Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Blátha Bealtaine

Title
Blátha Bealtaine
Author(s)
de Buitléir, Máire,
Translator
Ua Conceanainn, Tomás
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BLÁTHA BEALTAINE.



Máire de Buitléir do sgríobh i mBéarla;
Tomás Ua Conceanainn d'aistrigh go Gaedhilg.



I. — FÁ THEICHEADH INS NA CNOCAIBH.



TRÁTHNÓNA Lughnasa san mbliadhain
míle ocht gcéad ocht & dá fhichead
bhí comhluadar beag bailighthe thart
timcheall an teallaigh i dteach feil-
méara fá bhun Sliabh na nGalltaoi, i
gConndae Thiobruid Árann.



Bhí Pádraig Ó Riain, fear an tighe,
a bhean, & a n-inghean, Sighle, ag cur
síos go brónach ar an droch-chosamhlacht bhí os comhair na tíre.



Mheath na fataí & gach toradh eile, & bhí an gorta ag
dearcadh idir an dá shúil orra, mar bhí an bhliadhain roimhe sin.
Ní hé sin amháin bhí mar ádhbhar bróin, acht an éirghe amach i
n-aghaidh na Sasanach dhá lá roimhe sin — éirghe amach fairíor!
nach raibh aon tairbhe na dhiaidh acht dólás & céasadh & briseadh
croidhe.



Bhí Riaghaltas Shasana ní ba mheasa ná bhíodar roimhe sin.
Rinneadar croidhe a ndíchill, ní hé amháin na daoine do
smachtughadh acht iad do dhíbirt amach as tír a ndúthchais
féin le beartaidheacht, le mailís & le gach uile shórt
diabhlaidheachta.



Fear tuigseanach céillidhe b' eadh é, Mac Uí Riain. Bhí sé
ag féachaint i bhfad ní ba shine ná mar bhí sé. B' fhollusach
go raibh cosamhlacht duine uasail air. D'fhéach sé brónach go
minic, & níor bh' iongnadh soin, mar is minic bhíodh sé ag
smaoineadh ar an am go mba le na mhuinntir féin & a chuid
gaolta an talamh go léir thart timcheall ar feadh a radhairc,
cé nach raibh sé anois acht na thionónta bheag ar fheilimín
talmhan bhí aige ar chíos ó dhuine do na tighearnaidhibh fuair a
dtiodal ar an talamh ó Chromall na mallacht.



Bí an comhartha buaidheartha céadna ar an mnaoi bhoicht & ar


L. 2


an inghin. Ceapfá gur amhlaidh chuir Dia an díombuaidh & an
buaidhreadh so na n-éadan mar dhiúltadh i n-aghaidh na
sgriosadóirí a ghoid a gcuid maoin & talmhan uatha & leag
anuas san saoghal iad. Bhí an inghean ar mhnáibh deasa na
háite. Ní raibh aon chailín timcheall an cheanntair
thiocfadh i ngar di. Níor bh' ionnann í agus cailíní na
gcomharsan. Bhí sí lán do shult & do ghreann, a cuid súl ag
gáiridhe & a leaca chomh dearg leis an rós. Bhí a cinn-aghaidh
báiníneach, a dreach solasach, gruag mar an ór buidhe ag
teacht anuas na dréimridhibh le na cuid sál, & súile mion-
gháireacha 'na raibh níos mó banamhlachta ná súgradh & sult
ionnta. Ní'l aon duine d'fheicfeadh í nach ndéarfadh leis
féin gur ag cúirt an Ríogh badh chóir dá leithéid bheith, is ní i
dteachaín feilméara.



D'fhanadar i bhfad na suidhe san oidhche. Níor airigheadar
an aimsir ag imtheacht thart, nó gur labhair an t-athair fá
dheireadh & dubhairt: “Maiseadh tá sé i n-am againn bheith ag
dul a chodladh. Is iomdha fear tréan calma nach bhfuil aon
fhaill aige air sin féin anocht, acht ag rith le n-a anam trasna
cnoic & gleannta ar a theicheadh, dá threasgairt & dá ruaigeadh
ó áit go háit mar dhéanfadh gadhar le coinín.”



Ní baileach bhí na focla amach as a bhéal nuair buaileadh
buille trom láidir ar an doras a bhain geit asta.



“A Mháthair na trócaire! ní fheadar cé atá ann an tráth
so d'oidhche. Measann tú an cuid do na buachaillíbh bhí
amhuigh iad, atá ag iarraidh dídin?” arsa bean Uí Riain.



“Má 's eadh ní coinneóchamuid i bhfad ag fuireacht iad,”
adeir fear an tighe dá freagairt & ag baint an ghlais do'n
doras go tapaidh.



Chonnaic sé beirt fhear san dorchadas & a n-éadan
beagnach clúduighthe leis na cábaibh árda bhí ar a gcuid
casóg & a gcuid hataí tarraingthe anuas ar a gcuid súl.



Chuir Ó Riain fáilte & fiche rompa, mar d'innis a chlaonta
& a nádúr dó go rabhadar “i n-anró & i dtrioblóid” &
“ar an taobh ceart,” & labhair sé leó, “go mbeannuighidh Dia
dhíbh, a dhaoine uaisle.” An féidir linn aon tseirbhís
dhéanamh dhíbh? “Má 's féidir, taraidh isteach, tá céad
fáilte romhaibh.”



“Ní thiocfamuid nó go 'neósamaoid dhuit ar n-ainm &
ar sloinneadh & an chontabhairt atá tú a thógbháil ort féin
má leigeann tú isteach sinn,” arsa duine aca ag árdughadh
a hata san am céadna. “Mise Smith Ua Briain, & seo é
mo chara Micheál Ua Donnchadha. Tá barántaidhe searabháilte
le breith orainn. Is cúis crochta é. Cibé cé 'neósas
gheobhaidh sé sparán maith airgid & an té bheireas congnamh
dhúinn le n-éalughadh béarfear air féin chomh maith linne —


L. 3


chomh maith is dá mbéadh baint & páirt aige leis an gcoir.
An leigfidh tú isteach anois sinn?”



Sin mar labhair an Brianach, croidhe na féile, an fear
uasal caomh bhí i gcomhnaidhe réidh le é féin a chur i gcontabh-
airt bháis & daoine eile shábháil. Bhí solas na teineadh ag
lonnradh & ag sgairteadh orra thríd an doras fhosgailte, &
creidim nár sgairt an solas riamh ar bheirt ní b' aistighe
'ná an cúpla so bhí taobh amuigh. Ní minic chloisimid go
mbíonn an té bhíos ar a theicheadh ag innsint a chuid cionntaí
mar seo. Is beag eile dhéanfadh é acht an Brianach mór,
duine do na fearaibh ba mhisneamhla & b' áilne inntinn a chuir
Dia séideán riamh ann. Nuair bhí Mac Uí Bhriain ag cainnt
mar seo bhí a chomrádaí ag feitheamh go neamh-fhoighdeach leis
an bhfreagra a shocróchadh a bhás féin & bás a charad, ag breath-
nughadh ó éadan duthrachdach cneasda Mhic Uí Riain go dtí
ceann-aghaidh caomh, ceannsa, síbhialta a mhná, & as sin arís
ar bhláth na hóige, Sighle, bhí thíos ins an gclúid.



Acht níor chongbhuigh fear an tighe só-fhada taobh amuigh iad.
Ní baileach gur fhan sé gur chríochnuigh an Brianach a chuid
chainnte go rug sé ar láimh air i dtosach, & annsoin ar Mhac
Uí Dhonnchadha & chraith iad go te & go dúthrachdach, na deóra
ag teacht anuas na mbraonachaibh móra ó na chuid súl.
“Anois ó thárla go bhfuil fhios agam cé sibh féin tá míle
milliún fáilte romhaibh, níos mó ná bhí cheana.” (B' fhealltach
& ba chladhaireach an fear nach seasfadh suas le na dtaobh &
nach dtiubhradh cabhair dóibh.) “Taraidh isteach, taraidh
isteach, & go sábháilidh Dia sibh ó gach olc. Déanfaidh mise &
mo mhuirighin gach nidh is féidir linn dhíbh pé sgéal é.”



“Go raibh míle maith agad,” arsa na díbirteacha bochta
dhá leanamhaint isteach san teach. Chuir bean a' tighe & Sighle
fáilte rómpa chomh te le Mac Uí Riain féin, & chuir fear an
tighe an bulta & an laiste ar an doras le heagla go
néalóchadh na pílears isteach i ngan fhios orra. Rinneadh gach
uile shóst nídh b'fhéidir é le cumaoin chur orra, & ní cúram
a rádh go raibh a gcroidhe féin ar tí bheith ag pléasgadh le
neart úmóis do na daoinibh groidheamhla fial-bheartacha
trócaireacha a thug dídean dóibh ó'n oidhche dhubh dhorcha &
chosain ó'n námhaid iad.



Labhair an Brianach arís & na deóra beagnach ag tuitim
leis, “Ní fhéadfamuid dearmad dhéanamh choidhche ná go deó
ar an dílseacht & an gcaranthas thaisbeán na daoine dúinn
ins na laetheantaibh seo chuaidh tharainn, nuair bhí mé féin &
mo chara i bhfolach ins na claiseachaibh & ar chúl na gclaidheacha,
ins na sgiobólaibh & ins na stáblaibh, & muinntir na tuaithe
timcheall ag fagháil bháis le neart ocrais, gan oiread is
aon duine amháin aca thógfadh bríb & sinn a thabhairt suas do


L. 4


na saighdiúiríbh. Ní hé sin amháin, acht rinneadar a seacht míle
dícheall le sinn a thabhairt slán ó gach gábhadh. Go near-
tuighidh Dia iad, & go dtugaidh a luach saothair dóibh ar
shlíghidh na fírinne.



Bhí frasa deór ag sileadh anuas ar leiceannaibh na mban
chomh mór le spionáin nuair bhí an taoiseach ag tabhairt
buidheachais dóibh aníos ó dhoimhneacht a chroidhe & labhair Mac
Uí Riain ann soin go crotalach.



“Tá dóchas agam nach bhfuil aon duine i gConndae Thiob-
ruid Árann chomh fealltach is go ndéanfaidís aon nidh ort
acht an oiread leó seo casadh ort cheana. Bhéadh mallacht
na bhflaitheas orra dá ndéanfadh, & d' iompóchadh na mairbh
uatha san uaigh féin. Deirtear san mbaile seo thuas nuair
cuireadh spiadóir san roilig ann fríoth na túmbaí iompuighthe
ó na cheann ar maidin. Agus, 'ar ndóigh ní aon iongnadh,
mar ní'l aon choir chomh dubh ná chomh fealltach le coir an
spiadóra. Tá ár gcroidhe sinne leatsa ins an éirghe
amach seo & siúd is go mba dí-chéillidhe an ghluaiseacht í tá sí
onórach & oirdheirceach.”



“Shíleamar go mb' fhearr do na daoinibh bheith ag troid ar
son a dtíre ná ag fagháil bháis leis an ngorta leathtaobh an
chlaidhe,” arsa Mac Uí Dhonnchadha. “Ar chualais an béal-
oideas Gréagach i dtaobh Pherséas, a cuireadh le a dhéanamh
gníomhartha gaisgeamhail, glóireach, contabhairteach nuair
thug sé an freagra uaidh go ndéanfadh sé iad, & na dhiaidh sin,
dá mbéadh sé riachtanach aige go bhfuigheadh sé bás ar chrann
na bpian. Sin é go díreach an chaoi raibh sé againne. Sin é
ba mhian linne dhéanamh — aon bhuille mór láidir amháin
bhualadh ar son na hÉireann, & na Sasanaigh a dhíbirt amach
as an tír, & ann soin dá mbéadh sé cúramach orainn gheobha-
maois bás go toileamhail.”



Leag an Brianach a lámh go réidh éadtrom ar ghualainn an
fhir óig & é ag dearcadh isteach san dá shúil air, san am
céadna. Bhí sé ag innsint go díreach an rún & an mian &
an dóchas a bhí thíos na chroidhe geal féin.



Bhí muinntir an tighe ag féachaint air le bród & ríméad mar
an gcéadna, mar ní raibh sé acht ag cur smaointe a n-aignidh
féin i bhfoclaibh. A Thighearna! b'óg an fear é le na bheatha
thabhairt suas mar sin! Badh é croidhe na féile é, a chroidhe
árd-inntinneach, neamh-eaglach, calma, & — san am céadna,
chomh séimh & chomh ciúin lé ainnir, gan aon mhórdháil acht é ag
labhairt go réidh símplidhe chomh maith is nár rud aisteach ná
iongantach dó bheith réidh le n-a anam a thabhairt suas ar son
a fhoirtheagaisg.



Tháinig mar bhéadh giorr-anála ar Shighle ag éisteacht le
cainnt mar seo. Bhí a hanáil ag teacht & ag imtheacht chomh


L. 5


tapaidh & chomh mear is ritheann an fhuil ins na cuisleannaibh.
Tháinig lasadh na leiceann nuair leag sí a cuid súl ar a dhá
shúil seisean.



Annsoin, gan fios cé an fáth leig gach duine aca air féin
gan bheith a' dearcadh ar an duine eile. Chuir fear a' tighe
d' fhiachaibh orra tarraingt anuas chomh fada leis an teinidh, &
chuaidh an bhean & an inghean ag gléas rud le n-ithe & le n-ól
dóibh, an rud is fearr bhí sa teach, & theastuigh sé uatha go géar.



Cé, go deimhin, nach raibh an gorta ag goilleamhaint chomh
mór ar mhuinntir Uí Riain le cuid eile do na comharsanaibh
ar feadh na bliadhna, is beag nach raibh an méid bhí aca caithte.
Bhíodar i ndeireadh na preibe, mar roinneadar é leis na
comharsanaibh bhí ní ba bhoichte 'ná iad féin. Roinneadar &
thugadar uatha chomh fada is bhí pinginn ruadh, blúire aráin,
fata, ná gráinnín mine san teach.



“Leigfidh mé mo sgith ar feadh dhá uair a chloig,” arsa an
Brianach, “& imtheóchaidh mé roimh an lá. Bhéadh sé con-
tabhairteach agam fanacht annso níos faide, mar tá tuairim
ag lúcht na bainríoghna cá bhfuil mé. Caithfidh mé iompódh &
iompódh & dul anonn & anall arís & arís eile, & nuair éalóchas
mé uatha rachad go Dúirlios, & nuair bhéas mé annsoin tá
fhios agam céard is fearr domh a dhéanamh. Is fearr duit-
se, a Mhic Uí Dhonnchadha, fanamhaint mar tá tú anois le
do chuid daoine muinnteardha, & nuair bhéas gach nidh séidte
thart is féidir leat imtheacht annsoin go slán sábháilte.
Tá fhios agad nach bhfuil an oiread aithne ná eólais ort is tá
orm-sa & sé mo mheas go mb'fhearr dhúinn sgaramhaint le
chéile. B'fhéidir go mb' olc an rud dhuit bheith i n-éinfheacht
liom-sa.”



Rugadar ar lámhaibh a chéile annsoin. “Is deacair & is
doiligh dhúinn sgaramhaint mar seo, acht creidim go gcaith-
fear é,” adeir Mac Uí Dhonnchadha. “Beannacht leat anois
& go gcumhduighidh Dia thú ins gach bóthar & bealach dá rachaidh
tú & cibé áit a mbéir.”



“Maiseadh beannacht Dé ort-sa, a Mhaolmhuire,” d'fhreag-
air an taoiseach, amach ó bhun a chroidhe.



“Sul imtheóchamaoid ó chéile caithfidh mé impidhe & athchuinge
iarraidh ar Dhia na glóire go gcuiridh sé sonas & rath & séan
ar a bhfuil san teach so go léir.” D'fhéach sé thart timcheall
orra ar fad & chrom gach n-aon a cheann chomh maith is dá
mbéidís ag fagháil beannacht uaidh, & is iomdha bliadhain mhór
fhada tar éis na haimsire seo tháinig na focla soin a dubhairt
sé na n-aigneadh.



Chuadar ar a leabaidh ar feadh beagán aimsire, acht má
chuaid níor chodladar néall.



D'éirigheadar roimh lá le “slán leat” arádh leis an mBrianach


L. 7


& dhá fhaire go raibh sé imthighthe i bhfad as a radharc. B'in é an
t-amharc deireannach chonncadar air, cé gur leanadar a
chuid eachtraí le spéis & suim mhór, ó rugadh gréim air ag
Dúirlios — thrídh na bliadhantaibh móra fada bhí sé i bpríosún
i nAustralia, nó go bhfuair sé cead a chos i ndeireadh a
shaoghail, briste suas i sláinte, acht chomh seasmhach le
carraig ins na smaointibh bhí ann i n-a óige nuair thug sé
suas a raibh aige san domhan ar fad le hiad a bhuanughadh &
a chur i ngníomh. Ní hé amháin gur chaith sé suas gach nidh san
saoghal so dhéanfadh duine soghamhail, socair, sásta, acht
chuaidh sé i gcontabhairt a bháis féin chomh minic is bhí méar
coise nó láimhe air.



D'fhan a chompánach Mac Uí Dhonnchadha ag muinntir Uí
Riain & 'réir cosamhlachta congbhuigheadh fá rún an áit raibh
ré i bhfolach.



Chongbhuigh Ua Riain aireachas maith ar bhealach bhí ar
thaobh ó dheas do'n teach, & comharsa ar an taobh ó thuaidh,
le heagla go dtiocfadh aon duine d' amhuis ghorma ná
dearga na bainríoghna i ngan fhios dóibh.



Ní dheachaidh Maolmhuire Ua Donnchadha amach as an teach
ar feadh na haimsire & ar an ádhbhar soin bhí sé i gcomhnaidhe
i bhfochair muinntire an tighe & d'éirigh muinnteardhas mór
idir é féin & iad, acht idir é féin & an inghin bhí sé níos mó 'ná
bheith na mhuinnteardhas — go deimhin thuit sé i ngrádh léi.



Nuair bhíodh a cuid oibre déanta ag Sighle tharraingeóchadh
sí a stóilín síos i n-aice na teineadh ag éisteacht leis ag cur
síos ar na smaointibh uaisle, áilne bhí na chroidhe fhéin, & i
gcroidhe na nÉireannach nÓg le Éire bhocht a stracadh amach
ó shálaibh an tSasanaigh, & í chur arís na suidhe & a ceann i
n-áirde imeasg náisiún an domhain mhóir.



A Righ na bhfeart! badh í sin an aimsir cholóideach, & badh
iad sin na hÉireannaigh fíora bhí againn an t-am soin. Ní
hionann sin & spriosáin shalacha brocacha shuaracha na huaire
seo. Is obann d'imthigh a smaointe & a n-obair ar son na
hÉireann, acht mar adeir an file:—



“Ag feitheamh dóibh faoi dhoghadh na gcaor
Le mór-chaithréim an áthraigh
Mar ní gan bréadh thig ó Mhac Dé
Aithbheodhchant léir an Náisiún.”



Chaithidís leath a gcuid aimsire ag sgríobhadh amhrán & dán
bhrostóchadh & ghriosóchadh muinntir na tíre le héirghe amach
i gcoinne a námhad, & an leath eile ag déanamh pící &
piléar chriathrochadh a sliocht na n-allmhurach. Siúd is
gur rugadh an bhuaidh orra & gur “sgaipeadh iad anoir
& aniar,” d' fhágadar sméaróid na saoirse ar lasadh; &
againne — muinntir na huaire seo — tá an sméaróid sin ag
séideadh & ag síor-shéideadh go lasfaidh sí suas teine mhór the


L. 8


na saoirse & go n-díbreóchamaoid amach as ar n-oileán go
deó & go bráth bratach Sheagháin Bhuidhe.



Níor bh' aon iongnadh gur thuit Sighle i ngrádh leis an
sgríbhneóir & an saighdiúir óg so, & gur thug seisean mar an
gcéadna a chroidhe féin le congbháil i dtaisge do'n ainnir
chiúin mhaiséach bhéasach, leis an éadan ró-gheal. Go deimhin
badh é an rud ba nádúirighe tuitim amach é.



Acht ní rabhadar le bheith i bhfad i dteannta a chéile. Le
maidneachan an lae tháinig duine do na comharsanaibh bhí ag
faire isteach ag rádh, “Tá na Pílears ag teacht.”



Ní raibh mórán aimsire aca le “beannacht leat” a rádh acht
fuair sé faill ar fhocailín beag a rádh i gcluais Shighle &
d'fhreagair sise i gcogar é, “béidh mise dílis, bí-se
dílis mar an gcéadna.” Nuair bhí Mac Uí Riain ag craith
láimhe leis thug sé eólas an bhealaigh ba ghiorra dó le dul i
bhfolach. “Iompuigh taobh do láimhe deise & tuairm le míle
suas an cnoc ar chúl an dúin tiocfaidh tú go dtí teach mo
chol-ceathar Éamonn Ua Duibhir. Bhéaraidh sé dídean duit
nó go ngeobhaidh tú áit níos sábháilte. Slán & beannacht leat
anois, a mhic mo chroidhe, & go sábháilidh Dia thú ó'n námhaid.”
Leath uair na dhiaidh seo tháinig na pílears. Bhí duadh a bhfaca
tú 'riamh orra nuair nar éirigh leó beireacht ar an bhfiach.



Dubhradar le Mac Uí Riain go dtiubhraidís an-chuimse
airgid dó, dá n-innseóchadh sé dhóibh an áit a raibh Mac Uí
Dhonnchadha ar a theicheadh & congnadh thabhairt dhóibh le n-a
thabhairt chum breitheamhnais, acht d' imthigheadar leó go tapaidh
nuair d' fhreagair sé iad go feargach, “go mb'fhearr leis bás
fhagháil ar an sgalán go hárd & rud ní ba mheasa 'ná sin go
bhfuigheadh a bhean & a inghean bás leis an ocras leath-taobh an
bhóthair 'ná an oiread & feóirling ruadh dá gcuid airgid a
thógáil.” D'imthigheadar na madraí-alla (mar ní rud ar bith
eile iad acht sin) ag tóiridheacht i n-áit éigin eile acht, míle
buidheachas le Dia, níor éirigh leó.



Tar éis tamaillín bhig rinne Mac Uí Dhonnchadha a bhealach
chomh fada leis an gCóibh, & sheól sé leis ar bhord luinge go
Nuadh Eabhrach & as sin amach ó dheas chomh fada le Califórnia.
Sgríobh sé go minic ag a chuid carad san bhfeilmín bheag
faoi bhun na nGalltaoí.



D'éirigh an saoghal go hiongantach leis. Chuaidh a chuid
gnótha ar aghaidh ó mhí go mí. B' é críoch na cúise gur chuir
sé sgéala ag a charaid, an Rianach go raibh sé ag teacht a
bhaile le cur faoi 'na thír féin, & le deireadh a shaoghail a
chaitheamh i measg a cháirde gaoil.



Chuir sé litir ag triall ar Shighle san phosda céadna chuir
an fhuil suas go bun a cluaise & a cuid súl ag lonnradh mar
ghath gréine le neart bróid & lúthgháir.


L. 9


Agus anois bíonn clann a gcloinne ag innseacht — “Nuair
bhí ar sean-athair ar a theicheadh san mbliadhain míle ocht
gcéad ocht & dá fhichead, thug ar sean-mháthair congnamh dhó
dul i bhfolach 'na teach féin, & sin é an chaoi chuireadar
aithne & eólas ar a chéile.


L. 10


II. — CÉCILE:



Sgéal ar Ghluaiseacht na Fraince.



“NACH céillidhe an duine thú, a Jean?” “Tá fios
agat ar ghuth gach éin 'san choill & ar ainmneachaíbh na
bpabhasaoir fiadháin & ar an áit is túisge fhásas na
salcsacha.” Nach cosmhail na salcsacha so bhain
tú anois, le blúiríníbh beaga don aer gorm os ár gcionn, a
tháinig anuas ar an talamh. A' measann tú, a Jean, ar
sgaip na haingle anuas ó neamh iad seo, nó a bhfásann
siad dá ríribh aníos ó'n gcré shalach ghránda?”



“Ní'l fhios agam, a óigbhean uasal, bhfuil aon nidh le déanamh
ag na hainglibh i gCathair na Glóire leis na pabhasaoiribh a
chur, acht má fhásann siad aníos as an gcré ní hiad na h-aon
rudaí maithe áilne thagas ó neithibh nach bhfuil go deas, ná
gleóidhte le féachaint orra.”



Seo í an chainnt bhí ag Jean eadlantóir 'na dhá bhliadhain
déag.



“Bíonn tú aisteach go minic, a Jean! Amanna, ní féidir
liom thú thuigsint acht faghaim an oiread eólais uait 'dtaobh
na mbláthanna, na héanlaith & an tsaoghail ar fad is faghaim
ó mo ghoubhernante. O! is aisteach an duine í. Tá sí
cantalach, crosta. Suidh síos & innis tuilleadh dham!
'Bhfeiceann tú an canda breágh do cháca thug mé liom.
Déanfamaoid dhá leith dhe, & béimid ag ithe & ag cainnt san
am céadna.”



Stad Jean móiméidín beag, chomh maith is dá mbéadh
cuthalacht bheag air, & d'iarr sí air arís é, & níor mhaith leis í
eiteach.



Ar mhúintín beag féir is eadh bhí an bheirt pháisdí seo na
suidhe. Bhí pabhasaoir fá na gcosaibh & an choill mhór árd
os a gcionn.



Cailín beag múinte tógtha, raibh tabhairt suas maith uirri,
tuairim naoi mbliadna d' aois, brata síoda & sróil uirri,
b' eadh duine aca, & gasúr luath láidir, timcheall le
ceathair nó cúig do bhliadhantaibh níos sine 'ná í, san gceann
eile. Bhí a chuid pluca dóighte ag an ngréin, cloig ar a
chuid lámh do bhárr oibre. Níor fhéach sé go ró-mhaith, chor ar
bith, fá na shean-cháibín, a chóitín cabhalach & a chuid bróg
adhmaid. Mar gheall ar dhluth-cheangal na hóige d' fhás
muinnteardhas mór idir an gearr-chaile beag uasal seo &


L. 11


gasúr na tuaithe, & is gairid go raibh siad na suidhe i
dteannta 'chéile, a folt fada fáinneach dréimreach ag
tangmháil le na chuid gruaige duibhe.



Cecile de la Sainte Croix b'ainm don ghearr-chaile seo &
badh í an t-aon pháisde, an t-aon oidhre amháin bhí ag a hathair
í. Tighearna mór talmhan bhí ann. Mac do dhuine do thion-
óntaíbh an fhir seo b'eadh Jean Marcel. Bhain sé leis an
gcineál daoine sin a thug sgríbhneóir éigin bhí na chomhnuidhe
san am sin an cur-síos seo ortha:—



“Chidhtear ann so ar fuaid na tíre rudaí mar bhéadh
beithidhigh allta, fireann & buineann. Féachann siad dorcha,
dúr, ramhar, & roint coitcheannta. Tá, mar bhéadh glór
daoine aca, &, nuair sheasann siad suas, tá mar bhéadh gnúis
duine aca. Go deimhin, is daoine iad. Codlann siad san
oidhche i gcoinnicéiribh, & ní'l do bhiadh aca acht arán dubh &
uisge & fréamhacha na talmhan.”



Sin é go díreach mar bhí an sgéal ag Jean Marcel san
mbliadhain d'aois Críost míle, seacht gcéad, ceithre fichid,
's a cúig.



Ní rabhthas an uair sin tar éis an Bastille do bhriseadh.
Ní raibh na beithidhigh allta úd tar éis cur i n-umhail nár
bh' fhuláir do dhaoinibh eile feasta sos 'fhagháil ó dhian-obair,
treabhadh & saothrughadh na talmhan, acht fós go raibh daoine
ann & nár bh' fhuláir sgith do thabhairt dóibh ó ól & ó imirt.



Bhí smaointe lucht an éirghe amach i gceann Cécile de la
Sainte Croix an uair seo — mar gheall ar mhuinnteardhas
dhéanamh le Jean, a casadh uirri i lár na coille nuair bhí sí
dul i bhfolach ó'n gcantalán do bhanaltra bhí aici.



Bhí sí ag cainnt & ag cainnt. “Éist,” ars' ise, “leis an
smólach soin. Nach aoibhinn é? B'fhearr liom éisteacht leis
na héanlaith ná leis an bhfonnadóir; thug mo mháthair mé go
bhfeicfinn í i bPáras an lá fá dheireadh. Cé aca do cheól-
tóiribh na coille & an aer is deise guth & fonn, a Jean
'meas tú?”



“Thú féin, a óigbhean!” adeir Jean.



Bhuail Cécile a dá bhois faoi chéile & thosuigh sí ag gáiridh.
“Ceapann tú sin? Siubhail leat mar sin & abróchaidh mé
an t-abhrán úd bhí mé a ghabháil nuair casadh ar a chéile ar
maidin sinn.” Acht níor éirigh léi; tháinig an bhanaltra
anuas orra le stoirm cainnte. Thosuigh sí ag sglamhadh & ag
sgabhailéarachd.



Bhí sí ag tóruidheacht Chécile i bhfus & thall, soir & siar, síos
& suas; & anois ó fuair sí amach í, bhí fearg & chúthach an
domhain uirri í fheicéal le leithéid Jean.



Níor fhéad Cécile focal a labhairt ar feadh tamaillín —
cheapfá gur bh' amhlaidh gearradh an teanga aisti nó gur


L. 12


bh' amhlaidh tháinig an sioc & rinneadh leac-oidhre dá guth nuair
chonnaic sí an cailín maith seo chomh feargach & pus uirri chomh
mór soin. D'éirigh Jean na sheasamh go mí-stuamdha & é ag
féachaint go cionntach, acht má bhí is go raibh, bhí beagán
fearamhlacht ann.



“Ó, a bhitheamhnaigh, mo náire go deó thú. Cad chuige
ndearnaidh tú a leithéid sin? Ag rith uaim-se & ag imirt & ag
déanamh mórtachais le gasúr bocht tarcuisneach mar é sin.
Siubhail abhaile anois caol díreach & caithfir fanamhaint san
teach an chuid eile don lá. Ní rachaidh tú taobh amach don
doras má's biorán ort é.”



Tháinig na deóra go pras anuas le súilibh gorma Chécile.
Nuair chonnaic Jean iad bhí níos mó bróin & péine air 'na
thaobh ná mar bhí 'dtaobh cainnte borbaighe & sgóla mhóir na
mná-uaisle Larpont, cé gur ghortuigh sé sin féin é & go
ndeachaidh sé thríd go mór. Shiubhail sé coiscéim ar aghaidh,
stad sé annsoin & dubhairt go fearamhail — “Mise is cion-
tach, a bhean-uasal. Ná tabhair aon mhilleán don chailín bheag.
Labhair mise léi ar dtús, mar bhí eagla orm go rachadh sí
amudha san choill. Acht anois imtheó' mé.” “Imthigh leat a
phusacháin ghránda, & ná feicim go labhaireó' tú focal le inghin
an mhóir-thighearna nó má ghníonn cuirfidh mé na madraí
'do dhiaidh.”



D'iompuigh Jean le himtheacht & a dhá shúil ar tí theacht
amach as a cheann le teann feirge, acht chaith Cécile a dhá
láimh thart timcheall a mhuinéil & a cuid súl féin ag féachaint
chomh feargach le na chuid-sean. “Ná labhair mar sin le Jean.
Is cora liom é. Mo chara anois & i gcomhnaidhe.” Thosuigh sí
ag caoineadh & chrom sí síos a ceann & phóg sí é ar a leiceann,
mar dhéanas na céadta & na mílte páisde beaga símplidhe,
gach lá san mbliadhain, gan aon tsuim ná anachain chur ann.
Bhí Jean níos sine, & níos mó cuthalacht' air ná mar bhí uirri-
se. Dhearg sé suas beagáinín. Bhain sé a chaipín de, & chuaidh
sé ar a leath-ghlúin ar feadh móiméidín le úmós don ghearr-
chaile bhig, & annsoin gan an oiread is focal eile rádh ná aon
umhalaidheacht dhéanamh don bhanaltra, d'imthigh leis.



Níor bh'é seo an uair dhéidheannach casadh Cécile & Jean ar
a chéile. Bhí a toil féin ag Cécile de la Sainte Croix & fonn
a bhfaca tú riamh uirri gach nidh nach dtaithneóchadh leis an
mhnaoi-uasal, Larpont.



Dá mhéad dá raibh an bhanaltra 'cainnt 'dtaobh an sganaill
& an náire badh chóir do inghin an Tighearna bheith uirri mar
gheall ar í féin a mheasgadh i muinntheardhas le páisde bocht
tuaithe, nach amhlaidh is mó bhí sí ag éalughadh chomh fada leis
an gcoill go bfeicfeadh sí Jean — mar bhí sé ag fuireach léi
gach am.


L. 13


Annsoin gan aon trácht ná cuimhne ar an gcéim shaoghalta
bhí eatorra, gan aon smaoineadh ar bhoichteanacht duine
aca ná ar saidbhreas an duine eile, is iomdha uair a chloig
don tsamhradh chaitheadar i bhfochair a chéile. Iad ag siubhal
i ngréim láimhe ina chéile, nó 'na suidhe ar bhinse ghlas
don fhéar, Jean ag baint & ag cur le chéile na pabhasaoir
fhiadháine a bhí bailighthe aige le haghaidh Cécile, sise ag seinnm
& ag gabháil na n-abhrán a thaithnigh leis an mbeirt aca.



Acht is gearr go raibh deireadh le laethibh sona séanmhara
na hóige. Chuaidh Cécile ar sgoil i gcoinbhint i bPáras, &
nuair tháinig sí abhaile ar a cuid laethe saoire, bhí cuthalacht
& náire bheag uirri dul amach san choill go bhfeicfeadh sí Jean,
mar d'fhás sí suas ó shoin, & is beag nach raibh sí 'na cailín óg
anois.



Insan slighe seo chailleadar radharc & éolas ar a chéile.
D' imthigh seacht mbliadhna thart, seacht mbliadhna móra fada
a rinne atharughadh mór, ní hé amháin ar an bhFrainnc & stáir
na Frainnce, acht ar an saoghal ar fad, mórnach. Nuair
thuit an Bastille cloiseadh an torann ar fud Roinne na
hEórpa go léir, ó'n mbárr go dtí an bun. Bhí gach rud na
chír-thuathail. D'éirigh na daoine amach & bhí na Riaghaltóirí
ag creathadh na gcroiceann. Níor tháinig an stoirm amach i
gceart fós. Ní raibh an bhrigh innti, acht muna raibh bhí torann
& fuinneamh le cloistint ag innseacht go raibh sí i ngar
dúinn, nach raibh sí ró-fhada uainn. Ní raibh mórán coruighthe
'sna cúigidhibh. Bhíodar réasúnta socair. Badh é Páras
cuisle na tíre & bhí an chuisle seo ag imtheacht go tapaidh &
go mear, acht mar dubhradh cheana ní raibh an choitcheantacht
ar fad coruighthe le creathadh na cuisle. Níor chualaidh Cécile
mórán trácht ar an obair bhí ar bun, mar ní minic chuaidh sí
i measg na ndaoine. Chaith sí an chuid is mó dá haimsir san
gcoinbhint & tá fhios againn go maith nach bhfághann na sgoláirí
mórán feasa ar na neithibh thuiteas amach taobh amuigh do na
ballaibh. Nuair thagadh sí abhaile ar a cuid laethe saoire
ní innisitidhe mórán di acht an oiread.



Chongbhuigheadar an sgéal ó na cluasaibh chomh fada is b'
fhéidir é. Fear borb, mar sin, bhí ina hathair, & níor leig sé
aici aon nidh fá rún. Fear postamhail borbach ó nádúr é,
& rinne an éirghe amach fá dhó ní bha mheasa é, mar chonnaic
sé maith go leór nach raibh aon chumhacht aige cosga chur ar an
tuile mór bhí ag éirghe & ag fiuchadh suas i measg na
ndaoine.



Níor leig sé air féin go raibh na neithe seo mar bhíodar, ná
ag goilleamhaint air i n-aon chor, acht munar leig féin chaith
sé admháil go rabhadar ag fás níos bríoghmhara & iad ag
teacht níos siúntaisighe idir a dhá shúil ó lá go lá.


L. 14


Bhí sé féin & a inghean ag tiomáint ar an mbóthar lá
taobh amuigh do gheata na páirce nuair chuaidh fear óg
tharta, & chuir sé lámh 'na hata ag umhalughadh dhóibh.



D' umhluigh Cécile dhó mar ba ghnáthac léi go caomh, deas,
measamhail, múinte, acht níor thug an t-athair aon siúntas
dhó. Thosuigh sé ag cnagadh a chuid fiacal. D' fhéach sé roimhe
amach, & níor leig sé air go bhfaca sé chor ar bith é. Bhí rud
éigin timcheall an strainséir seo chuir i n-umhail do Chécile
go bhfaca sí cheana é acht níor fhéad a cumhacht cinn dhéanamh
amach cé hé féin. Ní fhaca sí go raibh mórán cosamhlacht
idir an duine uasal galánta múinte seo, agus an buachaill
beag dearg mí-stuamdha a raibh aithne aice air fad ó fá na
chóitín cabhalach, & a bhróga adhmaid.



“Maiseadh cé hé sin a hathair & cad chuige nar umhluigh
tú dhó nuair d'umhlaigh sé dhuit?” arsa Cécile. “Sin é
Jean Marcel, duine do na ceannfairtibh atá ar na
bitheamhnachaibh atá ag iarraidh an tubaiste dhéanamh ar an
tír, & an áit tharraingt anuas 'nar mullach. Umhlughadh
dhó adeir tú! Maiseadh bhéadh sé chomh maith liom umhlughadh
do chullach fiadháin. Má bhíonn an oiread do dhroch-
mhúnadh air is go dtiubhraidh sé siúntas dhúinn arís, tá
súil agam go gcuimhneóchaidh tú ort féin, a Cécile. Caithimid
an roifíneach chongbháil i bhfad uainn an aimsir seo. Tá
dearbhráthair athar dhó an-tsaidbhir & is cosmhail, gur thóg sé
idir lámhaibh é beagán bliadhan ó shoin, & thug sé oideachas
maith dhó & líonadh suas a chloigeann leis na smaointibh
gránna, méirleacha seo. Pláigh & aicíd & gach uile shórt
galair ó neamh anuas go raibh air féin & ar a leithéid.”
Nuair bhí a hathair ag téitheadh & ag fiuchadh le feirg, bhí
Cécile ag machtnamh go ciúin, socair.



Bliadhain i ndiaidh na haimsire seo bhí mórán do'n
ríoghamhlachd bailighthe i gcúlrúma i bpríosún i gcathair
Phárais, ag fuireach le na mbreith, 'seadh, & le na mbás, mar
ní raibh duine ann nach gcuirfidhe chum báis an t-am soin.
Ní raibh aca acht beagán aimsire anois le na n-anam a
dhéanamh, leath-uair ar a mhéid. Chomh luath is bhéadh an méad
bhí rómpa ar shlighidh na fírinne bhéadh a muineál siad-san
san ngilitín & an ceann bainte dhíobh mar an gcéadna. Go
deimhin, chonncadar thríd an bhfuinneóig an sluagh bhí rómpa
da dtiomáint isteach fá an ngilitín, mar thiomáinfeá ba,
caoirigh, nó muca ag an stalla.



Ba é an riaghaltóir do bhí anois ann, an faitcheas. Bhí an
t-aon lúbh amháin idir sean riaghaltóiribh na tíre & na
riaghaltóirí nuadh dá ghorradh san teinidh. Bhí Cécile bocht
de la Sainte Croix na suidhe i measg an tsluaigh raibh an
ceann le baint dhíobh. Bhí an cailín uasal cromtha casta, a


L. 15


cuid súl dubh féachaint go truaighmhéileach amach ó'n a
leicnibh báiníneacha, a cuid lámh fillte ar a chéile ag iarraidh
impidhe & athchuinge.



Ba chruaidh & ba dhoiligh an rud do chailín óg mar Cécile,
gearr-chaile chomh caomh, chomh múinte, chomh foghlumta 'chur
chum báis — an ceann a bhaint ó'n dúid di leis an sgín mhóir
ghéar, acht ní raibh sé ní ba dhoiligh ná mar bhí sé do mhórán
nach í.



Sé an bás céadna bhí le fagháil ag gach duine dá sórt,
mar dubhairt duine do na bodachaí, coimeádaidhe an
phríosúin — “Ní sláinteamhail an rud do dhuine bheith mhór ná
saidbhir ar an aimsir seo.” Bhí a hathair imthighthe cheana, &
go leór eile raibh aithne & eólas aici orra.



D'éag gach duine aca fá bhéal an ghilitín, fa bhéal na
sgine móire chuir na mílte corp go dtí an roilig & a
n-anam go láthair Dé.



Bhéaradh sí a dtiocfadh & a dtáinig dá mbéadh sí ar ais
ag an gcoill i mBaile Chrioséal, na gearr-chaile beag ag
gabháil amhrán & Jean Marcel ag baint pabhasaoir & dá gcur
i dtabhal a chéile di. Faire! Fan go fóill. Cé hé siúd
bhí ag feadaighil an fhuinn úd nar chualaidh sí ó na laethibh
mbídis san gcoill le chéile. Bhí an fonn ag teacht ní ba
ghoire & ní ba ghoire gur stad sé fá dheireadh.



Chualaidh sí torann cos taobh amuigh do'n doras. Cuireadh
eochair san nglas & d' fhosgail an doras isteach & luasg sé
siar ar na tuislidhibh.



D'iompuigh na príosúnaí tharta go brónach & go héadó-
chasach.



Tháinig an coimeádaidhe & saighdiúir isteach. D'árduigh
Cécile a ceann & d' fhéach sí isteach i n-éadan an tsaigh-
diúra. Cé bhéadh ann acht Jean Marcel? D'aithnigh sí go
maith é. D'fhéach sé thart timcheall ar a raibh i láthair, &
dubhairt, “Cé aca do na príosúnaíbh í Cecile de la Sainte
Croix? D'fhreagair Cécile bhocht é go faiteach & go
crotalach & annsoin labhair seisean go feargach dána. “Tá
tú saor go fóill.” “Teastuigheann fiadhnaise ó lucht na
cúirte & tá sé in do chumhacht-sa a thabhairt dóibh. Tháinig
mise le thú thabhairt go háit eile, nó go gcuirfidh na
breitheamhain fios ort. Bhí Cécile mar bhéadh sí ag bríon-
glóididh ar feadh an achair seo. Tháinig a saoghal ar fad
roimpi ar áit na mbonn. D'éirigh sí na seasamh lean sí an
bheirt fhear amach as an gcúlrúma. Síos leó i bpórsa fada
dorcha, nó fá dheireadh gar stadadar amach ar aghaidh doras
eile. D'fhosgail an coimeádaidhe é & rinne sé comhartha
don bheirt dul isteach san seomra & nuair bhíodar istigh d'
fhág sé annsoin iad. Ní túisge bhíodar istigh ná d' aistrigh


L. 16


Jean an guth feargach borb & labhair sé go deas ciúin
síbhialta ag cur leath-ghlúin ar an talamh mar rinne sé fad ó
san choill nuair bhí an bheirt aca beag.



“Tháinig mé le thú shábháil, a bhean-uasal.”



“Ní thuigim,” arsa Cécile, & í leath as a meabhair mar gheall
ar an méid a ndeachaidh sí thríd. Rinne Jean miogaireacht
bheag gáire le misneach chur innti. “Nach gcuimhnuigheann
tú gur dhubhairt tú am éigin gur thóg tú buachaill tuaithe
áirithe mar chara & go mbéadh sé mar chara agad ins gach
áit & ins gach am. Nuair dubhrais é sin rinne tú an
gearrbhodach sin go bródamhail & go háthasach & b'fhéidir gur
fhás sé suas ina fhear níos fearr ar do shon-sa ná mar
dhéanfadh sé dá mbéadh gan thú chastáil air. Bhí muinighin
aige asat-sa, an dóchas bhíos ag cuid do na daoinibh as
Réalt na Mara. Táinig an t-am anois le mo charadas,
& mo dhílseacht a chruthughadh & chur i bhfeidhm duit-se.



“Chualaidh mé 'dtaobh an ghábhaidh & an chontabhairt bhí tú ann
& chuir mé mé féin fá gheasa thú shábháil. Bhí sgiorta don ádh
orm. D'éirigh leis an gcoimeádaidhe gur duine é rinne mé
leas dó aon uair amháin, & tá sé ag tabhairt congnadh dom
anois tusa shábháil, acht caithfimid deabhadh dhéanamh le
heagla go ngeobhthaide amach sinn. Tá cóiste taobh amuigh ag
fuireach leat, & tá an cóistóir na charaid mhuinighineach agam-
sa mar ní féidir liom féin mo shluagh fhágáil. Bhéaraidh
mo chara thú go dtí áit ar bith is maith leat. Cé an áit a
b'fhearr leat a dhul, a bhean-uasal?”



Ní raibh a meabhair cinn ag Cécile go fóill. Sabháileadh
chomh hobann sin í gur chuir sé méagram 'na ceann. Fá
dheireadh dubhairt sí, “Cuir go dtí Coinbhint Chroiséal mé.
Tá deirbhshiúr mo mháthar na huachtarán ar na mnáibh riagh-
alta. Is féidir liom fanacht annsoin i síothchán ar feadh
tamaill.”



Thosuigh an cailín bocht ag caoineadh “Cé an chaoi?” ar sise,
“fhéadas mé buidheachas thabhairt duit ar son mé shábháil o'n
ngábhadh mór so.”



“Huis, huis, ní ham é so le buidheachas thabhairt uait,”
ag breith ar láimh uirri & dá tarraingt leis. “Ní'l aon
bhuidheachas uaim-se.” “Tá luach-saothair mo dhóthain agam
nuair atá tú slán sábháilte,” D' fhágadar an seomra &
d'imthigh leó go deifireach thrídh na porsaoil móra, síos an
iomad staidhirí cloch, nó go dtángadar chomh fada le geata
san mballa. Bhain Jean an glas de & amach leó ar an
tsraid fá aer an tsaoghail. Bhí an cóiste ag feitheamh leó
taobh amuigh. Chuir sé san chóiste í & d'árduig sé a chaipín
le beannacht léi a rádh, acht chuir sí a ceann amach san
doras, rug sí ar láimh air a rádh san am céadna “ní mar


L. 17


so sgaras daoine muinnteardha le chéile.” Dhearc an
saighdiúr óg go dúthrachdach isteach i súilibh na mná óige &
dubhairt —



“A bhean-uasal, nuair imtheóchas an aimsir chullóideach so
thart a mbéidh aon náire ort cara ghlaodhach ar mhac fir
bhoicht ó'n tuaith, ná lámh a chrathadh le méirleach?”



“Tá tú mar chara anois agam, & béir i gcomhnaidhe,”
d'fhreagair sise ag rádh na bhfocal céadna dubhairt sí nuair
bhíodar 'na bpáisdíbh beaga óga ag imirt san choill lena
chéile.



“Má's mar sin é tiocfaidh mé go Croiséal lá éigin,” ag
sgaoileadh a láimhe & ag rádh leis an tiomáinidhe imtheacht
leis & na capaill thiomáint go beó tapaidh.



Ceithre bliadhna na dhiaidh seo tháinig fear óg i gculaidh
caiptín airm, & é dóighte le grian na hEadáile, mar bhí sé
sa chogadh mór ar feadh na haimsire seo fá Napóillean.
Chraith sé an clog ag doras an Choinbhint. Leigeadh isteach
san phárlús é.



D'iarr ré an bhean-uasal Cecile de la Sainte Croix
fheiscint. Bhí sé ag dearcadh ar an doras & le linn
é fhosgailt chuaidh sé dh'athmhóg go lár an urláir, acht in
ionad Cécile cé bhéadh ann acht sean-bhean riaghalta.



“Céard tá uait, a dhuine uasail?”



“Mise Jean Marcel. Badh mhaith liom an bhean-uasal de
la Sainte Croix fheiscint, má sé do thoil é.”



Dhearc an bhean riaghalta san éadan air & dubhairt go
sonanta séimh & go híseal, “bhéaraidh mé chomh fada léi thú.
Tar an bealach so.” Lean an Caiptín í thre phórsaibh,
sgáthmhara dorcha, amach san ngarraidh ar chúl an chlochair.
Síos an casán, idir lilís bhána árda siubhaladar leó nó go
dtángadar go roilig an chlochair.



Rinne an bhean-riaghalta comhartha truaighmhéileach & leag
sí a méar ar bhinsín árd glas.



Bhí fhios ag an saighdiúr go raibh cuisle a chroidhe imthighthe
go slighidh na fírinne. Chaith sé é féin ar a ghlúinibh leath-
taobh na huaighe. Chlúduigh sé a éadan le na chuid lámh.
Thuit na frasa diana deór anuas le na shúilibh, & cloisfeá an
taobh eile don gháirdín gach aon osna tháinig as. Nach aisteach
an rud é an bás & an grádh i n-éinfheacht. Níl aon nídh chomh
dólásach. B'é so duine do na laochraibh bhí i n-arm mór na
Frainnce, & ar thug Napóillean moladh thar cionn dó, mar
gheall ar a chalmacht, a chruadhacht & a thréineacht, laoch nár
chuir gunnaí beaga ná móra an námhad eagla ná faitchíos
air. Níor bhaineadar an oiread is deór ó na shúil; acht
féach céard rinne an grádh & an bás air! Féach na luidhe ar


L. 19


an uaigh é go brónach dólásach, & nár bh' fhéidir stad na cosg
chur air ó bheith ag géar-ghol.



Bhí an bhean-riaghalta ag féachaint air go truaigheach, & fá
dheireadh dubhairt sí leis —



“Bhí sí ró-mhaith le fanacht i bhfad ar an saoghal so, a dhuine
uasail, & thug Dia na glóire aige féin i. Bhí sí ar dhuine do
na mnáibh ba dheise & ba shonanta mhair riamh. Bhí spioraid
& toil mná-riaghalta aici, siúd is nach gcuirfeadh sí a
gculaidh uirri. Shíl sí i gcomhnaidhe nach bhféadfadh sí leath a
dóthain dhéanamh ar son na mbocht. Bhris an fiabhras amach
san mbaile. Ní raibh aon mhaith bheith ag cainnt léi.
Chaitheadh sí dul ann & iad oileamhaint. Bhfuil aon
chúram dom an chuid eile don sgéal innsint duit? Ní'l
aon am san ló ná oidhche nó gur imthigh an séideán aisti
nach raibh sí ag cainnt ort. Bhí t'ainm ar a béal gach am.
Chuaidh a haigneadh siar chomh fada le laethibh a hóige nuair
chaitheadh sí an chuid is mó aca i n-éinfheacht leat-sa & arís bhí sí
ag cainnt tré na codladh ar an am thug tú as an bpríosún mór
i bPáras í, & an litir dhéidheannach fuair sí uait ag innsint
gur hárduigheadh san arm thú, bhí sí sin na ceann aici
d'oidhche & do ló. A dhuine uasail, bhíomar annso san chlochar a
léigheadh gach nidh ins na páipéaraibh do d' thaobh. Leanamar do
chuid rianluthas go luthgháireach. Shíleamar go mbéadh deireadh
eile leis an sgéal. Acht ní mar sin atá; ag Dia is fearr
atá 'fhios. Bristear & brúightear croidhe daoine 'réir mar
shiubhaltar bóthar cam clochach deiligneach an tsaoghail.
Shiubhail mise casán an tsaoghail & tá mé cinnte go bhfuil
síothchán le fagháil i ndeireadh na dála. Fágfaidh mé leat
féin thú ar feadh tamaillín, a dhuine uasail.”



D' imthigh an bhean-riaghalta síos an casán, & d'fhág sí an
saighdiúr ar a ghlúinibh i n-aice na huaighe.


L. 20


III. — NA TRÍ BHUISGÍN.



I SAN tsean-aimsir fad ó do mhair an Bhean-Fhlaith
Úna, san taobh thiar d'Éirinn, i gCúige Chonnacht.
Inghean ríogh b' eadh í, & rí gaisgeamhail tréan bhí
ann leis. Bhí sí ar na mnáibh ba dheise & ba dhath-
amhla dar leag fear ná bean súil orra riamh,
acht bhí an bhean bhocht fá dhraoidheacht trom.
Chuir a hathair cogadh ar na sluaightibh sidhe &
fuaradar an ceann is fearr air. Bhí fearg an
domhain ar na sidheógaibh & ní rabhadar sásta le
sgrios a dhéanamh ar an rígh, ná é mharbhadh, acht
ar an t-aon oidhre amháin bhí aige ar an saoghal
so — Úna Bhán — chuireadar fá sgrios & fá léan í.
Cuireadh fá gheasa í & fá mhór-gheasa na bliadhna
go mairfeadh sí i ndorchadas & i n-uaigneas — do
réir a baramhla féin — & san am céadna go mbéadh
gach uile shórt nidh dá dteastóch' uaithe, spórt, greann, &
siamsa & gach rud dá fheabhas i bhfoigseacht fad láimhe dhi,
acht ní fheadfadh sí blaiseadh dhíobh ná iad fheicsint, acht
amháin nuair gheobhadh sí soillse trídh radharc áirithe, & an
chaoi & an tslighe, ná an áit, leis an radharc seo fhagháil ní
inneósadh na draothadóirí dhi. Chaithfeadh sí é seo fhagháil
amach í féin, gan cabhair ná cuidiughadh ó aon duine. Bhí
pianús na sidheóg ag goilleadh go han-trom ar an mbean-
fhlaith mar gheall gur bh' í inghean a hathar í, acht mar gheall
go raibh sí féin na mnaoi chomh maith, chomh dathamhail & chomh
gleóidhte & bhí sí d'fhágadar aon dóchas amháin aici, go
sabháilfidhe í o'n mbreith nó ó'n bpianús a bhí sí dul thríd.



I bhfad, bhfad ó na tír féin & ó na muinntir thug na sluaighte
sidhe leo í & d'fhágadar í i gcoill dubh dhorcha nar sgairt an
ghrian riamh. Ní raibh na héanlaith féin ag ceileabhar, ná na
beacha ag crónán ná ag léimneacht ó thor go tor & ó bhláth
go bláth mar bhídís san tír a d'fhág sí.



A Thighearna! badh í sin an tír! Bhéaradh sí a dtiocfadh
& a dtáinig dá mbéad sí innti arís ag siubhal na machaire &
na gleannta, ag éisteacht le ceól na haibhne nuair thiocfadh
an t-uisge le fánaidh san bhfairrge mhóir — & ag aireachtáil
na gaoithe breágha boige te ag crathadh na nduilleabhar ar
bhárr na gcrann. Ba mhillteach go léir an deithbhir bhí idir
an áit seo & an tír d'fhág sí. Is tiugh trom an t-aer a bhí sí
ag sughadh isteach anois; is dubh amhradh do bhi an áit; is aisteach
cúthmhar do bhí gach rud timcheall uirri. Ní raibh cáirde


L. 21


ná daoine muinnteardha na haice. Ní raibh fhios aici céard
iad maidir le compóirt ná pléisiúr. Acht ba mhian léi thabhairt
do dhaoinibh eile an nidh séanadh ar an mnaoi bhoicht féin.



Seo é an chaoi ar mhian léi a saoghal a chaitheamh. Neamh-
shonasach mar bhí sí féin, d'fhéach sí le sonas & sogh thabhairt do
dhaoinibh eile. Ar imeall na coille duibhe bhí an iomad daoine
bochta na gcomhnaidhe, fir & mná bhí ag fagháil straca & anró
mór ó'n saoghal, daoine nach raibh aca acht ó'n láimh go dtí
an béal.



'Na measg seo bhí Úna ag imtheacht mar ghath gréine. Don
té raibh briseadh croidhe air thug sí leigheas an té bhí i
dtrioblóid thug sí dóchas & misneach dó. Iad seo raibh brón &
díombuaidh orra thugadar a seacht míle beannacht di.
Dubhradar go mbíodh na pabhasaoir & na bláthanna ag fás
san áit a bhfágadh sí lorg a cos. Acht ar feadh na haimsire
seo bhí sgáile ag teacht ar a cuid súl gorma. Ní raibh
sé na cumhacht tada don áilleacht ná don tsonas bhí sí
ag tabhairt do dhaoinibh eile fheicsint ar aon chor. Bhí néall &
sgamall ar a radharc. Bhí ualach trom ar a croidhe, & siúd
is go raibh sí go deas & go grádhmhar mar bhí sí riamh, bhí rud
éigin easbadhach na dhiaidh sin le deiseacht a cinn-aighthe &
áilleacht a sgéimhe a dhéanamh mar badh mhian leat.



Ní fhéadfadh aon duine innsint céard a bhí ag teastáil, nó
b'fhearr liom a rádh, easbadhach, acht b'é an nidh easbadhach seo
bhí ag milleadh a saoghail.



Aon lá amháin bhí sí ag siubhal i n-aice a bótháinín bhig féin
i lár na coille, nuair chonnaic sí ag teacht chuici sean-bheainín
cromtha & beart brosna ar a druim. Labhair Úna léi go
deas réidh macánta. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a bhean
chóir,” ars ise. “Leig do sgith ar an uláinín caonnaigh
seo nó go dtabharfaidh mé deoch bhainne chugad. Níl mo
theach i bhfad as seo, leig do sgith go fóill, & annsoin má 's
maith leat é is féidir leat imtheacht ar t'aistear. Iomchro-
chaidh mise an beart driseacha dhuit.”



“Maiseadh céad míle maith agat a ainnir chiúin chalma,”
ars an chailleach. “Tá fhíos agam anois go mbíonn na
daoine ag innsint na fírinne nuair abaireas siad go bhfuil
croidhe Úna Bháin chomh maith & chomh deas lena héadan. Ní
theastuigheann sgith na compóirt uaim féin acht b'fhéidir go
bféadfainn pléisiúr thabhairt duit-se. Teanam uait liomsa
a inghean ó go deó! & tabharfaidh mé go dtí tairseach an
tsóláis thú.”



Ní cúram a rádh go raibh iongantas an domhain ar Úna
acht lean sí an tsean-bhean isteach thridh chorp-lár na coille,
i n-áit nach raibh sí fós riamh.



Fá dheireadh & fá dheó thángadar chomh fada le mhóinfhéar


L. 23


beag & i gceart-lár an mhóinfhéir bhí trí bhusga. Annsoin
d'iompuigh an tsean-bhean & labhair sí leis an gcailín óg.



“'Bhfeiceann tú na trí bhuisgín? Le féachaint oraibh taobh
amuig, is mar a chéile iad, acht ní mar sin don rud atá
ionnta. Insan gcéad cheann atá eochair óir d'fosgaileóch'
saidbhreas an tsaoghail, insan dara ceann eochair práis
fhosgalas cumhacht & neart, & insan tríomhadh ceann cloch-
dheallrach bhaineas an glas do dhoras an ghrádha. Bíodh do
roghain do na trí eochair agat. Tóg t'am anois, cuimhnigh go
maith, mar bíodh fhios agat gur ar an togha déanas tú, tá
do shogh go bráth le tuitim.”



Ní dhearna Úna aon stad acht shín sí amach a lámh ag
iarraidh na heochrach d'fhosgaileóch' doras an ghrádha.



Thosuigh an tsean-bhean ag migireacht gháire, & d'iompuigh
a héadan óg, dathamhail arís, bhí an oiread soin áthais uirri.”



“A inghean mo chroidhe,” adeir sise, “rinne tú togha
maith.” Thuit Úna i suanaidheacht annsoin & a dá láimh aici
thart timcheall an bhuisgín a thogh sí.



Nuair dhúisigh sí o'n gcodladh chonnaic sí an saoghal ar fad
folctha le solus na gréine. Bhí gach uile nidh geal, deas
& taithneamhach. Bhí an ghrian ag sgairteadh, na héanlaith ag
ceileabhar, & na duilleabhair ag fás arís go bárr na ngéag.
Bhí an brón & an tuirse imthighthe, nó má bhíodar ann ní fhaca
sí iad. Roimhe seo ní fheichfheadh sí aon tsolus. Anois ní
fhaca sí aon dorchadas. Dhearc sí anonn & anall, thart
timcheall uirre, & dubhairt sí 'na hinntinn féin gur bh'é an
domhan céadna é, “acht féach an t-atharughadh mór. Acht ní hé
an saoghal atá athruighthe ar aon chor acht mé féin. Feicim an
saoghal anois ar bealach eile mar tá athrughadh ar m'inntinn.



D' fhéach sí síos ar chasán na coille & céard d'fheicfeadh
sí ag teacht chuici aníos acht fear breágh, óg, árd, uasal.
Nuair bhí sé ag tarraingt na haice d'éirigh sí na seasamh le
labhairt leis & mar bhuailfeá do dhá bhois fá chéile bhíodar i
n-eascall a chéile.



“Mo chuid do'n tsaoghal thú! bhíos ag feitheamh leat le
fada,” ars' eisean.



“Maiseadh, a chuisle mo chroidhe,” arsa Úna, “tá mise
ag fanacht leat-sa le fada.”



Lámh le láimh & taobh le thaobh shiubhaladar thríd an saoghal
& creidim nár phós aon lánamhuin i nÉirinn riamh, ná go
deimhin i dtír ar bith eile bhí chomh grádhmhar ar a chéile.



Ní raibh aon éad ar na draoithibh ná ar na sidheógaibh féin
ó fuair Úna insan mbuisgín an eochair dheallrach an t-aon
rud amháin fhosgalas suaimhneas & shogh do'n domhan go léir.



(Críoch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services