Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Séideadh agus ag Ithe

Title
Ag Séideadh agus ag Ithe
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Compiler/Editor
Pléimeann, Risteárd, An tAthair
Composition Date
1917
Publisher
Brún & Nuallán

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AG SÉIDEADH AGUS AG ITHE.



1. Bí-se ag séideadh an fhaid a bhéad-sa
ag ithe.



Bhí Máire agus Nóra 'n-a gcómhnuidhe i mbotháinín.
Nuair a bhíodh Máire breoite thugadh Nóra aire dhi,
agus nuair a bhíodh Nóra breoite thugadh Máire aire
dhi.



Lá áirithe d'á rabhadar 'ghá n-ollmhú féin chun a
mbrecfaist do chaithamh bhí Nóra ag beiriú uisge i
gcóir an tae. Do shleamhnuigh an citeal uaithi agus
do doirteadh an t-uisge teith ar a láimh, agus do
loisgeadh an lámh. Bhí an lámh ana theinn. Nuair a
bhí sí ag ithe a cuid bhídh, bhíodh sí a d'iarraidh bheith ag
séideadh ar an láimh chun an teinnis do mhaolú agus
a d'iarraidh bheith ag ithe idir gach aon dá shéideadh.
Bhí an obair sin ag teip uirthi. Fé dheireadh do labhair
sí. "Seo, a Mháire," ar sisi, "bí-se ag séideadh an
fhaid a bhéad-sa ag ithe!" agus do shín sí amach an lámh
theinn chun Máire.



Is minic a deintear rud de'n tsórd san i ngnóthaibh
eile.


L. 2


2. - DLIGHE NA N-UBH.



Bhíos lá thiar sa tsean' áit, san áit 'n-ar rugadh
agus 'n-ar tógadh mé. Bhailig cuid des na cómharsain
isteach nuair airigheadar mé bheith tagaithe. Bhailighdís
isteach i gcómhnuidhe nuair airighdís mé bheith ann.
Bhíodh a lán cainte agus a lán spóirt againn, agus
ní labhradh aoinne aon fhocal Béarla an uair sin.
Bhíodh Beití ann, beannacht Dé le n-a hanam! agus
Seán, agus Peig, agus Diarmuid, agus ní túisge a
bhíodh sgéal beag éigin sultmhar innste ag duine 'ná
mar a bhíodh sgéal beag éigin ba shultmhaire 'ná é le
h-innsint ag duine eile, i dtreó go ndeininn féin
dóithin seachtmhaine de gháirí agus gur b'fhearrde mé é.



An lá so adeirim do ráinig go raibh blúire bídh
againn 'á chaitheamh. Bhí beirt nó triúr leanbh ag an
mbórd, clann drithár dom. Bhí duine des na leanaíbh
agus Peadar ab ainm dó. Bhí sé 'na sheasamh i
n-aice a mháthar, i n-aice mná mo dhriothár. Bhí sé
timcheall ocht mbliadhna d'aois an uair sin.



Bhí uibhe cearc ar an mbórd, agus bhí dhá ubh ithte
agam-sa.



"Ith ubh eile, a athair," arsa duine éign.



"Ní íosfad," arsa mise, "béad sé i gcoinnibh na
dlighe."



"Cad é an dlighe?" arsa duine.



"An nóin ní lá trosgaidh an lá indiu," arsa duine
eile.


L. 3


"Bhéadh sé i gcoinnibh dlighe na n-ubh," arsa mise.



"Andaigh is fíor," arsa máthair Pheadair.



"Cad é an saghas dlighe é?" arsa cuid de'n
mhuintir óg. "Níor airigheamair riamh a leithéid
a bheith ann. Níor airigheamair riamh aon dlighe bheith i
gcoinnibh ubh ach dlighe an trosgaidh. Cad é an dlighe
é, a athair?"



"Sidé an dlighe," arsa mise :-



"Ubh - fíor dhuinuasal;



Dhá ubh - duinuasal;



Trí h-uidhe - bodach,



Ceithre h-uibhe - feile-bhodach!"



Do phléasg an mhuintir nár airigh an dlighe sin riamh
ar gháirí. Do gháir an chuid eile i n-aonfheacht leó.
Bhí ubh ag máthair Pheadair óig 'á dh'ithe. Bhí a leath
ithte aici. Nuair a gháireadar go léir do chuir sí an
leath-ubh uaithi ar an gclár agus gháir sí leó. Ba
mhaith an mhaise ag Peadar óg é, do shnap sé uaithi
an leath-ubh agus, "Leath-ubh beanuasal!" ar seisean,
agus d'ith sé féin an leath-ubh.



"Ó," arsa gach aoinne, "tá aguisín curtha leis an
ndlighe sin ag Peadar!"



Geallaim-se dhaoibh, má bhí sult agus spórt agus
gáirí i dtaobh dlighe na n-ubh, go raibh sult agus spórt
agus gáirí ba mhó 'ná mar gheall ar an aguisín
a chuir Peadar óg leis.


L. 4


3. - Dlighe an tSoluis.



"An bhfuil aon dlighe eile agat, a athair?" ar
siad go léir.



"Tá," arsa mise; "dlighe an tsoluis. Is dócha
gur airigh cuid agaibh cheana an dlighe sin."



"D'airigheamair, a athair," arsa'n mhuintir aosta.



"Níor airigheamair," arsa'n mhuintir óg. "Innis dúinn
é, a athair."



"Sidé dlighe an tsoluis," arsa mise :-



"Prátaí agus feóil - coinneal mhúnla.



Prátaí agus bainne - coinneal túmtha.



Prátaí agus salann - geaitire giúise."



Bhí sult agus gáirí arís againn, go mór mór ó'n
muintir nár airigh an dlighe sin riamh roimis sin.



4. - Trí Leathphinní.



Bhí sgata buachaillí óga thiar i dtigh Thaidhg na n-Ubh
lá. Bhí Seán Mháire Ní Thuathaigh ann, agus Seán ua
h-Iarfhlaithe, agus triúr nó ceathrar eile. Shocar-
uigheadar 'n-a n-aigne go gceannóchaidís paca cártaí
agus go mbéadh cluiche cártaí acu i dtigh Thaidhg anois
agus arís, an fhaid a bhéadh na h-oidhcheanta fada ann.
Chuireadar síos trí leathphinní an duine acu chun na
gcártaí cheannach. Do ceannuigheadh na cártaí agus


L. 5


tháinig an chuideachta an chéad oídhche agus thosnuigh an
imirt. Chuaidh gach aon rud chun cinn go maith ar
feadh tamaill. Bhí beirt ag breith agus an bheirt eile
ag cailleamhant. Bhí ag dul d'á fhoidhne ag duine
de'n bheirt a bhí ag cailleamhaint. Do bhris ar an
bhfoidhne aige fé dheireadh.



"Tá calaois agat 'á dhéanamh!" ar seisean le
duine de'n bheirt eile.



"Thugais d'éitheach!" arsa'n fear eile.



"Thugais-se t'éitheach agus do dhearg-éitheach!"
arsa'n chéad fhear.



"Cuirfidh mé púnt airgid leat ná fuil aon chalaois
aige 'á dhéanamh!" arsa duine de'n bheirt a bhí ag
breith, agus tharraing sé nóta púint as a phóca agus
bhuail sé ar an mbórd é le fothram.



"B'fhéidir," arsa'n tarna fear de'n bheirt a bhí ag
cailleamhaint, "ná fuil nóta púint aige, gur nótaí
móra atá aige. Cuirfead-sa nóta trí bpúnt leat-sa
go bhfuil an ceart aige!"



Do chrom Seán Mháire Ní Thuathaigh ar na cártaíbh
do bhailiú chuige fé mar a bhéadh sé chun iad do shuathadh
agus do raint. Nuair a bhíodar 'n-a láimh aige do
dhruid sé anonn chun na teine agus chuir sé isteach
sa teine iad! Níor labhair aoinne. Do las na
cártaí agus do dóghadh iad. Bhí gach aoinne ciúin.
Tar éis tamaill do labhair Seán ua hIarfhlaithe :-



"Seadh!" ar seisean. "Siniad ár dtrí leathphinní
imthighthe gan aon mhaith go deo!"


L. 6


5. - "NEIRBHIS."



Bhí bean i Ráth Chormaic agus bhí tigh tábhairne aici.
Bhí beirt mhac aici, Conchubhar agus Dómhnall. Fear
óg láidir ab eadh Conchubhar. Bhí sé is dócha ar an
bhfear ba threise d'á raibh sa pharóiste. Bhí táilliúir
beag sa tsráid agus firín ana shuarach, ana leicthe
ab eadh é. Bhí sé lom mílíteach tanaidhe i n'fhéachaint
i dtreó gur dhóich leat, dá bhfeicfea é, go dtuitfeadh
an t-anam as sar a mbogfá do shúile dhe.



Bhí a lán daoine bailighthe sa tigh lá, agus iad ag
ól. Bhí an táilliúr ar a measg. D'eirigh bruighean
eatartha. Do sprioc néal éigin an táilliúir. Do
léim sé agus do rug sé ar bhrollach casóige ar an
bhfear mór, ar Chonchubhar. Bhí iongnadh ar an bhfear
mór cad a bhí ag eirghe dhó. Tháinig sgannradh ar an
dtáilliúr nuair a chonaic sé cé air go raibh greim
aige. Tháinig creathán ann.



"A Chonchubhair," ar seisean agus an sgéon 'n-a
ghlór, "má bhuailim thu ná buail-se mise, mar tá
neirbhis orm!"



Do phléasg Conchubhar ar gháirí agus do phléasg gach
aoinne a bhí láithreach ar gháirí. Chómh luath agus do
leog an tritheamh gáirí do Chonchubhar labhairt, "Mhuire
go deimhin féin, a tháilliúir," ar seisean, "má bhuail-
eann tusa mise buailfead-sa an uile bhlúire de'n
neirbhis asat-sa amach, pé saghas ruda an neirbhis!"



Bhí a leithéid sin de spórt acu go léir ar an
"neirbhis" gur stad an bruighean.


L. 7


6. - "Prioc mé agus beidh spórt againn!"



Timcheall cheithre fichid bliadhan ó shin bhí 'n-a chómhnuidhe
i gCarraig an Ime amadán gur bh'ainm dó Séamus.
Bhíodh áilteoirí garsún ag imirt air nuair a gheibhdís
i n-aon áit phoiblidhe é.



Tháinig sagart iasachta chun na paróiste. Bhí sé
lá Domhnaigh ag tabhairt Aifrinn uaidh i gCarraig an
Ime. Do thárla go raibh Séamus sa phobul. I lár
an Aifrinn do phrioc buachaill éigin Séamus. Chuir
Séamus béic uathbhásach as. Chrom gach aoinne a
cheann. I gceann tamaill do phrioc duine eile an
t-amadán. Chuir an t-amadán béic eile as ba threise
agus dob' aoirde 'ná an chéad bhéic. D'iompuigh an
sagart agus do labhair sé. Thug sé aghaidh bhéil ar an
bpobul go fíochmhar agus go feargach. Do chas sé
leó an peacadh a bhí acu 'á dhéanamh le gan iad féin
d'iompar istigh i dtigh Dé agus an t-Aifreann ar
siubhal. Nuair a bhí a chaint déanta aige d'iompuigh
sé arís chun na h-altórach agus do lean sé ar an
Aifreann. Bhí gach aoinne ciúin. Bhí náire ar an
muintir a bhíodh ag priocadh an amadáin. D'fhéach
an t-amadán 'na thimcheall. Ní fhéachfadh aoinne
air. Dhruid sé anonn chun duine des na buachail-
líbh agus thug sé sádh d'á ghualainn faoi. Níor
chuir an buachaill blúire suime ann. Dhruid
sé chun buachalla eile agus phrioc sé é
go maith géar. Níor chuir an buachaill sin aon tsuim


L. 8


ann ach chómh beag. Dhruid sé chun buachalla eile agus
thug sé cogar dó. "Greadadh chughat," ar seisean,
"prioc mé, agus beidh spórt againn!" Níor leog
an buachaill sin air gur airigh sé an cogar. Nuair a
theip ar Shéamus a chur fhiachaint ar aoinne aon tsuim
do chur ann thóg sé a cheann agus thug sé aghaidh ar
an altóir, agus do labhair sé go h-árd leis an
sagart.



"Dhe mhaise, a athair," ar seisean, "le h-anmam
t'athar féin agus bain an mhallacht díobh so arís; ní
labharfaidh aoinne acu liom!" agus chrom sé ar ghol.



Ansan do thuig an sagart cad é an saghas Séamus
bocht.



7. DHÁ GHÉ.



Lánamha phósta a bhí ag teacht abhaile ó thigh an
tsagairt. Chonnacadar dhá éan ar pháirc.



"Is breágh an dá ghé iad san," arsa'n bhean.



"Níl ann ach aon ghé amháin," arsa'n fear.



"Deirim-se go bhfuil dhá ghé ann," arsa'n bhean.



"Ní'l, go deimhin, ach aon ghé amháin," arsa'n fear.



Do leanadar ag áiteamh ar a chéile. Do chaith an
bhean í féin ar an mbóthar.



"Eirigh," arsa'n fear, "ags téanam ort abhaile."


L. 9


"An bhfuil an dá ghé ann?" ar sisi.



"Ní'l," ar seisean, "ach aon ghé amháin."



Dhún sí a súile, agus do leig sí uirthi bheith marbh.
D'imthigh seisean agus thug sé leis a h-athair agus a
máthair. Do rugadh abhaile an corp, mar 'dh eadh.
Tháinig na cómharsain chun an tórraimh. Amach san
oidhche tháinig an fear ós cionn an chuirp ag gol, mar
'dh eadh. Thug sé cogar di.



"Eirigh as san," ar seisean, "agus bíodh ciall
agat!"



"An bhfuil an dá ghé ann?" ar sisi.



"Níl," ar seisean, "ach aon ghé amháin."



D'fhan sí mar a raibh aici. Ghluais an tsochraid
ar maidin. Do tánathas chun na roilge. Bhí an
uaigh ar leathadh. Do léigh an sagart na paidreacha.
Do cuireadh an chómhra síos san uaigh. Do caitheadh
sluasad cré anuas ar an gcómhrainn. Do sgread
an bhean. -"A Thaidhg! a Thaidhg!" ar sisi, "leig amach
as so mé! Ní'l ann ach aon ghé amháin nó dhá ghé, pé
'cu is maith leat-sa!" Do rith na daoine as an roilig.
D'osgail an fear an chómhra. Thog sé aníos an bhean
agus í leath-mhúchta. Chuir sí cúpla fanntais di. Tháinig
sí chuici féin. Thugadar aghaidh ar an mbaile. Ba
ghearr go bhfeacadar ar an bpáirc chéadna an dá ghé
chéadna.



"Féach, a Thaidhg!" ar sisi, "ach is cuma liom. Ó
deirir-se ná fuil ann ach aon ghé amháin, deirim-se
ná fuil ann ach aon ghé amháin."


L. 10


"Aon ghé amháin," ar seisean - "agus aon ghandal
amháin."



"Ó - ó- ó!" ar sisi. Agus ó'n lá san go lá a báis
níor labhair sé focal nár ghéill sí dhó ann, pé 'cu bhí
an ceart aige nó ná raibh.



8. - CAD A CHAM SRÓN FÍRÍN?



Beirt seana-bhan a bhí 'n-a gcómhnuidhe i dhá mbothán
bheaga i n-aice 'chéile, agus Méibhín ab ainm do mhnaoi
acu, agus Murainn do'n mhnaoi eile. Dhein Murainn
rud éigin nár thaithn le Méibh. Cheap Méibhín é agairt
uirthi. Thagadh Méibhín isteach ag triall ar Mhurainn
go minic, chun bheith ag cainnt. Théigheadh Murainn go
minic isteach ag triall ar Mhéibhín ar an intinn
gcéadna. Bhí maidirín ag Méibh, agus Firín ab ainm
dó. Nuair a thagadh Méibh isteach i mbothán Mhurainn,
thagadh Firín le n-a cois. Annsan bhíodh Méibh ar
thaobh de'n teine, agus Murainn ar an dtaobh eile,
agus Firín eatartha 'n-a shuidhe ar lic an tínteáin 'ghá
ghoradh féin.



Lá, nuair a bhí an fhearg ar Mhéibhín, tháinig sí féin
agus Firín isteach i dtigh Mhurainn. Do shuidh sí chun
na teine ar aghaidh Mhurainn anonn, agus do shuidh


L. 11


Firín ar an lic ar aghaidh na teine amach. Bhí Méibh
ag cur 's ag cúiteamh 'n-a h-aigne féachaint conus a
thosnóchadh sí an t-aighneas. Fé dheireadh d'fhéach sí
ar shróin an mhaidirín, agus thug sí fé ndeara go raibh
an tsrón cam.



"A Mhurainn!" ar sisi.



"Teacht, a Mheibh," arsa Murainn.



"Cad a cham srón Firín?" arsa Méib.



D'fhéach Murainn ar an sróin. "Ní caime anois a
shrón 'ná mar a bhí sí aon lá riamh aige," ar sisi.



"Deirim-se go dtugais d'éitheach!" arsa Méibh.



"Deirim-se go dtugais-se t'éitheach!" arsa Murainn,
"agus tú is fearr chuige!"



Siúd i gcochall a chéile iad, ag sgreadaigh, agus
Firín ag amhstaraigh. Tháinig bean isteach. Ghaibh sí
páirt le duine acu. Tháinig bean eile isteach. Ghaibh
sí páirt leis an mnaoi eile. Bhailigh na cómharsain go
léir isteach. Gach duine, fé mar a thagadh, ghabhadh sé
páirt le duine éigin de'n bheirt. Ba ghearr go raibh
an baile go léir ráidhte sa choímhsgar; leth na ndaoine
ar thaobh Mhurainn, agus an leath eile ar thaobh Mhéibhín.
Tar éis roinnt aimsire bhí an pharóiste go léir ráidhte
sa bhruighin. Do lean an coímhsgar. Ní thagadh aonach
ná margadh gan an dá thaobh ann ag eirghe chun a chéile,
ag marbhadh a chéile. Annsan, nuair fhiafraigheadh duine
iasachta éigin cad fé ndeár an bhruighean, "Cad a cham
srón Firín" a tugtí mar fhreagra air.


L. 12


9. - CNÓDHA SEASGA.



"Níor bh'é Firín a dhein an chéad aighneas riamh,"
arsa Seanachán.



"Níor bh'é, a rígh-ollamh," arsa Marbhán. "Cnódha
seasga do dhein an chéad toirmeasg riamh."



"An bhfuil 'fhios agat-sa conus a dheineadar an
toirmeasg?" arsa Seanachán.



"Tá 'fhios, a rí," arsa Marbhán. "Do throid beirt
mar gheall ar na cnóibh. Do mhairbh an bheirt a chéile.
Ar ball, nuair a h-osgaladh na cnódha do fuaradh
folamh iad. Ní raibh ionnta ach na plaoisg. Cnódha
seasga ab eadh iad. Annsan dubhairt gach aoinne gur
bhaoth an gnó do'n bheirt a chéile do mharbhadh mar gheall
ar chnóibh seasga."



10. SLIABH NA MBAN BHFIONN



I.



Fad ó, nuair a bhí Fionn agus an Fhiann i réim i nÉirinn,
do thuit nídh amach i taobh an chnuic seo ar a dtugtar
Sliabh na mBan. Do tugadh cuid des na mnáibh óga
ba bhreaghtha a bhí le fághail i nÉirinn an uair sin, agus
do cuireadh isteach sa chnoc san fé dhraoidhacht iad.
Do deineadh sídh-bhróg áluinn istigh sa chnoc dóibh, agus


L. 13


do cuireadh isteach sa trídh-bhrog san chun cómhnuighthe
iad. Ba mhar-a-chéile ansan iad agus mná sídhe. Ní
feictí iad ach nuair ba mhaith leó iad féin do thais-
beáint. D'fhanadar istigh sa chnoc riamh ó shin, agus níor
chuadar i n-aois ná i bhfuirbhtheacht le h-imtheacht aimsire.
Taisbeánaid siad iad féin uaireanta, agus an t-é a
gheibheann radharc ar mhnaoi acu ní chuireann sé an
radharc san as a chuimhne an chuid eile dh'á shaoghal.
As iad a bheith 'ghá dtaisbeáint féin ar an gcuma san
ó am go h-am, do tugadh "Sliabh na mBan bhFionn"
ar an sliabh. "Sliabh Feimhin" an ainim a bhí roimis
sin air.



Thaisbeánadh cuid des na h-"óg-mhná finna" iad
féin uaireanta chun tairbhe dhéanamh; ach ní h-i gcómh-
nuidhe a dheinidis tairbhe. Uaireanta is díobháil a
dheinidís. Dá mbeadh cailín áluinn óg ag éirighe suas
sa chómharsanacht, b'fhéidir go dtaisbeánfadh bean
acu í féin do'n chailín sin chun í fhuadach. Do béarfaí
an cailín chun siubhail isteach i sídh-bhrog an chnuic, agus
do fágfaí agá muintir sa bhaile iarlis éigin seana
mhná a bhéadh 'ghá gcrádh agus 'ghá gciapadh ar feadh
tamaill, agus ansan do gheóbhadh bás.


L. 14


10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN



II.



Do thárla, tamall mór éigin ó shin, gur deineadh
beart de'n tsórd san i n-áit éigin ná raibh a-bhfad ó'n
gcnoc. Bhí leanbh inghine ag duinuasal a bhí 'n-a chómh-
nuidhe san áit. Bhí an leanbh ag déanamh amach ar bheith
dhá bhliadhain déag d'aois, agus bhí sí chómh h-áluinn,
chómh breagh, chómh dathamhail sin, gur bh'ár éigin fhéadadh
aoinne a chíodh í a shúile thógaint di, agus aoinne a
deireadh aon fhocal ag moladh a breaghthachta go gcaith-
eadh sé seile uirthi, i dtreo go mbeadh fuath ag na
daoine maithe dhi, agus nár bhaoghal go mbéarfaidís
leó í. Bhíodh árd fhearg ar an leanbh féin nuair a
caithtí na seilí uirthi, agus níor bh'iongnadh san.



Do mhol seana-bhean éigin í lá agus dhein sí dearmhad
de'n tseile chaitheamh uirthi. An lá céadna san do chon-
naic an leanbh duine des na h-"óg-mhná finna" ón'
sliabh. Do buaileadh breóite an leanbh. I gcionn
suim laethanta ba léir do gach aoinne nár bh'í féin a
bhí sa leabaidh i n-aon chor. Gur fuaduighadh an leanbh,
agus gur fágadh iarlis éigin gan mhaith 'n-a h-inead.
Tar éis roinnt aimsire fuair an iarlis bás. Bhí uaig-
neas agus buairt agus brón ar gach aoinne, agus níor
bh'fhiú trácht ar an uaigneas ná ar an mbuairt a bhí ar
aoinne seachas an bhuairt a bhí ar athair agus ar mháthair
an leinbh. Thuigeadar gur bh'í a leanbh féin, an inghean
áluinn a bhí acu agus go raibh a gcroidhe greamuighthe


L. 15


inti, gur bh'í a bhí tar éis bháis. Ach na daoine eólguis-
eacha tuisgionacha a bhí ann, bhí fhios acu go maith gur
bh'í an iarlis a bhí tar éis bháis, agus gur bh'amhlaidh a
fuaduigheadh an inghean áluinn.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



III.



Bhí bean 'n-a cómhnuidhe ag bun an tsléibhe, ar an
dtaobh theas. Bean abhrais a b'eadh í. Do curtí olann
chuici isteach ó'n dtír mór-thimcheall, agus dheineadh sí
an olann do chíoradh agus do ghlanadh agus do shlámadh
agus do shníomh; agus nuair a bhíodh a snáth tochraiste
aici 'n-a cheirthlínibh deasa cruinne cruadha, chuireadh sí
a-bhaile é ag triall ar an muintir go mba leó é, agus
do curtí ag triall ar an bhfigheadóir é, agus deintí
bréid de. Ansan do dheineadh an táilliúir casóg de
d'fhear an tighe, nó cóta mór, nó do dheineadh bean
an tighe clóca dhi féin de; agus gach aoinne a chíodh an
chasóg nua ar an bhfear nó an clóca ar a mhnaoi,
deiridís: "Go mairir agus go gcaithir é!"



Uaireanta bhíodh ní ba mhó de'n olann ag an mnaoi
abhrais 'ná mar fhéadadh sí a chíoradh agus a shlámadh
agus do shníomh i gcaitheamh an lae, agus b'fhéidir an
mhuintir go mba leó é 'ghá fhiafruighe cad fé ndear


L. 16


an righneas. Ansan thugadh an bhean abhrais tamall
de'n oidhche ag obair agus solus árneáin aici, a d'
iarraidh na h-oibre dhéanamh agus a d'iarraidh an righnis
do luigheadú. Uaireanta, nuair a bhíodh mórán aici
le déanamh agus an ghlaodhach ró dhian air, d'fhanadh sí
cuid mhaith de'n oidhche ag árneán.



10. SLIABH NA MBAN BHFIONN



IV.



Oidhche d'á raibh sí ag árneán ar an gcuma san agus
an saoghal 'n-a gcodladh, d'airigh sí mar bheadh daoine ag
teacht chun an doruis chuici. D'osgail an dorus, agus
do bhuail chuici an dorus isteach mórsheisear ban agus
ualach éigin idir a lámhaibh acu. Nuair fhéach sí cruinn
ortha féin agus ar an ualach, chonnaic sí gur bean mharbh,
nó bean a bhí i laige, a bhí acu 'á thabhairt leó eatartha.
Thugadar isteach an bhean, agus shíneadar ar an urlár
í. Do phreab an bhean abhrais 'n-a suidhe, agus chaith
sí uaithi an obair.



"An marbh atá an bhean san?" ar sise leó.



"Ní h-eadh," arsa duine acu; "ní'l ach iarracht de
laige uirthi."



Do phreab an bhean abhrais agus thug sí léi saghas éigin
leighseana a bhí istigh aici. Chuireadar an bhean a bhí i


L. 17


laige - chuireadar i n-aice na teine í; agus pé doch-
túireacht a dhein an bhean abhrais uirthi níor bh'fhada go
dtáinig sí chuici féin. Do tháinig sí chuici féin i dtreó
gur eirigh sí aniar ar a cabhail. D'ól sí deoch ó'n
mnaoi abhrais, agus d'ith sí roinnt bídh uaithi, ach níor
labhair sí focal amach as a béal. Do labhair an bhean
abhrais léi go minic an fhaid a bhí sí ag tabhairt an bhídh
di, ach níor tugadh aon fhreagra uirthi. Nuair a bhí sí
tagaithe chuici féin ar fad, agus a h-anál aici d'a fhághail
go breagh bog, dubhairt an bhean abhrais léi mar seo:
"Sín anois go fóil, a n'ín ó, ar an leabaidh, agus
tiocfaidh do neart duit." Do shín.



Ansan dubhairt duine de'n mhórsheisear leis an
mnaoi abhrais:



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal
agat,
Cíoram é, slámam é; ach is fearr-de sinn cong-
namh fhághail."



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



V.



Le n-a linn sin do rug sí ar chuid de'n olann, agus
dhírigh sí ar an olann do chíoradh agus do shlámadh. Le
linn an fhocail a rádh dhi, "Is fearr-de sinn congnamh
fhághail," d'fhéach sí ar mhnaoi eile de'n mhórsheisear.


L. 18


Do labhair an bhean san an chaint chéadna, 'sé sin:



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal
agat,
Cíoraim é, slámam é; ach is fearr-de sinn
congnamh fhághail."



D'fhéach sise ar an gcuma gcéadna ar an dtríomhadh
bean. Dubhairt an tríomhadh bean an dán céadna,
'sé sin:



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal
agat,
Cíoram é, slámam é; ach is fearr-de sinn
congnamh fhághail,"



agus d'fhéach sí ar an gceathramhadh bean agus dubhairt
an ceathramhadh bean an chaint chéadna. Mar sin dóibh
go dtí go raibh an mhórsheisear acu ar a ndícheall,
beirt acu ag cíoradh, agus beirt acu ag slámadh, agus
duine acu ag sníomh, agus beirt acu ag tochrais, agus
iad ag obair ar seól.



Bhí an bhean abhrais ag féachaint ortha, agus chonnaic
sí an obair áluinn a bhí acu 'á dhéanamh, agus bhí áthas
uirthi. Chonnaic sí an t-ualach mór oibre a bhí roimpi
le déanamh, chonnaic sí ag dul i luigheadh é go tiugh,
agus na ceirthlíní deasa ag dul i líonmhairecht, agus
bhí áthas mór uirthi. Chonnaic sí, leis, go raibh an obair 'á
dhéanamh ní b'fhearr 'ná mar fhéadfadh sí féin é dhéanamh,
agus do chuir san iongnadh uirthi i dteannta an áthais.
Bhí an cíoradh ní b'fhearr, mar dheineadh sé an olann ní
ba bhoige. Bhí an slámadh ní b'fhearr, mar dheineadh sé


L. 19


an olann ní ba réidhe. Bhí an sníomh ní b'fhearr, mar
do dheineadh sé an snáth do réir a chéile ar aon raimh-
deas, gan oiread agus aon chasadh amháin ann ní ba mhó
ná ní ba lugha 'ná mar ba cheart, gan sgruig ná snaidhm
air, gan caolú ná ramhrú air, ach é go breagh sleamhain
cómhchaol cómhthéagartha. Bhí áthas mór uithi agus í ag
féachaint ar an obair, mar bhí fhios aici cad é a fheabhas
a thaithnfeadh an snáth leis an muintir go mba leó é,
nuair a chífidís é.



Nuair a bhí sí tamall ag féachaint ortha ar an gcuma
san, tháinig míogarnach uirthi, agus thuit a codladh uirthi
go sámh.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



VI.



Nuar a dhúisigh sí as a codladh, bhí sé 'n-a lá gheal.
Chruinnigh sí a meabhair, agus d'fhéach sí 'n-a timcheall.
Ní raibh duine ná daonaidhe sa tigh ach í fein. Bhí an
mhórsheisear imthighthe. D'fhéach sí i dtreó na leapthan.
Ní raibh aoinne sa leabaidh. D'fhéach sí i dtreó na
h-áite gur cheart an chruach mhór olla bheith ann. Ní
raibh aon phioc de'n olann ann, ach bhí cruach bhreagh mhór
cheirthlíní i n-inead na h-olla. Ansan do thuig sí gur
dhein an mhórsheisear ban an obair go léir, agus nuair
a bhí an obair déanta acu gur imthigheadar agus isi


L. 20


'n-a codladh. Ag machtnamh di ansan ortha, agus 'ghá
dtabhairt chun a cuimhne, do thuig sí 'n-a h-aigne ná
feacaidh sí riamh 'n-a súilibh cinn mná ba bhreaghtha 'ná
iad; ach b'í an t-ochtmhadh bean, an bhean a cuireadh sa
leabhaidh, an bhean ba bhreaghtha dhíobh go léir. D'fhéach-
adar go léir, an mhórsheisear, breagh thar na beartaibh
go dtí gur chuimhnigh sí i gceart ar an mnaoi a thug sí as
an laige. Mná breaghtha, mná fíor-bhreaghtha, a b'eadh
an mhórsheisear, dá mba ná beadh ann ach iad. Ach i
n-aice na mná a bhí sa leabaidh mná gránna a b'eadh
iad.



Ach cé'r an bhean áluinn óg a bhí sa leabaidh? Agus
cad fé ndeara do'n lagachar úd teacht uirthi? Agus
cad fé ndeara dhi gan aon fhocal do labhairt? Nó
cad a thug ann i n-aon chor í? Níor dheabhruigh sí gur
bhain sí leis an gcuid eile acu. Ba dhóich le duine
ortha gur bh'amhlaidh a fuaradar lasmuich i n-áit éigin
í, agus í sa bhfanntais, agus gur thugadar leó isteach
í chun í thabhairt as an bhfanntais. Sin mar a bhí an
bhean abhrais ag machtnamh ar an sgéal, agus é ag teip
uirthi tón ná ceann fhághail air. B'éigen di eirighe
as.


L. 21


10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



VII.



Do thárla, roinnt aimsire 'na dhiaidh san, go raibh
ualach mór olla aici arís le cíoradh agus le slámadh
agus le sníomh agus le tochrais, go raibh eagal uirthi
ná tiocfadh léi go deó na h-abhraisí bheith ullamh i n-am
aici do'n mhuintir a chuir chuici iad. Bhí lá ó mhaidin
caithte aici ag déanamh na h-oibre, ags bhí éacht de'n
obair gan déanamh agus an oidhche ag tuitim. Thug sí
léi solus árneáin, agus shocaruigh sí ar an oidhche
thabhairt ag obair. Do las sí an solus, agus chrom
sí ar an obair. Ní raibh sí a-bhfad ag obair nuair a
h-osgaladh an dorus, agus bhuail chuici isteach bean
agus caipín a clócha amach ar a ceann aici. Dhein sí
suas ar an áit 'n-a raibh an bhean abhrais ag obair,
agus sháidh sí a dhá láimh san olann, agus



"A bhean an bhréidín, má's seo ar siubhal
agat,
Cíoram é, slámam é; is fearr-de sinn congnamh
fhághail,"



ar sisi. Ní raibh ach an dán beag ráidhte aici nuair a
bhuail an tarna bean isteach, agus sháidh sí an dá láimh
sa n-olann, agus dubhairt sí an leath-rann céadna.
Níor bh'fhada go raibh an mhórsheisear acu istigh, agus na
lámha sáidhte san n-olann acu, agus iad ag obair go
tiugh. Bhí fhios ag na mnaoi abhrais go maith cé'r bh'iad
a bhí aici, agus bhí áthas mór uirthi, mar bhí fhios aici nár


L. 22


bh'fhada go mbeadh an obair go léir déanta, agus
déanta go maith.



Chomáineadar leó ag obair, go dtí go raibh an tsla-
mairc dheirineach de'n olann 'n-a snáth, agus an snáth
deirineach tochraiste ar an gceirthlín deirineach, agus
an ceirthlín sin caithte ar an gcruaich ceirthlíní a bhí
fásta sa chúinne.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



VIII.



"Táim ana bhuidheach díbh, a uaisle," arsa'n bhean
abhrais; "ní fios cathain a bheadh an méid sin oibre
déanta agam dá mbeadh orm é dhéanamh am' aonar.
Táim ana bhuidheach díbh, a uaisle!"



"Is ceart cómhar do dhíol, a bhean mhacánta," arsa'n
chéad bhean a tháinig isteach. "Dheinis-se dhúinne an
oidhche eile úd a bhíomair anso nídh ná raibh ar ár gcumas
féin a dhéanamh. Is é is lugha is gann dúinne teacht
agus an congnamh so thabhairt duit-se. Ní fios ná go
mb'fhéidir go mbeadh gádh againn led' chabhair arís."



"Agus is é is lugha is gann dómh-sa cabhair a thabhairt
uaim pé uair a bheidh gádh leis an gcabhair," arsa'n bhean
abhrais.


L. 23


D'eirighadar go léir, agus tharraingedar caipíní
a gclócaí anuas ar a gceannachaibh, agus d'imthigheadar.



Do deineadh an obair chómh maith san gur tugadh fé
ndeara ar fuaid na cómharsanachta feabhas na h-oibre,
agus gur mhéaduigh ar an gcúram a curtí ar an mnaoi
abhrais sin. Thagadh an olann 'n-a beartaibh móra
troma ag triall uirthi. Nuair a bhíodh an iomad de'n
obair aici le déanamh, agus gan ar a cumas teacht air,
pé dícheall a dhéanfadh sí ná pé árneán a dhéanfadh sí,
thagadh an mhórsheisear agus dheinidís an obair di.



Fé dheire tháinig an t-am go raibh an leanbh úd adubh-
radh, go raibh sí ag dul chun báis, agus an bhuairt go
léir ar a h-athair agus ar a máthair. Ansan tháinig an
t-am 'n-a raibh daoine tuisgionacha 'ghá rádh nár bh'í an
leanbh féin a bhí ann i n-aon chor; gur fuaduigheadh an
leanbh féin, agus ná raibh sa leabaidh ansiúd ach iarlis
a fágadh ann nuair a fuaduigheadh an leanbh. Ansan
tháinig an t-am agus fuair an iarlis bás.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



IX.



An oidhche chéadna a fuair an iarlis bás, tháinig an
mhórsheisear isteach go dtí an bhean abhrais, agus cailín
acu agus iad 'á h-iomchar eatartha, díreach mar a bhí an
chéad uair úd.


L. 24


"Tá gádh led' chabhair againn, a bhean mhacánta,"
arsa'n chéad bhean díobh a labhradh i gcómhnuidhe.



Do phreab an bhean abhrais chuca, agus thóg sí ar a
bacalainn an cailín a bhí, dar léi, marbh nó i bhfanntais
chómh trom san gur cuma é nó í bheith marbh gan méam
inti. Ní túisge fhéach sí uirthi 'ná mar aithin sí í. An
leanbh a fuaduigheadh is í a bhí ann. Ní baoghal gur leig
an bhean abhrais uirthi gur aithin sí í. Thóg sí léi síos
sa tseómra í agus shín sí ar a leabaidh féin í. Chrom sí
ar bheith a d'iarraidh í thabhairt as an bhfanntais díreach
mar a dhein sí leis an gcéad chailín úd. Bhí rud aici
go dtugtí biorán suain air. An t-é go sádhfaí an
biorán suain sin 'n-a cheann, thiocfadh codladh air a
bheadh ana chosmhail le bás, agus ní thiocfadh sé as an
gcodladh san go dtí go dtarraingeófaí an biorán
suain as a cheann. Do sháidh an bhean abhrais an biorán
suain i gceann an chailín, ach dhein sí é a ganfhios do'n
mhórsheisear. Bhí an mhórsheisear ag cíoradh agus ag
slámadh agus ag sníomh, agus bhí an bhean abhrais a
d'iarraidh an chailín do thabhairt as an bhfanntais,
dar léi, agus bhí an oidhche ag imtheacht.



Fé dheire bhí an lá ag teacht, agus ní raibh an cailín ag
teacht chuici féin, ná aon phioc d'á dheabhramh uirthi go
dtiocfadh sí chuici féin go luath. Bhí an mhórsheiear
ag cogarnaigh go dian. I ndeire na cogarnaighe do
labhair an chéad bhean acu do labhradh i gcómhnuidhe.



"A bhean an tighe," ar sisi, "ní foláir dúinne bheith
ag imtheacht. Tabhair-se aire mhaith do'n chailín sin,


L. 25


agus tiocfaimíd anso chugat arís nuair a thiocfaidh
an oidhche. Tabhair aire mhaith dhi, agus tabharfar do
thuarasdal go maith dhuit."



"Déanfad, a uaisle," arsa'n bhean abhrais.



Ansan d'imthigheadar.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



X.



Tháinig an lá. Chómh luath agus bhí sé 'n-a lá gheal do
tharring an bhean abhrais an biorán suain a' ceann an
chailín. Tháinig a meabhair do'n chailín láithreach, agus a
ciall, agus d'eirigh sí. D'aithin sí an bhean abhrais.
D'innis sí do'n mhnaoi abhrais conus mar a tugadh deoch
éigin di a bhain a meabhair di agus ná feidir sí cá raibh
sí as san amach, go dtí go dtáinig a meabhair di agus
í ar a leabaidh ag an mnaoi abhrais.



Thug an bhean abhrais rud le n-ithe agus le n-ól di.
Ansan, chómh luath agus bhí an biadh agus an deoch caithte
aici, agus í láidir a dóithin chun gluaiste, chuir sí clóca
léi féin uirthi, agus chuir sí caipín an chlóca amach ar a
ceann, i dtreó ná féadfadh aoinne a h-aghaidh a dh'fheis-
gint. Ansan do bhuail an bheirt amach agus thánadar
go tigh muintire an chailín. D'innis an bhean abhrais
do'n athair agus do'n mháthair an sgéal go léir tríd


L. 26


síos. Thuigeadar é go maith. Bhí áthas ana mhór ortha,
nídh nár bh'iongnadh. Bhíodar ana bhuidheach de'n mhnaoi
abhrais, agus dubhradar léi arís agus arís eile go
ndéanfaidís an bheart a bhí déanta aici dhóibh do chúit-
eamh léi.



Tháinig sí a-bhaile, agus bhí sí ag cur agus ag cúiteamh
'n-a h-aigne, féachaint cad é an freagra thabharfadh sí
ar na mnáibh uaisle úd nuair a thiocfaidís. Níor
mheas sí go raibh aon fhreagra a b'fhearr a thabhairt
ortha 'ná a rádh leó go dtáinig an cailín chuici féin as
an bhfanntais agus gur imthigh sí. Nuair a tháinig an
oidhche bhí sí ag faire chúici agus ag feitheamh. D'imthigh
tosach na h-oidhche, agus níor thánadar. Bhí lár na
h-oidhche ann agus iad ag teacht. Thuit a codladh
uirthi ar an dtínteán, ach níor thánadar. Tháinig an lá
agus níor thánadar. Tháinig an oidhche arís agus níor
thánadar. D'imthigh lá, agus dhá lá, agus seachtmhain,
agus mí, agus níor thánadar 'n-a goire. D'imthigh an
bhliadhain. Dubhairt sí léi féin ná tiocfaidís a thuille.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XI.



Bhí dhá bhliadhain imthighthe. Bhí sí ag obair agus ana
chruach olla aici le cíoradh agus le slámadh agus le
sníomh. Bhí an oidhche tar éis tuitim, agus bhí an choinn-


L. 27


eal árneáin ar lasadh aici, agus í 'ghá socarú féin chun
na h-oidhche chaitheamh ag obair. Do tógadh an laiste
agus do h-osgaladh an dorus, agus bhuail chuici isteach
an chéad bhean úd, agus caipín a clóca ar a ceann aici
chómh fada san amach nár fhéad an bhean abhrais a dh'fheis-
gint ach an dá shúil, - ach bhí an dá shúil sin ar lasadh go
géar agus go h-aibigh. Dhein sí suas ar an olann agus
sháidh sí a dhá láimh ann, agus dubhairt sí:



"A bhean an bhréidín, má's bréidín seo ar siubhal
agat,
Cíoram é, slámam é; is fearr-de sinn congnamh
fhághail."



Is ar éigin a bhí an focal deirineach ráidhte aici nuair
siúd isteach an tarna bean, agus caipín a clóca amach
ar a ceann aici agus a dhá súil ar dearg-lasadh fé'n
gcaipín. Siúd chun na h-olla í, agus sháidh sí a dhá láimh
ann, agus dubhairt sí an chaint chéadna. Bhíodar ag
teacht ar an gcuma san go dtí go raibh trí naonbhair
acu istigh agus iad ag obair go dian.



Bhí sgannradh ag teacht ar an mnaoi abhrais, ach níor
leig sí uirthi go raibh. Bhí fhios aici go raibh droch
fhuadar éigin fútha, ach bhí sí ag faire chuici. Fé dheireadh
do labhair bean acu, an chéad bhean úd do labhradh i
gcómhnuidhe.



"Eirigh, a bhean an tighe," ar sisi, "agus cuir síos
tuille teine dhúinn. Tá an oidhche fuar."



Ní raibh an oidhche fuar. Agus bhi teine mhaith sa tín-
teán cheana. Ach d'eirigh sí agus chuir sí tuille móna


L. 28


ar an dteine. Do leig sí uirthi go raibh áthas ana mhór
uirthi mar gheall ar an obair a bheith acu 'á dhéanamh chómh
tiugh.



"Cuir an corcán mór san thall ar an dteine, a bhean
an tighe," arsa'n bhean a labhradh; "tá tart agus ocras
ag teacht orainn."



Corcán ana mhór a b'eadh é. D'fhéadfaí duine do
chur isteach ann agus é bheiriú 'n-a bheathaidh ann.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XII.



Nuair a bhí an corcán ar an dteine do labhair an bhean
arís.



"Imthigh," ar sisi, "agus tabhair leat uisge, agus cuir
sa chorcán san é, nó brisfear é. Tá an teine ró theith."



Thug an bhean abhrais fé ndeara iad go léir ag bag-
airt ar a chéile agus ag gáiridhe fé n-a n-anál. Níor
leig sí aon nídh uirthi. Do thóg sí crúsga léi, agus
chuaidh sí amach chun an tobair, agus thug sí crúsga
uisge isteach léi, agus chaith sí an t-uisge isteach sa
chorcán. Ní líonfadh fiche crúsga agus corcán. Do
leig sí uirthi ana dhithneas a bheith uirthi ag ruith chun an
tobair agus ag teacht, a d'iarraidh an chorcáin do líonadh


L. 29


chómh luath agus do b'fhéidir é. Nuair chonnacadar ag
déanamh an dithnis í, bhí ana bhagairt acu ar a chéile
agus ana gháiridhe ar siubhal acu fé n-a n-anál. Ní
raibh aon choinne acu go raibh aon droch amhras aici
ortha.



Nuair a bhí roinnt mhaith des na crúsgaíbh uisge tabh-
artha léi aici ó'n dtobar, do rith sí amach chun ceann
eile thabhairt léi, agus dubhairt sí, ag gabháil amach di:
"Ní mór dom breis dithnis a dhéanamh, a uaisle, nó
beidh sibh marbh ag an dtart agus ag an ocras sar a
mbeidh an corcán san lán agam."



Bhí sí ag ruith ag gabháil amach di, agus do lean sí
ag ruith go dtí go raibh sí ró fhada ó'n ndorus chun iad
a dh'aireachtaint fothraim a cos. Ansan do stad sí,
agus chaith sí dhi a bróga, agus tháinig sí thar n-ais gan
aon fhothram a dhéanamh. Nuair a bhí sí i n-aice an
doruis, i leathtaoibh, chuir sí cluas uirthi féin féachaint
an aireóchadh sí iad ag déanamh aon chainte. D'airigh.



"Ní fada go mbeidh sé lán a dhóithin," arsa'n bhean
a labhradh i gcómhnuidhe.



"Cad a dhéanfaimíd ansan, a ríogan?" arsa bean
eile acu.



"Cuirfimíd isteach ann í, agus beireóimíd 'n-a
beathaidh í. Cuirfimíd biorán suain inti ná bainfear
aisti go ceann tamaill," arsa'n chéad bhean.


L. 30


10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XIII.



Nuair airigh an bhean abhrais an focal san, do shlamh-
nuigh sí thar n-ais chun na h-aite 'n-ar fhág sí an crúsga
agus na bróga. Chuir sí uimpi na bróga, agus do
rith sí timcheall go dtí an taobh eile de'n tigh. Ansan
d'osgail sí a béal agus a cliabh, agus chuir sí liú aisti
go h-árd agus go binn, liú a h-airigheadh breis agus
míle mór-thimcheall ó'n áit 'n-a raibh sí 'n-a seasamh.



"A chómharsain, a pú-ú-ú-ú-ú-ú!" ar sisi, "ruithidh,
ruithidh, ruithidh! Tá Sliabh na mBan bhFionn trí theine!
Sliabh na mBan bhFionn trí theine!! Sliabh na mBan
bhFionn trí theine!!!"



D'airigh na trí naonbhair a bhí istigh an liú agus an
ghlaodh agus an fógra. Chaitheadar an obair as
a lámhaibh, agus siúd amach iad, agus iad ag baint an
doruis d'á chéile, agus siúd suas an cnoc iad chómh
mear agus bhí sé 'n-a gcosaibh. Chaith an bhean abhrais
ar an dtalamh í féin go dtí go rabhadar imthighthe ó'n
ndorus. Ansan do rith sí isteach, agus dhún sí an
dorus, agus chas sí an eochair sa ghlas, agus chuir sí
geasa ar an eochair an dorus a choimeád dúnta. Chuir
sí an uasal 'n-a seasamh ag an iarta, agus chuir sí de
gheasaibh uirthi gan corruighe as an áit sin. Bhuail sí
buille de'n tuaigh i mbloc adhmaid, agus chuir sí de
gheasaibh ar an dtuaigh gan corruighe as an áit sin. Chuir
sí gach aon rud eile i n'áit féin ar an cuma san, agus


L. 31


chuir sí iad go léir fé gheasaibh cruadha gan corruighe
as a n-áiteanaibh go dtí go bhfuasgalóchadh sí féin iad
ós na geasaibh. Ar éigin a bhí an rud deirineach curtha
daingean fés na geasaibh aici, nuair airigh sí na mná
uaisle ag teacht chun an doruis. Thug duine acu
iarracht ar an laiste dh'árdú. Ní raibh aon mhaith ann.
Bhí an glas ar an ndorus.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XIV.



"Osgail an dorus, a bhean an bhréidín," arsa'n bhean
amuich, "go gcríochnóchaimíd an obair duit."



"Ní osgalóchadh," ar sisi, "mar do curfaí sa chor-
cán mé!"



"Osgail, osgail, a eochair an ghlais!" arsa'n bhean
amuich.



"Ní fheadfainn é," arsa'n eochair. "Táim anso
sáidhte sa ghlas, agus táim fé gheasaibh cruadha an
dorus a choimeád dúnta."



"Osgail, osgail, a ursal na lorgan bhfada!"
arsa'n bhean amuich.



Ní fhéadfainn é," arsa'n ursal. Táim anso am'
sheasamh am' áit féin i n-aice na teine, agus mo cheann


L. 32


leis an iarta, agus na geasa cruadha orm gan cor-
ruighe as an áit seo."



"Osgail, osgail, a thuagh!" arsa'n bhean amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa'n tuagh. "Táim anso am'
áit féin, agus mo bhéal sáidhte san adhmad, agus na
geasa cruadha orm gan corruighe as an ait 'n-a bhfuilim."



"Osgail, osgail, a cheirthlín!" arsa'n bhean amuich.



"Ní fhédfainn é," arsa'n cheirthlín. "Táim anso
san áit 'n-ar fhágais mé, agus na geasa cruadha orm
gan corruighe as go dtógfar díom na geasa úd a
chuiris féin orm nuair a chaithis uait mé."



"Osgail, osgail, a roth an turainn!" arsa'n bhean
amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa roth an turainn. "Tá an
tsrang orm, agus ní féidir dom corruighe gan cead
ó'n sraing."



"Osgail, osgail, a shrang!" arsa'n bhean amuich.



"Ní fhéadfainn é" arsa'n tsrang. "Táim ar an
roth, agus ní féidir dom a dhéanamh ach an tromán do
chasadh."



"Osgail , osgail, a thromán!" arsa'n bhean amuich.



"Ní fhéadfainn é," arsa'n tromán. "Tá na geasa
cruadha orm gan a dhéaamh ach an fhearsad so do
chasadh."



Chomáineadar leó ar an gcuma san ag glaodhach ar na
neithibh a bhí istigh, agus 'á iarraidh ar gach nídh dhíobh an
dorus a dh'osgailt dóibh, ach do theip gach aon rud ortha,
mar bhí ach aon rud fé gheasaibh i n'áit féin. Fé dheire


L. 33


chuimhnigheadar ar rud nár cuireadh fé gheasaibh riamh,
agus nár bh'fhéidir a chur fé gheasaibh an fhaid a fágfaí
istigh é, mar ní raibh aon ghnó le déanamh istigh aige. Ach
bhí an bhean abhrais ró ghasta dhóibh. Bhí fhios aici ná
féadfadh sí aon gheasa do chur ar rud ná raibh aon
tairbhe aige le déanamh. B'é rud 'ná uisge na gcos.
Nuair nár bh'fhéidir na geasa do chuir air, is é rud a
dhein sí leis 'ná é chaitheamh an dorus amach sar ar dhún
sí an dorus.



"Osgail, osgail, a uisge na gcos!" arsa'n bhean
amuich.



"Ní fhéadfainn é" arsa uisge na gcos. "Táim
anso féd' chosaibh san aoileach."



Nuair a fuaradar an freagra san ó uisge na gcos,
bhí fhios acu go raibh buaidhte ortha. D'imthigheadar go
feargach. Táid siad thuas i n-áit éigin sa chnoc ó shin,
agus níor airigheas gur thánadar anuas fós.



11.
"Cha-Cha-Cha-Chailleas é!"
"Fu-Fu-Fu-Fuaras é!"



Timcheall deich mbliadhna agus cheithre fichid ó shin,
nó mar sin, bhí amadán bocht ag imteach ó thigh go
tigh i bparósite Chluandrochaid. Ar Gort na Lice


L. 34


ba mhó a bhíodh cómhnuidhe air, ach ag imtheacht mór-thim-
cheall a chaitheadh sé a shaoghal. Bhí sé go maith chun a
choda do lorg, agus bhí sé go maith agus go cruinn
chun pé rud a gheibheadh sé do choimeád, agus mar
gheall air sin bhí sé amuich air go raibh sparán aige,
agus nár bh'fhios cad é an saidhbhreas a bhí i bhfolach
sa sparán aige. Seághan Balbh an ainm a bhí i mbéal-
aibh na ndaoine air. Níor airigheas riamh cad í an
tsloinne a bhí air. Bhí an stad 'n-a chaint, agus mar
gheall air sin iseadh tugadh Seághan Balbh air.



Bhí lá deire-fóghmhair ann agus lá ana fhliuch ab eadh
é. Bhí an fhearthainn ag tuitim go trom i caitheamh
an lae. Do stad an fhearthainn um thráthnóna, agus
do ghlan an spéir, ach bhí an saoghal ar bar' uisge agus
bhí tuile ins gach aon rud i bhfuirm abhan. Bhí abha bheag
ag gabháil siar tré Chill Ghobnatan, agus tá fós. Tá
drochaidín ar an abhainn sin anois. Ní raibh aon
drochad uirthi an uair sin, bíodh go raibh bóthar ag
gabháil tháirse.



Nuair a fuair Seághan Balbh an tráthnóna tirim do
bhuail sé siar ó Ghort na Lice chun dul go tigh Pheadair
uí Laoghaire a bhí 'n-a chómhnuidhe i gCill Ghobnatan.
Tháinig sé chun na h-abhan. Bhí an tuile sa n-abhainn.
Má bhí féin, níor chuir sí cosg le Seághan. Do ghaibh
sé an abha. Chómh luath agus tháinig sé amach as an
uisge ar an dtaobh thiar de'n abhainn, do chas sé an
dá ologón déag.



"Ó! Ó! Ó! adeireadh sé. "Cha-cha-cha-chailleas


L. 35


é! Cha-cha-cha-chailleas é! Cha-cha-cha-chailleas é!"
Chomáin sé leis ag lógóireacht ar an gcuma san chómh
h-árd agus bhí sé 'n-a chliabh agus 'n-a sgornaigh an
lógóireacht a dhéanamh.



Ní'l an tigh i n-a raibh Peadar ua Laoghaire 'n-a chómh-
nuidhe ach cúpla péirse ó'n abhainn. Bhí an tigh lán
de bhuachaillíbh agus de lucht oibre. B'éigean dóibh
go léir fanamhaint istigh an lá san, mar bhí an lá ró
fhliuch chun aon oibre dhéanamh. D'airigheadar an
t-ologón uathbhásach. Do ruitheadar amach. Chonnac-
adar Seághan agus é ag bualadh a bhas agus ag lógóir-
eacht, agus "cha-cha-cha-chailleas é" ar siubhal aige.



"Cad a chaillis? Cad a chailis?" arsa gach aoinne
leis.



Do theip ortha aon fhreagra fhágail uaidh, ach é ag
lógóireacht, agus "Ó! Ó! Ó! Cha-cha-cha-chailleas
é!" ar siubhal aige.



"Cár chaillis é, a Sheághain?" arsa duine éigin.



Siúd thar n-ais chun na h-abhan é. Siúd 'n-a dhiaidh
iad go léir. Siúd isteach sa n-uisge é. Siúd isteach
sa n-uisge iad go léir. Do sháidh Seághan a dhá láimh
síos sa n-uisge i dtreó go raibh an t-uisge suas go
guailnibh agus suas go crománaibh air, agus é ag cuar-
dach le n-a mhéireanaibh thíos ameasg na gcloch.



Bhí gach aoinne, ar an gcuma gcéadna, ag cuardach
ar a ndícheall, agus an t-uisge go guailnibh agus go
crománaibh air, agus a dhá láimh sáidhte síos aige, agus
gach aon uair a theangbhuigheadh a mhéireana thíos le


L. 36


cnapóigín cré go measadh sé gur bh'é an sparán a bhíodh
aige.



Bhíodar mar sin, ag cuardach, go dtí go rabhadar,
ní h-amháin fliuch ó mhullach talamh, ach ag rith leis an
bhfuacht.



Fé dheire do léim an t-amadán, agus chuir sé glam
as.



"Ó!" ar seiean, "fu-fu-fu-fuaras é! Fu-fu-fu-
fuaras é!"



"Cad a fuarais, airiú?" arsa gach aoinne.



"Le-le-le-leathphinne ruadh!" arsa'n t-amadán.



Tá, is dóich liom, deich mbliadhna agus trí fichid ó
airigheas m'athair - beannacht Dé le n-a anam! - ag
innsint an sgéil sin. Mar d'fhear an tighe ab eadh é.
Bhí sé féin agus cuid d'á dhrithárachaibh sáidhte sa
chuardach.



PEADAR UA LAOGHAIRE



Caisleán ua Liatháin,
20. VII. 1917.


L. 37


1. - AG SÉIDEADH AGUS AG ITHE.



Ceisteanna.



1. An mór na cailíní a bhí 'na gcomhnuidhe i dteannta chéile?
2. Cad iad na h-ainmneacha a bhí ortha?
3. An raibh aoinne 'sa' tig ach iad?
4. An tig mór a bhí aige's na cailíní?
5. An rabhdar canamhail ar a chéile?
6. Cá bh'fhios duit?
7. An thuit tionóisg amach?
8. Cé air gur imthig an tionóisg?
9. Cad a bhí 'á dhéanamh acu nuair a thuit sé amach?
10. Cad a bhí 'á dhéanamh ag Nóra?
11. Cad chuige an t-uisge beirithe?
12. cá raibh an t-uisge?
13. Cad d'imthig ar a' gciteal?
14. Cad air gur doirteadh an t-uisge?
15. An raibh sé ana-theith?
16. An dhein sé aon díobháil?
17. Cad é an díobháil é?
18. An raibh a lámh teinn?
19. Cad a dheineadh sí chun an teinnis do mhaolú?
20. An ndeineadh sí iarracht ar rud eile do dhéanamh idir
gach aon dá shéideadh?
21. Ar eirigh sé léi?
22. Ar airighis riamh an sean fhocal so: "Ní féidir bheith ag
ithe mine agus a' feaduíol?
23. Abair féin é?
24. An mbaineann sé leis an sgéilín seo?
25. Nuair a bhí sé a' theip ar Nóra cad a dhein sí?
26. Cad dubhairt sí nuair a shín sí amach a lámh theinn?
27. Ar ith Máire aon bhrecfaist an lá úd?
28. An chaith sí fanamhaint chun go raibh a dóthain ithte ag
Nóra?
29. An raibh ocras ar Mhaire?


L. 38


30. Nach dóigh leat gur chailín foidhneach í?
31. Ar cheart do Nóra bheith ag ithe agus Máire bhocht a'
séideadh?
32. Cad ba cheart di 'dhéanamh?
33. An ceart do dhuine duine eile a fhágáil chun a ghnótha
dhéanamh agus é féin díomhaoin?
34. An ndeintear a leithéid 'sa' tsaoghal go minic?



GRAMADACH.



1. Cuir i gcás, gur anois a thuitfeadh an sgéal amach, agus tú
bheith láithreach, conus a déarfá é?



Tosnuig mar sin:- "Tá M. agus N.," etc., agus léig an sgéal tríd
síos (aimsir láithreach) i dtreó go mbeidh ciall leis.



2. "Lá áirithe d'á rabhdar 'ghá n-ollmhú féin chun a mbrrecfaist
do chaitheamh." Dá mba ná beadh ach Nóra amháin ann conus a
déarfá é? (Cuir an abairt insa n-uimhir uathaidh.)



3. "Nuair a bhí ag ithe a cuid bídh bhíodh sí a d'iarraidh bheith a'
séideadh." Cuir i gcás go mbeadh beirt ann, conus a léighfeá
é? (Cuir an abairt 'sa n-uimhir iolraidh.)



4. "Do doirteadh an t-uisge ar a láimh."



"Do shín sí amach a lámh."



Cad 'na thaobh go bhfuil deifirigheacht 'sa' leitriú do'n
fhocal lámh?



2.- DLÍGHE NA N-UBH.



CEISTEANNA.



1. An fear a bhí ag insint an sgéil?
2. Ca ndubhairt sé go raibh sé lá?
3. Cé iad a bhailigh isteach 'sa' tig?
4. Cad 'na thaobh gur thanadar?
5. An amhlaidh fuaradar cuireadh chun teacht?
6. An é an Béarla a bhí acu d'á labhairt?
7. An labhradh aoinne Béarla an uair sin?
8. Cé h-iad na daoine a bhíodh ann?
9. Cad a bhíodh ar siúbhal acu?
10. An mbídís sultmhar?


L. 39


11. An mbídís a' gáirí?
12. Agus a ndeineadh san maitheas dóibh?
13. An rabhdar 'na suidhe chun búird lá?
14. An raibh aon leanbaí 'na measg?
15. An mó leanbh a bhí ann?
16. Cé'r bh'iad féin?
17. Peadar ab ainim do dhuine de 'sna leanbhaíbh, nár
bh'eadh?
18. An 'na shuidhe a bhí sé?
19. Cá raibh sé 'na sheasamh?
20. An raibh gaol idir mháthair Pheadair agus an fear a bhí ag
ínsint an sgéil?
21. Cad é an gaol é?
22. An mó bliain d'aois a bhí Peadar an uair sin?
23. Cad é an saghas bídh a bhí ar an mbórd?
24. An mó ubh a bhí ithte ag an sgéalaidhe nuair a labhair
duine éigin?
25. Cad dubhairt an duine sin nuair a bhí an dá ubh ithte ag
an sgéalaidhe?
26. Cad 'na thaobh go ndubhairt sé "athair"?
27. Ó! an sagart a bhí ag caint?
28. Cad é an freagra é siúd a thug an sagart ortha?
29. An labhair duine airís?
30. Cad dubhairt sé?
31. Agus cad é siúd dubhairt duine éigin eile?
32. Cad é an freagra a thug an sagart airís?
33. Cad dubhairt máthair Pheadair ansan?
34. An labhair an t-aos óg?
35. Cad dubhradar?
36. An airighis riamh trácht ar aon dlighe i gcoinnibh ubh ach
dlighe a' trosgaidh?
37. Ar innis an sagart an dlíghe dhóibh?
38. Má tá sé agat innis dúinn é?
39. An bhfuil sé de ghlan-mheabhair agat?
40. Cia'cu tiodal - fíor-dhuinuasal; duinuasal; bodach; nú
feile-bhodach, a bheadh oireamhnach duit-se? Cad 'na thaobh?
41. Na daoine a bhí láithreach agus nár airig an dlígh roimis
sin, cad a dheineadar?
42. Cad a dhein an chuid eile de'n chuideachtain?
43. Cad a bhí 'á ithe ag máthair Pheadair?
44. An raibh cuid mhór de'n ubh ithte aici nuair a gháireadar?
45. An raibh a leath-ubh 'na láimh aici?


L. 40


46. Cad a dhein sí leis nuair a gháir an chuid eile?
47. An raibh Peadar óg a' faire uirthi?
48. Cad dhein sé?
49. Nach dóigh leat go raibh sé droch-mhúinte agus a leithéid
dhéanamh?
50. Ar tháinig fearg ar a mháthair?
51. An le neart spóirt a dhein sé a leithéid a
dhéanamh?
52. Nár ghéar-chúiseach, deisbhéalach an garsún é?
53. Cad dubhairt na daoine a bhí a' féachaint ar an mbeirt?
54. Cad é an t-aguisín a chuir Peadar le "dlíghe na n-ubh"?
55. Abair "dlíghe na n-ubh" anois dúinn, agus a t-aguisín 'na
teannta.
56. An thaithn an t-aguisín leo go léir?



GRAMADACH.



1. "Bailigh cuid des ba cómharsain isteach nuair airíghdar
me bheith tagaithe."



Dá mba ar an lá amáireach a bheitheá a'trácht conus a
déarfá é? (aimsir fháistineach.)



2. "Bailighdís isteach nuair airighdís me bheith ann."



Dá mba ar an lá indiu a bheitheá ag trácht conus a
déarfá an abairt sin? (aimisir ghnáth-láithreach.)



3. "Cad é an saghas dlíghe é?"



Dá mbeadh níos mó ná aon dlíghe amháin ann conus a
chuirfá an cheist?



4. "An lá so adeirim do ráinig go raibh blúire bídh againn
'á chaitheamh."



Abair an chainnt sin ar chuma éigin eile.



3.- DLÍGHE AN T-SOLUIS.



CEISTEANNA.



1. Na daoine a bhí ag éisteacht leis an sagart ar labhradar
airís?
2. Cad dubhradar?
3. An chuireadar aon cheist chun an tsagairt?
4. Cad í an cheist í?


L. 41


5. Cad é an freagre a thug an sagart ortha?
6. An airig an mhuintir óg an dlíghe roimhis sin?
7. An iarradar ar an sagart a dlighe a d'ínsint dóibh?
8. An innis sé dóibh é?
9. An bhfuil an dlíghe agat?
10. Abair é.
11. Nuair a bheadh prátaí agus feoil ag duine cad é an saghas
soluis a bheadh aige?
12. Nuair ná beadh aige ach prátaí 'gus bainne cad a bheadh
mar sholus aige?
13. Dá mba ná beadh ach prátaí agus salann aige an mbeadh aon
choinneal aige?
14. Cad eile?
15. Cad é an biadh a bheadh 'á chaitheamh ag an nduine go mbeadh
geaitire giúise aige?
16. Cá bhfuighfí an ghiúir?
17. An ndeintí úsáid d'aon íle ,an uair sin, chun soluis?
18. Na daoine go mbíodh prátaí agus feoil acu le n-ithe, cad 'na
thaobh gur choinneal mhúnla a bhíodh acu-san?
19. Na daoine, go mbíodh prátaí agus bainne mar bhiadh acu,
an rabhdar san bocht?
20. An mbíodh na daione ana-bhocht ar fad nuair ná bíodh
acu ach prátaí agus salann?
21. Cad é an chúis ná bíodh coinneal mhúnla acu-san?
22. Cia'cu is fearr?- Solus na gréine, nó solus na coinnle?
23. An bhfuil dlíghe an t-soluis de ghlan-mheabhair agat anois?
24. Na daoine a bhí ag éisteacht leis an sagart, conus a
thaithn dlíghe an tsoluis leo?



GRAMADACH.
1. "'Tá,'arsa mise."



Abair é sin ar chuma éigin eile.



2. "Is dócha gur airigh cuid agaibh an dlíghe sin."



Cuir i bhfuirm ceiste é sin.



3. "Níor airígheamair, innis dúinn é."



Cuir an abairt sin 'sa n-uimhir uathaidh.


L. 42


4. TRÍ LEATHPHINNÍ.



Ceisteanna.



1. Bhí sgata buachaillí i n-áit áirithe lá. Cá rabhdar?
2. Cad é an brígh atá leis an bhfocal "sgata"?
3. An ndeirtear "sgata caorach": "sgata géana"?
4. Cé'r leis an tig go rabhdar ann?
5. Cad a thug ann iad?
6. An ainm baistidhe "Tadhg na n-ubh"?
7. Cad eile?
8. Cé h-iad na buachaillí a bhí 'na thig?
9. An mó duine ar fad a bhí ann?
10. Cad air gur shocaruigheadar 'na n-aigne eatortha féin?
11. Cad dob'áil leo de sna cártaí?
12. Cá mbídís ag imirt?
13. Cathain a bhíodh cluiche acu? Gach aon lá an eadh?
14. Cathain a bhíon na h-oidhcheannta fada againn.
15. Cathain a bhíon na laetheannta gairid?
16. Cia'cu a b'fhearr leat na h-oidhcheannta fada nú na
h-oidhcheannta gearra?
17. Cad 'na thaobh?
18. An mór a dhíol gach duine acu i gcóir na gcártaí?
19. An mór ar fad a chosain an paca?
20. Tabhair tuairim fé?
21. Ar ceannuighead na cártaí?
22. Ar tháinig an chuideachta?
23. Cad chuige gur thánadar?
24. An raibh dúil mhór 'sna cártaíbh acu?
25. Ar thosnuig an imirt?
26. Cad é an ainm a thabharfá ar dhuine a bheadh ag imirt
chártaí?
27. An mó cearrbhach a bhí ag imirt?
28. Conus a thuit amach ar dtúis leo?
30. Conus a bhí an imirt ag imeacht?
31. An mó duine a bhí ag breith?
32. Conus a bhí an sgéal ag an mbeirt eile?
33. Ar thaithn leo bheith ag cailleamhaint?
34. Ar tháinig fearg ar dhuine acu?
35. Ar bhris ar an bhfoidhne aige?
36. Cad 'na thaobh?


L. 43


37. Ar bh'aon iongnadh gur bhris ar an bhfoidhne aige?
38. An deacair do dhuine a bheadh mí-ádhbharach bheith foidhneach?
39. Ar eirig aragóint eatortha?
40. An fear gur bhris ar an bhfoidhne aige cad dubhairt sé
fé dheire?
41. Cé leis go ndubhairt sé é?
42. Cad é an bhrígh atá leis an bhfocal "calaois"?
43. Ar cheart dó é sin a rádh?
44. Cad 'na thoabh go ndubhairt sé é?
45. Ar thug an fear eile aon fhreagra air?
46. Cad é féin?
47. Ar labhair an fear tosaigh airís?
48. Cad dubhairt sé?
49. An rabhdar ag tabhairt droch-tharcuisne d'á chéile?
50. Ar labhair duine ansan nár labhair cheana?
51. Cé labhair?
52. Cad dubhairt sé?
53. Ar thóg sé páirt le n-a chomrádaidhthe?
54. Agus cad a dhein sé?
55. Cad as gur tharaig sé an t-airgead?
56. Cad é an saghas airgid é?
57. Cár chuir sé an t-airgead?
58. Ar chuir sé air go ciúin?
59. Agus cad dubhairt sé 'san am chéadna?
60. Ar thóg aoinne suas an geall?
61. Cé thóg?
62. Cad dubhairt an té a thóg?
63. Cé leis gur labhair sé?
64. Ar cheap sé ansan buachtaint ar an bhfear eile?
65. An ndubhairt sé go raibh an ceart ag an gcéad fhear?
66. Ar dheabhruigh a gcainnt go raibh aon easba airgid ortha?
67. Cé chuir stop leis an aragóint?
68. Conus?
69. Ar bhailig sé na cártaí chuige?
70. Cad a cheap na daoine a bhí a féachaint air?
71. Ar dhein sé amhlaidh?
72. In'inead san cad a dhein sé?
73. Cad 'na thaobh gur chuir sé isteach 'sa'teine iad?
74. Ar chuir san deire leis an aragóint?
75. Ar labhair aoinne?
76. At tháinig iongnadh ortha?
77. Cad d'imthig ar na cártaíbh?


L. 44


78. Cé'r bh'é an céad duine a labhair airís?
79. Cad dubhairt sé?
80. An raibh cathughadh air i ndiaidh a thrí leathphinní?
81. Ar dhóigh le duine go raibh sé creachta ar fad?
82. Ar chníopaire é?
83. Ar mhaith leis a chuid airgid bheith caithte agus gan pioc dá
bharr aige?



GRAMADACH.



1. Cuir 'sa n-uimhir uathaidh:-
(a) buachaillí óga.
(b) shocaruigheadar 'n-a n-aigne go gceanóchaidís paca
cártaí.
(c) oidhcheannta fada?
(d)nótaí móra.



2. Cuir sa n-aimsir fháistinigh, trímhadh pearsa, uimhir uathaidh
gach aon briathar díobh so síos:-
"Shocaruigheadar 'n-a n-aigne go gceannóchaidis paca
cártaí agus go mbeadh cluiche cartaí acu."



3. "Chonac Tadhg na n-ubh".
Chonac tig Thaidhg na n-ubh.
Cad 'na thaobh go bhfuil an "t" réimhighthe
sa tarna rádh?



4. Cuir isteach na réamh-fhocail atá i n-easnamh ar na
h-abairtí seo:-
(a) do bhris - an bhfoidhne aige.
(b) do chrom sé - na cártaíbh do bhailiú.
(c) bhí ag dul d'á fhoidhne - duine - an bheirt.
(d) do dhruid sé -na teine.



5. Sgríobh na ráidhte seo ar chuma éigin eile:-
(a)tá calaois agat 'á dhéanamh.
(b) thugais d'éitheach
(c) chuaidh gach aon rud chun cinn go maith ar feadh tamaill.



6. "Nuair a bhíodar 'na láimh aige do dhruid sé anonn chun
na teine agus chuir sé isteach sa teine iad."



Tabhair uait Módh Coingheallach, trímhadh pearsa,
mbriathar san.


L. 45


7. Cuir "deirim" roim gach aon rádh acu so síos agus sgríobh
airís iad:-
(a)tá an ceart aige.
(b) níor labhair aoinne
(c) do las na cártaí agus do dóghadh iad.



8. Cad is tuiseal do gach aon ainm acu so go bhfuil líne
fé?-



(a) Tadhg na n-ubh.
(b) chun na teine.
(c) ar na cártaíbh
(d) púnt airgid
(e) 'na láimh aige.



5. "NEIRBHIS"



CEISTEANNA



1. Cad dubhairt an sgéalaidhe i dtaobbh Rátha Chormaic?
2. Cad é an saghas tighe a bhí ag an mnaoi?
3. Cad é an tslighe bheathadh a bhí aici?
4. An siopa tig tábhairne?
5. Cad a díoltar ann?
6. An raibh aon chlann ag bean-an-tábhairne?
7. An mó duine clainne bhí aici?
8. Cad iad na h-ainmneacha a bhí ar an mbeirt?
9. Cia'cu ba shine acu?
10. Cia'cu b'óige acu?
11. Cia'cu 'cu ba threise?
12. An raibh aon fhear 'sa'pharóiste chomh láidir leis?
13. Ar chómhnuigh táilliúir 'sa'tsráid?
14. An bh'fear láidir é?
15. Cad eile?
16. An gnáth le duine leicthe bheith láidir?
17. Ar dhóigh leat air go dtuigfeadh an t-anam as láithreach?
18. Cad 'na thaobh?
19. An raibh daoine bailighthe sa tig lá?
20. Cad a thug ann iad?
21. Cad a bhí acu 'á dhéanamh?
22. Cé bhí ar a measg?
23. Cad a thug ann é?


L. 46


24. Cad a d'eirig eatortha?
25. Cad fé ndeár é?
26. An gnáth le daoine a bhíon ag ól bheith ag bruighean?
27. Cad 'na thaobh gur léim a tailliúir?
28. Ar sprioc rud éigin é?
29. Cad a sprioc é?
30. Agus cad a dhein sé?
31. Cé air gur rug sé an greim?
32. An ar a láimh do rug sé greim?
33. Cad air go rug sé an greim?
34. Ar tháinig iongnadh ar Chonchubhar?
35. Ar thuig sé cad a bhí ar an dtáilliúir?
36. Ar mheas an táilliúir greim do bhreith ar Chonchubhar?
37. Ar dhuine canncarach an táilliúir?
38. Dá mba dhóigh leis gur b'é Conchubhar a bhí ann an
ndéanfadh sé a leithéid?
39. Ar tháinig eagla air roim Chonchubhar?
40. Ar tháinig creathán 'na bhallaibh beathadh?
41. Cad 'na thaobh?
42. Ar labhair sé in ao'chor?
43. Cad dubhairt sé?
44. Cad a bhí 'na ghlór nuair a labhair sé?
45. Cad fé ndeár an sgeón?
46. Ar cheap sé Conchubhar a bhualadh agus ná buailfeadh C. é?
47. Cad é an leath-sgéal a thug sé do Chonchubhar i dtaobh
beirthe air?
48. Cad é an saghas ruda "neirbhis"?
49. An galar é?
50. An galar fé leith é?
51. An gcreideann tú go bhfuil a leithéid de ghalar ann in
ao'chor?
52. Ar chreid Conchubhar go raibh sé ann?
53. Cad a dhein C. agus na daoine a bhí ag éisteacht leis an
dtáilliúir?
54. Cad 'na thaobh gur phléasgadar ar gháirí?
55. Ar thuigeadar cad a chuir an galar "neirbhis" ar an
dtáilliúir?
56. Do réir do thuairm-se cad a chuir aige le "neirbhis" a bheith
air?
57. An dóigh leat go raibh cúis aige le "neirbhis" a bheith
air?
58. An dhein sé dearmhad mór nuair a rug sé ar Chonchubhar?
59. Agus an mhaith leis tarac siar ansan?
<L 47
60. Nuair a leog ag gáire dhó labhairt cad dubhairt sé?
61. Ar bhac an táilliúir Conchubhar?
62. An raibh a mhalairt de chiall aige?
63. Ar mhaith an bhail air nós buail?
64. Ar stad an bhruighean ansan?
65. Cad a chuir stop léi?



GRAMADACH.



1. I dtreo gur dhóigh leat dá bhfeicfeá é go dtuitfeadh an
t-anam as san a mbogfá do shúile dhé."



Sgríobh an rádh san thuas 'san trímhadh pearsain uimhir
uathaidh.



2. Cuir é seo 'sa n-aimsir láithreach, uimhir iolraidh:-



"Fear og láidir ab' eadh é."



3. Abair, nú sgríobh, ar chuma éigin eile:-



(a) bhí sé ar an bhfear ba threise dá raibh 'sa' pharóiste.
(b) D'eirigh bruidhean eatartha
(c) tháinig creathán air.



4. (a) "Bhí beirt mhac aici."
(b) "Do rug sé ar bhrollach casóige ar an bhfear."



Cad is tuiseal do "mhac," "bhrollach," "casóige,"
"bhfear"?



Cad'na thaobh go bhfuil 'm' séimhighthe i "mhac" agus an
'b' séimhighthe i "bhrollach"?



5. "Bhí bean i Ráth Chormaic agus baintreach ab'eadh í."
Cuir na focail "dubhairt fear" roim an rádh san, agus abair,
nú sgríobh, an rádh go h-iomlán.



6. Cad is innscne do "bruighean" ;"casóg" ; "greim"?



7. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh ar na ráidhtibh seo:-
(a) bain - do hata.
(b) do rug sé - mo láimh.
(c) do phléasg Conchubhar - gáirí.
(d) Ní bhogfá do shúile - Chonchubhar.


L. 48


6. "PRIOC MÉ"



CEISTEANNNA.



1. Cá raibh an t-amadán 'na cómhnuidhe?
2. Cá bhfuil Carraig-an-Ime?
3. I gContae Chorcaighe, i n-aice Maghchromtha an eadh?
4. Cad é an brígh atá leis an ainm Carraig-an-Ime?
5. Cad ab' ainm do'n amadán?
6. Cathain a mhair sé?
7. An mbíodh daoine ag imirt air?
8. Cé'r bh'iad féin?
9. An bhfuil áilteóirí garsún le fághail ins' gach ao'bhall,
geall leis?
10. Cathain a bhídís ag imirt air?
11. Ar tháinig duine iasachta sa pharóiste?
12. Dochtúir iasachta an eadh!
13. Cad eile?
14. Cad a bhí 'a dhéanamh aige Domhnach áirithe?
15. Cá raibh sé ag tabhairt an Aifrinn uaidh?
16. Ar ráinig go raibh Séamus 'sa' phobul?
17. Cad a thuit amach 'sa' tSéipéal?
18. An i dtosach an Aifrinn do priocadh Séamus?
19. Agus cad a dhein sé?
20. Ar airigh an pobal an bhéic?
21. Ar airigh an sagart í?
22. Ar leog sé air gur airigh sé í?
23. Cad a dheineadar?
24. Cad 'na thaobh gur chromadar a gceann?
25. Ar priocadh é an tarna h-uair?
26. Cad a dhein an t-amadán ansan?
27. Cad é an saghas béice a chuir sé ar an tarna h-uair?
28. Ar airigh an sagart í?
29. Ar aithin sé cad fé ndeár í?
30. Cad a dhein sé?
31. Nuair a dh'iompuigh sé amach cad dubhairt sé leis an
bpobul?
32. An raibh sé fíochmhar feargach?
33. Ar bh' aon iongnadh é?
34. Cad a chas sé leo?
35. Na doaine a bhí ciontach leis an ngleao ar pheacadh dhóibh é?
36. Conus a bhíodar ag déanamh peacaidh?


L. 49


37. Ar cheart dóibh bheith ag magadh fé'n amadán istigh i dtigh
Dé?
38. Ar mhóide an peacadh an t-Aifreann a bheith ar siúbhal?
39. Cad a dhein a sagart nuair a bhí deise le n-a chainnt?
40. An raibh gach aoinne ciúin ansan?
41. Ar chuir cainnt an tsagairt náire ar aoinne?
42. Cé air gur chuir sí an náire?
43. An rud adubhairt an sagart ar chuir sé stop leis an
spórt?
44. Ar priocadh iongnadh ar an amadán dá bharr?
46. Ar thaithn an spórt agus an priocadh leis?
47. Ar mhaith leis gur cuireadh stop leis?
48. Cad a dhein sé ansan?
49. Ar fhéach aoinne air?
50. Ar fhan sé mar a raibh aige?
51. Cad é an treo n-ar dhruid sé?
52. Agus cad a dhein sé annsan?
53. Cad 'na thaobh gur dhein sé a leithéid?
54. Ar fhéach an buachaill air?
55. Ar chuir aon bhuachaill aon tsuím ann?
56. An raibh eagla an tsagairt ar an mbuachaill?
57. Cad is dóigh leat a dubhairt an t-amadán leis féin?
58. Nuair nár chuir a chéad bhuachaill béic ar?
59. Ar phrioc sé an tarna buachaill?
60. Ar chuir an tarna buachaill béic as?
61. An riabh aon mhaitheas dó bheith 'á bpriocadh?
62. Ar fhan an t-amadán socair ansan?
63. Cad a dhein sé?
64. Cad í an chogarnacha bhí aige leis an dtrímhadh buachaill?
65. An spórt a bhí uaidh?
66. Ar labhair an trímhadh buachaill leis?
67. Ar leog sé air gur airigh sé am cogar?
68. Ar theip ar Shéamus aon spórt do chur ar siúbhal?
69. Conus a theip air?
70. Nár chuir aoinne aon tsuím ann?
71. Ar theip air a chur fhéachaint ar aoinne aon tsuím do
chur ann?
72. Cad a dhein sé ansan?
73. Cé leis gur labhair sé?
74. Ar labhair sé íseal?
75. Cad iad na focail a labhair sé?


L. 50


76. Ar cheap sé gur chuir an sagart mallacht éigin ar na
buachaillí nuair ná labhraidís leis?
77. Ar iarr sé ar an sagart an mhallacht a bhainc díobh?
78. Ar iarr sé go cruaidh air é?
79. Ar chrom sé ar ghol?
80. Cad 'na thaobh?
81. Ar airigh an sagart é?
82. Ar leog sé air gur airigh?
83. Ar thug sé aon fhreagra air.
84. Ar tháinig fearg ar an sagart?
85. Ar thuig sé ansan cad é an saghas Séamus bocht?



GRAMADACH.



1. Cuir na rádh so ar fad sa n-aimsir fháistinigh:-



"Ceithre fichid bliadhan ó shin bhí na cómhnuighe i gCarraig
an Ime amadán gur b' ainm dó Séamas."



2. Abair ar chume éigin eile:-



(a) gur b' ainm dó Séamus.
(b) Do thárla go raib Séamus 'sa'phobhul.
(c)do chas sé leo an peacadh a bhí acu 'á dhéanamh.
(d) nuair a theip ar Séamus a chur fhéachaint ar aoinne
aon tsuím do chur ann.
(e) do chrom sé ar ghol.



3. Chuir sé béic as ba threise agus dob'aoirde ná an chéad bhéic."



Tabhair uait an bhun chéim do "ba threise" agus "dob'aoirde."



4. "Áilteóirí garsún " "aghaidh bhéil."
"Ag tabhair Aifrinn," "Chun buachalla eile"
"i gceann tamaill." "le h-anam táthar."



Cad is tuiseal do :- garsún , Aifrinn, tamaill, béil,
buachalla, athar?



5. Cad is tuiseal ainmneach dhóibh?



6. Cad is inscne do:-
Béic, Aifreann, suím, cogar, altóir, áit, peacadh?



7. DHÁ GHÉ.



CEISTEANNA.



1. Cad a bhí ag teach abhaile ó thig an tSagairt?
2. Cad a rug ann iad?
3. An raibh aoinne le na gcois?


L. 51


4. An rabhadar ag siúbhal?
5. Cad a chonnacadar ar an bpáirc?
6. Cia'cu thug fé ndeara ar dtúis iad?
7. Cad dubhairt sí?
8. Ar aontuigh a fear léi?
9. Ach cad eile?
10. Cé labhair an tarna h-uair?
11. Nár aontuigh a fear léi ansan?
12. Ar leanadar ag áiteamh ar a chéile?
13. Fé dheire ar tháinig tormash ar an mnaoi?
14. Cad 'na thaobh?
15. Agus cad a dhein sí?
16. Ar chómhairligh an fear di teacht abhaile?
17. Ar dhein sí amhlaidh?
18. Ar chestigh sí airís é?
19. Cad í an cheist a chuir sí chuige?
20. Cad é an freagra léi?
21. Ar thaithn an freagra léi?
22. Ar eirigh sí ar na stárthaibh ansan ar fad?
23. 'Sa bhuile agus 'sa' bfeirg dí cad a dhein sí?
24. Ar ghéill a fear di ansan?
25. Cad a dhein sé nuair a theip air í a thabhairt abhaile?
26. Cad 'na thaobh gur thug sé a h-athair agus a máthair ann?
27. Ar theip air féin aon mhothú do bhaint aisti?
28. Ar cheap sé go n-éistfeadh sí leo súd?
29. Nuair a thanadar agus nuair a chonacadar sínte ar an
mbóthar í ar cheapadar go raibh sí marbh?
30. Cad é an crot a bhí uirthi?
31. Ar leog sí uirthi bheith marbh?
32. Ar cheap a fear go raibh sí marbh?
33. Ar leog sé air gur cheap?
34. Cad deineadh leis an gcorp mar dhéadh?
35. Ar deineadh í thórramh?
36. Cé tháinig go dtí 'n tórramh?
37. Oidhche an tórraimh cad a dhein a fear a gan fhios
d' aoinne?
38. Ar thug sé cogar do'n chorp?
39. Ar thug sé cómhairle a leasa dhi?
40. Cad é féin?
41. Ar airigh an corp í?
42. Conus é sin? Cheapas ná féadfadh corp tu aireachtaint?
43. Ar ghlac sí a chomhairle?
44. Ach cad eile?


L. 52


45. Ar ndó! d' aontauigh a fear léi ansan agus an treó 'na
raibh sí?
46. Cad é an freagra a fuair sí uaidh?
47. Ar eirigh sí ón mbórd?
48. An dóigh leat ná go ndubhairt sí léi féin :- "Thabharfad-
sa anaithe dhó san i dtreó go gcaithfidh sé géilleadh dhom"?
49. Agus cad is dóigh leat a dubhairt a fear leis féin?
50. Ar fhan sí mar a raibh aici sínte ar an mbórd?
51. Agus ar thug a fear cead a cinn di?
52. Ar tháinig lá na sochraide?
53. Cad deineadh leis an gcorp?
54. Ar ghluais an tsochraid?
55. A'dtángathas chun na roilige?
56. Nuair a tháinig an tsochraid go dtí 'n roilig an raibh an uaigh dúnta?
57. An raibh aon tsagart ag an sochraid?
58. Cad a dhein sé ag an uaigh?
59. Ansan cad a deineadh leis an gcómhrainn?
60. Ar caitheadh cré isteach san uaigh?
61. Cad leis?
62. Cár thuit an chré?
63. Nuair a caitheadh an chré anuas ar an gcómhrainn cad a
thárla?
64. Cad 'na thaobh gur sgread sí?
65. An raibh eagla uirthi go gcuirfí beó i dtalamh í?
66. An cuimhin leat na focail a dubhairt sí?
67. Cad a dhein a fear nuair a ritheadar?
69. An raibh an bhean bhocht leath-mhúchta?
70. Nach mór an iongnadh nár múchadh ar fad í?
71. Mar sin féin nár ghreannmhar an duine a fear agus í
chur 'na beathaidh?
72. An raibh sé dáiríribh in ao'chor?
73. Cad 'na thaobh gur leog sé air í chur?
74. Ar mhúin sé ciall di?
75. Nuair a thógadh ar an gcómhrainn í an raibh sí ana-lag?
76. Cá bhfios duit?
77. Nuair a tháinig sí chúichi féin cár ghabhdar?
78. Ag teacht abhaile dhóibh cad a chonacadar airís?
79. Canad?
80. Cé labhair ar dtúis?
81. Cad dubhairt sí?
82. Ar dóigh leat ar a cainnt go raibh ciall cheannaigh aici?


L. 53


83. Ar bhuaidh an fear uirthi?
84. Cad dubhairt sé ansan?
85. Ó! ar ghanndal a tarna h-éan?
86. Aililiú! Arbh é an ganndal fé ndeár an toirmeasg go
léir?
87. Dá mbeadh foidhne ag an mnaoi an mbeadh aon chlampar
eatortha?
88. Conus a dh' iompair sí féin an chuid eile dá saoghal?



GRAMADACH.



1. Do chaith an bhean í féin ar an mbóthar. "Eirigh," arsan
fear, "agus téanam ort abhaile." "Dho dhún sí a shúile agus do
leog sí uirthi bheith marbh."



Cuir an méid sin thuas 'sa n-uimhir iolraidh?



2. Cuir gach aon bhriathar, atá sna ráidhtibh seo síos, sa
n-aimsir fhaistinigh:-



(a) d'fhan sí mar a raibh aici.
(b) Ghluais an tsochraid.
(c) do tánathar chun na roilge.
(d) Bhí an uaigh ar lathadh.
(e) do léigh an sagart na paidreacha.
(f) do cuireadh an chómhra síos san uaigh.
(g) do caitheadh sluasad cré anuas uirthi.



3. Cuir an focal "deirim" roim gach aon rádh acu síos,
agus ansan sgríobh gach rádh airís:



(a) "bíodh ciall agat."
(b) "leig amach as so mé."
(c) "is cuma liom cia'cu."



4. (1) "thánadar chun an tórraimh."
(2) do ghoil sé ós cionn an chuirp.
(3) do tánathar chun na roilge.
(4) thóg sé aníos as an gcómhrainn í.



Cad is tuiseal do gach aon ainm thuas?



5. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh ar na ráitdhtibh seo:-
(a) bhí an uaigh - leathadh.
(b) do leanadar - áiteamh - a chéile.
(c) go ghluais an tsochraid - maidin.
(d) d'fhan sí mar - aici.


L. 54


8. CAD A CHAM SRÓN FÍRÍN?



CEISTEANNA.



1. An mór na mná a bhí 'na gcómhnuidhe i n-aice 'chéile?
2. Ar mhná óga iad?
3. An tighthe móra a bhí acu?
4. Cad ab ainm dóibh?
5. An raibh dúil i mbothántuidheacht agus i gcabaireacht acu?
6. Cá bhfios duit?
7. An raibh gadhairín ag duine acu?
8. Cia'cu 'cu?
9. Cad ab ainm do'n ghadhairín.
10. A'dtaithneadh bothántuidheact le Fírín leis?
11. Cad é an chúis go ndeireann tú go dtaithneadh?
12. Nuair a bhíodh Murainn agus Méibhín agus Fínín i dteannta chéile
cois na teine i mbotháinín Mhurainn conus a bhídís suidhte ag
an dteine?
13. Cad a bhíodh 'á dhéanamh ag an mbeirt bhan?
14. Agus conus a bhíodh Fírín?
15. Cad a dhein Méibhín, lá, nuair a bhí fearg uirthi?
16. Cad a chuir an fhearg uirthi?
17. Agus ar tháinig sí, d' aon ghnó, chun é agairt ar Mhurainn?
18. An lá so, adeirim, cé bhí le na cois?
19. Car shuidh sí tar éis teacht isteach di?
20. Cad a bhí 'na h-aigne?
21. Bruighean a bhí uaithi, an eadh?
22. Ar theip uirthi aon chúis aighnis d'fhághail?
23. Fé dheire cad a thug sí fé ndeara?
24. Cad dubhairt sí mar gheall air?
25. Agus cad is dóigh leat a cubhairt sí léi féin ansan?
26. An ndubhairt sí: - "Seadh! tá cúis fachta agam anois"?
27. Conus a thosnuigh an t-aighneas?
28. Cad é an freagra thug Murainn uirthi mar gheall ar
shrón Fírín?
29. Ná raibh an ceart aici?
30. Agus nárbh éactach an ropaire Méibhín?
31. Ar chuir freagra Mhurainn tuille feirge ar Mhéibhín?
32. Cad dubhairt sí ansan léi?
33. Ar leanadar mar sin ag tabhairt droch-tharcuisne d'á
chéile?
34. Fé dheire cad a dheineadar?
35. Agus ar fhan Fírín macánta?


L. 55


36. I gceann tamaill cé tháinig isteach?
37. Agus cad a dhein sí?
38. Ar bhfada gur tháinig duine eile?
39. Cad a dhein sise?
40. Ar tháinig na comharsain go leéir?
41. Cad 'na thaobh gur thánadar?
42. An 'na nduine a's 'na nduine do thánadar?
43. Cad a dheineadh gach aoinne acu fé mar a thagadh sé?
44. Ar leath an coímhsgar?
45. Nuair a thagadh aonach nú margadh cad a thuiteadh amach?
46. An mbíodh na daoine a'marbhadh a chéile?
47. A'dtuigidís cad 'na thaobh go mbídís ag bruighean?
48. Nár mhór an mhí- chiall dhóibh é?
49. Cad 'na thaobh go ndéarfá é?
50. Agus aon stróinséir a thagadh an treo nuair a fhiafrui-
gheadh sé cad fé ndeár an bhruighean cad é an freagra a
tuightí air?
51. Agus ar bh'é Fírín fé ndeár an toirmeasg go léir?
52. Agus an mbíodh "cad a cham srón Fírín?" i mbéalaibh
na ndaoine?
53. Agus dá déargaibh sin an sean - fhocal anois é?
54. An mar a chéile "cad a cham srón Fírín?" agus
"neamhnídh"?



GRAMADACH.
1. Abair na ráidhte seo síos ar chuma éigin eile.



(a) Méibhín ab ainm do mhnaoi acu.
(b) Cheap Méidhbhín é agairt uirthi.
(c) agus is tú is fearr chuige.
(d) siúd i gcochall a chéile iad.
(e) "cad a cham srón Fírín" a tugtaí mar fhreagra air.



2. Cad is tuiseal dos na h-ainmneacha so síos?-



(a) do'n mhnaoi eile.
(b) ar lic an tínteáin
(c) tar éis na h-aimsire.
(d) cad fé ndeár a bhruighean.



3. (a) "Ní caime anois a shrón ná mar a bhí sí."
(b) "agus tú is fearr chuige."



Tabhair uait an bhun-chéim de "caime" agus "fearr."



4. "Beirt seana-bhan a bhí 'n a gcómhnuidhe i dhá mbothán
beaga."



Cuir an abairt sin sa n-uimhir uathaidh.


L. 56


5. Cad is Módh Coingheallach dos na briatharaibh seo síos?-
(a) "do shuidh Fírín ar lic an tínteáin."
(b) d'fhéach sí ar shrón an mhaidrín.
(c) Thug sí fé ndeara go raibh an tsrón cam.
(d) "Cad a cham srón Fírín?" arsa Méibh.



9.- CNÓDHÁ SEASGA.



CEISTEANNA.



1. 'Sa sgéal so an mór na fir a bhí ag cainnt le chéile?
2. Cér bh'iad féin?
3. Cad a bhí ar siúbhal acu?
4. An bhfuil 'fhios agat-sa cé dhein an chéad aighneas riamh?
5. Nár bh'é Fírín?
6. Cad dubhairt Seanachán mar gheall air?
7. Cad a bhí le rádh ag Marbhán 'na thaobh?
8. Do réir Mharbháin cé dhein é?
9. Cad í an cheist a chuir Seanachán chun Marbháin?
10. Cad dubhairt Marbhán?
11. Cad é an tiodal a thug Marbhán do Sheanachán nuair a
labhair sé leis?
12. An Rí Seanachachán?
13. Cad eile?
14. Conus a thosnuigh an chéad toirmeasg riamh do réir
Mharbháin?
15. An mó duine a throid?
16. Cad 'na thaobh gur throideadar?
17. An raibh 'fhios acu gur chnódha seasga iad?
18. Dá mbeadh 'fhios acu an dóigh leat a' dtroidfidís?
19. Ar throideadar go fíochmhar?
20. Cá bhfios duit?
21. Ó! Dia linn! Nách olc an gnó a dheineadar?
22. Ar osgladh na cnódha?
23. Cathain?
24. Ar fuaradh lán iad?
25. An raibh aoinnídh istigh ionnta?
26. Cad é an saghas iad?


L. 57


27. Cad a bhí aiges gach aoinne 'á rádh ansan?
28. Cad é an gnó díth-céille a dheineadar?
29. Nách minic a thuiteann a leithéid sin amach, daoine ag troid
le chéile mar gheall ar neamhnídh?



GRAMADACH.



1. Cad is innscne dos na h-ainmneacha so síos agus cad is
tuiseal dóibh? -



(a) do throid beirt mar gheall ar na cnóibh.
(b) ní raibh ionnta ach na plaoisg.
(c) cnódha seasga do dhein an chéad toirmeasg riamh.



2. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh anso : -



(a)--é Fírín a dhein an chéad aighneas riamh?
Deirim - é?
(b)An cnódha seasga do dhein é?
Deirim gur -.



3. Cuir an méid seo 'sa n-aimsir láithrigh uimhir uathaidh :-
"Do h-osgaladh na cnódha, do fuaradh follamh iad, ní
raibh ionnta ach na plaoisg."



4. "Cnódha seasga ab eadh iad."
Cuir an rádh sin 'sa n-uimhir uathaidh.



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



I



CEISTEANNA.



1. Cár chómhnuigheadar Fionn agus an Fhiann?
2. An raibh cailíní deasa le fághail i n-Éireann an uair sin?
3. Cad imthigheadh ar chuid acu?
4. Cad é an chómhact fé n-a gcuirtí iad?
5. Cad a tugtar ar an gcnoc úd?
6. Cad é an saghas áit-chómhnuighthe a bhí istigh 'sa chnoc acu?
7. Ar mhar a chéile agus mná sídhe iad ansan?
8. Cathain a chítí iad?
9. 'S dócha gur cailleadh fadó iad agus go bhfuilid i bhflaitheas
Dé anois?


L. 58


10. Agus an ndeireann tú go mbíd siad ann fós?
11. Má táid ní foláir dóibh bheith ana-chríona anois?
12. An bhfuilíd le feiscint anois?
13. Cathain?
14. An dtaisbeánaid siad iad féin go minic?
15. Cad deirtear i dtaobh an té a gheibheann radharc ar mhnaoi
acu?
16. Agus an cnoc n-a mbíd siad cad a tugtar air?
17. Cad 'na thaobh?
18. An é sin an ainm a bhí air i gcómhnuidhe riamh?
19. Cad eile?
20. Cia'ca chun uile nú maitheasa dhéanamh a thaisbeánaid na
"h-óg-mhná finna" iad féin?
21. Nách olc uatha bheith ag déanamh díobhála agus iad chómh
breágh san?
22. Agus cad é an díobhál a dheinidís?
23. Cailíní eile do bhreith leo, an eadh?
24. An mbeiridís leo cailíní aosta?
25. Cad eile?
26. Ar thaisbeáin duine acu í féin do chailín?
27. Cad'na thaobh?
28. Agus an mealladh a h-áilneacht an cailín?
29. Agus d'á dheargaibh sin an dtagadh mearbhall ar an gcailín
i dtreó ná féadadh sí gan dul in aonfheacht léi?
30. Cá mbeirtí an cailín bocht?
31. An mbíodh a muíntir ar a lorg?
32. An dtugaidís fé ndeára í bheith imighthe in ao'chor?
33. Cad 'na thaobh?
34. Mo dheacair! iarlis éigin seana-mhná in inead a gcailín
óig áluinn! an eadh?
35. Agus an mbíodh sláinte mhaith ag an iarlis sin?
36. Dá bhrígh sin an mbídís cráidhte ciapaithe aici?
37. Agus an mar sin a bhíodh an sgéal acu chun go bhfaghadh sí
bás?



GRAMADACH.



1. Cuir na ráidhte seo 'sa n-aimsir láithrigh uimhir uathaidh:-



(a) "ba mhar-a-chéile ansan iad agus mná sídhe."
(b) Thaisbeánadh na h-óg-mhná finna iad féin.



2. (a) "Do tugadh 'Sliabh na mBan bhFionn'ar an sliabh."
(b) Thaisbeánadh cuid des "na h-óg-mhná finna" iad féin.


L. 59


Cuir síos ar an deifirígheacht atá idir "na mban bhfionn"
agus "na h-óg-mhná finna."



3. Abair ar chuma éigin eile: -
(a) Sliabh Feimhin an ainm a bhí roimis sin air.
(b) Do béarfaí an cailín chun siúbhail.



4. Cuir an rádh so 'sa n-aimsir fháistinigh, uimhir uathaidh:-
"Ní feictí iad ach nuair ba mhaith leo iad féin do thaisbeáint."



5. "Nuair a bhí Fionn agus an Fhiann i réim i nÉirinn."
Cad is tuiseal do'n fhocal "Éirinn"?
Cad is tuiseal ainmneach dó?



10.- SLIABH NA MBAN BHFIONN.



II



CEISTEANNA.



1. Ar deineadh beart de'n tsórd san le déanaighe?
2. Canad?
3. Cé chómhnnuig san áit?
4. An raibh aon chlann aige?
5. Cad é an t-aos do bhí aici?
6. Cad é an saghas gearra-chaile a bhí innti?
7. An mbíodh daoine 'á tabhairt fé ndeara?
8. Cad 'na thaobh?
9. An bhféadaidís a súile a bhogadh dhi?
10. Aoinne a deireadh aon fhocal ag moladh a breághthachta
chaitheadh sé rud éigin a dhéanamh 'san am gcéadna. - Cad é an
rud é?
11. Seile do chaitheamh uirthi! Nár ghránna an béas é?
12. Agus cad chuige sin?
13. Ar mhaith leis na daoine maithe í bhreith leo?
14. An gcuireadh san cosg leo?
15. An dtaithneadh an béas san leis an leanbh?
16. Ar bh' aon iongnadh é?
17. An dtuigeadh sí an brígh a bhí leis?
18. Ar mhol seana-bhean í lá?
19. Ar chaith sí seile uirthi?
20. Cad 'na thaobh?


L. 60


21. Cad a chonnaic an leanbh an lá san?
22. Ar bh'é dearmhad na seana-mhná fé ndeár é?
23. Cad inmthig ar an leanbh dá bhárr?
24. Ar bh'í an leanbh a bhí ann in ao'chor?
25. Cad a bhí na h-inead?
26. Cé chuir ann í?
27. Ar sgiobadh an leanbh?
28. Cathain a cailleadh an iarlis?
29. An raibh na daoine ceanamhail ar an leanbh?
30. Cá bhfios duit?
31. Cia'cu ba mhó buairt na ndaoine nú buairt athar agus
máthar an leinbh?
32. An raibh fhios acu gur fuaduigheadh an inghean áluinn a
bhí acu?
33. Cad a cheapadar 'na thaobh?
34. Ach na daoine tuisgionacha a bhí ann, cad a mheasadar
san?



GRAMADACH.



1. 'Gurbh'ar éigin fhéadadh aoinne a chíodh í a shúile tógaint
di.



Fág amuigh "gur" agus ansan abair an rádh ar chuma éigin
eile.



2. Cuir an rádh so 'sa n-aimsir láithrigh:-
"Bhíodh árd-fhearg ar an leanbh féin nuair a caithtí
na seilí uirthi, agus níor bh' iongnadh san."



3. Abair ar chuma éigin eile:-
(a) do buaileadh bhreóidhte an leanbh.
(b) ba léir do gach aoinne....
(c) níor bh'fhiú trácht ar an mbuairt a bhí ar aoinne
seachas an bhuairt a bhí ar athair an leinbh.



4. Cad is tuiseal dos na ainmnfhoclaibh atá thuas i n-uimhir
a 3? - (a)leanbh
(c) an bhuairt - ar athair an leinbh.



5. Cad is innscne dos na h-ainmneacha atá le fághail i
n-uimhir a dó?


L. 61


10. -SLIABH NA MBAN BHFIONN.



III



CEISTEANNA.



1. Cá raibh an bhean 'na cómhnuighe?
2. Cad é an sliabh é?
3. An ar thaobh na fothana a bhí a tigh?
4. Cad 'na thaobh go ndeirir é sin?
5. Cad é an slighe mhaireachtaint a bhí ag an mnaoi?
6. Tá ainm fé leith ar a leithéid. Cad é féin?
7. Cad a dheineadh sí leis an olann?
8. Agus cá bhfaigheadh sí í?
9. An amhlaidh fhásann olann?
10. Cá bhfásann sí?
11. Innis dúinn anois cad a dheineadh sí leis?
12. Agus a shníomhadh sí é?
13. Cad leis?
14. An ndeineadh an túirnín snáth dhi?
15. Cad a dheineadh sí leis an snáithín?
16. Conus a bhíodh an an snáth tochraiste aici?
17. Nuair a bhíodh na ceirthlíní deasa déanta aici cá gcuireadh
sí iad?
18. Agus na daoine go mba leo iad cad a dheinidís leo?
19. Cad 'na thaobh go gcuirtí ag triall ar an bhfígheadóir
iad?
20. Cad deintí leis an mbréidín?
21. Cé dheineadh casóg de d'fhear an tíghe?
22. An bhfaigheadh bean an tíghe aon bhall éadaigh de?
23. Agus aoinne a chíodh an chasóg nua ar an bhfear nú an
clóca ar a mhnaoi cad deireadh sé?
24. An mbíodh an bhean abhrais ana-bhruideamhail?
25. An mbíodh sí ag obair i gcaitheamh an lae?
26. Agus an bhféadadh sí teacht suas leis an obair ansan?
27. Cad a fhiafruigheadh na daoine go mba leo é?
28. Cad a dheineadh an bhean bhocht chun an righnis do luígheadú?
29. An mbíodh solus na gréine aici?
30. Cad eile?
31. Cad'na thaobh go dtugtí solus árneáin air?


L. 62


GRAMADACH.



1. "Nuair a bhíodh an snáth tochraiste aici 'n-a cheirthlíníbh
deasa cruinne cruadha, chuireadh sí abhaile é ag triall ar an
muíntir go mba leo é."



Cuir an abairt sin 'sa n-aimsir fháistinigh.



2. Cuir "...na cheirthlíníbh deasa cruinne cruadha" 'sa
n-uimhir uathaidh.



3. Cad is tuiseal do gach aon ainm díobh so síos agus cad
is innscne dho? -
(a) bean abhrais ab eadh í.
(b) agus deintí bréid de.
(c) do dheineadh an táilliúir casóg de d'fhear an tighe.
(d) bhíodh solus árneáin aici.
(e)Bhíodh sí a d'iarraidh an righnis do luigheadú.



4. "Bhíodh ní ba mhó de'n olann aici."
Cuir é sin 'sa n-aimsir Láithrigh.



5. "Go mairir agus go gcaithir é!"
Cuir é sin i bhfuirm mallachta.



10.-SLIABH NA MBAN BHFIONN



IV.



CEISTEANNA.



1. Nuair a bhíodh an bhean abhrais ag árneán conus a bhíodh
an saoghal ag na daoine eile?
2. An 'na h-aonar a bhíodh sí?
3. Oidhche áirithe agus í ag árneán cad d' airigh sí?
4. Cé tháinig an dorus isteach chúichi?
5. Cad a bhí idir lámhaibh acu?
6. Ar aithin sí ar dtúis cad a bhí acu 'á thabhairt isteach?
7. Cathain aithin sí é?
8. Agus cad é an rud é?
9. Cad a dheineadar léi?
10. Ar fhan an bhean abhrais mar a bhí aici ag obair?
11. Cad a dhein sí?
12. Cad a dubhairt sí leo?
13. Cad é an freagra a fuair sí?


L. 63


14. Nuair airigh sí é cad a dhein sí?
15. Ar dhein na leighseana maitheas do'mhnaoi bhreoite?
16. Ar tháinig sí chúichi féin?
17. Cad a dhein sí a thaisbeáin go raibh sí ag dul i bhfeabhas?
18. Ar ith sí aon bhiadh?
19. Cé uaidh?
20. An ghaibh sí a buidheachas léi toisc í leigheas?
21. Ar labhair sí in ao'chor.
22. Ar tháinig sí chúichi féin go h-iomlán ?
23. Ar labhair aoinne léi?
24. Cé labhair agus cad dubhairt sí?
25. Ar dhein an bhean bhreóite amhlaidh?
26. Ar imthigh an mhórsheisean ban?
27. Ar labhradar in ao'chor?
28. Cé leis?
29. Cad dubhairt sí?
30. Cér bh'í "bean an bhréidín"?
31. Cad 'na thaobh gur thugadar an ainm sin uirthi?
32. An bréidín a bhí ar siúbhal aici?
33. An adhbhar bréidín snáth?
34. Agus cad eile cad dúbhradar?
35. Nár mhaith an chabhair é do'n mhnaoi bhoicht?
36. Comáin leat agus innis dúinn an chuid eile de'n leath-rann?
37. An ndubhradar gur bhfearr-de iad congnamh fhághail?
38. Congnamh chun an bhréidín do dhéanamh, an eadh?
39. Ach cad eile?
40. Ní fheadar an rabhdar ag tagairt do'n chongnamh a thug an
bhean abhrais dóibh nuair a leighis sí an bhean bhreóite?
41. Agus an mar gheall air sin a bhíodar ag cabhrú léi?



GRAMADACH.



1. "An marbh atá an bhean san?" Ní h-eadh."
"Níl ach iarracht de laige uirthi."
Cuir é sin 'sa n-aimsir chaithte.



2. "Sín anois go fóil, a 'nín ó."
Sgríobh go hiomlán an focal 'nín.



3. Abair ar chuma éigin eile:-
"Má's bréidín seo ar siúbhal agat."



4. Cad é an deifirigheacht atá idir:-
"Is fearr-de sinn congnamh fhághail" agus
"Is fearr linn congnamh fhághail?"


L. 64


5. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh anso:-



(a) D'airigh sí mar bheadh daoine - teacht- an dorus chúichi
(b) nuair fhéach sí - an ualach.
(c) d'eirigh sí - ar a cabhail.



6. Cuir sa mhódh choingheallach, uimhir iolraidh é seo:-



"Níor bh' fhada go dtáinig sí chúichi féin."



10. SLIABH NA MBAN BHFIONN.



V.



CEAISTEANNA.



1. Cad a dhein an bhean a bhí ag cainnt?
2. Cathain a chrom sí ar an obair?
3. Cad a dhein sí nuair a bhí na focail "is fearr-de sinn
congnamh fhághail" 'á rádh aici?
4. Agus cad a dhein an tarna bean?
5. Ar dhírigh sisi ar an obair do dhéanamh leis?
6. Cé air gur fhéach sisi?
7. Agus ar thosnuigh an tríomhadh bean ar obair agus an chaint
chéadna ar siúbhal aici?
8. Cé air gur fhéach an tríomhadh bean?
9. Cad chuige?
10. Ar dhein an ceathramhadh bean amhlaidh?
11. An mar sin dóibh siar go deire?
12. 'Sa deire an mó duine acu a bhí sáidhte 'san obair?
13. Conus a roinneadar an obair eatortha?
14. "Agus iad ag obair ar seol." An ndeallrófá air sin
gur dhaoine leisceamhla iad?
15. An raibh an bhean abhrais sásta leo?
16. Cad a chonaic sí a chuir áthas mór uirthi?
17. An bhfeadfadh sí féin an gnó dhéanamh chomh maith is a
dheineadar-san?
18. Conus a bhí fhios aici go raibh an cíoradh ní b'fhearr 'ná mar
fhéadfadh sí féin é dhéanam?
19. Conus a bhí fhios aici go raibh an slámadh ní b'fearr?
20. Conus a bhí an snáth déanta acu?
21. Conus a thaithnadh sé leis na daoine go mba leo é?
22. Cad 'na thaobh go dtaithnadh sé chómh maith leo?
23. Cé'r bh' iad fé ndeár é bheith chomh deas?


L. 65


24. 'Sa deire cad a tháinig ar an mnaoi abhrais?
25. Ar tháinig sé go h-obann uirthi?
26. Agus cad d'imthigh uirthi?
27. Ar bh' aon iongnadh gur thuit sí 'na codladh?
28. Cad na thaobh?
29. Conus a chodail sí?



GRAMADACH.



1. Abair ar chuma éigin eile:-



(a) le linn an fhocal a rádh dhi.
(b) dhírigh sí ar an olann do chíoradh.
(c) bhí beirt ag tochrais agus iad ag obair ar seol.



2. Cuir 'sa n-aimsir láithrigh é seo:-
"Bhí an cíoradh ní b'fhearr mar dheineadh sé an olann ní ba
bhoige.



"Bhí an slámadh ní b'fhearr mar dheineadh sé an olann ní ba
réidhe.



Bhí an sníomh ní b'fhearr mar do dheineadh sé an snáth gan
oiread agus aon charadh amháin ann ní ba mhó ná ní ba lugha 'ná
mar ba cheart."



3. Cuir 'sa n-uimhir uathaidh firinnscne é seo:-



"Mar sin dóibh go dtí go rabhdar ar a ndícheall.



4. Tabhair uait bun-chéim na bhfocal:-



Fearr; boige; réidhe; mó;lugha.



5. Cuir 'sa n-aimsir fháistinigh, uimhir iolraidh é seo síos:-



"Tháinig míogarnach uirthi, agus thuit a codladh uirthi."



10.-SLIABH NA MBAN BHFIONN.



VI.



CEISTEANNA.



1. Cathain a dhúisigh sí ar a codladh?
2. Ar chuímhnigh sí ar dtúis ar cad a bhí tar éis tuitim amach?
3. Cad é an chéad rud a dhein sí?
4. Cad 'na thaobh san?
5. Cé cheap sí a bheadh 'sa tigh?
6. Agus ná rabhdar ann?


L. 66


7. "D'fhéach sí i dtreó na leapthan." Cad chuige?
8. Conus a bhí an leabaidh?
9. An raibh aoinne 'sa' tigh?
10. Ar cheap sí ansan gur taidhreamh a deineadh dhi?
11. Ar fhéach sí in aon treo eile?
12. Cad é an treo é?
13. Agus an raibh an chruach mhór olla ann?
14. Ach cad eile?
15. Ar thuig sí ansan conus a bhí an sgéal?
16. Ar imthigheadar nuair a bhí an obair déanta acu?
17. Cad 'na thaobh nár thuig sí fé ndeara ag imtheacht iad?
18. Nuair a dhein sí machtnamh ortha agus nuair a thug sí chun a
cuímhne iad cad a thuig sí 'na h-aigne?
19. Ar mheas sí go raibh an mhórsheisear breágh thar na
beartaibh
20. Ach ar bhuaidh an t-ochtmhadh bean ortha go léir?
21. Agus cé'r bh' í an t-ochtmhadh bean?
22. Dá mba ná beadh ann ach an mhórsheisear ba an ndéarfadh
sí gur mná breághtha deasa iad?
23. Ach i n aice na mná a bhí breóite cad é an saghas iad?
24. An raibh an bhean abhrais ag cuímhneamh uirthi?
25. Cad iad na ceisteanna a bhain léi ná féadfadh sí a réidtheach?
26. An rabh fhios aici cé'r bh' í an bhean bhreóite?
27. Ná cad a chuir an fhanntais uirthi?
28. Ná cad 'na thaobh nár labhair sí?
29. B'fhéidir ná raibh neart inti chun labartha?
30. Cad a thug ann in ao'chor í?
31. An raibh aon deallramh aici leis an gcuid eile?
32. Cad'na thoabh gur thugadar isteach leo í?
33. An raibh an sgéal ag cur na mná abhrais trí na chéile?
34. Ar theip uirthi é thuisgint?
35. Ar chaith sí eirighe as?



GRAMADACH.



1. Cuir 'sa n-uimhir iolraidh an rádh so:-



"Nuair a dhúisigh sí ar a codladh bhí sé 'n-a lá gheal.



Chruinnigh sí a meabhair agus d'fhéach sí n-a tímcheall."



2. "D'fhéach sí i dtreo na leapthan."



Cad is tuiseal do'n fhocal "leapthan"? Cad is tuiseal
ainmneach dó?
Cad is innscne dó?


L. 67


3. "Bhí cruach bhreagh mhór i n-inead na h-olla."
Cad na thaobh go bhfuil an "b" séimhighte san bhfocal
"breágh" agus an "m" séimhighte san bhfocal "mór"?



4. Cad is tuiseal agus cad is innscne do'n fhocal "olla"?



5. Abair ar chuma éigin eile:-



(a) "ach i n-aice na mná a bhí sa leabaidh mná gránna
a b'eadh iad."
(b) "cad fé ndeara dhi gan aon fhocal do labhairt."
(c) "do theip uirthi tón ná ceann fhághail air."



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



VII



CEISTEANNA.



1. I gceann tamaill cad é an gnó a bhí ar siúbhal airís ah
an mnaoi abhrais?
2. An raibh a lán olla ann?
3. Cad a dheineadh sí leis an olann sar a ndeineadh sí snáth
dhi?
4. Cad é an t-eagla a bhí uirthi mar gheall air?
5. Cad 'na thaobh san?
6. An raibh ana-bhruid uirthi?
7. Cá bhfios duit?
8. Nuair a bhí tuitim na h-oidhche ann is dócha go raibh an
obair geall le bheith críochnuighthe aici?
9. Ar bh'éigin di an oidhche a thabhairt ag obair?
10. Cad a thug sí léi 'na chóir sin?
11. Agus cad a dhein sí leis?
12. Cad a thuit amach i dtosach na h-oidhche?
13. Cé bhuail isteach chúici?
14. Cad a bhí ar a ceann aici-sin?
15. Cad a dhein sí nuair a tháinig sí isteach?
16. An ndubhairt sí aoinnídh?
17. An é sin a bhí ar siúbhal ag an mórsheisear ban?
18. Agus cad é an brígh a bhí leis?
19. An ndubhradar go ndéanfaidís an gnó do'n mhnaoi bhoicht?
20. An rabhdar ag brath ar chongnamh fhághail uaithi?


L. 68


21. Ar tháinig aoinne eile isteach?
22. Cé tháinig?
23. An raibh an leath-rann ar siúbhal aici sin leis?
24. Ar tháinig an tríomhadh bean?
25. An mó bean a tháinig isteach ar fad?
26. Ar bh'iad an mhórsheisear chéadna a bhí ann roimis sin?
27. Ar chromadar go léir ar obair?
28. Conus a dheineadar an obair?
29. An raibh 'fhios ag an mnaoi abhrais cé'r bh'iad féin?
30. An bhfuil 'fhios agat-sa cé'r bh'iad féin?
31. An raibh eagla ar an mnaoi rómpa?
32. An gcuirfidís eagla ort-sa?
33. Ar chuma leis an mnaoi abhrais ach go ndéanfaí an obair?
34. Nár mhisneamhail an bhean í?
35. An fada a leanadar ag obair?
36. Cad a dheineadar leis an snáth?
37. Agus cad a dheineadar leis na ceirthlíní?
38. Cad a bhí 'sa' chúinne?
39. An amhlaidh d'fhás na ceirthlíní ann?
40. Ach cad eile?



GRAMADACH.



1. Abair ar chuma éigin eile:-



(a) bhí eagla uirthi ná tiocfadh léi go deó na h-abhraisí
bheith ollamh.
(b) bi éacht de'n obair gan déanamh.
(c) Chrom sí ar an obair.
(d) bhíodar ag obair go tiugh.



2. Cad is uimhir do "abhraisí"?



3. Cuir 'sa n-uimhir iolraidh é seo:-



"Dhein sí suas ar an áit na raibh an bhean abhrais ag obair
agus sháidh í a dhá láimh san olann."



4. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh:-
(a) í ualach mór olla aici airís -cíoradh agus - slámadh.
(b) shocaruigh sí -an oidhche thabhairt - obair.
(c) chrom sí - an obair
(d) chomáineadar - ag obair.



5. (a) "Do h-osgaladh an dorus"
Cad is tuiseal do "dorus"?



(b) Bhí an tslamairc dheirineach 'n a snáth.
Cad is tuiseal do "tslamairc" agus cad is innscne do?


L. 69


10. SLIABH NA MBAN BHFIONN.



VIII



CEISTEANNA.



1. Cad dubhairt an bhean abhrais leis an mórsheisear ban
a bhí ag cabhrú léi?
2. Dá mbeadh uirthi féin an obair do dhéanamh 'na h-aonar
cathain a bheadh sí déanta aici?
3. An fhreagair aoinne acu í?
4. Cia'cu 'cu agus cad dubhairt sí?
5. "Is ceart cómhar do dhíol." Cad é an cómhar é?
6. An rud a dhein an bhean abhrais dóibh an iodhche úd ná
raibh sé ar a gcumas féin é dhéanamh?
7. Agus cad é a rud é?
8. "Is é is lúgha is gann dúinn teacht agus an congnamh so
thabhairt duitse." Cé dubhairt é sin agus cé leis go ndubhradh é?
9. An rabhdar fé chomaoin aici?
10. An rabhdar ag brath ar chabhair eile fhághail ó'm mnaoi
abhrais?
11. Cá bhfios duit?
12. Cad iad na focail a dubhairt sí do dheallruigh go rabhdar?
13. An raibh an bhean abhrais tugtha do chabhrú leo?
14. Cá bhfios duit?
15. Cad iad na focail a labhair sí do chuir i n-iúil go raibh?
16. Nár chneasta an freagra é?
17. Cad a dheineadatr nuair a bhí an obair críochnuighthe acu?
18. Ar chlúduighdear a gceannacha?
19. Cad leis?
20. Cad 'na thaobh san?
21. Conus a dheineadar an obair?
22. Ar thug na cómharsain fé ndeara feabhas na h-oibre?
23. Agus dá dheargaibh sin ar mhéadaigh gnó na mná abhrais?
24. Conus a thagadh an olann ag triall uirthi?
25. An mbíodh ana-bhruid uirthi?
26. An mbíodh an iomarca le déanamh aici uaireanta?
27. An mbíodh sí ábalta ar theacht suas leis?
28. Cad 'na thaobh?
29. B'fhéidir go bhféadfadh sí teacht suas leis ach a dhícheall a
dhéanamh?
30. Ná raibh sé ar a cumas teacht suas leis in ao'chor?


L. 70


31. An gcaitheadh sí an olann do chur abhaile airís chun na
ndaoine go mba leo í?
32. An bhfaigheadh só congnamh ó aoinne?
33. Cé uaidh?
34. Nár mhaith na daoine iad?
35. Ar dhóigh leat gur cheart do'n mhnaoi abhrais bheith buidheach
díobh?
36. An cuímhin leat cad a léigheamair an lá fé dheire i dtaobh
inghine an duine uasail?
37. Innis dúinn anois cad d'imthigh uirthi?
38. Agus an raibh sí chun báis d'fhághail?
39. Ar bh' í féin a bhí ag fághail bháis?
40. Ar cheap a muíntir gurbh í?
41. An cuímhin leat cad a mheas na daoine tuisgionacha a bhí
'sa' chómharsanacht?
42. Agus cad d'imthigh ar an iarlis?



GRAMADACH.



1. "Táim ana - bhuidheach díbh, ní fios cathain a bheadh an méid
sin oibre déanta agam dá mbeadh orm é dhéanamh am' aonar"



Cuir na focail "dubhairt sí go " roim an rádh san suas,
agus abair an rádh ar fad ansan i dreo go mbeidh ciall leis.



2. Abair ar chuma éigin eile:-



(a) is ceart cómhar do dhíol
(b)is é is lugha is gann dúinn teacht agus an congnamh so
thabhairt duit-se.
(c) do deineadh an obair chómh maith san gur mhéaduigh ar
an gcúram a curtí ar an mnaoi abhrais sin.



3. Cad is tuiseal geineamhnach do:-



Cómhar; congnamh; obair; mnaoi?



4. "D'eirigheadar agus tharraingeadar caipíní a gclócaí anuas
ar a gceannachaibh agus d'imitigheadar."



Cuir an abairt sin suas 'sa n aimisir fháistinigh, tríomhadh
pearsa baininnscne, uimhir uathaidh.


L. 71


10. SLIABH NA MBAN BHFIONN.



IX



CEISTEANNA.



1. An oidhche chéadna gur cailleadh an iarlis cé tháinig isteach
go dtí an bhean abhrais?
2. Agus cad a bhí 'á thionnlacan acu?
3. Ar tháinig eagla ar an mnaoi abhrais rómpa?
4. Cad 'na thoabh nár tháinig?
5. Cé labhair ar dtúis?
6. Ar bh' í sin an bhean a labhradh i gcómhuighe?
7. Ar bh'í an ceann uraid a bhí ar an gcuid eile í?
8. Cad dubhairt sí?
9. Cad a dhein an bhean abhrais?
10. Cad 'na thabobh gur phreab sí chúcha?
11. Ar cheap sí go raibh an cailín marbh?
12. Cad 'na thaobh gur cheap sí é?
13. Conus a thóg sí an cailín uatha?
14. Ar aithin sí an cailín?
15. Cathain a d'aithin sí í?
16. Cé bhí ann?
17. Ar leog sí uirthi gur aithin sí í?
18. Cad a dhein sí léi?
19. Nuair a bhí an cailín sínte ar an lebaidh aici cad a chrom
sí ar dhéanamh?
20. Ar dhein sí a leithéid d'obair cheana féin?
21. Cathain.
22. Bhí rud draoidheachta ag an mnaoi abhrais, cad é an rud é?
23. Dá sáidhtí an biorán suain isteach i gceann duine, cad a
d'imtheoch ' air?
24. Agus cathain a dhúiseóch' sé ar an gcodladh?
25. Ar bh'é sin cúis gur tugadh "biorán suain" ar an rud?
26. Cad a dhein an bhean abhrais leis an mbiorán suain?
27. Ar thug an mhórsheisear fé ndeara í?
28. Cad 'na thaobh nár thugadar?
29. Cad a bhí acu 'á dhéanamh?
30. Nár dhúthrachtach na daoine iad?
31. Agus cad bhí ag an mnaoi abhrais 'á dhéanamh, mar dheadh?
32. Cad 'na thaobh nár thugadar féin fé í tógaint ar an bhfann-
tais?


L. 72


33. Ar thug an bhean abhrais fé ndeara go raibh an oidhche ag
imtheacht?
34. Ar bh'é sina bhí uaithi?
35. Ar tháinig an cailín chúichi féin?
36. An raibh aon deallramh uirthi go dtiocfadh sí chúichi féin
go luath.
37. Cad 'na thaobh nár tháinig sí chúichi féin fé mar a tháinig
an cailín eile?
38. An raibh aon chur-trí-chéile ar an mórsheisear mar gheall
uirthi?
39. Cad 'na thaobh?
40. Ná féadfaidís fanamhaint ann?
41. Cad a bhí acu 'á dhéanamh eatortha féin?
42. An rabhdar ag cur agus ag cúiteamh mar gheall uirthi?
43. I ndeire na cogarnaighe cé labhair?
44. Cad dubhairt sí?
45. An ndubhairt sí aire mhaith do thabhairt do'n chailín?
46. Cad a gheall sí do'n mhnaoi mar chúitheamh?
47. An rabhdar chun filleadh thar n-ais airís?
48. Cathain?
49. An rabhdar ag braith air go mbeadh an cailín tagaithe as
an bhfanntais nuair a thiocfaidís airís?
50. Agus ar gheall an bhean abhrais dóibh go dtabharfadh sí
aire mhaith do'n chailín?
51. Nár mhór an rógaire í?
52. Agus ná raibh bréag aici d'á ínsint
53. Ar bh'éigin dóibh imtheacht ansan roim gladhach an choiligh?



GRAMADACH.



1. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh anso:-



(a) tá gádh - do chabhair againn.
(b) thóg sí - a bacalainn an cailín.
(c) Bhí rud aici go dtugtí biorán suain --
(d) tiocfaidh codladh air a bheidh ana-chosmhail --bás.



2. "An oidhche chéadna a fuair an iarlis bás."
Cad is innscne do: - "oidhche," "iarlis"?
Cá bhfios duit?



3. "Tabhair aire mhaith dhi"
Cad 'na thaobh go bhfuil an 'm' séimhthighe 'sa' bhfocal
"mhaith" agus an "dh" séimhighthe sa bhfocal "di"


L. 73


4. Abair ar chuma éigin eile:-
(a) ní raibh aon phioc d'á dheallramh uirthi go dtiocfadh
sí chúichi féin go luath.
(b) ní foláir dúinn bheith ag imtheacht.



5. "Do phreab an bhean abhrais chúcha, agus thóg sí an cailín a bhí,
dar léi, marbh."
Cuir an rádh san 'sa n-aimsir gháth-láithrigh, uimhir iolraidh.



10. SLIABH NA MBAN BHFIONN.



X



CEISTEANNA



1. Nuair a tháinig an lá cad a dhein an bhean abhrais?
2. An raibh an biorán suain 'na ceann i gcaitheamh na
h-aimsire sin?
3. Agus ar bh'é sin fé ndeár an codladh?
4. Cad a tháinig do'n chailín nuair a tairigeadh ar a ceann é?
5. Airiú! Cad a bhain a meabhair agus a ciall di?
6. Agus cá bhfios duit go raibh sí gan mheabhair gan chiall?
7. Ar innis sí do'n mhnaoi abhrais cad a deineadh léi?
8. Ar aithin sí an bhean abhrais?
9. Agus cathain a tháinig a ciall agus a meabhair airís di?
10. Narbh iongantach an biorán é?
11. Cé go raibh an bhean abhrais bhocht an raibh sí flaitheamhail?
12. Cad 'na thaobh go ndeirir é?
13. I gceann tamaill cad a chuir sí ar an gcailín?
14. Cathain a chuir si uirthi í?
15. Conus a shocaruigh sí caipín an chlóca?
16. Cad 'na thaobh gur dhein sí é sin?
17. Cad a dhein an bheirt ansan?
18. D'innis an bhean abhrais an sgéal ó thúis deire do dhaoine
áirithe - cé'r bh'iad féin?
19. Ar thuigeadar é?
20. An rabhdar ana-áthasach d'á bhárr?
21. Cad é a meas ar an mnaoi abhrais toisg an bheart a dhein
sí dhóibh?
22. Cad dubhradar mar gheall air?


L. 74


23. An chun díolfiach a dhein a bhean abhrais a leithéid de
ghníomh?
24. Nár uathbhásach an gníomh é?
25. Dá mbeitheá 'na cás an ndéanfá a leithéid?
26. Ná beadh eagla ort roim na mná sídhe?
27. Seadh! ar tháinig sí abhaile airís?
28. Agus cad a bhí aici 'á cheapadh?
29. An raibh aon choinne aici go dtiocfaidís an oidhche a bhí
chughainn?
30. Ag lorg an chailín?
31. Ná dubhradar go dtiocfaidís?
32 Cad é an freagra a shocaruigh sí 'na h-aigne thabhairt dóibh,
dá mbeidís 'á ceistiú i dtaobh an chailín?
33. Nuair a thuit an oidhche cad bhí aici 'á dhéanamh?
34. Ar thánadar i dtosach na h-oidhche?
35. Ar shamhluigh sí ansan go dtiocfaidís ar mheádhon oidhche?
36. Agus ar thánadar?
37. Nuair a bhí sí cortha cortha ó bheith ag árneán cad a thuit uirthi?
38. Thánadar, gan amhras, i ndeire na h-oidhche?
39. An rabhdar tagaithe le teacht an lae?
40. Conus a bhí an sgéal aici an oidhche 'na dhiaidh sin?
41. An raibh sí ag feitheamh ar feadh seachtmhaine?
42. An raibh aon mhaitheas di ann?
43. Fé cheann bliadhna an rabhdar tar éis teacht?
44. Cad dubhairt sí léi féin ansan?
45. An raibh sí deimhnightheach ná tiocfaidís a thuille?



GRAMADACH.



1. Cad iad na h-aideachta do cúmadh ó'sna h-ainmneachaibh so:-
Ciall;áthas;iongnadh?



2. Abair in aon fhocal amháin:-
"Rud le n-ithe agus le n-ól."



3. "Tharraing sí an biorán a' ceann an chailín."
Sgríobh an focal 'a' go hiomlán.



4. "Chuir sí caipín an chlóca amach ar a ceann."
Cuir an méid sin 'sa n-uimhir iolraidh.



5. Abair ar chuma éigin eile:-



(a) Bhí lár na h-oidhche ann.
(b) níor thánadar 'n-a goire.
(c) dhéanfaidís an bheart a bhí déanta aici dhóibh do
chúiteamh léi.
(d) bhí sí ag cur agus ag cúiteamh 'n-a h-aigne.


L. 75


10. -SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XI.



CEISTEANNA.



1. Cad a bhí aici le déanamh oidhche 'na dhiaidh san?
2. An raibh a lán olla aici?
3. Agus an raibh ana-bhruid uirthi?
4. Tar éis tuitim na h-oidhche an raibh sí chun dul a chodladh
dhi féin tar éis oibre an lae?
5. Cad é an saghas soluis a bhí aici?
6. Cad chuige é sin?
7. An raibh an laiste ar an ndorus?
8. Agus cad a thuit amach?
9. Cad a bhí ag an mnaoi 'á chaitheamh ar a ceann?
10. Ar bhféidir do'n mhnaoi abhrais a ceannacha d'fheiscint?
11. Cad 'na thaobh?
12. Conus a bhí an dá shúil aici?
13. Agus cad a chuir an fhearg uirthi?
14. Nár bh'fhada ab cuímhne a bhí aici?
15. Cad a dhein sí nuair a bhí sí tagaithe isteach?
16. Ar labhair sí in ao'chor?
17. Cad dubhairt sí?
18. Ar bh'é sin an seana - phort?
19. Ba cheart é bheith ge ghlan-mheabhair anois agat, abair é.
20. Cathain a tháinig an tarna bean isteach?
21. An raibh a ceannacha le feiscint?
22. Conus a bhí an dá shúil aici?
23. Cad a dhein sí?
24. Cad a bhí ar siúbal aici?
25. An rabhdar ag teacht mar sin indiaidh a chéile?
26. An mó duine acu a tháinig isteach ar fad?
27. Aililiú! An méid sin daoine! agus cad a bhí acu go léir
'á dhéanamh?
28. Cad a bhí 'á dhéanamh ag bean an tighe?
29. Ar chuireadar sgannradh uirthi?
30 An raibh 'fhios acu gur chuireadar?
31. Cad 'na thaobh?
32. An chun tairbhe dhéanamh a thánadar an turas so?
33. Ach cad eile?
34. Ar thuig an bhean abhrais cad é an fuadar a bhí fútha?


L. 76


35. Cad é féin agus conus aithin sí é?
36. Ar labhair aoinne acu léi?
37. Cé labhair? agus cad dubhairt sí?
38. Agus an raibh an oidhche fuar?
39. Cad é an saghas teine a bhí 'sa tínteán cheana?
40. Ach mar sin féin cad a dhein bean an tighe?
41. Cad é an adhbhar teine a bhí aici?
42. Cad a leog sí uirthi?
43. Ar dheineadar an obair go tiugh?
44. Ná rabhdar go seóigh chun oibre a dhéanamh?
45. D' órduigh an bhean a labhradh rud éigin do bhean an tíghe.
Cad é féin?
46. Cad dob áil leo de'n chorchán mhór?
47. An chun bídh do bheiriú ann do cuireadh an corcán mór
ar an dteine?
48. Ar mhór an corcán é?
49. Cad 'na thaobh go neirir gur bh'eadh?
50. An bhféadfaí duine do chuir isteach ann agus é bheiriú ann?
51. A thiarcais! nár bh'éachtach an corcán é?



GRAMADACH.



1. Abair ar chuma éigin eile:-



(a) dhein sí suas ar an olann.
(b) siúd chun na h-olla í.
(c) siúd isteach an tarna bean.
(d) bhí ana chruach olla aici.



2. Cuir síos ar an méid seo:-
"Bhí sí 'ghá socarú féin."



3. "Chuir sí tuille móna ar an dteine."
Cad is tuiseal do "móna"?
Cad is tuiseal ainmneach dó.



4. Cuir 'sa n-uimhir iolraidh:-



(a) "Eirigh, a bhean an tighe," ar sisi.
(b) Corcán ana-mhór a b'eadh é.



5. Cuir 'sa n-aimsir láithrigh uimhir iolraidh:-



(a) Bhí sí ag faire chúichi.
(b) ní raibh an oidhche fuar.
(c) do tógadh an laiste agus do h-osgaladh an dorus.


L. 77


10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XII



CEISTEANNA.



1. Ar labhar an bhean airís?
2. Cathain?
3. Ar thug sí órdú eile do'n mhnaoi abhrais?
4. Cad é an t-órdú é?
5. Cad dob' áil léi de'n uisge?
6. Ar leog sí uirthi go raibh eagla uirthi go mbrisfí an corcán?
7. Agus cad a bhrisfeadh é?
8. Do thug an bhean abhrais rud éigin fé ndeara, cad é
féin?
9. Ar leog sí uirthi go bhfheachaidh sí iad?
10. Cad a dhein sí?
11. Cár chuir sí an t-uisge?
12. Ar líon an crúsga an corcán?
13. An mó crúsga a líonfadh é?
14. An raibh sí a d'iarraidh an chorcáin do líonadh chómh mear
a's do b'féidir é?
15. Ar leog sí uirthi go raibh?
16. Cad a dheineadar nuair a chonnacadar an fuadar a bhí fúithi?
17. Ag magadh fúithi, an eadh?
18. An raibh droch-amhras aici ortha?
19. Cad 'na thaobh?
20. Agus mar gheall air sin an raibh sí ag faire chúichi féin go géar?
21. Ar shíleadar go raibh droch-iontaibh aici asta?
22. Nuair a bhí roinnt mhaith des na crúsgaíbh tabhartha isteach
ó'n dtobar aici, cad a dhein sí?
23. Cad dubhairt sí agus í ag gabháil amach?
24. Ná raibh dithneas uirthi cheana féin?
25. Agus cad chuige an bhreis dithnis fo dhéanamh?
26. Nách dóigh leat gur cheart di bheith cortha ansan tar éis an
méid reatha a bhí dhéanta aici?
27. Agus ná raibh sí chun breis dithnis do dhéanamh.
28. Ach í ghá leogaint uirthi, an eadh? Cad chuige san?
29. An gcuirfeadh san amú iad?
30. An fada a lean sí ag ruith?


L. 78


31. Nuair nár airigheadar fothram a cos, ar shíleadar ansan
go raibh sí ag an dtobar?
32. Agus cá raibh sí?
33. Conus d'fhill sí thar n-ais gan fothram a dhéanamh?
34. Cad 'na thaobh gur fhill sí in ao'chor?
35. Agus ní h'aon iontaibh iad leis!
36. Nuair a bhí sí i n-aice an doruis cad a dhein sí?
37. Cad 'na thaobh gur dhein sí é sin?
38. Ar cheart di é dhéanamh?
39. Ar airigh sí ag cainnt iad?
40. Cé bhí ag labhairt, agus cad a bhí aici 'á rádh?
41. Cad dubhairt bean eile acu?
42. Ar dheallruig a cainnt go raibh an chéad bhean mar ríogan acu?
43. Cad dubhairt an ríogan airís?
44. Cé dhó go raibh sí ag tagairt?
45. An bhean bhocht! An raibh socair acu ar í bheiriú 'na
beathaidh?
46. Cad a bhí acu le rádh inti?
47. Biorán suain! Ar bh'eol dóibh an bob d'imir sí ortha leis
an mbiorán suain i dtaobh an chailín úd?
48. Agus ar thánadar, d'aon ghnó, chun sásaimh do bheith acu?
49. Nárbh olc an saghas iad!



GRAMADACH.



1. "Do thóg sí crúsga léi agus chuaidh sí amach chun an tobair agus
thus sí crúsga uisge uisteach léi, agus chaith sí an t-uisge isteach
'sa' chorcán."



Cuir é sin 'sa n-aimsir ghnáth-caithte, uimhir iolraidh.



2. "Ní líonfadh fiche crúsga an corcán."



Cad is uimhir don fhocal "crúsga"? Cad tá le rádh agat
'na thaobh?



3. Abair ar chuma éigin eile:-



(a)Ní raibh aon choinne acu go raibh aon droch-amhras aici
ortha.
(b) Labhair sí ag gabháil amach di.
(c) Ní mór dom breis dithnis a dhéanamh.
(d) ní fada go mbeidh sé lán a dhóithin.



4. Cuir isteach na focal atá i n-easnamh anso:-
(a) Cuir an t-uisge 'sa' chorcán nú brisfear -


L. 79


(b)do leig sí - ana-dhithneas a bheith uirthi.
(c) beidh sibh marbh - an dtart agus - an ocras.
(d) cuirfimíd isteach ann í agus beireóimíd 'na
beathaidh -.



5. Cad is innscne do "an t-uisge," agus do "corcán" shuas
i gceist a ceathair -?



Cad 'na thaobh go ndeireann tú é sin?



10- SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XIII



CEISTEANNA.



1. Cad a dhein an bhean abhrais nuair airigh sí cad a bhíodar
ar inntinn a dhéanamh?
2. Cad a dhein sí le n-a brógaibh?
3. Cár ghaibh sí ansan?
4. Cad 'na thaobh gur osgail sí a béal agus a cliabh?
5. Cad a chuir sí aiste?
6. Cad é an saghas í?
7. An fada ó'n áit 'na raibh sí aireófaí í?
8. Cad a sgread sí amach?
9. An mó uair a sgread sí: "Tá Sliabh na mBan bhFionn
trí theine"?
10. An airigh na mná a bhí istigh 'n-a tigh í?
11. D'airigheadar trí neithe i ndiaidh-a-chéile. Cad iad na
neithe iad?
12. Cad é an liú a chuir sí aisti?
13. Cad é an ghlaodh a dhein sí?
14. Agus cad é an fógra a thug sí?
15. Cad a dhein na mná uaisle nuair airigheadar í?
16. Cad 'na thaobh go rabhdar ag baint an doruis d'á chéile?
18. Ar shiúbhaluigheadar go mall?
19. An dóigh leat go raibh áthas ar an mnaoi abhrais nuair a
chonaic sí ag imtheacht iad?


L. 80


20. Cad a dhein an bhean abhrais nuair a bhiodar imthighthe ó'u
ndorus?
21. Cad a dhein sí le heochair an doruis?
22. Ar chuir sí fé gheasaibh í chun an doruis do choimeád dúnta?
23. An stuigeann tú grígh an fhocail "gear"?
24. An mbaineann sé le draoidheacht?
25. An dóigh leat go raibh iarracht de dhraoidheacht ag an
mnaoí abhrais féin?
26. An cuímhin lean an biorán suain a chuir sí i gceann an
chailín?
27. Nár thasbeáin san go raibh draoidheacht éigin aici?
28. Nár mhaith an bhail uirthi go raibh ?
29. Cad a dhein sí leis an ursal?
30. Cad í an gheas a chuir sí uirthi?
31. Cad a dhein sí leis an dtuaigh?
32. Ar bh'é sin an áit 'n-ar cheart í bheith?
33. Ar chuir sí gach aoinnídh i n-áit féin?
34. Agus cad iad na geasa a chuir sí ortha?
35. Ar chuir sí de gheasaibh ortha fanamhaint go bráth mar a
raibh acu?
36. Ach cad eile?
37. Cé fhuasgalóch iad ós na geasaibh?
38. An raibh aimsir a dóithin aici chun na rudaí go léir a
chur fés na geasaibh sar a tdáinig na mná uaisle airís?
39. Cad 'na thaobh go ndeirir é?
40. An dóigh leat go raibh ana-fháilte aici rómpa?
41. Cad a dhein duine acu?
42. Ar eirigh sé léi?
43. Cad 'na thaobh?



GRAMADACH.



1. Cuir sa n-uimhir uathaidh:-
(a) A chómharsain, ruithidh!
(b) D'airigheadar na mná uaisle ag teacht.
(c) Chuireadar iad fé gheasaibh cruadha gan corruighe as
a n-áiteannaibh.



2. Abair ar chuma éigin eile:-
(a) Siúd amach iad, agus iad ag baint an doruis d'á
chéile.
(b) Siúd suas an cnoc iad chómh mear agus bhí sé 'n-a
gcosaibh.


L. 81


3. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh annso:-
(a) Chuir sí - a bróga.
(b) D'fhuasgalóchadh sí féin iad - na geasaibh.
(c) Chuir sí an rud deirineach - na geasaibh.
(d) Thug dhuine acu iarracht - an laiste d'árdú.



4. (a) Tháinig sí chun na h-áite.
(b) Bhí sé i n-aice an doruis.
(c) Bhí bloc adhmaid ann.
(d) D'imthigh na mná uaisle.



Cad is tuiseal dóibh seo:-



áite; doruis; adhmaid; mná?



Cad is uimhir dóibh?



10. - SLIABH NA MBAN BHFIONN.



XIV.



CEISTEANNA.



1. Cad dubhairt an bhean amuigh?
2. An chun na h-oibre do chríochnú a thánadar?
3. Ar leog sí uirthi gur bh'eadh?
4. Ar chreid bean an bhréidín í?
5. Cad é an freagra a thug sí uirthi?
6. Ar thuig an bhean amuigh ansan go raibh bean an bhréidín
ró-ghlic dóibh?
7. Agus an ghlaoidh sí a thuille uirthi?
8. Cad air gur ghlaoidh sí ansan?
9. Cad dubhairt an eochair léi?
10. Cad é an chéad rud eile ar ar ghlaoidh sí?
11. Cad dubhairt ursal na lorgan bhfada?
12. Cad air gur ghlaoidh sí ansan?
13. Conus a fhreagair an tuagh?
14. Do ghlaoidh sí ar rud éigin eile; cad é an rud é?
15. Cad dubhairt an cheirthlín léi?


L. 82


16. Féach air sin! Ar chuir an ríogan féin an cheirthlín fé
gheasaibh?
17. Cathain?
18. Cad é an nídh eile ar ar ghlaoidh sí?
19. Cad dubhairt roth an turainn?
20. Cé uaidh go bhfeadfadh sé cead fhághail chun corruighe.
21. Ar ghlaoidh sí ar an sraing?
22. Cad é an freagra a fuair sí?
23. Ar ghlaoidh sí ar an dtromán ansan?
24. Agus cad 'na thaobh nár osgail an tromán an dorus?
25. An raibh ar a chumas an dorus osgailt?
26. Cad 'na thaobh?
27. Ar chomáineadar leo mar sin ag glaodhach ar gach aoinnídh
a bhí istigh chun an doruis d'osgailt.
28. An raibh aon tairbhe dhóibh ann?
29. I ndeire bárra ar chuímhinuighdear ar rud a cheapadar
a d'osgalóch' an dorus dóibh?
30. Ar cuireadh riamh an rud san fé gheasaibh?
31. Ar bhféidir é chur fé gheasaibh?
32. Cad 'na thaobh?
33. Cad é an rud é i n-ao'chor?
34. Uisge na gcos! agus ar osgail sé an dorus dóibh?
35. Cathain a chaith sí an dorus amach é?
36. Nár mhaith an cuímhneamh aici é?
37. An raibh sí ró-ghlic dóibh?
38. Agus nár mhór di bheith!
39. Nuair a ghlaoidh an bhean amuigh ar uisge na gcos cad é an
freagra a fuair sí?
40. Ar airighis riam nár cheart uisge na gcos fhágaint istig
istoidhche?
41. Ar airighis go raibh baint éigin aige leis an sluagh sídhe?
42. Agus ar thugais fé ndeara gur chuir bean an bhréidín gach
aoinnídh i n'ait féin agus gur chaith sí amach an t-uisge salach, 'sé
sin uisge na gcos?
43. Nách dóigh leat ná go raibh tigh slachtmhar aici ansan?
44. Seadh! Cad a thuigeadar nuair a fuaradar an freagra san
ó uisge na gcos?
45. Agus cad a dheineadar?
46. An dóigh leat go rabhdar go sásta 'na n-aigne ag imtheacht
dóibh?
47. Cá bhfuilid siad anois?
48. Ar thánadar anuas a thuille?


L. 83


GRAMADACH.



1. "Táim anso sa n-áit 'n-ar fhágais mé agus na geasa
cruadha orm gan corruighe as go dtógfar díom na geasa
úd a chuiris féin orm nuair a chaithis uait mé."



Cuir é sin thuas san uimhir iolraidh.



2. Cuir isteach na focail atá i n-easnamh annso:-



(a) Bhíodar ag glaodhach - an rud a bhí istigh.
(b) Táid siad thuas 'sa chnoc agus níor thánadar - fós.



3. Cuir an chainnt seo 'sa n-uimhir uathaidh:-



Chuir sí geasa ar na neithibh.



4. "Táim anso," arsa uisge na gcos "féd' choraibh."
Cad is tuiseal do "uisge" "cos" "chosaibh"?
Cad is uimhir dóibh?



5. An bhfuil aon deifirigheacht idir



(a) "fuaras cead uait," agus
(b) "fuaras céad uait"?



Cad é féin?






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services