Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg Gabha

Title
Tadhg Gabha
Author(s)
Ua Dubhghaill, Séamus,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


(Clóbhuailte le cead ó mhuinntir an Independent and Nation.)



CAIBIDIL I.



Bhí Tadhg Ua Broin 'na ghabha, agus bhí a cheardcha ar
thaoibh an bhóthair i n-aice le Droichead na Geadaighe,
deich míle i dtaoibh thiar do Chill Áirne.



Ceardaige maith do b'eadh Tadhg. Ní raibh 'na pharróisde
féin, ná b'fhéidir i gCiarraidhe, fear do b'fheárr a chuirfeadh
crúdh fá chapall ná clár ar chéachda. Acht mar sin féin, ní
raibh Tadhg gan a lochdaibh féin. Is dócha nár tháinig riamh
lá aonaigh ná margaidh ná feicfidhe Tadhg ar sráid Chill
Áirne, agus is ró-annamh a bhí sé ag teacht abhaile tráth-
nóna gan bheith súgach go leor, nó b'fhéidir ar meisge. Dá
ndéarfadh aon'ne le Tadhg ar maidin lae an aonaigh, “An
bhfuilir ag dul go Cill Áirne indiu, a Thaidhg?” 'sé an
freagra a gheobhadh sé, “Ní fheadar,” nó “B'fhéidir dhom” —
'san am chéadna ag bualadh buille dá chásúr ar an iarrann
nó ar an inneoin, chomh maith is dá mbéadh sé ag rádh, “Is
mór atá fios uait.”



Nuair a bhí lá an mhargaidh ann bhí 'fhios ag gach uile
dhuine go raibh gnó aige ar an gceardchain go mb'fheárr dhó
fuireach sa bhaile dá mbadh mhaith leis a ghnó bheith déanta i
gceart. Is iomdha sgéal greannmhar a bhí ar fuaid na par-
róisde timcheall Thaidhg agus a chuid oibre maidin lae


L. 2


aonaigh, mar ar chuir sé tairnge i mbeo lá i gcapall
Sheagháin Léith, agus mar ar pholl sé ar mhór dtuathal clár a
bhí aigé dhá chur ar chéachda le Domhnall Ua Bruighin.



Bhí feirmeoir beag 'na chomhnaidhe i mBéal na Geadaighe
darbh ainm dó Mícheál Crón, acht níor tugadh riamh air acht
Mícheál na gCleas. Dá mbéadh aon ghnó ag Mícheál na
gCleas ar an gceardchain ní shásóchadh aon lá dhó dul ann
acht lá an aonaigh nó an lá go raibh 'fhios aige go raibh Tadhg
ag dul go Cill Áirne nó go Cill Orglan.



San am so bhíodh margadh Chill Áirne ar an Satharn agus
bhíodh aonach ann an chéad Luan do'n mhí, mar atá anois.



Maidin lae aonaigh bhí Mícheál ag an gceardchain chun
sróiníní 'fhagháil dá mhuca, agus chonnaic sé ná raibh puinn le
déanamh ag Tadhg.



“Is dócha, a Thaidhg,” arsa Mícheál, “go mbéidh tú ar
an aonach.”



“B'fhéidir dhom,” arsa Tadhg. “Bhí Séamus Táilliúra ag
rádh liom indé go mbéadh sé ag gabháil soir timcheall an
t-aon uair déag, & dá mbadh mhaith liom dul leis go bhfaighinn
marcaidheacht uaidh.”



“Má's mar sin atá an sgéal,” arsa Mícheál, “ní'l aon
mhaith dhom mo chéachda a bhreith anuas chun é 'chur i dtreo.”



“Ní'l, go deimhin; táim gan ghual, agus caithfidh mé dul
a d'iarraidh beagáin guail agus ádhbhar iarainn.”



Nuair a bhí Mícheál na gCleas ag dul a bhaile do chas sé
isteach chun tighe Philib Óig, feirmeoir beag eile bhí 'na
chomhnaidhe i n-aice le Mícheál féin.



“Cá rabhais, a Mhíchíl?” arsa Pilib.



“Bhíós ag an gceardchain ag féachaint an mbéadh an
gabha ullamh i mbárach chun píonnaí 'chur im' bhráca. Bhí
Tadhg ag tathant orm é 'chur chuige indiu mar ná raibh
mórán le déanamh aige.”



“Nach bhfuil sé ag dul go Cill Áirne?”


L. 3


“Chuala é ag rádh go mbéadh iachall air an t-asal a chur
go Cill Orglan a d'iarraidh beagán guail.”



“Is maith liom gur ghabhais isteach chugam. Bhíos ag
caint le Tadhg athrughadh indé, agus 'sé dubhairt sé liom ná
béadh am aige aon ní a dhéanamh lem' chéachda go dtí Dia
Céadaoin seo chugainn. Tá an aimsir ag sleamhnughadh
uaim agus gan puinn déanta agam. 'Sé is feárr dhom a
dhéanamh mo chéachda a bhreith chuige anois ó tá caoi ag an
ngabha. Ní bhéidh aon'ne ag teacht chuige indiu.”



Do dhearg Mícheál a phíopa, agus d'imthigh sé air a bhaile.



Nuair d'fhág Mícheál an cheardcha, agus ó ná raibh aon ní
eile le déanamh ag Tadhg chuaidh sé isteach chun é féin a
bhearradh & a ghlanadh i gcomhair an aonaigh. Ní raibh sé acht
leath-bhearrtha nuair do chuir Pilib a cheann isteach an doras
ag rádh, “Bail ó Dhia annso.”



“Dia 's Muire dhuit,” arsa Tadhg, acht ní ó n-a chroidhe,
mar bhí tuairim aige nár tháinig Pilib gan ghnó; “is dócha
go bhfuilir ag dul ar an tsráid.”



“Ní'lim, go déimhin; tá a mhalairt de ghnó agam 'ná
sráidigheacht,” arsa Pilib.



“Is iomdha lá bheidh tú ar thaoibh an teampaill, a Philib.”



“Má 'seadh féin, 'sé is ceart dom mo dhícheall a
dhéanamh an fhaid atáim ar an saoghal so, & anois badh mhaith
liom dá gcuirfeá mo chéachda i dtreo dhom. Chím nach bhfuil
tú ró-ghnóthach.”



“Is truagh liom, a Philib, nach féidir liom aon ní a
dhéanamh led' chéachda indiu — ní'l aon ghual agam, agus tá
iachall orm dul go Cill Áirne dhá iarraidh.”



“Ní gábhadh dhuit aon trioblóid a bheith ort mar gheall
air sin; tá máilín guail sa trucaill agam.”



“Droch-chrích ort féin is do chéachda,” arsa Tadhg fá n-a
fhiaclaib. “Cad tá le déanamh ar do chéachda, a Philibh?”



“Tá clár a chur air, cruaidh a chur ar an soc, & é chur


L. 4


beagán sa bhfód. Teastuigheann beagán cruaidhe ó bharr an
chólthair & caithfir boltha nua a dhéanamh do'n raca.”



“Ní'l aon chruaidh agam acht aon smuitín amháin a
gheallas a chur ar rann-aitinn do Sheaghan Shéamuis,” arsa an
gabha.



“Tá lán mo dhóthain cruaidhe agam-sa sa bhaile,” arsa
Pilib. “Bí-se ag baint an tsean-chláir de'n chéachda;
béad-sa ar n-ais leis an gcruaidh gan mhoill.”



“Badh mhaith liom, dá mb'fhéidir liom é, do ghnó a
dhéanamh indiu, acht do sgoil cos m'úird indé nuair a bhíos
ag cur iarainn ar roth le Seaghán Breac, agus béidh iachall
orm cos nua chur ann. Bhíos chun cos a bhreith abhaile liom
indiu ó'n aonach.”



Fear beag canncarach do b'eadh Pilib Óg. Chonnaic sé
go maith gur a d'iarraidh leith-sgéil do dhéanamh do bhí Tadhg
Gabha, agus bhí a chochal ag éirghe.



“'Sé mo thuairim, a Thaidhg,” ar seisean sa deireadh, “nach
bhfuil aon fhonn ort m'obair do dhéanamh. Badh chóir go
mbéadh mo chuid airgid-se chómh maith le hairgead Mhíchíl na
gCleas, acht chím nach mar sin atá an sgéal, agus ó tá mo
chos ar an mbóthar tá gaibhne eile 'sa pharróisde chómh maith
leat-sa.”



“Déan do rogha rud; ní'lim-se a' braith ar do chuid
airgid, a sgannróir! Beir leat do shean-chéachda pé áit is
maith leat,” ars' an gabha.



“Is maith é mo bhuidheachas, a Thaidhg; acht is dóigh liom
go mb'fheárr dhuit fanamhaint 'sa bhaile 'ná bheith id' mhaidrín
lathaighe ar sráid Chill Áirne, ag caitheamh do chod' airgid &
do shláinte.”



“Is cuma dhuit-se, i n-ainm an diabhail! Ní hé do
chuid airgid-se a bhím ag caitheamh, a spriúnlóigín. B'fhéidir
nach é gach aon ghabha bhéadh chómh bog leat is bhíos-sa ag
déanamh crúidhte dod' shean-ghroga as do bhailiúghadh sean-


L. 5


iarrainn. Imthigh leat anois, agus b'fhéidir go faghtha sean-
chrudh chapaill ar a' mbóthar,” agus leis sin do dhún Tadhg
an doras.



Bhí Pilib ag cur de gur bhain sé amach ceardcha Árd-a'-
Chluigín. B'é an gabha bhí i n-Árd-a'-Cluigín fear óg a bhí
tamall maith ó shoin 'n-a phrintíseach ag Tadhg Gabha. Ó d'fhág
sé Tadhg bhí sé tamall dá aimsir i gCorcaigh & bliadhain
nó dhó i nAlbain. Buachaill ciallmhar do bhí ann & ceárd-
aidhe maith. Eoghan Ua Laoghaire do b'ainm dó. Ní raibh
mórán fáilte aige roimh Pilib nuair do chonnaic sé é ag
teacht, agus ní mó 'na sin bhí aige roimis nuair d'innis Pilib
dó ar an gcaismirt do bhí idir é féin & an sean-ghabha.



Dubhairt an gabha óg le Pilib go raibh eagla air ná
béadh caoi aige ar aon ní do dhéanamh le n-a chéachda go dtí
deireadh na seachtmhaine. Níor mhaith leis Pilib d'eiteach,
acht bhí súil aige ná béadh Pilib sásta le feitheamh chomh fada
sin agus go mbéadh sé ag breith a chéachda leis ar n-ais go
dtí Tadhg nó go dtí gabha éigin eile, acht ní raibh aon mhaith
dhó ann.



“Fágfad-sa annso mo chéachda,” arsa Pilib, “dá
mb'éigean dom fuireach leis go ceann coigthidhis ó 'ndiu, &
tar éis an aoide béil a fuaireas ó Thadhg Gabha an lá so ní
baoghal dó go bráth arís pinginn uaim-se.”



“Anois, a Philib,” arsa Eoghan, “tá a fhios agat go
maith nach bhfuil Tadhg ró-bhuidheach dhíom-sa i dtaoibh teacht
annso, agus ní'lim a rádh acht an fhírinne nuair a deirim go
mb'fhearr liom go mór ná fágfá-sa ceardcha Taidhg chun
teacht chun mo cheardchan-sa.”



“Ar an fhírinne is córa rath a bheith,” arsa Pilib, “acht
deirim leat muna mbéadh aon ghabha eile as so go cathair
Corcaighe ná faigheadh Tadhg Ua Broin aon ní le déanamh
uaim-se.”



Bhí a réasún féin ag Eoghan Ua Laoghaire. Ní raibh do


L. 6


chlainn ag Tadhg Gabha acht aon inghean amháin. Ní raibh sí
acht 'n-a gearrchaile ag dul ar sgoil nuair do bhí Eoghan
'n-a phríntíseach ag a hathair. Bhí sí ana-cheanamhail ar
Eoghan, agus níor bh'aon iongnadh é. Buachaill grádhmhar
subháilceach do bhí ann; níor bhfeárr leis bheith 'measg
bhuachaillí eile mar é féin 'ná bheith i lár sgata páisdí agus
gleó aca do chuirfeadh allaidhir ort. Mar gheall air seo
ní raibh leanbh 'sa bhaile gan bheith ceanamhail ar an ngabha
óg, agus bhíódar go léir go han-uaigneach nuair d'fhág sé
Tadhg Ua Broin. Ba mhó an t-uaigneas do bhí ar Neillí bhig
a' ghabha 'ná ar aon'ne eile nuair d'imthigh Eoghan, agus
chaoin sí go fuigheach 'na dhiaidh.



D'fhás Neillí suas 'n-a cailín deas ghrástamhail. Do
cailleadh a máthair nuair bhí sí seacht mbliadhna déag d'aois,
agus ó bhás a máthar 'sí Neillí bhí mar bhean-tighe ag Tadhg,
agus ní misde a rádh go raibh sí 'n-a mnaoi-tighe mhaith. Ní
raibh ar phobal na Tuaithe fear ba dheise stoca 'ná athair
Neillí, agus ar shon go raibh Tadhg 'n-a ghabha, agus gan
croiceann ró-gheal air, ní raibh léine an tsagairt féin níos
gile 'ná a léine ar maidin Dia Domhnaigh.



Is beag an t-iongnadh nuair tháinig Eoghan Ua Laoghaire
abhaile go ndubhairt sé leis féin go mbéadh Neillí óg mar
mhnaoi aige, agus is dóigh liom go raibh sise ar an aigneadh
chéadna, acht níor mhar sin do'n tsean-ghabha. Ní raibh
aon deabhadh air chun cleamhnais do dhéanamh dhá inghin, mar
bhí a fhios aige go maith go mbéadh sé an-leathlámhach gan
Neillí, acht i n-a aigneadh féin badh mhaith leis, dá mbéadh
fonn pósta uirri, go mbéadh Séamus Táilliúra mar
chliamhain aige.



Bhí feirm bheag talmhan ag Séamus, acht ba mhinice é
Séamus ag an gceardchain, a phíop 'n-a bhéal aige agus é
ag séideadh na mbuilg do'n ghabha, nó a' bualadh dhó nuair do
bhí Tadhg ag cur cruaidh ar rainn nó ag déanamh crudh do


L. 7


chapaill, &, ar nós Thaidhg féin, bhí an-dhúil aige i sráididh
eacht. Bhí trí rabailíní bó aige agus cúpla colpach, & iad
go léir ar tógáil ar theacht na Márta. Ní raibh Pilib i bhfad
tar éis imtheachta nuair do bhí Séamus Táilliúra agus a
thrucaill ag doras an ghabha.



“Bhfuil tú ullamh, a Thaidhg?” arsa Séamus.



“Táim i ngiorracht dó,” arsa Tadhg; “ní'l agam le
déanamh acht mo bhróga do chur orm. Brostuigh ort, a
Neillí; tá an bhróg sin maith go leór anois. Cá bhfuil mo
charabhat? Ná bac leis a' sgáthán. Anois, a Shéamuis, táim
ullamh.”



“Nach bhfuil tusa a' teacht linn, a Neillí?”



“Ní'lim, a Shéamuis, go fóill; b'fhéidir ar ball go
raghainn féin le cois Mháire Chróin, agus béidh a' t-asal
gainn.”



“Is feárr dhuit teacht linn-ne. Dá olcas mo chapall,
is feárr é 'ná asailín Mháire.”



“Go raibh maith agat, a Shéamuis. Do gheallas do
Mháire fuireach léi. Béam i n-am go leór i gCill Áirne;
ní'l puinn le déanamh agam-sa ar an aonach.”



“Beatha dhuine a thoil,” arsa Séamus, agus ar siúbhal
leó.



Nuair a bhíodar tamall beag ar a' mbóthar dubhairt
Tadhg le Séamus, “Ar bhuail Pilib Óg umat?”



“Níor bhuail; cad 'n-a thaobh?”



“Bhí sé annso tamall beag ó shóin le n-a chéachda. Do
gheallas dó, tá seachtmhain ó shoin, go mbéinn ullamh Dia
Céadaoin'; acht ní bhéadh sé sásta gan teacht chugam ar
maidin, agus mé tar éis Mhíchíl na gCleas do leigint
abhaile mar gheall ar ná raibh aon ghual agam. Bhí gach re
seadh againn le 'n-a chéile go rabhamar araon feargach.
D'árduigh Pilib a chéachda leis, agus is dócha ná béidh stad
leis go mbuailfeadh sé ceardcha Eoghainín Uí Laoghaire.”


L. 8


“Raibh Mícheál na gCleas ag an gceardchain ar maidin
indiu?”



“Nach bhfuilim tar éis a rádh leat go raibh chun rud
éigin do dhéanamh le 'n-a chéachda.”



“Bíodh geall,” arsa Séamus “gurab Mícheál do chuir
i gceann Philib teacht chugat.”



“Ar mh'anam & gan droich-ní ar m'anam, go mb'fhéidir
go bhfuil an ceart agat, agus má's mar sin atá an sgéal
nára fada go bhfaghaidh Mícheál toradh a dheagh-oibreacha.
Dubhart le Mícheál féin na raibh aon ghual agam, agus thug
Pilib máilín guail 'n-a thrucaill leis. Gan amhras 'sé
Mícheál bun a' tubaiste.”



“Ní churfinn thairis é.”



“Is dóigh liom féin ná beadh sé sásta gan bhéith ag
déanamh miosgais imeasg comharsan,” arsa Tadhg.



“Is fíor dhuit sin. Ar chualaidhis cad do dhein sé ar
Dhomhnall Ruadh? Bhí Domhnall ag dul le soc go dtí
ceardcha na Ceapaighe nuair tháinig Mícheál na gCleas
suas leis, agus é ag dul a d'iarraidh ráil mhóna ó'n
bportach.



“‘Cá bhfuil tú ag dul?’ arsa Mícheál.



“‘Táim ag dul leis seo go dtí an cheardcha chun é chur
blúire beag 'sa bhfód’. Támaoid ag treabhadh Páircín na
gCloch, & is ana-dheacair í threabhadh le soc atá beagán as a
bhfód.'



“‘Caith do shoc 'sa trucaill agus tar isteach thú féin.
Is mór an ní anró na marcaidheachta.’



"‘Go raibh maith agat, a Mhíchíl; agus b'fhéidir ó táim
leath-lámhach go bhfágfá an soc ag an gceardchain; abair le
Tomás é chur fíor-bheagán 'sa bhfód.’



"‘Dhéanfad é sin agus fáilte,’ arsa Mícheál, agus
d'iompuigh Domhnall Ruadh abhaile. Acht cad do dhein an
cleasaidhe acht a rádh leis a' ngabha soc Dhomhnaill do chur


L. 9


beaghan eile as an bhfód, i slighidh go raibh a chéachda go mór
níos measa ná bhí sé.



“Lá eile bhí Mícheál a d'iarraidh sleaghain thall ar an
nGort mBuidhe. Chas sé isteach i ndoras Shéamuis Mhaoil.
Bhí Séamus 'n-a shuidhe ar stól ar aghaidh an dorais isteach
ag cur taoibhín, ar a bhróig. Ó bhí an lá go han-bhrothallach,
agus Séamus ag cur allais de, do bhain sé dhe féin a
pheirbhic agus chroch sé ar chrúca é i dtaoibh thiar do'n doras.
Do dhearg Mícheál a phíop agus bhí sé ag gabháil dá chuid
breastaidheachta, mar ba ghnáthach leis. Tár éis leath-uair
nó mar sin do dhruid sé síos i n-aice an dorais. D'fhan sé
ag an doras tamall beag agus a lámh ar an leath-dhoras.
D'fhéach sé ar an gcrúca, ag leigint air go raibh náire air.
‘'S amhlaidh, ar seisean, ‘do chuir Máire anonn mé féach–
aint a bhfaghainn iasacht na ruda sin (an peirbhic) chun
cearc do chur ar gor ann.’



“Bhí Séamus Maol ar dearg-bhuile, agus léim sé 'n-a
shuidhe, acht má léim bhí Mícheál imighthe. Do chaith Séamus a
chasúr leis, acht, i n-ionad Míchíl do bhualadh leis an gcasúr,
d'aimsigh sé corcán mór bhí ar iasacht ag a mhnaoi chun
ollan do dhathughadh. Bhfuil Eóghan Ua Laoghaire 'na cheard–
aighe mhaith?”



“Cá bhfios damh-sa soin,” arsa Tadhg, & ní go ró-mhilis;
“acht ní dóigh liom gurab é feabhas a cheárdaidheacht' atá ag
tarrac na ndaoine chuige; 'sé a chuid bhladair mheallann
iad. Bhí an teanga go sleamhain riamh aige. Badh chuma
liom dá gcuirfeadh sé suas dó féin ag Droichead na
Leamhna nó thíos ar a Míanus, acht is dóigh liom-sa gur mór
an náire dhó teacht & ceardcha do chur suas chómh athchumair
dam agus tá sé 'nois.”


L. 10


CAIBIDIL II.



Castar na daoine ar a chéile,
Acht ní castar na cnuic ná na sléibhte.



Nuair do bhuail an bheirt Cill Áirne b'éigean dóibh deoch
bheith aca i dtigh Shéamuis Uí Bhruíghin 'sa Sráid Nuaidh, agus
níor bh'fhada dhóibh go raibh braon eile aca i Sráid na gCearc
nuair casadh orra beirt nó triúr eile agus tart orra. Ní
raibh leath an lae caithte nuair bhí an gabha súgach go leór.



Ní raibh Neillí i bhfad ar a' sráid gur chonnaic sí a hathair
agus é ar leath-mheisge. Is gairid do bhí sí féin agus an
cailín eile ag déanamh a ngnótha. Nuair do bhíodar ullamh
chun teacht abhaile do dhein Neillí a dícheall a hathair do
mhealladh léi, acht ní raibh maitheas di bheith a tathant air;
d'fhan sé féin agus Séamuis ar an sráid go dtí tuitim na
hoidhche agus go rabhadar araon ar meisge nó i ngiorracht
dó.



Bhí capaillín beag cneasta ag Séamus Táilliúra. Bhí
an bóthar réidh agus an oidhche geal, & dá mbéadh an bheirt
sásta leis an méid do bhí ólta aca nuair fhágadar sráid
Cill Áirne bhéadh an sgéal go maith aca, acht ní rabhadar.
Nuair thángadar go Droichead na Leamhna bhí deoch le bheith
aca, & nuair bhí an gabha ag teacht amach as an dtrucaill
thuit sé ar fhleasg a dhroma ar an mbóthar, agus 'san am
chéadna do chuir rud éigin an capall ar siúbhal. Chuaidh an
roth treasna láimhe Thaidhg. Do sgread an fear bocht chomh
géar sin gur rith na daoine amach chuige, agus nuair
chonnacadar é sínte ar an mbóthar shaoileadar go raibh a
lámh briste, acht ní raibh.



Ba mhór an ní go raibh an dochtúir 'n-a chomhnaidhe ar
thaoibh an bhóthair ag Droichidín na Spiodóige; bhí sé ag
baile. Tar éis féachaint ar láimh an ghabha 'sé dubhairt an
dochtúir. “Ní'l aon chnámh briste, acht béidh sé tamall go


L. 11


mbéidh greidhm agat ar chasúr, a Thaidhg.” Do b'fhíor dó-
san; bhí an gabha raithe gan aon nídh do dhéanamh mar gheall
ar a láimh.



Lá'r na bhárach tar éis lae an aonaigh, agus daoine ag
teacht go dtí ceárdcha Thaidhg bhí sé buadhartha go leór.
Chuir sé sgéala chun gabha na Ceapaighe bhí an-mhuin-
teardha leis i gcómhnaidhe, ag féachaint an gcuirfeadh sé a
mhac chuige ar feadh seachtmhaine chun go mbéadh am aige
ar fear éigin eile do sholáthar.



'Sé an freagra fuair an teachtaire go rabhadar ró-
leath-lámhach ar an gCeapaigh, acht b'fhéidir i ndeireadh na
seachtmhaine go mbéadh an fear óg ábalta ar dul ar feadh
lae nó dhó chun cabhrughadh le Tadhg.



“An spreallairín sughaigh,” arsa Tadhg, nuair a chuala
sé cad dubhairt a dhuine muinteardha, “tá fhios agam-sa go
maith cad tá 'n-a cheann; acht béidh an sgéal go cruaidh
orm-sa nó saróchad-sa é.” Nuair chuala Eoghan Ua Laoghaire
cad do thuit amach ar athair Neillí níor bh'fada go raibh sé
ag doras tighe an ghabha. Ní raibh mórán fáilte ag Tadhg
roimis, acht sar ar fhág sé an teinteán bhí taobh eile ar a'
sgéal.



“Is truagh liom,” arsa Eoghan, “tusa bheith mar 'taoi, &
gan aon'ne agat acht tú féin. An féidir liom-sa aon nídh
do dhéanamh dhuit?”



“Ní fheadar,” arsa Tadhg; “is dócha go bhfuil do dhóthain
le déanamh agat féin, agus béidh níos mó agat anois ó
táim-se mar a bhfuilim.



‘An té bhíonn síos buailtear cos air,
Agus an té bhíonn suas óltar deoch air.’”



“Ní bhéir i bhfad síos, le congnamh Dé; agus mó lámh is
m'fhocal duit nach bhfuil aon tsainnt orm-sa obair a bhreith
uait-se. Mar a bhfuil aon ghabha eile agat fós cuirfead-
sa mo phrinntíseach chugat gan mhoill.”


L. 12


“Go raibh maith agat,” arsa Tadhg, ag cur lámh slán
amach agus ag breith greim daingean ar láimh Eoghain.



Nuair bhí an gabha óg ag imtheacht rug Neillí ar láimh air
agus adubhairt “Míle beannacht ort. Bhíos a' cuímhneamh
ort; bhí súil agam leat, acht bhí eagla orm dá dtiocfá
féinig go mbéadh m'athair ró-ghoirgeach leat, mar bhí fhios
agam go maith ná raibh sé ró-bhuidheach dhíot.”



“Ní mór is féidir liom a dhéanamh, acht déanfad mo
dhícheall; agus tá 's agat-sa, a Neillí, go ndéanfainn
mórán ar do shon-sa.”



“Táim go han-bhuidheach dhíot, a Eoghain,” arsa Neillí, &
luisne 'n-a cionnachaibh.



Chuaidh an gabha óg abhaile 's níor bh'fhada tar éis im-
theacht' dó go dtáinig Séamus Táilliúra isteach. Bhí
Neillí ag an doras.



“Cannos tá t'athair, a Neillí?”



“Tá 's agat go maith cannos tá sé, a Shéamuis. Tá sé
'na luighe ar a leabaidh agus tá eagla orm go mbéidh sé ann
go fóill. Buail suas chuige; táim-se ag dul a d'iarraidh
cana uisge ó'n abhainn.”



D'fhan Séamus tamall maith agus nuair bhí sé imthighthe
do ghlaodhaigh Tadhg ar Neillí chun deoch uisge fuair do
thabhairt dó. “Suidh ar a' gcathaoir go fóill, a Neillí,
a chuid; tá rud éigin agam le rádh leat.”



Do shuidh Neillí ar an gcathaoir ag taoibh na leabtha, acht
gan chuinne aici cad do bhí 'n-a cheann.



“Tá eagla orm go mbéad im' mhairtíneach, a Neillí,
i n-earball mo shaoghail; acht badh chuma liom dá bhfeicfinn
tusa agus do theinteán féin agat. Is dócha dá mbéadh go
faighinn-se cúinne uait ann.”



“Táim sásta mar a bhfuilim,” arsa Neillí; “agus
dtaoibh thusa bheith id' mhairtíneach, ní mar sin a bhéidh an
sgéal agat, le congnamh Dé.”


L. 13


“B'fhéidir sin, a ghrádh; acht mar sin féin badh mhaith liom
dá bhfeicinn thú pósta.”



“Ní'l aon fhonn pósta orm-sa, a athair, agus dá mbéadh
féin ní anois an t-am chun bheith ag cuimhneamh air.”



“Táim-se dul i n-aois, acht badh mhór an sásamh aignidh
orm é dá mbéitheá-sa i d'áit bhig féin. Tá feirm bheag
dheas ag Séamus Táilliúra, ní'l cíos trom air, & tá fhios
agam nách bhfuil cailín eile 'sa pharróisde do b'fheárr le
Séamus a bheith mar mhnaoi aige 'ná tú féin.”



“Táim an-bhuidheach do Shéamus. Ní le heasbaidh mná
tighe a bhéidh sé ag pósadh; tugann a mháthair aire dos na
buaibh agus leathann a dheirbhshiúr an t-aoileach ar na prátaí.
An bean-treabhtha atá uaidh anois?”



D'osgail Tadhg a shúile. Ní raibh aon chuinne aige ná
béadh a inghean sásta le Séamus do phósadh. Bhain a
ndubhairt sí an t-anál de agus ní raibh' fhios aige cad do
b'fhearra dhó do rádh, acht i gceann tamaill dubhairt sé —



“Shaoileas, a Neillí, go rabhais féin agus Séamus
Táilliúra mhuinteardha go leór le chéile.”



“Táimíd, ar shon nach bhfuilim ró-bhuidheach de 'dtaoibh
oibre an lae indé.”



“God é an leigheas a bhí aige air?”



“Dá mbéadh sé 'sa bhaile ag tabhairt aire dá ghnó féin,
'n-áit ba chóra dhó bheith, thiocfá-sa abhaile liom-sa agus ní
bhéidhtheá mar ataoi indiu.”



“Taoi ró-chruaidh ar Shéamus bhocht, a Neillí. Chídheann
tú gur minic a thagann sé chun congnamh a thabhairt domh-sa
nuair a bhím ag cur iarrainn ar rothaibh nó nuair a bhíonn
obair trom mar sin idir lámh' agam.”



“B'fearra dhó go mór aire a thabhairt dá phaisde bheag
talmhan. Nách minic id' bhéal ‘An té bhíonn 'n-a dhroch-
sheirbhíseach dó féin, bíonn sé 'na sheirbhíseach mhaith do na
daoinibh eile.’”


L. 14


“Is beag a shaoileadh, a Neillí, ná déanfá rud orm.”



“Badh mhaith liom rud a dheanamh ort, a athair; acht mar
a mbéadh ar thalamh a' domhain acht é féin amháin ní bhéinn
mar chéile aige Séamus Táilliúra.”



Le n-a linn sin d'fhág Neillí an seómra, agus do ghol sí
go fuígheach ar feadh tamaill.



Nuair d'fág Séamus teach an ghabha bhí sé sásta go leór.
Shaoil sé ná raibh anois le déanamh aige acht dul agus an
“páipéar” do bhreith abhaile leis chun Neillí an ghabha do
phósadh. Bhí sé gan tobac agus chas sé isteach i siopa
Sheagháin na Leasa chun blúire tobac do cheannach.



“An fíor,” arsa Seaghán na Leasa, “gur bhris an gabha
a lámh ag teacht ó Chill Áirne aréir?”



“Ní'l sé fíor agus ní'l sé bréagach,” arsa Séamus.
“Ní'l a lámh briste, acht tá sí goirtighthe chomh mór sin go
bhfuil eagla orm ná béidh aon mhaith ann go deó. Tá an
fear bocht buadhartha go leór, acht 'sé an rud is mó tá cur
air anois, gan Neillí bheith pósta.”



“B'fhearra dhuit féin í phósadh, a Shéamuis. Ní fuláir
nó tá múirle beag airgid ag Tadhg, agus tá Neillí 'n-a
cailín chiallmhar.”



“B'fhéidir go b-pósfainn,” arsa Séamus, agus d'imthigh
sé air abhaile.



Lá ar na bhárach bhí sé leathta ar fuid na parróisde go
raibh cleamhnas déanta idir Séamus & inghin an ghabha.



Ar feadh seachtmhaine tar éis goirtighthe láimhe Thaidhg
do dhein Eoghan Ua Laoghaire agus a phríntíseach obair an
dá cheardchan chun go bhfuair Tadhg gabha óg ó Bhaile an
Mhuilinn. Is beag laethe rith na seachtmhaine ná raibh Eoghan
tamall ag ceardchain Thaidhg agus tamall beag ag caint
le Tadhg féin agus b'fhéidir le Neillí.



Nuair tháinig an gabha eile ó Bhaile an Mhuilinn d'iarr
Tadhg ar Eoghan teacht anois agus arís nuair a bhéadh am


L. 15


aige, agus tháinig go minic. Nuair bhíodh an bheirt & duine
aca ar gach taobh do'n teine is mó rud do bhíodh aca ag cur
tré 'na chéile, & Neillí i mbun a gnótha féin timcheall na
cisdineach. Nuair fuair Eoghan sgéala go raibh cleamhnas
socair idir Neillí agus Séamus Táilliúra bhí iongnadh air,
acht dúbhairt sé leis féin má's mar sin do bhí an sgeal ná
raibh sé ceart dó-san a beith chomh mínic isteach 's amach
dtígh na ceárdchan. D'imthigh lá nó dhó mar seo & gan turas
ag Eoghain ar an gceárdchain. Arsa Tadhg le Neillí:



“A bhfeaca tú Eoghan indiu nó indé?”



“Ní fheaca,” arsa Neillí.



“Tá súil agam nach bhfuil aon ní air. Ní raibh se annso
'nis ó athrughadh 'ndé; ní fheadar cad tá á choimeád.”



“Ní'l fhios agam-sa,” adubhairt sise, acht bhí amhras aici,
mar chuala sí sgéal an chleamhnais.



Is dócha ná raibh Eoghan ró-shasta i n'aigneadh. Bhí fonn
is faitcheas air. Badh mhaith leis turas do thabhairt anonn go
ceárdchain Thaidhg, acht mar sin féin bhí beagán náire air
géilleadh go raibh buadhairt air. Bhí sé ag obair go dian,
acht ba chuma dhó bheith díomhaoin nó gnóthach, níor bh'fhéidir
leis pósadh Neillí do chur as a cheann.



Tráthnóna an tarna lá, nuair do bhí deireadh le hobair
an lae agus an cheardcha dúnta, bhuail Eoghan treasna na
páirceanna, agus bhí sé ag cur de go dtánig sé amach ar
an mbóthar i n-aice tighe na ceárdchan. Bhí Neillí ag an
doras.



“Cannos tá t'athair, a Neillí?” arsa Eoghan.



“Tá sé dul i bhfeabhas. Tar isteach. Ní'l sé leath-uair
ó bhí sé ag caint ort. Bhí iongnadh air go rabhais chómh fada
gan bualadh isteach chuige.”



“Ní bhéad ag dul isteach anois, a Neillí. Ta deabadh
orm.”



“'N é sin Eoghan, a Neillí?” ars' an gabha.


L. 16


“'Sé, a athair.”



“Cad 'n-a thaobh nach bhfuil sé teacht isteach?”



“Deir sé go bhfuil deabhadh air, a athair.”



“Abhair leis teacht isteach. Tá gnó agam de.”



Do bhuail Eoghan isteach.



Arsa an ghabha, “Cá rabhais le seachtmhain? Bhíos chun
sgéala chur anonn chúghat féachaint cad a bhí ort.”



“Ó! ní raibh pioc orm, acht go rabhas an-ghnóthach, agus
gur shaoileas go mbéadh rud éigin eile bhúr gcur tré 'n-a
chéile 'ná sibh a bheith a cuimhneamh orm-sa.”



“Acht go mbéadh mo lámh bacach slán agam arís, agus
buidheachas le Dia tá sí dul chun cinn go maith, ní bhéadh aon
ní ag cur buadhartha orainn.”



“Go deimhin, ní cúis buadhartha an sgéal agaibh, acht a
mhalairt, agus go n-éirighidh bhúr bpósadh libh,” arsa Eoghan,
agus tocht 'n-a chroidhe.



“Arú god é an pósadh?” arsa Tadhg Gabha.



“Nach bhfuil Neillí agus Séamus Táilliúra le bheith
pósta i ndiaidh an Charaighis?”



“Fiafraigh de Neillí féin an fíor é nó bréag.”



“Bhfuil sé fíor, a Neillí?”



“Ní'l, agus ní bhéidh go deó,” arsa Neillí, agus amach an
doras léi.



Ar feadh tamaill níor labhair aon'ne do'n bheirt focal.



“B'fhéidir, a Thaidhg,” arsa Eoghan, “go dtabharfá Neillí
dhamh-sa?”



“'Sé is fearra dhúit an cheist sin a chur chuici féin.”



Agus do chuir, agus ní gabhadh innsint cad é an freagra
fuair sé ó Neillí. Bhí an pharróisde ag magadh fá Shéamus
Táilliúra; acht fuair sé stopóigín bheag ó Ghleann na
gCoileach ná raibh ró-óg acht go raibh fiche púnt spréidh aici.



CRÍOCH




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services