn
Feadóga dubha an tsléibhe amuigh 's gan bhréag an chearc fhraoich.



5



's is é Cormac mo bhaoidhean an té is óige dhem chlainn
Coidhcigheas ón lá san a tháine sé i dtír
Gan tapa, gan brígh, gan anam 'n-a chroidhe
'S mo scéal dubhach mar a chualadh fá'n dtuairisc arís.



6



Is é Finghín mo stór rí na bhfear óg
Do bhí sé modhmhail múinte deaghchlúmhail go leór
Do scríobhadh sé thar meódhan ar búclaíbh a bhróg
Agus is í Carraig aonair is céile dhom stór.



7



Is í an Nodlaig seo chughainn an Nodlaig gan fonn -
Mo cheathrar breágh brollagheal fé shrothaibh na dtonn
Dá mbudh ná faghainn díobh acht triúr go doimhinn insa tsrúill
Is róbhreágh mar sheinnfinn 's mar a chaoinfinn iad súd.



8



'S a chlann ó mo chroidhe nó an truagh libh mar bhím -
Bhúr n-athairín bocht féinidh ag géarghol 's ag caoi
Am chuaille bhocht chríon i gcúil uaigneach an tighe
'S an bhean atá in áit bhúr máthar ní cás léi mar bhím.


L. 210


Cailín deas crúidhte na mbó.



Gléas E.



(Agus) Airighimse an cailín seo ar siubhal, Ag
gaigíbh na dútha mar spórt, Dá
ghread-mhaoidheamh gur chaith oidhche annsúd aca, In
anaoibh i bhfiúntar bhur sórt; Na
machaí le deagh-chroidhe gur chrúidh sise, Na
cannaí go cumhra 'n-a gcomhair; 'S go
mbeartuighid gur bean í bhí'r a' gCúlach, Ag
dailthíníbh ghúistithe bó.


L. 211


2



Lem chleasaidheacht gur theagmhuigheas i lúib coille
I leathtaoibh bunoscionn leis an ród
Cé chasfaidhe ach an cailín seo chughainn-na
'S gan faic uimpe ó ghlúinibh go bróig
Do cheaduigheas lem shearcbhaoin nó ar bhfiúntar dam
Teacht timchealll chúiche le póig
"Spreaguigheann tu is baitín 'ot chongnamh!
'S ní taithigheach liom súgradh let shórt."



3



Agus dfheasruigheas is cheaduigheas lem chúilfhinn
Nó a' leigfeadh sí a rún liom go fóill
Suidhe síos agus innsint go ciúin dam
Cás thaisteal sí chughainn nó cár threóig.
Nó an bhean í le healadha mar smúinghim
Thug sealad i ndúbha-chnocaibh ceóidh
Nó an cailín go n-airighinn 'á thabhairt uirthi
Ainnir dheas chrúidhte na mbó.



4



Is admhuighim gur cailín me 'en dúthaig
Le beartaidheacht a stiúruigheadh nbur dtreó
Sheasuigheadh ag seadhtsníomh mo thúrainn
Agus gach cinn ag crúdh bhur gcuid bó
Na geataí 'r na machaíbh gur dúnadh
Na cannaí gan fonnsa gan deóir
'S leis na heasnáimh 'seadh theagmhuigheas-sa chughaibhse
'S me ag lapghail 'dir thúrtachaibh ceóidh.



5



'S a shearcbhaoin má shailighdar túrtacha tu
Tair timcheall chughamsa go fóill
Beidh tarbhaidhe 'n-ár machaíbh ag búithrigh
'Gus cannaí dá gcrúdh is dá n-ól
Let chleasaidheacht let bheartaidheacht ná hiompuig me,
Stad, leig ar siubhal me lem ghnó
'S gur beartuigheadh dam thar tuinn anonn dul
Go n-aibigheadh na hubhla sa bhfóghmhar.



Seo mar scríobhann A.M. Freeman 'dtaobh an cheóil seo:


L. 212


Cois chalaithe an ghóilín.



(Comhrádh é seo idir Tomás Ruadh agus an Laoighiseach, fíle eile.)



Gléas C. Go héadtrom.



Tomás ruadh:



"Cois chalaithe an Ghóilín 'seadh chomhnuigh' mo bhuidheansa, 'Gus a-
nois táim am dheóraidhe ag lorg óstaidheacht na hoidhche, "Ann-
so gheóbhair do lóisdín má's deóraidhe gan tigheas tú, Agus
maighre chiúin d'óg-mhnaoi 'n-a róbaí má's gnaoi leat, 'S an
bó leó.



2



Tomás Ruadh:



"Flannsaí ná róbaí ar óg-mhnaoi níor ghnaoi liom;
Ach foghluim, a's scólaidheacht, a's fólaidheacht le sínsreacht,
B'fhearr liom seana-bhean bhreóluidhe 's seacht órlaigh de phíop aici
Do chuirfeadh orm cóir bídh 'ná ceól sidhe na ríoghachta,
'S an bó leó.


L. 213


3



An Laoighiseach:



"B'fhearra dhuit óg-bhruinneal gan sgólaidheacht gan rínnce,
Ná beadh dul aici i mbeadaidheacht, i gcleasaidheacht, ná i n-aoibhinteas,
Do chiméadfadh do leanbhaí go teasaidhe san oidhche,
'Ná fráma fuar caillighe bheadh aicídeach cnaoite,
'S an bó leó."



4



Tomás Ruadh:



"Bíon na boineanaigh beadaidhe 's a lochtaí le hínsint
Dá ndeasgaibh ar faithchíbh gur marbhuigheadh na mílte -
'Siad d'fhág go lag-bhrigheach na gaisgidhigh dob' aoirde,
Agus d'fhág mise ar mearaighe, cé gur beathuigheadh le soíll mé,
'S an bó leó."



5



An Laoighiseach:



"An bhuidhean gur díobh mise, bhí na boineanaigh béasach,
Ní raighdís ar mire ag ól gloine le haon-fhear.
Bhíodh ól agus ithe 'na gcistin gach féile,
A's fáilte 'gus fiche da dtigeadh na céadta,
'S an bó leó."



6



Tomás Ruadh:



"Má bhíodar fial, flaitheamhail a's banamhail dá réir sin,
Do chroidhe-se ní'l fearamhail, a bhastúin an éithigh!
Dá gcasfaidhe tú chugham-sa nuair a bhí dún agam féinig,
Ní hag dorus mo chúirte bheinn a' tabhairt mo leithsgéil duit,
'S an bo leó."



7



An Laoighiseach:



"Is file maith thusa, agus tuigim do laoithe;
'S is file eile mise do sloinnigheadh ó'n Laoisigh.
Tar isteach chun na teine, 's bí ag cur síos do ghníomhartha;
Tá an ciotal ag fiuchadh 's ag cliosmairt ar a dhícheall,
'S an bó leó."


L. 214


Túirne Mháire



Gléas Eb. Go mear.



A Mháire chiúin ta'n Nodlaig ar tús, A-
nois le congnamh an Árd Ríogh,
Cuir do thúirne uaim 's an deamhan, 'S
trí chos úr ón Spáinn faoi.
Mul as Lundun, ceap as Luimneach,
Cuigeal as Laighin i n-Áirde,
Sreang don tsíod' is fearr 'sa tír seo, 'S
béidh do thúirne sásta.



Curfá.



Fallal Fallal,


L. 215


Fallal lérí
Fallal fallal, fa
lú fa la fa lérí.



2



'Sé túirne Mháire 'n túirne sásta,
Shiubhail sé roinnt mhaith dhe'n Éirinn,
Ní'l cnoc ná gleann d'a ndeachaidh sé ann,
Nár fhág sé cuid d'a thréithibh.
Chaith sé lá ar bhruach Cinnsáil'
Ar lúb ins an ghleanntán sléibhe
Na sidheóga mná bhí ar thaobh Cnuic Meadha
Do shníomh leis "lawn" a's "cambric."



Curfá.



3



Thíos i gCill Mhantáin rinneadh an tromán,
Tuille mór 'gus ráithe,
De chnámhaibh an ghearráin rinneadh an biorán
A's chaitheadar i bhfiadhnais' Mháire é.
Bhí ceathrar ag sníomh ó mhaidin go hoidhch'
'S octhar 'san oidhche ag cárdáil.
Nach suarach a sníomh do chailínibh tighe,
Leath-tugtha ag sníomh an lá sin?



Curfá.



Chuala mé an ceól so ó'n Athair Tomás Burbage nuair a bhíos ag obair
ar feadh seachtmhaine i nGéisil, Lughnasa 1290. Is deas an port é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services