Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceól Sídhe 1-6

Title
Ceól Sídhe 1-6
Author(s)
In eagar ag Norma Borthwick,
Pen Name
Aodh Rua / Fear na Móna / Gartan
Compiler/Editor
Borthwick, Norma
Composition Date
1912
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Tuigim agus ní léighim,
Acht tuigean fear léighinn leath-fhocal."


L. 2


JIMMY MO MHÍLE STÓR.



Bliadhain an taca so d'imthigh uaim grádh mo chléibh,
Ní thiocfaidh sé a bhaile go dtabhairfidh sé cúrsa'n tsaoghail
'Nuair a thiocfaidh sé a bhaile le fuingimh ró-árd 'na chóir
Cóimhreóchad le mil é — 'sé Jimmy mo mhíle stór.



Bídheann m'athair 's mo mháthair ag bearradh 's ag bruighin
liom féin
Táim giupuighthe ciapaighthe piocuighthe cráidhte am shaoghal:
Thug mé taithneamh do'n duine úd ba ghile 's dob áilne
snódh,
Acht chuaidh sé 'r bhórd luinge — 'sé Jimmy mo mhíle
stór.



Raghad i lúb coille 's caithfead ann an chuid eile de'm,
shaoghal,
I n áit ná béidh aoinne a thabharfadh dham nuadhacht ná
sgeul,
Ag bun an chrainn chárthain mar a bhfásann ann feur go
leór,
A' tabhairt taithneamh do'n duine úd' — sé Jimmy mo mhíle
stór.



FÁINNE GEAL AN LAE.



Maidin mhoch do ghabhas amach
Ar bhruach Locha Léin,
An samhradh 'g teacht sa chraoibh le n'ais,
'Gus lonnradh te ó'n ngréin;
Ar dtaisteal dhom tre bhailte puirt
'Gus bánta míne réidh' —
Cé gheobhainn le m'ais acht cúilfhionn deas
Le fáinne geal an lae.



Ní raibh bróg ná stoca, caip ná clóca
Ar mo stóirín óg ó'n spéir,
Acht a folt fionn ordha síos go troigh
Ag fás go bárr an fhéir;
Bhí galún crúidhte aici 'na glaic
'S ar dhrúcht ba dheas a sgéimh,
Do thug bárr-ghean ó Bhénus deas
Le fáinne geal an lae.


L. 3


Do shuidh an óig-bhean síos le m'ais
Ar bhinnse glas do'n bhfeur,
A' magadh léi bhíos d'á mhaoidheamh go pras
Mar mhnaoi nach sgarfainn léi:
'Sé dubhairt sí liom, "Ná bris mo chlú,
"A's sgaoil mé feasda, a réic;
"Sin iad a ndeas na soillse ag teacht
"Le fáinne geal an lae."



SEAGHÁN UA DUIBHIR AN GHLEANNA.



Ar éirghe dham ar maidin
Grian an tsamhraidh 'g taithneamh
Chuala 'n uaill d'á chasadh
Agus ceol binn na n-eun;
Broic as míolta gearra
Creabhair na ngobha fada
Fuaim ag an macalla
A's lámhach gunaidhe treun;
An sionnach ruadh ar an gcarraig,
Míle liú ag marcaig,
A's bean go dubhach 'san mbealach
Ag áireamh a cuid géidh;
Anois tá'n choill d'á ghearradh
Triallfamaoid tar chaladh
'S a Sheaghain uí Dhuibhir an Ghleanna
Tá tu gan géim.



Is é sin m'uaigneas fada,
Scáth mo chluas d'á ghearradh,
An ghaoth a dtuaith a'm leathadh,
Agus bás ins an spéir,
Mo ghadhairín suairc d'á cheangal
Gan chead lúithe ná aisdigheacht';
Do bhainfeadh gruaim de'n leanbh,
I meadhon ghil an lae;
Croidhe na n-uaisle 'r an gcarraig,
Go ceáthfrach buacach beannach,
Do thiocfadh suas ar aiteann,
Go lá dheire an tsaoghail,
'S dá bhfaghainn-se suaimhneas tamall
Ó dhaoinibh uaisle 'n bhaile,
Do thriallfainn féin ar Ghaillimh,
A's d'fhágfainn an sgléip.


L. 4


Táid fearainn gleanna an tsrutha
Gan cheann ná teann ar luchdaibh,
A sráid na gcuach ní h-óltar,
A sláinte ná a saoghal;
Mo loma luain gan fasgadh,
Ó Chluain go Stuaic-na-gcolam
'S an gearr-fhiadh ar bruach an rosa
Ar fán le na rae.
Creud í an ruaig so ar Ghallaibh
Bualadh, buanadh, a's cartadh?
An smóilín bínn 's an londubh
Gan sár-ghuth ar ghéig;
'S gur mór an tuar chum cogaidh,
Cléir go buaidheartha a's pobal
D'á seóladh a gcuantaibh loma,
I lár ghleanna an tsléibh'.



Is é mo chreach ar maidin,
Nach bhfuair mé bás gan pheacadh,
Sul a bhfuair mé sgannall
Fá mo chuid féin;
'S a liacht lá breágh fada,
Thig ubhla cúmhra ar chrannaibh,
Duilleabhar ar an dair,
Agus drúcht ar an bhfeur;
'Nois táimse ruaighte óm' fhearann,
I n-uaigneas bhfad óm' charaid,
Am luidhe go duairc faoi sgairtibh,
'S i gcuasaibh an tsléibh'.
'S muna bhfágh' mé suaimhneas feasta,
Ó dhaoinibh uaisle an bhaile
Tréigfidh mé mo shealbh
Agus fágfad an saoghal.



A CHUISLE MO CHROIDHE, CRÉAD Í AN GHRUAIM
SIN ORT?



Ar maidin indé roimh gréin go moch,
Do dhearcas an bheith ba niamhdha cruth,
Bhí sneachta 'gus caor ag caismirt 'na sgéimh,
'S a seanga-chorp séimh mar ghéis ar shruth,
'S a chuisle mo chroidhe, créad í 'n ghruaim sin ort?



Ba bhinne guth caomh a béil le sult
'Ná Orpheus do léig go faon na tuirc,
Bhí a ramhar rosg réidh mar chriostal na mbraon
Ar sheamar-ghlais féir roimh gréin go moch;
'S a chuisle mo chroidhe, créad í 'n ghruaim sin ort?


L. 5


BÁN CHNOIC ÉIREANN ÓGH.



Beir beannacht óm' chroidhe go tír na h-Éireann
Bán-chnoic Éireann ógh!
Chum a maireann de shíolradh Ir a's Éibhir,
Ar bhán-chnoic Éireann ógh.
An áit úd 'nar bh'aoibhinn binn-ghuth éan,
Mar shámh-chruit chaoin ag caoineadh Gaodhal;
'Sé mo chás a bheith míle míle í gcéin,
Ó bhán-chnoic Éireann ógh.



Bidheann barra bog slím ar chaoin-chnoic Éireann,
Bán-chnoic Éireann ógh!
'S is fearra ná 'n tír so, dith gach sléibhe ann,
Bán-chnoic Éireann ógh!
Dob árd a coillte 's ba dhíreach réidh,
'S a mbláth mar aol ar mhaoilinn geug,
Tá grádh agam' chroidhe i m'íntinn féin
Do bhán-chnoic Éireann ógh.



Tá gasra líonmhar i dtír na h-Éireann,
Bán-chnoic Éireann ógh!
A's fearachoin groidhe ná claoidhfeadh ceudta
Ar bhán-chnoic Éireann ógh!
M' fhadtuirse croidhe 's mo chuimhne sgeul,
Iad ag Gallaphoic síos fá ghréim, mo leun!
'S a mbailte d'á roinn fá chíos go daor,
Bán-chnoic Éireann ógh!



Is fairsing 's is mór iad cruacha na h-Éireann,
Bán-chnoic Éireann ógh!
A gcuid meala 'gus uachtair a'gluaiseacht 'na slaoda
Ar bhán-chnoic Éireann ógh.
Rachaidh mé ar chuairt no is luath mo shaoghal,
Do'n talamh bheag shuairc sin is dual do Ghaodhal!
'S go mb'fhearra liom 'ná duais dá uaisleacht é
Bheith ar bhán-chnoic Éireann ógh.



Sgaipeann an drúcht ar gheamhar agus féar ann,
Ar bhán-chnoic Éireann ógh;
Agus tagaid sin ubhla cumhra ar gheugaibh ann,
Ar bhán-chnoic Éireann óg.
Biolar agus samha i ngleanntaibh ceo
'S na srotha 'san tsamhra a' labhairt ar neoin;
A's uisge na Siúire a' brúcht 'na shlógh,
Ar bhán-chnoic Éireann ógh.


L. 6


Is osgailte fáilteach an áit sin Éire,
Bán-chnoic Éireann ógh!
Agus toradh na sláinte a mbárr na déise.
A mbán-chnoic Éireann ógh.
Ba bhinne 'ná meura ar théadaibh ceoil,
Seinm 'gus géimreadh a laogh 's a mbó,
Agus taithneamh na gréine ortha aosda 's óg
Ar bhán-chnoic Éireann ógh.



EIBHLÍN, A RÚIN!



Do shiúbhalfainn féin i gcomhnuidhe leat,
A Eibhlín, a rúin!
Do shiúbhalfainn féin i gcomhnuidhe leat,
A Eibhlín, a rúin!
Do shiúbhalfainn féin i gcomhnuidhe leat,
Síos go Tír-Amhalghaidh leat,
Mar shúil go mbheidhinn i gcleamhnas leat
A Eibhlín, a rúin!



D'ólfainn féin bó leat-sa,
A Eibhlín, a rúin!
'S d'ólfainn dhá bhó leat-sa,
A Eibhlín, a rúin!
Do shiúbhalfainn an saoghal mór leat,
Acht cleamhnas d'fhághail óm stór,
'S ní sgarfainn go deo leat,
A Eibhlín, a rúin!



An dtiocfaidh tú nó'n bhfanfaidh tú,
A Eibhlín, a rúin?
An dtiocfaidh tú nó'n bhfanfaidh tú,
A Eibhlín, a rúin?
Tiocfaidh mé's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé's ní fhanfaidh mé,
'S euloghaidh mé lem' stór!



Ceud míle fáilte romhat
A Eibhlín, a rúin!
Ceud míle fáilte romhat
A Eibhlín, a rúin!
Ceud míle fáilte romhat,
Fáilte 'gus fiche romhat,
Naoi gceud míle fáilte romhat,
A Eibhlín, a rúin!


L. 7


MÁIRE BHÉIL-ATHA-HAMHNAIS.



A Máire, a ghrádh, is tú 'tá a'm chrádh,
Och! tabhair do lámh go dluth dham:
'S gur dual dam buadh na cúighe d'fhághail,
Go bráth ná déan mé dhiúltadh.
A chúil na ndual, 'sé mo chumha go buan,
Nach bhfuilim leat fuaidhte i gcleamhnas,
A's béidhead go duairc fá shíor-ghruaim.
Má bhéidhir a bhfad uaim, a annsacht!



A bhláth na gcaor, ó thárla mé
Go claoidhte treith le greann duit;
Tar faoi m'dhéin, a rúin mo chléibh,
'S tabhair grádh gan chlaon gan cham dam.
Och! faraoir geur! 's mé an ceann gan chéill,
'S do chomhairle m'athar níor úmhluigheas,
'S gur b'é comhradh déigheanach a dubhairt sé liom,
Tréighse Beul-atha-hAmhnais!



Acht thug mé grádh dod' chúilín bhán,
Ar chúl an gháirdín ponaire;
Dod' bhéilín tláith mar cubhar na trágha,
Dod' dhá ghruadh dearg mar caorchon;
Dod' bheul is binne 'ná 'n chuach ar bile,
'S 'ná ceileabhar caoin na n-eunlaith;
Mo leun 's mo mhilleadh, gan mé 's tú, a chumann,
Ag euloghadh le n-a chéile.



A ghrádh 's a rúin, dá ngluaisfeá liom
Go tír na long as Éirinn,
Ní'l tinneas cinn, ná tuirse croidhe
Nach leigheasfaidhe ann gan amhras.
Is tú'n reult eoluis tar mhnáibh na Fodhla,
Agus coinnidh agat féin ó'n mbás mé,
Óir gan grása Dé ní mhairfidh mé.
Ar an tsráid so Bhéil-atha-hAmhnais!


L. 8


PÉ 'N-ÉIRINN Í.



A ngleanntaibh séimh na h-éigse bhidhim,
A bhfanntais péin a ngéibh gach laoi;
An tseangbhean ghlé ba bhéasach gnaoi
Do sgannraidh mé, pé 'n Éirinn í,
Pé 'n Éirinn í.



Ní thráchta mé ar chéile Naois,
Thug ár na Gaoidheal ar dteacht do'n Chraoibh,
Ná'n bháb ó'n nGréig do chéas an Traoi,
Le grádh mo chléibh, pé'n Éirinn í;
Pé 'n Éirinn í.



Is breagh deas dréimreach réidh a dlaoi
Go bárr an fhéir ná slaod ar bith;
A tláth-fholt réidh do dhealradh an flíos
Ar ghrádh mo chléibh, pé 'n-Éirinn í,
Pé 'n-Éirinn í!



Is cásmhar, taodach, deurach bhidhim,
Go cráidhte, créimeach, ceusda ó'n mnaoi,
A's fánach, faon, gan chéill, ar bhaois,
Le grádh do'n bhéith, pé 'n-Éirinn í,
Pé 'n-Éirinn í!



Ar neoin nuair théidhim ar thaobh Suidhe-Finn,
Fá bhrón a gcéin 's gan aon dom bhuidhin,
Cia sheólfadh Aon Mac Dé am líon
Acht stór mo chléibh, pé 'n-Éirinn í,
Pé'n-Éirinn i!



PÉARLA AN BHROLLAIGH BHÁIN.



Tá cailín deas a'm chrádh,
Le bliadha agus le lá,
As ní fhéadaim a fágháil le bréagadh.
Ní'l aisde chlis le rádh,
D'á gcanaid fir le mná,
Nár chaitheamair gan tábhacht léi-se.
Do'n Fhrainc nó do'n Spáin,
Dá dtéidheadh mo ghrádh,
Go raghainn-se gach lá d'á féachain
A's mura bhfuil sé i ndán
Dúinn an ainnfhir chiuin seo d'fhághail,
Och! Mac Muire na ngrás d'ár saoradh.


L. 9


'S a chailín chailce bhláth,
Dá dtugas searc a's grádh,
Ná tabhair-se gach tráth dham éradh;
'S a liacht ainnfhir mhín atá
Le buaibh a's maoin 'na láimh,
Dá ngabhamais a d'áit-se céile:
Póg a's míle fáilte,
'S bárraí geal do lámh,
Isé 'n-iarrfuinn go bráth mar spréidh leat
'S mura damh-sa tá tu i ndán,
A Phéarla an bhrollaigh bháin
Nár thig mise slán ó'n aonach.



TIGHEARNA MHUIGH-EÓ.



s mian liom feasda gluaiseacht
Go cuan ceart an fhíona ól,
A's comairc an té 'tá shuas ort,
A Thighearna Mhuigh-Eó;
A fhír-smir scoith na ngruagach,
Fuair buaidh 'gus clú i ngach gleóidh,
Tá mé teacht an uair seo
Faoi dhídean do shlóigh;
Is mise féin bhur ndall bocht,
Tá 'fille orraibh a annsacht,
'Gur éirghidh faillighe mall damh
Le bliaghain mhóir faoi cheoidh.



A ngeall ar an té 'tá i láthair
A's Aon-Mhac Dé na ngrása,
Nocht oidhche Nodlag claoidhtear cogaidh
Thighearna Mhuigh-Eó;
Feasda ná cuir ruas díom,
A chraobh na fola 's uaisle,
Dar a bhfuil de mhór chloig
Na naomh in san Róimh,
Ní bhéidh mé'n fhad úd uaidh-se,
A chraobh na bhfireun mbuacach,
Go dtéidh cré na h-úire 'nuas
Ar mo shean-chorp chaoch faoi fhód,


L. 10


Is í an Bhaintighearna Máire
Thar mhnáibh fuair an chraobh i gclodh,
I méinn, i bpearsainn shásta,
'S i ngach cáilídheacht mar is cóir;
Geal-ghrian í ar gach banntract,
I gceannsacht, 's i gcéill ró-mhór,
Fá shíothcháin d'fhaghail damh san am so,
Uait féin a's ó'd leómhan;
'Sé Tiobóid óg de Búrca,
An chraobh chúmhra 'tá éifeachdach mór,
Faoi chomairc Dé na n-dúl dó,
'S go mba buan a bhéidh sé béo!



'Sí Siúbhán deas na gciúin rosg,
Is múinte a's is féile glór,
A's bídh fá impidhe dhamh-sa,
Um réidhteach fhághail ó'm león,
Tigid feasda, a chúigear,
Chuirfeadh maise ar chlannaibh cóige,
A's canaidh caint fá dhúthracht,
In mo dháil mar is cóir;
Rí na rann d bhur gcumhdach,
Go mba saoghlach slán an cúigear,
Mar tá Héibidh, Neillidh, Tom, a's Betídh
A's péurla an chúil óir.



PÁISDÍN FIONN.



Grádh le m' anam mo pháisdín fionn!
A croidhe 's a h-aigne ag gáiridh liom,
A cíocha geala mar bhláth na n-ubhall,
'S a píob mar eala lá Márta!



Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
Is tusa mo rún a's mo ghrádh geal,
Is tusa mo rún, 's mo chumann go buan,
'Sé mo chreach gan tú 'gam ó d'mháthair!



Cara mo chroidhe mo pháisdín fionn!
A dá ghruadh ar lasadh mar bhláth na gcrann,
Tá mise saor ar mo pháisdín fionn,
Acht amháin gur ólas a sláinte.



Is tusa mo rún, agus ml



Dá mbéidhinn-se sa mbaile mbíonn súgradh 's greann,
Nó idir dhá bharaille lán de leann,
Mó shiúirín am' aice 's mo lam faoi n-a ceannn,
Is súgach d'ólfainn a sláinte.



Is tusa mo rún, agus ml.


L. 11


Bhí mé naoi n-oidhche am' luidhe go bocht,
Ó bheith sínte faoi 'n dílinn idir dhá thor;
A chumann mo chroidhe! 's mé ag smaoineadh ort,
'S nach bhfaghainn-se le fead 'ná le glaodh thú,



Is tusa mo rún, agus ml.



Tréigfead mo charaid 's mo cháirde gaoil,
A's tréigfidh mé a mhaireann de mhnáibh a'tsaoghail,
Ní thréigfead le m' mharthainn thú, grádh mo chroidhe,
Go sínfear i gcómhra faoi chlár mé.



Is tusa mo rún, agus ml.



SIUBHÁN NÍ 'G UIDHIR.



Ó d'éirigh mé ar maidin ag taraingt chum aonaig mhóir,
Ag díol 's ag ceannach mar tháinig mo dhaoine rómham,
Bhuain tart dam ar an bhealach a's shuidh mise síos ag ól,
'S gur le Siubhán ní 'g Uidhir a d'ól mise luach mo bhróg,



'S a Shiubhán Ní 'g Uidhir, an misde leat mé bheith tinn?
Mo chrádh! má's misde liom thusa bheith sínte i gcill
Bróinte 'gus muilte bheith 'sgileadh ar thaoibh do chinn,
Agus cead a bheith i n-Iorrus go dtigheadh síol Éabha ann
cruinn.



'S, a Shiubhán Ni 'g Uidhir, 's tú bun agus bárr mo sgéil,
'S ar mhnáibh a cinidh go 'dtug sí an báire léi
Le gile, le finne, le maise 's le dá dtrian sgéimh,
'S nach mise an truagh Mhuire 's mé 'sgaramhaint amárach léi!



Ó, saighdiúr singil mé briseadh as gárda an ríogh;
Do'n ré pighinn agam a bheirinn ar chárta dighe;
Do bhuailfinn an droma 'gus sheinnfinn ar chláirsigh chaoin;
Ag Currach Chill-dara gur sgaras le grádh mo chroidhe,



Thiar i n-Iorrus tá searc agus stór mo chléibh,
Plannta an leinbh a d'éitigh mo phósadh 'ndé;
Beir sgéala uaim chuici, má thug mise póg d'á beul,
Go dtiubhrainn di tuille dá gcuirfeadh siad bólacht léi



Beir sgéala uaim chuige, go deimhin nach bpósaim é,
Ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé;
Má tá buaibh agat ná an iomataidh móráin spré,
Do'n ré bean agat 's béidh mise ar mo chomhairle fhéin.


L. 12


AN BUNÁN BUIDHE.



Ó, 's a bhunáin bhuidhe, 'sé mo leun do luighe,
'Gus do chnámha sínte ar leacach lom,
S ní dhearn tu díth ná dolaidh istígh,
'S nár bh'fhearr leat fíon 'ná uisge puill,
Ó, bhíteá ag síor-ól na dighe,
'Gus deir siad go mbím as an nós sin seal,
'S ní'l braon dá bhfuighead nach leigfead síos
Ar eagla go bhfuighinn féin bás do'n tart.



Ní b-iad bhur n-eunlaith atá mé 'eugcaoin,
An londubh, an tradhna, ná an corr ghlas,
Acht an bunán leuna bhíodh leis féin
Ag ól go réidh ar na curraigh 'muigh;
Dá gcuirtheá sgeula fá mo dhéin
Go raibh tú i bpéin, bhéidhinn in mo rith
Nó go mbaininn béim as Loch Mhic an Éin
A fhliuchfadh do bheul a's do chorp istigh,



'Sé dubhairt mo stór liom leigean do'n ól,
'S nach mbínn-se beó acht seal beag gearr
Agus dubhairt mé léithi gur chan sí breug,
Gur bh'fhuide dom' shaoghal an braon dighe 'fhághail;
Nach bhfeic' tusa eun an phíobáin réidh,
Go ndeacha sé dh'eug do'n tart ar ball?
'S a dhaoine cléibh, ó, fliuchaigidh bhur mbeul,
Ní bhfuighe sibh braon i ndéidh bhur mbáis.



Tá an bunán donn ar hallaíbh Cuinn
I n-inis gheimhridh 's is ró-olc a áit;
'Sé deir sé liom nach dtig sé anall
Go dtigidh an samhradh fada breagh:
Tráth théid sé anonn ar an abhainn ann,
'Sé, is féidir liom nach dtig sé slán;
'S ó h-óladh an lionn tá an bainne gann
'S ní choisgfidh an dram ár dtart go lá


L. 13


SIUBHAIL, A GHRÁDH.



An Chraoibhín Aoibhinn do Chúm.



A bhuachaillín aoibhinn áluinn óig,
Budh leathan do chroidhe, budh dheas do phóg,
Mo leun gan mise leat féin go deó —
'S go dtéidh tú, a mhúirnín, slán.



Siubhail, siubhail, siubhail, a ghrádh,
Ní'l leigheas le fághail acht leigheas an bháis
Ó d' fhág tú mise is bocht mo chás,
'S go dtéidh tú, a mhúirnín, slán.



Is minic do bhreug sé mé ar a ghlúin,
Ag cur a sgéil dom féin i n-umhal,
Acht chaill mé é, 's gurb' é mo rún —
'S go dtéidh tú, a mhúirnín, slán.



Siubhail, siubhail, agus ml.



Do shníomh mé líon a's dhíol mé é,
A's dhíol mé dhó mo thúirne féin,
Cheannuigh mé cloidheamh do ghrádh mo chléibh —
'S go dtéidh tú, a mhúirnín, slán.



Siubhail, siubhail, agus ml.



Acht cuireadh ar Rígh Seumas ruaig,
A's d'imthig na Géana leis ar luathas,
A's d'imthig mo bhuachaill leó, mo nuair!
'S go dtéidh tú, a mhúirnín, slán.



Siubhail, siubhail, agus ml,



Do shuidh mé síos ar thulach mór,
Ag dearcadh ar a luing faoi sheól,
Thionntóchainn muileann le gach deor,
'S go dtéidh tú, a mhúirnín, slán.



Siubhail, siubhail, agus ml.



Moleun gan Seumas teacht i g'cróin,
Is é do sgapfadh uaim mo bhrón;
Acht ní'l aon mhaith i ngol, ochón!
'S go dtéidh tú a mhúirnín, slán.



Siubhail, siubhail, agus ml.



Do dheargfainn féin mo ghúna bán
A's chuairteóchainn an domhan iomlán
Go bhfagh 'mé marbh é nó slán —
'S go dtéidh tú, a mhúirnín, slán.



Siubhail, siubhail, agus ml.


L. 14


'S A MHÚIRNÍN DÍLIS.



Ba bhrónach an lá úd ar sgaras óm' cheud grádh,
'S a mhúirnín dílis, Eibhlín ó!
Do phógas a deora, 's mo chroidhe 'stig dh á gheur-chrádh,
'S a mhúirnín dílis, Eibhlín ó!
Ba bhán í a h-aghaidh, lem' bhrághaid, feadh na h-uaire,
Ba tais í a lámh, ní raibh marmar ní b'fhuaire,
'S gur bh'eól dom gur síoruidhe mo sgaradh óm stuaire,
'S a mhúirnín dilis, Eibhlín ó!



Ba bhuan é an cómhrac, 's mé a bhfad ó mo rún-sa,
'S a mhúirnín dílis, Eibhlín ó!
Do thaisgeas ar fheudas, a ghrádh, ar do shon-sa,
'S a mhúirnín dílis, Eibhlín ó!
Tháinig an suaineas, a bhaile do thriallas,
Go díreach dom thír a's dom ghrádh féin, mar shíleas,
Mo bhrón! Ins an uaigh bhí m'anam, mo chiall, a's
Mo mhúirnín dílis, Eibhlín ó



AN RAIBH TÚ AG AN gCARRAIG?



An raibh tú ag an gcarraig, nó an bhfaca tú féin mo ghrádh?
Nó an bhfaca tú gile gus finne 'gus sgéimh na mná?
Nó an bhfaca tú an t-ubhall ba chúmhra 's ba mhilse bláth?
Nó an bhfaca tú mo Valentine, nó an bhfuil sí d'á claoidh'
mar táim?



Do bhíos ag an gcarraig, a's do chonaic mé ann do ghrádh;
Do chonaic mé gile 'gus finne 'gus sgéimh na mná;
Do chonaic mé 'n t-ubhall ba chúmhra 's ba mhilse bláth,
Do chonaic mé do Valentine, 's ní'l sí d'á claoidh mar táir!



Nuair bhím-se am chodla bíon osna gan bhrígh am chliab,
'S mé am luighe idir chnocaibh go dtigidh an ghrian aniar;
A rúin dhil 's a chogar, ní'l fortacht mo chúis acht Dia,
'S go ndearnadh loch fola de sholas mo shúl ad dhiaidh,



A's go dtigidh an Cháisg ar lár an fhóghmhair bhuidhe,
'S lá Fhéile Pádraig lá nó dhó 'na dhiaidh,
Go bhfásadh an bláth bán tré lár mo chómhra chaoil,
Páirt dod ghrádh go bráth ní thabharfad do mhnaoi,



Siúd i síos an rígh-bhean áluinn óg,
A bhfuil a gruaig sgaoilte síos go beul a bróg,
'S í an eala í mar lítis do shíolraidh ó'n tsár-fhuil mhóir,
A chara ghil mo chroidhe, ceud míle fáilte rómhat!


L. 15


CÁIT Ó GHÁRDHA 'N BHILE.



Fonn —



An raibh tú riamh i nGárdha 'n Bhile?
Nó'n bhfaca tú i nGárdha'n Bhile
Suairc-bhean óg
Na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGárdha 'n Bhile.



Is gile í 'ná eala ar linn,
'S 'ná sneachta ar bhárr na craoibhe cruinne,
'S is milse a póg
'Ná drúcht ar rós,
'Sí Cáit mo stór i nGárdha 'n Bhile.



Is binne a ceol 'ná lon 'ná smól,
'S 'ná Philomeol ar chraoibh na saile,
Mar loing faoi sheol
Ar toinn gan ceó
Do chím mo stór i nGárdha 'n Bhile.



Chugat-sa, á Chríost, chuirim mo ghuidhe,
Má tá aon bhrígh i nguidhe ó'n bhfile,
Gan cáin gan cíos,
Gan brón gan díth
Go raibh Cáit 's a buidhean i nGárdha 'n Bhile.



AN CHÚILFHIONN.



An bhfaca tú an Chúilfhionn 's í ag siúbhal ar na bóithre
Maidin geal drúchta 's gan smúit ar a bróga?
Is iomdha ógánach súil-glas ag cnúth le n-a pósadh,
Acht ní bhfaghaidh siad mo rún-sa ar an gcúntas is dóigh leo



An bhfaca tú mo bhábán lá breagh 's í 'na h-aonar,
A cúl dualach drisleanach go slinneán síos léithe,
Mil ar an óig-bhean, 's rós breagh 'na h-eudan,
'S is dóigh le gach spriosán gur leanán leis féin í.



An bhfaca tú mo spéir-bhean 's í taobh leis an tuínn,
Fáinní óir ar a meuraibh 's í a' réidhteach a cínn,
Is é dubhairt an Paorach 'bhí 'na mhaor ar an luíng
Go mb'fhearr leis aige féin í 'ná Éire gan roinn.


L. 16


CAILÍN DEAS CRÚIDHTE NA MBÓ.



Micheál Ua Súiliobháin do chúm.



Tá bliadhain nó níos mó 'gam ag éisteacht
Le cogar doilghéasach mo mheóin,
Ó casadh liom grádh geal mo chléibhe
Tráthnóna bhreagh gréine 'san bhfóghmhar,
Bhí an bhó bhuinne chumhra ag géimnidh,
'S na h-eunlaith go meidhreach lé ceól;
'S ar bhruach an tsrutháin ar leath-taoibh dhíom
Bhí cailín deas crúidhte na mbó,



Tá a súile mar lonnradh na gréine
Ag sgaipeadh tré, spéarthaibh an cheóigh;
'S is deirge a gruadh 'ná na caortha
Ar lasadh 'measg craobhtha na gcnó;
Tá a béilín níos milse 'ná smeura,
'S is gile 'ná leamhnacht a snódh:
Ní'l óig-bhean níos deise san tsaoghal seo
'Ná cailín deas crúidhte na mbó,



Dá bhfaghainn-se áird-thíghearnas na h-Éireann
Agus eudacha síoda'gus sróil;
Dá bhfaghainn-se an bhain-ríoghan is aoirde
D'á bhfuil ar an dtalamh seo beó;
Dá bhfaghainn-se ceud loingeas mar spré dhom
Pioláitidhe, caisleáin, agus ór:
Dob fhearr liom bheith bocht ar dhruim sléibhe
Le cailín deas crúidhte na mbó.



Muna bhfuil sé am' chóir bheith i n-aoinfheacht
Leis an spéir-bhean ró-dhílis úd fós,
Is daoirseach, dobrónach mo shaoghal-sa,
Gan suairceas, gan éifeacht, gan treó;
Ní bhéidh sólás am' chroidhe ná am' inntinn,
Ná suaimhneas orm oidhche ná ló,
Chum go bhfeicfead le m'thaoibh ó n-a muintir
Cailín deas crúidhte na mbó,


L. 17


DÁN MHOLADH NA GAEDHILGE.



Toirdhealbhach Ua Cearbhalláin do chúm.



Fonn —



'S í 'n teanga Ghaedhilge 's greanta cló,
Go blasda léightear í mar cheol,
'S í chanadh bréithre binn-ghuith beóil,
'S is fíor gur mór a h-áitreabh,
Ní'l teanga ar domhan dá bhreághthacht í,
Le blas, a's fonn nár sháruigh sí,
'S go ceart do labhraid dáimhe linn
Na dánta 's ceol, do fhagháil 'na cóir;
A's seanachus na ríogh-fhlaith mór,
A's saoithe tródha Chláir-luirc.



Dá mbéidheadh ríghthe Éireann fós
'Na suidhe 'san ríoghacht i gcéim 's i gcoróin
Ba bhinn siollaidhe na Gaedhilge lei
Ar chaoin-chruit cheoil a's táibhleis,
Béidh fileadha léighinn go sásta róghach,
Ag déanadh saothair dánta dhóibh;
Gach éigeas díobh 'san árus mór,
Ag moladh 'n rígh 'sa sár-mhaith-ghníomh
'Sa shinsir uaisle thréana ghroidhe,
'S i gcríochaíbh Fódla 'n ársacht'.



Do bheidheadh saoghal órdha 'g Éire 'rís
Le saidhbhreas, cómhacht, réim a's brígh;
Lucht léighinn faoi mhór-chaithréim san rígheacht,
A's tréan-lucht díbirt námhad,
D'éireóghadh 'n Ghaedhilig i gcéimibh árd
I gcló 's i gcéill tar Bhéarla cháich,
A's startha na nGaedhil d'á léigheadh do ghnáth
A's seanachaidheacht
A's teagasg Chríost
A's diadhairidhe Dé go séimh do síor
Ag léir-mhíniughadh dlighe neamhdha.


L. 18


AN DRAIGHNEÁN DONN.



Sílean ceud fear gur leó féin mé nuair ólaim lionn,
'S téidhean dá dtrian síos díom ag cuímhne ar do chomhrádh
liom;
Sneachta séidhte 's é d'a shíor-chur ar Sliabh na mBan fionn,
'S tá mo ghrádh-sa mar bhláth na n-áirne ar an draighneán
donn.



Dá mbéinn am bhádóir is deas do shnámhfainn an fhairge
anonn,
'S do sgríbhfinn chugat líne le bárr mo pheann;
Faraoir geur! gan mé a's tú a chráidh mo chroidhe
I ngleanntán sléibhe le h-eirghe gréine 's an drúcht 'na luighe!



Cuirim féin mo mhíle slán leat, a bhaile na gcrann,
'S gach baile eile da mbíodh mo thriall ann;
Is iomdha bealach fliuch, salach agus bóithrín cam
'Ta idir mé 'gus an baile 'na bhfuil mo stóirín ann!



Tabhair do mhallacht do t'athair 's dod' mháthairín féin,
Nár thug beagán tuigsiona dhuit mo láimh do léigheamh;
Is moch ar maidin chuirfinn chughatsa brígh mo sgéil,
Bíodh mo bheannacht agat go gcasfar ort i n-uaigneas mé.



A Mhuire dhíleas! creud do dheunfad má imthighean tú uaim!
Ní'l eolus chum do thighe agam, do theaghlaigh, ná do chlúid;
Tá mo mháthairín faoi leath-trom 's m'athair san uaigh,
Tá mo mhuintir ar fad a bhfearg liom, 's mo ghrádh a bhfad
uaim!



Má's ag imtheacht atáir uaim anois, a mhúirnín, go bhfilleadh
tú slán!
Is dearbhtha gur mhairbh tú mo chroidhe in mo lár;
Ní'l coite agam do chuirfinn ad' dhiaigh, ná bád,
Tá an fhairge na tuilte eadrainn 's ní h-eól dom snamh!


L. 19


AN SPAILPÍN FÁNACH.



Go deó deó 'rís ní raghad go Caiseal
Ag díol na reic mo shláinte;
Ná ar mhargadh na saoire am shuighe cois balla,
Am sgaoinsi ar leath-taoibh sráide:-
Bodairí na tíre ag tígheacht ar a gcapaill,
D'a fhiafraidhe an bhfuilim hírálta,
Ó, teanam chum siubhail, tá'n cúrsa fada
Seo ar siubhal an Spailpín Fanach!



Am Spailpín Fanach fágadh mise,
Ag seasamh ar mo shláinte;
Ag siubhal an drúchta go moch ar maidin,
'S ag bailiughadh galair ráithe!
Ní fheicfear corán am láimh chum bainte,
Súist ná feac beag ráinne,
Acht colours na bhFranncach ós cionn moleapthan,
'S pike agam chum sáidhte.



Go Callain 'nuair théidhim 's mo hook am' ghlaic,
'S me ann sud a dtosach geártha;
'S 'nuair théidhim go Dúibhlinn 'sé clú bhíon aca,
Seo chúghaibh an Spailpín Fánach:
Cruinneóchaidh me ciall 's triallfad a bhaile,
'S claoidhfead seal le m'mháithrín;
'S go bráth arís ní ghlaodhfar m'ainm,
San tír seo "An Spailpín Fánach!"



Mo chúig céad slan chum dúthaighe m'athar,
Agus chum an Oileáin ghrádhmhar;
'S chum buachaillí na Cúlach ós díobh nár mhisde,
A n-aimsir chasda na gárdan:
Acht anois ó táimse am' cháin bhocht dhealbh,
A measg na ndúthaighe fághain seo,
'Sé mo chúmha croidhe mar fuair mé an ghairm
Bheith riamh am' "Spailpín Fánach!"



I gCiarraighe an ghrinn do gheabhtaoi an aindir
Go m'fhonn le fear suighe lámh lei;
Na mbeidh lasadh trí lítis 'na gnaoi mar aladh,
'Sa cúil fhionn fada fáinneach;
A cruinne chíocha riamh nár sgaipeadh,
'S a mala chaol mar shnáithid;
's mór go mb'fheárr liom í 'ná sraoill ó Challair,
Na mbeidh' na céadta punt le fagháil léi!


L. 20


Is ró bhreágh is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad
Shiar ag droichead Gáile,
Faoi bhuaibh, faoi chaoire, faoi laoigh beag geala,
'Gus capaill ann le h-áiriomh:-
B'é toil Chríosd gur cuireadh sinn asda,
'S go ndeachamair a leath ár sláinte;
'S gur b'é bhris mo chroidhe i ngach tír d'á rachaim,
Call here you "Spailpín Fánach!"



Dá dtigeadh an Franncach anall tar calaith,
'S a champa daingion, láidir
Agus Bóic O Gráda chúghainn a bhaile,
'S Tadhg bocht fial Ó Dálaigh:
Do bhéadh Barracks an rígh go léir d'á leagadh,
Agus yeomen againn d'á gcárnadh;
Clanna Gaodhal gach am ansan 'á dtreasgairt,
Sin cabhair ag an "Spailpín Fánach!"



CAISEAL MUMHAN.



Fonn — "Clár bog déil."



Do phósfainn thú gan ba, gan púint, gan áireamh spré,
A chuid de'n tsaoighil le toil do mhuintir' dá mb'áil leat mé;
'Sé mo ghalar dubhach gan mé 'gus tú, a dhian-ghrádh mo chléibh,
I gCaiseal Mumhan,'s gan de leaba fúinn acht clár bog déil



Siúbhail, a chogar, a's tar a chodhla liom féin sa ghleann,
Gheabhaidh tú fosgadh leaba fhlocuis agus aer cois abhann;
Béidh na srutha ag gabháil tharainn, faoi gheugaibh crann,
Béidh an lon dubh 'nár bhfochair, a's an chéirseach ann.



Searc mo cléibh do thug mé féin duit, a's grádh tre rún,
Dá dtigeadh sé do chor 'sa tsaoghal go mbéinn féin a's tú
Ceangal cléire eadrainn araon 's an fáinne dluth;
A's dá bhfeicfinn féin mo shearc ag aon fhear gheibhinn bás le
cúmhaidh.



Dia Domhnaigh nuair a chídhinn ag an dteampoll í,
Falluing riabhach a's ribín uaithne uirthe anonn mar ghnaoi,
Agus gúna do sguabfadh na gleannta fraoich —
Och! 'sé mo bhuaireadh mar do luaidheadh liom 'na maighdean í!



Tá úr píob ag mo mhúirnín, 's a brághaid mar aol,
A cúilín casda buacalach ag fás go feur;
'S é mo chúmha nímhe nach san úir shíos do fágadh mé
Sul a stiúruigheadh mé i gcúigibh a's mo ghrádh thar m'éis.


L. 21


SLÁINTE NA nGAEDHEAL.



Tadhg mac Suibhne do chúm.



Fonn —



Rígheacht geal shuas ar neamh a's gach árd-mhaitheas Dé
Do gach fíor-fhear groídhe a's gach spéir-bhean;
Siúd uile d'ár sinsior b'aoírde clú roimh ré,
Seo mo mhíle míle searc leó, 'gus léir-ghean.



Ó, líon corn óir liom le fíon nó le beoir liom,
Go n-ólfamuíd deoch na bhFian Éireann;
Slán beó le n-ár muíntir do shíolrach Clann-na-
nGaedheal,
Agus sláinte sláinte síor le sean Éirinn!



Ceud slán agus buadh! Ceud slán le gach craobh
Ar an bpríomh-stoc buan cine Gaedhealaigh,
Shoir, shiar, theas nó thuaig i n-Innis geal na Naomh,
Go raibh sonas fada fial ar gach geug díobh.



Ó, líon corn óir liom, agus ml.



Fad saoghal sógh 'gus neart le gach deóraídhe thar sáil'
'Sé mo bhrón gach ló a's mo dhólás
Gan iad a bheith slán ar bhántaibh Innisfáil
Acht so sláinte geal mo chroidhe leó mar shólás.



Ó, líon corn óir liom, agus ml.



Tá crann óg a' fás agus clann óg gan baoghal
Fós le teacht chúghainn d'fhíor-sliocht na féile
Líon suas cupán cóir! Líon dorus-deoch na nGaedheal,
Agus taosgaimid an chorn leo le chéile.



Ó, líon corn óir liom, agus ml.



DRUIMFHIONN DONN DÍLIS.



A Dhruimfhionn donn dílis,
A shíoda na mbó,
Cá ngabhann tú san oidhche
'S cá mbíon tú sa ló?
Bíon mise ar na coillte
A's mo bhuachaill am' chómhair
Agus d'fhág sé siúd mise
Ag sileadh na ndeór.


L. 22


Ní'l fearann, ní'l tígheas agam,
Ní'l fíonta ná ceól,
Ní'l flaithibh am' choímhdeacht,
Ní'l saoithe ná slógh;
Acht ag síor-ól an uisge
Go minic sa ló,
Agus beath-uisge 's fíon
Ag mo naímhdibh ar bhórd.



Dá bhfaighinn-se cead aighnis,
Nó radharc ar an gcoróin,
Sasanaigh do leidhbfinn
Mar do leidhbfinn sean bhróg
Trí chnocaibh, trí ailltibh,
'S trí ghleanntaibh dubha ceóig
Agus siúd mar a bhreugfinn-se
An Druimfhionn donn óg.



CAITHEAMH AN GHLAIS.



An t-Athair Eoghan ua Gramhna d'aistrígh.



Fonn —



A Pháid, a stór, an gcualais fós go ndearnadh aithne 's
dlighe
Gan seamróg bheith ag fás i gcré na h-Éireann feasta
choidhch'?
Gan lá fhéil' Pádraig caitheamh, gan duille glas bheith 'r
fhaghail
Ar fhear nó mhnaoi — siud é an dlighe as Sasana anall!
Ó! casadh Napper Tandi dham, a's rug sé ar mo láimh,
"Cia'n chaoi," ar sé, "bhfuil Éire bhocht, nó bhfuil sí fós d'á
crádh?"
"'Sí an tír is boichte cráidhte í d'á bhfuil san domhan ar
fad,
Gach fear a's bean a chaithear glas d'á gcrochadh suas gan
stad."


L. 23


Má's é an dath atá le caitheamh a ndearg fuilteach féin,
Ó! cuirfidh sé i gcuímhne dhúinn an fhuil do dhóirt na
treun.
Cuir dhíot, mar sin, an tseamróg, caith uait í, acht ná
saoil
Nach gcuirfidh sí a freumha síos: ní h-eagal dí, ní baoghal.
Nuair a Choisgfear dlighe na Sasanach an feur ó bheith ag
fás,
Nuair a Choisgfear sé an duilleabhar ins an samhradh ó bheith
glas,
Ó! bainfidh mé an tseamróg de mo cháibhín an lá úd,
Acht leanfaidh mé, le congnadh Dé, do'n duille glas go
súd.



MÁIRÍN.



An Chraoibhín Aoibhinn d'aistrigh ó'n abhrán Bheurla do sgríobh
Proinseas ua Fathaigh.



Fonn — "Máirín."



Is iomdha abhrán binn
Do rinneas le mo linn,
Agus leanfaidh mé do sin má mairim beó;
Acht éist', A bhuachaillidh,
Le rann anois do mhnaoi,
Do'n chailín deas do ghoid mo chroidhe go deó.



Grádh mo chroidhe mo chúilín,
Sláinte geal mo mhúirnín,
Ólfaidh mise sin as gloine lán;
Do rug tú leat an chraoibh
Ó'n tír ó thaobh go taobh,
Agus grádh mo chroidhe do chúilín bán.



Ní shéanfaidh mé cia h-í
'Sí Mairín grádh mo chroidhe,
Is deas an t-ainm é ar chailín óg;
An t-ainm eile 'tá
Le fada ar mo ghrádh
'S gearr go meallfaidh mise uaithi é le póig.



Grádh mo chroidhe, agus ml.


L. 24


Má tá si bocht gan stór
Tá sláinte 'ci go leór,
Is díol fir ar bith i n-Éirinn í,
Acht dá mbéidh' lásaidh óir
Ag lasadh ar mo stór,
Ni bhéidh' sí níos áille 'ná tá sí.



Grádh mo chroidhe, agus ml.



Is cuma liom-sa ór
Ní'l meas agam ar stór,
(Is beag aca 'tá ar mo sheilbh féin!)
Acht b'fhearr liom grádh mo chroidhe
'Ná bheith i gcúirt an rígh
Le bainrioghan ar bith d'á bhfuil faoi ghréin.



Grádh mo chroidhe, agus ml.



'Sé deir mo mhuinntir féin
Go mbidhim ar dith-chéill'
'S nach mbhéidh mé socruighthe go lá an Luain,
Acht fan go bhfágh' mé í,
An bhean do chráidh mo chroidhe,
Agus béidh mé níos socra 'ná an t-uan.



Grádh mo chroidhe, agus ml.



IS TRUAGH GAN PEATA AN MHAOIR AGAM.



Is truagh gan peata 'n mhaoir agam,
Is truagh gan peata 'n mhaoir agam,
Is truagh gan peata 'n mhaoir agam,
'S na caoirigh beaga bána.
A's ó goirim, goirim thú
Is grádh mo chroidhe gan cheilig thú,
A's ó goirim, goirim thú,
'S tú peata beag do mháthar.



Is truagh gan maoilín bán agam,
Is truagh gan maoilín bán agam,
Is truagh gan maoilín bán agam,
A's fáilte ó mo ghrádh geal.
A's ó goirim, goirim thú, agus ml.



Is truagh gan bólacht bainne agam,
Is truagh gan bólacht bainne agam,
Is truagh gan bólacht bainne agam,
A's Cáitín ó-n-a máthair.


L. 25


AR ÉIRINN NÍ 'NEÓSAINN CIA H-Í.



Aréir a's mé téarnamh ar neoin
Ar an taoibh eile do'n teóra 'na mbím,
Do thaobhnaigh an spéir-bhean am' chóir
D'fhág taomnach, breoite, lag, sinn.
Do ghéilleas d'á méinn 's d'á clódh,
D'á beul tanaidh beó-mhilis bínn,
'S gur léim mé fá dhéin dul 'na cómhair,
'S ar Éirinn ní 'neósainn cia h-í!



Dá ngéillfeadh an spéir-bhean dom' ghlór,
Isiad ráidhte mo bheoil do bheith fíor;
Go deimhin duit go dhéanfainn do ghnó,
Do léir chuir i gcóir 's i gcrích;
Do léighfinn go léir stair dom' stór,
'S ba mhéinn liom a pógadh óm' chroidhe,
Do bhéarfainn an chraobh dí 'na dóid,
'S ar Éirinn ní 'neósainn cia h-í!



Tá spéirbhruinneall maordha modhamhuil óg
Ar an taoibh eile do'n teóra 'na mbím,
Tá féile 'gus daonacht a's meón
A's deise ró mhór ins an mnaoi;
Tá folta léi ag tuitim go feór
Go cocánach ómrach buidhe,
Tá lasa 'na leacain mar rós
'S ar Éirinn ní 'neósainn cia h-í!



EOGHAN CÓIR.



Nach é seo an sgeul deacrach san tír-se
A n-anacair chroidhe 'gus bhróin,
Ó fhágas sé Creagán an líne
Go dtéidh sé go dtí an Fál mór.
A leithéid de sgreadach 's de chaoine
Níor cluineadh 'san tír-se fós,
Gidh ní fhuil againne a n-iongna
Ó calleadh, faraoir! Eoghan Cóir.



Bhí gnaoi agus gean ag gach n-aon air,
An sean-duine críona 's an t-óg,
Bhí an saidhbhir 's an daidhbhir i ngrádh leis
Mar gheall ar a chroidhe maith mór.
Le togha 's le rogha na tíre
Do chaitheadh sé píosaí óir,
'S le daoine bocht' eile níor spíd leis
Buidéal de'n tsíbín d'ól,


L. 26


Tá Antoine ua Gabháin ag caoineadh,
A's ní Seághan ua Baoighill a bhfad beo,
Ó cailleadh a gcaraid san tír seo
'Sé d'fhágfaidh a gcroidhe faoi bhrón;
An anacair chathair níor síneadh,
'Sé mheasaim, fá liag ná fód
Aon neach ba mheasa do'n dís-se
'Ná an duine bocht maol, Eoghan Cóir.



Ba ró mhaith ag tógáil an chíosa é,
Ba bheag aige mí nó dó,
Go ndíoltaí an bhó ar an aonach,
Nó an giota do bhíodh 'san tseól.
'Sé dubhairt Séamus Pheadair mhic Riabhaigh,
A's é ag agairt ar Righ na ndeór,
Do réir mar bhí seisean do dhaoinibh
Gurab amhlaidh bheidh Críosta dhó.



Aon agus seacht ins a' líne,
Agus ocht do chur síos faoi dhó,
Trá ghlac seisean cead le na daoine
Agus níor labhair sé gíog níos mó.
Tá sé dearbhtha, sgríobhtha,
Gur talamh is críoch gach beó,
A's chomh fhad a's béimíd sa tsaoghal so
Cá misde dhúinn braon beag d'ól!



MÁIRE NÍ H-EIDHIN





AN PÓSAIDH GLÉGEAL.



Raifteri File do chúm.



(Do sgríobhadh an t-abhrán so síos ó bheul Thomáis Uí h-Eidhin,
i gCilltartan, i gCondae na Gaillimhe.)



Dul chuig an Afrionn dom le toil na ngrásta
Do bhí an lá báiseach agus d'árduigh gaoth,
Casadh an ainnir liom le taoibh Chilltartan
Agus thuit mé láitreach i ngrádh le mnaoi,
Lean mé dise go múinte mánla
'S a réir a cáileacht 'seadh d'fhreagair sí,
'Sé dubhairt sí, Raifteri, tá m'inntinn sásta
Agus gluais go lá liom go Bail'-uí-Liagh.


L. 27


Ó fuair mé an tairisgint níor leig mé ar cairde é,
Rinne mé gáire agus gheit mo chroidhe;
Ní raibh le dul againn acht trasna páirce
'S ní thug muid an lá linn acht go tóin a' tighe.
Leagadh chugainn bord a raibh gloine agus cárta air,
Agus cúilfhionn fáinneach le m'ais 'na suidhe,
'Sé dubhairt sí, Raifteri, bí 'g ól 's céad fáilte,
Tá'n soiléar láidir i mBail'-uí-Liagh.



Is aoibhinn aerach ar taoibh an tsléibhe
Ag breathnughadh síos ar Baile-uí-Liagh,
Ag siúbhal annsna gleanntaibh 'baint cnó agus smeura
A's ceileabhar eun ann mar ceólta sídhe.
Cia'n bhrigh san méad súd go bhfaighfeá léirgus
Ar bláth na gcraobh atá le do thaoibh
Ní'l maith d'á sheunadh, 's ná ceil ar aoinne
'Sí spéir na gréine do bhreóidh mo chroidhe.



Shiúbhal mé Sacsana 's an Fhrainc le chéile,
An Spáin 's an Gréag agus ar m'ais arís,
Ó bruach Loch Gréine go Béal na Céibhe
'S ní fhacaidh mé féirín ba dheise 'na í.
Dá mbéinn-se pósta le bláth na h-óige
Tré Loch-an-Tóraic do leanfainn í,
Cuanta 's cóstaidh go siubhalfainn a's bóithre
Andhiaigh an treóid-bhean 'tá i mBail'-uí-Liagh.



'Sí Máire ní h-Eidhin an stáid-bhean bheusach
Ba dheise méin agus b'áille gnaoi,
Dá chéad cléireach 's a gcur le chéile
Agus trian a treithe ní fhéudfadh sgríobh.
Bhuail sí Déirdre le breáchtas a's bhénus
'S dá n-abraighinn Helen le'r sgriosadh an Traoi
Acht is sgoth ban Éireann as ucht an mhéid sin
An pósaidh glégeal 'tá i mBail'-uí-Liagh.



Tá a folt ag casadh léi ar dhath na smeura
'Na soillse raé-geal 'na diaigh 'san drúcht,
An solus lasta 'na brollach glégeal
Do fhág na céadta fear i ngalar dúbhach,
A brághaid is gile 'ná an sneachta ag séideadh
Is luthmhar eudtrom a cosa ag siubhal,
'S mo righ dá mbéinn-se mar Iulius Caesar
Do dheunfainn réidhteach le bláth na n-úbhall.


L. 28


A reultain an tsoluis 's a ghrian an fhóghmhair,
A chúilfhionn ómra agus a chuid de'n tsaoghal,
An ngluaisfeá liom-sa faoi cómhair an Dómhnaígh
Nó go ndeunfamuid cómhairle cá mbéidh ár suidhe.
Níor mór liom ceól duit gach aon oidhche Dómhnaigh,
Punch ar bord agus da n-ólfá fíon;
Acht a Righ na Glóire! go dtrimigh an bóthar
Go bhfagh mé an t-eólas go Bail'-uí-Liagh!



AN MAIDRÍN RUADH.



Maidin Dé Luain cois gleann' dom do chuadhas,
A's mé 'g cur tuairisg mo ghéana,
Do fuaireas a dtuairisg do chuadar suas
Leis an Maidrín Ruadh a's é ar saothar.
Greadadh croidhe cráidhte ort, a mhaidrín ghránda,
Do rug uaim m'ál breágh géana,
Mo chearca beaga bána, mo choiligh beaga Márta
A's mo lachain beaga b'fhearr a bhí i n-Éirinn.



An Maidrín Ruadh ruadh, ruadh ruadh ruadh,
An Maidrín Ruadh ta gránda;
An Maidrín Ruadh 'na luighe sa luachair
A's bárr a dhá chluas i n-áirde!



Is ró bhreagh an sólás ar baisdeadh nó ar pósadh
Ceann nó dhó dom' ghéana,
Nó blaise d'á gcuid feóla thabhairt do dhuine bhreóite
Nach gcoimeadadh sé gan dreochaint sa chré iad?
Ní'l aon aingir ins a Mumhain le chéile
Sagart ná ughdar céille
Gheobhadh blaise d'á gcuid soup ar maidin no ar nóin
'Ná go mb'fhearr leo rúd 'ná daor phunch.



An Maidrín Ruadh ruadh, agus ml.



Do bhronnas a gclúmh mar adhbhar leapthan ar an diúc,
A's ba dheacair dom é thabhairt ar aon rud,
Ní raibh cleite ar a ndrom ó na méisgrí ar a mbun
Nach raibh airgead ramhar dom féin sin.
Ní thabharfainn iad ar saidhbhreas Deumair,
Ní fheudfinn deunamh dh'a n-eughmuis,
A's dá gcuirinn-se a gcrích gach a mbeirid siad d'uibh
Do dhíolfadh siad mo chíos dom gach féile.



An Maidrín Ruadh ruadh, agus ml.


L. 29


Níor stad sé ag an stáir sin ó Bhaile-an-Áithig
Go Drommonaig gan spás ó Éinne,
I gcoill Colle-'a-Bráthar d'éirigh an lá air,
A's a mbarra a' chnocáin do léim sé.
Ní'l aon chapall ins an Mhumhain le chéile
Ná chuaidh ins an stáir sin go Raothaill;
I mbarra Shleibh' Luachra i dtalamh do chuaidh sé,
A's geallaim-se go rug sé an sway orainn.



An Maidrín Ruadh ruadh, agus ml.



Dreochaint, rotting. Méisgre, a scar (referring here to the rough skin on
the feet of a goose). Stáir, a heat (of running).



EÓCHAILL.



Maidin Dómhnaigh a's mé ag dul go h-Eóchaill
Casadh an óig-bhean orm sa tslighe;
A gruadh ar lasadh mar rós i ngáirdín,
'S ba bhinne a béilín 'na na ceólta sídhe;
Leag mé lámh ar a brághaid le mórtais,
Agus d'iarr mé póigín ar stór mo chroidhe;
'Sé dubhairt sí, "Stad, a's ná strac mo chlóca,
'S gan fios an ghnótha so ag bean do thighe."



'Seó mo lámh dhuit nach bhfuilim pósta,
'S gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoi,
'S dá dtriallfa liom-sa ar ais go h-Eóchaill
Go bhfuighfeá ómóid mar gheobhadh bean tighe.
Chuirfinn culaith síoda i gceart 's i gcóir ort,
Gúna, clóca agus caipisín,
Béidh siopa dram agat de'n fhíon 's de'n bheóraigh,
'S do leanbh dóigheamhail ag tarraing díghe."



"Tá mé i n-amhras go bhfuil tú pósta;
Ná cuir aon stró orm ag siubhal na slíghe,
Ó, fill ar ais chum na tíre is cóir duit —
Is ann, is dóigh liom, atá do mhaoin;
Óir, gach a ngeallann tú, ní dhein tú a chomhalladh,
'S ní shiúbhalfá an ród liom acht seal de'n oidh'e,
Acht do sgaoilfeá a bhaile mé gan fiú na bróioge,
A's fuair mé cómhairle gan a bheith ad' líon."



'Ar theacht an earraigh tá mo thriall go Sasana,
A rún 's a annsacht, bí liom sa tslíghe;
A's ar theacht an tsamhraidh tá mo thriall go Flandras
'S gan agam acht amhras go bhfilleadh choidh'e.


L. 30


Á stór 's a annsacht, do thugas geall duit,
Am' sheasamh i gcampaíbh do ló agus d'oidh'e,
Ar uaislibh Chonacht go mbím am' Cheannphort,
Go ndeunfainn cleamhnas leat gan bó gan laogh.



"Ní'l sé acht tamall beag ó fhág mé Eóchaill,
'S ní leigeann an brón dom filleadh arís,
Do bhéadh mo mhuintir i bhfeirg mhóir liom,
'S ní bhfuighinn-se fóirithin óm' cháirdibh gaoil;
Leath a n-abair siad, ní dheunaim a gcómhairle,
Acht buailim an bóthar do ló agus d'oidh'e,
Is cailín sgaithte mé 'tá siubhal an bhóthair
Ag iarraidh an eolais ar Cheapach Chuínn."



Gur lean a máithrín go geur sa ród mé,
A cos gan bróg a's a ciabh le gaoith,
An t-ór 's an t-airgead ar thóin a póca,
'S go tigh an óil gur b'eadh chasamar í.
Do rinneamar cómhairle ar dhul d'ár bpósadh
Chum eaglaisigh eólaigh d'á riabh sa tír,
Acht leig mé tharm í le baois na h-óige,
'S ar ais go h-Eóchaill nach dtéidhim a choidh'e.



SEÁGHAN BUIDHE.



Ar maidin Dé Dómhnaigh 's mé ag gabháil síos an bóthar
Go h-atuirseach brónach gan ór puínn,
Casadh orm óig-bhean 'bhí suídhte go córach
'S í 'faire ar an rógaire Seághan Buidhe.



Ba thailliúr, ba ghobha é, ba phriontóir breagh leabar é
A's geallaim gan amhras gur breagh sgríobhadh,
Dheunfadh sé fíonta de bhárraibh na gcraoibh
A's do shnámhfadh an taoide go tóin síos.



B'fhearr é ar an maide, 'gus b'fhearr é ar an mbearna.
B'fhearr é lá casta na súistí,
B'fhearr é lá an earraigh ag grafadh na mbánta,
'gus b'fhearr é an bínse 'na ghiúistís.



Cuirfead-sa an rógaire feasta 'dá fhógairt,
I gCorcaigh, i nEóchaill, 's i dTráigh-lí,
Ní lámhfaidh aon óig-bhean gabháil thar an mbóthar
Le h-eagla an rógaire Seághan Buidhe.


L. 31


CÉIM AN FHIADH.



Máire Bhuidhe ní Laoghaire do chúm.



Cois abhann ghleanna an Chéma, i nUíbh Laoghaire 'seadh bhím-se,
Mar a dtéidheann an fiadh san oidhche chum síor-chodla
sóghail,
Ag machtnamh seal liom féinig, ag deunamh mo smuainte,
Ag éisteacht i gcoilltibh le bínn-ghuth na n-eón.
Nuair chualadh an cath ag teact aniar
Agus glór na n-each ag teacht le sians.
Le fuaim an airm do chrith an sliabh,
A's níor bhínn liom a nglór;
Do thángadar go námhadmhar mar thiocfadh gárda de chonaibh
nímhe,
Agus, cúmha mo chroidhe, na sár-fhir do fhágadar gan treóir!



Níor fhan fear bean ná paisde um áitreabh na dtíortha.
Na gárta-goil do bhí aca, a's na mílte olagón,
Ag feuchaint ar an ngárda go láidir 'na dtímcheall
Ag lámhach a's ag líonadh a's ag sgaoileadh 'na dtreó.
An liúgh gur leath i bhfadh i gcian;
'Sé dubhairt gach flaith 'nar mhaith leis triall —
"Gluaisidh go mear! tá an cath d'á riar
Agus téidhmís 'na chómhair!"
Do thángadar na sáir-fhir — guidhim áthas ar Chlanna Gaoidhil,
Thiománadar na páinig le fánaidh ar seól!



Níor bh'fhada dhúinn go dtáinig lámh-láidir 'nár dtímcheall,
Gur sgaipeadar ár ndaoine ar gach maoilinn faoi an gceó;
Bhí an Barrach 'na bhun-báile acu, Barnett agus Beecher
Hedges agus Sweet, a's na mílte eile leó.
Rígh na bhfeart go leagaidh iad
Gan chlú gan mheas gan rath gan séan
Go teintibh meara i measg na bpian
Gan faoiseamh go deó!
Céad moladh mór le h-Íosa nár dhíolamair as an dtóir,
Acht bheith ag deunamh grínn dé's d'á ínnsint ar sógh.



An bhliadhain seo anois atá aguinn béidh rás ar gach smísde.
Leagfaimíd sa dígh iad. Béidh dríob ortha a's fód.
Ní iarrfam cúirt ná stáitse. Béidh árd-chroch 'na suidhe
aguinn,
A's an chnáib go slachtmhar snímhte le díol as, 'na gco?


L. 32


Tá na céadta fear ag teacht aniar,
Ar luing go mear is fada a dtriall;
An Franncach theas nár fealladh riamh
I bhfaobhar a's i gcóir,
Go mbéidh cathracha d'á stríocadh a's teinteacha d'á lasadh
leo.
Tá an cáirde fada díolta 's an líonradh 'na gcóir.



Bhí Smith ar a thár-i-n-áirde ar árd-leacain fraogh dhuibh,
Ba ghránda bhí a ghnaoi a's gan tuínte ar a thóin.
Nár bheiridh críoch is fearr an t-ál so Chailbhin choimhthigh
Nár ghéill riamh do Chríost acht ag píompadh a's ag póit.
Bíodh bhur bpící glana i gceart i ngléas,
Tá an chabhair ag teacht le toil ó Dhia
Téidh sa chath! Ná fanaidh siar!
Agus léirigh na póirc!
Suidhig isteach go dána i n-áitreabh a dtáinig rómhaibh!
Is mithid díbh é fhághail a's tá an cáirde maith go leór.



A Chlanna Gaoidhil na n-áran! ná stánaidh a's ná stríocaidh,
'S is gearr anois gan mhoíll go mbéidh críoch ar bhúr ngnó,
Coingídh suas bhúr gcaráiste, tá an t-ál so le díbirt
Go h-Ifrionn dá dhaoire idir theinteachaibh teó.
Tá acu an tslat 's is olc a riaghail,
I gcóisdíbh glana is maith a ngléas.
Gach sórd le caitheamh, fleadh a's féasda
Ag béaraibh ar bórd.
'S é deir gach úghdar cruínn liom sul a gcríochnuighid siad
deire an fhóghmhair
San leabhar san "Pastornia," go ndíolfaid as a bpóit.



Stadfad feasda'e m'dhántaibh, ó taim lámh leis a' gcríonacht,
Mar tá iomad de dhroch-chroidhe agam do bhuidhin an bhuilg
mhóir,
Ní dheunfad a thuille rádh leó, 's nár a'fearr de an bhuidhean
é!
Ach ár agus sgeimhle go dtíg ar an gcóip!
Nára' díon dóibh stad ar sheal d'á ngléas!
Nara' díon dóibh carraig, cnoc ná sliabh!
Mar a mbíodh an sionnach mear d'á fhiadhach
Agus géim acu ar seól!
Go mbéidh gach sáir-fhear croidheamhail 'gus píce a's slat'na
dhóid
Ag súil le sásamh choidhche nó díol as go deó!


L. 33


UA DÓMHNAILL ABÚ!



Tá bínn guth an adhairc go glórach a' géimniughadh
'Gus gáir-chath a' síneadh go h-árd ar an ngaoth;
Thar Loch Suilligh tá 'n treun-laoch go luathmhar a léimniughadh,
Ag sluaghta 'ngleann tsamair a' deifrughadh gan sgith.
Síor ó gach sléibh go beo
'Treun-fhir nach teithfadh gleo
Brostuighidh faoi ghlas-bhrat bhur ngaisgidhe Aoidh Ruaidh,
Buanacht 'gus gall-óglach
Deifrighidh, go claon ag cath,
Suas fá bhur ndíl-tír — Ua Dómhnaill Abú!



Feuch Ua Néill, sgiath na bhflaith chum cabhair a'claonadh,
Le mór-shluadh gaisgidhthe 'gus togha na bhfeadhann,
Tá míle each borb ann a roimh-rann a síneadh
Faoi na marchaighibh ó'n gcluan a bhfuil sruth Banna ann.
'S iomdha croidhe a bhídheas fann
Faoi sgáth a cholaidh leann',
Béidh geur-bhrón ar námhaid, iad-féin bhí gan treagh,
Nuair cluinfear ár ngáir-ghleo
'Sgriach ar an t-sínean teo
A' brostughadh chum díoghaltais — Ua Dómhnaill Abú!



Tá'n faol-chú ann deasmhuin ag ailleadh go faochrach,
'S an iolra gan eagla a' sgriach ar an mháigh;
Ta'n sionnach ar sráidhte a' faire go faochrach,
Ní'l duine le bagairt air, beo ar an faith!
Fáisg uile lámh go teann,
Tuadh-chat 'gus faobhrach-lann,
Tóg ortha trom-díoghaltas ceart agus luath
Beidh aca cráidhteach sgeul
Ar dhil chlainn na nGaedheal
'S ar threun-clann Uí Chonaill — Ua Dómhnaill Abú!



'Sé 'n fíor-cheart tá Clann Conaill, cosaint chomh toilteach
Na teallaighe 's na h-altóir tá annsa d'ár gcróidhe,
Tá lorg an namhaid 'nna bhán-fásach fuilteach,
Le lasair a dteinte tá soilseach 'mheadhon-oidh'e.
Suas le gach laoch mar sin,
I gcian-gleó, bí agaibh roinn,
A Chlann Conaill dhílis all-neartmhar faoi bhruth,
Airiugadh an Sacsan feall
Trom-buillidhe clainn na nGadheal.
Buail fá bhur nglas-tír — Ua Domhnaill Abú!


L. 34


CAITILÍN NÍ H-UALLACHÁIN.



Uilliam Dall ro chan.



Ó, measamaoid nach calm sinn do'n bhuairt 'san Spáinn,
Acht mealladh slighe chum catha claidhimh do thabhairt i dtráth;
Béid Galla arís d'á leagadh síos le lúth ár láimh,
Agus mac an rígh ag Caitilín ní h-Uallacháin.



Ó, geallaim díbh nach fada 'rís gur buadhartha an gháir,
Ag arm faobhair d'á gceapadh linn 's fuadar lámhaigh;
Is tapaidh cruinn do phreabfamaoir 's is buacach árd,
Dá mbeadh mac an rígh ag Caitilín Ní h-Uallacháin.



Is fada sinn ag faire arís le fuasgailt d'fhagháil,
'Nár stalairíbh gan balcaisí ná lúth 'nár láimh;
Beid barca líonta ar barra taoide 's fuaim ar sáil
Le mac an rígh chum Caitilín Ní h-Uallacháin.



Is fada a dlaoithe casta cíortha 's a sguab-fholt bán,
'S a dearca sinn' ag amharc Gaoidheal cois cuanta breágh;
Is blasda binn do chanan sí gur buan bhíos páirt
Idir mhac an rígh 'gus Caitilín Ní h-Uallacháin.



Ná measadaoir na sprealairí gur buan ár bpáis,
'S gur gearr a bhíd 'na glasa ag sgaoileadh nuair is cruaidh
an cás;
Go ndearnadh Dia roimh phobal Israel de'n mhór-mhuir tráigh,
'S go bhfóiridh an Rí ort, a Chaitilín Ní h-Uallacháin!



A Mhuire dhílis! a chara chaoin-ruisg, gach uair 'nár bpáirt,
Agaill Íosa ar son na nGaoidheal mbocht, is cruaidh an cás!
Lucht an ísbirt do chur ar díbirt ár stuaire mná
'S a céile fír-cheart do theacht tar taoide gan buairt 'na
dáil.



Ceangal.



Tá gné ghlan ar Phoebus a's lonnradh thríd;
Tá an rae 'gus na réalta i gcúrsa chruínn;
Tá na spéartha fá sgéimh ghlan, gan smúit, gan téimheal,
Roimh Rex ceart na Féinne, 's a thrúp tar tuínn.



Tá ár gcléire i gcaomh-ghuth ag súil le Críost;
Tá ár n-éigse go réimeach 's a gcumha ag dul díobh.
Gaedhil bhocht' Inis-Éilge go súgach síodhach
Roimh Shéamus mhic Séamuis 's an Diuic tar tuínn.


L. 35


CASADH AN tSÚGÁIN.



Nach é an cat marbh chas 'un na h-áite-se mé,
'S a liacht cailín deas do fhágas-sa 'mo dhéigh!
Tháinig mé isteach 'sa teach 'raibh grádh geal mo chléibh,
'S chuir an chailleach amach ar chasadh an tsúgáin mé.



Ma bhíon tú liom bí liom do ló a's d'oidh'e;
Má bhíon tú liom bí liom os cómhair an tsaoighil;
Má bhíon tú liom bí liom gach órlach ann do chroidhe;
'Sé mo leun nach liom tráthnóna thú mar mhnaoi.



A's shíos i Sligeach chuir mé eolus ar mo ghrádh,
Agus shuas i nGaillimh d'ól mé lei mo sháith;
Dar bhrígh mo bhasa muna leigfíd dómhsa mar atáim
Déanfaidh mé cleas a bhainfear siubhal as na mnáibh!



AONACH BHEARNA NA GAOITHE,
nó, RABHDLAM RAINDÍ.



Bhí divarsion aéreach ar an aonach,
Mór chuid aéir a's aoíbhnis;
Ceólta néata, spórt a's sgléip-suilt,
Feóil d'a gleus chum bídh ann:
Bhí whiskey a's ale ann, fíon Geneva,
Brannda craorag bríoghmhar,
Plúr na déise, arán sinséir
A's cáirde a's scales d'á dhíol ann.



Rabhdlam raindí, rabhdlam raindí,
Rabhdlam raindí, réidí!
'San rabhdlam raindí, rabhdlam raindí
Is maluighthe an dream tuíncéirí!



Bhí siúicrí, síolta 'gus risíní,
Mil na gcíor a' taosgadh ann;
Mór chuid fíona, feóil sicínídhe,
'S budh shógh'uil blas-caoín an gravy.
Do bhí feóil choilig ann, bhí ró mhilis,
Bhí ann feóil droid' agus naosgaíghe
Bhí salan a's leek ar anairthe laoígh
A's cannda d'a dhíol ar raol de.



Rabhdlam raindí, agus ml


L. 36


Bhí rug ann a's taper, kersey a's fear-not,
Bhest ann de'n cheud adhbhar déanta;
Bhí Russian duck, jaen, ann, cassimer néata
Spanish ar ghné ceart síoda;
Bhí bán, dearg, uaine, gorm chum buanais,
Dubh ann do'n uaisle is aoírde,
An t-orange a' gluaiseacht le h-eagla a bhuailte,
Acht cheannuigh na sluaighthe an buídhe ann.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí olann d'á dhíol ann, oíla 'gus cárduíghe,
Bhí bunach a's líon ann mór chuid;
Hataí breágh' míne, clúimh coinínídhe,
Togha stocaídhe a's bróga;
Bhí tobac a's píopaí, a's ana chuid snís ann,
Bonneti, screens, a's róbuí;
Bhí deifir a's bruigheanta a n-deire na sgríbe
De dheasgadh na mbraon d'á n-ól ann.



Rabhdlam raindí, agus ml.



An bhó an-laogh na beidheach ró aosta
Bhí sí daor a dóthain,
Sé púint-sé deich sgillinge a's raol
'S ní bhfaghfá an laogh gan coróin ann.
Air sheafaid aosta gheobhtha aon read,
Bhí gamhna daor go leór ann,
Capaill ghroídhe ba dheacair a dhíol,
Bhí an donas le daoíre an phónís.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí uatbhás go léir de Chiaraídhig maola
Ó Bhaile-Mhistéala dá ndíol ann;
Ba beaga, caola nár bh'fhiú leat a n-aon chor
A gceannach ar aon sórt díl ann.
Ar trí ghinídhe a's saol cheannaig Séaghan leun
Dhá sheafaidhín mhaola bhí cuíbhsach;
Acht geallaim-se óm béul nach duine ró mhaol,
An sean-duine claon a dhíol iad.



Rabhdlam raindi, agus ml.



Bhí sean mhná críona laga gan bhrígh ann,
'Sa dteanga go líomhta ag bárduídheacht,
Plucaireacht cainte aca le saint
A gclainne do dhéighilt ó'n árd-bhruighean.


L. 37


Bhí bacaig na dúithce ann, lucht trick-o'-the-loop,
Dob' aibig do liúgheach lucht cártuíghe.
Bhí dathacha a nglúinibh shean duine an ghúta
'S é ag easgaine ann-súd le h-árd chroidhe.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí uathbhás Éireann mangairídhe éisg
Taréis a gcuid hakes do dhíol ann,
Adhanta, séinis, ruilleáin, créithre;
Agus snabaigh ag béice ar fhíonta.
An trumpa-béil ba bhinne leat é
Le barra do mhéir a luígheadh air,
'S an chrúibín mhuice do gheóbhthá an phingin
'S go bhfanfá 'ghá phiuca go h-oídhche.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí pic a's dathadh de'n phis ar sgalladh
Agus piúnta dhi ar leath-phinge ó Shíghle,
Fear, 'sa bhacala lán de chutlasana
Chuirfeach chum ratha staigíní.
Ba mhór an marga ar raol a's leith-phinge
Phéire geallasaidhe bríste,
An laintéir stáin ar sgilling d'á fhághail
Ná leigfead chum fághain tú astoídhche.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Margaidhe saora, cuíbh'sacha 's daora
Ó aontaíghe chídhim go deó teacht:
Chonnaic mé caora ceann-riabhach díolta
Le búistéir buídhe ar leath-choróinn ann.
Sgar Uilliam Bhríghid le bó bhreágh ghroídhe,
Níor ghlac sé acht trí púint dó uirthe,
'Nuair tháinig Síghle dhearbhuig sí
Go d-thabharfach sé díol 'san rósta.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí brushana conta 'gus curry-combs capall ann,
Cliabhán 'nár ceapadh seoithín dó;
Turann a's fearsaid ann, sgáinneur chum casta
dhóibh;
Corcóg do'n saithe chum luíghe innte;
Bhí turnip a's meacain ann, cáiréidí dearga,
Plumaí dúbha s's silíní,
Ar uinniúin bhí ar stracadh le ganachuis bainne
A's mná-tíghe a caismeart 'na dtimchioll.



Rabhdlam raindí, agus ml.


L. 38


Bhí sgeana a's sorcana, rasuirí, meanaighthe,
Corcáin, panana, a's caintíní;
Bhí cábán a's dachad ann lán de lucht staindingídhe
Bhí uathbhás anairthe 'á dhiol ann,
Bhí bréidíní cluthmhara, plainncéidí cuilteana,
Flannaithe, brait, a's braitlíní,
Bhí miasa breagha connaidh ann, canaí a's loinidí
Meadracha an ime a's pigíní.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí ba, capaill, laoigh ann, gabhair, muca a's caoírig
Ar asail do bhí an tann-éiliomh,
Ar bó bhainne ghroidhe bhí seacht nginídhe buídhe
Bhí ba seasga cuibhsach daor ann.
Ar chránta a's slipídhe bhí cheithre púint?
Agus ana chuid díobh go léir ann,
Acht ar na banbhaíbh ní raibh acht neimhnídh
Níor bh'fhiú dhuit a ndíol a n-aon chor.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí sgadáin i mbarraille dá ndíol ag mangaire
ann,
Bioránaig chalma 's dob úr iad,
Slabhacán cnis-carraige, portáin a's glamaig ann,
Bradáin a's bric gealla ó'n t-Siúir ann,
Bhí píotháin ó'n bhfairrge, fraocáin 'na gcarn ann;
Spionáin fairsinge, a's úbhla.
Bhí fliúitín do'n leanbh ann, crúiscín do'n bhanarthla,
A's sgaothán chum amhairc do'n tsúil ann.



Rabhdlam raindí, agus ml.



Bhí tuíncéir a's fiche ann tháinig ó Bhioradh
A gcuid asal faoi iomad bagaostaídhe,
A mná 'gus a leinbh thug stán agus miotal leó
Tiománadar teinte dá ndéanadh.
Ba gheárr go raibh teine aca 'sa lán daoine cruin
nighthe,
Do b' áluinn leat boilg a séideadh ann:
Acht dortadh an goradh ar chuid aca chorraig
'S ba gheárr go raibh cogadh ar an aonach.



Rabhdlam raindí, radhdlam raindí,
Rabhdlam raindí, réidí!
'San rabhdlam raindí, rabhdlam raindí
Is maluighthe an dream tuíncéirí!


L. 39


CORMAC ÓG.



Táid na coluim ag súgradh 's an samhradh ag teacht,
'S an bláth ag briseadh tré mhullach na gcrann amach,
Ar tuinn tá an biolar go triopallach glúineach glas,
'S na corcóga ag sileadh le h-iomad de shughadh na mbeach.



Is iomdha tortha a's meas ar an gcoill seo thuas,
A's óig-bhean mhaiseach cheart an tseanga-choirp tsuairc,.
Ceud bó bhainne, capall groídhe 'gus uain,
Coir Laoi na mbreac, mo chreach mé ar dhíbirt uait!



Táid na h-éin ag deunadh gutha agus ceóil,
Táid na laoigh ag géimneadh go treun chum sochair na mbó;
Táid na h-éisg ag reubadh corradh ar an bhfeór
A's mise féin am aonar a's Cormac óg!



EIRGHE NA GEALAIGHE.



Liam Mac Uilliam d'áistrigh ó'n ábhrán Beurla á sgríobh Seághan
Mac Aodhagáin ua Cathasaigh ("leo").



"Innis dam, a Sheághain Uí Fhearghail,
Fáth do luadair chúghainn i leith!"
"Éist! éist! lem' sgeul, a bhuachaill," —
A's a leaca lasta teith, —
"Isiad orduighthe ar dtaoisigh,
Sinn d'ár ngleusadh féin le brígh,
A's na pícídhe bheith le chéile
Le glan-éirghe na Gealaighe!"
Le glan-éirghe na Gealaighe!
Le glan-éirghe na Gealaighe
A's na pícídhe bheith le chéile
Le glan-éirghe na Gealaighe!



"Innis dam, a Sheághain Uí Fhearghail,
Cá mbeidh bailliughadh na bhfear dtreun?"
"Ins an tsean-áit cois an tsrotha,
Is léir-aithnid dúinn araon.
Seinntear suas lib an Rosg-catha,
Ár sean-phort máirséala féin
A's na pícíde ar ár nguailnibh
Le caoimh-éirghe ghil na Rae!
Le caoimh-éirghe ghil na Rae!
Le caoimh-éirghe ghil na Rae!
A's na píchídhe ar ár nguailnibh
Le caoimh-éirghe ghil na Rae!


L. 40


Ó gach teaghlach, feadh na h-oidhche,
D'fhair na mílte glas-súil ghlé;
Phreab na mílte croidhe ar feitheamh
Le teacht soluis lochráin Dé!
Rith trom-mhonar tres na gleanntaibh
Mar chrónán dúbhach mná-sidhe,
A's bhí coillte sleagh ag deallradh
Le glan-éirghe na Gealaighe!
Le glan-éirghe na Gealaighe!
Le glan-éirghe na Gealaighe!
A's bhí coillte sleagh ag deallradh
Le glan-éirghe na Gealaighe!



Thall, cois an tsrotha thonnmhair
Sheas na Fianna dána teann
'S ár ndíl-bhratach glórmhar uaine
Ag follamhain ós a gceann!
"Bás do'n namhaid 's do lucht na braithte!."
Seinn Rosg-catha! buail suas é!
Dia le hÉirinn! Dia le Saoirse!
Feuch! díl-éirghe gheal na Rae!
O! díl-éirghe gheal na Rae!
O! díl-éirge gheal na Rae!
Dia le hÉirinn! Dia le Saoirse!
Feuch! díl-éirghe gheal na Rae!



Maith a dtreas ar son na Banba,
A's gidh truagh a dtuitim tréith,
Dar mo láimh! ní náir linn labhairt
Ar shean "bhliadhain a' Ninety-eight."
Buidhe le Dia! táid fós ar marthain
Croidhthe láidre laochdha groidhe,
Thriallfadh 'na rian do'n mhachair
Le glan-éirghe na Gealaighe.
Le glan-éirghe na Gealaighe!
Le glan-éirghe na Gealaighe!
Thriallfadh 'na rian do'n mhachair
Le glan-éirghe na Gealaighe!


L. 41


CONDAE MHUIGH-EÓ.



Is ar an luing seo Phaidí Loingse do ghním-se an dubrón,
Ag osnadh anns an oidhche 'gus ag síor-ghul 'san ló;
Muna mbeadh gur dalladh m'íntleacht
A's mé a bhfad ó m' mhuíntir
Dar mairean, is maith a chaoinfinn-se Condae Mhuigh-Eó.



An uair a mhair mo cháirde ba bhreagh mo chuid óir,
D'ólainn lionn Spáineach i gcomhluadar ban óg,
Muna mbeadh síor-ól na gcarta
'S an dlígh bheith ró láidir,
Ní i Santacruz d'fhágfainn mo chnámha fá'n bhfód,



Tá gadaidhní na h-áite seo ag eirghe ró mhór
Fó chnotadha a's fó hair-bag gan trácht ar bhúcladha bróg
Dá mairfeadh domhsa an Iaruil
Dheunfainn díobh cianach,
Muna mbeadh gur thagair Dia dhom bheith i gciantaibh fá bhrón.



Dá mbeadh Pádraig Lochlainn 'na Iarla ar Iaruil go fóil,
Brian dubh a chliamhain 'na thighearna ar Dhuach-mór,
Aodh dubh Mac Griada
'Na chornéal i gCliara,
Is ann sin bheadh mo thriall-sa go Condae Mhuigh-Eó.



Aréir a's mé go déanach
Ar taobh cnuic le h-ais an Chóibh,
Do shuigh mé seal ag éisteacht
Le guth na n-éan ag cantain ceóil,
Le m' thaoibh gur dhearcas spéir-bhean
Ba shéadmhar snuighte snasta snódh,
'S a dlaoi-fholt crathach péarlach
Ar fad ag téacht go h-alt 'na deóig.
Ba gheal a gné mar sneachta sléibhe,
Ba dheas a sgéimh, a creat 's a clódh,
S is pras do spreag ar théadaibh,
"Leather away with the wattle, O!"



A braoithe cearta caola
Ar a h-éadan tais gan snas gan smól,
Bhí rinn a rosg mar bhraon glas
Ag sileadh ó 'n aer ar bharra an fheóir


L. 42


Sneachta geal gan aoluing
Go géar i gcath le dath an róis,
'S níor bh' aithnid do'n éigse
Ciaca staon 'n-a leacain óig.
Is cneasta caomh a d' aithris sgéal
Go mbeith an Réx ag teacht i gcóróin
Ler bh' fhonn a bheith seal ag éisteacht
Le "Leather away with the wattle O!"



D' fhiafruigheas féin de'n spéir-bhean,
"An féidir gur tu an bruinneal óg
A machaire na laoch mear
I gcath na Trae ler milleadh treóin,
Nó an ainnir mhilis Déirdre
Ó Éirinn rug clann Uisneach móir,
Nó an bhean d'á ngoirthear Céarnait
Ar chaise ghéar chuir muileann dóibh;
Melpomené, Cassandra shéimh,
Muireann, Méidhbh, nó an ainnir óg?
S gur binne liom do bhréithre
'Ná "Leather away with the wattle O!""



Do fhreagair dam an spéir-bhean
I mbriathra binne blasda beóil,
I dteangain mhilis Ghaedhilge
Do chuir go caomh an ceart i gcóir:
"Cia file thu le h-éifeacht
I ngléire sgol na mbruinneal óg,
M' ainm-se ní léir dhuit
Ar feadh an mhéid do chanais fós.
Mise an mhéirdreach, Inis Éilge,
Le fada i bpéin fá ghlasaibh bróin
Ag tnúth go gcloisfinn glaodhach feasda
Ar "Leather away with the wattle O!""



"Cia treasgaradh go faon lag
Na chéadta d'fhoirinn Airt a's Eoghain,
Do bhalbhuigheadh ár n-éigse
'S do cuireadh ár gcléir ar easbaidh lóin.
Ar thaisdeal do'n fhlaith éachtach
Go hÉirinn tabharfaidh feasda coróin
A's ruagfaidh puic an Bhéarla
Le ceatha pléar tar caladh fós.
Is fearamhail féasdach soilbh saordha
Clanna Gaedheal gan cheas ag ól
'S go caoin dá spreagadh ar théada
"Leather away with the wattle O!""


L. 43


ÉAMONN AN CHNUIC.



Cia h-é sin amuich
'Na bhfuil faobhar ar a ghuth
Ag raobadh mo dhoruis dúnta?
Mise Éamonn an Chnuic
'Tá báidhte fuar fliuch
Ó shíor-shiubhal sléibhte 's gleannta.
A laogh dhil 's a chuid
Créad dhéanfainn-se dhuit,
Muna gcuirfinn ort beinn dom' ghúna,
'S go bhfuil púdar go tiugh
D'á shíor-shéide leat
'S go mbeidhmís araon múchta.



Is fada mise amuich
Faoi shneachta 'gus faoi shioc
'S gan dánacht agam ar aon neach:
Mo sheisreach gan sgur,
Mo bhranar gan cur
A's gan iad agam ar aon chor!
Ní'l caraid agam,
Is dainíd liom san,
Do ghlacfadh mé moch ná déanach,
'S go gcaithfeadh mé dul
Tar fairge soir,
Ó's ann nach bfuil mo ghaolta.



A chúil áluinn dheas
Na bhfáinní gcas,
Is breagh 'gus is glas do shúile!
Go bhfuil mo chroide d'á shlad,
Mar do shníomhthaoi gad,
Le bliaghain mhór fhada ag tnúth leat..
Dá bhfaghainn-se le ceart
Cead pósta anois leat,
Is éadtrom 's is deas do shiubhailfinn;
Go bhfuil mo smaointe, a bhean,
Ar éalódh leat
Faoi choilltibh ag spealadh an drúchta!



A chumann 's a shearc,
Rachamaoid-ne seal
Faoi choilltibh ag spealad an drúchta,
Mar a bhfaghmaoid an breac,
'S an lon ar a nead,
An fiadh 'gus an poc a' búithreadh


L. 44


Na h-éiníní binne
Ar ghéigíní 'seinneadh,
'S an chuaichín ar bhárr an úr-ghlais;
Go bráth bráth ní thiocfaidh
An bás i n-ár ngoire
I lár na coille cúmhartha.



Beir sgéala uaim soir
Go h-aindir chiuin an tsuilt
Gur chailleadar na neid a n-éanlaith;
Gur araoir do thuit
An sneachta ar na cnuic
Amach ar feadh na h-Éireann!
Dá maireadh liom ruith
Go seachtmhain ó 'ndiu,
Rachainn-se ar mire at' fhéachaint,
'S go mb'fhearr liom anois
A bheith báidhte 'san mhuir
'Ná a rádh go mbeifeá réidh liom!



TEACHT NA nGÉANA FIADHAINE.



Seághan Ua Cuinneagáin ro chan.



Fonn — Seághan Buidhe.



Fanaidh go n-éisteam a ceathair ar chaogad
'S geallaim go réidhfidh an t-Árd Rí
An ceangalsa ar Ghaoidhilibh, ag Danaraibh chlaona,
I bhfearannaibh Éibhir na lán-sgríob!
Lasfaid na spéartha
Le h-anfa an éirligh
Do dearcfar ó Bhéara go Tráigh-lí,
'S go caladh-phort Eirne
Ag gasradh Shéarluis,
A' treasgairt an tréada sin Sheághain Bhuidhe!



Casfaidh na h-eunlaith dá ngairmthear "Géana,"
An arm go gléasda gan spás puínn,
Ag cabhair le Séarlus, an cath-mhile is tréine
D'ár sheasaimh ó d'éagadar cnámha Fhínn!
Creachfaid a's céasfaid
A's sgaipfid na bréan-toirc,
Leagfaid a's raobfaid a ngárdaí;
Leagfar na péisde
'Tá cealgach craosach,
Gan faice, gan eudach, gan Seághan Buidhe!


L. 45


A BHEAN ÚD SHÍOS AR BHRUACH AN TSROTHÁIN.



A bhean úd shíos ar bhruach an tsrotháin,
Seó hú leó, seó hú leó,
An dtuigeann tusa fáth mo ghéaráin,
Seó hú leó, seó hú leó,
'S gur bliadhain 'sa lá 'ndiu fuadaigheadh mé dhom' ghearrán,
Seó hú leó, seó hú leó,
'S do rugadh isteach mé i lios an chnocáin,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín;
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín,
Seó hú leó, seó hú leó.



Seo é annso mo theach mór maiseach,
Seó hú leó, seó hú leó,
Is iomdha leann úr agus leann sean ann,
Seó hu leó, seó hú leó,
Is iomdha mil bhuidhe agus céir bheach ann,
Seó hú leó, seó hú leó.
Is iomdha sean-duine ar a nasg ann,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, agus ml.



Is iomdha buachaill cúl-donn cas ann,
Seó hú leó, seó hú leó.
Is iomdha cailín cúl-bhuidhe deas ann,
Seó hú leó, seó hú leo.
Tá dhá bhean deug ag iomchar mac ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
Tá an oiread eile le n-a n-ais ann,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, agus ml.



Abair lem' chéile teacht amárach,
Seó hú leó, seó hú leó,.
'S an choinneal ciarach i gcroidhe a dhearnan,
Seó hú leó, seó hú leó.
Sgian coise-duibhe 'thabhairt n-a láimh leis,
Seó hú leó, seó hú leó,
'S an capall tosaigh a bhualadh 'san mbeárnain,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, agus ml.


L. 46


An luibh a bhuain atá i ndorus an leasa,
Seó hú leó, seó hú leó,
Mar shúil le Dia go raghainn leis a bhaile:
Seó hú leó, seó hú leó,
Nó mara dtigidh sé fá'n dtrath sin,
Seó hú leó, seó hú leó,
Go mbéad-sa am' bhanríoghain ar na mná so,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hin, agus ml.



COIS LEASA.



Tadhg Mac Suibhne do sgríobh, ag déanamh aithrise ar abhrán Beurla Liaim
Allingham, "Among the Heather."



Tráthnóna deiridh foghmhair ar an ród a's mé a' machdnamh
Is eadh dhearcas ainnir óg os mo chomhair amach a' taisdeal;
Riú! nach aghmharach (arsa mé) an tslighe chéadna linn a
chasadh!
Och! (ar sí) mo chasán féin is fá dhéin a' chnuic cois leasa.



Tá aer do chnuic go caoin le linn laetheanta bhreagh fada,
Is úr-mhilis glas an fraoch 's is lán-chumhra bláth an aitinn,
Acht tá an geimhreadh a' teachd le smúid-cheó sioc a's
sneachda,
Is tu féin a bheidh fuar lom ar árd-drom a' chnuic cois leasa.



Tá aer mo chnuic go caoin 'pé 'ca geárr an lá nó fada,
A's ní h-áilne sliabh fá ghréin 'ná faoi lomar gléigeal
sneachda;
Bíodh an móinteán dubh nó bán, ní fiú biorán é sin a mheasadh,
Mar is eolach dom gach léim 's gach céim annsúd cois leasa.



Mhol sí a baile sléibhe: go deimhin molaim féin le cúis sin,
Óir 'pé áit ina bhfuil Máire, tá lúthgháir a's bláth na n-ubhall
ann;
Dob' é stiúrughadh aingil Dé an tslighe chéadna linn a chasadh,
Mar do réidhtigheas cleamhnas léi ar an rae úd thuas cois
leasa.



Tá an ghrian le deabhaidh dul fé a's tá deireadh laé go gránna,
Acht do léimfinn cnuic a's coillte do'n fháilte fíor i ndán
dom:
Cad is beann agam ar nídh, óir tá grádh am chroidhe a' lasadh
Do'n ainnir chiuin do bhuail liom a's do chuaidh liom suas cois
leasa.


L. 47


CLANNA GAEDHEAL GO DEÓ.



Ó Láimh Thaidhg Mhic Suibhne.



Fonn — Buachaillí Loch gCarmáin.



Céad grádh mo chléibh na tréin-fhír bhí 'n Éirinn óigh le cian,
B' árd aoibhinn suairc ar thaobh chnoic, dórd aerach fógra
Fiann
Ar seilg, tóir, no tréan-chath, ba mheisneamhail buan gach
croidhe;
Go raibh go deó ár gcuímhne leó, na laochra cródha groidhe.



Sinn féin linn féin mar iadsan,
Chómh bríoghmhar buadhmhar leó!
Seo Clanna Gaedheal gan buadhairt gan baoghal,
Fíor-Chlanna Gaedheal go deó!



Gach árdrí, flaith, a's éigeas, nár thréig riamh Inis Fáil
Sliochd Éireamhóin a's Éibhir, fuair clú, caithréim a's cáil —
Ní bréithre baois' ba mhéin leó, ná géillsine fé gheall,
Acht faobhar na gclaidheamh, a pléasgadh síos, trí phlaosc
gach gaduidhe Gall'.



Sinn féin linn féin, agus ml,



Nuair fhógair Pádraic naomhtha soisgéal Mhic Ríogh na
bhFeart,
Do fhreagair croidhe na féile, go céillidhe, crábhtheach, ceart;
Do bhronn an domhan ar Éirinn árd-chlú "Oileáin na naomh"
Do bhrigh na mílte sáir-fhear Gaoidheal do thuill an tiodal
séamh.



Sinn féin linn féin, agus ml.



AN tSEAN-BHEAN BHOCHT.



Ó láimh Mhichil Uí Shúileabháin.



Tá na Francaigh teacht thar sáile,
Ar san tSean-bhean bhocht;
Tá na Francaigh teacht thar sáile,
Ar san tSean-bhean bhocht;
Táid ag teacht le soillse rae,
Beid annso le fáinne an lae,
'S beidh ár namhaid go cráidhte, tréith
Ar san tSean-bhean bhocht;
'S beidh ár namhaid go cráidhte, tréith,
Ar san tSean-bhean bhocht.


L. 48


A's cá mbeidh cruinniughadh na Féinne?
Ar san tSean-bhean bhocht;
A's cá mbeidh cruinniughadh na Féinne?
Ar san tSean-bhean bhocht;
Thíos ar bhántaibh leathan-réidhe,
Cois Chilldara ghrádhmhair shéimh;
Pícídhe glana a's claimhte faobhair,
Ar san tSean-bhean bhocht;
Pícídhe glana a's claimhte faobhair
Ar san tSean-bhean bhocht.



A's cia 'n dath a bheidh i n-áirde?
Ar san tSean-bhean bhocht;
A's cia 'n dath a bheidh i n-áirde?
Ar san tSean-bhean bhocht;
Saor-bhrat uaithne buacach, árd
Gaoth dhá sguabadh i n-uachtar bárr,
'S fuireann fhuadrach d'uaislibh Fáil ann,
Ar san tSean-bhean bhocht;
'S fuireann fhuadrach d'uaislibh Fáil ann,
Ar san tSean-bhean bhocht,



A's cá ngeobhaidh na Yeos an lá úd?
Ar san tSean-bhean bhocht;
A's cá ngeobhaidh na Yeos an lá úd?
Ar san tSean-bhean bhocht;
Caithfid uatha an dearg gránda,
Tógfaid suas an t-uaithne bláith,
Raghaid gan stad i measg na sáirfhear,
Ar san tSean-bhean bhocht;
Raghaid gan stad i measg na sáirfhear,
Ar san tSean-bhean bhocht.



A's a' bhfaghmaoid fós ár saoirse?
Ar san tSean-bhean bhocht;
A's a' bhfaghmaoid fós ár saoirse?
Ar san tSean-bhean bhocht;
Beimíd saor 'dir bhun a's craobh,
Beimíd saor ó thaobh go taobh,
Saor go deó le cabhair na naomh;
Ar san tSean-bhean bhocht;
Saor go deó le cabhair na naomh
Ar san tSean-bhean bhocht.


L. 49


CAOINE CHILLE CAIS.



Créad a dheunfamuid feasda gan adhmad
Atá deire na gcoillte ar lár?
Ní'l trácht ar Chíll Chais ná a teaghlach
'S ní bainfear a clíng go bráth!
An áit úd 'na gcómhnuigheadh an dia-bhean
Fuair gairm a's meidhir tar mná',
Bíodh iarlaí ag tarraing tar toínn ann
'S an t-Aifrionn bínn d'á rádh,



Is é mo chreach fhada 's mo léan ghoirt
Do gheataí breagha néata ar lár!
An avenue ghreanta faoi shaothar
'S gan fosg' ar aon taobh do'n walk!
An Chúirt bhreagh a' sileadh an bhraon di,
'S an ghasradh shéimh go tláth;
'S i leabhar na marbh do léaghtar
An t-Easbog 's Lady 'Veagh.



Ní chluinim fuaim laca ná géi ann,
Ná fiolar 'deunadh aedhir cois cuain,
Ná fiú na mbeacha chun saothair
Thabharfadh mil agus céir do'n tsluaigh!
Ní'l ceól bínn milis na n-eun ann
Le h-amharc an laé dhul uainn:
Ná'n chuaichín i mbárr na ngeug ann,
Ó, 's í chuirfeadh an saoghal chun suain.



Nuair thigeadh na puic faoi na sléibhte
'S an guna le n-a dtaobh, 's an líon,
Feuchan siad anuas le leun ar
An mbaile fuair sway i ngach tír;
An fhaithche bhreagh aoibhinn 'na raobthacha,
'S gan fosg' ar aon taobh ó'n tsín;
Páirc an phaddock 'na dairy
Mar a mbíodh an eilit a' deunadh a sgíth,



Atá ceó ag tuitim ar chraobha ann
Ná glanan raé, grian, ná lá;
Tá smúid ag tuitim ó'n spéir ann,
'S a cuid uisge go léir ag trághadh:
Ní'l coll, ní'l cuilion, ní'l caor ann,
Ach clocha 'gus maol-chlocháin,
Páirc an fhorghaois gan chraobh ann
A's d'imthigh an game chun fáin!


L. 50


Anois mar bhárr ar gach mí-ghreann,
Chuaidh prionnsa na nGaedheal tar sáil'
Anonn le h-ainnir na míne
Fuair gairm san bhFrainc 's san Spáinn,
Anois tá a cualacht d'á caoine
Gheibheadh airgead buidhe agus bán;
Isí ná tógfadh seilbh na ndaoine,
Ach caraid na bhfíor bhochtán!



Aitchím ar Mhuire 's ar Íosa
Go dtagaidh sí 'rís chúghainn slán!
Go mbeidh "raincí fada" ag gabháil tímchioll,
Ceól bhéidhlín a's teinte cnámh;
Go dtógfar an bhaile-se ár sínsear,
Cíll Chais bhreagh arís go h-árd,
'S go bráth nó go dtiocfaidh an díleann
Ní fhaicfear í 'rís ar lár!



STUAIRÍN NA MBACHALL MBREAGH RÉIDH.



Fonn:- "Is fada anso mé."



Táid na reulta 'na seasadh ar an aer,
An ghrian a's an ghealach 'na luídhe;
Tá an fhairge tráighte gan braon
'S ní'l réim ag an eala mar bhíodh;
Tá an chuaichín, i mbárraibh na ngeug,
'Gá shíor-rádh gur éaluigh sí uainn,
A stuairín na mbachall mbreagh réidh
D'fhág Éire faoi fhadtuirse cruaidh!



Trí nídh do chím trés an ngrádh,
An peacadh, an bás, a's an phian,
Agus m'íntinn d'á ínsin, gach lá dhom,
M'aigne gur chrádh sí le ciach.
A mhaighdean, do mhill tú am' lár mé
Agus m' impídhe ó'm láimh chúghatsa n-iar,
Mo leigheas ó na saigheadaibh-si am' lár,
'S go bhfaghaidh tú na grása ó Dhia!



Is binne í 'ná an bhéidhlínn 's 'ná an liút,
'S 'ná ceileabhar na gcéirseach 'tá ciar;
Is dealraíghe í 'ná an feur trés an ndrúcht,
'S is fíor-dheas gach alt ann a cliabh;
Tá a píob mar an eala ar an dtráigh,
'S is dóigh liom gur breaghtha í 'ná 'n ghrian;
'S é mo chúmha gheur mar thugas dí grádh,
'S go mb'fhearr liom nách bhfeicfinn í riamh!


L. 51


AN MAIDRÍN RUADH.



(Cuma Muímhneach.)



Ag gabháil a dtuaidh dhom thar Sliabh Luachra,
A's mé i dtuairisg mo ghéana,
Ag gabháil a dtuaidh dhom fuaras a dtuairisg
A's an Maidrín Ruadh 'gá n-aodhaireacht!



Maidrín Ruadh ruadh, ruadh ruadh ruadh,
Maidrín Ruadh 'tá gránda;
Maidrín Ruadh 'na luíghe sa luachair
A's bárr a dhá chluas i n-áirde!



Maidrín Ruadh ruadh, agus ml.



"Ní bhlaisfead pioc a's ní íosfad giob,
A's ní rachaidh aon smut am' beul de,



Maidrín Ruadh ruadh, agus ml.



Croidhe cruaidh cráidhte chúghat, a Mhada' Ruaidh ghránda
Do rug uaim m'ál breagh géana,
Mo choiligh mór breaghtha, mo chearca bhí go h-áluinn,
A's mo lachain dob' fhearr a bhí i n-Éirinn,



Maidrin Ruadh ruadh, agus ml.



Hark! Hark! Finder, Lily agus Piper!
Cruinnigídh na gadhair le n-a chéile!
Hark! Hark! Trueman, ar Fhleasg na Cúma,
A's ba mhaith an fear-cúil é Bateman.
Sin chúghaibh ramhar-phoc — beirigh i n-am air!
A's congbhaigh i dteannta na bpleur é;
Nó go dtiocfaidh an t-am i n-a mbainfear a cheann
Ní bheidh cearca go ramhar ag Séamus.



Tally ho! le n-a bhun! Tally ho, le n-a bhun!
Tally ho! le n-a bhun, a choileáinín!
Tally ho! le n-a bhun! Tally ho! le n-a bhun!
Agus bárr a dhá chluas i n-áirde!


L. 52


Siúd Maidrín Ruadh 'tá fíor-ghlic, luath,
Siúd Maidrín Ruadh 'tá dána.
Siúd Maidrín Ruadh 'na luíghe sa luachair



A's bárr a dhá chluas i n-áirde!
Ar a bholadh 's ar a bhun! Ar a bholadh 's ar a
bhun!
Ar a bholadh 's ar a bhun, a choileáinín!
Ar a bholadh 's ar a bhun! Ar a bholadh 's ar a
bhun!
Agus barr a dhá chluas i n-áirde!



Nuair chualas an liú, a's an adharc ar siúbhal
Níor stadas dem' shiúbhal nó go ndeachas dom' chúirt,
Mar a raibh seomraí ró chúmhang 's póirsí ró dhlúth;
Mo sguaine bocht féin ag truagh-ghol go geur
Mar fuaradar tuairisg mo ruaige go geur.



A fhiadhaidhe na h-adhairce, congbhaigh do ghadhair uaim!
Táim greaduighthe, millte, ag Lily a's ag Piper,
A's ag Hector beag meadhrach;
Ag Juno, a's ag Bateman, ag Finder a's ag Leader,
Am' ghearradh 's am' stracadh 's am' tarraic ó chéile —
Nó an fada uaim an charraig nach rachad lem' chlainn ann!



NA GAMHNA GEALA.



(Cuma Connachtach.)



An Chraoibhín Aoibhinn do shóláthruigh.



'S iad mo chuid gamhan na gamhna deasa
D'íosfadh an feur 's nach n-ólfadh an bainne,
Shnámhfadh siad anonn a's anall ar an tSionnain
'S níor b' fhearr an tráigh aca 'ná an lán mara.



Bheirim mo mhallacht do'n tsagart do phós mé,
A's an darna ceann do na bailtibh móra,
Ní ag cur maoil ar chártaibh chleacht mé i dtús m' óige,
Acht cead ringce ar an tamhnaigh 's na gamhna do sheóladh.



Níor bh'fhearr liom an locais fúm 'ná an luachair,
Níor bh'fhearr liom an coilléar dubh orm 'ná an bhuarach,
Ceólta an domhain a's seinntear ann mo chluais iad
Ba bhinne liom-sa géimnigh na ngamhan 'san mbuaile.



Is beag mo dhúil ann do rúmaibh geala,
Do leapachaibh clúimh nó do phárluis dheasa,
B'fhearr liom agam cruinn-teach beag samhraidh
Poll bheith ar an sgraith a's mé 'faire na ngamhna.


L. 53


"Tiucfaidh an geimhreadh a's greadfaidh an t-earrach,
A's séidfighear an sneachta go domhain ann sna gleanntaibh
Tiucfaidh éag ar an eallach agus feannfaighear na gamhna,
A's a chara mo chléibh, ná cuir spéis ar bith ionnta."



Má tigeann an geimhreadh lasfaidh an Márta,
'S ní shéidfidh an sneachta go domhain ann sna gleanntaibh,
Ní thiucfaidh éag ar an eallach 's ní feannfaighear na gamhna,
A's ó ól an bhainne ramhair is olc a chuaidh an dram dom.



TÓRRAMH AN BHAIRILLE.



Sgeólfad teasdas ar shlóightibh Baile Mhacóda mhaiseamhail
mhúinte
Treóin do chleachdas gach ló gan lagadh ortha ól gan
cheasnadh gan chúinse,
Leómhanta lannmhar ceolmhar greanmhar cómhachtach calma
cungantach
'S is mór an t-aiteas go deó bheith eatorra ar thorramh an
bhairille dhiúgadh.



Stór ní taisgighthear leó go dearbhtha; i n-ór ná i n-earradh
ní chumhduighid,
Ach mór-chuid beath' uisge a's beóir i n-aisge gan speóis
d'á sgeapadh ar an nduthaigh;
An d'r óil má thagann gan lón 'na spaga do gheobhaidh an
casga gan cúntas
Le h-ól gan bacadh go bórd na maidne ar thórramh an
bhairille dhiúgadh.



Fó na dtearmainn deónach tarraingid fóirne dalla gan
súile,
'S is leór do bhacaigh gan treóir go tapaidh 'na dóid gan
bata go siúbhalaid;
Ní'l stróinse dealbh ó'n nCóbh go Caiseal ná fós i
bhfearantas Dubhagáin
Nach seóltar sealad 'na gcómhair i dtigh 'n tabhaisne ar
thórramh an bhairille dhiúgadh.



'S é an nós do cleachtadh le proínn an eadartha, dóirse ar
leathadh gan dúnadh;
Bíon dóthain seachtmhaine acu ar bórd a's bainne i n-a
shrúllaibh;
Is dóigh le Gallaibh gur fó-bruid catha nó tórman bagartha
Lunndain
Gach geóin d'á gcanaid 's gach spórt d'á leanaid ar
thórramh an bhairille dhiúgadh.


L. 54


'S é lóchrann lasamhail Fódla Baile Mhacóda cabhair 'na
cumhgach,
Flós na Banba, rós na rabaire, seól-tsruith bailte na
Mumhnach.
A shórt ní'l againn i gcló 's i ngairm, i n-eólas eagna a's
iomchar
Nach d' fhóireas galair le dórd a n-amhar ar thórramh an
bhairille dhiúgadh.



Tálaid cearca na h-áite bleachda níos fearr go fada 'ná
bólacht,
Fásann meacain ar bhláth an aitinn; bíon rás ag barcaibh ar
bhóithribh;
Bíon álta banbh de ghnáth ag lachain; bíon báire ag asail i
gcómhairthibh,
Agus dánta ag gabhair d'á ngabháil i n-eagar le grádh do
Bhaile Mhacóda.



CAITILÍN TRIALL.



Is mian liom tráchtadh ar gach nídh le stuaim,
'S is mithid liom tráctadh ar Chití na gcuach;
'S í an plannda breagh leinbh 'tá saoítheamhail suairc,
'S a samhail ní fhacas i mbailtibh na dtuaith.
Is é mo chreach mhaidne nár fágadh mé
Ar bhruach Locha Eirrill le fáinne an laé,
Mar shúil go bhfaghainn amharc ar Chití na gcraébh,
Mar do chualaidh mé teastas ar bhreaghthacht a sgéimh'.



'S é mo leun-ghoirt mar chonaic mé dubhach ná peann,
Ná do chúl breagh, triopallach, fáinneach, fionn;
Dá dtóigeadh an tighearna easboig-se lámh os mo chionn
Bheurfainn Cití an stáid-bhean tar sáile liom.
Is gile í 'ná 'n eala, 's is deirge í 'ná 'n ghrian,
Is binne í 'ná a gcualaidh mé de cheóltaibh ariamh,
Ní'l aon teach leanna reaca fá an tsráid so shiar,
Nach n-ólfaidh mé slainte Chaitilín Triall.



Is truaigh nach bhfuil mise agus Cití dheas, chaoín,
Fá chúl an toím chuilinn go n-ólfamaoís braoín,
Mar shúil le Dia dhílis go dtógfainn a croídhe,
A's go dtiubhrainn abhaile ó n-a máthair liom í.
Léigh mé do litir amuich ar an sliabh;
Ba bhinne í 'ná iomad de cheóltaibh sídhe.
Páirt mhór dem' chruadhtan gur leat chaill mé mo chiall,
'S is mór i n-aghaidh t'anama é, a Chaitilín Triall.


L. 55


AN SEAN-DUINE.



Cómhairle fuaireas amuigh ar an mbóthar
Ó rógaire sagairt, an sean-duine phósadh;
Nár chuma leis siúd ach go meudóghainn a phóca,
'S mé bheith fad a mhairfinn ag braith ar na cómharsain.



Óró, a shean-duine, leat-sa ní gheóbhad-sa!
Óró, a shean-duine, basgadh 'gus breó ort!
Óró, a shean-duine, leagadh 'gus león ort!
A's cúpla duig ionat a chuirfeadh fé'n bhfód thú!*



Phós mise an sean-duine, bhí orm dith chéille;
Rinne mé an méid sin ar chómhairle mo ghaolta;
Chuaidh mé abhaile leis, faraor an sgeul san!
A's d'eirigh mé ar maidin a's b'fhearr liom an t-éag dam.



Óró, a shean-duine, shean-duine dhóighte,
Óró, a shean-duine, deacair a's dóghadh ort!
Óró, a shean-duine, shean-duine dhóighte,
Dá mbéinn ag an dorus ná bheirim-se beó ort!



Chuir mé mo shean-duine siar go Tír-Iarail,
I n-áit a raibh míle 'gus fiche de shliabh ann;
Chrap a chuid iosgad a's thuit a chuid fiacal,
A's tháinig sé abhaile 'na bhromachán bliadhna.



Aighireó, a shean-duine, shean-duine bhreóidhte!
Aighireó, a shean-duine, leac agus fód ort!
Aighireó, a shean-duine, shean-duine dhóighte,
Dá mbéinn ag an dorus ná bheirim-se beo ort!



Dá bhfaghainn-se mo shean-duine báidhte i bpoll móna,
A chosa bheith briste 's a lámha bheith leónta,
Do thabharfainn abhaile é, a's dheunfainn é thórramh,
A's do shiúbhalfainn amach leis na buachaillí óga.



Óró, a shean-duine, shean-duine dhóighte,
Óró, a shean-duine, deacair a's dóghadh ort!
Óró, a shean-duine, shean-duine dhóighte,
Dá mbéinn ag an dorus ná bheirim-se beó ort!



Nuair a chuadhas-sa go Corcaigh a d'iarraidh gleus tórraimh,
Píopa 's tobac agus cláracha cómhrain,
Ar teacht dom abhaile go tuirseach tinn brónach
Cá bhfaghainn-se mo shean-duine ach ag róstáil brothóige!



Oró, a shean-duine, leat-sa ní gheóbhad-sa!
Oró, a shean-duine, basgadh 'gus breó ort!
Oró, a shean-duine, leagadh 'gus león ort!
A's cúpla duig ionat a chuirfeadh fé'n bhfód thú!


L. 56


CILL-AODÁIN; nó, CONDAÉ MHUIGH-EÓ.



Raifterí do sgríobh.



An Chraoibhín Aoibhinn do sholáthruigh.



Anois, teacht an earraigh, béidh an lá dul 'un síneadh
A's tar éis na Féil'-Bríghde árdóchad mo sheól,
Ó chuir mé in mo cheann é, ní stopfaidh mé choidhche
Go seasfaidh mé shíos i lár Chondaé Mhuigh-Eó.
I gClár-cloinne-Mhuiris bhéidheas mé an chéad oidhche,
'S i mBalla taobh shíos dé, thosóchas mé ag ól,
Go Coillte-mach rachad, go ndeunfad cuairt míosa ann,
I bhfogus dhá mhíle go Bhaile-an-tighe-mhóir.



Fágaim le h-udhachta go n-éirigheann mo chroidhe-se
Mar d'éireóchadh an ghaoth, nó mar sgapas an ceó,
Nuair smuaínighim ar Chearra nó ar Gaillin 'tá shíos de,
Ar Sgeathach a' Mhíle nó ar phláinéad Mhuigh-Eó.
Cill-Aodáin an baile a bhfásan gach nídh ann,
Tá sméara 's súbh-chraobh ann a's meas ar gach sórt,
'S dá mbéinn-se 'mo sheasamh i gceart-lár mo dhaoine
D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn arís óg.



Bíonn cruithneacht a's coirce, fás eórna 'gus lín ann,
Seagal i gcraobh ann, 'rán plúir, agus feóil,
Lucht déanta uisge beatha gan license d'á dhíol ann,
Mór-uaisle na tíre ann ag imirt 's ag ól.
Tá cur agus treabhadh ann, a's leasughadh gan aoileach,
Is iomdha sin nídh ann nár labhair mé go fóil,
Athanna 's muillte ag obair gan sgíth ann
'S ní h-íoctar pighin cíosa ann ná dadaidh d'á shórt.



Tá an t-uisge san loch, agus abhnacha líonta,
Na coracha déanta, 's na líontaibh i gcóir;
Ta an liús a's an bhreac a's an eascon 'na luidhe ann,
An purtán, an faochán, an runach, 's an rón.
Tá an bradán 's an ballach 'na gcómhnuidhe san oidhche ann,
'S an liubhán ag triall ann ó'n bhfairrge mhóir,
An tártois's an gliomach 's an turabot riabhach,
Cnúdáin a's iasg ann chómh fairsing le móin.



Tá an eilit 's an fiadh 's gach uile shórt "gaém" ann,
An madadh-ruadh 'léimnigh, an broc 's an míol buidhe,
Ceólta na ngadhar 's na h-adharca d'á séideadh,
'S le h-éirighe na gréine do thógfá do chroídhe.
Tá daoine uaisle ar eachraibh agus marcaigh d'á bhféachaint
Ag fiadhach tré n-a chéile go dtigidh an oidhch';
Soiléar go maidin arís d'á réabadh,
Ól ag na céadtaibh a's leabaidh le luidhe.


L. 57


Fághann díleachta 's baintreabhach cabhair a's réidhteach,
Slíghe bídh, a's éadaigh, a's talamh gan cíos,
Sgoláirídhe bochta sgríobh, sgoil, agus léigheann ann,
Lucht iarrata na déirce ann, ag tarraing 's ag triall.
Sháruigh sé an domhan in a h-uile dheagh-thréithribh,
Thug Raifterí an chraebh dó ar a bhfacaidh sé riamh;
'S é deireadh na cainte: saoghal fad ag Franc Taafe ann
Sliocht Loinnsigh na féile nár choigil an fiadhach.



RÓISÍN DUBH,





AN RÓS GEAL DUBH.



Is fada an réim do thug mé féin ó 'ndé go 'ndiú,
I n-imeal sléibh amuich go h-inealta éadtrom, mar bh'eólach
dom;
Loch Éirne do léimeas, cé gur mór é an sruth,
'S gan de ghile gréine am' dhéigh-se ach mo Róisín Dubh.*



Go dtí an t-aonach má théidhean tú a' díol do stuic,
Má théidhir, ná fan déanach 'san oidhche amuich;
Bíodh boltaí ar do dhóirse a's mór ghlais cip,
Nó is baoghal duit an cléireach do'n Róisín Dubh.



A Róisín, ná bíodh brón ort ná cás anois,
Tá do phárdún ó'n Róimh a's ó'n Phápa agat.;
Tá na bráithre 'teacht tar sáile 's ag triall tar muir
'S ní ceilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh!



Tá grádh 'gam am' lár dhuit le bliaghain anois
Grádh cráidhte, grádh cásmhar, grádh ciapaithe,
Grádh d'fhág mé gan sláinte, gan rian, gan ruith,
'S go bráth, bráth, gan aon fhághail agam ar mo Róisín Dubh.



Do shiúbhalfainn-se an Mhúmhan leat, a's ciúmhas na gcnoc,
Mar shúil go bhfaghainn rún ort, nó páirt le cion,
A chraobh chúmhra, tuigtear dúinne, go bhfuil grádh agat dom,
'S gur b'í plúr-sgoith na mban múinte mo Róisín Dubh.



Beidh an fharaige 'na tuilte dearga 's an spéir'na fuil,
Beidh an saoghal 'na chogadh craorach do dhruim na gcnoc,
Beidh gach gleann sléibhe ar fuid Éireann, a's móinte, ar
crith
Lá éigin sul a n-eugfaidh mo Róisín Dubh.


L. 58


LOCH LÉIN.



Fonn:- Bean an Fhir Ruaidh.



Do shiúbhlas a lán gan spás i dtosach mo shaoghail,
O'n tSionainn go Ráth a's cois bánta daingne an tSléibh,
Ní feasach aon áit ba bhreaghtha a's ba dheise 'ná é,
An baile beag bán atá lámh le barra Loch Léin.



Nach aoibhinn a áit 'na bhfásaid torthaí go h-úr,
An dair go ró bhreagh, agus plána ar mhathaibh na Mumhan;
Crainn loingis a's báid, gan trácht ar phluma ná ubhall,
'S gur ag Ros an Chaisleáin bíon mná ag seinim a dtiúin.



I mbun tortha na slógh bíon spórt ag saoithibh d'á fheabhas,
Bíon fíon agus beóir ar bórd acu i mbun tortha a ngleann;
Bíon an fiadh 'cu chun spóirt, chun ceóil an druid a's an
creabhar,
An londubh 's an smólach go ceólmhar ar bharraí na gcrann.



Do shiúbhlas Baoi Bhéara, cois Éirne, a's as san tsoir thuaidh
Cois Máinge gan bhréag, agus tréimhse a n-arm a
dTuamhuin.
Ní fhacas aon bhall de'n mhéid, cé gur bh'fhada í mo chuaird,
Ba bhreaghtha 'ná Loch Léin mar a mbíon an mágh-shluagh.



SÍLE NÍ GHADHRA.



'S é deir Dómhnall o Mórdha, a's é ar árd Leasa-gréine,
Gur fada 'tá an óig-bhean ga pósadh le Séarlas,
Ó milleadh, ó leónadh, ó seóladh tar treun-mhuir
Na feara-choin chródha de chóir-shliocht Milesius.
Lasfamaoid tóirseadha a dhóighfeas an saoghal,
Agus bainfimíd tóirneach as chrón-phoic le faobhar!
Glanfam Clár Fódhla ó na Cóbaich go léir.
Beidh slóighte ar na bóithribh, go módhmharach meadhrach
Ag triall chun do phósda-sa, a Shíle ní Ghadhra.



Sin teachtaire tráthamhail gan spás chun an Mhaoir,
Go sgríobhfadh go fáith-glic chun árdaibh na h-Éirean;
Gach file, gach fáigh glic, gach sár-fhear d'á thréineacht,
Bheith bailighthe an lá úd ar árd Leasa-gréine.
Punch a's fíon croídhearg d'á thaosgadh mar shaíghiot,
Drumana d'á bpleusgadh, d'á ngréasadh chun siege;
Séarlas ceann-féadna bhfear Éirean gan mhaíll,
Mac uí Bhriain Ara go calma meadhrach
Ag triall chun do phósda-sa, a Shíle ní Ghadhra.


L. 59


Ar luadhan a grádh geal go h-áluinn le Síle
Chualadh a gáire ar árd na dtrí ríoghachta;
Chualadh san Spáinn í le h-áthas d'á ínsin,
Chualadh san Iodáil í, 'gus ar árd bhailte Laoísigh;
Chualadh i n-Éirinn, le féile d'á mhaoidheamh
Go gcuirfí na Gaodhail bhocht' 'na réim cheart arís;
Nach mbeadh sí 'na straédh bhocht idir mhéirligh mar bhí
Go dtraochadh sí Galla, an aicme gan bheusa,
'S go bpósfadh sí a cara, le dlígh cheart na cléire.



Cia b'é chífeadh an sár-fhear breagh áluinn, an Maor
Ar ghillín ag céafradh go stáitmhear chun sgléipe,
Le n-a chlaidheamh leathan láidir 'na lán i dheas a's faobhar
air,
Ag fuasgailt na mná úd 's dá grádhchann le Séarlas.
Cá bhfuil tú, a Shéarlais? Ná déin-se aon mhaíll!
Díbir tar treun-mhuir go h-éasgaidh na Gaíll.
Bain fuaim as gach bréan-phoc, a's séid suas an adharc;
Suas leis na ceóltaibh go módhmharach meadhrach,
Ag triall chun do phósda-sa, a Shíle ní Ghadhra!



Tá fásach 'na slaodaibh ar shléibhtibh 's ar maoiling,
Agus bínn-ghuth na n-eunlaith ar gheugaibh san oidhche;
Le dian-theas na gréine bídh' an chraobh glas san ngeimhre
ann,
'S nach breagh deas atá Phoébus ag séid' a chuid soíllse!
Preabaigh i n-aonfheacht, an méid-se Síol mBriain!
Leanaigh a chéile agus feuchaigh bhúr dtriath!
Machtnaigh ar gheur-ghoin, bhúr gceusadh le cian!
Síol na bhfear gcalma, leanaigh bhúr léid-fhear
Ag feóil-chosgairt bodach as Fódhla-chlár Éibhir!



A Shíle na gcumann ná fulaing mé bpian,
Fóir ar mo ghlasaibh 's ar mo dhanaid má fheudair;
Ná foighdigh mé am' stracadh eadar ghasraí diabhal,
Mo shúil leis i gcómhnuidhe 's gan gnó dhoni d'á iarraidh.
Tá mo dhóich-sa le Peadar go sgarfar an bháb
Leis an léidhce-se, a dhealbh nach áit leis na mnáibh;
Má luadhadh leis mar chéile í níor réidhtigh sé a cás,
An Galla-phoc malluighthe! stracfamuid a adharca,
A's cuirfeam bodaigh chun sodar as Síle ní Gadhra.



Is mór an chúis éad' dom gach lá nuair a smuaínim
Ar ghruagach neamh-bheusach, neamh-aérach, neamh-aoibhinn,
Gan shubhailce, gan thréighthe, gan fhéile, gan chaoineas,
Acht ag fuadach mo chéile 'gus d'á h-éigean ar choilltibh.


L. 60


'S mé an druídhe is óige 's is sine san dtír
'S mé phógfas an óig-bhean agus tiocfidh sí línn,
'S í thógfas an smóit-sí 's an tuirse de m' chroídhe,
An óigh mhilis chiúin tais, mar a luaidhtear ag Laoíseach,
Agus pósfad mo chailín le Cathaoír gan aímhreas.



'S é Cathaoír dob' fhearr liom a' trácht liom san nídh úd,
Agus rígh geal na Spáinne a's a ghárda bheith am' thímpal,
'S é bhuaidhfeas gan dualgas le h-uaislibh na tíre,
Agus sinne, lá dúbhach é! ag búiribh d'ár gcoím 'sgar.
Troidigh-se an mhéirleach nach féidir do chlaoidhead
Go dtiocfaidh an Franncach 's a bhantracht thar tuínn,
'S é d'fhágfas gan amhras iad go fann-lag gan brígh.
Nuair a thiocfaidh an dream úd go teann le n-a chéile.
Beidh Aifreann cantaireacht i dteampaill sa h-Éirean.



MÚIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE.



As "Abhráin Grádh Chúige Connacht."



I mBaile-na-hInnse shiar
Atá mo ghrádh le bliadhain,
Is áille í 'ná grian a fóghmhair,
'S go bhfásan i mil 'nna dhiaigh
Ar lorg a cos 'san tsliabh
Dá fuaire an uair 'réis na Samhna.



Dá bhfaghainn féin mo mhian
Go ngabhainn í ann mo líon
A's go gcuirfinn-se an brón so díom ó'n lá sin,
A's ar chómhairle a rugadh riamh
Ní phósfaidh mé acht mo mhian,
Is í Múirnín na gruaige báine.



Tá mo cheucht le sgur
A's mo bhrannra le cur
Agus an méad úd uile le deunamh,
Mé do bheith amuich
Ar fhearthainn a's ar shioc
Ar súil go dtiúbhrá spéis dam.



Is cuma leat é
A charaid, ó, mo chléibh
Ní ort atá an phian chráidhte,
Agus dúithche Flaitheas Dé
Nár fheicfidh tu go h-eug
Muna dtugaidh do chroidhe-'stigh grádh dham.


L. 61


Dá bhfághainn-se mo rogha
De mhnáibh deasa an domhain,
Agus fághaim orra roghain shásta,
Agus 'réir mar deir na leabhair
Do thug sí buaidh ó'n domhan
Is í Múirnín na gruaige báine.



ARREARS AN ÓIL.



Sud ort, a mháthair mo chéile,
Nach bhfacas ar aonach riamh fós!
"A chladhaire! ná h-ól orm braon de,
'S nár fhág tú fiú an ghéidh 'gam gan ól!"



Táim in arrears, in arrears,
Taim in arrears i dtign óil.
Táim in arrears, in arrears,
'S is baoghalacnach ndíolfad go deó!



A chailleach! do thugais-se t'eitheach!
Níor ólas do ghé ná do bhó.
Go deimhin ní fhágfad an t-aonach
Go n-ólfad an léine dod' dhrom!



Táim in arrears, agus ml.



"Is duine gan gustal, gan éifeacht,
Gan súil le h-aon bhraon de go deó,
A deurfadh le máthair a chéile
Go n-ólfadh sé an léine d'á drom!"



Táim in arrears, agus ml,



Siúbhalfaidh mé tímpal na dúithche,
Agus beidh agam cuinne do'n spórt;
Beidh cailleacha 'n phaidrín 'san gcúil ann
Ag sileadh na súl os mo dheóigh.



Táim in arrears, agus ml.



"Fiche bó bhainne do bhéarfainn,
'S tarbh 'na ndiaidh dhuit 'sa ródh,
Dá dtiubh'rfá na móide ar mo bheul dom
Nach n-ólfá aon bhraon de go deó."



Táim in arrears, agus ml.



Míle bó bhainne dá mbéarfá
Agus tarbh 'na ndiaidh dhom 'san ród,
'S na móide dá dtiubh'rfainn ó m' beul duit,
Ní fágfainn gan glaodhach chun tíghe 'n óil!



Táim in arrears, agus ml.


L. 62


MO MHÁILÍN.



Aililiú mo mháilín breagh, mín, deas, nighte, nuadh,
Do cheannuigheas ar an sráid shíos ó Dháithín an sgeanadóir.
Do chuirfinn ann gach áisí do shásuígheadh mo mhuirighín óg,
Costard úr agus árd-shaíll, cáise agus smut de bhulóg.



Aililiú mo mháilín, mo mháilín do guideadh uaim!
Aililiú mo mháilín breagh, mín, deas, nighte, nuadh!



Do chuirfinn chúgam am mháilín ar áirmhígheas agus tuille
sórd,
Mín agus plúr agus prátaí, cnáimhiní circe 'gus feóil;
Printeana úr' im' ó mhnáibh tíghe, an táth lín, 's an fíon ó'n
bhfóisg,
S istigh 'na chúinne lán snaoise do sholátharuighinn chun bheith
'gha ól.



Aililiú mo mháiln, agus ml.



Nuair a leagfainn chúgham mo mháilín i mbraghaid claidhe nó
i n-imeal róid,
Do sgeartfadh fonn chun gáirídhe ar mo pháistí le h-iomad
scóip;
Do ghearfainn chúcha stráicídheacha lán bhríce 'gus ime nuaidh,
Costard úr agus árd-shaíll, cácaí agus cupa cnó.



Aililiú mo mháilín, agus ml.



Ó do thaisdiolas ó Thráigh-lí tráth síos go Mágh-Chromtha ó,
'S go margadh na málaí 'gus a lan díobh 'á gceannach
rómham,
Ní fhaca cúrtha máilín ó'n lá úd bhí briseadh Bóinn
Ba ghreanta lúba 'gus lásaí 'ná mo mháilín deas, nighthe,
nuadh.



Aililiú mo mháilín, agus ml.



Pé sgramaire de ráige nó ráiste do chuir mé i mbrón
'S do bhradaigh uaim mo mháilín, 's mo phaistí-si ag gol 'na
dheóidh,
Mura dtagaidh chúgham le cáird dhíol, agus áirmhím go bhfuil
san mór,
Go gcrochtar é idir ghárdaíbh gan faill fill thar n-ais go
deó!



Aililiú mo mháilín, mo mháilín do guideadh uaim!
Aililiú mo mháilín breagh, mín, deas, nighthe, nuadh!


L. 63


AN CAPAILLÍN BÁN.



Mo chreach a's mo chás! 'sé an bás a thagann go trom
Nuair leagtar ar lár an cara gur mhaith linn buan;
Ní le fearaibh, le mnáibh, ná le buachaillíbh bhaineann mo
dhán,
Ach le láirín dróch-mhianaigh, ar a nglaoidís an Capaillín
Bán.



Siar i n-Uibh Laoghaire na nGaorthadh is eadh chaith sise a
saoghal,
Níor fhás sí puínn riamh mar ba dhual di ó gach taobh d'á
gaol;
Gídh gur 'mó mála coirce agus mine d'ith sí go slán,
Is fíor-bheag d'á chómhartha bhí ar chroiceann an Chapaillín
Bháin.



Do bhí ciall na n-ocht nduine ba chliste i gceann an láirín,
D' aithneó'dh sí an deithbhir bhí idir dhroch cheól a's ceól
bínn;
Ar filleadh ó Mhágh Chromdha a bhaile dhi buail suas abhrán,
'S ní bhéarfaidh gaoth anoir nó andeas ar an gCapaillín
mBán.



Téidheann i gcríonacht gach aoinne uair éigin má mhaireann
siad beó,
A's le críonacht is anamh ná tagann aicídí go leór;
Dia féin chuirean chúghainn iad 'gár gcoimeád ó imtheacht
uaidh ar fán,
A's ba cheart dúinn bheith foidhneach fútha mar a bhí an
Capaillín Bán.



Bí súil léithe imthighthe gan aon chuinne go bhfillfeadh go
deó,
Do bhí sí ar leath-shúil gan dúil le sonas ná sógh,
Ach dá ghéire radharc Cyclops nó seabhac i ndiaidh neid an
phréacháin
Níor bh'fhiú gal tobac iad seach súilín an Chapaillín Báin,



Ní raibh a cosa ró láidir, gidh gur tháinig buidéal ó'n
ndochtúir,
Chómh ataithe, crapaithe, bacach le h-aon asal sa Múmhain;
Is cuímhin liom an uair ná raibh fúithi ach aon deagh-chos
amháin,
A's ba ghiobalach, liobarnach an láir í an Capaillín Bán.


L. 64


ÓLAMUID SLÁINTE NA N-EUN.



Tháinig an dreóilín go dorus tíghe an táilliúr',
Bhuail sé buille air agus bhain sé clár as.
Mura ndeunfaidh tú mo rapper dhom agus velvet le n-a
chába,
Beidh mé ag gabháil de mhaide ort nó go mbrisfidh mé do
chnámha.



Agus ólamuid sláinte na n-eun.



Mise Seághan 'ac Síoda mac Síle ní'c Amhlaigh,
A tháinig ar an mbaile seo aréir a' deunadh cleamhnais;
Tá ba agus caoirigh agam-sa agus congnamh maith chun
bainnse
'S mura dtugaidh tusa t'inghean dom imreóchad ort-sa an
clampar.



Agus ólamuid sláinte na n-eun.



Tá siopa ag an dreóilín chómh láidir a's tá i nGansa,
Tá lionn a's tá beóir aige, tá rum aige a's brannda,
Tá fíon a' tidheacht'na thuillibh aige anall ó rígh na Fraince;
Tá an t-iolar mór a' seinm ceóil's an meiriliún a' damhsa.



Agus ólamuid sláinte na n-eun.



Dá bhfeicfeá an t-iolar mór agus é thuas ar Chruaich
Phádraig;
Ba mhinic leis bheith aigeanta 's níor mhinic leis bheith
ráidhteach;
Chonaic mé ar an gcurrach é aréir a' ritheadh rása,
Agus dhá cheann deug de chearcaibh aige a thug sé ó mo
mháthair.



Agus ólamuid sláinte na n-eun.



Dá bhfeicfeá iad-sa cruinnighthe uilig a' dul 'un feusda;
"Go mbeannuigh Dia 's Muire dhuit," dúbhairt duine acu
le chéile;
"Mura dtugaidh sibh rud éigin dom a chuirfeas mé in mo
bhéabhar,
Rachaidh mé go h-Iorrus, mar bheadh bocht a d' iarraidh
déirce."



Agus ólamuid sláinte na n-eun,



"Dá bfaghainn an píopa dearg agus bosca lán de shnaoisín
Soitheach uisge-beatha 'gus an bairile bheith líonta,
Comarádaí bheith i n-aice liom ó mhaidin go dtí an oidhche,
Níor bhaoghal do maor an bhaile seo mo chapall ná mo
chaoirigh."



Agus ólamuid sláinte na n-eun.


L. 65


LÁ 'GUS MÉ A' TAISTEAL AM' AONAR.



Lá 'gus mé a' taisteal am' aonar
Tré Cnocáinín aerach na Biolaraighe,
'S mar is duine le crosaibh an tsaoghail mé,
Do theangmhuigh liom éacta na turrainní.



Do casadh orm seana-bhean aosta
'S a bairille taobh léi mar channa díghe;
D'fhiafhruigh sí ar dhuine de thaest mé
A' stadfainn nó a' nglaodhfainn ar mhuga díghe.



Dúbhart-sa gur duine de thaest mé
'S i dtosach mo shaoghail dom go mblaisinn í;
Líon sí chúgham corn gan aon rud,
A's tháinig liom an méid sin ó'n seana-mhnaoi.



'S nuair fuaras an tseana-bhean éasga
'S gur chorruigh an braon san mé ar fad am' buíll,
Do luigheas ar chnagadh 's ar ghaodhach
Chun nár fhágas aon bhraon ins a' bhairillín.



A's ar maidin nuair cheap sí mé dh'éileamh,
A's chonac an daor bhille ag teacht am' ghaoir,
Bíos gairid do'n airgead ghlé-geal
Do ghlanfadh an t-éileamh do'n tseana-mhnaoi.



Do luigheas ar sheanachus léi-se
Ar imtheacht an tsaoghail di go fada bínn,
Ach 'sé crích agus deire mo sgéil duit
Ná déanfadh mílseacht mo bhréithre í bhogadh dhíom.



Do chaitheamair sealad go h-éadmhar
Ag caismirt le chéile 's ag geanguidigheacht,
A's ba ghairid an t-aga 'na dhéigh sin
Gur sgiob sise an baebar ar fad de'm mhaoil.



Do thug sí na mionna ba thréine
Mura ndéininn léi réidhteacht gan camasduigheal,
Go mbainfeadh de'm cholainn an t-éadach
'S go ndéanfadh sí éifid go tapaidh dhíom.



Cé phreabfadh chun a' doruis go h-éadtrom
'Ná marcach breagh gleusta ar chapall ghroídhe;
Ainim siúd Tomás ó Cléirigh
An sagart do b' fhéile 's ba charadaíghe.


L. 66


D'fhiafhruigh cad as do'n stróinséarach
A's d'fhreagair go h-éasga dhó bean a' tíghe
D'atharuigh teanga sa Bhéarla
A's bíodh orm gur léirigh mo mhaitheasaí.



Tar éis mo cháil ag an sagart do léigheadh dhi
Níor tháinig aon t-éad inti ach mar a bhí;
'S ba ghearr an tamall 'na dhéigh sin
Gur thairg sé an t-éileamh ar fad do dhíol.



'S nuair cheapas na ranna so dhéanamh
Níor bh'eagal liom baoghal ó cheachtar díobh;
Siúd mar a chaitheas mo thréimhse,
'S nár chastar lem' shaoghal orm an caillichín.



Do ghluaisigheas abhaile go léanmhar,
A' machtnamh liom féinig ar feadh na slíghe
Dá sroisfeadh an cúrsa mo ghaolta
Go ndéanfaidís éirleach a's magadh dhíom.



CARRAIGH NA GCAOL-FHEAR.



Mo shlán chun Carraigh na gCaol-fhear
Mar a chaitheas trí téarma m'aois
Gan gádh ná easba san tsaoghal so
Ach ag magadh 's ag déanamh grínn.
Bí cómhgar Aifrinn Dé ann
A's teagasg ar bhréithre Chríost
Ní raibh cáim ar ár sagart le naomhthacht
Siúd a ainm fé réim san tír.



Do gheobhthaoi bruinneal dheas bhéasach
Leanb'mhail maordha 'n ghrínn;
Ba ró bhreagh 'n mhaise í ag an gceud-fhear
Dá nglacfadh sé léi mar mhnaoi.
Thógfadh sé mairg a's leun de
Le glisteacht a béil thais bhínn
Bhí gnó agus maitheas d'á réir sin
I mbruinneal na gcraobh-fholt mbuidhe.



Do gheobhthaoi ba boga 's laoigh ann,
Capaill mear', caoire 's uain,
Geobhthaoi muilion ar línn ann
'Gus leabaidh do'n rígh chun suain.
An smólach, an fiolar, an fhaoilean,
An druide, cearc fraoigh 's an chuach,
Éanlaith na cruinne 'san ngeímhre
Go dtigid 'n na coillte ó 'n bhfuacht,


L. 67


Do gheobhthaoi cuillean ag fás ann,
Pluma breagh áirne a's ubhall,
Fuinnseóg gharbh nó cárthan
A's bile breagh áluinn iúbhair.
Adhmad luinge nó báid ann
Do shnámhfadh ar bárr na dtonn
Crainn ag lúbadh fé bhláth ann
'S a dtortha le fághail san ndrúcht.



Gheobhthaoi aiteas a's aoibhneas ann
Maidin bhreagh aoibhinn fhóghmhair,
Geobhthaoi "bleaist" ar an bpíb ann
A's bairille díghe le n-ól,
Cuideachta shultmhar 'nár dtíompal
Do ghlanfadh gan moill a' sgór,
'S go bráth ná curtar sa chíll mé
Go gcastar airís mé an treó.



Dá ngluaiseóch' gasra tréin-fhear
Meanamnach maordha 'n ghrínn,
Ba ró bhreagh an mhaise iad ar aonach
Ag bagairt, ag glaodhach 's ag díol.
Nó báire ar mhachaire 'n tsléibh' amuich
Mar mheasaim ní staonfaidís
Siúd bárr a bheirim le chéile
Do Carraigh na gCaol-fhear ngroidhe.



Dá gcasfaí bacach do'n tír ann
Nó seanduine críona dreóil,
Máighistir sgoile nó rinnce
Nó siollaire sheinnfeadh ceól,
Mar bhárr ar dheire na treidhse
Na leinbh ag roinnt an óil,
Tá fáilthe 's fiche 's gach teighleach
Fé ghradam le meidhir 'ná gcóir.



CARRAIG DONN.



Pádraig Stúndúin d'athruigh ó'n mBéarla.



Ba ghlas an fraoch ar Charraig Donn,
Luígh grian le greann ar Árd na Laoi;
Do chrom na crainn a gcinn le fonn
A' pógadh seang shruth Abhan na Buidhe.
Sa Bhealtaine ba shona 'n lá —
Ba shamhail é le aisling sídhe —
Do dhearbhuigh Dómhnal deónach dom
Ná sgarfadh liom-sa — "Stór mo croídhe!"


L. 68


Is feóchta 'n fraoch ar Charraig Donn,
Is dubh na neulta ar Árd na Laoi;
Is iomdha sreamh, le tuille trom,
Ag at na fodhchnuimh Abhan na Buidhe.
Tá 'n garbh ghaoth ag sguabadh léi
Duilleach craobh, 'ghá sgeith gan sgith;
A's táim fá leun ó d'eitil m'eun,
Mo sheabhac treun — ochón mo chroídhe!



Fásfaidh bláith le teacht Abráin,
Béidh crainn go glas sa tsamhradh 'rís,
Ach dómh-sa ní'l, mo dhíth! i ndán,
Suidhe lámh le Dómhnal mar do ghnídhinn.
Ní'l súil leis sin ó d'imthigh sé
Do'n Fhrainc ag chaitheamh Fleur de Lis;
Ach leanfad thú, mo Dhómhnal Dubh —
Táim dílis fós do shearc mo chroídhe.



ABRÁN NA MBAN.



Máighistir sgoile ó MhaghChromdha ro chan.



Araoir ar mo leabaidh 's mé go h-atuirseach leunmhar,
Go tuirseach tinn tréith-lag i ndiaidh mo chéad míle stór,
Mar do bhí sí modhamhail soineanta triopallach péarlach
Cruthamhail maordha, 's ba gheanamhail a snódh.
Do bhí cuacha léi ar bhaillicrith a's a leaca mar rós,
Do théidhinn-se 'ghá feuchaint go minic insa ló,
'Sé mo leun nách ar fairge nó i Sasanna an Bhéarla
Do cailleadh mé féin sul a ráinigheas 'na treó.



Ní bean Thuath'-na-Dromann, ná fós bean Magh Chromdha,
Ná bean Atha-an-Teampuil atá tar éis mo chroídhe chrádhadh,
Ná mná Chille-Mhuire, ná Droichid na Banndan,
Ná mná an bhaile Ghallda cé gur mór iad le rádh;
Ní mná Sráide 'n Mhuilinn, ná mná Gleann a' Láine,
Ná mná Beul-an-Mháma, ná Muisire an cheóigh,
Ná mná Achadh-Bholg, ná bun Bárr an Chárthainn,
Ach bean atá i n-áit ná inneósad go fóill.



Ar mo ghabháil tríd an mbaile go nglaodhaid siad Gleann
Cam air,
Go moch maidin Domhnaigh roimh Nodlaig Mhóir,
'Seadh do dhearcas an ainnear gur chailleas mo mheabhair léi
Go soineanta modhamhail deas am' choinnibh 'sa ród.


L. 69


Do dhéineas 'na coinnibh 's do chuireas a' labhairt léi,
Agus cheapas gan dabht suidhe 'na fochair go fóill:
"A rúnaigh 's a chogarnaigh, druid annso anall liom,
Agus tabhair gan amhras dom cúpla póg."



D'fhreagair an ainnear mé go feargach namhaideach,
"A dhuine nách toghail ataoi druidim am' threó.
Ná tar am' ghoire cé gur deacair liom labhairt leat
Le duine dod' fhoghluim a bhíonn ag teagasg na n-óg.
Ná fuil 'fhios agat-sa gur mór atá i dteannta
I n-Ifreann fann lag de dheasgaibh ban óg?
B' é airíghim go ndeirid gur díomhaoin do dhrom-sa
A's ná tabhairfeá aon chabhair dom chun graftha ná rómhair."



"A's a ghrádh dhil 's a chogarnaigh, ná creid-se na dánta,
A's gur fiosach d'á lán go ndéanfainn duit gnó;
Do threabhfainn, do fhuirsfinn, do dhéanfainn an stáca,
A's do léimfinn gach páile d'á ráinigheadh am' threó;
Do rinncfinn, do rithfinn, do bhréagfainn bean mhánla,
Do sgríobhfainn gan cháim dá bhfaghainn peann am' dhóid,
A's má théidheann súd orm-sa go meathleóchadh mo
sgoláireacht
Táim-se gan spleadhachas ábaltha ar rómhar."



MO RÓS GEAL FÁIN.



'Sé sin an "Sean Chlóicín Breacáin"



Athrúghadh do dhin Tadhg Mac Suibhne ar "The Ould Plaid Shawl" ó
Phroinnsias Ó Fatha.



Níor bhfad ó shean Chinnmhara mé 'gus ceól na n-éan gan
scíth
Aig taisteal liom lá Bealteine gur casadh ar mo shlíghe
Mar 'dh eadh 'gus gur ó 'n spéir amach do thuitfeadh aingeal
áin'
Bhí cailín Gaodhalach geanamhail ann — mo rós geal fáin!



Och! siúd ar siúbhal go sóghamhail í, sciathóigín le n-a taobh;
A scéimh geanaidhe 'sa bhéal teanaidhe, do mheallfadh gaoís
na Naomh:
A folt 's a mala, níor bh'iad súd mo chroidhe uaim do
thiomáin —
Acht a rosca riaghalta caomh-loiste — mo rós geal fáin!


L. 70


Do bheannuigheas di, 'gus d'úmhluigheas di — "Dia 's Muire
dhuit, ar mé:
"Dia's Muire dhuit a's Pádraig fós" ar sí, a's bhailigh léi.
Do preab mo chroídhe 'na diaidh, mo dhíth, i n-aondacht léi
amháin —
Fé cheangal cas id' chlóicín deas — mo rós geal fáin!



Fé gheasaibh draoidheachta d'fhág sí mé, im' aonar ar an ród;
Gur imthigh sí óm' radharc amugha, thar chruacha dúbha na bhfód
Guidim féin ó shoin, — go dtíghir slán id' chlóicín deas
breacáin,
A's grása Dé mór thímcheall ort — mo rós geal fáin!



Och! sanntuigheann daoíne saidhbhreas, agus sanntuigheann
fir árd-chéim,
Is mian le cuid a mbearta bheith fé mheas i stair an
tsaoghail:
Mo dhúil, mo ghean, mo chiste-se, do chlúidfeá go h-iomlán,
Ans an chlóicín bhreac do dhearcas ar — mo rós geal fáin!



Tré Chonntae cóir na Gaillimhe ó dheas go Conntae 'n Cláir
Óch! seolfad-sa a'd thuairisc, a's a'd chuardach i ngach áit.
Óir sógh ná suan, ní bheidh liom buan, go bpósfad tú go
slán
A's mé'r mo leas, fé d' chlóicín deas — mo rós geal fáin!



Ó, MO LAOCH, MO GHILE MEAR!



Uaill-chúmhadh na mná Albannaigh i ndiaigh a céile, .i. Rígh
Séarlus.



Fonn:- "An Cnotadh Bán."



Ní mhuidhfead féin cia h-é mo stór,
Béid innsint sgéil 'ná dhéigh go leór,
Ach guidhim chun Aon-Mhic Dé na gcómhacht
Go dtigheadh mo laoch gan bhaoghal beó.



Ó, mo laoch, mo ghile mear!
Ó, mo ghaodhal, mo ghile mear!
Aon tsuan chun séin ní bhfuaras féin
Ó chuaidh i gcéin mo ghile mear.



Ba mhear a shúil ghlas mhúirneach bheó,
Ar dhath an drúchta i gciúmhais an rós,
Tá Márs a's Cúpid go h-úmhal i gcló
I bhpearsan úr 's i ngnúis mo stór.



Ó, mo laoch, agus ml.


L. 71


Ní labhran cuach go suairc ar neóin,
'S ní bínn guth gadhair i gcoilltibh cnó
Ná maidion tsamhraidh i ngleanntaibh ceó
Ó d'imthigh uainne an buachaill beó.



Ó, mo laoch, agus ml.



Bím ar buairt gach uair de'n ló,
Ag briseadh croídhe 's a' caoi na ndeór,
Ó d'imthigh uainn an buachaill beó
'S nach fagham aon tuairisg uaidh, mo bhrón!



Ó, mo laoch, agus ml.



Níor eirigh Phoebus féin mar is cóir,
'S ar a chaoin-chneas rae tá daol-bhrat bróin
Tá saobh ar spéir a's spéirling mhór,
Fá choillte i gcéin mar d'éalóidh an leómhan,



Ó, mo laoch, mo ghile mear,
Ó, mo ghaodhal, mo ghile mear,
Mo chruadhtan féin! Mo luaithre léin!
Mar chuaidh i gcéin mo ghile mear.



AN SAIGHDIÚIR.



Oídhche Lae Fhéil' Pádraig
Do bhíos i dtigh an tábhairne,
Bhí guinea am' láimh dheis
Do b'fhearr nach agam:
Bhí fígh'dóirí 's gréasaidhthe
'S táilliúirí aorach' ann
An Sergeant 's a ghárda
'S a lán nach cuimhin liom.
Mar do bhí mise am' dhrawer acu
Ghlaoidís go h-árd orm,
Do dhéinidís ádhacht diom,
Greann agus sult;
'S ar dhiúgadh na cáirte
Bhí an Paorach liostálta,
'S a chómharsain na n-árann,
Nár nárach é sin!



Dá gcloiseadh mo mháithrín é
'S í bhéadh go cásmhar;
An cartadh 's an cárnadh
Do fuaras ó shin;


L. 72


A'm leadhbadh le cána
Ó bhathas go sála,
'S gach alt do bhí am' chnámha
Chómh dubh leis an bhflint.
Bíodh "Wheel to the left about"
"Fill ar do láimh dheis chúgham,"
"'Tention!" a's "March on!"
A's "Hold up your chin."
Bhíodh "Cúmhdaigh do shála 'steach,"
"Iompuigh 'mach bhárr do chos,"
'S bhí mo chroídhe cráidhte
Gur fhóghluim mé sin.



Níor bh'fhada go bhfacathas
Guna ar mo bhacalainn,
Shoulder-belt orm,
'S pouch ar mo chrios,
Casúirín leagaidhthe
Shíos ar an bpan agam,
Agus priming le caitheamh leó
Síos go dtí an smiog;
Bhí cockade ar chnaipe 'gam,
Shling ar mo chanister,
Is cruinn do bhí glas agam,
Steel agus flint,
Trí cock am' hata 'gam,
Feirc agus maig orm,
'Gus lámh ar mo bhayonet
Shiar ar mo hip,



Bhí forage-cap orm,
'S dhá spatterdash ghorm
Bhí píopa tobac agam
Réidhteóir a's brush;
Bhí sgian agus fork agam,
'S pláta breagh geal agam,
Spóilín deas feóla
'Gus citilín tin.
Is mé bhíodh go lag acu
Ag iomchur mo knapsack dóibh,
A' máirseáil na mbóithre
Gan feóirling agam;
Mara ndéanfainn ach casadh siar,
D'fhéachain cá rachamaois,
Béadh an Sergeant lem' shála,
'S a chána ar mo chruit.


L. 73


BEAN AN LEASA



Seághan Llóid ro chan, a.d. 1773.



Cois leasa 's mé go h-uaigneach
Ar uair na maidne am' aonar,
Re h-ais na Sionna i mbruach cnoic
Ba shnuadh-ghlaise sgáil,
Do dhearcas ainnir uaibhreach
Ba shuaimhneach, ba shéanmhar,
Go réaltannach aorach
Ag téarnamh am' dháil.
Bhí a dlaoi-fholt daithte feactha fíor,
Go cíortha casta crathach síos,
Go slimeach snasda srathach síor
'Na slaodaibh go feór,
A réalt-dhearca rae-glasa
'Na h-éadan gan chas gan chrín,
A léir-chaitheam gaothaibh
I gcléithibh gach treóin.



Ba gheanamhail geal a h-éadan
Gan éaluing ach óige
'S a mala gheara chaol deas
Ba chéir-shnuighte cóir;
'Na leacain leabhair aolda
Ba thréanmhar an rós-bhruith,
'S a beól tana beó-bhlasda
Córach gan cháim.
Do líon mé ar fad le rachtaibh cléibh,
Bíodhgas mear mar ealtain éin,
Do bhíos ar ceal am' stad go léir
Ag léir-dhearcadh a clódh;
Do shíleas gur sídhe-bhean,
Do shíolraidh tar lear aigéin,
Nó an chaoi-bhean as croídhe an leasa
Bí ag teacht am' dháil.



Do bhrígh nar bhfeas gur léir dhom
Cia an ghaoth chúghainn do sheól í,
Fionnaim dí cé an treibh
Ó'r théarnaid a pór,
Nó'n fíor gur b'ise an spéir-bhean
Cuir an Trae shoir fá cheó-bhruit,
Nó Déirdre tré'r léanadh
Na tréin-fhir gan treóir,


L. 74


Nó'n bhean do mhill clann Lir le draoidheacht,
Nó'n bhean do leónaigh fiannaibh Fhinn,
Nó'n bhean ó'n mBeinn do dlíghigh ar Chonall
Triall seal 'na deóidh;
An Chearnuit dob' áilne,
Nó'n Bhláthnait ba ghile gnaoi,
Nó'n ghrian-bhean a d'fhág
Inis Fháilbhe faoi bhrón?



D'fhreagair dom an spéir-ainnir
Aobhdha na mall-rosg:
"Ní bean do'n aicme is léir dhuit
Ar aon chor mé, a Sheóin,
Ach bean le fada i bpéin mé,
Gan chéile dom' chumhdach,
Am' dhlúith-chreime ag búraibh,
Dom' shúghadh 'gus dom dheól;
Is mé Éire shean ag teacht ad' líon
Le sgéal gur gairid gealaim díbh,
Go dtéarnaid maithibh Clanna Gaoidheal
Am' éileamh 's am' dháil;
'S an tréan-bhile is aoirde,
Do phréimh-shliocht Chaisil chaoin,
Go léadmhar le laochradh
Go léimthidh mo leóman."



Is aithnid dom gur tú an bhean
Fuair clú, raith, 's réimeas
An fhaid do cheangail tú
Le treibh Iughoine Mhóir;
Dob' fhada leat do shiúbhalta
Tré dhúthracht le méirligh,
Do léir-chuir as réimeas
Do laochradh 's do leómhain.
"Is doilbh mé dod' ghuth," ar sí,
"Gan cineadh Scoit am' bhun mar bhí,
Ach tuig anois le fuinneamh fíor
Go suidhfeadh 'na choróin
An Rígh ceart le míltibh 'na choimhdeacht
Do Chlanna Gaoidheal
'S líon gloine tímpcheall,
Sin crioch ar mo sgeól.


L. 75


FAGHAM ARÍS AN CRÚISCÍN.



Is fada dhom ar an mbaile seo am' chómhnuidhe ar sráid,
Ag raidearacht 's ag mealladh ban 's ag ól díghe ar chlár;
Nuair mheas mná an ghleanna so mo phócaí bheith lán
'S amhlaidh bhí an aindeise eadrainn agus fóiríor atá!
Agus fagham arís a' crúiscín agus bíodh sé lán.



Is fada é mo thriall, airiú, siar ar Éirinn,
Cois leasa 's mé go h-uaigneach, 's gan aon tuínt de'n
eudach;
Is é rádh mo dhaoine agus muintire mo chéile
Gur olc an dóigh mná mé agus clann do bheith a'm éileamh,
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán.



Is é deir mo bhean liom, "Ar buile 'taoi, a Dhómhnaill!
Téanam abhaile má ólais do dhóthain."
"Do'n diabhal do bheirim thú 'gus a mhaireann dod' chómhgas,
Agus béidh bean eile agam ar gach baile phuirt a gheobhadh í,"
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán.



Paróiste an dríb seo atá trí n-a chéile
Agus Condae Cheatharla gan tapa chun bruighinte,
Gan guna, gan claidheamh, gan píce chun éirligh,
Gur buaileadh 'sa dríb iad ag seana-phuic an Béarla,
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán.



Nár fhaghad-sa bás choídhche agus nár fhágad an saoghal so
Go bhfeicidh mé na Sasanaigh a' dul ar lorg déirce,
Rámhainn ar a ngualainn ag tuilleadh págh' an lae seo,
Agus bróga boga fliucha ortha mar 'tá ar chlannaibh Gaedheal
bocht,
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán,



Ní gnáth aon chur-fá bheith leis an amhrán so, ach cuirtear an meid seo
leis, uaireanta:-



Grádh mo chroídhe mo chrúiscín,
Slánite geal mo mhúirnín,
Is cuma liom a cúilfhionn dubh nó bán,
Agus fagham arís an crúiscín lán, lán, lán.


L. 76


AN GOIRTÍN EÓRNA.



Is buachaillín fíor-óg mé, go bhfóirigh' orm Rí na ngrás,
Thug searc do chailín óg i dtigh 'n ósda le cómhrádh gearr;
Ní raibh hata uirthi ná clóca ná búclaí buídhe déanta prás,
Ach tape i gcluais a bróige — 'sí mo stóirín go bhfaghaidh
mé bás.



Ní dod' ghoirtín eórna, a stóirín, do thugas grádh,
Ná dod' chúpla cóifrín de'n ór buídhe dá mbéidís lán,
Do chapaill ná do bhólacht go deó deó ní chuirfinn i bhfáth,
Ach blas do chúpla póigín ba dhóigh liom gurb iad do
b'fhearr.



Móra dhuit-se, a éinín, ag léimnigh ó chrann go crann,
Dá 'néosainn brígh mo sgéil duit ní h-éidir go ndéanfá
rún;
Beir litir uaim faoi shéala go cúl-craobhach na folta fionn
Go bhfuil mo chroídhe d'á chéasadh 's nách féidir liom codladh
ciúin.



Beir litir uaim Dé Domhnaigh 'gus tabharthas do ghrádh mo
chléibh
Ar eagla í bheith pósta leis an óig-fhear ó bharr an tsléibh';
Ní'l sagart insa ph'róiste do phósadh í lem' mhalairt féin
Ná bainfinn dé a chóta a's ba dhóigh liom gur mhaith an
sgeul.



Do raghainn-se do'n Ghréig duit, mo chéad searc a's mo
mhíle stór,
'S do thiocfainn thar n-ais dod' fhéachain 's ag éisteacht le
fuaim do cheóil;
Ní iarrfainn-se mar spré leat ach céad agus dá mhíle póg,
'S a rún na mban gan aon locht, ná tréig-se do bhuachaill
óg.



Tá gaoth a-ndeas a's tóirneach a's mór-shruth le h-abhainn
na Laoi,
Sneachta ar na bóithribh 'gus mór-shioc d'á mheasgadh tríd;
Ní fhanann fuaim ag róintibh ná ceólta ag éin ar chraoibh
Ó chailleas-sa mo stóirín, 'sí thógfadh an ceó dem' chroídhe.


L. 77


NA CLEAGANA.



Micheál ua Tuama do chúm.



An bhfeacbhúir-se Seághan ó bharr an chnoic
Ar lic an tínteáin ag rinnce jig?
Mar dhéineadh sé gleó le cleagana nuadha
Do tugadh sa treó so ó Cheanntuirc.
Agus ó, 'bhean a' tighe, 'bhfuil buaireamh ort?



Do bhíodar 'na mbrógaibh gleóidhte deas,
Cluthmhar cúmpórdach 's tar meón le teas;
Níor bh'fhearr dhuit clúmh mar chneasdacht fé d'bhun
Ná pheidhre breagh cúmtha 'cu súd bheith ort.
Agus ó, 'bean a' tighe, 'bhfuil buaireamh ort?



Tá cneasughadh na mílte aicíd ionta
Do sgaipfeadh gan moíll liath-bhuidhe nó triuch,
Do chuirfeadh chun fáin crampaí 'gus fuachtáin
A's mórán eile g'ránta ná h-áirím duit.
Agus ó, 'bhean a' tighe, 'bhfuil buaireamh ort?



Bhí pheidhre 'cu súd ar Fhionn fadó,
Is 'mdhó sliabh a's fiadhain chúm do siúbhlaidh leó;
Is 'mdhó cathair do thóg mar le buille d'á bhróig
Do cuirfeadh chun sgeóin na slóighte fear.
Agus ó, 'bhean a' tighe, 'bhfuil buaireamh ort?



Tá croicean ceart-aos d'á ndeunamh soin
Ní raibh sé poll-phéisteach ná méisgreach briosg;
Bhí búcalaí óir go greanta 'na mbeól
Go bhfeicfeá do chlódh gan cheó ionta.
Agus ó, 'bhean a' tighe, 'bhfuil buaireamh ort?



Ní cuilean ná draighean a bhí 'na mbún
Ach bíoma bhreagh déil bhí eudtrom úr:
Teanga bhreagh shleamhain do chroicean óg gamhain
Nár gearadh ró ghann, a's mo lom nách liom
Iad! 's ó, 'bhean a' tighe, 'bhfuil buaireamh ort?


L. 78


CAILÍN NA GRUAIGE DONNE.



Ar bhántaibh an tSróil 'seadh d'fhágas mo stór
'S a máithrín ag gleódh gan dabht léi
'Dtaobh grádh a thabhairt dom' shórd d'fhánaidhe gan treó,
Gan cáirne buidhe óir i gcabhair dom,
'Sí an bháb mhiochair bheóil chuir bláth ar mo sgeól
A's is páisde bhí óg gan dabht í,
'S nach breagh deas mo shórd ag geáitseáil ar bórd
Le cailín na gruaige donne.



Is fann lag a bhím 'dir Bhannduin a's Laoi,
I ngaorthaibh go dtigheann an Domhnach
Is gáir loin go síothach i mbárr bile crainn
'S a ráidhteachas fíor a mheall mé,
A Dhia ghléigil do chíonn tréan-mhuir a's tír,
Nár léighir sa chíll go fann mé,
'S an péarla tá am' chroídhe go léighir im' líon
'S í cailín na gruaige donne.



Ba bhreagtha a crobh 'sa gnaoi 'ná Bhénus 's an flíos
Thug Iáson ar luing anall leis,
'S 'ná Deirdre do bhí ag Naois mar chéile fóríor
Le n-a claon-gheasa draoidheacht do mheall é,
'S ná Diana an ghrínn do réidheas gach slíge
An laoch mear nár claoidheadh i dteannta,
'S 'ná Hélen do mhill na céadta sa Traoi
'S í cailín na gruaige donne.



A's 'neósad mo stair dom' mhuintir ar fad
Cé gur claoidhte go lag gan mheabhair mé,
Ag smaoineamh 's ag braith 's ag tnúth le h-í theacht
Gach oídhche 's maidin Dómhnaigh.
Rinnce go pras, aoibhneas ná cleas
Ní smaoiním le h-easbha mheabhrach
Ach mo chroídhe istigh dh'á slad le dian-díogras searc
Do chailín na gruaige donne.



A's is tréith-lag a bhím gan aoinne dem' bhuidhin
Ag déanamh aon tsuím sa domhan díom,
A's is baoghlach d'á dhruím go n-éagfad gan moill
Am éigin ar díth mo mheabhrach.
Le saor-ghuth a cinn go léimid aníos
Na h-éisg ar an Linn ag leabhaireacht,
A's dá bhreaghthacht mar nídh ní shásóghadh mo chroídhe
Gan cailín na gruaige donne,


L. 79


AN CNUICÍN FRAOIGH.



Dar go deimhin duit, a Mháire, do thugas searc thar mnáibh
duit
A's bhéarfainn thú 'san áitreabh ba bhreághtha insan ríoghacht
Do raghainn i bhFrainnc nó i Spáin leat nó shiubhló'inn
Inis Mheadhan leat
A's ní stadfainn-se de'n stár sin go bárr Locha an
Ghrinn;
Do chaithfinn seal de'n lá leat in imioll coille fásaigh,
Ag feitheamh leis na bádaibh go dtagaidís i dtír,
A's ba dhóigh liom féin go m'fhéarr san 'ná bheith ag rith le
dásacht
I gcoinne faille in áirde insa Chnuicín Fraoigh.



Maidin aoibhinn áluinn ag barra Phrospect áth dhom
A's mé ag amharc ar Gleann Áth a's ar bhárr Locha an Ghrinn,
Mar a mbíonn an bradán feárna 's an breac geal 'na
thán-ruith
A's gach iasg eile dá áilneacht 'á bhfághail insa líon.
Bíonn órbuidhe ann, bíonn pláta ann, ómar ann a's marmar,
An t-ubhall buidhe ann 's an t-áirne, 's an pluma le n-a
thaoibh,
Nuair a théidhim-se go Cíll-Áirne bíonn fíon a's puins ar
chlár ann,
A's ba dhóigh liom féin go m'fhearr san 'ná an Cnuicín
Fraoigh.



Is 'mdhó im agus leamhnacht agus saíll mhuirt gan amhras
Ar dhá thaobh na Leamhna, 's ar cheanntar Chnuic Reímhir;
Bíonn inseacha cois abhann ann go mbíonn na bruic ag
damhas ann
Coillte go mbíonn ramhar-mhuilt gach am ann a's laoigh.
Bíonn aoibhneas a's greann ann 'dir gheimhreadh agus 'dir
shamhradh,
Bíonn fíon ann, bíonn brannda dá dtigimís 'na línn,
Gur mó mhaoidhfinn féin an gleann úd an chaomh-bhruinneal
ceannsa
'Ná críon-aitean Franncach sa Chnuicín Fraoigh.


L. 80


BAILE LOCHA RIACH





NEILLÍ BHÁN.



A Neillí bhán, suigh láimh liom, a chara geal mo chroídhe,
A's leig mo lámh ar do bhrághaid nó ní mhairfidh mé beó mí;
Do snámhfainn féin an tSiúir leat 'gus an tSionainn mór
ad' dhiaigh,
A's gur rug tú bárr leat ó mhnáibh deasa Baile Locha Riach.



Dá mba liom-sa Púrtumna agus Baile Locha Riach,
Luimneach na long agus Condae Bhaile Átha Cliath;
Ar do mhuintir-se do roinnfinn a leath a's a dá dtrian
D'fhonn dul i gcleamhnas leat lá fada agus bliadhain.



Beir mo bheannacht siar go Connachtaí mar is ann do bhíodh
an greann,
A's go dtí mo bhalaintín 's is fada tá sí uaim;
An t-ionad-choinne úd bhí eadhrainn ag sléibhtibh dubha
Tuadhmhumhan
S gurb í an tSionainn gheal do choingigh mé do bhí lán go
bruach.



Do b' fhearr liom 'ná mo chapall a's gan áireamh a shrian,
A's 'ná fághaltas na páirce i n-a leagtar na fiadha,
'Ná a dtáinig de bhádaibh ó Bhlá' Cliath go Luimnigh le
bliadhain
Go bhfeicfinn thusa, a ghrádh ghil, ar shráid Bhaile Locha Riach.



Ó, is truagh ghéar nár cailleadh mé amuigh ar an sliabh
An áit a mbéadh mo chnámhaí le piocadh ag an bhfiach!
A ndán gur thuit mé i ngrádh leat, a Neillí bhán na gciabh,
A's go ndeir do mháthairín nach áil léi mise dhuit mar
chliamhain.


L. 81


AN DREÓILÍN.



Dreóilín a fuaras-sa shíos ar an Inse
Fé bhrághaid carraige, agus carabhat síoda air;
Do thugas-sa chúghaibh é, a lánmha an tíghe seo,
Agus go mba seacht bhfearr um a' dtaca so airís sibh



Dreóilín a thugas-sa chúghat-sa, a Dhiarmuid,
Ní mar dhúil i leann ná i n-éasmuirt,
Ach mar dhúil i súgradh a d'iarraidh
Do bhíodh 'n-ár ndúthaigh lá cinn bhliadhna.



Dreóilín a thugas-sa chúghat-sa, a Shiobhán,
Ní mar dhúil in leann 'ná 'n arán,
Ach mar dhúil ad' shúgradh choimeád
Do bhíodh 'n-ár ndhúthaigh lá 'le Stiopháin.



Dreóilín a fuaras-sa i gcarnán cloch,
Agus ar neóin cár bh'fhearr é fhághail i dtor;
Do chaitheas mo mhaide leis agus bhriseas a chos,
Éirigh d'shuidhe, a bhean a' tíghe, agus líon chughainn deoch!



Is mór a' truagh an Dreóilín i mbárr an chnoic,
An bhaisteach sa táir air, an síon a's an sioc,
Ag imtheacht ar na bántaibh a chosa bhí gearrtha
Agus bríste gan bhásta air, 's is fuar é a dhriuch.



D'imthigh an Dreóilín anonn thar muir,
Ó lúib na carraige uainn do rith,
Is 'mdhó daoine 'tá a' faire air ó Luain go Satharn
Gan ball ná baile aige ach sgáth an toir.



Dreóilín óir an Dreóilín,
Agus béidh ór i bpóca an Dreóilín,
Dreóilín airgid fé bhinn fallainge,
Agus mac na Banba an Dreóilín.



Feitidh 's do gheobhaidh sibh Dreóilín glic
Do thiocfaidh le fórsaibh aniar 's anoir;
Cuirfear an cóir-righ airís 'n-ár gcionn,
Agus ólfamuid sláinte an tsár-fhir ghil.



'S béidh ór fós ag an Dreóilín,
'S béidh ór i stór ag an Dreóilín;
Béidh ór ar a chóta 's síoda ar a bhróga,
Agus fíon d'á ól i n-a sheomraí.


L. 82


Is árd é an Dreóilín i mbárr an toir,
Is mear 's is seóltha a bhéidh a shliocht,
A' dul go tigh a' tabhairne 's an juga mór lán rómhainn
Agus ólfamuid-ne sláinte an tsár-fhir indiu.



AN TÚIRNÍN LÍN.



An bhliadhain sul ar phósas stór mo chroídhe
Ba ghairid mar lón aici sé púint lín,
Ach ansan nuair a phósas a's chuadhmar i dtígheas
Bhíodh bun ag a púnt i gcionn trí mí.



Ach, mo bhean a's mo chlann a's mo thúirnín lín,
Mo chúpla púnt nó dó gan sníomh,
Dá lá 'na luighe i n-aghaidh lae 'na suidhe
A's go dtógaidh Dia dílis a cúram díom.



Nuair a mheasas gur thoghas-sa togha mná tighe
Go tais a's go modhamhail a's 'na rogha thar díogha
Ní h-amhlaidh a bhí ach an fala 'na croidhe
Do leag mé am' cheann gan mheabhair gan bhrígh.



Ach, mo bhean a's mo chlann, agus ml.



Tá bean agam féin a's nár mhairidh mé í,
Nár mhairidh sí agam a's nár mhairidh mé í;
Dá mb'éigean dom Éire do shiúbhal le n-a cloinn,
Go rabhad fé n-a cróchar i gcionn trí mí.



Ach, mo bhean a's mo chlann, agus ml.



Nuair a théidhim go Corcaigh le céad de'n ím
Ní smearthar mo bhróga i gcóir na slíghe,
Ach fear de na comarsain i gcúinne an tíghe
'Na chodladh go sámh go h-eadarshruth buidhe.



Ach, mo bhean a's mo chlann, agus ml.



Nuair airígheann sí mé féin ag teacht chun an tíghe
Teine mhaith móna cuireann sí síos,
Stiúruigheann na leinbh ar fuaid an tíghe
Agus sgaoileann ar siúbhal an túirnín lín.



Ach, mo bhean a's mo chlann a's mo thúirnín lín
Mo chúpla púnt go deó gan sníomh,
Tobac ar a bais a's píopa le n'ais
'S is cuma sa domhan cá ngabhann an cíos.


L. 83


SLÁN LE CORCAIGH.



Tadhg ua Donnchadha do chúm.



Mo chúig céad slán leat, a Chorcaigh cháidh
Nú a bhfeicfead go bráth thú arís?
Tá mo chroídhe go tláth, 'gur im' cheann míorán,
A's is dúbhach bocht cráidhte bhím.
Dob' aoibhinn tráth mé ag fiadhna mbán,
Nú ag iasgach i lár na Laoi,
Sara chuadhas i dtlás, a's gur chruadhaigh mo chás
I gcathair ghil bhreágh Chorcaighe.



Céad léan agus sgannradh ar dlighe na nGall,
'Sé d'fhág go fann lag sinn,
'S cé a bhfuair sinn ann acht cluamaire cam
Do chradhaigh sinn a's mheall d'ár maoin.
Ba dhúinn ba theann, mórdhálach, modhmhail
Go trácht de dhream an fhéill,
Cuir mé gan chabhair, fé luadar lom
Chum fáin ó ghreann Chorcaighe.



A Máire, a ghrádh, cuir suas do lámha,
Agus tiormuigh do bhláth-ruisg grínn;
Ní réabtha a pháirt 'dir mé a's tú atá,
Agus cífidh tú Seaghán arís.
Tá sgeímhle 's fán fé chomhair an námhaid
Ag buidheannaibh de sháir-fhir ghroidhe,
Agus béam go sásta in aon-tigheas sám
I gcathair ghil bhreágh Chorcaighe



BRUACH NA CARRAIGE BÁINE.



Siar cois abhann gan bhréig, gan dobhat,
'Tá 'n ainnir chiúin-tais, mhánla;
N-ar gile a com 'ná ala ar an dtonn,
Ó bhathais go bonn a bróige!
Is í an stáid-bhean í do chrádhaigh mo chroídhe,
'S d'fhág sí m' intinn brónach;
Leigheas le fághail ní'l agam go bráth
O dhiúltaidh mo ghrádh gheal dómh-sa.



Do b'fhearr liom féin 'ná Éire mhór
'S 'ná saidhbhrcas Rígh na Spáinne,
Go mbeidhinn-se 's tusa a lúb na finne,
I gcoillte a bhfad ó n-ár gcáirde:


L. 84


Tusa 'gus mise a bheith pósda, a ghrádh,
Le aon-toil athar a's máthar,
A mhaighdean óg is mílse póg,
Grian na Carraige Báine!



Is léanmhar mo thuras le tréimhse gan suchart,
Is baoghalach go gcuirfear chun fáin mé
Le géar-shearc do'n bhruinneal is néata 'san chruinne,
Do chuir céadta ar uireasbhaidh sláinte!
Tá a h-éadan mar luisne na greine tre chriosdal,
Téid éanlaith chum suchairt le grádh dhí;
Tagann tréin -fhir 's ríghthe tar tréanmhuir d'á h-amharc —
Grian na Carraige Báine!



AILILIÚ NA GAMHNA.



Tráthnóinín aoibhinn 's mé thíos cois na buaille,
Cé casfaídhe anoís chugham ach smíste duin' uasail,
D'iarr sé go bpósfainn é, d'iarr sé go cruaid é,
A's d'fhág san mo chroídhe agus m'íntinn go buartha.



Aililiú na gamhna, na gamhna bána,
Aililiú na gamhna, b'iad a b'fearr liom;
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin samhraidh ag damhas ar na bánta.



Is inghean d'aodhaire mé féinig gan amhras
Do bhíodh 'na cómhnuidhe cois taoibh na Leamhna;
Bhí bothán agam féin agus fuinneóg i gceann de,
Faid a bhíodh an bainne 'g téigheadh 'gam 'seadh ghlaoidhinn
ar na gamhna.



Aililiú na gamhna, agus ml.



D'árduigh sé síos mé go seomraí ciúine,
An áit ná raibh ach trí staidhrí de staidhríbh caola cumhanga:
Do líonadh cupán tae chugham, 's níor réidhtigh sé liom-sa,
Do thuit sé uaim féinig 's do bhí an séiní 'na bhrúscar.



Aililiú na gamhna, agus ml.



Tógaidh uaim na húda so, tá mo ghlúine 'ca gearrtha,
'Gus faghtar dom-sa gúna de dhuthchas mo mháithrín;
Falluing fhada fhlúirseach agus pumpa socair sásta,
Anairt leathan chiumhaiseach a's na gamhna bheith láimh liom.



Aililiú na gamhna agus ml.


L. 85


Faghtar dom canna, agus faghtar dom buarach,
A's faghtar dom soightheach 'n-a gcuirfead mo chuid uachtair,
Ceólta sídhe na cruinne bheith dh'á síos-chur im' chluasaibh,
'S gur bhínne liom-sa géimreach na mbó ag teacht chum
buaile.



Aililiú na gamhna, agus ml.



Díth agus deacair ort, a chaille mhí-shásta,
Agus gura seacht measa an t-é thug grádh dhuit;
Nár fhag tú sa chúinne fé mar ba ghnáth leat,
A's gúta ort go glúnaibh ag dúiseacht na báiní.



Aililiú na gamhna,



Raghaimíd ar an aonach agus ceannóghaimíd gamhn' ann,
Gus cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta;
Iosaid siad an fraoch agus bhárr an aitinn gheamhraigh;
Agus tiocfaid siad abhaile chun an bhainne 'gcóir an
tsamraidh.



Is iad mo ghamhna na gamhna geala;
'S is iad mo ghamhna na gamhna breaca;
Nuair a gheobhaid siad siar 'gus aniar an caladh
Nár b'fhearr leó 'na tráigh í 'ná 'na lán mara.



NACH AOIBHINN DO NA H-ÉINÍNÍBH.



Nach aoibhinn do na h-éiníníbh
D'eirigheann go h-árd,
'S bhíon ag ceileabhar le chéile
Ar aon chraoibh amháin!
Ní mar sin dom féin
'S do m' chéad míle grádh;
Is fada ó n-a chéile orainn
D'eirigheann gach lá.



Is báine í 'ná 'n lile,
Is deise í 'ná 'n sgéimh,
Is binne í 'ná 'n bheidhlinn
'S is soillsighe í 'ná 'n ghréin;
Is fearr 'ná sin uile
A h-uaisleacht 's a méinn,
'S a Dhia 'tá is na flaithis.
Fuasgail do m' phéinn!


L. 86


BEAN DUBH AN GHLEANNA



Tá bó 'gam ar an sliabh,
'S táim seal 'na diaigh,
Ó chailleas mo chiall le nuachar,
D'á seóladh soir a's siar,
I ngach áit d'á ngabhan an ghrian,
Go dtionntuighean aniar um thráthnóna.
Nuair fhéachaim féin anúnn
I ngach áit a mbíodh mo sún
Ruithean ó m' shúl sruth deóra.
A Rígh ghil na gcómhacht!
Go bhfóirir ar mo chúis,
Mar is bean dubh ó'n nGleann do bhreodhaigh mé.



Bean dubh an Ghleanna
An bhean dubh do b'fearra!
Bean dubh ba dheise gáire;
N-a bhfuil a gruadh mar an ala,
'S a píb mar an sneachta,
'S a com seang, singil, áluinn.
Ní'l úgánach cailce
Ó Bhla' Cliath go Gaillimh
Ná as súd go Tuaim uí Mheara
Nach bhfuil ag triall 's ag tarrang
Ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh áluinn.



Gheabhainn-se bean san Mumhain,
Triúr ban i Laighean,
Agus bean ó rígh geal Seoirse,
Bean na lúba buíde
D'fhaisgeadh mé le n-a croídhe,
Bean agus dá mhíle bo léi;
Inghean óg an Iarla
Atá go teinn dubhach diacrach
A d'iarraidh mise fhághail le pósadh,
'S dá bhfaghainn-se féin mo rogha
De mhnáibh, deasa an domhain,
Is í an bhean dubh ó'n nGleann do b'fhearr liom.



An t-é chífeadh mo theach
'S gan de dhíon air acht seasg
'Na shuidhe 'muich cois taoibh an bhóthair,
Nuair eirighean an bheach
Agus déinighean a nead
Le grian 's le teas an tsamhraidh!


L. 87


Nuair eirighean suas an tslat
Ní fhanan uirthi aon mheas
Acht ag tnúth leis an mbrainnse is óige;
'S mo chailín plúrach deas
D'éaluigh uaim le spreas,
Mo chúig céad slán go deó léi



AN CARABHAT.*



Séamus ua Domhnaill ro chan, tímpal 1810.



Fonn:- "Táim-se am' chodla 's ná dúisigh mé."



Is fada tá fuaim ag gluaiseacht eadrainn
Ag tuar chum spairinne i gClár uí Néill,
Ó bhailte na tuatha go bruach na fairge
Uamhan a's eagla a's ár ar Ghaedhil;
Tá siosma ró mhór san gcuan so 'n-aice linn,
An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn,
Ag sile na súl a' tabhairt cómhairle bhúr leasa dhíbh,
Táim-se am' chodla nó is fíor mo sgéal,



A bhuachaillí an chroídhe ná bídhídh i bhfearg liom,
Is díbh do spreagaim-se mo ráidhte béil;
Tagann osna am' chroídhe nuair chím ná leanann sibh
Dlíghe na h-Eagailse is áilne méinn.
Acht ag imtheacht le baois ag déanamh aimhlis bhúr n-anmann
Mar a bhéadh daill gan radharc ar mearbhall,
Geallaim-se dhíb go bhfuil bhúr naimhde ag magadh fúibh —
Táim-se am' chodla nó is fíor mo sgéal.



Is é teagasg na cléire a's réir na h-Eagailse
An tslíghe, mar mheasaim-se, b'fhearr chum Dé;
'S ní ag dul chum an aonaigh le faobhar go feargach,
Tréan faoi arm chum lámhach na bpléar.
Nach dealbh an sgéal d'á léaghadh ag Gallachoin
Gur b'iad clanna Gaodhal tá ag déanamh an acharainn,
Ag fealladh ar a chéile faoi ghné gach seana-cheirt,
Bhest agus Carabhat bán do thréig!


L. 88


A dhuine gan mheabhair 'tá ag labhairt go ceanasach,
Teann, gan eagla, an áit faoi an tsaoghal,
Tuig feasta nach cabhair dhuit a n-am an seana bhest
Lom, ná an carabhat bán do thréig;
Is iad an dá bhall thug bhúr gceann faoi tharcuisne
A's tharraing dlíghthe na nGall a gcionn gach baile agaibh,
Is eagalach liom gur fann sibh eatortha,
Táim-se am' chodla 's ná dúisigh mé.



Ar thaisge ná ar stór, ar ór ná ar airgead,
Mo bhrón! ní'l aire acu acht bruighean a's plé,
A leabhar 's a móide a n-ól 's a ragairne,
A's mór-chuid breacadh do'n bhán-pháipéar;
Ag teacht do'n tsiosún bíon crón-phuic bailighthe,
A's eachtra mhór acu ar Roman Catholics,
Ag ithe 's ag ól, a's bhúr bhpócaí ag teannadh leó,
Táim-se am' chodla nó is fíor mo sgéal.



Nach iongnadh liom nach múineann dada sibh,
Cómhairle sagairt ná cúrsa an tsaoighil;
Cá bhfuil bhúr gcaraid i gcúirt lá'n phlé nó'n acharainn
Chum bhúr gcúis do thagradh, nó bhúr gcás do phlé?
Ná feicean sibh rómhaibh bhúr gcómharsa ceangailte
Faoi ghlasaibh go dlúth gan súil le casadh acu,
D'ol airgid le búir ag tnúith le n-a gcaradas,
Táim-se am' chodla nó is fíor mo sgéal.



Da mbéadh clanna Gaodhal ar aon toil aigne,
Mo bhrón! ba dheacair a gclaoidh go h-éag;
Do bhronnfadh Mac Dé san tsaoghal-sa rath ortha,
A's ríoghacht na bhflathas i gcríoch a saoghail.
Is eagalach liom, faraoir! gur mealladh sibh,
Go bhfuil flathas mar níd chómh suighte le Sasanaidh
Gan amharc ar Chríost, ná'n Tríonóid bheannuighthe,
Táim-sé am' chodla nó is fíor mo sgéal.



I n-ainim Mhic Dé do bhearfainn teagasg díbh,
Cómhairle bhúr leasa dá mb'áil líbh é,
Gan bheith ag imtheacht ar strae ná raobadh a athanta,
Nó is baoghal díbh easgaone nó cáin ó'n gcléir.
Glacaigídh ciall a's déinidh bhúr n-anmanna,
Tuigigídh féin go bhfuil an saoghal ar lasadh fúibh
Ag fealladh ar a chéile ar gach thaobh do'n tseana cheirt,
Best agus Carabhat críon gan sgéimh.


L. 89


Ó 'BHEAN AN TÍGHE.



Ó Thadhg Ó Cruadhlaoich, i mBaile Mhúirne.



Ar maidin ar ndóin 's mé breóidhte lag
Dul do'n chathair chun bróga nódha thabhairt as
Do bhí ceathanna deór
Le m' leacain gan teórainn
Chionn flatha na Fódla bheith ag Seóirse ar naisc,
Agus ó 'bhean an tíghe go dí an buaidhirt sin ort?



Do bhuail umam óig-fhear leóghanta deas
I bhfochair a shóird ba mheón liom stad
Do bhí aige n-a phóca
Ar mheamram nódh
Na ranna dhein Seón do Bhónaipeart
Agus ó 'bhean an tíghe, agus rl.



Nuair a dhearcas-sa códa Sheóin gan snas
D'atharruigh mo shnódh a's mo bhrón do scaip
Mo mhisneach do thóg
Agus tapa mo dhrólann
Le h-aiteas na sceólta núdh' do cheap
Agus ó 'bhean an tíghe, agus rl.



Do phreabas an ród go módhmharach mear
A's bhí cuideachta ghleoidhte im' chomhar gan stad
I dtabhairne an óil
Le h-aiteas ár sceóil
Do chaitheamair coróinn nó dhó ar an bhfear
Agus ó 'bhean an tíghe, agus rl.



Nuair chaitheamair meón do phórthar mhaith
Agus dramanna teó go leór le n' ais
Talamh ár ndóthain
Béidh againn gan seóirling
A's galla-phuic chróna ag romhar na gclas
Agus ó 'bhean an tíghe, agus rl.



Acht d'atharruigh ár spórt chun bróin gan stad
Le gazette ó'n bpóist do sheól 'n-ár measc
Ag aithris sceólta
I bhfearannaibh Fódla
Gur breabadh le h-ór ár mBónaipeart
Agus ó 'bhean an tíghe, agus rl.


L. 90


Seo feasta fé'n yoko 's is brón sinn seal
'N-ár mbochtaineacht mhóir bíodh Job n-ár measc
Is gairid mar lón dóibh
Feadha agus póit
Le caitheamh scoth glóire gheóbham-na ar neamh
Agus ó 'bhean an tíghe, go dí an buaidhirt sin ort?



IS AINDEIS NA SGÉALTA.



Tomás Ó Glasáin ro chan.



Fonn:- "Fágaimís siúd mar atá sé."



Is aindeis na sgéalta thar tréan-mhuir ag tigheacht
D'fhúig sgamall a's néall dubh ar tréin na dtrí ríoghacht
Gur sgaradh le h-Éirinn a céile, mo dhith!
'S a cáirde go dúbhach a's go cásmhar.
Ag danair gan daonacht tá'n bhé chailce chaoin
I nglasaibh fé ghéar-smacht i ngéibheann de shíor,
Go h-atuirseach déarach fé Chaesar gan bhrígh,
'S ná fágaimís siúd mar atá sé.



Ba thaithneamhach péarlach a sgéimh a's a gnaoi,
A mala cheart chaol a's a claon-dearca faoi,
A tana-ghob craorag, a géar-mhama cruinn
A lámh gheal 's a com seang do b'áluinn.
Is aici bhí an tréan-fhlaith ná staonfadh d'á naimhid,
Do treascradh méath-phuic le faobhar a chlaidhimh,
Ná sgartar le chéile go n-éagfaid, an dís,
'S ná fágaimís siúd mar atá sé.



Ní'l sealbh ar séad ag ár ngaolta, fóríor!
Ní'l taisge ná spré-chnuic ná préimh-fhearann Gaoidheal,
Ní'l aiteas i ngaor díobh ná réim ins an tsaoigheal
Go cráidhte ag búraibh d'á gcáibleadh.
Acht aicme gan bhéasa i ngach aol-bhrógh de'n tír,
Gan taise gan daonacht d'á ndaoradh de shíor,
D'á gcreachadh, d'á ngéar-ghoin, d'á gcéasadh le cíos,
'S ná fágaimís siúd mar atá sé.


L. 91


MO MHÁIRE.



Ó "Phádraic."



Ag feis nó dáil
Ní'l bean le fághail
Chómh sgiamhach le mo Mháire;
Tá aici cneas
Bog, bán a's deas,
Do cuirfead lil' faoi náire;
'San domhan so ní'l
Aon chroídhe chómh dil,
Ná cailín 'tá níos fíre;
'Measg óg nó sean
'Sí plúr na mban,
Is ise bród na tíre.
Ó, mo Mháire, mo stór is í mo Mháire!
Mo rún is í,
Grádh geal mo chroídhe,
Mo mhúirnín dílis, Máire!



Tá gruag mo stóir
Mar fháinní óir
Ag tuitim síos go talamh,
Thar mhuinéal bán
A's gualnaibh lán'
'Gus cuma tá mar dhealb.
Gidh glan, soiléir
Gach réalt 'san spéir,
Tá súil mo ghrádh níos glaine,
'S is binne glór
Mo chailín cóir'
'Ná cláirsighe ciúin' na bruinne.
Ó, mo Mháire, mo stór is í mo Mháire!
Mo rún is í,
Grádh geal mo chroídhe,
Mo mhúirnín dílis, Máire!



Ameasg aos óg
(I leathar bróg)
Ar urlár cúirt' nó pailliúin
Níor sheas le taoibh
Tréan-fhir ariamh
Bean-rinnceóir leath chómh h-áluinn
Má bhris sí croídhe
Aon ógánaigh,
Gan bréag do bhris sí céada,


L. 92


'Gus tá na mná
'Fághail bháis gach lá
Le troime 's neart a n-éada.
Ó, mo Mháire! Ná marbh iad, a Mháire
Acht deun aon chroídhe
Sámh, sona, choídh'e,
So dhuit mé féin, a Mháire!



CUPÁN UÍ H-EAGHRA.



Cearbhallán ro chan.



Dá mbéinn-se amuich i n-Árainn
Nó i ngár-ghleann na Séad,
Mar a ngluaiseann gach sár-long
Le cláiréad a's le méad,
B'fhearr liom é mar shásamh
Agus fághaim é dhom féin
Cupán geal Uí h-Eaghra
Agus 'fhághail lán le mo bhéal.



Cad é b'áil liom 'gá chur i gcéill
'S a liacht áigh maith 'n a dhéigh,
'S gur b'é deir olldhamh na h-áite,
Dar mo lámh-sa ní bréag —
Thoirdhealbhaich Bhriain ághamhail
Tar tráth fá mo dhéin
Go n-ólfam as an tsár-chupán
Sláinte bhreagh Chéin,*



IS TRUAGH GAN MISE I SASANA.



Is truagh gan mise i Sasana
I bhFrainc ná 'sa Spáin
Ná tall ns na siar-Indiachaibh
Mar a gcómhuigheann mo ghrádh bán.
Agus Máire an chúil dualaigh
'Na suidhe idir mo dhá láimh,
A's go mbéinn-se 'ghá bréagadh
Go h-eirighe an lá bháin.


L. 93


Nuair luidhim ar mo leabaidh
Ní'l sóchamhail le fághail
'S go bhfuil arraing in mo thaoibh dheas
Agus loit sí mo lár.
Dochtúirí na cruinne
'S iad uile le fághail,
Ní'l mo leigheas ag an méid sin
Ach ag Máire an chúil bháin.



Is fada mé ag imtheacht
Ar tuairisg mná tíghe
A macsamhail ní fhacaidh mise
I mbaile ná i dtír.
Dá bhfeicfeá-sa an stuaidh-bhean
Ar thaoibh Chnuic-na-Sídhe,
Dual d'á gruaig bháin
'S é d'á fuadach le gaoith!



AN DRÚCHT CEÓIGH.



Tadhg ua Donnchadha do chúm.



A bhráithre an éan-chumainn, téanam chum siúbhail,
Tá an mhaidin bhog úr thar na dúithchíbh fós,
Sin blátha na ngéag 's iad ag sgéidhe go súbhach,
Agus duilleabhar go flúirseach ós cionn an róid.
Is le fáinneadh an lae roimh an ghréin, a rúin,
An tráth dob' fhonn liom siúbhal go sóghach
Tré chantan na n-éan ins an ghaorthadh chumhang
A's an féar ag lonnradh fá dhrúcht gheal cheóigh.



Do leabadh-sa fág, a pháirtidhe shéimh,
Is sámh glan an t-aer fá chiúineas mór,
A's nach dúbhach leamh an cás tú id' lán luighe féin,
'S go mb'fhearr leis na h-éin tú ag tnúth seal leo.
Ó ragham-na ag ádhbhacht tríd na páirceannaibh réidhe,
'Gus béidh sláinte 'gus séan gan éan smúid 'nár gcómhair,
Agus chífeam-na áilneacht an nádúir fá réim,
Agus taithneamh na gréine 'r an drúcht gheal cheóigh.



A Shamhraidh cháidh na mbláthchas aoil,
Céad fáilte fíor-chaoin ó chroídhe 'mach rómhat;
Athnuadhair-se fás ar na táintibh nídh,
Na h-éisg, na h-éanlaith 's gach nídh d'á sórt;
Ó, guidhmíd go bráth an t-ádh 'gus an síoth
Fá lán-brat na Saoirse ar ár ndúthchas chóir,
Agus léigheann a's subháilcí ar fághail go síor
I n-Éirinn aoibhinn fá'n drúcht gheal cheóigh.


L. 94


SEÓ HÍN SEÓ.



Do chuirfinn-se féin mo leanbh a chodladh,
'S ní mar do chuirfeadh mná na mbodach,
Fá shúisín bhuidhe ná i mbairlín bhorraigh,
Ach i gcliabhán óir a's an ghaoth 'ghá bhogadh,



Seó hín seó, bhú leó leó,
Seó hín seó, is tú mo leanbh!
Seó hín seó, bhú leó leó,
Seó hín seó, is tú mo leanbh!



Seó mar a chuirfinn-se mo leanbh a chodladh,
I mbairlín lín 's i súisín olna,
I gcliabhán óir ar úrlár shocair
I mbárr na gcraobh 's an ghaoth 'ghá bhogadh.



Seó hín seó, agus ml.



Codail, a leinbh! 's gur ba chodladh slán duit,
A's as do chodladh go dtugair do shláinte,
As do smuainte do chroídhe nár chráidhtear,
A's nár ba bhean gan mac do mháthair.



Seó hín seó, bhú leó leó,
Seó hín seó, is tú mo leanbh!
Seó hín seó, bhú leó leó,
Seó hín seó, is tú mo leanbh!



COIS NA BRÍGHDE,*



Uilliam Inglis ro chan.



Fonn:- "Clár bog déil."



Cois na Bríghde seal do bhíos-sa go súgach sámh,
Ag tarraing síos ar ainnir chaoin an úrla bháin;
Ba ghile a píb 'ná ala ar linn 's 'ná drúcht ar bán,
S ní coigcríoch mé ach buachaill bríoghmhar ó Dhún na mbád.†



Searc mo chléibh do thugas féin duit a's grádh tré rún,
'S dá dtagadh sé dom chor san tsaoghal go mbéinn lá 'gus tú,
Ceangal cléire bheith orainn araon faoi fháinne dlúth;
Ach dá bhfeicfinn féin thú ag fear san tsaoghal gheabhainn
bás le cúmha!


L. 95


Tá úr-phíb agam' rún chroídhe a's brághaid mar aol,
'S a cúilín cas búclach ag fás go féar;
Mo chúmha tríom nach san úir sínte do fágadh mé
Sul ar stiúruigheadh mé i gcúigíbh 's mo ghrádh tar m'éis!



Nach dubh-chroídheach mé i bhfiontar mar táim i bpéinn!
'S nach iontaoibh leat sgiúirse dom' shórt gan spréidh;
Go deimhin duit-se, a mhaighdean, dá mb' áil leat é
Do leighisfeá-sa an tsaighead so tré lár mo chléibh!



DIA LIBH, A LAOCHRA GHAOIDHEAL.



Aonghus mac Doighrí uí Dhálaigh ro chan.



[Déantar cur-fá de'n bhéarsa déidheanach, i ndiaigh gach aon dá bhéarsa
de'n amhrán.]



Dia libh, a laochra Ghaoidheal!
Ná cluintear claoidhteacht oraibh,
Riamh níor thuilleabhar masla
I n-am catha ná cogaidh.



Déantar libh coinghlic calma,
A bhuidhean arm-ghlan faoilteach,
Fá cheann bhur bhfearainn dúthchais
Puirt úr-ghoirt inse Gaoidheal.



Má 's áil libh agradh Éireann,
A ghasra céimeann gcródha,
Ná seachnaidh éacht ná íorghuil
Ná catha mionca móra.



Fearr bheith i mbarraibh fuair-bheann
I bhfeitheamh shuain ghearr ghrínnmhear,
Ag seilg troda ar féain eachtrann
'Ga bhfuil fearann bhur sínsear.



Má is mall gur h-agradh libh-se
Magh Life nó Lios Teamhra,
Nó Caiseal na sreamh nuadh-ghlan,
Nó mín-chlár Cruachna Meadhbha!



Is dith cuimhne, a chlanna Míleadh,
Fonn réidh na rígh-lios ndaith-gheal,
Tug oraibh gan agradh Tailtean
Nó táth críoch Máighreach Maisdean.


L. 96


Ní tacha lúith ná lámhaigh
Tug oraibh, a ógbhaidh Bhanbha,
Bheith dhíbh urramach umhal
Do mhear-shluagh gusmhar Gallda.



Acht nach deóin le Dia, a Éire,
Sibh le chéile do chongnamh,
Ní bheidh bhur mbuaidh i n-aénfheacht
Ag sluagh críoch léidmheach Londain.



Crádh liom eachtrainn d'á bhfógradh
Ríoghraidh Fodhla 's a n-oireacht,
'S nach goirtear díobh 'na ndúthchas
Acht ceitheirn cuthal coille!



'S iad féin i ngleanntaibh garbha
Laoich Bhanbha, beag d'á leath-trom,
Agus fonn mín an chláir seo Chríomhthain
Ag feadhain fhiochmhair Eachtronn.



Gach rún feill d'á bhfuil chúca,
Buidhean fhial churadh gcogtha,
'S a liacht námha ar tí a ngonadh,
Do bheir oram codla corrach.



An tráith bheirid laoich Laighean,
Cínn deaigh-fhear cláir na gcuradh,
Buaidh Eachtrann an chraoi Cuínn si
Bí m'aigne soilbhir subhach.



Dúbhach bhím-se uair eile
Mar bheirid bhuaidh na saoir-fear
Na Goillsi tig tar tonn-mhuir
Do chomhlot gasradh Gaoidheal.



Líon gleóidh do laochraidh lann-ghuirm,
Gabhail Raghnaill, Dia d'á ndídean,
Méad a nguaise sa ngleann so
Do chuir mo mheanma i mí-neart.



Dia leo ag luidhe 's ag eirghe,
Tréin-fhir is treise i dtachar,
Dia 'na seasamh 's 'na luidhe leó,
'S i dtrath curtha an chatha.


L. 55


*Tá trí cur-fá leis an amhran so. Bíodh a rogha acu ag an amhránaídhe.


L. 57


*Nó "mo Rós Gheal Dubh." Bíodh a rogha ag an amhránaídhe.


L. 87


*"Factions" ab eadh muintir an "Charabhait" agus muintir an
"tSeana-Bheiste."


L. 92


*Cian ua h-Eaghra, duine mór uasal i gCondae Shligigh.


L. 94


*Abha i gCondae Chorcaighe. †Dúngarbháin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services