EOGHAN PAOR
CAIBIDIL A hAON.
PRÓGRAS.
"Cogar i leith," arsa bean le n-a hinghín, "ar
mh'anam go bhfuil an bhrighdeach ag gol." "Ní hiongna
soin," ars' an inghean. Bhíodar araon ag faireadh ar
Ghobnait agus ise ar a glúinibh ar a n-aghaidh amach agus
an chóisir ag feitheamh. Fá dheire tháinig an sagart is-
teach 'sa teampall mhór agus ghnídh sé lánamha de
Ghobnait agus do Phrógras. Leasainm do b'eadh
"Prógras" ar Dhómhnall Mháire Dailc fhir do b'eadh
an t-ógánach so. Bhí feirm bheag thalmhan aige darab
ainm an Cúil bhán leathisteas do ChillÁirne. Bhí an
fheirm bheag saor aige ámh agus dá dheasgaibh sin,
dubharthas go raibh aidhm air chum a phósta, agus bhí
súil aige féin gur bh'fhiú spré mhaith é.
Do shuidh an chóisir chum féasda i dtigh Liam Chaoil i
sráid na Circe agus bhí togha bídh is dighe aca. I n-a
measg bhí saor cloiche go raibh dúil 'sa bhraon aige
agus nuair a bhionn an leann istig is gnáthach leis an
gcéill bheith ar iarraidh. Bhuail an saor amach fá'n
manraigh agus chas Prógras air. "Tá an bhean óg
agat-sa acht ní leat í, tá breis tabhairt suas uirthe
dhuitse: bean uasal is eadh ise, acht ní fhuil ionnatsa
acht cábóg!" "Éist do bhéal anois, a Sheáin Mhichil,"
arsa Prógras, "tá breis ólta agat, ní fhuil uaitse a
mhic ó' acht sop tuighe." "An measann tú gur muc
mé?" arsa Seán Mhichil agus pus air, agus d'éis gac
re seadh bheith aca d'aimsig Prógras le buille dhorn
'san uisinn an saor cloiche agus dhéin meaig de."
Tá sé 'n-a stalca mharbh," ar seisean leis féin, agus
phreab sé amach thar claidhe na manraighe agus as go
bráthach leis.
Ba gheárr go bhfuarthas an saor cloiche agus é 'n-a
chnap "Hu bó" arsa duine, "ní fhuil cor ann."
Chroth sean-fhear é; "tá baoghal mór air," ar seisean,
"cuirtear a chodladh é, má's fial é Liam Caol ní gábhadh
dh'éinne' cráin chraosach a dhéanamh dhe féin." Acht cá'r
ghaibh Prógras? ní raibh tásg 'ná tuairisg airsean, abhus
'ná thall. Bhí iongnadh an tsaoghail ar an gcóisir. "Ní
fholáir," arsa duine aca, "ná go raibh baint éigin aige
le Seán Mhichil: tá cnapán ar a mhalainn." "Chonách soin
ar an bhforaois," adubharthas, "thuit sé as a sheasamh le
shacht póite, sgaoiltear a bhónna agus leigtear dhó 'n-a
luan." Síneadh 'sa tuighe é i gcúinne an stábla, agus
rean an chóisir ortha ag amhrán is ag aoibhneas.
Fá dheire fiafruigheadh arís cá'r ghaibh Prógras agus ba
gheárr gur leath an sgéal. Chonnacathas fear ba
dheárthach leis ó chiainibh ag gabháil amach fá dhéin Chnuic
Tuirc. Chonnaic marcach ar bóthar fear ag teiche leis
féin trasna na tíorach ó thuaidh fá mar a bheadh an liúgh
fhiadhaig 'na dhiaidh. Do b'é sin Prógras bocht agus
sgeóin air gur mhairbh sé Seán Mhichil, acht níor mhairbh
mar tháinig seisean chuige féin d'éis luigheacháin trí
seachtmhaine, acht ní raibh coinne ag Prógras ná go
raibh an saor cloiche ar shluagh na marbh. Bhí a rian air,
ghread sé leis agus níor stad sé de'n stáir sin go
dtáinig go Tráighlí. Cheannuig sé sean-chulaith éadaig
annsúd agus 'n-a shiubhaltaibh dó chas sé ar chaptaen
luinge a bhí ag déanamh ar Lúnduin. Leig sé air ná
raibh sé ar fóghnamh agus gur theasduigh uaidh bolaidhthe
na sáile a bheith aige ar son a shláinte. Réidhtigheadh
cosdus an turuis agus níor mhór é. Chlúdaigh sé é
féin i gcúilín ar bórd agus d'fhan sé ann go foluightheach
faid a bhí an long i gcuan mar bhí faitchíos an domhain
ar an bhfear mbocht go rabhthas chuige. Nuair do
bhuaileadh stóiceallach mór consábla feadh an a
chaladhphuirt ag féachaint timcheall air mar ná raibh faic
eile le déanamh aige thugadh Prógras súil-fhéachaint
amach as a chúilín air agus thagadh creatha cos is lámh
air le heagla gur b'é féin a bhí ó'n bhfear ndíomhaoin
úd.
Fá dheire budh gluaiseadh chum fairrge agus d'imthig an
sgannradh de Phrógras acht má imthig féin tháinig ualach
trom cathuighthe air agus brón croidhe go raibh anam
duine air. Níor mhachtnuigh sé i n-aon chor ar a mhnaoi
nua-phósta mar na raibh pioc grádh aige dhi agus ní mó'ná
san bhí aicisin dó. Bhí spré na mná 'n-a phóca aige agus
do réir nós na tíre do ba lies féin an méid sin, mar
nár chómhairimh Liam Caol, úncail Ghobnait an spré sin
amach chuige maidean lae an phósta. Ní raibh Prógras
dhá chur so thre n-a chéile i n-aon chor, acht bhí bás Sheáin
Mhichil ag cur go dian air. Bheartuig sé é féin chum
codlata, acht má bheartuig níor thuit néal air. Amach
'san oidhche bhuail máirnéalach agus lanntéar ar lasadh
aige anuas an dréimire chum an lochtín mar a raibh
Prógras. Bhí a leithéid sin do mearbhthall ar Phrógras
gur shilidh sé gur b'a consábla bhí chuige.
"Tóg leat mé," ar seisean de liúgh, "tuillim é,
níor chóir dom teiche; ní fheadar cad é an mí-ádh
tháinig orm nár dheineas láithreach ar thigh na gconsáblaithe
agus a admháil gur mharbhuigheas an fear!" D'árduigh
an máirnéalach a lanntéar agus d'fhéach sé idir an dá
shúil ar Phrógras.
Fear gearraid do b'eadh an máirnéalach so, plaosg
mór dubh air, cabhail aige chómh cómhchruinn le bairille,
cúntanós neamh-eaglach aige, cuisleanna fada féith-
leogacha air, agus dhá dhorn chómh cruaidh le ceapórd.
"Tá sgéan ort; taidhbhreamh is eadh é, is dócha." "Ní
headh," arsa Prógras, "acht an fhírinne lom," agus
d'aithris sé ó thúis deire cionnus mar a thuit amach.
"Acht is dóich ca bhfios duit ná'r tháinig an boiteallach
chuige féin d'eisi sin? adeir an máirnéalach. "Chon-
nac na súile ag iompuigheal 'n-a cheann sar ar thuit sé,"
do ráidh an fear eile. "Dhé dhuine tá breall ort,"
adeir an máirnéalach, "bhíos féin i gCailíhó lá agus bhí
sgata againn amuich 'sa tír ag féachaint ar chómhrac
gadhar agus ar teacht ar n-ais dúinn pé coimheasgar
eirigh eadram féin agus dailthín Sasanaigh bhuaileas
pléasg de dhorn 'sa sgórnaig air agus thuit sé 'na
phleist: steallamair uisge air, shéideas puich anáile
isteach 'na chluasaibh fá mar a ghnídhmís le geárrcaigh a
bheadh leath-mharbh, bhuaileas a dheárnaidhe go géar is go
tiugh, fiú amháin bhaineas greim lem' fhiaclaibh as a
chluais acht ní dhúiseóchadh Fionn Mac Cúmhaill é, agus
fá deire sgeinneas liom le m'anam. Chuadhas amúgha
annsoin agus d'fhág an long an cuan am' éaghmais acht
i gcionn coicthighis theastas mé fhéin le luing eile agus
díreach fá mar ataoi-se anois bhíos d'éis slama codhlata
agus cé bhuailfeadh anuas an dréimre chúgham acht mo
phreabaire Sasanaig? "An tú soin"? arsa mise.
"Is me," ar seisean. "Greada chúghat," arsa mise,"
"cheapas gur mharbhuigheas tusa." "Windbag," ar
seisean, "nách mór agatsa dé phalltóg féin." Go
deimhin féin bhí seana-bhlas agam ar Phud Tóibín — sé
sin mé fhéin — as soin amach agus pé grasgar a bhíodh
agam 'na dhiaidh sin is amhlaidh a bhuailinn mo bhuille
agus má leagtaidhe mé d'eirghinn is má leagtaidhe an
fear eile biodh aige." "Dá mb'é leónúghadh Dé nách
bhfuil Seán Mhichil marbh bheinn ag altúghadh go deó
leat. Cahain dar leat a mbeadh rian teacht chuige
féin air?" Acht ní raibh giog eile as Phud Tóibín. Bhí
an súsa casta air ar a lochtín adhmaid agus i ndiaidh
gach srann dá gcuireadh sé as do chloisfeá fead ar
nós gaoithe ag séideadh thré pholl eochrach.
Ba gheárr go raibh Prógras na shuan chómh maith agus
ar dhúiseacht dó ar maidin bhí Pud i bhfeighil a ghnótha ar
chlár na luinge. Níor leig sé air gur labhair sé le
Prógras riamh, acht ní túisge bhíodh a ghnó i leath-taoibh
aige 'ná go mbuaileadh sé fá dhéin an tseomra tosaigh
mar a mbíodh Prógras agus bhíodh seanachaidheacht aca
le chéile. Ba mhór an dúil a bhí ag Prógsas i
dtuairisgibh ar chríochaibh iasachta agus is beag baile
cuain ar faid na dúthaighe 'ná go raibh Pud ann agus ba
bheag a bhí dhá bhárr aige a dubhairt sé, mar shleamhnuigheadh
an t-airgead uaidh agus is suarach a bhí an dara
balcais aige le cur iomais tar éis a shaoghail ar
fairrge.
CAIBIDIL A DÓ.
AG DRUIDIM LE SASANA.
"Ní fholáir 'ná gur breágh an chathair Lúnduin," arsa
Prógras. "Dhé ciach is léir uirthe," adeir Pud, "is
duairc an áit í. Tá sí mór go leór, mar leath sí í
féin amach fá dhéin na mbailtí mbeaga salacha a bhí ar a
teorannaibh agus cheangail sí í féin leo le bóithribh is
fallaíbh agus glaodhtar Lúnduin ar na bailtíbh úd
anois chomh maith is ghlaodhtar ar an tsean-chathair féin."
"Agus nách maith an rud bheith ag leathadh amach agus ag
dul i méid; is dócha gur bh'é buaic na mbailtí mbeaga
úd Lúnduin dhá dtarraing isteach chuice féin," arsa
Prógras. "Tá an cheist sin ró-chruaidh dhómhsa," arsa
Pud, "acht b'fheárr liom bailtí beaga go mbeadh na
daoine go deas compórdach, ceannsa le chéile ionnta
'ná cathair uaigneach mar Lúnduin ná feicfeá an fear a
bheadh 'n-a chómhnuidhe i mbéal do dhoruis ó cheann ceann
dhe'n bhliadhain." "Budh chuma liom cad é an saghas
cómharsan a bheadh agam, ní bheadh aon bheann agam air
dá mbeadh mo dhóthain airgid agam agus cloisim go
ndéantar mórán airgid i Lúnduin." "Is dócha go
ndéantar," arsa Pud, "agus oibrighthear go cruaidh
chum a dhéanta, acht do réir mar a thuigim do b'fheárr
le n-a bhfurmhór annsúd bheith ag goid 'ná ag obair.
Tá an dlighe go cruaidh ann ar ghaduidhthibh ámh agus dá
réir sin is saoráidighe obair 'ná gaduidheacht." "Ar
ghoideadar riamh éinnídh uaitse, a Phuid?" "Cúis
gháire chúgainn," arsa Pud, "ní raibh puinn riamh
agamsa le n-a chailleamhaint, acht ó chuiris chuige mé,
thánag tar éis aisdir ós na hIndiathaibh Thoir agus bhí
chúig phúint fhichead ag teacht chúgam agus dá gcaithfinn
é le sgléip is le sult bheadh bhúntáiste éigin agam as,
acht is amhlaidh a bheartuigheas é i gcrios thar mo chaol
agus dhúnas mo shúile go sásta sóghach, acht ar dhúiseacht
dom l'ar na bháireach bhí teinneas cinn orm is fonn
aisig i gcead duit-se. Tigh maith lóisdín do b'eadh é
agus daoine creideamhnacha go mbadh leó é freisin. Is
dócha gurab amhlaidh a chuir fear gasda éigin biorán
suain ionnam agus níor fhág sé fiú amháin an chris féin
agam cé gur chosain an crios úd trí réalacha. Má
bhíonn beagán agam anois ní chuirim i bhfolach i n-aon chor
é agus ní bhíonn aon amhras orm go mbíonn cianóg
agam. Is amhlaidh a shleamhnuighim isteach am' bhrógaibh
é agus na sean-stocaidhe ar a mhullach agus caithim i
leath-taoibh iad i dteannta mo bhalcaisidhe eile agus ní
chaillim pioc acht amháin cúpla pinginn a chuirim d'aon
ghnó uaireannta i bpóca mo bhríste."
Tháinig faitchios ar Phrógras mar bhí spré a mhná 'na
phóca aige agus fá mar a bhainfidhe geit as bhuail sé a
lámh go hobann ar phóca a bhrághaide. D'fhéac Pud air.
"An mór atá 'sa phóca soin agat?" ar seisean, agus
do dhearg Prógras go cluasaibh. "Ní gábhadh dhuit
aon sgáth a bheith ort rómhamsa, a mhic ó," adeir sé,
"tá beagán éigin i bpóca do bheiste agat agus tá an
biorán dhá cheangal go cúramach agus taisbeánann
soin go soiléir dos gach duine go bhfuil rud éigin sa
phóca. Is beag an mhaitheas do dhuine an bhest soin
d'fholach fá na ceann gach oidhche fá mar a ghnídheann
tusa. Cheapas labhairt leat cheana 'na thaobh. Cómh-
airimh é, cuir i sparán é agus tabhair dómhsa é agus
gheobhair é ar n-ais nuair a shroisfeam Lúnduin."
"An dóich leat gur b'amadán mé?" arsa Prógras.
"Ní déarfainn gur b'eadh," arsa Pud, "acht cogar i
leith, mar a dtógfair mo chomhairle is dóich bíodh
agat." "Táim fhéin i n-ann fhaire thabhairt dhom chuid
féin," adeir Prógras. "B'fhéidir sin," do ráidh Pud,
"acht mar sin féin, a bhfeiceann tú an máirnéalach
mór soin go bhfuil an bach-lúbhra ar a aghaidh? Chonnac
eisean ag cur na súl thríd an mbiorán soin ag cean-
gailt póca do bheiste. Atharruigh do chuid airgid go
póca do bhríste, agus congaibh iomat an bríste
faid do bheir id' chodhladh: líon an sparán de pháipéar
agus fág mar a bhfuil sé i bpóca do bheiste é agus an
biorán lasmuich dhe. Beidh an máirnéalach mór 'n-a
chodhladh fad' bhun annsoin anocht agus bead-sa ar chlár
na luinge feadh na hoidhche mar tá uain gharbh chúgainn
agus beimíd ag gabháil thríd an gcaolán cois
Soghatamtun."
Ghnídh Prógras mar adubharthas leis. Bhí an oidhche
fiadhain fliuch agus níor chodail sé go sámh acht ar
eirghe dhó bhí a chuid airgid slán aige i bpóca a bhríste
agus an biorán ag ceangailt phóca a bheiste fá mar ba
ghnáthach acht ní raibh aon sparán ann.
Ba gheárr gur bhuail Pud isteach chúca go fuar,
fliuch, tuirseach d'éis na hoidhche. "D'fhóbair go
mbuailimís poc ar luing eile 'sa doiricheacht acht
d'eirigh linn," adeir sé dhá chaitheamh féin isteach 'na
cóifrín adhmaid, agus ba gheárr go raibh sé 'na chnap
codhlata. I gcionn cúpla uair an chluig bhain sé
searra as féin. "Ca bhfuilir a fhir an sparáin?"
adeir sé. "Táim annso," adeir Prógras, "acht ní
fhuil aon sparán agam." "Fan go dtagaidh an
bioránach úd anuas chum a chuid bídh," agus ba gheárr
gur tháinig fear an bhach-lúbhra agus d'ith sé a chuid.
"A leithéid seo," arsa Pud, "níor leagas mo shúil
ortsa ar feadh seacht mbliadhnibh gur thánaghuis ar bórd
chúgainn i dTráighlí agus ceapaim ná'r aithnighis mise.
Mharbhuigheas tu aon uair amháin i gCailíhó agus chas-
amair ar a chéile 'na dhiaidh sin i dteach lóisdín i
bPaplar agus chuir duine éigin annsúd hancirsúir
trasna mo shrón' istoidhche agus shúghas suas im' chogas-
nach an gal do bhí as an hancirsúir úd agus an fághal-
taisín a bhí am' póca bhí sé imthighthe ar maidin agus bhí-se
sgeinnte mar an gcéadna. Aréir, faid do bhí an
fear soin 'na chodhladh dhruidis ceann des na cláráchaibh
fá thóin a leaptha i leath-taoibh agus ghoidis sparán as a
phóca."
"Thugais d'éitheach," ars' an máirnéalach mór i
mBéarla. "B'fheidir sin," arsa Pud go réidh,
cneasda, "acht ní fhágfair an lathair seo go dtagaidh an
captaen. Duine síothchánta is eadh mé ámh: tá an
sparán soin fillte i n-earball do léine agat, agus
sín amach é gan mhoill." Dhún an máirnéalach mór a
dhá dhorn. "Mhaise ní gábhadh an fuadar," arsa Pud
go mín, "chuireas chum suain thusa thall i gCailíhó agus
is tu chuir an sgrannradh orm mar cheapas gur mhar-
bhuigheas tu glan amach. Do b'fheárr an uair sin tu
'ná indiu mar tá puchóidí an ólacháin go tiugh ar
d'aghaidh. Sín amach an sparán go deaghair adeirim,
agus annsoin má's maith leat é, ar ndóich beidh casadh
againn as a chéile."
Tháinig dath mílítheac ar an máirnéalach mór, sgiob sé
an sparán as bheinn a léine agus shín chum Prógras é."
Give us a chance," ar seisean. "Ní fheadar fós,"
arsa Pud, "ná go gcuirfeam i láimh an chonsábla thu
nuair a shroisfeam an port."
"Seadh anois," ar seisean le Prógras, "níor bh'olc an
buille fá thuairim an méid sin. Ní chaillfir do sparán
an turus so agus tabhair féin aire dho feasda." Ba
gheárr go rabhadar i Lúnduin agus thug Prógras a
bhóthar air.
CAIBIDIL A TRÍ.
PRÓGRAS I LÚNDUIN.
Ní raibh Prógras a bhfad imthighthe ó'n luing nuair do
tháinig cathúghadh air i ndiaidh Phuid Tóibín agus d'fhill sé
ar a chois. "Ní thógfair feoirling uaim i n-aghaidh na
cumaoine chuiris orm?" "Cad é an mhaitheas dómhsa
do chuid síntiúis," adeir Pud, "ní raibh an tarna
balcais agamsa riamh acht aon uair amháin, nuair
d'fhuadaig fear an bhachlúbhra uaim an chúig phúint fhichead
úd, agus ar bhiorán bhuidhe thabharfainn suas de'n dlíghe
é acht amháin ná beinn am' bodhradh féin leis."
"Cad a mheasais a dhéanamh leis na cúig phúint
fhichead, a Phuid."? Thochais Pud a cheann mór dubh.
Bhí fuadar fúm an uair úd. Cheapas go gcromfainn
ar airgead a chur le chéile. Cheannochainn beagán éisg;
bheirbheóchainn i n-íll é agus dhíolfainn 'na luach
pinginnidhe é gach tráthnóna. Bhí aidhm agam ar shiopa
bheag ar thaobh na sráide i mBóthar an tSéipéil Bháin.
Dhéanfainn airgead go tiugh as an ngnó mar tá togha
an eólais agam ar iasg is iasgaireacht agus nuair
do bheadh ceathair nó cúig de chéadtaibh púnt curtha le
chéile agam — agus creid mé gur geárr go mbeadh —
bhuailfinn anonn chum Cille hÁirne agus d'iarrfainn ar
mhnaoi óig a bhí ann an bpósfadh sí mé. Dubharthas liom
go raibh breis tabhairt suas uirthe siúd dómh-sa acht
bhí fonn orm-sa mé fhéin a dhéanadh oireamhnach di. Bhí
sé curtha rómham agam dul ar sgoil i meadhon lae
d'éis an éisg a cheannach ar mhargadh na maidhne, agus
geallaim-se dhuit go bhfoghluimeóchainn go tapaidh mar
tá na leabhair bheaga a múintídhe dhom i mBuidhe Bhéara
de ghlanmheabhair agam indiu. Ní fheaca an cailín úd
acht aon uair amháin ar thurus do thugas ó Luimneach go
Corcaigh nuair do báthadh ár long agus thánagh-sa as an
bhfhuirinn go léir saor, moladh go deo le Dia.
"Míle buidheachas le hÍosa Críost, ná'r chómhangarach
de'n bhás thu!" "Ná habair é. Bhíos leath na hoidhche sa
n-uisge, acht fá mar a dubhart ní fheacuighis riamh ó
rugadh thu cailín ba cheolmhaire 'ná í siúd. Bhí súile aici
ar dhath na sméara dúbha agus guth gáire ar nós an loin
duibh. Ar ndóich ní fheadar a mbeadh aon mheas aici ar
mo leithéid-se agus ní dócha go bpósfadh sí mé, agus
níor chóir di a dhéanadh 'ná mise ise mar a mbeadh grádh
againn dhá chéile. Á, a Ghobnait, a ingean Liam Chaoil,
mo shlán go deo leat! Molaim d'fhear pósda mar ní
deárthach go bhfuilir gan fear fós."
Tháinig creatha baill ar Phrógras acht níor thug Pud
fá ndeara é mar bhí sé ag féachaint síos ar thaoide na
Tems ag rith le fánaidh. "Tabharfad-sa dhuit na chúig
phúint fhichead," arsa Prógras. "Budh bheag an bhrígh
dhómhsa anois é," ars' an fear eile. "Bhailigh na
cailínidhe im' thimcheall i gCill Áirne nuair do thángas
saor ó'n bhfairrge agus bhíodar ag dinge bídh i mála do
fuaras uatha agus ag pulcadh éadaigh isteach i mála eile
gur chromas ar iomrasgabháil leo le n-a gcosg. Mara
mbeadh Gobnait do sgoiltfidhe orm le biadh is deoch.
Chuir sí cosg leis na fearaibh gan tafaint orm chum
ólacháin. Ní raibh éinne mar í agus bhíos ag iarraidh í
phógadh." "Ar leig sí dhuit é?" arsa Prógras. "Dhé
níor leig is ní leigfeadh, ní raibh ann acht baoth-únfairt
máirnéalaigh. Chuir sí sgearta gáire aisti agus a
gcreidfeá mé níor fhág glór an gháire sin mo cluasa
riamh ó shoin." "Ná bac léi acht tóg an t-airgead
uaim-se; ná cuimhnigh ar an gcailín úd i n-aon chor.
Chuala trácht tháirse mar bhinn ar aontaighibh Chille
hÁirne agus bean phósda is eadh anois í."
"A ndeireann tu liom é? Is dócha gur mar sin atá.
Seadh, ní theasduigheann do chuid airgid uaimse, níor
bh'aon mhaitheas dómhsa é." "Acht ná cabhróchthá liomsa,
a Phuid, chum siopa éisg de'n saghas úd a chur ar bun.
Ba mhaith liom go mór é. Roinnfimís 'n-a dhá leaith an
sochar agus tá dúil 'san airgead agamsa. Go deimhin
is amhlaidh do tugthaidhe leasainm orm — Prógras — mar
deirinn gur chóir dhom' chómharsanaibh tráchtáil is mar-
guidheacht a bheith aca agus bheith ag dul ar aghaidh sa
tsaoghal. Bhí feirm bheag saor agam fhéin agus do b'é
a mheasainn 'ná í dhíol agus ronna do cheannach as a
luach. Bhuail fear as Lúnduin cois baile liom agus
do shiubhladh sé na haibhne agus buataisí leathair go
cromán air agus bhailigheadh sé sleagáin na habhann
agus d'fhosgladh iad. Sé mo thuairm gur 'mó péarla
breágh fuair sé ionnta. Is amhlaidh a bhíodh fir
dhíomhaoine ag magadh fé acht ní chuireadh sé suim ionnta.
Dubhairt sé liom gur minic a ghnídh sé dhá chéad púnt as
ronna a dhíol is a cheannach. Nuair a chuir an méid sin
iongnadh orm dubhairt sé nár b'aon nídh é seachas mar a
ghnidheadh daoine eile agus go raibh fear annso darab
ainm Parheim 'n-a cheannuidhe ronna agus gur b'annamh
a ghabhadh seachtmhain thairis gan dhá mhíle púnt fear is
bárr a dhéanamh."
"Cuimhnigh air! Dhá mhíle púnt 'sa tseachtmhain! Ní
fholáir ná gur suairc sásta an fear é Parheim."
"Ní fhuil aon fhormad agamsa le n-a leithéid," arsa
Pud. "Seacht mbliadhna ó shoin dá mbeadh trí chéad
agam chuirfinn fúm cois Chille hÁirne agus bheadh feirm
bheag agam." "Nach breaghdha an áit í seo 'ná aon bhall
thall," arsa Prógras. "Uch! slán mo chómhartha, a
dhuine! Cár ghabh do mheabhair? Ná beadh aer glan
folláin agam seachas an múrabhán so, ná beadh mo chuid
ime is bainne féin agam, ná beadh mo chaora nó dhó
agam agus a lomra le n-a shníomh ag banfhóirseach: ná
cuirfinn an dlúith is an t-inneach chum an fhighdeora agus
ná beadh mo bhréidín féin le n-a chur umam agam. Ní
bheadh aon bheann agam ar Pharheim is a mhílte annsoin
mar ní bhfuil nídh le cur i gcomórtas le paisde beag
gleóidhte talmhan." "Agus má tá an dúil sin agat
ann ná tabharfá congnamh dhómhsa chum beagáinín airgid
a dhéanamh. Is eól dom feirm bheag dheas a d'oirfeadh
dhuitse agus do b'fhurusda dhuit í ceannach." "Acht a
dhuine mo chroidhe," adeir Pud, "cad é an mhaitheas,
anois é ná deirir liom go bhfuil sí siúd pósda."
Ar ghrádh Dé," adeir an fear eile, "ná trácht tháirse
siúd a thuilleadh; acht a bhféadfainn áiteamh ort siopa
éisg a chur ar bun?"
Bhuail Pud a smeigín ar a bhais ar feadh tamaill.
"Seadh," ar seisean, "tiomáin leat, mar sin,
ceannuighse an t-iasg fuar agus díol cíos an tíghe
agus déanfadsa an chuid eile. Ní bheidh uaimse acht
greim bídh is gal tobac is balcais éadaigh go ceann
bliadhna agus má eirgheann linn agus má bhéas tusa
tuirseach díomsa ar feadh na haimsire sin beidh cead
mo chos agamsa is beidh long sa chuan is na tonntacha
glasa lasmuich. Siubhlaig ort, a mhic ó, agus go
n-éirghidh linn."
CAIBIDIL A CEATHAIR.
SIOPA AN ÉISG.
Chaith an bheirt seo dhá mhí i mBótar an tSéipéil Bháin,
agus bhí Pud chómh gasda is chómh meidhreach soin, chómh
glan is chómh aicillidhe sin 'n-a chuid gnótha go mbíodh na
mná is na leanbhaidhe ag pulcadh isteach ó mheádhon lae
go dubh ag iarraidh éisg bheirbhthe is prátaidhe sgólta
rósda. Bhí an t-airgead geal dhá chartadh isteach chum
Prógras agus bhí áthas an domhain air.
Bhuail sé siar lá áirighthe fá dhéin sráide big' chúmhang
darab ainm Trogmortan agus chonnaic sé fir óga agus
iad ceannlomnochta ag rith ó oifig go hoifig agus fir
eile ag gabháil annso is annsúd agus deabhadh is deith-
neas ortha. Bhí dóirse árda buidhe ann is a leath
uachtair 'na ghloine agus iad dhá ndúnadh is dhá n-osgailt
go hobann, dreamanna fear 'na seasamh annso is ann-
súd, caraladhnaidhe ortha is cruth mhaith shleamhain ortha is
cogarnach eatortha. Fear tuaithe do b'eadh Prógras
agus níor thuig sé i n-aon chor brígh an ghnótha so 'ná cad
ba bhun leis. Fear géarchúiseach do b'eadh é ámh agus
d'fhair sé a raibh dhá dhéanamh go ceann tamaill agus
chualaidh sé iad ag cur "Cot Ord" thré n-a chéile.
"Ní fheadar," adeir sé leis féin, "gad é an saghas ruda
an "cat árd" so go bhfuil siad ag trácht thairis?"
Le n-a linn sin cia chasfadh air acht an fear úd do
bhíodh ag treabhadh thríd an gCaol Dubh thall i gCiarraighe
ar lorg péarlaidhe i sliogánaibh. Bhí taoibhíní ar a
bhrógaibh agus gidh go bhfeicfeá an dlúth thré n-a chasóig,
mar sin féin bhí a chuid éadaigh glan, sguabtha; bhí sé
beártha agus bónna glan air. "Chailleas a lán airgid,"
ar seisean, "ní fhuil sa ghnó soin rómhat acht fá mar a
bheithfeá ag imirt chártaidhe, an sonas ar bheirt des na
cearrbhaigh agus an donas ar an gcuid eile. Má tá
ciall agat ná bain leis an ngnó, má's leat ceathair
nó cúig de chéadaibh púnt fá mar deirir, buail isteach
go dtí oifig Pharheim agus leig amach é ar bhreis díol.
Tá cuid dá chléirigh ag rith anonn 's anall annsoin
ceann lomnochtha agus tá fhios agamsa cad tá uatha.
Tá seacht míle Cots Ord, sé sin ronna coitcheannaghnó an
chotúin dhá gcur ar an margadh indiu agus táthar dhá
bhfaire. Táid siad ar seacht bpúint déag an ceann
cheana féin agus súil go n-éireóchaid. Dá mbeadh míle
púnt agat le caitheamh ortha agus go n-éireóchaidís i
mbáireach, b'fhéidir go ndeanfá míle eile asta acht
b'fheidir go mb'amhlaidh go gcaillfeá do mhíle púnt
dá mbeadh tuitim ortha. Cloisim go bhfuil Paton thall
i nAmericá dá dtiomáint i n-áirde agus na fir
shleamhna soin ar an tsráid rómhat ag iarraidh a luach
a laighdiughadh. Ná bíodh aon bhaint agat leó. Iarr
ar chléireach éigin le Parheim stoic a cheannach ar an
margadh dhuit ar an méid airgid atá agat, "Seapánaigh"
nó "Ráil" nó "Úruga" nó ronna éigin mar sin.
Tabharfaidh sin chúig phúint sa chéad isteach chúgat
b'fhéidir, agus éirigh abhaile."
"
Budh mhaith liom Parheim féin a fheicsint," arsa
Prógras. "Och, níor chás duit," ars' an fear eile, "tá
dá'r 'éag cléireach 'na thimcheall faid atá a chluas
leis an ngléas-ghuth; bíodh ciall agat," agus ghluais an
tAlbanach macánta úd leis.
"Féach anois," adeir Prógras leis féin, "cuireadh
ar an margadh i dtosach ronna Cot Ord ar a deich bpúint
an ceann agus is fiú gach roinn aca seacht bpúint déag
fá láthair! Dá mbeinnse annso agus dá gceannóchainn
an uair sin iad lem' chúig chéad púnt bheadh ocht gcéad
go leith agam indiu! Ná'r bh'é sin an chuma chum airgid
a dhéanamh seachas bheith am' mharbhadh féin le feirmeóir-
eacht." Chogair fear tanuidhe mílítheach le fear reamhar
beathuighthe, "thuit Cot Ord puinte, tá billeóg agam
annso ó chléireach Pharheim." "Níor bh'iongnadh liom,"
ars' an fear reamhar, "go bhfuil ladhar ag Parheim
féin 'sa ghnó."
Ba gheárr gur dhruid mathshluagh fear agus faobhar
ortha isteach go seomra leathan árd laistiar d'oifig
Pharheim. Tháinig fear beag liath amach ar lochtín cois
an fhalla agus chuir sé goic air féin. Bhí guth aige ar
nós meabhlaigh pisgín cait. "Tá beagán de Cots Ord
dhá ndíol ar cheaint agam," ar seisean, "an mór atá
ortha?" "Seacht bpúint déag," arsa fear, agus níor
labhradh a thuilleadh acht amháin fear an ghutha chaoil.
"Ocht déag, naoi déag, fiche." Chorruig fabhra fir.
"An mó ceann? an díol nó ceannach é?" arsa duine
des na cléireachaibh ceann-lomnochta ag síneadh giota
páipéir chum an fhir. Labhair an guth caol arís: "seach-
naidhidh, ní fhuil aon ionntaoibh ag Parheim as an ngnó
acht táthar dhá gceannach i Libherpúl agus i bPáirí, agus
táthar dhá dtarraing siar i Nua Eabhrach: "haon is
fiche," "trí is fiche," "cúig is fiche." Bhí na fir ag
brughadh isteach ar a chéile fá'n am so agus gal asda.
Bhíodar ag árdúghadh a lámha anois 'na dtriúr is na
gceathrar agus na cléirigh ceann-lomnochttha go gnóthach.
Bhí Prógras ar baille-chrith le himshniomh ag féachaint
ortha. Cuir sé a lámh i n-áirde chómh maith leo. "Díol
no ceannach?" ars' an cléireach. "Ceannach gan
amhras," agus shín sé bille bainc chúig chéad púnt chum
an chléirigh, fuair sé a admháil agus ghread sé leis
amach mar bhí a chroidhe na bhéal aige nuair a chualaidh
sé an guth caol ag glanadh leis — "deich bpúint fhichead,
chúig phúint déag ar fhichid." Níor chodail sé néal an
oidhche sin acht ag feitheamh leis an maidin agus ag
machtnamh an mór do bheadh aige as an ngnó nuair do
dhíolfadh sé a chuid ronna la'r 'na mháireach. Ní túisge
fuair sé páipéar na maidhne 'ná go bhfeacaidh sé gur
eirigh na Cots Ord go dtí dá fhichead púnt an ceann
agus gur thuiteadar arís roimh a sé a chlog go deich
bpúint an ceann. Dubhairt an páipéar gur bhuail cuid
des na hiarrathóiríbh a chéile agus gur thóg na con-
sáblaithe cuid aca mar gheall air. Dubhairt páipéir eile
nach raibh sa ghnó acht cleasuidheacht cearrbhach agus gur
chóir an dlighe a chur ortha.
"Mo chreach theinn dhóighte!" adeir Prógras bocht,
"chailleas trí chéad púnt agus cúig nó sé phúntaibh
cosdais 'na theannta soin agus má's féidir liom na
ronna so atá agam do dhíol ar bheagán éigin ní bhead
sgriosta ar fad. Nách truagh ná'r thógas cómhairle
Albannaigh na sleagán."
Bhuail sé amach annsoin ceann ar aghaidh agus shroich
sé oifig Pharheim. Bhí gach cléireach annsúd go ciúin
is go socair a mbun a leabhar ag áireamh is ag sgríobh-
nóireacht. Do sheasaimh Prógras cois na contabhairte
ar feadh tamaill agus é thré n-a chéile acht níor chuir
éinne suim ann. Tháinig fir eile isteach agus sheasadar
leis agus ba gheárr gur ghabh cléireach séimh liath fá na
ndéin. "An dóich leat," arsa duine, "an féidir Cot
Ord a dhíol ar deich bpúint indiu?" "Tógfad d'ainm
im' leabhar," ars' an cléireach, "acht ní bheidh aon ghlaodhach
ortha, ceapaim. Sé mheasann Parheim go bhfuiltear
bréan díobh."
"Tá fiche ceann aca agamsa," ar Prógras, "agus
dhíolfainn ar chúig phúint an ceann iad." "Is docha é,"
ars' an cléireach go réidh, "cuirfead do thairsgint am'
leabhar." "Sin a mbeidh dhá bhárr agat," arsa fear
géar buidhe leis; "a dhuine chóir, ní fiú coróinn an ceann
indiu iad." Chuir Prógras cnead as. "Is olc an
sgéal é," ar seisean leis féin, "acht ní fhuilim buailte
fós." Chuimhnigh sé ar an bhfeirm dheas ba leis 'sa
bhaile agus dubhairt leis féin go bhfuigheadh sé bille
urrúdhais uirthe go ceann ráithe. Labhair sé leis an
gcléireach séimh liath agus theasbáin dó léas na feirme
fá láimh an dlíghtheóra Macára. "A gharsúin," ars' an
cléireach, "sín i leith chugam liostleabhar an chúmhdaigh
dheirg sin ar an gclabhra," agus shiubhal sé a mhéara
caola síos is suas thar ainmneacha na ndlightheóiridhe i
lár an leabhair. "Tá leithéid Mhacára i gCill Áirne.
Seadh beidh tuairisg againn uaidh i n-am tráth. An mór
a bheadh uait ar urrúdhas na feirme sin?" "Trí céad
slán," arsa Prógras. Chuir an cléireach an sgéal
teinntrighe ar siubhal — "an fiú céad go leith an
Chúil bhán agus a bhfuil ar an dtalamh?" agus tháinig
freagra i gcionn leath uaire ó'n ndlightheóir Macára
gur bh'fhiú an méid sin agus tuille an fheirm.
Chómhairimh an cléireach céad go leith amach chum Prógras
agus chuir sé fá ghlas an admháil agus léas na talmhan
i ndaibhche iarrainn, nó gnáthóg. "An bodach," adubhairt
Prógras leis féin, "is fiú trí chéad an Chúil bhán, acht
leis an méid seo féin ní foláir 'ná go mbuadhfad
níos mó 'ná sgiob na Cot Ord uaim — an bholgach ortha."
CAIBIDIL A CÚIG.
TRÉIMHSE PHRÓGRAS.
Ní túisge fuair Prógras a chéad go leith 'ná gur
imthig an duairceas dhe. "Is sean-fhocal é," adeir sé
leis féin, "go dtigeann an ghrian i ndiaidh na
fearthainne." Bhuail sé a sparán go cúramach 'na
phóca agus lean sé air ó dheas feadh na sráide go
Droichead Lúnduin, agus d'fhair sé na daoine 'na
sluaightibh ag gabháil thairis. Thug sé fá ndeara sgata
aca ag cur na súl thré shamhail éigin ar an tsráid, agus
d'fhéach sé féin thar ghuailnibh chuid des na fearaibh beaga
úd agus ní raibh le feicsint acht capall ualaigh do
shleamhnuigh agus do thuit. "Druididh libh," arsa
consábla mór, "an bhfeacabhair riamh capall is ualach."
"Táid siad chómh tugtha annso chum baoth-iongantais is
tá mo shean-chómharsain féin sa bhaile," adeir Prógras
leis féin, agus ar sroichse a thíghe dhó bhí Pud go
saotharach ag glanadh éisg. "A Phrógras," adeir sé,"
taoi ag iotamáil rómhath fá mar a bheitheá ag taidh-
bhreamh, tá trí mhadra glas 'san iasg so a cheannuighis
indé, agus dhearmhaidis fear a' chíosa dhíol leis; bí an
glámhálaidhe sin annso dhá uair indiu ag bagairt ormsa
agus ba bheag nár radas an cot sgine seo leis."
Baineadh geit as Phrógras, thug sé preab, tháinig dath
odhar liath air, tháinig sgéan 'na dhá shúil agus thuit an
fuar-allus 'n-a shlaodaibh leis. "Ar ghrádh Dé," arsa
Pud, "ná tóg orm é, táim mar mhagadh, ní fhuilimse ag
cur milleáin ort, a bhfad uaim é." "A Dhia Mhóir!"
arsa Prógras, "táim am' mhúchadh, tá an mí-ádh am'
leanamhaint agus anam an fhir úd orm; goideadh mo
sparán uaim ar lár an lae bhuidhe ghréinigh, agus táim
creachda glan anois nó riamh!" "Dhé ciach air mar
sparán," arsa Pud, "má tá sé imthighthe cad é an
mhaitheas bheith ag buaidhreadh 'na dhiaidh. Tá dhá phúnt
agamsa agus tá iasg an tráthnóna againn; cuir uait an
phlubuigheal." Ba bheag an mhaitheas dó ámh bheith le
Prógras, bhí seisean ag bualadh bas.
"Éist, adeirim, beimíd i mbéal an phobail, tá gar-
súin ag bailiuradh timcheall an doruis." Fá dheire
mheall sé Prógras siar 'sa chistin mar a raibh dhá shuidhea-
cháin chum codlata aca istoidhche. "Sín siar dhuit féin
agus ná cloisim gíog asat," agus do dhún Pud dorus
na cistean, agus chrom ar iasg a ghearradh agus a
bheirbhiughadh go tiugh. Bhí an íll ar fiuchaidh 'san umar
agus ag preabarnaigh timcheall an éisg agus ba ghearr
gur tháinig duine is duine eile isteach ag iarraidh luach
pinginne. "Fanaidh nóimitín, bhí an teine beagán
mall an tráthnóna so," adubhairt Pud, agus bhí focailín
suilt aige des gach duine a tháinig isteach, óg nó
críonna. I lár an ghnótha cia phreabfadh isteach ortha
act fear an chíosa. "Ná riar a thuilleadh éisg, is liom-
sa é," adeir sé go hobann, do ghuth árd. "Dún do
chlab," arsa Pud. "An mór atá agat ar fhear an
tighe seo?" "Cíos seachtmhaine — deich fichead — agus
bhíos dhá éileamh annso trí huaire cheana." "Seo dhuit
an cíos go hiomshlán a ulfuighis agus bí amuich go
déaghair." "A chomharsana," arsa Pud, "budh mhaith
leis an mbioránach soin náire shaoghalta thabhairt dómh-
sa. Tá máighistir an tighe seo gnóthach an aimsir seo,
agus níor chuir sé suim i rud beag mar chíos seacht-
mhaine, agus féach gur gairid an cáirde a thabharfadh an
bréanán úd dúinn dhá mbeimís fá fhiachaibh aige." "Is
fíor soin, a fhir ghalánta," arsa sean-bhean, agus arsa
ceann eile, "ba mhaith liom práta fuar-bheirbhthe chaith-
eamh leis." "Ná bain leis; chuirfeadh an spreallairín
úd an dlighe ort go tapaidh," adeir Pud, agus riar sé
an t-iasg is na prátaidhe rósta 'na dtómhasaibh flúir-
seacha ortha go léir diaidh ar ndiaidh.
Níor eirig riamh roimhe sin le Pud mar eirig an
tráthnóna soin leis, mar pé duine thagadh isteach
chloiseadh sé duine éigin ag cur spriúnlaitheacht fhir an
chíosa tré n-a chéile agus cionnus mar ar chuir Pud an
rith air d'éis a dhíolta.
"Ní baoghal dúinn, a Phrógras, ná bíodh eagla ort,"
adubhairt Pud d'éis dúnta dhó an oidhche sin, "tá an
cíos trom go leor, acht mar sin féin díolfaidh an
t-iasg é agus beimíd go sóghach."
Ba dheacair aon mhisneach a chur ar Phrógras mar bhí
sé nách beag as a mheabhair le buaidhirt aigne, agus do
b'éigean do Phud bheith ag airneán leis go ceann
seachtmhaine gidh go mbíodh sé féin go moch deireannach
ag ceannach éisg ar mhargadh na maidne agus dhá ghlanadh
is dhá bheirbhiughadh ar feadh an lae. Dhá aindeóin sin
bhíodh sé go geal-gháiriteach leis gach duine a thagadh
isteach 'na shiopa bheag. "Mara mbeadh an galar
dóigheach soin ortsa," adeir sé le Prógras i gcionn
ráithe 'na dhiaidh súd, "bheimís go suairc. Ní fheadar
do'n tsaoghal cad tá ag gabháil duit. Tá biadh is
annlan againn go raidhseamhail, moladh le Dia, glaodhach
maith ar an iasg is ar na prátaidhe rósta, an deich
fichead cíosa díolta gach seachtmhain leis an alfraits
úd agus 'na theannta soin cé gur bh'ar éigin do
chreidfeá é tá deich bpúint sochair curtha le chéile agam
dhuitse, agus tá trí is raol agam fhéin i gcómhair an
tobac."
"Dá olcas mé," arsa Prógras, "ní beag liom bheith
mar ualach ortsa agus gan feóirling dhe sin a ghlacadh
uait." "Agus nách leat féin é? Nach thusa chuir gnó
an tighe ar siubhal?" "'Sé an gnó is sonaighe ghnidheas
riamh é, acht ní liom aon phinginn amháin a thuillis-se.
Níor thuilleas-sa pinginn le ráithe fóiríor. Gheobhainn
bás leis an ocras mara mbeadh thusa, a Phud a chroidhe,
acht raghad ar lorg oibre éigin le déanamh feasda,
le congnamh Dé."
"Mhaise cad é sin agat dhá rádh, ambás, ní sgar-
famuis ó n-a chéile, sé sin mara bhfuil fonn ort fill-
eadh abhaile chum do mhná mar ba chóir dhuit." "Cionnus
a dhéanfainn é agus coir mo chrochda déanta agam.
Bhíos ag cuimhneamh, a Phud a ghrádh, go mb'éidir go
raghfá-sa anonn féachaint cionnus mar atá an sgéal."
"Ar son Dé ná hiarr orm a leithéid, a Phrógras; ní
fhéadfainn é. Nuair a thuigeas gur bh'í Gobnait atá
pósda leat, bhí a leithéid sin de bhuile orm gur mhaith
liom nimh a thabhairt duit — Dia idir sinn is an tubaiste
— agus ceapaim go dtabharfainn leis muna mbeadh go
rabhais chómh donaidhe an tseachtmhain úd, acht táim
sásta le toil Dé."
"Seadh, sgaoilimís tharainn é mar ghnó, raghadsa ar
lorg oibre agus bead ar lóisdín agatsa agus ní fios
'ná go dtabharfamuis congnamh dhá chéile."
Bheartuig Prógras é féin go moch ar maidin agus
bhuail sé amach ar lorg oibre agus lean sé air go
ceann coicthighis acht níor chas aon obair 'na threó. Ní
bhíodh aon easba bídh air, agus gidh gur beag an tigh
a bhí aca araon bhí an glanachar ann, mar bhí Pud go
gasda chum bídh d'ullamhúghadh agus chómh haicillidhe
chum léinteacha is éadhaighe do níghe le bean nígheacháin.
Bhíodh iongnadh is uathbhás ar Phrógras nuair a chíodh
sé an mathshluagh fear a bhíodh ar lorg oibre ar na
calaidhthibh ó dhubh go dubh agus gan obair le fagháil ag
a dtrian. "Féach," ar seisean le Pud, "tháinig an
Turacína isteach i lámhchaladh Bhictóire ó Thalamh
an Óir aréir agus bhí deabhadh le n-a folamhughadh.
Theastuigh trí chéad fear ó fhear folamhuighthe na luinge,
agus bhrúcht na fir ós gach áird 'na scuainíbh is 'na
scataíbh, trí mhíle fear aca an chuid is lúgha dhe, agus
bhíodar ag brúghadh isteach ar an bhfear folamhuighthe i
n-aindeóin na gconsáblaithe, agus gach mac máthar aca
agus a lámh i n-áirde aige ag liúghraigh "Mise atá
uait," "Mise atá uait," agus eisean ag druidim i
ndiaidh a chúil uatha gur thuit sé féin agus deichneabhar
eile de chiúmhais an phuirt isteach sa taoide, agus ní
fhacuighis riamh aon iongnadh ná'r bádhadh gach aitid aca.
Cuirfear cosg, ámh, le n-a leithéid de bhrúghadh isteach
feasda, mar ní leigfear daoine acht 'na gceann is 'na
gceann dul isteach ar an bplásán mar a mbíonn an
long ceangailte. Agus tá ceann des na plásánaibh
úd lag agus cuid des na biomaíbh lobhtha fé, leis na
míola críonna, agus beidh obair agam-sa dhá dheis-
iúghadh go ceann tamaill mhaith, mar deir na consáb-
laithe gur mhaith é mo chongnamh chum na bhfear d'fhuas-
gailt as ghuais a mbáidhte aréir. Agus ar ndóich níor
ghnídheas puinn acht téad a chaitheamh 'na measg agus a
ceann a cheangal ar bhocán doruis, agus mé féin d'ís-
liúghadh síos mar a rabhadar ag únfairt 'san uisce
agus breith ar chéascinn ar dhuine aca, agus do thár-
luigh gur bh'é seo an fear folamhuighthe. Is dóich liom
gur chaitheas an téad chum beirte eile chómh maith. Deir
siad go bhfuilid fá chumaoine agam agus go deimhin
budh dhóich leat gur gaisge thar bhárr é bhí a leithéid sin
d'fhothram 'na thaobh aca go léir."
"Mo chéad greidhn thú, a Phrógras. Is maith mar a
thuit amach, níor thugais náire d'ár mbaile dúthchais.
Beidh obair do dhóthain agat as so amach agus taoi
deaslámhach leis an bplána is leis an dtráchar agus
oirfidh an obair sin dhuit."
Luidh Prógras isteach chum na hoibre agus ba mhaith
chuige é mar ba fhear slachtmhar riamh é. Bhí a mhisneach
ag teacht chuige mar bhí súil aige gur gheárr go mbeadh
beagán airgid curtha i leath-taoibh aige. Chuireadh sé fé
i dteannta Phud agus ghabhadh Pud síos chum an chaladh-
phuirt uair nó dó sa tseachtmhain nuair a bhíodh uain
aige, agus is annamh a bhíodh. Bhí cion fíor ag an
mbeirt ar a chéile agus do b'fhada leo an lá go
mbeidís fá aon chleith amháin ag seanchuidheacht le chéile
tamall maith de'n oidhche.
"Ní maith liom obair an Domhnaigh," arsa Prógras
lá, "acht caithfear soc an phlásáin a bheith críochnuighthe
i meádhon lae i mbáireach ar chasadh taoide, agus caith-
fear na biomaidhe seasaimh a ghearradh mar táid siad
dreóighte."
"Gheóbhad anonn chugaibh," adeir Pud, agus do ghabh,
acht ar shroichsint an chaladh dhó bhí cúigear no seisear
fear ar cheann an phlásáin, agus ní leigfeadh consábla
dhóibh dul níosa shia. "Cad tá ort, a dhuine?" arsa
Pud leis. "Tá triúr fear i gcúmhangarach," ars an
consábla, acht sul a raibh focal eile as a bhéal chaith
Pud i leathtaoibh é, agus sgeinn sé thairis. Bhí móir-
sheisear fear agus téad casta ar bhioma aca ag iarraidh
é árdughadh, agus triúr fear eile ar phleasg a ndroma
shíos agus ceann an bhioma trasna na n-ucht ortha.
Ba bheag nár léim an dá shúil as Phud nuair do chonnaic
sé aghaidh Phrógras agus an bhioma anuas air. Chrom
sé ar an dtéid a tharraing i n-éinfheacht leis an gcuid eile
agus dá stollfadh sé an croidhe as féin le racht tarrang
ní dhruidfeadh an bhioma leath-órdlach.
"Tá an taoide ag teacht," arsa fear, "báidhfear iad
láithreach!"
"Tabhair dhom ceann na téide sin, agus sgaoil síos
mé," arsa Pud. "Ná bain leis," arsa ceathrar, "tá
trí bhioma leath-ghearrtha agus ní túisge shataileófá ar
cheann aca ná go mbrisfeadh sé agus raidfidhe ar bhior
do chinn síos imeasg an trír fear thu agus an bhioma
anuas ort: ní beag linn triúr i gcruadhchás." Acht
níor chualaidh Pud iad. Rug sé ar shluasaid agus ar
thriosg, chuir sé lúb ar théadán agus chas sé an téad
'na rollaibh ar a chorp. "Beiridh ar cheann na téide sin,"
ar seisean, agus fá cheann nóimit bhí an máirnéalach ag
casadh sa n-aer ar nós cait. Síos leis thríd an bpoll
a bhí 'san phlásáin gur bhuail sé an pluda mar a raibh an
triúr fear sínte. Chrom sé ar shluaisdeail gur árduigh
sé claidhe ciorcailleach i gcoinnibh na taoide bhí ag súgha
isteach fá's na fearaibh bochta agus chrom sé ar an mbioma
a ghearradh agus fuinneamh gaisgidhigh fé. Chonnaic sé
trí cinn de fhranncachaibh móra dubha agus féasóg liath
ortha ag dranntán i ngearracht troigh d'aghaidh Phrógras
ar tí dul i n-achrann ann. "Hú! hís!" arsa Pud,
dhá ndíbirt. Luaisg agus ghíosg na biomaidhe ós a chionn
nuair do bhuail an taoide bun an phlásáin agus chroth
é. "Tar aníos go deághair nó báidhfear thu," arsa fear
ar cheann na téide, acht lean Pud air, agus an t-allus
ar sile leis. Bhris an taoide isteach thar an gclaidhe
pludaigh agus bhí na fir bhochta sínte fá'n mbioma, go
cluasaibh 'san uisce agus gan ionnta a smeigínidhe
d'árdughadh uaidh. "Cuir uait, cuir uait, ní fhuil aon
mhaitheas duit ann," ars an fear thuas ar ceann na
téide, acht is amhlaidh a tháinig fuinneamh miorbhuilteach
i ngéagaibh tréana Phuid, agus fá dheire ghnídh dhá leath
dhe'n bhioma ar uchtaibh na bhfear. Rop sé an téad fútha
agus chuir glas-shnaidhm uirthe. "Árduighidh libh," ar
seisean de liúgh, agus árduigheadh gan mhoill an triúr
agus Pud 'na dteannta. Tógadh chum an ósbuidéil iad
láithreach. Bhí duine aca thar fóirithin agus ceann eile
aca leath-mhúchta, acht bhí Prógras i n-ann labhairt go
fann. "Mo bhean agus an sagart," ar seisean."
Gheobhair an bheirt, bíodh misneach ort," arsa Pud de
chogar. Tháinig an sagart gan mhoill agus faid atá
Gobnait ag cur an bhóthair di is cóir dhúinn aithne chur
uirthe.
CAIBIDIL A SÉ.
GOBNAIT.
Thug Liam Caol abhaile leis an díleachtaidhe d'fhág a
dheirbhshiúr 'na diaidh nuair do sgiob an t-éagcruas í féin
's a fear leis.
Bí sé go maith le Gobnait óg. Chuir sé chúig chéad
phúnt sa bhanc 'na cómhair agus cé go raibh easba airgid
air go minic 'na dhiaidh súd, mar sin féin níor bhain sé
riamh púnt as spré Ghobnait.
Ceannuidhe stáin is iarrainn do b'eadh é féin, fear
ceandána tuathalach borb, acht fear macánta freisin
do réir mar a thuig sé an mhacántacht, agus nuair a chuir
an Maghnar cosg leis gabháil thré chosán cómhangair i
gcoill Mhucrois chuir sé dorn i mbéal an Mhaghnair sin
agus bhíodar araon i ndlighe le chéile ar feadh deich
mbliadhan. Ba bheag nár chreach an gnó Liam Caol,
agus níor bh'fheáirrde an fear eile é acht chómh beag.
Toisg ná' raibh sé féin pósda ba gheall le hingin dó
Gobnait agus bhronn sé cion a chroidhe dhi. Ba bhinn leis
a guth agus bhíodh atal air nuair a ghlaodhadh sí "daidí"
air. Ba ghnáthach leis a cuid leabhar a theasbánadh do
chách agus mhaoidheadh sé go ndeireadh na mná riaghalta
ná raibh leithéid Ghobnait riamh fá na gcúram.
Bhí sise tugtha chum léighinn i gcomhnuidhe agus nuair do
bhí sí óg do thárluigh gur tháinig an t-aon dearbhráthair
amháin a bhí ag Liam Caol abhaile ó'n Silí i nAimerica
theas. Dochtúir do b'eadh an dearbhráthair úd i dtosach a
saoghail, acht ghlac sé leis an Órd Beannuighthe agus
déineadh sagart de.
""Tá dhá athair agam anois," adubhairt Gobnait óg —
"an tAthair Diarmaid agus daidí" — agus nach gonta
an chainnt í sin," adeireadh Liam Caol agus teinneas
cliathán air le gáiridhe, dhá innsint.
Tubaiste do thuit ar an Athair Diarmaid fá ndeara
dhó cur fé i dteannta a dhearbhráthar agus gan sgara-
maint leis go ló a bháis. Thárluigh go raibh eirghe amach
sa tír thall thar lear agus bhris dream méirleach isteach
i dteampall an Athar Diarmaid. Ins an ngrásgar
d'eirigh as súd bhuail cuirptheach aca buille chlaidhimh
trasna an dá ghlún ar an tsagart agus chaill sé luadháil
a dhá lurgan agus bhí dhá chois bhata aige 'na dhiaidh sin.
Fuair sé beagáinín mar chúiteamh ó riaghaltas na háite
úd mar ba shagart is dochtúir é agus ba thruagh leis na
daoinibh a thionóisg. Fear léigheanta do b'eadh é agus
cé ná' raibh puinn sa tsaoghal aige níor sgar sé le n-a
chuid leabhar agus ba luachmhar iad cuid aca idir leabhair
dhiadhachta is leabhair leighis. Bhí súile Ghobnait ar leathadh
uirthe nuair a chonnaic sí iad.
Ba mhór leis an sagart a ghar-inghean agus chrom sé ar
a múineadh. Ba ghearr go raibh torradh as a chuid saothair
agus do ghealadh a chroidhe nuair a bhíodh diospóireacht
aici leis ar dhiadhachta Lapide is Lemcuhl.
"Creidim d'eisi sin," adeireadh Liam Caol, "go
bhfuil maith éigin i bhfoghluim; ní fholáir ná go múineann
sí foidhne dho dhuine. Chailleas-sa na céadta leis an
mbitheamhnach soin an Maghnar, agus bíonn sé ag dul
thríom; acht féach, chaill Diarmaid luadháil a chos agus is
amhlaidh is cúis mhagaidh leis é mar deir sé go bhfuil sé
ar a ghlúnaibh ar adhmad ó mhaidin go hoidhche, agus gur
chóir go mbeadh a dhóithin paidreacha ráidhte aige! Ar
a shon soin is eile is uathbhásach an tubaiste na cosa
chailleamhaint agus dá bhfeicfeá Diarmaid lá ba bhreagh
í a léim ruthaigh. Ní fhaca féin a shárúghadh ins na ballaibh
seo acht an fear óg soin Eoghan Paor do thagann ag
iasgaireacht gach bliadhain ar na haibhnibh."
"Abair é," arsa fear a bhí ag ceannach speile 'sa
tsiopa. "Dála Eoghain Paor, chonnac é ag caitheamh na
léime is mó chonnac riamh as cosa daonnaidhe tráthnóna
indé. Bhí sé ag iasgach na linne ghuairneáin sin dia
shios de dhroichead na Fleasga agus chaith sé an ruainne
trasna na linne acht pé tuaiplis d'imthigh air nó b'éidir
gur bha leóithne gaoithe fá ndeara é, chas an dubhán 'san
aer agus greamuigheadh é i mbrat cailín óig ar muin
capaill ag gabháil anall an droichead; thóg an capall
ceann acht má thóg féin bhí an duin' uasal chomh mear léi,
chuaidh sé de léim as an bpáirc amach thar an ndíog mhór
is an falla cloiche i mbéalbhach an chapaill. Leath mo
shúile orm; níor cheapas go raibh an fear soin ar druim
domhain a dhéanfadh é. Ba mhaith an mhaise dhe'n mharcach
leis é, níor corruigheadh as an iallait í."
"Mo mhíle greidhn a chroidhe," arsa Liam Caol, "acht
cia'r bh'í an bhean óg? Níor airigheas giog 'n-a taoibh."
"Bhí Gobnait sa chistin agus cluas le héisteacht uirthe.
Mise bhí ann, a dhaidí," ar sise, "acht ní raibh caoi agam
le n-a dh'innsint duit."
"Agus gad é an saghas tuathalaidhe i n-aon chor é?"
arsa Liam Caol. "Cad do bhéarfadh dhó dubhán iasgaigh
a chaitheamh 'san aer ar an gcuma soin? Ní fholáir' ná
go gcaochfaidh tuathalán mar é sin duine éigin. Nach
shin é mar a chaithid na buachaillidhe an bólas ar na
machairíbh i nAimericá. A bhfeacaidh éinne riamh a leithéid
sin do bhreallántacht!"
"Ní fheadarsa soin," ars' an feirmeoir, "acht tá léim
con aige go háirithe. Ní fhacasa a shárúghadh ó imthigh
an Balcaire mór."
Pé doicheall is mí-shástacht a tháinig ar Liam Caol ar
chlos an sgéil seo dhó ní raibh pioc aithreachais ar Ghobnait
bualadh le hEoghan Paor ar an gcuma neamh-ghnáthach úd
mar d'fhéach sise ó mhuin a capaill isteach 'na shúilibh-sean,
is d'fhéach seisean suas 'na súilibh sin agus bhí sise go
mánla is eisean go béasach ag gabháil a leathsgéil
féin is ag iarraidh maitheamhnais uirthe agus má chonnac-
adar aon tsolus i súilibh a chéile ar ndóich chonnaic ár
n-athair sinnsir Ádhamh an rud céadna i súilibh Aoife
fadó i ngáirdín pharrathais.
Tá dhá shaghas gráidh ann, grádh na colna is grádh na
méinne; grádh an bheithidhigh is eadh ceann aca is grádh ain-
gealach an grádh eile. Goileann na haingil nuair a chíd
an chéad saghas grádha soin, gáirid nuair a chíd an tarna
ceann. Ní beag soin.
Ní fheadar a dteasduigheadh slata iasgaigh is dubháin
is tairngidhe is sgeana póca is rudaidhe dhe'n tsaghas
soin ó Eoghan Paor, acht bhuaileadh sé isteach go siopa
Liam Caoil dhá n-iarraidh uair nó dhó sa tseachtmhain
agus thárluigheadh go mbíodh Gobnait 'sa tsiopa gach aon
uair chum a ndíol leis. Nuair a bhíodh an iomarca aca
aige bhronnadh sé ar bhuachaillíbh an bhaile iad agus
cheannuigheadh a thuilleadh aca.
Dubharthas go raibh a dhóithin airgid aige agus beart
mhaith fá'n riaghaltas acht ní chloistidhe dhá mhaoidheamh é.
Bhí leanbhaidhe na sráide go mór leis agus bacaigh ag
guidhe leis. Níor bh'aon bhuaileam sgiath é acht fear óg
ciúin béasach deaghlabhartha. Nuair d'imthigh sé i bhfeidhil
a ghnótha bhí gach duine beannachtach leis agus buidheach
de, acht bhí éinne amháin, sé sin, Liam Caol, gur bh'é
a ghuidhe ná fillfeadh Eoghan Paor ar n-ais arís go
bráthach.
Bhíodh iongnadh croidhe ar Ghobnait cionnus nár thaithnigh
sé le n-a daidí mar ní fhacaidh sí féin riamh aon duine
eile mar an bhfear óg úd. Sul ar imthigh sé abhaile fuair
sé faill ar labhairt léi.
Má chuireann beirt dhaoine óga rómpa labhairt le
chéile tá sé fuar ag éinne teacht dia shiar díobh. Ní chuir-
fidh glas ná cuimhreach cosg leo, agus dá réir sin d'fhág
an bheirt úd slán 'gá chéile shíos cois Rois an Chaisleáin
tráthnóna ciúin i ndeire fóghmhair ar uair a bhí na héin
ag teacht abhaile chum a neadacha agus sgáil na hoidhche
ag teacht anuas ar chnocaibh is ar choilltibh, is ceó bán ar
nós lomraidhe caorach n-a luidhe ar mhóinfhéaraibh agus
uisgidhe Locha Léin ag cogarnaigh le chéile ar ghrean na
trágha.
Gheall seisean go dtiocfadh sé ar an mbliadhain a bhí
chúgainn agus gheall sise go labharfadh sí le n-a daidí
agus gan amhras go ngéillfidhe dhá guidhe.
Bhaist Eoghan Paor an tráthnóna úd ainm cheana — an
"smólach" uirthe i dtaobh soillseacht a dhá súl agus
binneas a gáire. Do b'é a thuairim agus tuairim gach
n-aon eile ná'r chualathas riamh as béal duine cosamhlacht
a gáire siúd.
Deirthidhe gur chosamhail an gáire sin le ceol do
bainfidhe as cloigínídhe airgid. Ní fheadramair cionnus
mar ba dheabhratach le siolla píbe smólaidhe an gáire
úd Ghobnait, acht níl aon teóra le smuaintibh ógánaigh.
Is oireamhnaighe amh mar ainm cheana "Smólach" do
chailín óg 'ná an leas-ainm amadánta soin "mo lacha,"
is gnáthach le Sasanaigh a ghlaodhach ar a ngrádh bán.
CAIBIDIL A SEACHT.
FEALL AR GHRÁDH.
Bhí Eoghan Paor imthighthe le bliadhain agus níor chualaidh
Gobnait tásg ná tuairisg air. Bhrúghaidh sí chúiche pé
imshníomh a bhíodh 'na croidhe agus ba dheacair di é. Bhí
sí chómh geal-gháiriteach le n-a daidí is bhí sí riamh agus
ba chruaidh an iarracht di é. D'fhan sí bliadhain eile ag
feitheamh go foidhneach le sgéala ó'n té dh'fhág í, acht níor
chualaidh giog ná cogar. Bhíodh sí ag paidreóireacht is
ag léightheóireacht i dteannta a húncail Diarmaid, agus
do mhúin seisean di an méid léighinn a bhí aige agus ba
mhór is ba dhoimhin é idir diadhacht is dochtúireacht.
Ba mhór an chuideachta dhó í, agus is iomdha ceist
chruaidh a réidhtigheadar le cois a chéile. Bhí a fhios
aige leis cad a bhí ag cur buadhartha uirthe, agus ba mhór
an sásamh de'n chailín bhocht é mar bhíodh cómhrádh is
cur síos eatorra i gan fhios d'éinne. Thuig Liam Caol
leis cad do bhí ag gabháil di agus cé go raibh cion an
tsaoghail aige uirthe mar sin féin ní raibh aon truagh aige
dhi. Deireadh sé gur cuma gad é an saghas fir a phósfadh
cailín óg acht go mbeadh sé folláin agus slighe bheathadh
oireamhnach aige. "Nách mar a chéile gach fear,"
adeireadh sé. "Féach anois," adubhairt sé léi i gcionn
dhá bhliadhan, "tá fear óg annsoin amuich ar an gClu-
thairín agus tig ósda aige." "Leig di," ars an tAthair
Diarmaid, agus i gcionn bliadna 'na dhiaidh sin bhí fear
óg éigin eile ag déanamh cleamhnais le Liam Caol agus
gan aon chuimhneamh ag ceachtar aca labhairt leis an mnaoi
óig i dtaobh an sgéil. "Cuiridh uaibh," ars an tAthair
Diarmaid. "Fágaim le hudhacht," arsa Liam Caol,
"go bhfuil breall ar an sagart chómh maith is tá ar
Ghobnait, is dócha gur b'iad na leabhair mhóra soin a
chuir ar na gealtaibh an bheirt aca."
I gcionn dhá bhliadhan 'na dhiaidh súd fuair an tAthair
Diarmaid bás agus ba bheag ná' raibh Gobnait as a
meabhair le cathúghadh agus buaidhirt aigne. Chonnaic
Liam Caol go raibh sí ag dul as agus chómhairligh sé dhi
dul go dtí Rosbeithe agus go gcuirfeadh bolaidhthe
na sáile ath-shnódh uirthe. Cé go raibh cion aige uirthe
chómh mór is bí riamh mar sin féin bhí sé amuich léi i dtaoibh
ná pósfadh sí, "agus," adeireadh sé, "tá dóithin aon
mhná d'fhear i nDómhnall Mháire sin ar an gCúil bhán,
feirm dheas aige agus tigh clúthmhar. Ní fheadar de'n
tsaoghal cad tá ag eirghe dhi ná déanfadh sí rud orm,
agus mise mar mhaithe léi. Níor mhaith liom í chur i
gcomórtas le haon chailín eile, mar ní fhuil aon bhreith
ag aon aca uirthe, acht ar a shon soin is eile féach go
ndéinid go léir rud ar a n-aithreacha agus go bpósaid
pé fear a thugtar chúcha. Muna ndeinidís thabharfaidhe
sgiúirse dhóibh fá mar a chonnac Tadhg an Bhólacht dhá
thabhairt dhá ingin nuair d'eitigh sí an báille buidhe a
phósadh. Chuir Tadhg bramstiallacha uirthe le bonnsach
cuill agus geallaimse dhuit gur phós sí an báille buidhe
go tapaidh, cé go bhfuil fiar-shúilidhe aige agus béal
air ar nós cráin-mhuice. Ní thabharfainnse an íde sin
ar mo Ghobnaitín, cé go bhfuilim ciapaithe ó bheith ag
tafaint uirthe Domhnall Mháire a phósadh, agus cad deir
sí liom acht ná'r labhair sí giog chuige riamh. Cad is
gábhadh giog a labhairt chuige. Ná beidh aimsir go leór
chum comhráidh aca d'éis pósda. Féach na feirmeóiridhe
sin gach lá aonaigh ar aghaidh mo dhoruis amach. Ná
cloisim iad ag díol ba agus láithreach bonn 'na dhiaidh
sin cromaid ar a n-ingeanacha a dhíol." "Ó ná habair
é sin," arsa fear sa tsiopa. "Déarfad, go deimhin,"
arsa Liam Caol. "Ní fhuil aon deifir idir chleamhnas
an lae indiu agus díolaidheacht ba is capall. Bíonn an
t-aighneas céadna is an cur is an cúiteamh céadna,
is bristear an margadh is deantar an margadh ar an
gcuma gceadna díreach, agus tá an méid sin mar ba
chóir leis. Tá na daoine sásta leis an saghas soin mar-
gaidh, agus cad na thaobh ná beidís? An amhlaidh a
leigfeá des gach aon toice fear a thoghadh dhi féin?
Agus siúd is go leigfeá féin, ní phósfaidhe cailín annso
gan spré dá mbeadh sí chómh háluinn le Bláthnaid."
Bhíodh Liam Caol ag amhastraigh ar an gcuma so gach
lá go ceann seachtmhaine d'éis imtheacht do Ghobnait go
Rosbeithe ar son a sláinte. Ní fhéadfadh sé fanamhaint
sa bhaile níos sia i n-éaghmais Ghobnait, agus d'fhág sé a
ghnó fá chúram dhá chongantóir a bhí aige. Níor fhill sé
ar n-ais go ceann ráithe, mar ní raibh sise ar foghnamh
agus ní raibh sé de mhisneach air teacht abhaile gan í."
"Ní mhairfinn anois as do radharc," adeireadh sé léi.
Nuair a bhíonn an cath amuich bíonn an luch ag rinnce
agus ba dhála soin do chongantóiríbh Liam Caoil. Bhí a
ghnó ag dul chum deiridh agus na billidhe cosdais ag
teacht isteach air ó'n ndlighe a bhí idir é féin agus an
Maghnar. Bhí sé go buadhartha is go cangcarach. "Taoi
am' mharbhughadh, a Ghobnait, a laegh," adeir sé, "is lag
a shíleas an lá a thugas abhaile thu id' leinbhín ná déanfá
rud orm. Níor eitigheas riamh thu pé rud éilimhís orm,
agus féach ná pósfá Domhnall Mháire dhom. Tá an
cheist sin am' chaitheamh agus mothuighim an aois ag teacht
orm dhá dheasgaibh. Deir Domhnall Mháire liom go
raghainn chum comhnuidhthe leis féin ar an gCúil mbáin,
agus nár bhreágh é bheith id' theanntasa agus tú go breágh
socair compórdach. Dhíolfainn mo thigh gnótha i
gCill Áirne agus bheimís uile go seasgair."
"Tabhair cáirde dhom go ceann tamaill eile," ar
sise, agus do léim sé as a chorp le háthas. Níor mhar
sin do Ghobnait. Is í bhíodh go brónach croidhe-bhruighte ag
dul go dtí an t-aifreann gach maidean ag guidhe go
duthrachtach ag iarraidh Eoghain Paor a thiomáint as a
haigne, agus d'éirigh léi go maith go ló a pósta. An
lá soin ámh ar a glúinibh di i dTeampall Mhór Chille Áirne
tháinig tocht guil uirthe nuair do chuimhnigh sí ar an bhfear
a bhí i gcéin agus is beag nár eirigh sí agus nár sgeinn
sí léi as láthair Phrógras.
Tá fhios againn cheana cionnus d'eirigh leisean lá an
phósta. Níor labhair Gobnait giog chuige riamh go dtí
lá na cóisreach nuair d'fhiafraigh sí dhe ar an mbanfheis
an líonfadh sí cupán eile tae chuige, agus dubhairt sé
léi a líonadh. Sin a raibh de chaidreamh eatortha.
Cupla lá d'éis Prógras dh'imtheacht thóg Liam Caol
leis Gobnait chum a tighe féin agus ba dhoicheallach a bhí
sean-Mháire, a máthair céile, roimpe. "Ca bhfuil
d'fhear?" ar sise, ag féachaint uirthe fá n-a fabhraíbh.
"Nach é an sgannradh a chuiris ar mo mhac gur sgeinn sé
uait. Ní fholáir ná go bhfuil sgannaill éigin nó diabh-
luidheacht ag baint leat. Glan leat abhaile as so!"
Do dhearg ag Gobnait, acht níor labhair sí giog. Níor
mhar sin do Liam Caol. Thug sé íde bhéil ar an tsean-
mhnaoi agus bhagair sé uirthi gur bh'fhearra dhí a suaimhneas
do ghlacadh nó gur dhi ba mheasa, mar gur le n-a inghin
féin an Chúil bhán feasda.
Bhí Gobnait chómh ciúin is chómh dúbhach soin gur tháinig
aithreachas ar Liam Caol. "Is truagh," ar seisean.
"ná'r leigeas di agus gan í chur fá chasaoid na sean-
mhná so. Is sean-fhocal é, tóg banbh as banbhaíbh nó
leanbh as leanbhaíbh, acht ná tóg peata na caillichíne i
n-aon-chor."
Mar sin féin, bhí an gnó críochnuighthe anois, agus níor
bh'fhéidir dul siar air. Bhí sé fuar ag Liam Caol bheith ag
cur mhilleáin air féin, agus d'fhill sé chum a thighe féin.
Bhí sé dhá mhúchadh sa tigh. Gach ball i na ngabhadh sé ann
mheasadh sé go mbuailfeadh Gobnait leis, agus thagadh
ualach ar a chroidhe. Ba ghnáthach leis na daoinibh fhiafruighe
dhe an raibh aon tuairisg ar Phrógras, agus bhíodh sé ag
dul i bhfolach uatha díreach fá mar a bhíodh Gobnait féin.
"Dia go deo linn," adeireadh na mná 'na taobh, "ní
fholáir ná gur thug sí rún éigin dá fear a chuir chum
siúbhail go hobann é." "Mo ghreidhn í," adeireadh a
thuilleadh aca, "tá droichnídh éigin bun os cionn ag
baint léi, bíonn sí ag siubhal na bpáirceann go ham
mhairbh na hoidhche."
Chloiseadh Liam Caol cuid de'n chogarnaigh úd agus
bhaineadh sé codladh na hoidhche dhe. Chrom sé ar ólachán,
rud do b'annamh leis. Thug sé faillighe dhá ghnó agus ba
ghearr go raibh sé ar a leabaidh le teinneas uisge.
Tháinig an sagart chuige agus chroth sé a cheann, agus
dubhairt leis fios a chur ar a inghin, agus labhairt léi.
Chuir, agus tháinig Gobnait de luathas reatha, mar do
b'ionmhuin léi a daidí.
"A leithéid seo, a Ghobnaitín, a thaisge," adeir sé,
"bhí an sagart annso ó chianaibh, agus deir sé liom gur
ghnidheas éagcóir thruaghmhéileach ortsa. Is dócha gur
cuimhin leat an fiadhre feádha úd, Eoghan Paor, a bhíodh
ins na ballaibh seo suas le seacht mbliadhna ó shoin,
nuair a bhís ins na déagaibh bliadhan. An cuimhin leat é?"
"Is cuimhin, gan amhras," ar sise. "Seadh, bhí grádh
an tsaoghail aige dhuit, agus sgríobh sé seacht litreacha
chúgat. Sgríobh sé ó Nua Eabhrach agus ó Pháiris chúgat
d'éis imtheacht as so dhó, agus bhí fear an phuist fá'm
lámhaibh-se agus thug sé dhom na litreacha. Bhíodar lán
suas de thufalais cainnte i dtaoibh gráidh. D'iarraidh sé
ort as ucht Dé sgríobhadh chuige. Ní chreidfeadh sé,
adubhairt sé, go dtréigfeá é ar ór na cruinne. Dubhairt
sé sa litir dheireannach go mb'éidir go rabhais breóite
agus go raibh sé ag teacht, nó má bhí éinne ag cur idir
é féin agus tusa go muirbheochadh sé an duine sin.
Cheapais annsoin gur fear gaoithe é acht ar a shon soin
is eile go mb'éidir go dtiocfadh sé agus go raibh droch-
fhuadar fé. Bhí a sheóla comhnuidhthe agam agus bhuaileas
isteach ins na páipéaraibh thall fógra gur phósais fear
saidhbhir agus chuireas ag triall air ceann des na páip-
éaraibh é. Tá soin amach is isteach le sé bliadhnaibh ó
shoin, agus níor sgríobh an bioránach as súd i leith."
Bhí a croidhe 'na béal aici agus dath odhar uirthe. "Ó,
a dhaidí," ar sise, "bhrisis mo chroidhe," agus thuit sí anuas
air 'na cnap. Chuir seisean liúgh as, agus tháinig cabhair.
Nuair do sguir an fhanntais do Ghobnait chuir sí sgread
aisde. "Thugas mo gheallamhain do Eóghan Paor.
Shíleas gur thréig sé mé. Mealladh mé, agus phósas mar
shásamh ar mo dhaidí, acht ní pósadh i n-aon chor é, acht
feall."
Tharraing sí chúice annsoin pictiúir na Maighdine fá
mar ba ghnáthach léi i n-aon trioblóid agus b'fhéidir go
raibh speabhraidí uirthe, acht cheap sí go raibh súile an
pheictiúra go dúbhach dhá faireadh. "Ní beidh aon bhaint
agam le Domhnall Mháire," ar sise, "caithfead sgaramh-
aint leis. Ní liom é agus ní leis mé. Ní raibh aon
phioc gráidh agam dhó. Ní féidir cuing an phósda a
sgaoileadh ámh, acht chuala gur bha bhuachaill sochma
Domhnall agus má bhuaileann sé liom go bráthach ní
bheidh aon éileamh aige orm, sgaoilfidh sé uaidh mé nuair
inneosad dó gur le bréag a ceangaladh sinn."
Le n-a linn sin chualaidhsí an duine breóidhe ag gearán
agus rith sí chuige. Bhí lasair 'na súilibh dubha, acht mar
sin féin cheartuigh is chlúdaigh sí a húncail agus thug
aire dhó. Budh dhóich leat go raibh neart ceathrair innte
agus bhí sí ag airneán leis go ceann sé seachtmhaine,
gur mhairbh an taom é, agus annsoin ní raibh duine ná
daonnaidhe aici.
Tháinig sgéala chúice go raibh an báille buidhe ar an
gCúil mbán agus gur árduigh sé leis gach aon sgreatal a
bhí ann, fiú amháin a cuid éadaig, agus na leabhair a
d'fhág an tAthair Diarmaid aici Fear éigin darab
ainm Parhéim adubharthas ba bhun leis seo.
Bhí na billidhe fiach, leis, ag teacht go tiugh ar thigh Liam
Caoil, agus fá dheire bhí sí féin buailte agus do b'éigean
di luighe siar.
I gcionn seachtmhaine tugadh sgéala teinntrighe chúiche
ó Phud Tóibín go raibh a fear go donaidhe i Lúnduin.
D'eirigh sí, agus ba ar éigin a bhí innte eiriughadh agus
chuir sgéala ar n-ais dhá iarraidh ar Phud bualadh uimpe
ag téarmon bóthair Phadintun, agus go n-aithneóchadh sé
í ar bhíndeal bán a bheadh ar a héadan.
"Cúis gáire chúgainn" arsa Pud. "ní gábhadh an
chomhartha aithne. Cad é an bhrígh atá leis an mbíndeal bán
ámh? Ambás, ní bean riaghalta an réaltan."
Bhí Pud 'na coinnibh, agus thóg sé leis í mar a raibh
Prógras, agus bhí fáiltí an domhain ag an bhfear bhfann
roimpe, agus chuimil sí a leaca go truaighmhéileach, agus
phóg é, agus d'innis sgéalta nua dhó ná cuirfeadh
buaidhirt air. "Agus ar cailleadh Seán Mhichil úd gur
bhuaileas an buille air?" arsa Prógras bocht. "An
saor cloiche ariu?" arsa Gobnait, "tá baoghal mór
ar an mbramach son," agus do gháir Prógras go raibh
na deóra leis, agus nuair d'airigh Gobnait na trithidhe
ar a fear chuir sí féin sgearta aisde de'n cheol gháiridhe
úd do mhoitheóchadh duine ag gabháil tré na bhallaibh ó
bhaitheas cinn go bonn cos. Annsoin do cheartuigh sí
é, agus dubhairt leis a shúile a dhúnadh, agus dubhradar
a bpaidreacha i dteannta chéile, agus shuidh sí cois a
leaptha agus a lámh 'na láimhsean.
I gcionn tamaill tháinig an dochtúir, agus dubhairt go
raibh Prógras ag dul i bhfeabhas agus dá gcodhladh sé ar
feadh na hoidhche ná beadh baoghal air.
Thug sise aireachas maith dhó, acht amach 'san oidhche
bhris féith istigh 'na chliabh, agus d'eirigh flosg fola 'na
sgornaigh, agus i n-aindeóin Ghobnait múchadh é.
Thuit na buillidhe go trom is go tiugh uirthe. D'éis
uaighe is cómhrann do cheannach dhá fear ní raibh aichi tar
éis na sochraide acht cúpla púnt, acht bhí Pud go cúramach
léi, agus fuair sé lóisdín di.
CAIBIDIL A HOCHT.
GOBNAIT IS PUD.
Toisg an aire thug Pud do Phrógras 'na luigheachán
agus an aimsir dá dheasgaibh sin a chaith sé as baile, do
réir dheabhraimh bhí a ghnó féin ag dul chum deiridh. Má
bhéas dorus siopa dúnta ar feadh cúpla lá beidh amhras
ag na daoinibh go bhfuil duine éigin sa tigh sin breóite nó
marbh, nó go bhfuil muinntear an tighe sin fá fhiachaibh nó
briste. Tiocfaidh daoine chum siopa ar tí ceannach,
acht má bhíonn an siopa dúnta rómpa is annamh a thioc-
faid ar n-ais. Ba dhála sin le siopa éisg Phud, agus
nuair tháinig sé ar n-ais d'éis Phrógras a chur is amhlaidh
a bhí fear an chíosa ag feitheamh leis agus dhiúltaigh sé é
leigean isteach go ndíolfadh sé cíos coicthighis leis.
"Bíodh ciall agat, a dhuine, díolfar gach pinginn atá
agat orm, ná bíodh eagla ort," arsa Pud. "Ní
bhogfaidh cainnt de'n tsaghas soin mise," arsa fear an
chíosa, "ní leigfead uaim thu chómh réidh go fóill
arís, cheapas go rabhais imthighthe lem' chuid cíosa." "Ar
ndóich," arsa Pud agus splannc 'na shúil, "tá luach a
sheacht noiread is tá agatsa orm do throsgáin sa tigh
sin." "Sín amach mo chuid cíosa go deaghair, agus ná
bac an chabaireacht," arsa fear an cíosa, go droch-mhúinte.
Níor bh'aon dóichín dó fearg a chur ar Phud, agus fá cheann
nóimit bhí sé ar phleasg a dhroma ag crothadh na gcos
le tráithmhéaras de dhorn a fuair sé sa chorrán. Rith na
daoine as gach cúinne fá n-a ndéin, mar is gnáthach le
muinntir Lúnduin nuair a bhíonn aon tsaghas troda ar
siubhal. Dhruid an consábla i leith go mall leis, agus
cheap Pud gur mhithid dó bheith ag cur de, mar bhí eagla
na dlighe air. Níor fhill sé a thuilleadh chum a thighe,
agus ba gheárr go raibh na báillidhe istig ann.
Ní raibh aon fhonn air sgaramhaint le Gobnait, agus
nuair a chas sé uirthe arís d'éis a imris le fear an chíosa
is ar éigin d'aithin sí é. Bheárr sé an fhéasóg fhionna-
ruadh bhíodh air i gcás go gceilfeadh sé é féin fá mar
adubhairt sé ar fhear an chíosa agus a chuid dlighe.
Bhí Gobnait ag machtnamh cad budh chóir dí a dhéanamh
mar shlighe bheathadh. Mhúinfeadh sí sgoil, mar ba sgoláire
thar bárr í, acht ní raibh aon airgead aici chum tíghe a
thógaint is a ghléasadh. Bhí sí go maith chum fuaghála, acht
dubhairt Pud léi gur bh'eól dó mná snáthaide bhíodh
ag obair ó dhubh go dubh ar raol. "Is fearr raol féin
'ná gorta," ar sise. "Ní gábhadh an ghorta," adeir Pud,
"mar gheóbhthá an leath-phinginn dheireannach uaimse,"
agus chuir sé casacht as agus las sé go cluasaibh. Bhí sí
go buidheach de agus go beannachtach leis, acht dubhairt
sí go mb'fhearr léi a cuid féin do thuilleamh.
Shiúbhlaigh sí ar feadh seachtmhaine; chuardaigh sí siop-
aidhe is tighthe margaidh is tighthe nigheacháin, agus bhí a
cuaird i n-aisdear.
Chómharlaigh an bhean lóisdín di obair dh'iarraidh mar
bhean riartha i dtigh óil, agus dubhairt léi go mbíonn
ógánaigh amach 'sa isteach 'na leithéid sin de thigh agus
cá bh'fhios ná beadh sonuachar i ndán di. "Ná'r leigidh
Dia soin," arsa Gobnait léi féin.
Ar maidin lae ar bháireach fuair sí litir agus nóta
chúig bpúnt innte agus chuir an méid sin sgannradh
uirthe. "Ní gábhadh an cradhsgal," arsa bean an lóisdín,
"is dóichighe go bhfuil duine éigin ag cur na súl thríot
i gan fhios duit." Chuir an chainnt sin laigeacht ar an
gcailín mbocht. Chómhairimh sí an méid a bhí aici, dó
fichead ar fad. "Tógfaidh an méid sin an chuid is mó
dhe'n tslighe abhaile mé, agus siúbhlóchad rómham an
chuid eile" adeir sí léi féin. Chaith sí uaithe ar an
mbórd an litir agus a raibh innte agus chrom sí ar a
héadach a bhailiughadh isteach i mála leathair a bhí aici. I
gcionn na haimsire bhuail Pud ag an ndorus. Níor
tháinig sé isteach acht labhair ó'n dtáirsig le Gobnait.
"Tar i leith" ar seisean, "agus féach air seo. Chean-
nuigheas inneall ceóil agus muncaoi. Cloisim go
ndeantar cróinn glan 'sa ló as seinm, agus is binn an
tslighe bheathadh é. Ní fhuil agam acht feac do chasadh i
gcliathán an innill seo agus ceól d'fhásgadh amach as.
Annsoin ní bheidh agam acht aon tsúil amháin do bheith
agam ar dhorus tighe agus geala na súl eile a dhíriughadh
ar an gcuma so ar fhuinneógaibh. Suidheann an muncaoi
seo ar mhullach an innill agus canna beag stáin fá n-á
mhuineál agus casóigín dearg air." "Preab anáirde,"
ar seisean leis an muncaoi. "Féach anois air. Tá
sé chómh huaibhreach le breitheamh cúirte."
Níor gháir Gobnait ó cuireadh Prógras ná a bhfad
roimis sin, acht gháir sí anois go raibh tinneas 'na
cliabh, bhi Pud chómh mórdhálach soin as a ghléas ceoil agus
a mhuncaoi.
"An mór a chosain sé go léir is dóich leat?" "Ní
fheadar dhe'n tsaoghal" ar sise. "Chosain sé chúig
phúint, agus is maith an margadh é" arsa Pud.
D'innis sí dhó gur chuir duine éigin chúig phúint chúiche
féin ó chianaibh. "An dóich leat cad is bun leis?
Ní fhuil aon aithne agamsa ar éinne annso." "B'fhéidir
gur b'é Giúdach an óir, Parhéim a chuir chughat é; d'inn-
seas duit cionnus mar chaill Prógras a chuid airgid
leis." "Cionnus a bheadh fhios ag an nduine sin cia'r
bh'í mise i n-aon chor, ná cá bhfuilim?" "Ní fheadar an
domhan," arsa Pud. Ní raibh aon mhaitheas ann chum
bréige a cheapadh, agus chrom sé ar chluasaibh an mhuncaoi
a chuimilt is a stathadh nuair do chonnaic sé Gobnait ag
faire air. Bhuail sí isteach agus thug sí amach chuige an
litir. "Glac ar n-ais do chuid féin, agus is maith an
chara thu, a Phud," ar sise. "Dhé mhaise, ní gábhadh an
fothrom," ar seisean, "shíleas go mb'fhéidir nár bh'aon
díoghbháil dhom chúig phúint a thabhairt i gcoimeád dhuitse,
b'fhéidir gurab amhlaidh a ghoidfidhe uaimse é." "Is
carthannach an rud dhuit é, a Phud, agus má bhíonn ocras
orm 'neósad duit é," ar sise go buidheach agus go
nádúrtha.
"Ocras arú," arsa Pud, "nár leigidh Dia soin!
Tá airgead go leor le déanadh as an inneall ceoil seo,
agus cogar i leith: tá an lá go breágh agus táimse
múchta ins na sráideannaibh cúmhanga so, agus féach, tá
crainn agus glasradh amuich cois na dteach mór ar
fháithchim na cathrach. Ceannóchadsa pheiribhic agus aghaidh
feidil, agus cuirfead orm iad agus seinnfead an rud
so ó thigh go tigh. Tá clár taoibh leis, agus suidhfir-se
air má bhíonn tuirse ort, agus ní haon trioblóid
dhómhsa é thiomáint rómham amach. Beimíd ag cainnt.
Bíonn uaigneas ormsa bheith am' aonar; agus d'éis
an lae a chaitheamh mar sin féadfair-se teacht chum do
lóisdín. Ní fhuil aon aithne ag éinne' orainn, agus má
fhéachann aon duine orainn 'sé ba dhóich leis gur duine
críonna mise bheadh i n-éinfheacht leatsa toisg na féas-
óige léithe a cheannóchad dhom féin."
"Ná tóg orm, a thogha na gcarad," ar sise, "b'fhearr
liom iarracht eile a dhéanamh ar shaghas éigin oibre
d'fhagháil nó mar a bhfaghad indiu í táim ar tí dul
abhaile." D'imthigh Pud leis féin go trom-chroidheach,
acht ní raibh sé a bhfad imthighthe no gur fhill sé ar n-ais.
"Bhfuil fhios agat cad tá im' aigne 'ná go mbeinn fá
chomaoine agatsa dá dtógfá uaim go ceann cúpla lá an
t-inneall ceóil seo. Chosain sé chúig phúint, an méid dír-
each a bhronnais ormsa ó chiainibh. D'fhéadfá-sa seinm air
seo go ceann cúpla lá faid do bheinnse ag cuardach fhir
an chiosa féachaint cionnus d'eirigh leis féin agus leis an
mbáille a chuir sé isteach am' thigh," agus do sgeinn Pud
leis sul a raibh uain aici-se ar fhreagra thabhairt air.
Mhachtnuigh sí ar feadh tamaill, agus dubhairt sí léi
féin gur bh'obair mhácanta seinm agus gur chóir dí úsáid
a dhéanamh de'n inneall so d'fhág Pud aici.
D'ullmhaigh sí í féin, agus ghluais síar siúbhal gan mhoill.
Níor chuir duine ná daonnaidhe isteach uirthe. Ghabh na
sluaighte daoine tháirse, acht bhí a ghnó féin ag gach duine
aca, agus níor chuireadar suim innte-se. Dá dtárlóchadh
go dtuitfeadh sí i gceann a cos ar an tsráid bhaileóchadh
sgata aca 'na timcheall mar is gnáthach leo. Bheadh cuid
aca ag síneadh a muineáil thar guailnibh na coda eile i
gcomhair radhairc dh'fhághail uirthe, acht ní túisge bhuail-
feadh consábla 'na treó 'ná go sgaipfeadh na daoine
sin, gach ceann aca chum a ghnótha féin, agus ní chuimhneóch-
aidís uirthe níos mó.
Bhí faitchios uirthe, acht mar sin féin bheartuigh sí a
hinneall ceóil ar aghaidh tighe mhóir amach, agus chrom sí
ar an láimh a chasadh. Chuir an boiscín ceoil seo srann
as, is séideán is liúgh do bhain preab aisde. Bhain sé
preab as an muncaoi leis, agus thosnuigh sé ar sgréachaigh
le sgannradh mar bhí Gobnait ag casadh an innill ar
tuathal, agus bhí a leithéid sin do chríothán 'na ionnathar
go raibh sí díreach ar tí é chaitheamh uaithe agus rith léi nuair
do chas sí ar chuma eile é. D'fhosgail an inneall a phíob
sgórnaighe, agus chrom sé ar an fonn soin dá ngairmthear
"Cilláirne" do sheinm. D'eirigh na deóir i súilibh
Ghobnait, agus ní i Lunduin i n-aon chor a bhí sí, acht thall
cois baile i nGleannádh, agus na héin ag canntain ós a
cionn agus na srutháin ag crónán le fánaidh an chnuic.
Sguab cailín thar fuinneóig, agus d'fhéach cailín eile
amach agus aprún bán agus caidhp bhán uirthe. Chroth an
boiscín ceóil eochracha a chléibh, leig sé liúgh eile as agus
shéid sé na "Marsaléis" le fuaim. Léim an muncaoi
i n-áirde ar cheap geata agus chrom ar shlabhrín muiníl
a chrothadh, agus d'fhéach sé i bhfus is tall chómh aireach is
chómh glic le seandraoi.
Tháinig cailín na caidhpe báine amach agus thug pinginn
do Ghobnait, agus dubhairt léi glanadh léi mar go raibh
duine breóidhte sa tigh. "Go dtugaidh Dia sos dó," arsa
Gobnait, ag bailiughadh léi. Phreab an muncaoi ar a
bhosca arís agus ní túisge stad Gobnait 'ná go raibh sé
ar a chora ghuib ar gheata nó ar tháirsigh fuinneóige ag
féachaint go dána drochmhúinte isteach i seómraíbh.
Fuair sé pinginne i ndiaidh a chéile. D'fhéach bean
tighe amach uirthe, agus thug sí brioscaidhe dhi, agus
roinneadh leis an muncaoi iad. "Is dócha gurab amhlaidh
d'éaluigh d'fhear uait; is annamh a chítear bean óg
mar thusa ag casadh innill de'n tsaghas soin," arsa bean
eile léi. Níor leig Gobnait uirthe gur chualaidh sí í, agus
lean sí uirthe ó dhorus go dorus, agus ar theacht an tráth-
nóna bhí seacht sgillinge aici.
Lean sí léi arís lá'r na mháireach i sráidibh eile, agus
fá cheann seachtmhaine bhí deich fichead aici féin agus ag an
muncaoi mar thuill seisean a chuid chómh maith léise.
Lá dá raibh sí ag seinm ar aghaidh tighe mhóir amach ghabh
fear an tighe tháirse agus thug sé catsúl uirthe. "Ní
hIodálach thusa," ar seisean. "Is ó Éirinn mise," ar
sise. "Agus mé fhéin chomh maith," arsa fear an tighe sin.
Fear fial deagh-chroidheach de mhuinntear Ghearailt a
b'eadh é. Thaithnig sí leis agus eisean léise. "Aith-
nigheann an fhuil Ghaedhealach a chéile," adeir sé.
Cheistig sé í agus d'fhreagair sí é go fírinneach agus
go mánla. "Tar isteach," ar seisean, agus thóg sé an
t-inneall ceoil go cúl an tighe.
Chaith an Gearalthach agus a bhean agus ise an tráthnóna
ag cainnt is ag cur síos le n-a chéile.
Dhuine de lucht stiúrtha ósbuidéil Phártholáin do
b'eadh an Gearaltach.
"Dá bhfaghainn mo rogha," arsa Gobnait, "ba mhaith
liom bheith am' bhanaltra go ceann tamaill." "Má's
mar sin é," adeir seisean, "múinfear an gnó dhuit,
agus 'na dhiaidh sin má bhíonn slighe banaltran ann
gheóbhair í." Bhí Gobnait go hana-bhuidheach de.
"Ní fhuil leigheas air mar sgéal anois," ars' an
Gearaltach, "acht nách mór a theasduigh ód' fhear pósda
ronnta do cheannach ó Pharheim. Is truagh ná'r fhanais-
se agus eisean ag baile, agus aire thabhairt d'bhur ngnó."
"Leig di féin," arsa bean a tighe, "nach fuil sé
dona go leór di a maoin shaoghalta a bheith ag Parheim
agus gan bheith dhá chasadh léi." "Tá díreach," ar seisean,
"acht cuireann sé cangcar orm nuair a cheannuighthear
ciall ró-dhaor, agus má cheannuigh aon duine riamh ciall
is iad ár ndaoine bochta féin ag baile dhein." "Tá na
Giúdaigh sin glic agus easba céille orainn-ne," arsa
Gobnait chráidhte. "Is fíor dhuit, táid siad glic agus
inntin gnótha go géar aca," ars an Gearaltach. "Ní
fhuil aon aithne agam fhéin ar Pharheim, acht cloisim
trácht thairis go minic. Bhí sé go maith le ósbuidéal
Phártholáin, agus dhéanfadh na cinn stiurtha eile agus
na dochtúiridhe pé rud budh mhaith leis. Tá teist mhaith air
sa chathair leis, acht deirthear ná buadhfadh an mac
mallachtan air i gcleas imeartha ar mhargadh an airgid."
"Dia idir sinn is an t-olc, ná habair a leithéid sin,"
arsa bean a tighe. "Seadh," ars' an Gearaltach, "ní
fhuil acht mar a chuala. Bhí Bernite, ceannuidhe seod,
ag cur isteach air aon uair amháin, agus muinighin aige as
féin. Tá congantóir ag Parheim darab ainm Grieber,
fear beag liath agus guth aige ar nós pisgín cait, agus
bhí sé go mór le Bernite. Is ana-dheacair seoda do
ghearradh agus do chóiriughadh tar éis a mbainte as an
mianach. Nuair a bhíd gearrtha agus ullamh chum a
ndíolta ní misde iad a léiriughadh agus a thoghadh i gcómhair
lae an mhargaidh, mar bíonn cuid aca céad uair níos
luachmhara 'ná a thuilleadh aca. Nuair a teasbántar iad
chum a ndíolta bíonn siad deighilte ó n-a chéile ar mhéis,
agus gach saghas is cineál aca taobh le taoibh. "Cogar i
leith," arsa Parheim le Grieber, "ní fhuil mórán seod dhá
ndíol ar an margadh an aimsear so, agus táid siad daor
agus ag eirghe gach lá. Beadsa ag díol ádhbhair aca do
chuideachtain Roeds i gcionn seachtmhaine, agus is maith
linn glaodhach maith a bheith ortha, mar ceapaim go mbeidh
seoda gann an uair sin. Tá lán méise des na seodaibh
is breághdha le fághail, riartha, ullamh de'n mhargadh ag
Beirnite, agus ní túisge a chloisfidh sé go bhfuilmíd na
ar tí díol amach 'ná go gcuirfidh sé a chuid féin ar an
margadh, agus loitfidh sé an díolachán orainn-ne.
Buail anonn chuige agus áitimh air gur feárr ár seóda-na
'ná a chuid-sean. Ní chreidfidh sé thú. Beidh sé ag leamh-
gháiridhe. Teasbánfaidh sé dhuit an mhias. Abair leis
gur mhaith leat a bheith le rádh agat go raibh lán méise de
sheódaibh aon uair amháin idir do dhá láimh agat, agus an-
soin tá fhios agat cad is cóir dhuit a dhéanamh. Ní
deirimse leat a dhéanamh acht fá mar is áil leat."
"Ghnídh Grieber fá mar adubharthas leis, agus ar láimh-
seáil na méise dhó d'árduigh sé cúinne dhi agus measgadh
na seóda le chéile. Chuir Bernite béic as. Ní léir-
eóchaidhe agus ní roinnfidhe na seóda úd laistigh do
sheacht seachtmhaine, agus gan an iomad duaidh agus
eolais agus foidhne agus cruinnis. Bhí an margadh fá
láimh Pharheim go ceann seacht seachtmhaine gan ceann-
uidhe eile seóda i gcomórtas leis, agus dubharthas go
ndearna sé dhá mhilliún púnt glan as an gcleas úd."
"Ní hiongnadh go mbítear 'san mhullach ar na Giúdaigh
sin," arsa Gobnait, "níor ba bheart ghlan a leithéid sin."
"Seadh, bíodh sin mar atá, is amhlaidh a ghlaodhtar
eolas gnótha annso i Lúnduin ar a leithéid sin de
chleas," ars an Gearaltach.
Chuir sé a gharsún abhaile le Gobnait, mar bhí an uair ag
eirghe deireannach.
"Ní fhaca súile cinn riamh chómh áluinn is tá ag an
gcailín sin: chífeá thú féin ionnta," ars an Gearaltach.
"Go raibh maith agat, is maith ná bíonn éad orm,"
arsa bean an Ghearaltaigh. Bhí sí féin dathamhail.
Gháir an Gearaltach go meidhreach, mar do b'ionmhuin
leis a bhean. "Admhuighim féin, ámh, ná feaca riamh súile
níos breághdha 'ná iad." "Is annamh d'admhóchadh bean
an oiread soin," ar seisean "Seadh má's eadh," ar
sise; chonnac cailínidhe níos dathamhla 'ná í, acht tá sí
deas cúmtha, tá cúntanós anamail mánla aici, agus is
annamh do chífeá súile cíordhubha fá fholt fionn." "Lean
ort," ar seisean, mar fear magaidh do b'eadh é. "Sin
é díreach nós na bhfear, ag magadh agus ag síor-mhagadh,
acht ar ndóich ní haon díoghbháil dom mo thuairim féin
a bheith agam." "Ní headh, pioc," ar seisean. "Is cuma
liomsa, ámh, cad í a sgiamhacht acht go bhfoghlumóchaidh sí
a ceárd go maith, agus go mbeidh na dochtúiridhe sásta
lei, mar níor mhar sin do'n chailín eile úd a chuireas ag
triall ortha cheana." "Ní baoghal di seo," arsa bean
a tighe, "tá cuma mná gasta uirthe, agus labhrann sí
go cruinn agus go béasach fá mar a bheadh tabhairt
suas agus foghluim uirthe."
"Tá súil agam gur mar sin a bheidh," ars an Gearal-
tach, "níor tharrigeas-sa banaltracht di, acht bhí aidhm
aici féin ar an ngnó, agus is maith an chomhartha é sin, mar
má thaithnigheann gnó airithe le duine sin é díreach an
saghas gnótha atá ceapuighthe dhó."
CAIBIDIL A NAOI.
AG CUARDACH PHUD.
Má bhíonn sgéal nua againn ní bhímíd sásta go n-inn-
simíd do dhuine éigin é, agus ba dhála soin le Gobnait.
Bhí fonn uirthe cómhrádh a bheith aici le Pud, agus d'imthigh
sí dhá chuardach lá'r na mháireach. Ba mhaith léi a chomhairle
a ghlacadh mar tháinig meathtacht 'n-a haigne ná beadh sí
oireamhnach dhe'n ósbuidéal. Bhí a suan codlata go
neamh-shocair ag taidhbhreamh ar easlánaibh is ar dhaoinibh
tinne, agus ba bheag a chuirfeadh fhiachaibh uirthe an bheart
d'eiteach. Chuir sí sgéala chum an Ghearaltaigh cáirde
lae eile a thabhairt di. Chuardaigh sí thoir is thiar do Phud,
acht níor chas sé uirthe feadh an lae, agus d'fhill sí abhaile
go tuirseach agus go trom-chroidheach.
Ar maidin an lae bhí chúghainn bhuail sí siar fá dhéin
Smitfíld, mar a mbíodh na buláin, mar d'airigheadh sí
Pud ag trácht thar bhulánaibh agus dhá rádh go raibh eolas
ar a mairbhthe aige. Chuaidh sí amugha i measg bealaighe
cúmhanga cama, agus tháinig eagla an domhain uirthe.
Chonnaic sí uaithe dream fear i bpóirse dé thiar do
mhanrach bó agus beirt fhear ceann-lomnachta istigh 'n-a
lár ar láithreán agus iad ar sodar i ndiaidh a chéile
fá mar a bheidís ag rinnce, agus tháinig eagla níos mó
uirthe agus sgeinn sí léi gan mhoill. Ba gheárr gur
sgiúird an dream fear chum reatha, agus chualaidh sí ar a
cúl cuid aca dhá rádh, "rith leat! rith leat!" Sgeinn
cuid aca síos fá shúil droichid agus bhrostuigh Gobnait
léi, agus sgannradh uirthe, agus ba gheárr 'na dhiaidh sin
go bhfacaidh sí fear mar Phud ag rith, agus lean sí é
chomh tiugh is bhí 'na cosaibh. D'fhan sé cois cúinne gur
rug sí air. "A Mhuire!" arsa Pud, "an tusa atá
ann!" Bhí sé ag cur alluis de, agus cnapán ar a
éadan.
"Dia linn!" arsa Gobnait, "cad imthigh ort?"
"Ná bac; ní fiú biorán é," do ráidh seisean, agus
chas sé i leath-taoibh mar a raibh umar uisge cois stábla,
agus chaith sé bas uisge ar a cheann-aighthe agus tharraimg
a chaipín anuas ar a éadan.
Thóg sise léi chum a tíghe lóisdín é, agus d'ullmhuigh sí
béile dheas bídh dhóibh araon, agus shuidheadar chum búird
go muinnteardha agus chromadar ar chainnt.
Ní inneosadh seisean pioc di i dtaobh an chnapáin ar a
éadan, acht gháireadh sé agus thugadh sé druim láimhe leis
an gceistiúghadh. D'innis sise dhó gach nídh fá mar a thuit
amach ar feadh na seachtmhaine, agus níor ghábhadh dhi puinn
de dh'innsint dó mar leanadh sé í gach lá i gan fhios di le
heagla go dtabharfadh éinne easonóir di. "Chonnac tu
ag gabháil isteach go tigh an Ghearaltaigh," ar seisean,
agus nuair iarr sí a chómhairle i dtaobh an ósbuidéil chuir
sé cnead as. "Má tá dúil agat sa bheart tóg í,"
adeir sé. "Ní bheidh aon easba ort annsúd feasda,
agus is dócha," adeir sé, agus gruaim air, "go bpós-
fair plioma Sasanaigh ar ball." "Ní phósfad go deó,
a Phud, a chroidhe," ar sise. "A ndeireann tu liom é?"
ar seisean, ag féachaint go cruinn uirthe.
"Creid mé," ar sise. "Tá geallta dho Dhia agam,
agus is ionmhuin liom thusa a Phud mar is fíor-chara thú,
agus bhíodh an fhírinne agat."
Do mhachtnuigh Pud go ceann abhfad. "Go n-eirghidh
leat," ar seisean fá dheire; "ba lághach an buachaill
Prógras agus bhí cionn agam air. Bhuaileas síos indé
chum sráid Frescit agus cheannuigheas Aifreann dá
anam." "Go raibh a chúiteamh soin rómhat ins na Flaith-
easaibh," ar sise, "acht cogar i leith, a Phud, a chroidhe,
ná habair "cheannuigheas aifreann" mar ná ceannóchadh
ór Pharheim aon aifreann amháin, mar nách féidir a
cheannach. An sgilling nó dhó soin is gnáthach linn a
thabhairt do shagart le haghaidh aifrinn do rádh ar son na
marbh, ní mar dhíol an méid sin acht amháin mar bhronn-
tanas, mar cuireann sé saothar cuirp air féin."
"Seadh, is dóich," adeir Pud; "ní thuigim-se go
cruinn brígh an chreidimh, agus is baoghalach, go bhfóiridh
Dia orm, ná fuil puinn maitheasa ag baint liom. Sin é
díreach fá mar adubhart leó thuas ar aonach na mbulán
indiu nuair a ghabh an beirt bhanriaghalta úd thorainn, agus
na créatúiríní ag iarraidh déirce do bhochtaibh, agus
dubhairt stothaire mór lem' chluais gur chóra dhóibh bheith
pósta, agus rudaidhe eile i dtaobh sagart, is mar sin.
Dubhart leis a tharrang siar, agus is amhlaidh a bhagair sé
orm go borb. Chómhairligh fear dhom gur bh'fhearra dhom
bailiughadh liom mar gur leag sé siúd damh ar an
aonach le buille dhorn, agus go deimhin leag sé mise
leis, agus leagamar a chéile mar bhí eolas na dóirneála
ag an mbeirt againn. Acht ar ndóich is olc an rud troid,
agus bhí náire orm rómhatsa nuair a chasais orm go
hobann, agus bhí droich-mheas agat orm, nídh nachiongnadh."
Tháinig gáinne soluis i súilibh dúbha Ghobnait. "Ná
creid é, a Phud. Is measa liom thú 'ná riamh. Mho chéad
greidhn thu!"
"Cuir annsoin í," ar seisean, ag breith ar láimh uirthe,
"Go raibh míle maith agat, a mhaise. Bhí ceann fé orm
i dtaobh an chnapáinín seo ar m'éadan, acht tá a fhios
agat, d'eirigh liom go maith. Nuair a chonncathas go
rabhamair dáiríribh agus eólas na ndóirne againn chuir
fear púnt geill asamsa, agus chuir fear eile chúig phúint
as Bhrúser — b'shin é an fear eile — agus chuir sgata fear
a ngealla síos, agus tugadh cróinn do chonsábla na
gcos mór acht imtheacht leis i leath-taoibh go ceann
tamaill. Troid mhaith a b'eadh í. Leag Brúser mise dhá
uair, agus leagas-sa eisean chúig uaire, agus i ndeireadh
an ghnótha chuireas an dorn cléith ar a fhiaclaibh agus
briseadh iad, agus druideadh a cheann siar le racht an
bhuille, agus a ucht amach chúgam, agus fuaireas faill
agus ropas an dorn deas i mbéal an sgéithín air. Tá
súil agam gur tháinig sé chuige féin, mar níor mhaith liom
é bheith marbh. Agus ar ndóich níor ghábhadh dhó gan a bhéal
d'éisteacht, agus is oth liom an sgéal dh'innsint duitse."
"Ní haon easanóir duit é, a Phud. Chonách sin air.
Ní fhuair sé acht mar a thuill sé. Ná'r chaillidh do
chuisle a fuinneamh," ar sise.
Do dhearg ag Pud go cluasaibh fá mar ba chailín óg é.
"Nách maith a réidhtigheann tú liom," ar seisean, "agus
nách breagh an rud an fhóghluim agus na béasa!"
"Tá rudaidhe níos feárr 'ná iadsan," ar sise,
"grása Dé agus an tsláinte," agus bhí na súile dubha
'ghá infhiuchadh go géar.
"Is dócha," adeir sé, "go bhfuil sé curtha rómhat agat
an bhanaltracht d'fhoghluim?" "Tá," ar sise, "tá súil
agam go bhfuil lámh Dé ann." "Moladh go deó Leis,
caithfear bheith sásta," ar seisean, "tá sé chomh maith
agamsa bheith ag imtheacht ar fairrge. Cloisim go bhfuil
an Turacína ag dul go dtí Talamh an Óir, agus gheobhad
beart innte mar chongantóir ag riaraidhe an bhídh. Ba
mhór le fear folamhuighthe na luinge sin Prógras i dtaobh
é shaoradh ó bháthadh, fá mar innseas duit, agus gealladh
dhómhsa beart mhaith ar a luing dá bharr. Tá sé
riachtanach orm bheith ag gluaiseacht. Tógfad liom an
muncaoi, agus tabhair an boiscín ceóil sin do shean-Cháit
ní Shuibhne a nígheadh an siopa dhomhsa is do Phrógras,
beannacht na ngrást leis."
"Amén, a Thighearna," arsa Gobnait. "Fan go
ceann cúpla lá: is oth liom sgaramhaint leat," ar sise,
ag cromadh ar ghol.
D'eirigh Pud, agus chroth sé a cheann agus cnap 'na
sgórnaigh agus shín a lámh chúice gan giog a labhairt.
"Beidhir ar n-ais i gcionn bliadhna, agus chífead thú,"
ar sise, agus na deóra ar sile léi. Chuir Pud bocht
casacht as mar fhreagra uirthe. Dhírigh sé féin, agus leig
sé air bheith ag cuimilt a aghaidhe agus chroth sé lámh arís
léi, agus bhuail sé amach agus an muncaoi ag sgreadaidh
fá na oscail, mar bhí Pud dhá fhásgadh i gan fhios dhó
féin.
Chas sé ar a sháil i gcómhair focail eile a labhairt léi,
agus d'fhéach sé isteach thríd an bhfuinneóig. Acht bhí sise
ar a glúinibh agus a drom leis, agus bhí a fhios aige go
raibh sí ag guidhe leis féin agus le hanam Phrógras.
CAIBIDIL A DEICH.
AN BHANALTRA.
Ní raibh Gobnait go socair 'na haigne nuair do chuir
sí fúithe ag ósbuidéal Phártholáin. Bhí fonn uirthe a
gnó dh'fhoghluim go cruinn, acht bhí faitchios uirthe ná
beithfidhe sásta léi. Obair nua a bhí roimpe, agus obair
nách raibh taithighe aici uirthe. Bhí deifir mhór idir bhanal-
tracht 'san ósbuidéal úd agus an aire ba ghnáthach léi
a thabhairt do dhaoinibh 'sa bhaile ná beadh ar foghnamh.
Bhí na sluaighte de dhaoinibh tinne ann idir óg is
críonna, leanbhaidhe is mná is fir, cuid aca ag feitheamh
go ngeárrfaidhe faithinnídhe dhíobh is mealla, is neasgoidí
is puchóidí is fadharcáin; a thuilleadh aca d'éis cos nó
méar nó cluas a bhaint díobh, agus a thuilleadh aca fós is
a mbuilg nó a muineála fuaighte tar éis na sgine, mar
is annamh do ghabhadh lá thársta gan easlán éigin a bheith
fá láimh dochtúra ar bhórd an gheárrtha.
Bhíodh sé riachtanach ar bhanaltraibh bheith láithreach, agus
tubháillidhe is uisge fuar is te is bog a bheith ullamh aca,
agus chidheadh Gobnait an fheólmhach fá'n sgiain. Muna
mbeadh an truagh croidhe a bhí aici de'n duine thinn
chuirfeadh cradhsgal agus déistin i laige í.
Chídheadh sí ná cuireadh an gnó aon chradhsgal ar na
banaltraibh eile, acht fá mar a bheidís ag féachaint ar
ghamhain dhá ghearradh 'na cheathramhnaibh, agus bhíodh formad
uirthe leó ar a neart croidhe. Ní raibh ann ámh acht taith-
ighe. Is iongantach an rud taithighe. Dá bhfeicfeá roth
ag gabháil thar ceann duine, agus ag meilt na hinncheann
amach as, phreabfadh an croidhe istigh ionnat le huathbhás,
acht dá mbeadh sé mar thiubaiste ort an tionóisg chéadna
d'fheicsint gach lá go ceann mí ní chuirfeadh sé garrabhuaic
ort i gcionn na haimsire acht fá mar a chífeá fear ag
lámhach préacháin.
Thuigeadh na heasláin go mbíodh truaighmhéil ag Gobnat
dóibh, agus dá dheasgaibh sin ní raibh aon bhanaltra do
b'fhearr leo bheith le n-a gcois 'ná ise agus ba mhór an
sásamh croidhe uirthe an méid sin.
Nuair a tugthaidhe na heasláin isteach 'san osbuidéal
i gcomhair a ngeárrtha is beag duine ná bíodh crith-eagla
air agus ba ghnáthach le Gobnait misneach a chur ortha, agus
thug ceann des na dochtúiríbh fá ndeara é."
Leigeadh cuid aca ortha ná beadh aon fhaitchios i n-aon
chor ortha, acht mar sin féin, ní túisge a thagadh an
dochtúir chum a leaptha agus an biorán suain aige 'ná
gur b'amhlaidh a thagadh fonn troda ortha leis.
Dhiúltaigh duine aca aon lá amháin aon bhaint a bheith
aige leis an ndochtúir, agus chrom an dochtúir ar é mheal-
ladh, acht ba bheag an bhrígh dhó é: bhagair an fear tinn
air gan teacht 'na ghoire. "Ar mhisde leat é chomhair-
liúghadh, a bhanaltra," ars an Dochtúir le Gobnait,
"ceann de chléireachaibh Pharheim is eadh é." Labhair sise
go cneasda leis siúd, agus dubhairt leis ná raibh 'san
stuif acht gal uisge is aoil, agus bolaidhthe breágh uaidh,
agus go súghfadh sé suas 'na chogasnach é i gan fhios dó,
agus ba gheárr go raibh an fear 'na shuan gan choinne
aige leis. Tógadh annsoin ar dhréimre i bhfuirm cróchair
isteach i seomra é mar a raibh na fallaidhe ó bhun barr
agus na frathacha clúdaighthe le lín-éadach geal. Cuireadh
ar bhórd an gheárrtha an fear. Tugadh ar n-ais chum a
leaptha 'na shuan é, agus nuair do dhúisigh sé bhí Gobnait
láimh leis chum cabhraighthe leis. Do b'é an cléireach
céadna é gur thug Prógras an Chúil bhán mar bhille
urrudhais dhó ar chéad go leith púnt.
As soin amach ní shásóchadh aon bhanaltra an dochtúir
úd acht Gobnait, agus nuair a chualaidh an Gearaltach é
bhí sé go mórdhálach aisde, agus má bhí seisean mórdhálach
aisde bhí a bhean níos mórdhálaighe 'ná soin aisde. Deir-
idís araon go mb'fhéidir go bpósfadh an Dochtúir Brún
í, mar do b'é sin an dochtúir ba mhó a mhaoidheadh as a
gasdacht chum a gnótha.
Thugadh na dochtúiridhe leabhair chum a léighte dhi, agus
chuir a foghluim iongnadh orra. Ba ghnáthách leó bheith ag
cainnt léi agus ag cur gach cineáltaomais breóidhtheachta
tré n-a chéile 'na fiadhnaise agus bhíodh sise i n-am tráth
ag cur a haguisín isteach 'sa cómhrádh go béasach.
D'eirigh éad ar na banaltraibh eile léi, acht bhíodh sí
chómh carthannach sin leo agus chómh héasguidhe chum oibre
riachtanaighe a dhéanamh faid a bhíodh cuid acasan lasmuich
ag gaoidheal gur mhaitheadar di agus gur tháinig beagán
measa ag cuid aca uirthe, agus saghas ceana ag beirt
urúis aca uirthe.
Is annamh do théigheadh sí féin ag siubhlóid mara
dtárlóchadh go mbeadh rud éigin ag teasdabháil uaithe.
Bíodh tráthnóna sa tseachtmhain saor aici, agus sheóladh
sí mar a mbíodh na hÉireannaigh ag foghluim Ghaedhilge an
oidhche sin dh'áirithe. Rinnceadh sí i n-éinfheacht leo agus
léigheadh sí 'na dteannta. Ghabh leath-bhliadhain tháirste ar
an gcuma so, agus do b'é sin an tréimhse ba chompór-
aighe d'ár chaith sí leis na ciantaibh. Cailín ciallmhar a
b'eadh í nár ghnáthach léi bheith ag osnuigheal gan bhrígh. Bhí
a gaolta marbh, agus bhí sí 'n-a haonar acht níor chreid
sí go bhfuil sé riachtanach ar dhuine bheith ag gol is ag
éigheamh i ndiaidh na gcarad a d'imthigh romhainn.
Dá chómhartha soin, ba ghnáthach léi a rádh léi féin nuair a
bhíodh sí tuirseach le hobair chruaidh an ósbuidéil gur
gheárr uaithe "oidhche na Gaedhilge," mar ba bhinn léi bheith
a measg a daoine féin ag éisteacht le n-a nguth.
CAIBIDIL A hAON nDÉAG.
SASANACH I mBÉALAIBH BÁIS.
Tháinig sgéala go raibh marcus Etfíld i mbaoghal báis,
agus go raibh beirt bhanaltraidhe ag teasdabháil uaidh,
agus toghadh Gobnait agus bean óg as Státaibh Americá
le haghaidh na hoibre.
Do b'éigin dóibh araon bheith chómh ciúin le duine gan
teanga annsúd. Sheasaimhídís cois leaptha annsúd fá
amhail is dá mbadh dealbha marmair iad. Ghabhadh na
dochtúiridhe isteach go seómra an luigheacháin ar a
mbairricíníbh. Bhí anáit chóm ciúin le huai fá thalamh. Bhí
an t-éadach urláir chomh reamhar soin ná cloisfidhe
coiscéim duine 'sa tseomra. Saghas éigin codlata a
bhí ar an marcus, agus ní cloistidhe as acht srann. Bhí
an bheirt chailínídhe chómh tuirseach de'n ghnó is dá mbeidís
ag meilt eórnan. Bhí an ciúineas ag cur orra idir
corp is aigne.
"Cionnus a mhairid na mná annso gan labhairt?"
arsa Gobnait. "A bhfacuighis mná an tighe?" ars an
Púncán i gcogar. "Chonnac," arsa Gobnait, "táid
siad chómh beathuighthe sin go bhfuilid aimilighthe le feóil."
"Ní fhaca oighre riamh ortha acht muca 'na seasamh ar a
gcosaibh deiridh," ar an Púncánach, "tá preicill ortha
agus pleisbíní geire ar sile fá na smeigíníbh." "Is
fíor dhuit é," arsa Gobnait; "is dathamhla muinn-
tear na gcneas ngorm 'ná na daoine seo, agus tá na
plubairidhe fear díreach chómh mí-ghnéitheach leis na mnáibh."
"Cad is bun le n-a mí-dhathamhlacht?" ars an Púncán."
"Craos bídh is díghe," arsa Gobnait; "ní fhuil na
Sasanaigh chómh mí-sgiamhach soin agus iad óg." "Óg
nó críonna," ars an Púncán, "ní thaithnid liom, níor
mhaith liom mo shaoghal a chaitheamh 'na measg." "Ná
mise leis," arsa Gobnait, "agus féach gur dhóich leat
ortha gur b'iad sgoth an domhain iad. An té ba
mheasa aca leis is é an duine bocht breóidhte sin sa
leabaidh é." Ní fhuil aon easonóir dá olcas nár thug sé
dhom' dhaoinibh féin," "Bíodh leis an gconablach so,"
ars an Púncánach, "is iad do dhaoine-se mo dhaoine-
se, mar is Éireannach do réir sinnsir mé; mhair ár
ndaoine, agus ná raibh maith aige seo, agus mairfid
'na dhiaidh."
Do gheal croidhe Ghobnait chum an Phúncánaigh, agus cé
nár thaithnigh an fear breóidhte le einne aca; mar sin féin
thugadar aireachas maith dhó, agus sgaoileadar deoch thré
phíb chuige anois is arís ar feadh na hoidhche.
Aon tráthnóna amháin tháinig tinneas cinn ar Ghobnait,
agus ar teacht na hoidhche bhuail sí amach le cead an
Phúncánaigh ar fhaithche an tíghe mhóir. Oidhche bhreágh
ghealaighe sa bhfoghmhar do b'eadh í. Ghabh boladh breágh
cúmhra an fhéir bhainte chuice anoir as na móinfhéaraibh
torthamhla láimh léi. Bhuail sí anonn chum suidheacháin ar
agaidh gheata an tighe mhóir amach. Chas sí a fallaing tim-
cheall uirthe mar bhí an drúcht go trom. Díreach nuair
bhí sí ar tí suidhe d'fhéach sí uaithe soir an bóthar a ghabhann
ó thuaidh cois an bhaill úd. Bhí an oidhche chómh geal soin
go bhfeicfeá uait thar cúpla míle slighe de'n bhealach
fhairsing dhíreach réidh úd.
Tháinig mar adearfá néamhaireacht ar an gcailín, agus
i n-ionad suidhe síos dhí, chas sí ar a cois ar tí gabháil
isteach. Le n-a linn sin chonnaic sí chúiche an bothar anoir
cú dhubh chómh mór le bramach ag cur di ar a lán dithcheall,
agus go luath 'na dhiaidh sin cú chuthaigh gheal 'na diaidh ar
tóir, agus marcach ar cos-in-áirde ag breith ortha.
Rug an chú gheal ar an gcoin duibh ar aghaidh gheata an
tíghe mhóir amach, agus ghríosuigh an marcach í — bean
fhionna-ruadh ar each chaol ruadh — agus do leath sí a dhá
láimh agus d'fhéach sí uaithe amach fá'n spéir faid do
bhí an cómhrac ar siubhal, agus ní cómhrac go dtí é;
iomrasgáil is stolladh idir an dá choin agus gan giog
asda. Bhíodar i ngearracht slaite do Ghobnait, agus
ní raibh innte cor a chur di féin. Chualaidh sí chúiche anoir
fothram agus ar fhéachaint di chonnaic sí dhá shúil mhóra
bhuidhe agus dhá bhioma soluis asta ag déanamh an bóthar
anoir uirthe ar nós sídhe gaoithe. Fá cheann nóimit
d'airigh sí tuargain i gcoinnibh cheap an gheata agus
caitheadh fear 'san aer amach as cáraibligh agus bhris sé
thres na crannaibh agus thríd an eidhneán, agus bualadh ar
chúl a chinn ar an bhféar nglas é gan liúgh ná béic as.
Chuir beirt eile sa cháraibligh sgreadach asda. Tháinig
fir ar rith anuas le fánaidh na faithche agus lainntéar
is coinnle ar lasadh aca, agus liúighidh cuid aca d'aon
ghuth, "Mr. Parheim! Mr. Parheim!" Chrom trí
dhochtúir ós a chionn. "Tá a mhuineál brisde," arsa
ceann acha, agus árduigheadh Parheim isteach 'san tigh
mhór.
"Bhí sé féin ag tiomáint, agus do b'é an tiománaidhe
do b'fhearr i Lúnduin é. Ní fheadar cad imthigh air, chas
an roth tosaigh go hobann agus bualadh i gcoinnibh an
fhalla sinn," arsa fear go raibh guth caol aige ar nós
pisgín cait.
Baineadh a leithéid sin de phreib as Ghobnait nár fhan
cor innte. Sheasaimh sí mar a raibh aici gur imthigh na
daoine eile, acht fá dheire mhothuigh sí an fhuil ag snámh fá
na gruaig le sgannradh mar cheap sí gur chualaidh sí
cogarnaigh i dtor cuilinn 'n-a haice agus liúgh con i
bhfad uaithe. Ghluais sí chum reatha. "Bhíos id' chuar-
dach," ars an Púncánach, "tá an marcus marbh. Deir-
thear go bhfuil an t-anam i bParheim, agus tá fios
curtha ar thriúr banaltran agus ceathrar dochtúir. Is
breágh an rud an t-airgead." "Is beag an mhaitheas ar
an saoghal eile é," arsa Gobnait.
Glaodhadh isteach ortha. Bhí Parheim sínte ar leabaidh,
meall lic-oidhre le n-a chúl, barrach cadáis timcheall a
chinn, gan cor i gcois ná láimh leis, agus gan ruainne dhá
cheannaighthe leis acht cúinne a bhéil agus rinn a shrón,
agus ba chosamhail le gob fiolair an tsrón fhada chórach
soin. Bhí puisínídhe an bhéil tanuidhe iadhta chómh dlúth le
glas.
"Támuid i láthair chuirp," arsa Gobnait. "Tá
preab 'sa chroidhe fós," arsa dochtúir.
Ba gheárr gur tháinig cheithre dhochtúir eile agus trí
bhanaltra ó Lúnduin, agus leigeadh do Ghobnait agus
dá caraid dul a chodhladh, mar bhíodar caithte le háirneán.
Ar eirghe dhóibh ar maidin fuaireadar Parheim fá mar
fhágadar é. I gcionn an lae tháinig banaltra eile i
n-ionad an Phúncánaigh, agus do b'éigean d'ise filleadh
go hósbuidéal Phártholáin. Bhí uaigneas ar Ghobnait
'na diaidh, mar ní bhíodh gruaim uirthe de ló ná d'oidhche,
agus ba mhinic a bhíodh smige an gháire béil 'na súil nuair
ná leigfeadh an béal féin air gur gháiridh sé riamh.
Bhí na banaltraighe do thaithnigh leó féin ag na dochtúir-
íbh nua so, agus níor theastuigh Gobnait uatha i n-aon
chor, acht amháin ó cheann aca, an Dochtúir Brún, agus do
b'éigean dó-san filleadh go hósbuidéal Phártholáin
leis le haghaidh gnótha áirithe. Chonnaic Gobnait go
raibh doicheall roimpe, agus bhí sí ag feitheamh ar feadh
dhá lá go gcuirfidhe fios ar n-ais chum an ósbuidéil
uirthe.
Níor dhúisigh Parheim ar feadh na haimsire sin.
Chídh Gobnait na dochtúiridhe i gcaidreamh le chéile
seacht nó hocht d'uairibh sa ló agus iad ag cogarnaigh is
ag crothadh ceann ós cionn an fhir leóinte.
Bhíodh seana-bhlas aici ortha, mar deireadh sí léi féin
go raibh an fear thar fóirithinn agus ná raibh ós na
dochtúiríbh acht airgead.
Ar theacht na hoidhche, ámh, an tríomhadh lá, chorruigh sé
a bhéal agus bhailigh na dochtúiridhe 'na thimcheall, agus
chrom ceann aca ar ghal acsigen a shéideadh faoi.
Amach 'san oidhche leig sé osna as. "Tar slán,"
arsa Gobnait, agus bh'iongnadh leis na banaltraibh cad
dubhairt sí.
"Beidh sé buadhartha ar feadh na hoidhche," adubhradar
le n-a chéile, "agus is cóir do thriúr againn dul a
chodhladh agus an cailín deóradhta soin na súl ndubh a
chur dhá fhaire." Bhí imreas eatorra féin agus an
ceathramhadh banaltra féachaint cia bheadh ag áirneán.
Shocruigh na dochtúiridhe é, agus fágadh ceann aca i
dteannta Ghobnait, acht ní túisge bhí cúl na coda eile
léi 'ná gur imthigh sise leis, agus ní raibh le tabhairt aire
do Parheim acht Gobnait.
Chuir an fear breóidhte i gcuimhne dhi na cáirde a bhí
sgartha léi. Tháinig uaigneas is cathúghadh uirthe agus
tharraing sí chúiche a paidrín. Amach 'san oidhche agus na
daoine 'n-a suan agus ciúneas ann do chuirfeadh liúgh id
chluais, thosnuigh an fear tinn ar chogarnaigh leis féin,
agus ba ghearr gur chrom sé ar chainnt i nGearmáinis leis
féin. Bhí an chainnt go balbh thríd an bhfillead a bhí ar a
bhéal. Bhog Gobnait an filléad. D'fhliuch sí a charball
le brannda, agus chuimil sí súghlach salainn do phollabh
a shróin. Chrom sé ar a charball do líghreac agus thug sí
a thuilleadh dhó, agus bhí sí ag tochus a phuisínidhe le n-a
méir i gcómhair anama a chur ann. Tháinig a ghuth dhó agus
labhair sé i nGaedhilg — "Mho shlán leat, a Ghleann-ádh na
gcraobh, ba bhinn liom glór do londúbha, acht ba binne
liom thall cois tuinne Tuirc glór mo smólaighe féin.
A Smólach! a Smólach! cá'r ghabhais uaim?"
D'éist sí leis ag glaodhach thré n-a thaidhbhreamh. Bhí a
súile ag leathadh uirthe agus codhladh gríbhthín 'na ballaibh,
agus liúgh 'na cluais. Thóg sí an barrach dá aghaidh go hair-
each is go réidh, agus chonnaic sí Eoghan Paor agus a
shúile dúnta. Do b'éigean di lámh a chur ar a béal i
gcás ná sgreadfadh sí, agus greim do bhreith ar chnaisde
na leabthan nó thuitfeadh i gceann a cos mar bhí meidhreán
uirthe.
Thuit sruth deor léi. Phóg sí a lámha, phóg sí an t-éadach
leabthan bhí anuas air, agus tháinig mian thar feóir uirthe
barróg a bhreith air agus é phógadh is é dheochadh.
Ba ghearr gur tháinig creathadh baill uirthe, agus bhí sí
ar dearg-lasadh le náire. Bhí an truagh dhó ag briseadh
a croidhe le heagla gur mhúsgail sí é, agus go mbeadh a
anam uirthe.
Tiomáineadh bior eile láithreach thríthe, mar chuimhnigh
sí go mb'fhéidir go raibh an fear so pósta. Ghnídh sí
iarracht ar phaidir a rádh, acht chaill sí na focail. Shleamh-
nuigh an t-éadach leaptha dhá bhrághaid, agus nuair a bhí sí
dhá chlúdach chonnaic sí fá na mhuineál bonn Mhuire a thug
sí féin dó a bhfad roimhe sin, agus chrom sí ar ghol.
Bhí sí chómh buailte sin 'na haigne go ndubhairt sí léi
féin gur mhaith léi dá mb'é toil Dé é bás d'fhághail ar an
láthair sin.
Bhí Eoghan Paor fá'n am soin 'na chodladh chómh socair
le naoidhneán, agus d'éist sí le n-a anáil ag líonadh is ag
trághadh, agus thuit a smeigín féin ar a hucht agus tháinig
miog chodhlata uirthe.
Dhruid duine éigin an dorus go bog, agus dhúisigh
Gobnait de gheit. "Cá bhfuil an bhanaltra eile?" ars
an dochtúir, acht sul a raibh freagra as a béal, "Éist!"
ar seisean, agus a dhorn ar a smeigín aige; "codlann
sé; tharraingeamair as béal an bháis é," agus chuimil sé
a lámha dhá chéile fá mar a bheadh sé dhá nighe.
"Glan-sa leat a chodhladh, fairfead féin anocht é,"
adeir an dochtúir.
"Ní chorrochad cos," adeir sise, "go ndúisighidh sé;
b'fhéidir go dteasdóchadh sagart uaidh." "An ó Par-
heim?" ars an dochtúir. "Seadh," ar sise, "Caiti-
licighe is eadh é." Stad an dochtúir ar feadh tamaill.
Fear beag liath do b'eadh Crimp agus dhá súilín aige
nós meanuighthe. "Ní fhuil aon chreideamh agam fhéin," ar
seisean. "Is ar Pharheim atámuid ag trácht," ar
sise. "Ní dócha go raibh sagart riamh sa tigh seo," arsa
Crimp, agus gháir sé leis féin. "Mar sin féin," ar
seisean, "má iarrann Parheim sagart gheóbhaidh sé é."
"An gcuirfir an cheist chuige?" "Go deimhin, ní
cuirfead," arsa Crimp. "Dá réir sin, fanfadsa mar
a bhfuil agam go ndúisighidh Parheim," ar sise. D'fhéach
sé uirthe leis na súilibh meanuighthe. Níor theasduigh uaidh
éinne acht é féin a bheith láimh le Parheim nuair a dhúis-
eóchadh sé. "Gheobhair do ghuidhe, a bhean óg," ar seisean,
"imthigh leat a chodladh, tá sgéan id' shúilibh agus lasadh
ionnat."
Ní raibh aon fhonn codlata ar Ghobnait dá thuirsighe bhí
sí, agus ní túisge bhí breacadh an lae ann 'ná gur bheartuigh
sí chum siubhail, agus ghluais sí uirthe go hósbuidéal
Phártholáin le haghaidh labhairt leis an ndochtúir Brún.
Bhí sí chómh tnáidhe sin go mb'éigean dóibh í chur a chodladh.
Ar maidin a mbháireach gluaisan Brúnach leis go hEtfíld
agus thug sé aire do Pharheim, agus bhí sise sásta, mar
bhí muinighin aici as an mBrúnach. I gcionn seachtmhaine
dubhairt na páipéir go raibh Parheim ag teacht chuige féin
agus tógadh isteach go hósbuidéal Phártholáin é, mar
a raibh seomra leis féin aige. Níor tháinig Gobnait 'n-a
ghoire.
D'innis an dochtúir Brún di ná raibh pioc ag cur ar
Pharheim anois acht amháin an lurga do sgúmhadh go géar
le géagaibh na gcrann nuair a thuit sé thríotha. "Is eagal
liomh," ar seisean, "go raghaidh sé dhínn í chneasughadh,
tá an fheólmhach leis agus ní féidir sgeannán a chur
uirthe. Bhí an liath-bhuidhe orm féin i n-uraidh, agus ní
dhéanfadh stiall dom' chroiceann aon mhaitheas dó acht
díoghbháil."
"Ní dhéanfaidh sé aon dochar dómhsa, le congnamh Dé,"
ar sise, "stiall dom' chneas a thabhairt dó ar aon
choingeal amháin." "Agus cad é an coingeal soin?"
ars an dochtúir.
"Ná beidh fhios ag éinne acht agatsa cá bhfaighfear
an cneas so do'n bhfear breóidhte." "Gheobhair do choin-
gheal," ars an dochtúir, "acht a dtuigeann tú an chon-
tabhairt atá rómhat?" "Sgríobhfad síos mo chead
duitse, agus brostuigh ort leis an gnó," ar sise, agus
pé iongnadh a bhí ar an ndochtúir ní raibh sé ann cur 'na
coinnibh.
Ar maidin lae arna bháireach cuireadh fá'n sgiain í,
agus ba gheárr go raibh Parheim cneasuighthe agus ise
slán chómh maith.
I gcionn mí bhí seisean chómh maith is bhí sé riamh, acht ní
raibh fhios aige go dtí bliadhanta 'na dhiaidh súd go raibh
leadhb de chroiceann Ghobnait ar a lurgain.
Nuair d'fhág sé an t-ósbuidéal slán sgríobh sise
chuige, agus d'innis dó fá mar ar thuit amach ó sgaradar
ó n-a chéile seacht mbliadhna roimhe sin.
Má bhí iongnadh uirthe-se ar bhualadh leisean ar an
gcuma úd is mó 'ná soin an iongnadh bhí airsean ar léigh-
eamh a litire dhó.
Ghléas sé cóiste dhá chapall láithreach, agus ní raibh
coinne aici leis nuair do bhuail dochtúir fá n-a déin
agus í i bhfeidhil a gnótha, agus dubhairt go raibh Par-
heim ag feitheamh léi 'san tseomra suidheacháin.
Bhí sgáth uirthe roimis. Thóg sé ar a bhacalain í agus
thug teora póg dhi. Bhí dath croidhearg uirthe nuair a
sgaoil sé uaidh í, agus chrom sí ar ghol. "Ní leomhfar
mé phógadh go deó arís, ní leat i n-aon chor mé!" ar
sise. "Seadh, ní phógfad i n-aon chor thú," ar seisean;
"bhís fiadhain mar sin riamh, agus bíodh do thoil féin
agat," agus shuigheadar ar aghaidh a chéile amach, agus
chaitheadar seal i dteannta chéile go geal-gháiriteach agus
go nádúrtha ag cainnt is ag cómhrádh is ag trácht thar
Chill Áirne agus thar gach nídh dh'ár thuit amach ann le n-a
linn.
CAIBIDIL A DÓ DÉAG.
PARHEIM.
Fear caol árd fionna-ruadh glan-bheárrtha do b'eadh
Parheim. Rugadh i dTalamh an Óir é." Dochtúir do
b'eadh a athair, agus do b'éigean do san teicheadh leis as
Tráighlí i mbliadhan na bhFíníneach, agus i n-ionad daoine
a leigheas thíos amuich is amhlaidh do thosnuigh sé ar thalamh
a cheannach is a dhíol, agus nuair do tháinig an bás air
dubharthas nár bheag an iongnadh acht an méid ollmhaithis a
d'fhág sé 'n-a dhiaidh.
"Má dhíbrigh na Sasanaigh sinn," adeir an bhaintreabhach,
"fillfeam ar n-ais ortha, mar ní chodlóchadh an Paorach
go socair annso," agus thóg sí léi thar bóchna mór a céile
mharbh, agus chuir 'san mhainistir cois Locha Léin é. "Is
leis na Sasanaigh Talamh an Óir, gan aon chur isteach
ortha, acht ní ionann scéal aca idtaoibh Éireann, ní leó
i n-aon chor an tír sin, gibé duine adéarfadh a mhalairt.
Níor ghéill an Paorach riamh dhóibh, agus ní ghéillfeadsa
acht chomh beag."
Bean de mhuinntir Shúilleabháin na dTóime do
b'eadh í féin, agus bhíodh sí ag síor-thrácht thar Éirinn agus
thar fheall na Sasanach i nGaedhilg le hEoghan, a mac.
Cuireadh ar sgoil sa Ghearmáin é, agus bhíodh sgéimh áithis
ar a mháthair nuair a chloiseadh sí ná'r lúgha leis an sioc
'ná na Sasanaigh.
Is minic a mhachtnuigh seisean ar cad é an chuma do
b'fheárr chum bheith suas leis na Sasanaigh sin.
Nuair d'fhill sé go Talamh an Óir ar fhagháil bháis a athar
d'áirimh sé a raibh le hudhacht aige féin, agus gnídh sé
airgead tirim de. Bhuail sé isteach i mbanc Bhonchúr,
agus bhí cinn stiúrtha an bhainc sin ag lutáil 'n-a thimcheall
mar chuir sé i dtaisge chúcha os cionn milliún púnt.
Bíonn aonach ronna i ngach baile mór gur fiú baile
mór a ghlaodhach air, agus ba dhála soin do Mhelborn.
Cheannuigh Eoghan Paor ar an aonach úd gach roinn a bhí
dhá ndíol ag cuideachtain bhainc Bhoncúr, agus d'éilimh sé
a thuilleadh aca. D'eirigh ronna an bhainc sin láithreach
dá dheasgaibh, acht ní túisge chuirtidhe ar an margadh aon
lán doirn aca 'ná go gceannuigheadh seisean iad, go
raibh luach céad míle aca aige. Léig sé dhóibh annsoin,
acht má leig féin bhí daoine eile dhá gceannach agus dhá
ndíol, agus leanadar leó ag eirghe go raibh ronna
Bhoncúr dhá chur thré chéile ag gach béal i Melborn.
Leis sin dhíol Eoghan Paor a ronna ar an margadh dhaor
agus ghlan sé dhá chéad míle púnt asta.
Ba gheárr gur thosnuigh na ronna ar thuitim i luach.
Bhíodar ag tuitim go ceann seachtmhaine. I gcionn na
haimsire sin tháinig sgéan ar na daoinibh go raibh an banc
ar tí briste agus gach duine go raibh aon airgead aige
ar breis díol sa bhanc úd rith sé dhá éileamh gan mhoill.
Nuair a rith duine rith deichneabhar, rith céad. Bhíodar
ag pulcadh timcheall an doruis. Ba gheárr go rabhadar
ag iomrasgabháil féachaint cia bheadh i dtosach. Cromadh
ar a n-íoc i n-airgead glan. Níor leighis sin an gnó.
Bhí an pulcadh ag dul i ndéine.
Fá dheire tháinig Eoghan Paor amach ar láithreán cois an
doruis, agus labhair sé leis na daoinibh agus ar seisean:
"Éistidh liomsa nóimitín; féachaidh air seo. Tá admháil
annso agamsa ar an mbanc soin ar mhilliún púnt, agus
tá an méid sin óir i dtaisge ag an mbanc. Díolfar
gach duine agaibh do réir a éilimh is a chirt. An dóich
libh ámh ná go mbeinnse ag éileamh mo choda féin
i n-éinfheacht libh dá mba dhóich liom go mbeadh aon bhaoghal
ar an mbanc so?"
Stad na daoine. D'fhéachadar ar a chéile. D'aon
ghuth chuireadar liúgh áthais asda. Dhéineadar anonn ar
Eoghan Paor le n-a thógaint ar a nguailnibh, acht sgeinn
sé uatha. Sgairteadar, is chaitheadar a hataí sa n-aer,
agus sgaipeadar gach duine chum a thíghe féin go sásta.
"Tá ainm do bhainc i n-áirde a Bhoncúr, beidh gnó do
dhóithin agat feasda," arsa Eoghan Paor, agus do
b'fhíor dhó é."
"Agus féach," adeir sé le n-a mháthair, "bhí Boncúr
go maith lem' athair, acht ní mar sin do'n Sasanach dhubh
sin Botil. Bhíodh seisean i gcómhnuidhe sa mhullach air,
agus dhá leathadh gur tiomáineadh as Éirinn toisg a
dhroch-chleachta mo laoch-athair, agus féach cad tá dhá bhárr
ag Botil indiu! Cheannuigh sé luach na mílte púnt de
ronna Bhoncúr ar an margadh dhaor, agus is lag a shílidh
sé go raibh sé ag cur na mílte im' phóca-sa. Nuair a
chonnaic sé na ronna ag tuitim leath sé an ráfla mios-
guiseach go raibh Boncúr briste agus ar ndóich ba gheall
leis dó muna mbeadh mise. Is é Botil féin atá thíos
leis anois."
"Ní thuigim cúrsaidhe na ronna soin i gceart," ars an
mháthair. "Ní beag duine againn chuige," ars an mac.
"Chuireas tairnge i mbeo i mBotil go háirithe; is -
sean-fhocal é, "mara beidhid siad duit bí dhóibh, acht
ná bí choidhche gan an chruimh id' shróin.""
"Ní mar sin é, a mhic, maith i n-aghaidh an uilc," ar sise.
"Is mar sin ba chóir, is dócha, a mháthair, acht ní mar sin
a thuigeann Botil é." Má's maith leis ámh casadh a bhaint
asamsa bíodh aige. Ní fhuil leigheas agam ar mo aigne.
D'áirmhighinn cheithre sraith figiúirí d'aon iarracht ar
sgoil. Dubhairt an t-ollamh ná'r áirimh éinne' riamh
rómhamsa chúig sraith figiúirí i n-éinfheacht, agus thuit a
spéaclaidhe dhe le hiongnadh nuair a chonnaic sé mise dhá
dhéanamh. Má thugaim aire go ceann seachtmhaine do
mhargadh na ronna agus féachaint cionnus a eirgheóchaid
is mhaolóchaid i gcionn an méid sin, léireóchainn am'
aigne luach mílliúin díobh, agus dá ndéarfainn le duine"
díolsa do ronna indiu nó caillfir a mbáireach ortha,"
agus le duine eile "ceannuighse an meid sin ronna anois
agus beidh a leithéid seo de luach ortha i gcionn seacht-
mhaine," is annamh a bhím púnt ar tuathal." "Cionnus
a deantar é?" ars an mháthair.
"Is baoghlach ná féadfainn é mhúineadh dhuit, acht seo
mar a ghnidhim é, roinnim na ronna im' aigne idir thriúr
daoine macánta, agus seacht seacht ar dhúbailt seacht
bitheamhnach, agus is mar sin a léirighthear an margadh."
"Phléasgfadh ar mo cheann leis," ar sise. "Taithnigh-
eann sé liomsa," ar seisean, "agus tá sé riachtanach
orainn dul go Lúnduin Shasana go ceann tamaill.
Bíonn an iomad airgid dhá chur thré chéile ar Aonach na
Ronna annsúd. Deireadh mo shean-ollamh sa Ghearmáin
gur bh'í Lúnduin an áit ba dhuairce d'ár bhuail riamh leis.
Mar sin féin tá ladhar ag clainn Sheáin Bhuidhe i gcuid
mhaith airgid nách leó féin, is nár thuilleadar, agus ba
mhaith liom cor coise a bheith agam leó."
"Ní háil liom Lúnduin agus ní háil liom Seán Buidhe
acht chómh beag: ní fhuil aon chroidhe aige," ars an mháthair.
"Tá; ní id' shárúghadhsa é a mháthair. Tá croidhe aige,
acht ní 'na chliabh acht 'na phóca atá sé, agus dá mbuail-
feá an póca bhrisfeá an croidhe istigh ann."
Agus cloisimíd trácht thar an bhfear saidhbhir annsúd
nuair achailleann Prógras a dhoirnín airgidagus tugtar
Parheim ar an bhfear saidhbhir sin. Agus dá mbeitheá
amuich i gcoill mhór Eiping tráthnóna áirithe fóghmhair
chífeá i gcúilín fé's na crannaibh triúr fear, ceann aca
caol, árd, fuinnte, súile glasa aige do raghadh thríot,
béal tanuidhe docht aige, gruaig fhionna-ruadh air agus
srón fhada mhór chúmtha air, agus crom innte ar nós guib
fiolair nó seabhaic. Sin é Parheim, agus an fear beag
soin is é Grieber é, agus an tríomhadh fear an t-aibligh-
theóir.
Leathann Parheim lín-éadach ar an bhféar nglas, agus
osglann sé ciseáinín slatach geal agus taraingeann
chuige arán agus feóil lachann, is buidéal fíona, agus
ithid i dtriúr, agus cuireann Parheim an fuighleach —
leath an bhuidéil fíona, blúire feóla is arán — isteach go
baileach sa chiseáinín, agus dúnann é."
Agus do chloisfeá ag cainnt iad, Parheim 'na luidhe
ar a leis ar sheithe leómhain agus deatach tobac uaidh
ag measgadh le duilleabhar na gcrann ós a chionn."
"Agus cia dhéin na crainn, a Pharheim?"
"Dubhairt an Tighearna le n-a aingealaibh seasamh ar
mhuraibh Neimhe am thráthnóna, agus síol do sgaipeadh
uatha amach 'na dhóirnibh, agus ghlaodhaidh Sé chuige ar a
sheirbhísigh is dubhairt leis an ngaoith na síolta a sgaipeadh
is a chur ar faid tailimh an domhain is leis an bhfearthainn
sa ló is an drúcht san oidhche na síolta do bhogadh is
d'fhliuchadh agus stiúraidh Sé an gath gréine dhá dteó'
nuair a chuireadar a gcluasa ós cionn talmhan, agus is
mar sin d'fhás na crainn."
"Acht cá bhfuair Sé an síol so le n-a sgaipeadh?"
arsa Grieber ag leamh-gháiridhe. "Ní fhuil ann acht mo
chuma ráidhteachais féin," arsa Parheim, "agus is mar a
chéile cad do ghlaodhfar ar an gcumhacht do chruithig an
saoghal go léir cia aca an Tús nó an Tighearna is cóir
a ghlaodhach air. Is beag an mhaitheas d'ealadhain bheith ag
áiteamh orainn gur déanadh nó gur cruthuigheadh as a
ngustal féin gach a bhfeicimíd 'nár dtimcheall. Bhínn
ag éisteacht le Haecil agus bhí seana-bhlas agam air fá
dheire. Is deacair go leór géilleadh do chreideamh, acht
is deacra seacht n-uaire gan géilleadh dhó. Ghnídh
cumhacht éigin an domhan so; ní raibh sé i gcumas an
domhain féin a rádh "bíodh mise déanta feasda," mar
nách raibh éinnídh ann ar dtúis agus ní féidir le neamh-
nídh éin-nídh do dhéanamh."
"Cionnus do déineadh na réaltanna, adeirir?"
"B'fhéidir gur sgoilteadh iad as aon réaltann mór
amháin ar dtúis, acht ní raibh aon neart ná cumhacht aca
iad féin do dhéanamh is do léiriughadh fá mar atáid siad
indiu acht fá mar atá ag an gcloich léith sin ar d'aghaidh
amach fear do dhéamamh aisde féin."
"Agus b'fhéidir gur bh'fhear an chloch soin tráth," arsa
Grieber.
"B'fhéidir gur ba mhuc mise agus gur bha crann thusa,
a Ghrieber, agus gur fhan goile na muice agamsa agus
ceann adhmaid ortsa," agus chuir Grieber meabhlaigh
gáire as, mar is furusda d'fhear saidhbhir toisg a shaidh-
bhris gáire bhaint as chách, acht is beag an toradh bhíonn ar
thagaracht dhuine bhoicht. "Mho ghreidhn tu a rud agam,"
adubhairt duine ciallmhar éigin fadó, agus ba dhála soin
do Pharheim. Leig Grieber dhó, agus d'éist leis go
hurraimeach, agus lean seisean air.
"Cad do thug teas," adeir sé, "do'n ghréin?"
"Cad do thugann teódhacht do'n dlaoi féir sin agad"
chosaibh agus chuireann fhiachaibh air fás ins an earrach,
agus feóchadh 'san gheimhreadh. Is breágh an rud ealadha,
acht tá teóra léi.
"An Fás soin do chraobhsgaoil Darbhin agus Lamarc
roimis agus Hugslí is Haecil is a thuilleadh aca 'n-a
dhiaidh tá lúb ar lár ann. Bréag-ealadhan is eadh mórán
de.
"Baineann gach saghas ainmhidhe ar druim domhain le
cineál éigin áirithe, agus tá gach cineál acasan deighilte
ó n-a chéile i ndéanamh, agus ní féidir cineál nua a
chumadh asda. Dá leigfeá an stail asail chum na lárach
capaill bheadh miúil agat, agus mar sin dóibh. Tá teóra
leis gach cineál ainmhidhe agus ní féidir le cineál fás
as cineál eile."
"Agus, má's mar sin é, cad 'n-a thaobh go bhfuiltear ag
iarraidh an ealadhan nua so a dhingeadh isteach i n-intinn
daoine?" arsa Grieber.
"Leathann a lán daoine gur beag é a n-inntleacht an
ealadhan soin," arsa Parheim, "agus is é mo thuairim
gur mhaith leó í bheith fíor i gcás leathsgéil a bheith aca
chum an Chruthuightheora a shéanadh. Sé do ghriogann mise
ná an t-eirghe 'n-áirde bhíonn ar lucht bréag-ealadhan.
Siúd is go mbeadh beagán de'n cheart ag Haecil ní fhágann
soin ná gur chruthuigh Cúmhacht éigin an domhan. Nár
chóir dhúinn bheith béasach mánla toisg ná bhfuil ag an té
is feárr againn acht leithead baise d'eólas i dtaoibh na
cruinne.
"Ní fhuil inntleacht 'ná tuigsint an chine daonda ag
dul i bhfeabhas ná i dtreise. Bhí inntleacht is tuigsint
níos géire ag fearaibh a mhair dhá mhíle nó trí mhíle bliadhan
ó shoin 'ná mar atá againn indiu. Féach ar Arístatl is
ar Mhaois is ar Úclid. Cuimhnigh ar pé duine a chuir
gráinne síl sa talamh ar dtúis agus do mheil an t-arbhar
agus bhain cruithneachta as agus do bhlais í. Níor bh'éan
amadán é." Chuir sé sinne fá chumaoin. Is amhlaidh
a fhoghluimímíd ós na daoinibh a tháinig rómhainn fá mar a
fhoghlumóchaidh na daoine a thiocfaidh 'n-ár ndiaidh uainne.
Déarfá ná fuil sa méid sin acht cleas lámha is aithris,
acht féach, is é mo thuairimse ná fuil meabhair 'ná
inntin an duine ag dul i bhfeabhas ó aois go haois.
"Meallamaoid sinn féin gur éifeachtaighe sinn 'ná na
daoine tháinig rómhainn. Mheall daoine gach aoise iad
féin ar an gcuma gcéadna. Is maith an rud gur ghnídh-
eadar mar spriocann a leithéid sin d'uallacht daoine
gach aoise chum ruda a dhéanamh níos fearr 'ná ghnídheadh a
sinnsear é, agus mar a mbeadh an spriocadh soin raghamuis
ar gcúl, agus i gceann tamaill bheadh an chine daonda
chómh dall-inntineach le beithidhigh."
"Seadh, má's eadh; admhuigheann tú gur éifeachtaighe
sinn 'ná ár sinnsear," arsa Grieber. "Tá nidhthe
áiseamhla againn ná raibh ag ár sinnsear. Támuid ag
dul chum cinn ar an gcuma soin acht ní fhuil aon fheabhas
ag dul ar ár smaointibh ná ar ár n-aigne." "Creidimse,"
arsa Grieber, "gur bha dream gan chéill ár sinnsear,
dream piseógach a bhíodh ag crith istoidhche roimh phúcaibh
is síothbhraidhe is alltacht de'n tsaghas soin."
"Siúd is gur bh'eadh féin is feárr é 'ná an t-ain-
chreideamh marbthach soin a chuireann 'na luidhe orainn ná
fuil saoghal eile ann i n-aon-chor ná anam mairtheannach
acht amháin beóthacht feóla d'fhaghann bás chómh luath is
d'fhágann an mhothuigheacht an cholann."
"Ní fhuil aon fhios agamsa go bhfuil aon anam istigh
ionnam seachas an luadháil seo atá im' chnámhaibh is im'
bhallaibh," arsa Grieber.
"Ní fear diadhachta mise," arsa Parheim, "acht tá
freagra ar an méid sin 'san chredeamh Chríostaighe, agus
réidhtighim leis. Budh chóir dhom a rádh ámh nách fear
creidimh mé, mar sin féin tá creideamh liom féin agam,
agus tá a fhios agam go bhfuil anam ionnam, tá meabhair
agam is cuimhne agam, tá fhios agam go rabhas im' leanbh
agus má mhairim leis go mbead im' shean-duine; tá
urlabhra agam, rud ná fuil ag aon ainmhidhe eile; tá
tuigsint agam do thuigeann cad is olc agus maith ann;
tá aigne agam chum machtnaimh; tá inntin agam a réidh-
tigheann cuid de cheisteannaibh cruadha na meanman. Ní
bheadh na tabharthasaidhe sin agam muna mbeadh go bhfuil
anam mairtheannach istigh ionnam."
"Má tá anam ionainn," arsa Grieber, "tá saoghal
eile seachas an saoghal seo i ndán dúinn, agus b'fheárr
liom-sa gan cuimhneamh air."
"B'fheárr liom fhéin leis é, a Ghrieber, acht cuireann
sé buaidhirt orm go minic. Is baoghlach gur beag é mo
chreideamh. Cúpla uair, nuair a bhí an bhuaidhirt sin ag
cur orm mheasas gur tháinig mar a bheadh solus éigin im'
inchinn. Ar mhachtnuighis riamh ar an Maighdin Muire,
a Ghrieber?"
"Go deimhin féin, níor mhachtnuigheas. Cad fá ndeara
go machtnóchainn?"
"Mar ní rugadh riamh is ní bhéarfar choidhche," arsa
Parheim, "aon bhean eile mar í siúd. Cuireann a
hainm i gcuimhne dhom luibhneacha meala is bláthanna
cúmhra ar mhóinfhéaraibh. Is gile í 'ná an sneachta, is
mílse í 'ná an chíormheala, is binne a guth 'ná cogarnach
easaidhe an chnuic, is breághdha a súil 'ná réaltann, is
taithneamhaighe a sgáil 'ná an gath gréine," agus dhún
Parheim a shúil mar bhí an tráthnóna ciúin te, agus thuit
néal chodlata air.
Leath an t-aiblightheóir go cúramach seithe mathghamhna
anuas air mar bhí an drúcht ag tosnughadh ar thuitim, agus
na héin ag teacht abhaile agus sgáil an tuitimín tráth-
nóna ag teacht ar an gcoill.
Chodail Parheim leis, mar bhí sé tuirseach d'éis
shaothair a oifige. D'eirigh an ghealach 'n-a meall bhuidhe-
dhearg sa domhan toir sul ar dhúisigh fear an óir.
Thosnuig an cáraibligh bhí ag feitheamh leis ar a sgórnaigh
do réidhteach agus ar a innithir a chrothadh agus ar ghail a
shéideadh amach as fá mar a bheadh anfaidh cuirp ar
bheithidheach allta éigin.
Bhuail Parheim cóta mór cába uimis is laimhínidhe
leathair air féin. "Suidhse thiar, tiomáinfead féin," ar
seisean le n-a thiománaidhe. D'iarr sean-chrúnca fir
a bhí ag tarrang a chnámha 'n-a dhiaidh déirc air ar son Dé."
"Glan leat," arsa Grieber, acht d'fhéach Parheim ar an
bhfear mbocht agus tháinig truagh aige dhó mar bhí sé
féin chómh lúthmhar le fiadh agus thug sé dhá phíosa airgid
dó.
Phreab sé annsan isteach sa chár aibligh bhí ar crith le
fonn imtheachta agus sgaoil sé an cosg, agus as go
bráthach leis an gcóiste mhaol fá mar a bheadh anam innte.
Amach leó fá dhéin Hárló, is a gcúl ar Lúnduin. Sgeinn
na fallaidhe is na fála thársa. Ba chuma leó ísleán nó
árdán. Má bhí cros-bhóthar ar a n-aghaidh amach leig an
adharc búithre. Bhí an bealach leathan is an ghealach 'n-a
suidhe agus Parheim ar an láimhstiúir. Níor bheag soin.
Ar aghaidh linn, tighthe móra is beaga, tighthe geala is
ruadha, crainn is droichid is teampaill ag eiteallaigh
tharainn is fuaim na gaoithe 'nár gcluasaibh.
Amach linn ar an mbóthar mór ó thuaidh. Is mithid
dúinn bheith ag casadh ar chathair Lúnduin. Féach na
soillse ag Etfíld. Ní fheadar cionnus tá an marcus,
acht is cuma linn, tuille tubaiste chum na coda
eile aca siar go hearball timcheall. Éist le glór na
roth, nach fíor a chasaid, nach binn a sheinnid ar an mbóthar
gcruaidh nglan réidh. Is geárr go mbeam i Lúnduin, is
luaithe sinn. 'ná each na hIne Ruaidhe.
Agus chínn Gobnait chúiche an dá bhioma soluis úd
as shúilibh gloine an cháraiblighe agus preabann a croidhe
'na cliabh nuair a chloiseann sí an chnag is an tuargain i
gcoinnibh cheap geata tighe mhóir Etfíld agus spriúchtar
Parheim thré dhuilleabhar is géaga na gcrann amach ar an
bpáirc ghlais 'na fiadhnaise.
CAIBIDIL A TRÍ DÉAG.
PARHEIM IS GOBNAIT.
Bíodh sé le rádh gan bréag go raibh Parheim chómh glan
i n-aigne le cailín óg agus gur mheasa leis Gobnait 'ná
a raibh de'n tsaoghal aige.
Mar sin de, nuair a sgríobh sé chum an ósbuidéil
chúice gur mhaith leis bualadh léi feasda gach aon tráth-
nóna bheadh saor aici bhí sé deimhnightheach go raibh sí chómh
ceanamhail air agus bhí sí nuair do gheall sí dhó seacht
mbliadhna roimhe sin bheith 'na mnaoi aige. Ní raibh aon
choinne aige go raibh aon atharrughadh aigne tagaithe uirthe.
Bhí fhios aige gur phós sí fear eile, mar d'innis sí dhó gach
nídh fá mar thuit amach. Ní raibh aon mhilleán aige uirthe
toisg gur mealladh í, agus bhí sé dearbhtha go raibh sé
riachtanach uirthe an gheallamhaint a thug sí dhó féin a
chómhlíonadh.
Dá réir sin, d'iarr sé uirthe na tráthnóntaidhe bheadh
saor aici a chaitheamh 'n-a theannta féin go mbeadh sí réidh
chum pósta.
Dubhairt sé leis féin gur chóir gan labhairt léi 'dtaoibh
phósta go fóill go mbeadh cuimhneamh an fhir sin a bhí
snadhmtha léi imthighthe as a ceann agus má ba mhaith léi
fuireach ag an ósbuidéal nár ghábhadh dhó cur isteach uirthe
go bhfágfadh sí an áit le n-a toil féin.
Bhí meas mór uirthe 'n-a gnó agus bhíodh trí tráthnóna
sa tseachtmhain saor aici. Théigheadh sí oidhche acasan go
sgoil Chumainn na Gaedhilge, agus gheall sí bualadh
leisean an dá oidhche eile, mar ní raibh aon duine ar
thalamh an domhain do b'ionmhaine léi 'na é."
Bhuailidís araon na tráthnóntaidhe úd an tsráid amach
ar nós na gcéadta eile a bhíodh ag siúbhlóid le haghaidh
gnótha nó díomhaointis.
D'fhéachadh an bheirt isteach i bhfuinneogaibh siopaidhe,
agus nuair a bhídís tuirseach de ba ghnáthach leo uair an
chloig a chaitheamh i dtigh bídh Fhrascaite mar ba mhaith le
Parheim an méid sin cumaoine a chur ar ghrádh a chléibh.
Bhí cúinne deas clúthmhar aéreach annsud mar a
gcaithidís biadh, bórd deas ann oireamhnach do bheirt agus
dhá chathaoir throm fhairsing clúduighthe le leathar.
Thagadh daoine saidhbhre isteach annsúd idir fhear is
bean, agus do b'áil le Gobnait éadach mín na mban
agus a gcuid péarlaidhe is fáinnidhe a thabhairt fá ndeara.
D'fhiafruigh sí dho Pharheim cad ba dhóich leis a chosain na
héadaighe úd, acht ba mheidhreach é a gháire sin mar
deireadh sé nár thuig sé pioc i dtaobh éadaigh ban, agus
gur bh'fheárr leis an chulaith dheas dheaigh-dhéanta liath-
dhorcha bhí ar phearsain chúmhtha Ghobnait féin 'ná na síod-
aidhe is na hataí móra clúimh-éanaigh a bhíodh ar na mnáibh
iasachta úd. Bhí culaith dheas ghlascaorach ar féin d'oir
dhó chómh maith is dá mbeadh sí ag fás air agus hata de
dhéantus bhog a chuireadh sé 'na phóca ar shuidhe chum búird
dó. Cé go raibh cruth an duine uasail air 'na bhallaibh is
a phearsa níor dhóich leat air go raibh ualach saidhbhris aige.
Ní raibh slaod 'ná puimp air, 'ná mórtas, acht i n-ionad
soin bhí sé cúthaileach mánla sóchma, agus neamh-mhaoidh-
teach 'na chainnt.
Thógadh sé an bhille lóin de'n bhórd agus d'fhéachadh air
ar feadh tamaill, agus d'fhiafruigheadh de Ghobnait cad
ba mhaith léi agus nuair a thoghadh sise é seo agus é siúd
deireadh seisean gur mhaith leis an saghas céadna díreach,
amhail is dá mba ba chuma leis i dtaobh bídh, acht ise
bheith 'na chuideachtain.
Labhraidís i gcomhnuidhe as Gaedhilg, agus ní chuireadh
aon eile suim 'na gcainnt, mar bhíodh teangthacha na
hEórpa dhá labhairt ó am go ham annsúd, agus dá réir
sin bhí an bheirt leo féin fá mar a bheidís ar mhullach
cnuic.
Ní leigeadh aon fhear friotháilte air go bhfeicfeadh sé
iad, acht mar sin féin pé rud a bheadh ag teasdabháil ó
Pharheim ní raibh aige acht féachaint i dtreo dhuine aca
agus bheadh fear friotháilte láimh leis láithreach, agus
d'éalóchadh leis 'na dhiaidh sin fá mar ba sgáil é." Bhain-
eadh Gobnait an iomad suilt as so, mar ní raibh taithighe
aici ar chúrsaíbh tighthe bidh i gcatharachaibh.
Bhí an teach úd chómh compórdach soin ná mhothuighdís an
tráthnóna dhá chaitheamh go mbíodh cúpla uair an chloig
gaibhte thársa, agus é i n-am dul abhaile.
"A Eoghain," arsa Gobnait aon oidhche amháin, "cad
'n-a thaoibh go nglaodhtar "Parheim an óir" ort?" Gháir
seisean go bog is go réidh. "Is dócha," adeir sé, "go
bhfuil fhios soin aca féin, pé daoine iad. Tá beagán
óir agam, sé sin agamsa is agatsa pé uair is maith leat
teacht chum a chaithte. Is dócha dhá n-iarrainn cómhairle
ar chách cionnus é chaitheamh go mbeadh an oiread cómhair-
leóirí agam agus bhí ag Cárnégí, acht níor iarras í fós,
agus ní fhuil fonn a iarraidh orm acht chómh beag, sé
sin munar bh'áil leatsa cómhairle a thabhairt dom."
Gháir sise chómh meidhreach leisean, agus adubhairt go
dteasdóchadh a fhios a bheith aici an méid a bhí aige sul a
dtabharfadh sí an cómhairle sin uaithe. Ní raibh sí acht
mar mhagadh, acht do mhachtnuigh Parheim go lán dáiríribh,
agus nuair d'iarr sí air gan an sgéal a bhac is amhlaidh
a d'fhéach sé uirthe go cruinn, agus adubhairt: "Beidh
ár ndóithin againn d'éis an méid atá curtha i leath-taoibh
agam i gcomhair na hÉireann."
Chuir sise cluas uirthe féin láithreach. "Innis rún do
mhnaoi," adeir sé, "agus ní rún níos sia é; acht ní
ghéillim i n-aon chor dá leithéid sin, mar is liomsa thusa,
agus is leatsa mise," agus d'fhéach sé idir an dá shúil
uirthe go nádúrtha agus go béasach. Las a leaca agus
d'fhliuch a súil, acht níor ghoill an méid sin ar Pharheim,
mar níor tuig sé é, agus do lean sé leis ag cainnt.
"Tá fhios agat," adeir sé, "gur tiomáineadh as Éirinn
mo athair, agus nách cóir dho'n mhac an méid sin a dhear-
mhad. Ní féidir an Gall a thiomáint amach gan troid
is gan duadh, acht táimse ar tí tuisleadh a bhaint as.
Inneosad duit uair eile an sgéal ó bhun bárr. Is mar
so a tosnóchar an bheart. Tá seisean go láidir ar
fairrge. Is annsan a chaithfear é phusáilt mar is ann
atá ionad a bheathadh. Tá fios an méid sin aige féin,
mar is é Seán Buidhe an fear is glioca agus is tuig-
sinighe ar druim domhain indiu.
"Tá beagán airgid agam i gcisde Aimericá i gcomhair
an ghnótha, agus do thabharfainn do Aimericá an méid úd
i n-aisge dá bhféadfainn a chur fhiachaibh ortha loingeas
cogaidh a dhéanamh ar tí Sheán do mheilt ar fairrge.
Ní dhéanfadh uachtarán na Stát rud orm. Thairrig
an t-uachdarán Éire do cheannach glan amach, acht ní
dhíolfadh Seán í mar tá uathbhás air go dtógfadh na
Gearmánaigh chúcha féin í, agus bheadh sgannradh air go
gcuirfidhe rop 'n-a chroidhe le congnamh na nÉireannach.
"Ní fhuil mórán ionntaoibhe agam as na Gearmánaigh
cé go nglacfaidís mo chuid airgid is fáilte, agus go
gcaithfidís é ar longaibh cogaidh i gcómhair Sheáin do
chlaoidhe, acht mar sin féin, ní sgaoilfidís Éire uatha
tar éis Sheáin do chur fá chois, agus ní measa Cáit ná
Conchubhar. Bheadh mo chuid airgid imthighthe, agus ní
giorra bheadh Éire dhá saoirseacht 'ná mar atá sí
indiu.
"Ní fhuil puinn sochair le fághail as na Gearmánaigh
do chur 'na mbuannaíbh ós ár gcionn, agus má bhíonn siad
féin is na Sasanaigh ag céasadh a chéile is fearra dhúinn-
ne leigint dóibh achéile athnáthadh, agus b'fhéidir go mbeadh
faill againn ar ár saoirseacht a bhaint amach eatortha.
"Bheinn féin toiltheannach ar fhiche long cogaidh do
thabhairt i n-aisge d'Uachdarán na Stát dá ngeallfadh
sé dhom Seán Buidhe a bhualadh láithreach, acht is é adeir
sé liom gur mhaith leis cúis éigin a bheith aige ar Sheán ar
dtúis, agus ní thabharfadh Seán an leithsgéal soin dó.
"Dá mbeadh aon bhall againn chum sinn féin dh'ull-
mhúghadh chum troda ní bheadh aon bheann againn ar Sheán
Bhuidhe, agus ní iarrfamuis cabhair ó'n lasmuich acht
chómh beag. Ní fhuil aon bhall againn chum sinn féin a
chóiriúghadh. Theasdóchadh cúpla bliadhan uainn ar ár
socaracht sul a mbeimís ullamh, agus níor bh'aon bhrígh
dhúinn cur chuige sin i nÉirinn, mar bheadh fios ár
ngnótha láithreach ag spiairídhe Sheáin.
"Chaitheas féin trí no ceathar a bhliadhantaibh le saigh-
diúireacht sa Ghearmáin d'éis mo sgoile, agus ní ar son
mé fhéin dhá rádh é, deireadh Mendl liom gur bh'é mo
shlíghe bheathadh ceapuighthe é toisg go rabhas tugtha chum an
eólais, agus admhuighim go dtuigim beagán de.
"D'fhaireas na Sasanaigh go minic i mbréag-chogadh, agus
chuir sé áthas croidhe orm mar ní fhuil 'na gcuid ceann
feadhna acht bolgáin béic. Tá an t-eolas cogaidh — sé
sin má bhí sé riamh aca — imthighthe as an dtreibh ar fad."
D'éist Gobnait leis go haireach. Ba bhinn léi a ghuth
bhog, agus b'ionnmhain léi a chainnt mar ba bheag uirthe na
Gaill.
"Acht féach," ar sise, "siúd is go mbeadh áit féin
agat chum fear dh'ullmhúghadh chum cogaidh tá a chosdus
soin thar chumas aon fhir amháin siúd is go bhfuil milliún
púnt féin agat."
Bhuail Parheim bas ar a smigín go ceann tamaill,
agus mhachtnuigh sé." "Tá an ceart agat-sa, a rúin mo
chléibh," ar seisean go socair; "ní fhuil aon bhall chómh
iargcúlach soin againn chum ullamhuighthe is ná faghadh
Seán Buidhe amach é, mar tá an iomad teachtairí aige,
agus tá sé saidhbhir. B'fhéidir ámh ná beadh sé chómh saidhbhir
sin i gcómhnuidhe. Bhaineas féin dó nó trí ghreamannaibh
maithe as le déidheanaighe, agus tá súil agam go n-éir-
gheóchaidh liom arís agus arís eile, acht ar a shon soin is
eile ní fhuil sé i gcumas aon duine amháin dul suas is
anuas i saidhbhreas le Riaghaltas. Tuigimse go maith
an méid sin, agus sin é fá ndeara dhom bheith ag iarraidh
caradais a dhéanamh le hAimeiricá i gcás úsáide
dhéanamh de'n tír sin ar ball.
"Thugas fághaltas ar iasacht bhliadhantamhail do chisde
Riaghaltais na Stát ar bhreis díol ná geobhaidís chómh saor
soin ó aon duine 'ná ó aon chuideachtain eile, agus táid
fá chumaoin agam dá dheasgaib sin.
Chuimil sé ingne a láimhe clé le méar mheádhoin a láimhe
dheise ar feadh tamaill, agus annsoin chuir sé lámh i bpóca
a bhrollaigh agus tharraing amach cluidichín leathair, agus
nocht bille beag gorm go raibh cheithre dealbhna fiolair
ingneach air "Léigh é sin, a Smólach," ar seisean; "ní
dócha go bhfacaís riamh a leithéid. Ní bheadh aon mhaitheas
do dhuine é sin a gho d uaim, mar tá comhartha fholuightheach
air, agus tá a mhacsamhail i mBanc na Frainnce agus
macsamhail eile i gcisde na Stát."
Leath a súile ar Ghobnait le hiongantas. "A
gcreidim radharc mo shúl! Admháil ar thrí chéad milliún
dolaor, sin trí fichid milliún púnt!" ar sise.
"Sin é díreach é," arsa Parhéim go mín, socair;
"sin a bhfuil agam d'airgead tirim, acht tá naoi nó deich
dhe mhilliúnaibh púnt eile liom ar iasacht ag an Rúise, agus
amach is isteach le n-a dhá oiread soin ag an Seapáin
uaim, agus ní sguirfear an méid sin go ceann deich
mbliadhan. Tá breis díol maith asda, agus tugann
an méid sin teacht isteach gleoidhte chúgam."
"Moladh go deó le Dia" ar sise, "cuireann an
t-ualach airgid sin sgannradh orm, agus ní fholáir ná gur
trom an t-ualach dhuitse é, leis," agus mhachtnuigh 'n-a
haindeóin féin go mb'fhéidir nár déineadh go macánta
é, agus tháinig faitchios uirthe roimh Pharheim. Thug
seisean fá ndeara an sgáth a bhí ag cur uirthe.
"Ná bíodh aon chradhsgal ort mar gheall ar an airgead
soin," adeir sé. "Is fíor gur ualach trom dhómhsa é,
acht ní fhuil aon mhiorbhúilt ag baint leis ná aon
diabluidheacht fá mar adéarfaidhe. Ní fhuil ann acht fá
mar cheannóchadh duine go mbeadh fios a ghnótha aige lán
aonaigh de bhuaibh indiu agus go ndíolfadh sé amáireach
iad. Chaillfeadh sé leo dá dtuitfeadh luach ba, acht bheadh
sochar aige dá n-éireghóchaidís. Sin é mar a rinnimse.
Ceárd is eadh é, agus siúd is go dtuigfeá an gnó go
maith, agus is deacair é thuigsint go hiomlán, níor mhór
dhuit 'na theannta soin misneach a bheith agat ar uairibh
áirithe nuair a bhíonn an margadh ag eirghe nó ag dul ar
gcúl. Sin é an uair nár mhisde dhuit an bob a bhualadh ar
chearrabhaig eile, mar is imirt a lán de'n ghnó so. Tá
an iomad daoine ag gabháil do. Creachtar cuid aca,
agus eirigheann le n-a thuilleadh."
"An gnó macánta é?" arsa Gobnait. "Ní fheadar-
sa soin," ar seisean. "Tá riaghlacha do réir dlighthe
an tsaoghail ag baint leis, agus dar liom fhéin ní fhuil sé
ins na dlighthibh sin cosg a chur leis an éagcóir ar uairibh.
Gnó dlisteanach is eadh é fá mar adeirthear. Ní mise
do cheap cuma gnótha na ronna. Bhí sé ann romham, agus
beidh sé ann im' dhiaidh. Ba dhóich liom go bhfuil cuid de
macánta go leór. Deirthear go bhfuil an gnó riachtanach
indiu chum margaidheachta a chur ar siúbhal i measg críocha.
"Ceannuighimse ronna do dhaoinibh agus bíonn an
oiread soin sa chéad mar is gnáthach ag teacht chúgham de
bhárr mo shaothair. Ní dócha go bhfuil aon díoghbháil sa
méid sin. Ar uairibh eile ámh ceannuighim dhom féin
luach na mílte de ronna agus léirighim ar margadh go
n-éirigheann luach na ronna soin, agus annsan díolaim
iad. Ghnídheas mórán airgid ar an gcuma soin.
B'fhéidir ná fuil sin ceart do réir creidimh, acht ní
fhuil sé mí-dhleaghthach do réir an tsaoghail. Comhrac
inntineamhail is eadh é idir dhaoinibh clisde, agus is é an
cluithche is áilne ar domhan é." Mothuighim an fhuil ag
rásdáil thríom nuair a bhím ag gabháil dó,
"Acht féach, ní fhuil aon bheann ar airgead agam ar a
shon féin agus is beag a chaithim orm fhéin de. Dá
mbeadh mo thoil is mo shásamh agam is amhlaidh a
cheannóchainn mo mhéisín mine coirce, mo bhlúire
aráin is braon bainne, agus balcais éadaigh olna fá
mar theasdóchadh uaim agus leigfinn do'n tsaoghal
tiomáint leis."
Do bhog Gobnait ar éisteacht leis, agus d'imthigh an
faitchios di. "Ná tóg orm é, a Eoghain," ar sise,
"tháinig sgáth orm romhat, agus ar ndóich, níor bh'iongnadh
é." Shíleas go mb'fhéidir ná'r déineadh go macánta an
stór soin, agus ná beadh an rath air. Is dócha ámh ná
fuil sa ghnó acht díol is ceannach is géar-inntineacht is
géar-chúiseacht. Níor chaithis go holc é fá mar do bheadh
sé id' chumas dhá mbadh mhaith leat é, acht bhailighis is
choigilís é ar son na hÉireann, agus le congnamh Dé
beidh an rath ort féin agus ar do shaothar."
"Mo chroidhe thú, a Smólach," ar seisean, "mo mhíle
truagh ná tuillim an moladh soin."
CAIBIDIL A CEATHAR DÉAG.
ÓS CIONN BÚIRD ARÍS.
"Ní cóir a cheilt ort," arsa Parheim, "nach duine
diadhaithe i n-aon chor mé fóiríor, agus gur beag é mo
chreideamh, 'sé sin má tá aon tsaghas creidimh agam."
Níor bhain an méid sin preab as Gobnait. Ba dhóich
leat gur thuig sí cheana féin é." "Ní fhuil sé ró-dhéidhean-
nach fós agat," ar sise go réidh is go grádhmhar. "Shaor
Íosa ó'n mbás obann thú aon uair amháin, agus bíodh mis-
neach ort mar saorfair féin thú féin ó bhás níos measa
'ná an bás obann, 'sé sin bás na síoruidheachta, le toil
Dé agus na Maighdine."
"Is díon dom thú. Is maith liom thú bheith lem' chois.
Is cosmhail le ceól do ghuth," ar seisean, ag féachaint
uirthe go brónach, "acht bíodh fhios agat ná habraim
paidir ná créidh." "Agus a gcreideann tú i nDia fá
mar a chreidtheá nuair a bhuaileamair le chéile fadó
thall?" "Creidim go bhfuil nó go raibh Tús nó Tighearna
ann do chruthuigh na spéartha is an talamh, agus adhraim
an cumhacht soin do chúm grian is easga is réalthanna,
uisgídhe na mara, is toradh na talmhan, an drúcht is an
ghaoth, na bláthanna is an féar glas."
"Acht cionnus d'adhrann thú an Tighearna do chúm iad-
san?" "Le hurraim dá chuid oibrighthe." "Is dócha,"
adeir sí, "gur chóir dhom bheith buadhartha, acht fágaim le
hudhacht go bhfuil fonn orm sgeartadh ar gháiridhe, acht nár
mhaith liom easanóir a thabhairt duit. Tá sé fuar agat bheith
ag brath ar righeacht na bhFlaitheas dh'fhághail le creideamh
de'n tsaghas soin; ní fhuil ann acht filidheacht is mein-
smaoineamh. Ní haon chreideamh a chreideamhaint go
bhfuil Dia ann mara ndéanam É adhradh. Ná creideann an
t-áidhbhirseóir go bhfuil Dia ann agus ar ndóich ní creid-
eamh an méid sin. Is beag an bhrígh bheith ag féachaint le
taithneamh is le hiongnadh ar oibreachaibh Dé mar a
ngabhamuid ár mbuidheachas is onórúghadh Leis. Nuair
a cuireadh mar cheist ar ár Slánuightheóir cad é an chuma a
b'fheárr chum altuighthe, ní hamhlaidh adubhairt Sé le n-a
dheiscioblaibh: "Féachaidh uaibh ar an spéir agus amach
fá thalamh an domhain, agus bíodh meas agaibh ar
dibreachaibh iongantacha Dé, agus is leór díbh mar
altughadh é sin." Is amhlaidh ámh a mhúin sé dhóibh an
phaidir is iongantaighe d'ár chualaidh an chine daonda
riamh, sí sin: "Á, ár n-Athair atá ar Neamh, go
naomhuighthear d'Ainm, go dtigidh Do Righeacht,
go ndéantar Do thoil ar an Talamh mar ghnídhtear
ar Neamh. Ár n-arán laetheamhail tabhair dhúinn
indiu, agus maith dhúinn ár gcionta fá mar mhaith-
imhid-na do chách a chionntuigheann 'nár n-aghaidh, agus
ná leig sinn i gcaithighibh acht saor sinn ó olc.""
"Abair arís an phaidir sin, a Smólach," ar seisean,
agus a bhasa ar a shúilibh aige, agus dubhairt Gobnait arís
í, agus lean sí uirthe: "Go mbeannuighthear dhuit, a
Mhuire Mháthair, atá lán des na grástaibh, tá an Tighearna
id' fhochair, is beannuighthe thú imeasg na mban, agus is
beannuighthe toradh do bhruinne, Íosa. A Naomh Mhuire
bheannuighthe, a Mháthair Dé, guidh orainn-ne na peacuigh,
anois agus ar uair ár mbáis." "Ámén," arsa Parheim,
"is binne an phaidir sin 'ná ceól na n-éan. 'Sí cogar na
n-aingeal ag cainnt leis an anam í!" "Abair go
minic í, a Eoghain a chroidhe," ar sise; "is feárr thusa
ná mise, mar is bocht agus is caoch an treoruidhe mé."
Ní fhuil ionnam acht cailín. Mheall feallsamhanacht na
nGearmánach thú, agus ní fhuil i dhá dtrian de sin acht
iotamáil aigne, smaointe fear ag tabhairt buille fá
thuairim fá gach cruaidh-cheist a bhaineas le beathaidh an
duine, rotha seama d'fhoclaibh fada bacacha, gan puinn
éifeachta leó. Bhíodh mo úncail Diarmuid dhá gcur thré
n-a chéile im' theannta-sa ag baile. Thuig seisean go
maith iad, acht níor thuigeas-sa riamh cad é an bhrígh atá
leis na tuilltidhe focal soin atá ag Ceant is ag Hégel.
Bhínn chomh tuirseach d'éis gabháil dóibh is dá mbeinn
d'éis cúrsa do thabhairt cos-nochtthe thré dhíthreabh
fiadhain gan lón ná stiúir agam, agus ainimhidhthe allta
ar búithrigh is ag liúghraigh ar gach taoibh díom, agus nár
bh'fhios ciaca ar aghaidh nó ar gcúl a bhí mo shiubhal. Nách
suarach mearbhthallach é feallsamhanacht de'n tsaghas soin
i gcomórtas le feallsamhanacht a bhaineas le creideamh.
Ní fhuil ann mar shlíghe bóthair acht tonnchrithir go raghfá
go muineál innte. Ní fhuil mar bhun ag an tslíghe bóthair
sin acht druíb i n-ionad carraige, mar is iad daoine
uallacha a cheap is a chúm í as a ngustal féin. Agus,
ar ndóich, chíonn tú féin feallsamhanacht an lae indé
bréagnuighthe ag dream éigin eile indiu, agus sin mar
a bheidh aca go deire na sgríbe, mar is é fírinne mar
dh'eadh an laé indiu bréaga an laé ambáirigh. Beidh
na spéartha is an talamh ar neamhnidh lá, acht mairfidh
focal Dé 'nár measg go deó na ndeór."
"Is mór an súbhailce dhuit an creideamh soin," arsa
Parheim; "ceól is eadh é a chloiseann inchinn an duine,
acht tá sgannán éigin lasmuich dhom inchinn-se, agus ní
leigeann sé ceól ná binneas an chreidimh thríd."
"Ní dóich liom," arsa Gobnait, "gur féidir áiteamh
ar dhuine le cainnt ná cómhrádh go bhfuil sé riachtanach
air creideamh a bheith aige. Bronntar creideamh orainn
le grástaibh Dé, agus tá níos mó brígh i n-úrnuighthibh chum
na ngrásta soin a bhronnadh orainn 'ná ins an gcomhairle
is acfuinnighe dh'ár tháinig riamh as béal úghdair."
"Cúis gháire chúghainn," arsa Parheim, "is ait an áit
a thoghamair le trácht ar chreideamh. Ní ag breith bhreithe
ar na daoinibh seo 'nár dtimcheall é, is dócha gur beag
suim a chuireann a lán aca i gcúrsaíbh an anama."
"Go deimhin féin," arsa Gobnait, "bhí sgáth orm
labhairt acht i gcogar, mar tá beirt thall annsoin ag
cur na súl thríotsa, an bhean bhuidhe sin an tsíoda agus
an tslabhraidh phéarlaigh fá'n muineál, agus an duine uasal
ceatach dubh soin 'n-a teannta go bhfuil an mháchaill 'san
phluc air." Gháiridh Parheim go bog leis féin. "Nach
maith a thugann tú fá ndeara iad," adeir sé; "d'fhéachas
uaim ar an mbeirt, agus ní fheadar cia hí an bhean uasal.
Ní raibh coinne agam go bhfeicinn an fear. Sin é Cuant
Cúnó, agus budh chóir go mbeadh cuimhne agam ar an rian
gearr a soin a thugais fá ndeara ar a phluic mar dhíoghlas
míle púnt as."
"Tusa?" ar sise.
"Mise, díreach," ar seisean, "acht ní raibh sé dh'fhiachaibh
orm díoghal as. Ghortuigheas an fear agus chúitigheas leis
é." Ní gábhadh dhuit féachaint 'n-a dtreo mar bheadh seisean
ag gabháil anall chum cainnte liom."
"An bitheamhnach é?" arsa Gobnait agus faitchíos
uirthe.
"B'fhéidir gur b'eadh," arsa Parheim, agus shín a
chosa fada amach uaidh agus bhuail a lámha ar a chliathánaibh
le racht gáiridhe. "Ní hé an t-éadach uasal a ghnídheann
fear macánta de dhuine. Is fear borb, mórdhálach
é ámh agus dá gcloiseadh sé thú chuirfeadh sé comhrac
ormsa fá mar a chuir cheana, agus b'fhéidir ná heirgheóchadh
liom an tarna huair. Duin' uasal iseadh é do réir mar a
tuigtear agus bíonn sé i gcuideachtain an ríogh Dubhairt
sé liom i mBerlín lá go bhfuair Grieber an lámh uachtair
air i ngnó éigin a bhí eatortha i dtaobh íle i mBatúm,
agus mheas sé é chur im' leith-se, agus ní chreidfeadh sé
uaim ná go raibh baint agam leis an ngnó. B'é deireadh
an sgéil é gur thug sé an t-éitheach dhom agus gur láimh-
sigheamair dhá ráipéar. Ar ndóich cad é an maitheas
bheith ag trácht thairis mar bheart amadántach. Bímís ag
gluaiseacht linn abhaile, mar tá sé i n-am."
"Ó mhaise," ar sise, "tá sé mar sin. Beithfear im'
ghearán. Níor mhothuigheas an tráthnóna ag sleamhnughadh
thorainn."
"Ná bíodh eagla ort," adeir seisean, "deir muinn-
tear an Ósbuidéil sin gur maith an ceann dóibh mise, acht
go háirithe dubhart leo go bhfuil iosgad ghaoil agam
leatsa, agus go raibh aithne agam ar d'athair, agus tá
cead agat gabháil isteach is amach pé am is maith leat."
"Go raibh míle maith agat," ar sise, "acht bíodh an
sgéal mar atá sé cheana féin, ní maith liom aon bhún-
táiste a bheith agam ar na banaltraibh eile." "Díreach
é," ar seisean, "bíodh do rogha agat," agus bhí sé ar tí
glaodhach ar chóiste, acht do b'fheárr léise siubhal, mar
dubhairt sí go meidhreach go raibh seisean ró-bhocht chum
cosdais cóiste a chur air.
Tharraing sé chuige a chlog póca. "Tá aimsir ár
ndóithin againn chum siubhlóide, má's eadh," adeir sé, agus
chrom sé ar a phíopa a líonadh. Bhí sise ag áiteamh air
mar mhagadh go raibh dúil 'san tobac chómh olc le dúil sa
bhraon. "Níor chuir an phíop go tigh na mbocht éinne
riamh," adeir seisean.
Bhí na sluaighte daoine mar is gnáthach leo, ar faid
na sráide. Bhuail Parheim cos a phípe 'n-a bhéal, agus
díreach nuair a bhí lasán os cionn an chloiginn aige, agus
gal ag eirghe as an bpíb thug fear sgiob ar a chlog póca.
Baineadh geit as Ghobnait. Tharraing sí a fosgadán
ar an bhfear, acht sul a raibh uain aici ar rop a thabhairt
dó bhuail Parheim buille dhorn fá'n smeigín air,
a chuir ar phleasg a dhroma i measg cos na ndaoine é."
Beirt nó triúr a chonnaic an bheart ar an bhfear,
agus consábla 'n-a dteannta, agus bhí gach éinne' ar a
bhairricíní láithreach féachaint cad a bhí ar siubhal.
"Teanam ort," arsa Parheim, ag breith ar ghualainn
ar Ghobnait, agus dhá druidim isteach i gcóiste bhí láimh
leo, agus ghlanadar an bheirt leo go tiugh.
"An bitheamhnach críochnuighthe!" ar sise, "nach breágh
an treasgairt a bhainis as. Ní fhaca oighre riamh air acht
an fear ceatach dubh úd go raibh rian an ghearrtha ar a
phluc.
"Ná habair é," arsa Parheim, "nách ádhbharach mar
éaluigheamair linn; bheadh na páipéir ag cur gaoithe asda
im' mholadhsa ambáireach, agus chaithfinn bheith sa chúirt a
cur na dlighe air, pé hé féin. Is córa dhom an clog
póca so a dhíol. Sí an t-aon rud luachmhar amháin a
bheirim liom. Is fiú míle púnt an cloch seóid atá 'n-a
siúnta. Ní fhuil innte ámh acht adhbhar sainnte do dhaoinibh
a chíonn í. Gheobhad clog póca ar phúnt a dhéanfaidh
mo ghnó chómh maith, agus féach, bheinn fá chumaoin agatsa
dhá dtógfá uaim í, agus pé rud budh mhaith leat a dhéanamh
léi."
"Díol í thú féin," ar sise, "agus tabhair a luach
d'óisbuidéal na gcneádha doleghiste i mBle' a' cliath.
Ní bheadh aon mhaith dhomhsa í ghlacadh uait, go méaduighidh
Dia thú. Is amhlaidh a bheinn cráidhte ag tabhairt aireachais
di, agus dá mbeinn ar tí a díolta bheadh amhras orm gur
ghoideas í."
"Fágaim le hudhacht go bhfuil an ceart agat," adeir
sé, "acht is deallrathach gur beag é do bheann ar
airgead."
Is maith an rud an t-airgead má déantar go ceart é
is má caithtear go hoireamhnach é," adeir sise, agus
d'fhág sí slán ag Parheim i gcomhair na hoidhche, agus
bhuail seisean amach an tsráid ag machtnamh leis féin.
CAIBIDIL A CÚIG DÉAG.
CUAIRT AR CHUMANN.
Thugadh Gobnait aire mhaith dhá cuid gnótha agus bhí
meas uirthe. Bhí a ceárd go maith aici agus bhíodh sí chómh
héasguidhe sin ag déanamh oibre d'fhágadh na banal-
traidhe eile gan críochnúghadh, ná raibh éad acasan léi
níos mó agus bhídís toiltheannach ar a gabháil amach gach
tráthnóna ba mhaith léi é."
Bhuaileadh sí le Parheim cúpla uair 'san tseachtmhain,
agus thóg sí léi go dtí Cumann na Gaedhilge ceathair nó
cúig uairibh é." Eoghan Paor, a ainm féin, do b'ainm
dó annsúd, agus ní leigeadh Gobnait uirthe go raibh
puinn aithne aici air.
Do shuidheadh sé i rang i measg na coda eile. Bhíodh
bailiughadh airgid i gcomhair cosdais aca sul a dtosnuigh-
thidhe ar an rinnce, agus thugadh seisean a phinginn uaidh
ar nós gach duine eile. Ní leigeadh sé air go raibh an
oiread eolais aige ar an nGaedhilg is do bhí, mar bhíodh
eagla air go n-iarrfaidhe air bheith ag múineadh agus ní
raibh uain aige chum na hoibre sin. Fear go raibh baint
éigin le banc aige do b'eadh é, adubharthas. Ní chuirtidhe
mórán suime ann annsúd, mar ba ghnáthach le fearaibh
gabháil isteach uaireanta agus a n-ainm a chur ar leabhar
agus b'fhéidir ná tiocfaidís arís, agus dá dtiocfaidís
féin is go hannamh é." Fear ciúin do b'eadh é leis, agus
ní chuireadh sé aithne ar mhórán. Mar sin féin bhíodh cómh-
rádh aige le cuid des na fearaibh óga mar gheall ar
Éirinn. D'éisteadh sé leó go haireach nuair adeireadh
cuid aca gur geárr go mbeadh a saoirseacht ag Éirinn,
agus cheistigheadh sé go cruinn iad 'n-a thaoibh soin.
Bhí fear caol dubh 'n-a measg darab ainm Liam Ó
Réisius, agus deireadh Parheim le Gobnait gur mhór
an truagh nach i nÉirinn a bhí seisean curtha fé, toisg
go raibh samointe doimhne aige agus misneach is dán-
uidheacht chum na smaointe sin a chraobhsgaoileadh.
D'áirigh sé beirt eile ann a bhí go háiseamhail chum
Gaedhilge a mhúineadh, is duine aca fionn ar nós Lochlan-
naigh. Seán Ó Cionsain a tugthaoi air seo; agus bhí an
fear eile fada caol fionn leis. Seán mac Coinn a
glaodhtaidhe ar sin. "Tá an bheirt sin dáiríribh," arsa
Parheim, "agus is iad a leithéidí a bheireann buadh."
Bhí óigfhear talmhaidhe gairid ortha darab ainm Diarmaid
mac Anála, agus do b'áil le Parheim éisteacht leis ag
baint fuaime as na píobaibh cogaidh, agus óigfhear eile
leice dubh-ghruaigeach, Pádraig Mac Súiste, duine do
chaill cuid de nósaibh a shinnsear; acht bhí tréith ann do
thaithnigh le Parheim: bhí a inchinn ar fiuchadh le racht
gráine de'n Ghall.
"Is mór an ceann suas d'Éirinn an ghráin sin a bheith
'gá clainn ar an nGall," arsa Parheim le Gobnait,
"acht an dóich leat ná héalóchaidh béasa agus tréithe na
Sasanach isteach i n-inchinn na nGaedheal so diaidh ar
ndiaidh?" "Gan amhras," ar sise, "beidh clann a
gcloinne gallda má oiltear annso iad, acht raghadh gach
mac máthar aca ar n-ais go hÉirinn dá gcabhruighthidhe
leo."
"Cia thabharfadh an chabhair sin dóibh?" ar seisean.
"Tusa," ar sise, "chuirfeá oibreacha ar siubhal agus
sgoileanna ar bun thall agus bheadh slighe dhóibh go léir nó
dhá bhfurmhór an chuid is lúgha dhe." "Taidhbhreamh is eadh
an méid sin, a Smólach, a bhuidheanaigh," ar seisean.
"Níor cuireadh daoine ná tír riamh chum cinn le breab.
Fillfidh cuid aca so má tá an spioraid is an miotal
ceart ionnta gan mo chabhair-se, agus chím cheana féin go
bhfuil a ngrádh de'n teangain Ghaedhilge ag spriocadh a
lán aca chum filleadh abhaile. Ní hamhlaidh is dóich leat
dá dtugainnse milliún púnt ar son na Gaedhilge go
leighisfeadh soin tiubaistidhe na hÉireann. Ní leigheas-
fadh go deimhin. Caithfear ar an gcéad dul síos an
teanga Ghaedhealach a bheith fé urraim, agus is iad na
hÉireannaigh féin a chaithfidh an méid sin a dhéanamh as
a ngustal féin. Ní réidhtighim leis an mbailiughadh so
a déantar i nAimeiricá agus i n-áiteachaibh eile lasmuich
ar son na Gaedhilge. Is amhlaidh a chuireann soin na
hÉireannaigh ag baile ag brath ar dhaoinibh eile chum a
ngnótha a dhéanamh dóibh. Caithfidh na hÉireannaigh cur
chum an ghnótha soin iad féin, mar is leó a bhaineann sé,
agus ní fuil sé thar a gcumas. Ní fhuil aon namhaid acht
a leisge féin dhá gcur ó'n ngnó soin." "Acht siúd is ná
díoghalfaidís as an nGaedhilg do mhúineadh sa tír ní fhuil
aon úirlis 'ná arm againn chum a chur fhiachaibh ortha,"
arsa Gobnait.
"Caithfear bheith ag tafaint is ag síor-thafaint ortha go
mbeidh náire ortha," arsa Parhéim. "Beidh a dteanga
féin ag an hÉireannaigh ar ball," ar seisean, "fá mar
atá sí ag gach saer-threibh eile, agus tá sé riachtanach ortha
féin amháin cosdus an ghnótha d' íoc. Ní raibh aon mheas
ag daoine riamh ar rud a gheobhaidís gan duadh.
"Ná creid ná go bhfuil báidh agamsa leis gach
Cumann atá ar bun le haghaidh maitheasa na hÉireann,
acht tá sé buailte isteach im' aigne nach féidir leo go
léir i n-éinfheacht saoirseacht na hÉireann a bhaint amach
gan cogadh. Raghaid siad ar aghaidh tamall maith dhe'n
bhóthar agus d'éisi sin buailfidh Seán Buidhe leo 'na
shamhail ar an gcasán agus déarfaidh leo: "Chím-se an
fuadar atá fúibh-se. Ná tagaidh níosa shia nó is dhíbh is
measa!" Mar a mbeidh sé 'n-a gcumas a rádh an lá soin,
mar fhreagra: "Fág an bealach, a bhodaigh, nó geóbham
thar do chorpán!" is amhlaidh a bheidh a gcuaird i n-ais-
dear agus a n-obair gan tairbhe. Má tuigthear i ngach
Cumann an méid sin beidh an t-ádh ortha."
"Tá na Cumainn go léir bocht, agus is deacair dhóibh
éinnidh fóghanta a dhéanamh," arsa Gobnait.
"Meathaid na Cumainn atá lán do rachmuis. Fir
bhochta go raibh muinghin aca asta féin, agus nár ghéill
do'n éagcóir, is iadsan a d'fhág a rian ar chúrsaíbh an
tsaoghail," arsa Parheim.
CAIBIDIL A SÉ DÉAG.
CILL GHOBNATAN.
"Bhí sé im' aigne agus tusa ag cainnt an oidhche eile,"
arsa Gobnait, "go n-inneosainn duit machtnamh atá
déanamh buadhartha dhom le fada. Is dócha go mbeidhir
ag gáiridhe fé. Ceapaim gur féidir leatsa Éire a
sgaoileadh gan chabhair ó éinne lasmuich. Is beag an
bhrígh bheith ag brath ar chabhair dhaoine eile chum ár ngnótha
a dhéanamh dúinn.
"Is minic a bhínnse dhá chur thré n-a chéile lem' úncail
Diarmaid ag baile, go ndéanaidh Dia trócaire air,
agus is dóich liom go dtaithnigheadh an chainnt leis, cé
go ndeireadh sé liom cur uaim nó go gcrochfaidhe lá
éigin mé. Ar fhéachais riamh ar Chnoc Tuirc agus ar
cheapais leat féin go mbeathóchadh céad fear iad féin
ar an gcnoc soin.
"Is ait an rud é ná'r déineadh tighthe ar na cnocaibh
roimhe seo, mar dá ndéanfaidhe, níor ghábhadh do mhuinn-
tir na dtighthe sin bheith ag brath ar na daoinibh laistíos
dhíobh ar an míntír chum bídh ná díghe, mar bheadh an méid
sin aca féin go flúirseach.
"Fá mar a dhéanfaidhe ar Chnoc Tuirc dhéanfaidhe ar
chnocaibh eile na hÉireann. Sé a chuirfinn romham 'ná
Cumann Cnoc a chur ar bun — do cheapfá go bhfuil breis
is ár ndoithin Cumann againn cheana féin — acht mar sin
féin, chuirfinn-se an Cumann so áirithe leo agus cheannó-
chainn na cnuic ar fad glan amach. Adeireadh m'úncail
Diarmuid do réir áirimh a ghnídh mise is eisean i n-aimsir
Bille na Talmhan go gcosnóchaidís seacht milliún púnt
do réir a dtómhais.
"Is amhlaidh a thoghfainn na fir is na mná i gcomhair seilbh
na gcnoc soin a ghlacadh agus ní thoghfainn aon duine ná
beadh Gaedhilg aige. Chuirfinn cuid des gach cnoc fé
chrannaibh agus 'n-a thuilleadh dhe chuirfinn arbhar is prátaí
is meacain mar bheadh leasú ghadh go leor chum a dhéanta.
Bheadh ba is capaill is caoirigh is gabhair is muca ag na
daoinibh. Bheadh cearca is lachain is géanna aca. Bheadh
sé 'n-a gcunias tighthe glana compórdacha aeracha thógbháil
dhóibh féin mar bheadh clocha go cómhangarach aca, agus ní
baoghal ná gur geárr go mbeadh gaibhne is gréasuidhthe
is saoir cloch is adhmaid 'n-a measg, is táilliúiridhe is
fíghdeóiridhe. Dhéanfaidhe sgoileanna is ceárdchanna
is muilinn is teampaill ann, agus i n-ionad bheith ag
iarraidh cabhartha ar mhuinntir na tuatha réidh is amhlaidh
a bheadh siadsan ag brath ar chabhair ó Chumann na gCnoc.
"I gcionn deich mbliadhan bheadh na cnuic ag ath-dhíol
as ar chaitheamh leo, agus níor bh'iongnadh liom go gcothóch-
aidís trí mhilliún duine. As an méid sin is dallarthach
go mb'fhéidir leath-mhilliún fear gunna a ghléasadh mar
bheadh gach mac máthar aca i n-ann lámhach má mhúintear
iad mar is cóir. Dhéanfainn dlighe go mbeadh lámhach mar
chaitheamh aimsire ag óg is críonna, pé aca bean no fear.
"Do b'fhéidir leó seómraidhe is uamhanna dhéanamh ins
na cnocaibh chum bídh a chur i dtaisge ionnta, agus do
b'fhurusda aer na seómraidhe sin a bheith úr glan. Ní
bheadh easba díghe go deo ar na daoinibh, mar tá an fíor-
uisge ins na cnocaibh.
"Do b'iad feara cnoc an dream ba chródha i ngach aon
tír, agus ní bhuadhfaidhe i n-aon bhail ortha muna mbeadh
easba lóin. Machtnuigh má's eadh ar leath-mhilliún fear
armtha agus lón go leor aca agus iad ar aon inntin,
agus nár dheacair barrthuisleadh bhaint asda.
"B'fhéidir ná'r ghábhadh aon bhuille a bhualadh mar ná
beadh sé de mhisneach ar an nGall tabhairt fé Chumann
na gCnoc.
"Bheadh sé mar dhualgas ortha i gcionn sgaithimh righeacht
a dhéanamh dhá gcnocaibh, agus uachtarán a thoghadh dhóibh
féin, agus Seanaid a bheith aca ar chnoc aerach ghrianmhar
éigin fá mar a oirfeadh dhóibh."
"Bíonn síon is sneachta is fliuchán is fuacht is ceo
ar chnocaibh níos mionca 'ná bhíd ar mhachairíbh agus ní
cheapaim go mairfeadh daoine ionta," arsa Parheim.
"Ní fhuil 'n-a leithéid acht easba taithighe," arsa Gob-
nait. "Níor chuir na daoine fútha riamh ar chnocaibh na
hÉireann, mar ba dheacair lón a bhreith i gcoinnibh an
áird, acht ní bheidh lón i n-easba ortha feasda toisg go
bhfásfaidh sé chúca féin. Beidh feoil is arbhar is ím is
bainne is uibhe aca, agus siúd is go dteasdóchadh cuid
díobh so uatha i dtosach na haimsire do b'fhurusda dhóibh
iad a tharrang suas chúca féin ó'n dtuaith mar tá neart
ná raibh coinne leis go dtí le deidheanaighe i n-easaidhibh
cnoc chum sruth aiblighe a dhéanamh i gcómhair ualaighe a
iomchur. Thabharfadh an sruth aiblighe sin solus is teas
teine dhóibh, agus dá dteasdóchadh adhmad uatha chum
a thuilleadh teine bheadh soin ag fás chúca ó bhliadhain
go bliadhain.
"Thógfadh an sruth-aiblighe mar an gcéadna a gcuid
earraidhe go bun cnuic i gcomhair margaidh, mar is é a
mheasaim go mbeidh gach aon saghas ceárduidheachta ar
siubhal aca.
"I n-ionad gasradh de dhaoinibh bochta suaracha a bheadh
ag crith le fuacht is ag fághail bháis de'n ghorta, is amhlaidh
do bheidh gach cnoc 'n-a chathair lán de léigheann is de shult
is de shaidhbhreas. Beidh gach ceann aca 'n-a dhún chómh
láidir sin go dteipeadh ar aon arm an buadh dh'fhághail
air."
"Bhuail Parheim anonn chum a leabhar-chipe agus thar-
raing sé chuige léarsgáil na hÉireann agus leath sé amach
ar an mbórd í.
"Tá," ar seisean, "furmhór chnoc na hÉireann cois
fairrge, agus dá mbeidís i lár na tíre bhuadhfadh an
tÉireannach ar an nGall 'san tsean-aimsir. Ní raibh sé
i gcumas an Éireannaigh greim a chongbháil ar na cnocaibh
seo cois fairrge, mar bhrúghthadh an Gall air ó'n dtír
leathistigh is ón bhfairrge leathismuich.
"Dhéanfaidhe slabhra daingeana ar na cnocaibh indiu
agus dá mba dhóich liom go bhféadfaidhe biadh do chnuas-
úghadh ins na daingeanaibh sin chlaoidhfidhe an Gall agus
dhíbreochaidhe as an dtír é."
D'iompuigh sé chum na teine, agus shuidh i gcathaoir mhór
bhog, agus bhuail a smeigín ar a dhorn, mar ba ghnáthach
leis nuair do bheadh ceist éigin ag cur air.
I seomra fhairsing i nÓsta Rits a bhí sé féin agus Gob-
nait 'n-a suidhe, ise ar a aghaidh amach ar chathaoir eile, agus
dorus an tseomra ar dearg-leathadh.
An tseachtmhain roimh Nodhlaig do b'eadh é, agus bhí
coicthigheas saoire ag Gobnait. "Féach," arsa Parheim
roimh ré léi, "ní fhuil aon tigh ar leithshlighidh agamsa, agus
dá mbeadh féin bheadh sgáth ortsa dul chum cómhnuidhthe ann
go mbeimíd pósta, agus ní thógaim ort é. Ní fhuil agam
acht seomra leabthan agus seomra suidheacháin i nÓsta
Rits, agus táid siad ar an gcéad urlár. Dá mbadh
mhaith leatsa cur fút ag an tigh ósda go ceann an
choicthighis sin ar do thoil féin agat bheadh uain againn
ar smut des gach tráthnóna chaitheamh i dteannta chéile.
D'fhéadfá dhá sheómra dheasa aeracha bheith agat dhuit féin
ar an gceathramhadh úrlár.
"Im' dhála féin, tá cóiste dhá chapall agam, agus dhá
chóiste mhaol, agus cúpla seirbhíseach, agus nách dóich leat
anois gur ciallmhaire é sin 'ná bheith am' bodhradh féin le
sgata seirbhíseach is tigh mór go mbeinn ag dul amugha
ann.
"Agus féach leis, tá an dá chapall soin agam ag
dul i reamhaireacht le díomhaointeas mar ná bíonn uain
agamsa ar shodar a bhaint asda, agus is annamh leis a
bhíonn tiomáint agam sa chár aibligh acht chomh beag. Is
baoghlach gur mar sin a bheidh go ceann trí seachtmhaine,
mar tá ronna 'n-a n-ualaighibh dhá ndíol ar an margadh an
aimsir seo. Déarfainn lem' ghiolla cuirp gur gaol
gairid dhom thusa, agus ar ndóich, is fíor é leis cé nách
fuil-ghaol thu. Bheadh an dá chapall agus an dá chóiste
mhaola ar do leis agat go ceann coicthighis. Níor ghábhadh
dhuit bheith id' bhodhradh féin le haon chosdus 'san tigh ósta
soin, mar ní fiú trácht thar bheagán mar é. Tá mo
sheomra suidheacháin-se, fá mar adubhart leat, ar an
gcéad úrlár ar aghaidh na staighridhe amach agus fá shúil
gach duine muna ndúntar mo dhorus. D'fhéadfa-sa
bualadh isteach ann aon uair ba mhaith leat pé aca bheinn-se
ann nó ná beinn, acht fág an doras ar fhosgailt, agus, a
chroidhe mo chléibh, ní bheidh aon amhras ort nuair a chífear
an dorus soin ar dearg-leathadh."
Do b'é bhí i n-aigne Ghobnatan 'ná an cuiredh d'eiteach,
acht do réir mar lean Parheim air bhí a ghuth chomh muinn-
teardha is chómh nádúrdha soin ná raibh sé innte gan
géilleadh, agus chuir sí fúithe i nÓsta Rits go ceann
coicthighís. Ba mhaith an ceann di gach friothálaidhe bhí
ann, mar bhí an ráfla amuich gur bha dheirbhshiúr do
Pharheim an Óir í.
Do b'fhada léi go dtagadh sé abhaile am thráthnóna
agus go gcuireadh sé fios uirthe mar ní théigheadh sí
isteach 'na sheomra faid do bhíodh sé amuich agus leigeadh
sé dhi ar a toil féin.
Do b'fhada dhi leis ar tí trácht leis i dtaobh na gcnoc
agus d'fhair sí go hiomshníomhach é an oidhche seo dh'áirithe
ag machtnamh cois na teineadh.
"Cheapas féin ar na cnocaibh sin a cheannach, a Smólach,"
adeir sé, "acht is é bhí uaim ná crainn do chur ionnta.
Dá mbeadh na cnuic sin fá chrannaibh ní bheadh aon tír
'san domhan chómh áluinn le hÉirinn, ná chómh folláin. Do
shúighfeadh na crainn ar mhullaighibh na gcnoc an ceó
d'eirigheann ó'n bhfairrge, agus sgaipfidhe é 'n-a dhrúcht
ins na gleanntaibh i n-ionad fearthainne.
"Acht má chreidim thusa anois, is amhlaidh a bheidh an
iomad rudaidhe eile ar na cnocaibh sin seachas crainn,
agus fágaim le hudhacht gur b'é an smuaineamh is aite
agus is greannamhaire d'ár chuala riamh é."
"Is furusda dhómhsa na cnuic a cheannach. Cheannóchadh
Riaghaltas Shasana dhom iad ar tí crainn a chur ionnta.
Gealladh go gceannóchthaidhe dhom iad ar an bpingin
is lúgha, mar ghnídheas mórán maitheasa do'n Riaghaltas
aon uair amháin. Nach truagh an admháil dómhsa é. Go
maithidh Dia na Glóire dhom é sin agus mo chionta eile,"
ar seisean.
"A Íosa agus a Mhaighdean Mhuire, cabhruigh leis,"
arsa Gobnait fá n-a fiaclaibh, mar do b'é sin an chéad
uair a chualaidh sí ag altughadh é.
"Bhí easba deich milliún púnt ar an Riaghaltas i
ndeireadh na bliadhna aimsir chogaidh na mBórach agus ba
lag leo é leigean ortha, ná a iarraidh ar iasacht ar an
margadh an uair sin d'áirithe, mar bhí an saoghal ag
magadh fútha. D'iarradh ormsa ar bh'fhéidir an t-airgead
dh'fhághail i gan fhios ar cáirde ráithe, agus cé go mb'fheárr
liom seacht n-uaire go mbuadhfadh na Bóraigh ortha
fuaireas an t-airgead dhóibh gan mhoill. 'Sé mo cheárd
a leithéid sin, is dócha, agus díoghladh go maith mé."
"Acht éinnídh amháin, ní cheannóchad na cnuic go macht-
nuighead ar bh'fhéidir barraidhe dh'fhás ortha, agus má's
féidir, agus ní dheirim ná gur féidir, cuirfear na cnuic
fá aon riaghail dúthchais amháin, agus déanfar aon
bhaile amháin díobh. Baistfear Cill Ghobnatan ar an
mbaile sin, agus beidh ceann de shráidibh an bhaile sin
i ngach condae i nÉirinn.
"Is deacair a rádh cad eirgheóchaidh as, acht níor bh'iong-
nadh liom gur bh'é seo an tslighe is feárr d'ár ceapadh
riamh chum an Ghaill a chur fá chois. Ní cóir dhuit-se ná
dhómhsa aon bhlúire de'n sgéal a innsint do chách mar
bíonn an spiaire i gcómhnuidhe ar a shiubhaltaibh. Ní mó
ná inneosfar do bhuidhin na gcnoc féin cad tá i ndán
dóibh mar is daoine béalsgaoiltheacha ár ndaoine-na."
"Fágfad fút féin é feasda, mar tá eolas agat ar
fhearaibh a riaradh agus ar cheisteannaibh cruadha a réidh-
teach," arsa Gobnait.
CAIBIDIL A SEACT DÉAG.
UÍ BREASAIL.
"Is annamh a leigim do chúrsaíbh an tsaoghail codladh
na hoidhche a bhaint díom," arsa Parheim, "acht ní fhéad-
fainn Cill Ghobnatan a leigean as mo cheann aréir. Is
i gcomhair suaimhnis is codlata a ceapadh an oidche agus
ní cóir dhúinn ár ngnóthaidhe a bhreith linn chum ár leabthan.
Mar sin féin, cheapas go raibh rud éigin eile le rádh
agatsa i dtaoibh na gcnoc, agus go mb'fhéidir gur
chuireas as do cheann é."
"Ní raibh," arsa Gobnait, "d'fhágas fút féin an cheist
sin. Ba gheall le huan ag múineadh méighligh dhá mháthair
dhómhsa bheith ag cómhairliughadh do léitheidese, acht ba
mhaith liom beagáinín cainnte a bheith agam leat i dtaoibh
an imirce mhílltigh so as Éirinn. Bhíodh an tAthair
Diarmaid agus mé fhéin dhá chur thré n-a chéile thall sa
bhaile.
"Thiomáin an ghorta aimsir an Droch-Shaoghail anonn
go hAimericá Thuaidh sluaighte dh'ár ndaoinibh, agus ó
shin riamh táid ag imtheacht leo uainn gan staonadh.
Muna mbeadh a rathmhaire is tá ár ndaoine ag baile ní
bheadh aitid de chlannaibh Gaedheal i nÉirinn indiu.
"Ní chongaibhíd a dteanga dhúthchais ná a nósa féin
leathismuich fá mar a ghnídheann na Giúdaigh agus beidh
a rian air. Thall i nAimericá is beag an deifir atá idir
a gcloinn mhac is inghean agus na Puncáin eile. Tá
banaltra 'san Ósbuidéal lem' chois agus cé gur bh'a
Gaedhil a hathair 's a máthair níor dhóich leat go raibh
baint riamh ag éinne bhain léi le hÉirinn. Cailín deas
lághach is eadh í, mar sin féin, agus tá cion agam uirthe,
acht taisbeánann sé dhom go bhfuil clann na nGaedheal
le n-a dtoil féin ag leigean do threabhachaibh eile an lámh
uachtair d'fhagháil ortha agus a n-ainm 's a sloinneadh a
chuimilt amach as chinídheachaibh an tsaoghail.
"Is dócha go gcuirfear cosg leis seo uair éigin, agus
ní túisge is bheidh an chneadh leighiste 'ná is mar sin is
feárr é.
"Tá sé id' chumas-sa an oiread a dhéanamh do
Ghaedhealaibh is tá an Barún Hirse dhá dhéanamh do
Ghiúdaighibh. Tá seisean ar tí an Iath Bheannuighthe a
cheannach dhóibh."
"Ná creid a léithéid," arsa Parheim, "ní fhuil an
Barún Hirse chómh saidhbhir sin i n-aon chor."
"Deirthear go bhfuil na milliúin aige," arsa Gobnait.
"Amach is isteach le chúig milliún atá aige, agus bím
ciapaighthe aige ag tafant orm an oiread eile a thabhairt
ar iasacht dó."
"Ó, níor cheapas go raibh aithne agaibh ar a chéile,"
adeir sise.
"Tá, go deimhin, sean-aithne; nach é athair Ghriebeir é,
agus dá dtugainn deich milliúin dhó cheannóchadh sé ó'n
dTurcach scealbóg mhaith dhe'n Iath Bheannuighthe, agus, ar
ndóich luighfeadh an Turcach breagh lámh ar an airgead,
agus budh gheárr go mbeadh leathsgéal éigin aige ar
Grieber is Hirsa a chur chum siubhail. Is suarach nach
fuil riaghaltas na dTurcach chómh míonáireach le Seán
Buidhe féin.
"Anois, a Smólach a chroidhe, is é atá uait ná go
gceannochainnse ceann des na Státaibh ó Riaghaltas
Americá i gcás go gcuirfeadh na hÉireannaigh fútha ann.
Ar an gcéad dul síos, ní dhíolfadh an Riaghaltas soin
Stát liom, agus ar an dara feacht, ní cheannóchainn
Stát uatha, mar níor bh'fhada go mbeadh aithreachas ar an
bPúncán agus go raghadh sé siar ar a mhargadh. Ní
feárr é 'ná an chuid eile dhá shaghas."
"Ní fuil acht buille fá thuairm 'san méid sin go léir,
a bhuidheanaigh, agus is mise is ciontachleis," arsa
Gobnait.
"Nuair a chuaidh Liam Pein go hAmericá agus chuir
sé féin agus a ghasra dhuairc fútha i Sasana Nua, lean-
adar go daingean is go dlúth dhá nósaibh is dhá dteangain
féin; sheasuigheadar ar ghualain a chéile ba chuma ciaca
an ceart nó an éagcóir a bheadh aca, agus féach gur
bhuadhadar ceannas na tíre agus gur b'iad sóisear a
sleachta atá ag riaghlughadh na dúthaighe úd fá láthair.
Ní fhuil aon chaoi ag na hÉireannaigh brúghadh isteach indiu
cé go raibh sé 'n-a gcumas a dhéanamh bliadhanta ó shoin
dá mbeadh fear stiúrtha ortha.
"Ní hé sin, ámh, atá ag gabháil dom anois acht é seo.
"Daoine fáidheamhla do b'eadh cuid des na hÉireann-
aigh 'san tsean-aimsir. Le linn na págántachta agus
go minic ó shoin i leith chómh maith bhídís ag trácht tar "Thír-
na n-Óg," agus "Mágh Meala" agus ar "Íbh Breasail"
agus is dóich le n-a lán gur leas-ainm ar Neamh iad so.
Is é cheapaim-se nach eadh i n-aon chor, acht gur tugadh
fios do dhaoinibh áirithe tháinig rómhainn go mbeadh Éire
fá smacht ag Gallaibh lá, agus go dtiocfadh a fóirithinn
as Íbh Breasail nó a léitheid. Tá an iomarca daoine i
i nÉirinn indiu agus ní daoine aineolacha leis iad, agus
is dóich leo go bhfuil na Féinne fádhraoidheacht agus go
dtiocfaid siad lá éigin ar n-ais chum na nGall a chur
fá chois.
"Tá tír i nAmericá Theas go ngairmthear Breasail
uirthe, agus is é mo thuairm dá stiúraighthídhe chúiche na
hÉireannaigh seo a bhíonn ar chosa' i n-áirde go hAmericá
Thuaidh gach bliadhain gur geárr go mbeadh an oiread aca
i nÍbh Breasail is go mbeadh an bárr aca annsúd. Beidh
an teanga dhúthchais feasda dhá cleachtadh ag Éireannaigh,
agus dá gcuirfidhe fá gheasaibh iad so a dh'imthigheann i
gcéin gan a dteanga a leigean uatha ba gheárr go mbeidís
féin agus a n-urlabhra i n-uachtar annsúd. Bheadh sé
riachtanach ortha an teanga Spáinnis d'fhoghluim agus
caradas a dhéanamh le bunaidhe na tíre agus cabhrughadh
leo i ngach nídh agus ar an gcuma soin ba ró-gheárr go
mbeadh cúmhacht annsúd aca agus go bhfaghaidís greim
ar riaghlughadh na gceanntar úd.
"'Sé an chuma i na mbeiththá-sa úsáideach dóibh 'ná dá
gcuirfeá coisde ar bun i nÍbh Breasail do cheannóchadh
talamh des gach Gaedheal go mbeadh fuadar fé dul go
hAmericá Thuaidh.
"Bheadh sé id' chumas sruth na himirce a stiúrughadh ó
dheas, agus ba gheárr go mbeadh na Gaedhil níos líon-
mhaire annsúd 'ná an dream beag bunaidhe de'n tsliocht
Spáinneach atá ann. Bheadh fáilte níos mó rómpa
'ná tá ag an bPuncán, agus ní túisge bheadh ár ndaoine
i gceannas ann 'ná gur bh'fhéidir leatsa longa cogaidh a
bhronnadh ar Riaghaltas na tíre úd, agus ceapaim go
mbeadh níos mó dhá bhárr soin agat 'ná bheith ag brath
ar an bPuncán chum cabhruighthe.
"Ní fhuil aon ghrádh ag muinntir Ua Breasail 'ná ag
Americá Theas do Sheán Bhuidhe, agus do b'fhurasda
dhuit a bhfaobhar a dhíriúghadh air.
"Dá gcromadh sé ar chur isteach ar Chumann na gCnoc
i nÉirinn, agus ní fada go ndéanfadh, d'fhéadfá-sa
loingeas foghluidhthe do ghléasadh i nÍbh Breasail agus
é a chreachadh ar fairrge, agus bain an chluas díom dá
mbeadh Seán lag agus bocht gur bh'é sin an buachaill
a dhéanfadh caradas leat go tapaidh agus do thabharfadh
saoirseacht d'Éirinn. Níor bh'fholáir dhuit, ámh, é fhaireadh
go géar, mar tá a fhios ag an saoghal acht amháin ag ár
ndaoinibh cois baile cad é an saghas fir é Seán Buidhe."
Ní raibh giog as Pharheim, bhí a léithéid sin d'iongnadh
air. D'fhéach sé suas ar fhraghthachaibh an tseomra; d'fhéach
sé isteach sa teine. Bhí sé chómh ciúin is dá mbeadh sé
'n-a stalca. D'fhair Gobnait é go ceann tamaill agus
fá dheireadh d'éaluigh sí léi a chodladh. Ní raibh cor as
Pharheim ar feadh dhá uair an chloig. B'fhéidir go raibh
sé ag éisteacht i n-aigne le rothaidhe muileann ar chnocaibh
na hÉireann, agus le gáir leanbh is crónán ban, agus
go bhfeacaidh sé uaidh oireachtas fear ar chliathán Uisnigh
agus iad dhá chur tré n-a chéile go raibh airm aca agus
lón seacht mbliadhan, agus ná díolfaidís as soin suas
aon cháin leis an nGall.
Chualaidh sé, dar leis, Seán Buidhe ag bagairt ar
Chumann na gCnoc, agus iadsan ag tabhairt rabhadh dhosan
a shuaimhneas a ghlacadh.
"Níor chuimhnigheas riamh ar chuantaibh Ua Breasail,"
adeir sé leis féin." B'fhéidir go gcloisfidhe loingeas
cogaidh Éireann ag feadghail annsúd fós, agus toirn-
chleas a ngunnaidhe mór." Bhí a chuisle ag bualadh go
teasuidhe. Ní headh amháin gur fiú braon fola an
traoirseacht, is fiú tuilte fola í.
D'airigh sé go riabh Gobnait imthighthe a chodladh.
Dhearg sé a phíop, agus tharraing sé chuige peann is dubh,
agus chrom sé ar áireamh.
"Ní dócha go mairfead ar an ngnó atá romham a
chríochnughadh, acht nach cuma liom acht go léireóchad i
gceart é. Críochnóchar im' dhiaidh é, acht do b'áil liom
maireachtain chum a chríochnuighthe.
"Budh dhóich le duine gur thaidhbhrimh Smólach an gnó so,
acht pé cuma gur tháinig sí leis ní fhuil aon teora leis
mar smaoineamh.
"Má eirgheann leis an ngnó gan bruighean ná
achrann is mar sin is feárr. é, acht ní bhéarfar 'n-ár
gcodladh orainn, agus má's fearr leis an bhfear thall
cath is dóich bíodh air féin. Ní theastuigheann aon bhronn-
tanas uainn acht an tsaoirseacht is dual d'fhearaibh,
agus ní bheimíd sásta gan an méid sin"
Tháinig gasra daoine isteach o'n Amharclainn, agus
bhíodar ag gáiridhe is ag gleó ins an tseomra bídh
a bhí cómhangarach dhó, agus chuir soin i gcuimhne dhó gur
theastuigh braon bainne theo agus builín aráin uaidh
féin, agus d'éis a chaithte dhó chaith sé seal eile ag ól a
phípe go sásta cois na teine sul ar chuaidh sé a chodladh.
CAIBIDIL A HOCHT DÉAG.
AN SAOGHAL EILE.
Oidhche chuisnigh do b'eadh Oidhche Nodlag, agus Gobnait
agus Parheim ag dhá thaoibh na teine ag Ósta Rits, an
síon ag búithrigh' san tsimné agus fothram na clagarnaighe
leathismuich.
"Is mór an rud tigh a bheith ós ár gcionn oidhche dhe'n
tsaghas so," ar seisean. "Is mór," ar sise, "acht tá
a lán daoine 'san chathair seo gan teas gan teine, na fiú
an bídh." "Na mílte," adeir seisean, "agus tuigthear
gurab í seo an chathair is saidhbhre ar domhan. Is minic
a mhaoidheann na Sasanaigh as an méid sin, agus is cuma
ciaca saidhbhir nó bocht dóibh tá an t-eirghe 'n-áirde céadna
ortha i dtaobh mhórdhacht a gcathrach agus saidhbhreas a
righeachta. Is minic a bhíonn fonn gáirídhe orm ag éist-
eacht le fear sleamhain beathuighthe éigin ag óráid os
comhair sgata fear agus cuid aca giobalach ocrach, agus
'gá áiteamh ortha gur b'iad an dream is sonaighe agus is
treine d'ár mhair riamh iad agus go bhfuil sé i ndán dóibh
fhéin agus dá dteangain béasa agus múineadh is riaghail
a thabhairt do'n saoghal go léir. Níor bh'aon mhaitheas
d'éinne a chómhairliughadh dhóibh a léitheid siúd de chainnt-
eóir a chaitheamh 'san druib. Ní chreidfidís uait nach fuil
aige siúd mar phort acht an t-éitheach. Ní chreidfidís
uait gur bh'fhearra dhóibh a chur d'fhiachaibh air siúd agus ar
a leithéid iarracht a dhéanamh ar dhealbhas a dhaoine féin
a leigheas. I n-ionad soin is amhlaidh a leigid dó áiteamh
ortha gur aca atá an saoghal is breághdha agus na dlighthe
is feárr dá bhfacathas riamh.
"Sin é fá ndeara dhom gan aon bháidh ná aon truagh
bheith agam dhóibh fhéin ná dhá ndhaoinibh bochta."
"Is truagh dhúinn cionta Sheáin a agairt ar dhaoinibh
bochta," ar sise.
"Ní dócha," ar seisean, "gur maith an rud fuath a
bheith d'éinne pé aca bocht nó saidhbhir iad. B'fhéidir
go maolóchadh ar mo chuid fuatha ar ball agus go
mbeimís féin agus na Sasanaigh 'n-ár gcomharsanaibh
maithe nuair a sgaoilfear Éire."
"Tá greim Sheáin go daingean," arsa Gobnait, "acht
mar sin féin ní hiad bochta na cathrach so is ciontach
leis. Is baoghalach leis gur as Éirinn a lán de bhochtaibh
na catharach so. Bhíos i n-áit áirithe indiu, agus gheallas
do shagart go gcuirfeadh duine uasal féirín Nodlag
chuige i gcómhair sgata bochtán a bhí ag baint an
donuis de agus gan pioc aige le n-a thabhairt dóibh."
"Creachfair ar ball mé. An mór atá uait?" ar
seisean go héasguidhe agus go carthannach.
"Pé nídh is maith leat a chur ag triall air; sin a sheoladh
agat. Ní dhomhsa a bheidh an logha. Cúiteóchar leatsa
é ar an saoghal atá le teacht."
"Is maith mar a thárluigh," adeir sé, "budh chóir go
gcuimhneóchainn cheana ar a leithéid sin de ghnó," agus
ghlaodhaidh sé chuige ar a ghiolla cuirp agus chogar leis go
ceann tamaill, agus 'n-a dhiaidh sin d'imthigh an giolla
cuirp.
"Ní cheapaimse gur ghábhadh daoine bochta bheith ann i
n-aon chor dá mbeadh dlighthe cearta againn."
"B'éidir sin," ar sise, "acht faid do bheidh feabhas
dhá chur ar na dlighthibh, tá ocras ar dhaoinibh."
"Tuilleann cuid aca déirc, acht ní mar sin dhá thuille
aca," adeir seisean.
"Má tugthar déirc ar son Dé, sé mo thuairmse gur
cuma ciaca thuillfear í nó ná tuillfear," ar sise.
"Acht má ghníonn do dhéirc díoghbháil do dhuine, é
thiomáint chum an ólacháin, cuir i gcás, nár bh'fhearra dhuit
gan a thabhairt."
"Ní dóich liom é," adeir sise, "tugtar mar dhéirc
é; má caithtear go holc é is ar fhear a chaithte bheidh a
dhioghal."
"Seadh mar sin, fear ciallmhar tuigseanach is eadh mo
ghiolla cuirp, agus tá eolas a ghnótha aige. Dubhart leis
gan bochta na Sasanach féin a dhearmad, agus déanfaidh
sé gach nídh mar is cóir gan puinn eirghe 'n-áirde, agus is
rí-mhaith liom gur chuiris i gcuimhne dhom an gnó mar is
mór an sásamh aigne liom anois é.
"Bhí mo mháthair tuigseanach mar thusa. Níor bhuail
sí riamh leat, a Smólach, agus nách truagh é, mar bheadh cion
agaibh ar a chéile."
Tháinig brón ar Pharheim, agus bhí sé go ciúin ar feadh
a bhfad. Tá brón tógálach agus go mór mhór brón
carad, agus níor bh'iongnadh gur tháinig brón uirthe sin
leis, mar ní raibh éinne beó do b'ionmhuine léi 'ná
eisean. Bhí an croidhe 'ghá stolladh istigh innte le ráithe
ag iarraidh an fhir seo a chur as a ceann, mar bhí grádh
na colna dhá tarraing mar seo agus an grádh
spioradálta dhá tharraing mar siúd.
"A Eoghain," ar sise, "nár bh'ait an rud é dá mb'í
do mháthair a chonnac an oidhche fhóghmhair úd do thuit an
tionóisg ortsa."
"Cionnus a chífeá mo mháthair," ar seisean, "tá sí
'san chré le dhá bhliadhain. Ambás ní chreidfeá go bhfuil"
daoine maithe" ann? Ní fhuil 'n-a leithéid sin acht
óinseamhlacht."
"Tá an ceart agat," adeir sí, "acht mar sin féin
b'fhéidir go dteasbánfaidhe dho dhuine le toil Dé rud
éigin chum a leasa. Ní raibh aon mhearbhthall ormsa an
oidhche úd a bhíos ag áirneán leis an sean-mharcus ag
Etfíld.
"Ghluaiseas amach fá'n bhfaithche agus shuidheas ar
aghaidh gheata an tighe mhóiramach, agus chonnac chugham
i leith cú mhór dhubh, agus ba gheárr go bhfaca ar a tóir
marcach is cú bhán roimpe amach, agus iad ag rith an
bóthar i leith ar nós na gaoithe.
"Rug an chú bhán ar an gcoin duibh agus chromadar
ar stracadh a chéile. Tháinig an marcach suas leo — bean
fhionna-ruadh ar each caol ruadh — agus leath sí a dhá láimh
agus d'fhéach sí uaithe amach fá'n spéir. Bhíodar i
ngearracht slaite dhom, agus an ghealach gheal ag taithneamh
ortha.
"Ní raibh ionnamsa cor a chur díom, agus ba ghearr
go bhfaca chugham dhá gháinne soluis agus chuala fothramh
an cháir aiblighe, agus chonnac Parheim dhá stealladh
thar falla isteach chugham, agus d'fhóbair go dtuitfeadh
ant-anam asam."
D'eirigh Parheim 'na sheasamh agus dath bán air.
Bhuail sé uillinn ar an gclabhra agus d'fhéach sé uaidh
amach fá fhraghthachaibh an tighe.
"Ní ag tomhaise beo le marbh é," arsa Gobnait, "ní
fhaca oighre riamh ar an gcuma d'fhéach an bhean úd uaithe
amach agus fá mar fhéachann tusa uait anocht."
"Nach uathbhásach an sgéal é. Cad is bun leis?"
ar seisean. "Ní fheadar 'on tsaoghal," ar sise.
"Suidh is ná bac é. Maith dhom é. Ní raibh aon choinne
agam go n-inneosainn duit é, acht tháinig sé im' aigne
dhom' aindeoin."
"Ná bíodh ceist ort," ar seisean. "Is maith liom
mar a chuala é, agus eadrainn féin, mheasas gur thug rud
éigin alp ar mo láim dheis an oidhche úd sar ar thuit an
tionóisg orm. Chuala threm' chodladh leis ualfartaigh
con fá mar a labhrann sí nuair a bheadh gadhar eile dhá
traochadh."
"Seadh, ná bac leis anois. Bheirim buidheachas mór
le Dia agus le n-a mháthair mar a thángaís slán."
"Ní imtheóchaidh an sgéal sin as mo chuimhne go deo.
Má's í siúd a bhí ann tá buadhairt éigin ag cur uirthe.
Ba chóir dhom í chur le cois m'athar i Mainistir Locha Léin.
Bean chaol árd fhionna-ruadh a b'eadh í, díreach fá mar
adeirir. Níor chualuighis riamh mise ag trácht tháriste,
mar cuireann a bás brón orm. Ba dheallramhthach liom-sa
í. Is amhlaidh a briseadh muineál eich caoil ruaidh a bhí
fúithe lá fiadaigh ar ghlanadh claidhe dhi. Thuit an capall
uirthe, acht mhair sí go maidin lae n-a bháireach."
"Slán mar a n-innistear é! agus a bhfuair sí an
sagart?" arsa Gobnait.
"Dheineas an méid sin di go háirithe. Bhísí gan
urlabhra, acht bhí a haithne aici. Claidhe dúbalta a b'eadh
an claidhe mílteach úd, agus léimeamair araon é, mise
agus ise i n-éinfheacht. Ní raibh a leithéid de mharcach 'san
tír seo. Bhíos thré n-a chéile chómh mór soin 'n-a diaidh
nár leathas mo chos ar chapall ó shoin. Bean mhaith do
b'eadh í. Théighinnse go dtí an tAifreann le n-a cois
mar shásamh uirthe, acht ní chuirinn aon tsuim 'san
Aifreann."
"Faire go bráth, a Eoghain!" arsa Gobnait.
"Rud ba mheasa 'ná soin: leiginn orm go rabhas lán
de chreideamh i gcás ná cuirfinn buaidhirt ar mo mháthair,
agus nár bhaspriúnlaithe, mí-fhearamhail, meathta an
tréith í sin."
"Ba mhaith an rud gan buaidhirt a chur ar do mháthair
go háirithe," arsa Gobnait.
"Taidhbhrigheadh dhom í an oidhche eile agus chonnac í,
dar liom, agus ba mhaith liom dá mbuailfeadh sí umam
dáiríribh, mar cheisteóchainn í i dtaoibh an tsaoghail eile."
"Ní gábhadh an ceistiughadh," adeir Gobnait. "Mhúin
ár Slánuightheóir dhúinn gach nídh atá riachtanach chum leasa
ár n-anaman."
"Agus cad 'n-a thaoibh mar sin ná creidim?" arsa
Parheim.
"Mar ná hiarrann tú mar thabharthas é. Ó chuiris
chúgam é bímse ag guidhe ar do shon-sa agus ar mo
shon féin, acht is baoghalach gur fuar is gur peacamhail
an cailín mé, go bhfóiridh Dia orm, agus teasduigheann
do cabhair-se uaim."
"Gheobhair mo chabhair míle uair. Cad is chóir dhom a
dhéanamh?" arsa Parheim.
"Ar iarrais cabhair ar an Maighdin Muire? Déar-
fadh amadáin gur íodhal-mhuireacht a leithéid sin, acht ná
bac iad."
"Níor iarras a cabhair le fada bhliadhantaibh," adeir
seisean, "cé go mbogann a hainm an croidhe istig
ionnam. Ní raibh a leithéid do réalthann riamh ar druim
domhain."
"Ní thréigfidh sí go deo thu, agus dá mbeadh an mí-
chreideamh gránda soin imthighthe amach as d'aigne
thabharfainnse mo bhóthar orm."
"Cá ngeobhthá, a Smólach?" arsa Parheim de gheit,
acht chrom Gobnait ar ghol go bog.
"Ar mh'anam," adeir sé, "gur suairc an oidhche atá
agam dhá thabhairt duit."
"Mé fhéin fá ndeara é," ar sise, ag tirimiughadh a súl.
"Ó, támuid ag gabháil de'n gnó," adeir seisean,
"b'fhéidir ná'r mhisde dhom sgéal adh' innsint duit.
Taidhbhreamh do b'eadh é. Nach ait an rud taidhbhreamh?
Ní cóir aon tsuim a chur ann acht chomh beag is chuirfeadh
duine i liúgh cluaise. Mar sin féin, níor réidhtigh éinne
riamh cad é an fáth go mbímíd ag taidhbhreamh 'n-ár
gcodladh. Déarfadh a lán gurab iad smaointe an lae
a bhíonn ag rith thré n-ár n-aigne, acht ar ndóich taidh-
bhrighthear rudaidhe dhúinn nár chuimhnigheamair riamh ortha.
"Budh dhóich liom féin gurab é an corp ar leithshlighidh
a chodlann agus go mbíonn an t-anam i gcomhnuidhe 'n-a
dhúiseacht.
"B'fhéidir go mbíonn machtnamh leis féin ag an anam,
agus ca bhfios ná go mbíonn sé ag siúbhlóid dhó féin
faid do bhíonn an corp 'n-a shuan chodlata.
"Bhí m'anamsa ag siubhlóid aon uair amháin. I dtosach
na Bealthaine do b'eadh é, agus bhíos, dar liom, thall i
Mucros mar a dtéigheann an Léin 'san loc. Ghabh
Seán Mac Curin thorm agus deabhadh air. D'fhiafruigheas
de cá riabh a thriall agus d'fhreagair sé go raibh sé i
bPurgadóir. Bhuail sé air ar aghaidh uaim isteach thre
dhorus i gcnocán, agus leanas é, agus shuidh sé ar ghéig
crainn agus bhí sé duairc. Pé cuimhneamh a tháinig im'
cheann d'fhiafruigheas de ar cuireadh an ola air. "Níor
cuireadh, agus sin é an rud is measa," ar seisean. Chuadhas
ar mo ghlúinibh agus ghuidheas leis níos dúthrachtaighe 'ná
mar ghuidheas riamh, agus bhí sé chomh buidheach soin díom go
rug sé barróg orm, agus annsoin d'imthigh an duairceas
de agus shnáimh sé suas go fíor-mhullach an chrainn.
"Páirceanna garbha do b'eadh an talamh mór-dtim-
cheall agus árdáin is ísleáin, agus gan puinn féir ortha.
"Ní raibh solus gréine ann acht amháin breac-sholus,
mar thuitimín an tráthnóna.
"Leanas orm treasna na machairidhe, agus bhuail gasra
daoine liom agus éadach maith glan ortha, agus iad 'n-a
suidhe ar fhuarmaíbh ag cainnt le chéile fá mar a bheadh
daoine ag amharclan ag feitheamh le cluicheóiríbh.
"Bhuaileas isteach 'n-a measg, agus labhras le beirt
aca féachaint cad do bhí ar siubhal. Dubhairt bean
gur b'í teanga nua na hÉireann a bhí agam dhá labhairt,
agus d'fhéach a lán daoine i leathtaoibh orm. D'eirigh
bean eile chum slighe a dhéanamh dhom chum suidhte acht
níor theasduigh suidheachán uaim; d'fhiafraigh fear díom
an aréir a cailleadh mé, agus ní fhacaís riamh acht an
sgearta gáiridhe a chuireadar asda nuair adubhartsa
gur fear mairtheann mé.
"Níor fhanas a bhfad 'n-a measg. Bhuaileas amach fá
chosán agus ba gheárr gur chuala sgaoth preachán agus
geóin aca, agus iad ag baint gleamhaisg le n-a ngobaibh
as rud éigin cruaidh. Cheapas gur i bpáirc chruithneachtan
a bhíodar, toisg na geóine, agus ar theacht ortha dhom
d'eirigheadar sa n-aér i n-aon scuaine amháin le fuaim
sgiathán. Ní fhaca riamh fós éinnídh leath chómh dubh leo.
Bhí a gcleitídhe chomh sleamhain sin gur dhóich leat go
bhfeicfeá thú féin ionnta, agus do b'é bhí aca dhá gcogaint
'ná cnámha daoine marbh."
"Ó, Dia linn!" arsa Gobnait.
"Seadh, ní inneósad a thuilleadh dhuit, má's maith leat
é," arsa Parheim.
"Lean ort," ar sise.
"Bhuail fir liom annso is annsúd 'n-a n-aonar agus
casadh mná orm 'n-a gceann is 'n-a gceann, acht ní raibh
éinne ag gabháil bóthair liomsa, mar bhíos ag filleadh as
Phorgadóir.
"Pé duine gur chuireas aighneas air, d'iarr sé orm
suidhe 'n-a theannta, acht níor shuidheas. Stiúraigh aon
fhear amháin mé síos i measg na gcama-chnocán, agus
bhuail leaca gharbh liom agus duibheagán fá n-a bun. Bí
daoine a bhus is thall ar fhánaidh na leacan ag féachaint
síos ar an abhainn chiúin dhorcha.
"Tháinig faitchíos orm roimh an abhainn sin agus cheapas
go rabhas ag dul amúgha, acht do chas Seán Mac Cuinn
orm arís. "Tóg do shuaimhneas go fóil beag, ar
seisean.
"Chonncamair uainn ar an dtaoibh thall dh'abhainn fear
'n-a shuidhe ar chathaoir ar spuaic chnuicín d'eirigh díreach
as an uisge agus dream daoine 'n-a thimcheall agus
triúr dochtúiridhe ag tabhairt aire dhó. Chonnac lem'
dhá shúil an chulaith éadaigh áluinn mhín a bhí air. Bí a
chliathán liom. D'aithnigheas an t-éadach nuair a chonnac
peictiúir an fhir ins na páipéaraibh cúpla lá 'n-a dhiaidh
súd. Do b'é an fear do b'aoirde réim 'sa' righeacht é. Bí
an saoghal ag trácht thairis agus daoine móra na dtíortha
'n-a shochraid. Ní raibh aon choinne agamsa go raibh sé
gan bheith ar fóghnamh nuair a chonnac ar an spuaic úd ós
cionn na habhann ag tarraing na hanáile é, agus ní
túisge bhí an phuich dheireannach as 'ná go bhfaca-sa rud
a chuir an ghruaig 'n-a seasamh le sgannradh orm — dhá
shamhail i gcruth duine, do léim go hobann suas ins an
aer amach as port na habhann fá dhéin an fhir, droma
clúmhacha ortha agus cluasa móra fada ar nós gadhair.
Chuir Seán mac Conn agus an chuid eile sgearta gáire
asta. "Faire fúibh!" arsa mise, "tá an dá dheamhan
úd ar thóir an anama bhoicht. Féach deamhan eile ins
an gcuas úd thiar thuas ag feitheamh leis." "Tuilleann
an fear mí-bhanamhail sin a bhfaghaidh sé," arsa Seán mac
Conn.
"Ar rugadh air? B'fhéidir le Dia nár rugadh," arsa
Gobnait.
"Ní fhaca pioc eile acht fá mar adeirim leat. Níor
bhaineas as agus níor chuireas leis. Ní fhaca an
t-anam ag fágaint na colna i n-aon chor.
"Stiúraigh Seán mac Conn mé amach thar dhroichead
i measg failleacha agus thánag ar mhachaire aerach mar a
raibh an ghrian ag taithneamh. Bhí gach saghas luibh ag fás
ann, an bainne bó bleacht, is an bainne cíchéan, an
lus mór is an samha, an slán lus is an cuilean capall,
an chupóg is an chais-shearbhán, an mismín is an nóinín,
agus an iomad luibhneacha eile ná cuimhnighim ar a
n-ainmneachaibh, agus bhí dath odhar is buidhe is crón is
donn is dearg ortha, is dath gorm is glas is liath.
"Nuair d'fhéachas ar an bhfásach úd cheapas go ndéan-
fainn míndrí do luibhneachaibh ioldhathacha dhuitse, a
Smólach, agus chromas ar a mbailiughadh. Nuair a bhí lán
gabháile dhíobh bailighthe agam, shuidheas leo cois toir cui-
linn, acht amach as an dtor cia tháinig is dóich leat acht an
Mhaighdean Mhuire! Shleachtas mé fhéin ar bhéal is ar
aghaidh, agus dubhairt sí liom eirghe. Bhí a guth chomh
bog binn le siollacaisídhe cnoc. Falluing uaithne
go talamh a bhí uirthe, agus cochall geal ar a ceann.
Chonnac lán méise de sheodaibh luachmhara aon uair
amháin acht ní raibh ionnta acht salachar créidh i
gcomórtas le lonnracht a shnódha súd, agus ba chos-
mhail dath a lámha le sgáil na gréine a chífeá síos
uait i loch ghlan dhoimhin réidh. "An dtabharfá seód
dómhsa, a Eoghain Paor?" ar sise. "Thabharfainn,
a Mhaighdean," arsa mise, "a bhfuil agam de'n tsaoghal."
"An dtabharfá dhom an rud is ionmhuine leat ar
talamh?" ar sise. "Ainmnigh, is gheóbhair gan mhoill,
a Mhaighdean," arsa mise. "Seachain!" ar sise, "ná
geall go gcloisfir. An dtabharfá dhom Gobnait?"
"Ní thabharfad, a Mhaighdean," arsa mise, agus d'fhéach sí
chómh truaghmhéileach soin orm gur tháinig codladh gríbhthín
im' bhallaibh agus dhúisigheas de phreibh. Nár bh'ait an
taidhbhreamh é sin. Chuir sé iongnadh orm, acht ar ndóich,
ní raibh ann acht fá mar a thaidhbhreóchthá ar uairibh go
mbeadh duine dhed' ghaoltaibh marbh agus do dhúiseóchthá
leis an bpreib a bhainfeadh a leithéid sin do thaidhbhreamh
asat."
Ba bheag nár tháinig fanntais air Ghobnait. Is ar
éigin a bhí innte labhairt. "Ó, a Eoghain," ar sise, "nach
mór an mí-ádh dhómhsa agus dhuitse nár gheallais mise
dhi. Táim geallta dho Dhia ó imthigh Dómhnall uaim lá
mo phósda!"
Leath a shúile ar Pharheim. "A thaisge," ar seisean,
"geallamhaint gan úghdarás a b'eadh í sin má dhéinis a
leithéid; fá mar a phósais Dómhnall nuair a déineadh
feall ort le h-éitheach. Caith uait an cuimhneamh soin.
Gheallais dhómhsa mé phósadh, agus cómhlíonfair an gheall-
amhaint pé uair is maith leat. Má's maith leat d'anam
a dhéanamh féadfair a dhéanamh id' mhnaoi phósda chómh
maith is dá mbeitheá id' mhnaoi riaghalta."
Ní raibh giog as Ghobnait bhocht le tocht goil. Dubhairt
sí ná raibh sí ar fóghnamh agus d'imthigh sí a chodhladh.
Ní chum codlata a chuaidh sí, ámh, acht ar a glúinibh cois
a leabthan.
Ní hé mo ghnó-sa ná do ghnó, a léightheóir bhéasaigh,
cluas le héisteacht a chur orainn féin féachaint cad tá
ag an gcroidhe cráidhte úd dhá smaoineadh agus dhá
ghuidhe. Atá uaisleacht Pharheim chumasaigh agus a
mhilliúin dhá tarraing mar seo, an dúil 'san chráibhtheacht
agus an riaghail bheannuighthe dhá tarrang mar siúd — an
cholann shaoghalta agus an t-anam síorruidhe ag troid
na troda a tosnuigheadh i ngáirdín pharthais agus a
chríochnóchar nuair a bheidh an ghealach 'n-a meall dhorcha
is an ghrian gan teas, na cnuic pléasgadhtha, is na tobair
tráighte is na fairrgidhe tirim, an choill 'n-a crionlach is
an féar glas feóchta ag aghaidh na talmhan.
Is iomda duine chuir an cath soin ó thosach an domhain,
is iomda duine mheath 'san chath, is iomda duine bhuaidh,
acht pé aca meath nó buadh dhóibh do luidh an cath ar gach
n-aon aca ar leithshlighidh, mar is leis gach duine a anam
féin. Ní roinneann sé fearadh an chatha soin le cách. Má
dhiúltaigheann sé a chath diúltóchar é, má bheireann sé an
buadh is leis féin an geall. Sgaoiltear a cheann leis
go deireadh na sgríbe, mar is air féin amháin atá cúram
a bheathadh shíoruidhe.
Sin mar a thuig Gobnait é, acht mar sin féin gach guidhe
dá gcuireadh sí ar a son féin chuireadh sí dhá ghuidhe ar son
Pharheim. Dar leí siúd do b'í an phaidir an t-aon úirlis
catha amháin chum mí-chreidimh a sgrios amach.
"Is beag an bhrígh atá i ndeimhniughadh i n-agallamh ná
i n-áiteamh," adeireadh sí, "chum duine a chur ar a leas,
muna n-abarthar paidir 'n-a theannta soin ar a shon."
"Tá an duine ceanndána," adeireadh sí uair eile, "níor
áitimhgheadh riamh rud ar dhuine dhá aindeóin. An chainnt
is bríoghmhaire d'ár sgríobhadh riamh ar chreideamh, ní
atharróchadh sí aigne dhuine muna mbogfar a thoil. Ní
fhuil úirlis catha i n-armtheach Dé chómh géar le paidir;
is maol iad cómhairle is cainnt 'n-a héagmais."
CAIBIDIL A NAOI DÉAG.
CAITHEAMH LAE NODLAG.
Chaith Parheim tamall maith de'n oidhche ag áireamh,
agus nuair a shuidh Gobnait chum bídh i n-éinfheacht leis
Lá Nodlag bhí sé chómh meidhreach is dá mba gharsún é ag
dul ar aonach.
"Bhís beagáinín ar tuathal 'sa' n-áireamh úd i dtaoibh
cnoc na hÉireann, acht ba mhaith an buille fá thuairim é,
mar sin féin. Fuaireas a dtómhas ó'n Riaghaltas, agus
an méid ba dhóich leó a chosnóchaidís. Ocht milliún,
adeir siad, agus áirighim go gcuirfidh an oiread soin
eile crainn ionnta. Acht ní mar sin a dhéanfam an gnó
ar chor ar bith.
"Is amhlaidh a chomhnóchaidh na plandóirí ar na cnocaibh.
Déanfar botha adhmaid dhóibh, agus beidh taithighe aca
ar mhaireachtain ar chnocaibh. Diaidh ar ndiaidh ní chuirfidh
sin aon iongnadh ar mhuinntir na tíre agus dá réir sin,
ní bheidh aon chabaireacht ar siubhal ag fiafruighe cad é
an fuadar so fé fhearaibh cnoc.
"Is mar sin a thosnócham an obair. D'éis beagáin
aimsire dhóibh ag cur crann cromfar ar an ngnó dáiríribh,
agus tabharfar geall do'n dream is fearr chum barraidhe
a chur is a leasúghadh. Mar sin de, is fiú beagán a
chaitheamh le heolas maireachtana a mhúineadh d'fhearaibh
na gcnoc. Ní bheidh aon choinne ag éinne cad é fáth an
eolais sin a mhúinfear dhóibh, mar is breágh an rud
béal iadhta. Ní sgaoilfear an rún le héinne. Ní leig-
fimíd d'éinne cur isteach orainn 'n-ár ngnó agus ní
bheidh aon fhonn orainn cur isteach ar éinne acht chomh beag.
"I gcionn chúig mbliadhan toghfar na fir agus an méid
a bheidh oireamhnach snadhmfar 'n-a gcumann iad agus
múinfear i gceart iad. Fá mar fhásann an dair as shíol
bheag shuarach fásfaidh Cumann na gCnoc. Is leó féin
feasda na cnuic agus ceapaim ná cuirfear amach iad
an cor so."
"Is binn liom do chainnt," arsa Gobnait. "Is é
mheasaim 'ná go mbeidh lámh Dé 'san ghnó, moladh is
buidheachas Leis." "Amén," arsa Parheim.
"Is fada atá Éire bhocht ag feitheamh le fuasgailt,"
ar sise; "an dóich leat an mbeidís ullamh i gcionn fiche
bliadhan?"
"Éist, a chailín bhig," arsa Parheim, "bead-sa 'n-a
measg ó thúis go deireadh. Moill i n-aghaidh an deabhaidh.
Breis deithinis is eadh a loit an iomad rudaidhe 'san
tsaoghal. Dá leigfidhe do Aodh Ó Néill troid ar a
chuma féin bheadh Éire saor indiu.
"Ní'l aon fhonn orainne acht crainn do chur ar chnocaibh
agus sochar a bhaint as an bhfiadhantas. Ambás gnó
tairbheach is eadh a leithéid sin. Ní chuirfimíd isteach ar
éinne agus ná cuireadh éinne isteach orainn. Beidh
ceárduighthe ár ndóithin againn agus cothughadh dhúinn
féin agus gan brath ná beann againn ar aon daoinibh eile.
Tá an obair go léir léirighthe im' aigne agam, agus
taithnigheann sí liom. Cromfar air gan puinn moille,
acht tosnóchar dáiríribh i gcionn chúig mbliadhan má mhair-
im agus mé réidh chum an ghnótha."
"Cá ndéanfar an chéad tosnughadh?" arsa Gobnait.
"Ar an Mangartain mog-ruaidh," adeir seisean.
"Thóg sean Herbert Mhucrois teach cloiche dhó féin ar
chliathán an chnuic úd agus creidim go bhfuair sé bás
ann. Do réir deallraimh bhí fonn eirighthe 'san tsaoghal
air. Tá saghas báidhe agam leis i dtaoibh a cheana ar
cheanntaraibh Chille Airne, mar is ionmhuin liom fhéin
iad. Is dócha gur áirighis ag baile nach raibh de phort
aige le haghaidh báis do acht" ochón an t-ór agus
Mucros na gcraobh.""
"D'áirigheas go minic," ar sise, "agus dá mbeadh
cion aige ar Éirinn mar a bhí aige ar Mhucros is amhlaidh
a bheadh a ainm i mbéalaibh daoine indiu."
"Sin é díreach é," arsa Parheim, "tá a lán dá shaghas
súd i nÉirinn. Bíonn cion aca ar a dteaghlach féin nó
ar a bhfeirm, agus is cuma leo cad imtheochaidh ar an
gcuid eile dhe'n tír. Ní cóir cine-shearc nó tír-ghrádh a
thabhairt ar a leithéid sin de cion. Is cosmhail é le cion
an mhadraidh dhá theinteán féin."
"Tá lom na fírinne 'san méid sin agat," ar sise
"Thug seanduine cómhrádh dhúinn an oidhche eile ag
Cumann na Gaedhilge, agus chuir sé 'n-a luighe orainn go
léir gan bheith ag maoidheamh i gcomhnuidhe as ár gcúinne
féin cois baile, acht i n-ionad soin gur córa dhúinn
cuimhneamh ar Éirinn, 'n-a hiomláine fá mar chuimhnigheadh
na sean-Ghaedhil ar an "ndomhan Éireannach" nuair a bhí an
tír saor-shlán agus gan boladh borb an Ghaill innte."
"Ba mhaith an chomhairle í sin," ar seisean. "Chuir-
finn geall ámh gur 'mó a theasdochadh an chómhairle sin ó
dhaoinibh cois baile 'ná uaibhse. Thugas fá ndeara
ná bíonn aon eirghe 'n-áirde as a bparóiste dúthchais
ar Ghaedhealaibh Lúnduin. Ní chloisfeá annso duine ó
chondae áirithe ag glaodhach "duine deórata" ar dhuine
ó cheanntar eile fá mar a chloisfeá thall i nÉirinn."
"Is dócha," arsa Gobnait, "ná bíd siad dáiríribh
thall, 'san méid sin, agus ná bhfuil aon mhiosgais san ainm"
duine deórata "acht amháin taithighe gan machtnamh.
Tá a fhios agat gur dheighil na Sasanaigh ó n-a chéile na
daoine 'san tsean-aimsir agus gur beag an caidreamh
a bhí eatortha le fada. Is beag an iongnadh go bhfuil a
rian soin ar ár ndaoinibh fós, agus go mbeidh go
fóill."
"Tá fáth agus bun le n-ár lochtaibh, gan amhras," arsa
Parheim, "acht is mithid dúinn bheith ag caitheamh an
tseana-chlúimh dhínn mar a rinneann na bramaigh ar
theacht an tsamhraidh. Is beag an maitheas dúinn feasda
bheith ag cur an mhilleáin ar an tSasanach. Is fearr
dhúinn ár ngnó féin a dhéanamh agus gan suim a chur 'san
droch-bhuachaill sin acht an méid atá d'fhiachaibh orainn."
"Béidh sé ag cur a ladhaire isteach 'n-ár ngnó dh'ár
n-aindeóin'," arsa Gobnait.
"Is maith an rud gur dh'ár n-aindeoin a bheidh sé ag
cur isteach orainn," adeir seisean. "Is fearr soin
'ná dá mbeadh sé dhá dhéanamh le n-ár dtoil. Chómh fada
is bheidh daoine ag cur i gcoinnibh riaghlach iasachta is
amhlaidh is cóir muinighin a bheith asda. Dá mba aingeal
an Gall níor mhisde dho Ghaedhealaibh bheith 'n-a choinnibh
toisg gur Gall é.
"Is cruaidh an rádh é sin," arsa Gobnait, "acht ní
haingeal an Gall agus is beag baint atá 'gá dhlighthibh
le reachtaibh Dé. Dá réir sin tá sé dlistineach dhúinn
bheith 'n-a choinnibh."
"Pé aca bheadh sé dlistineach nó ná beadh, bheinn-se i
gcoinnibh an Ghaill," arsa Parheim. "Chuireas ceist dá
shaghas soin ar chuid des na Gaedhilgeoiríbh ag an gcéilidhe
an oidhche eile, agus do b'áil liom a chlos go mbeadh gach
mac máthar aca i gcoinnibh reacht an Gaill i nÉirinn,
pé aca bheadh cóir is ceart leis na reachtaibh sin nó ná
beadh. Feallsamhnach is eadh Liam Ó Réisius, agus bhí
sé dhá dheimhniughadh orm cad is "maith" is "olc" ann.
Chuir Pádraig Ó Súiste fonn gáiridhe orm nuair adubh-
airt sé le Liam gurab ionann "maith" is "olc," mar do
réir Sheáin Bhuidhe gach duine bhíonn 'n-a choinnibh féin ní
fhuil ionnta acht an "t-olc," agus gach duine bhíonn taobhach
leis is iad an "maith" iad. "Cia dearfadh 'ná go bhfuil
an ceart ag Seán," arsa mac Uí Shúiste.
""Má tá," arsa Seán mac Conn, "ní foláir na hAith-
eanta d'aith-dhéanamh, mar tá sé riachtanach orainn gan
cuid ár gcómharsan a shanntúghadh."
""Ní ghéilleann Seán Buidhe des na hAitheantaibh sin
acht fá mar oireann dó," arsa mac Uí Shúiste. "Fear
ciallmhar is eadh é. Má deireas a chómhursa: Is liomsa
mo chuid féin, is amhlaidh a deir Seán: Tá dearmhad ort,
a chómhursa: is liomsa an chuid; agus tógann sé í.
Nách dóich leat anois, a Smolach, go raibh smut de'n
cheart ag Pádraig Ó Súiste?"
"Is ag Seán mac Conn a bhí an ceart," ar sise. "Tá
na hAitheanta ann, pé aca a bhrisfear iad nó ná bris-
fear, agus ní fhuil sé i gcumas éinne beó iadsan d'aith-
dhéanamh ar a shon féin 'ná ar son aon eile."
"Chongaibh na Gaedhil na hAitheanta, agus féach gur
beag dhá bhárr a bhí aca," adeir seisean.
"Mar mhagadh ataoi, agus ag iarraidh mé a chrádh," ar
sise. "Má chongaibh na Gaedhil na hAitheannta fá mar
adeirir, do b'é a mbuaic é. Nuair do briseadh ortha
agus cuireadh na dromanna dubha ar a nósaibh is ar a
ndlighthibh do b'é an Creideamh an t-aon tabharthas amháin
do bhí aca i dteannta na teangan. Is beag nár chaith-
eadar uatha an teanga mar nár thuigeadar an snadhma
cine bhí innte. Dá mbeadh sé mar mhí-ádh ortha an Creid-
eamh a chaitheamh i leath-taoibh bhí an lá leis an nGall mar
bheidís féin 'n-a nGallaibh indiu, agus ní bheadh aon bhrath
aca ar shaoirseachta bhaint amach toisg go mbeadh
draoidheacht na Galldachta ortha i gan fhios dóibh, agus
bheidís sásta leis. Dá mbeadh sé i gcumas Sheáin Bhuidhe
an creideamh Gallda a chur i n-ionad an chreidimh Caitil-
icighe i nÉirinn gheobhadh muinntear na tíre aon riaghail
dúthchais uaidh ba mhaith leo, acht ní bheadh aon trácht níos
mó ar "saoirseacht," mar bheadh Éire ceangailte dá toil
féin le Sasana go deó na ndeór Ní haon bhrígh a rádh
go bhfuil fo-Chaitlicighe abhus is thall sásta le riaghail
Shasana agus fo-Phrotastúnach annso is annsúd mí-
shásta leis an riaghail sin, mar ná baineann soin leis an
sgéal Féach ar Éirinn 'n-a hiomlán; tá an dá chómhartha
dh'ár ndeighilt ó Shasana — an creideamh Caitilicighe agus
an teanga Ghaedhealach, — agus go mba buan an dá
thabharthas, pé olc maith le héinne é, mar is iad cómhar-
thaidhe ár sinnsear iad."
"Fágaim le hudhacht," arsa Parheim, "nár chuimh-
nigheas riamh ar an méid sin."
CAIBIDIL A FICHE.
BLÚIRE STAIRE.
"Is glic an fear é an Gall. Do réir riaghlacha an
tsaoghail seo thuill sé an buadh leis," arsa Gobnait.
"Tá an fhírinne gheal 'sa méid sin," arsa Parheim.
"Ceapaim ar a shon soin go bhfuil atharrughadh ag teacht
ar smaointibh daoine sa bhaile agus go bhfuilid ag féach-
aint rómpa. Féach, tá dhá dhream i nÉirinn a bhí ag
chéasadh a chéile le fada — an Sasanach nó an Protas-
túnach agus an Caitilicighe, agus is é mheasaim go
bhfuilid ag eirghe tuirseach dhe'n ghnó. Ghríosaigh an Gall
iad le n-a chéile ar mhaithe leis féin. Ní airmhighim an
bolgán glóthaighe sin an seóinín Caitilicighe, mar is
saghas ainmhidhe leis féin is eadh é. Acht de'n dá dhream
eile is beag ná'r bhuaidh an Protastúnach le congnaimh an
Ghaill ar an gCaitilicighe. Tá an Gall, ámh, ag tabhairt
druim láimhe leis indiu agus tá an Protastúnach sin go
mall agus go mí-chuimheasach ag machtnamh gur córa dhó
síothcháin a déanamh leis an gCaitilicighe. Ní túisge
bheidh an tsíothcháin déanta 'ná go ndéanfar connradh
agus ní túisge bheidh an connradh soin snadhmtha 'ná go
mbeidh an tír ar bóthar a leasa."
"Do réir mar a thuigim féin stair na tíre," arsa
Gobnait, "bhí sé riachtanach ar an gCaitilicighe bheith i
gcoinnibh an Phrotastúnaigh agus an Ghaill seachas go
raibh an bheirt ag brúghadh isteach air agus ar tí Sasanaigh
a dhéanamh dhe nó é thiomáint as an dtír. Níor theas-
duigh aon de'n dá dhíg sin ó'n bhfear mbocht, nídh ná'r
bh'iongnadh."
"Tá a mhalairt de sgéal fá láthair, adeirthear," arsa
Parheim. "'Sé an Protastúnach a cheapann go bhfuil-
tear ar tí Caitilicighe a dhéanamh dhe féin nó a chur fhiachaibh
air glanadh leis."
"Cúis gháire chúghainn," ar sise, "tá baoghal mór air.
Is d'aon ghnó a bhíonn sé. Dhá leigean air atá sé."
"Ní headh," adeir seisean, "bíonn sé lom dáiríribh."
"Taom inntine is ead é mar sin. Cionnus a leigheas-
fá é?" adeir sise.
"Fá mar a leigheastar a leithéid i ngach tír eile, greim
an Ghaill do sgur, agus sgarfaidh an Protastúnach leis
annsoin go tapaidh, mar ní áiríghim go raibh aon easba
céille riamh air."
"Tá greim an Ghaill go docht ar Éirinn fós," do ráidh
sise.
"Gan amhras tá, agus 'n-a theannta soin tá sé chómh
glic le madadh ruadh. Tá sé dh'ár mealladh indiu fá mar
a mheall sé riamh sinn."
"Níor mheall sé Parnil 'ná Seán Mistéal 'ná Bhulf
Teóin," ar sise.
"Mar ar mheall féin, féach mar a mheall sé Gratún
agus é ar a chumas aige-sean deireadh a chur le cumhacht
Gall i nÉirinn. Cuireann ainm Ghratúin gíosgán
fiacail orm. Dá mbeadh aon bhrígh ann ní leigfeadh sé
uaidh an claidheamh a tugadh 'na láimh dhó go mbeadh na
Gaill curtha chum siúbhail aige. Ní raibh a leithéid de
dheis ag aon fear roimis 'ná 'n-a dhiaidh. Bhí céad míle
fear toile ar a leis aige, gléasda cóirighthe, agus i
n-ionad buille na saoirseachta a bhualadh is amhlaidh a
sguir sé na fir toile úd.
"Fear binn-bhriathrach beag-mhaitheasach a b'eadh an
Gratúnach úd, agus mar sin féin tógadh ceap chuimhne
chuige ar fhaithche na Coláiste i nÁth Cliath, agus chífeá
lámh dheas na deilbhe i n-áirde dhá dheimhniughadh dhúinn ó
ló go ló ná raibh 'san bhfear úd acht fear cainnte. Nuair
a bhí caoi chum oibre aige is é adubhairt sé: "Sguramuis
na fir toile. Ní fhuil aon ghnó againn díobh feasta.
Ní bheadh ionnta acht adhbhar bagartha, agus ba dhóich le
Sasana go mbeadh droich-ionntaoibh againn aisdi!"
Nár dheas an tír-ghrádhthaidhe an duine sin, agus féach
is minic a ainm i mbéalaibh daoine.
"Tá sé annsúd ar a chip chuimhne agus a lámh árd-
uighthe aige, agus ba dhóich leat go ndeir a bhéal miotail
ruaidh, "Luaisgeas 'san chliabhán í agus leanas a cróchar
go cill' fá mar adubhairt sé féin 'n-a bheathaidh."
"Nár chóra dhó cróchar namhad a thíre do thionnlacan
chum roilige má bhí faill aige air," adeir Gobnait.
"Bhí faill aige air, agus is ait an rud gur beag duine
a thugann aon mhilleán do Eanraoi Gratún so i dtaoibh a
fhaillighe, acht is minic a chloistear an ceann fé dhá chur
ar Dhomhnall ó Conaill toisc nár sgaoil sé dream
tuathach gan cóir cómhraic, fés na Gallaibh.
"Bhí leath-sgéal ag Dómhnall, acht ní raibh aon leath-
sgéal ag Gratún, agus dá réir sin ba mhaith liom cloch-
chúinne thighe a dhéanamh de'n chip chuimhne sin fá na
dheilbh agus an deilbh miotail ruaidh féin a thabhairt do
ghaibhnibh."
"Nár b'fheárr dhes na daoinibh bás d'fhághail ag cómhrac
fá Dhomhnall Ó Conaill 'ná bás dh'fhághail le héagcruas
is le gábhatar an droch-shaoghail fá mar a fuaradar go
luath 'n-a dhiaidh sin?" ar sise.
"Is amhlaidh é," ar seisean, "agus dá bhfaghaidís a
rogha, sin mar a bheadh. Acht féach, thiocfadh an gábhatar
ortha níos túisge 'ná mar a tháinig dhá n-eirighidís amach.
Sin mar ba mhaith leis na Gallaibh é. Dhóighfidís rómpa
agus chreachfaidís fá mar rinneadar riamh agus is measa
bheadh cás na ndaoine feasta 'ná mar bhí. Ní raibh lón ná
airm chum troda aca. Ní raibh gléasadh ná cóiriughadh ortha
ná fiú an chinn feadhna aca. Nuair a bheidís ag itheadh
a chéile le hocras bhaileóchadh an tArm Gallda 'n-a dtim-
cheall agus ní bheadh ann acht fá mar a chífeá sgata tarbh
gorta i bpónna agus fir armtha ar chlaidhe an phónna ag
cáthadh piléar isteach i measg na dtarbhaidhe sin. Níor
bha cogadh a leithéid sin acht dearg-ár. Bhí an droch-
shaoghal uathbhásach thar áireamh, acht dá olcas é ba sheacht
measa bheadh an sgéal dhá n-eireochadh Domhnall amach
an uair sin.
"Sé ba chóra do Dhómhnall 'ná bheit dhá ullmhúghadh féin
le deich mbliadhna roimhe sin, mar ba cheart dó fios a
bheith aige ná sgaoileann an Gall a ghreim go mbíonn
eagla air."
"Ní dócha gur thuig sé feall an Ghaill," arsa Gobnait.
"Níor thuig," arsa Parheim, "níor mhisde dhó aigne
ar nós Pharnil a bheith aige. Do b'é Parnil an fear ba
géar-inntinighe bhí againn ó cailleadh Aodh Ó Néill. 'Sé
mo thuairm dá maireadh sé go sgaoilfeadh sé Éire. Bhí
sé mar thréith ann ná buailfeadh sé a bhuille go mbeadh
sé ullamh, agus go mbeadh faill aige. Níor bh'é an
saghas fir é do leigfeadh dho'n fhaill sleamhnughadh thairis.
"Ní haon mhaitheas cath a thosnughadh gan cóir chum a
dhéanta. Coir a mhairbhthe do b'eadh do dhuine a mhalairt
a dhéanamh. Tá mná is leinbh is sean-daoine againn i
nÉirinn agus ní cóir a leithéidí a chaitheamh isteach i mbéal
an mhactíre. Creid mise leis ná beadh aon chradhsgal
ar an Sasanach, acht ar nós an mhactíre. Ní túisge bheadh
an t-éirleach ar siúbhal 'ná go ngríosóchadh gach mac máthar
'san tír seo na saghdiúirí chum an éirligh sin agus i gcionn
na haimsire bheadh sé ar siubhal do cheilfidís ar an saoghal
go raibh éinnidh bun os cionn dhá dhéanamh. Sin é mo
thuarim-se agus ní fhuil aon mhearbhthall orm 'ná go bhfuil
an ceart agam."
"Is dóich le n-a lán Éireannach," arsa Gobnait, "go
bhfuil atharrughadh tagatha ar Sheán Bhuidhe agus gur mhaith
leis comhthrom na féinne a thabhairt dúinn feasta." "Tá
go breagh," arsa Parheim. "Is cuimhin liom," adeir
sé, "an bhliadhain a chuireas fúm annso i Lúnduin go
rabhas deimhnightheach gur bh'í an Riaghaltas amháin a bhí
i gcoinnibh na hÉireann. Cheapas ná raibh na daoine
féin chómh cruaidh uirthe agus mar bhí an Riaghaltas.
Ní mar sin atá. Is meas ana daoine dhi 'ná an
Riaghaltas féin.
"Gabhadh fear annso darab ainm Ó Gallchabhair, agus
do b'í an choir a bhí 'na leith 'n-á go bhfuarthas pléasgán
buile 'n-a phóca, agus dubharthas gur chuir sé roimis tighthe
do leagadh agus daoine do sgiúrd 'san aer leis an
bpléasgán úd. Ní raibh 'san sgéal go léir ach téitheach,
acht mar sin féin daoradh Ó Gallchabhair. Níor chualuighis
riamh acht an fothram a bhí 'n-a thaoibh. Dubhairt na páipéir
láithreach bonn go raibh sé ciontach agus go gcaithfidhe é
chrochadh gan mhoill, agus go raibh an chroch ró-mhaith dhó.
Liúghaig na daoine i n-aon gholam amháin go raibh an dlighe
ró-bhog agus ró-mheathta, agus gur chóra an t-Éireannach
Gallchabhair a chur ar ghreideal dhearg agus grísgín a
dhéanamh dhe. Éireannach as Americá do b'eadh é agus
d'fhág sé mála leathair ag téarmon bóthair Croise
Séarain, agus ar bhfilleadh ar n-ais dhó chum a mháilín
leathair a thógaint leis chum lóisdín éigin is amhlaidh a bhí
dhá bhleachtaire ag feitheamh leis, agus tógadh é.
"Ar chuardach an mháilín dóibh fuarthas cnap éigin i
bhfuirm pléasgáin buile ann. Thug an fear bocht na
huirc is na heairc gur i gan fhios dó féin a bhí an rud úd
pé saghas ruda é, 'san mhála, acht ní chreidfidhe é. Theas-
duigh leath-sgéal ó'n Riaghaltas chum fásgadh a thabhairt
d'Éirinn agus chuir duine éigin an pléasgán 'san mhála.
"Ní raibh aon fhear dlighe chum mac Uí Ghallchabhair a
chosaint. Fuaireas féin Giúdach a chosain é, acht ba
bheag an maitheas dó bheith ag iarraidh a shaortha. Chosain
sé chomh cruinn sin, é, ámh go bhfuair sé lúb ar lár 'san
bhfiadhnaise agus cuireadh Ó Gallchabhair siar go háth-ló.
Agus mo thruagh mhór thú! chrom na páipéir ar chur asta.
"Dia Luain a bhí chúgainn buaileadh an cime ar chlár
na fiadhnaise arís agus bhítheas ag iarraidh an bob a
bhualadh ar an bhfear mbocht. Bhí na daoine ag pulcadh
isteach 'san chúirt agus do b'éigean dos na consáblaithe
na dóirse a dhúnadh nó múchfadh na daoine a chéile.
Bhailigheadar 'n-a dhiaidh sin ar an tsráid agus chromadar
ar bhéicigh is ar bhúithrigh chum gur dhóich leat go dtóg-
faidís na fraightheacha de'n chúirt.
"Bhí fir ann is éadach uasal ortha, fir ann is giobail
ortha; bhí gaduidhithe is bitheamhnaigh ann, is póitiridhe agus
súile ortha ar nós dhá pholl dóighte i gceairt. Bhí
cailínídhe ann is mná tighe is cineál ban eile leis; bhí
garsúin is sean-daoine ann, agus bhí an port céadna
aca go léir pé aca óg nó críonna dhóibh, bhíodar ag eas-
gainidhe ar Ghallchabhair agus ag bagairt ar an mbreitheamh
is ar an gcoisde dá sgaoilfidís saor an tÉireannach gur
dhóibh ba mheasa.
Thug Ó Gallchabhair aghaidh ortha go léir idir bhreitheamh
is dhlightheóir is chonsábla, agus dubhairt gur bha sgata
crochadóirí iad de'n tsíol chéadna leo seo amuich ar
an tsráid ag liúghraigh ar tí a dhaortha. Dubhairt sé
leo, agus b'fhíor dhó é, dá sgaoilfidís saor é mar ba
chóir ná leigfeadh an eagla dhóibh an chúirt a fhágaint
toisg an sguaine bhí leath-is-muich ag feitheamh leo.
""Mheallabhair an saoghal," ar seisean, "le nbhur
gcuid eithig is leigean oraibh is maoidheamh go bhfuil ceart
ag gach fear le fagháil uaibh. Ní fhuil ionnaibh indiu acht
mar a bhí riamh a lucht féill is nimhe is breibe, agus beidh
sibh amhlaidh go mbuailidh preabaire éigin libh mar an
nGearmánach nó an Púncán, a shatalóchaidh ar bhur
muineálaibh. Má mhairim-se le n-a leithéid a chlos
déarfad gur fiú maireachtain i mbraighdineas féin chum
an méid sin sásaim a bheith agam."
"Dubhairt sé leó annsoin, a mhíle dícheall a dhéanamh
agus rinneadar, mar cuireadh i mbraighdineas go ceann
a shaoghail é."
"B'fhéidir go sgaoilfidhe fós an fear bocht," arsa
Gobnait, "is uathbhásach an rud beart d'agairt ar neach
neamh-chiontach."
"Níor bhain sin riamh codladh na hoidhche do Sheán,"
adeir seisean, "agus an té ná tuigfidh intinn na
Sasanach is beag an bhrígh dhó bheith ag dul suas is anuas
leo. Níor thuig an Sáirséalach lúbaireacht na Sasanach,
agus bhí a rian soin ar Éirinn. Dá bhfanadh seisean agus a
chuid fear ag baile fá mar fhan Laoiseach Bóta agus a
Bhóracha, ní baoghal go mbrisfeadh na Sasanaigh Connradh
Luimnighe. Do b'iad na buachaillidhe bána d'fhan sa bhaile
i ndiaidh an tSáirséalaigh do chongaibh a ceann ar Éirinn.
Dámbeadh an uain agam ba mhaith liom leabhar a sgríobhadh
ar na Buachaillíbh Bána. Muna mbeadh iad ní bheadh
Gaedheal i nÉirinn indiu."
CAIBIDIL A HAON IS FICHE.
AN GHEALLAMHAINT.
Bhí Gobnait ag obair go dian ins an Ósbuidéal ar
feadh an gheimhridh. Chuir sí i leath-taoibh an bhanaltracht,
agus chrom sí ar chéird an leighis a fhoghluim. Ceistigheadh
í ós cómhair Bhúird na nDochtúiridhe, agus réidhtigh sí
gach ceist a cuireadh uirthe i dtaoibh leighis, agus do
theasbáin sí an oiread soin eólais ar theangachaibhis ar gach
saghas aicíde go ndubharthas léi go mbronnfaidhe
sgríbhinn ceada leighis uirthe láithreach agus i gcionn leath-
bhliadhna go bhfuighbheadh sí grád speisialta dochtúrachta.
Bhí a leithéid sin de mhórdháil ar dhochtúir riartha an
ósbuidéil gur thoigh sé Ghobnait mar chongantóir do'n
Dochtúir Brúin gan mhoill. "Dubhairt sí os cómhair an
Bhúird gur mise a chómhairligh í agus a thug na leabhair
do b'fheárr dhi agus is mór an ceann suas dómhsa é,"
arsa Crimp, an dochtúir riartha.
Sean-fhear séimh do b'eadh Crimp le féachaint air,
an fear céadna do bhuail linn ag Etfíld anuraidh agus
adubhairt le Gobnait dul a chodladh agus go dtabharfadh
sé féin aire do Pharheim go maidin. "Is dóich liom,"
ar seisean le Dochtúir Brún, "go bhfuilim ag dul i
n-aois. Ní cuimhneach liom gur thugas fá ndeara roimhe
seo an dochtúir óg so Gobnait atá 'n-a congantóir
agatsa, agus is mór an iongnadh liom an méid sin, mar
ní fhaca riamh a leithide shúilibh cinn i n-aon mhnaoi eile
is tá aici sin. Acht, féach, cloisim gur mhol sí mé ós
cómhair an Bhúird. Ní dhéanfadh bean a leithéid sin gan
fáth. Ca bh'fhios ná go bhfuil cion aici orm i gan fhios
dom fhéin, agus cogar i leith, is clos dom gur ingean
deirbhshéathar do Pharheim í, agus má's eadh beidh ualach
airgid aici. An dóich leat gur fíor é?"
"Ní fheadar-sa soin," ars' an Brúnach. "Níor
bh'iongnadh liom go bhfuil ioscad ghaoil aici leis, acht má
tá féin, an lá eile a tháinig sé isteach annso d'fhéach sé
uirthe ar chuma go dtabharfainn an leabhar breac gur
mór leis í."
"Teot, a dhuine! Bíodh ciall agat," ars' an dochtúir
riartha, "ná féadfadh Parheim a rogha de mhnaoi leath-is-
muich de phálás an ríogh a bheith aige, nó pé rud ba mhaith
leis a dhéanamh; agus, rud eile, dá mbeadh aon aidhm
aicise air, cad budh ghábhadh dhi bheith dhá bodhradh féin le
dochtúireacht fá mar atáimse is tusa?"
"Ní dóich liom go dtuigim a haigne," ars' an Dochtúir
Brún. "Dubhairt sí liomsa gur bh'fhearr léi bheith ag
leigheas na ndaoine mbocht 'ná na bhfear saidhbhir, agus
gur suarach é ollmhaitheas an tsaoghail seo."
"Aicí é!" arsa Crimp, "Tá sí glan as a meabhair.
Caithfear í thiomáint amach as so go déaghair. Ní
oireann a leithéid annso. Cá bhfuil sí?"
"Glac do shuaimhneas, a mhic óighe," ars' an Brúnach.
"Ná fuil fhios agat go bhfuil gaol aici le Parheim."
"Dar muine, is fíor dhuit," adeir Crimp; nách mé an
breallán! Ar ndóich, ní fhuil 'san méid sin adubhairt
an dochtúir óg Gobnait acht cómhartha go bhfuil inntleacht
aici. Nach minic adeirim féin gur aosáidighe saoghal
na mbocht 'ná saoghal na n-uasal, agus nach fíor
é, a Bhrúnaigh?"
"Ní fíor," ars' an Brúnach, "ní bhíonn tart ná ocras
ar na fearaibh saidhbhire."
"Ní mó ná bheadh ar na fearaibh bochta, dá mb'áil leó
aire thabhairt dá ngnó is dá gcuid," arsa Crimp.
"Táim bréan de chainnt mar sin," ars' an Brúnach.
Dá mbeiththeása bocht, a Chrimp, bheadh atharrughadh
puirt agat. Dá mbeadh do bholg folamh agus do chaolán
'n-a luighe siar ar chnámh do dhroma le neart ocrais, an
barra-liobar ar do mhéireannaibh le heasba teasa
istoidhche agus runnaidhe ód' bhéal le laige fá mar do
thárluigh dhómhsa annso i Lúnduin, bheadh báidh agat le
bochtaibh ar feadh do shaoghail."
"Ní admhóchainn a leithéid sin, a Bhrúnaigh," arsa
Crimp. "Is mór an aithis d'éinne agus go mór mhór
do dhochtúir bheith gábhatarach."
"Ní haon chúis náire dh'éinne bheith bocht," ars' an
Brúnach, "ná ní fhuil aon cheann fé orm 'n-a thaoibh. Ní
mó ná agraim ort-sa anois é, acht ó chuiris chuige iné
adeirim leat gur thusa ba thrúig leis."
"Mise!" arsa Crimp, agus dath dubh air.
"Tusa, gan amhras. Sgríobhas chum Búird an ós-
buidéil seo, agus bhí mo theistiméireacht chómh maith sin
gur gealladh beart dom láithreach, acht choingbhís-se
ag feitheamh léi mé go ceann bliadhna, cé go raibh slighe
beirte ann, agus bhronnais-se ar dhá dhochtúir eile iad
agus deirthear gur thugadar breab dhuith."
"A Bhrúnaigh, taoi briste ó'n ló so amach," arsa
Crimp agus faobhar air.
"Go réidh, a dhochtúir Crimp," ars' an Brúnach, "ní
thusa a thug an bheart dom acht Parheim. Chuadhas ag
triall air nuair a bhí mo chuid airgid caithte, agus gan
pioc 'san saoghal agam acht an chulaith éadaigh ghlain a bhí
umam. D'éist sé liom agus níor labhair sé acht cúpla
focal, mar is gnáthach leis. Ní glaimhíneach é mar thusa, a
Chrimp. Sgríobh sé "appoint Brown" ar chárta, agus
déineadh mar d'órduigh sé. Go mbuaidh Dia leis.
Níor bh'iongnadh gur ghuidheas chum Dé é leigheas agus
gur chuireas pé eolas a bhí agam ar a leith nuair a bhí sé
fann ag Etfíld. Ní chneasóchadh do thuatalachtsa go
deo é."
"Dhíoghal sé go maith thú, a Bhrúnaigh, agus ní ghábhadh
dhuit maoidheamh as a ndhearnais dó," adeir Crimp.
"Pinginn ruadh níor ghlacas uaidh," ars' an Brúnach.
"Dubhart leis ná beadh sé fá chomaoin agam acht
mise aige-sean dá dheasgaibh, agus cé go ndubhairt sé
liom gur leath-amadán mé agus go mbeinn bocht
choidhche, d'aithnigheas air gur thuig sé cad a bhí im' aigne,
mar duine uasal 'n-a bhallaibh is eadh é féin."
"Is dócha go mbeidh sé mar charaid agatsa feasda,"
arsa Crimp, agus fuar-allus air. "Ná bímís ag ach-
rann le chéile. Caithimís uainn é mar iomarbháidh."
"Bíodh mar sin," ars' an Brúnach, mar do b'fhear réidh
sochma é. Bhí fhios aige gur chuir Crimp glaodhach ar
mhíle púnt chum Parheim mar dhíoghail leighis, agus níor
chas sé leis é, mar is dílis an dream dá chéile dochtúiridhe,
— siúd is go mbeadh achrann eatortha is éad aca le cheile
go minic.
Ba dhóich leat ar an mbeirt úd i gcionn leath-uaire an
chloig ná raibh focal borb eatorra riamh.
"Tabhair aire mhaith do Ghobnait, a Bhrúnaigh, agus
stiúraigh í, agus teasbáin gach nídh dhi, mar is gearr go
nglaodhfaidh an Bórd 'n-a láthair í, agus má eirigheann
leí ag an gceistiughadh is é do bhuaic é."
"Déanfad mo mhíle dhícheall," ars' an Brúnach, agus
dhein. Ba mhaith an mhaise do Ghobnait é mar d'fhogh-
lumaigh sí an oiread i gceann mí agus d'fhoghlumóchadh
duine eile i gceann bliadna. Níor mhaith an mhaise dho'n
Bhrúnach bhocht é, ámh. Nuair a bhíodh sé ag deimhniughadh
cruaidh-cheasta leighis di mar do b'é an fear ba mhó
eólas is fóghluim 'san ósbuidéal é, d'fhéachadh sise
leis na súilibh dúbha lasmhara úd isteach 'n-a shúilibh-sean.
Ní raibh aon choinne aici go raibh croidhe bog carthannach
ag an mBrúnach mbocht agus go gcorruigheadh agus go
dtéitheadh an croidhe sin fá thaithneamh na súl úd.
Mar sin féin, bhrúghaidh an Brúnach pé corruidhe croidhe
bhí ag gabháil dó. Mhachtnuigh se i n-aigne go raibh
Parheim i ngrádh le Gobnait agus nár bh'oireamhnach dhó
féin cur isteach uirthe le focal ná le smaoineamh.
Thug sé aire dhá ghnó, cé go mbíodh buaidhirt aigne air
i gan fhios go minic. Bhí sé 'n-a chumas gach ceist a
chuireadh sise air do réidhteach go cruinn.
"Cá bhfuairis an t-eolas soin ar fad? Níor bhuail
do leithéid-se chailín riamh liom," adeireadh sé. D'inn-
seadh sise dhó go fírinneach is go macánta go raibh sean-
chara aici sa bhaile a bhí 'n-a dhochtúir cháilmhear sul ar
déineadh sagart de, agus gur ghnáthach leis thiar amuich
i nAimercá Theas bheith ag leigheas dhaoine agus gur léigh
sise féin a chuid leabhar go léir.
"A ndíoltaidhe as a chuid saothair é?" adeireadh an
Brúnach. "Thugtaidhe a chuid bídh dhó, agus ní mór 'san
mbreis," adeireadh sise.
"Ní deirim 'ná gur mhaith an chuma do dhuine a shaoghal
do chaitheamh mar sin," adubhairt sé, "agus ar ndóich,"
ar seisean aon lá amháin i leath-dháiríribh agus i leath mar
mhagadh, "is fuadar mar sin atá fútsa leis. Is amhlaidh
a bheidhir lá éigin ag tabhairt aire do bhochtaibh agus dhá
leigheas, agus b'fhéidir go mbeadh ualaighe airgid agat
agus go gcuirfeá ósbuidéal ar bun, agus 'n-a dhiaidh
sin cá bhfios ná déarfá leat féin, "teasduigheann ceann
riartha uaim dom' ósbuidéal, agus sin é an Brúnach thall
annsoin ag ósbuidéal Phartholáin, agus an gleacaidhe
sin Crimp dá thiomáint." D'fhéach sé idir an dá shúil ar
Ghobnait, agus nuair a chonnaic sé ar dhearg-lasadh í
tháinig trithidhe gáiridhe air fá n-a ghéarchúiseacht féin.
Bhí a fhios aige as soin amach go raibh a bhuille fá
thuairim cruinn go leór, acht ní raibh aige acht smut de'n
cheart.
Bhíodh smaointe cosmhail leo soin ag déanamh buadhartha
dho Ghobnait agus cath fíochmhar dhá fhearradh 'n-a haigne
uaireanta, i gan fhios do'n tsaoghal.
Cé go n-innseadh sí mórán do Pharheim agus gur
bheag uirthe pioc a cheilt air mar sin féin níor innis sí dhó
go mbíodh aon nídh amháin ag itheadh an chroidhe istigh innte
agus do b'é sin cionnus a bheadh sé de mhisneach uirthe
iarraidh air í sgaoileadh uaidh le n-a thoil féin.
Thagadh creatha baill uirthe nuair de chuimhnigheadh sí
ar sgaramhaint leis le heagla go mbeadh sí ró-lag 'n-a
haigne agus go dteipfeadh uirthe an fear do dhíbirt as
a chroidhe.
"Cad déarfadh sé acht gur thréigeas é," adeireadh sí
léi féin, "agus is mór an náire aon bhuaidhirt a chur air,
mar is é an fear is uaisle ar dhruim domhain indiu é.
Tá a fhios agam gur ionmhuine leis mise 'ná a bhfuil
de'n tsaoghal aige mar dubhairt sé féin é, agus creidim
é. Ná'r fhan sé liom ar feadh na seacht mbliadan
mbrónach a imthigh thorainn, agus níor dhearmaid sé mé,
agus féach! tugadh i gceann a cheile sinn an tarna huair
le fáth éigin ná tuigim, munab eadh go bhfuiltear ar tí
sinn araon a sgóladh agus a chrádh ar son ár leasa. Is
measa liom eisean 'ná a bhfuil ar an ndomhan mbraonach,
agus teasduigheann a chabhair uaim. Má sgaoileann sé
uaidh mé le n-a thoil féin cúiteóchaidh Dia leis é agus
cabhróchaidh grásta Dé linn araon mar is treise grásta
Dé 'ná an grádh daonnda."
Sin mar a bhíodh sí ag cur is ag cúiteamh lei féin. Ní
raibh aon choinne aici go raibh fhios ag Parheim cad a bhí
'n-a haigne. Bhí tuairm aige-sean, ámh, cad do bhí ag
gabháil di.
"Is uathbhásach é neart an chreidimh seo, acht go bhfóiridh
Dia ormsa," adeireadh sé leis féin, "is beag dhom"
aigne a thugas dó le fada. Ar a shon soin is eile is
meathta an rud dom mo thoil féin a shásamh agus cosg
a chur le Smólach a hanam a dhéanamh pé cuma gur maith
léi é. Mothuighim mo chroidhe ag aith-fhilleadh ar an
gcreideamh nuair a bhím 'n-a cuideachtain, agus dá réir
sin nach córa dhom í mhealladh ó bheith 'n-a mnaoi riaghalta
'ná mo chead is mo bheannacht a thabhairt di agus í sgaoil-
eadh ar aghaidh. Measaim go gcaillfidh sí an fonn soin
i gcionn tamaill. Cionnus a leigfinnse uaim í? Nach
measa liom 'ná a bhfuil agam de'n tsaoghal í. Ní fhéad-
fainn sgaramhaint léi, agus ní mó ná sgarfad."
Chaitheadh sé i leath-taoibh an cheist. Acht má chaitheadh
féin thagadh an cheist arís agus arís eile 'n-a aigne, fá
mar a thagann smaointe 'n-ár gcroidhe dh'ár n-aindeoin.
Thagadh sí 'n-a aigne agus é i bhfeidhil a ghnótha, agus an
gléas gutha le n-a chluais aige agus a chléirigh n-a thim-
cheall, agus bhíodh ualach cléibh air.
CAIBIDIL A DÓ IS FICHE.
MEARBHTHALL NA GEALLAMHNA.
Fear do b'eadh Parheim a dhíreóchadh a inntin chómh
daingean soin ar pé rud a bheadh ar láimh aige ná cuimh-
neóchadh sé ar phioc eile go mbeadh an rud sin i leath-
taoibh uaidh. Dhá aindeoin sin, ámh, chuireadh an gheall-
amhaint úd Ghobnatan mearbhthall air, ní amháin nuair a
bhíodh sé leis féin acht i lár a ghnótha.
"Caithfead mo shál a bhualadh ar an mearbhthall aigne
seo agus í bhrúghadh thríd an dtalamh síos," adeir sé leis
féin lá áirithe. Chuir sé feac air féin. "Beidh cómhrádh
agam le Gobnait, agus ní mheathfaidh sí orm," adeir sé.
Ní túisge bhí críochnuighthe aige 'n-a oifig an lá úd 'ná
gur bhuail sé suas chum ósbuidéil Phártholáin. Chuir an
dóirseóir fios láithreach ar Chrimp, agus d'umhlaigh
seisean síos go talamh do Pharheim. "Is é an Brúnach
atá uaim," arsa Parheim. "Cuirfead fios air, a
dhuin' uasail," arsa Crimp. "Má tá aon obair riach-
tanach ar láimh aige ná cuirthear isteach air. Fanfad
leis," arsa Parheim.
"Ní fiú biorán is a bhfuil idir lámhaibh aige," arsa
Crimp. "D'oscail sé bolg othair ó chianaibh agus ní
fhuil aige acht an goile a sgríobadh."
"Ba dhóich leat gur thar bheithidheach allta atá sé ag
trácht," adeir Parheim leis féin, agus déistin air.
Le n-a linn sin chonnaic Crimp uaidh an Brúnach ag
gabháil tharsta agus brat lín éadaigh ghil air, agus
ghlaodhaigh sé air i n-árd a chinn 's a ghutha.
"Dúiseóchair na franncaigh thíos i gclaiseachaibh an
tighe, a Chrimp, gan trácht i n-aon chor ar na daoinibh
tinne," ars' an Brúnach D'éis gabháil isteach 'n-a
sheómra, agus a bhrat lín éadaigh a chur i gcoimeád,
dhéin sé anonn ar Pharheim agus chroth lámh leis, agus
labhair chuige go béasach agus go réidh agus go fearamhail,
fá mar ba ghnáthach leis le haon fhear creideamhnach eile.
"Chím," arsa Parheim, "go raibh leigheas sgine ar
siubhal agat le giorracht"
"Bhí," ars' an Brúnach. "Do b'éigean dom fhéin agus
do'n dochtúir Gobnait fear bocht a chur fá'n leigheas
sgine. Bhí neascóid ar a ghoile agus do ghearramair
amach í. Ní raibh aon chuma eile chum a leighiste, agus
ní fhacaís riamh acht an bheart dheas a ghníodhmair de. Fiú
amháin préamhacha na neascóide sin níor fhágamair 'san
ghoile. Athair leanbh is eadh an fear bocht, agus bhí
truagh an tsaoghail ag Gobnait dó, agus go deimhin agam
féin chómh maith. Táim deimhnightheach gur shaoramair ó'n
mbás é le toil Dé, agus, tá an dochtúir Gobnait ar tí
gabháil amach go ceann leath-uaire fá mar is gnáthach
léi d'éis duine a chur fá leigheas sgine."
"Ag tógaint an aeir, is dócha," arsa Parheim;"
bíonn an bheart ró-dhian ar a neart croidhe."
"Ó, go deimhin, ní bhíonn i n-aon chor" ars' an Brúnach
"Ní mar sin atá chor ar bith, acht eadrainn féin is amhlaidh
a chuireann sí paidir i leith na ndaoine tinn i gcomhair
a gcneasuighthe, agus is cóir dhom a rádh gur áitimh sí
ormsa go bhfuil a leithéid sin riachtanach.
"Ba dhóich leat gur b'ait an sgéal é, acht ní fhuair
éinne bás idir ár láimh araon ná i ndiaidh an chréacht-
ghearrtha le leath-bhliadhain, cé gur shamhluigheas féin ná
saorfadh éinnídh acht míorbhail cuid aca."
"Ambás," arsa Parheim, "is é bhúr gclisdeacht
araon a bheireann buaidh."
"Déanamuid ár ndícheall," ars' an dochtúir, "mar
fá mar adeir Gobnait, "is maith le Dia congnamh
dh'fhághail," agus táimse lán-deimhnightheach de go gcabhr-
uighthear linn ar chuma éigin ná tuigim féin go maith, acht
bíodh do thuairim féin agat 'na thaobh sin, fá mar a
bheidh agamsa."
"Is mór é mo mheas ort, a Bhrúnaigh," arsa Parheim."
Ca bhfuil Gobnait?"
"Bhí sí annso ó chianaibh; a dhóirseóir, an bhfeaca tu
an dochtúir Gobnait?"
"Ghabh sí an doras amach anois díreach," ars an dóir-
seóir.
Lean Parheim ar a sálaibh, acht do theip air breith
uirthe.
Tá teampall leathisthuas de Hóborn, agus do b'ann a
bhí a triall súd. Nuair do shroich Parheim é chonnaic sé
ise ag gabháil isteach an dorus agus lean sé í. Shuidh
sé ar ceann suidheacháin i gcúinne sgáilmhear.
Tuitimín na hoidhche do bhí ann. Bhí an breac-sholus
leath-is-muich ag dorchughadh ar na fuinneógaibh, agus ní
raibh acht cúpla géag gasa leath lasda istigh sa teampall.
Bhí slabhra ar sile ós na fraghthachaibh agus cupán ar cheann
an tslabhra, agus néal soluis dheirg 'san chupán. Cois
cúinne annsúd do bhí Gobnait agus d'aithnigh Parheim
a cruth cé ná raibh puinn soluis ann.
Tháinig cailín beag isteach agus leanbh i n-éinfheacht
léi, agus d'umhluigheadar agus chuadar ar a nglúinibh
i ngar dó féin. Tháinig sean-duine agus bean chríona
liath agus beirt chailínidhe, agus bhíodar glan acht bhíodar
bocht do réir a raibh umpa. Tháinig bean chaol árd
mheadhon-aosda agus síoda daor uirthe sin, agus chrom
sí ar a paidreacha go duthrachtach. Chuir sí i gcuimhne dho
Pharheim a mháthair agus a bás.
Thugadh sé catsúl anois is arís fá dhéin Ghobnatan, mar
theasduigh uaidh labhairt léi. Ní raibh sé socair 'na aigne.
Dhéin a shúile taithighe ar fhann-sholus an teampaill agus
d'fhéach sé timcheall air, agus féachaint d'ár thug sé ar
a chúl chonnaic sé deilbh-iomhaigh na Maighdine ag féachaint
anuas air. Gheit a chroidhe air; mheas sé a bhóthar a
thabhairt air gan mhoill, acht i n-ionad soin is amhlaidh a
chrom sé a ghlún agus bhuail sé a aghaidh ar a dhá dheárnain.
Nuair d'eirigh sé dhá ghlúinibh ní raibh éinne 'san teanmpall
acht é féin agus garsúinín giobalach a bhí ar a ghlúinibh i
n-aice leis. Bhuail sé amach fá'n tsráid agus bhí a ghiolla
cuirp agus a thiománaidhe agus a chóiste dhá chapall ag
feitheamh leis mar ar fhág sé iad.
"Siubhlochad; fillidh abhaile," ar seisean, agus ghabh
sé ceann ar aghaidh suas sráid Acsfard chum a lóisdíne.
Bhí na céadta ag siúbhlóid ar an tsráid, acht níor chuir
seisean suim ionnta acht oireadh is dá mba scaoth
cuileanna iad, mar bhí mearbhall aigne air.
Ní raibh aon bhuadhairt aigne ar Ghobnait nuair d'fhill
sí chum an ósbuidéil. Bhí luisne 'n-a pluc agus chífeá
thu féin 'n-a súilibh dúbha.
Bhuail an Brúnach léi agus é ag crónán. "Is furusda
aithint ort go bhfacaís Parheim," adeir sé, ag imirt
a chuid cleas uirthe. "Chonnac é," adeir sise. "Agus
cad dubhairt sé leat? má's cóir dhom bheith droch-
mhúinte." "Níor labhair sé chúgam i n-aon chor," ar
sise. "Fi-í-ú," agus chrom an Brúnach ar chluas-
fheaduigheal dhó féin. "Is deacair bheith suas leis na
mnáibh," adeir sé, "acht leigimís tharainn an gnó: bhíos
féin i ngrádh le mnaoi aon uair amháin, acht thug sí a cúl
orm, agus ar ndóich is dócha go raibh an ceart aici. Níor
bh'fhiú mise bean mar í siúd. Ceapaim ámh, gur measa
le Parheim thusa 'ná liomsa í siúd." "Cuirimís
uainn é," arsa Gobnait. "Bíodh amhlaidh," ars' an
Brúnach. "Nuair a bhí Parheim annso indiu, bhuail sé
a lámh ar mo ghualainn agus gháir sé liom, agus dhírigh
sé na súile glasa glé úd orm, agus do b'ionmhuin lem'
chroidhe é. Shíleas ná faca lem' ré aon fhear chómh
taithneamhach ná chómh dathamhail leis. Chífeadh sé isteach
thré chroidhe dhuine leis na súilibh úd. Ní thaithnigheann
Crimp leis. Chonnac bior 'n-a radharc nuair a bhí Crimp
ag lútáil 'n-a thimcheall fá mar a bheadh maidrín laithighe
"Dar mo lámh," arsa mise liom féin, "níor mhaith liom
cur id' choinnibh, a bhuachaill, mar go bhfuil teinte
id' chroidhe ná'r mhaith liom a adhaint." Níor bh'ionntaoibh
é. Mar sin féin is nádúrtha an fear é agus is dílis an
chara é. D'fhiafraigh sé dhíomsa ar theasduigh éinnídh
uaim, nó an raibh gach rud ar mo shocaracht agam, agus
dubhart go raibh. Chuir sé tuairisg na ndaoine
mbreóidhte, agus do b'áil leis a chlos go raibh leabthacha
ár ndóithin againn. Bheadh éad ar Chrimp dá gcloiseadh
sé am' cheistiúghadhsa é. Níor chuireas chum pingin
cosdais é, ámh."
"Is truagh nár iarrais air ósbuidéal a thógáil agus
tú féin a chur mar cheann air," arsa Gobnait.
"Mar mhagadh ataoi, is dócha," ars' an Brúnach.
"Chuir an milliúnaidhe Fuiticear Reit athchuinge mar sin
chuige aon uair amháin agus níor eirigh leis. Bhí Fuiticear
ag tafaint air cabhrughadh leis féin chum ósbuidéal do
bhochtaibh a thógáil, agus bhí a fhios aige ná raibh ó Fuiticear
acht a ainm a bheith i n-áirde. Mar sin féin thug sé míle
púnt dó i gcás ná beadh sé dhá bhodhradh níos mó. Do
thárluigh 'san am chéadna go raibh bailiúghchán ar siubhal
ag mnaoi éigin, bean an ríogh is dóich liom, agus cad
do rinne Fuiticear fial 'ná míle Pharheim a thabhairt di.
Nuair a cheistigh Parheim é is amhlaidh a fuair sé droich-
fhreagra. "Acht," ar seisean leis, "ní gábhadh dhuit bheith
chómh anacrach soin, a Pharheim, gheobhar luach an mhíle
sin uaim de ronnaibh i mBarató. "Bíodh 'n-a mhargadh,"
arsa Parheim. Lá'r na bháireach, ámh, tháinig aithreachas
ar Fuiticear. "Má bhí Parheim chómh éasguidhe sin chum
ronna Bharató a ghlacadh eirgheochaid siad," adeir sé leis
féin," agus thairig sé ronna eile do Pharheim 'na n-ionad.
Ní maith le Parheim lúbaireacht. Dá ghliocas é Fuiticear
ní raibh inntleacht an fhir eile aige. Ghlac Parheim na
ronna eile uaidh, agus bhí an iomad de ronnaibh Bharató
ag Grieber. "Díol iad," arsa Parheim, agus déineadh.
Chrom Fuiticear ar a gceannach láithreach agus leanadar
ar an gcuma soin go ceann seachtmhaine, agus sa deireadh
shiar thall bhí céad míle púnt caillte sa cluithche ag
Fuiticear. Ní raibh fhios aige cia bhí ag déanamh cosar-
asair de. "An tusa atá im' choinnibh, a Pharheim?
An measann tu mé chreachadh? adeir sé. "Seachain,
nó creachfair féin thu féin; taoi ro-ghlic ar fad," arsa
Parheim. Agus, ar ndóich, sin mar a bhí, mar d'ídigh
Fuiticear bocht é féin i ndeireadh na dála, slán mar
innistear é."
"Dia idir sinn is an t-olc," arsa Gobnait, "nach
mí-ádhmharach an rud é an t-airgead mar a ndéantar
úsáid cheart de."
"Ní fheadar," ars' an Brúnach. "Ní raibh breis de
agam-sa riamh ná i ngearracht dó."
"Ní fearra dhuit é," ar sise.
CAIBIDIL A TRÍ IS FICHE
PIAN NA GEALLAMHNA.
I gcionn coigthighis 'n-a dhiaidh siúd thug Bórd na
nDochtúiridhe árd-mholadh do Ghobnait, agus bhronnadar
grád dochtúra go hiomlán uirthe.
Nuair chas Parheim 'n-a treó bhí sé chómh áthasach 'n-a
taobh is dá mb'é féin a mhúin í. "Is éachtach an fear
é an Brúnach," adeireadh sé, "agus budh dhóich leat gur
cuma le is ciaca a mholfaidhe nó a dhí-mholfaidhe é."
"Díreach é," arsa Gobnait, "is cuma leis acht pé rud a
bhíonn ar láimh aige a dhéanamh chómh maith agus tá sé 'n-a
chumas. Do shaor sé ó'n mbás le toil Dé, Seán Mhichil.
Chuir sé fá'n sgiain an fear bocht, an tráthnóna úd a
ghabhais isteach chúghainn. Ní cuimhin leat, is dócha, gur
innseas duit gur bhuail Domhnall úd a bhí agamsa mar
fhear pósda buille dhorn ar Sheán Mhichil lá na banfhéise,
agus gur bh'é sin cúis gur theich Domhnall, beannacht na
ngrást leis." "Is maith is cuimhin liom é," adeir
seisean. "Saor cloiche go raibh dúil sa bhraon aige an
fear úd nár bh'eadh?"
"Is mar sin é," adeir Gobnait, "acht is fear meas-
ardha é le fada. Tháinig sé go Lúnduin ar lorg oibre
agus bhí an saoghal go cruaidh air. Tá sé slán anois,
agus ba mhaith liom dhá dtabharfá rud éigin le déanamh
dhó."
"Bhfuil a chéard go maith aige?" arsa Parheim.
"Creidim go bhfuil," ar sise.
"Abair leis an mBrúnach gan é leigean uaidh."
"Go deimhin," ar sise, "is amhlaidh a mheasas a iarraidh
ort rud éigin a dhéanamh de'n Bhrúnach féin."
Sgeart Parheim ar gháiridhe. "Is bog atá cainnt
agat," adeir sé go meidhreach, "acht eadrainn féin
b'fhéidir go ndéanfainn leis; bhíos ag cuimhneamh le
seachtmhain ar rud éigin dá shaghas," agus mhachtnuigh sé
ar feadh tamaill.
"Is dócha, ámh, gur bh'fheárr leat fhios a bheith agat
cionnus tá plandúghadh cnoc na hÉireann ag dul chun
cinn. Níor tosnuigheadh fós an gnó acht is beag ná fuil
sé socair chum a dhéanta. Tá sean-fhocal againn —
"moill i n-aghaidh an deabhaidh" — agus is ciallmhar an
ráidhteachas é. Is minic a chaill Éire faill thre bhreis
deithinis, acht ní mar sin a bheidh feasda le congnamh
Dé," agus d'innis sé dhi síos suas cionnus mar a bhí.
Ní dóich liom gur cheart dómhsa a chraobhsgaoileadh fá
mar a chuala é, agus nách mó go mbeidh sé dlistinneach
dhom mo chrot féin a chur ar an sgéal. Tá fhios agam, amh,
go raibh Gobnait chómh atalach le leanbh a gheobhadh
bréagán nuair a bhí críochnuighthe ag Parheim.
"Cómhlíonfar mo dhá ghuidhe," adeir sí.
"Cad iad soin?" adeir seisean.
"Saorfair Éire agus saorfair sinn araon!"
Tharraing seisean osna, acht níor thug sise fá ndeara
é, mar bhí sí lán d'áthas croidhe.
"Gluaisimís amach fá'n tsráid, teasduigheann uaim
féirín a bhronnadh ort i gcuimhneamh an lae seo,"
adeir sí Ghluais sé i n-éinfheacht léi agus iongnadh air
cad é an fuadar a bhí fúithe.
D'fhéachadar isteach i bhfuinneóig siopa.
"A bhfeiceann tú an phíop dheas soin?" ar sise.
Píop shaor do b'eadh an phíop úd, agus bhí fonn gáiridhe ar
Pharheim, mar níor thuig sise go raibh aon deifir idir
phíopaidhe seachas a chéile.
"Glacfad an phíop sin uait agus fáilte," adeir sé,
agus ní baoghal ná go mbeidh meas agam uirthe, cé ná
glacfása pioc uaimse."
"Ná bac mise, tá breis is mo dhóithin agamsa,"
adeir sí go suairc, agus thiománadar leó agus d'fhéach-
adar isteach ins na siopaíbh ar bhréagánaibh is ar nidhthibh
saora is daora agus dhearg fear na milliún a phíop nua
agus chaith í agus thaithnigh sí leis, agus dubhairt gur
bh'ionann gal aisde agus blaise ubhaill mhilis aibidh.
"D'aithnigheas go raibh sí go maith," adeir sise.
Chaith Parheim an tráthnóna úd níos suairce is níos
súbháilcighe 'ná mar a chaith sé aon tráthnóna leis na
ciantaibh.
D'iompuigheadar isteach go tigh bídh Frascati, agus
bhlaiseadar biadh ann. D'éist seisean a bhéal agus
sgaoil sé léi-se, agus chuir sí thré n-a chéile áilneacht na
hÉireann, a coillte glasa, a cnuic, a bánta míne, a
gleannta aeracha is a haibhne.
D'éistfeadh seisean léi gan tinneas ná tuirse dá
mbeadh sí ag cainnt ó shoin. Níor cheap sé gur chualaidh
sé riamh a chosamhlacht de bhinneas gutha as béal daon-
naidhe. Níor cheap sé go raibh a fiacla chómh geal riamh
roimhe sin, is mar bhíodar an oidhche úd ná soillse a
súl chomh taithneamhach.
Níor bhréag a rádh go raibh soillse na súl soin go
taithneamhach an oidhche úd. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Ghob-
nait féin nuair d'fhéach sí uirthe féin 'san sgáthán an oidhche
chéadna ar bhfilleadh abhaile dhi. Rith an smaoineamh
doímasach uallach thré n-a hinchinn nuair d'fhéach a súile
féin amach uirthe as sgáthán a seómra leabthan, agus
dubhradar léi: Is breágh é do luisne anocht, tá
d'fhiacla chómh geal le fiacal con, tá cneas do mhuiníl
chómh sleamhain le marmair, agus nách áluinn d'oirfeadh
slabhradh de sheódaibh luachmhara dho'n mhuineál soin.
Bheadh cóistidhe is capaill agat i dteannta na seód.
Bheadh an saoghal mór ag gáiridhe leat is ag úmhlughadh
dhuit. Bheadh ór is airgead agat chum a chaithte fá mar
ba mhaith leat. Bheadh gach nídh ar do thoil féin agat fá
mar do b'áil leat. Nách mór an maitheas a dhéanfá leis
an airgead le déirc is le bronnadh. Ná'r bh'fhíor dho-san
é leis nuair adubhairt sé leat go ndéanfá d'anam ar
an tsaoghal leath-is-muich chómh maith is mar dhéanfá leath
istigh i gclochar é. Agus b'fhéidir go mbeadh na
riaghlacha ró-chruaidh ort agus ná réidhteóchadh trosgadh
leat agus nár mhaith leat do leaba dh'fhágaint i n-am
mhí-thráthamhail chum úrnuighthe is órtha a rádh. Agus go
mór mhór cionnus a thréigfeá eisean d'éis geallamhaint
a thabhairt dó seacht mbliadhna ó shoin. Ná'r fhan sé leat
riamh ó shoin le súil go dtiocfá uair éigin agus is geall
le miorbhail gur chasabhair ar a chéile an tarna uair,
agus gan ceangal a phósda ar aon agaibh. "Ní foláir,"
adeir sí léi féin, "ná gur beannuighthe na smaointe
iad so ag gabháil dom. Táim óg anamamhail. Ní
fhuilim acht sé bliadhna fichead d'aois, agus nach mór
leisean mé agus liomsa eisean chómh maith. Seadh, ní
fhuil a leithéid eile ar dhruim domhain. Tá sé chómh
díreach le gáinne, chómh banamhail le cailín óg agus chómh
deagh-labhartha is chómh béasach le rígh. Agus nach áluinn
an dá shúil cinn atá aige, chífeá sgáil ionnta ar nós
tobaracha fíor uisge. Agus 'n-a theannta soin nach
cumasach cuthaigh an rábaire fir é; nach tapaidh a bhain sé
na cosa ó'n ngaduidhe a mheas a chlog póca a sgiobadh
uaidh an oidhche úd. A Dhia mhóir! cionnus a sgarfainn
anois le hEoghan Paor? Ná'r bh'é an sgrios gur
sgaradh riamh sinn! Ar casadh ar a chéile an tarna
uair sinn chum ár sgartha arís? Sgartha! Ní chloisfinn
a ghuth go deo na ndeór! Ní fheicfinn lán mo shúl
de go bráthach na beathadh! Ó, Dia lem' anam!"
Bhí preabarnaigh 'n-a ceann, agus í ag cainnt le n-a
sgáil féin 'san sgáthán. Tháinig mar a bheadh neamhaireacht
uirthe roimh a sgáil féin agus radharc d'ár thug sí thar
a gualain bhuail a súil ar altóir bheag a bhí a gcúinne a
seómra. Phreab a croidhe istigh innte le náire fá mar
a bheadh coir déanta aici. Mhúch sí an solus go hobann;
ghoill an doiricheacht uirthe agus tháinig liúgh 'n-a cluais.
Bhuail sí a dhá bais; thuit srutha deór léi agus ghlaodhaidh
sí ar a máthair a bhí 'san chill leis na bliadhantaibh, agus
bhuail sí síos is suas an t-úrlár agus a croidhe dhá
bhriseadh le buadhairt.
Fá deireadh bhuail sí í féin ar a glúinibh. Fágfam
annsoin í mar is dán agus is droch-mhúinte an gnó
dhómhsa cluas a chur orm fhéin ag iarraidh breith ar
chogarnaigh an anama le n-a Shlánuightheóir.
Gabh tré do phiantaibh croidhe, a bhruinneall is a
mhaighdean, tá grádh thar grádhthaibh an domhain i ndán
duit, acht is fíochmhar é do chath — an spioraid is an
cholann ag tnáithe a chéile féachaint cia aca a bheidh an
buaidh aige. An cath ar do choimirc, a Ghobnait bhocht.
Ní fhuil fhios againn cionnus a chuir sí an cath acht tá
fhios againn nár chodail sí puinn an oidhche sin, agus
gur bh'fhearrde í an bualadh is bruighean a bhí idir an
spioraid is an cholainn, mar gur tháinig sí as an dtroid
is an gcoinbhliocht níos treise is níos seasamhaighe 'ná
bhí sí riamh.
"Cad 'n-a thaoibh ná pósfadh sí Parheim?" adéarfar.
Nár bh'fhiú é bean mar í; ná geobhadh sé, fá mar adubhairt
an Dochtúir Crimp a rogha de mhnaoi. Sin é díreach mar
adeir an saoghal, acht ní thuigfidh an saoghal go dtoghann
an Tighearna fo-cheann de mhnáibh is d'fhearaibh as an
gcine daonda chum a ngrádh go hiomshlán a thabhairt
Dó féin ar leithshlighidh. Sin é buaidh an chine dhaonda.
Sin é a bheireann bárr do shliocht Ádhaimh a bheith i
gcumas fo-dhuine de'n tsliocht soin rachmus is sgléip
is sult an tsaoghail do dhiúltughadh agus a mbeatha do
chaitheamh i mbochtaineacht ag paidreóireacht ar son na
coda eile i gcás ná beadh droich-chrích ortha, agus ná
déarfadh Dia: "Imthighidh as mo radharc, sibh uile go léir,
a chlann an fheill! Ní fhuil ionnaibh acht méadal is
goile; ní fhuil uaibh acht bhur mbuilg a líonadh ar nós
na mbeithidheach, agus bhur ré a chaitheamh le han-mhian.
Greadaidh libh as mo láthair is as mo chuimhne, a lucht
na póite; ní fhuil aitid agaibh ná fuil smeartha le
salchar, agus bolaidhthe bréan uaibh; glanaidh uaim, a
dhream ghearbach, is oth liom gur chruthaigheas riamh sibh!"
Bhíodh smaointe de'n tsaghas soin ag gabháil thré aigne
Pharheim ó innis Gobnait dó cad a bhí 'n-a hinntin, agus
ba mhinic a cheistigheadh sé í féachaint ar bh'fhéidir leis í
sgaoileadh as a coingeallaibh.
An oidhche úd áirithe go raibh Gobnait i mbuadhairt
aigne 'n-a thaobh féin do thárluigh go raibh seisean leis i
mbuadhairt aigne 'n-a taobhsan, fá mar a bheadh báidh
anama aca araon le chéile i gan fhios dóibh.
Chrom sé ar mhachtnamh agus é 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir
féin.
"Mheall Liam Caol mise, agus mheall sé Gobnait.
Chongaibh sé mo litreacha uaithe agus chuir sé tuairisg
bhréagach chúghamsa go raibh sise pósda. Is maith is
cuimhin liom an lá a léigheas an tuairisg sin!
"Agus féach, déisi sin, budh dhóich leat go rabhamair
ceapaighthe dhá chéile Tiomáineadh a fear uaithe sin lá a
pósda, agus casadh ormsa arís í gan coinne ag aon
againn le chéile. Mar sin féin, ní túisge a bhíomar go
socair is go sóghach is go háthasach i gcuideachtain a
chéile 'ná go bhfaghaim amach go bhfuil sí fá mhóidibh bheith
'n-a mnaoi riaghalta agus ná leigfidh scannradh dhi na
geasa a bhriseadh.
"Bíonn sgannradh uirthe leis trácht thairis liom agus tá
buadhairt aigne uirthe dá dheasgaibh. Táim deimhnightheach
sa méid sin mar d'fhéachas isteach 'n-a croidhe. Nuair a
thug sí an geall soin do Dhia ní raibh coinne aici go
mbuailfinnse léi arís. Cad is cóir dhómhsa a dhéanamh?
Tá sí ag brath ormsa chum cabhruighthe léi agus í bhronnadh
ar Dhia! Ní fhuil im' chumas a leithéid sin a dhéanamh
dhi. Cionnus a sgarfainn lem' Smólach? Ní fhuil
agam 'san tsaoghal acht í. Ní fhuilim fearamhail mo
dhóithin chum í sgaoileadh ó n-a geallamhaint dómhsa.
Ní fhuil grásta Dé agam le n-a rádh léi: "Bronnaim
ar Dhia thu, a Ghobnait." Ní fhéadfainn an méid sin a
dhéanamh ar a son. Tá sé thar mo chumas. Táim ró-lag;
táim ró-cheannamhail ar shochar an tsaoghail seo. Chuir-
finn mo cheann fá thuaigh ar chip ar son Ghobnatan."
Chuirfeadh leis, mar is laoch an fear ciúin dáiríribh
seo. Níor chualathas riamh ag maoidheamh as a thréithibh
é, agus níor cheap sé go raibh aon deigh-thréithe aige. Do
hoileadh 'san Ghearmáin é, agus d'fhág feallsamhnacht na
nGearmánach agus breis léighinn bhréagaigh fuar i
gcreideamh é, agus bhí sé dúbhach dá dheasgaibh sin an oidhche
seo dh'áirithe.
"D'adhainn mo Smólach bhocht im' inchinn solus a bhí
múchta leis na bliadhantaibh, agus níor bha le hargóint
ná le troid a ghnídh sí an méid sin. Stiúraigh sí ar an
mbóthar gceart mé leis chum Éire do shaoradh agus go
gcúitighidh Dia léi é. Nach truagh go bhfuilim chómh lag
soin is ná féadfainn a ceann a sgaoileadh léi. B'fheárr
liom céad uair ámh í bheith 'n-a mnaoi riaghalta 'ná pósda
le fear eile. Mar sin féin, ní sguirfead ó n-a geall-
amhaint í. Ní leomhfainn é." Chaith sé ar leath-taoibh
leabhar a bhí 'n-a láimh aige ar tí a léighte agus leig sé a
cheann siar ar bhaic na cathaoireach, agus chuir sé a dhá
bhais ar a shúilibh go dubhach brónach. "A Íosa Críost,
tabhair dhúinn araon do ghrásta! A Mhaighdean Mhuire,
cabhruigh linn!" ar seisean ó n-a chroidhe, agus le n-a
linn sin thuit a chodladh air. Nuair a dhúisigh sé as a shlama
codlata bhí a ghiolla cuirp 'n-a sheasamh le n-a aice ag
feitheamh leis, mar bhí sé deireanach 'san oidhche.
CAIBIDIL A CEATHAR FICHEAD.
AN SGARAMHAINT.
Tráthnóna breágh samhraidh a b'eadh é nuair do thúirling
beirt fhear agus cailín óg as an dtraen ag teármon
bóthar Chille hÁirne. Bhí cóiste ar leithshlighidh aca, cé ná
raibh acht beagán earraidhe turuis aca.
Bhuaileadar a dtriúr treasna na sráide chum Ósta an
Teármoin Bóthair mar ar chuireadar fútha.
Chasadar orainn cheana, an fear caol árd ruadh, Par-
heim on Óir, agus an fear teann gairid sin le n-a chois
do b'é an Brúnach é, agus an bhean uasal a bhí 'n-a
dteannta do chífeá nuair d'árduigh sí a scáth aghaidhe gur
bh'í Gobnait a bhí ann.
Níor aithin éinne ise. Is gearr a bhíonn duine imthighthe
as áit, go ndearmhadtar é muna mbíonn éinne dhá
ghaoltaibh 'n-a gcomhnuidhe ann. Ba dhála soin ag Gob-
nait. Mar sin féin, bhí sgáth aghaidhe uirthe mar níor
theasduigh uaithe í féin a chur i n-iúl d'éinne annsúd.
D'fhill an Brúnach chum na traenach agus ba ghearr go
raibh sé ag órdúghadh ceathrar adhnaclaighe a bhí ag iomchar
cómhrann as an dtraen go dtí cóiste cróchair cheithre
gcapall do bhí ullamh ar an mbóthar.
Do shuidh sé féin isteach i gcóiste dhá chapall agus shuidh
Parheim agus Gobnait isteach i gcóiste eile, agus
dhruid an tsochraid léi.
Bhí gach duine bhí amuich ar an tsráid ag cur na súl
tríotha, acht ní raibh fhios ag éinne cia'r bh'iad, ná cár
b'as iad.
Dubhairt ceann an tearmoin bóthair gur cheap sé
gur as Lúnduin dóibh, agus go raibh cead ó rúnaidhe an
Riaghaltas ag duine uasal aca corp mná a chur i Mainis-
tir Locha Léin. Tugadh órdughadh dhó féin bheith umhal is
urraimeach dhóibh.
Bhí tuitimín na hoidhche ann fá'n am do shroiseadar
an Mhainistir, acht bhí gach nídh socair mar ba chóir ag an
mBrúnach, agus uaigh an tsean-Phaoraigh osgailte agus
beirt shagart cois na huaighe.
D'fhéach Parheim síos ins an uaigh ar chómhrainn a athar,
agus d'fhair sé corp a mháthar curtha taobh le corp a
fir pósda. Níor labhair sé giog agus níor chorruigh sé
as a sheasamh go raibh an uaigh dúnta suas arís.
Chas an Brúnach ar a chois chómh luath is bhí a ghnó críoch-
nuighthe aige, agus níor fhan duine ná daonnaidhe 'san
chill acht Parheim agus Gobnait.
D'fhéach an bheirt ar a chéile ar feadh tamaill.
"Tá mo mháthair curtha anois i n-aice m'athar," ar
seisean, "agus is dócha gur b'shin é a bhí uaithe."
Chuaidh an bheirt ar a nglúinibh cois na huaighe, agus i
gcionn tamaill mhaith d'eirigh Parheim agus bhuail sé
amach fá'n roilig mar a raibh radharc ar an loch aige.
Bhí an ghealach lán ar ioghar na spéire 'san domhan toir,
agus chaith sí bioma soluis bhuidhe treasna an locha ó
Chathairneán go Gleannádh. D'eirigh sí ós cionn na
gcrann go raibh sgáil sínte amach ós gach cloch-leacht
'san roilig, agus chuir sí léasa soluis isteach i gcúinníbh
na sean-mhainistreach mar a mbíodh leabthacha cruadha na
manach. Chas sí gath dhá solus liath timcheall crainn
iúbhair mar a raibh Parheim 'n-a sheasamh. Shín sí sgáil
Ghobnatan isteach thré fhuinneóig sa mhainistir agus suas
chum an bhaill mar a mbíodh an altóir fadó. D'fhéach
seisean fá dhéin Ghobnatan, agus d'fhéach sé feadh an
ghatha soluis gealaighe a shín treasna an úrláir, agus nuair
do airigh sé sgáil Ghobnatan istigh ar árdán altóireach
Mhainistire Locha Léin tháinig iongnadh ar a shúilibh, mar
ba chosmhail an sgáil úd le beirt bhan ar a nglúinibh ar
a aghaidh amach.
Dhéin sé anonn ar Ghobnait. Bhí gach ball di ar crith
le trithíbh goil. Sheasaimh sé ar ceann uaighe a mháthair;
bhí sise 'gá cosaibh.
"Eirigh, a Smólach, cad é fáth do ghoil?" ar seisean.
D'eirigh sí. D'fhéach sí anonn air. "A Eoghain Paor,"
ar sise, "sgaoil uait mé!"
Ba gheall le buille chasúir 'san éadan dosan é.
Tháinig meireán 'n-a cheann agus crith 'n-a bhallaibh agus
shnáimh a chuid fola go fuar ann ó bhathas cinn go bonn
cos.
Bhuail sé a dhá sháil sa talamh agus d'fhéach sé idir
an dá shúil uirthe agus cnap 'n-a sgórnaigh.
"Ar son na Maighdine Muire, bronnaim ar Íosa
thu!" ar seisean do ghuth gharbh, agus thuit rud greanna-
mhar ait amach; bhuail smólach a sgiatháin ar mhullach
crainn agus d'eiteall sí timcheall chinn Pharheim trí
huaire, agus ba dhóich leat uirthe go sgoilfeadh sí a
piobán le canntaireacht. B'fhéidir gur cheap an t-éan
go raibh sé 'n-a lá bhí solus na gealaighe chómh geal soin,
acht d'éis a geóine binne sgeinn sí léi fá'n gcoill.
"Go dtugaidh," arsa Gobnait, acht ní raibh innte
focal eile a rádh.
Dhún Parheim a bhéal tanaidhe docht agus bhí bior 'n-a
shúilibh, acht bhí deór thiar ionnta i gan fhios.
Thóg sé chum an bhóthair Gobnait. "Tóg an bhean uasal
— siubhlóchadsa," ar seisean le tiománaidhe na cóiste
bhí ag feitheamh leo. D'fhéach Gobnait siar air aon uair
amháin, agus d'fhéach seisean 'n-a diaidh agus d'imthigh-
eadar as radharc a chéile go deó.
D'iompuigh sé isteach 'san roilig agus shuidh sé ar uaigh
a athar 's a mháthar. D'fhan sé ann 'n-a stalca ar feadh a
bhfad. Tháinig fuar-allus air agus mhothuigh sé bualadh
'n-a cheann fá mar a bheadh clog ar siubhal ann. Bhí a
theanga chómh tirm le caorán móna.
"Ca bhfios," ar seisean, "ná go bhfillfeadh sí ar
n-ais chúgham! Bhí a fhios agam go n-iarrfadh sí an
ghuidhe orm. Ní raibh ionnam í d'eiteach."
Bhuail sé é féin ar a ghlúinibh, acht ní raibh sé 'n-a chumas
paidir ná cré a rádh. Bhí a mheabhair i ndísg. Chrom
sé a cheann ar a bhrághaid, chrom sé chum tailmh go raibh sé
ar a bhéal is ar a aghaidh, agus thuit na sruthaidhe deor
leis. Thuiteadar leis 'n-a dtuilltíbh. Bhíodar chómh te
is chómh bog is dá mbadh as a chroidhe amach a
thagaidís.
Deirthear gur b'é sos mná i mbuadhairt deóir is osna.
Bíodh soin mar atá, ní mar sin d'fhear é. Níor thug na
deóir fóirithin ar Pharheim. Ní dócha gur ghoil sé ó
bhí sé 'n-a leanbh, agus bhí a rian air, raob an gol neamh-
ghnáthach so a chabhail is a chroidhe is a cheann-aighthe. Bhí sé
ar crith, pian 'n-a chliabh agus tinneas 'n-a cheann agus
lúigh 'n-a chluais. Bhí dath ódhar croidhearg air agus é
buailte críonna caithte, cé ná raibh sé acht trí bliadna
déag ar fhichid d'aois.
Eirigh id' shuidhe, a Pharheim, tá gnó ag Éirinn dhíot. Ní
fiú cnaipe gan cos fear gan deor i n-am tráth, mar tá
gaol cómhangarach ag gáire leathan le deor bog braonach
an fhir nádúrtha. Chaillis Gobnait. Tharraing grádh Dé
uait í i n-aindeóin do mhilliún agus sgiamhacht do phear-
san cheolmhaire fhuinneamhla féin. Eirigh id' shuidhe, a
dhuine. Thugais uait í le do thoil féin, agus ná bíodh
ceist ort.
D'eirigh sé sa deireadh agus is ar éigin a bhí ann cor-
ruighe. D'fhéach sé amach fá'n loch. Bhí an t-uisge chómh
réidh socair le clár búird agus dath an airgid bháin air
fá sholus na gealaighe.
Dhruid Parheim leis an uisge agus thúm a lámha teó
ann, agus steall sé lán baise dhe ar a éadan is ar a
mhalaíbh. Bhí an t-uisge sin go breágh ionfhuar.
Chaith sé dhe a chuid éadaigh agus chuaidh sé de léim 'san
loch. Snámhuidhe áluinn do b'eadh é. Thúm sé é féin
agus phlub sé síos fiche troigh is breis go raibh sé dhá
mhúchadh agus tháinig sé ar bárr ar lorg anáile, agus shéid
is d'iomlasg sé é féin agus chroth sé a úrla ruadh. Shín
sé é féin ar a dhrom annsoin agus bhuail sé an t-uisge
le n-a shálaibh go raibh sé foluighthe le cúbhrán bán, agus
'n-a dhiaidh sin d'iompuigh sé ar a chliathán deas, shín amach
roimis a lámh dheas ar a faobhar ar nós stiúir báid, thug
sé speach le n-a chois chléith agus chas sé an láimh chléith
ar nós fúnsa, ós cionn a chinn. Spriúch sé an t-uisge
thairis ar an gcuma soin agus ba ghearr go raibh sé amuich
i lár an locha agus anaithe air d'éis a shaothair. Shín sé
amach amuigh annsúd go dtáinig a anál dó, agus d'fhill
sé chum puirt ar a shocaracht.
Chroth sé é féin, agus rith is phreab is léim ar fuid na
trághá dhá thiormúghadh féin mar ná raibh aon tubháille
aige.
Chuir sé uimis a chuid éadaigh. D'eirigh an ghruaim dhá
chroidhe agus bhí sé chómh éadtrom 'n-a bhallaibh le fiadh,
mar do b'fhear anamamhail stóinsighthe riamh é.
Nuair d'fhill sé ar uaigh a athar 'sa mháthar chrom sé
a ghlún agus dubhairt a phaidreacha go dúthrachtach. D'éis
an méid sin do bhuail sé isteach 'san tsean-mhainistir.
Bhí an áit chómh ciúin is nár labhair duine riamh ann.
Cheap sé gur chualaidh sé coiscéim duine leath-is-muich,
agus chuir sé cluas air féin. "Mac alla mo chos féin,"
adeir sé, agus níor chuir sé a thuille suime 'san tsiubhlóid
ar an dtaobh amuigh Thiocfadh neamhaireacht ar dhuine
eile, acht níor bha duine de'n tsaghas soin Parheim.
Bhí a aigne go socair 'n-a aonar annsúd
Pé cúinne nach raibh solus liath na gealaighe, bhí an áit
sin chómh dubh le pic. Bhí tuamaidhe go flúirseach ann,
cuid aca 'san doiricheacht agus a thuille aca 'san tsolus,
smiot de chuid aca dorcha agus blúire eile dhe'san tsolus
agus blúire eile fós de fá sgáil. Ba dhóich leat gur
fear ceann aca agus é 'n-a shuidhe, ba dhóich leat gur
ainimhidhe éigin 'n-a luighe ceann eile aca. A thuilleadh aca
leis agus ba deallratach le mnáibh ar a gcromara iad,
agus cuid aca 'n-a seasamh i bhfuirm mná agus clóca
cába uirthe.
Ní fhacaidh Parheim riamh radharc ba ghreannamhaire
'ná an méid úd, agus do b'áil leis bheith ag faire ar sholus
na gealaighe ag rith ó áit go háit. Chuireadh sí bior
isteach i gcúinne ar feadh tamaill agus tharraingeadh léi
go hobann arís é, agus bhíodh an ball soin dubh 'n-a
diaidh. Bhíodh pláisín soluis ar an bhfalla úd shiar, agus
do chrotaidhe é agus théigheadh sé i n-éag agus lasadh sé
i ngearracht troighe de'n bhall chéadna arís do réir mar
a chaitheadh an ghealach sgáil dhuilleabhar na coille isteach
thrés na fuinneógaibh.
Fá dheireadh chrom Parheim ar shiubhal i measg na
dtuamaidhe. Chonnaic sé cuid aca sa lá, bliadhanta ó
shoin agus d'aithin sé anocht iad. Bhain sé a hata dhe.
"Sid é leacht Mhac Cárthaigh Mhóir agus Uí Dhonnchadha an
Ghleanna," adeir sé leis féin. "Ba mhór le rádh iad
lá agus nách ciúin atáid siad anocht. Agus tá Eoghan
Ruadh Ó Suilleabháin, fear ba mhó 'ná énine aca, curtha
annso leis. Nár mhór an truagh nár chúm seisean rann
ar sgáileannaibh na gealaighe 'san mhainistir.
Do shuidh sé siar ar leacht Mhac Cárthaigh agus d'fhéach
timcheall air, agus cheap sé ná raibh sé riamh i mball do
b'uaignighe 'ná é siúd. Gach leóithne gaoithe a chrothadh
duilleóg leath-is-muich do crotaidhe a sgáil ar na fallaíbh
leath-istigh. Ar uairibh chífeá sgáil géige crainn ag
casadh ar scáil géige eile agus ag crothadh anonn is
anall agus ba chosmhail iad le géagaibh mná caointe ag
bualadh bas ós cionn cuirp.
Ní fhéadfadh Parheim an ball dh'fhágaint, acht ag faire
ar na sgáileannaibh úd go léir ag rith ar a chéile annso
is annsúd.
Sgaipeadar go léir go hobann agus baineadh preab
as mar ná raibh aige acht an doiricheacht, agus le n-a
linn sin d'árduigh na héin a nglór, mar bhí breacadh an
lae chúghainn.
Is ar éigin a chreidfeadh sé gur chaith sé an oidhche i
Mainistir Locha Léin.
Amach leis ar an mbóthar.
Nuair do shroich sé Cill Áirne bhí na coiligh ag glaodhach.
Bhí an Brúnach 'n-a shuidhe ag feitheamh leis.
"Is oth liom go bhfuilir ag airneán ar mo shon-sa,"
arsa Parheim.
"Go deimhin féin," ars' an Brúnach, "chuadhas id'
choinnibh ar chois agus bhí iongnadh an tsaoghail orm nár
chasas ort. Bhíos 'san roilig ar uair an mheádhoin oidhche,
agus níor fhágas ball di gan cuardach, acht do theip orm.
Ní fhuláir ná gur chuaidhis i bhfolach orm."
"Cad chuige gur chuaidhis am' chuardach?" arsa Par-
heim.
"Ná tóg orm é," ars' an Brúnach, "acht is amhlaidh a
tháinig an dochtúir Gobnait chúgam annso agus d'iarr sí
do ghuidhe orm dul ag triall ortsa gan mhoill agus
aireachas maith a thabhairt duit, agus má's cóir dhom a
rádh d'iarr sí orm dá mb'é do thoil é fanamhaint id'
theannta i gcomhnuidhe. D'fhág sí slán agam, agus bhí
rian goil uirthe, agus dubhairt go mb'fhéidir go ndéarfá-
sa agus mise paidir ar a son. Ní inneósfadh sí dhom
cá raibh a triall acht is é cheapaim gur ins na mnáibh-
riaghalta a chuaidh sí."
"Tá an ceart annsoin agat, a Bhrúnaigh. Ní bhuailfidh
a leithéid linn go deo arís," arsa Parheim. "Agus
féach," adeir sé go réidh is go socair, "is dócha go bhfuil
an dóirseóir oidhche ag miogarnaigh agus nách cóir dhúinn
bheith dhá chur chum trioblóide, acht ba mhaith liomsa dá
ndúiseóchaidhe mé ar a hocht, mar teasduigheann uaim
bheith i Lúnduin anocht."
"Dúiseóchair thú gan amhras ar a hocht," ars' an
Brúnach, agus d'imthigh sé ag cuardach an dóirseóra.
Bhí fhios ag an mBrúnach go raibh Parheim ana-shaidhbhir,
acht ní raibh aon choinne aige go raibh sé a leath ná a thrian
chómh saidhbhir is bhí. Agus dá mbeadh a fhios aige do
leathadh a shúile air fá mar a leathadar ar Ghobnait ar
chlos di go raibh na milliúin go léir ag Parheim. Acht,
mar sin féin ní mó meas bheadh aige ar Pharheim 'ná
mar bhí, agus seo mar a labhair sé leis féin d'éis bheith ar
lorg an dóirseóra: "Is dócha go bhfuil an dóirseóir
'n-a luighe i gcúinne éigin ag sranntarnaigh, agus bíodh
aige, dúiseóchad féin Parheim," agus tharraing sé
chuige a phíop agus shuidh ar a leis cois na teine.
"Ní hé airgead Pharheim fá ndeara dhómhsa rud a
dhéanamh air," adeir sé leis féin. "Is é a fhearamhlacht
agus a staidéaracht a thaithnigheann liom. Is iomdha fear
gaoithe ná beadh leath chómh saidhbhir leis go mbeadh
fothram sa tigh seo aige ag glaodhach ar na seirbhíseachaibh
agus ar fhear a tighe dhá chur 'n-a luidhe ortha aire a
thabhairt dó. Leigfeadh a leithéid sin uaidh an traen
d'aon ghnó chum leathsgéil a bheith aige chum íde bhéil a
thabhairt ar mhuinntir an bhóthair iarrainn, agus 'n-a
dhiaidh sin dhíoghalfadh sé as birt dhó féin i gcómhair
turais cos-in-áirde a thabhairt as so go cuan Rosláir
chum breith ar bhád an tráthnóna."
Gháir an Brúnach leis féin agus d'ól sé a phíop go
sásta, ag moladh Pharheim' dtaoibh de mar bhí cion tar
bárr aige air. "Cuirfead geall," adeir sé, "go
mbeidh Parheim go luath ag an dteármon bóthair ar
nós gach duine eile, agus ná coingbheóchaidh sé an traen
nóimit ag feitheamh leis. Is breágh an rud na béasa
agus an tabhairt suas. Is eol domhsa daoine go bhfuil
airgead aca agus ní sheasóchadh an saoghal leó le mórtas.
Nuair a bhíos óg chloisinn sean-fhocal, agus pé duine
cheap é bhí géarchúis aige: "Nuair a theigheann an gabhar
'san teampall ní stadann sé go haltóir." Ní dá shaghas
soin Parheim. Is beag an t-eirghe 'náirde atá air.
Tá airgead a dhóithin aige, agus tá sé baileach ciall-
mhar leis. Beidh sé go fial ar maidin le seirbhísigh an
tighe ósda so agus le fearaibh an bhóthair iarainn. Ní
le daoinibh dhá saghas a bheadh sé cruaidh, acht le daoinibh
móra saidhbhre a bheadh ag iarraidh buntáiste dh'fhághail
air. Cloisim go mothuighid a leithéidí sin a bhuille trom
go minic, agus go dtuillid é." Do b'fhíor é teist an
Bhrúnaigh.
CAIBIDIL A CÚIG IS FICHE
PARHEIM AG OBAIR.
Ní túisge d'fhill Parheim abhaile ó Chill Áirne 'ná gur
sgeinn Grieber fá n-a dhéin. "Cad é an sgéal is
feárr atá agatsa, a Ghrieber?"
"Droich-sgéal," arsa Grieber, agus dath bán air;"
táimíd creachta glan amach! Ní fhuil feóirling ruadh
ag aon againn ar an nóimit so!"
Bhain Parheim puichín eile as a phíp, agus d'fhéach
sé suas thríd an ndeatach ar fhraghthachaibh a sheómra
shuidheacháin.
"Muna mbeadh nár mhaith leatsa sgilling a chaitheamh
gan a luach trí huaire dh'fhagháil air déarfainn go rabhais
ag ólachán, a Ghrieber," ar seisean, go réidh socair.
"Is dócha go ndéarfair liom gur briseadh ciste
Americá, no gur shluig an fhairrge an tSeapáin, nó
gur chaith réalt mhongach éigin cith cloch anuas ar an
Rúise. Cuireann tú Barnite i gcuimhneamh dhom. Do
b'fhiú cúpla milliún é agus toisg nach raibh a dhá oiread
aige do léim sé de chlár luinge fá'n bhfairrge."
"Ní deirim go bhfuil an gnó chómh tubaisteach soin
ar fad," arsa Grieber, "acht chailleamair dhá chéad míle
púnt indé!"
"Ronna na mianach, an eadh? Is dócha gur b'é
Piarpon Murchadh bhí ag cómhrac liom. Is fiú é Piarpon
cleas imeartha bheith leis. Beidh cor coise againn le chéile
sa tseachtmhain seo chugainn. Ní dheirim ná gur maith
liom go bhfuair Piarpon an bhúntáiste sin orm faid a
bhí mo chúl leis."
"Ní hé Piarpon i n-aon-chor é," arsa Grieber, "acht
fear eile ná' raibh coinne agat leis. Cheannuigh sé luach
dhá chéad míle de ronna rubéir uaimse. D'eirigheadar
feadh an lae agus dá mbeidís agam anois dhíolfainn ar
a dhá oiread súd iad. Sé Húla a cheannuigh uaim iad.
Tá sé chómh glic le mada rua. Deir sé ná díolfaidh sé
na ronna úd go mbeidhid a dheich nuaire níos daoire,
agus annsoin go mbeidh airgead a dhóithin aige chum dul
ar imreasgáil leatsa. Seachain tu féin air, a Pharheim.
Fear glic is eadh é, agus fear ceanndána freisin, agus
deirthear go bhfuil sé chómh saidhbhir le Créisus."
Tháinig a leithéid sin de racht gáiridhe ar Pharheim
gur ghabh greim sa chliathán é.
"Suidh, a Ghrieber; muirbheóchar mé. Is tú an fear
is glioca a bhuail riamh liom chum cleas d'imirt má
cuirtear ar do shúilibh tu roimh ré, acht má leigtear dhuit
beart do dhéanamh as do acfuinn féin ní fhuil ionnat
acht pléice. Cheapas gur bh'é Piarpon a bhí ag cur isteach
orm ar an margadh, agus do b'áil liom dá mb'é mar
tá fios a ghnótha aige. I dtaobh an trúmpalláin sin,
Húla, ní fiú speach é.
"Beidh do dhá chéad míle ar n-ais agatsa i gcionn
seachtmhaine, agus tabhair aire dhó, agus ná sleamhnuigheadh
sé uait an tarna huair nó bíodh ort féin. Tá connradh
agamsa le Rí na mBelachaidhe, agus ní chuirfidh sé rubér
dhá dhíol ar an margadh acht fá mar a theastóchaidh uaimse
sin. Ghnídheas urrúdhas ar Húla so 'sa' bhanc, agus
fuair sé céad míle ar iasacht, agus féach do réir mar
adeirir is amhlaidh atá sé ag dranntán orm agus ar
tí alp a thabhairt ar mo speir. Seadh, eireóchaidh rubéir
agus díolfaidh Húla amach a bhfuil aige dhíobh i gcionn
seachtmhaine, agus ceannuigh-se uaidh iad, agus díolsa
amach arís nuair a eireóchaid siad níos mó. D'éis a
ndíolta leatsa brisfidh ar an bhfoidne ag Húla bocht,
agus ceannóchaidh sé ronna rubéir arís ar mhargadh dhaor,
agus glaodhfaidh an banc isteach ar a gcuid féin. Creid
mé leis go mbrisfidh a chuid sainnte Húla. Má bhéas
aon éirghe 'náirde air roimhe sin, nó do mhisneach air
cur isteach ormsa am' ghnó fáisgfead é agus pléasgfad
é ar nós mhála gaoithe. Imthigh ort anois, a Ghrieber,
teasduigheann uaim bheith liom féin."
"A thiarcais," arsa Grieber ar imtheacht dó, "nách
miorbhúilteach í ínntin Pharheim. Is eól dó cad a
bhíonn ag gabháil thre aigne dhaoine. Nách truagh ná
meileann sé Húla!"
Ní raibh aon truaghmhéil i gcroidhe Ghriebeir. Chean-
nuigh sé na ronna rubéir fá mar adubharthas leis. "Tá
Húla ag ceannach arís fá mar adúbhairt Parheim,"
adeir Grieber leis féin, agus bhí sé ag léimrigh as a
chroiceann nuair a thacht an banc Húla bocht, mar ba
chuma leis acht é féin a bheith i n-uachtar.
Bhí Parheim go gnóthach moch deireanach go ceann mí,
agus ní raibh aon tseó acht an méid airgid a tháinig
isteach chuige.
Bhí áthas ar a chléirigh nuair a d'imthigh sé do'n Ghear-
máin, mar bhíodar leath-mharbh le hobair. Dhíoladh
seisean go maith iad as a saothair ámh, agus dá chómhartha
soin bhíodar umhal is éasguidhe. Bhí urraim aca dó,
agus bhíodar mórdhálach as, acht ní raibh aon chion aca
air, mar is dream neamh-bhuidheach is eadh cléirigh. Bhí
leas-ainm aca air, mar is gnáthach; ghlaodaís an
"leomhain" ar eisean, agus an "seacál" ar Ghrieber.
Sé an gnó bhí sa Ghearmáin aige 'ná tamall a chaitheamh
i dteannta Mhendl, an t-ealadhantóir cogaidh úd
adeireadh gur bh'é an sgrios ná'r chaith Parheim a shaoghal
le hArm.
"Tá droch-fhuadar éigin fút anois," arsa Mendl.
"Clais do thóchailt fá fhairrge, nó púdar pléasgach
éigin a chumadh chum loingeas do bháthadh."
"Is é atá uaim ná an chuma is éifeachtaighe chum
tighthe i bhfuirm daingeana a dhéanamh ar chnocaibh."
"Ní deacair a leithéidí sin a dhéanamh," arsa Mendl,"
acht is ionann é Arm ar chnoc agus fear i ngéagaibh
crainn, agus beithidheach allta thíos fé ag feitheamh leis.
Má bhéas foidhne ag an mbeithidheach allta soin, tiocfaidh
an fear anuas chuige fá dheire."
"Siúd is go mbeadh biadh ag an bhfear úd, bheadh
an beithidheach allta cortha ag feitheamh leis," arsa Par-
heim.
"Dá mbeadh foidhne ag an mbeithidheach allta," arsa
Mendl, "bheadh a chuid bídh caithte luath na mall ag an
bhfear soin, fá mar a bheadh a gcuid bídh caithte nó lobhtha
ag Arm ar cnoc."
"Siúd is go bhfuil slighe ar bhiadh d'athnuadhchaint ar
chnoc, cad déarfá?"
"Ní fhásann seagal ná cruithneachta ar chnoc," arsa
Mendl.
"Cuma chum a dhéanta soin, díreach atá uaimse, agus
a cheist agam ort," arsa Parheim.
Ba chuma le Mendl gad é fáth an cheistiughcháin, agus
níor innseadh dó é acht chómh beag. Do b'áil leis bheith
ag iomadh le ceisteannaibh cruadha de'n tsaghas so.
Díoladh go maith é as a chuid múineadh. Do chaitheadar
araon dhá mhí le cois a chéile ag cur is ag cúiteamh.
Ghlaodar chúca ealadhantóir frígh agus ealadhantóir
brígh agus bhíodar soin go dúthrachtach ag iarraidh na
gconstaicidhe a cuireadh chúca do réidhteach. Chuir na
healadhantóirí úd biadh fá fhuacht lic oighre, reoidhte do
bhrígh lámheólais. Chuireadar gráinne arbhair fá theas
aiblighe agus do theasbánadar do Pharheim toradh a
n-iarracht. Ní raibh fonn a mheallta ortha agus dá
mbeadh féin ní raibh ionnta é dhéanamh, mar bhí seisean
chómh clisde nach beag leó féin.
D'fhoghlumaigh sé uatha pé nídh bhí i n-easba air, agus bhí
muinighin aige as a gcuid eolais.
Chuir sé ceist chruaidh ortha, agus do b'í seo í: Ar
bh'fhéidir le teine gan deatach ceo na gcnoc a sgaipeadh?
'Sé an réidhteach a thugadar ar an gceist sin ná dá
gcuirfidhe splanc aiblighe thríd an gceo go ndéanfadh
soin gal de'n cheo, agus dá bhrígh sin go n-eirgheóchadh sé
agus go measgfaidhe leis na sgamallaibh é.
"Ceapaim," arsa Parheim, "go bhfuil an ceart
agaibh 'san mhéid sin. Tá deifir mhór idir ceó na gcnoc
agus an ceó ruadh soin a bhíonn i Lúndain Shasana go
minic. Chómh fada is bheidh teinte guail dhá n-adhaint i
Lúnduin beidh an ceó aca laetheanta ciúine."
Cheannuigh sé na leabhair ba mhó tabhacht ar gach gnó
agus ceist a bhí ag cur air agus d'fhoghlumaigh sé ó
Mhendl gach eolas airm a bhí fá réim 'san Ghearmáin.
"Ní haon ualach dom," adeireadh sé leó, "an t-eolas
is cruinne le fághail a bhreith liom uaibh, má fhéadaim é,
mar cá bhfios 'ná gur b'iomdha rud a bheadh ag teas-
dabháil uaim fós am' thír dhúthchais."
Níor cheileadar siúd aon tsaghas eolais air, agus ba
mhór aca é, agus do b'é ba gheárr leo bhí sé 'n-a measg.
"Ná bí a bhfad amuich uainn," adubhairt Mendl leis,
"ní fhuil aon deallramh ag Lúnduin le Seárlatenborg
Bhíos thall 'san chathair cheoidh soin agatsa tamall dem'
shaoghal, agus níor bha lem' thoil féin é. Bhíodh tinneas
i sreangaibh mo chroidhe uaireanta le fonn chum teacht
abhaile."
"Sin é díreach mar a bhíonn," arsa Parheim, "dá
fheabhas é do shlighe bheathadh i measg daoine ná taithnigheann
leat ní bheitheá sásta riamh go dtabharfá do chúl ortha."
"Tuigim," arsa Mendl; "is maith an chómhartha go
réidhtigheann tú linne. Is duine linn féin thu. Tógadh
'n-ár measg thu, geall leis, agus is truagh mar fhágais
riamh sinn. Ar chuiris aithne ar an bhfear atá i n-ionad
do shean-mhúinteóra?"
"Níor chuireas. Glaodhaidh chúgam air," agus tháinig
Reisil, ollamh le stair is dlighthe tíortha. Raga fir do
b'eadh Reisel, gialla troma loma air, agus speaclaidhe
gorma. Leabhar mór ann féin do b'eadh an fear so,
agus ní raibh agat acht billeóga a inntine d'fhosgailt
is d'iompáil i gcomhair gach ceist a bheadh ag cur ort do
réidhtiúghadh. Chuir sé iongnadh ar Pharheim le méid a
fhoghluma.
"Ba mhaith liom cur fúm id' theannta, a Reisel," ar
seisean.
"Is fearra dhuit fuireach i nÉirinn mar a bhfuil agat,"
arsa Reisel. "Is buan é fear i measg a ghaolta féin."
"Ní fhuil sa méid sin acht grádh cine, agus cad is grádh
cine ann do réir do thuairme?" arsa Parheim.
"Chuireas ceist mar í ar Mhendl an lá eile," arsa
Reisel, "agus seo mar d'fhreagair sé mé agus faghairt
'na shúilibh: "Tá," ar seisean, "fonn a bheith ort aon
tír a bheadh i gcoinnibh do thíre féin a sháthadh síos go tóin
puill gan cradhsgal."
"Ar réidhtighis leis," arsa Parheim.
"Ní deirim ná go bhfuil an ceart aige," arsa Reisel.
"Agus," arsa Parheim, "ó's bráithre do réir dúth-
chais an chine daonna, an cóir dúinn cion mar a chéile a
bheith againn ar thíorthaibh is treabha an domhain?
"Ní fhuil ann acht gaoth," ars' an fear eile.
"Tá go maith," arsa Parheim, "agus an dóich leatsa
anois, ó's eol duit stair Éireann is Shasana, an bhfuil
sé dlistineach d'Éireannach bheith chómh ceanamhail ar
Shasana is tá sé ar Éirinn, dar leis féin?"
"Ní fhuil aithid d'bhur ndaoinibh adéarfadh a leithéid
sin?"
"Tá go dearbhtha. Is mór leo Éire, adeir siad,
agus is mór leo Sasana leis."
Chuir an Gearmánach cnead is casacht as. "I gcead
duitse, ní fhuil sa méid sin acht focal salach nách cóir a
luadh. Is eól dom an fealltóir agus is eól dom an
t-amadán. As droich-phréimh d'fhás an fealltóir, acht
ní fhuil leigheas ag an amadán air féin agus ní fhuil aon
mhaith bheith leis.
"Cad is cóir a dhéanamh leis an bhfealltóir?
adeirir. Seadh, tuilleann sé an chroch acht toisg nách
fuil coill gan críonlach, b'fhéidir gur bh'fhearr leigean
do'n fhealltóir lobhadh. Má's eól do'n phobal gur
fealltóir é, seachnóchaid siad iad féin air, agus lobhfaidh
sé. Aithneochaidh an pobal é má bheas an fhírinne ag
baint leo, mar ní mheasgann feall is fírinne le chéile
acht chómh beag is déineann íle is uisge, agus luath nó
mall lobhfaidh an fealltóir as a bhréantanas féin."
"Acht féach," arsa Parheim, "ar an méid tubaiste a
ghníann an fealltóir de'n phobal sul a n-aithnighthear
é."
"Ó thúis an domhain bhí an fealltóir ann," arsa Reisel,"
agus chuir sé cosg ar feadh tamaill leis an gceart is
leis an fhírinne, acht fé dheireadh bhuaidh an fhírinne.
Briseadh uirthe go minic agus brisfear arís is arís eile
uirthe, foluigheadh le bréagaibh is le héagcóir í, agus bhí
sí múchta claoidhte, dar le n-a lán, acht d'eirigh sí as an
dtalamh luath nó mall, thóg an ghaoth ar a druim léi í,
chuimil sí í féin do bhéalaibh daoine agus labhradh í. Sin
mar a mhair an fhírinne d'aindeóin an fhealltóra, ní
hamháin i nÉirinn acht ar fuid an domhain."
Do b'áil le Parheim bheith ag éisteacht leis an nGear-
mánach so. Fear gan breis cainnte do b'eadh é féin.
Níor bhain éinne riamh an oiread cainnte as agus bhain
Gobnait, agus ó imthigh sí uaidh do b'annamh a cloistidhe
a ghuth munab ag cur ceiste ar dhuine éigin é."
"Cogar i leith, a Reisel; an é do thuairim go mbeidh
Éire ceangailte le Sasana i gcómhnuidhe?"
"Ní sguireann Sasana a greim d'aon tír acht dá
haindeoin," arsa Reisel.
"Deirthear go mbronnfaidh sí riaghail dúthchais ar
Éirinn. Cad é do thuairim-se?"
"Is baoghlach," ars' an Gearmánach, "nach beidh ann
acht bréag-riaghail, agus dá bheag-mhaitheasaidhe an méid
sin féin b'fhéidir gur bh'fhearr é 'ná an t-eiteach dubh."
"Bhronn sí riaghail ar na Bórachaibh: táid siad saor
indiu le n-a toil," arsa Parheim.
"Ná creid gur dá toil féin é," ars' an Gearmánach.
"Níor chraobhsgaoileadh go hiomlán a connradh síothchána
leis na Bórachaibh. Cá bhfios duit ná raibh geallamhaint
fá leith 'san mhargadh úd eatortha. "Admhuigh gur bhuadhas
ort," ars' an Sasanach, agus gheóbhair so is súd, agus
má's mar sin a bhí ní cheapaim gur buaileadh an dubh ar
an ngeal ar an mBórach, mar bhí an gheallamhaint úd
fá shéala aige agus bhí faitchios ar an Sasanach dul siar
air."
"Níor airigheas riamh é sin," arsa Parheim.
"Is iomdha rud a thuiteann amach 'san tsaoghal ná
háirighthear," ars' an fear eile. "Acht i dtaobh na riaghlach
dúthchais seo, má bronntar ar Éirinn í, cad é an geall
a bheidh agaibh ná tógfar ar n-ais arís uaibh í?"
"Caithfear firtoile bheith dhá cosnamh nó ní fiú trumpa
gan teanga an riaghail dúthchais," arsa Parheim.
"Is maith mar a chreidim thu," ars' an Gearmánach."
Ní chuirfidh an Sasanach isteach oraibh annsoin, mar is
béasach an fear é le duine láidir."
"Tuigeann tú cúrsaidhe an tsaoghail go dian mhaith,"
arsa Parheim.
"Ní fhuil 'san méid sin acht éifeacht staire," ars' an
Gearmánach.
CAIBIDIL A SÉ IS FICHE
PARHEIM AR N-AIS.
"Bail ó Dhia annso isteach. Tá súil agam go bhfuilir
go maith," ars' an Brúnach.
"An bhail chéadna ort, a mhic óighe; táim go seabhrach.
Suidh," arsa Parheim. "Is é an fáth gur chuireas fios
ort, a Bhrúnaigh, d'fhonn pas cómhráidh a bheith agam
leat."
"Táim ag éisteacht, comáin leat. Is áil liom do
chómhrádh má's misde dhom a rádh," ars' an Brúnach.
"A leithéid seo bhí im' cheann le tamall. Is amhlaidh a
chuireas rómham ósbuidéal do bhochtaibh a thógbháil i mball
éigin, agus ní thuigim go maith cad a bhaineann leis.
Bheinn fá chumaoin agatsa dá nglacfá an gnó idir láimh.
Bí-sé mar cheann air, agus is é an ainm a ghlaodhfair air
'ná "Ósbuidéal na Maighdine." Ná bí gann agus ná bí
sgaoiltheach. Bíodh gach nídh mar is cóir. An nglac-
fair leis an mbirt?"
"Glacfad," ars' an Brúnach.
"Seadh, tá an méid sin i leath-taoibh," arsa Parheim.
"Teasbáin an leitir seo dhóibh i mBanc an Laoidigh, agus
gheobhair airgead ann."
"Is cóir dhom a rádh go bhfuilim buidheach, ana-bhuidheach
díot," ars' an Brúnach.
"Ná bac é," ars' an fear eile, "is mór agam thusa, a
Bhrúnaigh," agus chroth sé lámh leis go carthannach, agus
d'éirigh sé dhá chathaoir 'n-a oifig i sráid Thragmortan,
agus d'fhosgail sé féin an doras do'n dochtúir gan brath
ar an ndóirseóir, agus sgaoil amach é. "An rath ort
agus ar do ghnó, a chinn Ósbuidéil na Maighdine," ar
seisean.
"Gurab amhlaidh dhuit óm' chroidhe," ars' an Brúnach.
"Beidh Crimp ar dearg-bhuile," adeir an Brúnach
leis féin, ar ghabháil amach dó.
"Níor cheapas riamh go raibh a leithéid sin de mhuinighin
ag Parheim asam, agus ní baoghal, le congnamh Dé, go
mbeidh aon chúis ghearáin aige orm, mar ní chaithfear
pinginn gan ghábhadh acht fá mar a bheadh sí ag teacht amach
as mo phóca féin. Ní leómhfainn aon éagcóir a dhéanamh
air, siúd is go mbeadh a fhonn orm. Féach an dá súil
sin ag Parheim. Tá gáir ionnta. Tá deor ionnta
leis agus nádúr, acht féach tá splanc 'n-a codladh
thiar ionnta do mhillfeadh thu dá sgaoilfidhe amach í.
B'fhéidir gur thug Crimp fá ndeara na súile úd leis,
agus gur b'é sin an fáth go mbíonn sé chómh umhal do
Pharheim. Nach beag atá dhá bharr aige! Beidh sult
agamsa as, geallaim dhuit é. Beidh sé as a mheabhair.
Tá dúil 'san airgead aige. Is beag an díoghbháil é
mhealladh le báin-bhréig. Déarfad leis go mbeidh na
mílte 'san mbliadhain agam agus ná fuil aon teora
leis an méid airgid atá fám' lámhaibh le caitheamh ar
an Ósbuidéal. Sin é a chuirfidh ar miribh Crimp le
héad. Ceann! Is breágh an rud bheith mar cheann ar
ósbuidéal. Is breágh an rud bheith mar cheann ar aon
nídh agus gan éinne bheith ós do chionn chum cur isteach
ort. Is mór an dúil atá ag gach duine i gcúmhacht agus
ceapaim nach é an tairgead a leanann céim árd ar fad
fá ndeara an dúil sin acht an fonn a bhíonn ar dhaoinibh
chum bheith ag tabhairt órdúghadh dho dhaoinibh eile. Níor
airigheas riamh gur chuir éinne suas do chúmhacht. Fan
go fóill ámh. Chuala trácht thar Gréagóir Pápa. Chuaidh
seisean a bhfolach nuair a bhítheas chum Pápa dhéanamh dhe,
agus do b'éigean dóibh é tharraing amach as pholl éigin.
Ghoil sé go fuidheach le faitchíos go raibh an chéim ró-árd
agus ró-chruaidh dhó. Nár mánlacht é shin! Is cóir
dhómhsa cur uaim. Nár leigidh Dia go mbeadh an
t-uabhar ag gabháil dom. B'fhéidir gur chóir dhom gan
an sgéal a innsint do Chrimp i n-aon chor, acht mo ghnó
a dhéanamh go duthrachtach agus go macánta. Tuigm
anois gur gheallas do'n dochtúir Gobnait go dtabhar-
fainn beart do'n bhanaltrain sin an Púncánach, dá mbeadh
sé im' chumas, agus féach go bhfuil. Bhí fhios ag Gobnait
go mbeadh. Má's fíor go raibh aidhm ag Parheim ar
Ghobnait, agus ceapaim nár mheall mo shúil mé, ar
chualaidh éinne riamh a leithéid de dhroich-mheas agus bhí
aicisean ar ollmhaitheas an tsaoghail! Chaith sí i leath-
taoibh uaithe na seóda luachmhara agus an síoda, agus
ghlac sí brat dubh garbh na mná riaghalta. Chaith sí uaithe
an saidhbhreas agus cúmhacht an tsaidhbhris agus ghabh sí
leis an mbochtaineacht, chaith sí uaithe aoibhneas páláis,
agus i n-ionad bheith 'n-a luidhghe ar leabaidh chlúimh éan i
seómra fhairsing aerach thoghaidh sí boisgín cumhang
cruaidh i mboithín mná riaghalta. Acht cad táim dá
rádh: nár thug sí cúl ar Parheim féin cé go bhfuil a
dhóithin d'fhear ann d'aon mhnaoi ar dhruim domhain. Nách
beag an iongnadh gur buan í an Chríostuidheacht agus
leithéid Ghobnatan a tharraing chúiche féin i n-aindeoin an
tsaoghail. Is miorbhuilteach iad grásta Dé! Ní thuigim
i gceart iad. Ní raibh aon mhaith ionnamsa riamh. Féach,
mheasas beart a thairgsint do Chrimp i gcás a bheith mar
shásamh agam é d'eiteach 'n-a dhiaidh sin. Nár bha spriún-
laighthe an mhiosgais a leithéid sin. A bhfad uaim an
t-olc. Bíodh le Crimp. Tá sé riachtanach ormsa an gnó
a ceapadh dhom a dhéanamh. Seo chuige mé."
Sin é an Brúnach agat, a smaointe agus a aigne.
Deirthear go mbíonn sé mar thréith i bhfearaibh inntin-
eamhail na fir is oireamhnaighe le haghaidh gnótha áirithe
a thoghadh, agus do b'é an Brúnach an fear do theasduigh ó
Pharheim.
Ba gheárr 'n-a dhiaidh sin gur bhailigh sé do Pharheim na
cúntusaidhe ba mhó tábhacht ar Iath Breasail i nAmericá
Theas, agus chuireadar araon thré n-a chéile folláineacht
a haeir, gach aicíd is taom a ghnáthigheann í agus cionnus
a leigheasfaidhe iad. Thómhaiseadar araon as leabhraibh a
cuid teasa is fuachta, a fearthainn, a taithneamh gréine,
is a drúcht.
Ní raibh aon amhras ag an mBrúnach 'ná gur ar tí
ósbuidéil a thógbháil annsúd a bhí Parheim. Tá fhios
againne ámh ná'r bh'é sin an fuadar a bhí fé acht ar tí
neide a dhéanamh d'Éireannchaibh annsúd i gcás go
mbeadh sliocht a sleachta go buan ann mar chabhair dhá
dtír dhúthchais ar ball chum fuasgalta as an an-bhroid i
n-a bhfuil sí.
Ní raibh sé sásta leis an méid eólais a theasbáin
leabhair dó ar an dtír úd. Ghlaoidh sé chuige Reisel
as an nGearmáin.
"Tá sé riachtanach orm," adeir sé, "buidhean tlacht-
eólais a chur ar bun, agus ba mhaith liom thusa do bheith
mar cheann ortha. Déanfaidh triúr eile id' theannta
féin an gnó agus is éigin díbh dhá bhliadhain an chuid is
lúgha dhe a chaitheamh i nIath Breasail, agus cúntas cruinn
a thabhairt chúghamsa ar gach nídh a bhaineas léi. Beidh
cead agaibh ó Riaghaltas na tíre sin, fá mar a réidh-
teóchad leo, seal do chaitheamh i ngach áit is maith libh,
agus aithne a chur ar an tír i n-iomshlán. Gheóbhaidh sibh
cosdas is tuarasdal agus úrluisidhe turuis mar is
cóir."
Bhí Reisel toiltheannach, agus d'ainmnigh sé triúr eile
gan mhoill. Ba chuma leis cad é an gnó bhí ag Parheim
de'n eolas so. Gheall sé go ndéanfadh sé go cruinn
an gnó, agus bhí Parheim sásta.
"Bead ullamh i gceann mí," adeir sé. "Teas-
duigheann uaim fear ionaid a chur i bhfeidhil mo chuid
oibre féin 'san Ghearmáin agus gnóthaidhe eile a bhaineann
liom do shocrughadh." "Gan amhras," arsa Parheim, agus
sgaoil sé uaidh Reisel gan cur isteach air a thuilleadh, mar
bhí fhos aige go ndéanfaidhe an obair go gasda agus
go hoireamhnach, mar is gnáthach le Gearmánach é.
D'fhéach sé i ndiaidh Reiseil. "Déanfaidh an fear
soin a ghnó go cruinn," adeir sé leis féin.
"Ca bhfios ná beadh Iath Breasail Gaedhealach fós
de bhárr a shaothair. Beidh orm beagán airgid a
chaitheamh ar an ngnó. Ding de'n leamhán a sgoilteann
í féin. Airgead do chabhruigh le Seán Buidhe; is le
hairgead a chómhraiceóchar é. Ní buan í tír a déantar
as airgead. Maireann sí tréimhse, acht múchann an
t-airgead agus droich-chleachta an tsaidhbhris í fá dheire.
Suidhfeam cuallacht annsúd le congnamh Dé a bheidh
glan i n-aigne agus folláin i gcorp."
D'éis an méid sin machtnaimh sgríobh sé go dtí
Riaghaltas na Stát a gcomhthrom dh'fhagháil dá bhuidhin
Tlácht-eolais i nIath Breasail, agus pé cosdas a bheadh
i n-easnamh ortha d'íoc, agus chuir sé i leath-taoibh an gnó
d'éis an méid sin.
Níor dhearmhad sé acht chomh beag, geall a thug sé do
Ghobnait. Bhí sé 'n-a oifig an lá 'n-a dhiaidh sin agus
tharraing sé chuige losta long a tháinig i gcuan an
oidhche roimh ré, agus do chonnaic sé 'n-a measg ainm na
luinge gaile, úd an "Túracína." D'osgail sé leabhar
mór dearg a bhí 'gá uillinn agus lean sé a mhéar thar
ainmneachaibh a bhí ann gur bhuail an rud a bhí uaidh leis,
sé sin uimhir na cuideachtan go mba leó an long úd.
Bhuail sé a mhéar ar chnaipe bhí le n-a ais agus chuir a
ghléas gutha le n-a chluais. Ba gheárr gur freagradh é.
"Dírigh ar uimhir a seacht is trí fichid mé," ar sé, agus
bhuail an cluigín le n-a ais dhá innsint dó go raibh sé féin
agus uimhir a seacht is trí fichid ar aon tsreang amháin.
"Hiló! An é sin Cuideachta Neú Síland?" "Hiló!
Is mise Nóacs. Cia hé thusa?" "Is mise Parheim.
An bhfuil máirnéalach darab ainm Pud Tóibín ar bórd
an Túracína?" "Fan nóimitín; féachfad ar liosta
na fuirinne; hiló, tá a leithéid ar an bhfuirinn."
"Cuir fos air agus abair leis gabháil isteach chum
Parheim ar a seacht dhe chlog am' thráthnóna anocht."
"Beidh sé ann gan dearmad. Hiló! Is tusa an
Seónsach, is dócha? Tabhair urraim na Cuideachtan do
Pharheim. Connus taoi féin, a Sheonsaigh" "Go
dian mhaith," arsa Parheim agus smigeadh gáire iar,
"agus tú féin, a Nóacs?" "Go pramsach, a Sheónsaigh.
Ná dearmad urraim na Cuideachtan so a thairgsint do
Pharheim. Beidh an máirnéalach ann ar a seacht, pé gnó
atá dhe. Slán agat, a Sheónsaigh." "Is mise Parheim
féin." "Cuir uait do ghliadar, a Sheónsaigh, teá, teá."
CAIBIDIL A SEACHT IS FICHE
PUD ARÍS.
Ar a sé chlog am' thráthnóna bhí Parheim 'n-a shuidhe chum
búird 'na sheómra féin ag Ósta Rits ag caitheamh a chuid
bídh. Dá mba mhaith leat féachaint cad é an saghas bídh
a bhí ar aghaidh fhir an óir amach sidé é: mias de leite
mhine coirce agus meall ime innte, crúsca mór leamh-
natcha ar an mbórd agus cupán i n-aice, agus builín
aráin ruaidh ar mhéis eile. B'fhéidir gur chóir a rádh go
raibh an crúsga agus an cupán, na liacha agus cosa na
sgéan déanta d'airgead bhán agus na miasa de chré gheal
nó siana. Bhí an t-éadach cláir de'n línéadach ba dhaoire
agus ba dheise, agus dhá chadhain fhada chaola de ghloine
ghearrtha ghréasda ar dhá cheann an bhúird agus bacala
de bhláthannaibh ioldhathacha bholaidhthe chúmhra 'n-a suidhe
ionnta. Do ba leis féin gach nídh bhí sa tseomra idir
trosgáin is eile.
Nuair a bhí a chuid bídh caithte aige d'altuigh sé, agus
d'fhág an bórd, agus tharraing chuige a phíop, an ceann
céadna do bhronn Gobnait air oidhche dh'áirithe. Ní
raibh acht gal no dhó bainte aisde aige nuair d'airigh sé
gleó leath-is-muich dhá dhoras, agus le n-a linn sin
phreab a ghiolla cuirp isteach agus saothair air. "Tá,"
ar seisean, "fear ag cois na staighre agus measann sé
cóir máireach brúghadh isteach annso chum labhartha leatsa."
"Cad é an saghas fir é?" arsa Parheim. "Fear
reamhar, taiceach is eadh é, ar nós an dóirneálaidhe úd
a bhí san amharclain an oidhche eile, agus deir sé gur
chuiris Fios air."
"Ní fholáir ná gurab é Pud é," adeir Parheim leis
féin, agus nuair d'fhosgail sé an dorus ba bheag nár
thuit sé as a sheasamh le racht gáiridhe. Bhí cúigear fear
friothála agus a ndrom leis, coinnleóirí ar tarrang
ag beirt aca agus sgeana búird ag triúr eile, agus
iad a gcúigear guala le gualain idir Pud agus dorus
seómra Pharheim, agus Pud agus a dhóirne dúnta aige
ag tabhairt aghaidh aighthe ortha.
"Abair leo an fear soin a sgaoileadh tharsta," ar
seisean, agus bhuail Pud isteac go saoráideach. Bí
culaith dheas éadaigh ghuirm air agus dath crón folláin
air ó'n bhfairrge. Dhún sé an dorus 'n-a dhiaidh, bhain sé
dhe a chaipín agus d'fhéach ar Pharheim ó bhonn coise go
bathas cinn.
"Chuir Parheim fios orm. Ní thusa an fear," ar
seisean. "Is mé go díreach. Dé do bheatha. Suidh,"
arsa Parheim. Níor shuidh Pud. "Fan go fóill beag,
ar seisean; "tá gnó agam díot." Bhí faobhar 'n-a
radharc. "Fear tuathalach is eadh mé, is dócha," adeir
sé, "acht bhí beirt charad agam, cailín d'ár bh'ainm
Gobnait agus fear d'ár bh'ainm Prógras, agus chreachais-
se an bheirt. Thugas na mionna dá bhfaghainn deis ort
go mbainfinn sásamh dhíot, acht níor chuireas rómham
teacht aniar dtuaidh ort. Chím gur sgriosúnach breágh
fir thu agus go bhfuil crot cruaidh anamamhail ort.
Tá seomra fairsing annso agat. Raghad leat le
dóirnibh. Má bhímse thíos géillfead, má eirigheann
liomsa agus tusa bheith thíos gheobhair comhthrom cirt
uaim."
Bhí luisne i bpluic Pharheim. "An le dóirnibh lom-
nochta, nó le láimhinníbh ba mhaith leat an cor so bheith
agat liom?" ar seisean. "Bíodh do rogha agat,"
arsa Pud.
Tá fir ciúine réidhe sa' tsaoghal agus ba dhóich leat
ná gortóchaidís luch, acht níor bh'ionntaoibh dhuit troid
a chur ortha. Dá leithéidíbh sin do b'eadh Parheim. Bhí
muinighin i gan fhios as a chródhacht féin agus as a ghaisge
aige. Múineadh gach saghas cleas dó a bhaineann le cómh-
rac claidhimh is le lámhach, agus ba bheag fear le fagháil
a chlisfeadh air le dorn. Do b'áil leis i gan fhios do chách
casadh a bhaint as gach dóirneálaidhe go raibh aon tabhacht
air. Do réir deallraimh dhíoghladh sé go maith iad as a
gcuid saothair. Ba lag leis bheith 'n-a gcuideachtain ámh,
agus dá bhrígh sin ní leigeadh sé dh'aon aca aithne a chur
air. Do b'é an cás céadna aige le lucht claidheamh
nuair a théigheadh sé do'n Ghearmáin nó do'n Fhrainc.
Cúpla uair do cuireadh troid dáiríribh air, agus níor
eirigh leo súd a chuir air í. Mar sin féin ba bheag air
fear achrannach. Is minic a chualaidh sé Gobnait ag
trácht thar Pud agus thar a fhearamhlacht léi féin, agus
bhí cion aige air dhá dheasgaibh sin. Chualaidh sé mar an
gcéadna go raibh Pud go haicillidhe le n-a dhorn agus
chonnaic sé anois go raibh cabhail théagartha aige agus
súil ghéar aibidh agus cuisleanna fada cruadha.
"Buail mar seo, a Phuid," ar seisean, agus dhruid
sé i leath-taoibh sgáth-bhrat i gcúinne a sheómra agus
d'fhosgail sé doras agus bhíodar araon i seomra leabhthan
ná facaidh Pud riamh a leithéid le breághthacht is le
fairsinge. Bhí brat urláir fá n-a gcosaibh de dhéantús
Dhúin na nGall, agus bhí sé chomh reamhar soin is dá
mbeadh capall ag pramsáil air ná cloisfidhe leath-
is muich í.
D'fhosgail Parheim cúb, agus tharraing sé amach dhá
peidhre láimhínne leathair bhuig bháin agus bhuail sé ar
chathaoir iad.
"Chuala trácht thort, a Phuid," ar seisean go réidh,
"agus sul a dtosnócham b'fhéidir gur chóir dhom a rádh
nách áil liom cómhrac a bheith eadrainn acht amháin pas
dóirneála. Ba mhaith liom a rádh leis gur dheinis
éagcóir orm i dtaobh Ghobnatan. Níor chreachas í. Bhí
feirm thalmhan aici agus thóg an dlighe uaithe fá fhiachaibh
í. Ní raibh fhios agamsa soin. An méid a fuaireas as
luach na feirme sin cuireadh chum easpoig Chille hÁirne
é i gcómhair Ghobnatan, mar ná' glacfadh sí féin pinginn
uaimse. Ní baoghal ná go gcuirfidh an t-easbog ag
triall uirthe a cuid airgid agus an breis díol a bhaineann
leis.
Leath a shúile ar Phud. "An amhlaidh a bhí aithne agatsa
ar Ghobnait?" adeir sé. "Bhí; sean-aithne," ars an
fear eile go dúbhach. "Ca bhfuil sí?" arsa Pud de
gheit. "Tá sí 'n-a mnaoi riaghalta i mball éigin," arsa
Parheim.
"Aillilliú! mo náire is m'aithis é," arsa Pud bocht
agus deor 'n a fhúil. "Nach mé an cladhaire agus an éag-
cóir sin a dhéanamh ort. Cuir annsoin í," ar seisean ag
síneadh a láimhe chum Parheim. Chroth seisean an lámh go
fonnmhar, mar níor mhaith leis Pud a bheith amuich leis.
"Ar ndóich," adeir Pud, "bhíos ar buile glan amach;
ní Giúdach i n-aon chor thusa. Níor airigheas go dtí
so gur Gaedhluinn atá dhá labhairt againn," agus bhuail
sé speach ar a chaipín agus chrom sé ar phoc léimsigh ar
faid an tseomra.
Do b'éigean do Pharheim suidhe siar ar chathaoir le
neart gáirídhe nuair a chonnaic sé Pud ag damhas chómh
meidhreach soin. "Níor gháirigheas an oiread soin ó
d'imthigh Gobnait," adeir sé, agus gheal a chroidhe agus
chroth sé lám le Pud an tarna uair. D'fhéach sé ar na
láimhínibh. "Buail speach ortha soin leis fá mar a
ghnídhis ar an gcaipín; ní dócha go bhfuil aon fhonn troda
ort anois." "Troid!" adeir Pud, "go deimhin is
beag dhá fhonn atá ormsa. Ar ndóich, ní bheadh aon
bhreith agam ortsa. Creid mé leis, ámh, go raghainn i
gcoinnibh beirte ar do shon-sa."
"Acht, ar ndóich," adeir an fear eile, "bhís ar tí
gabháil ar chúigear tá nóimitín ó shoin." Ó," arsa Pud,"
"an iad bodaigh sin na bloinige ag an ndorus, go
bhfuil na casóga earbaill ortha is na léinteacha brollaigh
bháin? Ba dhóich leat ortha nuair a thánag isteach go
raibh dhá cheann orm. Dá gcloisteá iad. "I siye, Joe,
this here josser wants to wisit Mr. Pawrhime!" "Lawd
lomme, wot a cheeky cove," ars' an ceann eile. "Is he
a hArab? see the brown fice of "im," ars' an tríomhadh
fear, agus aghaidh air féin ar nós meall geire."
"Cuir uait, a Phuid, nó sgoiltfear orm," arsa Par-
heim, agus é i dtríthibh. Chuir Pud féin sgearta as a
bhain fuaim as an tseomra. "Bhí órdúghadh ó chuideach-
tain na luinge im' póca agam," ar seisean, "agus bhíos
ar tí é theasbánadh dhes na fearaibh seo amuich, mar níor
mhaith aon imreas ná gleo a bheith againn 'san Ósta bhreágh
so. Chonnac uaim an clog mór soin thíos sa hála, agus
annsoin bhí fhios agam go rabhas ro-luath. Chuir an chuid-
eachta a leithéid sin de dheithneas orm dhá dheimhniughadh
dhom ar mo bhás gan moill a dhéanamh le heagla go
mbeitheása ag feitheamh liom. Dubhart le bodairíbh na
mbrollach go bhfanfainn go ciúin mar a raibh agam go
dtí n-a seacht dhe chlog agus shuidheas ar mo leis ar
chathaoir sa bhealach cois an doruis, acht mo thruagh mhór
thu, bhailigh na bodairí im' thimcheall agus d'eirigh colg
ortha: "slope now; mike tracks," ar siadsan. Dubhart
leó gur chuir Parheim fios orm agus go gcaithfinn dul
fá n-a dhéin, agus go deimhin féin bheadh sé 'n-a chogadh
dhearg againn muna mbeadh gur tháinig fear beag séimh
eadrainn."
"Sin é mo ghiolla cuirp," arsa Parheim, "nár bha
mé an t-amadán nár innseas dó roimh ré go raibh súil
agam leat, agus bheadh gach nídh mar ba chóir."
"Ó, mhaise, ní gábhadh aon leathsgéal," arsa Pud,
"níor chuir an méid úd garrabhuaic orm. Is minic a
bhíos-sa i gcúmhangarach níos déine 'ná an méid úd, agus
caithimís uainn é."
"B'fhéidir nár bh'fhearra dhúinn riamh é," arsa Par-
heim. "An bhfuil píop agat?" "Tá," arsa Pud,
agus tharraing sé chuige donnídhe as póca a bhríste agus
smachtín de thobac dhubh, agus chrom ar é ghearradh. Ar
mhisde leat píop a líonadh dem' chuid se? Níor
díoghladh cáin as an méid sin. Is dócha go mbeadh sé ró-
shearbh dhuit."
"Líonfad, gan amhras," arsa Parheim, agus chuir
sé Pud ar chathaoir ar a aghaidh anonn agus chromadar
ar thobac dh'ól agus ar sheanchuidheacht ar Thalamh an Óir,
mar a raibh Pud go minic. Is aige bhí na sgéalta.
Bhíodar ag cómhrádh le chéile go ceann tamaill mhaith,
agus mhachtnuigh Parheim leis féin gur bhreágh béasach
ciallmhar deagh-labhartha an fear é Pud, agus gur
bh'iomdha fear go raibh teist an tabhairt suas air ná
raibh a leath-oiread eolais aige is mar bhí aigesean. Ní
raibh aon mhaolughadh ag dul ar an gcainnt. I gcionn
tréimhse dubhairt Parheim go raibh cómhrádh áirithe aige
féin le déanamh.
Bhuail sé a mhéar ar chnaipe 'sa' bhfalla, agus fosgaladh
clúdóigín, agus dhruid bórd amach chuige a bhí ar cheithre
cosa agus roth fá gach cois díobh. Chuimil sé a mhéar do
chnaipe eile, agus d'fhosgail an bórd agus nochtadh clúidí
eile. Bhí ós cionn trí fichid crúsga gloine geárrtha n-a
seasamh sa clúidín sin agus fonnsaidhe airgid bháin
ar mhuineál gach crúsga dhíobh. Bhí míod na manach i
gcrúsgaibh, fíon ruadh na Portaingéile i gcrúsgaibh eile,
fíon buidhe na Spáinne 'n-a thuille aca, fíon dearg is
fíon fonn is fíon súilíneach na Fraince i gcuid aca, is
botáille Gaedhealach 'n-a thuille.
"Is túisge deoch 'ná sgéal, a Phuid. Cad ólfair?"
arsa Parheim.
D'fhéach Pud ar an mbórd agus do thaithnigh lonnradh
na gcrúsgaidhe agus na ngloinidhe leis. Níor bh'ongnadh
soin, mar is d'airgead do bhí an clár tollta a bhí fútha
déanta agus chífeá do sgáil féin ann le glaineacht is
le sleamhaineacht.
"Nách feistighthe compórdach ataoi, a dhuin' uasail, agus
nách áiseamhail an ball trosgáin é sin," ar seisean.
"Is geall le draoidheacht a theacht n-ár measg ar an
gcuma soin. Dá mbeadh dúil sa bhraon ag duine do
b'fhurusda dhó a sháith dh'ól. Im' dhála féin, ámh, ná tóg
orm é, níor bhlaiseas braon biotáille le breis is deich
mbliadhna. B'fhearr liom cadhain de bhainne mhaith 'ná
a bhfuil d'fhíon 'san Spáinn."
"Cuir annsoin í fá mar adearfá féin," arsa Parheim,
ag breith ar láimh air. "Ní deirim nár bhlaiseas féin
aon tsaghas biotáille leis an fhaid sin, acht is annamh
riamh a ólaim braon mar is beag agam é. Beidh dhá
chadhain bainne againn araon láithreach, agus 'n-a dhiaidh
sin beagán le n-a ithe."
Tháinig fear frothála leis an mbainne chúca, fear díobh
súd a chuir an fháilte dhoicheallach roimh Phud. Ba dhóich
leat anois air ámh nár luidh sé súil riamh ar Phud, agus
bhí a choiscéim chómh ciúin éadtrom soin gur dhóich ná
brisfeadh sé ubh.
"Cogar i leith," ars' Parheim, "ar chualuighis teacht
thar fheirm bheag go nglaodhtear an Chúilbhán uirthe?"
"Ar ndóich, sin í an áit a bhí ag Gobnait!"
"'Sí go díreach," arsa Parheim. "Cheannuigh fear
ó Ghrieber í nuair a bhí sí i n-áirde, agus thugas ordúghadh
dho Mhacára dlightheóir atá i gCill Áirne í cheannach ar
n-ais ó'n bhfear dhom fhéin. Sé is dóich liom go mb'éigean
do Mhacára síntúis maith a thabhairt de'n fhear ar a
mhargadh." "Chuirfinn geall go mb'éigean," arsa Pud.
"Is seana-chríonna táid ar an dtuaith 'ná mar
is dóich le n-a lán é." "Creidim go bhfuilid," arsa
Parheim; "acht éinnídh amháin theasduigh an fheirm
uaimse. Cheapas í dhíol leatsa, a Phuid." "liomsa,
an eadh?" arsa Pud, agus bolg-shúilidhe air le hongnadh.
"Leatsa féin," ars' an fear eile. "Cheannóchainn go
tapaidh an fheirm chéadna i gcuimhneamh ar Ghobnait, dá
mbeadh an t-airgead agam, rud ná fuil." "Tá do
dhóithin agat," arsa Parheim. "Ní ad' shárúghadhsa é, tá
dearmhad ort," adeir Pud, "Ní fhuil thar fiche púnt 'san
tsaoghal agamsa, agus is gearr a raghadh an méid sin."
"B'fhéidir go ndéanfadh an méid sin an gnó," adeir
Parheim. "Mar mhagadh ataoi," arsa Pud, mar
bhí Parheim ag mongháiridhe go súgach leis féin.
"Seadh," ar seisean, "is liomsa an Chúilbhán," má
dhíolaim leatsa í ar mhargadh nách fearra dhuit é sin'ná
díoghal go daor aisde, agus cad é sin d'éinne eile." "Do
réir deallraimh is cuma dh'éinne eile cad é an margadh a
dhéanfam le n-a chéile." arsa Pud, "agus dá chómhartha
soin an mór a bheadh uait ar an bhfeirm? Thabharfainn
fiche púnt dhuit láithreach agus an chuid eile diaidh ar
ndiaidh má fhaghaim cáirde uait. Bhainfinn beatha mhaith
as an bhfeirm sin. Bheadh cearca is lachain agam, is
muca is ba is gamhna, is chuirfinn is bhainfinn ann mar
do b'annsa liom riamh feirmeóireacht 'ná máirnéalacht."
"Sin í an chainnt," arsa Parheim. "Sín anall
chugam an brice tobac soin agat." Shín Pud an tobac
chuige.
"Is liomsa é seo, agus is leatsa an Chúilbhán. Tabhair
an cárta soin do Mhacára"
Bhí dath croidhearg ar Phud le homshníomh agus le
háthas. "Dar fiadh," ar seisean, "is tú an fear is
féile a bhuail riamh liom."
"Seadh, ó tá an méid sin tharainn," arsa Parheim,
"bheinn fá chumaoine agat dhá ndéanfá dhá sheómra dheas
chlúmhthar a chur led' thigh ar an gCúilbhán. Díogalfad as
a ndéanamh, mar táim ar tí bheith ar lóisdín agat anois
is arís ar feadh na bliadhna so chúghainn."
"Ní gábhadh dhom a rádh go mbeidh na mílte fáilte
rómhat," adeir Pud. "Is maith a chreidim thu," adeir
Parheim; "d'innis Gobnait dhom cad é an saghas fir
thusa. Chuireas rómham an Mhangartain a chur fá
chrannaibh agus teasduigheann do chongnamhsa uaim mar
mhaor."
"Is oth liom ná tuigim an obair. Ní bheadh aon
mhaitheas ionnam chum a leithéid sin de ghnó," arsa Pud.
"Ná bac soin de. Beidh fear as an nGearmáin i
bhfeidhil an ghnótha soin, acht mar sin féin teasduigheann
fear uaim go mbeidh lán-mhuinighin agam as, agus is
tusa an fear soin. Ní bheidh ort acht a dh'innsint dómhsa
má chínn tú éinnídh bun os conn ar siubhal. Ní
dhéanfad spiaire dhíot acht maor, agus beidh fhos ag
cách gur maor thu agus beidh cúmhacht an mhaoir agat. A
nglacfair é?"
"Déanfad an gnó soin go cúramach agus go macán-
ta," arsa Pud.
"Tá go maith," arsa Parheim. "Beidh do thuarasdal
mar mhaor agat, agus féadfair aire thabhairt ded' fheirm
leis. Ní mhuirbheóchad le hobair thu, geallaim dhuit. Bhí
sean-bhean annsúd ar an gCúilbhán, máthair chéile Ghob-
natan, agus chuala gur cuireadh isteach i dTigh na mBocht
í. Tá deich sgillinge 'san tseachtmhain di ar láimh ag
Macára, agus ós tu mo mhaor b'fhéidir ná'r mhisde leat
tuairisg a chur féachaint a dtugtar an t-airgead di."
"Is mise a dhéanfaidh é sin go héasguidhe ar son
Phrógrais boicht," adeir Pud. "Is maith liom an méid
sin a chlos. Bhí faitchíos orm go rabhas ag cur breis
chúraim ort," arsa Parheim.
"Ní ghábhadh dhuit aon chradhsgal a bheith ort. Lean
leat," arsa Pud. "Sin a raibh agam le rádh," arsa
Parheim, "agus bíodh rud éigin le n-a ithe againn anois.
Táim lán-tsásta."
Shuidheadar araon chum búird, agus pé rud a thaithnigh
le Pud bhí an saghas céadna ag Parheim, agus bhíodar
ag cur 's ag cúiteamh le chéile go raibh sé i bhfad amach
'san oidhche.
"Caithfead stracadh liom anois, tá sé i n-am agam,"
arsa Pud, ag eirghe fá dheireadh. "Ná corruigh cos go
maidin," ars' an fear eile; "tá seomra leabthan ullamh
duit sa tigh seo ag mo gholla cuirp." "Go raibh míle
maith agat arís," arsa Pud; "ní fhuilim sgartha leis
an luing fós, go ceann cúpla lá, agus cé go bhfuil
feirm dheas agam — a bhuidheachas ortsa — mar sin féin,
bhíothas go maith liom ar bórd, agus tá sé riachtanach
orm mo mhargadh a chómhlíonadh leo mar ba chóir."
Thaithnigh an chainnt sin le Parheim agus thaithnigh Pud
féin leis fá mar a bheadh aithne riamh aige air. Gealann
ár gcroidhe do dhaoinibh áirithe ar bheagán aithne chómh maith
is dá mbeadh aithne i gcómhnuidhe againn ortha. Sin é
díreach mar bhí ag Parheim agus ag Pud. Do dhluthaigh
aigne na beirte le chéile d'éis uaire chloig.
"Is eagal liom thu leigint amach an t-am so dh'oidhche;
bíonn droch-bhuachaillidhe cois na gcuan soin gur bheag
ortha anam dhuine," ar seisean.
Tháinig smige gáire ar Phud. "Dhé mhaise," ar seisean,
"tá sean-thaithighe ag Pud ar bhioránaig de'n tsaghas
soin, ní dhéanfaid aon bhárthainn dhómhsa le congnamh Dé";
agus d'fhág sé slán ag Parheim, agus bhuail leis síos
chum a luinge go socair sásta neamh-eaglach.
Níor chuir na droch-bhuachaillidhe air má chasadar 'n-a
threó, agus níor bh'ionntaoibh dóibh sin mar bhí dorn aige
do leagfadh tarbh. Ní háil le droch-bhuachaillíbh fogha
a thabhairt fá n-a leithéid. Do b'fheárr leó tuisle
bhaint as dhuine a bheadh ag iotamáil roimis ar leath-
mheisge.
Ní raibh fhios ag Pud, ámh, go raibh beirt 'dtaoibh thiar
de gach órdlach de'n tslighe chum a luinge, dhá phlioma
consábla a fuair órdúghadh ó Pharheim chum a dhéanta.
Is dócha gur díoghladh go maith iad as an dtionnlacan.
Ba lag leisean bheith ag brath ar a gcabhair siúd, agus
níor iarr sé riamh í.
Thuig Parheim an méid sin, agus dubharthas leó gan
teacht i ngearracht céad slat do Phud mar a mbeadh gnó
dhíobh.
"Fear misneamhail is eadh Pud," adeir sé leis féin,
"acht chuireas fios air agus is é is lúgha agus gann dom
é chur ar n-ais slán."
Thairig sé marcuidheacht ar n-ais dó, acht is amhlaidh a
tháinig trithídhe ar Phud. "Bheadh mh'ainm i n-áirde ar
bórd luinge," adeir sé, "dá gcloisfidhe gur thionnlaic
cárr aiblighe Pharheim mé," agus sgaoileadh a cheann
leis, acht mar sin féin bhí congnamh fhir an óir leathistiar
de dá mbeadh gábhadh leis.
CAIBIDIL A HOCHT IS FICHE
DOIRE NA FÉINNE.
"Sé is dóich leat, a Mhendl, ná brisfear ar Sheán
Bhuidhe acht le cúmhacht an óir, mar is ding de'n leamhán
a sgoilteann í féin," arsa Parheim, agus é 'n-a luighe
ar a leis ar thor fraoigh i nDoire na Féinne, tráthnóna
breagh aoibhinn deiridh fóghmhair. Leig Mendl a ghunna i
leath-taoibh uaidh agus d'fhéach sé siar ar Chuan an Daingin.
"Sin é mo thuairim," ar seisean. "Acht dá mbeadh sé
im' chumas lón dh'fhagháil ar na cnocaibh seo agus cabhlach
Sheáin Bhuidhe bheith ag spriúchadh piléar liom as an gcuan
so thiar agus a shluaighte suidhte ar an míntír 'n-ár
dtimcheall ní chuirfeadh an méid sin garra-bhuaic orm.
Chosanóchadh míle fear gléasta na cnuic seo i gcoinnibh
na mílte."
"Siúd is go gcuirfeadh Seán Buidhe milliún fear
id' choinnibh, cad déarfá?"
"Theasdóchadh fiche míle uaim agus lón seacht
mbliadhan. Ní leanfadh an cath an fhaid sin, mar bheadh
Seán creachda fá cheann bliadhna dá gcuirfeadh sé roimis
an oiread sin fear a chóiriúghadh. Ní fhuil aon tír le
fagháil go bhfuil sé 'n-a cumas milliún fear a chur i gcóir
chatha ar feadh bliadhna."
"Bhí amach is isteach le leath-mhilliún fear fá chóir
chogaidh ag Sasana i gcoinnibh na mBórach, ar feadh dhá
bhliadhain, agus féach nár creachadh í, agus ná raibh aon
easba airgid i Sasana an aimsir sin."
"Ní bheadh sé 'n-a cumas an rud céadna a dhéanamh
indiu," arsa Mendl.
"Bheadh, ní ad' shárúghadhsa é dá mbeadh an gábhadh
leis. Tá na Sasanaigh dluth dhá chéile."
"Creid mé leis," arsa Mendl, "ná cuirfidís chuige.
Bíonn misneach is dánaidheacht i gcinidheachaibh i dtosach
a saoghail, agus imthigheann an bhrígh asda fá dheireadh nuair
a thagann an aois ortha. Tá Sasana ag dul i n-aois agus
tá meathacht is faitchíos ag teacht uirthe. Féach an
sgannradh atá uirthe roimh an nGearmáin, agus ní
deirimse ná gur misde dhi é sin. Theasbáin na
Bóraigh de'n tsaoghal ná fuil i Sasanaigh feasda acht
lamhannáin gaoithe, agus tuigid féin leis é, acht ní leigid
ortha é. Sin é misneach na cine óige imthighthe agus
nuair imthigheann an misneach imthigheann tréithe eile i
n-éinfheacht leis. Ní chuirfidh na Sasanaigh cath cruaidh
go deo arís. Nuair a thocfaidh an tóir ortha ceannóchaid
siad a suaimhneas muna mbeidh amhasa aca a throidfidh
dhóibh. Tá Sasana geall le bheith buailte."
"Ba bhinn liom do ghlór dá mbeadh an ceart agat,"
arsa Parheim. "Is feárr ámh cúmhacht Sheáin a thuigsint
go cruinn agus bheith ullamh 'n-a cómhair. Má tá aon
chuma go ndúnfaidhe margaidhe airgid an domhain i
gcoinnibh Shasana i gcás ná geobhadh sí airgead ar iasacht
ba gheárr go múchfaidhe í. Tá cosdus cogaidh na mBórach
mar ualach uirthe fós, acht tá an chreideamhaint aici,
agus fághann sí airgead ar iasacht ar na margaibh níos
saoire 'ná fhághann aon tír eile é, agus rithfidh léi chómh
fada is beidh an chreideamhaint sin aici."
"Tá an fhírinne agat," arsa Mendl, "acht caithfidh
sí troid nó géilleadh i gconn cúpla bliadhan, agus
imtheochaidh a cuid creideamhna."
"Ní ghoilfead an uair sin," arsa Parheim.
Is amhlaidh a bhí an bheirt seo ag tómhas cnoc ar feadh
seachtmhaine roimhe sin. Leigeadar ortha bheith ag lámhach
éan is girrfhidhthe. Bhainidís na cosa ó ghirrfhiadh nó
leagaidís cearc fraoigh nó feadóg sléibhe anois is arís,
mar ba dheaslámhach le gunna an bheirt, acht ní raibh ann
acht leathsgéal.
Bhí dhá chábán aca i nDoire na Féinne agus Pud Tóibín
ag friothálamh ortha go cúramach agus go gasda.
Nuair do ghlaoidh Parheim chuige Mendl ní raibh
aon choinne aige-sean ná gur b'é gnó bhí dhe ná seal
do chaitheamh ag fiadhach i dteannta Pharheim ar chnocaibh
na hÉireann, acht ní túisge a cuireadh ceisteanna air
cionnus do chosnóchadh sé cnuic i n-am catha 'ná gur
dhearmhad sé fiadhach agus gach a mbaineann leis. Do
b'é a cheárd ealadhan cogaidh, agus ba bhinne leis glór
gunna móir 'ná an ceól sídhe. Ba chuma leis cad é an
gnó bhí ag Parheim de'n eolas so. Saighdiúir 'n-a
bhallaibh a b'eadh é féin agus bhí meas aige dá dheasgaibh sin
ar éinne go dtaithneóchadh eolas cogaidh leis. Níor
shamhluigh sé go raibh aon eolas eile ar domhan chómh uasal
le eólas cogaidh. Dá chómhartha soin bhí meas thar barr
aige ar Pharheim i dtaoibh a chuid eolais agus urraim
aige dhá mheabhair cinn. "Nách maith" adeireadh sé,
"a múineadh 'san Ghearmáin thu, léireóchthá fir chómh maith
liom féin, nó b'fhéidir níos fearr."
Ba bheag é cuimhneamh Mhendl ar fhiadhach nuair a
bhuaileadh log deas tirm foithineamhail leis mar a suidh-
fidhe dorn fear agus gunnaidhe geárra aca agus radharc
aca ar mhacharíbh fá bhun cnuic mar a mbeadh curtha fútha
ag namhaid.
Agus do gháireadh sé leis féin nuair a luidhfeadh a
shúil ar mhullóig nó ar sgailp a bheadh fairsing a dóithin,
agus foluighthe ó namhaid le haghaidh gunna mór a
shuidhiughadh ann i gcómhair plaosgáin pléasgacha a
stealladh mór-dtimcheall ar faid na réidhtheacha.
"Nár bhreágh liom campaidhe Gearmánach a chur ar
na cnocaibh áilne seo agus loingeas Shasana do liúradh
ar an gcuan soin thiar amuich," ar seisean.
"Cuir as do cheann é, a Mhendl," arsa Parheim;
"ní theasduigheann bhur leithéidí uainn. Má taoi ar
tí troid le Seán Buidhe, troid leis thall 'n-a tír féin.
Ní theasduigheann uainne sluaighte eachtrannach a bheith
ag feannadh chéile 'n-ár measg mar is mór an tubaiste
do bhunaidhe tíorach cogadh dhá chur i mbéal doruis aca,
agus go mór mhór nuair ná beadh aon bhaint aca le haon
taoibh. Cad é sin dúinne Gearmáraigh is Sasanaigh a
bheith ar céasaibh a chéile. Ní theasduigheann uainne éinne
aca a bheith i gceannas orainn."
"Thabharfadh na Gearmánaigh ceart is cóir d'Éirinn,"
arsa Mendl.
"Do b'é rogha an dá dhígh do'n ghabhar é," arsa Par-
heim.
"Is é atá uaimse," ar seisean, "'ná crainn a chur
ar na cnocaibh uaibhreacha so agus slighe bheathadh a thabhairt
dh'ár ndaoinibh. Déanfad é, le congnamh Dé, agus
cloisfead gáir leinbh mar a bhfuil an pilibín miodhg ag
sgríobadh laithighe indiu.
"Tá súil agam ná cuirfear isteach orm 'san ghnó atá
idir láimh agam. Is liomsa na cnuic seo nuair is maith
liom a seilbh do ghabháil agus bheadh mo sheasamh ortsa
gan baint lem' chuid talmhan siúd is go mbeadh
coimheasgar eadraibh agus Sasana."
"Gan amhras," arsa Mendl, "níor mhaith liomsa ná
le Coisde Cogaidh na Gearmáine aon díoghbháil a dhéanamh
duitse, acht is iongantach an áit í seo chum champa a
chur ann. B'fhéidir go gchabhróchthá linn ar ball dá
mbeitheá i n-easnamh orainn."
"Ní gheallfad pioc; leigtear dom," arsa Parheim.
"Is dócha," adeir Mendl, "dá gcloiseadh Seán
Buidhe go rabhas-sa ag tómhas na gcnoc go mbeadh
creatha baill air."
"Ní móide 'ná gur ortsa bheadh na creatha baill
dáiríribh, mar thabharfadh Seán croch árd is gaoth dhuit,
agus is deallratach ná raghainn-se saor acht chómh beag,
mar is bitheamhnach gan truagh gan taise é nuair fhaghainn
sé an lámh uachtair."
"Cúis gáire chúghainn," arsa Mendl, "ní bheadh sé de
mhisneach air tabhairt fúmsa acht i n-aimsir chogaidh. Is
mór an sult dúinn 'san Ghearmáin nuair dh'iompuigheann
a líth air le heagla go bhfuilmíd ag déanamh urchaill dó.
Is é féin a thosnuigh an comórtas. Ní raibh uainne acht
cead díola is ceannuiothe agus tháinig éad ar an bhfear
miosgaiseach so linn agus chrom sé ar" árthaighibh cogaidh
a dhéanamh i gcás geite a bhaint asainn.
"Tá lom na fírinne agat 'san méid sin," arsa Par-
heim. "Ar ndóich tá," adeir an fear eile. "Ná
ciumhnigheann tú ar an uair úd do ghnídh sé árthach gur
bhaist sé an "Drednát" uirthe go borb agus go bladh-
mannach. Chuir a chuid páipéar pilliliú asda agus a
chuid maidríní sgeamhghail asda, agus dubhradar d'aon
ghuth go séidfeadh an t-árthach soin na sgartacha is na
haedha as an ngealaigh féin. Ba gheárr go ndearnamair-
na long cogaidh darab ainm an "Neasa," agus geallaimse
dhuit nách aon dóithín í. Ba dhóich leat ar na Sasanaibh
gur coir ár gcrochda bhí déanta againn. I n-ionad
cur uatha agus céille a bheith aca is amhlaidh atá na
Sasanaigh sin dhá gcreachadh féin ag déanam loingeas
atá mar adeirid níos treise fá dhó 'ná chéile, agus is
dócha go gcuirfeamna gach ceann aca go tóin puill
ar ball."
Shín sé a chosa uaidh amach ar an bhfraoch. Tháinig
míodhg chodlata air, agus thuit a phíop as a bhéal, mar
bhí an tráthnóna breagh, brothallach.
Fear lom, cruaidh, fuinneamhail is eadh Mendl. Bhí
sé tuirseach an tráthnóna so mar shiubhlaigh sé thar an
iomad maoileann cnoc ar feadh an lae. D'fhéach
Parheim anonn air agus béal magaidh air fá thuirse an
Ghearmánaigh.
"Dá mhéid é eolas cogaidh na nGearmánach so agus
a maoidheamh as neamh-thuirse a saighdiúiridhe," adeir sé
leis féin, "ní fhuilid chómh talmhaidhe ná chomh buain i
ngluaiseacht leis na hÉireannaigh dá mbeadh an chóir
chéadna orainn. Mar sin féin ámh dá bhfaighdís iad féin
suidhte i gcampaíbh ar na cnocaibh seo raghadh sé do
Sheán Bhuidhe iad a chur as. Ní fholáir ná go dtugas
breis aithne dhó so ar na ballaibh seo agus go gcuirfeadh
sé roimis seilbh do ghabháil annso dá n-eirgheochadh
easaontas idir an Ghearmáin agus Sasana.
"Dá mba dhóich liom go bhfuil aon fhonn de'n tsaghas
soin air, chuirfinn fhiachaibh air seasamh ar aghaidh na
cloiche léithe sin thall agus thiomáinfinn piléar thríd.
Is ionmhuin liom Mendl mar is mór a mhúin sé dhom,
acht ní leómhfaidh éinne cosg a chur lem' ghnó."
D'fhéach sé soir uaidh ar lochaibh Chille hÁirne agus
ar Dá Chích Danan, agus siar uaidh ar Shliabh Bréanainn.
"Ní fheadar a mairfead," ar seisean, "go bhfeicfead
dream Éireannach 'n-a gcomhnuidhe i dtighthibh geala
i measg na mbeann so. Dá mbeadh fhos ag Seán Buidhe
go bhfuil Mendl annso bheadh amhras ormsa agus loit-
fidhe mo chuid oibre." Tháinig buaidhirt air.
"Nách truagh," adeir sé, "gan Gobnait annso im'
aice go dtráchtfamuis ar an obair atá romham. Táim
chómh aonarach leis an bhfiach dubh soin ós mo chonn,"
adeir an fear ciúin cúthaileach so ag féachaint uaidh ar
fhiach dubh a bhí ag eiteallaigh treasna an chuim ó'n Maoil
Ghlais go dtí sna Cruacha Dúbha. Agus chrom sé ar
mhachtnamh agus níor ba taidhbhreamh é, agus chonnaic
sé, dar leis, dhá dtógbháil 'n-a thimcheall tighthe cluthmhara
agus d'éist sé le caint fhear calma is bhan n-álluin n-a
gcomhnuidhe ionnta, agus chonnaic sé leanbhaidhe folláine
ag rangcás ar pháirceannaibh míne, agus bhí capaill ag
treabhadh is ba dhá gcruidhadh i gcuimíníbh sléibhe mar a
bhfuil fiadhantas is fonnamhóin fá láthair.
Teasbánadh léiriughadh eile dhá aigne agus tháinigh
faobhar 'n-a radharc nuair do smaoinidh sé go dtiocfadh
an lá nuair do bheadh sé 'n-a chumas a rádh: "Ná díoghlaidh
cáin níos sia leis an eachtrannach, a fheara. Tá airm
'nbhur láimh. Cosnuighidh bhúr n-oighreacht. Táthaoi chómh
saor leis an bhfiach úd 'san spéir!"
Do láimhsigh sé a ghunna agus bhuail sé amach fá shlinneán
na gCruach nDubh.
"Chífear ar ball," ar seisean, "eiteallaighe aéir ag
éirghe maidean drúchta as an gcúm réidh seo thiar, agus
ní fhágfaidh sé long chogaidh Ghallda 'ná campa namhaide
i ngearracht céad míle dhúinn."
Shuidh sé ar splinc faille ar spuaic an chnuic agus a
ghunna ar a dhá ghlúin aige, agus d'imthigh an ghruaim dhá
chroidhe nuair d'fhéach sé siar uaidh ar an bhfairrge
choimhthightheach mar a raibh an ghrian ag dul fé 'n-a meall
teinteach chroidhearg, agus gáinnídhe geala glasa
odhara sínte amach uaithe. "Moladh le Rígh na bhFlaitheas,"
ar seisean, "nach breágh an radharc é sin. Ní fhuil i ndath
an óir agus i lonnrach seód acht striaca riabhacha i
gcomórtas leis siúd."
Sgarfam anois le Parheim go ceann tamaill. Is
baoghalach go mbeithfear dhá rádh ná fuil ann acht
sgéal. Déarfaidh duine éigin géarchúiseach gur ath-
smaoineadh é ar fhear do chúmadh a bheadh cosamhail le
Brian is Colm Cille is Aodh Ó Néill is Pairneil, agus
ná fuil i nGobnait féin acht sgail-spiorad na hÉireann,
i bhfuirm mná.
Ní fhuil 'san méid sin acht buille fá thuairim. Clois-
fear trácht thar Pharheim fós.
Beidh lá eile ag an bPaorach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11