Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Réilthíní Óir I

Title
Réilthíní Óir I
Author(s)
Mac Clúin, Seoirse, An tAthair,
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht Oideachais na h-Éireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Muinntir Uí Chathail, Teo., Clódóirí, Droichead Átha.


L. iii


Don Mhuíntir Dhílis
a dhein obair
ar son na Gaedhilge mílse binne
is a shaor
Spré lag na Teine
ó mhúcha
na Réilthíní Óir seo.


L. vii


RÉAMH-RÁDH



Ní indiu ná indé a bhraitheas go raibh éigint den
tsaghas so i n-easnamh orainn — leabhar a thabharfadh mór-
chuid de shaibhreas na teangan do lucht na foghluma, is a
chuirfeadh ar a gcumas na smaointe a dhéanamh, is a chasa, is a
mhíniú, ins an nGaoluinn.



Mar, má tá locht is donas is mó ná a chéile ar mhór-chuid
den nGaoluinn a bhíon sa tsiúl an aimsir seo, sé go bhfuil sí
tráite, leicthe, báiteach — rud a bhraithfá díreach is gan ach
leath-uair an chluig a thabhairt sa nGaoltacht. Tá saibhreas
flúirseach fairsing ins an nGaoluinn bheó a dheinfeadh caocha
is dalla ar scoláirí na leabhartha.



Agus fairis sin, is scéal is measa, is tríd an mBéarla is
mó a bhíon ár nGaoluinn féinig á fhoghluim is á múine — é sin
is síor-iompó ón mBéarla. Agus cad tá 'gainn á bharra?
An méid seo — go bhfuil an Béarla 'na bhreitheamh ar an
nGaoluinn: gurab é is riail is tómhas againn: go bpreaban
an Béarla chúghainn nuair a cloistear an teanga dhúchais —
á míniú dhúinn: go bhfuil daoine, na blianta caithte aca sa
bhfoghluim, agus céime móra léighin aca, béidir, ná féadfadh
neart ná líomhthacht na teangan a thabhairt leó sa chainnt.
Agus cad é an leigheas, adéarfá? É seo — an Ghaoluinn
tríd an nGaoluinn: an Ghaoluinn ínti féin is tríthi féinig ón
gcéad lá amach. Tiocfaidh lá an aistriúcháin, is a mhaitheas
féinig, leis. Tiocfaidh — nuair a bheidh an Ghaoluinn foghlumtha.



Mar leigheas, nó cuid de leigheas, ar an gcúrsa na


L. viii


Réilthíní Óir seo. Tá saibhreas cainnte ionnta, is flúirse
fhairsing. Siad an Ghaoluinn bheó iad: an chéad scoth a
thugas liom ó uachtar bínn na Gaoltachta. Ón Oileán Tiar
i n-Iar-Chiarraidhe a bhfurmhór, agus míniú sa teangain
chéadna leó. Tuigfar nárbh 'fhéidir liom, cheal slí, flúirse
somplaí a bhreaca síos, ná dul isteach ró-mhion sa míniú.
B'fhuirist oiread eile chur leó — bíodh is nách gann iad mar
atáid. Tuigtear, leis, go bhfuil mór-chuid eile nár tugadh
fós: ach, an te go mbeidh an méid seo ar a theangain aige go
bríoghmhar, slachtmhar, líomhtha, tiocfaidh leis an chainnt a rá,
ní baol.



Níorbh aon ghíotáil an obair seo, agus cúraimí go fairsing
orm le linn é dhéanamh. Ach, má thairbhíghean sé don
nGaoluinn, bead baoch is breis díom héinig.



Ní foláir a rá anso gurab é Seóirse Mac Niocail, cigire
ar na Meádhon-Scoileanna, a chéad-spreag me chun na blátha
cainnte seo a thabhairt amach i gcló, is gur thug se cabhair is
congnamh dom. Mo bhaochas dó ó chroidhe, agus d'Éamon de
Bháldron, leis, a léigh an láimh-scríbhin.



I ndeire an chúrsa thiar tá focal ar leithilig molta ag dul
do sna clódóirí a dhein gach dícheal chun an chéad imleabhar
so do bhrostú amach trí sna h-inneallacha cló.



SEÓIRSE MAC CLÚIN.



Coláiste Fhlannáin,
18 Mí na Nodlag, 1921.


L. ix


“Fé Úghdaras
Aireachta an Oideachais
i nDáil Éireann.”


L. xi


LEABHAR A 1.


L. 1


RÉILTHÍNÍ ÓIR



Is = agus (go minic).
Cig. = cuir (cuiream, cuirimíst) i gcás.



A



ABHA — bhí an oiread san tarta air go n-ólfadh sé an abha
= mórán. Tá na h-aibhnte ana-íseal an aimsir seo.



ABHAILE — Tán tu ag teacht abhaile go tiubh = ag dul chun
(chuin a deirtear) cinn: ag dul i bhfeabhas: ag teacht ó
bhreóiteacht. Bí fraoch feirge air ach tháinig sé abhaile uaidh
féin = mhaoluigh sé anuas, tháinig sé chuige féin gan éinne ag
cur isteach ná amach air. Cuir abhaile é — tairnge, cig
(= cuir, nó cuiream, i gcás), a chomáint isteach san adhmad,
aragóint do chur i bhfeidhm i n-áiteamh, nó éinní mar sin.
Chuaidh an chainnt abhaile air = 'na luighe. Níl aon teacht
abhaile ins na bróga so = aon chaitheamh nó seasamh. Níl
mórán eile le scríobha agam agus béidir go dtabharfaidh
an méid seo duibh abhaile me = go ndeinfidh sé mo ghnó.
NÍ raibh aon teacht abhaile sa chapall ráis = teacht aniar;
teacht thar n-ais; críochnú maith: níorbh fhéidir leis ceann
sprice a bhaint amach, nó a bhaint amach i n-am. B'éigin
dom an obair a thabhairt suas mar ní raibh aon teacht abhaile
agam, nó ionnam, chun é dhéanamh = dul chun cinn, seasamh.
Ní bhíon an teacht abhaile i rud nuair ná bíon sé ábalta dá
ghnó, nuair ná bíon sé i gcumas teacht go dtí an ball ceart,
nó mar ba cheart. Má thugan tu fén nGaoluinn a
dh'fhoghluim tiocfaidh tu abhaile = eireóidh leat (eireóchaidh).
Dá threiseacht í an bhróg tabharfaidh an chos abhaile í = athróidh,
lúbfaidh, cuirfidh a cló féin uirthi. Tán tu ag teacht abhaile
san aragóint = ag buachtaint, nó ag teacht anuas le réasún,
ag géille. Níor thug an tairnge an t-adhmad abhaile — dhá
bhlúire adhmaid a bhí le snaidhme le chéile, ach níor dhein an
tairnge an gníomh. Tá an tairnge ag baile ach níl an
t-adhmad sa bhaile aige = an tairnge bheith comainte isteach


L. 2


san adhmad ach gan an t-adhmad bheith ceangailte. Tá
Gaoluinn na h-áite seo agat ach focal fánach ná tagan
abhaile = ná tagan isteach sa chainnt. Aon chiall amháin a
thugaid (dhá fhocal) abhaile = aon chiall amháin a chuirid i n-úil,
aon bhonn amháin atá fútha. Tá an mheabhair go maith aige;
thug sé abhaile leis í = tá sí aige ó dhúchas.



ÁBALTA — Tán tu ábalta do dhóthin domh-sa = cliste,
maith, géar, mar sin de.



ABLÁIL — Tá ana-abláil déanta ag an ngaoith ar na
prátaí = ana-lot, laitiméireacht. Abláil do dhéanamh de
scuaba au úrláir = é dhéanamh go h-olc. De litir a scríobha
— nuair a bhéadh an dubh smeartha anuas uirthi nó í scríobhtha
go h-olc. Abláil a dhéanamh de theine a chur síos nó d'éinní.
Tá abláil shalach déanta agat air = úafásach. Dhein an
táilliúir abláil an domhain ar mo chluth (culaithe) éadaigh =
í lot go mór. Deineadh abláil mhaith ar Phádraig sa
bhruighin = fuair sé brúgha agus buala maith. Dhein na
h-asail abláil dhóighte ar na bláthana aréir mar d'itheadar
síos go cré iad.



ABLÁLAIDHE — Ablálaí a dhein an gnó san = duine neamh
shlachtmhar: duine go bhfuil an abláil ann.



ABHLAN — Nú (nó) aibhlean. Bosca na h-Aibhline = an
bosca beag, an cóifrín, a bhíon ag sagart chun Corp Chríost
d'iompur (úmpur).



ABHLÚAIRD — Nó úbhlúaird = ubhall-ghort. Is breá an
úbhlúaird í.



ABRAIM — Nú abraighim. Bhí, abair, fiche bó ann =
tímpal. Dá mbéadh, abair, a leithéid seo de sheómra agam
= cuiream, nú cuirim, i gcás. Abair leat féinig tu bheith
ar oileán uaigneach = meabhruigh duit féinig: cuir i gcás
duit féinig. Abair, nú abraighidh, scéal = bhfuil aon scéal
nua agat, nú agaibh? Deirtear é sin nuair a beifí ag súil
le scéal nua. Níl agam, níl againn, a deirtear nuair ná
bíon.


L. 3


ABHRAS — Ní den abhras an chéad t-snáth = ní mar a chéile
an chéad chuid de rud agus an chuid eile.



ACFUIN — Ní mór an acfuin an tae gan rud éigint 'na
teannta = neart, maitheas, substaint.



ACHRAN — Tá an dá chórda, nó aon dá ní, i n-achran 'na
chéile = ceangailte, greamaithe. Tá na páipéirí seo i n-achran
orm = measctha, trí-na-chéile. Sin é mar atá an t-achran
sa chainnt = dua, deacaracht — ciaca déarfá, cig, mór, mhór,
móra, móir, agus mar sin díobh. Tá an Ghaoluinn ag teacht
san achran ortha = tá ag teacht cruaidh ortha í dh'fhoghluim; tá
sí ag teacht na gcoinnibh, treasna ortha, i slí éigint. Chuaidh
an cheist i n-achran orm = chuaidh díom í réiteach. Tóg an
bóthar is lúgha achran = is buige. Tá mórán achraintí ag
baint leis an gcúrsa san = tá mórán castuíocha ann.



ACHT — Dheineadar acht suas go ngoidfidís na h-úbhla
= socrú, marga, coinghíoll. Dheineadar acht chun dul go
Bleá Cliath. Dheineamair acht suas gan cáin a dhíol =
cómhairle. Ná dein acht agus ná bris acht = nós. Tá an
t-acht déanta aige sna (ag na) taoisigh chun socruithe = táid
beartuithe ar shocrú a dhéanamh.



ADHAILSEACH — Ainmhí fada caol a bhíon ag snámh ar a
bholg ar an dtalamh. Bíon tímpal is leath-chroma d'fhaid
ann.



ADHARC — Chuireadar i n-adharc gabhair sinn = i gcás:
dheineadar sinne do theanntú. Bíon adharc an ghabhair caol
go maith. Bhíodar ag séide na h-adhairce = áthas nó a mhalairt
bheith ortha agus iad á chur i n-úil. Bhí an gabhar ar adhairc
aige = greim aige ar adharc an ghabhair.



ADHARTA — bhíodar ag dul go poll an adharta uaim =
an poll a bhíon san adharta cois na teine.



ADHASTAR — bhí an capall ar adhastar aige = adhastar
ar an gcapall agus greim aige féin ar an adhastar.



ÁDHBHACHT — bhí sé ag ádhbhacht = ag déanamh grínn. Nó
áfuíocht.


L. 4


ÁDHBHAR — Bhíos ádhbhar, nó ádhbhairín déanach = rud beag.
Tá ádhbhar Gaoluinne aige = roinnt. Bhí an bád ag imeacht
ar a h-ádhbhar féin nó ag seóla ar a h-adhbhar féin = ar a slí
féin. Cuir an dola ins an ádhbhar = an t-adhmad go gcuirtear
poll cun dola ann.



ADHMAD — Ní féidir liom aon adhmad a bhaint as an
bhfocal san = aon bhrí, aon chiall, aon tuisgint.



ADMHÁLACH — Bhfuil tu admhálach ann (i rud éigint a
deineadh nó a dubharthas)? = a' n-admhuighean tu é (rud a
cuireadh i leith dhuine)? Bhfuil tu admhálach ionnta (i bhfiacha,
cig)? = bhfuil tu admhálach go bhfuilid ort? Nuair a bhí sé
chó h-admhálach ann leigeadh saor é = nuair a dh'admhuigh sé
chó h-oscailte é.



ADHNAIM — Adhnaim an teine, an phíp, gach maidin =
deargaim. Tá sé ag adhaint na teine anois agus ní bheidh
sí i bhfad.



ADUIGHIM — Ag adú ar an ndíobháil atá 'n tu = ag cur
le. I n-inead bheith á chur tharat tá 'n tu ag adú thiar leis —
gnó a bhí á chur i méid. Níl an tig ach aduithe fós = tosnuithe:
an bonn glanta scaraithe amach agus an chéad líne curtha.
Aduighis na leabhartha eile mór-tímpal an dá leabhar láir
= chuiris dhá leabhar síos ar dtúis i lár baill agus annsan
chuiris na leabhartha eile tímpal ortha. Bí ag adú na móna
isteach anois — bhéadh bonn na cruaiche curtha. Táim ag adú
na cruaiche = ag tosnú. Beimíd ag adú uirthi go mbeidh
sí mór groidhe = ag bailiú isteach uirthi: ag cur léithi.



AE — Tá lionndubh ar a ae = tá sé dúbhach. Bhí a chroidhe
a's a aedheana ag rith (nó ag buala) ar a chéile — nuair a
bhéadh scannradh ar dhuine: nó tar éis pas reatha nó aon ní
mar sin, nó duine críonna ag dul i gcoinne an áird. Bhéadh
an croidhe ag preabarnaigh go tréan.



AER — Cainnt san aer = gaoth: cainnt gan bhun. Leigidh
an t-aer chúgham — duine a bhéadh gunta, cig, a déarfadh.
Níl aon, mhaith ann nuair a gheibhean sé an t-aer — iasc
stánaithe, brioscaí, nó éinní mar sin.


L. 5


AERÍOCHT — Bhí sé ag aeríocht dó féin = ag tógaint an
aeir.



AG — Ní amadán Dia agaibh = ní amadán atá i nDia
agaibh. Ní thiocfadh éinne isteach chuige ag an saghas tíghe
a bhí aige = mar gheall ar. Bhí leath-mhála plúir ó'n nduine
againn = theastuigh an méid sin ó gach duine againn. Bhfuil
aige? = an ceart, nó pé ní a bhí ag teasdáil uaidh. Tá agam
anois = tá liom: tá eirithe liom. Ní fearr liom agam ná
uaim thu = is cuma liom tu bheith agam nó gan bheith. Tá sé
ana-mhór aige sna (ag na) daoine = tá ana-chreidiúint aca
dhó, ana-mheas aca air. Tá sé ana-bheag aca = is ana-bheag
ortha é. Tógaid nó glacaid suarach é nuair a dhéanfadh sé
rud thar ceart (rud nách ceart) = ní thaithníon (taithníghean)
sé leó i n-aochor.



AGA — Caithfir aga a thabhairt dó = am: spás: é
thógaint go breá fada foighneach. Beidh an Ghaoluinn go
cruinn aca leis an méid sin aga = an méid sin aimsire.
Is mó mhoill agus d'aga a thugaid anso ná ansúd = aimsir.
Ní raibh aga agam chun leitir a scríobha = am, am spártha.
Tá an aga agat orm = am: thosnuighis rómham (i rás, cig).
Thug an cainnteóir aga dá ghuth = níor labhair sé ró-thiubh.
Aga, led thoil — sin é a déarfaí leis an réiteóir dá mbéadh
buachaill gortuithe i gcomórtas. Níor thug sé aon aga dhom
chun (ar) é dhéanamh. Táim ana-aga siar sa leabhar (nó
chuas ana-aga siar sa chnoc indiu) = ana-thamall. Tá
ana-aga eatorra = spás (sa tslí, san obair, i naon ní).
Tógfaidh Seán breis aga (nó ana-aga) ar an mbóthar mar ná
fuil sé sceinneadach (= imshníomhach, deabhfarach).



AGHAIDH — Thug sé (a) aghaidh agus (a) íntin ar an (nó do'n)
obair = thug sé (a) aghaidh agus (a) aire do'n obair. Tá
aghaidh bhreá ghléigeal aige. Aghaidh phlaoscach, dhearg. Aghaidh
bháiteach, bhán. Agaidh bhaoth, mharbh, siar sa dath. Bhíodar
ag tabhairt a n-aghaidh mar a raibh a gcúl — daoine a bhí ag
cur ainm chúil le muíntir ar leanbh, ainm ná raibh ar an
gcine roimis. Tá aghaidh na fairrge ar an áit. Dhein sé é
chun aghaidh na ndaoine do tharrac air féin = chun iad a chur ag
féachaint air agus ag cuímhneamh air. An rud atá uait
tá sé fé bhéal t' aighthe = féd shúile. Ní féidir liom


L. 6


m'aghaidh a thabhairt dó (nó mo cheann a thabhairt dó) = labhairt
leis: fanacht ós a chóir amach ag cainnt leis. Tá pochóid i
lár m'aghaige. Tá sé ansan fé t'aghaidh. Ní raibh fhios
agam cá raibh sí chun a h-aghaidh a thabhairt = cá gcasfadh sí. Ní
bheidh Seán baoch díom le h-aghaidh an tráthnóna = le linn:
i gcóir: ar feadh.



AGAOIS — goile na circe, an ghé, agus mar sin. Bíon
an agaois i mbolg an éin istig agus an t-iogán 'na h-ucht.



AGÓ — Chuiris agó (nó an t-agó) ann = coinghíoll. I
n-abairt, cig, de'n t-saghas so — raghad ann má's díomhaoín
dom. Dubhart é gan aon agó = díreach: gan cur leis ná
baint uaidh. Abair é agus ná cuir aon agó ann. Bhí an
t-agó agat ann = casa, lúb.



AGRA — Tá sé dulta san agra orm = sa mhuilean.



AGUS — An maith leat é? Is maith, agus é = is maith
go deimhin. An ndeirtear é? Deirtear, agus é: nó,
deirtear go deimhin, agus é. Cuirean “agus” breis nirt
isteach sa bhfreagra i gcás de'n t-saghas so thuas. Feic ná.



AIBIDH — Tá sé ana-aibidh ann féin = te: duine teasaidhe
ná fuil smacht ceart aige ar a chuid feirge. Léimfeadh sé
fút go tapaidh. Tá an coirce críon-aibidh = ana-aibidh.
Tá sé aibidh chun na Gaoluinne, chun na gcros, chun gach éinní
= tapaidh. Nuair a bhíon an geárrcach aibidh bíon sé ag
faire ar léime (amach as an nid). Nílim ró-aibidh indiu
chun éinní a dhéanamh. Tuitean oiread oibre le fear lá
nuair a bhíon sé aibidh chun é dhéanamh, agus ná tuitfeadh dhá
lá eile. Bíon na geárrcaigh aibidh nuair is féidir leó
imeacht leó.



AICÍD — Múscluighean an aicíd seo amach ar fuaid na
tíre go minic = tagan ar barra, leathnuíon (leathnuíghean).



AIDHM — Níl aon aidhm agam ar é dhéanamh = níl aon
fhonn agam ar é dhéanamh: nó, níl aon chuímhneamh, aon
mhachtnamh, agam ar é dhéanamh. Níl aon aidhm aige ar an
nGaoluinn a dh'fhoghluim = lorg. Nílim i n-aidhm é dhéanamh.


L. 7


Bhí an iomarca aidhmeana 'na gceann = bhíodar ag cuímhneamh
ar an iomarca rudaí. Bhuailfeadh sé thu dá bhfuigheadh sé an
aidhm air = an chaoi, seans. Níl aon aidhm agam ar é rá =
(go minic) níl aon tseans.



AIDHMEANACH — Fear aidhmeanach seadh é = fear a bhíon
ag cuimhneamh ar mhórán neithe: nó, fear go mbíon mórán
iarnaí sa teaghlach aige: nó, fear a bhíon ag atharú agus
ag siúinseáil go minic. Bíon fuadar ná feadair fé, nó
mí-fhoighne air. Bíon sé gan puínn staidéir. Tugan
tamall do'n ghnó so agus tamall dó súd. Bhéadh sé bear-
tuithe ar rud a dhéanamh agus ansan athróch sé a aigne. Fear
go mbíon mórán ealaidheana 'na cheann. Léimean ó rud go
rud. Nó, aidhminiúil.



AIDHMEANAS — Bhfuil aon aidhmeanas agat (ar siúl, ar
bun) indiu? = gnó, cúram. Tá an iomarca aidhmeanais ar
bun aige = gnóthaí. Tá a lán múinteóirí ná fuil i n-aon
aidhmeanas fós = obair, post. Dá bhféadfaidís aidhmeanas
a dh'fháilt bheidís oiriúnach chuige. Ní raibh aon aidhmeanas
le seachtain ar mhuíntir an oileáin = ní raibh aon ealadha ná
gnó ar siúl aca.



AIDHNLEÓIR — duine a bhíon ag aidhnliú.



AIDHNLIGHIM — Bhí sé ag aidhnliú, nó ag aidhnliú an bháid =
á coimeád cothromach san uisce, san áit chéadna, le beagán
rámhuíochta. Bhí an seabhac ag aidhnliú sa spéir = ní bhéadh ag
dul chun cinn ná chun deire ach ag fanacht sa bhall céadna.



ÁIFÉIS — Níl sa scéal san ach áiféis = rud gan deallramh
(deáramh). Bhéadh cuma ait air, nó curtha leis an bhfírine
ann.



AIFREAN — Tá mórán Aifrintí léighte, nó ráite, agam.
Chuireas Aifrean le n'anam. Thugas fiacha dhó chun go
léighfeadh sé Aifrean lem anam. Abair Aifrean dom:
mar gheall ar mo stoc atá ag dul im choinnibh. Bhíos ag an
Aifrean: chun an Aifrin. Bhíos déanach chun an Aifrin:
ón Aifrean: don Aifrean. Aifrean na Gine = Aifrean
ar a dódhéag oidhche Nodhlag.


L. 8


AIGEANTACH — Duine deigh-aigeantach, geal-aigeantach,
dúr-aigeantach, agus mar sin. Sin duine go raibh aigne
dhúr aige, agus mar sin dréir na cainnte.



AIGNE — Tá sé ar m'aigne (im aigne) é seo dhéanamh.
Sin í an íntin atá im aigne (nó ar m'aigne-ach is fánaighe é
seo). Dhein sé suas a aigne go —. Níor thug sé a aigne don
obair. Dhein sé suas a aigne chun gan dul ann. Ní raibh
aon aigne don obair agam. Táim ag obair i gcoinne
m'aigne = i gcoinne mo thoile. Tá aigne chuid de sna
daoine leis an saor-stát agus cuid eile aca ná fuil. Ní
féidir liom m'aigne a chur leis an obair = luighe léi: aghaidh
a thabhairt di, nó uirthi, i gceart.



AIGHNEAS — Bhí ana-aighneas eatorra = áiteamh, aragóint.
Tá ana-theanga aighnis aige = ana-theanga chun áitimh, nó chun
cainnte. Níl aon easba aighnis air. Bhí sé ag cur aighnis
orm = ag cur cainnte nó díospóireachta orm: a d'iarraidh
troid do chur ar bun liom. Tabhair cead aighnis dom.
Thugadar an t-aighneas go maith dá chéile = an teanga. Bhí
ana-aighneas agam leis. Cab-aighneas = aighneas beag íseal:
cainnt bheag ghearra. Ní gliogaireacht aighnis atá againn ach
aighneas fódúil. Bhíodar ag cab-aighneas le chéile.



ÁIL — Cad do b'áil leat anso a bhreis (de bhreis) ar aon
tig eile? = cad a thug anso thu?



AILLIGHE — Táim ag faire ar bheart coirce a ghoid má
gheibhim uair na h-aillighe chuige, nó air = an lom, seans.



AILP — Tá ailp mhaith aráin cogainte agam = blúire
maith, cannta. Ailp aráin, feóla. Bhuail ailp leis — fear
a bhí ag lorg raice agus fuair rud éigint. Fuair sé ailp,
nó tá ailp aige = tá lab aige (dáríribh nó magúil). Dá
ndéanfadh duine droch-chapall, cig, a cheannach. Fuair sé
ailp, am baic!



ÁILTEÓIR — Bhuailfeadh sé bob, an dubh 'na gheal, ort.
Bíon an iomarca ealadhna aige.


L. 9


AIMILÉIS — i n-umar na h-aimiléise. Ar phortach na
h-aimiléise. Tá sé ag imeacht ón aindeise go h-imeall na
h-aimiléise. Chuir sé go h-umar na h-aimiléise me = chun
olcais, chun deire: chun rud éigint ná taithneóch liom.
Tugtar umar na h-aimiléise, leis, ar bhosca a bhéadh lán
d'úirlisí ceárduí; tuíncéara, cig.



AIMHLEAS — Tá sé ag dul ar a aimhleas = chun an donais
ag imeacht ar shlí ná tairbheóch dhó.



AIMHLEASTA — leanbh aimhleasta = crosda, crosdálta.
Brisean rudaí agus deinean díobháil den tsaghas san. Ní
bhíon aon chló air ach cló na h-aindeise.



AIMLÍOCHT — Níl aon aimlíocht ag baint leis, nó air =
gan aon mháchail bheith air.



AIMLITHE — Nách aimlithe an duine é? = gan mhór-chló:
gan chrích (chrí). Bhéadh bacaighe, nó dronn, nó droch-chuma, nó
máchail éigint air. Seacht gcinn go breá agus ceann
aimlithe beag. Bíon ceann éigint aca aimlithe i ngach aon
ál.



AIMHRÉIDH — Tá an scéal ag dul i n-aimhréidh orm = i
n-achran, san agra. Déarfadh scéalaidhe, cig, é sin muna
bhféadfadh sé cuímhneamh ar a scéal. Is féidir le gach aon
ní dul i n-aimhréidh. Tá an córda i n-aimhréidh = casta tré-
na-chéile.



AIMSÍGHIM — Tá aimsiú maith agam = cruínn chun rud a
bhuala: urchar.



AIMSIR — Thóg sé (an máistir) i n-aimsir me. Táim
i n-aimsir aige: nó, ar aimsir. Réidhtígheadar an aimsir
le chéile — an máistir agus an seirbhíseach. Cuireadh i
n-aimsir me go dtí —. Dheineas marga aimsire leis.
Is fada riamh d'aimsir ó deineadh é. Bhíos ag gabháilt thart
aimsir Aifrin. Tá sé i n'aimsir Aifrin. Ana-aimsir
cholata í seo. Tá sé i n'aimsir tae. Tóg bog é: ná fuil
an aimsir fhada (nó fada) agat chuige? = am go leór.
Cailleadh í roim a h-aimsir. Bhí an stúmpa cránach leath-


L. 10


aimsir chun banbh: an bhó chun gamhna. Aimsir bhreá mheala
mhín. Aimsir bháistíghe. Tá an cheist sin ann le fada
dh'aimsir. Aimsir dhubh sheaca agus coinnle reódha. Deinfidh
sé droch-lá fós. Cuirfidh sé = fliuchfaidh sé, deinfidh uisce.



AINDEIS — Tá sé go h-aindeis chun dul ann = tá sé
ró-throm, nó ró-chríona, nó ró-rud-éigint: nó béidir go
mbéadh gearán éigint air. Tá an lá curtha go h-aindeis
agat = caithte go h-olc.



AINDEISE — Tá sé ag tuitim chun aindeise agus i
dtromán. Tá sé ag imeacht leis an aindeise. Nách é
mac na h-aindeise é? = bíon an aindeise ag gabháilt lastuas
de, an saol ag breith ana-chruaidh air, i gcómhnuí: gach aon
ní ag teacht treasna air. Tá'n sibh am chur chun aindeise =
chun cráiteachta (uaireanta). Ní beag liom m'aindeisí féin
gan tusa bhac. Nó, m'aindeisíocht féin. Tá sé ag imeacht
ón aindeise go dtí imeall na h-aimiléise.



AINDEISÍOCHT — Tá sé ag tuitim, nó ag dul, chun
aindeisíochta = chun aindeise, chun feóla.



AINGCIALLTA — Beithíoch aingciallta = gan chiall. Agus
deirtear aingciallta le duine ná bíon slite na ndaoine
aige, ach é deighilte amach uatha.



AINGCISEACH (Ainng-ciseach) — Nách aingciseach an fear
beag é = duine ná foighneóch puínn uait: ní bhíon fulag
seóig ann. Cuirean éinní gruaim nó aingcis air. Táim
aingciseach 'e cheal mo phípe = crosda: mí-shásta: i slí
gur fuirist me chur chun feirge. Deirtear go dtógan a
leithéid sin de dhuine breis gealúnaighe chun é féin a bhearra
a bhreis ar an nduine sochma. B'fhéidir go mbéadh sagart
amhlaidh dá dtiocfadh teachtaire chuige i lár na h-oidhche agus
an duine breóite ar feadh an lae roimis sin.



AINIRTHE — Bhí blúire feóla i lár na h-ainirthe. Conus a
deintear na h-ainirthí seo go léir? = saghsana ainirthe.
Anbhruith.


L. 11


AINM — Chuir sé as m'ainm me = thug orm ainm nár
thuilleas: leas-ainm: droch-ainm: nó bhain sé mo cháil
díom. Dá mbrisfá an cupán ní chuirfinn as t'ainm thu.
Sé do cheart-ainm é. Tá sé d'ainm air bheith spriúnlaithe
= cáil.



ÁIRD — Báisteach gan áird = nách fiú trácht uirthi. Níl
agam ach focal gan áird den nGaoluinn = gan mhaith. Tá
ár súile ar cheithre áirde an domhain. Táid scapaithe fé
sna cheithre árdaibh. Thánadar ón áird anoir. Níor thugas
aon áird air = tora.



ÁIRDE — Tá a bhfuil i n-áirde orm stracaithe = orm,
umam. Bhí a amhrán i n-áirde aige = ar siúl. Bhí sé ag
féachaint síos agus i n-áirde air féinig = suas. Tá sé
chó maith dhuit an bhuairt a chaitheamh i n-áirde leat féinig =
í chaitheamh uait. Bhí a bholg i n-áirde leis an ngréin aige.
Bhí gach aon chúrsa ag teacht chó mór san im choinnibh gur
chaitheas an saol i n-áirde liom féinig ar fad = eirígheas as
aon spéis a chur ann. Chaitheas an post i n-áirde liom
féinig = d'eirígheas as.



AIRE — Tabhair aire na fola duit féinig = ana-aire. Bí
ar t'aire ar an gcigire. Obair gan aire = neamh-chúramach,
neamh-aireach.



AIREACHAS — Thugas togha an aireachais ná déanfaí é =
togha na h-aire.



ÁIREAMH — Tá dhá leabhar, dhá uan, dhá éinní i n-áireamh a
chéile nuair a bhíd ana-chosúil le chéile. Torm dhá ubh i
n-áireamh a chéile = dhá ubh a bhíon chó-thoirt agus chó-dhéanamh.
Tá mo dhá bhróig i n-áireamh a chéile = oirid siad dá chéile:
tá aon toirt amháin ionnta agus aon chló.



AIRGEAD — Cuir na h-airgidí go léir le chéile.



ÁIRÍGHIM (Áirmhíghim) — Áirígheadh cionntach é = fuarthas
cionntach é: measadh go raibh sé cionntach. Tá an pháirc
seo áirithe ar fiche bó = tá sé meáite (meághaite) gur féidir
léi fiche bó a chothú. Ní h-ag áireamh na h-aindeise é,


L. 12


chaitheas dhá phúnt ar feidhre bróg = lasmuigh den méid a
chaitheas go h-aindeis. Nó, ní h-ag áireamh na tiubaiste é.
Tá an pháirc áirithe chun féar fiche bó.



ÁIRITHE — feic áiríghim. Is áirithe go dtiocfaidh athrú ar
an scéal = cinnte. Tá áirithe mhór bhlianta ann ó chonac é =
roinnt mhaith. Béidir, ach ní ceart é thógaint i n'áirithe = a
rá leat féin gur deimhnithe é: deimhin a dhéanamh de. Tá
Máire i n-áirithe do Sheán = tá coinghíoll eatorra, nó
geallúint phósta: pósfaid a chéile. Bead ag imeacht ar ball,
agus cuir cóiste (cárr) i n-áirithe dhom = socruigh é bheith
ullamh dom nuair a theastóidh sé uaim. Tá an méid seo áirithe
le déanamh agam = teasbánta amach le déanamh. Tá cóiste
i n-áirithe agam. Beidh céad púnt ag teacht chúghainn agus
nách maith an áirithe é sin do dhaoine bochta? = rud atá le
teacht, geallta, i n-áirithe. Ach go h-áirithe = pér domhan
Tá sé áirithe ag lucht na bpáipéirí go leanfaidh an coga
tamall eile = meáite, ceapaithe. Bíon rud áirithe ná
tuitean amach. Is mó rud a bhí áirithe agus nár tháinig chun
cinn riamh.



AIRITHEACH — Tá sé ana-airitheach air féin = aireach.



ÁIRSEÓIREACHT — Bím ag áirseóireacht go minic =
eascainí: ainm an diabhail ar siúl go tiubh.



ÁIRSEÓIRÍ — Bhí sé ag spalpa áirseóirí = ag mallachtú
go tiubh.



AIS — Bhuail sé me, ach má dhein, do bhuaileas thar n-ais é.
Tá sé suite (suidhte) i n'áit féin thar n-ais = d'imigh sé as a
áit féin, ach tháinig sé thar n-ais, agus tá sé ann aríst 'na
shuidhe. Fuair a bhean bás agus phós sé thar n-ais. Tá sé
anso le h-ais liom = lem ais.



ÁISIÚLACHT — is mór an áisiúlacht a dhein sé dhom = dhein
sé ana-áis dom: bhí sé ana-áisiúil dom.



AISTE — Dúbhradar go dtiocfaidís, agus ar an aiste
chéadna dúbhradar go mb'fhéidir ná tiocfaidís = i n-aon
anáil amháin: ar an slí chéadna. Táid go h-olc, ach ar an


L. 13


aiste a thógaint le chéile, táid níos fearr ná mar a bhíodar
anuiridh = iad go léir, nó an scéal, a thógaint, a mheas, le
chéile. Is dóigh liom go n-imeóidh sé ar a deich, ach, ar an
aiste chéadna, béidir ná h-imeóidh go dtí n-a h-aondhéag
mar níl fhios ceart agam. Ar an aiste sin = ar an slí sin:
dá réir sin: ar an imeacht san.



AISTEAR — Tá Baile átha Cliath san aistear ó Cho. an
Chláir = tamall maith slí. Níor bh'aon aistear liom é dhéanamh
= obair mhór, moíll, righneas. Tá sé trí mhíle san aistear
ón áit seo, ach níl sé ach míle go leith sa chómhngar. Neamh-
aistear = gnó gan tairbhe; cig, bheith ag scúbha prátaí do
mhuca: nó clocha a chaitheamh amach ar an mbóthar agus iad
do scaoile isteach sa pháirc aríst. Is éachtach an neamh-
aistear atá ag baint leat. Tá aistear agus cómhngar
chuige = slí fhada agus slí ghearra.



AISTEARACH — Tá an gort ana-aistearach ort = i bhfad
uait. Bóthar aistearach = fada nó tímpalach. Ba mhaith
liom cúpla lá a thabhairt i Luimneach ach tá sé ró-aistearach
dul ann. Gnó neamh-aistearach = gnó gan tairbhe, fastaoí-
meach. Tá an bóthar san ana-aistearach chun dul go Corcaig.
Áit aistearach seadh é seo = tá sé i bhfad ós gach aon áit
eile, agus ós gach aon rud a theastóch ó dhuine. Áit aistearach
annródhach.



AISTRÍGHIM — D'aistrígheas liom as an áit go rabhas
agus táim i malairt sráide anois. Tá sé ag aistriú —
sagart, cig, a bhéadh ag imeacht ó pharóiste go paróiste
eile (agus ag tabhairt leis a chuid troscáin).



AISTRIÚ — Thug sé leis an t-aistriú = an troscán agus
na rudaí a bhí aige — dá mbéadh áit nua tógaithe aige, agus
ag imeacht ann. Tá mórán aistrithe aige = troscán, nó
málaí agus rudaí mar sin a bhéadh ag duine ná béadh, béidir,
ach ag déanamh trus traenach.



AIT — Ní h-é sin is aite = ní h-é sin an taobh is aistighe
den scéal.



AITHEANTÚIL — Aitheantach. Is aitheantúil an duine é =


L. 14


duine go mbíon aithne aige ar mhórán agus go mbéadh
aithne ag mórán air; nó an saghas san duine go mba mhian
leat aithne do chur air toisc é bheith cuideachtanúil.



AITEAS — Cuirean sé aiteas orm ná tógfar aon rud
níos lúgha ná an méid sin = braithim me féin ait aige ná.



AITH-GHEARRA — Bhuail sé aith-ghearra go dtí an áit =
cómhngar: slí ghearra. Nó, aithgheárr, nó aith-gheárr
cómhngair. Ghaibheas an t-aithgheárr chun an tíghe. Fuaireas
aithgheárr chun na h-áite = dheineas amach slí chómhngarach.
Cá bhfuil aithghearra na n-aitheanta? = slí ghearra chun iad a
thabhairt amach.



AITHIS — Níl náire ná aithis air.



AITH-MHÁISTIR — Meadhon-mháistir: an duine, cig, a bhéadh
idir an tighearna talún agus na tineóntuithe.



AITHNE — Thugas aithne dhóibh ar a chéile. Tá áthas orm
aithne do chur ort: t'aithne do chur: t'aitheantas do chur.
Ní bhfuaireas aon aithne air fós. Tá aithne fairis na seacht
n-aitheanta agam air = aithne thofa, aithne ana-mhaith,
nótálta. Chuireas i n-aithne a chéile iad. Ní raibh aithne a
bheart féin ag éinne aca = ní raibh fhios aca cad a bhí á dhéanamh
aca. Ní raibh aithne a bheart agam = ní raibh fhios agam cad a
bhí fé a dhéanamh. Ní raghaidh sé as m'aithne go deó = beidh
aithne agam air go deó. Ní féidir an fear san do chur as
m'aithne. Bhíodar as aithne nuair a thánadar abhaile = ní
raibh aithne ortha. Tá aithne phearsanta agam air. Tá
aithne agam air, ach ní le radharc súl é = chuala trácht thairis.
Tá áiteana ar m'aithne is breátha ná é seo = áiteana go
bhfuil aithne agam ortha. Bhíodar ag cuímhneamh ar feadh
trí seachtaine breátha ar theacht, agus fé mar a bhéadh an nimh
ar an aithne thánadar indiu (lá uathbhásach) = ba dhóigh leat go
raibh fios speisialta aca go mbéadh an lá indiu olc.
Dubhairt sé gur Shinnféiní é, ach do mhachtnuigheas nár bh'eadh,
agus fé mar a bhéadh an nimh ar an aithne, bhíos fíor = chó
maith agus dá mb'eól dom a smaointe.


L. 15


AITHNÍGHIM — Níor chuaidh an peictiúir ó aithint orm =
d'aithnígheas é. Ní aithníghean sé A seachas, nó thar, B. Is
fuirist d'aithint go bhfuilean tu díomhaoín — dá mbeifá ag
déanamh rud éigint nárbh aon phioc ded chúram. Is fuirist
d'aithint ort go = ó bheith ag féachaint ort. Ní aithníghim
an clog = ní thuigim ón gclog cad é an t-am é. Aithníghean
sé ar fhéachaint ar na cártaí go bhfuil an clutha (cluiche) 'na
láimh. Táid go léir le h-aithint go maith = le tuiscint.
Ní raibh aon aithint ar an bhfairge ach oiread leis an loch =
ní dh'fhéadfá í aithint thar loch. Níl aon aithne agam air ach
oiread leis an bhfear a bhíon sa Spáinn = níl aon aithne i
n-aon chor.



ÁITREABH — Tig, tithe. Tá áitrithe deasa aige thall is i
bhfus.



ÁITREABH — Tá áitreabh air — ar an mbáistigh: ar an
sneachta, ar an ngaoith, ar a chuid feirge = tá sé, sí, siad,
imithe i luighead: gan bheith chó trom, chó láidir, is a bhí.



AITHREACHAS — Beir i n'aithreachas má théighean tu ann =
beidh aithreachas ort: beir 'na léan: beidh sé 'na léan ort:
beidh sé i n'aithreachas ort. Caithfidh tu aithreachas a ghlaca
chúghat istig id chroidhe agus aithríghe a dhéanamh. Tá cead
aithreachais aige = chun teacht ar mhalairt aigne. Bhfuil
deire le n-a théarma aithreachais = an téarma a gheóbhadh
duine chun malairt aigne do tharac chuige. Dá gceannóch
duine capall, cig, dh'fhéadfadh sé a chuid airgid a dh'fháilt
thar n-ais laistig de thamall áirithe aimsire muna mbéadh
sé sásta le n-a mharga. An tamall san = an téarma
aithreachais. Tá aithreachas orm mar gheall ar, i dtaobh, é
dhéanamh = cathú.



ÁITREÓIR — Duine a bhíon 'na chomhnuidhe 'na leithéid seo
d'áit. Is dóigh leis na h-áitreóirí gurab é seo an áit is
deise sa domhan = na daoine a chómhnuíon anso.



AITHRÍGHE — Tá súil agam m'aithríghe a dhéanamh le Dia =
mo shíocháin. Níor thug sé aon ré aithríghe dhom = aga, spás.
Caithfead bheith ag imeacht: níl aon ré aithríghe agam =


L. 16


aimsir. Má chuirean tu cúram fém bráid (brághaid),
caithfidh tu ré aithríghe a thabhairt dom chuige.



ÁL — Is mór an t-ál atá aici. Ál sicíní: ál coileán:
ál páistí.



ALATÁN — Alltán: fear fiain.



ALFRAITS — Alfraits rógaire seadh é = rógaire tofa.
Nach é an t-alfraits é = bithúnach, rógaire, diabhal: fear a
bhéadh ag tromuíocht ar ar gcomharsain: nó a bhéadh ag
sanntú agus ag sladuíocht chuige féin, nó ag déanamh
toirmisc, nó éinní mar sin. Alfraitsí, alfraitsithe,
alfraitseana seadh iad.



ALLADHAIRE — Tá alladhaire orm = beagán bodhaire:
bodhaire nách ró-olc: níl éisteacht mo dhóthin agam. Tá
alladhaire orm ó bheith ag éisteacht leótha.



ALLAGAR — Bhí allagar an domhain againn tímpal ceist
na h-Éirean = cainnt thiubh: nó cainnt: nó a chainnt féin
ag gach éinne. Bíon sé bruigheantach uaireanta — i dtig
an óil, cig. Nuair a thagan stróinséar go dtí an áit seo,
is maith liom allagar maith friseáilte a dh'fháilt amach =
comhrá, cainnt.



ALLTACH — Tá sí 'na h-oidhche fhuar alltach = oidhche ana-
fhuar: cig, oidhche chruaidh sheaca is gaoithe. É seo an t-soluíd
a bhíon aca ar an bhfuacht san. Léim bradán as an uisce,
agus sar ar thuit sé isteach arís san uisce, bhí an t-uisce go
léir 'na leac-oidhir.



ALLUS — Ag ól uisce tar éis alluis. Bhí sé ag séide
alluis a chroidhe. Bhí fuarallus ag imeacht díom.



ALPACHÁN — Ar chailín téagartha íseal is mó a tugtar.



ALPAIM — Thug sé alpa orm = dubhairt cainnt gharbh
liom go tapaidh. Déarfaí le duine dá n-eireóch go h-olc
leis i gcúrsa éigint, nó dá ndéanfadh sé droch-ní. Ach! téir
amach as san as mo radharc cig.,


L. 17


ALPUÍL — Bíon sé ag alpuíl orm = ag tabhairt alpa
orm go minic. Nó, alpuíol.



ALT — Chuireas amach m'alt. Tá sé amuigh.



ALTUIGHIM — Bhí ocras tar éis altuithe orm = tar éis
bídh. Tá an t-altú déanta = baochas do thabhairt do, do
thabhairt le, do bhreith le Dia, tar éis bídh: nó roimis.
Altuigh. Is ceart dúinn altú.



AM — Ní h-aon am snámha é = aimsir, tráth. Cad a thug
go dtí mo dhoras san am so thu? Bíon amana ar an
sífireóireacht, nó chun na sífireóireachta. Tá a am féin
ar gach éinní. Táim liath roim m'am. Anois an t-am
agat — dá bhfuigheadh duine caoi mhaith ar rud a dhéanamh.
Anois t'am-sa. Sé seo t'am-sa. Nuair ab'am leó
imeacht = nuair ba mhithid leótha. Amana deinimíd, agus
amana eile ní dheinimíd. Ní raibh sé ró-dhéanach an t-am a
chuas abhaile = nuair. Tá an t-am aige sna h-éin anois
chun bheith ag breith na n-ubh = tá sé i n'am aca: tá sé an
t-unúmha aca: tá sé i n'unúmha aca. Is déanach an t-am
atá'n tu ag obair. Ní fada ón am aca é = ní fada go mbeid
beirithe (uibhe a bhí ag beiriú i sáspan). Tá am leis an
obair agat, nó ort = téarma: caithfidh sé bheith críochnuithe
fé n-a leithéid seo d'am. Cad é an t-am atá sé? Beidh
an dínnéar ullamh láithreach: tá sé an t-am. Cad é an
t-am atá'n tu chun eiriú (eiríghe) ar maidin? Tá sé san
am chun eirithe: Tá sé an t-am chun eirithe; chun na prátaí
a bhaint.



AMA — Stropa na n-amaí = an stropa a bhíon ag fásca
na mbeara tímpal coiléir. Tá amaí na daoírseachta ar
an dtír seo le fada. Tá barraí, nó barraíocha, na n-amaí
briste. Rug ana-ama air = duadh, strus. Níl éinní is
túisce a bhainfeadh an t-ama dhíot. Níl ama ná duadh ar
dhul amach indiu = ní bhainean aon strus leis. Chuir an t-iasc
a dh'itheas ama orm — ar mo ghoile.



AMACH — Ceapadh a lán oibreacha amach dhúinn. D'fhágas
an tig amach. Chuireas amach m'alt = as inead. Bhí mo
shúile ag dul amach as mo cheann nuair a chonac é.


L. 18


AMADÁN — An dóigh leat gur amadán mise agat?
Fé mar atá sé 'na mhadán do chreid sé me = ar nós an
amadáin mar atá sé.



AMADÁNTÚIL — Dhein sé é go h-amadántúil. B'ama-
dántúil an cúrsa aige é.



AMADÁNTUÍOCHT — Cuir uait an amadántuíocht.



AMHÁIN — sin é amháin a theastuighean uaim an bobhta so
= sin é an t-éinní amháin.



AMÁIREACH — is maith an rud fear maith amáireach —
comhairle é sin do dhuine gan é féin do mharú indiu. Níl
ann ach fear ó indiu go dtí amáireach = ní fhéachan sé ana-
fhada roimis amach.



AMALÓG — Amalóg mhná = bean ná béadh fáiscithe ná
slachtmhar ná eólgaiseach ar a gnó.



AMANATHAR — Muna mbeidh amanathar go breá = an lá
i ndiaidh an lae amáirigh. Amainiris = an lá 'na dhiaidh sin
aríst.



AMHAS — Conus tá na h-amhais? = daoine beaga: na
leanbhaí ón uair go mbíd ábalta ar shiúl go mbíd cruaidh —
sé nó seacht mbliana d'aois.



AMPLA — Tá ampla orm chun an bhídh = ana-ocras.



AMPLACH — Tá sé ag ithe go h-amplach = ag alpa an
bhídh suas go tiubh agus á scaoile siar.



AMPLÚIL — Amplach.



AMHRAS — Caitheadh amhras air. Táim i n'amhras go
raghad siar = is dóigh liom: táim ag cuímhneamh air. Nó,
táim i n-amhras dó. Táim i n'amhras go mbeidh sé fliuch ar
ball. Táthar san amhras gur tu dhein é = amhrasach. Táim
i n'amhras láidir gurbh é a bhí ann = níl fhios agam é, ach táim
i n-amhras go maith dhó gurbh é. Níl fhios againn an é a dhein


L. 19


é, ach tá amhras againn air. Ní raibh aon amhras agam go
bhféadfainn é dhéanamh = aon chuímhneamh. Tá sé i bpríosún
ar amhras = níl aon ní cruínn 'na choinne. An bhfuil aon
amhras agat ort héinig? = an bhfuil aon mheas (meas fir)
agat ort féinig? Ní dóigh liom go mbeidh aon mhaith san
aonach, ach raghad ann ar amhras = sa tseans. Chaitheadar
amach na líonta ar amhras = le súil go mbéidir go dtóg-
faidís rud éigint. Dubhras ar amhras é = ní rabhas cinnte
na thaobh, ach ar a shon san, dubhart é. Caithfimíd na h-uibhe a
thógaint ar amhras = bíodh is ná fuil fhios againn an bhfuilid
beirithe i gceart. Muna bhfuil fhios agat é tá amhras maith
agat do (nó strac-amhras).



AMÚ — Chuaidh tig an ósda amú orm = níorbh fhéidir liom
dhéanamh amach: é aimsiú. B'fhéidir go bhfuilim ad chur
amú id ghnó = ag cur isteach ort id ghnó. Táim ag cur an
tráthnóna amú ort = á lot. Tá an lá amú aige ort =
loitithe.



AMUIGH — Amu. Bíon an aimsir ar an dtaobh amu
de dhuine = ní bhíon aon tsmacht aige ar an aimsir. Bíon
a gháire amhlaidh, uaireanta. Rugadh amu air, nó beireadh
amu air = dhein sé dearúd agus tógadh suas an dearúd.
Bíon na daoine sin a d'iarraidh breith amu ar a chéile.
Dheineas é taobh amu dem thuiscint = níor thuigeas cad a bhí
á dhéanamh agam. Tá an clutha (cluiche) amu = buaite,
críochnuithe, curtha amach. Bhí ualach uirthi thiar agus amu =
ar a drom agus ar a burlach (brollach). Tá an fear-an-
tíghe amu uainn = as baile. Tá alt a choise amu. Bí
amuigh as an dtig. Rugadh amu orainn — daoine a chuaidh
amach i mbád i dtosac scríbe agus buaileadh iad sar ar
fhéadadar cala a bhaint amach. Seo amu iads — a deirtear
leis na cearca á gcur amach as an gcistin. An triúr is
measa amu = ar fad. Tá deire amu agam — fear riarta
rud éigint a déarfadh nuair ná béadh a thuille le tabhairt
amach aige. Táim amu leat = gan bheith mór. Tá feirm
amu againn = feirm ná béadh cois baile. Ní maith liom tu
chur amu liom. Tá'n tu amu = tá an clutha buaite agat:
tá an bheart déanta agat. Nó, tá'n tu amu (as an gclutha)
= tá an clutha caillte agat: níl aon tseans agat. Fear,
cig, a dhéanfadh ceiliúra. Níl aon rud tairicthe agat, agus


L. 20


níl aon ní id láimh, agus tá an bheirt eile ró-árd. Mar
sin tá'n tu amu as an gclutha. Tá'n tu amu = tá do lámh
dhíot — dá ndéanfadh duine ceiliúra nó rialacha an chlutha
a bhrise. Sin pionós. Nó, muna bhféadfadh duine an bheart
a dhéanamh i n-imirt phúirthíní. Tá na cártaí maithe go léir
amu = ar imirt.



AMÚS — Má gheibhim an t-amús ort gheóbhair uaim é =
lom, caoi, cothrom, am, faill, aga. Raghainn abhaile dá
bhfuighinn aon amús air = seans.



ANABHÁTH — Scannra a bhainfeadh do mheabhair shaolta
dhíot ar feadh an ama. Tháinig ana-bháth orm — dá dtuitfá
isteach 'on tsáile i ngan fhios agus gan snámh agat. Scannra
mór é sin a thagan go tapaidh. Bhí ana-bhádh ar mhórán
daoine nuair a bhuail na dubhchrónaigh leótha go dtí gur
chuadar amach ortha. Nó anabhá. Bainean sé le contabhairt
(cúntúirt).



ANABHÁTHACH — Anabhách. Bheifá anabhách mar gheall air,
tímpal air, dá gcloisfá gur chuaidh an traen dá rian =
chorróch sé thu le scannra.



ANABHÁTHACHT — Bhí sé ag dul i n-anabhácht = i scannrúlacht.



ANACAIR — Tá an scéal go h-anacair aige = go cruaidh,
go h-aindeis. Nuair a thána as an anacair seo = cás, duadh.
Tá an bóthar so anacair go maith = garbh, duaisiúil; is
deacair é ghabháilt. Bhí an leaba anacair aréir agam =
cnapáin ínti nó rud éigint bun ós cionn. Níor chodluigheas
ar fóghnamh. Bhí an chathaoir bheag ana-anacair agat féin
= gan bheith ar do thoil. Bhéadh cathaoir bheag anacair do
dhuine mór fada. Níor dheineas ach cola anacair = suaite,
briste — dá mbéadh taidhrithe á dhéanamh do dhuine, cig.
Labhair sé go h-anacair = míshásta, crosta, mí-shíbhíalta,
ciotrúnta, garbh. Anacair = anacrach.



ANAIRT — Beirean sibh go léir an anairt libh = tá'n sibh
mór, láidir, garbh.



ANAITHE — Lá uathbhásach (uafásach) do b'eadh é le h-anaithe


L. 21


= le stoirm agus le fairrge láidir. Tá anaithe ann.
Nuair is mó an t-anaithe seadh is giorra an chabhair.



ANAITHEACHT — Tá an lá ag dul i n-anaitheacht = ag dul ar
bun.



ANAITEAS — Chuadar go maith chun anaitis le chéile sa
deire = chun feirge: chun crostachta. Tóg socair é agus
tláth: níl aon ghnó againn ag dul chun anaitis le chéile.
Tá an ioscóid, an chneadh, ag dul chun anaitis = chun
teinníochta: i n-olcas: chun crostachta. Tá an cúrsa so
ag déanamh anaitis dom agus am chur siar ó ghnó. Tá an
duine seo ag eiriú chun anaitis = chun feirge: chun
míghiúmair: ag cailliúint an t-suilt. Tá teinneas mo
mháthar ag déanamh ana-anaitis dom = am chiapa go mór:
am chur ar míghiúmar go mór: am dhéanamh mí-ghiúmarach.
Tá an lá ag dul chun anaitis = chun feirge: i n-olcas: ar
bun: ag eiriú chun gaoithe móire.



ANÁL — Ba cheart duit anál do thabhairt duit féin agus
dod chorp = sos a thógaint: gan bheith ag obair i gcómhnuí.



ANAM — Níl an lá indiu ró-the mar tá anam na gaoithe
ann = gaoth bheag. Thugas an méid sin don tsagart lem
anam = mar mhaithe lem anam: go gcuirfeadh sé paidir nó
Aifrean lem anam. Bhíos ag déanamh m'anama = á cur
i dtreó: ag dul chun faoisdine: ag dul tré chúrsaí sprid-
eálta, agus mar sin de. Ní rabhas ag tabhairt aon ghnó
orm féin ach gnó Dé. Níl anam ná anál ins na buachaillí
a bhíon ag imeacht anois ó bheith ag caitheamh tuitíní.



ANAMHÓIN — Tháinig anamhóin air = eagla nó corruighe
croidhe chó mór san go dteipfeadh ar dhuine a mheabhair a
choimeád le chéile. Thiocfadh anamhóin ar dhuine dá
gcloisfeadh sé gur cailleadh duine éigint a bhain leis. Bhéadh
sé ana-mhór tré chéile agus thiocfadh saghas aitis air. Dá
mbéadh buachaill ann go mbéadh eagla na bpúcaí air agus
dá dtaidhseófaí dhó go bhfeacaidh sé ceann díobh thiocfadh
anamhóin air. Nó ar mháthair, dá gcloisfeadh sí go raibh
baol go bhfuigheadh a mac bás, nó go raibh sé caillte = eagla
nó buairt a chorróch í. Tháinig anamhóin agus líonruith air.


L. 22


Cailleadh do dhuine muinteartha, ach ná tagadh aon anamhóin
ort mar gheall air; tá sé caillte curtha. Bíon anamhóin
ar dhuine chun gnótha = deabha. Fan go fóil. Cad é an
anamhóin atá ort? Tá anamhóin orainn i dtaobh na móna le
h-eagla na báistíghe = imshníomh (iminí). Is fada go dtánaís.
Ní raibh aon anamhóin orm = iminí nó deabha. Nó, thiocfadh
anamhóin ar dhuine dá mbéadh sprid lag aige agus dá gclois
feadh sé ana-scéal áthais. Corrófaí go mór é.



ANAMHÓINEACH — Bhí sé ag labhairt go h-anamhóineach =
i slí go n-aithneófá ar a ghlór go raibh anamhóin air: í slí a
chorróch thu.



ANAMÚIL — Áit anamúil.



ANAMHUÍOCHT — Dá anamhuíocht a thagan sé is ró-mhinic
é = anamhuí. Tagan an anamhuíocht uaireanta = tagan an
rud anamh féin uaireanta.



ANBHFAINNE — Anúine. Tá anúine ag teacht le fada
uirthi = laige. Thuit sé i n-anúine.



ANIAR — Chuireas (bhuaileas) an téadán aniar orm
féin = bhuaileas thiar ar chaol mo dhroma ar dtúis é. Tá an
obair rómpa amach i n-inead bheith 'na ndiaidh aniar, nó 'na
ndeabhaidh aniar. Chúgham aniar thu! — nuair a dhéanfadh
duine gníomh mór éigint: dá dtógfadh sé rás, cig. Chúgham
aniar thu, muna luath a thánaís = nách luath atá'n tu tagaithe
(tacaithe)? Chúgham aniar thu, munab é an lá dhuit teacht —
dá mbéadh droch-lá ann: nó cúram mór sa tsiúl: nó an
teacht bheith bun ós cionn leis an lá i slí éigint. Mo ghrádh
do theacht aniar. Caith aniar é — le duine go mbéadh rud
éigint leigthe siar 'na scórnaigh aige. Níl an Ghaoluinn go
pras aige. Caithean sé stad chun í tharac aniar = amach as
a bhéal, as a chúl. Ní fearr bheith siar ná aniar leis an
scéal, nó sa scéal = tá sé chó maith tosnú air na thosach.
Chúgham aniar thu — déarfadh duine é dá mbéadh sé chun
tosaigh ar dhuine eile chun breis mhisnigh a chur air. Ní fearr
bheith siar agus aniar go deó leis ná é dh'fhágaint mar sin =
is fearr é (cúrsa, scéal, rud éigint) dh'fhágaint mar sin
ná bheith ag dul siar agus aniar air.


L. 23


ANÍOS — Bhí tairnge aníos as bonn na bróige = ag sá
aníos as. Fan aníos ón bhfaill: ón dtráigh. Fágaid a
leithéid seo d'áit laisteas thíos, agus tagaid thar n-ais
lastuaidh síos.



ANN — Tá airgead im póca agus is maith ann é nuair a
bhím 'na ghátar.



ANNCAIRE — Tá an t-árthach ar anncaire, nó ar a
h-anncaire. Chuireadar amach na líonta ar anncaire = iad
a bheith greamaithe thíos ag tóin an uisce.



ANNCHEART — Tá an tír fé anncheart le fada = fé
éagcóir. Is cuma nó anncheart lomcheart = muna dtugan
tu ach focla na dlí do dhuine agus gan an sprid a bhac, beidh
éagcóir á dhéanamh agat air. Máistir — Cé mhéid a dheinean
a cúig agus a h-ocht? Buachaill — a ceathair déag
Máistir-anncheart = neamh-cheart.



ANNDÓTH — Chuarduigheas dóth agus anndóth = an áit
'nar cheapas go bhfuighinn é agus an áit nár cheapas. Chuas
go dtí an t-anndóth agus fuaireas é = rud éigint a bhí á
lorg agam.



ANNLAN — Deinean an t-ím ana-annlan leis an arán =
deinean ana-neamh-thur é.



ANNLEISCIÚIL — Táim annleisciúil mo dhóthin = leisciúil
go leór: gan bheith thar fóir. Anntuirseach =
cúibhsach tuirseach. Bhí sé annchrosta go maith = crosta go
leór gan bheith ró-chrosta.



ANNRACHT — Téighean duine chun annrachta nuair a
thuitean sé chun aois ró-mhór. Ins an annracht = fadó: sa
tsean-aimsir.



ANNRÓ — Leanan ana-annró an féar agus an mhóin nuair
a bhíon an droch-aimsir ann. An méid annróig (annróidh)
atá aníos ann, tá sé de chothrom síos ann = duadh. Cnoc a
bhí i gceist. Fuaireamair ana-annró ón móin. Rug
annró agus cruatan ortha. Tá annró ag gabháilt aníos ón
dtráigh.


L. 24


ANNRÓACH — Casán annróach = gur deacair gabháilt tríd.
Tá an aimsir seo annróach = duaisiúil: gan síocháin: mórán
trioblóide ar siúl. Ranng annróach = gur deacair é
mhúine. Neamh-annróach.



ANNRUIGHIM — Tá sé annruithe = caithte, croithte (leis
an annracht): gan ann ach an dé.



ANNSA — is tusa is annsa liom beó = is ceanúla: is
measa liom. Ó ionúin (ionmhuin).



ANUAS — Thinig sé anuas san éileamh, sa phraghas. Tá
an stoc anuas. Chroc sé anuas ins na maidí snaidhm an
fheóil, nó ins na maidí snaidhmthe. Bhaineas na bróga anuas
díom féinig.



AODHAIREACHT — Bhíomair ag aodhaireacht na naomhóige
faid a bhíomhúir-se ag ól = ag tabhairt aire di.



AOIBHNEAS — Tá grian agus aoibhneas againn chun na
scioltáin do ropa i gcré = aimsir bhreá ghlórmhar.



AOIRDE — Chuaidh sé amach san uisce thar a aoirde. Tá sé
i n'aoirde lán = chó maith agus is féidir leis: ní raghaidh
a thuille air. Tá sé i n-aoirde a shláinte = i mbarra a
shláinte. Níl an taoide 'na h-aoirde lán fós = níor shroith sí
a h-aoirde lán fós. Cad é an aoirde atá sa chnoc, san
uisce? Cuir an chathaoir ar a h-aoirde = na seasamh chó
h-árd agus is féidir é. Caithfimíd obair na scoile do
choimeád nó an aoirde cheart, nó i n'aoirde cheart.



AON — Dá mbéadh daoine ag imirt caidhtí ar spriuc, an
té ba ghiorra don spriuc gheóbhadh sé aon (i gcómhaireamh na
h-imeartha), nó an t-aon. Dá mbéadh dhá chaidhte aon fhaid
amháin amach ní bhéadh an t-aon ag éinne aca an trus san,
agus fágfaí i n'aon mharbh é. Tá sé i n'aon mharbh eadraibh.
Deirtear é, leis, tímpal aon tsaghas cúrsa 'na mbéadh
beirt nó breis ar aon scór amháin.



AON — Bean an t-aon bhó seadh í = na h-aon bhó. Sí seo


L. 25


an t-aon bhó amháin. Sin aon marbh. Ní lann ach aon marbh.
Tá sé i n'aon mharbh eatora. Tá sí na h-aon mharbh = gan
mhaith. Táim im aon mharbh ag an mbrothal. Aon marbh
seadh Seán: ní maith ar mhuíng ná ar mhachaire é = súmadóir:
gan lúth na theangain ná 'na chorp. Bhéadh caoira 'na h-aon
mharbh dá mbéadh sí i dteannta ag madra agus gan é ar a
cumas í féin a chosaint air.



AONACH — Bhí aonach agus buile air = buile agus buile:
olc mór. Ná cuir chun aonaigh me nó is duit-se is measa.
Tá aonach buile ar an bhfairrge indiu.



AONACHT — Chuireas a gcúram díom i n-aonacht = d'aon
iarracht amháin: le chéile. Nách shin é a mhairbh i n-aonacht
me? = d'aon bhuille amháin: ar fad.



AOS — Is mó rud a thagan ar dhuine ó aois go bás = ó
thagan-sé ar an saol go bás dó. Níor tháinig sé thar n-ais
go dtí aos an lae = go dtí go raibh cuid mhaith den lá caite.
Is maith an bhean 'na h-aois í = do n-a h-aois: dréir a
h-aoise. Cad é an t-aos tu? Tá an t-aos agat = tá'n
tu aosta. An mór aoise atá'n tu? An mór aoise atá
agat orm? Tá sé i n-aois fir. Tá sí i n-aois a pósta.
Tá sí i n-aois a teacht amach = nuair is mithid di, nó nuair
is féidir di, déanamh di féin, pósa, post a thógaint. Nó,
tá sí i n-aois a tugtha amach. Tá sé i n-aois a mhaitheasa =
aosta go leór chun bheith chó maith agus a dh'fhéadfadh sé bheith.
Chó-aois seadh sinn = aon aos amháin atá againn: chó-aos atá
againn. Tá sé ag tuitim san aois: ag dul i n-aois: ag
dul i n-aos. Ní fheicfidh Seán a cheithre fichid go deó arís:
tá sé fachta na dhiaidh aige.



AOSTA — Tá sé aosta ar an saol = aosta dréir blianta:
nó duine go mbéadh breis chur-amach aige ar an saol = breis
eólais. Tá sé breac-aosta = nuair a bhéadh 30 sáraithe
aige: cnag-aosta = tímpal 30; lom-aosta = tímpal 40:
trom-aosta = nuair a bhéadh tímpal 60 glanta aige. Críon-
aosta. Tá sé aosta a dhóthin chun bheith maith a dhóthin.



AOSTACHT — Dá aostacht é níl sé gan mhaith.


L. 26


AOSUIGHIM — Tá sé ag aosú. Beidh sé go maith nuair
aosóidh sé.



AOTHÓ — Nó aethó. Tá sé gabhtha tríd an aethó = an chuid
is géire de ghalar nó de chúrsa ar bith. As san amach bíon
an scéal ag maolú. Nuair a bhíon duine san aethó ní bhíon
fhios aige cad tá i ndán dó. Ní bhfuair sé an t-aothó fós.
Tá sé i n-aothó fiabhrais.



AOTHUIGHIM — Níor aothuigh air fós = ní bhfuair sé an
t-aothó. Tá aethithe air ó indé = tá sé ag dul tríd an aothó,
nó gabhtha tríd, ó indé. Tá sé ana-lag de dhruim an aethithe.



AR — Níl againn ort ach lá eile = ní dh'fhanfaidh tu againn
ach lá eile. Dein é an tslí is fearr a thiocfaidh ort = leat.
Is blasta an rud ím ar ubh. Bainne nó siúicre ar thae.
Bíon bosca ar an gcorpán a caithtear 'on pholl = tímpal.
Salan do chur ar ubh. Tá roinnt mhaith oibre déanta agat ar
a bhfuil caithte den lá = á chur i gcomparáid le na bhfuil
caithte den lá. Tá an oiread san leabhar agam ná béinn
gann ar a leath = bhéadh roinnt mhaith, nó béidir mo dhóthin
agam. Tá mórán cladhairí ann. Ní bhéadh an saol gann
ar a dtrian. Tá Gaoluinn agat ar a bhfuil de sheans agat
chun í dh'fhoghluim = do n-a bhfuil. Tá seisear marbh ar a
bhfuil caithte den tseachtain = laistig de n-a bhfuil caithte.
Tá sé go diail ar an bpeann = chun. Táim ag dul i bhfeabhas
ar an nGaoluinn. Is mór an obair an bháisteach ar a
ghioracht (aimsire) ó bhí an ghrian againn = agus a ghiorracht.
Bhíodar ag siúl ar an áit; ar an bhfeirm = ag teacht chun na
h-áite agus ag imeacht ar a fuaid. Ach, bhíodar ag siúl na
feirme = á siúl agus á scrúdú (go minic). Cad tá ar an
lá indiu? = Cad a leanfaidh é? Cad a thiocfaidh as? Tá
báisteach air = tá cuma na báistíghe air. Tuigim ar an
gcirc é, ach ní thuigim ar an nduine — an focal círíneach a bhí
i gceist = ní thuigim conus is féidir círíneach a rá le duine.
Ar an ngaoith seo ní fada a bheimíd ar an bhfairrge. Ar an
imeacht so beidh an trus tugtha ar ball beag. Sé an tslí
a thuit amach orm ná gur ritheas isteach 'na choinne = a thárla
dhom. Tá scoláireacht air agus iompur (úmpar) maith ann.
Tagan a am féin ar gach éinní. Ní h-ar aon tuairim amháin
dúinn. Cad é an chainnt atá ort? = á dhéanamh agat. Nách


L. 27


ort atá an chainnt! Ach, cad í an chainnt atá agat? =
teanga. Bí naoi n-asail ar mo stáca = ag gabháilt dó, nó
anuas air. Tá sé go maith ar an mBéarla = chun. Beidh sé
air agat é dhéanamh = tabharfaidh do lán-dícheal duit. Bhí sé
ag tógaint na móna fód ar fhód. Is éachtach an lá ar
spealadóireacht é = cuid mhaith spealadóireachta á dhéanamh
= cuid mhaith de'n arbhar á bhaint, bíodh ná béadh na spealadóirí
ag obair go dian.



ARA — Earra. Ní maith an earra é, í, droch-mhóin, aon
ní = rud, mianach.



ARAGAIL — oidhche fhuar aragail = ana-fhuar. Oidhche ara-
gail. Tig fuar aragail. Laetheanta aragaile iad so =
fuara, fuara.



ARAGAL — Séipéal beag: áit bheag fé leith chun
paidreacha.



ARAGÓNAÍ — is maith an t-aragónaí é = chun aragóna.



ARAIDHNACHA — fág ansan é. Tiocfaidh sé ar a arai-
dhnacha ar ball = chuige féin: chun a chiall cheart. Tá
rabharta feirge air anois, ach beidh sé ar a araidhnacha arís
sar i bhfad = na chiall cheart: tagaithe ar atharú cómhairle,
agus mar sin de. Cuirfead ar t'araidhnacha thu muna
n-éistir = tabharfad chun t'araidhnacha.



ARÁN — Tá do chuid aráin beirithe = tá'n tu ar mhuin
na muice: nó, i lár an donais. Dá bhfuigheadh duine
oighreacht mhaith, nó dá mbéarfaí ar bhuachaill agus droch-ní
éigint á dhéanamh aige, nó dá mbéadh obair chruaidh á dhéanamh
aige agus go bhfuigheadh sé cabhair. Deirtear “tá a chuid
bídh beirithe,” leis. Nó, tá do chóta bán déanta — le
gearrchaile. Cuir arán agus bainne ag beiriú don leanbh.



ARAON — deirtear gach aon cheann aca araon — dhá
abairt.



ARD — Bhí árd an tráthnóna ann an uair sin — leath-shlí
idir a thosach agus a dheire. Bíon ana-bhrothal ann i n-árd an


L. 28


lae = lár. Dhírigh sí air d'árd agus d'fhánaidh, agus níor
fhág thíos ná thuas air é = thosnuigh sí air ós gach aon taobh
Tá sé i n'árd an tráthnóna anois = tá árd an tráthnóna
ann. Tá an fhairrge árd indiu = bolgtha i n-áirde. Sí an
bhuile an chuid is aoirde den bhfeirg. Tá sé árd-leisciúil,
árd-fhliuch, árd-scamallach = ana.



ARDUIGHIM — fuair sé árdú = 'na phost, 'na phágh. Dréir
mar a chaithim tobac árduighean ar mo dhúil ann = eiríghean.
Conus tá an tinneas fiacal? Ó! ag árdú orm atá sé. Bhí
sé ag árdú thiar liom = ag tabhairt cabhartha dhom chun dul níos
aoirde, níos déine sa chainnt, agus mar sin de. Tá'n tusa,
leis, ag árdú thiar leis mar scéal = ag cabhrú leis mar
scéal — an méid ná cuímhneóch duine air do chuirfeadh an
duine eile isteach é, nó dhéanfadh. Fuaireas árdú im
págh. Árduigheadh me. Deinfidh do chainnt an bhreóiteacht do
dh'árdú orm = í chur i n-olcas. Árdóidh ab lá ar ball =
gealfaidh. Ná bí á árdú thiar orm = tá trioblóid, mí-ádh,
orm; agus ná bí á dhéanamh níosa mheasa; nó, dá mbéadh
olc ar dhuine agus duine eile á phrioca chun breis feirge.
Bhí sé ag árdú an droch-mhianaigh air. Bhí sé ag árdú an
airgid ortha sa cheaint. Ná bí á árdú thiar orm = á adú,
á mhéadú.



ARÉIR — uisce ó aréir = uisce a tugadh isteach aréir
agus atá istig ó shoin. Bainne ó aréir = a crúdhadh aréir.
Ní raibh ann ach an bhean aréir roimis sin = bean na h-oidhche
roimis sin.



ARÍS — dubhairt sé gur mhaith leis é seo, agus ansan
arís, dubhairt gur mhaith leis é siúd = agus ansan, ar an
dtaobh eile.



ARMÁIL — Bailigh chúghat na h-airm sin go léir isteach
sa bhosca. Tá a lán armála agam anso = gach aon tsórt
oiriúintí agus arm — mailléad, siséal, tairngí, agus mar
sin de; rudaí a bhainean le ceárduí. Giúirléidí. Armáil
a tugtar ar na neithe seo.



ARTHA — Dubhairt sé artha na fola agus do stop an fhuil
= paidir nó cainnt go mbíon cómhacht draoidheachta ínti.
Tá artha ann dos gach aon tinneas. Artha na fiacaile.


L. 29


ÁRUS — Árus an ghamhna: árus na mbanbh = soitheach,
sathach.



AS — Táimíd ag maireachtaint asainn féin = gan chabhair
ó éinne. Tá an Ghaoluinn aici as a h-óige. Bíodh neart
ionat nó asat = gan bheith ionat. Tá sé chó fada le h-as so
go dtí an bhfalla. Bhain sé scilling díom as na bróga.
Dubhart focal cruaidh agus ansan ba mhaith liom teacht as
= é chur ar neamh-ní. Bhí sé ag saothar agus ag obair. As
san gur bhris ar an sláinte aige = bhí sé ag obair agus ag
obair riamh agus choidhche go dtí gur —. Tá sé go h-olc as
= gan bheith láidir sa tsaol. Dá mbéadh duine amu fén
mbáistigh agus gan aon fhothain (fuithin) aige bhéadh sé go
h-olc as. Nó, má théighean aon rud i gcoinne dhuine a
dheinean díobháil mhaith dhó. Anso dhúinn indiu agus as so
amáireach = imithe. Ní thuigim an focal ach tuigim as = is
féidir liom brí a bhaint as. Bhfuil sé aosta? Ann as =
tá, agus níl: tá sé idir bheith aosta agus óg. An raghair
ann? N'fheadar. Táim ann as = idir bheith ann as: i
gcás idir dhá chómhairle: ann agus as. D'eirigh coinín amach
as thor = léim trí na lár ináirde amach. Ach, d'eirigh ó
thor = rith amach ó n-a bhun. Tiocfaidh as an éadach san fós
= raghaidh sé i bhfaid. Táim ann as i dtaobh dul ann. Bíon
roinnt díobh ann agus roinnt díobh as = gan bheith ann. Fear
d'eirigh as féin = d'eirigh chun cómhachta gan chabhair. Ní
bainfar an post de i dtaobh é bheith ann as = gan bheith ró-
mhaith i slí éigint. Ní bhíon fhios aige ann ná as me = ciaca a
bhím ann nó a mhalairt.



ÁSACH — Níl marcuíocht i n-ásach oraibh. Tá bhúr marcuíocht
féin agaibh = in-easnamh. Níl marcuíocht i n-áirithe
agam, ach ní bheidh sé i n-ásach orm = ní bhead gan é. Níl
aon t-saghas gnótha i n-ásach ar Mhícheál = is féidir leis gach
saghas a dhéanamh: tá sé deas-lámhach, slachtmhar: nó, tá
gach aon t-saghas le déanamh aige.



ASACHÁN — Bhí sé ag casa, nó ag cur, asacháin liom =
tarcuisne. Chaith sé asachán liom.



ASAL — Tá an t-asal ag béicigh, ag glamuíol, ag scréachaigh.



ATHA — Ath ó dheas agus tuille ó thuaidh: sin é mar a
chuirean an taoide anso = trágha. Tá sí ag atha. Tá


L. 30


sí 'na taoide atha, nó tá sé na thaoide atha. Ag tuille = an
taobh eile. Tá sé na thaoide thuille.



ATH-BHAILE — Ba cheart duit ath-bhaile do dhéanamh den
tig seo = baile eile: buala isteach nuair a bhíon trus á
thabhairt agat. Nuair a thánag go dtí an t-ath-bhaile a bhí
rómham sa tslí.



ATH-CHOGNAIM — Tá an bhó ag ath-chogaint = ag cogaint a
círeach, nó na círeach = ag breith thar n-ais agus ag cogaint
aríst an méid atá oibrithe aici cheana. Bhí sé ag cogaint a
theangan le gumh agus le h-aingcis chun tobac: nó le feirg.



ATHCHUINGE — Achuiní. D'iarras i n-achuiní air é dhéanamh
= mar achuiní. Bhí uair na h-achuiní ann = an uair a bhí uaidh, a
bhí á iarraidh mar achuiní aige. Nár thuga Dia tora t'achuiní
dhuit = tora ar do ghuidhe.



ATH-FHÁS — is maith an t-ath-fhás é = an féar a dh'fhásan
tar éis an chéad bharra do bhaint.



ATHNASCAIM — N'fheaca riamh éinne is mó a bhíon ag
athnasc ná tu héin = ag fiafruighe thar n-ais aríst agus
aríst eile. D'athnasc sé orm é uair, dhá uair, trí h-uaire,
thar n-ais. Ní bhfuaireas cúntas cruínn ar an gcúrsa uaidh
ach níor mhaith liom é dh'athnasc air = ceist nó ceisteana do
chur thar n-ais air 'na thaobh. D'fhiafruigh sé díom cuna
thaobh ná rabhas ann agus d'athnascas air cé'n fá go raibh a
chasóg iompuithe ar dtuathal aige. D'athnasc sé orm an
dearúd a dheineas = chuir ceist orm 'na thaobh, nó dhein aithris
ar an ndearúd.



ATHRÚ — Tá athrú na báistíghe ag teacht air = cúntanós,
deárthamh, deallramh. Thána ar athrú cómhairle = ar ath-
chómhairle.



ATH-UAIR — Tháinig sé an t-ath-uair = an tarna h-uair.
Ní thiocfaidh sé ath-uair.



ATHÚMHALTA — Muna labhraim cneasta deas le duine
labhraim athúmhalta. Nách athúmhalta an duine é? = duine
a scaoilean le n-a theangain, agus a dheinean cainnt gharbh.


L. 31


B



BÁ — Nílid leath-bhá fós = leath-shlí treasna an bhá.



BACACH — Tá sé bacach i nGaoluinn = siar, gan bheith go
maith.



BACADÁIL — Ní raibh sé ach ag bacadáil = ag imeacht 'na
dhuine bacach. Táim ag bacadáil liom tríd an gceacht =
gan bheith ag dul chun cinn go maith air.



BACAIGHE — Tá bacaighe sa leath-scéal san = tá sé bacach:
gan bheith ar fóghnamh.



BACAIGHIM — Bhacaigh sé me = dhein bacach.



BACAIM — Ná déarfá é gan mise bhac, nó bhacúint = gan
mise do tharac isteach.



BACLA — Tabhair isteach bacla mhóna = gabháil mhóna. Bhí
sé ar mo bhaclain = bhí mo lámh fé thíos.



BÁDHAIM — Greim an duine bháite, nó an fhir bháite.
Cloch bháite = cloch a bhíon thíos fé bharra an uisce. Tá an
leitir sin báite = gan aon fhuaim aisti; cig, gh ins an bhfocal
ceógh. Bhí an bhó san braithteach go maith, ach scéidh sí síos i
bpoll báite ar deire = poll ná béadh le feiscint. Ba
dhóigh leat gur talamh slán an áit go léir. Bíon puíll
bháite ins na coirrithe (corraithe, ó chorrach), agus rudaí ag
fás aníos tríotha.



BADARÁLAIM — Nó, bodarálaim. Táim badarálta
agat. Bíon a bhadaráil féin ag, nó ar, gach éinne = trioblóid,
rud éigint a dheinean é bhadaráil.



BADHBAIRE — Fear nó bean mionnaí móra a chaitheamh.


L. 32


BAGHA — Baghana. Dá mbéadh líonta, potaí, curtha ar
staic, bhéadh an bagha ar bharra an uisce agus é ceangailte
den líon, den phota, le téadán. Blúire cuirc, nó adhmaid,
seadh é.



BAGRAIM — Bagróchad an bhó suas liom = déanfad í
thiomáint. Bhagruigheas mo mhéar, nó mo cheann, air teacht
amach. Bagair amach an madra = cuir amach é; fógair
amach air. Bead ag bagairt liom ar mo shuaineas chun an
aonaigh. Bhagair Seán air go raibh na póilíní ag teacht =
thug an rabha dhó le corruighe éigint. Bagair síos na ba —
dh'fhéadfá é sin a rá leis an madra. Sin fear ná féadfá
bagairt air = aon rud a rá ná a dhéanamh leis, ná bheith ag
fógairt air. Bhagair sé ciúineas orainn le n-a dhorn.
Bagair ar an ngadhar = abair leis stad, fanacht ciúin,
casa dá mbéadh sé i ndiaidh bó, agus mar sin de.



BAIC — Cor cam: leath-cheann. Tá baic ar an stáca,
ar Sheán = leath-ghuala. Cuir an stól féd bhaic = féd phlaic,
féd thóin. Thuit cloch anuas air fé bhun baic a mhuiníl.
Thuit sé ar bhaic a chinn = ar bhior, ar bharra. Tá an sparán,
corcán, phíp, lán go baic = lán go béal suas.



BÁIDH — Báig. Báigíocht = báigiúlacht. Táid ag dul i
mbáigiúlacht = i gceanúlacht ar a chéile. Tá leath-bháig agam
leis = báig bheag. Luig sé leis an nGaoluinn, mar tá
báigíocht aige léi = leaga.



BAIGISÍNÍ — Tá mórán baigisíní aige = giúirléidí, áis-
trithe, málaí, agus neithe mar sin.



BAILCÍN — Lámh a bhíon amach as chómhlain an doiris chun
dh'oscailt.



BAILE — Ní fheadar conus a thiocfadh an cúrsa san chun
baile = conus a thárlóch sé, conus a dh'fhéadfadh sé bheith fíor.
Ní fada ó bhaile a chuas ar an leabhar = níor léigheas mórán
de. Níor chuais ró-fhada ó bhaile ar an mbíadh = gan mórán
de a dh'ithe. Thánag chun baile chó maith leat-sa = tá mo
dhúchas chó h-uasal led dhúchas-sa. Níor thugais chun baile
bheith chó maith liom-sa = níl tu tré dhúchas. Ní fada ó bhaile a


L. 33


bhéarfaidh an blúire tobac so me = ní fada a sheasóidh sé me.
Caithfar bheith sa lorg, sa tsoláthar, arís.



BAILEACH — Bailigh é sin go baileach = go cruinn. Tá
sé déanta go cruínn, baileach agat = gan fuighleach. Is
cruínn baileach an fear é: ní leigfeadh sé aon ní sa dul
amú uaidh. Bíon sé baileach ar gach ní. Tuigim go baileach
= go cruinn agus go h-iomlán.



BAILIGHIM — Bhíos ag bailiú mo chómhairle ar feadh dhá
lá sar ar fhágas an áit = ag cuímhneamh ar ghluaiseacht.



BAINIM — Ná bí ag baint as leabhar Sheáin = ag tógaint
ceachta as. Bhaineas as na cosa abhaile (é) = dheineas deabha.
Bhaineas as an gcapall (é, a raibh ann), chun breith ar an
dtraen. Ná baineadh éinne le h-é scaoile = ná bíodh aon
bhaint aige le. Nílim ach ag baint lae as = as mo théarma
ar an saol: ag meilt na h-aimsire: ag caitheamh na
h-aimsire liom: ag baint lae de: ag strácáil liom:
gan ionam ach an aimsir do chaitheamh. Bhain sé gealúint
díom é dhéanamh. Má bhainean tu as an bhféar déanfaidh sé
seachtain eile = má bhainean tu faid as: má chuirean tu
i bhfaid é. Bainimís an bóthar síos chun an tíghe = tógaimís.
Tá sé ag baint thurnapaí = as an gcré. Táim bainte chun
dhéanamh = meághaite ar é dhéanamh. Is minic a bhíon an
bháisteach á baint ar feadh an lae sar a dtuitean sí = ag
cuirneáilt (cruinneáilt) agus ag bailiú: ag bailiú chun
tuitim. Bhí sé bainte 'na chroidhe é dhéanamh = ceapaithe.
Táim bainte chun feirge agat = bailithe. Tá sé bainte orm
dhéanamh = tá iachal orm. Ní ag baint an scéil as do
bhéal é — déarfadh duine é sin nuair a bhrisfeadh sé isteach
ar chainnt dhuine eile. Bhíos á bhaint as na cosa = ag déanamh
deabhaig. Conus tán tu ó shoin? Ag baint lae dhíom:
ag baint lae as: ag baint lae de'n mbás: ag baint lae
de'n tsaol. Ag ciorrú na h-aimsire. Cé mhéid a bhain an
siopadóir as na bróga? = cé mhéid a bhain sé díot asta?
Conus tá an aimsir? Tá sí á bhaint ó mhaidin sa spéir
agus caithfidh gaoth agus ceathana teacht = ag baint droch-
aimsire. Tá an bháisteach á baint le fada agus is gearr go
mbeidh againn. Crann a bhaint = a leaga. Bhaineas air
teacht = mheallas é chun teacht; nó, chuireas air. Tá sé


L. 34


bainte agat sa deire (rínceóir a bhéadh tagtha amach ar an
úrlár tréis mórán taithint) = tá sé tugtha amach agat.
Táim bainte ar dhul abhaile = chun. Baineadh den mbóthar me
= stopadh me: níor leigeadh dhom an bóthar a chur díom.
Bhaineas air le breib an droch-ghníomh a dhéanamh = thugas air:
mheallas é. Tá sé (an lá) ag baint chun báistíghe: á bhaint
chun báistíghe: bainte cun báistíghe.



BAINNE — Tá sé ag imeacht ón mbainne milis go dtí an
mbainne géar = ag atharú. Tá fiabhras bainne ar an mbó —
dá mbéadh mórán bainne aici agus gan é bhaint di minic go
leór. Leamhnacht (liúnacht): bainne milis: bainne géar:
bainne ríghin: bainne reamhar: bainne caol: sciodar:
bláthach: meidhg: bainne ó aréir: bainne thar oidhche. Tá bó
ar a bainne fós againn = bainne bheith aici. Tá an chuid eile
aca trim.



BÁINNÍ — Tá buile agus báinní ag teacht orm = fearg
ana-mhór. Tá sé ag dul chun báinní. Bhí sé ar na báinní
dearga = ar lasa le feirg agus le buile. Is úntach na
báinní a tháinig air. Tá sé ag dul le báinní ó mhaidin.
D'eirigh báinní air chúgham. Tagan gach aon dath ar an
nduine le neart na feirge.



BÁINTÉ — Tá an fhairrge na báinté = ana-chiúin, calm,
na calma. Tá an lá na bháinté = gan ghaoth, ná báisteach, ná
sín ann, ach aimsir bhreá bhog.



BÁIRE — Chuireamair an liathróid i mbéal an bháire
díbh = d'fhágamair an cúrsa sa tslí ná raibh agaibh ach é
chríochnú.



BAIRÍGHIS — Sin í an bhairíghis anois. Bíon an t-iasc ar
bairíghis san oidhche. Bíon bairíghis sa bhfairrge nuair ná
bíon an ghealach i n-áirde = saghas teine ghealáin a thagan
as an iasc a thugan solus sa bhfairrge nuair a bhíon an duíbhe-ré
ann.



BÁISTEACH — Tá báisteach air = cuma na báistíghe.
Deallramh báistíghe. Lá báistíghe. Uisce báistighe é sin =
uisce a tháinig anuas 'na bháistigh.


L. 35


BAISTEACHÁN — Bhí sé ag baisteachán orm = ag glaoch
ainmneacha orm: ag tabhairt leas-ainmneacha orm.



BAISTÍGHIM — N'fheaca riamh beó ná baistithe é = i
n-aochor.



BÁISTIÚIL — Aimsir bháistiúil.



BÁITEACH — Bíon cártaí báiteach má bhíd iompuithe sa
treó anncheart sa phaca = báite. Tá Máire ana-bháiteach
'na h-aghaidh = bán, ceiliúrtha, gan fuil 'na cóntanós.



BALBH — Tá balbhaidheacht (balaíocht) ar an máthair = í bheith
balbh. Tá cuid aca balbh agus cuid aca go luath-chainnteach.



BALBHÁN — Balbhán béice = an púca paidhl go mbíon an
púdar istig ann.



BALCA — tá an císte na bhalca = ceangailte dá chéile:
'na thaos. Tá sé 'na bhalca istig im ghoile.



BALCAIM — tá sé díngthe balcaithe agus ní raghaidh a
thuille ann-paca olla, cig, nó mála coirce.



BALCAIRE — Rud éigint a bhíon téagartha leathan — fear,
buachaill, sicín, bó, éinní mar sin. Tuairgín is mó a tugtar
ar bhean de'n ndéanamh san. Balcaire d'fhear maith teann.
Bíon an balcaire go léir le chéile i n-aon cheirtlín amháin.



BALL — fuair sé an ball bog ionam — nuair a mheall sé
rud éigint uaim. Fuair sé an ball orm = lom, áit 'na
ngortófá duine: an t-éasc. Bhíomair i ndlí, chun dlí, le
chéile: agus fuair sé an ball orm trí h-uaire i ndiaidh a
chéile = fuair an lá; bhuaidh. Chonaic sé ball bog ionam,
nó ball lag. Dá mbainfeadh dreanncaide miotóga as
dhuine bhéadh sé lán de bhallaíocha dearga.



BALPÓG — Cos ghearra leathan.



BÁLTA — Blúire de scraithín agus cré leis, gan bheith
ró-dhoimhin. Báltaí.


L. 36


BAMBAIRNE — Duine reamhar tútach neamh-anamúil.
Bambairne maith láidir seadh é fós. Nó, gambuirne.



BÁN — tá sé imithe bán geal as a mheabhair = ar buile:
chun an chnuic. Tá sé bán chun na Gaoluinne = as a mheabhair
chúichi. Bhí an lá bán ann = geal. Tá sé chó dall ná feicfeadh
sé capall bán = dá mbéadh rud á lorg aige agus é fé n-a
shúile. Ní aimseóch, ní chrústóch, sé capall bán = tá urchar
ana-olc aige. Tá sé ag imeacht bán — an iomarca aeríochta
aige agus gan aon ghnó eile. Tá an talamh ag imeacht bán
uaim = gan tairbhe: ní féidir liom é chur ná stoc a chur air.
Tá Seán ag imeacht bán orainn = ní dheinean sé faic — asachán
nách féidir a chur leis an nduine a bhíon breóite. Bhí blúire
beag de thalamh bán aige = oiriúnach chun curadóireachta, ach
gan cur.



BANBH — Bhí an chráin leath-shlí chun banbh.



BANNA — leigeadh amach as an bpríosún ar bannaí é.
Chuaidh duine éigint i mbannaí air. Má imighean an brá
(an príosúnach) caithfar díol as na bannaí. Cuireadh bannaí
air. Chuaidh sé fé bhannaí. Cuireadh fé bhannaí é. Cuirim
fé bhannaí na síochána thu.



BANNC — Bhí ana-bhannc (nó árd-bhannc) éisc nó raice ann
= mórán díobh (nó de) le chéile ar barra an uisce.



BANNDAIRNE — Dh'fhag sé im banndairne me, 'nár
mbanndairní sinn = ar fóiríor: duine, cig, a ghlaodhfadh ar
chuileachta isteach i dtig an óil agus ná tabharfadh deoch dhóibh:
nó, a dh'fhágfadh duine ag feitheamh leis agus gan dul chuige.



BANNLÁMHA — tá bannlámha dá theangain amu aige
fút = paiste fada.



BANNRAÍ — Bhris sé bannraí a bhrághad = an cnámh a
bhíon treasna sa bhráid, i mbráid an uchta.



BAODHACH — Baoch. Ní rabhas baoch de'n lá = sásta leis.
Níl an bheirt sin ana-bhaoch dá chéile. Ghabhas baochas léi
i dtaobh a fheabhas a bhí sí dhom. Fuair sí baochas uaidh.


L. 37


BAOL — Níor dhein sé é ná baol air = go deimhin níor
dhein.



BAOTH — Bhí an t-éadach go maith ach bhí sé ana-bhaoth = siar
sa dath. Bíon dubh na scoile baoth. Fear baoth = símplí,
amadánta. Tá an naomhóg baoth = guagach.



BAOTHANN — Tá baothann an bháis ag teacht air = árdú
breóiteachta a thugan an duine chun siúil sa deire thiar: an
críochnú deireanach. Bíon dath na h-iúire, dath báiteach bán,
air.



BAOTHÚLACHT — tá sé ag dul i mbaothúlacht, i mbaothacht
= ag athrú sa dath ar olcas. Feic baoth.



BARAOID — Bhíos ar bharaoid imeacht, imeachta, nuair a
tháinig scéala chúgham = bhíos díreach chun imeacht, i riochtaibh
imeachta. Bhí an bhó ar bharaoid beirthe. Tá sí ar bharaoid
leinbh bheith aici. Tá sé ar bharaoid báistíghe. Tá an
bháisteach ar bharaoidí tuitim = gairid dó. Bhíos ar baraoil
chun dul 'on nDaingean. Bhíos ar bharaoidí báis. Ar
bharaoid = ar baraoid = ar bharaoidí = ar baraoidí = ar
bharaoíl = ar baraoíl.



BARR — Bár. Tá sé fliuch ó bhár na bliana; 'e bharra,
'e bhár na bliana = tosach. Tá an sliabh, an tig, an t-árthach,
fé bhár lasrach, nó éinní go mbéadh lasair ann. Tá an phíp
fé bhár lasrach = dearg go maith agus gal múr aisti: ar
lasa.



BARRA — Cheannuigh sé an tig tar a bharra, thar n-a bharra,
thar n-a bharra amach = amach is amach, i dtreó gur leis féin
ar fad é. Ní féidir a thuille ceannaigh a dhéanamh air.
Tá an obair críochnuithe thar n-a bharra. Ba dheacair barra
a bhaint do (de) = é shárú. Tagan na mion-chlocha ar barra
leis an dtreabha = ar barra ithreach. Bain an barra de'n
mbainne = an t-uachtar. Bheirim a bharra dhuit = a bhár,
a rogha, an chraobh. Tá an leanbh curtha ar barra ithreach leis
an gcainnt = músclaithe. Tá na gais ag teacht aníos ar
barra. Tá prátaí trí lá ar barra ithreach fós againn =
bainte gan cnósach, cnuasach. Níor leagas barra méire


L. 38


air = níor dheineas éinní leis. Bhí mo cheacht ar bharruíocha
mo mhéireana, ar bharra mo theangan, agam. Thóg sé tig
san nDaingean. An thar n-a bharra nó ar cíos? B'fhéidir
go bhfuair sé an lá fada ó fhear an tíghe, ach tig thar n-a bharra
seadh é, pé scéal é. Ní féidir barra a dh'fháilt ar a chuid
Gaoluinne = í shárú. Tháinig an bradán ar barra uisce
= ar bhár uisce. Tá sé na bharra taoide. Tá sí na barra
taoide = lán. Téir ar barra — i ranng = ar tosach: chun
tosaigh: i dtosach leat (amach). Tá barra tagaithe ar an
mbainne. Níor bhuaileas barra méire, lámha, ná coise,
ortha. Ní féidir liom an focal san do thabhairt ar barra
= amach, ar bharra mo theangan; do mhúscailt. Bó a
thógaint ar barra as poll. Seana-scéal seadh é agus ní
fearr é thabhairt ar barra anois = é tharac anuas, é mhúscailt.
Thugas barra na bróige an doras amach dhó. Tá na prátaí
ag eiriú, ag teacht, ar barra. Tá mo bhríste stracaithe as a
bharra = 'na bharra: as a bhun: 'na bhun (thíos ós cionn na
bróige). Chuirfá an tairnge isteach as a bharra le buille
beag = ceann ar aghaidh. Ná dein ach barra na gruaige a
bhaint díom. Ní féidir liom an focal do thabhairt chun mo
chuímhnte, ach nuair a thiocfaidh sé ar barra scríobhfad síos é =
bheith thíos i bpoll éigint thiar im chúl.



BARRABRUACH — Tá barrabruach ar an mbainne = screamh
ar bhainne fuar-bheirithe. Nó, screamh ar loch. Ní féidir
aon bharrabruach a dh'fháilt ar a chainnt = bonntáiste, breith
amuigh air sa chainnt. Tugtar barrabruach ar únán an
pórtair. An bádóir a thug na h-uaisle treasna, fuair
se barrabruach ortha = rud éigint fóghanta dá mbár, dá
mbarra. Chuaidh sé ann chun an bharrabruaig a dh'fháilt. N'
fheadar an bhfuighead aon bharrabruach oraibh? = deoch nó
rud éigint i n-aisce (fear a chuaidh isteach i dtig an óil agus
cuileachta óil ar siúl roimis). An duine go bhfuil bó aige
sa ngeimhreadh gheibhean triúr barrabruach uirthi = bainne.
Fuaireas barrabruach ar bhainne na bó.



BARRABUA — Níor thugadar an barrabua leó = an
lámh uachtair. Ní féidir barrabua a dh'fháilt ortha sa
Ghaoluinn, chun Gaoluinne. Tá an barrabua againn oraibh.



BARRA-CHAITHTE — Tá mo hata barra-chaithte go maith =
breac-chaithte. Tá an lá, éinní, barra-chaite.


L. 39


BARRA-CHIOTH — Beidh barra-cheathana ann = ceathana beaga
éadtroma.



BARRACHRUINEAS — Tá barrachruineas orm = barra-
liobar: barraleathar.



BARRA-DHÓGHAIM — Tá an gé barradhóighte go maith
anois ag an dtuighe = dógha ná téighean doimhin isteach.



BARRALIOBAR — Tá barra-liobar orm, ar mo mhéireana
= táid bodhar gan anam ag an bhfuacht: is ní féidir liom
iad a thabhairt isteach chun a chéile 'na mbarraí.



BARRALOISCIM — Nílim ach barraloiscithe — nuair ná
béadh an losca doimhin.



BARRA-PÍCE — Tá an corcán i mbarra píce: ísligh anuas
poll = chó h-árd agus is féidir é bheith. Tá an seól i
mbarra-píce. Tá an bhínn i mbarra-píce — ansan a cuirtear
an chloch phréacháin suas. Bíon duine i mbarra píce nuair
a bhíon an post is uachtaraighe aige, nó nuair a bhíon sé san
áit is sia suas — i mbarra tíghe, cig, go mbéadh mórán lochtaí
ann.



BARRA-TAOIDE — Is árd an barra-taoide atá ann indiu.



BARRA-THRIP — Barra-thruip. Thugas barra-thrip do'n
asal, do'n ndoras = trip bheag, buille beag lem chois, lem
bróig.



BARRÓG — Rug an mháthair barróg isteach air.



BARRUÍOL — Bailimh an bharruíol san i dteannta a
chéile = léasa coirce, brus, an rud a bhéadh fágtha tar éis
an chéad scoth a thógaint. Níl i Seán ach barruíol ar do
ghualain-se: níl ann ach comharthaí, rud gan mór-mhaith, i
n-aice leat-sa: níl ann ach barruíol a bhreis ort-sa. Níl
sa choirce seo ach barruíol a bhreis ar an gcoirce sin.



BARÚIL — Bhí a bharúil féin á chaitheamh leis an luing
aige = a thuairim féin á dhéanamh de'n luing aige, nó á rá.
Cad é do bharúil ar an scéal? Gura maith agad bharúil


L. 40


(mar fhreagra ar chainnt mar seo:- Sé mo bharúil go
bhfuighir bás amáireach).



BÁS — Níl ionat ach bás = duine lag, droch-shláinteach.
Ollmhuigh chun báis é. Thug an bás amach as an saol é. Tá sé
i seilbh bháis. Tá an bás ag siúl ar a chroicean = tá cuma an
bháis air. Tá an bás aige. Chuaidh an ghaoth chun báis. Ní
bheidh éinne de'm chlainn ós cionn mo bháis = ós mo chionn
nuair a bhead ag fáilt bháis, nó marbh. Tá an t-aon-bhás
fachta againn cheal na teine nó cheal éinní — bainean sé le
riachtanas i gcómhnuí.



BAS — Fuaireas bas airgid uaidh. Bas mo chaipín =
feirc mo chaipín. Bas mhine = aon lámh amháin. Mám
mine = an dá láimh. Tá crobh mine agus dorn mine ann,
leis. Ní dhéanfadh sé lán mo bhaise orm = faic.



BASCAIM — D'imigh basca ar na copáin = briseadh iad.
Bhascfadh cainnt de'n tsaghas san me = luighfeadh go trom
orm. Basca is beárna ort — eascaine é sin.



BASÓG — Buille bhais: clabhta bhais.



BHASTA — Bhíomar ag obair i bhásta = gan tairbhe. Tá an
bainne ag imeacht i bhásta = níl aon úsá d á dhéanamh de.



BATA — Tá sé ag obair ar lán an bhata = ar a dhícheal.
Ní bhfuair sé uaim ach bata is bóthar. Tabhair an bata dhó —
do shean-asal dúr.



BATHALACH — Bathalach tíghe, cruaiche, fir, luinge = ceann
aca, so bhéadh ag tuitim as a chéile: déanta go h-olc. Tá
sé na bhathalaigh bháite — tig go raibh droch-chuma air agus an
braon anuas ann.



BATHARNACH — Deinfidh sé batharnach mhór bháistí =
báisteach throm bhuan: chó trom leis an bpéatar.



B'É — = B'fhéidir.



BEADAÍ — Beadaí, beadaí, adeirtear nuair a bítear
ag glaoch ar ghéana.



BEAG — Ná bí am dhéanamh beag = am rith síos: am lagú
anuas. Deinean cruadh-cheist ana-bheag iad = maoluighean


L. 41


anuas go maith iad. Is mór iad na beagana i dteannta a
chéilig (chéile). Bhí cuma bheag shuaite air = bhí sé ag féachaint
rud beag suaite. An Satharn beag so = an Satharn déanach
so: an Satharn so d'imigh tharainn. An Mháirt bheag so.



BEAGÁN — Bhíodar le fáil ar bheagán beag. Beidh sé
anso fé bheagán laetheanta. Tá an bhean san ar bheagán
airgid, géana = gan mórán de, díobh, aici.



BEAIFITÍ — Ní maith an bheaifití í sin = éadach bán cadáis.
Mála beaifití a bhíon tímpal an phlúir, coitíonta.



BÉAL — Tá an corcán lán suas go béal = go barra. Tá
an bhó i mbéal bheirthe = ar caraoíl. Ní raibh aca ach ón láimh
go dtí an mbéal = fáil agus caitheamh. Duine béil doiris =
duine a bhíon 'na chomhnuí ana-chomhngarach duit. Fuair
sé breith a bhéil féin = pé ní a déarfadh sé. Tá sé i mbéal
a mhaitheasa = i n'aoirde lán. Tá a theanga 'na leath-bhéal
aige = tá sé ag maga (go minic). Tá béal bocht aige, air =
cnáimhseán. Bhí gach éinní a dh'iarrfadh do bhéal ann.
D'íosfaidís as bhéal a chéile táid chó reamhar, chó mór san,
le chéile. Táid i mbéal a dteachta amach = chun fiadhaigh.
Níor fiafruigheadh díom an raibh béal orm. Tá sé 'na
chomhnuí i mbéal an doiris agam. Do sheinn sé an port
ar a bhéal. Ceól béil. Cuir béal dearg ar an dteine =
na fóid lasmuich a thógaint chun siúil. Bhéadh a tosach dearg
ansan. Béal mo hata = an oscailt go gcuirim mo cheann
isteach ann. Tóin an hata = an chuid is uachtaraighe de
nuair a bhíon sé ar an gceann. Nár mhaoidhe Dia orm bheith
féd bhéal = féd theangain. Tá béal na fairrge agus na
síne isteach anso = oscailt, aghaidh. Thuit sé ar a bhéal is
ar a aghaidh = ar a fhiacla. Tig ar bhéal bóthair = le h-ais an
bhóthair. Bí sé tuitithe ar an mbóthar is a bhéal fé. Tá sé
i mbéal a thugtha amach = i mbéal a thabhairt amach. Bíon na
báid-fó-thuínn ag imeacht i mbéal an uisce = ar leibhéal,
nách mór, le barra an uisce, ach gan bheith le feiscint.
Nuair a bhíd i mbarra an uisce bíd le feiscint go poiblí.
Thug sé an béal dom = scalla den teangain, scalla aighnis.
Tosnuigh ar na prátaí a bhaint mar a bhfuil an béal geárrtha
= oscailt déanta cheana: cúpla rann nó breis bainte
cheana. Tá an béal geárrtha cheana. Lean ar an (de'n)


L. 42


mbéal geárrtha. Tosnuigh ag an mbéal geárrtha. Chaithea
dar béal na gcorcán a bhuala fútha = a dtóin do thabhairt
i n-áirde.



BEALACH — Scaoil sé siar an bealach mór é = siar síos
na scórnaigh.



BÉALBHACH — Bhí sé ar bhéalbhach an chapaill = greim aige
ar an mbéalbhach, nó san áit go mbíon an téadán ceangailte
den mbéalbhach.



BÉAL-FHLIUCH — Tá an lá béal-fhliuch = braon á chaitheamh i
gcomhnuí, ach gan bheith trom.



BÉAL-LÁIDIR — Bíon duine béal-láidir nuair a bhíon
cainnt árd á dhéanamh aige, agus mallachtaí nó eascainí nó
cainnt bhorb láidir tríthi.



BÉALÓG — Bain béalóg mhaith as = lán béil. Thóg sé
béalóg mhór díobh — de sna cártaí nuair a bheárr sé díobh.
An bhéalóg = na cártaí a tógtar nuair a geárrtar na
cártaí.



BÉALSCAOILTEACH — Sin é mar a bhíon an fear a
scaoilean amach pé rud a thagan ar bharra a theangan.



BEALTAINE — Bhíos idir dhá uisce, nó dhá theine, lae
Bealtaine = i gcás cruaidh idir dhá ní.



BEAN — Le toil mhná an tíghe.



BEANACHT — Beanacht an aingil = fáilte an aingil.
Tabhair mo bheanacht chuige = abair leis go rabhas ag cur a
thuairisce. Muise, beanacht Dé dhuit! (agus an bhfuil
sé tagaithe?) — deirtear nuair a innstear scéal iongantach.



BEANN — Níl aon bheann agam ort aon lá is maith leat =
scaoilfead troid leat. Mise is beag beann ort; nó
mise beag-bheann ort = níl aon spleádhchas agam leat.



BEANN — Tá beann bhán ar an dtig sin. Tig na binne


L. 43


báine. Beannaíocha an phíce, an chluig. Tá beann mhór,
bheag, an chluig stadaithe. Píce dhá bheann, trí mbeann.



BÉARLA — An teanga Bhéarla.



BÉARLAGAIR — Níl sa chainnt sin ach béarlagair =
cainnt gharbh fhiain. Béarlagair na saor ba dheacair í
thuiscint.



BEÁRNA — Sí an bheárna réidh is fusa a thógaint = an
tslí is lúgha achran: beárna ná bíon tógtha suas. Beidh an
bheárna réidh rómhat as so amach anois. Dheineas beárna
réidh de = leagas é, chuireas díom é, fuaireas an lámh
uachtair go bog ar dhuine, agus mar sin de. Ba bheárna
réidh liom é dhéanamh = obair bhog. Caoch-bheárna = beárna
na feictear: a bhíon foluithe.



BEARRA-DHÓGHAIM — Tá an cat bearra-dhóite, tá
bearra-dhógha air, ag an dteine. Caithfar an gé a bhearra-
dhógha: tá an seana-chlúmh fós uirthi. Nó barra-dhóghaim.



BEARRAIM — Fuaireas ana-bhearra uaidh = ana-scalla
teangan: gearra bínn. Bhearraigh sé lom isteach go dtí
an cnámh me. Bhíodar ag casa is ag bearra i gcoinne a
chéile = ag aighneas. Tá bearra na gcaorach i n-áirde ar an
spéir = an spéir bheith dréimreach 'na cuma: í cosúil le
caoira nua-bheárrtha: scamaill bheaga, chaola.



BEARRTHÓIREACHT — Cuir uait do bheárrthóireacht = aigh-
neas géar.



BEART — Bhí an saol im choinne, ach, tréis na mbeart,
tháinig liom = tar éis an tsaoghail. Scaoil beart tharat =
ná feic a bhfeicir. Níor dhein sé an bheart sa scrúdú =
chuaidh ar lár. Coimeád é sin agus déanfaidh sé beart
mhaith dhuit = maitheas, obair mhaith.



BEARTUIGHIM — Bé gur bheartuigh an Máistir Beannaithe
chun saoirse na tíre do thuitim leis = cheap. Bhíos beartuithe
ar é dhéanamh. Bheartuigheas é dhéanamh.


L. 44


BÉAS — Ba cheart go mbéadh fios do bhéasa agat = go
mbéadh fhios agat conus tu féin a dh'iompur (úmpar).



BEATHA — Ná bí ag coimeád an scéil na bheathaidh. Tá
an áit na bheathaidh le coiníní. Dé bheatha sa tig seo, anso.
Tá bia agus beatha agam = cothú maith. Nára Dé do bheatha
chun teacht anso chó luath so.



BEATHA-SHLÁINTE — Táim im beatha-shláinte = im shláinte
go maith — bíodh go mbéadh máchaillí beaga, béidir, orm.



BEATHÚIL — Shloig sé siar beó beathúil é = na bheathaigh,
nó a raibh ann. D'ith sé an císte beó beathúil; nó, beó
beathúmhach = é ar fad.



BÉIC — Bhíomair ag baint béic bheag as.



BÉICEACHÁN — Duine a bhíon ag síor-bhéicigh.



BÉILE — Táim ag tuilleamh mo bhéile go maith = ag obair
go cruaidh. D'itheas d'aon bhéile amháin é.



BEILT — Chuaidh Seán go dtí beilt an chlaidhimh ar Shéamas
= bhí sé maith a dhóithin dó, geall leis; ní raibh puínn spártha
ag Séamas air. Bhíodar i mbeilt an chlaidhimh le chéile =
ana-chothrom. Raghaidh sé go dtí beilt an chlaidhimh orm é
dhéanamh = beidh sé air again: raghaidh ana-dhian orm.



BÉIMGHRÍSC — Níl an teine ana-mhaith: bain béimghrísc
amach, nó uaithi = an luath dhearg a bhaint aisti: í phrioca:
mannt a bhaint aisti. I lár na béimghrísce.



BEIRBHÍGHIM — Tá beiriú amach tríom. Ní bhíon uisce
ag beiriú go mbíon sé ag fliuchaigh. Táim beirithe ag an
leitin = greadaithe. Ná leig do sna prátaí dul fé bheiriú
— iad a dh'fhágaint ag beiriú nuair a bhíd beirithe a ndóthin.
Beireód (beirbheóchad) leis an uisce te thu muna dtéighir
amach.



BEIRBHTHEAN — Beirithean. Tháinig beirithean feirge, uilc,
orm chuige = fearg lasánta. Tá náire is beirithean is


L. 45


támáilteacht orm é rá riamh. Tá beirithean am chroicean
indiu = teasuíocht: teas ag beiriú amach tríd: teas na
breóiteachta go minic.



BEIRIM — Ná beir leat gur d'aon ghnó a dheineas é =
ná meas go rabhas dáríribh. D'aon ghnó = mar mhaga,
uaireanta. Ná bac leis an gcainnt sin uaim. D'aon
ghnó a bhíos. Ní féidir liom breith ar aon fhocal uaidh = aon
fhocal a thuiscint uaidh. Thugas mo shlán fé mar ná raibh
aon bheann agam air = dubhart leis a dhícheal a dhéanamh im
choinne. Bheirim 'on ndial thu. Thugas 'on ndial é = dubhart
leis imeacht sa dial. Bhíos ag breith chúgham féin ar eagla
ná déarfainn i gceart é = ag tabhairt ana-aire: ag faire
orm féin. Bhí an máistir ag breith chuige féin ar an gcigire.
Beirim m'fhocal duit ná déanfad aríst é. Mairfead le
céad muna dtagan aon bhreith ghairid ná cinniúint orm =
muna sciobtar chun siúil me i slí ná fuil aon choinne agam
leis. Níl aon bhreith ag an dtae ar an mbainne = níl sí
i n-aon ghiorracht do bheith chó maith leis. Beidh breith agat
air = aga, beidh sé ar do chumas. Rugadh gairid air = níor
tugadh aga dhó.



BEIRITHE — Nách beirithe an duine é? = duine nách féidir
aon teangabháilt (teangáilt) a bheith agat leis: crosta.



BEIRT — Bhí beirt fhear bheaga ann = beirt d'fhearaibh beaga.



BEISTE — Tobán íseal.



BHEITH — Tá sé de bheith ag an bhfear san bheith ag cur na
ndaoine suas = bhéas. Tá mórán beitheana ag baint leis
an bhfear céadna = béasa, slite. Is ait an bheith atá air.
Cúis na beithe.



BHEITH — Bhí sé ag maga fúm, ach nuair a bhéarfad air
gheóbhaidh sé (é) bheith aige = buala uaim. Tá droch-chuma
ar an lá, agus má théighean sí amach gan chasóg gheóbhaidh sí
bheith aici = fliucha maith. Gheobhaidh sé bheith aige sa scrúdú
= tiocfaidh leis, nó raghaidh sé ar lár-dréir glór na cainnte.



BEITHÉ — Cuir uait an bheithé. Ná bí ag beithé fé dhaoine =


L. 46


ag fonómhaid fé dhuine a bhéadh chun deire i gcúrsa éigint.
Sompla leis é seo — Puídhiú! Puídhiú! Mo náire! Tá
an lá againn go fairsing oraibh!



BEÓ — tabhair mo shlán beó chuige = mo bheanacht ó chroidhe.
Ní raibh aon leigheas beó ar an saol agam air = i n-aochor.



BEÓÚIL — deoch bheóúil í sin = a chuirfeadh anam
nduine.



BETTI — Betti, betti, a deirtear le peata uain.



BIADH — Biadh an chrainn = an mianach bog a bhíon istig ann.
Biadh an chíste. I n-am an bhídh a rugadh me. Sin é a deirean
an duine a thagan isteach nuair a bhíon biadh á chaitheamh istig
roimis. Idir dhá bhiadh = idir dhá bhéile bídh. Biadh! biadh!
adeirtear leis an dturcaoi, ag glaoch uirthi.



BÍAGANACH — Scéal beag bíaganach = ana-bheag: bídeach.
Fear beag bíaganach. Is féidir é chaitheamh le h-éinní.



BIAISTE — Dhein sé ana-bhiaiste i mbliana = saosúr.
Biaiste mhaith í seo ar an bhfairrge = flúirse éisc le fáil.
Bímíd go gnóthach i rith na biaiste.



BIAMHAR — Biadhmhar. Fear biamhar = go mbéadh biadh
maith aige. Tig biamhar — go mbéadh biadh go flúirseach ann.



BILLEÓG — Bíon dá thaobh ar an mbilleóig, ar gach bhilleóig
= dhá shlí chun rud a rá, a dhéanamh, a thuiscint.



BINN — Chas sé a ologón go fada bog binn. Bhíos á
mhola, á cháine, á ghearra, go binn = go maith. Tá sé ag
obair go binn. Tá sé go binn chun é dhéanamh = go breá.
Tá an obair sin go binn = thar bárr. Tá déanta go binn
aige ort = cleas deas imeartha aige ort.



BINN — Bhfuil an bhínn bhán ullamh dom fós? = an leaba.
Táim ag dul 'on bhínn bhán.



BIOR — Tá an slaghdán na bhior teinnis amach trím shúil,


L. 47


trím chluais = na shaighead nímhe. Dar bior dearg an diail.
Bhí sé ar bior a d'iarraidh teacht ar airgead = ar tinneal:
faorúil. Bhíos ar bior chun é dhéanamh = i miníoch, im-
shníomhach. Bhí a dhá shúil ar bior aige = ar aire go maith.
Deirtear leis — bhíos ar biora, nó ar mo bhiora. Bhíos ar
bior féachaint cad a thiocfadh as an gCómhdháil = ag faire go
géar. Bhí sé ar bior laistig den ngeata féachaint an
mbuailfeadh asal fáin isteach sa choirce. Bhí sé ar a bhior
is ar a bhúraig a d'iarraidh é déanamh = gach ní a dh'fhéad sé
a dhéanamh á dhéanamh chun an ní sin do chur chun cinn.



BIRDEÓG — Sciath chun prátaí a scaga agus gnóthaí mar
sin. Tabhair isteach birdeóg phrátaí.



BLADAR — Bhí sé ag bladar gur dhóigh leat gur leat é
gol éir agus é na spiaire = ag déanamh cainnt bhreá bhog.



BLADARNÁLAÍ — Fear an bhladair. Bladarálaí.



BLADHGAR — Tá bladhgar aige = mórán scaothaireachta
ag baint leis: maoidheamh agus glór árd cotíonta.
Bladhmaire. Scaothaire. Bladhgarach. Bladhgaire = fear
gaoithe móire agus maoidhimh.



BLADHMA — Tá bladhma soluis sa chistin = ana-sholus.
Bladhma teine = teine go mbíon ana-sholus aisti: í ar
lasa. Bhí bladhma mór teine aca.



BLADHMAIM — Tá an teine ag bladmha = lasair mhór
bheith aici. Is geárr go mbeidh sí ag bladhma mar tá sí
ag faire ar lasa. Tá na prátaí ag bladhma suas go maith ag
an ngréin = ag borra.



BLADHMANACH — Tá na prátaí bladhmanach, saidhbhir.
Tá na turnapaí ag fás suas bladhmanach go maith = go breá
bog saidhbhir ag fás aníos.



BLADHMARACH — Tá sé ag bladhmaraigh = ag labhairt
amach go h-árd: ag glaoch go h-árd. Fear, cig, a bhéadh ag
bagairt bó nó capaill agus glór mór árd aige: nó, ag
glaoch ar dhuine a bhéadh i bhfad uaidh.


L. 48


BLADHMSACH — Tá bladhmsach bhreá theine agaibh = teine
go mbíon lasair mhaith innti. Tá ana-bhladhmsach ag an
dteine = ana-lasair.



BLAISIM — Torm blúire dhe. Ní thabharfad ná blaise
do phuis. Ar a bhlaise seadh is feárr é = as a bhlaise seadh is
fearr é — tagan breis mheasa agat air tréis é bhlaise. Nó,
sé a bhlas an chuid is feárr de.



BLAS — Bíon blas ar an mbeagán. Tá blas searbh
agam orm féin idtaobh é rá = seana-bhlas: searús. Ní
bhfuighim blas ná dath air = ní thaithníghean sé liom i n-aochor
— ar rud, ar dhuine, ar bhia, ar obair, ar éinní. Níl ann ach
blas cainnte = cainnt oiriúnach gan mhaith: cainnt ná fuil
ínti ach cainnt.



BLASC — An rud a cuirtear isteach i n-árthach chun í
choimeád socair san uisce.



BLASTA — Tá aithne bhlasta agam air = togha na h-aithne.
Gheallas go blasta go ndéanfainn é = go breá, gan amhras.



BLÁTH — Tá blátha na reódha ar an bhfinneóig = na bláthana
a chuirean an sioc suas oidhche chruaidh sheaca. Tá an gáirdín
fé bhláth. Tá sé go bláthmhar = go tharbárr: nuair a bhíon
scéim mhaith ar dhuine, scéim na h-óige, na sláinte. Tá bláth
na h-óige air = cuma bhreá.



BLÁTHACH — Ní mór an bhreis ar an mbláthaigh é = ní mór
an feabhas a chuirean sé ar an scéal-síntiús beag a thabhairt
do dhuine go mbéadh ana-bhruid airgid air: blúire beag
d'abairt a dh'aistriú, agus mar sin.



BLATHUÍOL — Bhí an madra ag blathuíol tímpal ar choiníní
= ar a mblath (bolaithe). Táid ag blathuíol tímpal ag
súil go bhfuighid rud éigint tar éis an dínnéir — lucht lorga
agus déirce.



BLEÁCACH — Dá mbéadh scata daoine ann agus duine
dhíobh beag dréir an chuid eile (i gcomórtas leó) tugtar
bleácach air: nó ar chaoira nó ar leanbh nó ar éinní a bhéadh


L. 49


níos lúgha na an chuid eile. Nách é an bleácach é? Na
bleácaigh = na cinn ba lúgha ar scata ar bith. Bhí triúr
sagart ann agus bleácach beag garsúin leótha.



BLEACHTAS — Níl bainne ná bleachtas againn.



BLEAINDÍ — Lomhnán gaoithe mar chómhartha sa bhfairrge.



BLEAIST — Bhí ana-bhleaist éisc úir againn = ana-bhéile.
Oidhche na coda móire cuirean gach éinne bleaist isteach =
ana-shúipéar: cuirean dhá bholg air féinig leis an mbiadh.
Tá an bhleaist ag teacht ar na prátaí = an dubhachtaint.



BLIAIN — Má tá beagán blian féin aige ort cad é an
deifir é? = cúpla bliain. Beagán de bhlianta beaga.



BLIGEARD — Bhíos ag bligeárduíocht.



BLOC — Bloc fir = fear a bhíon teann téagartha.



BLODHTA — Tá blodhta mór bainte amach as an bhfinneóig
= blúire. Ná dein blodhtacha dho (de) = smidiríní.



BÓ — Ba samhraidh = cuileóga a bhíon ag gabháilt do bha
sa tsamhradh agus do bhéithígh eile. Tá sí ar a céad ghamhain
= an chéad ghamhain bheith beirthe aici. Siad so blianta na
mbeithíoch. Laogh ar dtúis. Gamhain ansan ar feadh bliana.
Colan ó bhliain go dtí dhá bhliain. Ceart-aos ó dhá bhliain go
dtí trí bliana. Seana-fuigheach (seana-phuídheach) go dtí
cheithre bliana. As san amach seann-seana-fuígheach. Colpa
= beithíoch trí mblian. Ainmneacha na bó.



Loilíoch go ceann bliana tréis an chéad laogh. Bó ar an
dtarna gamhain ansan, nó gamhnach. Forgach ansan má
bhíon sí breis agus bliain gan laogh, nó gamhnach, nó bó ar an
dtríú gamhain. Sean-fhorgach má bhíon sí bliain eile 'na
forgaigh.



BOBHTA — Bobhtaí deinim agus bobhtaí eile ní dheinim =
uaireanta.



BOCAIRE — Císte beag árd.


L. 50


BOCÁN — Bhuail sé chuige thiar ar bhocán a ghualan é = an
poínnte amuigh.



BOCHT — Ní cáil bhocht atá ort = suarach. Bocht-uasal =
fáslach, duine a dh'eirigh chun uaisleachta as féin.



BOCHTAINEACHT — Tá an bhó ag tuitim leis an mbochtaineacht =
droch-chothú. Tá an fear ag dul chun bochtaineachta =
i mboichte: ag loma.



BOCHTÁINÍN — Duine cruaidh spriúnlaithe.



BOCHTÁN — Duine dealbh na phóca nó na chroidhe.



BODACH — Nuair a bhí an t-árd curtha dhíom agam bhí rith
bodaigh le fánaidh agam = an cothrom síos. Cuirtear an
focal san leis an gcothrom. Ní duaisiúil an ghluaiseacht é.



BODHAIRE — Sé bodhaire mhic mhathúna atá air = bodhaire
an té a chloisean pé ní 'na gcuirean sé suím.



BODAIRE — An breac éisc is lúgha a tógtar. Níor
thógamair ach cúpla bodaire. Níl ins na Sinnféinithe ach
bodairí = daoine ísle gan mhaith, gan eólas, suaracha.
Táim im bodaire an trus so = iascaire a thiocfadh isteach
gan faic; duine folamh. Bodaire = bodach, leis.



BODALACH —



BODHAR — Tá mo chos bodhar = gan mhothú. Thugas an
chluas bhodhar dhó = níor thugas aon tora air. Táim bodhar
as chluais liom = tá cluas liom bodhar.



BODHRAIM — Bodhraighim. Bhodhair an chluas aige =
d'eirigh bodhar. Níor fhan éisteacht ínti. Fuair sé
buidéal ó'n ndochtúir a bhodhruigh an phian = a dhein bodhra ar
an bpian. Fuair sé bodhra ón dteinneas = boga, sosa,
faoíseamh.



BOG — Beidh an saol ag teacht níos buige air as so amach.
Bog an focal san dom = dein mín é: tá sé ró-mhór.


L. 51


Scaoilean sé uaidh an chainnt bog agus cruaidh = gach aon
t-saghas. Tá céad bó go bog ann = go fuigheach. Tagan
sé ana-bhog orm é dhéanamh. Tóg bog é — éinní. Tá fonn
air bheith bog = ar an lá. Fear breá bog sámh seadh é = ní
chuirean éinní buairt ná imní air. Nách breá bog a chuirean
tu a chúram san iomlán díot!



BOGHA — Tá bogha ar an ré, ar an ngréin = boghsín, fáinne
tímpal uirthi.



BOGAIM — Níl boga ná táthú ag dul ar na prátaí =
táid chó cruaidh agus a bhíodar nuair a cuireadh ag beiriú
ar dtúis iad. Ní dh'fhéadfainn boga ná sá a bhaint as =
filleadh ná feaca: aon chorruighe. Ní thabharfadh sé aon
bhoga uaidh = géille: sheasaimh sé an fód: fear a bhí ag
díol bó agus ná tiocfadh anuas ón méid a bhí á éileamh aige.
Thugas púnt don tseirbhíseach agus ba mhór an boga air é =
dhein sé é bhoga go maith chun pé ní a theastuigh uaim a dhéanamh
dom. Bog sé ón dtalamh me. Tá sé bogaithe go maith
chun cainnte anois. Bog an uain i gcaitheamh na h-oidhche =
d'eirigh bog. Níl aon bhoga agam ón bhfiacail. Bhog an
t-árthach a h-anncaire chun cur di as an gcuan = thóg aníos
as an bhfairrge.



BOGAIREACHT — Níor leig sé éinní ar bogaireacht uaidh =
go bog símplí. Ní bhfuighidh Éire mórán ar bogaireacht ó
Shasana.



BOGARA — Tá bogara ann: tá sé 'na bhogara = i n'aimsir
bhog. Déanfaidh sé bogara anois tamall. Caithean báisteach
bhog éadtrom nó ceó bheith ann.



BOG-GHIÚMAR — Bhí sé ar a bhog-ghiúmar ag teacht abhaile
ón aonach mar bhí cosúlacht caithte aige = rud beag meídhreach.



BOGRACHÁN — Níl ann ach bograchán = duine bog go
mbíon feóil ar crith air agus ná bíon fuinte. Is fuirist é
chur chun alluis lá an bhrothail.



BOGHSÍN — Tá boghsín ar an ngealaigh, tímpal na gealaighe.
Bhí an leanbh ag déanamh boghsíní tímpal an bhúird = ag


L. 52


imeacht i bhfáinne. Madra ag déanamh, ag baint, boghsíní
tímpal na bó — ag imeacht 'na tímpal. Tá sé ag déanamh,
ag baint, boghsíní ar an gceist = gan teacht díreach chun na
ceiste: seóraí ar siúl aige. Boghsín báistíghe. Bhí gach
aon bhoghsín á imirt aige féachaint conus a dh'fhéadfadh sé
teacht ar an leabhar = cleas, seift. Nuair a tháinig sé
isteach thosnuigh sé ar bheith ag baint boghsíní orm, nó tímpal
orm = am braith, no ag braith an scéil — sar a dtosnóch sé
ar a chúram do chur ar bun, do tharrac anuas. Is fada ag
baint boghsíní chun a chéile iad = ag faire ar a chéile chun
achrainn: ag cur a chéile suas. Tá an bheirt seo ag baint,
ag imirt, boghsíní le chéile le fada = ag imeacht i dtreó a
chéile: caradas eatorra. Nó, ag déanamh boghsíní. Tá
an lá ag déanamh boghsíní = tá boghsíní á ndéanamh ar an
spéir. Tá sé ag déanamh boghsíní chun báistíghe = ag ullmhú
chuige.



BÓIBÉIS — Tóirtéis, mustar, móráil ag duine as féin.
Bóibéiseach agus bóibéisíocht. Cuir uait an bhóibéisíocht =
bheith bóibéiseach go minic.



BOIGÉIS — Níl aon bhoigéis ag baint leis — duine ná
tabharfadh éinní dhuit. Níl sé bog ann féin.



BOIGÉISEACH — Bean bhreá bhoigéiseach = bog: a thógan
an saol go bog: nó nár dheacair léi pé ní a bhéadh aici a
thabhairt uaithi. Nó, deirtear é le duine ná cuirean a ghnó
aon teinneas air. Nách boigéiseach atá an saol ag teacht
ort? — fear caithte cois claidhe agus a phíp á tharrac aige
Táim boigéiseach ar an saol, nó ar an Saor-Stát = is cuma
liom éinní mar gheall air: is cuma liom é theacht nó é
fhuireach.



BOIGÉISÍ — Duine a bhíon boigéiseach.



BÓILÉAGAR — Tá an féar ag imeacht ar bóiléagar, sa
bhóiléagar, san iothlainn = gan éinne 'na chúram, á éileamh.
Is féidir le h-éinní bheith amhlaidh. D'fhágas an leabhar ar
bóiléagar im dhiaidh = dhearúdas é agus d'fhágas san imeacht
amú é. An mbéadh aon phingin ag imeacht ar bóiléagar
agat? = bog, amú.


L. 53


BOÍMBÉAL — Tá sé thuas sa bhoímbéal = i n-áirde i
bhfrathacha an tíghe.



BOLAITHE — Blath. Tá blath an choinín ana-throm. Bíon
an madra ag cur blath rudaí i gcómhnuidhe. Cá bhfios domhsa
cá bhfuil do pheann? Téir agus cuir a blath = dein amach
í. Tá an bolath go maith aige. Tá an madra ar bhlath an
choinín.



BOLÁN — Bolán cloiche = cloch mhaith mhór chruínn.



BOLATHUIGHIM — Bolaith an tobac = feic cad é an bolath
atá uaidh. Téir agus bolaith é = dein amach duit féinig é:
téir agus cuir a bhlath.



BOLATHUÍOCHT — Bhí an gadhar ag blathuíocht, nó ag
blathuíol, na dhiaidh. Bhí an páiste ag blathuíocht na cailce
= á súgha suas chuige. Ní bhéadh sé sásta gan bheith ag
blathuíol tímpal féachaint cad a bhí ar siúl againn.



BOLG — Tá an bolg tuitithe aige = tá sé tuitithe chun
builg mhóir. Bolg snámha = slí chun aeir a bhíon i n-iasc istig.
Bolg an lae = lár an lae. Bolg na fairrge, na sráide,
an chuain. Tá meadar builg air = bolg ana-mhór. Tá bolg
ag teacht roimis amach.



BOLGACH — Tá rian na bolgaighe air, ann. Beifar ag
tabhairt an leinbh (linbh) go dtí an dochtúir chun na bolgaighe
Cuireadh, gearradh, an bholgach ar an leanbh, ach níor thóg sé í.



BOLGAIM — Tá an fhóir, an falla, éinní, ag bolga amach.
Tá sé bolgach. Tá an fhairrge bolgtha (bolca) anocht = ana-
shuaite: garbh innti féin: cnapáin ag eiriú agus tarrac
ar na clocha.



BOLGAIRNE — Fear go bhfuil bolg mór air, fear séidhte.



BOLGÁN — Bolgán snámha = mála ar chuma an lomhnáin
lán de ghaoith i n-iasc. Sé a thugan cabhair snámha do'n iasc.
Bolgán béice = púca paidhl de dhéanamh na liathróide nuair
a bhíon sé lán de phúdar is de cheó.


L. 54


BONN — Dh'ól sé cheithre gloinní bonn ar bonn = gan aon
stad: as a chéile. Bhain sé an bonn uaim leis an dtíarna
talún, agus do chuir ón dtig me = pé lé a bhí agam leis an
dtíarna. Tá cuma uasal ar Sheán agus gan aon bhonn fé =
aon airgead, neart, agus mar sin. Níor chreideas an ráfla
mar ná fuaireas aon bhonn leis = bun. Fuair sé a bhuínn
ar an dtalamh tréis tuitim dó. Bhí sé bocht ach fuair sé a
bhuínn i gceann tamaill. Baineadh an bonn uaidh, nó na
buínn = leagadh é, baineadh treascairt de shaghas éigint as.
Ní mór an bonn atá leis an bhfocal san ach geátaí seadh é
= bun, ciall, údarás. Tá sé bainte dá bhonnaibh ar deire =
briste amach, treascartha, agus mar sin. Tá bonn maith
ag an dtig sin. Caithtear an bonn a dh'fháilt amach chun
tig a thógaint. N'fheadar cad é an brí ná an bonn atá
ag an bhfocal. Táid ar aon bhonn = ar aon scór, ar aon
imeacht, ar aon aigne, ar aon éinní. Tá na h-óglaigh ar aon
bhonn amháin chun saoirse bheith aca. An bonn a bhaint de
chómhacht is treise ná Sasana. Má chaillim an t-airgead
so ní bheidh aon bhonn agam = aon rud a choimeádfadh suas me
Thugas mola dhóibh ach b'olc an bonn a bhí agam chuige = cúis.
Tá bonn na cainnte sin uaim = brí, teastuighean uaim í
thuiscint. Bain sé an bonn uaithi = mheall í — agus d'fhág
gan chlú gan cháil. Ní féidir brí a thabhairt le focal gan
bhonn.



BONNTÁISTE — Tabhair an cluth éadaigh le déanamh dó
so agus ní bheidh aon bhonntáiste aige = aon bhlúire i bhásta:
gan chur ag obair. Rugas bonntáiste air — luigheas air
nuair a fuaireas an seans. Is cruinn an fear beag é, ach
nuair a fuarathas ar meisce é rugadh, beireadh, bonntáiste
air = bhítheas á chur suas chun deoch a ghlaoch, a sheasamh. Rug
sé bonntáiste ar mo bhróga = níor dhein go cúramach iad.
Ní bhíon sé glas ar an mbonntáiste i gcomhnuidhe — an margóir.



BONNTÁISTEACH — Dhein an gréasaí mo bróga ana-
bhonntáisteach 'e bhreis ar do bhróga-sa = gan suím cheart a
chur na ndéanamh: nó, gan an mianach do spáráil. Tá an
fear san bonntáisteach. An duine a chuirean rud i bhásta
bíon sé bonntáisteach.



BORB — Borbraithe. Cainnteana borbraithe = mí-ghean-
mnuidhe, salacha.


L. 55


BORBACHT — Borbaireacht.



BÓRD — Chuas ar bórd na luinge, na traenach. Chuaidh sé
isteach 'on traen. Chaitheas thar bórd amach é = amach sa
bhfairrge. Tá sé ar bórd na traenach. Bhíodar ar aon
bhórd agus ar aon bhéile amháin = ag ithe nó ag ól i dtreó
a chéile.



BÓRDALAIM — Táid ag bórdáil na líonta = á gcur
isteach sa naomhóig. Tá na líonta bórdálta cheana = curtha
ar bórd. Beir ag bórdáil riamh is choidhche go mbeidh tu
déanach = ag ullmhú (ullú). Is féidir le duine bheith ag
bórdáil (ag ullú) chun éinní. Táim ag bórdáil sa tig seo =
anso a gheibhim mo chothú. Tá sí am bórdáil go maith.
Bhórdáil sé an traen = chuaidh ar bórd.



BORLACH — Brollach. Pláta an bhurlaigh = an pláta a
bhíon ós cionn comhran.



BORRAIM — Níl aon bhorra fé sna prátaí fós. Níl
borra ná méid ag dul ort. Níor chuaidh breis ná borra air
de dheascaibh na máchaile. An méid ná borran an lá dhó,
borran an oidhche = an méid fáis ná cuirean an lá fé, cuirean
an oidhche.



BORRA-PHUS — Tá borra-phus air, amach air = a phus
caithte amach aige, nó ceann de sna beóla.



BÓRTHA — Bíon bó bórtha le h-iomarca bídh = atuithe. Tá
sé bórtha ag an ól = séidhte, atuithe: séidhte amach na cosa
ag lúba fé.



BÓRUÍOL — Tá bóruíol dheas ag an leanbh = na glúna
lúbtha (lúpa) amach. Nó, deirtear go mbíon bóruíl ag
baint le duine nuair a bhíon na cosa agus na guailne á lúba
aige sa t-siúl. Tá bóruíol, nó bórthuíol, ann, nó air =
cosa cama fé: é bheith ag tabhairt dá thaobh an bhóthair isteach
le n-a chosa.



BOSCA — Bosca na h-Aibhline (Aidhline) = an bosca 'na
mbíon Corp Chríost á úmpar ag an sagart.



BÓTHAR — Ní fada go mbead chun bóthair = ar an mbóthar:
chun siúil. Cuireadh na bóithre fola leis = srutháin. Tháinig


L. 56


bóithre fola as a bhéal, a aghaidh. Is mó bóthar a théighean
amach ós gach aon fhocal = slí chun é chur ag obair. Tá na
bóithre agat anois chun na Gaoluinne = na slite, na srutháin
chun í chur ag obair. Má bhíon na bóithre cama agat chúichi
i dtosach is deacair í chur amach = labhairt. Tá na bóithre
ag imeacht ó sna focail bheaga go dtí sna focail mhóra. Tá
an bóthar agam chun iad d'imirt anois = an tslí, an t-eólas.
Béadh sé ag amhrán ó shoin gan dua gan duais mar tá an
bóthar aige chuige. Cama-bhóithre agus bóithre cearta. Tá
bóithre deasa ag an bhfear san = slite, béasa. Tá bóithre
na bholg, i n'aigne = rógaireacht, cleasuíocht: nó é bheith ag
cuimhneamh ar mhórán cúrsaí. Bíon an plámásuí lán go
barra aca — olc nó maith. Bhí na bóithre cama istig leis =
na choinne: nó bob a bheith buailte air.



BOTÚN — Dhein sé botún den scéal, ar an scéal = á rá
i slí ná raibh aon deárthamh leis: chuaidh sé amú air: chuirfeadh
sé cainnt dá mhalairt isteach. Tá do bhotún déanta ar an
scéal agat, ar an obair, ar an ngnó, agus mar sin.



BOTÚNACH — Ní raibh sé cionntach ná botúnach riamh sa
chúrsa san = é dhéanamh le breallaighe ná le dearúd. Tá
mo ghnó déanta go botúnach agam = go h-olc: go neamh-
maitheach (neamaitheach).



BRÁ — Príosúnach. Ná bráirthe = na príosúnaigh.



BRABHAIS — Brabhais amadáin = duine gan chiall, gan
stuamdhacht, gan mhaith. Breabhais mhná, fir, cailín, buachalla.
Ní bhíon fáiscithe, agus gan an mianach ceart 'na gcnámha
dréir a gcuirp. Níl ionnat ach breabhais — le fear mór go
leagfadh fear beag é. Brabhais, breabhais, capaill — capall
gan stuif. Aon ní ná bíon dréir a chnámha. Breabhaiseana.



BRABÚCH — D'fhan an brabúch aige féin = an bhreis — mise
a dhein an chuid ba mhó den obair agus pé tora breise a bhí
ann is aige a dh'fhan. Fuair sé brabúch orm = breis dem
bárr: nó breis orm.



BRABÚS — Ní bhfuaireas aon bhrabús air = aon rud a
dh'fháilt uaidh go bog: nó caoi a dh'fháilt chun breith amuigh


L. 57


air: lámh uachtair = barrabruach. Is deacair barrabruach
a dh'fháilt ar a theangain siúd = aon fhocal a dh'fháilt go
bhféadfaí é shárú.



BRÁCA — Ní mór an bráca a leanan thu = duadh. Ní
h-aon bhráca orm é. Rug (riug) ana-bhráca air = bruid.



BRÁCÁIL — Tá ana-bhrácáil air = breis agus a dhóthin
cúraim. Tá ana-bhrácáil ar siúl aige = mórán oibre:
í trom. Táim ag brácáil leis an saol = ag straca. Bím
ag brácáil liom ó lá go lá = ag baint lae as.



BRADÁN — Mheasfá go gcuirfeadh sé an bradán beatha,
a bhradán beatha, amach le dúil ann = an t-anam. Gheóbhair
le h-eagla go gcuirfá do bhrádan amach = go bhfuighfá bás.



BRADUÍOL — Tá an t-asal ag braduíol = ag braduíocht.



BRÁGHAID — Bráid. Cuireadh an scéal fém bráid =
fém thuairim. Tá an t-árthach fé bhráid na taoide = i
gcoinne. Tá's agam cad tá fé bhráid na bpoinntí sin =
na dtreó. Chuas fé bhráid an tíghe = i dtreó, cun. Thánag
anso fé bhráid na Gaoluinne = chun í dh'fhoghluim, dh'fháilt.
Tá an bhróg cumhang sa bhráid agam = laistig den ndrom.
Bíon an troigh ón rúitín síos amach. Níor tháinig focal as a
bhéal ná as a bhráid. Ní fé bhráid na h-áite adubhart an
chainnt ach fé bhráid na stróinséirithe a thagan san áit = i
dtaobh. Níor mhaith liom bheith fé n-a bhráid sa chosán =
roimis, ag teacht na choinne. D'fhág Seán beart anso féd
bhráid = duit, le tabhairt duit. Chuireas an císte i dtaisce
fé bhráid Sheáin = dó: 'na thómas. Ghabhas thar bráid an
tíghe = thar an dtig. Coimeád rud éigint fé bhráid na
báistíghe = i gcoinne na báistíghe — pé faid deagh-aimsire a
bhéadh ann. Chuireas gach uile pheaca dar dheineas riamh fé
bhráid na faoisdine = fé lé na faoisdine, fé bhráid an
t-sagairt. Táim tagaithe fé bhráid bídh = ag triall ar.



BRAIDHM — Deineadh, leigeadh, braidhm. Ag breiminigh.



BRAIDHNSE — Tá ana-bhraidhnse spealadóireachta aige =
slí ana-dheas chuige: bhéadh sé deas oiriúnach ar an obair.


L. 58


Nó, tá braidhnse aige chun spealadóireachta = buadh. Sin
braidhnse maith chun teacht suas leo = slí, seift. Nuair a
bhíodar i lár an bhraidhnse istig thánathas ortha = i lár an
chúrsa, an ghnótha, an fhill. Tá braidhnse eile ar an bhfocal
san = slí eile chun é chur ag obair: ciall eile leis. Tá
braidhnsí móra aige sin = slite, cuimhntí: cuirean sé mórán
neithe ar bun ná cuímhneóch fear eile ortha: bíon mórán
neithe sa t-siúl aige, á ndéanamh, á gceapadh aige. Tá
braidhnse beag oibre le déanamh agam = blúire beag. Ba
mhór an bhraidhnse bhithúntuíochta é: nó an braidhnse is
éachtach na braidhnsí (cainnte) atá ag Séamas = abairtí,
slite fé leith, chun cainnt a dhéanamh. Tá roinnt de sna
braidhnsí níos cruadha ná a chéile = na h-adhbhair léighin, agus
mar sin. Níor casadh orm aon bhraidhnse ba ghéire ná é =
cúrsa, gnó, abairt, blúire. Tá braidhnse mór, braidhnsí
móra, Gaoluinne aige = Gaoluinn mhaith, mórán di.
Braidhnse mór cainnte, oibre, agus mar sin:



BRAIGHDÍN — An córda beag a bhíon ag siopadóir chun
beart a cheangal.



BRAITEÓL — Feic braithim.



BRAITHIM — Bhraith sé an t-airgead agam = fuair sé
blath an airgid uaim: mhothuigh sé go raibh airgead agam.
Bíon laetheanta is fearr a bhraithim ná a chéile = a bhraithim
me féin. Braith an abha sar a raghair na coillithe = féach,
scrúduigh. Braithim losca im chroidhe = mothuighim. Bhraitheas
beiriú amach trím buineál. Bhíos ag brath leis = ag súil le
(h-é theacht). Bhraitheas uaim an áit a dh'fhágas agus tháinig
uaigneas orm. Pé saibhreas atá aige ní bhraithfá ar a bhéal
go deó é = ní bhéadh fhios agat. Nílim ag braistint go maith
ná ar fóghnamh = ag braith. Bhraitheas ar maidin ar a 6 a
chlog = mhothuigheas, dhúisígheas. An chéad bhraistint a dheineas
nuair a dhúisígheas fuaireas me héin fuar ar an úrlár.
Bhraitheas lem láimh é. Ní bhraithim aon neart ag teacht
ionam. Níor chaitheas aon tobac riamh agus ní bhraithim a
easba. Níor bhraitheas ag dul amach thu. Bhí mo bhrath ar an
gcéad fhear agus níor bhacas an fear eile = bhíos ag braith
air. Tá franncach ar braith ag an gcat, coinín ag an madra,
cleamhnas ag duine = tá a shúil aige air, tá sé ag súil le.


L. 59


An fhaid a bhíos ag cainnt bhí sé am braith = ag féachaint
orm, á dhéanamh amach cad é an saghas me. Ná bí ag braiteól
ar an mbosca. Tá na milseáin ann ach ní bhfuighir aon phioc
díobh = ag féachaint ar an mbosca ag súil le rud éigint as.
Bhí an buachaill ag braiteól féachaint an gcuirfí isteach sa
bhfuirin e = ag braiteól ar é chur isteach. Bhíodar ag braiteól
ar lá saoire = ag brath air. Táim ag braiteól le rud
éigint uait = ag brath le, ag súil le. Dubhart é á bhraith =
á thástáil. Tá sé braithte agam anois.



BRAITHTEACH — Ba dheacair teacht i gan fhios air tá sé
chó braiteach san = faireach. Bíon fear braiteach nuair a
dhúiseóch rud beag é.



BRAMAIRE — Bramaire Fir, Mná, Bó, Caorach = Iad
bheith láidir téagartha anamúil. Siad an chéad rith de sna
h-ainmhithe agus de sna daoine iad. Caithean siad bheith
téagartha dréir a n-aoirde; téagartha go leór chun a
n-aoirde, a gcuid aoirde, a thabhairt leó.



BRAMHNGÉID — Nó bramhngóid. Is suarach an bhram-
ngéid í sin = ball éadaigh, balcais. Siad líon na bpeidléirí
iad ná bramngóidí. Aga go dtairiceód mo sheana-
bhramhngéidí suas orm féinig, nó aníos. Bíon sé deacair
mo bhramhngéidí a tharac liom, a dh'úmpar, nuair a bhíd fliuch.



BRAN — Thugas paca brain abhaile chun na bó.



BRANAR — Bhíos ag rómhar is ag branar = ag dearga na
talún. Tá mór-chuid branair déanta agat — is féidir é sin
a rá leis an t-é a bhíon ag scríobh = mórchuid breacaithe agat.



BRANNDA — Bhris sé branndaí a bhrághad — an cnámh
mór a bhíon ag gabháilt treasna i mbarra an uchta.



BRAON — Deinfidh sé braon = braon uisce. Braon
leathan báistíghe = reamhar, mór. Tá braon air = cuma an
bhraoín, na báistighe. Tá braon fé n'fhiacail ag Seán =
ólta. Níor ghol sí braon air = deór. Bhí an braon


L. 60


malluithe sa bhfear san = an droch-bhraon; an droch-dhúchas.
Ach, an braon glan. Tá braon sa t-súil ag Séamas = ólta,
agus bhéadh fhios agat é sin ó n-a shúilibh. Tá an ioscóid ag
déanamh braoín. Tá an tráthnóna bog, braonach = braon-
uíocha ag tuitim. Tá braon sa t-siúl ó lár an lae = ag
tuitim go fánach. Nuair a chloisfá é sin chorróch, dheargóch,
sé an braon ionat = an fhuil uasal.



BRAONÚIL — Beidh an lá braonúil = braonacha ag tuitim
braonach.



BRAONUÍOCHT — Tá braonuíocht sa tig sin = an braon
anuas. Tá braonuíocht sa té go mbíon an uaisleacht ann =
an deagh-bhraon.



BRAT — Tá brat féasóige air = lomra. Tá brat alluis
air = é ar snámh d'allus. Ní ceart duit do bhrat do leatha
ar fad = an iomarca do chur rómhat amach. Ná leathnuigh
do bhrat ach mar a dh'fhéadfair é chlúdach = gan bheith ag eiríghe
ós cionn do chumais: an teacht abhaile bheith ionnat i pé
cúrsa a bheartuighir.



BREAC — Breach-fhliuch, breac-aosta, breac-dhíomhaoín,
breac-thrim = cuíbhsach. Breac-amadán = amadán ná fuil
críochnuithe amach. Ní thuigim ach breac-fhocal den chainnt =
focal anso is ansúd. Níl aige ach breac-Ghaoluinn =
Gaoluinn chuíbhsach. Tá an cúntas breac agam = breacaithe,
buailte síos ar pháipéar. Breac-shláinteach.



BREACAIM — Tá an coirce ag breaca = ag geala.
Bhíodar ag cainnt agus ag breaca dhó ar rud éigint = ag
cur síos. Ag breaca bréaga gan chiall ar rud nó ar dhuine
= ag rá, ag cur, bréaga. Tá an páipéar so breacaithe go
maith agam anois = tá scríobhtha air agam.



BREACAIREACHT — Níl aon bhreacaireacht den tsláinte
agam á dh'fháil = blúire. Níl aon bhreacaireacht den
Ghaoluinn aige. Bhfuil éinní ar an bpáipéar indiu? Tá,
breacaireacht mhaith. Tá breacaireacht mo dhóthin le déanamh
agam = scríobhnóireacht.


L. 61


BRÉAG — Tá sé ann gan aon bhréag ná dearúd. Thug sé
amach an fíor agus an bhréag.



BREÁGH — Tóg an saol go breá bog agus caith an cúram
san i n-áirde leat héinig = eirigh as. Muna gcaillfá ach
an méid sin bhéadh go breá agat = bhéadh an cúrsa go breá
agat.



BRÉAGACH — Tá an clog leath-uair an chluig bréagach =
amú, as an slí.



BRÉAGHUIGHIM — Breáthuighim. Tá an aimsir ag breáthú
suas = ag crotha suas. Breáthóidh sé ar ball = eireóidh
breá.



BREALL — Tá leath-bhreall ar a chuid oibre, ar a chúram
= bheith gan slacht, rud éigint bheith bun ós cionn. Bhfuil sé
críochnuithe agat? Níl, tá breall orm fós = smut dem
chúram gan déanamh.



BREALLACH — Tá an gnó déanta go breallach agam =
salach, giobalach, neamh-chruínn. Lá breallach nó biorlach =
salach fliuch. D'éaluigh focal ana-bhreallach uaim = gan chiall,
neamh-cheart.



BREALLAIGHE — Ní mór an bhreallaí a bhí ar a chuid
Gaoluinne, 'na chuid Gaoluinne, sa scéal, ar an scéal =
neamh-shlacht, dul amú, dearúid. Ní h-aon bhreallaí ar a
chuid cainnte an focal d'úsáid mar sin.



BREALLSÚN — Duine go mbíon breall air, nó neamh-
shlacht: duine biorlach (breallach), gan fásca, gan deárthamh.
Bíon sé gan eólas ar a ghnó, nó i n-aice dhó. Sé an fear
cliste an taobh eile.



BREALLÚIL — Biorlach, breallach, lán den mbreall.



BRÉAN — Bhí sé go bréan dá chúram = leamh.



BRÉANAIM — Bréanfaidh sé má fágtar anso é =
eireóidh bréan.


L. 62


BRÉANTAS — Tá sí tugtha do shalachar agus do bhréantas
= rudaí nó gnóthí bréana salacha.



BREASAL — Stuif dhearg chun marc do chur ar chaoirigh.
Bé go gcuirfinn-se breasal ort muna n-éistir = fuil leat,
gearruíocha do chur ort. Cuirfead breasal fola ort.



BREICNEACH — Ballaíocha beaga buídhthe a thagan ar
chriocean dhuine ag an ngréin. Tá breicneach ionam, im
aghaidh.



BREILL — Nách luath atá a bhreill casta aige nuair ná
leigfear amach é? = pus air: na beóla, liopaí do chur
amach nuair a bhíon duine, leanbh go mór mór, ag tosnú ar
ghol. Imíghean an spré ach fanan an bhreill ar an mbean =
cuma an tormais agus na mí-shástachta; mí-scéimh.



BREILLICE — Breallsún: duine go mbíon cuma bhreallach
air, cuma an amadáin.



BREILLIREACHT — Screadach úafásach a bhíon ar siúl ag
leanbh uaireanta: a bhreill bheith casta go maith aige.



BREIS — Ní raghaidh a thuille breise air = ní dh'fhásfaidh sé a
thuille. Níor fhág san ar aon eólas breise me = ar aon bhreis
eólais. Scaip an ceó breis. Tá airgead agam de bhreis (e
bhreis) ort = tá níos mó airgid agam ná mar atá agat-sa.
Táim bocht de bhreis ort-sa = níos boichte ná tusa. Tháinig
breis bheag fheabhas ar an lá. Nó, feabhasa. An focal go
mbíon an bhreis leis sa chainnt buadhan sé = breis úsáide is
mór an bhreis a chuaidh ort ó shoin = is mór mar do dh'fhásais,
mar do chuais i bhfeóil. Níor chuaidh breis (méid, borra)
ná brú ort = níor chuais i méid ná as. Cad é an bhreis
atá ag a 25 ar a 16? Naoi breise. Chuala go bhfuil breis
oraibh = duine nua clainne tagaithe — agus chnách oraibh é.
Bíon lá breá ann e bhreis ar lá eile. Bíon Gaoluinn ag
daoine e bhreis ar dhaoine eile = thar daoine eile. Chuiris
an chloch amach ana-thamall breise. Chuireas airgead sa
bhannc ar bhreis, chun breise (do theacht air). Tá chúig phúint
breise agam ar a raibh agam cheana. Níor chodluigheas go
maith aréir, ach tá súil agam go dtuitfidh néal dá bhreis
orm anocht = néal breise.


L. 63


BREITHEAMHNACHAS — Breithiúnachas aithríghe = an pionós
a chuirean an sagart ar dhuine mar gheall ar a pheacaí. Do
bhreithiúnachas aithrí do chómhlíona.



BREITHNÍGHIM — Ní bhreithneóch sé go deó roinnt de sna
leitreacha = ní aithneóch.



BREÓITEACHÁN — Duine gan sláinte a bhíon breóite i
gcómhnuí, nó coitíanta.



BREÓITEACHT — Bhí breóiteacht fhairrge air.



BRÍ — Scéal ar bheagán brí = ná fuil aon ana-chiall leis.
Bím ceart im brí féin = sa bhrí a bhíon agam leis an gcainnt.
Ní féidir liom aon bhrí a bhaint as an lá, as an uain, as an
aimsir = a rá cad a thiocfaidh asta: éifeacht: tuiscint.
Ní féidir liom brí a thabhairt leis an bhfocal san = é thuiscint,
mhíniú. Ní féidir leis na focla a chur le chéile chun brí
a dhéanamh = ciall, tuiscint. Féach an brí a bhain sé as an
scéal = tuiscint. Mórán cainnte is beagán brí, nó ar
bheagán brí. Thabharfadh sé an lá go léir ag cainnt ar dhá
fhocal brí. Tá na focla san ar chó-bhrí = aon bhrí amháin
atá leó. Fuair na rudaí beaga éadaighe maithe nua cúpla
lá ó shoin agus táid stracaithe aca anois. Dá bhrí dhuit nár
mhór dóibh cluthaí leathair = chun a theasbáint duit: chífidh
tu mar gheall air sin nár —.



BRIOGADÁN — Blúire adhmaid a bhíon géar na bharra;
an bun a fágtar nuair a baintear an feóchadán sa mhóinéar,
agus mar sin: clipe.



BRIOGADÁNACH — Ceist ana-bhriogadánach í sin = clipí
ag sá amach aisti i dtreó nách fuirist greim a dh'fháilt uirthi
ná í réiteach. Cuirtear sreanga briogadánacha iarainn
mórtímpal na h-abhlúairde (ó ubhall-ghort) chun buachaillí
bradacha a choimeád amach. Chó briogadánach le gráinneóig.



BRÍOGHMHARACH — Tá Gaoluinn ana-bhríomharach aige =
fuinniúil, láidir. Fear bríomharach. Is breá bríomharach an
tae i sin = bríomhar.



BHRIOLLA-BHREALLA — Scéal bhriolla-bhrealla. Cainnt,


L. 64


scéalta bhriolla-bhrealla = briollach, gan chiall ná bun ná
bár leó.



BRIOLLÁIL — Tá sé ag briolláil chainnte = cainnt
bhriollach gan slacht á dhéanamh aige. Briolláil oibre, agus
mar sin. Briolláil aighnis, gnótha.



BRIOLLÁLUIDHE — Nách é an briollálaí é! — duine gan
éifeacht, gan fód.



BRIOLLÓGUÍOCHT — Ní mór an gnó slachtmhar a dheinis
riamh ach an bhriollóguíocht = obair bhriollach sa t-siúl
coitíanta. Briollóg a dhéanfadh an bhriollóguíocht.



BRIOSC — Feóil bhriosc = so-ithte. Feóil ríghin an taobh eile.



BRIOTA — Níl briota ann = briota gaoithe, puth.



BRISIM — Bhíodar ag brise treasna ar a chéile = ag
teacht treasna. Tá brise tíghe agus áite sa bhioránach san
= é bheith ana-aimhleasta (aidhleasta). Ní féidir an
misneach do bhrise ann. Briseadh as a bpost iad = cuireadh
amach. Tá an obair, an coláiste, briste suas = deire
curtha leó. Bhriseadar suas ar a 6 a chlog = eirígheadar as.
Táimíd ag brise suas as an obair = ag cur na h-oibre
uainn: ag brise na h-oibre suas. Tá brise ar an
mbreóiteacht aige = tá an t-aothó aige: tá sé ag dul
i bhfeabhas. Tá brise uisce sa pháirc sin. Briseadh an
pháirc. Ní raibh mórán brise croidhe orm. Tá an capall
briste isteach chun oibre. Táimíd ag brise suas ó n-a
chéile = ag scarúint. Tá an chuigin ag iompó ó bhrise chun
bheith i n'im.



BROBH — Ní mheághan sé brobh i gcúrsa den tsaghas so =
= faic: is cuma na thaobh.



BROBHUÍOL — Tá an chráin ag brobhuíol = ag sopuíol: ag
bailiú leapan di féinig; ag bailiú na sop.



BROC — Broc fir = fear téagartha, íseal, cruaidh. Tá
sé 'na bhroc = lán d'fheóil; reamhar go maith.


L. 65


BRÓG — Dubh a chur fé sna bróga agus glaes a chur ionnta
(únta). Thugas barra na bróige an doras amach dhó.



BROICEALACH — Broicealach cailín, buachala, fir, mná,
leinbh (linbh) = balcaire teann, reamhar, téagartha.



BROLLACH — Burlach. Rug sé ar dhá thaobh burlaigh orm =
ar dhá thaobh bóna mo chasóige.



BROMÁFADHA — D'eirigh sé chun bromáfadha chúgham
nuair a dubhart go gclaoifeadh Éire Sasana = olc, fearg,
malluitheacht. Nách éachtach an bromáfadha a thagan oraibh i
dtaobh an fhírine a dh'ínsint díbh! Eirigh an fhairrge chun
bromáfadha indé.



BROSAIRE — Nách tusa an brusaire ná beárrfadh thu
féin = duine go mbíon féasóg air. Brosaire an chlúimh.
Brosaire de bhuachaill ocht mbliana déag d'aois = nuair
a bhíon clúmh féasóige ag fás amach aige. Nó, brusaire.
Tá brus maith féasóige orm tréis na seachtaine. Tugtar
brusaire ar dhuine beag piocaithe go bhfuil paiste de
chroméal air.



BROSANTA — Ba bhrosanta an bioranách é = deiliúsach,
aibidh.



BROSCAIM — Bhí an gabhar ag brosca = ag ithe an fhéir —
ar pháirc.



BROSNA — Tá brosna fiacal aige = cíor fhiacal a bhéadh
ana-thiubh ar a chéile.



BROTHAL — Tá na ba ag rith le brothal = ag guidheal.
Tá sé 'na bhrothal marbh, nó dearg.



BRÚADAIRE — Fear beag agus tor féasóige fé n-a
shróin aige.



BRÚCHT — Chuir sé brúcht fola uaidh = tonn: chuir sé fuil
amach — agus mórán di le chéile.



BRÚCHTAIM — Bhí sé ag brúchtuíol aréir = ag cur amach.
Bhí an bia ag brúchtuíol aníos, nó aniar, 'na scórnaigh = ag
borra, ag eiriú. Is minic an scéal mar sin ag leanbh óg.


L. 66


BRUFAR — Tá teine bheag bhrufar agaibh = bhéadh deas
is ag lasa ach ní bhéadh mór ná láidir. Bia beag brufar =
cuíbhsach, gan bheith láidir. Is deas brufar an duine fós i
n'aos é = anamúil go leór, gan chuma ró-chríona air dá
aois.



BRÚGHAIM — Tá an tseachtain brúite againn anois =
an chuid is mó dhi caithte. Tá sé brúite isteach go dtí deire
an téarma = tá deire an téarma ann. Tá an lá brúite
amach = caithte, beag nách. Níl mórán plúir againn ach
brúghfaidh sé isteach go dtí deire na seachtaine. Táimíd
brúite isteach go deire na bliana agus ní fada go mbeidh
sí amuigh. Tá deire na h-oibre brúite againn = déanta.



BRUIC — Ní bhead ag bruic leat a thuille = ag plé: ag
cur suas — máistir le buachaill, nó buachaill le máistir.
í bhead ag bruic a thuille leis an bpost so: caithfead
uaim é. Ní bhead ag bruic leis an mbraon anuas.
Deiseóchad an díon. Ní maith liom aon bhruic bheith agam
leis an seana-chapall so — nó capal ceólmhar, dá mbéadh
sé ró-aibidh d'fhear críona. Beidh Seán ag bruic leis an
gcúrsa san tamall eile sar a mbeidh sé réidh = ag fáilt
duaidh (duaig) uaidh.



BRUID — Tá bruid airgid air = ceal: gátar. Is minic
a réitigh an fear san mo bhruid = pé cabhair a theastuigh uaim
a thabhairt dom. An chéad bhruid do réiteach ar dtúis = an
gad is giorra don scórnaigh. Cabhrófar liom lá na bruide
= an lá cruaidh.



BRUITÍNEACH — Tagan an bhruitíneach amach 'na paistí
dearga.



BRUS — Brus móna, luatha, coirce, éinní — bíon ana-
bhriste, brúite go mion. Bain an brus ded chasóig — fear
a bhéadh tréis mála móna a thabhairt isteach, nó éinní mar
sin. Ná dein brus den pháipéar = ná bris mion é: fág
slán é. Tá brus á dhéanamh aige — fear a bhéadh ag meilt
inní: ana-obair. Tá ana-bhrus déanta agat ar na prátaí
ó mhaidin = ana-chuid díobh bainte agat; nó brúite, geárrtha.
Tá sé ag déanamh bruis = ag obair go tapaidh. Déanfaidh


L. 67


an máistir brus orainn má chíon sé aon díobháil déanta
agat; muna mbíon na ceachta foghlumtha againn. Deinean
na h-óglaigh agus na Dubhchrónaigh brus ar a chéile. Dhein
na luchaigh ana-bhrus sa stáca = ana-dhíobháil: mionramh
déanta dhe aca. Dhein Seán ana-bhrus sa chomórtas = ana-
imirt, ana-obair, ana-dhíobháil don taobh eile.



BRUSANTA — Teine dheas bhrusanta = brufar. Bó bheag
bhrusanta. Is féidir é rá le h-éinní ná béadh ró-mhaith, ná
ró-mhór. Tá Seán aosta a dhóthin ach tá sé deas brusanta
cruaidh fós.



BRÚSCAR — Deintear brúscar de phláta nuair a thui-
tean sé = mionramh; nó d'arán dá gcimileófá idir do dhá
láimh é.



BRUTH — Tá ana-chuid brutha ar a mhuineál = clúmh. Bruth
an chait = an clúmh bog a bhíon ar mhuineál dhuine. Tá bruth
mór féasóige air = brat: clúdach. Tá an chéad bhruth de sna
h-éadaíghe imithe dhíobh = clúmh bog a bhíon ar an dtaobh amu
d'éadach, uaireanta. Lom-éadaighe seadh iad ansan. Tá
bruth clúimh trí mo chasóig amach = í bheith ana-bhog 'na barra.
An chéad bhruth = an chéad scoth.



BUADHAIM — Nílim éinní buaidhte leis an ngnó so =
tógtha, beirthe. Níor buadhadh an siorrach (searrach) le
h-éinne = níor bhuaidh, níor thóg, éinne í.



BUAILIM — Bhuail sé fé ag doras an teampail = chuir
fé: chuaidh ar a ghlúna. Níl an bhruighean, nó an coga, buailte
fós = tuitithe amach, curtha ar bun. Nuair a bhím ag dul
suas i gcoinne an chnuic tagan ana-bhuala ar mo chroidhe.
Tá sé sa leabaidh. Bhuail sé breóite indé agus chaith sé
tabhairt suas = buaileadh breóite é. Bíon eagla air go
mbuailfeadh sé a chosa — i gcoinne rud éigint. Ubh buailte
i ngloinne bainne. Buaileadh an lá orainn = buadhadh. Tá
an leabhar buailte amach agat nách mór: ní mórán éile a
gheóbhair ann = caithte, brúite amach. Tá mo lámh ag buala
leis an bpian = ag preabarnaigh. Tá do chuisle ag buala
go tréan. Bhuail an focal san amach me = dhall amach:
threascair me. Tá a chnámha buailte ar a chéile = tuitithe,


L. 68


anuas, nó isteach, ar a chéile. Bhuail an reiceadóir dhom é
ar phúnt = thug dhom é sa cheaint. Tá coróin fén bpúnt
buailte orainn ag an gComhairle Conndae = curtha. Tá
mo dhá chliathán buailte ar a chéile leis an ocras. Tá an
mála buailte ar a chéile — toisc é bheith folamh. Bhuail an
long = bhuail sí cloch nó talamh. Bhuail an captaon an long
i gcoinnibh na gcloch. Buail amach an soitheach (sathach) chun na
circe = pé ní atá ann buail amach as é chúichi. Buail í sin;
nó, buail do mhéar ansan — adeirean fear an toirmisc, ag
cur troda ar bun idir bhuachaillí, tréis a mhéar a fhliucha na
bhéal. Má bhuailean an tarna garsún a mhéar ar an méar
fhliuch, deirean an fear le h-uimhir a i go bhfuil sé buailte ag
uimhir a 2. Siúd ansan iad.



BUAILTEACH — Tá an bhó san buailteach. Fan amach
uaithi.



BUAIRT — Bhí sé ar meisce isteach is dhein sé ana-bhuairt =
trioblóid; chuir an tig tré chéile go mór. Tá sé chó maith
agat an bhuairt do chaitheamh i n-áirde leat féinig = eiriú
aisti. Fear gan bhuairt, gan ghruaim, gan mhairg, gan bhrón.



BUALTACH — Bualtach bó nó capall. Bualtaí — uimhir
iolraidh.



BUAN — Tá sé ag báistigh ach níl cuma bhuan air. Ní
bheidh an tráthnóna ach ceathach = sánas idir na ceathana.



BUANACHT — Nó buanaíocht. Thógas naomhóg an fhir sin
liom; dheineas buanuíocht uirthi = dánuíocht. Ba mhaith
liom dul isteach dá mbéadh aon bhuanacht agam ar an dtig
ach níl = ceart nó cál chuige, nó taithí ar dhul isteach cheana.
Thógais an leabhar san leat agus cá raibh do bhuanuíocht air?
Bhí sé a d'iarraidh bheith ag déanamh buanuíochta orm.
Labhair an bhean san go dána leis an sagart mar tá buanuíocht
aici ar an gcléir — toisc duine dá muíntir bheith na
shagart, nó rud éigint mar sin. Tá sé de bhuanuíocht ort
dhéanamh = dualgas, ceangal. Bhí sé de bhuanuíocht agam
air é dh'iarraidh air = dánuíocht.



BUAN-CHUÍMHNTEACH — Tá an duine seo ana-bhuan-
chuímhnteach = is féidir leis cuimhne a choimeád ar rudaí i
bhfad 'na dhiaidh aniar.


L. 69


BUANÚIL — Dheineas ana-bhuanúil air mar bhí aithne
mhaith agam air = dána. Táimíd ana-bhuanúil le chéile, ar a
chéile = ana-leanúnach, ana-bhaoch, ana-leagtha (leacaithe).
Deinimíd ana-dhánuíocht ar a chéile.



BUIDHE — Tóg t'aimsir. Is fada buidhe ó n-a dódhéag
fós é = fada fada. Sé an dial buidhe é = dearg, crón,
dubh. Glas-bhuidhe = dath an ola-chrainn. Tá an dial buídhe
air chun óil. Tá an t-eadarshuth buidhe ann = go maith.



BUIDHEACH — Baoch. Bhfuil tu baoch anois? = sásta. Ní
rabhadar ró-bhaoch dá chéile = sásta, muínteardha. Tá mí-
bhaochas orm mar gheall air = mí-shástacht. Nílim ró-bhaoch
dem barga.



BUIDHEACÁN — An chuid den ubh a bhíon buidhe. Gealacán
an chuid eile. Ní bhéinn ag cor mo chainnte leat a thuille,
a bhuídheacáin = a dhuine bhuídhe.



BUÍDHEACHT — Casadh mo bhuídheacht liom = me bheith buidhe.



BUIDHEAN — Táimíd ar aon bhuidhin, d'aon bhuidhin, sa
méid sin = ar aon bhonn, aon dul, amháin; ar aon aigne
amháin. Bíon na daoine a bhíon ag obair as aon bhonn amháin,
go mbíon aon bhonn amháin fútha, bíd siad d'aon bhuidhin amháin
— fuirean na luinge, cuir i gcás.



BUIDHÍGHIM — Tá an coirce ag buidhiú, ach raghaidh sé
seachtain eile. Bhíos age baile le buidhiú na gréine =
geairid do dhul fé.



BUIGEACHT — Ní bhfuaireamair aon bhuigeacht air, ann =
ball bog. Ní bhfuaireamair éinní ar bogaireacht uaidh = go
bog.



BUILE — Bí fiabhras buile air = ana-olc.



BUILLE — Bíon buille luath an Luain agus buille déanach
an t-Sathairn aige = bíon sé ag obair i gcomhnuí ó thosach
deire na seachtaine. Bíon buille den pheann chó h-olc le
h-aon bhuille eile. Tá buille maith coirce ar an ngort,


L. 70


féir ar an bpáirc = brat, sreath. Tá Seán ós cionn a bhuille
go maith = go maith as: is féidir leis a ghnó a dhéanamh go
maith. Bhí sé ag baint a bhuille as an staighre, den staighre,
suas = coiscéim.



BUILLE — Beimíd ag baint buille as an gcoirce = á chur
dínn, á threascairt. Rug ana-bhuille éisc orainn indiu =
bhuail mórán díobh linn d'aon scríb amháin. Trom an speal
go mbainead buille = an méid a bhainfá d'aon iarracht
amháin; idir dhá fhaobhar go dtí faobhar eile: dreas. Tá
ana-bhuille speile aige. Táid ag baint a mbuille aisti (as
an mbád) = ag rámhuíocht leó go breá bog. Bhuail sé buille
mhaide air agus mhairbh sa cheann é = buille de mhaide.



BUÍMPÉIS — Bhí sé (ag siúl) na bhuímpéisí = stocaí.



BUIRBEÁIL — Tá sé ag buirbeáil chun báistí = ag cuirn-
eáilt. Nó chun gaoithe. Tá an chos thinn ag buirbeáil chun
braoín = ag bagairt, ag bailiú: cuma an bhraoin ag teacht
air. Tá an bheirt seo ag buirbeáil chun bruighne, chun a chéile.
An teine ag buirbeáil chun lasta = ag brise amach.



BÚIRTHÉ — Tá búirthé deataigh ar fuaid an tíghe, ar fuaidh
an bhaile, as an árthach = ana-dheatach. Is mór an bhúirthé gail
atá agaibh = gal ana-throm.



BÚITHREÁN — Búirthé.



BULCÁN — Bulcán íseal buachala seadh é. Nó, bulcán
mná, cailín, fir, tairbh, agus mar sin = balcaire.



BULCÁNTA — Buachaill bulcánta = buachail atá 'na bhulcán.



BULÓG — Bíon clúdach anuas ar an mbúlóig nuair a
bítear á beiriú. Ní bhíon ar an gcíste, ach iompuightear é.



BUN — Ní dhíolfadh sé an bhó éinní fé bhun fiche púnt = níos
lúgha ná. Tá an Ghaoluinn anso, bun ós cionn leis an
mBéarla = ní h-ionan leis an mBéarla: níl an Béarla.
Cuireadh bun ós cionn leis an saol me = 'na choinne. Bun os
cionn le h-éinní. Tá an phíp, an chailc, an peann luadha,


L. 71


caithte go bun = go deire. Ní haon mhaith é bhuala, fé bhun
mharú = gan é mharú. Bhíos ar an dtaobh a bhí bun ós cionn
leis an ngaoith = taobh na fothana. Ní h-aon mhaith na
h-ubhla fé bhun scilling an dosaon a dh'fháilt ortha; nó, fé
bhun muna bhfuighfí scilling an dosaon ortha. Téir go bun,
ar deire = go bun leat — le scoláire sa ranng. Tá an
focal again ach níl a bhun = a bhrí. Nílim i mbun é dhéanamh =
chun. Ní raghadh sé i mbun é bhrise = ní chuirfeadh chun. Tá
an oidhche ag dul ar bun = ag tosnú, ag neartú, ag géarú —
nuair a cloistear scríob ghaoithe amuigh. Tá sé, tá an lá,
ag dul ar bun. Is fearr dul i mbun an scéil = tosnú air
i gceart. Tabhair an bád go bun na gaoithe = fé dhéin an
treó go bhfuil an ghaoth ag teacht as. Ní raibh aon bhun (bonn)
cainnte aige = ní fheidir éinne cad a bhí ar bun aige: nó,
ní raibh aon adhbhar cainnte aige. Fill suas bun do bhríste
as an bpluda. Ní thugan an t-iasc mórán airgid leó fé
bhun cuid mhaith díobh bheith ann = gan. Ní féidir liom bun a
thabhairt leis an bhfocal san = brí. Ól suas go bun é —
cupán tae. Tá Bríd cliste, agus an cailín fé n-a bun =
an cailín is giorra di san aois, an cailín is óige ná í. Glac
bog fé bhun do chúraim é = cainnt a deirtear le duine a
shádhan a cheann isteach i gcúram ná bainean leis = ní h-aon
phioc ded chúram é. Tá droch-bhun fén bpáirc sin = droch-
bhonn. Bhí sé ain chur bun ós cionn lem shúipéar — béidir go
mbéadh tosnuithe agam ar an súipéar a dh'ithe, is béidir ná
béadh. Bhí sé a d'iarraidh me chur bun ós cionn ar mo
shúipéar — bhéadh tosnuithe again ar an súipéar sa chás so.



BUNAIGHIM — Bhunaigh sé fáth a theachta = chuir ar bun:
chrom sé ar a rá cad na thaobh gur tháinig sé. Bhunaigh sé an
cúrsa chun me chur suas = tharraig anuas. Bí lán-aireach
ar na bearta a bhunóchad duit = a chuirfead ar siúl: a
thosnóchad.



BUNA-BHRISTE, agus mar sin. Tá an capall buna-
bhriste = briste isteach cuíbhsach maith. Táim buna-chortha,
buna-dhíomhaoín, buna-réidh, buna-thuirseach = maith go leór.
Tá an siopadóir buna-bhriste = briste síos ceart go leór:
bocht. Tá an oidhche buna-chaithte = poll maith déanta ínti.
Nó, barra-bhriste, barra-chortha, barra-aon-ní:



BÚNDLACH — Thuit braon de shile na búndlaighe anuas ar


L. 72


mo cheann. Cloch bhúndlaighe = an chloch a bhíon díreach fén
mbúndlaigh i gcúinne an tíghe.



BUNÓC — Tá croicean na bunóice air = croicean an linbh
óig-deirtear le duine deigh-bheárrtha.



BUN-ÓS-CIONN — Cúrsa bun-ós-cionn a thug iad = neamh-
cheart. Ní h-é sin a dubhart, ach rud bun-ós-cionn ar fad
leis = a mhalairt ar fad. Dheinis bun-ós-cionn é. Thógas
an focal bun-ós-cionn uait = níor thógas, níor thuigeas, i
gceart uait é. Tá teine bhreá thíos agam; ach bun-os-
cionn le h-aon teine, bíon an seómra te = lasmuigh de
theine ar bith.



BUNRÚTA — Ní thuigim bun-rúta an scéil = bun-phréamh.



BUNÚS — Tá bunús ar an bhfear san = é bheith ciallmhar
staidéartha, éifeachtúil, fódúil: nó, láidir sa t-saol.
Níl aon bhunús uirthe chun éinní = níl aon mhaith uirthi, innti.
Ní bhfuighinn aon bhunús leis an ráfla san = ciall, bun,
úghdar.



BUNÚSÚIL — Fear bunúsúil = go mbíon fuaimint agus
éifeacht leis. Tig bunúsúil = maith, láidir. Tá sé bunúsúil
go maith chun na Gaoluinne = fódúil, fuaimintiúil.



BÚRACH — Ní dh'fhéadfaidís cor a chur dá mbúraigh ná
go dtabharfaí fé ndeara iad = aon chorruighe beag a dhéanamh.
Ní — ná go léighfí ortha = ná go mbéadh fhios cad a bhéadh ar
bun aca.



BURCACH — Tá an lá salach (slach) burcach — lá ceóigh, lá
báistí go mbéadh dríb is pluda ar gac éinní = salach.



BÚRDÁLAIM — Thugas búrdáil mhaith dhó = buala, brú —
leis an láimh nó le h-éinní. Fuair sé búrdáil throm ón
máistir leis an leabhar. Thug Seán búrdáil mhaith dá theangain
dom = búrdáil mhaith chainnte; buala is scríoba maith
leis an dteangain.



BÚRDÚN — N'fheaca riamh ach ag imeacht led bhúrdún


L. 73


thu agus an scéal ar do ghob agat = scéala. Lucht an bhúrdúin.
Tabharfaidh sé an búrdún so go dtí an tig úd thall. Tá sé
tagtha isteach ón mbaile mór agus tá cuid mhaith búrdúin
aige má tá sé fíor = núacht.



BÚRDÚNACH — Tá an páipéar ana-bhúrdúnach indiu =
ana-chuid nuachta air.



BÚRLUÍOCHT — Bhíodar ag búrluíocht le chéile = greim aca
ar dhá thaobh burlaigh (brollaigh) ar a chéile, nó ar dhá thaobh
bóna casóige a chéile, agus iad sall is anall a d'iarraidh a
chéile a leaga. Thugas ana-bhúrluíocht dó.



BÚS — Tá bús aige = glór árd garbh láidir. Tá bús ar
siúl aca so indiu: is dóch gur braon atá ólta aca. Leanan
breis búis oibreacha nua = glór mór láidir go mbíon fuaim
mhaith leis agus é i bhfad le cloisint (chloisfá i bhfad uait é).



BUSÓG — Tá busóga ar an bhfairrge = tonnuíocha beaga.
Bhéadh busóga ar loch ag scailp ghaoithe; nó dá scaoilfí cloch
isteach — bheidís ag gluaiseacht amach 'na mboghsíní.



C



CABHA — Tá ana-chabha isteach fén gcloich sin = tá sí ag
caitheamh amach go mór. Bhuaileas isteach fé chabha cloiche ón
mbáistigh = poll isteach fé chloch a bhíon ag caitheamh amach ós
do chionn. Nách éachtach an cabha atá ort, nó fút? — le sean-
duine a bhéadh cromtha crapaithe amach. Bhíos istig i lár an
chabhaidh (chabhaig).



CABHAIL — Rugas isteach tímpal na cabhlach air = corp.
Cóta na cabhlach = an cóitín a bhíon ar leanbh. Dé bheatha-sa
isteach chúgham, a chabhail na seana-mhuíntire, adéarfadh
Éireanach i dtír thar lear le h-Éireanach eile a bhuailfeadh
isteach chuige = a shíol na seana-mhuíntire atá i n-Éirin, a
tháinig rómham.



CABHAIR — Rug cabhair againn ar an mbó agus thairi-


L. 74


gíomair aníos as an bpoll í = roinnt mhaith, go leór.
Bainimíd cabhair as na seólta chun na fairrge a chur dínn.
Tháinig sé im chabhair. Ghlaodhas i gcabhair dom é. Bean
chabhartha, nó chabhrach = a thugan cabhair do mhná nuair a bhíon
bunóc ag teacht ar an saol aca. Bhí an sean-fhear ag
bacadáil leis agus maide na chabhair aige.



CABHALTAR — Tá cabhaltar sróna air = srón mhór fhada
amach ar nós cabhaltar an chéachta.



CABANTA — Nách cabanta an dorn beag fir é! = an
iomarca cainnte bheith aige: é bheith 'na chabaire.



CABHRUIGHIM — Tá blas cabhruithe ar an iasc mar dh'fhan
na putóga ó 'réir ann = blas pas beag láidir. Tá an
t-iasc, an fheóil, ag cabhrú cheal an t-salain = ag lobha rud
beag sa t-slí go mbíon blath cabhruithe láidir uaidh.
Cabhruighim = tugaim cabhair, leis. Cabhair leis, nó cabhruigh
leis.



CAC — Cac na gcaorach, na ngabhar. Ach, bualtaí bó nó
capall.



CACAMUS — Níl i Seán ach cacamus chun Gaoluinne =
duine, rud, gan mhaith. Níl aige ach cacamus Gaoluinne =
Gaoluinn gan deallramh. Is mór an cacamus é an síoda
buídhe ar Shiobhán agus an preabán ar a h-athair = cúrsa
gan deallramh. Tá ana-chacamus déanta agam agus
coróin breise a thabhairt ar leath-phaca plúir. Cacamus
cainnte = gan bhun: ná fuil ceart. Sé an cacamus don
mháistir bheith ag obair agus an buachail díomhaoín. Cacamus
mór féin seadh bheith ag bronna airgid ar Sheán Buidhe, agus
gan aon tuilleamh aige air. Cacamus fir = fear gan
tairbhe, gan chrí; breallsúnta. Cacamus imeartha = imirt
gan bheith go maith, ná cothrom. Cacamus leabhair = leabhar
gan bhonn. Níl sa scéal ach cacamus = scéal gan chuma, gan
chló. Cacamus críochnuithe oibre seadh bheith ag marú éisc
agus gan aon cheannach air = cúrsa breallsúnta.



CAD — Capall maith seadh é. Dhé! Cad é capall! = ní
miste é rá. Nách iongantach an coirce a bhí sa ghort san?


L. 75


Dhé! Cad é coirce! Bhí allagar maith tímpal na ceiste
sin. Dhé! Cad é allagar! = bhí, gan amhras.



CAIBIDEAL — Bíon dlí agus caibideal ar bun gach aon
lá aca = dlí: dáil chun ceisteana a réiteach.



CAIBÍN — Béal éisc. Tá an dubhán sa chaibín aige. Ar
a chaibín atá an fear san ag maireachtaint = ar a bhéal, le
n-a theangain.



CAIDÉIREACHT — Tá sé ag caidéireacht dó féinig ar
fuaid na h-áite = ag imeacht gan ghnó, gan chúram — fear,
cig, a bhíon ag imeacht ar aonach agus ar mharga agus mar
sin, gan aon chúram.



CAIDREAMH — Coidreamh: cuidreamh. Tá aithne agam
air ach níl aon choidreamh = an aithne a gheóbhfá ar dhuine ó
bheith ag cainnt leis agus 'na chuideachtain; nó fáth na
h-aithne, sin. Táim i gcoidreamh na Gaoluinne le fada
anois = na h-aithne, na treó, tímpal uirthi. Táim i gcoid-
reamh Mhuíntir Chonacht. Níl aithne ná coidreamh agam
ort. Níor dheineas aon choidreamh leis = cainnt nó cuileachta.
Ní h-éinne dem choidreamh tusa go bhfios dom. Níor
chuireas aon choidreamh air, bíodh go raibh sé sa tig = aithne
den t-saghas so thuas.



CAIDRÍGHIM — Níor choidrígheas é = níor chuireas coidreamh
air: níor dheineas coidreamh leis.



CAIDREAMHACH — Coidríach. Coidríach maith seadh é =
fear go mbéadh coidreamh air: nó go mbéadh coidreamh is
cuileachta ann.



CAIDHTE — Téighmís ag imirt caidhtí = leaca tímpealacha,
leithead béil scála ionnta go minic. Cuirtear spriuc na
seasamh agus bítear ag caitheamh na gcaidhtí ar an spric ar
nós na gcnaipí nó na bpinginí. Caidhte aráin = blúire
leathan tímpealach. Bíon an tímpal i gcómhnuí ag an
gcaidhte bíodh go mbéadh sé méiscreach féin.



CAIDHTE — Tabhair leat caidhte aráin má théighir ar an
bhfairrge = blúire maith cruinn.



CAIGHDEÁN — Nó caidhdeán = faid dhá mhogal de líon =


L. 76


marc, tomhas, comhartha. Indiu lá an chaighdeáin ag Dáil
Éirean = an marc-lá, an sprioc-lá, an lá ar a raibh
ceapaithe aca teacht le chéile. Níl aon chaighdeán fós leis
an lá go bhfuighmíd cúntas = marc, níl aon rud a déarfadh
linn cad é an lá. Tá caighdeán eile le cruinniú na n-Óglaoch
= téarma, tomhas.



CÁIL — Tá cáil mhaith air chun Gaoluinne = ainm mhaith.



CAILC — Chuaidh sé thar cailc leis an mbia, leis an scéal,
le h-éinní = thar ceart: ró-fhada. Nó, chuaidh sé thar cailc air =
thar teórain. Tá dhá phúnt ar feidhre bróg thar cailc ar
fad. Tán tu ag imeacht thar cailc ar fad leis an
salachar cainnte sin.



CÁILÍOCHT — Is maith an t-oibrídhe an luch 'na cháilíocht
féin = don neart atá ann. Táid go maith 'na gcáilíocht féin
= dréir an cothrom atá aca: dréir a n-aois, agus mar
sin. Táim níos fearr chun oibre ná tusa, ach mar sin féin
tá'n tusa níos fearr ná mise id cháilíocht féin = agus an
cothrom, an seans, atá fachta agat. Bhí anairt ar na báid
na gcáilíocht féin = dréir a dtoirt go léor ortha go léir.



CÁILIÚIL — Níl na prátaí ach cáiliúil againn = nílid ach
cuíbhsach, cuíbhsach go maith, gan bheith le lochtú. Conus tá'n
tu? Cáiliúil.



CAILLEACH — Práta a bhéadh ag féachaint ceart go leór
ar an dtaobh amuigh, ach nuair a beireófaí é, bhéadh sé glas
agus lán d'uisce: nó, práta a bhéadh casta suas ann féin.



CAILLIM — Tá na prátaí ag cailliúint = ag cailliúint
na ngas, nó ag dul siar. Tá na gais ag cailliúint ar na
prátaí = ag tuitim. Nuair a bhíon an práta ag cur amach
bíon an croidhe á chailliúint aige = ag imeacht. Táim ag
cailliúint ar na cártaí le seachtain = ag cailliúint airgid
leó. Nílim caillte puínn, puínn caillte, leó fós = siar,
chun deire. Fuaireas caillte ar an mbóthar é. Cailleadh
mórán airgid leis — le buachaill a thug téarma i gcoláiste,
cig: ag ceannach bróg dhó: éinní mar sin. Chaill Seán
púnt orm = púnt dem chuid airgid.


L. 77


CÁIM — Tá sé déanta gan cháim agat = gan locht.



CÁINIM — Níl an clog chun cáinte = ní ceart é cháine; tá
sé go maith. Ní ceart aon cháine a dhéanamh air.



CAINNCÍN — Bíon cainncín amach ar mhuic, ar mhadra,
ar dhuine = srón. Tá cainncín maith sróna air. Tá coimeád
na spéaclaí go maith ínti. Tá mo chainncín stopaithe.
Mise fear an ghrínn, gan chainncín = gan ghruaim. Deirtear
go mbíon cainncín ar an t-é go mbíon turmus nó mí-shásamh
air.



CAINNT — Chuir sé cainnt chúgham = labhair chúgham. Bhí
rínnce go leór ann indé. Ná bí ag cainnt air = bhí, gan
amhras. Bhíos ag rá cainnte. Tá cainnteana deasa aige
= slite deasa chun cainnt a dhéanamh. Tá gach cainnt aca
againn = gach abairt.



CÁINSEÓIREACHT — Bhí sé ag cáinseóireacht ar mo bhróga
= á gcáine: ag fáil lochta ortha. Cáinseóireacht = cáine
coitíonta, nó mór-chuid de.



CAIPÍN — Má oirean an caipín duit tóg é, ach nílim á
chur ort = má oirean an chainnt, an cúrsa. Caipín dubh a
chur ar fhocal = é dh'análú ar pháipéar.



CAIRB — Tá an chairb uachtarach go léir imithe uaim = na
fiacla uachtaracha. Tá an chairb go léir aige fós = na
fiacla go léir. Tá cairb mhaith aige = fiacla maithe, láidre,
gan mhaisle gan mháchail, agus iad tiubh ar a chéile, coitíonta.



CÁIRDE — Bhíos ag tógaint uaidh ar cáirde. Thugas
milseáin do sna rudaí beaga, agus is beag an cháirde a
gheóbhaidh siad uatha = beatha, ní fada go mbeidh siad imithe
siar aca. Is beag an cháirde eile a thabharfaidh sé dhom =
beagán den lá fada.



CÁIRDEAS — Cáirdeas Chríost dom seadh é = sheasaimh sé
liom mar athair báistí. Mar a chéile don mháthair báistí.



CÁIRÉIS — Bhí ana-cháiréis aige ar a chuid éadaigh, tímpal a


L. 78


chuid éadaigh = bhí sé ana-aireach — gan leigint d'éinní cimilt
leó, ach iad a bheith go deas.



CÁIRÉISEACH — Táim ana-cháiréiseach ar mo sheómra;
i dtaobh, nó tímpal, mo sheómra = ag tabhairt ana-aire chun
choimeád glan agus go deas. Fear ana-cháiréiseach é
sin = cruínn, cúramach: níor mhaith leis éinní bheith ag imeacht
bun ós cionn. Tá an buachaill so ana-cháiréiseach tímpal
a chuid scríobhnóireachta, ach níl ar an nGaoluinn féin. Ní
leogfadh fear na cáiréise dhó féin dul i gconntabhairt
(cúntúirt) slaghdáin, cig.



CAIRT — Tá an chairt roimis an gcapall agat = an cúrsa
bun-ós-cionn.



CAISLEÁN — Tá na caisleáin ar an spéir indiu (= sca-
maill mhora bhána reamhra), agus táid lán de dhroch-
mhianach.



CAISLIÚIREACHT — Béidir go gcuirfinn ag caisliúireacht
thu muna n-éistir = ag píopáil, ag gol, ag pusuíol ghuil.
An duine a bhíon amhlaidh bíon glór á dhéanamh aige. Nó,
ag caisliúirigh.



CAITHIM — Is leis an bhfairrge is mó a caithtear an focal
san = a cuirtear á úsáid: a deirtear. Is minic a chaitheas
an focal san = a labhras. Caith suas na cártaí, agus
téighmís abhaile = cuir uait iad. Chaitheas suas an post =
d'eirígheas as. Tá an tairnge caithte agam = curtha isteach
san adhmad chó fada is a raghaidh sé. Bhí fógra ar an bhfalla
ach chaitheas anuas é = thógas anuas, stracas anuas. Tá
na bróga ag caitheamh go maith = caitheamh maith á thabhairt
uatha aca. Tá an lá ag caitheamh go maith = ag fanacht breá.
Tá'n tu ag caitheamh go breá, agus an obair go léir atá
á dhéanamh agat = an cló agus an fuinneamh á gcoimeád agat.
Bhí na daoine á gcaitheamh ar a chéile, nó á luadhachtaint le
n-a chéile = á gceapa do n-a chéile: á rá go bpósfaidís a
chéile (beirt a bhí mór le chéile). Níl aon chaitheamh ar na
cosa = ní féidir iad do chaitheamh. Cad tá uait — ó leanbh?
Caitheamh i n-áirde = é chaitheamh i n-áirde leis an dá láimh.
Caith uait an focal san = cuir uait. Níl aon chaitheamh sa
tsaol orm ach déanamh mar is mian liom = cúram. Bhí gach


L. 79


ní ag dul im choinnibh, agus mar sin do chaitheas an saol i
n-áirde liom féinig = d'eirígheas as: chaitheas oibreacha
agus cúram uaim agus thógas breá bog é. Is féidir liom
inní a chaitheamh suas liom féinig ar an slí chéadna. Bhí na
h-éadaí seo ar caitheamh cheana = á gcaitheamh. Caith suas do
bhille = dein suas, áirigh suas — le fear siopa. Ní fearr
bheith ag caitheamh cainnte ar an gceist = ag déanamh, ag
cailliúint. Muna dtugan na bróga so caitheamh maith uatha
cas liom é = triail mhaith. Bhíomair ag cainnt i gcaitheamh an
bhóthair, na h-aimsire, agus mar sin. Níl aige ach fáil agus
caitheamh = ón láimh go dtí an mbéal. Caitheamh i n-áirde
uait; do chaitheamh uait; do chaitheamh i n-áirde uait — ag
an t-é is giorra don spriuc a bhíon an caitheamh i n-áirde;
agus muna ndeinean sé sa cheart é, deirtear mar seo
thuas leis. Ní bhíon aon fheidhm sa chaitheamh san ansan.
Bille a chaitheamh suas = a chur amach. Nuair a bheidh tu ag
déanamh suas an airgid, caith amach na feóirlingí. Fág
amach iad = ná cuir isteach i n-aochor iad. Bhí na bradáin á
gcaitheamh féin = ag léime amach as an uisce. Bhí na faoilinn
á gcaitheamh féin — ceann ar aghaidh isteach san uisce Táim
ag caitheamh an phúint suas ort = á bhronna, á bhronna suas,
ort; á thabhairt suas duit. Níl aon chaitheamh sa t-saol
orm = níl éinne i mbun aon chúram a bhaint asam: níl aon
mháistríocht ag éinne orm: mise héin mo mháistir héin.



CAITHIM — Tá an bád á chátha ó dheas = á shéide: á chomáint.
Tá sí cáite ó dheas ag an ngaoith. Cáithfidh sé báisteach nó
sneachta ar ball. Tá sé ag cátha bháistí go tiubh = ag cur.
Nílim cáite fós = níl mo mhaitheas imithe — fear go raibh
cnagaire thiar aige adubhairt. Nó, déarfadh fear riartha
bídh nó díghe é, nuair ná béadh deire amuigh aige. Níl mo
chuid Gaoluinne cáite fós = briollach ná caillte agam. Tá
an long cáite chun na fairrge = scuabta.



CÁITINIÚIL — Is cáitiniúil an rud beag í = so-cháite:
leóchailleach, deóchailleach: rud gur fuirist é ghortú,
díobháil a dhéanamh dó. Is cáitiniúil an duine é mar go
n-iompóch an goile air ar bheagán cúise. Nílim cáite fós, ach
táim ag dul i gcáitiniúlacht.



CAITHIS — Tá cion agus caithis agam ort = cion, gradam.
Tá caithis agam duit. Bhíodar lán de chion agus de chaithis air.


L. 80


CAITHISEACH — Bhí an uain go caithiseach = go h-aoibhin.
Dheinis go caithiseach é = go breá, go binn.



CÁITHNE — Níl oiread is cáithne agam = an blúire is
lúgha. No, oiread an cháithne.



CÁITHNEÓG — Tá cáithneóg mhaith ime againn indiu = blúire
deas: cnapóg reamhar. Cuir chúgham cáithneóigín ime =
blúire cuíbhsach.



CÁITHNÍN — Tá cáithnín fém shúil = blúire ana-bheag de
rud éigint. Cáithnín tobac — ní h-aon ailp é. Ní raibh
againn ach oiread na frí de cháithnín beag ime = blúire beag
beag.



CÁL — Níl aon chál agam chuige = ceart: níl aon éileamh
agam air.



CALL — Níl aon chall agat le n-a thuille Gaoluinne
d'fhoghluim = gádh.



CALLAIRE — duine a labhran nó a ghlaodhan amach go
h-árd. Tá do bhean ag callaireacht ort isteach chun an
dínnéir. Thabharfadh an callaire ana-scóla teangan duit.
Callaire seadh fear fógartha; fear an chluigín. Callaire
mná ná fágfadh thíos ná thuas ort é.



CALMA — Lá ciúin calma = ana-chiúin; bíon mar a bhéadh
plána gloine ar an bhfairrge.



CALLSHAOTH — Callaoth. Faightear callaoth ón iascach ar
an bhfairrge sa ngeimhre = duadh mór. Is mór an callaoth
atá fachta agam ó bheith ag imeacht tríd an áit anacrach so.
An mháthair a chuir sa challaoth í. Obair challaoch seadh scríobha
an leabhair seo = leanan call-aoth é scríobha.



CAM — Tá an focal san cam agat = mí-cheart. Níl sa
bhfear san ach an cam = níl ann ach lúbaire: níl aon bhlúire
de díreach.



CAMA-ADHMAD — Níl am ach cama-adhmad = adhmad cam,


L. 81


cnapach, casta. Cama-iaran, leis: cama-chainnt: cama-
leathscéal, agus mar sin díobh.



CAMA-CHOSACH — Ar an “ach” a bhíon béim an ghutha.



CAMA-CHUAIRD — Bhuaileas isteach ar mo chama-chuaird
= cuaird ná bíon díreach isteach i n-áit. Bhíos ar mo chama-
chuaird tímpal an tíghe. Bhuaileas soir an bóthar ar mo
chama-chuaird = gan aon chúram orm: ní rabhas ag gluaiseacht
fé dhéin aon áit ar leithilig, ach pé ball 'na dtabharfadh mo
thoil nó mo chosa me. Chuas síos go Luimneach ag déanamh
cúraim, agus toisc tig Sheáin bheith le h-ais an bhóthair, do
bhuaileas isteach ann ar mo chama-chuaird.



CAMADUÍOL — Cuir uait do chuid camaduíola — nuair
a bhéadh duine a d'iarraidh blas na fírine do chur ar scéal
bréagach; a d'iarraidh dallamalóg do chur ar dhuine: é
dhalla. Camaduíol chainnte is éithigh — nuair a bhéadh scéal,
nó scéala, cam ag duine. Cuir uait do chuid camaduíola.
Ní chreidfinn thu.



CAMAGHAOTH — Tá camaghaoth anso = gaoth ná bíon ag
séide díreach.



CAMARUATHAR — Feic camachuaird. Ghaibh, tháinig, an
bás ar a chamaruathar, agus sciob sé uaim mo bhean = ruathar
ná bíon díreach ach mar seo is mar siúd. Bhuaileas isteach
ar mo chamaruathar chúcha = go tapaidh, agus gan choinne
Ní h-aon teacht socaránta é.



CAMÓTHAN — Gaoth a bhíon ag casa tímpal. Tá na
duilleóga ag rínce tímpal aige sna camóthain.



CÁMUS — Ní féidir liom aon chámus a dh'fháilt ar do
shláinte = aon locht: aon áit lag. Ní h-aon chámus ort é
sin.



CÁMUSACH — Duine cámusach = duine a bhíon ag fáilt
lochta ar dhaoine, nó ar rudaí.



CAN — Tá can ag teacht aníos as an adhmad ag an dtráthar.


L. 82


Tá mála agam chun an chana a thabhairt liom. Bíon can
beag bán i ngruaig na ndaoine, uaireanta. Sail chnis, leis,
a tugtar air sin, agus go mór mór ar an salachar dubh a bhíon,
uaireanta, ar cheann linbh.



CANNCAR — Bhí sé ag déanamh canncair orm = ag cur
uilc, feirge, orm: am chur suas. Dheineas é mar channcar
ort = mar chrá ort. Cúrsa canncarach seadh é = a chuirfeadh
canncar ort. Chuir sé ana-channcar orm nuair a chailleas
mo phíp bhreá = crostacht.



CANNRÁN — Nuair a thánadar abhaile ón aonach bhí cannrán
ortha i dtaobh an cheannuighthóra.



CANNTA — Cannta feóla, ime, cáise, cloiche, aráin,
adhmaid, páipéir, pheann luadha = ailp mhaith, smut maith.



CANNTÁLAIM — Bhíodar ag canntáil na n-earraí ar a
chéile ag an gceaint = ag árdú a n-airgid ar a chéile: ag
cur na bhfiacha suas. Fanaimís sa t-seómra so, ar níl
inne á channtáil orainn = a d'iarraidh é dh'fháilt uainn. Bhí
ana-channtáil ar an dtroscán. Bhíodar ag canntáil na
mná ar a chéile = beirt a bhí ag éileamh na mná le pósa.



CANNTÁLUIDHE — Duine a dheinean rudaí a channtáil ar
dhaoine eile.



CANNTRÁTH — Bhí an channtráth ann = tráthnóna déanach.
Bíon cuma na h-oidhche ag teacht.



CANTA — Scríobhan tu an Ghaoluinn go canta agus go
néata — go deas, go gleóite. Tá na bróga go canta agat
= go deas agus oiriúnach glan. Tá cainnt chanta agat =
ghreanta. Labhran tu go canta agus go greanta. Is
canta an cailín í = córach.



CANÚIN — Abair an scéal fé mar a chualaís é, agus ná
cuir aon chanúin air. Cuireadh mórán canúiní ar an scéal.
Is féidir canúiní a chur ar dhuine, leis = cur leis an bhfírine
na thaobh.



CANÚINT — Canúin. Tá canúint na gCláiríneach ar do
chainnt = blas: slí chainnte.



CAOBACH — Éan mór neamh-slachtmhar í sin. Mar sin


L. 83


caobach mná = bean mhór ghéagach, agus í trom dall ínti féin,
coitíanta.



CAOCH — Chífin caoch thu sar a dtabharfainn duit é. Is
deacair teacht ar an dtaobh caoch díom = me mhealla, dhalla.



CAOCHAIM — Oiread is a chaochfadh do shúil = rud ana-bheag.



CAOCH-BHEARNA — Beárna ná feictear, a bhíon i bhfolach.



CAOCH-RUA — Tagan an caoch-rua ar phrátaí agus ar
choirce = péistín a dh'ithean na préamhacha thíos agus ruadhan
an t-uachtar thuas.



CAOCH-SHRÓNUÍ — Duine a labhran tré n-a shróin. Bhéadh
caoch-shrón ar dhuine dá mbéadh sé ag labhairt anuas tré n-a
shróin.



CAOL — Tá an long caol chun tosaigh = 'na tosach: tá soc
uirthi. Tá cainnt chaol thapaidh aige = gan bheith leathan, bog.
Caithfidh tu tarac caol ar an arán = é spáráilt. Ach, tá
sé flúirseach, agus is féidir leat tarac air. D'fhéachas
caol air = cruínn, beacht: ní raibh an radharc leathta amach
agam.



CAOLADÁN — Caoladán fir, mná, stáca, coca, con =
fada, tanuí; nó duine nó ainmhí go mbéadh cnámha móra
aige agus é lom. Caoladán mná = slataire tanuí mná.



CAOLÁN — Caolán cuit.



CAOL-CHUID — Má tá deifríocht idir an dá fhocal sé an
chaol-chuid é = rud nách mór.



CAOLUIGHIM — Ní bhéinn ag caolú mo radhairc leis an
leabhar san = ag lagú, ag baint an t-soluis asta. Caithfidh
tu do radharc do chaolú ar an leabhar san chun é léigheamh =
do chruinniú isteach. Tá caolú na sean-aoise ag breith
orm = an t-sean-aois bheith ag bailiú isteach chun a dheire
orm. Tá caolú na h-oidhche ag breith isteach orainn =
claochnú, (claochló). Caolú na h-oibre = nuair a bhíon sí
gairid do bheith críochnuithe Nuair a bhíon an radharc ag
caolú bíon sé ag cailliúint an t-solais.


L. 84


CAONTHAIDHE — Bhí sé 'na chaonthuí aonair = gan éinne na
theannta i n-aon chor.



CAOR — Tá an tig i n'aon chaor amháin = é go léir fé bhár
lasrach. Tá Seán i n'aon chaor amháin = lasta suas i n'aghaidh.



CAOTHÚLACHT — Raghad má bhíon aon chaothúlacht agam
air, nó chuige = aga, am oiriúnach: má thagan sé isteach
lem chaothúlacht.



CAPAL — Chuirfeadh sé capal ó choirce bheith ag éisteacht
leis — rud gur deacair é dhéanamh, toisc go mbíon ana-dhúil
ag an gcapal sa choirce. Déarfá é sin le scéal gan
deárthamh.



CARÁISTE — Bhí údarás aige agus caráiste mhaith =
neamh-thámáilteacht: gan bheith náireach maol. Ní bhéadh an
duine glas uirthi a raghad i n-áirde ar árdán chun óráid a
thabhairt uaidh. Tá caráiste mo dhóthin agam chun é dhéanamh.
Dhíolas na ba ar an aonach agus fuaireas coróin chráiste
an bhó = fuaireas an méid sin an bhó thar n-ais ón gcean-
nuithóir. Cé mhéid cráiste a fuairis as na ba? Thug sé
an méid sin coráiste dhom. Fuair sé scilling an tunna ar
an ngual a thabhairt isteach anso. Corráiste é sin leis.



CARÁISTIÚIL — Is caráistiúil an rud beag é. Raghadh
sé corp ar aghaidh pé áit go mbéadh sé ag dul. Ní bhéadh
náire air: ach bhéadh ionntaoibh aige as féinig.



CARBAD — Carbhat. Tá mo charbhat teinn.



CÁRDÁLAIM — Fuaireas ana-chárdáil uaithi = ana-chlipe
teangan: ana-shocrú.



CAR-LÍNE — Scuab amach an char-líne = an leac a bhíon
ar an dtaobh amuigh de dhoras, uaireasta. Ar an gcarlíne.



CÁRNÁN — Tá sé ag cárnán (cárthnán) airgid = ag bailiú
go tiubh: ag cur thairis go tiubh.



CARRA — Tá carra mhór ar na prátaí i mbliana =


L. 85


screamh agus croicean garbh. Nó, dá mbéadh rian tarraidh
ar mo lámha bhéadh carra ortha. Carraí, leis.



CARRAIG — Carraig céille seadh é = carraig ar chéill;
ciall ar fad.



CÁRTAÍ — Tá cómhacht mhaith ag an aon. Fáinne óir ort
— deirtear nuair a iompuighean duine an t-aon, nó nuair a
bhuadhan sé an cluiche (clotha), nó aon ghníomh maith a dhéanamh.
Bíon an t-aon hart i n'fhear i gcomhnuí = láidir. Bann-
ríoghan an mhá, rí an mhá, agus mar sin. Scúbhaigh amach iad =
roinn amach iad go tapaidh. Táim á scúbha liom ar mo
dhícheal. Cad tá 'na mhá? Cad tá ar ceann: ar ceann
cártaí = ar barra, iompuithe. Cad é an dath atá ar ceann?
Roinn amach iad. Pac, nó pacáil, iad. Bain díobh, nó
geárr díobh. Táim i lúib an daithid mar ar chaill an sagart
a chlóca-áit chontabharthach (cúntúrthach) go minic. Dein
amach iadh = roinn amach. Caith isteach fé thóin cártaí é =
isteach fén bpaca. Scuab sé leis a raib de chártaí ar
fóghnamh ar imirt. Níl an cíonáth istig an bobhta so =
níl ar imirt. Do lámh suas, a mhic ó: níor thugais an
dath = tá'n tu as an imirt mar níor imríghis cárta den
dath a bí tugtha nuair ba cheart duit é. Tá mo lámh thuas.
Cuireadh mo lámh siar. Tá mo lámh thiar = thuas. Níor
cheart an cárta san do choimeád ón má = ba cheart é dh'imirt
anuas ar an má. Choimeádais ón chárta-sa. An cíonath
muilleat, hart, spéirtheat, triuch. An cuireata hart,
agus mar sin de. Tá spéirtheataí, muilleataí, hartana,
triuthana, ar ceann.



CARTA — Is gairid (geairid) anois mo charta (théarma)
ar an oileán, agus ana-ghairid féin.



CARÚL — Níor chuala riamh an carúl san san abairt sin
= focal.



CÁS — Ní cás duit imeacht anois = is féidir leat: ní
baol duit. Ar dheinis é? Níor dheineas, ná níor chás dom
= go deimhin níor dheineas. Bhí mórán cáiseana sa chúirt
indiu. Ní cás a rá ná gurab ait é an duine = ní miste.
Níor chás liom rud a déanfaí liom ná me chaitheamh amach sa


L. 86


bhfairge bhíos chó breóite san = níorbh fhearr liom rud do
(de), ná me chaitheamh amach. Táim i ngalar na gcás = i
bhfíor-chruadh-chás. Ní cás tu leigint amach tá'n tu chó
h-aibidh sin. Cás fir mhaith é sin = is minic a thárla d'fhear
maith. Níor dhein sé é — níor chás dó = ní dh'fhéadfadh sé
é: nó, go deimhin níor dhein. Bhéadh cás ana-chruaidh orm sar
a labharfainn aon Bhéarla. Ní cás duit an braon, nó an
mhéar, do leigint anois. Ní cás leat go n-íosfadh an t-asal
an féar = is cuma leat.



CASAIM — Go gcasa dia an t-sláinte, an rath, an chainnt,
inní ort = go dtuga thar n-ais duit é. Sin iad na daoine
go bhfuil ár gcroidhe casta ionnta = go bhfuil lánchion
againn ortha. Cas, cas leat — le duine a bhéadh ag casa
súgáin. Chas sé an polla; nó, ar an bpolla = d'imigh
tímpal an pholla — i rás. Chuireas síos i bpoll é, agus cas
liom é má thagan sé aníos. Thugas casa súl air féachaint
cad a bhí sa t-siúl aige = casa breá bog tímpal. Níor
bhaineas as an mbuidéal ach casa díghe = deoch bheag. As so
amach beidh an lá ag casa agus an oidhche ag dul i bhfaid = ag
dul i ngiorracht. Bhí sé breóite agus níl casa, an casa,
fachta aige fós; nó, aige fós = níl sé stadaithe de bheith ag
dul i n-olcas. Bhí sé ag casa cailíní liom = á rá go mbím
mór leó, agus mar sin. Tá an fear san lán de chastuíocha =
de lúbaireacht. Tá a chroidhe is a aigne casta istig sa
nGaoluinn. Tá Seán casta ar mo mhéir agam = é bheith chó
mór san tugtha ar mo thaobh agam, fém chómhacht go ndeinfidh
sé éinní dhom. Práta casta = an croicean bheith crapaithe
air.



CÁSAIM — Bhí sé ag cásamh, nó cáiseamh, a bhochtaineacht
agus a anacairí (aindeisí) = ag déanamh cur-síos brónach 'na
dtaobh.



CASÁN — Ní féidir na focla san do chur ag obair ar aon
chasán amháin = ar aon tslí amháin, nó cuma. Conus tá'n
tu? An casán agus an bóthar céadna i gcómhnuí = an
t-imeacht céadna; an scéal céadna go deó deó.



CÁSCAÍ — Ní h-iad so na cáscaí céadna a bhí riamh ann i
dtaobh earraí, mar tá gach uile rud eirithe = cáiseana. Ní


L. 87


h-iad na cáscaí céadna age iascairí iad mar chaitheadar
stop suas den iascaireacht = ní hé an scéal céadna aca é.



CASTAIG — Cuir cor castaig sa chórda = casa. Béidir
go gcuirfinn cor castaig id scrugal muna n-éistir. Bhí sé
ag cur castaig sa chórda.



CASTUÍOCHT — Bhí na buachaillí ag castuíocht le chéile = ag
cor, ag iomrascáil. Ná deinidh aon mhíchothrom ar a chéile.
Tugaidh ceart dá chéile — i gcastuíocht. Tar éis castuíocht
agus annró na h-oidhche bhíos cáite amach = bheith ag imeacht
soir siar, anonn is anall, agus suatha a dh'fháil.



CAT — Chuirfeadh sé na cait féin ag gáirí — scéal nó
cúrsa áiféiseach. Leig sé an cat as an mála orm = scéidh
sé rún orm. Thug sé cat-súil (cassúil) orm = féachaint
thapaidh.



CÁTHACH — Fairrge cháthach = an t-sáile a bhíon cáite aníos
ag an ngaoith: nó, ag an mbrise ar na failltreacha.



CÁTHAIM — Cáth ó chéile iad = cuir-focla, cuir i gcás,
i n-abairt. Sé an slisne an clúdach a bhíon díreach lasmuich
de bhia an choirce. Bíon an cáth ar an dtaobh amuigh de sin
arís. Táim cáite ag an saol, ag an dtart, ag éinní =
caithte amach, tráighte.



CATHATHACH — Cathuightheach. Scéal cathathach go maith a bhí
aca i gCorcaig nuair a marbhuigheadh an méire = scéal a
chuirfeadh cathú ort agus brón.



CEAD — Tá cead cosináirde againn = cead gan cheangal.
Chuireas an cúrsa 'na chead = 'na chómhairle i gcead duit;
nó, i bhfíorchead duit — nuair a déarfaí rud éigint ná béadh
ró-ghalánta. Trom cead cainnte. Tá cead uilc agus
maitheasa aige = cead gach éinní. Chuadar á chur 'na chead
an raghaidís nó ná raghaidís.



CÉAD — Deirean an fear san céad rud = is minic ná
bíon sé dáríribh ná fíor. Cheannuigheas céad salainn = ocht
gclocha. Lucht na gcéadta = an airgid mhóir. Bhí luach na


L. 88


gcéadta d'iasc ann aréir. Tógan sé ocht gcéad chun acra
Gaelach a dhéanamh. Céad = tómhas talún.



CEADAITHEACH — Nó, ceadaithe. Bhí sé ceadaitheach ages
gach éinne dul ann = bhí san de chead aca. Níor cheadaitheach
dom é dhéanamh ar rud maith = rud maith a dhíolfadh me as:
ar rud maith a cheadóinn é dhéanamh.



CÉADAOIN — Céadaoin an Bhraith. Lár na Céadaoineach.



CÉADNA — Tá a leithéid céadna de leabhar agam =
leabhar díreach mar é.



CEAINT — Chuireas na h-éarraí ar ceaint, nó ar an
gceaint. Cheannuigheas an leabhar ar an gceaint. Bhí ana-
cheaint ar an dtroscán = ana-éileamh air sa cheaint.



CEAINTEÁLAIM — Cheainteáil sé na h-earraí = an
reiceadóir nó an duine gur leis iad. Táid ceainteáltha.
Ach, bhí na daoine a bhí ar an gceaint ag canntáil ar a chéile
= ag canntáil na n-earraí. Tá an áit le ceainteáil.



CEAIST — Cnapán mór cloiche le caitheamh. Bhíodar ag
caitheamh ceaiste. Torm an cheaist.



CEAL — Tá so i bhfad ar ceal uaim = ar iarraidh. D'imigh
ceal na teine orainn = easba. Tá sé as baile ach ní leigfar
a chúram ar ceal = i léig, ar léig, siar is aniar, gan é
thabhairt chun críche, ar lár. Táimíd chó maith as dá cheal;
nó, á cheal = gan é. Ní maith liom bheith anso id cheal = gan
tu. Níl aon mhaith ionat, agus tá'n tu agam de cheal nách
féidir liom fear is feárr ná tu dh'fháilt. Táim díomhaoín
cheal (de cheal) speile = mar gheall ar easba speile. Níl aon
cheal orainn = níl ceal éinní orainn. Ní rabhas ann cheal
feasa = tré easba feasa. Muna bhfuil an obair críochnuithe
aige ní ceal díchil a bhí air = dhein sé a dhícheal. Tré cheal
tuisciona a dheineas é = toisc gan an cúrsa a thuiscint.



CÉALACAN — Bhíos ar céalacan, ar mo chéalacan, im
chéalacan = níor itheas ná níor ólas éinní ó n-a dódhéag an
oidhche roimis sin. Ní bristear seile an chéalacain go


L. 89


gcuirtear rud éigint siar. Is maith an leigheas é dh'ithe
fuar ar céalacan. Tóg ar maidin ar céalacan é. Tá
sé, táid, i bpeictiúir an chéalacain = ana-chuma ocrais a
bheith ort.



CEALGACH — Is cealgach an bóthar é — nuair a bhéadh, cig,
clocha geárrtha briste air. Obair chealgach chruaidh seadh an
t-iascach = annródhach.



CEALGÁN — Chuaid sé ar chealgán a dhá ghlún = ar a dhá
glúin nochtaithe.



CEALGÁNTA — Is cruaidh cealgánta an bóthar, talamh,
úrlár, bórd, duine, é = ana-chruaidh. Úrlár tátháin: bóthar
sa triomach. Fear cruaidh cealgánta = cruaidh, láidir,
anamúil.



CHEANA — Anso dhuit cheana! Bhfuil ocras ort? Ta,
cheana = go deimhin. Cathain a bhís chun faoísdine? An
trus cheana = an trus go raibh faoisdine á éisteacht cheana.



CEANABHÁN — Rud a bhíon ag fás ar phortach agus bláth
bán mín bog air.



CEANAN — Sé an fear ceanan céadna go deó deó é =
an fear céadna céadna.



CEANGAL — Na ceanglacha a bhíon fé bheithíoch. Cornasc —
ón gceann go dtí an chos tosaig. Laincide — ó chois tosaigh
go cois deire. Urchal nó ruchal — ó chois tosaigh go cois
tosaigh. Búrach — ó chois deire go cois deire (fé bhó nuair
a bítear á crú).



CEANGALTÁN — Beart. Nó, an stropa leathair, cig,
a cheanglóch mála.



CEANGLAIM — Tá sé, nó chuaidh sé, ceangailte isteach
sa Ghaoluinn. Cheangail an teanga na bhéal nuair a chualaidh
sé an chainnt — le h-iongna nó le h-úathbhás (úafás). Cean-
glófaí duine b'fhearr ciall ná thu. Dá ndéarfainn é
bhéadh an baile go léir ceangailte ionam = greim aca orm.


L. 90


Tu cheangal sa bhothán — deirtear le duine a bhíon ag
bóthaireóireacht agus go mba cheart é cheangal chun é
choimeád istig.



CEANN — Má thóg sé isteach 'na cheann é dhéanamh déan
faidh sé é = má chuir sé na cheann. Fuair sé an ceann do
b'fhearr orm sa chúrsa = an fear maith, an lámh uachtair.
Ní fada is ceann ar tír me = ní fada a mhairfead. Níl aon
cheann ar Sheán = níl aon íntin aige. Tá mo cheann, tá an
ceann, agam ort ar aoirde = táim ceann níos aoirde ná
thu; nó, mo cheann. Bíon dhá cheann ar an scéal. Bíon
dá cheann ar an maga — ceann an t-é a dheinean maga agus
ceann an t-é ar a ndeintear an maga. Is minic a tháinig
na crosa as. Tá a dhá cheann i dtalamh (le fear ná téighean
aon laga air ach ag obair, a bhíon mór-ghnóthach) = a chosa is a
cheann is a lámha. Ní thabharfainn órlach dá cheann dó = dá
shlí féin. Caitheadh é idir ('dir) cheann is chosa isteac sa pholl.
Tá eagla mo chinn orm = mo mharuithe. Ní mór an dul chun
cinn a dheineas riamh sa Ghaoluinn. Tá an clog ag imeacht chun
cinn = ró-thapaidh. Chuir sé, sháidh sé, a cheann isteach sa
chainnt. Thógas ana-cheann do (de) = chuireas ana-shuím ann:
dheineas ana-naith de. Chuala an focal ach ní cuimhin liom é,
mar nár thógas aon cheann do. Tháinig mo chainnt chun cinn
= fíor. Téir ar cheann na buidhne = ar thosach: i dtosach
leat: ar thosach leat: chun tosaigh leat: ar tosach: go
tosach. Tá sé as a cheann = as a mheabhair. Ceann maith
capaill seadh é: nó ceann maith dá chapall, dá bhean,
d'éinní = tugan aire dhóibh. Droch-cheann dá bhean seadh
an fear a bhíon ag imeacht ar meisce, nó díomhaoín, nó a
thugan droch-úsáid di. Ceann ar tír seadh me istig im thig
féin = máistir. Ceann ar tír seadh uachtarán Shaor-Stát
na h-Éirean.



CEANNRÓDUÍDHE — Sé mo chapall-sa an ceannróduí ar
pháirc an aonaigh = an capall is fearr: cíonáth na gcapall:
ceann na gcapall. Sé an pápa ceannróduí na h-eaglaise
= ceann, uachtarán.



CEANNSÍOS — Chuir sé ana-cheann-síos orm = náire.



CEANNTAR — Tá an bád-tobair ar na ceanntair =


L. 91


tímpal na h-áite. Bád-tobair seadh bád a choimeádan
sáile istig ínti féin. Níor tháinig sí ar an gceanntar,
chun an cheanntair, 'on gceanntar, fós. Tá an ceanntar so
fós uaithi = gan í bheith tagtha go dtí é fós.



CEANNUIGHIM — Tá mo chuid Gaoluinne ceannuithe go
maith agam = mórán dá dhuadh fachta agam. Is maith ceannuithe
atá an t-airgead agam = ceannuithe go maith. Cheannuigheas
an trus (turus) go maith = bhí sé dian go maith orm.



CEANNÚIREACHT — Bhí triúr i mbád. Thógadar 60 iasc.
Fuair gach duine 20 iasc. Sin ceannúireacht = cion duine,
scar: oiread le chéile á thabhairt do gach duine. Bíodh
go raibh mo lámh gortuithe fuaireas ceannúireacht = scar fir.
Bíon dathad buachaill ar scoil anso gach lá ar an gcean-
núireacht = le h-iad do thógaint le chéile. Bíon ós a chionn
san laetheanta, agus laetheanta eile fé n-a bhun.



CEAP — Ceap cloiche do b'eadh é chun árthaí do cheangal =
bolán maith cloiche.



CEAPAIM — Bhíos á cheapa agus sé mo cheapa fós é.



CEAPAIRE — Císte beag. Ceapaire ime, cloiche, aráin
= blúire ná béadh ró-mhór. Is maith an ceapaire uibh é =
cnapán. Bíon an ceapaire chómh-chruínn agus cúnláisteach.
Ceapaire adhmaid — bhéadh ar ghlúin cathaoireach, nó i náirde ar
leabaidh, nó ar thaobh scátháin.



CEARCHAIL — Nó, creachail. Bhí creachaillí breátha adhmaid
treasna an tíghe ó thaobh taobh fé bhun úrlár na seómraí
thuas. Anuas ortha san a bhíon an t-úrlár.



CEARCAL — Cearcal na súl = an ball cruínn ins na
súilibh.



CEARD — Bhí sé ag obair ar a chéird. Sin é a gceárd =
a ngairm bheatha, an obair a bhíon ar siúl aca i gcómhnuí.
Tá ceárd aca ar gach éinní = é ar a gcumas gach ní a dhéanamh
go cliste. Tá sé mar chéird agam bheith ag cainnt mar sin
= tá taithí mhaith agam ar bheith ag cainnt mar sin. Tagan


L. 92


sé bog orm mar tá ceárd agam air, ach is obair chruaidh é
— fear maith fearastúil a déarfadh.



CÉARDÁN — An ball éadaigh a bhíon ar chailíní is ar
mhná ón muineál síos go dtí an com lasmuich.



CEART — Níor dheineas mo cheart siúil = oiread is ba
cheart dom. Níl mo cheart suilt ionam indiu = oiread is a
bhíon. Tá'n tu ar bhóthar an chirt = ar an mbóthar ceart.
Chun a cheart a thabhairt dó ní olc an fear é; nó, an ceart.
Ól sé gloine thar a cheart, thar ceart, thar a choisce, thar n-a
dhóthin. Bhí a cheann nochtaithe, agus níorbh é a cheart é = ní
raibh sé de cheart aige; nó, níor cheart aige é. Bhíos ag
obair thar ceart = breis is mo cheart. Cuir na rudaí sin
na gceart = gach rud díobh i n'áit féin, mar ba cheart dó
bheith. Tá an freagra ceart, agus lán-cheart. Ní h-é ár
gceart aon chur-isteach a dhéanamh ort. Chuas chó fada lem
cheart ar an gcúrsa. Níor dheineas mo cheart oibre indiu.
Bhíos ana-thamall ann fairis an gceart = fairis an am;
fairis mar ba cheart. Chaitheas an ceart do thabhairt amach =
an fhírine a dh'ínsint. Tá staíncín éigint ort indiu — níl
do cheart suilt ionat. Bhíos ag déanamh an chirt eatora =
réiteach cóir. Léightear an t-Aifrean ar a cheart gach lá =
san am ceart. Cuireadh ar leath-cheart bídh é mar phionós
Bhí an ceart aige chúgham san aighneas = an taobh ceart den
chúrsa. Thugas an ceart, a gceart, dóibh.



CEARTA — Teastuighean ceárta ón gcapall; nó, an
cheárta = crú, nó cruite.



CEART-FHEAR — Tá sé 'na cheart-fhear = fear ná béadh



CEARTUIGHIM — Ceartuigh do chos = deisigh; í chur mar
ba cheart. Ceartuigh chúghat do chosa agus cúnlaigh tu féin
— le duine go mbéadh na cosa caithte amach uaidh aige, is a
bhéadh ag tógaint suas an iomarca slí.



CEASNUITHE — Tá an t-eiríghe amach so ag luighe go maith
ar cheasnuithe mórán daoine. Níl aon ghearán agam ar mo
cheasnaithe = cáiseana cruadha, trioblóidí. Chuas ann go


L. 93


bog, ach luigh sé go maith ar mo cheasnuithe teacht abhaile =
fuaireas morán dá dhuadh. Tá bás a mhic luighte go maith ar a
cheasnuithe ag an bhfear bocht.



CEATHRÚ — An cheathrú dhubh-galar beithíach é sin. Ceathrú
na bróige = uachtar na bróige.



CEILIÚRAIM — Ceileabhraim. Cheiliúir an taidhse orm =
chuaidh as m'amharc. Tá an t-sláinte ana-cheiliúrtha aige =
ana-chaillte, ana-olc: imithe i n-olcas go mór. Tá an
t-éadach ag ceiliúra 'na dhath = ag cailliúint, ag dul siar,
na dhath. Tháinig sé isteach gan chead, gan cheiliúra, gan
iarraidh = gan bheannacha.



CÉIM — Níorbh aon chéim liom é dhéanamh aon lá = duadh,
ní, naith. Rug ana-chéim orm amuigh sa bhfairrge bholgtha =
ana-strus, ana-ghreim.



CÉIR — Tá céir istig im chluais.



CEIRIDHE — Ceirí clogaithe (clocaithe) = a chuirean cluig ar
dhuine, nó ar rud. Ceirí leighis le tóin gan teinneas =
leigheas gan riachtanas. Cuirtear ceirí práta, nó prátaí,
leis an ioscóid chun í tharrac.



CEIRT — Ceirt ar gach aon tor seadh Seán = Tadhg an dá
thaobh: duine a bhíon ag taobhú le pé duine a thiocfadh i
gcoróin. Itheadh é idir cheirt croicean = é go léir.



CÉIS — Céis mhuice = nuair a bhéadh sí ag eiriú suas ó
bheith 'na banbh.



CEIST — Cuirim i gceist = i gcás. Níl a leithéid i gceist
i n-aon chor = níl fíor. Tá ceist agam ort = tá ceist
curtha agam ort: tugtha. Tá ceist agam uait = mhíníghis
dom í. Níorbh aon cheist liom é dhéanamh = níorbh aon ní,
aon naith. Is baol liom go bhfuil rud éigint sa cheist, nó
i gceist, toisc gan Seán bheith tagtha isteach = go bhfuil rud
éigint tuitithe amach.



CEISTNEAMH — Cos a luighe ar a bhfuil agat féin. Níl


L. 94


aon cheistneamh ar an bpinsiún aige = ceilt. Bean mhór
ceistnimh í sin — dá mbéadh 20 cearc aici ní admhóch sí go raibh
an oiread san aici i naochor.



CEÓBHRÁN — Níl ann ach ceóbhrán báistí = báisteach ná
béadh ach 'na ceó trom.



CÉOL — Níl aon cheól sa bhfear san = fuinneamh, faobhar.
Tá ceól sa chapall ag an gcoirce. Amhrán é sin a bhíodh ag
dul le ceólta is le puirt. Níl aon chluas cheóil agam, orm.
Níl aon mhianach ceóil ionnam.



CIACRÁN — Nó, cíocrán. Na ciacráin = fiacla na súl.
Cad air go bhfuil tu ag gearán? Na ciacráin atá ag
déanamh basctha dhom. Tá na fiacla tosaigh ann, leis.



CIALL — Níl a bhac air a chiall féin do thabhairt leis an
bhfocal, leis an ngníomh = míniú. Ní feárr biadh ná ciall.
Tá sé ar meisce anois, ach nuair a bheidh sé ar a chiall, béidh
sé ceart go leór. An rud a dúbhraís tháinig sé i gcéill =
chun cinn: thuit sé amach. Níor chuaidh Seán i gcéill i
n-aonchor = níor tháinig breis chéille dó. Fuair sé ciall
cheannaigh eile a chuaidh go maith dhó. Ní oirfeadh aon ainm
díobh duit-se, pé ciall é = pe ciall, pé brí, a bhéadh nó atá,
leis pé cuma é, pé slí é.



CIAPÁNTA — Duine ciapánta = duine gur deacair é
shásamh: ní ghlacfadh sé glór ná cainnt uait, ach ag teacht
treasna agus ag sárú: thabharfadh sé ulthairt ort agus
snap gan chúis. Duine corra ón gcuid eile seadh é.



CÍARLÁIL — Bhíos ag cíarláil le cré is le clocha ó mhaidin
= obair bheag éadtrom: ag bog-straca leó. Dá mbéadh
duine ag ullmhú chun féir a chur isteach bhéadh sé ag cíarláil =
ag socrú an inid agus ag déanamh gach aon fheistiú dhó.
Béadh sé a chíarláil féin dá mbéadh sé á dhéanamh féin suas:
ag bórdáil. Tá sí ag ciarláil ar fuaidh an tíghe = obair
bheag gnótha sa t-siúl aici: nó í ag siúl suas síos. Bhí mo
pheann caillte agam, agus bhíos ag cíarláil ar an mbórd
á lorg = ag cur neithe trí n-a chéile. Chiarláil sé a raibh ann
sar a bhfuair sé í — an peann.


L. 95


CIBEAL — Bhí ana-chibeal aca le chéile = cainnt mhór gharbh
phaisiúnta; áiteamh. I lár an chibeala seadh do bhuaileadar
a chéile. Bíon ana-chibeal againn roim an Aifrean =
áiteamh ar chúrsaí an t-saoil, cig. Nó, dá mbéadh cainnt
árd agus fuirse ar siúl ag daoine.



CIBEALÁIL — Bhíodar ag cibealáil le chéile = cibeal ar
siúl aca.



CIC — Buaileadh le cic me.



CIGILIS — Tá'n tu ag cur cigilise orm — ar bhonn na
coise, cig.



CIGILISEACH — Nách cigiliseach ataoí 'n tu? = nách fuirist
cigilis a chur ort?



CILE — Tá cile sróna air = srón fhada, chaol, árd. Cile =
an rud go gceaptar bád nó árthach air: an chéad bhall a
théighean ínti, agus an chuid is íochtaraighe dhi. Lár an chile.



CÍL-TUATHAIL — Táid 'na gcíl-tuathail = trí n-a chéile:
caite tóin thar ceann. Dhein na saighdiúirí cíl-tuathail
dem sheómra = chuireadar gach ní ar mí-órdú. Bhéadh tig
na chíl-tuathail dá mbéadh glana mór á thabhairt dó. Dá
n-iompófá bórd bhéadh gach a raibh air na chíl-tuathail.



CIMIL-AN-MHÁILÍN — Bhí rínce ann agus bhí ana-chimil-an-
mháilín aca = ana-straca is brú is tarrac. Thugadar ana-ch.
dá chéile sa troid = ana-thuargain. Dhein sé cimil-a-mháilín
glan díom = bhuaidh sé orm glan: thug ana-mharú dhom. Tá
mo chuid éadaigh 'na chimil-a-mháilín = brúite, casta ar a
chéile, lán d'fhílltíacha. Bheidís amhlaidh dá mbéadh duine
caite cois claidhe. Cimil-a-mháilín = an níghe a tugtar do
mhála follamh, nó an basca a gheibhean máilín an ghuirm.



CIMILEÁIL — Fuair na prátaí cimileáil mhaith ón ngaoith
= suatha, brúgha. Tugtar cimileáil don éadach nuair a
bítear á níghe.



CIMÍR — Béidir go bhfágfainn cimír ort = máchail, marc,
ná h-imeóch. I lár na cimíreach.


L. 96


CINE — Ba dhóigh leat ná raibh aon duine bocht riamh ar a
chine — le duine a bhíon ró-mhór ann féin.



CINEÁL — Bhí sé ag déanamh ana-chineáil dom = ag tabhairt
gach ní dá fheabhas dom. Cad é an cineál adhmaid é sin?



CINNEAMHAINT — Ní chuirean an chinniúint a cosa fúithi
= bíon sí fuadrach, ag imeacht, i gcómhnuí. Ba mhór an
chinniúint é = mí-ádh. Bhuadhfadh an t-iminí (imshníomh, aire)
ar an gcinniúint = dá dtabharfaí aire, ní thárlóch an droch-
ní: nó, an rud a bhí i n-áirithe.



CINNEAMHNACH — Cailleadh é go cinniúnach = le cinniúint.



CINSTEAR — Deineadh cinstear den scáthán, den chupán,
den bhfinneóig, dem chois = brise maith.



CÍOCRAS — Tá cíocras chun milseán, nó cíocras milseán,
uirthi. Cíocras tobac, nó éinní. An cíocras a thug anso
me = árd-dhúil.



CIOLLRACH — Thuit an copán agus deineadh ciollracha de =
mionramh. Tá an bád, an fhinneóg, éinní, na chiollracha tréis
na h-oidhche, na gaoithe, tréis rud éigint do thuitim anuas
air. Tá éinní na chiollrach, nó 'na chiollracha.



CION — Táimíd lán de chion air = leachta anuas air. Cion
mo dhearúid orm — i n-imirt cluiche. Cion do dhearúid uait
= pé ní a chaillis led dhearúd bíodh sé caillte. Má tá aon
chion ar t'anam agat fan aníos as san. Tabhair mo chion
do Sheán nuair a chífir é. Ní le cion ort a dheineas é.



CÍONÁTH — An cárta is feárr sa phaca. Sin í an cíonáth
atá ortha — an cailín is deise ar scata, cig, nó an cailín
is fearr: an capall is breátha ar aonach.



CIONN — Táim baoch díot de chionn é dhéanamh dom = i
dtaobh, de bhárr.



CIONTA — Sé do chionta féin é gur buaileadh thu = locht.
Má briseadh amach as a phost é, ba thré n-a chionta féin é.


L. 97


CIONTACH — Nó cionntach, ciúntach. Ciúin cionntach.
Fuarathas ciontach i láthair na dlí é = daoradh é.



CIONNTUIGHIM — Ciúntuighim. Ní ceart é chiúntú sa
bhotún = é dhaora.



CÍOR — Is deas an chíor fhiacla atá aige.



CIORRUIGHIM — Is fearra dhúinn an choisíocht, an chainnt,
an lá, do chiorrú, chirriú.



CÍOS — Tá an áit againn gan chíos, gan íoc, gan cháin. Tá
an tig againn ar cíos. Tá cion do chíosa de Ghaoluinn agat
= tá déanamh do ghnótha di agat: oiread is is gá dhuit.



CIOSA — Ciosa an leabhair = an taobh amuigh de sna
billeóga nuair a bhíon sé dúnta. Ach, imeall na leathanach =
an áit bhán tímpal an chló. Ciosa éadaigh.



CIOTH — Deinfidh sé cith. Barra-chith = cith éadtrom.
Ceathana sneachtaidh. Tháinig cith alluis amach tríom.



CIOTA — Muga adhmaid go mbéadh cluas air. Deineadh
ciota-fogha de sna potaí, den bhfinneóig, d'éinní a brisfí
agus a brúghfí. Tá an lampa na chiota-fogha.



CIOTACH — Ná daoine go bhfuil an taobh clé mar thaobh
deas aca, táid ciotach. Táim deas agus clé = táim
dólámhach. Oibríghim ón dá thaobh. Tá sé ag obair dólámhach
ó mhaidin = le n-a dhá láimh: ar a dhícheal.



CIOTAIGHE — Goideadh mo rothar uaim, agus ní h-é a
luach i naochor ach a chiotaighe = an chiotaighe a dheinean sé dhom
bheith imithe. Táim ciotach á cheal = nílim ag obair i gceart:
nílim ar mo thoil.



CIOTRÚNTA — Is ciotrúnta an duine é = tútach, ciotach,
garbh, neamh-mín: deacair le sásamh. Tá sé chó ciotrúnta
san nách aon mhaith bheith a d'iarraidh aon rud a chur i dtuiscint
dó = neamh-thuiscionach: garbh 'na shlí: ceann-dána; ní
ghéillfeadh sé.


L. 98


CIOTRÚNTUÍOCHT — Ní gá dhuit bheith ag dul chun
ciotrúntuíochta.



CIPÍN — Caithfar é chur siar le cipín ort = é chur d'fhéachaint
ort é thógaint, nó é dhéanamh — rud éigint nách maith
le duine: biadh, cig, nó foghluim. Cuirfead le cipín ort é —
le duine ná béadh fonnamhar chun bídh.



CÍRÍN — Bhí an dá chirc i gcírín a chéile = i muineál a chéile:
ag comhrac go tréan. Chuaidh an bheirt bhan i gcírín a chéile =
i muineál, nó i muiníl, a chéile.



CÍRÍNEACH — Bhí sé círíneach toisc braon a bheith ólta aige =
círín dearg air: é ana-dhearg.



CÍR-TUATHAIL — Feic cíl-tuathail.



CISEACH — Bíon ciseach sa phortach, sa bhóthar, sa pháirc =
áit 'na súncálfá, 'na raghfá síos sa talamh.



CÍSTE — Deineadh císte de — de dhuine go dtuitfeadh cloch
mhór anuas air. Bhéadh sé go léir ar aon aoirde amháin
ansan ar an dtalamh. Chun císte caithean béal an oidhin
bheith ar oscailt. Bíon an clúdach anuas ar an mbulóig.
Císte greidealach = a bácáltar ar an ngreideal.



CLAB — Bhí clab ó chluais cluais air ag gáirí = béaloscailte
ana-mhór. Tá clab go cluasa ort.



CLABAIRE — An té go mbíon an iomarca den chainnt
árd aige. Nó, duine go mbíon an teanga ró-éascaig aige:
nó dá mbeadh scéal á ínsint aige, is aige féin is mó a bhéadh
an gáirí agus sult an scéil. Clabaire amadáin.



CLABHTA — Thug sé clabhta leis an dteangain dom.



CLADACH — Paiste cloch a nochtan an fhairge nuair a
thrághan sí amach. Bíon na clocha ceangailte sa talamh.
Bíon cladaighe agus trághana i dtreó na fairge. Dh'fhéad-
fadh cladach bheith i n-abhain, leis.


L. 99


CLAIDHE — Claidhe cloch: claidhe fód; claidhe cloch agus
fód.



CLÁIRÍN — Tá cláirín déanta agam ar an áit, ar dhuine,
ar obair = taithí. Bím ana-chabanta le Seán; ach tá cláirín,
mo chláirín, déanta agam air.



CLAIS — Cuir scuaba na scoile isteach i gclais na luatha
(luaithe). Tá clais scríobhtha (scríte) agam = cuid mhaith
mhór. Tá clais airgid, Gaoluinne, aige = mórán. Tá clais
mheabhrach agat = ana-mheabhair. Thógamair clais mhaith éisc
aréir. Chuir sé clais sa channa = é chúbáilt isteach — le h-é
bhuala i gcoinne cloiche, cig.



CLAMPAR — Bhéadh clampar ar dhuine dá mbéadh an
saol ag breith go cruaidh air. Níl puínn clampair ag breith
air = tá an saol ag eiriú go maith leis. Bhéadh clampar ar
dhaoine ag brostú amach cun an Aifrin: dá mbéadh mórán
oibre le déanamh agus beagán aga: scrúdú fada agus
aimsir ghairid chuige Is fuirist clampar do chur orm =
mío-shásamh. Bíon an fear san i gclampar i gcómhnuí =
i mbruighin, i gcrosa, i n-áiteamh. Chuir an laitiméireacht
a dhein an ghaoth ar na prátaí clampar air; nó, chuir chun
clampair é = chun mío-shásaimh agus mí-ghiúmair. Chuireas i
n-ana-chlampar é = i n-ana-theannta: chun ana-fheirge, ana-
uilc. Tá sé ag déanamh clampair ar a mháthair = ag déanamh
cros: á cur chun uilc. Tá clampar ionat = mianach an
chlampair.



CLAMPARACH — Is clamparach achranach an bóthar é =
dian, garbh: bóthar a chuirfeadh mío-shásamh ort: leanan
bráca é. Bíon duine clamparach nuair ná rithean an saol
leis: nó, nuair is béas leis bheith ag tarac droch-aigne agus
bruigheanta idir dhaoine. Tá tír na h-Éirean clamparach
go maith anois = buartha, cráite.



CLAOIDHIM — Táim claoidhte ag an mbás = buailte, teann-
tuithe. Nílimíd claoidhte fós — chonac é sin ar bhrat. Ní
maith liom bheith claoidhte (cluite) istig i gcómhnuí = teann-
tuithe, gan é ar mo chumas dul amach.


L. 100


CLAONAIM — Tá sé 'nár gcoinne anois, ach claonfaidh sé
linn ar ball = casfaidh chúghainn: gheóbhaidh linn.



CLAONUIGHIM — Claonaim. Bhí claonú na h-oidhche ann =
tuitim na h-oidhche: teóra lae is oidhche: eascara lae is
oidhche.



CLÁR — Sin í an bhean a chuir ar chlár, ar an gclár, é.
Chuir san an clár bínn ar an scéal = an bárr ceart, dhein i
bhfad níos fearr é — stuidéar saoire tréis lá saoire.
Chuireas an clár bínn ar an gcúrsa — beirt a bhí ag aragóint,
agus do thairigígheas rud éigint eile anuas a chuir ó chéile iad.
Bhí sé 'na chlár bínn ansan agam. Dheineas clár binn den
scéal, d'éinní = pé blúire searbh a bhí ann a bhaint as. Dhein
sé clár binn ar a raibh ag cainnt — fear a tháinig isteach
agus a thóg chuige féin an chainnt. Chuir sé an clár bínn ar
ar tháinig roimis chun Gaoluinne = an barra-bua: bhuaidh sé
ortha. Tá an clár bínn aige ortha = tá buaidhte aige ortha.
Fuair sé an clár bínn ortha. Eirígheas béal na gclár as an
dtobac = ar fad ar fad. Caithfidh me eiriú béal na gclár
ar fad díot = ní féidir liom cor ná cothrom a bhaint díot,
agus caithfidh mé eiriú díot ar fad.



CLAUSÚR — Tá an clausúr ar an méid sin oibre agam =
tá sé críochnuithe agam. Cuir an clausúr ar an gceacht
san = críochnuigh amach é. Bé go dtabharfainn do chlausúr
duit muna stadair = tu chríochnú: buala a thabhairt duit:
tu stop. Níl an clausúr againn fós = níl críochnuithe
againn.



CLÉ — Táim deas is clé = an dá láimh bheith go maith agam;
ar mo chumas obair a dhéanamh ón dá thaobh. Thug sé dhó é
deas agus clé = go breá-buala, cig, nó leasú teangan.
Iompuigh ar do thaobh chlé — le duine breóite. Ach, iompuigh
ar deiseal nuair a thiocfair go dtí an chéad chros-bhóthar eile.
Iompuigh ar dtuathal.



CLEACHTUIGHIM — Cleachtuighim, cuileachtuighim an leabhar
so i gcómhnuí = bhíon sé agam i gcómhnuí: mo leabhar úrnaithe
do choimeád im póca, cig. Táim cleachtaithe leis = tá taithí
agam air. Níor chleachtuigheas riamh Seán = bheith 'na chuileach-


L. 101


tain mórán. Dá chaoire do chleachta le chéile; nó i dteannta
a chéile = a choimeád le chéile. Tá na leabhra cleachtaithe le
chéile sa t-seómra = le chéile, curtha le chéile.



CLEACHTÚIL — Cuileachtúil. Leabhar cuileachtúil = leabhar
a dhéanfadh cleachta, cuileachta, dhuit: 'na gcuirfá spéis.
Fear cuileachtúil = fear 'na mbéadh cuileachta: a choimeádfadh
cómhrá ar siúl go maith.



CLEANDAR — Tá cleandar ann = an cruadhas a thagan i
mbóna nó i mburlach léine nó éinní mar sin nuair a cuirtear
stairs ann agus an t-iaran air. Níl aon mhaith san éadach
san. Féachan sé go maith ach níl ann ach cleandar.



CLEAS — Theastuigh uaidh cóir nó cam, ar chú nó ar chleas,
buachtaint orm = i slí éigint. Ná dearúd é ar chú ná ar
chleas = ar aon chúinse.



CLEATARÁIL — Tá ana-chleataráil á dhéanamh ag an
gcairt ar an mbóthar = ana-chnagarnach. Tá ana-chleataráil
ag an gcómhlain. Bhí gach aon t-saghas cleatarála ar an
mbóthar roim na saighdiúirí = gach aon t-saghas neitha trí
n-a chéile. Tá cleataráil mhaith ar an mbórd des gach aon
t-saghas = mórán rudaí caite trí n-a chéile Tá ana-
chleataráil á dhíol sa t-siopa san.



CLEITH-AILPÍN — Maide go mbéadh ailp mhaith ar a chéann.
Maide tofa bruighne.



CLEITE — Níl éinne is aoirde cleite ná é = is onóraighe:
is sia suas. Ná bíodh bár cleite isteach ná bár cleite amach
ar na bróga = gan puínn fuighligh ná easnaimh a bheith ortha.
Ba mhór an fear é, uair; ach b'éigint dó a chleití a lagú
agus an ceann do b'fhearr do dhéanamh den scéal. Laguigh
sé a chleití. Dheineas é lagú ins na cleití; nó, na cleití a
bhaint, nó a statha, as = thógas, mhaoluigheas, anuas é. Tá sé
curtha ins na cleití is aoirde againn = ins an áit is uachtar-
aighe: an clú agus an cháil is mó á thabhairt dó. Bé go
mbainfinn de sna cleití agat = tu mhaolú anuas, an chómhacht
a bhaint díot. Ní bhainean sé aon chleite asam dearúd mar
sin a dhéanamh = ní íslíghean sé me.


L. 102


CLEITEACH — Tá an chearc sa chleitigh = an clúmh a bheith ag
tuitim di, agus gan aon mhaith ínti. Bíon duine sa chleitigh
nuair a bhíon sé leath-mharbh, meirbh ann féin. Tá mo chuid
éadaigh ag an dtáilliúir agus táim féin sa chleitigh dá
gceal.



CLEITEÓG — Cleiteóg bheag mná, naomhóige, seadh í =
naomóg bheag, bean bheag, éadtrom. Tugtar cleiteóg ar
inní a bhíon éadtrom.



CLEITHIRE — Cleithire maide = maide maith láidir. Is
maith an cleithire fir é = fear láidir, árd, garbh. Cleithire
rógaire = rógaire mór.



CLEITHIREÁIL — Seo maide dhuit agus cleithireáil amach
an bhó = buail amach í: sín an maide léithi amach. Thug an
mháthair cleithireáil mhaith an doras amach don leanbh =
cuma-bhrúgha: buala le slait, le bais, agus mar sin — ach
bíon níos mó ná aon bhuille amháin ann.



CLEITH-MHAGA — Maga beag, leath-chuíbhsach. Bíon stealla-
mhaga níos mó.



CLÍ — Tá an chráin fé chlí. Clígheadh í.



CLIABH — Tá oiread cléibh de bholg aige. Siad so na
cléibheana.



CLIABHALACH — Tá an cliabhalach ag tuitim aige = é ag
tuitim chun builg. Bhí sé ana-chruaidh 'na chliabhalach = gan
an ghluaiseacht cheart bheith ins na putóga. Tá an t-imileacán
i lár an chliabhalaigh.



CLIAMHAIN — Phós cliain isteach chuige. Thóg sé cliain-isteach
chun a inghíne. Phós an cailín cliain-isteach. Cleamhnaithe
— Cá bhfuair sé na cleamhnaithe go léir? Sin píp
mo chleamhna.



CLIATH — Bhí sí ag cur cliatha ar stoca. Tá cliath agus
casachtach air = casachtach a thabharfadh straca do dhuine.
Tugtar cliath leis ar na seilí agus an salachar a bhíon istigh i


L. 103


mburlach dhuine nuair a bhíon casachtach olc air. I lár na
cliatha istig. Cliath = an rud go mbítear ag fuirse leis.



CLIATHÁN — Bhuail sé i gcoinne cliathán 'an staighre. Chuir
sé a theanga amach thar cliathán a bhéil. Tá an peictiúir ar
chliathán an fhalla = taobh.



CLIATHÁNACH — Bhuail sé me, d'fhéach sé orm, cliathánach.



CLIBIRT — Chuireas, chaitheas, cúpla pingin ar chlibirt =
chaitheas i n-áirde imeasc scata buachaillí iad, agus bhí
brúgha agus straca aige sna buachaillí a d'iarraidh teacht
ortha. Chuireas clibirt ortha = ag straca a chéile a d'iarraidh
rug éigint a dh'fháilt. Bhí ana-chlibirt aca ag brostú amach
chun an Aifrin, nó ag brúgha an doras amach tréis an Aifrin
= achran agus dul-tré-chéile. Bhéadh clibirt mhaith ann dá
scaoilfí dorn milseán i n-áirde do leanbhaí. Bhí sé ag
brúgha agus ag teanntú i lár na clibirte istig. Chuadar sa
chlibirt le chéile. Bhí clibirt aca. Bíon clibirt ar an
bhfeamanaigh sa dúbhluachair = daoine a d'iarraidh é dh'fháilt
ar a chéile. Bíon ana-chlibirt ar pháirc an aonaigh = duine
mar seo agus duine mar siúd. Bhí ana-chlibirt aca le
chéile = thugadar na focla go tiubh teann dá chéile: áiteamh
maith agus gearra.



CLIOSMAIRT — Bhí ana-chliosmairt ann — nuair a théighean
cainnt dhuine ceangailte i gcainnt dhuine eile. Bhéadh beirt
ag labhairt i n-aonacht, nó ní bhfuigheadh duine aga a dhóthin
chun a chainnt a chríochnú, nó bhéadh daoine ag brise isteach
agus treasna ar a chéile. Bíon cliosmairt ag páistí
istig sa scoil = bíon glór mórán díobh le cloisint le chéile.



CLIPE — Tá ana-chlipe féasóige ort = bun briogadánach
féasóige. Tá clipe ort = tá'n tu crosta. Bhi clipe beag
feirge orm.



CLIPIM — Táim clipithe cráite agat; ag ceal an tobac,
na tae = tá crádha beag orm. Cliptear agus cráidhtear
daoine sochas a chéile = seachas a chéile.



CLISTE — Tá sí cliste ar a gnó = ábhalta ar é dhéanamh


L. 104


go maith. Tá an obair sin go cliste = déanta go deas.
Tá tig na scoile go cliste = deisithe go deas.



CLITHIRE — Tá clithire sróna air = srón mhór fhada árd.
Bíon clais mhór na drochad.



CLITHIREACHT — Bíon sé ag clithireacht mhagaidh i gcómhnuí
fúm = maga beag gan éifeacht go mbainean rógaireacht nó
cleasuíocht leis, agus ná gortóch duine. Dá ngoidfeadh
duine do bhróga uait, nó feóchadán do chur id leabaidh, nó
a fhiafruighe díot cad a shalaigh t'aghaidh agus gan í salach i
n-aochor. Níl ann ach clithireacht seóig.



CLÓ — Tá an spéir athruithe ón gcló breá te a bhí uirthi =
cuma. Ní chuirfeadh biadh ar bith cló air. Cuirean sé cló
breá air féinig gach Domhnach. Bhí sé ag féachaint go h-olc
indé, ach tá sé 'na chló féin thar n-ais indiu. Tá cló na
báistí ag teacht ar an lá. Ní ceaptar go mbíon aon rud
agat muna mbíon a chló ort. Níl aon chló orm chun dul
i dtreó an easbuig = éadach, cuma oiriúnach. Níor ghaibh a
chló ná a dheárthamh an bóthar so fós = duine chó deigh-fheis-
cionta leis. Más mian leat an obair a chríochnú caithfidh
tu cló a chur ort féin chuige = tabhairt fé i gceart. Bhí cló
buartha clipithe air. Tá cló maith ar do scríobh = na leit-
reacha bheith soiléir.



CLOBHTÁLAIM — Fuair sé clobhtáil mhaith den leabhar
uaim; nó tímpal na gcluas, nó ar an dtóin = buala maith.



CLOCH — Tugtar cloch teampail ar an té a bhíon gan chainnt,
gan anam. Cloch bháidhte = cloch a bhíon thíos fé bharra an
uisce. Cloch thalún = cloch a bhíon suidhte go daingean sa
talamh. Cloch reatha = cloch a bhíon sa t-siúl. Dá mbéadh
scéal fé chloich dhéanfaidís amach é = scéal gur deacair fios
a dh'fháilt air. Dá ndéarfá, dá gcuirfá, fé chloich é, gheobhaidís
amach é. Chuirfeadh sé na clocha glasa ag gol = scéal
truagha. Táid ana-mhór anois, ach beidh na clocha aca chun a
chéile ar ball = beidh troid eatorra. An chloch phréacháin =
an chloch dheireanach, nó dhéanach, a cuirtear suas ar bharra na
binne. Is fadó a chaith na tíarnaí talún a gcloch is a n-órd
le muíntir na h-Éirean = a scaoileadar uatha iad: a


L. 105


eirígheadar díobh. Tá a gcloch agus a n-órd caite ag
Muíntir an Oileáin le h-iascaireacht cheal ceannuíochta =
táid eirithe as. Chaitheas mo chloch is m'órd leis an gceacht.
Níorbh fhéidir liom é scríobha. Cloch ghreama = cloch a
théighean treasna isteach tríd an bhfalla ó thaobh taobh, agus a
ghreamuíon an dá thaobh dá chéilig.



CLÓCAIS — Nách mór an chlóchais é! — buachaill beag agus
píp na bhéal aige = carráiste. Nó, buachaill beag a thabharfadh
fé bhuachaill mór: nó duine a thabharfadh fé obair a bhéadh
ró-throm, ró-mhaith, dhó. Tá ana-chlóchais i Seán, nó ag baint
leis. Ní leigfeadh an chlóchais duit é dhéanamh = tóirtéis,
fearúlacht nách ceart.



CLÓCHAISEACH — Nách clóchaiseach an rud beag é!



CLOCHÁN — Carn cloch. Nó, teach cruínn tímpalach —
bíon oibrithe, tógtha ar nós an fhalla. Sé sin, ní bhíon an
clochán 'na charn cloch i gcómhnuí.



CLOG — Is mór an t-iongantas (úntas) ná fuil clog ar
do theangain ó bheith ag cainnt. Beidh an gnó so déanta
agam uair an chluig, nó i n-uair an chluig. Clog gorm =
pochóid mhór go mbíon dath an ghuirm air. Tá bosca cluig ar
mo láimh = ana-chlog. Boscaí clog = cluig mhóra. Níl an
clog ag breith éinní leis = ag imeacht tapaidh. Níl sé ag
cailliúint éinní. Eochair an chluig = le n-a ndeintear é
thochrais. Tá an clog ag imeacht luath, mall, tapaidh, chun
cinn. Tá an clog déanach, deireanach, luath. Caithfar é
luathú = é chur chun cinn: é chur suas. An clog do chur siar.
Tá sé ag imeacht ró-luaimneach = ró-thapaidh. Lámha an
chluig. An lámh fhada, mhór. An lámh ghearra, bheag. Clog
sáile = clog a thagan ar lámha na n-iascairí ag an sáile. Bhí
fear an chluigín amach indiu ó dhuine a chaill airgead = fear
fógartha le clog beag.



CLOGAIM — Tá mo lámh clogaithe ag an rámhain. Dheineas
an capall do chloga — ceirídhe clogaithe a chur leis.



CLOIGEAN — Tá sé 'na chloigean-an-teampail = chómh maol
is a dh'fhéadfadh sé bheith.


L. 106


CLOISIM — Ná cloisim id dhiaidh é. Ná faghaim amach ort
é. N' fheaca riamh an focal san i leabhar ná é chlos i gcainnt.
Bhí clos agam air sin = chuala é, 'na thaobh. Bhí clos fachta
agam air.



CLOTHAIM — Táim cluite ag an mbás = teanntuithe. Ní
maith le duine bheith cluite istig i gcómhnuí.



CLÚ — Níor fhág sí clú ná cló air le scobhlaeracht. Tá
ana-chlú aige ó sna daoine. Tá clú air, nó aige. Tá a
chlú is a cháil is a mheas briste — duine go mbéadh rud éigint
uathbhásach déanta aige. Is clúúil an fear é. Fuair sé
droch-chlú.



CLUAISÍN — Thugas cluaisín dó = a chluas a statha dhó.



CLUAS — Thugas an chluas bhodhar dó = níor chuireas suím
'na chainnt. Ní cluas le h-éisteacht atá air, ach cluas na
muice bradaighe — deirtear go mbíon ana-chluas uirthi sin.
Bíon cluasa ar an gclaidhe san áit nách tuairim puínn. An
chluas a thug sé dhom chuaidh sé as a cheann = an rud a chualaidh
sé uaim. Cluas an chupáin. Cluas cheóil.



CLUASUÍOCHT — Bhíodar ag cluasuíocht le chéile = cogarnach
íseal agus iad gairid go maith dá chéile. Cad é an chluas-
uíocht atá ort? = do chluas bheith ar bior agat. Bíon sé
ag cluasuíocht les gach aon stróinséar a thagan = ag
druidim isteach leis: ag déanamh bladair: ag tabhairt
cluaise. Bhí sé ag cluasuíocht liom gur dhein sé amach cad é
an saghas me.



CLÚBHÁNTA — Duine clúbhánta = duine gan charráiste:
duine maol támáilte: duine ná bíon fonn air a aigne a
nochta, ach gur feárr leis fanacht leis féin. Is fuirist é
chur siar.



CLÚDUIGHIM — Bhíodar ag clúdach anuas ar an gcómhrain.
Chlúduigheadar an chré anuas air — ar an gcorpán.



CLUICHE — Tá an clutha agam anso: seo dhaoibh an clutha —
ag teasbáint na gcártaí. Fear go mbéadh na cártaí do


L. 107


b'fhearr aige a déarfadh. Dheineas mo chlutha, an clutha.
Tá an clutha buidhe agam = tá rogha an phaca de sna cártaí
agam; na cártaí is feárr. An mbeidh puínn sa chlutha
againn? — pingin, dá phingin, scilling?



CLUICHIM — Dheineas na caoire do chluiche (clutha) =
teanntú: teacht tímpal ortha. Nó, iad do chlutha ar a
chéile. Táid cluite isteach le chéile = teanntuithe, bailithe.
Is mór an clutha faoilean é = scata. Dheineas Seán do
chlutha go maith = é bhuala: é thabhairt anuas: scobhlaeracht a
thabhairt dó: é theanntú i gcoinne an fhalla: é dhéanamh
beag. Thugamair cluiche (clutha) maith dhóibh sa chomórtas.
Chluicheadar a chéile. Chluicheas na feóchadáin go maith = iad
do statha is do bhrú sa tslí ná raibh an fás céadna fútha.



CLÚISÉAD — Nó, clóiséad. Poll a bhíon isteach fé
thalamh i n-aice na fairrge: nó isteach fé scéimh puirt:
uaimh, scairt. Áit bheag ar leithilig i dtig an óil, agus
mar sin.



CLÚMH — Níor chuir airgead braithte, fola, spiadóireachta,
aon chlúmh ar éinne riamh = é dhéanamh saidhbhir, cluthair. Tá
an capall ag caitheamh an t-seana-chlúimh de. Clúmh na bó,
an asail.



CLUTHAIR — Cluthmhar. Teastuighean éadach cluthair uaim
= éadach 'na mbéadh teas maith.



CLÚÚIL — Is clúúil an fear é = cáiliúil.



CNÁDÁLAIM — Tá cnádáil oibre á dhéanamh aige =
obair éadtrom mhall. Tá sé ag cnádáil ansan thuas =
rudaí beaga oibre á dhéanamh aige. Cad é an chnádáil
chainnte sin ort? Ná labharfá amach? — le duine a bhéadh
ag ithe agus ag cogaint na cainnte. Theastuigh uaim an uair
an chluig a chnádáil = a bhrise síos: a mheilt.



CNÁDÁLUIDHE — Duine a bhíon ag gearán i gcómhnuí:
bíon niúmha neámha aige, cainnt gan bhun, cainnt fhada
leadránach. Bíon a chainnt féin aige i gcómhnuí. Duine
seadh é ná fuighfá thoir ná thiar = gan mhaith.


L. 108


CNAGAIM — Chnag sé an doras — le bun fuipe. Táim
cnagaithe (cnacaithe) ag an ngalar = buailte: tá a shíol
ceangailte ionam. Tá a dhathad bliain cnagaithe aige =
bainte amach. Tá an t-árthach cnagaithe = tá scoilt ínti:
nó, tá sí buailte ar chloich, i gcoinnibh cloiche. Táim ana-
chnagaithe ag an mbreóiteacht = buille maith dhi fachta agam.



CNAGARNACH — Tá m'fhiacla ag rínce is ag cnagarnaigh
leis an bhfuacht. Tá cnagarnach bháistí ar an ndíon. Dá
gcuirfá salan sa teine bhéadh sé ag cnagarnaigh. Bhaineamair
ana-chnagarnach as ceól an mhála = ana-dhúiseacht. Bhaineadar
ana-chnagarnach as a chéile sa troid.



CNAG-ÉADAN — Tá cnag-éadan is mó ná san ortha =
éadan dána: tá dánuíocht is mó ná san ortha, ionnta —
le daoine gur deacair iad do chur siar i ndiaidh a gcúl.
Nách ort atá an cnag-éadan!



CNAIPE — Tá sé ábalta ar a chnaipí a dh'imirt go maith =
tá sé chun fiadhaigh a dhóthin: is féidir leis dul i gcóir a choda,
agus mar sin. Is féidir leis a chártaí a dh'imirt.



CNAISTE — Tá sé 'na luighe ar an gcnaiste = an clár a
bhíon i gcliathán leapthan, agus a bhíon eirithe i n-áirde ón
bhfráma.



CNÁMH — Tá cheithre cnámha an scéil agam = bunús. Thabhar-
fainn cnámh le prioca dhuit = rud éigint le déanamh. Sinn-
féiní isteach go dtí cnámh a dhroma seadh é = sinnféiní críoch-
nuithe, dílis. Tá an braon istig go cnámh orm = táim
fliuch, báite. Tá an cnámh, na cnámha, agat = tá'n tu mór.
Tá cnámha maithe fada fút. Má tá airgead agat, ní i
gan fhios do sna cnámha é = tá sé tuillte, ceannuithe go
dóighte agat. Ní maith leis allus na gcnámh do shile. Bíon
cnámh le prioca aige i gcómhnuí = a dhóthin aige chun maireach-
taint.



CNÁMHTHAIRT — Sin í an chnámhthairt, cnámhthairt feóla nó
éisc = na cnámha nuair a bhíon an fheóil imithe: nó na cnámha
a pioctar amach as an iasc nuair a bítear á dh'ithe. Tá an
madra ag cnámhthairt = ag ithe, ag prioca, na gcnámh. In


L. 109


deacair an madra do choimeád ón gcnámhthairt san áit go
mbíd siad.



CNEAS — Tá cneas aici ar an dtig = féachaint mhaith: é
bheith gan mháchail. Tá cneas agat, ort = cuma mhaith ort:
tu bheith go slachtmhar.



CNÍOPAIRE — Duine a chuirean an phingin bheag agus an
phingin mhór le chéile: a bhíon cruinn fés gach aon-ní, agus
croidhe cumhang aige. Rábaire = an taobh eile.



CNIUG — Fuaireas cniug bheag uaidh = buille beag deas
cruaidh leis an ndorn nó leis an alt lúbaithe (lúpaithe). Is
lúgha é, rud beag, ná cnag.



CNOC — Ní bhéadh aon bhaochas aige ort dá gcuirfá an cnoc
thall ar an gcnoc i bhfus dó = pé ní a dhéanfá. Tá an scéal
imithe chun an chnuic = i n'ainm an diail. Tá sé imithe bán
geal chun an chnuic = 'na gheilt. Bíon an sceidhtéar ag cur
an chuid eile de sna daoine chun an chnuic fara mar a bheidís,
i n-inead aon tláithíneacht a dhéanamh ortha = á gcomáint ar
buile, fiain.



CNUBALACH — Nó, cnubarlach. Nách aindis an cnubalach
fir é? = fear mór, trom, marbh. Cnubalach bó, capaill,
éisc, báid, nó aon rud a bhíon mór marbh.



CNUGA — Tá cnuga ana-chruaidh air = ceann, cloigean.
Tá an focal san thiar sa chnuga agam.



CNUIG — Tá an bhean san ag obair chó dian le cnuig ithreach
= ana-dhian. Cnuig ithreach = péistín beag fada a bhíon sa
talamh. Tá na cnuighe go léir ag oibriú na cré. Nó,
cneathacha. Tá cneathacha sa chaoire.



CNÚISCIÚN — Tá ana-chnúisciún ag baint le Seán = tá
sé deas slachtmhar fáiscithe chun gnó a dhéanamh, agus chun
rudaí a choimeád i dtreó a chéile. Bíon cnúisciún sa bhean
a choimeádan an tig go triopalach, agus a chuirean gach ní i
bhfaid. Níl aon chnúisciún sa bhuachaill sin, ach an lá do chur
amach, do chaitheamh, chó bonntáisteach (saoráideach), neafui-


L. 110


seach, agus is féidir leis. Ní mór an cnúisciún a bhéadh
liom dá mbéadh gach ní caite soir siar im sheómra agam. An
buachaill aimsire a thabharfadh uisce abhaile agus a chuirfeadh
teine síos agus gnóthí a chur chun cinn go slachtmhar mar sin,
bíon sé cnúisciúnta.



CNÚISCIÚNTA — Bíon duine amhlaidh nuair a bhíon sé
go maith chun a ghnó a chur i dtreó a chéile mar is ceart.



COCAIDHEACHT — Ná téir ag cocaíocht, chun cocaíochta,
leis = ag comhrac fé mar a bhéadh dhá choileach a bhíon ag tosnú
chun a chéile. Tá na leanbhaí ag cocuíocht le chéile = ag
tabhairt fé n-a chéile. Is féidir cocuíocht a bheith ann gan
aon fhearg — dá mbéadh beirt ag triall is ag braith a chéile.
Nuair a théighean an chocuíocht go dtí an mbuille tá sé 'na
bhruighin. Nó, cocuíol.



COCHAL — Táid i gcochal a chéile = greamaithe 'n a chéile.
Tá cochal air chúgham = fearg, agus atharú cúntanóis.



COCUÍOL — Táid ag cocuíol chun a chéile — dhá choileach, nó
dhá aon-ní = ag bailiú na feirge, agus ag cur suas cuma na
troda. Nuair a bhíon dhá éan ag cocuíol le chéile bíd ag cur
na ngathaí na chéile agus na ngob, agus ag baint fuil mhairt
as a chéile. Cuir uait an chocuíol. Tóg socair é: níl
aon ghnó againn ag cocuíol le chéile.



CODA-BEAGA — Bhí sé na choda beaga tímpal uirthi =
lán de chion uirthi. Bhíodar na gcoda beaga tímpal na
Gaoluinne = bán chúichi.



CODLA — Táim im chodla agus gan an codla ach ar shúil
liom = cluas le h-éisteacht bheith orm. Thuit sé dhá chodla.
Thuit sí dhá codla. Chuir sé codla orm = dhein sé ciúin me:
thug breis agus mo dhóthin de bhuala dhom: dubhairt rud
éigint a bhain an chainnt díom, a dh'fhág gan chainnt me.



CODLATÁNACH — Chodalófá dhá shamhra agus geimhreadh;
nó oiread is na seacht gcodlátanaigh, nó oiread is seacht
gcodlatánaigh an t-sléibhe = dhéanfá ana-chodla.


L. 111


CODLUIGHIM — Codaluighim. Ba cheart dó an mheisce a
chodailt do (de) = an mheisce a chur de le codla. Chodalui-
gheas amach é = níos sia ná mar ba cheart: d'éaluigh an
codla, an mhaidin, orm.



COGA — Bhí sé ag coga leis féin. Bhí sé ag coga i n'aigne,
nó le n'aigne. Bhí sé i gcoga le n'aigne.



COGAR-MOGAR — Tá cogar-mogar ar siúl = cainnt ná
béadh árd: gach éinne is a chainnt is a ínsint féin aige,
agus gan aon deimhniú ar éinní.



COGNAIM — Bíon sé ag cogaint na cainnte = á h-ithe;
gan í thabhairt amach go soiléir. Déarfadh sé leath na
h-abairte go maith, agus chognóch sé an chuid eile.



COIDREACH — Duine coidreach = duine gur fuirist gabháilt
leis.



COIDREAMH — Tá an focal san ag daoine ná raibh aon
Bhéarla aca riamh ná coidreamh aca air = aithne tré bhaint a
bheith aca leis. Ní raibh aon choidreamh agam leis = bheith
'na chuideachtain. Raghad 'na choidreamh níos fearr ar ball.
Nílim 'na choidreamh ceart fós.



COIDRÍGHIM — Tá sé ar an bhfear is fearr dár choidrígheas
riamh. Coidreóchad é ar ball.



COIDRÍOCH — Coidrígh dá chéile seadh mise is Tomás mar
tá aithne agam air is aige orm is bímíd i gcoidreamh a chéile.



COILEACH — Coileach na luatha = an creagar.



COILGEACH — Tá an fhairge coilgeach indiu = feargach.
Bíon coilichíní uirthi, agus blath (bolath) na gaoithe.



COILICHÍN — Coilithín. Tá coilithíní ar an bhfairge = borraí
beaga briste a bhíon bán 'na mbarra. D'eirigh coilithín air
chúgham = fearg bheag — nuair ná béadh puínn cúise amuigh ag
duine. Cuilithín a deirtear.


L. 112


COILL — Ní raibh coill, nó claidhe, riamh gan stocán
Freagra é sin ar an gceist. Cá gceanglóchad mo chapall?
= bíon slí i gcómhnuí chun rud a dhéanamh.



COILLIM — Chuadar ag coille nead. Tá na neadacha
coillte aca = na h-uibhe tógtha asta.



COILLITHE — Coillithe an stáca = lár, croidhe. Tá sé i
gcoillithe breóiteachta, fiabhrais = istig 'na chorp-lár. Tá a
chuid talún i gcoillithe an pharóiste = 'na lár. Braith an
abha sar a raghair 'na coillithe = féach rómhat.



COIMEÁDACH — Tá sé ana-choimeádach air féin, ar a
chuid airgid, ar éinní = airitheach; deinean sé é choimeád go
maith, é spáráilt.



COIMEÁDAIM — Caithfimíd coimeád suas leis an aimsir,
leis an saol. Is mór an coimeád agat ar an ubhal = tá
sé agat le fada. Choimeádfá cómhrá na h-áite seo le
h-aon dathad focal amháin = choimeádfá ar siúl. Thugas
scilling ar an leabhar, ach ní choimeádfadh púnt uaim é = ní
cheadóinn ar phúnt gan é bheith agam.



COIMÍN — Tá an sliabh 'na choimín = talamh go mbéadh
cead gach éinne ann.



COINGHÍOLL — Níor deineadh aon choinghíoll = marga:
socrú. Chuas ann saor ó choinghíoll.



COINITHE — Tá coinithe chun cros air = faobhar. Tá coinithe
chun tobac, chun óil, chun oibre, chun an t-saoil orm = dúil
mhór: conach. Bíon conach nó coinithe ar éinne a bhíon dian
chun éinní. Bhí coinithe feirge air = fearg mhór. Tá coinithe
fiacal ag gabháilt don leanbh, nó air = na fiacla bheith ag
teacht dó agus faobhar air dá mbárr. Bíon sé ar a dhícheal
ag cimilt na ndranndal agus ag oibriú na gcorrán.



COÍNLÍN — Bhí coínlíní féasóige air — is treise an chainnt
sin ná clipe.



COINNE — Níor dhún dia beárna riamh ná gur oscail Sé


L. 113


beárna eile na coinnibh = a chúiteamh de bheárnain: beárna
a bhéadh chó maith léi. Rith an focal gan choinne orm =
chaitheas amach é sar a raibh fhios agam é. Dubhart an focal
gan choinne leis. Bhí sé 'na shuidhe ós (as) mo choinne amach =
ar m'aghaidh amach. Bead ann muna gcoimeádan rud
éigint gan choinne me. Ná cuir Seán id choinnibh. Bhí sé 'na
gcoinne anuas ón dtig. Ní raibh aon phioc dá choinne ná
dá chuímhneamh aca.



COINNEAL — D'imigh sé ar nós na coínnle = d'imigh an
dé as de phreib. Coinneal bheanuithe = an choinneal a cuir-
tear i láimh dhuine le linn bháis dó. Bhí an choinneal ag
léimrigh, ag eiteallaigh, ag preaba.



COINNÍGHIM — Níor choinnibh, níor choimeád, an láir an
capall.



COÍNNLEACHT — Aingeal coínnleachta = cuímhdeachta.



COINSIAS — Ní leigfeadh mo choinsias dom é dhéanamh.
Ní dh'fhéadfainn lem choinsias é.



CÓIP — Ní raibh ann ach cóip daoine gan áird = garbh-
shluagh.



COIR — Is mór an choir í = an rud a chuirfí i leith dhuine:
droch-rud. Daoradh na chortha é = ins na droch-ghníomhartha a
dhein sé.



CÓIR — Bhí cóir ghaoithe liom, agam = an ghaoth bheith ag
cabhrú liom. Tá sé go maith chun cóir agus ceart a bhaint
amach, ach ní thabharfadh cóir ná ceart uaidh. Níl aon teine
chóir againn = ceart. Níl aon chríoch (crí) chóir, aon ghotha
cóir, air. Ní h-aon fhocal cóir é, agus ní ceart é úsáid.
Tugadh foláramh dhó muna n-éisteóch sé, go mbeifí fé n-a
chóir i slí éigint = suas leis. Cuireadh i gcoimeád im
chóir-se é = domh-sa. Is dóch gur 'na chóir a bhí an bás san =
i ndán dó, i n-áirithe dhó: roimis. Chuas 'on stáisiún fé
chóir an easbuig = fé bhrághaid.



COIRCE — Táth = roinnt léasa le chéile chun ceangal a


L. 114


dhéanamh. Ag déanamh punana, nó punanacha. Bhíos ag
ceangal indé. Stiucaí. Dein cúl-le-gaoith = na punanacha
a thabhairt le chéile, agus a mbun a thabhairt don ngaoith
sar a ndeintear stiuca dhíobh. Táid 'na gcúl-le-gaoith
agam = mar a bhéadh stiuca a bhéadh leagtha agus a bhun i
dtreó na gaoithe.



CÓIRÍ — An rabhais sa chóirí? = sochraid. Ba mhór an
chóirí í. Chuas 'on chóirí.



COIRÍGHIM — Cuiríghim. Cuirígheadh an bhó = mothuigheadh í:
cuireadh an droch-shúil uirthi: leagadh súil throm uirthi. Thug
sé súil chuirithe ar an mbó. Tá súil chuirithe aige = súil
ná fanfadh aon mhaith i n-éinní na diaidh. Imeóch mí-rath ar
an rud. Cuiriú ort.



CÓIRÍGHIM — Tháinig sé isteach le faobhar na h-oidhche agus
b'éigin dom cóiriú fé = leaba a shocrú. Thug sé ana-chóiriú
don bhfear bocht = léasa, leasú teangan: socrú. Dheineas
an scéal, nó éinní, a chóiriú = a shocrú na cheart. Chuireas
cóiriú ar an gceacht = slacht, cuma. Chuir sé cóiriú catha
ar an scéal = athrú mór sa tslí gur chuma é nó eachtra ar
chúrsa nó ar ghníomh mór. Nuair a fuair an moltóir an
leabhar dhein sé é chóiriú = na putóga a bhaint as le cáine is
le réaba.



CÓIRÍOCHT — Ní féidir liom bórd a dhéanamh mar níl
cóir ná cothrom ná cóiríocht agam chuige = slí cheart. Choda-
lóchain dá mbéadh aon chóiríocht chodlata agam = leaba. Níl
aon chóiríocht sa chapall san, i n-éinní = níl sé cúmtha: tá
sé ann-chúmtha. Táim go maith chun Gaoluinne dréir mo
chóiríochta = dréir an chóir a bhí, nó atá, agam. Níl aon
chóiríocht sa tig seo mar táimíd ró-bhocht = níl éinní cóir
againn: níl biadh ná beatha againn. Fuaireas an bórd san
saor mar bhí cóiríocht aige fear a dhéanta = adhmad saor
agus fearas maith.



COIS — Cois amach. Cois síos. Cois anuas, agus mar sin.
Cainnt é sin leis na cearca.



COISCE — Tá mo choisce caithte, ithte, ólta agam = mo
dhóthin.


L. 115


COISCÉIM — Tá coiscéim coiligh ar an lá = 10 nóimintí
breise.



COISÍOCHT — Bhí coisíocht mhaith fé = siúl. Bain an choisíocht
den chlog. Bain dá choisíocht. Tabharfaidh an bainne breis
choisíochta dhuit.



COISRÍGHIM — Coisrigh tu féin = dein fíoghar na croise,
cig, ort féin. Gearr fíoghar na croise ort féin — ar t'éadan,
le barra t'órdóige. Uisce coisreagan = uisce beannuithe.



COISTE — Coiste crobhnaora. Coiste dáréag. Dá
mbeifá ar mo choiste is dóch go ndaorfá me.



COÍTHACH — Tá blas coíthach ar a theangain, ar a chainnt =
stróinséartha, iasachta. Tá blas coíthach ar an ím =
blas nách blas ime: droch-bhlas. Nách coíthach an duine thu
ná raghfá isteach go dtí an rínce? = ait, leithreachas bheith ag
baint leat.



COITEAN — Imeacht coitean ort gan scolb den iaran =
eascaine gan éifeacht ar chapall. Tá an bhean san imithe
coitean = gan chlú gan cháil gan chéile: ceirt ar gach aon tor.
Bean choitean = stríopach.



COITÍANTA — Sin é an focal is coitíonta a chaithimíd le
duine mar sin = is mó. Is coition, nó coitíanta, a rá =
deirtear go coitíanta. Bíon an chainnt sin á rá anso i
gcómhnuí coitíanta.



COL — Fuaireas col agam leis an ím, tháinig col agam
leis = d'iompuigheas 'na choinne. Bhíomair ana-mhór le chéile,
ach tá col tagtha againn le chéile = fuath, mío-thaithneamh, dá
chéile. Níl aon chol agam le dul ann. Tá col agam leis
an mbiadh = ní maith liom é: táim leamh de. Ghlacas col
leis = tháinig col agam leis: tháinig an ghráin agam air.



COLA-GHRIFÍN — Bhéadh cola-ghrifín ort nuair a bhéadh do
chos nó do lámh trom: codla a bheith ionnta.



COLAN — Beithíoch idir bhliain agus dhá bhliain d'aois.


L. 116


COLG — Chuir sé ana-cholg air féin chun aighnis = ana-
fhaobhar.



COLLÓID — Chuir an obair ana-chollóid orm = ana-dhuadh.
Fuaireas mo dhóthin di.



COLLÓIDEACH — Is collóideach an aimsir í; ní fhéadan
éinne aon obair a dhéanamh = duaisiúil, trioblóideach, callaoch
(callshaothach). Bíon an áit seo ana-chollóideach sa dúbhlua-
chair. Táim collóideach mo dhóthin = mo dhóthin den obair
chruaidh le déanamh agam: annródhach. Tá slí bheatha chollói-
deach chall-aoch ag na h-árthaighe a thagan anso i n-imeall
(umall) gach aon stocán díobh so. Is collóideach an obair
í = gur deacair í dhéanamh.



COLPA — Ní mór an colpa thu chun báire dh'imirt, chun
Gaoluinne = níl mórán maitheasa ionat. Ní maith an colpa
mar scoláire é. Ní mór an colpa Séamas = níl aon ana-
thoirt ann: nó, ní ithean sé puínn. Ní mór an colpa gloine
uisce do dhuine ocrais. Téighean sé caoire ar féarach chun
colpa a dhéanamh = beithíoch fásta.



COM — Cliathán cnuic go mbéadh lag isteach ann. Ar an
lag san a tugtar an com.



CHÓMH — N'fheadar cáil (cá bhfuil) sé ag dul chó moch ar
maidin agus chó h-olc de ló. Tá sé chó dall le bonn mo
bhróige, le circ. Lom le gé beárrtha. Dorca le pic; le
tóin an phúca; as ná chífá cé chuirfeadh a mhéar id shúil.
Priocaithe, beárrtha, le sagart. Flúirseach le sméara, le
h-anaman na marbh. Éadtrom le sop, le giorrfhiadh. Caoch
le circ. Trom le cloich. Bhí an ceó chó trom san go n-íosfá
le spiúnóig é. Discréideach le bosca na faoisdine. Fuar
le cloich, le sioc. Bhí a dhá láimh chó fuar leis an éag. Caoch
le bonn mo bhróige. Oiriúnach le riail. Bodhar le cloich, le
taobh an fhalla. Chó láidir le ministir, le capall. Fliuch le
scailiúin (tá na prátaí chó —). Te le teine. Ard leis
an dtig. Reamhar le muic. Ciúin le luich. Tá an fhairrge
chó ciúin le loch. Maol le ganndal, le seana-chorrán.
Sleamhain le bolg eascún. Tá an fhairrge chó sleamhain le
buidéal. Mín le síoda. Leisciúil leis an ngiolla deacair.


L. 117


Gránda leis an ndial. Tá na prátaí chó tiubh le sméara.
Bhí na pléascáin ag imeacht chó tiubh le tiul. Chó dubh le
daol, le sméar. Dearg le fuil, leis an dteine. Ard le
falla. Bán le bainne. Buidhe le bolg an t-slimide.
Cam le snáithín stoca. Chó cam is ná raibh sé díreach. Chó
díreach le baraille gunna. Sleamhain le gloine. Seanng
le luich. Flúirseach le gainimh na trágha, leis an bhféar.
Siúrálta le bás, le gréin, leis na réilthíní, le h-aon rud
riamh. Dubh le h-áirne. Ríghin le h-eirball seana-bhó.
Cam le h-adhairc seana-reatha (reithe). Dúr le sean-asal.
Trim le snaois. Seannda leis na cnuic, leis an gceó. Bhí
gach beirt díobh chómh-aoirde, chómh-aois le n-a chéile. Bhíodar
ag lámhach na Sasanach chó tiubh le tiul. Chó-éinní le h-éinní
riamh.



CÓMHACHT — Tá cómhacht an lae ceiliúrtha, briste, imithe =
an oidhche ag fáilt an lae ar an lá, nó neart an lae imithe.



CÓMHAIR — Thugas an cúrsa fé chómhair, fé chóir, na
ndaoine = fé n-a mbrághaid. Is dóch gur 'na chómhair a bhí
an óspairt = i ndán dó.



CÓMHAIREAMH — I gcómhaireamh an lae indiu a rugadh me.
Indiu lá mo bheirtha.



CÓMHAIRLE — Thánag ar ath-chómhairle = cómhairle eile.
Chuas ag déanamh cómhairle le Seán = ag cur fé n-a bhráid.
Loirgeas, iarras, cómhairle air. Chuireas an cúrsa 'na
chómhairle = d'iarras cómhairle air i dtaobh an chúrsa.
D'fhágas an scéal fé n-a chómhairle.



COMAOIN — Táim fé ana-chomaoin aige mar bíon sé ana-mhaith
dhom i gcómhnuí. Chuireas comaoín ar an bpáirc =
feabhas: thugas leasú di.



COMAOINE — Tógfad Comaoine ar maidin amáireach =
Corp Chríost.



CÓMHARSANÚIL — Fear breá cómharsanúil seadh é.



CÓMHARTHA — Dá chómhartha ná raibh an t-aonach go maith,


L. 118


thugamair an stoc abhaile = mar dheimhniú (dhuit) air. Fuair-
eas é seo ar an mbannc mar chómhartha ar mo chuid airgid =
admháil. Tá sé go maith chun Gaoluinne ach níl ann ach
cómharthaí ar do ghualain-se; de bhreis ort-sa; i gcomórtas
leat = rud gan mhaith: ní bhíon aon t-substaint ins na
comharthaí féin. Dhein sé cómhartha dhom gan é dhéanamh. Tá
Gaoluinn mhaith agat. Níl. Níl agam ach a cómharthaí =
Gaoluinn éadtrom. Tá bean agam agus gan ínti ach
cómharthaí, gan agam ach a cómharthaí san féin = bean gan
mhaith, gan chrí. Cómhartha cille = ball ar an gcroicean a
thagan ar an saol leis an nduine. Comharthaí roim ré.
Dhein sé cómharthaí cinn dom = le n-a cheann. Comharthaí
sóirt = cómharthaí a chuirfeadh i n-úil do dhuine eólas i dtaobh
rud éigint. Cé mhéid pearsa i nDia? Bhí an múinteóir
laistiar den chigire ag déanamh cómharthaí sóirt don scoláire.
Tá cómhartaí droch-aimsire ar an ngealaigh. Táimíd ag
tógaint cómharthaí ortha le seachtain, ach ní fheadramair cad
tá fútha fós = táimíd á dtabhairt fé ndeara. Tógfad
cómharthaí air anois an fada a dheinfidh mála plúir sinn.



CHÓMH-BHONN — Tá na focla so chómh-bhonn = chómh-bhrí. Is
chómh-bhonn atá fútha.



CHÓMH-DHÍOL — Tá sé chómh maith dhuit do tharrac féin a
bheith agat ar an airgead. Chómh-dhíol a raghaidh ort = aon
bhaochas amháin a gheóbhair.



CÓMHGAR — Dá mbéinn na chómhgar, ar a chómhgar, do
mharbhóinn é = i n-aice leis. Tá cómhgar na scoile, na trágha,
na móna, an bhaile mhóir aca = iad so bheith cómhgarach dhóibh.
Tá cómhgar cainnte aige = mórán brí i mbeagán focal.
Cómhgar an aighnis. Bhíos i gcómhgar mhaith dhó. Tá sí ag
déanamh comgair orm = cómhgaruíocht. Tá sé déanach anois
chun gabháilt i gcómhgar nách eól dom. Níl aon airgead ar
chómhgar an tíghe agam, ach tá sé sa bhannc = sa tig ná i n-aice
an tíghe. Siúd é mar is cómhgaraighe a thagan an chainnt
isteach. Cómhngar.



CÓMHGARACH — Bhí na soíllse go lán-chómhgarach = ana-
ghairid.



CÓMHGARACHT — Ní dh'fhágfad anso thu ag déanamh comh-


L. 119


garachta, cómhgaruíochta, ar an dtig; nó orm = ag tógaint
suas na slí.



CÓMHGAS — Cómhgas dom seadh é = gaol. Ach níl aon
mharc, aon téarma, leis.



CÓMHLA — Cuir an chómhla ar an ndoras = í chur ar a
lúdracha, gabhtha. Cuir an chómhla sa doras = an chómhla ná
fuil aon ghabháilt uirthi. Na cómhlacha go léir.



CÓMH-NÁRD — Táid i gcómh-nárd, nó i gcómh-náird, le
chéile = ar aon aoirde amháin: chó maith le chéile: i n-ionanas.
Labhair sé i gcómh-nárd a chinn is a ghotha = i n-árd.



CÓMHNUIGHTHEACH — Bíon sé ag obair cómhnuitheach = i
gcómhnuí. Bíon biadh cómhnuitheach agam i gcómhnuí = san
am ceart. Fear cómhnuitheach chun gnótha seadh é = a bhíon
i n-am. Bí cómhnuitheach = ag obair i gcómhnuí.



CÓMHRA — Chuireadar 'on chómhrain é = sa chómhrain.



CÓMHRAICÍGHIM — Cómhraic amach duit féinig é. Bhí dhá
chirc, dhá bhó, ag cómhrac. Cómhrac gaoithe = nuair a shéidean
dhá ghála gaoithe i gcoinne a chéile. Sé is cúntabharthaighe
ar an bhfairrge.



CÓMH-SHNÁTHACH — Bhí na capaill cómh-shnáthach sa rás =
gan ionga ná órlach eatorra. Bhí an ghaoth ag gluaiseacht
cómh-shnáthach an fhairrge siar = ar aon leibhéal amháin.



COMHTHROM — Tá an bórd i gcothrom = ar leibhéal. Tá ar
mí-chothrom = nuair ná béadh sé ar leibhéal, ná díreach.
Tabhair cothrom dóibh chun a chéile. Ní bhíon aon chothrom
anso againn = cóir, ceart, cóiríocht. Níor dheineas é mar ná
raibh aon chothrom agam air = am, aga, cóir, uain.



COMHTHROMUIGHIM — Cothromuigh é = dein cothrom.



COMHTHROMÚIL — Dá mbéadh an mála cothromúil ar mo
dhrom ba chuma liom = cothromach, i gcothrom. Tabhair thar
n-ais dó é, mar sin é is cothromaighe agus is cirte = is cirte:
sin é mar is feárr a coimeádfar an cothrom, an ceart.


L. 120


COMUISIÚNTA — Táim comuisiúnta ar imeacht amáir-
each = a leithéid sin d'órdú bheith fachta agam: beartuithe.



CONÁCH — Tá togha agus rogha na sláinte aige, agus conách
air é.



CONACH — Tá conach fiacal ar an leanbh = faobhar: coinithe.
D'eirigh conach air chúgham = fearg: faobhar. Is éachtach an
conach, coinithe, atá ar an iasc indiu = iad ag ráthuíocht ar
a ndícheall: siúl géar fútha.



CONNLUIGHIM — Cúnluighim. Cúnluigh tu féin = ná tóg
an oiread san slí duit féinig: bailimh tu féinig isteach le
chéile. Bhí sé á chúnlú féin sa leabaidh oidhche sheaca.



CONNTRÁTH — Bhí an chonntráth ann: an chonntráth bheag
dhéanach = an tráth roimis an oidhche dhubh.



CONUS — Conus a dheinis é? Gach aon chonus. Tá sé
mall. Conus mall?



COR — Sin ceann de choraibh an t-saoil = iongantaisí,
athruithe. Tá sé tagtha de chor im shaol gur féidir liom
airgead a chur sa bhannc. Cuirfead cor castaig, cor casta,
id phíopán = casa do chur id mhuineál. Ní raibh ach an cor
curtha aige sna h-iascairí nuair a chaitheadar teicheadh = na
líonta curtha amach. Thugamair cor = na líonta do chur
amach agus iad do thabhairt isteach arís tréis tamall den
uisce a thaisdeal. Tá Seán tugtha ar do chor féin agat anois
= tá sé casta ar do mhéir agat: ar do thoil agat: nó, tá
sé ar aon imeacht amháin leat féinig agat. Is féidir leat
do rogha cor a chur san abairt = í chasa fé mar is mian leat.
Thug sé cor fairsing don líon = scóp maith. Cor cúmhang
an taobh eile. Bhíos a d'iarraidh breith air, ach thug sé an
cor dom = chas sé uaim, agus dh'fhág ansan me. Thug an
giorrfhiadh an cor don choin. Thug an máistir an scoláire
ar a chor féin = mhúnlaigh sé dá réir féin é: nó dhein chó
léigheanta leis féinig. Ag tabhairt ualaigh féir abhaile dhuit
cuir cor den téid ar an leath-laidhe sar a mbogfaidh sí =
casa. Nuair a bhíon an iomarca ar fad den chasa i rud
crapan sé suas agus tagan rúircíní ann. Tagan scruig


L. 121


ann nuair a rithean sé ró-chaol. Bhéadh sé ag buala leat ar
gach aon chor = pé cor a thabharfá bhuailfeadh sé leat. Tá
a chor féin ar gach uile cheann díobh = a chasa féin ar, nó i.
Tá mórán cor i Seán, i gceist = bheith ana-chasta. Tá sé
ag tabhairt na gcor ar a dhícheall = ag casa: ag lúbaireacht:
ag fáil bháis: nó duine ag teacht isteach i rás a d'iarraidh
chríochnú nó brú ar aghaidh, agus é tugtha amach. Bhí an
buachaill ag tabhairt na gcor a d'iarraidh an scrúdú a
thógaint = ar a dhian-dícheall. Bhí sé ag tabhairt na gcor
don mháistir = ag imirt cleas air: á mhealla. Tá an
bóthar lán de chuir = lúba, castuíocha. Chuir an póilín cor
castaig 'na láimh. Thugas cor dom féinig. Cora srathrach
= an dá rud a choimeádan dhá chlár na srathrach i n-áirde.
Cor fé iongain = saghas tinnis é sin nuair a bhíon an áit fén
iongain gargaithe suas. Ach, sa scúbha iongan eiríghean an
croicean amach laistiar nó tímpal na h-iongan. Cor
iongan. Cor ladhaire — nuair a bhíon gág idir na méireana
ag a mbun thiar.



CORABHUAIC — Corrabhuais. Theip an scrúdú air, ach
níor chuir an méid sin aon chorabhuaic air = tré-chéile aigne.
Ná cuir aon chorabhuaic ar an dteine = aon chur-isteach:
aon ghruaim.



CÓRACH — Fear neamh-chórach = ná béadh go maith 'na
dhéanamh.



CORAGIOBH — Nó, corraghiobh. Bhí sé na shuidhe ar a chora-
ghiobh = ar a chosa; ar a shála.



CORAIDHEACHT — Tá an bád ag coruíocht = ag cur agus
ag tarac líonta: ag tabhairt cor. Cuirean na báid
choruíochta na líonta amach: ansan gluaisid leó ar feadh
tamaill; ansan tarraigíghid na líonta isteach. Dhein an
cladhaire gach aon t-saghas coruíochta = cleasuíochta.



CÓRDA — Cuireadh an córda fé = crochadh é.



CÓRDÚ — Fuaireamair i mbliana córdú na dtrí mbliana
báistíghe de thriomach = cothrom, cothromú. Tá an lá cruaidh
againn anois, ach gheóbhaimíd a chórdú ón bhFear Beannuithe


L. 122


fós = a chúiteamh. Beidh córdú an t-seaca so againn ar ball
= a chothrom d'aimsir bhog.



CORP — Níl corp na droch-aimsire againn fós = lár.
Chuas go dtí tig an chuirp = tig 'na mbéadh corp leigithe amach.



CORPORTHA — Tá Séamas corportha a dhóthin anois =
a chorp nó a bholg bheith mór go leór. Nó, corpraithe. Is
díreach (cinnte) gur dóigh le cómhachta corpraithe an t-saoil
gur féidir leó gach ní a dhéanamh = saolta.



CORRA — Is corra an fear é = aisteach, ait; nó, as an
slí, bíodh nách i n-aon droch-chuma é. Mataí tuighe agus
corraí adhmaid = an gléas a choimeádan cláracha na srathrach
le chéile. Míola corra = cuileóga beaga a thabharfadh ana-
chrádh dhuit sa t-samhradh. Uimhreacha cothroma = 2, 4, 10,
18, cig. Uimhreacha corra = 1, 7, 11, 19, cig. Feic cruiceach.
Corra na h-iallaite = an caincín árd a bhíon amuigh air. Ba
cheart go mbéadh corra na h-iallaite agus corra na srathrach
i n-aon treó amháin.



CORRACH — Bhíos ins na corraithe, nó ins na corraigh.
Maide corrach = maide a cuirfí treasna ar mhaide eile,
cig, ach ná béadh ceangailte de. Bíon luasca i n-áirde ag
páistí ar a leithéid.



CORRÁN — Poinnte an chorráin = an blúire de atá fé
bhun na cluaise. Tá na corráin beárrtha agam, ach níl an
giall = an smig: an áit atá i dteórain an dá chorrán.
Cuir an cnámh treasna ar do ghiall agus prioc é. Nó,
tá an corrán thíos agus an giall thuas, anuas ar an gcorrán.



CORRÁNACH — Cránach. Buachaill a bhíon ins na déagaibh.



CORRARUAISEACH — Bheith ag rith anso is ansúd: gan
fanacht socair. Is corraruaiseach an cailín í.



CORRATHÓNACH — Tá an aimsir corrathónach = siúinseálach:
ní dh'fhanan socair.



CORREACH — Miúil.


L. 123


CORR-FHIACAIL — Fiacail a bhíon ag fás lasmuich den
gcíor: den gcairbh. Fiacail chorr seadh í. Leanan cuid
mhaith de sna fiacla an chairb = téighean cuid mhaith díobh chun
cairb a dhéanamh.



CORRUIGHIM — Ní dheinim aon chorruighe amach. Tá sé
ana-chorruithe — nuair a bhéadh eagla nó scannra nó éinní ar
dhuine a dh fhágfadh gan greim ceart aige air féinig. Tá
Seán ana-sho-chorruithe = gur ana-fhuirist é thógaint: é chur
suas.



CORTHA — Tá an obair seo cortha, tuirsiúil = dhéanfadh
duine cortha, tuirseach. Is cortha an scéal do dhuine bheith
i bpríosún agus an saol breá a bhéadh aige lasmuigh = cráite.
Is cortha an scéal bheith díomhaoín.



COS — Tar má bhíon cos fút = más féidir leat ar aon
t-saghas slí é. Luigheadh cos air = tánathas, tagadh, anuas
air. Tá a cheann is a chosa buailte ar a chéile = é bheith ana-
chrapaithe, caite anuas ar a chéile. Fan ar do chois = fan
leath-nóimint — le teachtaire a déarfaí. Tá cos thall is
cos i bhfus aige = é bheith idir dhá aigne. Nó, cos istig is cos
amuich. Caitheadh isteach sa bhosca me idir cheann agus chosa.
Sasanach ar a chosa seadh é = críochnuithe. Má chloisean sé
ráfla cuirean sé na h-ocht gcosa fé = cuirean cuma ana-
iongantach, áiféiseach, air; deinean sé scéal mór de.
N'fheadair cos liom cad a dheinfidh lámh liom = me bheith ana-
thré-na-chéile. Táid go léir imithe fé chois = marbh, brúighte
síos. Tá an ceól ag dul fé chois oraibh = ag imeacht gan
tairbhe, gan aon rínce á dhéanamh; ag imeacht fé thalamh, nó
ag dul fé thalamh. Is fada atá an náire curtha fé n-a
chois aige = brúighte síos, curtha uaidh. Stad, nó fan, ar do
chois — le duine go dteastóch uait é stop. Tá mo dhóthin
agam mo ghnó a chur fé chois = a dhéanamh, a chríochnú, é chur
díom. Buail féd chois é = cos a luighe air: é chur díot.
Bhí sé an eiriú ar a leath-chois deire, nó deirig = spleódrach:
fear, cig, a dh'ólfadh cúpla gloine; nó a chloisfeadh scéala a
thaithneóch leis go mór. Bhéadh sé ag léimrigh le h-áthas is le
croidhe. Chuireas an chos do b'fhearr agam amach = dheineas
an ceann do b'fhearr den scéal: chuireas an cló do b'fhearr
orm féinig. Tá na gliomaigh dulta fé chois = gan aon


L. 124


tairbhe bheith ionnta: iad a bheith tuitithe anuas san airgead.
Tá an síol prátaí a bhí againn ag imeacht fé chois = i n-olcas.
Tá cos leis ar gach taobh = tá sé idir dhá chómhairle. Tá cos
leis san uaigh agus cos eile ar an mbruach. Tá na cosa
agat anois, ach ná dein aríst é = tá'n tu saor, gan mháchail,
gan bhuala — tréis droch-ní a dhéanamh, nó dul i gconntabhairt
(cúntúirt). Tá cos mhaide, cos chuirc, fé: nó cos chrainn.
An chos do b'fhearr againn do chuireamair uainn é = an rud,
an taca.



COSABOCÓID — Gortuigheadh me i lár léim na cosa-
bacóide = léim a tugtar le h-aon chois amháin. Bhíos ar mo
chosabacóid, nó ag imeacht ar mo chosabacóid = ag léimrigh
liom ar mo leath-chois. Chuaidh sé ar cosabacóid ann; nó,
de chosabacóid = ar leath-chois. Tá sé ag siúl de chosabacóid,
ar cosabacóid = cos leis tógtha i n-áirde aige. Chuas de
léim chosabacóide go dtí an doras.



COSCARTHA — Tá an dínnéar coscartha go maith agat =
ithte; tá gabhtha tríd agat. Táim ag coscairt na h-olla =
ag togha amach an chuid is feárr di. Tá an coirce coscartha
aige sna h-asail, ag an ngaoith mhóir = loitithe.



COSDAS — Ba mhó a chosdas ná a mhaitheas. Tá ana-
chosdas déanta agam leis an bpáirc = táim dulta chun ana-
chosdais. Dheineas ar mo chosdas féin é = mise a dhíol as.
Chuaidh an pháirc chun ana-chosdais air sar a raibh sí socair =
bhain mórán airgid as a phóca. Fuaireas an leabhar ar an
gcéad chosdas = ar airgead a churtha amach. Bhfuil a chosdaisí
fachta aige? = airgead luinge. Deirtear é sin, leis, le
duine a bhéadh ag fáil bháis = na cosdaisí a thabharfadh treasna
go dtí an taobh eile é. An buachaill go raibh a aghaidh ar
Mheirice agus cosdas déanta aige, ach a iompuigheadh thar
n-ais, bhí sé clamparach = mí-shásta. Ní maith liom dul i
gcostas é cheannach. Ní dhíolfaidh an obair as an gcosdas.



COSNAIM — Tá cosaint mhaith againn i gcoinne na báistí.
Nó, fuirean báire, cig, chun ainm an choláiste do choimeád
i n-áirde.



COSNOCHTAITHE — Chuireas mo bhróga orm cosnochtaithe =
gan aon stocaí.


L. 125


COSTRIOMACH — Tá an fear san ana-chostriomach = ní
raghadh sé i n-áit fhliuch, ná i n-aon bhall 'na mbéadh díobháil nó
conntabhairt: ana-airitheach.



COSÚIL — Táim cosúil = cuíbhsach. Is cosúla go mór é =
is mó go mór a bhainean sé le deallramh. Níl na prátaí ach
cosúil againn.



COSÚLACHT — Tá cosúlacht agam leat = deallramh. Tá
cosúil lem dhóthin agam = tímpal is mo dhóthin. Ní olc an
ní cosúlacht = iarracht mhaith de rud éigint. Níl mo dhóthin
prátaí agam, ach tá cosúlacht mhaith agam aca.



CÓTHALÁN — Bhí cóthalán rínce ann = gasra rínce.



COTHRAMÚIL — Sé is cothramúla a thagan orainn = is
fusa, is lúgha anacair. Is cothramúla gabháilt soir. Tabhair
leath an airgid dó agus ansan beidh cothramúil eadraibh.
Níl an t-ualach cothramúil ar mo dhrom: ná an chathaoir ar
an úrlár: ná an t-úrlár féin. Cothromúil.



COTHROM — Tá a gcothrom ar mhuca = a gceart d'airgead
nó a meághchtaint d'airgead. Má bhíon duine istig ní bhíon
sé i gcothrom chun aon éifeacht a bhaint as an aimsir = i slí
cheart: ní bhíon ar a chumas: ní bhíon i n-áit oiriúnach chuige.
Bhí an cothrom im choinnibh ag teacht, ach bheidh sé agam, liom,
ag imeacht. Tá an bhó ar míochothrom = i slí éigint ná fuil
suaineasach — dá mbéadh sí caite i bpoll, nó go míochothrom
ar an úrlár. Níl aon chothrom agam ar é dhéanamh = seans
ceart, slí cheart. Ní féidir liom é seo a dh'iompur (úmpur),
mar ná fuil cothrom agam air = greim ceart, cig. Níl an
mheágh, an scála, 'na chothrom. Chuaidh an bhó ar míochothrom.
Brisfir an bloc mar tá cothrom agat air = é bheith féd bhun
agus tusa ós a chionn. Táid i gcothrom le chéile — dha rud sa
mhéagh, nó beirt ag triail a chéile. Fan agus tabharfad
cothrom duit = marcuíocht — do dhuine a bhí ag siúl. Tá an
cothrom agam ort = bonntáiste. Fuair sé cothrom orm =
seans chun díobháil a dhéanamh, bonntáiste. Bhí ana-chothrom
aige sa rás = ana-bhreis: scaoileadh amach ana-thamall é de
bhreis ar na daoine eile. Ní theastuighean uaim ach cothrom
= ceart: gan aon éagóir do dhéanamh orm. Daoine do


L. 126


chur i gcothrom = ar aon scór amháin: i slí go mbéadh aon
tseans amháin aca. Tá cothrom anso agam dhuit = rud
éigint a thabharfaidh cabhair duit. Bhainfaimís cothrom
éigint des gach aon fhocal go dtí é seo = ciall a bhaint asta.
Shíneas siar ar mo chothrom = suaineas. Táim suidhte ar mo
chothrom. Dhá rud a chur i gcothrom = i n-ionanas. Páistí
gan chóir, gan cheart, gan chothrom = ná fuil aca na neithe
ba cheart a bheith — éadach, biadh, scoil, agus mar sin.



COTHROMUÍOCHT — Níorbh fhéidir leis aon chothromuíocht a
dh'fháilt ansan toisc go raibh an áit ró-fhada ó láimh, ó bhaile,
ró-aistearach = aon oiriúint: aon rud mar ba cheart.



COTHUIGHIM — Tá sé ag dul i gcothú = i reimhre, i reimhreacht.
Tá cothú maith ort = tu bheith deighfheisceanta, reamhar. Tá
cothú maith sa pháirc sin. Tá cothú maith aige, pé scéal ag
an snas atá air = biadh. Cothú air sin chúghat, nó dhuit =
chnách san ort (pé aca olc maith é). Táid ag cothú uilc chun
a chéile = ag bailiú. Ag cothú feirge.



COTHUITHEACHT — Tá sé ag tuitim chun cothuitheachta = chun
feóla.



CRABHARTHA — Crabanta leis, nó cabanta = cainnteach,
seana-chríona, deisbhéalach.



CRAMPA — Ní raibh aon chrampa 'na theangain chun leath-
scéal a chuma. Tá crampaí fuachta ionnam. Fiabhras
crampaí — bíon duine crampáltha suas. Bhí se 'na chrampa
marbh = ana-chrampáltha. Tá sé istig ansan ar a chrampa
ag an ndigh = crampáltha suas: gan é ar a chumas aon
chorruighe ar fóghnamh a dhéanamh.



CRAMPAER — Duine a bhíon ar a chrampa: nó go
mbíon na dathacha, nó crampaí, ann.



CRANN — Bhí sé á mhola go crannaibh na spéire = go
h-árd. Nó, go crannaibh na gréine. Thuit an crann orm.
Rud a chur ar crannaibh — an chéad ghlaodhach, cig, i gcomórtas.
Cuireadh ar dhá chrann, ar trí crainn, é. Tá ádh crann ort =
tuitean an crann, crann an áidh, ort go minic. Thuit sé
ar mo chrann, ar mo chrann chúgham. Bhí crann na tubaiste


L. 127


orm. Chuireadar ar dhá chrann le chéile é. Cuireadh trí
crainn síos ar aon rud amháin. Nuair a cuirtear rud ar
crannaibh bíon a chrann féin ag gach éinne — blúire mhaide,
blúire páipéir, nó aon ní mar sin.



CRANN-LAOCH — Is éachtach an crann-laoch fir an sagart =
fear mór cumasach árd.



CRANS — Ní gádh dhuit puínn crans do chur ar an leitir,
ach scaoile léi = bheith á deisiú, á scríobha go deas, cumaí
beaga a chur uirthi. Is mór na crans atá ar a chainnt =
castuíocha as an slí. An gcloisean tu na crans a chuirean
sé ar an sean-fhocal? = cuma. Tá an iomarca crans á
gcur ar an obair agat. Táid ag imirt crans ar a chéile
= seó beag: crosa beaga seóig: an fáinne do scioba as
do chasóig, nó bróiste as burlach cailín: urchar beag a
scaoile fé dhuine Nó, aon-ní mar sin.



CRAOBHODHAR — Craobh-fhabhar. Rud dearg a thagan ar
chlúdach súil dhuine, uaireanta: ar an bhfabhar. Tá craobho-
dhar ar a shúil. Tagan ar faoir (faobhair) na súl.



CRAODÓ — Táim ar mo chraodó ó mhaidin = gan duadh
gan duais, gan obair, gan ghnó; ar mo shuaineas. Táim
sínte siar anso ar mo chraodó. Beimíd ag baint an tíghe
amach ar ár gcraodó = go breá, socair, suaineasach. Nó
craedó.



CRAOIBHÍN — Tá sé ar a chraoibhín t-seabhrach = ar a thoil
go breá i ngach aon chuma. Duine sínte siar, a bholg lán,
píp na bhéal — sin sompla leis.



CRAOS — Bhícraos air chun ní éigint = ana-dhúil: a bhéal
ar dian-leatha chuige. Bhí craos air ag gáirí.



CRAOSÁN — Chuas isteach i gcraosán doimhin = séiltheán
doimhin — slí a bhéadh geárrtha isteach sa talamh ag, cig, an
uisce a thagan anuas cliathán an t-sléibhe. Tá craosán sa
bhóthar ag an uisce = méiscire geárrtha isteach ann.



CRAOS-GHALAR — galar a bhainean leis an gcraos.


L. 128


CRAPAIM — Tá sé crapaithe isteach na chéile. Tá sé
ag siúl crapaithe. Chrapas an focal = níor thugas é go
léir amach, nó gan an fhaid cheart a thabhairt dó. Craiplea-
chán = duine a bhíon crapaithe sa t-siúl, nó ar aon t-saghas slí.



CRÉ — Beimíd 'nár gcré fé sin = marbh. Níl aon chré
bhuidhe sa bhfear san = tá sé seasmhach, misniúil, neamh-
eaglach. D'iompuigh dath na cré orm nuair a chuala an
droch-scéal.



CRÉACHTAÍ — Tá sé 'na chréachtaí lag = 'na chorp lag,
caithte, lom.



CREAGAR — Is maith an cómhartha báistí an creagar
bheith ag amhrán, ag portaireacht, ag glórthuíol, san adharta.
Coileach na luatha ainm eile dhó.



CREAS — Bainean capall teine chreas as an mbóthar
nuair a bhuailean sé an t-iaran. No, má bhuailean clocha
scáil ar a chéile deinean siad teine chreas.



CREATHA — Bhí sé ar na creathaí agus an chathaoir ar na
creathaí fé.



CREATALACH — Conus tá do chabhail agus do chreatalach?
= gach aon spalla dhíot. Tá mo chreatalach teinn = an corp
lasmuigh den cheann agus de sna géaga. Tá creatalach
curtha isteach ag an dtaoide = corp, corpán. Creatalach
an chuirp.



CREIDIM — Má's creidithe dhúinn é = má's ceart dúinn
chreidiúint: creidiúint a thabhairt dó. Creid uaim gur
fíor é. Creid mise ann = sa rud atá le rá agam.



CREIDIÚINT — Níor thugas aon chreidiúint don gcleas =
níor ghéilleas go raibh ann ach cleas. Níl aon chreidiúint
ag éinne air = meas. Is mór an chreidiúint duit bheith chó
maith chun Gaoluinne. Thugas ana-chreidiúint dó tímpal an
cheachta. Ní raibh aon gheall san imirt ach creidiúint = ainm;
chail agus clú; nuair a dh'imreóch duine chun an lámh uachtair
á bhuachtaint.


L. 129


CRIATHAR — Oiriúint chun rud a chriathairt. Tá sé mar
do scaoilfá tré chriathar é anois amuigh = ana-thulca báistí a
bheith ann. Cainnt a scaga agus a chriathairt = na dearúid go
léir a chátha amach.



CRÍOCH — Crí. Ní fios cad é an chrí bháis a chuaidh uirthi =
cad é an saghas báis a fuair sí. Chuir sé crí fhliuch ar an
airgead = é chaitheamh i dtig an óil. Sin crí agus deire mo
scéil. Rud a thabhairt chun críche = é chríochnú, é thabhairt
chun cinn. Níl crí ná áird ar an dteinteán (tínteán) = é
bheith salach; nó fuar feannaideach. Chuireas crí an lae
dheireanaigh air = bás a thabhairt dó, é chaitheamh siar go bun-
deoch, cig. Caithfidh me crí éigint do chur orm féinig anois =
pósa, nó rud éigint. Tá an teine ag imeacht gan chrí = gan
mhaith, gan tairbhe. Is féidir le h-éinní eile bheith ag imeacht
amhlaidh, leis. Chuir sé crí mhaith ar a chlainn = iad do shocrú
síos go maith. Ná bí ag cur droch-chríche air sin = á lot.
Béidir go dteastóidh sé fós.



CRÍOCHNUIGHIM — Sé an críochnú a dh'imigh ar an ngarsún
= crí. Nílim críochnuithe; nó, níl críochnuithe agam.
Thánag anso chun críochnuithe = chun bárr feabhasa do chur
orm féinig.



CRÍONUIGHIM — Nuair a chríonóidh sé beidh sé go h-aindeis
= nuair a raghaidh amach san aois.



CRITH — Tá an chrith air — galar é sin. Tá an chrith mhairbh
ar gach aon láimh sa t-siopa san chun pinghiní = ana-dhúil.
Cúis na creatha.



CRITHIR — An chrithir ola. Galar caorach é sin a thagan ar
chaoracha troma feólmhara. Atan siad.



CROBH — Tugadh, tógadh, a chruibh os a chionn = leagadh é ar
a dhrom: tugadh an taobh síos suas dó. Thug sé mo chruibh
i n-áirde = leag sé me i gcor (coruíocht): bhí an triopal
fé agam. Geárradh mo mhéireana amach ón gcrobh = ós na
h-ailt. Tá crobh mo lámha teinn ón rámhain. Tá na méireana
dho (de) amach ón gcrobh = bainte dhe. Féach an crobh
mór atá air = lámh mhór agus í leathta amach. An crobh =


L. 130


an lámh ón dtaobh istig ón gcaol amach go dtí sna
méireana. Lán mo chroibh. Crobh mine.



CROCHAIM — Crochadh me (i gcártaí) — nuair a fágadh
cárta maith im láimh toisc gan chaoi agam ar é imirt.
Chroch sé suas a cheárd, nó éinní = eirigh sé amach aisti. Tá
an t-ól crochta aige = tugtha suas. Caint chrochta = gur
deacair í thuiscint don té ná béadh na taithí. Croch líonta
= oiriúint ar a gcuirtear na líonta ag triomú. Chuirfá
chun na croiche me. Ná crochuigh, ná snapaigh, suas mar sin
me má dheinim dearúd beag féin. Nó, ná bí anuas orm
má dheinim. Tá a pheann crochta ag an mbás = 'na stad
toisc é féin bheith marbh.



CROICEAN — Bhainfeadh an lá, an áit, an croicean de chat
leis an bhfuacht. Cuir croicean ort féin chun na h-oibre =
cuma. Cuir croicean na h-oibre ort héinig. Tá na
cnámha ag polla an chroicin aige Tá'n tu i gcroicean maith
= ag féachaint go maith. Tá sé ana-fhuirist croicean a chur
ar laogh dhó = cama-scéal a chur na luighe air — le fear nách
géar é sin, gur fuirist marga nó socrú a dhéanamh leis:
chreidfeadh sé aon ní. Croicean a bhaint de scilling = í
bhrise. Croicean a chur ar phúnt = é chur le chéile. Tá sé
ag dul amach as a chroicean = ag dul i bhfeóil. Bhainfeadh
sé an croicean de chat — duine spriúnlaithe. Tá droch-
chroicean ar an bpáirc = droch-fhód. Tá a chroicean leis =
tá sé nochtaithe. Tá mo chroicean leis = le pé ní a bhíon
lasmuich — leis an bhfuacht, leis an ngréin. An té gur
fuirist croicean a chur ar laogh nó ar scéal dhó, is fuirist an
dubh a bhuala 'na gheal air. Capall gan chroicean = stagún,
cig. Bhí an braon istig go croicean orainn. Is fuirist
croicean, nó clúmh, an leómhain do statha nuair a bhíon sé
marbh. Tá'n tu ag dul i gcroicean maith = i ndeagh-chuma.
Chuiris croicean maith suas le déanaí. Tá sé ag imeacht
amach as an éadach = ag dul as, ag loma. Tá sé chó spriún-
laithe san go mbainfeadh sé an croicean de dhreanncaide.
Tá croicean an phráta nua ar a h-aghaidh = croicean beag
lag.



CRÓICÍN — Bhí an cróicín polltha isteach fé phort cré =
cró beag tíghe: tig beag suarach.


L. 131


CROIDHE — Ní fheicfeadh sé a chroidhe dá mbéadh sé ar a
bhais aige — duine a bhéadh spriúnlaithe: bhéadh an croidhe ana-
bheag, ana-chumhang aige. Bhéarfadh sé ana-ghreim isteach
ar do chroidhe nuair a scaoilfá duine an doras amach =
chuirfeadh sé ana-chathú ort é dhéanamh. Bhí a chroidhe na dhorn,
aníos na scórnaigh, aníos na bhéal aige, nuair a bhí sé ag goid
na bprátaí = ana-eagla a bheith air. Tá ar itheas 'na stad
ar mo chroidhe fós = ag braistint trom istig ionnam. Níl
aon chuimhne im chroidhe air = aon chuimhne i n-aochor agam
air. Buail lámh ar do chroidhe agus tabhair rud éigint don
nduine bocht = ná bí spriúnlaithe, ná do chroidhe beag. Beidh
gníomh maith á dhéanamh agat.



CRÓILÍ — Tá cróilí san asal = bacaighe. Bhéadh cróilí
ionat dá mbéadh an bhróg ag luighe ar do chois. Id láimh, dá
mbéadh sí crapaithe nó gan é ar do chumas aon earruíocht
a bhaint aisti. Chuireas cróilí san asal leis an maide =
bacaighe: bhéadh sé ag imeacht cam, bíodh is ná béadh na cosa
gortuithe.



CROINICÍOCHT — Níor fhéadas aon chroinicíocht a dhéanamh
ortha = difríocht. Ba mhar a chéile im shúilibh iad.



CROITÍ — Tá an bhó ins na croití deire = ag crotha na
gcos: ag fáil bháis, nó i ngiorracht dó. Nó, tá sé ins na
croití déanacha = ag treabha roimis fé dhéin an bháis.



CRÓLÍNTE — Tá sé i gcrólínte an bháis.



CROMA — Faid mo mhéire fada.



CRÓMHNTA — Nách crómhanta an t-amadán é? = críoch-
nuithe. Nách crómhanta a chuaidh sé le n'athair = cruínn: tá
ana-dhéarthamh aige le n'athair: sé an t-athair 'na chrot héin
é. Rón seadh é sin go crómhanta = go cruínn, gan amhras.
Is deárthatach le n-a mháthair go crómhanta é. Nách crómhanta
an scéal é gur briseadh an lampa? = nách maith a thárlaidh?



CROMHNÁN — Níl ann ach cromhnán, nó crónán, báistí =
rud beag: báisteach éadtrom.



CROMTHA-SHLINNEÁNACH — Tá sé cromtha-shlinneánach.



CRONSÁLTHA — Nách cronsáltha atá sé déanta suas? =


L. 132


go breá. Nó, cransáltha. Ó chrans. Nách cronsáltha an
obair í sin atá déanta agat! Lán de chrans.



CRONT — Le bárr cront cainnte adúbhairt sé é = (le
bárr crans cainnte). Le cront ar an leanbh a tugtar
a shlí féin dó = le mórtas as.



CROS — Má cuirtear na páistí ar scoil ní bheidh siad istig
chun bheith ag déanamh cros ná ag teacht sa tslí = ag déanamh
rudaí as an slí, ag drapadóireacht, ag brise rudaí, agus
mar sin de. Ólfadh sé an chros den asal = ólfadh sé úathbhás.
Tiocfaidh crosa as tógaint an choláiste = comhrac, droch-
obair. Ní bhíon ar siúl aige ach toirmeasc is crosa. Bíon
na h-Ógláigh ag déanamh cros ar an ríaltas. Bhí sé ag cros
orm = ag déanamh cros orm. Táim déanach ón bportach
mar bhí an t-asal ag cros orm, nó ag déanamh cros orm =
ag imeacht soir is siar: ag stad suas, agus mar sin. Nó,
bhí an t-asal crosta orm. Ghoidfeadh sé a chros den asal =
ghoidfeadh sé éinní. Deirtear go bhfuil an chros san beanuithe.
Ag dul chun cros atá sé.



CROSCHEISTÍGHIM — Bhí an dlígheadóir á chroscheistiú.



CROSCHUARDACH — Bhíos fé chros-chuardach i dtig na cúirte
indé.



CROSDA — Nó, crosta. Tagan an Ghaoluinn ana-chrosda
orm = ana-chruaidh. Tháinig sé crosda orm dul 'on mbaile
mór = cruaidh: neamh-chaothúil. Tá an focal san crosda
go maith = cruaidh, casta. Leigfeadh sé focal amach ar shlí
chrosda ná tuigfeadh éinne. Ceist chrosda chruaidh. Tá sé
crosda go maith é sin a dheisiú = ní h-aon obair dhíreach é.



CROSDÁLTA — Tá an leanbh crosda crosdálta go maith.



CROSDÁLTACHT — N'fheadar conus a thug an leanbh an
chrosdáltacht go léir leis.



CROT — Níl aon chrot ag teacht ar an lá fós = cuma. Sé
Seán na chrot aonair, nó 'na chrot daona, é = 'na steile-
bheathaigh. Níl aon ana-chrot air = aon ana-chroth.


L. 133


CROTHAIM — Dheineas crotha lámh leis. Bhain sé seacht
gcrotha as mo láimh = ana-chrotha. Tá sé ag crotha na gcos
= ar bhruach an bháis. Ní féidir liom an slaghdán a chrotha
dhíom. Tá mála an phlúir croite amach agam = buailte
amach, gan éinní fágtha ann. Bíon éinní buailte amach,
croite amach, nuair a bhíon an bonn imithe uaidh — feirmeóir,
cig, nó siopadóir, a bhéadh briste síos. Tá an capall croite,
críona = gan aon neart ná maitheas ann. Ba cheart duit
tu féinig a chrotha suas.



CRUADHAIM — Chruaidh an lá = d'eirigh cruaidh: breis
ghaoithe nó fuachta do theacht ann. Cruaidh an port = géaraigh:
breis siúil a chur ann-rínnceóir a déarfadh.



CRUAIDH — Táim go cruaidh láidir = gan bheith bog. Scéal
cruaidh bheith ag brath ort. Fuaireas an teanga, nó aon-ní,
go cruaidh uaidh. Cara an lae chruaidh. Tá an t-uisce cruaidh-
the = te gan bheith beirithe: te go maith. Raghad ann más
cruaidh dhom é = má chaithim é. Bhaineas sásamh cruaidh dá
cheann = buala tréan a thabhairt dó. Ní chuirfeadh Éire aon
léighean id chluasa, id cheann: tá an ceann ró-chruaidh ort =
dall. Cuir amach braon díghe chúgham. Cad é an saghas?
An braon cruaidh = an t-uisce beatha. Ta an braon cruaidh
sa bhfear san = malluithe.



CRUATAN — Bhí cruatan bídh orm = gátar. Níl aon
chruatan is measa ná cruatan an ocrais. Bhí cruatan maith
ar na daoine nuair a bhí na bóithre geárrtha.



CRÚCA — Ní raibh lámh ná ladhar ná crúca agam sa ghnó
san = aon bhaint agam leis. Ní bheidh aon chrúca go deó
aríst agam ínti mar Ghaoluinn. Ní h-é Séamas a chuir
aon chrúca sa chailín sin = aon droch-chúrsa bheith ar bun aige
léi.



CRÚDH — Tá feídhre cruite uaim dom bróga.



CRÚDHAIM — Níl an áit seo crúite agam fós = pé ní atá
ann bainte amach as. Nílean tu crúite agam fós = a bhfuil
de Ghaoluinn, cig, agat priocaithe uait agam fós.


L. 134


CRÚIBÍN — Tá a chrúibíní, nó a chrúba, i n-áirde = tá sé
marbh.



CRÚIBÍNEACH — Galar é sin a thagan ar chrúibín ainmhí.
Tá an chrúibíneach ar an mbó.



CRUICEACH — Dá mbéadh mór-sheisear ann chun rínce 'na
mbeirtibh, bhéadh duine díobh cruiceach = bhéadh sé gan pháirtí,
spártha, as an slí. Is ait an fear Peadar. Tá sé cruiceach
agus bun-ós-cionn le gach éinne = leithreachas bheith ag baint
leis.



CRUINN — Tá'n tu neamh-chruinn id ladharacha = gan é
bheith ar do chumas greim ceart a choimeád. Bhí sé neamh-
chruínn as a lámha, 'na lámha, as a pheann, 'na pheann, agus
mar sin. Neamh-chruinn ar a chosa. Táim cruínn ar an
nGaoluinn, sa Ghaoluinn, chun na Gaoluinne = géar, neamh-
dhearúdach. Tá an fear san cruínn ar an airgead, fén
airgead = cruaidh, spriúnlaithe. Níl sé ró-chruínn ann féin
— leath-amadán. Tá Aodh cruínn ar gach aon ní = tá sé
gairid dó féinig, neamh-chaithteach.



CRUINNEAS — Níor dheineas cruinneas ar an obair = é
dhéanamh go cruinn. Níor dheineas cruinneas ar na bulóga a
tháinig isteach = iad do chómhaireamh go cruinn. Níl aon
chruinneas agam ar cad é an t-airgead atá agam = cúntas
cruínn.



CRÚSTA — Crústa d'arán cruaidh a fuaireas = bhí sé go
léir cruaidh idir screamh agus bhia. Thug sé crústa dhorn
dom = buille cruaidh.



CRÚSTUIGHIM — Bhí sé ag caitheamh cloch liom, ach níor
chrústuigh sé me = níor bhuail, níor aimsigh. Bhí sé ag crústú,
nó ag crústach, orm = ag caitheamh liom. Ní chrústóch sé
capall bán = ní aimseóch sé éinní. Chrústuigh sé me le bata
= chaith liom agus bhuail: nó bhuail agus é 'na láimh aige.



CRUTH — Chonac cruth beag aréir = taidhse beag, samhailt,
rud agus deallramh duine air.


L. 135


CRUTHANTA — Amadán cruthanta = críochnuithe, crómhnta,
tofa. An cearc an sicín sin? Seadh, ceann cruthanta.



CRUTHNUIGHIM — Níl na prátaí ach cruthnuithe againne
fós = tosnuithe, cruth agus deárthamh prátaí tagtha ortha.
Níl na h-úbhla ach cruthnuithe ar na crannuíocha = cuma na
n-úbhal tagtha ortha: iad á gcur féin i n-úil. Ní raibh sé ach
cruthnuithe i mbroínn a mháthar an bhliain sin.



CÚ — Ní féidir liom teacht suas leis ar chú ná ar chleas.
Ní bheidh an obair críochnuithe againn ar chú ná ar chleas
= agus ár ndícheal a dhéanamh. Theastuigh uaidh an fear maith
bheith aige orm ar chú nó ar chleas = cóir, cam, díreach; i slí
éigint, agus ba chuma cad é.



CUAIRD — Chuas ar mo chuaird ag triall ar Sheán (cuaird
áirithe é sin), agus sa tslí dhom bhuaileas isteach ar mo chama-
chuaird chun Séamas a dh'fheiscint. Is mó áit 'nar thugas mo
chama-chuaird ó shoin.



CÚBAIM — Chaith sé cúba siar mar ná raibh teanna ar a
chúlaibh aige = cluas mhaol a bheith aige: tarrac siar-toisc
gan chabhair laistiar de aige



CÚBÁLAIM — Tá do chasóg cúbálta tréis na h-oidhche
agus na fearthaine = fillte. Tá cúinne na billeóige
cúbálta agat = iompuithe siar. Cúbáil chúghat an páipéar
go ragham abhaile = fill chúghat é.



CÚBALÁLAIM — Cúbaláil chúghat an olan atá ar leatha
ansan = bailigh. Tá cúbaláil na rógaireachta ann, leis =
bheith ag bailiú chúghat i slí ná béadh ceart, go mór mór rud
ná béadh ceart agat chuige. Tá'n tu cam ansan. Tá'n
tu ag cúbaláil na gcártaí fóghanta isteach chúghat féin.
Cúbaláil chúghat iad: is leat-sa an déanamh. Chúbaláil sé
an páipéar isteach i n-aon cheirtlín amháin = d'fhill, do chrap.
Dá mbéadh iasc le roinnt agus duine a d'iarraidh breis
agus a cheart a thógaint; nó dá n-eireóch clampar i n-imirt
chártaí agus gach éinne ag breith greama ar pé airgead a
dh'fhéadfadh sé, sin cúbaláil agat. Cuir uait an chúbaláil
ansan thíos fén mbórd, agus ná bí ag imirt cam.


L. 136


CUCÓL — Nuair a dh'imeóch bean ó n-a fear agus gabháilt
le fear eile, bhéadh a fear féin fágtha 'na chucól aici.



CUIBHREAN — Nó, cuibhreanas. Bí am chuíreanas anso =
suidh síos anso chun búird im theannta: nó, tóg leat as
mo phláta. Bhíodar i gcuírean, nó i gcuíreanas, a chéile.



CUID — Níl aithreachas ná cuid d'aithreachas ortha = aon
aithreachas i n-aochor. Níl sé dáríribh, ná cuid de dháríribh.
Níl Gaoluinn ná cuid de Ghaoluinn aige. Mar sin de.
Dúbhairt sé é, agus bhí cuid a ráite aige = cúis, bun, a
ráite muna bhfuil tu sásta leath-chéad a thabhairt ar an
gcapall, bíodh a chuid féin aiges gach éinne, agus ní bheidh aon
díobháil déanta = an t-airgead agat-sa agus an capall
agam-sa. Tá'n tu ag déanamh do choda féin den leabhar a
tugadh ar iasacht duit. Sí an chuid is fearr atá aige sna
mairbh = an taobh is feárr.



CUIDEACHTÚIL — Tá an fear san ana-chuideachtúil; nó,
cuileachtúil (cleachtúil) = cuileachta ana-mhaith seadh é.



CÚIG — Cé mhéid cúig a fuairis sa chluiche? Dhá chúig,
trí cúig, agus mar sin. Níor fhéadas aon chúig a dh'imirt
air = cleas: bob. Tá gach aon chúig triallta agam leis.
Níor bhuadhas air i n-aon chúig.



CHUIGE — Níor thuigeas chuige é = i n-aochor.



CUIGEAN — Ní raibh puínn ime ar an gcuigin. Ach, níl
a thuille ime sa chuigin — nuair a bhíon an t-ím tógtha amach =
sa mheidir.



CUIGILIM — Tá sé chó maith agat an droch-aigne do
choigilt, do chuigilt = do choimeád síos, istig. Is feárr
cuigilt ar dtúis ná ar deire = spáráilt. Coigil an teine —
rud gur féidir é dhéanamh i lár an lae = í spáráilt, faid a
bhaint aisti.



CÚIL — Tá cúil bhreá phrátaí againn = carn díobh a bhéadh
istig i seómra, i dtig. Ach, tá mórán againn amuigh i
bpoll = sa ghort.


L. 137


CUILEACHTA — Is breá an chuileachta fir é. Nó, is mór.
Bhí ana-chuileachta againn = cómhrá. Bhíomair ag déanamh
cuileachtan. Thugas bheith istig dhó mar chuileachta dhom,
toisc ná raibh éinne eile sa tig. Níor mhaith liom bheith i
n-aon chuileachtain amháin leis = i n-aon bhuidhin amháin.



CUILEACHTÚIL — Tá sé ana-chuileachtúil = ana-chuileachta
bheith ag baint leis, ann.



CÚIL-FHIACAIL — Tá an chúil-fhiacail (nó na cúil-fhiacla)
go maith, nó fásta go maith, aige = tá sé aosda a dhóthin.
Ní h-aon leanbh ó aréir é.



CÚILÍN — An blúire adhmaid a cuirtear síos leis an
sáfach (cos na ráinne) sa ráinn, nó sa rainn.



CUÍMHNE — Tá cuímhne fhada aige. Tá cuímhne aige ó
rugadh é. Tá cuímhne aige siar go dtí —. Rith cuímhne
Sheáin chúgham = chuímhnígheas air. Muna mbéadh sé ag cuimhneamh
ar na rudaí a thuit amach, ní choimeádfadh sé an chuimhne.
Ní raibh aon chuímhne im chroidhe air = i n-aochor. Bhíos ag
cuímhneamh ar cad do b'ainm dó, ach níorbh fhéidir liom an
ainm a thabhairt chun mo chuímhnte.



CUÍMHNEAMH — Ba mhór an cuímhneamh dhuit é dhéanamh =
meabhair. Tá mo chuímhneamh ort = bím ag cuímhneamh ort.
Tá an focal san anso le cuímhneamh na ndaoine = chó fada
siar agus is féidir leis na daoine atá suas cuímhneamh air.
Bhí gach cleas agus cuímhneamh ag dul im choinnibh = beart, bob.
Ní thógfadh sé éinní le deich nóimintí an dán a thabhairt amach
muna stopfadh an cuímhneamh — é thabhairt amach de ghlan
mheabhair.



CUÍMHNÍGHIM — Cuímhnigh cad tá á rá agat. Míle púnt
a bheith agat! Cuímhnigh air. Cuímhniú míosa = Aifrean a
déarfaí le h-anam dhuine i gceann míosa ó n-a bhás. Thug sé
cainnt chrúinn chuímhnte uaidh = cainnt go raibh cuímhneamh
déanta aige uirthi. Dá mbéadh an focal id cheann bhéadh sé
cuímhnte agat fé seo = tughta chun do chuímhnte.



CUÍMPLÉAS — Cuímpléas cearcail = an líne a bhíon ag


L. 138


imeacht tímpal. Tá ana-chuímpléas ann = ana-thímpal — i
mbóthar sochas bóthar eile.



CUÍMSE — Níl aon chuímse, aon chuímse fén spéir, leis;
le n-a chuid Gaoluinne = teóra.



CUING — Chuireas mar chuing air é dhéanamh = mar ualach,
dualgas. Tá an capall dubh ag tabhairt na cuinge amach sa
treabha = ag buachtaint ar an gcapall eile: ag dul chun
cinn air. Tá Séamas ag tabhairt na cuinge amach go maith sa
Ghaoluinn = á foghluim go maith (de bhreis ar an gcuid eile).
Is éachtach an fear oibre é dá mbéadh duine ann a choimeád-
fadh ceann cuinge leis = a dhéanfadh chómh-obair leis: a
choimeádfadh an tarrac 'na choinne. Dá dtabharfá an
t-eiteach dom, bhéinn ag coimeád na cuinge leat béidir go
ceann i bhfad féachaint a bhfuighinn sa t-seans thu, an t-seans
ort = bheith ag imeacht led chois, ag faire ort.



CÚINSE — Bhíos ag cuímhneamh ar chúinsí agus gliocas chun
teacht saor as an gcás 'na rabhas = slite, bearta. Nách
mór na cúinsí atá ar siúl agat = rudaí, gnóthaí: duine
bheith ag cuímhneamh agus ag beartú mórán cúrsaí. Is mó
cúinse na chroidhe siúd = is mó rud a bhíon á bheartú aige.
Tá cúinsí agat, a mhic ó = gliocas. Bíon mórán cúinsí,
cuínsí, nó cúinsithe, ar bun aige i bhfaid an lae = oibreacha
nua, smaointe ar ghnóthaí, pleanana, slite, cama-shlite.
Bíon cúinsithe an domhain ag baint le feis = bóithre go
gcaithtear aire thabhairt dóibh.



CUIREADH — Thug sé, chuir sé, cuire dínnéir go dtí iad.



CUIRIM — Leig dhó bheith ag cur as go mbeidh sé cortha = ag
cainnt. Cuir scrabha báistí an galar ceangailte na
chroidhe. Nuair a chonnaic sé na póilíní chuige bhí sé ag cur
uaidh le h-eagla = ag breith phiscíní: uiscíní. Tá an bhruití-
neach curtha amach aige = i dtreó go bhfuil sí le feiscint ar
an gcroicean. Is féidir mórán galar a chur amach mar sin.
Deir tu gur fíor é sin, ach cad é an cur-amach atá agat air?
= cá bhfios duit? conus a chuirfá i n-úil go bhfuil sé fíor?
Níl aon mhaith ionam chun gaol do chur isteach = do chómhaireamh:
do léiriú. Ní h-aon mhaith bheith ag cur suas do thoil Dé =


L. 139


bheith ag dul 'na coinne. Cuirfidh me geall leat ná fuil an
ceart agat. Ní chuirfead leat. Chuala an focal ach
n'fheadar conus é chur = é chur ag obair: é oibriú. Anois
atá an leasú ag cur leis na prátaí = ag cabhrú leó.
Cuirim ort — adeir buachaill nuair is mian leis comórtas
a chur ar bun; agus má leigtear leis, beidh an chéad ghlaoch
aige. Ní h-eadh, ach cuirim-se ort-sa — adeir an buachaill
eile nuair ná bíon sé sásta an chéad ghlaoch a thabhairt dó.
Nuair a chonac an tarbh chúgham chuireas sa rith; nó, chuireas
ins na cosa = siúd chun reatha me. Is ana-dheacair aon
oideachas cóir a chur air = a chur na cheann. Ní féidir éinní a
chur air. An gcuirfá amach cad a dhíolas as na bróga? =
caith do thuairim. Ní dh'fhéadfainn a chur amach cad is ciall
leis an bhfocal = a rá. Tá an bainne ag cur amach = ag
beiriú amach as an sáspan. Chuiris an lá go h-aindeis =
thugais, chaithis. Ní mór duit teine mhaith chun an t-uisce do
chur amach as an gcorcán san. Bhíodar ag cur líonta agus
á dtarrac. Tá an bainne ag cur 'on dteine = amach.
Cuirfidh sé aníos láithreach, agus raghaidh 'on dteine. Tá
an sáspan ag cur amach, ag cur uaidh. Níor mhór dom cur
uaim mar bhí an fínné im choinne = maolú sa chainnt; an
phíopaireacht a chur uaim, nó an glór árd. Tá an ceacht
foghlumtha agam: cuir orm é = ceistigh, scrúdaigh me 'na
thaobh.



CUIRIPE — Cuiripe an chapaill, na bó, an duine, aon
ainmhí = an t-árdú thiar ar an ndrom, aniar ón eirball. Tá
cuiripe bheag talún ansan = guala talún go mbíon árd ann.



CÚIRT — An chúirt ghearra = an chúirt is lúgha, is ísle, de
sna cúirteana. Cuireadh cúirt air = tugadh ós cóir na
cúirte é.



CUIS — Cuis amach, síos, suas, a deirtear leis na cearca.



CÚIS — Ní raibh aon chúis aige orm = aon rud im choinne.
Bhí cúis amuigh agam air = dhein sé droch-ní éigint liom uair
agus d'fhág san an chúis agam air, cúis a bhí le tabhairt
abhaile. Ní raibh uatha ach "iarraim cúis" chúghat = leath-
scéal chun tabhairt fút: níor ghá dhuit ach iad a phrioca.
Tá an chúis im leith ach nílim daor fós. Dheineamair é agus


L. 140


cúis theinn againn chuige = cúis mhaith, cúis dhóite. Dheineas
ar an gcúis sin é = sin í an chúis a bhí agam. Cúis gháire
chúghainn i gcómhnuí — bíon an gáire déanta an uair sin:
nó, bíon cúis an gháire ann.



CÚISÍGHIM — Níor cheart Seán a chúiseamh, a chúisiú, ann = é
chur 'na leith.



CUISLE — Beir ar chuislin orm féachaint conus tá mo
chuid fola ag gluaiseacht = caol mo lámha. Bhraith Séamas
mo chuisle = do thriail. Cuireadh cuisle daréag air =
breitheamh nó cromhnaer, agus an daréag a ghabhan leó. Tá
do chuisle beagán tapaidh. Tá cuisle mhaith, láidir, thapaidh,
lag, agat. Dá mbeifá ar mo chuisle is dóch go raghfá im
choinnibh. Thuit a chuisleana siar síos leis — duine go n-imeóch
an t-anam agus an bhrí as le h-eagla, nó dá gcloisfeadh sé
ana-dhroch-scéal.



CUIT — Cuit a chait ón bhfeóil. Cuit amach.



CÚITÍGHIM — Chailleas m'uaireadóir ach fuaireas deich
bpúint, agus chúitimh an méid sin an t-uaireadóir = thug
suas. Fuaireas biadh uaidh ach tá sé cúitithe agam leis =
tugtha thar n-ais — é féin nó a chómh-luach. Dheinis maith orm
agus nár fhaghair bás go ndéanfad é chúiteamh leat. Caithfidh
tu cúiteamh a thabhairt dom ann nuair a bheidh crí ort, nuair
eireóir suas. Má briseadh an lampa caithfar a chúitheamh a
chur ar an gcoláiste go léir = díol as.



CÚL — Cheapas gur ar chúl do chinn a bhís = marbh. Tá an
falla aigem chúl = lem dhrom. Is féidir liom é chur i
ndiaidh a chúil i nGaoluinn = buachtaint air. Bhí an ghaoth
'nár gcúl. Nár n-aghaidh = 'nár gcoinnibh. Táimíd ar
chúlaibh na gréine = gan í bheith ag soillsiú orainn. Bíon
cárta cúil againn i gcómhnuí le h-aghaidh an lae chruaidh =
taca: rud go mbainfí cabhair as nuair a bhéadh rud éigint
eile dulta id choinnibh. Bhíodar ag cainnt go dtí go raibh an
t-Aifrean ar a gcúlaibh = tórsa. Tá an t-oileán ar mo
chúlaibh = laistiar díomh. Tá a cuid gruaige na cúl aici =
i n-áirde. Seachain tu héin air sin. Bíon rud éigint mar
chárta cúil aige i gcómhnuí. Tá mo chasóg ar crocha ar chúl


L. 141


an doiris. Bhris mo rothar agus chuir san ar gcúl me =
chuir moill orm: chuir siar me. Bhí a bhean ar a chúlaibh ar an
gcapall aige. Bhí an freagra, an t-airgead, éinní, i gcúl
a dhuirn aige = ullamh: socair suas le tabhairt uaidh. Tá
cúl breá gruaige aici, uirthi. Thug sé cúl le n-a mhuíntir
= shéan sé iad. Bhí sé sínte ar chúl a chinn = sínte siar.



CÚLAIM — Caithfead cúla siar uait: tá'n tu ró-mhaith
dhom = druidint siar. Cúl siar an capall, nó an bád =
cuir siar. Chúlaigh an capall siar, agus is beag nár ghluais
an chairt isteach sa pholl. Dubhart leis an capall a chúla
isteach ar na clocha. Muna mbéadh gur chúlamair-ne chun
deire uatha, do bhrisfeadh an dá bhád a chéile = gur dhruid-
eamair siar. Cúlaighim.



CÚLÁISEAN — Bhí sé i gcúláisean leis féin = áit a bhíon
cúnláisteach deas chun rudaí a chur isteach ann. Tá cúláisean
beag deas ansan laistiar den t-suidheachán sa chúinne 'na
gcuirim na giúirléidí go léir. Bíon an cúláisean as an slí.



CÚLBHÉAL — Bhí an gabhar ag ithe an fhéir, ach bhí sé ag teacht
amach trí n-a chúl-bhéal = an chuid is sia siar den bhéal. Tá a
theanga na chúlbhéal, nó 'na leath-bhéal, ag maga fúm. Nuair
a gheibhean sé an fhaill cuirean sé a theanga 'na leath-bhéal
fúm, nó 'na chúlbhéal = amach — ach ní i lár an bhéil a bhíon an
teanga.



CÚLBHRÚ — Thugadar cúlbhrú maith dhó = marú, basca maith,
cuma-bhrú.



CÚLÓG — Suidh i n-áirde ar chúlóig an chapaill. Chuaidh sí
na cúlóig laistiar de. Tar id chúlóig ar an gcapall tamall.
Raghad-sa mar chúlóig chúghat = laistiar díot. Ní bheir id
chúlóig má bhíon cos leat ar gach taobh.



CÚLTRÁIGH — Ceann na trágha ag gach taobh. Bíon an
talamh ag cúnlú amach go raghaidh i n-aon phoínnte amháin.
Sin ceann de sna cúltrághana.



CUMA — Cuir cuma na h-oibre ort héinig. Bhí sé ag cur
cumaí air héinig = ag tabhairt cló aistigh ar a aghaidh. Ba


L. 142


ró-chuma liom mar gheall air = ba chuma liom aon-ní: ba
chuma liom ar fad. Bhí cuma mhillte air. Dheineas é ar
mo chuma féin = slí. Bead im chodla ar a h-aondhéag. Is
maith an chuma go mbeir = is maith an t-slí 'na mbeir. Tá
cuma na droch-aimsire ort. Níl aon chuma de chló an duine,
an fhir, na mná, air = aon phioc: aon deárthamh. Níl i Seán
ach ar chuma an leinbh (linibh) = ar nós an linibh. Chuireas
cumaí beaga ar an scéal = dheineas é dheisiú i slite beaga.
Lá aonaigh ar chuma an lae indiu do b'eadh é = ar nós. Níl
aon chuma duine ort. Cunathaobh ná priocfá tu héin suas?
Níl puínn ar do chuma = cosúil leat. Tá cuma bheag
shuaidhte ort = tá'n tu ag féachaint rud beag suaidhte. Tá
cuma bheag fhiain chruaidh ar an lá = cuma cuíbhsach fiain. Bhí
sé de chuma air go raibh rud éigint ar a chroidhe. Is mó de
chuma an t-Sasanaigh ná de chuma an Ghearmánaigh atá air.



CUMÁ — Cumá ná déanfá é? = Cá mb'fháth? Cunathaobh?
Nó, cumáin.



CUMHA — Bhí a súil díom nuair ná rabhas tagtha agus
dheineadar mo chumha. Tá cumha an domhain ortha 'na dhiaidh =
cathú, brise-croidhe: caoine.



CUMABHRÚGHAIM — Thug bó cuma-bhrú maith do bhó eile
sa gheata = brú maith. Tabharfad cuma-bhrú maith do
Mháire nuair a thiocfaidh sí abhaile tréis na bothántuíochta.
Tugadh cuma-bhrú maith síos sa chré dhom = dinge.



CUMÁIN — Cumáin ná fuil tu ag ithe? = cunathaobh?



CUMHANG — Tá sé cumhang 'na chroidhe = gortach, spriún-
laithe. Cumhang-radharcach: cumhang-chroidheach.



CUMARAIGHE — Ar chumaraí Dháil Éirean atáim-se á
scrí seo.



CUMAS — Nílim i gcumas é dhéanamh. Bhí sí deas galánta
dréir a cumais = chó fada is a chuaidh a cumas. Ní gá dhuit
aon chúiteamh a bhac go dtí mbeidh sé ar do chumas go maith.



CUN — Nó, chuin. Thuit chúgham go raibh bonntáiste na


L. 143


gaoithe agam sa chomórtas = ar mo chrann. Níor labhras
chuige ná uaidh = níor dheineas aon chainnt i n-aochor leis.
Níor chuireas chuige ná uaidh = níor bhacas leis. Dh'fhéadfá
bheith chúcha is uatha = baint, ach gan é bheith ana-dhlúth, bheith
agat leó. Ní minic a chuirim m'uaireadóir chúgham:
coimeádaim sa bhosca í = í chur im póca. Thógas chúgham an
focal mar nár chuala cheana é = phriocas isteach im cheann é.
Ní gá dhuit an chainnt sin á thógaint chúghat féin: ach, má
oiriúnuighean an caipín thu, ní mise atá á chur ort. Níl an
lá indiu chun dul ar an bhfairrge, chun féir, agus mar sin =
oiriúnach chun. Is dóch go bhfuil slaghdán chúgham mar tá
ana-chiach orm. Tá an coirce chun bainte. Tá Seán chun
oibre, chun fiadhaigh = é ar a chumas féachaint amach dó féinig:
chun treabhtha, treabhaithe, nó treatha = é ar a chumas treabha a
dhéanamh. Cuir a thuille bainne chúghat = líon amach chúghat
féin. Bíon an seanaghalar chuige agus uaidh = tamall á
phrioca agus tamall díomhaoin. Beir chúghat féin, a mhic ó;
tá an cigire ag teacht = féach amach duit féinig; bí ar
t'aire: bíodh faire amuigh agat: cruinnigh tu héin le chéile
Bhíos ag breith chúgham féinig roimis an gcigire = eagla orm:
am chrapa isteach le h-eagla. Dá mbéadh eagla na bpúcaí
ar dhuine istig i seómra dorcha bhéadh sé ag breith chuige
féinig. Bíon rud éigint chuige is uaidh i gcómhnuí = tamall
air agus tamall dho (de).



CÚNCAS — Bhí milseáin ag Seán agus bhí sé ag déanamh
cúncais ar Shéamas = á dteasbáint dó agus ag cur dúlach
air. Dheineas mar chúncas ort é = olc. Táid ag déanamh
cúncais orainn = ár gclipe: ag déanamh cros orainn: ár
gcur suas. Tá dream an Bhéarla agus dream na Gaoluinne
ag déanamh cúncais ar a chéile = a d'iarraidh a chéile a shárú.
Tá na dubh-chrónaigh ag déanamh cúncais ar thír na h-Éirean
= ag cur bruighne uirthi: ag déanamh cros uirthi: á cur
suas.



CÚNLACH — An brus beag a dh'fhanan nuair a bhíon an
coirce 'na stiucaí. Níl ach cúnlach beag d'fheamanaigh sa
chuas. No, d'aon ní.



CÚNLÁISTE — Nó, cúnláisteacht. Níl aon chúnláiste ag
baint leis an seómra so = é bheith ró-mhór: ró-fhairsing:


L. 144


gan bheith compórdach, deas, bailithe-le-chéile. Nó, ag baint
le h-éinní a thógan an iomarca slí. Rud a chur i gcúnláiste;
nó, i gcúnláisteacht = é shocrú i slí go mbéadh sé cúnláisteach,
cruínn.



CÚNLÁISTEACH — Tá na bróga so mó is mór dom (mós
mór); agus nílid cúnláisteach ar mo chosa, mar tá na cosa
ag rínce istig ionnta = nílid oiriúnach. Táim cúnláisteach
go maith anso = compórdach, clothair: ar mo thoil féin.
An té a bhíon neamh-chúnláisteach bíon cos leis caite thall
agus cos i bhfus agus gach éinní caite soir siar aige. Bathalach
tíghe = tig fairsing, follamh, gan aon déanamh suas air:
ná éinní socair ann mar ba cheart. Bíon sé sin neamh-
chúnláisteach go maith. Nách cúnláisteach an bosca beag san
don ngual!



CÚNLUIGHIM — Cúnluigh tu féin = bailimh tu féin isteach le
chéile: nó, fáisc. Cúnlaighidh ó chéile, agus tugaídh slí
domh-sa. Tá cúnlú mór déanta ar an dtig ó bhíos anso
cheana = rudaí caite amach as an slí, nó cúnlaithe isteach le
chéile ar chuma go bhfuil breis slí sa tig.



CÚNTHACH — Bain an cúnthach ded chasóig = smúit trom.
Cúntach liath = snas a thagan ar rudaí ag an bhfliuchán. Ní
raibh aon choirce agam i mbliana ach cúnthach, nó cúnlach.
Cúnlach coirce.



CÚNTANÓS — Tá sí i gcúntanós a mhic = le feiscint i
n'aghaidh: ana-chosúil leis i ndeárthamh.



CÚNTAS — Bhíos ag cur do chúntais = do thuairisce. Nó,
bhíos ag cur cúntais ort. Bhfuil aon chúntas agat ar Sheán,
ar éinní? = aon fhios agat 'na thaobh. Má deintear aon
droch-ní tabharfad tusa chun cúntais ann = cúiseód tusa ann.
Bhí sé ag cur cúntaisí gach éinní = tuairiscí. I gcúntas dé,
i gcúntas an diail, i gcúntas an t-saoil, an domhain, cad a
thug anso thu? = i n-ainm. Nó, i gcúntas, leis féin. Lorg
sé é i gcúntas an t-Saor-Stáit: i gcúntas Rí Shasana.



CÚNTRÁLTA — Duine cúntrálta seadh é = ait: gan bheith
ar nós gach éinne eile. Táim cúntrálta le n-a bhfuil eile


L. 145


anso = bun-ós-cionn. Lá cúntrálta leis an seachtain seadh
seo = gan bheith cosúil leis an seachtain. Tá an aimsir
seo ana-chúntrálta = ait, bun-ós-cionn: gan bheith ar aon
imeacht amháin.



CUPA — Tá ana-chupa sróna air = srón mhór ghroidhe.
Cupán.



CÚPLA — Bead anso i rith an chúpla lá so chúghainn. Bhí
cúpla aici — ag an mbó, ag an gcaoire, ag an mbean. Leath-
chúpla = ainmhí de dhá ainmhí a thagan ar an saol le chéile ó
aon mháthair amháin.



CUPÓG — Cupóg liath = an chupóg go mbíon na rudaí
briogadánacha uirthi. Cupóg sráide — ní bhíon mar sin. Nó
cupóg na sráide.



CÚRAM — Chuaidh sé ar an aonach gan luach leath-phingine
de chúram = gan aon chúram i n-aochor. Raghair ann? Cé
dhéanfadh mo chúram ann? = go deimhin, ní raghad. Cad é
an cúram atá agat de? = gnó. Béidir gur chuiris mo
dhóthin cúraim orm an cheist a fhreagairt = mo dhóthin gnótha.
Cá bhfuil do chúram? = cá raghair? Cá bhfuilean tu ag dul
ag déanamh cúraim? Tá sé díomhaoín glan. Níl cúram
siopa ná éinní air. Déanfad é, agus beidh a chúram díom.
Tá cúram an méid sin díom. Ní rabhas i gcúram é dhéanamh,
i gcúram dul ann, agus mar sin = i mbun: ní rabhas chun é
dhéanamh. Bhíos ag déanamh cúraim, gnótha, sa bhaile mór.
Chuas ann le cúram. Ba dhóigh leat air go raibh seacht
gcúraimí an tslé air = mórán díobh. Leanan a lán cúraim na
prátaí. Tá an Ghaoluinn gan mheas, gan chúram = gan éinne
na bun, ag tabhairt aire dhi. An té ná beidh 'na mháistir
ar a chúram, beidh a chúram 'na mháistir air. Bhí cúram agam
ann = thug cúram ann me d'fhiafruigheas fios a chúraim de.
Ní bhím i gcúram an ghráiméir i n-aochor, nuair a bhím ag
foghluim na Gaoluinne. Níl aon chúram agam ag plé leat
= gnó: ní h-aon mhaith dhom é. Níor thóg sé riamh aon
chúram air féinig = níor thairring. Níor bhacas leis mar
go raibh sé taobh amuigh dem chúram glan. Fágaim ag an
saol nách aon chúram suarach é = am briathar.


L. 146


CÚRAMACH — Bíon an tig seo cúramach d'aon duine
amháin = a dhóthin go maith de chúram ag aon duine amháin ann.



CUR-AMACH — Níl aon chur-amach agam ar cár chuaidh sé =
níl fhios agam. Níl aon chur-amach agam ar an bhfocal san
bheith anso = ní féidir liom a rá go bhfuil. Cad is ciall leis
an bhfocal san? Níl aon chur-amach agam air. Níl aon
aithne ná cur-amach agam ar éinne sa dúthaigh seo.



CUR-ISTEACH — Ní maith liom aon chur-isteach a chur ort,
a dhéanamh ort = teacht treasna ort, díobháil a dhéanamh duit:
ní maith liom cur isteach ort. Níl aon chur-isteach agam ar
an ngnó san = níl aon bhaint agam leis: ní h-aon phioc dem
chúram é. Níor chuireas aon chur-isteach air go mbéadh sé
bainte chun feirge mar sin.



CURNASC — Cornasc. Ceangal ar bhó anuas ón adhairc
go dtí fé bhun na glúna.



CÚRSA — Táim láidir mo dhóthin i gcúrsaí airgid = i
dtaobh airgid: chó fada is a théighean airgead. Téighean an
chuirneacht (cruithneacht) tré mhórán cúrsaí sar a mbíon sí
na plúr = imeachtaí. Sin é mar atá an cúrsa: sin é agat
an cúrsa = an scéal. Bhéinn ceart go leór dá mbéadh an
t-sláinte agam, ach sin é an cúrsa = an deifir, an fhadhb.
Níl fhios agam é, ach tá's agam smut den gcúrsa. Deinean
an t-eólas ana-chuid de gach aon chúrsa oibre = gach aon
t-saghas, gach aon bhlúire, oibre. Ná bac le dul ann an
cúrsa so = trus, turas. Bhí sé tuirseach go leór agus a
chúrsaí aige = a chúis. Bhí cúrsaí molta aige ar an éadach so =
cúis, bun. Bhí mo chúrsa curtha dhíom agam = mo ghnó, mo
shiúl. Dheineas mo chúrsaí féin den leabhar = mo chuid féin.
Cá bhfuil cúrsaí do chainnte? = bun, bonn: cad tá á rá
agat? Níl aon chúrsaí guil agat. Ní labhraim leó, ach i
gcúrsaí aon díobháil a dhéanamh dhóibh, ní dhéanfainn a leithéid.
Ní raibh uaidh ach cúrsaí cainnte = rud éigint a thabharfadh
cainnt dó. I ndeire an chúrsa thiar do chuas abhaile = i
ndeire na scríbe, na dála, an scéil. D'ínseas tríd síos é
fé mar do thuit an cúrsa amach. Thóg sé bog a chúrsa = é:
a chuid oibre. Tá mórán cúrsaí agus cúraim = gnóthí.
Caithim brostú mar tá mórán cúrsaí le tabhairt isteach


L. 147


agam fós, ach is dóch ná fuil éinne glas ortha = mórán neithe,
gnóthí, le déanamh. Bhíos a d'iarraidh cúrsaí an choláiste a
chur chun cinn = gnóthí.



CUTHAIGH — Ba chosúil le león cuthaigh coille é = fíochmhar,
feargach.



CÚTHAIL — Neamh-charráistiúil.



D



DHÁ-BHEATHACH — Is dhá-bheathach an t-ainmhí a mhairean ar
muir agus ar talamh.



DADAMH — Níl dadamh im píp ach í ag glóruíol = faic,
dada.



DAIDHGÁN — Deinean an bradán daidhgán sa bhfairrge
nuair a thuitean sé anuas tréis léim a thabhairt = poll
doimhin: duibheagán.



DAILLICÍN — Bíodh cluiche daillicín againn. Bíon dalla-
phúicín ar dhuine éigint sa chluiche (clotha) seo.



DAILTÍN — Duine cros: bíon ag déanamh cros le n-a
láimh, nó le n-a chois, nó le n-a theangain: i slí éigint.



DAILTÍNEACHT — Bheith ag déanamh cros.



DAINGEANUIGHIM — Dhaingeanuíodar síos cúig phúint
de gheall le chéilig = bhuaileadar.



DAIR — Dhair an tarbh an bhó. Daireadh í. Níor choimeád
an bhó an dáir, an tarbh. Tá an bhó imithe ó dháir = imithe ó
bheith fé dháir. Doireadh an bhó, ach níor choinnibh sí é — an
tarbh. Ní cúrsaí dárach (ó dháir) i n-aochor é.


L. 148


DALL — Táim dall air sin = gan eólas air: gan tuiscint.
Tá'n tu ana-dhall indiu = gan do chiall ná do thuiscint cheart
agat: gan bheith aibidh. Táim dall, caoch. An té a bhíon
dall ní bhíon aon amharc i n-aochar aige. Táim dall amach
ag an bhfaidhb sin = buailte amach. Táim dall amach ag an
nGaoluinn = marbh: i slí ná fuil aon tuiscint fágtha agam.
Táim dall istig is amuigh ag an gcainnt sin = ní féidir liom
í thuiscint, aon lámh a dhéanamh di, i n-aochor. Tagan r agus
s ana-dhall orm = is ana-dheacair dom iad d'aithint thar a
chéile. Tagan léightheóireacht na Gaoluinne ana-dhall orm
i gcómhnuí.



DALLACÁN — Duine a bhíon dall. Nách mór an dallacán
thu? — duine a bhéadh dall i n'aigne; ar a ghnó: ná féadfadh
rud a dh'fheisint. Ní bhfuighfá-sa faic, a dhallacáin, agus é
féd dhá shúil.



DALLAIM — Dalla is caocha orm má dheineas riamh é, ná
aon lámh bheith agam ann. Dhallfadh an focal san úghdar =
sháróch sé togha fir. Dhalltfadh a deirtear. Agus, ar an
nós gcéadna, ghealltfadh sé, mhealltfadh sé, agus mar sin de.



DALLAMALÓG — Nach mór an dallamalóg a bhí orm,
a tháinig orm, agus teacht aníos sa bháistigh mar ná féadaim
dul síos? = daille, neam-thuiscint. Tá dallamalóg chó
mór san orm nách féidir liom faic a thuiscint, ná a chloisint,
ná a dh'fheiscint. Rug ana-dhallamalóg ar an bhfear a bhí
ag lorg a chapaill, agus é ar marcuíocht air.



DÁLTA — Táim go breá ar do dhálta-sa = ar do chuma-sa:
ar do nós féin. Sé an dálta céadna agam-sa = an
scéal, an t-slí chéadna. Dálta Sheáin, táim tuirseach
= ar nós Sheáin. Tá dálta an té seo, dálta an t-Sasanaigh,
ort. Ní h-é mo dhálta-sa atá ort-sa tréis an lae. Dhein
sé an dálta céadna leó = an rud céadna: thug an déanamh
céadna dhóibh. Fuaireas an dálta céadna leat-sa uaidh = an
déanamh, an chóir chéadna. Briseadh camán Mhichíl, agus
d'imigh an dálta céadna ar mo chamán féin = galar.



DALTACHAS — Athair dalthacais; máthair dhaltachais.


L. 149


Fear nó bean a thógfadh leanbh nár leó féin, agus a bhéadh
mar athair nó máthair dó. Aithir a deirtear.



DAMH — Thugadar marú an daimh dhó = ana-mharú.



DAMHAS — Damhas, nó damhsa, a thugaim ar rínce Sasanach,
mar ní h-aon rínce ceart é, ach preabarnach. Léimneach
beithíoch: an léimneach a dheinean bó nó gamhain, cig.



DÁN — Sé dán an t-samhraidh teacht ar ball = tá sé i
n-áirithe don tsamhra.



DÁNA — Dheineas ana-dhána air = buanúil. Dhein sé ana-dhána
isteach orm sa chomórtas. Bímíd ana-dhána ar a
chéile.



DANAIDHE — Tá an fear bocht danaidhe, nó danna, indiu
= lag, droch-shláinteach. Tá sé go danna = go h-olc, go
bocht, i ndroch-shláinte. Is féidir é sin a rá leis an té go
mbíon mála na déirce ar a dhrom. Níl aon rud is danaí ná
ceal na sláinte = is measa.



DAOIEACA — Tá daoieaca ins an oidhche anocht: im
chroidhe leis an sioc = fuacht géar. An oidhche nó an lá go
mbíon an daoieaca ann bíon sé chun reatha leis an bhfuacht:
chó fuar leis an oidhche allta. Bíon mórán laetheanta fuar,
ach tá daoieaca, nó daoice, sa lá indiu. I lár na daoieaca
tháinig an teas.



DAOIEACÚIL — Tá an oidhche, an lá, an aimsir,
daoieacúil.



DAONACHTÚIL — Fear daonachtúil = fear ná béadh cruaidh
na chroidhe. Bíon an trócaire ann.



DAORDAOIN — I lár na Daordaoineach.



DÁRÍRIBH — Bhíos dáríribh, nó i ndáríribh. Táim á ínsint
duit i ndáríribh.



DATH — Bhí an dá bhlúire éadaigh ar dhath a chéile = ar aon


L. 150


dath amháin. Bhíodar ag lorg an ghadhair agus gan tásc a
dhatha aca.



DATHUIGHIM — Níor chuireas dathú riamh ar mo chuid tae =
bainne. Níl braon dathú don tae agam.



DE — Do is mó a deirtear. Leag sé an copán anuas
don mbórd (den mbórd). Chuas ann do bhóthar. Ní raghadh
an méid sin díot = tharat: ní theipfeadh ort. Fuaireas
buille chamán ach níor dheineas aon ní de (dho) = níor thógas
aon cheann do (de): níor chuireas aon t-suath ann. Níor
dheineas do ach neamh-ní. Níor dheineas den mbáistigh ach
neamh-ní go rabhas fliuch isteach go croicean. Ach, bíodh gur
chaith Seán droch-chainnt liom níor dheineas aon ní leis, le
Seán = níor bhuaileas é, ná aon chur isteach a chur air. Tá
sagart de mhac aige = tá mac aige atá 'na shagart. Dá
luighead de dhuine thu dh'fhéadfá bheith níos lúgha. Bítí á
rith síos, á rá gur daoine mar seo is mar siúd gur díobh
í. Beidh lá saoire ann amáireach, agus ní mor liom san do
= an méid sin. Tá cúram mo dhóthin dem chuid féin orm,
agus ní maith liom bheith as baile; ach, chó fada leis sin de,
raghad leat = má théighean an scéal chuige sin de: má
chaithim é: muna bhfuil dul as. B'fhearr liom gan tu dhul;
ach, chó fada leis sin de, níl aon ghnó agam tú eiteach. Seo
leat! Is fiú airgead maith an capall; ach, chó fada leis
sin de, is cuma liom cad a gheóbhad air.



DÉ — Ní bhfuair sé bás fós, ach níl ann ach an dé-puth,
anál, anam: an chéim is gorra do bheith marbh. Tá an teine
go dona. Níl ínti ach an dé = ach í bheith beó.



DEABHFARACH — Táim deabhfarach leis an rud so = tá
deabha orm leis.



DEACAIR — Tagan sé deacair orm an Ghaoluinn a
léigheamh. Ba dheacair leis an capall do chur ar an mbóthar
an droch-lá.



DEACAIREACHT — Chuir an cúrsa san i ndeacaireacht
mhór me = trioblóid, cás. Nó, deacaracht.


L. 151


DEACHMHADH — Deachú. An deichiú cuid. Bé an cúram a
bhí air na deachaithe do bhailiú isteach chun an tíarna = an
deichiú cuid de gach tora talún.



DÉAG — Tá an cailín, buachaill, ins na déagaibh. Amach
ins na déagaibh. Go h-árd ins na déagaibh.



DÉAL — Déal bhán. Cineál adhmaid é sin.



DEALBH — Is measa bheith dealbh ná bheith bocht = ana-bhocht.
Fear fuar dealbh = fear a leigean a ghnóthí ar lár is ná
fuil faic aige.



DEALLRAMH — Deáramh, nó deárthamh, a deirtear. Ar
do dheárthamh d'aithnígheas do dhritháir = ar do chuma, cló,
cúntanós: d'aithnígheas é toisc gur cosúil leat é. Tá
deárthamh agam leat. Tá stróinséirithe tagtha anso agus
tá deárthamh, deárthuighean sé, gur duine aca tusa = is
cosúil. Bainean an scéal san le deárthamh = is cosúil gur
fíor é: tá cuma air. Ní ceart duine a thógaint dréir
a dheárthaimh = dréir an chuma a bhéadh air. Tá deárthamh air
indiu go mbeidh an bháisteach chúghainn. Nó, a dheárthamh. Tá
dath agus deárthamh ar do chainnt = cló, cuma. Níl aon
deárthamh leis an obair sin = níl aon chiall: aon chuma: tá
sé áiféiseach. Níl deárthamh ar bith le bheith ag dul amach fén
mbáistigh gan ghá. Fear maith 'na dheárthamh = dréir a dheárth-
aimh. Tá sé i ndeárthamh báistí = cló na báistí bheith air.
Táid i ndeárthamh le chéile = deárthatach le chéile. Nách
crómhanta an bheirt ar dheárthamh a chéile iad? = ná fuilid ana-
chosúil le chéile? Tá'n tu i ndeárthamh indiu = ag féachaint
go maith. I ndeárthamh maith; i ndroch-dheárthamh; i nde-
árthamh na tuirse; agus mar sin de. Bíon deárthatach cail-
liúnach = ní bhíon sé chó maith is a dh'fhéachan sé. Táim deárth-
atach lem báthair (lem mháthair) = cosúil léi. Tá an gnó
san deárthatach go maith = cuma mhaith air, nó ciall mhaith leis.
Fear deárthatach = fear deas i n'fhéachaint. Tá sé deárthatach
go ndeinfidh sé báisteach. Deárthatach, nó deárthatúil.



DEALLRUIGHIM — Deárthuighim. Dheárthuigh, nó dheárth-
uigh sé, nó dheárthuigh an scéal, nár theastuigh uaid díth,


L. 152


dochar, ná díobháil a dhéanamh dom. Deárthuigheadh Seán ó
le n'athair = dubhradh go raibh sé deárthatach leis. Ní féidir
an Ghaoluinn seo do dheárthatú le Gaoluinn an duine sin.



DEAMHAN — Bhí an deamhan deabhaidh, nó an deamhan de
dheabha, air.



DÉANACH — Ní déanach í an mhaitheas aon uair. Bhíos
déanach ón scoil, don scoil: déanach, deireanach, ón Aifrean,
ón mbiadh, don Aifrean.



DEANA — Tá an fear bocht deana go maith = lag-shláinteach,
dona, dana. Tá sé ag dul chun deanaí, i n-deanuíocht =
i n-olcas, i ndroch-shláinte. Níl fiacha ná deanaí air =
níl sé i bhfiacha.



DÉANAIGHE — Chuaidh an dínnéar chun déanaí = ní raibh
ullamh san am ceart. Bhí sé déanach go maith nuair a tháinig
an gluaisteán; agus níor bh'é a dhéanaí, an déanaí, i n-aochor,
ach an feitheamh.



DEARBHUIGHIM — Thugadar dearbhú dhó go mbéadh sé 'na
shíocháin = deimhniú agus greamú air go dtiocfadh an
t-síocháin. Dhearbhuigheas go mbrisfinn a phus dá ndeineadh
sé é = dubhras go láidir: bíon mionna leis an gcainnt.



DEARGACH — Bhí go dúbhach agus go deargach aige cad a
dhéanfadh sé nuair a chualaidh sé an ráfla = bhí buairt agus
dul-tré-chéile agus mí-shástacht air. Bhí go dúbhach agus go
deargach agam — ag droch-rud éigint míothaithneamhach.



DEARGAIM — Ní mór an dearga atá déanta agaibh ó
mhaidin = rómhara, branar, taighde. Ní féidir liom aon
t-saghas dearga a thabhairt ar an bpíp; a chur ar an bpíp =
ceann dearg a chur, a thabhairt, uirthi — ar aon t-saghas slí.



DEARG-MHAIDIN — Táim ag obair ó dhearg-mhaidin =
ó thosach na maidine: ó las an lá.



DEARMAD — Ná dein dearmad, nó dearúd, de. Ná
leig éinní ar bóiléagar ná dearmad (dearúd) uait. Tá'n


L. 153


tu ag imeacht 'on mbaile mór anois ag triall ar earraí,
agus ná bíodh aon rud ar dearúd agat ag teacht abhaile
dhuit = dearúta. Bhíos ag súil le leitir indiu ach fuaireas
amach mo dhearúd. Bhíos ag cainnt le duine éigint agus
chuir an chainnt na h-earraí a bhí uaim i ndearúd orm = thug
orm dearúd a dhéanamh díobh. Thugas ocht scillinge do
dhuine i n-inead seacht scillinge. Tá na scillinge sin imithe
ar dearúd uaim = tré dhearúd: caillte.



DEARMAIDÍN — Dearmad beag. Cion mo dhearmaidín
agam! — deirtear nuair a chuimhníghean duine ar dhearmad
éigint a dhein sé, ag imirt chártaí, phúirthíní, agus mar sin.
Cion mo dhearmaidín agam! Níor thugas an dath ceart —
i n-imirt chártaí. Feic dearúd. Cion mo dhearmaidín
agam! Níor thugas isteach chúghat an leabhar a dúbhraís
liom.



DEÁRTHAMH — Feic deallramh. Tá gach aon deárthamh
gurab aon bhrí amháin atá leis an dá fhocal = cosúlacht.
Bíon deárthamh leis, nó les, gach aon scéal; ach-finneóg
a bhrise d'aon ghnó! = níl deárthamh ar bith leis an gcúrsa
san.



DEÁRTHATACH — Tá sé deárthatach le báistigh = tá deárthamh
báistí air: deárthatúil.



DEÁRTHATÚIL — Is deárthatúil an mac le n' athair é:
an gamhain le na mháthair = bheith ar chó-dhath, is gach aon ní.



DEARÚD — Feic dearmad. Tá mo leabhar imithe i
ndearúd uaim = caillte: gan fhios agam cár fhágas é. Tá
sé na dhearúd orm cár fhágas mo phíp = ní cuimhin liom. Bhí
an focal san agam, ach tá sé imithe ar dearúd orm, ar
dearúd uaim, na dhearúd orm, 'na dhearúd uaim. Is
minic a dh'imíghean sé mar dhearúd orm ná deirim mo
phaidreacha, go gcaillim mo phíp = í chur uaim agus gan fhios
agam cé'n áit. Táim lán de dhearúid = ana-dhearúdach.
Má deirean duine "Cion mo dhearúid, mo dhearmaidín,
agam!" faghan sé lán a dhearúid = pé ní ba cheart a bheith
caillte aige: ach má deirean duine na choinnibh chun tosaigh —
"Cion do dhearúid, do dhearmaid, do dhearmaidín, uait!"


L. 154


téighean air pé pionós atá tuillte aige. Fuair sé lán a
dhearúid. Chaill sé lán a dhearúid.



DEARÚDACH — Dúbhrathas liom é dhéanamh muna bhfuil
mo chluasa dearúdach = sin é a thuigeas agus a chuala muna
bhfuil dearúd á dhéanamh agam. Dubhairt sé liom gabháilt
aníos, nó tá mo chluasa dearúdach = muna ndubhairt tá mo
chluasa amhlaidh.



DEAS — D'iompuigh an taobh deas isteach agus an taobh
tuathail amach. Thugas dhó deas agus clé é = lem dhá dhorn:
go breá. Thug sí an teanga dhó deas agus clé = ó gach taobh.
Ba dheas liom thu an lá a leagfá do mhéar orm = ba dheas
liom tu dh'fheiscint á dhéanamh. Dá ndéanfá, dhíolfá as.
Ba dheas liom tu bheith ábalta ar é dhéanamh, éinní = go
deimhin, ní féidir leat é. Muna mbéadh mo theanga ar mo
dheis again, gheóbhainn an doras amach = ar mo thoil. An
bhfuil fhios agat conus tig a thógaint? Is me atá deas air
i dteannta an eólais = ní h-amháin go bhfuil fhios agam conus
thógaint, ach táim cliste ar an ngnó: is féidir liom é
dhéanamh mar is ceart, agus tá slí dheas agam chuige. Táim
deas ar léigheamh na Gaoluinne, ar rínce, ar scéal a dh'ínsint.
Is me atá deas ar phúnt tae a thabhairt duit ó tá an mála
agam chuige. Ach, táim dall ar ghnó; tá sé ag teacht docht
orm cheal an eólais. Tabhair dhom (trom, an o gairid)
tamall den bpíp. Ba dheas liom san = b'ait liom é. Táim
deas agus clé = an dá thaobh bheith ar fóghnamh agam.



DEASCAIBH — d'fhan deascaibh na bruitíníghe, na treatha
(ó thriuch), an t-slaghdáin, na ndroch-bheart, orm = droch-
iarsma, droch-thora. Tá deascaibh na droch-chainnte agat
anois = an droch-ní a tháinig aisti. Tá eitin orm, agus is
deascaibh slaghdáin í. Bhí rabharta ann cúpla lá ó shoin
agus tá a dheascaibh fós ann — tráigh mhór.



DEASCAIGHIM — Tá an leabhar deascaithe agam = gan
inní bheith fágtha ann im dhiaidh. Tá an chruach mhóna deascaithe
go maith nuair a bhíon an mhóin trim piocaithe amach aisti.
Tá mo bholg deascaithe amach ag an rínce = tráite, follamh.



DEASLÁMHACH — Bheith deas ar ghnóthaí a dhéanamh:
slachtmhar.


L. 155


DEATACH — Bhí bior deataigh am dhá shúil = iad a bheith ana-theinn
ag an ndeatach.



DEICHNIÚR — Deichniúr den choróin = an t-ár n-Athair:
an t-Abhe Maria deich n-uaire, agus an ghlóire.



DEIFIR — Ní h-aon deifir leat me á rá = is cuma leat:
ní h-aon deifríocht leat. Deinidh dhá leath den deifir agus
bíodh 'na mharga = den méid atá eadraibh. Tá an méid
sin de dheifir déanta = an méid sin deifríochta, díobhála.



DEIFIRÍGHIM — Deifríghean grá agus greann = ní mar
a chéile iad. Deifríghean an dá fhocal le chéile.



DEIFIRÍOCHT — Shocruigheadar a ndeifríochtaí = an deifir
a bhí eatora. Nó, an difir. Thug sé amadán orm, ach ní
raibh fios na deifríochta aige = ní raibh fios a mhalairt aige:
níor thuig sé cad é an deifríocht a dhéanfadh sé é thabhairt
orm.



DEIFIRIÚIL — Tá brí difriúil leó = a mhalairt de bhrí.
Táid difriúil le chéile = difríghid le chéile.



DEIGH-BHEATHACH — Fear díomhaoín deigh-bheathach = fé bheatha
mhaith: go mbéadh bia maith aige.



DEIGHLEÁLAIM — Ní dheighleálan an bia i n-aochor aige,
agus ní maith an bhail air é = ní féidir le n-a ghoile an bia a
bhrú agus a bhrise as a chéile. Ní bheidh aon deighleáil agam
leat = aon bhaint, teangmháil.



DEIGH-SHEASAMH — Fear breá deigh-sheasaimh seadh é =
seasuighean sé go díreach.



DEILBH — Níl deilbh luiche aige = tá sé chó suarach i
n'fhéachaint le luich: tá an luch thó mór cló, chó mór toirt,
leis. Níl deilbh ná déanamh ná deárthamh ar an stracaire
sin.



DEILGÍNEACH — Saghas raise a thagan amach tríd an
gcroicean.


L. 156


DEILIÚSACH — Nách deiliúsach an rud beag é! = tíarnúil:
neamh-thámáilte: toghail. Bhuaileas isteach go deiliúsach
go dtí an bórd ag a raibh na h-uaisle go léir suite = gan
eagla, gan scáth, gan támáilteacht, gan deiliús. Is minic a
bhíon droch-mhúinteacht ag baint le n-a leithéid. Neamh-
úntas seadh é.



DEIMHEAS — Coimeád uaim do dheimheas = do theanga
ghéar. Tá deimheas chun aighnis uirthi = faobhar. Aige Dia
féin atá an t-slat agus an deimheas, agus ní thógfaimíd as
a láimh iad = fágfaimíd Fé teacht anuas ar an té a dheinean
droch-ghníomh. Chrom sí ar a deimheas d'oibriú go géar
malluithe orm.



DEIMHEASTÓIR — Is diail an deimheastóir mná í = bean
go bhfuil teanga ghéar chruaidh aici.



DEIMHIN — Is dóigh leó gur ghaibh sé an treó, ach ní
dh'fhéadfaidís é rá le deimhin = le deimhniú.



DEIMHNÍGHIM — Deimhnigh an leitir sin dom = dein deimhin:
i dtreó nách baol go raghaidh sí amú; nó, má théighean, ná
bead-sa caillte. Dheimhnigh sé a mhéar orm = dhírigh:
theasbáin me le n-a mhéir. Mar dheimhniú ar an abairt,
dubhart gur minic a chuala í = chun a theasbáint go raibh an
abairt ceart.



DEIMHNITHEACH — Nílim ana-dheimhnitheach ann, nó de (dho) =
siúrálta.



DEINIM — Dinim adeirtear. Conus a dhéanfá dhá uimhir
a dhéanamh? = a chur le chéile: a dhéanamh suas: a chaitheamh
suas. Táim seana-dhéanta ar an múinteóireacht = ana-
thaithí bheith agam uirthi. Nó, déanta, nó seana-dhéanta, nó
ana-dhéanta, ar éinní. Ní raibh déanamh an duine air = cuma.
Ní bhfuaireadar ach droch-dhéanamh ó Shasana = droch-chóir:
bia olc agus mar sin. Níor thugais an déanamh ceart ar
an dtig. Tá Máire ag déanamh di féinig anois = á coimeád
féin suas. Bhí bruighean eatora, ach táid á dhéanamh suas le
chéile anois = ag slánú an chúrsa. Nó, tá Séamas agus
Bríd á dhéanamh suas le chéile = ag caitheamh na spur, ag


L. 157


eiriú mór, le chéile: ag imeacht i dtreó a chéile. Dein an
méid is mo a dh'fhéadfair de. Tá'n tu ana-dhéanta suas =
ana-ollamh: cuma bhreá agat ort féinig. Dá dtabharfaidís
fé, béidir go ndéanfaidís teacht = go dtiocfaidís. Conus
tá'n tu ag déanamh ó chonac cheana thu? = conus tá ag eiríghe
leat? Nílim ag déanamh ar fóghnamh ná ar feidhm i n-aochor.
Duine uasal beirithe déanta = críochnuithe, tofa: tá ann
an uaisleacht a thagan ó dhúchas agus ó oiliúint. Tá mórán
d'aimsir bhreá déanta aige le tamall. Deinfidh sé droch-lá.
Ná bí ag súil le dathad púnt as an gcapall, mar ní dheinfidh
sé leath an méid sin. Tá aimsir bhreá ann anois chun an
fómhar (fóghmhar) a dhéanamh = a chur le chéile: a bhaint,
agus mar sin de. Cheapas go mbéinn déanta leis na
buachaillí a tháinig isteach anso ó choláistí eile = tógtha,
beirthe: mórán bheith agam dá mbárr. Bhíos am dhéanamh
féin suas leis na h-uaisle, nó ag déanamh suas leó = a
d'iarraidh bheith mór leó: isteach is amach leó; suas is anuas
leó; á dhéanamh suas leó.



DÉIRC — Cé dhein déirc ort? — dá mbéadh rud i n-easnamh
ar dhuine agus gur thug duine éigint dó é. Tháinig na
prátaí anso le déirc = mar dhéirc. Tá an fear bocht ar
an ndéirc anois = ag brath ar an ndéirc: ag lorg déirce:
ag soláthar.



DEIRE — Chuadar abhaile ar dheire na h-oíche = i ndeire:
gairid don lá. An bhfuil deire caite, ithte, ólta, scríobhtha,
agat? Tá a dheire seo críochnuithe agat = deire an rud so.
Tá a ndeire díolta agam = deire na mbróg, cig. Bíodh
deire agat leis an gcúrsa so, le teacht anso. Ar deire
leat = siar. Ba chur-chun-deire air iad = chuireadar siar é
— ba a cheannuigh duine agus ná fuair sé ar dhíol sé asta
nuair a scar sé leó. Ní baol go mbeir chun deire liom =
siar, caillte. Ól sé an iomarca, agus nuair a bhraith sé
féin ag dul chun deire d'imigh sé i leath-taoibh = ag tabhairt,
an deoch ag goilliúint air. Tá'n tu fé dheire id, led, chuid
oibre = siar: chun deire; i ndiaidh lámha.



DEIREANACH — Ní deireanach an mhaith aon uair = déanach.
Cathain a bhís anso go deireanach? = go déanach, cheana: mar
an uair dhéanach.


L. 158


DEIREANAIGHE — Sa deireanaí tugadh púnt dom — fé
dheire.



DEIRIM — Bhí tuirse orm, mise á rá leat; nó, mise
á rá leat, bhí, nó go raibh, tuirse orm = creid uaim é. Níor
fhág sí éinní gan rá liom. Bhí sé ag rá scéil = ag ínsint.
Tá sé ráite cloiste go minic. Má deirean tu é sin beidh
Gaoluinn ráite agat. Tá Gaoluinn bhreá agat. Tá sé
ráite anois agat! = Tá! a mhic ó! Cuir uait an maga.
An bhfuil an coirce bainte agaibh fós? Deirim-se baint
leat = go deimhin níl. An bhfuil an mhóin bailithe agaibh?
Deirim-se bailiú leat. Gheóbhfar an mhóin fós. Deirim-se
móin anois leat = gan aon t-súil bheith léi san am san. Cad
deirir leis ná gur bhuail sé isteach sa bhéal me.



DEIS — Bhí a teanga ar a deis féin aici = dh'fhéadfadh sí
pé earruíocht ba mhian léi a bhaint aisti: ar a toil. Bhíomair
ar dheis, nó fé dheis, na gréine = an ghrian bheith ag taithneamh
anuas orainn.



DEISEAL — Cuir na h-éadaighe sin amach ar dheiseal na
gréine = ar dheis. Gach éinní ar deiseal, ach an t-seisreach
ar dtuathal. Bhíomair ar dheiseal, fé dheiseal, na gréine =
ar dheis, fé dheis. Bhí sé ag iompó ar deis, ar deiseal.
Ar clé, ar dtuathal = an treó eile Bhí deiseal na gréine,
na gaoithe, agam = deis: iad do bheith ag teacht orm i slí
thaithneamhach.



DEISÍGHIM — Thugadar deisiú maith dá chéile = aighneas:
socrú.



DEISIREACHT — Nách úntach an deisireacht cainnte atá
aige? = an áilleacht cainnte: an chainnt dheas.



DÉISTIN — Cunathaobh ná déanfá an fhiacail sin a tharac
amach; an braon, an rud teinn, a leigint? Ní leigfeadh
déistin dom é = mío-thaithneamh. Cad é cúis na déistine?



DÉITHEARNACH — Ní raibh ionam ach an déithearnach = an
dé: an puth: bhíos meilte. Tá deire a dhéithearnaí déanta =
tá sé caillte: tá deire le n-a tharac anála.


L. 159


DEÓ — Anois ná go deó ní bheidh sé le rá agat. Ní
úsáidimíd an focal mar sin go deó. Ní dhéanfad go deó é,
ná go brách, ná choidhche = go deó deó.



DEOCH — Bhí sé ana-mhór ar digh, nó ar deoch = an iomarca
ólta aige agus a rian air: ana-chuid díghe tógtha aige. Tugadh
crobh airgid dom chun Seán do chur ar deoch, ar digh. Deoch,
deoch — adeirtear le muic nuair a bítear ag glaodhach uirthi.
Níor bhaineas as ach sruth-dheoch = deoch bheag; casa díghe.



DEOCHAIM — Bítear á dheocha is á phóga = á phóga is á
phóga: nó ag breith bharróg air, is á phóga.



DEÓCHAILLEACH — Tá an scéithín, nó an t-súil, nó an
t-uaireadóir, nó gloine na finneóige, deóchailleach = is
fuirist iad do ghortú: do chur siar: do chur ar mí-ghléas:
níl fulag ionnta: táid lag i slí éigint. An áit go mbíon
an t-éasc bíon sé deóchailleach = lag: so-bhriste. Nách
deóchailleach an duine thu! — dá mbeifá ag breith chúghat
féin ón rásúr a bhí chun máchail éigint a ghearra. Is deóchail-
leach an buachaill thu agus a rá ná féadfá an císte sin a
dh'ithe, go ngoillfeadh sé ar do ghoile. Nó, leóchailleach.
Tá an lampa deóchailleach go maith dá ngeóbhadh éinní tímpal.



DEÓIRICÍN — Bhuail sé deóiricín (nó deóraicín) ar an
ndoras, ar an bhfinneóig = buille beag deas cruaidh: cnag
leis an ndorn, nó leis an alt, nó le barraíocha na méireana.



DEÓL — Banaí (banbhaí) nó uain nó aon ainmhí do bhaint
de dheól = iad do chur ó bheith ag deól a máithreacha. Tógadh
ó dheól iad = an rud céadna. Gamhain deóil = ná fuil
tógtha ó dheól.



DEÓNÚ — Le deónú Dé do thánag saor as an gcúrsa =
le toil Dé: le toiliú Dé.



DEÓR — Níl deór (nó diúr) ionnam = neart ná fuinneamh.
Táim traochta, tugtha amach. Nó, ní féidir liom gol a
dhéanamh. Tá mo chroidhe cruaidh. Níor ghol sí deór air.


L. 160


DEÓRANTA — Síol deóranta = iasachta, neamhchoitíanta:
stróinséartha. Focal deóranta, duine deóranta, agus
mar sin de.



DIA — Mac Dé agus Muire mháthair dhuit. Tá an fear
bocht aige n-a Thíarna Dia anois = caillte. Chuir an galar
go dtí n-a Thíarna Dia é = mhairbh é. Dia leat, lem dhuine
— adéarfí le h-amhránuí. Nó, mo ghrá do sciúch = do
scórnach.



DIABHAL — Bhí an dial déanta = dochar: díobháil. Níor
ghuidis é sin? Ná an dial guid: ná an dial é = go deimhin
níor dheineas. An raghair ann? Ná an dial dul. Go
marbhuighe an dial thu. Go raibh an dial ort, nó agat. Dial,
nó an dial, an bhfeadar (a' bhfeadar) cad a thug anso é =
Níl aon phioc dá fhios agam. Tá an dial de scéal ansan =
scéal úntach. Tá an dial de scéalta ar an bpáipéar an
aimsir seo. Sé an dial scéil é. Tá an dial le crúacht ar
an arán so; le fuacht, le fuaire, ar an lá = iad a bheith ana-
chruaidh, ana-fhuar. Ar dheinis é? Níor dheineas, ná an
dial é. Ní thiocfad, ná an dial teacht. An mbíon tu ag an
Aifrean gach lá? Ná an dial é, ach breac-lá. Dheinis
an obair sin go maith. Níor dheineas ná an dial é, ná ar
fóghnamh. N'fheadar sa dial cad a dhéanfad. Íosfadh sé
an dial de bhia. Tá Tadhg imithe i n-ainm an diail chun an
óil = go h-olc. Tá an dial buidhe ar an leanbh le crosdacht
= an dial is measa. Tá an dial buidhe imithe ar fad air
le déanaí chun an óil. Bhí an dial ag faire na dhiaidh féachaint
cad a bhí ar bun aige. Téir sa dial = i n'ainm an diail.
An dial baol go mbáthfar me. An dial bréag a ínseas =
níor ínseas bréag ar bith. An dial bréag dom é. Fág
ansan i n-ainm an diail é. An dial go mbeire leis thu.
An dial ar bh'fhearra dhó bheith beó ná marbh-duine droch-
shláinteach: nó, má tá an t-sláinte féin aige, béidir ná
fuil aon chothrom eile ar an saol aige, nó sa t-saol. An
bhfuil sé déanta agat? Mhuise, ná an dial déanamh.



DIACHAIR — Ól é sin: ní dheinfidh sé aon diachair duit =
díobháil, tinneas: gearán: díth.



DIAIDH — Deabhaig a deirtear. Ní h-aon díobháil don


L. 161


obair tusa bheith 'na dheabhaig = 'na chúram. Ní bheidh an
císte 'nár ndeabhaig = críochnóimíd é. Chimilígheas mo lámh i
ndeabhaig, nó tréis, an mhaide — buille mhaide a bhí fachta
agam anuas ar an mbais. Ní dhíolfaidh an méid sin as na
bróga. Caithfar cur na dheabhaig = cur leis. Bíon an
madra i ndeabhaig coiníní i gcómhnuí. Bhí mo chara breóite
agus chuireas 'na dheabhaig féachaint conus a bhí sé = chuireas
teachtaire ag triall air: chuireas a thuairisc. Chuaidh an
t-airgead amú sa phost, agus caithfidh me cur 'na dheabhaig
= tuairisc a chur air: cuardach a dhéanamh air, dó.



DIAIL — Is diail ná fuil an focal san agat = iongantach
(úntach): draoidheachtúil. Is diail an fear oibre é: an
Ghaoluinn atá agat. Táim go diail = go h-ana-mhaith. Tá
sé go diail chun na Gaoluinne.



DIAIR — Bailigh leat go diair = go tapaidh. Tá an
naomhóg ag imeacht go diair. Cuir díot go diair.



DIAMHAIR — Cailleadh é i n-uaigneas diamhair na h-oidhche
= i n-am mhí-mhairbh na h-oidhche; nó aon tráth a bhéadh ana-
uaigneach, go mbéadh an t-uaighneas draoieachtúil.



DIAN — Tá sé go dian chun toirmisc = go h-uathbhásach.
Tá an spriúnlóir seo ana-dhian chun an t-saoil = ana-chroidhe
sa t-saol aige. Raghaidh sé dian ar an leabhar breith ort
anso = beidh sé air aige. Ná téir ró-dhian ar mo chuid
gruaige = ná beárr ró-lom isteach í. Níor chuais dian ar
an ndínnéar = níor ithis an iomarca de. Tá an buachaill
sin dian dílis = ana-dhílis go léir: dílis isteach go dtí
cnámh a dhroma. Tá sé dian dílis chun na h-oibhre. Dheineas
le dian-scéan an eagla é = tré chorp eagla.



DIAS — Dí--as. Agus léas = lé-as. Tá barra na déise
briste. Ach deimheas, agus barra an deimhis.



DÍCHEAL — Is dem (dom) dhícheal a raghaidh má dheinean sí é
= ní dheinfidh sí é más féidir liom í stop. Chuaidh dem
dhícheal é dhéanamh = níorbh' fhéidir lem dhícheal é dhéanamh.


L. 162


DÍLE — Táid ann ó aimsir na dile = chó fada is tá aimsir
ann. Bhí díle bháistí ann = báisteach throm throm. An díle
bháistí ba mhó dár tháinig riamh. Bhí ana-dhíle indé ann.



DIMILEIGHE — Tá an dimileighe ar an aimsir, orm-sa
chun an óil, chun tobac, chun Gaoluinne = an dial. Féadtar é
rá le duine a bhíon dian chun ruda. Tá an dimileighe ar fad
le fuacht ar an lá. Bíon an dimileighe air chun feirge.
N'fheadar cad é an dial dimileighe atá ar an gcapall ná
corróch sé = an dial donais.



DÍNC — Chuireas dínc leis an bhfinneóig; leis an speil;
i gcos, i gceann, na tuagha = rud a dh'fháiscfeadh iad, a
choimeádfadh ó bheith ar boga, ag cnagarnaigh.



DÍNCIM — Fear díncthe láidir = fear a bhéadh teann go
maith ar nós mála coirce a bhéadh uallamh don marga.
Táimíd díncthe (dínce) den mBéarla = lán suas de.
Dínc isteach id phóca é = sáigh, teannaigh.



DÍNNÉAR — Bhíos ar dínnéar ann indé.



DÍNTIÚIRÍ — Tá a dhíntiúirí fachta aige anois, agus is
cuma leis éinní = teistiméireacht a gheófá ó mháistir go
rabhais ag obair leis; nó ó aon t-saghas máistir nó coláiste
nó lucht léighin. Bheifá rithte ansan, abair is go mbeifá
gan mhaith.



DÍOBHÁIL — Bhíos ag faire ar mo dhíobháil ach níorbh' fhéidir
liom aon chothrom a bhaint de = bhíos ag faire ar egala go
ndéanfaí aon díobháil orm, ach níor bh'fhéidir liom me héin a
chosaint air. Is fada ón ndíobháil an cúrsa san = rud ana-
mhaith seadh é. Duine neamh-dhíobhálach = gan aon díobháil
d'éinne ann.



DÍOG — Díg. Tabhair a rogha don mbodach agus tógfaidh
sé díg = an taobh is measa. Bíon an díg cois claidhe. Tá
díg tógtha agat = an rogha is measa.



DÍOL — Tabhair an peann do Sheán. Is air is fearr a
dhíol í thabhairt dó = is dó is cirte í thabhairt: aige is fearr


L. 163


atá sí tuillte: sé is mó a bhainfidh earruíocht aisti. Ní
bhfuighim óm bac (mac) féin ach an spalla is measa na bhéal.
Sin é an díol a thugan sé dhom (as ar dheineas dó) = droch-
dhíol: droch-dhéanamh: cóir. Fuaireas mórán dá dhuadh ach
ní chuirean sé pinghin chúgham. Sin é an díol a faghaim uaidh.
Tá sé i mbun díol liom as na ba. Thug sé díol dom as na
h-earraí, nó ionnta = dhíol sé asta ar fad.



DÍOLAIDHE — Tá Seán i bhfiacha is 'na dhíolaí = go mór
i bhfiacha. An té a dhíolan is díolaí é.



DÍOL-FIACH — Níl aon díol-fiach ag éinne orm = tá
m'fhiacha díolta: níl aon faic dá chuid ag éinne orm. Ba
cheart duit a dhíol-fiach a thabhairt don té go bhfuil a chuid
ort.



DÍOLTACHÁN — Tig díoltacháin = siopa: tig 'na mbíon
earraí á ndíol coitíanta.



DÍOLUÍOCHT — Caithfir díoluíocht a thabhairt dom as (nó
ins) na h-earraí a cheannuighis uaim = blúire den luach.
Feic díol.



DIOMÁISTE — Cuir salan air agus bainfidh sé an
diomáiste dho (de) — feóil nó iasc go mbéadh blas beag air
thar ceart, nó éinní. Ach, dá mbéadh sé go h-olc, ní thabharfadh
inní abhaile, nó thar n-ais, é.



DIOMÁISTEACH — Tá na prátaí, nó éinní, diomáisteach =
díobháil agus lot déanta ortha. Tá an fheóil diomáisteach
= gan bheith ar fóghnamh mar ba cheart. Bhí an bheirt úd ag
troid agus táid diomáisteach go maith anois aige n-a
chéilig.



DÍOMHAOÍN — Táim díomhaoín gan allus. Chó díomhaoín le
lúidín an phíopaire, nó le bacach an mhála. An bhfuil aon
t-seómra díomhaoín agaibh? = gan bheith tógtha, i n-áirithe.
Ba dhíomhaoín é do chúrsa = gan tairbhe.



DÍON — Lá na coise tinne (an lá cruaidh, lá na bruide)
is minic a dhein sé díon agus fuithin dom = a thug cabhair


L. 164


is congnamh. Ná téir i ndíon ar mo chuid gruaige — ná téir
dian, isteach ró-fhada go dtí an cnámh. I ndíon an tíghe bíon
an maide droma = an maide buaic, an t-adhmad uachtarach a
bhíon ar fhaid an tíghe thuas na bharra: leath-chúpla a théighean
isteach ón mbúndalaigh ar gach taobh, agus a thagan le chéile
thuas ag an maide droma (deinean an dá leath-chúpla cúpla):
thíos fé bhun an mhaide droma bíon maide ag gabháilt treasna
ag ceangal an dá leath-chúpla dá chéile. Sin é an maide
snaidhmtha.



DIONGABHÁLTA — Fear diongabhálta = teann: daingean
fear go mbéadh éifeacht agus ciall leis: sheasóch a fhocal:
níorbh' fhuirist é bhoga ó pé seasamh a bhéadh tógtha aige.
Dubhairt sé cainnt dhiongabhálta = cainnt láidir dhaingean.
Is maith diongabhálta an fhinneóg í sin = níl sí ag cnagarnaigh
aon phioc: tá sí daingean. Tig diongabhálta. Dubhart
an ráfla leis, ach níor chreid sé é. Ansan dubhart níos
diongabhálta é, agus chreid. Tá an fhiacail seo ar boga, ach
an ceann eile seo tá sí diongabhálta go leór.



DIOSCÁN — Tá dioscán maith airgid, éisc, prátaí, agus
mar sin, aige = roinnt cuíbhsach maith: cosúlacht mhaith.
Béidir go dteastóch a thuille uaidh, ach ní bhéadh sé go h-olc as.



DÍREACH — An t-slí dhíreach is fearr = macánta, cóir. Is
díreach go bhfuilean tu gó maith chun Gaoluinne = cinte
(cinnte). Deinfead mar seo é. Díreach! = sin é é.



DÍRÍGHIM — Bhí sé ag díriú fén dtig = ag tosnú ar aghaidh
a thabhairt air. Ag díriú amach, ag luighe amach, ar rud
éigint. Táimíd ag díriú amach ar na prátaí chur = ag
tosnú: ag tabhairt fé.



DÍSC — Tá an bhó, an tobar, i ndísc; nó, imithe i n-dísc =
gan bhainne, gan uisce Chuir an ghrian an tobar i ndísc.
Tá sé i n'am an bhó a leigint i ndísc.



DÍSCEACH — Thug na saighdiúirí dísceach ar an dtig = lot:
an mhaoin shaolta a thabhairt amach as: é chur i ndísc.


L. 165


DISCRÉID — Is mór an discréid é, pé ní atá á rá agaibh
— le beirt a bhéadh ag cogarnaigh = rún.



DÍTHREÓCH — Díthreóch bocht garsúin é sin ná mairean a
aithir ná a mháthair = díthreabhach, is dóch: gan éinne bheith 'na
chúram, agus é bocht. Tugtar díthreóch ar an uan go séanfadh
a mháthair é, agus mar sin de.



DIÚCH — Píopa beag a bhíon laistig de phíopán mór garbh
na scórnaighe agus sínte suas leis. Lár na diúiche.



DIÚGAM — Dhiúg sé siar air féinig a raibh sa ghloine =
ól go bun. Dhiúg sé siar ar fad é. Tá an dubh go léir
diúgtha (diúca) = caithte, imithe i ndísc.



DIÚLTUIGHIM — Is mithid duit diúlta, nó diúltú, don
ráistéireacht, don pheaca san = eiriú asta, deire bheith agat
leó, iad do thabhairt suas.



DLÍ — Thugas chun na dlí é toisc ná tabharfadh sé mo cheart
dom.



DLIOSCARNACH — Bhí na réilthíní ag dlioscarnaigh anuas
orm. Tá do shúile ag dlioscarnaigh istig id cheann = ag
rínce, ar nós na réilthíní thuas.



DLÚS — Bhí ana-dhlús daoine, éisc, éinní, ann = ana-chuid.
Tá dlús maith Gaoluinne agat. Bhí dlús éigint leabhartha le
fáil mar dhuais = roinnt, beart.



DLÚTH — Sin í an chainnt go bhfuil an dlúth agus an t-inneach
fúithi, nó ínti = bonn maith a bheith fúithi, agus ciall. An
dlúth a deintear ar dtúis: ansan an t-inneach fé, nó 'na
dhiaidh = na snátha a ghaibhean treasna.



DO — Paidir a rá d'Éirin = ar a son. Bhí sé ag dul 'on
aonach = don. 'On Aifrean, 'on ndial. Níl sí fásta dá
h-aois. N'fheadar é sin duit = ní dh'fhéadfainn é rá leat
cheal feasa.


L. 166


DÓBAIR — Ba dhóbair go mbéadh sé 'na thrangalam
eatorra: nó, ba dhóbair dó bheith = ba bheag ná raibh 'na
chlampar, 'na chrosa, 'na bhruighin eatorra.



DOBUAN — Tá dobuan ar an mbó = buinneach, scaoilteacht.
Cúis an dobuain. Ní bhíon an bualtach cruaidh aici ach i
n'uisce.



DÓCHA — Níor dhóichí-de scéal dhóibh (nó dhuit) ná go bhfágfaidís
rian ort muna mbéadh teiche uatha = níor chosúla.



DOCHAISEACH — Bhuail sé me go dochaiseach = go cruaidh, i
slí a ghortóch go maith. Thairrig sé buille orm a bhí ró-
dhochaiseach do chloigean an asail.



DOCHAR — Ní bhfuighim aon dochar ó sna bróga — iad do
chur orm nó éinní — mar táid go breá fairsing = duadh.
Ar bh'aon dochar leat fanacht tamal eile anso? = aon
trioblóid, éinní. Ní chuirfidh sé aon dochar ort: ní dheinfidh
sé aon dochar duit = trioblóid, díobháil; ní thiocfaidh sé id
choinnibh ar aon t-saghas slí.



DÓCHAS — Tá ár ndóchas asat go bhfuighir rud éigint dúinn.
Mheasas go dtiocfadh sé, ach cuireadh as mo dhóchas me = bhíos
ag súil le h-é theacht ach níor tháinig. An rud go raibh coinne
agam leis, níor tháinig sé chun cinn. Thug an ráfla breis
dhóchais dom. Galar dóchais — nuair a bhéadh duine dubh-
chroidheach ann féin, agus ná músclóch éinní an aigne gheal ann.
Sé ár ndóchas go mbeidh an t-síocháin ann, ach is baolach go
gcuirfar as ár ndóchas sinn. Cheapas go rabhas ní ba láidre
ná Aodh; ach, nuair a rugamair ar a chéile, ba threise é.
Cuireadh as mo dhóchas me ansan mar sin.



DOCHMA — Tá dochma orm dul ag snámh = neamh-fhonn:
i gcoinnibh mo chos a raghainn. Tá dochma ag an mbórd á
chur orm mar tá sé ró-íseal = mí-shástacht: searús:
rud éigint a bhéadh i gcoinnibh mo mhiain.



DOCHT — Tagan sé docht go maith orm siúl = cruaidh. Tá
na bróga docht ar mo chosa = ag luighe ortha, cumhang, gan


L. 167


bheith oiriúnach. Bhíodh na cigirí ana-dhocht ar an nGaoluinn
= go mór anuas uirthi. Tá an obair seo docht = deacrai-
deach: is deacair é dhéanamh.



DOCHTÚIRÍ — Tá na dochtúirí ann go tiubh indiu = creabhair
chapall.



DOCRAIDEACH — Tá mo bhróg docraideach ar mo chois =
ag luighe, cruaidh. Faghaim docraideach go maith mo chosa
chur síos im bróga mar táid docht.



DÓCHÚIL — Níor dhóchúla rud a bhéadh sa pholl ná coiníní =
níor chosúla.



DÓGHAIM — Dhóigh an neanntóg me. Bhí sé ag gearán go
dóite = go géar. Bí cúis dhóite agam leis an gcainnt sin
a rá = cúis theinn. Tuigim go dóite cad a chialuighean
smacht Shasana = go ró-mhaith. Dógha na pípe ort. Tá
dógha talún fém chois; fém chosa; orm = an tinneas a
bhéadh ar bhonnaíocha do chos dá mbeifá ag siúl cosnochtaithe ar
an mbóthar.



DOICHEAL — Dothal. Bhí doicheal aici, nó uirthi, rómham.
Bhí sí lán de dhoicheal = mí-fháilte. Tá doicheal ar an gcat-
luch aige agus nách maith leis éinne theacht 'na ghoire.



DOICHILLIGHIM — Nó, dothoilighim. Sé nár dhoithiligh nuair
a tairigigheadh céad púnt dó.



DÓICHÍN — Ní maith an dóichín atá ag faire ort = bí ar
t'fhaire air.



DÓID — Tugadh dóid dom = dorn: buille dhorn.



DÓIGH — Is maith an dóigh go bhfuil sí i n-aimsir = áit:
tá sí i n-áit mhaith. Is maith an dóigh (dóth) go mbíon fear an
t-siopa nuair a bhíon a thig ar bhéal sráide, ar bhéal bóthair,
ar chrosaire. Dá mbrisfá do chroidhe sé an dóigh chéadna a
bhéadh aige ort = an tuairim chéadna. Feic dóth.


L. 168


DOIMHIN — Ní gá dhuit dul doimhin ar an nGaoluinn = an
iomarca di a dh'fhoghluim. Táim go doimhin sa bhfód = ag
obair go cruaidh, nó cuid mhaith den obair déanta agam.
Níl an leabhar críochnuithe agam fós, ach táim doimhin go maith
isteach ann. Tá an naomhóg ana-dhoimhin = ana-dhoimhin san
uisce, mórán eisc ínti.



DOIRCHEACHT — Doiritheacht. Chaitheas an solus do lasa
le doiritheacht an lae.



DOIRCHÍGHIM — Fág an fhinneóg ansan. Tá'n tu ag dorchú
an tíghe orm.



DOIRTIM — Tá an t-éadach go maith, ach dhoirt sé sa
níghe = d'imigh na dathana trí n-a chéile ann: iad a bheith
smeartha isteach 'na chéile. Dhoirt an gorm im léine. Ach,
thréig sé a dhath; thréig sí (casóg) a dath; nó, thréig an dath
iad = chaill an dath i ndiaidh a chéile.



DOLA — Dolaí = na blúiríocha adhmaid go gcuirtear síos
cluasa na maidí rámha ortha, nó eatorra.



DOLAÍ — Níl cíos, cás, fiach, ná dolaí, air = níl éinní:
aon chruadh-chás. Níl fiacha ná deanaí air = aon t-saghas
airgid air.



DÓLÁMHACH — Táim ag obair dólámhach = go seasuitheach,
gan stad, gan brise. Tá na naomhóga ag imeacht dólámhach =
le chéile. Chuadar ag dólámhach le chéile = i gcoinnibh a chéile
ag troid: nó dhá bhád ag rith ar a chéile. Chuadar ar dólámhach
linn = ar a ndícheal 'nár gcoinnibh. Bhíomair ag dólámhach le
chéile ag obair amuigh sa ghort = ar ár ndícheal. Thugas féin
tamal dólámhach ar an nGaoluinn. Bhéadh beirt ag dólámhach
le chéile nuair a bheidís go dian san aighneas.



DOMLASC — Chó searbh le domalas = liathróidín bheag
ghorm a bhíon istig sa bholg.



DOMHNACH — Chuala é, i nDomhnach = am baic, am briathar
lá Domhnaigh do b'eadh é = Domhnach.


L. 169


DONA — Tá sé go dian dona = ana-dhona, ana-bhocht. Tá
sé bocht danaí, nó bocht deanaí = ana-bhocht, dealbh.



DONAS — D'imigh sé chun an donais, nó don ndonas.
D'imigh an donas air 'na shubstaint is 'na chló = 'na mhaoin nó
'na fheóil, agus ní dheárthamh. Tá an donas buidhe air chun
inní = an dial buidhe. Dein san an donas ar fad ar an
scéal.



DONN — Bé an duine donn déanach a dh'fhág an tig = an té
ba dhéanaí ar fad. Tá sé ag teacht mar seo! Tá, go
díreach donn = go díreach, díreach. Tugan an focal san donn
breis nirt.



DORAS — Thug sé an doras dom: bárr na bróige an
doras amach. Bíodh an doras agat = gaibh amach, glan amach.
Tá sé 'na chómhnuí i mbéal an doiris agam. Dubhart leis
an doras a chur de = an doras a bheith aige. Chnag sé amuigh
sa doras. Chuir sé a cheann 'on ndoras = sháidh sé a cheann an
doras isteach: nó, é chur idir an dá fhráma Chuir sé a
cheann 'on fhinneóig = don ngloine: nó é shá isteach. An
doras féin: cómhla an doiris = an rud a oscluighean isteach
is a dhúnan amach: an fárdaras.



DORN — Bhí m'anam im dhorn agam = ba bheag nár cailleadh
me: bhí ana-eagla orm. Tá sé mar sin riamh ó tháinig lán
mo dhuirn ann = ó dh'fhás sé suas chó mór lem dhorn. Bhíodar
ar an ndorn le chéile: nó, ar na dóirne: chuadar ar an
ndorn; nó, ar na dóirne: ag tabhairt na ndóirne dá
chéile. Táim ag scríobha, ag ithe, am bearra féin, fém
dhóirne = gan aon t-solus. Nuair a bhíon a anam 'na dhorn
ag duine, aige duine, ní bhíon fhios aige cad a bhíon chuige.



DÓRNÁIL — Bhíodar ag dórnáil le chéile, nó ag dórnáil a
chéile = ag tabhairt na ndóirne dá chéile. Bíodh bobhta
dórnála againn.



DÓRNÁLAÍ — Duine a bhíon go maith chun na dóirne
d'oibriú.


L. 170


DORUGHA — Dorú, nó darú, nó dairiú. Córda cruaidh a
bhíon ann chun iasc garbh a mharú, nó aon t-saghas éisc, chó fada
leis sin de. Lár an dairiú. Bhfuil na dairithe go léir
briste agat? = cuid mhaith dhíobh.



DOSAON — Trí dosaen.



DÓTH — Ní maith an dóth dhuit aon chur isteach do chur, nó
do dhéanamh, ar Sheán, nuair a bhíon sé bainte chun feirge = ní
maith an ní. Ní maith an dóth an áit sin chun aon ní a dh'fháilt
ann = ní maith an seans é: ní cosúil, dóchúil é. Ní h-aon
dóth mhaith Seán chun bheith ag brath air, má's airgead a theas-
tuighean uait. Dá mbéadh fhios agam cá bhfuil an dóth chun
ubhla d'fháilt, raghainn ann = an áit chosúil. Chuarduigheas dóth
agus anndóth (ann-óth) = gach uile bhall: cosúil agus mí-
chosúil. Chuas go dtí an dóth, nó go dtí an áit 'na raibh an
dóth. B'olc an dóth é gabháilt chuige = níor chosúil an áit é,
nó an fear é, chun dul chuige. Ní maith an dóth prátaí an
gort san = ní h-aon áit é chun bheith ag súil le prátaí maithe
as. Táim i ndóth mhaith anso = i n-áit mhaith: post maith
agam. Bhíos istig i lár na dótha, ach ní bhfuaireas faic. Tá
trí dóthaí sa pharóiste seo chun móin d'fháilt. Bhíos ag
fanacht tímpal mar gur ana-dhóth Seán chun púnt a dh'fháilt
uaidh. Ní h-aon ana-dhóth é — fear ná féadfá seasamh puínn
air.



DÓTHANACH — Ní thógfad a thuille den mbia, mar táim
dóthanach de = tá mo dhóthin agam de. Táim dóthanach go
maith den nGaoluinn = cortha dhi, agus ní gheóbhad a thuille léi:
gan a thuille lorga agam uirthi. Táim dóthanach mo dhóthin
den obair seo = lán suas.



DÓTHIN — Tá a dhóthin de bhean aige = bean atá chó maith
leis héin.



DOTHOILÍGHIM — Bhí sí ag dothoiliú na h-oibre = ag cur
suas di. Thugas cuire dhó dul im theannta, agus sé nár
dhothoiligh.



DÓTHÚIL — Ní dóthúla an droch-lá ná an lá breá = ní
cosúla. Níor dhóthúla é ná paiste ceatha ar ball = níor


L. 171


dhóthúla éinní. Ná téir ansan: níl an ball san dóthúil
i n-aochor.



DRÁDH — Drá. Níl agam an trus so ach lag-dhráite =
cartaí laga gan mhaith: cártaí ná béadh a ndath ar ceann.



DRAID — Tá draid air = scaimh. Tá draid air chun
tobac, chun aighnis, ag an bpíp = atharú béil.



DRAMHLACH — Dabhach: tubán mór.



DRAOÍEACHTÚIL — Nách draoíeachtúil an obair é nách
féidir liom focal a rá gan tusa theacht treasna orm? =
úntach.



DREAP — Bíon duine i ndreap nuair a bhíon sé i gcás nách
féidir leis teacht as. Tá an chaoire ar dreap, nó i ndreap =
imithe síos le cliathán na faille, cig, agus gan ínti fille
thar n-ais. Tá Máire i ndreap, ar dreap, mar gur thug sí
fé obair nár thuig sí a chrosdacht go raibh sí 'na cheart-lár
istig = i dteannta. Tá beirthe i dtreap orm — nuair a
thabharfadh duine fé obair ná féadfadh sé dhéanamh. Rug
dreap orm sa bhaile agus níor bh'fhéidir liom teacht thar n-ais
go Bleá Cliath — toisc stailc na dtraenach.



DRÉIMIRE — Chuaidh sé tríd an ndréimire = chuir sé
an dréimire i n-áirde, nó anuas, de (dho). Chífeadh sé poll i
ndréimire = duine go mbéadh ana-radharc aige! Tá sé
sa dréimire = suas nó anuas: nó ar an ndréimire.



DREÓIL — Tá gloine an lampa dreóil = lag, íogair:
so-bhriste: gan puínn fulaig ann: gur fuiriste goilliúint
air. Bíon sean-duine, uaireadóir, agus mar sin, amhlaidh.
Tá an córda san ana-dhreóil chun é chur ar an bpaca. Bíon
gach dreóil íogair = gur deacair baint leis.



DREÓILÍN — Is geairid go mbeidh oiread leis an ndreó-
ilín de chlainn aca = ana-chlann. Bhíos, chuas, sa Dreóilín
Lá 'le Stopháin. Ní raibh ach triúr sa Dreóilín sin. Ghaibh
ana-chuid Dreóilíní an bóthar indiu. Cuireadh amach as an
ndreóilín me.


L. 172


DRÍODAR — Thóg sé leis na leabhartha do b'fhearr agus
níor fhág agam ach an dríodar: nó, dríodar an phortaigh.
Níl sa bhfuirin seo ach dríodar an phortaigh = earraí gan
mhaith: rud a bhéadh fágtha nuair a bhéadh an chuid ba thofa
tógtha.



DRISÍN — An phutóg is sia siar sa chaoire. An goile:
ansan béal an ghoile: ansan siar go dtí an drisín.



DRITHÁIR — Ní raibh aon dritháir oiriúnach (riúnach) dom
ach thu = ní raibh éinne chó maith, nó chó h-olc liom: nó chó
h-oiriúnach; nó go bhfuil m'imeacht féin fé chó mór leat-sa.



DRIÚRACH — Tháinig driúrach im chuid fola = corruighe, le
h-eagla, cig. Liúrthach = stad fola. Pian na liúirthíghe.
Driúrach = griúrach = crapathacht = trálach.



DROCH-MHAITHEASACH — Duine droch-mhaitheasach = duine ná
bíon aon fhonn air é féin do chur siar: ná deinean aon
mhaith ar éinne: neamh-maitheasach.



DROCH-RÁITEACH — Bíon duine amhlaidh nuair a dheinean
sé droch-chainnt, nó droch-chur-síos ar a chómharsain.



DROCH-RUIBE — Tá droch-ruibe ar an lá = droch-chuma,
cuma chruaidh. Tá droch-ruibe fén bhfear, fén mbean =
fearg, cuma fheargach. Bíon droch-ruibe fén mbó nuair
a bhíon droch-chuma, droch-chroicean, uirthi; agus cló an
ocrais agus na droch-aimsire.



DROCH-RUITHAG — Chuas sa t-snámh chuin greim a dh'fháilt
ar chlár bán, agus thugas droch-ruithag amach ag triall air
= thugas droch-shádh amach chuige: chuas i gconntabhairt
(cúntúirt) amach chuige. Dhein sé droch-ruithag isteach go
dtí an bórd = sháid sé é féin isteach. Tá droch-ruithag ann.
Is droch-ruithagach an fear é.



DROCH-SHÁDH — Thugas droch-shá dom féinig = thugas fé
obair a bhí thar mo chumas: droch-úsáid. An buachaill a
bhí breóite is a thug fé chomórtas báire d'imirt: an fear
a phós droch-bhean is gan fhios san aige roim ré: mac


L. 173


furmeóra a chuaidh ag obair isteach i n-oifig agus nár fhéach
amach dá shláinte ná éinní: an duine a thabharfadh fé obair
ná béadh oiriúnach dó: an buachaill a luighfeadh isteach le
droch-chuileachtain, nó a raghadh ar meisce, nó i dteannta
dream meisce — thabharfaidís san go léir droch-shá dóibh
féin.



DROCH-ÚSÁID — Thug sé droch-úsáid dom = buala, nó
obair a dheinfeadh díobháil dom, nó éinní mar sin. Ní
bhfuaireas ach droch-úsáid sa tig ósda = droch-chóir, droch-
chothrom. Ach, faghaim úsáid mhaith sa tig seo, óm báistir,
agus mar sin de.



DROGA — Níor chaitheas aon drogaí riamh = earraí a
gheóbhfá le tógaint i dtig an drogadóra.



DROICHEAD — Drothad. Bhrisfinn drothad do shróna le
h-aon chnag amháin.



DROINNIRE — Nó, druinnire = duine go mbíon druínn
air.



DROM — Bhí sé ag cainnt ar mo dhruím = orm agus
laistiar díom. Drom mo choise = an chos ón mbráid amach
go dtí sna méireana. Bhíodar ag dul i n-áirde ar mo dhrom
ar fad = ag gabháilt lastuas díom: ag déanamh amadáin
díom. Drom mo bhróige Bhí sé ag imeacht i ndiaidh a
dhroma = siar: i ndiaidh a chúil, a thóna. Thuit an chaoire
drom thar n-ais síos leis an bhfaill. Beirid na h-éin na
h-uibhe anuas i ndrom na cloiche, na gcloch, ach méiscire
fé lé, nó fé bhrághaid, nó i gcóir, gach ubh díobh. Chuireas na
druimeana, nó na dromana, leis an ól = daingeanú láidir,
ceangal cruaidh gan aon bhaint a bheith agam leis feasta
Tugtar druimeana, nó dromana, ar na h-eólaithe beaga.
Fuaireamair dromana móra leathair isteach ón bhfairge.
Bhí an oidhche thar druím nuair a chuas a chola = thar am: buna-
chaite go maith. D'iompuigh sé orm de dhruim a ghualan =
thar a ghualain siar. Bhí an bád ag imeacht de dhruím na
n-eólaithe móra = suas agus anuas leó. Bíon an lá thar
druím nuair a bhíon sé a dódéag, agus an oidhche mar an
gcéadna. Chuireas le Séamas na druimeana dúbha =


L. 174


ceangail chruadha dhaingeana. Thuiteas drom thar n-ais
anuas den bhfinneóig. Bíon dhá thuitim ansan coitíanta —
anuas ón bhfinneóig go dtí bórd, cig, agus ansan síos go
dtí an t-úrlár. Ach ba chóir go mba leór aon tuitim siar
síos.



DROMACH — An píosa leathair a bhíon ar dhrom an chapaill
treasna nuair a bhíon sé ag treabha.



DRÚCHTÍNÍ — Tá drúchtíní alluis tríom amach = braonacha
beaga beaga miona. Tá drúchtíní ar an bhfinneóig.



DRUIM — D'fhéach sé de dhruim a ghualan siar orm. Bhí
an fhairrge á shéide de dhruim an oileáin le neart na gaoithe.



DRUINNEÓG — Duine go mbéadh druínn air.



DRUMADÓIREACHT — Cuir uait, caith uait, an druma-
dóireacht — sin é mar a bhíon na páistí ar áraistí stáin, nó
ag drumadóir.



DRÚNCAER — Ní h-aon drúncaer óil, ná tae, ná tobac,
me = níl aon ana-dhúil agam ionnta; nó, ní bhím ag gabháilt
dóibh i gcómhnuí.



DTÍ — Dearúd beag seadh é, agus dá mbeifá ceart go
dtí é, nó go dtí an sórt san, ní bheifá le cáine = muna
mbéadh de dhearúd agat ach é.



DUADH — Thánamair gan duadh gan duais = gan trioblóid.
Ní obair gan duadh é = ní obair bhog gan deacaracht.



DUAILÍN — Muíng capaill, nó an blúire beag gruaige a
fágfaí i dtosach an chinn tréis an ceann do bhearra.



DUAIN — Níor bhfhéidir liom scéal ná duain a dh'fháilt
uaidh = aon fhocal, aon tuairisc, eólas.



DUAISIÚIL — Sé seo an paiste is duaisiúla den
mbóthar atá rómhainn = is mó go bhfuil saothar ag baint leis,


L. 175


is cruadha obair dhuaisiúil. Tá an obair seo ag teacht
duaisiúil orm, ach níl sé cruaidh ann féin. Bíon sé duaisiúil
ar gach éinne a cheárd a dh'fhoghluim. Nó, duaistiúil.



DUAL — Sin é mar is dual is is dúchas duit a bheith =
dréir do dhúchais ba cheart duit a bheith amhlaidh. Tá an
t-adhmad so lán de dhuail = na paistí beaga cruinne cruadha
a bhíon i n-adhmad.



DUALACH — Tá an crann ana-dhualach. Tá Seán dualach
i n'aghaidh = cnapánach, cruaidh: gan bheith nígheanta, deagh-
chúmtha.



DUALGAS — Tabhair do dhualgas don t-sagart. Ní mór
an dualgas atá aige á éileamh.



DUAN — Séid suas duan = amhrán.



DUANAIREACHT — Bhí sé ag duanaireacht dó héin = ag
portaireacht: ag bog-fheaduíol: nó ag gabháilt d'fhonn gan
na focail 'a rá, nó na focla a thabhairt amach go h-íseal.



DUBH — Cuir dubh fém bróga. Deirtear "ar mo bhróga"
uaireanta. Dheinis go dubh orm é, agus gan marcuíocht a
thabhairt dom = go h-olc: go droch-aigeanta. Tá sé geal
go leór ar an dtaobh amuigh, ach tá sé dubh istig = droch-
aigeanta: nó, buartha, brónach.



DUBHACHTAINT — Bhí dubhachtaint na gcnoc is na sléibhte
ann = ana-shluagh.



DUBHÁN — Táim teinn i leaba an dubháin = thiar ar an
ndrom idir mo chromán agus mo chor-easna (easna bheag),
san áit 'na mbíon an dubhán. Ball den chorp é sin, agus
bíon dhá cheann díobh ann. Oiriúint iascaigh seadh an dubhán,
leis. Bíon bior na bharra ar a dtugar gob an dubháin.
Siar síos den ngob bíon dhá chlipe bheaga ar a dtugtar na
ruthaig. Ruthag aon cheann amháin díobh.



DÚBHLUACHAIR — Is olc é ceal na teine sa dúbhluachair =
i lár an gheimhridh, lár droch-aimsire an gheimhridh.


L. 176


DUBHLUIGHE — Mhuise, dubhluighe ort maran tu an colatá-
nach. Nó, dubhluighe thíos, nó thiar, ort — deirtear le duine
a bhíon na luighe sa leaba = droch-luighe: nó luighe fada
breóiteachta. Dubhluighe ort ná h-éistean. Dubhluighe ort
maran tu an rud crosda. Eascaine gan éifeacht seadh é
anois. Ní h-aon phioc é de scoth gharbh na mionnaí.



DÚBHRADÁN — Is mór an dúbhradán thu = duine a bhíon
mall, leadránach, dúr, 'na chorp, nó 'na mheabhair.



DÚBH-SHOLUS — Níl againn sa chistin ach dúbh-sholus = droch-
sholus: droch-lampa, nó íle olc ann. Bíon dúbh-sholus na
h-oidhche ag teacht nuair a chaithean duine eiriú as bheith ag
scríobha le solus an lae. Dúsholus.



DÚBH-THIOMÁINT — Tá an peann á dhú-thiomáint agam =
á thiomáint go dian dícheallach agam. Bhí an dá naomhóig ar
dú-thiomáint le chéile sa rás = ar a ndian-dícheal.



DÚDÓG — Tá dúdóg na bhéal aige = píp bheag ghairid.



DUÍ — Cnocán mór gainímhe. Lár na duíche. Ar an
nduí. Na duícheana.



DUIBHE-RÉ — Beidh leath na h-oidhche anocht fé dhuibhe-ré =
gan aon ghealach ar an spéir, ach í bheith fé ar feadh na h-aimsire
sin. Beidh duibhe-ré anocht ar an ngealaigh go dtí n-a
h-aondéag = gan í bheith le feiscint. Tá leath na gealaighe fé
dhuíbhe-ré anois, agus mar sin beidh leath na h-oidhche anocht fé
dhuibhe-ré. Oidhche dhuibhe-ré, nó dhuibhe-réig, ar fad an oidhche
anocht = gan aon ghealach bheith ann i n-aochor toisc a ré bheith
caite. Beidh cion cheithre n-oidhche de dhuibhe-ré ann istoidhche
amáireach. Bíon an duíbhe-ré ann dréir imeacht na
h-aimsire Raghaidh an duibhe-ré go lár na h-oidhche anocht
= gan an ghealach bheith ar an aer, ar an spéir, go dtí san.



DÚID — Rugas ar dhúid air = muineál: ón scórnaigh síos
go dtí sna bannraí.



DÚIL — Bhí dúil an chait aige ann = ana-dhúil. Rud
leanúnach a dh'fhanan seadh an dúil.


L. 177


DUILLE — Duille an hata = an chuid de a bhíon leibhéalta.



DUIRC — Duirc fir seadh é — fear dorcha, neamh-chainnteach,
gruamdha, gan sult, doicheallach, agus púic agus tormas air
i gcómhnuí. Dhein sé aon duirc amháin díom = chuir sé im
thost gan focal me.



DÚISEACHT — Bhaineamair dúiseacht as an mbia, as an ól,
as an bpíp = ceól: earruíocht. Bhaineadar dúiseacht mhaith
as a chéilig sa troid = thugadar cnagarnach mhaith dá chéile.
Tá an mhóin ídithe mar gur bhaineamair dúiseacht aisti nuair
a bhí sí ann = níor fhágamair 'na suan í.



DUL-I-BHFOLACH — Beidh dul-i-bhfolach againn Cluiche é
sin (clutha).



DÚLMHAIREACHT — Ag dul i ndúlmhaireacht chun rínnce atá
sé = tá ag teacht sa dúil atá i rínce aige.



DÚLSHÁTH — Dúlá. Bain do dhúlá as an bpíp, as éinní =
oiread is mian leat; sásamh do dhúlach. Bhaineas mo dhúlá
as an ndailtín = thugas buala mo dhóthin dó.



DÚNAIM — Dún an scian: nó, iaigh. Dún do chasóg
ort: nó, iaigh. Dhún sé ar an airgead = choimeád, is ní
thabharfadh uaidh é. Dhún sé ar an mbannc, is ní thabharfadh
uaidh an t-airgead a thóg sé ar iasacht. Nó, iaigh sé.



DÚR — Tá'n tu chó dúr le sean-asal = gan bheith geal:
nó gur deacair léim a bhaint asat. Dúbhradán asail.



DÚRA-DARA — Táimíd nár ndúra-dara = 'nár dtost
gan chainnt, ná léim, ná preab.



DURTHA — Tá an bhó tréis durtha.



DÚRTHACHT — Thug sé dúrthacht dom: nó, dhein sé dúrthacht
orm = thug dom rud éigint de bhreis ar an méid gnáthach, nó
níos fearr.


L. 178


DÚRTHATACH — Tá sé dúrthatach dá chapall = go maith dhó.
Is maith leis é choimeád suas go maith.



DÚTHAIG — Bhí an dúthaig daoine ann = radharc, seó; an
domhan ar fad díobh. Thógamair an dúthaig scadán aréir.



DÚTHCHAS — Dúchas. Tá san mar dhúchas aige; sa dúchas
aige, nó ann; ag rith sa dúchas aige; ag rith 'na dhúchas;
tá san aige ó dhúchas. Tá dúchas maith bainne ag an mbó,
nó sa bhó, ach ní théighean sí leis — leis an ndúchas san. Tá sí
ag gabháilt le saighdiúirí Shasana, ach sin é an dúchas atá aici;
nó, sin é an dúchas gur díobh í = mar sin ba cheart di bheith ó
dhúchas, dréir dúchais: tá san geinte ínti. Tá dúchas droch-
fhiacla ionnam, nó dúchas éinní. Tá dúchas sa bhfear san a
thugan na fiacla 'on dtalamh: 'on gcré, 'on dteampall, 'on
uaigh = dh'fhan na fiacla aige sna daoine a tháinig roimis go lá
an bháis. Tá dúchas sa bhuachail sin le breis bhídh a dh'ithe.
Teampall dúchais = an teampal, an roilig, 'nar cuireadh do
mhuíntir rómhat. Táim ag teacht abhaile ar mo dhúchas =
go dtí an áit 'na bhfuil mo mhuíntir 'na gcómhnuí, agus 'na
rabhadar: nó ag teacht isteach ar, ag tabhairt chun cinn,
na neithe ba dhúchas dom. D'iompuigh sé amach na Sheóinín,
ach tá sé ag casa thar n-ais ar a dhúchas = ar bheith 'na Ghaedhal
ceart. Dá mbéadh ár saoirse againn anois ní bheimís ach
ag teacht abhaile ar ár ndúchas — agus bhéadh obair againn an
dúchas san do thabhairt abhaile i n'iomláine.



E



EACH — Each Spáinneach = gearra-chapall.



EACHMAIRT — Tá an láir fé eachmairt.



EACHTRA — An bhfuil aon eachtra agat indiu? = aon
scéala móra. Bhí ana-eachtraí aige.



EACHTRAIGHIM — Bhí sé ag eachtraí, ag eachtraí scéil,
scéalta, dhúinn = ag ínsint tímpal eachtraí móra.


L. 179


EACHTRÁNAÍ — Duine a ghaibh tré eachtraí móra.



EADH — Naith a deirtear. Níor chuireas aon naith 'na
chainnt. Níor dheineas aon naith den bhfocal = níor thógas aon
cheann do: níor chuireas aon t-suím ann. Ní dheinfinn aon
naith de fiche míle a shiúl = aon ní: níor bh'aon eachtra liom é.
Níor bh'aon naith liom an bhó do dhíol ar fiche púnt = cúrsa
iongantach: dheinfinn é gan aon chorrabhuais.



EADH — Ná bí á leigint ort gur amadán tu, mar ní h-eadh
= ní h-eadh tu. Ní ceart an t-asuchán san do chur leis
(spiaire do thabhairt air), mar nách eadh é. Bím ana-thuirseach
uaireanta; ach, má seadh féinig, is cuma liom. Raghad ar
an dtír amáireach; ach, marab eadh, raghad ann seachtain ó
amáireach gan teip = mara ndeinim. Fuaireas gluaisteán
mar bhronntanas. Nárab eadh! Nó, ná raibh! = ní deir tu
é! Bainean an chainnt le h-aiteas is le h-úntas. Bíon
an á ana-shínte sa chainnt.



ÉAD — Tá éad uirthi liom.



ÉADACH — Níl balcais ná luid den éadach ortha = iad a
bheith ana-ghiobalach. Níl oiread na luide air. Tá'n tu
imithe, nó caite, as an éadach ar fad = bheith imithe ana-lom.
Níl sé le fáil san éadach = tá sé ana-thráite. Éadaíghe
bróin. Cluth (culaithe) bhróin.



ÉADÁLACH — Is éadálach an fear é = saibhir. Ní gnáthach
fear náireach éadálach = ní ghabhan an náire agus an saibhreas
le chéile, coitíanta.



EADARLUASACH — Bhí sé ag scríobha, ag obair, ag cainnt,
go h-eadarluasach = go maith tapaidh, go h-anamúil.



EADARTHA — Tá sé i n'eadartha, nó i n'eadartha bó =
tá tráth crúite ann. Bíon an t-eadartha níos túisce i
n-áiteana de bhreis ar a chéile.



ÉADTROM — Tá an cailín sin ana-éadtrom = ana-éaganta.


L. 180


ÉADTROMÁN — Níl sa bhean san ach éatromán = duine
gan éifeacht, gan fuaimint, gan fód: gliogaire.



ÉADÚIL — Duine éadúil = go mbíon éad ann.



ÉAGANTA — Tá sé éaganta = éatrom ann féin: gan
stuamacht ann, ná fód air.



ÉAGCÓIR — Tá'n tu san éagóir = níl an ceart agat.
Tá'n tu san éagóir chúgham, nó orm = ag cur rud éigint im
leith ná fuilim cionntach ann.



EAGLA — Tá eagla na báistí orm = eagla orm go dtiocfaidh
sí anuas. Tá eagla m'athar orm, nó eagla éinní.



EAGLACH — Táim eaglach go mbeidh an lá go h-olc = is
eagla liom é. Bhíos eaglach rómpa. Táim ag dul i neamh-
eagla, nó i neamh-eaglaighe, ort = i dtaithí ort, agus an
t-eagla ag imeacht díom rómhat.



ÉAGHMUIS — Tá hata eile agam i n'éamais sin = lasmuich
de sin: hata á mhalairt sin: dá mhalairt sin.



EALADHA — Ealaidhe a deirtear. Gach file is gach fáig
ag trácht thar a ealaidhe féin = a ghnó, a cheárd féin, a chúrsaí
féin. Bíon mórán ealaidheana ar siúl aige seo = mórán
gnóthaí. Bhfuil aon ealaidhe indiu agat? = aon t-saghas
gnótha. Tá, ach ní leigfeadh an leisce dhom é dhéanamh.



EALADHANACH — Fear ealaidheanach.



EALADHANTHA — Tá a cheárd go h-ealaidheanta aige =
go rí-mhaith. Tá sé déanta go h-ealaidheanta agat = go
cliste. Bhuailis an bob air go h-ealaidheanta.



ÉALUIGHIM — D'éaluigh an braon air = chuir meisce air
sar a raibh fhios aige é. D'éaluigh an mhaidin air = dh'fhan sé
na chola thar an am. D'éaluigh an lá orm = ghluais thar bráid
i gan fhios. D'éaluigheamair ó scoil. Bhíomair ar éalú.
Cois na gclathach = sa tslí go rabhamair ag éalú.


L. 181


EANGLAIS — Nó, anglais. Anglais bhainne = bainne go
mbéadh mórán uisce tríd. Tá sé i n'anglais tae agat =
tae ana-lag: nó a bhéadh ana-fhada ag tarrac: nó go leigfí
di fuara thar n-ais: nó ná béadh ceart blasta mar ba chóir.
Tá na prátaí 'na n-anglais = bheith ró-bheirithe: nó fuar-
bheirithe: nó fuar-bheirithe agus an t-uisce d'fhágaint leó.
Tugtar anglais ar bhainne fuar-bheirithe, leis.



EARAID — Tá na daoine seo i n-earaid le chéile =
amuigh le chéile: gan beith istig le chéile, ná baoch dá chéile:
ná ag tarrac le chéile. Ní bheidh aon earaid eadrainn =
aon olc chun a chéile againn: easaontas.



EARASBÁR — Naoi bpingine ar únsa tobac. Tabhair
scilling isteach. Leath-raol earasbár na scillinge. Trom
únsa tobac agus leath-raol earasbáir. Tá trí phingine
earasbáir ag teacht chúgham. Seo chúghat do leath-raol
earasbáir. Cad é an t-earasbár?



EARRA — Is maith an earra le n-ithe é = rud. Chuas
isteach sa t-siopa ag ceannach earraí = aon t-saghas neithe.
Cuir an earra isteach sa tómhas, sa scála, agus deintear
iad do chothromú go ceart. Fan amach uaidh sin. Droch-
earra seadh é = droch-rud, droch-mhianach.



EARRUÍOCHT — Ní féidir liom aon earruíocht a bhaint
as an leabhar = úsáid, gnó; é chur chun tairbhe. Bhainfeadh
sé earruíocht asam dá bhfuigheadh sé an tslí chun a chúrsaí
féin do chur chun cinn. Cheannuigh sé hata ar phúnt: dhíol ar
phúnt is coróin: bhain sé cúig scillinge earruíochta as.
Chuir sé capall ar féarach, agus ansan thug sé ar an aonach
chun breis earruíochta a bhaint as. Tá ana-chuid earruíochta
ar siúl ag Seán = tráchtáil, díol agus ceannach.



EASÁNTAS — Easaontas.



EASBA — Níl aon easba sa t-saol ortha = níl aon easba i
n-aochor. Deineadh é gan ghá, gan easba = gan ríachtanas ar
bith. Táim ar easba = tá easba orm: táim fé easba.


L. 182


ÉASC — Ba mhaith an smut adhmaid é ach an t-éasc a bhí ann
= áit lag: áit mharuitheach. Bíon an t-éasc i gcamán
san áit go mbíon dual nó aon t-saghas laige. San áit
sin is fusa é bhrise, nó e ghortú. Níor thuigeas cá raibh an
t-éasc agat, nó ionnat = áit na ngortóch buille, nó cainnt,
go dóite. Bíon éasc san áit go dtagan dhá chnámh le chéile:
teóra dhá chnámh. Sé clár éadain an mhairt an t-éasc.
Bhéadh éasc i maide dá mbéadh mannt ann. Áit gan fulag.
Béidir nárbh fhada an mhoill agam an t-éasc a dh'fháilt amach
agat muna n-éistfá. Ins na h-uiseana is mó a bhíon an
t-éasc ag an nduine = an áit is mó 'na bhféadfá an t-anam a
bhaint as.



ÉASCAIDH — Níl an buachaill sin ró-éascaigh chun na
Gaoluinne = ró-thapaidh, ró-mhear, aibidh. Bíon croidhe maith
éascaidh ag an nduine óg. Dhein sé go h-éascaidh dhom é
An giolla Deacair is a chapall nárbh éascaidh.



EASCAINE — Dubhras cúpla eascaine gan éifeacht.
Thugas eascaine uaim. Bhíos ag eascainí ar na cearca.
Thug sé eascaine dhom: nó, dhein sé eascaine orm. Thuit
eascaine orm. Níor dheineas éinní as an slí le déanaí
munar dheineas aon fhocal eascaine do thabhairt.



Ag seo cúpla eascaine. Go marbhuighe an bás thu.
Casachtach fiacal ort. Tuitim gan eiríghe ort. Go sádhair
do cheann i n-áit ná tairiceóir é. Go ndeine an dial
dréimire de chnámh do dhroma leighe an ime ort. Mille
is meath ort. Fuarmhallacht Dé ort; nó, mór-mhallacht.
Leighe cúbhair na h-abhan ort. Go dtéighir a chola fé chré
is fé chlocha. Go dtógaidh an dial, nó an fear mór, leis thu.
Bátha is múcha ort. Go bpollaidh sé ort = go bpléascaidh
sé ort — bia a tógfaí.



EASCARAIM — Tá buachalán ann ná h-eascaran i n-aochor.
Is mó ní nách coirce a dheinean eascair. Thánag abhaile i
n-eascara lae is oidhche = i dteóra lae is oidhche.



ÉASCÚLACHT — D'aithnígheas ar a éascúlacht a bhain sé
an áit amach go raibh aithne na h-áite aige = aimsigh an cosán
chó tapaidh, chó h-éascaidh san.


L. 183


EATHRAMH — Nó, aitreamh. Ní bhfuaireas aon aitreamh
ar dhul ann = caoi, aga. Bhí sé ag báistigh, ach tháinig aitreamh
air = lon: stop sa bháistigh. Dá bhfuighinn an t-aitreamh
ort, gheóbhfá é = faill. Tá aitreamh anois ann, agus is
féidir linn bheith ag boga.



ÉIDIR — Is láidre é ná féidir. Pé ní a gheóbhaimíd, ní
h-éidir go bhfuighmíd dathad púnt ar an mbó = níl aon
t-súil, aon t-seans.



ÉIFEACHT — Níl aon éifeacht le Seán = maith, tuiscint,
stuaim, tábhacht: ní duine doimhin, éifeachtúil é. Ní
féidir liom aon éifeacht a bhaint as ní = tuiscint, ciall: ní
féidir liom dul amach air. Báisteach bheag gan éifeacht
= gan tácht. Ní h-aon éifeacht buille sa phus sochas (seachas)
buille sa t-súil. Sin é an éifeacht a bhainim as an bhfocal.
Tá cúpla fód móna againn, ach cad é an éifeacht an méid
sin le h-aghaidh an gheimhridh? Tá éifeacht aici san aimsir
= bainean sí éifeacht as an aimsir: tuigean sí conus
iompóidh sí amach. Tá éifeacht le baint as an aimsir go
seasóidh sí buan. Táthar ag baint éifeachta as an aimsir
seo go mbeidh sí 'na stracaire tamall.



ÉIFID — Tá an bhean so ag imeacht 'na h-éifid gan
mheabhair = duine gan chiall: gan fód: iarlais. Tugtar
ar an bhfear é, leis. Duine ná béadh mórán meabhrach ná
seana-chríonachta aige.



EILE — Ní fada eile a dh'fhanfad = thairis seo. Níorbh
fhada eile chun cinn a bhíos ar an mbóthar nuair a leageadh me
isteach thar claidhe. Ní mórán eile a gheóbhair ar an mbó =
mórán breise. An lá eile = an lá fé dheire. Is gairid,
nó geairid, eile a dh'fhanfainn mura mbéadh tu theacht. Níl
an scian anso. Cad eile cá mbéadh sí? = cad é an áit
eile go mbéadh sí? Cad eile cá mbéadh an t-amadán ach
sa bhfuaire, sa bhfuacht? Cad eile cad a dhéanfainn?
Ní mór an feabhas eile a raghaidh ort agus do dhícheal a
dhéanamh = ní mór eile an feabhas. Cad eile conus a dhéanfá
é? = conus eile a dhéanfá é?


L. 184


ÉILEAMH — Níl aon éileamh agam ar an bpíp ach go fánach;
nó, uair fhánach = dúil ínti; glaoch.



ÉILÍGHIM — Cad d'éiligh fear an t-siopa ar na bróga? =
Cad a lorg sé? Cad a bhain sé díot asta?



ÉINNE — Ní mise éinne amháin a bheidh ann = ní mise an
t-éinne amháin — beidh a thuille ann.



EIRBALL — D'ith an madra siar go h-eirball é = é go
léir. Tá sé caite siar go h-eirball. Tán sibh go léir go
h-olc siar go h-eirball = sibh go léir, nó gach blúire díbh go
léir. Táim i n-eirball mo chuid foighne agat = 'na dheire.
Tá an lá i n-eirball na h-olna = caite nách mór.



ÉIRE — Bhaineas ana-thaithneamh as do chuileachtain pé san
Éirin duine thu = pé ar bith duine thu. Chuaidh sé i bhfad
Éirean ó bhaile = ana-fhada. Táim i bhfad Éirean níos
fearr ná mar a bhíos.



EIRÍGHIM — Níl eíríghe an t-saoil liom = nílim ag dul chun
cinn sa t-saol: tá an saol ag dul im choinnibh. Bhí ceól
is rínce, rósta is féasta, is eiríghe i n-áirde aca = scléip,
spórt. Eíríghean na leanbhaí ó scoil ana-óg anois = fanaid
istig ó scoil. Tá sé eírithe ó scoil = fanta istig ó scoil.
Tá an capall ag eiríghe cúig, sé, seacht, trí, ceathair = ag
déanamh ar an oiread san blianta (nó mí, nó seachtaine, dá
dtagadh sé isteach leis an gciall), agus an bhliain fé n-a
bhun fágtha 'na dhiaidh aige. Tá na muca so ag eiríghe sé mí =
táid ós cionn chúig mí agus ag déanamh ar an leath-bhliain.
Tá an capall trí i Márta, nó bhí sé = tá sé trí bliana caite
i Márta. Beidh sé trí i Márta = chun na Márta. Tá an
t-uisce beatha eirithe 'na cheann = tá sé ar meisce aige: nó
rud beag fé dhigh. Tá Seán Buidhe eirithe 'na cheann = níl
aon dia beag aige ach Seán Buidhe. An fear bocht, níl
aon eiríghe ós a chionn = níl aon teacht i n-áirithe dhó as pé
droch-chás 'na bhfuil sé: níl aon t-súil leis: gheóbhaidh sé bás.
Bhíodar ag eiriú i n-áirde ar a chéile ag an gceaint = ag
canntáil na n-earraí ar a chéile. Tá ag eiriú ar olcas an
scéil = tá olcas an scéil ag dul i méid, ag méadú. Bhfuil
aon lag, nó boga, ag teacht ar an dtinneas fiacal? go


L. 185


deimhin níl: is ag eiriú air atá = ag dul i n-olcas atá sé.
Tá ag eiriú ar an sneachta, ar an mbáistigh, ar éinní.
D'eirigh air go dtí go raibh sé as a mheabhair glan = chuaidh i
n-olcas air — ar aon tsaghas slí. D'eirigh an chearc de sna
sicíní = leig sí dhóibh imeacht agus déanamh dóibh féin.
D'eirigh sí ó sna h-uibhe = ní dhéanfadh a thuille guir ortha;
nó, eirigh sí as bheith na suidhe ortha. D'eirigh mo chroidhe
orm le h-áthas, nó le h-aon t-saghas mothú = chrom ar bheith
ag preabarnaigh. Bhí mar a bhéadh sé ag léime aníos isteach
im béal. Ag eiriú air a bhí an rínce, i n-inead aon tuirse
theacht air = bhí a dhúil sa rínce ag méadú: ag fáilt greama
air a bhí sé. Ón ndéirc a dh'eirigh an fear san = bhí sé ag
lorg déirce, tráth. Tá an deoch ag eiríghe chuige = ag eiríghe
isteach 'na cheann.



ÉIRIM — Na sagairt go bhfuil aon éirim ionnta (únta),
táid go léir ag gluaiseacht leó fé dhéin na Síne = maith,
éifeacht, faor: neart tola: deagh-mhianach: meabhair.
Cunathaobh ná fuilean tu ar an aonach? Níl aon éirim
ionnam air, nó chuige = lorg: éileamh: dúil. Níl aon
éirim ar rínce ná ar cheól agam, nó ionnam — dréir dúchais.
Bhí éirim aige ar bheith 'na shaighdiúir = sin é an cuímhneamh,
an aigne, an machtnamh, an meágha, a bhí aige. Tá mórán
éirimí ag baint le Seán = tá sé go maith chun mórán neithe,
agus spéis ó dhúchas aige ionnta: nó, mórán slite is
smaointe ar rudaí 'na cheann: mórán bóithre: cama-
bhóithre, uaireanta. Dréir na n-éirimí atá ag Ríaltas
Shasana ní bhfuighidh Éire a ceart go deó; agus ní bhfuighfeadh,
má's ag brath ortha súd a bhéadh an cúrsa. Nó, ar na
h-éirimí atá ag Sasana. Riaghlóimíd sinne féin dréir ár
n-éirimí féin = dréir ár n-aigne féin. Is mór an éirim
atá sa bhfear san, tá sé déanta suas chó breá san agus
slabhra ar sile leis = tábhacht. Tháinig a mhalairt d'éirim
dom, nó ionnam = smaoineamh, machtnamh, meón. Tá éirim
aige chun Gaoluinne. Tá éirim aige (chun) dul le, nó chun
dul ag, sagartóireacht nó gaibhneacht. Ná bac leis siúd.
Níl aon éirim ann i gcúram éinní = maith, anam. I gcúram
so nó súd.



ÉIRIMEACH — Fear éirimeach ar cheól seadh é = a chuirean
spéis ann, agus atá go maith chuige. Fear éirimeach


L. 186


aidhmeanach seadh príomh-Ministir Sasana = bíon ag
machtnamh ar mhórán neithe: malairt bóthair aige gach aon
lá. Nó, éirimiúil.



ÉIRLEACH — Ná deinidh éirleach ar a chéile sa chomórtas =
díobháil mhór. Deinfidh an cigire éirleach orainn = laiti-
méireacht, buala, rian fola is scrobha: deinfidh sé feólbhach
dínn = smidiríní feóla.



ÉIRNIS — Cheannuigheas an bhó ach níor chuireas aon éirnis
ínti; níor thugas éirnis d'fhear a díolta = níor dhíolas aon
phingin dá chuid airgid. Ní bhíon aon ghreim dlí ar an rud a
ceannuightear go dtí go gcuirtear seilbh isteach ann le
rud éigint a dhíol as. Tugan san an greim, agus sé an
éirnis é.



ÉISTEACHT — Tá éisteacht eascún aige = ana-éisteacht ar
fad. Duine a chur i n'éisteacht. Bhí an t-súil dúnta agus
an chluas ar éisteacht aige = ar oscailt.



ÉITHEACH — Bréag mhór throm: cainnt ana-bhun-ós-cionn
leis an bhfírine. Is truime é ná bréag. Bím ag ínsint
éithigh i gcómhnuí. Mála an éithigh = mála 'na mbíon díslí,
ticéidí, agus neithe mar sin. Bíon sé le fáil ar aonach.
Cuir do lámh i mála an éithigh agus bíodh do sheans agat.
Dhíolfá as an lámh do chur isteach, ach is le h-ana-sheans a
thógfá amach luach an airgid.



EITEACH — Fuaireas an t-eiteach uaidh lom díreach.



EITEALLACH — Dá bhfaighdís obair bheidís ag eiteallaigh
chun é dhéanamh = ag léimrigh, ar sciobthaigh. Bíon duine
ag eiteallaigh chun bruighne is chun cros; fear eile chun
cainnt a dhéanamh; fear eile chun págh a tharac; agus mar
sin dóibh sa tímpal.



EITIM — Má gheibhim aon eitim ar é ínsint tabharfad
amach é = loin, caoi, seans. Níl eitim agam ar, nó chun, é
dhéanamh. Ní bhfuaireas aon eitim air, nó chuige = am, caoi,
aga, uain, faill.


L. 187


EITIR — Bíon ceathrú den taoide tráite nuair eiríghean
an ghealach. Tugtar eitir ar an gceathrú san.



EOCHAIR — Bíon an eochair san iasc baininscineach: í lán
de ghráinníacha, agus scannán lasmuich díobh. Bíon uibhe
beaga san eochair, agus nuair a thagan an t-am deinean sí
— an t-iasc — poll síos go grean sa ghairbhéal, agus cuirean
sí uaithi an eochair isteach sa pholl, agus clúduighean anuas.
Tagan an t-iasc firinscineach agus cuirean sé an leighbán
anuas ar an eochair, agus ansan tagan an dé ins na gráin-
níocha. Sar a gcuirtear sa ghainimh í, bíon na gráinníocha
beaga san eochair ag méadú go dtí go mbíon sé i n'am aici
(an t-iasc) scéachtaint. San am san bíon an scannán
teann.



EÓL — Ní h-eól dom thu = níl fhios agam cé h-é thu. Táim
ag déanamh mar is eól dom = dréir mo chuid eólais. Ní
h-eól dom a mhalairt.



EÓLAIDHE — Tá eólaithe móra troma groidhe ann indiu =
mór-thonntracha. Níl san eólaí ach tonn = mór nó beag:
briste nó gan brise. Tháinig eólaí fairge fén árthach,
agus ionntuigh í. Eólaithe móra na mara ag brise ar na
failltreacha. Bhuail ana-eólaí fairrge sinn.



EÓLAIDHE — Fear nó duine go mbíon mórán eólais aige.
Sean-eólaí = sean-cheárdaí: sean-lámh a bhíon i bhfad ag
gabháilt do ghnó éigint: fear cliste, fear eólgaiseach.
Aineólaí an taobh eile.



EÓLAS — As eólas a bhí an t-árthach nuair a bhuail sí =
amú, as a slí. Bhuail an captaon an t-árthach, ach má seadh,
is as eólas do dhein = toisc ná raibh fhios aige cá raibh sé.
As eólas a bhí sé nuair a bhuail sé í (ar, nó i gcoinnibh, rud
éigint). Chuas as m'eólas = amú. Chailleas m'eólas go
dtí an tig ósda = mo shlí, fios na slí. Bhíos ag cur eólas na
h-áite = á fhiafruighe (fhiarthuighe a deirtear). Fuaireas
eólas na h-áite = dubharthas liom, nó teasbánadh dhom,
conus an áit a bhaint amach, nó stiúruigheadh me. Fear
ana-dheigh-eólais é sin = fear go bhfuil árd-eólas tofa aige.


L. 188


EÓLGAISEACH — Tá sé ana-eólgaiseach ar an nGaoluinn,
nó tímpal na Gaoluinne.



F



FABHAR — Bhí fabhar aige liom = lé, leaga.



FABHRA — Bhí sé ag féachaint fé n' fhabhraí.



FÁBRA — Tá fábraí ag teacht i t'éadan ag an aois =
fílltíacha (ó fhille).



FAD — Tá sé istig ar fad anois (ó scoil) = ní thiocfaidh sé
a thuille. Ní rabhas i bhfad den lá ag obair nuair a chaitheas
stop = mórán den lá. Ní féidir liom an chloch a thógaint,
ach raghainn i bhfad air = dhéanfainn cuid mhaith di a thógaint.
Raghainn i bhfad ar phúnt feóla a dh'ithe d'aon iarracht amháin =
cuid mhaith den slí. Tán tu ag cur an scéil i bhfaid anois =
ar an méir fhada.



FADA — Is fada ó n-a chéile iad an dá focal so = gan
bheith gairid dá chéile i n-áit, nó i mbrí: nó, ar aon t-saghas
slí: gan bheith cosúil le chéile. D'fhanas fada ar mo sháil
= d'fhanas socair im sheasamh. Fan fada leat go fóil =
fan go ceann tamaill mhaith. Tán tu ag tathant orm
imeacht leat, agus ní geal liom é: ach, có fada leis sin de,
imeód = má chaithim é; má chaithim dul chó fada san ar an
scéal. Tá an Ghaoluinn strac-chuíbhsach aige chó fada le
h-í scrí. B'fhearra liom go mór is go fada tu theacht = is
mó ar fad do b'fhearr liom. Fan fada leat héinig =
tóg bog é — le duine a bhéadh ag siúl amach ró-thapaidh nó
inní mar sin. Táim muínteardha leó chó fada le beagán
aighnis a dhéanamh leó, ach as san amach, nó thairis sin, ní
bhacaim leó. Táim gach aon órlach, gach aon bhlúire, chó maith
leat. Is fada ó n-a h-ocht a chlog fós é = níl sé i n-aon
ghiorracht do n-a h-ocht. Tá leicin (leaca) fhada air. Leicne
fada. Ní thárluighean imeacht den t-saghas san ach uair
fhada fhánach = ana-fhánach. Níor tugadh an lá fada dhó chun
díol as na h-earraí = cáirde, cáirde mhaith, shínte.


L. 189


FADHAIRT — Bhí fadhairt mhaith san iaran, sa raínn = iad
bheith fáiscithe, fuinte, cruaite go maith. Fear fadhairte
seadh é = cruaidh, te, anamúil, malluithe, gan bheith bog,
fuinniúil. Is mór an fhadhairt atá sa bhuachaill = é bheith
fuinte fáiscithe cruaidh. Bhí fhios agam go raibh an fhadhairt
ann nuair a chonac an léim a thug sé. Fuaireas buille le
fuinneamh is fadhairt = cruadhas. Nó, fadhrait.



FADA-RADHNACH — Faid-tsaolach. Is fada-radhnach an
fear é = fear gur deacair é thógaint, é chur chun feirge.
Fhoighneóch sé le mórán.



FADHARCÁN — Tá fadharcáin ghéara amach ar mo mhaide
siúil = spící cruadha briogadánacha. Bhí fadharcán gránda
thíos fé bhun m'órdóige, agus b'éigin dom an rásúr a thabhairt
dó chun é ghearra amach. Maide fadharcánach agus clár
dualach.



FADHB — Cloch mhór, nó práta mór. Sin í an fhadhb =
ceist chruaidh, cruadh-chás, deacaracht, trioblóid. Ní féidir
liom an fhadhb san do réiteach = cruadh-cheist. Sin fadhb ort
= carraig chruaidh de cheist. Cuir uait na fadhbana agus
siúil leat.



FADHBAIM — Ba mhaith liom Gaoluinn a labhairt leat.
Tá go maith: fadhb leat = buail leat, scaoil amach í: seo
leat: tabhair an teanga dhi.



FADHBÁLAIM — Táim ag fadhbáil ar an gcloch san ó
mhaidin agus ní féidir liom í bhrise = á buala, ag tuargain
uirthi: ag imirt an chasúir. Bím ag fadhbáil chloch gach aon
lá = ag brise. Tán sibh ag obair go cruaidh. Táimíd ag
fadhbáil linn = ag obair rómhainn: ag buala na h-oibre fé
chois. Fadhbáil leat leis an gceacht. Fadhbáiligh libh anois é
go dtiocfad thar n-ais = bídh ag déanamh na h-oibre, á
dhéanamh, go bhfillfead: ag obair libh. Sin é adéarfadh an
saoiste — fear a bhéadh ag stiúrú tógaint tíghe, nó aon
t-saghas gnótha mar sin. Sé a ghnó-san daoine eile do
choimeád ag obair.



FADÓ — Bhfuil an bhó crúite? Is fadó atá.


L. 190


FAD-SHAOLACH — Fear breá fad-shaolach réasúnta = fear a
thógan gach cúrsa go socair agus ná preaban gan an cúrsa
a thuiscint. Táim mall chun na Gaoluinne mar tógaim
fadshaolach í = ní bhrisim mo chroidhe léi: ní bhím a d'iarraidh
an iomarca di a dh'fhoghluim d'aon iarracht amháin.



FÁGAIM — Ba leath-chuma liom rún a leigint le duine a
dh'fhágfadh ansan é = 'ná h-abróch éinní 'na thaobh: a choimeádfadh
é. Dá mbéadh fiche púnt agam, nó cúig déag, nó fágaim a
deich, bhéadh mo dhóthin agam. Ó n-a fiche go dtí n-a cúig is
fiche is fearr a bhíon fear, nó fágaim suas go dtí n-a h-ocht
is fiche. Deir tusa go bhfuil sé ceathrú chun a deich, agus
deir Seán go bhfuil sé a deich: ach, fágaimís 'na dheich féin é,
beimíd i n-am don Aifrean = bíodh go bhfuil sé a deich féin.
Nó, abraimís na dheich féin é. Is mithid dom bheith ag fágaint
= ag imeacht. Fág as san = glan amach as san: aistrigh
tu féin as san. Níl an ceacht san agat-sa go maith, fág
is go bhféadfadh sé bheith níos measa. Deir tu nách tusa a
ghoid an t-airgead. Tá go maith. Fág san. Tá do dhóthin
eile déanta agat = admhuightear é sin: bíodh gur fíor é
sin: bíodh san i n'fhírine. Níor fhág sé éinní gan rá liom =
dubhairt gach aon ní liom: nó, thug gach aon t-saghas masla
dhom. Ní rabhais ann ach ní fhágan san ná fuil fhios agat cad
a bhí ar siúl = béidir 'na dhiaidh san go bhfuil fhios: ní thagan
sé as san ná fuil. Fág gur ráite é, ní ceart é = bíodh gur
abruigheadh é. Bíodh go bhfuil sé ráite. Bhíomair ag aighneas
is ag aragóint, ach caitheadh é dh'fhágaint ag Seán go raibh an
ceart aige. Chaitheamair an scéal go léir a dh'fhágaint aige
= gan aon bhaint a bheith againn leis an scéal; nó, a admháil
gur aige a bhí an ceann ceart den scéal.



FAGHAIM — Dá bhfuighinn abairt chruaidh ní bhéinn sásta
gan í dh'fháilt réidh ó n-a chéile = í réiteach ó n-a chéile: í
thátha, í shátha, as a chéile. Táim ag fáilt cortha díot. Tá sé
ag fáilt deireanach. Agus mar sin de Cainnt é sin
atá san oileán Tiar riamh. Táim ag fáilt dóthanach den
obair seo = ag eiriú leamh do (de). D'iarras na leabhartha
ar Máire ach níor bh'air a bhfáilt dom. Loirgígheas an
speal ar Sheán ach níorbh' air a fáilt dom = ní bhfuaireas an
speal tré, nó ar, í dh'iarraidh ar Sheán. Ar an gcuma


L. 191


gcéadna. Leigeas fead, ach níor bh'air aon chabhair do theacht
chúgham. Faigh ullamh é = ullmhuigh é: dein é ullú.



FÁGHALTAS — Is ar éigin a bhí an fághaltas bídh ar an
mbórd agam = roinnt bhídh, beag nó mór.



FAIC — Bhíos ag eiriú neamh-fhoighneach. Cunathaobh? Níl
faic = níl aon taobh: níl aon chúis. Fliuchadh me go maith, ach
níl faic a bharra orm = níl éinní orm, níl seóid a bharra orm
is cuma liom faic mar gheall ort = is cuma liom éinní id
thaobh. Tá mórán daoine ann ná feadair faic mar gheall ar,
i dtaobh, tímpal, leabhartha ná léighean.



FAID — Tá an seómra so fiche troigh ar faid. Mar an
gcéadna, ar leithead, ar aoirde. Cuir an mála ar fhaid
(ar a fhaid) sa chairt = sínte: gan bheith 'na sheasamh: ná ar
a threasna. N'fheaca an sagart fós, ach béidir go bhfeicfead
i bhfaid an lae = i rith an lae: uair éigint ar feadh an lae.
Má bhuailean sé leat i bhfaid na seachtaine abair leis go
rabhas-sa ag cur a thuairisce. Coimeádfad cuímhne ar an
bhfocal san faid a mhairfead. Nílim ar fóghnamh fós, ach
bead-sa ar fheabhas i bhfaid na h-aimsire = leis an aimsir:
i gceann tamaill: ach aimsir mo dhóthin a thógaint chuige.
Tá dhá sheachtain tugtha as baile agam. Bhíos an oiread so
aimsire anso: an oiread so ansúd; thugas an fhaid eile sa
chathair = fuighleach na h-aimsire. Beidh gach aon fhocal den
scéal agam, beidh deagh-Ghaoluinn agam, i bhfaid na h-aimsire
= ach aimsir a thabhairt dóibh: ach aimsir a chaitheamh leó.
Ana-shlí le faid seadh an bóthar ó Luimneach go Bleá Cliath.
Thug an ropaire na cosa leis, ach rugadh air i bhfaid na
h-aimsire. Trom tuairim is a dhá fhaid sin de chórda =
córda a bhéadh chó fada arís leis an bhfaid sin. Bhí sé ciúin
ar dtúis, ach i bhfaid na h-oidhche thosnuigh sé ar chainnt = i
bhfad amach san oidhche. Bhí na madraí ag taighde ar an mbó
agus thógadar aníos í. Ansan chuireamair dhá fhaid (a dhá
fhaid) síos í. Sin é an cúrsa agat ar fhaid is ar a leithead.
Ná bídh ag obair ró-dhian anois, mar beidh sibh cortha i bhfaid an
lae. Is mó rud a thárlóch do dhuine i bhfaid an bhóthair sin.
Scéal a chur i bhfaid. Faid a bhíos ann = an fhaid.



FAID-CHEANNACH — Fadaradhnach, ciallmhar.


L. 192


FAID-CHNEATHACH — Faid-chinneachach. Nách faid-chneathach
an scriosúnach é? = aghaidh fhada a bheith aige.



FAIDÍOCHT — Níl fás ná faidíocht i Séamas = bheith fada.
Tá faidíocht dulta air ó anuiridh. Ach, tá sé ag dul i bhfaid
fós.



FAID-TSAOLACH — Tán tu faid-tsaolach sa chainnt anois
= gan bheith ag labhairt ró-thapaidh: tógan tu go bog é. Is
faid-tsaolach an duine thu bheith sa leaba fós, agus an traen
ag imeacht ar ball beag. Fad-shaolach.



FÁIG — N'fheadair éinne cad í an fháig gur díobh me =
treabhchas, treibh.



FAIL — Cad a chuir an fhail ort? Tháinig fail orm ó bheith
ag ropa aráin síos im scórnaigh gan é chogaint.



FAILL — Táid thiar ar bharra na faille. Ní dheinim ded
chainnt ach féar faille = neamh-ní: ní chuirim aon t-suím
ínti. Ní chuirim aon naith sa bhagairt ach oiread le féar
faille. Féar gan mhaith é sin.



FAILL — Má gheibhean tu an fhaill ar é dh'fheiscint labhair
leis = slí, seans, caoi, lom.



FAILLÍGHE — Níl aon fhaillí tugtha id ghnó agat ó thánaís.
Ghoidfeadh sé a bhfuighfeadh sé dá bhfuigheadh sé an fhaillí =
an chaoi, an lom. Fuair sé an fhaillí orm; agus má seadh,
thug sé ropa dhom. Leagadh amach as an gcairt me; ach má
deineadh, sé m'fhaillí féin a dhein dom é. Níor bh'fhaillí dhó
gan teacht ar an dtig = tháinig. Níor dhein sé faillí gan
teacht isteach chun me dh'fheiscint. Dheineas faillí do mhála
thabhairt isteach = níor thugas isteach é.



FAILLÍTHEACH — Fear faillítheach seadh mise agus tagtar
suas liom go minic = neamhaireach. Fear fuar faillítheach =
fear a leigean unúmha na h-oibre thairis, nó aon t-saghas
unúmha: nuair a gheibhean sé an t-seans, ní thógan é.


L. 193


FÁILTE — Dréir mar chuiris t'fháilte seadh fuairis í.
Dréir mar chuirfidh tu t'fháilte seadh gheóir í = gheóir an
fháilte chéadna a chuirfir.



FÁINEÓIR — Duine fánach: fear fáin: fánaidhe fir:
duine fáin: fear anois is aríst. Ní ghabhan thar bráid
anso ach fáineóir: nó, fáineóir fánach.



FÁINNE — An gléas a cuirtear i sróin mhuice. Tá
fáinne ar an ngréin, nó tímpal na gréine = boghsín. Fáinne
óir ort = mo cheól thu — le duine a dhéanfadh deagh-rud.



FAINNEIRÍGHIM — Bhí sé breóite le déanaí, agus bhí sé
ag fainneiriú ar maidin, ach do thuit sé ar an dtalamh = ag
eiriú, agus é fann lag. Tá sé ar fainneiriú = eirithe, agus
lag. Tá sé ar fainneiriú le dhá lá ach do b'éigin do
tabhairt suas aríst indiu agus dul 'on leabaidh.



FAIRE — Tá barathuisle ionnam agus caithim bheith ag
faire mo chos i gcómhnuí — sar a mbuailfinn iad. Is maith an
fhaire an fhógairt = tá rabha chó maith le mórán faire Ní
raghaidh an císte sin faid na faire orainn go léir = aon fhaid.
Bhí focal na faire eatorra = socrú — beirt daoine óga a
dh'éalaigh ó bhaile 'na nduine is na nduine agus go raibh
socruithe aca roim ré cá gcasfí ar a chéile iad. Bhí ar
t'fhaire féin, a bhuachaill = féach amach duit féinig. Bhíos
ag faire ar dhul 'on mbaile mór dá mbéadh an lá breá = ag
cuímhneamh: ag smaoíneamh. Chuireas buachaill amach ag
faire ar m'athair ar eagla go mbuailfeadh sé isteach i gan
fhios dom. Bhí sí ag faire ar thuitim as a seasamh bhí sí chó
lag san = i riochtaibh tuitim, ar bharaoidí tuitim. Tá an
teine ag faire ar mhúcha. Bhíodar ar a bhfaire go maith ar
an gcigire. Bíodh faire agat ar an mbó = súil. Tá Seán
ag faire ar dhul isteach sa bhfáinne lá de sna laetheanta so.
Bíodh faire agat ar pholltóg i bpoll na cluaise muna
n-éistir = súil le. Bhí sé ag faire go mbéadh béile mór
aige = ag súil. Beidh an t-Aifrean ann ar a naoi. Sin
focal na faire dhaoibh. Nuair a chuirean an t-iasc an t-sáile
i n-áirde bíon sé ag faire ar dhul síos. Bhíos ag faire an
chait ar an mbainne = á choimeád ón mbainne.


L. 194


FAIRIS — Tá cnagaire sa ghloine ach ní mór fairis = na
theannta.



FAIRITHEACH — Is fairitheach an duine é = faireach: bheith
ag faire i gcómhnuí.



FAIRITHÓIR — Árthach faire. Bíon na súile i n-áirde
aici ar eagla díobhála.



FAIRRGE — Níl an ghrian i bhfairge fós = imithe fé. Tá
cáil mhór air chun fairrge = mar mháirnéalach. Fairrge
cháthach = an fhairrge a dh'eiríghean 'na ceó de sna carraig-
reacha. Beimíd ag cur amach chun fairrge ar ball.
D'eirigh scamall chun na fairrge = a bhí ag gluaiseacht i
dtreó na fairrge, nó amach ar an bhfairrge. Níor chuas
riamh ó Chorcaig go Bleá Cliath d'fhairrge. De thalamh an
tslí eile. De bhóthar. De thraen. De shiúl mo chos. Mar
sin de.



FAIRSING — Bhí bórd fairsing ann = mórán a bheith ar an
mbórd. Bhuamair go fairsing ortha = go mór: bhí breis
mhaith againn ortha. Tá do chasóg ró-fhairsing = ró-leathan.
Tán tu níos fearr ná me go fairsing. Bhí an scrúdú
déanta aige go fairsing = go maith roimis an dtéarma, i
n-am mhaith. Tabhair an bloc i leith anso fé fhairsinge an
t-seómra go ndeinimíd spreóitseáil air.



FÁISCEÁN — Stráice a chuirfá tímpal gearra nó éinní
mar sin: rud a thabharfadh fásca do rud. Nó, fáscadán.



FÁISCIM — Fáisc chúgham é — sin é a déarfadh fear a
bhéadh ag ceangal ualach féir leis an té a bhéadh i n-áirde air.
Fear ana-léigheanta seadh an máistir, ach ní h-úna (iongna) é,
mar is as san (as an léighean) a fáisceadh é = tá sé aige ón
ndúchas: sin é ba dhual dó: sin é a bhí 'na thímpal gach lá
riamh. Fáisc do bhéal nó raghaidh an t-uisce isteach. Cé'n
fá ná béadh Gaoluinn aige? Nách aisti amach a fáisceadh é?
Thug sé fásca ruthaig fén gclaidhe = thug rith fáiscithe fé.
D'fháisceamair chun na h-oibre = chruinnígheamair sinne féin
le chéile chun na h-oibre: luigheamair isteach go fuinte chun
na h-oibre. Thuit sé siar le fáiscí gáirí = trithí. Fáisc


L. 195


suas tu féin chun an cheachta = ná bíodh do mheabhair ag imeacht
soir siar agat: cúnlaigh tu héin. Táim fáiscithe go maith
fé bhráid na gaoithe is na droch-aimsire, agus níl beann ar
bith agam ortha = chun, nó i gcoinnibh, na gaoithe. Nuair a
chonnacadar an fhairrge ag eiriú, d'fháisceadar chúcha an tír
a bhaint amach. D'fháisceamair ar na prátaí a bhaint go
diair nuair a bhraitheamair an sioc ag teacht. D'fháisceas
ar an seómra a ghlana suas bog te = as mo theasuíocht:
phreabas chun an gnó san díreach nuair a bhí cuímhnte agam
air sar a bhfuarfainn = ar eagla ná déanfainn é dá dtabhar-
fainn aga dom féinig.



FAISNÉIS — Fuaireas faisnéis go raibh an báille ag
teacht = focal, fios, eólas: cuireadh i n-úil dom é.



FÁITHIM — Níl aon fháithim im chasóig = áit 'na mbíon dhá
bhlúire den éadach fuághalta dá chéile. Tá an fháithim
scaoilte. Tá mórán fáithimí, nó fáthamacha, im chluth
éadaigh. Teaic, teaiceana = fille agus fuagháil i n-éadach
chun é chiorrú. Oscalán = an blúire a cuirtear isteach fén
oscail i léine.



FAITHINE — Tá faithiní ar mo lámha.



FAITÍOS — Mar a chéile é nó eagla, ach má tá aon lagú
ar aon cheann aca is ar an bhfaitíos é, mar tá an t-eagla
rite. Má tá eagla ort, tá sé ort. Is minic a bhainean
faitíos le mothú (gan bhun) den t-saghas san.



FALLAING — Ar mh'fhallaing ná raghad leat = am briathar:
am baic.



FALLSÚNTACHT — Bheith ag imirt fill ar dhuine agus ag
déanamh díobhála dhó.



FÁMAIRE — Fámaire éithigh, fir, mná, bó, capaill,
maide, póige, fámaire éinní = rud mór mór. Fámaire
éithigh = éitheach ana-mhór.



FÁN — Cuireadh an fán ón gcoláiste air de dheascaibh a
dhroch-chainnte = díbrígheadh amach é. Tá an fear bocht ar


L. 196


fán, chun fáin, ar an bhfán; nó, imithe chun fáin, agus mar
sin de = as an slí cheart, amú, agus mórán brígheana mar sin.
Tá an focal "boin" (ó bhó) ag imeacht chun fáin = ag imeacht
ó bhaile gan fille. Tá mo leabhar ar an bhfán: thugas do
dhuine é, is thug seisean do dhuine eile é, agus mar sin sa
tímpal. Fán fada ort — eascaine é sin. Tán tu ag imeacht
chun fáin ag an ól = chun an donais.



FÁNACH — Tá na prátaí mion, dubh, fánach = gan bheith
flúirseach. Is fánach go deó a deirimíd an focal san =
uair fhada fhánach. Is fánach an gnó é sin a dhéanamh =
díomhaoín, gan tairbhe: gnó a bhíon sa dul-amú.



FÁNAIDH — Ní féidir liom é dh'fháilt i n-árd ná i bhfánaidh
i n-aon bhall: thuas ná thíos. Tá mo shlí mhaireachtaint ag
féachaint ana-mhór chun fánaidh an aimsir seo = chun fáin:
droch-chosúlacht do bheith uirthi. Tá fánaidh mór sa bhóthar, nó
leis an mbóthar = imeacht síos, tuitim. Gach rogha le
fánaidh = síos le fánaidh is fearr le gach aon ní. Gach a
mbogtar is le fánaidh a ghabhan.



FANAIM — Táim fanta istig ón Aifrean indiu.



FANN — Táim níos fainne indiu ná indé. Táim ag dul
i bhfainne.



FÁNUIGHIM — Tá na daoine ag fánú = ag dul i bhfánuíocht,
chun fánuíochta: ag imeacht chun fáin — ach ní gá aon droch-
bhrí a bheith leis. Beidh an Béarla ag fánú i n-Éirin dréir
mar do bheidh an Ghaoluinn ag dul chun cinn = ag eiriú gann.



FAOBHAR — Tá m'fhiacla ar faor chun na feóla blasta
san, nó chun éinní. Tá faobhar ar m'fhiacla chun na milseán.
Cuir isteach an scuab ar a faor fén bhfinneóig chun í choimeád
suas = ar a cliathán. Tá an bád ag imeacht ar a faor =
ar a cliathán. Is féidir éinní do chur ar a fhaobhar. Bhí
m'fhiacla ar faor ag an searbh-chainnt sin = ana-olc bheith
curtha orm aici. Bhí faor maith ar a fhiacla ag Seán á rá =
fonn maith air á rá: á rá go géar. Bhí faor ar m'fhiacla
chun é rá amach go maith = fonn, fuinneamh. Ní maith an
bhail ort bheith ag tarrac m'fhaoir ort. Bhí faor na h-oidhche


L. 197


ann = níos déanaí ná an chonntráth. Bhéadh sé i n'oidhche,
geall leis. Faor an tráthnóna, an lae, na maidine, mar an
gcéadna. Tá faor fé Phádraig sa t-siúl = imeacht géar,
fuinniúil. Is mór an faor a bhí ar a bhfiacla chun Seáin =
dá bhfuighdís an chaoi do bhuailfidís é: bhí olc ar a bhfiacla
chuige. Tá faor ar m'fhiacla chun tobac = ana-dhúil a bheith
agam ann. Táim ag cur faoir suas — ar speil, ar éinní.
Chuas go dtí faor an doiris = an táirseach.



FAOIBÍN — Tá na ba ag faoibín = ag guidheall, ag feam-
uíol, ag rith ón mbrothal. Tá Bríd imithe ag faoibín di
féin = imithe gan ghnó gan chúram: ag déanamh mórán
faoileála anonn is anall. Deirtear é le duine a bhéadh ag
tabhairt na h-aimsire anso is ansúd gan puínn oibre ná
gnótha a dhéanamh.



FAOILEÁIL — Bhí an leanbh ag faoileáil = ag casa tímpal,
ach ag fanacht i n-aon áit amháin. Nó, ag imeacht sall is
anall dó féinig. Imeód díomhaoín ag faoileáil dom
héinig indiu = ag aeríocht dom féin: ag caitheamh aimsire:
gan bheith i mbun aon chúraim. Brostuigh ansan: nílean
tu ach ag faoileáil tímpal na h-oibre sin = ag casa 'na
thímpal, ag baint boghsíní 'na thímpal, is gan é dhéanamh.
Bíon maor na h-oibre, an saoiste, ag faoileáil tímpal
uirthi i gcómhnuí. Bíon na faoilinn ag faoileáil anonn is
anall sa spéir. Nuair a bhíon duine gabhtha isteach 'na chuid
oibre bíon deire leis an bhfaoileáil.



FAOISDINE — Is breá an sagart é chun dul chun faoisdine
chuige = is breá an t-oide faoisdine, an sagart faoisdine.
Dheineas faoisdine ghlan, droch-fhaoisdine. Táim ag dul
chun faoisdine. Bhíos ag faoisdine. Dheineas faoisdine im
peacaí leis an ath. Séamas. Cuirim na peacaí seo agus
mo pheacaí go léir fé bhráid, nó fé lé, na faoisdine seo;
nó, féd bhrághaid, nó féd lé, 'athair.



FAOISEAMH — Fuaireas faoiseamh ón bpéin = boga.



FAOITHREACH — Faoithreacht, paoithreacht, paoithreach, leis.
Bhíodar ag faoithrigh, ag paoithrigh, ag faoithreacht, ag paoith-
reacht, fúm = ag maga, ach maga de shaghas ar leithilig.


L. 198


Uaireanta, nuair a thagan naomhóg de dhaoine stróinséartha
isteach 'on áit seo, bíon na daoine ag paoithreacht fútha
nuair a bhíd ag imeacht. Cainnt mar seo á dhéanamh.
"Puídhiú! puídhiú! tá an maide briste agat. Tá an
naomhóg buailte agat." Nó, ag feaduíol agus ag liúighrigh
fútha. Nó, leagadh buachail i gcor agus deirtear leis. "Mo
náire! leag an buachaillín seo thu." Mar sin de. Dheinea-
dar faoithreacht fúm toisc me bheith ón dtuaith. Deintear
le saghas fé leith casachtaighe, leis.



FARAIREACHT — Tá faraireacht sa chapall = falaireacht,
preabarnach siúil: siúl uaibhreach ceóil aige. Tá faraireacht
mhaith ann. Faraire fir = preabaire: nó, fear maith
misniúil.



FÁRDORAS — An chloch nó an t-adhmad a bhíon ós cionn
an doiris chun an falla do choimeád i n-áirde.



FARRA — Táim bacach farra bheith críona = i dteannta.



FÁSAIM — Níl aon fhás fé éinní anois toisc na droch-
aimsire = níl éinní ag fás. D'eírigh an fás leis = d'fhás sé
go maith. Ní bhíon leathnú ná fás fé pháistí ná cothuightear
mar ba chóir.



FÁSCA — Feic fáiscim. Níl fuinneamh ná fásca sa
t-seibeanach san chun aon ghnó a dhéanamh. Phreab sé amach on
ngort don bhfásca san (nó den) i mbun a ghnótha = den scríb
sin: teann-imeacht.



FASCADÁN — Rud, stráice éadaigh, a cheanglóch gearra
dhuit. Feic fáisceán.



FASCÚIL — Nách fascúil cúnláisteach an áit bheag é? =
foscúil, fothanúil, nó fuithiniúil.



FASTUÍM — Gnó gan chiall, gan deárthamh: dícéille:
bheith ag déanamh cúraim i bhásta. Gluaisean a lán daoine
isteach anso ar fastuím = gan aon chúram á dhéanamh aca
ach pé saghas caitheamh aimsire is mian leó. Fastuím ó
thuaidh, a mhic ó = an fhastuím is mó. Ní raibh sé ach ag


L. 199


fastuím dó féin. Ní ag obair atá'n tu ach ag fastuím
= gan puínn á dhéanamh agat. Marbhuigheadh uachtarán na
Frainnce aréir, a Mhichíl. Dhera! fastuím a dhuine, fastuím
ó thuaidh! = sin cainnt gan deárthamh, ráiméis, agat. Tá
fastuím éigint ar siúl aige anois = cleas éigint á imirt.



FASTUÍMEACH — Níl ann ach scéal, nó cúrsa, fastuímeach
= gan deárthamh. Fear fastuímeach — a dheinean gnóthaí gan
chuma: a bhíon aerach, spleódrach: ag eiriú ar a leath-chois
deire: ag imirt cleas, agus mar sin de is fastuímeach
an gnó agat bheith ag caitheamh na gcloch amach ar an mbóthar
agus á gcaitheamh isteach sa pháirc thar n-ais aríst = gan
áird. Níl bean ná clann aige, agus fágan san fastuímeach
go leór é = é bheith ar a chumas bheith ag imeacht díomhaoín,
aerach, spleódrach: agus gnóthaí gan bhun á ndéanamh aige,
obair i bhásta.



FÁTH — Cá bhfuil fáth do chúraim chó déanach so? = cad a
thug anso thu? Bhí fáth a gháire i mbéal an fhir: fáth a gáire
i mbéal na mná. Bíon fáth an gháire ar a bhéal, ar a chúnta-
nós, de ghnáth. Níor fhág fáth an gháire a béilín milis cóir
riamh = tosnú an gháire. Bhí fáthana mo bhéil ceangailte
do n-a chéile le spalla triomaigh = na beóla. Fáth an gháire:
sciota gáire: scarta gáire. Ní raghad a thuille ortha = ní
thabharfad amach a thuille dhíobh.



FATHAINE — Bainfidh san na fathainí, nó faithiní, det
shúile = na cnapáin: nó bainfidh amach as do cheann an
dearúd atá ann. Mheasais go mba cheart ionntaoibh a
thabhairt le Seán Buidhe, ach bhain an coga so na h-Éirean na
fathainí det shúile. Níl aon fhaithiní ar mo lámha, ach ní
mór liom san do (de).



FÉ — Tairigígheadh an bithúnach amach as an gcúinne fé
fhairsinge an tínteáin. Raghad fé go ndeinfidh sé báisteach
an tráthnóna so = cuirfidh me geall leat. Nó, raghad fé
dhuit. Tabharfad an bhó dhuit, ach caithfidh tu dul fé dhom
díol aisti = dul i n-urrús: geallúint agus taca a thabhairt.
Cheannóinn gluaisteán dá mbéadh póca a raghadh fé agam =
a thógfadh na costaisí air féin: a bhéadh láidir mo dhóthin
chuige. Nó, dá n-imeóch mo phóca fé dhom. Nílim chó mór


L. 200


san fé airgead = níl an oiread san airgid agam. Tá an
bórd suarach fé bhia = gan mórán bídh a bheith air. Tá an
scaothaire san flathúil go maith fé chainnt; ach i gcúrsaí
airgead a thabhairt uaidh, sin scéal eile. Bead thar n-ais
fé sin = fén dtráth san. Raghad fé dhuit go bhfuighir thar
n-ais do leabhar = i dtacuíocht. Dheinfinn é dá mbéadh mo
phóca fé agam = teann go leór chuige. Tabharfad fén obair
arís agus bead fé nó thairis = déanfad é nó raghaidh díom;
beidh an scéal ar thaobh éigint agam tímpal air. Tá a cheann
fé thíos aige agus é 'na chola = a cheann iompuithe síos: é
na luighe ar a bhéal is ar a aghaidh. Cúrsa a chur fé aighneas,
fé chainnt, fé éinní mar sin = aighneas, cainnt, do chur á
ndéanamh 'na thaobh. N'fheaca riamh aon bhád chó beag fé
dhaoine = chó beag daoine: chó beag de dhaoine: chó beag
tímpal daoine. An mbeidh tu fé dhom? = an raghair i
dtacuíocht dom? Chuireas íle fém rothar: dubh, smeara,
fém bróga; sobul fém aghaidh. Níl aon fhás fút, ná borra.
Druid síos fé tig, nó fén dtig = fé fhairsinge an thíghe.
Cuir an capal fén gcairt. Ta cainthín fém shúil = im shúil.
Beidh an gnó so críochnuithe agam uair an chluig = i n-uair
an chluig: fé uair an chluig. Raghad amach an Domhnach, nó
fé sin = fén bhfaid sin: idir so agus an nDomhnach. Cheann-
óinn a thuille dá mbéadh an bannc fé dhom = dá leigfeadh
an bannc dom é, nó mo chúntas sa bhannc. Thugas mo
bhurlach (brollach) fé Chorcaig. Táim ag machtnamh ar an
siopa a cheannach le tamal, ach bead fé nó thairis an
t-seachtain seo chúghainn = ceannóchad é nó ní dheinfead.
Níor dhein Tomás ach greim a bhreith isteach orm agus me
bhuala fé thíos ar an dtalamh = me leaga agus é ós mo chionn,
nó anuas orm. Déanfad é fé bheagán aimsire: fé bheagán
cáirde. Rug sé greim ar mo chiseán úbhla agus iad do
scaoile fé thalamh orm = anuas ar an dtalamh: i dtreó na
talún, fan na talún. Tá an tig fé thalamh = leagaithe,
tuitithe síos go talamh, ar lár. Cuir an sobul chúghat (nó
fút) féin go diail más mian leat tu féin a bhearra mar
ba chóir. Bhí an naomhóg ag imeacht cliathánach agus bhíos
suite ar an mbórd fúithi = ar an dtaobh íseal di. Ar an mbórd
ós a cionn = an taobh eile. Táim ar mo dhícheal, ach táim ag dul
fé = ag dul síos; tá ag teip orm. Táim ag dul fé an
chloch do thógaint = tá sé ag dul ana-dhian orm, nó ró-dhian;
thar mo chumas.


L. 201


FEABHAS — Is mór an feabhas a chuaidh ort ó iné go dtí
indiu. Tá an bhliain ag atharú chun feabhais; nó, ar fheabhas =
feabhas bheith ag dul uirthi. Dá fheabhas a dhein sé a dhícheal
chuaidh sé ar lár sa scrúdú. Ní mór di a feabhas = teastuíon
uaithi bheith chó maith is atá sí. Bhíos ana-bhaoch díom héinig
tré(a) fheabhas a thána as an gcúrsa.



FEAC — Bhí feac, nó feac oibre, air = saothar oibre, nó
saothar chun oibre. Cuir feac ort féinig. Bhéadh feac ar dhuine
dá mbéadh ualach ar a dhrom: dá mbéadh sé ag siúl i gcoinnibh
cnuic: dá mbéadh talamh sleamhain fé n-a chosa. Bíon
duadh á fháilt aige duine nuair a bhíon feac air. Feac an
phínn = cos an phínn. Cuir do chos i bhfeac má bhíon tu ag
tarac go tréan = i ngreim sa talamh. D'iarras cead air
dul a chola agus do thug; ach nuair a dh'iarras air me leigint
abhaile chuir sé a chos i bhfeac = i dtalamh: chuir sé im choinnibh.



FEACAIM — Feaca = aon t-saghas corruighe. Níor
bhfhéidir liom fille ná feaca, boga ná sá, (sádhadh), corruighe
ná lúba, a bhaint as an bpolla a bhí dínce isteach sa talamh, ná
ionntó. Táim ag feaca an bhúird isteach i gcoinnibh an
fhalla = ag sá.



FÉACHAIM — Cad é an difríocht atá idir bréag agus
éitheach? Féach an bhfeadar! Féach an bhfuil aon phioc! =
n'fheadar an bhfeadar. N'fheadar an bhfuil aon bhlúire. Is
féidir amhras do chaitheamh air an bhfuil aon phioc. Má
théighir isteach sa tsiopa raghad led chois. Féach ná raghair =
ní raghair, agus bíodh fhios agat é. Féach, a bhuachaill, go
raghad, agus gan baochas leat. N'fheadar cá bhfuil (cáil)
mo bhróga. Féach ansan iad = táid ansan. Bíon tu am
braith féachaint an ndéarfainn cainnt mháchaileach, ach féach
ná deirim = ní deirim agus feic duit féinig é. Féach an
bhfeadar cad é an lá é seo = an diach a bhfeadar. Is olc
an fhéachaint atá ag an dtarbh = crosda. Beidh an scoil le
dúna Dé h-Aoine. Féach an mbeidh = ná bí ró-chinnte na
thaobh. Ansan deirtear thar n-ais mar fhreagra. Beidh,
a deirim leat. Is fada go mbeidh an ceacht críochnuithe
agat. Féach an fada. Dabht i gcainnt dhuine eile a bhíon i
gceist i gcúrsa den t-saghas san. Cad é an fhéachaint atá
agat orm? Ní dhá cheann atá orm. Tá féachaint ana-


L. 202


mharbh agat = tá na súile ana-mharbh agat. Béidir nách
fada go bhfágfainn súil dhubh agat anois, féach = béidir nách
fada san: bíodh fhios agat é. Cuirean "féach" breis
fuinnimh leis an gcainnt. Féach amach duit féinig = tabhair
aire duit féinig: seachain tu héinig. Bhíodar á fhéachaint
le chéile cioca díobh ba threise = á thástáil. Bhí na buachaillí
á fhéachaint le chéilig féachaint cioca thógfadh an duais = ag
dul i gcoinnibh a chéile: ag dul i gcomórtas le chéile.
Bhíomair á fhéachaint le chéile cioca againn a gheóbhadh cuire
dínnéir.



FEAD — Tá na gabhair ag déanamh laitiméireachta ar an
gcabáiste, ach leigfead fead ortha bailiú leótha.



FEADHACH — Garsún.



FEADÁN — Tá feadán ag teacht im scórnaigh leis an
slaghdán. Tagan malairt glóir ins na píopaí, agus ní
bhíon an chainnt glan, ach múchta.



FEADAR — N'fheadair éinne cad is ciall leis an bhfocal
san? = an bhfeadair éinne? Cad is ciall leis? N'fheadair
inne? Tá daoine ann ná feadair faor do chur ar rásúr;
ach ní h-aon úntas é sin, mar tá eólas air = eólas fé leith;
ceárd. Cad a bhí á dhéanamh aige? N'fheadar é sin duit =
ní féidir liom é sin a rá leat cheal eólais, nó cheal feasa.
N'fheadair cos liom cad a dheinean lámh liom = táim tré
chéile go mór.



FEADUÍOL — Fuair Tomás trí fichid púnt ar bhó ar an
aonach. Dhera, téir ag feaduíol = fastuím. Cad tá uait
ar do lá oibre? Deich scillinge. Téir ag feaduíol duit
féinig = ná bí ag maga: níl aon bhun leis an iarratas san.
Seo leat chun na peictiúirí. Ach! téir ag feaduíol = go
deimhin ní raghad. Ag feaduíol ag lorg gaoithe atán tu =
gnó gan deárthamh atá ar bun agat: gnó fuar: gnó ná
béadh aon dul ar é chur chun cinn. "Chuin" adeirtear agus
ní "chun."



FEALL — Tá an feall sa bhuachaill riamh, agus do dheinfeadh
sé ort é.


L. 203


FEALLAIM — Tá feallta aige orm = feall déanta aige
orm. Fealltóidh sé ort má gheibhean sé an chaoi. D'fhealltóch
sé orm ach go bhfuigheadh sé an cothrom. Nó, feallfaidh sé
ort = caillfidh sé ort.



FEALLSÚNTUÍOCHT — Nó, feallsúntacht. Níl éinní ar bun
aige sin ach feallsúntuíocht. Feallsúntacht an cheárd is
fearr aige.



FEANNAID — Fuacht.



FEANNAIDEACH — Fuar. Tínteán fuar feannaideach,
gan teine, gan bhia, gan faic. Bíon lá nó tig amhlaidh,
leis.



FEAR — Tá na fearaibh ag obair = na fir; ach, na
"fearaibh" a deirtear i gcómhnuí. Fuaireas an fear
maith ortha go léir sa scrúdú = an chraobh, an lámh-uachtair:
an lá: an ceann do b'fhearr. Bhuadhas ortha. Fuair an
deoch an fear maith orm = bhí sí ró-mhaith dhom: chuir ar
meisce me: nó, chuir breóiteacht orm. Fuair an phíp an
fear maith orm, agus do b'éigin dom í thabhairt suas.
Bíon droch-smuínte á ndéanamh dom. Uaireanta gheibhim
an fear maith ("faghaim" is mó a deirtear) ortha = díbríghim
amach as m'aigne iad: uaireanta eile faghaid an lá orm =
géillim dóibh, tugaim toil dóibh. Ní bheifá it fhear muna
mbéadh píp agus tobac agat. Ní bheifá it amadán muna
gcuirfá stailc suas = ní bheifá sásta gan é sin a dhéanamh
agus amadán a dhéanamh díot féinig. Tar amach anso
chúgham má tá meas fir agat ort féinig = má's dóigh leat
gur fear thú. Dá mbéadh meas fir aige air féinig ní
leigfeadh don spriúnlóir sin bheith ag maga agus ag
paoithrigh fé.



FÉAR — Tá an féar ar sraith = fé mar do thuit sé nuair
do baineadh é. Deintear cocaí beaga píce de. Croth
amach é. Iompuigh é. Bain leatha as an gcoca san — é
chrotha amach: é dh'oscailt amach fén ngréin. Bíon na
cocaí píce níos nó ná an saghas so thuas. Bíon na cocaí
posálta níos mó ná iad so aríst. San iothlain a bhíon an
coca mór. Nuair a bhíon bonn an choca curtha bítear ag adú


L. 204


air = ag cur a thuille féir isteach ann, agus bíon sé ag tabhairt
a bhuilg don ngréin. Cuir amach brat (nó líne) féir amach
ar chiúmhais an choca. Coimeád an croidhe teann láidir.
Bain uaidh = bain de = stath é = an féar do tharac ó n-a
bhun. Buail é anois agus racáil. Ansan bítear á chaolú
isteach. Coimeád isteach é. Coinnibh chúghat é. Nuair a
bítear ag ceangal na súgán air deirean an fear thíos —
buail anuas é; nó, buail anuas chúgham é. Níor dheineamair
fígheadóireacht ar an gcoca fós = na súgáin a cheangal le
chéile le súgáin treasna.



FÉARACH — Cuireadh an capall amach ar féarach dréir
coróin sa mhí.



FEARG — Ná cuir chun feirge é. Fear beag feirge
seadh é. Tá sé ag dul chun feirge = fearg ag teacht air
(feirg an tuiseal ainmneach san Oileán Tiar). Ní deir
fearg fíor. Fear ar buile fear ar meisce. Tá'n tu ag
dul chun an iomarca feirge. Focla eile a bhainean le
feirg — conach, gumh, straidhn, cochal, fraoch, buile, báinní,
colg, néal. Bhí cúmhrán bán le n-a bhéal le neart feirge.
Ní gá dhuit bheith ag bailiú feirge chúgham = ag dul chun feirge:
ag buirbeáil.



FEARGÚIL — Is fuadrach feargach feargúil an lá é = lá
fíochmhar. Aon bhun amháin atá leótha ach amháin go mbíon
fearg ar dhuine, coitíanta, nuair a bhíon sé feargach; ach,
an fear feargúil bíon sé tugtha don bhfeirg: bíon an fheirg
ann.



FEARR — B'fhearr liom ná tiocfainn riamh ar an saol =
gan me theacht riamh ar an saol. Íslígheadh sa t-saol é agus
béidir nár bh'fhearra rud do = gurab é an rud is fearr a
thuitfeadh amach, a dh'fhéadfadh tuitim amach, dó. Conus
tá na prátaí atá á mbaint agaibh? Ag dul i bhfearr siar
iad = dréir mar atáimíd á mbaint seadh is fearr iad. Nó
ag dul i bhfeabhas siar iad. Dá mbéadh an aimsir ag dul
i n-olcas déarfá gur ag dul i bhfeabhas (nó i bhfearr) siar,
a bhéadh sé. Ag dul i bhfearr siar atá sé chun na gceathana.
Ag dul i bhfearr siar í — an aimsir. Ag dul i bhfearr, i


L. 205


bhfeabhas siar atá Seán = droch-rudaí á ndéanamh aige agus
ag leanúint díobh. Bíon an deagh-aimsir ag dul i bhfearr
siar nuair a bhíon sé ag dul i mbreáthacht. Bíon an droch-aimsir
mar an gcéadna nuair a bhíon sé ag dul i n-olcas.
Ag dul i bhfearr siar gach lá dhom sa Ghaoluinn.



FEARRAS — Tá an speal briste agus caithfar í chur i
bhfearras, nó chun fearrais, chun an coirce do bhaint. Peann
luadha a chur chun fearrais = bior, gob, do chur uirthi.
Fearaistí báis = gach aon ní a bhainean leis an gcorp marbh:
a bhainean le tórramh — pípeana, tobac, éadaighe báis,
cómhra: oiriúintí báis seadh iad ar fad. Táim ag cur na
leathanach so i bhfearras = i n-eagar: á socrú suas. Croth-
tar síolta mar fhearras fáis, nó chun fearras fáis — mar
is fearras fáis iad. Tá gach aon ní sa tseómra i bhfearras
maith agat. Chuireas a ualach féin i bhfearras ar dhrom gach
inne = shocruigheas é. Níl ceathrar ag rámhuíocht mar níl
fearras an cheathrair sa naomhóig = maidí rámha agus pé ní
eile a bhéadh riachtanach. Caithim fearras do chur orm féinig
mar bead ag imeacht 'on mbaile mór ar ball = slacht: me
héin do dhéanamh suas: do shocrú suas. Tá fearras ar mo
rothar = tá sé i bhfearras: fearasta, feistithe: socair
suas. Táim i bhfearras chun éinní anois = ullamh. Má
bhíon píp i bhfearras ceart is fuirist teine a thabhairt di.
Ní mór duit do chainnt do chur i bhfearras. Is féidir gnó
nó éinní do chur chun fearrais. Chuir sé i bhfearras ar gach
inne againn déantúsaí Gaolacha a cheannach = shocruigh ar
gac éinne: chuir ar gach éinne.



FEARRASTÚIL — B'fhearastúil an duine é = duine gur
féidir leis gnó a dhéanamh go gasta, cliste, deaslámhach:
bhéadh sé oiriúnach dá ghnó — na fearraistí ríachtanacha a bheith
aige. Deinean fear an tsiopa a earraí suas go fearas-
túil = go fáiscithe: i bhfearras maith. Tá an t-inneal san
ana-fhearastúil = ana-áisiúil: fearras maith agus oiriúintí
maithe ag baint leis. Sé an duine féin a thugan an t-inneal
abhaile = chun cinn: a dheinean é.



FEARTHANÚIL — Is deacair dul amach aimsir fhearthanúil.
Tá fuadar fearthaine fé indiu.


L. 206


FEASTA — Tá do dhóthin ráite agat feasta. Tá's agam
go bhfuil do cheacht foghlumtha agat feasta. Máistir
adéarfadh le scoláire. Feasta = anois, fé seo.



FEICIM — Nó ficim. Fic, nó feic, leathanach a fiche.
Nó, féach ar a leithéid seo de leathanach.



FEIDHIL — Ní raibh an fear so am shásamh tímpal oibre,
agus chuireas i bhfeidhil, nó i bhfeighil, a ghnótha é = bhriseas
amach as a phost é: thugas an doras amach, an bóthar abhaile,
dhó. Tháinig mo phreabaire isteach ag lorg déirce, ach má
dhein, ní fada a bhíos á chur i bhfeighil a ghnótha é = á chur amach.
Feic feighil.



FEIDÍN — Falla feidín = falla a bhíon tógtha le cré.



FÉIDIR — Béidir go raghad ann agus béidir eile ná
raghad. Tá an dá bhéidir sa chainnt sin.



FEIDHM — Chuireas do chás i bhfeidhm i láthair an bhreithimh =
i n-úil. Tá feidhm ar an bhfear san = é bheith go maith as, fód
a bheith air. Tá bun agus feidhm ar an bhfear san = é bheith
go láidir sa t-saol, nó fódúil. Dhéanfainn é dá mbéadh
aon fheidhm agam chuige = seans, cothrom, aga, caoi. Nílim
i bhfeidhm chun é dhéanamh = i gcumas, i gcothrom: níl cothrom
agam chuige.



FEIDHMEANACH — Fear feidhmeanach, fódúil, feidhmiúil =
fear go bhfuil tábhacht ann.



FEIDHMEANAS — Nílim i n-aon fheidhmeanas le tamall =
post, gnó, obair. Nó, níl aon fheidhmeanas agam le tamal.
Níl Seán óg i bhfeidhmeanas fós, mar tá sé ró-óg (chun aon
phost a thógaint). Ní féidir le duine dul i n-aon fheidhmeanas
gan é bheith le fáilt.



FEIGHIL — Tá sí i bhfeighil na bó = á h-aodhaireacht, ag
tabhairt aire di: ag coimeád súile uirthi. Chuireas an
t-asal isteach sa pháirc i bhfeighil rud éigint a dh'ithe = chun,
i dtreó, i gcóir. Scaoileas amach é i bhfeighil a bheatha a


L. 207


thuilleamh. Tá sé i bhfeighil puist mhaith anois = i bpost maith:
i mbun puist mhaith. Níl éinne i bhfeighil na múinteóirí =
'na mbun, ag tabhairt aire dhóibh. Tá Seán sínte agus gan
inne i n'fheighil. Ní raghadh leath-phaca plúir faid na feighle
orainn = ní raghadh se aon fhaid. Faid na feighle = an fhaid go
gcaithean rud bheith laistig di chun go mbeifá i n'fheighil = súil
a bheith agat air. Bíon an saoiste i bhfeighil na bhfear oibre.



FEIGHLIM — Bhfuil na ba feighilte agat? = feicithe.



FEILE — Tá an bhó i ndeire na feile, nó i ndeire na feide
= geall le bheith caillte, imithe: séite nách mór (an dé
aisti nách mór). Feile = an blúire beag a bhíon i ndeire
rolla plainnín. Feide ón bhfocal fead. Bíon an cúrsa go bocht
ag an té nách féidir leis fead a leigint. Is féidir le rud
bheith séite nuair a bhíon an t-anál, an dé, imithe as: nó
séite ag an sín. Tá an bhó séite, leathta, fuar, feannaideach,
amuigh ansan cois an chlaidhe.



FÉILE — Na féiltí. Oidhche na coda móire = an oíche
dheireanach den mbliain. Lá Coille = an chéad lá den
mbliain. Oíche na dTrí Rí = an oíche roim lá Nodlag Beag
= oíche Nodlag Beag. Oíche Nodlag = an oíche roim lá
Nodlag. Oíche Lae Nodlag = oíche an 25adh lá. Oíche Shamhna
agus lá Shamhna, agus oíche lae Shamhna. Mar sin, lá
Bealtaine, oíche Bealtaine, agus oíche lae Bealtaine agus
mar sin díobh. Lá na Marbh — tagan tréis lá Samhna. Lá
Féile Michíl (lá 'le Michíl), lá 'le Muire, agus mar sin.
Oíche lae Mártain. Satharn Cásca, Domhnach agus Luan
Cásca. Lá Lúna. Céadaoin an Bhraith. Oíche Inide.
Máirt Inide. Lá t-Sin Seáin. Lá San Stofáin. Céadaoin
na Luatha, nó na Luaithríghe. Agus lá na Madán, nó na
n-Amadán.



FEILE-BHÍNN — Tuigim go feile-bhínn thu = go h-ana-mhaith
ar fad. Thugadar na dóirne go feile-bhínn dá chéile.
Fuaireas mo dhualgas go feile-bhínn uaidh = go rí-mhaith.



FEILIMINTÍ — Siúd leis ins na feilimintibh siúil = go
tapaidh, tiubh. Chuir sé chun feilimintí (nó chun feilimití)


L. 208


me le n-a chuid searúis = chuir ag preabarnaigh le feirg.
Tháinig feilimintí orm chuige = buile feirge. Táim chun
feilimintí aige = bán le h-olc is le dian-scian na feirge.



FÉILTIÚIL — Tagan bád-tobair anso go féiltiúil = go
ríalta: dréir beartú áirithe — gach 3adh lá, cig, nó gach
10adh lá, nó lá sa tseachtain. Ach bhéadh an teacht leagtha
amach i gcómhnuí.



FÉIN — Chonac an mhainistir fadó, agus is fadó féin é =
go fíor, go deimhin, gan amhras, sin é an focal ceart le
tabhairt air. Fear breá, fear breá féin seadh Séamas =
sin é a ainm. Is dúid féin í = níl ínti ach dúid. Dheineam-
air ár ndaoine féin de sna Franncaigh = ár gcuid féin,
ár muíntir féin. Bhíomair leó fé mar a bheimíst le nár
muíntir féin. Dein do chuid féin den dtig seo = bí istig
leat féin ann fé mar a bheifá id thig féin. Dhein sé a chuid
féin den leabhar a thugas ar iasacht dó = choimeád ar fad é.
Siad féin iad féin, agus ná bíodh aon chur isteach agat ortha
= aon dream amháin, aon chine amháin, seadh iad.



FÉIRÍN — Thug sé féirín dom = tabharthas, bronntanas:
rud a choimeádfainn 'na chuímhneachán, nó toisc é bheith
suaithinseach i slí éigint. Bhfuil aon fheabhas ar an gcois
agat? Níl. Tá féirín agat, a bhuachaill — féirín nách
fóghanta. Tugtar féirín ar rud luachmhar, agus ansan ar
rud ná bíon luachmhar, ach a mhalairt ar fad. Coimeád é sin
i n'fhéirín — cloch chómh-chruínn go raibh cuma an uibh uirthi a
bhí i gceist. Ní h-aon ana-fhéirín an mhéar san agat.



FEIRM — Tá mórán feirmeacha talún aige. Táim i
bhfeirm chuin siúil, chuin reatha, chuin gnótha, chuin éinní = i
bhfonn, i bhfuirm, ullamh suas.



FEISCIONACH — Fear feiscionach nó feisceanach = deigh-fheis-
ceanta (deigh-fhisceanta a deirtear), maith i n'fhéachaint:
fear go dtógfá ceann do (de) le n-a bhreáthacht.



FEIST — Bhíos ag déanamh feiste ar fuaid an t-seómra
= ag cur rudaí chun críche: á socrú suas: á gcur 'na
gceart. Is deas an fheist a dhein, nó a dh'imir (sé seo is mó


L. 209


a deirtear) sé orm = cleas: seift — duine a bhí ag dul i
gconntabhairt agus a chuir duine eile ann ar dtúis féachaint
an raibh a leithéid ann i n-aochor. Dá mbéadh an buachaill
sin i bpúnc chuirfeadh sé feist éigint i bhfeidhm a dh'fhuasclóch
= beartú, plean, seift, bóthar, slí.



FEISTÍGHIM — Táimíd ag feistiú, ag feistiú suas,
na h-áite = á chur i dtreó. Nuair a chualadar go rabhas ag
teacht, thosnuíodar ar bheith ag feistiú suas rómham = ag ullmhú,
ullú. Táim feistithe go maith agat, bail ó Dhia ort =
socruithe suas — mo chuid éadaí glan, gach aon bhlúire díom
go slachtmhar, fáiscithe. Chuir gárda na traenach, fear an
tíghe ósda, éinne, isteach i n-áit dheas fheistithe me = áit 'na
raibh feist mhaith ar gach éinní.



FÉITH — Tá féith na feóla ionnat = é bheith ionnat bheith
ag tuitim chun feóla. Nó féith éinní.



FEITHEÓIR — Duine a bhíon ag feitheamh.



FÉITHIÚNTA — Díolan an fear san a chíos go féithiúnta = go
ríalta: san am ceart: ar a cheart: nuair a bhíon an cíos
tuitithe. Tagaim ar scoil go féithiúnta = ar mo cheart
(nuair is ceart dom é, agus san am is ceart dom é). Bíon
Seán san obair i gcómhnuí, agus ar a cheart. Oibríon sé go
féithiúnta = dréir ama (am-a). Ní fear ró-fhéithiúnta é —
fear ná béadh ann san am ceart agus gan teip. Má
bhrisean sé aon cheann den dá choinghíoll san téighean an
fhéithúntacht ar lár. Féithúnta.



FÉITHLEÓG — Tá féithleóga mo chroidhe éascaig, nó lag.
Ní raibh faic ar aon t-snaidhm féithleóige dá chorp = ar aon
bhlúire, blúire beag, ar aon órlach.



FEOCHAN — Táimíd istig i lár an fheochain = scuaba beag
gaoithe a bhíon ag imeacht. Ní bhíon sé i n-aochor chó leathan
leis an scala.



FEÓIRLING — Ní raibh feóirling a bheárrtha aige = aon
faic airgid. Ní dhíolfadh an fheóirling ridire na rásúrach
anois.


L. 210


FEÓLBHACH — Dhein an ghaoth feólbhach ar na prátaí =
éirleach, laitiméireacht: lot gránda.



FEÓRAIN — Bhíos le h-ais na feóraine = ciúmhais na
fairrge, na trágha, locha.



FEÓSAIDHE — Tá an sagart feósaí lom i mbliana 'e
bhreis ar anuirig = gan fheóil, lom. Bainean le luimeacht.



FIABHRAS — Tá mórán fiabhraistí ag imeacht i mbliana.



FIACHA — Thugas fiacha Aifrin dó chuin go léighfeadh sé
Aifrean dom: nó, chuin go gcuirfeadh sé Aifrean lem anam;
nó, thugas fiacha Aifrin dó le cur lem anam = airgead —
an méid airgid a díolfaí as rud, bíodh go mb'fhiú, béidir, i
bhfad thairis sin é. An méid gur fiú é, sin é a luach.



FIACAIL — Tá an duine sin séimh go leór i n'fhéachaint,
ach thabharfadh sé fiacail duit tapaidh go leór = ropa; gearra
le n'fhiacla, nó le cainnt. Tá cairbfhiacla, stairfhiacla,
agus stranfhiacla ann. Ní thabharfainn misleán dó dá
dtuitfeadh na fiacla as le dúil ionnta. Fiacail an phortaigh,
nó fhiacail na faille = faor. Bíon fear 'na sheasamh ar
fhiacail an phortaigh ag píceáil na móna thairis. Chuir finneóg
an t-siopa uisce fém fhiacla; nó, bhain uisce óm fhiacla,
nó asta = le bárr dúlach ins na h-earraí a bhí istig. Tá
uisce óm fhiacla (agam, orm) chuige. Cuirean sé nimh ar
m'fhiacla bheith ag féachaint ar an gcíste. Cuirean sé
fuairthneamh ar m'fhiacla = sórt piain é sin gan bheith ró-
mhór: tagan ar bharruíocha na méireana ag an bhfuacht. Tá
m'fhiacla ar faor aige mar rud.



FIADHACH — Tá Bríd chuin fiadhaigh = é ar a cumas soláthar
di féinig. Tá na h-éin óga, éinní, chun fiadhaigh. Bhíos ag
fiadhach gioraithe.



FIAFRUIGHIM — Fiarthuighim a deirtear. Sé an chéad
fhiarthuighe a dhein sé conus a bhí mo mháthair = an chéad cheist
a chuir sé. Cathain a bheidh na h-earraí saor aríst? Ná
fiarthuigh díom = ní h-eól dom aon faic na thaobh. Tubaist
t'fhiarthuithe ort = eascaine bheag a deirtear nuair ná béadh


L. 211


duine i mbun ceist a fhreagairt, ceist go mór mór ó dhuine
fiosruitheach. Conus tá Séamas? Níl aon fhiarthuighe,
nó fhiarthú, air: nó, ní gá bheith á fhiarthuighe, nó fhiarthú, a
thuille = tá sé ins na croití déanacha: ag fáil bháis. Cad é
an fiarthú atá ort? = nách fiosarach atán tu? Cloisim go
bhfuil do dhritháir go maith, agus ní gá tu héin a fhiarthuighe;
nó, fhiarthú = ní gá do thuairisc a chur — már chím go bhfuilean
tu ar fheabhas.



FIAGHALTACH — Tá an gort so ana-fhíaltach — lán de
shalachar: ana-chuid fiaghaile ann.



FIAIN — D'imigh an capall fiain air = rith uaidh fé mar a
bhéadh capall fiain. Tán tu fiain chun na Gaoluinne = dian:
ana-dhúil agat ínti.



FIAIRE-FEÁGHA — Sin duine a bhéadh ag imeacht i ndeabhaig
(i ndiaidh) spórt agus imirt, agus gan aon phioc de chúram a
ghnóthaí féin air: duine gan chrí. Ba mhaith leis éadach
maith gan aon tuilleamh, agus gan aon spórt d'imeacht i
gan fhios dó.



FIALTACH — Fíaltach fir = fathach fir: fear mór, garbh,
láidir. Fíaltach mná, capaill, agus mar sin de. Fear
fíaltach = fial.



FÍANACH — Fíanach! fíanach! a deirtear leis an lachain
nuair a bítear ag glaoch uirthi.



FIARLÁIN — Nó, fiarshláin. Bhíos ag imeacht suas
fiarshláin i gcoinnibh an chnuic = fiarsceó: ní rabhas ag
gluaiseacht lom díreach i gcoinnibh an aoird, ach ag casa liom
soir siar.



FIAR-SCEÓ — Má caithtear cloch thanuidhe síos leis an
bhfaill tuitfidh sí fiar-sceó = cam. Nuair a bhíon an seól ar
an naomhóig bíon sí ag imeacht ar fíor-sceó = ní bhíon sí
díreach san uisce: bíon leath-cheann uirthi. Bhí a hata fiar-
sceó ag an ngaige = ar thaobh a chinn. Nách diail an fiar-
sceó atá sa bhóthar iarain anso? = leath-cheann: taobh de a
bheith níos aoirde ná an taobh eile: leaga chun taobh éigint.


L. 212


Tá fiar-sceó ar ghloine an lampa = gan é bheith díreach.
Cuir fiar-sceó ar an dtrínse = casa: gan é choimeád
díreach. Tá an gloine curtha ar fiar-sceó ar an lampa
agat. Fiarsceóach.



FIAR-SHÚIL — Tá fiar-shúil aige = súil leis bheith cam 'na
cheann. Fiar-úil a deirtear. Ba dhóigh leat go mbéadh sé
ag féachaint uait nuair a bhéadh sé ag féachaint ort.



FÍGHIM — Dhein an cailín fíghe na coise circe de n-a cuid
gruaige — bíon 3 cinn de dhuail á n-oibriú. Bhí an cailín
ag fíghe a cuid gruaige. Dheineas fíghe na coise circe den
téadán. Tá an scéal, na duail, na snátha, éinní, fighte
fuaighte ar a chéile = snaidhmthe, ceangailte go daingean;
agus mórán fuála (fuaghála) ag imeacht tríotha.



FILE — Deineadh file caoch díom = dalladh me amach is
amach. Teasbánadh dom conus an obair a dhéanamh, ach ní
dh'fhéadfainn é. Ansan bhíos im fhile caoch. Dhein Aodh
cleas éigint ar chórda a dhein file caoch díom = níor fhéadas é
thuiscint: sháruigh sé me.



FILÍDHEACHT — Bhí sé ag filíocht ar an lá a bhí aca = ag
déanamh, ag rá, filíochta tímpal air.



FILLE — Tá an t-éadach lán d'fhíltíacha ó bheith caite anuas
ar a chéile sa bhosca. Tá fíltíacha im éadan = fáibrí. Tá
ruic sa léine = crapa a dh'imigh ínti ins an níghe toisc dhá
shaghas mianaigh a bheith ínti, agus nár chrap sí dréir a chéile.
Ní bhéadh sí leibhéalta cothrom mar sin.



FILLIM — D'fhilleas mo lámha (ar a chéile) = iad a chur fé
sna h-oscalla chúgham (ioscalla).



FÍNEÁIL — Cuireadh fíneáil air de dheascaibh an óil, de
dheascaibh gan díol as an madra.



FÍNEÁL — Fíneál na casóige = líonáil, nó níonáil.



FÍNEÁLTA — Tá an t-éadach san ana-fhíneálta, ach tá sé
oiriúnach don mbrothal = lag, caol; gan bheith tútach reamhar.


L. 213


FÍOGHAR — Chuireas, dheineas, fíoghar na croise orm
féinig. Gheárr sé fíoghar na croise ar a éadan le n'órdóig.
Tá an bád ag bun an fhíoghair = ag bun na spéire; an áit 'na
dtagan an talamh, nó an fhairrge, agus an spéir le chéile,
dréir cosúlachta.



FIOLAR — Mairfidh sé le saol an fhiolair = saol maith
fada. Fiolar fola = badhb.



FIONNA — Tá fionna beag ar mo shúile = scamall beag.
Tá fionna-cheó ag teacht ar an bhfairrge = ceó beag; cuma
an ghail air. Nó, ceó a bhéadh ar bharra an chnuic agus, béidir,
taisiriú beag báistí leis. Tá fionna maith air, fionna
báistí = cuma an cheóig; cló na báistí.



FIONNA — Tán tu ag cimilt an éadaigh i gcoinnibh an
fhionna = luighe an éadaigh, clúmh, an taobh bog den éadach.
Téighean sé i gcoinnibh an fhionna agam an Béarla a labhairt =
ní thaithníon liom: i gcoinnibh mo thoile a dheinim é.



FIONNA — Fuair mo mhallaí fionna. Thugas fionna dhóibh
nuair a bhíos ag dearga mo phípe = dógha, lasair. Tugadh
fionna don tig, agus las sé suas láithreach = teine. Is
fuirist fionna a thabhairt dó mar tá sé ana-thrim. Cuireadh
fionna sa tig; nó, fén dtig. Má théighean lasán fé
do chuid gruaige, tá fionna tugtha. Cuir lasán fén dteine,
nó aon rud a chuirfidh ar lasa í, agus beidh fionna fachta
aici.



FIONNA-CHRUTH — Tá fionna-chruth Sheáin air = sé Seán
'na steile-bheathaig é: 'na chruth aonair, 'na chruth daona:
'na chruth héin.



FIONN-FHUAIRE — Tá fionn-fhuaire againn anso ar chúlaibh
na gréine.



FIONN-FUARAIM — Chuaidh sé ann chun é héin d'fhionn-
fhuara (d'unúara).



FIONNRAIGHE — Tá na líonta ar fionnraí sa bhfairrge
ó aréir = ceangailte thíos le clocha nó le rud éigint, agus


L. 214


caithid fanacht gan imeacht mar sin. Prioc isteach fén mbia,
agus brostuigh. Is fada le fear fionnraí — fear a chaithean
feitheamh a dhéanamh — go mór mór dá mbéadh ocras air,
nó deabha mór. Tugtar fear fionnraí, leis, ar shaighdiúir
nuair a bhíon sé ar gárda.



FÍOR — Má's fíor Pádraig, deineadh ana-mharú aréir =
má tá an fhírine, cúntas cruínn, aige. Tháinig an chainnt
fíor = chun cinn: fíoradh é. Bíon fíor agus bréag ag an
sciligeóir.



FÍORAIM — Bhíos ag súil le h-é theacht, ach b'in í an t-súil
nár fíoradh = nár tháinig fíor, chun cinn. Bhí Bríd ag súil le
rothar nua, ach b'in í an t-súil nár shíleas: nó, nár shílígheas
= gan aon t-súil a bheith agam leis an rud.



FÍOR-SHLÁINTE — Táim i bhfíor-shláinte = gan aon ghearán
(greán) orm.



FIOS — Chreidfinn é muna mbéadh a mhalairt d'fhios agam
= bhí fhios agam rud éigint 'na choinnibh: bí fhios agam ó
thaobh éigint eile ná raibh sé fíor. Ní ceart duit gach a
mbíon fhios agat a dh'ínsint. Níl fios ná tuairim agat 'na
thaobh = an t-eólas is lúgha. Muna mbéadh fhios agam ach an
méid sin bhéinn gan fios = gan eólas. D'iarras air teacht,
agus táim gan fios fós = n'fheadar fós an dtiocfaidh sé.
Thug sé fios dom = eólas. Tá fios an scéil agat = tá's
agat 'na thaobh. Tá fios fáith an chúrsa agam = gach eólas
'na thaobh. Níl éinní ar an bpáipéar indiu i n-aon fhios
domh-sa = níl fhios agam éinní a bheith air. Níl aon scéal
nua ann i n-aon fhios domh-sa. Tá dhá chéad focal Gaoluinne
agam anois. I bhfios duit go bhfuilim ag dul chun cinn =
mar dheimhniú: chun a theasbáint, a chruthú, dhuit. Lucht
feasa. Chuala go bhfuil mórán scríobhtha agat. Mhuise!
beagán dem chúrsa go bhfuil fhios agat = is beag fios agat
i dtaobh mo chúrsaí, mo ghnótha.



FIOSRUIGHIM — Bhíodh sé ag fiosrú na ndaoine teinne
agus ag adhlacha na marbh. D'fhiosras (ó fiosraim)feacht den
mbean = cúntas. Bun an fheachta.


L. 215


FIREAN — Amadán firean, ropaire firean = tofa,
críochnuithe. Bhíomair ag obair, ag troid, ag ithe, ag éinní,
go firean = go cruaidh, go diail.



FÍRINE — Dubharthas i n'fhírine liom go dtagan streann-
cán den tsáile aníos anso. Siúd é mar a chuala é, bíodh sé
i n'éitheach nó i n'fhírine.



FITHEÓIR — Cé h-é an fitheóir atá ar an dtalamh, ar
inní? = an t-oighre atá air.



FIÚ — Dheinfinn é dá mba mhaith liom é, ach ní fiú liom ort
é = ní mheasaim gur fiú an méid sin thu. Is ceart dúinn
fanacht tamal breise leis siúd mar gur duine mór-níos-
fiú é. Mhuise, nách mór-níos-fiú thu chun bheith ag fanacht
anso ó mhaidin leat? = duine táchtach (tábhachtach) thar an
gcoitiantacht.



FIUCHAIM — Chuirfeadh sé t'fhuil ag fiuchaigh (nó ag fliuchaigh)
bheith ag éisteacht leis = ag gluaiseacht na caisí nímhe.



FIÚNACH — Tháinig fiúnach is fearg orm = lasa feirge.
Is fuirist fiúnach a chur air mar ní thógfadh sé éinní uait.
Fionna chun na feirge seadh an fiúnach.



FLATHAS — Tá sé ins na flathais; ins na flathaisí beaga,
ag na bróga nua = ana-shásta.



FLIUCH — Nuair a théighim 'on mbaile mór is maith liom rud
éigint fliuch a bheith agam = deoch. Fuair an scilling bás
fliuch uaidh = chaith sé ar an ndigh í. Ag bailiú pinghiní i
gcóir an lá fliuch; nó, i gcóir an lae fhlich.



FLIUCHAIM — Fliuch an tae. Bhfuil an tae fliuchaithe agat
fós? Tá sé trim anois, ach fliuchfaidh sé ar ball = deinfidh
báisteach, uisce. Tá sé ag fliucha cheana féin. Tá an
t-uisce ag fliucha: nó, ag fliuchaigh = ag fiucha. Tá an
bainne sa bhfliuchaigh = an rud céadna. Íosfadh sé na prátaí
aníos as an bhfliuchaigh = aníos as an uisce fliuchaigh 'na
mbeidís ag beiriú. Nó, aníos as an bhfliucha. Tá an
t-uisce ag gearra-fhliuchaigh = ag fliuchaigh go bog. Bhéadh


L. 216


amhlaidh, dá mbéadh sé, cig, curtha tamal siar ón dteine.
Tá na prátaí ag fliuchaigh anois, agus ní fada go mbeid
beirithe.



FLUB — Bhí flub-flab, nó flup-flap, ag an leanbh sa
phluda, sa dríob. Bhí flub-flab ag an bhfear meisce agus
aige n-a chuid éadaigh ag d'iarraidh eiriú: nó, nuair a bhéadh
sé sa t-siúl sa phluda. Nó ag éinní, dá mbéadh sé ag buala
na gcos anuas go tapaidh sa tsalachar (slachar).



FLÚIRSEACH — Beidh bliain bhreá fhlúirseach againn i
mbliana = ana-thora a bheith ar gach aon t-saghas síl.



FOCHAIS — Cloch clúdaithe le h-uisce na fairrge, ach í nách
mór ar barra: cloch bháite. Fochaisí.



FOCHAL — Poll a bhíon i gcroidhe an phráta, nó an turnaip
nó i lár úbhail. Tá na prátaí lán d'fhochail.



FOCAL — Ar m'fhocal nár dheineas é. Dúbhairt sé an
chainnt d'fhocla gearra = go cómhngarach: nó, na focla bheith
mion aige. Is díreach é an fear a choimeádan a fhocal:
nó, a choimeádan le n' fhocal. Bhí an bheirt ó fhocal go focal
gur bhuaileadar a chéile. Bhíodar ag tabhairt na bhfocal
dá chéile = ag aighneas, nó ag baisteachán. Deinim amach
dom fhocal i gcómhnuí = ní bhrisim m'fhocal aon uair. Fear
meastúil air féin seadh é a dheinean amach dá fhocal = meas
a bheith aige air féin. Bhí faor uirthi agus í ag cur na bhfocal
di go tiubh tapaidh. Níl aige ach focail Bhéarla, nó focail
bheaga Bhéarla = roinnt bheag den mBéarla. Bhíodar ón
bhfocal beag go dtí an bhfocal mór gur phleannacadar a
chéile go te. Focal leis féin a dúbhairt sé = focal dá chuid
féin, focal a chúm sé féin.



FÓD — Tá portach dhá fhód déag (ar aoirde) againn.
Thugas ropa den scian don gcapal ach níor chuaidh i bhfód
air, nó ann = níor chuaidh isteach ann. Ní raghadh éinní fé
bhun piléir (pléir) i bhfód ar rón. Talamh gan fód = gan
barra. Níl aon fhód ar an bpáirc seo = níl uirthi ach an
croicean: tá sí lom i gcúrsaí cré maithe. Tá fód maith
cré ar an ngort san. Fear gan fód, gan fuaimint é sin =


L. 217


éadtrom 'na mheabhair: gan puínn staidéir a bheith air.
Níl aon fhód ar Sheán: nó, ann. Tá breis fhóid ar an
abairt sin, san abairt sin = ciall, doimhneas, tuiscint,
fuaimint. Tá breis fhóid ar an bhfocal san, sa bhfocal san,
a bhreis air seo = mar seo thuas: is fusa adhmad, tuiscint,
a bhaint as. Claidhe fód sicíní = claidhe 'na mbíon gach re
brat clocha is cré. Thugas buala maith don mbuachaill a
chuir fód air. Tóg an mhóin fód ar fhód = 'na fód is 'na
fód. Fóidín gabhaig = fóidín éadtrom feóla a bhainfá as
do mhéir, nó aon chuid díot. Bíon cuma an fhóid ar an
ngearra — dhá ghearra bheith ann, agus iad ag teacht isteach i
n-aon phoínnte amháin. Is féidir an fheóil bheith bainte amach
ar fad, nó ag eiríghe amach. Is féidir an fóidín sin bheith i
gceist i n-éinní eile sochas (seachas) feóil: ach amháin an dá
ghearra bheith ar chuma taobh agus ceann an fhóid mhóna.



FÓDÚIL — Fear fódúil = fuaimintiúil, staidéartha, tuis-
cionach, gan bheith éaganta. Ní h-aon obair fhódúil bheith
ag scaipe airgid mar sin.



FOGHA — Tugadh fogha fén mbannc = ságha. Deineadh
giotaí fogha den gclaidheamh, d'éinní = smidiríní.



FOGHAIL — Dhein na h-asail ana-fhoghail ar an gcoirce =
díobháil. Is mór an fhoghail atá déanta ag an gcapall
tréis na h-oíche. Bíd ag goid is ag foghail is ag fuadach =
iarracht thapaidh nuair ná béadh éinne ag féachaint. Tá an
coirce i n'fhoghail ag an mbramach = loitithe. Thánadar ag
meas na foghlach. Sé fáil an bhramaigh tréis na foghaile é
= nuair a bhéadh an díobháil déanta, nó an rud gan puínn
maitheasa. Sé cuardach na snáthaide sa bhfoghail agat é =
gan puinn seans go bhfuighfí an rud a cailleadh.



FOGHLUIM — Tá foghluim ar an mbuachail sin.



FÓGHMHAR — Nách éachtach an fómhar atá ag breith ort? =
deabha: bruid oibre.



FÓGHNAIM — Tá airgead Mheirice ag fóghnamh go maith
do thír na h-Éirean.


L. 218


FÓGHNAMH — Níl Gaoluinn ar aon fhóghnamh agat = go
maith ar aon ana-shlí. Nó, éinní eile. Níl an chainnt go
maith ná ar fóghnamh ná ar feidhm agam. Nílim go maith ná
ar fóghnamh ionnam féin indiu. Níl aon t-seómra ar
fóghnamh agam anso = go maith: mar ba cheart. Ní h-aon
fhear ar fóghnamh chun cainnt a dhéanamh thu = ní féidir leat í
dhéanamh go maith. Muise go deimhin, ní h-aon fhear ar fóghnamh
an té a sheasóch tromuíocht den tsaghas san = deagh-fhear.



FÓGRAIM — D'fhógras uaim i n-ainm an diail é =
dubhart leis imeacht uaim i n-ainm an diail. Chuais amach, a
bhuachail, tréis mise a dh'fhógairt ort fanacht istig = foláramh
a thabhairt duit. D'fhógras air é dhéanamh = thugas órdú,
foláramh, dó. D'fhógair sé na ba dhom = dúbhairt liom gur
chuadar i ndíobháil air, is gan leigint dóibh dul isteach a
thuille. Táim ag fógairt an asail seo dhuit. Bíon sé am
fhógairt (nó am fhógairt soir siar), is ag rá gach ní liom =
ag cascainí orm: am fhógairt don bhfear thíos, don ndial — á
rá leis an ndial me thabhairt leis. D'fhógruíos di go raibh
an teine curtha síos go h-olc aici = chuireas i n-úil go maith
di. Ní h-aon droch-fhógairt é. Fógair don ndial an obair
sin, an scéal san = scaoil uait i n-ainm an diail é. D'fhógras
uirthi ná raibh sí ag déanamh na h-oibre mar ba chóir.
D'fhógair sé orm an madra do chur an doras amach. Nó,
d'fhógair sé dhom. Fógair amach anso ar an madra = abair
leis buala amach. Tá na caoire sa choirce: fógair suas
ortha = a rá leó le liúgh, nó le fead, nó i slí éigint, bailiú
amach. Nó, bagair suas ortha. Ach, bagair suas an bhó =
tiomáin. Bhagruíos an madra leis an gcapall = chuireas
leis an gcapall é.



FÓGHRUÍOL — Nó, fóghraíl. Tá an fear bocht ar fóghraíl;
nó, ar an bhfóghraíl = ar an bhfán. Tá sé imithe ar fóghruíl
agus is fada go bhfuaireas (ná fuaireas) aon tuairisc uaidh.
Ní imeóidh éinní ar fóghruíol ón mbuachaill siúd = amú.
D'imigh mo mhac go Meirice uaim agus dh'fhág ar fóghruíol
anso me = gan áird, gan chrí: ar an dtráigh. Chuadar go
dtí coláiste Gaoluinne, ach ní raibh aon mhúinteóir ann dóibh;
agus d'fhág san ar an dtráigh, ar fóghruíol, ar an bhfóghruíol,
iad. Tá an leabhar san ar fóghruíol i dtaobh éigint sa
tseómra = amú.


L. 219


FÓIDÍN — Bhíos ag gabháilt suas i gcoinnibh an chnuic agus
d'imigh fóidín gabhaig óm chois = blúire den dtalamh a gheárras
lem bróig. Feic fód.



FOIGHNE — Beart gan leigheas foighne is fearr air = sí
an foighne an leigheas is fearr air. Bíodh an fhoighne agat =
bíodh foighne agat = tóg go foighneach é; nó foighneach. Dá
mbéadh foighne agat ar gach aon ní a beifar a rá leat, ba
mhór an scéal é. Chaitheas foighne a dhéanamh ar an masla a
tugadh dhom = é thógaint go foighneach: gan preaba. Tá an
sneachta againn sa deire, agus is fada an fhoighne a dhein sé =
is fada a bhí sé gan teacht, nó ag faire ar theacht. Tóg an
fhoighne chun na h-oibre sin = fuireach fada: aimsir go leór:
ná bíodh aon deabha ort chuige. Chuireas fios ar leabhar
seachtain ó shoin is níor tháinig sé go dtí indiu. Thógadar go
breá foighneach é i mBleá Cliath.



FOIGHNÍGHIM — Táim ag cur suas leat fada go leór, is ní
fhoighneód leat a thuille = ní dheinfead a thuille foighne.
Ní féidir liom foighneamh leis an saghas san oibre.



FÓIL — Fóil ar do láimh = fan fada: fan bog: ná tagadh
do lámh anuas: ná dein an gníomh — nuair a bhéadh duine ag
stop duine eile ó rud éigint a dhéanamh. Fóil ort; fóil
oraibh = fan, fanaídh, go fóil.



FOILLSÍGHIM — Táimíd ag foillsiú ár ngnótha = á thosnú, á
chur ar bun: ag tosnú air. Táimíd ag foillsiú ar na
prátaí chur: ar an nGaoluinn a dh'fhoghluim, is mar sin de.
Táim ag foillsiú suas chun dul abhaile: chun mo cheachta
scríobha = ag ullmhú (ullú).



FÓIR — Táim ag cur na fórach suas ar an gcruach mhóna =
na fóid a cuirtear ar an dtaobh amuigh chun í choimeád i
n-eagar. Tá Gaoluinn thar fóir agat = thar an gcuid eile
dhi a bhíon ag imeacht: thar an gcoitíantacht. Tá na leabhartha
i bhfóiribh a chéile agat ar an mbórd bun ós cionn le bheith
caite ar fuaid an tseómra = i dteannta a chéile: i
n-aonacht: i bhfochair a chéile. Bíodh is go raibh sé bocht
choimeád sé a chlann i bhfóiribh a chéile go rabhadar i ndann


L. 220


(i ndán) déanamh dóibh féin. Bíon me héin agus Tomás i
bhfóiribh a chéile gach aon lá. Beimíd go léir i bhfóiribh a
chéile ar a ball, le congnamh Dé — ar neamh.



FÓIRIM — Níor fhóir sé puínn orm = níor thug puínn
cabhrach dom. Béidir go bhfóirfidh an obair seo fós = bheith
tairbheach, úsáideach. Ba cheart fóirithint ar na daoine
gur dóghadh a gcuid = cabhair a thabhairt dóibh. Thugamair, nó
dheineamar, fóirithint ortha.



FÓIRÍOR — D'fhág sé ar fóiríor me = ar fóruíl.



FÓIRLEITHEADÚIL — Tá an focal san fóirleitheadúil =
ana-choitíanta: ar fuaid na tíre. Is féidir le h-éinní
bheith amhlaidh.



FÓIRLÍONTA — Fear fóirlíonta = fear teann; go mbéadh
lán a chuid éadaigh ann. Capall fóirlíonta = díngthe, teann.



FOIRTIÚN — Bhíos ag tuilleamh m'fhoirtiúin.



FOISCEALACH — D'ith sé foiscealach maith = scrabha maith
den mbia. Tabhair leat foiscealach maith den bhféar chun
an chapaill = síntús maith. Bhí foiscealach maith ólta agam =
ní rabhas ar meisce ach bhí roinnt mhaith thiar agam. Foiscealach
éisc, móna, airgid, Gaoluinne, prátaí, coirce, bídh = roinnt
cuíbhsach maith; laghar, cosúlacht. Chuala foiscealach maith
agus mhaith.



FOITHIN — Nó, fuithin. Scaoil an t-árthach a h-anncaire
uaithi i mbéal na Trágha Báine ag tógaint fothana.



FOLAMH — N'fheaca riamh ag teacht folamh thu = gan rud
éigint agat. Thug sé coiscéim folamh = gan éinní bheith fén
gcois san áit 'nar bhuail sé anuas í — fear, cig, a bhéadh
i mbarra an staighre, agus gan fhios aige go raibh an céim
deireanach curtha de aige. Buille folamh = buille ná
buailfeadh éinní — ach an t-aer.



FOLATHACHTA — Thug sé folathachta dhom = rug sé isteach go
daingean ar mo mhuineál nó ar mo scórnaigh.


L. 221


FOLCA — Ghoidfeadh sé an folca te = éinní. Ólfadh sé an
folca te. Íosfadh sé an folca te. Íosfadh sé na prátaí
aníos as an bhfolca te = aníos as an uisce fliuchaigh 'na
mbeidís ag beiriú.



FOLLÁIN — Is folláin duit nár rugas ort = is maith an
bhail ort: is maith an scéal duit. Níor bh'fholláin dó bheith
i láthair an uair sin.



FOLLAMHUIGHIM — B'éigin dóibh an trangaláil a bhí aca
d'fhullamhú amach as an mbád = na neithe trí-na-chéile do
chur amach. Dullabhú a deirtear.



FOLLUS — Tá sé le feiscint is le clos go follus = go
soiléir.



FOLUIDHEACHT — Foluíocht gan sínsearacht ní féidir í
dh'fháilt = uaisleacht fola. Ní leigfeadh an fholuíocht dó
na prátaí a dh'ithe = é bheith ró-uasal dóibh.



FOLUIGHIM — Ní rabhas ag folacha na fírine uait = á chur
i bhfolach, á choimeád uait.



FOLÚIL — Capall folúil, nó duine = go mbéadh an fhuil
mhaith ann.



FONN — Nílim i bhfonn chun oibre = i bhfeirm, i bhfuirm.
Fonn a ghnígheas (a dheinean) fiadhach = obair, gnó, mar sin de.
Ní dhéanfá é muna mbéadh an fonn. Táimíd ag obair go
géar i d'fhonn is go mbeidh an cúram so déanta (fé chois
againn fén oíche; nó, fé bhráid an chéad chúram eile. I
d'fhonn é dhéanamh i gceart a thánag = chun.



FÓNÓMHAID — Fónómhad a chuala. Bhí sé ag fónómhad
fúm = ag géar-mhaga: searbh.



FORC — Bhí sé ag cur fuirc agus sceana = ag báistigh go
trom trom.


L. 222


FORGACH — Bó a bhéadh dhá bhliain gan ghamhain. Seanfhorgach.
Feic bó.



FORMAD — Táim i bhformad leat.



FÓRSA — Baineadh amach an talamh le seilbh fhórsa = le
lámh-láidir. Bhí faor ar a fhiacla ag cur na cainnte i bhfórsa
= i bhfeidhm: amach go tréan.



FOTHAINIÚIL — Tá an áit seo ana-fhuithiniúil = fosca maith
a bheith ann, nó fasca.



FOTHARAGA — Chuala go raibh an bád ag imeacht, agus is
ansan a bhí an fotharaga orm, nó fúm, ag ropa gach rud
isteach sa mhála = deabha agus fústar. Bhí fotharaga orm
chun na traenach = deabha uathbhásach. Is minic a chuir fear
an phuist fotharaga orm nuair a bhí sé ag imeacht agus gan
na leitreacha críochnuithe agam. Aoirde (an) deabhaidh
seadh é.



FOTHRACH — Tá an tig i n'fhotharaigh = briste, tuitithe anuas.
Tá Seán i n'fhotharaigh ag an ólachán, ag an ndroch-shláinte. Tá
sé i n'fhotharach shalach ag an ól = séite suas, agus gan chrí ná
áird air.



FOTHRAM — Tá fothram im chluais = glóraíl. Bhéadh san
i gceist dá n-imeóch an t-sáile isteach.



FRAOCH — Tá an focal san am cheann ach tá sé sa bhfraoch
orm i láthair na h-uaire = amú — mar a bhéadh biorán i
mbeart féir. Tá an scéal imithe sa bhfraoch, nó imithe 'on
bhfraoch, orm. Tá an leitir sin imithe sa bhfraoch i mball
éigint imeasc mo chuid leabhar. Tríd an saol is tríd an
bhfraoch d'fhan púnt im póca = tríd agus tríd: tréis an
cuardach go léir: tréis na gcostaisí go léir: tréis an
tsaoil.



FRATHACHA — Cúplaí. Maidí snaidhmtha. Boímbéal = an
áit atá ós cionn an fhalla díreach ar an dtaobh istig. Búnda-


L. 223


lach — amuigh. Cloch bhúndalaighe. Cloch an chúinne. Scrathacha,
nó scraithíní. Tá an speal i n-áirde i bhfrathacha an tíghe.
Níl éinní fé bhúr, nó fé bhúir, an tíghe againn = fé dhíon an
tíghe. Maide droma = an maide a bhíon ag gabháilt treasna
i mbarra an dín, ó cheann ceann an tíghe.



FREAGRA — Ní bhfuaireas aon fhreagra ar, nó as, mo
leitir. Ní bhfuaireas fios freagra ó éinne = freagra ar bith.



FREAGRAIM — Is mór a bheidh le freagairt ar a ball
againn = beidh orainn freagairt i mórán, Níl éinní sa
nGaoluinn ag freagairt don bhfocal san = díreach cosúil
leis, ar aon bhrí amháin leis. Ní fhaca aon bhó ar an mbóthar
indiu ag freagairt do sna cómharthaí sin. Go bhfreagraidh
Dia an tsúil, an ghuidhe: go bhfreagraidh Dia thu = pé ní a
dh'iaran tu a bhronna ort. Tusa á rá is Dia at fhreagairt.
Níl aon cheann de sna ceisteana san ná fuil an fhreagairt
chéadna uirthi, nó ortha.



FREANNG — Chuir an buachaill freanng san asal le buille
mhaide = crapaitheacht: caime: i slí go mbéadh an t-asal ag
imeacht cam. Cuirfead freaingí ionat, nó ort, a bhuachaill,
muna n-iompuróir tu héin = tinneas i dtreó go mbéadh
sé crapaithe ag an bpian. Suidh síos nó bé go gcuirfinn
freangaí, nó freaingí, ionat: freangaí tinnis. Táim lán
d'fhreaingí. Tá freaingí ionam ar fad. Ní féidir liom
mo lámh a shíne amach ná scrí ag na freaingí atá ínti. Tá
freanng im buineál (muineál) ó mhaidin = an féithleóg
reamhar bheith teinn, nó rud éigint, i dtreó ná féadfá an
muineál a chasa. Tá freanng 'na bhéal ag crapa an neóráin
= an béal bheith casta i leath-taoibh, nó crapaithe. Baineadh
blúire as mo bhéal is d'fhan freanng na dhiaidh. Tá freanng
im dhrom is cróilí ionam aici — féith crapaithe, nó as inead,
nó rud éigint mar sin fé ndeár é.



FRISEÁILTE — Ubh friseáilte — is mó a deirtear é sin
ná úr. Ach, iasc úr, feóil úr. Arán friseáilte. Arán
seannda, cruaidh. Uibhe seannda.



FRUIG — Ní raibh oiread na fruíghde ann = ní raibh an ní is
lúgha. Níl oiread na fruíghde i Séamas ó bheith ag caitheamh


L. 224


tuitíní. Níl oiread na fruíghde ort = níl faic. Bhí teine
chreas á bhaint rómpa is 'na ndiaidh sa bhóthar i slí go bhfeicfá
fruig a bhéadh tímpal = an rud is lúgha.



FUACHLAIN — Snáithín a castar ar an ndubhán nuair a
bhíon baighte air.



FUACHT — Thóg sé, nó fuair sé, fuacht ó bheith amuigh fén
mbáistigh. Ní mar a chéile sin agus slaghdán.



FUADACH — Gheóbhad an leabhar san le goid nó le fuadach =
i slí éigint.



FUADAR — Níl fútha ach fuadar ná feadair = fuadar gan
eólas, gan tuiscint. Is dóigh liom go gceannóidh sé mo bhó
mar tá fuadar maith fé.



FUADARÁIL — Níl éinní cóir á dhéanamh aige ach é ag
fuadaráil soir siar suas síos = fuadar fé, ach gan aon tora.



FUAGHÁIL — Tá mo léine fuaite dem dhrom leis an
allus. Ní le fuagháil a ceangluíodh iad ach le cnaipí is lúba.



FUAID — Cuirtear bran is prátaí is coirce ar fuaid a
chéile don mbó.



FUAIM — Is bínn liom fuaim na trágha is na dtonn.
Bíon guth ag baint le h-amhránuíocht is le duanaireacht.



FUAIMINT — Níl aon fhuaimint leis an ngnó san, le
h-éinní = ciall, staidéar, brí, éifeacht. Níl fuaimint fir
i n-aochor leat. Bíon fuaimint leis na daoine, óg agus
críona, a bhreis ar a chéile. Fear gan fuaimaint, gan fód,
gan éifeacht.



FUAIMINTIÚIL — Fear maith fuaimintiúil = éifeachtúil.
Long bhreá fhuaimintiúil = deárthatach: éifeacht ínti is faor.



FUAIR-THÉ — Ní h-aon fhuair-thé thu = duine fuar, fánach,
faillíghtheach, gur cuma leis; agus a bhíon ag spáráilt na
gcnámh.


L. 225


FUAIRTHNÍN — Bhíos im fhuairthnín ar an gcathaoir, sa
leaba, cois na teine, ós cionn na teine = crapaithe, bailithe
isteach le chéile. Níor dhein sé ach aon fhuairthnín amháin den
bpáipéar agus é chaitheamh isteach sa teine = é bhailiú isteach
le chéile i n-aon cheirtlín amháin, brúite. Tá fuairthnín
breá gruaige aici = cúl gruaige nuair a bhíon sé fillte
casta ar a chéile thiar nó i n-áirde. Tá fuairthnín do chinn
go glórmhar fén ngréin. Dheineas fuairthnín marbh ar an
mbóthar den mbithúnach le h-aon bhuille dhorn amháin = cnapán.
Nuair a bhíon ainmhí i n'fhuairthnín bíon a ghéaga crapaithe
bailithe isteach chuige nó fé. Ní mar a chéile rud a bheith i
n'fhuairthnín agus é bheith fillte.



FUAR — Tig fuar follamh — tig na n-aindeiseóirí. Tig
bídh agus beatha an taobh eile de sin. Tig fuar feannaideach
gan phioc gan faic. Tá fuar agat bheith ag labhairt liom =
gan tairbhe. Bhíomair ag tuitim fuar marbh ag gáirí. Tá
an scéal san fuar anois = ní bítear ag cainnt air: seana-scéal
imithe seadh é, ná bítear á thabhairt ar barra. Tá
na daoine uaisle ag caitheamh a ndínnéir ar an mbán fuar =
iad a bheith suidhte anuas ar an mbán, gan bhórd gan chathaoir,
gan faic. Lá breás a tugtar ortha, ach béidir go raghaidh an
ainm sin i bhfuaire ortha = ná beidh sé ortha feasta: go mbeidh
sé ag dul ar ceal i ndiaidh a chéile. Nó, béidir go raghaidh
an scéal san i bhfuaire ortha.



FUARAIM — Nílim ach ag fuara na h-aimsire = ag meilt.



FUAR-CHÁSAIM — Bíon sé ag fuar-chásamh = ag síor-
chásamh. Siúd é mar a bhíon an breóiteachán, uaireanta;
nó an té a bhíon ag gearán mar gheall ar é gan bheith fé
rachmas ná fé radhairse.



FUARMÁIL — Bíon fuarmáil aige sna finneóga is na
dóirse nuair a bhíon an gála ann = fuaim mhór: cnagarnach.
Tá fuarmáil i n-áirde an staighre — daoine ag siúl go trom,
is rudaí ag tuitim, agus mar sin de. Bíon fuarmáil mhaith
ag an anncaire nuair a bítear á scaoile síos tríd an bpoll
éaluithe, agus á tharac. Fuarmáil cainnte = glór mór
láidir. Ná siúlófá socair agus gan an fhuarmáil sin go
léir bheith ort? Dá mbéadh scata buachaillí le chéile is


L. 226


iad ag cainnt is ag scréachaigh, is ag caitheamh rudaí, agus
mar sin de, bheidís ag fuarmáil agus fuarmáil ar siúl aca.



FUARMÓIR — An saghas tráthair go mbíon lámh anuas
air 'na sos agus lámh eile laistíos ag casa. Sa tráthar
féin bíon an dá láimh ag casa. Lár an fhuarmóra.



FUAR-SPREÓSACH — Tá'n tu fuar-spreósach sa nGaoluinn
= níl suím ná dúil agat ínti: neamh-spéiseach: gan spéis.
Duine fuar-spreósach seadh é = gan spéis i n-éinní.



FUASCAILT — Ní bhfuaireamair fuascailt fós ón gcruatan
= sos: scaoile.



FUATH — Dá n-íosfadh duine ubh lobhtha (lofa) chuirfeadh san
fuath na n-ubh air — shéanfadh sé iad, is ní bhfuigheadh taithneamh
asta. Is minic a thug máthair fuath dá h-uan agus é dh'fhágaint
'na deabhaig (diaidh) = druim lámha: mío-thaithneamh. Chuireas
fuath an tíghe ar na cailíní a bhuailfeadh isteach muna mbéadh
mise. Dá mbéadh droch-bhreóiteacht i dtig chuirfeadh san
fuath an tíghe ar dhaoine = níor mhaith leó é: shéanfaidís,
choimeádfaidís amach uaidh. Chuir sí fuath an tíghe orm le n-a
teangain. Chuir rud éigint an fuath ar Sheán mar níl sé
tagaithe thar n-ais ó shoin. Is fadó a thugas fuath do sna
h-uibhe = d'eirígheas asta; gan aon bhaint a bheith agam leó.



FUIGHEACH — Tá bliain go fuigheach ann ó bhíos anso cheana =
go bog, agus níos mó. Tá obair go fuigheach le déanamh
againn dá ndeinfimíst é = go fairsing. Tá sé ag obair
go fuigheach = go breá rábach tiubh. Ag amhrán go fuigheach =
go breá bog dó féinig. Tá an Ghaoluinn aige go fuigheach =
mórán di.



FUIGHLEACH — Is fearr fuíghleach ná easnamh = breis. Tá
fuíghleach gas ann chun prátaí maithe = an iomarca. Gheóbhair
an méid a dh'fhanfaidh fuíghleach = spártha. Tá fuighleach
agam = breis is mo dhóthin. Beidh fuighleach colata againn.
Tá fuighleach cainnte aige chun aon mhaith a bheith ann. Tá
fuighleach maith aráin agam cheana. Beidh fuighleach maith
agam sa méid sin. Tá fuighleach slí tógtha suas agat =
breis is do dhóthin.


L. 227


FUIL — Is baol liom ná fuil na scamóga ar fóghnamh aici
mar chuir sí fuil amach indé. Nó, brúcht fola, nó tonn
fola = mórán le chéile. Bhaineas fuil mhairt as = mórán
fola. Bhí fuil mhairt tímpal an tobair tréis na troda.
Bhain an obair sin allus fola asainn = allus trom: an
t-allus is duaisiúla.



FUILICEACH — Nílim fuiliceach = níl puínn fulaig, puínn
den bhfulag, ionam. Cúrsa do-fhuiliceach é sin = gur deacair
é dh'fhulag, é sheasamh.



FUILIGÍM — Sin cúrsa ná fuiligíon moill = cúrsa go
gcaithfar cúram a dhéanamh de, aire thabhairt dó, gan mhoíll.



FUILSHRÓN — Imigh, nó béidir go gcuirfinn fuilshrón leat
= fuil as do shróin, led shróin.



FUINNEAMH — Bhí fuinneamh á chur aige le n-a thuairimí = á
dtabhairt amach go fuinniúil.



FUIRSIM — Tá an iomarca fuirse fút = deabha, fúdar,
siúl anonn is anall. Ní bhead ag fuirse leat a thuille =
ag plé, ag straca. Tá an pláta briste agat agus ní h-aon
úna é, mar bhí an iomarca fuirse fút. Is anamh a rithean
leis an bhfuirse. Tá an cúrsa san síolta fuirsithe fálta
againn = scrúduithe i ngach uile shaghas cuma: socruithe
suas go breá — ar nós an gort go gcuirfá an síol ann:
ansan an cré d'fhuirse, agus falla a thógaint tímpal air
chun gach droch-ní a choimeád amach. Bhéadh gach ní déanta dhó.
Táim ag fuirse liom tríd an gceacht = ag treabha: obair
thréan chruaidh gharbh á dhéanamh agam.



FUÍSTE-FÁISTE — Chaitheas an pléascán isteach 'on
dteine mar níor dheineas ach fuíste-fáiste dhe = níor dheineas
inní de: níor chuireas aon naith ann, mar nár cheapas go
mbéadh aon díobháil ann. Níl sa chúrsa san ach fuíste-
fáiste = neamh-ní: rud nách fiú trácht air.



FULAGACH — Nó, fuiliceach. Tá sé fulagach. Tá fulag
ar shóth agus ar ann-shóth ann, nó aige = ar gach aon tsaghas ní.


L. 228


FULCA — D'ólfadh sé an fulca te = an t-uisce a bhéadh ag
fliuchaigh: ólfadh éinní. Íosfadh sé amach as an bhfulca te,
as an bhfliucha, é.



FUT — Bhí fut fuaim fothrom ar fuaid an tíghe aige nuair
a tháinig sé isteach ag lorg a phípe = glór mór láidir: cainnt
árd: mórán fuama béil.



G



GÁ — Teastuíon sé uaim is tá gá maith agam leis.



GA — Chuireas mo gha ionat = gatha, crúca. Tá a gha aige
ionam = tá paor aige orm.



GABHÁIL — Gabháil mhaith seadh í = stuif a dheinean an gnó i
n-inead bláthaighe chun taos a dhéanamh. Cheannuíos buidéal
gabhálach. Deinean plúr géar an gnó uairteanta. Cuirtear
ag géarú cois na teine é — an plúr.



GABHAIM — Táid gabhtha san obair = ceangailte isteach
ann. Táim gabhtha aige sna dathacha = tá greim aca orm.
Is maith a dheinis gabháilt thairis = gan aon chur isteach a
dhéanamh air. Ghaibh sé tríom, nó trím chroidhe, iad a bheith
chó fliuch san. Tá Seán ag gabháilt amach ar Shéamas sa rás,
sa chomórtas = ag dul chun cinn air; á shárú. Tán tu gabhtha
isteach sa tsaol anois, nó tríd an saol = cuid mhaith de
feicithe agat. Mairbh an coileach agus gaibh a chuid fola i
n-árus éigint. Gaibh an braon anuas sa tsáspan = faigh
greim air leis an sáspan a chur isteach fé. Tá mo chroidhe
gabhtha suas ag an slaghdán = greamaithe, múchta. Gaibh air
= buail é — ualach féir a bhí i gceist. Tá na seómraí go
léir gabhtha = tógtha suas, i n-áirithe. Níl an bhean san
gabhtha dréir a h-uaisleachta = gan an ghabháil, an chóir, cheart
bheith uirthi tímpal éadaighe agus mar sin.



GABHAL — Tá a eirball tairicthe trí n-a ghabhal ag an
madra = idir a dhá chois deire. Thuit an paca cártaí i
ngabhal a chéile anuas ar an úrlár = anuas ar a chéile agus


L. 229


trí n-a chéile. Tá an tig tuitithe i ngabhal a chéile agus tá
i n'fhotharaigh. Thuiteas i ngabhal a chéile anuas den gclaidhe
— bíon an corp trí n-a chéile chó maith leis an dtig. Tá
scaraghabhal agat = na cosa bheith lúbtha amach.



GABHALÁN — An áit idir dhá mhéir, cig. Cór gabhláin =
cor ladhaire: créacht istig ag bun dhá mhéar.



GABHALÁN — Tháinig trí gabhláin fiabhrais air = 3 taomana
beaga. Gabhalán breóiteachta. Tháinig an slaghdán chun
gabhlán fiabhrais.



GABHLÓG — Gabhlóg fir = fear go mbíon na cosa scartha
lúbtha amach ó n-a chéile aige: fear camachosach.



GACHARA — Táim gachara bliain leat = díreach chó h-aosta
leat: chómh-aois leat (nó có-aois).



GAD — Tá gad orm gan é dhéanamh = ceangal. Táim fé
ghad agat é dhéanamh, nó chun é dhéanamh. Gad brághad =
galar a bheirean greim ar an scórnaigh i mbun an mhuiníl
agus i n-uachtar an uchta.



GÁDH — Táim 'na ghá go mór = gá mór agam leis.



GAIDHTE — Tá an clutha (cluiche) ag dul 'na luighe gaidhte
orainn = ag dul dian orainn, nó 'nár gcoinnibh. Tá sé 'na luighe
gaidhte orm go mbeidh an lá againn = táim deimhnitheach
'na thaobh. Chuaidh sé na luighe gaidhte orm. Chuir sí an
chainnt 'na luighe gaidhte orm = sa treó gur chuireas ana-
shuim sa chainnt; nó gur chaitheas géille. Dá mbéadh ualach
trom ar dhrom dhuine ní fada go mbéadh sé (an t-ualach)
'na luighe gaidhte air = ag goilliúint air go maith: bhraith-
feadh sé trom é. Tá an triomach, nó an bháisteach, ag dul
'na luighe gaidhte ar an feirmeóirí. Chuir an bhean na h-uibhe
guir 'na luighe gaidhte orm = dhíol liom iad i leith is gur
uibhe fóghanta iad. Cuireadh an capall droch-mhianaigh 'na
luighe gaidhte orm ar an aonach. Chuaidh an obair 'na luighe
gaidhte orm = ghoill. Tá an troid ag dul 'na luighe gaidhte
ort = ana-dhian. Chuireas an t-éitheach a thug sé na luighe
gaidhte air.


L. 230


GAIMBÍN — Gaimbín aráin = blúire beag. Gaimbín
tobac, feóla. Gaimbíní raice a fuaireamair ar an bhfairge.
Deinfidh an gaimbín seo go dtí amáireach me.



GAINEAMH — Gaineamh shúraic = gaineamh go mbíon droch-
bhun thíos fúithi, agus a shúghfadh duine síos.



GAINNEACHT — Tá an siúicre ag dul i ngainneacht gach aon
lá. Tá na daoine ag dul i ngainneacht = i bhfánuíocht.



GÁIRE — Tá na prátaí ag gáirí táid chó plúrach san.



GAIRID — Táim ana-ghairid as thobac, i dtobac, fé thobac =
gan ach an chaol-chuid de agam. Tá ana-ghairid dom dhóthin
ithte agam. Is fada is is gairid a bheirean mo chúram me =
i bhfad ó bhaile agus cómhngarach. Tá an duine beag san ana-
ghairid dó féin = ana-chruínn, spriúnlaithe. Rugadh gairid
orm = cuireadh i gcás me, gan aga agam chun a dhéanamh amach
cad a dheinfinn. Táim ana-ghairid sa radharc. Ní thógfadh
sé fiche púnt ar an mbó ar maidin, ach ba ghairid Dia leis
cúig déag a thógaint ar ball = bhí sé ana-shásta. Nára
bheire Dia gairid ar m'anam. Sé is gairid Dia linn na
laetheanta saoire bheith ann. Ná leig duit féin rith gairid as
thobac. An rud is giorra is géire = an gad, nó an gaol, is
cómhngaraighe ar dtúis. Ní féidir liom a thuille a dh'ithe mar
tá an bia ana-ghairid aníos. Is gairid eile go mbead cuíbhsach.
Tá an scéal beirthe gairid air = tá beirthe gairid ag an
scéal air. Sin é mar do cheapas féin go dtí le h-ana-
ghairid = le fíor-dhéanaí. Táimíd rite gairid i bplúr.



GÁIRSEÁLTA — Cainnt gháirseálta = garbh, borbraithe.
Bíon borbraitheacht ag leanúint na cainnte sin. Nó,
gairbhseálta.



GÁITÉAR — Poll a bhíon isteach fé chlaidhe ó thaobh taobh.



GAL — Tá gal beirithe as do cheann leis an allus. Tá gal
beirithe as an bhfeóil. Bím istig anso fén ngal = deatach.
Dún an doras i n-áirde ar an ngal. Tá sé ag casa amach
orainn.


L. 231


GÁLA — Tá gála láidir ann indiu ar muir agus ar talamh.
Gála cíosa = iaracht den gcíos: cíos leath-bhliana.



GALAR — Tá seacht ngalaraí an tslé (sléibhe) air = gach
uile shaghas díobh. Tán tu tuirseach, ach ní galar éinne amháin
sin = ní tusa amháin atá cnagtha mar sin. Tá blas na
Gaoluinne ar do theangain agus gura fada buan é do ghalar.
Tá mo ghalar héin ort = tán tu ar mo nós héin: ché h-olc
liom héin: ar aon imeacht amháin liom. An galar cam
= galar a thagan ó uisce bheith ar an inchin (inithin), a chuirean
an rud go mbíon sé air ag iompó tímpal.



GAMHAIN — Gamhain deire bliana = gamhain a béarfí go
déanach sa bhliain. Tá an bhó ag úmpar gamhna. Bhfuil sé
na bholán nó 'na ghamhain (bainean) — laogh nua-thagtha ar an
saol? Tá an gamhain tuitithe sa bhó: iompuithe, casta istig
ínti: i míochrom (míochothrom) ínti. Bhfuil aon mhaith
ionnat chun gamhain a bhaint do bhó, nó a tharrac? Chaith sí
mara-ghamhain (marbh-ghamhain) uaithi, mar cuireadh an madra
'na dhiaidh. Dh'fhéadfí mara-ghamhain, leis, a thabhairt air
dá mbéadh sé 'na bheathaidh 6 nó 7 de sheachtainí sar a mbéadh
sé i n-am aici breith.



GAMALL — Fear nó buachail go mbíon féachaint mharbh
'na shúile: agus cuma neamh-anamúil air — go mór mór
ins na súile.



GAMALLOG — An ainm a caithtear le bean nó cailín
nuair a bhíon an chuma so thuas uirthi.



GAMBA — Gamba feóla = cannta, blúire maith.



GAMBAIRNE — Táim im ghambairne fuar díomhaoín
anso ó mhaidin — fear nó bean a thagan isteach i dtig agus a
dh'fhanan feadh an lae istig gan faic a dhéanamh. Gambairne
= duine tútach, reamhar, bog: cnapán feóla.



GAN — Dhein sé brostú agus rug (riug a deirtear) ar an
dritháir gan cur = ní raibh sé curtha. Ní mór gan é dhéanamh =
caithfar gan é dhéanamh.


L. 232


GAN-FHIOS — Tá an cúrsa san ceart go leór i gan-fhios,
ach ní maith liom a thuairisc do leatha amach go fóirleitheadúil
= ach é bheith sé rún.



GAN-FHIOSACH — Dheineas go gan-fhiosach é = fé cheilt.



GAN-FHIOSUÍOCHT — Níor ól sé aon taoscán im láthair-se,
ach dá bhféadfadh sé ganfhiosuíocht a dhéanamh, ólfadh go bínn.
Bíon na scoláirí ag faire ar ghanfhiosuíocht a dhéanamh nuair
a bhíon an máistir amuigh = ag déanamh neithe fé cheilt.
Bhíodar ag déanamh ganfhiosuíochta ar an ngoid = é choimeád
siar, é choimeád fé rún. Bhíomair ag ganfhiosuíocht ar a
chéile = ag coimeád cúntaisí ó n-a chéile: ag ínsint, ag
spiaireacht, ar a chéile,



GANN — Ní maith an ní an ghuidhe ghann = an ghuidhe ná
loirgíon tabharthas ach don mbeagán: do bheagán daoine
nó d'éinne amháin.



GANNACHÚIS — Tá gannachúis orm = neamh-fhlúirse. Tig
na gannachúise = na ganna-choda.



GANNTAR — Níl aon ghanntar agam le h-airgead
= gá.



GANNTARACH — Nílim ganntarach leis = 'na ghanntar, 'na
ghá. Níl an focal san ganntarach anso = gann.



GAOL — Níl eatora ach gaol ana-shínte = ana-fhada amach.
Tá báigíocht ghaoil agam leat = gaol i bhfad amach, gaol nách
gairid. Ioscad ghaoil. Cad é an gaol atá agat le Seán?
Ní féidir liom aon ghaol do chur isteach = do dh'áireamh, do
chómhaireamh. Lánamha seadh A is B. Beirt mhac dóibh
seadh C agus D. Mac do C seadh E, agus mac do D seadh F.
Tá C agus D a h-aon is a h-aon i ngaol (nó ghaol — sé sin,
de ghaol). Tá E agus F a dó is a dó ghaol (nó i ngaol). Tá
C agus F a h-aon agus a dó ghaol. Agus mar sin de síos
amach.



GAOLMHAR — Tá na daoine sin gaolmhar dúinn = i ngaol
linn.


L. 233


GAOLTA — Duine dem ghaolta seadh Bríd.



GAORTHUÍOL — Bíon Séamas ag gaorthuíol go minic =
cainnt árd agus búirtheach á dhéanamh aige. Nuair a bhíos ag
gabháil thar bráid bhí sé ag gaorthuíol orm ag loc mar-
cuíochta = ag glaoch amach go h-árd is go garbh. Gaothruíl.



GAOTH — Níl an bioránach san each ag cur gaoithe, nó ag
tabhairt gaoithe, as a bholg = ag cuma, ag ínsint éithigh, nó
inní mar sin. Cuir ceann an bháid sa ngaoith = i gcoinnibh
na gaoithe. Muna n-éistir scaoilfar an ghaoth tríot = an
solas: cuirfead pléar isteach tríot. Bhí sé ag tarac
gaoithe siar na bhéal, 'na bholg — fear a bhéadh as anáil. Níl
miam gaoithe sa spéir = puth beag gaoithe. Tá anam maith
gaoithe ann = puth deas. Níl agat ach gaoth = cainnt gan
bhun, gan mhaith, gan deárthamh. Is cuma gaoth nó aer sa
t-siúl. An ghaoth Mhárta. Briota, nó bréata, gaoithe =
puth gaoithe. Tá an féar inar a bhéadh coirce le gaoith =
coirce go mbéadh an ghaoth ag séide go bog air: gort de
choirce luascánach. Tá gaoth ar a ghoile — nuair a bhéadh sé
ag tarac gaoithe aniar as a ghoile.



GAOTHAIRE — Gléas chun aer a tharac isteach tré thig.
Tá aer an tseómra ana-mharbh, mar tá na finneóga dúnta
is tá na gaothairí stopaithe.



GARBH — Tá an bóthar so ag dul i ngairíocht i n-aghaidh
an lae = ag eiriú níos gairbhe (gairí).



GARBHÓG — Is breá an gharbhóg í = cloch mhaith chruínn ná
béadh chó mór le púinsiún.



GARBHUAIS — Corrabhuais, corrabhuaic.



GARGTHA — Tá mo lámh ana-ghargtha = cuma atuithe thinn
nímhneach uirthi.



GARLACH — Tabhair rud don ngárlach is tiocfaidh sé arís
(nó amáireach) = imeachtaí, buachail nó gearchaile óg; 3-7
mbliana, nó mar sin.


L. 234


GARMHAC — Mac drithár nó driféar. Tá gáringhín ann,
leis.



GARTA — Tá an cnoc lán de ghartaí i mbliana mar
oscail an triomach mór amach iad = méiscirí: scoilteacha
beaga tá gartaí ar mo lámha.



GÁRTHAÍL — Bhí sé ag gárthaíl ar a dhícheal = ag scréachaigh.
Nó, ag gaothruíol. Cad é an ghaothruíol atá ort, a mhadáin?



GATHA — Thuit sé amach as an mbád, agus láithreach chuireas
mo ghatha ann = crúca. Má chuirean an seabhac a ghataí
tríot beidh a rian ort. Chuireas mo ghatha i Seán = tháinig
paor agam air.



GÁTAR — Dheineas é bíodh is nár ghátar dhom é = gá.
Tá gátar leis. Éinní le linn gátair = nuair a bhíon duine i
ngátar thógfadh sé éinní: aon fhuascailt. Chuirfinn mo
ghátar i n-úil le Béarla nó le Gaoluinn.



GÉ — Beidh an áit seo 'na thig géana sar i bhfad ag an
gcainnt = ana-ghleó bheith ar siúl ann.



GEABHAR — Ní maith an geabhar é an buachaill sin =
mianach, earra.



GEABHRUIGHIM — Tá an coirce geabhraithe sa stiuca =
fás glas ag teacht amach tríd. Tháinig an eórna ar barra
go maith ach níor gheabhair sí i gceart. Nó, geabhraim,



GEAD — Tá gead sa bhó, sa chapall = paiste bán san
éadan.



GEÁDHA — Thugas geádha siar go dtí an ngort = trus
gairid. Thugas geádha an chnuic isteach indiu. An fhaid ba
gheádha ar rothar thabharfá trus maith sa chois air. Geádha
maith fada.



GÉAG — Ana-dhroch-ghéag seadh an duine sin = mianach,
earra.


L. 235


GÉAGÁN — Géagán den muir, den gcrann. Gabhailín,
nó góilín = focal eile ar ghéagán mara.



GEAIRID — Gairid. Táimíd ag dul geairid sa bhia.
Táim geairid go maith = bocht.



GEAITIRE — Bé ná béinn-se i bhfad eile ag scúbha geaitírí
(nó geitirí) dhuit, nó leat = ag cur suas leat, ad thógaint
bog.



GEÁITSÍ — Níor chuir na geáitsí sin aon úna orm =
imeachta go mbéadh tóirtéis is eiríghe i n-áirde ionnta.
Cuir uait an gheáitseáil, agus bí ar nós gach éinne eile.



GEAL — Níl croidhe geal agam dó i n-aochor = ní maith
liom é: níl deagh-aigne agam dó. Nílimíd geal dá chéile =
an deagh-chroidhe bheith againn dá chéile: gan bheith istig ro-
mhór le n-a chéile. Nílim ró-gheal i n-aochor dó mar dhein
sé tromuíocht orm indé.



GEALACH — Níl ann ach leath na gealaighe fós. Tá an
ghealach lán. Níl ach corráinín beag ar an spéir di. Chuaidh
Séamas 'na ghealaigh = as a mheabhair. Tá sé ag dul le
gealaigh = an ní céadna. Beidh an ghealach ar dheire na
h-oíche anocht = ann i ndeire na h-oíche. Oíche ghealaighe =
oíche go mbéadh solus na gealaighe ann.



GEALACÁN — Gealacán na súile = an chuid bhán. Gealacán
an uibh = an roinnt ná bíon buidhe.



GEALAIM — Táim im shuidhe ó gheal lá; ó gheal an lá;
ó gheala an lae, beag nách. Bhuail sé liom ar gheala an lae.
Táim ag geala an tíghe = ag cur aoil air. Tá an coirce ag
geala, ach raghaidh sé seachtain eile sar a mbeidh sé chuin
bainte. Ní ghealfainn don dtairiscint sin i n-aochor = ní
ghealfadh mo chroidhe dó: ní osclóch mo chroidhe dhó: ní
thaithneóch sé liom.



GEALAS — Ísligh an lampa: tá an iomarca gealais
againn = solus. Ní maith liom an gealas nuair a bhíon sé


L. 236


ró-láidir. Ní raghaidh aon bhreac i líon anocht mar tá an
iomarca gealais sa bhfairrge. Gealas mo shúl = an
chuid díobh a bhíon geal: an gealacán.



GEALL — Bhí sé geall le gol = le bheith ag gol: ana-
ghairid dó. Siad na prátaí an geall is mó atá againn =
taca: earra chun airgead a dhéanamh. Tá an t-iasc chó
maith de gheall leó. Ní mór na gill eile atá againn. Is
geall le duine liom héinig anois thu = cosúil le, gairid do.
Is geall le scéal nua é chloisint uait-se. Is dóigh liom go
bhfillfead amáireach, ach ní chuirfinn m'anam i ngeall leis =
ní chuirfinn m'anam síos mar gheall, 'na gheall, go mbead
thar n-ais. Tá sé geall le briste agat = suas le briste.
Is geall airgid gach aon tsaghas stuic anois = rud a thabharfadh
airgead isteach. Luach a 4/6 de gheall roimis an gcoga bhí
£3 le fáil air iné. Ba bheag nár gheall báis dom é thabhairt
isteach as an bhfairrge = ba ghairid don mbás agam é thabhairt.
Chuireamair, nó bhuaileamair, síos geall. Ba gheall báis dom
mo mhac a leigint uaim go Meirice = thug sé i ngiorracht don
mbás me.



GEALLAIM — Tá na prátaí ag geallúint go maith = é
bheith de chuma ortha go mbeid go maith.



GEALLARSAÍ — Teastuíon feidhre geallarsaí uaim =
guailleáin. Tá mo leath-gheallars briste.



GEALTAIGHE — Tá Nóra le gealtaighe: imithe le geal-
taighe: ar gealtaighe = ar buile, as a meabhair.



GEALÚNACH — Más mian leat sobul maith a chur suas
cuir chúghat gealúnach go leór. Bhí sé chó crosta san ná
beárrfadh púnt gealúnaighe é — toisc go gcruadhan an clipe
féasóige ar an té a bhíon gabhtha ag an bhfeirg.



GEAMHRUIGHIM — Geabhruighim. Bíon arbhar (arúr)
geamhruithe nuair a bhíon an léas glas tagtha tríd. Tá sé
ag geamhra. Tá sé eascartha. Tá na crainn ag cur amach =
ag cur amach na nduilleóga beaga glasa ná bíon ach cruthnuithe.


L. 237


GEANNC — Srón a bhíon iompuithe i n-áirde 'na barra.
Geannc aráin = blúire maith aráin. Tá geannc sróna ort =
srón mhaith mhór den ndéanamh so thuas.



GÉAR — Níl aon rud is géire ná an dúchas = is mó a
théighean i bhfeidhm, is mó go bhfuil faor is gearra ann. Is
géire mise ná tusa san imirt, i gcaitheamh cloiche = is aoirde,
is sia amach, is mó chun cinn. An rud is giorra don gcroidhe
sé is géire. Táim géar chun Gaoluinne = cruinn: nó go
gcuirim ana-spéis ínti. Bhí sé ana-ghéar orm le n-a theangain
= dian.



GEARÁN — Cad é an gearán atá ort? = cad tá ort?
Tá mórán gearánta (greánta) orm.



GÉARÁN — Bhíos ag siúl an bhóthair agus chuaidh géarán
trém chois 'e cheal na mbróg = cloch go raibh faor uirthi.
Táim ag siúl in sna géaráin agat.



GEARÁNACH — Bhí sé ana-ghearánach ar an aimsir, ar an
bpáipéar, ar éinní = ag fáil mórán lochta.



GEARÁNAIM — Gearánfad thu (nó ort) led mháthair.
Ní fearr bheith ag gearán air.



GEARB — An screamh a thagan ar an rud teinn nuair a
bhíon sé ag cneasú. Níl Mícheál geal ann féinig i n-aochor
indiu: tá rud éigin ag dógha a ghirbe dhó = ag déanamh
mearathail dó, ag déanamh buartha dhó: á chrá. Is mó rud
ag dógha a ghirbe gan tusa ag cur isteach air.



GEÁRCACH — Tá na faoilinn ag tabhairt na ngeárrcach
amach (as na h-uibhe) = na h-éin óga.



GEARR — Ar eagla go mbéarfaí gearr orm, thugas
cannta aráin liom. Tá an tslí ghearra chun gach éinní = an
cómhngar. Tá sé gearra sa radharc, sa chéill. Níl agam ach
téarma gearra chun bheith anso. Tabharfad cáithnín tobac
duit má tán tu gearra.


L. 238


GEARRA-FHLIUCHAIM — Tá an t-uisce ag gearra-fhliuchaigh
= ag fliuchaigh go bog. Nó, ag geile-fhliuchaigh.



GEARRAIGHNEAS — Bhíodar ag tabhairt gearraighnis dá
chéilig = aighneas beag: nó, aigneas beag géar.



GEARRAIM — Chuaidh mo rothar isteach i ngearra na rothana
sa bhóthar, is leagadh me. Caithfir fiacha an leabhair do ghearra
siar = d'ísliú. Gearraigh an cómhngar = gaibh. Me héin
a ghearran an t-am, an obair, dom héinig = a leagan amach:
me héin mo mháistir héin. Bhíodar ag ithe is ag gearra ar
a chéile = ag tabhairt na bhfocal go dian dá chéile. Bhíos
ad ghearra go bínn nuair ná fuaireas leitir uait. Táim
lán de ghearruíacha ag an dtreascairt anuas den rothar =
me bheith gearrtha go maith. Bhíodar go maith as, uair; ach
táid gearrtha go maith anois = bocht. Ghearrfadh sí síos go
dtí an dtalamh thu le n-a teangain.



GEARRÁN — Speach ghearráin = buille beag ar an gcluais
a deintear leis an órdóig agus an mhéar láir, coitíanta.



GEARRA-SHODAR — Bhíos ag gearra-shodar = ag sodar go
mall. Bhí sé ag imeacht ar gearra-shodar, nó ar a ghearra-
shodar. Mar sin tá gearra-thamaillín, gearra-scríobha,
gearra-shúil, gearra-éinní. Bhíos ag gearra-scrí.



GEÁRRCACH — Geárrcach bhéil na nide = an geárrcach a
bhíon ar imeall (umall) na nide agus a gheibhean breis ar an
gcuid eile díobh. Nách tu geárrcach bhéil na nide? = peata:
duine a gheóbhadh cothrom éigint 'e bhreis ar dhuine eile.



GÉARUIGHIM — Chuas amach ag siúl chun géarú goile a
dh'fháilt. Chuireas an bainne ag géarú cois na teine. Tá
géaraithe amach agam ort i gcaitheamh na cloiche = táim imithe
amach tharat, nó ag breith suas ort. Tá an bainne géaraithe.
Tá sé ciúin i láthair na h-uaire, ach géaróidh sé ar ball =
eireóidh an ghaoth, an fuacht: glasóidh sé (deirtear é seo
bíodh ná béadh aon bhreis fuachta ag teacht).



GÉATAÍ — Tá a ghéataí féin ag Seán = slite a bhainean
leis féin: béasa, nósana: tá sé cúntrálta: ní bhíon slí


L. 239


na ndaoine aige. Cuirim focal isteach sa chainnt ná
bainean ach lem ghéataí féinig — focal ná bíon ag imeacht ag
na daoine. A ghéataí féin atá á n-oibriú aige = a shlí, a
chúinsí féinig.



GÉIBHEAN — Cuireadh géibhean air = cuireadh i ngéibhean é.
Bíon géibhean ort pé ball 'na mbéarfadh cás cruaidh ort.



GHEIBHIM — Nuair a fuair sé é héin i n'easbog thuit sé
isteach leis na bodaigh. Ní bhíon aon mhaith sa bhfíon nuair a
gheibhean sé an t-aer. Níl aige sin ach fáil agus caitheamh =
caithean sé chó tapaidh is a gheibhean. Faigh bia ullamh dom =
ullmhuigh dom é. Chaitheas a dh'fháilt sa díospóireacht gur
agam a bhí an ceart = níor mhór liom é sin a dh'admháil dom.
Tá an leanbh ag fáil na bhfiacal = iad a bheith ag teacht air
(nó chuige). Ba dheacair leis teacht, ach sa deire fuaireas
uaidh go dtiocfadh, gur tháinig = thugas air teacht, mheallas é
chun teacht. Tréis ar dheineas dóibh bhriseadar amach as an
bpost me, ach sin é mar do gheófá iad = sin é an saghas iad
agat: sin é agat mar a dheinfidís-péaca olc maith é.



GEILE-FHLIUCHA — Tá an t-uisce ag geile-fhliuchaigh = ag
fliuchaigh go maith.



GÉILÍN — Múinfidh me snámh géilín duit. Bhíodar ag
tabhairt géilíní dá chéile = ag cabhrú le n-a chéile chun snámh a
dhéanamh leis an lámh a chur fén smig chun an ceann do
choimeád aníos as an uisce.



GÉILLEAMHAIL — Tá sé ana-ghéilliúil = thabharfadh géille
dhuit go bog; nó, chreidfeadh sé cúntas go bog. Géilliúil
do ráflaí.



GÉILLIM — Ní thabharfainn aon ghéille do chainnt mar sin =
creidiúint. Bhí an chos ag goilliúint orm agus chaitheas
géille di sa deire, agus dul 'on leabaidh. Táim ag géille
don gcois mar tá an bhróg ró-chumhang. Tá sé géillte agaibh
anois go raibh an ceart agam = creidte, admhuithe. Géillim
go bhfuil sídheóga ann = admhuighim: creidim: tugaim isteach
go —. Ní ghéillim do phúcaí = ní chreidim i bpúcaí.


L. 240


GEILT — Tá sé imithe 'na gheilt nímhe = ar buile ar fad ar
fad. Tá mórán geilteana ansan.



GEIMHREADH — Tá na geimhríacha ana-olc le déanaí.



GEINIM — Níl aon gheiniúint san ubh san = dé, beóacht.
Tá an uaisleacht geinte i bPádraig = ann dréir nádúra,
dréir dúchais. Ní h-úna an Ghaoluinn a bheith agat agus gur
istig ínti a geineadh thu = aisti a fáisceadh thu.



GEITIRE — Nó, geitire geimhridh = brobh luachra ar leithilig
— aon cheann amháin. Luachair = geitirí agus féar le chéile,
nó mórán geitirí.



GHEÓBHAIS — Nó gheó — bhais = fan socair, stad (le bó).



GEÓCACH — Nó geócaire.



GEÓCACHÁN — Duine go mbéadh cainnt árd chaol aige:
nó, dá mbéadh ceóchán air agus go dtabharfadh sé fé chainnt
árd. Béadh sé ag geócuíol (geócuíl).



GEÓCAIRE — Fear a dheinfeadh cainnt árd chaol agus go
mór mór gan aon bhun leis an gcainnt.



GEÓCAIREACHT — Dá mhéid geócaireacht a bhí aige tá sé
curtha i ndiaidh a thóna = curtha siar.



GEÓCÁLTA — Táim geócálta suas indiu ag an slaghdán
= tachtuithe, i dtreó nách cainnt bhog a dheinim ach an saghas so
thuas.



GEÓCÁN — Coinnlín a bhéadh ar oscailt ar an dá thaobh,
poll 'na dhá cheann, is go mbeifí ag feaduíol leis, ag séide
tríd.



Geócuíol — Tá geócuíol an domhain air. Níor scair an
gheócuíol riamh leat — fear a bhíon ag síor-chainnt: fíor
agus bréag ar siúl aige: é ag cuma: cainnt gan bhun gan
éifeacht aige.


L. 241


GEÓIN — Dá mbéadh roinnt daoine ag cainnt i n-aonacht
bhéadh geóin aca.



GHEÓIS — Gheóis — cainnt adeirtear le bó chun í stop ó
bheith ag siúl uait, dá dteastóch uait í chrú, cig. Ach, "gheóis
amach as an dtig" — nuair a beifí á cur sa t-siúl. Feic
gheóbhais.



GIALL — Buail an cnámh san treasna ar do ghiall agus
prioc é = treasna ar do bhéal.



GIARRSEACH — Gearrchaile ó n-a deich, abair, amach go
dtí n-a seacht déag. As san amach bíon sí 'na cailín óg.
Nó giarrsach. Nuair a thagan leanbh ar an saol fiafruightear
an garsún nó gearrchaile é.



GIASCÁN — Bhí sé ag baint giascáin as a fhiacla le gubh =
fuaim ghéar ghrádna a deintear le fiacla a chimilt de n-a
chéile.



GIBIRIS — An glór a dheinean mórán géana nuair a bhíd
ag labhairt le chéilig. Nó glór íseal ná féadfaí a thuiscint
— an chainnt, cig, a dheinfeadh scata scoláirí nuair a bhéadh
drom an mháistir leó. Tugtar gibiris ar aon tsaghas
cainnte ná féadfá aon fhocla a thuiscint ann.



GIFIREACHT — Bhí an cailín sin leath-éaganta agus ag
cainnt agus ag gifireacht = cainnteana beaga gan bhun, gan
bhárr, gan éifeacht aici.



GILE — Bhí úntas (iongantas) na gile orm = iongna mór:
árd-úntas: úna thar aon úna eile.



GIOB — Ní raibh aca ach giob geab = cainnt bheag thiubh gan
éifeacht.



GÍOC — Ná bíodh gíoc ná míoc asat = an chainnt is lúgha:
aon tsaghas glóir. Giucs ná miucs.



GIODÁN — Tá giodán maith tóna agat, nó ort = prumpa
reamhar mór tóna. Deirtear giodán tóna nuair a bhíon an
tóin níos mó ná mar ba cheart.


L. 242


GÍOGALACH — Tá na luchaigh ag gíogalaigh istig sa bhfalla
= ag glórthuíol. Deirtear leis na sicíní beaga, leis, é.



GIOLCACH — Rudaí a bhíon ag fás ar thaobh abhan, nó i n-áit
íseal fhliuch: folamh 'na lár is snaidhmeana anso is ansúd
ortha.



GIOLLA — Bhí a ghiolla féin le gach asal ag tarrac na
móna. Ní giolla-mo-leithéid (nó giolla-ma-leithéid) mise
agat, a mhic ó. Ní giolla-mo-leithéid sinne agaibh. Mar
sin de. Deirtear nuair a bhéadh duine ag déanamh giolla
díot, nó ag maga fút, nó ag déanamh cros ort, nó ag cur an
iomarca oibre ort, nó éinní ná taithneóch leat is a bhéadh ad
dhéanamh beag.



GÍOMÁNACH — Níl aon ghíománach ag an sagart indiu ach é
héin = tiománuí cóiste, agus mar sin de. Ach ní h-é an
tiománuí coitíanta é a bhéadh, cig, i mbun asail.



GIORAISC — Chainnt ghioraisc = cainnt aithiúlta (nó
athúlta): gan aon úmhluíocht ínti don té go mbeifá ag cainnt
leis. Bean ghioraisc seadh í. Mná gioraisce garbha
(garúa).



GIORRA — Tá Siobhán 'na cómhnuí sa tarna tig is giorra
dhuit. Ní h-é an t-é is giorra dhuit a dh'oirfeadh dhuit-sé sin,
is giorra sa ngaol. Tá giorra-radharc orm, nó giorra
radhairc.



GIORRACHT — Bhíos i ngiorracht poinnte bioráin d'é
bhuala = chó h-achmair is a dh'fhéadfainn a bheith. Bhí sé i
ngiorracht poinnte bioráin dom is ní fheacaidh sé me. Chuas i
ngiorracht —. Beidh cuid mhaith Gaoluinne agat i ngiorracht
aimsire = fé bheagán aimsire. Tá oiread déanta agat le
h-éinne dá bhfaca riamh ar a ghiorracht aimsire = agus a
ghiorracht aimsire atá 'n tu ag gabháilt don obair. Sé a
fhaid ar a ghiorracht é gur dhein sé amadán ceart do féinig
(de féinig).



GIORRANÁILE — Bíon giorranáile ar an t-é ná tagan a
chroidhe ná a scairteacha leis = múcha.


L. 243


GIORRARADHAIRCE — Ní féidir liom léigheamh de bhár
na giorraradhairce. Nuair a bhíon giorraradhairce ar dhuine
ní bhíon sé ar a chumas feiscint i bhfad uaidh.



GIORTA — Tá an coirce lán de ghiorta = salachar a
dh'fhásan aníos tríd an gcoirce agus a bhíon 'na ghráinníacha
beaga dúbha. Tá giorta ag teacht air.



GIOSA — Cuir giosa aca amach ag triall ar an bpáipéar =
teachtaire beag: duine beag chun mion-ghnóthaí a dhéanamh.
Nó, giosaí, giosaithe.



GIOSÁIL — Tá an t-uachtar ag giosáil ag an mbrothal =
ag beiriú. Tá an t-ím ag giosáil = ag dul i n-olcas — ag an
mbrothal, nó cúis éigin mar sin. Bíon an ghabháil ag giosáil,
nó an plúr géar. Tá an baraille leanna duibhe ag giosáil
agus caithfar é pholla.



GÍOSCÁN — Tá gíoscán aige sna bróga nua = glór á
dhéanamh aca nuair a bítear ag siúl leó. Tá gíoscán (nó
díoscán) maith airgid aige = roinnt mhaith — i slí gur féidir
leis fuaim mhaith a dhéanamh. Bhí gíoscán á bhaint as na
fiacla aige le gumh chúgham = glór. Feic giascán.



GIOTA — Tá giota maith Gaoluinne agat = blúire maith.
Dein an t-asal giota fogha den ngeata = smidiríní. Nó
sciorta maith Gaoluinne.



GÍOTÁIL — Ní ag obair atáim ach ag gíotáil = oibreacha
beaga éatroma ar siúl agam. Tá gíotáil mhaith agam le
déanamh = roinnt dheas oibre. Beidh gíotáil éigint oibre
ar bun agam. Bíon sé ag gíotáil le rud éigint i
gcomhnuí = gnóthaí beaga ar bun aige. Tá an iomarca
gíotála ar an mbórd, ar an ndrosúr, ar fuaid an tighe =
mion-rudaí de gach aon tsaghas (nó des gach aon tsaghas).



GIRÉIS — Rud éigint i bhfuirm teasbuigh nó éagantachta.
Tá giréis mhaith ar na cailíní a tháinig isteach 'on rínce. Le
giréis a thánadar isteach. Táid giréiseach = mear teasbúil.



GIUCS — Ní raibh giucs aige = an focal, an chainnt, is lúgha.


L. 244


Níor fhág sé giucs agam san áiteamh = dhall sé amach me.
Feic gíocs.



GIULC — Chaitheas an chloch 'na giulc = laistíos (fén láimh,
fén oscail, fén ngualain). Chaiteas an práta 'na ghiulc.
Tán tu go bínn ar ghiulc. Tá giulc maith agat.



GHIÚMAR — Tá sé i n-ana-ghiúmar = gan bheith dubh duairc.
Tá ana-ghiúmar air. Ghiúmar do chur ar dhuine. É chur i
ngiúmar, chun ghiúmair. Chuir rud éigint ar mí-ghiúmar é.
Tá meirg is míchéata is mí-ghiúmar air. Tá sé ar bog-
ghiúmar, nó ar a bhog-ghiúmar. Nílim ar mo ghiúmar fós.



GHIÚMARÁLAIM — Is deacair an bhean san do ghiúmaráil
uaireanta. Ní rabhas i mbun an tseana-phíp a ghiúmaráil
(= í thabhairt ar a sástacht), agus thug sí barra, nó tora, a
síbhíaltachta dhom = níor thug aon ghal aisti dhom.



GLACAIM — Ghlac dúil sa nGaoluinn me = rug greim
orm. Tá sainnt, iminí, fearg, ocras, am ghlaca = ag teacht
orm, ag breith ghreama orm. Glac mar gheóbhair = glac an
saol mar a gheóir é.



GLAES — Tá ana-ghlaes im bróga = solus, lonnra.



GLÁGARNACH — Tá an chearc ag glágarnaigh.



GLAIGÍN — Duine beag glórach cainnteach.



GLAM — Chuirfeadh madra glam as, nó leigfeadh sé glam,
nuair a buailfí le cloich é. Bhí gach aon ghlam aige ag
fógairt ar na ba = scread mór, scréach mhór: ana-ghlór a
bheith 'na chainnt. Labhartar "glam" cosúil le "cam."



GLAMAIREACHT — Bhí sé ag glamaireacht.



GLAMUÍOL — Bhí sé ag glamuíol le teann feirge = gach
aon ghlam aige. Bíon an t-asal ag glamuíol, ag glamuíl,
ag gárthuíl, nó ag béicigh.



GLAN — Níl mo chainnt ró-ghlan indiu mar tá feadán im


L. 245


scórnaigh = soiléir: tá sí múchta. Táim siúrálta glan nár
thógas an ceacht san = chó siúrálta is is féidir siúrálta a
bheith. Tá an lampa chó glan le scilling. Táim scriosta
glan amach aige sna dubh-chrónaigh = amach is amach. Dheineas
gnó glan den gceacht laistig de leath-uair an chluig =
chríochnuíos amach é: chuireas díom é go léir. Dheineas gnó
glan den sumachán le h-aon dorn amháin = mharuíos é, nó é
chur ar mí-threóir go maith. Tá an tóir glan uainn = imithe
glan uainn: glanta leó. Tá an bhó tréis bheirthe ach níor
ghlan sí fós. Bróga nua glan = ní féidir leó bheith níos nua.
Dúbhairt sé an focal san d'aon ghnó glan chun feirg a chur
orm = gan aon chúis eile ach chun —. Táim sé troithe glan =
lom díreach. Táim glan sé troithe = an méid sin nó níos mó.
Táim-se sé troithe is órlach glan = díreach.



GLANACHAR — Cuid den nglóire an glanachar, nó an
ghlaine, nó an ghlaineacht. Tá ana-ghlanachar sa tig ósda so
= tá sé ana-ghlan.



GLANAIM — Ar ghlanais amach ó sna capaill fós? = an
tig a ghlana amach uatha. Ní mór an seómra a ghlana suas
fé chóir na stróinséirithe. Níl an bhó glanta fós. Glan
tig na mba amach. Bhí an t-iascaire ag glana na líonta =
ag tógaint an éisc amach asta. Níor ghlanas m'fhiacha fós,
ach deinfead tréis an aonaigh = níor dhíolas amach iad. Níor
ghlanas an leabhar i siopa Sheáin mhóir fós. Níor ghlanas
m'fhiacha as an leabhar.



GLANÍNTINEACH — Raghad ann go glaníntineach = gan aon
amhras: gan aon bhréag.



GLAODHAIM — Seasód pé deoch a ghlaodhfaidh sibh. Níor
stad sé i rith an lae ach ag glaoch ar dhig. Tá mórán glaodhtí
orm an aimsir seo. Ní raibh aon ghlaoch ar bha ar an aonach
= éileamh, tógaint. Fuair an dochtúir glaoch breóiteachta.
Ní bhíon an glaoch ola ach ag an sagart. Bhí an máistir ag
glaoch ainmneacha na scoláirí.



GLAS — Nílim glas ar Ghaoluinn = nílim gan í; gan
ádhbhar beag di, ach go h-áirithe. Aithneófá ar a shúil ná
raibh sé glas ar an ndig = gan roinnt di bheith thiar aige.


L. 246


Nuair a bhíon saor ag saoirseacht cuirean sé glas ar an
bhfalla uaireanta le cloch a théighean ó thaobh taobh isteach.
Tán tu ana-ghlas ar an saol = gan puínn eólais a bheith agat
air. Is fearr súil le glas ná súil leis an uaig = ní h-éadóchas
go bás.



GLAS-GHAIBHNEACH — Chodail an ghlas-ghaibhneach sa pháirc
sin. Talamh maith é sin gur ith an ghlas-ghaibhneach ann —
talamh é sin 'na mbéadh ana-chothú bainne. B'í an ghlas-
ghaibhneach bó an bhainne go léir.



GLASUIGHIM — Tá sé (an aimsir) ag glasú = ag géarú,
nó an ghaoth bheith ag dul ar bun. Muna mbéadh an chuma a bhí
ar an uain agus í ag glasú orainn bhéadh sí (an t-iasc) trim
againn = curtha i dtír againn, marbh amach.



GLEÓRUITHEÓ — Tá na blúirí páipéir imithe leis an
ngleóruitheó ar fuaid an tíghe ag an ngaoith = imithe soir
siar gan fille. An sop coirce a bhaineas indé tá sé imithe
leis an ngleóruitheó ag an dtuile = imithe i n-ainm an diail:
scuabtha chun siúil.



GLEÓTHÁIL — Táid ag gleótháil = ag déanamh gleóig.
Tugtar gleótháil, leis, ar an chainnt nó an glór nó na
fuaimeana a bhéadh le cloisint nuair a bhéadh obair á dhéanamh
— mná i gcistin, cig.



GLIB — Tá do ghlib gan cíora = gruaig gan slacht. Tá an
ghlib ag dul id shúile (i túile a deirtear) isteach: bailimh
siar thar do chluasa í.



GLIGÍN — Gligín abhan = éan beag gan toirt gan mhaith go
mbíon síor-ghlór caol á dhéanamh aici. Mar sin, gligín =
duine gan éifeacht a bhíon ag síor-chainnt is gan aon bhun le
n-a ghlór. Gligínteacht chainnte = an chainnt a dheinean an
gligín.



GLIOBACH — Tá ceann gliobach uirthi = gan cíora, nó ceann
go mbéadh an ghruaig cas air. Bíon madra gliobach má bhíon
an clúmh casta air. Bíon duine amhlaidh má bhíon roinnt dá
chuid gruaige casta isteach 'na shúile.


L. 247


GLIOCUIGHIM — Bhíos ag gliocú = ag féachaint go géar, ag
caolú an radhairc — duine, cig, ag cur na taointe isteach sa
tsnáthaid. Bhíodar ag brath le gliocú na h-oíche chun líonta
do chur i bhfairrge ag súil le tabharthas Dé = teacht na
h-oíche nuair a bhíon an oíche ag caolú isteach ar an lá agus
ag fáilt an lae air. Bíon caolú na maidine, an lae, ann
leis = breaca.



GLIOGAIRE — Duine gan fód, gan fuaimint.



GLIOGAIREACHT — Ní leigfeadh an ghliogaireacht dom
luighe le scoil = díth céille, éagantacht. Ní íosfadh sé
prátaí; ach má seadh, ní h-í an uaisleacht fé ndeár é, ach an
ghliogaireacht = easba fóid. Ní bhíon maith id ghnó ná id
chainnt mar gliogaire seadh thu ná tugan éinne aon tora air.



GLIOGARNÉIS — Bíon gliogarnéis an domhain aige sna
tuincéirí = mórán mór mion-rudaí: málaí, pacaí, agus
mar sin: gleóthálacha. Tá mór-chuid gliogarnéisí im pócaí.
Tá ana-ghliogarnéis caite ar an mbórd agam — páipérí,
litreacha. Tá ana-ghliogarnéis ag na mná san = cainnt
thall is i bhfus ag cur isteach ar a chéile. Bíon sí ar bun
aige sna fearaibh roim Aifrean = gleó cainnte. Bíon
gliogarnéisí ag imeacht i gcómhnuí agam ar an mbórd so —
gliogarnéisí gan tairbhe. Gliogarnéis chainnte.



GLIOMACH — Tugtar san ar fhear nó ar bhean go mbíon
cosa móra is lámha móra aige nó aici, agus gluaiseacht
bhiorlach.



GLIOSCARNACH — Bhí a dhá shúil ag glioscarnaigh istig 'na
cheann le h-áthas is lúthgháir (lúcháir) = dlioscarnach. Sin é
mar a bhíon na réilthíní oíche sheaca.



GLIOSMAIRT — Tá an citeal ag gliosmairt = ag crónán,
glóruíl. Bun na gliosmeartha.



GLISÍAM — Bíon ana-ghlisíam aige sna daoine nuair a
bhíd bailithe roim an Aifrean = gleó cainnte: a chainnt
héin aiges gach éinne is í le cloisint go maith. Is minic


L. 248


ná bíon tig na scoile glas air. Tá glisíam maith cainnte
agaibh = allagar maith láidir; clibirt mhaith chainnte.



GLIÚCUIGHIM — Stadas tamall ag gliúcú ar bhean an
duine a chonac chúgham sa cheó = ag féachaint go géar is an
radharc caoluithe isteach. Nó ag gliúcuíocht.



GLIÚMÁIL — Tá gliúmáil bheag oibre sa tsiúl agam =
beagán beag mall. Táimíd ag gliúmáil linn ar an obair
seo. Tá an bád ag gliúmáil léi siar = ag imeacht go mall.
Bíon sí amhlaidh nuair a bhíon sí ag coruíocht. Bíon duine
ag gliúmáil leis an mbia nuair ná bíon fonn ithte air, ach
rud beag a bhuala isteach 'na bhéal is é thógaint fada neamh-
anamúil.



GLÓR — Bhí glór an ghuil 'na chainnt nuair a bhí sé ag
labhairt = fuaim. N'fheadar an bhfuil an t-uisce ag fliuchaigh,
ach tá a ghlór san aige. Glórtha na n-ainmhithe. Deinean gach
aon ní glór.



GLÓRAÍL — Glórthuíol, glórthuíl. Tá airgead ag
glórthuíl id phóca = ag déanamh glóir. Tá na frogana ag
glórthuíl sa chlaidhe, is an creagar san iarta. Tá glórthuíl i
mbolg an chapaill = glór á dhéanamh aige sna pútóga.
Tugtar sceónuíl, leis, ar an nglór so — go mór mór i mbolg
an mhadra.



GLÓTHACH — Dheineas carn glóthaighe de le h-aon chrústa
amháin. Tá an bhó (nó an láir) ag cur glóthaighe uaithi.



GLUAISTEÁN — Bád gluaisteáin.



GLÚCACH — Duine a chaithean rud a bhuala isteach ana-
ghairid do n-a shúile chun é dh'fheiscint. Duine dall i n'aigne.



GLÚCUÍL — Nó glúcuíocht. Bhí sé ag glúcuíl orm = ag
glinniúint: ag féachaint go géar mar a bhéadh duine droch-
radharcach. Nách ort atá an ghlúcuíocht! Bhéadh duine ag
glúcuíocht dá mbéadh a aghaidh is a shúile bailithe isteach le
chéile sa bhféachaint: dá mbéadh sé ag féachaint ar sholus


L. 249


láidir nó rud i bhfad uaidh: nó ag féachaint isteach tré
scoilt i gcómhlain, nó éinní mar sin.



GLUGAR — Ubh a bhíon fé chirc ar feadh tamaill is ná bíon
aon gheiniúint ann, ach glór. Tá glugar san ubh san. Tugtar
glugar ar an té go mbíon cainnt bhog bhaoth gan fuaimint
aige. Bíon sé ag glugaireacht — ag cur as, is gan aon
deárthamh le n-a chuid cainnte: ag eachtraighe tímpal rud
éigint ná béadh aon ana-bhun leis. Duine seadh é go mbíon
mórán aighnis aige is beagán maitheasa. Feic leat gliogaire,
gliogar, gliogaireacht.



GLÚIN — Tá mo ghlúin gortuithe. Tá mo ghlúine, nó mo
ghlúna, tinn. Sí an bhláthach an cúigú glúin den mbainne.
Leamhnacht (liúnacht), bainne géar, uachtar, ím, na glúna
eile.



GNÁTH — Deinean na h-uaisle gnáth den dtig seo 'e
bhreis ar na tithe eile = gnáthuighidh. Deinim gnáth den
dtobac i gcómhnuí, is den Aifrean nuair a bhíon sé sa
chómharsanacht.



GNÁTHACH — Sin é an focal is gnáthaighe a deirimíd. Ní
gnáthaighe liom bheith luath ná déanach = is mó a bhím déanach.



GNÁTHÓG — Ní mór dom bheith ag déanamh ar an ngnáthóig
= áit chómhnuithe.



GNÁTHÚIL — Is gnáthúil le h-iasc bheith i mbéal na trágha an
aimsir seo. Tá ná bláthana so chó gnáthúil i mbliana is a
bhíodar riamh = coitíanta.



GNÉ — Téighean gné le dath. Nách breá an ghné atá ar an
áit? = scéimh. I lár na gnéithe istig.



GNÍOMH — Tá an chainnt sin 'na ghníomh anois.



GNIÚDÁIL — Bíon sé ag gniúdáil le prátaí is turnapaí =
ag gíotáil: lámh thall is lámh i bhfus aige ionnta ar nós
na méiseála istig. Is fada gur dheineas aon obair chóir


L. 250


mara mbéinn ag gniúdáil gan éifeacht = gnóthaí beaga ar
siúl agam.



GNÓ — Ní duine d'aon ghnó amháin me = tá níos mó ná
aon ghnó amháin ar bun agam. Níl aon ghnó agat dul ann.
Thánaís anso gan ghnó, gan obair, gan chúram. Ní h-aon
ghnó amháin a chothuíon tig feirmeóra. Tá déanamh mo
ghnótha den nGaoluinn agam = oiread is a dhéanfadh mo
ghnó dhom. D'aon ghnó a bhíos = ag maga, mar mhaga. Tá
mórán daoine de ghnó an aimsir seo = as ghnó, as chúram:
gan aon obair le déanamh aca: díomhaoín. Táim ar ghnó, i
ngnó = ar obair: obair le déanamh agam. Dheineas amhlaidh
d'aon ghnó chun tu mhealla = gan aon chúis eile ach —. Ar
ghnó = gabhtha ag gnó.



GNÓTHACH — Bíon an focal san gnóthach go maith anso =
cuirtear é ag obair go minic.



GO — Is fada go bhfaca thu = ní fhaca thu le fada. Ach, is
gairid ó dheineas é: is gairid go raghad abhaile. Is fada
gur ólas aon bhraon uisce beatha. Is fada riamh go rabhas
ann = ana-fhada go léir. Deir daoine gur fuirist Laidin
a dh'fhoghluim, ach tá go breá go cur chuige.



GÓ — Tá gó ait ag Seán = slí, imeacht. Tá ana-ghó fút =
imeacht: tán tu ana-shocair suas, ana-dhéanta suas. Sin é
an saghas gó atá aca go léir. Tá ana-ghó ort = mustar,
eiríghe i n-áirde: bheith aerach, spéiriúil. Ní gá an gó go léir.



GOB — Ní sia gob an ghé ná gob an ghanndail = ní fearr é
seo ná é siúd. Deirtear nuair ná bíon rogha idir dhá ní.
Táim gob ar ghob leat san aois = ar aon imeacht amháin;
chó-rian. Tá na naomhóga gob ar ghob le céile sa rás = gob
le gob. Cuir do dhá bhróig gob ar ghob le chéile = gob le gob:
suas is anuas le chéile: ar aon rian amháin. Bíon gach aon
scéal ar do ghob agat = béal — nuair a bhíon na beóla fáiscithe
ar a chéile is iad sáite amach. Táim ar mo ghob a h-aon, a
dó, is mar sin de (i n-imirt phúirthíní).



GOBADÓIR — Duine go mbíon gob air. Bíon an gobadóir
cruinn 'na theannta san.


L. 251


GOBAIRE — Duine go mbíon smeigín caol agus srón
chaol agus aghaidh chaol air, agus é glórach cainnteach coitianta.



GOBÁN — Cuirfead gobán id bhéal muna n-éistir = cosc
led chainnt.



GOBLACH — Siúd é an goblach a bhí istig sa gcneadh theinn =
ailp a bhíon ceangailte istig sa rud teinn, agus ní chneasóch an
chneadh go n-imeóch an goblach aisti: an mháthair thúig. Goblach
ime, feóla, éisc.



GO DTÍ — Táim go dtí aon phingin amháin = ar aon phingin
amháin sa tsaol: i dtaobh, i dtiúntaoibh, le h-aon phingin
amháin.



GOIDIM — Ghoidfeadh sé an chros den asal = ghoidfeadh sé
inní. Nó, ólfadh sé an chros —. Goid ó ghaduí goid gan
pheaca.



GOIDHTE — Chuireas na luighe goidhte air go gcaithfeadh sé
stop = 'na luighe go h-ana-mhaith. Cuireadh an chainnt 'na
luighe goidhte orm san aragóint = go dian-mhaith: i slí a
thabharfadh tímpal me, nó a mheallfadh me. Chuir sé an
droch-ghníomh a dheineas 'na luighe goidhte orm. Feic gaidhte.



GOILIM — Níl mo dhóthin goilte fós. Bhí an madra ag gol
aréir.



GOILLIM — Bhí sé linn tímpal na ceiste sin, ach tá sé ag
goilliúint go dtí an taobh eile anois = ag leaga leis an
dtaobh eile.



GOINIM — Do ghoin an focal san me — focal géar.
Dhíolas go gointe as na bróga = go diail, go dóighte. Bhuail
sé go gointe me. Thugadar go gointe dá chéilig é = go dian-
chruaidh — beirt a bhí ag troid. Muna mbéadh gur rugadh
greim orm bhí an leaga fachta go gointe agam anuas ar an
úrlár.



GOINT — Cúig cleasa as a chéile i n-imirt chártaí: cúig cúig
gan stad. Dheineas é (an cluiche) a ghoint, nó a ghoint amach.


L. 252


GOIRGEACH — Tá an fhairrge goirgeach = gan bheith ach idir
bheith ciúin agus garbh. Tá an lá goirgeach = idir bheith breá
agus gránna: glas, fuar: leóithne de ghaoth ghlas fhuar ann:
scoth-ghaoth fhuar ann — sé sin, fuar gan bheith ró-láidir.



GOR — Máthair ghuir = croidhe cneatha: nó beach. Cearc
ghuir = cearc nuair a bhíon an gor uirthi. Cearc ar gor =
nuair a bhíon sí 'na luighe ar na h-uibhe. Tá an chearc ag
tabhairt guir do sna h-uibhe. Chuaidh an chearc ar gor ar na
h-uibhe. Tá glór an ghuir aici. Tugtar máthair thúig ar an
gcroide cneatha, leis.



GORTUIGHIM — Ní maith liom seó a ghortóch duine = a
ghoinfeadh.



GOTHA — Ní maith liom an gotha atá ar an gcuradóireacht an
t-am so bhliain = cuma, deárthamh, cló, crot. Mórán gotha
agus beagán gnótha. Níl aon ghotha ort chun do ghnótha =
cuma chóir. Cuir gotha ort héinig. Tá gotha an bhídh ort =
cuma. Gotha an ocrais, na h-oibre, na cainnte: gotha éinní.
Níl aon ghotha air chun an falla a thógaint = é ag cur chuige
go h-ait: i slí go mbéadh fhios agat nárbh fhéidir leis é
dhéanamh, nó ná déanfadh sé é — é bheith neamh-chúramach, cig.
Nuair a chonac Séamas sa ngotha san tháinig úntas orm. Tá
gothaí ort chun rínce = cuma nó cló an rínce: geáitseáil chun
rince. Is mór an fear gothaí thu. Tá gothaí an domhain
agat, agus gan tu i mbun cur leótha = cumaí, eiríghe i n-áirde:
fuadar árd. Tá ana-ghothaí agat chun rínce = mórán
fuadair chuige: ag tabhairt fé go díchealach. Sé gotha atá
ort ná gotha seana-mhná. Tá gotha maith ort indiu, bail ó
Dhia ort.



GOTHÚIL — Nílean tu ró-ghothúil chun na h-oibre sin = gan
gotha maith a bheit ort chuige.



GOTHUÍL — Tá an chráin, an mhuc, ag gothuíl. Sin é an
glór a bhíon aici nuair a bhíon sí ag lorg bídh, agus mar sin de.



GRÁ — Dheineas ar ghrá na Gaoluinne é.



GRABANTA — Tán tu grabanta = cabanta, crabanta;


L. 253


an iomarca den ngearra-aighneas agat. Neamh-ghrabanta =
neamh-sheana-chríona: gan bheith ró-chainnteach.



GRABHAS — Táimíd le grabhas a chéile anso = i n-aice a
chéile. Tá na caoira ag ithe le grabhas a chéile. Tá grabhas
ort chun aighnis = soc, béal: cuirean tu cóiriú ar do bhéal
chun aighneas a scaoile uait.



GRABHASACH — Tá sé ag ithe go grabhasach = go h-anamúil,
tapaidh, tiubh, te. Deintear cainnt ar an gcuma gcéadna.
Ní gá do dhuine bheith mí-shásta chun bheith grabhasach.



GRABHASÓG — Duine fiosarach — go mbéadh fhios uaidh an
mairean do mhuíntir, cad iad na talúintí atá aca, agus
mar sin.



GRADAM — Tá gradam maith agam don gcailín sin =
leaga, baochas, me bheith mór léi.



GRÁDHÍNTEACHT — Bhíodar amuigh le chéilig, ach táid ag
grádhínteacht le chéilig an aimsir seo = ag dul chun tlátha, chun
tláithínteachta, chun caradais, le chéile. Táimíd ag déanamh
grádhínteachta leótha = a d'iarraidh bheith mór leótha.



GRÁIDHEACHTAINT — Thréig an chaoira a h-uan is táim a
ngráidheachtaint le chéilig anois = a ngrá (grádhadh): á
dtabhairt isteach le chéile. Ní fada go mbeid gráite ar
fad le n-a chéile, aige n-a chéile. Táid ag gráidheachtaint le
n-a chéile le tamall = ag dul i móireacht, i ngrá.



GRÁIN — Tá an ghráin mhairbh agam ar an dtobac = saolta:
ana-mhór: ana-nímhneach.



GRÁIN-MHEILT — Tá an cupán 'na ghráin-mheilt agat =
'na mhionramh; briste chó mín le plúr nó ní a bhéadh meilte.
Nó, tá sé 'na mhín-mheilt.



GRAINNC — Tá grainnc (nó an ghrainnc) uirthi chun aighnis =
a súile is a srón is a béal caoluithe isteach chun a chéile.
Bíon grainnc ar dhuine leis nuair a chasan sé a shrón i
n-áirde.


L. 254


GRÁINNE — Tán tu ag gearra an adhmaid i gcoinne an
ghráinne = i gcoinne luighe an adhmaid. Leis an ngráinne.
Gráinníacha coirce.



GRAMTHAISC — Cuid mhór de rudaí beaga suaracha gan
mhaith. Gramthaisc seadh furmhór na scoláirí a bhíon ag dul
ar scoil. Tá dorn éisc againn ach gramthaisc seadh iad =
iad a bheith mion suarach. Gramthaisc phrátaí = criocháin.
Gramthaisc leabhartha, bháistí, mhóna. Níl agam ach gramthaisc
díobh.



GRÁNNA — Thug sé éitheach gránna = ana-mhór.



GRÁSCAR — Bhíodar i ngráscar le chéile = ceangailte
na chéile i mbruighin.



GRÁSDA — Go dtuga Dia A ghrásta dhúinn. Go gcuire
Sé A ghrásta orainn. Fuair sé ana-threascairt, ach bhí na
grásta aige inar níor briseadh aon chnámh leis = bhí an t-ádh
leis. Táid ag imeacht i gcoinnibh grásta Dé.



GREADAIM — Ghread an t-uisce fliuchaigh me = dhóigh go
h-olc. Tá an císte dóighte greadaithe (greataithe a deirtear)
= níos measa go mór ná dóite. Fuaireas greadáil
mhaith óm báthair (óm mháthair) = buala maith le slait, le
bais, le leabhar, le h-éinní ná béadh ró-throm. Greada den
tslait. Tá ana-ghreada báistí fachta againn ó chuamair
amach.



GREAMAIGHIM — Ghreamaigh an madra na fiacla im
cholpa. Ghreamuigh Seán ionnam is níorbh fhéidir liom dul
abhaile ach ag cainnt leis.



GREAMATUÍL — Tá greamatuíl bheag á dh'ithe ag an
mbreóiteachán an aimsir seo = prioca beag bídh. Ag ithe
greamatuíl bheag: greamatuíl bhídh. Bíon an páiste ag
greamatuíl go mion minic = ag prioca bídh. Níl agam fé
dhíon an tíghe ach greamatuíl bheag.



GREANN — Thuiteas i ngreann leis an gcapall = thaithn sé
liom: thuiteas i ngrá leis — chó fada is is féidir é sin a rá.


L. 255


GREANÚIREACHT — Cuirean sé greanúireacht orm a
chlos gur coimeádadh aon bhall amháin de Dháil Éirean istig
i bpríosún = aiteas: braithim me héinig ait aige. Tá
greanúireacht orm ná feicim aon phráta nua ag éinne an
t-am so bhliain: bheith ag éisteacht leis na rudaí bochta ag
labhairt neamh-cheart = aiteacht.



GREAS — Bain greas as an bpíp = dreas. Tá greas
maith oibre déanta agam. Greas aon ruda: greas
scríobhtha, léighte, ithte, siúlta.



GRÉASUÍOCHT — Táim ag gréasuíocht anso dom héinig =
ceárd an ghréasuí á chleachta agam.



GREIDHN — Mo ghreidhn iad na fearaibh bochta: bhíodar
bascaithe brúighte = truagh. Mo ghreidhn do scríobha circe =
mo thruagh é. Mo ghreidhn é an peacach: caithfidh sé bheith ag
gíotáil i gcómhnuí. Mo ghreidhn do chuid éithigh, a Shéamais.
Graidhn a deirtear.



GREIDHNEACH — Tá greidhneach bhreá theine againn anso:
tar aníos agus téigh tu héin = teine mhór láidir, nách fada a
bhéadh ag beiriú nó ag téigheamh (téamh).



GREIM — Deineadh greamana seabhaic den gcaoira =
mionramh; blúirí chó mion san go ndeinfeadh an seabhac
iad a dh'ithe. Cuir greim ar do hata = fáisc anuas ar do
cheann é: ceangail é. Tá ana-ghreim iarainn ag an gcapall
san = greim ar an dtalamh le n-a chruite. Tá greim reatha
ionnam = an pian a thagan i gcliathán duine ó bheith ag rith.
Chuir mo mháthair ag triall ar na ba me, agus gan ite agam
ach greim reatha = oiread bídh is a choimeádfadh duine suas
ar feadh tamaill. Ní bhfuighim de bhia ach greim reatha anso
is ansúd. Cuir greim im chasóig: tá sí scaoilte. Cuir
greim, nó greim ceangail, sa chnapán. Tá an teine ag fáil
a greamana = ag greamú a chéile chun lasta: ag teacht ar
a bonnaibh. Bhí an fear san chun deire tamall tar éis an
méid sin airgead a thabhairt uaidh, ach tá sé ag breith ar a
ghreamana anois = ag teacht ar a bhonnaibh, ag neartú sa
tsaol. Tá an teine ag breith ar a greamana (chun lasta).


L. 256


Táim ag breith ar mo ghreamana go tiubh chun na Gaoluinne
= ag dul i bhfeabhas go maith ínti.



GREITHEALÁN — Suidh go fóil: nách ort atá an greithea-
lán! = deabha, fústar, scannra chun gnótha, iminí (imshníomh).
Tá greithealán maith orm an aimsir seo = mórán gnóthaí is
cúraimí le freastal agus iminí dá mbárr. Nó griothal.



GREITHEALÁNACH — Aimsir ghreithealánach = gnóthach, bruid-
iúil. Fear greithealánach = iminíoch, scannrúil chun an tsaoil,
gnóthach.



GRIAN — Téighim amach lá na gréine práta gréine =
práta go mbéadh dath gorm air ag an ngréin. Bhíos ann chó
deimhnitheach is atá an ghrian ar an spéir, nó ar an aer =
chó deimhnitheach is is féidir deimhnitheach a bheith.



GRIDEÁIL — Thug an mháthair grideáil mhaith sa tóin dó =
buala maith: cuid mhaith de sna grideóga: greadáil.



GRIDEÓG — Tabharfad grideóg sa tóin duit = buille
deas cruaidh leis an mbais, nó le slait, nó le córda.
D'iompuigh sí chúichi an leanbh agus do bhuail le grideóg den
tslait. Grideóg = teine anamúil, leis.



GRINNEAL — Bíon talamh na curadóireachta sa ngort
nó sa bpairc ar barra: fé sin thíos bíon an guidhean; agus
fé sin arís an grinneal. Bíon an grinneal garbh; agus
gheibhtear é, leis, thíos fé bhun na móna sa bportach. Tá an
darugha (dorugha) thíos ar an ngrinneal agam = ar an
mbonn: ar úrlár na fairrge. Táim dóighte isteach go dtí
an grinneal, nó go grinneal = i bhfad isteach.



GRIOFADACH — Bhéadh griofadach id chois dá mbéadh
codla ínti, agus í gan mhothú. Bhéadh sí as úsáid ar feadh
tamaill. Tugtar griofadach, leis, ar an mothú géar a
bhéadh ionnat go ceann tamaill dá mbuailfí ins na cosa
nó i n-aon bhall le buille shlait nó éinní mar sin, nó leis an
mbais. Bé go gcuirfinn-se griofadach ionnat muna
n-iomparuíon tu tu héinig.


L. 257


GRÍOS — Pochóidí dearga a thagan amach tríd an gcroicean.
Tháinig cóta grís, nó gríosa, amach tríd. Tá an gríos air.
Tá sé ithte ag an ngríos.



GRÍOSÓIR — Duine a chuirean daoine eile suas: a bhíon
ag gríosú.



GRÍOSUIGHIM — Gríosuigh (suas) an teine fé sna prátaí
= spreag, prioc, rop. Bíon daoine ag gríosú daoine eile
chun crosa is chun bruighne. Tá Siobhán ag ullmhú (ullú) chun
scrúduithe, agus tá fear maith 'na bun á gríosú = á cur
suas: á cur chun cinn — chun éinní, olc nó maith. Ba mhór an
gríosú air é thabhairt bliana i gcoláiste = spreaga. Chuaidh
sé á ghríosú i gcóir na troda = á ullmhú, á chur i gcóir.



GROD — Las an teine go grod = go tapaidh. Labhair sé
go grod.



GROGA — Seana-ghroga capaill = seana-chapall caithte gan
mhaith: grúnga air, is é crapaithe. Seana-ghroga de dhuine
críona.



GROGAIRE — Níl aige siúd ach grogaire seana-chapaill
ná tairiceóch abhaile thu = groga; gan aon chló ceart air, ach
cló críona, cló gan mhaith air: cuma chromtha chrapaithe air.
Grogaire seana-mhná.



GROIDHE — Torm (trom) deoch mhór ghroidhe mar tá tart
an diail orm = deoch ana-mhór. Chuir sé glam mór groidhe as.
Nách groidhe a thugais an focal leat, agus gan é clos ach an
t-aon uair amháin! = maith. Corcán groidhe: fear groidhe:
capall cumasach groidhe.



GRONNGA — Grúnga. Tá grúnga ar an mbó leis an
bhfuacht = druínn: an chuma chrapaithe fhuar a bhíon ar na
beithígh la fuachta cois an chlaidhe. Feic grúnga.



GRUAIG — Tá cúl breá gruaige aici, nó uirthi. Tá a
cuid gruaige i n-áirde aici. Tá a cuid gruaige ar sile
léi fós.


L. 258


GRUAIM — A chara gan ghruaim. Mise, do chara gan
ghruaim.



GRÚNGA — Bíon grúnga ar an nduine nó ar an ainmhí go
mbíon an fuacht ag luighe go mór air. Feic gronnga.



GRÚNGACH — Bó ghránna ghrúngach seadh í = druínn uirthi:
gan bheith pearsanda deagh-fheisceanta. Nó gúngach. Droch-
chórach, droch-dhéanta: cumhang-tslinneánach mar a bhéadh
beithígh fé bháisteach fhuar.



GUAIRNEÁN — Poll guairneáin = poll san uisce go
mbíon an t-uisce ag casa tímpal ann. Tá guairneán ort =
corrathónacht, neamh-shocaireacht: dul-tré-chéile: deabha:
fuirse. Bíon guairneán ar an gcearc sar a mbeirean sí —
bíon sí ag léimrigh anso is ag imeacht ansúd. Bhí guairneán
orm a d'iarraidh breith ar an dtraen. Tán tu ag guairneán
ar an gcathaoir = ag síor-aistriú; corrathónach, ag corruighe.
Tá an fear breóite guairneánach go maith sa leabaidh.



GUAIRNEÁNACH — Tá tír na h-Éirean guairneánach go
maith le cúpla bliain = neamh-shocair, suaite.



GUALA — Níl aon mhaith ionnam ar do ghualain-se = i
gcomórtas leat: i gcomparáid leat. Nílimíd go maith,
ach táimíd go tofa ar ghualain Sheáin. Thug sé ghuala dhom a
bhain na cosa uaim = buille dá ghualain.



GUALÁLAIM — Ná bí am ghualáil = ag tabhairt guailne
dhom. Tá sé ag gualáil dó héinig soir an bóthar = imeacht
an ghualáluí fé.



GUALÁLUÍ — Duine a bhíon ag luasca sall is anall nuair
a bhíon sé ag siúl: a ghuailne á luasca suas síos aige: nó
soir siar. Nó, fear a bhíon tugtha don ngualáil, nó go maith
chuige.



GUARDAL — Bhí an oíche ar guardal againn ag feitheamh
leat agus gan fhios againn nách caillte a bhís = fé mhí-
shuaineas is mí-shocaireacht. Scaóilfead abhaile thu mar
chím go bhfuilean tu ar guardal a d'iarraidh imeacht. Bhíos
ar guardal nuair a chuas as eólas sa tslí = bráca is
míshocaireacht is guardal a bheith orm. Bíon an fhairrge
ar guardal i gcómhnuí = gan aon tsos uirthi: gnóthach. Ní


L. 259


gá dhuit bheith ar guardal tímpal orm-sa, mar deinfead
héin cúram díom héinig = iminíoch. Níor beathuíodh ar
guardal me = me bheith ag imeacht suas síos, soir siar, gan
fód; agus gan aon cheart agam chun cothú ná leapan.
Bíon guardal ar an gcearc nuair a bhíon sí ag lorg nide
chun ubh a bhreith: ar chat a d'iarraidh breith ar luchaigh: ar
dhuine nuair a bhéadh sé i mbun trus a thabhairt agus gan cóir
iompuir (úmpair) aige: ar bhuachaill a d'iarraidh dul ar
aonach agus gan fhios aige an bhfuigheadh sé cead nó ná fuighfeadh
= ar staid mhí-shuaineasach: fé thrioblóid is buairt aigne:
annróach (annródhach). Feic guardán.



GUARDÁN — Bíon guardán ar an té go mbéadh eagla air
go ndóghfí a thig air = guardal. Tá guardán gaoithe ann —
dá mbéadh ana-ghlór aici ag teacht isteach tré pholl sa bhfinn-
eóig, cig = mí-shuaineas.



GUIDHE — Guidheana iad so. Ar dheis Dé go rabhaid ag
caitheamh na glóire ar feadh na síorruíochta. Nár fheicidh
aon droch-shúil tu. Léan ná raibh ort mura bhfuilean tu
briste mar chorcáinín. Nár bhainidh Dia dínn thu. Nár
chruadhaidh Dia an saol ort. Nár agra (agraidh) dia ort é.
Nár thógaidh Dia ort é. Gurab é sin tubaist na bliana.
Nár imíghe ort ach san. Go bhfuighir a thairbhe Sláinte an
bhramaigh chúghat. Go n-eiríghe an lá is an bhliain leat.
Faid ar do shaol: faid saoil chúghat: saol an fhiolair
chúghat: buan go rabhair.



GUIDHEAN — Chuaidh sé síos go guidhean ag tógáilt an
tíghe = an chré dhearg chruaidh a bhuailean leat sa rómhar,
nó sa bhaint, nuair a bhíon deire leis an gcré bhog mhaith.
Níl ann ach an guidhean as so amach.



GUIDHIM — Ghuidheas maise, saidhbhreas, ifrean na flathais,
dó. Bhíomair ag guidheachtaint Dé shaora na h-Éirean.



GUINE — Tá an áit lán de ghuiní = na rudaí beaga a bhíon
ar an dtaobh amuigh den iasc, agus cuma an tsliogáin ortha.



GUINIM — Thugas tamall ag guine éisc.



GUMH — Tá an gumh ar an lá le fuacht = faor, fearg. Tá
an gumh (nó gumh) orm chun tobac, chun éinní = dúil ghéar.
Bhí gumh chun an bhídh orm mar bhíos caillte leis an ocras.


L. 260


Madra guimh = madra malluithe: madra crosta. Tháinig
gumh air nuair a chualaidh sé an ráfla. Bhaineas an gumh as
an bhfreagra a thug Séamas ar Sheán = an t-olc, an nimh:
chuireas an díobháil a bhí ann soir siar. Tá gumh dearg aca
chun a chéilig = ana-dhroch-aigne. Nó, ortha chun a chéilig.
Tá sé ar gumh chúgham = gumh aige, nó air, chúgham. Ní gá
dhuit bheith ag cur an ghuimh sa chainnt = olc: droch-aigne:
droch-bhrí nár bheartuigh an té a dubhairt an chainnt. Muna
mbéadh gur duine ar fóghnamh thu agus gur bhainis an gumh
as an scéal bhíodar buailte aige n-a chéilig = gur éadtromuís
an scéal.



GUSDAL — Raghainn go Bleá Cliath dá lamhálfadh mo
ghusdal dom é = mo chuid saibhris: mo phóca: dá mbéinn
airgeadúil mo dhóthin chuige: dá mbéadh neart agam
cailliúint leis an dtrus. Níl aon cheal miana orm dá
mbéadh an póca fé dhom.



GUTH — Dubhairt sé an chainnt i nguth árd = de ghuth árd
(do ghuth árd a deirtear).



GUTA — Tá guta ar mo bróga = pluda: lathaig.



H



HAIBIL — Bhí haibil aca ar an mbó do tharac aníos as an
bpoll = obair mhór, throm, dhuaisiúil. Bhí haibil mhaith agam
ar an dtig seo a thógaint. Bíon haibil mhaith ar dhul amach ar
an dtír ón oileán lá láidir. Rug haibil mhór orainn sar
a raibh críochnuithe againn. I lár na haibile tháinig na
tóirthneacha orainn agus an t-uisce. Rug mórán haibilí
orm. Is mó haibil curtha dhíom agam le fada.



HAINNSE — Bí amuigh nó bé go bhfuighir hainnse den
maide seo = buille a cuirfí 'na luighe ar dhuine: sínfí an
maide leis. Bhuaileas é le hainnse de mhaide treasna na
ngualan, de leabhar i mullach an chinn, de dhorn treasna an
phuis. Thugas hainnse den maide dhó = buille breá le cuid
mhaith den maide.



HAMA — Feic ama. Bhéadh hama ar fheirmeóir sa
bhfóghmhar dá mbéadh mac leis breóite agus é air aige an


L. 261


obair a dhéanamh. Tá ceann (nó taobh) de sna hamaí briste =
páirt de sna gleóthálacha a bhíon ar chapall: bíon ar an
dtaobh amuigh den gcoiléar, agus bíon na tairric (tarraic)
ceangailte dho (dhe). Rug ana-hama air = greim, strus,
saothar oibre, bráca.



HAP — Feic hop. D'imigh sé an doras amach de hap =
de léim: go grod. Bhíos ar mo hap féachaint cad a dhéanfá
= ag faire amach ana-ghéar: ar tinneal. Imigh leat ar do
hap = láithreach.



HART — An cárta go mbíon déanamh an chroidhe ar na
dathana a bhíon air. Aon a' hart. Dó an hart. Tá trí
an hart agam. Bannríghean hart. Sé an t-aon a' hart
an cárta is fearr sa phaca mar bíon an chómhacht aige i
gcómhnuí. Deich an hart.



HATH — Hath amach — a deirtear le capall nó asal á rá
leis brostú amach leis héinig.



HÉ — Hé, a Sheáin, tar abhaile. Sin é an glór a deintear
nuair a bíthear ag glaoch ar dhuine.



HOB — Níorbh fhéidir liom hob ná hae a bhaint as an
gcarraig = aon tsaghas corruighe Ní féidir liom hob ná
hae a bhaint as an gceist = aon fhreagra a thabhairt uirthi —
toisc í bheith ró-chruaidh: aon éifeacht a bhaint aisti: aon
lámh a dhéanamh di.



HOP — Tá an saol ag baint hopana asam = am thógaint
ó thalamh.



HÚISTÉAR — Ceannuightheóir (ceannathóir) — tabharfad £10
ar an gcapall. Feirmeóir — ná bíodh an tarna húistéar
air: glacfad é = ná bíodh an tarna focal 'na thaobh: bíodh
an marga déanta: socrú, marga. Tóg na bróga ar an
airgead a deirim nó fág id dhiaidh (id dheabhaidh, i teabhaig)
iad: ní bhíon an tarna húistéar ar éinní sa tsiopa so.



HUÍT — Huít, huít — a deirtear nuair a bítear ag glaoch
ar na lachain.



HULAM-HALAM — Bíon hulam-halam ar pháirc an
aonaigh ag teanntú stuic = mórán gleóig, is liúghana, is
screada, is cainnt árd: ruaille-buaille. Bhí hulam-


L. 262


halam orainn nuair a chonacamair an ráth mór éisc, éinní
úntach = glaoch is gleó.



HÚLAMÁBOC — Bhí an rínce garbh agus húlamáboc aca
go léir = straca is fuirse Bhí húlamáboc agaibh — beirt a
bhí ag leaga, agus iad a d'iarraidh a chéile a thabhairt go dtí
an dtalamh, is ag traocha a chéilig amach. Daoine eile agus
húlamáboc aca le chéilig = crústa, is buala, is slí gharbh mar
sin.



HURAIS — Deirtear nuair a bítear ag glaoch ar chráin.



HÚRLAMÁ-GIÚRLAMÁ — Nó, húlamá-giúlamá. Sin é
an saghas glóir a dheinean an plána nuair a bhíon sé ag obair
ar an adhmad. Ní raibh ionnaibh sa gcomórtas ach húlama-
giúlamá = daoine gan mhaith: gan aca ach glór is guth.



I



I — Is mór mar tháinig ionnat ó shoin = chuais i neart, nó
i méid, go mór. Níl mórán den nGaoluinn agat fós, ach
is ag teacht ínti a bheidh leis an aimsir. Bhíos ag faire ar é
theacht san am san = an uair sin bhíos ag súil le n-a theacht.
Tá Séamas ag dul sa tríú bliain, nó 'na thríú bliain, sa
gcoláiste = an tríú bliain á thabhairt aige. Chuir an bhean a
lámh i gceann na mná eile = 'na cuid gruaige. An fhaid a
bhíomair sa chainnt = ag cainnt: an chainnt á dhéanamh againn.
Siúd leis sa rith uaim. Scaoileas leitir sa t-siúl chúghat.
Chuir brise an ghluaisteáin moíll orainn, agus sa mhoíll dúinn
léigheamair an páipéar. Preab leat sa tsnámh agus ní
bhraithfir an fuacht. Nílim ach ann as indiu = gan bheith ann
i gceart ná as i gceart: gan bheith go h-olc ná ar fóghnamh:
gan bheith mar seo ná mar siúd. Bhfuil Seán aosta? Tá
sé, mar a déarfá, ann as = tá agus níl. Tóg an deoch nó
fág í: ná bí ann as: bí ann nó as = ar thaobh éigint.



IADHAIM — Tá an spéir iadhta suas le scamaill =
dúnta. Bhí na súile ag iadhamh ar Bhríd dá h-iniúin
(h-aimhdheóin). Tá an doras iadhta amach chó daingean le
n'fheadar cad déarfainn. Doras iadhta = (go minic) cúl-
doras. Tá mo chuid airgid caillte mar d'iaidh (d'iaig a


L. 263


deirtear) an bannc orm = dhún orm agus choimeád orm an
t-airgead. D'iaidh an bithúnach ar an mbannc agus ghlan
leis as an áit = dhein sé iadhamh. Cad deirir leis nár iaigh ar
an leabhar a thugas ar iasacht dó.



IAL — Tá an gadhar fé ial.



IALL — Tá feidhre iallacha ag teastáil uaim dom bróga =
dhá éill. Tá greim na h-éille bréine sa tsnaidhm sin =
greim ana-dhaingean. Rug sé greim na h-éille bréine ar an
gcamán.



IARAN — Tá iaran ag teastáil ón gcapall = an cheárta:
crú nó cruite.



IARATAS — Nó iarratas. Deintear iaratas suas don
té go mbeirean gairid air i n-áit stróinséartha = bailiúchán
beag airgid: soláthar.



IARLAIS — Duine gan mhaith: rud gan éifeacht: breói-
teachán, cig, ná béadh ar a chumas aon mhaitheas a dhéanamh.
Phósas í, fóiríor; agus tá sí ceangailte liom anois go deó
'na h-iarlais gan éifeacht. Tugtar iarlais, leis, ar ainmhí
gan mhaith. Tá iarlais agat go ceann tamaill sa mhéir
theínn sin = féirín (de dhroch-shaghas).



IARRACHT — Tá iarracht mhaith airgid aige = cuid mhaith.
Ní mise a dhein an ghoid, mar ar an gcéad iarracht níor
theastuigh an t-airgead uaim = don gcéad iarracht: ar an
gcéad dul síos: don gcéad dul síos. Chuir an chainnt olc
orm, agus do bhuaileas amach ar an iarracht san = láithreach.



IARRAIM-CÚIS — Ní raibh uatha ach iarraim-cúis chun a
chéilig = níor theastuigh uatha ach leath-scéal chun tabhairt fé
n-a chéilig. Níl uaim ach iarraim-cúis chun an áit seo do
dhe fhágaint.



IARTHLACH — An mála nó aprún a bhíon ar dhuine nuair a
bhíon sé ag sá phrátaí. Sé an t-iarthlach a choimeádan na
scioltáin. Nó, iorthlach.



IASCACH — Bhí scata bacach ag iascach tímpal orm féachaint
an bhfuighdíst aon phinginí ag imeacht ar bóiléagar. Nuair a
bhíos dhein sé iascach ar mo sheómra ag loc tobac =
cuardach.


L. 264


IASMA — Iarsma Fógraim iasma ort = bronntanas na
h-aithbhliana — cainnt adeirean daoine óga a bhíon ag lorg
rudaí deasa lá Coille: nó oíche Lae Coille. Lá na n-iasmaí
= lá Coille: an chéad lá Bhliain Nua, nó den mBliain Nua.
Chuiris iasma mo dhóthint orm an chloch do thógaint = thugais
obair throm dom. Chuiris iasma bog orm, a mhic ó! =
iarrais orm rud cruaidh a dhéanamh.



ÍDE — Féach an íde atá ar mo chluth (culaith) bhreá éadaigh =
droch-chuma — toisc droch-dhéanamh a dh'fháilt. D'imigh ana-
dhroch-íde ar an rothar. Bhíos chó lán san d'olc chun an chapaill
nárbh eól dom cad é an íde bháis a thabharfainn air = droch-shlí
bháis: droch-mharú.



ÍDEACH — Is fada a mhairfidh na prátaí agaibh mar níl an
t-ídeach agaibh ortha = caitheamh. Is éachtach an t-ídeach a
thugamair ar na cístí, a dheineamair do (de) sna cístí =
ana-ithe a thabhairt dóibh, nó iad a chaitheamh i slí éigint.



ÍDÍGHIM — D'ídíomair na prátaí = tá a ndeire ithte,
caithte. Táid ídithe.



IDIR — 'Dir mise is tusa ní rabhas dáríribh = eadrainn
féinig. 'Dir mise is tusa is an falla, nó éinní mar sin.
'Dir tusa is an cúinne.



IMEACHTAIDHE — Buachail nó gearrachaile (greachaile) ón
uair gur féidir leó imeacht ar fuaidh an bhaile go dtí go
mbíd seacht nó ocht mbliana d'aois: sruth bheag. Nách é
an tsruth bheag fós é agus é an áirithe seo blian? Nách
suarach an tsruth í i n-aois a seacht mblian di? = duine
beag.



IMEALL — Umall a deirtear. Cheapas nár ghá dhom
teacht i n-imeall an scéil thar n-ais aríst = tosnú air 'na
thosach aríst. Phreabas isteach i n-imeall na h-oibre =
tosnú air ar an dtaobh amuigh, ar an gcuid de ba thúisce
chúgham, gan dul isteach 'na lár.



IMINÍ — Imsníomh. Tá ana-iminí gnótha ort. Thuit Seán
anuas den bhfalla agus bhris sé a chos: is dóch gur 'na chóir
(i ndán dó) a bhí sé. Ní h-eadh, a dhuine: bhuadhfadh an
t-iminí ar an gcinniúint (cinneamhaint) = aire. Níl an


L. 265


liadhairne cosúil leis an bhfear go mbíon an t-iminí (iminí
oibre) air = teinneas.



IMINÍOCH — Táim ana-iminíoch tímpal mo chuid gnótha =
cúramach.



IMREASC — Tá an cáithnín istig ar imreasc mo shúile =
san áit dubh i lár na súile.



IMRIM — Tá mo shúil ag imirt orm = am phionosú: am
chrá: ag déanamh tinnis dom. Táim imeartha amach ó
bheith ag éisteacht leis = cráite amach. Ní h-aon úna cad
a dheinean an té a bhíon imeartha mar bíon sé as a mheabhair
nách mór = bainte chun buile is feirge: i slí ná féadfadh
sé a thuille a sheasamh. Tá mo shúil ag lagú sa radharc nó
rud éigint mar sin, mar tá sí ag teacht teinn.



IMTHÍGHIM — Imíghim. Conus tán tu? An t-imeacht
céadna i gcómhnuí = an tslí chéadna. Conus tá cás na
h-Éirean ag imeacht an aimsir seo? = ag dul chun cinn, nó
siar. Má bhíon an droch-imeacht fé leanbh is deacair é chur
ar bhóthar a leasa = droch-slí: droch-úmpar. Tá na caoire
ag imeacht cam. Is aindeise go mór a bhíd ag imeacht i
ndiaidh an tobac. An rud ná h-imíon fachtar é. Bíon
an scéal san ag imeacht aige sna sean-daoine pé aca fíor
nó bréag é = sa tsiúl. Bíon a leithéid seo d'fhocal ag
imeacht go tiubh = á úsáid. Chuas ann féachaint conus a bhí
an áit ag imeacht. Braithim me héin ag imeacht = ag dul i
n-olcas: ag cailliúint an nirt: ag druidim chun laigíochta
Sin é an focal is fírinní ag imeacht. Tá faor na speile
ana-imithe = ana-chaite. Tá an t-uisce ag imeacht díobh-
prátaí a bhí ag beiriú. Tán tu chun imeacht anois = chun
reatha: chun fiadhaigh: do cheárd bheith foghlumtha agat:
ar do chumas déanamh duit féinig. Bhfuil Gaoluinn mhaith
ag Seóirse? Tá sé chun reatha = dh'fhéadfadh sé a ghnó a
dhéanamh tríthi — bíodh is ná béadh sé gan mháchail, béidir.
Bhí ana-imeacht fé = gluaiseacht.



INCHIN — Inithin a deirtear. Níl inithin gealúin, inithin
circe, aige = oiread meabhrach le seana-bhróig: an chuid is
lúgha den meabhair, den dtuiscint.


L. 266


INDÉ — An rud úd indé béidir ná béadh aon dul air
indiu = go rabhamair ag trácht thairis, nó á dhéanamh, indé.



I NDIAIDH — Bhíos tuirseach, ach na dhiaidh ('na dheabhaig a
deirtear) dh'fhéadas siúl a dhéanamh = mar sin héinig.



INEAD — Deinean cola maith inead bídh = deinean gnó
an bhídh: dá gcodlóch duine go maith dh'fhéadfadh sé déanamh
gan bhia.



INNEACH — Sé an t-inneach a théighean fén ndlúth sa
bhfígheadóireacht. Sin í an chainnt go bhfuil an dlúth is an
t-inneach ínti.



INNSIM — Ní déarfadh éinne é sin ach, neósfaidh me dhuit,
duine gan eólas. Tháinig do bha isteach sa gcoirce orm;
agus, ós á ínsint duit é, tá taithí aca air fé seo = ós rud é
go bhfuilim ag cur síos air sin duit. Bíon na buachaillí ag
ínsint is a gearán ar a chéilig. D'inis se orm dom athair
gur éaluíos ó scoil. Dubhairt Seán é sin, ach bhí a mhalairt
d'ínsint scéil ag Tomás. 'Neósfad thu = 'neósfad ort.



INTIN — Thug sé a íntin don nGaoluinn = a mheabhair, a
aigne. Bhuailis me ar droch-íntin, nó le droch-íntin. Thánag
anso ar íntin é dhéanamh = bhíos meághaite ar é dhéanamh. Ar
íntin pósa.



IOBACH — Dhein na franncaigh an'-iobach ar an gcoirce =
diomáiste mhór: ana-dhíobháil. Tá iobach déanta aige sna
leamhain ar an éadach = é ithte pollta aca.



ÍOC — Níl an t-íoc buailte fós ag an gCómhairle Conndae
= an t-sreath.



ÍOGAIR — Tá an fear san ana-íogair = gur deacair
labhairt leis ná baint leis, ná cimilt leis. Tá gloine an
lampa íogair go maith = tá sé fuirist go leór socrú leis.
Obair íogair seadh uibhe do chómhaireamh agus do chur tharat =
dreóil: tá na h-uibhe féinig ró-leóchailleach. Is íogaire
sagart ná tuatach. Tá an cheist sin ró-íogair, agus is
fearra dhuit é chaitheamh uait. Tá ainm Dé ró-íogair chun é
thabhairt isteach go minic i gcainnt. Tá an t-easbog ró-
íogair chun aon chainnt mar sin do rá ós a chóir.


L. 267


ÍOGHAIR — Ní maith liom íoghair agus fionna (cló) na
h-áite = scéimh.



IOGÁN — Goile an ghé, na circe, aon tsaghas éin = an áit
'na gcoimeádtar an bia sar a ndeighealtar é. Bíon an
agaois i n-áirde 'na h-ucht.



IOMADÚIL — Bhí na daoine ann go h-iomadúil = mórán
díobh: go tiubh.



ÍOMHÁIGH — Íomhá a deirtear. Tá an t-íomhá briste.
Na h-íomádhana. Nách é an t-íomhá é! (duine beag gan
mhaith, sicín beag, aon ní suarach) = rud gan mhaith, gan anam,
suarach: abhach.



IOMÁN — Tá iomán tuitithe ag an ngé = an cnapán
blonaige a bhíon fé n-a bolg nuair a bhíon sí cothuithe go maith.
Chuala go mbíon sé ag an gcirc 'na cáilíocht féin chó maith =
dréir a méid; ní bhíon sé chó mór ag an gcirc; ach, 'na slí
féin, bíon.



IOMARCACH — Tairigíodh fiche púnt dom ar an mbó agus
thógas go h-iomarcach é = le lán-áthas. Thógamair an
príosúnach go h-iomarcach nuair a scaoileadh abhaile é = bhí
árd-ghradam againn dó, agus dian-áthas orainn é bheith
fillte thar n-ais. Ghlacas an bronntanas go h-iomarcach.



IOMARD — Ní féidir liom an leabhar a léigheamh pé
iomard atá ar mo shúile = galar, máchail. Tá iomard le
n-a saol fachta aige = máchail ná h-imeóch — cos bainte de,
abair. Tá iomard éigint anuas ar an bhfear san = droch-
rud éigint ag teacht treasna air i gcómhnuí. Bíon gach aon
iomard ag tuitim orm, ag teacht orm = mí-ádh. Tá iomard
ort-sa, ach go h-áirithe, ná féadfá fanacht socair — le duine
a bhéadh ag síor-aistriú, ag síor-imeacht. Tá iomard ag
leanúint na h-áite seo i gcómhnuí sa dúbhluachair = dua mór,
cruatan. Bhéadh iomard maith ag dul i dtír indiubh mar tá
an fhairrge ana-láidir = strus, obair chruaidh. Iomard
maith seadh é sin a dhéanamh. Cuirfead iomard ort mura
bhfanan tu socair = máchail. Tá iomard maith ort — dá
mbéadh rud maith teinn (= ana-theinn) air. Leanan ana-
iomard an galar san.


L. 268


IOMARDÚIL — Tá an obair seo ró-iomardúil = triob-
lóideach, maruitheach.



IOMLÁN — Tá iomlán an scéil agat anois = an scéal go
léir.



IOMPAR — Úmpar. Níl aon úmpar fén mbád, nó ins
an mbád = í bheith guagach san uisce: á luasca sall is anall:
gan greim aici ar an uisce. Tá sé de chuma ort go bhfuil
buairt ar úmpar agat = á thabhairt leat agat: istig ionnat.
Tá an feall ar úmpar aige-sin pé cuma atá ar a aghaidh.
Níl aon úmpar seóil sa naomhóig mar tá sí ró-éadrom ar
snámh, agus níl an greim ínti, agus caithean an ghaoth an
iomarca í = ní féidir léi seól a dh'úmpar.



IOMPUIGHIM — Iompuigh ar do dheis; ar do chlé; ar
t'aghaidh: i leith do chúil. Iompuigh suas, nó anuas, an lampa
D'iompuigh an mháthair chúichi an leanbh, agus dhearg a thóin go
maith dhó. Tá an bainne iompuithe ó mhaidin = bhí milis ar
maidin ach tá géar anois. Protastúnach is eadh é, ach tá
sé ag cuímhneamh ar iompó ar ár gcreideamh. Ar iompó
tharm dom = ar chasa tharm dom. Tá an roth ag iompó.
Tá an lá ag iompó amach chun báistí. Tá sé ag iompó fuar
= ag teacht fuar. Tá an t-uachtar ag iompó chun ime = ím
á dhéanamh de. Bhíomair ag baint iompó as a chéile = ag
cor le chéilig: soir siar ag iomrascáil. Bhain an cheist sin
iompó asam go maith = thug mo dhícheal, nó breis, dom. Bhain
Seán iompó asam chun dul ag rínce leis = thug leis me ag
rínce — bíodh gur i gcoinnibh mo thola é, béidir.



IONAN — Is ionan iad = is mar a chéile. Is ionan an dá
ínsint a chuala ar an scéal. Is ionan an scéal é cead a
bheith agat nó gan a bheith, níor cheart duit é sin a dhéanamh.
Is ionan maitheas dóibh = aon mhaitheas amháin atá ionnta:
chó-mhaitheas. Táim i sláinte mhaith anocht murab ionan is
aréir = ní mar sin a bhíos aréir. Tá an dá scála den
dtómhas ionan, nó i n-ionanas = cothrom: ar aon imeacht
amháin: i gcothrom.



IONANAS — Chuireas bolasc sa mbád chun í choimeád i
n-ionanas = cothrom: i gcothrom. Cuirim síbh i n-ionanas
= ar aon scór amháin: gan breis ná bárr ag éinne ar éinne
eile. Táid ag teacht i n-ionanas. Tabhair ionanas don
gcapall = cothrom: ceart. Níl uaim sa scrúdú ach ionanas.


L. 269


Tá na cnuic úd i n-ionanas = ar aon aoirde amháin. Caithfar
na capaill a chur i n-ionanas sar a dtosnóidh an rás. Bhí
an bheirt agaibh i n-ionanas sa scrúdú = ar aon mhaitheas
amháin: ar aon mharc amháin. Deirtear "ionas," leis.



IONGA — Ní raibh ionga ná órlach aca ar a chéile = iad a
bheith ar aon aoirde amháin. Bhíodar ar a n-ingine deire
chúgham = ar buile le feic: lasta suas: 'na seasamh chun a
chéile ar bharruíocha a méireana fé mar a bhéadh dhá choileach.
Tá sé ag dul ar (a) ingine deire chúgham, nó ag eiríghe
(eiriú) —. Nuair a bhíon duine ar na h-ingine deire bíon
sé árd go maith sa droch-mhianach. Tán tu ag coimeád na
h-ingine dirige (deice) ar an scéal = á choimeád 'na
bheathaidh: á choimeád dearg, ar lasa — fé mar a bhíon an
té a choimeádan créacht ar oscailt leis an screamh a ropa
is a bhaint de. Ní gá dhuit bheith ag coimeád na h-ingine
dirige orm, nó liom = bheith am chrá; ag déanamh cros orm.
Ná coimeád an ionga dhearg go deó ar an gcúrsa = ná bí
ag craobh-scaoile go brách air: ag beathú air. Chuamair ar
ár n-ingine deire chun a chéile san aighneas = chó fada is a
dh'fhéadamair. Tá ingine (?) fáis orm = pianta fáis.



IONGANTACH — Úntach. Is neamh-úntach (néamh-úntach a
deirtear) an buachaill é — buachaill ná cuirfeadh éinní úntas
air. Ba néamh-úntach an gnó dhuit mo rothar a thabhairt chun
siúil gan focal a rá liom.



IONGANTASÚIL — B'úntasúil an radharc é = úntach:
radharc a chuirfeadh úna, nó úntas, ort. Bíon duine
úntasúil nuair a bhíon sé úntach, nó nuair a chíon sé úntas.
D'fhéach sé go h-úntasúil orm = mar a dh'fhéachfadh fear go
mbéadh úntas air. Nó, d'fhéach sé go h-úntach orm. Deir-
tear úntastúil, leis.



IONGNA — Ba mhór an néamh-úntas duit teacht go dtí
mo dhoras. Feic iongantach.



IONMHUIN — Ní h-ionúin liom an cailín sin = ní maith.



IONNDRABHÁIL — Úndrabháil. Chuireamair an bhó sa naomh-
óig agus ba dheacair í úndrabháil ínti = í shocrú, slí a dh'fháilt
di. Ní fuiriste na giúirléidí seo go léir d'úndrabháil isteach
sa mhála = do chur isteach — gan díobháil a dhéanamh. Ní
fuiriste an sean-fhear d'úndrabháil = friothálamh air i slí a
shásóch é. Táim fuiriste (nó deacair) d'úndrabháil.


L. 270


IONNFAIRT — Únthairt. Cad é an únthairt atá ort? —
le duine a bhéadh ag síne siar, is ag strampáil, is ag brúgha,
is ag casa. I lár na h-únthairte dhó.



IONNFARTÁLAÍ — Is mór an t-únthartálaí é.



IONN-FHUAR — Tá na prátaí fionn-fhuar (fonúar) — nó an
bainne, an lá = gan bheith te. Tá an t-ionnfhuar againn
anso.



IONNRACHAS — Bhéadh an scoil dúnta le seachtain ach i
n-únrachas don sagart. Leis an únrachas cuirtear duine
fé chomaoin: cuirtear comaoin ar dhuine: deintear
comaoin dó. Táim ag obair leat le fada anois, agus
tabharfad seachtain duit mar únrachas = i n-aisce, gan faic,
gan phágh. Ní mór an t-únrachas dom an méid sin do
dhéanamh duit, do thabhairt duit. Tá an t-únrachas fachta
agam cheana uait. Bímíd ag déanamh únrachais dá chéilig =
ag cabhrú le n-a chéilig chun gnóthaí: ag déanamh maitheasa
dá chéilig: ag mola a chéilig, agus mar sin de. Deinfead
an méid seo i n-únrachas (nó i n'únrachas) duit, agus fáilte.
Ní mór an t-únrachas atá agam dhuit, ach tóg uaim an rud
beag so = tabharthas. Bhí an duin' uasal ag déanamh únrachais
dúinn = ag imirt a ghalántacht is a chómhacht is a shaibhreas
orainn: ag cur maise orainn i n-aisce.



IONNTAOIBH — Úntaoibh. Tá úntaoibh agam asat — rud é
sin a leanan, a dh'fhanan. Ach, ní raibh aithne agam ar éinne
ann, ach chaitheas úntaoibh a thabhairt le duine éigint chun
m'uaireadóir a thabhairt dó le coimeád faid abh éinn sa
tsnámh. Níor mhaith liom dul ar úntaoibh Sheáin = úntaoibh
a thabhairt leis. Ní ceart úntaoibh le n-a leithéid sin. Níor
mhaith liom an bosca do chur ar a h-úntaoibh chun é thabhairt
abhaile go dtí mo mháthair — bean a bhí i gceist. Ní chuirfinn
ar a n-úntaoibh cá raibh an t-airgead i bhfolach agam = ní
déarfainn leótha ar eagla. Inis dom cáil (cá bhfuil) an
t-airgead. Ní raghainn ar t'úntaoibh é dh'ínsint duit.



IONNTUIGHIM — Úntuighim, nó úmpuighim: iompuighim.
Úntó cait 'na chroicean = athrú mór úntach. Bhí an donas
orainn (nó linn), ach d'úntuigh Dia an sonas linn (nó orainn).
Fuair sé faoíseamh ón mbreóiteacht ach d'aith-úmpuigh air =
bhuail an bhreóiteacht thar n-ais é. Tá iompuithe air — i
ngalar = tá casa aige. Táim úntuithe uait = mo dhrom a


L. 271


bheith leat. Táim úmpuithe ort = id threó: m'aghaidh a bheith
ort. D'úntuigh sé leis an gcreideamh = ar an gcreideamh.
Úntuigh suas an lampa = cas. D'úntuigh an droch-rath ortha
= chas. Úntuigh i leith orm: tá do chliathán liom.



IONNUS — Nó ionnas. Cuir a thuille siúicre isteach sa
scála so chun an tómhas a dhéanamh i n-ionas. Is beag ná
fuil an leabhar ró-mhór dod phóca, agus caithfir é chur síos i
n-ionus ann = díreach, ar leibhéal. Tá an falla i n-ionus =
ar leibhéal: chó-aoirde: ar aon aoirde amháin. Cuir síos
an leabhar ionus id phóca. Tá na h-uimhreacha 2, 4, 8, 28
ionus. Tá 5, 11, 17 cruiceach. Cuir an chathaoir i n-ionus
ar an úrlár = cothrom.



IOSCAD — Bhí na h-ioscada ag lúbarnaigh fé. Tá an
ioscad so crapaithe.



IOSCAL — Nó ioscail, nó oscail, nó oscal. I n-ioscallaibh
a chéile atáid ag rínce = lámh dhuine aca i n-ioscail (nó fé
oscail) an duine eile. Táim teinn i bpolluíocha m'ioscal: im
ioscala: i. bpoll m'ioscaile deise Tá poll m'ioscal teinn.



IOSCALÁN — Píosa a cuirtear isteach i n-ioscail na
léine.



IOSMAIRT — Tá an citeal ag iosmairt = ag crónán.
Nách úntach an iosmairt atá aige?



ÍOTA — Cad é an t-íota so ort? = tart ana-mhór: tart
is measa ná an spalla. Tá íota tarta orm.



IREACH (?) — Raghad amach indiubh, nó i n-ireach ceaca,
raghad amáireach = muna dtéighim indiubh raghad amáireach.
Beidh prátaí ins an ngort so; nó i n-ireach ceaca, beimíd
gan iad = muna mbeidh.



IREASA — Uireasba. Níl easba ná ireasa orainn =
easba ar bith.



ÍSEAL — Tá an fhairrge íseal indiubh = ciúin; gan bheith
bolgtha i n-áirde.



ISIRÉAD — An gléas le n-a gcrothan an sagart an
t-uisce coisreacan ar an bpobal, nó ar éinní.



ÍSLEÁN — Tá an t-ísleán síos leat go bun an chnuic,
agus an t-árdán id choinnibh suas ar an dtaobh eile. Táim
ag dul i gcoinnibh an áird, nó an aoird. Tá ana-ísleán ann.


L. 272


ISTEACH — Bíon a thóin isteach sa teine ag an gcat. Táid
isteach is amach le chéile go mór (nó ana-mhór) = táid ana-mhór
le chéilig. Táim isteach is amach le bhéith chó maith leat =
tímpal is chó maith. Is féidir an focal san d'úsáid dréir
mar a thagan an chainnt isteach = dréir mar a thárluíon an
chainnt, agus a thugan an cothrom.



ISTIG — Tá scoláire éigint istig indiubh = istig ó
scoil: as láthair. Tá lá istig indiubh aige = istig ó scoil.
Ní bhead istig leat a thuille = mór, muínnteartha. Tá
duine glic istig leat anois, agus bí ar t'aire = id choinnibh.
Nílim istig liom héinig i naochor indiubh: n'fheadar cad
tá orm = ní bhraithim me héinig mar ba cheart dom a bheith.
Nílim istig leis an gcainnt sin = ní thagaim léi; ní thaithníon
sí liom. Bhí an buille sin istig agam dó = istig im chroidhe:
beartuithe.



ITHIM — Bhíodar ag ithe a chéilig mar gheall ar rud beag
suarach = ag gearra. Tá Siobhán ithte ag an meas (atá aici
uirthi héinig) = ídithe: an meas bheith ana-mhór ar fad.
D'íosfaidís na clocha dá mb'fhéidir leó iad a chogaint, a
bhoga, tá an goile chó géar san aca. Bíon sí ag ithe na
cainnte = gan an chainnt do thabhairt amach go soiléir. Thug
sé ithe salach dom = thug an teanga go bínn. Táid ite le
fiacha, le gríos. D'itheamair is do lán-itheamair ár ndóthin
— cuirean "lán-itheamair" breis nirt leis an bhfocal
"d'itheamair." Bhís ag ithe t'fhiacla le gumh. Tig iteacháin
= tig 'na mbíon mórán ithe ar siúl.



IÚIL — Níl éinne ag tabhairt tora orm, agus caithim me
héinig a chur i n-úil = a shá chun cinn: a theasbáint go bhfuilim
ann, agus cad é an saghas me. Ní raibh aon aithne aige orm,
ach chuireas me héin i n-úil dó = thugas aithne dhó orm. Úil
a deirtear.



IÚIR — Táim ag druidim leis an iúir = leis an uaigh. Ní
fada go raghad i n-iúir = go gcuirfar sa chré me.



IURANA — Bhí sé ag caitheamh iurana is crístíní liom =
mionnaí is eascainí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services