Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cosa Buidhe Arda I

Title
Cosa Buidhe Arda I
Author(s)
Mac Coluim, Fionán,
Pen Name
Droigheantóir / Fínghín na Leamhna / Gio
Compiler/Editor
Mac Coluim, Fionán
Composition Date
1914
Publisher
Fallamhain / Oifig an Lóchrainn

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Cosa buidhe árda, árda,
Cosa buidhe árda, dearga,
Cosa mar chosa do mháthar,
Is deacair iad fhághail gan airgead.


L. 1


COSA BUIDHE ÁRDA



Do'n Aos Óg.



BEIDH RÍL AGAINN.



Fonn: “Billí Ó Ruairc an Buachaill” (nó “Shoddy
Genteel.”)



Beidh ríl againn,
Beidh ríl againn,
Beidh ríl againn Dé Domhnaigh;
Beidh ríl againn
Ar thaobh an chnuic —
Is an cailín deas 'á foghluim.



Táim i ngrádh le cailín deas;
Táim i ngrádh gan domhta;
Táim i ngrádh le cailín deas
Is pósfad í Dé Domhnaigh.



Beidh ríl againn, beidh ríl againn,
Beidh ríl againn Dé Domhnaigh;
Beidh ríl againn ar thaobh an chnuic —
Is an cailín deas 'á foghluim.


L. 2


TÁIM GAN ÍM GAN ÓR.



Fonn: “Bóthar na gCloch”



Táim gan ím, gan ór,
Táim gan ór gan airgead,
Tá mo ghabhair sa phóna
'S níor fhan deóir de'n bhainne acu.



Teá rabhdlam rabha,
Teá rabhdlam sean-bhean,
Teá rabhdlam rabha,
Bainne na ngabhar is é 'cnagarnaigh.



(Árduighidh é.)



Teá rabhdlam rabha, &rl. arís.



Táim gan ím gan ór, &rl.
(mar atá i dtosach.)



Abraidh an curfá “teá rabhdlam, &rl.” dhá uair
i ndiaidh a chéile, an chéad uair do'n chéad chuid de'n
phort agus an dara uair do'n dara chuid. An chéad
chuid de'n phort a oireann do'n rann “Táim gan ím,
&rl.” i gcomhnuidhe.


L. 3


AN CAILÍN DEAS DONN



Óró, bog liom í, bog liom í, bog liom í,
Óró, bog liom í, an cailín deas donn,
Óró, bog liom í, ionntuigh is corruigh í,
Is d' réir mar bogfaidh sí tiocfaidh sí
leam.



Dá bhfaghainn-se mo chailín i lúibín ná
sgairte.
Nó i gan fhios dá daidí i ngáirdín na
n-ubhall,
Do thabharfainn-se cogar di chuirfeadh a
chodladh í,
Is do bheinn-se dá bogadh go dtiocfadh sí
liúm.



Is óró, bog liom í, bog liom í, bog liom í,
Óró, bog liom í, an cailín deas donn,
Óró, bog liom í, is cuir ar a cosaibh í,
Is d' réir mar bogfaidh sí, tiocfaidh sí
leam.


L. 5


TAIR-SE 'BHAILE A BHÁIBÍN Ó.



1.



Tá dhá ghabhar 's mionnán agam,
Tá dhá ghabhar 's mionnán agam,
Tá dhá ghabhar 's mionnán agam,
'Gus pocán ceannfhionn buidhe.



Curfá:



Tair-se 'bhaile a bháibín ó,
Tair-se 'bhaile a bháibín ó,
Tair-se 'bhaile a bháibín ó,
A bháibín óg mo chroidhe!



II.



Tá dhá bhó san Oileán agam,
Tá dhá bhó san Oileán agam,
Tá dhá bhó san Oileán agam,
'Gus tarbh i dTráighlí.



Tair-se 'bhaile, &rl.



III.



Tá dhá chirc ar sreangán agam,
Tá dhá chirc ar sreangán agam,
Tá dhá chirc ar sreangán agam,
Is cearc le leigint síos.



Tair-se 'bhaile &rl.


L. 6


IV.



Tá dhá ghé 's góislín agam,
Tá dhá ghé 's góislín agam,
Tá dhá ghé 's góislín agam,
'Gus ganndal mórdha groidhe.



Tair-se 'bhaile &rl.



V.
Tá dhá láir 's searrach agam,
Tá dhá láir 's searrach agam,
Tá dhá láir 's searrach agam,
Agus stail ar an gCeapaigh mBuidhe.



Tair-se 'bhaile, &rl.



AN DÁ GHABHRÍN BHUIDHE.



Fonn: “Heeland Laddie.”



Tá dhá ghabhrín bhuidhe 'gam
Is minnsín bhainne, minnsín bhainne
Briseann siad mo chroidhe 'nam
Á dtabhairt abhaile, á dtabhairt abhaile.



Níl aon árthach crúidhte agam,
Ach síos am hata, síos am hata,
Leigean mo hata uaidh orm —
Ar fuaid a' bhaile, fuaid a' bhaile.



(Árduighidh annso é.)



Is duit-se atáim 'á ínnsint,
A phuill an fhalla, phuill an fhalla.
Duit-se táim 'á innsint,
A phuill an fhalla, phuill an fhalla.



(An rann tosaigh arís.)


L. 7


AN BÓTHAR Ó THUAIDH.



Bóthar ó thuaidh is bóthar ó thuaidh,
Is bóthar ó thuaidh chun Tráighlí
Bóthar ó thuaidh 's an cómhngar a dtuaidh
Agus bóthar ó thuaidh chun Tráighlí.



(Árduighidh inso é.)



Bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh,
Bóthar ó thuaidh chun Tráighlí;
Bóthar ó thuaidh 's an cómhngar a
dtuaidh,
Agus bóthar ó thuaidh chun Tráighlí.



Is maith le Nóra prátaí rósta,
Is maith le Nóra ím leó
Is maith le Nóra prátaí rósta,
Agus bainne na ngabhar istoidhche.



Bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh, &rl.



Do ghearra-chos dheas, do ghearra-chos dheas,
Do ghearra-chos dheas, a Nóra,
Do ghearra-chos dheas ót' ghlúin go dtí t' alt
Is tá an ainnir ar fad go córach.



Bóthar ó thuaidh, &rl.



Cá bhfuil na h-ubhla gheallais-se dhomh-sa?
Tá siad i gcúinne an gháirdín;
Gheóbhair do dhóthain, lán dhá phóca
Agus cúpla póg ó'n gcailín.



Bóthar ó thuaidh, &rl.


L. 8


HÓRÓ DAMHAS.



Gléas G.



Curfá:



Bhéarsa:



Luinneóg:



Hóró damhas is damhas,
Is hóró damhas go h-aerach,
Hóró damhas is damhas,
Is damhas is damhas, a laogh ghil.



I mbasa nár rinnc, nár rinnc,
'S i mbasa nár rinnc sí andiu;
I mbasa nár rinnc, nár rinnc,
Ní raibh éinne aici sheinnfeadh port.



Hóró damhas, &rl.



Cuirfimíd deandí, deandí,
Cuirfimíd deandí ar Mháire,
Cuirfimíd deandí, deandí,
Bróga 's stocaí bána.


L. 9


Hóró damhas, &rl.



Beidh watch óir, watch óir,
Beidh watch óir ar sileadh,
Beidh watch óir, watch óir,
Ag Máirín óg na gile.



Hóró damhas, &rl.



Raghaidh sí ó thuaidh, ó thuaidh,
Raghaidh sí ó thuaidh thar Aoine,
Raghaidh sí ó thuaidh ó thuaidh,
Is tiocfaidh sí a dtuaidh ‘Na ríghbhean.



Hóró damhas, &rl.



Beir mar bhean mar bhean,
Is beir mar bhean ag an bpílear,
Beir mar bhean, mar bhean —
Nó b'fhéidir ag máighistir rinnce.



Hóró damhas, &rl.



Is deas a chos rinnce, rinnce,
Is deas a chos rinnce í sin,
Is deas a chos rinnce, rinnce,
Is ní deire í ná í sin.



Hóró damhas, &rl.



Caithfimíd suas is suas í,
Caithfimíd suas an páisde,
Caithfimíd suas is suas í,
Is tiocfaidh sí anuas amáireach.



Hóró damhas. &rl.


L. 10


GHEOBHAIR, GHEOBHAIR, A CHAILÍN.



Fonn: “An Smachdaoin Crón” (nó “An Heather Glen”)



Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheobhair é, a chailín, gheobhair;
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín
Lá do chaintín d'ór.



Óró, ró, mo chailín
Cara mo chroidhe, mo chailín:
Óró, ró, mo chailín,
Mó rún 's mo mhíle stór.



Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheobhair é, a chailín, gheobhair;
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gúna 'n phlainín nódh.



Óró, ró, mo chailín
Cara mo chroidhe, mo chailín:
Óro, ró mo chailín,
Mó rún 's mo mhíle stór.



Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheobhair é, a chailín, gheobhair;
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Bróga is stocaí leó.



Óró, ró, &rl.



RAITHINEACH A BHEAN BHEAG.



(Fonn: "Ding, dong, dederó”).



Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na
hAoine
Ag iarraidh staimpí nó cácaí mísle;
Nuair a tháinig sí a bhaile ní bhlaisfeadh
fear a' tighe é,
Raithineach a bhean bheag agus déanfaimíd
arís é.


L. 11


Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag, staimpí
'gus im air
Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag & déan-
faimíd an císte.



Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine,
Bíonn bean acu 'á ghlanadh & bean acu
'á scríobhadh,
Bean eile acu 'á fhásgadh os cionn cor-
cáin ar a dícheall
Agus seanbhean ar a corraigiob á leathadh
ar an ngríosaigh.



Raithineach a bhean bheag, &rl.



Nuair a ghluaisigheann Máire, Siubhán agus
Síle,
Nóra 'gus Cáit is sásta a bhíd siad
An juga ar an gclár 's an cháirt dá
líonadh
'S mo cheol go bráth sibh a mhná cois
Aoine.



Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag, staimpí
'gus ím air,
Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
'S is beag a' mhaith a' staimpí
mara mbeadh a' t-ím air.


L. 12


RAGHAIDH, RAGHAIDH, &rl.



Raghaidh, raghaidh, raghaidh gan amhras,
Raghaidh mo leanbh ar aonach na Samhna.



Raghaidh, raghaidh, raghaidh mo ghamhain-se,
Raghaidh, raghaidh 's is maith an fear ann é.



Raghaidh, raghaidh, raghaidh go díreach
Raghaidh mo leanbh ar aonach Neidíneach



Ceannóghaidh mé capall is ceannóghaidh me
caora,
Is ceannóghaidh me turann chun olna do
sníomh do.



Raghaidh sé go Páris is raghaidh sé go Lúnndan,
Is raghaidh sé go Corcaig ag ceannach adhbhar
gúna.



Raghaidh sé go Dairbhre 's raghaidh sé go
Dínis,
Is raghaidh ar an Scairbh ag lorg coiníní.



Tiocfaidh sé a bhaile is a bhád aige dinncthe,
Tiocfaidh is tiocfaidh is tiocfaidh mo
bhuidheanach.



Is minic do dheineas 's is minic do dheárnas
'S is minic do chaitheas mo leanbh anáirde.



Sé mo leanbh é! sé gan domhat é!
Sé mo leanbh é! sé gan amhras!


L. 13


Is maith a gnó seachtmhain 's is maith
a' gnó ráithe,
'S is maith a gnó seachtmhain' a chaitheamh
anáirde;



Togha na bhfear óg é is togha na bhfear
críona,
Togha na bhfear óg é pósta is sgaoilte.



D'óbair go n-ithfeadh is dóbair go ndéan-
fadh,
Is dóbair go n-íosfadh an rón ar a'
gcaol é.



Ó mo leanbh é! Ó mo laogh é!
Ó mo leanbh é ag banalthra ghléigeal.



Athrughadh de'n phort.



CÉ CHUIRFIDH TÚ LIOM.


L. 14


CÉ CHUIRFIDH TÚ LIOM?



(Luinneóg Oibre.)



Cé chuirfidh tú liom ag tarrach na brón,
Ag tarrach na brón
Ag tarrach na brón?
Cé chuirfidh tú liom ag tarrach na brón?
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.



Cuirfidh mé leat Mícheál Ó Séaghdha,
Mícheál Ó Séaghdha,
Mícheál Ó Séaghdha,
Cuirfidh mé leat Mícheál Ó Séaghdha,
Le Dilsaí Dolsaí Déró.



Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn
N-a choinnibh thar abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn,
Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
Is d'fhágfainn-se thall go bráth é.



Cé chuirfidh tú liom ag tarrach na brón,
Ag tarrach na brón
Ag tarrach na brón?
Cé chuirfidh tú liom ag casadh na brón,
Is ag tabhairt an trail mhór
ó'n gcoill chughat?



Cuirfidh mé leat an píobairín cam,
An píobairín cam,
An píobairín cam.
Cuirfidh mé leat an píobairín cam,
le Dilsaí Dolsaí Déró.


L. 15


Air sin do chuirfinn an trail is mó gheobhainn,
An trail is mó gheóbhainn,
An trail is mó gheóbhainn.
Air sin do chuirfinn an trail is mó gheóbhainn,
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.



Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn.
Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
Is d'fhágfainn-se thall go bráth é.



Cuirfidh mé leat an buachaillín donn,
An buachaillín donn,
An buachaillín donn.
Cuirfidh mé leat an buachaillín donn,
Le Dilsaí Dolsaí Déró.



Air sin do chuirfinn an trail is lugha
gheóbhainn,
An trail is lugha gheóbhainn,
An trail is lugha gheóbhainn.
Air sin do chuirfinn an trail is lugha
gheóbhainn,
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.



Do chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
Do chóireóghainn a leabaidh i mbarraibh na
gcrann,
Do shuidhfinn 'n-a aice, agus d'fháisgfinn
a cheann,
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services