Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Fionntrágha

Title
Cath Fionntrágha
Author(s)
Ó Siochfhradha, Pádraig,
Pen Name
Bhn Smmbhbc / Seabhac, An / Sigfrid
Composition Date
1925
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CATH FIONNTRÁGHA



CAIBIDEAL A hAON.



Dáire Donn, agus cruinniughadh sluaighte an domhain.



Do bhí rí ann fad ó. Fad ó riamh Éireann é, nuair do
bhí Teamhair na Ríogh fé rath, nuair do bhí Cormac mac Airt
mic Cuinn Cheudchathaigh 'n-a rígh ar Éirinn, nuair do bhí
sléibhte agus gleannta agus machairí Éireann fé chrannaibh
agus fé bhláthaibh, nuair do bhí fiaidh agus puic i gcoilltibh
agus i mbeannaibh Éireann agus coin agus gadhair ar léim
lúith 'n-a ndiaidh, nuair do bhí saoirse agus saor-thoil i
gcroidhthibh Gaedheal, nuair do bhí neart 'n-a ngeugaibh, nuair
do bhí claidheamh agus sleagh agus lann 'n-a lámhaibh.



Dáire Donn mac Loinsginn Lomghlúinigh ainm an ríogh sin.
Ba mhór le rádh é le n-a linn. Ní raibh a leithéid de rígh le
comhacht le n-a linn ann, ná roimhe, ná 'n-a dhiaidh. Do bhí
an domhan agus an uile thír insa domhan fé smacht aige, acht
Éire amháin. Do bhí cead uilc agus maitheasa aige. Acht
dá mhéid do bhí aige ní raibh sé sásta. Do bhí ní amháin ag
deunamh buaidheartha dhó. Dob' é ní é sin gan Éire do bheith
fé n-a smacht aige. Ba mhór leis an méid sin féin do dhul
uaidh, agus ba shuarach leis tír bheag mar í do bheith gan
beann aici air. Do bhí an ní sin ag luighe go mór ar aigne
an ríogh agus do bhí sé mar adhbhar machtnaimh ar feadh i
bhfad aige. Níor mhachtnamh gan toradh air é.



Do bhí rí de na righthibh do bhí fé smacht ag Dáire agus do
bhí cúis amuigh aige ar Fhionn mhac Cumhaill. Bolcán, rí na
Frainnce, an duine sin. Tamall roimhe sin thárla d' Fhionn


L. 2


dul ar chuaird ghaiscidh ar feadh an domhain mhóir. Do casadh
i dtír Bholcáin é agus d'fhan ar buannacht ag an rígh sin ar
feadh tamaill. Do bí bean agus inghean ag Bolcán. Thug
an bhean agus an inghean araon grádh d'Fhionn agus, do réir
gnáis na haimsire sin, d'euluigheadar araon leis ó Bholcán,
rígh na Frainnce. Do luigh an ní sin ar chroidhe an Ríogh
go mór agus do bhí sé lán d'fheirg agus de droch-chroidhe
d'Fhionn mhac Cumhaill. Do b' é sin an chúis do bhí amuigh
ag Bolcán.



Do-chualaidh Dáire Donn an sgeul sin. Do thaithnigh sé leis.
Do cheap sé gur mhaith an leithsgeul aige féin é. I gcionn
aga agus aimsire, do chuir sé gairm sgoile amach ar fuaid
an domhain mhóir do gach rígh dá raibh umhal dó féin teacht
fé n-a dhéin agus a shlóighte cogaidh do thabhairt leis.



Do thionóladar agus do ghluaisigheadar slóighte armtha an
domhain fé dhéin Dáire. Tháinig ann Bolcán, ri na Frainnce;
Mairghréag, rí na Gréige; Fagharthach, rí na n-Indiaithe;
Lughmann Leathan-armach, rí Sagsan; Fiachra Foiltleabhair,
rí Gailian; Tor mac Breoghain, rí na hEaspáine; Slígeach
mac Seanghairbh, rí fear gCeapdha; Comur Croimgheann, rí
fear gConcheann, agus Caitcheann, rí fear gCaitcheann.
Tháinig ann Caiseal Clúmhach, rí Lochlann, agus a thriúr
dearbhráthar — Foirne glan-gheur gaisgidheach, agus Mongach
na Mara, agus Tocha. Do bhí Dáire Déadsholuis, rí Mara
Toirrian ann, agus Madán Mongcas mac Duinn, rí na
Gaothlaighe, agus triúr rí ó Thír Éirghe Gréine anoir —
Duibhcheartán mac Fíormhaise agus Muillean mac Fíorlúith,
agus Cuilleann mac Faobharghlais. Fairis an méid sin uile
agus a lán eile nach gábhadh d'áireamh, do bhí Ógharmach,
inghean Ríogh Gréige. Do b' í sin an banghaisgidheach dob'
fhearr dá raibh riamh ann.



Nuair tháinig na slóighte sin go léir ar aon láthair dob'
iongantach le n-a bhfeicsint iad, agus dob' iomadamhail le
n-a n-áireamh iad. Dob' uathbhásach é torann agus trom-ghlór


L. 3


na comhdhála sin. Do bhí adharca agus stuic agus píobaí
ceoil dá séideadh, agus fir ag liúighrigh agus ag glaodhach
agus ag labhairt go fórsach. Do bhí buidheanta agus díormaí
agus catha fear ag gluaiseacht agus ag ath-ghluaiseacht ar
feadh an mhachaire agus meirgí de shról gacha datha ar
foluamhain le gaoith os cionn gacha buidhne agus gacha díorma
agus gacha catha aca. Do bhí righthe ann fé eudaighibh ró-áilne
ríoghdha, agus taoisigh fé armaibh geura catha agus ceithearnaigh
agus giollaí agus coin agus gadhair agus iad uile go dian
agus go fuadrach.



Nuair do bhíodar go léir cruinnighthe do-chuadar i ndáil-
chómhairle le Dáire go bhfaghbhaidís fios fátha a n-aistir chuige.
D'éirigh an rí agus do labhair agus is eadh adubhairt:



“A righthe agus a mhór-uaisle,” ar sé, “annso dhúinn go
léir bailighthe d'aon bhuidhin, righthe agus taoisigh an domhain
agus sinn fighte fuaighte le chéile. Tá gach rí 'n-a rígh ar
a thír féin agus táimíd go léir i gcabhair dá chéile agus ar
sgáth a chéile. Is maith linn go léir an sgeul do bheith ar an
gcuma sin againn, agus táimíd sásta. Is maith dhomh-sa
sibh-se do bheith páirteach liom, agus, ar an taobh eile arís,
is maith an bhail oraibh-se — gach aon duine agaibh ar leith i
leith — mise agus gach aenne eile do bheith mar thaca agus
mar chrann bagair agaibh. Nach amhlaidh atá, a uaisle?” ar
Dáire Donn mac Loinsginn.



“Is fíor, a rí,” ar siad, “ní neart go cur le chéile.”



“Is maith bhur gciall, a uaisle,” arsa Dáire, “níor
sáruigheadh riamh an seanfhocal. 'Seadh, tá connradh
eadrainn-ne agus táimíd fé gheall is fé gheasaibh cabhair
agus congnamh do thabhairt dá chéile nuair do-bheireann an
gábhadh nó an cruadh-chás ar aenne againn. A righthe agus a
mhór-uaisle, tá annso fear agus is maith d'oirfeadh bhur
gcabhair dó. Tá Bolcán, rí na Frainnce, agus feilli-ghníomh
deunta air ag Fionn mhac Cumaill as Éirinn. Do casadh
Fionn 'n-a thír sin. Do-rinne Bolcán muinteardhas leis.


L. 4


Thug sé gach córughadh agus gach riar ní b'fhearr ná a chéile
air, mar badh chuibhe agus mar badh cheart do thabhairt ar rígh
nó ar uasal. Ní dheárna Fionn de chomaoin ar Bholcán i
n-aisíoc acht eulódh le n-a mhnaoi agus le n-a inghin uaidh.
Do mheall Fionn iad, agus do bhreug sé iad agus do dhall
sé iad.



“An leigfear an gníomh sin i n-aisgidh le Fionn mhac Cumhaill?
An mbainfear sásamh ná díol de? An mbeidh an gníomh sin
go bráth mar adhbhar maoidhte agus mar asmhuchán ag
Gaedhealaibh orainn? An bhfulaingeocham leis an aithis sin?”



“Ní fhulaingeocham,” ar siad de ghuth mhór. “Baintear
sásamh díobh.”



“Maith sibh, a mhaithe agus a laochraidh,” arsa an rí,
“gleustar loingeas agus téighimís tar lear go hÉirinn
chun an feilli-ghníomh sin do dhíoghailt ar Fhionn agus ar
Fhiannaibh Éireann.”



Acht ní fonn díoghaltais amháin do bhí ar Dháire Donn. Do
bhí ceapaithe aige le fada roimhe sin Éire do ghabháil, acht ní
raibh leithsgeul a dhóthain aige chun cabhair do bhailiughadh.
Do sholáthruigh sé an leithsgeul fé dheireadh agus do bhailigh
sé an chabhair ar sgáth an leithsgéil sin. Dá sgéidheadh air
gur d'aon ghnó chun Éire do chur fé chois do bhí sé, agus nach
ar mhaithe le Righ Frainnce, ní bheadh an fuadar ceudna fé
na righthibh eile ag dul 'n-a theannta. Do bhí a fhios sin go
maith ag Dáire Donn, agus do thuig sé nár mhór dó gliocas
d'imirt. D'imir sé an gliocas agus d'éirigh leis. Ní
raibh de chroidhe d'Éirinn aige le fada an lá acht ‘iarraim
cúis chugat.’ Ní raibh aon chúis amuigh aige uirthi go dtí sin.
Annsin do fuair sé an chúis, agus ní raibh ní ar bith chun é
do chosg.



'Sé an dálta ceudna ag an saoghal é ó shoin riamh. Tá
dálta an ríogh úd dá dheunamh ag righthibh agus ag luch
comhachta an tsaoghail seo indiu againn. Má bhraithid an
neart agus an cumas ionnta féin, ní bíonn i gcroidhe aca dá


L. 5


chéile acht ‘iarraim cúis chugat,’ agus muna mbeadh ná
bíonn an chúis aca do bheidís ag bualadh agus ag brúghadh a
chéile. Is cuma leo mór nó beag an leithsgeul, do-dheunadh
sé cúis. An bitheamhnach is mó do thóg creach riamh, ní
dheunadh sé an ghoid ar an gcuma do-ghní sé í, ná ní dheunadh
sé í ar shlighe go bhfeudfaidhe gadaidhe do bhaisteadh air, dá
mbeadh cúis dá bhacaighe aige chun an ghoid do dheunamh ar
a sgáth. Is air do bheadh an t-áthas dá bhfeudadh sé an dubh
do chur 'n-a gheal ar na comhursanaibh agus dá bhfeudadh sé
a chur 'n-a luighe ortha gur díol do bhí dá bhaint aige de lucht
mí-ghníomh agus nach goid eugcórach ar mhaithe leis féin. Do
bhí an saoghal mar sin riamh agus beidh go deo.



Acht cheana, do chabhruigheadar go léir le Dáire Donn, mar
do chuir sé an dubh n-a gheal ortha. Acht dá mbadh nach
cuirfeadh féin, ní mór ná go mbadh éigean dóibh é, óir do
bhí ceangal ortha cabhrughadh le chéile i gcoinnibh aenne nach
beadh umhal do'n árdrígh. Dá mbadh duine aca féin nach
beadh go humhal do-gheobhadh sé an córughadh ceudna agus do
thabharthaí do dhuine coimhightheach.


L. 6


CAIBIDEAL A DÓ.



An cabhlach ag gluaiseacht thar muir go Fionntráigh.



Do bhí duine ar shluagh sin Ríogh an Domhain agus ba mhór
an tsuim do chuir sé insa sgeul do bhí ar siubhal. Níor bh'
iongnadh go gcuirfeadh agus gur Ghaedheal é, agus gur
duine d'Fhiannaibh Éireann é 'n-a theannta sin. Glas mac
Dreamhain a ainm agus i Sídh Locha Léin do bhíodh sé. Nuair
do bhíodh Fianna Éireann ag seilg insa tír sin agus nuair
do dhúisighidís fiadh nó eilit nó aon bheithidheach eile, níor bh'
aon tairbhe dhóibh cú ná gadhar do sgaoileadh dá n-iallaibh
'n-a dhiaidh, mar do-bheireadh Glas, agus a athair Dreamhain,
ar an bhfiadh nó ar an eilit nó ar an mbeithidheach eile de bharr
reatha agus coisidheachta, agus do bhíodh a gcuid saothair
i n-aistear ar na conaibh agus ar na gadhraibh.



Nuair do-chualaidh Fionn an siubhal agus an choisidheacht do
bheith isna cosaibh ag Glas ní raibh sé sásta go raibh sé insa
bhFéinn aige. Acht is baoghal nár bh' aon earradh fóghanta
Glas, mar ní fada do bhí sé insa bhFéinn nuair do bhreab
Cormac mac Airt é chun feall do dheunamh ar Fhionn mhac
Cumhaill. Do bhí olc ag Cormac chuig Fionn. Do sgéidh an
droch-rún sin ar Ghlas, agus nuair do sgéidh b'éigean dó
teicheadh, agus dul ar ionnarbadh as Éirinn amach ar fuaid
an domhain mhóir. Sin é mar thárla do Ghlas mhac Dreamhain
bheith ar shluagh Ríogh an Domhain.



Nuair do bhí an sgeul síolta fálta fuirsighthe ag lucht na
comhairle d'éirigh Dáire Donn.



“Cia mhúinfidh an t-eolas dúinn,” ar seisean, “go cuanta
na hÉireann?”



“Do-dheunadh-sa sin,” arsa Glas mac Dreamhain.



“Agus cia hé tusa?” arsa an rí.


L. 7


“Glas mac Dreamhain m'ainm-se,” arsa Glas. “Táim
ar ionnarbadh as Éirinn ó Fhionn mhac Cumhaill, agus do
dheunad-sa eolas daoibh go calaithibh agus go cuantaibh réidhe
rói-leathna Éireann.”



Do socruigheadh gurab amhlaidh do bheadh.



“Gluaisimís chun an chuain,” arsa Dáire Donn mac
Loinsginn.



Do ghluais na camthaí agus na sluaighte líonmhara sin agus
thángadar go himeall na fairrge mar a raibh a gcuid
luingeas. Do hullmhuigheadh naomhóga agus curacháin agus
árthraighe agus longa leabhaire leathna dhóibh. Do gleusadh
maidí righne reamhra rámha. Do cuireadh feisteadh agus
fásgadh ar gach ní ó chorr tosaigh go deireadh gacha curaigh
agus gacha luinge aca, agus nuair do bhítheas ullamh do
fuarthas lón agus do cuireadh ionnta é. Do-chuadhthas ar bórd
annsin agus do ghluais an trom-chabhlach fé'n bhfairrge amach.



Do b' euchtach le n-a bhfeicsint iad an cabhlach sin ag cur
na mara dhíobh fé iomradh dian dícheallach na bhfear. Do bhí
na hárthraighe chomh hiomadamhail sin agus iad chomh tiugh ar
a chéile, gur ar éigean dob' fhéidir aon amharc d'fhagháil ar
an bhfairrge. Do bhí gach long agus bád díobh agus sreathanna
de mhaidíbh rámha ortha agus fuireann gacha luinge agus
curacháin ar a ndícheall chun nach téigheadh an long nó an
curach ba ghiorra dhóibh thársa amach.



Ba chosamhail iad le sgamall dorcha Márta ag dul thar
druim sléibhe, nó le treud dubh-chaorach ag teicheadh ó thafann
na ngadhar thar geal-mhachaire báin. An rian do bhí insa
bhfairrge 'n-a ndiaidh, ba chuma é nó cubhar na habhann. Do
bhí sé go suaidhte agus go fuirsithe ó na ceudta long agus
bád ag gabháil tríd agus na ceudta agus na mílte maidí
rámha ag a suathadh agus ag a fuirseadh agus ag a cur 'n-a
steanncánaibh insa spéir i n-áirde. Dar leat, bhí gach long
agus curach díobh 'n-a beathaidh agus í ag sáthadh agus ag
sonncadh ar aghaidh go dian dúlmhar.


L. 8


D'éirighidís go buacach árd de dhruim gacha maol-tuinne
agus do shleamhnuighidís le fánaidh síos arís ar an taobh eile,
agus ní bhaineadh lagadh ná staonadh de'n dian-tsiubhal. Ba
chosamhail le míol mór éigin mara gach long aca ag cur
na fairrge dá cliathánaibh agus ag a fágbháil 'n-a diaidh 'n-a
cubhar bán bolg-shúileach. Do bhí an lucht iomartha ar a
ndícheall agus súil gacha duine aca ar bhais a mhaide rámha
féin agus a chos i bhfeac aige agus saothar air. Ní raibh le
clos acht gíosgán na maidí rámha leis na dulaibh agus leis na
hádhbharaibh, agus saothar agus cneadghail na bhfear, agus
caismirt agus torann na dtonn le sleasaibh na long agus
na gcurach. Do bhí na sreathanna maidí rámha dá gcomh-
árdughadh agus dá gcomh-chur insan uisge agus dá gcomh
árdughadh arís, agus ba dheas bheith ag a bhfeuchaint ar an
gcomh-aidhnliughadh sin.



Nuair do bhíodar tamall ar an órdughadh sin do-chonncadar
na sguainí eun ag teacht timcheall ortha agus ós a gcionn
agus iad go buaidheartha agus go mío-shuaimhneasach. Do
bhí mearbhall ortha ag eiteallaigh insa spéir agus sgeon
ionnta ag béicigh agus ag deunamh caismeartha. Tháinig na
mílte murdhúch chuca agus iad ag a gcaitheamh féin ameasg
na dtonn agus ag sgreuchaigh agus ag deunamh gleoidh. Do
dhorchuigh an spéir agus do ghluais na sgamaill de dhruim a
chéile le gaoith.



Annsin is eadh tháinig an séideán gaoithe ba mhó dár shéid
riamh as an spéir. Tháinig sé chucha de dhruim na mara móire
agus do bhí dúilí an domhain dá gcur tré n-a chéile leis
an déine do bhí ann. D'éirigh an fhairrge agus do bhorr sí
agus do bhúir sí. Do luaisg sí agus do léim sí agus
d'imthigh sí 'n-a ceó.



Ba bhuaidheartha do bhítheas ag an gcabhlach ar theacht do'n
anfadh agus do'n droch-uain sin. Ní raibh tosach ná deireadh
ná taobh luinge nár briseadh ó bheith dá mbualadh i gcoinnibh
a chéile. Ní raibh dula ná maide rámha nár cnagadh ó'n


L. 9


ngreim rug ortha. Ní raibh cleith seoil ná crann seoil nach
dearnadh cipíní beaga mion-bhriste dhíobh ó bheith dá
ngreadadh i gcoinnibh a chéile le luasgadh na long agus le
tréine an tséideáin. Ní raibh seol ná teud nár stracadh
agus nár réabadh agus nár cuireadh i n-achrann. Níor bh'
aon ionad chun caoin-chomhrádha ná chun aoibhneasa bheith ar
luing de na longaibh úd le linn na huaire sin. Ní raibh
ann acht gíosgán agus torann agus cnagarnach, gártha agus
béiceach na bhfear, agus dórdán na mara dá stealladh i
gcoinnibh na luingeas agus ag éirghe thársa insa spéir.



Acht ní eagla tháinig ar lucht an chabhlaigh, dá déine é an
t-anfadh. Do-rinneadar freasdal ar an bhfairrge agus do
bhí an droch-uain aca dá chur díobh.



I gcionn tamaill 'n-a dhiaidh sin, tar éis do'n ghaoith a
dícheall do dheunamh agus nach fuair sí aon lagughadh
meisnigh ná aon mhío-laochas ar na tréin-fhearaibh, d'éirigh
sí asta agus do-chuaidh sí dá háitreabh dílis féin i n-áirde
ameasg neulta neimhe. D'ísligh an mhuir arís agus do-chuaidh
chun suaimhnis. Tháinig cneastacht agus ceannsacht uirthi.
Do bhí gach linn agus cuan agus cúil go socair sleamhain
agus dar leat, ní tháinig anfadh ná baoghal báithte ar luing
ná ar bhád riamh ann.



Tháinig bog-leoithne gaoithe glan-fhuaire 'n-a dhiaidh sin
agus ó thárla an chóir leó do sguireadar de'n rámhaidheacht
agus d'árduigheadar seolta na long arís. Do ghluais
eadar ortha fé luighe seoil ar an gcuma sin agus ní
innstear sgeula ortha gur shroicheadar An Sgeilg thiar i
n-iarthar Éireann.



Dob' é Glas mac Dreamhain do mhúin an t-eolas dóibh
go dtí an áit sin agus do fágbhadh fé sin iad do bhreith go
dtí cuan éigin cóir i nÉirinn. Nuair d'fheuch Dáire Donn
uaidh i n-áirde ar An Sgeilg agus uaidh isteach ar Cheann
Breagh agus ar Bhágh na Comhlann, agus nach feaca sé cuan
ná tráigh, do ghlaoidh sé ar Ghlas.


L. 10


“A anam, a Ghlais,” arsa an rí, “ní cuan mar é seo
do gheallais d'fhagháil dom' luingeas-sa; acht trágha geala
gainimhe mar a bhfeudfadh mo shlóighte aonach agus oireachtas
do chomhmóradh an lá nach beidís ag cur catha.”



“Tá a leithéid de thráigh ann, a rí,” do ráidh Glas mac
Dreamhain, “agus ní fada uainn anois í.”



“Má seadh,” arsa Dáire, “múin-se an t-eolas dúinn
ann.”



Do ghleusadar na seólta arís agus do ghluaisigheadar
soir ó thuaidh agus do ghabhadar cuan agus róid i gCuan
Fionntrágha i n-iarthar Chorca Dhuibhne. Do bhí de mhéid insa
chabhlach gur bh' ar éigean do bhí slighe dhó insa chuan istigh.
Ba lán crioslach agus imeall an chuain de'n luingeas, agus
iad chomh tiugh sin ar a chéile go bhfeudfadh na fir insa luing
ba shia amach siubhal ó luing go luing isteach agus teacht
de chosaibh tiorma ar an tráigh.



Dob' í bárc Ríogh an Domhain ba thúisge do ghabh an cuan
isteach agus is de sin atá Rinn na Báirce mar ainm ar an
rinn atá ag beul an chuain ann, ó shoin i leith.



Do sgaoileadh anuas na seólta ioldathacha anairte agus
do filleadh iad agus do thógbhadar a bpuiplí beulchorcra
breaca. Annsin do chaitheadar biadha milse so-bhlasda
agus deocha míne meisgeamhla. Tar éis na fleidhe tháinig
a lucht ceoil agus seanma chuca agus do sheinneadar ceolta
suairce sámha suain dóibh. Tháinig a n-aos dána chuca agus
do ghabhadar duanta dhóibh ag a moladh féin agus a seacht
sinnsear rómpa. Tháinig a lucht ealadhan agus a lucht
draoidheachta chuca agus do ghabhadar seal eile ag deunamh
cleas agus deismireachta.



Na deocha d'óladar agus an chainnt do-rinneadar le
chéile, thugadar-san misneach agus mór-chroidhe dhóibh. Do-
rinneadar cainnt mhaoidhimh agus bréithre bladhmainn agus,
dar leo, níor bh' fhada an mhoill ortha Éire do chlaoi agus
do chur fé chois, agus do bhí sí dá roinnt aca cheana féin.


L. 11


“A Ghlais mhic Dreamhain,” arsa Dáire Donn, “cia do-
gheobhaidh an tír seo 'n-a dtángamar mar chuid de'n roinnt
nuair do roinnfeam Éire eadrainn?”



“Tor mac Breoghain rí na hEasbáine do-gheobhaidh í,”
arsa Glas mac Dreamhain.



“Má 'seadh, a Rí na hEasbáine,” arsa Dáire Donn, “is
duit-se is córa feis agus aoidheacht na hoidhche anocht do
thabhairt dúinn.”



D'éirigh Rí na hEasbáine agus ceithre catha dá lucht
leanamhna gleusta armtha 'n-a theannta. Thángadar i dtír ar
an tráigh agus do ghluaisigheadar rómpa ar feadh imeall na
tíre gan mhóill.



Do bhí trí dúna i n-iarthar na dúthaighe sin: Dún Chais,
Dún Aodha agus Dún Chearbháin. Thángadar i gan fhios ar
na dúnaibh sin agus do ghabhadar iad. Thogbhadar gach ní
dob' ionaistir leo agus do chuireadar gach dún aca
tré theine agus do loisgeadar iad agus a raibh ionnta
idir thriath agus thighearna, idir bhean agus pháiste, idir
chú agus chorn agus chuach agus chupán. Do bhí trí chaoga
laoch i ngach dún aca agus do loisgeadh gach aon duine
dhíobh sin.


L. 12


CAIBIDEAL A TRÍ.



An codladh do-rinne Conncrithir agus an comhrac do-rinne
le Rígh na hEasbáine.



Ní raibh Fionn mhac Cumhaill gan choinne aige leis an
gcabhlach sin do theacht i nÉirinn. Tugadh chuige sgeula an
ullmhacháin do-rinneadar sul ar ghluaisigheadar agus do-rinne
sé féin ullmhachán 'n-a chóir. Ní raibh cuan ná inbhear ná
gabhal mara ó Bhinn Éadair go Cumar na dTrí n-Uisge
agus go Sgeilg Mhichíl agus go Sligeach thiar thuaidh gan
fear coimeádtha d'Fhiannaibh Éireann ann ag Fionn chun
sgeula do chur ag triall air nuair do-chífeadh sé chuige an
cabhlach. Is é Conncrithir mac Brain mic Feabhail ó Theamhair
Luachra do bhí ag faire Cuan Fionntrágha. Ar Chruaich
Mhárthain i n-áirde do bhí sé, mar a raibh amharc ar mhuir
agus ar mhór-fhairrge aige. Tá rian a leapthan ar an gcnoc
sin fós.



Do bhí Conncrithir ar an gcnoc 'n-a aonar chomh fada sin
agus gan aon namha ag teacht gur éirigh sé faillightheach insa
ghnó agus gur thuit a chodladh air tráthnóna ar bhinn an chnuic.
Dob' é sin an tráthnóna ceudna tháinig Rí an Domhain agus
sluaighte an domhain go Cuan Fionntrágha. Ní fheaca
Conncrithir long ná currach ná aon ní eile ag teacht ná ní
rabhadar 'n-a gcúram air. Torann agus gleo na gcath
agus buillí na gclaidheamh ag sgoltadh na sgiath agus
briseadh agus cnagarnach na lann agus gártha na mban
agus na leanbh agus na gcon agus na n-each agus iad dá
losgadh i lasrachaibh na dtrí ndún: sin iad do mhúsgail as
an trom-shuan é.



Do chuimil sé bas dá shúilibh. D'fheuch sé uaidh síos ar an
gcuan agus siar ar na dúnaibh. Tháinig strac-shúilí air le


L. 13


huathbhás an sgéil. A leithéid de chabhlach ní fheaca sé riamh
ná a leithéid de thóiteán lasrach ná a leithéid de chosgar.
Tháinig laige agus creathán air. Ní le sgannradh ná le
eagla thángadar air acht le seirbhthean agus le crádh croidhe.



“Och! mo truagh mé,” ar sé, “iad do bhreith im' chodladh
mar seo orm. Mór an donas atá deunta trém' fhaillighe-
se. Truagh nach tángadar agus mé féin do mharbhadh do'n
cheud iarracht. Dob' fhearr liom mo bhás ná mo bheatha
feasta. Mairg do'n mháthair rug riamh mé go dtárlochadh
an donas so dhom. Cad adeurfaidh Fionn agus Fianna
Éireann nó cionnus do-bheuraidh mé aghaidh ortha go deo arís?
Ní fheudfainn é, agus ní dheunfad. Ní fheicfidh Fionn ná na
Fianna mise im' bheathaidh arís. Raghad fé dhéin na
n-allmhurach sin agus imreochad m'anam leo. Tuitfidh
dream éigin díobh le neart mo ghéige nó tuitfead-sa
leó-san.”



Do ghleus sé é féin 'n-a éideadh catha agus do ghluais
sé fé dhéin na n-allmhurach 'n-a rith. Ní fada do-chuaidh go
bhfeaca sé triúr ban agus arm gaisgidhigh ag gach mnaoi
aca. Do bhíodar ag gluaiseacht roimhe amach insa treo
cheudna 'n-a raibh sé féin ag gabháil. Do gheuruigh sé insa
choisidheacht chun go mbeireadh sé ortha; acht ní rug, mar do
gheuruigheadar sin insa tsiubhal chomh maith leis. Dá
n-imthigheadh sé ar luas con dob' é an dálta ceudna aige
é, do-dheunaidís sin an siubhal ceudna. Nuair do theip
air breith ortha do bheartuigh sé a shleagh agus do leig air
go raibh sé chun urchar do sgaoileadh fútha. Nuair do-
chonncadar-san an ní sin do stadadar.



“Fóil ar do láimh, a óglaoich,” do ráidh bean aca, “ní
gníomh gaisgidhigh duit arm do dheargadh orainn agus sinn
'n-ar mnáibh.”



“Agus cia sibh féin,” arsa Conncrithir, “agus cad as
daoibh?”



“Triúr inghean Theirg mic Dolair ó thráigh mhara Thibhir i


L. 14


leith sinn-ne,” ar siad. “Thugamair ár dtriúr grádh
eugmaise dhuit-se, acht gidh go bhfuil an sgeul ar an gcuma
sin againn, ní'l fuath ag duine againn d'aenne de'n bheirt
eile dá chionn. Tángamar annso chun go dtugaimís ar
gcongnamh leat, mar do bhí a fhios againn gur tusa an
cheud duine d'Fhiannaibh Éireann do-thiubhradh cath do na
hallmhurchaibh.”



“Cad í bhur gcabhair dom?” arsa Conncrithir.



“Is maith í ár gcabhair-ne dhuit,” do ráidh an triúr, “óir
cuirfeam sluagh draoidheachta id' thimcheall do-dheunam tré
chomhacht draoidheachta de gheosadánaibh agus de bharr biolair.
Bainfidh an sluagh draoidheachta sin a neart agus a radharc
ded' naimhdibh-se, agus na hairm ar a lámhaibh.



Marbhóchair-se Rí na hEasbáine agus ceithre ceud dá
mhuintir agus cuirfir an dearg-ruaig ortha. Beidh cath so
Fionntrágha lá agus bliadhain dá chur agus gach lá ar feadh
na haimsire sin beidh cathughadh nuadh ar siubhal. Gaibh
misneach agus mórchroidhe chugat, óir má marbhuighthear thú
gach lá ar feadh an chatha beir id' bheathaidh agus id, neart
fé mhaidin arís. Beidh tobar slán-íce ullamh againn-ne
féd' chóir-se agus fé chóir an té is annsa leat d'Fhiannaibh
Éireann.”



Do bhí sluagh Ríogh na hEasbáine fé'n tráth sin ag
filleadh ar ais go Fionntráigh agus creach mhór gabhtha aca
ó thráigh na Muirbhighe thuaidh. Annsin iseadh thug Conncrithir
agus an sluagh draoidheachta fogha fútha. Do bhain an sluagh
draoidheachta na hairm de na hallmhurchaibh agus do
bhaineadar radharc a súl díobh.



Do bhain Conncrithir an chreach de mhuintir na hEasbáine
Do ghabh sé fútha agus tríotha agus thársa agus do-rinne
sé iad do leadradh agus do chrádhadh agus d'éirleach.
Tháinig uamhan agus sgannradh ortha agus do theicheadar i
raon madhma uaidh. Do lean Conncrithir go dian ar a lorg
agus do dhíthigh agus do mhairbh iad.


L. 15


Ar an réim sin dó thárla sé i láthair Ríogh na hEasbáine.



“Fóil ort, a ghaisgidhigh,” arsa Rí na hEasbáine, go
dtugair comhrac domh-sa tar ceann mo mhuintire atá dá
n-ár is dá n-éirleach agat.”



Thug an bheirt aca fé n-a chéile gan a thuilleadh do rádh.
Do chuireadar a meirgí de mhín-sról 'n-a seasamh insa
talamh. Rugadar ar a sleaghannaibh ceann-ghorma 'n-a
lámhaibh agus thugadar dubh-ghona dlútha díoghbhálacha ar
chorpaibh a chéile. Thugadar seal fada de'n ló ag tuargain
agus ag greadadh a chéile agus i n-ionad lagughadh do dhul
ar a neart ná ar a bhfeirg is amhlaidh d'éirigh ar an
bhfíochmhaire aca, agus ar an mbualadh agus ar an sáthadh,
agus dob' é críoch an sgéil aca gur bhriseadar cranna na
sleagh agus gur sgoilteadar a sgéithe agus gur phleusgadar
a lúireacha catha.



Annsin do nochtadar a gclaidhmhte lasair-chorcra leathan-
fhaobhracha agus na gona nach tugadar le n-a lannaibh ar a
chéile thugadar ar a chéile leis na claidhmhtibh iad. An
bualadh ceudna thugadar dá chéile agus na gona ceudna
thugadar ar chorpaibh a chéile go dtí gur tharraing Conncrithir
béim dá chlaidheamh ar Rígh na hEasbáine idir cathbharr agus
lúirigh gur bhain sé an ceann dá cholainn de'n treun-iarracht
sin. Do thóg Conncrithir an ceann i n-áirde agus adubhairt:



“Dar mo bhriathar-sa,” ar sé, “ní cuirfear ó'n gceann
so beo mé nó go dtigidh a bheag nó a mhór d'Fhiannaibh
Éireann chugam.”



Do-chualaidh Rí an Domhain na briathra sin dá rádh.



“Is mór an maoidheamh do-ghní an laoch úd ar an tráigh,”
ar sé. “Éirigh, a Ghlais mhic Dreamhain i dtír, d'fheuchaint
an é an t-Osgar euchtach, do-chuala bheith ameasg Fiann
Éireann atá annsúd.”


L. 16


CAIBIDEAL A CEATHAIR.



Comhairle Chuinnchrithir do Ghlas mac Dreamhain agus an
comhrac do-rinneadar araon i n-aghaidh na n-allmhurach.



Do ghluais Glas mac Dreamhain i dtír féibh mar adubharthas
leis agus tháinig i láthair an ghaisgidhigh.



“A dhuine,” arsa Glas, “is mór an focal é sin adubhrais
ó chiainibh agus do chuir Dáire Donn mise uaidh go bhfuighinn
t'ainm agus do shloinneadh dhó.”



“Mise Conncrithir mac Brain mic Feabhail ó Theamhair
Luachra,” do ráidh an laoch.



“Má's tú súd,” ar Glas, “is gairid do ghaol agus do
chomhgus liom féin, óir is mise Glas mac Dreamhain ó
Theamhair Luachra.”



“Má's tú,” arsa Conncrithir, “is mór an eugcóir agus
an aithis agus an ceann fé dhuit bheith insa chuideachtain i
bhfuilir, agus is náireach an bheart uait é bheith ag teacht im'
aghaidh-se, agus i n-aghaidh do mhuintire féin, ar mhaithe leo
súd.”



“Ná déan mé d'aithis ná do cháineadh, a ghaisgidhigh,” arsa
Glas mac Dreamhain, “óir ní beag dom mé féin chugam
gan tusa bheith ag árdughadh thiar leis mar sgeul. Agus má
táim ar an gcuaird seo cá hiongnadh dhom é; agus má
b' iongnadh féin, cad é mo leigheas-sa air? Ní fheudfainn
teacht ar a mhalairt de chuaird. Ní leigfeadh sibh dom é.
Do cuireadh an ruaig as an bhFéinn amach orm, agus do
chuir Fianna Éireann ar teicheadh agus ar ionnarbadh mé.
Ní abraim gur thuilleas é ná nár thuilleas. Ní dóigh go


L. 17


bhfuil sé i ndán dom choidhche arís gabháil leo. Do bhíos
im' namhaid aca. Ní gearánta orm má bhím im' namhaid
dáríribh dóibh. Acht, ar mhaoin ná ar mhaitheas an tsaoghail
seo uile, ní thiubhrainn aghaidh namhad ar Fhionn ná ort-sa ná
ar an bhFéinn dá mbeadh aon fhagháil go bráth agam ar bhur
muinteardhas. Acht ní'l, is ní bheidh. Ní'l de rogha agam
acht bheith im' namhaid choidhche dhaoibh agus sibh-se 'n-bhur
naimhdibh agam.”



“Ná habair-se sin, a Ghlais,” do ráidh Conncrithir, “óir,
dá ndeinteá na cúig mic deug atá ag Fionn do mharbhughadh,
agus a bhfuil de ghaoltaibh eile insa tsaoghal aige, luighim-se
fém' armaibh agus fém' ghaisgeadh dhuit nár bhaoghal duit
Fionn acht tú do theacht ar a oineach agus ar a chomairce;
mar tá croidhe mór ag Fionn agus dob' fhearr leis cáirdeas
ná eascáirdeas.”



Ba bhinn le Glas mac Dreamhain 'n-a chroidhe istigh na
bréithre sin adubhairt Conncrithir agus do ghéill sé dhó.
Níor dheacair leis sin. Dob' é mian a chroidhe bheith ameasg
a mhuintire féin arís. Do bhí an nádúir ann agus dá mhéid
an fhearg do bhí 'n-a chroidhe dhóibh níor fheud sé é do choimeád
'n-a chroidhe dhóibh a thuilleadh.



Do cheap sé mí-ghníomh do dheunamh. Do díbrigheadh as
Éirinn é nuair do sgéidh rún an mhí-ghnímh sin air. Ba
chruaidh leis mar bhreith air an bhreith sin. Ba mhór leis an
náire agus an aithis tugadh dó ós cómhair fear nÉireann.
Níor chuimhnigh sé ar olcas an mhí-ghnímh do bhí meabhruighthe
aige ar aon chor. Níor chuimhnigh sé acht ar an náire tugadh
dó agus ar an ngráin do bhí aca uile air. D'imthigh sé as
Éirinn agus a chroidhe lán d'fheirg agus d'fhonn díoghaltais.



Sin mar do bhíonn ag lucht uilc agus eugcóra nuair do-
dheuntar a ndroich-bhearta do nochtadh do'n saoghal mór agus
nuair do-dheuntar iad do dhíoghailt ortha. Ní ghlacaid leis
an bpionós do cuirtear ortha go cneasda ná go haithrigheach.
Bíonn gráin agus aithis phoiblidhe ortha agus ní'l aon fhulang


L. 18


ag nádúir an duine leis sin, dá olcas é an duine agus
dá neamhnáirighe. Tagann mailís agus droch-chroidhe dhóibh
agus bíonn sé ionnta go gcuireann imtheacht na haimsire
as a gcuimhne é. Acht is minic, nuair do bhíonn an bhuile
ortha, go ndeinid gníomh uilc do chuireann uathbhás agus
sgannradh ortha féin nuair do-chuireann méid an uilc
do-ghníd siad a gcuirptheacht agus a ndroch-aigne féin i
n-iúl dóibh. Tagann sgeon ionnta roimh méid an uilc sin
agus tagann sgeimhle ortha chun é do leigheas. Do
thabharfaidís an t-anam i ndóigh go bhfeudfaidís aon
laigheadughadh nó aon leigheas do dheunamh ar an olc do bhíonn
deunta aca.



Is maith an dóigh gur mar sin do bhítheas ag Glas mac
Dreamhain, nuair do bhí Conncrithir ag a chomhairliughadh, dá
dtugadh sé fios a aigne dhó ar dtúis. Acht ní thug, mar
níor leig a chlaon ná a uailleachas aigne dó é sin do
dheunamh. Do bhí an t-uailleachas sin agus a thoil i gcogadh
le chéile fé'n sgeul sin.



Tar éis do Chonncrithir tamall eile do chaitheamh ag a
thathant ar Ghlas diúltughadh do na hallmhurchaibh agus an
gníomh uasal do dheunamh ar mhaithe le Fionn agus le
Fiannaibh Éireann i ndíol a ndearna sé d'olc ortha, do ghéill
Glas dó agus adubhairt:



“'Seadh, bíodh sé mar sin,” ar sé “pé fáilte nó
doicheall atá ag Fionn dom, ní dheunad a thuilleadh uilc ar
mo chine ná ar mo mhuintir féin. Raghad do láthair Ríogh
an Domhain agus inneosad sin dó.”



Agus do-chuaidh Glas do láthair Ríogh an Domhain.



“A anam, a Ghlais,” arsa Dáire Donn le Glas, “an é
siúd Osgar?”



“Ní hé, a rí,” do ráidh Glas, “acht duine dem' cháirdibh
gaoil féin. Is truagh mhór liom 'n-a aonar é agus mise
annso. Raghad-sa dá fhóirithint. Slán beo agat-sa, a rí,”
ar seisean.


L. 19


“Má théighir,” arsa Rí an Domhain, “cuirim de gheasaibh
ort teacht i n-aghaidh an lae chugam-sa agus a innsint dom
cad é líon a dtuitfidh liom d'Fhiannaibh Éireann, agus, má
thárluigheann go dtuitfidh a bheag nó a mhór dem' shlóghaibh
féin insa chath, a innsint dom, mar an gceudna, cia hé do
threasgair iad.”



“Do-dheunad-sa sin,” arsa Glas mac Dreamhain, “agus
cuirim-se de gheasaibh ort-sa gan duine ded' mhuintir féin
do leigean i dtír acht mar adeurfad-sa leat nó go dtigidh
Fianna Éireann chugainn. Agus anois nuair nach fuil aon
ní eile le réidhteach againn, tugtar comhrac aonair dúinn.”



Do cuireadh beirt allmhurach chuca i dtír láithreach chun iad
do comhrac.



Do tharraing Conncrithir úirlis catha chuige. Crann tabhaill
ainm na húirlise sin. Do cuirthí púróg chomh-chruinn cloiche
innti isteach. Do bogtaí agus do beartuighthí í. Do cuirthí
fuinneamh agus neart an chuirp leis an mbogadh agus leis
an mbeartughadh. Annsin do sgaoiltí an chloch chun siubhail.
Do ghluaisigheadh an chloch agus do réabadh sí an t-aedhear
roimpi go mbíodh sí ag feadghail. Dob' euchtach an fuinneamh
do cuirthí le hurchar as an tabhaill. Ba mhór an sgrios
d'fheudfadh duine d'Fhiannaibh Éireann do dheunamh léi, mar
is aca do bhí an aicillidheacht agus an gliocas agus an
taithighe.



Rug Conncrithir ar an tabhaill agus do chuir cloch isteach
innti. Do chuir sé neart a ghéige agus a chuirp i bhfeidhm
uirthí agus do sgaoil an t-urchar uaidh cruinn díreach ar
amus an allmhuraigh do bhí ag teacht 'n-a aghaidh féin gur
bhuail i gceartlár a chláir eudain de'n iarracht sin é. Do
bhí d'fhuinneamh leis an gcloich gur cuireadh innchinn an fhir
tré chúl a chinn siar.



Do mhairbh Glas mac Dreamhain a dhuine féin.



Annsin d'iarradar ar na hallmhurchaibh beirt do'n duine
aca do chur ag triall ortha chun iad do chomhrac. Tugadh


L. 20


sin dóibh go deagh-thapaidh agus tháinig an ceathrar fé 'n-a
ndéin. D'árduigh Conncrithir a reamhar-ghath catha agus thug
urchar luath láidir di i dtreo an fhir ba ghiorra dho dá bheirt
féin. Do bhuail sé i gclár a ochta é agus do-chuaidh an
tsleagh ó thaobh taobh de. Nuair do chonnaic an fear eile
de'n bheirt sin Conncrithir ag sgaoileadh an urchair fútha féin,
tháinig eagla air agus do-chuaidh sé ar sgáth an fhir do
haimsigheadh. Ní dhearna sé a leas, ámhthach, mar do-chuaidh
an tsleagh tré n-a chroidhe siar tar éis dul tré chorp an
cheud fir, agus do thuit an bheirt aca leis an aon urchar
amháin sin Chuinncrithir. Le n-a linn sin do mhairbh Glas mac
Dreamhain a bheirt féin.



Do leanadar de'n chomhrac mar sin agus do thuit trí
naonbhair allmhurach ar an tráigh sul a rug an oidhche ortha.
Ní tháinig beirt a sáruighthe d'ionnsaighe na beirte ar an
tráigh ó thúis deireadh. Acht ba dhaor do dhíoladar as
gaisgeadh an lae sin. Do bhí goin agus gearrtha ó mhullach
talamh ortha. Nuair tháinig an tráthnóna do bhíodar go
creuchta agus go tuirseach agus go sáruighthe, acht arsa
Conncrithir:



“A Ghlais,” ar sé, “tháinig triúr ban chugam-sa ar maidin
ó thráigh mhara Thibhir anois agus do ghealladar dom, dá
marbhuighthí gach lá mé insa chath so Fionntrágha, go mbeinn
im' neart agus im' shláinte lá ar n-a mháireach; agus an
laoch dob' annsa liom d'Fhiannaibh Éireann, do-gheobhadh sé
an chóir cheudna uatha. Fan-se annso ag faireadh an chuain
go dtéighead-sa ar a dtuairisg siúd is go dtagad thar n-ais
chugat arís.”



Do-chuaidh, agus do fuair sé iad. Do chuireadar insa
tobar slán-íce é agus d'éirigh sé as chomh slán agus do bhí
sé riamh.



Nuair do bhí Conncrithir imthighthe, do-chuaidh Glas mac
Dreamhain go lag trágha i gcomhgar na luingeas arís.



“A Rí an Domhain,” ar sé, “tá cara agam ameasg do


L. 21


mhuintire — Madán Mongcas mac Duinn, rí na Gaothlaighe.
Is eadh adubhairt seisean tráth gur leór duit é féin, thar a
bhfuil eile insa domhan de thréin-fhearaibh, chun inis so na
hÉireann do chur fé smacht duit, ar ais nó ar éigean.
Fógraim ort-sa, a rí, an duine sin do chur i dtír d'fheuchaint
cia againn is fearr d'fhear, nó cia is fearr do-dheunaidh
comhrac thar cionn Éireann, da baint amach nó dá
cosaint.”



Tháinig Madán Mongcas i dtír. Thugadar araon fé n-a
chéile agus do-rinneadh comhrac fíochmhar fada eatortha.
Ba mhaith an mhaise ar Ghlas mac Dreamhain nach ann do bhí
fód a bháis, mar nár chomhrac mar mhagadh an comhrac thug
Madán Mongcas uaidh. Dob' é Glas dob' fhearr comhrac
fé dheoidh agus do bhain sé an ceann do Mhadán Mhongcas.
Le linn an gníomh sin do dheunamh d'fhill Conncrithir agus do
chrom sé ar an ngaisge do bhí deunta ag Glas do mholadh
agus do mhaoidheamh.


L. 22


CAIBIDEAL A CÚIG.



Iomrasgáil an Taisdealaigh Tréanmhóir le Coimleathan mac
Toithim.



Annsin is eadh do-chonncadar duine de na Fiannaibh chuca
ar an tráigh. An Taisdealach Tréanmhór do bhí ann.



“A óga,” ar sé “cia hiad gur leo na cinn sin do-chím
agaibh, agus cad é sgeula an áir seo go léir atá deunta ar
an tráigh.”



“Ceann Ríogh na hÉasbáine ceann díobh,” ar Conncrithir,
“agus is liom-sa do thuit sé. Ceann Ríogh na Gaothlaighe
an ceann eile agus Glas mac Dreamhain do mhairbh eisean,”
agus d'innseadar dó i dtaobh gach ní dá dtárla dhóibh ó
thúis deireadh. “Acht an bhfuil tuairisg Fhinn agus na
Féinne agat?” ar siad.



“D'fhágbhas ar an tSionainn lastuaidh ag Snámh Dá Eun
iad,” do ráidh an Taisdealach.



“Éirigh-se chuca ar ais, má 'seadh,” ar siad, “agus
abair leo teacht dár bhfóirthint go luath, má's mian leo
breith 'n-ar mbeathaidh orainn.”



“Ba nár liom sin imtheacht má 'seadh,” do ráidh an
Taisdealach, “agus dhá rí de ríghthibh an domhain marbh
agaibh-se, gan mo lámh do dheargadh sul a dtéighinn ó'n
gcuan so chuca.”



Do-chuaidh sé síos go lag trágha.



“A Rí an Domhain,” ar sé ós ard, “tá annso tréin-fhear
Fiann n-Éireann ag iarraidh comhraic.”



“Is dómh-sa is córa dul agus cath do thabhairt do'n duine
sin,” arsa Coimleathan mac Toithim.


L. 23


Dob' é siúd tréin-fhear Rí an Domhain. Fathach ar méid
agus ar neart é. Do bhí deich bhfear-doirn fichead d'aoirde
ann agus an méid ceudna 'n-a leithead. Ba ghnáth leis é
féin do nighe agus d'ionnladh i bhfuil dreagan agus leomhan
agus nathrach nimhe. Do bhí crios fairsing d'úr-leathar
timcheall a chuirp. Do bhí sé go fíochmhar gránna mí-sgiamhach.
Dob' olc an mhaise ar aenne dá threise dul chun teangmhála
leis an ainsgéan fir sin.



Tháinig sé i dtír agus ba dhaingean docht a theacht. Do
dhruid sé féin agus an Taisdealach fé n-a chéile isteach agus
ba chosamhail le dá tharbh buile an bheirt ghaisgidheach sin ar
fíochmhaire agus ar dáine. Do bhí tréithe comhraic na dtarbh
insa choimheasgar do-rinneadar. Do bhí na gaisgidhigh go
taobh-theann agus go láidir agus go borb. Ba dhocht agus
ba thalmhaighe é seasamh gacha duine aca ar a bhonnaibh.
Tháinig sgeun buile goimh agus feirge 'n-a dhá súil mhóra
ghlasa. Do bhaineadar gíosgán as a gclár-fhiaclaibh cnámh-
reamhra cogantacha. D'osgail agus do leathnuigh cuasa a
gcam-shrón le feirg agus le saothar na hiomrasgála.
Rugadar isteach ar a chéile, lámh thíos lámh thuas. Do
ghreamuigheadar a ndóirne daingne do-sgaoilte laistiar de
leathan-dromaibh a chéile agus thugadar iarrachtaí diana
fíor-láidre fé n-a chéile do threasgairt. Do bhíodar ag
ionnfairt is ag stracadh is ag réabadh go raibh an tráigh
go léir fuirsithe suaithte aca. D'imrigheadar gach cleas
gaisgidh agus gliocais dob' eol dóibh ar a chéile; acht cleas
ar bith dá n-imrigheadh duine, do bhíodh cleas a sháruighthe ag
an bhfear eile. Do bhí cuir aca i n-aghaidh cam a chéile agus
ní raibh duine aca go raibh aon chomhthrom aige ar an bhfear
eile. Nuair do theipeadh cuir agus clis agus caim ortha,
d'éirigheadh straidhn buile agus mío-fhoidhne ortha agus do
chuiridís an neart i bhfeidhm ar a chéile arís. Annsin is eadh
do-ghnídís an fuirseadh agus an réabadh, an tnáthadh agus an
tarrang, an saothar agus an chneadach. Do chaitheadar


L. 24


mórán aimsire ag comh-thuargain a chéile ar an gcuma sin,
acht ní raibh acht comh-thuirse aca ar a chéile agus comh-shaothar.
Fé dheireadh is fé dheoidh thug an t-allmhurach fásgadh euchtach
láidir do'n Taisdealach gur chuir sé an fhuil tré bharraibh a
mheur agus thar a bheul amach, agus, sul a raibh a fhios ag an
Taisdealach cad é an fuadar do bhí fé'n bhfear eile, do bhí
sé árduighthe i n-áirde ar a ghualainn aige agus é ag imtheacht
an tráigh siar leis fé dhéin Árdrí an Domhain.



“A anam, a Choimleithin,” arsa an Taisdealach, “cad
dob' áil leat do dheunamh liom?”



“Tú do bhreith do láthair Ríogh an Domhain,” arsa
Coimleathan, “agus do cheann do stathadh ded' cholainn agus
é do chur ar chuaille i bhfiadhnaise an ríogh.”



“Is olc an chomhairle í sin atá ceapaithe agat do
dheunamh,” do ráidh an Taisdealach, “óir dob' fhearr duit
mé do sgaoileadh uait ar an tráigh go ndéininn umhluigheacht
duit i bhfiadhnaise fear an domhain. Do ghéilleadar fir
Éireann dom' chumas-sa agus is amhlaidh do cheapfaidís nár
bh' aon tairbhe dhóibh bheith leat-sa nuair do-chífidís gur bh'
éigean dómh-sa géilleadh dhuit, agus do bheidís ar crith le
sgannradh rómhat. Badh mhór an t-adhbhar maoidhte dhuit-se
é a rádh, nuair d'fhillfeá a-bhaile, gur túisge do fuairis
féin géilleadh ó thréin-fhearaibh Éireann ná mar do fuair
Rí an Domhain féin géilleadh uatha.”



“Is dóigh go bhfuil an ceart agat, agus is maith an
chomhairle í agus ní mise ná deunaidh í,” arsa Coimleathan.



Do sgaoil sé an Taisdealach anuas dá ghualainn ar an
tráigh. Do chrom an Taisdealach a cheann inar 'dheadh go
raibh sé ag sléachtadh do Choimleathan. Do thuig seisean
gur chun an ní sin do dheunamh do chrom an Taisdealach a
cheann. Níor bh' eadh, acht is amhlaidh do rith sé fé isteach
agus rug ar an bhfear mór timcheall a choim agus, le neart
buile, d'árduigh sé ar árd a ghualann é. Annsin do bhuail
sé buille de chorp an fhir mhóir ar charraig chloiche do bhí i


L. 25


h-aice leis. Do bhí d'fhuinneamh agus de neart insan iarracht
sin go ndeárnadh smior fola de chorp an allmhuraigh.



Annsin do chuir an Taisdealach Tréanmhór a chos i bhfeac
i gcoinnibh gualann Choimleithin. Rug sé ar a cheann agus
do staith sé de'n cholainn é de'n cheud iarracht. Do
mhaoidhimh sé an gníomh sin ós comhair cách.



“Beir buadh agus beannacht, a Thaisdealaigh,“ ar Conn
crithir “agus imthigh leat go tigh m'athar, go Bran mac
Feabhail i dTeamhair Luachra. Abair leis Tuatha Dé Danann
do chruinniughadh agus do chur dár gcabhair annso. Éirigh
amáireach as sin ag triall ar Fhionn agus ar Fhiannaibh Éireann
agus innis sgeula na ngnóthaí seo dhóibh.”


L. 26


CAIBIDEAL A SÉ.



Tuatha Dé Danann ag gluaiseacht go Fionntráigh agus an
cath do chuireadar ar allmhurchaibh.



Do ghluais an Taisdealach Treunmhór leis agus do ghabh
sé comhgar gacha róid go dtáinig sé mar a raibh dún Bhrain
mhic Feabhail. Thug sé gach eolas dá raibh aige dhóibh insa
dún sin. Do bhailigh Bran slóighte Tuath Dé Danann agus
do ghluais go Dún Seasnáin i n-Uíbh Conaill Gabhra. Do
bhí mórán d'ógaibh Tuath Dé Danann annsin an uair cheudna
agus do bhí fleadh agus feusta dá chaitheamh aca. Do bhí
triúr d'óg-uaislibh na dTuath ann. Ilbhreac mac Manannáin;
Neamhannach mac Aonghusa agus Síoghmall Ó Midhir a
n-ainmneacha. Do chuireadar na mílte fáilte roimh Bran
agus dob' áil leo córughadh do chur air chun go bhfanadh sé
'n-a bhfarradh.



“A óga,” do ráidh Bran leo, “ní fhanfad faraibh. Tá
éigean níos mó ná sin orainn;” agus d'innis sé sgeula an
chabhlaigh dóibh agus an ghuais 'n-a raibh a mhac féin i bhFionn-
tráigh ag cur catha ar allmhurchaibh.



“Fan-se annso anocht,” ar Seasnán leis, “agus raghaidh
Dolbh mac Seasnáin mo mhac go dtí Bodhbh Dearg mac an
Daghdha agus baileochar Tuatha Dé Danann uile chugainn.”



Lá ar n-a mháireach do-chuaidh Dolbh mac Seasnáin roimhe
go Sídh Ban Fionn ós cionn Muighe Feimhin, óir is ann do
bhí Bodhbh Dearg an uair sin. Do fuair sé ann é agus
d'innis sé a sgeula dhó.



Do bhain Bodhbh Dearg searradh as féin.



“Agus, a ogánaigh,” ar sé sin, “cad é sin dómh-sa é má
tá cabhlach tagaithe go Fionntráigh? Ní call dúinn-ne
cabhrughadh le clannaibh Míleadh, má tá éigean agus


L. 27


uireasbadh ortha. Is olc an díol ortha sinn-ne do chabhrughadh
leo, mar is beag é ár sógh ná ár suaimhneas uatha le fada.
Cad é sin dúinn-ne a gcás súd, anois, ná a mbroid?”



“Ná habair-se sin, a rí,” arsa Dolbh mac Seasnáin,
“Is beag dá mhearbhall ort-sa ar cheart cabhrughadh leo nó
nár cheart. Dom' dhóigh-sa badh mhaith an ceart duit an
t-imshníomh atá ortha sin do bheith ort-sa, leis, óir ní'l rí
ná flaith ná taoiseach ar Fhiannaibh Éireann nach de Thuathaibh
Dé Danann a bhean nó a mháthair nó a bhuime, agus ba mhaith
í a gcabhair daoibh-se riamh, nuair do bhíodh gábhadh agaibh le
n-a gcabhair, agus ba mhaith arís leis í.”



“Dar go deimhin, a ógánaigh,” do ráidh Bodhbh Dearg,
“ní misde an teachtaireacht tusa do chur léi, agus is maith
is fiú thú freagradh maith do thabhairt ort. Cabhrócham le
Fiannaibh Éireann.”



Do cuireadh teachtairí uatha chun Tuath Dé Danann, gibé
ionad 'n-a rabhadar, dá nglaodhach go léir ar aon láthair
mar a raibh Bodhbh Dearg.



Thángadar.



Ní dhearnadar aon mhoill i ndún Bhuidhbh Dheirg acht
imtheacht ortha d'aon bhuidhin go Dún Seasnáin agus d'fhanadar
insa dún sin go maidin.



Ar maidin lae ar n-a mháireach do bhíodar uile go
saotharach agus go greithileánach ag a n-ullmhughadh féin agus
ag cur a gcuid arm i bhfearras chun catha. Do chuireadar
umpa, ar dtúis, a léinteacha luachmhara síoda agus a n-ionair
ornáideacha. Do chuireadar lúireacha tiugha fada ortha féin
agus cathbharraí cúmhdaigh, go raibh clocha buadh agus ornáid-
eacha óir ortha, ar a gceannaibh. Do ghabhadar a sgéithe catha,
go raibh sgáil ghlas-uaithne ortha, agus claidhmhte ba throm
agus ba leathan agus ba fhaobhrach; agus, le n-a gcois sin, do,
bhí sleagh gheur rinn-leathan ag gach fear aca.



Is iad na ríghthe agus na taoiseacha do bhí ar an sluagh
sin Tuath Dé Danann, na trí Gairbh ó Shliabh Mis agus na


L. 28


trí Siochairí Siúire agus na trí Eochadha Áine agus na trí
Laoghairí Lic-deirge agus na trí Conaill Clomhraidhe agus
na trí Finn Fhionnabhrach agus na trí Sgáil ó Bhrúgh an Sgáil
agus na trí Rodhanaigh Raighne agus na trí Deisceartaigh
Droma Fornachtaigh agus trí mic Aodháin ó Eas Ruadh mic
Bhadhairn. Do bhí Táthbhuilleach Shléibhe Cairn ann agus
Soichearn ó Mhuigh Sainbh agus Seaghsa as Seaghais agus
Feardron ó dhúthaigh Laoighse; An Glas as Bruinne Breagh;
Airgeadlámh ó Shionainn; Oghraidhe ó'n Maonmhuigh; an
Suirgheach ó'n Leamhain; Seancha ó Shionainn; Midhir ó Brí
Léith; Féidhlim Nuadhchruthach mac Nóicheadail; Donn as Sídh
Beaguisge; Dreagán Dronnualach, agus Fear an Bheurla
Bhinn ó'n mBóinn; Cathal Crithchosach Rí Bearnáin Éile;
Donn Frithghrine; Donn Dumha; Donn Teimeach; Donn
Seanchnuic; Donn Chnuic an Dois; Bratriabhach, agus Dolbh
Déadsholais as Siodhaibh; Cúig mic Fhinn as Sídh Cairn Chaoin;
Fionnbhar Meadha Siúil; Sioghmall Ó Mighir; Ilbhreac mac
Manannáin; Neamhannach mac Aonghusa; Lir Sídhe Fionnchaidh;
Abhartach mac Ioldathaigh, agus mórán eile de Thuathaibh Dé
Danann nach áirmhighthear annso.



Do ghluais an mór-shluagh sin chun siubhail tré Chiarraighe
Luachra siar. Do ghabhadar thar Shliabh Mis agus ní dhearnadar
moill ná sosadh gur shroicheadar Cuan Fionntrágha. Ar
dteacht i n-amharc an chuain dóibh tháinig iongnadh agus
leathadh súl ortha ar bhfeicsint méid an chabhlaigh mhóir do bhí
ann rómpa. Ní fheacadar a chomhmór de chabhlach riamh;
agus níor bh' iongnadh má tháinig roinnt de dhroich-mheanmain
agus de dhroich-mhisneach ar chuid aca, agus go dtáinig.
Acht d'éirigh duine de mhaithibh an tslóigh agus do labhair sé
leo ag a ngríosughadh agus ag méadughadh misnigh aca chun
go ndeinidís calmacht. Abhartach an fear do labhair.



“A Thuatha Dé Danann,” ar sé, “bíodh misneach agaibh.
Ná bíodh laige spioraid' ag deunamh díthe d'bhur ngaisgeadh
insa chath atá rómhaibh. Cá bhfuil bhur gcalmacht? Cuimhnigh


L. 29


ar thréine bhur seacht sinnsear rómhaibh. Deinidh an chalmacht
is dual daoibh agus beidh gníomh gacha duine agaibh dá
innsint agus dá aithris go deireadh an domhain. Is docht an
cruadhtan do-bheuraidh orainn insa chath so, óir beidh sé ar
feadh lae agus láin-bhliadhna dá chur. Anois atá agaibh na
briathra móra maoidhimh thugabhair ar fleidh agus ar láthair
óil do choimhlíonadh. Ar an tráigh sin thíos atá agaibh na
briathra agus an maoidheamh sin do chur chun críche.”



Níor bheag sin de ghríosughadh. Má bhí an gaisgeadh ag
trághadh i n-aenne, tháinig a bhrígh agus a fhuinneamh agus a
fhuadar ar ais arís ann, mar do thiocfadh rabharta na fairrge,
tar éis na cainnte sin Abhartaigh, agus tháinig sainnt agus
mí-fhoidhne ortha dul i n-achrann isna hallmhurchaibh agus gníomh
do dheunamh go leanfadh a chlú dá sliocht agus de shliocht a
sleachta go deireadh an domhain.



“Éirigh-se, a Ghlais mic Dreamhain,” arsa Bodhbh Dearg
“agus fógair cath uaim-se ar Rígh an Domhain.”



Do-chuaidh Glas do láthair Ríogh an Domhain agus d'fhógair
sé cath agus comhrac air ó Bhodhbh Dearg.



“A anam, a Ghlais,” do ráidh Dáire Donn, “an iad súd
Fianna Éireann ar an tráigh?”



“Ní hiad,” do ráidh Glas, “acht dream eile d'Fhearaibh
Éireann do chomhnuigheas fé thalamh innti i n-uaimhnibh agus i
síodh-bhrughaibh. Tuatha Dé Danann iad súd do-chíonn tú ar
an tráigh agus is uatha thánga-sa chun catha d'fhógairt ort.”



D'fheuch Dáire Donn ó dhuine go duine dá chuallacht ríogh
agus taoiseach.



“Cia agaibh do-bheuraidh cath do Thuathaibh Dé Danann?”
ar seisean.



“Ragham-ne chuca,” arsa beirt de na righthibh ag preabadh.
Dob' iad an bheirt iad Comur Croimgheann Rí Fear
gCoincheann agus gCaitcheann Rí Fear gCaitcheann. Do
ghluaisigheadar i dtír agus a slóighte féin 'n-a dteannta.
Ba chuma iad, ag teacht i dtír dóibh, nó borb-thonn fairrge
agus cúig catha dhíobh i n-eagar agus i dtreo chun catha.


L. 30


“Cia raghaidh chun teangmhála le Rígh Fear gCoincheann
dom?” arsa Bodhbh Dearg.



“Raghad-sa ann,” arsa Lir Sídhe Fionnchaidh, “gidh gur
clos dom nach fuil insa domhan aon tréinfhear is treise lámh
ná é.”



“Agus cia hé do-bheuraidh cath do Rígh Fear gCaitcheann?”
arsa Bodhbh Dearg.



“Do-bheurad-sa sin dó,” do ráidh Abhartach mac Iol-
dathaigh, agus do chuir sé lúireach throm ghléigeal uime agus
cathbharr dubh ceathair-chiumhaiseach ar a cheann.



Do dhruid an dá shluagh go daingean dúr i gcoinnibh a
chéile. Nuair do bhíodar i gcomhgar dá chéile do labhair Rí
Fear gCaitcheann agus d'fhiafruigh cá raibh fear a chomhraic
féin.



“Is mise sin,” arsa Abhartach, agus thug an bheirt aca
aghaidh ar a chéile go dian agus go droch-fhuadrach. D'éirigh
an ceathrar ríogh sin chun a chéile agus thugadar comhrac tiugh
te dá chéile. I gcionn tamaill do bhí an cath dá chur ar
Lir ag Rígh Fear gCoincheann agus ba bheag ná go raibh sé
i ndeireadh a chumais agus a ré shaoghalta muna ndéintí aon
fhóirthint air. Do-chonnaic Bodhbh Dearg an cruadhtan do bhí
ar Lir.



“Is truagh liom,” ar sé, “an t-éigean so atá ar Lir
Sídhe Fionnchaidh, agus téigheadh duine éigin agus déineadh
sé fuasgailt air.”



D'imthigh Ilbhreac mac Manannáin chun fóirthint do dheunamh
ar Lir agus do sgaoil urchar sanntach sléighe fé Rígh Fear
gCoincheann. Acht níor sgaoil seisean i n-aisgidh le hIlbhreac
é. Thug sé an chomaoin cheudna de ghoin ar ais dó; agus
níor shosadh ná fuasgailt ná laigheadughadh ar a chruadhtan
do Lir Ilbhreac do theacht dá fhóirthint. Nuair do-chualaidh
Bodhbh Dearg an ní sin do labhair sé arís.



“Cia raghaidh ag fuasgailt ar Lir?” ar sé.



“Mise, a rí,” arsa Síoghmall ó Midhir.


L. 31


Do chuir sé air a dhubh-chealltar catha agus tháinig ar
ghualainn Lir agus do ghoin sé an t-allmhurach do bhí ag
deunamh a dhíoghbhála. Thug sé sé gona dhó, acht goin díobh
níor sgaoil an t-allmhurach i n-aisgidh le Síoghmall, gan a
chomh-dhíol de ghoin d'fhagháil i n-aisíoc agus dúthracht 'n-a
theannta; agus ar feadh na haimsire sin níor léig sé do
Lir a cheann d'árdughadh ós cionn a sgéithe, do ghread sé
chomh dian deacrach é is dá mbadh nach beadh aon chúram
eile air.



“Is ró-dhian liom an cruadhtan sin ar Lir,” arsa Bodhbh
Dearg, “agus téigheadh dream éigin agaibh agus déanaidh
fóirthint air.”



Do ghluais cúigear mac Fionnaistearcan agus d'ionn-
suigheadar an Rí thar cionn Lir agus thugadar creucht nó
goin an duine aca air. Acht gidh go dtugadar, níor bh'
fheairrde iad féin é. Do león seisean gach duine de'n
chúigear i ndíol a dtugadar de ghonaibh air féin, agus dob'
éigean dóibh éirghe as. Do bhí Lir dá chluithcheadh go
coitchionnta. Fé dheireadh is fé dheoidh tháinig trí naonbhair
de Thuathaibh Dé Danann mór dtimcheall air chun go gclaoidís
ar ais nó ar éigean é. Do dhearguigheadar uile a n-airm
air, acht dob' é an sgeul ceudna aca é — ní dheaghaidh aon
duine aca gan goin ó Rígh Coincheann air; agus, fairis sin,
do bhain sé cnead agus osnadh as Lir le n-a dhéine is do
bhí sé ag a dhalladh le faobhar a chlaidhimh agus le neart a
gheug.



Le linn do Lir an cnead sin do chur as, do mhairbh
Abhartach Rí fear gCaitcheann. Do-chualaidh sé an t-osnadh do
léig Lir agus tháinig sé fé n-a dhéin mar thiocfadh splannc
tóirnighe. D'éirigh sé de léim de chrann a shleighe agus
do-chuaidh de'n léim sin isteach idir Lir agus Rígh fear
gCoincheann.



“Fan-se mar atá agat, a Lir,” ar sé, “ag feuchaint an
chomhlainn, agus fág fúm-sa agus fé'n allmhurach so é.”


L. 32


Annsin do chuir Abhartach a chlaidheamh 'n-a láimh chlé agus
thug sáthadh dá shléigh ar thaoibh a lúirighe do'n allmhurach.
D'árduigh seisean a sgiath dá chosaint féin; acht nuair do
fuair Abhartach an fhaill air, do tharraing sé air le buille
de chlaidheamh na ciotóige agus do bhain an dá chois ó n-a
ghlúinibh síos de de'n iarracht sin. Thug sé an dara buille
dó gur bhain an ceann dá cholainn.



Nuair do bhí a dhá dtaoiseach marbh ag Abhartach do bhí na
Coincheannaigh agus na Caitcheannaigh ag dul ar seachrán ar
fuaid an chatha agus Tuatha Dé Danann ag a milleadh
agus 'á marbhughadh. Do bhíodar mar do bheadh sgata caorach
ar mearbhall nuair do fágbhadh gan triath gan tighearna iad.
Ní dheaghaidh fear innste sgéil díobh as an gcath an lá sin.



Gidh gur bh' iad Tuatha Dé Danann rug buadh an chatha ba
dhian do-chuaidh comhrac an lae ortha. Do bhí mór-chuid díobh
marbh agus mór-chuid díobh i gcró-linntibh an bháis. Nuair
do cuireadh críoch leis an gcómhrac do cuireadh na gaisgidhigh
do leonadh go dtí Teamhair Luachra chun go gcuirthí ceiridhe
agus luibh íce le n-a gcneadhaibh.


L. 33


CAIBIDEAL A SEACHT.



Teacht na Féinne go Fionntráigh. Osgar na mBéimeann.
Cathughadh Fiann na Mumhan le Gréagaibh.



Do bhí Fionn mhac Cumhaill agus Fianna Éireann le linn
na haimsire sin ag Snámh Dá Éan ar an tSionainn agus
gan tuairisg ar bith aca ar na heuchtaibh do bhítheas do
dheunamh ar an bhFionntráigh thiar. Do bhíodar ag snámh
insa tSionainn nuair do-chonncadar chuca an Taisdealach
Treunmhór agus é ag teacht fé mhóir-dheithneas.



Ba bheus le Fionn, dá gcuireadh sé aenne uaidh ar lorg
sgeula, é féin do dhul chun cainnte ar dtúis leis an
teachtaire nuair d'fhillfeadh sé, chun, dá mbadh droich-sgeula
do-gheobhadh sé, go gcuirfeadh sé féin deallramh fóghanta
air nuair do bheadh sé ag a innsint do chách; agus, dá mbadh
deagh-sgeula do-chloisfeadh sé, go mbadh fheairrde a mhaith é
féin dá innsint. Tháinig sé i gcoinnibh an Taisdealaigh agus
d'innis seisean do sgeula na n-allmhurach i bhFionntráigh.



D'fhill Fionn thar n-ais mar a raibh maithe agus mór-uaisle
na Feinne agus ar seisean leo:



“A Fhianna Éireann,” ar sé, “is neamhní gach olc agus
gach leath-trom dá dtáinig riamh ar Éirinn seachas an ní seo
thárla anois di — an trom-chabhlach d'allmhurchaibh atá tagaithe
innti i gCuan Fionntrágha. Is mór an daoirse agus an
bhroid atá le fada agaibh-se, a Fhianna, ar mhaithibh agus ar
uaislibh Éireann. Is daor an Fhiann chosnamha sibh-se
d'fhearaibh Éireann le fada. Is mór a bhfuil de shéadaibh
agus de mhaoin, d'airgead agus d'ór fachta agaibh le fada,
agus is fada bhur saoire ó uaislibh Éireann. Níor chóra
dhaoibh an tsaoirse agus an réim sin d'fhagháil ná iad do
chosnamh daoibh féin anois.”


L. 34


Do mhionnuigheadar nach raghaidís céim ar gcúl ó'n
gcosnamh sin go bráth, agus má badh ghábhadh é, go gcaillfidís
an t-anam ag cosnamh saoirse agus réim fear n-Éireann.



Lá ar n-a mháireach do ghluaisigheadar rómpa 'n-a mbuidhnibh
diana dána thar Brugh Ríogh a dtuaidh agus go Ciarraighe
Luachra agus go Tráigh lí agus lámh chlé le Cathair Conraoi
siar go Sliabh Mis.



Do chuireadar fútha insan áit sin i gcóir na hoidhche agus
do thógbhadar a mbotha agus a mbeul-sgátha. D'fhaduigh-
eadar teinte agus d'ullmhuigheadar biadh agus d'itheadar é
Nuair do bhí an biadh caithte aca d'iarr maithe na Féinne ar
Fhionn a ordóg do chur fé n-a fhiacail agus tuar agus
tairngire do dheunamh dóibh, óir do bhíodh fios ag Fionn acht
a ordóg do chogaint. Do bhí leisge air é do dheunamh mar
ba mhór an pian d'fhulaingigheadh sé ag a dheunamh. Acht do
leanadar ar bheith ag tathant air agus do-rinne sé mar
d'iarradar air. Do chuir sé an ordóg fé'n bhfiacail. Do
chuir sé an fhiacail ó'n bhfeoil go dtí an cnámh, ó'n gcnámh
go dtí an smior agus ó'n smior go dtí an smúsach innti.
Annsin do fuair sé an fios.



“Tiocfaidh lá ar an áit seo fós,” ar sé, “go bhfeicfear
drong mhaol ann agus gan de chúram ortha acht ag moladh
an Tighearna Uile-Chomhachtaigh, an Té do chúm neamh agus
talamh, an ghrian agus an ré agus an t-aedhear, agus gach
ní iongantach atá insan aedhear. Beidh árus clog agus cill
insan áit seo go deireadh an domhain. Beidh an cath so
Fionntrágha lá agus bliadhain dá chur. Tuitfidh iomad daoine
ar gach taobh; acht ní bhfuaras fios cia aca sinn-ne nó na
hallmhuraigh do-gheobhaidh buadh an chosgair, mar thárla fuil
na hordóige eadram agus an smior.”



Do-chuaidh gach aenne i mbun a ghnótha féin annsin. Do
casadh Osgar agus Lughaidh agus Caoilte mac Rónáin ar a
chéile.



“Gluaisighidh liom-sa siar,” arsa Osgar, “go dtéigheam


L. 35


fé dhéin na laoch atá ag faireadh an chuain thiar. Feudfam
faobhar na n-arm do chur i bhfeidhm ar na hallmhurchaibh sul a
dtagaidh Fianna Éireann chugainn amáireach.”



Do ghluaisigheadar leo siar agus stad ní dhearnadar gur
shroicheadar an cuan. Ní raibh neach ar bith ar an tráigh mar
do bhí dorchadas na hoidhche ann fé'n am sin. Do shuidheadar
ar bruach na thrágha agus do mheasadar fanamhaint ann go
dtagadh an mhaidean ortha. Nuair do bhíodar suidhte tamall
tháinig fonn codalta ar Osgar.



“Fanaidh faram,” ar sé leis an mbeirt eile, “go
ndeinead neul beag codalta annso. Dob' fheairrde mé
é i gcóir an chatha amáireach.” Do léig sé a cheann fé agus
tháinig suan agus sámh-chodladh air. D'fhan an bheirt eile
fairis — duine ar a láimh dheis agus duine ar a láimh chlé.



Tráth éigin roimh éirghe an lae dubhairt Rí an Domhain
leis na taoiseachaibh dul i dtír agus creach do bhreith ar
ais chuige. Do phreabadar go fonnmhar, mar ba mhór an
fhuasgailt leo dul i dtír mar a bhfeudfaidís a gcnámha do
shíneadh, agus le racht an áthais do bhí ortha do chuireadar
liúgh asta. Nuair do-chualaidh lucht na long eile an liúgh sin
do phreabh gach fear aca agus do chuir liúgh as i n-árd a chinn
's a ghotha. Ní chualathas a leithéid de ghárthghail riamh roimhe
sin ná ó shoin i leith.



“Dar na Déithibh Árda,” arsa Caoilte, “do shiubhluigheas
an domhan mór; acht an oiread sin de ghuthaibh daoine ní
chuala 'san aon ionad riamh.”



Nuair do tógbhadh na gártha sin do dúisigheadh Osgar,
gidh nár bh' fhurus é do dhúiseacht aon uair. Do bhí
d'fhiadhantas agus de neart insa liúighrigh, agus tháinig sé
chomh hobann sin air go dtug sé léim as an áit 'n-a raibh
sé 'n-a luighe agus do-chuaidh de'n léim sin thar naoi
n-iomairíbh báin.



D'éirigh sé 'n-a sheasamh. Do chuimil sé bas dá shúilibh
agus d'fheuch sé uaidh ar an tráigh. Annsin do ghreamuigh sé


L. 36


sleagh bhriste thárla i n-aice leis ar an talamh 'n-a láimh chlé,
agus a chlaidheamh 'n-a láimh dheis agus do ghluais sé ar a
chroma-ruathar an tráigh siar d'ionnsaighe na n-allmhurach
do-chonnaic sé ag teacht i dtír. Ba chuma nó splannc
breac-lasrach a shiubhal, agus ba chuma nó torann tóirnighe
an fothrom do-rinne sé ag gluaiseacht. Do shroich sé na
hallmhuraigh sul a raibh a fhios aca cad é do bhí ag teacht,
agus nuair thárla sé ortha do tharraing sé an dá bhuille
ortha le n-a láimh dheis is le n-a láimh clé — leis an gclaidheamh
agus leis an gcleith. Dob' euchtach an dá bhuille iad. Ba
mharbhuightheach an dá iarracht iad. Buillí mór-thuinne mara
ar thráigh an dá bhuille sin. Ní tugadh riamh ó thúis an
domhain, ná ó shoin i leith, aon dá bhuille is mó do mhairbh
de dhaoinibh ná an dá threun-iarracht do tharraing Osgar na
mbéimeann ar shluagh Ríogh an Domhain le linn éirghe an
lae an mhaidean úd ar Thráigh Fionntrágha, óir do bhain sé
an t-anam as naoi naonbhair díobh.



Do-chualathas fuaim na mbuillí sin i gcéin is i gcomhgar.
Do-chualaidh Conncrithir agus Glas mac Dreamhain iad.
D'aithnigheadar nár bh' aenne saoghalta eile acht Osgar thug
riamh iad, agus nár bh' fhuláir nó gurab é do bhí ameasg na
n-allmhurach. Do ghluaisigheadar. Nuair thángadar i láthair
an chatha do chuir Osgar an ceathrar i gceithre ionad ar fuaid
na trágha, ionnus go ndéintí na hallmhuraigh do sgaipeadh
amach ó n-a chéile, agus do sgaradh.



Annsin thug sé féin fútha agus do ghabh sé tré n-a lár
agus é ag brisead agus ag brughadh agus ag gearradh ceann
agus corp agus geug díobh. Ba chuma nó tonn bhorb-
neartmhar é rabharta sgéithe Osgair ag gabháil trés na
slóghaibh sin ag a marbhughadh agus 'á n-éirleach. Thug sé ár
agus ruathar ortha, agus níor léig sé fear innste sgéil díobh
uaidh ar an láthair sin.



D'fhanadar mar a rabhadar go dtáinig solas na gréine.
Dob' é an cheud rud do-chonncadar, nuair rug an lá ortha,


L. 37


ná slóighte na Féinne ag teacht 'san áird anoir chuca agus
ag dul fé dhéin na rátha do bhí os cionn an chuain. Ráth
Fhionáin ainm na rátha sin. D'fhanadar ag an ráth nuair do
shroicheadar é. Annsin is eadh d'fhiafruigh Oisín d'Fhionn:



“A athair, a Fhinn,” ar sé, “an d'aon iarracht amháin do
chuirfeam cath ar na hallmhurchaibh?”



“Ní headh, a mhic,” ar Fionn, “mar, dá ndéinimís sin
agus dá dtéighimís chun troda leo go léir i n-éinfheacht do
mharbhóchaidís sinn uile, óir is líonmhaire go mór a slóighte
siúd ná sinn-ne; agus níor bh'fhios uasal seachas íseal againn
insa chath dá dtéighimís d'aon mhór-bhuidhin ann. Téigheadh mac
ríogh nó taoiseach Féinne éigin againn-ne gach lá chun mac
ríogh nó taoiseach éigin dá sluagh sin do throid. Cuirfead-sa
tosach caol agus deireadh leathan ar mo chath.



Ná deargadh aenne agaibh-se bhur n-airm acht ar dhuine
éigin de mhaithibh nó d'uaislibh an tsluaigh sin ar dtúis, óir
nuair thuiteann an ceann feadhna is usaide a mhuintir do
ruagadh agus do dhíthiughadh.”



D'fheuch Fionn timcheall air ar a thaoiseachaibh Féinne.



“Cia agaibh do sheasóchaidh cath an lae seo?” arsa Fionn.



“Do-dheunad-sa, a Rígh-fhéinnidh,” arsa Fionn mac Cabháin,
Rígh-fhéinnidh Fiann na Mumhan, “mise agus an Fhiann
Mhuimhneach im' theannta.”



“Ní raghair, a mhic,” do ráidh Fionn mhac Cumhaill, “mar
nach fuil seun catha ort-sa indiu, agus níor chuireas-sa duine
riamh i gcath nuair do bheadh a fhios agam nach fillfeadh sé
slán as.”



Níor thaithnigh an chainnt sin le Fionn mac Cabháin, mar
gur cheap sé gur le mío-mhuinghin as féin nach léigfeadh Fionn
insa chath é; acht níor bh' eadh, acht a fhios do bheith ag Fionn
mhac Cumhaill go maith, dá dtéigheadh Fionn mac Cabháin ag
comhrac an lá sin, nár bh' é a leas do-dheunadh sé. Acht ní
raibh mac Cabháin sásta.



“Is iongnadh liom tú dom' cháineadh, a Fhinn,” ar sé.


L. 38


“Ní heol dom go dtuillim an aithis sin ós comhair fear
n-Éireann. Dá bhfaghainn ór agus ollmhaitheas an tsaoghail
ní raghainn ar gcúlaibh, ná ní dheaghas riamh, ó aon chath; agus
ní dheunad anois leis é pé droch-fháistine do-dheunthá-sa dom.
Is domh-sa is córa dul chun catha leo-san ar dtúis, mar is
im' dhúthaigh-se do-rinneadar an cheud ghníomh foghla.”



“Is truagh nach déineann tú rud orm,” ar Fionn, “acht
beatha duine a thoil, bíodh gur bh' é a aimhleas é. Tuitfir-se
agus do chéile comhraic le chéile, pé duine de ríghthibh an
domhain do thiocfaidh id' choinnibh indiu.”



Annsin do chuaidh Glas mac Dreamhain ag fógairt catha ó
Fhionn mhac Cabháin ar Rígh an Domhain.



“Cia hé do fhreagróchaidh cath do mhac Cabháin dom?” arsa
Dáire Donn.



“Mise chuige, a Rí,” arsa Mairghréag Rí Gréag.



Tháinig sé i dtír agus trí cheud Gréag le n-a chois.
D'innis Glas mac Dreamhain d'Fhionn mhac Cabháin go rabhthas
chuige. Annsin d'éirigh Fionn agus a bheirt mhac, Follamhain
agus Maine agus an Fhiann Mhuimhneach 'n-a bhfochair agus do
ghluaisigheadar go bríoghmhar i n-aghaidh na nGréag. Thárla
Fionn mac Cabháin agus an Rí ar aon láthair agus thugadar
comhrac dána danardha dá chéile. Insa ghrásgar dóibh thug
Rí Greug sáthadh marbhuightheach dá chraoiseach cátha do mhac
Cabháin. Do chuaidh an t-arm tré n-a chorp agus tré chnámh
a dhroma gur bhris sé é.



Níor léig Fionn an buille sin i n-aisgidh le Mairghréag.
Do chuir sé neart a chuirp agus fuinneamh a ghéige agus a
dhíoghaltas i n-aon bhuille mhór amháin agus do sháith sé a shleagh
de'n iarracht sin trés an éideadh iarainn agus trés na
seacht léintibh fichead do bhí mar dhíon ar a chorp, agus
tré n-a chroidhe siar ag Mairghréag. Do thuit an bheirt laoch
bonn le bonn agus beul le beul ar an tráigh.



Tugadh claidheamh Fhinn chun na rátha mar a raibh Fionn mhac
Cumhaill agus do hinnseadh do gur marbhuigheadh mac Cabháin.


L. 39


“Is truagh liom,” arsa Fionn, “Fionn mac Cabháin do
thuitim, óir dob' é dob' fhéile d'uaislibh Éireann. Níor
imthigh aenne riamh mío-bhuidheach ó n-a dhún súd. An dream
nach faghadh aoidheacht seachtmhaine im' dhún-sa nó i ndún
Chormaic mic Airt, do-gheobhadh sé aoidheacht bliadhna ó
Fhionn mhac Cabháin. Glaodhtar chugainn ar Follamhain go
dtugam ainm a athar air, ionnus nach beadh Teamhair Éireann
gan Fionn mac Cabháin ann.”


L. 40


CAIBIDEAL A hOCHT.



An sgeimhleadh thug Goll Garbh mac Ríogh Alban do shluagh
Tíre Éirghe Gréine.



“Cia do raghaidh chun catha indiu?” arsa Fionn ar éirghe
an lae lá ar n-a mháireach.



“Raghad-sa ann,” ar Goll Garbh mac Ríogh Alban. Do
bhí seisean le fada roimhe sin dá oileamhaint ag inghin Ghoill
mic Mórna, agus do bhíodar sin araon agus ar mhair de
Chlannaibh Mórna fara Fionn le tamall roimhe sin. Ba
bheag de phríomh-laochaibh na treibhe sin do bhí 'n-a mbeathaidh
le linn na haimsire sin acht Conán Maol amháin. Ba mhaith é
gaisgeadh Chonáin insa chath. Do bhí droch-theist air le holcas
a theangan, mar gur mór do-ghníodh sé de thoirmeasg agus
de bhuaidhirt le baoith-bhriathraibh a bhéil. Ba bheag do-ghníodh
sé riamh de mholadh acht ag síor-cháineadh cách. Dob' é fear
millte agus mór-bhuaidheartha gacha cuideachtan é. Droich-
thréith eile do bhí ann, go mbíodh sé do shíor ag tabhairt na
mionn agus na móidí. Is de sin tugadh Conán Maol na
Mallacht air.



Is annsin d'éirigh Goll Garbh amach agus tháinig fraoch
nimhneach catha agus gaisgidh air. Dob' uathbhás an deallramh
tháinig ar a dheilbh agus a ghné. Tháinig dathanna iongantacha
ar a aghaidh. Le linn na buile uilc sin do theacht air, d'éirigh
gach ruainne dá chuid gruaige 'n-a choilg-sheasamh go mbadh
dhóigh leat go bhfanfadh ubhall i n-áirde ar gach ribe dhi.
Do shúigh sé a shúil chlé siar isteach go cúl a chínn. Do
las is do mheuduigh an tsúil dheas go raibh sí chomh mór le
dorn fir, nuair do-chonnaic sé na hallmhuraigh chuige ar an
tráigh.


L. 41


Triúr ríghthe Tíre Éirghe Gréine i n-oirthear an domhain
tháinig i dtír an lá sin — Duibhcheartach mac Fíormhaise,
Muillean mac Fíorlúith agus Cuilleann mac Faobharghlais,
agus trí catha cóirighthe le n-a gcois.



Do-chuaidh Goll Garbh fútha agus tríotha agus thársa mar
d'imtheochadh caor theine, nó mar d'imtheochadh faolchú tré
threud caorach. Do-rinne sé sgrios nimhe ortha; agus
aenne do-chíodh a aghaidh agus an chuma uathbhásach do bhí air,
ní fheudaidís feuchaint air an ath-uair le méid na feirge agus
na fíochmhaire do bhí ann. Do-rinne sé ár agus éirleach
ortha agus ba mhó do bhí marbh díobh ná beo. Do bhí a gcuirp
dá ngonadh agus a ngeuga dá mbaint díobh, ionnus go
rabhadar dall caoch ó'n ngreadadh do fuaradar. D'imthigh
a n-acmhuinn agus a gciall le méid an mhearbhaill do bhí
ortha.



D'iarradar sos comhraic ar Gholl chun go ndeinidís
comhairle. “Cáirde le comhairle” thugadar ar an sos sin.
Thug sé an cháirde dhóibh. Do-chuadar i gcomhairle le chéile
d'fheuchaint cad dob' fhearr dóibh do dheunamh chun claidheamh
Ghoill do chosg. Ba bhuaidheartha an chomhairle í. Ní dearnadh
mórán cainnte ann, acht do bhí fuinneamh leis an méid
do-rinneadh di, agus mí-fhoidhne. Dob' é críoch an sgéil gur
socruigheadh eatortha a dtrí ríghthe féin do chur i ngéibhnibh
agus iad do thabhairt do Gholl Garbh chun faobhar a chlaidhimh
sin do chur díobh féin. Do rinneadar amhlaidh leo, pé aca
do thaithnigh sé leo-san nó nár thaithnigh, agus d'fhilleadar,
an méid díobh go raibh ionnta siubhal, ar bórd a loingeas.
Do chríochnuigh sin cath an lae sin.


L. 42


CAIBIDEAL A NAOI.



Cathughadh Clainne Baoisgne le lucht na Frainnce agus mar
do theich Bolcán insan aedhear go Gleann na nGealt.



“Cia do-gheobham chun cath do chur indiu?” arsa Fionn
mac Cumhaill ar maidin lá ar n-a mháireach.



“Sinn-ne,” arsa Oisín agus Osgar, a mhac, “agus maithe
Clainne Baoisgne 'n-ár dteannta. Is sinn-ne is fearr
cuid d'aoibhneas agus de shaidhbhreas Éireann agus is dúinn
is córa í do chosnamh.”



“Is olc bhur gciall,” adeurfadh na ríghthe agus na huaisle
atá ann isna haimsearaibh seo, dá mbeidís ag éisteacht leo
an lá úd ag rádh na cainnte sin. “Cad é an tairbhe dhaoibh
nó cad é an subhachas do bhainfidh sibh as bhur gcuid saidhbhris,
má tá sé de dhíthcéille oraibh dul i mbaoghal bhur marbhuighthe
dá chosaint? Fanaidh cois baile ar bhur sáimhín sógha mar
sinn-ne. Feuch! is sinn-ne is fearr cuid d'aoibhneas agus
de shaidhbhreas an domhain acht ní théighimíd dá chosnamh ar
chor ar bith. Cuirimíd lucht an mhí-áidh agus lucht an
bhochtanais agus lucht an chruadhtain ann chun an chosaint sin
do dheunamh dúinn. Mo thruagh mhór gan bhur gciall sibh!
Fanaidh i mbun bhur suaimhnis.” Is mór an gheuraidheacht atá
tagaithe do dhaoinibh ó aimsir Oisín is Osgair!



Do-chuaidh Glas mac Dreamhain ag triall ar Dáire Donn
ag fógairt catha air ó Chlannaibh Baoisgne.



“Cia do fhreagróchaidh Clanna Baoisgne?” arsa Dáire
Donn.



“Freagróchad-sa iad,” arsa Bolcán Rí na Frainnce.
“Is dómh-sa is córa dul chuca agus díoghaltas do bhreith


L. 43


ortha. Is chuig Clannaibh Baoisgne seachas aon treibh eile
i n-Éirinn atá olc agam-sa. Is é Fionn d'fhuaduigh mo
bhean-sa agus m' inghean. Is iad a chlann agus a mhuintir
atá rómham ar an tráigh agus do-dheunad an t-olc do-rinne
Fionn orm do dhíoghailt ortha-san. Tabharfad an bás do
gach n-aon do bhaineas leis agus, annsin, marbhóchad é féin
mar, nuair gearrtar geuga an chrainn, ní deacair an crann
féin do threasgairt.”



“Badh mhaith an gníomh an ní sin do dheunamh, leis,” arsa
Dáire Donn.



Tar éis na cainnte sin tháinig Bolcán i dtír agus ceithre
catha móra 'n-a theannta. Do bhrúchtadar an dá shluagh i
n-aghaidh a chéile go borb agus go teann agus go droch-
fhuadrach. Do-chuadar i n-achrann 'n-a chéile agus do
chromadar ar a chéile do thnáthadh agus do bhualadh agus do
dhalladh. Do bhíodar ag liuighrigh agus ag béicigh, agus do-
chualathas isna Tíorthaibh Tuadha an gheoin agus an fothrom
agus an ghárthghail do bhí ar siubhal ag na gaisgidheachaibh sin.
Thugadar milleadh agus leadradh agus luath-bhás dá chéile. Do
luaisg an mhuir agus do chriothnuigh an talamh fé na gcosaibh.
Do réabadh mór-charraigeacha na trágha mar do-dheunadh díle
mhór an domhain é, mar fhiadhnaise ar olc agus ar uathbhás na
huaire sin.



Thug Osgar sgiúird ameasg catha d'allmhuraibh agus ba
chosamhail é le garbh-eas na habhann ag sgéitheadh le fánaidh
de dhruim sléibhe, nó le ruathar breac-lasrach teine ag
imtheacht le gaoith ameasg fionnáin agus fraoich agus aitinn,
nó le tuinn taobh-uaithne torann-mhóir mara ag a stealladh
féin ar réidh-thráigh agus ag sguabadh grin agus mion-chloch
roimpi le méid a neirt agus a fuinnimh. Thug sé sgaipeadh
ortha agus sgeimhleadh agus sgannradh.



Níor bh' fhada dhóibh ag cathughadh nuair thárla Oisín agus
Bolcán Rí na Frainnce ar a chéile. Do ghreamuigheadar a
gclaidhmhte agus do ghabhadar go dian agus go díoghbhálach ar


L. 44


a chéile. Do-rinneadar comhrac feidhm-láidir fraochda ar
feadh aga agus aimsire go dtí i gcríoch an sgéil go raibh
an cath ag dul ar Oisín. Do bhí sé ag tréigean a neirt
agus a bhríghe agus ba bhaoghal do Bolcán dá mharbughadh.



Do bhí mac le hOisín ag feuchaint ortha. Oisín ainm an
mhic sin. Ba mhór leis an cruadhtan do bhí ar a athair.
Tháinig sé dá fhóirthint. Tug sé buille do Bholcán. Thug
Bolcán buille i n-aisíoc dó. Do bhí Oisín óg i gcró-linntibh
báis i ndiaidh an bhuille sin; agus le n-a linn sin, do
fhreagair Bolcán comhrac do Oisín mac Fhinn agus do
mheuduigh an cruadhtan air.



Do chonnaic beirt mhac eile le hOisín an cleas sin dá
dheunamh ar a ndearbhráthair agus an greadadh do bhítheas do
thabhairt dá n-athair. Tháinig an bheirt aca chuige agus d'ionn-
suigheadar an t-allmhurach — duine aca ar gach taobh de; acht
an córughadh thug sé do'n dearbhráthair, thug sé an ní ceudna
dóibh súd, agus 'n-a theannta sin, do bhain sé cnead as
Oisín le n-a dhéine do ghread sé é.



Tháinig Mac Lúghdhach d'fhóirthint ar Oisín; acht níor bh'
fheáirrde Oisín é do theacht, agus ba mhisde Mac Lúghdhach
go dtáinig sé.



Tháinig trí caoga laoch de Chlannaibh Baoisgne, acht ba
bheag an chabhair do Oisín sin. Do ghoin gach n-aon díobh an
t-allmhurach acht ní gan ghoin bháis d'fhagháil uaidh i n-aisíoc,
agus do bhain sé cnead agus osnadh cléibh eile as Oisín.



Do-chualaidh an túr nár leagadh, an leomhan feirge, an
nathair nimhe, an onchú chatha, an tonn rabharta, an “brath
thar bruachaibh,” an fear marbhuighthe ceud, an gaisgidheach
nár sáruigheadh riamh is nach tug céim ar gcúlaibh roimh duine
ná roimh sluagh — Osgar mac Oisín an chnead sin agus
d'aithnigh sé gur bh' é cnead a athar é. Do bhí a fhios aige
gur mór an cruadhtan do bhainfeadh cnead mar sin as Oisín.
Do ghluais sé. Dob' é sin an ghluaiseacht uathbhásach. Tháinig
sé ar feadh na trágha 'n-a fhearg-ruathar reatha. Ba chosamhail


L. 45


le torann crúb caogad capall, agus iad i gcómh-rás is i
gcomh-chéim le chéile, an fothrom agus an fhuaim agus an
criothnughadh do bhain Osgar as an tráigh agus é ag teacht
fé dhéin a athar. Aenne de na hallmhurchaibh do chonnaic é
ní dhearna sé acht a airm do radadh uaidh agus bheith ag baint
na long nó taobh an chnuic amach ar a dhícheall.



Do-chonnaic Bolcán chuige é. D'aithnigh sé gur ag triall
air féin do bhítheas ag teacht. Do dhubhuigh is do ghormuigh
aige. D'iompuigh a líth ann. D'athruigh a dhealbh go léir.
Do sgéidh a chalmacht is a ghaisgeadh as. Tháinig sgannradh
agus bailli-chrith air. D'fheuch sé 'n-a thimcheall. Ní raibh
aon duine ann ná aon ní do thiubhradh congnamh ná cabhair
dó, agus do bhí Osgar ag druidim leis go bagarthach agus
go droch-fhuadrach. Do cheap sé nach raibh i ndán dó acht an
bás muna n-éirigheadh sé insan aedhear nó insa bhfiormamaint
i n-áirde. Tháinig an liath-bhuidhe le hanaithe na huaire sin
air. D'fheuch sé i n-áirde ar na sgamallaibh agus do
smaoinigh go mbadh dhíon dó iad dá mbeadh sé 'n-a measg.



Tháinig eudtromacht céille air le heagla an sgeimhlidh do
bhí 'n-a chóir. Thug sé léim as a chorp agus d'imthigh le
gaoith agus le gealtacht as amharc slóighte an domhain agus
fear nÉireann, agus ní dhearna sé sos ná comhnaidhe go
ndeagha sé go Gleann na nGealt.



Do thóg slóighte an domhain trí ollghártha ag cáineadh
meathtacht an ghnímh sin, agus do thóg Fianna Éireann trí
gártha maoidhimh agus buaidhe.


L. 46


CAIBIDEAL A DEICH.



Comhrac Clainne Baoisgne leis na Garbhaibh agus iomrasgáil
Oisín le mac Ghairbh mhic Tachair.



D'fhan an sgeul ar an gcuma sin go dtáinig dorchadas
na hoidhche. Annsin adubhairt Fionn:



“Is cúmhach cráidhte atá Rí an Domhain anocht,” ar sé,
“agus is maith an dóigh go mbeidh fonn air tabhairt fúinn
i gan fhios anocht, muna dtugam aire dhúinn féin, d'fhonn
sásamh do bhaint dínn mar gheall ar ár an lae seo.
Caithfear duine éigin do chur ag faireadh an chuain anocht.
Cia agaibh do raghaidh ann?”



“Fanfad-sa i mbun an chuain anocht,” ar Oisín, “agus
an dream ceudna do bhí ag cur catha faram indiu im'
theannta. Ní mór dúinn, ar a luighead, lá go n-oidhche do
chaitheamh ag troid thar cionn Fiann nÉireann.”



Thángadar go dtí an cuan.



Ba mhaith an mhaise d'Fhionn go ndearna sé deimhin dá
dhóigh, óir le linn dó bheith ag cainnt le hOisín is eadh
adubhairt Dáire Donn:



“A fheara an domhain,” ar sé, “ní maith an seun catha
do bhí indiu oraibh. Níor bheag de dhonas an lá do dhul
orainn, acht do tharraing meathtacht agus mío-laochas mo
mhuintire insa chath indiu aithis agus sgige Fiann nÉireann
ortha. Caithfear deireadh do chur leis an sgige sin.
Caithfear a mhalairt de dheallramh do chur ar an gcath.
Téigheadh buidhean éigin agaibh i dtír anocht, agus tugaidís
amus long-phuirt i gan fhios insa doircheacht ar Fhiannaibh.
Éireann.”


L. 47


Is iad an bhuidhean tháinig i dtír naoi mic Ghairbh mic
Tachair; Donn Mara; Tarrang Treun; Lonnmhar; Lodra;
luchra; Troigh-leathan; Tola; Tomna agus Dolar Durbha
Rí Mara n-Iocht. Tháinig sé ceud deug fear de shluagh
leo. Thángadar go léir i dtír acht Dolar Durbha, an té
ba shine.



Ní slán do bhíodar ar an tráigh nuair d'ionnsuigh Clanna
Baoisgne iad. Ní raibh aon choinne aca go mbeithfidhe ag
feitheamh leo acht, ar a shon sin, thugadar aghaidh go calma
ar Chlannaibh Baoisgne. Do chrom an dá shluagh ar a chéile
do leadradh agus do leonadh. Do bhainidís na geuga anuas
ó'n ngualainn dá chéile. Do bhainidís fuil as cliathánaibh a
chéile le n-a gclaidhmhtibh agus le n-a gcraoiseachaibh agus
ba bheag an chaoi do thugaidís dá chéile nuair do bíodh a
cinn bainte dá chéile aca. Níor staonadar de'n tuargain
sin go rug solas na maidne ortha.



Nuair tháinig an mhaidean ní raibh ar a gcosaibh de'n dá
shluagh d'fheud airm ghaisgidh do bheartughadh, acht triúr de
chlainn Ghairbh agus Oisín agus Osgar. Ní druidim ó n-a
chéile do-rinne an cúigear sin. Níor dhruideadar; acht do
bhrúghadar isteach ar a chéile níos déine agus níos sanntaighe.
Thug beirt de chlainn Ghairbh aghaidh ar Osgar agus do fágbhadh
Oisín fé'n tríomhadh fear.



D'éirigh cuthach feirge ortha uile. Ba chruaidh colgánta an
comhrac do rinneadar gidh go rabhadar go tinn agus go
tuirseach agus go sáruighthe ó chathughadh an lae roimhe sin
agus na hoidhche. D'imir Osgar bás ar a bheirt féin agus
ní mór an mhairg do chuireadar air, óir fear comhlainn ceud
dob' eadh é.



Nuair do-chonnaic Oisín an ní sin ba lag leis gan an
cleas ceudna dá dheunamh ar a chéile comhraic aige féin.
Ní raibh de neart ann, ámh, acht é féin do chosaint ar lag-
iarrachtaibh an duine eile, óir do bhíodar araon go cortha
cráidhte ó'n gcomhrac. Do bhí a ndóirne loisgthe ataithe ó


L. 48


láimhsiughadh na n-arm. Níor bh' fhéidir dóibh a thuilleadh
dochair ná díoghbhála do dheunamh dá chéile an uair sin.



Níor shásaimh sin iad. D'éirigheadar mí-fhoidhneach chun a
chéile. Do radadar uatha a n-airm agus a sgéithe agus
rugadar isteach ar a chéile. D'fháisgeadar a lámha ar
chaolaibh droma a chéile agus thugadar cor agus stracadh dá
chéile. Do bhíodar ag ionnfairt is ag fuirseadh is ag
cneadaigh. Do-rinneadar réabadh ar an tráigh agus ar
ghainimh na trágha. Má b' fhiú teacht chun troid nó comhrac
ar bith d'fheicsint riamh, dob' fhiú teacht ó oirthear an domhain
go hiarthar an domhain chun an iomrasgáil sin d'fheicsint.
San ionnfairt dóibh thug an t-allmhurach stracadh d'Oisín
síos chun na fairrge. Do cheap sé, dá mbeadh Oisín insa
bhfairrge aige, go bhfeudfadh sé é do mhúchadh, óir do mheas
sé go mbeadh Oisín ar mío-chomhthrom aige insan uisge ar
mbeith dó féin 'n-a shnámhaidhe cumasach. Acht ní dhearna
Oisín acht stracadh feidhm-láidir eile do bhaint as an
allmhurach do chuir thar leath na trágha síos é.



Mar sin dóibh agus gach re stracadh aca ar a chéile go
rángadar insan uisge. Amach leo insa bhfairrge agus an
iomrasgáil do bhí ar siubhal i dtír aca do bhí sé ar siubhal
insa bhfairrge aca, d'iarraidh a chéile do threasgairt is do
chur fé uisge agus do bháthadh. Do thuitidís i mullach a chéile
agus do théighidís go grean is go grinneall na mara síos
agus do bhídís ag fuirseadh agus ag útamáil le chéile thíos.
Ní fheictí aon chomhartha ortha tamall acht an fhairrge ag
imtheacht 'n-a steanncánaibh is 'n-a cubhar is 'n-a ceathannaibh
i n-áirde insa spéir uatha. Do théigheadh an t-sáile isteach
'n-a mbeulaibh is 'n-a srónaibh is 'n-a súilibh agus do bhídís
go leath-mhúchta agus go leath-bháithte agus go leath-chaoch nuair
d'éirighidís aníos arís. Nuair d'éirighidís, do bhíodh an
tsáile aca dá stealladh as a mbeulaibh agus as cuasaibh a
srón agus iad ag cneadaigh agus ag casachtaigh d'iarraidh a
n-anál do tharrang. Acht ní théigheadh aon staonadh ar an


L. 49


saothar aca ná ní bogtaí de'n ghreim aca ná ní luigheaduighthí
ar dhéine na hiomrasgála aca. Do bhí an t-sáile agus an
ghainimh measgaithe suaidhte tré n-a chéile aca agus iad ag a
gcaitheamh thall is a bhfus uatha 'n-a tonnaibh is 'n-a tulcaibh.



Do bhí sluaighte an domhain agus iad i n-áirde isna seol-
chrannaibh agus iad ag faireadh ortha. Do bhí Dáire Donn
ag faireadh ortha. Do bhí Fionn agus Fianna Éireann ag
faireadh ortha. Ní raibh focal as aenne acht gach duine ciúin
ciúin. Do bhí fabhraí súl gacha duine crapaithe chun a chéile.
Do bhí fadhairt 'n-a súilibh. Do bhí a ndóirne fáisgthe aca
ar chrannaibh a sleagh. Do bhí a bhfiacla dlúithte aca chun a
chéile. Do bhí greim ar an gcroidhe aca le mío-fhoidhne agus
le himshníomh.



Do lean an dá ghaisgidheach de'n iomrasgáil agus de'n
tnáthadh, acht ní raibh an fear maith ag aenne aca ar an
bhfear eile, ná ní raibh neart i nduine aca seachas an duine
eile. Ba chrádh croidhe leis an bhFéinn Oisín do bheith insa
chruadhtan sin. Do bhí an croidhe dá shnaoidhe ag Fionn féin.



“Éirigh-se go dtí an cuan, a Fhearghuis Fhinnbhéil,” ar
Fionn,” agus gríosuigh Oisín agus mol é, ionnus go ndéinidh
sé calmacht nó is baoghal dó an lá do dhul air.”



Do-chuaidh Fearghus go dtí beul na tuinne.



“A anam, a Oisín!” do ráidh Fearghus, “is maith an
comhrac é sin dá dheunamh agat. Mo ghrádh thú, agus neart
do gheug agus cumas do chuirp. Ba dhual sinnsear duit
an gníomh mór agus an gníomh gaisgeamhail. Mo ghrádh do
chor agus do chleas iomrasgála! Is mó duine mar fhínnithibh
ar do chalmacht. Tá Fianna Éireann gur maith is eol dóibh
cheana do thréithe agus do threise. Tá slóighte allmhurach do
leathfaidh do chlú is do cháil ar fuaid an domhain. Cuimhnigh
a Oisín na mBéimeann, ar do chathaibh agus ar do throdaibh,
agus ar na buadhaibh do rugais led' ghaisgeadh agus led'
thréine.”



Do chuimhnigh Oisín ar na beartaibh sin agus do chuir an


L. 50


cuimhne sin agus gríosughadh Fhearghuis misneach mór air.
Tháinig árdughadh aigne agus meudughadh meanman dó agus
do dhún sé a dhóid-lámha daingeana ar chaol a chuirp ag an
allmhurach agus rug leis síos fé'n bhfairrge é agus thug
a dhrom le grean agus a bheul i n-áirde agus níor léig
aníos é gur sgar a anam le n-a chorp. Thug sé leis i dtír
annsin é agus do bhain an ceann dá cholainn agus tháinig
sé féin go maoidhteach mordhálach mar a raibh Fianna
Éireann.



Acht níor chuir sin críoch le cathughadh an lae sin.


L. 51


CAIBIDEAL A hAONDEUG.



An mór-sgrios do-rinne Dolar Durbha ar an bhFéinn agus
na cleasa lúith do-rinne sé ar an tráigh.



Ní slán do bhí an ceann bainte dá dhearbhráthair nuair
d'éirigh Dolar Durbha. Tháinig sgeun buile air le fíochmhaire
agus le feirg agus le fonn díoghaltais mar gheall ar an
ídiughadh tugadh ar a bhráithribh. Ba chuma leis bás nó beatha
'n-a ndiaidh. Do labhair sé le Dáire Donn. Ba gharg a
ghuth agus a uchtach.



“A Rí an Domhain,” ar sé, “is truagh dhuit nár léig
mise chuig Fiannaibh Éireann i dteannta mo dhearbhráthar.
Dá mbeinn féin 'n-a bhfarradh níor bhaoghal dúinn Fianna
Éireann d'ár marbhughadh. Acht do-dheunad-sa ár mo
mhuintire do dhíoghailt ortha go maith. Marbhóchad-sa ceud
fear díobh i n-aghaidh an lae go mbeidh an duine déidheanach
aca ídighthe agam; agus fógraim ort-sa, a Rí,” ar sé, agus
do bhí cubhar le n-a bheul ag a rádh, “má dhéineann oiread
is caonthaidhe aonair de shlóghaibh an domhain a airm do
dheargadh ar dhuine ar bith dhíobh súd do mhairbh mo mhuintir-se,
do-dheunad-sa bás agus giorrughadh saoghail d'imirt ar an
duine sin.”



Ní dubhairt Dáire Donn aon ní. Do-chonnacthas dó go
raibh an fhearg os meodhan ar an bhfear mór. Sin é do bhí
uaidh. Badh mhaith leis go dtroidfeadh gach duine dá
mhuintir le toil agus le dúthracht, le fíochmhaire agus le
buirbe. Dob' é a bhuac dá gceapadh gach dhuine aca go
raibh cúis amuigh aige féin ar Fhiannaibh Éireann. Badh chuma


L. 52


le Dáire Donn cad é an léan do bhainfeadh d'aenne aca
acht go mbeadh a mhaith deunta. Badh chuma leis cad é an
chrích d'imtheochadh ar Dholar Durbha. Ní gan díothughadh mór
ar Fhiannaibh Éireann do bainfidhe an ceann de. Do bheadh
a mhaith deunta agus níor bh' fhearr 'n-a bheathaidh é.



Do ghluais Dolar Durbha i dtír agus d'iarr sé comhlann
ceud ar an bhFéinn. Nuair do-chualaidh Fianna Éireann an
fógradh sin do gháireadar agus do bhíodar ag magadh agus
ag fonómhaid. Do mheasadar gur “buaileam sgiath” fir
do bhí aca. Do bhí dearmhad ortha.



Do rith ceud de'n bhFéinn síos ar an tráigh. Ba ghearr
go dtáinig an magadh go leabaidh an dáiríre aca. Nuair
thángadar i ngiorracht dó thug sé fogha fútha agus ba
chosamhail le gníomharthaibh leomhain feirge na gníomhartha
do-rinne sé ortha. Do mhairbh sé gach aenne riamh díobh agus
ní ráinig sgrabhadh ná rian fola air féin. Do-rinne sé carn
dá gceannaibh agus dumha dá gcorpaibh agus fadhb-charn dá
n-éidíbh agus dá n-armaibh.



Ní túisge do bhí an méid sin deunta ag an allmhurach
ná do chaith sé dhe a éideadh catha agus do chuir sé culaith
shlíoc shleamhain mhaiseamhail air féin. Rug sé ar a chamán
agus ar a liathróid. Do bhuail sé buille dá chamán insa
liathróid ó iarthar na trágha soir agus do ghabh sé 'n-a
dheas-láimh thoir í sul ar thúirling sí ar an tráigh. Do bhí sé
i n-oirthear na trágha roimpi de bharr reatha. Do-rinne sé
an cleas ceudna arís thoir agus do ghabh sé an liathróid
'n-a láimh sul ar thúirling sí ar an tráigh thiar.



Do chaith sé a chamán uaidh annsin. Do chuir sé an
liathróid ar a throigh agus thug sé sgiúird reatha ar feadh na
trágha agus é ag breith na liathróidhe leis ó throigh go troigh,
gan lámh do bhualadh uirthi ná ise do bhaint le talamh, agus
eisean ag imtheacht ar nós na gaoithe.



Ar an gceann thoir de'n tráigh do chuir sé an liathróid
ar a leath-ghlúin agus thug ruathar reatha ar feadh na trágha


L. 53


siar agus é ag cur na liathróide ó'n nglúin go chéile. Níor
léig sé ar an tráigh í ná níor bhuail sé a lámh uirthi ar-feadh
na slighe.



Do chuir sé an liathróid ar a ghualainn, annsin, agus do
chuir sé an tráigh arís de go tapaidh agus go troigh-eudtrom
agus an liathróid ag léimeadh thar a cheann ó ghualainn go
ghualainn, agus ba chosamhail le caor theine é féin ag
imtheacht ó cheann ceann na trágha.



Do stad sé.



“Mo dhubhshlán fé Fhiannaibh uile na hÉireann na cleasa
sin atá deunta agam-sa do dheunamh,” ar sé.



Do phreab Osgar agus mac Lughdhach chun go ndeinidís iad.



“Fóil oraibh, a óglacha,” arsa Fionn mhac Cumhaill. “Ní
dearna aenne de mhuintir na hÉireann na cleasa sin riamh,
ná ní dheunaidh choidhche, acht an t-aon triúr amháin: Lúgh mac
Eithleann do-rinne i gcath Muighe Tuireadh iad, agus
do-rinne Cúchulainn i dTailtin iad, agus tiocfaidh óglach
eile de Chonnachtaibh do-dheunaidh iad.”



Do-chuaidh an t-allmhurach chun a luinge i gcóir na hoidhche.
Lá ar n-a mháireach tháinig sé arís agus d'iarr sé comhrac
ceud. Níor phreab aenne go fonnmhar chun dul dá
ionnsaighe agus dob' éigean é do chur ar chrannaibh
d'fheuchaint cia do raghadh ann. Níor bh' eagla gan adhbhar
aca é, agus níor locht ortha an righneas agus an leisge,
óir ní tháinig duine de'n cheud sin as an gcath tráthnóna
chun sgeula d'innsint. Do mhairbh sé iad uile agus do-
chuaidh sé ar bórd na luinge i gcóir na hoidhche.



Tháinig Dolar Durbha arís ar an tráigh lá ar n-a mháireach
agus ní fheaca an Fhiann chuca riamh duine ba lugha ortha ná é.
Ba dheacair leo an crannchur féin do chur. Acht dob' éigean
duine éigin do chur chuige. Do-rinneadh an crannchur agus
do toghadh ceud laoch le dul dá chomhrac. Ba dhiombádhach
do bhí an ceud sin. Do bhí a fhios aca nach raibh i n-áirighthe
dhóibh acht an bás. D'fhágbhadar slán fada ag a muintir


L. 54


agus do-chuadar go trom-chroidheach agus go duairc fé dhéin
an allmhuraigh uathbhásaigh.



Do bhí Dolar Durbha ag feitheamh leo ar an tráigh.
Nuair do-chonnaic sé chuige iad do-chuaidh sé ar a chrom-
ruathar fé n-a ndéin. Do bhí de mhéid a fheirge nach rug sé
arm ná eile leis. Rug sé ar chaolaibh a chos ar dhuine aca.
Do bhain sé casadh insan aedhear as agus do bhuail buille
marbhuightheach de ar an bhfear ba ghiorra dhó gur mhairb é
de'n iarracht sin.



Do leag sé gach duine de cheud an lae sin ar an gcuma
sin. Nuair do bhí an méid sin deunta aige do chuir sé liúgh
buaidhe as, mar ghéim thairbh thána, i n-árd a chinn 's a ghotha
ag maoidheamh an ghnímh do bhí deunta aige. Annsin do-chuaidh
sé ar bórd na luinge.


L. 55


CAIBIDEAL A DÓ-DHEUG.



Teacht Mic Ríogh Uladh fé dhéin an chatha. A choimheasgar
agus a chomhthuitim le Dolar Durbha.



Do bhí iongnadh agus uathbhás ar shlóightibh na Féinne nuair
do-chonncadar an cosgar do bhí ag an allmhurach dá dheunamh
ortha. Ní raibh de adhbhar cainnte aca acht é. Ba ghearr
gur leath sgeula an allmhuraigh agus an sgrios do bhí dá
dheunamh aige, ar fuaid na hÉireann go léir. Tháinig eagla
chuca ar mhórán daoine — eagla go marbhochaí an Fhiann go
léir agus annsin nach beadh aenne ann chun cosg do chur
leis an namhaid do bhí ar a dtí; agus go mbeadh árd-chíos
agus smacht Gall ortha féin. Do bhí iománaidhthe an chlaidhe
mar is gnáth leo, ag lochtughadh agus ag cáineadh lucht an
imeartha. “Cad 'n-a thaobh nach dearnadar so?” agus
“Cad 'n-a thaobh nach dearnadar súd?” “Mbó! dá
mbeidís féin ann, cad é nach ndeunfaidís?” “Do-
dheunfaidís so súd is súd um á so.”



Do chuala Fiachra Foiltlabhair Rí Uladh é.



“Is truagh dhóighte liom,” ar sé, “an cruadhtan so atá
ar Fhiannaibh Éireann agus gan é ionnam féin cabhair ná
congnamh do thabhairt dóibh tré méid m'aoise. Dá mbeinn
mar do bhíos tráth, is 'n-a measg do-gheobhthaí mé. Acht cá
tairbhe bheith ar ceisneamh, ní'l an óige ná an neart anois
ionnam.”



Ní raibh ag Fiachra Foiltleabhair acht an t-aon mhac. Do
bhí seisean i n-aois a trí mbliadhan deug an uair sin, acht
dá óige é do bhí dealbh agus cló ríoghdha aige, agus dob é
ba chumasaighe d'adhbhar ríogh i nÉirinn. Tháinig sé ag triall
ar a athair.



“Ba mhaith uait-se, a athair,” ar seisean, “ó thárla thú
féin i n-easbaidh do chumais catha, óglácha Uladh uile do chur


L. 56


im' theannta-sa mar chabhair d'Fhionn mhac Cumhaill agus
d'Fhiannaibh Éireann.”



“Bíodh ciall agat, a mhic,” do ráidh Rí Uladh. “Cad
dod' fhéidir dob' leithéid-se de gharsún do dheunamh dá
dtéightheá ann, agus gan tú acht i n-aois do thrí mbliadhan
deug? Dá mbadh aon chabhair do ghaisgeadh-se, a leinbh, ní
mise do choisgfeadh thu ar dhul ann, acht taoi go ró-óg.”



D'imthigh an mac leis féin acht ní go ró-shásta do bhí sé.
Do thuig an t-athair nár bh' fhuláir leis an mac dul mar a
raibh Fianna Éireann, agus ar eagla go n-imtheochadh sé gan
cead gan comhairle uaidh, do cuireadh an t-ógánach agus
dáreug eile de mhacaibh ríogh agus ró-fhlaith isteach i seomra
coimeádtha. Níor chuir an ní sin an taidhbhreamh as aigne
mic Ríogh Uladh.



“A óglácha,” ar seisean leis an gcuid eile, “is maith
do-dheunadh sibh é agus teacht liom-sa go cuan Fionntrágha.
Gidh go bhfuil clú agus réim i n-áirighthe dhaoibh tré bheith, ar
ball, nbhur righthibh agus 'nbhur dtaoiseachaibh i n-ionad bhur
n-athrach, nár mhaith agus nár bh' fhearr oirdhearcas agus clú
do dhul daoibh tré bhur ngníomhartha móra maithe féin. Gidh
nach raibh Conall Cearnach ná Cúchulainn ná clann uasal
Uisnigh 'n-a righthibh riamh, is beag má b' oirdhearca Conchubhar
mac Neasa féin, agus é 'n-a Rígh Uladh, ná iad, tré 'n-a
ngníomhartha maithe féin. Muna dtagaidh sibh liom,” ar sé,
“dar mo bhriathar, ní raghaidh biadh ná beathughadh im'
beul-sa mar olc oraibh, ionnus go bhfaghad bás agus go
mbeidh fear coigcríochach éigin 'n-a rígh ar Ultaibh i n-ionad
m'athar agus go dtiubhraidh sé ainbhreatha oraibh.”



Do-chuaidh an chainnt sin i bhfeidhm ortha. Nuair do bhí an
rí agus lucht a theaghlaigh 'n-a gcodladh, d'euluigheadar go
dtí tigh na seud agus thug gach macaomh aca sgiath agus
claidheamh agus cathbharr agus dá chraoisigh chatha agus dá
choileán con leis as. Do ghluaisigheadar leo amach as an
dún. Thángadar thar Eas Ruadh mhic Bhadhairn a dtuaidh


L. 57


agus tré chúige Chonnacht agus tré Chiarraighe Luachra agus
láimh le Cathair Conraoi siar agus as sin go Fionntráigh.



Le linn dóibh teacht ar an bhfód ós cionn na trágha do bhí
Dolar Durbha ar an tráigh agus do bhí sé ag díomholadh agus
ag cáineadh Fiann nÉireann agus ag deunamh aoir agus
asmhuchán ortha. Do bhí Oisín ag éisteacht leis agus a
chroidhe dá shnaoidheadh le náire agus le feirg. Namhaid riamh
roimhe sin níor bhuail leo thug a leithéid d' íde agus de
mhasladh ar an bhFéinn. Ba dheacair é d'fhulang.



“A Fhianna Éireann,” arsa Oisín, “do mhairbh Dolar
Durbha a lán d'ár muintir, agus dar liom, ó'n bhfuadar
atá fé ní mór againn do raghaidh beo as an gcath so
Fionntrágha. Má tá sé i ndán dom féin bás d'fhagháil dob'
fhearr dhom dul anois agus Dolar Durbha dom' mharbhughadh
ná bheith ag feuchaint gach lá mar seo ar an léirsgrios atá
dá dheunamh aige ar an bhFéinn, agus é ag dul de'n bhFéinn
iad féin do chosaint air.”



Nuair do bhí na briathra sin ráidhte ag Oisín do chuir an
t-aos ceoil agus lucht na ndán ologón cráidhte bróin asta.



Annsin is eadh do-chonncadar 'san áird anoir buidhean óg
na n-Ultach ag teacht gach comhgar chuca.



“Fóil ort, a Oisín, a mhic,” do ráidh Fionn, “go
bhfeiceam cia hiad so chugainn. Dream ógánach is eadh iad
acht is iad an dream is fearr deallramh dá bhfeaca-sa riamh
iad.”



Thángadar do láthair Fhinn agus do léig mac Ríogh Uladh
a ghlúin fé 'n-a fhiadhnaise agus do bheannuigh go séimh
céillidhe dhó; agus nuair do labhradh leis do fhreagair mar
an gceudna. D'fhiafruigh Fionn díobh cár bh' as dóibh nó
ciar bh' iad féin.



“Ó Eamhain Macha sinn-ne, a Rí,” do ráidh mac Ríogh
Uladh. “Is mise Goll mac Ríogh Uladh agus is comhdhaltaí
dhom an bhuidhean so faram.”



“Agus cad thug oraibh gluaiseacht ar an gcuaird seo?”
ar Fionn.


L. 58


“Sinn dá chlos go raibh sluaighte an domhain mhóir uile
annso ag cathughadh libh-se gach lá agus dob' áil linn cleasa
gaile agus gaisgidh d'fhoghluim uaibh; agus dá mbeadh óglácha
d'ár leithéidíbh féin ar shluagh Ríogh an Domhain badh mhaith
linn ár gcomhrac féin do dheunamh leo thar do cheann-sa, a
Rí; óir nílimíd fós i gcumas chun troda le príomh-laochaibh.”



“Mo ghrádh-sa bhur dteacht agus bhur dturas,” arsa Fionn
mhac Cumhaill. “Mo ghrádh bhur ngaisgeadh agus bhur
gcalmacht. Acht badh náireach an sgeul dúinn-ne aon-mhac
t'athar do sgaoileadh chun na n-allmhurach sin agus gan
d'adhbhar ríogh ag Ultaibh acht tú.”



Le n-a linn sin d'árduigh Dolar Durbha a ghuth ní b' aoirde
ná riamh, agus ba chlos go soiléir é ó thaobh taobh an chuain,
agus é ag tarcuisniughadh agus ag díomholadh na Féinne.



“Cia hé an laoch úd do-chím ar an tráigh thíos?” arsa an
t-ógánach.



“Tá,” arsa Conán Maol mac Mórna, “laoch atá ag
iarraidh comhlainn ceud.”



“Cumá fháth ná deunadh comhrac aonair an gnó dho?” do
ráidh Goll mac Ríogh Uladh.



“Crom Cruach agus na Déithe Árda go ndéinid a
thachtadh,” arsa Conán. “Is docht an sgeul nach fuil a
shásamh súd i gcomhrac aonair. Tá cúig ceud laoch de'n
bhFéinn ar lár aige le cúig lá, agus ní'l duine ná sluagh
againn-ne gur mhaith leo tabhairt fé le heagla roimis.”



“Is iongnadh liom agus an clú gaisgidh atá oraibh, go
ndeunadh sibh aon laoch insa domhan d'eiteach fé chomhrac,”
arsa an t-ógánach. “Raghad-sa féin chuige.”



“Raghair-se chuige, an eadh?” do ráidh Conán. “Mhaiseadh,
nár chuirimíd breug ort, muna tú an gaisgidheach fir againn!
Arú, cionnus d'euluighis ód' bhuime, a dhalta? Éirigh chuici
arís, a mhic, mar, dar mo bhriathar, ní raibh aon duine d'ár
mhairbh fear na búirthighe úd thíos nach tiubhradh tinneas cluaise
dhuit-se.” Agus do gháir Conán ag a rádh sin.



D'fheuch an t-ógánach air.


L. 59


“Níor chuireas aithne mo shúl riamh ort,” ar sé, “Acht
dar liom, ód' thuairisg, gur tusa fear mío-bhlais agus mío-
labhra na Féinne, a Chonáin mhic Mhórna.”



“Is liom adeirthear sin,” arsa Conán.



“Má 's eadh,” arsa mac Ríogh Uladh, “do-bheirim-se mo
bhriathar duit, a Chonáin Mhaoil, dá mbeitheá-sa féin agus é
siúd thíos agus an cúig ceud do mhairbh sé ar aon láthair
im' choinnibh-se, nár bh' fheairrde sibh é.” Agus d'éirigh an
t-ógánach agus do bhí ag gluaiseacht fé dhéin an allmhuraigh.
Ní fios cad dubhairt Conán, má dubhairt sé aon ní.



Ní léigfeadh Fionn do mhac Ríogh Uladh dul chun teangmhála
leis an allmhurach. Do ghlaoidh sé chuige ar Chaoilte mac
Ronáin.



“A Chaoilte,” ar sé, “cuirim ar Chlannaibh Rónáin gan
an t-óglách úd do sgaoileadh chun an allmhuraigh.”



Rug Clanna Rónáin ar an óglách acht ní gan duadh do
chuireadar glais agus géibhinn air. An fhaid do bhíodar ag
a ghabháil, d'euluigh a dháreug comhdhaltaí chun na trágha fé
dhéin Dolair Durbha agus níor bhraith an Fhiann uatha iad gur
mhairbh seisean gach aenne riamh aca. Do bhain sé a dhá
gceann deug díobh agus do léig sé liugh as i n-árd a chinn
is a ghotha ag maoidheamh an ghnímh do bhí deunta aige.



“Cad 'n-a thaobh do'n allmhurach an liúgh sin do chur as
anois?” arsa an t-óglách.



“Is truagh dhuit-se an chúis fé ndeara dhó é do dheunamh,”
arsa Conán. “Oir is ag a mhaoidheam gur mhairbh sé do
dhá dhalta deug-sa atá súd.”



“Truagh an sgeul sin dómh-sa, a dhuine;” do ráidh mac
Ríogh Uladh, “agus a Fhianna Éireann, is fada do bheidh a
mhilleán oraibh-se mise do chongbháil i ngéibhnibh. Do gheobhad-
sa bás d'fheirg agus d' aithmheula agus is oraibh-se agróchar
sin. Beidh eascáirdeas eadraibh féin agus Rígh Uladh go
bráth dá chionn. Nár bheag an dochar daoibh mise do thuitim
leis an allmhurach sin seachas an aithis atá tugaithe agaibh
dhom im' chrúinncín ceangailte annso agaibh?”


L. 60


Do ghéill Fianna Éireann do'n chainnt sin. Do sgaoil-
eadar de. Nuair do bhí sgaoilte aca de do chuir sé é
féin i bhfearras chun catha. Do chuir sé léine sróil uime
agus lúireach ghorm chatha go raibh spreucharnach ar gile na
gréine innte. Do ghabh sé chuige sgiath álainn óir go raibh
imeall corcra uirthe. Do chuir sé coiléar cosanta mínfhighte
fé n-a mhuineál. Rug sé ar armaibh a shinnsear 'n-a láimh.
Dhá chraoisigh cheann-leathna cró-reamhra do bhí aige, agus
claidheamh órnáidthe cros-órdha.



Nuair do bhí gach ní i gcóir aige air féin thug sé ruathar
reatha i n-aghaidh an allmhuraigh. Nuair do-chonnaic seisean
cad é mar shaghas duine do bhí ag teacht fé n-a dhéin do-rinne
sé gáire fé. Ba shuarach leis mar theangmhálaidhe comhraic
é. Thóg slóighte an domhain, leis, gártha sgige agus magaidh
fé'n ógánach agus fé Fhiannaibh Éireann do chuir uatha é.



Do chuir an magadh agus an droch-mheas sin buile ar
an óglách. Thug sé fogha fé'n allmhurach agus le méid a
fhíochmhaire agus a luaithe do bhí sé gona tugaithe aige ar
Dholar Durbha sul ar fheud seisean dul ar a chosaint féin.



Is annsin do thosnuigh an cathughadh agus an troid agus
an comhrac, an fuirseadh agus an réabadh agus an stracadh,
an basgadh agus an bualadh agus an tnáthadh, an gearradh
agus an sáthadh agus an fuiliughadh, an chneadach agus an
bhéiceach agus an osnaigheal, an saothar agus an séideán
agus an tuirse, an fraoch agus an fhearg agus an fhíochmhaire;
ionnus dá ndeintí ó Inis Ciorbham na Mara Ruaidhe go
hÉirinn i n-iarthar an domhain do chuardach, ní bhfaghthaí aon
comhrac beirte dob' fhearr ná an comhrac sin. Ar feadh
an lae go léir do bhí sé ar siubhal, agus sluaighte an domhain
agus Fianna Éireann ag gríosughadh na beirte.



Nuair do bhí doircheacht agus deireannaighe an tráthnóna
ag teacht do bhí a n-airm agus a sgéithe briste stolta aca.
Acht ní druidim ó n-a chéile do rinneadar. Do radadar
uatha na hairm is na sgéithe agus rugadar dhá ghreim chaola


L. 61


chruadha ar a chéile. Do snaidhmeadar a lámha lútha láidre
laistiar de leathan-dromaibh a chéile agus do bhíodar ag
coraidheacht agus ag iomrasgáil. Do-chuadar insa tsrúill
uisge le chéile agus do bhídhís ag leagadh agus ag treasgairt
a chéile innti agus ag tuitim is ag éirghe. Nuair do bhídís
sínte insa tsrúill do stadaidís an t-uisge agus do
bhailigheadh sé ar an taobh thuas díobh 'n-a lochán. Annsin
nuair d'éirighidís go hobann arís, d'imthigheadh an t-uisge go
léir 'n-a thulca síos chun na fairrge. Do lean sin do'n
tsrúill riamh ó shin. Do b' fhéidir í do ghabháil de chosaibh
tiorma go minic, acht is minic, leis, nuair do bheitheá 'n-a
lár istigh go dtiocfadh tulca uisge fút do fhliuchfadh go
glúinibh thú.



Tráthnóna thiar do bhí an taoide ag teacht. D'éirigh sí
aníos chuca. Níor stadadar. D'éirigh sí i n-áirde
timcheall ortha. Níor stadadar. D'éirigh sí lastuas díobh
agus do chlúduigh sí iad agus do mhúch sí iad agus do bháith
sí iad araon ós comhair an dá shluagh. Do thóg sluaighte an
domhain agus Fianna Éireann gáir buaidheartha bróin ag
caoineadh na beirte sin agus ba mhór é a gcumha 'n-a
ndiaidh. Dob' é an comhrac do-rinne Goll mac Ríogh Uladh
an chabhair dob' fhearr do fuair Fianna Éireann riamh.



Ar maidin lae ar n-a mháireach do fuarthas an dá
ghaisgidheach báidhte ar an tráigh. Do bhí a lámha ceangailte
go daingean docht ag gach fear aca thar caol droma an
duine eile agus do bhí cruadh-shnaidhmeanna deunta aca dá
gcosaibh tré n-a chéile. Do bhíodar greamuighthe chomh dlúth
sin, agus iad marbh, gur bh' éigean an t-allmhurach do
ghearradh 'n-a chodaibh beaga chun iad do sgaradh le n-a chéile.
Do hadhnaiceadh Goll mac Ríogh Uladh annsin. Do tógbhadh
a lia ós a leacht. Do fearadh a chluiche caointe agus do bhí
Fianna Éireann go dubhach 'n-a dhiaidh. Níor thuit riamh leis
an bhFiann ghaisgeadh aon laoch ba mhó go raibh brón agus
dólás 'n-a dhiaidh ná é.


L. 62


CAIBIDEAL A TRÍDEUG.



Troid naoi nGarbh na Féinne le Fearaibh Dreagan.



“'Seadh, cia do-gheobham chun faireadh do dheunamh ar an
gcuan anocht?” arsa Fionn mhac Cumhaill nuair do bhí an
sgeul síolta fálta fuirsighthe aca.



“Fairfeam-ne é, a Rí,” do ráidh naoi nGairbh na Féinne:
Garbh Sléibhe Mis; Garbh Sléibhe gCua; Garbh Sléibhe gCláir;
Garbh Sléibhe gCrot; Garbh Sléibhe Muice; Garbh Sléibhe
Fuaid; Garbh Sléibhe Átha Mhóir; Garbh Dúna Dealgan, agus
Garbh Dúna Sobhairce, agus a mhuintir féin fara gach duine
aca.



Ní fada do bhíodar ag faireadh insa doircheacht go
bhfeacadar chuca Ioruath mac Dreagan mic Duille, Rí fear
nDreagan. Ní dheaghadar ar chainnt ná ar mhion-chomhráidhtibh
le n-a chéile acht tabhairt fé a chéile go fíochmhar agus go
fuadrach agus ár agus éirleach do dheunamh ar a chéile go
lom luath.



Ní féidir déine ná treise na troda sin d'fhaisnéis ná
d'innsint, agus an té ba bhlasda briathra agus b' fheidhm-
eamhla cainnt ní fheudfadh sé a thuarasgbháil do thabhairt
uaidh. Do-rinneadar sgrios nimhe ar a chéile agus do-
rinneadar a chéile do dhíothughadh agus do chur i ndísg, óir
ní raibh 'n-a mbeathaidh de'n dá shluagh ar maidin acht trí
Gairbh de na Garbhaibh agus Rí fear nDreagan.



Acht ní tlás ná creathán tháinig ar an gceathrar gaisgidheach
sin nuair do-chonncadar méid an áir 'n-a dtimcheall. Do
chuireadar dronn ortha féin chun comhraic agus tháinig breis
lútha agus fuinnimh 'n-a ngeugaibh, agus le méid na buile
d'éirigh ortha do bhíodar 'n-a ngealtaibh gan chiall. Do


L. 63


sháitheadar a gclaidhmhte agus a sleaghanna i gcorpaibh a
chéile agus tré dhromaibh a chéile siar; ionnus go raibh
cubhrán fola ar nós glóthaighe ag clúdach gacha duine aca
ó bhathas go trácht. Do sháitheadar a n-arma 'n-a chéile
annsin, agus do thuit an ceathrar aca bonn le bonn agus
beul le beul i n-éinfheacht i ndiaidh an chomhraic uathbhásaigh
sin.


L. 64


CAIBIDEAL A CEATHAIRDEUG.



Doicheall Chormaic mic Airt le Fionn. Teacht Chairbre
Lifeachair chun an chatha agus a choimheasgar le Slígeach
mac Seanghairbh.



Dá mhéid an díothughadh do bhí ag an bhFéinn dá dheunamh
ar na hallmhurchaibh do bhíodar féin dá ndísgiughadh agus dá
luigheadughadh go mór. Dá mhéid de na hallmhurchaibh do
marbhuighthí ní samhluighthí easnamh ná luighead ortha. Do bhídís
chomh hiomadamhail is do bhíodar an cheud lá insa cheud chath
eile arís.



Thug Fearghus Finnbhéil an ní sin fé ndeara agus do thuig
sé gur bhaoghal do'n bhFéinn muna ndéintí fóirthint ortha
D'imthigh sé leis gan chead gan chomhairle agus níor stad
de'n réim sin go ndeaghaidh sé go Teamhair na Ríogh mar
raibh Cormac mac Airt Árdrí Éireann. D'innis sé do
Chormac cad é an cruadhtan do bhí ar Fhionn agus ar an
bhFéinn agus do chuir i gcuimhne dhó an daoirse agus a
daorbhruid do bheadh ar Éirinn muna ndéintí fóirthint ortha.



“Agus an bhfuil an cruadhtan chomh dian sin ar Fhionn?”
arsa Cormac.



“Do-bheirim mo bhriathar gaisgidhigh duit, a Rí, go bhfuil
agus, muna ndéinir-se fuasgailt air, ní fada go mbeir a
do chosaint féin annso ar chnoc na Teamhrach ar Dháire Donn
agus ar na slóghaibh atá aige. Má claoidhtear an Fhiann ní
bheidh lucht a cosanta i n-Éirinn.”



Do gháir Cormac. Gáire mailíse agus dhroch-chroidhe a
gáire sin.



“'Seadh, 'seadh!” ar sé sin, “is fada mé ag iarraidh
breith i ngreim ar Fhionn. Is fada é ag deunamh ceataighe


L. 65


dhom. Is fada é féin agus Fianna Éireann imthighthe ó
smacht ríogh agus ruire. I n-ionad iad do bheith 'n-a sgiath
chosanta agus 'n-a gcrann bagair annso i nÉirinn againn,
is amhlaidh gur mó an eagla atá orainn rómpa ná mar do
bheadh roimh sluagh allmhurach dá olcas orainn. Acht anois ní
fada ó chrích a gcuid toirmisg iad. Is maith liom an
cruadhtan do bheith ar Fhionn, mar is mór an cruadhtan atá
ar lucht saothair agus gnótha le fada aige i nÉirinn. Ní
fheudaidís muc ná míol ná breac ná bradán ná fiadh ná
fiolar do mharbhughadh ná do bheith aca, do bhí an smacht chomh
dian sin ag Fionn ortha. Ní raibh cead d'aenne teacht ó'n
mbuaile go dtí an seanbhaile gan sgreaball do dhíol le
Fionn; agus bean dá mnáibh féin ní raibh le fagháil aca nó
go bhfiafruighthí dhi ar dtúis ar rogha léi fear d'Fhiannaibh
Éireann, agus munar mhaith léi duine dhíobh sin, do caithtí
cáin do dhíol le Fionn sul a bpóstaí le haenne dá muintir
féin í.



Is olc agus is aindeis an íde atá aca orainn, agus is
beag an urraim atá ag an bhFéinn sin dúinn; agus dob'
fhearr linn buadh an chatha ag allmhurchaibh ná aca, pé ní do
thiocfaidh dúinn-ne as.”



Ní dhearna Fearghus Finnbhéil a thuilleadh cainnte le
Cormac, óir do thuig sé gur saothar i n-aisgidh dó bheith ag
caitheamh cainnte leis agus an straidhn do bhí air. Do-chuaidh
sé fé dhéin Chairbre Lifeachair ar an bhfaithche mar a raibh sé
ag imirt cluiche lúibe is liathróide.



“A Chairbre,” arsa Fearghus, “is olc an cosnamh ar
Éirinn duit tusa annso ag gabháil do bhaoth-chluiche gan
tairbhe agus do thír dá baint díot ag allmhurchaibh. Cia hé
gur córa dhó í do chosaint ná tú féin? An bhfanfair-se
annso agus gan d'armaibh gaisgidh agat acht do chamán agus
do lúb agus do liathróid agus brath ar an bhfear thall chun
Éire do chosnamh duit? Is tusa do fuair riamh gach cóir dá
uaisle agus togha gacha maitheasa agus rogha gacha beathadh i


L. 66


n-Éirinn. Na daoine atá ag a cosaint duit, ní bhfuaradar
riamh acht an cruadhtan agus an chaol-chuid agus an uirísle.
Do fuarais-se gach sógh dá sháimhe agus gach maoin dá shaidhbhre
agus gach uaisle dá aoirde, agus badh chóir duit iad do
chosnamh duit féin anois.”



Do lean Fearghus de'n ghríosughadh sin agus de'n cháineadh
go dtáinig náire agus ceann fé ar Chairbre. Do chaith sé
uaidh a chamán agus do-chuaidh ameasg pobail na Teamhrach
agus do chruinnigh an ógbhaidh uile ar aon láthair go raibh
deich gceud fhichead de shluagh aige. Do ghluais sé leo-san
gan chead gan chomhairle do Chormac agus ní innstear sgeula
ortha go rángadar cuan Fionntrágha. Do-chuaidh Fearghus
rómpa isteach go puibill Fhinn. D'fhiafruigh Fionn sgeula
dhe. D'innis sé dhó go dtáinig Cairbre mac Cormaic agus
sluagh na Teamhrach le n-a chois. Nuair do-chuala Fionn sin
do-chuaidh i gcoinnibh Chairbre agus do chuir na mílte fáilte
roimhe.



“A Chairbre,” ar Fionn, “is olc an tráth thángais
chugainn, agus dob' fhearr linn do theacht tráth éigin nuair
do bheadh aos ceoil agus seanma agus aos dána agus ár
mná maiseacha ann chun fáilte do chur rómhat agus aoibhneas
do chur ort. Ní'l againn de'n chor so acht cruadhtan catha
agus brostughadh agus buirbe.”



“A Fhinn,” ar Cairbre, “ní ar cuaird aoibhneasa thánga-sa
chugat anois, acht chun cabhair do thabhairt duit agus an cath
so do bhualadh leat.”



“Acht níor chuireas-sa riamh óglach mar thusa i gcath,”
arsa Fionn. “Dá dtéigheadh duine de'n tsaghas sin i gcath,
is fíor-annamh nach é a bhás do thiocfadh de; agus níor mhaith
liom-sa óglách mar thusa do thuitim tríom.”



“Dar mo bhriathar-sa, ámh,” arsa Cairbre, “go dtiubhrad-
sa cath dhóibh ar mo chomhairle féin, muna ndéinead ar do
chomhairle-se é.” Agus do chuir sé Fearghus Finnbhéil uaidh
chun chath d'fhógairt ar Rígh an Domhain.


L. 67


“Cia do fhreagróchaidh cath do mhac Ríogh Éireann?” arsa
Dáire Donn.



“Raghad-sa chuige, a Rí,” arsa Slígeach mac Seanghairbh,
Rí fear gCeapdha; agus tháinig sé i dtír agus trí catha móra
fairis. Do ghluais Cairbre agus a shluagh fé n-a ndéin.



“A Chairbre,” arsa duine de shluagh na Teamhrach leis,
“bíodh misneach agat agus tréine lámh agus cródhacht croidhe
ag cur an chatha so, óir níor bh' fhearr le Fiannaibh Éireann
rud d'imtheochadh ort ná na hallmhuraigh dod' mharbhughadh.
Tá droch-chroidhe agus doicheall ag Clannaibh Baoisgne
dhuit, mar dob' é do shean-athair-se do mhairbh Cumhaill mac
Tréanmhóir, athair Fhinn i gcath Cnucha. Is cuimhin leo súd
an ní sin go maith agus ní mór ná go mb' fhearr leo an cath
do dhul ort. Ná bíodh sin de shásamh aca, a Chairbre mhic
Chormaic.”



Do-chuaidh an dá bhuidhin i n-achrann 'n-a chéile. Ní raibh
eagla ná tlás ortha, acht do bhí a leithéid sin de ghomh ortha
chun a chéile nár fhan aon tsluagh aca le tarcuisne ná
asmhuchán do thabhairt do'n tsluagh eile.



Thárla Cairbre Lifeachair agus Rí fear gCeapdha ar a chéile.
Níor mhaith an íde do bhí ceapaithe ag aenne aca do'n duine
eile. Do bhí a fhios sin aca araon agus do chromadar a
gcinn fholt-bhuidhe ar sgáth a sgiath agus d'imrigheadar a
gcleasa comhraic go dian agus go dlúth ar a chéile. Ní
fada do bhí troid an lae sin dá deunamh. Do mhairbh
Cairbre agus a bhuidhean óglách an rí allmhurdha agus a
chuid allmhurach.


L. 68


CAIBIDEAL A CÚIGDEUG.



Cabhair do Chaoilte mhac Rónáin agus cabhair d'Fhiannaibh
Éireann.



Lá ar n-a mháireach do labhair Fionn agus is é adubhairt:



“A Fhianna Éireann,” ar sé, “ní fheicim mac ríogh ná
taoisigh agaibh nach fuil aghaidh tugaithe aige uair éigin ar
shlóghaibh an domhain ó thosnuigh an cath so. Éirigh-se anois, a
Fhearghuis, agus fógair cath uaim-se ar Dháire Donn féin.”



“Ná déin indiu, a Fhinn,” arsa Caoilte mac Rónáin,
“agus léig dómh-sa cath an lae seo do chur.”



“Tá sé de chalmacht agus de ghaisge ionnat, a Chaoilte,
go léigfinn,” arsa Fionn, “acht nach fuil umat sluagh do
dhóthain chun cath do chur. Cabhair dom uaibh do Chaoilte, a
thaoiseacha,” do ráidh Fionn le maithibh na Féinne.



“Do-gheobhaidh sé ceud uaim-se,” arsa Oisín.



“Do-bheurad-sa ceud eile dhó,” arsa Fionn féin.



“Ceud uaim-se dhó,” arsa Goll Garbh mac Ríogh Alban.



“Agus uaim-se,” arsa Rígh-fhéinnidh Fiann na Mumhan.



“Sé cheud uaim-se dhó,” do ráidh Rí Féinne Connacht.



“An oiread ceudna uaim-se dhó,” ar Rígh-fhéinnidh Fiann
n-Uladh.



“Do-bheurad-sa ceud dó,” arsa Rí Fiann Laighean, agus
mar sin dóibh go ndubhairt Caoilte:



“Fóill oraibh, a uaisle,” ar sé, “ní beag sin. Tá
ceithre ceud fhichead fear de shluagh anois agam agus níor
ghnáth liom riamh acht buidhean dá cheud i gcóir catha.”



Do-chuaidh Fearghus ar an tráigh chun rabhadh catha do thabhairt
do Dháire Donn ó Chaoilte.



“'Seadh,” arsa Rí an Domhain, “cia hé do-gheobham chun
dul i n-aghaidh Chaoilte mhic Rónáin.”


L. 69


“Cuirthear mise chuige,” do ráidh Torann Tréan-bhuilleach,
mac Ríogh na hEasbáine.



“Is maith sin,” arsa Dáire Donn, “beidh caoi agat bás
t'athar do dhíoghailt.”



Ní lugha ná an fonn ceudna do bhí ar Thorann agus do
ghluais sé i dtír agus sluagh mór leis.



Le n-a linn sin do-chonnaic Fianna Éireann luingeas
lán-mhór ag tarraing ar bheul an chuain. Do mheasadar gur
tuilleadh cabhartha do bhí ag teacht chuig Dáire Donn, agus
do chuir an ní sin mí-mhisneach mhór ortha, mar ba mhór leo
cheana iomadamhlacht slóighte an domhain is gan aon
mheudughadh eile do theacht ortha.



“Is truagh an sgeul sin dúinn-ne,” do ráidh Fionn go
mí-cheudfadhach, “an tuilleadh cabhartha sin tagaithe go dtí
Rí an Domhain, agus gur sinn-ne is mó gábhadh le cabhair
anois.”



Do bhíodar uile ar aon aigne le Fionn. Do bhíodar go
tuirseach sáruighthe ó'n gcathughadh i n-aghaidh an lae, agus do
bhíodar dá ndísgiughadh i n-aghaidh an lae ag na hallmhurchaibh,
gidh go raibh ár agus éirleach go leór deunta aca ar na
hallmhurchaibh ceudna. Ba mhór leo an cruadhtan do bhí ortha
agus do bhraitheadar gur ar éigean d'fheudfaidís cath do
fhreastal do na hallmhurchaibh. Dob' iomadamhla go mór an
namha ná iad féin agus, gidh buan fear 'n-a dhúthaigh, ní bheadh
sé i gcumas an iarmhair do bhí ann aca an cath do chur ar
an namhaid sin go deo, dá dtagadh a thuilleadh cabhartha chun
na namhad. Acht do bhí Oisín ag feuchaint go geur ar an
loingeas agus ag a infhiúchadh.



“Dob' annamh riamh tusa dod' mhealladh i n-aithne do
shúl, a athair,” ar seisean, “acht do bhain dearmhad duit
do'n chor so. Ní do Rígh an Domhain ná d'aenne eile atá
cabhair ná congnamh annsúd, acht d'Fhiannaibh Éireann amháin.
Siúd é loingeas Fhiacha mic Ríogh Breatan agus Dubháin
Duinn, mic Ríogh Tuadh-mhumhan agus a muintir leo.”


L. 70


“Tháinig an cabhlach i dtír agus do chonnacthas go raibh
an ceart ag Oisín. Ba mhór é áthas Fiann n-Éireann dá
chionn. Ba theacht carad i n-am gábhaidh é. Le linn teacht
i dtír dóibh do bhí Caoilte agus mac Ríogh na hEasbáine,
agus a slóighte ar gach taoibh, ag tuargain a chéile ar an
tráigh, acht do bhítheas ag cur an chatha ar Chaoilte agus do
bhí a mheirge agus a shuaitheantas dá chlaoi.



Nuair do bhí lucht na loingeas gabhtha i dtír do-chonncadar
an comhrac ag dul i n-aghaidh Fiann n-Éireann. Do
ghluaisigheadar 'n-a réim reatha fé n-a ndéin. Do bhí gach
duine aca agus mian fola agus coscair air. Do dhírigh-
eadar ar na hallmhurchaibh. Do bhrúghadar isteach ortha agus
do thiomáineadar rómpa iad agus do ghoineadar agus do
ghearradar iad agus thugadar sgeimhleadh agus bás dóibh. Níor
fhágbhadar duine aca 'n-a bheathaidh ar an tráigh.



Do chuir Fianna Éireann fáilte mhór roimh lucht na
loingeas. Níor bh' iongnadh sin agus an dian-ghábhadh do
bhí aca leo. Do bhítheas ag cur tuairisgí agus ag innsint
sgeulta an chatha go ceann i bhfad. Dob' fhada roimhe sin
nár chaith Fianna Éireann aon tráthnóna chomh suairc soi-
mheanmnach is do chaitheadar an tráthnóna sin. Do-chuaidh
maithe agus uaisle na slógh i gcomhairle le chéile agus dob'
é toradh na comhairle sin go ndeaghaidh Fearghus Finnbhéil
go dtí Dáire Donn agus d'fhógair sé mór-chath air ó Fhionn
mhac Cumhaill an tríomhadh lá ó'n lá sin. Ní dúbhairt Dáire
Donn aon ní; ná gur thaithnigh sé leis; ná nár thaithnigh sé
leis.


L. 71


CAIBIDEAL A SÉDEUG.



Labhrann Lámhfhada ag soláthar arm gabhann Ifrinn d'Fhionn
mhac Cumhaill.



Ní i gan fhios d'fhearaibh Éireann do bhítheas ag cur an
chatha i bhFionntráigh. Do bhíodh sgeula agus tuarasgbháil an
chomhraic dá innsint ar fuaid na dúthaighe go léir. Ní raibh
áit ná ionad ó Thigh Mhóire go Donnchadh Dí, nár bh' é an
cath sin do bhíodh dá cur tré n-a chéile ag gach duine, íseal
is uasal ann. Do bhíodh sé ar siubhal ag an rígh agus ag a
lucht chomhairle insa rígh-theaghlach, ag an ríoghain agus ag a
cuallacht ban insa ghrianán; ag aosaibh dána agus seanma
agus ceoil i ndúnaibh agus i mbrúghaibh a dtighearnaí; ag
na buachaillíbh con agus a gconarta gadhar aca dá mbreith
amach ar an bhfaithche chun lúthaidheachta; ag muicidhthibh na muc
agus ag na buachaillíbh bó, agus iad ag aodhaireacht a sgaoth
muc agus a dtáinte bó i gcoilltibh agus ar bhántaibh na tíre.



Gach sgeul do thagadh chuca do bhídís ag a chur tré n-a
chéile agus iad ag feitheamh le sgeula eile. Ní fada do
bhíodh aon ghníomh gaisgidh dá ndeintí, ná aon chúrsa imshníomha
dá dtárluigheadh i láthair an chatha, go dtéigheadh a thuairisg
thall is i bhfus ameasg cách agus do bhítí ag a n-innsint agus
'á n-aith-innsint. Sgeula an dá ríogh do bheith chun dul
d'ionnsaighe a chéile, do leath sé ar fuaid na tíre mar
d'imtheochadh an ghaoth. Tháinig greim ar chroidhe gacha duine
agus mío-fhoidhne. Ba mhaith leo go mbeadh fios críche na
teangmhála sin aca. Ba mhaith an ceart dóibh an imnidhe do
bheith ortha. Dá mbadh ag Fionn do bheadh buadh cosgair, do
bheadh saoirse i n-áirighthe aca. Dá dtéigheadh an cath air, do
bheadh an-bhroid agus árd-chíos ortha.


L. 72


Níor bh' fhada go ndeaghaidh an sgeul sin go tigh Thaidhg
mhic Nuadhaid, sean-athar Fhinn ar thaobh a mháthar. Caolúir
inghean Ríogh na bhFear bhFionn do bhí 'n-a mnaoi ag an Tadhg
sin. Inghean di sin dob' eadh Murainn Mongchaomh. Dob'
í sin máthair Fhinn agus do bhí sise leis i dtigh Thaidhg, agus
Labhrann Lámh-fhada, a dearbhráthair. Do bhíodar go
himnidheach agus go buaidheartha nuair do-chualadar na
sgeulta ó Fhionntráigh, agus do mheasadar nar bh' é a leas
do-dheunadh Fionn dá dtéigheadh sé ag cathughadh le Dáire Donn.



“Cia 'ca de'n dá rígh, dar leat, do thiocfaidh as an gcath?”
arsa Tadhg le Caolúir.



“Is beag dá mhearbhall sin orm,” do ráidh Caolúir,
“agus is móide mo bhrón a fhios do bheith agam. Ní'l dul
as 'n-a bheathaidh i n-áirighthe do mhac m'inghine féin, óir, dá
mbeadh a bhfuil de ghaisgidheachaibh ar dhruim an domhain ar
aon láthair ag cur catha ar Dháire Donn, níor bh' aon tairbhe
dhóibh é, mar ní'l 'n-a chorp acht mar do bheadh aon chlár cruaidh
amháin agus ní dhearguigheann arm dá ghéire air. An oidhche
rugadh é do taidhbhrigheadh a bhreith do Bhulcán, do ghabha
Ifrinn, agus do chúm seisean, an oidhche cheudna sin, sgiath
agus claidheamh 'n-a chóir. Tá sé i n-áirighthe do Dháire gan
aon arm do dhul i bhfeidhm air ná dá mharbhughadh go
marbhuighthear le harmaibh gabhann Ifrinn é. Nuair do bhain
Dáire Donn árd-thighearnas an domhain amach, do fuair sé
tuairisg na n-arm sin agus ní raibh suaimhneas de ló ná
d'oidhche aige go bhfuair sé ar a sheilbh féin iad. Táid ag
m'athair-se anois dá gcoimeád.”



“Agus nár mhaith do-dheunthá-sa é, a Chaolúir,” arsa Tadhg,
“dá dtugthá congnamh draoidheachta le Labhrann Lámh-fhada
annso go dtéigheadh sé go dtí tír t'athar d'iarraidh na
n-arm úd d'Fhionn mhac Cumhaill?”



“Is iongnadh liom tú dá radh,” ar sise, “go dtiubhrainn-
se congnam ar bith i n-aghaidh an té do hoileadh is do tógbhadh
ar aon ghlúin liom.”


L. 73


Is i dtigh athar Chaolúir i dTír na bhFear bhFionn do hoileadh
Dáire Donn 'n-a pháisde. Nós é sin do cleachtaí insa
tsean-shaoghal le clainn ríogh agus uasal. Is minic do bheadh
clann beirte ríogh dá n-oileamhaint i n-aon teaghlach. Is
minic do bhíodh cion chomh mór aca ar a chéile, agus ar chlainn
an té go mbídís ar oileamhaint aige, agus mar do bheadh
aca ar a lucht gaoil agus comhgais féin. Sin é mar do bhí
ag Caolúir. Ba leasg léi olc do dheunamh ar Dháire Donn,
gidh gur ar mhaithe le mac a hinghine féin do-dheunadh sí é.



Acht go háirighthe, do bhíodar ag tathaint chomh geur is chomh
fada sin uirthí, agus do-rinneadar an oiread sin argóna
léi, gur chuireadar a haigne ar a suaimhneas i dtaobh a
dúthrachta do Dháire, agus gur ghéill sí dhóibh.



Thángadar amach ar an bhfaithche agus do cuireadh Labhrann
lámh-fhada, tré dhraoidheacht, i riocht fiolair mhóir. Do ghluais
sé roimhe thar tíorthaibh agus thar fairrgíbh agus ní innstear
a bheag ná a mhór dá thuairisg gur shroich sé dún a shean-athar
um meadhon lae ar n-a mháireach.



Do-chuaidh sé 'n-a riocht féin arís agus do ghluais i dtreo
an dúna. Do bheannuigh sé dho'n Rígh agus do chuir i n-iúl
dó ciar bh' é féin, agus cár bh' as dó. D'fháiltigh an Rí
roimhe le mór-áthas, agus dob' áil leis cóir do chur air chun
go bhfanadh sé aige go ceann tamaill.



“A Rí is a shean-athair mh'anma,” arsa Labhrann, “ná
bac-se le haon ullmhughadh do dheunamh domh-sa. Ní chun
fanamhna farat annso thánga. Tá broid agus deithneas
níos mó ná sin orm. Bean ghaisgidhigh de Thuathaibh Dé
Danann thug searc agus síor-ghrádh dhom agus ní mór dom
comhrac do dheunamh ar a son. Ní'l dul as agam gan an
comhrac do dheunamh. Is é thug ar an gcuaird seo mé chun
go bhfaghainn na hairm sin le Dáire Donn atá agat-sa,
ionnus gur dhóichí dhom an buadh do bhreith ar an ngaisgidheach
agus go mbeadh an bhean agam féin.”



“Bíonn an cheud sgeul go maith go dtagann an dara


L. 74


sgeul,” do ráidh an Sean-rí. “B'fhéidir gur ghnó bun ós
cionn domh-sa na hairm sin do thabhairt uaim. Ca bhfios
dom nach ar Dáire Donn féin do thiubharthaí aghaidh leo.”



“Och! ná bíodh ceist ort 'n-a thaobh sin,” arsa Labhrann.
“Ní'l aon deallramh leis sin mar sgeul, anois. An amhlaidh
nach gcualais gur chuir sé Éire fé smacht, agus go dtug sé
ceannas na tíre sin do mhac t'inghine-se, d'Fhionn mhac
Cumhaill?”



Níor ghábhadh do Labhrann a thuilleadh cainnte do rádh ná
a thuilleadh éithigh do chumadh. Tugadh na hairm chuige gan
mhoill. Do himrigheadh draoidheacht ortha agus do-rinneadh chomh
heudtrom le brobh luachra iad. Annsin do ceangluigheadh
dá sgiathánaibh iad. Thug sé aghaidh ar an mbaile agus do
chuir sé gach comhgar de go dícheallach dian.



An gliocas d'imir Labhrann ar a shean-athair fad ó, tá
an gliocas ceudna agus gliocas níos glice ná é dá imirt
isna haimsearaibh seo, agus camastaigheal níos caime.
Cruinnighid cinn feadhna an domhain go léir agus téighid i
gcomhairle le n-a chéile d'fheuchaint cionnus d'fheudfaidís
suaimhneas is síothchain do bhuanughadh ameasg tíortha an
domhain mhóir. Tugaid “bráthair” agus “duine muin-
teardha” agus iomad d'ainmnibh ceana eile ar a chéile.
Abraid go bhfuil deireadh le hachrann agus le cogadh agus
le fuil; agus an chainnt shéimh nach n-abruigheann duine
adeireann an fear eile é, agus bíonn áthas an domhain ar
an tríomhadh fear má chuimhnigheann sé féin ar aon chainnt
dheas mhuinteardha do-chuaidh insa bhfraoch ar an mbeirt eile.



A leithéid de rí-rá is do bhíonn aca; agus cad é an
díoghbháil leat é acht daoine breaghtha ciallmhara! Sin é do
chuirfeadh an dubh 'n-a gheal ar dhuine nach beadh eolas na
camastaigheala sin aige.



Acht ní chuirid aon dubh 'n-a gheal ar aenne. Ní chuirid a
ndubh-chroidhe féin 'n-a gheal-chroidhe ar a chéile. Bíonn a
fhios go ró-mhaith aca cad do bhíonn istigh aca dá chéile. Dá


L. 75


mbeadh an chúis ba shuaraighe aca chun a chéile, ní oireachtas
síothchána do bheadh 'n-a chúram ortha acht cruinniughadh slóighte
agus díormaí catha.



Ní cheilid an ní sin ar a chéile. Ní fheudfaidís é do cheilt.
Dá mhéid cainnt do-ghníd i dtaobh síothchána tugaid carnáin
óir ar fios d'fhagháil ar ghleusaibh agus ar chórughadh catha a
chéile. Fágbhaid iad féin go dealbh agus go bocht chun gunnaí
agus árthraighe agus camthaí agus áirnéis cogaidh do bheith
aca chun an eagla do chur ar a chéile. Agus ar feadh na
haimsire go léir ní théigheann aon lagadh ortha acht ag moladh
na síothchána go guth-bhinn geal-gháireatach.



Níor luaithe an ghaoth a dtuaidh ná Labhrann ag teacht de
dhruim tíortha agus fairrge d'ionnsaighe na hÉireann. Dob'
fhada an turus aige é, agus ba ghearr an aga do bhí aige
agus ba dhian é an siubhal. Do bhí sé dá chor agus dá
thraochadh. Ní rug a leithéid d'éigean riamh air, agus do bhí
eagla air nach feudfadh sé é d'fhulang go sroichfeadh sé an
baile. Do ghluais sé air agus ní dhearna sé sos ná
suaimhneas go ráinig sé dún a athar. Idir ghlaodh an choiligh
agus lá is eadh do shroich sé an dún. Do bhí sé sáruighthe
traochta i ndiaidh an aistir sin agus le méid an ghreama
rug air do thuit sé ar an bhfaithche i gcró-linntibh báis agus
do bhí fuil a chroidhe aige dá chur amach.



“A anam, a mhic,” arsa Tadhg mac Nuadhaid, “is maith
an teachtaireacht í sin deunta agat. Ní dhearna aenne riamh
rómhat a chomh-mór de shiubhal 'n-a chomh-ghearr d'aimsir.”



“Is beag an tairbhe mo luas, is baoghal,” do ráidh
Labhrann, “nuair nach fuil sé de spionnadh ionnam na hairm
seo do bhreith go Fionntráigh chuig Fionn i dtráth chun catha
an lae amáirigh. Tá deireadh mo shiubhail-se deunta,” ar
sé sin.



Ar maidin lá ar n-a mháireach do-chonncadar Aodh mac
Aoibhinn, gaisgidheach maith de mhuintir Thaidhg, ag teacht fé
n-a ndéin. Do bhí buadh siubhail ag an bhfear sin. Ba luaithe


L. 76


insa choisidheacht é ná gaoth Mhárta, agus ní théigheadh de'n
luas sin go meadhon gacha lae. Níor luaithe eilit ná é as
sin go hoidhche. Do bhí áthas ar Thadhg Aodh do ghabháil chuige
chomh tráthamhail sin.



“Is ró-mhaith an tráth thángais chugainn, a óglaigh,” arsa
Tadhg mac Nuadhaid, agus d'innis sé cúrsaí an sgéil dó.



Rug Aodh mac Aoibhinn ar na harmaibh agus d'imthigh sé,
mar d'imtheochadh sidhe gaoithe géire, thar maoileannaibh cnoc
agus thar machairíbh réidhe, agus níor sguir de'n ruathar
siubhail sin go ráinig, le linn éirghe gréine, ós cionn calaithe
Fionntrágha. Do bhí an Fhiann bailighthe annsúd roimhe ag a
n-ullmhughadh féin le haghaidh mór-chatha an lae sin, agus do
bhí Fearghus Finnbhéil ag a ngríosughadh chun gníomhartha móra
maithe do dheunamh.



“A Fhianna Éireann,” do ráidh Feargus, “tá euchtaí móra
le deunamh indiu agaibh. Euchtaí nach mór daoibh na
gníomhartha is treise agus na cleasa comhraic is glioca
agaibh chun a ndeunta. Dá mbeadh faid seacht lá insa ló
atá indiu ann, do bheadh dóthain gach lae dhíobh sin 'n-a bhfuil
le deunamh indiu agaibh. Ní dearnadh riamh agus ní dheuntar
go deo arís i n-Éirinn aon ghaisgeadh go mbeidh aon bhreith
aige ar ghaisgeadh an lae seo.”



Tar éis na cainnte sin do bhí an Fhiann ag bogadh síos fé
dhéin na trágha nuair do-chonncadar chuca mac Aoibhinn
agus é ar a chrom-ruathar. D'fhiafruigh Fionn sgeula dhe nó
cár bh' as do ghluais sé chuca.



“Ó thigh Thaidhg mhic Nuadhaid is eadh thánga,” arsa Aodh.
“Do cuireadh ag triall ort-sa mé chun a fhiafraighe dhíot cad
fé ndeara dhuit aghaidh do thabhairt ar Rígh an Domhain agus
a fhios agat nach deargann arm ná faobhar dá nimhnighe air.”



“Dar mo bhriathar-sa,” arsa Fionn, “muna mbainead-sa
fuil as go mbainfead cnead as. Muna bhfeudad a chorp
do ghearradh tré n-a lúirigh do-dheunad a chorp do bhrúghadh
istigh innti. Nach fuil de ghnó agat díom acht sin?”


L. 77


“Tá, a Rí,” do ráidh Aodh mac Aoibhinn, “tá airm chatha
annso agam duit. Do sholáthruigh Labhrann Lámh-fhada,
dearbhráthair do mháthar, duit iad le cleasaibh draoidheachta.
Ní'l an bás i ndán do Dháire Donn go marbhuighthear leo
sin é;” agus do shín sé go dtí Fionn iad.



Do bhain Fionn na clúdaigh díobh agus dh' fhóbair dó é
do dhalladh leis an lasair solais do bhí ionnta. Do bhí
splanncacha teine ag éirghe dhíobh agus bolgáin bheodha nimhe
gur dhóigh le duine go rabhadar ar dearg-lasadh. Do bhí an
spreucharnach chomh láidir agus chomh geal sin nár fheud óga
na Féinne feuchaint ar na harmaibh, acht a súile d'iadhadh.
Tháinig trian de chumas agus de ghaisgeadh agus de
mheanmain agus de mhór-chroidhe do gach duine d'Fhiannaibh
Éireann nuair do-chonncadar na hairm sin ag Fionn, óir
na caora teine do chaithidís díobh, níor bh' aon chosaint ortha
sgéithe ná éidí iarainn catha. Do théighidís tríotha agus tré
chorpaibh na ndaoine do theangmhuigheadh leo mar do-gheobhadh
saighead nimhe. Do labhair Fionn.



“Éirigh, a Fhearghuis,” do ráidh sé, “agus áirmhigh a
maireann de'n bhFéinn i gcóir an chatha so.”



D'áirmhigh.



“Aon chath eagair amháin atá ann beo d'Fhiannaibh
Éireann,” ar seisean. “Is mór an díothughadh atá deunta
orainn agus gan acht an méid sin d'ár slóghaibh ar fagháil
anois. Acht is maith ann an méid atá ann díobh fós, óir is
'mó fear chomhlainn triúir ar an méid sin, agus fear
comhlainn naonbhair, agus fear comhlainn triochad agus fear
comhlainn ceud; agus is mór an cosnamh ar Éirinn fós iad.”



“Is fíor sin,” ar Fionn, “agus éirigh anois mar a bhfuil
Rí an Domhain agus fógair air bheith ar láthair an chatha go
luath.”


L. 78


CAIBIDEAL A SEACHTDEUG.



An t-éirleach do-rinne Caiseal Clúmhach agus a Bhráithre ar
an bhFéinn. An súiste iarainn agus an sgiath theine.



Nuair tháinig Fearghus Finnbhéil ar bórd na luinge 'n-a
raibh Dáire Donn is amhlaidh do fuair sé an Rí agus é 'n-a
luighe ar iomdha agus gach aon ní dá bhreaghthacht agus dá
uaisleacht 'n-a thimceall. Do bhí lucht ceoil is seanma ann
agus ceolta sámha suain dá seinm aca dhó. An-foghar bog
binn do bhí insa cheol sin, ba bhuaidheartha an té nach cuirfeadh
sé suaimhneas agus sáimhe air.



“A Rí an Domhain,” do ráidh Fearghus, “is fada ar do
shuaimhneas agus ar do sháimhin sógha thú; acht ní maoidhte
ort é, óir is é an codladh deireannach agat é. Tá Fianna
Éireann ag triall ar ionad an chatha agus freagair-se
comhrac dóibh.”



“Ní mór, dar liom,” arsa Dáire Donn, “atá ann
d'Fhiannaibh Éireann anois chun catha ná comhraic.”



“Aon chath eagair amháin,” do ráidh Fearghus, “agus an
mór de shlóghaibh an domhain atá 'n-a mbeathaidh?”



“Deich gcatha fichead de shluagh do bhí faram-sa ag teacht
i n-Éirinn agus tá fiche cath dhíobh sin tar éis tuitim le
Fiannaibh Éireann. Ní'l agam anois acht deich gcatha, acht
tá ochtar ortha sin agus dá mbeadh fir an domhain go léir
ar aon láthair 'n-a gcoinnibh do chuirfeadh an t-ochtar sin an
lá ortha agus do mharbhóchaidís iad. Mise féin duine de'n
ochtar agus Conmhaol mo mhac; agus Ógharmach, inghean Rí
Ghréag, an gaisgidheach mná is fearr insa domhan; agus
Fiannachta Fiaclach, mo thaoiseach teaghlaigh; agus Caiseal
Clúmhach, Rí Lochlann agus a thriúr dearbhráthar: Foirne
Glangheur, Tocha agus Mongach na Mara.”


L. 79


Do-chuaidh Fearghus ar ais. Do dhruid Rí Lochlann agus a
bhráithre i leathtaoibh agus do chromadar ar chogarnaigh le
n-a chéile.



“Do-bheirim-se mo bhriathar,” arsa duine aca, “má
théigheann aon chaonthaidhe de shlóghaibh an domhain d'ionnsaighe
na Féinne romhainn-ne nach ragham-ne ann ar aon chor. Dá
dtéighidís, ní bheadh aon chaoi againn-ne ar n-airm do
dheargadh ar Fhiannaibh Éireann. Ní mór dúinn-ne a bhfuil
ann díobh gan aenne eile do thabhairt fútha; agus tá sé de
gheasaibh orainn, má do-ghnímíd deargadh ortha ar aon chor,
a sásamh féin d'fhuil is de chosgar do thabhairt d'ár
n-armaibh.”



“Raghad-sa im' aonar chuca,” arsa Foirne Glangheur, an
dearbhráthair dob' óige aca,” gan cead ná comhairle do Rígh
an Domhain.”



D'éirigh sé agus do chuir sé uime a éideadh catha agus
tháinig sé i dtír d'ionnsaighe na Féinne. Is é an chóir
troda do bhí aige claidheamh dearg-fhaobhrach i ngach láimh
leis, is gan sgiath ná cosaint ar bith eile aige. Do bhí
gleacaidheacht iongantach 'n-a chumas leis an dá chlaidheamh.
Do bhí de lúth agus de mhire agus d'fhuinneamh ann nuair
do bheartuigheadh sé iad, agus nuair do bhíodh taithneamh na
gréine ar bhasaibh na gclaidheamh, gur dhóigh leat gur ceud
geug agus ceud claidheamh do bheadh aige. Agus, dar leat,
ní raibh aon teacht 'n-a ghoire ná 'n-a ghaobhar, mar go raibh
claidhmhte geura ag a chosaint mar do bheadh cleití coinnighthe
ar ghrainneóig. Do-rinne sé cosair chró d'ár cuireadh 'n-a
choinnibh chun troid do thabhairt dó, agus do chumhangruigh sé
an tráigh agus an bán ós a chionn le corpaibh na ngaisgidheach.



Do-chonnaic Fionn an t-ár agus ba chrádh croidhe agus ba
bhaoghal báis dó é. Do chrom sé ar an Fhiann do ghríosughadh
chuige acht ní raibh aon fhonn ortha dul 'n-a threo. Do-chonnaic
Fearghus an t-éirleach agus do-chonnaic sé an leisge do bhí
ar an bhFéinn tabhairt fé'n allmhurach.


L. 80


“A Fhianna Éireann,” ar sé, “is mór de chruadhtan agus
de bhroid do fuaireabhair ag cosaint na tíre seo agus sin é
aon laoch amháin ag a baint díbh anois, agus sibh-se annso
mar do bheadh sgata mion-eun ag rith fé sgáth tor ó'n seabhac
do bheadh ar a dtí. Is bocht an sgeul sibh-se do bheith ag
dul ar sgáth Fhinn agus Oisín agus Osgair. Ní meathta
duine agaibh ná an dara duine.”



“Dar mo bhriathar, is fíor sin, a Fhearghuis,” arsa Oisín.
“Ní lugha an fonn atá ar dhuine againn dul chun teangmhála
leis an allmhurach sin ná mar atá ar gach aenne eile, d'uile
is d'áirighthe.”



“Mo náire go deo sibh!” do ráidh Fearghus. “Mo
náire go deo Fianna Fáil ag cur meathtachta agus eagla i
leith a chéile! Do bhitheas lá agus ba ghearr é ré an té
do chasfadh an t-asmhuchán sin libh-se. Acht tá bhur ngaisgeadh
agus bhur gcalmacht imthighthe. An amhlaidh atá an sgeul
agaibh nach meathta duine agaibh ná an dara duine?”



Do-chuaidh an cáineadh sin fé Oisín.



“Ní hamhlaidh atá, a Fhearghuis,” ar seisean, “agus ná
cas an t-asmhuchán sin linn arís;” agus do-chuaidh sé 'n-a
réim reatha fé dhéin an allmhuraigh ar an tráigh.



“Fan agam, a ghaisgidhigh,” arsa Oisín le mac Ríogh
Lochlann, “go dtugad cath dhuit thar cionn na Féinne.”



“Ní mór an mhoill do chuirfidh sin orm,” do ráidh an
t-allmhurach.



D'árduigheadar a dhá sgiath imeall-áilne i gcoinnibh a chéile.
D'imrigheadar cleasa troda ar a chéile le n-a sleaghannaibh
geura agus le n-a gclaidhmhtibh faobhracha. Thugadar foghanna
marbhuightheacha fé n-a chéile le gliocas is le treise lámh,
agus do leanadar de sin go ceann i bhfad.



Ar deireadh thiar do bhí an cath ag dul ar Oisín agus le
déine an chruadhtain do bhí air, do baineadh osna cómhlainn
as. Do-chuala an Fhiann an t-osna sin agus tháinig mí-
mhisneach agus eudóchas ortha. Dar leo, ba ghad um gainimh


L. 81


dóibh, nó tuargain darach le dornaibh, dul i n-aghaidh na
n-allmhurach, óir do bhí Oisín, do bhí ar an ngaisgidheach dob'
fhearr ortha, dá thnáthadh ag aenne amháin aca.



“Is baoghal, a Fhearghuis,” arsa Fionn, “nach é leas mo
mhic do-rinnis nuair do ghríosuighis i n-aghaidh an allmhuraigh
é. Dob' fhusa liom-sa mé féin agus an Fhiann go léir
d'fhagháil bháis ná Oisín d'fheicsint insa chruadhtan i n-a bhfuil
sé. Acht éirigh chuige agus déan a mholadh chun go mb'
fheairrde a mhisneach agus go mbadh mhóide feidhm a bhuille.”



Do-chuaidh Fearghus i láthair an chomhraic. Do bhí Oisín ag
géilleadh.



“A anam, a Oisín,” arsa Fearghus, “is náireach leis an
bhFéinn t'ionad-sa do bheith chomh híseal insa chomhrac so.
Ná bíodh sin de náire a thuilleadh ortha. Is 'mó teachtaire
atá annso, idir coisidhthe agus marcacha, ó ingheanaibh ríogh
agus ró-fhlath Éireann, ag faireadh ar do chomhrac-sa chun
tuarasgbháil do ghníomh agus do ghaisgidh agus do chumais
catha do bhreith a-bhaile leo;” agus thug sé greas molta ar
Oisín.



Tháinig misneach mhór d'Oisín leis an ngríosughadh sin.
D'éirigh a mheanma agus a bhrígh ann. Tháinig a neart is a
chumas ar ais arís chuige. Thug sé síneadh dá cholainn mar
do-dheunadh eascú. Do dhruid gach cnámh 'n-a chorp ó n-a
chéile, agus do raghadh leanbh míosa idir gach dá easna dá
easnachaibh. Do-chuala Fianna Éireann an chnagarnach agus
an gíosgán do-rinne na cnámha agus iad ag druidim ó chéile.
Annsin thug sé urchar dá shleigh chróidheirg catha do'n allmhurach
'n-a ucht. Do-chuaidh an tsleagh tré lúirigh is tré chorp an
allmhuraigh, agus níor stad gur lean bannlámh dá crann an
t-iarann tré chnámh a dhroma amach. Do thuit an t-allmhurach
mar a raibh sé agus do-chuaidh Oisín mar a raibh an Fhiann.
Do thóg sluaighte an domhain gáir chaointe dá nduine féin,
agus do thóg Fianna Éireann gártha molta agus maoidhte
d'Oisín.


L. 82


Ní tlás ná eagla tháinig ar bhráithribh an ghaisgidhigh do
marbhuigheadh. Níor mhiadh ná níor mhaise leo é do thuitim
le haenne, dá uaisle é, d'Fhiannaibh Éireann. D'éirigh Tocha
agus tháinig sé i dtír chun bás a dhearbhráthar do dhíoghailt ar
Fhiannaibh Éireann.



Is amhlaidh do bhí an gaisgidheach sin agus ciorcaill de
chlár-iarann mór-dtimcheall air ó bhonn go bathas. Dob'
uathbhásach a chruth agus a dheunamh. Do thiocfadh iompódh líthe
insa té is calma agus gan acht é d'fheicsint uaidh. Do
dhubhfadh is do ghormfadh ag deagh-laochaibh roimhe. Do
thiocfadh meirthne agus creathán ar ghaisgidheachaibh agus do
raghadh curaidhe catha as a gcéill, tré mhearbhall, dá
bhfeicidís chuca é.



Tháinig Tocha i dtír agus thug aghaidh ar shlóghaibh na Féinne.
Ní teacht 'n-a n-imeall do-rinne sé acht bóthar do dheunamh
tríotha agus siubhal ar a gcorpaibh go raibh sé, 'n-a lár istigh.
Annsin do chuir sé a lann leadartha líomhtha ar ingheilt ar
chorpaibh na gcuradh is na laoch agus ar ghuailnibh na ngais-
gidheach agus ar uchtaibh na dtighearnaí catha. Thug sé a
leithéid sin de ghreadadh dhóibh go dtugadar a gcúl leis agus
gur theicheadar le n-a n-anam uaidh.



Ní tugadh a leithéid de mhaidhin chatha ar Fhiannaibh Éireann
riamh roimhe sin ná níor theicheadar ó aenne riamh féibh mar
do-theicheadar uaidh sin. Do-chonnaic mac Lughdhach an tóir
is an teicheadh. Ba nár leis é. Do-chuaidh sé féin fé dhéin
an allmhuraigh, mar ba chuma leis bás nó beatha ó'n uair sin
amach.



“Ar do ghail is ar do ghaisgeadh, fan agam go ndeinead
comhrac leat thar cionn na Féinne,” do ráidh mac Lughdhach.



Ba dheacair le Tocha éirghe as an éirleach do bhí dá dheunamh
aige, acht gidh gur dheacair, níor bh' fhiú leis a chlú gaisgidhigh
do bheárnadh, ná a thabhairt le rádh d'aenne gur eitigh sé fé
chomhrac aonair é.



Thugadar araon fé n-a chéile agus do-rinneadar comhrac


L. 83


sanntach sár-euchtach, agus ba sgannradh le n-a fheicsint an
sgrios do-rinneadar ag tuargain a chéile. Do leanadar
de'n ghreadadh gan chosg gan sos, gan truagh gan taise, go
ndearnadar brúsgar de chrannaibh a sleagh, agus gur
lúbadar agus gur bhriseadar a lanna leis an mór-bhualadh.
Níor fhágbhadar ruainne dá sgiathaibh le n-a chéile nár
stoladar is nár ghearradar le faobhar a gclaidheamh. I
ndeireadh na troda do chaitheadar uatha a raibh dá sgiathaibh
aca. Do dhruideadar siar ó n-a chéile agus do tharraing an
bheirt aca, i n-éinfheacht, dhá bhéim chlaidheamh chomh láidir is
do bhí sé 'n-a gcorp iad do tharrang.



Do bhuail an dá chlaidheamh faobhar le faobhar i gcoinnibh
a chéile agus do chuaidh claidheamh Mic Lughdhach tré chlaidheamh
an allmhuraigh. Do tharraing Mac Lughdhach an dara buille
air agus leis an iarracht sin d'fhág sé cathbharr agus ceann
agus lúireach agus croidhe an allmhuraigh 'n-a dhá leith
chomhthroma. D'fhág sé marbh 'n-a dhiaidh é, agus tháinig fé
mhóir-mheanmain mar a raibh Fianna Éireann.



Nuair do-chonnaic Mongach na Mara an chrích d'imthigh ar
a bheirt dearbhráthar ba bhuaidheartha an duine é. Do bhí crádh
agus fearg agus olc air. D'éirigh sé chun go dtagadh sé
féin i dtír. D'éirigh sluaighte an Domhain chun go dtagaidís
i dtír chomh maith leis, acht do chuir sé cosg leo.



“Fanaidh mar atá agaibh, a fheara an domhain,” ar sé.
“Ní daoibh-se is ceart corp-éiric mo dhearbhráthar do bhaint
amach. Is dómh-sa is cóir an ní sin do dheunamh agus a
mbás súd d'agairt ar Fhiannaibh Éireann;” agus do ghluais
sé i dtír.



Nuair do-chonnaic an Fhiann chuca é níor thaithnigh a
dheallramh leo. Ní fheacadar riamh gaisgidheach ag teacht
chun catha fé'n gcórughadh do bhí air. Ní raibh claidheamh ná
lann ná sgiath aige, ná aon arm eile insa tsaoghal, acht
súiste reamhar iarainn 'n-a láimh. Níor shúiste mar ghnáth-
shúistíbh í siúd. Do bhí seacht gcnapáin d'iarann leachta ar


L. 84


an mbuailteán do bhí uirthi agus deich slabhraidhe is dá fhichid
ar sileadh as. Do bhí deich n-ubhla is dá fhichid d'iarann ar
gach slabhradh dhiobh agus deich ndeilgne is dá fhichid ar gach
ubhall díobh sin. Ní fheaca Fianna Éireann chuca riamh aon
duine gur mhó an doicheall do bhí aca roimhe ná roimh
Mongach na Mara is a shúiste.



Sul a raibh uain aca an t-iongantas do chur díobh thug sé
ruathar fútha agus do chrom ar iad do bhualadh agus do
leadradh leis an súiste. Ní raibh aon oighre air acht
meitheal fóghmhair i lár guirt ag leagadh is ag srathadh an
arbhair. Do chuir sé na hubhla agus na deilgne agus na
slabhraidhe 'n-a luighe ortha, do bhain sé an inchinn asta leis
na hubhlaibh, agus do strac sé an fheoil dá nguailnibh is dá
ngeugaibh is dá n-easnachaibh leis na deilgnibh. Thug sé
sgannradh is sgeimhleadh dhóibh, agus do bhíodar ar mearbhall ag
teicheadh uaidh ar fuaid na trágha.



Do bhí duine ann agus ba náireach leis an Fhiann do bheith
'n-a leithéid de chruadh-chás. Fiacha mac Ríogh Breatan an
duine sin. Do-chuaidh sé mar a raibh Fearghus Finnbhéil.



“Tá náire saoghalta fachta ag an bhFéinn,” ar sé, “muna
gcuirtear cosg leis an bhfiallach duine sin agus le n-a
shúiste. Tar dom' mholadh, a Fhearghuis, agus rachad ag
comhrac leis. Ba mhóide mo chalmacht agus mo bhrígh tusa
do bheith am' ghríosughadh.”



“Is furus tú do mholadh,” do ráidh Fearghus, “óir dob'
uasal do shean agus do shinnsear. Tá grádhmhaire id' ghnúis
agus grádh id' ghruadhannaibh agus cródhacht id' chroidhe agus
brígh id' bhuille.”



Annsin thug Fiacha aghaidh ar Mhongach na Mara agus do
chromadar ar a chéile go briathar-bhorb agus go barbardha
agus go fíochmhar. D'árduigh an t-allmhurach a shúiste agus
thug buille dhi ar amus Fhiacha. Ba mhaith an mhaise ar Fiacha
sin, thug sé léim ar leathtaoibh uaidh agus do ghaibh an súiste
agus a chuid gleothálacha thairis. Annsin thug Fiacha fé'n


L. 85


allmhurach agus do bhain ó dhá chaol dá lámh anuas de de'n
bhuille sin. Do tharraing sé an aith-iarracht air agus do
roinn sé, 'n-a dhá chuid, a chorp. Nuair do thuit an
t-allmhurach, do bhain sé ar chuma éigin leis an súiste, agus
do-chuaidh ceann de na h-ubhlaibh agus na deilgne nimhe uirthi
i mbeul mic Ríogh Breatan gur cuireadh a fhiacla agus a
theanga agus a inchinn tré chul a chinn siar. Do thuit an
bheirt bonn le bonn agus beul le beul ar an láthair sin.



Do bhí Caiseal Clúmhach Rí Lochlann ag feuchaint ar na
gníomhaibh sin. Do chonnaic sé an t-éirleach do-rinne fear
an tsúiste ar an bhFéinn agus an ruaig do chuir sé ortha.
Do-chonnaic sé an t-aenne amháin ag dul fé n-a dhéin.
Do-chonnaic sé buille a dhearbhráthar agus léim sheachanta
an duine eile. Do-chonnaic se a dhearbhráthair ag tuitim,
taobh de mar seo agus an taobh eile mar siúd.



Tháinig tocht 'n-a chroidhe le brón agus le buaidhirt.
Tháinig tocht eile 'n-a chroidhe, tocht buile agus feirge agus
uilc. Do bhí deamhain Ifrinn 'n-a chroidhe istigh ag a
ghríosughadh chun díoghaltas do bhreith ar an dream do mhairbh
a dhearbhráthar. Do léig sé dá fheirg éirghe lastuas de
agus do bhí sé ar gealtacht ag gabháil i dtír dó.



Tháinig sé i dtír. Dob' é sin an sgeimhleadh mhór agus an
t-éirleach agus an mhór-thuile díleann agus an tonn rabharta
ag teacht. Dob' olc a theacht d'Fhiannaibh Éireann muna
gcuirtí cosg leis. Do bhí sgiath nimhe, do-rinne gabha Ifrinn
dó, ar dearg-lasadh aige. Sgiath mhillte í siúd. Dá
gcuirthí fé'n bhfairrge í ní báithfidhe aon laom dá lasair, acht
ní dhéineadh an lasair aon díth ná aon dochar do'n té go
mbíodh an sgiath aige. Nuair do-gheobhthaí tré chath léi ní
leomhfadh cara ná namha teacht i ngiorracht faid urchair di
gan í dá mharbhughadh. Dá sgaoiltí le Caiseal Clúmhach, ba
mhaith an dóigh nach fada do bheadh an sgiath do bhí aige ag
cur críche agus deiridh leis an bhFéinn, agus níor bh' é siúd
nach cuirfeadh comhacht na sgéithe i bhfeidhm ortha. Na caora


L. 86


teine d'éirigheadh di níor bh' aon chosaint ortha sgiath ná
éideadh catha. Do théighidís tríotha agus tré chorp an duine
go mbíodh an t-éideadh air, agus do bhíodh sé ar dearg-lasadh
istigh 'n-a lúirigh iarainn, agus dá dteangmhuigheadh an duine
sin le fear eile do ghabhfadh seisean an lasair cheudna uaidh.
Ní fearr do lasfadh barr beithe nó sgolb giúise do bheadh
le bliadhain insa deatach, ná gach fear aca idir arm agus
éideadh agus gleus catha ó lasair na sgéithe uathbhásaighe
sin.



Do ghluais sé fé dhéin na bhFiann chun nimh a sgéithe do
sgaoileadh fútha agus iad do sgriosadh de'n tsaoghal. Ní
raibh aon airm aige acht do bhí ciorcaill d'iarann mór-
dtimcheall a chuirp. Do-chonnaic Fionn agus an Fhiann chuca
é agus ba bheag leo gach mór-olc dá dtáinig riamh i nÉirinn
i gcomórtas leis. Do mheasadar nach raibh i ndán dóibh acht
an bás.



“A Fhianna Éireann,” do ráidh Fionn mac Cumhaill, “is
baoghal go bhfuil ár gcath deiridh curtha. Ní comhrac
macánta do-ghní an fear sin. Ní féidir do neach saoghalta
dul 'n-a aghaidh. Tá comhacht nach comhacht saoghalta insa
sgéith sin. Árduighidh bhur lámha, a Fhianna, agus tabhraidh
trí gártha beannachtan do'n té do chuirfidh moill éigin ar
an allmhurach chun go mbeireadh dream éigin an t-anam uaidh
de thoradh reatha.”



D'árduigh gach n-aon a ghuth chomh hárd agus chomh treun is
dob' fhéidir leis, agus thugadar na gártha. Do-chuala Caiseal
Clúmhach iad. D'aithnigh sé go maith cad 'n-a thaobh go
dtugadh iad agus tháinig clab air le gáiridhibh.



Le n-a linn sin do bhí Druimdhearg mac Dolair mic
Dorchaidhe, Rí Féinne Uladh, comhgarach do'n allmhurach. Is
é arm do bhí aige sin sleagh nimhe do bhí ag gach duine dá
shinnsearaibh i ndiaidh a chéile, agus an Chroidhearg dob' ainm
di. Do bhí Druimdhearg ag faireadh ar Chaiseal Chlúmhach agus
an tsleagh ullamh aige chun í do sgaoileadh fé, acht thug sé


L. 87


fé ndeara an t-éideadh iarainn do bhí timcheall air ó bhonn
go bathas. Do bhí a aghaidh agus a cheann clúduighthe ar an
gcuma cheudna, agus do cheap Druimdhearg nár bh' aon
mhaith dhó an t-urchar do sgaoileadh fé. Annsin thug Fianna
Éireann na gártha agus tháinig an clab ar an allmhurach ag
gáiridhe fútha. Do-chonnaic Druimdhearg an beul ar leathadh.
Do phreab sé. Do bheartuigh sé an Chroidhearg os cionn a
chinn agus do sgaoil ar amus an allmhuraigh í. Do-chuaidh sí
go cruinn siar isteach 'n-a bheul agus tré chúl a chinn amach.



Do thuit Caiseal Clúmhach agus do thuit an sgiath as a
ghlaic. Do-chuaidh lasair na sgéithe i n-eug nuair do bhí a
tighearna marbh. Do-chuaidh Druimdhearg chun an allmhuraigh
agus do bhain an ceann dá cholainn agus do mhaoidhimh an
gníomh sin ós comhair cách.



Dob' í sin an dara cabhair is fearr do fuair an Fhiann
riamh leis an bhFiann-ghaisgeadh.


L. 88


CAIBIDEAL A HOCHTDEUG.



An Mór-chath.



Tar éis na mbeart sin d'éirigh mío-fhoidhne ar shlóghaibh
Ríogh an Domhain, óir dob' fhada leo do bhítheas ag cur catha
sin Fionntrágha. Thángadar idir rí agus ruire agus taoiseach
agus tighearna. Thángadar idir ghaisgidheach agus ceithearnach
agus giolla. Tháinig ar mhair beo de shlóghaibh an domhain i
n-aon mhór-shluagh bhorb amháin agus do ghluaisigheadar uile
i dtír. Do bhrúchtadar an dá shluagh i gcoinnibh a chéile ar nós
dlúth-choillte daire nó mór-thuile díleann. Do gluaisigheadar
go docht agus go dian agus go droch-fhuadrach.



Do buaileadh an dá shluagh i n-aghaidh a chéile. Ba mhór
an sgeimhleadh an teangmháil sin. Do bhí claidhmhte ag
feadghail. Do bhí cnámha dá ngearradh. Do bhí cuirp dá
ngonadh. Do bhí súile dá ndalladh. Do bhí geuga dá mbaint
anuas de cholnaibh agus cinn dá sgaradh le corpaibh insa
chath sin. Is iomdha máthair do fágbhadh gan mac agus bean
chaomh gan chéile insan uair sin.



Do buaidhrigheadh dúilí an domhain agus do fhreagruigheadar
do dhéine an chatha dá chur i gcrích is i gcéill an t-olc agus
an t-uathbhás do bhí i n-áirighthe an lá sin annsúd. Do bhúir
agus do bhéic an mhuir ag innsint méid an áir do-dheunfaidhe.
Do thógbhadar na tonna trom-gháir truaighe ag caoineadh na
laoch; agus do bhúir gach piast dá fhaisnéis mar an gceudna.
Do léigeadar na cnuic géim agus do bhíodar dá suathadh
le cruadhtan an chatha. Do chriothnuigh i a coillte ag deunamh
dóláis agus dubróin. Do gháireadar na glas-chlocha agus
do ghoileadar na gaotha le gníomhaibh agus le heuchtaibh an
lae sin. Tháinig cumhsgughadh talmhan ag deunamh tuair agus
tairngire do'n ár. Tháinig gorm-bhrat ar an ngréin le gáir


L. 89


fiadhaigh na sluaighte agus do dhubhadar na sgamaill. Do
sgread is do bhúir agus do ghlam coin agus conarta agus
badhbha agus geiltí glinne agus arrachtaí aedhir agus
faolchoin coille i ngach áird 'n-a rabhadar; agus do bhí sreath
de dheamhnaibh uilc agus eugcóra ag gríosughadh na laoch chun
tubaist agus díth agus ár do dheunamh ar a chéile.



Do bhí laoch de Chlannaibh Mórna i lár an chatha sin istigh,
Conán Maol mac Mórna do bhí ann. Le fada roimhe sin
ní raibh aon an-mhuinteardhas idir Chlannaibh Baoisgne agus
a mhuintir sin. Do bhíodar le fada roimhe sin ag faireadh
ar a chéile go droch-amhrasach agus go mío-mhuinghineach agus
níor bh' fheairrde aon dream aca an droch-amhras ná an
mhío-mhuinghin.



Tháinig cuimhne na neithe sin go dtí Conán i lár an
chaismeartha istigh agus do smaoinigh sé gur mhór d'olc agus
d'eugcóir do-rinne sé féin agus a mhuintir riamh ar
Chlannaibh Baoisgne. Do cheap sé gur mhaith an tráth aige
féin é chun muinteardhas do dheunamh. Tháinig racht laochais
'n-a chroidhe go ndeunadh sé an ní sin. Tháinig neart agus
lúth 'n-a ghéig, leis sin. Thug sé fogha fé na hallmhurchaibh
agus d'imir sé bás agus giorrughadh saoghail agus léan
agus donas ar a raibh díobh 'n-a ghoire. Ní raibh truagh ná
taise aige dhóibh, acht thug sé greadadh agus gonadh dhóibh.
Do tholl sé na cliatháin aca agus do bhain sé na geuga
ó n-a nguailnibh anuas díobh. Badh mhór le hinnsint a ghníomha
insa ruathar sin.



Do bhí Fionn ós cionn an chatha i n-áirde agus é ag
gríosughadh na Féinne agus ag gríosughadh Chonáin thar cách
eile. Do bhí Rí an Domhain ó'n taobh eile agus é ag
gríosughadh a shluagh féin. Do ghlaoidh Fionn chuige ar
Fhearghus Finnbhéil.



“Éirigh uaim síos fé'n tráigh, a Fhearghuis,” ar sé, “agus
déan greas molta ar Chonán, óir is maith atá an namha dá
chluicheadh annsúd thíos aige.”


L. 90


Do-chuaidh Fearghus mar adubharthas leis.



Do bhí Conán ag comhrac chomh dian sin go dtáinig saothar
agus brothal agus beirbhthean air. Do bhí sé ar lasadh leis
an lúthaidheacht agus do bhí an t-allus ag a dhalladh, gur
bh' éigean dó éirghe as an gcath go ceann tamaill agus dul
mar a raibh an ghaoth ag séideadh air, dá fhionnfhuaradh féin.
Is le linn é do dhul i leathtaoibh tháinig Fearghus.



“'Seadh, tá sin mar sin, a Chonáin,” ar sé. Ní
leat-sa nach cuimhin sean-eascáirdeas. Clainne Mórna le
Clannaibh Baoisgne. Do bhainfeá súil asat féin d'fhonn an
dá shúil do bhaint as Fionn. Níor mhiste leat na hallmhuraigh
dod' mharbhughadh má ba mhisde Fionn sin.”



“Go gcuiridh na Déithe Árda an rath ort, a Fhearghuis,
agus ná déan aor gan adhbhar orm,” arsa Conán, “agus
do-dheunad gníomh maith i n-aghaidh na n-allmhurach so acht go
sroichead arís iad, agus cuirfead-sa deireadh indiu leis an
eascáirdeas sin do bhí eadrainn féin is Fionn.”



“Dar mo bhriathar, a Chonáin,” ar Fearghus, “badh mhaith
do-dheunthá é agus gníomh dá leithéid do dheunamh”; agus
thug sé greas molta ar Chonán.



Do-chuaidh Conán arís ameasg na n-allmhurach agus má ba
mhór an sgeimhleadh thug sé roimhe sin dóibh, ba dhá mhó ná sin
do chuir sé de mhí-threóir agus de leathtrom ar naimhdibh
Fhinn an ath-uair. Do-chuaidh Fhearghus ar ais mar a raibh
Fhionn.



“Cia hé is fearr comhrac insa chath, a Fhearghuis,” do ráidh
Fionn leis, ar bhfilleadh dhó ó'n tráigh.



“Tá,” arsa Fearghus, “Dubhán mac Cais mic Canainn.
Ní thugann sé de bhuillíbh ar aon duine acht an t-aon bhuille
amháin agus ní tagthar beo ó'n mbuille sin choidhche. Tá trí
naonbhair is ceithre fichid ar lár cheana aige.”



Do bhí Dubhán Donn, mac Ríogh Tuadh-Mhumhan ó'n
gCarraig Léith, ag éisteacht leis an gcainnt sin adubhairt
Fearghus.


L. 91


“Is fíor sin, a Fhearghuis,” ar sé, “acht raghad-sa féin
insa chath, agus do-bheirim mo bhriathar duit nach fillfead
im' bheathaidh as muna ndéinead cómhrac níos fearr ná a
chomhrac.”



Thug sé ruathar trés an gcath féibh mar d'imtheochadh
tóiteán breac-lasrach teine tré gharbh-aiteann ar thaoibh
sléibhe. Dob' é sin cosmhalóid an áir agus an éirligh agus
an milleadh corp thug sé ar na hallmhurchaibh. Thug sé naoi
gcuarda tríotha agus do mhairbh sé naoi naonbhair gach cuaird
díobh sin.



Annsin d'fhiafruigh Fionn d'Fhearghus cia dob' fhearr
gaisgeadh insa chath.



“Dubhán Donn an duine sin,” ar Fearghus, “mar ní bhfuair
aenne riamh an fear maith air ó'n uair nach raibh sé acht i
n-aois a sheacht mbliadhan, agus tá an fear maith fós aige.”



“Éirigh-se dá mholadh,” arsa Fionn.



“Is cóir a mholadh,” do ráidh Fearghus, “óir is cosmhail
le cáith dá sgaipeadh le gaoith an sgaipeadh agus an
sgaoileadh atá dá chur aige siúd ar shlóghaibh na n-allmhurach.”



Do-chuaidh Fearghus mar a raibh Dubhán Donn agus do ghabh
ag moladh a nirt agus a thréine agus a ghaisge. Do mhol
sé a lúth agus a threise lámh agus a chalmacht. Annsin
tháinig sé ar ais mar a raibh Fionn arís.



“Cia is fearr insa chath anois?” do ráidh Fionn.



“Tá, a Fhinn, Osgar ar an bhfear is treise comhlainn dá
bhfuil ann. Ní comhrac aonair atá dá dheunamh aige, inar
do cuireadh ceithre ceud chuige féin ar leith i leith. Tá dhá
cheud Franncach agus dhá cheud d'fhearaibh Gailian agus
Fiachra Foiltleabhair i gceannas ortha, agus gach duine de'n
mhéid sin ag tuargain sgéithe Osgair; acht ní'l duine aca
dá gcuireann goin nó deargadh airm air, nach tugann
seisean a chomh-dhíol de ghoin nó de dheargadh thar n-ais dó.”



“Cad é an sgeul ag Caoilte mac Rónáin é?” arsa
Fionn.


L. 92


“Tá sé annsúd thall,” arsa Feargus, “agus gan aon
bhroid mhór air tar éis a ndearna sé de mharbhughadh agus
d'éirleach ar an namhaid.”



“Imthigh-se chuige agus abair leis dul d'fhóirthint ar
Osgar,” arsa Fionn.



Do-chuaidh.



“A Chaoilte,” ar sé, “is dian atá an sgeul ar do
charaid, ar Osgar. Tá sé annsúd thall agus na sluaighte
allmhurach ag a chluicheadh. Éirigh-se chuige agus tabhair
fuasgailt éigin air.”



Do-chuaidh Caoilte fé dhéin an chatha. Níor bhuail sé buille
ar aenne go dtáinig sé le hais Osgair isteach. Annsin
do bhuail sé buille nimhneach neamh-thrócaireach ar an allmhurach
ba ghiorra d'Osgar agus do-rinne dhá chuid comhthroma dá
chorp. Do-chonnaic Osgar an gníomh sin. D'árduigh sé a
cheann agus thug feuchaint mhillteach feirge ar Chaoilte.



“A Chaoilte,” ar sé, “an amhlaidh nár dhearguighis t'arm
ar aon allmhurach eile go dtángais annso agus gur
mharbhuighis m'allmhurach-sa? Dar mo bhriathar! badh bheag do
thiubhradh orm tú do chur insa chosair chró dá chionn.”



D'éirigh tocht i gcroidhe Chaoilte. Tháinig mearbhall air.
Do baineadh a urlabhra dhe le méid an uabhair agus le méid
na feirge tháinig air. Acht do bhí a fhios aige nár thuig Osgar
cionnus thárla; agus níor bh' aon tráth cóir é sin chun fios
ná fáth an sgéil do chur i n-iúl dó.



Thug sé a chúl ar Osgar agus thug a aghaidh arís ar shlóghaibh
an domhain agus an fhearg agus an fhíochmhaire 'n-a chroidhe,
agus neart na feirge 'n-a láimh. Níor stad sé de'n ruathar
buile sin go raibh ceithre fichid allmhurach ar lár aige.



Leis sin, do tharraing Osgar malairt cleas comhraic chuige.
Tháinig sé timcheall a chatha féin 'n-a réim reatha agus níor
sguir sé de'n ghreadadh agus de'n bhualadh ortha. Do dhruid
sé is do dhing sé is do dhlúthuigh sé ar a chéile iad, agus
annsin, do ghabh sé tríotha agus lasnáirde ortha mar do-


L. 93


gheobhadh trom-thuile na habhann de dhruim na gcloch agus na
gcairrgeacha i n-áirde. Do bhíodar mar do bheadh treud
mór caorach i lár machaire agus machtíre 'n-a gceart-lár
agus i n-áirde ortha agus timcheall ortha ag a marbhughadh.
Níor smachtamhla aon mhachtíre riamh ar aon treud caorach
ná Osgar ar an dream sin d'allmhurchaibh; agus níor mhó
de chaorchaibh sínte i ndiaidh aon mhachtíre ná a raibh d'fhearaibh
ar mí-threóir i ndiaidh Osgair. Pé duine go raibh aon fhaid
saoghail i ndán dó, ní do dhuine ar bith de chuid Osgair é.
Do mhairbh sé iad uile ar an láthair 'n-a rabhadar. Ba bheag
leis an méid sin de dhíthiughadh ortha agus thug sé aghaidh ar
an mór-chath arís agus do chuir sé a fhearg i bhfeidhm ortha.



Do bhí Fionn agus Fearghus ag breathnughadh an chomhraic
go himnidheach agus go mío-fhoidhneach an fhaid do bhí na
heuchta sin dá ndeunamh.



“A Fhearghuis,” arsa Fionn, “cia hé, dar leat, is fearr
comhrac anois?”



“Tá,” ar Fearghus, “Oisín, do mhac móir-mheanmnach
féin. Tá sé mar is tiugha agus mar is iomadamhla na
hallmhuraigh, agus is maith feidhm a bhuille ortha.”


L. 94


CAIBIDEAL A NAOIDEUG.



Mar do chlaoidh Fionn mhac Cumhaill Dáire Donn agus
Ógharmach, inghean Ríogh Gréag.



I gcionn tamaill do labhair Fionn arís.



“Cad é tuarasgbháil an chatha anois, a Fearghus,” ar
sé. “Cia aca sluagh, dar leat, do-bheuraidh buadh an lae
seo?”



“Och! is truagh an sgeul sin, a Fhinn,” do ráidh Feargus.
“Ní maith ná ní fóghanta an deallramh atá ar an gcath anois.
Ní tháinig riamh, ná ní thiocfaidh go deo, duine do-bheuradh
a thuarasgbháil uaidh ar a euchtaighe agus ar a fhíochmhaire.
Do-bheirim mo bhriathar duit, nach dlúithe agus nach daingne
na coillte is tiugha is is achrannaighe i n-iarthar an domhain
indiu ná an cath sin. Tá sgiatha agus airm agus lúireacha
na bhfear i n-achrann 'n-a chéile agus na fir ag stracadh agus
ag sáthadh agus ag brúghadh agus ag basgadh a chéile. Dar
mo bhriathar, a Fhinn, dá mbeadh gach re fear nó gach tríomhadh
fear dá bhfuil ann agus athainní teine 'n-a lámhaibh aca, nár
ghile agus nár bh' euchtaighe an laom solais do bheadh insa
spéir i n-áirde uatha, ná mar atá de theine agus de
splanncaibh ag éirghe de chiumhsaibh cathbharr agus sgiath aca
le faobhar a dtuagh agus a lann agus a gclaidheamh. Ní
fheacthas cith fearthanna lá foghmhair riamh ba thruime ná an
cith fola atá dá stealladh ar na sluaghaibh sin anuas. Cith
a gcoda fola féin é dá árdughadh insa spéir leis an
mbualadh agus leis an ionnfairt agus le fuinneamh na
mbuillí. Dar mo bhriathar arís, a Fhinn, níor thóg aon ghaoth
dár shéid as an spéir riamh an oiread de dhuilleabhar mór
choille léi is mar atá ag imtheacht le gaoith anois d'fholtaibh
fada fionn-chasa agus de chiabhaibh casa cíordhubha agus


L. 95


d'úrlaíbh leabhaire lán-mhaiseacha, agus tuaighte agus
claidhmhte ag á mbaint anuas de mhullaighibh ceann na
ngaisgidheach. Tá an fhuil agus an ghruaig sin go léir i
n-aon bhrat amháin ar na fearaibh agus ní'l duine aca
d'aithneochadh an fear eile muna gcuireadh sé aithne ar a
ghuth ar leith i leith. Ní'l acht fuil agus fíoch agus fuath ar
gach n-aon. An laoch is lugha cruadhtan d'Fhiannaibh Éireann
tá naonbhar ag tuargain a sgéithe aige. Tá tuilleadh aca
go bhfuil deichneabhar is dá fhichid nó trí fichid duine nó
ceithre fichid duine ar a dtí. Tá cúig ceud díobh ar aghaidh
Oisín agus Osgair agus Caoilte. Is mór an cruadhtan atá
ortha súd seachas aenne eile.”



“Éirigh-se ag triall ortha, a Fhearghuis,” do ráidh Fionn
“agus déin greas molta ar gach duine aca fé leith chun go
mb' fheairrde a ngaisgeadh a dtriúr é.”



“Do-chuaidh Feargus mar a raibh Osgar agus Oisín agus
maithe Clainne Baoisgne i gceart-lár an chatha istigh, agus
iad ag díthiughadh na n-allmhurach go foirtil feidhm-láidir.
Do chrom sé ar a dtréine do mhaoidheamh agus ar iad do
mholadh agus do ghríosughadh chun calmachta. Do shéid sé fé
gach duine aca gur éirigh a gcroidhe agus a misneach ionnta,
agus gidh mór an cosgar do bhí deunta ag gach fear aca
roimhe sin tháinig sainnt aige tuilleadh gaisgidh agus tuilleadh
áir agus tuilleadh dúthrachta do dheunamh.”



Tháinig Fearghus thar n-ais go dtí Fionn.



“Cia anois is fearr cath?” arsa Fionn.



“Ní cara dhuit-se an duine sin, a Fhinn,” ar Fearghus.
“'Sé Dáire Donn an fear is mó cosgar dá bhfuil anois ann.
Tá sé ag gluaiseacht ar a réim reatha ar fuaid an chatha
ar do lorg-sa. Ní luaithe fáinleóg ná fiadh ná sidhe gaoithe
de dhruim sléibhe ná é, le cíocras chugat-sa. Tá an cath
cuarduighthe síos suas aige ar do lorg. Do bhí caoga laoch
dá theaghlach féin 'n-a theannta. Do-chonnaic Caireall
Cathbhuilleach agus Caireall Aolchinn iad agus do ghabhadar


L. 96


chuca, mar nár bh' áil leo iad do léigean chugat-sa gan a
n-airm féin do dheargadh ar dtúis ortha. Do mhairbh an bheirt
sin lucht cúil-choimeádtha an Ríogh; acht do mhairbh an Rí féin
iad sin. Is máchailleach an fuadar atá fé anois ag gabháil
trés an gcath ar do thóir.”



Le n-a linn sin tháinig Dáire Donn do láthair. Ní raibh
an uair sin fara Fionn acht Daolghus mac Ríogh Gréag.
Asgallach na Tuaighe Duibhe tugtaí air sin, mar dob' é
thug an tuagh leathan ar dtúis go hÉirinn. Dob' í an tuagh
sin an t-arm do bhí aige le linn do Dháire Donn teacht ós
a chomhair. Do phreab sé i n-aghaidh Ríogh an Domhain agus do
bheartuigh a thuagh.



“Thugas mo bhriathar,” ar seisean, “nach léigfinn Fionn
choidhche romham i gcath.”



D'árduigh sé an tuagh agus do bhuail buille baoghalach di
insa cheann ar Dháire. Do ghearr sé an mionn ríogh agus an
ghruaig laistigh dó, acht níor chuir sé sgrabhadh ná sgríob ar
cheann an Ríogh. Le cruas an chinn d'iompuigh a beul insa
tuaigh agus d'imthigh caora teintrighe ar fuaid na faithche.
Níor chuir an buille aon mhairg ar Dháire Donn. Thug sé
fogha fé Dhaolghus agus do sgoil a chorp ó mhullach talamh
de'n iarracht sin.



Annsin is eadh thug an dá rígh aghaidh ar a chéile — Rí
oirdhearc euchtach an Domhain agus Fionn calma cath-bhuadhach
mac Cumhaill. Ba chosamhail iad le dhá dhair-chrann ar neart
nó le dhá leomhan ar feirg; agus do-chuadar go dtí ionad an
chomhraic.



D'fheuch Dáire ar Fhionn. D'fheuch sé a phearsa agus a
dheunamh. Thug sé fé ndeara gur duine do réir a thuairisge
é agus nár shuarach an céile comhraic é do'n duine dob'
fhearr gaisgeadh dá rugadh riamh. Do thuig sé nár mhór dó
an gaisgeadh dob' fhearr 'n-a chumas chun é do chlaoi.



D'fheuch sé ar na harmaibh do bhí ag Fionn. D'fheuch sé arís
ortha agus tar n-ais arís. Tháinig sgeun buile 'n-a dhá


L. 97


shúil. Do dhubhuigh is do ghormuigh aige. D'athruigh a ghné
agus a chruth. Tháinig creathán 'n-a mhéireannaibh agus 'n-a
lámhaibh agus do lúb a chosa fé. Níor bh' iongnadh go lúbfadh.
D'aithnigh sé na hairm do-rinne gabha Ifrinn an lá do rugadh
é féin — ná hairm cheudna go raibh sé i n-áirighthe dhó féin iad
dá mharbhughadh. Do bhí a fhios aige annsin nach raibh dul as
an gcath sin 'n-a bheathaidh aige. Do bhí a ré caithte. Tháinig
a lá. Ní raibh aon choinne aige leis an uair sin. Dob' é
an cuimhneamh ba shia uaidh é. Acht ní raibh leigheas ar an
sgeul. Níor bh' aon tairbhe bheith ag seanchus nuair do bhí
an anachain deunta. Ní raibh le deunamh aige acht gan an
lámh uachtair do thabhairt d'Fhionn i n-aisgidh.



Do nochtadar a dhá gclaidheamh agus d'ionnsuigheadar a
chéile go dian-bhorb dlúth dána, go mall-troightheach agus
go láidir agus go teann. Dob' iongantach an réabadh do-
rinneadar. Do bhaineadar slisní de'n bhfeoil de chliathánaibh
agus d'easnadhachaibh a chéile agus iad ag gearradh agus ag
feannadh agus ag sáthadh a chéile. Ní mór de neithibh
saoghalta ba chosamhail le comhrac na beirte sin munab é
an t-anfadh garbh-ghaoithe geimhridh do roinnfidhe 'n-a dhá leith
agus go dtiocfaidís anoir is aniar i gcoinnibh a chéile, nó
dá roinntí an mhuir mhór 'n-a dhá cuid agus go mbuailfeadh
an dá chuid sin 'n-a dhá rabharta móra Inide go tonn-mhór
torannach i n-aghaidh a chéile, nó mar do bheadh dhá lá
euchtacha an bhreitheamhantais deireannaigh agus Gleann mór
Iosaphet dá bhaint aca dá chéile.



Do leanadar de'n dian-chosgar sin ar feadh i bhfad, acht
fé dheireadh do bhítheas ag cur go cruaidh ar Dháire Donn,
ar an té nár chleacht riamh aon duine dá chlaoi. Do bhí an
cath ag dul air, agus do bhí a neart ag a thréigean.
Cruadhtan é sin nach rug riamh roimhe sin air.



Do thrialladar araon a ngliocas is a gcleasa ar a chéile.
Thug gach duine aca iarracht ar an bhfear eile do chur ar
mío-chomhthrom éigin, acht do bhíodh cor nó cam nó cleas ag


L. 98


an dara fear do chuireadh an mío-chomhthrom ar neamhní. Do
chuireadar gona teinne máchailleacha ar a chéile. D'éirigheadh
mío-fhulang agus mío-fhoidhne ortha. Do chuireadh an phian
agus an tinneas crádh agus fearg ortha. Do thagadh cíocras
ortha an phian agus an tinneas do dhíoghailt ar chorpaibh a
chéile. Nuair nár fheudadar é sin do dheunamh do mheuduigh
ar an gcuthach agus ar an bhfeirg aca go rabhadar ar deireadh
thiar thall mar do bheadh dhá bheithidheach allta. Níor fhan
foidhne ná fulang aca. Do chaitheadar uatha na cleasa
gliocais agus an faireadh ar a chéile. Do thógbhadar a dhá
gclaidheamh agus do tharranguigheadar i n-éinfheacht ar a
chéile an dá bhuille. Do bhuail claidheamh Dháire sgiath Fhinn
agus do bhain an trian uachtarach aisti. Do-chuaidh an
claidheamh tré n-a lúirigh chatha ag Fionn ó n-a chrios síos agus
do bhain leithead baise gaisgidhigh d'fheoil as a cheathramhain.



Do bhuail Fionn sgiath Ríogh an Domhain insa tslios uachtrach
agus do sgoilt ó bhun barr í. Do bhuail sé a chlaidheamh
agus do-rinne coda beaga dhi agus do-chuaidh an claidheamh
annsin 'n-a cheathramhain chlé ag an Rígh agus do sgoilt sí
an chos chlé síos go troigh. Thug Fionn an dara buille dhó
agus do sgar a cheann le n-a cholainn. Do thuit Dáire Donn
marbh ar an láthair sin agus do thuit Fionn i n-aice leis i
gcró-linntibh báis.



Do-chonnaic Fiannachta Fiaclach taoiseach teaghlaigh Ríogh an
Domhain an Rí ag tuitim. Tháinig sé agus rug sé ar an
mionn ríogh agus do-chuaidh mar a raibh Conmhaol, mac an
Ríogh, agus do chuir ar a cheann é.



“Go dtugaidh so buadh catha agus comhraic duit, a Rí,”
arsa Fiannachta.



Tugadh airm a athar do'n Rígh óg agus do ghluais sé ar
fuaid an chatha ar lorg Fhinn. Ní bhfuair sé é, acht do mhairbh
sé ceud go leith d'Fhiannaibh Éireann sul ar cuireadh cosg
le n-a réim. Thárla sé féin agus Goll Garbh mac Rí Alban
ar a chéile.


L. 99


Do-rinne Conmhaol agus Goll Garbh comhrac fada dian le
chéile. Fé dheireadh do fuair Goll faill air agus thug buille
insa chliathán chlé dó fé sgeimheal a sgéithe. Do-rinne sé
dhá chuid treasna de cholainn mic Ríogh an Domhain de'n
iarracht sin.



Rug Fiannachta Fiaclach ar an mionn ríogh arís agus
do-chuaidh leis go dtí Ógharmach inghean Ríogh Ghréag.



“Cuir umat an mionn so, a Ógharmach,” ar Fiannachta.
“Tá sé i ndán do'n domhan bean dá ghabháil agus níor bh'
uaisle aon bhean do ghabhfadh é ná thusa.”



Do bhíodar uile ar an aigne sin agus tugadh gairm ríogh
dhi ós árd.



“Cá tairbhe dhomh-sa sin,” ar sí, “is nach maireann aenne
d'Fhiannaibh Éireann go n-agruighinn bás Ríogh an Domhain
ortha;” agus do-chuaidh sí ar lorg Fhinn fé'n gcath agus ba
dhian olc an fuadar do bhí fúithi ar láthair na huaire sin.
Do-chonnaic Fearghus Finnbhéil chuige í agus tháinig sé mar a
raibh Fionn.



“A Rí na bhFiann,” do ráidh Fearghus, “cuimhnigh ar an
gcathughadh calma do-rinnis le Daire Donn ó chiainibh.
Cuimhnigh ar gach buadh dá rugais riamh i n-Éirinn agus ar
feadh an domhain mhóir. Cuireadh a gcuimhne sin misneach id'
chroidhe agus tagadh lúth agus láidreacht id' ghéig is id' chorp.
Is mór an t-éigean atá anois id' chóir. Seo chugat
Ógharmach, inghean Ríogh Gréag.”



Tháinig an gaisgidheach mná chuca le n-a linn sin.



“A Fhinn,” ar sí, “is olc an díol dom do bhás-sa isna
righthibh agus isna tighearnaíbh atá marbh agat féin agus ag
do mhuintir. Acht gidh beag liom-sa é, ní beag duit-se mar
dhíol t'anam féin agus anam do mhuintire 'n-a n-éiric siúd.”



“Is mór iad na bréithre sin adubhrais, a inghean,” arsa
Fionn mhac Cumhaill, “agus is árd é an fuadar so fút
agus is gearr le dul é. Dá luighead leat mar dhíol
m'anam-sa agus anam mo mhuintire, is lugha ná sin an díol


L. 100


do-gheobhair, óir cuirfead-sa do cheann insa chosair chró mar
a bhfuil do mhuintir.”



D'éirigh fearg ar Ógharmach trés an gcainnt sin agus an
luighead eagla do bhí ar Fhionn roimh duine dá cáilibh, óir do
bhí a tuairisg ar fuaid an domhain le méid a nirt agus le
heuchtaighe a comhraic.



Ní dhearnadar a thuilleadh cainnte acht a chéile d'ionnsaighe
mar do-dheunadh dhá leomhan luatha láidre. Ba chosmhail iad
agus dá n-éirigheadh Tonn bhrúchtach bhán-bhriste Chlíodhna theas
agus Tonn taobh-fhada tréan-rabharta Tuaighe do bhualadh is
do bhriseadh is do mhúchadh a chéile. Ba chosmhail leis sin an
greadadh agus an tnáthadh agus an tuargain thug an bheirt
sin dá chéile. Acht tháinig a chríoch agus a dheireadh. Ní
raibh sé i gcumas na mná comhrac do fhreagairt do Rígh na
Féinne. Do-rinne sí troid bhaoth bhagarthach, acht d'éirigh sí
traochta ó'n saothar. Thug Fionn buille insa cheann di do
bhain an mionn ríogh dhi agus do ghearr brollach a lúirighe.
Thug sé an dara béim di do sgar an ceann leis an gcolainn
aici. Le méid na fola do shil sé as a chreuchtaibh, agus le
déine catha an lae, do thuit Fionn féin insa chosair chró,
agus ní mó ná 'n-a bheathaidh do bhí sé.


L. 101


CAIBIDEAL A FICHE.



Fianna Éireann insa chosair chró. Mar do mhairbh Caol mac
Criomhthain an t-allmhurach deireannach.



Do thuiteadar sluaighte an domhain agus Fianna Éireann
leath ar leath insa chath sin. Ní raibh 'n-a seasamh de'n dá
shluagh acht Caol mac Criomhthain na gCuan, dalta le Fionn;
agus Fiannachta Fiaclach, taoiseach teaghlaigh Ríogh an
Domhain. Do bhíodar uile sínte marbh ar an tráigh nó
i gcró-linntibh báis ag tabhairt a gcuid fola as a
gcreuchtaibh.



Tháinig Fiannachta ameasg na marbh go bhfuair sé corp
Dháire Dhuinn, agus do bhí ag a bhreith leis ar bórd na luinge.
Sul ar fhág sé an tráigh do labhair sé agus is eadh adubhairt:



“A Fhianna Éireann,” ar sé, “gidh gur olc do-chuaidh an
cath so do shlóghaibh an domhain, is measa ná sin daoibh-se é.
Thugabhair cath dá chéile agus do throideabhair agus do
thuiteabhair uile leath ar leath, agus do dhísgeabhair a chéile.
Ní misde liom sin daoibh. Do-gheobhad-sa an domhan mór
thoir agus Éire i bhfus fé mo smacht, mar ní'l sluagh cosanta
thoir ná i bhfus tar éis an lae seo;” agus do bhí ag cur de
ar bórd na luinge.



Do bhí Fionn 'n-a luighe insa chosair chró. Do bhí sé go
lag agus go tabhartha tinn. Do chuala sé an chainnt do-rinne
an t-allmhurach. Dá laige do bhí sé do-chuaidh an chainnt sin
go croidhe ann. Do labhair sé le Clannaibh Baoisgne do bhí
'n-a luighe insa chosair chró 'n-a thimcheall.



“Is truagh liom,” ar sé, “nach táinig an bás orm sul a
gcuala na briathra sin riamh dá rádh ag aenne beo. Is beag
liom, anois, an cath is mó dár bhuaileas riamh nó an clú is


L. 102


mó dár thuilleas, ó tá fear innste sgéil de na hallmhurchaibh
ag dul beo uainn. An bhfuil aenne 'n-a bheathaidh im'
chomhgar?” ar seisean.



“Táim-se, a Fhinn,” do ráidh Fearghus Finnbhéil.



“A anam, a Fhearghuis,” arsa Fionn, agus do bhí a ghuth go
lag ag a rádh, “cad é an dul atá fé'n gcath anois?”



“Is truagh sin mar atá,” arsa Fearghus, “mar ó
theangmhuigh an dá shluagh le n-a chéile ar maidin ní rug
Éireannach ná allmhurach céim ar gcúl ó n-a chéile gur
thuiteadar uile ar gach taoibh. Dar mo bhriathar, ní'l amharc
le fagháil ar ghainimh na trágha ná ar an bhfeur glas os
cionn na trágha, an fhaid do shroichfeadh radharc do shúl, le
corpaibh na ngaisgidheach 'n-a luighe ann. Ní'l duine de'n
dá shluagh 'n-a sheasamh acht taoiseach teaghlaigh Ríogh an
Domhain; agus do dhalta féin, Caol mac Criomhthain na
gCuan.”



“Éirigh ag triall air siúd, a Fhearghuis,” do ráidh Fionn.



Do-chuaidh Fearghus mar a raibh Caol agus d'fhiafruigh de
cionnus do bhí aige.



“Atáim go lag,” do ráidh Caol. “Dar liom, dá mbaintí
m'éideadh catha dhíom, go dtuitfeadh mo gheuga agus mo
bhaill ó n-a chéile. Ba chuma sin acht gan an t-allmhurach
sin do bheith ag dul 'n-a bheathaidh uainn agus é ag a
mhaoidheamh. Mo bheannacht duit, a Fhearghuis, agus beir leat
chun na fairrge mé go snámhad 'n-a dhiaidh. Ní thuigfidh sé
ná gur duine dá mhuintir féin mé. Braithim ar na creuchtaibh
so orm go dtáinig mo lá agus mo ré, agus badh mhaith liom
an t-allmhurach úd do mharbhadh sul a dtagaidh an bás orm.”



Rug Fearghus leis chun na fairrge é agus do sgaoil uaidh
ar snámh é i ndiaidh an allmhuraigh. Nuair do shroich seisean
an long do chonnaic sé an duine ag teacht 'n-a dhiaidh.
D'fhan sé leis mar do cheap sé gur duine dá dhaoinibh féin
do bhí ann. D'éirigh Caol suas ar thaoibh na luinge mar 'dh
eadh gur ag iarraidh dul ar a bórd do bhí sé. Do shín an


L. 103


t-allmhurach a lámh anuas chuige chun go dtarraingigheadh sé
aníos as an uisge é. Rug Caol ar an láimh agus d'iaidh a
lámh féin go daingean docht uirthi. Annsin thug sé tarrang
feidhm-láidir do'n allmhurach go rug thar bórd amach é.
Rugadar barróg dhlúth ar a chéile agus siúd leo síos go
grean agus go gainimh na mara agus iad ag tachtadh agus
ag tnáthadh a chéile. Ní fheacathas iad ná ní chualathas
sgeula ortha gur chuir an tonn rabharta corp Chaoil i dtír lá
ar n-a mháireach.


L. 104


CAIBIDEAL A HAON AGUS FICHE



An Bás agus an Brón.



Do chiúnuigh an gleó agus an chaismirt. Níor chlos acht
tonna na fairrge go trom agus go huaigneach ar an tráigh.
Do bhriseadh na tonna ar an tráigh agus do rithidís suas
thar an ngainimh do bhí go suaidhte réabtha fuirsithe, agus
nuair d'imthighidís síos de'n chladach arís d'fhágbhaidís go
glan agus go sleamhain agus go socair é, agus dar leat
nach dearnadh réabadh ná comhrac ná marbhughadh riamh ann.
Do bhí an taoide ag teacht agus ag clúdach na gcorp agus
na lochán fola. Dar leat gur fonn do bhí uirthe comharthaí
an áir uathbhásaigh sin do chur fé cheilt. Ní chualathas gáir
chatha ann ná cnead tinnis ná uchlán bróin, acht an ciúnas
ann agus an t-uaigneas agus dórd doilbh na dtonn.



Annsin is eadh tháinig mná agus ingheanacha na bhfear agus
a lucht ceoil agus a lucht dán agus a ngiollaí ag lorg a
bhfear agus a n-aithreacha agus a dtighearnaí. Do hadhlacadh
a bhfuarthas marbh díobh agus aenne go raibh an t-anam ann
rugadh go háit a leighis é.



Do bhí duine ann de'n bhantracht agus dob' uasal thar gach
dá dtáinig ann de mhnáibh í. Geilghéis a hainm, agus dob' í
ba bhean ag Caol mac Criomhthain. Dob' álainn thar mhnáibh
an domhain í. Dar leat ba ríoghan í. Ba mhaordha mín í
agus ba chaoin cneasta. Dar leat ba shneachta a cneas ar
gile, agus gur chaor a gruadh ar deirge. Do bhí a gruaig
ar aon dath an óir, agus í sgaoilte léi go fairsing réidh thar
a guailnibh geala síos.


L. 105


Do ghluais sí ameasg an áir ag cuardach a fir, acht ní
bhfuair sí é. Do-chualathas i gcéin agus i gcomhgar í ag
gol is ag greadadh a bas agus do bhí an brón agus an
doilbheas 'n-a croidhe gur chuma léi bheith beó nó marbh 'n-a
eugmais. Do-chonnaic sí an chorr léana agus a dhá gearrcach
le n-a cois. Do bhí sionnach cleasach glic ar tí na
ngearrcach, agus nuair do chlúduigheadh an chorr eun beag
díobh dá chosaint ar an sionnach, thugadh seisean fogha fé'n
eun beag eile, agus dob' éigean do'n mháthair dul eatartha
istigh agus iad do chlúdach le n-a corp féin, óir dob' fhearr
léi an madad ruadh dá marbhughadh féin ná léigean dó a dhá
gearrcach do bhreith leis. Thug Geilghéis an ní sin fé ndeara
agus adubhairt:



“Ní hiongnadh dhomh-sa grádh do bheith agam dom' leannán
féin, agus an cás deacrach atá ar an eun sin thar cionn a
dhá gearrcach.”



Níor bh' fhada 'n-a dhiaidh sin go gcuala sí an fiadh ar
Dhruim Ruighleann ós cionn an chuain ag caoineadh a eilite
go geur ó chnoc go cnoc. Do chaith an dá fhiadh sin naoi
mbliadhna i bhfochair a chéile i gcoill do bhí le hais an chuain.
Fionn do mhairbh an eilit agus do bhí an damh ar feadh naoi
lá 'n-a dhiaidh sin gan feur ná uisge do bhlaiseadh tré bhrón
agus cúmha na heilite. Thug Geilghéis sin fé ndeara.



Do-chonnaic sí Fearghus Finnbhéil chuici.



“An bhfuil sgeula Chaoil agat dom, a Fhearghuis?” ar sí.



“Atá,” ar Fearghus, “sgeula maithe agam duit agus
droch-sgéula. Is é Caol mac Criomhthain do chosain clú
Fiann n-Éireann indiu, óir an t-aon allmhurach amháin do
chuaidh as an gcath so, agus do-bheuradh a thuairisg do'n
domhan mhór, do-chuaidh Caol 'n-a dhiaidh agus do bháith sé an
t-allmhurach sin. Agus mo bhriathar duit, a bhean,” ar
Fearghus, “gidh gur calma na gníomhartha do-rinne gaisgidhigh
na Féinne agus lucht gaisgidh an domhain mhóir insa chath so
le bliadhain, dob' é sin an gníomh ba chalma aca go léir.


L. 106


Ní chun a cháil ná a chlú féin do mheudughadh do-rinne sé é,
acht chun clú Fiann n-Éireann do chosaint, agus is fada bhéas
trácht thar an ngníomh sin i n-Éirinn.”



Ar n-a chlos do Gheilghéis go raibh Caol marbh tháinig uchlán
agus crádh croidhe uirthi agus ba chuma léi a bás seachas a
beatha, óir ba sgaramhaint anma le cuirp léi sgaramhaint
le n-a céile agus le n-a comh-leannán féin. Do ghread
sí a basa go dubhach agus do ghabh ag caoi is ag caoineadh.
Do-rinne sí a chluiche caointe agus ní dearnadh a chomh-
uaigneach ná a chomh-chráidhte de chluiche caointe riamh roimhe
sin ná ó shoin. Tháinig rabharta bróin agus buaidheartha uirthi
ar an láthair sin, agus ba thruagh Mhuire í le haenne do bheadh
ag feuchaint uirthi, nó ag éisteacht léi. Do tuigeadh di an
saoghal go léir do bhéith i mbrón trés an ní thárla an lá sin;
agus go raibh an t-aedhear agus an talamh agus an fhairrge
ar buaidhirt, agus go raibh eunlaithe an aedhir agus míola
an fhásaigh agus éisg na fairrge go dubhach doilbh dólásach
tré olc agus uathbhás an sgéil sin.



“Ba bheag mar chaoineadh mo chaoineadh-se ar Chaol mac
Criomhthain agus ar Chlannaibh Baoisgne,” ar sí, “nuair atá
éin an aedhir agus tonna na mara ag a gcaoineadh. Is
uaigneach é dórd na dtonn dá radadh de dhruim Rinne na
mBárc. Is dubhach mar chaoinid mo ghaisgidheach-sa d'imthigh
uaim. Is truaighmhéileach é sgread na cuirre léana insa
tseisg úd thall; agus an fiadh aonair, is dá thruaighe ná sin
é ag imtheacht ó bhinn an chnuic seo i bhfus go dtí binn an
chnuic úd thall ag caoineadh a eilite. Och mo dhíth! tá an
brón ar chuaird. Táim-se leis i n-eugmais mo leannáin
féin. A smólach bhínn úd ar an dos! seinn leat do cheol
caointeach cumhaidh. Is ceart a ghabháil insa tráth so anois
againn; agus a luin an ór-ghuib, seinn liom goltraighe gheur
ghoirt ag caoineadh díthe na laoch. A chreach mhór é, a Chaoil
mhic Chriomhthain! tusa is trosgar na mara íochtaraighe mar
adhairt féd' cheann agus mise go dubhach ar an tráigh ag


L. 107


gabháil do chluiche caointe ós do chionn. Ní'l mo spéis insa
tsaoghal so feasta mar ba thú mo mhaith agus mo mhaoin,
agus is dealbh dearóil anois mé it' iongnais.”



“Is dubhach an sgeul d'ógaibh agus do mhnáibh agus do
sheanóiribh Éireann an chrích d'imthigh ar Fhiannaibh Éireann.
Cá bhfuil anois a dtreóir ná a dtreise? Cá bhfuil a sgiath
chosanta? Cá bhfuil a gcrann bagair? A dhíth gach treise
é! Tá Fionn agus a shlóighte Fiann insa chosair chró. Ní'l
i ndán dúinn feasta acht brón agus briseadh croidhe. Ní'l
i ndán dúinn acht gol geur goirt. Ní'l i ndán dúinn acht
doilbheas dian deacrach. Mór an t-olc thárla dhúinn indiu,
agus is mairg do mhairfeadh 'n-a dhiaidh. Docht an sgeul mo
sgeul-sa. A chreach chráidhte é! A bhaoghal bháis é! …
A Chaoil Chródha. A mhaith thar maoidheamh, … A ghais-
gidhigh nár cáineadh, … is fuar é t'ionad anois agus
na tonna ad' luasgadh ar ghrean agus ar ghrinneall na
mara … Truagh gan mé farat, a chéile chneasta.
… Ní'l mo mhaith ná mo mhaoin insa tsaoghal gan tú.
…” Agus leis sin do ling a hanam as Geilghéis.



Lá ar n-a mháireach do chuir an taoide rabharta corp Chaoil
mhic Criomhthain i dtír. Do cuireadh é féin agus Geilghéis i
n-aon uaigh le chéile. Do tógbhadh a lia ós a leacht, do
rinneadh a gcluiche caointe agus do sgríobhadh a n-ainmneacha
i n-ogham chraobh. Tráigh Chaoil ainm na háite sin ó shoin i
leith.



Annsin do-chuaidh gach aon ní chun suaimhnis. Do-chuaidh
gach duine dá dhún féin fé thuirse agus fé bhrón; agus tá
sgeula an mhór-chatha sin lae agus bliadhna dá n-aithris riamh
ó shoin i n-Éirinn.



CRÍOCH.


L. 123


CLÁR INNISTE PEARSAN.



Abharthach mac Ioldathaigh, de
Thuathaibh Dé Danann.



Aodh mac Aoibhinn.



Aodháin ó Eas Ruadh mic Bhadhairn,
na trí, de Thuathaibh Dé Danann.



Asgallach na Tuaighe Duibhe =
Daolghus mac Ríogh Gréag.



Bodhbh Dearg mac an Daghdha,
duine de Thuathaibh Dé Danann;
g. Bhuidhbh Dheirg.



Bolcán rí na Frainnce.



Bran mac Feabhail, i dTeamhair
Luachra.



Bratriabhach as Síodhaibh, de Thuath-
aibh Dé Danann.



Bulcán, gabha Ifrinn.



Cairbre Lifeachair, mac Chormaic
mhic Airt.



Caireall Aolchinn, d'Fhiannaibh
Éireann.



Caireall Cathbhuilleach, d'Fhiannaibh
Éireann.



Caiseal Clúmhach, rí Lochlann.



Caitcheann, rí fear gCaitcheann.



Caitcheannaigh = fir Chaitcheann.



Caoilte mac Rónáin, mac deirbh-
sheathar d'Fhionn mhac Cumhaill.



Caol mac Criomhthain na gCuan,
dalta le Fionn mac Cumhaill.



Caolúir inghean Ríogh na bhFear
bhFionn.



Cathal Crithchosach Rí Bearnáin
Éile, de Thuathaibh Dé Danann.



Clann (Clanna) Baoisgne, Fiann
Laighean; t, iol. Clannaibh
Baoisgne.



Clanna Míleadh .i. an Ghaedheal-
tacht.



Clanna Mórna, Fiann Chonnacht
agus Chláir Thuadhmhumhan.



Clanna Rónáin, d'Fhiannaibh
Éireann.



Clann Uisnigh, triúr laoch do mhair
le linn Chonchubhair mhic Neasa.



Coimleathan mac Toithim, tréin-
fhear Ríogh an Domhain.



Coincheannaigh = fir Choincheann.



Comur Croimgheann, rí fear
gConcheann.



Conaill Chlomhraidhe, na trí, de
Thuathaibh Dé Danann.



Conall Cearnach, laoch do mhair
le linn Chonchubhair mhic Neasa.



Conán Maol mac Mórna, fear
míolabhartha na Féinne.



Conchubhar mac Neasa, áirdrí
Uladh i nEamhain Mhacha.



Conmhaol, mac Dháire Dhuinn.



Conncrithir mac Brain mic Feabh-
ail ó Theamhair Luachra, fear
faire Chuain Fhionntrágha; g.
Cuinnchrithir.



Cormac mac Airt mic Cuinn
Chéadchathaigh, áirdrí Éireann
i dTeamhair Breagh.



Chroidhearg, an, sleagh nimhe.



Crom Cruach, dia bréige bhíodh
ag Sean-Ghaedhealaibh ar Mhuigh
Shléacht i gConnachtaibh.



Cúchulainn mac Sualtaimh, laoch
ba mhó do Shean-Ghaedhealaibh;
le linn Chonchubhair mhic Neasa
do mhair sé.



Cúig mic Fhinn as Sídh Chairn Chaoin,
de Thuathaibh Dé Danann.



Cuilleann mac Faobharghlais, rí
ó Thir Éirghe Gréine anoir.



Cumhall mac Tréanmhóir, b'é sin
athair Fhinn flaith Féinne na
slógh.



Dáire Déadsholuis, rí Mara
Toirrian.



Dáire Donn mac Loinsginn
lomhghlúinigh, rí an Domhain.



Daolghus mac Ríogh Gréag.


L. 124


Deisceartaigh Droma Fornach-
taigh, na trí, de Thuathaibh Dé
Danann.



Dolar Durbha, Rí Mara n-Iocht,
mac Ghairbh mhic Tachair.



Dholbh Déadsholais as Síodhaibh, de
Thuathaibh Dé Danann.



Dolbh mac Seasnáin, dhuine de
Thuathaibh Dé Danann.



Donn as Sídh Beaguisge, de
Thuathaibh Dé Danann.



Donn Chnuic an Dois, de Thuathaibh
Dé Danann.



Donn Dumha, de Thuathaibh Dé
Danann.



Donn Frithghrine, de Thuathaibh Dé
Danann.



Donn Mara mac Ghairbh mhic
Tachair.



Dreagán Dronnualach, de Thuath-
aibh Dé Danann.



Druimdhearg mac Dolair mhic
Dorchaidhe, Rí Féinne Uladh.



Dubhán Donn, mac Ríogh Thuadh-
mhumhan.



Duibhcheartán mac Fíormhaise, rí
ó Thír Éirghe Gréine anoir.



Eochadha Áine, na trí, de Thuathaibh
Dé Danann.



Fagharthach, rí na n-Indiaithe.



Fear an Bheurla Bhinn ón mBóinn,
de Thuathaibh Dé Danann.



Feardron ó dhúthaigh Laoighse, de
Thuathaibh Dé Danann.



Fearghus Finnbhéil, file na
Féinne.



Féidhlim Nuadhchruthach mac
Nóicheadail, de Thuathaibh Dé
Danann.



Fiacha mac Ríogh Breatan.



Fiachra Foiltleabhair, rí Gailian.



Fiachra Foiltleabhair Rí Uladh.



Fiachra mac Ríogh Breatan.



Fiann, b., sluagh nó arm Fhinn mhic
Cumhaill; gh. Féinne; t. Feinn;
iol; a. Fianna; t. Fiannaibh.



Fiannachta Fiaclach, taoiseach
teaghlaigh Ríogh an domhain.



Finn Fhionnabhrach, na trí de
Thuathaibh Dé Danann.



Fionn mac Cabháin, Rígh-fhéinnidh.
Fiann na Mumhan.



Fionn mac Tréanmhóir Uí
Bhaoisgne, an Rí Féinne nó
Flaith Féinne na sluagh.



Fionnbharr Meadha Siúil, de
Thuathaibh Dé Danann.



Foirne glan-gheur gaisgidheach,
dearbhráthair do Chaiseal Clúmh-
ach, rí Lochlann.



Follamhain, mac Finn mhic Cabháin.



Gaedhil, muintir dhúthchasach na
hÉireann; g. Gaedheal.



Gairbh, na trí, ó Shliabh Mis, de
Thuathaibh Dé Danann.



Geilghéis, bean Chaoil mhic Criomh-
thain na gCuan.



Glas as Bruinne Breagh, an, de
Thuathaibh Dé Danann.



Glas mac Dreamhain, duine
d'Fhiannaibh Éireann; ó Theamh-
air luachra dhó; i Síoth Locha
Léin do bhíodh sé.



Goll garbh mac Ríogh Alban.



Goll mac Ríogh Uladh.



Gréag, f., fear ón nGréig, ti.
Gréagaibh.



Ilbhreac mac Manannáin, duine
de Thuathaibh Dé Danann.



Inghean Ghoill mhic Mórna.



Ioruath mac Dreagan mhic Duille,
Rí fear nDreagan.



Labhrann Lámhfhada.



Laoghairí Lic-deirge, na trí, de
thuathaibh Dé Danann.



Lir Sídhe Fionnchaidh, de Thuathaibh
Dé Danann.



Lodra mac Ghairbh mhic Tachair.



Lonnmhar mac Ghairbh mhic Tachair.



Luchra mac Ghairbh mhic Tachair.


L. 125


Lúgh mac Eithleann = Lugh mac
Ceithleann, dia ag Sean-
Ghaedhealaibh.



Lughaidh, duine d'Fhiannaibh Éireann.



Lughmann leathan-armach, rí
Sagsan.



Mac Lughdhach, duine d'Fhiannaibh
Éireann.



Madán Mongcas mac Duinn,
rí na Gaothlaighe.



Maine mac Finn mhic Cabháin.



Mairghréag, rí na Gréige.



Midhir ó Bhrí Léith, de Thuathaibh
Dé Danann.



Mongach na Mara, dearbhráthair
do Chaiseal Clúmhach, rí Lochlann.



Muillean mac Fíorlúith, rí ó
Thír Éirghe Gréine anoir.



Murainn Mongcaomh, máthair
Fhinn mhic Cumhaill.



Naoi nGairbh na Féinne.



Neamhannach mac Aonghusa, duine
de Thuathaibh De Danann.



Ógharmach, inghean Ríogh Gréige.



Óghraidhe ón Maonmhuigh, de
Thuathaibh Dé Danann.



Oisín mac Finn mhic Cumhaill.



Osgar mac Oisín mhic Fhinn mhic
Cumhaill; an t-Osgar euchtach;
Osgar na mBéimeann.



Rodhanaigh Raighne, na trí, de
Thuathaibh Dé Danann.



Seaghsa as Seaghais, de Thuathaibh
Dé Danann.



Seancha ó Shionainn, de Thuathaibh
Dé Danann.



Seasnán, duine de Thuathaibh Dé
Danann.



Sgáil ó Bhrúgh an Sgáil, na trí,
de Thuathaibh Dé Danann.



Siochairí Siúire, na trí, de
Tuathaibh Dé Danann.



Síoghmall Ó Midhir, duine do
Thuathaibh Dé Danann.



Slígeach mac Seanghairbh, rí fear
gCéapdha.



Soichearn ó Mhuigh Sainbh, de
Thuathaibh Dé Danann.



Suirgheach ón Leamhain, an, de
Thuathaibh Dé Danann.



Tadhg mac Nuadhaid.



Taisdealach Tréanmhór, an, duine
d'Fhiannaibh Éireann.



Tarrang Treun mac Ghairbh mhic
Tachair.



Táthbhuilleach Shléibhe Cairn, de
Thuathaibh Dé Danann.



Tocha, dearbhráthair do Chaiseal
Clúmhach, rí Lochlann.



Tola mac Ghairbh mhic Tachair.



Tomna mac Ghairbh mhic Tachair.



Tor mac Breoghain, rí na
hÉasbáine.



Triúr inghean Theirg mic Dolair
ó Thráigh Mhara Tibhir.



Troigh-leathan mac Ghairbh mhic
Tachair.



Tuatha Dé Danann, sean-déithe
na nGaedheal.


L. 126


CLÁR INNISTE ÁITEANNA.



Aine, Cnoc Áine, cnoc mór i
gContae Luimnigh.



Alba, b., an tír thuaidh den
Bhreatain indiu, acht do bhíodh
sé fad ó ar an mBreatain ar
fad (*Albio ó 'dtáinig Albion);
g. Alban (*Albionos).



Bágh na Comhlann, bágh nó cuan ar
an taobh theas de Cheann Breagh.



Beann Éadair, rinn talmhan atá
i laighnibh ocht míle ó thuaidh ó
Bhaile Áta Cliath; g. Binne
hÉadair; t. Binn Éadair.



Bearnán Éile, cnoc mór sa taobh
thoir thuaidh de Chontae Thiobrad
Árann; tá bearna mhór ann.



Bóinn, b., abha mhór atá i laighnibh.



Breatain, iol., an t-oileán mór
ar an dtaobh thoir d'Éirinn; g.
-an.



Brugh Ríogh, baile mór i gContae
Luimnigh.



Brí léith, Sliabh Calraighe indiu
i gContae an Longphuirt.



Brúgh an Sgáil.



Bruinne Breagh, áit éigin a bhí
i mBreaghaibh .i. sa roinn
oirthearaigh den Mhidhe?



Charraig Liath, An, carraig mhór
i dTuadhmhumhain .i. i n-oirthear
Chontae an Chláir.



Cathair Conraoi, cathair (.i. dún
cearcalda cloch) ar mhullach
Shléibhe Mis i gCorca Dhuibhne.



Ceann Breagh, an ceann is sia
siar d'Oileán Dairbhre.



Ceapdha (= “Céapa” ó cheart?),
Eitheob, tír mhór den Afraic,
Abissinia indiu. (Céapa ainm
na tíre ó Cephiea na Laidne,
& Rí Fear gCéapdha = Rí Fear
nEitheopdha .i. Rí na nEitheobach.
Eitheob (g. Eitheoibe)= Æthiopia
na Laidne. Tagann Cepheia ó
Cepheus, rí do bhí ar an
Eitheoib fadh ó riamh ó shoin.)



Ciarraighe Luachra .i. Ciarraighe.



Clomhraidhe = Glomraighe, fine do
bhíodh timcheall Trágha Tuirbhe
i bhFine Gall?



Cnoc an Dois, g. Chnuic an Dois,
Cnoc na nDos indiu i n-oirthear
Chontae Chorcaighe.



Cnucha, Caisleán Cnoc Laistiar
de Bhaile Áta Cliath.



Connachta, iol., cúige iartharach
na hÉireann; g. -acht; t.
-achtaibh.



Cruach Mhárthain cnoc mór atá
os cionn Fionntrágha i gCorca
Dhuibhne.



Cuan Fionntrágha, cuan atá
cheithre mhíle siar ó Dhaingean
Uí Chúis i gCorca Dhuibhne.



Cumar na dTrí nUisge, an cumar
nó an tsuaineamh mar a dtéid
an tSiuir, an Fheoir & an
Bhearbha i n-aon tsruth amháin;
i n-aice Phuirt Láirge dhó.



Donnchadh Dí (Domhnach Dí ó
cheart), baile mór i gContae
an Dúin; deirtear i gCiarr-
aighe gurab í an áird is sia soir
i nÉirinn í, acht ní hí, acht Rinn
Bheara i n-Ard Uladh i gComtae
an Dúin.



Druim Fornachtaigh (Druim For-
nochta ó cheart), táid trí
áiteanna den ainm sin .i. i
n-aice Iubhair Chinn Trágha i
n-Ultaibh; sa Logán i dTír
Chonaill; agus i gContae Shligigh.



Druim Ruighleann, sean-ainm
droma i n-aice Fionntrágha;
Sliabh an fhiolair, b'fhéidir.


L. 127


Dumha; i laighnibh?



Dún Aodha, dún do bhíodh i
n-iarthar Chorca Dhuibhne.



Dún Chais, dún do bhíodh i n-iarthar
Chorcha Dhuibhne.



Dún Chearbháin, dún do bhíodh i
n-iarthar Chorca Dhuibhne.



Dún Dealgan, Móta Dhealgna
indiu atá míle istigh ar tír
ó Shráid Bhaile mhic Buain i
gContae Lughbhaidh.



Dún Seasnáin i n-Uíbh Chonaill
Gabhra (.i. sa taobh thiar thuaidh
de Chontae Luimnigh).



Dún Sobhairce, dún atá i ngar
do Bhaile an chaisleáin (Bhaile an
Chaistéil) i gContae Aontroma.



Eamhain Mhacha, ráth atá míle go
leith ar an dtaobh thiar d'Árd
Mhacha i nUltaibh.



Easbáin, b., .i. an Spáinn, an
chríoch mhór atá i n-iarthar-
dheisceart na hEorpa; g. na
hEaspáine.



Eas Ruadh mic bhadhairn, easach
ar an Eirne i ngar do Bhéal
Átha Seanaigh.



Éire, bh., ár n-oileán féin i
n-iarthar na hEorpa; tugthar
fós. Fál, Fódla, Banbha, &rl.,
uirthi; g. -eann.



Fál, f., Éire; g. Fáil.



Fionnabhair, b., is iomdha áit i
n-Éirinn go bhfuil an t-ainm
sin ortha; Fionnabhair Abha i
n-aice Bhaile Shláinghe i gContae
na Midhe an Fhionnabhair dob'
oirdhearca dhíobh, acht b'Fhéidir
nach í féin áit ár leabhair.



Fionntráigh, b., tráigh gheal ghain-
mhidhe i gCorca Dhuibhne i
gCiarraighe agus a haghaidh ar
Bháigh an Daingin; g. -trágha.



Fhrainnc, an, b., críoch mhór i
n-iarthar na hEorpa; tá sí idir
an Spáinn is Muir n-Iocht;
g. na Frainnce.



Frithghrean (?), b., g. -ghrine.



Gaileoin, iol., ainm d'Fhearaibh
Bolg, an méid díobh do mhair
i gCúigeadh Laighean; g. Gailian.



Ghaothlach, an, B, = an Ghaothlach
Mheoiteachda, Palus Mæotis .i.
Muir Chrim (Muir Asobh) idir
Crim & Cúban i ndeisceart
na Rúise; g. na Gaothlaighe.



Gleann na nGealt, gleann fada
féarmhar idir Tráigh Lí agus
Daingean Uí Chúis.



Ghréag, an, b., críoch atá i n-oir-
thear-dheisceart na hEorpa;
tá sí idir an Mhaigheadóin is
Muir Ghréag; g. na Gréige.



Indiaithe, na h-, iol., críoch-
an-mhór atá i dtaobh theas den
Ásia; g. na n-Indiaithe.



Inis Ciorbham = oileán Chamaran
atá i dteannta na hAraibe
istigh ar an Muir Ruaidh?
Ní'l eolus, ámh, ag taisteal-
aighibh na hEorpa ar an áit-
sin acht ón mbliadhain 1513
anuas, rud do fhágfadh ró-
dhéidheanach i n-aimsir é.
B'fhéidir eile gurab é rud
atá i nInis Ciorbham cuma do
cuireadh i nGaedhilg ar ainm
Laidne éigin mar do bheadh
Insula Carmaniæ ann, ainm
ba bheithte ar oileán Chism
(Oaracta fad ó) i mbéal Locha
na Persia; bhíodh Mare Ery-
thræum (.i. an Mhuir Ruadh)
d'ainm ar dtúis ar an roinn
sin den Aigéan Indiach mar a
bhfuil Loch na Persia & cuanta
na sean-Phersia.



Laighin, iol., cúige oirthearach na
hÉireann; g. -ean; t. Laigh-
nibh.



Laoighis, b., an roinn oirthearach
de Chontae na Bainríoghna; g.
Laoighse.



Leac Dhearg, b., áit i n-aice
Bhaile Átha an Ríogh i gContae
na Gaillimhe; g. Lic-deirge =
Lice Deirge.


L. 128


Leamhain, b., abha i gCiarraighe.



Lochlainn, iol., .i. Danmharg, an
Orbhuaidh agus an tSuain, trí
tíortha i dtuaisceart na
hEorpa; g. -ann.



Magh Feimhin, an magh de bhun
Shléibhe na mBan i nUrmhumhain.



Magh Sainbh, idir Cruachain & Béal
Átha Luain i nUíbh Maine no
is sean-ainm don Mhidhe é;
gh. Muighe Sainbh.



Magh Tuireadh, áit i ngar do
Chunga i gConnachtaibh; tá ceann
eile i gContae Shligigh; g.
Muighe Tuireadh.



Maonmhagh, bh., Magh Maoin, sean-
ainm do bharúntacht Chloinne
Riocaird; g. -mhuighe.



Meadh Siúil, g. Meadha Siúil,
Cnoc Meadha mar a bhfuil
Caisleán an Eacaeid i gContae
na Gaillimhe.



Muir n-Iocht, an roinn sin den
fhairrge mhóir atá idir Éire
& Breatain do thaoibh & an
Fhrainnc don taoibh eile; g.
Mara n-Iocht. Iocht .i. oileán
Iocht i ndeisceart Shasana, ó
Ictis (Vectis), an tsean-ainm.



Mhuir Ruadh, an, an mhuir chaol
fhada atá idir an Araib & an
Afraic; an roinn tuais-
ceartach den Aigéan Indiach
fad ó.



Muir Thoirrian, an mhuir atá
idir an Iodáil, an Spáinn &
an Afraic; g. Mara Toirrian.



Mumha, bh., cúige deisceartach na
hÉireann; g. -an; t. -ain



Raighne, Magh Raighne i mbharún-
tacht Cheanannsa i gContae
Chille Coinne



Ráth Fhionáin, áit ar thaoibh an
tsléibhe os cionn Fionntrágha.



Rinn na Báirce, an rinn talmhan
atá ag béal Chuain Fhionntrágha;
Rinn Dá Bhárc ba shean-ainm



Rinn na mBárc = Rinn na Báirce
.i. an rinn talmhan atá ag
béal Chuain Fhionntrágha; Rinn
Dá Bhárc ba shean-ainm dó.
Poinnte na Páirce anois



Sagsana, an taobh theas d'oileán
na Breataine Móire; g.
Sagsan.



Seaghais, bh., dúthaigh an tsléibhe
ar a dtugtar Corrshliabh i
n-íochtar Chonnacht; tá sí i
n-aice Mhainistreach na Búille.



Seanchnoc, g. Seanchnuic



Sgeilg, an .i. Sgeilg Mhichíl
carraig mhór ar an bhfairrge
i n-aice Ciarraighe.



Sgeilg Mhichíl, carraig mhór árd
amuigh ar an bhfairrge i n-aice
Ciarraighe.



Sídh Ban Fionn, dún do bhí ar
Shliabh na mBan i nUrmhumhain.



Sídh Beaguisge.



Sídh chairn Chaoin.



Sídh Fionnchaidh; g. Sídhe F.



Síodha, iol.; t. Síodhaibh.



Sionainn, b., an abha is mó i
nÉirinn; tá sí ar an taobh
thoir de Chonnachtaibh & de
Thuadhmhumhain.



Síth Locha Léin, dún do bhíodh i
n-aice Locha Léin i gCiarraighe,
mar a bhfuil Síth an Rígh anois,
b'fhéidir.



Siúir, abha mhór atá idir an
Mhumha & Osraighe; g. Siúire.



Sliabh Átha Mhóir, cnoc de Shliabh
Eachtgha i gContae na Gaillimhe;
g. Sléibhe Átha Móir.



Sliabh Cairn, sliabh atá i mBoirinn
i gContae an Chláir; g. Sléibhe
Cairn.



Sliabh Fuaid, Carraig an tSeabhaic,
cnoc mór i n-iarthar-dheisceart
Chontae Árda Macha; g. Sléibhe
Fuaid.



Sliabh gCláir, bh'fhéidir gurab
ionann é & Sliabh gCláire i
nAradh Cliach (i gCois Léith i
gContae Luimnigh); g. Sléibhe
gCláir.


L. 129


Sliabh gCrot, sliabh ar an dtaobh
theas de Ghleann Eatharlaighe i
gContae Thiobrad Árann.



Sliabh gCua, sliabh mór i gContae
Phuirt Láirge; g. Sléibhe gCua.



Sliabh Mis, sliabh mór i gCorca
Dhuibhne i gCiarraighe.



Sliabh Muice, sliabh atá idir
thiobraid Árann & Gleann
Eatharlaighe.



Sligeach, f., baile mór i dtuais-
ceart Chonnacht.



Snámh Dá Éan, snámh do bhíodh ar
an tSionainn idir Contae an
Ríogh & Contae Rosa Comáin
agus idir Cluain mhic Nóis &
Cluain Boirinn.



Tailte, b., áit i gContae na
Midhe idir an Uaimh & Cean-
annas; g. -ean; t. -in.



Teach Mhóire (Teach Mhóir, Teach
Mhóir Ní Odhráin), an áit is
sia siar i nÉirinn ar an tír
mhóir; tá sé i n-aice Dhúin
chuinn i gCorca Dhuibhne.



Teamhair Luachra, áit atá i ngar
do Mhainistir na Féile i
n-Iarmhumhain.



Teamhair na Ríogh .i. Teamhair i
gContae na Midhe; g. na
Teamhrach.



Teime (?), b.(?); g. Teimeach



Tíortha Tuadha .i. tuaisceart na
hEorpa, Lochlainn.



Tír Éirghe Gréine .i. Anatólia .i.
an Ásia Bheag.



Tír na bhFear bhFionn.



Tonn Chlíodhna, ball atá amuigh
sa bhfairrge i ngar do Chuan
Dor i gCairbre i gContae
Chorcaighe.



Tonn Tuaighe, na Tonna i nInbhear
Tuaighe .i. i n-inbhear na Banna
i n-Oireacht uí Chatháin i
n-oirthear-thuaisceart Chontae
Dhoire.



Tráigh Chaoil, b'fhéidir gurab é
an áit a dtugtar Cuan a'
Chaoil anois air, i n-aice le
Dún an Fhirtéaraigh i gCorca
Dhuibhne.
dtaoibh theas de Fhionntráigh.



Tráigh Fionntrágha, tráigh gheal
ghainmhidhe i gCorca Dhuibhne,
trí mhíle ar fad.



Tráigh Lí, baile mór i gCiarraighe.



Tráigh Mhara Thibhir, i Ostia,
baile cuain i ngar do chathair
na Rómha san Iodáil.



Tráigh na Muirbhighe, tráigh i
gCorca Dhuibhne ó thuaidh ó
Fhionntráigh; tá sé i bparóiste
Chille Mhic Céadair.



Tuadhmhumha, b., an roinn den
Mhumhain i n-a bhfuil Contae
an Chláir, cuid de Chontae
Thiobrad Árann & cuid de
Chontae Luimnigh; g. -an.



Ulaidh, iol., cúige tuaisceartach
na hÉireann; g. -adh;
Ultaibh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services