OIGHREACHT RÓISÍN
DRÁMA ÉIN-GHNÍOMHA DHÁ-THEANGACH.
PADRAIG Ó SÉAGHDHA
(“PÁDRAIG NA LÉIME”)
do sgríobh.
“Ag seo teanga bhinn na Fódla,
sgiath chosanta ríoghacta Róisín.”
L. 6.
CLÓDHANNA TEO:
Ar n-a chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE
I mBaile Átha Cliath.
1910.
OIGHREACHT RÓISÍN
DRÁMA ÉIN-GHNÍOMHA DHÁ-THEANGACH.
AN FHUIREANN.
Róisín Dubh — Éire.
Aingeal — Teachtaire Phádraig Naomhtha.
Giolla Róisín — An t-Árd-easpog Eoin Mac Éil.
Britannia — Sasana.
Giolla Britannia — Whateley.
Diarmuid Óg — Mac le Róisín — Seóinín.
OIGHREACHT RÓISÍN
AMHARC. — Seomra aoibhinn i n-árus ríoghdha. Teastóchaidh doras a bheith
ar chúl an amhairc, agus fuinneog ar a barr chum féachaint tríd.
Doras eile ar an láimh chlé d'fhonn teacht isteach is amach ann.
Tá “Róisín Dubh” i riocht mná óige suidhte i suidheachán 'san
seomra so. Tá brat uaine uimpe — a gruag chíordhubh ag sileadh ar
a guailnibh, agus coróin óir bhuidhe ar a ceann.
Róisín (ag machtnamh). — Badh aoibhinn, ró-aoibhinn an dualgas
do bhronnadh orm-sa. Le bliadhantaibh bhí sé do chúram
ar mo chlainn mhac na ríoghachta is breághtha ar domhan
do thaisteal. Do chuir Dia mar obair shaoghalta ortha
léigheann do sgaipeadh, agus aineolas is aindeise do
dhíbirt rómpa. Do dheineadar soin go dúthrachtach i
ngach áird de'n domhan dár shiubhladar, agus bhí m'ainm
féin i n-áirde de bharr a saothair dhílis. Moladh go
deo le Rígh na Cruinne do chuir an obair bheannuighthe
sin mar dhualgas ortha. “Máthair Chríostuidheachta na
hEorpa” tugadh mar theideal orm-sa ar a shon! Ní
hiongnadh go rabhas mórdhálach, ní hiongnadh go raibh
bród im' chroidhe, toisg a líonmhaireacht is bhí Dia ag
bronnadh A bheannachtan orm an tráth úd. Acht,
fóiríor! d'imthigh an saoghal úd, agus tháinig a mhalairt.
[Tagann aingeal i láthair.]
An t-Aingeal (ag umhlughadh). — Umhluighim duit, a bhruinn-
eall mhaordha. Mise Giolla Phádraig Naomhtha, agus
thánag chughat fé n-a gheasa d'fhonn briathar áirithe do
luadh leat. Is ró-thaithneamhach leis do shaothar, creid
mise leis.
Róisín. — Is aoibhinn liom sain do chlos, mar gur ró-
thaithneamhach liom-sa a mholadh siúd. B'iad a bhriathra
mo bhriathra féin ó thúis.
An t-Aingeal. — Is fíor, agus ní móide rud de ná gur bh'in
é is bun le n-a chúram ar do shon fé láthair. Taoi i
gcontabhairt, a Róisín, agus sidé fé ndeara do
Phádraig Naomhtha mé chur ag triall ort.
Róisín. — Táim i gcontabhairt! Cionnus sain?
An t-Aingeal. — Ní fhuil sé do chead agam é sin do luadh
dhuit fé láthair, acht beidh fhios agat i n-am tráth.
Táim fé gheasa, ámhthach, é chur i n-umhail duit cionnus
thú féin do chosaint nuair a chuirfear cur isteach ort.
Róisín. — Go raibh maith agat.
An t-Aingeal. — Tá claidheamh áirithe d'oighreacht ag ceannas
an tighe seo leis na ciantaibh — ná fuil?
Róisín. — Tá, dar ndóigh. Is féidir liom é theasbáint duit
ar an láthair seo, má's mian leat é.
An t-Aingeal. — Déin é theasbáint dom led' thoil.
[Téidheann Róisín fé dhéin cófra tá 'san tseomra, agus
tugann sí chúiche an claidheamh. Glacann an t-aingeal é.
Tarraingeann sí amach as an dúbla é, agus infhiúchann sí
go géar é.]
An t-Aingeal. — Chím go bhfuil rian fé leith gearrtha i ndorn
an dúbla seo, agus badh mhian liom brígh an bhriathair tá
luaidhte ann do chur i bhfighis ort. (Ag síneadh an chlaidhimh
chum Róisín) Léigh dom é, led' thoil.
Róisín (ag infhiúchadh an dúbla, agus ag léigheamh). — “Ag seo
teanga bhinn na Fódla, sgiath chosanta ríoghachta Róisín.”
An t-Aingeal. — Mar soin. Sidé eochair-sgiath do ríoghachta,
a Róisín. Sidé an claidheamh a dhéanfaidh thú féin agus
do chlann do chosaint nuair a bheidh gábhadh leis, agus
an lá sgarfaidh tú leis an gclaidheamh soin, sgarfair
le ceannas do theaghlaigh féin.
Róisín. — Ní call duit imshníomh a bheith ort go dtuitfidh a
leithéid sin amach. Tá mo chlann-sa ró-dhílis, ró-
bhuan-tseasmhach, agus déanfaidh siad an claidheamh sin
do chosaint go gasta neamh-eaglach.
An t-Aingeal. — “Ná mol ar eagla go gcáinfeá.” Is
deacair an sean-rádh do shárughadh. Is 'mó cor a
chuireann an saoghal de, agus b'fhéidir ná beadh do
chlann-sa chómh dílis sin i gcómhnuidhe. Acht an fhaid
is beidh an claidheamh soin mar sgiath chosanta agat,
ní bhfuighidh do námha buaidh go deo ort.
Róisín. — Go raibh míle maith agat. Glacaim do chómhairle,
a Aingil áigh, agus geallaim duit gur túisge sgar-
fainn lem' anam féin anois ná mar a sgarfainn leis
an gclaidheamh chosanta áirithe seo.
An t-Aingeal. — Dubhraís i n-éinfeacht é, a Róisín. An lá
sgarfaidh tú leis, sgarfair led' anam an lá céadna —
glac m'fhocal-sa ar an méid sin. Beannacht agat.
[Imthigheann an t-Aingeal.]
Róisín (ag machtnamh). — Ní fheadar cad fáth é seo? Díl-chara
dhómh-sa do b'eadh Pádraig Naomhtha riamh, agus
cómhairle mo leasa tá nochtaighthe aige dhom. Is léir
sain. Ní gábhadh an t-imshníomh, ámhthach.
[Nochtann sí an claidheamh agus breathnuigheann sí air.
(Leis an gclaidheamh). Á, a chara dhílis, is aoibhinn taithneamhach
a bhreathnuigheann tú. Is tusa do dheoin Dé i lámhaibh
Pádraig do dhíbir as mo ríoghacht-sa oillphiast na
págántachta. Is tusa do sgaip ceo draoidheachta na
haimhléise a críochaibh Fáil. Is tusa do ruaig rómhat
aineolas is aindeise thar Roinn na hEorpa. Is tusa
do chosain cráibhtheacht, is mánlacht, is macántacht i
ríoghachtaibh móra na cruinne. Agus is eol dom anois
fé chómhairle Phádraig go mbeidhir mar sgéith chosanta
orm féin arís nuair bheidh gábhadh leis.
[Pógann sí dornchlann an chlaidhimh.]
Tá seoda glé ag taithneamh im' bhrághaid go flúirseach,
acht is tusa an seod is gile agus is luachmhaire ortha ar
fad. Á, b'fhíor dom é gur lugha orm sgarmhain lem'
anam féin, ná sgarmhain leat-sa.
[Imthigheann sí amach ar a deis. Sleamhnuigheann Britannia agus
a giolla Whateley isteach ó'n láimh chlé.]
Britannia (ag féachaint timcheall uirthe). —
[Imthigheann siad amach ó'n láimh chlé. Tagann Giolla
Róisín, an t-Árd-easpog Eoin Mac Éil, amach as seomra ar
gcúl mar a raibh sé, an fhaid is bhíodar ag caint.]
Giolla Róisín (An t-Árd-easpog Mac Éil). — Á, agus b'in
fáth bhur gcuairte annso, a chladhairidhe claona! Teas-
tuigheann uaibh an claidheamh luachmhar sain do ghoid.
Á, agus déanfaidh sibh é go cinnte má sgaoiltear libh,
mar tá an ghadaidheacht ceangailte libh do réir dúthchais.
Acht de dheoin Dé, déanfaidh aon duine amháin cion fir
chum cosga do chur libh. Truagh gan an claidheamh soin
ar mo chosaint féin ar leithligh.
[Tagann Diarmuid óg, mac le Róisín, isteach.]
Giolla Róisín (ag crothadh láimhe leis). — Fáilte rómhat a-bhaile,
a Dhiarmuid. Bhís as baile le tamall, ná rabhais?
Diarmuid. — Bhíos — nú, nú — I bees on a cuairt to mo leas-
mháthair Britannia.
Giolla Róisín. — An eadh? Cionnus ar thaithn a hárus súd
leat?
Diarmuid. — Go breágh — eh, eh — finely im' basa. Mo leas-
mháthair an' all her teaghlach was great frinds wid me.
Their árus bees two times bigger and finer nor ourse.
Giolla Róisín (go searbh). — Ní rabhais díomhaoin an fhaid is
bhís i n-a gcuideachtain, a Dhiarmuid. D'fhoghluimighis a
lán uatha!
Diarmuid. — Ní miste dhuit sain a rádh, eh, eh — that's true
dar ndóigh. Mo leas-dhearbhráthair Whateley took me
fé n-a churam, agus táim — I bees ejucated anois go
cinnte.
Giolla Róisín (ar leathtaoibh). — Mo thruagh sibh, a Ghaedheala,
má tá bhur mbrath ar an saghas léighinn seo. (Ós árd). —
Ní fuláir ná go bhfanfaidh tú i n-ár dteannta 'san
bhaile anois, a Dhiarmuid.
Diarmuid. — Fastuighim, a dhuine. Cad ab' áil liom — eh,
what's I want annso? Tá an áit seo ró-mhall, agus
labhrann mo mháthair ró-ig'orant!
Giolla Róisín. — Ní gearánta i n-aon chor ar shaothar d'oide,
a Dhiarmuid. D'éirigh leis do mháthair féin agus an
teinteán i n-ar tógadh thú do chur fé tháir duit. Ní
miste a rádh ná go bhfuilir ag dul chum cinn, a bhuachaill.
Diarmuid. — Is fíor. Bhí an-dhúil i léigheann agam — I had a
great thirst for ejucation ó thúis, agus do shlogas isteach
é, whin I got the shanse.
Giolla Róisín. — Badh dhual dod' mhuinntir féin adhbhar
múchta an tarta sain do bheith go flúirseach 'san bhaile
aca, a Dhiarmuid, agus níor chall dóibh bheith ag rith ar
na cómhursanaibh ar a lorg. Seachain ar eagla gur
“deoch do'n tart nár tháinig” tá tabhartha ag Whateley
dhuit!
[Tagann Róisín i láthair arís.]
Diarmuid (ag preabadh fé n-a déin). —
Róisín (agus iongnadh uirthe). — Cad é seo? Cia mheasann tar-
caisne do thabhairt dom istigh im' thigh féin? (Ag breath-
nughadh ar Dhiarmuid). — Imbás, ní hé mo Dhiarmuid-se do
labhair mar sain liom!
Giolla Róisín. — 'Sé Diarmuid do dhein go dearbhtha, a
mháthair. Is baoghalach go bhfuil meisge an Ghalldachais
ag gabháil dó. Muna mbeadh go bhfuil, ní labharfadh sé
mar sain leat-sa.
Róisín (ag gol). — B'fhearr liom seacht míle uair a fheicsint
sínte fé chlár ós mo chómhair amach ná a theacht tar
n-ais chugham i n-a bhalbhán mar seo.
[Ag greadadh a láimhe].
Mo chreach is mo bhuaidhreadh
Nár tháinig sé chugham-sa
Thar n-ais i n-a fhuar-chorp
Sar ar lot an droch-mhúineadh
Croidhe breágh uasal
Mo chumainn 's mo rúin ghil.
Diarmuid (ag leamhgháiridhe). — Cad tá ort, ould wan, nú what's
a tails you, mater? Cad fáth é seo? 'Dé an chúis an
shindy seo chor ar bith.
Róisín. — Mo mhairg, is mo chreach dhealbh,
Mar tá shindy fada
Im' chómhair go tapaidh,
Agus tusa fé ndeara,
A Dhiarmuid bhracaigh.
Diarmuid. — Ó, I say, mater, chuck id, a deirim leat.
Truagh gan mo leas-mháthair ag éisteacht leat. 'Tis
under you she'd have the gáiridhe.
Giolla Róisín. — Is fút-sa tá an chúis gháiridhe aici, a
Dhiarmuid, is baoghalach. Is measa leat an saghas leas-
mháthair so go bhfuilir ag maoidheamh aisti, ná an té do
chaill leat ó'n gcliabhán. Faire fút arú, a spreallairín
mhío-nádúrtha!
Diarmuid. — Dar fiadh! Ní measa cách ná Conchubhar. I
have cion on mo mháthair chómh maith leis an gcuid eile
agaibh.
Giolla Róisín (go searbh). — Á, is blasta tá sain curtha i
n-iúil, a Dhiarmuid!
Diarmuid. — Why does she be ag labhairt na sean-teangan
úd coitchianta mar soin?
Giolla Róisín. — Ta do cheacht agat go beacht, a bhuachaill.
Á, is olc an t-éan a shailcheann
a nead féin, a Dhiarmuid!
Róisín (leis an ngiolla). — Ná bí ag lot do chuid aimsire ag
aighneas leis siúd. (Le Diarmuid). — Glan as mo radharc,
a fholaire bhig. Is eagal liom nach adhbhar maoidhte ar
an leas-mháthair a peata. Go mairidh sibh araon a
chéile — sin í mo ghuidhe-se dhíbh.
Diarmuid (ag dul fé dhéin an dorais). —
Ní fhuil deireadh agaibh liom-sa —
Róisín. — Sidí an chontabhairt gur mheas an t-Aingeal a chur
i gcéill dom go cinnte. Beag cuimhneamh a bhí agam-
sa go mbeadh an té do tógadh ar mo bhainne cíche féin
ar na daoinibh a chlisfeadh orm i dtráth.
Giolla Róisín. — Is mairg a leigfeadh an óige i gcomh-
luadar na ndroch-chuilleachtan. Is baoghalach gurab
“cómhairle chomhangarach neamh-chómhngantach” atá
glactha ag Diarmuid.
Róisín. — Bíodh aige. Má tá Diarmuid am' thréigean, ní
fhágann sain easbadh cuideachtan orm-sa. An fhaid is
taoi-se, agus mo dhíl-chlann eile agam, ní mhaoidhim-se
giolla an fhill ar mo náimhdibh.
Giolla Róisín. — Ní móide gur miste dhuit, cé gur cómhacht-
aighe an droch-shompla ná an deagh-chleachtadh aon lá.
Meallfaidh sompla Dhiarmuda a lán eile fós, creid
mise leis. Is eol dúinn cionnus a thárluigheann an
uair bhíonn an droch-ubhall agus an deagh-ubhall 'san
méis chéadna!
Róisín. — Is eol. Bíd araon chómh lobhtha le chéile i dtráth.
Tá súil le Dia agam ná fuil sé i ndán dómh-sa mo
chlann féin d'fheicsint galruighthe ar an nós sain.
Giolla Róisín. — Tá súil le Dia agam ná fuil. Acht cogar,
ní mór dúinn bheith aireach. Bhí beirt annso ó chianaibh
an fhaid is bhís-se amuigh, agus ní haon deagh-fhuadar a
bhí fútha, dar liom.
Róisín. — Cia'r bh'iad féin?
Giolla Róisín. — Beirt nárab ionntaoibh duit-se iad, dá
bhfuigheadh siad faill ort. Bhí an leas-mháthair seo do
mheall Diarmuid uait ar dhuine aca, agus a giolla,
Whateley, i n-a cuideachtain.
Róisín. — Ar son an tsaoghail! Agus cad ba bhun leis an
gcuairt sin?
Giolla Róisín. — Gadaidheacht — an rud ba bhun le gach cuairt
dár thug siad riamh ort! Ní'lid sásta tar éis Dhiar-
muda do mhealladh uait. Teastuigheann uatha tú
chreachadh ar fad, má's mian leo.
Róisín. — An mar sain atá? Tá claidheamh maith ar mo
chosaint, ámhthach, agus cáirde tréana cogaidh ded'
leithéid féin chum cuir liom. Sílim go mbeidh “turus
i n-aistear” aca.
Giolla Róisín. — B'fhearr liom ná rud maith go mbeinn
cinnte dhe sin. Beidh Diarmuid páirteach leo feasta,
agus is eol duit gurab ró-nimhneach an namha é an
chara a thréigeann a dhualgas.
Róisín. — Is eol dom soin, acht bíonn a shliocht ar an
ndroich-chinéal de ghnáth. Is mairg a thugann cúl le
cine!
Giolla Róisín (ag infhiúchadh tré an doras). — Á, seo chughainn
Diarmuid arís. Téanam ort isteach annso. Is fé
chómhairle na beirte úd tá sé ag cur na cuairte seo
mar chúram air féin, agus tabhairfaimíd cead a chinn
dó go fóil. Fairfimíd é.
[Imthigheann siad tré an doras ar chúl an amhairc. Is féidir
leo gach nídh dá bhfuil ar siubhal 'san tseomra eile do thabhairt
fé ndeara, tré an ngloine tá ar an doras.]
Diarmuid (ag sleamhnughadh isteach, agus ag breathnughadh timcheall air
go cúramach) — Dar na mionna! 'sé mo choileach do
ghlaodhaigh. Tá an áit ar mo thoil agam. Where be
an claidheamh úd — sin é an mearbhal!
[Ag cuardach ar fuaid na háite].
Ní fheadar cad é an gnó tá ag mo leas-mháthair de!
Acht dar ndóigh, is cuma. Má thuillfead-sa a moladh
siúd, sin a bhfuil uaim.
Badh bhreágh é dá mbeadh soin mar
adhbhar maoidhte aici asam, agus beidh má's féidir
liom. Break the blade, nú maoluigh an faobhar ann —
b'shin í cómhairle mo leas-dearbhráthar. Badh chóir
gurab urus é sin do dhéanamh Cad í an diabhach áite
i n-a bhfuil sé i gcoimeád aca, chor ar bith?
[Cloiseann sé fothram beag leastigh 'san tseomra eile, agus
preabann sé fé dhéin an dorais.]
(Ag imtheacht dó) — Ní dhéanfadh sé an gnó dá n-aim-
seochadh siad annso arís mé, mar tá droch-ionntaoibh
aca asam cheana. I must put it ar gcúl go dtí trath
éigin níos oireamhnaighe.
[Imthigheann sé.]
Giolla Róisín (ag teacht amach) — Féach anois, á mháthair.
Cionnas mar atá? Is léir duit anois nach iad na
náimhde iasachta is contabharthaighe dhuith, acht feall-
sacht do theaglaigh féin.
Róisín. — Ní gábhadh é sin do chur i n-umhail dom; is ró-léir
dom é fé láthair.
Giolla Róisín. — Caithfead-sa tú fhágaint fút féin feadh
sealaid anois. Tá cúram fé leith orm fé láthair.
Róisín. — Ná bí a bhfad uaim, a chumainn. Tusa an treor-
aidhe is gasta, agus is calma ar mo shluagh chosanta
ar fad.
Giolla Róisín (ag gabháil amach dó). — Ná bíodh ceist ort, a
mháthair, ní theipfead-sa ort, geallaim dhuit. Bead-sa
i mbeárnain bhaoghail má cuirtear cath ort. Bí aireach
ar an gclaidheamh úd, an fhaid is bead-sa uait.
[Imthigheann sé.]
Róisín (ag féachaint i n-a dhiaidh). — Á, ní call dom ceist a bheith
orm mar gheall ort-sa, a dhaltha. Budh bheag é mo
bheann ar mo náimhdibh dá mbeadh mo chlann ar fad
mar tusa. Níor chaill máthair riamh le mac ní b'fhearr
is ní badh dhílse ná tusa, a leomhain neamh-eaglaigh.
[Tagann Diarmuid isteach. Tá Britannia agus a giolla
Whateley ag fuireach leis leathsmuigh.]
Diarmuid. — Seadh, a mháthair, ! Féach
gur deacair liom sgarmhain leat.
Róisín. — Á, a Dhiarmuid, badh lag an mhaise uait druim
láimhe do thabhairt liom-sa. Is 'mdhó lá thuiteas leat.
Diarmuid. — Dar ndóigh, níl'im ag tabhairt druim láimhe
leat. Ní gábhadh a leithéid do chasadh liom. I have as
much cion on you now, nú b'fhéidir níos mó, ná mar a
bhí riamh agam ort.
Róisín. — Agus cad mar gheall ar an mhnaoi eile úd, mar
sin, a Dhiarmuid?
Diarmuid. — Tá mo dhualgas ag dul di sin leis — tá mo
chion ag dul díbh araon.
Róisín (go searbh). — Molaim-se an cion — is baoghalach nach
fiú é roinnt, a Dhiarmuid. Ní féidir bheith dílis di-se
agus dómh-sa i n-éinfheacht. Níor tháinig leis an ngob-
adán an dhá thráigh do dhéanamh riamh, tá a fhios agat.
Diarmuid. — Cuirimís suas do'n suainseáin seo. Níor bh'é
sin a thug annso mise. Mo leas-mháthair is comin' ar
cuairt chughat. Tá sí an-cheanamhail orm-sa, agus tá
súil agam go mbeidh tú cineálta léi ar a shon.
Róisín. — Tá sí ceanamhail ort! Mo thruaigh thú, a amadáin
bhoicht! Mo mháchaill! Is mairg a bheadh ag brath ar
chion leas-mháthar!
Diarmuid. — Ó, a mhaise, a mháthair, ó's ag trácht air sin é,
deir sí i gcómhnuidhe go bhfuil an-chion aici ort-sa!
Róisín (ag gáiridhe). — Tá leis — an cion tá ag an gcat fiadh-
aigh ar an éinín. Deirim-se cion leat!
Diarmuid. — Acht beidh tú cineálta léithe ar a shon sain, a
mháthair — ná beidhir anois! 'Twasn't kind for you to
be doicheallach roimh an stróinséir.
Róisín. — Níor dhual dom bheith doicheallach riamh roimh-éinne,
agus ní rabhas riamh, acht an oiread. Acht tá droch-
ainm amuigh ar an mhnaoi seo, agus ní theastuigheann
uaim aon chaidreamh a bheith agam léi. Ní féidir cuimilt
le salachar gan thú féin dó shailchiughadh!
Diarmuid. — Éad a bhíonn ag gabháil dóibh seo a chasann
asmhuchán léi. Féach, a mhaise, deir Whateley féin
liom-sa, dá mb'áil leat-sa a sompla siúd do ghlacadh,
agus beart a dhéanamh dá réir, go leigheasfadh sain gach
galar a bhaineann leat.
Róisín. — An uair bheidh gábhadh agam le leigheas, ní call
dom dul chuige siúd. Ní theastuigheann “quack medi-
cines” uaim. Go deimhin is mór an bhuaidhirt aigne
atá mo shláinte do thabhairt do sna “quacks” dúth-
rachtacha so. Dá mbeadh teinneas ag gabháil dhómh-sa,
a Dhiarmuid, badh mhó é m'ionntaoibh as na luibheannaibh
ícte do bhronn Dia orm, ná as purgóidibh bréige
Whateley, agus a lucht leanamhna.
Diarmuid (ag preabadh i n-a shuidhe) — Ó, seo chughat iad, a
mháthair.
[Tagann Britannia agus Whateley i láthair.]
Britannia (ag déanamh ar Róisín agus ag meangadh gáiridhe uirthe.) —
Róisín (go searbh). — Taoi an-chúramach go deimhin. “My
dear, dear sister!” Am' bhriathar, is tapaidh a chuaidh
ár ngaol i n-athchumaireacht!
Róisín. — Thángais ar chuireadh gan iarraidh, agus is lúgha
ná sain an fháilte atá rómhat. Níor chuireas-sa fios
ort —
Diarmuid — Á, a mháthair, ná bí chomh dian sain. Thugas-sa
cuireadh dhi.
Róisín. — Tusa! Agus cia thug cead riartha féile dhuit-se
im' thigh-se? Ní fhuil baint agat-sa feasta lem'
theaghlach-sa.
Róisín. — Tá briathar áirithe luaidhte 'san Sgríbhinn Diadha,
agus seo é — “Má's adhbhar scannla dhuit do lámh dheas
féin, déin a gearradh díot.” Ní dócha gur airighis an
chómhairle sin cheana, óir is eol dom gur ró-shuarach é
d'eolas-sa ar bhriathraibh diadha. Leanas-sa an chómh-
airle sin an lá do dhiúltaigh Diarmuid orm. Ní gaol
dómh-sa feasta eisean, ná a leithéid.
Róisín (le Britannia). — Dá mbadh é an chéad bhréag agat é,
do thachtfadh sé thú. Éinne a bhí páirteach leat riamh
b'é cuid an mhadraidh bhig a sgar, a shanntóir.
Tá siad ag déanam fé dhéin an dorais, fé'n am go bhpreab-
ann Giolla Róisín isteach.]
Giolla Róisín (ag teacht idir iad féin agus an doras). — Bog
breágh, a cháirde. Tá an iomad deabhaidh oraibh.
(Ag tabhairt Róisín fé ndéara oraibh.)
Is cinnte gur éirigh libh bhur gcleasaidheacht d'imirt
uirthe 'san deireadh. Ní móide go mbeadh teacht as go
bráth aici, muna mbeadh a thapaidhe do bhíos chúiche. Tá
an tigh réabtha agaibh cheana, nídh nach iongnadh. Chím gur
sguababhair libh a claidheamh cosanta! Is mí-oireamhnach
an smut stáin é seo tá fágtha agaibh mar mhalairt aici.
(Ag tarrac an chlaidhimh bhréagaigh as dúbla Róisín).
[Deineann Giolla Róisín anonn ar Whateley. Beireann fé
greim ar bhóna air, agus tugann sé iarracht ar chlaidheamh
Róisín do bhaint amach ó sgáth a chlóca.]
Giolla Róisín (go feargach). — Órlach as an áit seo ní chorfaidh
sibh go dtí go gcuirfear an claidheamh sain thar n-ais i
n-a ionad ceart. Is fada mé ag faire oraibh arú, a
chladhairidhe bitheamhnaigh.
[An fhaid is tá sé ag caint, tugann Giolla Britannia iarr-
acht ar an gclaidheamh do bhriseadh ar a glúin, acht lúbann sé,
agus ní thagann leis é bhriseadh. Tugann Giolla Róisín aghaidh
air, d'fhonn an claidheamh do chosaint, agus táid ag iomras-
gáil go dtagann an t-Aingeal i láthair.]
An t-Aingeal (agus iongnadh uirthe). — Cad é seo ar siubhal i
n-aon chor?
Giolla Róisín (le Britannia). — Is tapaidh a thagann an t-éitheach
chughat, ní 'ghá chur leat é.
(leis an Aingeal). —
Is eol duit-se, a bhean mhánla, nach amhlaidh a bhí.
Claidheamh cosanta is eadh é sin do bronnadh ar ár
sinnsear-ne an uair bhí an saoghal i n-a óige, agus tá
sé d'oighreacht ag ceannas an tighe seo ó shoin a leith.
Sé an claidheamh céadna é do mhol Pádraig Naomhtha
mar sgéith cosanta dom' mháthair féd' chómhairle féin
tráth, má's cuimhin leat é.
An t-Aingeal. — Is cuimhin liom go maith é, go deimhin.
Giolla Róisín. — Mheas an bhean so é do ghoid anois, d'fhonn
go mbeadh ár dtigh gan cosaint ar a gadaidhthibh féin.
Gadaidhe ó dhúthchas is eadh í.
Róisín (ag teacht chúiche féin). —
Cá bhfuilim? Cad a thuit amach? Tá codladh gríbhthín
éigin ag gabháil dom. Ó, mo chlaidheamh, mo chlaidheamh!
Cá bhfuil sé?
Giolla Róisín. — Croith suas tú féin, a mháthair. Chuireadar
so fé gheasaibh droma draoidheachta thú, agus cheapas ná
raibh teacht as do throm-shuan agat go bráth. Muna
mbeadh go dtanag-sa chómh áiseamhail seo ortha, bhís i
n-éagmuis do sgéithe cosanta.
Róisín (ag preabadh i n-a seasamh). — Á, sin é ag an bhfear
soin annsúd é (ag díriúghadh a méire ar Whateley).
Britannia. — Is liom-sa an claidheamh sain.
Róisín. — Go raibh maith agat. Bhí cáil na deigh-bhéasachta
amuigh ort riamh. Acht ní hé sin é, acht é seo, sín a leith
chugham mo chlaidheamh. Ní theastuigheann acht mo chuid
féin uaim, agus beidh sé sin agam, agus ná raibh maith
agat.
An t-Aingeal. — Ní móide go dtiocfaidh libh an cheist do
réidhteach i n-a ceart go bráth, má's ag caitheamh
asmhuchán le chéile atá sibh. Dar liom-sa nach beart
chruaidh le réidhteach é, chor ar bith. Fág fúm-sa é.
Let me decide the ownership of the sword, and my
judgment shall be a purely unprejudiced one. Do
you both agree? An bhfuil sibh araon sásta?
Róisín. — Fágfad-sa fút é, agus fáilte. Is eol duit cheana
cionnus mar atá.
[Síneann Giolla Róisín an claidheamh bréagach chúiche, agus
deineann Whateley amhlaidh le claidheamh Róisín.]
An t-Aingeal. — Cá bhfuil an dúbla anois?
Róisín. — Tá sé ar crochadh as mo chrios annso. Seo dhuit é.
[Tugann an t-Aingeal iarracht ar an gclaidheamh bréagach
do chur isteach 'san dúbla, acht teipeann uirthe. Deineann sí
amhlaidh le claidheamh Róisín, agus sleamhnuigheann sé sin is-
teach go hoileamhnach. Breathnuigheann sí ar dhorn an dúbla,
agus léigheann sí amach go hárd-ghlórach:— “Ag seo teanga
bhinn na Fódla, sgiath chosanta ríoghachta Róisín.”
An t-Aingeal. — Dar liom go bhfuil an méid sin soiléir a
dhóthain. Seo dhuit do chlaidheamh, a bhean mhánla (ag
síneadh an chlaidhimh chum Róisín.) That inscription proves
the ownership of the sword beyond question.
Róisín. — Is fada ó sgar sí síud agus náire le chéile. Ní
fhuil 'san éagcóir do mheas sí a dhéanam an taca so acht
fé mar atá dá dhéanamh aici riamh.
[Deineann Britannia agus a giolla agus Diarmuid fé dhéin
an dorais.]
Britannia (go feargach, ag imtheacht di).
Róisín (ag magadh fúithe). — Slán leat, “dear sister!” Gura'
fada go bhfeiceam arís thú!
[Imthigeann siad.]
An t-Aingeal. — Féach anois, a Róisín, ná raibh gábhadh agat
lem' chómhairle?
Róisín. — Is fíor go raibh, agus leanfad é nídh-sa dhílse
feasta. Má bhíos féin faillightheach, bhí giolla maith
agam.
An t-Aingeal. — Ní misde dhuit sain a rádh, acht bí aireach.
B'fhéidir ná beadh a leithéid i mbéarnain bhaoghail i gcómh-
nuidhe agat.
Giolla Róisín. — An fhaid is leanfaidh sí an bóthar díreach, ní
baoghal di. Tá clann óg ag fás chúiche —
An t-Aingeal. — B'fhéidir go leanfadh siad sompla Dhiar-
muda!
Giolla Róisín. — Ní dóigh liom é. Beidh sé síud agus a
leithéid fé tháir ag pór na fíor-fhola feasta. Beag
eagla orm-sa ná go mbeidh sluagh cosanta go líonmhar
ag mo mháthair i dtráth.
An t-Aingeal. — Ní misde dhuit an deagh-mhuinghin sin a bheith
agat asta. Acht cómhairle do leasa dhuit arís, a Róisín
— Coinghibh greim dian daingean ar an gclaidheamh sain.
Déin é chosaint led' anam, má's gábhadh é. Cuir a
chosaint mar dhualgas ar do chloinn, agus ar chloinn do
chloinne, agus lonnróchaidh solus na saoirseachta go
taithneamhach id' thimcheall go bráth na breithe.
(Brat anuas).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11