Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cnoc na nGabha III

Title
Cnoc na nGabha III
Author(s)
Kickham, Charles J.,
Pen Name
Matal, An / Cois Fhairrge (Aistr.)
Translator
Breathnach, Micheál 1881-1908
Compiler/Editor
Mac Énrí, S.P.
Composition Date
1924
Publisher
Ó Dubhthaigh, S agus a chuideachtain (Teoranta)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FUIREANN AN SGÉIL.



Muiris Ó Ceithearnaigh, Baile na Claise, feilméara
láidir.



Aodh Ó Ceithearnaigh, a mhac ba shine.



Risteard Ó Ceithearnaigh, mac eile: ádhbhar Dochtúir.



Máire Ní Cheithearnaigh, a inghean ba shine.



Anna Ní Cheithearnaigh, inghean eile.



Brian Ó Bruadhair, "Cosa Fada," a bhuachaill aim-
sire; bundún cruthanta.



An Ridire Gearat de Buitléir, tighearna talmhan an
Cheithearnaigh.



An Ridire Tomás de Buitléir, a dhearbhráthair; fuair
sé bás.



Sean-Isaac Pender, a fear ionaid.



Beresford Pender, mac Isaac; tíoránach agus
bitheamhnach.



Diarmuid Ruadh, báille.



Uáitéar Ó Corcoráin, báille eile.



Hannraoi Ó Luaithe, mac deirbhshíre an Ridire; ar
cuairt ag an gCeithearnach; tá sé i ngrádh le
Máire Ní Cheithearnaigh.



Roibeard Laoide, tighearna talmhan maith.



Sibéal Laoide, a deirbhshiúr.



Nóra Laoide, deirbhshiúr eile.



Art Ó Conchubhair, ádhbhar sagairt.



An tAthair Ó Cearbhaill, sagart paráiste Átha na
Saighleán.



Baintreabhach Mhic Aodha, bean chúraim tighe an
tsagairt.



An tAthair Mac Mathghamhna, sagart paráiste Chill
Tobair.



An tAthair Ó hAnnagáin, séiplíneach.



An tAthair Ó Neill, séiplíneach.



Mac Uí Ainnlighe, fear dlighe.



Learaidhe Ó hAinnlighe, a mhac.



Rós Ní Ainnlighe, a inghean.



Caitlín Ní Ainnlighe, inghean eile.



Sean-tSomerfield, droch-thighearna talmhan.



Sam Somerfield, a mhac.



Caiptín Fruínseach, caiptín airm.


L. x


Maitiú Ó Donnabháin, "An Buailteoir"; fear
breágh, sgafánta, sgolbánta; tá sé i ngrádh le
Eilís Ní Mhuirghéis.



Eibhlín Ní Dhonnabháin, a dheirbhshiúr.



Pilib Ó Laochdha, táilliúr; meisgeoir agus glagaire.



Nóra Ní Laochdha, a inghean; cláiríneach bocht.



Tomáisín Ó Laochdha, a mhac óg; dúil mhór i strapa-
dóireacht aige.



An Dr. Ó Cadhlaigh, liaigh i gCluain Meala.



Éamonn Ó Cadhlaigh, a mhac.



Gráinne Ní Chadhlaigh, a inghean óg; cara do Mháire
Ní Cheithearnaigh.



Liam Ó hEithfearnáin, feilméara bocht agus fear
ceoil; tá sé i ngrádh le Nóra Ní Laochdha.



Máire Ní Dhiolamhnaigh, cailín a thaithnigh le Éamonn
Ó Cadhlaigh ar dtús.



Pilib Ó Muirghéis, sean-tseadaire a bhí "amuigh"
i mBliadhain na bhFranncach.



Eilís Ní Mhuirghéis, inghean a mhic; bhí saighdiúr sa
tóir uirthi agus an Buailteoir i ngrádh léithi.



Peig Ní Bhrádaigh, duine geolmhar léiti; biadánaidhe.



Éamonn Ó Broithe, feilméara; bhí sé féin agus Neans
Ní Ógáin i ngrádh le chéile acht do phós sé bean
eile mar gheall ar a spré.



Tomás Ó hÓgáin, feilméara; fear gan spioraid a
bhí spleadhach leis na tighearnaí talmhan.



Neans Ní Ógáin; a inghean; do chlis Éamonn Ó
Broithe uirthi.



Séamus Ó hÓgáin, a mhac; d'imthigh leis i n-arm
Shasana.



Tomás Mac Códa; i ngrádh le Siubhán Ní Lochlainn.



Siubhán Ní Lochlainn; i ngrádh le Tomás Mac Códa
acht bhí a háthair ghá thabhairt uirthi fear eile do
phósadh.



Láthair an sgéil:- sráid-bhaile darbh' ainm Cnoc na
nGabha i gConndae Thiobruid Árann.



Am an sgéil:- roimh an ngorta.


L. 381


CNOC NA nGABHA



(Cuid a Trí.)



CAIBIDIL L.



DEARCADH SIAR.



Anois, a léightheoir na gcarad, caithfir ár leith-
sgéal a ghabhail go fóill. Tá orainn leath-bhord a
thabhairt as an tslighe san gCaibidil seo. Caithfimid
a iarraidh ort a theacht linn, le do thoil, go gcuirimid
neithe os do chomhair a thárla bliadhain nó dhó sul dár
thosuigh ár sgéal — sul dá dtug Hannraoi ó Luaithe
cuairt ar Bhaile na Claise. B'fheárr linn go dtiocfadh
leat-sa agus linn féin breathnughadh romhainn, agus
leanacht d'ár dtráchtas go deireadh thiar. Acht is mian
linn ár sgéal a bheith gan easbaidh san aithris, gan
dearmad san gcur síos. "Ní'l maith i sgéal ar
bith gan ughdar" mar deir an sean-fhocal agus, ar
an ádhbhar sin, bhéarfamuid ughdar dhuit le neithe
tábhachtacha a thárla 'n-ár sgéal — neithe nár thuigis, is
dócha, tráth ar luadhadh iad roimhe seo. Béidh de shásamh
intinne againn nár cheileamar aon nidh, nár choinn-
igheamar aon rún ba chóir a innsint duit, gur
chruthuigheamar nár dhubharamar acht an fhírinne ghlan
ó thús go deireadh de réir mar chonnaiceamar agus mar
thugamar fá deara. Mar sin de, téidhmis ar ais gan
níos mó a rádh, i n-ainm Dé agus i n-ainm an réidhtigh!



Bhí óig-fhear ag spaisteoireacht leis féin i n-áit
áithrid i gConndae Thiobruid Árann tráthnóna aoibhinn
le dul faoi na gréine. Óig-fhear deas slachtmhar deagh-
cheann-aghaidheach a b'eadh é cé go raibh a éadan agus a
leaca claoidhte bán-ghnéathach caithte. Bhí sé gléasta
mar bheadh sagart óg ann fá n'éadach mín dubh agus a
bhóna geal. B'fhuras a thabhairt fá deara gur mac
léighinn agus ádhbhar sagairt a bhí ann. Bhí sé ag siubhal
anonn agus anall i ngar do thigh breágh ceann-tuighe,
fá n-a thrí cinn d'fhuinneogaibh móra agus dhá phlána dhéag


L. 382


in gach fuinneoig. Bhí péire de na fuinneogaibh ar
thaobh de'n doras mór, agus an t-aon fhuinneog ar an
taobh eile. Ba chosamhail, d'á réir sin, go raibh seomra
mór ar thaobh de'n tigh agus seomra ba lugha ná é ar
an taobh eile. Bhí dath uaithne ó bhun go bárr ar an
doras mór. B'é seo an teach 'n-a raibh an mac léighinn
ag caitheamh a laetheannta saoire fá láthair.



Dhearc sé 'n-a thimcheall. Bhí caisleán an Fhruínnsigh
le feiceál aige uaidh agus bhí triúr ban óg 'n-a suidhe cois
fuinneoige beagnach i mbárr an tighe mhóir. B'iad
seo clann inghean an oifigigh airm. Ba le n-a n-athair
an t-árus breágh sin agus na páirceanna áilne thart
timcheall air. Agus ní gábhadh a rádh go mba leis
an garrdha mór agus an t-ubhall-ghort a bhí i n-aice an
tighe freisin.



Bhí na hóg-mhná go follasach os a chomhair — agus
b'áluinn sgiamhach, agus b'aoibhinn péarlach na cailíní
óga iad. Chonnaic sé iad ag breith ar chiandracán ó
dhuine go duine agus ag breathnughadh uatha ar an
áit a raibh sé. Bhí a fhios aige go rabhadar ag baint lán
na súl as agus dhearg sé chomh dearg leis an bhfuil.
Buachaill óg an-chúthal a b'eadh é. Ní raibh mórán
eolais aige ar an saoghal, ná mórán cleachta ar
chomhluadar, mar chaith sé beagnach a raibh caithte d'á
shaoghal i n-éadan a leabhar ag fóghluim agus ag déanamh
staidéir. Súil ní rabhadar ag tóigeál de. Bhí sé ag
brath ar imtheacht as a n-amharc agus a dhul ar chúl na
sgeach acht, ar mhactnamh an darna huair dhó, thug a
aghaidh ar an tigh agus isteach leis.



Bhí an tAthair ó Cearbhaill sínte siar ar an sínteán
roimhe, agus é tuirseach thar éis aistir fhada a chur dhe ar
mhuin chapaill ó'n taobh a b'fhuide as láthair de'n phar-
áiste.



"Seadh, a Airt," ar sé leis an mac léighinn
"Bhfuil Éamonn ar an talamh fós?"



"Ní'l agus ba cheart dó bheith annseo a bhfad ó
shoin."


L. 383


"Agus 'tuige ar chuiris críoch le do chuid spais-
teóireachta mar sin?



"Na mná óga údan 'sa gCaisleán a bhí ag cur na
súl thríom!"



Leig an sagart a shean-sgairt gháire.



"Is tú an fear céadna i gcomhnuidhe!" ar seisean
Le Art.



"Meas tú," ars' an mac léighinn thar éis tamaill,
"ar cheart dom a dhul ar ais do'n Choláiste go ceann
bliadhna eile?"



"Badh cheart go cinnte," ars' an tAthair Ó Cear-
bhaill. "Cé nach bhfuil aon luighe ag do chroidhe
le bheith id' shagart fá láthair, b'fhéidir go dtiocfadh
athrughadh intinne dhuit go luath. Iarr cabhair agus congnamh
ar Dhia agus guidh É dod' chur ar do leas agus má tá sé
i ndán duit a bheith id' shagart, b'fhéidir le congnamh Dé
é. Nuair a bhí mise chomh hóg 's táir-se anois is iomdha
oidhche imnidheach a chaitheas ag smaoineadh ar na neithibh
céadna acht chuidigh Dia liom de réir a chéile agus threo-
ruigh Sé mé, míle buidheachas Leis Féin!!"



"Acht ní raibh aon luighe cheart agam-sa leis ó
thús," arsa Art. "Ní'l — agus ní raibh — an fonn ceart
orm a bheith in mo shagart. Tá sé i n-aghaidh mo
nádúir — pé'r bith cé'n fáth é. Acht ní'l aon lá ó
bhíos im' ghasúr nach bhfuil mo mháthair ag síor-ghuidhe
agus ag a iarraidh ar Dhia deagh-shagart a dhéanamh dhíom,
agus cé'n chaoi a bhféadfainn a dhul i n-aghaidh a tola
anois ar deireadh thar éis a bhfuil caillte aici liom?
Gach ar fhág m'athair le haghaidh m'oideachais, tá sé
bunáite caithte agus, ó chailleamar a raibh san mbanc
mí-ádhsach údan againn, creidim nach mórán le cois na
sláinte atá ag mo mháthair bhoicht. Agus thar éis
ar caitheadh liom 'riamh tá mé anois agus gan 'fhios agam
céard a dhéanfas mé. Tá faitchíos m'anma orm fá
n-a innseacht di nach bhfuil aon fhonn orm a bheith im
shagart. Agus cé'n chaoi a bhféadfainn a dhul ar ais
le leanacht do staidéar nach bhfuil aon luighe agam
leis?"


L. 384


"Dubhras-sa leat cheana cabhair a iarraidh ar Dhia,"
ars' an tAthair Ó Cearbhaill. "Is fearr dhuit a dhul
ar aghaidh i n-ainm Dé má's féidir leat é ar chor ar
bith."



"Ní chreidim gur féidir," arsa Art. "Ní'l
'fhios agam sa domhan mór céard is feárr dhom a
dhéanamh mara dtéighead ar ais. Tá 'fhios agam, mar
dubhras leat cheana, nach mbeadh aon luighe agam le
bheith im' shagart anois. Ní bheadh aon fhonn orm
bualadh fá'n staidéar ar dtús marach gur cheapas,
dá mbéinn im' shagart aon uair amháin, go mbeadh
saoghal duine uasail agam agus gan mórán le déanamh.
Go maithidh Dia dhom é!"



"Agus b'fhéidir gur ab iomdha sagart maith a
smaoinigh amhlaidh lá dh'á shaoghal, ars an tAthair
Ó Cearbhaill. "Creidim go bhfeicfead id' shagart
fós thú, a mhic ó."



"Ó, seo é Éamonn ar fágháil sa deireadh!" arsa
Art ag éirghe de léim agus ag rith amach ar an tsráid.



D'ísligh Éamonn Ó Cadhlaigh .i. dearbhráthair
Ghráinne, as a charbad ag an doras, agus fearadh fíor-
chaoin fáilte roimhe. Bhí sé féin agus Art agus an sagart
an-mhór le chéile. Chaitheadar a gcuid laetheannta
saoire i dteannta a chéile an samhradh roimhe
sin agus bhí an-ghreann aca. Bhíodar le dhul i gcuideacht
a chéile anois aríst go ceann coicíse, acht ní raibh
socruighthe aca fós cá rachaidís. Fear óg croidheamhail
aerach, lán de spioraid agus de mhisneach a beadh Éamonn.
Bhí sé chomh folláin leis an mbreac agus chomh lúthmhar
leis an ngirr-fhiadh. Níor mhair a chuid feirge le
aon duine riamh thar chúig mhóiméad. Bhí sé lán de
mheidhir, d'fhuinneamh, de neart agus de shólás intinne
na hóige. Níorbh' ionann intinn ná béasa dhó
féin agus d'Art agus ní raibh sé chomh smaointeach
rúnmhar le Aod Ó Ceithearnaigh. Bhíodh seisean
barramhail geal-gháireach i gcomhnuidhe — níorbh' ionann


L. 385


agus iad-san. Agus, 'n-a dhiaidh sin, ní raibh aon bheirt
óig-fhear beo a mb'fheárr leis a gcomhluadar ná iad.
Bhí faoi n-a athair dligheadóir a dhéanamh dhe i dtús
aimsire. B'fheárr leis an tslighe bheathadh sin dó go
mór ná é bheith 'n-a dhochtúr mar nár thaithnigh a bheith 'n-a
liaigh leis an athair féin le fada 'n lá. Acht ní raibh
an mac sásta tosughadh ag fóghluim an dlighe. B'fheárr
leis saoghal breágh sláinteamhail a bheith aige ag
talmhaidheacht amuigh fá aer glé fionn-fhuar na tuaithe;
sin nó turas a thabhairt timcheall an domhain agus
an saoghal mór a fheiceál. Ba mhinic ghá rádh leis féin
é nach mbeadh aon nidh ann a b'fheárr leis ná bheith ag
fiadhach agus ag seilg i gcoilltibh móra uaigneacha nó
ar mhághaibh leathana míne i gcéin. B'aoibhinn sólásach
a shaoghal, dar leis, dá mbeadh sé ar a chómhairle féin
agus gan ar a aire acht a bheith i ndiaidh na mbeithidheach
éigcéill na mílte míle ó Éirinn. Bhí fios a intinne
go maith ag a athair fá láthair, agus bhí faitchíos air go
nglanfadh leis le aerighil an tsaoghail. Mar sin de,
le n-a choinneál sa mbaile, gheall sé go gceannóchadh
sé feilm mhór thalmhan dó chomh luath 's b'fhéidir é.
Shásuigh sin Éamonn. Ní raibh an talamh ceannuighthe
fós agus, mar sin de, ní raibh nidh sa saoghal ag
déanamh imnidhe dhó fá láthair.



"Is breágh an sean-teach é seo agat," ar seisean
leis an Athair Ó Cearbhaill. "Sin é an sórt tighe
is mó a thaithneochadh liom, teach a chonnaic cuid de'n
tsean-tsaoghal agus a d'fhéadfadh a lán sean-
sgéalta a innseacht. Ní'l aon aimhreas nach iomdha
cúpla aerach a bhuail isteach an doras sin lá dh'á
saoghal ag a iarraidh ar an Athair Ó Cléirigh an tsnaidhm
dho-sgaoilte a cheangal go daingean agus go docht."



"Ní'l gach nidh badh mhian liom agam san árus fós,
'ar ndóigh," ars' an sagart. "Acht" i ndiaidh a chéile
a ghníthear na caisleáin' agus tiocfaidh liom slacht a chur
air i leabaidh a chéile. Dh'á shuaraighe é is feárr liom
annseo ar mo chomhairle fhéin ná dhul ar ais in mo


L. 386


shéiplíneach aríst. Ba mhór an t-amadán mé nár
leag tharm beagáinín airgid nuair a b'fhéidir liom
é. Acht níor chuimhnigheas air agus tá fhios agam
anois go fírinneach "nach hé lá na gaoithe lá na sgolb."
Ba leis an Athair Ó Cléirigh gach a bhfeiceann tú de
throsgán sa seomra seo. Cheannuigheas ag an
gcanndáil é go léir agus cé nach bhfuil sé ró-ghalánta ní
thig liom a rádh go bhfuilim saor ó na fiacha d'á bhárr ar
an móiméad seo. Acht béidh mé tíoghmhasach feasta,
a Éamuinn — béad sin!



"Agus creidim gur sa seomra seo a pósadh
dearbhráthair an Ridire Tomás De Buirléir? arsa
Éamonn. "A' bhfacais a bhean 'riamh?"



"Ní fhacas," ars' an sagart, "acht creidim gur
minic a chonnaic tusa í, a Airt. Ba chol-ceathar dhuit
í, 'ar ndóigh."



"Ba chol-ceathar dhó í 'muis, agus ní'l aon bhréag
annsin," arsa bean chúraim an tighe agus í ag sgaradh
an éadaigh chláir ar an mbord. "Shílfeá go mbris-
feadh sé a chroidhe ag gul i ndiaidh Anna Ní Chléirigh
bhocht mar ba mhór a chion uirthi i gcómhnuidhe. "Ó,
a Oncail," adeireadh sé leis an sagart, "tuige ar
leigis leis an sean-fhear sin í?" Agus, 'ar ndóigh,
ní raibh Gearat de Buitléir 'n-a shean-fhear, ná i ngar
dhó má bhí sé beagán crom-shlinneánach fhéin. Shíleamar
go léir nach raibh ann acht fear déanta pictiúr ar
dtús. Bhíodh sé go síorruidhe ag dathughadh agus ag
tarraingt pictiúr 'chuile ruda ba túisge aige, — na
cnuic 's na gleannta, na croinnte 's na bláthanna —
'ch uile rud ba dheise d'á bhfeiceadh sé. Agus
b'áluinn go léir uaidh a ndéanamh — mar deir gach
duine dh'ár leag súil 'riamh ar ar fhág sé 'n-a dhiaidh."



"Agus cé mar d'éirigh leis aithne a chur ar Anna
Ní Chléirigh?" arsa Éamonn.



"'Ar ndóigh, tá 'fhios agat gur ar Mhór-Thír na
hEórpa a chaitheadh sé an chuid ba mhó de'n aimsir ag
fóghluim dathadóireachta agus ceoil. Creidim fhéin


L. 387


gur thall sa bhFrainnc ba ghnáthach leis a bheith acht ní
chuimhnighim anois ar ainmneacha na dtíortha coimhthigh-
each eile 'n-a mbíodh sé. Bhí sé ag teacht a bhaile aon
bhliadhain amháin agus buaileadh an long ar charraig mhóir
ar chóstaí Phuirt Láirge. Báthadh go leor d'á raibh
innti agus ní raibh ann acht go dtáinig Gearat slán ar
righin ar éigin. Is beag bídeach nár báthadh é. Bhí
an tAthair Ó Cléirigh agus Anna, inghean a dhearbhráthar,
ag caitheamh a laetheannta saoire san Tráigh Mhóir an
t-am céadna. Thárla gur sa tigh 'n-a rabhadar ag
cur fúthab a tugadh eisean thar éis a theacht slán dó. Bhí
sé go han-dona tinn ar feadh a bhfad, agus ba hí
Anna Ní Chléirigh a thug aire dhó go bhfuair sé biseach.
Dheamhan marar thuit an cailín bocht i ngrádh leis
ar deireadh thiar agus gan 'fhios aici an raibh ann acht duine
bocht gan mhaoin ná eile. Go deimhin deirtí gur i
ngeall ar na pictiúir agus ar an gceol a thug sí taith-
neamh dhó."



"Agus ní raibh aon tuairm aici go mba dhearbhráthair
do'n Ridire Tomás é?" arsa Éamonn.



"Go deimhin ní raibh. D'innis Gearat do'n tsagart
go mba hé a bhí ann sa deireadh acht ní fhuair sise aon
fhios air nó go rabhadar pósta. Nuair a chonnaic
an t-oncail chomh mór 's bhí sí 'n-a dhiaidh bhí sé lán-
tsásta a bpósadh agus is eo é an seomra céadna 'n-ar
pósadh iad."



"Agus cé mar chaitheadh sé an saoghal sul dá
ndeachaidh sé ar ais do'n Fhrainnc thar a éis sin?"



"Ag ceoltóireacht agus ag déanamh pictiúr ins
na tighthibh móra," arsa Baintreabhach Uí Aodha. "Ní
raibh 'fhios ag aon duine ar dtús gurbh é fhéin a bhí
ann. Dhathuigh sé trí cinn de phictiúir sa gCais-
leán, agus is mór an áilneacht iad. Ba bheag
an ceapadh a bhí ag an Oifigeach gur duine gaolmhar
dhó féin a tharraing pictiúir a thrír inghean. Ní raibh
ionntab acht páistí an uair sin, acht tá siad 'n-a mnáibh
breágha áilne anois, 'ar ndóigh."


L. 388


"Ar fhan sé a bhfad sa tír thar a éis sin?" arsa
Éamonn.



"Níor fhan. Chuaidh a mhuinntir go léir i n'aghaidh
i ngeall ar an bpósadh, agus bhí an-ghráin ag a dhear-
bhráthair Tomás air. Ní raibh aon mheas acab ar an
mnaoi ná air fhéin agus ghoill sin go mór uirthi-se, an
bhean bhocht, agus níor bh'fhada gur chaill sí a sláinte.
Chuadar do'n Eadáil, ag súil go bhfuigheadh sí biseach
fá athrughadh aeir acht níor mhair sí acht dhá bhliadhain.
Chualaidh mé nach raibh pighinn ná leith-phighinn acab
acht de réir mar shaothruigheadh sé féin ag ceoltóireacht
agus ag dathughadh. An litir dheiridh a sgríobh
an bhean bhocht a bhaile annseo chuig an Athair Éamonn,
bhainfeadh sí na deora as na clocha glasa. Bhí a croidhe
briste le cumha i ndiaidh na hÉireann agus le truaigh dh'á
fear — gan trácht ar an gcailín beag d'inghin a bhí sí a
fhágáil 'n-a diaidh go deo na ndeor mar dubhairt sí
fhéin! Agus ba mhór a cumha i ndiaidh an tsagairt freis-
in, — agus níorbh' iongnadh é mar ba mhór a chion uirthi
'ch uile lá riamh agus ba mhaith a chruthuigh sé dhi ó'n gcéad lá
ar fágadh 'n-a dílleachta beag fá n-a chúram í. Níor
facthas aon amharc ar Ghearat de Buitléir i dTiobrud
Árann ó shoin, acht is dócha gur ab aige bhéas an dúthaigh
thar éis bháis an Ridire Tomás. Chualas nach bhfuil aon
tsúil go mairfidh sé i bhfad."



"Ní'l aon bhaoghal nach mbéidh an dúthaigh — agus an
tiodal freisin — ag Gearat thar éis bháis a dhear-
bhráthar," ars' an tAthair Ó Cearbhaill. "Tá súil
agam go n-éireochaidh sin le n-ár gcáirde i mBaile na
Claise. Ní shílim go bhfuil mórán grádh' aca do'n
tighearna atá os cionn na talmhan fá láthair."



"Níor chualas Muiris Ó Ceithearnaigh ag fágháil aon
locht' air," arsa Éamonn. "Creidim go bhfuil sé
sásta go leor leis."



"Acht tá léas aige-sean," ars' an sagart. "Ní
hionann agus go leor tonóntaí bocht eile atá sgriosta
bánuighthe ag an gcaoi a bhfuil an cíos d'á árdughadh


L. 389


orra gach bliadhain. Creidim féin gur ab é sean-
Phender breágh is cionntach, agus nach mbeadh an
Ridire leath chomh dona marach é. Deirtar gur fear
lághach deagh-chroidhtheach cneasta é Gearat, agus tá súil
ag na tonóntaí go mbéidh deagh-thighearna aca acht a
bhfághaidh seisean an tseilbh. Deirtar freisin go
mbéidh fiacha go leor caithte ar an dúthaigh de bhárr
Thomáis."



"A Airt, a mhic ó, bí san aireachas agus seachain
an inghean ar theacht ar ais do Ghearat," arsa Éamonn,
"má's leat a bheith id' shagart! Má's le n-a máthair
a théidheas sí ní baoghal nach dtaithneochaidh sí leat."



"Ní dócha go gcasfar orm í," arsa Art, "agus
dá gcastaoi féin bheadh áthas orm aithne a chur ar inghin
a máthar."



"Dia go deo leat! Bhí 'fhios agam-sa nach rabhais
chomh cúthal 's leigis ort féin," arsa Éamonn. "Ní
baogal nach dtiocfaidh sé ar ais go hÉirinn nuair a
caillfear Tomás."



"Ní chreidim féin go dtiocfaidh," arsa Art.
"Cluinim nach bhfuil aon fhear beo nach gceapfadh
gur Franncach ceart críochnuighthe é anois ar gach
bealach. Is dócha go bhfanfaidh sé sa bhFrainnc i
gcómhnuidhe. Acht cá rachamuid?"



"Do'n Tráigh Mhóir," arsa Éamonn.



Ní raibh Art sásta ar dtús. Dubhairt sé nár
thaithnigh go leor de na daoinibh a bhíos ag caitheamh
a laetheannta saoire cois na fairrge leis "i ngeall
ar a gcuid gaisge agus galántais 's gan fios cé'n fáth,"
ar sé. Acht ní raibh de shásamh le fágháil aige acht
tosughadh ag magadh faoi i ngeall ar a raibh "d'ais-
tigheacht" ag siubhal leis! Socruigheadh a dhul do'n
Tráigh Mhóir. Thaithnigh an áit go mór leis an Athair
Ó Cearbhaill, adubhairt sé, mar is iomdha lá aoibhinn a
chaith sé ann bliadhanta fada ó shoin.



"Cuirfead i n-aithne do'n óg-mhnaoi is deise d'ár
shiubhail talamh ná féar thú," arsa Éamonn le Art.


L. 390


"Agus, i dteannta a bheith áluinn di, lán comhran
d'airgead aici."



"Ní'l mé ag a iarraidh aithne a chur uirthi," arsa
Art. "Ní theastuigheann uaim castáil ar a leithid
beag ná mór."



"Is dócha gur ab í Máire Ní Dhiolamhnaigh atá i
gceist agat, a Éamuinn?" ars' an sagart. "Cailín
deas í go cinnte agus tá 'fhios sin aici freisin, sílim!"



"'Tuige nach mbeadh 'fhios?" arsa Éamonn.
"Acht deirtar liom gur ab an-áluinn an bhean óg í
Máire Ní Cheithearnaigh agus deir Gráinne liom
go gcaithfead a bheith 'sa tóir uirthi. Is deise í go
mór fada ná Máire Ní Dhiolamhnaigh "na gcraobh-
fholt," adeir sí. Shíleas i gcómhnuidhe go ndéanfadh
a deirbhshiúr Anna bean ba dheise ná í acht deir
Gráinne go rabhas ag dul amudha — nach bhféadfaidhe
bean is deise ná Máire a fhágháil i gCrích Banban."



"Is fadó nach dtugas aon chuairt orra," ars' an
tAthair Ó Cearbhaill, "agus tá faitchíos m'anma orm
an mháthair a thaobhughadh anois ag a fhad ó nach ndeachas
isteach chuca. Chualas go raibh sí ag tabhairt fúm
le goirid, agus ghá rádh nach raibh blas de'n tsean-
cháirdeas ná de'n charthanas ionnam. Dubhairt
sí leis an Athair Ó hAnnagáin gur mhór an t-athrughadh
a bhí tagtha ar an saoghal an lá a bhfeicir do ghaol fola
agus feola ag gabháil thar do dhoras gan a fhiafrughadh an
beo nó marbh thú! Ní'l 'fhios agam beirthe ná beo cé'n
chaoi a bhféadfad déanamh mór léithi aríst. Is dócha
go bhfacais Risteard i mBaile Átha Cliath, a Éamuinn?"



"Chonnaiceas. Chaitheamar cúpla tráthnóna sult-
mhar le chéile i dteach a oncail. Is gearr go mbídh
sé 'n-a dhochtúr anois. Mac barramhail é Risteard
gan bhréig. Táim le cuairt a thabhairt ar Bhaile na
Claise go luath le cúpla lá a chaitheamh ag éanlaidheacht
le Aodh. Má thagair tráth mbéad-sa ann, déanfad
síothcháin carad idir thú féin agus bean an tighe, mar
taithnighim léithi go mór, tá 'fhios agat."


L. 391


"Bhfuil aithne agat-sa ar mhuinntir an Cheithearnaigh,
a Airt?" ars' an sagart.



"Ní'l," ar seisean. "Acht chualas trácht orra
go minic."



D'éirigheadar ó bhord an bhídh agus bhuaileadar amach ag
spaisteoireacht.



"'Sbáinfead an áit díbh ar a dtugtar "Bealach an
tSagairt" annseo thíos cois na habhann," ars an
tAthair Ó Cearbhaill. "Is ann a léigheadh an tAthair
Ó Cléirigh bocht urnaighthe an lae gach lá ar feadh dhá
fhichid bliadhain; agus má's fíor do dhaoine áithride is
iomdha oidhche bhreágh ghealaighe a bhfeictar ann é anois
fhéin. Ba ghnáthach le Gearad de Buitléir agus le Anna
Ní Chléirigh siubhal le chéile annseo freisin. Acht de
réir mar chualas ó Thomás Ó Dochtaraigh, mo bhuacaill
aimsire, bíonn daoine le feiceál ag spaisteoireacht
ann anois go minic a b'fhearr as iad — go háithrid
cailín óg ó'n bhFrainnc atá ag tabhairt aire
do na páistí san gCaisleán agus ag múnadh Frainncise
dhóibh le bliadhain nó dhó."



Chodluigheadar go sámh suaimhnrach an oidhche sin,
agus ghluaiseadar go moch ar maidin do'n Tráigh
Mhóir.



CAIBIDIL LI.



COIS NA FAIRRGE. AN TRÁIGH MHÓR.



Cá bhfuil an té i dTiobruid Árann nach gcualaidh
trácht ar an Tráigh Mhóir cois fairrge? Cá bhfuil
an duine ar fud an Chonndae nach gcualaidh cur sios
ar a hiongantas agus ar a mór-áilneacht — ar an bhfairrge
mhóir agus ar "dhromchladh na bóchna atá le
feiceál uaithi amach — ar ghlórthaibh láidre na dtonn
agus ar cheol bog brónach na mara — ar na maodhmannaibh
móra agus ar na fágaibh iongantacha a phléasgas isteach go
buileach gargach i n-aghaidh na gcarraigreach le linn


L. 392


gairbhshín agus anfadha — ar an bhfeamainn a ruaigeas siad
rómpa le lán-fhórsa agus a theilgid i n-aghaidh na dúirlinne
leis an lán-mhara — agus ar an tráigh mhóir bháin-ghil
chomh mín réidh comhthrom le sgáthán? Nó an bhfuil sé
ann an té nár cuireadh síos dó ar áilneacht na mara
gach lá breágh nuair "is aoibhinn a bheith ós bán-mhuir."
Agus ag bádóireacht amach ar aghaidh na Trágha Móire
— nuair nach mbíonn tuinnín d'á laghad ag briseadh
— nuair a bhíos "caiple bána" na mara ar a suaimh-
neas agus gan puth as aer ag corrughadh na n-uisgí
ar aon taobh?



Is beag fear nó bean ar feadh mílte ar gach aon
taobh de Chnoc na nGabha nach bhfacaidh na hiongantais
sin lá dh'á shaoghal. Is beag duine dhíobh nach dtug
cuairt ar an áit, ar a laghad, aon uair amháin. Bíonn
buan-chuimhne aca go lá a mbáis ar na laetheanntaibh
aoibhne sólásacha a chaitheadar cois na fairrge móire.
Bíonn! Agus 'n-a dhiaidh sin, cá bhfuil an Gaedheal
a dhearcas ar mhuir mhóir na dtonn gan brón agus
cumha agus uaigneas a theacht ar a chroidhe? Nach í thug
uainn ár sean-cháirde dílse na mílte míle i gcéin,
agus atá ag fágáil ár dtíre lag lúbach, agus ár
máthaireacha bocht buadhartha cráidhte gach bliadhain.
Nach iomdha duine a dtiocfadh leis a rádh mar adeir
an file: —



"Mo bhrón ar an bhfairrge, is í tá mór
Mar 'sí tá a' dul idir mé 's mo mhíle stór!"



Nó mar adeirtear san "Droighneán Donn": —



"Ní'l coite agam do chuirfinn id' dhiaidh ná bád,
Tá an fhairrge 'n-a tuilte eadrainn 's ní heol
dom snámh!"



Bhí an tAthair Ó Cearbhaill agus Art Ó Conchubhair, a chol-
ceathar, agus Éamonn Ó Cadhlaigh, ag spaisteoireacht
'n-a dtriúr síos chuig an tráigh thar éis a theacht dóibh.
Cé casfaidhe dhóibh ar an mbealach acht an Buailteoir
agus láighe ar a ghualainn aige.



"Ní féidir gur tú féin atá ann?" ars' an tAthair


L. 393


Ó Cearbhaill. "Céard a sheol thú an taobh seo, a
Mhaitiú?"



"An mháighistreás a chuir fios orm, tá coicís
ó shoin ann," arsa Maitiú. "Ní bheadh sí sásta gan
a carbad fhéin agus a capall a bheith aici le dhul ó áit go
háit, agus is mise a tháinig le tiomáint a fhad 's
bhéas siad annseo. Tá Máire agus Anna léithi freisin."



Leis an fhírinne a rádh, b'amhlaidh mar bhí an sgéal.
Chonnaic Bean an Cheithearnaigh go raibh a carbad féin
ag Mnaoi Uí Sheachnasaigh cois fairrge agus ní
thiubhradh sise le n-a rádh d'á "cómharsain béal-
dorais" nach mbeadh a gléas marcaidheachta aici féin
chomh maith léithi. Sin é an fáth ar cuireadh fios ar
Mhaitiú agus ar dubhradh leis a theacht agus an carbad agus an
capall a thabhairt leis.



"Rabhais amuigh ag uachais mhóir na n-alltracha
fós?" arsa Maitiú le Éamonn. "B'fhiú dhuit a
dhul amach agus aon urchar amháin a chaitheamh siar innti.
A leithid de thorann agus de mhac alla ní chualaidh tú
ó lá do bheirthe! B'fheárr liom ná coróin dá bhféad-
ainn aon laisg amháin a bhualadh ar Dhroma Chnoc na
nGabha istigh innti. Sílfidhe go mba é deireadh an
domhain é leis an torann a bainfidhe amach! Chaith
an Dochtúr urchar as gunna ann an lá cheana agus chuir
an fhuaim agus an glór a bhain sé as na halltracha an
ghruaig 'n-a seasamh ar mo cheann!"



"Ó, agus tá Risteard annseo!" arsa Éamonn,
"Is maith liom sin."



"Ní'l anois," arsa Maitiú. "An saoghal ní
choinneochadh é ó chualaidh sé gur imthigh clann inghean
Mhic Ainnlighe!"



"Cá fhaide ó d'imthigheadar?" ars' an tAthair Ó
Cearbhaill.



"A dó nó a trí de laetheannta ó shoin," arsa Maitiú.



"Tháinig a n-athair 'n-a gcoinne go tobann agus thug
leis a bhaile iad. Sin é thuas an teach 'n-a rabhadar ar
lóistín."


L. 394


"Agus sguab leis ar an bpointe 's ar imthigh
Caitlín?" arsa Éamonn ag leigean a shean-sgairt
gáire.



"Mh'anam gur sguab má's i ngeall ar Chaitlín é
nó nach headh," arsa Maitiú.



"Sin é thiar an áit a mbíonn na mná ag snámh agus
ag falcadh," arsa Maitiú. "Tá an balla chomh hárd
's nach féidir linn breathnughadh thairis. 'Sé 'n fáth
a ndeárnadh chomh hárd sin é le nach bhféadfadh na fir
a bheith ag dearcadh ar na mnáibh, tá 'fhios agat."



"Tuigim," arsa Éamonn agus leig a shean-sgairt
aríst.



"Tá an d--l 's a mháthair de mhná, móra galánta
annseo," arsa Maitiú. "Tá daoine anall ó
Lunndain Shasana ann, a mhic ó, agus bhí sé chomh maith dhuit
féachaint leis an gcoileach franncach a thuigsint
le cuid acab! A leithid de chainnt agus de Bhéarla ais-
teach ní chualaidh aon fhear beo cheana riamh!"



"Cá bhfuilir ag dul leis an láighe, a Mhaitiú?"
arsa Éamonn.



"Ag dul a' cur Philib Uí Mhuirghéis," arsa Maitiú.



"Ní féidir gur cailleadh é!" arsa Éamonn.
"Beannacht Dé le n'anam — is iomdha sgéal breágh a
d'innis sé dhom riamh faoi "Bhliadhain na bhFranncac'."



"Mo léan thú!" arsa Maitiú. "Tá baoghal mór
air go deimhin! Tá sean-Philib chomh croidheamhail 's
bhí sé riamh, a mhic ó! Ag dul ghá chur faoi 'n ngaineamh
atáim. Deir sé gur feárr aon leath-uair amháin
faoi'n ngaineamh ná fiche falcadh."



"Agus cá bhfuil sé annseo?" arsa Éamonn.



"Thíos ag déanamh puill 'n-a sínfidh sé. Caithfidh
mise a dhul síos agus a chlúdughadh. Má thagann sibh
feicfidh sibh an áit ar briseadh an long ó'n bhFrainnc
anuraidh. Chualaidh mé gur báthadh long san áit
cheanann chéadna bliadhanta fada ó shoin."



"Bhfuil Eilís, inghean a mhic, i gcuideacht shean-
Philib?" arsa Éamonn.


L. 395


"Tá," arsa Maitiú. "Agus chuirfeadh sí iongnadh
ort ag coinneál chainnte le na mná' galánta ó Shasana.
Is minic a bhíos sí féin agus mise ag bailiughadh ruacan
agus cearc gheal i n-íochtar na trágha agus thíos ar na sruth-
lacha' agus sin é an áit a bhfuil a dtabhairt amach!
Rugas ar thrí cinn d'iasgáin agus ar dhá mhalracháit
mhóra ramhra an lá cheana thíos ins an gclochar nuair a
bhí sé 'n-a dhiaidh-thrágha. Agus meas tú nár éirigh
liom portán mór a fhágháil agus gliomach beag!



"Céard a rinne tú leis an bportán?" arsa Art.



"Rinneas a chuid putóg a chur amach ar an leic,"
arsa Maitiú, "'n áit a rug sé orm le n'ordóig mhóir
agus chrádh go smior mé agus d'fhóbair dho'n ghliomach
breith ar bhruas orm agus mé ghá 'sbánadh d'Eilís!
Ní fhacaidh mé aon fheithidigh riamh is mó a bhfuil ruibh
orrab ná iad le neart droch-mhúnadh! Agus na
cinn bheaga is measa! Is beag nár bhain sgeana-
dóir de phortán glas an ladhaircín de shean-Philib,
adeir sé. Is iongantach dho'n tsaoghal a mbíonn de
ribí róibéis agus de phortáin ins na locháin nuair a
bhíos sé 'n-a thráigh."



"'nDomhnach, má tá siad chomh nimhneach coilgneach 's
deirir, is feárr dhúinne gan aon áird a chur orra acht
a bhfágáil ar a suaimhneas," arsa Éamonn. Acht
cé'n chaoi a bhfuil eolas agat ar a gcuid ainmneacha
go léir, a Mhaitiú?"



"Sean-iasgaire darab ainm Páidín "Baimhléid"
a d'innis dom iad," ar seisean. "Is beag lá le
coicís nach raibh seanchus againn. Is iongantach
dho'n tsaoghal an t-eolas atá aige i dtaoibh na fairrge.
D'innis sé dhom cé mar ghníthear na líonta, agus
dubhairt gur i mogail na n-eangach a coinnightear na
sgadáin i bhfastódh. Deir sé gur minic a beirtear
ar chrosáin agus éanacha aille agus ar chailleacha dubha móra
ionntab freisin. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht
leis, agus é ag cur síos ar na muca mara agus ar na
cluichí stuifíní a bhíos le feiceál amuigh ar an domhain.


L. 396


Is minic a thagas "iasg glas" go háithrid glasóga
beaga agus bulmáin, isteach 'n-a mbáirí móra bunáite go
dúirlinn, adeir sé. Agus dá gcloisteá é ag cur síos
ar an iasg a marbhuightear amuigh ar an muir mhóir,
cadóga, truisg, glasóga, crúdáin, colmóirí, fíogaigh,
ruic, rannaigh, agus go leor cineálta eile nach dtig
liom cuimhneamh orrab! Ó, is fiú dhíbh a dhul 'un cainnte
le Páidín "Baimhléid!" Sin é an fear a bhfuil an
t-eolas aige. Chuir Eilís go leor de na hainmneacha
síos i leabhar ar fhaitchíos go ndéanfadh ceachtar againn
dearmad orrab acht a dtéidhmid ar ais. Nach mór
an truagh gan an fhairrge mhór i n-aice Chnoc na nGabha!"



"Dar an leabhar agus táir fhéin ion-chuir síos le
sean-Pháidín de réir chosamhlachta," arsa Éamonn.
"Agus creidim gur cumasach an t-iasgaire a dhéanfá,
a Mhaitiú, dá mbéitheá cois na fairrge a bhfad. Acht
ní féidir gur ab in í Máire Ní Dhiolamhnaigh ag dul
suas i n-aghaidh na dúirlinne annsin thoir! Caithfead
a bheith san áirdeall go bhfeicead cé'n teach a bhfuil sí
ar lóistín."



"'Sbáinfidh mise dhuit é ar a theacht ar ais dom,"
arsa Maitiú.



"Tá sí tais fá láthair agus tá a srón ró-ghorm, thar
éis a bheith ag snámh dhi, le dhul 'un cainnte léithi!"
arsa Art le Éamonn. "Nach dtiocfaidh leat a feic-
eál tráthnóna?"



"Ara, dheamhan dath dh'á bhfuil ar an tuar ceatha
nach mbéidh orrab tráthnóna" arsa Maitiú. "Maidir
le cultacha geala, agus bláthanna deasa, agus ribíní síoda,
agus hataí galánta, seo é an áit a mbéidh a dtabhairt
amach! Acht, dá mbeadh an oiread eile acab ann, ba
bheag an ghoir a bheadh ag ceactar acab a bheith chomh
haoibhinn áluinn le Máire Ní Cheithearnaigh."



"Agus, 'sé do mheas nach bhfuil aon ghoir ag Máire
Ní Dhiolamhnaigh a bheith 'n-a mnaoi óig chomh háluinn
léithi, a Mhaitiú?" arsa Art.


L. 397


"Ara, dheamhan ceo innti acht bábóg le n-a hais,"
ar seisean.



"A Éamuinn, tá súil agam go gcuirfir i n-aithne
dod' bhábóig mé!" arsa Art.



Níor fhreagair Éamonn agus ní raibh go ró-shásta ar
chor ar bith fá n-a ndeárnadh de gháire fá'n "mbábóig."



Ghluais le Maitiú le Pilib "a chur" mar dubhairt
sé féin agus d'fhanadar-san 'n-a dtriúr ar an tráigh.



Fá árd-tráthnóna tháinig droch-ghothadh ar na spéar-
thaibh go tobann agus b'fhuras a thabhairt fá deara go
raibh tuairt mhór bháistighe air.



"Béimid gan aon spaisteoireacht an tráthnóna seo,
tá faitchíos orm," arsa Éamonn Ó Cadhlaigh ag cur a
chinn amach i bhfuinneoig a sheomra agus ag dearcadh uaidh.



"Ó, a Airt, gabh i leith go bhfeicir an bhruinneall!"
ar sé. "Tá sí agus a ceann amuigh san bhfuinneoig aici
ar an taobh eile de'n tsráid. Caithfidh mé a rádh leis
an Athair Ó Cearbhaill a dhul ar cuairt chuca ar ball, agus
b'fhéidir go dtiubhradh an mháthair cuireadh dhúinn go
léir a theacht agus "tae" a bheith againn léithi féin agus le
"Máirín.""



Acht ní raibh aon áird ag Art Ó Conchubhair ar a chuid
cainnte fá láthair. Bhí sé ag dearcadh amach agus cluas
air ag éisteacht. Chualaidh sé mar bheadh ceol fídeoige
ag imtheacht le gaoith ó'n gceann a b'fhuide uaidh de'n
tsráid. D'éist sé go haireach leis an bhfonn bog
binn a bhí dh'á sheinnm agus gan amharc le fágháil aige ar an
gceoltóir féin.



"A Éamuinn," ar seisean, "a' gcluin tú an
ceol?"



D'éist Éamonn sgathamh gan smid a labhairt.



"Cluinim," ar sé i gceann tamaill, "agus is fonn
Gaedhealach atá dh'á sheinnm freisin. "An "Chúil-
fhionn," an "Chúilfhionn!"" ar seisean agus é ag
bíodhgadh le áthas.



Bhí an ceoltóir le feiceál aca anois ag teacht anoir
an tsráid. Sheasadh sé ar aghaidh gach tighe sgathamh


L. 398


beag geárr agus sheinneadh, acht mo nuar! Ní mórán
áirde a bheirtí air. Crochtaoi fuinneoga, deartaoi
amach, do héistí le tamaillín beag, agus leigtí anuas na
fuinneoga aríst gan pighinn gan leith-phighinn a
thabhairt dó ná amháin "go raibh maith agat" a rádh
leis. Bhí óig-bhean aoibhinn 'n-a chuideacht, cailín óg
a gcaithfeadh aon fhear sunndas a thabhairt di. Ní
raibh sí gléasta go huasal ná go galánta, acht go
simplidhe mar bheadh cailín bocht ann. Acht féach na
soillse atá ar lasadh 'n-a súilibh dubha! Féach chomh
mín sleamhain 's tá a leaca. Féach chomh geal glégeal
's tá a lámha. Dearc air a haghaidh agus a héadan!
"Má tá sí bocht gan stór… Is díol fir ar bith
i nÉirinn í" — mar tá "stór" agus uaisleacht 'n-a
hinntleacht aici de réir gach cómhartha. Agus an
sean-cheoltóir féin. Nach raibh an chosamhlacht "uasal"
chéadna air? Bhí a ghruag fhada chomh geal leis an
sneachta síos go guailnibh leis agus fallaing bheag dhubh
ar a bhrághaid aige.



Sheas sé ar aghaidh fuinneoige an tseomra 'n-a raibh
máthair Mháire Ní Dhiolamhnaigh acht níor héisteadh
leis. Bhí "daoine móra" ag gabháil na sráide 'n-a
gcóiste-dhá-chapall. Seinneadh dhóibh acht níor éistea-
dar. Nuair nár éist siad-san leis — clann inghean
Shomerfield "Pháirc na Coille" — 'ar ndóigh, ní éist-
feadh aon duine eile!



"Is mór an náire é!" arsa Éamonn Ó Cadhlaigh,
"agus chuirfinn-se mo rogha geall go raibh a dhóthain
mhór ag an sean-fhear sin lá dh'á shaoghal. Ní leis
an mboichteanacht a tóigeadh é rachainn i mbannaí.
Agus nach áluinn an bhean óg d'inghin atá aige!"



Dhearc an inghean ar a hathair. Leag a lámh mhín-
gheal ar a ghualainn agus labhair leis ós íseal. Bhreath-
nuigh an sean-fhear 'n-a thimcheall agus tháinig mean-
gadh i n'aghaidh. Stad de'n cheol agus chuir an fhídeog
i bhfalach. Bhí sgata buachaillí 'n-a dtimcheall anois
ag gáiridhe fútha — nó fútha féin ba chóir dhom a rádh


L. 399


— agus ag magadh. Bhí na deora briste fá shúilibh
na hóg-mhná, agus d'iarr ar a hathair an áit fhágáil
agus creathadh 'n-a glór. D'imthigheadar, acht ba gheárr
a bhí siubhalta aca go raibh Art Ó Conchubhair leis
na sálaibh aca agus píosa corónach i láimh na hinghine.
Rith maighdean mhaiseach óg anuas an tsráid an móim-
éad céadna agus níor stad gur shroich sí iad. Níor
thúisge an chéad phíosa i láimh an chailín óig bhoicht ná
píosa eile a b'fheárr ná é. Bhreathnuigh sí ar an bhfear
óg a chuir an choróin 'n-a glaic. Annsin dhearc ar an
mbronntóir aoibhinn d'óg-mhnaoi. Facthas di nach
bhfacaidh sí cheana riamh súile chomh lonnrach agus chomh gorm
le súile na mná óige deagh-chroidhthighe seo. Bhreath-
nuigheadar féin ar a chéile. Ní fhacaidh Art Ó Con-
chubhair riamh 'n-a shaoghal, dar leis féin, aon óig-bhean
a b'áilne ná an cailín óg a tháinig anuas an tsráid agus
a bhí anois 'n-a seasamh le n'ais! Agus thug sé fá
deara freisin go dtug sise aon dearc amháin air-
sean. Tháinig lasadh go tobann 'n-a haghaidh agus
d'imthigh. Chonnaic Art í ag imtheacht suas an tsráid agus
ag dul isteach i dtigh lóistín i bhfoigseacht dhá dhoras
do'n tigh 'n-a raibh "Máirín" Ní Dhiolamhnaigh. Ní
fhacaidh sé riamh cheana í agus ní raibh aon fhios aige
cérbh í. D'umhluigh inghean an cheoltóra dhó go múinte.
Ghabh céad míle buidheachas leis agus d'imthigh léithi i
ndiaidh a hathar.



Chonnaic Éamonn Ó Cadhlaigh gach ar thárluigh ó'n
bhfuinneoig. Chonnaic sé aghaidh thaithneamhach agus leicne
míne, agus súile dubha áilne na mná óige a bhí i gcuid-
eacht an tsean-fhir. Rug ar a hata. Síos leis
na staighrí go deifreach. Amach leis ar an tsráid.
Agus seo ar siubhal é i ndiaidh an cheoltóra agus a
inghine. D'imthigh leo siar le dúirlinn. Lean sé
iad acht, nuair a bhí tuairim míle curtha dhe aige, ní
raibh amharc le fágháil aige orra. Bhí casadh géar sa
dúirlinn agus an áit clocach garbh fá charraigreachaibh
móra agus fá alltrachaibh, agus chuadar amudha air go


L. 400


han-tobann. Bhuail imnidhe é nuair nach rabhadar le
feiceál. Bhí na tonntracha ag pléasgadh le fuaim
mhóir agus le fothramán i n-aghaidh na gcarraigreach
agus an mhuir go corruighthe coipthighthe feargach san
áit chéadna. Sgannruigh sé gur tonn a tháinig fútha
agus a sguab 'un bealaigh de chloich nó de charraig iad,
b'fhéidir. Chonnaic sé meall mór amach uaidh ar
bharr na tuinne agus gheit a chroidhe le mór-uathbhás. Acht,
ar an dara hamharc a thabhairt air dhó, d'aithnigh sé, air
gur meall feamainne deirge a bhí ann. Bí sé n-a
sheasamh ar bhárr carraige ag dearcadh uaidh go grinn
nuair a chonnaic sé an óig-bhean ar charraig i ngar dhó.
Bhí an mhuir mhór dhoimhin ar thaobh dhi agus, nuair a
thagadh na fáganna móra roighne isteach, bhíodh uisge
thart timcheall na carraige go léir. Chonnaic sé an
sean-fhear 'n-a shuidhe ar chloich ag dearcadh uaidh amach.
Bhreathnuigh an inghean uaithi ar gach taobh. Bhain sí
lán na súl as uisgí na mara, agus annsin d'fhill ar ais.
Ar theacht go ceann na carraige dhi, sheas gur sguab
an tonn mhór isteach gur bhuail go fórsach í féin i
n-aghaidh na dúirlinne agus annsin amach léithi — agus
í traochta agus ag cur na gcos uaithi — i ndiaidh a
cúil. Thug an óig-bhean léim de'n charraig agus thar an
uisge gan cos a fhliuchadh agus tháinig go dtí an áit a
a raibh a hathair. Bhí Éamonn ar chúl carraige i ngar
dhóibh anois agus ní raibh focal d'ár dhubhradar nach gcual-
aidh sé.



"Agus sin é an áit a bhfacais mo mháthair bhocht ar
dtús!" ars' an inghean.



"'Sé go deimhin. Is cuimhneach liom ar fhosgailt
na súl dom thar éis an mheirbhshin a chur dhíom go raibh
sí fhéin agus an sean-tsagart 'n-a seasamh le m'ais.
A' bhfeiceann tú an charraig úd amuigh ar a bhfuil na
tonntracha ag briseadh? Sin é an áit ar buaileadh
an long."



"Agus thugadar leobhtha thú suas 'na tighe thar a éis
sin?"


L. 401


"Thugadar. Marach iad-san agus an aire a fuaireas
uabhtha ní thríonfainn thríd chor ar bhith."



"Agus 'sé an teach céadna é 'n-a bhfuilmid ar
lóistín fá láthair!"



"'Sé, a inghean ó. Acht tá aithmhéala orm anois gur
chuireamar fúinn ann chor ar bith. Bhíos ag súil le
litir agus le airgead, acht ba súil dom agus níorbh' fhágháil.
Is mór an t-iongnadh liom mara bhfreagraidh an cara
chuig ar sgríobhas an lá cheana. Níor chlis sé orm
fós 'riamh."



"Ó, ná bíodh aon imnidhe ort ar chuma 'r bith. Le
congnamh Dé tiocfaidh an litir i mbáireach nó athrughadh
i mbáireach agus déanfaidh a dtug an óig-bhean dheas
úd agus an mac léighinn cúis dúinn go dtí sin. Is mairg
nach dtig liom a choinneál i gcuimhne orra. A'
bhfacais iad? Ní fhacas aon bheirt riamh is deise ná
iad!"



"Ní fhacas iad. Fairíor, ní mórán maitheasa dhom
a bheith ag gabháil thart mar seo le m'fhídeoig. Ní
mórán de bhárr mo choda ceoil a bhéas agam!"



"D'fhiafruigheas cérbh' iad na mná a bhí sa gcóiste —
iad siúd nach n-éistfeadh leat," ars' an inghean, agus
dubhradh liom gur de mhuinntir Shomerfield Pháirc
na Coille iad."



"Tá eolas agam orra! Is ait an mac an saoghal,
a inghean, agus mise a bheith ag seinnm dhóibh!" ars' an
t-athair.



"'Tuige?" ar sise.



"Innseochad sin duit uair eicínt eile. Is feárr
dhúinn a dhul ar ais anois. Cá bhfios le Dia nach
mbeadh litir ag an iasgaire le 'n-ár n-aghaidh ar a
theacht ar ais ó Phort Láirge dhó. Acht, má tá ceart
ar bith sa dlighe, ní bhéidh mise a bhfad eile gan mo chuid
dhlisteanach féin de mhaoin m'athar. Caithfidh mo
dhearbhráthair roinnt liom nó béidh 'fhios agam cé'n
t-ádhbhar! Feicfidh tú féin nach mbéidh aon easbaidh
ort fós le congnamh Dé."


L. 402


"Ná bíodh aon imnidhe ort fúm-sa, a athair dhil.
Is mór a chaithis le mo chuid oideachais, agus féadfad mo
bheatha a shaothrughadh gan strómh má fhágann Dia an
tsláinte agam," ars' an inghean.



"Tá súil agam nach mbéidh ort a dhul ar thóir do
bheathadh, a stór. Is bocht an rud a bheith i gcleitheamh-
nas agus i dtuilleamaidhe na strainséaraí — níl fhios
agat é i gceart fós agus go dtugaidh Dia dhuit nach mbéidh
'fhios! Acht féach an droch-ghothadh atá ar na spéartha
uainn soir. Creidim gur toirneach atá air. Is
seárr dhúinn deifriughadh ar ais.



Bhí Éamonn Ó Cadhlaigh 'n-a sheasamh agus a chúl le
carraig aige ar an bhfaid seo agus é ag smaoineadh.



"Níorbh' fhada gur dhorchuigh an spéar,
'S gur éirigh gaoth ins gach áird,
Do las an mhór-mhuir go tréan,"
'S ní raibh amharc gréine le fágháil.



Sguab leis chomh tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leis é
nuair a thosuigh an toirneach. Anuas leis an mbáistigh
'n-a braonachaibh móra láidre ag baint deataigh as na
leacrachaibh le neart fórsa. Moill ní dheárnaidh
Éamonn acht ag imtheacht sna fásgaí, gur shroich sé
an bothán 'n-a bhfacaidh sé an bheirt ag dul isteach.



"Isteach ó'n gcioth a tháingeas," ar seisean. "Is
iongantach tobann mar tháinig sé acht ní shílim go
ndéanfaidh sé brígh mar sin féin. Ní'l air acht múr
nó dhó."



Leis an fhírinne a rádh, d'fhan m'Éamonn breágh
cois na carraige i n-aon turas nó gur thosuigh an
bháisteach mar cheap sé go mbadh mhaith an leith-sgéal
dó rith chuig an mbothán leis an gcioth a leigean thairis
— agus gur ab é r'd a bhí uaidh an ceoltóir agus an inghean
fheiceál!



Shocruigh bean an tighe cathaoir cois na teineadh agus
d'iarr air suidhe síos agus é féin a thriomughadh. Bhí an
ceoltóir 'n-a sheasamh cois na teineadh agus an inghean
agus í mar bheadh sí ag tarraingt pictiúir i leabhar
mór thall ag an mbord cois na fuinneoige.


L. 403


Bhuail an t-iasgaire isteach agus é fliuch báidhte.
Tharraing sé litir aniar as póca brollaigh a chóta
agus shín chuig an sean-fhear í. Rug an ceoltóir go
creathach uirthi as a láimh, sméid ar an inghin agus siar
leis an mbeirt aca sa seomra.



"Cé hé an sean-fhear sin, a' bhfuil 'fhios agat?"
arsa Éamonn go leath-fhánach leis an iasgaire.



"Ní'l 'fhios agam, a dhuine chóir, go deimhin mara
n-innsighinn bréag dhuit," ar seisean. "Deir sé
gur annseo a bhí sé ar lóistín an bhliadhain fadó ar
buaileadh an long ó'n bhFrainnc ar na carraigreacha'
annsin amuigh. Bhí mise im' bhuachaill óg thall i
dTalamh an Éisg an uair sin, acht is minic a chualas
cur síos ar an léar-sgrios a rinneadh agus ar ar báthadh
de dhaoine. Acht pé'r bith cé hé, is duine uasal é dh'á
bhoichte d'fhear é an uair seo de ló. Bhéarfainn an
leabhar leis sin ar chuma 'r bith."



"Agus bhéarfainn-se an leabhar gur bean uasal
an inghean," arsa bean an tighe. "Ní'l focal cainnte
dh'á dtigidh as a béal nach dtasbáineann go bhfuil
árd-mhúnadh agus árd-fhóghluim uirthi. Agus chuir-
feadh sí sólás agus aoibhneas ar do chroidhe ag gabháil
fhuinn leis an nguth atá aici. Ghabh sí an "Chúilfhionn"
aréir, agus sheinn an t-athair é ar an bhfídeoig agus
shíleas go rabhas sna Flaithis leis an éadtruimeacht
croidhe a bhí orm ag éisteacht leobhtha. Tig leobhtha
fanacht annseo mí mhór agus míle fáilte, agus pighinn ná
leith-phighinn ní éileochad-sa orra."



Chuaidh Éamonn anonn chuig an bhfuinneoig agus chonnaic
leabhar mór ar an mbord. "Fuinn an Mhórdhaigh."
Bí an leabhar ar fosgailt agus céard d'fheicfeadh sé ar
an leathanach glan a bhí os a chomhair acht pictiúr Airt
Ui Chonchubhair! Ní fhacaidh aon duine Art riamh a
aghaidh nach n-aithneochadh as an bpictiúr. Bhí pictiúr
óg-mhná gan a bheith críochnuighthe ar an leathanach
céadna.



Bhí 'fhios ag Éamonn nach raibh an inghean acht thar


L. 404


éis a dtarraingt, agus nár chuimhnigh sí ar an leabhar a
dhúnadh ar a bheith ag dul do'n tseomra dhi. Chuir sé
a lámh 'n-a phóca. Leag páipéar puinnt idir dhá
bhilleóig an leabhair agus sgríobh: "Ná bíodh fearg
ort. Glac é seo, le do thoil, ó charaid do'n "mhac
léighinn"" agus dhúin an leabhar.



"Tá sé i n'aitiolla anois," ar seisean "agus sílim
gur feárr dhom a bheith ag imtheacht. Bail ó Dhia
oraibh!" ar sé agus amach leis.



Bhí Máire Ní Dhiolamhnaigh ag spaisteoireacht léithi
féin cois na trágha an tráthnóna sin acht mo léan!
Níor chuimhnigh Éamonn Ó Cadhlaigh uirthi. Bhí sé ag
smaoineadh ar dhuine eicínt eile. Ní raibh go ró-shásta
dhe nuair a chualaidh sé óig-bhean na súl dubh ag moladh
an "mhic léighinn," agus dubhairt sé leis féin go
mb'fheárr do'n "mhac léighinn" gan aon fhios fhágháil
ar thada d'ár thárluigh — go háithrid ó b'adhbhar sagairt
é, 'ar ndóigh! Níor chodail Éamonn go sámh ná go
suaimhneach an oidhche sin agus bhí 'n-a shuidhe go moch ar
maidin, agus "ag siubhal na trágha" i n'aonar. Bhí
faoi fios fhágháil ar chaoi eicínt cérbh' as do'n cheol-
tóir agus d'á inghin, agus cérbh' iad. Cheap sé nach raibh
aon nídh a b'fhearr ná an sgéal d'innseacht do'n
Bhuailteoir agus a rádh leis a dtuairisg a chur. Bhí a fhios
aige gur beag sgéal a bhí ag imtheacht sa Tráigh Mhóir
nach raibh a fios ag Maitiú. Acht, mí-ádhbharach go leor,
ar a dhul ar a thóir dhó tráthnóna, chualaidh go raibh sé
féin agus muinntir Uí Cheithearnaigh thar éis imtheacht
a bhaile.



"Tá bean an Cheithearnaigh agus a beirt inghean imthighthe
a bhaile," ar seisean leis an Athair Ó Cearbhaill
tráthnóna. "Tá aithmhéala orm nach bhfacas iad sul
d'imthigheadar."



"Bhí iongnadh orra nár thángais ar cuairt chuca
aréir," ars' an sagart. "Chaitheas mo dhúthracht ag
a iarraidh ar Art a theacht acht ní raibh aon mhaith dhom
leis. Ar léighis i bpáipéir an lae indiu go bhfuil an


L. 405


Ridire Tomás de Buitléir básuighthe ó indé?"



"A' bhfuil dh'á ríribh?" arsa Éamonn.



"Tá, go deimhin. Tá 'fhios agat gurbh' eisean
tighearna talmhan an Cheithearnaigh."



"Tá 'fhios," arsa Éamonn, "acht gabh mo leith-
sgéal. Sin amuigh fear a dteastuigheann uaim labh-
airt leis Béad isteach ar an bpointe."



Amach leis. Bhí an t-iasgaire ag siubhal anonn 's
anall amuigh ar an tsráid. Ar an bpointe 's a
bhfacaidh sé Éamonn tháinig agus shín litir chuige.



"Bhfuil siad imthighthe?" ars' Éamonn ag preabadh.



"Tá," ars' an t-iasgaire. "D'imthigheadar go
moch ar maidin indiu."



"Cá ndeachadar?"



"Ag Dia Mór atá 'fhios ce'n taobh a thóigeadar!"
ars' an t-iasgaire. "Acht go seólaidh Dia ar a leas
iad pé'r bith bóthar nó bealach a rachas siad! Is
maith a chúitigheadar liom-sa ag imtheacht dóibh. Caith-
fidh sé go raibh an-deagh-sgéal nuaidhe eicínt sa litir
úd a thugas chuca ó Phort Láirge, acht níor innsigheadar
dhúinn tada 'n-a thaoibh."



Bhí an páipéar puinnt fillte ar a chéile sa litir
nuair a d'fhosgail Éamonn í. Ní raibh innti acht
sin agus na focla seo: — "Céad míle maith go raibh agat!
Acht ní theastuigheann sé uainn ANOIS. Ní dhéan-
famuid dearmad go deó ar do charthannas agus do
dheagh-chroidhe."



"Agus 'sin críoch ar mo sgeól"! arsa Éamonn.
"Sin deireadh le mo thaidhbhreamh! Acht tá sé dh'á
fheiceál dom go bhfeicfead fós í."



"A' bhfacais an óig-bhean úd a bhí annsin amuigh
indé nuair a bhí an ceoltóir ag seinnm, a Airt?"
ar sé.



"Chonnaiceas," ars' Art. "Nárbh' áluinn gorm
iad a cuid súl agus nár mhín a leaca?"



"Cé'n chainnt sin ort, a dhuine? Ní fhacas súile
níos duibhe cheana riamh."


L. 406


"Ó, inghean an cheoltóra atá i gceist agat?"



"D'eile, cé bheadh i gceist agam? A' bhfacais riamh
súile chomh deas lonnrach 's bhí aici?"



"Mara bhfuilim ag dul amudha go mór chonnaiceas
súile mar iad aon uair amháin. Pé'r bith cé'n fáth
é, chuireadar mo chol-ceathar, Anna Ní Chléirigh bhocht,
— beannacht na nGrás le n-a hanam! — i gcuimhne
dhom," arsa Art.



Lá áithrid sa ngeimhreadh a bhí chugat bhí Art Ó
Conchubhair ag obair go dian sa gColáiste i gcómhair
an sgrúduighthe. Bhuail an tAthair Ó Cearbhaill isteach
agus chrathadar lámha go cáirdeamhail subháilceach le chéile.
Annsin bhuaileadar amach i n-éinfheacht.



"Tara uait liom siar go Clochar na Trócaire,"
ars' an sagart "Táim ag dul ar cuairt chuig an
tSiúr Clár, mo dheirbhshiúr."



D'fháiltigh an tSiúr rómpa go háthasach. Bhí Éa-
monn ag dearcadh ar phictiúr na Maighdine a bhí crochta
ar an mballa agus níor chualaidh gach a raibh ar siubhal
idir an sagart agus an tSiúr.



"Rachad 'n-a coinne," ars' an bhean riaghalta thar
éis tamaill agus d'imthigh.



Is geárr gur fosgluigheadh an doras agus bhuail Máire
Ní Cheithearnaigh agus an tSiúr isteach. Thug Art geit
agus tháinig dath dearg ar a aghaidh go tobann.



"Nach bhfuil aithne agat ar Art Ó Conchubhair, a
Mháire?" ars' an tAthair Ó Cearbhaill.



"Ní'l" ar sí, ós íseal.



Chuir sé i n-aithne dh'á chéile iad annsin.



"Ní'l 'fhios agam sa domhan mór cé'n call atá
dhaoibh a bheith leath chomh cúthal!" ar seisean.



"Creidim go bhfacas Art Ó Conchubhair roimhe seo,"
arsa Máire.



"Agus sílim-se go bhfacas thusa freisin, aon uair
amháin," arsa Art.


L. 407


"Car casadh ar a chéile sibh — ar mhisde dhom a
fhiafruighe?" ars' an tAthair Ó Cearbhaill.



"San Tráigh Mhóir," arsa Máire.



D'iarr an tSiúr ar Mháire seinnm dhóibh agus sheinn
sí "An Chúilfhionn." Chuir sí a croidhe chomh mór ins
an bhfonn, agus an oiread de na "smaointe aoibhnis —
smaointe bróin" ins an gceol 's go mbainfeadh sé
na deora ó do shúilibh.



"Is breágh go léir uait a sheinnm, a Mháire," ars'
an sagart. "Táir ion-chuir síos leis an bhFlaithbhear-
tach séin."



"Badh cheart go mbeadh sí i n-an an fonn sin a
sheinnm go maith," ars' an tSiúr, "mar ní'l lá beo
nach gcleachtann sí é. Is geárr ó thug Éamonn Ó
Cadhlaigh cuairt orainn annseo agus ní shásóchadh aon
fhonn é acht an "Chúilfhionn," an "Chúilfhionn" i
gcómhnuidhe."



"An mar sin é?" ars' an sagart agus thosuigh ag
meangadh.



Chrom Máire a ceann, agus thosuigh ag gáiridhe, acht
níor fhreagair.



Thar a éis seo d'éirigh Art Ó Conchubhair agus Máire
Ní Cheithearnaigh cáirdeamhail go maith le chéile. Chaith
sé seachtmhain ar cuairt i mBaile na Claise an Nodlaig
a bhí chugat, agus coicís 'sa samhradh, agus casadh é
féin agus Máire ar a chéile go minic cois na fairrge
nuair a bhíodar ar a laethibh saoire san Tráigh Móir
an samhradh d'ár gcionn. D'éirigheadar an-mhór le
chéile acht mo nuar! Céard adéarfadh máthair Airt acht
gur ag a iarraidh a mac a mhealladh a bhí inghean an
Cheithearnaigh agus ag a chur 'n-a cheann gan leanacht
d'á chuid staidéir le bheith 'n-a shagart! Ghoill seo go
han-mhór ar fad ar Mháire, agus dubhairt sí le Art
go gcaithfidhe deireadh a chur le n-a gcaidreamh, agus
gur chóir dhóibh comhluadar a chéile a sheachnadh uaidh
sin amach. Dubhairt Aodh Ó Ceithearnaigh go raibh
an ceart ag Máire sa méid sin agus dubhairt Art féin


L. 408


sin freisin. Acht bhí cáirdeas agus carthannas aca d'á
chéile i ngan fhios do'n tsaoghal cé nach bhfuaireadar
amharc ar a chéile agus nach gcualadar aon sgéala ó
n-a chéile ar feadh sgathaimh mhaith 'n-a dhiaidh sin. Lean
Art d'á chuid staidéir sa gColáiste. D'éirigh leis
ag an sgrúdughadh deiridh agus socruigheadh go rachadh
sé go Mágh Nuadhat — an t-am céadna go díreach a
dtáinig Mac Uí Luaithe go Baile na Claise. Acht
b'fheárr le Art féin a dhul go Coláiste na nÉireannach
i bPáras na Frainnce. Cúpla lá sul már fhág sé Éire
chuaidh sé le lá a chaitheamh le n-a charaid, an tAthair Ó
Cearbhaill, agus le "slán" fhágáil aige. Bhain moill dó
i gCill Tobair ar a bhealach chuig an tsagart. Bhí
teach an Cheithearnaigh ar shúil an bhóthair roimhe idir
Cill Tobair agus Áth na Saighleán, an áit a raibh an tAthair
Ó Cearbhaill 'n-a chomhnuidhe. Chonnaic sé Brian Ó
Bruadair i gCill Tobair, agus chuir litir gheárr leis chuig
Máire 'ghá rádh léithi go mbeadh sé ag dul an bealach
go luath, agus gur mhaith leis a feiceál le "slán" fhágáil
aici sul d'fágfhadh Éire. Dubhairt go raibh fonn mór
air a feiceál agus, dá gceapadh sí nach mbeadh aon
dochar ann, gur mhaith leis cuairt a thabhairt ar a
muinntir freisin acht, dá síleadh sí go mbéithí ag
déanamh cainnte dhe agusr., agusr., nach rachadh sé isteach acht
go bhfanfadh ar aghaidh na fuinneoige san ngáirdín,
le cúpla focal a rádh léithi féin, agus leis an slán
deiridh fhágáil aici ar thalamh na hÉireann. Bhí Brian
ag stócáil le dhul a bhaile go díreach. Chuir an litir
isteach i líneán a hata, agus níor chuimhnigh uirthi, 'ar ndóigh,
go dtí an lá 'n-a dhiaidh sin. Tháinig Art, mar gheall
sé, agus chaith a bhfad 'n-a sheasamh agus an sneachta ag
tuitim 'n-a chalógaibh móra boga. Acht amharc ní
fhuair ar Mháire. Sa deireadh nuair a b'fhada leis é
d'imthigh agus ualach mór cumha agus bróin ar a chroidhe.



"Agus tá sé imthighthe!" arsa Máire léithi féin
an tráthnóna úd agus an litir fosgailte 'n-a láimh. Bhí


L. 409


sé imthighthe go cinnte, agus é sáthach brónach freisin ag
imtheacht dó.



Agus anois, a léightheoir dhil, tá 'fhios agat cé rinne
na "lorga" sa sneachta ar a bhfuil cur síos i dtús
ár sgéil. Tá cuid d'ár "rún" innsighthe dhuit anois.
Ní fheilfeadh sé dhúinn níos mó dhe a fhoillsiughadh fá
láthair. Ní dhearcfamuid "siar" níos mó acht racha-
muid ar aghaidh. "Is maith an sgéalaidhe an aim-
sear" agus nochtfar an chuid eile d'ár rún duit
amach annseo. Anois bhéarfamuid leath-bhord eile
agus feicfimid cé mar tá Hannraoi Ó Luaithe ag
cur an tsaoghail thairis fá láthair.



CAIBIDIL LII.



MAC UÍ LUAITHE GO SMAOINTEACH. AN DOCH-
TÚR AGUS "BOBAÍ." TROID AN TAIRBH. NÓRA
LAOIDE AGUS AN BROTHAIRE.



Bhí Mac Uí Luaithe ag spaisteoireacht leis féin
fá láthair sa ngáirdín i n-aice tighe an Cheithearnaigh
agus é ag machtnamh agus ag smaoineadh. Ní bheadh
a bhfad anois go mbeadh críoch ar a chuairt agus go
mbeadh air imtheacht. Chaithfeadh sé an óig-bhean chaoin,
Máire Ní Cheithearnaigh, fhágáil agus sgaradh léithi go deo,
b'fhéidir! Sin é an smaoineadh brónach a bhí ag lionadh
a chroidhe le uaigneas agus le cumha anois mar bhí
a fhios aige nár bh'fhada uaidh an lá a mbeadh sé ag
rádh "slán agat" léithi. Ba mhinic le mí ag
smaoineadh air seo é, agus ba mhinic go himnidheach
i n'intinn é i ngan-fhios do'n tsaoghal.. Ba mhinic
freisin é ag súil go n-éireochadh leis faill fhágháil ar a
chuid smaointe a nochtadh dhi ar an gcúl-shráid agus
iad leo féin. Acht bhí an t-am ag imtheacht agus ní raibh
an fhaill sin ag teacht. Nuair a d'éirigheadh le
Máire bualadh amach 'n-a haonar, thárluigheadh go
mbíodh an Dochtúr nó Aodh 'n-a chuideacht féin agus,


L. 410


nuair a bhíodh seisean leis féin, ní théidheadh sise amach
gan Gráinne nó Eibhlín a bheith 'n-a teannta. Acht
níor chreid sé ná níor cheap sé gur i n-aon turas a
bhí Máire ag iarraidh a sheachnadh. 'Sé r'd adeireadh
sé leis féin dá mbeadh gan aon tsuim a bheith aici ann
gur chuma léithi i n'aonar nó i gcuideacht é. Agus
bhí a fhios aige cé'n fíor-cháirdeas a rí eatorra beag
nach ó'n gcéad lá a dtáinig sé. Acht bhí níos mó ná
cáirdeas i gceist ar a thaobh-san de'n sgéal, agus
bhí faoi sin a chur i n-umhail dá mb'fhéidir é. Bhí sé
i ngrádh ceart críochnuighthe léithi. Air sin ba mhian
leis trácht go caoin agus go fileadhta léithi dá gcastaoi
d'á chéile san uaigneas iad. Ní fhéadadh sé labhairt
air, 'ar ndóigh, ós comhair daoine eile. Acht dá mbeadh
an fhaill aige a bhí uaidh, an móiméad seo, ní raibh sé
cinnte a mbeadh sé de mhisneach aige a ghrádh a nochtadh
dhi 'n-a dhiaidh sin! Dá mbeadh seisean i n'fhear shaidhbhir
agus gan ise a bheith 'n-a Caitliceach, 'ar ndóigh, b'fhéidir
go mb'fhurasta an sgéal a réidhteach, agus annsin
nár shólásach a shaoghal 'n-a cuideacht!



Acht ní raibh seisean saidhbhir ná níor Phrotastún
ise. B'in é an buille. Níor dhócha go dtárlóchadh
go deo mar smaoin sé agus, 'n-a dhiaidh sin, ní
bheadh sásta dhe gan fios a bheith aici uaidh cé'n mór-
ghean agus grádh ó chroidhe a bhí aige dhi.



"Nach breágh áluinn an lá é seo, a Hannraoi?"
ars' an Dochtúr ag bualadh anuas agus a dhá láimh i
bpócaibh a bhríste aige.



D'fhreagair Mac Uí Luaithe agus tháinig osna uaidh
mar bhí a fhios aige anois nach n-éireochadh leis Máire
fheiceál 'n-a haonar. Agus le n-a dhéanamh níos
mí-shásta i n'intinn cé d'fheicfead sé ag teacht amach
an doras acht í an móiméad céadna.



"Nach breágh an mhaidin í seo, a Mhic Uí Luaithe?"
ar sí go meangach. "Is mairg nach dtiocfaidh leat
a bheith annseo leis an tír fheiceál sa samhradh."



"Is mairg go deimhin," ar seisean.


L. 411


"Tá súil agam go raibh neart grinn agat i dtigh
Shomerfield aréir?" arsa Máire.



"Maise, níor mhó ná sin é."



"Ó, de bhrígh nach raibh an chlann inghean sa láthair,
is dócha!"



"Níorbh, eadh. Acht níor thaithnigh an cómhrádh a bhí
ar siubhal liom chor ar bith. Caitheadh an oidhche go
léir ag cur síos ar thighearnaibh agus ar thonóntaibh,
ar chíos agus ar léasaibh, agus neithe eile nár chuireas
mórán suime ionnta. Creidim gur in-aon turas a
bhíodar fá go rabhas-sa i láthair."



"A' raibh an Laoideach ann?" arsa Máire.



"Ní raibh, acht tráchtadh air minic go leor. Bhítheas
sa mullach air i ngeall ar a chuid talmhan. Socruigh-
eadh ag cruinniughadh a bhí ag na tighearnaibh tá sgathamh
ó shoin ann gan léasa nuadha a thabhairt feasta d'aon
duine, acht ní'l an Laoideach ag leanacht do'n tsoc-
rughadh sin, is cosamhail. Deir Somerfield d'á neamh-
spleádhaighe dh'á mbídh na tonóntaí gurab amhlaidh is
deacra ceart a bhaint díobh, agus ní'l suim dh'á laghad
ag a chuid tonóntaí sa Laoideach, adeir sé, i ngeall
ar chomh bog 's tá sé leo."



"Dá mbéidís go léir mar atá Somerfield."
arsa Máire, "is geárr go mbeadh Éire 'n-a fásaigh.
Ní'l oiread 's aon teach amháin ar a dhúthaigh anois.



"Ní'l," ars' an Dochtúr. "Agus tig leat a
chómhaireamh cé mhéad teach a leag sé mar d'fhág sé
beann gach tighe 'n-a seasamh le n-a thasbáint do'n
tsaoghal mór cé'n deágh-obair a rinne sé. 'Sé Sam
Buidhe breágh is cionntach leis an droch-obair seo go
léir. Creidim nach raibh an t-athair sásta le go leor
d'á ndeárnadh acht 'sé an mac an máighistir anois, ar
ndóigh, ó tá an t-athair ag dul san ísligh-bhrígh. Shíl-
eadar go ndéanfaidís saidhbhreas na saidhbhreas acht
na tonóntaí bochta a dhíbirt le fán an tsaoghail.
Acht is amhlaidh mar tá an sgéal aca anois iad féin


L. 412


a bheith sgriosta bánuighthe ar deireadh thiar. Deir Aodh
liom go bhfuil lán mo hata d'fhiacha' orra."



"Táim thrí n-a chéile ó aréir le n-a gcualaidh mé de
chur síos agus d'aithris ar an talamh céadna," arsa
Hannraoi. "Ní'l lá suaimhnis ag aon fhear atá ag
smaoineadh 'n-a thaoibh."



Chonnaiceadar fear agus a mhadadh ag rith chomh
tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leo é achar maith uatha.
Sguab le duine agus le beirt agus le triúr 'n-a ndiaidh sna
fásgaíbh. Lasg le Pilib Ó Laochdha, agus le plód de
bhuachaillí Chnoc na nGabha treasna na haithgiorra
go Ros an Droma 'n-a ndiaidh freisin.



"Cá bhfuil siad ag dul?"



"Ní mé," ars' an Dochtúr. "Tá deabhadh mhór
eicínt orra. Ní mé beo 'tuige a leithid d'fhuadar
a bheith fútha?"



"Ní aithnighim féin cé hé siúd a bhfuil an madadh
leis," arsa Máire. "agus féach Brian ag greadadh
'n-a ndiaidh agus ag fágáil an asail agus an cháirr i lár
na faithche!"



Cé bhuailfeadh chuca isteach an geata anois acht
Uáitéar Brothaire, agus a mhadadh mór leis na sálaibh
aige.



"Dia dhuit, a Uáitéar!" ars' an Ceithearnach ag
bualadh aniar thar éis a bheith ag déanamh cocaí beag
de'n chruaich fhéir a thuit i mullach an Bhuailteora
sgathamh geárr roimhe sin.



"Chúig phunnt," arsa Uáitéar.



"Ní fhéadfad a thabhairt duit indiu," ars' an
Ceithearnach.



"Leis an tarbh a cheannacht," arsa Uáitéar go
neamh-áirdeamhail.



Thosuigh an Ceithearnach ag sgríobadh a mhullaigh agus
isteach leis 'na tighe leis an airgead fhágháil.



"Ó! a Risteaird, a Risteaird!" arsa bean an
Cheithearnaigh ag teacht fá mhór-sgannradh. "Féach an
t-asal ag imtheacht agus ní stadfaidh go dtéidhidh sé i


L. 413


ndiaidh a mhullaigh sa gclais ghainimh, agus go mbrisidh a
bhfuil sa gcárr! Brisfear na buidéil fhíona, agus
millfear na torthaí! Ó, muise, a Bhriain, acht a bhfáighidh
mise greim in mo dhá láimh ort, feicfidh tú féin go
n-íocfair ann!"



Acht b'fhada uaithi Brian. Bhí sé ag imtheacht go
tréan agus ag caitheamh na sál thar a chéile i ndiaidh an
fhir a raibh an madadh aige agus gan a fhios aige céard
ba chor do "Bhobaí" agus d'á ualach.



Bhain an Dochtúr as go tréan i ndiaidh an asail.
Rug greim láidir ar dheireadh an cháirr agus thosuigh ag
a iarraidh an t-asal a choinneál. Acht ba bheag í áird
an asail air agus ar aghaidh leis de mhíle buidheachas an
Dochtúra. Bhí Risteard ag strachailt agus ag tarraingt,
ag tarraingt agus ag strachailt ar a mhíle dícheall agus
"Bobaí" ag cur an bhealaigh dhe i gcomhnuidhe. Sa
deireadh stad an t-asal go lán-tobann agus síneadh an
Dochtúr ar shlatrachaibh a dhroma ar an talamh. Bhí a
dhá chois sínte uaidh amach agus é 'n-a shuidhe ar a ghogaide
istigh fá'n gcárr. B'éigin dó iompódh druim ar
ais sul d'éirigh leis a theacht amach ó'n gcárr, agus
faitchíos a anma air go rachadh an t-asal i ndiaidh a
chúil agus go siubhailfeadh 'n-a mhullach. Sa deireadh bhí
Risteard ar a bhonnaibh aríst. Rug sé i ngreim
srianach ar an asal, acht cor ní chuirfeadh mo bheith-
idheach dána ceithre gcos de. Annsin thosuigh sé ghá
chuimilt agus ag déanamh plámáis leis acht sin a raibh
de mhaith dhó ann. Leig air féin annsin gurbh' é
Brian a bhí ann, agus thosuigh ag séideadh bunáin mar
dh'eadh. Bhí a fhios aige nach mbíodh ar Bhrian acht seo a
dhéanamh le "Bobaí" a chur sna cosa' -in-áirde;
acht ní raibh an t-asal chomh bog 's shíl sé agus sin ní
fhágfadh. Tháinig fearg ar an Dochtúr annsin agus rug
ar mhaide. Isteach leis sa gcárr. Rug ar an tsrian,
agus chuir cos ar gach aon tsámhthach. Níor leis an asal
a b'fhaillighe é. Sguab leis sul bhí an Dochtúr 'n-a
sheasamh suas i gceart, agus soir leis an pháirc.


L. 414


Cuireadh Risteard d'aon tuairt amháin siar ar chúl
a chinn san gcárr agus a dhá chois i n-áirde. Cuireadh
buidéil de léim as ciseáin agus cuireadh ceangaltáin
i n-aer ar gach taobh. Buaileadh buidéal mór ar
dhroichead na sróine ar an Dochtúr. Buaileadh ceann
i gclár an éadain air. Cuireadh ceann eile amach
le n-a chluais. Anuas le ceann eile agus bhuail
glan díreach ar áirdín an mhullaigh é. Acht, cé gur
gortuigheadh go mór é agus gur cuireadh miabhán
mór 'n-a cheann, níor éirigh aon ghearradh ná aon lotadh
thairis sin dó.



Sguab le "Bobaí" go lúthmhar éadtrom éasgaidh
thar thrí cinn de chlasgannaibh i ndiaidh a chéile, agus
buidéil ag feadghail ar gach aon taobh de'n chárr. Stad
ná cómhnuidhe ní dheárnaidh sé acht ag ropadh leis nó
gur sheas sé sa deireadh ar aghaidh dorais mhóir an tighe
agus a chluasa chomh biorruighthe aige le cluasaibh girr-
fhéidh.



"Ó, a Risteaird chroidhe, táir marbh!" ars' an
mháthair. "Gairim péin agus coisrigim thú!"



Bhreathnuigh an Dochtúr faoi agus tairis. Dhearc ar a
mháthair. Bhain lán na súl as "Bobaí." D'fhéach 'n-a
thimcheall agus a dhá shúil i gcruth a dhul amach thar a cheann
le sgannradh agus le mór-uathbhás. Acht focal níor
labhair.



"Bhfuilir gortuighthe, astór?" ars' an mháthair
an dara huair.



"Ó, an d--l cruthanta!" arsa Risteard fá n-a
fhiacail agus thosuigh ag fáisgeadh a chinn le n-a dhá
láimh.



"Dia dhuit, a Risteaird!" ars' an Laoideach ag
ísliughadh dh'a chapall glas ag an ngeata.



"Dia 's Muire dhuit!" arsa Risteard agus sgéin
uathbháis 'n-a shúilibh.



"Bhfuilir ag teacht go bhfeicir an greann?" ars'
an Laoideach.



"Céróch greann?" ars' an Dochtúr.



"Troid an Tairbh, a mhic ó."


L. 415


"Ó, sin é an áit a raibh na daoine ag dul ar ball,"
arsa Máire.



"Is dócha é," arsa Roibeard Laoide ag caochadh
na súile clí ar Ghráinne a bhí 'n-a suidhe istigh cois
na fuinneoige.



"Ar mhaith leat an greann fheiceál, a Mhic Uí
Luaithe?" ars' an Dochtúr.



"Badh mhaith go cinnte," arsa Hannraoi.



"Badh mhaith agus liom féin," arsa Risteard, "acht
tá na caiple go léir ag treabhadh indiu agus níl goir
againn a dhul ann."



"Tig libh a dhul an aithgiorra," ars' an Laoideach,
agus chaoch an tsúil ar Ghráinne arís. "Acht, a
Risteaird, cé'n chiall duit do chosa a bheith i n-aer
mar siúd agat ar ball? Ní fhacas do shamhail riamh
acht céachta a mbeadh bríste uirthi!"



Leig Gráinne a sean-sgairt gháire agus dhearc
an Dochtúr uaidh go gruamdha gan focal a labhairt.
Níorbh' fhada go raibh imthighthe leis féin agus le Mac Uí
Luaithe.



"A Ghráinne, dheamhan steár ag an Laoideach id'
dhiaidh!" arsa Máire nuair a bhíodar go léir imthighthe.



"Thugas fá deara ag dearcadh é," arsa Gráinne.
"Tá sé a bhfad níos deise agus níos géar-chúisighe ná mar
cheapas ar dtús."



"Agus tá 'fhios agat go bhfuil ocht gcéad de
theacht isteach aige," arsa Máire ag gáiridhe.



"Tá 'fhios," arsa Gráinne. "Tá cuid agaibh-se
adeireas gur cuma libh an t-airgead a bheith ann
nó as má thaithnigheann an fear libh. Acht is beag
an baoghal gur dá ríribh bhíos sibh! Óra! féach
Learaidhe Ó hAinnlighe ag lasgadh soir an aithgiorra!
Agus gabh i leith go beo go bhfeicir an hata mór leathan
atá air!"



"Hata tuighe é," arsa Máire.



"Seadh, aithnighim anois é," arsa Gráinne. "Sin
é hata mór tuighe Sheosaimh Ruiséil, an buachaill


L. 416


aimsire. Chuir Rós a hata féin i bhfalach, is dócha,
le n-a choinneál istigh, mar dh'eadh. Ar innsigheas duit
céard a thárluigh an lá cheana a ndeachas go Cluain
Mealasa gcóiste beag in-éinfheacht le Rós Ní Ainn-
lighe?"



"Níor innsighis," arsa Máire.



"Ba é Seosamh Ruiséal a bhí ag tiomáint," arsa
Gráinne. "Istigh sa mbaile mór dhúinn theastuigh
ó Rós a dhul isteach i gceann de na siopaíbh, agus bhí
an bheirt againne taobh amuigh ag feitheamh go dtigeadh
sí ar ais. Bhí buachaill ag gabháil na sráide agus
sheas ar fheiceál an hata a bhí ar Sheosamh dhó. "Cé
mhéad a bhéas agat ar a bhfuil d'fhíonnach in do hata?"
ar seisean. Níor fhreagair Seosamh. "Beir ar an
tsrian aon mhóiméad beag amháin, le do thoil," ar
sé liom féin chomh múinte le n-a bhfacaidh tú riamh.
Rugas. D'ísligh sé. Anonn leis go dtí mo dhuine go
roighin réidh agus bhuail pléisg de dhona isteach fá
bhun an ghéill air. Bhí sé i n'achrann dearg eatorra ar
an bpointe, agus chaitheadar ag greadadh a chéile i lár
na sráide nó gur cuireadh ó chéile iad. Tháinig Seo-
samh ar ais go mín réidh socair gan smid a labhairt,
agus rug ar an tsrian aríst agus chonnaiceas mo dhuine
ag bualadh soir agus é ag tabhairt fola-tsróine.
Tá mé ag ceapadh gur fada aríst go bhfáighidh sé
caidéis do hata aon duine. Go deimhin, leis an
fhírinne a rádh, ní raibh an hata mór tuighe céadna ró-
ghalánta ná ró-fheileamhnach le haghaidh cóisteora."



D'imthigh le Learaidhe 'sna seala babhtaí. Rinne
aithgiorra treasna thrí gharrdha mór Bheresfoird Pen-
der, agus níor stad go raibh i n-aice tighe Éamuinn Uí
Bhroithe. Bhí Éamonn ag obair amach ó'n tigh agus
rith leis isteach ar an bpointe 's a bhfacaidh sé Learaidhe.
Sheachnuigheadh Éamonn na cómharsanna agus na sean-
cháirde go léir ó phós sé mar ní thagadh duine aca
timcheall an tighe nach "ag súil le n-a bholg a líonadh"
a thagadh sé de réir na mná.


L. 417


Bhí Learaidhe ag dul isteach an doras nuair a bhuail
an bhean amach agus sheas i lár na táirsighe.



"Bhfuil 'fhios ag Éamonn cá mbéidh troid an
tairbh?" ar seisean. "Is dócha gur shíl sé gur báille
a bhí ionnam agus an chaoi ar ghlan leis as m'amharc."



"Ní'l aon fhios ná aon fhaisnéis ag Éamonn faoi,"
ars' an bhean. "Tá rud eicínt eile ar a aire. Creid-
im gur thoir annsin thoir in-aice le Gleann na Saigh-
leán atá an cruinniughadh le bheith."



Sguab le Learaidhe aríst gur shroich sé teach shean-
Pháidín Uí Lochlainn. Bhí Siubhán, an inghean, cois an
tighe, agus d'innis sise dhó go múinte cá raibh an
greann le bheith agus chuaidh sgathamh de'n bhealach le n-a
chur ar an eolas. Nuair a bhíodar ar tí sgartha
ó chéile, dhearg sí beagán.



"A' bhfeiceann tú an teach sin thoir?" ar sí.



"Teach Thomáis Mhic Códa, an é?" arsa Learaidhe.



"'Sé," ar sí. "Ar mhisde leat bualadh isteach ar
do bhealach soir dhuit agus a rádh le Tomás go bhfuilim-se
annseo agus gur mhaith liom beagán cainntea bheith agam
leis?"



"Tuige ar mhisde?" arsa Learaidhe agus bhain as
aríst.



Bhí Tomás Mac Códa i ngreim 'n-a chamán roimhe
agus ghá láimhsiughadh agus ghá sgrúdughadh go géar
grinn. Bhí an cluiche báire le bualadh lá ar n-a bháir-
each idir a chuid buachaillí féin agus sgata óg-laoch
Chnoc na nGabha. Bhí fiche fear le bheith ar gach aon taobh
agus bhí sé le bheith i n'fhéachaint d'á ríribh i bPáirc na
Tonóige an Cheithearnaigh. Bhí a fhios ag Tomás go
mbeadh mór-chuimse daoine sa láthair. Chualaidh sé
gur chuir an Buailteoir fios ar Thomás Ó Dochartaigh,
buachaill an Athar Uí Chearbhaill, i n-aon turas le
cuidiughadh le fuirinn Chnoc na nGabha. Mura n-éirigh-
eadh le Tomás a theacht — mar b'iongantach áidhbhéil an
fear camáin é — bhí i gceist go mbuaidhfidhe ar an
mBuailteoir. Chuir Tomás Mac Códa a chamán i


L. 418


leath-taoibh agus leig osna. Ba mhinic a tháinig trom-
osna uaidh ó'n uair dheiridh ar casadh a ghrádh geal air.
Bhí a fhios aige gur geárr eile anois go mbeadh sí
sgartha uaidh go deo. Chaith an feilméara galánta ó
na cnuic an oidhche roimhe sin i dtigh shean-Pháidín Uí
Lochlainn. Bhí an cleamhnas déanta socruighthe ar an
móiméad seo agus an pósadh le bheith chomh luath i
nÉirinn 's bhéithí ullmhuighthe 'n-a chómhair. Dubhradh
go bpósfaidhe iad an Satharn a bhí chugat ar a fhad.



"Fairíor gan é tharm!" arsa Tomás leis féin.



"Ní bhéidh lá suaimhnis agam go mbídh an pósadh
céadna déanta!"



"Tá teachtaireacht agam dhuit!" arsa Learaidhe ag
bualadh isteach 's gan puth anála aige.



"Deagh-sgéal ó Dhia againn — cé uaidh an teach-
taireacht?" arsa Tomás.



"Siubhán Ní Lochlainn adubhairt liom —" dhearg
Tomás go mór — "go mbadh mhaith léithi focal cómhráidh
a bheith aici leat," arsa Learaidhe.



"Cá bhfuil sí?" arsa Tomás.



"Thiar i n-aice an tighe," arsa Learaidhe. "Bhfuilir
ag dul chuig an ngreann, a Thomáis?"



"Táim," arsa Tomás, "is mian liom féachaint a
bhaint as "Buadhach Mór.""



Ba é a mhadadh "Buadhach Mór."



D'imthigheadar le chéile. Chuaidh Tomás agus rinne
sgathamh geárr cómhráidh le Siubhán Ní Lochlainn.
Ar aghaidh leo thar a éis seo, agus níor stad gur
shroicheadar Gleann na Saighleán. Bhí an tarbh cean-
gluighthe de chrann sa ngleann agus braighdeán mór
fada fá n-a mhuineál. Bhí téad mhór ramhar láidir as
an mbraighdeán, agus mar sin de, b'fhéidir leis an
tarbh a dhul an oiread seo achair ar 'ch aon taobh. Bhí
na hárdáin agus na cnocáin ar gach taobh druidte le
daoinibh a tháinig leis an ngreann a fheiceál. Tarbh
teann ramhar a bhí ann nach raibh an-mhór. Acht tarbh
láidir cruaidh dána a b'eadh é. Ba gheárr air an
chéad mhadadh a chur in-aer. Rinne an cleas céadna


L. 419


leis an dara ceann. Dhonuigh sé amach 's amach an
tríomhadh madadh. Agus d'fhóbair go ndéanfadh sé
spéic de'n cheathramha ceann freisin. Ní raibh ann
acht go dtug an madadh na haedha slán leis. Annsin
sgaoil fear a tháinig i n-aon turas ó Charraig na
Siúire a mhadadh féin "Léim ar Lúth" agus shaghad
agus mhaodhuigh sa tarbh é. Thosuigh an madadh ag tafan
go dána agus dhearc suas san aer, agus 'n-a thimcheall acht
áird níor chuir ar an tarbh. Maodhuigheadh agus saighdeadh
aríst é acht ní dheachaidh i ngaobhar an bheithidhigh cois an
chrainn. Bhuail tadhad agus rabharta feirge fear an
mhadaidh anois. Rith i ndiaidh "Léim ar Lúth," agus
rug i ngreim sgórnaigh air gur bheag nár thacht sé
beo beathaidheach é. Shaghad aríst é acht ní raibh maith
ann.



"Ní thuigeann sé céard atá uainn," ars' an
máighistir, "acht fanaidh go mbídh sé in-aice leis aon
uair amháin agus feicfidh sibh greann!"



Chuir sé cos ar gach aon taobh de'n mhadadh agus rug
i ngreim muiníl air le n-a chaitheamh isteach aríst acht
tháinig an tarbh timcheall an taobh eile de'n chrann
agus bhuail mo dhuine glan díreach aniar sa leath-
dheireadh, agus chuir deich slata uaidh amach ar a bhéal
agus ar a fhiaclaibh é. Bhuail mór-sgannradh an madadh
nuair a chonnaic sé céard a thárluigh d'á mháighistir
agus sguab leis ag tafan agus ag amhastraigh. Sa deireadh
sheas ar bhárr aille agus thosuigh ag caoineadh go géar-
chráidhte. Ba mhinic thar a éis sin a facthas é i n-uaig-
neas an tsléibhe agus i measg na gclochar agus na gcarraig-
reacha mar bheadh faol-chú ann ag imtheacht as féin..
Ar ais go deo ní dheachaidh sé go Carraig na Siúire thar
a éis sin.



Shaghad Tomás Mac Códa, a mhadadh féin, "Buadhach
Mór," sa tarbh annsin. B'ait agus ba chumasach a
chruthuigh "Buadhach;" acht níor éirigh léithi greim
ceart a fhágháil ar an tarbh ó thús go deireadh agus
b'éigin di éirghe as agus í traochta tugtha sáruighthe
agus gortuighthe leonta bacach ar deireadh thiar.


L. 420


Rug Uáitéar Ó Murchadha ar a mhadadh féin, "Éach-
tach na gCleas," agus bhain de an cosgán béil —
nó, mar deirtí san tsean-Ghaedhilg, an "tsrubhling."
Thuig an madadh céard a theastuigh. Isteach leis.
D'ionnsuigh an tarbh agus d'ionnsuigheadar féin a chéile
go buileach tadhadach gargach. Acht, a léightheoir dhil,
ní dócha go dtaithneochadh sé leat dá n-innsighthí
mórán eile dhuit 'n-a thaobh. Níor ghreann é anois —
b'fhada uaidh é. B'iomdha duine sa gcruinniughadh nár
fhéad dearcadh orra i n-éadan a chéile ar chor ar bith.
Sa deireadh rug "Éachtach" cleasach i ngreim sróine
ar an tarbh. Bhí sé i ngreim chomh cruaidh ann le teana-
chair iarainn. Strachail an tarbh 'n-a dhiaidh ar an talamh
é acht níor chuir sin fiacla "Éachtaigh" as fastódh.
D'árduigh a cheann san aer agus chraith é go láidir, acht
ní raibh maith ann. Annsin thosuigh an tarbh bocht ag
iarraidh búireadh a chur as le neart péine. Sin é an
uair a fuagruigheadh ar Uáitéar a dhul agus an madadh
a bhaint as greim. Anonn leis agus rug ar ubhall
píobáin ar "Éachtach."



D'fháisg leis an dá ordóig nó go raibh an madadh
i gcruth a thachttha agus go mb'éigin dó a ghreim a sgaoileadh.
Chroch Uáitéar leis é fá n'asgaill, agus thuit an tarbh
i mbun a chos ag chomh tugtha 's bhí sé, agus múr allais
leis.



Sgaip an cruinniughadh annsin agus chuadhthas a bhaile.
Cheannuigh Uáitéar Ó Murchadha an tarbh ar "na
chúig phunnt," agus mharbhuigh é i ngan-fhios. Dhíol sé
an mhairt-fheoil le n-a chómharsannaibh ar sgilling an
punnt, agus ba mhaith a bhrabach ar deireadh thiar. Níor
innis sé d'aon duine beo, 'ar ndóigh, gurbh í feoil an
tairbh í. Agus chuir sé 'n-a luighe ar go leor daoine
nár dhíol sé feoil chomh maith ná chomh milis sughmhar
léithi riamh roimhe sin. Acht fuair Nóra Laoide fios
ar chaoi eicínt ar an gcleas a rinne sé, agus maidin
bhreágh áithrid cé bhuailfeadh isteach i dteach áir an
bhrothaireacht í fá n-a culaith nuaidh shíoda. Thosuigh


L. 421


uirthi ag tabhairt faoi go garbh agus go láidir fá n-a
leithid d'fheoil a dhíol "leis na daoinibh uaisle," agus
dubhairt go gcuirfeadh sí a cháil ó thaoibh go taoibh de'n
pharáiste, agus nach gceannóchthaidhe luach pighne dh'á
chuid feola uaidh sin amach. D'éist Uáitéar sgathamh
gan focal a labhairt, agus annsin dubhairt suas
le n-a béal go raibh sí ag déanamh na mbréag!
Acht lean do Nóra ag díbliughadh air go feargach.
Sa deireadh d'fhosgail Uáitéar doras an tseomra
agus amach le "Éachtach na gCleas." Ar an bpointe
's a bhfacaidh sí "Éachtach" — mar bhí a fhios aici
a olcas 's bhí sé — sgannruigh sí chomh mór 's nár
fhan corrughadh na gcos innti, agus shuidh síos d'aon
phlimp amháin ar bhloc an bhrothaire! Bhí an gúna
lus-liath síoda millte go deo leis an mbail a bhí air!



"Tá do ghúna salach, 'riú," arsa Uáitéar. "Gabh
i leith agus sgríobfad an smearadh gréise agus fola atá
air taobh thiar."



"Mo ghúna! Mo ghúna! Mo ghúna!" ar sise
ag éirghe de léim.



"Ná buail amach mar sin, a stór," arsa Uáitéar.
"Fan go sgríobad leis an sgin é!"



Acht amach léithi, agus bhain as siar an baile. Síleadh
go raibh sí lottha leonta agus gur ag tabhairt fhola
a bhí sí gur shroich sí an baile, agus b'iomdha duine
a sgannruigh sí ar an mbealach. Níor thug sí aon
chuairt ar Uáitéar uaidh sin amach.



CAIBIDIL LIII.



AN BÁIRE. MAITIÚ MÓR agus AN CAIPTÍN.
"GEATAÍ ÁRDA" AGUS GREANN.



Bhí maidin Dia Domhnaigh ar fágháil sa deireadh. Bhí
an báire le bualadh agus an fhéachaint le bheith idir
Maitiú Ó Donnabháin agus Caiptín Fruínnsigh. Bhí na
sluaighte daoine ag dul chuig an mbáire — cailíní
óga agus girrseacha, buachaillí agus sgorachaí, fir agus


L. 422


mná meadhon-aosta, agus sean-daoine críona liatha.
Trialladh chuig Páirc na Tonóige ó gach taobh agus ó gach
ceárd. Shiubhail daoine ann dh'á gcois ó na bailtibh
mór-dtimcheall. Ghluais le cuimse daoine thar
paráiste isteach 'n-a gcuid carbad. Agus d'imthigh
le go leor leor ar a gcuid capall agus mná ar cúlóig
aca. Ba bheag duine i gCnoc na nGabha nach ndeachaidh
chuig an gcéad Aifreann le bheith réidh i n-am i gcomhair
an bháire fá mheadhon lae. Acht chuig an dara
hAifreann 'seadh chuaidh muinntir Uí Cheithearnaigh
ó bhí gléas marcuidheachta aca agus a ndóthain mhór breithe
ar a bheith ag an mbáire i n-am thar a éis sin.



"Cá bhfuil Brian? 'Tuige nach bhfuil sé annseo
le breith ar cheann ar an gcapall?" ars' an Ceithear-
nach ar ísliughadh dhó.



"Bhí sé le bheith ar an gcéad Aifreann indiu," ars'
an bhean, "agus badh chóir go mbeadh sé ar ais tá uair ó
shoin ann."



"Ní raibh sé ar an Aifreann, muis," arsa duine
de na cailíníbh aimsire. "Is beag an baoghal a
bhí air a dhul ann! Chaith sé an mhaidin i dtigh Cháit Ní
Chuimín ag imirt chártaí é féin agus an seala is cáirde
dhó. Sin é an áit a raibh sé i leabaidh a bheith ar an
Aifreann."



Choisrig bean an Cheithearnaigh í féin agus d'iarr
maitheamhnas ar Dhia fá n-a leithid de bhuachaill a bheith
aici. Is iomdha rud a mhaith sí dhó riamh; acht ní
mhaithfeadh sí go bráthach dhó gan a dhul chuig an Aifreann.
B'fhíor do'n chailín é. Chaith Brian an mhaidin mar
dubhairt sí. Bhí sé féin agus triúr eile i lár an urláir
i mbothán Cháit Ní Chuimín agus an tubán ar a bhéal
faoi eatorra 's iad ag imirt "sguaibín" dóibh féin
ar an gclár. Chaith Brian uair an Aifrinn 'n-a shuidhe
ar sgilléad ag imirt le n-a cháirdibh, agus bhí sé sáthach
buidheach dhe féin de bhárr a raibh gnóthuighthe aige ag
críochnughadh dhóibh. Sguab leis le bheith sa mbaile sul
thiocfadh bean an tighe ar ais ó'n dara hAifreann, agus


L. 423


é ag cómhaireamh a chuid airgid ruaidh roimhe. Cé
casfaidhe dhó acht duine eile d'á "cháirdibh," — buachaill
nár thaobhuigh an tAifreann fós riamh agus nach raibh a
fhios aige tada 'n-a thaoibh i ngeall ar an gcaoi ar
hoileadh é. Acht nigheadh sé a éadan i lochán gach
Dómhnach agus thriomuigheadh le n-a chaipín é — agus b'in
rud nach ndéanadh sé lá ar bith eile de'n tseachtmhain!



"A' gcaithfir leith-phighinn?" ar seisean le Brian.



Badh crádh croidhe le Brian a rádh nach gcaithfeadh,
agus thosuigh an imirt. Socruigheadh méaróg i lár an
bhóthair. Sheasadh sé slata uaithi siar. Chaith mo dhuine
ar dtús agus chaith Brian 'n-a dhiaidh. Bhí an dá leith-
phighinn timcheall aon ghoireachta amháin do'n mhéaróig.
Tomhaiseadh an t-achar le sop láidir tuighe, agus chaill
tuairim ochtmhadh cuid ordlaigh do Bhrian é. Cuireadh
an dá leith-phighinn ar chláirín agus i n-aer leo. Ar a
theacht anuas dóibh bhí an dá "bhainríoghain" i n-uach-
tar, agus bhí a leith-phighinn caillte ag Brian. Focal
níor labhair ceachtar aca ó thús go deireadh. Lean
dóibh ag imirt mar seo nó gur casadh Tomás Ó
Meachair an bealach.



"Tá do chnaipe déanta, a Bhriain," ar seisean.
"Dheamhan fata a chonglóchas tú go deo fá nach
ndeachaidh tú chuig an Aifreann! Tá an mháighistreás
le buile agus le báine ó chualaidh sí é."



"Ó, a dh--l! A' bhfuil siad ar ais?" arsa
Brian ag geiteadh. "Tá mise réidh anois thar a
ndeachas thríd de ghábhanna' fós riamh! Marbhóchthar
mé, a Thomáis!"



"Mh'anam go gcreidim go bhfuil do phasóid gléasta
rómhat, a mhic ó!" arsa Tomás. "Gheobhair dualgas
an tslisne nó tá an t-ádh críochnuighthe in do chaipín."



"Ó, a dheabhaic! céard a dhéanfas mé chor at bith?"
arsa Brian. "Nach orm a bhí an cathughadh biorach
ceart críochnuighthe nach ndeachaidh ar ais sul tháing-
eadar! Is feárr dhom sguabadh liom go Gleann na
Muice Duibhe chuig mo mháthair agus gan a dtaobhughadh níos
mó."


L. 424


Buaileadh laisg ar Dhroma Chnoc na nGabha. Tos-
uigheadh ag séideadh na mbunnán, agus ag seinnm
leis na fídeogaibh. Cluineadh glaodhach agus gleo agus
torann. Bhí amhrán d'á ngabháil agus puirt dhá
gcasadh. Agus bhí plód mór ag teacht aniar an bóthar
ag dul chuig an mbáire.



"Mh'anam gur feárr dhom bualadh chuig an mbáire,"
ars' Brian. "Béidh an-lá grinn ann, a Thomáis.
Dheamhan cleas a chonnaic tú riamh is deise ná "na
geataí árda" a bhéas ar siubhal. Agus cé'n chaoi a
bhféadfainn Peig Ní Bhrádaigh bhocht fhágáil léithi féin?"



Sguab leis chuig an ngreann go héadtrom-chroidh-
theach agus é ag éirghe ó thalamh le neart áthais. Bhí Tomás
Ó Meachair agus é féin i gcuideacht.



"Meas tú a bhfuil aon bhaoghal go bhfuighidh an
Caiptín an ceann is feárr ar an mBuailteoir, a
Thomáis?" ar seisean.



"Ní'l, le congnamh Dé," arsa Tomás, "cé go
bhfuil a dhóthain mhór imnidhe ar Philib Ó Laochdha. Is
diabhlaidhe láidir géagach an fear é an Caiptín, a
Bhriain, agus deir Tomás Ó Dochartaigh nach ndeachaidh
aobh air le seachtmhain acht ag cleachtughadh leis an ord.
Acht, ná bíodh faitchíos ort, ní bhéidh aon ghoir aige
ar Mhaitiú. Agus béidh buaidh an bháire againn
freisin ó thárla go dtáinig Tomás. D'imthigh leis
le héirghe lae, adeir sé, agus tá faitchíos air nach raibh
aon duine ag an Athair Ó Cearbhaill leis an Aifreann
a fhriotháil. Caithfidh Máire Ní Cheithearnaigh a phárdún
a iarraidh, adeir sé."



Bhí Máire Ní Cheithearnaigh agus Gráinne ag dul
chuig an mbáire mar seo.



"Is geárr eile anois go mbiad ag imtheacht, a
Mháire, agus is orm a bhéas an chumha!" arsa Gráinne.
"Acht tá áthas orm go mbéidh Risteard agus Hannraoi
ag imtheacht an lá céadna."



"'Tuige, a Ghráinne?"



"Mar go bhfuilim le n-a rádh le m'athair cuireadh


L. 425


a thabhairt dóibh an tráthnóna a chaitheamh againne.
Agus cuirfead fios ar "Sheamróig" agus ar an
"mBreitheamhain" freisin."



"Is dócha nach mbéidh steár ag na buachaillí i ndiaidh
Mhéidhbhe," arsa Máire.



"Tá baoghal mór ortha go deimhin! Síleann sí
féin nach bhfuil cur síos le n-a háilneacht, 'ar ndóigh,
acht, dh'á ríméadaighe agus dh'á phéacaighe í, ní chreidim go
gcuirfidh na buachaillí mórán suime innti. Ní hise
"an macaomh mná is áilne snuadh "dh'á mhéad a gais-
ge," arsa Gráinne.



"Agus cheal nár chuimhnighis mise a iarraidh?" arsa
Máire.



"Ó, nár dhubhrais liom cheana nach mbeadh goir agat
a theacht?" arsa Gráinne. "Agus fairíor géar nach
dtigir, a Mháire, mar táim cinnte go mbéir uaigneach
annseo leat féin! Acht, acht a dtigidh Anna a bhaile,
béidh neart cuideachtan agat. Ní bhéidh rígheachan le
n-a croidheamhlacht thar éis an Chlochair is dócha. Béidh
sí chomh tugtha do spalluigheacht le Eilís Ní Mhuirghéis."



"Agus an dóigh leat gur suirightheoir Eilís?"
arsa Máire.



"Nach bhfuil cruthughadh againn gur ab eadh?" arsa
Gráinne. "Nach cuimhneach leat céard a bhí i litir
an tsaighdiúra úd? Agus, thairis sin, chualas iad
ag cur síos uirthi sa gcisteanaigh an oidhche cheana nuair
a bhíos ag cuidiughadh le do mháthair ag déanamh na
maróg."



"Céard adubhradar 'n-a taoibh?" arsa Máire.



"'Séard adubhairt Brian go ndéanfadh sí suiridh-
eacht le lán iothlainne de ghealbhain!" arsa Gráinne.
"Meas tú a bhfuil aon tsuim aici i Maitiú, a Mháire?
Sílim go bhfuil sé sa tóir uirthi i gcomhnaidhe."



"Acht ní bheadh 'fhios ag aon duine an ag magadh nó
dh'á ríribh a bhíos sé" arsa Máire. "Creidim féin
go bhfuil sé dh'á ríribh, acht ní dócha go bpósfadh Eilís
é ó nach bhfuil aige acht a lá páidhe. Agus is fiú bean


L. 426


mhaith Maitiú, a Ghráinne, mar fear níos lághaighe ná
níos simplidhe ná níos carthannaighe 'ná é níor cru-
thuigheadh."



"Ó, a Mháire, féach a bhfuil de dhaoine ag dul soir,"
arsa Gráinne. "Tá an pháirc lán. Agus céard atá
na buachaillí agus na cailíní a dhéanamh annsiúd i gceann
na páirce?"



"Nach bhfeiceann tú gur ab iad "na geataí árda"
atá ar siubhal?" arsa Máire.



"Ó, a Mháire, gabh i leith go beo go bhfeicir Brian!
Na spága móra basacha i ndiaidh mná eicínt! Á, tá
sí i ngreim aige anois! Cé hí féin chor ar bith?"



"Sin í Peig Ní Bhrádaigh," arsa Máire. "Tá Brian
agus í féin an-mhór le chéile, tá 'fhios agat."



"Is cosamhail é agus an fáisgeadh a thug sé dhi," arsa
Gráinne.



"'Bhfuil 'fhios agat céard adubhairt sé le Ris-
teard?" arsa Máire.



"Ní'l 'fhios, i nDómhnach, acht is dócha gur rud barr-
amhail eicínt é."



"Dubhairt sé gur "biadh agus deoch" a póg agus gur fiú
dhá phighinn sa bpunnt í thar aon bhean i gCnoc na
nGabha," arsa Máire.



Chuir Gráinne a sean-sgairt aisti, 'ar ndóigh, ar
a chloisteáil seo dhi.



"Acht ní béarfar chomh héasgaidh ar an gcailín sin
atá ag imtheacht ar nós na heilite 's rugadh ar Pheig,"
arsa Gráinne.



"Cheal nach n-aithnighir Eibhlín Ní Dhonnabháin?"
arsa Máire. "Is furasta a rith a aithneachtáil."



"Nach breágh lúthmhar éadtrom éasgaidh uaithi gread-
adh ó'n mbuachaill úd 'n-a diaidh?" arsa Gráinne.



"Tá Eibhlín chomh croidheamhail leis an bhfiadh,"
arsa Máire. "Agus cailín an-lághach í, a Ghráinne.
Is iongantach an cion atá aici féin agus ag Nóra Ní
Laochdha ar a chéile. Acht ní féidir gur ab í siúd


L. 427


Neansaidh Ní Ógáin agus Tomás Ó Céirigh le n-a taoibh!
Bhíodar an-mhór le chéile fad ó."



"Agus ní cosamhail go bhfuil a croidhe briste
amach 's amach fá'n gcleas a rinne Éamonn Ó Broithe"
arsa Ghráinne. "Tá sí geal-gháireach go leor indiu."



"Agus tá an ceart aici," arsa Máire. "'Tuige
a mbrisfeadh sí a croidhe agus an cleas a rinne sé?
'Tuige a gcuirfeadh sí a saoghal agus a hóige amudha, i
ngeall ar mhí-dhílseacht fir mar Éamonn Ó Broithe?



"A' bhfeiceann tú an Laoideach ar a chapall ag
sguabadh thar an bhfál i lár na Páirce?" arsa
Gráinne. "Acht cá bhfuil Eilís Ní Mhuirghéis? Ní
fheicim sa gcruinniughadh í chor ar bith."



Nuair a thráchtamar ar dtús ar an "bhfál" a
rinneadh i bPáirc na Tornóige dubhramar "nach
ndéanfadh sé blas maitheasa do'n pháirc go Lá an
tSléibhe." Acht muna ndearnaidh sé leas do'n pháirc,
b'fhóghainteach feileamhnach é do mharcaigh, agus is beag
lá geimhridh nach mbíodh duine eicínt le feiceál ag
sguabadh thairis ar a chapall.



Bhí Máire agus Gráinne i lár an chruinnighthe anois. Bhí
an Laoideach íslighthe d'á chapall agus é ag cómhrádh leis an
gCaiptín. Bhí Aodh agus Mac Uí Luaithe ag uairdeall
anonn 's anall i measg na ndaoine, agus bhí an
Dochtúr ag coinneál chómhráidh le Caitlín Ní Ainnlighe.
Stadadh de na "geataí árda" go tobann. Héirigh-
eadh as gach greann d'á raibh ar siubhal. Bhailigh na
daoine i dteannta a chéile. Bhí buachaillí ag bíodhgadh
agus ag preabadh le mí-fhoighid — mar bhí an báire le tos-
ughadh. Amach le Maitiú Mór as plód a bhí 'n-a thim-
cheall agus soir leis i lár na páirce. Soir le fiche buach-
aill lúthmhar sgolbánta agus sheas le n-a thaoibh. Bhreath-
nuigh Maitiú 'n-a thimcheall agus rinne meangadh gáire.
Annsin thóig aníos an liathróid as a phóca agus chaith í
féin agus a chamán ar an talamh. Dhearc uaidh ar na daoin-
ibh arís agus rinne meangadh beag eile. Bhain de a
chóta go roighin réidh gan focal a labhairt. Rinne gach


L. 428


duine de na buachaillíbh mar an gcéadna, agus
d'éirigh beirt nó triúr aca bán-ghnéathach go tobann,
bhíodar chomh corruighthe spreagtha sin i gcómhair na
gcamán. Acht co níor chuir buachaillí an Rátha
dhíobh fós.



"Cé'n mhoill sin oraibh, a bhuachaillí?" arsa
Maitiú. "Tá sé i n-am againn tosughadh feasta i
n-ainm Dé."



Níor fhreagruigheadar acht thosuigh ag cogarnadh
eatortha féin.



"Céard tá ar cearr, a bhuachaillí? arsa Maitiú
ag bualadh siar chuca.



"Tomás nach dtáinig," arsa duine aca go híseal.



"Tomás Mac Códa! Ní'l sé annseo!" arsa
Maitiú le mór-uathbhás. "Cá bhfuil sé? Cá bhfuil sé
chor ar bith.?"



"Ní'l 'fhios againn. Shíleamar gur fadó bheadh sé
annseo. Támuid thar éis teachtairí a chur ar a thóir."



Is geárr go raibh na teachtairí ar ais agus gan puth
anála aca thar éis a n-aistir.



"Bhfuil sé ag teacht?" arsa dháréag in-éinfheacht.



"Ní'l," ars' an fear tosaigh ag cuimilt an allais
d'á éadan.



"Ní chreidfinn ó Mhícheál Árd-Aingeal go ndéan-
fadh Tomás a leithid de chleas!" arsa Maitiú ag
crathadh a chinn le brón agus le aithmhéala.



"Agus go dtug sé a ghealladh dhom an lá ar casadh
d'á chéile sinn ar an mbóthar!"



"Ní raibh aon neart aige air," arsa duine de na
teachtairibh.



"B'fhéidir gur ab aon timpist a d'éirigh dhó," arsa
Maitiú. "Ní chreidim go bhfanfadh sé i ngeall ar
aon nidh eile."



"B'fhéidir gur ceann d'á chuid easnacha a bhris sé,"
ars' an teachtaire.



"Easna!" arsa Maitiú.



"'Mh'anam gur ab eadh. Tá sé thar éis easna


L. 429


nuadh fhágháil ar chuma 'r bith. Tá Siubhán Nic Lochlainn
thar éis imtheachta leis, a mhic ó!"



"Maise," arsa Maitiú ag machtnamh. "De dheamh-
an mórán aithmhéala orm faoi sin. Acht shílfeá go
bhféadfadh sé a chur ar cáirde go mbeadh an báire
buailte ar chuma 'r bith."



"A Mhaitiú, a mhic ó, is lag é nádúr an duine,"
arsa Pilib Ó Laochdha. "Cá bhfuil an duine againn
gan a lochta féin? Ó rinne sé é 's go ndeárnaidh,
nach bhfuil sé déanta anois agus gan dul thairis? Guidh
saoghal fada le séan dóibh, a dhearbhráthair. 'Sé is
feárr a dhéanamh."



"Maise go deimhin, a Philib, ní hé a mhalairt a
ghuidhfinn dóibh," arsa Maitiú. "Agus, dar an
leabhar, tá áthas mór agus glionndar croidhe orm iad a
bheith agá 'n-a chéile sa deireadh, de bhuidheachas do'n
tsaoghal, mar ba mhór mór a ngrádh d'á chéile. Acht
meas tú, a Philib, céard a b'fheárr a dhéanamh?"



"Is feárr dhíbh an báire a bhualadh," arsa Pilib.
"Tig le Feargus Ó Domhnaill a bheith 'n-a chúl báire
i leabaidh Thomáis agus 'séard a b'fheileamhnaighe anois
an dá fhuirinn a chur thrí n-a chéile agus cead a bheith
ag an dá chúl báire a gcuid fear a thoghadh 'n-a nduine
's 'n-a nduine as na buachaillíbh go léir."



"Táim sásta," arsa Maitiú.



"Ní'l locht air," arsa Feargus.



Caitheadh ar chroinnte cé aige a mbeadh cead toghtha
ar dtús, agus bhuaidh Maitiú.



"Béidh Séamus Ó hÓgáin agam-sa," ar seisean.



I leith le Séamus go bródamhail as an onóir a
tasbáineadh dhó os a gcómhair go léir.



Toghadh iad ó dhuine go duine go raibh fiche duine
ar gach taoibh.



D'imrigheadar go dian dícheallach agus d'oibrigh
a gcuid camán go breágh acht, ó nach raibh an dá
pharáiste in-aghaidh a chéile i ngeall air gan Tomás
Mac Códa a bheith sa láthair, ní raibh sé i n'fhéachaint


L. 430


d'á ríribh agus do héirigheadh as thar éis a dó nó a trí
de chluichíbh.



Bhí an Caiptín ag dearcadh orra go grinn. Chuir
a bhuachaill cogar i n-a chluais nuair a glaodhadh ar
Shéamus Ó hÓgáin. Bhain an Caiptín lán na súl
as Séamus ó mhullach a chinn go bonn a chos. Ba
saighdiúr an Caiptín agus ba mhac saighdiúra é agus
dubhairt leis féin gurbh' é an "feall" agus an "truagh"
gan a leithidí de bhuachaillíbh breágha a bheith san arm.
Thar éis tamaill thasbáin an buachaill Eilís Ní Mhuir-
ghéis dó agus í 'n-a seasamh le taoibh Eibhlín Ní Dhonnabháin.
Anonn leis an gCaiptín agus thosuigh ag cómhrádh
léithi. Tháinig lasadh mór i n-éadan Eilíse mar bheadh
náire eicínt uirthi nuair a chonnaic sí ag teacht é.
Agus ní raibh Máire Ní Cheithearnaigh ró-shásta 'n-a
hintinn nuair a thug sí fá deara chomh dearg 's bhí
sí an móiméad céadna.



"Nach áluinn an fear é, a Mháire?" arsa Gráinne.



"Meas tú céard atá sé a rádh léithi?" arsa
Máire.



"A' plámás léithi atá sé agus ag moladh a maise
agus a deagh-dhreacha, is dócha," arsa Gráinne. "Acht
níor shíleas go raibh sí chomh cúthal sin. Dá mbadh mise
Sibéal Laoide, a Mháire, bheadh éad agam léithi agus
an Caiptín ag cur a leithid de shuim innti os comhair
an chruinnighthe go léir."



Bhí sé i gceist go raibh an Caiptín agus Sibéal Laoide —
deirbhshiúr Nóra — an-mhór le chéile agus le pósadh.



Anall le Peig Ní Bhrádaigh go dtí an giodán 'n-a
raibh an Buailteoir 'n-a sheasamh agus shín a méar chuig
an áit a raibh Eilís agus an Caiptín.



"Céard seo anois, a Pheig?" arsa Maitiú.



"A' bhfeiceann tú?" arsa Peig.



"Ó, Eilis," arsa Maitiú. "Ní raibh 'fhios agam
go raibh sí annseo nó go bhfacas uaim í féin agus Siubhán
Ní Bhroithe ar ball."



Bhreathnuigh Peig suas sna súilibh air.


L. 431


"Bhí meas mór ag Eilís ort i gcomhnuidhe, a
Mhaitiú" ar sise.



"Creidim go raibh go deimhin, a Pheig."



"Meas carad," arsa Peig.



"D'eile, céróch meas eile a bheadh aici orm?"
arsa Maitiú.



"Acht ní hionann anois agus riamh," arsa Peig. "Ní
hí an cailín céadna í ó chuaidh sí go Baile Átha Cliath.
Tá sgéal nuaidhe agam-sa dhuit, a mhic ó, dá dtog-
ruighinn a innseacht. Nach breágh an fear é an Caip-
tín?"



D'imthigh le Peig anonn i ngar do'n áit a raibh
Eilís 'n-a seasamh agus thosuigh ag cómhrádh go prímh-
léideach le beirt nó triúr d'á cáirdibh a bhí sa láthair.
Chualaidh Eilís iad ag trácht eatorra féin ós íseal ar
an "saighdiúr" agus uirthi féin, agus ghoin na focla
a chualaidh sí uatha a croidhe 'n-a lár. Bhuail aithmhéala
í anois fá theacht chuig an mbáire chor ar bith mar facthas
di go raibh fios a rúin ag na cómhursannaibh go léir,
agus bhí sí cinnte go mbéithí ag cur síos uirthi. Dhearc sí
uaithi ar Mhaitiú agus thug fá deara an meangadh gáire
céadna i n'aghaidh i gcomhnuidhe. Ba mhór an sólás
croidhe dhi sin féin, dar léithi, fá láthair.



"A Mhaitiú, tá sé chomh maith fios a chur ar an ord
in ainm Dé," arsa Pilib Ó Laochdha.



"Táim-se réidh le tosughadh uair ar bith is maith
libh é," arsa Maitiú, "acht ó 'sé an Caiptín a chuir
éileamh orm-sa agus gur ab é ba tús leis an gcomór-
tas seo eadrainn a shocrughadh, sílim gur dhó is córa a
rádh anois fios a chur ar an ord."



Is geárr gur bhuail an Caiptín anall chuca.



"A Mhic Uí Dhonnabháin, ní thig liom-sa fanacht
a bhfad eile," ar seisean. "Is feárr dhúinn tos-
ughadh."



"Táim-se sásta, a Chaiptín," arsa Maitiú, "ó
táir-se"



"A Bhriain! gabh i leith," ar seisean.



I leith le Brian.


L. 432


"Ó, a Mhaitiú, is tú a chaill é!" ar sé. "Dá
mbéitheá sna "geataí árda" gheobhfá lán do bhuilg de
phóga!"



Cuireadh Brian i gcoinne an uird síos chuig ceárd-
chain Sheagháin Gabha, agus cuireadh duine eile 'n-a
dhiaidh ar fhaitchíos nach dtiubhradh sé leis an t-ord
ceart.



"Sílim go mbuailfead-sa síos 'n-a ndiaidh," arsa
Liam Ó hEithfearnáin, "ar fhaitchíos go dtosóchaidís
ag troid faoi mar ord."



Acht leith-sgéal a bhí uaidh le himtheacht le sgéala
chuig Nóra Ní Laochdha mar bhí eagla air go gceapfadh
sí gur buadhadh ar bhuachaillíbh Chnoc na nGabha ag bual-
adh an bháire ó thárla nach rabhthas ag mór-ghlaodhach sa
bPáirc. Mar sin, ní bheadh sé sásta go gcluineadh
Nóra nach raibh Tomás Mac Códa sa láthair agus
céard a bhain dó le nach dtáinig sé.



Bhuail Brian chuca aníos agus an t-ord ar a ghualainn
aige Rug Maitiú ar an ord agus leag ar an talamh
i bhfiadhnaise an Chaiptín é. Bhain an Caiptín de a
chóta agus a chasóg chabhlaighe go tapaidh. D'fhill suas
muinchillí a léine, agus nochtuigh a lámha ó na huilinneach-
aibh. B'iongantach an dá láimh a bhí aige. Bhí raimh-
reacht áidhbhéil ionnta agus spreacamh dh'á réir. Agus
nuair a dhearc go leor d'á raibh sa láthair air — nuair
a chonnaiceadar an mhéid mhór agus an toirt a bhí ann —
agus an leithead mór a bhí idir dhá bhois a shlinneán —
agus chomh teánn trom géagach 's bhí sé — agus an
mór-dhíocas a tháinig air ag breith ar an ord dó,
sgannruigheadar go mbéarfadh sé buadh gaisgidhigh
ó n-a gcaraid dil, an Buailteoir. Ní raibh Maitiú
i n'fhear baoghal ar chomh suidhte righte ná chomh toirt-
eamhail téagarach fá n-a chruth leis, agus is iomdha
duine a bhí ag geiteadh agus ag preabadh le imnidhe agus le
faitchíos go bhfuighthí an ceánn a b'fheárr ar an mBuail-
teoir anois ar deireadh thiar, thar éis ar ghnóthuigh sé
de ghealltaibh le neart agus le mór-spreacamh le
bliadhantaíbh fada.


L. 433


Níor fhan focal ag aon duine. Bhí ciúineas mór
i measg an chruinnighthe.



Bhí aghaidh gach duine ar an gCaiptín anois mar
bhí fá réir.



Sheas sé ag an áit seasta. Chuir leath-chos roimhe
agus an t-ord i ngreim 'n-a dhá láimh aige. Shníomh é
féin a dó nó a trí de chuarta. Lúb a dhruim le teánn
fórsa, agus chuir an t-ord ag eiteall thríd an aer
le mór-fhuinneamh. Chuaidh sé chomh fada as láthair
's go raibh mór-iongnadh ar gach duine. Tugadh ar
ais é agus síneadh chuig Maitiú é. Thosuigh sé ag meangadh
— mar ba ghnáthach leis — agus rug ar an ord. Chaith,
agus chuir trí troighthe thar an áit ar chuir an Caiptín é.
Chaith an Caiptín arís agus chuir sé troighthe thar Mhaitiú,
agus d'fhuagair cuid de thonóntaibh a athar "goirim
an Caiptín!" Acht chuir Maitiú trí troighthe thairis
amach leis an gcéad urchar eile é.



Rug an Caiptín ar an ord. D'fháisg a chuid fiacal
ar a chéile le teánn díocais. Tháinig sgéin iongantach
'n-a shúilibh. Chuir mór-lúthad a ghéag agus spreacamh a
chnámh agus dánacht a intinne san iarracht anois. Shníomh
agus chas, chas agus shníomh, agus seo ar siubhal an t-ord ag
feadghail thríd an aer. Cuireadh an Caiptín i ndiaidh
a mhullaigh ar an talamh thar éis an urchair a sgaoileadh
as a dhá láimh, leis an oibriughadh mór a bhí air agus leis
an neart a chur sé amach d'á cheithre cnámhaibh. Acht,
nuair a chualaidh sé an gháir mhór agus an glaodh a chuir
tonóntaí a athar asta, bhí 'fhios aige gur éirigh leis.
D'éirigh 'n-a sheasamh agus dhearc. Bhí an t-ord chomh
han-fhada thar an áit dheiridh ar chuir an Buailteoir é
agus gur éirigh a chroidhe le ríméad agus le áthas. Bhí sé
cinnte glan agus dearbhtha anois nach raibh dul thairis 'n-a
cionn.



Tugadh an t-ord chuig Maitiú. Sheas sé san áit
seasta agus dhearc uaidh go grinn ar an áit ar chuir
an Caiptín an t-ord.



"Dar fiadh! a Chaiptín," ar seisean. "Is ait a


L. 434


chruthuigh tú. Nár lagaidh Dia do chabhail annsin!"



Leag sé an t-ord ar an talamh. Chuir a lámha fá
n'asgallaibh, agus thosuigh ag machtnamh agus ag smaoineadh.
Bhí a raibh sa gcruinniughadh ag cur na súl thríd anois
agus, de dhéanta na fírinne, is iomdha duine a shil deor
mar ceapadh go raibh sé buailte.



"Brisfidh a chroidhe," arsa geárr-chaile i n-aice
le Eilís Ní Mhuirghéis.



"B'fheárr liom an bhuaidh a bheith ag an gCaiptín ar
mhór-bhealach," arsa Maitiú leis féin.



Dhearc sé 'n-a thimcheall arís. Dhearc sé ar a cháir-
dibh go léir. Dhearc ar Eilís. Acht ní rug ar an ord.
Bhuail buachaill sa gcruinniughadh laisg go tobann
ar an Droma. Bhíodhg Maitiú. Chuir an fhuaim sin
Cnoc na nGabha, a bhaile dúthchais, i gcuimhne dhó. Chuir
sí a cháirde gaoil i mbaile 's i gcéin i n-ath-chuimhne
dhó. Mheabhruigh sí a dhualgas agus spreag sí 'un
misnigh é. Smaoinigh sé go raibh air anois seasamh
ós comhair an Oireachtais ar son cliú agus cáile agus onóra
a bhaile féin agus a pharáiste. Tháinig na gníomha gaisge
a rinne sé san am a caitheadh ar ais 'n-a chuimhne. Thug
sé aon dearcadh amháin eile ar a cháirdibh agus rinne
meangadh gáire. "Ar son onóra an bhaile," ar
seisean, agus rug ar an ord 'n-a láimh dheis. Sheas go
díreach, agus thug aon amharc grinn amháin eile ar an áit
ar chuir an Caiptín fá dheireadh é, mar bheadh sé ag
tomhais an achair i n'intinn féin. Rug ar an ord
'n-a dhá láimh. Las a shúile. Bhí gach aon fhéith 'n-a chorp
'n-a seasamh mar bheadh slatracha cruaidhe. Shníomh é
féin ar nós na heascon. D'atuigh a ghné le teánn
fórsa. Tháinig oibriughadh mór ar pholláiríbh a shróine.
Agus seo chun siubhail an t-ord thríd an aer. Soir
leis fá ghearradh thríd an ngaoith, agus sgoith sé dhá throigh
dhéag an giodán a sroicheadh go deireadh. Bhí an
Caiptín buailte! Bhí buaidh gaisge ag Maitiú Mór!
Bhí an onóir ag Cnoc na nGabha! Cuireadh hataí i
n-áirde ar gach taobh. Agus bhí ann árd-ghlaodhach


L. 435


agus mór-ghreadadh bos. Anall le plód de bhuachaillibh
an bhaile go gcrochaidís an Buailteoir ar a gcuid
guailne. Bhíodar ar éirghe de chomhthrom talmhan le
neart ríméid. Rugadar ar an dá láimh air, agus bhíodar
ghá chrathadh nó go rabhadar tuirseach.



"Anois, a bhuachaillí, bídhidh lághach réidh," arsa
Maitiú. "Nach minic cheana a chonnaic sibh mé ag
caitheamh an uird agus ná cuiridh aon mhúisiam ar an
gCaiptín thar éis a theacht in bhur measg dhó."



"A Mhic Uí Dhonnabháin," ars' an Caiptín, "ní'l
do bhualadh i Roinn na hEórpa. Níor buadhadh orm
cheana riamh!"



"Agus fear as Tiobrud Árann, a bhuadhuigh ort,
a Chaiptín!" arsa Maitiú.



"Is mór an sásamh intinne dhom sin," ar seisean.
"Is as Tiobrud Árann dom féin agus is maith liom
gur mheabhruighis dom é," agus rug sé ar láimh ar
Mhaitiú. "Ní chuirfead aon éileamh ort níos mó,"
ar sé. "Slán agat anois!" agus d'imthigh.



"Ó, a Mhaitiú," arsa Liam Ó hEithfearnáin. "Bhíos
ar ais go díreach nuair a thosuigh sibh agus nuair a
chonnaic mé an chaoi a rabhais a' smaoineadh, is beag
nár bhris mo chroidhe. Shíleas go raibh deireadh le Cnoc
na nGabha!"



"Ní'l deireadh le Cnoc na nGabha, a Liam!"
arsa Maitiú ag breith ar láimh air.



"Ní'l deireadh le Cnoc na nGabha!" ars' an
tAthair Mac Mathghamhna a bhí ag dul tharta an móiméad
céadna ar a chapall. "Acht cá fhaide eile a féadfar
a rádh?"



Bhí sé thar éis an ola dhéidheanach a chur ar Mhícheál
Ó Briain bocht agus thar éis a bheith ar cuairt ag a mhnaoi
agus ag a chuid páistí. Chomhair sé ar leagadh de thighthibh
i leath-taoibh an bhóthair idir dhá cheann an pharáiste.
Smaoinigh ar ar díbrigheadh as taltaibh a n-athaireacha
agus tháinig na deora fá n-a shúilibh. Acht ní bheadh
deireadh le Cnoc na nGabha an fhad 's bheadh aos óg


L. 436


an pharáiste ag geal-gháiridhe agus ag déanamh grinn mar
bhíodar fá láthair ar fud na páirce agus, d'á bhrónaighe
d'á raibh a chroidhe thar éis a aistir, thug sin roinnt
bheag sóláis dó.



D'imthigh leis ar fud na páirce nó go bhfacaidh sé
Brian Ó Bruadair uaidh. Rinne air. Sgannruigh
Brian nuair a chonnaic sé ag teacht é.



"Dia ghár réidhteach! Táim réidh anois fá nach
rabhas ar an Aifreann!" arsa Brian.



"A Bhriain," ars' an sagart, "an cuimhneach leat
gur chuiris gunna leis an gCeithearnach i bhfalach i dtom,
tá sgathamh ó shoin ann?"



"Dar an leabhar, is cuimhneach, a Athair!" arsa
Briain. "Acht d--l cuimhniughadh a rinneas air
ó'n lá ar chuireas ann é go dtí an móiméad seo!
Ghá thabhairt chuig Maitiú a bhíos le caoi a chur air
'n áit ar éirigh briseadh eicínt dó an lá ar leagadh an
Dochtúr ar an leic oidhre sa ngeimhreadh seo chuaidh
thart. Bhí na gadhair ag sguabad i ndiaidh girr-fhéidh
agus shacas isteach sa tom é agus leanas na gadhair. Níor
chuimhnigh mo chroidhe air ó shoin, acht rachad 'n-a choinne
anois."



"Ní'l sé san áit ar chuiris é," ars' an sagart.



"Gheobhair é ar íochtar portaigh mhóir Liam Uí Eithfear-
náin i ngar do Chnocán na gCaorach. Dubhradh
liom sin innseacht duit ar fhaitchíos go bhfuightheá aon
mhilleán 'n-a thaobh. Acht ná hinnis gur thráchtas-sa
'n-a thaobh leat ar chraiceann do chluas."



"Mh'anam nach n-innseochad, a Athair," arsa Brian.



D'imthigh leis an Athair Mac Mathghamhna.



"Acht d--l an saoghal mór a thóigfeadh d'íochtar
an phortaigh mhóir úd é mar ghunna!" arsa Brian leis
féin. "'Ar ndóigh, báithfidhe long ins an bportach
doimhin céadna agus bheadh sé fánach agam-sa a dhul
go híochtar ar a thóir. Sgread mhaidne air mar
ghunna. Ní fiú leath an oiread anró agus trioblóide
é. Mh'anam nach mbacfad leis! Rachad agus iarrfad


L. 437


cead a dhul ar cuairt chuig mo mháthair go Satharn,
agus ní bhéidh aon duine le bheith ghá fhiafrughadh céard
a rinneadh leis an ngunna céadna."



Sgaoil Brian an t-ord a bhí sé a thabhairt ar ais
chuig Seaghán Gabha d'á ghualainn agus d'imthigh leis. Is
cóir dhúinn a rádh annseo gur fhan an t-ord i lár na
páirce nó gur briseadh speal Thomáis Uí Mheachair
faoi 'sa samhradh a bhí chugat agus é ag spealadóireacht.



"Badh mhaith liom a dhul a bhaile le mo mháthair bhocht
a fheiceál" arsa Brian ag bualadh isteach chuig an
gCeithearnach.



"Céard atá uirthi?" ars' an Ceithearnach.



"Cailín as Gleann na Muice Duibhe adubhairt
liom go bhfuil sí ag éagcaoineadh cineáil fuar-phéine
'n-a goile!" arsa Brian agus a cheánn faoi aige.



Leig an Ceithearnach a shean-sgairt nuair a chualaidh
sé fá'n "bhfuar-phéin" agus seo ar siubhal Brian thar
éis míle buidheachas a ghabhail le n-a mháighistir dhó,
agus níor stad acht ag sguabadh tulchán agus portach
gur bhuail sé isteach i mbothán a mháthar. 'Ar ndóigh,
ní gábhadh dhúinn a rádh nach raibh aon nidh ar cearr le
sláinte na mná croidhe.



"Nach mairg gan áit eicínt againn a dtiocfadh linn
damhsa a chur ar bun ann," arsa Maitiú nuair a
thosuigh na daoine ag sgaipeadh.



"Tá na cailíní ar bís le fonn rinnce," arsa duine
eile.



"Tig libh a theacht agus damhsa a bheith agaibh in mo
sgioból-sa — an sgioból is feárr sa bparáiste,
arsa Tomás Ó hÓgáin.



Ghluais leis na buachaillí agus leis na cailíní i gcuid-
eacht. Tosuigheadh ar an damhsa. Sheinn Liam
Ó hEithfearnáin an ceol. Agus caitheadh an tráthnóna
go meidhreach i sgioból Thomáis Uí Ógáin.



Bhí bean Philib Uí Laochdha i mbéal an dorais ar a
bheith ag dul ar ais do'n Athair Mac Mathghamhna.
D'ísligh an sagart. Cheangail an tsrian de chrúdh


L. 438


iarainn i dtaoibh an chrainn cois an tighe, agus bhuail
isteach le Nóra a fheiceál.



D'fhiasruigh sé cé'n chaoi a raibh sí agus dubhairt sí
leis go raibh sí go maith "míle buidheachas le Dia."



"A' bhfuil brón ort fá nach féidir leat a dhul chuig
an damhsa leis an aos óg?" ars' an sagart.



"Ní'l, a athair, mar feicthear dhi, a athair," ars' an
mháthair. "Is minic adeireas sí liom a dhul amach
agus breathnughadh cé'n taobh de'n pháirc a mbíonn na
cailíní, agus chítear dhi go mbíonn sí 'n-a measg uaidh
sin amach."



Tharraing an sagart amach a chéirsiúr mór dearg
síoda agus chuimil a éadan agus a shúile. "Le congnamh
Dé, béidh feabhas mór ort, a Nóra, leis an aimsir
bhreágh," ar sé agus amach leis. Dhearc sé ar bhárr an
chrainn acht ní raibh Tomáisín le feiceál aige san áit
'n-ar ghnáthach leis sgathamh a chaitheamh gach lá.



"A mháthair," arsa Nóra, "táim chomh cinnte 's
táim go bhfuilim im' shuidhe annseo go bhfuil beirt
naomh ag siubhal na talmhan ar an uair seo de ló."



"Agus cé hiad, a stór?"



"An tAthair Mac Mathghamhna agus Máire Ní Cheithear-
naigh," ar sí.



Chraith an mháthair bhocht a ceánn.



"Agus tá eolas agam-sa ar naomh, a mhuirnín,
nach dtig léithi siubhal chor ar bith!" ar sí léithi féin,
agus bhuail amach ar an tsráid le n-a cuid deor a shilt
i ngan-fhios do Nóra.



CAIBIDIL LIV.



AN LAOIDEACH AR CUAIRT. BARAMHAIL AN
BHUAILTEORA I DTAOIBH "SPALLUIGHEACHTA."



D'imthigh le furmhór na ndaoine a bhaile. Sgar an
Dochtúr agus Mac Uí Luaithe go beannachtach le clainn
inghean Mhic Ainnlighe. Chaith an Laoideach sgathamh ag


L. 439


déanamh iongantais d'á dhírighe 's bhí an fál i lár
na páirce. Ghluais le Hannraoi i n-éinfheacht le
Máire agus le Gráinne.



Chuaidh Neansaidh Ní Ógáin a bhaile go haoibhneach i
gcomhluadar Thomáis Uí Chéirigh agus ghléas í féin i
gcomhair an damhsa. Thriall Siubhán Ní Bhroithe agus
a "buachaill" féin chuig sgioból an Rinnce go
héadtrom-chroidhtheach freisin. Ní raibh aon óig-
bhean sa láthair ba mhó ar tugadh sunndas di ná
Neansaidh Ní Ógáin. Agus, leis an fhírinne a rádh, ní
raibh Siubhán Ní Bhroithe i ndiaidh a háilneachta uirthi.
Má chuir sí i n-aghaidh Neansaidh a bheith mar mhnaoi
ag Éamonn níorbh' le gráin ar bith uirthi é, acht i ngeall
ar easbaidh spré a bheith uirthi. Bhí súil ag Siubhán go
bhfuigheadh sí féin spré as airgead na mná a gheobhadh
Éamonn, agus sin é an fáth nach mbeadh aon ghlacadh aici
le aon óg-mhnaoi gan ciste téagarach a theacht 'na
tighe. Níorbh' ise an chéad bhean a rinne amhlaidh, 'ar
ndóigh, ná an bhean dheiridh a dhéanfas é acht an oiread.
Is iomdha cailín a ghníos pósadh maith i ngeall ar
airgead óg-mhná eile — rud a bhfuil a fhios ag cách ar
fud Chríche Bhanban.



Bhí Gráinne ar tí an geata a fhosgailt le dhul
isteach i dtigh an Cheithearnaigh nuair, ar dhearcadh uaithi
dhi, céard d'fheicfeadh sí acht cóiste dhá chapall ar
bhárr an áird. Bhíodhg sí le áthas agus rith chomh tréan
's bhí 'n-a cosaibh gur shroich sí an cóiste agus isteach léithi
ann ar an bpointe.



"An Dochtúr Ó Cadhlaigh, a hathair, atá ann," arsa
Máire le Hannraoi. "Ó, agus tá Méadhbh 'n-a
theannta!"



Ba gheárr go raibh an cóiste ar an talamh. Cuireadh
an Dochtúr i n-aithne d'á raibh sa láthair, agus bhuail-
eadar go léir isteach 'na phárlúis. Is geárr gur
thuirling an Laoideach ag an ngeata. Tugadh air fan-
acht, agus cuireadh a chapall ar stábla.



Do hollmhuigheadh "togha gach bídh agus rogha gach dighe,"


L. 440


agus cuireadh fios bog te ar Chatlín Ní Ainnlighe agus ar
Rós. Ní raibh a bhfad go rabhadar i láthair 'n-a
n-éadaighe geala galánta.



Bhuail an Laoideach amach 'n-a mhaoil sa ngáirdín thar
éis tamaill.



"Nár dhubhrais go rabhais le dhul go Ceatharlach
ar maidin le í siúd fheiceál?" arsa Diarmuid, a
bhuachaill.



"Dubhras. Rachamuid ann ar maidin."



"Agus nach feárr dhuit a theacht a bhaile feasta,
mar sin?"



"Gheallas an tráthnóna a chaitheamh le muinntir
Uí Cheithearnaigh."



"Go bhféachaidh Dia ort annsin!" arsa Diarmuid.
"Ní raibh aon dé chéille in do cheánn ó bhí airde mo
ghlúnach ionnat. Béarfar ort sa deireadh, agus is é
atáir a thuar dhuit féin. Acht ní fhéadfair a rádh nár
cómhairligheadh thú, a mhic ó!"



"Ní bhéidh baoghal orm. Bhéarfad aire dhom féin,
a Dhiarmuid. Feicfidh tú féin," ar seisean agus isteach
leis.



"Béidh sé i ngreim de bhárr na hoidhche anocht mara
dtugaidh sé rí-aire dhó féin," arsa Diarmuid.
"Brisfidh Máire Ní Cheithearnaigh a chroidhe 'n-a lár
le n-a mbéidh de ghrádh aige dhi thar éis na hoidhche, mara
bhfuil ag Dia! Leithid Mháire is measa — cailín
ciúin gan mórán cainnte. Is contabhairtighe go mór
fada iad sin ná na cailíní a mbíonn díol dháréag
le rádh acab. Is fiú "ciúin-chionntach" a sheachaint
i gcomhnuidhe!"



Cainnteoir rí-mhaith a b'eadh an Dochtúr Ó Cadhlaigh,
agus, an fhad 's bhítheas ag bord na proinne, choinnigh
sé cainnt leis an gcomhluadar agus bhain sé comhrádh
asta go léir de réir a chéile. Chuaidh sé dhóibh go
cliste — mar fhear a bhí cleachtach ar an ngnó — agus
níor fhág sé duine dh'á raibh sa láthair gan rud eicínt
le rádh. Tháithnigh leis go mór mar labhair Mac Uí


L. 441


Luaithe. Cheistnigh sé Risteard i dtaoibh a choda
staidéir i mBaile Átha Cliath. Bhí an oiread "car-
raigreach" i bhfreagarthaibh an Dochtúra óig, agus
an oiread téarmaí mór ceárdamhail a bhain le leigheas
agus le dochtúireacht 's gur sgannruigh sé a mháthair. Bhí
sí cinnte nach raibh cur síos ar bith ar a chuid fógh-
lumtha, 'ar ndóigh. Chruthuigh an Laoideach féin 'n-a
chainnteoir bhinn bhlasta dheagh-labhartha — rud a thaithnigh
go han-mhór le Gráinne. Acht níorbh' fhada gur éirigh
sé as an gcainnt, agus thug bean an Cheithearnaigh fá deara
go dtagadh trom-osna uaidh anois agus aríst. Thuig
sí céard a bhí ag gabháil dó ar an bpointe, dar léithi
féin, agus bhí sí sáthach mí-shuaimhneach gan a fhios a bheith
aici cé aca óig-bhean a bhí ag baint "osnaí cléibhe" as
"an duine bocht." Dubhairt sí léithi féin go mb'fhéidir
gur thairg sé duine eicínt a phósadh agus gur heitigheadh é.
Má b'amhlaidh a bhí, ba mhór a truagh dhó — mar nár
mhaith an chuimhne a bhí aici ar an Suibhneach a bhí i
ngrádh léithi féin nuair nach raibh sí acht naoi mbliadhna
déag d'aois! Bhí lán comhran d'airgead aige,
ar ndóigh, agus phósfadh sé í gan pighinn spré le neart
a ghrádha dhí. Acht cé gur mhol a hathair agus a
honcail Dómhnall di a phósadh, ní fhéadfadh sí — i
ngeall ar a shrón! Agus níor chuincín mhór fhada
ghránda mar sin a bhí innti ar chor ar bith — acht srón
FHUAR a b'eadh í! B'in é an buille. Tháinig an
Suibhneach ar cuairt go Baile an Dúna Mhóir — an
oidhche thar éis Oidhche Chinn an Dá Lá Dhéag thar oidh-
cheannta an domhain. Go tráthamhail ní raibh aon
tsolas ar lasadh san halla, agus níor thúisge taobh
istigh de'n táirsigh é ná bhain póg dhi. Bhí sise thar éis
a bheith 'n-a suidhe cois na teineadh sa bpárlús agus
bhí a leaca ag lonnradh, 'ar ndóigh. Chuir póg an
tSuibhnigh na drioganna fuaicht thrí gach ball d'á corp
agus bhí a shrón chomh fuar, facthas di le spiacán leice oidhre
a bheadh i bhfastódh i n'éadan. Cé'n chaoi a bpósfadh
sí fear a raibh srón air a phréachfadh an fiach dubh?


L. 442


Ní dhéanfadh sí a leithid, ba bheag an baoghal uirthi!
Is iomdha oidhche a chaith sí gan néall ag tuitim ar a
súilibh ag smaoineadh ar an tsrón chéadna. Is minic
adeireadh sí gurbh' iad an flith-shneachta agus gaoth
sheaca na hoidhche fuaire úd ba chionntach, acht ní raibh
maith ann. Bhí an dochar déanta. Bhí a croidhe
préachta reoidhte i n-aghaidh an tSuibhnigh bhoicht, agus
ní raibh aon áird aici air ná aon tsuim aici ann uaidh
sin amach. Dhallruigh a shrón an grádh a bhí aici dhó,
agus ní phósfadh sí é uaidh sin amach dá mbadh leis ór
an tsaoghail. Go deimhin dubhradh go minic — má
b'fhíor é — gur thárla gníomh eile dh'á leithid san halla
an chéad oidhche a chaith Muiris Ó Ceithearnaigh i mBaile
an Dúna Mhóir; agus bhí sé i gceist go rabhthas lán-
tsásta le n-a shrón-san. Acht ní'l aon chruthughadh
againn leis an ráfla a chuaidh thart, agus ní'l a fhios
againn an fíor bréag é. Ar chuma ar bith, ní raibh sé
a bhfad gur socruigheadh an cleamhnas. Acht is
minic adubhairt bean an Cheithearnaigh nach bhfacaidh
sí leithid Mhuiris de shuirightheoir riamh, agus bhí an
ball-séire críochnuighthe air i n'óige má b'fhíor d'á
mhnaoi chéile chroidhe.



Caitheadh an tráthnóna go meidhreach sólásach le
sult 's greann, le rinnce 's ceol, le cómhrádh agus le
gabháil fhuinn. Bhuail Learaidhe isteach agus d'aithris.
Sheinn Máire. Ghabh Gráinne ceánn d'amhráin an
Mhórdhaigh. Agus ghabh an Laoideach "An Maidrín
Ruadh" agus "Seaghán an Bhríste Leathair." Mhol
an Dochtúr Ó Cadhlaigh aithriseoireacht Learaidhe go
mór agus dubhairt go ndéanfadh sé an-chainnteoir leis an
aimsir. Thaithnigh leis freisin mar gabhadh "Nóra
Chríonna." Agus ní gábhadh a rádh gur mhol sé mar
sheinn Máire an "Chúilfhionn." Annsin tosuigheadh
ar an damhsa agus leanadh dhó go ceánn tamaill mhaith.
Thar a éis sin, chaith cuid de'n chomhluadar sgathamh
go geal-gháireach ag imirt chártaí.



"A Dhochtúir," arsa Máire i gceánn tamaill,


L. 443


"támuid ag aragúinteacht annseo agus badh mhaith
linn do bhreitheamhnas-sa agus do bharamhail fhágháil."



"Cé air? ars' an Dochtúr Ó Cadhlaig.



"Támuid ag trácht i dtaoibh spalluigheachta," arsa
Máire. "Ní thaithnigheann sé le Méadhbh chor ar bith,
agus deir gur droch-ghnás é. Acht deir Rós go
mbíonn fonn mór uirthi féin a bheith ag flith-mhagadh faoi
na buachaillí, agus gur cuma léithi má bhíonn na
buachaillí ag fonómhoid agus ag séideadh fúithi. Deir sí
gur greann é a thaithnigheas léithi go mór."



"Agus céard adeir Caitlín?"



"Ó, 'sé meas Chaitlín gur cóir do na hóig-fhearaibh
bheith dhá ríribh i gcomhnuidhe, acht nach dochar ar bith gan
na hóg-mhná a bheith amhlaidh. Agus anois céard do
mheas-sa, a Dhochtúir?"



"Ó, is cruaidh an cheist í," ars' an Dochtúr ag
meangadh. "Níor mhór do dhuine machtnamh fada a
dhéanamh ar an sgéal sul dá dtiocfadh leis breith-
eamhnas ceart a thabhairt ar nidh chomh tábhachtach. Acht
'sé mo mheas féin gur —"



"Tá sean-tSomerfield bocht go han-dona," arsa
bean an tighe ag bualadh isteach. "Deir Maitiú Ó
Donnabháin go bhfuiltear thar éis fios a chur ort, a
Dhochtúir. Glaodhfad air a theacht isteach."



"'Seadh, a Mhaitiú, céard atá ar Shomerfield?"
arsa an Dochtúr.



"Ag dul a bhaile ó'n damhsa dhom," arsa Maitiú,
"agus mé im' sheasamh ag geata Philib Uí Mhuirghéis, cé
sguabfadh tharm 'sna feirí glinnte acht buachaill na
ngadhar. D'fhiafruigheas cá raibh a thriall an tráth
sin d'oidhche agus 'sé r'd adubhairt sé liom go raibh an
máighistir go dona, agus go raibh sé ag dul i gcoinne
Dhochtúir Uí Chadhlaigh. D'innsigheas-sa dhó gur annseo
a bhís, agus lasg leis ar ais le n'innseacht do Sham.
Tháinigeas-sa treasna an aithgiorra le sgéala ar
fhaitchíos go mbéitheá id' chodladh. Béidh an buachaill
annseo gan mhoill."


L. 444


"Go raibh maith agat, a Mhaitiú. Is maith a rinne
tú sin," ars' an Dochtúr. "Acht ní mé céard atá
air?"



"Creidim go mbíonn "an tinneas mór" — bean-
nacht le hanam Póil! — ag gabháil dó, go deimhin,"
arsa bean an Cheithearnaigh, "agus buaileann taom
thobann é go minic."



"Is minic cheana a bhuail an taom chéadna é,"
ars' an Ceithearnach, "agus is beag a rinne sí air.
Feicfear an sean-bhuachaill sin ar a ghearrán i ndiaidh
a phaca gadhar i mbáireach, rachad-sa faoi dhíbh. Ní
bheadh leath an oiread sgannraidh ar Sham marach go
bhfuil 'fhios aige go mbéidh deireadh le n-a sheilbh ar an
dúthaigh acht a gcailltear an t-athair. Fuair an
t-athair léas go deireadh a shaoghail ó'n Ridire Tomás
de Buitléir fadó'n lá — is le muinntir de Buitléir
an dúthaigh atá faoi chumhdach Shomerfield mar tá fhios
agaibh — agus, acht a bhfáighidh an t-athair bás, béidh ar
Sham glanadh leis, mar meastar nach dtiubhraidh an
Ridire Gearat an tseilbh dhó."



"A Mhaitiú," ars' an Dochtúr, "ceist agam ort!
Deir cuid de na cailíní óga seo nach ceart do bhuachaill-
íbh a bheith ag plámás le óg-mhná chor ar bith; acht deir
Rós Ní Ainnlighe nach bhfuil aon locht aici féin air.
Agus anois, a Mhaitiú, céard do mheas-sa? Ar chóir
do na buachaillíbh a bheith dhá ríribh i gcomhnuidhe, agus ar
cheart éirghe as an spalluigheacht agus as an déanamh
grinn a bhíos ar siubhal i measg an aos' óig fá láthair?"



Chuimil Maitiú a lámh d'á smig ar feadh tamaill bhig.



"Cuireann sin i gcuimhne dhom an rud adubhairt an
tAthair Ó hAnnagáin le Tomás Mac Códa aon uair
amháin," arsa Maitiú. "Agus mh'anam go bhfuil mé
ag ceapadh nach amhlaidh a labhróchas sé leis an chéad
uair eile a gcasfar ar a chéile iad! Tá Tomás thar
éis imtheacht le cailín óg a raibh a cleamhnas déanta le
"cloigeann éinín" bastalach anuas ó na cnuic nach
raibh blas suime aici ann dh'á dheiseamhla d'á raibh sé.


L. 445


Agus is dócha go dtiubhraidh an sagart faoi Thomás
garbh é i ngeall air a "ghrádh geal" a chrochadh leis ar
a leithid de chaoi."



"Acht céard adubhairt an tAthair Ó hAnnagáin
leis?" ars' an Dochtúr.



"Ar faoistin aige a bhí Tomás," arsa Maitiú,
"agus bhí imnidhe mhór air i ngeall ar an sórt cruith-
neachta a dhíoladh sé leis na ceannaidhthibh. Ní'l uair
ar bith nach gcuireadh Tomás slámanna maithe slacht-
mhara de'n bharrghaoil agus de'n ghath-dhubháin agus de gach
cineál salachair eile a thagadh thríd an gcriathar i lár
na málaí — mar ghníos muinntir Chonamara leis an
gcarraigín bhaisteas siad agus a bhíos fliuch báidhte
— agus díoltaoi an chruithneacht gan na málaí a
chuartughadh, 'ar ndóigh. Bhí faitchíos ar Thomás go
go mba peacadh é an uair seo agus dubhairt go
n-innseochadh sa bhfaoistin é — agus d'innis. Bhí
an tAthair Ó hAnnagáin i dteannta agus ní raibh 'fhios
aige céard a b'fheárr a rádh, mar bhí 'fhios aige nach
raibh feilméara i dTiobrud Árann nach gcuireadh
barrghaoil agus droch-chruithneacht sna málaíbh, acht
bhí leisg air a rádh go mba peacadh é, mar nach bhféad-
fadh sé a rádh le Tomás aisíoc a dhéanamh leis na
ceannaidhthibh ins an méid de'n chineál sin a dhíol sé
ó'n gcéad lá a dtug sé mála 'na mhargaidh. Agus ní
fhéadfadh sé a rádh gur ghnás cóir cneasta é, 'ar
ndóigh — ní raibh goir aige air!" A Thomáis," ar
seisean sa deireadh "ní'l aon rud ann mar an
chneastacht — creid uaim-se sin. Agus ní cóir a
bheith mí-chneasta le aon fhear, a Thomáis — amháin le
ceannaidhe arbhair. Acht seo í mo chómhairle-se dhuit —
"Déan do dhícheall agus ní bhéidh dh'á mbárr agat!" ars'
an tAthair Ó hAnnagáin sa deireadh. Agus, dar fiadh,
sílim-se go bhfeilfeadh an chomhairle chéadna do na
buachaillíbh a bhíos a' plámás agus a' spalluigheacht leis
na mná óga. "Déanaidh bhur ndícheall agus ní bhéidh
dh'á mbárr agaibh!"


L. 446


Chuir seo an Dochtúr agus a raibh sa láthair i lagrach-
aibh. Acht ní raibh leath a ndóthain gáire curtha d'á
gcroidhthibh aca gur fuagruigheadh go raibh buachaill
shean-tSomerfield thar éis a theacht. Amach leis an
Dochtúr Ó Cadhlaigh. Dubhairt an buachaill go raibh
cruadhóg mhór leis agus gur impidhigh agus gur athchuingidh Sam
air gan móiméad moille a dhéanamh mar nach raibh an
t-athair chomh dona cheana riamh. Ghluais leis an
Dochtúr ar an bpointe. Agus níor bhain a chapall
cos as rith gur shroich sé ceann cúrsa.



Thug na fir óga an párlús orra féin thar éis im-
theachta do'n Dochtúr, agus chaitheadar sgathamh go
te teolaidhe i gciuin-chómhrádh dhóibh féin. Bhí na
mná óga sa ngrianán ar an bhfad seo ag seinnm
cheoil agus ag cainnt le chéile. Agus ní gábhadh a
rádh go raibh "corn ar bord 's é lán" ós cómhair
gach fir d'á raibh ar an gcúl-shráid sa bpárlús. Bhí
"braoinín cruaidh" ann, agus biotáille bhogtha ghléasta
mhilis freisin agus leagadh ar an mbraoinín slachtmhar
sásamhail go leor.



"Á, is áluinn na cailíní iad!" ars' an Laoideach
agus leig osna. "Is mó is cosamhla le bainríoghain
do dheirbhshiúr ná le mnaoi, a Risteaird!"



"Do ghloine, a Roibird!" ars' an Dochtúr, agus
líon gloine an Laoidigh go béal.



D'óladar sláinte a chéile go rí-cháirdeamhail agus go
lán-bheannachtach. Ní raibh steár ag an Laoideach
i ndiaidh na n-óg-bhan go léir, má b'fhíor dhó féin.
Ní raibh dé ag an Dochtúr i ndiaidh Chaitlín. Splannc
ní raibh ag Learaidhe i ndiaidh Ghráinne. Agus aobh
ní dheachaidh ar an triúr acht ag síor-mholadh na mban
nó sa deireadh gur bhuail Gráinne chuca isteach agus gur
iarr orra bualadh amach — go raibh na mná óga ag súil
leo le go ndaimhistí an cor-ochtar. Amach leo.



"A Risteaird," ars' an Laoideach agus iad ag dul
amach doras an phárlúis, "cogar!"



"'Seadh, céard é, a Roibird?" ars' an Dochtúr.


L. 447


"Táim réidh," ar seisean ag crathadh a chinn agus
ag breathnughadh go grinn amach díreach ar aghaidh.
'"Tá mo chroidhe réidh ar deireadh thiar, a Risteaird.
Tá sé sguabtha. Acht fág marbh é! Méadhbh!
Méadhbh! a mhic ó."



Isteach leo i n-éinfheacht. Badh mhaith linn uair nó
dhó eile a chaitheamh i measg an chomhluadair thaith-
neamhaigh mheidhrigh a bhí i dteannta a chéile, ag damhsadh,
ag seinnm, agus ag caoin-chómhrádh i seomra suidhte
an Cheithearnaigh, acht ní'l goir againn air. Tá
aithmhéala orainn nach dtig linn fanacht 'n-a measg
níos fuide, — agus cé hiongnadh é? — mar is iomdha
uisge a rachas le fánaidh agus cor a thiocfas ar an saoghal
sul dá bhfeicthear iad go léir i gcuideacht aríst san
árus céadna.



CAIBIDIL LV.



SGARADH NA gCARAD.



Ar maidin lá'r n-a bháireach is beag duine d'fheic-
feadh cisteanach an Cheithearnaigh nach gceapfadh gur
seomra otharlainne í le n-a raibh de dhaoinibh tinne
breoite bailighthe i dteannta a chéile le "leigheas" a
fhágháil ó'n Dochtúr Ó Cadhlaigh. Shíl an sean-fhear bocht
a bhí ag iomchur maidí croise agus a bhí craiplighthe
cróilighthe le fiche bliadhain go dtiocfadh leis an
Dochtúr lúthad na gcos a thabhairt ar ais dó. An
té a bhí piachánach cársránach sluachttha, bhí sé ag súil
le "glórtha bog' binn' a bhéil." An té a bhí ag dul
san ísligh-bhrígh le teánn aoise, facthas dó go bhféadfadh
an Dochtúr neart agus brígh a chur 'n-a bhallaibh. Bhí
an duine gearánach canntalach ag súil go gcuirfidhe
gealán ar a chroidhe féin. An duine a raibh lagar
goile agus easbaidh coimpléisg ag gabháil dó, bhí sé ag
ceapadh go mbeadh deireadh le n-a chuid pianta agus le
n-a chuid trioblóide féin thar éis na maidne. Agus


L. 448


an duine a raibh aon nidh ar cearr le n-a chuid dubhán
nó le n-a chuid sgamhóg, shíl sé nach raibh baoghal ar bith
nach leigheasfadh "buidéal an Dochtúra" é féin, 'ar
ndóigh.



D'innis gach duine aca a sgéal féin, agus rinne
an Dochtúr gach nidh a b'fhéidir leis dóibh, — mar ba
mhór a ghean ar na daoinibh bochta i gcomhnuidhe agus ba
mhór a thruagh dhóibh. Sgaradar leis go buidheach
beannachtach, agus bhí críochnuighthe aige sul bhí mórán
de chomhluadar an tighe 'n-a suidhe. Duine moch-éirigh-
each a b'eadh an Dochtúr Ó Cadhlaigh gach uile lá riamh.



Thar éis na céad-phroinne dubhairt an Dochtúr go
raibh air cuairt eile a thabhairt ar shean-tSomerfield
ar a bheith ag dul a bhaile dhó le n'fheiceál cé mar bhí
sé thar éis na hoidhche.



"Agus nach feárr dhúinn bualadh síos leis an
gcailín bocht úd a mbír féin agus Gráinne ag cur síos
uirthi go minic a fheiceál anois?" ar sé le Máire.



"Ó, rachamuid go léir ag spaisteoireacht i dteann-
ta a chéile," arsa Gráinne. "Badh mhaith liom aon
amharc amháin eile fhágháil ar Chnoc na nGabha agus ar
Nóra Ní Laochdha bhoicht sul dá n-imthighead."



Síos leo. Bhí Nóra 'n-a suidhe 'n-a cathaoir bhaclann
mar ba ghnáthach léithi ar a dhul isteach do'n Dochtúr.
Chonnaic sé aon uair amháin cheana í, agus ba chuimhneach
leis cé'n sgannradh agus faitchíos a bhí uirthi nuair a leag
sé an t-éisteachán ar a cliabhrach. Acht ní raibh
sgáth ná eagla uirthi an uair seo. Bhí Máire agus
Gráinne sa láthair freisin, agus bhí Nóra bhocht ag meangadh
leo an fhad 's bhí an Dochtúr ghá sgrúdughadh, agus ag
éisteacht le mar bhí sí ag tabhairt na hanála léithi.
Labhair sé léithi go rí-lághach agus dubhairt go gcuir-
feadh "leigheas" chuici a dhéanfadh leas d'á sláinte.
Annsin labhair sé ar an gcúl-shráid le n-a máthair, agus
dubhairt léithi misneach a thabhairt di, agus gan a bheith ag
gearán ná ag éagcaoineadh ná ag gul ós a comhair ar a
bhfacaidh sí riamh — mar go déanfadh sin dochar mór


L. 449


d'á sláinte. D'fhágadar slán ag Pilib agus ag a
mhnaoi agus ag an inghin bhoicht. Tháinig faoisge deor i
súilibh Nóra nuair a rug Gráinne ar láimh uirthi mar bhí
a fhios aici nach bhfeicfeadh sí í go lá an Luain ar an
saoghal seo aríst! Bhí a fhios aici féin go maith gur
gheárr eile a saoghal, agus nach a bhfad go mbeadh sí
sgartha go deo na ndeor le Cnoc na nGabha agus le n-a
cáirdibh dílse. Acht bhí de shólás aici go mbeadh a corp
fá'n gcré a ghrádhuigh sí; go mbeadh a "cómhairín caol
fada" go doimhin fá fhódaibh i n-aice na háite ar chaith
sí laethannta aoibhinne a hóige; go mbeadh na nóiníní
bána agus an féar glas úr ag fás ós a cionn; agus an
spideoigín ag siubhal go héadtrom ar a huaigh! Bhí
seo de shólás aici i ngan-fhios do'n tsaoghal — agus ba
mhór an sólás é, a Nóra!



"Muise, a stór, tá fiche bliadhain d'óige curtha ar
mo shaoghal de bhárr a chuid cainnte!" ars' an
mháthair nuair a bhí an Dochtúr imthighthe.



"Rinne sé leas mór dhom-sa freisin, a mháthair,"
arsa Nóra.



"Dá léigheadh sibh an óráid a rinne sé ag an
gcruinniughadh mór i gCluain Meala an lá cheana, sin
é an uair a bheadh 'fhios agaibh cé'n fhoghluim atá ar an
Dochtúr Ó Cadhlaigh!" arsa Pilib. "Ní raibh a leithid
de chainnteoir ann agus ba mhór an sólás a bheith ag
éisteacht leis ag cur síos ar a ndeárnaidh an Sasanach
de bheartuigheacht ó'n gcéad lá riamh ar chuir sé a
chrúba móra maillíseacha 'n-ár dtír! Agus 'sé d'inn-
is gan sgáth gan faitchíos céard a bhí uainn freisin!
Tá stáir na hÉireann as a bhéal aige ó thús go deir-
eadh."



"Seo rud eicínt a fuaireas sa bportach an lá
cheana, a dhuine uasail, agus b'fhéidir go mbadh mhaith
leat a leithid a bheith agat le coinneál," arsa Liam
Ó hEithfearnáin ag tairsgint dealgáin bhrollaigh
umha do'n Dochtúr Ó Cadlaigh.



"Ó, go raibh maith agat. Is luachmhar an rud é seo.


L. 450


Ní mórán d'á leithid a chonnaiceas cheana riamh.
A' ndíolfair é? Badh mhaith liom a cheannacht uait,"
ars' an Dochtúr.



"Ní ghlacfad tada air, a dhuine uasail," arsa
Liam. "Bhí 'fhios agam go raibh suim mhór agat i
sean-rudaí' ar bith mar sin a fáightear sna portaigh
agus, ó's cara do Philib Ó Laochdha mé, badh mhaith liom
dá nglacthá é le do thoil."



Chuir Máire cogar i gcluais an Dochtúra agus
d'innis dó cé'n cion mór a bhí ag an "gCeoltóir"
ar Nóra, agus dubhairt gur le n-a bhuidheachas do'n
Dochtúr a thasbáint a bhí sé ag tabhairt an dealgáin
dó. Thuig an Dochtúr Ó Cadlaigh an sgéal ar an
bpointe.



"Glacfad uait é, agus táim rí-bhuidheach dhíot," ar sé.
"Agus leas ar bith a thig liom a dhéanamh dhuit," ar sé,
"nó dod' cháirde déanfad go fonnmhar é, creid mé
ann."



"Go raibh míle maith agat, a Dhochtúir," arsa Liam.



"Ní fhuaireas aon íocaidheacht ó'n lá a ndeárnadh
Dochtúr dhíom is mó a thaithnigh liom ná an bronntanas
sin, a thug sé dhom," ars' an Dochtúr le Máire.



Is iongantach do'n tsaoghal an gean atá ag a
chroidhe ar Nóra bhoicht," arsa Máire. "Tá truagh
ag mo chroidhe dhó 'ch uile lá ó chaill sí a sláinte."



"An duine bocht," ars' an Dochtúr. "Is maith
liom gur ghlacas an dealgán seo uaidh. Creidim gur
mór an sásughadh intinne dhó é. Nach mór an gean
a bhíos ag furmhór na nÉireannach d'á chéile agus
d'á dtír dhúthchais? Tá an oiread ceana ag an
mbuachaill bocht ar an óg-mhnaoi sin 's dá mbadh
léithi Cnoc na nGabha. Agus tá sé chomh sólásach 'n-a
bhotháinín beag féin le Rí 'n-a phálás. Go deimhin tá!"



"Is fíor sin," arsa Máire. "Marach grádh ag
na "deoraidhthe ó Éirinn" d'á dtír agus d'á muinntir
ag baile, ní bhéidís ag cur na mílte punnt anall
gach bliadhain mar bhíos siad."


L. 451


"Ní mhúchfaidh cam-dhlighthe Shasana ná gleacaidhthe
Sheagháin Bhuidhe soillse an tír-ghrádha i gcroidhe aon
fhíor-Ghaedil an fhad 's bhéas uisge ag rith," ars' an
Dochtúr. "Agus is minic gur ab iad na Gaedhil i
gcéin is dílse agus is tír-ghrádhaighe. Mar dubhrais
féin, féach a gcuireann siad a bhaile d'airgead."



"'Sé r'd adeir bean Philibh Uí Laochdha liom go bhfuil
a dearbhráthair le Tomáisín a thabhairt anonn go luath,"
arsa Máire. "Deir sé go gcuirfidh sé chuig árd-
sgoil é agus go n-íocfaidh sé gach pighinn d'á chostas."



"Nach é an feall críochnuighthe an chaoi a bhfuil na
daoine bochta dh'á ruaigeadh as an bparáiste!" ars'
an Dochtúr. "Leagadh go leor de na tighthe ó bhíos
annseo dhá bhliadhain ó shoin. Má leanann do'n sgéal
is geárr go mbídh Éire sgriosta bánuighthe amach 's
amach."



"Ní fiu trácht ar ar leagadh sa gcomharsanacht
seo," arsa Máire, "le hais ar leag Sam Somerfield
ar a chuid talmhana féin. Ní'l oiread 's aon teach
amháin ar a dhúthaigh anois. B'éigin do na daoine
glanadh leob, agus tá caoirigh agus bulláin 'n-a leabaidh."



"An leis an Ridire Gearat de Buitléir an
dúthaigh sin freisin?" ars' an Dochtúr.



"Is leis," arsa Aodh a bhí thar éis a theacht sa láthair.
"Nach cuimhneach leat go raibh m'athair ag cur síos
aréir air an gcuid sin d'á chuid talmhan? Is le sean-
tSomerfield é go bhfáighidh sé bás mar tá léas aige
air go dtí sin. Acht, ó cheart, ní'l an t-athair agus an
mac acht ag cumhdach na talmhan agus 'n-a chionn ag an
Ridire. 'Siad na máighistirí iad, tá 'fhios agat, ar
a dtaobh féin de'n dúthaigh agus is measa céad uair
iad na sean-Isaac Pender agus Beresford atá ag
máighistreacht na coda eile. Ní'l suim bioráin
ag an Ridire sa talamh, is cosamhail, agus is cuma
leis é acht an méid airgid a theastuigheas uaidh a chur
chuige. Tá na fir ionaid ar a gcomhairle féin agus is
furas a aithne ar an dúthaigh go bhfuil. Chualamar


L. 452


go minic gur dhuine lághach cneasta deágh-chroidhtheach
a bhí i nGearat de Buitléir acht, má's é is cionntach
le n-a bhfuil de dhaoine bochta d'á gcur amach, ní féid-
ir a chreideamhaint go bhfuil mórán carghaois ná tró-
caire ann. Go deimhin, tá go leor daoine a cheapas
nach bhfuil 'fhios aige céard is cor do'n dúthaigh chor ar
bith. Ní raibh sé annseo le fada 'n lá. Bhí súil ag
gach duine go mbeadh saoghal sona séanmhar aca acht
a bhfáigheadh seisean an tseilbh, acht "dh'á dhonacht maol
is measa mullóg." Ní raibh na tonóntaí dh'á
gciapadh ceart riamh go dtí anois. Agus ní bhéidh
muide féin saor, tá faitchíos orm. Is geárr go
mbídh ár sean-léas caithte agus tá m'athair ag
iarraidh úr-léise, acht iarraidh dhó agus ní fágháil. Ní'l
'fhios againn fá'n domhan mór cé'n fáth nach bhfuil
sé toilteanach ár léas nuadh a thabhairt dúinn. Deir-
tear freisin go bhfuil an dúthaigh go léir le díol sul
a bhfad i ngeall ar a bhfuil caithte uirthi de shean-fhiacha
agus, má tá, ag Dia Mór atá 'fhios céard atá i ndán
dúinn amach annseo!"



"Nach deas an teach duine bhoicht é sin?" ars'
an Dochtúr ag seasamh ar aghaidh thighe Thomáis Uí
Ógáin. "Nach mairg gan tighthe geala glana deasa
mar sin ag na tonóntaíbh go léir! Acht cé'n chaoi
ar féidir leob suim a bheith acab 'n-a gcuid tighthe agus gan
fhios cé'n lá a mbéidh orrab sgaradh leob, b'fhéidir."



"Ní théidheann duine an bóthar nach dtugann
teach Thomáis fá deara," arsa Aodh. "Tá dhá phunnt
cíosa ar gach acra dhá chuid talmhan anois agus cé
nach bhfuil oiread 's pighinn dlighte ag an tighearna
air, béidh air sguabadh go luath má's fíor do'n ráfla
atá ag gabháil thart."



"Agus tá sé le cur amach," ars' an Dochtúr, "agus
gan pighinn cíosa caithte ar a ghabhaltas!"



"Tá," arsa Aodh. "Caithfidh sé imtheacht an duine
bocht. Tá trí gabhaltais le cur le chéile le haghaidh


L. 453


duine eicínt, agus béidh ar Thomás glanadh leis mar
rinne a bheirt chómharsan."



"Agus cé leis an teach beag deas sin ó thuaidh
de'n bhóthar?" ars' an Dochtúr.



"Leis an mBuailteoir," arsa Aodh.



"Seo é anoir Maitiú féin, creidim," ars' an
Dochtúr.



"Acht cé'n fáth nach dtiocfadh leis na tonóntaí
go léir tighthe chomh deas sin a bheith aca?" arsa Mac
Uí Luaithe, a bhí thar éis a theacht sa láthair.



"Innseochaidh Maitiú féin duit sin," arsa Aodh.



"Dheamhan feabhas a chuir mise air," arsa Maitiú.
"B'é mo shean-athair a rinne an teach agus a shaothruigh
an giodáinín beag talmhan atá 'n-a thimcheall ar
dtús. Is dó-san — beannacht Dé le n'anam! — is
córa an chreideamhaint agus ní dom-sa."



"Acht 'tuige nach ndeárnaidh sean-athaireacha do
chómharsan mar rinne seisean?" ars' an Dochtúr.



"I ngeall air gan aon chíos a bheith air, níorbh' ionann
agus iad-san," arsa Maitiú.



"Agus 'tuige nár h-éiligheadh ar do shean-athair
aon chíos?" arsa Mac Uí Luaithe.



"Innseochaidh mise sin duit," arsa Maitiú. "Is
minic a chualas ag cur síos air é agus gan ionnam acht
gasúr. Ní raibh teach ná bothán, gort ná garrdha
acht an oiread le chéile aige agus, 'ar ndóigh, ní gábhadh
a rádh nach raibh pósadh ná ceangal air — an uair sin.
Ag saothrughadh a lae páidhe ag athair an Cheithearnaigh
a bhíodh sé agus bhí sé sásta go leor leis sin féin.
Aon lá amháin bhí sé ag teacht a bhaile ó Aonach Chille
Tobair agus é ar marcuidheacht ar bhromach óg fiadháin.
Cé casfaidhe dhó ar an mbealach acht mo shean-mháthair —
bhí sí 'n-a mnaoi óig an uair sin, 'ar ndóigh. D'iarr
sé uirthi a dhul ar cúlóig agus marcuidheacht a bheith a bhaile
aici, agus chuaidh. Acht níor thúisge 'n-a suidhe ar
chaithrín an bhromaigh í ná as go bráthach leis sna caoir
theinte. Ní raibh air acht adhastar agus chinn duth


L. 454


's dath ar mo shean-athair a cheannsughadh. Nuair
nár fhéad sé coisgeadh ar an siubhal faoin mbromach,
sgaoil sé bóthar leis agus leag air le slait ghéir
chuill ó mhaol gualann. Agus níor bh'fhada go mb'fhur-
asta an bromach a cheannsughadh, deirim-se leat
é, agus sheas chomh ciúin socair le uainín caorach sa
deireadh. D'ísligh mo shean-mháthair, agus thug an bealach
a bhaile uirthi féin, acht bhí mo shean-athair bocht "réidh."



"Céard d'éirigh dhó?" ars' an Dochtúr.



"D'éirigh a dhóthain," arsa Maitiú. "Bhí sé ar
stropadh ag mo shean-mháthair ó'n lá sin amach. Rug sí
greim chomh cruaidh air nuair a bhain an bromach amach
sna cosa'-in-áirde 's gur facthas dó nár sgar a barr-
óg leis ó'n lá sin go dtí an lá ar pósadh iad. Bhí
sé i ngreim agus i bhfastódh ceart críochnuighthe ó'n gcéad
fháisgeadh a thug sí dhó agus bhí sé chomh dona agus chomh mór
'n-a diaidh 's nach mbeadh déanamh dh'á huireasbhaidh aige.
Sin é d'éirigh dhó!"



"Fainic, a Mhic Uí Luaithe, a' dtárlóchadh, a leithid
sin treasna ort-sa!" ars' an Dochtur agus leig a
shean-sgairt gháire. "Má iarrair ar aon chailín as
Conndae Thiobruid Árann a dhul ar do chúlaibh bí
aireach agus cúramach nó cá bhfios nach mbéarfadh sí
greim do-sgaoilte ort a d'fháisgfeadh an croidhe
amach as lár do chléibhe féin! Acht, a Mhaitiú, i dtaoibh
an chíosa? 'Tuige a bhfuair sé an talamh saor?"



"Ní fhuair sé talamh saor ná daor acht an oiread
le chéile," arsa Maitiú "mar nach raibh an talamh
le n'aghaidh. An méid talmhan a fheiceas tú timcheall
an tighe, shaothruigh sé é le n-a cheithre cnámha féin. Ní
raibh teach ná bothán ag ceachtar acab — aici-se ná aige-
sean — agus d'oibrigh ar mo shean-athair go ndeárnaidh
sé an bothán ar dtús. Lochán mór uisge agus talamh
fliuch báidhte nach dtreasnóchadh gabhar a bhí sa láith-
reachán mór sin í n-aice an tighe. Leig sé an t-uisge
le fánaidh. Rinne sé clasganna srotha, agus bhí
leis go ndeárnaidh talamh tirim dhe sa deireadh.


L. 455


Annsin thosuigh sé ag cur móinín criathraigh air, agus
níorbh' fhada go raibh garrdha deas agus iothlann d'á chuid
féin aige. B'áin leis an tighearna a chur faoi chíos
acht, le bárr a chur ar an ádh, cá mbeadh an teach agus
an talamh acht go díreach sa teorainn idir dhá dhúthaigh
agus ní féadfaidhe a dhearbhughadh go fírinneach cé'n
tighearna a mba leis an áit. Sa deireadh rinneadh
amach nach raibh baint ag ceachtar acab dhó, agus d'fhág
sin a chuid talmhan gan chíos an fhad 's bhéas uisge
ag rith. Nuair a chualaidh mo shean-athair sin, lean
air agus shaothruigh an chuid eile de'n talamh agus bhí leis
go deo nó gur chuir sé sa riocht 'n-a bhfeiceann sibh é.
Ní dheárnaidh m'athair ná mise blas acht a choinneál
mar fuaireamar é."



"Cruthuigheann sin céard a déanfaidhe dá mbeadh
gach tonónta sa tír 'n-a mháighistir ar a chuid talmhan
féin," ars' an Dochtúr Ó Cadhlaigh. "Acht tiocfaidh
sé sa saoghal, le congnamh Dé."



"Tá faitchíos orm nach bhfuighthear sin go bráthach
ó Fhéis Shasana, a dhuine uasail," arsa Maitiú.



"Ní bhéithear i gcómhnuidhe 'n-a cleitheamhnas, feicfidh
tú sin," ars' an Dochtúr. "Acht tá sé thar am agam
a bheith ag gluaiseacht," ar sé ag dearcadh ar a uair-
eadóir. "Agus tá orm bualadh isteach i dtigh
Shomerfield ag dul thar Pháirc na Coille dhom."



Anois bhí an móiméad ar fágháil ar deireadh thiar. Bhí
Gráinne agus Risteard agus Mac Uí Luaithe ag imtheacht an
lá céadna — an móiméad céadna. Bhí Máire Ní
Cheithearnaigh lán d'uaigneas. Bhí Gráinne lán de
chumha. Agus bhí Hannraoi go díombadhach buadhartha,
déarfá. Fágadh céad slán agus míle beannacht ag
muinntir an Cheithearnaigh. Bhí Eibhlín agus Liaimín beag
i rachtaibh guil agus caoineacháin. Bhí bean an tighe agus na
deora briste fá n-a súilibh. Agus, cé go raibh Máire
ag meangadh, bhí ualach trom cumha agus uaignis ar a
croidhe féin — agus b'fhuras a aithne ar a dhá súil go
raibh. Phóg gráinne iad go léir ó dhuine go duine,


L. 456


agus í ag silt na ndeor. Bhain an oiread moille dhi
agus gur fhuagair a hathair uirthi deifriughadh amach sa
gcóiste. Acht, sul bhain an capall amach sa siubhal,
d'ísligh sí go tobann aríst, Anonn léithi go dtí an
áit a raibh Aodh 'n-a sheasamh leis féin le cois an
dorais.



"Slán agat, a Aoidh!" ar sí ag breith ar láimh
air.



"Ó, slán leat, a Ghráinne!" ar sé go caoin-
ghothach ós íseal.



D'fhág sí slán fá dhó agus trí huaire ag gach duine sa
tigh acht amháin ag Aodh. Is beag bídeach nár dhear-
mad sí eisean! Agus nach uirthi a bheadh an t-aith-
mhéala dá n-imthigheadh sí gan cuimhniughadh air!



Bhí sean-tSomerfield 'n-a shuidhe ar a chathaoir
amuigh ar an bhfaithche ar a theacht do'n Dochtúr Ó
Cadhlaigh. Bhí cluasáin agus adhairte le n-a dhruim, agus
glún-éadach mór tiugh 'n-a thimcheall. B'fhuras a
thabhairt fá deara go raibh sé i ngar d'á bheith i ndeireadh
na déithe. Bhí an bás idir a dhá shúil, agus ní raibh
ann acht go mb'fhéidir leis labhairt ar éigin. Bhí
a mhac, Sam, 'n-a sheasamh i n-aice leis agus ministéar
óg galánta agus a leabhar urnaighthe ar fosgailt aige
's é ag guidhe. Bhí beirt inghean Shaim sa láthair
freisin. Bhí an paca gadhar go léir ar an bhfaithche
agus buachaill na ngadhar agus é i ngreim san adhairc
a bhíodh ag an máighistir ag fiadhach dhó lá d'á shaoghal.



"Séid an adharc!" arsa sean-tSomerfield leis
an mbuachaill, agus shéid.



"Ó, a' gcaithfead imtheacht uait, a Pháirc na Coille!"
ar sé. "A' bhfuil orm thú fhágáil?"



"Táir ag dul go háit is feárr ná é, le congnamh
Dé," ars' an ministéar.



"Dar sliabh! Ní'l 'fhios agam!" arsa sean-
tSomerfield ag breathnighadh go gruamdha amach ó
'n-a mhalaíbh ar an ministéar.



"Is maith an mhalairt agat é," ars' an ministéar
aríst.


L. 457


"Dar sliabh! táir ag déanamh na bréige!" arsa
sean-tSomerfield.



Bhí na gadhair 'n-a thimcheall anois mar bhéidís
le n-a bheannacht deiridh a fhágháil. Ghlaoidh sé chuige
ar thrí cinn de'n phaca, agus leag a lámh go héadtrom
orra ó cheann go ceann. D'fhill na gadhair ar ais agus
chuir uaill chaointe i n-aer. Chuir an chonairt go léir
na gártha dóláis asta i n-éinfheacht. Bhí an bheirt
bhan óg agus na deora briste fá n-a súilibh ag dearcadh
go cráidhte ar a sean-athair. Rug an Dochtúr ar
chuislinn air agus chuir cogar i gcluais an mhic. Chraith
Sam a cheann acht níor labhair. Bhuail Risteard agus
Mac Uí Luaithe aníos chuca ó'n ngeata go tobann agus
sheasadar fá iongnadh nuair a chonnaiceadar sean-
tSomerfield amuigh fá'n aer agus na daoine 'n-a
thimcheall. Ar an bpointe 's a bhfacaidh Sam Hann-
raoi tháinig gruaim uathbhásach i n'aghaidh. Las a dhá shúil
le feirg. Tháinig dath air chomh geal leis an eala. Bhí
sé cinnte go dtáinig Hannraoi le sgéala go mbeadh
air glanadh leis as Páirc na Coille thar éis bháis
an athar!



"Tháinig sé go bhfeiceadh sé an tséideog dheiridh
imthighthe as le ruaig a chur orm agus leis an talamh a
bhaint díom!" ar sé leis féin. "'Tuige ar ghlac
sé le n-a leithid de léas?" ar sé leis féin aríst ag
tabhairt a aighthe ar a athair. "'Tuige nár smaoinigh
sé orm-sa, agus ar a dtiocfadh 'n-a dhiaidh?"



Bhí an bheirt inghean ag smaoineadh iad féin, agus
ag dearcadh 'n-a dtimcheall ar thaltaibh deasa míne na
dúithche. Bhí a gcroidhe i gcruth briste le brón fá
go mbeadh orra imtheacht gan mórán moille. Bheadh
deireadh le n-a seilbh ar an talamh seo anois ar an
bpointe 's a sgarfadh an t-anam le corp a sean-
athar.



"Ó, nach deas an áit é!" arsa duine aca leis an
óg-mhnaoi eile.



Ba dheas an áit é go cinnte. Ba dheas an feic na


L. 458


tighthe agus na botháin a bhí ar fud na talmhana bliadhanta
ó shoin. Ba shóghmhar sólásach gach comhluadar d'ár
chómhnuigh ar an réimse mór sin ós bhur gcómhair, a
óg-mhná. Bhí aithreacha agus máithreacha agus páistí go
suaimhneach sásta annsin ar thaltaibh a sinnsir, acht
ní'l ann anois acht géimneach na mbullán agus méith-
leach na gcaorach. Ní'l teach ná bothán ós comhair
bhur súl.



Ní'l duine ná deoraidhe d'á raibh ag saothrughadh
greama a mbéil dóibh féin agus d'á bpáistí nár dhíbir
bhur n-athair le fán agus le seachrán an tsaoghail. Ní'l
teach d'á raibh ann nár chuir sé gróithí faoi agus nár leag
sé go talamh. Ní raibh truagh ná trócaire ná car-
ghaos ann. Rinne sé fásach de'n talamh fré chéile.
Nár chuma leis an-shógh na dtonóntaí bocht? Nár
bheag a shuim i mbaintreachaibh agus i ndílleachtaibh? Ba
bheag. Níor mhisde leis céard a thárlóchadh dhóibh.
Níor mhisde leis go leor Gaedheal a dhíbirt go
dubhach dólásach i ndeoraidheacht shaoghalta. Níor
mhisde leis go leor eile a bheith go doimhin fá fhódaibh
de bhárr a bhfuaireadar uaidh de splíontaidheacht
agus de ghéar-leanamhaint. "Is deas an áit é,"
ar sibh-se, a óg-mhná. Cuimhnighidh ar a liachta bothán
deas a leagadh, ar gach buachaill deas agus cailín, ar
gach athair geanamhail agus gach máthair mhuirneach a
dhíbir bhur n-athair as an áit chéadna sin, agus fiaf-
ruighidh dhíbh féin cé is mó bhur ngean do'n réimse
mór féarach sin ós comhair bhur súl ná an gean
a bhí aca-san dó! Fiafruighidh sin díbh féin agus freag-
ruighidh!



Tháinig clochar an bháis i sgórnach an tsean-fhir.
Sheas a dhá shúil 'n-a cheann. D'athruigh a ghné go tobann.
Tháinig mór-osna throm aníos ó n-a chliabhrach. Bhuail
saothar mór agus séideán é. Thug snug agus
shéaluigh 'n-a chathaoir.



Do hiomchuruigheadh an corp isteach 'na tighe. Bhí
Sam agus a bheirt inghean ag silt na ndeor go fuigheach.


L. 459


D'fhill Mac Uí Luaithe agus Risteard ar ais mar bhí
Gráinne agus Méadhbh ag feitheamh leo ag an ngeata.
Níor bh'fhada go dtáinig an Dochtúr Ó Cadhlaigh ar ais
freisin. Isteach leo go léir sa gcóiste agus ghluais
leo. Thug Gráinne aon dearcadh amháin 'n-a diaidh.
Chonnaic sí Aodh 'n-a sheasamh leis féin ar an árd i
n-aice an tighe.



"Aodh bocht!" ar sí léithi féin. "Chuir sé an slán
's an bheannacht úd liom ó lár a chroidhe!"



Chuir Aodh a lámh 'n-a phóca agus tharraing aníos
dlaoi dheas órdha gruaige. Bhreathnuigh uirthi agus
thosuigh ag meangadh. Ba mhaith ba chuimhneach leis an
lá ar gheárr sé an dlaoi sin leis an siosúr le sásamh
a bhaint de Ghráinne! Smaoinigh sé sgathamh. Annsin
sgríobh an lá agus an mhí ar thárluigh dhó an dlaoi sin a
gheárrad — an lá céadna ar fhéach Gráinne le n-a theacht
air i ngan-fhios le n-a siosúr! D'fhill sé an páipéar
timcheall na gruaige agus chuir an dlaoi i dtaisge go
cúramach 'n-a sparán.



Bhí Máire trom-chroidhtheach agus uaigneach go leor
i ndiaidh na gcarad. Acht bhí sí suaimhneach i dtaobh
aon nidhe áithrid amháin ar chuma 'r bith. Fuair sí
litir ó n-a deirbhshiúr Anna ag a rádh go raibh Art Ó
Conchubhair 'n-a shagart ar deireadh thiar agus go bhfacaidh
cara dhi culaith an Aifrinn air i gceann de na tighthibh
Eaglaise i bPáras na Frainnce. An cailín seo a
chonnaic é, bhí sí thar éis a bheith ar cuairt i bPáras agus
b'í thug na sgéala ar ais chuig Anna Ní Cheithearnaigh
sa gclochar 'n-a raibh sí féin ar sgoil sa bhFlónndrais.



"Buidheachas le Dia!" arsa Máire. "Ní fhéad-
faidh aon duine a bheith ag biadán ná ag cúl-chainnt
feasta!"



"A Eibhlín," arsa Máire tráthnóna áithrid le n-a
deirbhshiúr, "an gcualais go bhfuil Tomáisín Ó
Laochdha le dhul go 'Meiriocá go luath? Tá a oncail
thar éis fios a chur air, agus cuirfidh sé ar árd-sgoil é,
adeir sé."


L. 460


"Ó, nach é an truagh é a bheith ag imtheacht, a Mháire!"
arsa Eibhlín. "Agus céard a dhéanfas a mháthair
agus Nóra bhocht 'n-a dhiaidh?"



"Béidh siad sáthach cúmhamhar," arsa Máire, "acht
'sé leas Thomáisín é le congnamh Dé. Táim cinnte
go rachaidh sé ar aghaidh sa saoghal má fhágann Dia
an tsláinte aige."



B'éigin do Mháire tosughadh ag meangadh nuair a
smaoinigh sí ar a raibh d'imnidhe ar a mháthair le
faitchíos go mbeadh Tomáisín ag strapadóireacht
suas ar chroinntibh na luinge!" Ní bhéidh suaimhneach
dhe go dtéidhidh sé 'n-a mbárr, a stór," adeireadh sí,
"agus deirtear liom gur ab áidhbhéil an airde a
bhíos i gcroinntibh na soitheach sin. B'fheárr dhó go
mór fada fanacht 'n-a mbárr i n-ainm Dé, ar a
shocamhal, ná bheith ag dul suas agus anuas 'ch uile phointe
sa ló mar ghníos sé sa gcrann sin amuigh. Mara
bhfuil ag Dia déanfar brúsgar dh'á chnámha' sul dá
mbídh sé leath-bhealaigh anonn! Acht cumhdach na
Maighdine go raibh ar mo mhaicín bán, agus ar choimrigh
Dé dhó thar fairrge anonn!"



CAIBIDIL LVI.



SEAN-PHILIB Ó MUIRGHÉIS AGUS NA TALAMHUIDHTHE.



"Go mbeannuigh' Dia dhuit," ars' an Buailteoir ag
bualadh isteach i dtigh Philib Uí Mhuirghéis.



"Dia 's Muire dhuit, a Mhaitiú. 'Sé do bheatha!"
arsa Eilís.



"Buail anuas chuig an teinidh," arsa Peig Ní
Bhrádaigh.



Ní baileach a bhí sé 'n-a shuidhe nuair a bhuail sean-
Philib isteach le n-a shlait thar éis a bheith ag iasgach ar
an abhainn.



"Ar éirigh mórán leat, a Philib?" arsa Maitiú.



"Níor éirigh," arsa Pilib. "Dhá bhreac ruadha —
sin an méid. Ní fiú trácht ar na feithidigh


L. 461


bheaga de bhricíní locha atá agam thar éis mo
lae. Tá an abhainn ag athrughadh agus ag dul 'un
donachta ar nós na ndaoine. Is cuimhneach liom
an uair a mbíodh sí lán d'iasg acht ní fiú a dhul ag
iasgach uirthi chor ar bith anois mara mbíonn lá sa
gcéad ann."



"A' raibh Aodh i n-éinfheacht leat indiu?" arsa
Eilís.



"Ní raibh. Ní tháinig sé le seachtmhain chor ar
bith. An lá deiridh a raibh sé in-éindigh liom d'imthigh
an breac ba bhreághtha a chonnaiceas fós riamh uaidh
de bhárr a chuid leibideachta. Shílfeá gur míol mór a
bhí aige ann leis an strachailt a thug sé dhó i leabaidh
sgaoileadh leis agus gabháil dó go deas réidh."



"Cuirfimid an dá bhreac ruadha mar bhronntanas
chuig Nóra Ní Laochdha," arsa Eilís.



"Cuir cheana, agus mo bheannacht," arsa Pilib.



"Cé mar tá sí ar an aimsir seo, a Mhaitiú?"
arsa Eilís.



"Muise, de dheamhan mórán gaisge innti sílim,"
arsa Maitiú. "Tá faitchíos orm go bhfuil an cailín
bocht dh'á claoidheadh as de réir a chéile i ngan-fhios
do'n tsaoghal. Níor facthas 'n-a suidhe taobh amuigh
de'n doras í le fada. Agus marach a bheith lag
lúbach dhi agus go dona, ní bheadh sí gan a dhul amach fá'n
ngréin le seachtmhain agus chomh breágh 's bhí an aimsir."



"An fíor go dearbhtha go bhfuil Tomás Ó hÓgáin
le cur amach, a Mhaitiú?" arsa Pilib.



"Ní'l aon smid bhréige ann," arsa Maitiú. "Ní'l
aon tonónta ar an dúthaigh a bhfuil móiméad suaimhnis
aige ó cluintheas é. An lá a bhfuil Tomás le cur
amach, mar deir siad féin, ní baoghal nach ndéanfar
an cleas céadna leob-san luath nó mall. Hárduigh-
eadh an cíos ar gach mac máthar acab le goirid acht
amháin ar an gCeithearnach, agus ní'l a léas seisean
caithte fós, adeirtear,"



"Acht ní féidir gur leag cuid ded' chómharsana


L. 462


a dtighthe iad féin ar son beagáin airgid mar hinnis-
tear dhom!"



"Leagadar, muise, a Philib," arsa Maitiú, "gach
duine acab acht amháin Liam Ó hEithfearnáin. 'Sé r'd
adubhairt seisean nach leagfadh sé an sean-teach 'n-ar
rugadh é dhá leagtaoi leath-chéad punnt amach ar a
bhois. Tairgeochthaidhe roinnt airgid do Thomás Ó
hÓgáin freisin as ucht imtheacht go toilteanach dh'á
dheoin féin, acht ní sgarfadh sé le n-a chuid
talmhana ar ór an tsaoghail, adeir se. Caithfear a
chur amach le láimh láidir sa deireadh agus béidh sé i
n'obair, tá faitchíos orm. Táthar leis an ngarrdha a
bhaint díom-sa freisin."



"Táthar!" arsa Eilís fá mhór-iongnadh. "Táthar
le do chur amach!"



"Ní thiocfaidh leob sin a dhéanamh," arsa Maitiú,
"mar tá an teach agus an iothlann in mo sheilbh dh'á
míle buidheachas. Acht bainfear dhíom an garrdha
ó thárla go mbaineann sé leis an dúthaigh agus nach
bhfuil sé idir dhá theorainn. Tá faitchíos orm go
mbéidh orm an fhairrge mhór a threasnughadh, mé féin,
mar rinne go leor de na cómharsana' bochta."



"A dhul go Meiriocá!" arsa Eilís.



"Is dócha gur ab ann a rachas mé sa deireadh," arsa
Maitiú. "Céard a bhéas agam le déanamh annseo
agus mo gharrdha bainte dhíom agus na comharsana díbrighthe.
Acht tá sé i n'am agam a bheith ag dul a bhaile feasta.
Thoir ag breathnughadh ar chapall Thomáis Mhic Códa a
bhíos go deimhin. D'éirigh gortughadh dhi indé agus chuir
sé fios orm."



"Cé mar tá an bhean?" arsa Eilís.



"'Mh'anam gur ab í atá go breágh," arsa Maitiú,
"Tá sean-Pháidín agus Tomás chomh mhór le chéile anois
's bheadh gearrán bán agus coca féir. Níor iarr Tomás
oiread 's pighinn de'n spré agus thaithnigh sin chomh mór
leis an sean-bhuachaill 's go dtug sé an dá chéad giní
dhó amach ar a bhois an lá fá dheireadh. Ní'l aon oidhche


L. 463


beo nach mbíonn sé féin agus Éamonn Ó Broithe thoir
ar cuairt acab. Tig le Éamonn a dhul 'n-a rogha áit'.
Tá an bhean i n-an aire a thabhairt do'n teach, deirim-se
leat é."



"An fíor an ráfla seo atá ag gabhail thart go bhfuil
Máire Ní Cheithearnaigh agus Éamonn Ó Cadhlaigh an-mhór
le chéile fá láthair.? arsa Eilís.



"Bhíodar roinnt mór le chéile le fada'n lá," arsa
Maitiú, "acht táim féin lán-chinnte nach mbéidh blas
thairis sin ann. Bhíthí ag luadhadh Mhic Uí Luaithe léithi
freisin agus ní raibh ann acht bun-sgéil, 'ar ndóigh.
Creidim féin gur ar Anna atá Éamonn sa tóir."



"Agus cé'n chaoi bhfuil Neansaidh Ní Ógáin?"



"Tá sí go rí-mhaith," arsa Maitiú. "Acht tá cumha
mhór aici i ndiaidh Shéamuis agus, 'ar ndóigh, ghoill go mór
uirthi an rud a rinne sé. Marach sin, agus an imnidhe
fá'n talamh, bheadh sí chomh croidheamhail 's bhí sí aon
lá riamh. Sílim go bhfuil Tomás Ó Céirigh 'n-a diaidh
aríst."



"An pleota — ó's eisean é!" arsa sean-Philib,
"agus gur dhubhairt a hathair leis nár bh'fhiú é a inghean
ó nach raibh ann acht fear ceirde! Sgread mhaidne air,
maran postamhail sunnda an mhaise dhó é — feilméirín
giobach ag rádh a leithid le ceárdaidhe! Is ceárdaidhe
mise, cé nár chaitheas eiteán agus nár shuidheas
i mbun mo sheoil le bliadhanta. Agus thiocfadh liom
a rádh gur feilméara mé ó tá giodáinín talmhan agam.
Acht deirim gur ceárdaidhe mé mar tá bród agam as
mo cheird. Thugas trí chéad punnt go mo mhac —
t'athair sa, a Eilís — a shaothruigheas le mo cheird. Agus
teagadh Tomás Ó Céirigh nó a leithid agus iarradh sé thú, agus
gheobhaidh mar mhnaoi thú lá ar bith i dtosach ar fheil-
méara!"



"An dtiubharthá Eilís d'fhear nach mbeadh aige acht
ag saothrughadh a pháidhe lae?" arsa Peig Ní Bhrádaigh.



"A tabhairt do spailpín, an eadh? Ara, bíodh


L. 464


ciall agat — rud nach bhfuil! Ní thiubhrainn, muise,
ba bheag an baoghal orm."



"Ní cóir dhuit a bheith ag ídiughadh ar Thomás Ó
hÓgáin ar a leithid de chaoi," arsa Peig. "Táir
féin in-aghaidh na bhfear oibre chomh mór 's tá Tomás
i n-aghaidh na gceárdaidhthe."



"Tá ceárdaidhe i n'fhear chomh maith — nó níos feárr
— ná feilméara lá ar bith sa tseachtmhain," arsa
sean-Philib.



"Agus 'tuige nach mbeadh an fear bocht nach mbeadh
aige acht a pháidhe lae i n'fhear 'ch uile ordlach chomh maith
le ceachtar acab acht a bheith cneasta críonna
tuigsionach dhó?" arsa Eilís.



"'Ch aon duine ghá cheapadh gur ab í a shlighe bheathadh
fhéin is feárr agus is onóraighe," arsa Maitiú. "Agus
gur fear oibre gach duine atá ag saothrughadh a
bheathadh!"



"Is fíor dhuit, a Mhaitiú," arsa Eilís. D'éirigh
Maitiú agus chuaidh amach. Amach le Eilís 'n-a dhiaidh agus an
dá bhreac ruadha i gciseán aici.



"'Tuige nach mbuailir isteach chor ar bith ar cuairt
againn ar an aimsir seo, a Eilís?" ar sé. "Deir-
tar gur ró-ríméadach atáir."



"A Mhaitiú, ná creid é!" ar sí. "Acht an fíor go
bhfuilir ag smaoineadh ar a dhul go Meiriocá?"



"Is fíor," arsa Maitiú. "Is iomdha fáth atá
agam leis. "Acht ní'l sé socruighthe amach 's amach
agam a dhul ann fós."



"Ní imtheochaidh tú gan a innseacht dúinn, 'ar
ndóigh?"



"Ní'l 'fhios agam. Creidim, má imthighim chor
ar bith, gur i ngan-fhios go na cómharsana' go léir
é mar bhrisfeadh sé mo chroidhe slán fhágáil acab."



"Agus, a Mhaitiú, má gheibhir aon fháirnéis faoi
m'athair cuirfidh tú sgéala chugainn?"



"A Eilís," ar sé, "shiubhailfinn Meiriocá ó bhun


L. 465


go bárr dhá mbeadh 'fhios agam go bhfuighinn aon
fháirnéis faoi."



Sgaradar le n-a chéile, agus lean Maitiú "an ród go
díreach" ar a bhealach a bhaile. Ba gheárr a bhí siubhalta
aige gur casadh Peig Ní Bhrádaigh dhó.



"A Pheig," arsa Maitiú "meas tú céard atá ar
Eilís? Ní fhachas chomh tanaidhe bán-ghnéathach riam í
's tá sí le sgathamh."



"B'fhéidir go bhfuil a ádhbhar aici freisin," arsa
Peig.



"A ádhbhar! Céard é, a Pheig, i n-ainm Dé?"



"Is beag óig-bhean a bhíos ag smaoineadh ar an
mbrat pósta nach mbíonn roinnt imnidheach, a mhic ó!
A' gcualais gur éirigh sé fhéin as na saighdiúirí, agus
gur fágadh go leor airgid le udhacht aige le goirid?"



"Chualas," arsa Maitiú. "D'innis sé fhéin dom é.
Is mór an náire dhó bheith i ndiaidh Eilíse ar a leithid
de chaoi agus fios maith aige nach dtaithnigheann sé léithi."



"Ná bí ró-chinnte dhe sin, a mhic ó," arsa Peig.
"Fiafruigh de Cháit Ní Chuimín fá'n sparán gineacha
a chonnaic sí aige an oidhche cheana! Sin í an bhean
a mbíonn an saoghal aici a fhad 's bhíos sé ar lóistín
'n-a teach. Maidir le sugh 'gus rósta is ann a bhíos
sé. Agus is minic a chuireas sé fios ar dhoiséin
buidéal leanna dhuibh i n-éinfheacht."



"An dearg-phleidhce!" arsa Maitiú.



"Ní'l 'fhios agat céard é bheith i ngrádh le óg-mhnaoi,
a bhuachaill!" arsa Peig.



"B'fhéidir nach bhfuil 'fhios," arsa Maitiú. "Acht
b'fheárr liom an croidhe a ghearradh amach as mo chorp
ná imnidhe agus múisiam a chur ar an gcailín a
ghrádhóchainn, agus an tír a chur ag cur síos uirthi mar
tá seisean a dhéanamh."



Leig Peig a sean-sgairt gháire.



"Beir mo ghrádh chuig Brian," ar sí.



"Déanfaidh sin," arsa Maitiú, agus chuaidh 'ch aon
duine a bhealach féin.


L. 466


Thug Maitiú léim thar an gclaidhe le aithgiorra a
dhéanamh treasna go tigh an Cheithearnaigh agus cé d'fheic-
feadh sé sínte siar 'n-a spéic ar chúl an chlaidhe acht
— an saighdiúr! Níor leig air féin go bhfacaidh sé
an "sgraiste" acht tháinig lasadh feirge i n'aghaidh agus
dhúin a dhá dhorn chomh cruaidh leis an iarann.



"Is beag a bhéarfadh orm a chur le speich de mo
bhróig ar chúl a chinn i gclais an tsrotha!" ar sé.
"An bitheamhnach! Nach bhfuil fhios aige nach maith
léithi é a bheith ag gabhail thart mar seo 'n-a diaidh
d'oidhche 's de ló! Acht dheamhan is móide a bhfág-
fadh Cnoc na nGabha dhe go gcuirfidhe ciall i gcéill dó!
Tá sé ag tuar, agus ní ag tuar a leasa é!" arsa Maitiú
leis féin ag imtheacht dó.



CAIBIDIL LVII.



LÁ AOIBHNIS I GCNOC NA nGABHA.



Tá aoibhneas croidhe agus glionndar ar gach duine
i gCnoc na nGabha an la breágh gréineach samhraidh seo.
Ní'l duine d'á gcualaidh "an deágh-sgéal" nach
bhfuil ag éirghe ó thalamh le áthas. Do hinnsigheadh an
sgéal nuaidhe sna móin-fhéir, sna guirt, agus ar
na criathraigh. Ghabh na spealadóirí buidheachas mór
le Dia. Sguireadh de ghróigeadh na mónadh ar an
bportach agus síneadh siar le neart áthais. Agus
bhí na gasúir bheaga ag déanamh grinn agus ag súgradh
le sólás croidhe. Bhí Nóra Ní Laochdha "amuigh" —
b'é sin an fáth! Bhí sí 'n-a suidhe 'n-a cathaoir fá bhun
an chrainn an lá geal aoibhinn seo ag éisteacht le
ceileabhar na n-éan agus le gáire na bpáistí a bhí
ag rith agus ag léimnigh san léana. Bhí a croidhe go
haoibhneach aríst — mar b'fhadó roimhe sin nach raibh
sí amuigh fá'n aer bog úr agus fá thaithneamh lonnrach
na gréine. Agus níorbh' aoibhnighe ise ná gach duine
d'á gcualaidh an deágh-sgéal.


L. 467


"D--l an féidir gur ab annsin atáir, a Nóra!"
arsa Brian Ó Bruadair ag tabhairt léime amach as
an gcáirín asail. "Mh'anam gur shíleas nach
bhfeicfinn ann thú go deo aríst, a Nóra, tá sé chomh
fada sin ó chorruighis amach. A' dtaithneochadh cnótha
leat?" ar seisean, ag tógáil lán a ghlaice as a
phóca.



"Ní fhéadfainn a n-ithe, a Bhriain, go raibh maith
agat," ar sí.



"Nach mairg gan Tomáisín sa mbaile — céad slán
dó! — a Nóra. Is mé a d'fhéadfadh an nead dheas
smólaighe a 'sbánadh dhó agus chúig cinn d'éanacha
óga!" arsa Brian.



"Á! Tomáisín bocht — mo dhearbhráthairín dil!
Ní mé cá bhfuil sé an móiméad seo agus céard atá
sé a dhéanamh?" ar sí, ag dearcadh suas ar an
gcrann. "Ní fheicfimid thuas i measg na ngéag é
go deo aríst, a Bhriain!"



"Ní fheicfidh, astór, ní fheicfidh!" ars' an mháthair
ag bualadh amach as an tigh agus í ag silt na ndeor.
"Cá bhfuil mo mhaicín muirneach anois, nó céard atá
sé a dhéanamh? Ara, a Nóra, a stór, bhínn leis i
ngeall ar an strapadóireacht, agus is minic a
bhuaileas mo leanbh bán. Sin é atá ag briseadh mo
chroidhe anois — gur leagas lámh riamh air. Acht, 'ar
ndóigh, ar mhaithe leis a bhínn. Is mion minic a shíleas
go ndéanfaidhe sprudhánaidhe dh'á chnámha leis an
strapadóireacht agus leis an aerighil chéadna. Nach
iomdha leadóg a bhuaileas ar mo Thomáisín riamh
agus nach minic a chuireas glugar sa gcluais aige,
fairíor! Ara, a mhuirnín, dá mbéitheá agam anois
nach fada go dtóigfinn mo lámh chugat! Céad slán
leat, a leinbh mo chroidhe thar fairrge anonn, agus
cumhdach Dé go raibh ort i gcathracha móra Mheir-
iocá! Nár mhaith uaidh aire a thabhairt go'n tsiopa
agus nárbh é bhíodh umhal d'á mháthair i gcómhnuidhe!
Níor iarras air a dhul ar teachtaireacht riamh nár


L. 468


ghread sé ann dom ar an bpointe boise. Agus nach
minic a chuir sé sólás croidhe orm le n-a chuid
feadghaile! Níor sheinn Liam Ó hEithfearnáin aon
fhonn riamh nach raibh aige."



Thosuigh Nóra ag meangadh, gídh go raibh na deora
briste fá n-a súilibh.



"Acht, a mháthair, nach cóir dhúinn a bheith buidheach
de Dhia gur shroich sé ceann cúrsa slán, agus go
bhfuil sé i dteach a oncla mar seo?" ar sí. "Cuir-
fidh seisean slighe bheathadh mhaith ar a láimh leis an
aimsir, le congnamh Dé."



"Cuirfidh, a stór," ars' an mháthair ag cuimilt
a súl, acht, dá mbeadh mo mhaicín i n'Uachtarán ar
Mheiriocá, bheadh cumha againn 'n-a dhiaidh."



"Caithfead deifriughadh, a Nóra," arsa Brian,
agus sgéala a thabhairt chuig Máire Ní Cheithear-
naigh go bhfuilir níos feárr."



"Agus abair léithi nach mbéad cinnte a' bhfuilim
amuigh chor ar bith go bhfeicead í," arsa Nóra.



"Déanfad, a Nóra," arsa Brian ag bualadh
isteach sa gcárr, agus seo ar siubhal Bobaí sna
cosa-in-áirde.



Bhí Liam Ó hEithfearnáin ag teacht ó'n bportach
agus d'éirigh a chroidhe le áthas nuair a chonnaic sé
Nóra.



"Míle glóire le Dia!" ar sé leis féin. "Shíleas
nach bhfeicfidhe amuigh go deo na ndeor aríst í. Agus
sin i annsin san áit chéadna i n-ar ghnáthach léithi
suidhe! Acht cé hiad seo ag tarraingt ar an teach?
Mh'anam gur ab iad clann inghean an Cheithearnaigh atá
ann, agus an tAthair Ó Cearbhaill! Ó, agus seo é
anuas Aodh freisin agus Éamonn Ó Cadhlaigh 'n-a
theannta agus iad go léir ag teacht le dhul 'un cainnte
léithi! Is feárr dhom-sa gan bualadh síos go mbídh
siad imthighthe."



Bhí Nóra 'n-a suidhe 'n-a cathaoir rómpa agus í ag
léigheadh leabhair. Tháinig sólás ar a croidhe nuair


L. 469


a chonnaic sí Máire Ní Cheithearnaigh. Bhreathnuigh
Máire ar an leabhar agus thosuigh ag meangadh.
Theasbáin sí d'Éamonn é annsin, agus mheangaidh
seisean. Síneadh an leabhar chuig Aodh agus dhearc
sé féin air. Bhí ainm Nóra sgríobhtha ar an gcéad
leathanach agus na focla: "Ó n-a caraid, Gráinne Ní
Chadhlaigh," 'n-a dhiaidh.



"Leabhar breágh a gheall sí a chur chugam," arsa
Nóra., "agus níor dhearmad sí mé ar a dhul ar ais
di," agus tháinig cosamhlacht cumha uirthi.



Chuaidh Eibhlín Ní Cheithearnaigh isteach sa tigh leis an
sean-ghleoiseach fheiceál agus le n-a fhiafrughadh ar
frítheadh aon sgéala ó Thomáisín le goirid.



"Ara, Tomáisín bocht! Nach agaibh a bhí an cion
ar a chéile i gcómhnuidhe, a Eibhlín?" ars' an mháthair.
"Agus nach fada as láthair mo mhaicín anois!"



"Céad slán dó!" arsa Eiblín. "Nach iomdha
nead a 'sbáin sé dhom riamh agus nach iomdha lá
grinn a bhí againn le chéile!"



"Má bheireann sé aire dhó féin thall, a mhuirnín,
deir a oncail go mbéidh deis mhaith aige ar a dhul
ar aghaidh sa saoghal," ars' an mháthair.



"Feicfidh tú féin go dtiubhraidh," arsa Eibhlín.
"Déanfaidh sé fear críonna céillidhe, rachaidh mise
i mbannaí dhuit. Ní dheárnaidh sé blas as bealach
sa mbaile riamh acht amháin na hiorbaill a bhaint as
na spideoga. Agus bhí meas mór ag an máighistir
sgoile air agus dubhairt go ndéanfadh sé an-sgoláire
san árd-sgoil thall."



"Ní raibh aon bhuachaill sa bparáiste a b'fheárr,
eolas ar an Teagasg Críostaidhe ná é, a Eibhlín,
ars' an mháthair. "Go deimhin ní raibh. Chinn ar an
Athair Mac Mathghamhna fhéin an ceann a b'fheárr
fhágháil air. Dhá gcuireadh sé gach ceist ó "cé
chruthuigh thú?" go dtí "bíodh sé mar sin" air ní fhéad-
fadh sé a bhualadh, mar bhí gach freagra ó thús go
deireadh ag Tomáisín as a bhéal agus de ghlan-mheabhair.


L. 470


B'fheárr é ná aon bhuachaill sa sgoil an lá a rabhthas
ag cur na ndaoine faoi láimh Easbuig. Bhí faitchíos
m'anma orm-sa, a stór, nach bhfuigheadh sé aon
ticéad acht, mo chreach mhaidne, ba bheag an strómh
air é. Bí mé féin agus Pilib sa láthair nuair a bhí
na sagairt ag ceistniughadh na ndaoine óg, agus
deir Pilib go bhfuair cuid aca "ticéid," agus gan
mórán gaisge 'n-a gcuid eolais. Fuair Seagháinín
Ó Riain a thicéad agus ní mórán saothruighthe a thug
sé air. "Cé'n nídh pósadh?" ars' an tAthair Mac
Mathghamhna agus "Áit 'n-a bhfulaingtear pianta ar
feadh sgathaimh áithrid sul téidhthear go na flaithis,"
arsa Seagháinín. "Cé'n nídh pósadh? ars an sagart
aríst? agus thug sé an freagra céadna. "Tabhair
a thicéad dó, ars an tAthair Ó hAnnagáin, "tá go
leor daoine ar an saoghal atá ar aon intinn
leis — tá sin. Is beag nach ionann an Pósadh agus
Purgadóir lá ar bith," ar seisean. "Tabhair ticéad
do Sheagháinín, agus tugadh."



Bhuail Máire isteach ar thóir Eibhlín, agus d'fhill-
eadar ar ais i n-éinfheacht. D'imthigh le Éamonn
Cadhlaigh agus le Anna agus le Eibhlín i gcuideacht
luais le Aodh chuig an gceárdchain. Agus bhí Máire
agus an tAthair Ó Cearbhaill ag siubhal asta féin.



Seo litir a fuaireas ar maidin indiu ó Art Ó
Conchubhair," ars an sagairt 'ghá síneadh chuig Máire.
"Bhí seanchus agam le n-a mháthair i dtaoibh an sgéil,
acht ní raibh maith dhom léithi."



"'Tuige nach dtagann sé a bhaile?" arsa Máire.



"'Tuige a dtiocfadh?" ars' an tAthair Ó Cear-
bhaill, ag dearcadh uirthi.



"Ó thárla é 'n-a shagart anois," arsa Máire,
"agus gur le haghaidh na deoighise seo a ceapadh é
ar dtús."



"'N-a shagart! Ní'l sé ceaptha 'n-a shagart chor
ar bith fós agus ní bhéidh go ceann tamaill."



"Dubhairt Anna liom i gceann d'á cuid litreacha


L. 471


go bhfacaidh cara dhi é ag Aifreann Mór i bPáras agus
an chulaith air," arsa Máire.



"Acht ní dhéanfadh sin sagart de," ars an tAthair
Ó Cearbhaill. "Cuirtear cultacha an Aifrinn anois
agus aríst ar chuid de na macaibh léighinn nuair a bhíos
siad bunáite réidh le bheith 'n-a sagairt. Dul amudha
a bhí ar an óg-mhnaoi a d'innis an sgéal d'Anna.
Tá Art as a shláinte fá láthair agus, cé go n-abruigh-
eann sé féin go bhfuil faoi leanacht d'á chuid staidéir,
ní shílim féin go bhfeicfear 'n-a shagart é go deo.
Ní raibh aon luighe mhór aige leis ó thús."



"Ó, is olc liom sin," arsa Máire agus gheit sí go
tobann. "Acht nach raibh ceaptha aige a bheith 'n-a
shagart?"



"Ní raibh sé ceaptha ceart críochnuighthe aige aon
am," ars an sagart. "Bhí faitchíos air i gcómhnuidhe
nach mbeadh an luighe cheart ag a chroidhe leis. Acht
cé gábhadh dhuit imnidhe a bheith ort, a Mháire? Ní hé an
chéad mhac léighinn é a dtáinig athrughadh intinne dhó."



"Ó, acht nach cuimhneach leat céard a bhíthí a rádh?"
ar sí, agus creathadh 'n-a glór.



"Is cuimhneach," ars an sagart ag meangadh.
"Deirtí go raibh tusa ag a iarraidh a choinneál ó bheith
'n-a shagart. Acht ná bac leis an tseafóid chainnte
sin, a Mháire agus ná bíodh blas amháin mí-shuaimh-
nis ort. Bhí Art idir dhá chómhairle sul chonnaic
sé amharc 'riamh ort. Is minic, minic a thrácht
sé liom-sa fá'n sgéal sul bhí aithne ná eolas agaibh
ar a chéile. Agus ó chuaidh sé go Páras 'seadh is
mó atá luighe aige le 'n-a chuid staidéir, adeir sé.
Acht tá an duine bocht as a shláinte fá láthair, tá
faitchíos orm, agus caithfidh sé éirghe as an bhfoghluim
go ceann sgathaimh ar chuma 'r bith."



Ba mhór an sásamh intinne do Mháire fios a fhágháil
anois nach bhféadfaidhe feasta a chur 'n-a leith go
fírinneach gur i ngeall uirthi nár mhian le Art Ó
Conchubhair leanacht d'á chuid staidéir. Smaoinigh sí


L. 472


air sin aríst agus aríst eile agus d'imthigh an meádhchan
d'á croidhe. Agus smaoinigh sí freisin céard a
thárlóchadh, b'fhéidir, muna ndéantaoi sagart de!
D'iompuigh dath a leaca chomh bán leis an bpáipéar go
tobann, agus bhuail roinnt creathadh sa gcainnt í.
Thug an tAthair Ó Cearbhaill fá deara an mí-shuaimhneas
a bhí ag gabháil di, acht níor leig air féin sin. Bhí a
fhios aige go rí-mhaith céard a bhí ag cur imnidhe agus
mí-shuaimhnis uirthi. Bhí a fhios aige go leor nár leig
sé le n'ais. Agus bhí sé lán-chinnte agus dearbhtha
muna mdéantaoi sagart d'Art Ó Conchubhair — sin
nó é a bheith aici mar chéile agus mar fhear pósta — nach
mbeadh lá sóláis ar feadh a saoghail ag Máire Ní
Cheithearnaigh. "Tuigeann fear léighinn leath-fhocal,"
agus thuig an tAthair Ó Cearbhaill a cás sise chomh
maith léithi féin. Agus bhí faoi cuidiughadh léithi
freisin agus iarracht a thabhairt ar an sólás agus an
suaimhneas intinne a bhí uaithi a fhágháil di dhá mb'fhéidir
é.



Bhí Anna agus Éamonn i lagrachaibh ag gáiridhe fá
láthair agus chualaidh Máire agus an sagart gach aon
sgairt uatha.



"Is mór an cailín spalluigheachta í Anna," ars' an
tAthair Ó Cearbhaill.



"Ó! tá an clampar ar fad uirthi?" arsa Máire.



"Agus ní bhíonn tóir ar bith agat féin air!" ars'
an sagart agus é ag gáiridhe.



"Ó, roinnt," arsa Máire. "Cailín ar bith nach
mbíonn go breágh croidheamhail ní bhíonn aon mheas
uirthi, tá 'fhios agat. Fág an tír nó bí sa bhfaisiún
mar deir an sean-fhocal."



"Acht anois, a Mháire, bhfuilir cinnte nach dtugais
do chroidhe d'aon duine fós 'riamh?"



Go deimhin níor thugas," ar sí, "cé go mbíodh
Gráinne ghá rádh i gcómhnuidhe go rabhas i ngrádh le
Mac Uí Luaithe.



"Shílfinn-se gur ab é Éamonn a bheadh sí a luadhadh


L. 473


leat," ars' an sagart. "Agus tá 'fhios agam cé'n
fonn a bhí air a theacht ar cuairt nuair a d'iarras
é! Bí san aireachas nó béidh Máire Ní Dhiolamhnaigh
ar buile leat. "Ní'l splanc aici 'n-a dhiaidh má's fíor
mar deirtear.



"Meas tú bhfuil Éamonn sa tóir uirthi-se?" arsa
Máire. "Maidir le bheith i ndiaidh daoine áithride,
eile dhó ná creid focal de. Ní'l ann 'acht ceapadh."



"Is fiú fear maith í go cinnte," ars' an sagart.
"Acht ní shílim go bhfuil Éamonn d'á ríribh, mar
sin féin. Ní chreidim gur ab í atá uaidh chor ar bith.



Chuaidh Roibeard Laoide tharta ar a chapall agus
d'umhluigheadar féin d'á chéile.



"Sin é an Laoideach," arsa Máire. "Thairg sé
Méadhbh Ní Chadhlaigh a phósadh le goirid, acht ní raibh
sí sásta. Bhí a mhuinntir ar dearg-bhuile leis ar
dtús, acht bhí athrughadh sgéil aca nuair a heitigheadh
é."



"An eisean an tighearna talmhan?" ars' an
tAthair Ó Cearbhaill.



"'Sé," arsa Máire. "Tá dúthaigh bheag 'n-a sheilbh,
agus tá sé an-chineálta leis na tonóntaí'. Bhí
iongnadh an domhain orainn go léir nuair a chualamar
gur iarr sé Méadhbh — mar cé gur mór an fonn air
bheith ag cainnt leis na mnáibh óga, ní chuirfeadh an
saoghal fá deara dhó pósadh. Thuit sé i ngrádh léithi
an chéad oidhche i nÉirinn a bhfacaidh sé sa teach seo
againne í agus bhí faoi a pósadh dhá mbeadh sí féin
toilteanach air acht ní raibh. Thaithnigh sé go mór
le Gráinne agus bheadh sí lán-tsásta é a bheith ag
Méidhbh, acht tá file óg aerach eicínt n-a diaidh má's
fíor do Ghráinne agus sin é an fáth nach mbeadh
glacadh leis an Laoideach.



"Ba bhreágh croidheamhail cliste an cailín í Gráinne,
ars' an tAthair Ó Cearbhaill. "Thaithnigh sí go mór
liom.



"Thaithnigh sí le gach duine a raibh aithne agus eolas


L. 474


aige uirthi," arsa Máire. "Bhí an-chion amach 's amach
agam fhéin uirthi agus ní raibh agam acht malrait.
Ní fhacas í anois le sgathamh maith."



"Is geárr ó chonnaiceas-sa í," ars' an sagart.
"Facthas dom nach raibh sí leath chomh haerach leis an
uair a bhí sí ar cuairt agaibh-se anuraidh."



"Ó, ní féidir gur ab 'eo é sean-Phender thar éis a
bheith istigh?" arsa Máire ag geiteadh agus ag seasamh
ag an ngeata. "Ní mé beo céard a bhíos uaidh ag
teacht chomh minic?" ar sí fá sgannradh.



D'fhiafruigh sí sin d'Aodh freisin, acht tharraing sé
sgéal eicínt eile chuici agus níor fhreagair. D'aithnigh
sí go maith air go raibh imnidhe mhór eicínt dh'á chiapadh
le goirid, agus sgannruigh sí go mb'fhéidir go raibh
rud eicínt ar cearr le n-a shláinte i ngan-fhios dóibh go
léir. Acht ní raibh. Bhí fáth le n-a chuid imnidhe agus
le n-a chuid mí-shuaimhnis nach raibh a fhios ag Máire
fá láthair agus b'fheárr d'á hintinn féin nach raibh
a fhios.



CAIBIDIL LVIII.



AN tATHAIR Ó CEARBHAILL AGUS ART
Ó CONCHUBHAIR.



"Ó, a Airt, táir caithte claoidhte, a mhic ó!"
ars' an tAthair Ó Cearbhaill. "Tá droch-shnuadh
ort. Céard tá ag gabháil duit chor ar bith? B'fhéidir
gur oibrighis ró-chruaidh leis an bhfóghluim, nó an
buaidhreadh nó imnidhe atá ort?"



"Chuir an Dochtúr Ó Cadhlaigh an cheist chéadna
orm," arsa Art.



"Agus céard dubhairt sé i dtaoibh do shláinte?"



"Dubhairt sé nach bhfuil aon dochar déanta acht
nach mór dhom aire mhaith a thabhairt dom féin agus
mo shuaimhneas a ghlacadh go ceann tamaill."



"Tá an ceart aige," ars an tAthair Ó Cearbhaill.


L. 475


"Má chailleann tú an tsláinte i dtús do mhaitheasa,
céard a bhéas agat de bhárr a ndeárnais de staidéar
riamh? Cuimhnigh air sin agus ná marbhuigh thú féin,
a mhic ó. Bíonn an iomarca dúthrachta ar fad i gcuid
de mhacaibh léighinn an tsaoghail seo."



"Ní dúthracht oibre a chaillfeas dom-sa an
tsláinte, má cailltear í," arsa Art, "mar nach raibh
an iomarca grádha do mo chuid leabhar agam aon lá
riamh."



Níorbh' í an fhóghluim acht an imnidhe agus an mí-
shuaimhneas intinne ba chionntach leis an gcaoi a raibh
sé fá láthair. Bhí faoi leanacht do'n fhóghluim i
bPáras mar sin féin, acht chuir na dochtúirí fá
deara dhó a dhul a bhaile go hÉirinn fá athrughadh aeir
agus cómhairligheadh dhó gan a theacht ar ais go mbeadh
sé bríoghmhar láidir. Bhí tuairim mhaith ag Uachtarán
na Coláiste i bPáras céard ba bhun le n-a chuid
tinnis. Bhí a fhios aige cé'n imnidhe a bhí ag gabháil
dó, agus sgríobh sé litir chuig an Easbog i nÉirinn
'n-a thaoibh. Chuir an tUachtarán an litir le Art ar a
bheith ag imtheacht dó. Chuaidh Art ar cuairt chuig an
Easbog ar a theacht ar ais dó agus bhí seanchus fada
prímhléideach aca le chéile. D'innis Art a sgéal ó
thús go deireadh agus gheall an tEasbog go sgríobhfadh
sé chuige agus go gcómhairleochadh sé é i gceann
cúpla lá. Bhí Art agus an tAthair Ó Cearbhaill
ag súil leis an bhfreagradh mar seo.



"Buailimis amach a' spaisteoireacht," ars' an
sagart.



Amach leo. Níor bh'fhada go bhfacadar an buachaill
ag déanamh orra agus litir 'n-a láimh aige. Shín sé
chuig Art í agus d'imthigh.



Léigh Art an litir, agus phreab.



"Deágh-sgéal ó Dhia againn!" ars an sagart.
"An ó'n Easbog í?"



"Seadh," arsa Art ghá síneadh chuige.



"Táim ar aon intinn leis," ars' an tAthair Ó


L. 476


Cearbhaill nuair a bhí an litir léighte. "I n-Ainm
Dé éirigh as anois agus cuir slighe bheathadh eicínt
eile rómhat amach."



"Acht cé'n tslighe bheathadh, meas tú?" arsa Art,
agus cosamhlacht bróin agus duaircis i n'aghaidh.



"Cé mar thaithneochadh leat a bheith id' dhochtúr?
Badh slíghe bheathadh uasal onórach í sin, agus buail
fúithi i n-Ainm Dé."



Lean do'n tseanchus agus do'n chómhradh ar feadh
a bhfad agus an bheirt ag spaisteoireacht síos agus
aníos ar "Chasán an tSagairt."



"Is minic a iarraim ar Aodh Ó Ceithearnaigh a
theacht agus cúpla lá a chaitheamh liom annseo," ars'
an sagart. "Acht ní chuirfeadh an saogal fá deara
dhó Baile na Claise fhágáil. Tá sé féin agus
Máire mar a chéile — dhá gcaithinn mo dhúthracht leo
ní chaithfeadh ceachtar de'n bheirt oiread 's seachtmhain
as baile. Acht dhá mbeadh teach breágh mór agam —
rud nach bhfuil — chaithfeadh Máire a theacht níos
minice.



"Cheal nach dtugann sí aon chuairt ort?" arsa
Art.



"Is go hannamh é, go deimhin."



"Acht cheal nach gceapann tú go dtig le mnaoi
a bheith lán-tsólásach sa mbaile aici féin.?"



"Ceapaim. Acht ní h-ionann na mná go léir,
a Airt. Feileann greann agus sult agus siamsa
do mhná óga an tsaoghail seo. Gan sin ní bhéidh
sólásach dhíobh. An Óig-bhean nach gcuireann suim
i gcomhluadar ná i ndamhsaí ná i ngreann tá fáth
eicínt aici leis agus is ionduail buaidhreadh nó
brón ar a leithid i ngan-fhios do'n tsaoghal. Acht go
deimhin ní fhéadfaidhe sin a rádh fá Mháire. Táim
cinnte go bhfuil sí go rí-shólásach i measg a muinntire
agus a carad sa mbaile. Nach mór an t-iongnadh,
a Airt, nach dtáinig an fear ceart an bealach fós
le n-a héileamh? Bheadh díol aon fhir d'á fheabhas innti


L. 477


gan bhréig, mar maighdean níos áilne ná níos múinte
ná níos taithneamhaighe ná í ní'l sa tír."



"Is mór an t-iongnadh nach n-iarrtar í? arsa
Art.



"Hiarradh fá dhó le goirid í, agus is fiú togha mná
'c aon fhear aca leis an fhírinne a rádh, acht ní phósfadh
sí ceachtar aca. Creidim féin go rachaidh sí sna
mná riaghalta."



"Chualas go bhfuil faoi Anna a dhul ionnta freisin,"
arsa Art.



"Sin é a chloisim," ars' an sagart, "acht ní'l
fhios agam an fíor bréag é. Cailín croidheamhail
aerach a bhí innti i gcómhnuidhe agus ní chreideann go
leor d'á cáirde go n-éireochaidh sí as greann agus
as sógh an tsaoghail, mar deireas sí. Acht ní'l
fhios agam. Meas tú bhfuil Éamonn Ó Cadhlaigh i
ngrádh le duine áithrid ar bith, a Airt? Chítear
dhom go dtáinig athrughadh mór eicínt air le goirid."



"Thugas fhéin sin fá deara freisin," arsa Art,
"agus táim bunáite cinnte go bhfuil rud eicínt ar
siubhal ag Éamonn i ngan-fhios dúinn go léir. Tig
leis a bheith an-rúnmhar nuair is maith leis é."



"Tá sé i n'am againn bualadh ar ais anois," ars'
an tAthair Ó Cearbhaill. "Tá an drúcht ag tuitim
agus is feárr dhuit a dhul isteach sul dá mbídh an
féar fliuch."



Chuadar isteach i dtigh an tsagairt agus leanadar
d'á gcómhrádh. Sul bhí sé a bhfad san oidhche bhí Art
sásta tosughadh ag fóghluim leighis agus dochtúireachta,
agus é socruighthe aige gan leanacht ní ba mhó do'n
ealadhain dhiadha.



"Acht," arsa Art thar éis machtnaimh fhada, "cé'n
chaoi a dtiocfaidh liom tosughadh as a nuadh anois
aríst? Ní fhéadfainn a dhéanamh!"



"'Tuige nach bhféadfá, a dhuine?" ars' an sagart.
"Cé'n chainnt sin ort?"



"Tá fáth agam leis," arsa Art.



"Cé'n fáth?"


L. 478


D'éist Art sgathamh eile gan labhairt.



"Ní'l aon mhaith ghá cheilt," ar sé sa deireadh,
"acht ta 'fios agam go bhfuil mo mháthair leath-sgriosta
agam ceana agus dhá mbeadh tada dh'á bhárr cé'r
chás é — acht ní'l! Tá sé ag dul i n-aghaidh mo choinsís
tosughadh amach 's amach — agus a bhfuil caithte ag
an mnaoi bhoicht liom ó'n gcéad lá ar chuir sí ar
sgoil mé."



"Ná cuireadh sin aon droch-mhisneach ort," ars an
sagart. ""Níor dhúin Dia beárna riamh nár fhosgail
Sé beárna", agus "is goire cabhair Dé ná an doras,"
mar deir an sean-fhocal. Bhí 'fhios agam-sa go maith
gur mar seo a bheadh, a Airt, agus buidheachas le
Dia is féidir liom beagán conganta a thabhairt duit
anois. Ná bíodh aon imnidhe ort — ní bhéidh aon
easbaidh ort le congnamh Dé."



D'éirigh an t-Athair Ó Cearbhaill agus tharraing
chuige a chiste. Ní raibh pighinn ag gabháil leis nach
raibh ann i dteannta a chéile. Cúpla bliadhain roimhe
sin thosuigh sé ag leagan thairis agus bhí faoi a bheith
an-tíoghmhasach nó go mbeadh an oiread i dtaisge aige
's go bhféadfadh sé trosgán nuadh a cheannacht le
haghaidh an tighe agus cuairt a thabhairt ar an Róimh.
Leag sé an t-airgead go léir amach ar an mbord
agus chómhair é.



"Ní'l an oiread ann 's cheapas," ar seisean, "acht
déanfaidh an méid seo féin cúis go ceann tamaill.
Tá trí phunnta dhéag agus cheithre fichid ann agus
bídís agat agus mo mhíle beannacht."



Dhearc Art ar an Athair Ó Cearbhaill fá mhór-
iongnadh. Annsin bhain lán na súl as an airgead.
Ní raibh a fhios aige céard a b'fheárr dhó a rádh. Bhí sé
i n-aghaidh a tholach an t-airgead a ghlacadh. Níor
mhaith leis aon lá ó bhí sé 'n-a ghasúr oiread 's pighinn
fiacha a bheith air ag aon fhear beo. Agus focal
cainnte níor fhéad sé a labhairt ag a mhéid 's chorruigh
fialtas agus fíor-charthannas an Athar Uí Chearbhaill
an croidhe ann.


L. 479


Bhí fios a intinne go maith ag an sagart agus bhí
tuairim mhaith aige cé mar bhí sé ag smaoineadh fá
láthair.



"Caithfir a ghlacadh," ar seisean. "Tá sé de
dhualgas ort."



"Cá bhfios an dtiocfadh liom a íoc ar ais leat go
deo," arsa Art.



"Tá 'fhios agam-sa go n-íocfair," ars' an tAthair.
Ó Cearbhaill, "agus tá 'fhios agam freisin go mbéidh
an oiread fuinn ort a dhéanamh 's go n-oibreochair
go cruaidh le n'íoc chomh luath agus is féidir leat é.
Acht, a Airt, ná bí ag smaoineadh mar sin acht cuir
i dtaisge é. Ní cóir dhuit tairsgint carad a eiteach,
a mhic ó. Dá mbadh mise a bheadh i n'easbaidh, chuid-
eochthá-sa liom agus ghlacfainn uait é freisin. 'Ar
ndóigh, ní ag goilleadh ar do choinsias atá sé? Ná
goilleadh, a dhearbhráthair. Ní fiú é mí-shuaimhneas
intinne dh'á laghad a chur ort."



D'éirigh an tAthair Ó Cearbhaill 'n-a sheasamh thar a
éis seo. Rug ar choinnill agus thug a sheomra leabtha
air féin gan focal eile a labhairt. Chuir Art Ó
Conchubhair a bhosa ar a éadan agus leig a cheann
isteach ar an mbord. D'fhan sé mar sin leis féin ar
feadh a bhfad. Annsin dhírigh aniar agus chuir an
t-airgead 'n-a phóca. Rug ar an dara coinneall
de'n bhord agus chuaidh chun suain. Níor thrácht
sé féin ná an sagart ar an airgead uaidh sin amach.



CAIBIDIL LIX.



LÁ BRÓNACH I gCNOC NA nGABHA.



Tháinig lá mór-dhóláis agus dubróin i gCnoc na
nGabha ar deireadh thiar agus ba dubhach duairceach
mar bhí an baile tráthnóna. Níor leig a croidhe
do'n ghréin féin sgairteadh anuas ar an obair a bhí
ar siubhal ar feadh an lae. Tháinig an báille agus


L. 480


an sirriam ar maidin, agus "sluagh cosanta an dlighe"
'n-a gcuideacht. Bhí Diarmuid Ruadh ann, agus é mí-
shuaimhneach go leor, mar bhí a dhóthain mhór ar a aire
féin. Acht bhí sean-chleachtadh aige ar an obair. Ní
raibh air acht na daoine a chur amach as a dtighthibh
agus na botháin go léir a bhánughadh. Agus cé'r
strómh air sin a dhéanamh? Caitheadh amach sean-
daoine bochta as tighthibh a sinnsir ar leath-taobh an
bhóthair. Ruaigeadh amach mná agus páistí. Crochadh
trosgán na mbothán 'un bealaigh. Ní raibh géilleadh
do shean ná d'óg acht oiread le chéile. Cuireadh amach
an páiste a bhí sa gcliabhán agus an sean-fhear críon
caithte a bhí i ndeireadh a shaoghail thall. Baineadh a
gharrdha de'n Bhuailteoir, agus b'éigin do Thomás
Ó hÓgáin bocht cúl a chinn a thabhairt ar an tigh a
ghrádhuigh sé. Nárbh' é an feall críochnuighthe é?
Nárbh' é an sgrios é? Nárbh' é an peacadh é? Bhí
Tomás bocht ag teacht a bhaile chun dínnéir nuair a
chonnaic sé na síoth-mhaoir agus na saighdiúirí i mbéal
a dhorais agus ar fud a shráide. Bhí an teach dh'á
bhánughadh ós comhair a shúl. Bhí na gróithí fá réir
taobh amuigh le n-a leagan go dtí an chloch íochtair acht
a mbeadh gach luach feoirlinge d'á raibh faoi chaolach
an tighe crochta as amach ag Diarmuid Ruadh agus
ag a lucht conganta. Ní chreidfeadh Tomás 'n-a
dhiaidh sin go rabhthas le n-a dhíbirt agus le n-a theach
a leagan. Ní chreidfeadh sé an rud a bhí le feiceál
aige ós comhair a shúl! Bhí a bhean bhocht ag gul go
fuigheach ós comhair a dorais féin agus is amhlaidh do
bhí Neansaidh agus a croidhe dh'á réabadh le brón agus
le mór-thruaigh dh'á hathair.



"Á, dhá mbeadh mo mhac-sa sa láthair," arsa Tomás
sa deireadh, is fada ó mo theach a chaithfidís fanacht!
Dhá mbeitheá annseo, a Shéamuis Óig, a mhic, ní bheadh
an bhail ar t-athair atá air an uair seo de ló!"



B'fhéidir é, b'fhéidir é. Acht cá bhfuilir, a Shéamuis
Óig, mar seo? Cé'n fáth nach bhfuilir sa láthair?


L. 481


Fan go fóill, a léightheoir na gcarad, agus nochtfar
dhuit cá raibh Séamus Óg ar an móiméad seo go
díreach. Bhí sé na mílte míle i gcéin a bhfad ó n-a
dháimh agus ó n-a ghaoltaibh, a bhfad ó'n athair agus ó'n
máthair a d'oil agus a thóig é, a bhfad uait-se freisin,
a Chnoc na nGabha, an lá dólásach seo a raibh gróithí
an chreachadóra d'á gcur fút, — seadh, d'á gcur fút gan
ughdar, gan ádhbhar, gan fáth, gan leith-sgéal acht le do
chuid talmhan a roinnt ar strainséaraibh, agus ruaig a
chur ar do daoinibh dílse geanamhla féin. Bhí an ghrian
go lonnrach i spéarthaibh na nIndiacha Thoir an lá úd.
Bhí an talamh dóighte aníos ó'n ngrinneall le bruith-
teacht na haimsire. Bhí an gaineamh chomh te leis an
teinidh. Bhí an t-aer meirbh brothallach. Tháinig tor-
ann uathbhásach go tobann, pléisg, pléisg, agus pléisg
eile, mar bheadh trí phlimp mhóra toirnighe i ndiaidh a
chéile.



Sgaoileadh na hurchair as na gunnaibh móra.
Crathadh an talamh. Dorchuigheadh na spéartha le ceo
tiugh deataigh. Bhí na lasracha ag eiteall as béal na
ngunnaí ar nós na teineadh gealáin. D'fhuagair
an taoiseach go hárd-ghlórach dána ar a chuid fear an
námhaid a ionnsughadh le faobhar an chlaidhimh. Tugadh
ruathar agus ruathar eile. Bhí sé 'n-a sgeanadh agus
'n-a réabadh, 'n-a smíochadh agus 'n-a thréan-tuairgint
ar feadh tamaill. Níor mhair an cruaidh-chómhrac
acht sgathamh geárr. Chuir an taoiseach Sasanach
glaoidh mhór agus árd-bhéic áthais agus bróid as ós
comhair na bhfear, agus d'fhuagair "Tiobrud Árann
go deo!"



Tiobrud Árann go deo! Seadh. Bhí an bhuaidh ag
Sasana! Bhí na céadta sínte ar lár ag tabhairt fola
a gcroidhe. Bhí na mairbh 'n-a sraith i lár an ghleanna.
Bhí cipe saighdiúrí Thiobruid Árann sioncuighthe
sáruighthe de bhárr an lae agus ní tháinigeadar as
an gcath 'sa gcómhaireamh ceann. Saighdiúirí Thiobruid
Árann! B'as Tiobrud Árann dóibh, acht fairíor!


L. 482


B'iad saighdiúirí Shasana iad indiu. Rugadar an
bhuaidh dhi, agus sgárdadar a gcuid fola 'n-a sruthán
ar a son. Dearc orra anois, a léightheoir. Féach an
t-óig-fhear árd, fionn sin ar d'aghaidh. Ní'l ann
coisméig a shiubhal. Tá sé leonta lottha sa gceath-
ramhain thar éis an lae. Throid sé go díocasach ar
chroidhe a dhíchill. Rinne sé gníomha cródha gaisge.
Sheas sé i mbeárnain an bhaoghail go mion agus go
minic. Ní dheachaidh aon fhear eile thrí gach ré gábhadh
leis. Sin é Séamus Óg Ó hÓgáin. Ar an móiméad
céadna seo, tá saighdíurí Shasana timcheall tighe a
athar i gCnoc na nGabha. Tá an teach d'á leagan.
Tá na gróithí d'á gcur fá na ballaibh. Tá an mháthair a
d'oil agus a thóig é d'á strachailt amach as a clúidín
the theolaidhe féin. Tá a dheirbhshiúr ag gul go fuigheach
agus go cráidhte. Agus tá a athair i meirbhshion le
teánn sgannraidh i lár na sráide. Á! a Shéamuis,
a Shéamuis, nach áluinn an dualgas a chóimhlíon tú ar
son do thíre an lá úd! Nár bheag an dochar do
Chaitlín Ní Uallacháin bród a bheith aici as do shaothar!
Níor chrádh croidhe leat greamughad d'arm an
tsladuightheora. Níor ghoill sé ort an sgian a chur
níos doimhne i gcroidhe do thíre. Nár chuma leat cuing
na daoirse agus slabhraidhe an bhraighdeanais a fháisg-
eadh níos cruaidhe agus níos teinne ar bhallaibh agus
ar chuisleachaibh shean-Éireann! Mo nuar! Bhí
ádhbhair bróin ag Cnoc na nGabha agus ag Éirinn an
lá úd. Acht bhí ughdar aoibhnis agus ádhbhar glionndair
ag Seaghán Buidhe. Ba mhaith an mac dhó thú, a
Shéamuis Uí Ógáin, an lá ar ruaig sé do mhuinntir
féin le fán agus le seachrán an tsaoghail! Ba mhaith.



Leagadh leath a raibh de thighthibh i gCnoc na nGabha
an lá úd. Bhí aon bhothán beag amháin 'n-a chadhan
aonraic ar bhóthar an phortaigh agus é dealuighthe amach
ó'n mbaile. Ní dheachaidh leis an mbotháinín aonraic
seo acht an oiread leis an gcuid eile. Ní raibh de
throsgán fá chaolach an tighe acht amháin leabaidh, bord


L. 483


beag, smután de ghiúsaigh, pota, sean-ghalún, péire
plátaí, agus crúisgín buidhe. Caitheadh amach fré
chéile i lár na sráide iad. Cuireadh an gró fá'n
mballa agus anuas leis. Bhí Liam Ó hEithfearnáin
bocht gan áit suidhte ná seasta anois. Bhí sé gan
áit dídin ná fasgaidh ar deireadh thiar. Acht ba chuma
leis. Ní ar a bhotháinín a bhí sé ag smaoineadh fá
láthair. Bhí ádhbhar bróin d'á ríribh ag mo dhuine bocht!
Téidhmis ar thóir an Cheoltóra. Tá sé mar seo thuas
i lár an tsléibhe leis féin. Tá a chroidhe d'á chur as
a chéile. Tá an sruth deor ag teacht go bog úr le n-a
ghruaidh. Tá "an t-uaigneas croidhe" air anois d'á
ríribh! Chítear dhó go bhfuil spéartha neimhe fá dhólás.
Tá cosamhlacht bróin agus duaircis ar na néalltaibh
móra dorcha ós a chionn. Tá an ghrian imthighthe as
amharc le cumha. Tá éanlaith an aeir féin 'n-a dtost
le briseadh croidhe agus le uaigneas! Is cuma leis
ann nó as feasta. Is cuma leis beo nó marbh. Tá
deireadh le n-a shólás saoghail! Dearcamuis air.
Tá a láighe i ngreim aige. Tá sé ar thóir an ghiod-
áinín is deise, is míne, is glaise, is féarmhaire 'n-a
thimcheall. Ni'l uaidh acht aon sgraith dheas ghlas
éadtrom amháin. Tá sé i ngreim sa bhfeac. Tá
a chos ar an mbróigín. Tá sé réidh leis an sgraith
a bhaint anois. Acht tá na deora 'ghá dhalladh.
Tá creathadh 'n-a lámhaibh. Ar éigin is féidir leis
sáthadh a thabhairt do'n láighe. Nach réidh uaidh an
fód a ghearradh! Nach deas uaidh gabháil do'n
sgraith! Tá gean aige ar gach seamaide d'á bhfuil
sé le 'n-a leagan ós cionn uaighe Nóra Ní Laochdha!
Chuir sé an sgraith isteach 'n-a cháirín. Leig osna
mhór throm a tháinig aníos ó íochtar a chléibhe.



"Fairíor géar gan mise sínte taobh leat sa gcill,
a Nóra, agus sgraith ghlas mar í seo ós mo chionn
fhéin!" ar sé, ag cuimilt na ndeor ó n-a shúilibh.



Bhí Nóra Ní Laochdha i measg na nAingeal. Bhí a
hanam go lonnrach soillseach i nÁrus Dé. Bhí an


L. 484


bheatha shíorruidhe aici le linn na saoghal i Ríoghacht
na bhFlaitheas! Bhí. Beannacht na nGrást le d'an-
am, a Nóra! Is aoibhinn duit anois. Tá deireadh le
do bhrón agus le do phiantaibh. Agus tá an luach
saothair agat a thuill tú ó Dhia. Go dtugaidh Dia
na Glóire agus an Mhaighdean Bheannuighthe dhúinne bás
chomh naomhtha fhágháil agus fuair tusa! Go dtugaidh!



Bhí sí básuighthe an uair sin le dhá lá. B'in í an
Mháirt. Ar maidin Dia Domhnaigh 'seadh chuir Dia fios
uirthi. Cuireadh duine le sgéala chuig Liam Ó
hEithfearnáin ag a rádh leis a theacht gan mhoill.
Ghluais leis ar an bpointe. Bhí a fhios aige go maith
cé'n fáth ar cuireadh fios chomh tobann sin air. Bhí a
fhios aige go mbadh gheárr gairid eile a seal ar an
saoghal seo. Bhain sé an laiste go réidh agus go
héadtrom. Isteach leis. Siar leis sa seomra. Bhí
Máire Ní Cheithearnaigh ar a dhá glúin ag colbha na
leabtha ag léigheamh na Liodán. Bhí Eibhlín Ní
Dhonnabháin íslighthe le n-a hais agus péire bróg
éadtrom idir a dhá láimh aici. Bhí a dhá súil fá
thuilltibh deor. Nóra bhocht! D'fhág sí na bróga de
bhronntanas ag Eibhlín. Bhí cosamhlacht an bháis ar
aghaidh agus ar leacaibh an chailín bhoicht. Ní raibh ann
acht go raibh an anáil innti ar éigin. Bhí sí ag
saothrughadh báis — d'á goid as, d'á goid as, de réir a
chéile gach móiméad d'á dtéidheadh thairti. Bhí a máthair
'n-a seasamh cois na leabtha ag dearcadh, ag síor-
dhearcadh uirthi. Bhí a croidhe i n'uan fola i lár a
cléibhe. Sgrúdfadh sí an Turcach, an bhean bhocht,
annsin agus "a cuid de'n tsaoghal," a hinghean
aoibhinn chaoin, a cailín grádhmhar, ag imtheacht uaithi
go deo na ndeor. Go bhfóiridh Dia ar mháithreachaibh
an tsaoghail!



Tháinig meangadh gáire i n-aghaidh na hóg-mhná a
bhí ag fágháil bháis. Chrom a máthair anuas uirthi. Bhí
an inghean ag a iarraidh nidh eicínt a chur i dtuigsint.
Ní raibh ann acht gur ar righin ar éigin d'éirigh leis an


L. 485


máthair a dhéanamh amach céard a bhí Nóra bhocht ag
iarraidh a rádh. Bhí Liam Ó hEithfearnáin 'n-a sheasamh
cois an dorais. Sméid sí ar. Anall le Liam go
mall réidh agus sheas le colbha na leabtha.



"Tá sí ghá iarraidh ort do lámh a leagan ar chlár
a héadain, a Liam, agus gan a corrughadh go séaluighidh
sí!" ar sise.



Thug Máire Ní Cheithearnaigh cogar d'á deirbhshiúr,
Eibhlín, agus dubhairt léithi "an choinneall bhean-
nuighthe" a thabhairt isteach. Amach le Eibhlín. Bhí
Pilib ar a dhá ghlúin agus é ag guidhe agus ag silt
na ndeor taobh amuigh de dhoras an tseomra. Bhí an
doras ar fosgailt agus ní raibh aon nidh d'á raibh ar
siubhal taobh istigh nach raibh le feiceál agus le tabhairt
fá deara aige. Ní fhéadfadh mo dhuine bocht a dhul
ní ba ghoire do'n leabaidh 'n-a raibh a inghean dil
ghrádhmhar ag carraidheacht leis an mbás! Sméid
a bhean air sa deireadh — thug sí fá deara go raibh
Nóra ag a iarraidh air a theacht 'n-a haici. Anonn
leis agus a chroidhe d'á réabadh. Chuimhnigh sé ar gach
uair riamh ar chuir sé brón agus dólás uirthi. Bhí
aithmhéala mór air anois. An maithfeadh sí dhó?
Á, mhaithfeadh! Bhí maithte aici do'n tsaoghal mór.
Féach an dearcadh a thugadh sí ar a hathair — an dearcadh
deiridh! Cá bhfuil an té a d'fhéadfadh cur síos ar
ar chuir an dearcadh sin i gcéill? Thuig a hathair é.
Thuig a máthair é. Thuigeadar go léir é. Bí sí ag
fágáil "slán agus beannacht" aca go deo na ndeor.
Chuir Máire an choinneal bheannuighthe isteach 'n-a
glaic agus choinnigh annsin í. Thug Nóra snug.
Leig osna. Tháinig osna agus osna eile.



"Ó, tá sí séaluighthe! Tá sí imthighthe!" ars' an
mháthair bhocht agus í ag pléasgadh ag gul.



Acht ní raibh sí séaluighthe fós. Tháinig faoilte agus
meangadh an gháire 'n-a haghaidh agus 'n-a béal aríst.
Tháinig lonnradh 'n-a leacaibh. Bhí mar bheadh gath
gréine ag soillsiughadh ar a héadan. Chraith an sean-


L. 486


ghleoiseach é féin istigh san éanadán ós cionn na
fuinneoige agus thosuigh ag seinnm go bog brónach.
Leig mo chailín bocht osna aríst agus aríst eile. Thug
snug. Sheas an croidhe. Stad an fhuil. Agus
bhí a hanam glégeal ag gluaiseacht i measg na n-aing-
eal go hÁrus Dé. Shéaluigh sí gan saothar gan
séideán ar nós an bhric.



Tháinig an tAthair Mac Mathghamhna é féin leis an
Aifreann a rádh lá na sochraide. Agus 'sé bhí go
buadhartha cráidhte croidhe-bhriste nuair a chonnaic
sé an bhail a bhí ar Chnoc na nGabha roimhe. Bhí go
leor leor de mhuinntir a pharáiste léan-sgriosta
anois d'á ríribh. Ní raibh aca acht cómhnaidhe cois an
chlaidhe nó a dhul ag soláthar na déirce. Acht, d'á
mhéad d'á raibh a mbuaidhreadh agus a n-anshógh féin,
tháingeadar 'n-a sluaightibh chuig an tórramh agus chuig
an tsochraid mar ní raibh duine dhíobh nach raibh grádh
croidhe aige do Nóra Ní Laochdha.



Rinneadh an uaigh. Leagadh síos an "cómhairín
caol fada." Clúduigheadh an chónra leis an gcré-
Rinne an Buailteoir agus Tomás Ó Meachair an obair
go deas agus go stuamdha. Nuair a bhí an uaigh
líonta chuadar do'n chréafóig le n-a gcuid sluaiste
go ndeárnadar chomh mín réidh comhthrom í agus
b'fhéidir é. Bhí Maitiú ag dul ar thóir "an fhóid
ghlais" a cuirfidhe ós cionn na huaighe. Thug
Liam Ó hEithfearnáin cogar cluaise dhó. Níor
labhair ceachtar aca smid acht amach leo chuig geata
na roilige. Bhí an cáirín annsin agus an sgraith a
bhain Liam thuas ar an gcriathrach an lá roimhe sin ann
istigh agus í fillte ar a chéile 'n-a corna. Chuir
Maitiú feac na sluaiste isteach thríd an gcorna.
Rugadar ar dhá cheann an fheaic — duine ar gach aon
taobh — agus d'iomchruigheadar an sgraith isteach 'na
roilige ós comhair a raibh de dhaoinibh ar an tsochraid.



Leagadar ar cheann na huaighe í. Annsin sgaradar
amach í — agus bhí an féar glas úr ós cionn Nóra


L. 487


Ní Laochdha. Bhí an mháthair bhocht aoibhneach anois d'á
thruime d'á raibh an t-ualach dubróin 'n-a luighe ar a
croidhe. Bhí sí cinnte go gcodlóchadh a hinghean go
suaimhneach san uaigh ó bhí an clúdach deas glas féarach
sin ós a cionn!



Chuaidh an sluagh go léir ar a nglúinibh agus ghuidh-
eadar aoibhnis na bFlaitheas d'anam an té bhí imthighthe
uatha go deo. Annsin sgaip an cruinniughadh agus
chuaidh gach duine a bhealach féin.



D'fhan ceathrar ós cionn na huaighe agus an tsoch-
raid go léir sgaipthe acht iad féin.



"A Liam," arsa Pilib Ó Laochdha, "do b'í a chuir
fá deara dhuit-se gealladh a thabhairt i n-aghaidh an
óil."



"Do b'í," arsa Liam. "Ag Dia Mór atá 'fhios
céard a thárlóchadh dhom marach í."



"Sin rud nár chuir sí d'ialach orm-sa a dhéanamh,
a Liam. Níor mhaith léithi a iarraidh orm. Níor bhain
sí aon ghealladh dhíom riamh 'n-a thaobh. Acht geallfad
di anois, a Liam!" ar sé agus d'ísligh ar a dhá
ghlúin ós cionn a huaighe agus bhain de a hata. B'áil
leis an mnaoi a thabhairt air gan an mionna a thabhairt
acht ní raibh maith dhi leis.



"Geallaim dhuit é, a Nóra!" ar sé go dúthrachtach.
Annsin d'éirigh sé d'á ghlúinibh agus d'imthigh leis
féin agus le 'n-a mhnaoi go mall réidh, agus go
trom-chroidhtheach dólásach amach as geata na roilige.



"A Liam, tara uait a bh--," arsa Eibhlín Ní
Dhonnabháin. Bhí sí ar tí "a bhaile" a rádh. Acht
chuimhnigh sí air nach raibh aon "bhaile" aige anois, an
duine bocht, agus níor dhubhairt sí an focal.



"Á! a Eibhlín," ar sé, "bhí grádh ag mo chroidhe
dhi 'ch uile lá riamh."



"Bhí grádh ag 'ch uile dhuine uirthi, a Liam," arsa
Eibhlín agus í ag cuimilt a súl.



D'imthigheadar ó'n roilig sa deireadh agus an bheirt
ag gul.


L. 488


Ní raibh teach sa bparáiste ná san mbarúntacht nár
cluintheas trácht ann go mion agus go minic ar bhás
Nóra Ní Laochdha. Cuireadh an sgéal dubrónach chuig
deoraidhthibh a bhfad i gcéin agus tháinig an faoisge
deor fá n-a súilibh ag léigheamh sgéala a báis dóibh.



"Á, Nóra bhocht!" arsa Brian Ó Bruadair agus
é 'n-a shuidhe i gclúid cisteanaighe an Cheithearnaigh.
"Nóra bhocht!" ar seisean, "ní shuidhfidh sí in-aon
chathaoir go bráthach na breithe aríst!" Bhí a bhos fá
n-a leiceann aige agus é ag smaoineadh ar an té
nach raibh fágháil uirthi go deo na ndeor aríst.



Go gcodluighir go sámh san uaigh, a Nóra Ní Laochdha,
agus Sólás na bhFlaitheas go raibh ag d'anam le linn
na saoghal!



(Críoch coda a III. Leanfar do'n sgéal
i gcuid a IV.)








19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services