Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uilog Ó Céirín

Title
Uilog Ó Céirín
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1838
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann,1932)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I.

Donnchadh Ó Céirín, ag geata séipéil an Oileáin,
annso:
U 0455

Mar chluinim is mar léighim, tar éis na n-ughdar nglic
na n-abstal is na naomh tá (i) réim san chúirt indiu,
nár chuíbhe don chléir dá mhéid a n-urnaighthe
geata séipéil Mhic Dé do dhúnadh orainn.



U 0401

II.
Uiliog Ó Céirín leis na sagairt, nuair bhí ag ól 'na
bhfochair:
U 0456

(A) eagailsigh nach taitneamhach an t-ól
is chuireann an domhan mór fé smacht,
gan ól acht oiread libh féin
déanfa mé libh é mar acht.



Deir an eaglais nach taitneamhach é an t-ól,
is ní fheadur fós nach aca thá an ceart;
acht deirim an méid seo gan ghó
ná faghaid siad féinig bás don tart.



U 0401

III.
Freagra Uilig (Uí Chéirín) ar Bhiocáire Thráighlí,
annso:
U 0456

Faillighe faoisdine síorthabhairt móide,
briseadh saoire agus cuing mo phósta.
go minic a bhím gan puinn im póca,
is ní bhíonn eaglais síodhach le daoine 'an tsórt san.



IV.
U 0401

Donnchadh Ó Céirín leis an Athair Nioclás de Muar
annso, nuair do thárlaig 'na chuideachtain ag ól,
agus an uair do loirgthí price mór ar whiskey:
U 0455

Is truagh mar sgéal san réal ar chnaigín
's gan é 'na spridí acht lánlag;
is na stileanna néadh dúinn saor an whiskey
iad dá rith síos láithreach;


L. 180


cad do dhéanfam araon, a shéimhfhir dheaghchroidhigh,
's gurb é ár dtaithighe cárt de?
ni mhairfeam ar aonchor i ndéidh ár gcleachtaí;
is baoghal go gceapfaidhear bás dúinn.



U 0401
V.
Mac Cárrtha Cinn Mara cct.:
Táilliúir píopaire is gabhar
an triúr is aeraighe ar domhan.



U 0401

An Fear céadna:




Figheadóir, úcaire is muc
an triúr is gráinne amuigh.



VI.

Donnchadh Ó Céirín cct., nuair do dhearmhad a
bhosga snaoisín, annso:



U 0455

A Bharraigh mhuair, is suairce dá bhfeaca i dtíortha,
do cheapas duanta le fuaimint is ranna líomhtha
lá tar éis Luain cois cuain an droichid bhíomair,
tríod mhearaidhe sguabais uaim mo bhosga snaoise.



Ní hí an snaoisín is díth linn má dh'imthigh ar fad
ná d'fhúig m'intinn dúrchroidheach fé osna is fé chnead
i gcúil tighe gan dúil grinn a fliuchadh mo dhearc,
acht cúrsaí mo chúis caoi mo bhosga ródheas.



Ba dheas an bosga le hosgailt é ar lá aonaigh,
nó i gceartlár phobail is follus gur bhreágh an péarla é,
is 'mó soilbhfhear, go mbeadh a chogansach i ngábhadh réidhtigh,
do chuirfeadh go fonnmhar socair a dhá mhéir ann.



Is ann do bhíodh an tsnaois ná tigeadh fuarbh'laith
is go mb'fheárr ná líonta fíonta pinch lá fuar de;
ná bronn, ná díol, ná smaoin ar a thabhairt uaitse,
is cuir chugham é arís gan mhoill, a Bharraigh uasail.


L. 181


VII.
U 0401
Fallsacht mná go bráth ná claoidheadh do chiall;
is fann a ngrádh 's is fánach síleach iad;
dream atá ó thárla an díle riamh,
's gur cam an áit 'nar thárla croidhe 'na gcliabh.




Aodhgán Ó Raithille ar mhnáibh mínáireacha.



VIII.
Uilliog Ó Céirín leis an Athair Diarmuid Ó Laoghaire:
U 0456

A phlannda nach crannda de sheanstoc Uí Laoghaire
d'réir dheallraimh tug annsacht tré cheannsacht don Naomhspriod,
dámadh cheann tu ar an dteampoll níor chall duit gan éisteacht
dá meallfainnse an gallda 's ná dallfainn an gaedhlach.
Cé is deimhin gur ghlacas a leabhair 's a bhfees
cuirim ar m'anam nach ar mhaithe leó bhíos,
acht dá dtigeadh lem acmhaing an aicme chur síos,
go dtabhrfainn gach nduine don chuimreasg chraosach
ar úrla do Licifer liosda le léasadh.
Dá bhrígh sin a ghroidhfhir 's a phríomhpholla 'en chléir ghluin,
ná bíse ar mo dhruimse an bíobla dá léighfinn;
is dá n-innseadh na naoimh dham gur dhíth dham a dhéanamh
ar an intinn 'na mbímse don ní sin ní ghéillfinn.
Ni leinibh gan téagar ná éagain ar baois
ach fuirionn i n-éifeacht i n-éirim 's i n-aois,
fearaibh ná géillfeadh do chlaonchleasa Liútair
go gcailleadh an rae agus na réilteanna a lunnramh.



U 0401

Críoch; sgríobhtha chum úsáide an Athar Labhráis
Í Mhathúna an cúigmhadh lá do mhí Jany., A.D. 1838.


L. 182


IX.



Uiliog Ó Céirín, le hEasbog Cille hÁirne:



U 0456

A thighearna easbuig ná damuin me neamhchionntach
is na hiarr me leagadh is me cheana go hanmhúinneach
gur chian me (ag) seasamh i n-easnamh go neamh-chongantach
stiall gur bhaineas le cleasaibh do Shagsúnaigh.



Iarmhais amharcaim aca go hanfhlúirseach,
's a bhféadfainn bhainfinn don aicme le hanchúinseacht;
'na dhiaidh san leanfainn an Bhanartla ghlan ionnraic
's an chliar do sheasaimh ar charraig na canúinge.



Dom thighearna geallaim nár ghabhus le clann Liútair
is riamh nár ghlacus aon taitniomh don chlamhchomplacht;
má iarraid casadh bhaint asam bead dearmhadach
'na dhiaidh san braithfidh an aicme mo neamhdhúthracht.



A thighearna ort aitchim ó dhearcuir me leanúnach
do chliair chirt Pheadair, is gan aigne ar athrú agam,
ná féachsa feasda ar a mbainfeadsa d'allmhúraigh,
is Dia dod sheasamh faoi ghradam abhfad dúinne.



X.
U 0401
Tuigthear ar thoradh na gcraobh
uaisle na bpréamh óna bhfásaid,
gach géag mar an ngéag ó dtig
go dtéigheann leis an dtréad ó dtáinig



Mo thiubaist is fann mo cheann is mo ghnaoi níl breágh;
d'imthigh mo mheabhair 's is canntlach bhím gach lá,
an tráth chluinim gach am mar ghreann le maoidheamh ag cách
gur meirgeach mall mo pheann is gníomh mo láimhe.


L. 183



Ceist ó Dhúlainn; Inspector of the Kildare St.
Society:



Ba.a is duine ba.a gan K.L me
n
K m ar tháipleis beart
m
is fada is n
muir tír dam
ag lorg céile agus searc.



Réiteach na ceiste annso síos:




Is duine idir dhá bhaile gan chéile me,
cé imrim féin ar tháiplis beart;
is fada ar muir is ar tír dam féin
ag lorg céile agus searc.



XI.

Petition Thomáis Pruinnibhíol le Uiliog Ó Céirín
annso mar leanas:



U 0456

Ag seo petition ó tháim gan commission
do chuirim le submission i bhfriotalaibh Gaedhilge,
i bhfábhar píopaire, (i) láthair díse
do fhlaithibh nach cinnte don eaglais naomhtha:
Diarmuid deaghrúin diadha deaghchlúmhail,
triath gan mhearú do mhaithibh Uí Laoghaire,
agus Séamus searcamhail séimh Mac Gearailt,
gléghas greannmhar taca na cléire.



A uaisle eagailse mhuardha mheanmnaigh
ghruadhghlain gheanamhail gheanmnaigh dhéarcaigh,
fuasglaidh freagraidh guais an anbhfannaigh,
truagh don anacra, 's an t-acmhuingeach traochaidh;
troididh an treón, is leigidh don dreóil,
is deinidhse treóir don aicme bhíos tréith lag,
Oilirthigh fós gan seilbh gan sógh
ná feictar an sórd san masluighthe 'nbhur ndéidhse.


L. 184


Sin chughaibh dall bocht uireasbach amhgrach,
gonta le ganntur, snuidhmithe i ngéibhinn,
glacaidh go ceannsa é, is duine atá i dteannta é,
is mór an feall mar cuireadh mísgéal air;
aon lá riamh níor bhris sé riaghail
dár cheap an chliar, cé cuireadh leó bréag air;
Tá sé riaghlta i réim cheart diadha
ó tháinig ciall dó, 's is beannuighthe a bhréithre.



Damhsa is follus go bhfuil maithibh an phobuil,
dá mhéid a moguil, i bhfogus i ngaol do;
ní hiongnadh dochma air 's is mór a dhochur
gan bheith 'na bhfochair má chaitheann a dtréigean;
tugaidh cead ceóil do spreagadh gach nóin dó
go dtagaidh an foghmhar ní iarraim tuilleadh dhó;
sin déirc thar meadhón, ní sgréach mo sgeól,
do-chír féin dreóil é is tá sé uireasbach,
dealbh is dall, is go mór i gcall,
a bhean bheag trom is gárlach eile aige;
níl cúrsaí cainnte air, sin ceathrar caillte
mara bhfaghaidh cead seinnthe nó cabhair cothuighthe.



Rachadsa dhíbh go greamuighthe i gcuing
na cluinfear 'na thimcheall buairt ná imreas,
óir fairfead an bhuidhean, is caithfid bheith síodhach,
is sgaipe nuair ringcid luach a bpinginne;
ní leómhfaidh cailín óg ná dailthín
do bheith cois fallaíbh ann ag siosmharnaigh,
Amharc le mailís, cleasa ná calaois,
aontsórd fastaím, póg ná pusarnaigh.



XII.
U 0455
Ag seo Notice, Summons is Fógra
ar feadh na tíre
chum gach frangcach dá bhfuil ar an gceanntar
teacht go dtí me,


L. 185


go gceapa mé stáitse is ionad dóibh láithreach
i gcóir an gheimhridh
cupla stáca atá thall i gCill Chártha
go seasgair deas díonmhar,
ag Seán mac Diarmada, duine ró-dhiadha
agus togha agus rogha tigheasaigh;
tá (ag) tabhairt a lántoil le cumann is grádh dhóibh
teacht go dtí é.
Gheóbhaid siad gránach i gcoirce reamhar áluinn,
is má ghlacann íota iad
beidh an déirighe láimh leó, tugaidís stáir ann,
déanfar slighe dhóibh;
tá bainne maith beárrtha ann, 's a mhalairt má's áil leó,
is blaisidh an t-im leis;
beidh bucanna bána agus apples gan cháim ann,
's is maith an lón geimhri' iad.
Giolcaidh bhur gcránta, deinidh go sármhaith,
agus rithidh chun síolraigh
ó b'annamh róibh fáilte tagaidh gan spás ann,
beidh cara mhná tighe agaibh;
ní bheidh trapanna dá soláthar ná cataibh d'bhur gcrádh aici,
ná ar tinneall aon díg leac;
ná fanaidhse ach ráithe ann, is fada breágh an cáirde,
is gheóbhad ionad arís díbh.



U 0401

Críoch leis an leabhar-eóin sin, mur do ceapadh
le Donnchadh Ó Céirín chum na bhfranncach do dhíbirt
agus do choimeád as dhá stáca coirce Sheáin Mac Diar-
mada; chum úsáide an Athar Labhráis Í Mhathúna.



Mar bhuille sguir cuirim annso Ceapadh Dánta mar
do fuaireas féin é ó Shéamus Ó Ríordáin (R.I.P.) ar an
Mhaoilín i gCarraig na bhFear, Co. Chorcaighe:



B 1932 19>
<G M Co>
U 2001
B
Mo chéad slán leat a cheapadh dánta
Ó anocht go bráth go dtréigfead,


L. 186


Mar is minic d'fhágais i dtigh an tábhairne
im amadán gan chéill me;
bhínn la'r n-a bháireach go brúite tnáitte
's gan neart agam náid do dhéanamh;
"M'osnaí gátair, 's nár neartaighe an t-ádh leat,"
murb é sin rádh mo chéile.



Is mór dob fhearr léi tuartha dánta
a bheith dá rádh 's dá léigheadh dhi,
'ná bheith ionáirithe a cruach 's a stáca
's a cuigean ghnáith do dhéanamh.
"Is mór dob fhearr liom mo chruach 's mo stáca
's mo chuigean ghnáith á déanamh,
Agus bheith ionáirithe me chur ó ghátar
'ná a bhfuil do dhánta id phlaosgsa."



"Is geárr an tslighe uait 'bhfuil an stáidbhean chaoin deas
thug searc a croidhe 's a cléibh dham,
's gur sásta shuidhfeadh tigh 'n tábhairne taoibh liom
's gur túisge ag díol ná ag glaodhach í."
"Má tá Dia baodhach díot ní raghad chun strae leat
mar ní thabhrfá réal ná a luach dam
Agus gur mé féinig do cheannuigh an béabhar
do baineadh indé dhod chluasaibh."



"Badh gheal an lá liom 's é bheith ag cáitheadh
sneachta i mbárr na gcraobh ghlas,
tú theacht láithreach 's a thabhairt féd láimh dham
ná tiocfá go bráth am éileamh."
"Mhuise 'á dtagadh an naoidhin seo tá óg i gcríonnacht
i neart i ngaois 's i gcéill chugham,
do phas do sgríobhfainn, 's go gcaithfá stríocadh,
is go bráth ní shínfinn taobh leat."



"Má'sé sin t'intinn dein gan mhoill é
faid a bheadsa óg nó éasgaidh,
agus anois arís shara dtéighinn san aois
go dtuillinn luach na dighe 's an éadaigh."
"Isé is mó chráidh is do mhill thar bárr me
bualadh an chláir is glaodhach puins,
ís ná bac aon rásta, acht fan mar athánn tú,
agus beam gach lá mar fhéadfam."


L. 187


"Déan do chomhairle tar 'éis gurab eól dam
cailín óg agus spré aici
lem ais an bóthar ag dul go hEóchaill
a bhuail an bórd 's a ghlaeidh puins."
"Ní bheadh cúram seóid orum dar ndóigh
ná duas gach nóin ar mo ghéagaibh,
t'réis gur leór liom fuireach let shórtsa
ag ceannach lóin gach lae dhuit."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services