Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg Saor

Title
Tadhg Saor
Author(s)
Ó Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1905
Publisher
Irish Book Co.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TADHG SAOR.



Dráma aoin ghnímh, dráma suilt.



An fhuirean.



Tadhg Saor. Sagart.



Duine uasal iasachta. Crost (buachail sráide).



Bean Thaidhg. Bás (buachail sráide).



Nóra (cailín an tighe). Beirt lucht airm.



Dochtúir. Cailíní agus buachailí.



AN CHÉAD NOCHTADH.



Amuigh ar shráid.



Duine uasal iasachta. - Dia 's Muire dhuit-se.



Bás. - Dia 's Muire dhuit, a's Pádraig, a dhuine uasail.



D. I. - Nách é seo sráid Magh Chromtha agam?



Bás. - Ambasa ach isé, a dhuine uasail. An fada thánaís?



D. I. - Nár chóir gur chuma dhuit! Nách éachtach an obair ná
féadfaidh duine teacht isteach i sráid iasachta gan gach aon dail-
tín a bhuailfidh uime bheith 'ghá fhíafraighe dhe an fada tháinidh sé!
Ní'l duine a bhuail umam ó thánag nár chuir ceisd éigin de'n
tsórd san orm.



Bás. - Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail. Níor chuireas-
sa ceisd ort go dtí gur chuiris féin ceisd ormsa ar dtúis.
Cheapas nár bh' fholáir nó thánaís tamal maith ó bhaile agus a rádh
ná raibh ainim na sráide seo agat.



D. I. - Tá a h-ainim anois agam. An bhfuil fear 'n.-a chomh-
nuighe sa tsráid seo gur bh'ainim dó Tadhg Saor?



Bás. - Ambasa féin tá, a dhuine uasail. Cad dob áil leat
dé?



D. I. - Féuch airís! Airiú greadadh chúgaibh, a shloigisg dhroch
mhúinte! Ar thugbhúir riamh eólus do dhuine gan bheith ag ceis-
diúghchán air?



Bás. - 'Sdó feuch anois, a dhuine uasail, is tusa atá ag ceis-
diúghchán ormsa.



(Tig Crost.)



Crost. - Éist do bheul, a bhligáird, agus ná bí ag tabhairt
gach ré seadh do'n duine uasal. Cad é seo ort, a dhuine uasail?
Ná bac an breallán san. Ní'l aon chial aige. Imthig leat féin
as so!


L. 9


(ag tabhairt coise agus láimhe do bhás agus 'gá chomháint amach.)



Cia atá uait, a dhuine uasail, agus béarfadsa chuige thu?



D. I. - An bhfuil aithne agat ar Tadhg Saor?



C. - Togha na h-aithne, a dhuine uasail.



D. I. - Cad é an saghas fir é?



C. - Fear cruaidh láidir iseadh é, a dhuine uasail. Ní'l aon
fhear sa pharóisde is feár ruith agus léim 'ná é. Ní dóich liom
go bhfuil aon fhear sa phróisde ná druidfadh i leith taoíbh ó n-a
mhaide nó ó n-a bhuile dhorn. B'fhéidir go bhfaighfí fir níos mó
agus níos truime 'ná é acht ní'l an fear san ag teacht isteach
go sráid Magh Chromtha d'fhéadfadh é laímhsiáil. Chonacsa gníomh
aige dh'á dhéanamh agus chuirfadh sé iongna ort.



D. I. - An dóich leat san? Cad é an gníomh é?



C. - Bhí saighdiúirí anso anuirig nuair a bhi an t-eleiction
againn. Thugadar an oidhche istig sa chaisleán. Is ann a curtar
chum codlata iad i gcómhnuighe nuair a thagaid siad. Nuair
a bhí an t-eleiction críochnuighthe bhíodar ag imtheacht. Bhí
cuid acu lasmuich de gheata an chaisleáin agus cuid acu lais-
tig dé. Tá ráil iarainn lasmuich de'n chaisleán chum na
mbeithigheach do choimeád amach ó'n bhfala nuair a bhíon aonach sa
tsráid. Tá an ráil os cionn chúig troighthe ar aoírde. Do shea-
saimh captaen an airm laistig de'n ráil. Ní raibh aon ruthag
aige mar ní raibh puínn slíghe idir an ráil agus fala an chaisleáin.
Níor dhéin sé acht seasamh suas leis an ráil laistig agus eiríghe
de bhunaibh a chos agus teacht de léim tar ráil amach. "Come,"
ar seisean,
Bhíos féin ag éisteacht leis. Siúd anonn mé go tig Thaidhg.
D'ínseas dó cad a bhí tuitithe amac. Siúd a leith é, ceann-
lomrachta. Sheasaimh sé suas leis an ráil lasmuich. D'eirigh sé,
gan ruthag, de bhunaibh a chos agus chuaidh sé de'n léim sin glan
tar ráil isteach. Acht ní túisge do luig a chosa ar an dtalamh
istig 'ná d'eirigh sé airís agus táinig sé de léim ghlan, i ndiaigh
a chúil, tar ráil amach! Do leath a súile ar a raibh ag feuchaint
air. D'fheuch sé ar an gcaptaen. "Come," ar seisean, "Where
is the b - y Orangeman that will do that?" Tháinig fearg ar
an oificeach. Tharaing sé a lámh. Thug Tadhg fé ndeara an
iaracht agus an droch fhuadar. Nuair a bhí an buile ag teacht do
shnap sé síos a cheann agus d'imthig an iaracht folamh. Ó'n
bhfuinneamh a bhí le n-a láimh do chas an t-oificeach ar a chosaibh.
Le n-a línn sin do h-aimsígheadh é ag bun na cluaise le buile
dhorn ó Thaidhg agus do síneadh ar an dtalamh é go breágh socair.
Bhí Tadhg imthighthe sul a raibh a fhios i gceart ag an gcuid eile
acu cad a bhí tuitithe amach.



D. I. - Ba mhaith liom an fear san d'fheiscint. Cá bhfuil a
thig?



C. - Téanam ort. Buail mar seo.



(Imthighid.)


L. 10


AN DARA NOCHTADH.



Tig Thaidhg.



Tadhg Saor (i n'aonar). - Greadadh chúcha mar bháilídhe! Táim
ciapaithe acu. Ní thugaid siad suíghe suainis dom. Is dóich leó
gur ceart do dhuine airgead do bhaint as na clochaibh dóibh.



(Tig Bás isteach.)



Bás. - Tá duine uasal iasachta ar do lorg, a Thaidhg.



T. - Cá bh' fhios duit, airiú, a bhligáird! Cá bhfuil sé, nó cad
é an saghas é?



Bás. - Saghas stuacach, geallaim duit é. D' fhiafraidh sé
díom a' raibh aithne agam ar Thadhg Saor agus nuair fhiafraígheas
de cad é an gnó a bhí aige díot ba dhoich leat go n-íosfadh sé mé.



T. - Go n-ithig rud éigin é! Cá bhfuil sé anois?



Bás. - D' fhágas é féin agus Crost ag caint le chéile. Ní
deirim ná go bhfuil sé chugainn.



(Tig crost agus an duine uasal iasachta isteach.)



Cad ba ghádh dhuit me bhualadh, a Chrost! Ní raibh aon nídh agam
d'á dhéanam as an sligh ort.



C. - Féuch, a Thaidhg. Seo duine uasal agus tá gnó éigin
aige dhíotsa.



(Ruitheas Tadhg leis féin.)



D. I. - Cad 'tá air? Cad chuige gur rith sé uaim?



C. - B' fhéidir dá neósthá an gnó atá agat dé gur bh'usaide
dhuit dul chum cainte leis. Fear mór-chúraim iseadh é agus ní
thaithnean caint dhíomhaoín leis. Inis dom cad é an gnó atá
agat de agus leanfad é.



D. I. - Sdó, d'airigheas feirm thailimh do bheith le díol aige
laistiar de Mhagh Chromtha i mBall éigin agus thánag feuchaint an
bhféadfinn an fheirm do cheanach.



C. (I n-árd a chinn 's a ghutha). - A Thaidhg!



T. (Laistig). - Ná bí am' bhodhradh! Cad tá uait?



C. - Tá duine uasal anso agus Ba mhaith leis raint cainte
dhéanamh leat.



T. (Laistig). - ABair leis teacht amárach. Tá ana bhruid
gnótha orm indiu.



C. - Cad deirir leis sin, a dhuine uasail?



D. I. - Imthig isteach agus abair leis gur airígheas go raibh
feirm aige le díol agus gur maith liom í cheanach uaidh má
fhéadaim é.



(Imthighid Crost agus Bás isteach.)



D. I. (I n'aonar). - Seadh! seadh! seadh! (ag sgeartabh ar
gáiríbh). Dar fiadh is dóich liom go ndéanfir an gnó, a Thaidhg. Is
dócha gur cheap sé gur bháile me. Ní'l aon ghrádh dos na báilibh
aige. Gan leat go fóil, a Thaidhg, béidh spórt againn, geallaim


L. 11


duit é. Ní fheadar an bhfuil puínn airgid sa tig aige. Is minic
báilí i ndiaigh dhuine agus nách duine gan airgead é. Is minic a
bhíodar go teith am dhiaig féin agus an t-airgead am phóca agam.
Na claidhrí! Ní h-iongna liom gan aon bháidh a bheith aige leó.
Éist!



(Sgiúrdas amach. Tig beirt lucht airm isteach.)



An chéad fhear. - Thabharfinn an leabhar go raibh sé anso.



An dara fear. - Má bhí ní'l sé anois ann.



An chéad fhear. - Mar seo amach a ghabh sé. Téanam!



(Imthighid.)



AN TRÍMHADH NOCHTADH.



Tig Thaidhg.



Tadhg Saor agus crost agus bás.



T. - Ambasa má's mar sin atá an sgéal aige ní deirim ná
gurab amadán é. Is dócha go bhfeacaidh sé an fhógairt a cuireadh
ins na pápéraibh i dtaobh na feirme. Imthig ort siar, a Bhás,
agus abair le h-Amhlaoibh go bhfuil a léithéid anso agus go raghad-
sa agus é féin siar ar maidin ag feuchaint na feirme. Abair
leis gach aon rud do bheith i dtreó mhaith aige rómhainn. Má tá
póca trom aige seo gheabhaidh sé éadtromúghadh sul a'mbeiridh
an oidhche amárach air. Imthig-se, a Chroist, agus féuch an bhfeicfá
airís é agus tabhair chugam isteach é.



(Imthighid Crost agus Bás.)



Is éachtach an saoghal é. An t-amadán duine uasail seo agus a
dhá dhóithin airgid aige agus ná féadfadh sé é choimeád. Feirm
thailimh atá uaidh! Dá mbéadh an t-airgead agamsa geallaim
duit nár mhór liom dó an fheirm. Béidh sé cortha go maith dhi
sul a' bhfaighidh sé a chuid féin airís aiste!



(Tig an duine uasal iasachta.)



Ó! míle fáilte rómhat, a dhuine uasail! Gabhaim párdún
agat! Gaibh mo leathsgéal. Tá oiread san le déanamh agam
agus bíon oiread san daoíne ag glaodhach orm ó mhaidin go
h-oidhche nách féidir dom teacht ar iad go léir do fhriothálamh.



D. I. - Ná Bíodh ceisd ort, a dhuine uasail. Is tu Tadhg
Saor, measaim.



T. - Is mé cheana.



D. I. - Tá go maith. Is tu a bhí uaim. Tá feirm thailimh agat
le díol tamal amach ó'n sráid seo. Ba mhaith liom í cheanach uait.
Ba mhaith liom dul agus í fheicsint ar dtúis. An bhfuil sí abhfad
as so? Nó cad é an treó 'na bhfuil sí?



T. - Tá sí suas le deich míle 'shlígh as so. Ní'l aon deabhramh
fóghanta ar an dtráthnóna. Bhéadh sé chómh maith agat fanmhaint


L. 12


anso go lá agus ansan d'fhéadfimís araon bualadh siar ar ár
socaracht, ar maidin.



D. I. - B'fhéidir an ceart do bheith agat. Acht is deacair
liom bheith ag déanamh ceataíghe dhuitse agus do d' mhuíntir thíghe.



T. - Ná bíodh ceisd ort. (Go h-árd.) A Nóra!



Nóra. - Teacht!



(Tig Nóra.)



T. - Córuíghthear an rúm láir do'n duine uasal so. Fanfidh
sé go lá. Faghaidh rud le n-ithe dhúinn. Cathain a bheidh dínnéir
olamh agat dúinn?



Nóra. - Chomh luath agus is féidir é.



T. - Téanam, a dhuine uasail, agus taisbeánfad an t-sráid
duit.



(Imthighid.)



Nóra. - Aililiú! dínnér olamh, - duine uasal iasachta, - an
rúm láir, - fanfidh sé go lá. - Obair seachtmhaine i n-aon leath-
uair a'chluig amháin! Gurab é an mac malachtain a bhéarfidh na
h-uaisle leis!



(Imthigheas.)



AN CEATHRAMHADH NOCHTADH.



Tig Thaidhg.



(Tadhg agus an duine uasal iasachta 'na suighe ag bórd. Buidéil 'na n-aice,
agus glainí. Iad ag imirt chártaí. Stadas an D. I. ag feuchaint suas ar
an gclog.)



T. - Cómáin leat! Cad a chíon tu sa chlog san?



D. I. - Cuirean sé i gcuímhne dhom rud greanmhar a imthig
orm tá suím bliaghanta ó shin ann. Clog mar é sin díreach a bhí
ann. B'fhéidir gurab é an clog céadna é! An fada atá sé
agat?



T. - Tá sé ansan is dócha le fiche bliaghain.



D. I. - Ní h-é an clog céadna é mar sin.



T. - Agus cad iad na míorbhuiltí a dhéin an clog a deirir-se?



D. I. - Ní raibh aon mhíorbhuilt i n-aon chor ann, acht is maith
na chúig phúint a chaileas mar gheall air.



T. - Agus conus a chailis an t-airgead mar gheall ar chlog?



D. I. - Is amhlaidh a dúbhairt duine éigin ná féadfinn an port
beag so do choimeád ar siúbhal ar feadh uair a' chluig, ag freag-
airt do thromán an chloig, mar seo, feuch-



"Anonn 's anall
A's tríd an abhainn
A Chaileach, a mharbhaís mé!
A Chaileach, a mharbhaís mé!"



Chomáineas liom ar feadh tamail agus cheapas ná raibh aon bhaoghal


L. 13


ná go bhféadfinn é dhéanamh. Bhí an tromán ag suathadh chómh réidh
díreach agus atá an tromán san. Acht do cuireadh an geall,
chúig phúint an duine againn. Shocaruígheas mé féin i gcathaoír
ar aghaidh an chluig amach agus chromas ar chómhreamh-



"Anonn - 's anall
A's tríd - an abhainn
A Chaileach - a mharbhaís mé!
A Chaileach - a mharbhaís mé!"



Uair an chluig a bhí orm an cómhreamh do choimeád ar siubhal agus
gan aon chor do'n tromán do leigint uaim. Geallaim duit ná
raibh céad luasgadh cómhrighthe agam nuair a shleamhnuig luasgadh
uaim os cómhair mo shúl! Ní fheadar an tsaoghal cad d'imthig
orm. Geallaim go raibh maga fúm i dteanta an airgid do bheith
chailte agam. Thrialas go minic ó shin é agus dá mbeinn dhá uair
a'chluig ag cómhreamh ní shleamhnóch' aon luasgadh uaim. Níor chuir
aon rud riamh a leithéid d'iongna orm.



T. - Ní fheadarsa leis cad d'imthig ort. Ní fheicim aon
ghníomh ann ná féadfadh aoinne dhéanamh go mbéadh aon chruinneas
i n-aon chor ann.



D. I. - Siné díreach a cheapas féin sul ar chuireas an geall.



T. - Cuirfidh mé geall leat go ndéanfad féin anois é.



D. I. - Ó, ambasa ní chuirfinn.



T. - Cad 'na thaobh? An amhlaidh a bhéadh díombádh ort a rádh
go ndéanfinnse an rud a theip ort féin?



D. I. - Ní h-é sin é, acht bhéadh sé chómh maith agam mo lámh
do chur isteach ad phóca agus do chuid airgid go ghuid uait. Ní
bhéadh aon bhreith agat ar é dhéanamh nuair a bhéadh an geall thíos.



T. - Cuirfidh mé deich púint leat go ndéanfad é.



D. I. - Ní maith liom do chuid airgid do thógaint.



T. - Má theipean orm ní mór liom duit é. Seo. Cuir do
dheich púint ansan ar an mbórd i dteanta mo dheich bpúnt-sa.



D. I. - Seo, má 'seadh, bíodh agat. Beatha dhuine a thoil. Bhí
sé sa mhargadh am aghaidh-se go bféadfadh an fear eile fothram
do dhéanamh ar fuid an tighe, chum mearbhail do chur orm, acht ná
bainfadh sé le m'beul.



T. - Tá go maith. Déin-se do rógha fotram acht gan baint
le m'beul-sa.



(Socaruígheas Tadhg é féin i gcathaoír ar aghaidh an chluig amach.)



Tá an clog anois díreach ag déanamh ar bhualadh. Chómh luath
agus bhéidh buailte aige tosnóchad. Nuair a bhuailfidh sé airís
béidh an uair a' chluig caithte agus is liomsa an t-airgead.



D. I. - Tá go maith.



(Buailean an clog agus luíghean Tadhg ar a phort.)



T. - "Anonn - 's anall
A's tríd - an abhainn," agus c., agus c.


L. 14


(Sgaoíleas an duine uasal leis ar feadh tamail. Ansan díríghean se ar
fhothram do dhéanamh. Ar ball euluíghean sé lastiar de Thadhg agus cuirean sé
an fiche púnt chuige. Ansan osgalan sé bosca anso agus cupúrd ansúd
- ag déanamh fothraim mar dh'eadh, - acht nuair chíon sé aon níd fóghanta, éad-
trom, cuirean sé chuige é. Fé dheire imthíghean sé amach agus dúnan sé an
dorus 'na dhiaidh, le fothram mór.)



AN CÚIGMHADH NOCHTADH.



An siopa.



Bean Thaidhg sa tsiopa, laistig de'n chúntar. An duine uasal iasachta
lasmuich de'n chúntar.



D. I. - Deirim leat go bhfuil eagal orm go bhfuil droch nídh
éigin air!



B. T. - Dhe, cad a bhéadh air acht gur dócha gur ólbhúir araon
breis a's bhúr ndóithin de'n bhiotáile!



D. I. - Níor ólamair oiread san de. Ní'l aon mheisge ormsa,
mar a chían tú, agus níor ól seisean acht gach 're ndig liom.
Níor baineadh a leithéid de gheit riamh asam! Tá sé thuas ar
aghaidh an chluig amach agus caint éigin ghreanmhar ar siúbhal aige.
Tá sé 'ghá chasadh le cailig éigin gur mhairbh sí é. Níor airígheas
a leithéid de chaint riamh ar siúbhal ag aoinne agus é 'na mheabhair
shaoghalta. Ba mhaith liom go raghfá suas.



(Siúd suas í. Ní'l sí abhfad thuas nuair a h-airightear an liú aici d'á chur
aisti go truagh-mhéileach. Siúd suas na diaidh a bhfuil de chailíníbh agus de
bhuachailíbh sa tig. Siúd an duine uasal ag cuardach agus ag cur chuige.)



AN SÉMHADH NOCHTADH.



Tig Thaidhg.



(Tadhg díreach mar a raibh sé agus a phort ar siúbhal aige. É ag suathadh a chínn
go breagh réidh, ag freagairt do luasgadh an tromáin. Bean an tíghe sínte
ar an úrlár i laige. Duine de na cailíníbh, Nóra, ar a glúinibh, i n-aice na
mná, a d'iaraidh í thabhairt tar n-ais. Na buachailí ag féuchaint ar Thadhg
agus ná feadair siad cad is maith dóibh a dhéanamh. Dá shúil Thaidhg ar an
gclog agus a phort aige dá sheint, gan suím i n-aon rud aige.)



Nóra. - Greada chugaibh, a phaca amadán! An bhfuil aon
mheabhair ag aoinne agaibh? Preabadh duine agaibh láithreach a
d'iaraidh an tsagairt agus duine eile agaibh a d'iaraidh an doch-
túra!



(Siúd amach iad go léir. I gceann tamail seo isteach an sagart.)



Sag. (d'éis tamail do thabhairt ag féuchaint ar Thadhg agus
ag éisteacht leis an bport). - Cad é seo ort, a Thaidhg?



T. - "Anonn - 's anall," agus c., agus c.



Sag. - An fada atá sé ar an gcuma san?



Nóra. - Ní fheadar, a Athair. Bhí duine uasal iasachta anso
'na theanta, agus níor airígheas blúire go dtí gur tháinig Bean


L. 15


an tíghe ainíos agus gur chuir sí liú aisti a raghadh tré d' chroídhe!
Ó! Dia linn! Ní'l sí ag teacht chúichi féin fós!



(Tig an dochtúir isteach agus casóg cuímhrighthe (a straight jacket)
ar a bhaclainn aige.)



Docht. - Haló! a Thadhg, cad é seo ar siúbhal agat anois?
Feuch, a Nóra, tóg suas mar seo í. Siné!



(Osgalas an bhean a súile agus cuirean sí liú eile aisti.)



Docht. - Taisbeáin do chuisle, a Thaidhg.



(Sgaoíleas Tadhg an chuisle leis.)



Cuir amach do theanga.



(Crothas Tadhg a cheann gan stad d'á phort. Tagas an doctúir i n-a aice,
lastiar dé. Leathan sé an chasóg ar shlinneánaibh Thadhg. Sleamhnuíghean sé, go
breágh réidh, lámh le Tadhg isteach i muinichle, agus an lámh eile isteach sa
mhuinichle eile. Filean sé an dá láimh ar ucht Thaidhg. Taraingean sé na
muinichlí fada treasna an uchta agus siar treasna an droma. Cuirean sé
snaidhmh daingion ar na muinichlíbh. Tadhg i gcaitheamh na h-aimsire ag lean-
mhuint ar a phort, chómh maith agus dá mba ná béadh láithreach acht é féin. Taran-
gas an dochtúir téad as a phóca agus ceangalas Tadhg de'n chathaoír go dain-
gion. Bagras an dochtúir ar cheathrar buachailí. Tig beirt acu ar gach taobh
de'n chataoir. Tógaid an chathaoir agus Tadhg ó'n dtalamh agus tugaid agaid
ar an ndorus.)



T. - Ó! Greadadh chugaibh, a phaca gan chial! Sin fiche púnt
caílte agam mar gheall oraibh.



(Feuchaid go léir ar a chéile. Leigid anuas an chathaoir. Feuchas Tadhg
ar an mbord.)



Ciacu agaibh a thóg an t-airgead a bhí ar an mbord?



(Leathaid a súile ortha go léir.)



Feuch airiú, a dhochtúir, bog díom an rud so. Ná bíodh ceisd ort.
Tá mo chial agus mo mheabhair agamsa chómh maith agus atá agat
féin. - Acht ní dóich liom go bhfuil, ámh. Is dóich liom go bhfuil
gníomh leanabaídhe déanta agam.



(Ruitheas cailín isteach.)



Cail. - Ó! Dia linn! Táimid creachta. Tá bosca an tsiopa
ar leathadh agus an t-airgead imighthe!



(Ruitheas cailín eile isteach.)



An dara cail. - Ní'l aon ghlas sa tig ná fuil briste agus
ní'l aon rud d'fhéadfadh imtheacht ná fuil imthighthe.



Nóra. - Agus feuch airiú! Siné an cupúrd ar osgailt! Is
dócha, a Thaidhg, go bhfuil mo thuarasdal, a thugas le coimeád
duit, imthighthe leis!



Tadhg. - Dar fiadh, má tá, a Nóra, leanfad an bitheamhnach
úd agus cuirfad solus an lae tré n-a phlaosg!



(Tig isteach crost agus bás agus an bheirt lucht airm agus an duine
uasal iasachta eatartha gabhtha.)



An sergeant. - Feuch, a Thaidhg. An aithneóchá an t-airgead
so? Tá deich puint de dílis agus an chuid eile bréagach. Is


L. 16


dócha gur leatsa an méid atá dílis de. Is dócha gur leat an
mion-airgead so leis, agus na giúirléidí eile seo.



T. - Ambriathar mhóide gur mheasas gur dhuine uasal bhocht
shímplídhe é! Airiú conus a thánabhúir suas leis? Seo, a Nóra.
Siné do chuid airgid agat. Tabhair do dhuine éigin eile le
coimeád é feasda. Airiú, a Shergeant, a' chroídhe 'stig, conus
a fuarbhúir greim air?



An serg. - Crost anso a chuir ar a bhaluithe sinn. Tá sean-
aithne againn air féin. Saunders is ainim do. Anall ó Lúnduin
a tháinig sé. Ní'l aon bhitheamnach thall acu is oilte 'ná é. Tá
lucht cuardaig na catharach 'na dhiaidh le fada agus teipithe ortha
teacht suas leis. Geallaim duit go mbéidh fáilte thall roimis
agus ár dtuarasdal go maith dhúinne.



Nóra (go searbh agus go fíochmhar). - Duine uasal iasachta!
- an rúm láir do! - a dhóithin le n-ithe a's le n-ól do! - agus
fanfidh sé go lá! Greagadh chúgat, a chuirpthig! Is maith a bhí a
fhios agam ná raibh aon mhianach fhóghanta ionat. Is mór an sásamh
aigne orm a fhios a bheith agam go bhfuil rúm láir olamh duit-
agus go bhfanfir ann go lá!



Serg. - Fanfidh, a Nóra, agus dhá lá - an dá lá 's 'n fhaid
mhairfidh sé!



Nóra. - Buidhchas mór le Dia!



(Brat anuas.)



CRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services