Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac Fínghin Dubh

Title
Mac Fínghin Dubh
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1903
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MAC FÍNGHÍN DUBH.



Caibidiol a h-Aon.



BEIRT MHARCACH.



Chuir Sléibhte Dúbha Cheachainn a gcaipíní ortha i
gcómhair na h-oidhche. Shéid an ghaoth ghlan-fhuar earraigh
tarsna an ghabhailín mara fá bhun an Doirín. Liúghaigh
an cúirliún amuich sa chuan, leig an gaibhrín reóidh
"methi-geg" as sa chorrach agus d'fhreagair an naos-
gach é le "sic seaic, sic seaic," imeasg na seasga.



Bhuail marcach siar an sean-bhóthar cois bhruaich an
chuain fá dhéin an Doirín. Fear calma do b'eadh é,
claidheamh ar a cheathramhain aige, srón cham air a's
rian gearradh uirthe, láir dhubh shleamhain fá agus crot
maith air féin. Shelbourne nó Sleagánach do tug-
thaidhe air. Bhí giolla le n-a chois ar chairiún ciar,
cothuighthe. Michilín do b'ainm do'n ghiolla soin. Fear
beag, buidhe do b'eadh an giolla, fabhraí dúbha air
agus dhá shúilín franncaigh aige do chífeadh thré pholl
meanuighthe.



"Ní gábhadh dhuit an deabhadh, a thighearna," arsa
Michilín. "Beimíd ann a's as i n-am go leór."


L. 4


"An fada as so an Doirín sin?" arsa Shelbourne.



"Suas le deich míle," ars' an fear eile.



"Pret!" arsa Shelbourne, "ní fiú trácht thairis.
Ba cheart dúinn an méid sin do chur dínn i n-uair an
chloig an chuid is lúgha dhé."



"Dar muine, mhaise, bhí an bóthar so fada go leór
san tsean-aimsir. Deirthear liom gur chaith na
Sasanaigh seachtmhain ag cur an méid seo dhíobh i
n-aimsir Dhómhnaill Chaím agus 'na dhiaidh sin go mb'éi-
gean dóibh filleadh ar n-ais gan bó, gan bleathach,
gan buaidh, gan bárr, acht iomad bruighne a's easnaí
brúighte brisde."



Chroth agus ghreamuigh an bhéalbhac i ngiallaibh na
lárach duibhe, d'fháisg crobh Shelbourne ar a eachlasg
gur bhánaigh a rúitíní, agus is suarach ná'r thiomáin sé
a fhiacla thré n-a bhéal iochtair. Chas sé ar Mhichilín
agus d'fhéach sé air.



"Ar bhiorán bhuidhe," ar seisean, "do chuirfinn
bramstiallacha ort, a tháthaire bhig bhréin; is beag do
chuirfeadh fhiachaibh ort féin bheith id' mhéirleach, agus
d'á fheabhas atáim leat, a shuracháin, creidim go bhfuil
cion agat ar Mhac Fínghín Dubh."



Dhruid Michilín i leath taoibh uaidh ar baill-chrith.



"Ná'r théidh mh'anam go Meg Mhichíl, a mháighistir,
nách bhfuil an ceart agat agus gur ró-dhian ataoi orm
'na theannta soin. Gabhaim párdúna agat má chuireas
fearg ort. Thugais alp orm sul a raibh críochnuighthe
agam, mar bhíos chum a ráidhte gur síothchánta socair
atáthar ar an mbóthar so anois, agus gur brisde,
basgaighthe mar a thuilleadar, atá Muinntear Shúillea-
bháin fád' riaghalachas féin."



"Seadh, má's mar sin é," ars'an Seilbórnach, agus
do leig sé a ceann leis an láir dhuibh agus chrom sí ar
shodar go tiugh.



Lean Mhichilín air 'gá shálaibh, agus é ag cur alluis
de le h-eagla.



"Measaim ná h-inneósad a thuilleadh scéalta do'n
bhioránach so, an bholgach air féin a's ar Mhuinntear


L. 5


Shúilleabháin! Nách cuma liom-sa cia aca acht go
bhfuighead adhbhar bidh a's annlain ó'n t-é 'tá i n-uach-
tair díobh."



Do choisg Shelbourne a láir ag Árd Aodha.



"Cia leis an sean-chaisleán soin?" ar sé.



"Leat-sa, ambás," arsa Michilín.



"Cia chómhnuigheann ann, ámh?"



"Fear do Mhuinntear Shúilleabháin. Bhí riaghalachas,
cíos, cáin ag an dtreibh sin aon uair amháin ó Neidín
go Béara, ar an dtaobh so d'fhairrge a's ó Bhaile an
Sgeilg soir ar an dtaobh thall."



"Is iongantach an seanchuidhe thu," arsa Shelbourne,
ag crapadh a shróna.



"Measaim," arsa Michilín leis féin, "nách maith
leis a chlos go rabhadar súd chúmhachtach lá. - Seadh,
briseadh ar Aedh, a mháighistir, i n-aimsir bhainríoghna
Élís, agus ní fhuil de'n treibh ar fad indiu acht Mac
Fínghín Dubh agus is geárr a bheidh seisean suas."



D'fhéach Shelbourne isteach uaidh ar Chaisleán Áird
Aodha.



"Is daingean láidir é fós, dar leat, gidh gur dócha
go bhfuil sé brisde go leór i mballaibh. B'fhéidir go
ndéanfamuis úsáid éigin dé."



"Mhaise, ní fhuil ann acht fathalach cloch, a mháighistir.
Tá draoidheacht nó tubaiste éigin d'á leanamhaint.
Tá an tsáile ag cise air gach aon bhliadhain. Tagann
Dómhnall Ó Donnachúdha na nGeíbhleach atá fá dhraoi-
dheacht i Loch Léin, tagann sé gach maidean Lae Bheal-
taine de thall de loch annsoin ar Mhullac Leacaoin
le n-a láir bháin féachaint an chaisleáin seo, mar
deirtheas go n-imtheóchaidh an draoidheacht dé féin
nuair do bhuaidhfidh an fhairrge ar Árd Aodha a's bhéar-
faidh sí léi an chloch dheireannach dé."



"Nách greannamhar, piseógach na daoine sibh," ar
Shelbourne, ag crapadh a shróna le tarcuisne, mar ba
ghnáth leis. Phreab sé anuas de'n láir, chaith sé an
srian agus a chlóca cába chum Mhichilín agus d'iompuigh
sé isteach an bhearna fá dhéin an chaisleáin..


L. 6


Is beag nách raibh tuitimín na h-oidhche ann, acht bhí an
uain geal agus corrán gealuighe ins an domhan thiar.
D'éaluigh an taoide go socair ar ghainimh na trágha
agus shnáimh sí léi suas i gcoinnibh an árdáin; tharraing
sí i ndiaidh a cúil arís le h-osna; leig puichín gaoithe
fead aisde ag séide isteach thré chúinníbh folamha an
chaisleáin agus chas sí ar n-ais le h-ochón; d'eiteall
gobadán aníos ó'n gcuan, leath sé a sciatháin a's shín
sé a chosa i ngearracht slaite d'fhárdorus an tsean-
chaisleáin ar tí cur fá ann, acht d'eiteall sé sa n-aer
le liúgh agus amach arís fá'n gcuan.



Bhí fear 'na sheasamh fá'n bhfárdorus úd, féasóg
liath air, a cheann cromtha agus a smeigín ar a bhrághaid
aige. Chualaidh sé mar a bhéadh glór beirte ag coimheas-
gar le chéile. Chaith sé a cheann i n-áirde a's a chliabh
amach agus do sheasaimh sé chómh díreach le gáinne.
"Gobadáin na trágha," adeir sé leis féin, agus do
chrom sé a cheann arís ag machtnamh leis féin. Acht
níor bh'eadh. Chualaidh sé an gleó céadna arís, agus
chuir sé cluas air féin.



Bhí fear óg ag cur dé cois phuirt na fairrge agus
dhá gheirfhiadh fá'n oscuil aige. Bhuail Shelbourne 'na
threó agus chuir aighneas air.



"Cad iad so agat, a dhíolmhúnaigh?"



"Nách cuma dhuit-se sin, a spreallaire? Druid
as mo shlíghe nó cuirfeadh mo dhorn go scórnuigh id'
chlab."



Do dhuibh a's do dhearg ag Shelbourne. Tharraing
sé úirlis lámhacha as a chrios, dhírigh, agus sgaoil air
go h-obann, acht i n-ionad an fhiaguighe dh'aimsiúghadh
is eadh do ghnídh an pléar 'ná clais do thóch sa ghainimh,
mar fuair Shelbourne pléasg do bhata droighin i
gcnámh na h-uilleann ó fhear na féasóige léithe, agus
bhí greim beag nách sa n-am chéadna ag fear na
ngeirfhiadhthe ar ubhall scórnuighe air. Sul a raibh
uain aige ar "Dia lem' anam," do rádh - má deireadh
sé riamh é - bhí sé ar chnámh a dhroma agus glúin 'na
bholg.


L. 7


"Tacht é, a Philib! Is é an Sleagánach atá ann,"
ars'an fear liath.



D'fhosgail an Sleagánach a bhéal chum labhartha acht
níos tháinig gíog as. Fear teann, téagartha do b'eadh
é, agus d'únfairt sé a's do thiomháin sé an ghainimh sa
n-aér le n-a shálaibh ag iarraidh eirighthe; léim na
cnaipí ceangail as bhrághaid a chasóige leis an racht
do chuir sé air féin, acht ba bheag an mhaitheas dó an
saothar. D'fhág an luadháil a lámha go mall, bhog a
ghreim de ghuailnibh Philib, dhruid a cheann siar síos ins
an ngainimh go raibh a smeigín ar aghaidh na spéireach,
leath a shúla le sgéan agus shín a's chroth a theanga
amach as a bhéal ar nós earbaill éisg.



"Dar a páis fiadh, cad é seo? Bog de'n duine
go déaghair!"



Scaoil Pilib a ghreim docht chómh tiugh a's dá gcuir-
fídhe pléar thríd. Do phreab sé 'na shuidhe a's d'úmh-
luigh sé.



"Is é an Sleagánach atá ann, a Mhíl Borra, agus
muna mbeadh Diarmaid na Bolgaidhe bhíos am' chnap
ag an scriosdóir; acht dar muine, is dóich nách bhfuil
speach anois ann."



Chaith Míl Borra dhé a chasóg, chaith sé é féin ar a
ghlúinibh, scaoil sé éadach muiníl an tSleagánaigh agus
chuir sé an chasóg fá bhaic a mhuiníl.



"Rith leat, agus tóg an báiréad soin chum an
tobair-fhíoruisge dia thiar de'n chaisleán."



Bhuail sé deárnacha an tSleagánaigh go tiugh le n-a
bhais, chumail sé a mhailídhe leis an bhfíor-uisge, leig sé
braon de ar a theangaidh, scaoil sé beagán de síos
caol a dhroma agus dhoirt sé bas de ar a cheann. Fá
dheireadh chuir an fear osna as.



"Buidheachas mór le Dia! Tá sé 'teacht chuige
féin," arsa Míl Borra.



Do dhún na súla a's do bhuail an chuisle go mearbh-
thallach, chorruigh na fabhraí, cuir an fear fann osna
eile as agus i gcionn nóimite chrom se ar mhéanfuighigh.
Chaith Míl Borra é féin fá agus leig sé an fear leath-
thraochda anuas air ar a leath-uillinn.


L. 8


"Cá bhfuilim?" ars'an Sleagánach i gcionn uair an
chloig.



"Imeasg bráithre. Ná bíodh eagla ort," arsa Míl
Borra. Thógadar ar a bhonnaibh é agus tháinig meireán
air ar nós fir meisgigh.



Gaisgidheach do b'eadh Míl Borra, agus do rug sé
ar an Sleagánach a's thóg sé leis ar a bhacalainn é.
Seo suas fá dhéin an bhóthair mar a raibh Michilín ag
fanamhaint go mí-fhoidhneach le n-a mháighistir, Míl
Borra agus a ualach i dtosach agus Diarmaid agus
Pilib ar deireadh. Bhí dhá láimh an tSleagánaigh
snadhmtha ar chúl Mhíl borra agus a smeigín ar a
ghualainn. Bhí Diarmaid na Bolgaidhe ag cur na súl
thríd. Bhog an Sleagánach a ghreim, réidhtigh sé a lámh
dheas agus leig sé ar sileadh leis í.



"Seachain, a Mhíl Borra," arsa Diarmaid.



"Cad tá ort, a dhuine?" arsa Pilib.



Acht tháinig Diarmaid de choiscéim suas leis an
mbeirt. Seo mar do fuair sé an Sleagánach. Scian
dhubh 'na truaill i gcrios ar a chaol, a dheárna ar
dhornchúl na scine, agus a mhéireanna lúbtha ar tí
breith uirthe. Thug Diarmaid ruthag air, ghreamuigh sé
caol a lámha chómh docht a's do ghreamóchadh clab
eascún í agus d'fhéach sé air le súilibh fiadhne.



"Caith uait é, a Mhíl Borra, agus saltair air;
cruimh is eadh é!"



D'fhéach Míl Borra thar a ghualainn ar Dhiarmaid.



"Tá inntin ghéar aige," adeir sé leis féin, "acht
cuireann an fhilídheacht soin ar buile uaireannta é.



"Caith uait é, adeirim leat! Tá sé ar tí do
mhairbhthe."



Gháiridh Míl Borra go socair. "Ghia mhaise, a
Dhiarmaid, a éigeas, leig dó. Tá an bochtán leath-
mharbh."



"Ní fhuilim," ars' an Sleagánach, "ní fhuil easba
anáile ná nirt orm anois, ná raibh maith agaibhse.
Bog díom, a dhuine dheórata, agus dar so a's súd" -
acht ní h-é sin do thug sé acht na mionna móra -


L. 9


"bainfead sásamh de'n tsean-chladhaire seo. Is é an
gaduidhe liath sin do bhain an tuisleadh asam le n-a
bhata."



"Dar mo chlaidheamh gaisge," arsa Diarmaid,
"ghéabhair cómhrac uaim-se má tá do bhrígh fillte ort.
Ní fhuilim-se chómh críonna agus is dóich leat. Má
táim liath ní le h-aois é agus níor chuir súmaire ded'
bhuidhin mhalluighthe-se Diarmaid na Bolgaidhe ar
teicheadh fós riamh."



"A bhodaigh mhóir," ars' an Sleagánach, "an dtabhar-
fair ceart cómhraic domhsa? Nuair do chuirfead ar
lár an dá spreasán so leat, troidfead leat féin
d'á mhéid iad do ghuailne."



"Is dán an t-amadán thu," arsa Míl Borra.
"Geallaim-se dhuit, ámh, gidh nách dtuilleann do
theanga é, go bhfaghfair ceart a's cómhrac annso.
Sáiseóchad féin thu, bh'fhéidir. Leig do Dhiarmaid;
file is eadh é agus gidh go ndeirteas liom gur
tighearna thusa do réir na ndlíghthe ngallda, is áirde
eisean mar is do chraoibh na h-éigse é."



"Tá an oiread suime agam 'na chuid filídheachta a's
bheadh agam i srann bhramaigh, acht beidh a chuid fola
agam mar is é do thug an chéad bhuille dhom. Cá
bhfuilir, a Mhichilín?"



"Sleagánach abú!" arsa Michilín, ag preabadh le
n-a chairiún isteach ar an mbán. "A Rí na cruinne!
Tá Míl Borra 'na measg a's beidh an Sleagánach
caillte!"



Bhuail sé léas d'á lasg ar an gcairiún gciar, scaoil
sé a cheann leis agus as go bráthach leis ar chos i
n-áirde fá dhéin Neidín.



"Imtheacht gan teacht ort, a mhic ó," arsa Diarmaid,
ag féachaint a ndiaidh Mhichilín 's ag cur scearta
gáire as. Chuir an gáire sin ar a shocaracht é i gcóir
an chleasa claidhimh do bhí chuige mar bhí na creatha air
le h-iomad sainte chum an tSleagánaigh do threas-
gairt lom láithreach i dtaobh a dhroch-chainte.



Bhain an Sleagánach seara as féin a's chrom sé ar


L. 10


phoc-léimrigh a's ar a chlaidheamh do chasa, leis an
gcodlagríbhthín do bhaint as a uillinn agus as a
bhallaibh.



"Níor bh'é dearmhad Mhíl Borra a chlaidheamh caol
fada thabhairt leis," arsa Pilib i gcogar. "Oireann
sé sin dómhsa níos feárr 'ná an claidheamh mór, agus
leig dom an fuacht do bhaint de'n tSleagánach."



Thug Diarmaid alp air mar fhreagra agus d'iarr ar
Mhíl Borra druidim siar uatha. Bhris ar an bhfoidhne
ag an Sleagánach leis, agus thug an bheirt aghaidh ar a
chéile go feargach.



Ba chosmhail le chéile i ndéantas an bheirt chlaidh-
mheach, acht amháin gur bh'é an Sleagánach an fear ba
throime. Bhí sé dubh, dorcha, agus bhí sé níos sine 'ná
Diarmaid, mar ní raibh seisean os cionn dáfhichead
bliadhan gidh gur dhóich leat go dtí so go raibh sé trí
fichid toisg go raibh sé buidhe-chroiceannach, bán-fholtach,
agus rian na bolgaidhe ann. Bhí sé fuinneamhail,
fuinnte, féithleógach agus bhí an fear eile foirtileach
fearsadach fíochmhar. D'fhéachadar araon go fraochda,
friochnamhach ar a chéile. Bhuaileadar bárr a gcosa
deasa i gcoinnibh a chéile agus dhruideadar siar ó n-a
chéile, a lámha cléith' dia thiar d'á ndrom ag druidim
anonn 's anall ar nós stiúir báid fá sheól. Chaith an
corrán gealuighe ins an domhan tiar léas fhann-sholuis
trasna an chuain agus do chífeá scáil na bhfear-gcómh-
raic sínte ar an bhfaithche, an bheirt fhear agus an dá
scáil ag faire chum faill d'fhághail ar a chéile. Fuisc,
arsa claidheamh an tSleagánaigh, nuair do thug sé suíns
fá uillinn deis Diarmuda. Choisg seisean é agus thug
fogha fá bhrághaid an tSleagánaigh, acht bhí súd aicillidhe;
phreab sé i leath-taoibh. Lean Diarmaid coiscéim ar
aghaidh agus d'fhóbair go ndíolfadh as, mar thug a
namhaid tréan-bhuille fá dhéin an mhuiníl. Chlaon
Diarmaid a cheann, d'árduigh sé bas a chlaidhimh go
tiugh i n-am agus bhain na claidhmhte fuaim a's spréacha
as a chéile.



Scaoil na fir amach agus d'éirigh a mbruth; d'éirigh


L. 11


clár a n-uchta; tháinig a n-anál 'na séideánaibh thré
phollaibh a srón, lúb a bhfabraí agus choigil lasair 'na
súilibh.



"Bog, breágh! a Dhiarmaid, a chaithis, tá Míl Borra
led' h-ais," ars' an fear soin féin. Dhéineadar ar a
chéile arís. Bhí braon fola ar sileadh le cluais
Dhiarmuda. Thug an Sleagánach fógha fá na súilibh le
h-é dhalladh nó mhealladh; thuig Diarmaid an cleas
agus d'árduigh sé bas a chlaidhimh. B'shin é do theas-
duigh ó'n Sleagánach. Thiomáin sé rinn a chlaidhimh le
fuinneamh fá dhéin an taoibh íochtair d'uillinn dheis
Dhiarmuda, acht léim seisean coiscéim i ndiaidh a chúil.
Lean an Sleagánach air, acht má lean níor éirigh leis,
mar do rop Diarmaid rinn a chlaidhimh dhá órlach a's
breis fá chroiceann a chuisleann. Bhéic an Sleagánach
le pian. Chas sé a chlaidheamh ar buile os cionn cinn
Diarmuda, acht bhuail seisean "baic-bhéim" 'sa
n-uillinn air, agus léim claidheamh an tSleagánaigh le
fead sa n-aer agus thuit sé féin ar a chromadh le
búithre.



"Fuil do chroidhe, nó géill!" arsa Diarmaid.



"Géillim," ar seisean tré n-a fhiaclaibh.



"An bille leis," ars' Diarmaid.



"Bíodh sé agat," ars' an Sleagánach.



"Sín amach é thu féin, nó sciobfad an ceann díot."



Chuir an Sleagánach a lámh shlán 'na phóca agus shín
an bille chum Dhiarmhuda go mall mí-choimheasach.



Caibidiol a Dó



LÓISDÍN.



Tá tigh mór ar an nDoirín indiu. Cómhnuidheann
an Marquis of Lansdowne ann. Bhí tigh mór farsaing
chínn-tuighe ann an uair úd. Is iomdha mart méith
agus torc taoibh-leathan do bruitheadh ann. Bíodh
scata con seilg ann agus ba ghnáthach a gceól binn ag
baint mhacalla as na cnocaibh.


L. 12


D'fhosgail Diarmaid na Bolguidhe dorus sheómra
bainne i n-aice tíghe mhóir an Doirín. Chaith sé beart
luachra dhe i gcúinne an tseómra agus las sé buaiceas.



"Luigh annsoin," ar seisean leis an Sleagánach.



Shuidh an Sleagánach ar an mbeart go dubh, duairc.
Chuir Míl Borra a cheann isteach.



"Tá do chapall sa scioból. Thugas dorn coirce dhi
agus sop féir; tá sí go seasgair agus bí féin ar do
shuaimhneas go maidin."



Ní dubhairt an Sleagánach 'seadh 'ná ní h-eadh.



"A Dhiarmaid," ar seisean, fá dheireadh, "cad í an
saghas lóisdín í seo do dhuine uasal?"



"Ar mhaith leat dul isteach ins an tigh mhór?"



"Ní fheadar, acht ní maith liom codla ar thripill."



"Seo mar atá an scéal," arsa Diarmaid. "Ní fhuil
cois baile slán acht mé fhéin agus Míl Borra agus an
bhanaltra. Tá an t-éagcruas ar Mhac Fínghín Dubh,
slán mar a n-inistear é. Ní fhuil buachaill 'ná cailín
fá dhíon an tíghe an aimsir seo agus ní bheidh go ceann
tamaill eile."



Chrith an Sleagánach idir chos agus lámh.



"Leig abhaile mé," ar sé.



"Níor chuireamar fios ort," ars' an fear eile,
"agus ní leómhfair cor do chur díot as so go léighfidh
Míl Borra an bille."



"Cionnus do bhí fhios agaibh go raibh an bille agam?"



"Mheasamar é."



"Léigh é mar sin. Tá sé id bheínn agat."



"Ní fhuil puinn eólais agam ar an mbéarla Gallda,
agus ní thaithnigheann sé liom acht chómh beag."



Mhachtnuigh an Sleagánach go ceann tamaill.



"An léigheann Míl Borra an Béarla?"



"Léigheann go maith. Tá eólas aige-sean ar na
seacht dteangacha." Chuir an Sleagánach cnead as.



"Bhfuil 'fhios agat chad do dhéanfad, a Dhiarmaid?
Léighfead an bille dhuit má leigeann tu uait mé."



D'fhéach Diarmaid idir an dá shúil air.



"Léighfir é lom láithreach acht ní leigfead uaim thu,"
agus shín sé an bille chuige.


L. 13


D'fhéach an Sleagánach ar an mbuaiceas.



"Dóigh é," arsa Diarmaid, "agus bainfead an
lámh ó'n ngualainn díot!"



Shín an Sleagánach a chosa amach uaidh, chuir sé osna
as mar bhí sé mín a dhóthain anois, agus thóg Diarmaid
an solus os cionn a chinn.



Seo mar do léigh sé: -



"Chum ár dtíghearna grádhaigh, Shelbourne, cumann.



Bheirimíd duit cead le seilbh d'fhághail ó Mícheál
Ó Súilleabháin ar a oighreacht ins an Doirín agus na
bailtí i bhfogus do'n áit sin, agus d'á bhrígh go bhfuil
an duine áirighthe sin úmhal dúinn le seal fada tuga-
muid as croidhe cóir an Riaghaltais cead duit-se
féar an méid bó is maith leat do thabhairt dó fá chíos
ar choingíollaibh go mbeidh sé sár-úmhal feasda agus
go séanfaidh sé féin agus a chlann 'na dhiaidh an tsean-
tsloinneadh easúmhal Ghaedhealach soin "MacFínghín
Dubh."



Tabhartha fá 'nár séala i 'nár gCaisleán i mBaile-
Átha-Cliath, i mí an Mhárta ins an mbliadhain d'aois an
Tighearna, 1738.



Cathcart, Fear Ionaid."



Bhí dath dubh ar Dhiarmaid. Sciob sé an bille ó'n
Sleagánach.



"Dar na naoimh is áthmhar an fear thu."



"Cionnus soin?" ars' an Sleagánach.



"Mar dá léighfeadh Míl Borra an litir sin ní
fhágfadh sé cnámh id' chorp gan briseadh."



Le n-a línn sin chuir an bhanaltra a ceann isteach.



"Tá an rádhail ar MhacFínghín Dubh. Tar isteach,"
ar sise.



"Ar do bhás ná corruigh go bhfillead," arsa Diar-
maid.



"Ní chorróchadh," ars' an fear eile.



Acht ní túisge bhí drom Dhiarmuda leis 'ná gur
éaluigh sé leis. Do mhéaduigh a bhrígh 's a dhóchas
fá ghaoith ionnfhuar na h-oidhche agus do bheartuigh
sé air chum siúbhail. "Is olc é mo thoisg, ámh," ar


L. 14


seisean leis féin. "Lámh chréachda, easba fola,
croidhe brúighte, agus bóthar deich míle ar faid. Tá
an chéad mhíle thorm go h-áirighthe, agus má shroichim
baile geallaim dhóibh seo nách mbeidh an buaidh leo an
t-ath-uair."



Bhuail fear amach as díg an bhóthair fá n-a threó agus
sheasaimh sé ar 'aghaidh amach.



"Fág mo shlíghe," ars' an Sleagánach go dán.



"Ná h-aithnigheann tu mé, a dhalta?" arsa Pilib,
mar do b'é a bhí ann. Acht do léim an Sleagánach
isteach air, ar nós cait fiadhaigh.



"Teasduigheann greas eile uait, aithníghim," arsa
Pilib, ag breith ar phíobán air. Sgread an Sleagánach.



"Bog díom, agus fillfead leat," ar seisean.



"Is maith a chreidim thu," arsa Pilib, ag bogadh dhe.
"Siúbhalaigh ort, mar sin. Bíonn an eagla ar an
leanbh a dóigheadh." Agus d'fhilleadar ar n-ais agus
an Sleagánach ag briseadh a chroidhe.



Chualadar fear ag séide go saotharach ag déanadh
ortha. Do b'é Diarmaid do bhí ann. Rug sé ar
chéascinn ar an Sleagánach ar tí é stolladh as a chéile.
Bhí an fuadar imthighthe as an Sleagánach. Níor chuir
sé cor de acht cnead do chur as.



"Leig do'n mhíolán. Tá sé chómh meathta le luich,"
arsa Pilib.



"Corruig ort," arsa Diarmaid, 'ghá stealladh
roimis amach. "Cogar i leith, a Philib," agus bhí an
bheirt aca dia thiar de'n tSleagánach ag cur 's a'
cúiteamh le n-a chéile.



Nuair do shroicheadar an seómra bainne, do sholátha-
ruigh Diarmaid cleite, dubh a's páipéar.



"Freagair an bille úd ó fhear Ionaid Shasana, luíghe
na bhfód ort féin a's airsean!"



Thóg an Sleagánach an peann go mall.



"Éist liom anois," arsa Diarmaid. "Abair leis
an bhfear nGallda soin gur thanguighis chum na Doirine,
go raibh cómhrádh agat le MacFínghín Dubh, agus go
bhfuil sé úmhal, creideamhnach, ceannasach, gur mór an


L. 15


éagcóir amhras do bheith air agus d'éis cainte dhuit
leis ná beidh an bhrath agat níos mó ar a chuid
talmhan."



D'fhéach an Sleagánach air go mí-choimheasach.



"Nách bhfuil fhios agat go bhfuil mo lámh gan mhait i
ndiaidh do chlaidhimh? Tá an crobh chómh h-ataighthe le
lamhanán."



"Ambasa go bhfuil úsáid a dóthain innte; ní fiú
biorán an scríob soin ort; ní fhuil innte acht cneas-
scealabóg. Chím na méireanna ag corruighe agus tá
an faisgeán go deas cruinn uirthe. Acht bíodh ort
féin. Fágfad fá Mhíl Borra thu agus fanfair annso
go mbeidh an lámh cneasuighthe."



Rug an Sleagánach ar an gcleite, thúm sé sa dubh
é agus chuir sé golam teinnis as leis an iarracht.
"Ní fhéadfainn focal do scríobhadh leis an láimh, dá
mbeadh m'anam air."



"Seadh, fan mar a bhfuil agat," arsa Diarmaid go
sásta.



Chrom an Sleagánach ar ghearán go cangcarach go
rabhthas ró-chruaidh air.



"An leigfir uait mé," adeir sé sa deireadh, "má
scríobhaim í?"



"Ní dhéanfad aon choingíol leat," adeir an fear
eile.



Rug an Sleagánach ar an gcleite 'na láimh chléith go
h-aicillídhe - scríobhnóir ciotach do b'eadh an buachaill
seo - agus do chrom sé ar scríobhadh go tiugh.



"An ndéanfaidh sé sin an gnó?" ar seisean. Thóg
Diarmaid an scríbhínn agus léigh. Bhí smigeadh gáire
ar an Sleagánach ag faire air.



"Ag imirt chleas ataoi, a dhíolamhnaigh," arsa
Diarmaid ag féachaint go mí-chéadthach air, agus do
las sé an scríbhínn ar an mbuaiceas. "Tosnuigh arís.
Tá níos mó eólais againne 'ná mar is dóich leat."
Chrom an Sleagánach go brónach ar scríobhadh an dara
h-uair. Shín sé an páipéar chum Diarmuda, léigh
seisean é, d'fhill é, agus chuir 'ná bhrollach é.


L. 16


"Anois geall do Mhíl Borra ná sanntóchair a thalamh
ná pioc d'á mbaineann leis ar feadh do shaoghail agus
cuir de chómhartha leis go dtugann tú an geall soin
uait led' thoil féin agus le h-iomad carthannachta dhó.
Ceap go maith é i gcás ná cuirfir thu féin chum na
trioblóide an tarna h-uair." Rinne an Sleagánach
crúnca dhe féin le buile; chrap sé a ghlúna, bhí a bhéal
uachtair súighte idir a fhiaclaibh agus a fhabhraí fillte
gur dhún a shúla. Níor leig Diarmaid air go bhfeacaidh
sé é. "Dá ndéanfaidhe riléitheacha dhíom ní scríobhfad
líne eile!"



"Tá poll maide shíos annso," arsa Pilib.



Bhí faobhar ar shúilibh Dhiarmuda, "Brostuigh ort, a
bhrealláin, tá deabhadh orainn," ar seisean.



D'fhéachadar araon ar a chéile. Bhí súla glasa i
nDiarmaid do rachadh thríot, agus chroth an Sleagánach
ar nós cupóige lá gaoithe fá'n radharc roin. "Tabhair
dhom an cleite;" agus chrom sé ar scríobhadh go lán-
dícheallach.



"Déanfaidh sé sin an gnó," arsa Diarmaid, tar
éis an pháipéir do léigheadh dhó. Rug sé ar bhónna
casóige ar an Sleagánach, thug sé palltóg sa chúil-
fheith dhó agus bhuail sé an dorus amach é. "A-bhaile
leat," ar seisean, ag tabhairt speach ins an phrímpín
dó agus ghread an Sleagánach leis ag easgainídhe fá
n' fhiaclaibh.



AN TAOISEACH SEANDA.



Caibidiol a Trí



An Taoiseach Seanda



Sheasaimh Míl Borra ag ceann na leapthan agus
thug sé cogar d'á athair. "An aithnigheann tu mé, a
dhaid?"



"Aithnighim," ars' an t-athair go fann. "Tabhair
aire dhuit féin. Teasbántar dom go bhfuiltear ar
do thí."



"Ná bac soin de. Ní fhuil baoghal orm-sa. Dún


L. 17


do shúla 's codail greas. Tá sos agat, moladh le
Dia!"



Dhún Mac Fínghín Dubh a shúla. Bhí sean shagart
séimh cois chnaisde na leapthan a's do bhagair sé i
leath-taoibh ar Mhíl Borra. "Is maith mar a thánaíghis.
Thugais suaimhneas dó. Bhí an rádhail air ar do theacht
isteach agus shíleas go sceinnfeadh an t-anam as. Mo
ghrádh 's mo chumann a cheann liath! Bhí sé ag cur
chatha Luimníghe thré n-a chéile 's ag gearradh 's
ag cosgairt fá mar do bhí sé an lá dúbhach úd i
n-Eachdruim."



"Is dócha é, a Athair Peadar. Bíonn an lá úd ag
goilleamhaint air i gcómhnuidhe. Is minic d' innis sé
dhómh-sa gur bh'iad na Francaigh do loit an scéal.
Bhíodh sé deimhnightheach go ngeóbhaidís ar na Sasannaigh
iad féin."



"Labhair ana-shocair, a Mhíl Borra. Má chodlann
sé is é a bhuaic é. Goidfeam an claidheamh uaidh.
Ghnídheas féin iarracht le n-a dhéanta, acht tá an
paidrín casda air aige."



Corruigh an fear breóite. Chas sé a cheann ar an
bpeiliúr, d'eirigh sé ar a leath-uillinn agus d'fhéach sé
amach thríd an bhfuinneóig síos fá dhéin Chille Mac
Ghiollóig mar a raibh a sheacht sinnsear curtha. Bhí
lasair 'na shúilibh glasa a's faobhar ortha. Dhruid a
mhac leis. "Ná bain leis go fóil," ars'an bhanaltra;
agus chrom an sagart ar phaidreóireacht. Bhí an ghaoth
ag eirghe a's na tonntacha 'gá n-umlasg féin le
fothram ar an dtráigh. D'éist sé ar feadh tamaill.
Chas sé an claidheamh.



"Ar aghaidh libh!" ar seisean do ghuth ghlórach. "Tá
brisde ar bhuidhin Dhómhnaill óig! Dar Rí na nDúl
caithfear an cor capall soin do chosg. Siné, a
Fhínghín Ruaidh! Buailidh iad! Há! há! Bíodh an
méid sin agaibh, a bhodacha an fheíll! Mo ghreidhn bhúr
gcuisleanna, a churaídhe an laé chruaidh! Teanntaidhidh
an cipe glas soin. Á! cá bhfuilir, a Sháirséalaigh?
Brostuigh' a dhuine, brostuigh! Gread iad má tá an


L. 18


mac mallachtain 'na cheann ortha. Cóirigh, a Fhínghín
Ruaidh, beidh an lá linn fós. Ó! is olc é sin, acht
raobfamuid iad. Siné! Mo chumann sibh! Á! cá
bhfuilir, a fhínghín Ruaidh? Iarracht eile!"



Do bhain an sean laoch fuisc as a chlaidheamh a's do
scaoil sé le fuinneamh an fhuinneóg amach é. D'fhéach
sé i ndiaidh an chlaidhimh, agus cúbhar fuar-alluis ar
sileadh leis. Thúm an sagart a mhéar sa n-uisge
coisreacan agus spréach sé ar mhalainn an fhir bhreóite
é. Thug an ghaoth isteach ar a druim léi thríd an
tseómra dórdán na dtonntacha. Acht níor chualaidh
Mac Fínghín Dubh an ceól, mar bhí sé marbh.



"A Rí na n-aingeal 's a chara na dtruagh-bhochtán!
Déin díon d'á anam, a Bhanaltra an Uain ghil, bháin,"
arsa Mac Fínghín Dubh óg go brónach os cionn cuirp
a athar.



Caibidiol a Ceathair



AN CHEÁRDCHA.



"Séid, a dhalta, séid," arsa Tadhg gabha le ceann
d'á bhuachaillibh. "Ní h-aon mhaitheas duit a rádh go
bhfuil tairgne i mbeó aici, a Athair Peadar. Níor
ghnídheas riamh a leithéid sin do thuathalacht. Féach!
d'aithnígheas féin cionnus a bhí an scéal, a rúitín
ataighthe; geallaim-se dhuit, a Athair Peadar, d'á
mbéadh méaróg chloiche id' ladhair féin, má's cóir a
rádh, go mbeitheá-sa bacach leis. Hó, fan socair, a
láir dhuibh! Tabhair dhom an sobal bog - An bhail
chéadna ortsa, a Dhiarmaid na Bolgaidhe."



"Ní fheadar," ars' an sagart, "an mbeithfear ag
cur isteach ar MhacFínghín Dubh ar ball mar a bhíothas
ar a athair roimis?"



"Ní baoghal dó an Sleagánach go h-áirighthe," arsa
Diarmaid, ag féachaint ar an sagart, mar bhí fhios
aige-sean cionnus d'eirigh leis an Sleagánach soin
cheana.


L. 19


"Ní fhuilim deimhnightheach air sin i n-aon chor. Bhí
an feall riamh ins na Sasannacaibh," ars' an gabha, ag
casadh a cheapóird agus ag tiomáint spréacha dearga
as bharra iarrainn do bhí ar an inneóin aige. "Deirim-
se leat, a Dhiarmaid, go gcaithfear iad do léasadh ar
an gcuma soin."



"Ambás, a Thaidhg, ní gábhadh iad do bhogadh sa teine
ar nós an iarrainn sin," ars' an sagart.



"Ó, fear tagartha is eadh thusa, a Athair Peadar,
acht is cuma 'sa deamhan liomsa cionnus do bhogfar
iad acht go mbogfaid siad leó an poll amach uainn,"
ars' an gabha.



"Bain an chluas díom," arsa Diarmaid, "gur geárr
go mbogfar iad."



D'fhéach an sagart amach fá'n gcuan thré dorus na
ceárdchan.



"Táim ag éisteacht le caint de'n tsaghas soin ó
bhíos am' gharsún," ar seisean. "Níor thángadar ar
n-ais fós agus ní dóich go dtiocfaid siad go bráthach
acht chómh beag. Tá na mílte fear imthighthe chum na
Fraince 's chum na Gearmáine lem' chuímhne agus cad
tá d'á bhárr againn ná fós aca féin? Marbhuigheadh
na mílte móra aca i gcogaibh na Fraince le breis a's
dáfhichead bliadhan agus tá Máire Terés ar lorg a
thuilleadh aca orainn indiu! An bhliadhain seo 's an
bhliadhain seo chúgainn bíonn siad le filleadh acht ní
fhillean acht fo-cheann aca, a's cad do bhíonn uaidh sin
féin? Tugtar céim éigin íseal shuarach sa n-arm
thall dó agus seóltar anall é 'na phéacóig le ribíní,
agus Franncach nó duine éigin deórata le n-a chois,
agus meallaid siad leo le n-a gcuid éithig na
h-amadáin chum a mairbhthe. Is cionntach atá
Mac Fínghín Dubh agus a athair roimis leis sin agus ní
bheidh rí 'ná rath orainn go mbeidh ciall againn."



"Is soth liom a leithéid sin do chlos as do bhéal, a
Athair Peadar. Níor dhual duit é," arsa Diarmaid.
"Fan go bhfeicfir na sluaighte Gaedheal a's na
Francaig chlisde do thiocfaidh anall ar an mbliadhain
seo chúgainn chum na nGallaphuic do thraochadh."


L. 20


"'Gcead díbh-se, is beag ná cuirean an chaint sin
ag úirlicean mé," ars' an sagart, agus lasadh 'na
phluc le paiseóntacht. Láimhsigh sé a shrian, bhuail sé
leidhb ar a shean-chapall macánta do bhain preab aisde
agus seo chum siúbhail é.



"A ghabha, cad do ghnídhis leis an Athair Peadar?"
arsa Mac Fínghín Dubh ar ghabháil isteach dó sa cheárd-
chain chúca.



"Níor ghnídheas-sa pioc leis féin acht chuireas crudh
fá na chapall," ars' an gabha, ag úmhlúghadh.



"Bhí sé ag cnáimhseáil a's 'gá rádh go bhfuilmíd ag
dul ar aimhleas, a's ag seóladh na n-óigfhear thar sáile
gan choinne le n-a dteacht thar n-ais," arsa Diarmaid.



"Ní bréag cuid dé sin," arsa Mac Fínghín Dubh,
"acht ní fhuil leigheas air. Tá beagán de'n cheart
aige, ámh. Is beag an chabhair atá ag na Francaigh
d'á thabhairt dómh-sa mar chúiteamh as an méid fear do
sheólas chúca. Mar sin féin ní fhuil sé 'nár gcumas
fir do ghléasadh 's do chóiriúghadh annso a gan fhios de
Shasana. Caithfear an méid sin do dhéanadh lasmuich.
Féach, chím go bhfuil long Ghallda sa chuan. Tháinigh sí
isteach tá uair an chloig ó shoin ag boladhthóireacht is
dócha mar ba ghnáth. A Dhiarmaid, gléas féin a's
Pilib an bád beag. Eirigh amach chúca a's abair leis
an gcaptaen go bhfuil Ó Súilleabháin Doirín ag baile.
Réidhteóchaidh an ainm sin leo níos feárr 'ná 'Mac
Fínghín Dubh'."



"Na bodairí craosacha! Is feárr do réidhteóchaidh
do chuid fíona leo, agus go ndeárnaidh sé nímh dóibh,
isé mo ghuidhe," arsa Diarmaid.



Rug Mac Fínghín Dubh ar shoc ar an inneóin, thóg sé
de'n cheap í, shín sé amach uaidh í go díreach le n-a
leath-láimh agus bhuail sé siar ar an gceap arís í.



"Mo ghreidhn do chuisle! Ní fhuil fear eile i gCúige
Múmhan do dhéanfadh a leithéid. Ní dóich liom go
raibh aon fhear ar do chineadh féin do sháróchadh thu, acht
chómh beag."



"Ní chuirfinn mé fhéin suas a's anuas le Buadhach


L. 21


an Ghnímh 'ná le Muircheartach an Dranntáin. Bhí a
saoghal súd níos úsáididhe 'ná mo shaoghal-sa. Is
minic do chuímhníghim gur mhaith liom bheith ar a ngua-
lainn mar cheap cosanta ag Dómhnall Cam ar an
ngluaiseacht ó thuaidh go Brefni i lár an gheimhridh úd.
Is dócha gur chualuighis mar do scoilt Buadhach an
ceann práis úd sa chomórtas claidheamh ag rígh-theach
Philib na Spáinne; acht d'á fheabhas é fuinneamh an
bhuille sin is soth liom nách ar phlaosg Sasanaigh do
thuirling sé. Acht mo dhíth, cad é mhaitheas gleó gan
áird. Má bhuaileann slibirí d'fhuireann na loinge
cogaidh sin isteach chúgat, agus tá gach aon deabhramh
go mbuailfid - agus ní mar mhaithe leat é, acht ag
spiaireacht ar do ghnó - teasbáin cleas na h-inneóine
dhóibh," ar seisean, ag bualadh amach as an gceárdchain.



Ní raibh sé abhfad imthighthe nuair do líon an cheárdcha
de mháirnéalachaibh agus claidhmhte aca, agus do
chromadar ar chuardach abhus a's thall.



"Greadadh chúgaibh, cad tá uaibh?" ars' an gabha.



"Is clos dúinn gurab aicillídhe an fear thusa chum
pícídhe do dhéanamh. Cá bhfuil siad?"



"Má's pícídhe dhá bheann atá uaibh chum féir do
leathadh, tá ábhar aca amuich annso cois an fhalla," ars'
an gabha, ag druidim leis amach. D'iadaigh sé an
dorus 'na dhiaidh go h-obann, bhuail sé an lúb air,
láimhsigh sé adharc bhúithrídhe a bhí a bpoll cois na táir-
síghe, agus chrom sé ar i shéide le racht. Fá cheann
nóimite bhí fir ag rith cois chlaidheacha, claidhmhte ag
cuid aca, pícídhe a's tuaghanna 'gá thuilleadh. D'áirí-
gheadh ó'n loing cogaidh an bailiúghadh soin, bhailigh sí
suas a h-ancoire agus dhruid sí léi an poll amach.
Chrom sí ar a cluigín do bhualadh 's ar phléaraibh do
stealladh leis na fearaibh do bhí ag gabháil i leith. Níor
chuir sin cosg le muintir Shúilleabháin agus d'éalui-
gheadar ar aghaidh ar scáth na gclaidheacha go raibh trí
fichid fear aca idir an ceárdcha 's an fhairrge.



Chrom na máirnéalaigh do bhí iadta ar ghlaodhach ar
chabhair. Tháinig faitchíos ortha agus ní raibh sé de


L. 22


mhisneach ortha an dorus do bhriseadh mar bhagair an
gabha ortha muna nglacfaidís a suaimhneas ná fágfadh
aon mhac máthar aca an láthair beó. Tháinig lán báid
de mháirnéalacha eile ar tír chum iad d'fhuasgailt, acht
do preabadh ortha go h-obann agus do tógadh iad.
Fá dheiread chualaidh Mac Fínghín Dubh agus na
h-oifigeacha a bhí suidhte chum cláir leis an uaill go
léir agus phreabadar amach. Chroth seisean a úrla cas
dubh go mí-shásta.



"Cuiridh uaibh, a chonairt!" ar seisean de ghuth do
cloisfídhe ar an dtaobh thall de loch. "Níor bhaoghal
dod' chuid fear d'á bhfágaidís a n-airm ar bórd," ar
seisean le captaen na loinge, "agus muna dtógair
leat ar bórd iad láithreach beidh fuil 'na sruthaibh
againn.



Fear réidh do b'eadh an captaen úd. Rith sé síos
ceann-lomnochta go béal an chuain, agus a lámha i
n-áirde aige ag déanadh cómharthaí sórt, gidh go raibh
pléir ó'n loing ag bualadh na gclaidheacha tímcheall
air. Glaodhaidh sé chuige a cheann-dreama. "Bhrisea-
mar an dlíghe, agus má ghearánann Mac Fínghín Dubh
sin beidh an butún orainn." Labhair sé go feargach
leis na máirnéalaigh agus dubhairt leó a gcuid arm
do charthadh isteach ins na bádaibh gan mhoill agus gan
aon bheart mí-íomchuir do dhéanadh nó go gcrochfadh sé
iad láithreach. Is mór an nídh an úmhlacht. Is tairbheach
é an smacht. Fá cheann leath-uaire an chloig do chífeá
dream máirnéalach agus muintear na tuaithe ag
rangcás agus ag rinnce le n-a chéile cois na
ceárdchan, fear aca annso ag séide na mbolg do'n
ghabha, agus fear eile ag liúradh an iarrainn dó ar an
inneóin mar bhí seisean go gnóthach ag déanadh bacáin
a's tuislídhe do dhóirsibh.



"Ní ad' shárúghadh-sa é, a ghabha, ní fhuil aon fhear
beó do thógfadh an inneóin sin 'na leath-láimh."



Bhailigh a lán de na máirnéalaigh timcheall na
h-inneóine agus chromadar ar í shuathadh. Fir théagar-
tha do b'eadh a bhfurmhór. Cnámha garbha aca a's


L. 23


lapaidhe móra beathuighthe. D'éirigh leis an bhfear ba
threise aca, Cuit do b'ainm dó, an inneóin do thógáil
le n-a dhá láimh, acht ní túisge chuir sé chum í shíneadh
amach uaidh 'ná gur thuit sí uaidh a's bhain sí teine
chreasa as an lic. "Leagfair an tsean-chabhlach anuas
orm, a dhuine," ars' an gabha.



D'eirigh colg ar Chuit. Láimhsigh sé an t-órd mór.
"Cuirfead le h-aon agaibh é seo," ar seisean. Chaith
sé an t-órd go h-an-mhaith, acht bhuadhaigh triúr nó
ceathrar de mhuintear Shúilleabháin air.



"Ní bhéarfaid an bárr uainn go deó," arsa Cuit.
"Ní fhuil fear i n-Éirinn ná buadhfadh Mac Coll air
agus cuirfeam fios ar bórd air láithreach."



Oifigeach loinge do b'eadh an Mac Coll soin; fear
ruadh glas-shúileach, cumasach, as oileánaibh iarthair
Albain; drom air chómh leathan le cómhlainn agus
cuisleanna reamhra, cruadha, clúmhach aige.



"A thiarcais, nách é an phleist é! Is suarach nách
bhfuil sé chómh deabhratach le Mac Fínghín Dubh féin,"
arsa cuid de na mnáibh. Nuair do nochtuigh Mac Coll
a bhrághaid agus a chuisleanna i gcómhair an úird, chuir
mná agus fir na tuaithe liúgh asda le h-aghaidh mis-
nigh do chur air, agus bhuail na máirnéalaigh a mbosa
mar an gcéadna. Níor ghábhadh dhóibh sin mar ar an
dtríomhadh h-iarracht chuir sé an t-órd sa ghearradh do
ghnídh Pilib Ó Súilleabháin, an t-iomaidhtheóir tosaigh,
agus ar an gceathramhadh h-iarracht thiomáin sé é slat
thairis. Do chloisfeá an poll anonn gárthaigh áthais na
máirnéalach.



Chroth Mach Fínghín Dubh lámh le Mac Coll. "Ni
fheaca do leithéid le fada. Bain casa eile as an órd
shoin, a Philib."



Bhain Pilib casa eile agus casa eile fós as, agus
gidh go raibh sé ag dul i bhfeabhas ní raibh maith dhó ann
mar chuaidh Mac Coll i bhfeabhas leis. Chuir na máir-
néalaigh an ciachán ortha féin ag béicigh, agus thógadar
Mac Coll ar a nguailnibh síos a's suas an bán.
"Faire go bráthach, a Mhac Fínghín Duibh," arsa Diar-
maid na Bolgaidhe, "ná leig leo é."


L. 24


"Taoi-se mór do dhóthain, a Mhac Fínghín Duibh, má
taoi aicillídhe," ars' an captaen go meidhreach; "acht
níor buadhadh riamh amuich 'ná i mbaile ar Mhac Coll
agus ní dóich liom go bhfuil a bhuanna le fághail sa tír
bhig seo."



"Is mór an focal é," arra Mac Fínghín Dubh, ag
scaoileadh a chlóca dhé. Chas sé an t-órd; scaoil sé
uaidh go saoráideach ar siúbhal é. Bhuail an ceann
feadh go leith thar an rian do ghnídh Mac Coll agus
chroth an chos anonn 's anall d'éis an fhuinnimh do bhí
fúithe.



"A Chríostaighthe!" ars' an captaen, agus do
leath na máirnéalaigh a gclabanna le h-iongantas.
Thug Pilib ar n-ais an t-órd. "Buadhach an Ghnímh,"
ar seisean ag féachaint idir an dá shúil ar Mhac
Fínghín Dubh. Chaith an taoiseach dhe casóigín chuirp
phlainín bhí laistigh air, d'fhill sé muiniltrí a léine,
scaoil sé an bónna agus dhing sé síos ar a chliabh é go
raibh a bhrághaid leis; d'fháisg sé crios leathair bhí
timcheall a chaoil agus d'fhéach sé ar charraig léith i
gclaidhe naoi ráinne déag thar an gcómhartha do gheárr
Mac Coll. Bhí an claidhe sin ar bhruach na fairrge.
Chas sé an t-órd go bog ar dtúis, leig sé a cheann ar
an dtalamh arís, d'fhéach sé uaidh ar an gcarraig léith
sa chlaidhe, agus chrom sé annsoin ar an órd do chasa
chum gur dhóich leat gur eascú é féin ó shál go
baitheas, agus an t-órd mar rotha timcheall a chléibh.
Scaoil sé uaidh sa n-aér fá dheireadh é ag feaduigheal,
sheasaimh sé féin nós stalca ag féachaint i ndiaidh an
úird sin, bior 'na radharc, luisne 'na phluc, a bhéal
iadhta, an anál 'na séideánaibh as pollaibh a shróna, acht
an t-órd ag triall mar phléar as gunna, amach leis
os cionn na carraige léithe, amach leis gur bhuail sé
an t-uisge agus gur árduigh sé steancán sáile fiche
troigh 'na chúbhrán.



Níor labhradh gíog acht amháin go ndubhairt Mac
Fínghín Dubh féin go mín, "Chaillis do órd, a Thaidhg
gabha!"


L. 25


Dhruid an captaen agus a mháirnéalaigh leo agus a
súla ar leathadh ortha, agus fá cheann nóimite ní raibh
aithid aca na raibh ar bórd loinge ag seóladh amach as
an gcuan.



Fá thuitim na h-oidhche bhí na bóithre chum an Doirín
dubh le daoinibh. Thángadar ós gach áird. Thángadar
trasna an chuain ó'n Snaidhm agus ó Thathuille. Leath
an scéal ar fuid na gceanntar go raibh bruighean ar
an nDoirín agus gur marbhuigheadh ann fuireann
loinge agus a lán de mhuintear Shúilleabháin leis.
"Ní gábhadh dhíbh an fuadar," ars' an gabha, "ní fhuil
máchaill air éinne'."



Thómhais a lán daoine urchar Mhac Fínghín Duibh le
slabhra fir bóithre. Thómhais an t-Athair Peadar é le
riaghail mhangaire, mar ní raibh sé láithreach ag an
iomaidheacht agus bhí sé mórdhálach as Mhac Fínghín Dubh.
"Ta deich slata a's trí fichid go fíor ó'n dtroigh go
dtí carraig liath an chlaidhe; ní fios dúinn cá'r ghabh
órd mór na ngaibhne 'na dhiaidh sin, acht bíodh so mar
chómhartha comórtais go deó agaibh," ars' an t-Athair
Peadar.



Chuireadar Mac Fínghín Dubh agus a éachta thré n-a
chéile. D'ínnseadh agus d'ath-ínnseadh gur ghluais tarbh
buile 'na dhiaidh féin 's a dheirbhshéar lá ar tí a mairbhthe,
acht nuair do theanntuigh sé iad gur phreab an taoiseach
i leath-taoibh uaidh, go rug sé ar adhairc ar an dtarbh
mór úd gur bhuail sé ar phleasg a dhroma é a's gur
gheárr se a scórnach gan mhoill.



"Glanaid libh abhaile anois," ars' an t-Athair
Peadar, "ba chóra go mbeadh tochas i sróin Mhac
Fínghín Duibh toisg an méid gleóidh atá agaibh 'na thaobh.
Dá mbeadh 'fhios aige ní bheadh sé buidheach díbh. Tá sé
ana láidir, Dia 'ghá bheannachadh, agus mín, macánta,
freisin, cé go bhfeaca féin é la ar an dtaobh thall de
loch annsoin feargach go leór nuair do chuir Risdheárd
Óg Ó Mathghamhna as 'ainm é. D'eirigh an t-aighneas
eatortha i dtaobh an chreidimh a's iad ag caint ar
dhroichead Dóinneach (Dubhabhainneach). Thóg Mac


L. 26


Fínghín Dubh ar chaol an fear eile a's shín sé amach thar
shlait an droichid é. Níor bh'iongnadh go raibh sgeóin
ar Risdeárd nuair do chonnaic sé an cúbhrán bán ar
an uisge breis a's cheithre fichid troigh laistíos dé acht
d'árduigh Mac Fínghín Dubh isteach ar an mbóthar arís
é chómh réidh a's dá mbadh leanbh an fear borb úd.



Caibidiol a Cúig



COIS NA TEINEADH AR NEIDÍN.



"Cad é an mhaitheas tú i n-aon chor, a Shleagánaigh?"
arsa Seón Puxley. "Tá Mac Fínghín Dubh 'na bhuanna
ó Neidín go Béara, agus cead agat-sa le sé bliadhan-
aibh urchall do chur fá aon lá ba mhaith leat."



"Cad do dhéanfainn? Chuireas tuairisg chum an
Riaghaltais go minic go mbíonn lasdaidhe branda a's
fíona ag teacht isteach chuige gan cháin gach mí; go
seólann sé adhbhar saighdiúirí chum na Fraince agus go
bhfuil sé ag brath ar eirghe amach chómh luath a's bheidh
caoi aige air. Cad é a bhfreagra orm?"



"Alp," arsa Seón Puxley, agus cuir sé féin alp
as ar nós gadhair mar bhí sianthas 'na bhéal uachtair do
ghnídh balbh é.



"Seadh go díreach, tugaid siad alp orm. Is í an
fhírinne í go bhfuil faitchíos nó meathtact ar an riaghal-
tas. D'iarras ortha long cogaidh do chur anoir ó
Chorcaigh acht i n-ionad breith ar Mhac Fínghín Dubh agus
é chrochadh, is amhlaidh do chrom an captaen ar ólachán
leis, agus an fhuireann ar rinnce le muintear na
tuaithe. Shroich sé ar n-ais agus deir sé gurab é
Mac Fínghín Dubh an fear is féile agus is breághdha
d'ár bhuail riamh leis. Cuireadh mearbhthall éigin air
'na theannta soin, mar deir sé gur chaith an Mac
Fínghín seo órd ó'n nDoirín go Baile-an-Sgeilg ar
an dtaobh thall, rud ná déarfadh éinne acht duine
éigin as a mheabhair."


L. 27


"Cad é an brath atá agat ar leidhbán de'n tsaghas
soin i n-aon chor chum cabhruighthe leat? Cad 'na
thaobh ná téidheann tu féin siar agus an Mac Fínghín
Dubh soin do chaitheadh amach ar mhullach cinn?"



Do ghruig an méid sin an Sleagánach. Phreab sé
'na shuidhe, rug sé ar chathaoir agus chas sé í. "A
Sheóin Puxley, má chuireann tú chuige mé, bainfead an
inchinn asat. Téidhre féin go dtí an Doirín a's caith
amach é má theasduigheann a chuid talmhan uait."



"Go réidh, a Shleagánaigh," arsa Seón. "Gheallais
dómhsa an Doirín 's a mbaineann leis sé bliadhna an
taca so agus do dheirbhsiúr dhathamhail 'na theannta
nuair do bheadh sí d'aois. Táim annso le n-a chur
fhiachaibh ort do mhargadh do chómhlíonadh. Cloistear
go rabhais ar aoidheacht ag Mac Fínghín Dubh ar feadh
oidhche agus gur gheallais dó ná bainfeá leis ar feadh
a shaoghail. A bhioránaigh, ní h-ar sin do ghoideas an
t-udhacht ód' athair agus go bhfuarthas múchta é lá'r na
bháireach 'na leabaidh."



Chrap srón an tSleagánaigh agus thug sé catsúil ar
Sheón. "Dá n-aibeórainn focal do chrochfaidhe thu i
n-ionad mo dheirbhshéar agus an Doirín d'fhághail!"



D'eirigh na féitheanna ar Sheón Puxley. "Cé cheil
ar do dhearbhráthair go ndeárnadh oighre dhe? Cé thug
an t-udhacht duit-se?"



"Udhacht go deimhin! Nárab mise an mac ba shine?
Nárab liom-sa an oighreacht?"



"B'fhéidir nách leat fós an oighreacht soin, a bhuach-
aill," arsa Seón, agus bagairt 'na ghuth bhalbh.



Chuir an Sleagánach gáire as ar nós shiutair capaill.
"Ghoid muintear Shúilleabháin uaim an t-udhacht soin
an oidhche úd ar an nDoirín, a's go mba mhaith an
mhaise dhóibh é! Dhóigheadar é, mar shamhluigheadar gur
bh'é mo gheall chum na gceanntar so é," agus chuir sé
siutar eile as.



"Níor dhóigheadar go deimhin. Tá sé annso agam,"
arsa Seón go fonómhadach, ag cur a láimhe 'na bhrollach
mar a raibh an t-udhacht agus piostol 'na theannta.


L. 28


Do mhothuigh an Sleagánach é ag cur na súl thríd, agus
níor chuir sé cor dé cé gur thug a chroidhe geit.



"Ní buan é cogadh na gcarad, a Sheóin, a dhalta,"
ar seisean le bréag-charthannacht, "tá fuacht orm ó
bheith ag aighneas leat. Caith fód móna ar an dteine
sin agus corruig í; acht fan, corróchad féin í." Rug
sé ar an dtlúidh agus bhuail sé Seón go h-obann feadh
'na bhéil léi. Scaoil seisean pléar leis, acht bhí an
Sleagánach ró-athchumair dó agus níor aimsígheadh é.
Bhuail an Sleagánach fá ar an úrlár é agus chrom sé
ar na balcaisidhe do stracadh dhé.



Biothamhnach ana láidir do b'eadh Puxley acht gur
thánagthas a gan fhios air agus do chrom sé ar fhuirse
agus ar chómhrac. Bhí a mheabhair aige gidh go raibh
meibhreán air, agus leagadar an bórd a's bhriseadar
na cathaoireacha ag únfairt a's ag tachtadh a chéile ar
nós dhá mhadra.



Fá dheireadh chualaidh Martha Shelbourne, deirbhshiúr
fhir-an-tíghe, an raobadh, agus ghlaodhaidh sí ar Mhichilín.
Ritheadar araon isteach.



"Ar ghrádh Dé bogaidh d'á chéile," arsa Michilín,
agus chaith an cailín óg í féin eatortha. Níor scuirea-
dar dhí, agus leagadar agus ghortuigheadar í.
Liúghaigh a dearbhráthair uirthe go mbeadh a h-anam
aige dá mbainfeadh sí leis, mar bhí sé i n-uachtar, acht
fá dheireadh chaith Seón sparán chúici. "Rith amach
leis," ar seisean. Chuir an Sleagánach ulfhairt as fá
mar do thabharfadh gadhar go sciobfá cnámh uaidh, agus
léim sé i ndiaidh a dheirbhshéar a's bhain dí an t-udhacht.



Bhí Puxley tabhartha le h-easba fola a's anáile agus
ní raibh aige acht cromadh ar chneadaigh agus ar mhionna-
móra do thabhairt.



Bhuail an Sleagánach an glas ar an ndorus agus
d'fhág sé Michilín agus Seón istigh i dteannta chéile.



"Cuimhnighím anois cionnus do fuair Seón an
t-udhacht. Bhí sé i bpóca mo chlóca an oidhche úd ag
Árd Aodha nuair do throideas, agus thug an dúradán
bréan soin Michilín dó é. Cuirfead téad agus cloch
fá mhuineál an choileáin sin ar maidin."


L. 29


Caibidiol a Sé



AR INNBHEAR SCÉINE.



Tráthnóna breágh do b'eadh é. Bhí curach déanta as
seithídhe capall ag luasgadh i ngabhailín Chillmacghioll-
óig agus beirt fhear 'na suidhe innte - an t-Athair
Peadar agus Mac Fínghín Dubh - agus iad ag gléasadh
dúbhán ar shlataibh iasgaigh. Fear beag, liath, séimh do
b'eadh an t-Athair Peadar, cruaidh, lom, fuinneamhail,
inntin thar bárr aige, súla glasa, meidhreacha aige
acht súla do shilfeadh deóir, agus bhí deóra ionnta an
tráthnóna úd agus tocht goil air, cé nár leig sé air é.



"Leig anall chúgam na maidídhe rámha soin, má's é
do thoil é, a Athair Peadar," agus le buille nó dó bhí
an curach amach fá'n gcuan. Bhí Tigh Mhóir a's Tigh
Dhuinn dia thiar díobh agus an fhairrge 'gá suathadh féin
timcheall na bhfailleacha soin fá mar do bhí sí fadó
nuair do báthadh Donn mac Míleadh ann.



Bhí Mac Fínghín Dubh ag iomramh leis agus an
t-Athair Peadar ag féachaint air. Ba mhaith linn dá
bhfágadh an t-Athair Peadar 'na dhiaidh aon scríbhín do
thabharfadh tuairisg chruinn ar phearsa Mhac Fínghín
Duibh, mar ní fhuil d'á thaobh againn acht fá mar adeir
na seandaoine linn gur innis a n-athaireacha dhóibh.
Fear luisneamhail do b'eadh é, gruaig chasda dhubh air,
slinneáin air go suidhfeadh beirt fhear ortha, gais-
gidheach 'na bhallaibh mar dubharthas, cúmtha, córach do
réir a áirde agus an ceann aige ar aon fhear 'sa
phobul gidh go rabh fir chumasacha ann le n-a línn.



"Airíghim nách bhfuil fonn iasgaireachta ort, a Athair
Peadar. Taoi ag cur na súl tríom-sa. Tá cuid
aca, dar leat, is dathamhla 'ná mé, acht ní h-ar son mé
fhéin d'á rádh é, is beag duine aca níos treise 'ná
mé," arsa Mac Fínghín Dubh go gealgháireatach, ag
cur a mhéireanna thré 'na úrla cas dubh.



"Taoi mar do chruthuigh Dia thu, a Mhac Fínghín Duibh.
Tá brón croidhe orm go bhfuilir ag dul thar sáile agus


L. 30


is baoghalach go bhfuilir ag dul ar aimhleas chómh
maith!"



"Nár leigidh Dia soin, a Athair Peadar! Tá brón
croidhe orm féin leis, cé ná leigim orm é. Acht
féach timcheall ort. Do ba lem' ghaolthaibh dhá thaobh
an chuain seo; tá daingean Dhómhnaill Chaím i mBuidhe
Bhéara brisde. Tá caisleán Uí Shúilleabháin Mhóir
thuas i nDúnciaráin raobtha. Tá Árd Aodha ar an
dtaobh so agus Ceapa na Coise ar an dtaobh thall de
loch mar áit cómhnuidhthe ag gráinneógaibh. Cé ghnídh
an obair sin ar fad acht na Sasanaigh!"



"Tá soin fíor, fóiríor," do ráidh an t-Athair
Peadar, "acht cad tá de bhárr na gcogaidhe go léir
againn? Ní admhóchad gur bhuaidh na Sasanaigh i
gcómhrac orainn, mar do b'é an gábhatar do chreach
sinn. Bhí an fhairrge agus na loingeas aca-san fá mar
atá indiu, agus lón chum a chaithte acht níor fhágadar
bó 'ná cearc againn-ne nár shladadar."



"Ní mar mhaithe linn ná déanfaidís an rud céadna
indiu, acht nách bhfuil sé 'na gcumas. Ní fhuil agam-sa
acht an Doirín indiu, agus féach tá droch-shúil an
tSleagánaigh air."



"Tigeann an ghrian i ndiaidh na fearthainne.
B'fhéidir go mbogfadh Dia croidhe an tSleagánaigh,"
ars'an seanduine.



"Is maith le Dia congnamh," ars'an taoiseach, ag
féachaint isteach le súilibh fiadhne thré shúilibh géara,
glasa an tsagairt. "Dá mbeadh mo cheann ar
cheap," ar seisean thré n-a fhiaclaibh iadhta, "agus
tuagh ag am' námhaid os cionn mo mhuiníl, a ndéarfá-
sa liom, "Bíodh foidhne agat; ná corruigh cos ná lámh
nó taoi ag dul ar aimhleas, acht fan go mbuailfear
thu'?"



"Ní déarfainn a leithéid sin!"



"Ní déarfá, acht ar m'anam gurab é seo adéarfá:
"Preab id' shuidhe, a Mhac Fínghín Duibh! Tabhair aghaidh
ar do namhaid fá mar a thabharfadh do shinnsear rómhat.
Buail é mar bhuailfeadh Dómhnall Cam é. Má cistear


L. 31


ort 'sa taobh theas d'Éirinn gluais go dtí an taobh
thuaidh, a's buail annsúd é chómh fada a's bheidh claidheamh
eile árduighthe i nÉirinn -'"



"Éist ar son Dé," ars' an seanduine, mar bhí faghairt
'na shúilibh féin ar nós an taoisigh. Rug sé ar shlait
iasgaigh agus chrom sé ar iasgach go saotharach, mar
'dh eadh.



"Cuir uait an tslat soin, a Athair Peadar; ní fhuil
aon fhonn iasgaigh ort, agus ar aon chuma tá an uain
ró-gheal."



"D'á ghileacht atá sí níor bh'iongna liom go mbeadh
gaoth chúgainn," ars' an seanduine, ag cur cor' sa
chaint mar bhí faitchíos air go n-admhóchadh sé go raibh
an ceart ag an dtaoiseach.



"Ní maith liom filleadh folamh," ars' an taoiseach
féin, ag caitheadh dúbháin, "ní mó 'ná ba mhaith liom
filleadh folamh ó'n dtír mhór acht chómh beag. Fuaras
scéala ó n-ár mbráthair Muircheartach Óg go ndeár-
naidh an bhean-Ímpire captaen airm díom-sa agus
d'eisean."



"Tá Máire Terés glic. Is dóich léi go gcuirfir-se
agus Murtach Óg a thuilleadh saighdiúirí chuice agus tá
rí na Fraince ar an intinn gcéadna. Tagann cnapán
im' scórnuigh nuair do chuimhníghim ar na céadta fear
do thugamair do na tíorthaibh iasachta soin. Nár
bh'fhearra dhóibh bheith ag rómhar bháin nó ag aodhaireacht
bhó 'ná bheith ag tabhairt a gcod' fola gan áird ar son
Francach, nó Sasanach, nó Gearmánach!"



"Mo lámh a's mh'fhocal duit, a Athair Peadar, ná
geobhaid siad a thuilleadh fear uainn lem' thoil-se.
Má leigid siad linn a bhfuil thall d'ár bhfearaibh
beimíd scartha leo feasda."



"Má leigid, ámhthach? Sin í an cheist."



"Seadh, scuirimís de'n scéal an cor so. Tabhair-se
cómhairle do'n bhuidhin faid do bhead-sa amuich."



Dhruideadar leo abhaile, mar bhí an oidhche ag teacht
agus an ghaoth ag eirighe.



"Cad tá uait, arú, a Mhichíl?" ars'an tAthair


L. 32


Peadar le fear do bhí ar an bport rómpa agus dhá
chapall aige, a chapall féin agus sean-chapall an
tsagairt.



"Mo dhiachair!" ars'an fear. "Tá Cáit go h-an-
donaidhe. Ní bhéarfair ar an anam innte."



"Dia go deó linn!" ars'an seanduine, ag dul de
thruslóig ar muin a chapaill. Sciob Mac Fínghín Dubh
a chlóca féin as an gcurach agus rith sé 'na dhiaidh.
"Buail ort é seo. Tá báisdeach chúgainn."



"Ná bac é, ná bac é," ars'an seanduine, ag bailiú-
ghadh leis. Chaith Mac Fínghín Dubh an clóca dh'á dhruim.
"Mhaise, nách cúramach ataoi dhíomsa," adeir an sean-
duine, ag priocadh a shean-chapaill chum siúbhail.



Chrom na h-éanlaithe ar ghrágarlaigh amuich sa
bhfairrge; thosnuigh na scamaill ar ghluaiseacht 'na
gcnocánaibh dorcha trasna na spéireach laistiar.
Tháinig monga bhána abhus a's thall ar an uisge agus
bhris an t-uisge sin le glug, glug suas i gcoinnibh na
gcairrgeacha dúbha, sleamhaine, atá mar chír-cosanta
ar na h-oileánaibh i mbéal cuain Chinnmara.



D'féach Bríghidh ní Shúilleabháin, an t-aon deirbhshiúr
amháin do bhí ag Mac Fínghín Dubh, amach fá'n spéir ó
thigh mór an Doirín. Tháinig sí ó n-a tigh féin i
nGleann Fleisge le slán do thabhairt d'á dearbhráthair
sul a n-imtheóchadh sé ar a thurus go tír mhór na
h-Eórpa.



"Is cosmhail an tráthnóna so," ar sise, "leis an
dtráthnóna úd gur báthadh na h-iasgairí (slán mar a
n-innistear é!) ag an dTráigh Bháin nuair do bhris an
fhilídheacht amach i nDiarmaid na Bolguidhe."



Sceart deirbhshiúr a céile, bean óg do mhuinntear
Dhonnachúdha an Ghleanna, ar gháiríbh.



"Ní chreidfeá é, b'fhéidir," arsa Bríghid, "acht ní
raibh i nDiarmaid roimh an oidhche úd acht mar a bheadh
aon iasgaire eile. Bádóir maith do b'eadh é agus
fear láidir, cráisteamhail leis. Níor chuir sé cos i
mbád ó shoin, ámh. Iompuigheadh iad an oidhche úd
agus níor saoradh aithid aca acht eisean amháin. Nuair


L. 33


do bhí sé i nguais a bháidhte, d'eirig an múrdhuchán as
an bhfairrge ar a aghaidh amach a's thóg sí léi é.
Caitheadh aníos ar an ngainimh é lá'r na bhárach i
gCuailleach. Bhí sé lá 's oidhche 'na shuan. Mheasadar
é thórramh, acht dhúisigh sé fá dheireadh. Bhí a ghruaig
chómh liath le broc, a's chúm sé altúghadh ar an láthair
sin ins an bhfilidheacht is áilne do cualathas riamh!"



Chrom na préacháin ar ghárthaigh ar na cranaibh
amuich. "Tá Mac Fínghín Dubh chúgainn," arsa Bríghid.
"Is gnáthach leo an ciach-ghlór soin do chur asda nuair
do chíd siad é, mar beathuigheann sé iad le coirce 's
eórna, 's d'á gcaithfeadh fear oibre cloch leo, bheadh a
anam ag Mac Fínghín Dubh."



Bhuail an taoiseach isteach chúca. Thóg sé Bríghid ar
a bhacalainn, mar b'ionmhúin leis a dheirbhshiúr. Ansain
rug sé barróg ar Nór' ní Dhonnchúdha, a's chuir an bhean
óg soin bréag-liúgh aisde, agus bhí sult a's suairceas
a's rangcás a's gáirídhe aca ar feadh tamaill.



"Beidh na h-iasgairí creachta d'éis na h-oidhche seo,"
arsa Diarmuid na Bolguidhe. "Tá na saidhnídhe
curtha amuich 'sa chuan a's ní fhágfaidh an droch-uain
seo luid díobh le chéile."



"Olc go leór," adeir Mac Fínghín Dubh, "acht ar a
shon soin a's eile is measa liom má tá an t-Athair
Peadar amuich fá'n ndoininn seo."



D'fhéach sé amach. Bhí an bháisdeach ag tuitim ar
nós uisge thré chriathar. Bhí na caisídhe bána ag rómhar
thré chumaraibh na gcnoc agus na tonntacha móra glasa
ag rith ar a chéile amuich sa bhfairrge 's ag pléasgad
i gcoinnibh na tíorach le fothram. D'fhulaing na
h-oileáin bhun-dhaingeana annsúd an blosg-bhualadh
céadna leis na mílte bliadhan agus tá rian an chómh-
raic sin ortha mar tá an chloch-ghairbhídhe agus an chloch-
ghréine 'na gcliathánaibh dúbha pollta le fuinneamh na
dtonn.



"Moladh 's buidheachas le Dia!" ars' an taoiseach,
"is buaidheartha atáid cuasáin Chinnmara anocht.
D'éiri sin, a Nóra ní Dhonnchúdha, ní fhuil ceól ar


L. 34


domhan is binne liom 'ná dórdán na dtonn ag briseadh
ar tír. An gcloiseann tú a sranna 's a súrac ar
imtheacht dóibh ar gcúl? Acht ba thruagh liom aon
árthacht bocht do ráineóchadh 'na measg."



Gloinge - gloinge - gloinge - gloinge! arsa
cluigín luinge ós cionn fothraim na doininne. Thug
Mac Fínghín Dubh preab. D'fhéach sé ar a dheirbhshír.
D'fhéachadar go léir ar a chéile. Rith an taoiseach chum
an doruis.



"Tá sé 'na shoineann, agus an ghaoth ag maolúghadh,"
ar seisean. Chonnaic sé solus gorm abhfad amach.
Chonnaic sé an solus fa mar do bheadh sé ar mhullach
cnocháin agus ar an dara nóimit do foluigheadh an
solus arís.



"Tá long seóil éigin i gcontabhairt. Cá bhfuil
Pilib?"



"Na leig dó dul amach," arsa Nór' ní Dhonnchúdha.



Ní fhuil aon mhaitheas bheith leis," arsa Bríghid ní
Shúilleabháin.



Sceinn sé féin a's Pilib leo chum na trágha agus
mórán eile ar a sálaibh.



"Amach leis an mbád mbán," arsa Mac Fínghín
Dubh; agus bhí triúr fear a's é féin istigh innte
láithreach, agus na maidídhe rámha ag obair go dian.
D'eirigh leis na rámhaidhthe go rángadar go béal an
ghabhailín mar a raibh na tonntacha 'gha n-únfairt féin
isteach 'na n-ualaighibh cúbhránacha.



"Tóg leis an mbórd dheas, a Philib! Sin é, a
Mhichíl Óig! iarracht eile, mo chumann sibh!" ars' an
taoiseach. Chrith an bád ban ar bárr tuinne, fá mar
do bheadh anam innte; phreab sí le fánaidh, acht sul ar
shroich sí an t-ísleán mar a raibh an t-uisge ag fiuchadh
fúithe bhuail bolg-thonn ghorm í, thóg sí léi í, í féin a's
a fuireann, fá mar do thógfadh sí gabhál do chipíní
dreóighte, agus chaith sí glan amach ar an dtalamh
dtirm an bád bán a's a raibh innte ar dhruim a chéile.
Leónadh lámh Philib, suathadh an bheirt eile, acht níor
imthigh pioc ar Mac Fínghín Dubh.


L. 35


Níor chuir aon aca suím sa tubaiste acht amháin go
ndubhradar go rachadh sé dhíobh an gabhailín do chur
díobh go maolóchadh na tonna.



Chualadar arís cloigín na luinge; chonncadar a
solus gorm agus arís a solus dearg. "Féach an dá
sholus. Tá sí ag casadh. Tá a stiúir caillte aici.
Faire go bráthach! Tá sí ag déanadh ar Chillmac-
ghiollóig, a's tá na tonntacha 'gá tiomáint ar an
Rinn Dhuibh!"



Chualadar ós cionn fothraim na dtonn glaodh na
bhfear ar bórd go soiléir ag iarraidh conganta mar
chonnaic an fuireann bhocht na soillsí ar tír.



"Cabhair Dé chúca!" arsa Mac Fínghín Dubh. "Má
theangmhuighid leis an Rinn Dhuibh beidh a ngnó déanta.
Má mheath an bád bán rachaidh an churach thríd an
ngabhailín. Is le na leithéid do ghabh Dómhnall Cam
trasna na Sionna 's an namhaid ag cur air."



Rith se i leath-taoibh chum tíghe na mbád. Tharraing
sé amach an churach a's phreab sé isteach innte.



"Ní áitimheóchad ar éinne' gur cóir dó dul lem'
chois, mar ní ceart dom é."



"Rachad-sa leat," arsa Bríghid ní Shúilleabháin.



"Ciall, a bhean," ars' a dearbhráthair go gruaimeach.
Bhuail sean-chapall ar sodar fá n-a ndéin.



"Cad é seo?" ars' an t-Athair Peadar, agus é 'na
lipín i ndiaidh na fearthainne.



"Daoine d'á mbáthadh!" arsa Mac Fínghín Dubh.



"Dia go deó linn!" ars' an seanduine, ag caitheadh
a chlóca 's a chóta dhé. "Is ualach dom iad, ní fhéad-
fainn bheith níos fliche 'na táim," ar seisean ag
preabadh isteach sa churach. Thug deichneabhar aca na
mionna ná leigfidís de'n tsean-shagart dul ar fairrge
agus tharraigeadar dul 'na ionad go h-éasguidhe.



"Aithreacha leanbh is eadh sibhse. Bailigh leat, a
Mhac Fínghín Duibh, agus ná bhí ag cur na súl thríom-sa,"
ars' an sean-laoch, ag breith ar mhaide rámha.



Chaith na daoine iad féin ar a nglúnaibh ar an
dtráigh. Sceinn an churach léi ar nós lachan, sceinn sí


L. 36


thríd an ngabhailín, bheartuigh sí í féin ar bhuaic, phreab
sí le plub ar tóin tuinne agus d'eirigh sí arís le léim
fá mar do bheadh sciatháin uirthe. Amach léi gur shroich
sí an long seóil agus chualaidh an fhuireann an guth ba
thréine i gCúige Múmhan ag fógairt ortha go raibh na
cairrgeacha dúbha ar an mbórd chleith!



Long aon-chrainn do b'eadh í agus bhí fuinneamh fúithe
ag gabháil thar an gcurach gur imthigh sí as a radharc sa
doiricheacht. Connacathas go raibh sí gan stiúir agus
gur gheárr uaithe.



Chuir an bheirt sa churach osna asda, agus má bhíodar
ag guidhe ní chloisfeá gíog asda. Dhruideadar leó
amach fá'n gcuan mar a raibh na tonntacha ag maolú-
ghadh.



"Chualas mar a bheadh plub sa bhfairrge," ars' an
t-Athair Peadar. "B'fhéidir gur thárluigh dhóibh bád
do sháthadh amach." Acht ní raibh an focal as a bhéal
nuair do chualadar pléasg agus cnagarnaigh, agus an
long 'gá stealladh i gcoinnibh na gcairrgeacha dúbha,
géara do mheil a's do strac í fá mar do stracfadh
scata leomhan ampladhach caora.



D'fhéach an bheirt ar a chéile agus a gcroídhe 'na
mbéal aca acht fá cheann nóimite 'na dhiaidh sin chonn-
cadar ailp dhorcha ag déanadh ortha.



"Dar fiadh!" arsa Mac Fínghín Dubh, "is é an
Róisteach atá ann. Ní bheadh sé i gcumas éinne eile
bád do chur amach agus an fuadar do bhí fá'n loing
úd." Deirthídhe gur ba foghluidhe mara an Róisteach.
Do b'é bhí annsúd. D'eirigh sé i ndeireadh an bháid
bhig a's chuir sé liúgh as i n-árd a chinn 's a ghotha,
"A churacháin, ahú! Cá bhfuil gabhailín Chillmacghioll
óig?" Acht leis sin bhris tonn dia thiar dé, spréachadh
taosgán sáile air agus spriúchadh ar bhior a chinn amach
fá'n bhfairrge é. Ar mheádhadh an bháid arís 'na dhiaidh
d'iompuigheadh í béal fúithe! Do sgread a raibh
innte; bhí an taoide ag trághadh go tiugh agus ar eirghe
dhóibh ar bárr uisge do scaip na tonntacha abhus a's
thall iad.


L. 37


Ní raibh ann aca acht triúr máirnéalach, beirt theas-
talaí, agus leanbh an Róistig. Thug Mac Fínghín Dubh
sciob ar fhear bhí d'á bhreith thairis ag an dtaoide agus
thóg sé le n-a leath-láimh isteach sa churach é. "Mo
chara do chuisle, a Mhac Fínghín Duibh!" ars' an Róist-
each. Sciob an t-Athair Peadar an leanbh isteach leis.
Rug an Róisteach féin agus an t-Athair Peadar ar
bheirt eile. Bhí fear eile d'á bhreith uatha agus é ag
béicigh. Fuair Mac Fínghín Dubh greim ar chaol air
agus thóg sé suas é fá mar do thógfá pisgín cait. Le
n-a línn sin chuaidh clár de'n loing bhrisde i n-achrann
do shoc an churacháin agus thóg tonn léi ar a druim an
t-aon bhean amháin do bhí 'na measg. Chuir sí liúgh
uamhnach, thruagh-chroidheach aisde.



"Máthair an leinbh!" arsa Mac Fínghín Dubh leis
féin, agus léim sé ins an duibhegán gan mhoill.
Ní raibh a leithéid do shnámhaidhe ar imeall-bhórdaibh
Chiarruighe, agus ba gheárr gur shroich sé an bhean. Ar
chasadh dhó, ar a shon soin, bhí an taoide ró-láidir dó
agus thóg sí léi é fá mar ná' raibh ann acht brobh
tuighe.



Do ghlaodhaidh sé ar an Athair Peadar agus freag-
radh é. Ghlaodhaidh sé an dara h-uair acht chuaidh an
tsáile le n-a anáil.



Do scuireadh an churach fá dheireadh le duadh, agus
do leanadh an dá ghlaodh. D'iomraimh an t-Athair
Peadar agus an Róisteach chum gur dhóich leat go
rachadh a gcnámha thríd an gcroiceann, acht thóg an
tonn a's an taoide an taoiseach agus a ualach uatha,
mar chongaibh sé gréim le n-a láimh chléith ar bhrághaid
na mná, agus chongaibh sise greim an duine bháidhte ar
an láimh sin leis.



D'éis cuardaighthe dhóibh annso 's annsúd ins an
doiricheacht agus iomramh a's glaodhach go rabhadar
tnáithte agus an ciachán ortha, thugadar na maidídhe
rámha do dhá mháirnéalach agus tuirsígheadh iad-san
leis.



Chasadar ortha abhaile fá dheireadh agus croidhe an
Athar Peadar ag briseadh le brón.


L. 38


Nuair d'fhilleadar chum tíre i n-éaghmais Mhac
Fínghín Duibh do casadh olagón nár chualathas a leithéid
ar an nDoirín riamh ó shoin acht aon uair amháin eile
'na dhiaidh súd. Do cloiseadh ós a gcionn go léir
logóireacht bhinn bhrónach Bhríghde ní Shúilleabháin agus
chabhruigh Nór' ní Dhonnchúdha léi, mar bhí mná caointe
againn an uair sin.



Chualaidh Mac Fínghín Dubh amuich sa bhfairrge an
t-olágón úd. Do chuir sé misneach air, agus do
theasbáin sé dhó cad do b'é an ball de'n fhairrge go
raibh sé féin ann. Ní raibh sé ag snámh i n-aon chor
mar bhí fhios aige ná raibh aon mhaitheas dó ann.



Tháinig an barra-liobar ar mhéireanna ná mná agus
scuir sí a greim, gidh go raibh seisean ag cur misnigh
uirthe i gcómhnuidhe agus 'gá rádh léi go dtiocfadh an
bád láithreach. Ní raibh an bád ag teacht, ná súil leis
ag an dtaoiseach, acht go raibh sise 'gá thuirsiúghadh
mar ba bhean bhreágh chumasach í. Mar sin féin níor
chuímhnigh sé riamh dá leigfeadh sé uaidh í go raibh sé
'na chumas féin snámhadh chum puirt i n-áit éigin.



Shleamhnuigh clár as an loing bhrisde tharsa agus
shnáimh an taoiseach 'na dhiaidh. "Is dócha go bhfuil
deireadh linn," adeir sé leis féin. "Tá an clár soin
ag imtheacht fá dhéin na fairrge coimhthigh. Dá mb'é
toil Dé go mbuailfimís an caise-cúil a chuireann an
trághadh taoide uaithe nuair bhuaileann sí na h-oileáin,
b'fhéidir go mbeimís fuasgailte."



Tarraing sé chuige an bhean agus bhailigh sé leis i
ndiaidh an chláir loinge. Táinig creatha fuachta ar an
mnaoi. "Ná bíodh aon bhuaidheart ort," ar seisean.
"Tá do leanaibhín saortha go h-áirighthe."



"Ní fhuilim-se pósta i n-aon chor," ar sise, ag
crothadh a cinn chrothánaigh. "Is mise Martha Shel-
bourne."



"Aililiú!" ar seisean, "is mise Mac Fínghín Dubh."



Thug a croidhe geit. Rith an fhuil thríthe agus chuaidh
sí i neart. "Ní bháithfear i n-aon chor sinn le cong-
namh Dé," ar sise. "Táim-se am' shnámhaidhe mhaith,


L. 39


acht laguigh an sgannradh mé. Bog díom, acht fan am'
aice agus cuir do lámh orm uaireannta."



Rinne, agus shnámhadar, agus shnámhadar. D'eirigh
an ghealach, agus chiúinigh an uain, agus gheal an oidhche,
agus shnáimh an bheirt leó taobh le taobh, agus d'fhéach
Martha Shelbourne i leath-thaoibh ar Mhac Fínghín Dubh,
luisne 'na sluc agus solus 'na súil, agus d'fhéach
seisean uirthe sin agus gháireadar araon.



"Ar m'anam," ars' an taoiseach, "go bhfuil caise
'na taoide linn agus go bhfeicim Cillmacghiollóig!"



"Nár chaillir go deó Cillmacghiollóig 'ná do shíol
id' dhiaidh," arsa Martha Shelbourne.



"Moladh a's buidheachas leat, a Rí na bhFlaitheas!"
ar siad araon, nuair mhothuigheadar grean na trágha
fá na gcosaibh. Bhí a leithéid sin de atal ar Mac
Fínghín Dubh gur thóg sé an bhean óg ar a bhacalainn
agus gur phóg sé í; agus phóg sise eisean leis, mar
shaor sé ó'n nduibhegán í.



Shuidh sí síos annsoin ar charraig ar an dtráig agus
ghoil sí go bog, mar bhí sí cortha 's thré na chéile.



Do b'éigean do'n taoiseach í thógaint ar a dhrom
mar bhí faitchíos air go leathfaidhe í. Bhí a leaca fhluich
le baic a mhuiníl agus a gruaig fhada fhionna-ruadh 'na
slaodaibh ar a shlinneánaibh, agus é ag cur dé go tiugh,
nuair do chas sé ar Bhríghid ní Shúilleabháin agus ar
Philib na láimhe leóinte ag triall chum fairrge. Bhain
an taoiseach preab asda, mar shíleadar gur bh'é a
thaidhbhise bhí ann, acht labhair sé go meidhreach leó.



"An é mo chorp atá uaibh, a Bhríghid? Mar má's
eadh, ta sé le fághail agaibh annso go leathan láidir,
moladh le Dia 's le Muire Máthair."



"Má shaorais deirbhshiúr an tSleagánaigh," arsa
Bríghid, "shaorais é féin chómh maith, mar tá sé go
tirm te istigh againn."



"'Laistíos an bhliadhain dúinn,'" ars' an taoiseach.
"Is beag an choinne bhí agam go raibh seisean 'na
measg."



Ba shuairc an oidhche í siúd do chaitheadar ar an


L. 40


nDoirín. Thug Mac Fínghín Dubh a ualach do'n bhantracht
agus théitheadar í agus chuireadar a chodladh í. Bhí
togha bídh a's díghe ar bórd ann agus sult sa teaghlach
go breacadh an laé. D'ól an Sleagánach sláinte
Mhac Fínghín Duibh agus gháir sé go h-árd nuair do
theasbáin an Róisteach dhóibh go léir cionnus do sciob
an taoiseach as an bhfairrge an bheirt aca.



Thug an taoiseach lá le conairt ag fiadhach ar chnoc
dóibh, lá i gcoill ag lámhach, agus lá ar loch ag iasgach.



"Cionnus do mhothuighis ar dhrom Mhac Fínghín Duibh
aréir?" arsa Nór' ní Dhonnchúdha.



"Go h-an-fhliuch," arsa Martha Shelbourn, agus gháir
Bríghid ní Shúilleabháin fá'n bhfreagra go raibh na deóra
ar sileadh léi.



Chuir an Róisteach agus na máirnéalaigh fútha ar an
nDoirín go ceann tamaill, agus chuir an taoiseach dhá
chapall abhaile go Neidín leis an mbeirt eile, agus
thionnlaic sé féin tamall maith de'n bhóthar iad.



Ar scaramhaint leó d'fhéach sé 'na ndiaidh. "A
bhuidheanach na gciabh n-áilne," ar seisean, "nách mór
an truagh do leithéid-se de dheirbhshiúr a bheith 'gá leith-
éid sin de dhearbhráthair!"



Ar an am gcéadna d'fhéach sise siar air agus bhris
trithídhe goile uirthe.



"Cad é fáth an phlubuighil?" ars' an Sleagánach go
goirgeach.



"Níor chaitheas aon trí lá riamh mar an trí lá soin,"
ar sise.



"Caithfir mórán laetheannta ar an nDoirín."



"B'fhéidir é," ar sise. "Acht féach i leith orm. Ní
chuirfir isteach ar Mac Fínghín Dubh go deo arís?"



"Caithfear an margadh le Seón Puxley do chómh-
líonadh," ar seisean le golam.



D'fháisg sí béalbhach chapaill mhóir ghlais Mhac Fínghín
Duibh gur eirigh an capall ar a chosaibh deiridh.



"A thighearna Sleagánach, ní fheaca lá suaimhnis ó
fágadh an oighreacht soin agat-sa. Ní raibh riamh agam
acht déisdin do Sheón Puxley, agus ní phósfainn i n-aon


L. 41


chor é. Muna leigir do Mhac Fínghín Dubh feasda
adeirim leat go mbead ins an bhfairrge arís agus ná
beidh Mac Fínghín Dubh láimh liom!"



Chas an Sleagánach uirthe ar tí í bhualadh.



"Ní fhuil ionnam acht bean," ar sise, agus a súla 's
a h-aghaidh ar lasadh le díomdha.



Tháinig náire air agus bhuail sé na spuir sa chapall.
"Bhí cuid aca do tháinig rómhat ar buile," adeir sé,
"agus is beag nách bhfuilir féin ar an gcruth
gcéadna."



Caibidiol a Seacht.



AN CÁBÁN.



Sheasaimh Riobárd muin-reamhar Ó Séagha i ndorus
cábáin agus d'fhéach sé amach ar sholus na gealuighe ag
taithneamh ar uisge na Prut.



Bhí na mílte fear 'na gcodladh i longphort fá na
bhun agus mhachtnuigh sé ar feadh tamaill.



"Ní dóich liom," ar seisean, "gur féidir dúithchídhe
Chairbre a's Bhéara do chosaint. Chuir Dómhnall Cam
chuige cheana. Do b'fheárr eisean 'ná an cúigear
againn-ne acht mar sin féin chuaidh sé dhé. Tá breis
cuan ann do loingeas agus nuair do bhéas na
h-árthaighe i gcómhgar do'n námhaid beidh biadh agus
adhbhar cogaidh fá n-a láimh i gcómhnuidhe aige."



"Cad deirir leis an méid sin, a Mhuircheartaigh
Óig?" arsa Mac Fínghín Dubh.



"Ní deirim ná go bhfuil an ceart aige i dtaobh
Dhómhnaill Chaím. Ar a shon soin a's eile tá na cnoic
annsúd. Ní chuirfimís go léir fúinn ann mar do
b'éigean do Dhómhnall é. Tháinig na Sasanaigh ar fad
anuas air fá dheireadh, mar bhí gach ball eile i gCúige
Múmhan fá chois aca an uair sin, acht tabharfam-na
beagán le déanadh dóibh i lár tuaithe an cor so."


L. 42


"Ní fhuil aon bhrígh bheith ag brath ar na Francaigh.
Tá a ngnó féin le déanadh acasan," arsa Mac Fínghín
Dubh.



"Lean-sa go h-Éirinn Mac Fínghín Dubh, a Mhuiris
Uí Shéagha," ars' an ceannphort Seághan Ó Súilleabháin;
"caithfear ba seasga do mharbhúghadh a's do chur ar
salann, agus an fheóil do chur i bhfolach i soitheachaibh
imeasg na gcnoc agus fir 'gá feidhil. Is feárr an
fheóil againn féin 'ná i mbolg na Sasanach. Reidh-
tíghim le Mac Fínghín Dubh. Ní fhuil aon mhaitheas bheith
ag feitheamh go dtugaidh na Francaigh cabhair dúinn."



"Má's féidir linn deich míle d'ár bhfearaibh féin do
sheóladh go h-Éirinn - agus ambás gheóbhamuid árthaighe
chum an méid sin - ní bheidh aon bheann againn ar na
Sasanaigh," arsa Mac Fínghín Dubh.



"Do b'fheárr liomsa thusa féin mar cheann-urraid
orainn 'ná Ó Briain," arsa Riobárd Ó Séagha, mar
beidh gnó ag Saxe dé sin go fóil. Cloistear go bhfuil
na Sasanaigh a's na Francaigh ag púiciúghadh chum a
chéile agus go mbeidh an donas eatortha fá cheann mí
i bhFlandrais."



"Tá an meirg ag teacht orm-sa annso," ar Muir-
cheartach Óg. "Caithimís uainn ár n-úghdarás i n-Arm
na h-Austria seo. Cloisim go bhfuil na Sasanaigh ag
cabhrúghadh le Máire Terés indiu. Ní mar mhaithe léi
é, ámh, mar níor chabhruigh an droch-aicme sin le h-aon
duine riamh ar a shon. Níor bh'fheárr liom gnó bheadh
agam 'ná cnap do bhualadh ortha annsúd, is cuma cá
taobh go bhfuil siad. An dtiocfá lem' chois, a Mhac
Fínghín Duibh?"



"Ní eiteóchainn cath acht chómh beag le fear eile,"
ars an taoiseach. Agus do chrom an cúigear ar
Sáiridhe, mar bhí a gcroidhe óg a's lán de mhisneach.



Ó nách bhfuil fhios ag éinne againn cad tá 'na chómhair,
ní mó 'ná bhí fhios ag éinne aca súd. Oifigeacha airm
do b'eadh an cúigear - triúr de mhuintear Shúilleabháin
agus beirt de mhuintear Shéagha.



Teasbántar dúinn sul a raibh an bhliadhain úd caithte


L. 43


an ceannphort Seághan Ó Súilleabháin 'na stiúrthóir
cogaidh ag Cormac Stíobhard i n-Albain. Cloisimíd
teacht thairis i stair Shasana leis. Chímíd é ag cóiriú-
ghadh na n-Albanach i gcathaibh Gladsmuir agus Chúil
Éadain.



Faghamuid radharc leis ar Riobárd Ó Séagha i n-ár
Chúil Éadain agus a sciath thar lorg Chormaic Stíobhaird
agus Chlainn Dómhnaill, agus eachraidhe Shasana ag
bagairt a's ag tabhairt ruthaig ortha d'éis an bhrise úd.



Chímíd Muiris Ó Séagha i gcogaibh na Fraince 'na
dhiaidh súd agus i gcómhrac éin-fhir ins na h-Indiathaibh
Thiar.



Acht téanam linn go h-Éirinn, a Mhuircheartaigh Óig
Uí Shúilleabháin. Chímíd thusa mar leómhan i gcuibhreach
ag cosaint do thíghe sa bhaile i gCuailleach agus na
Sasanaigh nós scata gadhar lasmuich ag béicigh 'na
gcuid fola le feabhas do phléar gur fhliuch an brathad-
óir Scuilí do chuid púdair. Chímíd thú tógtha, agus
téadán ar do mhuineál gheal agus an námhaid mhí-
náireach ad' tharraing i ndiaidh loinge thríd an bhfairrge
ó Chuailleach go Corcaigh. Acht sul a dtáinig an mí-
thapadh soin ort chímíd thú féin agus Mac Fínghín Dubh
ag cómhrádh roimh lá an t-aonmhadh lá déag do Bhealt-
aine, 1745, leis an bhfear groidhe úd Ó Maolalaidh i
gcoill cois Turnae agus sluaighte Cumberland ag
déanadh oraibh. Buail iad, a bheirt ó Bhéara!



Tá sé riachtanach orainn geárr-thuairisg do thabhairt
ar an gcath mar baineann sé le n-ár scéal.



Táid na sluaighte roinnte 'na dtrí ranna ag déanadh
ar na Francaigh. Ní gheóbhaidh dhá rann aca an tslíghe
seo go bráthach mar tá gunnaí móra suidhte ar dhún
chré, agus díoga déanta ann le h-inntleacht Uí Mhaol-
alaidh, gidh gur b'olc an cúiteamh do fuair sé ó na
Francaigh 'na dhiaidh súd.



Scaoil ar an namhaid an luaidh, a bhuidheannta ó
Éirinn, agus beidh ceól 'na gcluasaibh indiu go mbeidh
cuímhne air ag an méid aca do mhairfidh, ar feadh a
saoghal - ceól na ngunnaí móra nuair do rómharaid


L. 44


an talamh, cnagarnaigh na ngunnaí geárra agus
feaduigheal na bpléar, liúgh na bhfear bhfeargach agus
siutraigh na gcapall, crainn na coille d'á mbrise le
fuaim, sgread thall, cnead annso, agus osna annsúd,
cosgairt agus fuil agus bás!



Ní fhuil sé i gcumas na n-Austriánach 'ná na
nDúiseach gabháil mar seo, acht féach aníos na Sasanaigh,
chúig míle dhéag aca, Éireannaigh, fóiríor! a leath, agus
Cumberland ar a gceann, díng d'á tiomáint thré
chroidhe na bhFrancach, teinteacha d'á spriúchadh as béal
agus as cliathánaibh na dínge sin.



Buailtear cith de leathróidibh iarrainn as gunnaí
móra ar an ndíng sin agus cuirtear bearna innte,
acht dúntar an bhearna arís agus leantar ar aghaidh.
Critheann an talamh le cos i n-áirde marcshluaigh
Francach ag déanadh ar an ndíng. Cloistear fuisc a
gclaidhmhte agus srann a gcapall, raobthar cliathán na
dínge, acht meiltear an marcshluagh soin agus leanann
an díng ar aghaidh.



"An gcoisgfear choidhche an ding raobach soin?"
adeir Laoiseach rí na Fraince, creatha cos air, agus é
ar tí teicheadh.



"Tá na h-Éireannaigh gan brise ortha fós," adeir
Saxe.



Le h-allus a's duadh sroichseann na Sasanaigh
mullaighe na n-árdán ag Fontenoy agus féachaid tim-
cheall ortha imeasg na bhFrancach, ar nós scata tarbh.



"Tá an lá linn," adeir Cumberland, a's easba
anáile air.



"Ní fhuil, a's ní bheidh go deó," adeir an Brianach
agus a Éireannacha.



"Ná bainidh leo," adeir O Maolalaidh, "go mbeidh
bhúr sleagha geala i mbéal a n-imliocán," agus briseann
an taoide d'fhearaibh Gaedhealacha amach ortha - clann-
maicne fear Luimneach, lasair 'na súilibh agus fuin-
neam 'na ngéagaibh, faobhar ar a bhfiaclaibh, a gcroidhe
ag brúchtaidh le gráin. Steallaid na Sasanaigh pléir
ortha. Cloistear thré dheatach an phúdair gleó na


L. 45


gcéadta fear. Cloistear "Cuimhníghidh ar Luimneach
's ar fheall na Sasanach!" Agus 'na dhiaidh sin ní
chloistear acht easgainídhe a's mionna a's uaill, mar
tá na sluaighte i n-achrann ag feanadh a chéile agus ag
luasgadh amach 's isteach, na sleagha geala dearg go
leór anois 'gá ropadh thre easnacha teanna agus
cliabhlaigh.



Brisid na Sasanaigh fá dheireadh le fánaidh an chnoic
agus rómharann na h-Éireannaigh thríotha ar nós na
tuile.



Tá Mac Fínghín Dubh agus Murtach Óg 'na measg,
mar ghnídheadar bearna dhearg thré dhíorma calma
Sasanach darab ainm "The Coldstream Guards."
Chuir an méid do bhí slán de'n díorma soin iad féin
i n-eagar fá bhun an chnoic agus dhruideadar leo go
tuirseach, tnáithte. Lean na h-Éireannaigh ortha 'gá
raobadh. Chonnaic cor capall Francach iad agus i
n-ionad scaoileadh isteach 'na measg is é do ghnídhea-
dar 'ná iompáil ar na h-Éireannaigh, mar bhí a leithéid
sin de mhearbhthall agus d'eagla ar na Francaigh nách
raibh fhios aca cia'r bh'é an namhaid 'ná an cara.
Tháiníg beirt aca le fothram ar Mac Fínghín Dubh agus
é go gnóthach ag polladh thré "Ghárda na Glaise
Fuaire." Thug marcach buile aca fogha fá. Chosain
Mac Fínghín Dubh é féin ar an mbuille sin agus do
sháthaidh sé go h-obann a shleagh gheal i sliasaid an
mharcaigh sin agus do chaith sé ins an aer é fá mar do
chaithfeá punann arbhair. Thug sé pléasg de fheac a
ghunna ins an ucht do'n darna fear agus thuit seisean
'na phleist gan cor i gcois ná láimh leis.



Leis an iarracht soin do briseadh a ghunna. Ní raibh
fhios aige cia mbadh leis an cor capall úd i n-aon chor
agus tharraing sé chuige claidheamh mór do bhí aige -
dubharthas gur bh'é Tadhg gabha do chúm an claidheamh
úd as speil. Ní dócha gur bh'fhíor é sin, acht go
h-áirighthe bhí an claidheamh chómh géar agus go mbeár-
fadh sé duine, agus chóm trom soin gur bheag duine
eile do chasfadh é.


L. 46


Chonnaic triúr marcach an oíde do thug Mac Fínghín
Dubh ar an mbeirt eile agus phreabadar 'na threó ar
tí a chinn do scoltadh. Thug sé fá'n gcéad fhear aca
acht d'eirigh an capall ar a cosaibh deiridh, d'aimsigh
an buille sa mhuineál í agus baineadh an ceann dí ar
an láthair sin.



Séideadh an stoc fá dheireadh agus coisgeadh na
capaill Francacha úd. Chonnaic Maréchal Saxe an
t-éirleach, agus chuir sé fios ar fhear an ghaisge mhóir
d'éis an chatha. Fear mhairbhthe céad do b'eadh an
Saxe so féin, téagartha, calma.



"Ní fheaca aon fhear riamh chómh taiceach leat-sa,"
ar seisean le Mac Fínghín Dubh, agus thóg sé leis
isteach 'na chábán é.



Ní bhfuarthas amach riamh go cruinn cad do thárluigh
eatortha, acht dubharthas gur gheall Saxe dó sul ar
scaradar le chéile go dtiocfadh sé féin go h-Éirinn
fá cheann na bliadhna le sluagh líonmhar, agus gur
bhrostuigh sé Mac Fínghín Dubh abhaile fá cheann ráithe
le h-aghaidh an bhóthair d'ullmhúghadh dhó.



Caibidiol a h-Ocht.



TAIDHBHREAMH BEIRTE BAN.



"A Bhríghid ní Shúilleabháin," ars' Ó Donnchúdha an
Ghleanna le n-a mhnaoi, "is mithid duit-se dul a
chodladh. Tá Mac Fínghín Dubh féin tuirseach."



"Ní luidhfead ar leabaidh anocht," arsa Mac Fínghín
Dubh. "Caithfead bheith thar n-ais ar an nDoirín fá
mheádhon lae. Tá súil agam le teachtaire ó'n
bhFrainc."



"Níor chreideas riamh," ars' Ó Donnchúdha an
Ghleanna, "go dtiocfadh na Francaigh chum cabhruighthe
linn, acht creidim anois go mbeidh an báire linn má
leigthear d'ár bhfearaibh féin teacht ar n-ais. Dá


L. 47


mbeinn-se ag brath ar na Francaigh ní bheadh an caisleán
so Chillatha mar dhíon os mo chionn.



"Is fíor dhuit," arsa Mac Fínghín Dubh. "Is iad
na Buachaillidhe Bána do chongaibh an ceann ar Éirinn.
Réidhtighim leis an Athair Peadar gur bh'é an tubaiste
is measa thuit amach riamh orainn an Sáirséalach d'im-
theacht thar lear agus ár bhfir gcalma do thógaint leis.
Acht tuigimíd uile anois an gnó."



"Do chognóchainn dorn mo chlaidhimh le mire, mar
do ghnídh Conn Céad Cath, nuair a chuimhnighim air sin,"
ars' Ó Donnchúdha an Ghleanna. "Bheimís sgriosda
glan amach muna mbeadh an dorn fear d'fhan ag baile
i ndiaidh Luimníghe. Acht d'á bhfanfaidís go léir
againn i n-ionad imtheacht leis an Sáirséalach ní bheadh
sé de mhisneach ar Shasanaigh an fheíll a ngeall do
bhrise."



"Seadh," arsa Mac Fínghín Dubh, "d'á olcas é an
scéal is gearraid go mbeidh fir chóirighthe chalma d'ár
gcuid fola féin fillte chúgainn, go mbeidh eólas ar
chogadh aca. Beidh míle ceann de na Buacaillidhe
Bána mar eólaidhthe againn agus beidh an donas leis
an scéal muna gcuirfeam bearna i gclann an fheíll
an cor so."



"Bíodh do cheann leat, a Mhac Fínghín Duibh," ars'
Ó Donnchúdha an Ghleanna. "Beidh an Gleann Fleisge
seo mar dhaingean againn chum bídh do chnuasughadh
ann. Is é Dia do chúm an gleann so, agus is é Dia
agus ár neart féin do chongaibh againn é i n-aindeóin
aicme Chromil agus 'Liaim."



Mhachtnuígheadar araon ar feadh tamaill. "Caith-
fead bheith ar siúbhal. Is geárr uainn an lá," arsa
Mac Fínghín Dubh.



Tugadh amach a chapall glas mór cuthaigh chuige - an
Síogaidhe do glaodhtaidhe uirthe. Chrom sí ar phram-
sáil, agus phreab seisean ar a muin chómh h-éadtrom
le h-éan. Siúd a's gur gheall le fathach i bhfearsa é,
níor ghoill a mhéid ar an Síogaidhe, mar dubharthas nách
raibh a leithéid de chapall i gCúige Mumhan an uair
sin.


L. 48


Chuaidh an solus i n-éag i gCillatha agus thiomáin an
capall glas léi ag baint teine chreasa as an mbóthar
mar bhí lúth 'na croidhe chómh maith agus bhí i gcroidhe a
marcaigh.



Níor chuir scáileanna na gcrann ná scáileanna na
bhfailleacha faitchíos uirthe; níor bhain éan ná girr-
fhiadh ag dúiseacht go h-obann as a gcodla preab
aisde; níor chuir gáir na gcearcfraoigh ar an gcnoc
sgéan uirthe mar bhí muiníghin ag an gcapall nglas úd
as a marcach.



Chualaidh an marcach soin canntaireacht na n-éan go
moch ins na coilltibh mór-dtimcheall, mar bhí crainn go
flúirseach annsúd an uair sin. Chonnaic sé an drúcht
'na shúilíníbh ar an nduilleabhar agus ar an bhféir
nglas, agus ghabh boladhtha breágh chuige ar aér ionn-
fhuar na maidne as srathaibh féir bhainte ar mhóinfhéar-
aibh.



Chualaidh sé crónán na Fleasga ag snámhadh léi
thairis go h-uaibhreach chum Locha Léin. Chualaidh sé
glór bog binn na Fleasga soin ag briseadh thar chloch-
aibh fá dhroichead thuas ag béal na gcnoc cois Chuím
na nÉag. Chonnaic sé as soin ceó odhar mhaidne
fhóghmhair ag eirghe thar bárr na gcnoc agus breac-
sholus na maidne 'gá dhathúghadh le coinnle geala.



Chonnaic Martha Shelbourne ar an nóimit gcéadna,
thiar ar Neidín deich míle ó bhaile, Mac Fínghín Dubh
thré n-a codla ag tabhairt léim ó mhullach cnuic síos go
bun, agus ag glaodhach uirthe féin téanuigheacht leis.
Agus phreab sí as a leabaidh le sgread.



Chonnaic Bríghid ní Shúilleabháin thoir i gCillatha thré
n-a codlasa n-am gcéadna madra mór dubh 'na luidhe
ar an mbóthar i gCúm na nÉag. Súla lasracha ann,
stranaídhe fiacal aige, craos ar dearg-leathadh air
agus fuil ag sileadh as a theangain. Léim sí amach ar
an úrlár i gan fhios d'á fear agus fuar-allus uirthe.



Chonnaic capall Mhac Fínghín Duibh rud ná'r bh'aisling
i n-aon chor. Chaith sí a ceann i n-áirde, chrap sí a
cluasa agus chuir sí srann aisde.


L. 49


Ins an am gcéadna phreab fear 'na shuidhe ó bhun
crainn dia thuas de bhóthar, chaith sé gunna uaidh agus
rith sé an choill amach chómh maith agus bhí sé 'na chosaibh.
Stad Mac Fínghín Dubh a chapall agus ghlaodhaidh ar an
bhfear filleadh, acht sul a raibh an ghlaodh as a bhéal
aimsígheadh ins an uillinn chléith é le pléar agus thuit
an lámh leis gan luadháil. D'áirigh sé go raibh an
lámhachaidhe laistíos de i móinfhéar agus chonnaic sé é
go dícheallach ag pulcadh pléir eile isteach i bpíb an
ghunna. Thug sé aghaidh an chapaill ghlais ar fhalla an
bhóthair. Ghlan sí é mar a bheadh éan, agus bhí Mac
Fínghín Dubh i ngaor de'n fhear sul a raibh uain aige ar
phléar eile do chaitheamh. Phreab an fear 'na shuidhe
agus thug sé iarracht fá'n marcach acht scaoileadh a
ceann leis an gcapall, casadh an claidheamh mór,
buaileadh sa bhaitheas an fear feíll agus scoilteadh é
go béal an scéithín.



Mo chara do chuisle, a thíghearna na gceo-chnoc! Do
dhéanfadh an buille sin, mar dubharthas 'na dhiaidh súd,
dhá chuid d'fhear an fheíll muna mbeadh gur léim an
capall glas amach thairis le sgéan.



As go bráthach léi agus an taoiseach ar leath-láimh
ar a muin ag déanadh iarracht ar ghreim d'fhághail ar
an tsrian do shleamhnuigh thar a cluasaibh.



Chum siúbhail leat, a chapaill mí-ádhmharaigh, taoi thar
chumas "Mharcaigh na gCumann" an cor so, agus ar
tí é leagadh i dtosach a shaoghail 's a n-árd a dhóchais.



Sceinn sí fiadhain síos chum na Fleasga, chas sí ar
an mbóthar agus léim sí an falla arís. Ar bhuaileadh
ar an mbóthar dí fuair sí barr-thuisleadh. Thuit sí ar
a leath-ghlúin, agus do caitheadh Mac Fínghín Dubh as
an ndiallait ar bhior a chinn isteach i ndíg dhoimhinn.



Chualaidh Bríghid ní Shúilleabháin cos i n-áirde capaill
chúice ar an mbóthar, agus ríth an capall glas tháirse,
a ceann sa n-aér, a h-earball i n-áirde, a srian ar
sileadh léi, agus a bléan 's a béalbhach clúduighthe le
cúbhrán bán.



Bhuail an bhean a dhá bais, liúghaidh sí ar an gcapall


L. 50


mbuile cá'r fhág sí Mac Fínghín Dubh? Ghread sí a
capall féin chum siúbhail agus fuair sí eisean sínte
marbh - a mhuineál brisde sa díg!



Tháinig capall eile ar láthair ag cur cúbhar alluis
dí. Léim Martha Shelbourne d'á muin, agus sgéan
'na radharc, agus chuir sí sgread bhrónach aisde do
dhúisigh na cnuic.



Cabhruigh léi, a Bhríghid ní Shúilleabháin. Ní fhágfaidh
an t-uchtlán éinne agaibh an dá lá dhéag a's do mhair-
fidh sibh.



I lár a n-olagóin do shnáimh firín buidhe, suarach,
mílítheach amach chúca agus chaith sé é féin ar a ghlúnaibh
'na bhfiadhnaise. "Is mise Michilín, acht níor chaitheas
pléar leis," ar seisean le sgread.



Le n-a línn sin do tháinig Ó Donnchúdha an Ghleanna
'na bhfochair agus é leath-lomnochta ar muin capaill.
Buail sé a dhá bhais.



"Ó mo sgrios, mo sgrios! Mac Fínghín Dubh ar
lár! Shamhluigheas ná muirbheóchadh an saoghal thu!"
agus thug Ó Donnchúdha an Ghleanna na móide dúbha
nuair do chonnaic sé an fhuil ná codlóchadh sé féin ar
leabaidh go mbeadh anam an tSleagánaigh aige. Acht
chuir Michilín sgréach thruagh-mhéileach as, agus dubhairt
sé leó go dteasbánfadh sé dhóibh corp Sheóin Puxley
do ghnídh an choir agus do thug nimh do'n tSleagánach
féin an oidhche roimh ré d'éis iomarbháidh eatortha i
dtaobh Mhac Fínghín Duibh.



Rug Ó Donnchúdha an Ghleanna ar chéas cínn ar
Mhichilín a's chaith sé isteach thar chlaidhe é ar nós ceirte
shalaigh.



Thógadar leó go dtí an Doirín corp an taoisigh
agus chroth an t-Athair Peadar an chré ar a chómhrainn
i gCillmacghiollóg.



Sheasaimh Martha Shelbourne go ciúin cois na h-uaighe
go raibh na mílte as gach áird do bhí sa tsochraid
imthighthe abhaile. Shuidh sí síos annsoin a's d'fhan sí
ann gur chuaidh an ghrian fá ins an mhór mhuir thiar.
D'éaluigh an taoide aníos 'na mion-thonnaibh agus


L. 51


chrom ar chogarnaigh i gcuasaibh abhus a's thall, agus
chuir na cúirliúin agus éin na fairrge sgréach a's
fead a's glaodhach asda amuich sa chuan, agus chodail
Mac Fínghín Dubh imeasg a shinnsear.



"A chapaill ghlais, a ainmhídhe bhoicht, bhuile, is beag
ort gur chreachais Éire," ars' Ó Donnchúdha an Ghleanna
go dúbhach. Bhuail sé fá dhéin na h-uaighe agus thóg sé
leis Martha Shelbourne go Cillatha. Níor ghearán sise
a's níor gháir sí ar feadh a saoghail.



Do cloistidhe 'na dhiaidh súd ar oidhcheannta ciúine
cos i n-áirde ar na bóithribh cois Chuím na n-Éag, agus
deirthídhe gur bh'í Martha Shelbourne do bhíodh ann ag
tabhairt rabhadh do Mhac Fínghín Dubh go raibh an
marbhthóir ar an mbóthar ag feitheamh leis.



Nuair do bhíodar go léir imthighthe shuidh Diarmaid
Ó Séagha na Bolguidhe ar uaigh Mhac Fínghín Duibh.
D'fhan sé ann ar feadh na h-oidhche agus cheap sé an
mairbhne seo do bhain na deóra ar shúilibh glasa le
céad go-leith bliadhan agus breis.



MAIRBHNE MHAC FÍNGHÍN DUIBH.



I.



Mh'osna thré Luimneach, Connacht is Cláir fé chúmha
Is go Corcaig na loingeas, thar toinne d'á dtéidhinn
de sgiúird,
Ár ngiúistís cuthaig, ár gcusba, ár laoch glan, clúdh'il
Ár gcara, ár gcura, ár gcumann, ár laoch fuair clú.



2.



Clú 'gus ceannas is acfuinn ó'n Rígh Cómhachtach
Do bhíodh ad' ghlaice, is fearta ó'n rí cóige
Ní fhuil dún 'ná cathair fá ghlasaibh ag rí Seóirse
Nach go dúbhach is' easbaidh is na bailtí go síor bhrónach.


L. 52


3.



Is brónach, atuirseach ó'n gCeachainn go Léim Láithreach
Is buaidheartha Banba ó Chaiseal go Béal Beárnais
Tá dúithchídhe Chairbre ar lasadh is ní fhuil scéimh áthais
I dtuaith Ráth-Chathail mar ar cailleadh ár laoch láidir.



4.



Ba láidir, cumais, ár gcura, ba leathan, lúthmhar,
A Mharcaig na gcumann go gcritheadh an talamh fútsa
Ní raibh eagla dlighthe 'ná clipe ar do bhaile dúthachais
A Raobaigh mar Oscar do chuireadh gach creach ar
chúlaibh.



5.



Ar chúlaibh chuirtídhe deachmhadha, tacsanna, siosmaighthe
i gcúirt,
Do dhóirse ar leathadh gan glasa, gan iadhaigh ar trúnc,
Ba ghreann le cairdibh d'á maireadh i n-iarthar Múmhan
Led' gháire leathan, a Mharcaig na gcliadhar, mo chúmha!



6.



Mo chúmha, mo chreach, tu a'teacht go tréith lán-lag,
A Phlúr na bhfear ná'r mheath i n-aon bheárnain,
D'imthig ár rath, ár maith, is ár scéimh áthais,
Bhoch! ár gceart, ár neart, is ár ndlúith-cháirdibh.



7.



Cáirde d'imthig thar uisge 'gus fós níor fhíll,
D'fhág súd sinne go singil, gan chóir gan chrích,
Gan bórd, gan gloinne, gan corn, gan ceól, gan fíon,
Gan uaill ag conairt, gan cusba d'fhuil d'fhóirtheadh
dínn.



8.



D'fhóirtheadh sinn, d'á dtigeadh thar sáile beó
Na leómhain-fhir ghroídhe ba bhínn i mbeárna 'n ghleóidh
I gcaismirt na gclaidheamh go striocfadh táinte dóibh
Is ná leómhfadh 'nár dtír aon dríghdear cáitheach beó.


L. 53


9.



Beó d'á dtigeadh aon phola dod' cháirdibh gaoil
Ba dhual bheith fhosgailte, soilbhir, cáidh mar bhís,
Do dhéanfadh cosaint i bpobal ár n-áit is díon
A leómhain d'fhuil Eochaidh chuthaig is Dhómhnaill Chaím.



10.



A Dhómhnaill Chaím is fíor ná'r staon do neart,
Iarla ó'n Inse do chríochnuigh Éire ar smacht;
Fáig is draoithe d'á áirde léighfeadh stair
Do thráchtfaidís thar nídh de thréighthe ár bhflaith.



11.



Flaith id' dhoirbheacht is id' ghníomhartha suilt
A Chogaraig! is tu osgaileadh gach snaidhm is broid;
A Chraoibh cosanta na bpobalach, ba ríoghamhail fuil,
Mo léan docharach id' chodla thu, a Mhac Fínghín Duibh!



12.



Is dubh, dorcha, doilbhir, duairc, ár scéal,
Eochair gach cathair ó Charn go Tuam'-an-Chléir;
Tar éis a scuiris de cheangalaibh cruadha is géar'
Is dona led' charaid tu marbh, is iad buan tar h-éis.



13.



Tar h-éis beidh bacaigh go h-atuirseach ag éigheamh is
daíll
Is gach n-aon do thaithigh do phearsa, do mhéin, do ghnaoi,
Do chiabh-fholt casda, do ghlaice, do bheól ba bhínn
Do ráidhte meala is do mhaitheas go léir fé'n Líg!



14.



A Líg na h-aindise! mairg leat Éire ag cúmha?
Spéir ar lasadh! is na mairbh ag éigheamh 'sa' n-úir!
Tá fhéachaint dhealbh ar bhailthibh ó Chléir go Siúir,
A Bhénus Cheachainn ó shladais mar chéil' é chúghat!


L. 54


15.



Chúghat má shladais Fear Cheachainn, díth-náireach
An laoch ba chalma is an marcach ba bhinne cáile
Níorbh' iongna dá gcnagfadh do bhaitheas le scéimh-
ghártha
Mo chúmha is m'atuirse mar do scaipeadar ár n-uile
cáirde.



16.



Cáirde an Bhile gach cusba d'á uaisleacht díobh
Gac laoch do geineadh ó Philib is ó Bhuadhach-an-Ghnímh.
Do théidheadh sé an iomadh na righthe go fuamain bíonn
Is fuair "Trí Barra na Cruinne," mar dualgas thríd.



17.



Trí Barra fuair de sheanachus ó'r phríomhais ar
dtúis
Bárr maitheasa, bárr gaisge, bárr féile is clú,
Bárr rathanna ar dhrom eachanna ba thréan, neart, lúth,
Mo ghéar-atuirse fé ghlasaibh thu is do thréad go
dúbhach.



18.



Is dúbhach do charaid 's is atuirseach tláith a bhíd
Gan súil abhaile do thaisdeal go bráthach arís
Tá siad de mhachtnamh cia gur deacair do rádh 'ná
mhaoidheamh
Go bhfuairis anaithe i gan fhios de chách 'sa' choíll.



19.



Tá do choill 'na dothair go socair gan gáir na n-éan
Gan taisdeal na mbruingheall ba mhinic thar lear i
gcéin,
Gan fuaim do ghunna, uaill chonairt, 'ná ceól do
phléar
Ó éag an Bile, mo thuirse, mo bhrón, mo léan!


L. 55


Mo léan, mo thuirse, gan filleadh threm' aeibh anonn
Gan chú gan giolla ar chnocaibh na Sléibhte Dúbha;
I gcogadh na righthe ba bhinic a éirleach súd.
Mh'osna thré Luimneach, Connacht is Cláir fé chúmha!



Críoch

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services