Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sliabh na mBan bhFionn agus Cúán Fithise

Title
Sliabh na mBan bhFionn agus Cúán Fithise
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1914
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sliabh na mBan bhFionn



Fad ó, nuair a bhí Fionn agus an Fhian i réim i nÉirinn,
do thuit nídh amach i dtaobh an chnuic seo ar an dtugtar
Sliabh na mBan. Do tugadh cuid des na mnáibh óga
ba bhreaghtha a bhí le fághail i nÉirinn an uair sin, agus
do cuireadh isteach sa chnoc san fé dhraoidheacht iad. Do
deineadh sídh-bhrog áluinn istigh sa chnoc dóibh, agus do
cuireadh isteach sa tsídh-bhrog san chun cómhnuighthe iad.
Ba mhar-a-chéile ansan iad agus mná sídhe. Ní feictí


L. 4


iad ach nuair ba mhaith leó iad féin do thaisbeáint.
D'fhanadar istigh sa chnoc riamh ó shin, agus níor chuadar
i n-aois ná i bhfuirbhtheacht le h-imtheacht aimsire. Tais-
beánaid siad iad féin uaireanta, agus an t-é a gheibheann
radharc ar mhnaoi acu ní chuireann sé an radharc san as
a chuimhne an chuid eile dh'á shaoghal. As iad a bheith 'ghá
dtaisbeáint féin ar an gcuma san ó am go h-am, do
tugadh "Sliabh na mBan bhFionn" ar an sliabh. "Sliabh
Feimhin" an ainim a bhí roimis sin air.



Thaisbeánadh cuid des na h-"óg-mhná finna" iad féin
uaireanta chun tairbhe dhéanamh; ach ní h-i gcómhnuidhe a
dheinidís tairbhe. Uaireanta is díobháil a dheinidís. Dá
mbéadh cailín áluinn óg ag eirighe suas sa chómharsanacht,
b'fhéidir go dtaisbeánfadh bean acu í féin do'n chailín
sin chun í fhuadach. Do béarfaí an cailín chun siubhail
isteach i sídh-bhrog an chnuic, agus do fágfaí agá muintir
sa bhaile iarlis éigin seana mhná a bhéadh 'ghá gcrádh agus
'ghá gciapadh ar feadh tamaill, agus ansan do gheóbhadh
bás.



Sliabh na mBan bhFionn. - II.


L. 5


Do thárla, tamall mór éigin ó shin, gur deineadh beart
de'n tsórd san i n-áit éigin ná raibh a-bhfad ó'n gcnoc.
Bhí leanbh inghíne ag duinuasal a bhí 'n-a chómhnuidhe san
áit. Bhí an leanbh ag déanamh amach ar bheith dhá bhliadhain
déag d'aois, agus bhí sí chómh h-áluinn, chómh breagh, chómh
dathamhail sin, gur bh'ar éigin fhéadadh aoinne a chíodh í a
shúile thógaint di, agus aoinne a deireadh aon fhocal ag
moladh a breaghthachta go gcaitheadh sé seile uirthi, i dtreó
go mbeadh fuath ag na daoine maithe dhi, agus nár bhaoghal
go mbéarfaidís leó í. Bhíodh árd fhearg ar an leanbh
féin nuair a caithtí na seilí uirthi, agus níor bh'iongnadh
san.



Do mhol seana bhean éigin í lá, agus dhein sí dearmhad
de'n tseile chaitheamh uirthi. An lá céadna san do chon-
naic an leanbh duine des na h-"óg-mhná finna" ó'n
sliabh. Do buaileadh breóite an leanbh. I gcionn suím
laethanta ba léir do gach aoinne nár bh'í féin a bhí sa
leabhaidh i n-aon chor. Gur fuaduigheadh an leanbh, agus
gur fágadh iarlis éigin gan mhaith 'n-a h-ineadh. Tar éis
roinnt aimsire fuair an iarlis bás. Bhí uaigneas agus
buairt agus brón ar gach aoinne, agus níor bh'fhiú trácht
ar an uaigneas ná ar an mbuairt a bhí ar aoinne seachas


L. 6


an bhuairt a bhí ar athair agus ar mháthair an leinbh. Thuig-
eadar gur bh'í a leanbh féin, an inghean áluinn a bhí acu
agus go raibh a gcroidhe greamuighthe inti, gur bh'í a bhí
tar éis bháis. Ach na daoine eólguiseacha tuisgionacha
a bhí ann, bhí fhios acu go maith gur bh'í an iarlis a bhí tar
éis bháis, agus gur bh'amhlaidh a fuaduigheadh an inghean
áluinn.



Sliabh na mBan bhFionn. - III.



Bhí bean 'n-a cómhnuidhe ag bun an tsléibhe, ar an dtaobh
theas. Bean abhrais a b'eadh í. Do curtí olann chuici
isteach ó'n dtír mór-thimcheall, agus dheineadh sí an olann


L. 7


do chíoradh agus do ghlanadh agus do shlámadh agus do
shníomh; agus nuair a bhíodh an snáth tochraiste aici 'n-a
cheirthlíníbh deasa cruinne cruadha, chuireadh sí a-bhaile
é ag triall ar an muintir go mba leó é, augs do curtí
ag triall ar fhigheadóir é, agus deintí bréid de. Ansan
do dheineadh an táiliúir casóg de d'fhear an tighe, nó
cóta mór, nó do dheineadh bean an tighe clóca dhi féin
de; agus gach aoinne a chíodh an chasóg nuadh ar an bhfear
nó an clóca ar a mhnaoi, deiridís: "Go mairir agus go
gcaithir é!"



Uaireanta bhíodh ní ba mhó de'n olann ag an mnaoi
abhrais 'ná mar fhéadadh sí a chíoradh agus a shlámadh agus
do shníomh i gcaitheamh an lae, agus b'fhéidir an mhuintir
go mba leó é 'ghá fhiafruighe cad fé ndeár an righneas.
Ansan thugadh an bhean abhrais tamall de'n oidhche ag
obair agus solus árneáin aici, a d'iarraidh na h-oibre
dhéanamh agus a d'iarraidh an righnis do luigheadú.
Uaireanta, nuair a bhíodh mórán aici le déanamh agus
an ghlaodhach ró dhian air, d'fhanadh sí cuid mhaith de'n
oidhche ag árneán.



Sliabh na mBan bhFionn. - IV.


L. 8


Oidhche d'á raibh sí ag árneán ar an gcuma san agus
an saoghal 'n-a gcodladh, d'airigh sí mar bhéadh daoine ag
teacht chun an doruis chuici. D'osgail an dorus, agus
do bhuail chuici an dorus isteach mórsheisear ban agus
ualach éigin idir a lámhaibh acu. Nuair fhéach sí cruinn
ortha féin agus ar an ualach, chonnaic sí gur bean mharbh,
nó bean a bhí i laige, a bhí acu 'á thabhairt leó eatartha.
Thugadar isteach an bhean, agus shíneadar ar an úrlár í.
Do phreab an bhean abhrais 'n-a suidhe, agus chaith sí uaithi
an obair.



"An marbh atá an bhean san?" ar sise leó.



"Ní h-eadh," arsa duine acu; "ní'l ach iarracht de laige
uirthi."



Do phreab an bhean abhrais agus thug sí léi saghas éigin
leighseana a bhi istigh aici. Chuireadar an bhean a bhí i laige
- chuireadar i n-aice na teine í; agus pé dochtúireacht
a dhein an bhean abhrais uirthi níor bh'fhada go dtáinig sí
chuice féin. Do tháinig sí chuici féin i dtreó gur eirigh sí
aniar ar a cabhail. D'ól sí deoch ó'n mnaoi abhrais, agus
d'ith sí roinnt bídh uaithi, ach níor labhair sí focal amach
as a béal. Do labhair an bhean abhrais léi go minic an
fhaid a bhí sí ag tabhairt an bídh di, ach níor tugadh aon


L. 9


fhreagra uirthi. Nuair a bhí sí tagaithe chuici féin ar fad,
agus a h-anál aici d'á fhághail go breagh bog, dubhairt an
bhean abhrais léi mar seo : "Sín anois go fóil, a 'nín ó,
ar an leabaidh, agus tiocfaidh do neart duit." Do shín.



Ansan dubhairt duine de'n mhórsheisear leis an mnaoi
abhrais :



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal agat,
Cíoram é, slámam é; ach is fearr-de sinn cong-
namh fhághail."



Sliabh na mBan bhFionn. - V.



Le n-a linn sin do rug sí ar chuid de'n olann, agus
dhírigh sí ar an olann do chíoradh agus do shlámadh. Le


L. 10


linn an fhocail a rádh dhi, "Is fearr-de sinn congnamh
fhághail," d'fhéach sí ar mhnaoi eile de'n mhórsheisear. Do
labhair an bhean san an chaint chéadna, sé sin :



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal agat,
Cíoram é, slámam é; ach is fearr-de sinn congnamh
fhághail."



D'fhéach sise ar an gcuma gcéadna ar an dtríomhadh bean.
Dubhairt an tríomhadh bean an dán céadna, sé sin:



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal
agat,
Cíoram é, slámam é; ach is fearr-de sinn congnamh
fhághail,"



agus d'fhéach sí ar an gceathramhadh bean, agus dubhairt
an ceathramhadh bean an chaint chéadna. Mar sin dóibh
go dtí go raibh an mhórsheisear acu ar an ndícheall, beirt
acu ag cíoradh, agus beirt acu ag slámadh, agus duine
acu ag sníomh, agus beirt acu ag tochrais agus iad ag
obair ar seól.



Bhí an bhean abhrais ag féachaint ortha, agus chonnaic sí
an obair áluinn a bhí acu 'á dhéanamh, agus bhí áthas uirthi.
Chonnaic sí an t-ualach mór oibre a bhí roimpi le déanamh,
connaic sí ag dul i luighead é go tiugh, agus na ceirthlíní
deasa ag dul i líonmhaireacht, agus bhí áthas mór uirthi.
Chonnaic sí, leis, go raibh an obair 'á dhéanamh ní b'fhearr
'ná mar fhéadfadh sí féin é dhéanamh, agus do chuir san
iongnadh uirthi i dteannta an áthais. Bhí an cíoradh ní
b'fhearr, mar dheineadh sé an olann ní ba bhoige. Bhí an
slámadh ní b'fhearr, mar dheineadh sé an olann ní ba
réidhe. Bhí an sníomh ní b'fhearr, mar do dheineadh sé an


L. 11


snáth do réir a chéile ar aon raimhdeas, gan oiread agus
aon chasadh amháin ann ní ba mhó ná ní ba lugha 'ná mar
ba cheart, gan sgruig ná snaidhm air, gan caolú ná ramhrú
air, ach é go breagh sleamhain cómhchaol cómhthéagartha. Bhí
áthas mór uirthi agus í ag féachaint ar an obair, mar bhí
fhios aici cad é a fheabhas a thaithnfeadh an snáth leis an
muintir go mba leó é, nuair a chífidís é.



Nuair a bhí sí tamall ag féachaint ortha ar an gcuma
san, tháinig míogarnach uirthi, agus thuit a codladh uirthi
go sámh.



Sliabh na mBan bhFionn. - VI.



Nuair a dhúisigh sí as a codladh, bhí sé 'n-a lá gheal.
Chruinnigh sí a meabhair, agus d'fhéach sí 'n-a timcheall.


L. 12


Ní raibh duine ná daonaidhe sa tigh ach í féin. Bhí an mhór-
sheisear imthighthe. D'fhéach sí i dtreó na leapthan. Ní
raibh aoinne sa leabaidh. D'fhéach sí i dtreó na h-áite
'n-ar cheart an chruach mhór olla bheith ann. Ní raibh aon
phioc de'n olann ann, ach bhí cruach bhreagh mhór cheirthlíní
i n-inead na h-olla. Ansan do thuig sí gur dhein an
mhórsheisear ban an obair go léir, agus nuair a bhí an
obair déanta acu gur imthigheadar agus isi 'n-a codladh.
Ag machtnamh di ansan ortha, agus 'ghá dtabhairt chun a
cuimhinte, do thuig sí 'n-a h-aigne ná feadaidh sí riamh
'n-a súilibh cinn mná ba bhreaghtha 'ná iad; ach b'í an
t-ochtmhadh bean, an bhean a cuireadh sa leabaidh, an
bhean ba breaghtha dhíobh go léir. D'fhéachadar go léir,
an mhórsheisear, breagh thar na beartaibh go dtí gur
chuimhnigh sí i gceart ar an mnaoi a thug sí as an laige.
Mná breaghtha, mná fíor bhreaghtha, a b'eadh an mhórshei-
sear, dá mba ná beadh ann ach iad. Ach i n-aice na mná
a bhí sa leabaidh mná gránna a b'eadh iad.



Ach cé'r bh'í an bhean áluinn óg a bhí sa leabaidh? Agus
cad fé ndeara do'n lagachar úd teacht uirthi? Agus cad
fé ndeara dhi gan aon fhocal do labhairt? Nó cad a thug
ann i n-aon chor í? Níor dheabhruigh sí gur bhain sí leis an
gcuid eile acu. Ba dhóich le duine ortha gur bh'amhlaidh a
fuaradar lasmuich i n-áit éigin í, agus í sa bhfanntais,
agus gur thugadar leó isteach í chun í thabhairt as an bhfann-
tais. Sin mar a bhí an bhean abhrais ag machtnamh ar an
sgéal, agus é ag teip uirthi tón ná ceann fhághail air.
B'éigean di eirighe as.


L. 13


Sliabh na mBan bhFionn. - VII.



Do thárla, roinnt aimsire 'na dhiaidh san, go raibh ualach
mór olla aici arís le cíoradh agus le slámadh agus le
sníomh agus le tochrais, go raibh eagal uirthi ná tiocfadh
léi go deó na h-abhraisí bheith ullamh i n-am aici do'n
mhuintir a chuir chuici iad. Bhí lá ó mhaidin caithte aici ag
déanamh na h-oibre, agus bhí éacht de'n obair gan déanamh
agus an oidhche ag tuitim. Thug sí léi solus árneáin,
agus shocaruigh sí ar an oidhche thabhairt ag obair. Do las
sí an solus, agus chrom sí ar an obair. Ní raibh sí a-bhfad
ag obair nuair a h-osgaladh an dorus, agus bhuail chuici
isteach bean agus caipín a clóca amach ar an ceann aici.
Dhein sí suas ar an áit 'n-a raibh an bhean abhrais ag obair,
agus sáidh sí a dhá láimh san olann, agus



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal
agat,
Cíoram é, slámam é; is fearr-de sinn congnamh
fhághail,"



ar sisi. Ní raibh ach an dán beag ráidhte aici nuair a
bhuail an tarna bean isteach, agus sháidh sí an dá láimh
san olann, agus dubhairt sí an leath-rann céadna. Níor
bh'fhada go raibh an mhórsheisear acu istigh, agus na lámha


L. 14


sáidhte san olann acu, agus iad ag obair go tiugh. Bhí
fhios ag an mnaoi abhrais go maith cé'r bh'iad a bhí aici, agus
bhí áthas mór uirthi, mar bhí fhios aici nár bh'fhada go mbéadh
an obair go léir déanta, agus déanta go maith.



Chomáineadar leó ag obair, go dtí go raibh an tsla-
mairc dheirineach de'n olann 'n-a snáth, agus an snáth
deirineach tochraiste ar an gceirthlín deirineach, agus an
ceirthlín sin caithte ar an gcruaich ceirthlíní a bhí fásta
sa chúinne.



Sliabh na mBan bhFionn. - VIII.



"Táim ana bhuidheach díbh, a uaisle," arsa'n bhean abhrais;
"ní fios cathain a bhéadh an méid sin oibre déanta agam
dá mbéadh orm é dhéanamh am' aonar. Táim ana bhuidheach
díb, a uaisle!"


L. 15


"Is ceart cómhar do dhíol, a bhean mhacánta," arsa'n
chéad bhean a tháinig isteach. "Dheinis-se dhúinne an
oidhche eile úd a bhíomair anso nídh ná raibh ar ár gcumas
féin a dhéanamh. Is é is lugha is gann dúinne teacht agus
an congnamh so thabhairt duit-se. Ní fios ná go
mb'fhéidir go mbeadh gádh againn led' chabhair arís."



"Agus is é is lugha is gann dómh-sa cabhair a thabhairt
uaim pé uair a bheidh gádh leis an gcabhair, arsa'n bhean
abhrais.



D'eirigheadar go léir, agus tharraingeadar caipíní
a gclócaí anuas ar a gceannachaibh, agus d'imthigheadar.



Do deineadh an obair chómh maith san gur tugadh fé
ndeara ar fuaid na cómharsanachta feabhas na h-oibre,
agus gur mhéaduigh ar an gcúram a curtí ar an mnaoi
abhrais sin. Thagadh an olann 'n-a beartaibh móra troma
ag triall uirthi. Nuair a bhíodh an iomad de'n obair aici le
déanamh, agus gan ar a cumas teacht air, pé dícheall a
dhéanfadh sí ná pé árneán a dhéanfadh sí, thagadh an mhór-
sheisear agus dheinidís an obair di.



Fé dheire tháinig an t-am 'n-a raibh an leanbh úd adubh-
radh, go raibh sí ag dul chun báis, agus an bhuairt go léir
ar a h-athair agus ar a máthair. Ansan tháinig an t-am
'n-a raibh daoine tuisgionacha 'ghá rádh nár bh'í an leanbh
féin a bhí ann i n-aon chor; gur fuaduigheadh an leanbh
féin, agus ná raibh sa leabaidh ansúd ach iarlis a fágadh
ann nuair a fuaduigheadh an leanbh. Ansan tháinig an
t-am agus fuair an iarlis bás.


L. 16


Sliabh na mBan bhFionn. - IX.



An oidhche chéadna a fuair an iarlis bás, tháinig an
mhórsheisear isteach go dtí an bhean abhrais agus cailín
acu agus iad 'á h-iomchar eatortha, díreach mar a bhí an
chéad uair úd.



"Tá gádh led' chabhair againn, a bhean mhacánta,"
arsa'n chéad bhean díobh a labhradh i gcómhnuidhe.



Do phreab an bhean abhrais chuca, agus thóg sí ar a
bacalainn an cailín a bhí, dar léi, marbh nó i bhfanntais
chómh trom san gur cuma é nó í bheith marbh gan méam inti.
Ní túisge fhéach sí uirthi 'ná mar aithin sí í. An leanbh a
fuaduigheadh is í a bhí ann. Ní baoghal gur leig an bhean
abhrais uirthi gur aithin sí í. Thóg sí léi síos sa tseómra
í agus shín sí ar a leabaidh féin í. Chrom sí ar bheith a


L. 17


d'iarraidh í thabhairt as an bhfanntais díreach mar a dhein sí
leis an gcéad chailín úd. Bhí rud aici go dtugtí biorán
suain air. An t-é go sádhfaí an biorán suain sin 'n-a
cheann, thiocfadh codladh air a bhéadh ana chosmhail le bás,
agus ní thiocfadh sé as an gcodladh san go dtí go dtar-
raingeófaí an biorán suain as a cheann. Do sháidh an
bhean abhrais an biorán suain i gceann an chailín, ach dhein
sí é a ganfhios do'n mhórsheisear. Bhí an mhórsheisear ag
cíoradh agus ag slámadh agus ag sníomh, agus bhí an bhean
abhrais a d'iarraidh an chailín do tabhairt as an bhfanntais,
dar léi, agus bhí an oidhche ag imtheacht.



Fé dheire bhí an lá ag teacht, agus ní raibh an cailín ag
teacht chuici féin, ná aon phioc d'á dheabhramh uirthi go
dtiocfadh sí chuici féin go luath. Bhí an mórsheisear ag
cogarnaigh go dian. I ndeire na cogarnaighe do labhair
an chéad bhean acu do labhradh i gcómhnuidhe.



"A bhean an tighe," ar sisi, "ní foláir dúinne bheith
ag imtheacht. Tabhair-se aire mhaith do'n chailín sin, agus
tiocfaimíd anso chugat arís nuair a thiocfaidh an oidhche.
Beidh sí tagaithe as an bhfanntais um an dtaca san.
Tabhair aire mhaith dhi, agus tabharfar do thuarasdal go
maith dhuit."



"Déanfad, a uaisle," arsa'n bhean abhrais.



Ansan d'imthigheadar.



Sliabh na mBan bhFionn. - X.


L. 18


Tháinig an lá. Chómh luath agus bhí sé 'n-a lá gheal do
tharraing an bhean abhrais an biorán suain a' ceann an
chailín. Tháinig a meabhair do'n chailín láithreach, agus a
ciall, agus d'eirigh sí. D'aithin sí an bhean abhrais.
D'innis sí do'n mhnaoi abhrais conus mar a tugadh deoch
éigin di a bhain a meabhair di agus ná feidir sí cá raibh sí
as san amach, go dtí go dtáinig a meabhair di agus í ar a
leabaidh ag an mnaoi abhrais.



Thug an bhean abhrais rud le n-ithe agus le n-ól di.
Ansan, chómh luath agus bhí an biadh agus an deoch caithte
aici, agus í láidir a dóithin chun gluaiste, chuir sí clóca
léi féin uirthi, agus chuir sí caipín an chlóca amach ar a
ceann, i dtreó ná féadfadh aoinne a h-aghaidh a
dh'fheisgint. Ansan do bhuail an bheirt amach agus thána-
dar go tigh muintire an chailín. D'innis an bhean abhrais
do'n athair agus do'n mháthair an sgéal go léir tríd síos.
Thuigeadar é go maith. Bhí áthas ana mhór ortha, nídh nár


L. 19


bh'iongnadh. Bhíodar ana bhuidheach de'n mhnaoi abhrais,
agus dubhradar léi arís agus arís eile go ndéanfaidís
an bheart a bhí déanta aici dhóibh do chúiteamh léi.



Tháinig sí a-bhaile, agus bhí sí ag cur agus ag cúiteamh
'n-a h-aigne, féachaint cad é an freagra thabharfadh sí ar
na mnáibh uaisle úd nuair a thiocfaidís. Níor mheas sí
go raibh aon fhreagra a b'fhearr a thabhairt ortha 'ná a rádh
leó go dtáinig an cailín chuici féin as an bhfanntais agus
gur imthigh sí. Nuair a tháinig an oidhche bhí sí ag faire
chuici agus ag feitheamh. D'imthigh tosach na h-oidhche, agus
níor thánadar. Bhí lár na h-oidhche ann agus iad gan
teacht. Thuit a codladh uirthi ar an dtinteán, ach níor
thánadar. Tháinig an lá agus níor thánadar. Tháinig
an oidhche arís agus níor thánadar. D'imthigh lá, agus dhá
lá, agus seachtmhain, agus mí, agus níor thánadar 'n-a
goire. D'imthigh an bhliadhain. Dubhairt sí léi féin ná
tiocfaidís a thuille.



Sliabh na mBan bhFionn. - XI.



Bhí dhá bhliadhain imthighthe. Bhí sí ag obair, agus ana
chruach olla aici le cíoradh agus le slámadh agus lé sníomh.


L. 20


Bhí an oidhche tar éis tuitim, agus bhí an choinneal árneáin
ar lasadh aici, agus í 'ghá socarú féin chun na h-oidhche
chaitheamh ag obair. Do tógadh an laiste agus do
h-osgaladh an dorus, agus bhuail chuici isteach an chéad
bhean úd, agus caipín a clóca ar a ceann aici chómh fada
san amach nár fhéad an bhean abhrais a dh'fheisgint ach an
dá shúil, - ach bhí an dá shúil sin ar lasadh go géar agus
go h-aibigh. Dhein sí suas ar an olann agus sháidh sí a
dhá láimh ann, agus dubhairt sí:



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal
agat,
Cíoram é, slámam é; is fearr-de sinn congnamh
fhághail."



Is ar éigin a bhí an focal deirineach ráidhte aici nuair
siúd isteach an tarna bean, agus caipín a clóca amach
ar a ceann aici agus a dhá súil ar dearg-lasadh fé'n
gcaipín. Siúd chun na h-olla í, agus sháidh sí a dhá láimh
ann, agus dubhairt sí an chaint chéadna. Bhíodar ag
teacht ar na gcuma san go dtí go raibh trí naonbhair acu
istigh agus iad ag obair go dian.



Bhí sgannradh ag teacht ar an mnaoi abhrais, ach níor
leig sí uirthi go raibh. Bhí fhios aici go raibh droch fhuadar
éigin fútha, ach bhí sí ag faire chuici. Fé dheire do labhair
bean acu, an chéad bhean úd do labhradh i gcómhnuidhe.



"Eirigh, a bhean an tighe, " ar sisi, "agus cuir síos
tuille teine dhúinn. Tá an oidhche fuar."



Ní raibh an oidhche fuar. Agus bhí teine mhaith sa tínteán
cheana. Ach d'eirigh sí agus chuir sí tuille móna ar an
dteine. Do leig sí uirthi go raibh áthas ana mhór uirthi
mar gheall ar an obair a bheith acu 'á dhéanamh chómh tiugh.


L. 21


"Cuir an corcán mór san thall ar an dteine, a bhean
an tighe," arsa'n bhean a labhradh; "tá tart agus ocras ag
teacht orainn."



Corcán ana mhór a b'eadh é. D'fhéadfaí duine do chur
isteach ann agus é bheiriú 'n-a bheathaidh ann.



Sliabh na mBan bhFionn. - XII.



Nuair a bhí an corcán ar an dteine do labhair an bhean
arís.



"Imthigh," ar sisi, "agus tabhair leat uisge, agus cuir
sa chorcán san é, nó brisfear é. Ta an teine ró theith."



Thug an bhean abhrais fé ndeara iad go léir ag bagairt
ar a chéile agus ag gáiridhe fé n-a n-anál. Níor leig sí
aon nídh uirthi. Do thóg sí crúsga léi, agus chuaidh sí
amach chun an tobair, agus thug sí crúsga uisge isteach léi,
agus chaith sí an t-uisge isteach sa chorcán. Ní líonfadh
fiche chrúsga an corcán. Do leig sí uirthi ana dhithneas


L. 22


a bheith uirthi ag ruith chun an tobair agus ag teacht, a
d'iarraidh an chorcáin do líonadh chómh luath agus do
b'fhéidir é. Nuair chonnacadar ag déanamh an dithnis
í, bhí ana bhagairt acu ar a chéile agus ana gháiridhe ar
siubhal acu fé n-a n-anál. Ní raibh aon choinne acu go
raibh aon droch amhras aici ortha.



Nuair a bhí roinnt mhaith des na crúsgaíbh uisge tabh-
artha léi aici ó'n dtobar, do rith sí amach chun ceann eile
thabhairt léi, agus dubhairt sí, ag gabháil amach di: "Ní
mór dom breis dithnis a dhéanamh, a uaisle, nó beidh sibh
marbh ag an dtart agus ag an ocras sar a mbeidh an
corcán san lán agam."



Bhí sí ag ruith ag gabháil amach di, agus do lean sí ag
ruith go dtí go raibh sí ró fhada ó'n ndorus chun iad a
dh'aireachtaint fothraim a cos. Ansan do stad sí, agus
chaith sí dhi a bróga, agus tháinig sí thar n-ais gan aon fhoth-
ram a dhéanamh. Nuair a bhí sí i n-aice an doruis, i leath-
taoibh, chuir sí cluas uirthi féin féachaint an aireóchadh sí iad
ag déanamh aon chainte. D'airigh.



"Ní fada go mbeidh sé lán a dhóithin," arsa'n bhean a
labhradh i gcómhnuidhe.



"Cad a dhéanfaimíd ansan, a ríogan?" arsa bean
eile acu.



"Cuirfimíd isteach ann í, agus beireóimíd 'n-a beathaidh
í. Cuirfimíd biorán suain inti ná bainfear aisti go
ceann tamaill," arsa'n chéad bhean.



Sliabh na mBan bhFionn. - XIII.


L. 23


Nuair airigh an bhean abhrais an focal san, do shleamh-
nuigh sí thar n-ais chun na h-áite 'n-ar fhág sí an crúsga
agus na bróga. Chuir sí uímpi na bróga, agus do rith sí
timcheall go dtí an taobh eile de'n tigh. Ansan d'osgail
sí a béal agus a cliabh, agus chuir sí liú aisti go h-árd
agus go binn, liú a h-airigheadh breis agus míle mór-
thimcheall ó'n áit 'n-a raibh sí 'n-a seasamh.



"A chómharsain, a pú-ú-ú-ú-ú-ú!" ar sisi, "ruithidh,
ruithidh, ruithidh! Tá Sliabh na mBan bhFionn trí theine!
Sliabh na mBan bhFionn trí theine!! Sliabh na mBan
bhFionn trí theine!!!"



D'airigh na trí naonbhair a bhí istigh an liú agus an
ghlaodh agus an fógradh. Chaitheadar an obair as a lámhaibh,
agus siúd amach iad, agus iad ag baint an doruis d'á
chéile, agus siúd suas an cnoc iad chómh mear agus bhí sé
'n-a gcosaibh. Chaith an bhean abhrais ar an dtalamh í féin
go dtí go rabhadar imthighthe ó'n ndorus. Ansan do rith
sí isteach, agus dhún sí an dorus, agus chas sí an eochair


L. 24


sa ghlas, agus chuir sí geasa ar an eochair an dorus a
choimeád dúnta. Chuir sí an ursal 'n-a seasamh ag an
iarta, agus chuir sí de gheasaibh uirthi gan corruighe as an
áit sin. Bhuail sí buille de'n tuaigh i mblac adhmaid, agus
chuir sí de gheasaibh ar an dtuaigh gan corruighe as an áit
sin. Chuir sí gach aon rud eile i n'áit féin ar an gcuma
san, agus chuir sí iad go léir fé gheasaibh cruadha gan cor-
ruighe as an n-áiteanaibh go dtí go bhfuasgalóchadh sí féin
iad ós na geasaibh. Ar éigin a bhí an rud deirineach curtha
daingean fés na geasaibh aici, nuair airigh sí na mná uaisle
ag teacht chun an doruis. Thug duine acu iarracht ar
an laiste dh'árdú. Ní raibh aon mhaith ann. Bhí an glas
ar an ndorus.



Sliabh na mBan bhFionn. - XIV.


L. 25


"Osgail an dorus, a bhean an bhréidín," arsa'n bhean
amuich, "go gcríochnóchaimíd an obair duit."



"Ní osgalóchad," ar sisi, "mar do curfaí sa chorcán
mé!"



"Osgail, osgail, a eochair an ghlais!" arsa'n bhean
amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa'n eochair. "Táim anso sáidhte
sa ghlas, agus táim fé gheasaibh cruadha an dorus a
choimeád dúnta."



"Osgail, osgail, a ursal na lorgan bhfada!" arsa'n
bhean amuich.



"Ní fhéadfainnn é," arsa'n ursal. "Táim anso am'
sheasamh am' áit féin i n-aice na teine, agus mo cheann leis
an iarta, agus na geasa cruadha orm gan corruighe as an
áit seo."



"Osgail, osgail, a thuagh!" arsa'n bhean amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa'n tuagh. "Táim anso am'
áit féin, agus mo bhéal sáidhte san adhmad, agus na geasa
cruadha orm gan corruighe as an áit 'n-a bhfuilim."



"Osgail, osgail, a cheirthlín!" arsa'n bhean amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa'n cheirthlín. "Táim anso san
áit 'n-ar fhágais mé, agus na geasa cruadha orm gan cor-
ruighe as go dtógfar díom na geasa úd a chuiris féin
orm nuair a chaithis uait mé."



"Osgail, osgail, a roth an turainn!" arsa'n bhean
amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa roth an turainn. "Tá an
tsrang orm, agus ní féidir dom corruighe gan cead ó'n
sraing."



"Osgail, osgail, a shrang!" arsa'n bhean amuich.


L. 26


"Ní fhéadfainn é," arsa'n tsrang. "Táim ar an
roth, agus ní féidir dom a dhéanamh ach an tromán do
chasadh."



"Osgail, osgail, a thromán!" arsa'n bhean amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa'n tromán. "Tá na geasa
cruadha orm gan a dhéanamh ach an fhearsad so do chasadh."



Chomáineadar leó ar an gcuma san ag glaodhach ar na
neithibh a bhí istigh, agus 'á iarraidh ar gach nídh dhíobh an
dorus a dh'osgailt dóibh, ach do theip gach aon rud ortha,
mar bhí gach aon rud fé gheasaibh i n'áit féin. Fé dheire
chuimhnigheadar ar rud nár cuireadh fé gheasaibh riamh,
agus nár bh'fhéidir a chur fé gheasaibh an fhaid a fágfaí
istigh é, mar ní raibh aon gnó le déanamh istigh aige. Ach
bhí an bhean abhrais ró ghasta dhóibh. Bhí fhios aici ná féad-
fadh sí aon gheasa do chur ar rud ná raibh aon tairbhe aige
le déanamh. B'é rud é 'ná uisge na gcos. Nuair nár
bh'fhéidir na geasa do chur air, is é rud a dhein sí leis 'ná
é chaitheamh an dorus amach sar ar dhún sí an dorus.



"Osgail, osgail, a uisge na gcos!" arsa'n bhean
amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa uisge na gcos. "Táim anso
féd' chosaibh san aoileach."



Nuair a fuaradar an freagra san ó uisge na gcos, bhí
fhios acu go raibh buaidhte ortha. D'imthigheadar go
feargach. Táid siad thuas i n-áit éigin sa chnoc ó shin,
agus níor airigheas gur thánadar anuas fós.


L. 27


Cúán Fithise.



I.



Sa bhliadhain d'aois an Tighearna seacht gcéad, a cúig
(705), do ghabh Conghal árd rígheacht na h-Éireann. Mac ab
eadh an Conghal san d'Fheargus Fanat ua Dómhnaill mic
Aodha mic Áinmhireach. Dhá bhliadhain tar éis teacht i
gcómhacht dó do chruinnigh sé a shluagh agus do chuaidh sé
isteach i gCúige Connacht agus do loisg sé agus do sgrios


L. 28


ré an Chúige chómh fada le Mágh Muirisce. Tháinig sé
abhaile, agus an bhliadhain 'n-a dhiaigh san do chruinnigh sé
a neart airís, neart slógh Chúig' Uladh go léir, agus tháinig
sé isteach i n-Uíbh Faeláin i gCúige Laighean agus chrom
sé ar an dtír do sgrios agus do losgadh.



Faelán ab ainim do'n rígh a bhí ar Chúige Laighean an uair
chéadna. D'airigh sé an sgéal, Conghal do ghabháil long-
phuirt 'n-a thír, agus i n-ineadh a nirt féín do chruinniú
agus do chórú agus do ghléasadh i gcoinnibh Chonghail, is é
rud a dhein sé 'ná teachtairí chur ag triall air agus tabhar-
thaistí móra thabhairt dóibh le bronnadh air, le h-ionchas
go ndéanfadh sé síothcháin agus go n-imtheóch' sé abhaile.



D'airigh Conghal na teachtairí bheith ag teacht agus cad a
bhí acu 'á thabhairt leó, agus cad a bhí uatha. Ghlaoidh sé
chuige ar a raibh d'uaislibh sa longphort, agus do labhair
sé leó ar an gcuma so : -



"Imthighidh go léir amach as an longphort," ar seisean,
"agus fanaidh i n-áit éigin as radharc na dteachtairí seo
atá ag teacht ó Fhaelán chúgham-sa, agus cuireadh gach
aoinne agaibh chúgham anso isteach an cábóg is mídheabh-
raichíghe agus is stracaithe ar a theaghlach."



Cúán Fithise. - II.


L. 29


D'imthigheadar agus dheineadar mar a dubhradh leó.
Níor bh'fhada go raibh longphort Chonghail lán de chábógaibh
a bhí go tútách agus go tuathalach agus go garbh, agus a
mbalcaisí go caithte agus go stracaithe agus go giobalach
ortha, agus gur dhóich le duine ortha gur bh'amhlaidh a bhí
an Life tar éis dul i ndísg, agus gur bh'shiné cúis nár
bh'fhios cathain a chimil aoinne acu braon uisge dh'á aghaidh.
D'imthigh Conghal féin agus chaith sé dhé an brat sróil a
bhí uime, agus chuir sé uime i n'ineadh seana bhrat sróil a
bhí stracaithe, deisighthe seacht n-uaire, agus nár bh'fhios
cad é an dath a bhí air nuair a bhí sé nua.



Tháinig na teachtairí ó Fhaelán. Chuaidh duine des na
cábógaibh amach ag cur fáilte rómpa. Chonnacadar an
stracaire. D'fhéachadar ar a chéile. Dubhradar gur
mhaith leó dul i láthair an ríogh, i láthair Chonghail.



"Téanaig oraibh," arsa'n stracaire. Do leanadar


L. 30


é. Bhíodar ag féachaint ar a chéile agus ag cogarnaigh
lastiar dé.



"Is fearr gan na tabharthaistí thabhairt uainn go mbeidh
'fhios againn cé dhó go mbeimid 'á dtabhairt," ar siad le
n-a chéile.



Thánadar isteach i láthair Chonghail. Do leath a súile
ortha. Chonnacadar na stracairí tútacha go léir, uaisle
an ríogh, dar leó. Chonnacadar an rí féin 'n-a shuidhe ar
fhuairmín, a ghruaig ar sile leis gan cíoradh gan réidhteach,
a aghaidh chómh mór i ngátar uisge na Life agus bhí aghaidh
aon duine des na stracairí uaisle a bhí 'n-a thimcheall.
Bhí circín idir a lámhaibh aige. Bhí cos na circe briste,
agus bhí cliath ag Conghal 'á chur le cois na circe.



D'fhéach na teachtairí ar an rígh. D'fhéachadar 'n-a
dtimcheall ar na h-uaislibh. Fé dheire dubhradar le
Conghal gur bh'é Faelán, rí Laighean, a chuir iad chun labh-
artha le Árdrígh Éireann.



Cúán Fithise. - III.


L. 31


"Is túisge biadh 'ná bréithre," arsa Conghal. "Beir-
tear na fir seo go h-áit an bhídh," ar seisean, "agus
tugtar rud le n-ithe agus le n-ól dóibh ar dtúis. Ansan
féadfaid siad teacht agus a innsint dúinn cad deir
Faelán."



Do rugadh na teachtairí go dtí an áit 'na raibh an biadh
ullamh dóibh. B' é sin a áit a bhí go h-aindeis. Bhí bórd
mór láidir fada leathan ann, agus níor bh'fhios cathain
a cimileadh éadach ná uisge d'a clárachaibh. Is é biadh
a bhí ar an mbórd 'ná muc agus í beirbhthe agus a fionna
uirthi. Má bhí ocras ortha bhí ortha féin an mhuc do
ghearradh agus na guairí bhaint di, sar a' bhféadfaidís
an fheóil a dh'ithe. Bhí suidhcháin mór-thimcheall an bhúird,
ach má bhí ní fhéadfadh aoinne des na Laighneachaibh suidhe
ortha. Do shaileóch' na suidhcháin an t-éadach áluinn uasal
glan a bhí ar na Laighneachaibh.


L. 32


Dheineadar seift éigin ar an mbiadh d'ithe agus ar an
oidhche sin do chur díobh i longphort Chonghail. Ar maidin
lar n-a mháireach d'iompuigheadar soir abhaile. D'inn-
seadar d' Fhaelán cad a chonnacadar. "Rí gan áird
iseadh é siúd," ar siad, "agus daoine gan áird iseadh
na daoine atá 'n-a thimcheall. An saidhbhreas a rugamair
linn ba mhar a chéile dhúinn é chaitheamh isteach sa Life agus
é thabhairt dó súd. Thugamair linn thar n-ais é. Ní gádh
dhuit, a rí," ar siad, "aon bhuairt a bheith ar th'aigne mar
gheall ar an gConghal úd. Pé áit 'na dtabharfaidh sé
a aghaidh, ní fiú muintir na h-áite sin iad do chothú mura
bhfuil ionta iad féin do chosaint ar an sméirle úd agus
ar a shluagh stracairí."



Bhí Faelán sásta. Níor chuir sé a thuille suime sa
sgéal.



Chómh luath agus bhí na teachtairí imthighthe, d'eirigh Conghal
agus chaith sé dhé an seana bhrat, agus do nigh sé agus do
ghlan sé é féin agus chuir sé a bhrat ríogh uime. Chuir sé
uaidh amach na stracairí, agus ghlaoidh sé chuige isteach
ar na h-uaislibh a bhíodh i n-a fhochair do ghnáth. D'osgail
Conghal a aigne dhóibh ansan.



"Táid na teachtairí úd imthighthe thar n-ais," ar seisean,
"ag triall ar Fhaelán. Déarfaid siad le Faelán nách
gádh dhó aon eagla bheith aige rómhainne anois, mar gur
daoine gan áird sinn agus nách fiu sinn aon tsluagh do
chruinniú i n-ár gcoinnibh. Cuirfidh san fhiachaint ar
Fhaelán gan suim do chur ionainn. Má dheinimíd dith-
neas beidh Cúige Laighean sgiorta againn sar a dtuigfidh
Faelán a dhearmhad."



Do ghluais Conghal agus a shluagh agus do sgriosadar


L. 33


Cúige Laighean go léir. Bhí sé ar feadh leathbhliadhna
ag sgrios agus ag creachadh na Cúige agus gan blúire
suime ag Faelán d'á chur sa sgéal. Is amhlaidh a bhí na
Laighnigh 'ghá gcosaint féin anso agus ansúd, chómh maith
agus d'fhéadaidís é, fé mar a thagadh a namhaid chúcha.



Cúán Fithise. - IV.



Bhí aon fhear amháin ar na Laighneachaibh agus fear ana
chródha b'eadh é. Cúán Fithise ab ainim do'n fhear san.
Dhein an fear san mórán dochair agus mórán díobhála
do shlóightibh Chonghail. Bhí each aige, agus nuair a bhíodh
sé ar mhuin an eich sin ní fhéadadh eachra Chúig' Uladh go
léir teacht suas leis. Thagadh sé ar mhuin an eich sin isteach


L. 34


sa n-áit 'na mbíodh tiugh slógh Chonghail. Bhíodh a lán acu
marbh aige sar a dtugaidís fé ndeara i gceart cé bhíodh
ann. Ansan do theitheadh sé uatha. Do léimeadh gasra
dhíobh ar a gcapaillibh agus do leanaidís é. Ní bhíodh aon
mhaith dhóibh ann. Pé méid acu a bhéadh 'n-a dhiaigh, ná pé
iarracht a dheinidís ar theacht suas leis, d'imthigheadh sé
uatha de thoradh reatha. Bhídís ag faire air chun teacht
timcheall air, i dtreó nár bh'fhéidir dó dul uatha nuair a
bhéidís roimis ins gach aon bhall. Ach bhíodh seisean ag
faire ortha-san, agus an uair ba dhóigh leó go mbíodh greim
acu air, is amhlaidh a bhíodh leath a mbíodh ar a thóir marbh
aige agus é féin imthighthe. Aon bheirt, ná triúr, ná ceath-
rar a thagadh i n-aonfheacht air, ní bhíodh ionta ach mar a
bhéadh beirt nó triúr nó ceathrar leanbh fé n-a láimh, bhí a
leithéid sin de neart ann; agus bhí a leithéid sin de choisigh-
eacht sa n-each ná féadadh puinn fear teacht i n-aonfheacht
air pé 'cu roimis nó 'n-a dhiaigh a bhídís. Do lean an
chleasaidheacht san idir é féin agus slóighte Chonghail go
dtí go raibh cuid mhaith acu marbh aige agus go raibh an
méid a bhí beó acu cráidhte ciapaithe aige.



Chuir Conghal sgéala chuige gur mhaith leis labhairt leis.
Do thoiligh Cúán chuige. Do ceapadh an áit 'na bhféad-
faidís an chaint a dhéanamh. Ar dhá thaobh cumair ab eadh é
agus an cumar ana dhoimhinn, i dtreó nár bh'fhéidir d' aoinne
acu feall a dhéanamh ar an nduine eile.



Do labhair Conghal.



"Cad fé ndeara dhuit, a Chúáin," arsa Conghal, "bheith
ag déanamh an uilc go léir ar mo shluagh?"



Is fiafraighe tar cubus duit-se an fhiafraighe sin, a
Chonghail," arsa Cúán. "Tá fhios agat go dian mhaith


L. 35


cad fé ndeara dhom é. Agus dá mbéadh puinn eile de
m'shórd-sa ag pléidh leat anso i gCúige Laighean níor
bh'fhada go mbeadh a fhios níos fearr agat."



"Is fíor dhuit-se an chaint sin, a Chúáin," arsa Conghal,
"agus ní baois ná bladhman duit an chaint do rádh, mar
tá do ghníomh chómh maith le d'chaint. Ach ní fheicim féin,
a Chúáin , cad 'n-a thaobh ná féadfadh caradas a bheith ead-
rainn, idir thusa agus mise. Ba charadas é do dhéanfadh
tairbhe dhuit-se agus do thír do dhúchais. Nuair ná tagann
Faelán agus tu chosaint mar ba cheart dó teacht, ní
fheicim cad 'n-a thaobh nár cheart duit féin tairbhe do thíre
do dhéanamh le caradas idir thu féin agus mise."



Cúán Fithise. - V.


L. 36


"Ní deacair é an coinghíoll," arsa Conghal. "Tabhair
dómh-sa an t-each san fút, agus tabharfad-sa dhuit a dhá
luach, agus caradas buan."



"Ná h-abair-se an chaint sin, a Chonghail," arsa Cúán.
"Ní'l aon bhreith ar an gcoinghíll sin do chómhlíonadh.
Bheirim-se mo bhriathar duit-se go daingean, a rí, ná
suidhfidh Ultach ar mhuin an eich seo ag creachadh Laighean
agus mise am' beathadh!"



"Ní dócha gur cóir locht fhághail ort-sa mar gheall air
sin, a Chúáin," arsa Conghal. "Is áluinn an t-each é. Is
iongantach an luas cos atá ann. Ar mhisde leat a
dh'innsint dúinn, a Chúáin," ar seisean, "cad í an fholuigh-
eacht atá sa n-each san, nó cá bhfuair sé an choisigheacht
uathbhásach atá aige?"



"Ní misde go deimhin, a rí," arsa Cúán. "Láir a bhí
agam féin sa bhaile do rug an t-each so, agus ambriathar
nár láir ró mhaith í. Ar m' fhearann féin do rugadh an
t-each so agus is ann a tógadh é."



"Is mór an truagh nách féidir dom é cheannach uait, a
Chúáin," arsa Conghal.



"Ní'l leigheas air, a rí," arsa Cúán.



Do sgaradar.


L. 37


Do ghlaoidh Conghal chuige na marcaigh ab fhearr a bhí
'n-a shluagh.



"Leanaidh Cúán indiu," ar seisean, "agus ná casaidh
thar n-ais uaidh go dtéidh sé go dorus a chaisleáin féin.
Nuair a bheidh an t-each úd sa n-áit 'nar h-oileadh é, agus
ameasg na n-each gur tógadh eatartha é, ní bheidh sé ró
dheacair daoibh-se breith air féin agus ar a mharcach."



Dhein na marcaigh mar adubhairt Conghal leó. Do
leanadar Cúán. D'imthigh Cúán uatha gan an t-each do
chur chun leath a dhíchill. Ach níor chasadar. Do leanadar
é, agus deir a seanachas go raibh fothram mór agus
talamh-chumsgú ag eachra Uladh ar thóir eich Chúáin, agus go
raibh rian a gcos ar an dtalamh agus ar na clochaibh sa n-áit,
le feisgint ar feadh abhfad 'n-a dhiaigh san, agus go raibh
an t-aer 'n-a ndiaigh 'n-a bhladhm lasrach leis na spréa-
chaibh teine chreasa a bhí ag cruitibh na n-each 'á bhaint a'
clochaibh an ghleanna. Do leanadar Cúán ar an gcuma
san go dtí gur tháinig sé isteach i n' fhearann féin. Ansan
do rith eachra an fhearainn tímcheall ar each Chúáin. Do
chuir san righneas ar Chúán. Tháinig na h-Ultaigh suas leis,
agus ní triúr ná ceathrar acu a tháinig suas leis an uair
sin, ach an tsluagh go léir a bhí 'n-a dhiaigh. Do marbhuigheadh
é agus do baineadh an ceann de. Do rugadh a cheann
agus a chapall ag triall ar Chonghal. Ansan iseadh
adúbhairt Conghal na focail seo: -



"Is ceólmhar na h-óga so
Ag argain na Life seo!
Is binn foghar an chatha so
Um cheann Chúáin Fithise!"



críoch.


L. 38


Tá dhá ghabhairín bhuidhe agam is mínseach bhainne, mínseach
bhainne,
Brisean siad mo chroidhe ionam á dtabhairt abhaile, dtabh-
airt abhaile,
Ní'l áit agam 'na gcrúdhfainn iad, ach síos am hata, síos
am hata,
Leigean mo hata tríd é ar fuaid a' bhaile, ar fuaid a'
bhaile.

Tá dhá ghabhar sa choill agam is caoire geala, caoire geala,
Ní íosfaidís aon nidh dhom, ach barr an aitinn, barr an
aitinn,
Cuirim i dteannta 'n chlaidhe iad le stúmpa bata, stúmpa
bata,
Siúd tar mhull' an chlaidhe iad's i bhfad ó bhaile, i bhfad
ó bhaile.


L. 39


Sin port ná fuil ag an bpíobaire Heelan Laddie, Heelan
Laddie.
Port ná fuil ag an bpíobaire Heelan Laddie, Heelan
Laddie.
Seán ó Ceala 'n píobaire 's bíodh sé mar sin, bíodh sé mar
sin,
Seán ó Ceala 'n píobaire 's bíodh sé mar sin, bíodh sé
mar sin.



Bó na leath adhairce.


L. 40


Thíos cois na toinne 'seadh beathuigheadh mo chaora
Ag Diarmuid Ua Dioláin ó Bharra na hAoine,
Mac drithár athar dom a chuir le faill í,
Easba tobac a bhí ar a' gcladhaire.



Curfá -



Bó bó bó na leath adhairce,
Bó bó 'sí an tseana chaor' adharcach,
Bó bó bó na leath adhairce,
Bó dhruimfhionn dearg 's ní fheadar cá bhfaighead í.



Bfhearr liom ná sgilinn go bhfeicfinn mo chaora
'Teacht go dtí'n doras ar maidin nú 'stoidhche,
Thálfadh sí bainne dhom, bheathóch' sí uan dom,
Chuirfeadh sí jacketeen deas ar mo ghualainn.



Curfá -



bó bó, &c.



Chonac-sa beirithe í, chonac dá roinnt í,
Chuireas-sa dúil inti, blúire ní bhfaighinn di,
Ó nár dheas í ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana-chaor' adharcach.



Curfá -



Bó bó, &c.



Dá mbeinn-se i rachmas, i ngradam, 's i n-oighreacht,
Thabharfainn-se giní ar chupala sladhais di,
Ó nár dheas í ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana-chaor' adharcach.



Curfá -



Bó bó, & c.


L. 41


D'íosfainn lán pice dhi d'íosfainn lán oidhinn di,
D'íosfainn-si sliotar den tseana-chaor' adharcach,
Ó nár dheas í o nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana-chaor' adharcach.



Curfá -



Bó bó, & c.



Cathain Bheam Saor.



Cathain bheam saor?
Cathain bheam saor?
Cathain bheam saor ó'n nasc?
Cathain bheam saor
Mar cheileabhra éin,
Amuigh i san spéir
Ó cathain bheam saor ar fad.


L. 42


Ní bheimíd-na saor,
Ní bheimíd-na saor,
Ní bheimíd-na saor ó'n nasc,
Ní bheimíd-na saor
Go n-ainteócham sinn féin
Idir pós agus préamh
'S go gcuirfam le chéile a gceart.



Conas is féid,
Conas is féid,
Ar n-aithne féin gan sdad?
Le teagasc is céil
'Bheith ag an bpopal go léir
Is le fuath agus daod
Do dhíbirt d'á chéile ar fad.



Conas is féid,
Conas is féid,
Cuir le n-a chéile i gceart?
Seasamh mar aon,
Lé dóigh asainn féin,
Is gearram ó phréimh
An daoirse go léir amach.



Pádraig Ó Laoghaire ó Bhéara do cheap.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services