Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mo Sgéal Féin

Title
Mo Sgéal Féin
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1915
Publisher
Brún & Nuallán

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MO SGÉAL FÉIN



I



MO SHÍNSEAR



Sa bhliain d'aoís an Tighearna míle sé chéad a dó do
briseadh cath ar Ghaedhlaibh agus ar an dá Aodh, Aodh
ua Néill agus Aodh Ruadh ua Dómhnaill, i n-aice
Chionntsáile. Bhí naoi mbliana caithte an uair sin
ag muíntir na h-Éirean ag troid go dian i gcoinnibh
a namhad ar son na h-Éirean agus ar son an chreidimh,
agus i gcaitheamh na naoi mblian san do rugadar
buadh ar na Gallaibh ins gach cath trom d'ár buaileadh
eatartha go dtí an briseadh sin Chionntsáile. Do
loit an t-aon bhriseadh amháin sin buadh na naoi mblian,
agus bhí Éire fé chosaibh a namhad airís.



Ansan do ghluais an cos-ar-bolg agus an t-éirleach,
agus an feall i riocht dlíghe, agus an t-éitheach i riocht
na fírinne; na Gaedhil d'á ruagadh a' talamh a sínsear
nuair ná séanfaidís a gcreideamh, agus an talamh
'á thabhairt do ropairíbh iasachta anall ó Shasana agus
ó Albain; go dtí gur chuir déine na h-éagcóra fhéach-
aint ar na Gaedhlaibh eirighe amach airís agus iaracht
eile do dhéanamh ar iad féin a chosaint ar a leithéid
de léirsgrios.



Dachad blian tar éis bhriseadh Chionntsáile iseadh


L. 2


d'eirigheadar amach airís. Nuair a bhí an t-eirighe
amach san d'á bheartughadh iseadh adúbhairt file
éigin:-



"Bliain a dachad beidh aitean gan síol gan bhláth,
'S an bhliain i n'aice beid Sasanaigh sínte ar
lár."



Ba ró dhóbair go dtagadh an focal san fíor an uair
sin. Tháinig Eoghan Ruadh ua Néill, mac drithár
d'Aodh ua Néill, anall go h-Éirinn, agus do cuireadh
i gceannas Gaedhal Uladh é. Fear stuama, cródha,
éirimeamhail, oilte ar chogadh agus ar ghnóthaíbh cogaidh,
ab eadh é, mar ba dhual dó bheith. Tháinig mórán de
chlainn na n-uasal a díbireadh tar éis bhriseadh Chionn-
tsáile, thánadar anall ó'n Spáinn agus ó'n bhFrainnc
agus ó áiteanaibh eile de'n Eúróip, agus níor bh'fhada
go raibh slóighte líonmhara Gaedhal ins gach cúig de
chúigibh na h-Éirean, agus iad "ag seasamh a gcirt."
Do leanadar ag "seasamh a gcirt" go dtí gur dhein
Eoghan Ruadh ua Néill, ag an mBeinn mBorb, gníomh
díreach de shaghas an ghnímh a dhein dritháir a athar agus
Aodh Ruadh ua Dómhnaill ag Béal an Átha Buidhe deich
mbliana agus dachad roimis sin.



Bhí uaisle Gaedhal agus sean Ghall cruinnighthe an
uair sin i gCill Chainnigh agus iad ag déanamh dlighthe
agus riaghalta do mhuíntir na h-Éirean, agus gan ar
chumas mhuíntir Shasana aon chur isteach a dhéanamh
ortha ná aon chosg do chur le n-a ngnó. Ach nuair a
rug Eóghan Ruadh ua Néill an buadh uathbhásach ag an
mBeinn mBorb tháinig éad ar chuid des na h-uaislibh
Gaedhlacha eile. I ndiaigh ar ndiaigh do mhéaduigh
agus do leathanuigh an fuath agus an droch aigne acu
dhó-san agus d'á chéile. Tháinig easaontas, leis, sa
Chomhairle, i gCill Chainnigh, idir na Gaedhil agus na


L. 3


sean Ghaill. Dhein an namhaid gach aon dícheal, le
feall agus le h-éitheach agus le cleasaidheacht, ag
séideadh fé gach taobh i gcoinnibh an taoibh eile; ag
tabhairt na leath-bhfabhar uatha, na neithe do thógfadh
taobh agus ná tógfadh an taobh eile, go dtí gur mhó
an fuath a bhí ag uaislibh na Cómhairle agus ag taoiseach-
aibh na slógh d'á chéile 'ná mar a bhí ag aon taobh acu
do'n namhaid. Tar éis naoi mblian bhí an gnó san
Chill Chainnigh tuitithe as a chéile chómh glan agus dá
mba briseadh eile mar bhriseadh Chionntsáile a bhéadh
tagaithe ortha. Ansan tháinig Cromwell, agus do
dhein sé sin léirsgrios agus éirleach agus cos-ar-
bolg, ar Ghaedhlaibh agus ar an gcreideamh, agus ba
neamhnídh an léirsgrios a lean briseadh Chionntsáile
seachas é.



Tar éis bhriseadh Chionntsáile, bíodh gur ag na
Gallaibh a bhí an buadh, bhí lán a gcroídhe d'eagla acu
roimis na Gaedhlaibh. Mar gheall ar an eagla san
dheineadar síothcháin leó. Níor shíothcháin dáiríribh an
tsíothcháin sin, ámhthach. Síothcháin chun fill agus chun
uisge-fé-thalamh ab eadh í. Ní raibh sí abhfad déanta
nuair a thosnuigh an feall. Do leig na Gaill ortha
go bhfuaradar eólus ar eirighe amach eile bheith beart-
uighthe ag uaislibh na nGaedhal i gcoinnibh na nGall
agus i gcoinnibh rígh Sacsan. Coir bháis ab eadh an
beartughadh san dá bhféadfaí é dheimhniughadh. Chun
é dheimhnughadh ní raibh le déanamh ach breith, 'n-a nduine
agus 'n-a nduine, ar na h-uaislibh Gaedhlacha agus
iad do bhreith anonn go Lúnduin agus iad do thriail thall,
agus dá dtabharfaí ciontach iad, an chroch a thabhairt
dóibh. Do thuig na h-uaisle Gaedhlacha an cleas san.
Bhí ciall cheannaigh fághalta acu go daingean um an
dtaca san. Bhí fhios acu go maith ná raibh aon choir


L. 4


déanta acu, ná raibh aon eirighe amach beartuighthe acu,
ná aon chuimhneamh acu ar a leithéid; ná raibh uatha
ach cead suaimhnis agus socarachta tar éis a naoi
mbliana cogaidh. Ach bhí 'fhios acu, leis, nuair a curtí
dlígh Shasana i bhfeidhm ar dhuine, nár chosaint do'n
duine sin macántacht ná neamhchiontacht, go mór mór,
má ba dhuine é go raibh talamh nó tighearnas nó saidh-
bhreas aige le cailleamhaint.



Do thuig uaisle na nGaedhal an nídh sin go maith an
uair sin, agus do theitheadar a' h-Éirinn sar a bhféad-
faí an cleas Gallda san a dh'imirt ortha, iad do thriail
agus iad do dhaoradh agus iad do chrochadh.



Nuair a bhíodar imthighthe bhí áthas ar an rígh agus ar
na Gallaibh. Níor bh'fhearr leó rud a dheineadar
uaisle na nGaedhal 'ná teitheadh le n-a n-anam. Bhí
talamh breágh fada fairsing Chúig' Uladh fágtha 'n-a
ndiaigh acu, chómh maith díreach agus bhéadh sé fágtha 'n-a
ndiaigh acu dá bhfanaidís agus go gcrochfaí iad. Sin
a raibh ó'n namhaid. Do thóg an namhaid an talamh
agus do roinneadar eatartha é.



D'imthigh na h-uaisle Gaedhlacha dob' aoírde an
uair sin a' Cúig' Uladh. Bhí uaisle móra na Mumhan
imthighthe roimis sin. Níor fhág san i n-Éirinn, thuaidh
ná theas, ach na mion-uaisle agus na daoine bochta.
Deich mbliana agus dachad 'n-a dhiaigh san, nuair a
críochnuigheadh an léirsgrios a dhein Cromwell, do
deineadh iaracht mharbhuightheach ar shliocht Gaedhal go
léir, idir uasal agus íseal, do ghlanadh a' talamh na
h-Éirean amach, le díbirt nó le bás. Ní ghlacfaidís
an creideamh nua pé mealladh ná marbhughadh a déan-
faí ortha chuige. Ní ghlacfaidís é ar ais ná ar éigin.
Cheap an namhaid, d'á bhrígh sin, ná raibh le déanamh
leó ach iad do dhísgiughadh ar fad. Bhí a chiall féin


L. 5


ag an namhaid sa ghnó san. Nuair a díbreadh na
h-uaisle móra a' Cúig' Uladh, d'fhan talamh Chúig'
Uladh ag an namhaid. Dá bhféadfaí sliocht Gaedhal
go léir do mharbhughadh nó do dhíbirt a' h-Éirinn,
d'fhágfadh san talamh na h-Éirean go léir ag an
namhaid. Isé an talamh a bhí ó'n namhaid, ar sgáth
creidimh.



An léirsgrios a lean briseadh Chionntsáile do
luigh sé go trom ar uaislibh móra na nGaedhal, ach
chuaidh a lán des na mion-uaislibh saor uaidh. Ach nuair
a tháinig léirsgrios Chromwell do luigh sé ar an uile
dhuine de shliocht na nGaedhal, idir uasal agus íseal.
Do leath sé ar fuid na dútha go léir, isteach i ngleann-
taibh uaigneacha agus i n-áiteanaibh imigéineamhla,
i dtreó nár fhéad aon áit ná aon aicme daoine dul
uaidh. Daoine a bhí an uair sin 'n-a gcómhnuighe ins
na h-áiteanaibh imigcéineamhla san, agus go raibh
a sínsear rómpa 'n-a gcómhnuighe ionta ar feadh na
gcéadta blian agus na bhfichidí glún, go sámh agus
go suaimhneasach, saor ó bhuaireamh agus ó chruadhtan
na gcogaí a bhí coitchianta ar siúbhal lasmuich dhíobh,
do shrois léirsgrios Chromwell iad. Do creachadh
agus do sgriosadh iad. An méid nár cuireadh chun
báis díobh dob' éigean dóibh teitheadh le n-a n-anam
as na sean áiteanaibh cómhnuighthe sin, beó bocht, agus
imtheacht ar fuid an tsaoghail.



Bhí an uair sin sa taobh thiar d' Uíbh Laoghaire, sa
Mhumhain, caisleán nár ró mhór, agus Caisleán Charaig
na Cora an ainim a bhí air. Bhí beirt drithár 'n-a
gcómhnuighe sa chaisleán san. Diarmuid ua Laoghaire
ab ainim do dhuine acu, agus Conchubhar ua Laoghaire
ab ainim do'n duine eile. Do shrois an léirsgrios
iad. B'éigean dóibh imtheacht, agus an caisleán agus


L. 6


an dúthaigh d'fhágáilt ag coigcríoch éigin iasachta
Thánadar andeas go Baile Mhúirne. Do phós duine
acu bean de mhuíntir Dhuinnín a bhí 'n-a cómhnuighe ar
na h-Ollánaibh, agus d'fhan sé ansan. Do réir mar
a h-innseadh dom dob' é sin Conchubhar. Chuaidh
Diarmuid soir go h-áit ar a dtugtí Caraig na
Madraí, agus chuir sé fé ann. Tamall 'n-a dhiaigh
san do chuaidh duine de shliocht Chonchubhair ó-thuaidh
go Dúth' Alla, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe ar an
Mullach Ruadh, cheithre mhíle ar an dtaobh thuaidh de
Shráid an Mhuilinn, i n-aice Chuilinn Uí Chaoimh. Do
phós sé sin bean ar a dtugtí Aoibhlín an Réidhleáin.
Is dóic liom gur de mhuíntir Cheallacháin gur bh'eadh
í. Bhí mac acu san agus Conchubhar ab ainim dó,
agus fear ana chiallmhar, ana stuamdha, ab eadh é.
Do phós sé bean de mhuintir Icídhe, inghean do Thadhg
ua h-Icídhe, Tadhg mhac Aindriais, a bhí 'n-a chómhnuighe
thiar ar an Athán, ar bruach Abhan Móire. Neill ní
Taidhg a tugtí ar an inghín. Bhí lán tíghe de chlainn
acu. Siobhán ab ainim do dhuine des na h-inghean-
aibh.



Bhí Diarmuid, fé mar a h-innseadh dom 'n-a chómh-
nuighe ar Charaig na Madraí. Bhí mac aige sin agus
Conchubhar ab ainm dó. Nuair a bhí an Conchubhar san
pósta agus ag déanamh dó féin, bhí buachaill aimsire
aige, agus Conchubhar ab ainim do'n bhuachaill, leis,
agus de mhuíntir Laoghaire ab eadh é, agus, d'á dheas-
gaibh sin, "Conchubhar Máighistir" agus "Conchubhar
Buachaill" a tugtí ar an mbeirt. Bhí clann ag an
gConchubhar Máighistir sin, ach chómh tiugh agus a thag-
aidís do gheibhdís bás. Bhí sé féin agus a bhean go
h-ana bhuartha mar gheall air sin. Do thárla, tráth,
go raibh súil le duine eile clainne acu. Bhí an t-am


L. 7


ag teacht, ach má bhí, do bhí an bhuairt agus an t-eagla
ortha araon go n-imtheóchadh an leanbh san fé mar
imthigh an chuid eile a tháinig roimis. Bhí an bhuairt
agus an t-eagla ar an máthair chómh mór san gur
bhaoghal, dá mba ná béadh aon chúis eile chun na díobhála
dhéanamh, nár bheag an bhuairt aigne chuige. Raint
laethanta sar a dtáinig an t-am chun na clainne theacht,
do bhuail chúcha an dorus isteach bean ná feacaidh
aoinne acu riamh roimis sin. D'fhiafraigh fear an
tíghe dhi cár bh' as í.



"Thánag abhfad ó bhaile anso chúghaibh," ar sisi,
"adtuaidh ó Chill Dara."



Ansan d'fheuch sí ar an mnaoi.



"Ná bíodh aon bhuairt ná aon eagal ort an turus
so," ar sisi. "Mairfidh an t-é atá ag teacht anois,
ach is ar aon choinghill amháin é," ar sisi. "Tugtar
ainim chúil le cine air, agus mairfidh sé."



Nuair a bhí an méid sin ráidhte aici d'imthigh sí uatha
an dorus amach, agus ní fheacaidh aoinne í, beó ná
marbh, sa n-áit 'n-a dhiaigh san.



Níor bh'fhada go dtáinig an chlann; mac óg. Con-
chubhar nó Diarmuid nó Art nó Céadach nó Fear, na
h-ainmneacha do bhain leis an gcine; ach do tugadh
Barnabí ar an mac san, ainim nár h-airigheadh riamh
roimis sin ar aoinne de mhuíntir Laoghaire. Tháinig
mac eile 'n-a dhiaigh. Do leanadh ar an gcúl le cine,
agus do tugadh Peadar mar ainim air. Do mhair
an bheirt, agus do dhein fir mhóra mhaithe dhíobh. Do
phós Barnabí agus bhí beirt mhac aige. Thug sé
Diarmuid ar dhuine acu, i n-aimhdheóin an chúil le
cine, agus thug sé Peadar ar an mac eile, ainim a
dhrithár.



Nuair a bhí an bheirt mhac san eirighthe suas b' éigean


L. 8


do Bharnabí imtheacht ó Charaig na Madraí. Níor
fhéadas riamh a dhéanamh amach cad é an chúis.



Sa n-am gcéadna san bhí 'n-a chómhnuighe thuaidh ar
Ghleann Daimh, ag bun Mhullach an Ois, fear n-ar
b' ainim dó Diarmuid ua Tuathaig. Bhí beirt inghean
aige, Siobhán ní Thuathaig agus Máire ní Thuathaig. Tá
ar an dtaobh theas de Ghleann Daimh baile gur b' é
ainim atá air 'ná Lios Caragáin. Bhí an baile sin
'n-a thalamh anáirde le lin Bharnabí uí Laoghaire agus
a bheirt mhac a bheith ag imtheacht ó Charaig na Madraí.
Do thóg Diarmuid ua Tuathaig an talamh san a bhí
anáirde, agus dhein sé dhá fheirm de, agus thug sé an
dá fheirm d'á bheirt inghean, do Shiobhán agus do Mháire.
Bhí meas ana mhór aige ar bheirt mhac Bharnabí
uí Laoghaire. Dhein sé dhá chleamhnas leó. Thug sé
Siobhán do Dhiarmuid agus thug sé Máire do Pheadar,
agus chuir sé isteach sa dá fheirm ar Lios Caragáin iad
chun cómhnuighthe. Bhí féar bó agus fiche is gach feirm
díobh, agus bhí an dá lánamhain óg láidir, ábalta ar
pé tairbhe a bhí sa talamh do bhaint as. Níor thalamh
maith é. Talamh fiain fliuch ab eadh an chuid ba mhó
dhé. Ach do tógadh dhá lín-tíghe mhóra mhaithe chreid-
eamhnacha air. Bhí lán tíghe de chlainn ag gach lána-
mhain acu. Bhí chúig dhuine dhéag nó sé dhuine dhéag
clainne ag Peadar agus ag Máire ní Thuathaig.
Diarmuid ab ainim do'n mhac ba shine a bhí ag Peadar.



Nuair a tháing an t-am chuige do tráchtadh ar chleamh-
nas idir an Diarmuid sin agus Siobhán ní Laoghaire,
an inghean úd Chonchubhair uí Laoghaire a bhí an uair sin
'n-a chómhnuighe thuaidh ar an Mullach Ruadh, i n-aice
Chuilinn Uí Chaoimh. Do tuigeadh gur mhaith an cleamhnas
le déanamh é. Do tuigeadh, leis, go raibh an gaol
ann, agus go mb'fhéidir nár bh'fholáir col do


L. 9


réidhteach sar a ndéanfaí an pósadh. Do cómhairigheadh
an gaol, ar an dá thaobh, siar go dtí an bheirt drithár,
Diarmuid óg agus Conchubhar ua Laoghaire, an bheirt úd
a díbreadh a' Caisleán Charaig na Cora; agus do
fuaradh, ó'n gcómhaireamh, go raibh an gaol, ar gach
taobh, níba shia amach 'ná an cúigmhadh glúin. Do dein-
eadh an cleamhnas. Do pósadh Diarmuid Ruadh ua
Laoghaire, mac do Pheadar ua Loghaire agus do
Mháire ní Thuathaig ar Lios Caragáin, le Siobhán ní
Laoghaire, inghean do Chonchubhar ua Laoghaire agus do
Neill ní Icídhe, a bhí ar an Mullach Ruadh. Sa bhliain
d'aois an Tighearna míle ocht gcéad tríochad a naoi, bhí
mac ag an mbeirt sin. Mise an mac san.



II



LIOS CARAGÁIN



Bhí ochtar mac agus ochtar inghean ag Peadar ua
Laoghaire agus ag Máire ní Thuathaig, mo shean-athair
agus mo sheana-mháthair. Bhí dhá fheirm thailimh acu,
an fheirm ar Lios Caragáin, féar bó agus fiche, agus
feirm eile thíos ar Chill Ghobnatan, féar chúig cinn
déag de bhuaibh. Bhí san maith go leór, ach níor ró
mhór an saoghaltas é chun sé dhuine dhéag clainne do
thógaint air agus do chur i gcrích as. Dá maireadh
an t-athair go dtí go mbéadh sé suas le deich mbliana
agus trí fichid nó mar sin, b'fhéidir go bhféadfadh sé
rud éigin fóghanta dhéanamh do'n chlainn; ach tháinig


L. 10


an bás air, slán mar a n-innstear é, nuair ná raibh
sé ach ocht mbliana agus dachad. D'á ghioracht í an
aimsir a fuair sé chuige, bhí an chuid ba mhó de'n chlainn
inghean curtha i gcrích aige sar a bhfuair sé bás, agus
iad curtha i gcrích go maith aige. Ní raibh aige le
déanamh do'n chlainn mhac ach an talamh do raint
eatartha. D'fhág sé Lios Caragáin le h-udhacht ag
ceathrar acu, a leath ag beirt agus an leath eile ag an
mbeirt eile. Fuair duine de'n cheathrar san bás
go luath i ndiaigh an athar. Ansan do dhein an triúr
a bhí 'n-a dhiaigh trí treana de'n fheirm eatartha féin,
i dtreó ná raibh ach féar seacht mbó ag an nduine acu.
Duine de'n triúr san ab eadh m' athair-se.



Déarfadh duine nár mhaith an chiall d'aon fhear óg
bean do thabhairt leis agus é féin do shocarughadh chun
cómhnuighthe ar fheirm bheag de'n tsórd san, féar
seacht mbó, agus gan ann ach droch thalamh. Gan amhras
níor mhaith an chiall dó é dá mbéadh caoi aige ar a
mhalairt de shocarughadh a dhéanamh dó féin, ach ní raibh.
Ní raibh aon fhéachaint suas an uair sin ag aoinne de
mhuíntir na h-Éirean ach an talamh. Bhíodar féin
agus a sínsear, an uair sin agus ar feadh na gcéadta
blian roimis sin, geartha amach glan ó aon tsaghas eile
slíghe bheatha ach amháin bheith ag obair ar an dtalamh ag
déanamh cíosa do mháighistiríbh; agus do gearfaí amach
ó'n slígh bheatha san, leis, iad, ach nár bh'fhéidir aon
daoine eile dh'fhághail a dh'fhéadfadh oiread cíosa
dhéanamh as an dtalamh agus a dh'fhéadaidís sin a
dhéanamh. D'á éaghmuis sin, nuair a pósadh m' athair
agus mo mháthair ní raibh an sgéal i n-aon chor chómh
h-olc ag feirmeóiríbh na h-Éirean agus bhí sé acu
tamall 'n-a dhiaigh san. Bhí prátaí ag fás agus bhí
airgead maith le fághail ar ím. Dhéanfadh an t-ím an


L. 11


cíos, agus ansan bhéadh gach aon toradh eile d'á
mbainfí as an dtalamh, bhéadh sé ag an bhfeirmeóir dó
féin. Do chothóchadh na prátaí agus an bainne an
lín-tíghe, agus chuirfeadh stráice lín agus an olan
a bhéadh ar thrí cinn de chaoiribh balcais éadaigh ortha.



Is fíor go mbíodh droch mheas an uair sin ar an
bpráta agus ar an mbraon bainne mar bhiadh. Ach
tá so le rádh agam-sa anois, ag féachaint siar dom
ar an aimsir sin agus ar an mbiadh sin, agus ar na
daoine a tógadh leis an mbiadh sin. Na fir agus na
mná a bhí an uair sin i n-Éirinn ba threise agus ba
dheaghshláintíghe iad go mór 'ná na fir agus na mná
atá ann anois. Ní feictí choídhche an uair sin cailín
ná buachaill gan lán béil d'fhiacalaibh breaghtha láidire
geala istigh i gceann gach duine acu, agus gach fiacal
acu san chómh cruaidh chómh daingean le caraig cloiche.
Cad a chítear anois? Ní túisge a dh'fhásaid na
fiacala i mbéalaibh na leanbh 'ná siúd ag dreóghadh agus
ag feóchadh iad láithreach, agus ag imtheacht 'n-a smúsach,
agus go gcaithtear fiacala bréagacha do chur isteach
nó ní fhéadfadh an leanbh biadh dh'ithe i n-aon chor! Cad a
chuirean an dreóghadh agus an feóchadh ar na fiacalaibh?
Cuirean an droch ghoile. Agus cad fé ndear an
droch ghoile? Cad fé ndear é ach an biadh bheith mí-
fholáin. Agus an biadh mí-fholáin sin a dheinean an
t-éirleach san ar na fiacalaibh, ar nóin tá fhios ag an
saoghal go ndeinean sé díobháil mhór do'n cholainn
go léir. Tá fhios ag an saoghal nách féidir do leanbh,
do gharsún nó do chailín bheag, sláinte cheart a bheith
acu nuair a bhíd na fiacala ag leaghadh ar an gcuma san
amach as an gceann acu. Dá mb'áil leó an tae agus
an bhulóg bhán do chaitheamh uatha, agus cromadh airís
ar an bpráta agus ar an mbainne do chaitheamh mar


L. 12


bhiadh agus mar dhigh, nó ar an arán cruithneachtan
d'ithe i n-inead na bulóige báine, bhéadh fiacala agus
goile agus sláinte acu mar a bhíodh agá sínsear.



Is dóich liom gur b' é cuimhne is sia am' cheann mé
bheith ar a baclainn ag mnaoi éigin, ní cuimhin liom
anois cé 'r bh' í. Bhí sí 'n-a seasamh ar aghaidh an doruis
isteach, i dtreó go raibh radharc agam-sa an dorus
amach agus anonn ar an mbaile ar a dtugtí an
Chathairín Dubh, agus ar an gcnuc ar a dtugtí an
Doire Liath. Bhí, agus tá fós, drom fada fiacalach
bearnach ar an gcnuc san, agus is cuimhin liom go
maith mé bheith ag déanamh iongnadh des na fiacalaibh,
agus des na bearnachaibh a bhí eatartha, agus 'ghá fhia-
fraighe dhíom féin cad fé ndear iad a bheith chómh garbh
san i ndrom an chnuic sin. Is cuimhin liom, 'n-a dhiaigh
san, conus mar a chuireas aithne ar chnuc atá lastuaidh
de'n Doire Liath agus gurbh' é ainim a tugtí air 'ná
an Chura Liath. Tamall 'n-a dhiaigh san airís is cuimhin
liom go bhfeicinn, soir ó-dheas ó n-ár ndorus féin,
tigh agus crainn mhóra 'n-a thímpal, agus go ndeirtí
liom gur bh' é sin tigh Shiobhán ní Bhuachalla ar Bán an
tSeana Chnuic, nó, Bárr an tSeana Chnuic, ní fheadar
cé' cu. Bhí mac ag Siobhán ní Bhuachalla, agus Con-
chubhar ua Corcartha ab ainim dó. Chuireas aithne air
nuair a bhíomair araon éirighthe suas. Fear galánta
creideamhnach ab eadh é, agus cómharsa mhaith.



Tar éis raint aimsire bhíos ábalta ar ghabháil amach
sa chlós agus ar dhul soir go cúinne na h-iothlann,
i dtreó go mbíodh radharc agam, ní h-amháin anonn ar
an gCathairín agus ar an nDoire Liath agus soir ó-thuaidh
ar an gCura Liaith, ach anonn, leis, ar ár gcuid tailimh
féin go léir. Níor thalamh fóghanta é. Bhí an chuid
ba mhó dhé fiain, gan saothrughadh riamh. Bhí bóthar ó


L. 13


chúinne na h-iothlann anonn go dtí áit ar a dtugtí
Bara na Réidhe, mar a dtáinig bóithrín eile crosta
air. Bhí tigh beag ag an gcrois sin agus Peig na
Croise a tugtí ar sheana mhnaoi a bhí 'n-a cómhnuighe
sa tigh bheag san. Seana bhean dheas ghrádhmhar ab eadh
í. Is minc 'n-a dhiaigh san a thugas tamall de lá 'n-a
tigh beag ag caint léi. Ní raibh aon fhocal Béarla
aici, ach bhí Gaeluinn ana bhreagh ana bhlasta aici.
Beannacht Dé le n-a h-anam!



Cúinne na Réidhe a tugtí mar ainim ar an gcúinne
de'n réidh a bhí ar an dtaobh eile de'n bhóthar ó thigh
Pheig na Croise. Linne ab eadh an réidh sin. Réidh
gan puínn tairbhe ab eadh í. Ní raibh ag fás uirthi ach
fraoch, agus ní puínn dé sin féin a bhí ag fás uirthi.
Do briseadh isteach 'n-a dhiaigh san an cúinne de'n
réidh sin a bhí i n-aice na croise, agus Páircín Chúinne
na Réidhe a tugadh mar ainim ar an bpáircín a deineadh
ann.



Tamall beag siar ó-thuaidh ó Pháircín Chúinne na
Réidhe, agus ó thigh bheag Pheig na Croise, bhí tigh beag
eile agus bhí mac do Pheig na Croise 'n-a chómhnuighe
ann. Bhí sé pósta ag mnaoi de mhuíntir Chriadáin.
Máire Ruadh a tugtí ar an mnaoi sin. Labhrás ab
ainm do'n fhear, do mhac Pheig na Croise, Labhrás
ua Duinnín. Bhí inghean ag an mbeirt sin agus Peig
ab ainim di. Peig Labhrais a tugtí uirthi. Ní raibh
aon fhocal Béarla aici, ná agá h-athair. Siní an cailín
beag a bhíodh ag innsint na sgéal dúin. Isí dh'inis
an sgéal san Shéadna dhúinn. Bhíos féin ag éisteacht
léi 'ghá innsint. Bhíomair go léir óg go maith an uair
sin. Do choimeádas an sgéal am' cheann, agus do
chuireas síos i leabhar é mórán blianta 'n-a dhiaigh
san. Ní dóich liom go bhfuil aon rian de thigh Pheig


L. 14


na Croise le feisgint ag an gcrois anois, ná aon
phioc de rian an tíghe bhig eile ach chómh beag. Ní fheadar
cá bhfuil Peig Labhráis anois, ná an mairean sí i n-aon
chor. Tá Labhrás féin agus Máire Ruadh tar éis bháis
le mórán aimsire, gura maith an mhaise d'á n-anam
é!



D'airigheas rud a dhein Máire Ruadh nuair a bhí an
droch shaoghal ann, agus b' fhéidir nár mhisde é
dh'innsint anso. Ar an ngaraidhe prátaí iseadh
mhaireadh gach aon duine bocht an uair sin, agus ar pé
braon bainne a gheibheadh sé ó'n bhfeirmeóir go mbíodh
slígh fir oibre aige uaidh. Thugadh an feirmeóir leath-
acra tailimh leasuighthe do'n fhear oibre, agus do
dhíoladh an fear oibre cíos an tíghe bhig, agus pé rud
a bhíodh le díol as an leath-acra, leis an obair a dheineadh
sé do'n fheirmeóir. Bhíodh an bata scóir acu, agus
choimeádaidís araon an cúntas ar an mbata scóir.
Is amhlaidh a bhíodh an bata scóir 'n-a dhá leath ar a fhaid,
agus leath acu ag an bhfear oibre agus an leath eile
acu ag an bhfeirmeóir. Nuair a bhíodh an cúntas acu
le cur síos, do thagaidís i bhfochair a chéile agus a
leath féin de'n bhata ag gach duine acu. Ansan, cuir
i gcás go mbéadh chúig lá oibre déanta ag an bhfear
oibre, do shínfidís an dá leath-bhata suas le n-a chéile,
agus do ghearfadh duine acu chúig scóir le sgiain ar
an dá leath-bhata, scór, nó fáibre, i n-aghaidh gach lae
oibre d'ár deineadh. Do gearfaí na fáibrí i dtreó go
luighfeadh an sgian ar an dá leath-bhata i n-aonfheacht,
agus go mbéadh gach fáibre geartha isteach ionta
araon. Ansan do choimeádfadh gach aoinne a leath
féin de'n bhata scóir, agus níor bh'fhéidir d'aoinne
acu éagcóir a dhéanamh ar an nduine eile, mar níor
bh' fhéidir scór do ghearadh amach 'ná scór do chur


L. 15


isteach gan an dá leath-bhata do shíneadh le chéile airís,
agus nuair a sínfí le chéile iad do chaithfeadh na fáibrí
teacht isteach le n-a chéile cruinn, fé mar a gearadh
iad ar dtúis.



Sar a dtáinig an dubh ar na prátaí bhíodh an toradh
chómh maith san go mbíodh a ndóithin mór bídh, i gcóir na
bliana, ag lín-tíghe ná béadh ró mhór, sa méid prátaí
a bhéadh sa leath-acra tailimh leasuighthe. Dá mbéadh
lín-tíghe mór ann ní bhéadh acu ach breis tailimh leas-
uighthe do bheith sa gharaidhe acu. Ní raibh aon chuimh-
neamh acu ar aon tsaghas eile bídh, agus dá mbéadh
féin ní raibh aon fhághail acu air. D'fhág san i bpúnc
uathbhásach iad nuair a tháinig an dubh ar na prátaí.



Ach i dtaobh Mháire Ruadh. Bhí an garaidhe aici féin
agus ag Labhrás. Tháinig an dubh air. D'airigheas
í féin 'ghá innsint conus mar a chaith sí an lá ag
féachaint ar an ngaraidhe, nuair a bhí na gais ag lobhadh
agus ag tuitim, agus í ag gol, agus ná feidir sí an
domhan cá bhfaighdís aon rud le n-ithe. Ní raibh aon
mhaith sa gharaidhe. Nuair a bhí pé raint bídh a bhí sa
tigh ithte acu, do ghoill an t-ocras ar Labhrás bocht.
Tháinig dathacha air. Ní fhéadfadh sé eirighe as an
leabaidh. B' éigean do Mháire gabháil amach ag
"oláthar," mar a deirtí, .i. a d'iaraidh déarca.
D'imthigheadh an bhean san amach ar maidin, agus í ar
dúbh-chéalacan, agus théigheadh sí siar go Claedig,
treasna na gcnuc, ceathair nó cúig de mhíltibh slíghe.
Bhí daoine muínteartha éigin ansan aici. Do tugtí
galúinín bainne dhi. Thugadh sí léi abhaile an galúinín
bainne sin. Chuireadh sí ar an dteine é go dtí go
ndeineadh gruth agus meadhg dé. Ansan do thugadh
sí an gruth do Labhrás agus d'óladh sí féin an meadhg.
Do lean an bhean san ag déanamh an ghnímh sin go dtí


L. 16


go bhfuair Labhrás bocht bás. Ní fheadar-sa cá raibh
an "bhean uasal" eile do dhéanfadh an uair sin é.
An creideamh láidir a bhí istigh 'n-a croídhe, isé chuir
fhéachaint ar Mháire Ruadh an gníomh san do dhéanamh.



Ach ní raibh aon chuimhneamh ag aoinne i n-Éirinn ar
phrátaíbh dúbha an chéad lá úd a sheasuigheas-sa ag
cúinne na h-iothlann ag féachaint anonn ar thigh Pheig
na Croise, agus ar Pháircín Chúinne na Réidhe, agus
ar thigh Mháire Ruadh, agus ar na páirceanaibh beaga
eile atá uaidh siar, Páirc na dTulachán agus Páirc
na Luachra; agus ar an gCnucán Ruadh, agus ar an
gcaidhséar atá déanta, anuas tríd an gCnucán Ruadh
agus tríd an bportach, ag sruthán a thagan anuas ó'n
gCura Liath. Táid siad go léir ansúd fós díreach
mar a bhíodar an chéad lá a dh'fhéachas-sa anonn ortha
ó chúinne na h-iothlann. Táid siad go fuar agus go
fiain agus go bocht, ach má táid féin, is ortha is fearr
liom bheith ag cuimhneamh anois nuair a bhíon uain agam
ar chuimhneamh, mar is ortha agus ar a ndéanamh a bhíos
ag cuimhneamh an chéad uair riamh a h-ínnseadh dom
gur bh' é Dia a dhein an domhan.



III



RÓGAIRÍ



Do théidhinn soir go minic go cúinne na h-iothlann,
ach dob' fhada go ndeaghas thairis sin soir. Bhí blúire
beag de thalamh gan daingean lastuaidh de'n iothlainn,
agus an Seana Mhacha a tugtí air. Ní raibh aon cheart


L. 17


ag aoinne seachas a chéile chun an tSeana Mhacha, mar
níor bh' fhiú aon rud é. Bhí daoine 'n-a gcómhnuighe
i dtigh a bhí lastiar d'ár dtigh-ne. De mhuíntir
Iarlaithe ab eadh iad. Bhíodh géana mhuíntir Iarlaithe
ar an Seana Mhacha go minic. Bhí ar na géanaibh sin
gandal mór bán, "sgafaire gléigeal gandail,"
agus ní raibh an beithigheach allta san le fághail, sa
n-Aifric theas ná ins na h-Indiathaibh thoir ná i n-aon
pháirt eile de'n domhan, a dh'fhéadfadh sgannradh do
chur i gcroídhe aon duine mar an sgannradh do chuireadh
an rógaire gandail sin am' chroidhe-se an uair sin.
Nuair a thagainn go cúinne na h-iothlann agus nuair
a chínn na géana ar an Seana Mhacha, do rithinn thar
n-ais chómh géar agus do ruithfeadh duine ó león buidhe
nó ó león breac. Dá mbéadh na géana abhfad suas
uaim d'fhanfainn tamall, b'fhéidir, ag féachaint ortha,
ach bhíodh mo cheann cromtha agam agus mé ar sgáth na
caraige sar a' bhfeicfeadh an gandal mé. Uaireanta
bhíodh radharc maith agam air agus gan aon radharc
aige orm. Níor bh' iongnadh an sgannradh. Nuair
a thógadh sé a cheann agus sheasuigheadh sé suas díreach,
bhíodh sé níob' aoirde go mór 'ná mise. Do thuiginn
uaireanta go bhfeiceadh sé mé go maith, ach go mbíodh
an bitheamhnach 'á leigint air ná feiceadh. Bhíodh a
cheann cromtha aige agus é ag piocadh an fhéir ghlais,
ach bhíodh 'fhios agam-sa go maith gur ag faire orm a
bhíodh sé, agus ag feitheamh féachaint an raghainn amach
ar an Seana Mhacha, i dtreó go sínfeadh sé a mhuineál
fada bán agus go ruithfeadh sé chúgham chun mé dh'ithe.
Do chuadhas amach ar an Seana Mhacha aon uair amháin
nuair a mheasas ná raibh sé féin ná na géana ann i n-aon
chor. Bhíodar ann a gan fhios dom. Níor thugas
aon rud fé ndeara go dtí go bhfeaca chúgham é, agus


L. 18


a cheann chun an tailimh aige, agus a mhuineál sínte
aige. Do bhéiceas agus do ritheas. Do rugas na
cosa uaidh, ach b' ar éigin é. D'iompuigh sé thar n-ais
agus d'aireófá míle ó bhaile é ag sgreadaigh agus ag
maoidheamh as an ngaisge a bhí déanta aige. Do chonac
agus d'airigheas go minic ó shin an sgreadach chéadna
agus an maoidheamh céadna ag teacht a' gandal nár ghé,
a' gandal fir, mar gheall ar ghníomh ná raibh aon phioc
níba chródha 'ná gníomh an ghandail úd a bhí ar an Seana
Mhacha an uair úd.



Tá páirc ar aghaidh an doruis amach, agus "an pháirc
sin amuich" a tugtí an uair sin uirthi. Bhí bearna
ar aghaidh an doruis chun dul isteach sa pháirc sin.
Do bhuailinn-se amach, agus soir an bhearna san agus
soir tré lár na páirce, uaireanta, nuair a bhíodh an
gandal ar an Seana Mhacha. Ansan bhíodh radharc agam
ó-thuaidh ar an gCnuc mBuidhe, agus ar an gCaol, mar
ar marbhuigheadh gandal eile abhfad 'n-a dhiaigh san,
agus ar Ghleann Daimh, mar a raibh Tadhg na n-Ubh 'n-a
chómhnuighe; agus suas ar Charaigín an Radhairc, agus
ar Thúirín an Chasúrlaigh, agus síos ar Pháirc na gCloch,
agus ar Pháirc na Coise, agus ar Pháirc na h-Abhan
agus ar Pháirc na Gainimhe. Chuireas aithne ortha go
léir i ndiaigh 'chéile. Páircíní beaga bochta cruadha
ab eadh iad. Droch thalamh ab eadh an áit go léir.
Ach sar a dtáinig an dubh ar na prátaí d'fhásaidís go
maith i n-aon tsaghas tailimh, agus biadh breagh foláin
flúirseach ab eadh iad do dhaoinibh nó do bhuaibh nó do
chapaillibh, nó d'aon rud beó a dh'fhéadfadh biadh a
dh'ithe i n-aon chor. Bhéadh bliain anois agus airís,
b' fhéidir, agus thiocfadh meathlughadh ar na garaidhthibh,
tré thiormacht aimsire, nó tré dhroch ghaoith éigin, nó
mar gheall ar ghalar éigin a bhéadh ar an síol, i dtreó


L. 19


go bhfanfadh na prátaí ró mhion, nó ná béadh aon
adhbhar acu sa talamh. Thabharfadh san bliain ghana-
chúiseach do dhaoinibh. Bhéadh "Conchubhar Mór sa
chúinne" agá lán. Ní fhanadh puínn d'aon tsaghas
eile bídh sa tír. Pé gráinne arbhair a saothruightí do
caithtí é dhíol, nó an chuid ba mhó dhé, chun an chíosa
dhéanamh. Dheineadh daoine a ndícheal chun oiread
des na prátaíbh miona do choimeád agus dhéanfadh an
garaidhe do chur i gcóir na h-aithbhliana. Ansan,
b'fhéidir, do thiocfadh an aimsir go rathmhar i gcaitheamh
na h-aithbhliana. D'fhásfadh na garaidhthe go saidhbhir,
chómh saidhbhir sin go mbéadh na clasa dúnta ins gach
aon gharaidhe i gcaitheamh an tsamhraidh, agus brat trom
de bhláthanaibh bána ortha i ndeire an tsamhraidh, agus
prátaí nua le fághail ionta oidhche Lughnasa, lán
sgiathóige fé gach aon ghas, agus nár ith duine riamh
isteach 'n-a bhéal biadh do b' fhearr 'ná iad. Ansan ní
chuimhneóch' aoinne an chuid eile de'n bhliain sin ar
"July an chabáiste."



Isé cúis n-a dtugtí "July an chabáiste" ar an
mí sin 'ná so, - Nuair a thagadh droch bhliain ní bhíodh
aon rud le n-ithe ag daoinibh ach an cabáiste i gcaith-
eamh an mhí sin, i dtreó nuair a thagadh oidhche Lughnasa
agus na prátaí nua, go mbíodh árd áthas ar gach aoinne
deire bheith le "July an chabáiste."



Nuair a bhíodh mo chuaird tabhartha agam tríd an
bpáirc a bhí ar aghaidh an doruis amach, do théighinn soir
sa pháirc a bhí lastoir di. An Pháirc Dhronnach a tugtí
ar an bpáirc sin, mar bhí sí árd 'n-a lár fé mar a bhéad
drún uirthi. Is dóich liom gur ó'n árdán san atá
i lár na páirce dronnaighe sin a fuaras an chéad
radharc síos ar an bpáirc mbuidhe agus ar chnapóigín
páirce atá lastíos di go dtugtí "Árd Phádraig"


L. 20


uirthi. Ní fheadar cad 'n-a thaobh gur tugadh "Árd
Phádraig" uirthi, murab amhlaidh a mheas duine éigin
go raibh deabhramh éigin aici leis an a Árd Phádraig úd
atá lastuaidh de'n Bhearnain Dearg i gContae
Luimnighe. Pé 'n Éirinn é, bhí aithne mhaith agam-sa
ar an Árd Phádraig a bhí i n-ár gcuid tailimh féin
abhfad sar ar chuireas eolus ná aithne ar an Árd
Phádraig eile.



Is dóich liom, leis, gur am' sheasamh ar lár na Páirce
Dronnaighe a bhíos, am' sheasamh ar bhara na druinne,
nuair a leigeas mo shúil an chéad uair riamh ar Dhain-
gean na Saileach. Siar ó-dheas uaim iseadh chonac an
daingean san, agus isé a bhí ag féachaint go garbh
agus go goirgeach agus go míchomhthromach. Níor
mhisde daingean a thabhairt air. Níor dhóich le duine
go bhféadfadh aon rud beó dul isteach air; agus dá
dtéigheadh rud isteach ameasg na gcaraigreach san ná
béadh aon bhreith aige ar theacht amach go deó asta,
táid siad chómh mí-chuíbhsach san, chómh h-anspianta san.
Ach cad 'n-a thaobh gur tugadh Daingean na Saileach
air? Ní raibh oiread agus an meathán ba shuaraighe de
shlait sailighe ná de shlait fuínseóige ná d'aon tsaghas
eile slaite le feisgint ar na caraigreachaibh géara
glasa loma atá air, ó'n gceann thuaidh dé go dtí an
ceann theas, ná ó n-a mhullach go dtí a bhun. Bíodh,
ámhthach, go raibh san mar sin an chéad lá a fuaras-sa
radharc siar air ó lár na Páirce Dronnaighe, do
h-innseadh dom 'n-a dhiaigh san ná raibh na caraigreacha
chómh nochtaithe sin i gcómhnuighe. Dubhairt fear liom
a bhí trí fichid blian d'aois nuair a rugadh mise, go
raibh Daingean na Saileach clúdaithe go breagh le
coilltibh nuair a bhí sé féin 'n-a gharsún, agus ná béadh
bac air dul ó'n gceann thuaidh go dtí an ceann theas


L. 21


de'n chnuc ar ghéagaibh crann, gan aon chos leis do
chur ar an dtalamh. Do leagadh an t-adhmad, ach do
lean an ainim, Daingean na Saileach, ar an gcnuicín.



Nuair a bhíodh gort sa pháirc ar aghaidh an doruis
amach, ní fhéadainn dul amach inti ná dul tríthi soir,
mar bhíodh an t-arbhar níb' aoírde go mór 'ná mé féin,
agus do raghainn amú ann. Ansan, nuair a bhíodh
an gort bainte ní fhéadainn dul soir tríd an bpáirc,
mar bhíodh na coínlíní agus na briogadáin sa choínleach,
agus do phriocfaidís mo chosa. Ní bhíodh bróga ar aon
leanbh an uair sin, ná ar aon daoine óga. Ar dhaoine
a bhíodh eirighthe suas féin ní bhíodh bróg ná stoca ach
amháin Dé Domhnaigh, nuair a bhídís ag dul go dtí an
t-Aifrean, nó an lá a bheidís ag dul i n-áit éigin as
baile. Bhíodh a rian air, bhíodh cosa cruadha foláine
acu gan beann ar fhuacht. Anois ní foláir bróga do
chur ar chosaibh an leinbh abhfad sar a bhféadan sé siubhal
ná cos do chur ar an dtalamh i n-aon chor. Fágan san
cosa leicthe agá lán acu, leictheacht cos a leanan díobh
i gcaitheamh a saoghail. B' fhearr an tseana shlígh.



Is cuímhin liom lá áirighthe, nuair a bhíos, is dóich
liom, trí bliana dh'aois. Bhí gort nó coínleach sa
pháirc a bhí ar aghaidh an tighe amach, i dtreó go mb'
éigean dom fanmhaint istigh. Bhí bata agam agus mé
ag marcaidheacht an bhata síos agus suas ar fuid an
úrláir, mar 'dh eadh gur chapall an bata. Chonac a
lán daoine iasachta amuich sa chlós agus iad ag cogar-
naigh agus ag caint. Thuigeas go raibh duine mór
éigin ag teacht agus go rabhadar ag feitheamh leis.
D'airighinn anois as airís an focal "an máighistir,"
agus "Mr. Saunders." Fé dheire do tháinig duin'uasal
mór beathuighthe isteach, agus do shuidh sé ar chathaoir
i lár an tighe, agus do líon na daoine iasachta go léir


L. 22


isteach 'n-a dhiaigh. Bhí m' athair ar dhuine de'n mhuintir
a tháinig isteach. Isé do chuir an chathaoir i lár an
tíghe do'n duin'uasal chun go suidhfeadh sé uirthi. Ní
raibh focal a' h-aoinne. Ní bhíodh sgáth ná eagal orm
féin an uair sin roim aon tsaghas duine, uasal ná
íseal, murabh' ionan a's roimis an ngandal úd.
Siúd anonn mé agus do sheasuigheas ar aghaidh an
duin'uasail amach.



arsa mise leis, go
fáilteach.



ar
seisean, agus do rug sé ar ghualainn orm agus
tharaing sé chuige mé go rabhas idir a dhá ghlúin aige.



Mheasas go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh
láithreach le neart gáirí. Do gháir an duin'uasal
féin, leis, agus do sgaoil sé uaidh mé.



Is cuimhin liom an méid sin anois chómh maith, chómh
glan, agus dá mba indé nó seachtmhain ó shin a thuit-
feadh sé amach. Is cuimhin liom, leis, go dian mhaith
an iongnadh a tháinig orm nuair a chonac ag cur an
anama amach ag gáirí iad go léir, agus ná feaca féin
go raibh aon chúis gháirí sa méid adúbhart. Tháinig lá,
tamall 'n-a dhiaigh san, agus do thuigeas go h-áluinn
cad a chuir ag gáirí iad.



Chun an chíosa d' árdughadh ortha go léir iseadh tháinig
an "máighistir" an uair sin. Nuair a chuir sé
chúgham-sa an cheist i dtaobh na feóla is amhlaidh a bhí
sé ag lorg leath-sgéil. Dá n-abrainn-se gur itheas


L. 23


feóil an mhaidean san, nó indé roimis sin, nó
seachtmhain roimis sin, do bhéadh an leath-sgéal a bhí
uaidh aige. D'fhéadfadh sé a rádh, "Bíon feóil le
n-ithe agaibh-se gach aon tseachtmhain. Taisbeánan
san go bhfuil mo chuid tailimh-se agaibh ró shaor. Caith-
fidh sibh tuille cíosa thabhairt dom." Ach nuair ná
raibh ag an leanbh le maoidheamh ach gur ith sé smut
de ghé fadó nuair a bhí an Nodlaig ann, do baineadh
na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d'
árdughadh. Siné an rud a chuir ag gáirí iad go léir.
Do gháir an duin'uasal féin, ach is dóich liom gur bh'
í "gáire Sheághain dóighte" an gháire a dhein sé. Do
sgaoil sé uaidh mé tapaidh go maith ar aon chuma. Níor
theastuigh a thuille de'n ghé uaidh.



Ní dóich liom gur fhéad sé an cíos a dh'árdughadh an
uair sin. Bhí léas ag na tineóntaithibh ar an dtalamh.
Níor bh' uiriste an cíos a dh'ardughadh ortha go dtí go
dtuitfeadh an léas. Mar sin féin ámhthach, léas mí-
ádhbharach ab eadh é. Léas i bpáirt ab eadh é. Thug
san ana bhúntáiste do'n mháighistir. Dá bhfágadh duine
des na tineóntaithibh a chíos gan díol, d'fhéadfadh an
máighistir a chur fhiachaibh ar an gcuid eile é dhíol thar
a cheann.



Sa bhliain d'aois an Tighearna míle ocht gcéad a h-aon,
(1801) iseadh do deineadh an léas. An uair sin
díreach iseadh bhí "aimsir Bhonaparte" ag tosnughadh.
Níor bh'fhada go raibh airgead mór le fághail ar gach
aon rud a bhí ag an bhfeirmeóir le díol. Do thuig
an máighistir an méid sin, agus bhí a chroídhe briste
mar gheall ar an léas a bheith ann 'ghá chosg ar aon
árdughadh cíosa. Do chrom sé féin agus an t-agent
a bhí aige ar an uile shaghas uisge-fé-thalamh a dhéanamh
féachaint an bhféadfaidís an léas do bhriseadh. Sidí


L. 24


an tseift ar ar shocaruigheadar chuige sin. Bhí ar na
tineóntaithibh aon duine amháin ná bíodh a chíos ollamh
aige nuair a bhíodh sé ag glaodhach. Do sgaoileadh leis
ar feadh raint blianta go dtí go raibh sé mórán
i ndiaigh lámha. Ansan do h-éiligheadh ar an gcuid
eile an cíos a bhí ar an bhfear san. D'eirigh ana chlam-
par dlíghe mar gheall air sin. Ní dhíolfadh an chuid
eile cíos an fhir sin. Níor bheag le gach aoinne a chíos
féin do dhíol. Do mheas an máighistir go bhféadfadh
sé an léas do bhriseadh mar gheall air sin. Tar éis
mórán costais agus mórán clampair do dhíoladar
é, agus do thug an dlígh dhóibh talamh an fhir sin go dtí go
mbéadh a gcuid féin fághalta thar n-ais acu as an
dtalamh. Tamall 'n-a dhiaigh san d'eirigh clampar
eile de'n tsaghas chéadna. Ní cuimhin liom go raibh
an áit aon lá riamh gan clampar de'n tsórd san go
dtí gur thuit an léas san, tímpal na bliana 1874.
Do h-árduigheadh an cíos ansan i bhfeirmitíbh. Ach
níor díoladh puínn riamh de'n chíos árd san. D'fhan
an chuid ba mhó dhé gan díol go dtí go dtáinig an
stailc úd a cuireadh suas i gcoinnibh cruadh-chíosa.



Tá a gcuid tailimh ceannaighthe amach anois, fés na
dlighthibh nua so, ag clainn na ndaoine a thug an aimsir
úd go léir ag troid i gcoinnibh na h-éagcóra.


L. 25


IV



CLAMPAR DLÍGHE



Is cuimhin liom, agus mé ana bheag, bheith am' shuidhe
sa chúinne i n-aice na teine tráthnóna geimhrigh. Bhí
seana Dhiarmuid ua Laoghaire, dritháir athar do
m'athair-se, 'n-a shuidhe ar chathaoir lasmuich dhíom ar
an dtaobh gcéadna de'n teine. D'á chómhartha san
féin bhí gadhar leis a tháinig i n-aonfheacht leis, 'n-a
luighe istigh idir chosaibh na cathaoireach. Thagadh sé
féin agus an gadhar go minc mar sin chúghainn, nuair
a bhíodh na h-oídhcheanta fada ann, agus thugadh sé
tamall de thosach na h-oídhche ag caint agus ag innsint
seana sgéalta. An oídhche seo adeirim do thárla
dhó bheith ag trácht ar an gcéad chlampar dlíghe a dh'éirigh
ameasg na dtineóntaithe mar gheall ar an léas a
bheith i bpáirt acu. D'eirigh an clampar san abhfad
sar a dtánag-sa ar an saoghal. Ní raibh m' athair ach
'n-a leanbh nuair eirigh sé. Bhí duine des na tin-
eóntaithibh 'n-a chómhnuighe ar an dtaobh thuaidh de'n
chnuc, ag bun na faille ar a dtugtar Faill na bhFiach.
Leaba Dhiarmuda a tugtar ar an dtaobh san de'n
chnuc, agus Lios Caragáin ar an dtaobh theas, mar a
rabhamair féin i n-ár gcómhnuighe.



Bhí an léas raint blianta ar bith. Bhí an t-airgead
breagh mór d'á fhághail ar gach aon rud, mar gheall
ar chogaíbh Bhonaparte. Bhí an "máighistir" go
cráidhte cancarach toisg gan neart a bheith dhó an cíos
d'árdughadh. Isé rud ar ar shocaruigh sé féin agus a
reachtaire 'ná sgaoileadh leis an dtineóntaidhe a bhí
ar Leaba Dhiarmuda agus gan aon leathphinne cíosa


L. 26


d'éileamh air ar feadh abhfad. Do leigeadar ortha
gur le truagh dhó a dheineadar é. Ní bhíodh an cíos aige
nuair a bhíodh sé ag glaodhach agus an chuid eile ag díol,
agus do leigidís ortha nár mhaith leó bheith dian air.
Nuair a bhí oiread amuich aige agus gur dhóich leó go
ndiúltóch' an chuid eile d'é dhíol tar a cheann do chom-
áineadar an dlígh ar siubhal. Do chosain an chuid
eile an cás. Tar éis mórán trioblóide agus mórán
cosdais do bhuadhdar ar an máighistir. Do dhíoladar
an cíos thar cheann an fhir a dh'fhan siar, ach do tugadh
dóibh úsáid na feirme a bhí aige-sean go dtí go mbéadh
a gcuid féin acu thar n-ais aisti. Ansan iseadh
d'eirigh an toirmeasg ar fad. Ní thabharfadh fear na
feirme talamh ná airgead dóibh. B'éigean dóibh
gabháil tré chúrsa eile dlíghe chun é chur a' seilbh, agus
nuair a bhí ughdarás dlíghe acu chun na sealbha,
b'éigean dóibh féin dul agus é chur amach, nó é
ghabháil 'n-a phrísúnach, gan aon chongnamh ó armáil na
rígheachta.



Do chruinngh cualacht díobh. Bhí cuid acu luath
láidir óg. Bhí fear díobh go raibh ana urchar ciotóige
aige. Aon rud go gcaithfeadh sé cloch leis as an
gciotóig do bhuailfeadh sé é. Dómhnall ua Tuathaig
ab ainm dó. Ní raibh aon arm teine acu. Thugadar
aghaidh ar an dtigh. Sar ar thánadar ró achmair do'n
tigh tháinig an fear a bhí uatha amach agus guna aige.
Do stad cuid acu nuair a chonacadar an guna.
D'aimsigh Dómhnall ua Tuathaig dhá chloich, cloch ins
gach láimh leis. Do shiúbhluigh sé go réidh i dtreó an
fhir go raibh an guna aige. Do thóg seisean an guna
agus shín sé i dtreó Dhómhnaill é. Níor staon
Dómhnall. Do shiúbhluigh sé cos ar chois i dtreó an
ghuna. Theastuigh ó Dhómhnall teacht i ngioracht faid


L. 27


a urchair féin d'fhear an ghuna. Nuair a fuair fear
an guna ag teacht ró achmair dó é, do ghaibh sé amus
cruinn air, agus tharaing sé an triccer. Do bhuail
an casúr a bhuille, ach do theip teine. Do lean
Dómhnall ag teacht. Do thóg an fear eile an guna
airís agus thug sé iaracht eile ar an urchar do
chaitheamh. Do theip teine an tarna h-uair. Do
theip teine an trímhadh h-uair. Fé dheire bhí Dómh-
nall chómh h-achmair agus theastuigh uaidh bheith. Do
chaith sé urchar na ciotóige. Do h-aimsigheadh fear
an ghuna i gclár a éadain leis an gcloich díreach sar
a' raibh uain aige ar a mhéar do luighe ar an dtriccer
an ceathramhadh uair. Do thuit sé. Do tógadh uaidh
an guna agus do ceangaladh é. Nuair a tháinig sé
chuige féin bhí sé istigh i gcara trucaileach agus iadsan
'ghá bhreith leó go Mághchromtha 'n-a phrísúnach.



Ní raibh de stoc acu le tabhairt leó as an áit ach
cúpla seana chaoira. Bhíodar ag gabháil síos Bóthar
na Cathairíneach agus an dá sheana chaoira rómpa
amach, agus an guna 'n-a láimh ag duine acu. Bhíodar
deimhnightheach go raibh an guna folamh agus gur bh'shiné
cúis n-ar theip teine na trí h-uaire as a chéile. Thuig-
eadar ná raibh ó'n bhfear ach eagla chur ortha; ná raibh
aon aidhm aige ar aoinne do mharbhadh. D'eirigh
aighneas éigin eatartha. Bhí an t-aighneas ag dul
i ngéire. Do thóg an fear go raibh an guna 'n-a láimh
aige, do thóg sé an guna le spórt, mar 'dh eadh chun
an aighnis do chosg. - "Eist do bhéal nó lámhfad thu!"
ar seisean le duine de'n bheirt a bhí ag déanamh an
aighnis. Bhí a mhéar ar an dtriccer. Do luigh sé
ar an dtriccer. Le linn luighe ar an dtriccer dó
do bhuail fear eile lámh ar bhairille an ghuna agus
d'iompuigh sé i leith taoibh é. Do ghluais an t-urchar


L. 28


'n-a lán neart agus do thuit ceann des na chaoire
marbh ar an mbóthar!



Bhí iongnadh agus alltacht ortha go léir. Ní raibh aon
choinne acu ná go raibh an guna folamh. Do chaith an
fear go raibh an guna 'n-a láimh aige, chaith sé é féin
ar ghealacán a dhá ghlún ar an mbóthar ag breith a
bhuidhchais le Dia nár bh' é an duine a bhí marbh aige
i n-inead na seana chaereach. Agus b' é duine bhéadh
marbh aige é 'ná an Dómhnall ó Tuathaig céadna do
bhí tar éis an phrísúnaigh do leagadh tamall beag
roimis sin leis an gcloich a chaith sé as an gciotóig
leis.



"Airiú, a chrochaire," ar siad go léir leis an
bprísúnach, "do mheasais dáiríribh Dómhnall ó
Tuathaig do lámhach!"



Níor labhair an prísúnach focal. D'iompuigheadas
air agus do geóbhfaí go maith air mura mbéadh
Dómhnall ó Tuathaig 'ghá chosaint.



Do rugadh síos go Mághchromtha é, agus do cuireadh
tré pé cúrsaí dlíghe a bhí riachtanach é. Do dhíol duine
éigin des na tineóntaithibh an cíos a bhí ar an bhfeirm
agus do tugadh dó an fheirm go dtí go mbéadh a chuid
féin thar n-ais aige aisti.



Bhíos-sa ag éisteacht leis an méid sin sgéil agus
mé sáidhte istigh sa chúinne, agus níor chuaidh aon fhocal
de'n sgéal amú uaim; agus ní raibh oiread agus aon
fhocal amháin d'ár tháinig chúgham gur ghádh dhom a
dh'fhiafraighe cad é an brígh a bhí leis. Thuigeas an
chaint chómh cruinn agus do thuig seana Dhiarmuid
féin í.



Lá éigin tímpal na h-aimsire céadna bhí beirt fhear
ag obair thíos i bPáirc na gCloch. Ní cuimhin liom
anois ciacu ag cur phrátaí a bhíodar nó ag baint


L. 29


phrátaí. Bhíos féin ann, leis. Bhíos am' sheasamh ar
a n-aghaidh amach ag éisteacht leó agus iad ag caint.
Isiad beirt a bhí ann 'ná Labhrás ua Duinnín agus
fhear n-ar bh' ainim dó Micheál ua Laoghaire. Firín
ana bheag' ana dhubh, ab eadh é, agus Miceál Dubh a
tugtí air. Pé caint a bhí ar siúbhal acu measaim
gur b' amhlaidh nár mhaith leo mise bheith ag éisteacht
chómh géar leis an gcaint. Chaitheadar uatha an chaint,
agus d 'iompuigheadar orm-sa.



"Seadh anois, a Pheadair," arsa Micheál Dubh,
"ciacu againn is measa leat?"



"Is measa leis mise," arsa Labhrás.



"Thugais d'éitheach, ní measa," arsa Micheál; "is
measa leis mise," ar seisean.



"Deirim-se gur bréag dhuit sin," arsa Labhrás;
"is measa leis mise."



"Cuirfidh mé geall leat," arsa Micheál, "gur
measa leis mise."



"Seadh, a Pheadair," arsa Labhrás, "ciacu againn
is measa leat?"



"Is measa liom tusa," arsa mise, "agus is fearr
liom Micheál."



Do stad an bheirt agus d'fhéachadar orm. Ansan
d 'fhéachadar ar a chéile, agus do sgeartadar ar
gháirí.



"Airiú, nách géarchúiseach an bioránach é!" arsa
Labhrás.



"Is ait an freagra é," arsa Micheál Dubh. "Is
measa leis tusa agus is fearr leis mise!"



Le n-a linn sin d'fhéach Labhrás anonn i dtreó a
thíghe féin a bhí thall ar mhullach na réidhe. Bhí gáirdín
beag cabáiste aige thall ar aghaidh an tíghe amach. Bhí
cúpla gabhar aige thall, leis. Do thárla, nuair fhéach sé


L. 30


anonn, go raibh an dá ghabhar 'n-a seasamh i n-aice
chlaidhe an gháirdín, lasmuich de'n chlaidhe, ach gur dhóich
le duine dh'fhéachfadh ortha ó Pháirc na gCloch, go rabh-
adar laistigh de'n chlaidhe. Cheap Labhrás bocht gur
laistigh a bhíodar agus ná fágfaidís aon bhlúire de'n
chabáiste gan ithe. Chuir sé a mhéar 'n-a bhéal agus
do leig sé fead bhreagh láidir bhinn ar an muíntir
thall. Ní raibh aon mhaith dhó ann; níor airigh aoinne é.
Do leig sé fead eile. Níor tháinig aoinne amach as
an dtigh.



"Ó, a chreach láidir é! mo gháirdín breagh! Beidh
sé ithte! beidh sé ithte!" ar seisean.



Siúd anonn é agus é ag ruith. Nuair a shrois sé
an áit thall fuair sé gur lasmuich de'n chlaidhe a bhí na
gabhair, agus ná raibh aon bhlúire díobhála déanta do'n
gháirdín.



V



DHÁ ARM AIGNE



Ag féachaint siar dom anois ar an saghas Gaeluinne
a bhí d'á labhairt am' thímpal ins gach aon bhall an uair
sin, agus 'ghá cur i gcomparáid dom léis an nGaeluinn
a dh'airighinn 'n-a dhiaigh san i n-áiteanaibh eile, téighean
sé 'n-a luighe go daingean ar m' aigne go raibh sí níos
fearr agus níos cruinne agus níos slachtmhaire, agus
'n-a theannta san níos treise mar arm aigne, 'ná aon
tsaghas Gaeluinne d'ár airigheas riamh ó shin, a' béalaibh


L. 31


daoine ná a' leabhraibh. 'Ghá cur i gcomparáid dom
le teangthachaibh eile, le Laidion nó le Gréigis nó
le Frainncis, fé mar a dh'fhoghlumuigheas raint díobh
'n-a dhiaigh san, téighean sé 'n-a luighe ar m'aigne, gur
bh'fhearr d'arm aigne í 'ná aon teanga acu. B'fhéidir
go raibh an Ghréigis níb' fhearr 'ná í nuair a bhí an
Ghréigis beó agus muíntir na Gréige 'ghá labhairt,
ach ní raibh ar mo chumas-sa an chomparáid a dhéanamh
ach amháin idir mo Ghaeluinn bheó féin agus an Ghréigis
a fuaras ins na leabhraibh; agus chómh fada agus chuaidh
an chomparáid sin bhí an buadh agam' Ghaeluinn féin.
Is dócha go ndéarfadh duine a tógadh i n-áit eile,
nó i gcúig eile, i n-Éirinn, an rud céadna i dtaobh
Gaeluinne na cúige gur tógadh é féin ann. Ach tá
raint neithe againn chun an sgéil do bhrath. Sar ar
fhágas-sa Lios Caragáin níor airigheas riamh amach a'
béal duine na h-abartha so, .i. "Tá mé"; "bhí mé";
"bhí siad." D'airighinn i gcómhnuighe "Táim";
"bhíos"; "bhíodar," agus c. Neithe beaga iseadh iad
san, ach is neithe beaga iad a thagan isteach go mion
minic sa chaint. Agus is slacht ar an gcaint an módh
dlúithte seachas an módh sgurtha. Ar an gcuma
gcéadna, is neamhshlacht ar an gcaint an módh sgurtha
seachas an módh dlúithte. D'á éaghmuis sin bíon sa
chaint dhlúithte neart agus fuinneamh nác féidir a
bheith sa chaint a bhíon ag tuitim as a chéile.



Lasmuich ar fad de'n deifrigheacht san atá, i slacht
agus i neart agus i bhfuinneamh, idir an chaint go
mbíon a lán de'n mhódh sgurtha inti agus an chaint a
ghlacan mar rogha an módh dlúithte, bhí sa Ghaeluinn
a bhí am' thímpal-sa deich mbliana agus trí fichid ó
shin, tréithe chun nirt agus chun fuinnimh agus chun
deisbhéalaighe agus chun géire urlabhra agus chun


L. 32


solusmhaire, nách féidir liom a dh'fhághail anois i n-aon
tsórd cainte d'á bhfuil ar siubhal, i mBéarla ná
i nGaeluinn. Tá bárr 'á thabhairt do'n mhódh sgurtha
sa Ghaeluinn, agus módh sgurtha ar fad iseadh an
Béarla. Tá an Béarla tuitithe as a chéile ar fad.



Mura mbéadh an bhean úd a tháinig adtuaidh agus
do thug léi an ainim chúil le cine úd, ní bhéadh "Peadar"
mar ainim orm-sa. B'fhéidir ná beinn ann i n-aon
chor. Agus mura mbéadh gur díbreadh amach ameasg
na gcnuc seana Bharnabí agus a bheirt mhac, Diarmuid
agus Peadar, ní bhéadh an Ghaeluinn agam, nó ní bhéadh
sí ar aon tslacht agam, agus ní bheinn 'ghá sgrí anso
anois mar atáim. Táim ag déanamh mo dhíchil ar í chur
síos am' sgríbhinn díreach mar a fuair mo chluas í ó
dhaoine mar sheana Dhiarmuid ua Laoghaire agus mar
Mhicheál Dubh, agus mar Mháire Ruadh, agus mar a
h-inghean, .i. Peig.



Ach má bhí caoi mhaith agam ar an nGaeluinn a bheith
agam ar áilleacht ó'n gcéad neómat n-ar thosnuigh
caint ar theacht dom, bhí caoi mhaith agam, leis, ar
Bhéarla bheith agam ar an áilleacht gcéadna díreach,
ó'n gcéad neómat gcéadna. Seo mar a thárla san.
Bhí, mar adúbhart, athair mo mháthar, Conchubhar ua
Laoghaire, 'n-a chómhnuighe ar an Mullach Ruadh,
cheithre mhíle ó-thuaidh ó Shráid an Mhuilinn. Bhí feirm
mhór thailimh aige ann, agus talamh foghanta ab eadh
é, murar bh' ionan agus portaighthe agus caraigreacha
Lios Caragáin. Bhí féar dachad bó aige de'n talamh
san, agus bhí sé acfuinneach neamhspleadhach go maith.
I n-éaghmuis é bheith acfuinneach, fear creideamhnach
ab eadh é go raibh meas ag uasal agus ag íseal air.
Bean ana chreideamhnach, ameasg uasal agus íseal,
leis, ab eadh an bhean a bhí pósta aige, Neill ní Icídhe,


L. 33


Neill ní Taidhg, inghean do Thadhg 'ach Aindriais a bhí
thiar ar an Athán, mar adúbhradh. Bhí cúigear mac acu
agus triúr inghean. Do cuireadh tabhairt suas maith
ar an gclainn, 'sé sin fé mar a bhí caoi an uair sin ar
aon nídh i bhfuirm tabhairt suas do chur ar chlainn
i n-Éirinn. Do cuireadh beirt de'n chlainn inghean,
chómh luath agus bhíodar i n-aois chuige, siar go Cill
Áirne ar sgoil, agus do cuireadh beirt de'n chlainn
mhac ar sgoil Laidne. Do chuaidh duine de'n bheirt
mhac san isteach sa Choláisde 'n-a dhiaigh san chun bheith
'n-a shagart. Nuair a bhí raint blianta caithte sa
choláisde aige do thuig sé i n-a aigne ná raibh an ghlaodh
fághalta aige ó Dhia chun beith 'n-a shagart, agus tháinig
sé abhaile agus chrom sé ar sgoil Laidne do mhúineadh
i gCeann Tuirc. Tamall sar ar fhág sé an coláisde
fuair a athair bás. Ansan do tháinig an bheirt inghean
abhaile ó Chill Áirne. Do pósadh duine acu, Neill, le
fear gur bh' ainm dó Risteárd ó Laoghaire, a bhí 'n-a
chómhnuighe thiar ar Chnuc an Eirbaill, chúig mhíle soir
ó-thuaidh ó Chill Áirne. Chuaidh an inghean eile de'n
bheirt soir go Ceann Tuirc ag triall ar a dritháir chun
bheith ag tabhairt conganta dhó sa sgoil. I dteannta
na neith' eile a múineadh di i gCill Áirne do múineadh
raint éigin Frainncise dhi. Ní dócha gur múineadh an
Fhrainncis di i dtreó go dtuigfeadh fear ó'n
bhFrainnc í, ach do múineadh di í chómh maith agus do
féadadh é. Nuair a chuaidh sí ag triall ar a dritháir
agus bhí sí ag cabhrughadh leis sa sgoil, is ag múineadh
Béarla agus Frainncise a bhíodh sisi, agus eisean ag
múineadh na Laidne agus na Gréigise. Ansan, nuair
a bhí sí cheithre bliana fichead nó mar sin, do pósadh
í féin agus m' athair agus tháinig sí go Lios Caragáin.



Thug sí léi mórán leabhar, leabhair Bhéarla agus


L. 34


leabhair Frainncise. Chómh luath agus bhíos-sa ábalta
ar aon mhúineadh do ghlacadh do thosnuigh sí ar Bhéarla
do mhúineadh dhom, agus ansan ar an bhFrainncis do
mhúineadh dhom, i dtreó go mbínn bodhar go minic ó
dhaoine a thagadh isteach, nó do bhuaileadh umam amuich,
'gha iaraidh orm Frainncis do labhairt dóibh.



Pé saghas an Fhrainncis, bhí an Béarla go bríoghmhar
aici, níb' fhearr go mór agus níba chruinne, agus níba
chirte, 'ná aon Bhéarla do múintí ins na sgoileanaibh.
Ach ba chuma dhómh-sa cad é an saghas Béarla do múintí
ins na sgoileanaibh, mar bhí na sgoileana ró fhada
uaim. An sgoil ba ghiorra dhúinn bhí sí chúig mhíle
mhóra uainn. Ba mhaith an bhail orm-sa nár bh' fhéidir
dom dul ar an sgoil sin. Dá mbéadh sí níba chómh-
garaíghe dhúinn, is dócha, nídh nách iongnadh, go dtabh-
arfainn mo laethanta istigh inti; agus dá dtugainn,
níor bh' fhéidir dom gan an droch Bhéarla do dhul
i bhfeidhm ionam. B'éigean dom fanmhaint sa bhaile,
agus pé múineadh a thug mo mháthair dom déanamh leis,
go dtí gur neartuigheas. Bhíos trí bliana déag sar
a ndeigheas isteach i n-aon sgoil. Bhí a raibh de leabh-
raibh Béarla sa bhaile againn léighte agus ath-léighte
agam um an dtaca san. Chómh luath agus bhí ionam
gabháil amach ag aedhreacht na mbó, bhíodh pé leabhar
ab fhearr a thaithneadh liom bhíodh sé agam amuich cois
claidhe nó tuir nó sgeithe agus mé 'ghá léigheadh. 'Sé
rud a tháing as dom 'ná go raibh mórán de Mhilton
agus de Shakespeare agus de Rudeki, (leabhar ná
feaca riamh ó shin) de ghlan mheabhair agam.



Má bhí Béarla maith agam' mháthair agus tabhairt suas
maith uirthi, bhí an Ghaeluinn aici ar áilleacht, leis. Ní
raibh tigh a h-athar ach tímpal le ceathramhadh mhíle ó
Chuilinn Uí Chaoimh. Bhí Gaeluinn bhreagh d'á labhairt


L. 35


an uair sin i gCuilinn Uí Chaoimh agus ar fuaid
Dhúth'Alla go léir. Ní deirim ná go bhfuil Gaeluinn
mhaith le h-aireachtaint fós i gCuilinn. Ach tá sí nách
mór caithte uatha ag formhór mhuíntir Dhúth'Alla.
Thugas féin tamall aimsire, bliain is dóich liom,
i nDúth'Alla, i n-aice Cheann Tuirc, breis agus
deich mbliana a's dachad ó shin. Bhí aos óg na h-áite
an uair sin ag eirighe suas agus gan aon fhocal
Gaeluinne acu, agus donas an sgéil ar fad, an saghas
Béarla a bhí acu níor airigheas riamh roimis sin ná
riamh ó shin aon chaint chómh grána leis. Nuair a bhínn
ag éisteacht leo chuiridís coitchianta i gcuimhne dhom
an focal a deireadh Diarmuid ua Muíneacháin:-



"Na daoine is lúgha ciall i n-Éirinn
Daoine gan Bhéarla gan Ghaeluinn."



I gCuilinn Uí Caoimh a bhíodh Diarmuid 'n-a chómhnuighe,
agus is dócha gur thug sé fé ndeara na daoine óga
ag caitheamh na Gaeluinne uatha agus ag a labhairt an
Bhéarla ghrána bhriste.



Bhí ana sheans orm-sa pé 'r domhan é. Bhí idir
Bhéarla agus Gaeluinn agam os cionn mo chliabháin.
Mura mbéadh an áit 'n-ar rugadh agus 'n-ar tógadh
mé, ámhthach, ní bhéadh an Ghaeluinn agam, agus mura
mbéadh an mháthair a tugadh dom ní bhéadh an Béarla
agam. Agus féach, mura mbéadh idir Ghaeluinn agus
Béarla do bheith agam mar atáid, ní bhéadh aon bhreith
i n-aon chor agam ar an obair a dhéanamh atá déanta
agam. Pé feabhas fé leith a bhéadh ar an mBéarla
agam, ní thabharfadh sé aon chumas dom ar an
nGaeluinn do ghlacadh mar arm aigne agus do láimh-
seáil mar arm aigne. Is amhlaidh a bhéadh an Béarla
a'm chur amú sa láimhseáil sin. Pé feabhas fé leith a


L. 36


bhéadh agam ar an nGaeluinn bhéadh an cur amú
céadna aici-si 'á dhéanamh orm i dtaobh an Bhéarla.
Ach do fuaras greim fé leith ar gach arm de'n dá arm
aigne, agus eólus fé leith ar conus gach arm acu do
láimhseáil; ansan, i n-inead bheith ag cur a chéile amú
orm, is amhlaidh a bhíd siad ag cabhrughadh le n-a chéile
agam.



VI



AN GORTA



Chómh luath agus bhíon aon chiall ag teacht do leanbh
is gnáth daoine bheith ag cur na ceiste chuige cad í an
ghairm beatha bhéadh aige nuair a bhéadh sé mór. Is
cuimhin liom go maith an cheist sin a bheith dh'á cur
chúgham féin go fíor mhinic. Ní cuimhin liom go raibh
aon fhreagra riamh agam le tabhairt ar an gceist ach
an t-aon fhreagra amháin, .i. gur am' shagart a bheinn.
Bhí an méid sin socair os cómhair m' aigne ó thosach,
agus ní cuimhin liom go raibh a mhalairt riamh os cómhair
m' aigne, ná ní cuimhin liom cathain a thosnuigh m' aigne
ar bheith 'ghá shocarughadh gur am' shagart a bheinn nuair
a bheinn eirighthe suas.



Tá fhios agam go maith go mbíodh daoine ag déanamh
magaidh de'n sgéal, mar ba léir do gach aoinne ná
raibh i n-aon ghaor do'n ghustal riachtanach agam' athair
chun tabhairt fé n-a leithéid d'obair. Bhí fhios agam
féin, leis, chómh luath agus tháinig aon tuisgint dom,


L. 37


ná raibh an gustal aige, agus níor chuir san mé ó é
bheith daingean am' aigne gur am' shagart a bheinn, pé
cuma 'n-a dtiocfadh san chun cinn. Mura mbéadh an
dubh a theacht ar na prátaí agus an droch shaoghal do
theacht i ndiaigh an duibh, ní deirim 'ná go mbéadh sé
ábalta ar an méid sgolaidheachta a bhéadh riachtanach
do thabhairt dom. Ach d'iompuigh an droch shaoghal
gach aon rud taobh síos suas. Agus rud ab ion-
gantach, isiad na feirmeóirí móra láidire do thuit ar
dtúis. An fear ná raibh aige ach an fheirm bheag, féar
sé nó seacht de bhuaibh, do choimeád sé a ghreim, agus
an fear go raibh an fheirm mhór fhairsing aige do bris-
eadh é go luath nuair a tháinig an t-atharughadh saoghail.
An t-é ná raibh aige ach an beagán níor chaill sé ach an
beagán. Ní raibh an cíos mór ná na glaoidhte móra
air roimhe sin. Bhí taithíghe aige ar mhaireachtaint gan
iomarca rabairne. Níor ró dheacair dó cúbadh chuige
beagáinín eile, agus na glaoidhte beaga d'fhreagairt
gan iomarca cruadhtain do chur air féin. Ach an t-é
go raibh an fheirm mhór aige bhí taithíghe ar an mbeatha
chostasamhail aige. Bhí sé neamhspleadhach an fhaid a
fhreagair an fheirm. Nuair a tháinig an t-atharughadh,
do stad toradh na feirme láithreach. Bhí an chailleamh-
aint ró mhór, agus bhí an rabairne ró mhór agus na
glaoidhte ró mhór. Níor bh' fhéidir iad do fhreagairt
agus do sguabadar d'á bhonnaibh é. Is cuimhin liom
go maith conus mar a dh'airighinn an sgéal nua d'á
innsint agus iongnadh 'á dhéanamh dé: "Ó! ar airighis?
Tá a leithéid seo briste! Tá a chuid tailimh anáirde.
Tá sé féin imthighthe. D'éaluigh sé. Tá a chuid tailimh
anáirde."



Do h-airightí go minic," Tá a chuid tailimh anáirde";
ach ní h-airightí i n-aon chor an uair sin, "Tá a chuid


L. 38


tailimh tógtha ag duine eile." Ní raibh aon fhonn ar
aoinne talamh a thógaint. Na daoine a chailleadh a
gcuid tailimh bhíodh an sgéal go h-olc acu. Ní bhíodh
biadh ná creideamhaint acu, agus ní bhíodh le déanamh
acu ach dul a d'iaraidh déarca. Ní fada a bhídís a
d'iaraidh na déarca nuair a thagadh breóiteacht ortha
agus gheibhdís bás. Ní bhíodh an taithíghe acu ar an
ocras ná ar an gcruadhtan, agus ní sheasuighdís abhfad
nuair a thagadh an t-ocras agus an cruadhtan ortha.
Go minic, nuair a bhíodh an t-ocras dian ortha, do
chaithidís eirighe agus gabháil amach agus aghaidh a thabh-
airt ar thigh cómharsan éigin a bhíodh, b'fhéidir, chómh
dealbh leó féin, nó geall leis, féachaint an bhfaighdís
lán béil de rud éigin le n-ithe a bhainfeadh an bhuile
ocrais díobh.



Is cuimhin liom bheith, lá, agus mé ocht mbliana
dh'aois is dóich liom, am' sheasamh ag cúinne na
h-iothlann. Chonac bean ag gabháil chúgham aníos an
cnucán. Bhí sí cos-lomrachta. Bhí sí ag siúbhal ana
réidh agus bhí saothar uirthi mar bhéadh ar dhuine a bhéadh
ag ruith. Bhí a béal ar leathadh i dtreó go raibh radharc
agam ar na fiacalaibh agus í ag séideadh. Ach isé rud
a chuir an iongnadh ar fad orm 'ná a cosa. Bhí a cosa
ataithe i dtreó go raibh gach aon chos acu, ó n-a glúinbh
síos, chómh mór chómh ramhar le galún. Chuaidh an radharc
san chómh daingean san i n-achran am' aigne go bhfuil
sé os cómhair mo shúl anois chómh gléineach agus bhí
sé an lá san, bíodh go bhfuil tímpal chúig bliana agus
trí fichid ó shin ó chonac é. Bhí an bhean san neamh-
spleadhach neamhamhgarach go maith go dtí go dtáinig
an dubh ar na prátaí.



Bhíos lá eile, ní fheadar an roimis siúd nó 'n-a
dhiaigh é, istigh i n-ár dtigh féin am' sheasamh ar lic an


L. 39


tínteáin. Tháinig buachaill an dorus isteach. Chonac
an aghaidh a bhí air agus an sgeón a bhí 'n-a dhá shúil,
sgeón ocrais. Tá an aghaidh sin agus an dá shúil
sin os cómhair m' aigne anois chómh glan chómh soiléir
agus bhíodar an lá san nuair thugas an t-aon fhéachaint
amháin sin ortha. Thug duine éigin cannta aráin dó.
Thug sé snap ar an arán agus thug sé a dhrom linn agus
a aghaidh ar an bhfalla, agus sháidh sé an t-arán 'n-a
bhéal, agus dhírigh sé ar an arán dh'ithe le h-airc i dtreó
gur dhóich leat go dtachtfadh sé é féin. Níor mheasas
an uair sin go raibh aon iongnadh ró mór agam 'á
dhéanamh dé féin ná de'n airc a bhí air chun an aráin;
ach d'fhan an radharc am' aigne, agus fanfaidh an dá
lá 's 'n fhaid a mhairfead.



Is cuimhin liom tráthnóna éigin i gcaitheamh na
h-aimsire sin agus na daoine ag ruith isteach 's amach
agus iad ag caint. Sa gheimhre ab eadh é. Bhí an
oídhche tar éis tuitim. D'airigheas an focal, "Thíos
ag Caraigín an Easaigh iseadh dh'airigheas an liúgh!"
"Siné airís é!" arsa duine eile, agus do ritheadar
go léir amach. Tamall 'n-a dhiaigh san thánadar isteach
airís agus seanduine bocht acu eatartha. Chuireadar
'n-a sheasamh ar an úrlár é. Is ar éigin a bhí sé ábalta
ar sheasamh. Bhíos-sa ar a aghaidh amach agus radharc
agam ar a cheannachaibh. Bhí a bhéal ar leathadh agus
a bheóil taraingthe, síos agus suas, i dtreó go raibh
na fiacala, an méid a bhí aige dhíobh, nochtaithe. Chonac
an dá starfhiacal mhóra fhada bhuidhe 'n-a bhéal agus
an sgeón 'n-a dhá shúil agus an sgannradh 'n-a ghnúis.
Chím anois iad chómh maith agus do chonac an uair sin
iad. Cómharsa dob' eadh é. Is amhlaidh a chomáin an
t-ocras amach é féachaint an bhféadfadh sé aon rud
le n-ithe dh'fhághail. Chuaidh an fear bocht amú ar fuaid


L. 40


an phortaigh a bhí lastíos de Charaigín an Easaigh.
Nuair a fuair sé é féin ag dul amú tháinig eagal air
go dtuitfeadh sé i bpoll éigin agus go mbádhfaí é.
Níor dhein sé ach stad agus cromadh ar liúireach.
Béas ab eadh é sin an uair sin ag daoine a bhéadh ag
dul amú. Bhí liúgh áirighthe chuige, agus do thuig gach
aoinne conus an liúgh san do chur suas, i dtreó nuair
a h-aireófaí an liúgh go mbéadh fhios ag gach aoinne a
dh'aireóch' é cad é an brígh bhéadh leis, agus go gcruinn-
eóchadh na daoine fé dhéin an t-é bhéadh ag dul amú.



Bhí stábla beag ag ceann an tíghe againn. Tháinig
duine bocht n-ar bh' ainim dó Pádraig ua Buachalla
agus do tugadh bheith istigh sa stábla dhó féin agus
d'á mhnaoi agus do bheirt leanbh a bhí acu. D'fhanadar
sa stábla ar feadh raint seachtmhainí; bhí bothán beag
acu féin 'n-a dhiaigh san. Síle ab ainim do'n t-é ba
shine de'n bheirt leanbh. Bhí buachaill aimsire againn
agus Conchubhar ab ainim dó. D'airigheas Síle lá ag
caint leis.



"A Chon," ar sise.



"Teacht, a Shíle," arsa Con.



"Ní'l aon chaint agam-sa anois," ar sise.



"Airiú, cad eile cad 'tá agat, a Shíle?" arsa
Con.



"Tá Béarla," ar sise.



"Airiú, cad é an Béarla fhéadfhá-sa bheith agat?"
arsa Con.



"Béarla Pheadair agus Sheághainín Philib," ar sise.
Duine bocht a bhí i mbothán i n-aice na h-áite ab eadh
Seághainín Philib.



"Agus ar nóin is caint Béarla, a Shíle," arsa
Con.



"Caint Béarla!" ar sise, agus iongnadh uirthi.


L. 41


"Ar nóin," ar sise, "dá mb' eadh, do tuigfí
é!"



Bhí máthair Shíle lá agus mám gairbhéil aici sa chor-
cáinín tón-leathan go ndeineadh sí an císte do bhácáil
ann, bácús a tugtar air. Bhí sí ag sgiúradh agus
ag sgiomar an bhácúis bhig, istigh ann, leis an
ngairbhéal.



"Ó, a Mham!" arsa Síle, "an amhlaidh a chuirfir
an gairbhéál sa chíste?"



"Is amhlaidh, a Shíle," ars'an mháthair.



Siúd amach Síle. Chonaic sí Con.



"Ó, a Chon," ar sisi, "cad a dhéanfaimíd? cad a
dhéanfaimíd i n-aon chor?"



"Cad 'tá anois ort, a Shíle?" arsa Con.



"Tá," ar sisi, "gairbhéal glasa a bheith agam'
mháthair 'á chur sa chíste dhúinn, agus ní fheadar an
tsaoghal conus fhéadfaimíd an císte dh'ithe. Bris-
fear ár bhfiacala go léir. Tá cuid des na clocha sa
ghairbhéal ana mhór. Ní fágfar fiacal i gceann aoinne
againn. Ach is cuma do Dhiarmuidín é. Ní'l aon
fhiacal i n-aon chor aige fós."



Dritháir beag óg a bhí ag Síle ab eadh Diarmuidín.
Siúd isteach Con go bhfeicfeadh sé cad a bhí ag máthair
Shíle 'á dhéanamh. Nuair a chonaic sé cad é an gnó a
bhí de'n ghairbhéal bhí spórt acu.



Tháinig an gorta, agus b'éigean do Shíle agus d'á
h-athair agus d'á máthair agus do Dhiarmuidín im-
theacht síos go Maghchromtha agus dul isteach i dtigh na
mbocht. An túisge n-a rabhadar istigh ann do sgaradh
iad go léir le n-a chéile. Do cuireadh an t-athair
ameasg na bhfear. Do cuireadh an mháthair ameasg
na mban. Do cuireadh Síle ameasg na gcailíní
mbeag. Agus do cuireadh Diarmuidín ameasg na


L. 42


leanbh óg. Bhí an tigh go léir, agus a raibh de dhaoine
bochta ann, múchta le gach aon tsaghas droch bhreóit-
eachtaí. Na daoine, chómh tiugh agus thagaidís isteach
nách mór, ag tuitim le h-éagcruas, slán mar a
n-innstear é, agus iad ag fághail bháis chómh tiugh agus
thagadh an galar ortha. Ní bhíodh slígh d'á leath sa tigh.
Ní dheinidís, an méid ná féadadh dul isteach díobh, ach
dul agus iad féin do shíneadh ar phort na h-abhan ar
an dtaobh thíos de'n drochad. Do chítí ansan iad gach
aon mhaidean tar éis na h-oídhche, agus iad sínte 'n-a
srathanaibh ann, cuid acu ag coruighe agus cuid acu
socair go leór, gan aon chor acu 'á chur díobh. Do
tagtí ar ball agus do tógtí an chuid acu ná bíodh aon
chor acu 'á chur díobh, agus do curtí isteach i dtruc-
ailíbh iad agus do beirtí suas iad go h-áit i n-aice
Charaig an Staidhre mar a raibh poll mór leathan doimh-
inn ar osgailt dóibh, agus do curtí síos sa pholl san
i dteannta 'chéile iad. Do deintí an rud céadna
leis an méid a bhíodh marbh istigh sa tigh díobh tar éis
na h-oídhche.



Ní ró fhada, tar éis dul isteach dóibh, agus tar éis
sgaramhaint le n-a mháthair dó, go dtáinig an bás ar
Dhiarmuidín. Do caitheadh anáirde ar an dtrucail
an corp beag agus do rugadh suas go dtí an poll
mór é, agus do caitheadh isteach ann é i dteannta na
gcorp eile. Ach ba chuma do'n leanbh é. Bhí a anam
thuas i láthair Dé, i n-aoibhneas, abhfad sar ar caitheadh
a chorp sa pholl. Níor bh' fhada gur lean Síle Diar-
muidín. Chuaidh a corp óg sa pholl, ach chuaidh a
h-anam suas mar a raibh Diarmuidín, i láthair Dé,
i n-aoibhneas na bhflathas, mar a raibh sólás aici
agus cómhluadar naomh agus aingeal, agus cómhluadar
na Maighdine Muire, agus caint a bhí níos fearr


L. 43


go mór 'ná "Béarla Pheadair agus Sheághainín
Philib."



Bhí an t-athair agus an mháthair ag fiafraighe agus ag
ceistiuchán chómh minic agus d'fhéadadar é i dtaobh
Shíle agus Dhiarmuidín." Ní raibh an bheirt abhfad
tar éis bháis nuair airigheadar é. Bhí an Ghaeluinn
ag na daoine bochta go léir." Ní raibh sí ag na
h-uachtaránaibh, nó ní raibh sí acu ach go h-olc."
D'fhéadadh na daoine bochta eólus d'fhághail ar a chéile
go minic a gan fhios dos na h-uachtaránaibh." Chómh
luath agus fuair an t-athair agus an mháthair go raibh
an bheirt leanbh tar éis bháis, tháinig a leithéid sin de
bhuairt agus d'uaigneas ortha ná féadfaidís fanmhaint
sa n-áit." Bhíodar deighilte ó n-a chéile, ach fuaradar
caoi ar fhocal éigin do chur chun a chéile. Shocar-
uigheadar ar éalódh as an áit. Cáit ab ainim do'n
mhnaoi." Do shleamhnuigh Pádraig amach as an dtigh
ar dtúis." Do stad sé thuas i mbara Bhóthair na Sop
ag fanmhaint le Cáit." I gcionn tamaill do chonaic
sé ag teacht í, ach bhí sí ag siúbhal ana réidh." Bhí an
bhreóiteacht uirthi." Chomáineadar leó suas i dtreó
Charaig an Staidhre." Thánadar chun na h-áite 'n-a
raibh an poll mór." Bhí fhios acu go raibh an bheirt
leanbh thíos sa pholl san ameasg na gcéadta corp
eile." Do stadadar i n-aice an phuill agus ghoileadar
a ndóithin. Thuas ar an nDoire Liath, lastoir de'n
Chathairín, a bhí an bothán n-a rabhadar 'n-a gcómhnuighe
ann sar a ndeigheadar isteach i dtigh na mbocht."
D'fhágadar an poll mór, agus thugadar aghaidh siar
ó-thuaidh ar an nDoire Liath, mar a raibh an bothán.
Bhí an áit sé mhíle 'shlígh uatha, agus bhí an oídhche ag
teacht, ach chomáineadar leó." Bhí an t-ocras ortha
agus bhí an bhreóiteacht ar Cháit. B'éigean dóibh


L. 44


siúbhal ana réidh. Nuair a bhí cúpla míle de'n tslígh
curtha dhíobh acu b' éigean do Cháit stad. Ní fhéadfadh
sí dul a thuille. Do casadh cómharsain ortha. Do
tugadh deoch agus blúire éigin bídh chúcha, ach ní leig-
feadh sgannradh d'aoinne bheith istigh a thabhairt dóibh
toisg iad a bheith tagaithe lom díreach ó'n bpoorhouse,
agus an droch bhreóiteacht a bheith ar an mnaoi. Níor
dhein Pádraig ach an bhean do thógáilt chuige ar a mhuin
agus comáint leis siar ó-thuaidh fé dhéin an bhotháin.



Bhí an fear bocht féin lag go maith. Bhéadh sé dian
air an tslígh chur dé gan aon ualach a bheith air. Nuair
a bhí an t-ualach air b'éigean dó stad go minc agus
an t-ualach do leigint uaidh siar ar chlaidh an bhóthair
ar feadh tamaill. Ach pé tuirse a bhí air do lean sé
ag cur na slíghe dhé. Níor sgar sé leis an ualach.
Do shrois sé an bothán. Bhí an bothán fuar folamh
roimis, gan teine gan teas.



Amáireach a bhí chúghainn tháing cómharsa éigin chun
an bhotháin. Chuaidh sé isteach. Chonaic sé an bheirt
istigh agus iad araon marbh, agus dhá chois a mhná istigh
'n-a bhrollach ag Pádraig, fé mar bhéadh sé a d'iaraidh
iad do théidh. Do dheabhróch' an sgéal gur mhothuigh sé
lagachar an bháis ag teacht ar Cháit agus a cosa fuar,
agus gur chuir sé na cosa isteach 'n-a bhrollach féin
chun an fhuachta do bhaint asta.



"Ba mhaith, agus ba dhílis, agus dob' uasal an fear
é!" adéarfaidh duine éigin b'fhéidir, "agus dob'
uasal an gníomh a dhein sé!"



Is fíor. Ach deirim-se an méid seo leat. Do
deineadh na mílte gníomh de'n tsaghas chéadna san
ar fuaid na h-Éirean i gcaitheamh na h-aimsire sin,
agus níor dhein aoinne puínn iongnadh dhíobh mar gheall
ar a bhfeabhas de ghníomharthaibh. Dar le gach aoinne


L. 45


níor dhein Pádraig ua Buachalla ach an rud a dhéanfadh
aon fhear gur bh'fhiú é Críostaidhe thabhairt air.



Bhí an firín úd n-ar bh' ainim dó Micheál ua Laoghaire
n-a chómhnuighe i mbothán ná raibh abhfad ó'n mbothán
n-a bhfuair Pádraig ua Buachalla agus a bhean bás
ann. Micheál Dubh a tugtí mar leas-ainim ar Mhicheál
ua Laoghaire. Caitilín Pruiséal ab ainim d'á mhnaoi.
Bhí lán tíghe de chlainn acu. Ní raibh oiread agus
aon fhocal amháin Béarla acu féin ná ag aoinne de'n
chlainn. Tháinig an gorta go dian ortha. Tadhg ab
ainim do'n mhac ba shine a bhí acu. Chonaic sé a athair
agus a mháthair ag dul i laige leis an ocras, agus an
t-é b' óige de'n chlainn sínte marbh i gcúinne an
bhotháin. D'árduigh sé tuagh agus sgian leis, agus
siúd amach é, ar thuitim na h-oídhce. Chuaidh sé isteach
i gcró beithigheach le duine des na cómharsain, agus
mhairbh sé ceann des na buaibh. Bhain sé cuid de'n
chroicean de'n bhoin. Do nocht sé an méid de'n fheoil
a theastuigh uaidh a bhreith leis. Thug sé leis an dá
cheathramhain dheirigh. Tháinig sé abhaile. Bhí béile
mhaith an oídhche sin acu go léir. Nuair a bhí an
t-ocras bainte dhíobh do rug Tadhg leis amach an corp
a bhí sa chúinne, agus dhein sé poll amuich sa gháirdín,
agus chuir sé an corp ann.



Nuair a tháinig an mhaidean d'eirigh muintir na bó.
Do fuaradh an bhó marbh amuich sa chró, agus an dá cheath-
ramhain dheirigh di imthighthe. D'imthigh an fear gur
leis í go Maghchromtha agus thug sé leis bharántas
cuardaigh. Bhí tuairim aige cár rugadh an fheóil.
Tháinig sé féin agus pé oificeach dlíghe a bhí le n-a
chois aige, go bothán Mhichil Duibh. Do fuaradh na
cnámha agus cuid de'n fheóil. Do gabhadh 'n-a
phrísúnach Tadhg agus do rugadh síos go Maghchromtha


L. 46


é, agus do cuireadh isteach sa phrísún é. Nuair a
tháinig an t-am do trialadh é. Do daoradh é gan
puínn ríghnis, agus do cuireadh an loch amach é. Níor
airigheas aon tuairisg riamh ó shin ar cad d'imthigh air
'n-a dhiaigh san, ná ar cad í an chrích a rug é.



D'imthigh Micheál agus Caitilín agus an méid a bhí
beó de'n chlainn d'imthigheadar as an mbothán agus
chuadar ag siúbhal rómpa.



Raint laethanta tar éis iad a bheith imthighthe bhí cómharsa
éigin ag gabháil thar an mbothán. Chonaic sé gadhar
sa gháirdín agus rud éigin 'n-a bhéal aige. Chaith sé
cloch leis an ngadhar; do chaith an gadhar uaidh an rud
a bhí 'n-a bhéal aige agus do rith sé leis féin. Tháinig
an chómharsa agus ba bheag ná gur thuit sé le sgannradh
agus le h-uathbhás nuair a fuair sé gur bh' é rud a
bhí 'n-a bhéal ag an ngadhar 'ná lámh duine! Níor dhein
Tadhg an poll doimhinn a dhóithin sar ar chuir sé an
corp úd síos ann.



D'aimsigh an chómharsa bosga nó rud éigin d'á shórd,
agus thóg sé an chuid eile de'n chorp aníos as an bpoll,
agus do rug sé leis go dtí an roilig ba ghiora dhó
an bosga, agus chuir sé ann é. Níor bh' aon iongnadh
an uair sin aoinne amháin a dh'fheisgint ag dul chun
roilge agus cómhra i dtrucail aige, nó ar a mhuin dá
mba ná béadh an trucail ná an capall aige.



Sin mar a bhí an sgéal an uair sin, go grána agus
go fuathmhar agus go déistineach, mór-thímpal na
h-áite 'n-a tógadh mise. Tuigim go raibh an sgéal
ar an gcuma gcéadna díreach mór-thímpal na h-Éirean
go léir. Agus, donas an sgéil ar fad, ní le toil Dé,
i gceart, a bhí an sgéal ar an gcuma san. Le toil
daoine iseadh bhí an sgéal amhlaidh. Do sgaoileadh
amach a' h-Éirinn an bhliain sin oiread arbhair, ní h-eadh,


L. 47


ach a dhá oiread, agus chothóch' a raibh de dhaoine beó
i n-Éirinn. Bhí cuanta na h-Éirean lán de loingeas,
agus na loingeas lán d'arbhar na h-Éirean, ag
imtheacht as na cuantaibh, agus na daoine ar fuaid
na h-Éirean ag fághail bháis leis an ocras.



"Cad 'n-a thaobh nár coimeádadh an t-arbhar?" a
déarfaidh duine, b'fhéidir.



Níor coimeádadh é mar níor bh' fholáir é dhíol chun
an chíosa dhéanamh, é féin agus an t-ím agus an fheóil,
agus an uile bhlúire eile de thoradh an tailimh, ach amháin
an práta. Do rug an dubh an práta leis, agus
ansan níor fhan aon bhlúire bídh le n-ithe ag na
daoine.



"Cad 'n-a thaobh," adéarfaidh duine, b'fhéidir, "nár
deineadh dlígh chun na ndaoine do chosaint ar an éag-
cóir sin a chuir fhéachaint ortha an t-arbhar do dhíol
agus gan aon rud le n-ithe do choimeád dóibh féin?"



Mo thruagh do cheann gan chiall! "Dlígh chun na
ndaoine do chosaint," arsa tusa. Airiú, dá dtráchtfá
an uair sin le h-uaislibh Shasana ar dhlígh chun na
ndaoine do chosaint, déarfaidís gur ar buile
bheifeá.



Ní chun na ndaoine chosaint a dheineadh muíntir
Shasana dlighthe an uair sin i n-aon chor. Chun na
ndaoine do bhrúth síos agus do chreachadh, agus do
chur chun báis le gorta agus le gach aon tsaghas éag-
córa iseadh dheineadh muíntir Shasana dlighthe an uair
sin. Is ait an sgéal é, ach bhí sórd seanfhocail ag
muintir Shasana an uair sin. Sidé an seanfhocal:-



"Éagcóir ar an máighistir iseadh ceart do thabhairt
do 'n tineóntaidhe."


L. 48


VII



SGOIL CHARAIG AN IME



Nuair a bhíos tímpal trí bliana déag d'aois do
cuireadh suas tigh sgoile i gCaraig an Ime thoir. Go
dtí san is istigh sa bhaile a bhíodh an sgoil agam féin
agus ag an gcuid eile de chlainn m'athar agus mo
mháthar. Bhímís ag obair fan lae ar an bhfeirm bheag,
an méid againn a bhí ábalta ar aon rud i bhfuirm oibre
do dhéanamh. Nuair a thagadh an oídhche do lasadh mo
mháthair coinneal ar an mbórd, agus chuireadh sí i n-ár
suídhe tímpal an bhúird sinn, agus thugadh sí na
leabhair dúinn, agus múineadh sí ár gceachtana dhúinn.
Bhí an múineadh thugadh sí dhúinn níb' fhearr go mór 'ná
an múineadh a tugtí dos na leanbhaíbh a bhíodh ins
na sgoileanaibh. Mar sin féin do ceaptí, nídh nár
bh' iongnadh, gur chóir gur bh' fhearr an múineadh a tugtí
ins na sgoileanaibh.



Do h-osgaladh sgoil Charaig an Ime. Do cuireadh
múinteóir isteach ann d'ár bh' ainim Cormac ua Luasa.
Do cuireadh mise ar sgoil ann. Is cuimhin liom go
maith an chéad lá chuas isteach ann. Ní fheidir Cormac
cad é an rang de'n sgoil 'n-a gcuirfeadh sé mé. Bhí
cuid de'n eólus ró mhaith agam, agus bhí tuille dhé
ná raibh i n-aon chor agam. Bhíos ábalta ar na
leabhair a bhí acu do léigheadh ar áilleacht, níb' fhearr
go mór 'ná na buachaillí dob' fhearr a bhí aige. Ansan
bhí rudaí eile nár airigheas riamh aon teacht thórsa.
Isé rud a dheineadh sé 'ná tamall thíos agus tamall
thuas a thabhairt dom. Chuireadh sé tamall ag
múineadh mé agus tamall ag foghluim. Bhí tabhairt


L. 49


suas maith air féin, agus an ceann go maith aige. Ach
bhí sé ana theasaidhe.



Sa sgoil sin a chonac, an chéad uair riamh, rud a
chuir iongnadh mo chroídhe orm, daoine óga ag fogh-
luim focal, agus 'ghá léigheadh, agus 'ghá labhairt, agus
'ghá innsint cad é an brígh a bhíodh leó, agus gan aon
phioc d'á fhios acu cad é an bhrígh a bhíodh leis na focalaibh
'ná leis an mbrígh! Ní baoghal go mbíodh rud de'n
tsórd san sa bhaile againn. Ní baoghal go bhfágtí
aon fhocal gan a bhrígh thabhairt dúinn i dtreó go dtuig-
fimís idir fhocal agus brígh.



Is cuimhin liom conus mar a bhínn, uaireanta,
nuair a bhímís ag sgrúdughadh na gceacht agus sinn
i n-ár suidhe ag desganaibh na sgoile. Bhínn am' shuidhe
agus na buachaillí eile, cuid acu níba mhó agus níba
shine go mór 'ná mé, bailighthe am' thímpal i dtreó go
mbínn múchta acu, agus mé ag freagairt ceisteana
dhóibh, 'ghá innsint dóibh cad é an brígh a bhíodh leis na
focalaibh a bhíodh sa cheacht. Iongnadh ortha-san cá
bhfuaras-sa an t-eólus go léir, agus iongnadh orm-sa
conus fhéadfadh aoinne bheith gan an t-eólus san. Do
chíodh Cormac sinn, ach ní leigeadh sé air go bhfeiceadh.
Bhíodh fhios aige go mbíodh tairbhe d'á dhéanamh, agus
bhíodh sé sásta.



Níor bh' aon iongnadh i n-aon chor an sgéal a bheith
mar sin idir mise agus na buachaillí eile úd. Níor
tugadh dóibh-sin riamh an chaoi a tugadh dómh-sa ar an
eólus a bheith agam ar na focalaibh Béarla úd. Ní
airighdís choídhche aon fhocal sa bhaile ach Gaeluinn, nó
Béarla briste. An Béarla a bhí ins na leabhraibh
a bhí acu ba mar a chéile dhóibh é nó Gréigis.



Bhí an Ghaeluinn go breagh againn go léir. Bhí sí
go h-áluinn ag Cormac féin. Bhí an clós a bhí ar


L. 50


aghaidh tíghe na sgoile amach bhí sé lán de charaigreachaibh
móra cloch. Chonac beirt fhear ann lá agus iad ag
briseadh na gcloch chun iad a bhreith as an áit. Bhí
Cormac ag caint leis na fearaibh. As Gaeluinn a
bhíodar ag caint. Bhí aon chloch amháin ann agus bhí
teipithe ar na fearaibh í bhriseadh, bhí sí chómh cruaidh sin.
Bhí sí trí nó a ceathair de throighthibh ar raímhre ar gach
aon tslígh, agus í, ba dhóich leat, chómh cómhchruinn le
liathróid coise. Bhí na fir ag iniúchadh uirthi féachaint
a' bhféadfaidís aon áit fhághail 'n-a sgoilfeadh
buille maith láidir de'n órd í ach í bhualadh ann. Bhí
ag teip ortha. Do rug Cormac ar an órd. Fear
óg láidir cruaidh fuinneamhail ab eadh é an uair
sin.



"Druididh amach uaithe!" ar seisean.



Bhain sé casadh as an órd, agus bhuail sé a bhuille
chómh maith agus bhí 'n-a chuisleanaibh agus 'n-a chorp é
bhualadh. Bhíos ag féachaint air. Ba dhóich leat gur
mhó go mór an fuinneamh a bhí leis an órd ag
eirighe de'n chloich 'ná mar a bhí leis ag teacht
anuas uirthi. Is dóich liom gur chrith an t-adhmad
i láimh Chormaic i dtreó gur chuir sé codla grífín sa
láimh. Chaith sé uaidh an t-órd agus chuir sé an lámh
'n-a phóca.



"Is éadtroma cleite 'ná é, a Chormaic!" arsa
duine des na fearaibh.



Bhí an séipéal i n-aice na sgoile i gCaraig an Ime,
agus théighmís go léir ó thigh na sgoile isteach sa
tséipéal nuair a bhíodh an Teagasg Críosdaidhe le
foghluim againn. Ní bhíodh aon fhocal Béarla d'á
labhairt sa tséipéal ach fíor bheagán. Bhíodh dhá oiread
ag foghluim Teagaisg Críosdaidhe sa tséipéal agus
bhíodh ag foghluim léighinn sa sgoil, agus ní baoghal


L. 51


ná go dtuigtí an uile fhocal de'n mhúineadh a tugtí
sa tséipéal.



Is cuimhin liom lá agus sinn go léir i dteannta
'chéile istigh sa tséipéal. Bhí sagart ann agus é ag
múineadh an Teagaisg Críosdaidhe, agus ba ró mhaith
chuige é. Bhí an Ghaeluinn aige go ceólmhar. Théighinn
féin agus buachaillí eile go minic treasna na gcnuc
cos-lomrachta ar maidin Dé Domhnaigh chun an tséipéil
n-a mbíodh sé chun Aifrinn do rádh ann, i dtreó go
bhféadfaimís éisteacht leis an seanamóin Ghaeluinne
thugadh sé uaidh, bhíodh an tseanamóin chómh breagh san.
Bhí sé sa tséipéal an lá adeirim, agus bhí, an chuid
ba lúgha dhé, suas le cúpla céad duine ag foghluim
ann. Tráth éigin i gcaitheamh na h-aimsire do bhuail
chúghainn an dorus isteach garsúinín ana bheag agus
seál fillte fé n' osguil aige. Shiúbhluigh sé chúghainn
ainíos go h-ana réidh agus an dá shúil ar an sagart
aige. Cheap an sagart go mb' fhéidir go raibh sgáth
air nó eagla. Do labhair sé go réidh agus go cneasta
leis.



"Seadh, a gharsúin," arsa'n sagart, "cad tá
uait?"



"Tá duine des na cailíní beaga san, a Athair,"
arsa'n garsúinín, agus ní raibh sgáth ná eagla 'n-a
chaint ná 'n-a ghlór. Do labhair sé chómh dána agus dá
mbéadh sé chómh mór chómh láidir leis an sagart féin.
Do phléasgamair go léir ar gháirí. Do chuir an sagart
féin sgeartadh gáire as. Níor chuir san aon chorbhuais
ar an ngarsún.



"Agus cad ab áil leat de'n seál san?" arsa'n
sagart.



"Chun é chasadh uirthi, a Athair," arsa'n garsún.



Ansan iseadh bhí an spórt againn agus sinn go léir


L. 52


ins na trithíbh gáirí. Le n-a linn sin do léim duine des
na cailíníbh amach ó'n gcuid eile, agus do rith sí chun
an gharsúin agus do shnap sí uaidh an seál, agus chaith
sí ainiar uirthi é agus siúd amach í. D'fhéach sé 'n-a
diaigh.



"Imthigh soir go Meall na h-Órnan, a Pheig," ar
seisean, "agus abair leó go mbeimíd ag déanamh
ime Dé Luain agus go mbeidh na spealadóirí againn
Dé Máirt."



Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do bhuail sé
chúghainn suas agus sheasaimh sé i n-ár measg.



Níor sgar cuimhne an gharsúin sin riamh ó shin le
m' aigne. Abhfad 'n-a dhiaigh san, nuair a thagadh an
leanbh agus an chaint suas chúgham am' aigne agus
bhínn ag breithniughadh ar an sgéal, bhínn ag cur an
leinbh sin, mar a bhí sé an uair sin, i gcomparáid
leis an gcuma 'n-a raibh sé tamall 'n-a dhiaigh san
má chuaidh sé ar sgoil Ghallda, agus má fhoghluim
sé an saghas Béarla a bhí ins na sgoileanaibh sin.
Bhí sé an uair sin go neamhsgáthmhar agus go seas-
amhach i n-a aigne, go súil-aibigh agus go h-ollamh
chun freagra thabhairt nuair a cuirfí ceist chuige.
D'fhéach sé suas idir an dá shúil ar an sagart nuair
a bhí sé ag caint leis. Bhí sé dána gan bheith droch-
mhúinte.



Ní fheaca riamh ó shin é. Ach do chonac daoine dh'á
shórd go minic ó shin. Agus tá fhios agam go dian
mhaith, má thug sé raint aimsire i n-aon sgoil Ghallda
agus má fhoghluim sé an saghas Béarla a bhíodh ionta,
nár bh'fhada gur imthigh an tseasamhacht as a shúilibh agus
as a chroídhe, agus má bhí air teacht isteach i séipéal
agus seál fé n'osguil aige, agus gur chuir sagart
éigin na ceisteana úd chuige, gur b' amhlaidh a bhí sé


L. 53


ag smidireacht gháirí i n-inead freagra thabhairt, agus
gur ag lútáil a bhí sé i n-inead seasamh díreach. I
n-inead bheith dána gan bheith droch-mhúinte gur b'
amhlaidh a bhí sé droch-mhúinte gan bheith dána.



Bhí beirt nó triúr ban sa pharóiste agus cúpla
gearachaile le gach mnaoi acu ag foghluim Teagaisg
Críosdaidhe sa tséipéal. Ní dhéanfadh Gaeluinn an
gnó i n-aon chor dos na mnáibh sin. Níor bh'fholáir
an Teagasg Críosdaidhe mhúineadh as Béarla d'á
gclainn. Bhí ceathrar nó cúigear, as an dá chéad,
agus iad ag casadh le Teagasg Críosdaidhe dh'fhoghluim
as Béarla. Do curtí mise 'ghá múineadh. Bhíos ana
bheag agus iadsan ana mhór. Is cuimhin liom go maith
an obair a bhíodh agam ortha a d'iaraidh bríghe na bhfocal
do chur isteach 'n-a gceann, agus é ag teip orm glan.
Ar dtúis ní fhéadaidís an focal do rádh. Nuair a
deirinn leó "Resurrection" do rádh, ní deiridís
ach "Rerusection," nó rud éigin mar sin. Ansan
nuair a thugainn an brígh dhóibh, do thuiginn ná téigheadh
an brígh isteach i n-aon chor 'n-a n-aigne. Fé dheire,
nuair a thugainn an brígh dhóibh fé leith, gan bac leis
an bhfocal, do ghlacaidís é, ach ní fhéadadh mo dhícheal
an focal agus an brígh thabhairt i n-aonfheacht dóibh.
Bhéadh "Resurrection" acu, agus bhéadh "to rise
again from the dead" acu, ach ní fhéadaidís choídhche a
thuisgint gur bh' aon nídh amháin an dá nídh sin. Ansan,
nuair a deirinn ná raibh sa dá nídh ach an t-aon nídh
amháin, .i. "Aiseirighe ár Slánuightheóra", do lasadh
a súile agus do gháiridís.



Raint blianta 'n-a diaigh san bhí an sgéal níba
sheacht measa 'ná san féin. Bhí formhór na ndaoine
óga ag foghluim an Teagaisg Críosdaidhe as Béarla
agus gan aon fhocal Gaeluinne acu. Ansan ní raibh


L. 54


"Resurrection" acu, ná "rising again from the
dead", ná "Aiseirighe ár Slánuightheóra"!



Ní dóich liom gur deineadh éagcóir aigne riamh ar
dhaoinibh óga, i n-aon pháirt de'n domhan, chómh mór
agus a deineadh ar aos óg na h-Éirean nuair a cuireadh
ortha an saghas múineadh sin a dh'fhág sa deire iad gan
Bhéarla gan Ghaeluinn. Nuair a bhíos-sa ar sgoil
i gCaraig an Ime, suas le trí fichid blian ó shin, iseadh
bhí an éagcóir sin ag tosnughadh. Mura mbéadh idir
Bhéarla agus Gaeluinn a bheith ró dhaingean istigh
ionam-sa bhéadh an sgéal go h-olc agam.



Dá mba ná béadh agam ach an Ghaeluinn anois, ní
tabharfaí aon toradh orm pé olc maith a bhéadh sí agam.
Agus dá mba ná béadh agam ach an Béarla, ní fhéad-
fainn aon úsáid a dhéanamh dé chun na Gaeluinne do
shaothrughadh pé olc maith a bhéadh sé agam.



VIII



TRÍ LIATHRÓIDÍ DUBHA



Tá faid mhaith sa tslígh ó Lios Caragáin go Caraig
an Ime, agus slígh gharbh anacair iseadh an tslígh. Nuair
a bhíodh an aimsir fliuch fuar do chaithinn fanmhaint sa
bhaile. Bhíodh an aimsir fliuch fuar minic go leór.
Do thuig m' athair, beannacht Dé le n' anam, go raibh
a lán de'n aimsir ag imtheacht gan tairbhe uaim. Bhí


L. 55


sgoil i Maghchromtha an uair sin, agus bhí árd cháil uirthi
féin agus ar an máighistir a bhí uirthi. Is dóich liom
go mb' fhéidir go raibh Cormac ua Luasa ag caint le
m' athair agus go ndúbhairt sé leis gur mór an truagh
gan mo sheans a thabhairt dom i sgoil Maghchromtha.



Tímpal na h-aimsire céadna san d'éirigh clampar
dlíghe airís idir thineóntaithe an bhaile agus an máigh-
istir. D'fhan duine des na tineóntaithe gan a chíos
do dhíol nuair a bhí an cíos ag glaodhach. An t-agent
a bhí os a gcionn Broderick ab ainim dó. Cladhaire
rógaire ab eadh é. Do leig sé do'n fhear a bhí ag
fanmhaint siar ó'n gcíos a dhíol fanmhaint siar go dtí
go raibh cuid mhaith gan díol aige. Do dhein sé an
méid sin i dtreó go bhféadfadh sé teacht ortha go léir
leis an éileamh. Bhí súil aige go ndiúltóchaidís do'n
éileamh. Bhí fhios aige go raibh cuid acu agus gur
bh' ar éigin a bhíodar ábalta ar a gcuid féin de'n
chíos do chur le chéile agus gan bac do'n éileamh eile.
Dá ndiúltuighdís bhéadh an léas briste, agus d'fhéadfadh
sé iad go léir do chaitheamh amach, agus árdughadh cíosa
dh'fhághail do'n mháighistir, agus breab mhaith a dh'fhághail
dó féin as gach feirm bheag d'á dtabharfadh sé do
thineóntaidhe nua.



Do chuir na tineóntaithe le chéile agus do chosnadar
an dlígh. Chuireadar le chéile, ach ba dheacair leó
cur le chéile. Thagaidís chun ár dtíghe-na ag déanamh
cómhairle, mar b' é an tigh ba chómhgaraighe dhóibh go
léir é. Is cuimhin liom go maith lá agus iad bailighthe
istigh sa tigh againn. Thugadar an lá go léir ag caint
agus do theip ortha socarughadh ar cad ba cheart dóibh
a dhéanamh.



"Tá sé i n' oídhche," arsa duine acu. "Tá sé chómh
maith againn dul abhaile anois agus teacht anso airís


L. 56


Dé Céadaoin seo chúghainn. Tá aimsir ár ndóithin
fós againn chun labhairt le n-ár n-atúrnae."



Bhí Seághan ua Loghaire, mac do sheana Dhiarmuid
ua Laoghaire, ag éisteacht leis an gcaint sin. Do
labhair sé. (Ní raibh aon fhocal Béarla d'á labhairt
sa chómhairle sin.)



"Seadh!" arsa Seaghan ua Laoghaire. "Tá an
lá go léir caithte ansan agaibh ag caint agus ní'l aon
rud déanta agaibh. Ní'l socair agaibh ar cad tá le
déanamh agaibh ach chómh beag agus bhí nuair a thánabhair
anso ar maidin. Imtheóchaidh sibh abhaile anois.
Tiocfaidh sibh anso airís Dé Céadaoin seo chúghainn.
Tiocfaidh Seághan ua Luasa anso agus gur cuma nó
watch gach aon tsúil leis. Tiocfaidh Micheál ua
Laoghaire anso agus gur fiú chúig phúint gach aon fhocal
uaidh. Tiocfaidh Barnaby anso agus gur cuma é
nó Socrates. Tiocfaidh sibh go léir anso agus coim-
eádhfaidh gach aoinne agaibh a aigne bheag aige féin, agus
ní dhéanfaidh sibh aon tsocarughadh an lá san ach chómh
beag agus 'tá déanta indiu agaibh. Sleamhnóchaidh
an aimsir uaibh go dtí go mbeidh sé ró dhéanach chun
labhartha le h-aon atúrnae. Ansan beidh Broderick
agus Saunders anuas sa bhraiceal oraibh go léir, agus
neart dóibh a rogha cor a thabhairt daoibh."



Bhíodar go léir ag cur an anama amach ag gáirí
nuair a bhí deire ráidhte aige. Do shocaruigheadar ar
dhul láithreach agus labhairt leis an atúrnae, agus an
dlígh chur i bhfeidhm chun iad féin do chosaint. Do
bhuadhdar ar an máighistir sa dlígh. Do díoladh cíos
an fhir a bhí i ndiaigh lámha, agus do tugadh dóibh an
fheirm a bhí aige go dtí go mbéadh a gcuid féin tar
n-ais acu aisti.



Nuair a bhí an méid sin clampair i leith taoibh do


L. 57


shocaruigh m' athair ar mé chur ar sgoil síos go
Maghchromtha, ar feadh tamaill ar aon chuma. Ba
ró dheacair dó é dhéanamh. Bhíos díreach ag tosnughadh
ar bheith ábalta ar raint oibre dhéanamh, agus bhí gádh
leis an gcongnamh aige d'á shuaraighe é. Ach bhí an
dúil sa léighean aige féin riamh, agus theastuigh uaidh
raint éigin dé a thabhairt d'á mhac, pé cuma 'n-a dtioc-
fadh sé air.



Bhíos i Maghchromtha go minic roimis sin. Is cuimhin
liom go rabhas ann tamall maith roimis sin, agus go
rabhas am' sheasamh ag ceann an drochaid, ag bun
Bhóthar na Sop. Bhíos ag féachaint anonn ar an
gcaisleán atá thall ag an gceann eile de'n drochad.
Chonac' ar aghaidh an chaisleáin amach, ar an dtaobh thoir
de 'n tsráid bheag ar a dtugtar Sráid an Chaisleáin,
tigh éigin mór agus fallaí árda daingeana 'n-a
thímpal, agus trí slata caola árda 'n-a seasamh
anáirde as, agus mar bhéadh liathróidín dubh anáirde
ar fad ar bhara gach slaite acu. Ní raibh aon phioc
d 'á fhios agam an uair sin cad é an brígh a bhí leis na
slataibh sin agus na liathróidí beaga anáirde ortha.
Abhfad 'n-a dhiaigh san iseadh do h-innseadh dom gur
sparaí iarainn gur bh' eadh na slata san, agus gur trí
plaoisgeana gur bh' eadh na trí liathróidí beaga.
B 'shiniad trí cinn na bhfear a crochadh mar gheall ar
Mh'leachlainn ua Dúbhgáin. Cárthaigh ab eadh iad, agus
triúr drithár ab eadh iad, Cormac agus Ceallachán
agus Tadhg. Do chuir Malachi fheuchaint ar Chormac
Bob Hutchinson do lámhach. Ansan do dhearbhuigh sé
ar Chormac. Ansan bhí eagal air go ndéanfadh duine
éigin de'n bheirt drithár díoghaltas air féin mar gheall
ar an ndearbhughadh, agus isé rud a dhein sé'ná dearbh-
ughadh ar an dtriúr i n-aonfheacht. Do crochadh an


L. 58


triúr i n-aonfheacht, agus do cuireadh a dtrí cinn
ansúd anáirde ar na sparaíbh caola árda úd, agus do
fágadh ann iad ar feadh mórán blianta. Do chonac-sa
ann iad agus mé am' sheasamh ag ceann an drochaid
an lá úd. Níor ró fhada 'n-a dhiaigh san gur tógadh
anuas na trí plaoisgeana. Bhí náire ar na h-uaislibh
iad fhágaint ann níba shia.



Do lean an gníomh san, agus gníomhartha eile do
dhein sé 'n-a dhiaigh san, d'á gcasadh mar asachán le
Malachi agus le gach aoinne d'á ghaoltaibh riamh ó shin.
Níor mhaith le h-aoinne aon bhaint a bheith aige leó, bhí
a leithéid sin de ghráin ag an bpoibilidheacht go léir
ortha. Ba mhór an éagcóir é sin, ámhthach, mar daoine
galánta macánta ab eadh a bhformhór, chómh galánta chómh
macánta le h-aon treabhchas eile daoine a bhí sa dúthaigh.



Bhí Diarmuid ua Tuathaig, athair Mháire ní Thuathaig,
athair mo sheana mháthar-sa, 'n-a chómhnuighe ar Gleann
Daimh. Tá sruthán idir an áit 'n-a raibh sé 'n-a chómh-
nuighe agus feirm eile atá lastiar de'n fheirm sin.
Bhí an fheirm thiar le cur. Cé thiocfadh agus thógfadh
an fheirm thiar ach fear n-ar bh' ainm dó Dómhnall ua
Dúbhgáin, gaol gairid do Mhalachi. Bhí Diarmuid
ua Tuathaig ar buile, a rádh go mbéadh aoinne de'n
droch aicme sin chómh cómhgarach dó. Ní fada bhí
Dómhnall ua Dúbhgáin lastiar de'n tsruthán 'n-a
chómhnuighe nuair a bhuail sé féin agus Diarmuid ua
Tuathaig umá chéile maidin bhreagh shamhraidh.



"Dia 's Muire dhuit, a Dhiarmuid uí Thuathaig!"
arsa Dómhnall.



Thug Diarmuid a chúl leis agus bhuail sé thairis gan
labhairt. Do ghluais an aimsir. Níor bh' fhada go
dtug Diarmuid fé ndeara gur chómharsa ana mhaith,
ana shíothchánta, ana chneasta, Dómhnall, pé gaol a


L. 59


bhí le Malachi aige. Bliain díreach ó'n lá a bheannuigh
Dómhnall do Dhiarmuid do bhuail an bheirt umá chéile
airís.



"Dia 's Muire dhuit, a Dhómhnaill uí Dhúbhgáin!"
arsa Diarmuid.



Thug Dómhnall a chúl leis agus bhuail sé thairis,
díreach mar a dhein Diarmuid an chéad lá úd. Bliain
eile díreach ó'n lá san do bhuail an bheirt umá chéile
an trímhadh h-uair.



"Ó, Dia 's Muire 's Pádraig duit, a Dhiarmuid
uí Thuathaig!" arsa Dómhnall, díreach mar a déar-
fadh sé dá mba an neómat san a bhéadh Diarmuid tar
éis beannughadh dhó. Má thug Diarmuid bliain gan
labhairt thug Dómhnall bliain gan freagairt. Do
gháir an bheirt go sultmhar agus bhíodar ana mhuin-
teardha le n-a chéile as san amach.



Tháinig an t-am chuige, agus an chaoi air, agus do
cuireadh síos go Maghchromtha mé go dtí an sgoil a bhí
ag fear d'ár bh' ainim Micheál de Bhál. Bhí an sgoil
chómh maith san go dtagadh sgoláirí chúichi ó'n ndúthaigh
go léir mór-thímpal. Is cuimhin liom go maith go
raibh an measgán mearaidhe céadna ar an máighistir
sin a bhí ar Chormac ua Luasa i gCaraig an Ime,
i dtaobh cad é an rang sa sgoil 'n-ar cheart mé chur.
Bhí cuid de'n eólus ró mhaith agam d'aon rang íseal,
agus gan cuid dé maith a dhóithin agam do rang uach-
tarach. Ach do socaruigheadh an sgéal. Is cuimhin
liom, leis, nuair a bhímís ag sgrúdughadh na gceacht
ins na leabhraibh léighinn, go mbíodh gasradh des na
buachaillíbh am' thímpal, ag brúth isteach orm ar gach
aon taobh, agus a leabhar ag gach duine acu, agus
mé 'ghá innsint dóibh conus na focail do rádh agus
cad é an brígh a bhíodh leó. Níor chóir, ámhthach, aon


L. 60


chreideamhaint a thabhairt dómh-sa mar gheall air sin.
An t-eólus a tugadh dómh-sa sa bhaile ar leabhraibh agus
ar léighean an Bhéarla níor tugadh dóibh-sin riamh é.



I mBóthar na Sop, i dtigh fir n-ar bh' ainm dó
Seághan ua Séadha, iseadh bhínn ar lóisdín. Bhí aithne
aige féin agus agam' athair ar a chéile. Fear fial
deagh-chroídheach ab eadh é. Níor thóg sé aon leathphinne
díoluigheachta riamh as mo lóisdín, agus bhíos ann
tamall maith, cúpla bliain nó trí. Théighinn suas
abhaile go Lios Caragáin gach aon tSatharn. Tá mac
do'n Seághan ó Séadha céadna san sa tsráid chéadna
san 'n-a chómhnuighe anois, agus Seághan ua Séadha is
ainim dó, agus tá sé chómh bunúsach chómh creideamhnach
d'fhear agus atá le fághail sa bharúntacht.



Tar éis raint aimsire bheith caithte agam sa sgoil sin
Mhichíl de Bhál i Maghchromtha, ní cuimhin liom anois
i gceart cad é mhéid aimsire, do labhair Micheál de
Bhál le m' athair. Bhuaileadar suas Bóthar na Sop
le cois a chéile agus iad ag caint.



"Is mór go léir an truagh," arsa Micheál," gan
caoi thabhairt do'n gharsún san ar na teangthachaibh a
dh'fhoghluim. Ní'l a thuille agam-sa le múineadh dhó,
'sé sin a thuille go mbéadh aon tairbhe dhó ann. Agus
an méid atá múinte agam dó," ar seisean, "cad é
an tairbhe dhó anois é má's thuas sa bhaile cheapan tú
é choimeád?"



D'inns m' athair dó go n-airigheadh sé mise 'ghá rádh
gcómhnuighe riamh gur bh' fhearr liom 'ná a bhfeaca
riamh gur am' shagart a bheinn.



"Ach cad é an mhaith bheith ag trácht air sin," ar
seisean, "agus gan aon bhreith agam-sa ar chailleamh-
aint leis chun sagairt a dhéanamh dé!"



"Ní bhéadh an chailleamhaint chómh mór i n-aon chor


L. 61


agus is dóich leat é," arsa'n fear eile. "Tá sgoil
Laidne anso i Maghchromhtha anois. D'fhéadfá a chur
ar an sgoil sin anois agus ní bhéadh agat le díol as
ach púnt sa rátha. I gcionn cúpla bliain nó trí, ó'n
aithne atá curtha agam-sa air, do raghainn i n-uradhas
duit air, go mbéadh oiread Laidne agus Gréigise
foghlumtha aige agus bhéarfadh isteach i gColáisde
Mhaighe Nuadhat é. Ansan ní bhéadh ort aon leathphinne
eile do chailleamhaint leis, agus i gcionn sé nó seacht
de bhlianaibh, dá mb' é toil Dé go seasóch' a shláinte,
bhéadh sé ag teacht chúghat abhaile 'n-a shagart. Tá
an chúil-fhéith ann chun na foghluma agus an éirim. Má
choimeádan tú sa bhaile é ní bheidh puínn d'á bhárr agat.
Ní fhásfaidh sé ró mhór choídhche. Ní bheidh an téagar
ná an neart ann ba ghádh chun sglábhaidheachta dhéanamh
ar an bhfeirm, agus dá mbéadh féin tá do dhóithin
conganta agat sa chuid eile de'n chlainn."



B' é crích an sgéil é gur shocaruigh m' athair ar mé
chur ag foghluim na Laidne.



IX



SGOIL MAGHCHROMTHA AGUS COLÁISDE CHOLMÁIN



Bhí sgoil Laidne ar an dtaobh thall de'n drochad,
i Maghchromtha, an uair sin, díreach ag bun an chaisleáin,
ag firín beag d'ár bh'ainim Mac Nally. Do raghfá
thar drochad anonn i dtreó an chaisleáin, agus nuair


L. 62


a bheifeá ag an gceann thall de'n drochad, díreach ag
ceann slaite an drochaid, d'iompófá isteach i leith
do lámha deise agus do raghfá síos cúpla ciscéim
staighre nó trí. Ansan do chífeá dorus ar t' aghaidh
amach. Do bhuailfeá an dorus. Do h-osgalófaí dhuit.
Do raghfá isteach sa halla. Do h-osgalófaí dorus
eile dhuit ar do láimh dheis. Do raghfá isteach
i seómra. Chífeá ansan istigh rómhat seisear nó
mórsheisear garsún 'n-a suidhe ag bórd agus an máigh-
istir ag ceann an bhúird, iad-san ag foghluim agus
an máighistir 'ghá múineadh. Chífeá finneóg ar aghaidh
an doruis isteach. D'fhéachfá an fhinneóg san amach
agus chífeá, buailte suas le bun na finneóige, an abha,
an Solán, ag gabháil thar an bhfinneóig soir, agus
isteach fé shúilibh an drochaid, go breagh ciúin leathan
réidh.



Istigh sa tseómra san, agus mo ghuala chlé leis an
bhfinneóig sin, iseadh do leigeas-sa mo shúile an chéad
uair riamh ar na trí focalaibh beaga millteacha úd, .i.
"hic, haec, hoc." Ní'l ansan agat ach trí cinn acu, ach
tá deich gcinn fichid acu ar fad i ndíchlaonadh an aon
fhocailín sin amháin. Tháinig taithíghe mhaith agam ortha
'n-a dhiaigh san, ach an chéad uair riamh a chuireas chun
iad d'fhoghluim, ansúd ar aghaidh na finneóige úd
isteach, do bhriseadar mo chroídhe ionam. Dá n-innstí
dhom ar dtúis cad é an brígh a bhí leó do gheóbhadh
m' aigne greim éigin ortha; ach níor h-innseadh. Dob'
ait an saghas múineadh é. Na focail d'á ngabháil ar
dtúis do ghlan mheabhair sar a dtugtí aon chaoi do'n
bhreitheamhantas ar iad do láimhseáil i n-aon chor!
Agus gur chóir go mbéadh 'fhios ag aoinne go mbéadh
aon chiall aige gur b'usa go mór rud a ghlacadh do
ghlan mheabhair nuair a tuigtear é 'ná sar a dtuigtear é.


L. 63


Ach go deimhin le fírinne is mó go mór an fhoghluim
gan tuisgint a deintí sa tseómra bheag úd 'ná an
fhoghluim le tuisgint.



Ach ní rabhas ró fhada sa tseómra nuair a bhíos ag
gabháil do "Chaesar." Is cuimhin liom go rabhas lá
éigin gan dul ar sgoil. Ní cuimhin liom anois an
chúis a choimeád gan dul ann mé. Bhíos istigh i dtigh
Sheághain uí Shéadha um thráthnóna agus mé ag gabháil
do "Chaesar" ar mo dhícheal. Thánag go dtí an focal
"propterea quod." Bhí fhios agam gur bh' ionan
"propterea" agus "because." "Agus," arsa mise
liom féin, "cad chuige an "quod"?" Bhíos i bpúnc.
Ní fhéadfainn i n-aon chor a dhéanamh amach cad é an
gnó a bhí ag an "quod" sa n-áit sin. Cé bhuailfeadh
chúgham isteach ach an máighistir. Tháinig sé féachaint
cad a choimeád ó'n sgoil mé an lá san. D'innseas
dó. Bhí sé sásta. Dúbhairt sé go raibh eagal air gur
breóite a bhíos. Siúd chun an leabhair mé.



Níor chuas níba shia ar an sgéal leis, nídh nár
bh'iongnadh. Bhí "propterea" "because" agam. Agus
bhí "quod" "because" agam. Agus bhí "propterea
quod" "because" agam. Agus mura sásóchadh san
mé, cad a shásóchadh mé?



Chuir an máighistir sin i gcuimhne dhom sgéal a
dh' airigheas abhfad roimis sin ó Sheághan ua Laoghaire,


L. 64


ó'n bhfear úd a dúbhairt le Seághan ua Luasa gur chuma
nó watch gach aon tsúil leis.



Fadó, nuair a tháinig na Franncaigh isteach i gcuan
Bheanntraighe, bhí beirt aedhrí bó i n-áit éigin lastoir
de Bheanntraighe. Diarmuid ab ainim do dhuine acu
agus Dómhnall ab ainim do'n fhear eile. Bhí an dá
fheirm ar a rabhadar ag aedhreacht teóranach d'á chéile.
Do bhuaileadh an bheirt umá chéile go minic ar dhá thaobh
chlaidhe na teóran agus bhídís ag seanachaidheacht. Ní
túisge a bhí na Franncaigh istigh i gcuan Bheanntraighe
'ná mar a leath an sgéal go tiugh ar fuaid na dútha
san mór-thímpal. Do bhuail an bheirt aedhrí umá
chéile.



"Dia 's Muire dhuit, a Dhiarmuid."



"Dia 's Muire 's Pádraig dhuit, a Dhómhnaill."



"An bhfuil aon sgéal nua agat, a Dhiarmuid?"



"Ambriathar go bhfuil, a Dhómhnaill, agus nách aon
sgéal fóghanta é ach togha droch sgéil."



"Ach! Dia linn! a Dhiarmuid. Agus cad é an
saghas sgéil é?"



"Tá go bhfuil invasion ana mhór go léir ag
teacht."



"Agus cé inis duit, a Dhiarmuid, go raibh sé ag
teacht?"



"Tá sé i mbéal gach aoinne."



"Ach! go bhfóiridh Dia orainn! Cad a dhéanfaid
na daoine i n-aon chor?"



"Ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfaid siad.
Beidh an sgéal go h-olc acu is baoghalach."



"Agus cogar, a Dhiarmuid. Cathain atá sé ag
teacht?"



"Ambasa ach tá sé buailte leat, a mhic ó."



"Invasion" mór! Dia linn a's Muire!"


L. 65


"Invasion mór go díreach, an t-invasion is mó
d'ár tháinig ar Éirinn riamh fós."



"Agus cogar, a Dhiarmuid. Mar is eól duit, ní
duine ró thuisgionach mise i neithibh de'n tsórd san.
Cad é an saghas ruda, an dtuigean tú mé, an t-invasion
mór so?"



"Tá, a Dhómhnaill, (an dtuigean tú mé?) invasion;
'sé sin le rádh, 'invasion.' Ní'l ach mar a déarfadh
duine 'invasion,' ansan, tá fhios agat."



"Ó, tá 'fhios agam, a Dhiarmuid."



Do chuireadh Seághan ua Laoghaire sgeartadh gáire
as nuair a bhíodh an sgéal san inste aige, agus go
deimhin do chuireadh gach aoinne a bhíodh ag éisteacht
leis sgeartadh gáire as. Do mhíngh an máighistir úd
"propterea quod" dómh-sa ar an gcuma gcéadna
díreach:-



"Ní'l ach mar a déarfá "because" ansan, tá 'fhios
agat."



"Tá 'fhios agam," arsa mise, agus d'fhágas ansan
an sgéal.



Bhí ana dhúil ag an máighistir i ngal tobac. An fhaid
a bhímís-ne ag casadh le "hic, haec, hoc" d'fhoghluim
bhíodh an máighistir bocht ag ól a phíopa. Bhí an fear bocht
go maith chuige. Bhíodh sé ag tarang an phíopa agus an
deatach ag gluaiseacht ar fuid an tseómra go dtí gur
bh' ar éigin fhéadaimís a chéile dh'fheisgint, ní áirighim
leabhar do léigheadh.



Fé dheire d'imthigh sé as an sráid ar fad, agus d'fhág
sé ansan sinn.



Bhí sgoil eile Laidne i Maghchromtha an uair chéadna.
Thuas i mBóthar Massy a bhí an sgoil sin, agus fear
d'ár bh' ainim Toirdhéalbhach ua Goilídhe a bhí 'ghá múineadh.
Nuair a bhí Mac Nally imthighthe chuadhmair go léir suas


L. 66


ag triall ar Ua Goilídhe. Is dóich liom gur thugas
leathbhliain ar an sgoil sin.



An uair sin díreach iseadh do h-osgaladh Coláisde
Cholmáin i Mainistir Fhear Muighe. Níor bh'fhéidir
dómh-sa, ná d'á lán dem' shórd, dul isteach sa
choláisde sin, mar do chaithfinn deich bpúint fichid
sa mbliain do dhíol asam féin ann.



Nuair a h-osgaladh Coláisde Cholmáin bhí cuid des
na sagartaibh ar fuid na dútha ag gearán go cruaidh
ar an éagcóir a dhéanfadh an coláisde sin ar na buach-
aillíbh go raibh éirim aigne acu agus ná raibh an gustal
airgid agá n-aithreachaibh. Mar gheall ar an ngearán
do dhein an t-Easbog, an t-Athair Liam ua Catháin,
socarughadh. Do shocaruigh sé, aon bhuachaill go mbéadh
an éirim aigne thar bár aige agus ná béadh an t-airgead
aige, go gcaithfí é ghlacadh saor isteach i gColáisde
Cholmáin. Do shásaimh an méid sin a lán des na sagar-
taibh. Bhí cuid acu ná raibh sásta. Dúbhradar 'n-a
n-aigne ná féadfadh an socarughadh san puínn tairbhe
dhéanamh. Ná raibh aon airgead chun an choláisde
choimeád suas ach an t-airgead a dhíolfadh na buachaillí
asta féin ann. D'á bhrígh sin nár bh' fhéidir ach fíor
bheagán díobh a ghlacadh isteach saor, pé éirim aigne
bhéadh acu. Dúbhairt a lán des na sagartaibh gur
bh' fhearr leigint do gach aon bhuachaill a chuid léighinn
do sholáthar 'n-a rogha sgoil agus ansan an t-inead
i gColáisde Mhaighe Nuadhat a a thabhairt do'n bhuachaill
ab fhearr. Dúbhairt tuille acu nár mhaith i n-aon chor
an rud é sin. Gur mhór an osgailt aigne, agus an
osgailt súl, d'aon bhuachaill caoi thabhairt dó ar raint
aimsire chaitheamh i sgoil éigin phoibilidhe i n-aice an
bhaile sar a' raghadh sé isteach i gColáisde Mhaighe Nuadhat.
D'á éaghmuis sin, nuair a bhéadh triail comórtais idir


L. 67


bhuachaillíbh ós na sgoileanaibh tuatha agus na buachaillí
a bhéadh i gColáisde Cholmáin, go mbéarfadh buachaillí
an choláisde an buadh leó pé éirim aigne bhéadh ag
buachaillíbh na tuatha. Dúbhradh 'n-a choinnibh sin, go
raibh an múineadh ins na sgoileanaibh tuatha, nó i
gcuid acu ar aon chuma, níb' fhearr 'ná an múineadh
a bhéadh le fághail istigh sa choláisde, tar éis an deich
bpúint fichid sa mbliain a bheith díolta as.



Bhí sagart paróiste sa Domhnach Mhór, deich míle
soir ó-thuaidh ó Maghchromtha, agus bhí sé ar an aigne
sin go daingean. Chun a thaisbeáint go raibh an ceart
aige do rug sé leis ó Maghchromtha Toirdhéalbhach ua
Goilídhe, agus d'osgail sé sgoil sa Domhnach Mhór dó,
agus chuir sé ag múineadh na dteangthacha ann é.



D'fhág san mise airís ar seachrán. Ach bhí fear de
mhuíntir Shúiliobháin, fear ó Chiarraighe, ag múineadh
sgoile i gCeann Tuirc, agus bhí fear gur bh' ainim dó
Tomás ua Laoghaire 'n-a chómhnuighe ar Doire na
Móna, tímpal trí mhíle siar ó Cheann Tuirc. Clann
na beirte drithár ab eadh an Tomás ua Laoghaire sin
agus mo mháthair-se. Chuas ó-thuaidh go Ceann Tuirc
ar sgoil agus thagainn go Doire na Móna gach aon
oídhche go tigh Thomáis uí Laoghaire. Thugas, is dóich
liom, bliain nó bliain go leith ag dul ar an sgoil sin.



Bhí an sgoil sin maith go leór ar feadh tamaill. Bhí
mórán sgoláirí ag teacht ann, agus ní raibh aon
chongnamh ag an máighistir. Is amhlaidh a bhíodh gach
aoinne 'ghá mhúineadh féin chómh maith agus d'fhéadadh sé
é, go minic. Amuich i seana stábla a bhíodh an sgoil
againn. Bhí an seana stábla maith go leór i gcaitheamh
an tsamhraidh. Nuair a tháinig an geimhre bhí an donas
le fuaire air. Nuair a bhíodh an aimsir ana fhuar
bhíodh teine againn. Ní raibh aon tsimné ar an stábla.


L. 68


Bhí poll sa bhfalla, ámhthach, lastiar de'n teine. Bhíodh
an poll go maith an fhaid a bhíodh imtheacht na gaoithe
tríd siar. Ach nuair a bhíodh an ghaoth ag séideadh
tríd an bpoll aniar bhímís múchta ag an ndeatach. Ba
mheasa go mór an deatach 'ná an fuacht. Agus go
deimhin is amhlaidh a bhíodh an fuacht agus an deatach
i n-aonfheacht againn, mar ní bhíodh an teine ach go
h-olc.



Fé dheire do tuigeadh ins gach aon bhall nár bh'aon
mhaith do sgoileanaibh tuatha bheith ag dul i gcomórtas
leis an gcoláisde a bhí i Mainistir Fhear Muighe.
Do chrom na h-aithreacha, fé mar a bhí aon ghustal acu
chuige, ar na buachaillíbh do chur go dtí an coláisde.
Do socaruigheadh neithe sa choláisde i dtreó go bhféad-
fadh buachaill teacht ann agus gan bheith air an deich
bpúint fichid do dhíol. D'fhéadfadh sé teacht agus
lóisdín a thógaint sa tsráid agus dul isteach sa
choláisde gach aon lá. Ansan ní bhéadh air ach sé púint sa
mbliain do dhíol as an sgolaidheacht agus d'fhéadfadh
sé é féin do chothughadh chómh saor agus do b' fhéidir é.



Tuig at' aigne, a léightheóir, go raibh an saoghal ana
chruaidh an uair sin ar mhuíntir na h-Éirean. An t-é
go mbíodh feirm thailimh aige chaitheadh sé bheith ag obair
ó dhub go dubh chun an chíosa dhéanamh, agus chun é féin
agus pé muirighean a bhíodh air do chothughadh agus do
chlúdach ar chuma éigin. An fear a bheartuigheadh
tabhairt suas do chur ar mhac leis, do chaitheadh sé
dúbailt oibre do bhaint as féin agus as an gcuid eile
de'n chlainn chun an t-aoinne amháin sin do chur chun
cinn. D'á bhrígh sin, an buachaill a raghadh go Coláisde
Cholmáin agus do thógfadh lóisdín sa tsráid dó féin,
do chaithfeadh sé é féin do chothughadh gan puínn rab-
airne, nó bhéadh éagcóir aige 'á dhéanamh ar an muíntir


L. 69


a bhéadh sa bhaile 'n-a dhiaigh, ag obair go cruaidh chun
eisean do chur chun cinn.



Fé mar a bhí na buachaillí ag imtheacht as na sgoil-
eanaibh tuatha bhíodar-san, nídh nách iongnadh, ag dul
chun deiridh agus ag dul i n-olcas. Do thuig m'
athair-se i n' aigne nár bh' aon mhaith dhó mé choimeád
níba shia i gCeann Tuirc. Do shocaruigh sé i n' aigne
gur bh' fhearra dhó mé chur go Coláisde Cholmáin am'
sgoláire lae. Do dhein sé an nídh sin. Thugas bliain
ar lóisdín sa tsráid agus ag dul isteach sa Choláisde
gach aon lá. Nuair a tháinig deire na bliana agus
an triail comórtais, féachaint cé gheóbhadh dul go
Coláisde Mhaighe Nuadhat do chuas isteach sa chomórtas
chómh maith le cách.



Bhí buntáiste mhór ag na buachaillíbh a bhí 'n-a gcómh-
nuighe istigh sa Choláisde ar na buachaillíbh a bhí amuich
ar lóisdín, mar do bhítí ag múineadh na muíntire
stigh gach aon tráthnóna. Chuaidh ceathrar agus trí fichid
des na buachaillíbh isteach ar an gcomórtas san.
Nuair a bhí an triail dhéanta do fuaradh go rabhas-sa
ar an gceathramhadh duine. Ní raibh ach triúr ann a
bhí níb' fhearr 'ná mé. Ní raibh aon mhaith dhom sa méid
sin, mar ní raibh ach trí h-inid folamh i Magh Nuadhat
an bhliain sin. Chuaidh m' athair ansan agus do labhair
sé leis an Easbog agus chuir sé i gcuimhne dhó an
socarughadh a deineadh nuair a h-osgaladh an Coláisde.
Mar gheall ar an socarughadh san do thug an t-Easbog
inead saor sa Choláisde dhom i gcaitheamh na bliana a
bhí chúghainn, agus nuair a tháinig an triail airís do
chuas go Magh Nuadhat. Sa bhliain d'aoís an Tighearna
míle ocht gcéad trí fichid a h-aon ab eadh é sin.


L. 70


X



SIUBHAL NA GCNUC



Ó'n uair a thosnuigheas ar na teangthachaibh d'fhoghluim
i Maghchromtha bhínn thuas sa bhaile go minic. Théighinn
abhaile gach aon tSatharn, agus ansan thagainn anuas
airís ar maidin Dé Luain. D'á éaghmuis sin bhínn
thuas sa bhaile nuair a tugtí laethanta saoire do lucht
na sgoile. Do leanadh na laethanta saoire cúpla
seachtmhain nó trí. An fhaid a bhínn sa bhaile bhínn ag
obair ar an bhfeirm bheag i dteannta na cod' eile de'n
chlainn. Thug san taithíghe mhaith dhom ar gach aon tsaghas
oibre sglábhaidheachta dhéanamh. Bhíos ábalta ar ráinn
do láimhseáil nó ar shluasaid do láimhseáil. Ní
h-anamh a bhí teinneas am' ghéagaibh agus am' dhrom ó
bheith ag baint fhéir le speil, nó ag baint mhóna le
sleán, nó ag baint choirce le corán. Bhí fhios agam
an 'mó dias a dhéanfadh teidhal agus an 'mó teidhal
a dhéanfadh dórnán, agus an 'mó dórnán a dhéanfadh
punan. Bhí fhios agam conus súiste do chasadh agus
láithreán arbhair do bhualadh, gach 're mbuille i gcoinnibh
buailteóra eile, agus mo bhuille do bhualadh ar an
gcuma dob' fhearr chun an ghráinne bhaint as an dtuighe.



Uaireanta is ag aedhreacht a curtí mise nuair a
bhíodh an chuid eile ag obair. Deirtí liom go bhféad-
fainn bheith ag gabháil do'n leabhar i dteannta na
h-aedhreachta dhéanamh. Is cuimhin liom lá agus mé
ag déanamh na h-aedhreachta go bhfeaca gamhna iasachta
i dteannta na mbó. Thall ar an muing mbig a bhí na
ba agam. Cheapas, nídh nár bh' iongnadh, gur anoir
ó bhuaibh na Cathairíneach a tháinig na gamhna iasachta.


L. 71


Chromas ar na gamhna iasachta, dar liom, do dheighilt
amach ó n-ár mbuaibh féin agus do chomháint soir abhaile.
Ní raighdís soir dom. Pé dícheal a dhéanfainn ar iad
a chomaint soir ní raighdís soir dom. Chonaic an
mhuintir eile mé agus iad ag obair i bPáirc na
n-Abhan. Bhíodar ag faire orm agus iad ag gáirí.
D'innseadar dom ar ball gur linn féin na gamhna
a bhí agam 'á chomáint chun siúbhail. Is amhlaidh a bhí
na gamhna imthighthe as m' aithne toisg mé bheith as baile
chómh mór. Do castí liom go minic 'n-a dhiaigh san an
dearmhad a dheineas. "Siné," a deirtí, "an buachaill
nár aithin a ghamhna féin!"



Lá éigin eile d'á dtánag abhaile bhí cúpla gabhar le
tabhairt adtuaidh ó Leaba Dhiarmuda.



Raghad-sa agus tabharfad liom iad," arsa mise.
Bhí an fonn orm chun an chnuic do shiúbhal. Chuireas an
cnuc ó-thuaidh díom. Do shuidheas ar Fhaill na bhFiach
ag féachaint uaim síos agus ag féachaint am' thímpal
ar na sléibhtibh. Nuair a bhí tamall maith caithte ansan
agam bhuaileas an cnuc siar agus thugas tamall am'
shuidhe i n-áit eile. Fé dheire chuas síos go dtí an áit
n-a raibh an dá ghabhar. Bhíodar ceangailte dh'á
chéile. Chomáineas rómham iad an cnuc suas i dtreó
go bhféadfainn teacht cómhgar an chnuic abhaile leó.
B'fhearra dhom gur bh' é an tímpal a gheóbhainn, soir
go Caraig an Stáca, mar a raibh an cosán fé m' chois
agam. Ní h-é sin a dheineas, ach aghaidh a thabhairt ar an
gcnuc. Ní raibh fhios agam go raibh oiread de'n lá
caithte agam ag féachaint am' thímpal. Um an dtaca
'n-a rabhas féin agus na gabhair ar mhullach an chnuic
bhí sé i n' oídhche dhubh. I dteannta é bheith i n' oídhche
dhubh bhí ceó tagaithe ar an gcnuc. Leis an ndoircheacht
agus leis an gceó is ar éigin fhéadainn na gabhair a


L. 72


dh'fheisgint agus iad romham amach ar an bhfionán.
Chromas ar an dtalamh fé m' chosaibh agus am' thímpal
do bhreithniughadh, chómh fada agus d'fhéadas é sa
doircheacht, le h-eagla go raighinn amú. Bhí m' aghaidh,
dar liom, lom díreach, síos ar an áit 'n-a raibh ár dtigh
féin. Bhíodh an dá ghabhar a d'iaraidh gabháil soir
i n-inead gabháil siar ó-dheas i dtreó na h-áite 'n-a
raibh ár dtigh, dar liom-sa. Do tánag rómpa agus
chasas anoir iad cúpla uair. Fé dheire do ritheadar
uaim soir, agus níor fhéadas teacht rómpa go
dtí gur chuadar isteach i gclós éigin. Siúd gadhair
ag amhstaraigh láithreach. Do leanas na gabhair isteach
sa chlós. Bhí dorus an tíghe ar m' aghaidh amach.
Tháinig bean amach. "Cé h-é sin?" ar sise. D'aith-
nigheas í laithreach. D'innseas di cé 'r bh' é mé.
Cailín de mhuíntir Luasa ab eadh í. Nuair a bhíos ag
dul isteach sa chlós san thabharfainn an leabhar gur
isteach i gclós Mhichíl Bhreathnaig thoir ar Gleann Daimh
a bhíos ag dul. Nuair a chonac an tigh mheasas, bhíos
deimhnghtheach dé, gur bh'é thigh Mhichíl Bhreathnaig a bhí
agam. Nuair a labhair an cailín liom isí céad cheist
a tháinig chun m' aigne 'ná "Cad a thug anso a leith go
thigh Mhichíl Bhreathnaig í sin?" I ndiaigh chéile do
léirigheadh dom gur bh' amhlaidh a bhí measgán mearaidhe
tar éis teacht orm. Is ag an dá ghabhar a bhí an ceart.
Bhíos-sa a d'iaraidh na ngabhar do chomháint as an slígh
chóir d'á n-aimhdheóin. Choimeád na gabhair mise ar
an slígh chóir dom' aimhdheóin. D'á dtugadh na gabhair
mo shlígh féin dómh-sa an oídhche sin, is siar chun Millín
na Móna a thabharfaimís aghaidh, áit a bhí lán an uair
sin de phollaibh doimhne uisge. Ní bhéadh aon bhreith
againn gan dul isteach i bpoll éigin acu. Gan aon
dabht ar domhan do báthfaí mise an oídhche sin mura


L. 73


mbéadh an dá ghabhar úd a bheith ag taisbeáint na
slíghe dom.



Lá éigin, an fhaid a bhíos ag dul ar sgoil go Ceann
Tuirc, thug mo neamhthuisgint féin contabhairt eile
orm, agus ba ró dhóbair dom gan teacht saor as.
D'fhágas Lios Caragáin lá Domhnaigh agus d'éisteas
Aifrean i gCaraig an Ime. Ansan thugas aghaidh
ó-thuaidh bóthar Sráid a' Mhuillinn, chun dul go Doire
na Móna an oídhche sin agus bheith i n-am chun dul go
Ceann Tuirc ar maidin Dé Luain a bhí chúghainn. Nuair
a bhíos ag gabháil Céim Caraige síos do chonac ar
m' aghaidh anonn Caisleán Chille Míde agus cnuc
Cláraighe. Bhí an lá go h-áluinn agus an spéir ana
ghlan. Dúbhart liom féin ná raibh aon teóra leis an
radharc le breaghthacht a bhéadh agam ar an ndúthaigh go
léir mór-thímpal dá mbeinn ar mhullach an chnuic sin.
Dúbhart liom féin go bhféadfainn gabháil suas fan
an chaisleáin go bárr an chnuic agus féachaint am'
thímpal, agus ansan ruith le fánaidh síos isteach sa
tsráid, agus go mbeinn sa tsráid chómh luath, nach
mór, agus dá ngabhainn an bóthar. Siúd suas mé
chun an chnuic chómh luath agus thánag ar aghaidh an chais-
leáin. Níor shroiseas bara an chnuic chómh luath agus
mheasas do shroisfinn é. Um an dtaca n-a rabhas ar
bhara an chnuic bhí an ghrian abhfad níba shia siar, agus
síos, ná mar a cheapas a bhéadh sí. Bhí an radharc go
breagh gan amhras. Bhí Mullach an Ois agus Claedeach,
agus na cnuic mhóra eile go léir, laistiar díom agus
laisteas díom, agus iad



"Ag bagairt a gcínn de dhruím a chéile,"



agus gan aon bhlúire ceóigh ortha, ach iad chómh glan
san gur dhóich le duine gur nighte a bhíodar. Bhí


L. 74


Muisire ar m' aghaidh soir agus é chómh nighte leó.
Ní raibh an cómhartha soininne air:



"Ceó ar Mhuisire 's Clárach lom



An cómhartha soininne is fearr ar domhan."



Bhí Dúth 'alla go léir leathta amach ansúd fém' shúilibh,
soir, agus ó-thuaidh agus siar, agus an ghrian ag taith-
neamh air, agus é chómh breagh chómh mór chómh leathan!
Bhí na cnucáin bheaga thíos ag bun an chnuic, agus bíodh
go rabhadar árd go maith dá mbeifeá laistíos díobh, ní
mhothófá aon aoírde i n-aon chor ionta nuair a bheifeá
ag féachaint síos ortha ó mhullach an chnuic. Ba dhóich
leat gur talamh leibhéalta ar fad iad.



Ach bhí an ghrian ag druidim ró fhada síos chun na
gcnuc a bhí laistiar díom, agus do ritheas le fánaidh
síos i dtreó na sráide. Bhí an tslígh síos chun na
sráide níba shia 'ná mar a mheasas, agus níba chrosta
go mór 'ná mar a mheasas. B' éigean dom clathacha
móra chur díom, agus páirceana treabhtha, agus
cumair a bhí lán de sgeachaibh, agus fé dheire, nuair
a bhíos ag dul isteach sa tsráid bhí tuitim na h-oídhche
ann. Bhí tuitim na h-oídhche ann agus bhí seacht míle,
de mhíltibh móra fada idir mé agus Doire na Móna,
agus ní raibh aithne agam ar aoinne i Sráid an Mhullinn,
ná ag aoinne orm. Thugas aghaidh ar an mbóthar.
Shiúbhluigheas soir tríd an sráid go géar; ó-thuaidh
go Drisean; go Drochad an Chaoil. Bhíos ag cur an
bhóthair díom agus doircheacht na h-oídhche ag méadughadh.
Fé dheire do mhothuigheas an tuirse ag teacht orm.
Ansan mhothuigheas an tart ag teacht orm. Ansan
do mhothuigheas mé féin ag lagughadh leis an ocras.
Bhíos gan aon bhlúire bídh a dh'ithe ó fhágas an baile
ar maidin. Ach do chomáineas liom. Um an dtaca
go rabhas chómh fada soir ó-thuaidh le Doire na Groidhe


L. 75


bhíos chómh buailte amach san gur shíneas ar bhara chlaidh
an bhóthair chun an tuirse chur díom beagán. Bhíos ar
mo shuaimhneas ansan ar feadh tamaill. Ar ball do
shamhluigheas go rabhas ag tuitim am' chodla. Le n-a
a linn sin do mhothuigheas mar a bhéadh codla grífín ag
ruith tréam' ballaibh go léir. Do léimeas suas.
Thuigeas láithreach dá dtuiteadh mo chodla i gceart
orm ar mhullach an chlaidh sin gur marbh a geófaí ann
mé ar maidin. Siúd chun bóthair airís mé. Bhí eólus
na slíghe go maith agam. Do shroiseas tigh Thomáis
uí Laoghaire ar Doire na Móna. Bhíodar gan dul
a chodla nuair a sroiseas an tigh, bíodh go raibh sé
abhfad tar éis a dódhéag a' chlog sa n-oídhche. Bhí
dritháir do Thomás sa tigh. Diarmuid ab ainm dó.
Bhí sé féin agus mise ana mhór le n-a chéile. B' é an
chéad duine é a chonaic mé ag teacht an dorus isteach
chuige. Bhí iongnadh air cad a thug chómh déanach mé.
Bhí iongnadh ba mhó 'ná san air nuair a fuair sé gur bh'
ar éigin a bhí ionam labhairt leis. Do tugadh mo
dhóithin le n-ithe agus le n-ól dom láithreach. Chuas a
chodla, agus go deimhin do chodlas go sámh.



Níor innseas d'aoinne cad a chuir an tuirse go
léir orm, ná conus mar ba dhóbair dom fanmhaint
i mbara an chlaidh ar thaobh an bhóthair i n-aice shéipéil
Dhoire na Groídhe. Níor innseas d'aoinne i n-aon
chor riamh ó shin é. Bhí náire orm a thabhairt le rádh
d'aoinne go dtabharfainn a leithéid de chúrsa, gan
ghádh gan riachtanas.



Tá aon rud amháin, ámhthach, a chuirean cancar mór
anois orm agus atá ag cur cancair orm riamh ó sin.
Ag machtnamh dom 'n-a dhiaigh san ar ag gcuma 'n-a
mbídís ag féachaint orm an oídhche sin, nuair a mheas-
aidís ná bínn ag féachaint ortha, do buaileadh isteach


L. 76


am' aigne gur mheasadar gur bh' amhlaidh a casadh
cuideachta éigin orm i Sráid an Mhuillinn agus gur
rugadar isteach i dtigh tabhairne éigin mé - agus gur bh'
é sin a choimeád amuich chómh déanach mé, agus do chuir
an tuirse go léir orm agus do bhain mo chaint díom!



Féach gur b' uiriste éagcóir a dhéanamh ar dhuine!
Go mór mór nuair a thugan duine féin an chaoi chuige
le beart éigin mhí-chuíbhsach.



XI



AN MHANGARTA



Tá sé chómh maith agam a dh'innsint sa n-áit seo conus
mar a dheineas beart a bhí mí-chúibhsach go leór abhfad
sar a' ndeigheas isteach i n-aon sgoil riamh ach amháin
an sgoil a thug mo mháthair dom. Bhíos, is dóich liom,
tímpal deich mbliana dh'aois, nó b' fhéidir ag déanamh
ar bheith aon bhliain déag. Bhí trí nó ceathair de cholanaibh
beaga seasga agam' athair le cur siar go dtí an Leitir
Cheanan, ar an gcnuc, i dtreó go gcaithfidís an samhradh
ann agus go bhfágfaí an fhosaidheacht sa bhaile ag na
buaibh bainne. Bhí fear oibre againn. Micheál ua
Fineagáin ab ainim dó. Bhí dathacha ag imirt ar an
nduine mbocht. Dheanfadh sé obair maith go leór ach
ní fhéadfadh sé ruith. Dúbhradh leis na ba seasga do
chomáint leis siar go dtí an cnuc. Dúbhradh liom-sa
dul le n-a chois i dtreó dá mbéadh na ba ag ruith uaidh,


L. 77


a' d'iaraidh teacht thar n-ais abhaile, go ndéanfinn-se
ruith agus teacht rómpa dhó.



Chomáineamair linn iad, Daingean na Saileach siar;
síos ar bhóthar Chnuic an Iúbhair; siar go Béal an
Gheártha; siar tré Charaig an Adhmaid; siar chun an
Mhuillinn. Ag an Muillean do chuamair ó-dheas thar
an ndrochad. Ansan do chomáineamair an bóthar
siar iad go Cúil Aodha; fan Loch' an Bhogaidh siar;
tré Dhoirín na Gréine; agus siar go bunan chnucáin
mar a dtosnuighean an bóthar ag gabháil suas Cúm
na n-Éag. Tháinig tuirse ar Mhicheál ag bun an chnuic
sin. Dúbhairt sé liom-sa aire thabhairt dos na buaibh
agus do shín an duine bocht ar thaobh an bhóthair agus
choidil sé greas dó féin. Ní raibh aon locht ag na
buaibh air sin. Bhí féar breagh glas ar gach taobh de'n
bhóthar agus d'itheadar a ndóithin dé.



Nuair a bhí a ghreas codlata déanta ag Micheál agus
greas maith ingír déanta ag na buaibh do chomáineam-
air linn airís iad; suas cliathán an chnuic go bara
Chúm na n-Éag agus siar bóthar Neidín go dtí gur
shroiseamair an Leitir Cheanan, nó, mar a dúbhairt file
éigin nó bean chaointe éigin, "an Leitir ná léightear."



Chuamair isteach i dtigh na ndaoine go mba leó an
cnuc. Fuaramair rud le n-ithe agus le n-ól go fial.
Bhí sé 'n-a thráthnóna mhór luath. D'fhan Micheál istigh,
ach do chuas-sa i n-aonfheacht le fear óg de mhuíntir an
tíghe a bhí chun na mbó do chomáint suas an cnuc chun
na h-áite 'n-a rabhadar le fanmhaint, i dteannta na
mbó eile a bhí ann ar an gcuma gcéadna.



Bhí bean ó'n gcómharsanacht san pósta, ar Prothus,
i bparóiste Thuath na Droman, ag dritháir athar dómh-sa.
An fhaid a bhíomair ag gabháil suas an cnuc bhí radharc
againn ó-dheas ar na tighthibh a bhí ar an dtaobh theas


L. 78


de'n ghleann. Chromas ar cheistiuchán ar an mbuachaill
a bhí lem' chois 'ghá fhiafraighe dhé cé bhí 'n-a chómhnuighe,
"sa tigh úd tall," - "sa tigh eile úd tall" - agus
mar sin, go dtí gur ainimnigh sé duine de mhuíntir
Thuama.



"Na fuil bean as an dtigh sin pósta lastoir i n-áit
éigin?" arsa mise.



"Tá go díreach," ar seisean. "Tá sí pósta ag
fear de mhuíntir Laoghaire thoir ar fad ar Prothus."



"Cad é an ainim atá ar an bhfear san?" arsa mise.



"'Peadar Ruadh,' a thugaid siad air," ar seisean.



Sin a raibh uaim. D'fhéachas go géar ar an dtigh
i dtreó gur chuireas a chómharthaí isteach am' aigne go
daingean. Chomáineamair linn suas na ba go dtí
gur chuireamair isteach i gcumar bhreagh chlúthmhar iad,
mar a raibh a lán eile ba seasga, agus gairbhthean a
thaithn leó acu agus iad ag ingíor air go suairc.



Bhíomair ar an gcliathán thuaidh de'n "Leitir ná
léightear" an uair sin agus bhí radharc breagh againn.
Bhí gleann ana dhoimhinn, ana leathan lastuaidh dínn,
agus cnuc ana mhór, ana árd lastuaidh de'n ghleann.



"Cad é an ainim atá ar an gcnuc mór san?"
arsa mise.



"Ar airighis riamh teacht thar an Mangartain?" ar
seisean.



"D'airigheas go minic," arsa mise. "'Mangarta
an Cheóigh' a dh'airighinn i n-amhránaibh air."



"Ní misde Mangarta an Cheóigh a thabhairt air go
deimhin," ar seisean. "Bíon an ceó go trom agus
go dorcha air uaireanta."



"Is dócha," arsa mise, "go bhfuil radharc ana mhór
ó n-a bhara."



"Tá," ar seisean, "radharc ana mhór ó n-a bhara.


L. 79


Ba dhóich leat go bfeicfeá Éire go léir ó n-a bhara
dá mbéadh an lá glan."



"Tá sé ana ghlan anois," arsa mise. "Ní bheidh
an ghrian ag dul féi go ceann tamaill. Beidh aimsir
ár ndóithin againn chun dul suas go dtí a bhara agus an
radharc breagh dh'fheisgint. Téanam ort."



D'féach sé orm.



"An bhfuil fhios agat," ar seisean, "cad é an fhaid
atá an cnuc san uait anois?"



"Ba dhóich liom," arsa mise, "go bhfuil sé dhá mhíle
go maith uainn."



"Dhá míle!" ar seisean agus iongnadh air. "Isé
méid atá an cnuc san uait anois, a mhic ó," ar seisean,
"'ná deich míle; agus dob' usa dhuit go mór fiche míle
de bhóthar a shiúbhal 'ná an deich míle sin!"



Ní dúbhart a thuille, ach dheineas ceapadh am' aigne
féin. Dúbhart liom féin go n-eireóchainn ana mhoch ar
maidin amáireach a bhí chúghainn agus go raghainn go
bara an chnuic sin sar a mbéadh Micheál ua Fineagáin
as a leabaidh.



Thánamair abhaile. Chuas isteach sa tigh. Bhí seana
bhean ag caint istigh agus mheasas go raibh fearg uirthi.
Do buaileadh isteach am' aigne gur doicheal a bhí uirthi
romham. Níor leigeas aon rud orm. Do shleamh-
nuigheas chun an doruis. Níor dheacair dom sleamh-
nughadh chun an doruis, mar ní rabhas tar éis dul abhfad
isteach ó'n ndorus. Chómh luath agus fuaras mé féin
ar an dtaobh amuich de'n dorus chuireas an talamh
díom! Síos liom chun na glaise agus anonn thar
glaise, agus suas, ar an dtaob theas de'n ghlaise agus
de'n bhóthar, chun tíghe mhuintir Thuama. Chómh luath
agus tánag isteach sa chlós, siúd trí nó ceathair de
ghadharaibh ag amhstaraigh orm. Siúd beirt nó triúr


L. 80


am' chosaint ortha. Bhuaileas thórsa go léir isteach,
idir ghadharaibh agus lucht cosanta. Bhuaileas suas
chun na teine. Bhí sé tamall beag tar éis na h-oídhche
thuitim. Nuair a shroiseas an teine chonac seana
bhean bhreagh mhór bhrothalach mháithreamhail agus í n-a
suidhe ar fhuarma i n-aice na teine, i leith mo láimhe clé.
D'fhéachas uirthe agus d'imthigheas agus shuidheas ar
chathaoir a bhí ar an dtaobh eile de'n teine. Níor
labhras le h-aoinne agus níor labhair aoinne liom, ar
feadh tamaill. Fé dheire do labhair an bhean mhór
liom go breagh séimh sultmhar.



"Seadh, a gharsúin," ar sisi, "cár ghabhais
chúghainn?"



"Go deimhin," arsa mise, "ba chóir go n-aithneóchadh
sibh mé!" agus do gháireas.



Níor labhair aoinne ar feadh tamaill eile, ach bhí an
bhean mhór ag cur na súl tríom. Fé dheire do labhair
sí airís.



"B'fhéidir gur anoir a ghabhais chúghainn?" ar sisi.



"Is anoir," arsa mise, "agus Peadar ua Loghaire
is ainim dom."



"Seadh, a Pheadair uí Laoghaire," ar sisi, "aith-
nighim go maith anois tú. Mac do Dhiarmuid iseadh thú."



"Mac do Dhiarmuid iseadh mé," arsa mise.



Do cuireadh gach aon chóir orm láithreach agus ní
baoghal gur mhothuigheas aon doicheal rómham. Ní
raibh aon bhlúire doichil sa n-áit eile rómham ach chómh
beag, pé rud a chuir am' aigne go raibh.



Chuas a chodla. Ach bhí an Mhangarta am' aigne agam.
Chómh luath agus chonac an chéad amhsgarnach de sholus
an lae ar maidin bhíos am shuidhe agus amuich. Siúd
síos mé go dtí an bóthar. Nuair a thánag ar an
mbóthar d'fhéachas uaim ó-thuaidh. Ní raibh aon radharc


L. 81


ar an Mangartain ó'n mbóthar, ach bhí fhios agam cad
é an treó baill 'n-a raibh an cnuc. Shiúbluigheas an
bóthar siar go dtí go rabhas, mar a mheasas, ar aghaidh
an chnuic ó-dheas, nó, go dtí go raibh, do réir mo
bhreitheamhantais, an Mhangarta ar m' aghaidh ó-thuaidh
díreach. Ansan d'imthigheas isteach tar claidh an
bhóthair agus thugas m' aghaidh ó-thuaidh tríd an sliabh.
Bhí an talamh ana gharbh, ana mí-chothromach, lán de
chlochaibh agus de thurtógaibh agus de phollaibh agus
de charaigreachaibh, ach do chomáineas liom ó-thuaidh
díreach. Bhí srutháin leathana dhoimhinne rómham le
gabháil thórsa. Do stadainn uaireanta ar bruach
srutháin acu ag féachaint síos ar na breacaibh beaga
a bhíodh ionta thíos, ag sgeinnt anonn 's anall, agus ag
dul isteach fés na clochaibh nuair a chídís mé. Ansan
do chomáininn liom ó-thuaidh airís agus mé ag faire
chúgham, ag brath air nár bh' fhada go bhfeicfinn ceann
mór ramhar na Mangartan ag eirighe chúgham de dhruim
an chnuic ar a rabhas ag siúbhal. Ach bhí an ghrian ag
eirighe lastoir agus ní raibh an Mhangarta ag eirighe
lastuaidh. Bhí tigh mhuíntir Thuama agus na tighthe
eile a bhí sa chómharsanacht ag imtheacht as mo radharc
lasteas, agus ní raibh aon rud lastuaidh díom fós,
ná lastoir díom, ná laistiar díom, ach an sliabh agus
é lán des na clochaibh agus des na turtógaibh agus
des na caraigreachaibh. Bhí an ghrian ag druidim suas
ar an spéir lastoir agus an brothal ag tosnughadh ar
theacht aisti, agus bhí tart ag teacht orm. Bhaineas
deoch breagh a' ceann des na sruthánaibh, agus chom-
áineas liom ó-thuaidh.



Fé dheire do chonac ceann mór ramhar na Mangartan
ag eirighe chúgham. D'féachas go géar air. Do
mheasainn go mbíodh sé ag suathadh agus ag guagadh


L. 82


agus 'ghá luasgadh féin anonn 's anall i n-aghaidh gach
ciscéim d'á dtugainn. Thuigeas go maith gur bh' é an
fhaid abhí sé uaim fé ndeár an luasgarnach san, nó
a dheabhramh. Chomáineas liom ó-thuaidh tamall eile
go dtí gur osgail an gleann mór leathan doimhinn
fúm thíos lastuaidh díom, agus idir mé agus an Mhan-
garta.



Bhí tamall maith de'n mhaidin imthighthe um an dtaca
san. Bhí ocras ag teacht orm. Bhíos suaithte go
maith, agus tuirse orm agus allus orm, ó bheith ag
siúbhal tríd an sliabh. D'fhéachas ar an ngleanna bhí
ansúd ar leathadh ar m' aghaidh amach, agus d'fhéachas
uaim ó-thuaidh ar an Mangartain - agus chuimhnigheas
ar an deich míle úd a bhí níba dheacra do shiúbhal 'ná
fiche míle. Ambasa ach do chuimhnigheas gur bh'fhearr
gan dul a thuille.



Ansan d'fhéachas am' thímpal. Bhí fhios agam go
raibh Cúm na n-Éag ar m' aghaidh soir díreach, agus
go bhféadfainn cómhgar mór a dhéanamh ach aghaidh a
thabhairt soir. Bhí fhios agam, leis, nár bh' fhada go
mbuailfeadh tigh éigin umam, agus nár bhaoghal ná go
bhfaghainn mo dhóithin le n-ithe ann. Siúd soir mé
tríd an sliabh. Bhíos ag cur na slíghe dhíom soir go
dtí gur mheasas nár bh'fhéidir dom gan bheith ag teacht
ar Chúm na n-Éag. Thánag ar chúm, ach níor bh' é Cúm
na n-Éag é. Clais mhór fhada ab eadh an cúm, mar a
bhéadh gearadh mór fada leathan tríd an sliabh, ó-thuaidh
agus ó-dheas, agus sruthán beag ag ruith ó-dheas tríd
an ngearadh, le tuitim an tailimh, agus bóthar tríd
an ngearadh, fan an tsrutháin. Ba dhóich le duine
gur bh' é rud an gearadh san, tríd an sliabh, 'ná caidh-
séar a dhein an sruthán do féin, ach amháin go raibh an
caidhséar ró mhór, ró leathan, ró dhoimhinn, agus an


L. 83


sruthán ró shuarach. Dá mbéadh seachtmhain fearthana
ann, ámhthach, agus an fhearthainn trom, ní dóich liom
go mbéadh an sruthán ró shuarach chun an chaidhséir a
dhéanamh. Do stadas ar bruach an chaidhséir ar feadh
tamaill. Bhí cúis staid agam. Bhí an tsál imthighthe
ó bhróig liom. Ní raibh puínn greama ag bonn na
bróige eile. Agus bhí tuirse agus ocras orm. Bhíos
ag féachaint an bóthar ó-thuaidh. Bhí radharc abhfad
ó-thuaidh agam, mar bhí an bóthar díreach agus bhí an
áit 'n-a rabhas árd go maith os cionnan bhóthair agus
os cionn an tsrutháin. Níor bh' fhada go bhfeaca ag
gabháil chúgham an bóthar a-dtuaidh rud a chuir iongnadh
agus alltacht orm. Bhí an rud ag siúbhal ar nós duine.
Ach ní fheaca ar aon duine riamh a leithéid de cheann le
méid. Bhí sé ag siúbhal ana ghéar. Fé mar a bhí sé
ag teacht i gcómhgar dom iseadh ba mhó a chonac an
deabhramh daona air, ach an ceann a bheith ag dul
i méid go h-uathbhásach. Níor bh'fhada go bhfeaca go
raibh adharca beaga ar an gceann. Go luath tar éis
na n-adharc a thabhairt fé ndeara dhom do thuigeas an
sgéal go léir. Bean a bhí ann agus corcán ar a ceann
aici, a ceann sáidhte suas i mbéal an chorcáin aici
agus an corcán lán d'fhéar thirim, i dtreó ná gortó-
faí an ceann, agus trí cosa an chorcáin anáirde mar
bhéadh trí adhaircíní.



Chómh luath agus thuigeas an méid sin do ritheas síos
agus thar sruthán soir agus bhíos 'n-a coinnibh ar an
mbóthar um an dtaca 'n-a dtáinig sí suas.



Níor leigeas blúire orm i dtaobh na preibe do bhí
bainte aici asam.



"Dia 's Muire dhuit!" arsa mise léi.



"Dia 's Muire dhuit a's Pádraig, a gharsúin,"
ar sisi; "ach ní aithnighím thu. Ní dóich liom,"


L. 84


ar sisi, "gur aoinne de gharsúnaibh na h-áite seo thú?"



"Ní h-eadh," arsa mise. "Anoir ó Chluandrochad
iseadh mé, agus táim ag déanamh cómhgair soir abhaile.
Táim ag tabhairt aghaidh soir ar Chúm na n-Éag. An
bhfuil Cúm na n-Éag abhfad soir as so?"



D'fhéach sí go géar orm.



"Ó Chluandrochad!" ar sise. "Aililiú!" ar sisi.



"Cúm na n-Éag!" ar sisi. Ansan, fé mar bhéadh a
h-iongnadh curtha dhi aici, d'iompuigh sí orm. "Ach,"
ar sisi, "tá Cúm na n-Éag ana fhada soir as so, agus
tá an tslígh ana gharbh ana mhí-chothromach. Buail mar
seo síos i n-aonfheacht liom-sa agus cuirfead ar an
mbóthar tú. Tá bóthar breagh réidh agat ó'n gcrois
seo thíos soir go Cúm na n-Éag, agus as san soir
go dtí muilean Bhaile Mhúirne. Agus go deimhin
is fada an bóthar é dhuit-se le siúbhal anois."



Chomáineas liom síos le n-a cois. Níor bh'fhada go
bhfeaca, thíos ag an gcrois, fear agus bata 'n-a láimh
aige agus é ag crothadh an bhata chúgham go feargach.
Micheálua Fineagáin a bhí ann. Bhí an duine bocht tar
éis an lae chaitheamh a'm chuardach. Nuair eirigh sé ar
maidin ní raibh aon tuairisg orm ag aoinne dhó.
Chonaic duine éigin mé ag dul anonn go thigh Mhuíntir
Thuama. Chuaidh sé anonn. Ní raibh aon tuairisg
thall orm ach gur thugas an oídhche ann agus ná feacaidh
aoinne mé ag imtheacht ar maidin. Tháinig sé anall.
Thall ná abhus ní raibh aon tuairisg orm.



"Cad a dhéanfad i n-aon chor!" ar seisean.



"Conus a thabharfad aghaidh ar a athair agus ar a
mháthair!"



"Imthigh ort abhaile," arsa gach aoinne leis. "Thoir
sa bhaile rómhat a gheóbhair é, gabhaim-se orm!"



Ar an mbóthar ag dul abhaile a bhí sé nuair a chonaic


L. 85


sé chuige a-dtuaidh an bóthar úd tríd an gcaidhséar mé.
Bhí fearg air, ach ba mhó an t-áthas a bhí air 'ná an fhearg.
Ní leigfeadh sé as a radharc as san amach mé go dtí
go rabhamair araon sa bhaile. Nuair a shroiseamair
an baile bhí iongnadh orm-sa. Níor labhair sé oiread
agus focal amach as a bhéal chun aon ghearáin a
dhéanamh orm mar gheall ar an sgannradh a chuireas air!
Ní baoghal gur labhras féin ar an sgéal go dtí abhfad
'n-a dhiaigh san.



XII



AR MHULLACH NA MANGARTAN



Abhfad 'n-a dhiaigh san, leis, do chuas go mullach na
Mangartan, ach is ó'n dtaobh thuaidh a chuas anáirde
air, ó Chill Áirne. Bhíos níba shine agus níba threise
an uair sin 'ná mar a bhíos an lá a chuas siar go dtí
an "Leitir ná léightear." Bhíos am' aonar agus bhí
an lá ana bhreagh. D'fhágas Cnuc an Eirbaill chómh
luath agus bhí mo bhrecfaist ithte agam, agus chuireas
gach aon chómhgar díom siar ó-dheas go dtí go rabhas
ag bun an chnuic. Ansan do chuardaigheas an cosán
a bhí, mar a h-innseadh dom, ó bhun an chnuic suas go
dtí a bhara, an cosán a deineadh ann fé chosaibh na
ndaoine iasachta a thagadh ann chun Cill Áirne agus
na radharcana breaghtha atá tímpal air a dh'fheisgint.
Chómh luath agus do thánag ar an gcosán do chomháineas
liom suas. Nuair a thagadh an saothar orm, tré dhéine


L. 86


an chnuic, do stadainn agus d'fhéachainn am' thímpal
ar an ndúthaigh a bhí laistiar díom. Bhí an radharc san
ag leathanughadh agus ag dul i mbreaghthacht fé mar
a bhíos ag druidim suas. Nuair a bhíos tamall maith
suas bhí an radharc chómh breagh chómh mór chómh leathan
sin go stadadh m' anál orm nuair fhéachainn am'
thímpal air. Fé dheire do shroiseas an fiaradh. Do
stadas ansan tamall maith ag féachaint am' thimpal.
Dob' uathbhásach an radharc é! Bhí an lá chómh glan
le criostal. Bhí sgamaill bheaga bhána ar an spéir,
ach bhíodar ana fhada suas agus bhí an t-aer fútha gan
aon bhlúire ceóigh ann, i dtreó gur fhéadas an talamh,
agus na páirceana, agus na coillte, agus cuid des
na h-aibhníbh, agus cuid des na teampullaibh, agus an
chuid des na tighthibh cómhnuighthe ná raibh ró fhada uaim,
a dh'fheisgint go soiléir. Bhí Cill Áirne ansúd thíos
am' aice, chómh cómhgarach san dom, dar liom, go
measainn go bhféadfainn méaróg chloiche do chaitheamh
síos isteach sa tsráid bheag.



Ar éadan an chnuic iseadh bhíos an uair sin. Bhí an
tuitim lasmuich dhíom agus a leithéid d'fhánaidh ann go
measainn dá sgaoilinn cloch síos ná stadfadh sí go dtí
go mbéadh sí ag bun an chnuic. Bhí bara an chnuic
go breagh leathan leibhéalta laistiar díom, agus gur
dhóich leat nuair a dhruidfeá isteach air nách ar mhullach
cnuic a bheifeá i n-aon chor ach ar réidh bhreágh leathan.
Do dhruideas isteach air. Ní raibh aon choinne agam,
go dtí go rabhas ag siúbhal air anonn 's anall ar an
gcuma san, go raibh an mullach chómh breagh fada fair-
sing. Bhí na cnuic mhóra eile, agus na cnuic bheaga
ar a measg, laistiar agus laisteas agus lastoir
díom. Ba dhóich leat ná raibh sa chuid eile acu ach
cruiceóga bheaga seachas an beithigheach cnuic a bhí fé


L. 87


m' chosaibh. Ní raibh ach Corán Tuathail, a bhí ansúd
laistiar díom, go raibh aon téagar ná aon aoírde
ann, dar liom. Bhí an Dá Chí agus Mullach an Ois
lastoir díom, agus d'fhéachadar ana shuarach.
D'fhéachas ó-dheas féachaint an aithneóchainn an
"Leitir ná léightear." Do theip orm glan aon phioc
d'á dheabhramh a dhéanamh amach ameasg na sliabh eile.
Ní raibh sa n-áit ar fad ach grathain sléibhte. Bhí radharc
siar ó-dheas agam ar na h-inbhiribh atá ag teacht isteach
ó'n bhfaraige idir na cnucaibh, i dtreó gur dhóich le
duine gur b'amhlaidh a bhéadh na cnuic ag dul fé uisge,
agus nár bh' fhada go mbéadh an fharaige os a gcionn;
nó gur b' amhlaidh a bhéadh na cnuic ag eirighe as an
uisge, agus nár bh' fhada go mbéadh an fharaige
imthighthe siar ar fad amach as na gleanntaibh sin atá
idir na cnucaibh. Ag féachaint ortha dhom thugas fé
ndeara láithreach an chosamhlacht chruinn atá idir an
radharc a chonac ansúd, idir chnucaibh agus uisge, agus
an radharc a chíon aoinne nuair fhéachan sé ar an
gcúinne thiar theas de mhapa na h-Éirean ar fhalla thíghe
sgoile. Níor fhéadas gan fanmhaint tamall maith ag
féachaint ar an mapa úd atá ansúd anois, agus nach
fios dómh-sa ná d'aoinne eile cad é an fhaid atá ó
cuireadh ann é.



Tar éis mé bheith tamall maith ag féachaint air agus
ag machtnamh air, d'iompuigheas agus bhuaileas soir
tríd an réidh bhreagh leathan ar an mullach. Ní fada
soir a chuas nuair a baineadh árd-gheit asam. Do
chonac ar m' aghaidh amach poll mór leathan doimhinn,
síos ansa chnuc. B' é saghas puill díreach é 'ná an poll
a bhéadh ann dá mb' amhlaidh a bainfí ceann de Chíochaibh
Danann ainíos a' lár na Mangartan agus an Chí sin
do chaitheamh thall i n-aice na Cíche eile, mar a bhfuil


L. 88


sí anois, an taobh a bhí suas di, sa chnuc, ar an dtalamh,
agus an ceann caol di, a bhí síos sa chnuc, é suas anois.
Ba dhóich leat, dá dtógfaí ó'n dtalamh airís í agus í
chur isteach sa pholl, an ceann caol di síos, go líonfadh
sí an poll agus go mbéadh mullach na Mangartan 'n-a
réidh bhreagh leathan, ar aon leibhéal ó thaobh taobh, mar
a bhí sé sar ar tógadh an cnuc eile sin ainíos as.



Má fhanas tamall maith ag féachaint siar ar na
sléibhtibh agus ar na h-inbhiribh i n-iarthar Éirean, ó
Bhaoí Bhéara go h-inbhear Neidín agus go h-inbhear
Thrágha Lí agus go h-inbhear an Daingin, do thugas
tamall ba mhó 'ná é ag féachaint uaim síos sa pholl
úd gur baineadh, dar liom, an chíoch ba ghiora dhom de
Dhá Chích Danann ainíos as uair éigin fadó. Níor
fhéadas dul ró achmair do'n pholl. Bhí an tuitim ó
'n-a bhruach síos ró dhíreach agus dá dtéighinn ró imealach
ar an mbruach ba bhaoghal dom go n-imteóch' an fód
ó m' chosaibh agus go sgaoilfí le fánaidh mé. Thánag
chómh h-achmair, ámhthach, agus go raibh radharc agam
ar an loch uisge atá thíos i mbun an phuill. Féachan
an loch san go fada síos agus go grána agus go h-uaig-
neach agus go dubh.



Shamhluigheas gur bh' amhlaidh a bhí draoidheacht éigin ag
an loch san d'á imirt ar mo shúilibh, d'fhanas chómh fada
san ag féachaint síos air. Nuair fhéachainn am' thímpal
tamall, soir ar an Dá Chí nó ó-dheas ar na h-inbhiribh,
níor bh' fhada go n-iompuigheadh mo shúile thar n-ais
airís, agus síos ar an loch grána dubh úd. D'fhéachainn
anonn ar an dtaobh thoir de'n pholl agus chínn radharc
áluinn ann, taobh an phuill 'n-a sheasamh thall, ar
m' aghaidh anonn agus an ghrian ag taithneamh air agus
sgáileana na sgamall mbeag leathta amach air agus
iad ag gluaiseacht fan é go breagh réidh, díreach mar a


L. 89


bhí na sgamaill bheaga féin ag gluaiseacht thuas os mo
chionn ar an spéir. Ansan, nuair fhéachainn síos airís
ar an loch, agus nuair a chuirinn cor díom anonn nó
anall, shamhluighinn go mbíodh an loch, agus bun an
phuill ar fad, ag suathadh agus ag luasgarnaigh anonn
's anall, díreach mar a bhíodh mullach an chnuic féin
nuair a bhíos ag féachaint air andeas ó'n "Leitir ná
léightear."



Nuair a bhínn cortha de bheith ag féachaint síos ar an
loch grána dubh agus anonn ar an dtaobh thoir de'n
pholl, agus am' shuathadh féin anonn 's anall go bhfeic-
finn an luasgarnach laistíos, d'fhéachainn uaim ó-thuaidh
ar an ndúthaigh bhreagh a bhí leathta amach lastuaidh díom.
Bhí um an dtaca san an bhreacarnach chéadna ar an
ndúthaigh sin a bhí ar an dtaobh thoir de'n pholl, mar bhí
na sgamaill bheaga tar éis iad féin do leathadh amach
ar an spéir go léir, agus bhí na sgáileana beaga leathta
amach ar an ndúthaigh go léir. Ní fheaca riamh roimis
sin, agus ní fheaca riamh ó shin, radharc chómh breagh leis
an radharc a bhí leathta fé m' shúilibh nuair a bhíos ag
féachaint siar agus ó-thuaidh agus soir ar an ndúthaigh
sin, agus an bhreacarnach san, sgátha agus soluis, ar
leathadh air. Bhí an bhreacarnach chéadna ar an spéir
thuas, os cionn na dútha, ach so a bheith de dheifrigheacht
idir an mbreacarnach thuas agus an bhreacarnach thíos, .i.
an rud ba sgáth laistíos gur sholus lastuas é, agus
an rud ba sholus laistíos go mba sgáth lastuas é.
Sgamaill gheala ab eadh na sgamaill bheaga a bhí ar an
spéir agus bhíodar níba ghile 'ná mar a bhí an spéir
'n-a dtímpal. Tríd an spéir a bhí gan sgamall a
thagadh solus na gréine anuas, agus an sgamall beag
geal isé chuireadh an sgáth ar an dtír laistíos dé.



Thugas oiread san aimsire ag féachaint ar na


L. 90


radharcanaibh breaghtha san, ar na sléibhtibh agus ar na
h-inbhiribh laisteas díom, ar an ndúthaigh, ní h-eadh, ach
ar na dúthaíbh móra leathana lastuaidh díom, ar an
bpoll uathbásach a bhí ansúd agam' chosaibh, ar an loch
dubh draoidheachta a bhí ansúd thíos, ag suathadh agus ag
luasgarnaigh, i mbun an phuill, agus ar an mbreac-
arnach sgátha agus soluis a bhí ortha go léir, go raibh an
tráthnóna ag teacht sar ar tháing aon phioc d'á chuimh-
neamh chúgham go raibh Cnuc an Eirbaill tamall maith
soir ó-thuaidh uaim, agus go gcaithfinn dul ann i gcóir
na h-oídhche. Ansan féin ba ró dheacair liom imtheacht
ó'n radharc. Ag dul i mbreaghthacht a bhí an radharc fé
mar a bhí an ghrian ag druidim síos agus an solus ag
atharughadh; an solus ag lagughadh agus na sgáthana
ag dorchughadh; agus an loch thíos i mbun an phuill ag
dúbhchtaint tuille agus ag dul, ba dhóich le duine,
tuille fé 'n ndraoidheacht. Thugas iaracht ar imtheacht.
Do stadas tamaillín eile. Thugas iaracht eile ar
imtheacht agus do stadas tamaillín chun aon fhéach-
aint amháin eile thabhairt am' thímpal ortha go léir. Fé
dheire do ritheas as an áit.



B' usa go mór agus ba shaoráidíghe teacht an cnuc
anuas'ná dul suas. Mar sin féin bhíos tamall maith ag
teacht anuas mar, an fhaid a lean an radharc leathan,
ní fhéadainn gan stad anois agus airís chun mo shúile
do shásamh air. Um an dtaca n-a rabhas ag bun an
chnuic bhí an oídhche ann, i dtreó gur bh' ar éigin a bhí
solus mo dhóithin agam chun na Fleisge do ghabháil.
Do ghabhas í, ámhthach, gan mo chosa do fhliuchadh, agus
chomáineas liom ó-thuaidh go dtí gur chuireas mo chos
ar bhóthar Chille Áirne. Bhí an oídhche dhubh ann um an
dtaca san; ach bhí an oídhche go breagh agus go ciúin,


L. 91


agus níor bh' fhada gur eirigh an ghealach. Nuair a bhí an
ghealach 'n-a suidhe agus an solus agam ba chuma liom
an oídhche nó an lá agam. Chomáineas liom an bóthar
soir. Thánag go dtí áit 'n-a raibh falla mór árd
cloiche ar an dtaobh thuaidh de'n bhóthar, ar mo láimh chlé,
agus seana chaisleán laistigh de'n fhalla. Do h-inn-
seadh dom cúpla lá roimis sin go raibh droch ainim ar
an seana chaisleán agus ar an áit sin de'n bhóthar; go
bhfeictí púca nó sprid nó rud éigin mí-nádúrtha de'n
tsórd san ann. Bhí sé ag déanamh amach ar uair an
mheadhon-oídhche nuair a thánag go dtí an áit. Bhíos ag
cuimhneamh ar an bpúca, ach má bhíos ní le h-aon eagla
roimis an bpúca é. Bhíos 'ghá rádh am' aigne gur mhór
an díth céille do dhaoine bheith 'ghá mheas go bhféadfadh
púcaí bheith sa n-oídhche ann ach chómh beag agus bheidís
ann i lár an lae. Le n-a linn sin siúd chúgham an
bóthar anoir ainmhíghe éigin uathbhásach agus é ar cosan-
áirde go dian. Bhí crainn ar gach taobh de'n bhóthar
sa n-áit, i dtreó nár fhéadas i n-aon chor a dhéanamh
amach cad é an saghas ruda an t-ainmhíghe. Bhí baitín
beag am' láimh agam. D'árduigheas an baitín d'á
luighead agus d'á shuaraíghe é. Do rith an t-ainimhíghe
chúgham go dtí go raibh sé ar m' aghaidh amach. Díreach
agus é ag gabháil thorm siar do leagadh ar an mbóthar é.
D'eirigh a leath agus ghaibh sé siar ar cos anáirde agus
d'fhan an leath eile ar an mbóthar. Bhíos ag iniúchadh
ar an leath a bhí ar an mbóthar. Ach níor fhéadas a
déanamh amach cad é an saghas ruda é. Le n-a linn
sin d'eirigh sé de'n bhóthar agus dhein sé orm.



"Fan uaim amach!" arsa mise, "pé rud tú!"
agus mo bhaitín anáirde agam.



Do labhair sé.



"Ó mhaise!" ar seisean, "go mbrisidh an D - l do


L. 92


chosa, mar asal!" agus é ag féachain an bóthar siar
i ndiaigh an ruda a bhí imthighthe siar ar cos anáirde.
"Gabhaim pardún agat!" ar seisean liom-sa. "Is
amhlaidh a chaitheas mé féin anuas de'n bhitheamhnach asail
sin. Do leagas é d'aon ghnó chun teacht anuas dé.
Ag dul soir go Sráid an Mhuillinn atáim. D'fhágas
Cill Áirne um thráthnóna chun dul soir go Sráid an
Mhuillinn. Bhíos chómh fada soir leis an mBara Dubh
nuair a bhuail an t-asal san umam ar an mbóthar.
Do rugas air agus do léimeas anáirde air chun é
bhreith liom agus marcaigheacht a bheith agam as tamall
de'n bhóthar. Chómh luath agus bhíos socair anáirde
air agus do fuair sé ná féadfadh sé mé chaitheamh dé,
cad a dhein sé ach iompáil an bóthar siar! Níor
fhéadas é chasadh toisg gan srian ná ceannrach a
bheith agam air. Bhéarfadh sé siar isteach go Cill Áirne
mé airís mura mbéadh mé 'ghá leagadh ansan ar an
mbóthar. Do rugas ar chluais air a d'iaraidh é
chasadh soir, agus is amhlaidh a leagas é, an rógaire
bitheamhnaigh!"



Ansan d'inis sé dhom cé 'r bh' é agus cad é an gnó a
bhí soir go Sráid an Mhuillinn aige. Ó thigh na
mbocht i gCill Áirne dob eadh a tháinig sé agus go
tigh na mbocht i Sráid an Mhuillinn a bhí sé ag dul.
Garsún cheithre mblian ndéag nó chúig mblian ndéag
ab eadh é. Cheap sé an éagcóir a dhéanamh ar an
asal agus thug an t-asal "cor i n-aghaidh an chaim"
dó.



Chomáineamair araon linn ansan an bóthar soir, agus
dheineamair cuideachtanas d'á chéile go dtí gur shrois-
eamair an bóithrín ó-thuaidh chun an tíghe ar Cnuc an
Eirbaill mar a raibh mo ghaolta-sa 'n-a gcómhnuighe
agus mar a raibh mo thriall i gcóir na h-oídhche. Do


L. 93


sgaramair le chéile ar an áit sin. Ní fheaca riamh ó
shin é beó ná marbh.



Ní raibh sé ach tamall beag roim lá nuair a shroiseas
an baile. Bhí muíntir an tíghe 'n-a gcodla, nídh nár
bh' iongnadh. Do fágadh biadh agus deoch am' chóir-se
i n-aice na teine. D'itheas an biadh agus d'ólas an
deoch. Ansan dúbhart mo phaidireacha agus chuas a
chodla. Ní baoghal ná gur chodlas go sámh.



Eidirfhaisneis iseadh an méid sin cainte atá ráidhte
i dtaobh na cuarda san a thugas go "Mangartain an
aeir aoibhinn," mar adúbhairt an file. An "Leitir
ná léightear" fé ndeara dhom cuimhneamh ar an gcuaird
sin. Do chuas suas aon uair amháin eile go mullach
na Mangartan, tamall maith i ndiaigh an lae sin, ach
ní raibh an lá chómh breagh ná an spéir chómh glan, agus
bhí daoine lem' chois, agus níor fhéach an radharc chómh
h-áluinn i n-aon chor, ná chómh h-oirdheirc, ná chómh
h-uasal, agus bhí sé an chéad lá úd a chonac é. Is dócha
gur lá mar an lá san a bhí ag an bhfile thuas air nuair a
thug sé "Mangarta an aeir aoibhinn" ar an gcnuc.
D'airigheas féin "Mangarta an Cheóigh," 'á thabhairt
ar an gcnuc gcéadna i n-abhrán eile. Is eagal liom
gur minicíghe go mór a bhíon an cnuc 'n-a "Mhangartain
cheóigh," 'ná mar a bhíon sé 'n-a "Mhangartain aeir
aoibhinn."


L. 94


XIII



MAGH NUADHAT



Sa bhliain d'aois an Tighearna míle ocht gcéad
trí fichid a h-aon iseadh do chuas síos go Coláisde
Mhaighe Nuadhat chun mo théarma aimsire do chaitheamh
ann am' ollmhughadh chun bheith am' shagart.



B' é dlígh an Choláisde an uair sin go gcaithfeadh
duine ocht mbliana, nó seacht mbliana, nó sé bliana,
do chaitheamh ann, ag foghluim na n-ealadhan a bhéadh
riachtanach dó i dtreó go mbéadh an t-eólus ceart aige
chun go ndéanfaí sagart dé. Do curtí triail ar na
h-ógánaigh ag dul isteach dóibh, i n-éaghmuis na trialach
a chuireadh na h-Easboig amuich ortha. Dá dtaisbeánadh
an triail nár ghádh do'n ógánach na h-ocht mbliana do
chaitheamh istigh do maithfí bliain dó. Ansan, dá dtais-
beánadh an triail nár ghádh dhó na seacht mbliana do
chaitheamh istigh do maithfí obair dhá bhlian dó. Do
maitheadh obair dhá bhlian dómh-sa. Ba mhór an tairbhe
dhom é sin mar tá aer na h-áite ana dhian ar shláinte
na mbuachaillí a théighean isteach ann 'ó'n dtuath. Do
bhí sé dian ortha an uair sin pé'r domhan é. Ní fheadar
an bhfuil aon fheabhas tar éis dul air nó ná fuil.
Chuaidh buachaillí breaghtha móra láidire isteach ann an
bhliain chéadna do chuas-sa isteach. Chómh luath agus
bhí bliain caithte istigh acu bhí cuid acu seirgthe go maith.
Nuair a théighdís abhaile i gcaitheamh rátha an tSamhraidh
do chuiridís an fheóil suas airís agus thagadh a neart
dóibh. Ach d'imthigheadh an fheóil agus an neart airís
nuair a bhídís raint aimsire tar éis teacht thar n-ais.
Nuair a bhíodh deire na h-aimsire caithte agus iad ag


L. 95


dul amach 'n-a sagartaibh críochnuighthe bhíodh na cnámha
lom go maith acu go léir, go mór mór ag an gcuid
acu do tógadh ar an dtuath. An chuid acu do tógadh
ins na sráideanaibh nó ins na bailtibh móra, ní ghoilleadh
an áit istigh chómh mór i n-aon chor ortha. Ní bhíodh an
neart ionta, ó thosach, a bhíodh ins na fearaibh óga a
thagadh ó'n dtuath, ach an méid nirt a bhíodh acu do choim-
eádaidís é i gcaitheamh na h-aimsire. Bhídís lag, neam-
brígheach, i gcomparáid le buachaillíbh na tuatha, ar
dtúis; ach ag déanamh amach ar dheire na h-aimsire
bhídís-sin ar an gcuma gcéadna nách mór, agus bhíodh
an t-anam sladaithe, nó geall leis, as an mbuachaill
a tháinig isteach ó'n dtuath.



Thagadh buachaillí ana chalma isteach ann ó Chontae
Thiobraid Áran. Is cuimhin liom buachaill a tháinig
isteach an bhliain chéadna a chuas féin isteach. Bhí sé
os cionn sé troighthe ar aoírde, agus bhí sé chómh cúmtha
chómh córach san 'n-a dhéanamh gur bhreagh liom bheith ag
féachaint air agus é ag siúbhal i n-aonfheacht le n-a
chomrádaithib. Bhíodar go léir árd go maith, deagh-
chúmtha go maith, ach do mheasainn go mbíodh a cheann
agus leath a mhuiníl suas glan os a gcionn go léir.
Bhí neart uathbhásach ann. Bhí sé féin agus triúr eile
buachaillí lá ag imirt chluiche le liathróid láimhe. Bhí
ainim an nirt go léir air. Thug an triúr eile cogar
d'á chéile go mbéarfaidís i dtriúr air agus go leag-
faidís é. Bhíos féin ag féachaint ar an imirt. Ní
raibh puínn maitheasa riamh ionam chun aon chluichí glea-
caidheachta de'n tsórd san. Ba ghearr go bhfeaca
an triúr ag breith isteach ar an aoinne amháin. Bhí a
lámha tímpal an chuím air ag beirt acu, agus bhí greim
ar ghlúinibh air ag an dtrímhadh duine. Do lúb an fear
láidir a ghlúinibh, agus do leig sé síos é féin go dtí go


L. 96


raibh an bheirt uachtarach daingean aige fé n-a dhá osguil,
agus greim le n-a dhá láim aige ar dhá cheathramhain
an fhir iachtaraigh. Ansan do dhírigh sé suas é féin agus
thóg sé an triúr i n-aonfheacht glan ó'n dtalamh agus
shiúbhluigh sé mór-thímpal na cúirte leó. Nuair a
leig sé uaidh iad dob' éigean dóibh suidhe síos ar feadh
tamaill chun teacht chúcha féin ó'n bhfásgadh a thug sé
dhóibh. Agus ní raibh sé ach ag gáirí an fhaid a bhí an
gníomh san aige 'á dhéanamh. Agus fir luatha láidire
chumasacha ab eadh an triúr.



"Seadh," ar seisean, nuair a leig sé uaidh iad, "an
beag libh de'n spórt?"



"Mheasamair," arsa duine acu, "go mbéadh sé
le rádh againn gur leagamair thú. Ach cad ba ghádh
dhuit mé dh'fhásgadh chómh mór? Bhainis m'anál díom,
agus is ar éigin atá ionam labhairt fós!"



"Tú féin fé ndeár é," arsa duine eile acu leis
an bhfear a labhair. "Mura mbéadh tusa ní thabhar-
faimís féi i n-aon chor. Tá teinneas am' dhrom agus
suas am' chúl fós!"



Bhí cathughadh ar an bhfear mór nuair a chonaic sé an
cás 'n-a rabhadar, agus bhí sé ag gabháil a leathsgéil
leó agus 'ghá rádh nár mhothuigh sé an neart san aige 'á
chur sa bhfásgadh; nár mheas sé gur thug sé dhóibh ach an
fásgadh do choimeádfadh a ghreim ortha chun iad do
thógaint ó'n dtalamh.



"Dar fiadh," arsa'n trímhadh duine acu, "ach da
bhfáisgthá a thuille mise bhíos marbh agat!"



Cúpla bliain 'n-a dhiaigh san do chonac-sa an fear san
agus is ró bheag an neart a bhí ann. Do ghoill aer na
h-áite air agus do ghoill an biadh air, agus do thuit
sé i gceann a chos. B'éigean dó dul abhaile. Bhí sé ró
imthighthe, ámhthach, sar ar chuaidh sé abhaile. Ní raibh


L. 97


sé abhfad sa bhaile agá mhuíntir nuair imthigh sé abhaile
ar an síoruidheacht, gura' maith an mhaise dhó é!



Dúbhart gur ghoill aer na h-áite air. Do ghoill.
Ach níor bh' aon iongnadh é sin. Tá an áit ró íseal
agus tá an chanáil ag gabháil tré lár na tíre, siar,
lasmuich d'fhalla an Choláisde, agus fliuchan ceó na
canáile sin an t-aer i dtreó go mbíon an t-aer mí-
fholáin do chliabh an duine, agus go músglan sé an
uile shaghas galair cléibh ann.



Ach dúbhart gur ghoill an biadh air. Ba mhó d'ion-
gnadh an ghoilleamhaint sin 'ná an ghoilleamhaint eile.
Tugtar, nó do tugtí an uair sin ar aon chuma, an
chaoirfheóil ab fhearr d'ár bhlais aon daonaidhe riamh le
n-ithe dhúinn. Níor bh' fhéidir aon locht fhághail uirthi.
Ní lúgha 'ná mar ab fhéidir aon locht fhághail ar an arán
a tugtí dhúinn. Ach d'á fheabhas a bhíodh idir fheóil agus
arán ní dheinidís puínn tairbhe do chuid againn. An
chuid againn a théigheadh isteach ó'n dtuath ní bhíodh
taithíghe ar an bhfeóil againn. An gráinne agus an
práta agus an bainne iseadh bhíodh againn sa bhaile
ar fad. Ní bhíodh an fhéoil le fághail ach go h-anamh, nó
b'fhéidir go ró-anamh. Ansan, nuair a théighmís isteach
sa Choláisde ní bhíodh le fághail ach an fheóil ar fad.
Bhíodh an t-aer breagh foláin agus an biadh ar ar tógadh
sinn fágtha i n-ár ndiaigh lasmuich againn. Bhíodh an
biadh lastigh go h-ana mhaith, ach ní h-ar an mbiadh sin
a tógadh sinn. Ní bhíodh an taithíghe againn air. Ní
théigheadh sé chun sochair dúinn. Bhíodh a rian air, nuair
a thagaimís abhaile ar ár laethantaibh saoire sa tsamh-
radh, is ar éigin aithnigheadh ár máithreacha sinn, bhímís
ag féachaint chómh lom chómh mílítheach chómh h-ocrach san.



An fhaid a bhímís sa bhaile bhíodh ár ndóithin airís
againn de'n bhiadh ar ar tógadh sinn, an t-arán coirce


L. 98


agus an t-arán cruithneachtan ó'n muillean, an t-ubh
circe agus an t-ubh lachan, an leamhnacht agus an bainne
ramhar agus an bhláthach, an práta agus an gobalach,
agus an blúire bagúin anois a's airís. B'shiné an
biadh a théigheadh chun sochair dúinn. Do chuirimís suas
an fheóil airís go tiugh, agus na pluic, agus thagadh an
neart agus an fuinneamh airís ionainn, i dtreó, nuair
a bhíodh an trí mhí laethanta saoire caithte agus théighmis
thar n-ais go dtí an Choláisde, gur bh' ar éigin aithnighdís
na h-uachtaráin sinn, agus gur bh' ar éigin aithnighmís
a chéile.



Chuireas féin an chéad bhliain díom ann gan aon léic
a theacht am' shláinte, bíodh go rabhas ana lom nuair a
thánag abhaile sa tsamhradh. Chuas thar n-ais sa bhfogh-
mhar agus mé láidir go maith. Ní rabhas abhfad istigh,
ámhthach, nuair a thosnuigh an goile ar bheith ag cur orm.
As san amach b' éigean dom cuid mhaith de m' aimsir
do chaitheamh i dtigh na n-easlán ann, agus níor fhéadas
a thabhairt d'aireachas dom' chuid léighinn ach oiread
agus bhéarfadh saor mé tré gach sgrúdughadh fé mar a
thagadh sé. Bhíodh an trí mhí go breágh fada agam sa
tsamhradh, agus ba bheag ná go leighseadh san an méid
díobhála a bhíodh déanta ag an gcuid eile de'n bhliain.



I gcaitheamh na sé mblian a thugas sa Choláisde sin
bhínn ag machtnamh go minic ar na coláisdíbh úd a bhí
i n-Éirinn i dtosach aimsire. Ní bhíodh aon tighthe
breaghtha móra slinne an uair sin ag múinteóiríbh ná
ag macaibh léighinn. Is amhlaidh a bhíodh a thigh beag féin
ag gach aoinne, tigh beag deas clúthmhar agus díon
maith tuighe air agus gan de thriosgán istigh ann ach
an bórd agus an leabaidh agus cúpla cathaoir b'fhéidir,
agus an tinteán. Innstear dúinn gur ghnáth leis na
macaibh léighinn bheith ag dul amach mór-thímpal ar


L. 99


fuaid na cómharsanachta ag soláthar an bhainne dhóibh
féin. Ní raibh na fallaí breaghtha 'n-a dtímpal, mar a
bhí i n-ár dtímpal-ne, ach measaim gur bh'fhearr an
tsláinte a bhíodh acu 'ná an tsláinte a bhíodh ag macaibh
léighinn Choláisde Mhaighe Nuadhat, an fhaid a bhí aithne
agam-sa ar an áit, ar aon chuma. B'fhéidir go bhfuil
an sgéal níos fearr anois acu.



XIV



BAOGHAL AR AN nGAELUINN



An fhaid a bhíos-sa sa bhaile agus gan taithíghe ná
eólus agam ach ar na cómharsain a bhí am' thímpal i bpar-
óiste Chluandrochad agus i bparóiste Bhaile Mhúirne,
níor tháinig lá d'á chuimhneamh riamh chúgham go raibh
aon bhaoghal ar an nGaeluinn. Ach nuair a chuas isteach
sa Choláisde agus chuireas aithne ar bhuachaillíbh a
tógadh i n-áiteanaibh eile, agus nuair a fuaras ná
raibh aon fhocal Gaeluinne acu, bhí iongnadh agus
alltacht orm. Ansan iseadh do buaileadh isteach am'
aigne go raibh an Ghaeluinn ag imtheacht; go mbéadh
sí ag imtheacht fé mar a bhéadh na seandaoine ag
imtheacht agus na daoine óga ag teacht; go n-eireó-
chadh sliocht agus an dá theanga acu, Gaeluinn agus
Béarla i n-aonfheacht; ansan go n-eireóchadh sliocht
i ndiaigh an tsleachta san, agus gan aon fhocal Gael-
uinne acu. Nuair a buaileadh an méid sin isteach am'


L. 100


aigne tháinig uaigneas thar bárr orm agus brón agus
ceann-fé. Ba bheag ná gur bh' fhearr liom imtheacht
go dtí dúthaigh éigin iasachta, agus mo shaoghal do
chaitheamh agus do chríochnughadh ann, 'ná bheith i n-Éirinn
agus Éire ag iompáil 'n-a dúthaigh iasachta. Dar liom
níor bh' í Éire i n-aon chor í nuair a bhéadh sí gan aon
fhocal Gaeluinne d'á labhairt inti.



Isé rud a tháinig dom as an machtnamh, agus as an
mbrón agus as an uaigneas, 'ná gur shocaruigheas
am' aigne, pé rud a dhéanfadh aon duine eile, go
gcoimeádfainn féin mo chion de'n Ghaeluinn gan dul
ar neamhnídh. Chromas láithreach ar bheith ag rádh na
Coróinneach Muire as Gaeluinn fé mar a deirimís
sa bhaile í, agus fé mar a deirimís thuaidh ar Doire
na Móna í an fhaid a bhíos ann. Do choimeád san mé
gan dul as taithíghe na cainte. Do chromas, leis, ar
bheith ag léigheadh na Gaeluinne dhom féin as na leabhraibh
Gaeluinne a gheibhinn i leabharlann an Choláisde, agus
do sgríbhinn síos aon rud a thaithneadh liom i leabhar
beag a bhíodh am' póca agam.



Bhínn ag déanamh na h-oibre sin, ach, tríd agus
tríd, bhínn coitchianta 'ghá fhiafraighe dhíom féin an
raibh aon mhaith am' ghnó; nó an bhféadfadh mo dhícheal
cosg do chur leis an meathalughadh a bhí ar an nGaeluinn.
Bhí a lán rudaí os cómhair mo shúl, am' thímpal, a bhí
coitchianta 'á chur 'n-a luighe ar m' aigne "gur bhaoth
mo ghnó." An chuid ba mhó des na buachaillíbh eile,
nuair a chídís an obair a bhíodh ar siúbhal agam, ní
dheindís ach a gceann do chrothadh agus gáire dhéanamh
agus sgaoileadh liom. I ndiaigh ar ndiaigh do thuigeas
am' aigne go mb' fhéidir go raibh dearmhad agam 'á
dhéanamh. Chínn gach aoinne a d'iaraidh é féin do
chur ar aghaidh agus do bheachtughadh i n-eólus agus i


L. 101


gclisteacht agus i gcumas ar an mBéarla. Cad
fhéadfadh aoinne amháin a dhéanamh?



I ndiaigh chéile do mhaoluigh an díogras ionam agus
thugas aghaidh ar na gnóthaíbh a bhain le h-obair an
Choláisde i mBéarla agus i Laidin agus sa bhFrainncis.
Do leanas, ámhthach, ar mo Choróinn Mhuire do rádh as
Gaeluinn nuair a bhínn ag dul a chodla. Do sgríbhinn
síos am' leabhar sgríbhinne, anois agus airís, blúire
beag Gaeluinne nuair a bhuaileadh sé umam. Is
cuimhin liom conus mar a bhíos lá ag féachaint ar
leabhar Gaeluinne sa leabharlann. Chonac ar chiúmhais
leathanaigh ann an dán beag so:-



"A choluim an cheóil bhrónaigh sa ndún dubh thall,
Is doilbh an róimh nósmhar san fút go fann.
Tulach Uí Róig mhórdha na múrtha meann
Gan choire, gan spórt seólta, gan lúbadh
lann!"



Thuigeas gur b' amhlaidh a bhí an file ag féachaint
uaidh ar sheana chaisleán bhriste éigin, agus go bhfeac-
aidh sé colúr 'n-a sheasamh anáirde ar bhara an tseana
chaisleáin agus "Cú-ú! cú-ú! "aige, agus gur bheart-
uigh an file i n' aigne an colúr sana bheith "ag éigheamh
's ag osnadhal," ag caoineadh na h-uaisleachta a bhí
ar an gcaisleán san sar ar deineadh seana chaisleán
briste dhé. Ní raibh aon tuairisg sa leabhar, ná ar
chiúmhais an leabhair, ar cad é an caisleán é ná ar cá
raibh sé. Bhíos féin 'á chuimhneamh go mb' fhéidir gur
"Tulach Uí Ruairc" ba cheart a bheith sa dán agus
gur bh' ar sheana chaisleán éigin le Brian na Múrtha do
chonaic an file an colúr.



Nuair a bhí sé ag dul 'n-a luíghe ar m' aigne ná raibh
ach cailleamhaint aimsire dhom ann, bheith ag casadh


L. 102


le h-aon rud a dhéanamh a chuirfeadh cosg leis an
meathalughadh a bhí ag cur na Gaeluinne as an saoghal, do
chonac i leabhar éigin caint a dúbhairt Eoghan ó Camh-
raighe i dtaobh na h-oibre a bhí aige féin agus ag cuid
de lucht a chómhaimsire 'á dhéanamh, .i. "go rabhadar ag
cruinniughadh agus ag míniughadh na seana Ghaeluinne
a bhí ins na leabhraibh a sgríobhadh fadó, i dtreó, nuair
a bhéadh an Ghaeluinn a bhí d'á labhairt imthighthe as an
saoghal, go mbéadh fuíghleach éigin nó iarsma éigin
fágtha i n-Éirinn 'n-a diaigh."



"Dar fiadh," arsa mise am' aigne, "má bhíodar
súd chómh deimhnightheach, agus an Ghaeluinn chómh beó
agus a bhí sí an uair sin, go raibh sí ag dul chun báis
agus ná raibh aon bhreith acu féin, d'á fheabhas éirim
aigne a bhí acu, ar í choimeád ó bhás, cad déarfaidís dá
mbéidís beó an uair seo agus go bhfeicfidís conus
mar atá an Ghaeluinn imthighthe a' breis agus leath an
oileáin! Má thuigeadar súd ná raibh aon bhreith acu
féin ar an meathalughadh do chosg an uair sin, cad
déarfaidís leis an t-é a mheasfadh go mbéadh aon
bhreith ag aoinne ar an meathalughadh do chosg anois!"



B' é crích an mhachtnaimh agam é gur stadas. Ach,
mar adúbhart, do leanas ag rádh na Coróinneach Muire
as Gaeluinn.



Le linn na h-aimsire sin do thárla go raibh buidhean
des na macaibh léighinn a bhíodh d'á dtabhairt i n-aon-
fheacht isteach i halla mór gach aon tráthnóna, chun raint
foghluma dhéanamh ar conus Béarla do léigheadh agus
do sgríobhadh agus do labhairt mar ba chóir agus mar
ba chuibhe agus mar ba cheart do dhaoine foghlumanta.
Do ráinig go rabhas-sa ar an mbuidhin sin. Bhí sagart
óg ó dhóiseas Chorcaighe i mbun na h-oibre sin dúinn.
Chuireadh sé i n-ár suidhe sinn uaireanta agus thugadh


L. 103


sé dhúinn nídh éigin ar a sgríbhfimís aiste Bhéarla dhó.
Is cuimhin liom gur thug sé dhúinn, aon tráthnóna
amháin, an rádh so chun na h-aiste do sgrí' air, .i. "Per-
severando vinces," .i. "Beirean buan buadh."



Bhíomair go léir i n-ár suidhe go ciúin, a pheann
agus a dhubh agus a bhlúire páipéir ag gach aoinne agus
é ag machtnamh ar a dhícheal a d'iaraidh cuimhneamh ar
rud éigin a chuirfeadh sé síos. Uair a' chluig a tugadh
dúinn chun na h-oibre do dhéanamh. D'imthigh an aimsir,
agus ba ghairid an mhoill uirthi imtheacht. Ba dhóich le
duine ná raibh tar chúig neómataí sa n-uair a' chloig
sin. Do buaileadh an cloigín. Do shín gach aoinne
suas a pháipéirín pé beag mór a bhí sgríobhtha aige air.



Um thráthnóna amáireach a bhí chúghainn thánamair go
léir chun an halla chéadna. Is orm-sa a bhí an iongnadh
nuair a glaodhadh m' ainm ar dtúis. Do síneadh
chúgham anuas an páipéirín chun go léighfinn amach é os
a gcómhair go léir. Ansan d'imthigh rud greannmhar
orm. Bhí sé air agam mo sgríbhinn féin do léigheadh,
rud atá thar éis imtheacht orm go minic ó shin, leis.
Bhíos ag treabhadh thríd ar feadh cúpla neómat.



"Tabhair dómh-sa é," arsa'n múinteóir.



Shíneas chuige suas é. Do léigh sé amach é chómh breágh
chómh réidh agus dá mb' é féin do bhéadh tar éis é sgrí'.
Admhuighim gur thaithn sé go maith liom. Thaithn sé go
maith leó go léir. Mholadar go mór é pé'r domhan é.



Nuair a bhí deire na bliana ag teacht do ceapadh
aiste dhúinn go léir le sgrí' agus bhí duais aonair
le fághail ag an t-é do sgríobhfadh an aiste ab fhearr.
Sidé an rud ar a raibh orainn an aiste do sgrí' .i.
"The Elizabethan Age of English Literature."



Tháinig deire na bliana. Chuamair go léir isteach
sa halla mór. Bhí seisear nó mórsheisear Easbog


L. 104


ar an árdán thuas. Do tugadh dómh-sa an duais aonair.
Bhí orm raint de'n aiste do léigheadh i láthair na
n-Easbog.



Is cuimhin liom, i dtosach na sgríbhinne, gur thráchtas
ar léighean na Gréige agus gur mholas é; gur thráchtas
ar léighean na Rómha agus gur mholas é; gur thrachtas
ar na léigheanaibh eile ar fuaid na h-Euróipe, an
Fhrainncis agus an Almáinnis agus an Spáinnis, na
saighseana leighinn sin a shíolraidh ó'n nGréigis agus
ó'n Laidin, agus do mholas iad. Ansan do thráchtas
ar léighean agus ar úghdaraibh Shasana i n-aimsir
Elisabet, agus do mholas idir léighean agus úghdair.
Níor dheacair dom iad do mholadh. Bhí eólus maith
agam ar a lán acu. Bhíodar agam sa bhaile. Thug
mo mháthair léi a-dtuaidh ó'n Mullach Ruadh iad, beann-
acht Dé le n-a h-anam!



Siné díreach an pháirt de'n sgríbhinn a marcáladh
dom le léigheadh os cómhair na n-Easbog. Do léigheas
amach é go h-árd agus go neamhsgáthmhar.



Bhí duine des na h-Easbogaibh 'n-a shuidhe thuas i lár
baill, díreach ar m' aghaidh amach. Nuair a stadas
d'eirigh sé 'n-a sheasamh agus d'fhéach sé idir an dá shúil
orm.



"Dheinis an méid sin go maith, a bhuachaill," ar
seisean. "Thugais do chuaird mór-thímpal ortha go léir.
Do mholais léighean na Gréige. Do mholais léighean
na Rómha. Do mholais léighean na Frainnce agus
léighean na Spáinne agus léighean na h-Almáinne.
Ansan do mholais go h-árd léighean Shasana. Agus
féach, oiread agus aon fhocal amháin amach as do bhéal
ní dúbhraís i dtaobh léighinn na h-Éirean."



Dúbhairt sé a lán eile ansan 'á chur ar mo shúilibh
dom go raibh dearmhad mór déanta agam, mar go


L. 105


raibh léighean na h-Éirean níb' fhearr agus níob' uaisle
agus níba shine 'ná aon léighean des na léigheanaibh
eile sin a dh'ainimnigheas.



Bhíomair araon ag féachaint go daingean agus go
dlúth agus go díreach idir an dá shúil ar a chéile an
fhaid a bhí sé ag caint.



Seághan mac Éil, Árd-easbog Thuama, isé do chas
an t-asachán san liom-sa an lá san, i gColáisde Maighe
Nuadhat, os cómhair na n-Easbog eile a bhí ann, agus
os cómhair na n-uachtarán, agus os cómhair na gcoláis-
teánach go léir, agus admhuighim ó chroídhe gur bhain sé
an mhóráil díom i gceart. D' athruigh m' aigne láith-
reach. D'imthigh an mhór-uraim a bhí tagaithe agam do'n
Bhéarla, agus do las airís am' chroídhe an meas a bhí
agam riamh roimis sin ar an nGaeluinn. Do chromas
airís ar na leabhraibh Gaeluinne sa leabharlann do
léigeadh agus do sgrúdadh, agus ar na blúiríní beaga
filidheachta do thaithneadh liom do chur síos am' leabhar
sgríbhinne. Nuair a thagainn abhaile ar laethantaibh
saoire bhínn ag gluaiseacht anso agus ansúd ar fuid
na cómharsanachta ag bailiughadh amhrán agus seana
chainteana Gaeluinne ó sheandaoine go mbíodh a
leithéidí acu. Is cuimhin liom go ndeigheas siar lá
go dtí an Tóchar, mar a raibh Dómhnall ua Loingsigh 'n-a
chómhnuighe, agus go bhfuaras ó sheanduine bheag a bhí
'n-a chómhnuighe i n-aice Locha an Bhogaigh, amhrán ar a
dtugtí "An Bodach beag tóstalach." Tá an t-amhrán
san i gclódh anois agus ní gádh é chur síos anso.
Fuaras uaidh, leis, "An Giolla Ruadh," an t-amhrán
a chuir am' aigne an tuairisg úd ar an gceól sídhe
atá curtha síos agam i "Séadna."


L. 106


XV



GNÓ SAGAIRT; AGUS TEACHT NA BHFÍNÍNÍ



Do ghluais na sé bliana a thugas sa choláisde agus
ba mhar a chéile, geall leis, iad go léir. Ní raibh de
dheifrigheacht eatartha ach an deifrigheacht a bhí idir na
céimeanaibh oibre a bhí againn le déanamh. Bhí a céim
oibre féin ceapaithe do gach bliain díobh, bliain
abhcóididheachta, bliain ealadhandachta, agus ansan,
cheithre bliana diadhachta. Chuireas díom iad gan aon
rud neamhchoitchianta do thuitim amach dom. Ní
bhfuaras a thuille duaiseana. Nior dheineas aon
iaracht ar iad fhághail. Bhí a mhalairt de chúram orm.
Ó'n gcéad bhliain amach bhí an tsláinte ag bagairt orm
agus bhí an bhagairt ag dul i ngéire i n-aghaidh gach
bliana, i dtreó, nuair a bhí deire na h-aimsire ag
druidim liom, gur chuma liom ach go mbéarfainn na
cosa liom as an áit. Thug Dia dhom, moladh 's buidhchas
leis, gur rugas. Fuaras na h-úird, gach órd acu fé
mar a tháinig mo theidiol chuige, go dtí gur cuireadh
fé ghrád sagairt mé an t-aonmhadh lá déag de Mheitheamh
an tSamhraidh sa bhliain d'aois an Tighearna, míle
ocht gcéad, trí fichid, a seacht. Thánag abhaile, agus
ní rabhas sa bhaile ach raint laethanta nuair a tháinig
leitir an Easboig chúgham 'á rádh liom dul ag déanamh
gnótha sagairt i bparóiste Chille Sheanaigh, i n-aice
Mhalla. Paróiste mhór fhada leathan iseadh í, ó Nead
an Fhiolair soir go teórainn Bhaile na Móna agus ó
bhruach Abhan Móire ó-dheas go dtí Áth an Dalláin agus
go dtí Bárr an Chárthainn geall leis. Sa taobh theas


L. 107


de'n pharóiste a cuireadh am' chómhnuighe mé, ar an
mBeinn. "Beinn na Míol" an ainim iomlán.
"Míol mhaighe" a tugtí ar "ghiorfhiadh," agus bhíodh
mórán giorfhithe sa n-áit, agus uime sin a tugadh
"Beinn na Míol" ar an sliabh san. Sin mar a mhínígh-
eadar muíntir na h-áite dhómh-sa an ainim. Is dócha
gur acu b'fhearr fios an sgéil.



Tá caraig sa taobh thoir de'n pharóiste agus is
orm-sa a bhí an iongnadh nuair airigheas "Caraig
Clíodhna" mar ainim ar an gcaraig sin, agus ar an
mbaile n-a bhfuil an charaig ann. Ní féidir liom a
dhéanamh amach an bhfuil aon bhaint ag an "gCaraig
Clíodhna" so le "Clíodhna na Caraige Léithe." Deir
an "Giolla Ruadh" sa n-amhrán adúbhart, go raibh
"Aoibhil agus Meas agus Clíodhna na Caraige Léithe"
ag gluaiseacht ar tosach sa tsluagh sídhe a chuaidh leis
go h-Eóchaill chun an Duineárdaigh do chosaint ar an
mbás. Bhí sluagh sídhe a tháinig a-dtuaidh ó Chonnacht-
aibh a d'iaraidh an Duineárdaigh a bhreith leó. Do
troideadh cath idir iad agus sluagh sídhe na Múmhan.
Do bhuaidh sluagh sídhe na Múmhan ar an sluagh sídhe
a-dtuaidh, ar "Dhaoraicme Chonnacht," agus tháinig
an Duineárdach saor ó'n mbreóiteacht a bhí air. Tá
an t-amhrán le fághail i gclódh anois.



D'inis seanduine éigin sa n-áit dom go raibh
duin'uasal 'n-a chómhnuighe i n-áit éigin ar bruach Abhan
Móire sa tsean aimsir fadó riamh; gur b'ógánach
ana dhathamhail é; gur thuit Clíodna na caraige sin
Chille Sheanaigh i ngrádh leis; gur chuir sí chuige mar
theachtaire seana chailleach ar a dtugtí Caitilín Dubh;
gur órduigh sí do Chaitilín a dh'innsint do'n ógánach
uasal cad é an spré a bhí le fághail aige léi dá bpósadh
sé í:


L. 108


"Chúig céad gabhar odhar ar aon dath;
Chúig céad tona d'ór na Gréige;
Chúig céad loiligheach ceanfhion, bléinfhion;
Chúig céad caoira ar ínse taobh leó."



Níor fhéad sé a thuille thabhairt dom, agus ní fheadar
ar thug sé an méid sin sa cheart dom. B'fhéidir go
bhfuil tuille dhé ag duine éigin eile.



Ní foláir dom trácht, sar a ndruidead níos sia ó
aimsir an choláisde, ar nídh do thárla an fhaid a bhíos
ann. I dtreó go dtuigfear an nídh sin i gceart ní
mór dom dul siar tamall. Nuair a bhíos ag dul ar
sgoil go Caraig an Ime bhí ar an sgoil gcéadna
buachaill gur bh'ainim dó Muircheartach ua Muíneacháin.
Bhí sé eirighthe suas i n'fhear, geall leis, an uair sin.
Bhí an ceann agus an éirim agus an chúil-fhéith go maith
aige. D'imthigh sé ó-dheas go dtí an Sgibirín, is dóich
liom, ag múineadh sgoile, nuair fhág sé sgoil Charaig
an Ime.



Níor airigheas a thuille cúntais air go dtí go rabhas
ar sgoil i gCeann Tuirc ag foghluim na Laidne.
Ansan do tháinig chúghainn ráfla éigin ó'n Sgibirín
agus ó'n ndúthaigh sin mór-thímpal, .i. go raibh buidhean
éigin ar bun ann agus go rabhadar ceapaithe ar eirighe
amach do dhéanamh, agus ar chómhacht Sacsan do bhriseadh
i n-Éirinn agus ar Ghaedhlaibh d'fhuasgailt ó dhaor-
smacht na Sacsan. "Phoenixmen" a tugtí ar an
mbuidhin sin. Níor mheasas gur chuir riaghaltas na
h-Éirean puínn suime ionta. Fé dheire do shrois
ráfla grána sinn 'n-a dtaobh. Do h-innseadh dúinn
gur dhein duine acu féinig feall ar an gcuid eile acu;
gur imthigh sé agus gur dhíol sé iad; gur thug sé a
n-ainimneacha do'n namhaid, agus go raibh beirthe ortha


L. 109


agus go rabhadar istigh i bprísún go daingean fé
ghlasaibh dubha. Is cuimhin liom go bhfeaca ainim
Mhuircheartaigh uí Mhuíneacháin ar ainimneachaibh na
bhfear a bhí curtha isteach. De mhuíntir Shúilliobháin
ab eadh an fear a dhein an feall. "Ó Súilliobháin
Gallda" a tugtí air. An seana sgéal i gcóm-
nuighe!



Ba dhóich liom féin go mbéadh an fhilidheacht níos
fearr dá n-abarthí



Ach is cuma é. Níor chuir an easgaine ná an téad aon
chosg riamh leis an informer i n-Éirinn. Níor bh'
fhéidir é an fhaid a bhí an éagcóir chómh trom chómh tiu-
baisteach san nár bh' fhéidir le daoine macánta
í dh'fhulang gan iaracht éigin a dhéanamh fé cheilt 'n-a
coinnibh, agus ansan, an t-airgead chómh flúirseach
ag lucht na h-éagcóra do dhéanamh, chun na breibe
thabhairt go fial do'n informer. Ba thruagh an sgéal
é! "Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte!"
Éagcóir i riocht cirt. An bhréag i riocht na fírinne.
Cos-ar-bolg i riocht dlíghe. An éagcóir 'n-a suidhe
thuas go dána "ar bhínse an tsaor chirt," agus daor
bhreith 'á thabhairt ar an macántacht. Sin mar atá an
sgéal anso i n-Éirinn againn an fhaid atá cuimhne
am' cheann-sa. Tá súil le h-atharughadh againn anois
agus tá a rian air, tá an éagcóir ar dearg-bhuile.


L. 110


Tá eagal uirthi go gcurfar as an mbínse í. Tá súil
agam gur b' é eagla na h-áirighthe dhi é.



Níor cuireadh an dlígh ró dhian ar na Phoenixmen.
Ní feacathas sa ghnó ach rud suarach. Do tuigeadh gur
bh' fhearr gan iomad suime chur ann. Chuaidh gach aon
rud chun suaimhnis 'n-a thaobh, chómh fada agus do
feiceadh ar aon chuma. Bhí fear sa ghnó agus
Diarmuid ó Donabháin Rossa ab ainim dó. Do
h-airigheadh an ainim sin airís, agus go minic, 'n-a
dhiaigh san.



Ní ró fhada a bhíos istigh sa choláisde nuair a thosnuigh
ráflaí ar theacht chúghainn isteach i dtaobh uisge-fé-
thalamh eile a bhí ar siúbhal ar fuid na h-Éirean
i gcoinnibh Shasana. "Fíníní" a tugtí ar an mbuidhin
a bhí ag déanamh na h-oibre an uair sin. Ó'n sean
ainim .i. "Fiana Éirean" a shíolraidh an ainim
"Fíníní." Is dócha gur "Fiana" a tugadh ar dtúis
ortha; ansan gur cuireadh "Fenians" mar Bhéarla ar
an bhfocal; ansan gur cuireadh "Fíníní" mar
Ghaeluinn airís ar an bhfocal Béarla Fenians. Mheas-
adar go bhféadfaidís iad féin do chosaint ar an
informer ach gan aon eólus a thabhairt d'aoinne ar a
ngnó ach eólus ná féadfí a dhíol, eólus ná béadh aon
tairbhe do'n namhaid ann, agus, d'á bhrígh sin, ná ceann-
ófaí ó aoinne. Níor dhein san, ámhthach, ach an t-eólus
tairbheach do choimeád ag uachtaránaibh áirighthe, agus
d'fhág san ag na h-uachtaránáibh sin rud a ceannófaí
go daor uatha dá mba mhaith leó é dhíol. Ansan, dá
mbéadh fiche duine acu ná díolfadh é, b' fhéidir go
mbéadh aoinne amháin do dhíolfadh, agus, donas an
sgéil - do bhí. Níor bh' fhéidir gan a bheith.



Airighim daoine, uaireanta, ag tromaidheacht ar
mhuíntir na h-Éirean, 'á rádh, "dá gcurtí Éireanach


L. 111


ar bhior os cómhair na teine go bhfaighfí Éireanach eile
do chasfadh an bior." Is fíor é, b'féidir. Ach tá
rud eile chómh fíor leis. Dá gcurtí duine de mhuíntir
Shasana ar bhior os cómhair teine do gheóbhfaí duine
eile acu do chasfadh an bior. Dá gcurtí Spáinneach,
nó Almáinneach, nó Franncach, nó duine ó aon náisiún
eile sa domhan, ar bhior os cómhair teine do gheóbhfaí
duine eile de'n náisiún céadna, ní h-eadh ach beirt,
triúr, ceathrar, do chasfadh an bior. Tá maoidheamh ana
mhór d'á dhéanamh le breis agus céad blian as an
gcuma 'n-ar throid muíntir America i gcoinnibh Shasana
agus as an gcuma 'n-ar bhuadhdar ortha, agus as an
gcuma 'n-ar chaitheadar díobh smacht Shasana. Léigheadh
aoinne tuairisg an troda san agus chífidh sé go soiléir
nách fiú trácht ar an bhfeallaire Éireanach seachas na
feallairí a bhí tímpal ar Washington gach aon ré sholuis,
ag dul isteach 'n-a bhéal le dílse dhó, mar 'dh eadh,
agus sa n-am gcéadna na breabana móra 'n-a bpócaíbh
acu ar é thabhairt suas, beó nó marbh, do chómhacht
Shasana. Dá ndeintí comórtas idir na tíorthaibh
isé mo thuairim láidir go bhfaighfí níos mó daoine dílse
ar Ghaedhlaibh 'ná mar a gheóbhfí i náisiúnaibh eile, agus
níos lúgha ropairí. Ní ró mhór an sásamh aigne é sin,
ámh, agus go bhféadfadh aon ropaire amháin, go mór
mór dá mbéadh iontaoíbh as agus eólus aige ar na
neithibh bunaidh, na mílte do chrochadh agus a saothar do
chur ar neamhnídh.



Nuair a chonaic na Phoenixmen an rud a dhein
Ó Súilliobháin Gallda leó do shocaruigheadar a n-aigne
ar an gcluiche d'imirt feasta ar chuma ná fágfadh ar
chumas Shúilliobháin Ghallda eile an feall san do
dhéanamh ortha. D'atharuigheadar a n-ainim, leis.
Thugadar Fíníní ortha féin. Chuadar siar go h-aimsir


L. 112


Fhinn mhic Cúmhail chun na h-ainime dh'fhághail. Dar
leó, agus dob' fhíor dóibh é, do dhein Fionn agus Fiana
Éirean an tír seo na h-Éirean do chosaint ar gach
namhaid iasachta an fhaid a mhair a réim i n-Éirinn.
Níor neamhoireamhnach an ainm "Fiana" le tabhairt,
'n-a n-aimsir féin, ar bhuidhin a bhí ceapaithe ar an
namhaid iasachta do dhíbirt a h-Éirinn.



"Nár bh' fhearr an chiall dóibh," adéarfaidh duine,
b'fhéidir, "éirighe as an obair ar fad, ó bhí fhios acu,
pé dícheal a dhéanfaidís air, nár bh' fhéidir dóibh gan
Ó Súilliobháin Gallda éigin do bheith le fághail, luath
nó mall, istigh i lár na cómhairle ba phríomhóidíghe a
bhéadh ar bun acu?"



D'eireóchaidís as an obair tapaidh go maith dá mb'
fhéidir dóibh é. Níor bh' fhéidir dóibh eirighe as an obair,
mar bhí an cos-ar-bolg ró thiubaisteach ar fad 'á
dhéanamh ar mhuíntir na h-Éirean. Na cíosana ag eirighe
go dtí ná raibh biadh ná deoch, ná fiú balcais éadaigh
ar aon tslacht, ag an dtineóntaidhe. Na daoine ar
mhullach a gcinn ag obair ó dhubh go dubh agus ó cheann
ceann de'n bhliain, agus an uile bhlúire de thoradh na
sglábhaidheachta go léir agus de thoradh an alluis go
léir ag imtheacht sa chíos. Níor bh' fhéidir cur suas leis.
Níor cuireadh suas leis.



Bhí cúpla bliain caithte istigh i Maigh Nuadhat agam
sar ar h-airigheadh, i mbéalaibh daoine, puínn trácht
ar na Fíníníbh. Ansan do tosnuigheadh ar bheith 'ghá
innsint go raibh a leithéidí ann; go mbídís amuich
sa n-oídhche i n-áiteanaibh uaigneacha ag foghluim conus
arm teine agus arm faobhair do láimhseáil. Buidhean
fé cheilt ab eadh iad, ach ní rabhadar fé cheilt ar fad.
Bhí páipéar poibilidhe i mBaile Átha Cliath acu agus
níor dhaoine maola ná daoine gan acfuinn aigne an


L. 113


mhuíntir a bhí i mbun an pháipéir sin. Bhí eólus acu
agus bhí tabhairt suas ortha agus bhí tuisgint acu.
Bhí Diarmuid ua Donabháin Rossa i n'fhear eagair ar
an bpáipéar, agus ba láidir dána neamhsgáthmhar
an fear é. Bhí daoine ag sgrí' do'n pháipéar san
agus, chómh fada 's chuaidh mo bhreitheamhantas féin,
ó'n radharc a gheibhinn anois agus airís ar an bpáipéar,
ba ró dheacair fir ba threise aigne ná ba ghéire caint
a dh'fhághail an uair sin i n-aon pháirt de'n domhan go
raibh Béarla d'á labhairt ann. Béarla ar fad a bhí
sa pháipéar. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne ag dul
i n-aon pháipéar an uair sin. Níor dhóich leat ar chaint
an pháipéir go raibh aon nídh i n-aon chor ag an mbuidhin
d'á dhéanamh ná raibh acu d'á innsint sa pháipéar.
Chuiridís síos an uile ghníomh éagcórtha a dheineadh
tighearna talmhan ar thineóntaidhe, agus deiridís go
dána, mura gcuireadh muíntir Shasana, ó's acu a bhí
déanamh na ndlighthe, cosg leis na h-éagcóraibh sin,
gur dhóibh ba mheasa; go n-eireóchadh muíntir na
h-Éirean 'n-a gcoinnibh agus go gcomáinfaidís amach
as oileán na h-Éirean iad idir chorp ceart.



Bhí san go maith, ach dhein muíntir an pháipéir sin nídh
eile, nídh nár cheart dóibh a dhéanamh. Bhí sean aithne
ag cléir na h-Éirean agus ag seandaoine na h-Éirean,
an uair sin, ar na h-iarachtaíbh a deintí ar eirighe
amach i gcoinnibh cómhachta Shasana. Chonacadar cad
é an deire a bhí ar an iaracht a dhein an 1 Brianach.
Chonacadar cad é an deire a bhí ar obair na mBuachaillí
mBán. Chonacadar an feall agus an crochadh a dhein
M'leachlainn ó Dúbhgáin. Bhí sé daingean 'n-a
n-aigne ná béadh ar obair na bhFíníní ach deire de'n


L. 114


tsaghas chéadna, fir óga d'á seóladh ar aimhleas ar
feadh tamaill, agus ansan, feall agus éitheach agus
airgead fola agus crochadh agus ruagadh thar na far-
aigíbh ar fhearaibh óga na h-Éirean, agus an "Times,"
diabhal coímhdeachta Shasana, ag tromaidheacht ortha
go malluighthe, agus ag guidhe gur bh' imtheacht gan
teacht ortha é. Do thuig an chléir agus na sagairt an
méid sin go dian mhaith agus, nídh nár bh' iongnadh,
bhíodar a d'iaraidh na mbuachaillí do chómhairliughadh
agus do chur ar a leas, agus iad a choimeád amach a'
buidhnibh na bhFíníní. Do thuig na cinn a bhí ar na
buidhnibh sin an taobh san de'n sgéal.



"Ní h-aon mhaith dhúinne," ar siad le n-a chéile,
"bheith a d'iaraidh na bhfear óg so do ghléasadh mar is
cóir i gcoinnibh Shasana an fhaid atá greim chómh dain-
gean ag na sagartaibh seo ortha. Ní foláir dúinn
aghaidh a thabhairt ar an ngreim sin do bhogadh."



Thugadar aghaidh air. Thug an páipéar a bhí acu
aghaidh bhéil ar aon tsagart n-a raibh sé de mhisneach
aige a rádh le buachaillíbh óga a pharóiste fanamhaint
amach ós na Fíníníbh nó go mbéadh cathughadh ortha; gur
bh' í an chroch a gheóbhaidís ar ball, nó an loch amach.
Bhí an páipéar san coitchianta 'á chur 'n-a luíghe ar na
buachaillibh go raibh na sagairt sin ag gabháil páirte le
muíntir Shasana. Bréag ghrána ab eadh é sin. Bhí a
lán neithe chun na bréige sin do chur i bhfeidhm. Bhí na
buachaillí ró óg. Ní raibh cuimhne acu ar an sean
aimsir, ar aimsir na mBuachaillí mBán, agus ar
Mh'leachlainn, agus ar chrochadh na gCárthach. Bhí fhios
acu go maith, ámh, conus a bhí a saoghal acu féin 'á
chaitheamh; conus mar a bhí ar an uile dhuine acu bheith
ag obair go cruaidh gach aon lá 'an tseachtmhain, agus
an uile bhlúire do thoradh na h-oibre sin ag imtheacht


L. 115


sa chíos. Agus anois, dar leis an bpáipéar úd,
b' shiniad na sagairt ag cabhrughadh leis an éagcóir sin.
Do cuireadh 'n-a luighe ortha gur namhaid gur bh' eadh
an sagart, go raibh sé 'n-a namhaid ag Éirinn agus 'n-a
charaid ag namhadaibh na h-Éirean.



Nuair a chídhinn féin an obair sin 'á dhéanamh sa
pháipéar san do bhínn ar buile chun an pháipéar. Bhí
fhios agam go maith go raibh an cos-ar-bolg ag muíntir
Shasana 'á dhéanamh ar Éirinn. Bhí fuath fíochmhar agam
do mhuíntir Shasana mar gheall air sin. Ní cuimhin
liom riamh gan an fuath san a bheith ar lasadh istigh am'
chroídhe. Is cuimhin liom, agus mé ana bheag, gur
taisbeánadh dom caint éigin a bhí sa "Times" 'á rádh
ná raibh dlighthe Shasana cruaidh a ndóithin i n-aon chor
ar na cuirptheachaibh sin, .i. muíntir na h-Éirean. Is
cuimhin liom gur rugas ar an bpáipéar, agus gur
chuireas anuas ar an dtalamh é, agus gur ghabhas do
chosaibh ann go dtí go raibh sé 'n-a ghiobalaibh. Agus
b'shiné anois an páipéar Éireanach so 'ghá innsint os
cómhair an domhain go rabhas am' charaid ag an Sasana
céadna san agus am' namhaid ag Éirinn!



Rud ba mheasa 'ná san féin. Chuaidh an bhréag
i bhfeidhm ar a lán des na buachaillíbh. Chuaidh an
bhréag i bhfeidhm ar feadh tamaill ortha pé'r domhan é.
Thagainn abhaile gach aon tsamhradh, mar adúbhart,
ó'n gcoláisde. Nuair a bhuaileadh na buachaillí umam
ar an dtuath, nó ar bhóthar Maghchromtha, bhídís go léir
ana mhuínteartha liom agus ana uramamhail d'adhbhar
an tsagairt, dar leó. An dá shamhradh dheirineacha
thugas fé ndeara atharughadh, atharughadh grána, athar-
ughadh a chuir seirbhthean agus diombádh agus buairt
mhór go léir orm. Do bhuaileadh ceathrar nó cúigear
buachaillí umam ar bhóthar Maghchromtha agus iad ag


L. 116


siúbhal go dásachtach, a gcosa acu 'á "tharac i n-aoin-
fheacht," mar a deirtear i dTáin Bó Cuailgne. Nuair
a bhídís ag gabháil thorm do dhúbhadh agus do dhoirch-
igheadh ar na gnúiseanaibh acu, agus d'fhéachaidís a'
cúinníbh a súl orm mar fhéachfadh duine ar ropaire
bitheamhnaigh.



XVI



"A DHIA, SAOR ÉIRE!"



Do ghluais an dá bhliain. Tháinig an t-earach deiri-
neach a thugas i Maigh Nuadhat. I gcaitheamh an trí
rátha a tháinig roim Lá Fhéil' Pádraig an earaigh sin bhí
gach aon tsaghas ráflaí ag gluaiseacht i dtaobh na
bhFíníní. Bhí an t-eirighe amach le bheith ann lá Samhna.
Ansan bhí sé le teacht Lá Coille. Ansan bhí sé le
teacht gan aon dabht Lá Fhéile Bríghde. Fé dheire
tháinig sé. Do ghluais deich míle fear amach ó chathair
Chorcaighe. Fir bhreaghtha óga láidire ab eadh iad. Dá
mbéadh na h-airm acu, agus an chóir ortha, agus an
stiúrughadh ceart ortha, dhéanfaidís obair a bhainfeadh
cuid de'n mhóráil de'n "Times." Mar a bhí, do
chuireadar crith chos agus lámh ar a raibh de landlordibh
agus de sheóiníníbh i n-Éirinn ó Dhomhnach Diagh go
Tigh Mháire. Ach bhí aon nídh amháin sa n-eirighe amach
san agus chuir sé áthas mór orm-sa. Bhí na buachaillí
go léir sin, 'n-a gcéadtaibh agus 'n-a míltibh, ar a
nglúinibh i láthair sagart, fé mar fhéadaidís na


L. 117


sagairt d'fhághail, ag déanamh a bhfaoisdine dhóibh
féin i dtreó go mbeidís ollamh chun dul i láthair Dé
nuair a thuitfidís sa chath a bhí le teacht, dar leó. Chuir
san i n-úil dom ná raibh sa droch fhéachaint úd a thug-
aidís orm, bliain nó cúpla bliain roimis sin, ach an
éagcóir is gnáth le duine a dhéanamh, uaireanta, ar a
aigne agus ar a chroídhe féin, agus ar a choinsias féin,
nuair a chuirean droch chómhairle agus droch chómh-
luadar suas é chun rud a dhéanamh a bhíon lom díreach
i gcoinnibh a thuisgeana agus i gcoinnibh a chroídhe.



Bhíomair go léir istigh sa choláisde an mhaidin do
ghluais an t-eirighe amach. Bhí an uile shagas ráflaí
ag teacht chúghainn. "Traénana lán de shaighdiúiribh
dearga ag gluaiseacht ó-dheas! Gach aon traéin acu
leath-mhíle ar faid! Traénana eile ag teacht andeas
agus iad lán de shaighdiúiribh gonta! Srutháin fola
ar na bóithribh iarainn ós na saighdiúiribh gonta a bhí dh'á
dtabhairt andeas. An Churach agus a raibh de bharaicibh
air i lámhaibh na bhFíníní!" Mar sin dóibh.



Tháinig an sneachtadh. Bhíomair go léir ag cur a's
ag cúiteamh féachaint conus a raighmís ó-dheas abhaile,
nó an gcaithfimís an tslígh do shiúbhal.



Do lean an sneachtadh. Ansan tháinig atharach na
sgéal. Ansan tháinig an dlígh; na prísúnaigh; an
chúirt; na trialacha; agus - an seana sgéal i gcómh-
nuighe - an t-informer. Agus cé r' bh' é an t-informer,
an dóich leat? Duine des na cinn uraid. Fear
go raibh eólus agus fios a ngnóthaí go léir aige!
Fear a bhí ag tabhairt an eóluis sin go léir do namhaid
na bhFíníní, do mhuíntir an Chaisleáin i mB'l'Átha Cliath,
ar feadh mórán aimsire roimis sin, a gan fhios d'aoinne
beó. Fear gur mheas an uile dhuine des na Fíníníbh
nár mhair an fear san riamh a bhí níba dhílse 'ná é. Bhíodh


L. 118


sé ansúd 'n-a measg, sáidhte ins gach cómhairle leó
ba dhiamhaire agus ba dhisgréidíghe 'ná 'chéile; a
n-ainimneacha go léir curtha síos go Baile Átha Cliath
aige agus fiacha a gcod' fola geallta dhó, agus a
lán de'n airgead fola 'n-a phóca aige an uair sin féin!
Ba thúisge leó go mór a chómhairle ghlacadh 'ná cómh-
airle sagairt a ghlacadh - go dtí go bhfeacadar ansúd
é, sa chúirt, ag freagairt ceisteana, agus gach aon
fhocal d'á dtagadh as a bhéal ag fásgadh na cnáibe níba
dhéine ar a muineálaibh. Ba thruagh an radharc é!



"Ach," adéarfaidh duine, b'fhéidir, "má bhí aoinne
amháin 'n-a ropaire fill féach ar na míltibh a bhí fíor-
dhílis, daoine do chaillfeadh an t-anam seacht n-uaire
níba thúisge 'ná mar a dhéanfaidís feall de'n tsórd
san."



Agus nách shiné donas an sgéil ar fad! Na mílte
ann d'fhearaibh breaghtha cródha dílse deagh-aigeanta,
agus neart d'aon ropaire amháin iad go léir do
chrochadh nó do chur an loch amach, agus an gnó, gur
chailleadar a raibh an tsaoghal acu leis, i dteannta a
sláinte, b' fhéidir, do chailleamhaint leis, neart dó
an gnó san do chur ar neamhnídh i n-aon lá tiubaisteach
amháin, tar éis blianta fada bheith caithte 'ghá shaoth-
rughadh agus 'ghá thabhairt chun rathmhaireachta. Cuirean
an t-aon informer amháin saothar na mílte fear
fóghanta ar neamhnídh.



"Agus nách ait an sgéal a rádh ná féadfaí gnó
dhéanamh ar shlígh ná fágfadh ar chumas aon informer
dochar a dhéanamh dó?"



Ní féadfaí. Níor féadadh riamh agus ní féadfar go
deó. Ní féidir é. An fhaid a bheid droch dhlighthe d'á
ndéanamh, dlighthe a chuirfidh rómpa éagcóir a dhéanamh
ar dhaoine macánta, beid na daoine macánta san


L. 119


ag eirighe i gcoinnibh na ndroch dhlighthe sin. Ansan
beid lucht na ndroch dhlighthe do dhéanamh ag breabadh
na ropairí chun sgéidh ar na daoine macánta agus iad
a thabhairt chun na croiche. Dlighthe éagcórtha, dlighthe
chun robála, fé ndear an droch obair go léir. As
na droch dhlighthe a dh'fhásan an t-informer.



Chuir an dlígh agus an t-informer deire leis an
eirighe amach. An deich míle fear a ghluais amach ó
Chorcaigh níor bh' fhada go bhfeacadar ná raibh aon mhaith
'n-a ngnó; go raibh na cinn a bhí chun na h-oibre go
léir do stiúrughadh, go rabhadar daingean fé ghlasaibh
na bprísún. Ansan ní raibh le déanamh ag gach aoinne
ach dul fé cheilt go dtí go bhféadfadh sé imtheacht thar
faraige a gan fhios dos na slóighte lucht faire a bhí ag
muíntir Shasana ar na cuantaibh.



Thánamair go léir abhaile ó'n gcoláisde nuair a
tháinig an samhradh, agus ní raibh orainn siúbhal abhaile.
Bhíos féin, mar a dúbhart, ag déanamh gnótha sagairt
sa pharóiste sin Chill Sheanaigh. Bhí an t-informer tar
éis oibre na bhFíníní do bhriseadh agus do sgaipeadh
agus do chur ar neamhnídh. Bhí formhór na gceann-
uraid daingean fé ghlasaibh na bprísún nó díbeartha
an loch amach le daor-bhreithibh dlíghe. An dlígh nár
fhéad an ceart a dhéanamh agus muíntir na h-Éirean
do chosaint ar an éagcóir a bhí ag an landlord 'á
dhéanamh ortha bhí sí ollamh go maith ar mhuíntir na
h-Éirean do dhaoradh agus do chur thar faraige nuair
a mheasadar féin iad féin do chosaint as an éagcóir
sin.



Ach bíodh go raibh formhór na gceann-uraid fé ghlasaibh,
nó curtha anonn, bhí raint acu fós gan tabhairt chun
lámha. Bhí ar an raint sin ceann-uraid oirdheirc de
mhuíntir Cheallaigh. Bhí an tóir 'n-a dhiaigh go teith, ach


L. 120


do shleamhnuigh sé anonn go Sasana, é féin agus
Captaen Déiseach. Nuair a bhíodar thall i Manchester
do chonaic duine éigin de'n lucht faire é agus d'aithin
sé é. Do gabhadh é láithreach. Bhí sé féin agus an
Captaen i gcarra dúnta d'á mbreith chun an phrísúin.
D'airigh Fíníní na catharach an sgéal. Chruinngheadar
tímpal ar an gcarra. Do bhriseadar an glas agus
do leigeadar an bheirt amach. Do marbhuigheadh an
fear a bhí 'ghá gcoimeád, ach tionóisg ab eadh an marbh-
ughadh. D'imthigh an bheirt, ach do rugadh ar chúigear de'n
lucht fuasgalta, agus do trialadh i marbhughadh an
duine iad, agus do daoradh chun báis iad' chun a
gcrochta. Do fuaradh ar ball go raibh duine de'n
chúigear agus ná raibh sé sa n-áit i n-aon cor an lá san.
Bhí duine eile de'n chúigear agus Cúnún ab ainim
dó. Americánach ab eadh é ó ghéillsine. Ní raibh
aon úghdarás ag dlígh Shasana ós a chionn. Chómh luath
agus do h-airigheadh thall i n-America go rabhthas chun
é chrochadh tháinig teachtaireacht dhána anall ó riaghaltas
America 'ghá rádh le muíntir Shasana gan baint le
h-é chur chun báis nó gur dhóibh ba mheasa. Do sgaoileadh
chun siúbhail é. Do crochadh an triúr eile. Bhíos
i gCeann Tuirc ar Caibidiol, mé féin agus na sagairt
eile a bhain leis an áit, agus tháinig an tásg chúghainn.
Bhí iongnadh agus fearg orainn go léir. Bhí fhios
againn go léir gur le tionóisg a marbhuigheadh an
duine; ná raibh aoinne ciontach 'n-a bhás. Bhí fhios
againn, leis, go raibh muíntir Shasana ag imtheacht as
a meabhair le sgannradh roimis na Fíníní agus go
rabhadar ar buile le feirg, a rádh gur fhéad na Fíníní
a leithéid de sgeón a chur ionta. Mar gheall ar an
ngráin a bhí ag muíntir Shasana ar na Fíníníbh agus ar
muíntir na h-Eirean iseadh do crochadh an triúr fear


L. 121


san. Mura mbéadh an sgeón agus an sgannradh agus
an ghráin a bhí istigh i gcroídhe mhuíntir Shasana ní
crochfaí na fir.



Nuair a bhí an triúr 'n-a seasamh ar chlár na croiche
agus an téad ar mhuineál gach fir acu, do phógadar
a chéile agus díreach sar ar baineadh an clár ó n-a
gcosaibh, "A Dhia, saor Éire!" ar siad. Do lean
an focal san i mbéalaibh Éireanach ó shin, agus leanfaidh
an fhaid a bheidh duine de shliocht Gaedhal beó ar thalamh
na h-Éirean. Agus, an fhaid chéadna díreach, beidh
clú an trír sin ag dul i méid agus i n-oirdhearcas,
agus beidh aithis Shasana ag dul i ngráinneamhlacht.



XVII



I GCILL SHEANAIGH AGUS I GCILL ÚIRD



An fhaid a bhíos i bparóiste Chill Sheanaigh bhí orm
dhá Aifrean do rádh gach aon Domhnach agus gach aon lá
saoire. Thugainn seanmóin uaim ag gach Aifrean
díobh, seanmóin as Béarla ag Aifrean díobh, agus
seanmóin as Gaeluinn ag an Aifrean eile. Tá trí
séipéil sa pharóiste, séipéal i gCill Pheadair, séipéal
sa Ghleanntán, agus séipéal ag Beinn na Míol. Ní
foláir Beinn na Míol a thabhairt air, mar tá Beinn
eile siar ó-dheas uaidh agus Beinn na Leacht a tugtar
air. Is minic a tháinig glaodhach ola sa n-oídhche chúgham
ó Bheinn na Leacht.



Is cuimhin liom aon ghlaodhach ola amháin díobh agus


L. 122


ní baoghal ná go gcoimeádfad cuimhne air. Do rith
buachaill chúgham isteach agus saothar air i dtreó gur
ar éigin fhéad sé labhairt.



"Tá fear ag fághail bháis, a Athair," ar seisean.



"Canad?" arsa mise.



"Thiar ar Beinn na Leacht, a Athair," ar seisean.



"Cad 'tá air?" arsa mise.



"Do shloig sé a theanga, a Athair!" ar seisean.



"Aililiú!" arsa mise, "conus fheadfadh sé a
theanga do shlogadh?"



"Bhí sé ag ól bhainne raímhir, a Athair," ar seisean,
"agus do shloig sé siar a theanga i n-aonfheacht leis
an mbainne. Ní'l aon fhocal cainte aige," ar seisean,
"agus nuair fhéachamair isteach 'n-a bhéal níor fhéad-
amair aon radharc fhághail ar a theangain. Is baogh-
alach ná béarfair 'n-a bheathaigh air, a Athair," ar seisean.



Chomáineas liom siar. Do rugas 'n-a bheathaigh air.
Bhí a chaint aige nuair a shroiseas é.



"Airiú, cad fé ndeara dhuit do theanga shlogadh!"
arsa mise leis.



"Ó mhaise!" ar seisean, "an breallán buachalla
san!" ar seisean. "Bhí tart orm agus d'ólas an
deoch ró thapaidh, agus tháinig crampa nó rud éigin
de'n tsórd san am' sgórnaigh i dtreó gur crap mo
theanga siar ar fad am' chúlcraos agus gur mheas sé
siúd gur b' amhlaidh a shloigeas mo theanga! Ní'l aon
chiall aige!"



Bhí an crampa imthighthe a' sgórnaigh an fhir bhoicht
i dtreó ná raibh aon ghádh le h-ola aige, agus thánag-sa
abhaile air mo shuaimhneas.



Ní gan chúis a tugtar Beinn na Leacht ar an mbaile
sin. Táid na leachtana ann. Tá ar dtúis ann dhá
roth mhóra leathana cloch, roth mór lasmuich agus an roth


L. 123


eile laistigh dé sin agus iad aoninneach. De chlochaibh,
curtha 'n-a seasamh, mar bhéadh clocha roilige, atá an
dá roth san déanta. Tá ansan, siar ó-dheas ó'n roth
amuich, dhá líne cloch agus na clocha 'n-a seasamh ar
an gcuma gcéadna, agus an dá líne fan a chéile, agus
gan iad ró fhada amach ó chéile. Ní cuimhin liom anois
cad é an fhaid a déarfainn a tá ionta, ach is dóich liom
go rabhadar ceathair nó cúig de shlataibh nó mar sin.
Bhí cúpla cloch nó trí thiar ag an gceann thiar díobh
'ghá dtabhairt chun a cheile i dtreó gur pharallelogram
iad. Tá breis agus cheithre bliana agus dachad ó
chonac iad.



Tá bóthar siar ó Bheinn na Míol go Nead an Fhiolair
agus go Cill Chóirne. Mórán blianta sar a dtánag-
sa go Beinn na Míol bhí sagart áirighthe 'n-a chómhnuighe
i gCill Chóirne. Do buaileadh breóite é. Cheap sé
go mbéadh sé tagaithe chuige féin i gcóir an Domhnaigh
a bhí chuige, ach ní raibh. Bhí sagart a bhí báidheamhail
leis thoir i mBaile na Móna. Chomáin sé teachtaire
soir um thráthnóna Dé Satharainn 'ghá iaraidh ar shagart
Bhaile na Móna teacht, dá mb' fhéidir é, agus an
t-Aifrean do rádh thar a cheann i gCill Chóirne. Bhí
capall ana mhaith ag sagart Bhaile na Móna agus
"Gríosach" an ainim a bhí aige ar an gcapall.
D'eirigh sé go moch ar maidin Dé Domhnaigh agus siúd
siar é, siar Ath an Dalláin, siar Beinn na Míol, siar
Gleann na h-Aithrighe, siar go Nead an Fhiolair agus
go dtí séipéal Chill Chóirne. Dúbhairt sé an t-Aifrean
díreach ar an uair a bhí ceapaithe, gan aon neómat
ríghnis. Is dócha go mb' fhéidir go raibh taithíghe ag
cuid de'n phobul ar an Aifrean a bheith tamall beag
deirineach. Pé sgéal é, bhí a lán acu déanach chun an
Aifrinn an mhaidean san. Bhí an sagart ag dul soir


L. 124


a bhaile airís tar éis an Aifrinn do rádh, agus bhuail
cuid de'n phobul uime ar an mbóthar. Iadsan ag
teacht go dtí an t-Aifrean agus an t-Aifrean ráidhte
aige-sean. Bhí air bheith i n-am chun Aifrinn do rádh
an lá céadna i mBaile na Móna tar éis dul abhaile
dhó. Do labhair sé le cuid des na daoine a bhí
déanach.



"Ohó!" ar seisean.



"Gríosach, a chodail i mBaile na Móna,
Do sgiob sé an t-Aifrean ó mhuintir Chill
Chóirne!"



Thagadh glaodhach ola chúgham go minic ainíos ar fad
ó bhruach Abhan Móire, agus is minic gur i lár na
h-óidhche thagadh sé. Uaireanta, b' fhéidir, bheinn tar
éis bheith thíos ann i gcaitheamh an lae, ag déanamh gnótha
Domhnaigh nó ag tabhairt turus ar sgoileanaibh. Ansan
b' fhéidir, nuair a bheinn am' shámh-chodla, i lár na
h-oídhche, thiocfadh an glaodhach ola, agus chaithinn eirighe
agus imtheacht síos airís. Ach bhíos óg láidir an uair
sin agus ní bhíodh puínn binne agam ar neithibh de'n
tsórd san.



Gaeluinn a labhradh gach aoinne liom an uair sin
nuair a théighinn mar sin ag cur na h-ola ortha. Na
teachtairí féin, bíodh go mbíodh cuid acu óg go maith,
is Gaeluinn a labhraidís liom.



An sagart paróiste a bhí os a gcionn bhí Gaeluinn
bhreagh aige. An t-Athair Tomás ua Muirithe ab ainim
dó. Andeas ó Chairbre a thaing sé. Tháinig sé andeas
sar ar deineadh dá dhóiseas de dhóiseas Chluanach
agus Rosa. Bhí sé suas le deich mbliana agus trí
fichid nuair a bhíos-sa agus é féin i bparóiste Chille
Sheanaigh. Do mhair sé go dtí go raibh sé aon bhliain


L. 125


déag agus cheithre fichid. Nuair a bhíos-sa bliain
agus rátha i gCill Sheanaigh chuir an t-Easbog soir go
Cill Úird mé, agus beagán aimsire 'n-a dhiaigh san
chuaidh an t-athair Tomás ó-dheas go h-Iniscairthe.
Ansan iseadh fuair sé bás agus é aon bhliain déag
agus cheithre fichid, tar éis é bheith trí fichid blian 'n-a
shagart. Bhí obair chruaidh air cuid de'n aimsir sin.
Chonaic sé an droch shaoghal go léir. Chonaic sé na
daoine ag fághail bháis cois na gclathach agus ar na
bóithribh - agus an biadh ag imtheacht thar a faraige
chun cíosa dhéanamh dos na máighistiríbh talmhan. Ní
féidir liom cuimhneamh air anois féin gan buile feirge
theacht orm.



Is cuimhin liom go maith an lá fhágas Beinn na Míol
agus mé ag dul go Cill Úird soir. Do cuireadh
ríghneas éigin ar leitir an Easboig. Níor tháinig sí
chúgham go dtí ar maidin Dé Satharainn. Níor mhór
dhom bheith i gCill Úird ar maidin Dé Domhnaigh a bhí
chúghainn chun dá Aifrean do rádh, an chéad Aifrean
acu amuich i n-Araiglinn, agus Aifrean a dódhéag
i gCill Úird.



Bhí láir mhaith agam agus trap beag deas éadtrom.
Chomáineas liom isteach go Malla agus an bóthar soir
ó Mhalla. Nuair a bhíos cúpla míle soir ó Mhalla
thugas fé ndeara an lá ag dorchughadh.



"Tá eagal orm go mbeidh tóirthneach againn," arsa
mise am' aigne féin.



Le n-a linn sin d'airigheas fothram trom láidir
éigin nár airigheas riamh a leithéid eile.



"Ní tóirthneach é sin!" arsa mise am' aigne.



Do stadas an láir agus d'fhanas tamall am' stad
féachaint an aireóchainn airís é. Níor airigheas. Bhíos
ag cuimhneamh agus ag cuimhneam féachaint cad leis


L. 126


go samhlóchainn é. Theip orm cuimhneamh ar aon tsaghas
fothraim a chuirfinn i gcomparáid leis. Bhí sé ana
láidir, ana throm. Ba dhóich le duine go raibh sé sa
spéir agus fé thalam i n-aonfheacht. Dá gcuireadh sé
an tarna guth as d'fhéadfainn, b' fhéidir, tuairim
éigin a thabhairt fé cad é an saghas fothraim é, ach níor
chuir. Chomáineas liom agus d'imthigh sé as mo cheann.



Fuaras an bóthar ó Mhalla go Cill Úird níba shia go
mór 'ná mar a shíleas. Bhí sé ag déanamh amach ar a
dódhéag sa n-oídhche nuair a shroiseas an áit. Do
chailleas raint mhaith aimsire, tar éis na h-oídhche theacht
orm, ag glaodhach ar dhaoine a bhí 'n-a gcodla agus ag
cur tuairisge na slíghe ortha. Do shroiseas Cill
Úird. Bhí na dóirse go léir dúnta agus na daoine
'n-a gcodla. Chonac solus i n-aon tigh amháin. Thugas
aghaidh ar an solus. Do ghlaodhas ar mhuíntir an
thíghe. Tháing bean chun an doruis chúgham. D'innseas
di cé r' b' é mé, agus d'fhiafraigheas di a' bhféadfadh
sí bheith istigh a thabhairt dom go lá, mar go raibh orm
dul amach go moch ar maidin go h-Araiglinn chun
an Aifrinn do rádh ann.



"Ochón, a Athair," ar sisi, " tabharfad agus fáilte;
agus go deimhin féin ní ró mhaith an chóir is féidir dom
a chur ort, a Athair," ar sisi. " Ach bíodh an chóir olc
nó maith ní ró fhada a bheidh an tigh seo againn chun
bheith istigh a thabhairt d'aoinne ann. Táimíd féin le
cur amach as ar maidin Dé Luain! Tar isteach, a
Athair," ar sisi.



Chuas isteach. Bhí tigh folamh amuich sa chlós agus
chuireas mo láir isteach ann agus thugas rud le n-ithe
dhi. Bhí san agam sa trap bheag. Do cuireadh cóir
chodlata orm féin chómh maith agus d'fhéad na daoine
bochta é. Bhíos am' shuidhe ar maidin ar an gcéad


L. 127


sholus. Thug bean an tíghe stiúrughadh agus cómharthaí
an bhóthair dom agus do ghluaiseas, am' charra bheag,
soir go dtí an drochad atá ar abhainn Araiglinn; soir
ó-thuaidh tré Bhaile na Páirce, mór-thímpal i radharc
an tseana chaisleáin atá 'n-a sheasamh ar mhullach
cnucáin ar an dtaobh thiar de'n abhainn, d' abhainn
Araiglinn; fan na h-abhan airís, soir ó-thuaidh, go dtí
gur shroiseas an crosaire mar a n-iompuighthear siar
go dtí Cúil Múchan. Do leanas an bóthar díreach
soir ó-thuaidh fé bhun Bhaile na mBodach. Ansan do
shroiseas drochad eile agus chuadhas thar abhainn siar
agus suas cnucán, agus bhíos ag séipéal Araiglinn.
Séipéal nua ab eadh é. Bhí sé ana árd, agus do luigh-
eadh an ghaoth go mór ar an gcnucán nuair a bhíodh aon
phuínn nirt inti. Tá dhá shruthán dheasa ag teacht chun
a chéile thoir thíos ag bun an chnucáin, agus deinean an
cnucán foithin mhór do'n ínse bheag atá thíos idir an
dá shruth. Níor fhéadas gan a mheas gur mhór an
truagh nár deineadh an séipeál thíos ar an ínse sin
i n-inead é dhéanamh thuas ar mhullach an chnucáin. Ínse
an Chlampair an ainim a tugtar ar an ínse sin.



Nuair a bhí an pobal cruinnighthe dúbhart an
t-Aifrean dóibh, agus ansan thugas aghaidh siar ó-dheas
airís ar Chill Úird, agus bhíos ann ar a dódhéag chun
an tarna h-Aifrinn do rádh ann. Bhí iongnadh a
chroídhe ar an sagart paróiste nuair a chonaic sé ag
teacht mé. Bhí fhios aige go raibh an sagart a bhí aige
rómham imthighthe, ach ní raibh fhios aige go rabhas-sa
tagaithe. Bhí sé ar buile chúgham nuair nár thugas
aghaidh ar a thigh féin. D'innseas dó conus mar a bhí
sé ró dhéanach sa n-oídhche nuair a shroiseas an áit agus
ná raibh fhios agam cá raibh a thigh.



Ar maidin Dé Luain a bhí chúghainn bhíos ag féachaint


L. 128


ar pháipéar. Níor chuireas suím ró mór i n-aon rud
d'á bhfeaca ann go dtí gur luigh mo shúil ar an méid
seo, .i. "



Thuigeas ansan cad é an brígh a bhí leis an bhfuaim
úd d'airigheas agus mé cúpla míle soir ó Mhalla Dé
Satharainn roimis sin. Tráth éigin sa bhfóghmhar, sa
bhliain d'aois an Tighearna míle ocht gcéad trí fichid
a h-ocht, iseadh do h-airigheadh an fothram san agus
do mothuigheadh an t-aon luasgadh talmhan amháin sin,
i n-aice Mhalla. Níor mhothuigheas-sa an luasg, toisg
mé bheith sa charra, is dócha, agus an carra ag gluais-
eacht.



An fhaid a bhíos i gCill Úird an uair sin thugas breis
agus bliain am' chómhnuighe i dtigh athá ar chnucán os
cionn drochaid Araiglinn, tímpal míle soir síos ó'n
mbaile bheag ar a dtugtar Cill Úird. Do h-innseadh
dom go raibh an Barún Pigott 'n-a chómhnuighe sa tigh
chéadna nuair a bhí sé óg, nuair a bhí sé 'n-a mhacléighinn,
agus go raibh seómra beag aige ar mhullach caraige
laistiar de'n tigh agus go dtugadh sé a lán d'á aimsir
sa tseómra san i n'aonar ag déanamh foghluma. Bhí sé
'n-a bhreitheamh i mB'l'Átha Cliath nuair a bhíos-sa am'
chómhnuighe sa tigh. Tigh ana dheas chun cómhnuighthe iseadh
an tigh an fhaid a bhíon an samhradh ann, ach tá sé 'n-a
sheasamh ar ghruadh an chnucáin ar an dtaobh thuaidh,
agus nuair a thagan an geimhre beirean an fuacht air
go h-ana dhian. Baile-idir-dhá-abhainn an ainim a
tugtar ar an mbaile. Ruithean abha Araiglinn isteach


L. 129


sa n-Abhainn Mhór lastoir de'n bhaile, agus ruithean
an Fhuinsion isteach sa n-Abhainn Mhór chéadna laistiar
de'n bhaile, agus fágan san an baile idir an dá abhainn.
Tá seana chaisleán tamall ó-dheas ó'n áit 'n-a bhfuil
an tigh, agus an Ríghtheaghlach a tugtar mar ainm air.
"Rathealy" a tugtar i mBéarla air, i dtreó gur
dhóich le duine gur ó dhuine éigin de mhuíntir Éalaighthe
a tugadh an ainim. Sin mar a loitean an Béarla gach
aon rud Gaedhlach go mbíon aon teangabháil aige
leis. Tá bóthar breagh réidh fan bhruach Abhan Móire
soir go h-Ínse an Léime agus go dtí an Baile Dubh
agus go Lios Mór, agus as san go Ceapach Chuinn.



Ní fada a bhíos ar an gcnucán úd i mBaile'-dir-
dhá-Abhainn nuair a bhí eolus maith curtha agam ar na
bóithribh go léir, a bhfuil tríd an bparóiste dhíobh.
Do h-innseadh dom go raibh tobar beannuighthe sa
chúinne thoir de'n pharóiste agus gur "Tobar na
h-Ola" a tugtí air. Chómh luath agus d'airigheas é
bheith ann chuas soir go bhfeicfinn é. Áit ana uaig-
neach iseadh an áit 'n-a bhfuil sé. Tobairín deas
iseadh é, agus uisge ana bhreagh ann. D'ólas deoch
as agus thaithn sé go mór liom. Do h-innseadh dom
go mbíodh daoine ag tabhairt turus ann, mór-thímpal
an tobair, agus go mbíodh cómhchalán ann uair sa
mbliain. Do h-innseadh dom gur thárla, nuair a bhí
cómhchalán éigin acu ann agus mórán daoine cruinn-
ighthe ann, gur eirigh bruighean fíochmhar eatartha agus
gur doirteadh fuil ann, mórán dé, agus ansan gur
cuireadh mallacht ar an áit, agus gur tugadh "Tobar
na Fola" ar an dtobar i n-inead "Tobar na h-Ola."


L. 130


XVIII



SÉAMUS FRÉINÍ, AN FOGHLUIDHE



An bóthar mór ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath,
bóthar an chóiste, mar a tugtar air, is tré Chill Úird
ó-thuaidh a ghabhan sé, tré lár na gcnuc. Táid na cnuic
ana uaigneach. Raint aimsire ó shin bhíodar níos
uaignighe go mór 'ná mar atáid siad anois, agus 'ná
mar a bhíodar nuair a bhíos-sa sa pharóiste. Bhíodh
foghluidhe ar an mbóthar san agus bhíodh sé ag robáil
na ndaoine. Do thárla go raibh file n-ar bh' ainim
dó Éamonn de Bhál ag gabháil an bóthar lá. Tháinig sé
chun áite a bhí ana uaigneach. Do phreab an foghluidhe
chuige amach ó chlaidh an bhóthair. Séamus Fréiní ab
ainim do'n fhoghluidhe. Thóg sé suas a phiostal ar
aghaidh an fhile amach.



"Sín chúgham aon airgead atá agat," ar seisean.



"Ní'l aon leathphinne airgid agam-sa, a mhic ó,"
arsa'n file. "Tar anso agus cuardaigh mé má's
dóich leat go bhfuil," ar seisean.



D'fhéach Fréiní air.



"Pé 'cu 'tá airgead agat nó ná fuil," ar seisean,
"ní'l puínn d'á dheabhramh ort. Chím go bhfuil bróga
nua ort," ar seisean, "pé ball 'n-a bhfuarais iad."
D'fhéach sé síos ar a chosaibh féin agus ar na seana
bhrógaibh briste a bhí ortha. "Is dóich liom," ar
seisean, "go n-oireamhnfadh na bróga nua san mise.
Bain díot iad." B'éigean dó. "Caith chúgham a
leith iad," arsa Fréiní. Do chaith. "Druid uaim
síos ansan tamall anois," arsa Fréiní.



Do dhruid. Ansan do bhain Fréiní dhé a sheana


L. 131


bhróga féin agus chuir sé uime na bróga nua. Nuair
a bhíodar ar a chosaibh do sheasaimh sé suas agus do
bhreithngh sé conus a dh'oireamhnadar é.



"Ó," ar seisean, "táid siad go h-áluinn! go
h-áluinn ar fad! Táid siad chómh h-oireamhnach dom
agus dá mba dhom féin a déanfaí iad. Seo," ar
seisean, "bídís sin agat-sa," agus caith sé na seana
bhróga chun an fhile.



Chuir an file na seana bhróga uime agus chomáin sé
leis ar a chuaird féin agus d'imthigh Fréiní an cnuc
amach.



D'airigh file eile sgéal na mbróg. Dhein sé an
bhérsa so:-



"Is brón liom an sgeón so do ghlacais, a
Éamoinn,
Mar chóbach neamhchródha gan neart 'n-a ghéagaibh;
'S gur dhóich linn, dar ndóchaint, gur cheap le
céad tú!
'S do bhróga do sheóladh 'n-a ghlaic chun Fréiní!"



Bhí an bhérsa san ag dul ó bhéal go béal. D'airigh
Éamonn é. Thug sé an freagra so air:-



"A óigfhir nach feóllta do chanas bhérsa,
Ní dreóileacht neamhchródha do bhain dom féinig,
Ach rógaire ar bhóthar do ghread le pléir mé,
'S nár mhó aige siúd feóirling 'ná anam
Éamoinn!"



Do h-innseadh dom gníomh eile a dhein an Fréiní
céadna. Do ghluais an cóiste lá ó Chorcaigh. Bhí
bean ó Bhaile Átha Cliath ar an gcóiste agus níor fhéad
sí gan bheith ag caint. Níor stad a béal ach 'ghá fhiaf-
raighe de gach aoinne eile d'á raibh ar an gcóiste ar


L. 132


dhóich leis go raibh aon bhaoghal go mbuailfeadh Fréiní
úmpa.



"Tá míle púnt anso agam," adeireadh sí, anois
agus airís, "agus cad a dheanfad i n-aon chor má
bhuailean sé umainn!"



Do chuireadar an bóthar díobh gan aon bhárthan go
dtí gur fhágadar Cill Úird laisteas díobh agus go
rabhadar ag déanamh ar an sliabh. Nuair a bhíodar
sa n-áit ab uaigníghe de'n tsliabh siúd chúcha Fréiní.
Chómh luath agus do labhair Fréiní le fear na gcapall
do stad an cóiste. Tháinig Fréiní go dorus an chóiste
agus a phiostal ar leibhéal aige.



"Seadh, a cháirde ionmhuine, ná bíodh aon achran
againn, ach sínidh amach chúgham pé airgead atá agaibh."



Bhí fear ann nár labhair puínn ó fhág sé Corcaigh.
Do bhéic sé amach, agus é ag gol le sgannradh, chómh
luath agus do labhair Fréiní.



"Ó, a dhuin' uasail," ar seisean, agus tharaing sé
amach a raibh d'airgead 'n-a phóca aige, lán a ghlaice
de mhion-airgead, "sin abhfuil d'airgead agam-sa
agus ná lámhaigh mé! Seo dhuit é ach gan mé mharbh-
ughadh. Ní fheadar an mór an t-airgead atá ag aoinne
eile anso, ach féach, tá míle púnt ag an mnaoí uasail
sin ansan. Sín chuige an míle púnt san atá agat, a
bhean uasal, i dtreó ná lámhfaidh sé sinn!"



B'éigean di an míle púnt a thabhairt do Fréiní. Bhí
Fréiní ag gáirí agus a chúis aige. Níor chuaidh sé
ró dhian ar an gcuid eile acu. Thóg sé pé méid a
thugadar dó agus d'imthigh sé. Ansan iseadh bhí an
chaint ag an mnaoi a chaill an míle púnt. Níor stad
a béal ach ag mallachtaighe agus ag spídiúchán ar an
bhfear a sgéidh uirthi. Níor labhair seisean a thuille. Do
shroiseadar cathair Bhaile Átha Chliath. Chómh luath agus


L. 133


do stad an cóiste, istigh sa chathair, chuir an fear ciúin
a lámh 'n-a phóca agus tharaing sé amach blúire páipéir
agus shín sé chun mná na cainte é.



"Seo," ar seisean, "siné do mhíle púnt agat."
Órdughadh míle púnt ar bhanc Bhaile Átha Cliath ab eadh
an blúire páipéar.



"Féach," ar seisean, "tá deich míle púnt anso
agam-sa, agus tá an t-airgead san agam 'á thabhairt
anso ó bhanc Chorcaighe go dtí banc Bhaile Átha Cliath.
I n-ór atá sé agam. Bhí eagal orainn an t-ór
d'fágáilt i gCorcaigh mar d' airigheamair go rabhthas
ar tí an banc i gCorcaigh do bhriseadh. B'éigean dom
mo sheans a ghlacadh le Fréiní agus an t-ór a thabhairt
liom. Mura mbéadh tusa agus do mhíle púnt bhí mo
dheich míle imthighthe uaim-se."



Nuair a chonaic an bhean an ainim a bhí thíos ar an
mblúire páipéir bhí sí sásta. Bhí aithne mhaith aici ar
an bhfear n-a raibh a ainim ar an mblúire páipéir.
B' é an fear céadna a thug dí an blúire páipéir, ach
níor aithin sí i n-aon chor é bhí an cheilt chómh maith san
air. Nuair ins sé dhi cé r' bh' é bhí áthas mór
uirthi.



Ní fheadar-sa an fíor an sgéal. Ní'lim ach 'á
innsint fé mar a h-innseadh dom é.



Do h-innseadh dom conus a marbhuigheadh Fréiní sa
deire. Do bhuail sé uime dhuin'uasal a bhí tar éis
raint mhaith airgid d'fhághail an lá san.



"Sín chúgham an t-airgead san atá ansan agat,"
arsa Fréiní leis.



"Is dócha ná fuil aon dul uaidh agam," arsa'n
duin'uasal, agus chaith sé sparán trom ar an dtalamh
uaidh. Do chrom Fréiní chun an sparáin do thógaint.
Le n-a linn sin do shnap an duin'uasal piostal as a


L. 134


phóca féin, agus chuir sé pléar tríd an bhfear a bhí ar a
chromadh. Do ghoin an pléar san é, ach níor mhairbh sé
ar an spota é. Do dhírigh sé é féin agus thug sé aghaidh
a phiostail féin ar an nduin'uasal. Mheas an duin'-
uasal go raibh uair a bháis tagaithe. Do stad Fréiní
gan an t-urchar do chaitheamh.



"Ní bheidh t'anam-sa orm," ar seisean. "Táim ag
dul i láthair Dé. Ní beag dom a bhfuil am'
choinnibh."



D'imthigh sé thar claidh. Raint laethanta 'n-a dhiaigh san
do fuaradh marbh é tamall ó'n áit.



Bhí ana bháidh ag na daoine leis. Do rainneadh sé
ar dhaoinibh bochta cuid mhór de'n airgead a bhaineadh
sé de dhaoinibh saidhbhre. Gan amhras ní raibh sa rab-
airne sin ach "fial stial de leathar dhuine eile."
Mar sin féin bhíodh daoine buidheach dé, agus thugaidís
beith istigh dó nuair a bhíodh gádh aige leis go
minic.



Ní le daoine bochta amháin a bhíodh sé fial uaireanta.
Bhuail duin'uasal uime oídhche.



"Sín chúgham a bhfuil d'airgead agat!" arsa Fréiní
leis.



Do shín an duin'uasal chuige sparán mór airgid a
bhí aige.



"Féach anois, a Shéamuis," arsa'n duin'uasal, "ní
h-é mo thuairim go ndéanfá an méid sin orm dá
dtuigthá i gceart conus atá an sgéal agam."



"Cad 'tá sa sgéal ná tuigim?" arsa Séamus.



"Ní liom-sa an t-airgead san i n-aon chor, arsa'n
duin'uasal. "Cíos é sin atá fághalta agam indiu ó
thineóntaithibh a leithéid seo de thighearna talmhan,"
'ghá innsint dó cé r' bh' é, "agus caithfead-sa an cíos
san do thabhairt do'n tighearna talmhan san pé ball


L. 135


'n-a sholáthróchad é. Ní bheidh sé siúd aon leathphinne
chun deirigh leis an obair seo."



"An mar sin é?" arsa Séamus.



"Iseadh go deimhin," arsa'n fear eile.



"Tá go maith," arsa Séamus. "Ní chuirfead-sa
an cruadhtan san ort-sa. Dá bhféadainn an t-airgead
a bhaint dé féin bheinn sásta, ach ní díot-sa is ceart
dom a chuid siúd a bhaint. Seo dhuit do sparán, ach
tabhair dom uait féin cúpla púnt ar iasacht. Tá
gnó áirighthe agam dé."



Do thug. Agus is 'mó lóisdín oídhche agus béile
mhaith bhídh a fhuair Séamus i dtigh an duin'uasal sin
'n-a dhiaigh san nuair a bhíodh gádh go cruaidh aige le
lóisdín oídhche agus le béile bhídh.



Tá baile sa taobh thoir thuaidh de'n pharóiste agus
Gort na Sgeithe an ainim a tugtar air. Tá an baile
sin naoi míle ó Chill Úird. Is minic a thagadh glaodhach
ola chúgham ó'n mbaile sin i lár na h-oídhche. Do bhínn
am' dhúiseacht uaireanta agus d'airighinn an teach-
taire agus é ag teacht, ar sodar, ar muin capaill,
agus "Gort na Sgeithe! Gort na Sgeithe!" adeir-
eadh cosa an chapaill sa tsodar ar an mbóthar, agus
mise am' dhúiseacht sa leabaidh ag éisteacht leis an
sodar, "Gort na Sgeithe! Gort na Sgeithe!" agus
mé ag cuimhneamh ar an naoí míle 'shlígh a bhíodh rómham.
Ní ghoilleadh an sgéal puínn orm, ámhthach. Chómh luath
agus bhínn sa n-iallait agus ar an mbóthar níor bh'
fhearr liom bheith sa leabaidh. Bhíos óg an uair sin.



Tá áit ag bun Ghort na Sgeithe agus na Mianacha a
tugtar ar an áit. Do h-innseadh dom go raibh iaran
d'á thógaint as an dtalamh ann raint aimsire ó shin,
agus go ndéintí corcáin ann agus go gceannaigheadh
na cómharsain na corcáin sin, agus gur chorcáin mhaithe


L. 136


iad ach gur bh' ana dheacair iad a choimeád glan ar
an dtaobh istigh; gur dhócha ná glantí an t-iaran
i gceart sa teine, nó sa bhfúirnéis. Tugtar "an
Fúirnéis," leis, mar ainim ar an mbaile.



XIX



AN STAONADH Ó'N ÓLACHÁN



Ní ró fhada a bhíos tagaithe amach as an gcoláisde,
críochnuighthe am' shagart agus ag déanamh oibre sagairt
ameasg na ndaoine, nuair a thugas nídh fé ndeara.
Thugas fé ndeara an díobháil tiubaisteach a bhí ag an
ólachán 'á dhéanamh do mhuíntir na h-Éirean. Chonac
an ceárdaidhe sáidhte i dtigh an tabhairne gach aon
tráthnóna Dé Satharainn, agus é ag fanmhaint ann
go dtí go mbíodh págh na seachtmhaine imthighthe, nó an
chuid ba mhó dhé, agus an bhean agus an chlann sa bhaile
gan béile na h-oídhche acu, gan, b' fhéidir, balcuis
éadaigh ar aon tslacht; ansan, an fear san ar a lea-
baidh ar maidin Dé Domhnaigh agus gan é ábalta ar
eirighe ná ar dhul fé dhéin aon Aifrinn. Chonac an
bhean agus a meabhair bainte dhi ó bheith a d'iaraidh aire
thabhairt do'n fhear san agus d'á chlainn agus d'á thigh,
agus gan an t-airgead aici chuige, í féin leath lom-
rachta agus an chlann leath lomrachta agus an tínteán
fuar folamh, gan teine ná adhbhar teine, gan teas
gan compórd. Chonac an feirmeóir ag teacht abhaile


L. 137


ar meisge ó'n aonach nó ó'n margadh, agus é féin agus
a chapall i gcontabhairt tuitim i ndíg an bhóthair agus
bheith báithte nó basgaithe, agus an t-airgead ba cheart
dó a thabhairt leis abhaile fágtha aige ins na tighthibh
tabhairne a bhí ar na crosairíbh roimis; fághaltas fial
fágtha ins gach tigh acu aige; nár mhó leis seile tobac
'ná leath choróinn gheal do chaitheamh uaidh ins gach tigh
tabhairne acu; agus ansan, nuair a thagadh a chiall dó
amáireach 'n-a dhiaigh san, gur dhóich le duine air gur bh'
fhiú leath-shobhran an leathphinne ruadh nuair a bhéadh
raint bheag éigin aige 'á thabhairt d'á mhnaoi chun rudaí
sholáthar do'n tigh! Chonac na h-uilc sin go léir agus
na mílte olc eile 'n-a dteannta, agus do buaileadh
isteach am' aigne gur cheart dom iaracht éigin do
dhéanamh ar chur 'n-a gcoinnibh, a bheag nó a mhór; dá
mba ná tiocfadh liom a dhéanamh ach a bheag féin, gur
bh' fhearr é dhéanamh 'ná gan aon rud a dhéanamh.



Seo mar a tuigeadh dom ba cheart tabhairt fé'n obair,
.i. a iaraidh ar gach aoinne staonadh ó gach deoch meisg-
eamhail. Bhí fhios agam go maith go mbéadh mórán
daoine agus gur dheacair iad do thabhairt chun an
staonadh san do dhéanamh. Bhí fhios agam, leis, nár
bhfoláir dom éadan ana dhána bheith orm chun a iaraidh ar
aon duine an staonadh san do dhéanamh gan mé féin
'á dhéanamh chómh maith le cách. Thuigeas nár bhfoláir
dom féin an tosnughadh do dhéanamh. Chómh maith do
dheineas. Do dheineas an tosnughadh. Shocaruigheas
m' aigne i lathair Dé ar gan deoch meisgeamhail a dh'ól a
thuille. Ansan do chromas ar dhaoine eile do chómh-
airliughadh chuige. Is cuimhin liom aon fhear amháin
agus bhíos 'á rádh leis gur cheart dó an staonadh
dhéanamh. Bhí gach aon leathsgéal aige ar bhara a theang-
an dom chun gan é dhéanamh. Gach aon chúis d'ár thug


L. 138


sé dhom chun gan é dhéanamh, thugas-sa cúis i gcoinnibh
na cúise sin dó chun a dhéanta. Fé dheire do
bhris ar an bhfoidhne aige agus dúbhairt sé mar
seo:



"Mhaise go deimhin féin, a Athair, ní fearr bheith
siar ná aniar ar an sgéal, is maith leis an sagart féin,
nuair a bhíon dínnéar maith ithte aige, a bhraon beag
puins do chur anuas ar an ndínnéar!"



"Tá dearmhad sa méid sin ort," arsa mise. "Ní
bhlaisim aon bhraon puins choídhche ná aon bhraon d'aon
tsaghas eile díghe a chuirfeadh meisge ar dhuine."



Do stad sé ar feadh tamaill agus iongnadh air.
Ansan: "Asdó, a Athair," ar seisean, "caithim-se
bheith amuich sa n-oídhche fé fhuacht agus fé fhliuchra, agus
do raghadh an fuacht tré m' chroídhe dá mba ná h-ólfainn
braon biotáile nó braon de rud éigin teith mar
sin."



"Bím-se amuich sa n-oídhche, fé fhuacht agus fé
fhliuchra níos minicíghe 'ná mar a bhíon tusa," arsa
mise. "Bíon tú go sámh ar do leabaidh go minic
nuair a bhím-se sa n-iallait, ar bhóthar Ghort na Sgeithe,
nó ar bhóthar Ínse an Léime, agus fearthainn d'á
stealladh orm le fuinneamh gaoithe, agus ní bhíon aon
ghádh agam le h-aon bhraon biotáile nuair a thagaim
abhaile."



"Asdó, a Athair," ar seisean, "b'fhéidir ná
goillean anródh ort-sa chómh mór agus ghoillfeadh sé
ar dhuine eile. Dá bhfaighinn droch fhliuchadh thiocfadh,
b'fhéidir, luíghchán trom orm mura n-ólfainn deoch
mhaith láidir biotáile chun an fhuachta do chur amach as
mo chroídhe."



"Tá dearmhad sa méid sin ort," arsa mise leis.
"Is amhlaidh a chuirean an biotáile tuille fuachta


L. 139


isteach ionat i dteannta an fhuachta a bhíon istigh ionat
roimis."



D'féach sé idir an dá shúil orm agus sult ar lasadh
'n-a shúilibh féin.



"Dar fiadh, a Athair, ach siné an sgéal is greann-
mhaire d'ár airigheas-sa de sgéaltaibh greannmhara
riamh! Nuair ólaim braon de bhiotáile mhaith, moth-
uighim an teas aige d'á chur isteach am' chroídhe agus
tré m' ballaibh beatha go léir."



"Teas bréagach iseadh an teas san," arsa mise
leis. "Imthighean sé go luath 'n-a dhiaigh san, agus
beirean sé leis, as do chuid fola, pé teas a bhí ann
roimis. Ansan téighean an fuacht isteach ad' chroídhe
dáiríribh, agus ní mhothuighean tú an fuacht san mar
bhainean an biotáile an mothughadh asat."



B' éigean dom eirighe dhé. Bhí raint cainte de'n
tsaghas chéadna agam leis uaireanta 'n-a dhiaigh san.
Ní raibh aon mhaith dhom ann. Ní fhéadfainn a chur 'n-a
luíghe ar a aigne go raibh aon díobháil sláinte sa
"bhraon díghe." Ach pé caint a bhí eadrainn ní dúbh-
airt sé focal amach as a bhéal, airís, i dtaobh "gur
mhaith leis an sagart féin a bhraon puins a dh'fhághail."



Nuair a bhíos am' chómhnuighe thíos ar an gcnucán
os cionn drochaid Araiglinn bhíodh orm teacht aníos
go Cill Úird chun an Aifrinn do rádh agus chun glaodhach
ola d'fhreagairt sa tsráid bheag. Agus is minic gur
i lár na h-oídhche do thagadh an glaodhach ola. Thuigeas
dá mbeinn am' chómhnuighe thuas sa tsráid bheag go
mbeinn i n-aice mo ghnótha ann, do ló agus d'oídhche.
Ach ní raibh tigh le fághail sa tsráid bheag.



Do lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh breis
agus bliain. Fé dheire do tháing atharughadh. Bhí
dochtúir 'n-a chómhnuighe sa tsráid. Shocaruigh sé ar


L. 140


dhul chun cómhnuighthe ó-thuaidh go Baile Mhistéala.
Chómh luath agus bhí sé imthighthe as an dtigh a bhí i gCill
Úird aige do thógas-sa an tigh, agus thánag ainíos chun
cómhnuighthe ann. Bhíos i n-aice mo ghnótha ansan.
D'á éaghmuis sin bhíos meadhonach sa pharóiste, agus
ná bóithre díreach ó'n dtigh agam soir go h-Ínse an
Léime; agus soir ó-thuaidh go Baile na mBodach agus
go Gort na Sgeithe; agus ó-thuaidh go dtí an barrac,
mar a mbíodh an foghluidhe, lá éigin; agus siar ó-thuaidh
go dtí Bearna na Gaoithe, agus go dtí Cathair Druinne,
agus go dtí an Cnucán. Bóithre fada iseadh iad
go léir, ach bhíodh dúbailt faid ionta nuair a bhíos thíos
ag drochad Araiglinn, mar do chaithinn teacht ainíos
chun na sráide chun dul ar na bóithribh eile ach amháin
bóthar Ghort na Sgeithe agus bóthar Ínse an Léime.



Bíodh gur theip cuid de na seandaoinibh orm agus
cuid des na daoinibh a bhí i meadhon aois, i dtaobh an
ólacháin, níor theip na daoine óga orm. Ní rabhas
abhfad am' chómhnuighe sa tsráid bheag nuair a thugas
fé ndeara na garsúin bheaga agus iad ag imtheacht
fiain ar fuid na h-áite gach aon tráthnóna. Chuimh-
nígheas gur mhaith an rud seómra beag a dh'fhághail
dóibh, agus leabhair dheasa, agus iad do chruinniughadh
ag léigheadh na leabhar ar feadh uair a' chluig nó cúpla
uair a' chluig gach aon tráthnóna. Ní raibh aon leabhar
Gaeluinne le fághail i n-aon bhall an uair sin, mura
soláthróchadh duine Bíobla Gallda, ach níor bh'fhéidir
baint i n-aon chor leis an mBíobla san toisg an droch
ainim a bheith fachta aige ós na Soupers.



Do sgríobhas go Baile Átha Cliath agus fuaras
leabhair a bhí chómh Gaedhlach agus d'fhéadfadh leabhair
Bhéarla bheith; an "Story of Ireland." agus "Poets and
Poetry of Ireland," agus "Speeches from the Dock,"


L. 141


agus mar sin. Bhí an t-Árd Bharún Pigott beó an
uair sin i mBaile Átha Cliath. D'airigh sé an sgéal i
dtaobh na mbuachaillí agus i dtaobh na leabhar, agus
chuir sé deich bpúint chúghainn chun tuille leabhar do
cheannach. Ansan do cheannaigheamair tuille des
na leabhraibh, leabhair mhaithe bhunúsacha Bhéarla,
Shakespeaare, agus Milton, agus a leithéidí, agus bhí
cuid mhaith leabhar againn ansan, leabhair nár airigh
na buachaillí aon trácht riamh ortha go dtí san.
Thagaidís isteach gach aon tosach oídhche, nuair a bhíodh
na h-oídhcheanta fada againn, agus bhídís ag léigheadh
na leabhar, a leabhar féin ag gach duine, go dtí go
mbíodh sé i n' am staid. Ansan do léighinn féin
blúire beag de bheatha naoimh éigin dóibh, agus chuirinn
abhaile iad. Is cuimhin liom gur thugas mórán oídh-
cheanta ag léigheadh Beatha an Churé d'Ars dóibh, agus
gur chuireadar ana spéis ann.



Tar éis tamaill do mheallas iad chun staonadh ó
gach deoch meisgeamhail, agus do dheineadar é go
fonnmhar. Dheineas cárta beag dóibh agus chuireas
an gheallamhaint ar an gcárta, i gcló, mar seo:



"Mar shásamh am' peacaíbh, agus chun gach peaca
do sheachaint feasta le congnamh Dé, agus i
n-onóir do Bhríghid Naomhtha, staonfad ó gach
deoch meisgeamhail."



Bhí an obair go léir, agus sinn féin, agus an leabhar-
lann, fé chomairce Bhríghde Naomhtha againn. D'airigheas
n-a dhiaigh san gur lean a lán acu de'n gheallamhaint
sin ar feadh abhfad, agus gur lean cuid acu dhé i gcaith-
eamh a saoghal.



Nuair a thagadh Lá Fhéile Bríghde bhíodh féasta beag
againn; mísleáin, agus cácaí, agus sóghluistí eile
de'n tsórd san. Bhíodh ólachán áirighthe, leis, againn,


L. 142


agus d'ólaimís sláinte ár naoímh, sláinte Bhríghde,
"Muire na nGaedhal," mar a tugtí uirthi fadó. Tá
tobar breagh fíoruisge thíos i mBaile-'dir-dhá-Abhainn
agus "Tobar an Dúna" an ainim atá ar an dtobar
san. Chuirimís capall agus trucail, agus meadar
bhreagh mhór istigh sa trucail, síos chun an tobair sin
agus do tugtí chúghainn ainíos lán na meidire de'n
uisge sin, agus i nglaine de'n uisge sin iseadh d'óladh
gach duine againn sláinte Bhríghde Naomhtha.



Bhí cárta eile againn agus sidiad na smuínte a
bhí ar an gcárta san.



Mo ghrádh Dia!
Mo ghrádh an Creideamh!
Mo ghrádh Éire!



Gráin ar uabhar aigne!
Gráin ar ainbhfios!
Gráin ar easaontacht!



Ní dhéanfad maoidheamh.
Ní dhéanfad acharan.
Ní bhéad ar meisge.



Cárta bán ab eadh an cárta san. Cárta glas ab
eadh an cárta eile. Bhí an dá chárta san ag gach duine
d'ár mbuidhin. Do rugadar leó abhaile na cártaí.
Ní deirim ná go bhfuil foth chárta acu le fághail fós
i gcuid des na tighthib ar fuid na paróiste sin.



I mBéarla iseadh bhí na focail ar na cártaibh. Níor
bh'fhéidir na focail do chur ortha i nGaeluinn an uair
sin, bíodh gur mhó go mór an Ghaeluinn a bhí d'á labh-
airt sa pharóiste 'ná an Béarla a bhí d'á labhairt inti.


L. 143


D'á éaghmuis sin, bhí an Ghaeluinn a labharthaí bhí sí ar
áilleacht. Ba bhreagh liom bheith ag éisteacht leis na
seandaoinibh 'gha labhairt. Nuair a chuirinn an ola
dhéanach ar sheanduine acu, agus nuair a thugainn an
Corp Naomhtha dhó, agus nuair adeireadh sé ansan,
ó chroídhe amach, "Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!
Mo ghrádh go daingean É!" do stadadh m' anál orm
agus thagadh luas croídhe orm agus do sgeinneadh
deóracha ó'm shúilibh i dtreó go n-iompuighinn i leith
taoibh beagán.



Siní an chaint go raibh an creideamh inti. Siniad
saghas daoine naomhtha a bhí i n-Éirinn an uair sin agus
roimis sin, agus gan aon fhocal Béarla acu. Ba
bhaoth an gnó do'n namhaid bheith a d'iaraidh a chur
fhéachaint ortha súd an creideamh do shéanadh.



Bhí cheithre sgoileana "Náisúnda" sa pharóiste,
agus ní raibh oiread agus aon fhocal amháin Gaeluinne
ag aon duine des na múinteóiribh a bhí ag múineadh
aos óg ins na sgoileanaibh sin. B'uathbhásach an
éagcóir é d'á dhéanamh ar mhúinteóiribh agus ar aos
óg i n-aonfheacht. Na múinteóirí 'ghá marbhughadh féin
a d'iaraidh múineadh dhéanamh le caint nár tuigeadh,
agus aigne an lucht foghluma d'á ciapadh agus d'á
dalladh agus d'á cur amú, ó bheith a d'iaraidh eóluis
do ghlacadh tré chaint nár tuigeadh. Agus ansan,
éagcóir eile ba thiubaistíghe ná an dá éagcóir i
dteannta chéile, cigire, nó "inspector," ag teacht
ó'n mBórd agus ag dul isteach ins na sgoileanaibh
sin, 'ghá bhféachaint agus ag breithniughadh ortha, agus
gan aon léus eóluis aige ar an dá éagcóir úd, an
éagcóir ar na múinteóiribh agus an éagcóir ar an
aos óg.



Tá so agam le rádh, ámhthach. Chómh fada agus chuaidh


L. 144


an obair a deineadh ins na sgoileanaibh, an méid oibre
dob' fhéidir a dhéanamh i n-aimhdheóin na n-éagcórtha
go léir, do deineadh é ar chuma do chuir iongnadh orm-
sa. Do tugadh an t-eólus do'n mhuíntir óg agus do
ghlac an mhuíntir óg an t-eólus, tré bhóthar chruaidh an
Bhéarla, tré bhóthar iasachta an Bhéarla, ar chuma do
dhéanfadh creideamhaint do mhúinteóiribh agus do
lucht foghluma i n-aonfheacht dá mba ná béadh an bóthar
cruaidh ná iasachta. An éirim aigne a bhí ar gach taobh
fé ndear an toradh san a bheith ar an obair.



Ach na daoine a bhí i meadhon aois an uair sin, na
daoine a bhí idir na seandaoine agus muíntir na
sgoileana, bhí Béarla acu san d'á labhairt agus ní
dóich liom gur labhradh riamh amach a' béalaibh daoine
caint ba ghráinne 'ná an Béarla san. Féach ansan an
sglábhaidheacht a bhí ar na múinteóiribh agus ar na
leanbhaíbh. An Béarla grána san d'á labhairt coit-
chianta leis na leanbhaíbh sa bhaile, agus ansan na múin-
teóiribh a d'iaraidh Béarla éigin slachtmhar a mhúineadh
dos na leanbhaíbh sin ar an sgoil. Ansan, an cigire
ag teacht agus ag gabháil de chosaibh ins gach aon rud;
ag spídiúchán ar na múinteóiribh, os comhair na leanbh
go minic, nuair ná cuiridís Béarla cruinn i mbéalaibh
na leanbh, agus ag spídiúchán ar na leanbhaíbh nuair a
déarfadh leanbh acu, "I do be," nó, "We does be."



Bhíos ag éisteacht le cigire acu lá. Chuir sé ceist
éigin chun leinbh i dtaobh cad a choimeád sa bhaile é
an lá roimis sin, nó rud éigin de'n tsórd san.



B' shin iad athair agus máthair an leinbh, agus an
chuid eile de'n chlainn a bhí i ndiaigh an leinbh sin sa
bhaile. Féach air sin mar tharcuisne 'á thabhairt do'n
lín-tíghe sin! Tarcuisne phoibilídhe, os cómhair na
sgoile go léir!



Ná measadh aoinne ná tuiteadh rud de'n tsórd san
amach ach go h-anamh. Do thuiteadh sé amach go minic,
go h-ana mhinic. Tá sé ag tuitim amach fós, uair-
eanta. Do chonac féin cigire go minic ag rástáil
isteach i sgoil agus a hata ar a cheann aige, agus gan
aige do'n mhúinteóir, os comhair na leanbh, ach an
focal ba tharcuisníghe 'n-a phluic.



Thugas cheithre bliana i gCill Úird an uair sin. Bhí
an leabharlann mór go maith i ndeire na h-aimsire sin.
I gcaitheamh na h-aimsire sin iseadh tháinig an cogadh
mór úd idir an Fhrainnc agus an Almáinn. I gcaitheamh
bliana an chogaidh sin do bhíodh na páipéir againn sa
leabharlann agus sinn ag faire ar an gcuma 'n-a raibh
an cogadh ag gluaiseacht, agus gan amhras is leis an
bhFrainnc a bhíodh ár mbáidh go léir idir óg agus críona
againn. Bhí brón mór orainn nuair a chonacamair an
buadh ag an Almáinn.



I gcaitheamh na h-aimsire sin, leis, iseadh bhí ár
bhfeisirí Éireanacha, agus Isaac Butt 'n-a cheann-uraid
ortha, "ag seasamh a gcirt" thall i bPárlimint Shasana.
Bhíodh cruinniucháin mhóra againn ins gach aon pháirt
d'Éirinn ag gabháil páirte le Butt sa ghnó san, agus
le n-a bhuidhin. Is cuimhin liom go ndeigh gasra mór


L. 146


de mhuíntir Chill Úird ó-thuaidh go Baile Mhistéala lá
Domhnaigh, go dtí cruinniughadh mór díobh a bhí ann,
agus go mb' éigean dom dul leó, agus gur mheasamair
go raibh árd obair déanta againn nuair a bhí obair an
lae sin déanta againn. Ba bheag ná go raibh Éire
saor againn ó dhaor-smacht Gall, dar linn.



XX



ÁR SGOIL I RÁTH CHORMAIC



Nuair a tháing an t-am, do réir mar a thuig an
t-Easbog, do cuireadh ó-dheas mé, treasna na h-abhan,
treasna Abhan Móire, go Ráth Chormaic. Ní rabhas
abhfad sa pharóiste sin nuair a thosnuigheas ar an
obair chéadna a bhí ar siúbhal agam i gCill Úird.
Chruinngheas cuid de bhuachaillíbh na sráide bige sin
agus do labhras leó. D'innseas dóibh i dtaobh na
h-oibre a bhíodh ar siúbhal agam i gCill Úird an fhaid
a bhíos ann, i dtaobh na leabhar agus i dtaobh an dá
chárta, agus i dtaobh staonadh ó'n ólachán go mór
mór. Do tógadh na cártaí agus do gealladh an
staonadh. Do thógamair tigh agus do ceannaigheadh na
leabhair agus bhí an leabharlann againn, fé chomairce
Bhríghde Naomhtha, díreach mar a bhí i gCill Úird.



Níor bh' fhada gur thugas fé ndeara go raibh tuisgint
i gceól agá lán des na buachaillíbh i Ráth Chormaic.
Bhíodh amhráin againn, amhráin Bhéarla ab eadh iad,


L. 147


ámhthach. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne d'á labhairt
sa tsráid bheag. Ach má b' amhráin Bhéarla féin iad,
bhídís ar áilleacht le feabhas guthaí agus le binneas
glórtha agus le fuaim árd agus le h-uchtach.



Bhí eólus maith, leis, ag cuid des na buachaillíbh
ar cheól úirlisí, ar cheól fliúite agus ar cheól bheidhlín.
Do thuigeas am' aigne go mb' fhéidir gur mhaith an
rud, ó bhí an dúil sa cheól acu agus an éirim cheóil
chómh maith san acu, na h-úirlisí práis do sholáthar
agus banna práis a bheith againn. Dheineamair suas
dachad púnt agus chuireamair fios ar raint des na
h-úirlisíbh práis. Do labhras le fear de lucht ceóil
an airm istigh sa 1 Mhainistir agus d'iaras air teacht
chúghainn amach go Ráth Chormaic cúpal uair sa tseacht-
mhain agus a mhúineadh dos na buachaillíbh conus na
h-úirlisíbh práis do láimhseáil agus an ceól do
bhaint asta. Shocaruigheamair ar an ndíoluigheacht a
gheóbhadh sé agus tháinig sé. Bhí sé ag teacht ar feadh
raint aimsire; níor ró fhada é. Do phioc cuid des
na buachaillíbh suas an t-eólus go tiugh i dtreó go
rabhadar-san ábalta ar an gcuid eile do mhúineadh
agus gur fhéadamair comáint linn agus gan bheith ag
díol ár gcod' airgid le fear na casóige deirge. Sar
a raibh mórán aimsire curtha dhíobh ag na buachaillí
bhíodar ábalta ar na h-úirlisíbh do láimhseáil go
cliste, agus do sheinnidís an ceól chómh maith agus
d'fhéadfadh aon bhanna airim é sheinnt.



Bhíos i Ráth Chormaic tímpal dhá bhliain is dóich liom
nuair a bhí an méid sin gnótha déanta. Ansan díreach
iseadh tháinig leitir chúgham ó Bhaile Átha Cliath 'ghá
innsint dom go raibh buidhean ar bun sa chathair


L. 148


sin, buidhean "chun na Gaedhilge do choimeád
beó."



"Dar fiadh," arsa mise am' aigne féin, "má's
maith é is mithid é!"



Chomáineas leitir chúcha 'gha iaraidh ortha na leabhríní
a bhí acu do chur chúgham. Tháinig an chéad cheann des
na leabhríníbh. D'innseas dos na buachaillíbh cad a
bhí déanta agam. D'airighdís mé go minic ag tabhairt
seanamóna as Gaeluinn uaim do'n phobal Dé Domhnaigh.
Dúbhradar go léir láithreach gur mhaith leó an Ghaeluinn
d'fhoghluim. Chuireas macshamhail do'n leabhrín i láimh
gach buachalla agus chromadar ar na focalaibh
d'fhoghluim. Bhí focail bheaga ana shímplidhe ins na
ceachtanaibh tosaigh, mar seo, chómh fada agus is cuimhin
liom anois:



Ansan bhí ceacht eile mar seo:-



Chuireamair dínn raint des na ceachtanaibh. Ansan,
nuair a bhí raint des na ceachtanaibh foghlumtha ag na
buachaillíbh do h-innseadh an méid seo sgéil dúinn:-


L. 149


Chómh luath agus chonaic na buachaillí an méid sin,



Chuireadar stailc suas. Ní fhoghlumóchaidís a thuille
Gaeluinne as na leabhraibh sin. Chuireas-sa stailc
suas chómh maith leó. Thuigeas am' aigne aon daoine
do cheap go bhféadfaí an Ghaeluinn a choimeád beó
leis an saghas san oibre nár bh' aon mhaith bheith ag brath
ortha. Nuair airigheadh duine des na seana chainteóiribh
"bó mór," agus "bó dubh," agus "bean beag,"
bhídís ag cur an anama amach ag gáirí.



Thugas fé ndeara go raibh cuid des na buachaillíbh
agus go raibh éirim aigne acu agus solus breitheamh-
antais agus cúil-fhéith thar an gcoitchiantacht, cuid acu
abhfad thar an gcoitchiantacht. Do buaileadh isteach
am' aigne gur mhór an truagh gan caoi thabhairt dóibh
ar úsáid éigin thairbheach a dhéanamh de'n éirim sin
agus de'n tsolus san agus de'n chúil-fhéith sin.



Bhí mo chuid eóluis féin ar na seana theangthachaibh,
ar an Laidin agus ar an nGréigis, ag dul i ndúire
agus i neamhchruinneas agus i ndoirchíghe.



"Dar fiadh," arsa mise liom féin, "b'fhéidir nár
bh' fhearra dhom rud a dhéanfainn 'ná mo sheana leabhair
Laidne agus Gréigise do tharang chúgham airís agus
díriughadh ar na seana theangthachaibh uaisle sin do
mhúineadh do dhuine nó do bheirt des na buachaillíbh seo.


L. 150


Cá bh'fhios cad a thiocfadh as 'n-a dhiaigh so? Pé rud a
thiofcadh as 'n-a dhiaigh so ná ná tiocfadh, do thiocfadh
as anois go ndéanfainn m' eólus féin ar na seana
theangthachaibh d'athnuachaint, agus níor mhisde dhom
san."



Tharaingeas chúgham na seana leabhair agus ghlanas
an ceó dhíobh agus cromas ar fhéachaint tríotha. Ba
ghearr go bhfeaca go raibh gádh leis an athnuachaint.
Do labhras le duine des na buachaillíbh, an fear
ab fhearr díobh. Tomás ua Mórdha ab ainm dó.
B' é an fear ab fhearr é ar an gceól agus ar léigheadh
na leabhar agus ar gach aon tsaghas eile oibre aigne
d'á mbíodh ar siúbhal againn. D'fhiafraigheas dé ar
mhaith leis Laidion a dh'fhoghluim.



"Cad é an gnó bhéadh agam dé, a Athair?" ar
seisean.



"Cá bh' fhios ná go ndéanfadh Dia sagart díot,"
arsa mise. "Má's maith leat Laidion d' fhoghluim,"
arsa mise, "múinfead-sa dhuit í, agus ní bheidh agat
le díol as an obair ach aon nídh amháin."



"Agus cad é an nídh é sin, a Athair?" ar seisean.



"An nídh seo, a Thomáis," arsa mise; "má osgalan
Dia an bóthar duit chun bheith ad' shagart go ndéanfair
féin leanmhaint de'n staonadh ó'n ól agus go ndéan-
fair do dhícheal chun a chur fhéachaint ar dhaoine eile an
staonadh céadna dhéanamh."



"Déanfad an nídh sin, a Athair," ar seisean, "agus
go deimhin, dá mb' é toil Dé dhom é, do thabharfainn
an saoghal go léir ar bheith am' shagart."



"Tá go maith," arsa mise. "Sidé an leabhar,
féach, agus sidí an chéad cheacht atá agat le foghluim,
agus tá sé chómh maith againn tosnughadh anois."



Agus do thosnuigheamair. Níor bh'fhada go raibh an


L. 151


tarna buachaill i n-aonfheacht linn sa n-obair. Sar
a raibh trí seachtmhaine curtha dhínn againn bhí mór-
sheisear buachaillí agam ag foghluim na Laidne uaim.
Geallaim go mb' éigean dom féachaint chúgham féin
go maith, agus mo chuid sean' eóluis do ghlanadh agus
do líomhadh agus do chur i dtreó agus i n-eagar. Is
uathbhásach an sás ceistiúcháin buachaillí idir a dódhéag
agus a cúigdéag! Is fearr an t-eolus a chuireas-sa
an uair sin ar an Laidin leis an athnuachaint sin, agus
leis an múineadh, 'ná mar a chuireas uirthi nuair a
bhíos 'ghá foghluim i Maghchromtha nó i gCeann Tuirc,
nó i gColáisde na Mainistreach féin. Is fearr go
mór a mhúinean múineadh duine 'ná mar a mhúinean
foghluim é.



Bhí buachaill 'n-a chómhnuighe thuaidh i n-aice Bhaile
Mhistéala agus Toirdhéalbhach ua Siadhail ab ainim dó.
Bhí bean 'n-a cómhnuighe i n-aice Rátha Chormaic, bean
chreideamhnach, agus bhí gaol aici le Toirdhéalbhach. Bhí
fhios aici go raibh aidhm ana mhór ag Toirdhéalbhach ar
bheith 'n-a shagart. D'inis sí dhó i dtaobh na h-oibre a
bhí agam-sa 'á dhéanamh. Siúd chúgham adtuaidh é. Do
thosnuigh sé ar an obair. Bhí sé an uair sin, is dóich
liom, tímpal dhá bhliain déag nó trí bliana déag.
Thugas fé ndeara go luath go raibh an éirim aige, agus
an chúil-fhéith, agus féith na foghluma.



Bhí an sgoil ar siúbhal ansan, agus bhí an ceól ar
siúbhal, agus bhí léigheadh na leabhar ar siúbhal, agus bhí
gach aon rud ag dul chun cínn go h-áluinn. Ní raibh
aon cheangal chun oibre orm féin ná ar na buachaillí.
Nuair a thagadh gnó paróiste orm-sa d'imthigheadh na
buachaillí abhaile dhóibh féin, agus bhídís ag déanamh
na h-oibre sa bhaile chómh maith agus d'fhéadaidís
é, agus ag cuimhneamh ar cheisteanaibh le cur


L. 152


chúgham-sa nuair a thiocfainn tar n-ais ag triall
ortha.



Bhí ana shaoghal againn, agam-sa agus acu-san, mise
'ghá múineadh agus iadsan ag foghluim uaim, agus
aoibhneas aigne orainn ar gach taobh. Ní dóich liom
go bhfuil aoibhneas le fághail ar an saoghal so a
dh'fhéadfadh bheith níos aoibhne 'ná an t-aoibhneas aigne
sin a bhíon ar mhúinteóir agus ar lucht foghluma nuair
a bhíd siad ar aon aigne sa n-obair, agus nuair a thuigid
siad féin a chéile, agus nuair ná bíon de thoisg ná de
bhun ná d'aidhm acu leis an obair ach onóir do Dhia
agus tairbhe do'n chreideamh. Bhí an t-aoibhneas san
againne an uair sin, agus bhíomair ag dul ar aghaidh
leis an obair go buacach.



XXI



I MAGHCHROMTHA



I lár an aoibhnis dúinn do tháinig atharughadh.
Tháinig leitir ó'n Easbog 'á rádh liom-sa dul siar go
Maghchromtha agus gnó sagairt do dhéanamh ann. Chuir
san stad leis an obair i Ráth Chormaic. D'imthigheas
siar. Ní fada a bhíos thiar nuair a lean an chuid ba
mhó des na buachaillíbh mé. Ghlacadar lóisdín sa
tsráid agus thagaidís chun mo thíghe-se gach aon lá
agus do ghluais an múineadh agus an fhoghluim airís.



Suim aimsire tar éis na h-oibre do thosnughadh
i Maghchromtha tháinig leitir chúgham ó Bhaile Átha Cliath,


L. 153


ó'n "gCuman" úd "chun na Gaedhilge do choimeád
beó." Do tráchtadh liom ar an ngádh a bhí leis an obair
a bhí ag an gCuman 'á dhéanamh, agus ar an ngádh a bhí
le h-airgead chun na h-oibre do dhéanamh. Dhá fhírinne
ghlan ab eadh an dá nídh sin gan amhras. Chuireas púnt
airgid chúcha agus do sgríobhas leitir cúcha, agus is
i nGaeluinn do sgríobhas í. Thugas iaracht, sa leitir,
ar raint neithe do chur ar a súilibh dóibh i dtaobh an
chuma 'n-ar cheart an obair a bhí curtha rómpa acu
do dhéanamh. Chuireadar freagra chúgham ar mo leitir
ag gabháil buidhchais an airgid liom. Agus chuireadar
chúgham cló de'n Freeman's Journal agus mo leitir
Ghaeluinne i gcló air, díreach mar a sgar mo lámh
léi. Do thugadar le tuisgint dom, ámhthach, i dtaobh
na cómhairle a bhí tabhartha agam dóibh, ná raibh aon
ghádh le dithineas. Ba mhar a chéile an sgéal agus a
rádh: "A dhuine mhacánta, tabhair-se aire do d' ghnó
féin agus leig dúinne an rud céadna dhéanamh."



Ní dúbhradh an chaint tur ar an gcuma san, ach siné
brígh a bhí leis an gcaint. Ní raibh aon mhilleán i n-aon
chor agam ortha. Ní féidir do dhuine a thuisgint conus
is ceart an Ghaeluinn do choimeád beó mura dtuigean
sé cad é an saghas ruda an Ghaeluinn atá beó. Níor
thuigeadar súd cad é an saghas ruda Gaeluinn bheó
ná cad é an saghas ruda Gaeluinn mharbh. Bhí sé daing-
ean 'n-a n-aigne gur thuigeadar am dá nídh sin níb'
fhearr go mór 'ná mar a thuigeas-sa aon nídh acu. D'á
bhrígh sin níor bh' fhéidir dóibh cómhairle do ghlacadh
uaim-se 'n-a dtaobh, agus ní raibh aon mhilleán agam
ortha. Ach níor dheineas a thuille cur isteach ortha le
leitreachaibh - ná le h-airgead. An t-Athair Eóin ó
Nualláin, sagart riaghalta, isé bhí am uair sin 'n-a
cheann ar an gCuman san. Sagart ana mhaith, ana


L. 154


naomhtha, ana dheaghchroídheach, ab eadh é gan aon dabht.
Dhein sé mórán oibre ar son na Gaeluinne, agus obair
chruaidh ab eadh an obair a dhein sé. Ach cad é an
tairbhe obair chruaidh gan eólus?



Bhí buidhean fear i Maghchromtha an uair sin. Is
dóich liom gur "Young Men's Society" gur bh' eadh
iad. Chonaic cuid acu an leitir i nGaeluinn ar an
bhFreeman. Thánadar chúgham agus d'iaradar orm
teacht chun a seómra tamall beag i dtosach gach oídhche
agus iaracht a dhéanamh ar Ghaeluinn a mhúineadh dhóibh.
Dúbhart go dtiocfainn. Do thánag. Ní rabhas dhá
neómat sa tseómra ag caint leó nuair a chonac go
raibh eólus maith acu ar an nGaeluinn cheana féin,
agus ná raibh agam le déanamh ach a thaisbeáint dóibh
conus í léigheadh agus do sgrí'. D'aimsigh gach duine
acu a pheann agus a dhubh agus a pháipéar, agus do
ghluais an obair. Chómh luath agus bhí na leitireacha
acu do shuíghdís chun an bhúird agus do chromainn-se
ar sgéal éigin a dh'innsint, agus do sgríbhidís-sin
síos ar pháipéar gach focal fé mar a thagadh sé as mo
bhéal.



Ní raibh puínn trioblóide sa n-obair sin dómh-sa.
Ní bhíodh orm dul ag triall ortha ach cúpla oídhche sa
tseachtmhain, agus ní bhíodh orm fanmhaint ach leath uair
a' chluig gach oídhche. Ní raibh orm aon mhúineadh cainte
dhéanamh. Bhí an chaint agá bhformhór chómh maith díreach
agus bhí sí agam féin.



Bhí an obair ar siúbhal ar an gcuma san, go h-éasga
agus go h-anamamhail. Bhí beirt nó triúr buachaillí
ó'n gcómharsanacht tagaithe chúgham chun na Laidne
dh'fhoghluim agus iad tar éis na geallamhna do thabh-
airt go staonfaidís ó gach deoch meisgeamhail. I lár
na h-oibre dhúinn ámhthach tháinig matalong crosta


L. 155


orainn. Do labhair an sagart paróiste liom agus
thug sé le tuisgint dom nár thaithn leis mé bheith ag
múineadh na mbuachaillí. Dúbhart leis, go breagh
réidh, gur istigh am' thigh féin a bhíos 'ghá múineadh, agus
go raibh sé chómh maith agam bheith ag déanamh na h-oibre
sin istigh am' thigh féin le bheith ag imirt chártaí nó le
bheith ag tuitim am' chodla.



Tamall 'n-a dhiaigh san tháinig leitir chúgham ó'n
Easbog 'ghá rádh liom go raibh sagart paróiste thuaidh
sa 1 Ráth agus go raibh dúil ana mhór aige sgoil Laidne
chur ar bun sa bhaile sin.



"Tá," arsa'n t-Easbog liom, "airgead éigin le
fághail ó'n Riaghaltas chun sgoile de'n tsórd a choimeád
suas sa n-áit agus tá an t-airgead san díomhaoin toisg
gan an sgoil a bheith ann. Ba dhóich liom gur mhaith an
rud duit-se dul ó-thuaidh go dtí an Ráth agus an obair
seo atá agat 'á dhéanamh i Maghchromhtha do dhéanamh
thuaidh."



Bhí fhios agam cad é an brígh a bhí leis an gcaint sin.
Bhí fhios agam nár labhair an t-Easbog mar sin gan
sagart paróiste Maghchromtha bheith ag gearán orm-sa
agus ar mo sgoil. Ach do sgaoileas leis.



"Tá go maith, a Thighearna Easboig," arsa mise.
"Comáin ó-thuaidh mé."



Do buaileadh isteach am' aigne, leis, go mb' fhéidir
gur bh' é toil Dé mé dhul ó-thuaidh. B' fhearr liom go
mór fanmhaint i Maghchromtha dá bhfágtí ann mé. Ach
do thuigeas go mb' fhéidir nár bh' é sin toil Dé.
Thuigeas go mb' fhéidir go raibh gnó éigin ceapaithe ag
Dia dhom le déanamh sa Ráth nár bh'fhéidir dom a
dhéanamh i Maghchromtha. Siní an fhírinne. Bhí uaigneas


L. 156


orm mar gheall ar a bheith orm imtheacht a' Maghchromtha,
mar d'á ghioracht a bhíos ann bhí báidh ana mhór agam
féin agus ag na daoine le n-a chéile. Ach bhí aon
tsásamh aigne amháin agam ag imtheacht dom. Ní h-ag
leanmhaint mo thoile féin a bhíos. Chuireas mo thoil
le toil Dé.



"Cá bh' fhios dómh-sa," arsa mise am' aigne féin,
"cad 'tá beartuighthe ag Dia sa ghnó so? Ní chun mo
thoile féin do leanmhaint a dhein Dia sagart díom!"



Ní chuirfinn an méid sin cainte síos anso anois ach
chun a thaisbeáint nár cheart aon mhilleán a bheith ar
shagart paróiste Maghchromtha. Má b' é toil Dé mise
do dhul ó-thuaidh go dtí an Ráth, ní raibh sa méid a dhein
an sagart paróiste sin, leis, ach rud a cheaduigh toil
Dé dhó a dhéanamh. Níor chuaidh an duine bocht ó
bhéalaibh na ndaoine sa ghnó. Bhí leath-amadán sa
tsráid agus d'airigheadh sé na daoine ag caint agus
'á rádh gur dhíbir an sagart paróiste an sagart óg
mar gheall ar bheith ag múineadh Laidne dos na buach-
aillíbh.



"Is ait an sgéal é sin!" arsa'n t-amadán. "Cad
é an díobháil do shagart bheith ag múineadh buachaillí?
Dá mba ag múineadh cailíní óga a bhéadh sé ba cheart,
b' fhéidir, a rádh leis gan bheith 'ghá dhéanamh. Ach ag
múineadh buachaillí!"



Chuaidh caint an amadáin i mbéalaibh na ndaoine
agus bhí raint spóirt acu. Dúbhradar go tapaidh
go raibh an ceart ag an amadán, agus do cuimhnigheadh
ar an sean-fhocal: "Dealg múnlaíghe, fiacal chon
nó focal amadáin, na trí neithe is géire ar bith."


L. 157


XXII



AN SGOIL SA RÁTH



Bhailigheas chúgham mo chuid triosgáin agus mo chuid
leabhar agus siúd ó-thuaidh mé. Chuas chun cainte
leis an sagart paróiste thuaidh. D'inis sé dhom conus
a bhí gach aon rud le socarughadh; gur i seómra am'
thigh cómhnuighthe féin a bhéadh an sgoil; go ndíolfadh
gach duine des na sgoláiríbh a deich fichid sa rátha, .i.
sé púint sa mbliain; go dtosnóchadh obair an lae ar
a deich ar maidin agus go gcríochnófaí ar a dó sa lá.
An t-airgead a dhíolfadh na sgoláirí as a sgolaidh-
eacht go gcurfí sa chiste é, i dteannta na h-ofrála,
agus ansan go rainnfí ar na sagartaibh é díreach mar
a rainntí an ofráil. Ar an gcuma san go mbéadh
mo chion dé ag teacht chúgham-sa fé mar a bhí mo chion
de'n ofráil ag teacht chúgham. Go mbéadh ar na sagar-
taibh eile gnó na paróiste dhéanamh agus ná béadh
orm-sa a dhéanamh ach obair na sgoile.



D'éisteas leis an socarughadh san gan aon fhocal
do rádh amach as mo bhéal. Do h-osgaladh an sgoil.
Tháinig raint buachaillí. Chuireas ag obair iad. I
gcionn raint laethanta tháinig cuid dem' buachaillíbh
féin chúgham. Tháinig beirt nó triúr ó Ráth Chormaic
agus duine ó Maghchromtha. Agus tháinig Toir-
dhéalbhach ua Siadhail ó Bhaile Mhistéala. Thógadar
lóisdín dóibh féin sa tsráid. Chuireas isteach sa
n-obair iad, fé mar a bhíodar oireamhnach chuige.



Bhí an obair ar siúbhal ansan, ach bhí aon nídh amháin
ag déanamh buartha dhómh-sa. Chonac an cruinneas
a thaisbeáin an sagart paróiste i dtaobh an airgid,


L. 158


agus tháinig machtnamh dom. Chómh luath agus
d'fhéadas é do ghlacas caoi ar labhairt leis an sagart
paróiste i dtaobh an mhachtnaimh a bhí am' aigne.



"A leithéid seo, a Athair," arsa mise leis. "Tá
raint buachaillí tagaithe anso am' dhiaigh. Bhíos 'ghá
múineadh i Maghchromtha agus i Ráth Chormaic. Ní
raibh aon trácht riamh eadrainn ar aon airgead, nídh
nár bh' iongnadh. Ní foláir an múineadh a gheóbhaid
siad anso do thabhairt dóibh i n-aisge, fé mar a bhíodar
'ghá fhághail i Ráth Chormaic agus i Maghchromtha."



Do chroth sé a cheann.



"Ó," ar seisean, "ní dhéanfadh san an gnó i n-aon
chor! Caithfid siad díol anso ar nós gach sgoláire
eile d'á bhfuil ag teacht chun na sgoile."



Do stadas, agus admhuighim gur choruigh mo chuid
fola. Dhéanfainn sgéal ana ghairid dó dhé mura
mbéadh aon nídh amháin. Mura mbéadh an t-aon nídh
amháin sin déarfainn leis mar seo: "Má 'sí sin
aigne atá agat i dtaobh na sgoile seo, caithfir duine
éigin eile do sholáthar chun na sgoile do mhúineadh."
Ní dúbhart an chaint sin. Choimeádas istigh í. Chuireas
srian leis an bhfeirg. Nuair a bhí mo lámh daingean
agam ar an sriain do labhras mar seo.



"Tá go maith, a Athair," arsa mise, "ach ó 'sé an
t-Easbog a chuir mise anso, caithfidh an t-Easbog an
puínte seo do shocarughadh eadrainn."



Nuair a tháinig an t-Easbog do h-innseadh an sgéal
dó. Dúbhairt sé láithreach go raibh an ceart agam-sa.
Déarfaidh duine, b'fhéidir, "Cad 'n-a thaobh nár
eirighis as an obair láithreach nuair a h-iaradh ort an
bheart spriúnlaithe sin do dhéanamh?"



Neósfad-sa san duit. D'innseas cheana conus
mar a bhí an leabharlann i gCill Úird fé chomairce


L. 159


Bhríghde Naomhtha againn, agus conus mar a bhí an
leabharlann i Ráth Chormaic, agus an banna práis,
agus an ceól, fé chomairce Bhríghde againn. Bhí an
obair go léir fé chomairce Bhríghde. Chómh luath agus
d'osgalas an sgoil sa Ráth chuireas an sgoil agus
an obair agus mé féin agus gach aon rud a bhain leis
an ngnó, fé chomairce Bhríghde. Agus go mór mór,
bhí an staonadh ó gach deoch meisgeamhail fé n-a com-
airce agam. Bríghid Naomhtha, Muire na nGaedhal,
isí fé ndeara dhómh-sa an fhearg do bhrúth fúm an uair
úd, nuair a h-iaradh orm an bheart spriúnlaithe úd a
dhéanamh. Ní fhéadainn gan gáire dhéanamh, i gcaith-
eamh an lae 'n-a dhiaigh san, nuair a chuimhnighinn ar
a luighead d'á fhios a bhí ag an sagart bocht úd gur
bh' ar Bhríghid Naomhtha ba cheart dó a bhuidheachas a
bheith aige nár chaitheas chuige an sgoil, agus ná dúbhart
leis, "Má's maith leat airgead a dhéanamh as an sgoil,
múin féin í, dein féin an obair."



Bhí cúis eile agam, leis, le gan an sgoil do chaith-
eamh chuige. Theastuigh uaim an gnó do chríochnughadh
dos na buachaillíbh a lean mé. Dá gcaithinn uaim an
sgoil do chaillfinn ortha san. Bhéadh san spriún-
laithe, leis. Ní fheadar ná gur thúisge leó an
t-airgead do dhíol 'ná mise d'eirighe as an obair.
Is dóich liom gur thúisge. Ach pé 'cu ba thúisge nó
nár thúisge ní thógfainn-se aon airgead uatha.



D'á éaghmuis sin airís, bhí cuid des na buachaillíbh
a bhí tagaithe chun na sgoile ó'n sráid agus ó'n gcómh-
arsanacht, agus bhí aithne curtha agam ortha, agus bhí
fághalta amach agam go raibh árd éirim aigne acu.
Thuigeas gur bh'fhiú iad raint d'á nduagh dh'fhághail.
Do bhrúthfainn a lán feirge fúm ní ba thúisge 'ná
mar a stadfainn d'iad a mhúineadh agus iad chómh maith


L. 160


san chun an eóluis do ghlacadh. D'á éaghmuis sin go
léir, bhí an gheallamhaint i dtaobh staonadh ó'n ndeoch
meisgeamhail déanta ag an uile dhuine des na buach-
aillíbh a bhí tagaithe chúgham ó'n áit. Dá n-eirighinn as
an obair an uair sin bhí gach aon chontabhairt go raghadh
an gheallamhaint sin ar neamhnídh i n-aigne a lán de'n
mhuíntir a bhí tar éis í dhéanamh. Bhí greim eile leis,
orm. An obair a bhí agam 'á dhéanamh chómh fada
roimis sin i n-onóir do Bhríghid Naomhtha, i n-onóir do
Mhuire na nGaedhal, obair ab eadh í ná féadfainn a
chur uaim. Gan amhras bhí iongnadh ar na daoine a
chonaic mé ag déanamh na h-oibre sin, ach níor thuig-
eadar na greamana a bhí orm. Do socaruigheadh ná
béadh aon chuid d'obair na paróiste orm, ach neamh-
nídh ab eadh an socarughadh san. Dheineas mo chion
d'obair na paróiste chómh maith le cách. Is dóich liom
gur mheas a lán daoine gur díth céille a bhí orm.
Níor bh' aon iongnadh iad 'ghá rádh. Ach níor thuig-
eadar na greamana a bhí orm.



"Fágaimís siúd mar atá sé!"



XXIII



AN LAND LEAGUE



Is dóich liom gur díreach agus mé ag imtheacht ó
Maghchromtha do leigeadh Micheál Daibhéid amach as
an bprísún. Tháinig samhradh ana fhliuch, agus fóghmhar
ana fhliuch. Ní raibh aon bhreith ag daoine ar


L. 161


chíosanaibh do dhíol. Do thuig cuid des na tighearnaíbh
talmhan thiar i gConachtaibh go mbéadh na feirmeóirí
a d'iaraidh locáiste dh'fhághail. Níor mhaith leis na
tighearnaíbh aon locáiste thabhairt uatha. Chuireadar
glaodh amach chun a chéile agus thánadar i bhfochair a
chéile ar aon láthair, agus shocaruigheadar ar gan aon
locáiste thabhairt d'aon tineóntaidhe. Is cuimhin liom
go dtáinig ana bhrón agus ana bhuairt orm nuair
airigheas an sgéal san. Bhí fhios agam ná béadh aon
bhreith ar na cíosanaibh do dhíol. Mheasas ansan go
gcaithfí na daoine go léir amach as a gcuid tailimh,
agus go mbéadh airís againn an léirsgrios a deineadh
ar Éirinn i mbliain a h-ocht a's dachad. Bhíodh an
machtnamh san ag baint codla na h-oídhche dhíom. Níor
bh'fhada go dtáinig sgéal eile aniar chúghainn. Do
chonaic Micheál Daibhéid an rud a bhí déanta ag na
tighearnaíbh. Chuir sé amach glaodh chun na dtineón-
taithe 'ghá iaraidh ortha teacht i bhfochair a chéile ar aon
láthair. Thánadar. Do labhair sé leó. B'é toradh
a chainte gur socaruigheadh ar gan aon leathphinne
cíosa thabhairt d'aon tighearna talamhan ná tabharfadh
locáiste maith uaidh. Thug san "cor i n-aghaidh an
chaim" dos na tighearnaíbh. Thuigeadar féin gur
thug. Bhíodar ar buile. Do rugadh ar Mhicheál
Daibhéid agus do sádhadh isteach airís é sa phrísún.
Ní raibh sé amuich ach ar thicéad. Do briseadh a thicéad
agus do cuireadh isteach airís é. Ach ní mar a meas-
tar a bítear go minic. Bhí Disraeli 'n-a phríomh-
mhinistir nuair a briseadh ticéad Mhichíl Daibhéid.
Trí seachtmhaine díreach 'n-a dhiaigh san do caitheadh
Disraeli agus a bhuidhean amach a' h-obair an Riagh-
altais, agus chuaidh Gladstone isteach. An túisge 'n-a
raibh Gladstone istigh do h-osgaladh dorus an phrísúin


L. 162


airís, agus do leigeadh Daibhéid amach. Ansan
iseadh thosnuigh an ghleic idir na tineóntaithibh agus na
tighearnaíbh.



Bhain san an bhuairt mhór díom-sa, ach mar sin féin
ní rabhas gan eagla. Bhí eagal orm ná béadh sé de
mhisneach ag na tineóntaithibh an fód do sheasamh. Bhí
eagal orm ná creidfidís go mbéadh aon bhreith acu
ar an gcíos do choimeád gan an sirriamh do theacht
láithreach agus iad do chaitheamh amach. Nuair a chona-
cadar Micheál Daibhéid tagaithe amach as an bprísún
i n-aimhdheóin na dtighearnaí talmhan is ar éigin
fhéadadar an sgéal do chreideamhaint. Ach níor bh'
fhada go raibh sé ansúd thiar 'n-a measg airís 'ghá
innsint dóibh conus a dhéanfaidís na tighearnaí do
throid. Ba ró dheacair a chur 'n-a luighe ortha gur
bh' fhéidir an troid sin do dhéanamh i n-aon chor. Bhí
sé daingean 'n-a n-aigne ná raibh ag an landlord ach
teacht agus iad do chaitheamh amach chómh luath agus
dhiúltóchaidís do'n chíos a dhíol.



"Má théighean sibh ag triall air i nbhúr nduine agus
i nbhúr nduine féadfaidh sé sibh a chaitheamh amach i nbhúr
nduine agus i nbhúr nduine. Féadfaidh sé an duine
a dhiúltóchaidh do chaitheamh amach láithreach. Ach má
théighean gach buidhean tineóntaithe ag triall air
i n-aonfheacht agus an diúltughadh dhéanamh i n-aon-
fheacht, cé fhéadfaidh sé a chaitheamh amach? Ní bheidh
an diúltughadh aige le cur i leith aon duine fé leith.
Ní féidir dó an dlígh chur oraibh go léir i n-aonfheacht.
Téigheadh an bhuidhean ag triall air agus tairigidís an
cíos dó, ach amháin an locáiste a bheidh uatha. Má
dhiúltuighean sé do'n locáiste thabhairt tagadh an
bhuidhean uaidh gan aon chíos a thabhairt dó. Tá
easba airgid ar a lán acu, agus tabharfaid siad


L. 163


uatha an locáiste d'fhonn an chuid eile dh'fhághail
láithreach."



Ní ró mhór an meas a bhí ag cuid acu ar an gcómh-
airle. Bhí an taithíghe acu riamh ar a thoil féin do
thabhairt do'n thighearna talmhan; ar aon chíos a
h-iarfí ortha do dhíol níba thúisge 'ná eagla an eviction
a bheith ag baint codla na h-oídhche dhíobh. Ach bhí cuid
acu, leis, agus ba thúisge leó aon tsaghas troda
dhéanamh, pé rud a thiocfadh as dóibh, 'ná bheith ag sglábh-
aidheacht ag déanamh airgid do dhaoinibh díomhaoine
agus 'ghá shíneadh amach chúcha agus gádh acu féinig
leis. Do cuireadh an Land League ar bun. I ndiaigh
ar ndiaigh do leath an obair go dtí go raibh buidhean
de'n chonnradh san ins gach paróiste. Do cuireadh
buidhean acu ar bun go luath sa Ráth. Is cuimhin liom
an lá go maith. Bhí cruinniughadh mór daoine ann,
i bpáirc ná raibh abhfad ó m' sgoil. Chuas féin agus
mo sgoláirí go léir go dtí an cruinniughadh.



Tháinig smaointe áirighthe chun m' aigne nuair a chuas
isteach ameasg na ndaoine. Chuimhngheas ar an am
úd nuair a bhíos istigh sa choláisde i Maigh Nuadhat
agus an páipéar úd i mBaile Átha Cliath ag tromaidh-
eacht go dian orm féin agus ar an gcuid eile againn,
'ghá rádh go rabhamair ag gabháil páirte le cómhachtaibh
Shasana, agus a fhios againn féin istigh i n-ár gcroídhe
gur bh' éitheach é sin; nách ag gabháil páirte le cómh-
achtaibh Shasana a bhíomair ach ag gabháil páirte le n-ár
ndaoine féin, le muíntir na h-Éirean, a d'iaraidh iad
do choimeád ó dhul isteach i n-imreas le cómhachtaibh
Shasana an fhaid a bhí an t-arm go léir acu san agus
gan ag muíntir na h-Éirean ach lámha folamha. Bhí
fhios againn go dian mhaith dá dtéigheadh muíntir na
h-Éirean i ngleic de'n tsórd san le cómhachtaibh


L. 164


Shasana an uair sin nár bh'fhéidir a bheith ar an ngleic
ach an t-aon deire amháin, cath fuilteach b'fhéidir, agus
ansan an t-informer agus an chroch, agus an t-airgead
fola, agus an loch amach, agus croídhthe briste ag
aithreachaibh agus ag máithreachaibh agus ag daoine
muínteartha sa bhaile. Bhí fhios againn go dian mhaith,
dá mbéadh a sheacht n-oiread armála ag muíntir na
h-Éirean agus a bhí acu an uair sin, dá mbéadh oiread
armála acu, agus oiread saidhbhris, agus oiread nirt
slógh, agus go bhféadfidís an ghleic do choimeád ar
siúbhal i gcoinnibh Shasana ar feadh fiche blian, go
gcaillfeadh Sasana a raibh an tsaoghal aici, ó chroicean
amach, go gcaillfeadh sí an croicean féin, go gcaill-
feadh sí an t-anam, níba thúisge 'ná mar a leigfeadh
sí do mhuintir na h-Éirean an lámh uachtair a dh'fhághail.
Cá raibh an gustal? cá raibh an púdar? cá raibh na
gunaí móra, ná na gunaí beaga? Cá raibh an neart
slógh? Cá raibh aon rud i n-aon chor a chuirfeadh ar
a gcumas do mhuíntir na h-Éirean gleic de'n tsórd
san do sheasamh i n-aghaidh Shasana?



Ach nuair a tháinig an ghleic eile seo, an ghleic idir
na feirmeóirí agus na máighistirí talmhan, bhí an sgéal
atharuighthe ar fad. Ní faobhar ná fuil ná púdar ná
teine ná gunaí móra ná gunaí beaga a bhí i gcás feasta,
ach gach aoinne do choimeád a ghreama ar a chuid féin.
Ní bhrisean duine dlígh Dé ná dlígh rígheachta nuair
ná déinean sé ach a chuid féin a choimeád. Siné an
teagasg a bhí le tabhairt ó'n árdán do'n phobul a bhí
cruinnighthe ansúd an lá úd sa pháirc úd i n-aice an
Rátha. Ní raibh ar mo chumas-sa, nuair a bhíos istigh
sa choláisde ná nuair a thánag amach as an gcoláisde,
páirt do ghabháil leis na Fíníníbh, ná cómhairle thabhairt
a chomáinfeadh ar aghaidh iad sa bhfuadar a bhí fútha.


L. 165


Ní raibh aon rud chun mé chosg ar chómhairle thabhairt
do phobul feirmeóirí, agus a rádh leo imtheacht ar
aghaidh sa bhfuadar a bhí fútha.



Thuigeas go raibh gádh le cómhairle acu. Bhíodar
ansúd am' thímpal agus iad go dúr agus go gruamdha.
An seana sgannradh ortha. An t-eagla ortha go
mbéarfaí ortha ar ball agus go gcuirfí an dlígh ortha,
mar ba ghnáth riamh, agus gur bhaoghal ná tiocfaidís
saor, bíodh ná raibh dlígh Dé ná dlígh rígheachta 'á
bhriseadh acu. Bhíos ag faire ortha agus chonac 'n-a
ngnúiseanaibh an ghruaim, agus an sgannradh, agus
an droch iontaoibh asta féin agus as a chéile. Sgann-
radh ar gach aoinne le h-eagla go neósfaí do'n mháigh-
istir go raibh sé sa pháirc sin an lá san. Ní raibh
aoinne ar an árdán fós ach triúr nó ceathrar garsún.
Ansan tháinig sagart óg láidir ó Chontae Luimnighe
agus chuaidh sé anáirde ar an árdán. Chuas féin
anáirde i n-aonfheacht leis. Thosnuigh sé ar chaint,
agus ba dhian mhaith chuige é. Do labhair sé go dána
'ghá mhíniughadh conus mar a bhí na máighistirí ag
déanamh éagcóra ar na feirmeóiríbh, ag éileamh chíosa
nár bh' fhéidir a dhéanamh as an dtalamh. Bhí na feir-
meóirí ag éisteacht leis an gcaint agus iongnadh ortha
a rádh go raibh sé de sgairt ag aoinne an fhírinne
dh'innsint amach chómh neambalbh san. Bhí seisean ag
caint agus bhíos-sa ag faire ortha-san. Tháinig tuille
sagart. Do léim gach sagart, fé mar a tháinig sé,
do léim sé suas ar an árdán, go dtí go raibh oiread
san againn ann gur bh' ar éigin a bhí slígh d'á thuille
againn ann.



Seo rud a thugas fé ndeara an lá san, agus
níor sgar sé le m' chuimhne riamh ó sin ná ní sgarfaidh
go deó. Nuair a chonaic na daoine an brúth sagart


L. 166


thuas ar an árdán agus gach aon tsagart acu, fé mar
a labhradh sé, ag labhairt níba dhána agus níba dhásach-
taíghe 'ná an t-é a labhair roimis, do thosnuigh an
ghruaim agus an t-eagla agus an droch iontaoibh ar
imtheacht as a ngnúisibh. D'fhéadas a léigheadh
i n-aghaidh gach duine acu, chómh soiléir díreach agus
dá labhradh sé liom, an chaint seo: "Seadh! an fhaid
atáid na sagairt sin go léir ansúd thuas ar an árdán
ní baoghal dúinn!" Chonac an méid sin agus bhí
áthas mór orm, agus bhíos ana bhuidheach des na sagart-
aibh mar gheall ar theacht agus ar sheasamh ansúd, idir
na feirmeóiríbh bochta agus na h-annsgiain a bhí ag
fásgadh an anama asta. Bhí áthas mór eile orm,
leis, agus cúis ba mhó 'ná san féin agam chun an
áthais. Fé dheire thiar thall bhí le feisgint ag an
saoghal mór nách aon bháidh le muíntir Shasana ná le
n-a ndlighthibh fé ndeara do shagartaibh na h-Éirean
bheith i gcoinnibh na bhFíníní, agus gur mhór agus gur
thiubaisteach an éagcóir a deineadh ortha nuair a dúbh-
radh gur bh' eadh.



XXIV



ATHARUGHADH AR AN SAOGHAL



Do cuireadh buidhean de'n Land League ar bun sa
Ráth. Thagadh na feirmeóirí ó'n gcómharsanacht isteach
ann cúpla lá sa tseachtmhain. Do dhíoladh gach aoinne
acu raint bheag airgid chun costais na buidhne. Raint


L. 167


bheag ab eadh é, agus ríghin go leór a bhídís 'ghá dhíol,
go dtí gur thosnuigh neithe áirighthe ar thuitim amach ar
fuaid na tíre agus gur thosnuigh a dtuairisgí ar
theacht amach ins na páipéaraibh.



Tháinig tuairisg amach i bpáipéar lá ar ghníomh a
dhein buidhean tineóntaithe i n-áit éigin. Gur chuir
an máighistir a theachtaire chúcha mar ba ghnáth 'ghá rádh
leó go tur teacht a leithéid siúd de lá agus an cíos
do dhíol. Gur ghluaiseadar an lá a bhí ainimnighthe
dhóibh, ach gur i n-aonfheacht a ghluaiseadar. Gur
chuadar i n-aonfheacht i láthair an mháighistir. Go
ndúbhradar leis ná tabharfaidís aon chíos dó gan a
cúig fichid fé'n gcéad locáiste dh'fhághail uaidh, .i.
an ceathramhadh pingin, .i. coróinn fé'n bpúnt. Gur
eirigh sé ar buile agus go ndúbhairt sé ná tabharfadh,
ná oiread agus leathphinne. Gur éisteadar leis go
ciúin go dtí go raibh an fhearg curtha dhé aige. Ansan
go raibh aighneas mór agus aragóint mhór idir iad
féin agus é féin. Fé dheire gur leag sé an cúigmhadh
pingin dóibh, .i. a fiche fé'n gcéad .i. cheithre sgillinge
fé'n bpúnt.



D'osgail gach aoinne a shúile, agus do leath gach
aoinne a bhéal, agus do tharaing gach aoinne anál
breagh fada, nuair a léigheadh an tuairisg sin amach as
an bpáipéar dóibh. Bhí iongnadh agus alltacht ortha.
I gcionn raint laethanta do léigheadh amach dóibh
tuairisg eile de'n tsaghas chéadna. I gcionn seacht-
mhaine tuairisg eile. Ach aidhe! As san amach do
chífeá lámh gach aoinne acu síos i bpóca a bhríste go
fonnmhar, agus an t-airgead geal ag teacht 'n-a
chruachaibh ar an mbórd chúghainn.



Bhí iongnadh a gcroídhe ortha. Níor airigheadar
a leithéid d'obair riamh. Dlígh, agus prísún, agus


L. 168


caitheamh amach, agus tógáilt sealbha, agus imtheacht
le fuacht agus le fán iseadh cheapadar a thiocfadh a'
díultughadh do'n chíos a dhíol, agus b'shin coróinn fé'n
bpúnt tagaithe as dóibh siúd, agus cheithre sgillinge
fé'n bpúnt dóibh siúd eile! Cad é mar atharughadh
ag teacht sa tsaoghal!



Chuimhnigheas féin ar an aimsir a bhí curtha dhíom
agam, ar Shaunders agus ar Bhroderick, agus ar an
ndlígh agus ar an gclampar, agus ar an "smut de
ghé úd a h-itheadh fadó nuair a bhí an Nodlaig ann,"
agus go deimhin do ghabhas mo bhuidheachas ó chroídhe le
Dia na Glóire a bhreith am' beathaigh orm go bhfeaca
an t-atharughadh aimsire sin, agus an sgeimhle sin
agus an briseadh catha san tagaithe ar na bitheamh-
naigh. An lámh uachtair fághalta againn ortha chómh
críochnuighthe agus dá mbeimís tar éis éirligh Cluana
Tairbh a dh'imirt ortha thíos ar machaire Chille Dara!



Duine anoir ó Chill Mocheallóg a bhíodh sa chathaoir
againn i gcaitheamh na h-aimsire sin. Thagadh sé anoir
gach aon lá a bhíodh cruinniughadh buidhne againn.
Théighinn-se ann uaireanta, ach ní fhéadainn dul ann
i gcómhnuighe toisg cúram na sgoile bheith orm. Bhí
gach aon rud ag eirighe linn go h-áluinn go dtí gur
tháinig lá áirighthe. Tháinig cúntas sa pháipéar ar rud
a thuit amach thiar i dTráigh Lí. Bhí buidhean Thrágha
Lí cruinnighthe 'n-a seómra agus iad ag déanamh a
ngnótha. Go h-oban, agus gan blúire coinne acu
leis, do phreab chúcha isteach buidhean lucht airim, agus
do gabhadh 'n-a bprísúnachaibh a raibh sa tseómra. Do
ghluais an tuairisg sin ar fuaid na h-Éirean. Tháinig
crith chos agus lámh ar a lán de mhuíntir an Land
League. Cúpla lá 'n-a dhiaigh san a bhí buidhean an Rátha
le cruinnughadh chun gnótha. Do chruinnigh an bhuidhean,


L. 169


ach níor tháinig fear na cathaoireach. Níor féadadh aon
obair a dhéanamh an lá san. Siúd isteach sa sgoil
chúgham-sa an bhuidhean go léir tar éis na h-oídhche
thuitim. Do shuigheadar isteach ins na suidhchánaibh
mar a shuigheadh na buachaillí i gcaitheamh an lae. Do
labhair duine acu.



"Tá nídh againn le h-iaraidh ort, a Athair," ar
seisean, "agus tá súil againn ná tógfair orainn é,
agus ná h-eiteóchair sinn."



"Tá go maith," arsa mise. "Cad tá uaibh?"



"Ní'l aon fhear cathaoireach againn," ar seisean.
"Ar bh' é do thoil-se, a Athair, teacht agus bheith ad'
fhear cathaoireach againn?"



"Ach! mura bhfuil uaibh ach an méid sin," arsa mise,
"ní deacair sibh a shásamh. Mheasas gur rud éigin
ana mhór a bhí uaibh. Tiocfad agus fáilte," arsa mise.
"Cathain a bheidh an chéad chruinnughadh eile agaibh?"



"Ba mhaith linn é bheith againn amáireach ar a sé
'chlog um thráthnóna, i dtreó ná beifeá ag obair sa
sgoil le n-a linn," ar seisean.



"Tá go maith," arsa mise. "Béad-sa agaibh ar
a sé 'chlog um thráthnóna amáireach, le congnamh Dé."



Chuas go dtí an seómra ar a sé 'chlog um thráthnóna
amáireach a bhí chúghainn. Dheineamair ár ngnó go
breagh réidh socair. Níor tháinig "peeler" ná saigh-
diúir chúghainn. Níor tháinig a thuille tuairisge
chúghainn ó Thráigh Lí. Do ghluais an obair ar fuaid
na tíre, na feirmeóirí ag dul 'n-a mbuidhnibh i
n-aonfheacht ag éileamh na locáistí, agus na locáistí
acu d'á fhághail tar éis aighnis, agus misneach na
ndaoine ag borradh agus ag neartughadh i n-aghaidh an
lae.



Ní raibh aon bháidh, ámhthach, ag an sagart paróiste


L. 170


leis an Land League. Bhí sé aosta. Is dócha gur
cheap an duine bocht ná raibh sa Land League ach
Fíníní fé ainim eile, agus ná raibh i gcómhairle an
Land League ach cómhairle aimhleasa. Pé rud a cheap
sé ní raibh aon bháidh aige leis an obair. Is dóich liom
gur sgríobh sé ag triall ar an Easbog 'ghá iaraidh air
cómhairle thabhairt dómh-sa, agus a rádh liom nár bheag
dom cúram na sgoile agus gan cúram an Land League
a bheith orm 'n-a theannta. Tháinig leitir chúgham ó'n
Easbog 'á rádh liom go raibh eagal air go bhfanfadh
cuid des na buachaillíbh ó'n sgoil mar gheall ar mise
bheith sáidhte sa Land League. Do sgríobhas chuige
agus dúbhart leis mar seo.



"A Thighearna Easboig," arsa mise, "I n-inead
aon díobhála dhéanamh do'n sgoil is tairbhe a dhéanfaidh
sé dhi mé bheith sa Land League. Is clann feirmeóirí
na buachaillí go léir atá ag teacht chun na sgoile, ach
amháin beirt, agus tá báidh ana mhór ag aithreachaibh
na beirte sin féin leis an Land League.



"Agus tá nídh eile sa sgéal, a Thighearna Easboig,"
arsa mise. "Dá n-abrainn-se leis na fearaibh úd
a tháinig chúgham an oídhche úd, 'á iaraidh orm bheith am'
stiúrthóir ortha, dá n-abrainn ná féadfainn é mar nár
bheag dom cúram na sgoile bheith orm, cad is dóich
leat a déarfaidís? Déarfaidís gur eagla roimis
na "peelers" a bhí orm. Nách deas a bhéadh an sgéal
ansan agam? Go mór mór nuair ná raibh an t-eagla
san orm, ná aon nídh d'á shórd. Conus fhéadfainn
féachaint ins na súilibh ar na fearaibh úd go deó dá
dtaisbeánainn an mheathtacht an uair sin? Go mór
mór nuair ná raibh an mheathtacht ionam!"



Ní bhfuaras a thuille "cómhairle" ó'n Easbog.
Níor chuir san aon iongnadh orm. Ní raibh 'á dhéanamh


L. 171


agam ach an rud a dhéanfadh sé féin dá mbéadh sé am'
inead. Cárthach ab eadh é. Níor dhual dó aon mheath-
tacht a bheith ann; agus ní raibh.



Do ghluais obair na sgoile agus an obair eile i
n-aonfheacht, agus bhíomair ag cur an tsaoghail dínn.
Bhí an sagart paróiste flaitheamhail. Bhímís, mé
féin agus an sagart óg eile, ar dínnéar aige go
minic. Bhíomair 'n-a thigh lá áirighthe ar dínnéar. Bhí
seisear nó mór sheisear eile ann, leis. Daoine ab
eadh a bhformhór ná raibh aon bháidh acu leis an Land
League ach chómh beag agus bhí ag fear an tíghe. Do
ghluais caint eatartha, mar seo.



"Nách ar a mhargadh a mhairean gach aoinne? Nuair
a dhéanfaidh duine margadh, nách ceart dó an margadh
do sheasamh? Nuair a dhéanfaidh feirmeóir margadh
le tighearna talmhan agus nuair a gheallfaidh sé cíos
áirighthe do dhíol a' feirm thailimh, ná fuil ceangailte
air an cíos san do dhíol nó an talamh do thabhairt thar
n-ais do'n t-é gur leis é?"



Bhíos ag éisteacht leis an gcaint agus fearg ag
eirighe istigh ionam. Fé dheire do labhras.



"Ba mhaith liom ceist a chur chúghat, a Athair," arsa
mise le fear an tighe, "má 'sé do toil é."



"Ó, cuir, cuir, a Athair," ar seisean.



"Bhí aithne agam ar fhear," arsa mise, "agus bhí feirm
thailimh aige, agus bhí deich bpúint a's dachad cíosa aige
'á dhíol as an bhfeirm. Bhí léas aige ar an bhfeirm.
Do thuit an léas tímpal doséan blianta ó shin. Tháinig
an máighistir chuige. "Tá an fheirm seo agat le fada
ar deich bpúint a's dachad sa mbliain," ar seisean.
Níor labhair an fear eile focal. "Caithfir céad púnt
sa mbliain cíosa do dhíol as an bhfeirm seo feasta,"
arsa'n máighistir. Níor labhair an fear eile focal.


L. 172


"Tá tigh nua déanta anso agat," arsa'n máighistir.
"Is dócha gur chaillis cúpla céad púnt leis. Lamh-
álfar dhá chéad duit as pé rud a chaillis leis. Do
réir chúig phúint fé'n gcéad dhéanfadh san deich bpúint
sa mbliain. Leagfar an cíos an méid sin duit.
Fágfaidh san deich bpúint 's cheithre fichid sa mbliain
cíosa ort féasta. An bhfuilir sásta leis sin?"
Níor labhair an fear eile focal. Do stad an máigh-
istir ar feadh tamaill ag feitheamh féachaint cad déar-
fadh an tineóntaidhe. Níor labhair an tineóntaidhe
focal. Fé dheire do labhair an máighistir airís. "Is
cuma liom sa diabhal cé'cu taoí sásta nó ná fuilir,"
ar seisean, "ach siné an cíos a chaithfir a dhíol
feasta!" An dtabharfá-sa margadh ar an méid sin
deighleála, a Athair?" arsa mise leis an sagart
paróiste.



Is dócha go raibh faobhar ar mo chaint, mar níor labhair
sé féin ná aoinne ar feadh tamaill.



"Ó," ar seisean fé dheire, "cás fé leith iseadh
é sin."



"Ní h-eadh, a Athair," arsa mise. "Cás coitchian
iseadh é. Táim ag féachaint ar ghnóthaíbh talmhan idir
mháighistiríbh agus tineóntaithe anois le dachad éigin
blian, agus ní fheaca riamh fós a mhalairt sin de shaghas
margaidh 'á dhéanamh eatartha. Ní fheaca riamh ach cíos
d'á árdughadh gach aon uair a thuiteadh léas, nó gach
aon uair a dheineadh an tineóntaidhe aon fheabhas do
chur ar an bhfeirm le n-a shaothar féin."



Bhí firín beag seabhcaídhe, camshúileach, 'n-a shuidhe
ar m' aghaidh anonn ar an dtaobh eile de'n bhórd,
D'fhéach sé anall orm agus do labhair sé.



"Agus, a Athair," ar seisean, "mura raibh sé sásta
le deich bpúint 's cheithre fichid cíosa do dhíol as an


L. 173


bhfeirm, cad 'n-a thaobh nár labhair sé agus a rádh ná
raibh sé sásta?"



"Tá go breagh, a mhic ó," arsa mise leis. "Dá
n-abradh sé ná raibh sé sásta do caithfí amach é as an
dtigh a dhein sé féin dó féin agus d'á mhnaoi agus d'á
chlainn. Ansan is dócha go dtabharfá-sa bheith istigh
dóibh!"



Níor labhair sé sin a thuille. Do taraingeadh adhbhar
éigin eile cainte anuas an chuid eile de'n tráthnóna.
Níor bheag leó de'n "mhargadh" úd, margadh an leath-
taoibh, "raint na caillighe, mar is áil léi féin é."



Tháinig sagart riaghalta chun an Rátha ag tabhairt
misiúin uaidh. Chonaic sé an sgoil. "Sgoil Bhríghde
Naomhtha," an ainm a bhí agam ar an sgoil. Do thaithn
an sgoil leis go mór. Chuir sé aithne ar chuid des na
buachaillíbh. Bhí sgoil curtha ar bun aige féin thíos
i gcathair Luimníghe. Chun buachaillí do mhúineadh agus
sagairt a dhéanamh díobh, dá mb' é toil Dé é, agus iad
do chur anonn i ndúthaíbh iasachta ag leathadh an chreidimh
iseadh chuir sé an sgoil sin ar bun. De mhuíntir
Rónáin ab eadh é. Deireadh sé go raibh ana iontaoibh
aige as buachaillíbh bochta na h-Éirean; go raibh
mianach fóghanta ionta; gur ó ríogra Éirean a shíol-
radar; go raibh an braon uasal ionta bíodh go mb'
fhéidir ná raibh saidhbhreas saoghalta acu; gur bh' fhearr
na sagairt a dhéanfaidís 'ná mar a dhéanfadh clann na
ndaoine saidhbhre a bhí againn; mura raibh an saidh-
bhreas acu go raibh an uaisleacht aigne ionta ó dhúthchas.
"An Sgoil Asboltach" an ainim a bhí ar an sgoil aige.
Do casadh mo bhuachaill-se, Toirdhéalbhach ua Siadhail,
air. Chuireadar aithne ar a chéile. Nuair a bhí sé ag
imtheacht d'imthigh Toirdhéalbhach i n-aonfheacht leis.



I gCualacht Íosa iseadh bhí an t-Athair Ua Rónáin.


L. 174


Chuir sé Toirdhéalbhach isteach sa Sgoil Asboltach.
Tá Toirdhéalbhach 'n-a shagart anois, i gCualacht Íosa,
thiar i n-America, agus is creideamhaint é do'n
Chualacht san, agus d'á mhuíntir, agus d'á thír dhúchais,
agus dómh-sa, ó's mé chuir an chéad lámh ann.



Bhí buachaill eile agam sa sgoil. Leis an áit iseadh
bhain sé. 1 Domhnall ó Mainchín ab ainm dó. Tá sé
anois i n-a Árdeasbog thall i Melbourne. Tá a lán
eile des na buachaillíbh a bhí agam ar an sgoil tar éis
dul chun cinn go maith, cuid acu 'n-a sagartaibh agus
cuid acu i ngairmibh bunúsacha eile.



XXV



ÉAGCÓIR AGUS DÍOGHALTAS AGUS SMACHT-
DLIGHTHE



Seo ceist. Conus a thárla gur fhéad na feirmeóirí,
an uair sin, a leithéid de bhriseadh catha dhéanamh ar
na tighearnaíbh talmhan? Sidé an freagra. Gladstone
fé ndear é.



Do chonaic Gladstone abhfad roimis sin an chos-ar-
bolg a bhí ag na tighearnaíbh talmhan 'á dhéanamh ar
fheirmeóiribh na h-Éirean. Le neart gastachta agus
le neart aicillígheachta chuir sé dlígh tríd an bPár-
limint sa bhliain 1870 chun a chur fhéachaint ar aon


L. 175


tighearna talmhan a chuirfeadh amach tineóntaidhe leór-
ghníomh a dhéanamh leis mar gheall ar é chur as a inead
cómhnuighthe. Dhein na tighearnaí sgiot sgot de'n
dlígh sin. Do leanadar ag caitheamh na ndaoine amach
agus 'ghá gcur le fuacht agus le fán i n-aimhdheóin
Ghladstone agus a dhlíghe. Ansan, nuair a bhí an Land
League eirighthe 'n-a gcoinnibh do dhiúltuigh Gladstone
d'aon chongnamh a thabhairt dóibh i gcoinnibh an Land
League. Siné a mhairbh iad. Ní raibh aon rud 'á dhéanamh
ag na feirmeóiribh i gcoinnibh aon dlíghe. Ní rabhadar
ach ag diúltughadh do chíos a dhíol a bhí ró árd agus a
cuireadh ortha d'á n-aimhdheóin. Níor thuig Gladstone
go raibh fhéachaint ar aoinne congnamh a thabhairt dóibh
chun an chíosa san do bhaint amach. Thaisbeánadar
féin ná raibh aon uraim do dhlígh acu nuair a dheineadar
sgiot sgot de'n dlígh úd an leórghnímh. Gan congnamh
ó'n riaghaltas ní raibh aon bhreith acu ar aon tsaghas
cíosa bhaint amach. Bhíodar i gcruadh-chás. Dá
leanadh an sgéal abhfad ar an gcuma san bhéadh gach
aon rud ar a dtoil ag na feirmeóiribh. Ach níor
lean.



Bhí riaghail déanta ag an Land League, nuair a
cuirfí feirmeóir as a chuid tailimh tré gan é bheith
ábalta ar ramhar-chíos do dhíol, gan aon duine eile do
thógaint na feirme sin. Siní an riaghail a bhris a
gcroídhe ins na tighearnaíbh. Dá ndeintí beart do
réir na riaghlach san go beacht, níor bh' aon mhaith d'aon
landlord tineóntaidhe do chaitheamh amach, mar do
fágfaí an talamh díomhaoin aige. Do coimeádadh an
riaghail maith go leór i n-áiteanaibh. Ach do briseadh
an riaghail anso agus ansúd. Bhí fear le fághail anso
's ansúd a ghéill do'n tsaint agus do thóg feirm as
ar cuireadh duine eile amach. Chuir san an fear a


L. 176


cuireadh amach ar dearg-bhuile. Gan aon dabht ba
dheacair feall ba ghráinne 'ná é do dhéanamh. Tháinig
as gur deineadh díoghaltas anso 's ansúd ar an
ngrabber. B'shiné an chéad aoitheó a fuair na tigh-
earnaí. Bhí fhios acu go gcaithfeadh Gladstone an
dlígh chur i bhfeidhm i gcoinnibh an saghas san díogh-
altais, agus bhí áthas cléibh ortha.



Fé mar a deintí gníomh díoghaltais de'n tsórd san
do h-innstí an sgéal thall ar fuaid Shasana, agus do
méaduightí thar na beartaibh é. Nuair a bhíodh feirm
ar a láimh ag landlord tar éis duine bocht éigin do
chaitheamh amach as, bhíodh sé ag faire féachaint an dtioc-
fadh fear na sainte chuige chun na feirme do thógaint.
Dá dtagadh fear na sainte do tugtí an fheirm dó
ana shaor, d'aon ghnó, chun na riaghlach úd do chur ar
neamhnídh dá mb' fhéidir é. Uaireanta do tugtí an
fheirm d'fhear na sainte gan aon chíos ar feadh bliana
nó dhó, ar an inntinn gcéadna, ach is i gan fhios a
déintí é sin. Do mhéaduigh ar na gníomharthaibh díogh-
altais mar gheall ar an gcamastuíol san. Fé dheire
do gortuigheadh daoine. Ansan do marbhuigheadh
daoine. Níor bh'fhéidir do Ghladstone an saghas san
oibre do leigint ar aghaidh. Níor bhris an tineón-
taidhe aon dlígh nuair a dhiúltuigh sé do'n ramhar-chíos
a dhíol. Níor bhris an landlord dlígh na righeachta
nuaír a chaith sé amach an tineóntaidhe. Ní lugha 'ná
mar a bhris sé dlígh na rígheachta nuair a dhein sé a
dhícheal ar thineóntaidhe eile chur isteach sa bhfeirm.
Níor bhris fear na sainte dlígh na rígheachta nuair a
thóg sé an fheirm. Gan amhras do bhris sé dlígh an
chirt nuair a dhein sé ar a chómharsain rud nár mhaith
leis a dhéanfadh an chómharsa air féin. Ba leis an
gcómharsain an fheirm, mar is le h-éagcóir a cuireadh


L. 177


amach as an bhfeirm é. Níor chosain dlígh na rígheachta
ar an éagcóir é. Níor dhein san ceart de'n éagcóir.
Ach do bhris an chómharsa dlígh Dé agus dlígh na rígh-
eachta i n-aonfheacht nuair a chuir sé an pléar tré
fhear na sainte mar gheall ar an bhfeirm do bhreith uaidh.



Tímpal na h-aimsire sin do chonac féin páipéar
a tháinig anall o Lúnduin: Punch an ainim a bhí ar
an bpáipéar san. Bhíodh peictiúirí magaidh air, ach
bíodh gur peictiúirí magaidh iad bhíodh brígh doimhinn
leó uaireanta. Bhí peictiúir acu ar an bpáipéar
a chonac; Gladstone agus culaith pholiceman uime
agus é 'n-a choilg-sheasamh ar aghaidh siopa amach, agus
a dhrom le dorus an tsiopa agus é ag féachaint uaidh
ar bhun an aeir. Istigh sa tsiopa, ag an gcúntar,
raint fear agus éadach dubh ar a ngnúisibh acu, agus
iad ag ceannach arm, gunaí agus piostail, agus
claidhmhte, agus pící. Sagart laistigh de'n chúntar
agus é ag díol na n-arm leo. Disraeli 'n-a sheasamh
amuich i n-aice Ghladstone agus é ag féachaint suas air
agus a mhéar sínte aige chun an tsiopa agus an chaint
seo, mar 'dh eadh, ag teacht as a bhéal: "I say, Mr.
Pleeceman, I think it is about time that you should
look in here!"



Ansan do tháinig na smacht-dlighthe i ndiaigh 'chéile,
gach smacht-dlígh acu níba ghéire 'ná an smacht-dlígh
roimis, go dtí go raibh fir chreideamhnacha, ó gach aon
pháirt d'Éirinn, sáidhte isteach ins na prísúnaibh, gan
triail dlíghe gan breith dáréag, agus go ndúbhairt
Gladstone an focal úd, "The resources of civilisa-
tion are not yet exhausted."



Bhí airgead 'á dhéanamh suas ins gach aon áit dos na
daoine a bhí ins na prísúnaibh. Chuimhnigheas féin ar
shlígh chun raint airgid a dhéanamh suas dos na fearaibh


L. 178


a bhí istigh ó'n Ráth. Shocaruigheas ar shaghas raffle a
dhéanamh, agus sidiad na duaiseana a bhí ar thicéad
an raffle.



Do díoladh na ticéadaí go tiugh. Chonaic an sagart
paróiste ceann acu. Bhí sé ar buile. Tháinig sé
chúgham agus ticéad acu 'n-a láimh aige.



"Is tusa chuir amach iad so, a Athair," ar seisean.



"Is mé gan amhras," arsa mise, "ná feicean tú
m'ainim thíos ortha?"



"Agus cad chuige iad?" ar seisean.



"Chun airgid a dhéanamh," arsa mise.



"Agus cad chuige an t-airgead?" ar seisean.



"Neósfad-sa san duit go cruinn," arsa mise,
"ó chuiris an cheist chúgham. Chun é chur ag triall ar
na fearaibh ó'n sráid seo atá istigh sa phrísún ag
Buckshot."



Bhí fearg i nglór gach duine againn an fhaid a
bhíomair ag caint.



Níor bh' fhada 'n-a dhiaigh san gur chuir an t-Easbog
mise soir go Cill Úird i n-inead an tsagairt paróiste
a bhí ann, mar bhí an duine bocht ró chríona agus bhí ag
dul d'á chiall, agus ní raibh sé oireamhnach chun na
h-oibre.


L. 179


XXVI



"BARRY THE RAKE"



Nuair a bhíos socair thoir i gCill Úird airís, tar
éis Ráth Chormaic agus Maghchromtha agus an Ráth do
chur díom, mhothuigheas mo shláinte ag géilleadh ar chuma
éigin. Dúbhairt na daoine liom go rabhas ag féach-
aint ana bhuailte amach. Is dócha go raibh an obair
ró dhian orm sa Ráth, an sgoil, agus obair na par-
óiste, agus obair an Land League, agus iad ar siúbhal
i n-aonfheacht. Níor ghlacas a thuille oibre sgoile
orm. Bhí obair an Land League chómh dian i gCill
Úird an uair sin agus bhí sí i n-aon bhall eile, ach má
'seadh bhí daoine i mbun na h-oibre ann cheana agus
ní raibh orm-sa ach dul agus cómhairle thabhairt uaim
anois agus airís. D'fhág san mé gan aon chúram ach
amháin cúram na paróiste, agus níor bh' fhada go
raibh mo lán neart agus mo lán mhisneach airís ionam.



Bhínn amuich ar fuaid na paróiste gach aon lá breagh,
i gcaráiste bheag a bhí agam, nó ar muin capaill. Ba
mhór an t-atharughadh é ó bheith istigh i sgoil. Do
bhuailinn féin agus na daoine umá chéile go minic,
agus Gaeluinn a labhraimís i gcómhnuighe le n-a chéile.
Tháinig duine beag isteach ó Ghort na Sgeithe chúgham,
lá, 'ghá iaraidh orm dul amach chun an ola chur ar dhuine
a bhí breóite 'n-a thigh. Firín beag aosta ab eadh é.
'N-a chuis a tháing sé. Bhí fhios agam nár bh' fhéidir
dó gan bheith tuirseach. Chuireas isteach am' aice
sa charáiste bheag é, agus thugas marcaigheacht abhaile
dhó. Bhí an fear bocht ana bhuidheach.



Chromamair ar chaint. Chromas-sa ar bheith ag cur


L. 180


tuairisge na gcómharsan air, féachaint cé r' bh' iad
a bhí imthighthe anonn, nó tar éis bháis, ó fhágas an phar-
óiste naoi nó deich de bhlianaibh roimis sin. Sa cheis-
tiúchán dom d'fhiafraigheas dé cá raibh "Barry the
Rake," nó an raibh sé tar éis bháis.



"Tá sé tar éis bháis, an fear bocht," ar seisean,
"gura maith an mhaise dh'á anam é!"



"File ab eadh Barry the Rake," arsa mise.



"Dob' eadh go deimhin, a Athair," ar seisean, "agus
d'airigheas-sa blúire filidheachta a dhein sé agus go
deimhin do dhein sé go h-ana dheas é."



"Abair dom é," arsa mise leis, "má tá sé agat."



"Tá sé agam, a Athair," ar seisean. "Sa droch
shaoghal ab eadh é," ar seisean, "agus bhí an t-ocras
ar gach aoinne. Bhí duine bocht gur bh' ainim dó
Seághan Ó Gríobhtha 'n-a chómhnuighe thuaidh ansan ar
Cathair Druinne, agus duine bocht ná raibh ró ghasta
ann féin ab eadh é. Bhí sé pósta, agus ní raibh aon
ghastacht mhór sa mhnaoi ach chómh beag leis féin. Bhí
inghean acu agus ba lúgha an ghastacht a bhí sa n-inghín
'ná mar a bhí i n-aoinne de'n bheirt. Théigheadh Barry
the Rake go dtí an tigh go minic, agus bhí aithne mhaith
aige ortha. Gheibheadh sé bheith istigh uatha uaireanta,
agus béile bhídh. Bhí sagart paróiste thuaidh i mBaile
Mhistéala an uair sin, agus is dócha gur cuimhin leat
é, a Athair. Murchadh ua Briain ainim dó."



"Is cuimhin liom é go maith," arsa mise, "agus bhí
aithne mhaith agam air."



"Bhail," ar seisean, "bhí an t-ocras i sráid Bhaile
Mhistéala chómh dian agus bhí sé i n-aon bhall, mar bhí
a lán daoine bochta ann agus bhíodar ana dhealbh. Bhí
an sgéal chómh h-olc san acu go raibh an t-Athair
Murchadh ag ceannach mine agus 'ghá raint ortha i dtreó


L. 181


ná faighdís bás do'n ghorta. D'airigh an Barrach go
raibh an mhin d'á tabhairt amach i mBaile Mhistéala.
Cheap sé, nídh nár bh' iongnadh, go raibh Seághan ua
Gríobhtha bocht ag fághail na mine, agus go bhfaghadh sé
féin béile de'n mhin le n-ithe ach dul ó-thuaidh go Cathair
Druinne. Siúd ó-thuaidh é agus an t-ocras air.
Chuaidh sé isteach.



"An bhfuil aon rud anso a dh'íosfadh fear ocrais?'
ar seisean.



Ní raibh aon bhlúire bídh fé dhíon 'tighe!



"'Mheasas go mbéadh cuid de'n mhin agaibh,' arsa'n
Barrach.



"'Cad í an mhin?' arsa Seághan.



"'An mhin seo atá d'á tabhairt amach thuaidh ansan
i mBaile Mhistéala,' arsa'n Barrach.



"'Níor airigheas focal 'n-a taobh,' arsa Seághan.



"'Greadadh chúghat,' arsa'n Barrach, 'imthigh
ó-thuaidh láithreach agus tabhair chúghainn cuid dí!'



"'Ní'l aon airgead agam,' arsa Seághan.



"'Tá an sagart paróiste ag tabhairt na mine úd
amach gan aon airgead. Tá sé 'ghá bronnadh ar na
daoine bochta. Imthigh láithreach agus tabhair chúgh-
ainn cuid di. Fanfad-sa anso go dtagair. Táim
ag dul i laige leis an ocras!'



"D'imthigh Seághan ó-thuaidh. Tar éis raint mhaith
aimsire tháinig sé.



"'Ar thugais leat an mhin?' arsa'n Barrach.



"'Níor thugas,' arsa Seághan.



"'Cad 'n-a thaobh?' arsa'n Barrach.



"'Mar ní bhfuaras í,' arsa Seághan.



"'Cad 'dúbhradh leat?' arsa'n Barrach.



"'Do fiafraigheadh díom an raibh ocras orm,' arsa
Seághan.


L. 182


"'Agus cad dúbhrais leó?' arsa'n Barrach.



"'Dúbhart ná raibh," arsa Seághan.



"'Airiú, greadadh chúghat, cad 'n-a thaobh nár innsis
an fhírinne dhóibh?' arsa'n Barrach.



"'Ní thabharfainn le rádh dhóibh é,' arsa Seághan.



"'Ó mhaise, Dia linn! Dia linn a's Muire!'
arsa'n Barrach.



"Tharaing sé peann agus dubh agus blúire páipéir
as a phóca. Bhídís aige chun bheith ag sgrí' na filidh-
eachta. Shuig sé agus do sgríbh sé síos an bhéarsa
so:



A Athair Murchadh atá go gunta líomhtha,
Tabhair-se cuid de'n mhin seo do Sheághan ua
Ghríobhtha.
Tá a bhean 'n-a h-óinsigh, agus a inghean chríona.
Tá sé féin 'n-a bhreall, agus beidh sé amhlaidh
choídhce!



"'Seo,' ar seisean le Seághan. 'Beir leat an
páipéirín sin, agus eirigh go dtí tigh an tsagairt féin
agus tabhair dhó é, isteach 'n-a láimh féin, agus gheóbh-
air an mhin. Imthigh anois agus ná bí abhfad.'



"D'imthigh Seághan agus do rug sé leis an páipéirín.
Tháinig sé go dorus tíghe an tsagairt.



"'Cad 'tá uait-se?' arsa'n bhean-tíghe.



"'Dúbhradh liom an páipéar so thabhairt isteach
'n-a láimh féin do'n tsagart paróiste,' arsa Seághan.



"Do shnap sí an páipéar as a láimh agus d'imthigh
sí isteach.



"'Seo, a Athair," ar sise, 'agus deir an teachtaire
é thabhairt isteach ad' lámh féin duit.'



"Do léigh sé a raibh ar an bpáipéar. Do léim sé
as an gcathaoir.


L. 183


"'Cé thug duit é seo?" ar seisean.



"'Duine bocht atá amuich ag an ndorus, a Athair,'
ar sise.



"'Cuir chúgham anso isteach é,' ar seisean.



"Do cuireadh isteach Seághan.



"'Cé thug an páipéar so dhuit?' arsa'n sagart.



"D'inis Seághan a sgéal dó chómh maith agus d'fhéad
sé é.



"'Agus an tusa Seághan ua Gríobhtha?' arsa'n
sagart.



"'Is mé, a Athair,' arsa Seághan.



"'Tuigim,' arsa'n sagart. Do baineadh an t-ocras
de Sheághan, agus do tugadh oiread mine dhó agus
d'fhéad sé a bhreith leis.



"'Agus,' arsa'n sagart leis, 'abair leis an bhfear
a thug an páipéar so dhuit teacht chúgham anso ar
maidin, go bhfuil gnó agam dé.'



"Amáireach a bhí chúghainn d'imthigh an file ó-thuaidh
go Baile Mhistéala, agus do tugadh a dhóithin le n-ithe
dhó, agus nuair a bhí a dhóithin ithte aige do tugadh
culaith éadaigh dó, agus dúbhradh leis teacht airís
nuair a bhéadh gádh aige le biadh nó le h-éadach."



Aoinne do léighfidh le h-aireachas an blúire filidh-
eachta san a sgríbh an Barrach chífidh sé nídh is fiú dhó
a thabhairt fé ndeara. Chífidhsé ná fuil sa bhéarsa
ach fíor bheagán cainte ach go bhfuil oiread ráidhte
sa bheagán cainte sin agus ná déarfaí as Béarla le
n-a sheacht n-oiread cainte.



Tá fabhar ag an bhfile le h-iaraidh ar an Athair
Murchadh. Molan sé a "ghuntacht" agus a "líomh-
thacht." Níor mhór caint fhada sa Bhéarla chun an dá
mholadh san do dhéanamh, agus ní dhéanfadh an chaint
fhada Bhéarla an dá mholadh leath chómh deas agus


L. 184


dheinean an dá fhocal sa Ghaeluinn iad. Ansan, ní
mór do'n fhile truagh do Sheághan ua Ghríobhtha do
mhúisgilt i gcroídhe an Athar Murchadh. Agus cá bhfuil
an fear san 'n-a bheathaidh is mó de thruagh 'ná an fear
atá pósta le h-óinsigh mná? Dá mbéadh aon chiall ag
an inghín b' fhéidir gur bh' fhusaide é, ach bhí dúbailt
mífhortíúin ar an bhfear mbocht nuair a bhí an inghean
n-a h-óinsigh chómh maith leis an máthair. Ansan,
donas an sgéil ar fad, "É féin 'n-a bhreall," agus
mar bhara ar an ndonas san féin - "Beidh sé amhlaidh
choídhche! "Ní h-aon iongnadh gur léim an t-Athair
Murchadh as an gcathaoir nuair a léigh sé an páipéar.



Tá aithne agam ar a lán filidheachta Béarla, agus ar
a lán d'fhilidheacht na Gréige agus d'fhilidheacht na
Rómha. Ní h-eól dom i n-aon fhilidheacht dár cúmadh
riamh i n-aon teangain acu, beó ná marbh, aon cheithre
líne chómh maith leis na cheithre líntibh sin a chúm Barry
the Rake an uair sin agus an t-ocras air! "Brevis
esse certo," arsa Horatius, "et obscurus fio."
Tá caint an Bharraigh sa bhéarsa so chómh "brevis"
agus do b' fhéidir í bheith, níos cruinnghthe go mór 'ná
mar ab fhéidir í bheith i n-aon teangain eile, agus i
n-inead aon "obscuritas" a theacht de'n chruinnigh-
theacht is breis soluis a thagan d'á druim. Is amhlaidh
a glantar agus do neartuighthear an solus ar an
machtnamh.


L. 185


XXVII



TINEÓNTAITHE AGUS TIGHEARNAÍ



I gcaitheamh na h-aimsire a thugas i gCill Úird an
uair sin bhíos ag faire ar an ngleic a bhí ar siúbhal
idir na feirmeóiribh agus na tighearnaíbh talmhan,
agus ba dheas an radharc é. Nuair a deintí droch
ghníomhartha díoghaltais ar lucht na sainte, a thógadh
talamh as a mbíodh tineóntaidhe éigin díbeartha, do
h-innstí an sgéal ins na páipéaraib thall i Sasana,
agus do méaduightí é. Ansan do thagadh an fhearg ar
mhuintir Shasana, agus do caithtí na smacht-dlighthe
do chur i bhfeidhm. Ansan thagadh misneach do'n land-
lord agus tharaingeadh sé chuige an seana dhoithigheas.
Do chomáineadh sé litir chun tineóntaidhe ag éileamh
cíosa uaidh. Do taisbeántí dhom an leitir. Sidí an
saghas cainte a bhíodh inti:



Nuair a chonac leitir acu chómhairligheas do Charey
dul agus an cíos do dhíol, le h-eagla go gcurfaí
tuille cosdais air. D'imthigh sé isteach Dé Satharainn
a bhí chúghainn. Tharaing sé lán a dhuirn d' airgead as
a phóca agus shín sé chun an agent é. Chómhairimh
seisean é. Bhí raint pinginí i n-easnamh air. Thóg
an t-agent suas an t-airgead 'n-a láimh agus do


L. 186


steall sé anonn i gcoinnibh an fhalla é i dtreó gur
ghluais na píosaí ag rinnce ar fuaid an úrláir.



"Pick it up now," ar seisean, "and go and bring
me in the full amount!"



Do phioc Carey suas an t-airgead agus chuir sé
'n-a phóca é, agus thug sé aghaidh ar an ndorus.
Díreach agus é ag gabháil an dorus amach dúbhairt
sé, "When I give it to you again you will keep it."



Tháinig sé abhaile. Tháinig an writ. Má tháinig
níor chuir Carey aon tsuim ann.



Fé cheann beagán aimsire tháinig atharughadh dlíghe.
Bhí an cluiche i bhfabhar do'n tineóntaidhe agus i
gcoinnibh an landlord. Do lean an sgéal mar sin
ar feadh tamaill. Ansan tháinig leitir eile ó'n
agent gcéadna ag triall ar Charey.



(gan aon trácht ar an ndeich agus dachad
do'n writ).



Níor chuaidh Carey isteach, agus ní bhfuair Smith an
an t-airgead, an uair sin ná riamh ó shin.



Sin mar a bhíodh na tighearnaí, mín agus garbh,
cneasta agus doithigheasach, gach re dturas, fé mar a
ghluaisigheadh an cluiche leó nó 'n-a gcoinnibh, síos
nó suas. Chuiridís i gcuimhne dhom rud a thuit amach
i n-aice tíghe feirmeóra mórán blianta roimis sin.
Bhí beirt bhacach sa n-áit. Bhí lámh le duine acu gan


L. 187


aon lúth inti, agus bhí cos leis an nduine eile crap-
aithe, chómh crapaithe sin gur dhóich le duine air nuair
a bhíodh an fear bocht ag siúbhal gur ag cromadh agus
ag eirighe a bhíodh sé. Do thárla go raibh an bheirt ag
teacht i n-aonfheacht chun tíghe an fheirmeóra um thráth-
nóna, lá áirighthe. Ní raibh aon choinne acu le n-a
chéile, agus go deimhin ní raibh aon fháilte acu d'á
chéile. B'fhearr le gach duine acu gan an duine eile
do theacht. Cheap fear na coise crapaithe go dtabhar-
fadh sé priocadh beag géar do'n fhear eile.



"Nách leathlámhach an aimsir í seo againn, a
Sheághain!" ar seisean. Bhí an aimsir ana bhriste.



Do phrioc an focal "leathlámhach" Seághan bocht,
ach má phrioc thug sé priocadh chómh géar leis uaidh.



"Ach, ní'l inti ach síos agus suas, síos agus suas,
a mhic ó!" ar seisean.



Do thárla go raibh fear an tíghe ag éisteacht leis an
gcaint. Do sgeart sé ar gháirí.



"Dar fiadh," ar seisean, "ach do thugabhair d'á
chéile é chómh deas agus d'airigheas 'á dhéanamh riamh é!
'Leathlámhach,' agus 'síos agus suas'!"



Chuir sé fhéachaint ar an mbeirt dul isteach agus
bheith síothchánta le n-a chéile. Ach sin mar a bhí na
landlordaí agus na h-agentí i gcaitheamh na h-aimsire
sin, "síos agus suas, síos agus suas, a mhic ó," lá
mín agus lá garbh, lá síbhialta agus lá doithigheasach,
lá béasach agus lá droch mhúinte, fé mar a bhíodh an
cluiche ag gabháil leó nó ag gabháil 'n-a gcoinnibh.



Ba ró dheacair i n-aon chor a dh'áiteamh ortha nár bh'
éagcóir ana throm ortha gan leigint dóibh dlígh d'imirt
'n-a lán neart ar na feirmeóiribh, agus an cíos
d'fhásgadh asta dá bhfáisgtí an t-anam asta i n-aon-
fheacht leis. Bhíos lá ar dínnear i dtigh duin'uasail


L. 188


sa n-áit. Bhí tighearna talmhan ag an mbórd. Bhí
focal anois a's airís aige 'á sgaoileadh amach i dtaobh na
h-éagcóra a bhí 'á dhéanamh ar na tighearnaíbh bochta.
Ní rabhas-sa 'ghá leigint orm gur thuigeas cad a bhí ar
siúbhal aige. Fear bocht fóghanta ab eadh é ar gach
aon chuma eile, agus níor theastuigh uaim bheith 'ghá
ghríosadh. Bhí duin'uasal eile ag an mbórd agus bhí
fhios agam gur leis na tighearnaíbh talmhan a bhí a bháidh
go léir, agus níor mhisde liom clabhtóg a bhualadh
air dá dtugadh sé an chúis agus an chaoi dhom. Dochtúir
ab eadh é. Do thug. Do ghluais caint i dtaobh cé'cu
ag na feirmeóiribh a bhí an ceart nó ag na máighistríbh,
agus ansan i dtaobh conus ba cheart cosg do chur
leis na gníomharthaibh díoghaltais. Ní raibh aon fhocal
agam-sa d'á rádh. Fé dheire do labhair an dochtúir
liom lom díreach.



"Inis an méid seo dhom, a Athair," ar seisean.
"Cad 'tá uaibh?"



Cheap sé go dtabharfainn caoi dhó ar a radh gur bh' é
rud a bhí uainn 'ná talamh gan chíos a thabhairt dos na
feirmeóiribh, agus go raobhfadh san an seachtmhadh
aithne, ná raibh ann ach cuid na cómharsan do thógaint
go h-aindleaghthach.



"Neósfad-sa dhuit, a Dhochtúir," arsa mise, "cad
'tá uainn. Sidé atá uainn; gan a bheith ar chumas
duine cuid duine eile do bhreith leis agus do choimeád.
An t-é a dheinean saothar is leis toradh an tsaothair.
An t-é a bhainfidh de'n duine sin toradh an tsaothair
sin déanfaidh sé éagcóir. Isé rud atá uainn 'ná
a cosg do chur leis an éagcóir sin le dlígh."



Níor chuir an dochtúir an tarna ceist chúgham.



Ní rabhas ach dhá bhliain sa pharóiste nuair ab é toil
Dé glaodhach ar an seana shagart. Dúbhairt gach


L. 189


aoinne gur bh' é mo cheart-sa an pharóiste dh'fhághail
ansan. Ní bhfuaras í, ámhthach. Dúbhairt an t-Easbog
go raibh sé ar aigne an pharóiste thabhairt dom dá
maireadh an seana shagart cúpla bliain nó trí eile,
ach ná féadfadh sé í thabhairt dom an uair sin mar go
raibh mórán sagart eile aige a bhí abhfad níba shia sa
n-obair 'ná mar a bhíos-sa, agus gur bh' éagcóir ortha
san an pharóiste thabhairt dómh-sa an uair sin. Dá
labhrainn-se d'fhiafróchainn dé cad 'n-a thaobh nách duine
acu san a cuireadh ag déanamh oibre na paróiste
nuair a cuireadh mise 'á dhéanamh. Ach níor labhras.
Ní dúbhart aon fhocal. Thugas dhá bliain eile sa phar-
óiste ansan fé'n sagart paróiste a tháinig, ag tais-
beáint na mbóithre dhó agus ag cur aithne aige féin
agus ag na daoine ar a chéile. Ní raibh aon fhocal
Gaeluinne aige bíodh gur i sráid Maghchromtha a
tógadh é.



Thugas dhá bliain i gCill Úird i dteannta an tsag-
airt paróiste sin, agus ansan do cuireadh ó-thuaidh
mé go Dún ar Aill. Ní fada bhíos sa n-áit sin nuair
eirigh ana choímheasgar idir an tighearna talmhan ba
mhó a bhí ann agus a thineóntaithe. Lord Doneraile
an teidiol a bhí aige. Bhíodh sé 'ghá mhaoídheamh nár
chuir sé féin aon tineóntaidhe amach riamh. Théighdís
amach, ámhthach. Seo mar a dheineadh sé a ghnó. Bhí na
feirmeacha go léir curtha ana dhaor aige. Nuair a
thagadh tineóntaidhe ag díol chíosa do glactí uaidh, go
breagh réidh, pé méid a bhíodh aige le tabhairt uaidh, agus
do curtí an chuid eile síos 'n-a choinnibh i leabhar an
chúntais. Do dhíoladh sé i gcómhnuighe an méid ba mhó
a fhéadadh sé dhíol; 'sé sin le rádh do dhíoladh sé breis
agus an méid ba mhó ba cheart a bheith mar chíos air.
Ach bhíodh an cúntas 'n-a choinnibh ag méadughadh


L. 190


n-aghaidh an lae, i dtreó go mbíodh a chroídhe briste ó
bheith ag cuimhneamh air, agus a fhios aige ná béadh aon
bhreith go deó aige ar an leabhar san do ghlanadh. Do
shleamhnuigheadh an sgéal amach. Do bhíodh a fhios ag na
cómharsain an t-airgead mór a bheith sa leabhar i
gcoinnibh an fhir sin. Bhíodh duine des na cómharsain
sin go mbíodh raint éigin airgid cruinnighthe aige,
le gráséireacht b'fhéidir. D'airigheadh sé sgéal
na feirme úd. Thagadh sé chun cainte leis an agent.



"A leithéid seo, a dhuin'uasail," adeireadh sé.
"D'airigheas go raibh an fheirm úd Sheághain uí Rudaidhe
le cur, agus is amhlaidh mar atá an sgéal d'oir-
eamhnfadh an áit mise go h-ana mhaith."



"Ní'l an fheirm le cur fós," adeireadh an t-agent,
"ach tá an cíos cheithre chéad púnt i ndiaigh lámha. Ní'l
ó'n máighistir ach a chuid féin. Ní maith leis bheith dian
ar Sheághan ua Rudaidhe bocht, ach ní mór do gach aoinne
a chuid féin fhághail. Má dhíolan tusa an cheithre chéad
púnt gheobhair an fheirm ar an gcíos gcéadna atá ar
Sheághan ua Rudaidhe."



"Tá go maith, a dhuin'uasail," adeireadh fear an
airgid, agus d'imthigheadh sé.



Chuireadh an t-agent fios ar Sheághan ua Rudaidhe.
Thagadh Seághan ua Rudaidhe bocht agus crith chos a's
lámh air.



"A leithéid seo, a Sheághain," adeireadh an t-agent.
"Tá do chíos cheithre chéad púnt i ndiaigh lámha anso sa
leabhar so."



"Tá go macánta, a dhuin'uasail," adeireadh Seághan.



"Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Sheághain," adeireadh
an t-agent, "ní maith leis an máighistir bheith dian ort.
D'fhéadfadh sé a bhfuil agat do thógaint le ceart
dlíghe dá mba mhaith leis é, agus tú chur amach gan


L. 191


feóirling. Ní maith leis é sin a dhéanamh ort féin
agus ar do mhnaoi agus ar do chlainn. Bhéadh sé sásta
dá n-imthightheá as an áit agus a bhfuil agat do thógaint
leat. Tá láir agus trí cínn de bhuaibh agat agus
cúpla caoire. D'fhéadfadh sé iad san a bhaint díot
le dlígh dá mba mhaith leis é, ach bhéadh sé sásta dá
dtógthá leat iad agus an tseilbh a thabhairt dó. Ach
tá fhios agat féin dá dtéigheadh an sgéal chun dlíghe
go gcaithfí a bhfuil sa n-áit a thógaint."



Thuigeadh Seághan ua Rudaidhe cad é an brígh a bhíodh
leis an gcaint sin. Thugadh sé uaidh an tseilbh agus
thógadh sé leis pé éifeachtaí beaga a bhíodh aige, agus
do "maithtí" an cheithre chéad púnt dó! Agus dar
nóin ba "mhórchroídheach" an fear an máighistir tar
éis an cheithre chéad púnt san do "mhaitheamh"! Do
gheibheadh fear an airgid an fheirm, agus do gheibheadh
an máighistir an cheithre chéad púnt úd a "maitheadh"
do Sheághan ua Rudaidhe.



Ní bhíodh ag fear an airgid, b'fhéidir, ach trí chéad.
Thógadh sé an céad eile ar iasacht as an mbanc. Chuir-
eadh san sé púint sa mbliain de bhreis ar an gcíos
dó, cíos a bhí ró árd ar fad cheana. Chomáineadh sé
leis ag briseadh a chroídhe ag obair ar an bhfeirm go
dtí go mbíodh, b'fhéidir, naoi nó deich de bhlianaibh
curtha dhé aige. Ní bhítí ró dhian choídhche air i dtaobh
cíosa. Ach nuair a bhíodh raint blianta caithte aige
sa n-áit bhíodh, i n-aimhdeóin a dhíchil bháis agus bheatha,
cheithre chéad púnt eile sa leabhar 'n-a choinnibh.



Do h-imirtí an cluiche céadna díreach airís, ar an
gcuma gcéadna. Do "maithtí" an cheithre chéad púnt
airís d'fhear an airgid nuair a gheibhtí é ó fhear airgid
eile. Mar sin dóibh ag teacht agus ag imtheacht
i ndiaigh chéile. Sin mar a h-innseadh an sgéal dómh-sa


L. 192


nuair a chuas ann agus nuair a bhíos a d'iaraidh
fírinne an sgéil a dhéanamh amach eatartha.



D'eirigh an t-imreas, mar theastuigh ós na tineón-
taithibh locáiste dh'fhághail sa chíos a bhí ortha, fé mar a
bhí dh'á fhághail ag na tineóntaithibh ar gach aon estát
eile sa dúthaigh. Ní thabharfadh Lord Doneraile aon
locáiste uaidh. Tháinig na tineóntaithe go léir
chúgham-sa agus d'iaradar orm an t-airgead do
thógaint ar mo láimh féin, 'sé sin an cíos ach amháin an
locáiste, agus é choimeád go dtí go dtoileóch' an
máighistir chun é ghlacadh gan an locáiste. Thógas
an t-airgead agus chuireas isteach sa bhanc é. Thug
lucht dlíghe an mháighistir iaracht ar gharnishee dhéanamh
ar an airgead nuair a bhí sé sa bhanc. Do theip ortha.
Ní dhéanfadh an banc rud ortha. Tháinig órdughadh ó
Bhaile Átha Cliath 'ghá rádh leis na bancairíbh i nDún
ar Aill an t-airgead do choimeád go dtí go dtabhar-
faidís thar n-ais dómh-sa é. D'fhan an sgéal ar an
gcuma san ar feadh leath-bhliana. Bhí an máighistir
ró ghasta dhúinn ámhthach. Níor chuir sé an dlígh ar
aoinne des na tineóntaithibh. Nuair a fiafraightí dhé
an dtabharfadh sé an locáiste uaidh ní bhíodh d'fhreagra
choídhche aige ach ná raibh aon dithneas air féin leis an
gcíos; go nglacfadh sé pé méid a tabharfaí dhó, pé
uair ba mhaith le h-aon tineóntaidhe é thabhairt dó.
Níor bh' fhéidir aon rud a dhéanamh le fear de'n tsórd
san. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne ag cuid des
na tineóntaithibh. Thánadar chúgham agus dúbhradar
nár bh' aon mhaith bheith ag fágaint an sgéil mar a bhí sé.
Go mb' fhéidir go raibh cuid acu agus dá dtugtí dhóibh
an locáiste féin ná béadh ar a gcumas an chuid eile
de'n chíos a dhíol; go mb' fhéidir gur lúgha a bhéadh le
díol acu gan an locáiste dh' fhághail 'ná dá bhfaighdís é.


L. 193


Chonac cad é an fuadar a bhí fútha agus chaitheas chúcha
an t-airgead. Is dóich liom go bhfuaradar go léir
níos mó búntáiste 'ná mar a gheóbhaidís dá ngeartí
amach an locáiste dhóibh agus an chuid eile d'éileamh
ortha go léir sa tímpal. Bhí a lán acu lasmuich de
pharóiste Dhún ar Aill agus d'á bhrígh sin níor bh'
fhuiriste iad a choimeád dlúithte le chéile ar aon aigne
ar feadh aon fhaid mhór aimsire. Tháinig aon toradh
amháin fóghanta ó'n obair. Do cuireadh deire leis
an gcleas úd a déintí ar "Sheághan ua Rudaidhe"
agus ar "fhear an airgid." B'éigean d' "fhear an
airgid," feasta, úsáid éigin eile sholáthar do'n air-
gead i n-éaghmuis é chur isteach i bhfeirm "Sheághain uí
Rudaidhe." Dá ndeineadh sé an úsáid sin de'n air-
gead do liúghfaí "Grabber!" 'n-a dhiaigh. B'fhearra
dhó teitheadh as an ndúthaigh 'ná an liúgh san do dhul
amach air. B' éigean dó a leas do dhéanamh bíodh
gur d'á aimhdheóin é.



XXVIII



"MADAM ANNE"



Bhínn ag gabháil do'n Ghaeluinn an fhaid a bhíos
i nDún ar Aill, ach ní mór fhéadainn a dhéanamh. Do
labhrainn í le h-aoinne do labharadh liom í, agus do
léighinn í as aon leabhar a castí orm n-a mbíodh aon
tsaghas Gaeluinne ann. Bhíodh ainim na Gaeluinne


L. 194


orm ar aon chuma, agus bhíodh ceisteana ag teacht
chúgham le réidhteach anois a's airís, tríd an bpost.



Tháinig leitir chúgham lá ó mhnaoi uasail a bhí pósta
ag mac, nó ag mac mic, do Dhómhnall ua Chonaill.
Inghean ab eadh í do Bhianconi, an fear úd go mbíodh
na cóistí go léir ar na bóithribh aige go dtí gur chuir
na traenana deire leó. Dúbhairt sí liom sa leitir
go raibh sgríbhinn aici a fuair sí thíos i gContae Luim-
níghe agus gur bh' é sgríbhinn é 'ná an caoine úd a
dhein Eibhlín ní Chonaill ar bhás Airt uí Laoghaire, nuair
a lámhadh é ar Inse Charaig an Ime. Dúbhairt sí go
raibh fear éigin thíos i Luimnigh ag casadh le Béarla chur
ar an sgríbhinn di, agus go raibh eagal uirthi ná raibh
eólus a dhóithin ar an nGaeluinn aige chun na h-oibre
sin do dhéanamh mar ba cheart. D'fhiafraigh sí dhíom
ar mhisde liom leigint di an sgríbhinn a chur chúgham-sa
chun Béarla chur ar an gcaint. Do chuireas freagra
chúichi láithreach 'ghá rádh léi nár mhisde, agus go ndéan-
fainn an obair dhi chómh maith agus d'fhéadfainn é.
Chuir sí chúgham an sgríbhinn agus chuir sí leitir chúgham
i n-aonfheacht leis an sgríbhinn 'ghá ínsint dom go raibh
aon líne amháin ann agus gur theip glan ar an bhfear
thíos a dhéanamh amach cad é an brígh a bhí leis an gcaint
a bhí sa líne sin. Dúbhairt sí go raibh trácht sa líne
ar "Madam Anne" éigin, agus ná féadfadh an fear
thíos a dhéanamh amach ó thalamh an domhain cé r' bh'í
"Madam Anne."



"Is léir," ar sisi, "gurab ar an Madam Anne seo
a bhí an milleán go léir ag Eibhlín i dtaobh bháis Airt.
Ba mhaith liom a dh'fhághail amach, má's féidir é, cé r'
bh' í féin agus cad a dhein sí i gcoinnibh Airt, nó an
amhlaidh a bhí éad ar Eibhlín mar gheall uirthi."



Is i mBéarla do sgríbh sí an leitir, nídh nách


L. 195


iongnadh, ach siné bunús na cainte a bhí sa leitir.
D'inis sí dhom cá bhfaighinn an líne sa sgríbhinn.
Chuardaigheas an sgríbhinn agus fuaras an líne agus
fuaras an dá líne roimis an líne sin. Sidiad iad.



"Art ua Laoghaire
Atá anso traochta
Ó mhaidin anné agam."



Admhuighim gur bhaineas leathadh as mo bhéal agus
gur dheineas sgearta gáire, i dtreó gur airigheadh
ins gach aon pháirt de'n tigh mé, nuair a chonac an
cuirptheach mná, droch aigeanta, díoblaídhe, Madam
Anne a bhí eirighthe chúgham, amach as an bhfocailín mbeag
neamhthuairimeach san "Ó mhaidin anné" - "since
yesterday morning"! Ní h-ar an mnaoi uasail a
sgríbh an leitir chúgham a bhí aon mhilleán agam, nídh
nách iongnadh, ach ar an bhfear thíos a bhí 'ghá leigint
air gur thuig sé an Ghaeluinn.



Chuireas féin chúichi an brígh ceart, agus dúbhart léi
nár airigheas féin riamh aon trácht ar aon éad a bheith
ar Eibhlín ní Chonaill chun aon "Madam Anne," ná
chun aon tsaghas "Madam" eile.



Ansan do sgríobhas amach an caoine go léir i
mBéarla, chómh cruinn agus d'fhéadas é, agus chuir-
eas chúichi é. Nídh nách iongnadh, ní h-ar dheiseacht an
Bhéarla a bhíos-sa ag cuimhneamh nuair a bhíos ag
déanamh na h-oibre, ach ar dheiseacht na Gaeluinne,
agus ar conus a thabharfainn liom sa Bhéarla deis-
eacht na Gaeluinne agus neart na Gaeluinne, agus
fuinneamh na Gaeluinne, agus an dásacht agus an
ghluaiseacht fola a chuireadh an Ghaeluinn sin am'
chroídhe féin nuair a labhrainn amach í go h-árd.
Chuireas mo sgríbhinn Béarla ag triall ar an mnaoi


L. 196


uasail i n-aonfheacht leis an sgríbinn Gaeluinne a
chuir sí chúgham. Ní dóich liom gur thaithn mo Bhéarla
i n-aon chor léi. Do sgríbh sí féin Béarla eile, le
congnamh an Bhéarla a thugas-sa dhi. Ach dar liom-sa
do bhain sí deiseacht na Gaeluinne as an obair ar
fad. Mar seo, féach. Sa n-áit 'n-a n-abradh Eibhlín
"Mo ghrádh go daingean tu!" chuireadh an bhean uasal
Béarla ar an gcaint mar seo:- "Ní fhéadfainn-se blas ná cuma
ná crot fhághail air sin. Is dócha, ámhthach, go raibh sé
go maith mar Bhéarla. D'airigheas daoine tuis-
gionacha 'ghá mholadh.



Tamall beag 'n-a dhiaigh san do sgríbh an bhean uasal
chéadna chúgham airís. Dúbhairt sí gur airigh sí blúire
éigin Gaeluinne d'á labhairt; gur airigh sí daoine a
thuig an chaint ag moladh na cainte go mór; gur sgríbh
sí féin síos an chaint do réir fuaimeana na bhfocal,
fé mar fhéad a cluasa greim fhághail ar na fuaimeanaibh;
go raibh sí ag cur na sgríbhinne sin chúgham-sa, istigh
sa leitir sin, féachaint an bhféadfainn brígh na cainte
dhéanamh amach. D'fhéachas ar an bpáipéar ar ar dhein
sí an sgríbhinn. Thugas iaracht ar fhocalaibh a dhéanamh
as na leitireachaibh. Nuair a chuireas na focail
i n-aice 'chéile ní raibh aon bhrígh leó. Thugas iaracht
eile. Bhí na focail a tháinig an tarna h-uair bun
os cionn ar fad leis na focalaibh a tháinig an chéad
uair, agus ní raibh aon bhrígh leó ach chómh beag. Thugas
an trímhadh h-iaracht. Táinig na focail, an trímhadh
h-uair, bun os cionn leis na focalaibh a tháinig an dá
uair eile, agus theip orm airís aon bhrígh bhaint asta.
Is dóich liom dá mbeinn ag gabháil dóibh ó shin gur b' é
an sgéal céadna bhéadh agam. Chuir an obair i gcuimhne
dhom Leabhar a léigheas mórán blianta roimis sin.


L. 197


"Vathek" ab ainim do'n leabhar. Innstear sa
leabhar conus mar a bhí rí uasal árd-chómhachtach sa
domhan tsoir, agus gur bhuail chuige lá ceannaidhe
éigin a bhí ag díol arm. Cheannaigh an rí claidheamh
ana bhreagh uaidh. D'imthigh an ceannaidhe. Ar maidin
amáireach a bhí chúghainn bhí an rí ag féachaint ar an
gclaidheamh agus ag déanamh iongnadh dhé, bhí sé chómh
breagh san. 'Gá iniúchadh dhó thug sé fé ndeara, ar a
lann, sgríbhinn éigin. Thug sé iaracht ar an sgríbhinn
do léigheadh. Do theip air. Chuir sé fios ar na sgol-
áiríbh móra a bhí ar a theaghlach. Do theip ortha aon
bhrígh bhaint as an sgríbhinn. Bhí féasóg bhreagh mhór
throm fhada ar gach aoinne acu. Cheap an rí na cinn
a bhaint díobh, ach dúbhairt sé go ndéanfadh sé an
gnó na féasóga do bhearradh dhíobh. Do bearradh an
fhéasóg de gach aoinne acu. Tháinig sgoláirí móra
ó gach aon pháirt de'n rígheacht, gach aoinne acu
deimhnightheach go léighfeadh sé féin an sgríbhinn. Do
baineadh an fhéasóg de 'n uile dhuine riamh acu. Fé
dheire tháinig seanduine beag suarach dubh agus dronn
air, agus féasóg air níba bhreaghtha go mór 'ná mar a
bhí ar aoinne de'n chuid eile. Do léigh sé an sgríbhinn
agus do nocht sé a bhrígh. "An claidheamh is fearr sa
domhan do'n rí is fearr sa domhan," nó rud éigin
de'n tsórd san, iseadh adúbhairt an sgríbhinn. Bhí
áthas mór ar an rí, agus do tugadh onóir ana mhór
d'fhear na druinne. Ar maidin amáireach a bhí
chúghainn dúbhairt an rí le fear na druinne an
sgríbhinn do léigheadh airís dó. Chómh luath agus
d'fhéach fear na druinne ar an lann tháinig tocht air.



"Léigh amach dom é!" arsa'n rí.



"Á, a rí," arsa'n fear, "ní h-é an sgríbhinn céadna
é a bhí indé ann!"


L. 198


"Léigh é, pé rud é!" arsa'n rí.



Seo mar a léigh sé amach:



"Is mairg do'n rígh a shanntuighean eólus atá os
cionn a thuisgiona agus gníomh atá os cionn a chumais."



"Baintear leath na féasóige dhé," arsa'n rí, "agus
imthigheadh sé as mo radharc!" Do baineadh, agus
d'imthigh. 'N-a dhiaigh san bhíodh an rí féin ag casadh
leis an sgríbhinn do léigheadh, ach do theipeadh air
i gcómhnuighe. Chíodh sé, ámhthach, bíodh na féadadh sé
an sgríbhinn do léigheadh, nár bh' é an sgríbhinn céadna
é aon dá lá as a chéile. B'shiné an údhálta agam-sa
agus ag an sgríbhinn a fuaras ó'n mnaoi uasail úd.
D'innseas an méid sin di sa leitir a chuireas chúichi.
I s dócha gur mheas sí gur ag magadh fúithi a bhíos, mar
níor sgríbh sí chúgham ó shin.



XXIX



BAILE MHISTÉALA



I lár an choímeasgair a bhí ar siúbhal i nDún ar Aill,
idir thineóntaithibh agus máighistirí talmhan, do shrois
tuairisg sinn ar choímheasgar eile a bhí eirighthe i mBaile
Mhistéala thoir. Do shuidh cúirt i mBaile Mhistéala.
bhí beirt ghiúistísí ar an mbínse ann, .i. fear d'ár
bh' ainm Eaton, R. M. agus Captaen Stokes, R. M.
Agus bhí aturnae coróinneach ann agus Edward
Carson ab ainim dó; Sir Edward Carson a tugtar
air anois, sa bhliain seo d'aois an Tighearna míle


L. 199


naoi gcéad a dódhéag. Ach isé an Carson céadna
é a bhí 'n-a aturnae coróinneach ansúd sa bhliain úd
d'aois an Tighearna míle ocht gcéad cheithre fichid a
seacht. Níor chuir na chúig bhliana fichid atá imthighthe
ó shin aon fheabhas air.



Is chuige do shuidh an chúirt sin 'ná chun Liam ua
Briain, M.P., agus Seághan Mandeville do chur ar
a dtriail mar gheall ar chaÍ éigin phoibilídhe a bhí
curtha 'n-a leith, agus a bhí, dar le riaghaltas na
h-uaire sin, i gcoinnibh na dlíghe.



Bhí órdughadh fághalta ag an mBrianach agus ag
Seághan Mandeville teacht agus a dtriail do sheasamh
i dtaobh na cainte a bhí curtha 'n-a leith. Níor thug
aoinne acu aon toradh ar an órdughadh. Níor thánadar
chun na cúirte. Murar thánadar-san, amhthach, tháinig
daoine eile, agus ní chun na cúirte do thánadar.
Thánadar go Baile Mhistéala chun a chur i n-úil go
raibh fearg agus fíoch ortha féin agus ar an bpoibilidh-
eacht go léir mar gheall ar an éagcóir a bhí le
déanamh sa chúirt sin an lá san, nuair a bhí briseadh
dlíghe le chur i leith daoine toisg gur labhradar ar
son an chirt agus i gcoinnibh éagcóra.



Chuaidh mórán daoine ó Dhún ar Aill go Baile
Mhistéala an lá san. Chuas féin ann i n-aonfheacht
leó. Nuair a shroiseamair Baile Mhistéala ní
fheacamair puínn daoine ann. Bhí na daoine a shrois
an áit romhainn bhíodar imthighthe amach as an sráid,
ar bhóthar Luimníghe, i gcoinnibh na ndaoine a bhí ag
teacht an treó san, chun go ndéanfaidís siúbhal i
n-aonfheacht leó thar n-ais isteach sa tsráid. Bhíomair-
ne tamall maith ag feitheamh leó ag dorus tíghe an
Athar Tomás mac Muiris. Tá spás breagh fada
fairsing ó'n dtigh go raibh an sagart 'n-a chómhnuighe


L. 200


ann, ó-thuaidh agus ó-dheas agus soir síos go dtí
bóthar poibilidhe na sráide. Bhíomair ag feitheamh, ag
féachaint soir síos ar tighthibh na sráide, agus i n-inead
aon choinne bheith againn go n-eireóchadh toirmeasg is
amhlaidh a bhí eagal orainn ná béadh againn ach
cruinniughadh ana bheag.



Fé dheire chonacamair an tsluagh ag teacht. Is
cuimhin liom féin go bhfeaca Seághan Díolúin sa
tsluagh. Bhí sé 'n-a shuidhe i gcaráiste. Chómh luath
agus tháinig sé i radharc an chearnaigh mhóir mar a raibh
an cruinniughadh le bheith, thóg sé a cheann agus d'fhéach
sé suas mór-thímpal an chearnaigh. Bhí an áit go
léir folamh. Bhíos ag féachaÍ air agus is dóich liom
go raibh diombádh air. Ach fé mar a tháinig an tsluagh
isteach do shiúbhluigheadar suas i dtreó tíghe an
tsagairt. Ansan do thosnuigh an áit ar bheith ag
líonadh. Ar ball bhí cruinniughadh maith daoine ann
i dtreó go rabhamhair geall le bheith sásta. Bhí dó
nó trí charáistíbh fada curtha ar aghaidh dorais tíghe
an tsagairt amach i dtreó go bhféadfadh na caint-
eóirí seasamh anáirde ar na caráistíbh sin agus
labhairt leis na daoine.



Bhí a lán daoin'uaisle anall ó Shasana ann. Thánadas
díreach mar a thánamair go leir, 'ghá chur i n-úil go
raibh gráin acu ar an gcuma 'n-a raibh dlighthe d'á gcur
i bhfeidhm i n-Éirinn. Bhí Henry Labouchere, M.P., ann,
agus John Brunner, M.P., agus Thomas Ellis, M.P.,
agus tuille nár bh' iad. Tháinig mná uaisle anall
ó Shasana, leis, ar a raibh Miss Mander. Bhí fir
eagair ann ó-s na páipéaraibh móra thall, ar a raibh
Fred Higginbotham agus Bennett Burleigh, agus
Seághan mac Dómhnaill ó'n Daily News.



Bhí an t-Athair Párthalán mac Cárthaigh, D.D., sa


L. 201


chathaoir, agus na h-uais ale bhí chun cainte dhéanamh
bhíodar ar na caráistíbh fada lasmuich de dhorus tíghe
an Athar Tomás mac Muiris. Chómh luath agus chonaic
na daoine go raibh an chaint le tosnughadh do bhrúghadar
isteach tímpal ar na caráistíbh fada. Deir daoine
a bhí ann agus do thuig an sgéal, go raibh tímpal ocht
míle duine bailighthe isteach tímpal ar na caráistíbh.
Má bhí, do gheóbhadh, gan aon dabht, fiche míle duine
slígh ar an gcearnach. Bhíos féin ar cheann des na
caráistíbh, agus bhí radharc maith agam ar na daoine
a bhí ann agus ar an slígh a bhí lasmuich dhíobh mór-
thímpal. Ní fheaca oiread agus aon "pheeler"
amháin i n-aon áit ar an bhfatha, ná thíos ar an sráid.



Ní raibh an chaint ach díreach ag tosnughadh nuair
a thugas fé ndeara suathadh éigin thoir thíos ar imeal
an tslóigh. Bhí tímpal fiche "peeler" agus fear
nótaí thógaint eatartha, agus iad a d'iaraidh é bhreith
leó suas chun na h-áite 'n-a raibh an chaint le déanamh.
Ní raibh aon bhac i n-aon chor ortha gabháil tímpal, agus
níor thímpal mhór é, ar an dtaobh thuaidh nó ar an
dtaobh theas des na daoine. Ní raibh aon bhreith i
n-aon chor acu ar é bhreith leó isteach tré lár na
ndaoine, mar bhí na daoine ró bhrúighte ar a chéile.
I n-inead gabháil tímpal is amhlaidh a bhrúghadar isteach
ins na daoine. Bhí na daoine a d'iaraidh slígh dhéanamh
dóibh, ach bhí san ag teip ortha, nídh nár bh' iongnadh.
Ansan, nuair ná déanfadh na daoine an rud nár
bh' fhéidir a dhéanamh, d'árduigh na "peelers" a
mbaitíní agus bhuaileadar na daoine. Má bhuailea-
dar, bhí baitíní lámh ag formhór na ndaoine agus nuair
buaileadh iad do bhuaileadar i bhfreagairt. Do theith
na "peelers" láithreach, iad féin agus an fear nótaí.
Cheapas go mbéadh suaimhneas againn ansan, ach ní


L. 202


suaimhneas a bhí ag teacht. I gceann tímpal chúig
neomataí thainig deichniúbhar agus dachad des na
"peelers" agus a ghuna ag gach fear díobh. Bhí, go dtí
san, lasmuich des na daoine a bhí 'n-a gcois, mórán
fear agus iad ar a gcapaillibh. Nuair a chonacadar
an bhreis des na "peelers" ag teacht agus na gunaí acu,
siúd tímpal iad go dtí go rabhadar 'n-a marcshluagh
láidir daingean idir na daoine agus na "peelers,"
Ní raibh aon bhreith, ansan, ag na "peelers" ar fhear
na nótaí do bhreith leó suas chun na cathaoireach. Bhí
tímpal trí fichid fear acu ann, agus ní raibh aon ghnó
eile acu le déanamh ach an fear san do bhreith leó
suas.



Dá ngabhaidís tímpal bhéadh sé thuas acu gan aon
ríghneas, agus rud eile, dhéanfaimís slígh thuas dó
láithreach. Ní raibh aon chur 'n-a choinnibh ag aoinne.
I n-a inead san is amhlaidh a mheasadar é bhreith leó
suas tré idir mharcshluagh agus daoine. Chromadar
ar na capaill do bhualadh. Má chromadar d'iompuigh
na marcaigh cosa deirigh na gcapall leó agus bhrúghadar
na capaill siar isteach 'n-a measg. Thóg na "peelers"
na gunaí agus bhuaileadar idir chapaill agus marcaigh
leó. D'iompuigh na marcaigh ortha agus bhuaileadar
iad chómh maith agus d'fhéadadar é le pé arm a tháing
chun lámha. Bhí an obair go teith acu ar feadh tímpal
chúig neómataí sar ar theith na "peelers" as an
áit. Do lean raint des na daoine ar a dtóir.
Chuaidh na "peelers" isteach sa bharrac uatha. Bhí
gach aon rud go breagh socair ansan. Bhíos am'
sheasamh ar an gcaráiste, ag brath air ná béadh
a thuille toirmisg againn. Bha ghearr gur airigheas,
go breagh láidir fuaiminteamhail, urchar ó'n mbarrac.
Bhí iongnadh orm. Ní raibh troid ná cómhrac ar siúbhal.


L. 203


Cad chuige an t-urchar agus gan aon namhaid ag cur
ortha? Tháinig an tarna h-urchar. Do léim Seaghan
Díolúin anuas de'n charáiste, agus siúd síos i dtreó
an bharraic é féin agus an t-Athair Pádraig ua
Ceallacháin. D'airigheas an trímhadh h-urchar. Chómh
fada agus théighean mo chuimhne níor airigheas ach na
trí h-urchair. Do h-innseadh dom 'n-a dhiaigh san go
ndeigh Seághan Díolúin agus an sagart isteach sa
bharrac agus suas chun na finneóige, thuas i mbara
an tighe mar a raibh an "peeler" ar a leath ghlúin agus
é ag lámhach agus ag líonadh, agus gur rug Seághan air
agus gur strac sé siar ó'n bhfinneóig é. Mura mbéadh
san go mbéadh a lán eile marbh aige sar a gcurfadh
aoinne d'á uachtaránaibh féin cosg leis. Nuair a
fuair na daoine go raibh triúr marbh, do sgaipeadar.
Chuaidh na mná uaisle Gallda isteach i dtigh an
tsagairt.



Do h-innseadh dom go raibh raint saighdiúirí sa
tsráid agus nuair airigheadar an lámhach gur thánadar
amach. Pé fear a bhí 'n-a cheann ortha chonaic sé
láithreach ná raibh aon chiall leis an lámhach. Dhein sé
cordon des na saighdiúiríbh a bhí aige, agus bhí na
daoine ar thaobh de'n chordon agus na "peelers"
ar an dtaobh eile agus choiméad sé amach ó n-a chéile
iad. Mura mbéadh san do mharbhóchadh na "peelers"
tuille. Bhíodar féin agus na h-uachtaráin a bhí ortha
as a meabhair glan. Duine des na h-uachtaránaibh
sin ab eadh an Captaen Pluincéad úd a ifuair, i
n-Eóchaill thoir, suím beag aimsire roimis sin, ó Bhaile
Átha Cliath, an t-órdughadh úd, "Don't hesitate to
shoot." Níor bh' iongnadh fonn lámhaigh air.



D'airigheas 'n-a dhiaigh san gur thuit rud amach i
gcaitheamh an lae sin agus gur chuir sé iongnadh a


L. 204


chroídhe ar an nduin'uasal Gallda Henry Labouchere.
Bhí súsa aige 'n-a charáiste féin agus súsa de chlúmh
ana dhaor ab eadh é. Nuair a bhí an cruinniughadh ag
sgaipeadh agus gach aon rud tré n-a chéile, bhí
Labouchere deimhnightheach ná feicfeadh sé an súsa
breagh go deó airís. Tháinig sé chun na h-áite 'n-a
raibh an caráiste. Fuair sé an súsa ann roimis,
gan aon nídh imthighthe air ach raint daoine bheith ag
féachaint air agus ag déanamh iongnadh dhé agus 'ghá
rádh leó féin gur dheacair d'aon fhuacht dul tríd
isteach.



"Seadh!" arsa Labouchere, "dá mba thall i
Lúndain, nó i n-aon áit eile sa domhan, a thuitfeadh
an méid sin amach dómh-sa, is ró bheag an bhreith a
bhéadh agam ar mo shúsa dh'fheisgint airís! Deirim
anois, agus déarfad as so amach é; isiad muíntir
na h-Éirean na daoine is macánta sa domhan."



Chun na beirte, Liam ua Briain agus Seághan
Mandeville, do thriail iseadh do shuidh an chúirt an
lá san. Níor fhreagair aoinne de'n bheirt an ghlaodh,
nídh nár b' iongnadh. Do chuir an chuirt barántas
amach chun beirthe ortha agus iad do thabhairt chun
lámha. Do rugadh ortha agus do cuireadh isteach i
bprísún iad. Nuair a tháinig an t-am chuige do
tugadh go Baile Mhistéala iad, chun na cúirte céadna,
chun iad do thriail, mar 'dh eadh. Deirim "mar 'dh
eadh," mar bhíos féin ag an gcúirt agus chonac an
"triail," agus go deimhin ní raibh sa triail ach "triail
mar 'dh eadh." Do glaodhadh an chúis. B'é Liam ua
Briain an prísúnach an lá san. Do glaodhadh fínné
'n-a choinnibh. An "peeler" a thóg nótaí a chainte
a bhí mar fhínné 'n-a choinnibh. D'inis sé a sgéal.
Thaisbeáin sé an páipéar beag ar ar sgríbh sé na nótaí.


L. 205


Tadhg ó h-Arrachtáin 1 a bhí mar aturnae ag cosaint
an Bhrianaigh.



"Leig dom féachaint ar an bpáipéar san," arsa
Tadhg.



Do síneadh chuige an páipéar. D'fhéach sé air go
géar. Ansan d'fhéach sé ar an bhfínné go géar.



"Ní h-é seo an páipéar ar ar thógais-se na nótaí
seo ar dtúis," ar seisean.



"Isiad san na nótaí a thógas," arsa'n fínné.



"Tabhair dhom an páipéar ar ar thógais ar dtúis
iad," arsa Tadhg. Do stad an fínné bocht agus
d'fhéach sé ar atúrnae na coróinneach agus suas ar
an mbínse.



"Ní'l fhéachaint ort ach na nótaí thabhairt dó," arsa
aturnae na coróinneach.



"Ní chuirfidh an cás cor eile dhé," arsa Tadhg, "go
dtí go dtabharfar an páipéar eile dhómh-sa."



Do lean an t-aighneas ar feadh tamaill. Fé dheire
bh' éigean do'n fhínné bhocht a lámh a chur isteach 'n-a
phóca agus a sparán do thabhairt amach agus an seana
pháipéar do thógaint as an sparán agus é shíneadh
anonn chun Taidhg. Thóg Tadhg an seana pháipéar
leath-bhriste agus d'fhéach sé air agus do léigh sé é.
Chuir sé gáire bheag as agus thaisbeáin sé an páipéar
do'n Bhrianach. Chuir an Brianach gáire mhaith láidir
as. Cad a chuir ag gáirí iad? Sidé an rud a chuir
ag gairí iad. Bhí an páipéar tar éis dul go Baile
Átha Cliath agus teacht thar n-ais, agus bhí órdughadh
ó'n Rúnaire Mór i mBaile Átha Cliath sgríobhtha
treasna air, .i. "Not to be used." Féach air sin!
Órdughadh ó Bhaile Átha Cliath gan aon úsáid a dhéanamh,


L. 206


i gcoinnibh an Bhrianaigh, des na nótaíbh a tógadh d'á
chaint nuair a bhí an chaint ag teacht as a bhéal, ach
úsáid a dhéanamh 'n-a choinnibh des na nótaíbh eile úd
a cuireadh le chéile 'n-a dhiaigh san! Sin dlígh agat!
Ar an gcuma san díreach a bhí dlígh Shasana 'á cur i
bhfeidhm i n-Éirinn gach aon lá riamh, ó'n lá san i
mBaile Mhistéala, siar ar fad go dtí an lá úd a chuir
Tomás Dubh Wentworth dlígh Shasana i bhfeidhm ar
uaislibh Conacht, ní h-eadh, ach siar go dtí an chéad lá
a tháinig dlígh Shasana isteach i n-oileán na h-Éirean.



An t-é mhachtnóchadh air is dóich liom go dtuigfeadh
sé nár deineadh marbhadh daoine riamh a bhí níba ghráinne
níba dhéistiníghe, níba neamhghátaraíghe, 'ná an marbhadh
san a deineadh i mBaile Mhistéala an lá san. Ba
mhar a chéile díreach é agus dá dtugtí aghaidh ar aonach,
nó ar phobul Aifrinn, agus tosnughadh ar na daoine
do lámhach gan chúis gan adhbhar. Dá ngabhtí tímpal,
mar a raibh an tslígh folamh, d'fhéadfaí fear na nótaí
do chur ar cheann des na caráistíbh fada chómh luath
agus chuaidh aoinne des na cainteóiríbh suas ortha.
Dá gcurtí teachtaireacht ag triall ar fhear na cathaoireach
'ghá iaraidh go leigfí fear na nótaí suas ann, do
dhéanfaimís go léir slígh dhó láithreach, nídh nách iongnadh.
Cad chuige go raibh caint againn le déanamh ach i dtreó
go raghadh ár gcaint chun cinn ag triall ar mhuíntir
an riaghaltais? Pé sgéal é, ní raibh le déanamh ach
cead d'iaraidh agus bhí an cead le fághail.



Nuair a bhíos-sa sa Ráth, díreach nuair a bhí an
chaismirt ag tosnughadh idir thineóntaithibh agus
máighistiríbh talmhan, do cuireadh tuairisg chúgham lá,
go raibh cruinniughadh mór tineóntaithe le bheith thiar
i dTulach Lias agus 'ghá iaraidh orm dul ann. Chuas


L. 207


ann. Bhí cruinniughadh breagh ann. Nuair a bhí an
obair ag tosnughadh agus na cainteóirí ag dul suas
ar an árdán, chuas féin suas air. Cé chífinn guala
le gualainn liom ar an árdán ach fear na nótaí. Do
h-iaradh cead dó agus do fuaradh, agus bhí sé ansúd
thuas agus gan aon chur isteach ag aoinne 'á dhéanamh
air. Bhí sagart sa chathaoir againn, an t-Athair Maitias
mac Mathghamhna, sagart paróiste an Bhóthair Bhuidhe,
áit atá tímpal sé nó seacht de mhíltibh siar ó Cheann
Tuirc. Bhí an t-Athair Séamus ua Mórdha 'n-a
Chóadiútor an uair sin i dTulach Lias agus is air a
bhí cúram oibre an lae, agus ba mhaith an díol air é.
Tá sé 'n-a shagart paróiste anso am' aice anois, i
Ráth Chormaic, agus 'n-a Chanónach. Chuir sé gach aoinne
i n-a áit féin, agus do ghluais an chaint, do réir úird.
Dhein fear na cathaoireach a chuid cainte. Dhein an
t-Athair Séamus a chuid cainte, agus ba mhaith agus
ba stuamdha an chaint a dhein sé. Níor mhisde an
gnó fhágaint fé.



Tháinig an t-am dom féin chun mo chuid cainte
dhéanamh. Bhí fhios agam go raibh an Ghaeluinn go maith
an uair sin ag na daoine a bhí ag éisteacht liom, agus
i dtreó go mbéadh raint spóirt agam ar fhear na
nótaí, a bhí agam' ghualainn, do chromas ar mo chaint
a dhéanamh as Gaeluinn. Do las súile na ndaoine
go léir láithreach leis an spórt. Thugas fé ndeara
gach 're bhféachaint ag gach aoinne 'á thabhairt orm féin
agus ar fhear na nótaí. Diarmuid ab ainm dó,
Diarmuid Stringer. Chomáineas liom ar feadh
tamaill go dtí go raibh na daoine go léir ag
sgigeadh. Ansan d'iompuigheas agus d'fhéachas ar
Dhiarmuid. Bhí sé ansúd 'n-a sheasamh agus a phinsil
'n-a bhéal aige. Do stadas ag féachaint air, agus


L. 208


mé ag gáirí, go dtí go raibh na daoine go léir ag
faire féachaint cad 'déarfainn, ansan d'iompuigheas
chun na ndaoine agus, "Ní deirim," arsa mise, "ná
go bhfuil breall ar Dhiarmuid." Níor fhéadas a
thuille do rádh, d'eirigh a leithéid d'uaill gháirí. Mheasas
go dtuitfeadh an t-Athair Maitias as an gcathaoir
tháinig a leithéid sin de thritheamh gáirí air.



Dheineamair ár ngnó agus ní raibh lámhach ná marbhadh
againn. Thug an t-Athair Séamus (an Canónach anois),
thug sé dínnéar breagh brothalach dúinn. Do deineadh
a lán cainte ag an ndínnéar, leis. Bhí cuid de'n
chaÍ feargach, feargach go maith. Ach bhí an chúil-
fhéith chómh maith san ag an Athair Séamus, agus an
stuaim chómh daingean san ann, go mbaineadh sé an
faobhar de'n fheirg i gcómhnuighe sar a bhféadadh sí
aon díobháil a dhéanamh.



Dá ndeintí an gnó i mBaile Mhistéala an lá úd
mar a deineadh i dTulach Lias tímpal seacht mbliana
roimis sin, agus mar a deineadh i n-a lán áiteana
eile i gcaiteamh na h-aimsire, ní bhéadh lámhach ná
marbhadh ann.



XXX



Ó DHÚN AR AILL GO CAISLEÁN UA LIATHÁIN



An fhaid a bhíos i nDún ar Aill tháinig taom breói-
teachta orm agus ba ró dhóbair dó mé bhreith as an
saoghal. Bhíos am' lán neart an lá sar a dtáinig sé
orm. Tháinig sé orm go h-ana oban, fé mar a tabharfaí


L. 209


nimh do dhuine. Bhíos am' luighe leis ar feadh dó nó
trí sheachtmhainíbh. Ansan b'é toil an Tighearna gur
chuireas díom é. Bhí dochtúir maith tuisgionach de
mhuíntir Ríordáin sa tsráid an uair sin, agus thug
sé aire mhaith dhom. Tá sé tar éis bháis, beannacht
Dé le n-a anam!



Níor thuigeas an uair sin cad fé ndeár an taom
san do theacht orm, agus mé chómh láidir, chómh deagh-
shláinteach, díreach sar a dtáinig sé orm. Do thuigeas
'n-a dhiaigh san é go maith.



Tá an Abha Bheag ag gabháil aniar ó Chill na Mullach
go Dún ar Aill. Gabhan sí fé dhrochad atá thuaidh
ag bun sráide Dhún ar Aill. Aba bheag shalach iseadh
í. Is isteach inti a théighean salachar sráide Chill na
Mullach agus salachar na tíre go léir as san soir
go Dún ar Aill agus ansan salachar Dhún ar Aill
féin, i dtreó nách féidir do 'n uisge gan bheith lán
de nimh an tsalachair sin. Ní bhíodh aon chothrom uisge
againn i nDún ar Aill ach buachaill agus asal aige
agus tubán aige, istigh i dtrucailín an asail, agus
é ag tarang an uisge chun na ndóirse, chun na ndaoine,
agus na daoine ag díol as an uisge. Thógadh sé an
t-uisge ag an ndrochad, díreach mar a raibh an salachar
go léir, ó'n sráid, ag dul isteach sa n-abhainn.
Théigheadh muíntir mo thíghe-se agus thugaidís uisge
búird leó ó thobar fíoruisge a bhí tamall ó'n sráid,
mar bhíodh an t-eagal againn roim uisge na h-abhan.
Nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san ba ró dheacair
gan dearmhad a dhéanamh uaireanta, agus uisge na
h-abhan do chur ar an mbórd agus é dh'ól. Pé 'r
domhan é, do buaileadh isteach am' aigne-se gur bh' é
uisge na h-abhan san a chuir an taom breóiteachta orm.



Bhí sagart paróiste sa tsráid, agus do thuig sé


L. 210


contabhairt an uisge, agus bhíodh sé go minic a d'iaraidh
a chur fhéachaint ar Bhórd na mBocht cothrom uisge
do thabhairt isteach sa tsráid tré phíopaíbh, ó thobar
éigin fíoruisge sa chómhgaracht. Ach do theipeadh air.
Dá ndéintí é do chaithfeadh muíntir na cómharsanachta
breis bheag éigin cánach a dhíol as. Ní thoileóchaidís
chuige sin. "An t-uisge a bhí maith a ndóithin dóibh
riamh roimis seo tá sé maith an ndóithin dóibh anois,"
adeiridís.



Na daoine gan chiall! Ba chóir go dtuigfidís, dá
dtagadh droch bhreóiteacht sa tsráid, ó bheith ag úsáid
an uisge sin, go leathfadh an droch bhreóiteacht ar
fuaid na tuatha agus ansan go ndíolfadh muíntir
na tuatha go daor as an spriúnlaitheacht.



Chómh fada agus théighean mo chuimhne is dóich liom
gur tar éis mé theacht ó'n dtaom san a chuas go Cill
Chaoi go dtí an sáile, agus gur b' é sin uair a bhuail
an Sbáinneach úd umam a thug dom an labhairt cheart
ar "Don Quixote" .i. "Don Cíochóté"; nó b'fhéidir
gur uair éigin eile é, mar bhíos cúpla uair eile sa
n-áit.



Sa bhliain d'aois an Tighearna míle ocht gcéad
cheithre fichid a deich, ag déanamh amach ar dheire na
bliana, do leath eadrainn an sgéal, go raibh an sagart
paróiste a bhí anso i bparóiste Chaisleáin Ua Liatháin,
go raibh sé ag dul chun báis. Fuair sé bás i ndeire
an chéad mhí de 'n bhliain nua. Beannacht Dé le
n-a anam! Ansan, an deichmhadh lá de'n tarna mí
de'n bhliain míle ocht gcéad cheithre fichid a h-aondéag,
do chuir an t-Easbog leitir chúgham-sa 'ghá rádh liom
dul am' shagart paróiste go paróiste Chaisleáin Ua
Liatháin. Táim anso ó shin.


L. 211


XXXI



OBAIR COSANTA NA GAELUINNE



Is dóich liom go rabhas dhá bhliain anso nuair a thosnuigh
obair na Gaeluinne, dáiríribh, i mBaile Átha Cliath.
Do thuigeas ó'n gcaint a bhí ar siúbhal, agus as na
fógraí a thagadh amach, go raibh socair ar an nGaeluinn
bheó a bhí i mbéalaibh na ndaoine do shaothrughadh. Bhí
fhios agam go dian mhaith gur mar sin ba cheart an
obair a dhéanamh má bhí sí le déanamh i n-aon chor. Bhí
leabhair Eoghain uí Chamhraidhe agam agus an graiméar
Gaeluinne do sgríbh Ua Donabháin, agus bhí fhios agam
ná raibh aon bhreith ag leabhraibh de'n tsórd san ar
oiread agus aon lá amháin sa mbreis do chur le saoghal
na Gaeluinne. Bhí fhios agam gur admhuigh na fir
sin féin ná raibh uatha ach oiread agus d'fhéadfaidís
de'n Ghaeluinn a bheith socair daingean i leabhraibh
acu, i dtreó go mbéadh an méid sin di le fághail ins
na leabhraibh sin nuair a stadfadh muíntir na h-Éirean
d' í labhairt. Do chonaic Ua Donabháin agus Ua
Camhraidhe go raibh sí ag imtheacht, ag imtheacht go réidh,
ach ag imtheacht go deimhnightheach, agus thuigeadar go
maith ná raibh aon bhreith ag an obair a bhí acu féin 'á
dhéanamh ar aon chosg do chur leis an imtheacht san.



Tá sé daingean am' aigne, ámhthach, nár thuigeadar
an díobháil a bhí sa n-imtheacht san. Is dóich liom gur
thuigeadar, agus gur thuig a lán nár bh' iad an uair
sin, agus abhfad 'n-a dhiaigh san, gur thairbhe mhór a
dhéanfadh an t-imtheacht. Bhí cúiseana troma acu
féin agus ag daoine eile le n-a thuisgint go mbéadh
tairbhe sa n-imtheacht. Na daoine a bhí beó i n-Éirinn


L. 212


an uair sin agus gan acu ach an Ghaeluinn, is amhlaidh
a bhí ceangal na gcúig gcaol ar a n-aigne chómh fada
agus chuaidh gnóthaí saoghalta. I n-aon tsaghas gnóthaí
dlíghe, cuir i gcás, bhí fear an Bhéarla ábalta ar an
ndubh do chur 'n-a gheal ortha agus ar an ngeal do
chur 'n-a dhubh ortha, agus ní raibh aon chaoi acu ar iad
féin do chosaint. Dá n-innsidís a sgéal féin as
Gaeluinn ní thuigfeadh aon duine iad, ach amháin,
b'fhéidir, an fear a bhéadh ceapaithe ar an éagcóir a
dhéanamh ortha. Bhíodh an fear teangan acu, ach dá
mbéadh breab glacaithe ag an bhfear teangan san
conus a bhéadh an sgéal acu? Pé taobh ó n-a bhféachtí
isteach an uair sin sa chuma ar a raibh an duine ná
raibh aon Bhéarla aige, do chítí go raibh sé i gcruadh-
chás go tiubaisteach. Siné fé ndeara do Dhómhnall
ua Conaill a rádh gur bh' fhearr leis go mbéadh an
Ghaeluinn seacht míle síos fé uisge na faraige thiar.
Chonaic sé os cómhair a shúl an éagcóir uathbhásach 'á
dhéanamh ag fear Shasana, coitchianta, ar an Éireanach,
agus gan ar chumas an Éireanaigh aon fhocal do labhairt
chun é féin a chosaint ach focal ná tuigfí. Dhein
Dómhnall ua Conaill féin obair mhór ag cosaint na
nGaedhal ar an éagcóir a bhí 'á dhéanamh ortha. Thuig
sé go h-áluinn ná béadh aon bhreith aige ar an obair
sin a dhéanamh mura mbéadh an Béarla bheith chómh maith
aige, agus é bheith ábalta ar lucht an Bhéarla do throid
as a gcaint féin, as Béarla.



Níor chuimhngh aoinne ar an dá theangain do chur
ar siúbhal i n-aonfheacht. Do mheas gach aoinne nár
bhaoghal ná go mbéadh tuille agus a dhóithin Gaeluinne
ag gach Éireanach pé cuma 'n-a ngeóbhadh an saoghal i
dtaobh Béarla. Ní raibh ach lucht machtnaimh, mar Ua
Camhraidhe agus Ua Donabháin, a thug fé ndeara go


L. 213


raibh an Ghaeluinn ag imtheacht. Níor thugas-sa féin
fé ndeara go raibh aon bhaoghal uirthi go dtí gur chuas
isteach sa choláisde, agus go bhfeaca buachaillí eirighthe
suas agus ganaon fhocal Gaeluinne acu.



Do thuig lucht machtnaimh, agus lucht faire aimsire,
go raibh an Ghaeluinn ag imtheacht. Do thuig lucht
gnótha poibilídhe, agus lucht cosanta na nGaedhal ar
an bhfeall a bhí 'á dhéanamh ortha ag muíntir an Bhéarla,
do thuigeadar d'á luathacht a bhéadh an Ghaeluinn
imthighthe agus an Béarla i mbéalaibh na n-Éireanach
go léir gur bh' eadh ab fhearr é. Níor thuig aoinne
an uair sin an díobháil bhunaigh a dhéanfadh sé do chine
Gaedhal an Ghaeluinn d'imtheacht uatha; gur mhar a
chéile dhóibh é agus a nádúr féin d'imtheacht asta amach.
Níor thuig aoinne an léirsgrios marbhuightheach a bhéadh
déanta ar an aigne Ghaedhlach nuair a bhéadh an Ghaeluinn
imthighthe, agus gan i gcroídhe ná i mbéal an Éireanaigh,
ó Dhomhnach Diagh go Tigh Mháire, ach Béarla briste.
Cad é an tairbhe dhéanfadh saothar Uí Chamhraidhe, nó
saothar Uí Dhonabháin, do'n duine ná béadh de chaint
'n-a bhéal aige ach Béarla briste, agus ná béadh de
mhachtnamh 'n-a chroídhe aige ach an machtnamh a thabharfadh
an Béarla briste dhó? Is dócha gur mheas Dómhnall
ua Conaill, dá mbéadh an Ghaeluinn seacht míle fé'n
bhfaraige, agus an Béarla i mbéalaibh na n-Éireanach
go léir, go mbéadh an Béarla acu chómh maith agus
bhí sé aige féin. Má mheas, do dhein sé dearmhad.
Gan amhras bhí Béarla briste go tiugh i n-Éirinn le
linn Dhómhnaill uí Conaill, agus níor chuir an Béarla
briste sin aon dealbhas aigne ar an muíntir a bhí 'ghá
labhairt. Níor dhein, agus cad 'n-a thaobh nár dhein?
Níor dhein mar bhí saidhbhreas áluinn, uasal, fórleith-
eadamhail na Gaeluinne istigh 'n-a n-aigne acu, laistigh


L. 214


de'n Bhéarla bhriste. Tá an saidhbhreas san imthighthe
anois ó'n méid de mhuíntir na h-Éirean go bhfuil an
Ghaeluinn imthighthe uatha. Tá raint acu do thuigean
an chreach, agus tá iaracht acu 'á dhéanamh ar an
saidhbhreas do chruinniughadh chúcha airís. Is usa go
mór sgaramhaint le saidhbhreas 'ná teacht suas airís
leis.



Dá ndeintí an dá theanga do shaothrughadh i n-aonfheacht
ó'n uair a thosnuigh muíntir na h-Éirean dáiríribh ar
an mBéarla do labhairt eatartha féin, do chabhróchadh
an dá theanga le n-a chéile, agus chuirfidís neart i
n-a chéile agus cruinneas nár bh' fhéidir a bheith i n-aon
teanga acu 'n-a h-aonar. Níor deineadh san. Bhí
a rian air. Nuair a mheasg an dá theanga ar a chéile
agus gan saothrughadh 'á dhéanamh ar aon teangain
acu, is amhlaidh a bhí a lán daoine ag dul amú ins gach
teangain acu. Siné fé ndeara do Dhiarmuid ua
Muíneachágn focal úd do rádh,



"Na daoine is lúgha ciall i n-Éirinn
Daoine gan Bhéarla gan Ghaeluinn!"



Ach d'airigheas an chaint agus na ráflaí, ó Bhaile
Átha Cliath, 'ghá rádh go raibh buidhean le cur ar bun
chun na Gaeluinne shaothrughadh agus chun í choimeád
beó, mar chómhrádh, d'á labhairt a' béalaibh na ndaoine.
Bhí áthas mór orm nuair airigheas an méid sin.
D'airigheas, leis, gur sagart óg a bhí i Maigh Nuadhat
ba bhun leis an iaracht san.



Do ghluais na blianta. Ní gádh dhómh-sa aon tuairisg
a thabhairt anso ar obair agus ar chúrsaíbh na mblianta
san. B'fhéidir ámhthach nár mhisde dhom aon fhocailín
amháin do rádh i dtaobh na h-oibre. Do chonac, ag
tosnughadh na h-oibre dhúinn, gur ar an aos óg a bhí


L. 215


ár seasamh i gcóir na h-aimsire a bhí rómhainn. Ag
machtnamh dom air sin do thuigeas am' aigne ná raibh
aon rud i n-aon chor againn, i bhfuirm leabhair, le
cur i láimh aon leinbh chun na Gaeluinne do mhúineadh
dhó. As mo mhachtnamh do shocaruigheas ar leabhar
fé leith do sgrí' d'ár n-aos óg, leabhar go mbéadh
caint ann a bhéadh glan ós na lochtaibh a bhí i bhformhór
cainte na bhfilí; leabhar go mbéadh an chaint ann
oireamhnach do'n aos óg, leabhar go mbéadh caint ann
a thaithnfadh leis an aos óg. Siné an machtnamh a chuir
fhéachaint orm "Séadna" do sgrí'. Do thaithn an leabhar
le gach aoinne, óg agus aosta. Do léigheadh é dos na
seandaoine agus do thaithn sé leó. D'airigheadar,
rud nár airigheadar riamh go dtí san, a gcaint féin
ag teacht amach a' leabhar chúcha. Do thaithn sé leis
na daoinibh óga mar bhí cosmhalacht mhór idir Ghaeluinn
an leabhair sin agus an Béarla a bhí 'n-a mbéalaibh
féin.



XXXII



ONÓIR DO'N OBAIR



Do ghluais an aimsir. Do leanas de'n obair.
Dheabhróchadh an sgéal gur tuigeadh gur dheineas mo
chioii de'n obair maith go leór. Thuit rud amach sa
bhliain d'aois an Tighearna míle naoi gcéad a dódhéag,
rud a thaisbeáin gur tuigeadh; rud ná tuitfeadh amach
i n-aon chor mura mbéadh gur tuigeadh. An tarna


L. 216


lá fichid d'Abrán na bliana san do bhronn uaisle
catharach Bhaile Átha Cliath saoirse na catharach san
orm aféin agus ar an Ollamh Kuno Meyer, mar gheall
ar a raibh déanta againn ar son na Gaeluinne. Do
bronnadh an ónóir air-sean mar gheall ar an saothar
a bhí déanta aige ar sheana Ghaeluinn na h-Éirean,
agus do bronnadh an onóir orm-sa mar gheall ar an
saothar a bhí déanta agam ar son na Gaeluinne atá
beó i n-Éirinn fós. Ghabhamair araon ár mbuidheachas
le h-uaislibh na catharach. Le linn a bhuidheachais féin
a ghabháil leó do'n Dochtúir Kuno Meyer dúbhairt
sé focal a chuir i n-úil dúinn go léir nách indiu ná
indé do thosnuigh sé féin ar bheith ag cur suime i neithibh
Gaelacha. (Do labhair sé as Béarla.) Tar éis raint
cainte do rádh dhó dúbhairt sé mar seo.



"Dúbhairt mo shean-athair liom, agus mé am' leanbh,
thall i gcathair Hamburg, go raibh, go deimhin, caint
idir é féin agus Napper Tandy, agus gur rug
Napper Tandy 'greim ar láimh air,' lom dáiríribh,
nuair a bhí sé 'n-a gharsún. D'inis sé an méid sin
dom abhfad sar ar airigheas-sa aon trácht ar



Do thaisbeáin san go raibh báidh ag Kuno Meyer,
agus agá athair, agus agá sheanathair, le h-Éirinn
agus le muíntir na h-Éirean, abhfad sar ar thosnuigh
an obair seo na Gaeluinne.



Nuair a bhí an onóir sin tabhartha dhúinn ag muíntir
Bhaile Átha Cliath chuamair siar go Coláisde Phádraig
Naomhtha i Maigh Nuadhat, mar bhí cuireadh fághalta
againn ó Uachtarán an Coláisde, an sagart oirdheirc
agus an t-ollamh diadhachta Monsignor Ua Mainchín,
atá anois i n-a Árdeasbog thall i Melbourne. Thug
sé cuireadh do thriúr againn, do'n Ollamh Kuno Meyer


L. 217


agus do Dhochtúir Ua h-Aimhirgin agus dómh-sa.
Chuamair siar ó Bhaile Átha Cliath ar mhótor.



Tar éis an dínnéir do chruinnigh buidhean Coluim
Cille sa halla mór agus dheineamair go léir a lán
cainte. Ar an nGaeluinn agus ar gach aon rud a
bhain leis an nGaeluinn iseadh dheineamair an chaint.



I gcaitheamh na cainte dhúinn agus i gcaitheamh an
tráthnóna, do chuimhnigheas féin go minic ar thuama
atá ansúd sa roilig bheag lastiar de'n Choláisde.
Tá cómhra throm iarainn istigh sa tuama san agus
táid cnámha duine, cnámha sagairt, istigh sa chómhrainn
sin. Do tugadh an chómhra san agus an méid atá istigh
inti aniar ar fad ó'n dtaobh thiar de'n chruinne, ó
Los Angeles, treasna na mílte míle tíre agus
uisge, agus do cuireadh isteach sa tuama san í agus
tá sí ann. Isiad cnámha an Athar Eoghan ua Gramhna
atá istigh sa chómhrainn. Tá sé féin thuas i n-aoibhneas
na bhflathas. Bhí sé ag féachaint anuas orainn an
oídhche úd, agus bhí áthas air. Conaic sé an obair ag
dul chun cinn go beó agus go bríoghmhar, tar éis na
mblianta go léir, an obair a bhris a shláinte féin
agus do shlad an t-anam as i dtosach a shaoghail, an
obair dá mbéadh beatha trír aige go dtabharfadh sé
an bheatha san go léir chun na h-oibre sin do chur chun
cinn.



Nuair airigh uaisle catharach Chorcaighe an rud a bhí
déanta ag uaislibh Bhaile Átha Cliath thuigeadar gur
cheart dóibh féin rud éigin de'n tsaghas chéadna
do dhéanamh. Shocaruigheadar ar shaoirse Catharach
Corcaighe thabhairt do Dhochtúir Kuno Meyer agus
dom féin. Ceapadar lá chuige, agus ar ádhbharaí
an tsaoghail cad é an lá a cheapfaidís chuige ach an
cúigmhadh lá fichid de Mhitheamh an Fhóghmhair, .i. Lá


L. 218


Bharra Naomhtha, lá naoimh an Ghuagáin, an naomh go
bhfuil cathair Chorcaighe ar a chomairce.



Ní raibh aon choinne agam-sa go bhfeicfinn an
radharc a chonac an lá san. Nuair a thánag féin agus
Kuno Meyer amach as an dtraen i gCorcaigh bhí mór-
shluagh leanbh ann ag cur fáilte rómhainn. Do
ghabhadar amhrán dúinn, amhrán Gaeluinne, amhrán a
chúm an t-Aimhirgíneach dóibh. Bhí Maor na catharach
ann agus caráiste aige dhúinn chun sinn a bhreith go
dtí Halla na Catharach. Bhí gárda lucht airm 'ghár
dtionnlacan, rómhainn amach agus i n-ár ndiaigh agus
ar gach taobh de'n charáiste, agus iad gléasta i n-arm
's i n-éide do réir mar a bhíodh a leithéidí i n-aimsir
Cúchulainn. Nuair a chonac iad do chuimhnigheas ar
lá a bhíos i gCorcaigh, suas le deich mbliana fichid ó
shin. Bhí toirmeasg na talmhan ar siúbhal ar buile an
uair chéadna. Tháinig an 1 t-Iarla Ruadh go Corcaigh
mar 'dh eadh chun sgeóin a chur ionainn go léir, agus
smacht do chur orainn. Chonac é ag teacht amach as
an dtraen. Bhí gárda lucht airm ar an láthair roimis,
chun é chosaint orainne, mar 'dh eadh. Cuimhnigheas ar
an Iarla Ruadh san nuair fhéachas am' thímpal agus
chonac mo ghárda féin.



"Dar fiadh," arsa mise am' aigne, "ach is fearr
an gárda atá agam-sa indiu 'ná an gárda a bhí ag
an Iarla Ruadh an lá úd!"



Chuamair tríd an gcathair; anonn treasna an
drochaid mhóir; siar go dtí an tsraíd mhór leathan
úd mar a mbíodh an "Capall Buidhe" fadó; soir
airís agus anonn treasna an drochaid eile; go dtí
Halla na Catharach. I gcaitheamh na slíghe sin go léir


L. 219


bhí na daoine, óg agus aosta, brúighte ar a chéile ar
gach taobh dínn, agus iad ag liúirigh agus ag greadadh
na mbas ag cur fáilte rómhainn. Nuair a chuamair
isteach sa Halla mór bhí na daoine bailighthe istigh ann.
Bhí sé lán, chómh lán agus nár bh' fhéidir d'á thuille dul
isteach ann. Dheineamair caint ansan agus do
deineadh caint linn, agus bhí iongnadh ár gcroídhe
orainn araon a fheabhas do labhair na buachaillí óga
an Ghaeluinn linn.



Measaim nách misde dhom stad anso, agus a rádh,
mar adeireadh lucht sgéalaidheachta i n-Éirinn fadó:



Gonadh é sin mo sgéal-sa go nuige sin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services