Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gníomhartha na n-Aspol

Title
Gníomhartha na n-Aspol
Author(s)
Aistrithe ag an Athair Peadar Ua Laoghaire,
Translator
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair
Composition Date
1921
Publisher
Brún agus Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


GNÍOMHARTHA NA N-ASPOL. Peadar Ó Laoghaire.



"Gníomhartha na n-Aspol" an ainim atá ar an leabhar so ó
thusach aimsire na h-Eagailse, ach ní ceart a mheas, as san, gur
seanachas é ar an obair a dhein na h-Aspoil. Do sgaipeadh na
h-Aspoil ar fuaid tíortha an domhain agus bhí an obair a
dheineadar go fada fánach sgaipithe ó chéile. Ní'l sa leabhar so
ach tuairisg ghearr ar conus a tusnuígheadh ar an Eaglais do chur
ar bun. Tá cuid de sheanmóiniú Pheadar naomhtha curtha síos sa
dá chaibidiol déag atá ar tusach. Is é Lúcás Soisgéalaidhe do
sgríobh é, agus is i nGréigis do sgríobh sé é. Tusnuígheann an
seanchas atá ann ag deasgabháil Chríost ár dTighearna agus
stadann sé tímpall na bliana trí fichid a trí, .i. is tuairisg
ghearr ar an Eaglais é ar feadh deich mbliana fichid.



CAIBIDIOL I.



Deasgabháil Chríost. Maitias dá thoghadh i n-inead Iúdáis.



Do dheineas an chéad chainnt, a Theophiluis, ar na
neithibh go léir a thusnuigh Íosa ar dhéanamh agus ar
theagasg, Go dtí an lá 'nar deasgabháladh é tar éis
a aitheanta thabhairt do sna h-Aspolaibh a thoigh sé, tríd
an Spioraid Naomh.



Agus tar éis é féin a thaisbeáint beó dhóibh i ndiaidh
a pháise, le mórán dearbhuithe, i gcaitheamh dachad lá,
'ghá thabhairt féin le feisgint dóibh agus ag labhairt
leó ar rígheacht Dé.



Agus d'ith sé bia 'n-a dteannta agus d'órduigh
sé dhóibh gan imtheacht a' Ierúsalem ach fanmhaint le
geallmhaint an Athar, an gheallmhaint, (ar seisean) a
chloiseabhair ó m' béal-sa: Gur dhein Eóin baiste le
h-uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an
Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta. Agus


L. 290


an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuireadar
ceist chuige agus dubhradar: A Thighearna, an sa
n-aimsir seo a thabharfair an rígheacht thar n-ais d'Israél?
Ach dubhairt sé leó: Ní h-agaibhse atá fios d'fhághail
ar na h-aimsiribh 'ná ar na tráthanaibh a chimeád an
t-Athair fé n-a chómhacht féin. Ach glacfaidh sibh neart
an Spioraid Naoimh ag túirliocan ionaibh, agus beidh
sibh i nbhúr lucht fiadhnaise dhómhsa i n-Ierúsalem agus
i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall
an domhain ar fad.



Agus nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do tógadh
suas é os cómhair a súl agus do ghlac sgamall as
a radharc é. Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint
air agus é ag imtheacht suas ar neamh, féach, bhí
beirt fhear 'n-a seasamh 'n-a n-aice agus éadach geal
ortha, Agus dubhradar: A fheara Ghaililiacha, cad
ab áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe?
Íosa so atá tógtha suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar
an gcuma gcéadna, fé mar a chonacabhair ag dul suas
ar neamh é.



Ansan do thánadar thar n-ais go Ierúsalem ó'n
gcnuc ar a dtugtar Olibhet, cnoc atá i ngiorracht
siubhal lae sabbóide do Ierúsalem. Agus nuair a
thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uach-
tarach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus
Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolo-
maeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón
Sélotés agus Iúdás mac Shéamuis. Bhíodar san go léir
ag leanmhaint do thoil a chéile i n-úrnuighthe mar aon
leis na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus le
n-a bhráithribh.



Ins na laethibh sin d'eirigh Peadar ameasg na
mbráithre agus dubhairt sé, (agus bhí tímpall le céad
agus fiche duine cruinnighthe ann): A fheara, a bhráithre,
ní foláir cómhlíonadh an Scriptiúra do thargair an
Spioraid Naomh tré bhéal Dáibhid i dtaobh Iúdáis, an
fear a threóruigh an mhuinntir a ghaibh Íosa, an fear a
h-áirimheadh orainne agus go raibh páirt aige sa t-seirbhís


L. 291


seo. Do fuair an fear san talamh le tuarasdal
a dhroch-ghnímh, agus do crochadh é agus do sgoilt air
'n-a lár agus do thuit na h-inní go léir amach as. Agus
tháinig fios an nídh sin d'á bhfuil de dhaoine i n-Ierú-
salem, i dtreó gur tugadh ar an bpáirc sin, 'n-a dtean-
gain sin, "Haceldama," 'sé sin, páirc na fola. Agus
tá sgríobhtha i leabhar na Salm: "Deintear fásach
d'á n-áit cómhnuighthe, agus ná bíodh duine a dhéanfaidh
cómhnuighe ann," agus, "Tugtar a chathaoír easboig
do dhuine eile." Ní foláir d'á bhrígh sin, as na fear-
aibh seo atá i gcómhluadar linne i gcaitheamh na h-aim-
sire go léir 'na raibh an Tighearna Íosa isteach agus
amach i n-ár measg, Ag tusnú ó'n mbaiste a dhein
Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu
san do bheith i n'fhínné ar a aiseirighe i n-aonfheacht linne.



Ansan do shocaruighdar ar bheirt, ar Ióseph ar a
dtugtí Barsabas agus go mba shloinne dhó Iústus,
agus ar Mhaitias. Agus dheineadar úrnuighthe agus
dubhradar: Déinse, a Thighearna, ó's agat atá fios
croidhe gach duine, a thaisbeáint cia'cu de'n bheirt seo
is rogha leat, Chun go nglacfadh sé an t-inead seirbhíse
agus aspolachta so do chaill Iúdás, ionus go raghadh
sé i n' áit féin. Ansan do chuireadar ar chrannaibh
dóibh é, agus do thuit an crann ar Mhaitias agus do
h-áirimheadh é i dteannta an aoinne-déag Aspol.



CAIBIDIOL II.



An Spioraid Naomh dá ghlacadh ag na deisgiobulaibh. An
tseanmóin a thug Peadar uaidh do'n phobul. Cráibhtheacht na
ndaoine do ghlac an creideamh ar dtúis.



Agus nuair a críochnuigheadh laethanta na Cíngcíse
bhíodar go léir i n-aonfheacht i n-aon áit amháin, Agus
tháinig go h-obann fuaim ó neamh mar bheadh fuaim
gaoithe móire ag teacht agus do líon sé ar fad an tigh
'na rabhdar 'n-a suidhe. Agus do taisbeánadh dóibh
mar bheadh teangthacha teine agus iad deighilte, agus


L. 292


do shuidh sé ar gach duine acu, Agus do líonadh
iad go léir de'n Spioraid Naomh agus chromadar ar
labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an
Spioraid Naomh dóibh labhairt.



Agus bhí 'n-a gcómhnuidhe i n-Ierúsalem Iúdaíg,
daoine diadha as gach náisiún fé'n spéir. Agus nuair
a leath an sgéal san do chruinnigh na daoine agus bhí
mearathal aigne ortha, mar d'airigh gach duine acu a
theanga féin acu-san dá labhairt. Agus bhí uathbhás
ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus
deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir
atá ag cainnt? Agus conus a thárla gur airigh
gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh
é? Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus
lucht cómhnuighthe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapa-
dócia, Phontuis agus Ásia, Phrigia agus Pamphilia,
na h-Éigipte agus na gcríoch san Libia atá tímpall
ar Chiréné, agus daoine iasachta ó'n Róimh, Iúdaígh leis
agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d'airigh-
eamair iad ag labhairt i n-ár dteangthachaibh féin ar
oibreachaibh iongantacha Dé. Agus bhí uathbhás ortha go
léir agus iad ag déanamh iongna agus deiridís le n-a
chéile: Cad é seo mar obair? Agus bhí tuille acu ag
déanamh magaidh agus deiridís: Lán d'fhíon nua atáid
siad san.



Ansan d'eirigh Peadar 'n-a sheasamh, agus an t-aoinne
déag taoíbh leis, agus d'árduigh sé a ghlór agus do
labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir,
a lucht comhnuighthe Ierúsalem, bíodh 'fhios agaibh an
méid seo, agus glacaidh i nbhúr gcluasaibh mo chainnt!
Mar ní h-ar meisge atáid siad so, mar is dóigh libhse,
óir ní'l tagaithe ach an trímhadh tráth de'n lá. Ach sidé
an nídh a dubhradh ó bhéal an fháidh Ióél: "Agus tiocfaidh
ins na laethibh déanacha, adeir an Tighearna, doirtfead
as mo Spioraid ar gach feóil, agus déanfaid bhúr
gclann mhac agus bhúr gclann inghean targaireacht,
agus chídhfid bhúr bhfir óga aislingí, agus déanfar


L. 293


taibhrithe d'bhúr seanóiríbh. Agus doirtfead amach as
mo Spioraid, ins na laethibh sin, ar mo bhuachailíbh agus
ar mo chailíníbh, agus déanfaid siad targaireacht;
Agus taisbeánfad neithe iongantacha sa spéir thuas
agus ar an dtalamh thíos, fuil agus teine agus gal
deataigh. Iompófar an ghrian 'n-a doircheacht agus
an ghealach 'n-a fuil, roimh theacht do lá an Tighearna, an
lá mór, sofheicse. Agus iseadh bheidh, an uile dhuine
do ghlaodhfaidh ar ainim an Tighearna saorfar é." A
fheara Israéil, éistidh leis na bréithribh seo. Íosa
Nasareit, duine a shoillsigh Dia i nbhúr measg-sa leis
na cómhachtaibh, agus leis na h-iongnaíbh agus leis na
soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh
féin, Do tugadh an duine sin a' cómhairle chinnte agus
a' roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh
chun báis le lámhaibh na gcuirptheach. Ach do thóg Dia
é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, de bhrígh
nár bh'féidir go gcimeádfí eisean fé n-a chumas.
Óir deir Dáibhid 'n-a thaobh: Do chínn roim ré an
Tighearna am fhiadhnaise do ghnáth, óir tá sé ar mo
dheis, ionus ná corrófí me. Uime seo do ghlac mo
chroidhe áthas agus dhein mo theanga gáirdeachus, agus
'n-a theannta san gheobhaidh mo chuid feóla suaimhneas i
ndóchas. De bhrígh ná fágfair m'anam i n-ifreann agus
ná léigfir do t'Aon Naomtha truailiú a dh'fheisgint.
Thugais eólus dom ar bhóithribh na beatha agus lionfair me
lán d'áthas le d'ghnúis." A fheara, a bhráithre, ní misde


L. 294


labhairt go dána libh i dtaobh an phátriáirc Dáibhid, go
bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a uaigh i n-ár
measg go dtí an lá atá indiu ann. Fáidh ab eadh é
agus bhí 'fhios aige gur dhearbhuigh Dia dhó go suidhfeadh
aon de shíol a árann 'n-a chathaoir, Agus do chonnaic
sé roim ré aiseirighe Chríost agus do labhair sé air,
nár fágadh i n-ifreann é agus ná feacaidh a chuid feóla
truailiú. Do thóg Dia suas airís an t-Íosa so, agus
is fínnithe sinne go léir air sin. Do tógadh suas é,
d'á bhrígh sin, ar deasláimh Dé agus do réir mar a
fuair sé ó'n Athair an gheallamhaint i dtaobh an Spioraid
Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chíonn sibhse é agus
airígheann sibh é. Óir níor chuaidh Dáibhid suas ar
neamh; ach deir sé féin: "Dubhairt an Tighearna le
m'Thighearna: Suidh ar mo dheis, Go gcuiread do
namhaid mar thaca fé d'chosaibh." Bíodh a fhios dá bhrígh
sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so
a dheineabhairse a thárnáil ar chrois, gur dhein Dia
Tighearna dhe agus Críost.



Nuair airigheadar an méid sin tháinig aithreachas ortha
agus dubhradar le Peadar agus leis na h-aspoil eile:
A fheara, a bhráithre, cad tá le déanamh againn? Agus
dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe,
agus glacadh gach duine agaibh baiste i n-ainim Íosa
Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus
ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh.
Óir is daoibhse agus d'bhúr sliocht an gheallamhaint,
agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go
nglaodhfaidh ár d-Tighearna Dia. Agus le mórán eile
focal bhí sé ag deimhniú' dhóibh agus ag tathant ortha,
agus deireadh sé: Cimeádaidh sibh féin saor ó'n sliocht
aimhleasta so. Ansan, an mhuinntir a ghlac a chómhrádh
do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall
trí mhíle duine.



Agus bhíodar seasamhach do theagasg na n-Aspol, agus
i gcumann an aráin do bhrise, agus ins na h-úrnuighthe.
Agus do cuireadh eagla ar an uile dhuine; agus do


L. 295


deineadh mórán eile mírbhúiltí agus soluídí tré sna
h-Aspoil i n-Ierúsalem, agus bhí eagla mór ar na
daoine go léir. Agus gach ar chreid bhíodar i bhfochair
a chéile agus gach nídh coitchian acu. Do dhíolaidís amach
a sealbhas agus a maoin agus do rainnidís é ar an
mbuidhin go léir fé mar a bhíodh gádh ag aoinne leis.
Agus d'fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach lá,
agus ag brise aráin ó thigh go tigh, do chaithidís a gcuid
bídh i n-áthas agus i n-aoine croidhe, Agus iad ag
moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus
bhí an Tighearna, i n-aghaidh an lae, ag méadú na buidhne
a bhí le sábháil.



CAIBIDIOL III.



An mhírbhúilt a deineadh ar an bhfear a bhí bacach, tré n-ar
h-iompuígheadh a lán.



Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul
chun úrnuighthe an naomhadh tráth. Agus bhí duine áirithe
a bhí 'n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas
'ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil,
ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go
n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach
sa teampul. Chonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad
chun dul isteach agus d'iarr sé ortha déirc a thabhairt
dó. D'fhéach Peadar air, ámhthach, mar aon le h-Eóin,
agus dubhairt sé leis: Féach orainn. D'fhéach seisean
ortha ag súil go bhfaghadh se rud éigin uatha. Dubhairt
Peadar: Ní'l airgead agam ná ór, ach an nídh atá
agam bheirim duit é. I n-ainim Íosa Críost Nasareit
eirigh agus siubhluigh; Agus do rug sé ar láimh dheis air
agus thóg sé suas é, agus do chruadar a throighthe agus
a bhuinn láithreach. Agus bhí sé ag léimrig agus ag
seasamh agus ag siubhal, agus chuaidh sé i n-aonfheacht
leó isteach sa teampul agus é ag siubhal agus ag
léimrig agus ag moladh Dé. Agus chonnaic na daoine
go léir é ag siubhal agus ag moladh Dé. Agus d'aith-


L. 296


níghdar é, gur bh'é an fear é a bhíodh 'n-a shuidhe ag geata
áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus bhíodar
lán d'iongna agus d'alltacht i dtaobh ar thárla dhó.
Agus bhí greim aige 'á chimeád ar Pheadar agus ar
Eóin, agus chonnaic na daoine é agus bhailighdar tímpall
ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse
Shalomóin, agus uathbhás ortha.



Agus do chonnaic Peadar iad agus d'fhreagair sé
an pobul: A fheara Israéil, cad ab aíl libh ag déanamh
iongna dhe seo, ná ag féachaint orainne chómh maith
agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcómhacht
féin a chuirfimís an duine seo ag siubhal? Dia
Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár
sínsear, a thug glóire d'á Mhac Íosa, an té a dheinea-
bhairse a bhrath agus do shéanadh i láthair Phíláit, agus
eisean ag tabhairt saorbhreithe air. Do shéanabhair
an t-Aon Naomhtha fíoraonta agus d'iarrabhair an
marbhthóir á thabhairt daoibh, Agus chuireabhair chun
báis úghdar na beatha; ach do thóg Dia ó sna mairbh é,
agus is fínnithe sinne ar an nídh sin. Agus de bharr
creidimh i n'ainim sin, an duine seo a chíonn sibh agus
d'aithnígheann sibh, do neartuigh a ainim é, agus thug an
creideamh a thagann uaidh an slánú críochnuighthe sin atá
os cómhair bhúr súl go léir.



Ach anois, a bhráithre, tá 'fhios agam gur tré aineólus
a dheineabhair é, ar nós bhúr n-uachtarán. Agus do
chómhlíon Dia an nídh a thargair sé tré bhéalaibh na
bhfáidh go léir, go ndéanfadh a Chríost fulang. Déinidh
aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí
amach bhúr bpeacaí, i dtreó, nuair a thiocfaidh na
tráthana faoisimh a' láthair an Tighearna, go gcuirfidh
sé uaidh an t-é sin a craobhsgaoileadh daoibh, Íosa
Críost, An t-é 'nar dual na flathais 'ghá ghlacadh go
dtí teacht na dtráth 'na gcurfar gach nídh 'n-a riocht
féin airís, mar a labhair Dia tré bhéal a fháidh naomhtha
ó thusach an tsaoghail. Óir dubhairt Maois: Tógfaidh
an Tighearna, bhúr nDia, fáidh chúghaibh, duine d'bhúr
mbráithribh féin mar mise, éistfidh sibh leis ins gach nídh,


L. 297


pé rud a labharfaidh sé libh. Agus beidh so, gach aon
duine ná h-éistfidh leis an bhfáidh sin ídeofar as an
bpobul é. Agus na fáidhe go léir a labhair, ó Shamuél
anuas, do thargaireadar na laethanta san. Is sibhse
clann na bhfáidh agus clann na connartha a dhein Dia
le n-ár n-aithreachaibh nuair a dubhairt sé le h-Ábra-
ham: "Agus ad shíolsa iseadh do beannófar clanna
an domhan go léir." Chúghaibhse ar dtúis, chun sibh a
bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é,
ionus go n-iompóchadh gach duine é féin ó n-a dhroch-
bheartaibh.



CAIBIDIOL IV.



Gabháil Pheadair agus Eóin. A seasamhacht. An Eaglais dá
méadú.



Agus an fhaid a bhíodar ag cainnt leis na daoine
tháinig na sagairt agus oificeach an teampuil agus
na Sadduicínigh, Agus doilghíos ortha toisg iad
a bheith ag teagasg an phobuil agus ag craobhsgaoile
na h-aiseiríghe ó sna mairbh i n-Íosa. Agus chuireadar
a lámha ortha agus chuireadar i bpríosún iad go maidin
lár n-a mháireach, óir bhí sé n-a thráthnóna an uair sin.
Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis
an gcainnt agus b'é uimhir na bhfear ná chúig mhíle.



Agus do thárla ar maidin lár n-a mháireach gur
chruinnigh a n-uachtaráin agus a seanóirí agus a sgríbh-
neóirí i n-Ierúsalem, Agus Annas an t-árdshagart,
agus Caiphas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gach
ar bhain le treibh na sagart. Agus chuireadar iad-san i
láthair agus cheistighdar iad: Cad í an chómhacht nú an
ainim le n-ar dheineabhairse an nídh seo? Ansan do líonadh
Peadar leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo:
A uachtarána an phobuil agus a sheanóirí, éistidh liom:
Ó táimídne indiu d'ár gceistiú i dtaobh na maitheasa
a deineadh do'n mhairtíneach so, conus do leighseadh é,
Bíodh 'fhios agaibh go léir, agus ag pobuil Israéil go


L. 298


léir, gur i n-ainim ár dTighearna Íosa Críost ó
Nasaret, an t-é a chuireabhairse chun báis, agus a thóg
Dia ó sna mairbh, gur i n'ainim sin atá an duine sin
'n-a sheasamh os bhúr gcómhair 'n-a shláinte. Is í
seo an chloch úd a fuair diúltadh uaibhse, sa tsaoir-
seacht, agus gur deineadh cloch chínn chúinne dhi, Agus
ní'l slánú i n-aoinne eile. Óir níor tugadh do dhaoine
ainim eile fá neamh le 'na gcaithfar sinn a shábháil.



Ansan, nuair a chonnacadar Peadar agus Eóin agus
iad chómh seasamhach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine
iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna
ortha; agus d'aithníghdar iad, go mbídís i bhfochair
Íosa; Agus nuair a chonnacadar, na sheasamh 'n-a
n-aice an fear a leighseadh, ní raibh focal le rádh acu
'n-a gcoinnibh. Dubhradar leó dul amach, lasmuigh
de'n chómhairle, agus dheineadar cainnt eatartha féin,
Agus dubhradar: Cad a dhéanfam leis na daoine seo?
Tá mírbhúilt shoiléir déanta tríotha, agus a fhios agá
bhfuil de dhaoine i n-Ierúsalem, agus ní féidir dúinn
é shéanadh. Ach i dtreó ná leathfadh sé níos mó ameasg
na ndaoine bagraimís pionós ortha má labhraid siad
a thuille le h-aon duine ar an ainim sin. Do ghlaodhadar
chúcha iad agus thugadar foláramh dóibh gan cainnt 'ná
teagasg a dhéanamh i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan
do fhreagair Peadar agus Eóin agus dubhradar:
Breithnighidh féin cia'cu is ceart i láthair Dé, rud a
dhéanamh oraibhse 'nú rud a dhéanamh ar Dhia: Óir ní
féidir dúinn gan an nídh a chonnacamair agus a chloisea-
mair a dh'innsint. Ach do bhagradar-san pionós ortha
agus chuireadar chun siubhail iad, óir ní raibh fhios acu
conus a dhéanfaidís díoltas ortha, mar gheall ar na
daoine, mar bhí na daoine go léir ag moladh an ruda
a thárla, sa méid a deineadh. Mar, an duine gur
deineadh an mhírbhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn
dachad blian.



Agus nuair a cuireadh chun siubhail iad thánadar chun a
ndaoine féin agus d'innseadar dóibh gach a ndubhairt
uachtaráin na sagart agus na seanóirí leó. Agus nuair


L. 299


a chloiseadar-san d'árduighdar a nguth chun Dé agus du-
bhradar: A Thighearna, is tu a dhein neamh agus talamh agus
muir agus gach nídh d'á bhfuil ionta, Is tu a dubhairt,
sa Spioraid Naomh, tré bhéal ár n-athar do sheirbhí-
ísigh Dáibhid: "Cad fá an fhearg mhór ar na geintibh
agus na pobuil ag beartú neithe baoithe? Ríghthe an
domhain ag cur cos i dtalamh agus na priúnsaí ag
teacht i gceann a chéile i n-aghaidh an Tighearna agus i
n-aghaidh a Chríost?" Óir do tháinig i gceann a chéile,
go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa
ar ar chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus
na geinte agus pobul Israéil, Agus dheineadar an
nídh a cinneadh ó d'láimh agus ó d'chómhairle féin a
dhéanamh. Agus anois, a Thighearna, féach ar an mbag-
airt seo acu 'á dhéanamh, agus tabhair do d'sheirbhísigh
do bhriathar a labhairt go seasamhach, le d'láimh a shíne
amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí
tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.



Agus nuair a bhí an ghuídhe déanta acu do chrith an áit
'na rabhdar cruinnighthe agus do líonadh leis an Spior-
aid Naomh iad go léir agus do labhradar briathar Dé
le seasamhacht aigne.



Agus bhí ag an sluagh a chreid, aon chroidhe amháin
agus aon aigne amháin, agus ní deireadh aoinne go
mba leis féin aon nídh a bhíodh 'n-a sheilbh ach bhí gach nídh
cómhchoitchian acu. Agus dhein na h-Aspoil fiadh-
naise ar aiseiríghe Chríost, ár dTighearna, le cómhacht
mhór, agus bhí grásta mór ortha go léir, Agus ní
raibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir
'n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíolaidís iad agus
thugaidís isteach an méid a gheibhdís ortha, Agus chuiri-
dís ag cosaibh na n-Aspol é. Agus ansan do rainntí
é fé mar a bhíodh gádh ag gach duine leis.



Agus Ióseph, an t-é ar a dtugadh na h-Aspuil
Barnabas, (focal a míníghthar i gcéill Mac Sóláis,)
Lebhíteach a rugadh i gCuprus, Bhí talamh aige agus
dhíol sé an talamh agus thug sé leis an luach agus chuir
sé ag cosaibh na n-Aspol é.


L. 300


CAIBIDIOL V.



Breith Dé ar Ananías agus ar Shaphíra. Na h-Aspoil dá
gcur i bpríosún.



Ach do dhíol fear dár bh'ainim Ananías agus a bhean,
Saphíra, feirm thailimh, Agus, go fiosach d'á mhnaoí,
do cheil sé cuid d'fhiachaibh an tailimh agus chuir sé cuid
de'n airgead ag cosaibh na n-Aspol. Dubhairt Peadar,
ámhthach: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do
chroidhe chun bréige a dh'innsint do'n Spioraid Naomh
agus cuid d'fiachaibh an tailimh a cheilt? Nár leat
féin é an fhaid a bhí sé agat? agus nuair a dhíolais é
ná raibh sé ar do chumas féin? Cad chuige dhuit an
nídh seo do cheapadh ad chroidhe? Ní do dhaoinibh atá
bréag innste agat ach do Dhia. Nuair airigh Ananías
na focail sin do thuit sé agus fuair sé bás. Agus
tháinig eagla mór ar a raibh ag éisteacht leis an nídh
sin. Agus d'eírigh na fir óga agus thógadar é agus
do rugadar amach é agus do chuireadar é.



Agus do thárla, i gceann tímpall trí h-uaire 'chloig,
go dtáinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad
a bhí tuitithe amach. Agus dubhairt Peadar léi: Innis
dom, a bhean, an ar a leithéid seo dh'fhiacha do dhíolabhair
an fheirm? Agus dubhairt sisi: Is air. Dubhairt
Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dheineabhair fromhadh
ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus
cosa na ndaoine atá tar éis t'fhir a chur, agus béarfaid
siad tusa amach. Agus do thuit sí láithreach agá
chosaibh agus fuair sí bás. Agus tháinig na fir óga
isteach agus fuaradar go raibh sí marbh agus do rugadar
amach í agus do chuireadar í, i n-aice a fir. Agus
tháinig eagla mór ar an eaglais go léir agus ar gach
aoinne a dh'airigh na neithe sin.



Agus bhí mírbhúiltí agus iongnaí móra d'á ndéanamh
ameasg na ndaoine tré lámhaibh na n-Aspol. Agus
bhídís go léir, do thoil a chéile, i bpóirse Shalomóin.
Agus níor leómhaidh aoinne de'n chuid eile dul i bpáirt


L. 301


leó, ach do thug an pobul onóir dóibh. Agus bhí na
daoine a chreid sa Tighearna, fir agus mná, ag dul
i n-iomadamhlacht go mór, I dtreó gur amach ar na
sráidibh, ar thochtaibh agus as shúsaíbh, a curtí na daoine
breóite, ionus, nuair a bheadh Peadar ag teacht, dá
mba ná déanfadh ach a sgáil tuitim ar dhuine acu go
léighisfí ó n-a mbreóiteacht iad. Agus bhíodh slóighte
ag teacht go Ierúsalem as na cathrachaibh sa chómhar-
sanacht agus daoine breóite acu 'á thabhairt leó, agus
daoine a bhíodh dá gcrádh ag deamhnaibh, agus do leighistí
iad go léir.



Ansan, d'eirigh an t-árdshagart agus gach a raibh i
n'fhochair (b'iad san aicme na Sadducíneach), agus
iad lán de thnúth, Agus chuireadar a lámha ar na
h-Aspoil agus chuireadar sa phríosún puibilídhe iad.
Ach d'osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin
sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt
sé: Imthighidh, agus seasaighidh, agus labhraidh sa teampul,
leis na daoine, bréithre uile na beatha so. Agus
nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul
go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg.



Agus ansan tháinig an t-árdshagart agus na daoine
a bhí i n'fhochair agus chruinníghdar cómhairle, agus
seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuireadar
fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad.
Agus tháinig na teachtairí agus d'osgladar an charcair
agus ní bhfuaradar ann iad, agus thánadar thar n-ais
agus d'innseadar san, Agus dubhradar: Fuaramair
an charcair dúnta go cruinn agus an lucht coimeádta
'n-a seasamh ag na dóirsibh, ach nuair a dh'osgalamair
an charcair ní bhfuaramair aoinne istigh. Nuair airigh
oificeach an teampuil agus uachtaráin na sagart an
chainnt sin bhí iongna ortha cad a bhí imighthe ar na príosún-
aigh. Le n-a linn sin tháinig duine agus dubhairt sé
leó: Féach, na fir úd a chuireabhair sa charcair táid
siad n-a seasamh sa teampul ag teagasg na ndaoine.
Ansan d'imthigh an t-oificeach agus na fir a bhí aige
agus thug sé leis iad gan éigean, óir bhí eagla na


L. 302


ndaoine ortha, go ngeobhthí do chlochaibh ionta. Agus
nuair a thugadar leó iad chuireadar 'n-a seasamh
i láthair na cómhairle iad agus do cheistigh uachtarán
na sagart iad, Agus dubhairt sé: D'órduighmair
daoibh le h-órdú daingean gan teagasg a dhéanamh
sa n-ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh
le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine
i sin do tharac anuas orainne. Agus d'fhreagair Peadar
agus na h-Aspoil agus dubhradar: Is cirte rud a
dhéanamh ar Dhia 'ná ar dhaoinibh. Do thóg Dia ár sinn-
sear ós na mairbh Íosa, an t-é a chuireabhairse chun báis,
ghá chrochadh ar an gcrann. Do thóg Dia suas le n-a
láimh dheis é 'n-a Phriúnsa agus 'n-a Shlánuightheoir chun
go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí
d'Israél. Agus is fínnithe sinne ar na focalaibh sin,
agus an Spioraid Naomh, a thug Dia do sna daoine
atá úmhal dó.



Nuair airighdar san an chainnt sin bhíodar sgólta,
agus mheasadar iad a chur chun báis. Ach d'eirigh, sa
chómhairle, duine de sna Fairisínigh dár bh'ainim
Gamaliél, dochtúir dlíghe a bhí creideamhnach ameasg
na ndaoine go léir, agus d'órduigh sé na fir do chur
amach thar dorus ar feadh tamail bhig, Agus dubhairt
sé leó-san: A fheara Israéil, tugaidh aire dhaoibh féin
i dtaobh na ndaoine sin agus cad a dhéanfaidh sibh leó.
D'eirigh, sa n-aimsir a chuaidh thorainn, Teodas, agus
dubhairt sé gur dhuine mór é féin, agus d'aontuigh
tímpal cúig chéad duine leis. Ach do marbhuigheadh é,
agus an mhuinntir a chreid ann do sgaipeadh iad agus
chuadar ar neamhnídh. I ndiaidh an fhir sin d'eirigh
Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig
sé na daoine 'n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis,
agus do sgaipeadh a chuallacht go léir. Deirim libh
anois, d'á bhrígh sin, éirighidh de sna daoine seo agus
sgaoilidh leó, óir, má's ó dhaoine an íntinn seo agus
an gnó so, raghaidh sé ar neamhnídh, Ach má's ó Dhia é
ní féidir daoibh é chur ar neamhnídh, agus ba bhaoghal go
mbeadh sibh ag iomaidh le Dia féin. Dheineadar rud
air.



Ansan do ghlaodhadar isteach na h-Aspoil agus do


L. 303


sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt
i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan do chuireadar
chun siubhail iad. Ach d'imthighdar san a' radharc na
cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur
bh' fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar
gheall ar ainim Íosa. Agus níor stadadar i gcaitheamh
an lae go léir ach ag teagasg na ndaoine agus ag
craobhsgaoile Íosa Críost, sa teampul agus ó thigh
go tigh.



CAIBIDIOL VI.



An mórsheisear deochon dá n-oirdniú. Díoghras Stiopháin.



Agus ins na laethibh sin, nuair a bhí uimhir na ndeis-
giobul ag dul i méid, d'eirigh ceisniomh do sna Gréag-
aigh i n-aghaidh na n-Eabhrach, 'ghá rádh go dtugtí faillighe
'n-a mbaintreachaibh féin sa bhfrithálamh laethamhail.
Ansan do ghlaoidh an dáréag na deisgiobuil go léir
i gceann a chéile agus dubhradar: Ní cuíbhe dhúinne
briathar Dé d'fhágaint agus frithálamh bórd a dhéanamh.
Cuardaighidh, d'á bhrígh sin, a bhráithre, ar bhúr measg
féin, mórsheisear d'fhearaibh creideamhnacha, agus iad
lán de'n Spioraid Naomh agus d'eagna, go gcuiream i
mbun na h-oibre seo iad. Agus beimíd féin coitchianta
ag déanamh úrnuighthe agus ag frithálamh an bhréithir.
Agus do thaithn an chainnt leis an bpobul go léir. Agus
do thoghadar Stiophán, fear a bhí lán de chreideamh agus
de'n Spioraid Naomh; agus Pilib, agus Prochor, agus
Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás,
fear a tháinig chúcha ó Antioch. Thugadar na fir sin
i láthair na n-Aspol, agus dhein na h-Aspoil úrnuighthe
dhóibh agus chuireadar a lámha ortha.



Agus bhí briathar an Tighearna ag fás agus uimhir na
ndeisgiobul ag dul i líonmhaire go mór i n-Ierúsalem,
agus bhí cuallacht mhór de sna sagairt féin tar éis
géille do'n chreideamh.


L. 304


Agus bhí Stiophán lán de ghrásta agus de neart
agus é ag déanamh mírbhúiltí agus soluídí móra
ameasg na ndaoine. Ansan d'eirigh daoine áirithe
as an sinagóig ar a dtugtar sinagóg na Libertíneach
agus na gCurénéach agus na n-Alecsandríneach agus
na ndaoine a tháinig ó Chilicia agus ó Ásia, agus bhíodar
ag aragóint le Stiophán. Agus ní rabhdar ábalta
ar sheasamh i n-aghaidh na h-eagna agus i n-aghaidh na
spioraide le n-a labhradh sé. Ansan chuireadar suas
daoine áirithe chun teacht agus a rádh gur airíghdar
féin focail mhasluightheacha uaidh i n-aghaidh Mhaoise
agus i n-aghaidh Dé. Do ghríosadar ar an gcuma san
an pobul agus na seanóirí agus na sgríbhneóirí agus
do ritheadar i gceann a chéile agus do rugadar air
agus do thugadar i láthair na cómhairle é. Agus
chuireadar suas fínnithe bréagacha chun a rádh: Ní
stadann an duine sin ach ag labhairt cainnteana mas-
luightheacha i n-aghaidh na h-áite naomhtha agus i n-agaidh
na dlíghe. Óir d'airighmair é 'ghá rádh so: Déanfaidh
Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuir-
fidh sé atharú ar na nósa a thug Maois dúinn. Agus
bí lucht na cómhairle ag féachaint go dlúth air agus
chonnacadar go raibh a ghnúis mar a bheadh gnúis aingil.



CAIBIDIOL VII.



Cainnt Stiopháin os cómhair na cómhairle; a mhartra.



Ansan dubhairt uachtarán na sagart: An bhfuil so
amhlaidh? Dubhairt seisean: A fheara, a bhráithre agus
a aithreacha, éistidh liom! Do thaisbeáin Dia na glóire
é féin d'ár n-athair Ábraham nuair a bhí sé i Meso-
potámia sar ar chómhnuigh sé i gCaran, Agus dubhairt
sé leis: "Imthigh as do thír agus ó d'ghaoltaibh agus
tar isteach sa tír a thaisbeánfad duit." Ansan d'fhág
sé tír na gCaldaéach agus chómhnuigh sé i gCaran. Agus
nuair a fuair a athair bás d'aistirigh sé é chun na tíre
seo 'na bhfuiltí-se anois i nbhur gcómhnuighe. Agus níor


L. 305


thug sé seilbh oighreachta dhó ann, oiread agus ciscéim
troíghe, ach do gheall sé go dtabharfadh sé seilbh na
h-áite dhó féin agus d'á shliocht 'n-a dhiaidh, agus gan
mac aige. Ach dubhairt Dia leis: Go mbeadh a
shliocht 'n-a gcómhnuighe i ndúthaigh iasachta agus go
gcurfí fé dhaor-smacht iad agus go dtabharfí droch-
úsáid dóibh ar feadh cheithre chéad blian. Agus an
náisiún agá mbeid siad fé dhaoirse, tabharfadsa breith
ortha, adubhairt an Tighearna, agus 'n-a dhiaidh san
tiocfaid siad amach agus beid siad ag déanamh seirbhíse
dhómhsa sa n-áit seo. Agus thug sé dhó connradh an
tímpallghearradh, agus mar sin do ghein sé Isaac agus
do dhein sé an tímpallghearradh air an t-ochtmhadh
lá, agus Isáac Iácób, agus Iácób an dáréag
pátriárc.



Agus tháinig formad ag na pátriárcaibh do Ióseph
agus dhíoladar é isteach sa n-Éigipt. Agus bhí Dia
leis, Agus d'fhuasgail sé é as gach guais d'á dtáinig
air, agus thug sé fábhar agus eagna dhó i súilibh faraó
rí na h-Éigipte, agus do dhein sé uachtarán dé ar an
Éigipt agus ar a theaghlach féin go léir. Ansan do
tháinig an gorta ar an Éigipt ar fad agus ar Chanaan,
agus cruadhtan mór, agus ní raibh bia le fághail ag
ár n-aithreachaibh. Agus nuair a dh'airigh Iácób arbhar
a bheith le fághail sa n-Éigipt chuir sé ár n-aithreacha
ann ar dtúis. Agus an tarna turus d'aithin a
dhritháracha Ióseph agus do nochtadh a chine do Faraó.
Ansan do chuir Ióseph fios ar Iácób, a athair, agus ar
a ghaoltaibh go léir, chúig dhuine dhéag a's trí fichid.
Agus chuaidh Iácób síos sa n-Éigipt, agus fuair
sé bás, é féin agus ár n-aithreacha. Agus do tugadh
go Sichem iad agus do cuireadh iad sa n-uaigh a
cheannaigh Ábraham ar airgead ó mhacaibh Hemór, mac
Shichem.



Ach nuair a bhí ag teacht am na geallamhna a gheall


L. 306


Dia d'Ábraham bhí an t-sliocht tar éis dul i líonmhaire
sa n-Éigipt, Go dtí gur éirigh rí eile sa n-Éigipt
ná raibh aithne aige ar Ióseph. Dhein sé sin feall ar ár
gcine agus chuir sé cruadhtan ar ár n-aithreachaibh, go
gcaithidís a gclann óg do chur uatha amach i dtreó ná
mairfidís. Sa n-am san iseadh do rugadh Maois,
agus dob ionmhuin le Dia é, agus do h-oileadh ar
feadh trí mhí é i dtigh a athar. Ansan do cuireadh amach
é, agus do thóg inghean Faraó é agus dhein sí é dh'oileamh-
aint 'n-a mhac aici féin. Agus do múineadh do Mhaois
gach saghas eagna d'á raibh ag muinntir na h-Éigipte
agus bhí sé cómhachtach n-a bhréithribh agus 'n-a ghníomh-
arthaibh. Nuair a bhí sé dachad blian d'aois tháinig
machtnamh i n' aigne dhó go raghadh sé ag féachaint a
bhráithre, clann Israéil. Agus chonnaic sé éagcóir 'á
dhéanamh ar dhuine acu agus do chosain sé é, agus dhein
sé díoltas ar son an t-é gur deineadh an éagcóir air,
mar do bhuail sé an t-Éigipteach. Agus do mheas sé
go dtuigfeadh a bhráithre go dtabharfadh Dia tré n-a
láimh féin, fuasgailt dóibh, ach níor thuigeadar. Lár
n-a mháireach a bhí chúghainn tháinig sé ortha agus iad ag
troid, agus dhein sé caradas agus síothcháin eatartha,
agus dubhairt sé: A fheara, is bráithre sibh; cad chuige
dhaoibh a chéile ghortú? Ach an fear a bhí ag déanamh
na h-éagcóra ar a chómharsain do dhiúltuigh sé dhó agus
dubhairt sé: Cé cheap tusa ad' phriúnsa agus ad'
bhreitheamh os ár gcionn? An me mharbhú a cheapann tú mar
a mharbhuighis an t-Éigipteach indé? Nuair airigh Maois
an focal san do theith sé agus bhí sé 'n-a dheóruidhe i
dtír Mhadian, agus bhí beirt mhac aige sa tír sin.



Agus tar éis dachad blian do thaisbeáin aingeal é
féin dó i bhfásach cnuic Sína, i lasair theine, i dtor.
Agus nuair a chonnaic Maois an nídh sin do tháinig
iongna air, agus bhí sé ag teacht i n'aice, 'ghá bhreithniú
agus do labhair guth an Tighearna leis, agus dubhairt:
Is mise Dia t'atharach Dia Ábrahaim, agus Dia
Isáac agus Dia Iácóib. Agus tháinig critheagla ar
Mhaois agus níor leór aigh sé féachaint air. Agus


L. 307


dubhairt an Tighearna leis: Bain do bhróga de t' chosaibh
mar is talamh naomhtha an áit 'na bhfuilir ad sheasamh.
Ag féachaint dom is léir dom an cruadhtan 'na bhfuil
mo phobul atá sa n-Éigipt, agus do chloiseas a
ngéarghol agus thánag anuas chun iad a dh'fhuasgailt.
Agus tarsa anois go gcuiread sa n-Éigipt thu.



An Maois sin d'ár diúltuígheadh nuair a dubhradh
leis: Cé cheap thusa ad phriúnsa agus ad bhreitheamh?
do chuir Dia uaidh é 'n-a phriúnsa agus i n'fhuasgaltóir,
tré láimh an aingil a taisbeánadh dó sa tor. Thug
sé sin leis amach iad, agus é ag déanamh mírbhúiltí
agus soluídí i dtír na h-Éigipte agus sa Mhuir Ruaidh
agus sa bhfásach ar feadh dachad blian. Isé an Maois
sin adubhairt le clainn Israéil: Tógfaidh Dia chúghaibh
fáidh d'bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin.
Sidé a bhí sa n-eaglais sa n-uaigneas i bhfochair an
aingil, do labhair leis ar chnuc Sína agus le n-ár
n-aithreachaibh; do ghlac bréithre na beatha le tabhairt
dúinn. Agus ní dhéanfadh ár n-aithreacha rud air,
ach do dhiúltuighdar dó agus d'iompuighdar a gcroidhe
ar an Éigipt, Agus dúbhradar le h-Aaron: Dein
dúinn déithe a bheidh ag gluaiseacht rómhainn; óir an
Maois seo a thug amach a h-Éigipt sinn ní fhead-
ramair cad 'tá imighthe air. Agus dheineadar gamh-
ain ins na laethibh sin, agus dheineadar ídhbirt chun
an íomháigh, agus dheineadar gáirdeachas a h-obair a
lámh féin. Agus d'iompuigh Dia agus do leig sé dhóibh
bheith ag déanamh seirbhíse do shluagh neimhe, mar atá
sgríobhtha i leabhar na bhfáidh: Ar dheineabhair ofráil
agus ídhbirt dómhsa sa bhfásach i gcaitheamh dachad blian
a theaghlach Israéil? Agus do ghlacabhair tabernacul
Mholoch agus réalt bhúr ndé Rempham, íomhághtha a
dheineabhair le nbhúr lámhaibh féin chun iad d'adhradh.
Agus aistireóchad sibh thar Bhabilóin.



Bhí tabernacul na fiadhnaise ag ár n-aithreachaibh sa
bhfásach, fé mar a cheap Dia dhóibh nuair a labhair sé
le Maois, go ndéanfadh sé é do réir an mhacsamhla a
chonnaic sé. Agus do thóg ár n-aithreacha, agus Iésus


L. 308


é agus thugadar leó é isteach sa tír a bhí ag na geinte,
agus dhíbir Dia iad san ó aghaidh ár n-aithreach, go dtí
laethe Dháibhid, Agus fuair sé sin fábhar i láthair
Dé, agus d'iarr sé go bhfaghadh sé tabernacul do
Dhia Iácóib. Ach is é Salomón a chuir suas tigh dó.
Ach ní h-i ndéantús lámh a chómhnuigheann an dúileamh,
mar adeir an fáidh: Is é neamh mo chathaoír ríoghdha,
agus an talamh taca mo chos. Cad é an tigh a dhéanfaidh
sibh dom, adeir an Tighearna, nú cá bhfuil áit mo
shuaimhnis? Nách iad mo lámha féin a dhein iad go léir?



A lucht na muinéal stuacach agus na g-croidhthe
agus na gcluas gan tímpallghearradh, táthaoí coit-
chianta ag cur i n-aghaidh an Spioraid Naoimh: Mar a bhí
bhúr n-aithreacha, sin mar atáthaoí-se. Cia'cu de sna
fáidhibh nár dhein bhúr n-aithreacha géarleanmhaint air?
Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh
teacht an Fhíor-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do
bhrath agus do chur chun báis. Do ghlacabhair an dlígh
ó fhrithálamh na n-aingeal agus níor choiméadabhair an
dlígh.



Nuair airíghdar an chainnt sin do gheárr sí an croidhe
acu agus bhíodar ag díosgán a bhfiacal chuige. Ach bhí
sé lán de'n Spioraid Naomh agus d'fhéach sé suas ins
na flathais agus chonnaic sé glóire Dé agus Íosa 'n-a
sheasamh ar dheasláimh Dé, agus dubhairt sé: féach chím
na flathais ar osgailt agus Mac an Duine 'n-a sheasamh
ar deasláimh Dé. Ansan do chuireadar liú árd asta
agus do chuireadar a lámha ar a gcluasaibh agus do
rithadar i n-aonfheacht chuige, Agus do chomáineadar
amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh
ann, agus chuir na fínnithe a mbrait ag cosaibh fir óig


L. 309


ar a dtugtí Saul. Agus ghabhdar do sna clochaibh i
Stiophán agus é ag glaodhach ar Dhia, agus: A Thighearna
Íosa, glac chughat m'anam! adeireadh sé. Ansan do
leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth
árd: A thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine
seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do
thuit a chodla air sa Tighearna.



Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis.



CAIBIDIOL VIII.



Na Samaritánaigh dá n-iompódh ag Pilib chun an chreidimh agus
an coillteánach dá bhaisteadh aige.



Ansan do deineadh, ins na laethibh sin íde ana-dhian
ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na
daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach
amháin na h-Aspoil. Agus thug daoine diadha aire
do Stiophán agus chaoineadar é go mór. Ach bhí léir-
sgrios ag Saul 'á dhéanamh ar an eaglais, é ag dul
isteach ins na tighthibh agus fir agus mná aige 'á tharrac
amach agus é 'ghá gcur i mbraighdineas.



Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluaiseadar rómpa
ag craobhsgaoile bréithre Dé. Agus chuaidh Pilib síos
go cathair Samaría agus bhí sé ag craobhsgaoile Chríost
dóibh sin. Agus thug na daoine aire do chainnt Philib
agus d'éisteadar leis do thoil a chéile, mar chonnacadar
na mírbhúiltí a bhí aige 'á dhéanamh. Mar bhí a lán acu
'na raibh spioraidí truaillighthe ionta agus go n-im-
thighdís asta ag éigheamh go h-árd. Agus a lán a bhí
míllte agus a bhí bacach do leighiseadh iad.



D'á bhrígh sin bhí áthas mór sa chathair sin. Ach bhí fear
áirithe d'ár bh' ainim Símón agus bhí sé 'n-a dhraoi sa
chathair roimhe sin agus é ag mealladh muinntire Shamaría,
'ghá rádh gur dhuine mór éigin é, Agus thugadh na daoine
go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís:
Cómhacht Dé é seo, an chómhacht ar a dtugtar mór-


L. 310


chómhacht. Agus d'éistidís leis, mar bhíodar meallta
le n-a chuid draoidheachta aige ar feadh abhfad. Ach
nuair a chreideadar Pilib agus é ag craobhsgaoile
i dtaobh rígheachta Dé, do baisteadh iad, idir fhearaibh
agus mná, i n-ainim Íosa Críost. Ansan do chreid
Símón féin agus do baisteadh é, agus d'fhan sé i
bhfochair Philib. Agus nuair a chíodh sé na mírbhúiltí
d'á ndéanamh, agus na cómhachta thar na beartaibh, bhíodh
iongna agus alltacht air.



Ansan d'airigh na h-Aspoil a bhí i n-Ierúsalem go
raibh Samaría tar éis bréithir Dé do ghlacadh agus
chuireadar Peadar agus Eóin ag triall ortha. Agus
nuair a thánadar dheineadar guidhe ar a son, go nglac-
faidís an Spioraid Naomh. Óir ní raibh tagaithe aige
fós i n-aoinne acu; ní rabhdar ach baistithe i n-ainim
an Tighearna Íosa. Ansan do chuireadar a lámha ortha
agus do ghlacadar an Spioraid Naomh.



Nuair a chonnaic Símón, ámh, an Spioraid d'á thabh-
airt tré dhul fé láimh na n-Aspol do tharraig sé airgead
dóibh, Agus dubhairt sé: tugaidh dómhsa an chómhacht
san, i dtreo, an t-é go gcuirfead mo lámh air go nglac-
faidh sé an Spioraid Naomh. Dubhairt Peadar leis, ámh:
Íde ar do chuid airgid agus ort féin, óir do mheasais
gur féidir tabharthas Dé dh'fhághail ar airgead. Ní'l
páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreach
do chroidhe i láthair Dé. Déin aithríghe, d'á bhrígh sin,
sa n-olc so atá déanta agat, agus iarr ar Dhia, féach-
aint an maithfí dhuit an smuíneamh so a tháinig ad chroidhe.
Óir chím go bhfuilir i ndomblas seirbhthin agus fé
chuibhreach an uilc. Agus d'fhreagair Símón agus
dubhairt: Cuiridh-se bhúr nguidhe chun an Tighearna ar


L. 311


mo shon ionus ná tiocfadh orm aon nídh de sna neithibh
sin atá ráidhte agaibh.



Agus thánadar-san thar n-ais go Ierúsalem tar
éis briathar an Tighearna do dhearbhadh agus do labhairt,
agus dheineadar craobhsgaoile tré n-a lán de chríochaibh
na Samaritánach.



Ansan do labhair aingeal an Tighearna le Pilib agus
dubhairt sé: Eirigh agus imthigh ó dheas chun na h-áite
'na bhfuil an bóthar ó Ierúsalem go Gása; is fásach
an áit. D'eirigh sé agus d'imthigh sé. Agus féach,
bhí fear ó Étiópia, coillteánach cómhachtach le banríghin
Étiópia, le Candacé, fear a bhí os cionn a saidhbhris
go léir aici, agus bhí sé tar éis teacht go Ierúsalem
chun Dia d'adhradh; Agus bhí sé ag dul thar n-ais agus
é 'n-a shuidhe 'n-a charbad, agus Isáias fáidh aige d'á
léighe. Agus dubhairt an Spioraid le Pilib: Imthigh
anonn agus cuir thu féin i n-aice an charbaid sin.
Tháinig Pilib i n'aice agus d'airigh sé é ag léighe Isáias
fáidh, agus dubhairt sé: An dóigh leat a' dtuigeann
tú an nídh atá agat d'á léighe? Dubhairt seisean:
Agus conus is féidir dom é thuisgint mura dtais-
beánaidh duine éigin dom é? Agus d'iarr sé ar Philib
dul suas agus suidhe i n'aice. Agus sidé an áit de'n
sgriptiúir a bhí aige dá léighe: Do seóladh chun a
mharbhtha é mar a seólfí caora; agus, ar nós an uain
a bheadh gan guth i láthair a bhearbóra, níor osgail sé
a bhéal. I n-úmhluigheacht do tógadh uaidh a bhreith-
eamhantas. Cé neósfaidh a gheinealach? Óir tógfar a
bheatha de'n dtalamh. Agus d'fhreagair an coill-
teánach agus dubhairt sé le Pilib: Athchuinghim ort cia
air go labhrann an fáidh an chainnt sin? an air féin nú
an ar dhuine eile? Ansan d'osgail Pilib a bhéal agus
thusnuigh sé leis an sgriptiúir sin agus do chraobhsgaoil
sé Íosa dhó. Agus, ag cur na slíghe dhíobh dóibh thán-
adar mar a raibh uisge, agus dubhairt an coillteánach:
Féach an t-uisge, cad 'tá am chosg air go mbaistfí me?
Ach dubhairt Pilib: Má chreideann tú ód' chroidhe go
h-iomlán ní misde é. Agus d'fhreagair seisean agus


L. 312


dubhairt: Creidim gur b'é Mac Dé Íosa Críost. Agus
d'órduigh sé an carbad do stop agus thúirlingeadar
araon sa n-uisge, Pilib agus an coillteánach, agus do
bhaist sé é. Agus nuair a thánadar aníos as an uisge
d'fhuadaigh Spioraid an Tighearna Pilib agus ní fheacaidh
an coillteánach a thuille é. Ach d'imthigh sé a bhóthar féin
agus áthas air. Agus do fuaradh Pilib i n-Asótos agus
ghluais sé tríd an dtír ag craobhsgaoile an tSoisgéil
ins na catharachaibh go léir chun go dtáinig se go
Caésaréa.



CAIBIDIOL IX.



Iompáil Phóil chun an chreidimh agus a dhíoghras. Énéas d'á
leigheas ag Peadar, agus Taibita dá tógaint aige ón mbás.



Agus tháinig Saul, agus é ag síor-shéide bagartha
báis i n-aghaidh deisgiobul an Tighearna, ag triall ar
phriúnsa na sagart, Agus d'iarr sé air leitreacha
thabhairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó
dá bhfaghadh sé aon daoine, fir 'ná mná, de 'n tslígh sin,
go dtabharfadh sé leis iad gabhtha go Ierúsalem.



Agus ag cur na slíghe dhé dhó do thárla go dtáinig
sé i gcómhgar do Dhamascus, agus go h-obann do las
solus ó neamh 'n-a thímpul. Agus thuit sé chun tailimh
agus d'airigh sé an guth ghá rádh leis: A Shaul, a Shaul
cad chuige go bhfuilir am ghéarleanmhaint? Agus
dubhairt seisean: Cia h-é thu, a Thighearna? agus eisean:
Mise Íosa 'na bhfuilirse am ghéarleanmhaint, is cruaidh
ort bheith a' speachuíol i n-aghaidh an phriocaire. Agus
dubhairt seisean agus é ag crith le h-uathbhás: A Thigh-


L. 313


earna, cad is toil leat a dhéanfainn? Agus dubhairt
an Tighearna leis: eirigh agus imthigh isteach sa chathair
agus neósfar sa n-áit sin duit cad tá agat le
déanamh. Agus na fir a bhí le n-a chois bhíodar 'n-a
seasamh agus uathbhás ortha, agus iad ag éisteacht leis
an nguth agus ná feacadar aoinne. Agus d'éirigh
Saul de'n talamh agus d'osgail sé a shúile ach ní fheacaidh
sé aon nídh. Agus do rugadar ar láimh air agus do
sheoladar isteach i nDamascus é. Agus bhí sé ansan
trí lá gan radharc, agus níor chaith sé bia 'ná deoch.



Agus bhí i nDamascus duine de dheisgiobulaibh an
Tighearna agus Ananías ab ainim dó, agus dubhairt
an Tighearna leis, i n-aisling: A Ananiais! Agus
dubhairt seisean: Táim anso, A thighearna! Agus
dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh go dtí
an tsráid ar a dtugtar an Díreach, agus loirg, i dtigh
Iúdáis, fear ó Tharsus gur 'ainim dó Saul; mar,
féach, tá sé ag guidhe Dé. (Agus chonnaic sé an fear d'ar
bh'ainim Ananías agus é ag teacht isteach ag triall air
agus ag cur a láimhe air chun radhairc a thabhairt dó) Ach
d'fhreagair Ananías: A Thighearna, d'airigheas i dtaobh
an fhir sin, ó n-a lán, méid na n-olc atá déanta aige
do d'naoimh i n-Ierúsalem: Agus tá úghdarás anso
aige ó uachtaránaibh na sagart chun na ndaoine a
ghlaodhann ar t'ainimse do ghabháil. Dubhairt an
Tighearna leis: Imthigh ort, óir is árthach toghtha an fear
san agamsa chun m'ainime bhreith i láthair geinte agus
ríghthe agus clainne Israéil. Mar taisbeánfadsa dhó
cad iad na neithe móra atá le fulang aige ar son
m'ainime. Agus d'imthigh Ananías agus chuaidh sé
isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt
sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin
é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé
mise chughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de'n
Spioraid Naomh thu. Agus láithreach do thuit mar
bheadh gáinní d'á shúilibh agus fuair sé a radharc agus
d'eirigh sé agus do baisteadh é. Agus chaith sé bia
agus tháinig neart dó. Agus d'fhan sé raint laethanta
i bhfochair na ndeisgiobul a bhí i nDamascus.


L. 314


Agus láithreach, ins na sinagógaibh, bhí sé ag sean-
móin i dtaobh Íosa, gur b' é Mac Dé é. Agus bhí
uathbhás ar a raibh ag éisteacht leis, agus deiridís:
Nách é seo an fear a bhí ag déanamh íde i n-Ierúsalem ar
an muinntir a ghlaodhadh ar an ainim sin, agus nách é
gnó a thug anso é ná chun iad do bhreith leis gabhtha ag
triall ar uachtaránaibh na sagart? Ach bhí Saul ag
neartú go mór agus é ag cur na n-Iúdach ar mear-
aídhe, a raibh i nDamascus díobh, toisg é bheith ghá dheimh-
niú gur bh' é sin an Críost.



Agus nuair a bhí a lán laethanta caithte dhein na
Iúdaígh a bheartú, do thoil a chéile, go marbhóchaidís é.
Ach do fuair Saul eólus ar iad a bheith ar a thí. Agus
bhí lucht cimeádta acu ar na geataíbh do ló agus d'oidhche,
chun go marbhóchaidís é. Ach do thóg na deisgiobuil é
sa n-oidhche agus chuireadar síos de dhruim an fhalla
é i gciseán. Agus tháinig sé go Ierúsalem agus
mheas sé dul leis na deisgiobuil, ach bhí eagla acu go
léir roimis agus ní chreidfidís gur dheisgiobul é.
Ach do thóg Barnabas é agus do rug sé ag triall ar
na h-Aspoil é agus d'innis sé dhóibh conus mar a
chonnaic sé an Tighearna ar an slígh agus gur labhair sé
leis, agus conus mar a dhein sé obair chalma i n-ainim
Íosa, i nDamascus. Agus bhí sé 'n-a bhfochair, ag
gabháil amach agus ag gabháil isteach i n-Ierúsalem
agus obair chalma aige 'á dhéanamh i n-ainim an Tigh-
earna. Do labhradh sé mar an gcéadna leis na gein-
tibh agus bhíodh sé ag díospóireacht leis na Gréagaigh;
agus bhíodar san a d'iarraidh é chur chun báis. Fuair
na bráithre an nídh sin amach agus do rugadar go
Caesaréa é agus chuireadar as san go Tarsus é.



Agus bhí síothcháin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa go
léir agus ar fuid Ghaililí agus Shamaría, agus bhí sí ag
dul ar aghaidh ag gluaiseacht i n-eagla an Tighearna,
agus í dá líonadh le sólás an Spioraid Naoimh. Agus
do thárla, nuair a bhí Peadar ag tabhairt a chuard sa
tímpal ortha, go dtáinig sé chun na naomh a bhí 'n-a


L. 315


gcomhnuíghe i Lidda. Agus fuair sé sa n-áit sin duine
d'ár bh'ainim Énéas, a bhí gan lúth a ghéag agus a bhí ar
a leabaidh ar feadh ocht mblian. Agus dubhairt Peadar
leis: A Énéis, tá an Tighearna Íosa Críost ag tabhairt
sláinte dhuit. Eirigh agus córuigh do leabaidh! Agus
d'eirigh sé láithreach. Agus chonnaic muinntir Lidda go
léir é agus muinntir Sharóna, agus d'iompuighdar chun
an Tighearna.



Agus bhí i n-Ioppé bandeisgiobul agus Taibíta ab
ainim di, nú, ar mhíniú, Dorcas. Agus bhí a lán deagh-
ghníomhartha agus a lán déarca aici sin 'á dhéanamh. Agus
do thárla ins na laethibh sin gur buaileadh breóite í
agus go bhfuair sí bás. Agus do níghdar í agus chuir-
eadar sa tseómra uachtarach í. Ach, ó bhí Lidda cómh-
garach do Ioppé agus gur airigh na deisgiobuil
Peadar a bheith sa n-áit sin, chuireadar beirt fhear
chuige 'ghá rádh leis: Ná déin ríghneas gan teacht ag
triall orainn. Agus d'eirigh Peadar agus tháinig sé
leó. Agus nuair a tháinig sé ann do rugadar suas
é go dtí an seómra mór, agus bhí na baintreacha 'n-a
seasamh 'n-a thímpal agus iad ag sile deór agus iad
ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaigh dó
a dheineadh Dorcas dóibh. Annsan do chuir Peadar na
daoine go léir amach as an seómra agus do leig sé é
féin ar a ghlúinibh agus dein sé úrnuighthe, agus d'iom-
puigh sé chun an chuirp agus dubhairt sé: A Thaibíta,
eirigh! Agus d'osgail sisi a súile agus chonnaic sí
Peadar agus d'eirigh sí aniar. Agus thug sé a lámh
di agus chuir sé 'n-a seasamh í. Agus do ghlaoidh sé
isteach na naoimh agus na baintreacha agus thug sé
suas dóibh í 'n-a beathaidh. Ansan do h-innseadh é ar
fuaid Ioppé go léir agus do chreid a lán daoine sa
Tighearna. Agus do thuit amach gur fhan sé mórán
laethanta i n-Ioppé, i dtigh fir gur bh' ainim dó Símón,
fear leathair do leasú.


L. 316


CAIBIDIOL X.



Cornélius d'á ghlacadh isteach sa n-Eaglais. Aisling Pheadair.



Ach bhí i gCaesaréa fear n-ar bh'ainim dó Cornélius,
taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar
an Eadáileach, fear diadha n-a raibh eagla dé air féin
agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do
sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.



Do chonnaic an fear san, i n-aisling, go soiléir,
tuairim an naomhadh tráth sa lá, aingeal ó Dhia ag
teacht chuige isteach, agus dubhairt an t-aingeal leis:
A Chornélius! Agus dubhairt seisean, agus é ag
féachaint air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thigh-
earna? Agus dubhairt sé leis: Taid t'úrnuighthe
agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé.
Agus anois cuir fir go Ioppé agus glaoidh chughat
Símón, ar a dtugtar Peadar. Tá sé ar lóisdín
i dtigh Shímóin, fear leasuighthe leathair, n-a bhfuil a
thigh ar bruach na faraige; neósfaidh sé sin duit cad 'tá
le déanamh agat. Agus nuair a dh'imthigh an t-aingeal,
a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d'á theagh-
lach féin agus fear airm n-a raibh eagla an Tighearna
air, daoine a bhí úmhal dó. Agus d'innis sé dhóibh gach
nídh agus chuir sé go Ioppé iad.



Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na
slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim
an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an
tighe chun úrnuighthe dhéanamh. Ansan tháinig ocras air
agus ba mhian leis bia do chaitheamh. Agus an fhaid a
bhíodar ag ollmhú an bhídh dó tháinig támhnéal air.
Chonnaic sé na flathais ar osgailt agus árthach, mar a
bhéadh bairlín ana-mhór agus í d'á leigint anuas, le n-a
cheithre cúinníbh, as na flathais chun an tailimh. Agus
bhí uirthi an uile shaghas ainmhighthe cheithre gcos, agus
piastaí, agus éanlaithe an aéir. Agus do labhair
guth leis: Eirigh, a Pheadair, agus mairbh agus ith! Ach
dubhairt Peadar: Nár leigidh Dia go ndéanfainn san, a
Thighearna, óir níor itheas riamh bia coitchian ná bia
neamh-ghlan. Agus do labhair an guth airís leis: An


L. 317


nídh a ghlan Dia ná tabhairse coitchian air! Do deineadh
san trí h-uaire as a chéile agus ansan do tógadh an
t-árthach thar n-ais isteach ins na flathais.



Agus an fhaid a bhí Peadar 'ghá bhreithniú i n' aigne cad
é an saghas an radharc san a chonnaic sé, féach, bhí na fir a
chuir Cornélius uaidh 'n-a seasamh ag an ndorus, 'ghá fhiaf-
raighe cá raibh thigh Shímóin. Agus do ghlaodhadar agus
d'fhiafraighdar an raibh Símón ar a dtugtar Peadar,
ar lóisdín sa tigh. Bhí Peadar, ámhthach, ag cuímhneamh
ar an aisling agus dubhairt an Spioraid leis: féach,
tá triúr fear ad' lorg. Eirigh, dá bhrígh sin, agus
imthigh síos agus gluais leó, óir is mise chuir chúghat
iad. D'imthigh Peadar síos chun na bhfear agus dubh-
airt sé: féach, is mise atá uaibh: Cad chuige go dtán-
abhair? Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach
céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil
meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra
ó aingeal naomhtha 'ghá rádh leis fios a chur ortsa chun
a thíghe agus éisteacht le cainnt uait. Do rug sé isteach
iad ansan i gcóir na h-oidhche. Agus d'eirigh sé
amáireach a bhí chúghainn agus ghluais sé i n-aonfheacht
leó, agus chuaidh raint de sna bráithribh ó Ioppé le n-a
chois.



Chuaidh sé isteach i gCaesaréa an lá 'n-a dhiaidh san,
agus bhí Cornélius ag feitheamh leó agus a ghaolta agus
a cháirde cruinnighthe aige. Agus do thárla nuair a
tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius 'n-a choinnibh
agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú. Ach do
thóg Peadar suas é agus dubhairt sé: Eirigh! Duine
iseadh mise féin, leis. Agus tháinig sé isteach sa tigh
agus é ag cainnt leis, agus fuair sé an mhórchuid
daoine cruinnighthe istigh,



Agus dubhairt sé leó: Is eól daoíbhse conus mar
is urghráin d'fhear Iúdach baint ná comhluadar a
dhéanamh le cine iasachta, ach do thaisbeáin Dia dhómhsa
gan coitchian ná neamhghlan a thabhairt ar aon duine.
Dá bhrígh sin, chómh luath agus a cuireadh fios orm
thánag gan stad. Fiafraighim, uime sin, cad chuige
gur chuireabhair fios orm?



Agus dubhairt Cornélius: Cheithre lá ó shin, go dtí


L. 318


an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus
me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m'aghaidh
amach agus éadach geal air agus dubhairt sé: A Chor-
nélius, tá éistithe le d'ghuidhe agus tá cuimhne ar do
dhéirc i láthair Dé. Cuir fios go Ioppé, dá bhrígh sin,
ar Shímón ar a dtugtar Peadar: tá sé ar lóisdín
i dtigh Shímóin, an fear leasuighthe leathair, i n-aice na
faraige. Ansan do chuireas fios ortsa láithreach agus
is maith an teacht agatsa é. Agus táimíd go léir
anso anois ad láthair chun éisteacht le gach uile nídh
a dh'órduigh Dia dhuit.



Ansan d'osgail Peadar a bhéal agus dubhairt sé:
Is léir dom le fírinne ná féachann Dia do phear-
sain seachas pearsa, Ach go bhféachann sé do'n t-é
sin, ins gach cine, 'na mbíonn a eagla air agus a dhein-
eann fíoraontacht. Do chuir Dia an briathar chun
clainne Israéil, ag fógairt síothchána tré Íosa Críost,
(siné is Tighearna ar gach uile nídh): Is eól daoibhse
an focal a labhradh ar fuid Iúdaéa go léir, óir do
thusnuigh sé ó Ghaililí tar éis an bhaiste a chraobhsgaoil
Eóin: Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é
leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur
ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na
ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith
leis. Agus is fínnithe sinne ar gach nídh dár dhein sé
i gcrích na nIúdach agus i n-Ierúsalem, gur cuireadh
chun báis é 'dhá chrochadh ar an gcrann. Agus do thóg
Dia ó'n mbás é an treas lá agus thug sé le feisgint


L. 319


é, Ní do'n phobul go léir, ach d'fhínnithibh a bhí ceapaithe
ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch i
n'fhochair tar éis eirighthe dhó ós na mairbh. Agus
d'órduigh sé dhúinn craobhsgaoile dhéanamh do sna
daoine, agus fiadhnaise dhéanamh air gur b'é féin atá
ceapaithe ag Dia chun bheith 'n-a bhreitheamh ar bheóibh
agus ar mharbhaíbh. Is air seo a dheinid na fáidhe go
léir fiadhnaise, gur i n'ainim-sean atá maitheamhnachus
peacaí le fághail ag gach aoinne a chreideann ann.



An fhaid a bhí Peadar ag rádh na cainnte sin do thúir-
ling an Spioraid Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an
mbriathar. Agus lucht an tímpallghearrtha a tháinig
i n-aonfheacht le Peadar, bhí uathbhás ortha a rádh gur
tháinig grásta an Spioraid Naoimh ar na geintibh. Mar
bhíodar ag éisteacht leó ag labhairt na dteangthacha agus
ag móradh Dé. Ansan d'fhreagair Peadar: An
féidir d'aoinne an t-uisge chimeád uainn sar a
mbaistfí na daoine seo atá tar éis an Spioraid
Naoímh a ghlacadh chómh maith linn féin? Agus d'órduigh
sé iad do bhaiste i n-ainim an Tighearna Íosa Críost.
Ansan d'iarradar air fanmhaint 'n-a bhfochair raint
laethanta.



CAIBIDIOL XI.



Peadar ghá thaisbeáint go raibh an ceart aige 'á dhéanamh nuair
a bhí sé ag glacadh na ngeinte isteach sa n-Eaglais. Iompódh a
lán i n-Antioch.



Agus d'airigh na h-Aspoil agus na bráithre a bhí i
n-Iúdaéa gur ghlac na geinte, leis, briathar Dé. Ansan
nuair a chuaidh Peadar suas go Ierúsalem bhí lucht
an tímpallghearrtha ag aighneas leis, Agus deiridís:
Cad chuige dhuit dul ameasg daoine gan tímpall-
ghearradh ortha agus bia chaitheamh 'n-a bhfochair? Agus
thusnuigh Peadar agus d'innis sé an sgéal dóibh tríd
síos, mar seo.



Bhíos i gcathair Ioppé ag déanamh urnuighthe agus


L. 320


tháinig támhnéal orm agus chonnac aisling, árthach mar
bheadh bairlín mhór d'á leigint anuas as na flathais le
n-a cheithre cúinníbh, agus tháinig an bhairlín am' aice.
Agus d'fhéachas isteach inti 'ghá breithniú agus chonnac
ainimhighthe cheithre gcos an domhain agus beithidhigh
agus piastaí agus éanlaithe an aéir. Ansan d'airígh-
eas guth 'ghá rádh liom: Eirigh, a Pheadair, mairbh agus
ith! Agus dubhart: Ní dhéanfad, a Thighearna, óir
níor chuaidh bia coitchian ná bia neamh-ghlan am béalsa
riamh fós. Agus d'fhreagair an guth as na flathais
an tarna h-uair: An nídh a ghlan Dia, ná tabhairse
coitchian air! Do deineadh an méid sin trí h-uaire
as a chéile agus ansan do tógadh na neithe go léir suas
ins na flathais airís. Agus le n-a linn sin siúd ag
an dtigh 'na rabhas triúr fear a cuireadh ag triall orm
a' Caesaréa. Agus dubhairt an Spioraid Naomh liom
dul leó gan cheist orm. Agus chuaidh an seisear
bráthar so le m'chois, agus chuamair isteach i dtigh an
fhir. Ansan d'innis seisean dúinn conus mar a
chonnaic sé, 'n-a thigh féin, aingeal 'n-a sheasamh, agus
go ndubhairt an t-aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar
Shímón ar a dtugtar Peadar, Agus labharfaidh sé leat
cainnt a shaorfaidh thu féin agus do theaghlach go léir.
Ansan nuair a thusnuigheas ar chainnt do thúirling an
Spioraid Naomh ortha fé mar a thúirling sé orainne
i dtusach. Agus chuimhnigheas ar fhocal an Tighearna,
mar adubhairt sé: Dhein Eóin baiste le h-uisge ach
baistfar sibhse leis an Spioraid Naomh. Dá bhrígh sin,
má thug Dia dhóibhsin an grásta céadna a thug sé
dhúinne nuair a chreideamair sa Tighearna Íosa Críost,
cia'r bh'é mise go bhféadfainn cosg a chur le Dia?



Nuair airighdar an méid sin d'éisteadar, agus
thugadar glóire do Dhia agus dubhradar: Seadh ach
tá aithríghe chun na beatha tabhartha ag Dia do sna gein-
tibh féin



Agus na daoine úd a sgaipeadh mar gheall ar an
dtrioblóid i dtaobh Stiopháin do shiubhladar chómh
fada le Phoenicé agus le Cuprus agus le h-Antioch,


L. 321


gan an focal do labhairt le h-aoinne ach le Iúdaígh amháin.
Ach bhí cuid acu agus Cupriánaigh ab eadh iad agus Cur-
énéacha, agus nuair a chuadar isteach i n-Antioch bhídís
ag cainnt leis na Gréagaigh féin ag tabhairt eóluis ar
an dTighearna Íosa dhóibh. Agus bhí lámh Dé leó agus
do h-iompuigheadh cuid mhór daoine chun creidimh an
Tighearna.



Ansan do tháinig tuairisg na neith sin chun a gcluas
do lucht na h-eagailse a bhí i n-Ierúsalem agus chuir-
eadar Barnabas go h-Antioch. Tháinig sé agus chonnaic
sé an grásta ó Dhia agus bhí áthas mór air agus thug sé
cómhairle do sna daoine go léir bheith seasamhach 'n-a
gcroidhe agus leanmhaint do'n Tighearna. Óir fear
fóghanta b'eadh é a bhí lán de'n Spioraid Naomh, agus
de chreideamh. Agus do tugadh cuid mhór daoine
chun an Tighearna.



Ansan do chuaidh Barnabas go Tarsus ag lorg
Saul agus nuair a fuair sé é thug sé leis go h-Antioch
é. Agus thugadar bliain iomlán i gcómhluadar na
h-eagailse ann, agus dheineadar pobal mór do
theagasg, i dtreó gur i n-Antioch a tugadh ar dtúis
Críostaidhthe ar na deisgiobuil.



Agus ins na laethibh sin do tháinig fáidhí ó Ierúsalem
go h-Antioch. Agus d'eirigh duine acu san d'ár
bh'ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó'n spioraid,
go raibh gorta mór le teacht ar an saoghal go léir,
agus do tháinig san fé Chlaudius. Agus do bheartuigh
na deisgiobuil, gach aoinne do réir a ghustail, cabhair
a chur ag triall ar na bráithre a bhí 'n-a gcómhnuighe
i nIúdaéa. Agus dheineadar san. Chuireadar an
chabhair chun na seanóirí le Barnabas agus le Saul.



CAIBIDIOL XII.



Géarleanmhaint Héróid. Peadar dá fhuasgailt ag aingeal.
Pionós ar Héród.



Le linn na h-aimsire céadna do chuir Héród, an
rí, a lámha chun uilc a dhéanamh ar chuid de mhuinntir na
h-eagailse. Agus do mhairbh sé Séamus, dritháir Eóin,
le claidheamh.


L. 322


Ansan, nuair a chonnaic sé gur thaithn an gníomh san
leis na Iúdaígh cheap sé Peadar leis do ghabháil. I
laethibh an aráin gan giost ab eadh é ámhthach. Do ghaibh
sé é agus chuir sé i bpríosún é agus chuir sé cheithre
ceathrair de lucht airm 'ghá chimeád, chun go dtabharfadh
sé i láthair an phobuil é tar éis na cásga.



Ansan bhí Peadar sa phríosún, fé chimeád, ach bhí
úrnuighthe ag dul suas chun Dé ar a shon, gan stad, ó'n
eaglais go léir.



Agus nuair a bhí Héród chun é thabhairt os cómhair
na ndaoine, bhí sé an oidhche chéadna san 'n-a luighe
idir bheirt lucht airm, agus é ceangailte le dhá shlabhra,
agus bhí lucht cimeádta lasmuich de'n dorus ag cimeád
an phríosúin. Agus féach, do sheasaimh aingeal ó'n
d-Tighearna i n-aice leis, agus do las solus sa
tseómra, agus do bhuail an t-aingeal sa chliathán é
agus dhúisigh sé é, agus dubhairt sé: eirigh d'urchar!
Agus do thuit na slabhraí d'á lámhaibh. Agus dubhairt
an t-aingeal leis: Cuir umat do chrios agus do bhróga.
Agus do dhein. Agus dubhairt sé leis: Cuir umat
do bhrat agus lean me. Agus bhí sé 'ghá leanmhaint
amach, agus ní raibh 'fhios aige gur bh' fhíor gur bh'aingeal
a bhí 'ghá dhéanamh; ach is amhlaidh a cheap sé gur bh'aisling
a bhí aige dá fheisgint. Agus chuadar thar an gcéad
lucht faire agus thar an tarna lucht faire, agus thán-
adar chun an gheata iarainn, an geata chun na catharach,
agus d'osgail an geata uaidh féin dóibh. Chuadar
amach agus shiúbhluigheadar aon tsráid amháin, agus
ansan d'imthigh an t-aingeal go h-obann uaidh.



Ansan do tháinig Peadar chuige féin agus dubhairt
sé: Tá fhios agam anois go fíor gur b'é an Tighearna
do chuir a aingeal chugham 'am fhuasgailt a' láimh
Héróid agus ó gach nídh 'na bhfuil an pobul Iúdach ag
súil leis. Ansan, as a mhachtnamh, tháinig sé chun tighe
Mháire, máthair, Eóin ar a dtugtí Marcus, agus bhí
mórán daoine cruinnighthe ann agus iad ag déanamh
úrnuighthe. Bhuail sé cómhla an doruis. Tháinig amach,
'ghá fhreagairt, cailín 'nar bh'ainim di Rodé. Agus
d'aithin sí guth Pheadair, agus le méid an áthais a bhí
uirthi níor osgail sí an dorus ach do rith sí isteach agus


L. 323


d'innis sí go raibh Peadar ag an ndorus. Dubhradar-
san léi: Ar buile ataoí. Ach dubhairt sisi gur bh'fhíor
é. Agus dubhradar-san: Isé a aingeal atá ann. Ach
do lean Peadar ag bualadh. Ansan nuair osgaladar
agus chonnacadar é bhí uathbhás ortha. Ach do bhagair
sé le n-a láimh ortha éisteacht, agus d'innis sé dhóibh
conus a thug Dia amach as an bpríosún é, agus dubh-
airt sé: Innis na neithe sin do Shéamus agus do sna
bráithribh! Agus chuaidh sé amach agus d'imthigh sé go
h-áit eile.



Nuair a tháinig an lá bí céimighrádh nár bheag imeasg
na saighdiúirí i dtaobh cad a bhí imighthe ar Pheadar.
Agus nuair a dh'iarr Héród é agus ná raibh sé le
fághail chuir sé ceistiú ar an lucht cimeádta agus
d'órduigh sé iad do chur chun báis, agus d'imthig sé
síos ó Iúdaea go Caesaréa agus d'fhan sé ann.



Agus bhí fearg air chun muinntire Tuíre agus chun
muinntire Shídón. Thánadar-san ámhthach, do thoil a
chéile, ag triall air, agus dheineadar muinntearthas le
Blastus, fear seómra an rí, agus d'iarradar síothcháin,
toisg a dtír féin a bheith d'á chothú ó'n rí. Ansan, lá a
bhí ceapaithe chuige, bhí Héród 'n-a shuidhe sa tsuidhe
breithe agus éadach ríoghdha uime agus dhein sé óráid
dóibh. Agus deireadh na daoine, 'ghá mholadh: Ní
guthana ó dhuine iad ach guthana ó dhia éigin. Ansan,
láithreach bonn, do bhuail aingeal an Tighearna é, toisg
nár thug sé an onóir do Dhia, agus dhein bró phiastaí
dhé agus iad 'á dh'ithe, agus fuair sé bás.



Agus d'fhás briathar an Tighearna agus do méad-
úigheadh é.



Agus tháinig Barnabas agus Saul thar n-ais ó Ierú-
salem nuair a bhí a bhfrithálamh déanta acu, agus
thugadar leó Eóin ar a dtugtí Marcus.


L. 324


CAIBIDIOL XIII.



Saul agus Barnabas d'á gcur amach ag an Spioraid Naomh.
Seanmóiniú acu 'a dhéanamh i gCuprus agus i n-Antioch Phisidia.



Ach bhí sa n-eaglais, a bhí i n-Antioch fáidhí agus teag-
asgóirí, ar a raibh Barnabas agus Símón, ar a dtugtí
Símón Dubh, agus Lúcius an Curénach agus Manachen,
cómhdhalta Héróid an tetrarc, agus Saul. Agus
bhíodar ag déanamh gnótha an Tíghearna agus ag déanamh
trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó:
Deighlighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h-oibre
d'á bhfuilid glacaithe agam. Ansan do dheineadar
trosgadh agus úrnuighthe agus chuireadar a lámha ortha-
san agus chuireadar chun siúbhail iad.



Agus fé sheóladh an Spioraid Naoimh chuadar-san
go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus.
Agus nuair a thánadar go Salamis bhíodar ag craobh-
sgaoile bréithir Dé i sinagógaibh na n-Iúdach.
Agus bhí Eóin acu sa tseirbhís, leis. Agus nuair a bhí
an t-oileán go léir siúbhalta acu chómh fada le Paphos,
fuaradar draoi áirithe, fáidh fallsa, Iúdach gur
bh'ainim dó Bar-Iésus. Agus bhí sé i bhfochair an
phróchonsuil, Sergius Paulus, fear ciallmhar. Chuir
sé sin fios ar Bharnabas agus ar Shaul mar ba mhian
leis briathar Dé do chloisint. Ach bhí Elimas, an
draoi, (óir is mar sin a mínighthear a ainim) ag cur
'n-a gcoinnibh, a d'iarraidh an phróchonsuil d'iompáil ó'n
gcreideamh. Ach bhí Saul, (tá Pól mar ainm air leis), lán
de'n Spioraid Naomh, agus d'fhéach sé air Agus dubhairt
sé: Ó a fhir atá lán de gach feall agus de gach éitheach,
a mhic an diabhail. a namhaid gach cirt, ná stadfair de
shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?
Ach féach siné lámh an Tighearna anois ort, agus beidh
tú ad dhall, agus ní fheicfir an ghrian, go ceann tamaill.
Agus le n-a linn sin do thuit sgamall air agus doir-
cheacht, agus bhí sé ag cuardach 'n-a thímpall féachaint
an bhfaghadh sé duine thabharfadh a lámh dó. Ansan
nuair a chonnaic an próchonsul an nídh sin do dhein sé
iongna de theagasg an Tighearna agus do chreid sé.


L. 325


Agus chuaidh Pól agus a mhuinntir, ar luing, ó Phaphos
go Pergé i bPamphilia. Ach d'imthigh Eóin uatha
agus d'fhill sé go Ierúsalem. Ach do chuaidh an chuid
eile ar aghaidh tré Phergé agus thánadar go h-Antioch
i bPisidia agus chuadar isteach sa tsinagóig lá na
sabbóide agus shuidheadar ann. Agus nuair a bhí
léigheadh na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtaráin
na sinagóige teachtaireacht chúcha 'ghá rádh: A fheara,
a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt theagaisg do'n phobul
abraidh í.



Ansan d'eirigh Pól agus bhagair sé ciúnas le n-a
láimh agus dubhairt sé:



A fheara de shliocht Israéil, agus sibhse go bhfuil
eagla Dé oraibh éistidh liom! Do thoigh Dia an tsleachta
so Israéil ár n-aithreacha agus d'árduigh sé an pobul
nuair a bhíodar 'n-a gcómhnuighe i dtalamh na
h-Éigipte agus thug se amach as an áit sin iad le láimh
chómhachtach, Agus chuir sé suas le n-a mbéasaibh ar feadh
dachad blian sa bhfásach. Agus d'ídigh sé seacht gcineacha
i dtalamh Chanaan agus do rainn sé ortha-san a gcuid
tailimh á chur ar chrannaibh. Agus 'n-a dhiaidh san,
tímpall cheithre chéad agus caogad blian, thug sé
breitheamhain dóibh, go dtí Samuél fáidh. Ansan
d'iarradar rí agus thug Dia dhóibh Saul mac Chis,
fear de threibh Bheniamín, ar feadh dachad blian.
Ansan do chuir sé an fear san i leith taoibh agus thóg
sé suas chúcha Dáibhid 'n-a rí, agus thug sé teistiméir-
eacht air nuair a dubhairt sé: Tá Dáibhid mac
Iesse fághalta agam, fear do réir mo chroidhe féin,
fear a chómhlíonfaidh gach nídh is toil liom. A' síol
an fhir sin, do réir na geallamhna, tá Slánuightheóir
tabhartha ag Dia d'Israél, 'sé sin Íosa. Agus roime
n-a theacht san do chraobhsgaoil Eóin baiste chun aith-
ríghe do phobul Israéil go léir. Agus nuair a bhí Eóin
ag cómhlíonadh a chuarda dubhairt sé: Ní mise an t-é


L. 326


is dóigh libh is mé, ach féach tá ag teacht am dhiaidh an
t-é nách fiú me bróga a chos do sgaoile.



A fheara, a bhráithre, a shliocht sleachta Ábrahaim,
agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is ag triall
oraibhse do cuireadh briathar an tslánuighthe seo! Óir
níor aithin muinntir Ierúsalem é, agus níor aithin uaisle
Ierúsalem é, ná guthana na bhfáidh, bíodh go léightear
iad gach sabbóid, agus thugadar breith air agus chómh-
líonadar guthana na bhfáidh. Agus bíodh ná fuaradar
aon choir ann d'iarradar ar Phílát go leogfí dhóibh
é chur chun báis. Agus nuair a bhí gach nídh d'á raibh
sgríobhtha 'n-a thaobh cómhlíonta acu thógadar anuas
de'n adhmad é agus chuireadar i leacht é. Ach do
thóg Dia ós na mairbh é an treas lá, agus bhí sé d'á
fheiscint ar feadh mórán laethanta ag an muinntir a
tháinig le n-a chois ó Ghaililí go Ierúsalem, agus atá
go dtí anois 'n-a bhfínnithe dhó i láthair daoine. Agus
táimíd 'á chur i n-iúil daoibhse cad í an gheallamhaint
a tugadh d'ár n-aithreachaibh, Agus conus mar atá an
gheallamhaint sin cómhlíonta ag Dia d'ár sliocht, mar
gur aithbheódhaigh sé Íosa, do réir mar atá sgríobhtha sa
tarna sailm: Is tusa mo mhac, do gheineas-sa thu an
lá so. Ach i dtaobh a thógáilt ós na mairbh gan casadh
aige airís ar chlaochlódh, dubhairt sé mar seo: Tabhar
fad daoibh na neithe naomtha dílse is le Dáibhid.
Agus is uime sin a deir sé i n-áit eile mar an gcéadna:
Ní cheadóchair do t' Aon Naomhtha claochlódh a
dh'fheiscint." Óir, nuair a bhí a ghnó déanta ag Dáibhid,
do réir thoile Dé, 'n-a gheinealach féin, do chodail sé
agus do cuireadh i dteannta a aithreacha é, agus
chonnaic sé claochlódh. Ach an t-é a thóg Dia ós na
mairbh ní fheacaidh sé claochlódh.



Bíodh a fhios agaibh, dá bhrígh sin, a fheara a bhráithre,
gur tríd sin a fógarthar daoibhse maitheamhnachas
peacaí, agus (fuasgailt) ós na neithe ná féadfadh
fíoraontacht a thabhairt daoibh i ndlighe Maoise. Sa


L. 327


duine seo gheibheann gach aoinne, a chreideann, fíor-
aontacht. Seachnaidh, d'á bhrígh sin, sar a' dtiocfadh
oraibh an rud adeirtear ins na fáidhibh: Féachaidh, a
lucht an neamhshuime, agus deinidh iongna, agus éagaidh,
óir tá obair agamsa d'á oibiriú i nbhúr laethibhse, obair
ná creidfidh sibhse, má ínnseann aoinne dhaoibh é.



Agus nuair a bhíodar ag imtheacht amach d'iarradar
ortha an chainnt sin do labhairt leó sa tsabbóid a bhí
chughainn. Agus nuair a dísgaoileadh an tsinagóg,
do lean a lán de sna Iúdaígh, agus de sna daoine
iasachta bhí diadha, Pól agus Barnabas, agus do
chabhruigheadar-san leó agus chómhairlígheadar dóibh
leanmhaint i ngrásta Dé.



An tsabbóid a bhí chughainn tháinig an chathair go léir,
nách mór, chun éisteacht le briathar Dé. Ansan nuair
a chonnaic na Iúdaígh na sluaighte do líonadar d'fhor-
mad agus bhíodar ag bréagnú na cainnte a deireadh
Pól, go diamhasluightheach. Ansan dubhairt Pól agus
Barnabas, go dána: Is libhse nár bhfoláir dúinn briathar
Dé do labhairt ar dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó,
agus nách fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha
shíoruidhe dh'fhághail, táimídne, féach, ag iompáil chun na
ngeinte. Óir seo mar a dh'órduigh an Tighearna
dhúinn: Chuireas tu mar sholus do sna geintibh,
ionus go mbeitheá ad ádhbhar slánuighthe go dtí imeall
an domhain. Nuair airigh na geinte an nídh sin bhí
áthas ortha agus bhíodar ag tabhairt glóire do bhriathar
Dé, agus do chreid an méid acu a bhí roimh-órduighthe
chun na beatha síoruidhe.



Agus do leathadh briathar an Tighearna tríd an
ndúthaigh go léir. Ach do shéid na Iúdaígh fé sna mnáibh
diadha onóracha agus fé uaislibh na catharach agus mhús-
gladar géarleanmhaint ar Phól agus ar Bharnabas
agus chomáineadar as an dtír iad. Agus dhein-
eadar-san ceó a gcos do chrothadh 'n-a gcoinnibh agus
thánadar go h-Icónium. Agus do líonadh na deis-
giobuil le sólás agus leis an Spioraid Naomh.


L. 328


CAIBIDIOL XIV.



Pól agus Barnabas ag seanmóiniú i Icónium agus i
Listra. Cláiríneach 'á leigheas. Daoine ghá mheas gur déithe iad.
Gabhtar do chlochaibh ar Phól. Deinid siad seanmóiniú i nDerbé
agus i bPergé.



Agus do thuit amach i n-Icónium go ndeaghadar
isteach i n-aonfheacht i sinagóig na nIúdach agus gur
dheineadar cainnt, i dtreó gur chreid sluagh líonmhar
de sna Iúdaígh agus de sna Gréagaigh. Ach na Iúdaígh
a bhí díchreideamhach, do ghríosadar agus do shéid-
eadar suas chun feirge aigne na ngeinte i gcoinnibh
na mbráithre. Ach d'fhanadar mórán aimsire ann
ag obair, agus a mainghín as an dTighearna, agus é ag
déanamh fiadhnaise ar bhriathar a ghrásta, ag cur mírbh-
úiltí uathbhásacha d'á ndéanamh le n-a lámhaibh. Bhí
muinntir na catharach deighilte, ámhthach, cuid acu ag
gabháil leis na Iúdaígh agus cuid acu ag gabháil leis
na h-Aspuil. Agus d'eirigh fuadar fé sna geintibh
agus fé sna Iúdaígh, agus fé sna h-uachtaráin, chun
iad do tharcuisniú agus gabháil do chlochaibh ortha, Agus
thuigeadar (an nídh sin) agus do theitheadar go Listra
agus go Derbé, dhá chathair i Licaónia, agus go dtí
an tír go léir mór-thímpall, agus bhíodar ag craobh-
sgaoile an tSoisgéil sa n-áit sin.



Agus bhí duine i Listra, n-a shuídhe, agus é gan lúth
a chos ó fhág sé bruinn a mháthar, agus níor shiúbhluigh
sé riamh. D'airigh an duine sin Pól ag cainnt. Agus
d'fhéach Pól air agus chonnaic sé go raibh aige creideamh
chun a shlánuighthe, Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh
ad sheasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé 'n-a sheasamh
agus shiúbhluigh sé.



Agus nuair a chonnaic na daoine cad a bhí déanta
ag Pól d'árduigheadar a nglór agus dubhradar, as
Licaóinis: Táid na déithe, i riochtaibh daoine, tagaithe
anuas chúghainn. Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas
agus Mercurí ar Phól mar is aige bhí buadh cainnte.
Agus bhí sagart le Iúpiter lasmuich de'n chathair agus
thug sé leis tairbh agus coróinneacha, ar aghaidh an
gheata, chun go ndéanfadh sé féin agus na daoine


L. 329


ídhbirt. Nuair a dh'airigh na h-Aspuil, Pól agus
Barnabas, an nídh sin do raobadar a gcuid éadaigh
agus do léimeadar amach imeasg na ndaoine agus
do liúghadar: A dhaoine, cad ab áil libh 'á dhéanamh san?
Daoine a gheobhaidh bás, mar sibh féin, iseadh sinne,
agus táimíd 'ghá iarraidh oraibh iompáil ó sna neithibh
baotha sin ar Dhia atá beó, ó isé chruthuigh neamh agus
talamh agus muir agus gach a bhfuil ionta. Ins na
h-aimsiribh atá imighthe do leog sé do sna geintibh go
léir gluaiseacht ar a slightibh féin. Ach fós níor fhág
sé é féin gan cur i n-úil dóibh, óir thugadh sé tabhar-
thaisí ó neamh uaidh, fearthainn agus tráthana torthamhla,
agus do líonadh sé ár gcroidhe le bia agus le h-áthas.
Agus bíodh gur labhradar mar sin is ar éigin fhéadadar
na daoine do chosg ar ídhbirt a dhéanamh chúcha.



Ansan, ámhthach, tháinig raint Iúdach agus do mheall-
adar na daoine agus ghabhadar do chlochaibh i bPól
agus tharraigeadar amach as an gcathair é mar mheasadar
go raibh sé marbh. Ach bhí na deisgiobuil 'n-a thímpall
agus d'eirigh sé agus tháinig sé isteach sa chathair, agus
amáireach a bhí chughainn d'imthigh sé féin agus Barnabas
go Derbé.



Agus dheineadar craobhsgaoile sa chathair sin agus
thugadar teagasg d'á lán, agus ansan d'fhilleadar
go Listra agus go h-Icónium agus go h-Antioch, Ag
neartú aigne na ndeisgiobul agus 'á gcómhairliú chun
bheith seasamhach sa chreideamh, mar gur le mórán a
dh'fhulag nach fuláir dúinn dul isteach i rígheacht Dé.
Agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach
eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh,
agus ansan thugadar suas do'n Tighearna iad, óir do
chreideadar ann. Agus d'imthígheadar treasna na
Pisidia agus thánadar go dtí Pamphilia, Agus do
labhradar briathar an Tighearna i bPergé agus chuadar
síos go h-Attalía,



Agus chuadar as san go h-Antioch, ar luing, an
áit as ar tugadh suas iad do ghrásta Dé chun na h-oibre


L. 330


a bhí críochnuighthe acu. Agus nuair a thánadar ann
chruinnigheadar an eaglais agus d'innseadar na neithe
móra a dhein Dia tríotha, agus conus mar a dh'osgail
sé dorus an chreidimh do sna geintibh. Agus d'fhana-
dar aimsir nár ghearr i bhfochair na ndeisgiobul.



CAIBIDIOL XV.



Aighneas i dtaobh tímpallghearradh. Cinneadh cómhairle
Ierúsaleim agus a leitir.



Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaéa agus
bhíodar ag teagasg na mbráithre: Mura ndéanfar
tímpallghearradh oraibh (ar siad) do réir dlíghe
Mhaoise ní féidir bhúr slánú. Chuir Pól agus Bar-
nabas 'n-a gcoinnibh agus ní go lag é. Ansan do
shocaruigheadar ar Phól agus Barnabas, agus raint
daoine ó'n dtaobh eile, do dhul go dtí na h-Aspuil
agus na sagairt a bhí i n-Ierúsalem, i dtaobh an sgéil.
Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus
thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad
'ghá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil,
agus chuireadar áthas mór ar na bráithribh go léir.



Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte
rómpa ag an eaglais agus ag na h-Aspuil agus ag
na seanóiríbh, agus iad 'ghá innsint cad iad na neithe
móra a bhí déanta ag Dia tríotha. Ach d'eirigh cuid
d'aicme na bhFairisíneach, a bhí tar éis an chreidimh a
ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpallghearradh
do dhéanamh ortha agus a chur fhiachaibh ortha dlígh Mhaoise
chimeád.



Ansan do tháinig na h-Aspuil agus na seanóirí i
gceann a chéile chun an sgéil sin a bhreithniú. Do
deineadh mórán aighnis. Ansan d'eirigh Peadar agus
dubhairt sé leo: A fheara, a bhráithre, is eól daoibh
conus mar a dhein Dia toghadh eadrainn fadó gur as
mo bhéal-sa do chloisfeadh na geinte briathar an


L. 331


tSoisgéil agus do ghlacfaidís an creideamh. Agus
Dia a chíonn an croidhe, thug sé fiadhnaise 'n-a
bhfábhar, mar do thug sé an Spioraid Naomh dóibh fé
mar a thug se dhúinne é. Agus níor dhein sé aon
deifrígheacht idir sinne agus iadsan, mar do ghlan sé
a gcroidhe leis an gcreideamh. Cad chuige dhaoibh,
d'á bhrígh sin, bheith ag tathant ar Dhia go gcuirfeadh sé
ar mhuinéalaibh na ndeisgiobul cuing nár fhéad ár
n-aithreacha ná sinne a dh'iompar? Ach creidimíd
go saorfar sinne, agus iadsan mar an gcéadna, tré
ghrásta ár dTighearna Íosa Críost.



Ansan d'fhan na daoine go léir ciúin agus bhíodar
ag éisteacht le Pól agus le Barnabas 'ghá innsint
cad iad na mírbhúiltí uathbhasacha a bhí déanta ag Dia
tríotha féin imeasg na ngeinte.



Agus nuair éisteadar d'fhreagair Séamus agus
dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, éistidh liom. Tá
innste ag Símón conus mar a dh'fhéach Dia ar dtúis
ar na geintibh chun go dtógfadh sé asta pobul d'á
ainim féin. Agus tá cainnt na bhfáidh ag teacht isteach
leis sin, do réir mar atá sgríobhtha: Tar éis na
neith sin fillfead agus cuirfead suas airís an taber-
nacul so Dháibhid atá ar lár, agus deiseóchad a bhfuil
briste dhe, agus cuirfead 'n-a sheasamh airís é, I dtreó
go loirgeóchaid an chuid eile de sna daoine an
Tighearna, agus na geinte go léir, 'na bhfuil m'ainim
dá ghlaodhach os a gcionn, adeir an Tighearna agus na
neithe sin aige 'á dhéanamh. Tá fios a oibre féin
ag an dTighearna ó thusach an tsaoghail. Dá bhrígh sin
isé mo bhreiteamhantas-sa, gan buaireamh a chur ar na
daoine atá iompuighthe chun Dé as na geintibh, Ach
sgríobhadh chúcha, iad féin a sheachaint ar thruailliú íomh-
ághthach, agus ar dhrúis, agus ar fheóil thachtaithe,
agus ar fhuil. Óir tá ag Maois, ó'n sean-aimsir,
i ngach cathair, daoine chun é dh'fhógairt ins na sinagóg-
aibh, mar a léightear é gach sabbóid.



Ansan do shocaruigh na h-Aspuil agus na seanóirí
agus an eaglais go léir air go gcurfí go h-Antioch,
i n-aonfheacht le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a


L. 332


dtugtí Barnabas, agus Sílas, fir thosaigh imeasg na
mbráithre, Agus go gcurfí an sgríbhinn seo ar a
lámhaibh:



Ó sna h-Aspuil, agus ó sna seanóirí, na
bráithre, chun na mbráthar ngeinteach atá i n-Antioch
agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúghadh dhóibh.
Toisg gur airígheamair go ndeaghaidh daoine
amach uainne agus gur chuireadar buaireamh
oraibhse, ag suathadh bhur n-aigne le neithibh nár
órduigheamairne, Do thánamair i bhfochair a chéile
agus do shocaruígheamair ar fhearaibh do thogha
agus do chur chúghaibh i n-aonfheacht le n-ár gcáir-
dibh ionmhuine Barnabas agus Pól, fir a thug a
n-anam ar son ainime ár dTighearna Íosa Críost.
Tá curtha uainn againn, d'á bhrígh sin, Iúdás agus
Sílas agus neosfaid siad san daoibh ó bhéal, na
neithe céadna. Is toil leis an Spioraid Naomh
agus linne gan a thuille ualaigh do chur oraibhse
ach an méid seo atá riachtanach .i, Ná n-íosfaidh sibh
neithe do h-ídhbreadh d'íomhághthibh, ná fuil, ná
feóil a tachtadh, agus go staonfaidh sibh ó dhrúis.
Má dhéineann sibh an méid sin beidh an sgéal go
maith agaibh. Slán libh."



Ansan do cuireadh iad-san chun siubhail agus chuadar
síos go h-Antioch, agus chruinnígheadar an pobul agus
thugadar uatha an sgríbhinn, Agus nuair a léigheadh
é bhí áthas ortha mar gheall ar an sólás. Ach fáidhí
ab eadh Iúdás agus Sílas féin agus dheineadar mórán
cainnte leis na bráithribh agus thugadar mórán sólás
dóibh agus mórán misnigh. Ansan d'fhanadar ann
rainnt aimsire agus 'n-a dhiaidh san do chuir na bráithre
chun siubhail iad go síothach ag triall ar an muinntir


L. 333


a chuir uatha iad. Ach do shocaruigh Sílas ar fhanmhaint
ann agus chuaidh Iúdás i n'aonar thar n-ais go Ierú-
salem.



Agus d'fhan Pól agus Barnabas i n-Antioch, ag
teagasg agus ag craobhsgaoile bréithir an Tighearna,
mar aon le mórán eile daoine. Ansan, tar éis rainnt
laethanta dubhairt Pól le Barnabas: Iompuighmís
agus tugaimís cuaird ar na bráithribh, tré sna cath-
rachaibh go léir ionar chraobhsgaoileamair briathar
an Tighearna, féachaint conas atá an sgéal acu. Ach
ba mhian le Barnabas Eoin, ar a dtugtí Marcus, do
bhreith leis. Dubhairt Pól, ámhthach, nár cheart dóibh an
duine sin a ghlacadh, (mar gur imthigh sé uatha i bPam-
philia agus nár chuaidh sé sa n-obair leó). Agus bhí
easaontacht ann i dtreó gur sgaradar le n-a chéile,
agus chuaidh Barnabas ar luing go Cuprus agus do
rug sé Marcus leis.



Agus do rug Pól Sílas leis agus ghluais sé chun
siúbhail, agus chuir na bráithre fé chomairche ghrásta
Dé é. Agus shiúbhluigh sé Siria agus Cilicia, ag cur
misnigh ar na h-eagailsíbh, agus 'ghá rádh leó aitheanta
na n-Aspol agus na seanóirí do chimeád.



CAIBIDIOL XVI.



Tugann Pól cuaird na n-eagailsí. Glaodhtar é chun sean-
móinighthe i Macedonia. Sgiúrsáltar é i bhPhilippí.



Agus tháinig sé go dtí Derbé agus go dtí Listra.
Agus féach, bhí sa n-áit sin deisgiobul dár bh' ainim
Tímoteus, mac do mhnaoi Iúdach n-a raibh an creideamh
aici, agus d'athair gheinteach. Thug na bráithre a bhí
i Listra agus i n-Icónium teistiméireacht mhaith ar an
bhfear san. Ba mhian le Pól an fear san do dhul leis
féin, agus dhein sé tímpallghearradh air mar gheall ar
na Iúdaígh a bhí ins na h-áiteanaibh sin. Óir dob eól
dóibh go léir gur gheinteach a athair. Agus ag gabháil


L. 334


tré sna catharachaibh dóibh thugadar do sna daoine le
cimeád na reachta a bhí déanta ag na h-Aspuil agus
ag na seanóirí a bhí i n-Ierúsalem. Agus mar sin bhí
na h-eagailsí d'á ndainginiú sa chreideamh agus ag
dul i líonmhaire gach lá.



Agus nuair a bhíodar ag gabháil tré chrích Phrigia agus
Ghalatia do chosg an Spioraid Naomh iad ar bhriathar Dé
do labhairt i n-Ásia. Agus nuair a thánadar isteach
i Misia chuireadar chun dul isteach i mBitinia ach níor
leog Spioraid Íosa dhóibh dul ann. Ach tar eis gabháil
tré Misia chuadar síos go Tróas.



Agus do taisbeánadh aisling do Phól sa n-oidhche;
fear ó Mhacedonia n-a sheasamh, agus é 'ghá ghuidhe,
agus deireadh sé: Tar anall go Macedonia agus cabhruigh
linne. Agus nuair a chonnaic sé an aisling do chea-
pamair láithreach dul go Macedonia mar bhíomair
deimhnightheach go raibh glaoidhte ag Dia orainn chun
craobhsgaoile dhéanamh dóibh.



Chuamair ar luing, ceann ar aghaidh ó Thróas go
dtánamair go Samotrácé, agus go Neápolis an
lá 'n-a dhiaidh san, Agus as san go Philippí, príomh-
chathair sa chuid sin de Mhacedonia agus cathair daoine
iasachta. Thugamair rainnt laethanta sa chathair sin,
i gcómhairle.



Agus lá na sabbóide chuamair amach an geata
i n-aice abhan, mar ar samhluigheadh úrnuighthe bheith ar
siúbhal, agus do shuidheamair ann agus bhíomair ag
cainnt le mnáibh a bhí cruinnighthe ann. Agus bhí bean
acu agus Lídia ab ainim di agus bhíodh sí ag díol pur-
puir i gcathair na dTiatírénach, agus bean diadha
ab eadh í. D'airigh sí an chainnt agus d'osgail an
Tighearna a croidhe chun go n-éistfeadh sí le n-a raibh ag
Pól d'á rádh, Agus do baisteadh í féin agus a teagh-
lach, agus ansan d'iarr sí nídh: Má 'sé bhur meas (ar
sise) go bhfuilimse dílis do'n Tighearna tagaidh isteach
am thigh agus fanaidh ann. Agus chuir sí fhiachaibh orainn
dul.



Agus do thárla, agus sinn ag dul chun úrnuighthe,
go dtáinig ar an slighe rómhainn cailín n-a raibh spior-


L. 335


aid phútónach inti. Agus do gheibheadh sí mórán
saidhbhris do'n mhuinntir go mba leó í, ag tabhairt feasa
uaithi. Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag
liúirigh agus deireadh sí: Seirbhísigh do'n árd-Dhia
iseadh na fir sin, agus táid siad ag innsint slighe bhúr
slánuighthe dhaoibh. Bhí sí 'ghá dhéanamh san ar feadh
mórán laethanta. Do ghoill san ar Phól agus d'iom-
puigh sé agus dubhairt sé leis an spioraid: Deirim
leat, i n-ainim Íosa Críost, imtheacht amach aisti.
Agus d'imthigh, an uair chéadna.



Ansan, nuair a chonnaic an mhuinntir go mba leó
í go raibh deire le n-a súil leis an saidhbhreas, do ruga-
dar ar Phól agus ar Shílas agus do thugadar leó iad
go h-áit an mhargaidh, i láthair na n-uachtarán. Agus
chuireadar i láthair na ngiúistísí iad agus dubhradar:
Iúdaígh iseadh na daoine seo, agus táid siad ag cur
na catharach tré n-a chéile orainn. Agus tá nós acu
dá theagasg nách dleaghthach dúinne a ghlacadh, mar is
Rómhánaigh sinn. Agus do chruinnigh an pobul 'n-a
gcoinnibh, agus do stracadh a gcuid éadaigh, agus
d'órduigh na giúistísí gabháil de shlataibh ortha. Agus
do buaileadh mórán buillí ortha agus ansan do cuir-
eadh i bpríosún iad, agus dubhradh le fear an phríosúin
iad a chimeád go maith. Agus nuair a fuair sé sin
an t-órdú san do chuir sé sa charcair ba shia isteach
iad agus a gcosa daingean i gceap adhmaid.



I lár na h-oidhche, ámhthach, bhí Pól agus Sílas ag
déanamh úrnuighthe agus ag moladh Dé, agus bhí na
príosúnaigh ag éisteacht leó. Agus go h-obann do
tháinig luasgadh talmhan i dtreó go raibh fallaí an
phríosúin d'á suathadh go bun. Ansan, siúd na geataí
go léir ar osgailt agus na ceangalacha sgaoilte de
sna príosúnaigh go léir. Do dhúisigh fear cimeádta
an phríosúin as a chodla agus nuair a chonnaic sé dóirse
an phríosúin ar osgailt cheap sé go raibh na príosúnaigh
imighthe agus tharraig sé a chlaidheamh as a thruail chun
é féin a mharbhadh. Do liúigh Pól air, ámhthach, do ghuth


L. 336


árd agus dubhairt sé: Ná dein aon díobháil duit fhéin;
táimíd go léir anso. D'iarr sé solus agus chuaidh
sé isteach agus chaith sé é féin ag cosaibh Phóil agus
Shílais, Agus thug sé leis amach iad agus dúbhairt sé:
A Thighearnaí, cad 'tá le déanamh agam ionus go
saorfí me? Agus dubhradar-san: Creid sa Tighearna
Íosa agus beidh tú slán, tu féin agus do theaghlach.
Agus do labhradar briathar an Tighearna leis féin
agus le n-a raibh 'n-a theaghlach. Agus thóg sé iad an
tráth céadna de'n oidhche agus do nígh sé a gcneadhacha,
agus do baisteadh é féin agus a theaghlach láithreach.
Agus thug sé isteach 'n-a thigh féin iad agus chuir sé
'n-a suidhe chun búird iad, agus bhí gáirdeachas air féin
agus ar a theaghlach agus a gcreideamh i nDia.



Agus nuair a tháinig an lá chuir na giúistísí oificeacha,
'ghá rádh: Sgaoilidh uaibh na fir sin. D'innis fear cim-
eádta an phríosúin an chainnt sin do Phól: Chuir na giúis-
tísí órdú sibh do sgaoile chun siúbhail; anois, dá
bhrígh sin téighidh amach agus imthighidh i síothcháin. Dubhairt
Pól leó, ámhthach: Is fir Rómhánacha sinn. Do sgiúr-
sáladh sinn os cómhair an phobuil, gan breith tabhartha
orainn, agus do cuireadh i bpríosún sinn. An maith
leó anois sinn do dhíbirt uatha a gan fhios? Ní bheidh
san mar sin. Tagaidís anso. Agus cuiridís féin
amach sinn. D'innis na h-oificeacha do sna giúistísíbh
an chainnt sin. Tháinig sgannra ortha nuair airíghdar
gur bh' fheara Rómhánacha iad. Thánadar agus d'iarra-
dar maitheamhnachas ortha, agus do rugadar amach iad
agus d'iarradar ortha imtheacht as an gcathair. Ach
nuair a chuadar-san amach as an bpríosún chuadar
isteach i dtigh Lídia, agus chonnacadar na bráithre
agus chuireadar sólás ortha. Ansan do ghluaiseadar
chun siúbhail.


L. 337


CAIBIDIOL XVII.



Seanmóiniú Phóil do sna Tessalónaigh agus do sna Bereánaigh.
A chainnt leis na h-Aténachaibh.



Ansan do shiúbhluíghdar Amphipolis agus Apollónia,
agus thánadar go Tesaloníca, áit 'na raibh sinagóg
leis na Iúdaígh. Chuaidh Pól isteach chúcha, mar ba
ghnáth leis, agus i gcaitheamh trí sabbóidí bhí sé ag
léiriú dhóibh as an Scriptiúir, 'Ghá osgailt dóibh agus
'ghá chur 'n-a luighe ortha conus nár bhfoláir do'n
Chríost fulang agus eirighe ós na mairbh; agus gur b'é
seo an t-Íosa Críost, atá agamsa d'á fhógairt
daoibhse. Agus do chreid cuid acu agus ghabhdar le
Pól agus le Sílas, agus de sna geintibh a bhi diadha,
sluagh ana-mhór, agus rainnt nár shuarach de mhnáibh a bhí
uasal.



Ansan tháinig éad ar na Iúdaígh agus do bhailíghdar
as an sluagh rainnt droch-dhaoine agus dheineadar
achrann agus chuireadar an chathair i gcollóid. Ansan
thánadar tímpal ar thigh Iásoin agus bhíodar a d'iarraidh
go gcurfí amach chun an phobuil iad-san. Agus nuair
ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de
sna bráithre i láthair uachtarin na catharach, 'ghá rádh
go h-árd: tháinig anso, leis, an aicme seo atá
ag cur na catharach tré chéile, Agus ghlac Iáson
iad: agus táid siad go léir ag gabháil i gcoinnibh
dlighe Chaesair, 'ghá rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa.



Agus do ghríosadar na daoine agus na h-uachtaráin,
a bhí ag éisteacht leis na neithibh sin. Agus nuair a bhain-
eadar sásamh de Iáson agus de'n gcuid eile do
leogadar chun siúbhail iad.



Agus gan mhoill do chuir na bráithre chun siúbhail,
san oidhche, Pól agus Sílas, go Beréa. Agus nuair a
tánadar ann do chuadar isteach i sinagóig na n-Iúdach.
Agus bhíodar so níos uaisle 'ná muinntir Thesaloníca,
agus do ghlacadar an briathar le lán-díogras, agus
bhídís coitchianta ag cuardach na Scriptiúirí féachaint


L. 338


an mbíodh san amhlaidh. Agus do chreid a lán acu,
agus de sna mnáibh geinteacha a bhí uasal, agus cuid
nár bheag de sna fearaibh. Ansan d'airigh na Iúdaígh
i dTesaloníca go raibh Pól ag teagasg bréithir Dé
i mBeréa agus thánadar ann ag déanamh toirmisg
ag cur thré chéile ar na daoine. Ansan, go tapaidh,
chuir na bráithre Pól chun na faraige; ach d'fhan Sílas
agus Tímoteus sa n-áit.



Agus an mhuinntir a chuaidh le Pól do rugadar go
dtí Aténé é, agus thug sé órdú dhóibh le tabhairt do
Shílas agus do Thímoteus 'ghá rádh leó teacht ag triall
air láithreach, agus ghluaiseadar.



An fhaid a bhí Pól i n-Aténé ag feitheamh leó d'eirigh
dásacht aigne istigh ann nuair a chonnaic sé an chathair
tabhartha suas ar fad d'adhradh na n-íodhol. Bhíodh
sé, dá bhrígh sin, ag díospóireacht sa tsinagóig leis na
Iúdaígh agus leis na daoine a bhí diadha, agus i n-áit
an mhargaidh gach aon lá, leis na daoine a bhíodh ann.
Agus bhíodh cuid d'ollamhnaibh na n-Epicúrach agus na
Stóiceach ag cur air, agus deireadh cuid acu: Cad
'tá ó'n bhfear so n-a bhfuil an chainnt go léir aige?
Ansan deireadh tuille acu: Déithe nua atá aige 'á
chraobhsgaoile, is dócha; mar bhí sé ag cainnt leó i
i dtaobh Íosa agus i dtaobh na h-aiseiríghe. Ansan do
rugadar air agus thógadar leó é go dtí an t-Areo-
pagus, agus dubhradar: An misde dhúinne eolus a
dh'fhághail ar an dteagasg nua so atá agatsa 'á thabh-
airt uait? Tá neithe nua agat 'á chur i n-ár gcluasaibh.
Ba mhaith linn a fhios a bheith againn cad é an saghas neithe
i iad. (Ba ghnáth, ámhthach, leis na h-Aténigh go léir
agus le pé daoine iasachta a bhíodh ann gan suim a chur


L. 339


i n-aon rud eile ach bheith ag innsint agus ag cloisint
nuacht.)



Do sheasaimh Pól i lár an Areopaguis agus dubhairt
sé: A fheara Aténacha, chím sibhse, ins gach slighe, ana-
úmhal do dhéithibh. Óir, ag gabhail na slighe agus ag
féachaint dom ar bhúr n-íomhághthibh, do fuaras altóir
agus bhí sgríobhtha uirthi "Do'n Dia ná h-aithníghtear."
An nídh sin a dh'onórann sibh gan aithne agaibh air,
táimse 'ghá theagasg daoibh. Dia, a dhein an domhan
agus gach a bhfuil ann, ó 'sé Tighearna neimhe agus
talmhan é, ní chómhnúigheann sé i dteampallaibh a
deineadh le lámhaibh; Ná ní deintear dó, le lámhaibh
daoine, seirbhís go bhfuil gádh aige leis, óir isé féin
a thugann do gach duine anam agus anál agus gach uile
nídh. Agus do chuir sé, ó aon duine amháin, an chine
daona go léir 'n-a gcómhnuidhe ar uachtar na talmhan,
agus do cheap sé gach tréimhse aimsire dhóibh chun cómh-
nuighthe ann, agus gach teóra, Chun iad a bheith ag lorg
Dé, féachaint an bhféadfaidís teangabháil leis ná
teacht suas leis, bíodh ná fuil sé abhfad ó gach duine
againn. Óir is ann féin a mhairimíd agus a chorruigh-
míd agus atáimíd, fé mar adeir daoine d'bhur bhfilíbh
fin; "Óir is d'á gheineamhaint sinn." D'á bhrígh sin,
ó's de gheineamaint Dé sinn, ní cóir dúinn a mheas
go mbeadh Dia cosmhail le h-ór 'ná le h-airgead ná
le cloich, snoíghe ealadhan agus ceapadh aigne duine.
Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainbhfiosa
san thairis agus 'ghá fhógairt do sna daoine, go ndéan-
faidís go léir aithrighe ins gach aon bhall, Mar go bhfuil
lá ceapaithe aige chun breitheamhantais a thabhairt ar an
ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe
aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur
thóg sé ó sna mairbh é.



Ach nuair airíghdar an aiseirighe ó sna mairbh chrom


L. 340


cuid acu ar mhagadh dhéanamh, agus dubhairt cuid acu:
Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaobh an sgéil sin.
Ansan d'imthigh Pól uatha amach. Ach do lean fir
áirithe é agus chreideadar, ar a raibh Díonusios an
t-Areopagach, agus bean n-ar bh'ainim di Damaris,
agus tuille leo.




CAIBIDIOL XVIII.



Eaglais Coirint dá cur ar bun ag Pól, agus é ag seanmóiniú
i n-Ephesus, agusrl. Apollo do dhul go h-Ephesus.



Tar éis an méid sin d'fág sé cathair Aténé agus
tháinig sé go dtí Coirint. Agus fuair sé sa n-áit sin
Iúdach n-ar bh'ainim dó Acuila, fear a rugadh i bPontus
agus a bhí tar éis teacht go déanach ó'n Eadáil, agus
Priscilla, a bhean (do dheasgaibh a bheith órduighthe ag
Claudius do sna Iúdaígh go léir imtheacht ó'n Róimh),
agus chuaidh sé ag triall ortha. Agus toisg é bheith
ar aon cheárd leó d'fhan sé 'n-a bhfochair ag obair ar
an gcéird (agus ag déanamh pailiún ab eadh an
cheárd). Agus bhíodh sé sa tsinagóig ag pléidh, gach lá
sabbóide, ag trácht ar ainim an Tighearna Íosa, agus
bhí sé ag tabhairt na nIúdach agus na nGréagach leis.



Ansan nuair a tháinig Sílas agus Tímoteus chuige
ó Mhacedonia do ghéaruigh Pól sa teagasg, gá chur
'n-a luighe ar na Iúdaígh gur b'é Íosa is Críost ann.
Ach bhí na Iúdaígh 'ghá bhréagnú go masluightheach.
Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé:
Bíodh bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse
glan. Tabharfad aghaidh ar na geintibh feasda. Ansan
d'fhág sé an áit sin agus tháinig sé go tigh duine dár
bh'ainim Títus Iústus, duine a bhí úmhal do Dhia, agus
go raibh a thigh ceangailte de'n tsinagóig. Agus do
chreid Crispus, uachtarán na sinagóige, sa Tighearna,
agus a theaghlach go léir, agus do chreid mórán de
sna Coirintigh a bhí ag éisteacht leis agus do baisteadh
iad.



Ansan dubhairt an Tighearna le Pól, i n-aisling, san


L. 341


oidhche: Ná bíodh eagal ort, ach labhair agus ná h-éist,
Óir táimse leat, agus ní leómhfaidh aoinne dochar a
dhéanamh duit; mar tá mórán daoine sa chathair seo
agamsa.



Agus d'fhan sé ansan bliain agus sé mhí ag teagasg
bréithir Dé 'n-a measg. Ach nuair a bhí Gallió 'n-a
phróchonsul i n-Acaía d'eirigh na Iúdaígh, do thoil a chéile
i n-agaidh Phóil agus thugadar os cómhair an t-suidhe-
bhratha é, Agus dubhradar: Tá an fear so ag cur na
ndaoine suas chun Dia d'adhradh go h-aindleaghthach.
Ach nuair a bhí Pól ag tusnú ar a bhéal a bhogadh chun
labhartha dubhairt Gallió leis na Iúdaígh: A fheara
Iúdacha, dá mba éagcóir é, nú coir chionntach ana-olc,
ba cheart dom cur suas libh. Ach má's cúrsaí focal
é, agus ainimneacha, agus bhúr ndlighe-se, féachaidh
féin chuige: ní h-áil liomsa bheith am breitheamh ar na
neithibh sin. Agus do chomáin sé ó'n suidhebhratha
iad. Agus do rugadar go léir ar Shóstenés uach-
tarán na sinagóige agus bhíodar ag gabháil air os
cómhair an tsuidhebhratha agus níor chuir Gallió aon
tsuim i n-aon nídh de sna neithibh sin.



D'fhan Pól mórán laethanta sa n-áit. Ansan
d'fhág sé slán ag na bráithribh agus chuaidh sé ar luing
go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n-aonfheacht
leis) tar éis a chínn a bhearradh i gCencrea, mar bhí
móid aige. Agus tháinig sé go dtí Ephesus agus
d'fhág sé iad-san ann. Agus chuaidh sé féin isteach
sa tsinagóig ag díospóireacht leis na Iúdaígh. Agus
d'iarradar air fanmhaint níos sia ach níor thoiligh sé
chuige, Ach d'fhág sé slán acu agus dubhairt sé: Tioc-
fad chúghaibh airís má's toil le Dia é. Ansan d'imthigh
sé ó Ephesus.



Agus chuaidh sé síos go Caesaréa. Ansan chuaidh
sé suas agus bheannuigh sé do'n eaglais, agus chuaidh
sé síos go h-Antioch.



Chaith sé suim aimsire ansan, agus ghluais sé tré


L. 342


dhúthaíbh Ghalatia agus Phrigia, i ndiaidh chéile, ag cur
misnigh ar na deisgiobuil go léir. Tháinig, ámh, go
h-Ephesus Iúdach n-ar bh'ainim dó Apollo, Alecsan-
dríneach, fear deaghlabhartha, láidir ins na Scriptiúr-
aibh. Bhí sé oilte ar shlighe an Tighearna agus do labhair
sé le díogras aigne agus do theagaisg sé go dúthr-
achtach na neithe a bhaineann le h-Íosa, agus gan ar eólus
aige ach baiste Eóin. Do chrom an fear san ar labh-
airt go dána sa tsinagóig. Agus nuair a dh'airigh
Priscilla agus Acuila é thugadar leó é agus mhúin-
eadar dó níos cruinne slighe an Tighearna. Ansan
ba mhian leis dul go h-Acaia agus do sgríbh na bráithre
ag triall ar na deisgiobuil 'ghá iarraidh ortha é
ghlacadh. Agus nuair a tháinig sé thug sé congnamh
mór do'n mhuinntir a bhí tar éis creideamhaint. Óir
do chuir sé 'n-a luighe go cuthaigh ar na Iúdaígh, go puib-
ilídhe, gur b'é Íosa is Críost ann.



CAIBIDIOL XIX.



An eaglais dá chur ar bun ag Pól i n-Ephesus. Clampar
na ngaibhní ngeal.



Agus do thárla, le linn Apollo bheith i gCoirint
go dtáinig Pól go h-Ephesus, nuair a bhí na h-áiteana
uachtaracha siúbhaltha aige, agus go bhfuair sé rainnt
deisgiobul; Agus dubhairt se leó: Ar ghlacbhúir
an Spioraid Naomh ó chreidbhúir? Agus dubhradar-
san leis: Ní h-eadh ach níor chloiseamair an Spioraid
Naomh a bheith ann i n-aon chor. Agus dubhairt seisean:
Má 'seadh cad ann 'nar baisteadh sibh? Agus dubh-
radar: I mbaiste Eóin. Agus dubhairt Pól: Do
bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt
sé leó nár bh'fholáir dóibh creideamhaint sa' t-é a bhí
le teacht 'n-a dhiaidh féin, 'sé sin, i n-Íosa. Nuair a
dh'airíghdar an méid sin do baisteadh iad i n-ainim an
Tighearna Íosa. Ansan do chuir Pól a lámha ortha


L. 343


agus do thúirling an Spioraid Naomh ortha agus do
labhradar i dteangthachaibh agus dheineadar targair-
eacht. Agus tímpal dáréag acu a bhí ann ar fad.



Agus bhíodh sé ag dul isteach sa tsinagóig agus ag
labhairt ann go dána, ar feadh trí mhí, ag díospóir-
eacht agus ag cur i bhfeidhm i dtaobh rígheachta Dé. Ach
bhí daoine dúra ann ná creidfeadh, ach bhíodh ag tar-
cuisniú slighe an Tighearna os cómhair na ndaoine.
D'imthigh sé uatha agus do dheighil sé na deisgiobuil
uatha, agus bhíodh sé ag argóint gach lá i sgoil fir dár
bh'ainim Turannos. Do lean san mar sin ar feadh dá
bhlian, i dtreó gur airigh gach a raibh i n-Ásia, idir
Iúdach agus Geinteach, briathar an Tighearna. Agus
do dhein Dia mírbhúiltí éagsamhlacha tré láimh Phóil.
I dtreó go mbeirtí chun na ndaoine mbreóite, ó n-a
cholainn, ciarsúirí agus aprúin, agus go n-imthígheadh
an bhreóiteacht díobh, agus go n-imthígheadh na deamhain
asta.



Do thárla go raibh cuid de sna Iúdaígh ag imtheacht
ó áit go h-áit agus go rabhdar a d'airraidh deamhan a
chur amach, agus d'agraidís ainim an Tighearna Íosa
agus deiridís: Fógraim oraibh Íosa atá ag Pól d'á
chraobhsgaoile. Agus bhí Iúdaígh áirithe, mórsheisear
mac a bhí ag Scebha duine d'uachtaránaibh na sagart,
'ghá dhéanamh san. Ach d'fhreagair an annsprid iad
agus dúbhairt sé: Tá aithne agam ar Íosa agus tá
éolus agam ar Phól, ach cia h-iad sibhse? Agus an
fear n-a raibh an annsprid mhalluighthe ann do léim
sé chúcha agus fuair sé an lámh uachtair ar an mbeirt
acu agus ghaibh sé ortha i dtreó gur ritheadar as an
dtigh sin tárnocht, agus iad geárrtha. Do h-innseadh
an méid sin d'á raibh d'Iúdachaibh agus de Gheintibh
i n-Ephesus agus tháinig sgannra ortha go léir, agus
do móradh ainim an Tighearna Íosa.



Agus bhíodh a lán de'n mhuinntir a chreid ag teacht
ag déanamh faoisdine agus ag innsint a ngníomhartha.
Agus a lán de'n mhuinntir a bhíodh ag déanamh deis-
mireachta thugadar na leabhair leó agus do dhóghdar


L. 344


iad os cómhair na puibilídheachta. Agus do measadh
fiacha na leabhar, agus do fuaradh gur bh'fiú caogad
míle píosa airgid iad. Sin mar a bhí briathar Dé
ag fás go láidir agus ag dul i ndaingineacht.



Nuair a bhí na neithe sin críochnuighthe do bheartuigh
Pól, sa spioraid, gabháil tré Mhacedonia agus tré
Acaia agus dul go Ierúsalem, agus dubhairt sé: Tar
éis me bheith sa n-áit sin ní foláir dom an Róimh a
dh'fheisgint. Ansan chuir sé beirt d'á lucht frithálmha,
Tímoteus agus Erastus, go Macedonia agus d'fhan
sé féin ar feadh tamaill san Ásia.



Agus d'eirigh an uair sin achrann nár shuarach i dtaobh
slighe an Tighearna. Bhí fear n-ar bh' ainim dó
Démétrius, agus gabha geal ab eadh é, agus bhíodh sé
ag déanamh teampall airgid do Dhiána agus bhíodh fágh-
altas nár shuarach ag ceárduighthibh d'á bhárr. Chruinnigh
sé i láthair a chéile iad féin agus an lucht oibre a bhain
leó agus dubhairt sé: A fheara, is eól daoibh gur as
an gcéird seo a thagann ár gcuid chúghainne. Ach
chíonn sibh agus airígheann sibh conus mar atá mórán
daoine iompuighthe ag Pól so, le n-a chómhrádh, ní
h-amháin i n-Ephesus ach ar fuid na h-Ásia go léir nách
mór, 'ghá chur 'n-a luighe ortha — Ní déithe i n-aon chor
na déithe a deintear le lámhaibh. Is baoghal go dtabh-
arfaidh san droch-ainim d'ár slighe bheatha, agus ná
fágfaidh sé aon mheas ar theampull mhór Dhiána, agus ní
h-amháin sin ach go dtusnóchaidh a mórdhacht ar dhul ar
neamhnídh, bíodh go n-adhrann an Ásia go léir agus an
domhan go léir í. Nuair airíghdar an chainnt sin do
lasadar le feirg agus do liúghdar: Is mór í Diána
na n-Ephesiánach!



Do cuireadh an chathair go léir tré n-a chéile. Do
ritheadar i n-aonfheacht chun an téátair agus greim acu
ar Ghaius agus ar Aristarchus, Macedonaigh, comrád-
aithe do Phól. Cheap Pól dul isteach ameasg na
ndaoine. Ní leogfadh na deisgiobuil dó é. Agus
bhí cuid d'uachtaránaibh na h-Ásia ann, cáirde dhó, agus
chuireadar teachtaireacht chuige 'ghá iarraidh air gan dul
isteach sa téátar. Do liúigh duine an rud so agus
duine eile an rud úd. Is amhlaidh a bhí measgán


L. 345


mearaidhe ar an bpobul agus ní fheidir an chuid ba
mhó dhíobh cad a thug ann i n-aon chor iad. Do tharaig-
eadar Alecsander amach as an mbrúth. Do sháigh
na Iúdaígh amach é. Do bhagair Alecsander a lámh
ortha a' d'iarraidh ciúnais chun go míneóchadh sé an
sgéal do sna daoine. Ach nuair a chonnacadar gur
bh' Iúdach é chuireadar go léir aon liú amháin suas:
Is mór í Diána na n-Ephesiánach! agus do leanadar
de'n liúgh ar feadh suas le dhá uair a' chluig.



Ansan do chuir cléireach na catharach chun suaimhnis an
pobal agus dubhairt sé: A fheara Ephesiánacha, cá
bhfuil an duine beó ná fuil fhios aige go n-adhrann
muinntir na chatharach so Ephesus Diána mhór, inghean
Iúpiteir? D'á bhrígh sin óir nách féidir an méid sin do
shéanadh is ceart daoibh fanmhaint socair agus gan aon
bheart obann a dhéanamh. Thugbhúir anso na fir seo agus
gan masla tabhartha acu d'bhúr dteampull 'ná d'bhur
mbandia. Ach má tá ag Démétrius, agus ag na ceár-
duighthibh atá le n-a chois, cúis i gcoinnibh aoinne, táid na
cúirteana ann agus na próchonsuil: Cuiridís neithe i
leith a chéile. Má tá aon nídh eile agaibh d'á lorg,
socaruightear é i gcómhthionól a bheidh do réir dlighe.
Agus is baoghal go gcurfar i n-ár leith toirmeasg an
lae indiu agus gan aoinne cionntach (gur féidir cuntas
a thabhairt air) leis an gcruinniú so. Nuair a bhí an
méid sin ráidhte aige do chuir sé an pobal chun siúbhail.



CAIBIDIOL XX.



Cuaird Phóil tre Mhacedonia agus tríd an nGréig. Duine
aige á thógaint ó'n mbás i dTróás. A chainnt le cléir Ephesuis.



Ansan, nuair a bhí an toirmeasg imighthe do ghlaoidh
Pól chuige na deisgiobuil agus do chómhairligh sé iad,
agus d'fhág sé slán acu agus do ghluais sé chun dul
go Macedonia. Agus nuair a bhí na triúcha san
aige agus mórán cainnte déanta aige leis
na daoine tháinig sé sa Ghréig. Bhí sé trí mhí sa n-áit


L. 346


sin. Ansan cheap sé dul go Síria ar luing ach bhí na
Iúdaígh i gceilg ag faire air agus shocaruigh sé ar
theacht tré Mhacedonia. Agus chuaidh i n-aonfheacht
leis Sópatér Mac Phirruis, ó Bheréa; agus Aris-
tarchus agus Secundus Tessalónaigh; agus Gaius
ó Dherbé, agus Tímoteus; agus Tuchicus agus Troph-
imus, beirt Ásiánach. Chuadar san rómhainn agus
d'fhanadar linn i dTróás.



Agus do chuamair-ne ar luing ó Philippí, tar éis
laethanta an aráin gan giost, agus bhíomair chúig
lá ag teacht go Tróás agus d'fhanamair ann seacht lá.



Ansan, an chéad lá de'n tseachtmhain do thánamair
i bhfochair a chéile chun aráin do bhrise, agus bhí Pól ag
tabhairt teagaisg dóibh, mar bhí sé le h-imtheacht ar
maidin amáireach a bhí chúghainn, agus do lean sé ar
an dteagasg go meadhon oidhche. Ach bhí lóchrainn ár
ndóthin againn sa tseómra mór 'na rabhmair cruinn-
igthe. Agus bhí buachaill dár bh' ainim Eútuchus 'n-a
shuidhe ar an bhfinneóig, agus thuit sé 'n-a chodla go sámh
an fhaid a bhí Pól ag cainnt. Le truime a chodlata do
thuit sé síos ó'n dtrímhadh lochta agus do tógadh suas
marbh é. Ach do chuaidh Pól síos chuige agus do luigh
sé anuas air agus chuir sé a lámha 'n-a thímpull agus
dubhairt sé: Na bíodh ceist oraibh. Tá a anam ann.
Ansan chuaidh sé suas agus bhris sé arán agus do bhlais,
agus dhein sé cainnt ar feadh abhfad, go dtáinig an
solus, agus ansan d'imthigh sé. Agus do rugadar leó
an buachaill, agus é beó, agus níor bheag é a n-áthas.



Ansan do chuamair-ne ar an luing agus sheólamair
go h-Assos, i dtreó go mbéarfaimís Pól linn ó'n ait


L. 347


sin, óir sin mar a bhí socair aige, agus go raghadh sé
féin ann ar tír. Agus tháinig sé chúghainn i n-Assos
agus thógamair chúghainn é agus thánamair go Miti-
léné. Agus sheólamair ó'n áit sin agus thánamair,
amáireach a bhí chúghainn, ar aghaidh Chíos amach agus an lá
'n-a dhiaidh san do shroiseamair Sámos, agus an lá 'n-a
dhiaidh san airís do thánamair go Milétus; Óir do
bhí Pól ceapaithe ar sheóladh thar Ephesus i dtreó ná
curfí aon ríghneas air sa n-Ásia, mar bhí dithineas
air chun, dá mb' fhéidir dó é, lá na Cíngcíse thabhairt
i n-Ierúsalem.



Ach do chuir sé teachtaireacht ó Mhilétus go h-Ephesus
'ghá rádh le sinnsearaibh na h-eagailse teacht chuige.
Thánadar, agus nuair a bhíodar 'n-a láthair dubhairt
sé leó:



Is eól daoibhse conus mar atá an aimsir go léir
tabhartha agam i nbhúr bhfochair ó'n gcéad lá a thánag
isteach sa n-Ásia, Agus me ag déanamh seirbhíse Dé
le fíor-úmhluigheacht, ag sile deór, agus ag fulag na
dtrioblóidí a tháinig orm tré cheilgibh na n-Iúdach;
Conus mar nár chimeádas siar aon nídh de sna neithibh
a bhí tairbhtheach daoibh, gan iad a theagasg daoibh go
puibilídhe agus i nbhúr dtighthibh, Agus me ag deimh-
niú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n-ár dTighearna
Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.



Agus féach táim ag dul go Ierúsalem fé cheangal
na spioraide, agus ní fios dom cad 'tá le h-imtheacht
orm ann, Ach go bhfuil an Spioraid Naomh ag labhairt
liom coitchianta, ins na cathrachaibh go léir, 'ghá rádh
liom gur slabhraí agus pionóisí atá am chóir i n-Ierú-
salem. Ach ní h-eagal liom aon nídh dhíobh san ná
ní mheasaim gur mó is fiú mo bheatha 'ná me féin, ach
go gcomhlíonfad mo thurus, agus seirbhís an bhréithir,
a fuaras ó'n dtighearna Íosa, fiadhnuise dhéanamh ar
shoisgéal ghrásta Dé. Agus féach anois, is eól dómhsa
ná feicfidh sibh mo ghnúis a thuille, sibhse go léir n-a
bhfuil siúbhaltha i nbhúr measg agam ag craobhsgaoile
rígheachta Dé.


L. 348


D'á bhrígh sin cuirim a fhiadhnuise oraibhse, sa lá so
atá indiu againn, go bhfuilim glan ar chuid fola gach
duine. Mar níor staonas ó chomhairle Dé do chur
i n-iúil daoibh go h-iomlán. Tugaidh aire dhaoibh féin
agus do'n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid
Naomh sibh i n-bhúr n-easbogaibh ag riaghladh eaglaise
Dé a cheannuigh sé le n-a chuid fola féin. Tá fhios
agamsa go dtiocfaidh isteach i n-bhúr measg, nuair a
bheadsa imighthe, faolchoin chraosacha, agus ná staonfaid
siad ó'n dtréad. Agus eireóchaid, oraibh féin, fir
a labharfaidh neithe tuathalacha, chun deisgiobul a tharrac
n'a ndiaidh. D'á bhrígh sin déinidh faire, agus cim-
eádaidh i nbhúr gcuimhne conus mar nár stadas ar
feadh trí mblian, do ló ná d'oidhche, ach ag cómhairliú
an uile dhuine agaibh agus deóra le m'shúilibh.



Agus anois tugaim suas do Dhia sibh agus do
bhriathar a ghrásta, ó's ar a chumas atá an obair do
chríochnú agus an oighreacht a thabhairt daoibh ameasg
na naomh go léir. Níor shanntuigheas airgead ná ór
ná éadach aon duine, Mar is eól daoíbh féin, gurab
iad an dá láimh seo sholáthair gach a raibh riachtanach dom
féin agus do sna daoine atá am fhochair. Tá gach
aon nídh taisbeánta agam daoibh, gur ag obair ar
an gcuma san is ceart dúinn fóirithint ar na daoine
laga, agus cuimhneamh ar bhriathar an Tighearna Íosa
mar go ndubhairt sé féin: Is mó an t-aoibhneas go
mór rud a bhronnadh ná rud a ghlacadh.



Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do leog
sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé guidhe chun Dé 'n-a
dteannta go léir. Ansan bhíodar go léir ag gol go
fuígheach agus ag cur a lámh tímpal ar mhuinéal Phóil
agus 'ghá phógadh, Ag déanamh buartha go mór mar
gheall ar an bhfocal adubhairt sé, ná feicfidís a ghnúis
a thuille. Agus dheineadar é thionnlacan síos chun
na luinge.


L. 349


CAIBIDIOL XXI.



Cuaird Phóil go Ierúsalem. E dhá ghabháil aige sna Iúdaígh
sa teampull.



Agus nuair a thárla go raibh sgartha againn leó agus
sinn ag gluaiseacht fé sheól, thánamair ceann ar aghaidh
go Cóos, agus an lá 'n-a dhiaidh san go Rodos, agus as
san go Patara. Ansan do fuaramair long a bhí ag
dul treasna go Phoenicé, agus chuamair ar bórd
agus ghluaiseamair. Thánamair i radharc Chuprois
agus d'fhágamair ar ár láimh chlé é agus sheólamair
go Síria agus thánamair go Túros; óir is ann a bhí ar
an luing a h-ualach do chur aisti. Fuaramair deis-
giobuil sa n-áit sin agus d'fhanamair ann seacht lá,
agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan
dul suas go Ierúsalem. Ach nuair a bhí na laethanta
caithte do ghluaiseamair agus bhíomair ag imtheacht,
agus thánadar go léir, iad féin agus a mná agus a
gclann, ghár dtionnlacan, go geataí na catharach;
agus do leogamair sinn féin ar ár nglúinibh ar an
dtráigh agus do ghuídhmair. Ansan d'fhágamair slán
ag á cheile agus chuamair-ne ar an luing agus chuadar-
san abhaile. Dheineamair-ne ár gcuaird ar uisge ó
Thúros síos go Ptolemáis agus bheannuighmair do sna
bráithribh a bhí ann agus d'fhanamair lá 'n-a bhfochair.
Ghluaiseamair an lá 'n-a dhiaidh agus thánamair go
Caesaréa. Chuamair, ansan, go tigh Philib, an sois-
géalaidhe, duine de'n mhórsheisear, agus d'fhana-
mair aige.



Bhí aige sin ceathrar inghean, ceathrar maighdean,
agus dheinidís targaireacht. Do stadamair ann rainnt
laethanta agus tháinig chúghainn ó Iúdaéa fáidh n-ar
bh'ainim dó Agabus. Nuair a tháinig sé sin chúghainn do
thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus


L. 350


a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid
Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheang-
alóchaid na Iúdaígh é i n-Ierúsalem, agus tabharfaid
siad i lámhaibh na nGeinte é. Nuair airighmair-ne an
méid sin bhíomair féin agus muinntir na h-áite sin
ag tathant air gan dul suas go Ierúsalem. Ansan
dubhairt Pól 'ár bhfreagradh: Cad tá agaibh á dhéanamh,
ag gol agus ag cur buartha ar mo chroidhe? Táimse
ollamh, ní h-amháin chun ceangail d'fhulag ach fós chun
báis d'fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa. Ansan,
nuair a theip orainn é bhogadh d'éisteamair, agus dubh-
ramair: Toil an Tighearna go ndeintear!



Agus tar éis na laethanta san d'ollmhuighmair
sinn féin agus bhíomair ag dul suas go Ierúsalem.
Agus tháinig i n-aonfheacht linn cuid de sna deisgio-
buil ó Chaesaréa, agus Cupriánach 'n-a dteannta, duine
dár bh'ainim Mnasón, seana-dheisgiobul, n-a rabh-
mair chun bheith ar lóisdín aige.



Thánamair go Ierúsalem agus do ghlac na bráithre
sinn go fáilteach. Amáireach a bhí chúghainn chuamair
féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go
léir cruinnighthe ann. Bheannuigh sé dhóibh agus d'innis
sé dhóibh, tríd síos, gach a raibh déanta ag Dia, tré n-a
fhrithálamh féin, ameasg na nGeinte. Agus nuair
airighdar é thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar
leis: chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna
Iúdaígh atá tar éis creideamhaint, agus tá báidh acu
go léir do'n dlighe. D'airighdar, ámhthach, go bhfuilirse
ghá chur 'n-a luighe ar na Iúdaígh atá ameasg na nGeinte
nach misde dhóibh imtheacht ó Mhaois, agus ná fuil fhiach-
aibh ortha tímpallghearradh do dhéanamh ar a gclainn,
ná réir na dlíghe do leanmhaint. Cad 'tá le déanamh
mar sin? Gan amhras caithfid na daoine cruinniú
mar aireóchaid siad gur thánaís. Dein an nídh seo a
deirimíd leat dá bhrígh sin: Tá ceathrar fear againn
go bhfuil móid ortha. Tóg leat iad san agus glantar
thu i n-aonfheacht leó. Ansan díol-se asta i dtreó
go mbeárrfar a gcinn. Ansan chífidh gach aoinne


L. 351


gur b'éitheach ar airíghdar ad thaobh, agus go bhfuilir
féin ag siúbhal ad chosnamhaidhe do'n dlígh. Ach
i dtaobh na nGeinteach a chreid, do sgríobhmair-ne
ghá órdú dhóibh cimeád ó'n rud a h-ídhbireadh d'íodh-
olaibh, agus ó fhuil, agus ó nídh a tachtadh, agus ó dhrúis.
Ansan do thóg Pól leis na fir lár n-a mháireach agus
do glanadh é i n-aonfheacht leó agus chuaidh sé isteach
sa teampull, tar éis laethanta a nglanta d'fhógairt,
chun go ndéanfí ofráil ar son gach duine acu.



Ach bhí Iúdaígh ó'n Ásia ann agus nuair a bhí na seacht
laethanta dhá gcríochnú chonnacadar sa teampull é
agus do ghríosadar an pobul go léir agus chuireadar
a lámha air agus do liúghdar: Congnamh! a fheara
Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins
gach aon bhall i gcoinnibh an phobuil seo agus i gcoinnibh
na dlighe agus i gcoinnibh na h-áite seo. Thug sé
daoine geinteacha isteach sa teampull agus do sháruigh
sé an áit bheannuighthe seo. Óir bhíodar tar éis Trophi-
muis ó Ephesus a dh'fheiscint sa chathair 'n-a theannta
agus cheapadar go raibh Pól tar éis é thabhairt isteach
sa teampull. Agus bhí an chathair go léir ar buile,
agus do chruinnigh na daoine. Do rugadar ar Phól agus
tharraigeadar amach as an dteampull é agus do
dúnadh na dóirse láithreach.



Agus bhí fonn ortha é mharbhadh, ach do h-innseadh do
thribiún an airm Ierúsalem go léir a bhéith tré n-a
cheile. Thóg sé sin leis saighdiúirí agus taoiseacha
céad agus do rith sé chúcha síos. Nuair a chonnacadar
an tribiún agus na saighdiúirí do stadadar de bheith
ag bualadh Phóil. Ansan do tháinig an tribiún agus
thóg sé é agus d'órduigh sé é cheangal le dhá shlabhra
agus d'fhiafraigh sé cia'r bh'é agus cad a bhí déanta
aige. Ach bhí an tsluagh ag liúirigh, duine ghá rádh so
agus duine ghá rádh súd. Agus nuair nár bh'fhéidir


L. 352


dó deimhin a dh'fhághail mar gheall ar an gcur thré cheile,
d'órduigh sé é thabhairt chun an longphuirt. Agus
nuair a tháinig sé go dtí an staighre do thárla go raibh
na saighdiúirí ghá iompar mar gheall ar dhéine na
ndaoine; Óir bhí an tsluagh 'n-a ndiaidh agus iad ag
liúirigh: Tóg uainn é.



Agus le linn é bhreith isteach sa longphort dubhairt
Pól leis an dtribiún: An misde dhom beagán cainnte
dhéanamh leat? Agus dubhairt seisean: An dtuig-
eann tú Gréigis? Nách tusa an t-Éigipteach úd a
dhein an chíréib ins na laethanta roimis seó agus do
rug leat isteach sa bhfásach cheithre mhíle de ropairíbh.
Agus dubhairt Pól leis: Iúdach iseadh mé go deimhin,
ó Tharsus i gCilicia. Is cómhnuightheach mé do chathair
nach suarach. Iarraim ort leogaint dom labhairt leis
an bpobul. Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh
Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh
agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó
sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé:



CAIBIDIOL XXII.



Pól ghá innsint do'n phobul conus a h-iompuigheadh chun an
chreidimh é féin. É 'dhul ó sgiúrsáil le n-a rádh gur bh'fhear
Rómhánach é.



A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh leis an
gcúntas atá agam le tabhairt daoibh. Nuair airígh-
dar ag labhairt leó é sa teangain Eabhra chiúnuighdar
níba mhó. Agus dubhairt sé: fear Iúdach iseadh mise.
I dTarsus Chilicia do rugadh mé, ach sa chathair seo iseadh
do tógadh me, ag cosaibh Ghamaliéil, agus do múineadh mé
do réir fírinne dlighe ár sínsear, chómh seasamhach
do'n dlighe sin agus atáthaoi-se go léir indiu. Agus
dheineas géarleanmhaint go bás ar an slighe seo, ghá
ngabháil, idir fhearaibh agus mnáibh, agus ghá dtabhairt
chun lámha agus ghá gcur i mbraighdineas. Thug uachtarán
na sagart, agus na seanóirí, teistiméireacht dom


L. 353


air sin; agus fuaras leitireacha uatha ag triall ar
na bráithribh i nDamascus, chun iad a thabhairt liom
anso gabhtha go Ierúsalem i dtreó go gcurfí pionós
ortha. Ach do thárla, agus mé ar an slighe agus ag
teacht i gcómhgar do Dhamascus, i lár an lae, gur las
am thímpal solus iomarcach ó neamh; Agus gur thuiteas
chun tailimh agus gur airígheas an guth ghá rádh liom:
A Shaul, a Shaul, cad 'n-a thaobh go bhfuilir ag géar-
leanmhaint orm? Agus d'fhreagaras: Cia h-é thu, a
Thighearna? Agus dubhairt sé liom: Mise Íosa
Nasareit atá agat d'á ghéarleanmhaint. Agus an
mhuinntir a bhí le m' chois do chonnacadar an solus, ach
níor airíghdar guth an t-é a bhí ag cainnt liom. Agus
dubhart: Cad tá agam le déanamh, a Thighearna? Agus
dubhairt an Tighearna liom: Eirigh agus imthigh isteach
go Damascus, agus neósfar duit ansan i dtaobh na
neith go léir atá agat le déanamh. Ansan, mar gheall
ar neart an tsoluis úd, bhíos gan radharc agus do rug
mo chomrádaidhthe ar láimh orm agus thánag go Damas-
cus. Agus bhí fear dár bh'ainim Ananías, fear go
raibh creideamhaint aige, i dtaobh na dlighe, ó n-a raibh
de Iúdachaibh 'n-a gcómhnuíghe sa n-áit. Agus tháinig
sé chúgham agus sheasaimh sé am fhiadhnaise agus dubh-
airt sé liom: A Shaul, a bhráthair, féach suas. Agus
d'fhéachas-sa air-sean an uair chéadna. Ansan dubhairt
sé: Do cheap Dia ár sinnsear thusa roim ré chun go
dtuigfá a thoil agus go bhfeicfá an t-Aon Ceart,
agus go n-aireóchfá guth a bhéil; Óir beidh tu ad
fhínné dhó, i láthair na ndaoine go léir, ar na neithibh a
dh'airíghis agus do chonnaicís. Anois cad é an rígh-
neas so ort? Eirigh agus baistthear thu agus nigh
díot do pheacaí le glaodhach ar a ainim. Agus nuair
a thánag tar n-ais go Ierúsalem do thárla go rabhas
sa teampull ag guidhe agus gur thuit támh-néal aigne


L. 354


orm, Agus go bhfeaca é agus go ndubhairt sé liom:
Brostuigh agus imthigh go luath a' Ierúsalem, óir ní
ghlacfaid siad t'fhiadhnuise ormsa. Agus dubhartsa:
A Thighearna, is eól dóibh go mbínnse ag cur na
ndaoine a chreid ionat-sa isteach i bpríosún agus 'ghá
mbualadh ins na sinagógaibh; Agus nuair a bhí fuil
Stiopháin t' fhínné-se, d'á dhortadh bhíos-sa láithreach,
agus bhíos toiltheanach, agus bhíos ag tabhairt aire
do bhrataibh na ndaoine a bhí 'ghá mharbhú. Agus dubh-
airt sé liom: Imthigh leat, óir is ag triall ar na gein-
tibh i gcéin a chuirfead-sa thu.



D'éisteadar leis go dtáinig an focal san. Ansan
d'árduíghdar a nglór agus dubhradar: Cuir as an
saoghal a leithéid sin. Ní cóir é bheith beó. Agus
bhíodar ag liúirigh agus ag caitheamh a mbalcuisí dhíobh
agus ag stealladh na cré sa n-aer. Ansan d'órduigh an
tribiún é thabhairt isteach sa longphort agus gabháil de
sgiúirsíbh air, agus é phianadh, chun go bhfaghadh sé amach
cad é an chúis go rabhdar ag liúirigh mar sin 'n-a
choinnibh. Do cheangaladar Pól le téadaibh. Ansan
dubhairt sé leis an dtaoiseach céad a bhí 'n-a sheasamh
i n'aice: An bhfuil ceaduighthe dhaoibh gabháil de sgiúir-
síbh ar fhear Rómhánach gan é dhaoradh ar dtúis? Nuair
a dh'airigh an taoiseach céad an focal san chuaidh sé ag
triall ar an dtribiún agus d'innis sé dhó é agus dubh-
airt sé: Cad é seo a mheasann tú a dhéanamh? Fear
Rómhánach iseadh an duine sin. Ansan do tháinig an
tribiún agus dubhairt sé leis: Innis dom an fear
Rómhánach tu? Agus dubhairt seisean: Iseadh.
D'fhreagair an tribiún: Dhíolas-sa mórán airgid as
an bpríbhléid sin a dh'fhághail. Agus dubhairt Pól: Do
rugadh mise amhlaidh. D'imthigh uaidh láithreach na
daoine a bhí chun é phianadh. Tháinig eagla ar an dtri-
biún féin nuair a fuair sé gur bh'fhear Rómhánach é
agus go raibh sé tar éis é cheangal.



Ansan, lár n-a mháireach an lae sin, ba mhian leis a
dh'fhághail amach níos cruinne cad a bhí ag na Iúdaígh


L. 355


'á chur 'n-a leith, agus do sgaoil sé é, agus d'órduigh
sé na sagairt agus an chómhairle do theacht i bhfochair
a chéile agus thug sé Pól amach agus chuir sé os a gcómh-
air é.



CAIBIDIOL XXIII.



Pól i láthair na cómhairle. Deinid na Iúdaígh ceilg chun é
mharbhú. Curtar go Caesaréa é.



D'fhéach Pól ar an gcómhairle agus dubhairt sé:
A fheara, a bhráithre, tá mo ghnó déanta agamsa i ngach
deagh-choínsias, i dtaobh Dé, go dtí an lá so indiu
againn. Ansan dubhairt an t-árd-shagart, Ananías,
leis na daoine a bhí i n'aice é bhualadh sa bhéal. Dubh-
airt Pól leis, ámhthach. Buailfidh Dia thusa, a fhala
aolta. Tusa ad shuidhe chun breithe thabhairt ormsa
do réir na dlighe, agus, i n-aghaidh na dlighe, a n-órd-
uígheann tú mé bhualadh? Agus dubhairt na daoine
a bhí n-a seasamh i n'aice: An ag easgainí ar árdshagart
Dé ataoi? Agus dubhairt Pól: Ní raibh 'fhios agam,
a bhráithre, gur bh'é an t-árdshagart é. Óir tá sgríobhtha:
Ná tabhair droch-chainnt d'uachtarán do dhaoine.



Ach bhí 'fhios ag Pól gur de sna Saddúcínigh cuid
acu agus gur de sna Fairisínigh an chuid eile, agus
dubhairt sé go h-árd: A bhráithre, Fairisíneach iseadh
mise, mac Fairisínigh. Is mar gheall ar shúil le h-ais-
eirighe na marbh atáim ar mo thriail. Nuair a bhí an
méid sin ráidhte aige d'éirigh toirmeasg idir na
Fairisínigh agus na Saddúcínigh agus deineadh dhá
chuid de'n bhuidhin. Óir deir na Sadducínigh ná fuil
aiseirighe ann, ná aingeal, ná spioraid. Agus adamh-
uighid na Fairisínigh gach nídh acu. Ansan d'éirigh
collóid mhór. Do phreab cuid de sna Fairisínigh 'n-a
seasamh agus bhíodar ag aighneas agus deiridís: Ní
bhfaighmíd aon olc sa duine seo. Má labhair spioraid
leis, nú aingeal, cad é sin d'aoinne eile sin. Ansan,
nuair a bhí an sgéal 'n-a bhruidhin chaorthainn eatartha


L. 356


bhí eagal ar an dtribiún go stracfaidís as a chéile Pól,
agus d'órduigh sé do sna saighdiúirí dul síos agus é
thógaint uatha agus é thabhairt isteach sa longphort.



An oidhche 'n-a dhiaidh san do sheasaimh an Tighearna
láimh leis agus dubhairt sé: Bí seasamhach! Fé mar
atá fiadhnuise déanta agat ormsa i n-Ierúsalem
caithfir fiadhnuise dhéanamh orm sa Róimh.



Ach nuair a tháinig an lá tháinig rainnt de sna Iúdaígh
i bhfochair a chéile agus dhearbhuighdar ná h-íosfaidís bia
agus ná h-ólfaidís deoch go dtí go mbeadh Pól marbh
acu. Bhí breis agus dachad duine acu ann a chuir an
dearbhú san ortha féin. Ansan thánadar ag triall
ar uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiríbh agus
dubhradar: Tá ceangal fé easgaine curtha againne
orainn féin gan aon nídh do bhlaise go marbhuighmíd
Pól. Anois, d'á bhrígh sin, cuiridh-se agus an chómh-
airle sgéala ag triall ar an dtribiún agus abraidh
leis é chur chúghaibh, fé mar a bheadh eólus éigin níos
cruinne uaibh 'n-a thaobh. Táimídne ollamh agus sar a
sroisidh sé sibhse beidh sé marbh againn.



Bhí mac deirbhshéar do Phól ag éisteacht leis an uisge-
fé-thalamh. Tháinig sé agus chuaidh sé isteach sa long-
phort agus d'innis sé do Phól an sgéal. Ghlaoidh
Pól chuige duine de sna taoiseachaibh céad agus dubh-
airt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an
dtribiún; tá nídh aige le h-innsint dó. Thóg seisean
leis é ag triall ar an dtribiún agus dubhairt sé:
Dubhairt an príosúnach, Pól, liom an buachaill seo
thabhairt chúghat mar go bhfuil rud aige le rádh leat.
Do rug an tribiún ar láimh air, agus d'imthigh sé i leith
taoibh leis agus chuir sé an cheist chuige: Cad é seo
atá agat le h-innsint dom? Agus dubhairt seisean:
Tá socair ag na Iúdaígh ar a iarraidh ort Pól do chur
ag triall ortha amáireach, chun na cómhairle, mar
dh'eadh go dteastuigheann uatha é cheistiú níos géire
ar nídh éigin. Ach ná creidse iad. Tá breis agus
dachad fear acu ag faire i gceilg air agus tá ceangal
fé easgaine curtha acu ortha féin gan bia dh'ithe ná


L. 357


deoch a dh'ól go marbhuíghid siad é, agus táid siad
ollamh anois ag feitheamh leis an ngeallmhaint uait.
Do chuir an tribiún uaidh an buachaill agus dubhairt
sé leis gan a dh'innsint d'aoinne gur thug sé an méid
sin eóluis dó féin.



Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad
agus dubhairt sé leó: Ollmhuighidh dhá chéad saighdiúir,
agus deichniubhar a's trí fichid marcach, agus dhá chéad
lucht sleagh, ó'n dtrímhadh h-uair de'n oidhche, chun dul
go Caesaréa; Agus ollmhuighidh eachra iompair ar
a gcuirfid siad Pól chun é bhreith slán ag triall ar
Fhéilics an Gobhernóir. (Mar bhí eagal air go dtóg-
fadh na Iúdaígh ar éigin é agus go marbhóchaidís é, agus
ansan go ndéanfí tromaidheacht air féin, go ndéarfí
go raibh airgead le fághail aige as.) Agus do sgríbh
sé litir agus dubhairt sé inti:



"Claudius Lusias chun an Ghobhernóra ró-
uasail, Féilics, sláinte. Do rug na Iúdaígh ar
an bhfear so agus bhíodar ar tí é chur chun báis.
Do fuaras féin amach gur bh'fhear Rómhanach é
agus thánag ortha le buidhin airm agus thógas
uatha é. Ansan theastuigh uaim 'fhos a bheith agam
cad a bhí acu 'á chur 'n-a leith agus chuireas i láthair
a gcómhairle féin é. Fuaras gur neithe éigin
a bhain le n-a ndlighe féin a bhí acu 'á chur n-a leith,
agus ná raibh aon choir déanta aige do thuillfeadh
bás ná braighdineas. Ansan do h-innseadh dom
go raibh ceilg déanta acu dhó agus chuireas ag
triall ortsa é, agus dubhart leó-san pé nídh a
bhí acu le cur 'n-a leith, é chur n-a leith ad láthair-
se. Slán leat."



Ansan do thóg na saighdiúirí leó Pól, fé mar a
h-órduígheadh dóibh, sa n-oidhche, go h-Antipatris,
Agus amáireach a bhí chúghainn do leogadar do'n mharc-
shluagh dul leis agus thánadar féin thar n-ais go dtí
an longphort. Chuadar-san go Caesaréa agus thuga-
dar an litir do'n Ghobhernóir agus chuireadar Pól 'n-a
láthair. Do léigh sé an litir. Ansan d'fhiafraigh sé
cad é an ceanntar n-ar bh' as é, agus nuair a fuair sé
gur bh' ó Chilicia é: Éistfead leat, ar seisean, nuair


L. 358


a thiocfaidh an mhuinntir atá ag cur ad leith. Agus
d'órduigh sé é chur fé chimeád i gcúirt Héróid.



CAIBIDIOL XXIV.



Pól 'ghá chosaint féin i láthair Féilics, an Gobhernóir. An
creideamh dá mhúineadh aige dhó.



Ansan, i gcionn chúig lá, tháinig uachtarán na sagart,
Ananías, anuas agus cuid de sna seanóiríbh, agus
cainnteóir dár bh'ainim Tertullus, agus chuadar i
láthair an ghobhernóra i gcoinnibh Phóil. Do glaodhadh
Pól agus chrom Tertullus ar é dhaoradh: Admhuigh-
míd i gcómhnuíghe agus ins gach ball, Agus le buidhchas
mór, a Fhéilics oirdheirc, méid na síothchána atá againn
de d'bharr-sa agus liacht na neith atá d'á seóladh ar
leas tréd' mhórchiall. Ach, ionus ná cuirfinn a thuille
ríghnis ort, iarraim ort éisteacht, de d'cheannsacht, le
beagán focal uainn. Fuaramair an fear so, i n'ann-
sgian, ag déanamh toismisg ameasg na n-Iúdach go
léir ar fuid an domhain agus 'n-a cheann ar an aicme
annrianta san, na Nasarénach. Do mheas sé an
teampall do shárú agus do rugamair air agus
cheapamair breith a thabhairt air do réir ár ndlighe.
Ach tháinig Lusias, an tribiún, agus neart slógh aige
agus bhain sé as ár lámhaibh é. Agus d'órduigh sé an
mhuinntir a bhí ag cur 'n-a leith do theacht ad' láthair-se,
agus féadfair féin a dh'fhághail uaidh, ad bhreitheamh,
eólus ar na neithibh seo go léir atá againne á chur n-a
leith. Ansan d'aontuigh na Iúdaígh mar an gcéadna
agus dubhradar go raibh san amhlaidh.



Ansan d'fhreagair Pól, (óir do bhagair an Gobher-
nóir chuige labhairt):



Ó 's eól dom go bhfuilir-se ad bhreitheamh ar an náis-
iún so le fada 'bhliantaibh is móide sin is fonn liom
sásamh a thabhairt am thaobh féin. Is féidir duit a
dh'fhághail amach ná fuil ach dhá lá dhéag ó chuas go Ierú-
salem chun adhartha dhéanamh, Agus ní bhfuaradar me


L. 359


ag aighneas le h-aoinne sa teampull, ná ag cruinniú
na ndaoine, ins na sinagógaibh, Ná ar fuid na cath-
arach; agus ní'l ar a gcumas a thaisbeáint duit-se gur
fíor na neithe atá acu 'á chur am leith. Admhuíghim
an méid seo dhuit, ámhthach, i dtaobh na slíghe seo ar a
dtugaid siad eiriceacht, sin mar a dheinimse seirbís
do'n Athair agus do m'Dhia, óir creidim gach uile nídh
atá sgríobhtha sa dlighe agus in sna fáidhibh, Go bhfuil
mo mhainighin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go
dtiocfaidh aiseirighe na ndeagh-dhaoine agus na ndroch-
dhaoine. Táim féin ag déanamh mo dhíchill air seo, mo
choínsias a chimeád glan i gcómhnuighe chun Dé agus
chun daoine. Do thánag tar éis mórán blian chun
déarca dhéanamh ar mo dhaoine féin agus chun ofrá-
lach a dhéanamh agus chun móid a chómhlíonadh. Sa
n-obair sin iseadh do fuaradar me am ghlanadh sa
teampull, agus ní le sluagh ná le collóid, Ach rainnt
Iúdach ó Ásia, — agus bhí sé ceart iad san a thabhairt
anso ad láthair agus leogaint dóibh neithe chur am leith
má bhí aon rud am choinnibh acu. Nú abraidís seo
féin é, má fuaradar aon chionntacht ionam nuair a
bhíos am sheasamh i láthair na cómhairle, Ach an t-aon
fhocal amháin úd a labhras amach agus me am sheasamh
eatartha: Is i dtaobh aiseirighe na marbh atá breith
agaibhse 'á thabhairt ormsa indiu.



Ansan do chuir Féilics ar cáirde iad, óir do thuig
sé go cruinn i dtaobh na slighe sin agus dubhairt sé:
Nuair a thiocfaidh Lusias, an tribiún, anuas éistfead libh.
Agus d'órduigh sé do'n taoiseach céad eisean do
chimeád agus suaimhneas a thabhairt dó agus gan aoinne
d'á mhuinntir a chosg ar fhrithálamh a dhéanamh air.



Ansan, tar éis suim laethanta, tháinig Féilics agus a
bhean, Drúsilla, — Iúdach ab eadh í, — agus ghlaoidh sé chuige
Pól agus d'éist sé le tuairisg uaidh ar an gcreideamh
atá i n-Íosa Críost. Agus bhí sé ag léiriú dhó ar
cheart agus ar gheanmnaidheacht, agus ar an mbreith-
eamhantas atá le teacht, agus tháinig critheagla ar
Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a


L. 360


bheidh caoi agam cuirfead fios ort. Sa n-am gcéadna
bhí sé ag brath air go dtabharfadh Pól rainnt airgid dó,
agus uime sin chuir sé fios go minic air agus dhein sé
cainnt leis.



Ach d'imthig dhá bhliain, agus tháinig Portius Féstus
i n-inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh
d'fhág Féilics Pól sa phríosún.



CAIBIDIOL XXV.



Caesar dhá ghairm ag Pól. Is áil le h-Agrippa, an Rí,
éisteacht leis.



Trí lá tar éis teacht d' Fhéstus sa cheanntar chuaidh
sé suas ó Chaesaréa go Ierúsalem. Agus tháinig
uachtaráin na sagart agus uaisle na nIúdach ag triall
air i gcoinnibh Phóil agus bhíodar a d'iarraidh achainíghe
air, A d'iarraidh go mbeadh sé fábhramhail dóibh 'n-a
choinnibh, go n-órdóchadh sé é thabhairt go Ierúsalem,
agus bhí ceilg déanta acu chun go marbhóchaidís é ar
an slighe. Ach dubhairt Féstus go gciméadfí Pól i
gCaesaréa agus go mbeadh sé féin ag dul ann go luath.
Agus, ar seisean, na daoine ar bhúr measg-sa atá
ábalta air, téidís síos i n-aonfheacht liom agus má
tá coir déanta ag an nduine cuiridís 'n-a leith í.



Níor fhan sé 'n-a measg ach ocht lá nú deich lá 'n-a
dhiaidh san, agus chuaidh sé síos go Caesaréa agus an lá
n-a dhiaidh san do shuidh sé sa tribúnal agus d'órduigh sé
Pól a thabhairt 'n-a láthair. Do tugadh, agus do sheasaimh
'n-a thímpal na daoine tháinig anuas o Íerúsalem, agus
chuireadar a lán neithe troma 'n-a leith, ach níor fhéadadar
iad a dheimhniú, Mar dhein Pól iad do fhreagairt: Ní'l
coir déanta agam i n-aghaidh dlighe na nIúdach, ná i
n-aghaidh an teampuill, ná i n-aghaidh Chaesair. Ba mhian
le Féstus, ámh, comaoine chur ar na Iúdaígh agus
dubhairt sé, ag freagairt Phóil: An maith leat dul
suas go Ierúsalem agus go dtabharfí breith ort ansan
am láthair-se, i dtaobh na neith seo? Annsan dubhairt
Pól — Táim am sheasamh ag tribiúnal Chaesair, Is


L. 361


ann is ceart breith do bhreith orm. Ní'l coir déanta
i n-aghaidh na nIúdach agam, mar is eól duit-se go dian-
mhaith. Má tá coir déanta agam, ná aon nídh do
thuillfeadh bás, ní'l aon chur i gcoinnibh an bháis agam; ach
mura bhfuil aon nídh amhlaidh, de sna neithibh seo atá
acu á chur am leith, ní'l ar chumas aon duine me thabh-
airt suas dóibh. Gairmim Caesar. Ansan do labhair
Féstus leis an gcómhairle, agus d'fhreagair sé: Do
ghairmis Caesar; go Caesar a raghair.



Agus nuair a bhí rainnt laethanta curtha dhíobh acu
chuaidh Agrippa, an rí, agus Bernícé, síos go Caesaréa,
ag fáiltiú roimh Fhéstus. Dheineadar ríghneas ann
ar feadh mórán laethanta agus d'innis Féstus do'n
rí i dtaobh Phóil: Fear, ar seisean, a dh'fhág Féilics
anso 'n-a phríosúnach, Agus nuair a bhíos i nIerúsalem
tháinig uachtaráin agus seanóirí na nIúdach chúgham
ghá iarraidh orm é dhaoradh chun báis. Dubhart leó
nách é béas na Rómhánach aon duine dhaoradh chun báis
gan lucht a chionntuighthe thabhairt os a chómhair agus
caoi thabhart dó ar é féin do chosaint agus ar é féin
do ghlanadh ar na coirthe. Ach do thánadar anso láith-
reach, agus amáireach a bhí chúghainn do shuídheas sa
tribiúnal agus d'órduigheas an fear a thabhairt am
láthair. Ansan d'eirigh na cionntuightheóirí ach níor
chuireadar aon rud 'n-a leith n-ar fhéadas aon droch-
nídh dh'feisgint ann. Ach bhí ceisteana éigin acu 'n-a
choinnibh a bhain le pé deismireacht creidimh atá acu
féin, agus i dtaobh Íosa éigin a fuair bás agus go
raibh Pól 'ghá rádh é bheith beó. Níor mhaith liom
féin aon bhaint a bheith agam le nídh de'n tsórd san
agus d'fhiafraigheas de ar mhaith leis dul go Ierú-
salem chun go dtabharfí breith air ins na neithibh sin.
Ach do dhein Pól gairm, go gcimeádfí é chun go n-aireó-
chadh Augustus a chúis, agus d'orduígheas é chimeád
go gcuirfead ag triall ar Chaesar é.



Ansan dubhairt Agrippa le Féstus: Ba mhaith liom
féin, leis, an fear san do chloisint. Cloisfir amáir-
each é, ar seisean.



Amáireach a bhí chúghainn tháinig Agrippa agus Ber-
nícé, agus leathadh mór fútha, agus chuadar isteach sa


L. 362


halla éisteachta, iad féin agus na tribiúin agus
maithe móra na catharach, agus d'órduigh Féstus Pól
a thabhairt 'n-a láthair. Ansan dubhairt Féstus: A rí
Agrippa agus a fheara uile atá againn anso, chíonn
sibh an duine sin. Nuair a bhíos i nIerúsalem tháinig
an pobul Iúdach go léir chúgham 'ghá iarraidh orm agus
'ghá rádh i nguthanaibh árda nár cheart é bheith beó a
thuille. Ach níor fhéadas féin a dh'fheisgint go raibh
aon rud déanta aige do thuillfeadh bás. Ach do ghairm
sé féin Augustus agus tá socair agam ar a chur chuige.
Ní'l aon nídh cruinn agam, ámh, le sgrí 'n-a thaobh ag
triall ar mo thighearna. Uime sin do thugas anso
chúghaibh-se é, agus chúghat-sa go mór mór, a rí Agrippa,
go gceisteóchadh sibh é agus go mbeadh rud agam a
sgrífinn. Óir measaim gur obair mhí-réasúnta cime
chur uaim agus gan a dh'innsint cad 'tá 'n-a choinnibh.



CAIBIDIOL XXVI.



Cúntas ag Pól dhá thabhairt d' Agrippa ar a bheatha, ar conus
a h-iompuigeadh chun an chreidimh é, agus ar an obair a bhí le
déanamh aige.



Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar
do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé
ar a sgéal a dh'innsint.



Is maith an bhail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur
ad láthair-se atá orm me féin a chosaint indiu ar na
neithibh seo go léir atá ag na Iúdaígh 'á chur am leith, Go
mór mór, toisg eolus a bheith agat ar na nósaibh agus
ar na ceisteanaibh atá ameasg na n-Iúdach. Uime
sin iarraim ort éisteacht go foidhneach liom.



Tá aithne ag na Iúdaígh go léir ar an saghas beatha
chaitheas ó m'óige, óir is ameasg mo náisiúin féin
i nIerúsalem a chaitheas í. Tá fhios acu, (dá mba
mhaith leó é dh'innsint i bhfiadhnuise), gur mhaireas, do
réir na h-aicme is deimhnighthíghe i n-ár gcreideamh,
am Fhairisíneach. Agus tá breith 'á thabhairt orm anois
mar gheall ar an mainighin atá agam as an ngeallamh-


L. 363


aint a thug Dia d'ár n-aithreachaibh, An gheallamhaint
sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag
déanamh réir Dé do ló agus d'oidhche, ag brath ar í
dh'fhagháil. Isí an mhainighin sin atá ag na Iúdaígh 'á chur
am leith-se, a rí. Cad 'n-a thaobh nách féidir, dar
libhse, a chreideamhaint go n-aithbheódhann Dia na mairbh?



Bhí sé buailte isteach am aigne-se féin go raibh
ceangailte orm mórán neithe dhéanamh i gcoinnibh ainime
Íosa Nasareit. Agus do dheineas, i nIerúsalem.
Chuireas mórán daoine naomhtha isteach i bpríosúnaibh.
Fuaras úghdarás ó uachtaránaibh na sagart agus nuair
a bhídís (na naoimh) le cur chun báis is mise tugadh
an t-órdú liom chuige. Agus ins na sinagógaibh
go léir bhínn go minic ag cur pionóis ortha, agus
chuirinn fhiachaibh ortha diamhasladh dhéanamh, agus do
méaduigheadh mo bhuile 'n-a gcoinnibh i dtreó go mbínn
'ghá ngéarleanmhaint isteach ins na catharachaibh iasachta
féin.



Agus bhíos ag dul go Damascus ar an inntinn
sin agus úghdarás agus cead agam ó uachtaránaibh na
sagart, Agus, a rí, do chonnac ar an slighe i lár an
lae, ag taithneamh am thímpal agus tímpal ar na daoine
a bhí le m'chois, solas as na flathais agus é níos treise
ná solus na gréine. Agus thuiteamair go léir chun
tailimh, agus d'airigheas-sa an guth ag labhairt liom sa
teangain Eabhra: A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit
bheith 'am ghéarleanmhaint? Is deacair duit bheith ag
speachuíol i n-aghaidh an phriocaire.



Agus dubhart-sa: Cia h-é thu, a Thighearna? Agus
dubhairt an Tíghearna: Mise Íosa atá agat d'á ghéar-
leanmhaint. Ach eirigh agus seasaimh ar do chosaibh,
óir is chuige thaisbeánas me féin duit chun go ndéan-
fainn díot seirbhíseach agus fínné ar na neithibh a chonn-
aicís agus ar na neithibh 'na bhfeicfir me, 'Gat thabhairt
saor ó'n bpobul agus ós na geinte na bhfuilim 'ad
chur chúcha anois, Chun a súl a dh'osgailt dóibh ionus go
n-iompóchaidís ó'n ndoircheacht chun an tsoluis agus
ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maith-


L. 364


eamhnachas peacaí agus inead ameasg na naomh tríd
an gcreideamh atá ionamsa.



Dá bhrígh sin, a rí Agrippa, níor thugas-sa diúlta
do'n radharc ó neamh, Ach do chraobhsgaoileas é,
do'n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus
i nIerúsalem, agus i gcrích Iudaea ar fad, agus do
sna Geintibh, ionus go ndéanfaidís aithríghe agus go
n-iompóchaidís ar Dhia, ag déanamh diongabhála na
h-aithrighe d'oibreachaibh. Mar gheall air sin iseadh
do rug na Iúdaígh orm nuair bhíos sa teampull agus
mheasadar me mharbhú. Ach do chabhruigh congnamh Dé
liom agus táim am sheasamh go dtí an lá indiu, ag
déanamh fiadhnuise do bheag a's do mhór, gan aon rud
do rádh lasmuigh de sna neithibh adubhairt na fáidhe a
bhí le teacht agus Maois, Go ndéanfadh Críost fulag
agus gur bh'é an chéad duine é d'eireóchadh ós na mairbh
agus do nochtfadh an solus do'n phobul agus do sna
Geintibh.



Le linn na cainnte sin do rádh dhó agus é ghá chosaint
féin dubhairt Féstus do ghuth árd: As do mheabhair
ataoi, a Phóil. Tá iomad léighinn 'ad chomáint as do
mheabhair. Nílim as mo mheabhair, a Fhéstuis oirdheirc.
Táim ag innsint na fírinne gan bhaois. Tá eolus ar
na neithibh seo ag an rí atá ag éisteacht le m'chainnt gan
sgáth; óir ní mheasaim gur féidir aon nídh acu bheith las-
muigh d'á eólus. Ní h-i gcúinne a deineadh aon nídh
acu. An gcreideann tú na fáidhe, a rí Agrippa?
Tá 'fhios agam go gcreideann tú. Ansan dubhairt
Agrippa le Pól: Is beag ná go n-áitígheann tú orm
iompáil am Chríostaídhe. Agus dubhairt Pól: Go
dtugaidh Dia dhom, 'n-a bheag a's 'n-a mhór, ní h-amháin
tusa ach gach a bhfuil de dhaoinibh anso ag éisteacht liom
d'iompáil ar an gcuma san agus iad a bheith mar me
féin, ach gan na slabhraí seo bheith ortha.



Ansan d'eirigh an rí agus an gobhernóir agus Ber-
nícé agus a raibh 'n-a suidhe 'n-a bhfochair. Agus
d'imthíghdar i leith taoibh agus bhíodar ag cainnt, agus
dubhradar: Ní'l aon rud déanta ag an nduine sin a


L. 365


thuillfeadh bás ná braighdineas dó. Agus dubhairt
Agrippa le Festus: D'fhéadfí an duine sin do leog-
aint chun siúbhail mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.



CAIBIDIOL XXVII.



Curtar Pól ar bórd luinge chun dul sa Róimh. A thaisteal
agus a longbhrise.



Ansan, do socaruigheadh ar dhul ar uisge go dtí
an Eadáil agus ar Phól agus na príosúnaigh eile thabh-
airt ar láimh do thaoiseach céad dár bh'ainim Iúlius,
de bhuídhin Augustuis, Agus chuamair ar bórd luinge
Adrumétíghe, chun go seólfaimís fan chiumhais trágha
na h-Ásia, agus thógamair ár seólta. Agus d'fhan
i n-ár bhfochair Aristarcus an Macedonach, ó Thessa-
loníca.



Thánamair an lá 'n-a dhiaidh san go Sídón. Agus bhí
Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé dhó dul chun
a cháirde agus aire thabhairt dó féin. Ansan d'fhága-
mair an áit sin agus sheólamair ar sgáth Chúpruis mar
bhí an ghaoth i n-ár gcoinnibh. Agus sheólamair tré
fharaige Chilicia agus Phamphilia, agus thánamair go dtí
Lustra, atá i Lucia, Do fuair an taoiseach céad, sa
n-áit sin, long Alecsandríneach a bhí ag dul san-Eadáil
agus chuir sé uirthi sinn.



Ansan bhíomair ag gluaiseacht go ríghin ar feadh
mórán laethanta gan teacht ach ar aghaidh Chniduis, mar
bhí an ghaoth 'ghár gcosg, agus sheólamair i gcómhgar do
Chréta, lámh lé Salmóné. Do sheolamair thar an áit
sin, agus ba dheacair é, agus thánamair go dtí áit ar
a dtugtí Deaghchuanta, i n-aice le cathair Talassa.



Ansan bhí mórán aimsire caithte agus bhí taisdeal
faraige contabharthach mar bhí aimsir an trosgaidh
imighthe, agus bhí Pól ag tabhairt cómhairle a leasa
dhóibh, 'Ghá rádh leó: A fheara, chím go bhfuil trácht na
faraige ag tusnú ar bheith ana-dhíobhálach agus ana-
chontabhartach, ní h-amháin do'n luing agus do'n méid


L. 366


ualaigh atá inti ach d'ár n-anam féin chómh maith. Ach
ba mhó an tsuim a chuir an taoiseach céad i ngiolla
na luinge agus i máighistir na luinge 'ná i gcainnt Phóil.
Agus toisg gan an cuan san a bheith oireamhnach go maith
chun an gheimhridh a chaitheamh ann do chómhairligh an chuid
ba mhó dhíobh imtheacht as agus féachaint an bhféadfaidís
dul agus an geimhreadh chaitheamh i bhFoenícé, cuan de
chuantaibh Chréta atá ag féachaint siar ó dheas agus siar
ó thuaidh.



Do shéid an ghaoth andeas dóibh agus mheasadar go
raibh gach nídh ar a dtoil acu agus ghluaiseadar ó
Assan agus fan chiumhais trágha Chréta. Ach go luath
'n-a dhiaidh san d'eirigh n-a coinnibh go stoirmeamhail
an ghaoth ar a dtugtar Euroacuiló. Do sguabadh
chun siúbhail an long mar níor fhéad sí cur i gcoinnibh
na gaoithe, agus do sgaoileadh leis an ngaoith sinn.
Do comáineadh isteach sinn fé sgáth oileáin dár bh'ainim
Cauda, agus is ar éigin fhéadamair an bád do thógaint
chúghainn; Do thógadar é agus dheineadar úsáid de
chabharthaibh agus chuireadar fúnsaí fé'n luing; agus
le h-eagla go dtuitfidís isteach sa bheó-ghainimh do
leagadar na seólta, agus bhíodar ag imtheacht ar an
gcuma san. An lá 'n-a dhiaidh san dheineadar caith-
eamh amach, óir bhíomair ghár suathadh go ró-mhór leis
an stoirm. Agus an trímhadh lá do chaitheadar amach
le n-a lámhaibh féin gléas na luinge. Ansan bhíomair
mórán laethanta gan grian na réiltín a dh'fheisgint,
agus stoirm nár bheag ag bagairt orainn, i dtreó go
raibh gach súil le n-ár dteacht slán imighthe.



Agus ansan, tar éis iad a bheith abhfad gan bia
chaitheamh, do sheasaimh Pól eatartha agus dubhairt sé:
A fheara, is mairg nár glacadh mo chómhairle-se agus
gan imtheacht ó Chréta, agus dul ó'n ndíobháil seo
agus ó'n gcailleamhaint seo. Agus anois iarraim
oraibh misneach a bheith agaibh. Ní caillfar aon duine
agaibh, ach an long amháin. Óir do sheasaimh taoibh liom
anocht aingeal Dé, n-ar leis mise agus dá ndeinim
seirbhís, Agus dubhairt sé: Ná bíodh eagal ort, a Phóil.
Ní foláir duit seasamh i láthair Chaesair; agus féach,
gach a bhfuil de dhaoine ar aon luing leat táid siad


L. 367


bronnta ag Dia ortsa. D'á bhrígh sin glacaidh mis-
neach, a fheara; óir creidim-se ó Dhia, fé mar a dubhradh
liom, gur mar sin a bheidh. Ach ní foláir dúinn dul
isteach ar oileán áirithe.



Ach nuair a tháinig an ceathrmhadh oidhche déag orainn
agus sinn ag imtheacht sa n-Adria tímpal an mheadhon
oidhche, mheas na máirnéalaigh go bhfeacadar tír éigin.
Do leogadar síos an luadh agus fuaradar fiche feádh
ar doimhneas, agus nuair a dhruideadar tamall beag
ó'n áit sin fuaradar chúig fheádh dhéag. Bhí eagal ortha
go raighmís i n-áit gharbh agus chuireadar amach cheithre
h-ancairí ó'n stiúir, agus b'é b'fhada leó go mbeadh
sé 'n-a lá. Ansan do mheas na máirnéalaigh teithe as
an luing. Do leogadar síos an bád, mar dh'eadh gur
theastuigh uatha ancairí chur amach ó thusach na luinge.
Ach dubhairt Pól leis an dtaoiseach céad agus leis
na fir armtha: Mura bhfanaid siad san sa luing ní
féidir daoibh-se dul slán. Ansan do ghearr na saigh-
diúirí téada an bháid agus do leogadar dó tuitim
sa n-uisge.



Agus nuair a thusnuigh an solus ar theacht d'iarr
Pól ortha go léir bia chaitheam, agus dubhairt sé: Sidé
an ceathrmhadh lá déag agaibh ag feitheamh agus sibh i nbhúr
dtrosgadh, gan aon nídh a thógaint. D'á bhrígh sin
iarraim oraibh anois bia do chaitheamh ar son bhúr
sláinte, óir ní caillfar oiread agus ruibe gruaige
de cheann aon duine agaibh. Nuair a bhí an méid sin
ráidhte aige do thóg se arán agus ghaibh se buidhchas le
Dia os a gcómhair go léir, agus bhris sé an t-arán
agus chrom sé ar ithe. Ansan tháinig suaimhneas
aigne ortha go léir agus thógadar an bia. Dá chéad
duine agus sé dhuine dhéag a's trí fichid againn iseadh
a bhí sa luing ar fad. Nuair a bhí a ndóthin bídh ithte
acu chaitheadar an chruithneacht amach sa bhfaraige chun na
luinge d'éadtromú.



Ansan, nuair a bhí sé 'n-a lá, níor aithnighdar an tír,
ach thugadar fé ndeara bléin 'na raibh tráigh inti agus
cheapadar, d'á mb' fhéidir é, go sádhfaidís an long
isteach inti. Ansan do thógadar na h-ancairí agus
do sguradar na stiúireana agus d'árduighdar an


L. 368


seól mór chun na gaoithe agus do ghluaiseadar leis
an bhfaraige, ach do stiúruighdar í fé dhéin na trágha.
Do thuiteamair isteach i n-áit a bhí idir dhá fharaige
agus do buaileadh an long uim thalamh i dtreó go
raibh a tusach daingean agus gur bhris neart na faraige
a deire.



Ansan do mheas na saighdiúirí na príosúnaigh a chur
chun báis le h-eagla go snámhfadh cuid acu agus go
n-imtheóchaidís. Ach ní leogfadh an taoiseach céad
dóibh é, mar theastuigh uaidh Pól do bhreith saor, agus
d'órduigh sé do'n mhuinntir go raibh snámh acu iad
féin do chaitheamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil
agus dul i dtír. Agus do rugadh an chuid eile amach,
cuid acu ar chlárachaibh agus cuid acu ar neithibh a bhain
leis an luing. Agus mar sin do thárla go ndeaghaidh
gach duine acu beó amach ar an dtalamh tirim.



CAIBIDIOL XXVIII.



Pól i Melita ar feadh trí mhí. A thaisteal airís ar an
bhfaraige. A theacht chun na Rómha. A chómhrádh leis na Iúdaígh a
bhí sa chathair.



Agus ansan nuair a bhíomair tar éis dul slán fuar-
amair amach gur Melita a tugtí ar an oileán. Do
ghlac na daoine iasachta san go ceannsa sinn. Do
lasadar teine agus chuireadar compórd orainn, mar
bhí fearthainn ag teacht agus bí fuacht ann. Ansan bhí
Pól tar éis rainnt adhmaid chrín do bhailiú agus do chur
ar an dteine, agus do léim athair nimhe, ag teithe ó'n
dteas, agus do rug sí ar láimh air. Nuair a chonnaic
na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar
le n-a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh
go dtáinig sé saor ó'n bhfaraige ní leogtar beó ó'n
ndíoltas é. Ansan do chroth seisean an phíast isteach
sa teine agus ní raibh aon díobháil déanta dhó. Ach
mheasadar go dtusnóchadh sé ar at agus go dtuitfeadh
sé marbh gan mhoill. Bhíodar ag feitheamh leis sin, ach
nuair a chonnacadar ná raibh aon nídh ag imtheacht air
d'atharuíghdar a n-aigne agus dubhradar gur dhia
éigin é.


L. 369


Sa n-áit sin iseadh bhí talamh an fhir a bhí n-a cheann
ar an oileán. Publius ab ainim dó. Do ghlac sé sinn
agus chuir sé cóir orainn go fial ar feadh trí lá.
Agus do thárla go raibh athair Phubliuis 'n-a luighe le
h-éagcruas agus le teinneas cuirp. Chuaidh Pól
isteach ag triall air agus dhein sé guidhe ar a shon agus
chuir sé a lámha air agus do leighis sé é. Ansan, gach
a raibh de dhaoine ar an oileán go raibh gearánta ortha
thánadar agus do leighiseadh iad. Agus thugadar
onóir mhór dúinn, agus nuair a bhíomair chun dul ar
luing thugadar dúinn na neithe a bheadh ríachtanach dúinn.



Tar éis trí mhí do ghluaiseamair, ar luing Alec-
sandínigh a bhí tar éis an gheímhridh a chaitheamh ag an
oileán. Agus na Castóirí an suathantas a bhí uirthi.
Agus thánamair go Suracúsa agus d'fhanamair trí
lá ann. Ó'n áit sin do sheólamair tímpal fan na tíre
agus thanamair go dtí Régium, agus tar éis aon lae
amháin do shéid an ghaoth andeas agus thánamair go
Puteolí. Fuaramair bráithre sa n-áit sin agus
d'iarradar orainn fanmhaint 'n-a bhfochair agus
d'fhanamair seacht lá. Agus ansan thánamair go dtí
an Róimh. Agus as san, nuair airigh na bráithre é,
do chruinníghdar chúghainn go Forum Appiuis agus chun
na dTrí dTabhairne, agus nuair a chonnaic Pól iad
thug se buidhchas do Dhia agus tháinig misneach dó.



Agus nuair a bhíomair tagaithe chun na Rómha do
tugadh cead do Phól fanmhaint i n'áit chómhnuighthe féin
agus fear cimeádta, armtha, i n'fhochair.



Ansan, tar éis an trímhadh lae, do ghlaoidh sé chuige
maithe na nIúdach. Nuair a thánadar i bhfochair a chéile
dubhairt sé leó: A fheara, a bhráithre, do tugadh mise
gabhtha, ó Ierúsalem, i lámhaibh na Rómhánach, agus gan
aon nídh agam 'á dheanamh i gcoinnibh na ndaoine ná
i gcoinnibh nós ár sínsear. Do thrialadar me agus
bhíodar chun me leogaint saor toisg ná fuaradar aon
chúis bháis ionam. Ach do chuir na Iúdaígh 'n-a choinnibh sin
i dtreó go mb' éigin dom Caesar do ghairm, agus ní
h-amhlaidh a bhí aon nídh agam le cur i leith mo náisiúin


L. 370


féin. Siné cúis n-ar iarras sibhse a dh'feisgint agus
labhairt libh. Mar gheall ar an ndóchas atá i n-Israél
iseadh atá an slabhra so casta ormsa. Agus dúbh-
radar-san leis: Ní bhfuaramair-ne litreacha ad thaobh
ó Iúdaéa, ná níor tháinig aoinne de sna bráithribh ag
innsint ná ag labhairt aon droch-nídh ad thaobh. Ach
iarraimíd ort a dh'innsint dúinn cad is dóigh leat;
óir i dtaobh na h-aicme seo, is eól dúinn go bhfuil-
tear ag gabháil 'n-a gcoinnibh ins gach aon bhall.



Ansan do cheapadar lá dhó, agus tháinig a lán acu go
dtí an lóisdín chuige, agus do mhínigh sé dhóibh rígheacht
Dé agus thug sé fiadhnuise dhóibh air. Agus bhí sé ó'n
maidin go dtí an tráthnóna ag cur 'n-a luighe ortha
i dtaobh Íosa, a' dlighe Mhaoise agus as na fáidhibh.
Agus do chreid cuid acu ins na neithibh a dubhradh, agus bhí
cuid acu, ámhthach, nár chreid. Agus bhíodar ag imtheacht
gan bheith ar aon-aigne, i dtreó go ndubhairt Pól an
t-aon fhocal amháin: Is maith adubhairt an Spioraid Naomh
é le n-ár n-aithreachaibh tré bhéal an fháidh Isáias, Mar
a ndeir sé: Imthigh ag triall ar an bpobul san
agus abair leo: Cloisfidh sibh leis an gcluais agus ní
thuigfidh sibh, agus chídhfidh sibh leis an súil agus ní thabh-
arfaidh sibh fé ndeara; Óir tá croidhe an phobuil seo
tuitithe i bhfeóil, agus le n-a gcluasaibh dheineadar
éisteacht dhúr, agus do dhúnadar a súile, le h-eagla
go bhfeicfidís le n-a súilibh agus go n-aireóchaidís le
n-a gcluasaibh agus do dtuigfidís le n-a gcroidhe
agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad.
Dá bhrígh sin bíodh agaibh fios an méid seo, go bhfuil an
slánú so ó Dhia d'á chur ag triall ar na Geintibh, agus
éistfid siad leis. Nuair a bhí an méid sin ráidhte
aige d'imthigh na Iúdaígh amach uaidh, agus aighneas mór
acu eatartha féin.



Ansan d'fhan sé dhá bhliain ar fad 'n-a thigh féin, agus
ghlac sé gach aoinne do tháinig ag triall air, Agus
rígheacht Dé aige 'á chraobhsgaoile, agus é ag múine
na neith a bhaineann leis an dTighearna Íosa Críost
le lán-mhisneach agus gan chosg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services