Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Prátaí Mhichíl Thaidhg

Title
Prátaí Mhichíl Thaidhg
Author(s)
Ua Dubhghaill, Séamus,
Composition Date
1904
Publisher
Gill, M.H. and Son, Ltd

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


A Mhuinntir na Gaedhilge:



Seo chughaibh Prátaí
Mhíchíl Thaidhg, agus má éirigheann leo go maith
b'fhéidir go mbeadh sé de mhisneach orainn barra
beag eile a chur 'san ithir na 'ndiaidh.



BEIRT FHEAR.



Meitheamh, 1904.


L. 4



L. 5


PRÁTAÍ MHÍCHÍL THAIDHG.



I.



Is maith is cuimhin liom-sa dachad bliadhan ó shoin
anois, nuair a bhí sgoil rinnce ag Crois na Seana-
Chluanach. Do b'é Diarmaid Geanncach an máighistir
rinnce agus is dóigh liom gurbh' é Tomás na Bó an
píobaire. Slán beo leis an aimsir úd, is 'mó cor a
chuir an saoghal de ó shoin, agus is fada fánach atáid
sgaipighthe na buachaillí óga agus na cailíní óga a bhíodh
bailighthe gach tráthnóna ag an gCrois.



Is baoghlach go bhfuil mór-chuid aca sínte fé'n gcré
agus ag tabhairt an fhéir, acht pé 'ca marbh nó beo iad,
tagann na deora im' shúilibh nuair a chuimhnighim ar an
sean-aimsir, agus mise im' gharsún ag suidhe ar an
gclaidhe, agus b'fhéidir anois agus aríst ag caitheamh sgraith nó
cadhráin le garsún eile a bhí mar mé fhéin, go héad-
trom aereach ar an gclaidhe eile, ar m'aghaidh anonn.
Ní féidir ceann críona a chur ar cholainn óig agus sin mar
is fearr an sgéal. Tagann annró agus anaithe an
tsaoghail luath go leor orainn.



Bhí Mícheál Thaidhg 'na sgoláire ar an sgoil agus ba ró-
dheas an rinnceoir é Mícheál. Ní raibh sé ró-árd ná
ró-théagartha, acht bhí sé ana-chos-éadtrom agus ní raibh
buachaill dá mhéid sa pharóiste raghadh cor iomrasgála


L. 6


leis. Mar is gnáthach le hógánaigh na tuatha ní raibh
an t-airgead ró-fhlúirseach ag Mícheál. Ní raibh ag
athair Mhíchíl acht féar trí mbó agus capall. Bhí raol 'na
phóca aige, acht theastuigh scilling uaidh le tabhairt do'n
mháighistir-rinnce i ndeire na seachtmhaine, agus i
gceann seachtmhain' eile bheadh iachall air sgilling a
bheith aige i gcomhair an phíobaire. 'Na theannta so is
dóigh liom go raibh teistiún is leath-phingne mar sgór
na choinnibh ag Stiobhna Ó Múrnáin — mar bhí Mícheál
tar éis tosnuighthe ar bheith ag ól tobac.



Bhí Mícheál bocht i gcruaidh-chás. Bheadh náire 'n
domhain air mara mbeadh an t-airgead aige le cur
sa phláta tráthnóna Dé Domhnaigh, acht cá raibh an
t-airgead le fágháil? Ní raibh aon bhreith aige ar é
fhágháil ó n' athair. Nuair a bhí Tadhg a' Mhachaigh 'n
ógánach, ní raibh sa pharóiste réice ba mhó 'ná é féin.
D'fhéadfadh sé pas rinnce a dhéanamh ar thóin pláta
agus nach mór ar bharr choinnleora, acht anois b'fhearr
leis an t-airgead a chaitheamh leis an abhainn 'ná é a
thabhairt do phíobaire 'ná do mháighistir rinnce,
alfraitsithe a bhí chomh díomhaoin le bacach a' mhála.



Dá mbeadh na cearca ag breith 'ge n-a mháthair
thabharfadh sise an sgilling do Mhícheál, acht ní rabhadar
agus ó bhí coróin ag Gobnait na nUbh uirthi, ní fhéadfadh
sí a thuilleadh iarraidh ar Ghobnait chun go mbeadh dorn
ubh aici le tabhairt di, d'fhonn í bhogadh, — agus níor
bh'fhuirist an tsean-bhean a bhogadh.



Bhí siopa beag ag Stiabhna Ó Mhúrnáin i n-aice na
Croise. Bhíodh tobac is píopaí aige, arán is tae is


L. 7


siuicre. Is iomdha buillín a cheannuigheas uaidh, agus dá
mbeadh leath-phingne agam bhí misleáin le ceannach ó
Stiabhna nó ó n-a mhnaoi. Bhíodh mo mháthair gha rádh
gurbh' í Sile chríona, máthair Stiabhna, a dhin na misleáin
dó, agus ní raibh an tsean-bhean ró-ghlan. Ní fheadar
an ag magadh nó dáiríribh a bhíodh mo mháthair, acht pé
sgéal é, ní fheaca-sa Síle chríona ag déanamh na
misleán agus ní bhfuaireas féin aon droch-bhlas riamh ortha.



Deirtí go mbíodh poitín á dhíol ag Stiabhna, acht ní
dóigh liom féin go mbíodh. Tá fhios agam gur tháinig
na póilí ar a thóir oidhche um Nodlaig, fuaireadar
meadar mhór lán de ghabháile: bhriseadar an mheadar agus
dhóirteadar an ghabháile, mar dheadh gur adhbhar poitín
a dhéanamh bhí ann, acht ár ndóigh bhí an saoghal ag
magadh fé cheann na gconstábla agus an bob a
bualadh air mar gheall ar "phoitín na Croise." Ní raibh
a leithéid de lá spóirt sa pharóiste roimis 'ná ó
shoin, agus bhí ann lá na cúirte. 'Siad na giúistísí bhí
láithreach ná Cian Ó Mathghamhna agus Séamus Ó Seochrughadh
— beirt go raibh sean-eolas aca ar phoitín. Nuair a
bhí Séamus 'na gharsún, bhíodh a mhuinntir ag deanamh
poitín go tiugh thuas i Lios Leamháin, agus níl pioc d'amhras
ná gur minic do bhlais Cian an Drúchtín Sléibhe.



II.



Do glaodhadh ar Stiabhna Ó Múrnáin.



"Seadh, a Stiabhna," arsa Cian ag leamh-gháiridhe,
"tá beirtha ort anois nó riamh."


L. 8


"Ambasa nach bhfuil fós, a dhuine uasail," arsa
Stiabhna go dána.



"Sé deir an páipéar so go rabhais-se ag déanamh
uisge-beatha gan chead ag Crois na Seana-Chluanach
seachtmhain is lá 'ndiu."



"Ní rabhas, ná bliadhain is lá 'ndiu, 'ná aon lá eile
acht chomh beag."



"Deir an duine uasal so (an t-oifigeach) go rabhais
acht go háirithe."



"Bíodh aige," arsa Stiabhna.



"Anois, a ógánaigh," arsa Cian le Caiptín óg na
bpoilí, "cad tá le rádh agat-sa i dtaobh na cúise seo?"



"Tá an méid seo le rádh agam, a dhaoine uaisle, go
bhfuaireas adhbhar déanta biotáille i dtigh an duine
seo, gur dhóirteamair an stuif agus gur bhriseamair an
t-árthach, mar ba cheart dúinn a dhéanamh."



Bhí fhios ag na giúistísíbh go maith cad a bhí sa
mheidir i dtigh Stiabhna, acht leogadar ortha bheith ana-
dhall ar fad.



Arsa Séamus Ó Seochrughadh:



"Cad é an sórt árthach 'na bhfuaireabhair an stuif?"



"Sórt tubán nó árthach mar sin."



"Ar bhlaisis an rud a bhí ann?"



"Níor bhlaiseas,"



"Cá bhfios duit go rabhthas chun poitín a dhéanamh
de?"



"Tá fhios agam go maith é,"



"Cé hiad a bhí led' chois?"



"Bhí beirt chonstábla"


L. 9


"Bhfuil siad annso?"



"Tá duine aca."



"Abair leis teacht 'nár láthair," arsa Cian; agus do
tháinig, agus sórt náire air.



"Cad is ainm duit?"



"Mícheál Ó Dochartaigh."



"Bhfuil aon nídh le rádh agat i dtaobh na cúise seo?"



"Mhaise, níl puinn, a dhuine uasail. Bhíos féin agus
fear eile ann i dteannta 'n Chaiptín: fuaireamair
sórt stuif mar a bheadh baidhreán i meidir i dtóin a'
tighe, do bhriseamair an mheadar agus do chaitheamair an
stuif amach ar an gcarn-aoiligh."



"Agus anois, cad chuige gur dhineabhair é sin?"



"D'órduigh an t-oifigeach dúinn é dhéanamh."



"Cad a bhí sa mheidir?"



"Ní fheadar i gceart cad a bhí ann."



"An poitín a bí ann?"



"Níorbh' eadh."



"A' bhféadfaidhe poitín a dhéanamh de?"



"Ní fheadar."



"An gabháile a bhí ann?"



"Ní fheadar i gceart, acht ba deárthach le gabháile nó
baidhreán é."



"Ar chualaidhis riamh go mbíodh bean Stiabhna Ó
Múrnáin ag déanamh gabháile i gcomhair na Nodlag?"



"Go deimhin, níor chuala, acht nílim i bhfad san áit
seo."



"Cogar," arsa Séamus Ó Seochrughadh leis an
gCaiptín, "an fada dhuit-se i nÉirinn?"


L. 10


"Níl acht ráithe ó thánga anall."



"Ó! tuigim," ars' an giúistís, "Anois, a Stiabhna,
cad deireann tusa?"



"Níl le rádh agam acht gur dhin duine éicint amadán
de'n duine uasal so. Ní rabhas-sa ná Peig ag
déanamh poitín. Tá 'fhios ag an saoghal gur gabháile a
fuair na póilí, agus má's maith libh-se é, a dhaoine uaisle,
cuirfead-sa fínnithe os comhair na cúirte chun an sgéil
seo do dhearbhughadh."



"Ní gádh dhuit é, a Stiabhna; tá 'fhios againn go
maith cannos mar atá an sgéal."



"Acht má's é bhur dtoil é, a dhaoine uaisle," arsa
Peig, agus faobhar 'na guth, "Cé dhíolfaidh mise as mo
chuid gabháile, agus an bhfuil aon tsásamh le fágháil agam i
dtaobh na meidre a bhriseadh orm?"



"Caithfear tú a dhíol, a Phéig," arsa Cian Ó
Mathghamhna.



"Gura maith agat, a dhuine uasail," arsa Peig.



"Seadh," arsa Stiabhna, ag gabháil an doras amach
do "is fearr liom na pádh an lae an mhórdháil a bhaint
de'n bhoicín Sasanaigh úd."



Acht ní hé seo mo sgéal-sa anois acht sgéal Mhíchíl
Thaidhg agus an t-airgead.



III.



Bhí 'fhios ag Mícheál go raibh a athair agus a mháthair ag
dul go Cill Orglan le prátaí an Diardaoin seo
chughainn. Bhíodh na prátaí go fóghanta i gcomhnaidhe
ag Tadhg a Mhachaigh. Cheap Mícheál nuair ná raibh an
t-airgead le fágháil aige-sean ar aon tslighe eile, nár
mhór an peacadh dho pic phrátaí a dhíol do féin. Ní


L. 11


bheadh aon'ne sa bhaile acht é féin agus a dhearbhshiúr, Cáit
agus níor bhaoghal do Cháit aon ghearán a dhéanamh air.
Chualaidh Mícheál gur theastuigh prátaí ó Stiabhna:
bhuail sé anonn chuige.



Bhí siopa Stiabhna ar thaobh an bhóthair i n-aice na
Croise, agus bhí tigh Thaidhg a' Mhachaigh buille beag isteach
ó'n mbóthar, agus póirsín beag caol ag dul ó bhannrach
Thaidhg síos go dtí an bóthar, agus ní raibh ó cheann an
bhóithrín go dtí Crois na Seana-Chluanach acht leithead
cúpla páirce, Garrdha árd Thaidhg Óig agus Láithreán an
Rinnce Sheagháin Dhiarmada.



"Cogar a Stiabhna," arsa Mícheál, "a' gceannócha
pic phrátái?"



"B'fhéidir go gceannóchainn mara mbeidís ro-dhaor
acht cá bhfuil siad le fágháil?"



"Uaim-se"



"Cá bhfuairis iad?"



"Nach cuma dhuit-se sin?"



"Marbhó'ig t-athair thú."



"Ní baoghal dom."



"Cad tá uait ar na prátaí?"



"Níl acht leath-choróin."



"Bíodh sé 'na mhargadh, acht caithfir-se iad a
thabhairt annso."



"Ní fhéadfainn é sin a dhéanamh, a Stiabhna, agus
d'fhéadfá-sa an t-asal a chur 'na gcoinnibh chomh fada
le ceann an bhóithrín."



"Ní chuirfead, a mhic ó, mar dá gcuirfinn is
baoghlach go mbadh dhéine bheadh an sgéal orm ná mar a


L. 12


Bhí sgéal an phoitín; acht déanfad an méid seo dhuit,
d'fhonn misnigh a chur ort; raghad leath-slighe. Bíodh
an cliabh agat-sa ar thaobh an bhóthair ag ceann Láithreán
a' Rinnce, agus bead-sa id' choinnibh ann."



"B'fhearr liom dá gcuirtheá an t-asal im' choinnibh
go ceann an bhóithrín,"



"An amhlaidh a mheasann tú gadaidhe a dhéanamh díom
os cómhair an phobail? Raghad leath-slighe, acht ní
raghaid coiscéim níos sia."



"Seadh; bíodh sé mar sin. Beidh m'athair agus mo
mháthair i gCill Orglan tráthnóna Diardaoin agus bead-sa
agus an cliabh prátaí agam ar chlaidhe Láithreán a' Rinnce
ar luighe na gréine."



"Agus bead-sa ann romhat," arsa Stiabhna.



Nuair a tháinig an Diardaoin bhí muinntir Thaidhg a'
Mhachaigh go gnóthach ag ullmhughadh i gcómhair an
mhargaidh.



Bhí Tadhg féin, mar ba ghnáthach leis, a d'iarraidh
bheith thall 's i bhfus; acht i ndeire thiar thall bhí na
prátaí go léir istigh sa trucaill aige, go feistighthe
ceangailte.



Chuir Mícheál sop tuighe isteach i mála; chuir sé
an mála tuighe isteach sa trucaill, mar shuidheachán dá
mháthair: do shocruigh sé a mháthair go cúramach 'na
suidheachán agus seo chun siubhail iad, Peig 'na suidhe istigh
sa trucaill go socair sásta, agus Tadhg agus greim ar cheann
an chapaillín aige chun go rabhadar thíos ar an mbóthar,



"A Mhíchíl!" arsa Tadhg, agus é ag cur an bhannraigh
amach dhe, "ná dearmad na prátaí — níor mhiste iad
go léir d'iompáil agus na péacáin a bhaint díobh."


L. 13


"Ó! ná bíodh eagla ort, a athair, ní baoghal domh-
sa na prátaí a dhearmad."



"Agus, a Mhíchíl," arsa Peig, "tiomáin na ba a
bhaile i n-am, ní bheidh aon 'ne chun iad a chrudhadh anocht
acht Cáit."



"Agus, a Mhíchíl, arsa Tadhg, "le heagla ná beinn-
se sa bhaile i n-am, dún an bhearna go maith ar an
dtuar, nó brisfidh an bradaidhe úd Geadach amach."



"Déanfad-sa san," arsa Mícheál.



IV.



Nuair a bhíodar imthighthe chrom Mícheál ar na
prátaí. D'iompuigh sé an chúil ar fad agus bhain sé na
péacáin díobh. Do líon sé cúpla cliabh i gcomair
mhargaidh na seachtmhaine seo chughainn agus do líon sé
cliabh do féin chomh maith.



Nuair a tháinig an tráthnóna, agus an ghrian ag dul fé,
d'árduigh Mícheál leis an cliabh ar a dhrom agus síos leis
an bóithrín. Bhí an t-ualach trom, acht má bhí féin ní
raibh Mícheál i bhfad chun gur bhain sé amach an bóthar.
Siar leis an bóthar mór. Is ar éigin a raibh sé ag
cúinne an Láithreáin nuair a chualaidh sean trucaill ag
teacht chuige aniar.



"Stiabhna agus an t-asal atá ann," ar seisean leis
féin. Do lean sé air tamaillín eile. Do stad sé
go hobann agus chuir sé cluas le héisteacht air féin.
D'aithin sé cnag na trucailleach agus chualaidh sé "hup a
chapaillín" ó n' athair agus an capallín ag sodar go
socair suaimhneasach.



"Táim crochta anois nó riamh," arsa Mícheál, "níl


L. 14


dul as agam; is daor atáim ag ceannach mo chod'
rinnce. Má leanaim orm bead féin is m'athair as
aghaidh a chéile i gcionn nóimit, agus ní haon mhaith dhom
filleadh, béarfaidh sé orm; cad a déanfad?"



Bhí díg mhór idir an mbóthar agus claidhe na páirce,
mara mbeadh go raibh d'fhéadfadh Mícheál an cliabh a
chaitheamh taobh istigh de'n chlaidhe. Chuir an t-eagla
neart 'na ghéagaibh, do shleamhnuigh sé síos gruadh an
bhóthair, d'árduigh sé an cliabh ar a mhuin agus do leag sé
tón an chléibh ar mhullach an chlaidhe agus do chaith an cliabh
agus a raibh ann isteach sa pháirc, agus ní túisge bhíodar istigh
ná do léim seisean thar chlaidhe 'na ndiaidh. Ní raibh
sé acht istigh nuair a bhí an capaillín ag teacht a leith
chuige ó chasadh an bóthair le hais phuill an ghairbéil.



"D'fhóbair dhom," ar seisean nuair a chualaidh sé
"hup a chapallin" agus an capall 's an trucaill ag
gabháil soir uaidh i n-aice an gharrad áird.



D'fhan sé tamall 'féachaint an raibh Stiabhna ag teacht,
acht ní raibh. Do chrom Mícheál ar na prátaí a
bhailiughadh agus an fhaid a bhí sé ag bailiughadh bhí a shúil i
n-áirde aige. Nuair ná raibh Stiabhna ag teacht, arsa
Mícheál leis féin, "Má 's cleas atá sé chun imeartha
orm-sa bead-sa suas le Stiabhna." Do chuir sé dorn
prátaí thíos i dtóin an chléibh. Annsan do chaith sé
isteach ann dorn cloch agus do líon an cliabh leis na
prátaí. "Seo 'nis," ar seisean, "ní miste luach a
airgid a thabhairt do."



Díreach agus an cliabh líonta aige chonnaic sé Stiabhna
ag teacht chuige aniar ar a shocaracht.


L. 15


"'S fada dhuit ag teacht," arsa Mícheál



"Is minic do bhí cú mall sona," arsa Stiabhna. "Ní
raibh aon ghádh le deabhadh, go mór-mhór ó bhí do dhaid ar
an mbóthar. Nach breallach a bheadh an sgéal agam-sa
dá ndéanfainn rud ort-sa agus an t-asal a chur a
d'iarraidh an chléibh. Nach deas d'fhéachfadh sé dá
mbuailfinn-se agus m'asailín le t'athair sa bhóithrín."



"Bhfuil an leath-choróin agat?"



"Níl, acht tá dhá sgilling agam duit. Tá'fhios agat
go bhfuil raol agam ort i dtaobh an tobac."



"Ní baoghal duit-se é dhearmad go háirithe. Seo,
t'r'om an t-airgead go n-árdóchad an cliabh ort."



"Seo dhuit é."



Gura maith agat. Is maith a thuilleas é. Tá sé
chomh maith againn an cliabh a chur ar bharr an chlaidhe.
Sé is fearra dhuit-se a dhéanamh ná an cliabh árdughadh
leat ó'n dtaobh eile. Tá an díog tirim anois."



"Is dócha ná fuil an cliabh ró-throm."



"Má tá féin nach mar sin is fearra dhuit-se é?"



V.



Chuir an bheirt an cliabh i n-áirde ar an gclaidhe.
Chuaidh Stiabhna thar claidhe amach agus d'árduigh leis an
cliabh ar a mhuin. "Go n-eirighidh an oidhche leat,
a Stiabhna," arsa Mícheál. "Badh mhaith liom dul
tamall de'n bhóthar leat, acht go bhfuil 'fhios agam go
mbeidh m'athair ag braith orm na ba a chur sa dtuar."



Nuair do chuir Stiabhna an cliabh ar a dhrom agus an
truimeacht a bhí ann, 'sé dubhairt sé, "Mhaise, mo


L. 16


ghraidhn chroidhe thú, a Mhíchíl, chuiris pic is dúthracht sa
chliabh." Ní raibh an díog ró-ghlan agus thug sé iarracht ar
dhul i n-áirde ar an mbóthar, acht bhí an t-ualach ró-
throm agus an díog ró-dhoimhin. Bhí iachall air an díog a
ghabháil siar go teorainn na páirce. Bhí sé ag cur
alluis de go tiugh agus ag cneadaigh mar a bheadh bó i
dtinneas. Do leag sé an cliabh cúpla uair ar chlaidhe
an bhóthair, do dhírigh sé a dhrom, agus do chuimil sé a ghuala
mar a raibh an mhuiciris ag luighe air.



Nuair a shrois sé a thigh féin, ní raibh sa bhaile
roimis, acht a mháthair, corcáinín aici i n-aice na teine
agus í ag cur olna chun dathuighthe ann.



"Cá leagfad an cliabh, a mháthair?" arsa Stiabhna.



"Leag anuas ar an mbórd é," ars'an tsean-bhean.



"Tá sé ró-throm agus tá eagla orm go mbrisfeadh sé
an bórd"



"Arú, cuir uait, amás maran clocha tá ann níl an
t-ualach chomh trom san ar fad."



"Ní fheadar, acht tá 'fhios agam go ofuil mo dhrom
briste uaidh agus an croiceann bainte dem' ghualainn ag
an muiciris."



"Caith anuas ar an úrlár iad, an cliabh agus a bhfuil ann."



Do chaith Stiabhna an cliabh de ar an úrlár. Do ruith
na prátaí ar fuid an tighe, agus do dhin na clocha an cleas
céadna. Do léim dhá chloich isteach sa teine agus do
sgaipeadar an teine amach ar an dteinteán.



Acht níorbh' é seo an chuid ba mheasa de'n sgéal.
Bhuail cnapán mór cloiche an corcán agus bhris 'na
smidiríníbh é.


L. 17


"Alliliú," arsa Síle, "an ar buile ataoi, nó an
amhlaidh a mheasann tú mé a mharbhughadh?"



Do leath a shúile ar Stiabhna. D'fhéach sé ar an
dteine, agus d'fhéach sé ar an gcorcán agus chonnaic sé
an "dúthracht" a bhí sa chliabh.



"Mhaise, míle mí-chothrom ort-sa, a Mhíchíl, mar is tú
an rógaire críochnuighthe. Acht bead-sa suas leat."



"Cannos?" arsa Síle.



"Gearánfad len' athair é."



"Déin go díreach, a bhriolláin, agus bhí id' cheap-magaidh
ag cruinniughadh na Croise Dé Domhnaigh. Níl aon nidh
níos oireamhnaighe dhuit-se anois ná do bhéal a choimeád
dúnta."



"B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, a mháthair, acht
marbhóchaidh Peig mé mar gheall ar an gcorcán."



"Tuilleadh 'n tubaiste chughat, acht níl leigheas air
anois:-



"'Níl maitheas bheith ag seanchus
Nuair a bhíonn an anachain déanta.'"



Ar shon nár leig Stiabhna gíog as i dtaobh na
bprátaí, do sgéith an sgéal amach air i gcuma éicint,
agus ba mhinic na cómharsain ag magadh fé Stiabhna agus
Prátaí Míchíl Thaidhg.



Sin é mo sgéal-sa, agus má tá bréag ann bíodh.



(Críoch).



BEIRT FHEAR.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services