TAIRSGINT.
Tairgim an leabhar so
do
Dhuine de na Gaedhealaibh is dílse agus
is dúthrachtaighe beó,
do
mo charaid gach am agus tráth —
AN DOCHTÚIR SEAGHÁN P. MAC ÉNRÍ,
úghdar léigheannta, agus sgoláire árd-eólasach; fíor-
Ghaedheal agus fíor-thír-ghrádhuightheóir; fear a bhfuil
cuimse déanta aige cheana ar son sean-teangadh na
nGaedheal agus a lucht fóghlumtha. Go mba fada buan
é i sógh agus i sláinte, le leanacht dá obair "ar son
glóire Dé agus onóra na hÉireann!"
M. B.
RÉAMH-RÁDH
Go ndéanaidh Dia trócaire ar d'anam, a Chathail
Cicham! Sólás síorruidhe na bhflaitheas go raibh
agat agus ag gach Gaedheal mar thú, a d'oibrigh ar son
na hÉireann! Ghrádhuigh tú do thír dhúthchais ó dhoimh-
neacht do chroidhe. Thug tú iarracht ar a saoradh ó
ghéar-bhruid agus ó leath-trom na nGall agus bhís i gcómhnuidhe
i gcómhnuidhe dílis dí. D'fhulaing tú ar a son mar
rinne na mílte tír-ghrádhuightheóirí san am a cathadh,
agus mar dhéanfas a lán san am le theacht. In gach
leabhar dár sgríobh tú, in gach dán binn dár chum
tú, tá le tabhairt fá deara ag fearaibh Fáil cé'n
grádh mór ó chroidhe bhí agat d'Éirinn, agus cé'n dólás
a bhí ort a feiceál faoi dhaoirse. Feicimíd cé mar
ghrádhuigh tú a daoine, agus cé'n t-eolas cruinn a bhí agat
i dtaoibh a mbéas, a nós, a gcreidimh, a dtír-ghrádh
— agus a lochta. I "Knocknagow" go h-áithrid tá againn
cur síos cruinn beacht i dtaoibh an tsaoghail a bhí
i nÉirinn le do linn. Cur síos níos cruinne, níos
fírinnighe, níos taithneamhaighe ná é níor sgríobhadh
ó shoin i dtaoibh ar dtíre agus ar ndaoine. Tá againn
ann suairceas agus croidheamhlacht na nGaedheal; a
ngrádh agus a ndílseacht dá dtír agus dá gcreideamh;
a suim i ngreann agus i gceól; a mbéasa agus a nósa;
agus mar d'fhulaingeadar faoi sgiúrse na dtighearnaí
talmhan. Tá an gáire agus an gol ann; an suairceas
agus an duairceas; an tír-ghrádh agus an tsean-tseóinínteacht
— agus tá go leór de'n tráchtas chomh fíor indiu
's bhí sé an tráth ar sgríobhadh an leabhar.
Nach iomdha cor a chuireas an saoghal de! Ní
raibh aon tsuim, faríor! sa teangaidh an tráth ar
sgríobhadh "Knocknagow" agus ní'l aon trácht na taoibh
sa leabhar. Acht dá mbéitheá beó indiu, nárbh áluinn
mar sgríobhfá ar an saoghal atá againn i nÉirinn
anois! Nach ar do chroidhe mór Gaedhealach a bheadh
an t-aoibhneas agus an glionndar dá mbéitheá beó le
obair Chonnartha na Gaedhilge a thabhairt fá deara —
dá bhfeicfeá "an t-athrughadh mór" a tháinig! Nárbh'
áluinn na sgéalta a bheadh againn ó do láimh i nglan
Ghaedhilg! Acht ní raibh sé i ndán duit Connradh na
Gaedhilge a fheiceál. Fad 's mhair tú d'oibrigh tú
go dílis agus go dúthrachtach mar dheagh-Éireannach
agus mar thoghadh tír-ghrádhuightheóra, agus d'fhulaing tú le
splíontaidheacht ó'n námhaid mar gheall ar do thír-
ghrádh. An fhad 's beó Clanna Gaedheal ní déanfar
dearmad ort féin ná ar an saothar a d'fhág tú
id' dhiaidh. Dá mbéitheá gan rud ar bith eile a
dhéanamh acht "Knocknagow" a sgríobhadh choinneóchadh
sé thú go húr-ghlas i gcuimhne Gaedheal.
Rugadh Cathal Cicham sa mbliadhain 1825 ag
Muileann na hAbhann, i n-aice le Sliabh na mBan,
i gConndae Thiobruid Árann. H-oileadh agus tóigeadh
é imeasg na ndaoine, agus chonnaic sé go díreach cé'n
bhail a bhí ar a chómharsannaibh féin de bhárr na
dtighearnaí talmhan agus cam-dlighe an tSasanaigh.
'Na óige bhí a chroidhe ag cur thar maoil le grádh
agus le dílseacht do Bhántaibh Fáil. Le linn a óige bhí an
"Nation" ag gríosadh agus ag brostughadh Gaedheal
seasamh go teann ar son saorsachta a dtíre, agus an
fíor-Ghaedheal Tomás Dáibhis agus Cathal G. Ó Dubhthaigh
go líomhtha díograsach na bhun i mBaile Átha Cliath.
Chuir sé suim mhór san "Nation," mar chuir gach
Gaedheal dá fheabhas an uair sin, agus bhí sé san Éirighe
Amach sa mbliadhain 1848. D'éirigh timpist mhór dó
agus gan é acht ceithre bliadhna déag, nó mar sin. Bhí sé
ag triomughadh púdair thais. Phléasg an púdar suas
san éadan agus sna súilibh air, agus chaill sé go leór dá
amharc agus dá éisteacht dá bhárr. Acht níor choinnigh sin
é gan oibriughadh go dian ar son a thíre — cé ó d'éirigh
an timpist seo dhó go raibh an droch-shláinte ag cur
as dó ó bhliadhain go bliadhain. Chaith sé tamall dá
shaoghal ag sgríobhadh le haghaidh an "Irish People" —
páipéar "Chumainn na bhFiann," i mBaile Átha Cliath.
Bhí Sasana, ar ndóigh, go dian i n-aghaidh na bhFiann
agus sa tóir orra i gcómhnuidhe. Rinneadh spíodóireacht
ar Chathal Cicham, agus cuireadh 'n-a leith go raibh sé
ar dhuine aca, agus go raibh baint aige leis an bpáipéar.
Gabhadh é sa mbliadhain 1865. Tugadh de bhreith air
ceithre bliadhna déag príosúntacht' a chur dhe — mar
gheall ar gur ghrádhuigh sé a thír dhúthchais! Thar éis
trí bliadhna go leith bhí a shláinte chomh suarach 's gur
leigeadh amach é.
Sgríobh sé freisin an sgéal brónach "Sally
Cavanagh" agus "For the Old Land." Tasbáineann
'ch' aon cheann aca, mar ghníos "Knocknagow" a
eólas i dtaoibh muinntire na tíre, agus a ghrádh mór féin
do'n tír agus dá daoinibh. Sgríobh sé roinnt amhrán
freisin. 'Siad na cinn is mó a bhfuil eolas orra:
"Patrick Sheehan," "Rory of the Hills," agus "The
Irish Peasant Girl."
Fear an-deagh-mhóideach a bhí ann agus toghadh Caitlicigh.
Bhí sé 'n-a fhear lághach charthannach fháilidhe, 'n-a
chainnteoir bhreagh, bhlasta, agus 'n-a fhear an-tuigsionach
agus an-eólasach. Sgríbhneoir líomhtha fileadhta a b'eadh
é gan aimhreas. Bhí eólas mór aige i dtaoibh an
tsaoghail, agus is iomdha deágh-chómhairle atá le fághail ins
na leabhraibh a sgríobh sé. Is deacair sárughadh ar an
gcaoi a gcuireann sé síos ar na "daoine" atá i
"Knocknagow," agus pé locht atá le fághail ar an gcaoi
ar chuir sé an sgéal le chéile caithfear amhdughadh
gurb' áluinn a chuir sé síos ar "Philib Ó Laochdha,"
"Nóra," "Gráinne," "Maitiú Mór," agusc.
Fuair sé bás an dara lá fichead de Lughnas sa
mbliadhain 1882. Tá sé curtha i dTiobruid Árann i
n-uaigh a mhuinntire féin, i n-aice leis an áit ar chaith
sé laetheannta aoibhinne a óige. Sólás síorruidhe na
bhflaitheas go raibh ag a anam!
'Sé an Dochtúir Seaghán P. Mac Énrí an chéad
duine a mhol dom bualadh fá "Knocknagow" a
aistriughadh. Gabhaim mo mhíle buidheachas leis an
Dochtúir. Is mór go cinnte a ndeárnaidh sé dhom.
Chuir sé go mion agus go minic ar an eólas mé, agus ba
mhaith dhom agam i gcomhnuidhe a chómhairle agus a bhar-
amhail.
Gabhaim freisin mo mhór-bhuidheachas le Séamus
Ó Dubhthaigh agus a Chomh-lucht ar son cead a thabhairt dom
an sgéal a aistriughadh, agus gabhaim buidheachas ar leith
le T. D. Ó Cearbhaill, an Stiúrthóir.
Cuireadh an sgéal i gcló sa g"Claidheamh Soluis"
ó sheachtmhain go seachtmhain. Táim lán-bhuidheach de
Phádhraic Mac Piarais, an Fear Eagair, ar son a chló-
bhualadh ann, agus freisin ar son a dtug sé de chabhair
dhom an fhad 's bhí an sgéal ar siubhal. Gabhaim mo
bhuidheachas freisin leis an gCló-Chumann ar son mar
rinneadar a gcuid féin de'n obair.
Bhuaileas fá'n sgéal a aistriughadh mar gheall ar
chomh mór is thaithnigh sé liom féin. 'Sé mo mheas nach
bhfuil aon sgéal eile is feileamhnaighe ná é le Gaedhilg
a chur air. Freisin, bhí fonn orm go cinnte bualadh
faoi mar gheall ar an té a sgríobh é, agus munar éirigh
liom a dhéanamh go sásamhail iarraim maitheamhnas ar
an té atá imthighthe.
Tá fhios ag an saoghal gur rí-dheacair deagh-
aistriughadh a dhéanamh. Sa n-aistriughadh seo a
rinneas séard a bhí uaim é bheith chomh cosamhail le
sgéal Gaedhilg as a nuadh 's b'fhéidir é. Thugas
iarracht ar chraiceann agus snas na Gaedhilge a chur air.
D'fhéachas le cosamhlacht chomh nádúrtha 's b'fhéidir é a
chur ar a bhfuil de chómhrádh ann. Níor chuireas rud
ar bith sa gcómhrádh nach bhfuil do réir mo bharamhla ag
luighe le nádúr ag an nGaedhilg, ná rud ar bith nach
n-abróchadh Gaedhilgeóir ó dhúthchas. Ní'l aon chor
cainnte ann nach gcualaidh mé féin go mion agus go
minic. Rinneas mo dhícheall ar gan aon Bhéarlachas a
bheith ann. Annso 's annsúd tá neithe sa sgéal nach
minic a cloistear trácht 'n-a dtaoibh ag Gaedhilgeóiríbh.
B'fheidir, mar sin de, ó am go ham, go bhfuil focal
nó rádh sa n-aistriughadh nach bhfuil aon chleachtadh air
ag go leor. Tá focla ann atá i ngnáth-úsáid i gCois-
Fhairrge agus i gConamara, agus nach bhfuil le fághail i
n-aon fhoclóir dá bhfuil againn fá láthair.
Annso 's annsúd b'éigin dom an sgéal a ghiorrughadh
beagán. Ní dheárnas an giorrughadh acht i n-áit nach
ndéanfadh sin aon dochar do'n sgéal. Is beag
athrughadh a rinneas ar a bhfuil de chómhrádh ann. Bhí
orm an sgéal a ghiorrughadh le ordughadh ó na Foillsigh-
theóirí. Níor leanas go ró-dhlúth do'n Bhéarla, mar
creidim, má's le duine an t-aistriughadh a bheith glan-
Ghaedhealach aige, agus "craiceann" a bheith ar a chuid
cainnte, nach mór dhó sgaradh ó'n mBéarla, agus gan an
iomarca suime a chur ins an gcaoi a bhfuil an chainnt i
ndiaidh a chéile ag an úghdar. Rinneas mo dhícheall ar
a aistriughadh ar chaoi go mbeadh an oiread sásaimh ag
Gaedhilgeóir ann 's dá mba i nGaedhilg a sgríobhfaidhe
é ó thús. Tá fhios agam nach bhfuil sé gan lochta, acht
tá dóchas agam nár chinn orm ar fad ins an iarracht.
Má bhíonn na Gaedhilgeóirí sásta leis, béad-sa lán-
tsásta. Muna mbéidh, ní'l agam de shólás acht go
ndeárnas mo dhícheall agus "is leór do dhuine dona a
dhícheall a dhéanamh," mar deir an sean-fhocal.
Ní'l againn annso acht "Cuid a hAon." Mar gheall
ar chomh mór 's tá an sgéal, b'éigin coda a dhéanamh
dhe. Beidh "Cuid a Dó" againn leis an aimsir, le
congnamh Dé, má mhairimíd.
Gabhaim mo mhíle buidheachas leis an Dochtúir Arthur
Gamgee, F.R.S., ar son a mhór-cháirdis ar feadh na
haimsire a chaitheas annso ar bhruach Loch' Léman.
MÍCHEÁL BREATHNACH.
Montreux, Suisse,
Féile Bríghde, 1906.
CNOC NA nGABHA.
CAIBIDIL I.
Hannraoi Ó Luaithe ar cuairt ag Muiris Ó Ceithearnaigh
i dTiobruid Árann.
Maidin lae Nodlag a bhí ann, agus ní raibh Hannraoi
Ó Luaithe acht go díreach thar éis dúiseacht. Ní raibh sé
cinnte ar bh'é solus na maidne a bhí ag teacht
isteach in' fhuinneoig nó solus na gealaighe nuaidhe,
mar nach raibh a fhios aige ar bh'é deireadh na hoidhche
nó éirghe an lae a bhí aige ann thar éis músgailt
dó. Níor mhagadh nár chodail sé go sámh, mar bhí sé
tuirseach thar éis a theacht cheithre fichid míle an lá
roimhe sin 'na shuidhe ar chóiste na litreach ó Bhaile
Átha Cliath, agus 'na theannta sin, dhá mhíle dhéag eile
i gcarbad an té a thug an chuireadh dó sul shroich sé
an áit a raibh sé go socamhlach fá láthair.
Ní mórán eolais i dtaoibh na hÉireann a bhí
aige, mar gur i Sasana a chaith sé bunáite a raibh
caithte dá shaoghal.
Acht ní mór dhúinn inseacht sul déarfar níos mó,
céard a thug dhó a bheith annso fá láthair an mhaidin
Nodlag so. Ar cuairt ag Muiris Ó Ceithearnaigh, an
tonónta ba mhó maoin agus bráigíl dá raibh ag a oncail
san gceanntar, 'seadh bhí sé. Ba í a mháthair ba
mhó ba chionn-tsiocair le go dtug sé an chuairt agus ba
é seo an fáth. Bhí dearbhráthair di, an Ridire
Gearat de Buitléir, a raibh an-chuimse talmhan 'na
sheilbh i gCúige Mumhan, agus ní raibh tada ag gabháil
fúithi ná thairti acht an mac so a chur os cionn na
talmhan, agus go mbeadh sé leis an gcíos a bhailiughad agus
a bhaint amach do'n Ridire. D'éirigh le Mac Uí
Cheithearnaigh a bheith i mBaile Átha Cliath ag iarraidh léis
nuaidh ar a chuid talmhan ó'n Tighearna so, agus
socruigheadh go dtiocfadh an fear óg go Tiobruid
Árann i n-aonfheacht leis le sgathamh a chaitheam
i measg na dtonóntaí ar thalamh an Ridire.
Agus anois tá fhios againn cé'n chaoi ar thárla
do'n fhear óg so a bheith sínte 'na leabaidh chlúmhaigh sa
seomra leabtha a b'fhearr i dteach an Cheithearnaigh
mBaile na Claise an mhaidin bheannuigh seo.
Bhí sé sásta leis féin go mba é solus na gealaighe
a bhí ag gealadh an tseomra, agus bhí sé réidh le tuitim
i suan arís nuair a thosuigheann air ag cur so 's súd
thrí n-a chéile in' intinn. Facthas dó go mbeadh sé fós
os cionn na talmhan. Bhí fhios aige cheana gurbh'eo
áit nach ndéantaoi mórán caraois i n-urchar
do sgaoileadh fá thighearna talmhan nó a fhear-ionaid.
Ar chuma ar bith, chualaidh sé gach uile lá le fada
droch-cháil ar an áit leis an obair seo. Thug sé fá
deara freisin go raibh a sheomra i n-íochtar an tighe,
ar an urlár, agus do réir mar bhí sé ag smaoineadh ar
gach a gcualaidh sé de dhroch-sgéaltaibh i dtaoibh neamh-
thrócaire na ndaoine leis na tighearnaíbh talmhan thug
sé fá deara amháin na puill bheaga a bhí 'sna cúlaibh a
bhí ar na fuinneogaibh, agus níor bh'fhéidir leis gan fiafrughadh
dhe féin cad chuige na puill sin a bheith ionnta. Ar
ghunnaíbh agus ar urcharaibh 'seadh bhí sé ag smaoineadh, agus
bhí sé ag déanamh amach dó féin cé'n feisteas — cótaí
de'n bhréidín, brístí glúnacha agus éadan fá fhalachaibh
dubha — ba dhóigh do na daoinibh, a bhíos ag déanamh an
tsléacht' so, a bheith orra, nuair a baineadh torann
uathbhásach amach chomh tobann le bhfaca tú riamh taobh
amuigh, a chuir níos mó sgannraidh ar m'óig-fhear, agus a
chuir go tobann 'na shuidhe suas 'na leabaidh é fá mhór-
sgannradh agus uathbhás. Baineadh torann uathbhásach eile
amach ba mheasa ná an chéad cheann a thug ar an
óig fhear léim a thabhairt sa leabaidh — nó ar chuma
ar bith na géaga agus na cnámha a oibriughadh gach ordlach
chomh mhaith 's dá mbeadh sé ag tabhairt léim báis agus
beathadh. Cúig phléisg a baineadh amach i ndiaidh a chéile
agus le gach pléisg bhaintí preab ó chroidhe as, agus thugadh
léim eile 'na shuidhe suas san leabaidh.
B'é seo an tráth ar bhuail fear an tighe isteach chuige
agus coinneal lasta 'na láimh. Chroch sé an solus os
cionn mo dhuine sa leabaidh agus ba mhór ar fad an
t-iongantas a chuir an chaoi agus an chosamhlacht a bhí
ar fhear na leabtha air. Níor bh'fhéidir leis gan cuimh-
niughadh an móiméad sin ar gach a gcualsaidh sé ó
fhear craobh-sgaoilte an chreidimh, Éamonn de Ríta,
i dtaoibh dhamhsaí na nAifriceánach! Ní bheadh a fhios
agat cé aca ar mhó a iongnadh. Acht bhí an Ceithearnach
baramhlach céard do sgannruigh é agus dubhairt go
chásmhar.
"Tá aithmhéala orm gur mhúsgail siad thú agus
gur chuireadar aon chorrughadh intinne ort."
"Cé — céard sin?" ar seisean go lag-ghlórach, gan
aon chorrughadh a chur as féin na gan sgaradh leis an
gcosamhlacht faitchís a bhí in' éadan.
"An Droma," ars' an fear eile go mín réidh
socair "Tháinig mé le rádh leat gan aon tsuim a
chur ann ná gan é a cur aon fhaitchis ort."
"Ó! an Droma!" ars' an fear óg, nach raibh aon
cosamhlacht air fós féin a bheith sásta in' intinn.
"Seadh, tá sé ar siubhal arís, acht cé'n Droma é agus cad
chuige é bheith dhá lasgadh mar so?"
"Sin é Droma Chnoc na nGabha," d'fhreagair fear
an tighe. "Castar na sgorachaí dá chéile ag an Sgeich,
acht is gearr go mbeidh siad imthighthe thart, agus féadfair
do dhóthain a chodladh sul bhéas an chéad-phroinn réidh."
"Cnoc na nGabha! An Sgeach! — Cé mhéad a chlog
é?"
"Níl sé an sé fós. Támuid ag dul chuig Aifreann
an seacht agus béimid ar ais ag ár gcéad-phroinn ag
an naoi, agus mar sin fan mar tá tú go sámh socamhlach
go nglaodhfad ort."
"An amhlaidh," ar seisean, "go bhfuil sibh uilig ag dul
chuig an Teampall?" Níor chosamhail go raibh aon fhonn
air a bheith leis féin sa teach.
"Seadh," arsa fear an tighe. "Téidhmíd i gcomhn-
aidhe go dtí an chéad Aifreann maidin lae Nodlag."
"Ar mhisde dhom-sa a dhul libh?"
"Níor mhisde go deimhin — cad chuige go mba mhisde?
— acht tá an mhaidin an-fhuar agus tá sé 'na chruaidh-shioc."
"Acht badh mhaith liom gach ar féidir liom de ghnásaibh
agus de bhéasaibh mhuinntire na tíre a thabhairt fá
deara."
"Déan ann. Sásuigh thú féin. Cuirfead chugat
"Cosa Fada" leis an uisge te."
D'fhág sé an coinnleoir ar an mbórd agus ba ghairid go
gcualaidh an t-óig-fhear é ag glaodhach ar "Chosa
Fada," agus ag rádh leis uisge te a thabhairt chuig
an duine uasal sa "seomra láir."
Leig "an duine uasal sa seomra láir" siar ar a
phiolúr é féin agus d'fhéach go grinn agus le iongnadh ar an té
a tháinig chuige leis an uisge te.
Ba é an chéad rud a thug sé fá deara nár bh'fhéidir
déanamh amach má b'óg nó sean nó meadhon-aosta a bhí
an duine seo. Bhí sé íseal agus beagán crutach, acht cé
go raibh a éadan rocach agus casta go han-aisteach, ba mhó
an chosamhlacht a bhí air go mb'éadan buachalla chríonta
a bhí ann ná éadan sean-fhir. Bhí sean-chóta air nár
deineadh dó féin, ba chosamhail a chuaidh go glúine leis
an té a raibh sé ghá chaitheamh aige ar dtús, acht bhí sé
ag dul beagnach go sála leis an té seo. Bhí an bríste
as a chuma agus ag dul chomh haisteach dhó leis an gcóta,
é fillte suas agus cosamhlacht ghreannmhar air ag chomh
búrláilte 's bhí sé idir na glúine 's na corógaí.
Ní raibh sé ag déanamh moille ar bith agus bhí ag
sguabadh leis amach an doras nuair a chuir an fear óg
cainnt air.
"Cé'n t-ainm atá ort?" ar seisean.
Sheas mo dhuine sa doras go tobann, agus ag iompughadh
thairis agus a lámh ar a éadan d'fhreagair sé chomh gruamdha
le bhfaca tú riamh:
"Brian, a dhuine uasail — Brian Ó Bruadair.
"Ní hé seo "Cosa Fada,"" ars' an fear óg in' intinn
féin ag tarraingt na pluide anall ar a chuid guailne.
"Níl fhios agam sa gcat-marbh go cé hé "Cosa Fada."
"An bhfuil mórán ama agam le mé féin a ghléasadh?"
ar seisean ós árd.
"Fuighleach ama, a dhuine uasail, acht amháin go
bhfuil ort deifriughadh nó béir deireannach."
Sul d'fhéadfadh sé fiafruighe dhe céard a chialluigh sé
leis an bhfárnis aistigh seo a bhí ghá bréagnughadh féin,
bhí Brian glanta leis agus é ag sgríobadh a chinn agus ag
siomsán leis féin i dtaoibh "na mbróg" mar go mbeadh
sé i sáinne nó i gcruadh-chás eicínt.
Is beag nach raibh an duine uasal óg gléasta nuair
a tháinig Brian ar ais leis na brógaibh, agus fear an
tighe 'na dhiaidh aniar, an laisg 'na láimh, agus a chóta
mór bréidín feistighthe air suas.
Ba chosamhail go raibh an máighistir thar éis a bheith
ag tabhairt fá Bhrian, mar ar a bheith ag leagan na mbróg
ar an urlár dó, dubhairt Brian leis, "Ara, i
n-ainm Dé, bíodh ciall agat: bíodh ciall agat, a
dhuine uasail!"
"Bíodh ciall agat-sa, agus sin rud nach mbéidh agat go
Lá an tSléibhe, a phleota," ars' an máighistir go feargach.
"Dubhradh leis," ar seisean ag iompughadh ar an bhfear
óg," dubhchan bróg a thabhairt leis indé ó Chill
Tobair agus do horduigheadh dhó dubhchan "Martindale" a
fhágháil. Nuair a facthas nach raibh sé aige agus gur
fiafruigheadh dhe cé'n fáth nár thug sé leis é, céard
déarfadh sé acht "gur chuartuigh sé gach siopa ó Chnoc na
Croiche go Poll na Leac agus gan diabhal sin "Martin
Dale" a fuair sé amach ná chonnaic sé!" Cé nár leig
an Ceithearnach oiread 's meanga gáire air féin thasbáin
an chaoi ar dhubhairt sé fá dhó i ndiaidh a chéile an
rud a dubhairt Brian gur bhain sé greann as.
Dubhairt fear an tighe arís leis an bhfear óg, agus iad
'na seasamh os comhair na teineadh soillsighe ádhmaid sa
bpárlús go mb'fheárr dhó fanacht istigh go bhfilleadh an
comhluadar ó'n Aifreann. Acht bfheárr leis an óig-fhear
a bheith 'na dteannta.
Cloiseadh fuaim eile ó'n Droma ní ba laige ná an
uair a bhain sé geit ó chroidhe as an gcuartóir sgathamh
roimhe sin. Bhí freisin ceol na bhfídeog le cloisint
a thasbáin go raibh an fuireann ag gluaiseacht leo go
Cill Tobair. Ba bheag de mhuinntir Chnoc na nGabha
nach raibh san gcomh-shiubhal sin.
Níor bh'fhada go raibh an Ceithearnach agus an fear-uasal
óg 'na suidhe sa gcarbad beag a thug 'na tighe iad an
oidhche roimhe sin, agus ag déanamh go mall i ndiaidh an
phlóid daoine a bhí rómpa amach ar an mbóthar a bhí
brathta le sneachta. Bhí sé chomh dorcha 's nár bh'fhéidir
mórán de'n tír a fheiceál agus ní raibh ag Mac Uí
Cheithearnaigh le déanamh acht a bheith ag tasbánadh cá
raibh na háiteacha a b'fheárr le feiceál le solus
an lae. Acht dá laghad solus dá raibh aca b'fhéidir
leis an óig-fhear na cnuic bhreághtha a bhí as a gcomhair
amach do thabhairt fá deara.
Bhí an oiread sin torainn dá bhaint as Droma Chnoc
na nGabha 's gur chraith sé na fuinneoga i mBaile an
Tobair ar a bheith ag teacht isteach do'n phlód daoine
thríd an mbaile.
Bhí Brian Ó Bruadair rómpa ag feitheamh leis an
gcapall a chur ar stábla, agus thug an Ceithearnach suas
an staighre an t-óig-fhear ar an ngléachas agus cuireadh 'na
shuidhe é ar cheann de na suidheachánaibh tosaigh i ngar
d'óig-mhnaoi uasail, ar dhóigh leis gur bh'í an inghean ba
shine í a bhí ag fear an tighe. Níor cuireadh i n-aithne di
é fós mar gheall ar gan éirghe leis a aistear a bheith
istigh aige go raibh sé deireannach an oidhche roimhe sin,
agus freisin mar go raibh an bhean óg imthighthe léithi chuig
an Aifreann an mhaidin seo sul bhí a sheomra fágtha
aige.
Ní raibh sé istigh i séipéal Caitliceach riamh roimhe
sin tráth raibh Aifreann ar siubhal, agus ní gan iongnadh
a bhí sé ag cur na súl thrí gach rud ar dhearc sé air.
Bhí an altóir go lonnrach soillseach fá choinnlibh lasta agus
bláthanna áilne agus duillí glasa curtha go deas annso
's annsúd eatorra. Bhí an séipéal fá sholus ó lóchrann
a bhí crochta le slabhraidhibh as an tsiónóil agus 'na theannta
sin bhí coinnle lasta thart le ballaíbh a bhí ag tabhairt
soluis do na daoinibh a bhí i n-uachtar. Níor bh'fada
go gcualaidh sé torann cluigín agus d'fhéach síos ar
an altóir. Bhí an sagart agus na buachaillí freastail
'na n-éadaighibh geala thar éis a theacht amach agus iad 'na
seasamh umhluighthe isteach os comhair na haltóra. Ar
an bpointe 's a raibh an sagart ag siubhal suas ar an
altóir thosuigh an ceol agus dá mhéad dá raibh a chroidhe i n-
aghaidh an chreidimh ó nádúr ba mhór mar thaithnigh leis an
chaoi a raibh na daoine ag guidhe agus an chosamhlacht
chráibhtheach a bhí le tabhairt fá deara agus chuir gach a bhfaca
sé suim aige sa gcreideamh nach raibh aige riamh
cheana roimhe sin ann.
Acht mar sin féin, bhí sé ag éirghe tuirseach de'n
Aifreann, nuair a thug sé fá deara gur éirigh na
daoine go tobann dá nglúinibh agus gur imthigh síos
go dtí an altóir. D'fhéach sé le hiongnadh ar na
daoinibh a bhí ag fanacht gur iompuigh an sagart amach
orra sa deireadh leis an tseanmóir a thabhairt uaidh.
Níor thúisge tosuighthe é, ná bhí a fhios ag an bhfear óg
go mba bhreagh binn-fhoclach an cainnteoir é. Ar dtús,
thosuigh sé go mall agus go mín réidh socair, ag stadadh
anois 's arís. Acht níor bh'fada gur bhain sé amach sa
gcainnt agus ba chosmhail leis a chroidhe agus a anam a bheith i
ngach a raibh sé a rádh, é ag dul anonn 's anall ar an
altóir ag iompughadh ó thaobh go taobh, go minic ag
seasamh i lár na haltóra agus ag tabhairt uaidh na cainnte
ba bhinne, do b'áilne, agus do b'fhileadhta a cheap sé a
chualaidh sé riamh. Cheap sé nár fheil an chainnt bhreágh
so na daoine chor ar bith, acht ar dhearcadh dhó orra thug
sé fá deara nárbh' amhlaidh a bhí, mar gur chosmhail gur
thaithnigh an tseanmóir leo thar cionn agus go mba mhór
mar bhí sí ag corrughadh na gcroidhthe ionnta go léir.
Nuair a bhíodh sé ag trácht, agus go dtugadh samhail os a
gcomhair le n-a chuid cainnte a chur i dtuigsint ní
b'fheárr dóibh ba léar go mba mhór mar chorruighthí na
croidhthe ag a lucht éiste. Bhí sé ag trácht mar bhí an
Mhaighdean Mhuire ag taisteal ar shráideannaibh
Bhetlehem ag cuartughadh dídin agus gan doras gan a
bheith dúnta 'na haghaidh agus dubhairt:- "Bhí an sneachta
ag tuitim, bhí an ghaoth fhuar ag séideadh, agus bhí Lile
gheal na bhFlaitheas dhá críonadh 's dhá préachadh." Bhain
seo an oiread guil agus an oiread deor as na daoinibh, agus
chuair orra chomh mór 's nár mhór do'n tsagart gan a
dhul ar aghaidh leis an tseanmóir go raibh ná hosnaí
bróin agus an gol dubróin thart.
Ní raibh innti acht seanmóir gheárr, acht bhí sí feil-
eamhnach, mar thug sí sólás do na bochtaibh agus chuir
freisin i dtuigsint do na daoinibh saidhbhre cé'n
dualgas a bhí orra cuidiughadh leo.
Ar an hocht a chlog buaileadh an Droma agus annsin
bhí a fhios ag an gcuid de mhuinntir Chill Tobair a bhí
gan corrughadh as a leabthachaibh go raibh an chéad
Aifreann thart agus go raibh siad so a bhí aige ag déanamh
an bhealaigh a bhaile.
CAIBIDIL II.
Cuirtear Hannraoi Ó Luaithe i n-aithne d'inghin fhir
an tighe.
Bhí gach duine ar an mbealach dóibh a bhaile ag rádh:
"Nodlaig mhaith shultmhar go raibh agat, a dhuine
uasail," le Mac Uí Cheithearnaigh agus mar sin bhí fhios ag
an gcuartóir óg go maith go raibh sé féin agus na
comharsanna ag teacht le chéile go breágh, agus iad
lághach cáirdeamhail le chéile. Ní dhearnadar aon mhoill
acht ghread leo a bhaile, agus bhí i gceann fiche móiméad
arís go socamhlach os comhair na teineadh. Thug do'n
fhear óg a bheith ag dearcadh amach ar an tír agus bhí
gach áit agus rud a leagadh sé amharc air fá bhrat sneachta.
Ar a bheith ag dearcadh uaidh dhó chonnaic sé ag
déanamh chuige ar an teach an duine a b'aistighe a shíl
sé a chonnaic sé ag siubhal riamh, agus é ag caitheamh na
gcos agus na lámh ar chaoi nach bhfuil aon ghoir tuairim a
thabhairt 'na thaobh. Ar a theacht dó ní ba ghoire,
b'fhurusta a thabhairt fá deara cé'n mhéid mhór a bhí 'na
chrágaibh agus cé'n déanamh aisteach a bhí orra do réir
cosamhlacht'. Ar a bheith do'n spágachán dalbaidhe seo
ag dul thar an bhfuinneoig d'aithnigh m'óig-fhear cé bhí
aige ann, agus nuair a d'aithnigh smaoin 'na dhiaidh sin 's
uile go mb'fhéidir gur bh'é Brian Ó Bruadair an
té ar a dtugtaoi "Cosa Fada."
Níor bh'féidir le Hannraoi Ó Luaithe gan ceann de
na fuinneogaibh a chrochadh suas go bhfeiceadh sé cé'n
fáth gur sheas Brian chomh tobann ar aghaidh an dorais,
lámh sínte aige uaidh amach, agus é ag caochadh na súl go
mealltach. Bhí an mac a b'óige le Muiris Ó
Ceithearnaigh, buachaill beag ramhar macánta 'na
sheasamh agus é leigthe isteach ar ursain an dorais ag
piocadh rísíní as scealp de cháca milis a bhí aige.
"Siubhail uait i n-aon-digh liom ag fiadhach an
dreoilín," arsa Brian.
"Nach féidir liom a dhul le Tomáisín Ó Meachair,"
ars' an malrach.
"Bhéarfaidh mé marcaidheacht duit ar "Bhobaí", ar
seisean go bladarach. Acht níor chuir an gasúr aon
tsuim ann, acht lean leis ag piocadh na rísíní.
"Ó, dar fiadh, a Liaimín, tasbáinfidh mé nead
smólaighe dhuit," ar seisean i gcogar.
Bhreathnuigh an gasúr ó'n ngeampa go dtí an té a
bhí ag bladar leis agus stad ar feadh tamaill.
"Nead agus chúig cinn de cheannaibh óga innti agus iad fá
chlúmhthach freisin, réidh glan le himtheacht," ar
seisean.
Bhí aige anois. Bhí gnóthuighthe aige le neid na
smólaighe, agus ba ghairid go raibh Brian ag teacht thar
an bhfuinneoig agus ailp de'n cháca thuas aige ag teacht
dó go dtí an chisteanach. Níor bh'aon iongnadh dá
gceapfadh an t-óig-fhear go mb' iongantach an fear
bladair é Brian a mheall mo ghasúr bocht le neid
smólaighe agus chúig cinn d'éanachaibh óga fheiceál i lár an
dubh-gheimhridh!
"Bí id' shuidhe," arsa fear an tighe, ag socrughadh
cathaoireach dó ag bórd na céad-phroinne. "Ní
fhéadfá gan do ghoile a bheith agat anois. Is mairg
nach raibh rud eicínteacht agat sul mar chuaidh tú amach
ar maidin."
"Ó, go raibh maith agat, acht béidh mé i n-ann leagan
níos feárr ar an mbiadh anois."
Ar a bheith ag suidhe dhó thug sé fá deara bean an
tighe ag teacht isteach an doras. Tháinig sí anall agus
shín amach a lámh ag fáiltiughadh roimhe agus ghabh a
leithsgéal gan a bheith ullmhuighthe ní b'fheárr fá n-a
chomhair. "Acht go deimhin," ar sise, "ní raibh aon
cheapadh ar an domhan againn go raibh aon duine
ag teacht. Cad chuige nár sgríobh tú chugam ag
inseacht go raibh an fear uasal óg so ag teacht?" ar
sí le na fear.
"Nach raibh fhios agam go maith gur túisge a bheinn
féin sa mbaile ná an litir, agus mar sin cé'n mhaith a
bheadh dom sgríobhadh," ar seisean.
"Ní hé seo, ár ndóigh, an t-am gnáthach le cuairt mar
so a thabhairt, acht tá fhios agaibh nach bhfuil ionnam
acht "fear fáin" fá láthair," ars' an t-óig-fhear.
"Seo í chugainn m'inghean is sine," arsa fear an
tighe, ag síneadh a láimhe chuig an doras ag a raibh an
bhean óg agus í ag teacht isteach sa seomra.
Ba mhór é áthas na máthar ar a thabhairt fá deara dhi cé'n
deagh-chosamhlacht a bhí ar a hinghin an lá so, agus í ag
teacht anall go meangach acht go múinte le láimh a
chrathadh leis an bhfear óg.
Ní raibh aon tsúil aige le, n-a léithid de chailín
áluinn 'chor ar bith, agus mar sin ba mhór é a iongantas.
Ní raibh fhios aige cé'n slacht a bhí ar éadan na hóg-
mhná a bhí i n-aice leis sa Séipéal ar maidin, cé go
raibh ceapadh aige gur chóir do réir gach cosamhlacht
eile go mbeadh éadan mín taithneamhach slachtmhar aici.
Shíl sé go mbeadh an inghean sgiamhach deas mar chailín
tuaithe ar bith, acht chaithfeadh fear ar bith suim a chur
innti-se, ba chuma cé'n áit é. Bhí sí árd, agus ní raibh
ró-árd di. Bhí a muinéal agus a gruadh chomh geal leis
an sneachta. Bhí lasadh beag 'na leacaibh bána. Bhí a
béilín chomh deas dearg 's chonnaic tú riamh, agus bhí' a dhá
súil chomh gorm leis an spéir. B'fhéidir go gceapfadh
daoine go mba cailín gan éadtruimeacht croidhe a bhí
innti, acht b'fhurusta aithne uirri anois nár bh'amhlaidh
a bhí:
"Bhí luisne 'na leacaibh mar rós,
'S éadtrom aerach bhí a croidhe."
Níor mhinic le Hannraoi Ó Luaithe a bheith gan rud
eicínt le rádh, acht fá láthair níor fhan smid aige
agus níor labhair focal ó'n bpointe a bhfaca sé í. Acht
tráthamhail go leor, ní raibh aon chall aige labhairt mar
go dtáinig beirt chalíní óga isteach an móiméad
céadna. Théaltuigh an cailín a b'áirde anonn agus chuaidh
taobh thiar de chathaoir fhir an tighe gan oiread 's dear-
cadh amháin ar an óig-fhear, acht níor bh'amhlaidh leis an
dara cailín é. Bhain sise lán na súl as ó mhullach a
chinn go bonn a chos, agus annsin dhearc sí le iongnadh,
agus shílfeá go milleánach, ar inghin an Cheithearnaigh. Thuig
sise í go paiteannta beacht agus dubhairt ar an
bpointe:-
"A Mhic Uí Luaithe, is mian liom an óig-bhean,
Gráinne Ní Chadhlaigh, a chur i n-aithne dhuit."
Bhain an óig-bhean an méid faid a d'fhéad sí aisti
féin, chuir leagan ní ba chirte ar a hainm, agus annsin
d'umhluigh go múinte do'n fhear óg.
Ba chosamhail di a bheith ag machtnamh go doimhin agus bhí
ag dul ag déanamh léithi, nuair dubhairt an
Ceithearnach:
"Gabh i leith annso, a Ghráinne, agus suidh im' aice-se.
Is fad' ó nach raibh comhrádh againn le chéile."
Tháinig cosamhlacht áthais 'na héadan ar an bpointe
agus rith go haoibhneach agus shuidh sa gcathaoir a bhí aige
l n-a haghaidh i n-aice leis féin. Ba gheárr gur
chosamhail di a bheith ag smaoineadh arís, acht bhí fhios ag
an gCeithearnach le ghabháil di, agus níor bh'fada go raibh sí
i bhfalrach gáire aige agus gur éirigh léithi an oiread dá
cuid tae a dhóirteadh dá bhárr 's go mb'éigin di a
cupán a líonadh i n-ath-uair.
"Ar thaithnigh an tseanmóir leat, a Mhic Uí Luaithe?"
arsa inghean an Cheithearnaigh.
"A léithid de sheanmóir níor chualaidh mé cheana
riamh, agus ní féidir liom baramhail a thabhairt 'na taoibh.
Ní fhaca mé riamh cainnteoir ar chorruigh a sheanmóir a
lucht éiste chomh mór. Bhí cuid dá chuid cainnte
an-fhileadhta ar fad, agus thugas fá deara, le hiongnadh,
gur bh'iongantach mar d'fheil sí iad. Is ait an rud é,
is ait sin."
"Creidim gur daoine fileadhta atá sna hÉire-
annaigh," ars' an bhean óg ag meanga.
"Thaithnigh liom thar cionn," arsa Gráinne, "mar
dubhairt sé "ó chrónán an tsrúthláin go dtí pléasgadh
na fairrge móire; ó lil an ghleanna go dtí séadar
an tsléibhe." Bhí an rádh sin thar cionn ar fad le
breághthacht."
"Is cuimhneach liom an rádh sin," ar seisean le
meanga agus umhlughadh a thaithnigh chomh mór le Gráinne,
's nach raibh aici le déanamh acht gruaim a cur 'na
héadan ionnus nach mbeadh le thabhairt fá deara chomh
han-tsásta ar fad 's bhí sí. Acht mar sin féin,
thiubhrthá fá deara ar a súil agus an rinnce a bhí innti
go raibh sí rí-shásta léithi féin.
"D'fhéadfadh sí an tseanmóir go léir a thabhairt
uaithi," ars' an Ceithearnach go bríoghmhar. "Agus," ar
seisean tar éis tamaillín, ní ba láidre ná sin,
"b'fheárr liom sa teach í ná píobaire."
Níor bh'féidir leis an inghin óig agus le n-a máthair gan
a ndóthain mhór gáire a dhéanamh agus ba mhaith an mhaise
ag Gráinne é. Gháir sí agus sgairt sí chomh maith 's bhí 'n-a
croidhe a dhéanamh. Chuir an gáire mór-iongnadh agus áthas
i n-aonfheacht ar an bhfear óg, agus ní raibh aige acht
iompughadh ar fhear an tighe; acht ní dhearnaidh seisean
acht a chuid féasóige a chuimilt gan aon chosamhlacht go
raibh aon tsuim aige 'na gcuid grinn, agus dubhairt le
crathadh de'n cheann:-
"Fan go gcloisir í ag seinnm" Port Fiadhaigh an
tSionnaigh.""
"Nach breágh an cailín í Inghean De Buitléir?"
ars' an Ceithearnach go tobann.
Bhí súile gach duine i n-aonfheacht ag dearcadh ar
an óig-fhear agus ní raibh aige acht a rádh:-
"Is breágh go deimhin, is rí-bhreágh an cailín í."
Bhí baramhail áithrid aige i gcomhnaidhe i dtaoibh
súl dubh agus súl gorm acht bhí fhios ag a chroidhe istigh
anois gur mór a d'athruigh an bharamhail seo i
rith na leath-uaire a bhí caithte.
"Seinneann sí ar an gcláirsigh," arsa Mhac Uí
Cheithearnaigh le Gráinne. Bhain sise craith as a ceann
agus b'fhuras a thabhairt fá deara uirri cé'n tsuim mhór
a bhí aici i ngnathaibh na ndaoine mór n-árnúsach, agus
seinneann sí ar an nguiteár freisin, acht dheamhan
mórán a bhéarfainn air sin marach a cuid gabháil
fhuinn — Is breagh an guth tá aici," ar seisean leis
an bhfear óg.
"An ngabhann Gráinne Ní Chadhlaigh aon amhrán?"
arsa Hannraoi.
"Gabhann, gabhann," ars' an Ceithearnach go tobann
"acht i dtaoibh do chol-ceathar, Inghean De Buitléir
atáim ag cainnt."
"Ó gabhann sí go rí-mhaith," ar seisean,
"Níor chualaidh mé riamh" 'Sa Mhúirnín Dílis" nó
"An Chúilfhionn" dhá seinnm ní bfheárr ná mar sheinn
sise iad. Bhain sí na deora ó mo shúilibh" ars' an
Ceithearnach.
"Is iongantach an tsuim atá aici i gceol Gaedhea-
lach," ars' an fear óg.
"Badh dual athar di é," arsa bean an tighe.
"Bhíodh sé féin agus m'oncail Domhnall go minic i
dteannta 'chéile ar feadh oidhcheannta agus laetheannta ag
cleachtughadh na bhfonn nGaedhealach. Bhíodh m'oncail
Domhnall ag seinnm ar an bhfeid — bheidhlín," ar
sise, ghá ceartughadh féin, mar ba mhaith léithi i
gcomhnaidhe an t-ainm ba bhreághtha agus ba ghalánta a
thabhairt ar gach rud go h-áithrid nuair a bhíodh aon
bhaint aige le n-a honcail Domhnall, nó le ceachtar
de mhuinntir Chearbhaill as Baile an Dúin Móir.
"Sheinneadh an Buitléarach ar an bhfídeoig. Is
iomdha amhrán breágh a rinne sé fá Anna Ní Chléirigh
sul mar phósadar. Ní raibh sé 'na ridire an t-am
sin mar bhí an Ridire Tomás beo. Bhí tóir mhór ag
m'oncail Domhnall ar an bhfilidheacht freisin, agus chuid-
igheadh sé leis an mBuitléarach ag socrughadh na bhfonn.
"Ba é m'oncail Domhnall," ar sise ag iompughadh
ar a fear chomh maith 's dá mbeadh sí le rud inseacht
dó nach gcualaidh sé riamh cheana," a d'aistrigh "An
Carabhat" ó'n nGaedhilg agus a chuir Béarla air."
"Tá fhios agam, tá fhios agam," ar seisean ag
sgríobadh leath-taobh a chinn go mí-fhoighdeach. Bhí fhios
aige go maith nuair a bhaineadh a bhean amach mar so
go mba dheacair cosg a chur uirri.
"Ba é m'oncail Domhnall," ar sise, "an duine do
b'intleachtaighe de'n teaghlach, cé go mbíthí ag rádh
nach raibh aon ghoir aige ar an "Dligheadóir"".
Dhún sí a béal thar éis an focal "Dligheadóir"
a rádh, leig osnadh lag, leig a ceann ar leath-taoibh
agus chuir a lámha ar a glúinibh.
Sgríob a fear a cheann ní ba mheasa ná riamh, mar bhí
fhios aige gur chosamhail léithi go raibh fúithi baint amach
dá ríribh anois.
Acht cé go mba mhaith le Mac Uí Luaithe go
gcloisfeadh sé céard a bhí le rádh aici cheap sé go
mbh'fheárr féachaint leis an gcomhrádh athrughadh, agus
dubhairt:
"An ndeireann tú liom dáríribh gur chum an
Ridire Gearat amhrán?"
"Chum, go deimhin," Inghean Dhearbhráthar an Athar
Éamonn, "Thar na Cnuic," agus cinn eile."
"Tá fhios agam go mb'ait an pósadh a rinne sé," ar
seisean, "acht ní raibh fhios agam go raibh m'oncail in'
fhile. Ba mhór an milleán a thug a mhuinntir dó, acht
níor bh'féidir leith-sgéal an Ridire Tomás do ghabháil
agus an chaoi ar chaith sé lei — b'fhéidir nach raibh a phósadh
chom han-aisteach sin ar fad 'na dhiaidh sin 's uile."
Ar a bheith ag cainnt do'n óig-fhear d'eiteall
spideoigín ar fud an tseomra, agus bhuail í féin i
n-éadan na fuinneoige. Leig an bhean óg siar 'na
cathaoir í féin, chuir a lámh idir í féin agus an solus, agus
bhreathnuigh ar an éinín a bhí ag iarraidh a bhealaigh a
dhéanamh thríd an ngloine, agus ní móide gur mhisde
dhúinn a rádh go mb'fhéidir go mba hí an bhean óg
áluinn a bhí mar so os a chomhair a bhain as gach ar
dhubhairt sé i dtaoibh gan pósadh an Ridire Gearat
a bheith aisteach. D'éirigh sí 'na suidhe leis an spideoigín
a leigean amach, agus d'éirigh a hathair agus an fear óg
freisin ó'n mbord. Múinte go leor, tharraing an
fear óg an bolta agus chroch suas an fhuinneog. Rug an
óig-bhean aoibhinn go deas réidh ar an éinín 'n-a láimh
agus d'fhéach isteach sna súilibh beaga geala uirri ar
feadh tamaillín bhig. Chuir meanga gáire 'n-a béal
a thug ar an óig-fear an leabhar a thabhairt in' intinn
féin nár facthas riamh rud ná duine a b'áilne ná í, agus
ba gheárr gur sgaoileadh amach fá'n spéir ghil bhreágh
an t-éinín.
"Dhá mhéad fonn dá mbíonn uirri ag teacht isteach,"
ar sise, agus í ag dearcadh amach mar go mbeadh sí
beagán cumhamhar 'na diaidh, "ní bhíonn aon tsuaimhneas
uirri go n-éirgheann léithi imtheacht arís. Ní chreidim
go ngrádhuigheann aon éan cead a chinn a bheith aige
chomh mór léithi."
"Dá bhféadfá-sa duine a bheadh i ngéibheann agat
féin a leigean uait chomh réidh sin badh mhaith an sgéal
é," ar seisean.
"Badh mhaith liom a dhéanamh, sé sin dá mbeadh a
léithid ann — rud nach bhfuil a fhios agam," ar sise.
Acht thuig sí go raibh níos mó fonn molta air ná
cheap sí a d'fheil, agus mar sin d'athruigh sí an comhrádh agus
dubhairt:
"Tá faitchíos orm nach dtaithneochaidh an áit seo leat
agus nach mbéidh do dhóthain grinn agat le fágháil ann,
acht béidh mo dhearbhráithreacha sa mbaile indiu, agus tá
súil agam go mbéidh greann agat leo."
Ní mó ná go maith a thaithnigh seo le n-a hathair, agus
dubhairt sé go bhféadfaidís deagh-lá a bheith aca ar an
gCriathrach mór. "Tá go leor naosg ann," ar seisean,
"agus má leaghann an sioc sgaoilfear amach na gadhair.
Tá na gunnaí faoi réir."
"Badh mhaith liom go deimhin lá a chaitheamh le gadhair
Thiobruid Árann," ar seisean.
"Tá capall maith agam led' aghaidh, — tar go bhfeicir
é. Abair le "Cosa Fada,"" ar seisean leis an
gcailín a tháinig le caoi a chur ar an teinidh
"capall Aoidh a leigean amach as an stábla."
"Tá sé imthighthe ag fiadhach an dreoilín, a dhuine
uasail," ar sise.
Ídiughadh an tsaoghail gheobhadh "Cosa Fada" go
cinnte marach an chaoi ar éirigh leis an bhfear óg go
tráthamhail a rádh dá mhinicighe dá gcualáidh sé trácht
ar "fhiadhach an dreoilín" nach bhfaca sé an fiadhach dhá
dhéanamh riamh.
"Siubhail uait treasna go dtí an dún," ar seisean
"agus feicfir do dhóthain de."
"Rachamuid-ne freisin, a Mháire," arsa Gráinne ag
preabadh de'n áit suaimhnis 'na raibh sí sínte go
socamhlach, agus fá chosamhlacht freisin a bheith go han-
smaointeach do réir mar bhí sí ag leigean uirri féin.
Bhagair Máiré Ní Cheithearnaigh a lámh uirri, agus sul
mar bhí a hathair ag an doras d'iompuigh sé thairis
agus dubhairt:
"Seadh, taraidh féin agus Máire linn freisin,
a Ghráinne."
"Ár ndóigh, rachaidh tusa freisin, a Eibhlín," arsa
Máire le n-a deirbhshiúr a b'óige a bhí ag léigheadh
leabhair cois na teineadh agus ar chosamhail léithi fait-
chíos a bheith uirri go gcuirfidhe áird ar bith uirri
féin.
"Ó, ní rachad," ar sise, "béidh mise ag tasdáil ó
mo mháthair."
CAIBIDIL III.
Maitiú an Buailteoir.
Ag teacht do na daoinibh i n-aice an gheata, ar a
bheith ag déanamh dóibh chuig an Dún, chonnaiceadar car-
bad beag ag déanamh orra ó'n mbaile.
"Ó 'sé Riocard atá ann," arsa Gráinne go háthasach
aoibhneach.
Bhí sí ag léimnigh le neart an áthais a bhí uirri agus bhí
sí ag iarraidh brostughadh le hinghin an Cheithearnaigh,
acht ní raibh aon mhaith dhi léithi, agus sa deireadh ghread
léithi aisti féin.
"Chaithfeá suim a chur sa bpáiste sin," ars' an
fear óg.
"Ní go ró-bhuidheach dhíot a bheadh sí dá mbeadh fhios
aici go dtugais "páiste" uirri," ars' an bhean óg go
meangach.
"Ní páiste a bhéarfainn uirri bhí sgathamh ó shoin
ann mar gur labhair sí mar labhaireochadh bean chríonna
chéillidhe. B'fhéidir go bhfuil sí níos sine ná mheasfadh
duine di?
"Níl, go deimhin. Níl aici acht aois gearr-chaile.
Acht go dearbhtha dhuit cuireann sí iongantas orm go
minic."
"Cé hiad na fir uaisle seo?" ar seisean, ar
stadadh do'n charbad.
"Mo dhearbhráithreacha," ar sise. Bhí Gráinne ag
gabháil do'n gheata mór gur fhosgail sí taobh dhe agus bhí
sí ghá féachaint féin leis an taobh eile nuair a sgaoil
sí uaithi é go tobann agus rith amach ar an mbóthar. Shín
an fear a b'airde de'n bheirt a bhí sa gcarbad a lámh
chuici agus ba gheárr go raibh sí 'n-a seasamh idir a ghlúine
agus gur thiomáin leo. Thug an óig-bhean fá deara go
raibh cosamhlacht iongantais ar an bhfear óg agus
dubhairt:
"Tá siad imthighthe go dtí an geata ar chúl an tighe,
agus creid mise gur gairid go mbéidh siad annso ag
Gráinne."
"An bhfuil sí i ngaol duit?" ar seisean.
"Tá deirbhshiúr a máthar pósta ag oncail dom," ar
sise. "Dochtúr measamhail agus fear an-intleachtamhail
tá 'n-a hathair."
"Ó, creidim go gcualas trácht air, — nach bhfuil sé ar
dhuine de na daoinibh a bhíos ag gríosadh na ndaoine san
áit seo?"
"Tá. Creidim gur "fear gríosta" a thiubharthá-sa
air. Acht ní fhéachann sé le aon fhalach a chur ar a
ghrádh-tíre, agus 'n-a dhiaidh sin 's uile, is é an dochtúr é is
fearr leis na teaghlaigh is mó agus is saidhbhre sa
gConndae. Agus tá cuimse oibre puiblidhe aige in
go leor Cumann."
"Tasbáineann sin flaitheamhlacht na 'ndaoine
mór,"" ar seisean.
"B'fhéidir go dtasbáineann sé chomh maith a mheas agus
a dheagh-bhreitheamhnas féin."
"Cé'n aois é?" ar seisean.
"Creidim go bhfuil sé tuairim leath-chéad. Sé'n
fear is breághtha é a chonnaic mé riamh."
"An bhfuil muirghín mhór air?"
"Níl. Beirt inghean. Tá an ceann is sine 'n-a
cailín an-áluinn, acht 'sí Gráinne an duine is measa
le n-a hathair agus is mó a bhfuil práinn aige innti."
"Bhfuil aon mhac aige?"
"Tá, tá mac aige" ar sise.
Bhain stad di ag freagairt na ceiste seo a thug air
dearcadh uirri le h-iongnadh, acht thárla d'fhear mór
láidir acfuinneach tuaithe a bheith ag déanamh chuca agus
chuir seo deireadh leis an gcomhrádh. Sheas sé ar a
bheith ag gabháil dó thar an ngeata le labhairt leis
an gCeithearnach.
Ó Donabháin, ba sloinneadh dó, acht ní raibh aon
ainm ag na daoinibh air acht "Maitiú an Buailteoir."
Ní raibh goir ag aon fhear air ag obair ar an talamh, agus
níor casadh riamh air an té a bhí i n-ann a dhul
i gcomórtas leis leis an súiste. Níorbh' iongnadh
mar sin go mbíodh iarratais go leor dhá bhfágháil aige
ó na feilméaraíbh ó Dheireadh Fóghmhair go Márta, agus
go deimhin i rith na bliadhna go léir, mar ba é sin an
fáth — bhí sé i riocht bualadh fá gach rud, beag nach, ó
dheasughadh bróg go dtí a bheith i n-ann ceann agus tuighe
a chur ar sgioból. Maidir le treabhadh, ní raibh a
léithid d'fhear céachta le fágháil. Le cruthughadh chomh
heolasach 's bhí sé ar an gcéachta agus cé'n grinneas agus
breitheamhnas a bhí aige ní móide gur mhisde dhúinn
sgéilín beag a inseacht 'n-a thaobh annso.
Theastuigh ó'n gCeithearnach aon uair amháin fál a
chur thrí cheart-lár páirce na Tornóige, acht bhí fhios aige
go maith nár bh'furasta an fál a dhéanamh ionnus go
mbeadh sé go díreach glan gan cor gan casadh ó
choirnéal go coirnéal sa bpáirc. Ár ndóigh, chuir sé
fios gan mhoill ar "an mBuailteoir."
Tháinig sé agus bhreathnuigh faoi agus thairis ar an
talamh ar fad na páirce. "Anois," ar seisean, "cé
mar is mian leat an fál a bheith?"
"Ó'n sgeich seo," arsa fear na páirce, ag leagan
a mhaide láimhe ar sgeich a bhí sa bhfál, "go dtí an
crann fuinnseoige atá ar thaobh na ciotóige de'n
bhearnain," ag síneadh an mhaide chuig crann ar an
taobh eile de'n pháirc. "Caithfidh sé a bheith glan
díreach," ar seisean, ag dearcadh ar an "mBuailteoir"
mar bheadh sé ag ceapadh go mbeadh a sháith ar a aire agus
a dhéanamh.
D'imthigh leis an "mBuailteoir" gan smid a rádh agus an
Ceithearnach agus a sheisear fear oibre agus a gcuid lághannta
aca fá n-a n-ucht ag fanacht go n-ordóchaidhe dóibh
tosughadh ar an bhfál 's gan aon fhios aca sa domhan
mór cé'n chaoi a raibh faoi tosughadh, acht mar sin féin
iad cinnte go n-éireochadh leis.
D'imthigh leis "an mBuailteoir" go mín réidh socair
siar chomh fada leis "an nguirtín," an áit a raibh sé
ag obair. Níor bh'fhada go raibh sé le feiceál ag
teacht thríd an mbearnain i n-aice an chrainn fuinn-
seoige le n-a chéachta, agus a chuid capall. Le leath-láimh
rug sé go cruaidh ar láimh na céachta agus leig an
oiread meádhchain uirri 's gur chroch sé na hiarainn
chomh mór 's nach rabhadar acht ar éigin ag sgríobadh
leis an talamh. Thug sé aghaidh na gcapall ar an sgeich
san taobh eile de'n pháirc, agus súil ní raibh sé féin ag
togáil di.
Ba gheárr go gcualaidh fear na páirce agus a
chuid fear oibre é ag fuagairt ar na caiplibh, agus
chonnaiceadar é ag baint amach go mall réidh agus ag
déanamh chuca i leabhaidh a chéile, nó sa deireadh go
raibh fonn an amhráin a bhí sé a ghabháil le cloisint aca;
annsoin b'fhéidir leo na focla a leanas a chloisint
uaidh go binn-ghlórach:
"Dá bhfághainn-se céad loingeas mar spré dhom,
Píoláití, caisleáin agus ór,
Do b'fheárr liom bheith bocht ar dhruim sléibhe
Le Cailín Deas Crúidhte na mBó."
"Sin é agat é anois," ar seisean, nuair a bhí
brollaigh na gcapall ag sgríobadh leis an sgeich ghil,
ag cur a lámh fá n' asgallaibh agus ag sgaoileadh na
srianach uaidh, "chomh díreach," ar seisean," le sgoilte
a bheadh i gceann pílir."
Bhí ríméad agus iongantas ar an gCeithearnach i
n-aonfheacht, agus b'amhlaidh ag a chuid fear oibre é. Ní
raibh duine aca gan a cheann a chrathadh le mór-
iongantas fá'n gcleas a bhí déanta ag "an mBuail-
teoir." "Níl aon mhaith ag cainnt. Níl a leithéid le
fágháil!" arsa Séamus Ó Duinn ag baint de a chóta agus
ghá chaitheamh isteach ar an bhfál. Agus bhí Tomás Ó
Meachair gach ordlach chomh hiongantach. Chuir sé
smugairle ar bhois agus annsin ar bhois eile (i gcead an
chomhluadair), rug go daingean láidir ar a láidhe le
n-a dhá láimh, dhearc ar an "mBuailteoir" go grinn ó
mhullach a chinn go bonn a choise agus dubhairt:
"Maise, sgread mhaidne ar an máthair a bheadh i
ndiaidh a hinghine ort!" Séard, ár ndóigh 'a mhínigh sé
leis seo go raibh sé sáthach maith ag inghin aon mhná
gan, ár ndóigh, máthair áirithe ná inghean a ainmniughadh.
Acht b'fhurasta aithne agus an chaoi ar dhearg éadan an
treabhthóra agus mar bhog a chuid súl beagán gur mór a
chuaidh sé air a rádh.
Ní móide go mbainfeadh gach léightheoir an míniughadh
ceart as an rud a dubhradh i dtaoibh "an sgoilte i
gceann an phílir." Is amhlaidh tá an sgéal, an dream
measamhail so ar a dtugtar "Síth-mhaoir Ríoghamhla
na hÉireann," tá fhios ag an saoghal cé'n deagh-aire a
thugann siad dá gcuid gruaige. Fá láthair aithnighthear
an pílear as cúl a chinn amach fá'n tuaith san áit nach
mbionn "na daoine móra" acht go gann. Agus bhíodh
na sgoiltí 'na gceann chomh díreach 's nach raibh aon
sompla ní b'fheárr le tabhairt ag an "mBuailteoir" le
cur i n-umhal chomh han-díreach 's bhí an líne geárrtha
treasna thríd an bpáirc. Cheapamar nár mhór an
míniughadh so a thabhairt ar fhaitchíos go gceapfaidhe go
mb'fhéidir gur sgoilte sa mblaoisg a bhí sé a rádh —
rud a mba fada ó n-ár gcaraid dheagh-chroidhtheach
"An Buailteoir" cuimhniughadh air.
Níl aon duine a chonnaic an fál nuadh ó shoin
nach ndeárnaidh mór-iongantas de. Leis an
fhírinne a rádh dheamhan blas maitheasa a dhéanfas
sí do'n pháirc go lá an tSléibhe — rud a bhí
Aodh a iarraidh a chur i dtuigsint dá athair
roimh ré sul mar d'orduigh sé a dhéanamh. Acht
ní raibh aon mhaith dhó leis, bhí an t-athair ceann-dána agus
b'éigin a dhéanamh. Fhóbair nach fál aitinne a bhí sa
bhfál nuadh chor ar bith de bhárr dearmad a rinne
Cosa Fada" lá. Chuir an máighistir lá é le síol
aitinne a chur sa bhfál, agus meas tú céard d'fhás acht
bárr turnapaí! Agus lá breágh gréine sgathamh 'na
dhiaidh sin bhí aiteann go teann ag biorrughadh aníos
trí n-a gceart-lár!
"Nodlaig mhaith go raibh agat, a Mhaitiú," arsa
Máire Ní Cheithearnaigh.
"Go mbadh hamhlaidh dhuit, agus go mairir agus go gcaithir
an Nodlaig seo, agus seacht n-uaire níos feárr go raibh
tú i n-ath-bhliadhain." Dhearc sé uirri móiméad beag
agus annsin d'iompuigh le cainnt a choinnéal le n-a
hathair. "Nach breágh an géagán d'fhear tuaithe é,"
ars' an t-óig-fhear leis an gcailín óg. "Fan go gclois-
ir ag cainnt é," ar sise. "Ní misde dhuit a bheith ag
súil le deagh-chomhrádh ó Mhaitiú, an "Buailteoir" — mar
thugamuid air — is corr-uair a chloisfir a léithid."
Bhí Maitiú ag fiafrughadh de'n Cheithearnach an
ndíolfadh sé cúpla bairille de na turnapaibh leis.
"Ní dhíolfad," ar seisean. "Teastóchaidh a bhfuil
agam dhíobh uaim féin, agus tuilleadh 'na dteannta.
Agus nár shíl mé go raibh togha báirr fataí agat féin
— ní fhaca mé riamh cosamhlacht ní b'fheárr ar aon chur."
"Thugadar uatha go han-luath ar fad," arsa
Maitiú.
"Ar bh'iad sin na fataí a bhí curtha ar chúl do thighe
a Maitiú?" ars' an bhean óg "Thasbáin Eibhlín dom
iad aon lá amháin agus d'fhiafruigh dhíom an bhfaca mé
garrdha blátha riamh dob' áilne agus ba bhláthmhaire ná iad."
"B'iad sin iad go díreach, a bhruinneal," ar seisean
ag crathadh a chinn go brónach. "Níor leag mé súil
riamh ar fhealltóiríbh ba mheasa ná iad. Siad a chlis
orm go dona."
"Is dóigh gurbh é an dúbhchan a tháinig orra?" ars' an
óig-bhean.
"Níorbh' é, maise, an bhfeiceann tú anois," ar
seisean go brónach arís. "Ní raibh gas dá raibh orra
nach ndéanfadh rata tighe lá Samhna, acht dá
gcuirtheá an fear a b'fheárr sa bparáiste 'ghá mbaint
bheadh an lacha i n-ann gach a mbainfeadh sé ó mhaidin
go faoithin a shluigeadh."
Níor fhéad an cailín óg gan meanga gáire a
dhéanamh nuair a chualaidh sí cé na gasanna dalbaidhe
a bhí ar na fataíbh, acht ar chloisint di go bhféadfadh an
lacha gach a mbainfidhe a shluigeadh níor bh'fhéidir léithi
gan pléasgadh ag gáire. Acht cheap sí nár bh'am
gáire é agus mar sin dubhairt sí:
"Sílim anois go bhféadfá na turnapaí atá ó
Mhaitiú a thabhairt dó."
"An dteasuigheann uait an paráiste go léir a bheith
ag teacht ag iarraidh turnapaí orm?" ars' an t-athair.
"Acht nach bhféadfair an chéad duine eile a
eiteach?"
"Ní misde liom mar sin," ar seisean ag baint
crathadh as na guailnibh mar nach mbeadh dul thairis
aige.
Ghabh Maitiú a bhuidheachas leo agus bh'fhuras a thabhairt
fá deara air go raibh fhios aige go bhfuigheadh sé a
iarratas sa deireadh. Suas leis an cnoc go mall
socair. Thug leis maide mór 'na láimh, agus thug a aghaidh
ar an Dún, agus mar sin de bhí fhios ag an gcailín óg go
maith go raibh sé ag dul ar thóir na mbuachaillí a bhí i
ndiaidh an dreoilín. Aisteach go leor, bhíodh an
dreoilín beag dá iomchar ó theach go teach Lá Fhéile
Stiopháin, agus é istigh gléasta fá n-a chuid ribíní i sgeich
chuilinn, agus Lá Nodlag Mór bhítí go neamh-thrócaireach
ar a thóir agus an bás len' aghaidh dá mbeirthí air. Ba é
sin an gnás, — ag iarraidh rí beag na n-éan a mharbh-
ughadh go neamh-thrócaireach indiu agus bródamhail as agus
urraimeach dhó an lá 'na dhiaidh.
Bhí an t-óig-fhear sásta go leor i n-aonfheacht leis
an óig-mhnaoi Máire — mar bhéarfar uirri as seo amach
— agus ar fheiceál a dearbhráithreacha dhó ag teacht chuca
d'iarr sé uirri beagán inseacht dó 'na dtaobh.
"Aodh, an dearbhráthair is sine," ar sise,
"maireann sé ag baile ag cabhairiughadh lem' athair ar
an bhfeilm. Dochtúir 'seadh Riocard agus tá fonn mór
air a dhul go hÁstrália, acht tá m'athair agus mo mháthair i
n-aghaidh é imtheacht ann."
Bhí Riocard agus Gráinne ag teacht i n-aonfheacht, agus Aodh
ag teacht 'na ndiaidh go mall mar bheadh fear ann
a bheadh ag smaoineadh leis féin nó a bheadh beagán
corruighthe in' intinn.
Níorbh' fhear árd a bhí ann, agus ní raibh ró-íseal de acht
an oiread. Bhí sé leathan-ghuailneach, conablach maith
aige, agus é toirteamhail téagarthach teann. Bhí a ghruaig
agus a chuid féasóige chomh dubh leis an sméir, agus bhí a
éadan chomh dorcha 's gur mhinic a d'fhiafruigheadh
strainséaraí má chaith sé aon sgathamh ar bórd luinge
nó má bhí sé ó dheas sna tíorthaibh teocha fá sgail na
gréine. Bhí culaith ghlas air a d'fheileadh feilméar, agus
bhí a shlabhradh trom óir go follasach le tabhairt fá
deara. Ní raibh an oiread suime ag na daoinibh ann
's bhí aca ina athair, acht mar sin féin, bhí meas ag gach
dream air mar go raibh sé lághach leis na fearaibh
oibre agus measamhail orra, agus freisin ní raibh sé gan a
neamh-spleádhchas leis na "daoinibh móra" a bheith le
tabhairt fá deara. Leis seo 's súd a chur le chéile
níor bhféidir le n-a cháirdibh fios a bheith aca i gceart
cé mar bhí sé féin ag ceapadh nó cé mar ba mhian leis
a bheith. Níor bh'ionann é féin agus an dearbhráthair eile i
n-aon bhealach, beag nach. Bhí Riocard árd caol agus
deagh-cheannaightheach, gruaig thanaidh air, é éadtrom-
chroidhtheach, roinnt neamh-shuimeamhail agus cainnteach.
Chuir an Ceithearnach an bheirt mhac i n-aithne do'n
chuartóir agus ó bhí fhios aca de bhárr Ghráinne go leor
'na thaobh agus go raibh sé le sgathamh a chaitheamh leo, bhí sé
féin agus Riocard an-mhór le chéile ar an bpoinnte, agus ní
dheachaidh iabh orra acht ag cainnt go dtángadar go
dtí an áit a raibh lucht fiadhaigh an dreoilín.
Ba mhór é iongantas an óig-fhir nuair a chonnaic sé
plód d'fhearaibh agus de bhuachaillíbh le n-a gcuid maidí
ag rith síos 's suas le taoibh fáil driseacha ghá lasgadh agus
ag tarraing buillí móra láidre, — ní raibh fhios aige
cér'bh air é. Acht thar éis tamaill d'éirigh leis
a thabhairt fá deara gur deoraidhe beag bídeach de
dhreoilín a rabhadar chomh géar 'na dhiaidh, mar d'éirigh
leis éalughadh ó chith de bhuillíbh móra a bhí dhá dtarraing
ó mhaol gualann air, agus d'eiteall tuairim deich slata
uatha ar an bhfál, agus annsin níor leis do b'fhaillighe é,
chuaidh go beo deifreach i bhfolach imeasg na gcraobh.
Go dian 'na dhiaidh gan aon mhoill bhí an "Buailteoir," agus
"Cosa Fada" le feicsint. Bhíodar ag síor-ghreadadh
na ndriseacha go neamh-thrócaireach agus ag sáthadh na
maidí isteach sa bhféar críonta ag iarraidh a chur amach.
Shílfeá gur míorbhailte ó Dhia a shábháil é, bhí na buillí
ag teacht air chomh tiugh sin, acht mar sin féin bhí ag
éirghe leis a bheith ag déanamh an bhealaigh thrí na
sgeachaibh agus ghá sheachnughadh féin go cliste ar na
buillíbh. D'éirigh leis an dreoilín imtheacht 'na dhiaidh
sin, agus is geárr a chuaidh nuair a d'ísligh ar sgeich áirní
ísil. Tug an "Buailteoir" athmhóg uathbhásach 'na dhiaidh
agus bhuail pléisg ar an sgeich a bhain an oiread torainn
amach 's dá leagtaoi crann coille, agus shíl gach duine
go raibh cnaipe an dreoilín bhoicht déanta. Ní raibh
aon tsuim ag Gráinne sa sgéal acht amháin an méid
grinn a bhí sí fhágháil as, agus b'éigin di greim a bhreith ar
Mháire le í féin a choinneál gan tuitim — tháinig
falrach chomh mór sin uirri nuair a chonnaic sí cé'n
díocas a bhí ar Mhaitiú Mhór 'na dhiaidh. Acht níor
bh'amhlaidh ag Máire é. Ní fhéadfadh sí fulaingt
breathnughadh san áit ar buaileadh an phléisg mhór ar
fhaitchíos go mbeadh an mairtíneach beag 'na sprúdhán-
aibh le feiceál aici. Acht dá imnidhighe dá raibh sí 'na
thaobh, b'éigin di a sean-sgairt a leigean nuair a
chualaidh sí an "Buailteoir" mór ag rádh go hárd-
ghlórach:
"Bhuaileas í! bhuaileas í! agus baineadh lán mo hata
de chlúmhach aisti!"
"Ní raibh smid ag aon duine ar feadh móiméid 'na
dhiaidh sin, acht gach duine cé is moite de Mháire ag
dearcadh ar an sgeich áirní. Chloiseann sí go tobann
sgread áthais ó Gráinne agus féachann thairti. Céard a
d'fheicfeadh sí acht an dreoilín go slán folláin thuas
go hárd san aer. I leabaidh bheith ag iarraidh dhul i
bhfalach sa bhfál driseogach d'eiteall sé treasna na
páirce, isteach leis i gcoiléar 'na raibh a lán
driseacha agus sgeacha ag fás, agus gach duine 'na dhiaidh
acht amháin an "Buailteoir." Bhí an oiread sin
iongantais air agus é ag breathnughadh i ndiaidh an
dreoilín agus a bhéal fosgailte 's nach raibh aon
fhulaingt ag Gráinne gan a sean-sgairt a leigean
faoi, agus dheamhan neart a bhí ag Máire agus ag na fearaibh
óga eile gan an cleas céadna a dhéanamh. Níor cheap
Maitiú, ámh, gurbh' fháth magaidh ná gáire é agus dubhairt:
"Leigidh dhó fhéineacht anois." Ní raibh fhios cé leis ar
dhubhairt sé é seo mar nach raibh duine ar bith ar an
láthair a bhí 'na dhiaidh acht é féin. Ba gheárr gur
imthigh leis thar éis é a bheith ag machtnamh ar feadh
tamaill agus ag dearcadh ar an talamh go grinn. Ba
chosmhail leis go raibh fhios aige anois go mb'fhéidir a
bhualadh sa deireadh, bíodh gur dhubhairt Séamus Ua
Duinn nár bh'féidir an ceann a bfheárr fhágháil air ar
aon bhealach.
"Nach ait an rud" ars an t-óig-fhear. "daoine
fásta a bheith mar sin i ndiaidh dreoilín bhig agus an
oiread grinn aca 's dá mbadh" —
"Gearrfhiadh mór é!" arsa Máire go baramhail, agus
le dearcadh neamh-ghnáthach de'n tsúil a chuir beagán
iongnadh ar Ghráinne agus amháin ar a dearbhráthair.
"Creidim nach hé fiadhach an dreoilín an t-aon
fhiadhach a d'fhéadfadh a bheith amadántamhail agus gan
mhaith," ar seisean.
Bhí péire madraidhe fiadhaigh a bhí leis na sálaibh ag
Aodh ó d'fhág sé an teach agus thosuigh an bheirt fhear ag
cur síos ar fhiadhach agus ar éanlaithe. Mar sin níor chall
do Mháire tada a rádh go dtáinig sí a bhaile, agus ní i
gcomhnaidhe a bhíodh fonn cainnte uirri.
CAIBIDEAL IV.
LORGA SA SNEACHTA.
Bhí seomra Mháire ar an taobh thiar de'n teach, thuas
i n-uachtar, agus bhíodh fonn uirri a bheith 'na suidhe ann i
gcomhnaidhe tráthnóna. Teach mór 'na raibh fad agus
límistéar mór a bhí ann, mar gur cuireadh leis go
minic ó rinneadh é ar dtús. Ní raibh ar bhinn thiar an
tighe acht an t-aon fhuinneog a bhí ar sheomra na mná
óige. Bhí an bhinn go léir fá eidhean, agus bhí garrdha
beag os do chomhair fút thíos ag dearcadh amach ó'n
bhfuinneoig dhuit. Bhí Máire an tráthnóna seo 'na
suidhe cois na fuinneoige ag dearcadh uaithi ar an
ngréin a bhí ag dul faoi go tapaidh, agus bhí Gráinne ag
séidhtiughadh a cuid gruaige os comhair an sgatháin.
"Á, a Mháire," ar sise le hosnadh, "is aoibhinn an
fear óg é sin."
"Meas tú an aoibhinn anois? Is dóigh nach mbéidh
aon tsuim i Riocard feasta mar sin."
"Ó, nil aon locht ar Riocard, acht tá cosamhlacht
na huaisleachta ar an bhfear óg seo Is cosamhail leis
go dtaithnigheann tusa leis thar cionn. Acht, ár ndóigh,
ní aon iongnadh é sin. Taithnigheann áilneacht leo go
léir." Dubhairt sí an focal le casadh d'á béal chomh
maith 's dá mbeadh an dearg-ghráin aici ar mhaise agus
ar áilneacht na mban n-óg. Acht cé b'áil dom a
cheapadh? Ní raibh an rádh críochnuighthe aici gur éirigh
sí ar bharr-throightheachaibh a cos agus dhearc uirri féin sa
sgathán ar gach caoi a b'fhéidir léithi. Ní chreidim go
raibh sí i ndiaidh a háilneachta uirri féin acht an
oiread, agus níor mhilleán sin uirri.
"An measann tusa go bhfuilir féin go deas, a
Ghráinne?"
"Maise anois, a Mháire, eadrainn féin, m'anam go
measaim, cé go mb'fhéidir nach bhfuilim deas sa gcaoi
a thuilleas cáil na deiseachta d'á lán."
""Is minic a bhíos geanamhail gránna agus dathamhail
dona" — "ní breághthacht a ghníos brochán acht min." — Sin
é a cheapair, nach hé?" arsa Máire.
"Ní hé chor ar bith. Ní raibh mé ag cuimhniughadh ar
an sean-fhocal seafóideach sin. Acht dar mo choinsias
go bhfuil "Adonis," searc gach bruinill, sa ngáirdín,
agus cé an t-ainm seo is feárr a thabhairt ar an óglach
eile? — "Apolló"!"
Tug Máire súil thairti agus chonnaic a dearbhráithreacha
agus an fear óg sa ngáirdín. "Agus cé'n t-ainm seo
agat ar Aodh?" ar sise.
"Ó" Nabucadnosor" no "Fionn Mac Cumhail,"
má's maith leat," arsa Gráinne ag gáiridhe. "Ní
fhéadaim a thuigsint de buidhe na bán céard atá ag
gabháil dó. Shílfeá gur a iarraidh a fhágháil amach cé
mhéad dealg atá i n-acra aitinne a bhíos sé."
Ar an bpointe seo ghlaoidh Riocard ar a dheirbhshiúr.
"An bhfuil aon fhios agat-sa, a Mháire, cad chuige na
lorga so a bheith sa sneachta? Ní féidir linne aon
tuairim a thabhairt 'na dtaobh," ar seisean.
D'fhosgail Máire an fhuinneog agus d'fheach síos le
hiongnadh, agus níor dhubhairt acht amháin nach raibh a fhios
aici tada 'na dtaobh.
"Sé an rud nach féidir a thuigsint," arsa Riocard,
"nach bhfuil aon lorga le tabhairt fá deara chor ar
bith ar an mbealach chuig an teach. Ní cosamhail gur
bhféidir le fear na lorg a theacht ar aon bhealach acht
léimeadh as an bhfuinneoig."
"Meas tú ar goideadh tada?" ar sise.
"Lorga atá ionnta go díreach mar dhéanfadh bróga
a mbeadh sála roinnt árd orra mar bhíos d'á gcaitheamh
go minic ag duine uasal."
"Ní mé* sa domhan mór cé'n chaoi a ndearnadh é,"
arsa Máire.
"Agus is cosamhail go raibh togha eolais aige
timcheall na háite," arsa Riocard, "mar chuaidh
sé siar díreach go dtí an bhearna ar chúl na mbláth agus
sin rud nach ndéanfadh aon an-eolaidhe."
Dhearg Máire chomh dearg leis an splainc, acht,
ádhmharach go leor, bhí an bheirt dearbhráthar agus an t-óig-
fhear ag breathnughadh san áit a raibh na bláthanna agus
níor thugadar fá deara mar d'athruigh a gné chomh
tobann. D'imthigh leo 'na dtriúr cos ar chois an
bealach a ndeachaidh "Fear na Lorg" go dtáinig-
eadar sa deireadh i n-aice na "Sgeiche" ar an
mbóthar mór — san áit a gcruinnigheadh na buachaillí agus
na cailíní — agus níor bhféidir leo tabhairt fá deara, duth
ná dath, cé'n bealach a ndeachaidh sé uaidh sin amach ag
an gcaoi a bhí ar an sneachta buailte ó chosaibh na
ndaoine.
D'fhill an triúr fear ar ais go dtí an teach thríd an
iothlainn agus dubhairt "Adonis" go mbadh mhaith leis an
capall ar ar thrácht an Ceithearnach ar maidin a
fheiceál.
"Dar an leabhar anois, a Mháire," arsa Gráinne,
"agus chuir gach ar thárla ceann de dhántaibh aoibhne an
Mhórdhaigh i gcuimhne dhom — an ceann 'na ndeirtear:
"Mo bhrón an tráth,
Ar thriall le grádh,
An fear ó'n ngleann, a spéir-bhean.
Le thú a chrádh,
'S thú fhágáil tláth,
Ó shuim 'na ghlórthaibh bréige."
"An bhfuil" fear ó'n ngleann "i gceist anois?"
"Níl a fhios agam sa domhan mór cé'n saghas duine
thú," arsa Máire" ag dearcadh uirri go hiongantach,
"acht ó thárla gur "bean sidhe" eicínt atá ionnat" —
"Duine de na daoinibh iongantacha seo a bhíos ag
marcaidheacht ar chipíníbh, ag rith rásaí ar sguabaibh, agus
a bhíos ag triall shiubhal oidhche! Á, a Mháire, ná
habair é!"
"Ní abróchad aon rud nach maith leat," arsa Máire
ag gáiridhe, "acht b'fhéidir go bhféadfá-sa an chruaidh
cheist seo i dtaoibh" na lorg "a réidhteach."
"B'fhéidir, i nDomhnach. Fan ort anois agus ná cuir
thrí n-a chéile mé go ceann tamaill." D'ísligh sí síos
ar a glúnaibh, leig a huilinneacha isteach ar an bhfuinn-
eoig, chuir a lámha fá n-a smig" agus thosuigh ag machtnamh
chomh mór is go raibh ruic le feiceál 'na héadan le
anró ó'n gcaoi a raibh sí ag smaoineadh i dtaoibh na
lorg a bhí le feiceál sa sneachta.
"Tá an cheist fuasgluighthe," ar sise go glionn-
darach sa deireadh. "Tá agam anois. Ní aon iong-
nadh lorg bróige fir a fheiceál sa sneachta. Bíonn
sin le tabhairt fá deara minic go leor, acht mar
dubhairt Mac Gabhann leis an míoltóig "cé'n chaoi
ar éirigh di a bheith ann?" Sin é an buille. Ar léighis
riamh rud ar bith d'ár sgríobh Mac Gabhann?"
"Níor léigheas."
"Níor léighis riamh "Litreacha Pheadair Phladhmaigh?""
"Níor léigheas riamh — dheamhan léigheadh."
Chraith Gráinne a ceann agus bhí ag dul ar aghaidh arís
leis an gceist a réidhteach nuair adubhairt go tobann
arís:
"Fhóbair dhom dearmad a dhéanamh ar inseacht duit
go raibh díospóireacht mhór agam féin agus ag "an lucht
léighinn agus litreadhachta" an oidhche fá dheireadh a
rabhadar ar dínnéar ag m'athair" agus meas tú cé 'na
thaoibh — acht i dtaoibh an ráidhte Bhéarla seo a sgríobh
Longfello:
"Footprints on the sands of time."
Tá súil agam nach gceapann tú gur ar do dhear-
bhráthair múinte atáim ag trácht nuair adeirim gurbh
é Longfello a cheap an rádh fileadhta seo."
"Ní cheapaim," arsa Máire ag gáire, "níl mé chomh
mí-eolasach sin ar fad, cé gur dóigh go gceapfadh "an
lucht léighinn agus fóghluime" nach bhfuil ionnam acht
bean shimplidhe mhí-chéillidhe."
"Bean shimplidhe!" arsa Gráinne, "go dtugaidh
Dia ciall dhuit! Ní dhá shimplidhe dhá mbíonn duine
nach amhlaidh is mó a suim ann, agus níl aon ghoir ag aon
óig mhnaoi nach bhfuil simplidhe an croidhe a chorrughadh
ionnta mar is ceart. Shílfidhe go deimhin, a Máire,
go bhfuil roinnt bheag suime ag "an mBreitheamhain"
san inghin seo, agus chuir sé le chéile stiall a déarfas mé
dhuit amach annso. Mí-ádhmharach go leor, tá
seisean ar an duine is aistighe dhíobh go léir. Acht
maidir le "Seamróig" aoibhinn na ndán, buachaill rí-
dheas atá ann" agus dheamhan steár ag mo dhuine bocht i
ndiaidh mo dheirbhshíre gan chéill, ó's dá inseacht duit
é."
"Ní cheilim nach bhfuil suim mhór agam féin sna
buachaillíbh deasa," ar sise ag rádh an rainn seo a
leanas agus ag leigean uirri gurbh i n-a taoibh féin a
cuireadh i dtoll a chéile é ar dtús:-
""Má's bárd go fíor tá ionnam féin,
Dánta áilne cumfaidh mé,
A thuillfeas dom-sa grádh mo chléibh,
'S a gheobhas dom féin mo mhúirnín.
Ní bhéidh aon mhaith i ngárda mór,
Ní bhéidh aon mhaith i maoin ná ór,
Ní misde liom-sa an saoghal mór,
Acht béidh tú a'm, a rúin ghil!""
Ba chosamhail go raibh éad mór ag Gráinne le n-a
deirbhshiúr fá rádh 's go raibh "Seamróg" na filidh-
eachta chomh mór 'na diaidh.
"Sílim nach bhfuil splannc ag mo chailín bocht 'na
diaidh, go deimhin," ar sise, ag baint crathadh as a
ceann.
B'éigin do Mháire a sean-sgairt a leigean, mar go
raibh "an cailín bocht" a raibh Gráinne ag cainnt chomh
cásmhar fúithi cúig bliadhna (go díreach) ní ba sine ná
í féin. Acht níor leig Gráinne uirri féin gur thug sí
fá deara í ag gáire agus bhain sí amach sa gcainnt arís
agus dubhairt:
"I dtaoibh an ráidhte úd ar a rabhas ag cur
síos duit, ceapadh go mbá mhí-fheileamhnach an rádh é agus
nach raibh aon chiall leis, mar go nglanfadh an taoille
tuileadh an lorg as an ngaineamh. Acht séard
dubhairt m'athair nárbh' amhlaidh a bhí, acht go mba hí
an chiall a bhí leis an rádh — nach raibh sa saoghal i
gcomórtas leis an tsíorraidheacht acht mar bheadh
tráigh an ghainimh ó trághadh sé go dtuileadh sé arís.
Acht i dtaoibh na ceiste úd ar fhóbair dom dearmad a
dhéanamh uirri — na lorga sa sneachta, ná ceaptar go
raibh tada ag an mac-mallachtain le déanamh leis an
sgéal. Ár ndóigh, léighis "Robinson Crúsó"?"
"Léigheas," arsa Máire. "Acht níl fhios agam cé'n
bhaint atá aige leis an sgéal so."
"Fan ort, seo é anois an chaoi ar thárla.
Tá sé chomh soiléir a thuigsint le — ní mé céard
é. Bhí an fear 'na sheasamh annsin nuair a thosuigh
sé ag sneachtadh, agus chomh maith is dá mbadh fear
allta gan chéill a bheadh ann, corrughadh níor chuir sé
dhe gur éirigh sé i n-aitiolla, agus annsin lasg leis.
B'amhlaidh a thárla i "Robinson Crúsó" freisin, má's
cuimhneach leat. Sin agat cruthuighthe anois é."
"Dheamhan a bhféadfadh a bheith ar a mhalairt de chaoi
dhe," arsa Máire le iongnadh.
"Acht breathnuigh amach," ar sise ag síneadh a láimhe,
agus cé bheadh ann acht "Cosa Fada" a bhí feistighthe suas
chom greannmhar le aon duine dá bhfaca tú riamh
fá n-a bhróga móra millteacha agus é ag déanamh ar
an mbearnain.
"Sin "Cosa" ag fágáil lorga sa sneachta nárbh'
iongnadh dá gcuiridís mór-iongnadh ar Eoin Baiste
féin dá n-éireochadh dó a leitheidí fheiceál sa bhfásaigh."
Ghlaoidh Máire air. D'iompuigh Brian thairis agus
d'féach suas orra.
"A Bhriain," ar sise, "ar casadh aon duine dhuit
aréir ar a bheith ag teacht ó'n mbaile dhuit?"
"Dar an leabhar casadh, a óig-bhean," ar seisean
ag preabadh, "agus go maithidh Dia dhom é," ar seisean
ag baint de a hata agus ag tógáil litre amach ó'n líneán.
"Dhearmad mé í seo a thabhairt duit." Chaith sé
suas an litir chuig Gráinne, agus thug sise do Mháire í.
"Cé'n t-am anois é, a Ghráinne óig?" ar seisean.
"Tharéis a ceathair," ar sise.
"M'anam ó'n diabhal! Bhfuil sé deireannach chomh
luath so?" ar seisean. "Dar údhacht an tsiogáin agus
béidh mo chnaipe-se déanta!" agus lasgann leis sna
fásgaíbh.
Thosuigh Gráinne ag gáire agus d'iompuigh ar Mháire
leis an rud adubhairt sé a innseacht di, acht nuair a
chonnaic sí Máire agus an litir fosgailte 'na láimh agus í ag
breathnughadh uaithi ar na sléibhtibh, agus cosamhlacht
uirri a bheith an-smaointeach, níor dhubhairt sí tada.
"Agus tá sé imthighthe!" arsa Máire léithi féin sa
deireadh.
*Seo é an leagan atá ar "ní fheadar" nó "ní fhidir mé" i
nGaillimh.
CAIBIDEAL V.
AN DOCHTÚR GO SOCAMHLACH SUAIMHNEACH.
Bhí faoistean le bheith lá ar n-a bhárach i dteach an
Cheithearnaigh, agus bhí muinntir an bhaile le bheith bailighthe
ann i dteannta 'chéile. D'innis Mháire sin do'n óig-
fhear, agus chásuigh an oiread daoine a bheith le theacht le
linn é a bheith ar cuairt aca. "Acht," ar sise, "téidh-
eann na Caitilicigh ag faoistean agus ag cumaoineach fá
Nodlaig agus fá Cháisg, agus is orainne atá an sagart a bheith
againn i mbárach. Is dóigh nach mbéidh aon locht agat
céad-phroinn a chaitheamh leis na sagairt."
"Go deimhin, is mór ar fad an t-áthas a chuirfeas
sé orm," ar seisean, "acht tá súil agam go mbéidh an
duine uasal ann a thug an tseanmóir aoibhinn úd
uaidh."
"Ó, go dearbhtha, béidh. 'Seisean ár sagart paráiste
— an tAthair Mac Mathghamhna. Fear rí-lághach atá ann,
agus duine a bhfuil mór-mheas agus gean ag muinntir na
háite air. Meastar nach mbéidh an oiread airgid
aige 's chuirfeas é leis an gcaoi a bhfuil sé 'ghá
chaitheam ar na bochtaibh. Ní fear do chainnt é, acht ar
fhaitchíos go gceapfá go bhfuil sé postamhail ní mór
dhom inseacht duit gur fada uaidh amach é, cé go
mb'fhéidir go bhfuil sé de chosamhlacht air."
"Tá cosamhlacht an ríméid air ar chuma ar bith,"
arsa Gráinne.
"Agus meas tú nár thrácht sé faoi sin ó'n altóir
an lá cheana?" arsa Máire.
"B'ait an chaoi ar thosuigh sé," arsa Gráinne. "Is
ar righin ar éigin nár thosuigh mé ag pléasgadh ag
gáire"
"Ar éigin nár thosuigh tú! Mh'anam gur tú a
thosuigh go slachtmhar!"
"Cé'n neart a bhí agam air? Níor bh'fhéidir liom
gan a dhéanamh nuair a chualas é ag dearbhughadh do'n
phobal nach le ríméad ná postamhlacht ar bith a
shiubhaileadh sé mar ghnídheadh, acht go minic gur ar rud
áithrid eicínt bhíodh sé ag smaoineadh nuair ba ríméad-
aighe a chosamhlacht. "Ní raibh aon cheapadh agam," ar
seisean, "go dtí le goirid go raibh a léithid de
chosamhlacht orm ag siubhal chor ar bith, acht tá sé mall
agam a athrughadh anois i ndeireadh thiar thall.""
"Is beag nár chuir sin gach duine i n-arainneachaibh,"
arsa Gráinne, "acht tá súil agam gurab é an tAthair
Ó hAnnagáin a bhéarfas an tseanmóir uaidh i mbárach."
"Is dóigh gurab é, mar nach bhfuil an tAthair
Mac Mathghamhna go ró-láidir, sílim, le goirid. Is
mór ar fad go deimhin an lear oibre a ghníos sagart
Éireannach. Ní bheadh a fhios agat é gan a thabhairt fá
deara thú féin," arsa Máire leis an bhfear óg.
"Nil aon amhras air," ar seisean, "do réir do chainnte."
"Seadh, a Ghrainne, tá sé i n-am againn an Paidrín
Páirteach a rádh," arsa Máire thar éis tamaill.
D'imthigh leo féin agus le hAodh go dtí an chisteanach
leis an bPaidrín a rádh mar is gnáthach le Caitilicighibh
a dhéanamh gach oidhche. Uair ar bith nach mbíodh Aodh sa
láthair is ar Mháire nó ar mnaoi an tighe a bhíodh
tosughadh agus críochnughadh leis an bPaidrín.
Ní mó ná go maith a thaithnigheadh siad-san 'ghá rádh
le Brian fad-chosach. "B'fhearr liom go mór fada
Aodh 'ghá rádh," adeireadh sé, "mar nach mbíonn sé ag
cur an oiread "cóirighthe-catha" air agus ag cur an oiread
aguisíní leis 's bhíos an bheirt eile."
D'fhan an dochtúr agus Hannraoi ag caitheamh tobac agus iabh
ní dheachaidh orra acht ag cainnt agus ag síor-chainnt 'na
seomra go raibh an Paidrín thart. B'iongantach an
fear cainnte é an dochtúr, agus bhíodh suim 'na chainnt ag
gach duine a chloiseadh é acht go háithrid ag na mnáibh
óga, cé nach maith a bheadh a fhios agat cé air
a mbíodh sé ag cainnt go minic.
Tháinig Aodh isteach le leabhar mór na n-urnuighthe
thar éis an Paidrín a chríochnughadh, agus bhí an bheirt go
ceochánta socamhlach i dtiúin-chomhrádh roimhe.
"Céard a b'fhearr dhúinn a dhéanamh i mbárach?"
ars' an dochtúr. "B'fhearr le Hannraoi an lá a
chaitheamh ag éanlaitheacht agus beagán grinn a bhaint as
naosgaibh an bhogaigh."
"Déantar ann," arsa Aodh.
"Is ait an rud é go bhfuil rudaí áithride nach bhfuil
sé i gcuid de na daoinibh a dhéanamh," 'ars an dochtúr,
"agus sin é fhearacht agam-sa agus ag an éanlaitheacht
é. Nuair a dhúisighim an t-éan níl fhios agam cé'n fáth
go mbím i gcomhnaidhe ag iarraidh seasamh go deas.
Ní fhéadaim na cosa a dhearmadadh agus dheamhan a gcuimh-
nighim sgaoileadh fá'n éan go mbíonn sé míle uaim"
"Acht má's olc uait caitheamh, is maith uait mar-
caidheacht a dhéanamh," arsa Hannraoi.
"Táim maith go leor, acht níl aon ghoir agam ar
Aodh. Nach cuimhneach leat Caitlín Ní hAinlighe?" ar
seisean le Aodh.
"Is cuimhneach go maith," arsa Aodh ag gáire.
"Ó dearóil aosta príosta! Nár mhí-ádhsach an lá
é!" ars' an dochtúr, "agus nach orm a bhí an cathughadh
biorach!"
"Céard do thárla?" ars' an t-óig-fhear.
"Á, a dhuine, sí Caitlín an cailín is deise agus is áilne
sa tír. Feicfir cá gcomhnuigheann sí i mbárach.
Mar'adh ise bheith ag breathnughadh orm níor mhisde
liom é. Bhí mé féin agus Aodh ar dhá chapall ar éirghe i
ndiallaid go meidhreach croidheamhail lá, agus cé bheadh i
n-aice na háite a rabhamar acht Caitlín agus í ag spais-
deoireacht di féin. D'éirigh mo chroidhe nuair a
chonnaic mé í. "Agus," arsa mise, "anois atá agam
tasbánadh gur togha marcaigh atá ionnam." Rinne
mé go líomhtha ar bhalla trí troighthe ar áirde a bhí i
ngar di, agus shíl mé go ndéanfainn an-ghníomh gaisgidh-
eachta. Acht, a dhuine mo chroidhe thú, nuair a bhíos go
díreach glan ag éirghe sa léim, os a comhair, cé'n
diabhal a bheadh orm acht ceapadh nach raibh m'uilinn
deisighthe le haghaidh na léime agam i gceart. Thug
mé an tsúil tharm leis an uilinn a fheiceál, agus gan mé
ag smaoineadh chor ar bith chomh riachtanach 's bhí sé aire
a thabhairt dom féin. Ní raibh aon áird air sin. Ar
Chaitlín seadh bhíos ag smaoineadh, agus crochadh mé, a mhic
ó, as an diallaid. Caitheadh amach mé go díreach idir
dhá chluais an chapaill, agus cuireadh ar easnachaibh mo
dhroma mé ag lúbarnaighil ar an talamh ó'n ngortughadh
dalbuidhe a fuair mé!"
"Bhí fúm sguabadh liom, agus a dhul san arm i ngan
fhios do mo mhuinntir le neart a raibh de náire orm.
Acht ní dheárnas. Nach iomdha magadh a rinne Caitlín
fúm ó shoin i dtaoibh an lae a bhfaca sí mé agus mo chosa i
n-aer! B'olc an bhail a cuireadh orm de bhárr an
ghnímh gaisgidheachta ar bhuail mé fá n-a dhéanamh an lá
úd!"
Annsin tosuigheann ar an dochtúr ag caitheamh dhó
féin, agus rinne an bheirt eile mar an gcéadna. Níor
bhfada go raibh "teasachan" eile dhá ollmhughadh le n-a
n-aghaidh ar an gcúlráid, agus leagadar ar an mbraoinín
cruaidh slachtmhar go leor. Acht badh cheart dom a rádh
gur bhogadar é roinnt, agus mar is gnáthach níor bhfada
go rabhadar féin 'na dtriúr boguighthe amach sa
gcomhrádh dá bhárr.
"Ní rabhais riamh gan breitheamhnas agus gan comhairle,
a Aodh," ars' an dochtúr, "agus meas tú anois an
mbeadh aon tuairim agat i dtaoibh ruda nach
ndeárnais cleachtadh dhe fós?"
"Céard é?" arsa Aodh.
"An grádh," ars' an dochtúr, ag baint plúchtha
deataigh as an tudóig. "Cuir i gcás anois go
bhfeicfinn-se nó tusa óig-bhean aoibhinn nach bhfacamar
cheana riamh, agus cuir i gcás go dtugamar grádh di-
grádh nár airigh ceachtar againn a léithid cheana riamh-
meas tú arbh 'in í an bhruinneall agus an t-aon bhruinneall
a mbeadh an fíor-ghrádh ceart againn di uaidh sin
amach?
"Dheamhan a fhios agam. "Bíonn an dá bhféidir
an" agus is deacair a rádh."
"An é do mheas go bhféadfadh duine a bheith i ngrádh
go minic?"
"Sé, go dearbhtha. Acht 'na theannta sin, measaim
gur minic go gcastar duine ort a mbíonn an fíor-
ghrádh agat dó go deo, grádh nach mbeadh a léithid
agat d'aon duine eile le do ló ná le do mharthainn."
"Acht ní fhágfadh sin thú gan é a bheith ar do chumas
duine eicínt eile a ghrádhadh," ars' an t-óig-fhear.
"Tá sin amhlaidh. Acht níor bh'ionann do shólás 's dá
mbeadh an té agat dá dtugais fíor-ghrádh ó chroidhe ar
dtús."
"Tá faitchíos orm nach ag gach duine a bhíos an
sólás ceart mar sin," ars' an t-óig-fhear.
"Tá, agus orm-sa," arsa Aodh.
"Agus tuige?" ars' an dochtúr. "Tuige nach
bhféadfaidís a bheith fíor-shólásach?" ar seisean ag
sgaoileadh siar braoin eile de'n "teasachan."
"Ní móide go mbíonn an grádh ceart aca d'á chéile
'na mbeirt, nó b'fhéidir nuair a bheadh féin go gcuir-
fidhe eatorra ar bhealach eicínt eile. Bhí beirt in
m'aitheantas d'ár thárla sé go díreach mar tá mé a
rádh. Mar dubhairt tú, a Hannraoi, gan an grádh a
bheith aca d'á chéile 'na mbeirt fuaróchaidh sé, creid
mise."
"Go díreach mar déarfadh file!" ars' an dochtúr.
"Cuirfidh mé cnaipe leat go bhfuil stiallta grádh-
mhara filidheachta sa leabhar cunntais seo aige, agus ba
é a bheith ag baint fola as turnapaibh a bheith ag baint
filidheacht' asat-sa, a Aodh!"
Thar éis seo d'éirigh sé 'na dhíospóireacht eatorra i
dtaoibh na gcunntas agus i dtaoibh talamhaidheachta. Ní
dheachaidh iabh air acht ag cuartughadh, acht mara bhfuair
sé an fhilidheacht a bhí uaidh fuair sé rud nach raibh uaidh
— litir a sgríobh sé tamall roimhe sin chuig Aodh ag
iarraidh iasacht chúig phunt, agus ag rádh go raibh an
saoghal ag dul chomh righte leis 's go mb'éigin dó
sgaradh len' uaireadóir!
"D'éirigh mé an-tíoghmhasach amach 's amach ó shoin,"
ars' an dochtúr. "Is geárr ó fuair mé haon-déag ar
dhá phéire sean-bhrístí agus sean-chóta ó Iúdach, agus cheannuigh
mé gléas ceoil. Dheamhan an oidhche a chaithfear go
mbainfidh mé ceol as freisin."
Bhí sé i n-am codlata go maith anois, agus bhí Aodh ag
gabháil do'n dochtúr gur chuir sé fá ndeara dhó an
leabaidh a thabhairt air féin, agus suas le Riocard agus le
Hannraoi le chéile. Ní raibh fear le fágháil ba cean-
amhla ar m'óig-fhear ná an dochtúr an móiméad sin,
mar sul d'fhág sé a sheomra phóg sé go slachtmhar é sé
huaire i ndiaidh a chéile, agus annsin sgaradar go
beannachtach ó n-a chéile, agus chuaidh gach duine aca chum
suain dó féin.
Nuair a bhí Aodh leis féin chuir sé síos rud nó dhó
'na leabhar chunntais, agus tarnuigheann chuige litir a
tháinig chuig a athair ó'n ridire Gearat de Buitléir i
dtaoibh an léis a bhí uaidh, agus ag rádh leis go socróchadh
a fear-ionaid, Pender, 'na thaoibh leis.
"Tá faitchíos orm go bhfuil rud eicínt sa sgéal so
nach bhfuil a fhios agam," arsa Aodh leis féin. "Níorbh'
iongnadh liom dá mbeadh rud eicínt leagtha amach ag
Pender agus a mhac. Shílfidhe gur sean-duine símplidhe
gan aon anachain atá ann acht is deacair muinighin a
dhéanamh asta. Ní aon tairbhe dhomh a bheith 'om' chur
féin thrí n-a chéile leis ar chuma ar bith."
Níor thúisge sin ráidhte aige ná chualaidh sé an
torann. Shíl sé gurbh' é an sionnach a bhí ag déanamh
áir ar na géadhnaibh. D'éist sé sgathamh agus níor bh'fada
go raibh a fhios aige gur i seomra an dochtúra a bhí an
sgréachaighil cheoil. Isteach leis ar an dochtúr. Bhí mo
dhuine agus a chóta agus leath-bhróg bainte dhe agus é ag séideadh
an ghléis cheoil go láidir!
"Ná raibh an t-ádh air mar ghléas ceoil," ar seisean
'gá bhaint as a bhéal, "níl blas maitheasa leis!"
"Cé'n clampar nó mí-ádh atá ort nach dtéidheainn
a chodladh feasta?" arsa Aodh.
Thosuigh an dochtúr ar "Nóra Críonna," agus níor
labhair smid.
"A chodladh leat, agus ná bí ag pleidhceáil mar bheadh
pleota amadáin ann!"
"Nach diabhlaidhe breágh go léir an cailín í, Caitlín
Ní hAinlighe, a Aodh?" ars' an dochtúr go mí-
áirdeamhail.
"Cé'n mhaith sa mí-ádh dhuit tú fhéin a phréachadh mar
gheall uirri?" arsa Aodh. "Nach feárr duit an
leabaidh a thabhairt ort féin agus a bheith ag brionglóididhe
uirri?"
"Dheamhan smid bhréige agat," ar seisean, ag
tarraingt na leath-bhróige eile dhe comh tapaidh 's
chonnaic tú riamh, agus níor bh'fhada go raibh sé i dtoirchim
suain agus sámh-chodlata.
Ní dheachaidh tada idir Hannraoi agus codladh na
hoidhche, acht na "lorga" a facthas sa sneachta. Ní
gábhadh dhúinn bacadh le inseacht tuige gur chuireadar
thrí n-a chéile é mar rinne.
CAIBIDIL VI.
AG AN BHFAOISTEAN: "COSA FADA" AGUS A
BHREITHEAMHNAS AITHRIGHE.
Bhailigh na daoine i dteannta 'chéile lá ar n-a bhárach
i dtigh an Cheithearnaigh, agus thug Hannraoi a sheomra
leabtha air féin agus níor fhan 'na measg. Ní fhaca tú
riamh fear ba dúthrachtaighe ag déanamh a anama ná
"Cosa Fada," agus é ar a dhá ghlúin ag cur dhe chomh sgioptha
's bhí na cheann finne, a phaidrín i ngreim aige agus é ag
cur "clocha" thairis go tréan. Chuir an chaoi agus an
chosamhlacht a bhí air an-iongantas ar m'óig-fhear a
thug fá deara ó'n seomra céard a bhí ar siubhal aige.
"I n-ainm Dé céard tá ar siubhal agat mar sin?"
arsa bean-chúraim an tighe ag bualadh anall chuige
faoi iongnadh.
"Go dtugaidh Dia trócaire dhuit agus ná bí do mo
chur thrí n-a chéile, acht sguab leat go tapaidh," ar
seisean.
"Is deas an fear faoistin thusa go deimhin," ar
sise ag imtheacht.
Tháinig Riocard i láthair agus cosamhlacht air nár chodail
sé an oiread 's teasduig uaidh i rith na hoidhche.
"I n-ainm Dé agus féach ar mo dhuine!" ars' an t-óig-
fhear.
"Céard tá air chor ar bith?" arsa Riocard.
"Dheamhan a fhios agam," ars' an fear eile, "acht
ní fear gan imnidhe é, is cosamhail, ar chaoi ar bith."
Cé'n chaoi a mbeadh mo dhuine acht a chailc aige agus an
oiread seo stríocthaí tarrnuighthe aige ar na cláir os a
chomhair agus é 'ghá gcomhaireamh go himnidheach.
"Gabh i leith thusa, a Riocaird," ar seisean leis an
dochtúr, "agus comhair dhom iad."
Tháinig an dochtúr agus Hannraoi anall, agus maidir le
stríocthaíbh is ann a bhíodar go tiugh.
"Cé mhéad uair atá curtha dhíom agam?" arsa
Brian.
Chomhair an dochtúr iad. "An oiread so," ar
seisean.
"Míle altughadh agus buidheachas do Dhia, go bhfuil sé
dhíom agam sa deireadh!" arsa Brian. "Is beag nach
bhfuil mo dhruim strompuighthe ó bheith cromta síos
orra leis an fhaid seo."
"Céard tá curtha dhíot agat?" arsa Riocard.
"Mo bhreitheamhnas aithrighe — an breitheamhnas a
chuir sé orm an uair dheiridh a rabhas aige. Ní bheadh
aon ghoir agam dul 'na ghaobhar gan é a bheith dhíom
agam!" agus imthigheann leis annsin go héadtrom-
chroidhtheach.
Bhí plód mór bailighthe taobh amuigh. Bhí an Buail-
teoir, Séamus Ó Duinn agus Tomás Ó Meachair ann, agus
'na dteannta bhí freisin Uilliam Ó hIthfearnáin, an
ceoltóir a b'fheárr d'á raibh i gCnoc na nGabha.
Maidir le siosga agus caismirt, is aca a bhí siad, gan
trácht ar thada acht an "fonn nuadh" i cheap an
"Ceoltóir" sgathamh beag roimhe sin. 'Na chodladh
ar a leabaidh a bhí sé nuair a cheap sé an fonn agus an
maidin lá ar n-a bhárach ní raibh bean, leanbh ná páiste
nach raibh ag impidhe agus ag athchuinge air an fonn a
sheinnm dhóibh, nó sa deireadh go raibh a chroidhe
bunáite briste agus gur ar éigin a bhí puth anála aige
d'á mbárr. Ní raibh smid d'á raibh ar siubhal taobh
amuigh nach raibh le cloisint go héasgaidh ag an
dochtúr agus ag Hannraoi taobh istigh.
Is geárr gur thosuigh an Ceoltóir ar an gceol agus
níor leis an "mBuailteoir" do b'fhaillighe é. Sé a
dhamhsuigh go croidheamhail. Bhí gach duine ag dearcadh
ar an daimhseoir agus ag déanamh iongantais de.
"Maise, goirim go deo do chnáma!" adeireadh
duine. "Croidhe do'n Bhuailteoir!" adeireadh duine
eile. "Faoi do chois é!" a d'fhuagruigheadh an
tríomadh duine. Rinnceoir ní b'áilne ná an Buail-
teoir níor bh'fhurasta fhágháil. "Ó, maise, goirim do
chroidhe," ars' an Ceoltóir, ag críochnughadh. "Is
agat atá na cosa ar do chomhairle féin!"
"Ró-luath a leigtear do chroidheamhlacht agus do mheidhir
na hóige imtheacht," ars' an "Buailteoir," ag umhlughadh
do'n cheoltóir go múinte agus ag tabhairt baoth-léim árd
san aer le teann croidhe agus misnigh.
Bhuail fear amach chuca ó'n gcisteanach agus i leith leis
go dtí an áit a rabhadar. Sé a shiubhail go haireach, agus
ch' aon athmhóg aige chomh maith 's dá mbadh ar leic-
oidhre a bheadh sé ag siubhal. Bhí culaidh dhubh air a bhí
sáthach caithte tréigthe, agus léine bhreágh gheal freisin acht
go raibh a bóna leath-mhillte ag a raibh de'n dath gorm
innti. Is aisteach mar bhí sí ag dul dó ag an bhfeis-
teas a bhí air. Bhí sé 'na mhaoil, dhá fhuaire dhá raibh an
lá, agus bhí a leabhar urnuighthe 'na chiotóig aige.
"Is dóigh gurab eisean an cléireach?" arsa
Hannraoi.
"Ní hé. 'Sé Pilib Ua Laochdha, ár dtáilliúr atá
ann."
"Nach postamhail an chosamhlacht atá air, a mhic ó, agus
meas tú nach bhfuil sé ag tabhairt fútha anois ag a
bheith ag déanamh grinn dóibh," arsa Hannraoi.
"Ara, cé'n dochar beagán grinn a dhéanamh," arsa
Uilliam Ó hIthfearnáin ag tabhairt cuimilt dá shróin.
"Ní dochar ar bith é — acht tá am agus am len' aghaidh,
agus nuair atá duine ag dul ag déanamh a fhaoistin is
air badh chóir dó a intinn a bheith leagtha," ars' an
táilliúr.
"Dheamhan thumanta smid bhréige aige," ars an
"Buailteoir" ag suidhe síos.
Ná ceap, a Mhaitiú, go raibh aon bhaoghal orm
dearmad a dhéanamh ar an rud údaigh adubhairt tú
liom. Béidh sé réidh glan agam, creid mé, roimh an
Domhnach," arsa Pilib.
"Maise ag Dia atá 'fhios go mbeidh sé i n-am agat,"
arsa Maitiú.
"Dheamhan neart a bhí agam air — b'éigin dom dhá
chulaidh a dhéanamh le haghaidh Éamuinn Uí Bhroithe agus
Thomáis Uí Bhriain. Tá Éamonn le pósadh ar an
bpointe 's a mbéidh gach rud socruighthe, agus tá Tomás
le dhul ag déanamh cleamhnais síos go Conndae
Luimnigh.
"Agus nár innis mise dhuit gur mé a bhí le seasamh
le Éamonn?"
"Ná bíodh aon fhaitchíos ort go gclisfidh mé ort,"
arsa Pilib, ag tarraingt a phíopa maide as a phóca.
Bhí sé ag dul ag tosughadh air ag caitheamh nuair a rug.
Uilliam Ó hIthfearnáin i ngreim láimhe air go tapaidh.
"Nach bhfuilir le Cumaoineach a ghlacadh?" ar
seisean.
"Táim, acht tá sé de chead agam-sa gail a chaitheamh
mar gheall ar a bheith i ndroch-shláinte dhom."
Tarrnuigheann sé chuige a bhoiscín tobac agus líonann a
phíopa. "Tabhair dhom lasóg, a Mhaitiú," ar seisean
nuair a bhí an píopa líonta aige.
Thug Maitiú sin dó, agus tosuigheann ar mo dhuine ag
tarraingt go dúthrachtach. Sgannruigh an plúchadh
deataigh a bhí ag dul i n-aer uaidh na gealúin a bhí
íslighthe san iothlainn, agus ní bréag ar bith a rádh gur bhain
píopa an táilliúra uisge ó na fiaclaibh ag go leor d'á
raibh i láthair ag feitheamh leis na sagairt. Tá a fhios
ag gach duine, mara bhfuil duine sé nó seachráin ann,
nach féidir le fear atá leis an gCumaoineach naomhtha
a ghlacadh drannadh leis an bpíopa gan cead ar leith
ó'n sagart, agus ó bhí an cead sin ag an Táilliúr
b'fhéidir leis a dhóthain agus a leor-dhóthain a chaitheam
gan duine ag cur chuige ná thairis.
Is geárr gur bhuail an bheirt shéiplíneach isteach an
iothlainn chuca ag marcaidheacht agus ar an bpointe 's a
bhfaca an Táilliúr iad leag sé ar an bpíopa i n-aon
turas.
Ba hé an tAthair Ó hAnnagáin an chéad duine a
d'ísligh. Fear árd meadhon-aosta a bhí ann. Bhí cóta
mór bréidín feistighthe suas air agus is air féin a bhí an
chosamhlacht bhreágh Gaedhealach gan bhréig. Fear an-óg
a bhí san Athair Ó Néill, an dara séiplíneach, agus duine
sleamhain slíocthuighthe múinte a bhí ann do réir cos-
amhlachta. Ní hé gach lá a d'éireochadh leat a léithid a
fheiceál amach fá'n tuaith. Chuir fear an tighe céad
míle fáilte rómpa go flaitheamhail Gaedhealach i
n-aonfheacht, agus bheannuigh siad-san go cáirdeamhail dó
mar an gcéadna.
"Seo é an tAthair Mac Mathghamhna ag teacht,"
arsa Riocard le Hannraoi. "Tá sé glanta thar an
ngeata 'na charbad."
"Nach bhfuil seisean le bheith annseo freisin?" arsa
Hannraoi.
"Tá, acht tá sé ag dul timcheall le theacht isteach an
geata mór. Isteach leat san seomra agus feicfir ag
teacht isteach é."
"Ní iongnadh go gceapfaidhe gur duine léitheadach
ríméadach atá ann," arsa Hannraoi leis féin nuair a
thug sé fá deara é ag déanamh isteach chum an tighe.
Thug sé fá deara freisin an carbad deas, agus an deagh-
chapall a bhí aige, agus cé'n deagh-fheisteas searbhfóghantaigh
a bhí ar a bhuachaill.
Rith Brian Ó Bruadair amach chuig an gcarbad go
tapaidh le clóca an tsagairt a thabhairt leis le crochadh
suas, acht ní leigfeadh an buachaill leis é. Marach
gur éirigh leis an sagart filleadh ag iarraidh a leabhair
urnuighthe a d'fhág sé 'na dhiaidh ar an gcarbad bheadh
sé i n-achrann. Bhí droch-chosamhlacht ar Bhrian agus
bhagair sé ar an searbhfóghantach. Acht níor bh'fiú
leis-sean, dar leis féin, aon áird a thabhairt air agus
níor bhac leis acht d'imthigh leis an ngléas a bhaint de'n
chapall. Níor labhair an sagart smid le aon duine
acht isteach leis sa seomra. Rinne sé sgathamh beag
guidhe, chuir an stil faoi n-a mhuineál agus shuidh i
gcathaoir i n-aice na teineadh le haghaidh an fhaoistin.
Ba é fear an tighe an chéad duine a chuaidh chuige agus is
geárr gur thosuigh sé 'na bhrúghadh, gach duine ag
iarraidh a bheith i n-aice an tsagairt é féin. Bhí na
daoine ag brúghadh isteach ar an Athair Ó Néill ar an
mbealach, céadna, agus iad ag dul chuige ó dhuine go
duine. Téidheadh sé sáthach righte le cuid aca seo a
bhíodh réidh an bealach a dhéanamh amach thrí na daoine
leis an mbrúghadh a bhíodh ann.
Sa gcisteanach seadh bhí an tAthair Ó hAnnagáin ag
éisteacht le faoistean na mban, agus mara raibhe brúghadh
agus dingceadh ann ní lá go maidin é. Ní raibh aon
tsuaimhneas aige. Bhíodar bunáite ag éirghe 'na
mhullach dá mhíle buidheachas. B'éigin dó éirghe 'na
sheasamh go minic agus a mbrúghadh dhe amach, agus sa deireadh
ní raibh aige le déanamh acht dhá chathaoir agus stól
fada a chur idir é féin agus iad.
"Thairis sin ná téidhidh má tá lá de'n ádh oraibh,"
ar seisean.
Bhí an t-am d'á chaitheamh réidh go leor go ceann
sgathaimh thar éis sin, acht go mbíodh corr-bhrúghadh ann ó
am go ham. Is minic go mbíodh beirt bhan ag coimhlinnt
le chéile agus ch'aon bhrúghadh aca ag déanamh isteach chuig an
sagart, agus iad san am céadna ag cur dhíobh ag radh "Ár
nAthair atá ar neamh," nó "Sé do bheatha, a Mhuire"
chomh dúthrachtach 's b'fhéidir leo é. Bhí aon bhean amháin
ann a raibh sé ag cinneamhaint duth 's duth uirthi a dhul
go dtí é. "Rachaidh sé cruaidh liom nó déanfaidh mise
bealach," ar sise léithi féin. D'imthigh léithi agus bhí ag
strapadóireacht go ndeachaidh sí suas i mullach stóil.
Shiubhail léithi 'na mhullach, agus thug léim de ar chathaoir a bhí
le balla. Shíl sí go raibh léithi annsin, agus chuaidh ó chathaoir
go cathaoir go dtáinig sí go dtí an tríomhadh ceann, acht
a mhic ó mo chroidhe thú, ar a bheith go díreach glan di
ag iarraidh a bheith ag strapadóireacht ar chúl an
tsagairt seadh crochadh í agus anuas léithi ar chlár a
droma ar an urlár, agus níorbh' é sin amháin acht leag
gréithí agus soithighe san am céadna a rinne torann
uathbhásach agus a bhain geit ó chroidhe as gach duine d'á
raibh sa láthair.
"Céard so? Céard so?" ars' an tAthair
Ó hAnnagáin nuair a chualaidh sé an torann. D'fhéach
sé thairis agus chonnaic an bhean bhocht agus leath-chos léithi i
n-áirde i bhfastódh. Bhain an sagart an chos as greim.
Chraith a cheann, d'fháisg a bhéal agus dubhairt fán' fhiacail:
"Is dána muc ná gabhar acht sháruigh bean an
d — l!"
"Éirigh suas — ár ndóigh níor éirigh aon ghortughadh
dhuit?" ar seisean ag breith greime uirthi agus 'gá
crochadh suas.
"Ar gortuigheadh thú?" ar seisean arís. Acht
dur níor chuir sí aisti.
"I n-ainm Dé, a Bhean Mhic Uí Shleataraigh, agus innis
dom céard tá ag gabháil duit!" ar seisean.
Dhearc sí 'na timcheall, acht smid níor labhair.
"Céard tá uirthi chor ar bith?" ars' an sagart.
Thar éis tamaill dhearc sí idir an dá shúil air.
"Ní mé an bhfuil mé marbh?" ar sise.
"Maise, tá baoghal mór ort go deimhin,"
ars' an sagart. "Glac do shuaimhneas anois
feasta, agus nár dhubhairt mé cheana agus nach ndeirim arís
go mbeidh fuighleach ama agam le freastal díbh go léir
má bhíonn foighid bheag agaibh? Nach deas an cháil a bhéas
ag an bhfear uasal óg as Sasana atá ag breathnughadh
oraibh le tabhairt oraibh féin agus ar "Oileán na
Naomh" ar a dhul ar ais dó! Breagh nach féidir libh
aithris a dhéanamh ar na fearaibh agus fanacht go ciúin
macánta dhíbh féin? Acht níl aon mhaith ag cainnt leis
na mnáibh. Nuair a chuireas siad 'na gceann an rud
a dhéanamh níl aon mhaith leo — ar aghaidh leo i ndiaidh
a gcinn rómpa gan oiread 's breathnughadh fútha ná
tharta!"
Thar éis sin bhí na mná ciúin go leor, agus bhí gach duine
sáthach suaimhneach acht amháin Bean Uí Shleataraigh
í sise thrí n-a chéile chomh mór 's nach raibh a fhios aici
an raibh sí basguighthe nó nach raibh.
CAIBIDIL VII.
NÓRA NÍ LAOCHDHA.
D'imthigh leis an Dochtúr agus le Hannraoi ag spais-
deoireacht dóibh féin. Ar an mbealach dhóibh go dtí
sean-chaisleán a bhí san áit cuadhadar trí bhaile Chnuic
na nGabha, agus ní raibh aon cheapadh ag Hannraoi go mbeadh
leath an oiread slachta ar an tsráid-bhaile 's bhí. Bhí
cleachtadh aige ar an gcur síos a ghnítheadh Sasanaigh
ag cur dí-mheas' agus masla ar na hÉireannachaibh mar
gheall ar chomh brocach gránda salach 's bhíodh a dtighthe,
acht bhí le tabhairt fá deara aige anois nach raibh an
sgéal chomh dona 's bhí sé ag ceapadh. Bí cuid de na
tighthibh nárbh' fhurasta a lochtughadh. Is beag teach a bhí
gan dhá fhuinneoig ar a laghad. Bhí corr-cheann aca a
raibh teach cáir in' aice — cáirín asail a bhí ag beag nach
gach duine. Ní raibh aon teach is mó a gcaithfeá
sunndas a thabhairt dó ná teach an Bhuailteora leis an
deagh-chaoi a bhí air agus ag chomh deas glan slachtmhar 's
bhí gach rud thart timcheall an tighe. Bhí ceathair nó
cúig de shiopaíbh sa mbaile freisin 'nar bhféidir ear-
raidhe beaga a fhágháil, coinnle leith-phingne, píopaí
cailce, cnaipí, agus mangarae beaga eile a bhíodh ar na
fuinneogaibh os comhair an tsaoghail.
Acht ní raibh acht aon tsiopa amháin a mb'fhiú an
t-ainm a thabhairt air agus ba hé sin siopa Philib Uí
Laochdha.
Bhí bunáite gach duine sa mbaile ag an bhfaoistin an
maidin seo, agus duine ná deoraidhe ní raibh le tabhairt
fá deara ag an mbeirt ar feadh i bhfad, acht sa
deireadh chualadar an glaodhach i ngar dóibh. D'fhéach-
adar tharta agus chonnaiceadar plód buachaillí agus iad ag
déanamh grinn ar leic-oidhre a bhí ar lochán mór uisge
i leath-taobh an bhóthair.
Rith buachaillín deas catach amach ó dhoras tighe Uí
Laochdha nuair a chualaidh sé an glaodhach, agus bhí ag brath
rith leis go dtí áit an ghrinn, nuair a labhaireadh go
mín réidh lag-ghlórach taobh istigh ag comhairliughadh dhó
gan imtheacht.
"Ní ag imtheacht atá mé, acht ag dul ag breath-
nughadh ar mo chliabhán," arsa Tomáisín, an buachaill
beag.
Ní bheadh a fhios agat cé'n fáth é, acht níor fhéad an
bheirt fhear gan bualadh isteach. Istigh rómpa bhí
cailín óg 'na suidhe i gcathaoir-bhaclann tuighe agus a
haghaidh ar an teinidh. Bhí abhach mór láidir de mhadadh
ar a chorageab le n-a hais a chuir droch-chosamhlacht air
féin nuair a tháingeadar isteach. Acht má ba hí láimhín
thanaidh an chailín óig a bheith leagtha ar a cheann a
choinnigh socair é nó nárbh í, corrughadh níor chuir sé dhe
agus tafann ní dhearnaidh sé. Níor chosamhail go dtug
an óig-bhean fá deara iad chor ar bith. "A Thomáisín,
mar dhéanfadh buachaill maith, beir ar an leabhar
urnuighthe dhom arís go gcríochnóchadh paidreacha an
fhaoistin. Ní thógfaidh sé i bhfad orm," ar sise.
Bhí an leabhar 'na hucht, acht ní raibh sé de bhrígh innti
a thógáil. D'ísligh an ghasúr ar a dhá ghlúin, choinnigh
an leabhar fosgailte os a comhair, agus thosuigh uirri ag
léigheadh agus ag guidhe go dúthrachtach. Nár bheag a
b'ionann an chosamhlacht a bhí ar an dearbhráthair agus ar
an deirbhshiúr! Nár bhreágh dearg lasúnta an aghaidh
agus an cheannaighthe a bhí ag an dearbhráthair, agus fairíor!
nár bhán-ghnéathach caithte claoidhte feosúighthe í an
deirbhshiúr bhocht, agus nár dhuairceach an chosamhlacht a bhí
uirri! Is ar righin ar éigin a bhí de bhrígh innti a
láimhín chaol chaithte a thógáil le í féin a choisrigean,
síos léithi ar a glúnaibh, d'árduigh na súile ar feadh
tamaill mar bheadh sí ag guidhe 'na hintinn féin agus
annsin thosuigh ag léigheadh an leabhair a bhí os a
comhair.
Chuaidh seo chomh mór ar an mbeirt fhear 's gur
théaltuigheadar as an teach gan smid a labhairt nó gur
shroicheadar an sean-chaisleán.
"Ní mhairfidh an cailín bocht sin i bhfad, tá faitchíos
orm," arsa Hannraoi. "Ní fhaca mé duine ídighthe
riamh go dtí í — agus na súile atá aici, — agus na fosaidhe
fada — agus an cheannaighthe bhán-ghnéathach! Is dóigh gur
eitinn atá ag gabháil do'n óig-mhnaoi bhoicht!"
"Dheamhan a bhfuil cinnte dhíom," ars' an Dochtúr,
"acht níl aon lúd 'na géagaibh ná aon spreacamh 'na
cnámhaibh le os cionn dhá bhliadhain. Is aisteach an
chaoi atá uirri. 'Sé mo mheas féin gur sa druim atá an
dochar, cé nach gceapann an Dochtúr Ó Cadhlaigh sin."
Ba bhreágh go léir an radharc a bhí os a gcomhair ó
bhárr an tsean-chaisleáin, agus bhí an ghaoth ag séideadh go
láidir teann ar a bheith ar a bhárr dóibh. Thug Hannraoi
fá deara nach raibh an Dochtúr ag tógáil na súl chor
ar bith d'áit áirthid, agus bhí tuairim aige go raibh fáth
éigin leis seo.
"Nach deas an teach é sin ar thaobh an chnuic," ar
seisean go tobann leis an Dochtúr.
"An teach geal i measg na gcrann? — go deimhin is
deas," ars' an Dochtúr, ag tabhairt a aighthe ar áit eile.
"Ní hin é an teach atá i gceist agam chor ar bith,
acht an teach atá ar thaobh an chnuic i ngar do'n fhás-
choill. Cé chomhnuigheann san teach sin?" arsa Mac Uí
Luaithe.
"Fear darab ainm Mac Ainlighe."
"Sin é a mheasas. Meas tú an éireochadh linn an
óig-bhean aoibhinn d'inghin atá aige a fheiceál?"
Bhain an Dochtúr lán na súl as agus focal níor
labhair.
"Nach cuimhneach leat," arsa Mac Uí Luaithe, ag
gáire, "gur gheall tú dhom aréir go dtaisbáinfeá
dhom cá gcomhnuigheann sí? Is dóigh gur ag an
mballa thall annsúd ag an bhfál a d'éirigh an tim-
pist dhuit ar ar thráchtais liom?"
Chuir an Dochtúr cor 'na chroiméal agus tháinig cosamh-
lacht ghruamdha air. Ní go barainneach a bhí 'fhios aige
céard d'innis sé dhó an oidhche roimhe sin cé go
ndeárnaidh sé a dhícheall ar chuimhniughadh air.
"Seadh, is ann go díreach a d'éirigh an leagan
dom," ar seisean. "Cailín mór-mheasamhail 'seadh í
go cinnte, acht tá sé ró-luath sa lá anois le cuairt a
thabhairt uirri, agus tá 'fhios agat go bhfuil orainn a bheith
ar ais ag ár gcéadphroinn."
D'imthigh leo ar ais go mear thrí Bhaile na Claise agus?
cé d'fheicfidís ar a bheith ag filleadh dhóibh acht
Tomáisín Ó Laochdha agus é ag strapadóireacht suas ar
chrann árd chomh héasgaidh 's dá mb'easóg é. Stad
ní dheárnaidh sé go ndeachaidh go bárr. Annsin anuas
leis arís ag cur na ngéag agus na gcraobh thairis chomh
tiugh 's gur shíleadar go mbrisfeadh sé a mhuineál.
Acht b'fhada uaidh amach é, agus ba gheárr go raibh sé
íslighthe. Níor thúisge ar a bhonnachaibh é 'ná bhain sé
as sna seala-babhtaíbh, suas leis an cnoc agus isteach
leis i ngarrdha an Bhuailteora.
"Cé'n clampar atá air anois, nó céard atá ar
siubhal aige?" ars' an Dochtúr.
"Dheamhan a fhios sin agam, — brostuighmís orainn go
bhfeicfimid céard tá sé a dhéanamh." arsa Hannraoi.
Dhearcadar isteach thar an bhfál agus chonnaiceadar
Tomáisín istigh sa ngarrdha i lár na cabáiste. Bhí
cosamhlacht air go raibh fearg air, agus é ag sgríobadh a
chinn agus ag dearcadh go gruamdha san am céadna ar éan
a bhí aige 'na láimh.
"Céaróch éan é sin agat?" ars' an Dochtúr.
"Spideoigín," ar seisean, ag strachailt an iorbaill
aisti agus ghá sgaoileadh 'un bealaigh.
"Tuige ar strachail tú an t-iorball aisti?" arsa
Hannraoi.
"Tuige ar leag sí mo chliabhán," ar seisean. "Bheadh
lon dubh i ngreim agam marach í."
Chuir an Dochtúr i dtuigsint do Hannraoi cé an
bhail-amhair a bhíodh an spideoigín a dhéanamh do na
buachaillíbh ag leagan na gcliabhán orra, agus d'innis dó
nach ndéantaoi acht an t-iorball a strachailt aisti
nuair a bheirthí uirri, — i gcruthamhnas nár chomhair-
leachan i n-aisge a d'fhághadh sí.
"An rugais ar mhórán indiu, a Thomáisín"? ars' an
Dochtúr.
"Ní rugas acht ar dhá dhreoilín agus ar éinín beag bídeach
eile."
"Céaróch baoite a bhíos agat faoi do chliabhán?"
arsa Hannraoi.
"Fataí bruithte, faochain, seilmeidí agus mogóraí," ar
seisean. Ní baileach a bhí na focla as a bhéal nuair a
d'eiteall lon dubh tharta agus isteach leis sa gcuileann
i gcoirnéal de'n gharrdha. Shocruigh Tomáisín an
cliabhán go tapaidh ar an bpoinnte 's a bhfaca sé é agus
nuair a bhí sé ag filleadh ar ais o'n gcliabhán thug mo
dhuine bocht fá deara go raibh an chréafóg greamuighthe
dá chuid bróg agus bhí fhios aige go maith annsin go 'raibh
an sneachta ag leaghadh. Is beag nár bhris a chroidhe
annsin, agus a bhaile leis, cé gur minic a dhearc sé 'na
dhiaidh ar na buachaillíbh a bhí ag déanamh grinn agus ag
sgiorradh ar an leic-oidhre, agus is ar righin ar éigin nár
fhill sé go dtí iad. Isteach 'leis go dtí n-a dheirbhshiúr
a bhí léithi féin, mar bhí a máthair ag an bhfaoistean agus
bhí sí gan a theacht ar ais fós.
"Bíodh a fhios agat nach ag dhéanamh tada a bhí mise
acht ag socrughadh mo chliabháin," ar seisean.
"Céard ar éirigh leat breith air?" ar sise ag
dearcadh air agus ag meangadh gáire.
"Spideoigín," ar seisean, "droch --." Bhí sé ag
dul a rádh "droch-rath uirri," acht níor dhubhairt.
"Ar bhain tú an t-iorball aisti?"
"Bhain — bhaineas," ar seisean. Níor bh'fhéidir leis
a shéanadh 'na láthair leis an meas agus leis an gcion
a bhí aige uirri agus leis an bhfaitchíos a bhí aige roimpi
san am céadna.
"Á, a Thomáisín, nár dhubhairt mé leat gan sin a
dhéanamh? Ní thógfainn ort chomh mór na loin
dhubha a mharbhadh mar go dtig linn a n-ithe dhúinn féin,
acht an spideoigín bhocht a thagas isteach 'na tighe
chugainn go minic — an t-éinín lághach carthanach a
ghrádhuigheas gach duine — is mór an náire dhuit a
léithid de bhail a chur uirri."
"Ba hé sin an tríomhadh huair aici indiu ag leagan
mo chliabháin," ar seiseam, "agus cé'n dochar a dhéanfas
a cómhairleachan di? Nach amhlaidh a rinneadh le
Uaitéar Ó Corcoráin nuair a baineadh stiall dá
chóta dhe anuas?"
Báille do b'eadh Ó Corcoráin ar cuireadh droch-
bhail air sa gceanntar sgathamh roimhe sin agus b'éigin di
tosughadh ag gáire nuair a cuireadh i gcuimhne di é.
Suidheann Tomáisín síos ar stól i n-aice na
teineadh sásta go leor. Ní raibh tada ar a aire acht
freastal d'aon duine a bhuailfeadh isteach sa siopa, agus
ó bhí muinntir an bhaile bunáite go léir ag an bfaois-
dean ní mórán a bhí aige le déanamh. Rug sé ar an
tlúth agus dheasuigh suas an teine agus níorbh, fhada go raibh
lasair bhreágh shoillseach uirri.
"A Nóra," ar seisean, ag dearcadh ar éanadán a
bhí crochta ar an mballa, "sílim gur geárr go mbéidh
an fhínseog sáthach socair anois le haghaidh Eibhlín. Tá
sí ag tosughadh ar an tseinnm cheana."
"Nárbh 'in é an sean-ghleoiseach a thosuigh ag seinnm
an uair sin?" ar sise.
"Go deimhin níorbh'é, acht an fhínseog. Measann
tú nach mbeadh 'fhios agam thar a chéile a gcuid
ceoil? Dearc amach ar an gcrann — an ghéag íochtair
ar thaobh na láimhe deise — agus feicfir ceárd a chuir ag
seinnm í. Ná leig do cheann i leath-taobh mar sin.
Fan agus iompóchad an chathaoir dhuit."
Rinne, agus annsin thasbáin di dhá éan ar an gcrann.
"An bhfeiceann tú na sgiatháin dheasa órdha atá
orra?" ar seisean.
"Ó, nach áluinn iad!" ar sise, le aoibhneas.
"D'féadfainn breith orra sin anois dá n-ogróchainn
é" ar seisean, "le cnaipíbh dubha acht ó nach dtas-
duigheann siad uaim ní chuirfidh mé chuca ná tharta.
Bhéarfaidh mé an t-éan atá agam go dtí Eibhlín indiu
nó i mbárach. Chuir sí fios ar shíol len' aghaidh Dia
Sathairn, acht céard a bhéarfadh an pleota sin "Cosa
Fada" leis acht síol cnáibe, i leabaidh a mheasgadh
tríd an síol a tugtar do na gealbhain bhuidhe mar
horduigheadh dó. Dubhairt Gráinne go mba hé
comhartha a chrochta é."
"An cailín deas í Gráinne, a Thomáisín — bhfuil sí
chomh sgiamhach le Eibhlín?"
"Is fada uaithi amach é. Tá sí chomh ríméadach leis
an bpéacóig. Agus tá 'fhios ag tastáil uaithi i
dtaoibh gach duine. "Cé'n buachaill é sin?" "Tuige
a' mbíonn tú ag cainnt le n-a léithid sin" ar sise le
Eibhlín nuair a chonnaic sí í ag cur caidéis' orm-sa,"
arsa Tomáisín, ag craith a chinn agus ag déanamh aithris'
ar Gráinne.
"Agus céard dubhairt Eibhlín?"
"Dubhairt sí go mba hé Tomáisín Ó Laochdha a bhí
ann agus tuige nach labhaireochadh sí leis?"
"A Thomáisín chroidhe, tachtfaidh an sean-ghleoiseach
bocht é féin ag iarraidh dighe a ól as soitheachaín an
uisge. Níl blas áirde agat air ó fuair tú an
fhínseog le haghaidh Eibhlín."
D'éirigh Tomáisín go tapaidh, sheas suas ar
chathaoir agus líon an soitheach go béal le uisge.
"Agus anois cuir cúpla fód ar chúl na teineadh,
agus rith chuig an tobar i gcoinne lán an túláin d'fhíor-
uisge agus cuir dhá theitheadh é mar dhéanfadh buachaill
maith mar béidh ár máthair sa mbaile gan mhoill."
Lasg le Tomáisín chuig an tobar, acht nuair a
tháinig sé chomh fada leis an gcrann mór a bhí i ngar
do'n tobar, leag sé an túlán uaidh agus suas leis go
ndeachaidh i mbárr an chrainn agus dhearc uaidh ar an
gcliabhán. Thug sé fá deara go raibh sé 'na sheasamh,
agus sgaoil anuas é féin chomh mall le bhfaca tú riamh,
rug ar an túlán agus sguab leis chuig an tobar 'sna
fásgaíbh.
"Á, a shean-ghleoisigh bhoicht," arsa Nóra, agus í ag
dearcadh air ag ól an uisge, "ná bíodh aon fhaitchíos
ort go ndéanfar aon dearmad ort mar gheall ar
an gceoltóir óg d'fhínseoig atá againn. Dhá dheise
dhá bhfuil a chuid sgiathán órdha, agus dhá áilne dhá bhfuil
a chosamhlacht is fearr liom-sa seacht n-uaire do
cheol binn féin ná a dheiseacht agus a áilneacht."
Ní baileach a bhí sin ráidhte aici nuair a bhain an
sean-cheoltóir bocht crathadh as a chuid sgiathán, dhún
a dhá shúil agus thosuigh air ag seinnm chomh binn agus chomh
ceolmhar agus chualaidh tú riamh. Is mór mar chorruigh sé
a croidhe i Nóra bhoicht a bhí annsin 'na suidhe léithi féin
'na cathaoir gan súil go mbeadh sé de bhrígh nó de
spreacamh innti éirghe aisti uaithi féin go dtéidheadh
sí san úir. An cailín bocht, chuir seinnm an cheoltóra
áilneacht agus aoibhneas ar a croidhe mar sin féin, cé go
raibh a fhios, fairíor! ag an gcláiríneach bocht go deo
arís nach mbeadh sí ag spaisteoireacht le n-a cáirdibh
óga thrí pháirceannaibh glasa agus le bruach an tsrúthláin
ag éisteacht le crónán an tsrotha mar bhíodh tráth!
Á, monuar! D'imthigh sin agus tháinig seo! A lae-
theannta croidheamhla bhí imthighthe, agus ní raibh aici anois
acht a bheith ag smaoineadh ar an am nach bhfillfeadh agus
ar an gcoisidheacht nach raibh le fágháil! Go deo arís
ní 'shiubhailfeadh sí leis na bláthanna a bhailiughadh; ceol
binn na fuiseoige go hárd san aer, ní bheadh aici le
cloisint mar bhíodh, nó an smólach ag seinnm de bhárr
an chrainn, nó glaodhach an loin 'duibh sna sgeachaibh!
Á, ní bheadh! — nó glór bog binn na cuaiche ag fuagairt
do'n tsaoghal go raibh an Samhradh ar fágháil! D'éist
sí go haireach agus go fonnmhar go raibh críoch ag an
ngleoiseach bocht ar a chuid ceoil. Acht bhí mo chailín
bocht lán-tsásta le toil Dé a cheap lúd na ngéag a
bhaint di, agus thug míle altughadh agus buidheachas do Rígh na
Glóire ar son a mhaitheasa uile-Chumhachtaigh an fhad 's
bhí ceol an éin ar siubhal.
CAIBIDIL VIII.
MAR THÁINIG AN T-ÁDH AR MNAOI AN
TÁILLIÚRA.
Bhí an túlán ag cur a chraicinn de ar an teinidh
nuair a tháinig Nóra Ní Laochdha ar ais ó'n bhfaoistean.
Bean bhreágh mhór láidir a bhí innti. Bhí a fallaing
uirri, agus a péire miotógaí an lá seo ó thárla dhi a bheith
i láthair na gcomharsan, agus ní aon droch-chosamhlacht a
bhí uirri 'na measg acht an oiread.
Bean a bhí innti a raibh a seacht sáith ar a haire le
fada fada an lá. Bhí an iomarca dúil' ag Pilib, mo
dhuine bocht, san ól, agus is beag reachtmhain nach mbíodh
a shaothrughadh caithte le n-a sgórnach aige i dteach an
ósta. Ní raibh a leath-dhóthain suime 'na ghrathaíbh aige
acht an oiread, agus ár ndóigh, mar sin, d'éirigh go leor
de mhuinntir na háite tuirseach dhe, agus thugadh a gcuid
bréidín do tháilliúiríbh eile nuair a bhíodh baill éadaigh
ag tasdáil uatha. Bhí duine annseo 's annsiúd nár
thréig é, dhá fhadálaighe dhá raibh sé, agus a thugadh rud le
déanamh dhó; acht ní raibh maith dhóibh ag súil go
ndéanfadh sé na cultacha sa mbaile aige féin, agus mar
sin séard a ghnídís a chrochadh leo 'na tighe chuca féin,
agus a choinneál annsin go socamhlach sásta gan easbaidh
bídh ná dighe go mbídís réidh glan aige. Annsin
sgaoiltí a bhaile é go buidheach beannachtach, agus cruth agus
cosamhlacht air nach mbíodh air ag teacht dó. Bhíodh an
bhean ag baint beagáinín brabaigh as a bheith ag
beathughadh éanlaithe le díol. Bhíodh muc aici i gcomhair
an Aonaigh gach bliadhain freisin, agus leis an airgead a
d'fhághadh sí ar an muic b'fhéidir léithi an cíos a íoc leis
an tighearna talmhan mar ghníodh go leor an t-am sin,
agus mar déantar ar an uair seo de ló, fairíor, in go
leor áiteacha ar fud na hÉireann. Acht dhá fheabhas
dár oibrigh an bhean bhocht, ag dul i mbochtaineas 'seadh
bhí sí ó lá go lá, agus bhí an saoghal ag dul chomh cruaidh agus
chomh righte léithi sa deireadh 's nach raibh sí i n-ann
acht bainbhín a cheannach ag Aonach Bhaile an Muilinn
i leabaidh muice mar ba ghnáthach léithi, agus nuair a tháinig
lá an Aonaigh dhá mhéad aire dhá bhfuair an bainbhín, agus
dhá fheabhas d'ár caitheadh leis ní raibh mórán toirt ná
téagair ann, agus ba bheag a frítheadh air.
Acht lá breágh gréine cé bhuailfeadh isteach chuici
acht Brian Ó Bruadair le inseacht di go raibh litir
as Meiriocá dhi i dteach an phosta. Bhí sé thar éis a
bheith ar an tsráid-bhaile, 'na cháirín asail, dubhradh leis
go raibh an litir sa bposta agus tháinig len' inseacht di.
Buaileann Nóra bhocht an fhallaing fá n-a mullach agus
lasg léithi chuig an bposta agus an croidhe ag preabadh
innti ó'n siubhal agus ó'n imnidhe. Chuir an fuadar a
bhí fúithi mór-iongnadh ar na mnáibh comharsan a bhí ag
sliseál san abhainn, agus ní fhaca tú dream ba priaclaighe
ná iad gan fhios a bheith aca cá raibh a triall. Bhí cuid
de na cailíníbh ag ceapadh gur donacht tobann a
tháinig ar an inghin agus gur ag dul fá dhéint an tsagairt
nó an dochtúra a bhí sí; acht níor bh'fhada go dtug
duine aca an cláiríneach bocht fá deara 'na suidhe 'na
cathaoir tuighe mar ba ghnáthach léithi, agus an madadh,
"Sgeolán," 'na shuidhe ar a ghugaide 'na haice. Bhí
'fhios aca annsin nach raibh tada ar an inghin acht a
raibh ag gabhail di cheana.
Nuair a tháinig an mháthair ar ais ó'n bposta níor
dhubhairt tada, acht isteach léithi thar Nóra. Bhain di a
fallaing agus chroch suas ar an mballa í. Shuidh síos 'na
cathaoir, sáthach tugtha sáruighthe ó'n aistear, agus níor
tharraing chuici an litir go raibh Pilib réidh le n-a
léigheadh. Bhí Pilib i gcleitheamhnas a bheith ag freastal
do bhuachaill a cuireadh chuige le dhá bhríste ar theas-
tuigh a ndeasughadh uatha chomh geár 's theastuigh ó
chiomachaíbh aon fhir dá maireann.
"Cé chuir na stiallacha réabtha seo chugam, nó cé
mheasas go bhfuil sé ionnam ciomacha de'n tsaghas sin
a dheasughadh?" arsa Pilib ag crochadh suas na sean-
bhrístí le n-a dhá láimh agus ag cur na súl thríotha ar feadh
tamaill.
"Mac Aindréis," ars' an buachaill.
"Tabhair sgéala chuig Mac Aindréis uaim-se go
ndéanaim éadach agus go ndeasuighim é, acht nach
ndeasuighim a léithidí sin," ars' an táilliúr.
Bhúrláil mo dhuine na brístí stiallta ar a chéile,
chuir fán, asgaill iad agus amach leis.
Tarnuigheann Nóra an litir aníos as a brollach.
Shíl sí go gcualaidh sé 'na taoibh agus níor dhubhairt tada
go ceann sgathaimh. Acht níor thug Pilib fá deara
í agus níor chosamhail leis go raibh aon fhios aige go raibh
an litir aici 'chor ar bith.
"Seo, léigh í seo," ar sise sa deireadh, ag tabhairt
na litre dhó. Chuir Pilib air a chuid spéacláirí,
bhreathnuigh ar an seoladh go grinn, agus dhearc ar an
gclumhdach in gach áit nó go raibh sé sa deireadh cinnte
dearbhtha cé'n áit a d'fhág sí.
"Cuireadh sa bposta i mBoston í, an chéad lá, nó
an ceathramhadh lá de mhí Mheadhoin an Fhoghmhair sa
mbliadhain hocht gcéad déag agus —
"Ara, deagh-sgéal ó Dhia againn — cá bhfios nach ó
Labhrás í?" arsa Nóra, "fosgail í go beo i n-ainm
Dé."
D'fhosgail agus léigh:- "A dheirbhshiúr dhíleas mo
chroidhe —"
"Ó Labhrás, ó Labhrás," ar sise go haoibhneach.
"Tá sé beo beathach fós! míle glóire agus altughadh le
Dia!" ar sise ag baint craith as Pilib a chuir bunáite
ar shlatrachaibh a dhroma ar an urlár é.
"Maise, le hanam do mharbh agus bíodh foighid bheag
agat!" arsa Pilib ag cur a chathaoireach agus a dhroma
le balla ar fhaitchíos go mbainfidhe strachailt eile as.
Bhreathnuigh sé céaróch críoch a bhí leis an litir. "Ó
Labhrás í go dearbhtha," ar seisean. Nuair a d'fhosgail
sé amach an litir thuit páipéirín beag tanaidh aisti amach.
"Deich bpunnt, a Nóra, tá sin innti!" arsa Pilib ag
breathnughadh go grinn ar an bpáipéirín beag.
"Ara, éist! cá bhfuil sé?"
"Beir leat é seo chuig an mbannc ar maidin i
mbáireach, agus gheobhair deich bpunnt air i n-ór buidhe."
"A Philib chroidhe, léigh an litir," arsa Nóra. Tharr-
aing sí chuici stól, agus shuidh síos ar a aghaidh. Thosuigh
ar Philib ag léigheadh go mín réidh socair. Anois agus
arís bhaineadh stad dó agus d'áitigheadh air ag cur síos
ar Mheiriocá agus ar chomh hiongantach 's bhí an tír ag dul
ar aghaidh.
"Meas tú, a Nóra," ar seisean, "cé air ar díoladh
an talamh ar a ndearnadh cathair mhór Chincinnati."
"Maise, cá bhfios dom, a mhic ó," arsa Nóra.
"Ar chapall! dheamhan thumanta smid bhréige ann,
bhí an fear a dhíol é beo beathach an tráth ar sgríobhadh
an leabhar 'na bhfuair mise an t-eolas ina thaoibh."
Bhí an bhean cinnte go raibh an-eolas aige agus d'éisteadh
i gcomhnaidhe go haireach le 'n-a chuid sgéalta nuadh.
"Cuir i dtaisge é sin," ar seisean ag tabhairt an
airgid di.
Chuir, agus annsin d'ollmhuigh rud le n-ithe do'n
inghin — bainne te agus arán, gan focal a labhairt.
"Cheal, nach bhfuilir ag dul chuig an mbannc indiu,
leis an airgead fhágháil air sin?" arsa Pilib ar maidin
lá'r n-a bháireach ag tarraingt chuige páipéir nuaidhe-
acht a thug an máighistir sgoile dhó nuair a bhí sé ag
teacht chuig an sgoil.
"Ara, éist anois, a Philib, agus leig dhom fhéineacht,"
ars' an bhean.
"Ná bí ag déanamh óinsighe dhíot féin anois, acht
buail ort go beo agus béidh mise leat ar an bpointe 's
a mbéidh óráid an Dligheadóra críochnuighthe agam."
An tráthnóna sin bhí an Buailteoir ag tuigheadóir-
eacht ar sgioból Thomáis Uí Ógáin agus thug fá deara
an Táilliúr agus a bhean ag bualadh chuige aníos an cnoc
agus ag déanamh ar an mbaile. Chonnaic sé Nóra ag
bualadh isteach 'sna tighthibh, agus Pilib ag fuireacht léithi
taobh amuigh. Ní raibh 'fhios aige beirthe ná beo, cé'n
fáth í bheith ag bualadh isteach in gach teach mar bhí, agus sa
deireadh thug sé a chúl do'n díon agus a aghaidh ar an
mbaile go mbeadh sí le tabhairt fá deara aige ní
b'fheárr. Thug sé fá deara go raibh an lámh sínte
amach aici mar bheadh ag duine a bheadh ag iarraidh na
déirce. Bhí plód mór daoine leis na sálaibh aici agus
mór-iongnadh agus aoibhneas orra go léir. D'ísligh an
Buailteoir le fios fátha an aoibhnis agus an iongnadh
'fhágháil.
"Maise tuilleadh sonais go raibh ort, a Nóra!
Nach minic adubhairt mé leat go dtiocfadh an t-ádh
go tobann nuair badh lugha a bheadh do shúil leis," arsa
bean Thomáis Uí Ógáin, ag dul amach 'na diaidh ar an
tsráid, agus maide an leite aici 'na láimh 's an ghail
bhruithte as amach.
Sin é an uair a thug an Buailteoir deich bpuinnt
d'ór buidhe fá deara le cúl a chéile ar bhois Nóra agus bhí
'fhios aige annsin cé'n fáth go raibh 'chuile dhuine chomh
geal-gháireach agus chomh luthgháireach, acht amháin duine
nó dhó, ar chosamhail gur mhór leo an oireadh de'n
tsonas a bheith ag Dia le n-a haghaidh thar cheachtar aca
féin
"Is ait an mac an saoghal agus fairíor nach ait í
intinn chuid de na daoinibh!" arsa Maitiu Mór leis
féin nuair a thug sé seo fá deara.
Ar feadh na hoidhche sin iabh ná foras ní dheachaidh
ar an Táilliúr agus ar Nóra acht ag cur chomhairleacha agus
baramhlacha i dteannta 'chéile céard do b'fhearr a
dhéanamh leis an airgead. Chaitheadar ó "thuitim cheo
na hoidhche" go raibh sé ag maidneachan lá'r n-a
bhárach ag chur i n-aghaidh a chéile, Pilib ag rádh gur bó-
bhainne ba cheart dóibh a cheannacht, sin nó arbhar a
cheannacht le díol. Bhí sé ag dearbhughadh go raibh togha
áite aca len' aghaidh ar an lota acht amháin na puill a
bhí san áiléar a dhúnadh.
"Támuid gan sgiúrtóg dá bhárr, mar áiléar," ar
seisean, "ó rinneadh teach na sgoile, acht an t-aon
má's beag nó mór a thug Bríghid Ní Mhurchadha dhuit
an t-am úd ar chruinnigh na daoine beagán le n-a
haghaidh agus a raibh an "Siamsa" ar siubhal aca ann."
Acht ní raibh aon mhaith dhó léithi. Bhí sé leagtha
amach aici céard a déanfaidhe agus ba bheag an áird a bhí
aici ar a chuid cainnte.
"Labhaireochad leis an mBuailteoir i mbáireach, agus
béidh 'fhios aige céard is feárr a fhágháil le caoi agus
cóir a chur ar an teach seo," ar sise.
An lá d'ár gcionn bhí cláir dhá gcur thrí n-a chéile agus
teach an Táilliúra dhá chur i gcaoi 's i gcóir. Cuireadh
fios ar Thomás Ó Céirigh, an siúinéara, agus chaith sé
bunáite seachtmhaine ag déanamh gach ar fheil agus ar
theastuigh ann. Nuair a bhí sin déanta thosuigh orra
ag leagan earraidhe agus mangarae isteach le díol. Bhí
mála mór nine agus gléas-tomhais stáin le tabhairt fá
deara taobh istigh de'n fhuinneoig cúpla lá thar éis sin,
agus bairille mór sgadán líonta go drad taobh amuigh
de'n doras agus maidir le salann is ann a bhí a thabhairt
amach le fágháil. Ó'n lá sin amach d'éirigh an saoghal
go geal le Nóra Ní Laochdha agus bhí ag dul ar aghaidh
chomh maith 's go raibh daoine annseo 's annsiúd ag rádh
go raibh "lámh isteach aici féin 's ag Pilib leis na
daoinibh maithe." Bhí cuid de na comharsanaibh ag rádh
gur faoi leic an teallaigh a fuaireadar ciste óir, agus
bhí sé i gceist ag daoinibh annseo 's annsiúd go bhfuair
Pilib leith-phighinn mheirgeach fá'n teallach "bliadhain an
tsneachta mhóir", leith-phighinn ó aimsir an Dara Séamuis.
Ceapadh dá ríribh píre gurbh 'in í leith-phighinn an
tsonais agus ní chreidfidhe ó'n saoghal ó leathnuigh an
sgéal nach ciste a fuaireadar.
CAIBIDIL IX.
UILLIAM Ó hITHFARNÁIN agus A FÍDEOG.
Chuaidh Nóra Ní Laochdha ar aghaidh sa Saoghal ceart
go leor ó bhí sé d'ádh uirri "airgead Mheiriocá" 'fhágháil,
agus bhí sin de chosamhlacht uirri an mhaidin seo ar fhilleadh
a bhaile dhi ó'n bhfaoistean. Ar theacht isteach dhi chuaidh
síos go dtí an inghean bhocht sa gclúid.
"Cé'n chaoi 'bhfuil tú indiu, a leinbh mo chroidhe?"
ar sise ag cromadh síos agus ag dearcadh isteach san
éadan ar Nóra.
"Ó, táim ceart go leor," ar sise ag meangadh
gáire, "bhfuil an sagart le theacht?"
"Tá, go deimhin — an tAthair Mac Mathghamhna é
féin, Dia 'ghá chumhdach! Bhí sé ag teastáil thoir ar an
mBóthar Beag acht chomh luath 's dubhras leis go mbadh
mhaith leat a dhul ar faoistean chuige féin chuir sé an
tAthair Ó Néill soir ann 'na leabaidh."
"Meas tú céard tá agam le d'aghaidh, a stóir," ar
sise leis an inghin.
"Maise, cá bhfios dom, a mháthair?" ar sise.
"Seachadadh Nodlag ó Mháire Ní Cheithearnaigh," ars'
an mháthair ag tasbáint péire sgiorran-bhróg greanta
dhi a bhí rígh-dheas ar fad agus 'ghá gcur uirri. Focal níor
fhan ag an inghin bhoicht le neart a raibh de bhuidheachas
aici ar Mháire Ní Cheithearnaigh ar son an bhronntanais
agus chorruigh a carthanas an croidhe innti chomh mór 's go
dtáinig na frasa deor ó na súilibh.
"Ó, a mháthair, nach lághach agus nach carthanach í, agus nach hí
tá go maith dhom?" ar sí ag pléasgadh ag gol.
"Céard tá uirri anois 'riú?" arsa Pilib ag rith
isteach ó dhoras an tsiopa 'n áit a raibh sé ag coinneál
chómhráidh leis an mBuailteoir agus ag gealladh go
dearbhtha nach gclisfeadh sé air gan na baill a theas-
duigh uaidh a bheith réidh aige i n-am.
D'innis an mháthair dhó, agus bhí an t-athair ag gabháil di
gur stad sí de'n ghol sa deireadh. "Déanfaidh sé
maith dhom," ars an cailín bocht ag suidhe síos 'na
cathaoir.
"B'fhéidir le Dia go ndéanfadh, a mhúirnín," ars an
mháthair. "Maise mh'anam, a stóir, gur innis sí dhom
go mbeadh an Dochtúir Ó Cadhlaigh ar cuairt an
tseachtmhain seo chugainn agus tá sí le n-a thabhairt
chugainn go bhfeicidh sé thú, agus cá bhfios le Dia nach
n-éireochadh leis maith eicínt a dhéanamh dhuit — agus anois
nach bhfuil sé chomh maith agam an chéad-phroinn a
ollmhughadh?" ar sise.
"Suidh síos 'na haice ar an gcathaoir sin, a
Philib, agus bí ag cainnt léithi, agus innis di gach ar
dhubhairt an tAthair Ó hAnnagáin. Maise, nach barr-
amhail an duine é, míle buidheachas le Dia, ní túisge
duine ag gáire aige ná ag gol go minic. Maise, nach
mairg gan Uilliam Ó hIthfearnáin againn le ceol a
sheinnm di a thógfadh a croidhe roinnt! Ara, cé seo
ag teacht chor ar bith? Dar a bhfuil de ghabhair i
gCiarraidhe agus seo chugainn é! Maise, leag annseo í, a
Uilliaim! Suidh síos sa gcúinne agus Dia go gcuiridh rath
ort, agus seinn fonn nó dhó dhi. Bhí mo chailín bocht chomh
huaigneach le bhfaca tú riamh ar feadh na maidne gan
duine ná deoraidhe 'na cuideacht acht Tomáisín agus
"Sgeolán," agus mh'anam go bhfuil 'fhios agam go maith
gur mór a thógfadh an ceol a croidhe. Ara, le hanam
do mharbh agus déan, a Uilliaim!"
Shuidh an ceoltóir síos agus chuir deis seinnm' air féin,
agus chuir a shean-fhídeog i gcaoi 's i gcomhair. B'fheárr
le Nóra bhoicht an fhídeog go mór ná an fheadóg, agus bhí a
fhios sin ag mo cheoltóir, agus meas tú céard a rinne sé
aon uair amháin acht a dhul agus ualach mór móna a dhíol
le go bhféadfadh sé fídeog a cheannacht a shásóchadh í!
Bhí an ceoltóir ag seinnm sean-fhuinn Ghaedhealaigh
ar a lán-dícheall — fonn roinnt cráidhte brónach a bhí
ann, agus bhí 'fhios ag an máthair cé mar ghoillfeadh a
léithid ar an inghin bhoicht, agus dubhairt le Uilliam go
mb'fheárr dhó fonn éadtrom aerach eicínt a sheinnm.
Ara maise, mo léan géar, nár gheárr an mhoill air
an t-athrughadh a dhéanamh! Le iompughadh do bhoise bhí sé
ag seinnm puirt Ghaedhealagh chomh tréan i nÉirinn 's
b'fhéidir leis é — port a bhainfeadh rinnce gan bhuidhea-
chas asat, agus a chuirfeadh áilneacht agus éadtruimeacht ar
chroidhe aon Ghaedhil indiu nó an uair sin.
Níor hairigheadh gur bhuail an tAthair Mac Mathghamhna
isteach orra go tobann agus an ceoltóir ag seinnm
"Páidín Ó Raithbheartaigh" dhóibh ar chroidhe a dhíchill.
Bhí sé istigh sgathamh sul bhí 'fhios ag ceachtar aca é le
neart a raibh de shuim aca sa gceol.
"Agus tá tú ag seinnm do Nóra, a Uilliaim," ars'
an sagart. "Is maith liom sin, is maith liom sin go
deimhin. Nár lagaidh Dia thú! Tá súil agam go
mbéidh sí i riocht a dhul chuig an Aifreann go luath," ar
seisean ag leagan a láimhe go héadtrom ar a ceann.
"Badh mhaith liom go gcloisfeadh sí an ceol sa Séipéal,
acht lean leat, a Uilliaim, agus ná sguir de'n cheol. Sin
fonn a thaithnigheas liom thar cionn "Páidín Ó
Raithbheartaigh" agus oibrigh ort leis arís."
D'oibrigh, agus bhí an sagart lán-tsásta le n-a chuid
seinnm, agus mhol go mór é sul d'fhág sé an teach.
Nuair a bhí an ceoltóir imthighthe thosuigh ar an sagart
ag cainnt le Pilib.
"Nach geárr an chuimhne a bhí agat ar an ngealladh
a thug tú dhom tá sgathamh ó shoin ann, a Philib?" ar
seisean. "Nár gheall tú dhom deor nach rachadh ar
do bhéal go ceann fada an lá, agus hinnsigheadh dhom go
raibh ól déanta agat 'na dhiaidh sin 's uilig ar an
aonach Diardaoin seo caithte!"
"Agus dubhradh leat go raibh ól déanta agam ar
an aonach?"
"Dubhradh."
"Agus ar mhisde dhom a fhiafrughadh dhíot cé dubhairt
leat é?"
"Ó, níl aon ialach orm sin a innseacht duit-se, acht
is duine é nach n-inseochadh bréag dhom."
"Agus dubhairt duine nach ndéanfadh bréag leat
go raibh Pilib Ó Laochdha ar an aonach Diardaoin agus go
raibh Pilib Ó Laochdha ar meisge?"
"Dubhairt," ars' an sagart.
"Agus cuirfidh mise cnaipe leat nár inis an duine
dhuit a dubhairt go raibh Pilib Ó Laochdha ar meisge ar
an aonach, gur cheannuigh Pilib Ó Laochdha dhá mhuic?"
"Níor thrácht sé air sin chor ar bith," ars' an sagart.
"Rachaidh mise im' bhannaíbh nár thrácht: mar do'n
diabhal blas a d'innseochas na daoine seo dhuit a bhfuil
an tsuim sin agat 'na gcuid cainnte, acht an droch-
rud!"
Bhí fhios ag an sagart nach raibh maith dhó leis agus níor
dhubhairt níos mó acht leig air féin nach raibh go ró-
shásta dhe chor ar bith.
"Sílim anois go mb'fheárr dhom faoistean Nóra
'éisteacht," ar seisean leis an máthair.
D'fhág an mháthair agus Pilib an chisteanach fá'n sagart
agus fá Nóra. Chuir an sagart an stil fá n-a mhuineál,
agus thosuigh ir an bhfaoistean 'éisteacht.
"Maise anois, a Philib," ars' an bhean nuair a bhí an
sagart imthighthe, "nár bhfeárr dhuit tosughadh agus ádhbhar
an chóta sin a ghearradh le haghaidh An Bhuailteora?
Badh mhór an truagh shaoghalta cliseadh air agus é ag
teastáil uaidh nuair a bhéas sé ag dul le seasamh leis
an mbuachaill groidheamhail eile lá a phósta."
"Ní baoghal dom-sa cliseadh air," 'arsa Pilib, "acht
tá an oiread lagair ag gabháil dom indiu 's nach
bhfuil ionnam tada a dhéanamh. Sílim go sínfead ar
an leabaidh go ceann tamaill."
"Mara gceapann tú go bhféadfá aon smeach oibre
a dhéanamh, tuige nach mbuaileann tú amach fa'n aer
dhuit féin agus, sgathamh a chaitheamh ag spaisdeoireacht agus
déanfaidh sé maith dhuit."?
"Níl sé ionnam, tada a dhéanamh nuair a thigeas an
lagar so orm," ar seisean, agus b'air féin a bhí
cosamhlacht an lagair, leis an fhírinne a rádh, agus is beag
duine a d'fheicfeadh é a cheapfadh gur leag sé ar a
chéad-phroinn chomh sásamhail slachtmhar 's rinne an
mhaidin sin!
"Beir chugam an sgathán go ndearcad 'san éadan
orm féin, a Thomáisín, a mhic," ar seisean.
Thug an mac an sgathán chuige — sgathán beag dearg agus
fáinne ann le n-a chrochadh suas. Dhearc Pilib, air
féin ar feadh tamaill.
"Á, a Nóra, tá cosamhlacht an tinnis orm," ar
seisean.
"Ara, Dia go dtugaidh ciall duit agus ná bí ag
déanamh amadáin díot féin! Ní fhacha mé cosamhlacht
chomh maith ort, bail ó Dhia 's ó Mhuire 's ó dhaoinibh
ort! ó'n gcéad lá riamh ar leag mé súil ort.
Fiafruigh de Nóra é, mar'n fíor dhom é."
"Ara, mh'anam nach bhfuil aon droch-chosamhlacht ort
chor ar bith, a athair," arsa Nóra.
"Táim an-lag," ar seisean ag tabhairt thob' ar
éirghe 'na sheasamh, acht leig air féin nach bhféadfadh a
dhéanamh mara gcuideochaidhe leis.
"Maise, dearóil aosta príosta! céard a dhéanfas
mé leis chor ar bith?" ars' an bhean léithi féin.
"Má éirigheann leis luighe aon uair amháin sin ní
fhágfaidh sé go Domhnach ar chuma 'r bith. Agus tá
leisg orm fios a chur ar Máire Ní Cheithearnaigh lá an
fhaoisdin 's uile, agus 'na theannta sin ó tá duine uasal
óg ar cuairt aca ní maith liom sgéala a chur chuici."
Ní raibh aon duine ann a bhí i n-ann Pilib a leigheas
go héasgaidh acht Máire, agus nuair ba laige é, chuirthí
fios i ngan fhios dó uirri i gcomhnaidhe agus bhíodh sí ag
gabháil dó le cainnt 's cómhrádh i dtaoibh "Taragair-
eacht Chuilm Cille" nó rud eicínt 'na mbíodh an-
tsuim aige nó nach bhfanfadh steamar air. B'iongantach
uaithi a leigheas, agus an lá a dtigeadh sí ar cuairt chuig
an Táilliúr mar so, an teach ní fhágadh go mbíodh gach
tinneas 's lagar ruaigthe, agus Pilib sásta leis féin gur
ag ceapadh é bheith lag a bhíodh sé i leabaidh a bheith tinn
dó.
"Sílim, a Nóra, go dteastuigheann biotáille de
shugh na giúise indiu uaim. Tá 'n phian bhradach seo ag
gabháil dom go holc," ar seisean.
Bhí 'fhios ag Nóra anois nach raibh leigheas i ndán dó
acht fios a chur ar Máire, agus mar sin thug cogar do
Thomáisín a dhul agus iarraidh uirri cuairt a thabhairt orra
i rith an lae dá mb'fhéidir léithi é chor ar bith, agus lasg le
Tomáisín le sin a rádh léithi chomh tréan 's b'fhéidir
leis é.
CAIBIDIL X.
MAR THEASTUIGH "BEATHUGHADH" Ó'N TÁILLIÚR
Níorbh' fhada thar éis sin go dtáinig Mháire agus a
deirbhshiúr Eibhlín agus Gráinne 'na cuideachta. Is beag
a cheapfadh agus chomh héasgaidh 's d'éirigh Pilib as a
chathaoir nuair thángadar isteach go raibh an lagar air
ar ar thrácht sé sgathamh roimhe sin.
Tháinig Máire anall chuig Nóra bhoicht agus d'fhiafruigh
dhi cé mar bhí sí. Ní gábhadh a rádh cé'n t-áthas agus
aoibhneas croidhe a bhí ar an gcláiríneach bocht an
móiméad sin, nuair a bhí an óig-bhean aoibhinn
áluinn, Máire Ní Cheithearnaigh, 'na haice — an óig-
bhean a bhí chomh ceanamhail uirri agus i gcomhnaidhe chomh
maith dhi.
"Tá súil agam go bhfuil tú níos fearr indiu ná
mar bhí tú" arsa Máire.
"Táim i bhfad níos fearr, slán an té fhiafruigheas,"
ars' an cailín bocht.
Bhí Eibhlín sa láthair agus thug dhi rósa a bhí aici le n-a
haghaidh agus chuir isteach 'na glaic iad.
Níor chosamhail le Gráinne go raibh aon tsuim aici i
dtada dá raibh sa teach agus ní raibh 'fhios aici cad chuige
nach mbheadh Máire agus Eibhlín ar aon intinn léithi. Acht
nuair a b'fhéidir léithi ceann-aghaidh bhán-ghnéathach
chaithte chlaoidhte Nóra thabhairt fá deara d'éirigh
truagh mhór aici dhi. Chuaidh sé uirri chomh mór 's nár
mhaith léithi an dara hamharc a fhágháil uirri. Níorbh'
ionann 's Máire agus Eibhlín nár chorruigh uaithi. D'iom-
puigh Máire thairti le tosuigh ag cainnt le Pilib agus
níor thúisge d'iompuigh 'ná tháinig an lagar go tobann
ar Philib agus leig siar go fann lag 'na chathaoir é féin
agus cor ná car níor fhan in mo dhuine bocht.
Ar an bpointe 's a bhfuair Máire aon amharc amháin
ar a mhnaoi bhí 'fhios aici go maith nach raibh air acht
ealadhain agus bhí 'fhios aici go maith annsin cé mar
b'fhearr a ghabháil dó.
"Ara, a stóir, mh'anam péin go bhfuil sé sáthach
suarach indiu," ars' an bhean. "B'fhéidir go bhféadfá
fanacht sgathamh beag agus suidhe síos le tamall cómhráidh
a bheith agaibh le chéile. Tá mé cinnte gur mór an
mhaith a dhéanfadh sin dó."
"Tá súil le Dia agam nach mbéidh dochar ann, a Philib.
Facthas dom go raibh cosamhlacht ort a bheith i dtogha
na sláinte ar maidin indiu agus dubhairt an tAthair Mac
Mathghamhna an rud céadna."
"Beathughadh a theastuigheas uaim, a dheirbhshiúr mo
chroidhe thú," arsa Pilib, "ní tada eile atá ag
gabháil dom acht gan an caitheamh ceart a bheith dhá
dhéanamh liom — ó's dá inseacht duit é."
"Tuige sin," arsa Máire 'na hintinn féin agus ag
tabhairt amhairc ar a mhnaoi. Chraith sise an ceann agus
smid níor labhair.
"B'fhéidir go bhféadfainn-se rud eicínt a chur
chugat," arsa Máire, "deireann sé, a Nóra gur
beathughadh a theastuigheas uaidh."
"Sin é a theastuigheas uaim go dearbhtha," arsa
Pilib.
Chuir seo iongantas mór ar Mháire. Ní raibh 'fhios aici
cé'n fáth a bhféadfadh a leithéid a bheith aige le rádh.
Bhí 'fhios ag Nóra nár thuig Máire an sgéal i gceart
dá fheabhas dár fhéach sí le leid a thabhairt di i dtaoibh
gleacaidheachta Philib.
"A Mháire, go bhfóiridh Dia ort, a inghean ó, nach
bhfuil 'fhios agat go rígh-mhaith cé'n beathughadh a theas-
tuigheas uaidh! Beathughadh! Ara, Mháire, a stóir,
'ar ndóigh níor thug sé "beathughadh" riamh acht ar an
t-aon rud — an rud nach bhfuil biadh ná beatha aige le
fágháil ann."
Thuig Máire an sgéal i gceart anois agus ba
bheag an mhoill uirri rud eicínt eile a tharraingt chuici
a thug ádhbhar cainnte dhó.
"D'iarrais cóip de "Lalla Rúc" orm tá sgathamh ó
shoin ann, a Pilib, agus dheamhan a raibh agam le d'aghaidh
dhe, acht tá sé agam le tabhairt duit anois an chéad
lá a gcasfar isteach thú," ar sise.
"Míle maith go raibh agat, a óig-bhean. Tá sé suas
's anuas le fiche bliadhain anois ó léigheas é agus badh
mhaith liom é 'bheith agam. 'Séard a chuir i gcuimhne
dhom é ceathramha a léigh mé an lá fá dheireadh a bhí
i n-óráid an Dligheadóra agus bhí 'fhios agam gur léigheas
cheana na focla céadna i leabhar eicínt. An cuimhneach
leat an cheathramha so:
"Éirghe 'mach i dtíorthaibh, d'fhág cráidhte móran
daoine,
'S a d'fhág go minic claoidhte faoi léan agus faoi chrádh,
Tíortha a mbíodh a ndaoine ag troid ar son a
saoirse,
'S nach mbíodh dá chéile dílis, céad faríor, lá an
ghábhaidh."
"Is mór é mo dhearmad nó tá an cheathrama sin le
fágháil i "Lalla Rúc," arsa Pilib.
"Ó, creidim go bhfuil," arsa Máire, ag meangadh.
"Níl, go deimhin. San dán darab ainm "Lucht
Ádhruighthe na Teineadh" atá an cheathramadh sin," arsa
Gráinne.
"Maise, mh'anam go gcreidim gur fíor dhuit é,"
arsa Pilib fá iongnadh.
"Acht," ar seisean le Mháire, "an é an ceann fíor-
cheart atá agat, meas tú?"
"Ó, creidim gurab é," arsa Máire.
"Ba hé d'oncail Domhnall, trócaire na ngrás dá
anam! a thug dhom iasacht an chinn a léigh mé, agus mh'anam
go gcuireann sin i gcuimhne dhom anois gurbh' in é an
lá ceanann céadna a dtug sé an "Carabhat" dom. Is
mé an chéad duine riamh a ghabh é timcheall na mbólaí
seo. Acht biorán ní thiubhrainn ar na "Lalla Rúca"
beaga suaracha atá le fágháil anois. Leabhar an-mhór
a bhí sa gceann a bhí agam-sa."
Dubhairt Máire gurbh' olc léithi gur ceann de na
ceannaibh beaga bídeacha a bhí aici féin, acht gheall sí
go dtiubhradh sí chuige an ceann mór dá dtiocfadh
léithi a fhágháil imeasg leabhra a dearbhráthar.
Bhí Pilib leigheasta anois agus mar sin d'éirigh
Máire 'na seasamh le h-imtheacht. Acht níor imthigh sí
gan míle slán fhágáil ag an inghin bhoicht a bhí go faon
lag sa gclúid.
Ní rabhadar abhfad ó'n teach nuair a tháinig Nóra Ní
Laochdha suas leo le miotógaibh Eibhlín, a dhearmad sí
ag imtheacht di.
"Á maise, a Mháire chroidhe," ar sise, "nach ag Dia
a bhí sé le haghaidh mo Nóirín, míle glóire agus moladh
Leis féin! Nach hi atá ag tabhairt gach sonais 'na
tighe chugam!" ar sise agus na deora 'na súilibh, an bhean
bhocht.
Sul bhí sé d'am ag Máire labhairt, bhí Tomáisín sa
láthair, agus gan puth aige thar éis an tseársa a bhí tugtha
aige 'na ndiaidh ó'n teach.
"Tá súil agam go bhfuil Tomáisín 'na bhuachaill
mhaith," arsa Máire leis an máthair.
"Tá sé 'na bhuachaill mhaith go deimhin, a Mháire, agus
thar cionn leis na leabhraibh," ar sise, ag cuimilt a
súl, "acht tá an clampar air leis an gcaoi a mbíonn
sé ag strapadóireacht ar na croinntibh sin. Marach
sin, dheamhan a mbeadh de locht ag a mháthair air."
Dhearc Eibhlín go meangamhail ar an strapadóir,
acht ní dheárnaidh mo dhuine acht tosuigh ag sgríobadh a
mhullaigh, bhain crathadh as a ghuailnibh agus thosuigh ag
meangadh gáire.
"Ó thárla chomh maith sin é, ná bí ró-chruaidh air
anois. Go bhfágaidh Dia aige an croidh agus an misneach,
an? buachaill bán," arsa Máire.
"Acht grásta Dé, ní bheadh 'fhios agat cé'n chaoi nach
ndéantar sprúdhánaí dhe go minic agus na contabhairtí
'na mbíonn sé. Agus mo cheann finne ní choinneochadh
a chuid éadaigh deasuighthe. Ara, féach an bhail atá ar
a bhríste ag an mbuachaill báire! Ara, cé'n chaoi ar
baineadh an píosa sin as amach, nó cá bhfuil sé 'chor ar
bith?"
Bhí craiceann mo dhuine bhoicht leis, agus an bríste
stiallta taobh thiar.
'Sé bhí go smaointeach ar an bpointe agus b'fhurusta
aithne air go raibh sé ag iarraidh cuimhniughadh cár
stialladh é. Ní raibh sé cinnte ar dtús ar ag geata
Tomáis Uí Ógáin, nó i bhfál sgeiche an Bhuailteora a
d'éirigh sé dhó, acht níor bh'fhada ag machtnamh é gur
árduigh sé na súile agus dhearc uaidh suas ar chrann mór
árd a bhí i n-aice leo. Le iompódh do bhoise baineann
sé as 'sna fásgaíbh go dtí an crann, agus suas leis mar
dhéanfadh easóg go ndeachaidh go bárr. Ní fhaca aon
fhear dá maireann aon ndaoine ar mhó a n-iongnadh 'na
iad so a bhí ar an talamh ag dearcadh 'na dhiaidh, agus shíl
an mháthair bhocht go raibh a chnaipe déanta anois
seachas riamh. Níor chosmhail go raibh aon iongantas
mór ar Eibhlín agus 'tuige a mbeadh? — nach iomdha ubh éin
a thug sé chuici as bárr na gcrann le fada, mar a
léithid ag cailleadh neadracha níor cruthuigheadh. Bhí
Gráinne ag cur na súl thríd go ndeachaidh sé go bárr.
Ar shroichint chinn de na géagaibh a b'áirde dó, sín-
eann sé amach a lámh agus chonnacadar go léir é ag breith
chuige ar an méid de'n bhríste a bhí d'easbaidh air
agus ghá chur i n-aer go bródamhail. Síos leis san
bpóca annsin, agus mara ndeárnaidh sé an 'bealach
anuas trí na géagaibh go tapaidh aicilidhe, ní lá go
maidin é. Go deimhin níor fhéad Máire Ní Cheatharnaigh
fulaingt a bheith ag breathnughadh air leis an bhfait-
chíos a bhí uirri 'na thaobh. Acht níor ghábhadh faitchís
dho'n óig-bhruinnill. Ar an bpointe 's a bhfuair sé na
bonnacha ar an talamh bhain sé as a bhaile agus d'fhág
annsin iad.
D'fhág Máire slán ag Nóra Ní Laochdha, agus suas léithi
an t-árdán le cuairt a thabhairt ar inghin Tomáis Uí
Ógáin. Bhí an inghean so agus Éamonn Ó Broithe luaidhte
le chéile le sgathamh agus é i gceist go rabhadar le
pósadh go luath. Ní iongnadh, ár ndóigh, cailín óg ar
bith a bhfuil an brat-pósta le dhul uirthi go luath a
bheith roinnt imnidheach, agus b'é sin fhearacht ag inghin
aoibhinn Mhic Uí Ógáin é.
CAIBIDIL XI.
SEANMÓIR AN ATHAR UÍ ANNAGÁIN.
Bhí an tAifreann bunáite thart nuair a tháinig
Riocard agus Mac Uí Luaithe ar ais ó n-a gcuid siubhal-
óide. Bhí mo Riocard breagh sásta in' intinn, má
chaill sé an tAifreann féin, nach raibh aon neart aige
air, mar go mb'éigin dó an t-aistear a thabhairt.
'Bhí dhá chathaoir socruighthe le balla san halla agus
bórd feistighthe go daingean 'na mullach a rinne cúis
mar altóir.
Chuir an chosamhlacht chráibhtheach a bhí ar lucht an
fhaoistin iongnadh mór ar Mhac Uí Luaithe. Bhí an
halla agus an chisteanach líonta le daoinibh, agus tuilleadh
taobh amuigh de'n doras íslighthe ar a gcuid glúine,
ag guidhe go cráibhtheach faoi ghaoith fhuair an tseaca.
Ba hé Aodh Ó Ceithearnaigh a d'fhriotháil an tAifreann,
agus bhí Pilib gnóthach Ó Laochdha, ár ndóigh, sa láthair ag
cuidiughadh leis.
Isteach le Riocard agus le Mac Uí Luaithe thrí na
daoine agus thug an párlús orra féin. Bhí an tAthair
Ó Néill ann rómpa, agus gan críochnuighthe aige fós le
éisteacht an fhaoistin.
Shuidh Hannraoi ag an bhfuinneoig ba ghoire do'n
doras, agus as seo b'fhéidir leis an altóir agus an tAthair
Ó hAnnagáin a fheiceál san halla. Bhí aithmhéala mór
air faoi go raibh an tseanmóir caillte aige agus a raibh
d'fhonn air a cloisint, acht bhí, an sagart ag baint
culaith an Aifrinn de thar éis an Aifrinn a chríochnughadh
agus ní raibh neart air. Thugadh an tAthair Ó hAnnagáin
a sheanmóir uaidh i gcomhnaidhe thar éis an chéad
tsoisgéil mar is gnáthach, acht ba ghnáthach leis, freisin,
labhairt go críonna céillidhe leis na daoinibh sul
sgaipidís, agus a gcomhairliughadh i dtaobh a lán neithe ag
baint le grathaibh mhuinntir an pharáiste.
"Céard so anois a bhí agam 'ghá rádh libh?" ar
seisean, nuair a bhí culaith an Aifrinn bainte dhe aige.
"Seadh, seadh — i dtaobh na mónadh," ar seisean,
thar éis a bheith ag machtnamh tamall. "Anois, i n-ainm
Dé, sguiridh de ghoid na mónadh. Ar ndóigh," ar
seisean, "caithfidh an té nach bhfuil sí dá chuid
fhéin aige a goid a léithid seo d'aimsir, acht marach
go bhfuil 'fhios agaibh nac bhfuil sé ceart ná dlis-
teanach i láthair Dé ní bheadh sibh ghá inseacht do'n
tsagart. Tá cuid agaibh agus is dóigh libh gur mó an
náire dhíbh a hiarraidh 'ná a goid. Anois, ná bíodh sin
de dhalladh-mullóg oraibh níos fuide. Is beag fear
a bhfuil coinsias ann a d'eiteochadh cliabh mónadh a
thabhairt dhíbh aimsir chaillte mar í seo. Níl sé beo
an té a d'fhéadfadh maireachtáil gan teine a léithid
d'aimsir, agus cá bhfuil an té a d'fhéadfadh fulaingt le
bheith ag breathnughadh ar mhuirighin bhoicht ag creathadh
leis an bhfuacht agus stiúcuighthe leis an ocras? Is minic
an t-athair bocht toilteanach aon obair a dhéanamh
ar a son, acht ní féidir leis a fágháil, agus nach deacair
a thóigeál air má ghníonn sé rud as bealach le
n-a mhuirghin bhocht a chothughadh? Tá 'fhios ag gach duine
annso gur olc an rud an chneamhaireacht agus feasta i
n-ainm Dé má bhíonn ceachtar agaibh i gcáll
nó i nganntanas tigidh agus cuiridh bhur sgéal i
gcéill do'n tsagart agus déanfar dhíbh chomh
maith 's féidir é. Acht ná buailidh fá chuid na
comharsan. Is breágh an rud meas a bheith ag duine
air féin — mara bhfuil sé agat ort féin 'ní bhéidh sé
ag duine ar bith eile ort, agus is minic riamh a choinnigh
sé fear ó dhéanamh an droch-ghnímh. Is breágh an rud
freisin croidhe agus spioraid a bheith ag duine, acht creid'
mise nach bhfuil aon rud chomh maith leis an gcneastnacht.
Agus ní hé a bheith bocht do dhuine an fáth gur chóir dó
náire a bheith air, nó gan meas a bheith aige air féin, an lá
nach é féin is cionntach le n-a bhoichteanacht. Mar sin
anois in-ainm Dé, sguirtear feasta de ghoid na mónadh."
Sguir sé de'n chainnt annsin, agus shíl Pilib Ó
Laochdha go raibh an tseanmóir críochnuighthe agus anall
leis leis an uisge coisrig, acht thosuigh ar an
sagart leis an gcainnt arís. "Anois, tá focal
nó dhó eile agam le rádh i dtaobh an fhiadhaigh
a bhíos ar siubhal sa bparáiste. Tá an tAthair
Ó Néill in' aghaidh, agus deireann gur mór an náire sibh
a bheith le feiceál ag imtheacht mar bhíos sibh gach
Dómhnach le nbhur ngadhair ag sguabadh thar fháltaibh
agus thar chlaidheachaibh, i mbárr bhur n-anama. Is deacair
dhom féin a rádh an i n-aghaidh a bheith ag fiadhach atá mé
nó 'na thaoibh. Níl aon lá grinn agaibh acht an Domhnach,
agus mara gcuiridh an fiadhach an tAifreann as dhíbh ní
chuirfead i n-aghaidh na ngadhar mar an tAthair Ó Néill.
Ní misde leis na haithreachaibh acht an oiread, do
réir mar chloisim, gadhar nó dhó a bheith ag a gclainn
mhac. Mar sin má théidheann sibh ag fiadhach thar éis an
Aifrinn, focal mo bhéil ní chuirfidh mé in' aghaidh, mar nach
gceapaim go mbéidh aon dochar mór ann. Deirtear
liom, freisin, nach bhfuil uaisle na háite — nó an chuid
dhíobh atá uasal a bhí fúm a rádh — i n-aghaidh sibh a bheith
ag fiadhach ó thárla nach mbacann sibh leis na girr-
fhiadhchaibh.
"Anois, a bhuachaillí, caithfidh mé labhairt libh i
dtaoibh an bhualadh báire. Tá 'fhios agaibh go léir
gurab iomdha achrann agus clampar a thagas dá bharr,
agus má's libh meas a bheith ag gach duine oraibh
mar tá, ná cuiridh aon achrann ar bun feasta ar
pháirc an bhuailte mar rinne sibh an uair fá dheire.
Tuillfidh an t-achrann náire shaoghalta dhíbh féin agus
do'n cheanntar. Tá cáile bhuachaillí Chnoc na
nGabha ar fud na tíre le croidhe, spioraid, agus
measamhlacht agus i n-ainm Dé coinnighidh an deagh-cháil
sin dhíbh féin. 'Séard dubhairt Domhnall Ó Conaill
féin nár leag sé súil riamh ar aon sgata fear ba
bhreághtha 'ná sibh, agus ba mhór an moladh a fuair sibh uaidh
Fairíor, tá cuid de na buachaillíbh a b'fhearr sa
bparáiste imthighthe uaibh ó shoin — "Thosuigh go
leor de na máthaireachaibh bochta ag gol ar a rádh seo
dhó. "Buidheachas le Dia," ar seisean tráth ar
sguir an gol, "nach bhfuil an sgéal agaibh mar tá ag
daoinibh eile. Níor ruaigeadh amach as bhur dtalamh
sibh, agus níor leagadh na tighthe go talamh oraibh mar
rinneadh le daoinibh eile. Tá súil le Dia agam go
mbéidh sibh mar sin, mar tá croidhe agus coinsias beag
ag na tigearnaíbh talmhan annso, rud nach bhfuil aca i
n-áiteachaib eile. Bhí mé i mBaile na Cluana-Bige
an lá cheana ag sochraid. 'Sé an chéad áit é ar
cuireadh mé mar shéiplíneach agus chaith mé sé bliadhna ann
sul d'fhág mé é. A léithid d'athrughadh ní fhaca mé le
mo dhá shúil riamh! Shílfeá gur tuile nó fuarloch mór
a sguab na daoine 'un bealaigh as an áit. Is iomdha
lánamhain a phósas sa bparáiste céadna, agus is iomdha
páiste a bhaisteas ann, agus ba bheag an cuimhniughadh a
bhí agam tráth gcasfaidhe an bealach mé arís nach
mbeadh duine ann le fáiltiughadh romhain. Le cóngnamh
Dé ní cuirfear le fán sibh-se mar cuireadh muinntir
na háite sin, cé gur deacair dhúinn a bheith dóchasach
agus an bhail atá dhá chur ag na tighearnaíbh talmhan ar
dhaoinibh bochta na tíre gach lá. Deirim libh, a
bhuachaillí, gan an deagh-cháil atá oraibh a chailleadh," ar
seisean tar éis machtnamh eile, "agus mara dtugaidh sibh
aire dhíbh féin seachas mar thug sibh ag an tsochraid tá
os cionn seachtmhaine ó shoin ní meas acht dí-mheas a
bhéas oraibh ag gach duine. Ba mhór an grádh Dé dhíbh
an sean-chorp bocht a chrochadh libh agus a iomchar trí mhíle
dhéag ar bhur nguailnibh go Cill-Ríogh i lár na báistighe
móire, mar rinne sibh. Ba mór an grádh Dé mo
dhuine bocht a chur, mar d'iarr sé, san áit ar
cuireadh a bhean agus a pháistí, agus luach-saothair go dtugaidh
Dia dhíbh faoi n-a dhéanamh! Acht nár dheas an chaoi a
bhí oraibh — nár dheas sin? Gach mac máthar ar meisge!
Céard 'dubhairt sagart paráiste Chill'-Ríogh acht nach
dtáinig bhur léithidí isteach ina pharáiste riamh! Nach
bhreagh an cháil í sin le tabhairt oraibh, agus nach beag
an dochar do Chríostaidhthibh ar bith a thuilleas a léithid
náire a bheith orra! Dubhairt Peig Ní Neachtain féin,
bean an tsíbín atá san áit le dhá bhliadhain déag 's dá
fhichid, nár leag sí súil ar a léithid de shochraid riamh
le n-a raibh de dhaoinibh ar meisge. Liom féin
adubhairt sí é, agus deirim arís gur beag an dochar dhíbh
náire a bheith oraibh, a bhuachaillí, agus a léithid a bheith le
rádh libh. Anois ní abróchad níos mo 'na thaoibh acht
tá súil agam nach ndéanfaidh sibh dearmad ar an
méid adubhairt mé libh. Agus anois, tá athchuinge
bheag agam le déanamh. Tá talamh-coinnleach le
rómhar ag Baintreabhaigh an Chéitinnigh agus níl duine ag
an mnaoi bhoicht le n-a dhéanamh. Tá a mac as a
shláinte, an buachaill bocht, agus anois tá súil agam go
ndéanfaidh sibh di é nuair a bhéas an aimsir feileamhnach.
Is gearr an mhoill oraibh é má thagann sibh go léir i
dteanna 'chéile." "Déanfar é, déanfar é, a Athair,
go cinnte," arsa na buachaillí go léir.
"Is maith liom an gealladh sin a chloisteáil. Agus
anois má tá duine ar bith annso a bhfuil an saoghal ag
dul cruaidh leis agus atá i n-easbaidh, ná bíodh cás ná
náire air sin 'inseacht do'n Athair Mac Mathghamhna
nó dhom féin agus déanfar dó chomh maith 's féidir é. Tá
beagán airgid bailighthe againn le haghaidh na ndaoine
atá i gcáll agus tá súil againn tuilleadh a fhágháil amach
annso."
Annsin tosuigheann air ag crathadh an uisge
coisrig ar gach taobh agus ní raibh Mac Uí Luaithe féin
gan braon de 'fhághail dhá fhada uaidh dhá raibh sé.
Bhailigh na daoine leo thar éis sin. Bhí an chéad-
phroinn ullmhuighthe, agus an triúr sagart réidh len' aghaidh.
Ar a theacht isteach do Mac Uí Luaithe cuireadh i
n-aithne dhóibh é.
CAIBIDIL XII.
I dTAOIBH AN PHÓSTA AGUS NEITHE EILE.
Shuidheadar go léir chum buird, agus ní magadh a rádh
go raibh togha céad-phroinne os a gcomhair. Ní
mórán cainnte a rinne an tAthair Mac Mathghamhna
nó an tAthair Ó Néill, acht níorbh' é sin fhearacht ag an
Athair Ó hAnnagáin é, bhí rud eicínt le rádh aige le
gach duine, agus ba ghearr ag cainnt é nuair a bhí 'fhios
ag Mac Uí Luaithe gur togha sgoláire a bhí aige ann.
A dhóthain mhór bhí ar aire an óig-fhir, mar bhain an sagart
amach "le léigheann 's Laidin," agus bhí mo dhuine i
gcontabhairt a sháinniughadh aige gach móiméad.
Bhí Gráinne ag éisteacht go dlúth agus go haireach le
gach focal de'n díospóireacht agus shílfeadh té d'fheicfeadh
í nach raibh focal nár thuig sí.
"Dheamhan aithne ort, a Ghráinne," arsa Máire i
gcogar, "nach bhfuilir chomh heólasach ar gach ar sgríobh
Hómer 's Bhirgil 's táir ar leabhraibh Longfello, nó ar
Robinson Crúsó, leis an gcaoi a bhfuilir ag éisteacht."
"Bhí mé ghá thabhairt fá deara," arsa Gráinne, "go
labhrann Mac Uí Luaithe Laidin go díreach mar
labhrann m'athair, agus an tAthair Ó hAnnagáin ar nós
"an Bhreitheamhan.""
"I gColáiste na Tríonóide a fuair t'athair an
"blas" atá ar a chuid Laidne, a chailín ó," ars' an
tAthair Ó hAnnagáin. "Níorbh' in é an "blas" a bhí
aige nuair a bhí sé féin agus mise ag foghluim Laidne ó
Labhrás Ó Ruairc i sean-bhotháinín beag suarach i
nGleann na Muice Duibhe."
Ní raibh Gráinne sásta chor ar bith fá gur dubhradh go
raibh a hathair ag foghluim 'na léithid de bhothán nó
'na léithid de ghleann agus b'fhurasta sin a thabhairt fá
deara 'na haghaidh.
Bhí 'fhios sin ag an sagart go maith, agus ní raibh uaidh
acht beagán feirge a chur uirri. An-fhear grinn a bhí
ann.
"Sin é an áit a rabhamar ag fóghluim go deimhin,"
ar seisean, "agus mac máthar againn ní raibh gan fód
mónadh a iomchar 'na sgoile fá'n asgaill gach lá i rith
an gheimhridh."
Bhí cosamhlacht feirge ar Ghráinne, agus focal níor
labhair.
"Deirtear liom go bhfuil leabhar dhá sgríobhadh ag
an Dochtúr Ó Cadhlaigh a chuirfeas síos ar go leór
rudaí ag baint le hÉirinn sa tsean-aimsir," arsa
Mac Uí Luaithe.
"Tá," arsa Gráinne go haoibhneach. "Caitheann sé
gach ar féidir leis d'am 'ghá sgríobhadh."
"Níl sé ann an té a dtig leis leabhar dá léithid a
sgríobhadh níos fearr," arsa Mac Uí Luaithe, "do réir
mar chloisim."
Chuir an moladh so dá hathair aoibhneas croidhe ar
Ghráinne, agus níor chuimhnigh sí níos mó ar bhothán Labhráis
Uí Ruairc ná ar na fódaibh mónadh a b'éigin dá hathair
iomchar 'na sgoile.
"A' mbéidh mórán ag pósadh sa bparáiste, an
Inid seo, meas tú?" arsa Muiris Ó Ceithearnaigh
leis an Athair Mac Mathghamhna.
"Tá faitchíos orm nach mbéidh," ars' an sagart.
"Is cosamhail go bhfuil faoi bhuachaillíbh na háite seo
a dhul ar thóraidheacht a mban i bparáisteachaibh eile.
Tá sé cinn de litreachaibh pósta tugtha agam uaim
cheana, agus gan an t-aon lánamhain pósta agam féin
fós."
"Is breagh an spré atá Éamonn Ó Broithe 'fhághail,"
ars' an Ceithearnach.
"Sin é a chualaidh mé," ars' an sagart.
"Dá chéad giní buidhe agus bean bhreagh luath láidir —
ní gach lá is féidir a bhfághail," ars' an Ceithearnach,
"acht is beag a d'aireochas ciste Mhic Uí hÓgáin
sgaradh le roinnt airgid, deirim-se leat."
"Cé mar thaithnigheas an gnás so leat-sa, a chailín
óig — a bheith i gcomhnaidhe ar thóir na spré?" ars' an
sagart le Máire.
"Ní thaithnigheann sé liom chor ar bith," ar sise.
Tháinig lasadh mór 'na haghaidh ar a rádh dhi.
"Cé'n bharamhail atá agat-sa?" ar seisean le
Gráinne.
"Ní furasta dhom sin 'inseacht," arsa Gráinne,
"mar nach ndearnaidh mé mórán smaointe ar an
gceist. Acht, ar ndóigh, is deas an rud an t-airgead
a bheith ag duine, mar nach furasta do'n ghrádh go
minic a bheith san áit nach mbíonn acht ganntanas 's
boichteanacht."
Bhain seo gáire mór as an Athair Mac Mathghamhna.
"Tá faitchíos orm," ar seisean, "nach hé an grádh a
chuireas ag pósadh a bhfurmhór acht an spré, agus go
dearbhtha ní go maith a thaithnigheann sin liom."
"Ár ndóigh, níor mhaith leat go mbéidís ar nós na
bProtastún?" arsa bean an tighe.
"Ar nós na bProtastún? Cé'n chaoi?" ars an
sagart.
"Sa gcaoi seo," arsa sise, "go bhfuil na cailíní
Postastúin — is cuma cé'n spré atá aca — go rí-mhinic
sásta pósadh le fear fuar follamh gan maoin gan
téagar. Is minic a d'éirigheann sin le cuid aca, acht
tá a lán againne adéarfadh gurab ait an rud le
déanamh é. Ar chuma ar bith is beag aca a d'fhanas
gan phósadh, ní hionnan 's daoine eile ar fearr leob
gan pósadh chor ar bith ná bualadh fá fhear gan airgead.
Is gearr uainn a léithidí — clann inghean Uí Dhuibhir.
Creidim nach rachaidh an brat-pósta ar ceachtar aca
go deo ag chomh deacair 's tá sé iad a shásughadh."
"An fíor gur fusa na Protastúin a shásughadh sa
tír seo ná na Caitlicigh mar deirtar?" arsa Mac Uí
Luaithe le Aodh.
"Go deimhin is fíor," arsa Aodh. "Má's leo pósadh
buaileann siad faoi gan mórán moille, ní hionann 's
na Caitlicigh."
"Sin é an chaoi a bhfuil an sgéal" ars' an mháthair.
"Is gearr uainn Protastún saidhbhir a thug a inghean
d'fhear gan ceird ná eile. Thug sé isteach 'na tighe é
agus choinnigh an bheirt annsin leis féin nó gur éirigh leis
posta 'fhágháil dó sa deireadh."
"Sin mar bhíos an sgéal i gcomhnaidhe" ars' an
tAthair Mac Mathghamhna — "gach posta dhá fhághail ag
na Protostúin agus ní hé sin uilig é. Tá a gcuid
talmhan aca ar chíos níos lugha 'ná baintear dhínne."
"Agus níl duine aca gan deagh-léas a bheith aige
mar an gcéadna," ars' an Ceithearnach.
"Ár ndoigh níl," ars' an sagart, "agus is cosamhail
gur gearr nach mbeadh aon léas le fágháil ag na
Caitlicighibh chor ar bith. Tá siad 's gan fhios aca
cé'n uair nó tráth a gcaithfidhe amach as a dteach agus a
dtalamh iad. Agus sin é is mó is cionntach leis an
gcaoi a bhfuil an oiread sin tóir ar an spré ar an
aimsir seo."
"Ní raibh an sgéal chomh dona sin i gcomhnaidhe."
ars' an tAthair Ó hAnnagáin. "Is cuimhneach liom
féin an uair a mbíodh níos mó suime ag an bhfear óg
sa mnaoi 'ná sa spré."
"Is fíor go raibh a léithid d'am ann," ars' an
tAthair Mac Mathghamhna "acht is mór an t-athrughadh a
tháinig ar an tír ó shoin."
"B'fhéidhir gurab é an t-airgead pósta is cionntach
le gan cuid de na daoinibh 'pósadh," ars' an Ceithear-
nach. "Céard dubhairt Éamonn Ó Broithe liom acht
go bhfuil an sagart le fiche púnt a bhaint de ar son a
phósta!"
"Maise, go deimhin, níl sin iomarcach chor ar bith agus
an spré mhór a fuair sé," ars' an tAthair Mac
Mathghamhna ag gáire. "Acht tá fear eile as an
bparáiste seo adubhairt liom go mb'éigin dó an
cleamhnas a bhriseadh de bhárr a raibh dhá iarraidh ag an
sagart. Ní raibh de thalamh ag athair an chailín óig
acht mar bhí chúig acra dhéag, agus ba mhian leis an sagart
cúig phúnta déag a bhaint amach ar son a inghine a
phósadh."
"Tá 'fhios agam sin," ars' an tAthair Ó hAnnagáin,
"acht nach bhfuil 'fhios agat go ndeachaidh sé i n-aghaidh
an tsagairt nuair a bhí feisire dhá thoghadh tá tamall ó
soin ann?
"Agus fágann sin cleas an tsagairt níos measa,"
ars' an tAthair Mac Mathghamhna. "Má leantar de'n
obair seo céard déarfas na daoine acht go bhfuil an
sagart mar thíoránta os a gcionn? Deirtar liom go
raibh sé chomh saor d'fheilméara cíos leath-bhliadhna a
thabhairth uaidh le n-inghean a chur dá pósadh chuig sagart
an pharáiste seo atá i gceist againn."
"Ní raibh aon am ann mar an tsean-aimsir," ars'
an tAthair Ó hAnnagáin, "nuair a póstaoi na daoine
sa mbaile agus nuair a ghníthí bailiughadh do'n tsagart
imeasg lucht na bainfheise. Cé mar thaithnigh an gnás
sin leat?" ar seisean leis an Athair Mac Mathghamhna.
"Go mór, go mór," ar seisean," go deimhin is minic
a dubhradh go mb' aisteach an duine mé faoi gur mhol
mé do na daoinbh leanacht do'n tsean-ghnás céadna.
An méid a thugtaoi thugtaoi go toileamhail agus go
flaitheamhail é, agus ba mhinic sparán trom téagarach ag
an sagart ag dul a bhaile dhó," ar seisean ag gáire.
"Deirtar liom go bpóstar iad ar leath-choróin i
Libherpúl," ars' an Ceithearnach. "Ar chuma 'r bith,
chualaidh mé nár baineadh cíonóg ruadh acht sin de
Tomás Ó Briain a phós thall annsin le goirid. Ó bhí
tusa i Libherpúl, a Athair Uí Néill, b'fhéidir go
bhféadfá aon fhaisnéis a thabhairt dúinn cé'n chaoi gur
féidir an pósadh a dhéanamh chomh saor sin ann?"
"Tá an fhírinne dhá rádh agat i dtaoibh Thomáis Uí
Bhriain go cinnte," ars' an tAthair Ó Néill, "mé féin
a phós é go deimhin, mar b'fhearr leis sagart as
Tiobruid Árann 'ghá pósadh ná sagart as áit ar bith
eile."
"Maise, a Athair Uí Néill, ar casadh ceachtar de
mhuinntir Sgeacháin leat thall annsin?" arsa bean an
tighe.
"Casadh," ar seisean. "Go deimhin, d'aithnigh duine
de na páistíbh mé lá ar an tsráid, agus is mé a chuir an
ola dhéidheannach ar an tsean-mhnaoi bhoicht ar uair a
báis."
"Bhí 'fhios agam gur gearr a mhairfeadh sí. Bhí a
croidhe briste fá go mb'éigin di an tír 'fhágáil, an
bhean bhocht," arsa bean an tighe.
"Thug an bhean bhocht le tasbánadh gur ghrádhuigh sí
a tírín dhúthchais ar uair a báis féin," ars' an sagart.
"Cé'n chaoi ar thasbáin sí é?" ars' an tAthair Ó
hAnnagáin.
"Thar éis na h-ola a chur dom ar an mnaoi bhoichth," ar
seisean, "d'fhanas sgathamh 'na haice, mar thug mé fá
deara gur mhian léithi rud eicínt a rádh liom sul
d'imtheochainn. Níl uair a chorróchainn le n-imtheacht
nach dtugainn fá deara í ag cur na súl thríom, acht
'na dhiaidh sin ní labhaireochadh sí. Mar sin, nuair a bhí
mé ag imtheacht d'fhiafruigh mé di an raibh rud ar bith
ag cur imnidhe uirri.
""Maise, a Athair," ar sise, "badh mhaith liom fios a
bheith agam an rachaidh m'anam thrí Éirinn ar a bheith ag
dul dó i láthair an Tighearna!""
Tháinig cosamhlacht iongantais ar Mhac Uí Luaithe
thar éis an sgéil a chloisteáil, agus leig Gráinne a sean-
sgairt gháire acht smid níor labhair ceachtar de na
daoinibh eile a bhí timcheall an bhuird. Chuir Aodh a
lámh suas ar a éadan agus ba chosamhail leis gur mór a
chuaidh an sgéal air.
Níorbh' iongnadh ar bith é, mar bhí baintreabhach Uí
Sgeacháin na fó-thunónta ar ghiodán talmhan a bhain le
Mac Uí Cheithearnaigh, agus nuair a chuaidh an saoghal 'na
haghaidh tugadh beagán airgid di agus maitheadh di gach
a raibh dlighte ar an talamh ar son glanadh léithi féin
agus le n-a muirghin. San am sin ba mhinic daoine ag
glanadh leo as an tír ar fhaitchíos go gcuirfidhe amach
as teach 's talamh iad nuair nach mbeadh cuimhniughadh
aca air. Nach iomdha mallacht a thuill an dlighe a chuir
le fán as talamh a seacht sinnsir na mílte Gaedheal
a chuaidh i gcéin san am sin — Gaedhil a ghrádhuigh a dtír
dhúthchais ó dhoimhneacht a gcroidhe, agus a mhair go huaig-
neach ar feadh a saoghail i ndiaidh "Bán-Chnuic Éireann
Óigh'."
CAIBIDIL XIII.
AN DOCHTÚR I dTEANNTA.
Nuair a bhí an chéad-phroinn caithte chroch an Dochtúr
Mac Uí Luaithe leis le lá grinn a bheith aca ag éan-
laidheacht. Rug Aodh chuige ar a ghunna freisin agus
bhuaileadar amach 'na dtriúr agus a dtrí ngunna fá réir.
Bhí sé bunáite i n-achrann dearg ar a dhul amach dóibh
ar an tsráid idir Brian Ó Bruadair agus buachaill an
tsagairt. Bhí Brian ag léimnigh as a chorp le teann
feirge agus ag dul le cúthach agus le báine ar fud na
sráide. Bhí Tomás Ó Meachair agus Pilib Ó Laochdha ag
iarraidh é a cheannsughadh agus é ag cinnt orra foighid a
chur ann.
"Leigidh amach mé, leigidh amach mé," arsa Brian,
"go gcuiridh mé a dhá shúil i n-aon tsúil amháin!"
Dhearc an buachaill air go mí-chéadtach. "Ara, ar
ndóigh, a spágacháin," ar seisean, "ní cheapann tú gur
ag troid le do léithid-se de bhasachán ghránna a bheinn!
Dhá ghráinne uait do chosa fada a chrathadh agus a lúbadh
ba ghráinne 'ná sin an "crathadh crúb" a bheadh ort dá
bhfuightheá aon leadóg amháin uaim-se."
"I n-ainm Dé sgaoilidh chuige mé," arsa Brian.
"Níl uaim acht aon dorn amháin a thabhairt dó isteach
ar chnáimh an ghéill, a bhrisfeas gach fiacail dá bhfuil
ina dhrad!"
"Bíodh ciall agat, bíodh ciall agat anois, a Bhriain,"
arsa Pilib Ó Laochdha ag teacht anall agus a leabhar
urnuighthe i gcúl ciotóige aige. Annsin thug sé cogar
dó nár chualaidh aon duine acht iad féin.
"Ara, an d--l de bhitheamhnach, is maith atá a fhios
sin aige," arsa Brian. "Is maith atá a fhios ag an
gcneamhaire bradach go bhfuilim ar staid na ngrást
indiu, acht le congnamh Dé ní bhéidh mé mar sin i
gcomhnaidhe! Béidh sásamh agam-sa fós, a Chiarraidhigh
thútaigh ó Chonndae Luimnigh agus a mhic na droch-mháthar,"
ar seisean ag imtheacht.
Thar éis na sgiolaidheacht seo a bheith thart, d'imthigh
leis an triúr agus thug a n-aghaidh ar bhograch na naosg.
Ní baileach a bhíodar 'na seasamh ann nuair a d'éirigh
sé cinn achar maith uatha. Bhí 'fhios ag Aodh go rabhadar
ró-fhada uaidh agus mar sin níor sgaoil sé fútha, acht
níorbh' é sin fhearacht ag an Dochtúr é. Ar an bpointe
's a bhfaca sé iad sgaoil sé dhá urchar 'na ndiaidh.
Anuas le naosg. Fear ba ríméadaighe 'ná an Dochtúr
níorbh' féidir 'fhágháil ag chomh maith 's d'éirigh leis. Ba
mhinic a chaith sé lá i gcomórtas a bheith ag éanlaidheacht,
acht naosg níor éirigh leis a mharbhughadh riamh go dtí an
lá seo. Sin é an fáth a raibh sé chomh bródamhail 's bhí
sé.
"Tá agat," arsa Aodh. "Sa sgiathán a bhuail tú í."
"Creidim gurab eadh" ar seisean.
"Acht an bhfuil 'fhios agat gur ceann aonraic í a
d'éirigh deich slata níos goire dhuit 'ná iad súd ar
sgaoil tú fútha?" arsa Aod ag gáire.
"Is cuma liom cár éirigh sí ó tá sí agam" ars' an
Dochtúr ag baint as 'sna fásgaí 'na diaidh. Nuair a
chonnaic an naosg bhocht ag teacht é thug sí thob nó dhó
ar eitealladh, acht chinn uirri, agus mar sin ní raibh aici
acht rith comh tréan 's bhí 'na cosa. Bhí faitchíos a anma
ar an Dochtúr go n-éireochadh léithi a dhul amudha air,
agus ba mhór an t-uathbhás é ag sguabadh thar chaoch-phuill agus
portaigh 'na diaidh. Bhí sruthán roimhe. Amach leis de
ruathar 'na cheart-lár, agus síos leis go corrógaí
i láib agus i bpuitigh. Bhí sé i dteannta go cinnte.
Bhí an naosg ag baint as chomh tréan 's b'fhéidir
léithi taobh thall de'n bhruach agus é i gcontabhairt
í 'chailleadh. Strachail sé na cosa leis thríd an
bpuitigh gur shroich sé an taobh thall de'n tsruthán.
Thug sé iarracht ar a dhul suas ar an mbruach. Tháinig
cos leis ceart go leor acht bhí an chos eile i
bhfastódh i smután giúsaighe i n-íochtar an tsrutháin,
agus bhí sé ag cinnt ar duth 's duth a tarraingt.
Bhí sé i dteannta dhá ríribh anois. Bhí sé ag tarraingt agus
ag strachailt, ag strachailt agus ag tarraingt go deo go
dtáinig an chos leis. Moill ní dhearnaidh sé acht a
dhul de léim ar an mbruach.
Níor bhreathnuigh sé amháin ar a chuid éadaigh acht
bhain as i ndiaidh an éin. Ba gheárr go raibh an naosg
bhocht i ngreim aige, agus bhí an oiread ríméid aige as an
éan, agus é chomh bródamhail as féin 's gur dhamhsuigh sé le
teann ríméid sul chuir sé 'na phóca í. Bhí Aodh agus Mac
Uí Luaithe ag teacht chuige agus iad i n-arainneacha' ag
gáire. "Tá siad ag gáire ag chomh cumasach 's chruthuight
mé," ars' an Dochtúr leis féin. Bhí Aodh bunáite ag
tuitim as a sheasamh leis an bhfalrach a bhí air.
"Cé'n d--l atá ag gabháil dóibh chor ar bith le go
bhfuil siad ag gáire mar sin?" ar seisean ag cur a
láimhe 'na phóca ar fhaitchíos gurabh í an naosg a bhí
caillte aige.
Bhí an naosg bhocht mín marbh san áit ar cuireadh í.
"Ag an deabhac go raibh sé mar sgéal," ar seisean
go láidir, "agus cad chuige dhíbh a bheith ag gáire mar sin?
Céard tá orm, nó céard a rinne mé le go bhfuil sibh
laguighthe ag gáire?"
"Breathnuig ort féin, a mhic ó" arsa Aodh.
Bhreathnuigh an dochtúr faoi 's thairis thart timcheall
acht níor thug aon ádhbhar gáire ná magadh fá deara.
Sa deireadh dhearc sé síos 'sna cosaibh air féin, agus
céard a bhí acht leath-chos leis agus gan snáth de na seacht
n-éadaigh uirri! Nuair a bhí sé 'ghá strachailt féin as
láib an tsrutháin agus ag iarraidh na leath-choise a bhaint
as an bhfastódh thug sé droch-úsáid dó féin agus d'fhan
leath-chos an bhríste 'na dhiaidh ag an smután i ngan
fhios dó!
"Gabh agus fáigh leath-chos do bhríste, a mhic ó," arsa
Aodh. "agus tarraing ort suas í go beo, mar seo
chugainn anoir carbad agus ná feictear an deis atá
ort."
"Cé'n d--l is féidir liom a dhéanamh?" ars' an
dochtúr. "An ag iarraidh orm a dhul go híochtar 'ghá
hiarraidh atá tú?"
"Tá agat rud eicínt a dhéanamh, a mhic ó, agus a
dhéanamh gan mórán moille freisin," arsa Aodh, "má's
mian leat gan an chóir atá ort a bheith le feiceál ag
lucht an charbaid. Ó dar a bhfaca mé de leabhra riamh agus
'siad clann inghean Uí Ainnlighe atá ann! Óra,
céard a dhéanfas tú má fheiceann Caitlín thú?" ar
seisean ag leigean a shean-sgairt gháire.
Ní raibh baoghal nach bhfeicfidhe é mar bhíodar an-ghar
do'n bhóthar.
Is beag nár thuit an t-anam as mo dhochtúr bocht
nuair a d'aithnigh sé cé hiad bhí ag teacht. Thug sé a
chúl do'n bhóthar ag ceapadh gurbh' amhlaidh is lugha a
bheadh an chos gan falach le tabhairt fá deara. Acht
ar mhachtnamh dó an dara huair d'iompuigh thairis arís
agus thug a aghaidh ar an mbóthar. Chuir a ghunna 'na
sheasamh suas leis an gcois nochtuighthe ag ceapadh go
ndéanfadh sé sgáth beag do'n spreangaidhe, acht go
deimhin nídhearnaidh agus chaith sé ar an talamh é ag rádh
nach ndéanfadh sé cúis. Le bárr a chur ar an mí-ádh,
sgairt an ghrian go lonnrach soillseach an móiméad
céadna chomh maith 's dá mbadh ag iarraidh amharc maith
a thabhairt dóibh air a bhí sí. Bhí mo dhuine bocht thrí n-a
chéile, agus ní raibh 'fhios aige beirthe ná beo céard a
bh'fhearr dhó a dhéanamh. Ní bheadh aon mhaith dhó a thaobh
slán a thabhairt do'n bhóthar. Dá síneadh sé siar ar
shlatracha a dhroma d'fheicfidhe é. Ní raibh goir aige
rith, ár ndóigh, mar dhéanfadh sin ball-séire dhe amach
's amach. Cheap sé go mb'fhéidir go mb'fheárr dhó an
méid a d'fhan aige de'n bhríste a bhaint dhe 'ná bheith
mar bhí sé. Acht ní raibh sé d'am aige sin féin a
dhéanamh, agus mar sin níor chorruigh sé as an áit a raibh
sé, acht chuir an chos nár mhaith leis a bheith le feiceál
chomh fada uaidh siar agus chomh crochta ó thalamh 's b'fhéidir
leis, — mar dhéanfadh ganndal! D'umhluigh sé go
múinte do na mnáibh óga agus ba gheárr go rabhadar
imthighthe thar chasadh an bhóthair agus as amharc.
Bhí Aodh agus Mac Uí Luaithe i lagracha ag gáire.
"Buail a bhaile go beo, a mhic ó," ars' Aodh. "Sin
í mo chomhairle-sa dhuit" ag leigean sgairt eile.
"A bhaile!" ars' an dochtúr, "agus gan 'fhios agam cé
casfaidhe dhom ar an mbealach! Nach mé an t-amadán
agat! Dheamhan baoghal orm. Rachad go bhfuighead
iasacht bríste ó'n Laoideach. Siubhail uait," ar
seisean le Mac Uí Luaithe. "Béidh níos mó grinn
againn annsin 'ná annseo."
"Níl aimhreas air" ars' Aodh.
"Bhfuil tusa ag teacht?" ars' an dochtúr.
"Nílim, béidh mo dhóthain grinn agam-sa san áit a
bhfuil mé" ars' Aodh ag bualadh síos le bruach an
tsruthain.
CAIBIDIL XIV.
AR CUAIRT AG AN LAOIDEACH.
Bhuaileadar isteach chuig an Laoideach gan chuireadh
gan iarraidh. Badh dheacair fear a b'aistighe ná an
Laoideach céadna a fhágháil do réir mar deirtear.
Duine neamh-áirdeamhail mí-shuimeamhail a bhí ann agus
b'fhurasa a aithne sin ar a theach. Bhí sé 'na thrachlais agus
rudaí thrí n-a chéile agus 'na gcír-thuaithbhill annso 's ann-
súd ar fud an tighe. Dhá mbeadh sé d'ádh air pósadh
dhó féin mar dhéanfadh fear ní hamhlaidh a bheadh, acht
ní chuirfeadh an saoghal fá ndeara dhó bualadh faoi.
Is iomdha cailín spéireamhail a raibh súil na glasóige
aici 'na dhiaidh agus is iomdha máthair chúramach a bhí ar a
dícheall ag iarraidh a fhágháil dá hinghin. Acht chinn ar
na cailíníbh agus ar na máthaireachaibh a mhealladh ná a
bhladar. Ní "fear-grádha" a bhí ann — b'fhada uaidh é!
Rinne sé cleamhnas go rígh-mhinic, acht i gcomhnaidhe
faoi dheireadh thiar thall ní bhíodh aon fhonn pósta air agus
bhristí an cleamhnas arís. Is iongantach nach bhfuair
sé "Liúradh Choinneacáin" agus a liachtaighe loiceadh a
rinne sé thar éis a chleamhnas a bheith socruighthe, agus go
deimhin dubhairt a bhéal féin gur maith chuaidh sé as go
minic nár greadadh an mullach aige. Níor chuir an
dlighe an bhail air a curtar ar a lán nach gcóimhlíonann
a ngealltamais, mar nár sgríobh sé féin litir chuig
aon óig-mhnaoi riamh ag gealladh go bpósfadh sé í, agus
ba é Diarmuid, a bhuachaill, a théidheadh ag socrughadh
cleamhnais dó i gcomhnaidhe. Is beag a cheapfadh gur
tighearna talmhan a bhí ann, acht dob' eadh. Níl bliadhain
ar bith nach mbíodh hocht gcéad punnt de theacht isteach
aige. Acht dá mbeadh sin de chíos ag teacht dó agus an
oiread eile bheadh sé caithte spíonta aige.
Nuair a chonnaic an Laoideach cé'n bhail a bhí ar an
dochtúr is beag nár thuit an t-anam as ag gáire.
"Cé'n clampar a d'éirigh dhuit?" ar seisean.
"Ara, a dhuine, sin é féin a d'éirigh dhom," ars' an
dochtúr. "Chuaidh mé de léim i sgrath-ghlugair, a mhic
ó, agus síos liom go heasnacha i bpuitigh. Ná raibh an
t-ádh ar íochtar mo bhríste mara ndéachaidh sé i
bhfastódh i smután eicínt, agus ar a bheith ag iarraidh a
strachailt as greim dom stialladh dhíom anuas an
méid dhe atá d'easbaidh orm! An bhféadfá iasacht
bríste a thabhairt dhom agus péire stocaí tirime? Sin é
a thug 'na tighe chugat mé sa bhfeisteas seo."
"Suas leat sa seomra agus buail ort rud ar bith a
theasduigheas uait. Abair le Diarmuid na stocaí
fhágháil duit."
D'fhan Mac Uí Luaithe leis an Laoideach agus d'imthigh
leis an dochtúr ar thóir an bhríste agus an bhuachalla.
"'Seadh, a Dhiarmuid," ar seisean, "bhfuil aon
cheapadh aige bainfheis a thabhairt dúinn i mbliadhna?"
"Níl fhíos aige cé aca de bheirt is fearr leis fá
láthair," arsa Diarmuid. "Acht b'fhéidir nach bpósfadh
sé ceachtar aca. Níl sé acht seachtmhain ó socruigheadh
cleamhnas idir é féin agus Sinéad Laoide ó Chill-Tobair agus
gealladh toghadh spré dhó. Acht bhí faitchíos orainn nach
bhfeilfeadh sí dhó, agus chuaidh mé soir Dia Sathairn le rádh
leo nach raibh sé sásta a pósadh. Bhí an gúna pósta
réidh glan le n-a haghaidh agus bhí sé 'na chúthach agus 'na bháine
orra. Tá an mháthair agus an chlann inghean ag rádh go
gcaithfidh sé a pósadh acht tá sé fánach aca cur fá
ndeara dhó a dhéanamh i n-aghaidh a tholach, — tá sin!"
Sul d'fhágadar an teach tharraing an Laoideach chuige
a bhuidéal agus leagadar air groidheamhail go leor.
"Anois nach feárr dhuit a theacht linn agus do ghunna a
chrochadh leat go ceann tamaill," ars' an dochtúr.
"Tá sé luath againne filleadh a bhaile fós."
"Dheamhan locht air," ar seisean, "tá naosga go
fairsing timcheall na háite seo."
Bhí siad go díreach ag dul ag imtheacht nuair a
fosgluidheadh an doras agus bhuail fear teann trom
téagarach chuca isteach.
"Go mbeannuighidh Dia annso!" ar seisean.
"Go mbeannuighidh an fear céadna dhuit, a
Uáitéar," ars' an Laoideach.
"Breathnuigh air sin," arsa Uáitéar ag síneadh píosa
páipéir chuige.
"Cé mhéad é, adeirir?" ars' an Laoideach.
"Cúig phunnta dhéag, haon déag 's seacht bpighne."
"Déanfaidh sin. Béidh sé agam led'aghaidh."
"Béidh sé agat lem' aghaidh! Ní dhéanfaidh sin
cúis. Tá sé uaim anois."
"Ara, de'n d--l cionóg ruadh faoi chaolach an
tighe agam-sa ar an uair seo de ló," ars' an
Laoideach.
"Maise d--l cos a chorróchas mise as seo go
dtugair dhom é," arsa Uáitéar.
"Bíodh sgluig as an mbuidéal seo agat," ars' an
Laoideach.
"Dheamhan locht air," ar seisean ag tarraingt
chuige an bhuidéil agus ag baint a shean-sgluig' as.
"Anois caith chugam an t-airgead agus leig 'un
bealaigh mé," arsa Uáitéar, "níl an bhó le fágháil
agam nó go mbéidh an t-airgead agam le leagan
amach ar a bhois."
"Céróch bó sin i gceist agat?" arsa Mac Uí
Luaithe.
"Bó bhreágh ramhruighthe a cheannuigh mé ó'n
gCeithearnach, acht níl aon fhágháil agam uirri gan an
t-airgead, a mhic ó," ar seisean ag tabhairt a aghaidh
ar an dochtúr.
"Seo, caith chugam an t-airgead agus leig dod' chuid
slíomadóireacht adeirim. Tá sé 'na dheifir orm, agus ná
bí ag coinneál níos mó moille orm," arsa Uáitéar.
"Seo, bíodh geampa feola agat," ars' an Laoideach
ag teacht anall chuige le geampa feola agus cannda
aráin.
"Ní misde liom fear maith a dhéanfadh é," ar seisean
ag breith chuige orra. Thosuigh air ag ithe agus ba ghearr
air iad — agus dá mbeadh tuilleadh ann.
"Anois nach bhfuil 'fhios ag do chroidhe istigh dá
mbeadh an t-airgead agam go mbeadh sé le fágháil
agat, agus cé'n mhaith dhuit a bheith ag baint chainnte asam
na 'thaoibh níos fuide?" ars' an Laoideach.
"Maise, mh'anam go bhfuil 'fhios sin agam — acht
cé'n neart atá agam air — an lá go mbéidh na daoine
a bhfuil an fheoil geallta dhóibh ag súil léithi? An ag
iarraidh orm cliseadh ar lucht bainfheise a bhfuil orm a
gcuid féin d'fheoil na ba sin a chur chuca atá tú?"
"Buail isteach i mbárach."
"D--l baoghal orm! meas tú an bhfuil tada
eile ar m'aire? Is furasta dhuit a shocrughadh dhom
má tá sé d'fhonn ort."
"Cé'n chaoi?"
"Is maith atá 'fhios sin agat. Níl ort acht ordughadh
do Thomás Ó Riain an t-airgead a thabhairt dom agus a rádh
go maithfir dhó é nuair a bhéas sé ag íoc a chíosa leat
an chéad uair eile."
"Ara, a dhuine, deamhan thumanta peann ná
páipéar in mo sheilb-sa!"
"Mara bhfuil siad agat-sa tá siad agam-sa. Mar
deirtear 'sna sean-sgéaltaibh "ní dheachaidh mise fad
cois -coiligh riamh ó'n mbaile gan mo ghléas-imeartha."
Mara bhfuil an "gléas-imeartha," agam tá gléas-
sgríobhtha," ar seisean ag tarraingt chuige peann 's
páipéar 's buidéal dubhaighe.
"Seo, sgríobh air seo go beo, agus leig 'un bealaigh mé."
Sgríobh an Laoideach go mín réidh socair litir le
tabhairt chuig an Rianach ag rádh leis an t-airgead a
thabhairt do Uáitéar Ó Murchadha agus go maithfidhe dhó é
"Lá an Chíosa." "Tá liom anois," arsa Uáitéar.
"Ar mhisde dhom braoinín beag eile a bhaint as an
mbuidéal?" ar seisean nuair a bhí sé réidh le
n-imtheacht.
"Fan go bhfeicidh mé an bhfuil mórán ann," ars, an
Laoideach. "Tá riar maith ann fós," ar seisean ag
líonadh gloine agus 'ghá síneadh chuige.
"Maise "go bhfeicidh mé liath thú 'gus ciall ag do
chloinn," arsa Uáitéar. "Ba mhaith thú faoi do bhraon
'chuile lá riamh leabhar-sa. Siúd fá thuairim bhur
sláinte!"
""Sláinte 'gus saoghal agat
Bean ar do mhian agat
'S talamh gan chíos a'd
Ó Bhealtaine amach,""
ars' an Laoideach.
D'ól mo Uáitéar breagh an ghloine gan an dara
deoch a dhéanamh dhi, bhuail síos an litir 'na phóca, agus
amach leis. Mar deir Seaghán Fígheadóir nuair ir,
d'éirigh leis an t-airgead a fhágháil ó n-a dhearbhrátha a
le deagh-chainnt:
"Chloisfeá-sa gach sgairt aige,
Ag rith suas na garranta,
Ag fheabhas 's d'éirigh an t-aistear leis
A thug sé ar an máighistir."
Nuair a bhí Uáitéar imthighthe, d'imthigh leo 'na dtriúr
ar thóir na naosg, agus bhí an dochtúr cinnte go ndéan-
fadh sé féin ár. Ba ghearr gur éirigh ceann. Sgaoil
an dochtúr fúithi, acht stamar díoghbhála ní dheárnaidh
uirri.
"Marar marbhuigheadh í, lotadh í," ar seisean. "Tá
mé cinnte go bhfuil a cnaipe déanta."
Chualadar torann gunna sgathamh maith uatha.
"Tá Aodh ag leagan orra go maith," ars' an Laoid-
each. "'Bhfeiceann tú é ag tógáil an éin agus 'ghá chur
'na mhála?"
"Feicim" ars' an dochtúr; "acht fan ort go fóill
go bhfeicir cé againn is fearr a n-éireochaidh an lá
leis — mise nó Aodh."
"Óra! óra! 'bhfeiceann tú an lacha fhiadháin atá ag
déanamh ar an lochán?" ars' an Laoideach go tobann.
"Lacha fhiadháin! Cromaidh, cromaidh go beo!" ars'
an dochtúr, "agus sgaoilidh i mbealach a basgtha í!"
Bhí sé chomh mí-fhoighdeach 's go mbeadh sgaoilte aige
fúithi sul bhí sí i bhfoigseacht trí chéad slat dó marach
Mac Uí Luaithe a chuir cosg air.
Bhí an Laoideach ar chúl an chlaidhe, agus Mac Uí Luaithe
agus an dochtúr ar a gcromada ag faire go dtigeadh sí
sáthach gar dóibh le sgaoileadh fúithi. Bhí an lochán fá
leic-oidhre thiugh, acht amháin san áit a raibh an fíor-
uisge ag teacht ó thalamh, agus bhí an lacha ag dul tim-
cheall agus ag dul timcheall go deo nó sa deireadh gur
ísligh sí chomh tobann le 'bhfaca tú riamh i lár an loch-
áin. Cé an áit a mbeadh sí acht go díreach san áit a
bhí gan leic-oidhre — áit nach raibh goir ag a n-urchair a
sroicheachtáil!
"Tá sé chomh maith againn leigean di anois; níl
aon ghoir againn drannadh léithi agus an áit a bhfuil sí,"
ars' an Laoideach.
"Mh'anam! go ndrannfaidh mise léithi má's féidir
é!" ars' an dochtúr, ag dul de léim isteach thar an
gclaidhe. Amach leis ar an leic-oidhre, acht dheamhan
blas áird a thug an lacha air ná corrughadh a rinne sí
as an áit a raibh sí — acht dheamhan blas di a bhí le
feiceál aige, agus ní raibh a fhios aige beirthe ná beo cá
ndeachaidh sí ó sguab sé thar an gclaidhe.
"D — l an féidir gur imtheacht a rinne sí!" ar
seisean leis féin. Ní baileach a bhí na focla as a bhéal
nuair a chualaidh sé an torann san uisge an-ghar dó, agus
d'éirigh an lacha chomh tobann len' ais 's gur phreab sé
ar an leic-oidhre. Baineadh na cosa uaidh agus anuas leis
caol díreach ar shlatracha a dhroma!
"Cé'n fáth sa mí-ádh mór nó sa gclampar nár
sgaoil sé fúithi?" ars' an Laoideach.
"Agus 'tuige sa gcat marbh nach n-éirigheann sé
'na sheasamh?" arsa Mac Uí Luaithe.
"Ní cosamhail gur aon fhonn mór éirighthe atá air,"
ars' an Laoideach. "Téidhmís chuige."
"Céard d'éirigh dhuit, a Riocaird?" ar seisean.
Leig an dochtúr osnadh. "Tá mo leath-dheireadh
briste," ar seisean, "agus tugaidh congnamh dom éirghe!"
Acht ní raibh sé chomh dona sin ar fad, agus b'fhéidir
leis siubhal maith go leor.
"Ná raibh an t-ádh uirri mar lacha" ars' an Laoid-
each. "Tá an lá caillte againn léithi!"
"Siúd é Aodh ag glaodhach orainn" arsa Mac Uí
Luaithe, "agus b'fhearr dúinn bualadh go dtí é."
"Bíodh braon eile againn as an mbuidéal úd ar
dtús," ars' an dochtúr.
"Déantar ann. Dheamhan a bhfuil de locht air,
a mhic ó. Siubhailidh uaibh siar 'na tighe" ars' an
Laoideach, "agus beidh "fliuchadh ár mbéal" againn."
Rinneadar a mbraoinín d'ól dóibh féin. Annsin
d'imthigh leo agus ní innstear sgéal orra gur shroicheadar
Aodh.
"Ar éirigh libh go maith?" arsa Aodh.
"Mar sin réastúnta," ars' an dochtúr.
"Dheamhan ar éirigh linn de mhórán éanlaithe 'fheiceál"
arsa Mac Uí Luaithe.
"Ara, chuireamar an lá amudha leis an d--l de
lacha sin" ars' an dochtúr ag cuimilt a láimhe dá
cheathramhain agus ag cur osnadh as.
"Siubhailidh uaibh suas go dtí an áit a bhfuil na
cruacha mónadh" arsa Aodh "agus níl bhaoghal nach mbéidh
feadóga 'nár málaíbh ag dul a bhaile dhúinn."
"Rachaidh mé féin a bhaile ar chuma ar bith," ars' an
dochtúr. "Tá díol lae de ghreann fáighte agam
cheana."
"Tá mé ag ceapadh go mbéidh deagh-ghoile agat i
gcomhair do dhínnéir" ars' Aodh.
"Níl aon aimhreas air" ars' an dochtúr.
"An dtiocfaidh tusa ag leagan na bhfeadóg, a mhic
Uí Luaithe?" ars' Aodh.
"Mh'anam go mb'fearr liom sin ná dhul a bhaile"
"Tuige nár bhfearr?" ars' an dochtúr. "Nach bhfuil
sé tar am againn an baile a thabhairt orainn féin?"
Chonnaic sé triúr nó ceathrar daoine ag teacht chuca
aniar, agus meas tú céard a rinne mo dhochtúr gais-
geamhail breágh acht ceann na naosga a chur ar sileadh
as a phóca ionnós go mbeadh a fhios ag Fearaibh Fáil
cé'n deagh-bhuachaill a bhí aca ann! Ní raibh aithne air
nárbh' iongantach do'n tsaoghal an gníomh a rinne sé
agus naosg a mharbhughadh.
CAIBIDIL XV.
"CUIREADH GAN IARRAIDH."
Bhí Máire agus Gráinne ag súil leo ar ais ó'n éan-
laidheacht gach móiméad, agus nuair a chonnaic Gráinne
iad ag teacht 'na dtriúr do b'áthasach an cailín í. Go
deimhin bhí Máire féin sásta go maith iad a bheith ar
ais, mar nach mbeadh sí tuirseach dá gcomhluadar dhá
mbéidís 'na haice ar feadh lá agus bliadhain. Bhí sí féin
agus Gráinne i mbéal an dorais rómpa.
"Tá súil agam go raibh greann go leor agaibh,"
arsa Máire le Mac Uí Luaithe.
"Ó! bhí greann go leor go deimhin," ar seisean.
Ní gábhadh dhúinn a rádh go mb'fhearr leis nach mbain-
fidhe mórán cainnte as i dtaoibh an ghrinn chéadna.
"Béidh an phroinn réidh ar an bpointe boise anois,"
arsa Máire, "agus meas tú cé iad atá le bheith againn
annso tráthnóna?" ar sise leis an dochtúir.
"Mh'anam gur deacair dhom sin 'innseacht," ar
seisean. "Acht cé hiad?"
"Ara! nach bhfuil 'fhios agat é? Mh'ainín gur shíl
mé gur innis mé dhuit é — clann inghean Uí Ainnlighe,
a mhic ó! Bíodh foighid agat anois; ní bheidh i bhfad
go mbeidh sí féin annso!"
Chuaidh an dochtúir d'aon athmhóig amháin ar na
staighrí le athrughadh culaith a chur air féin agus le gach
slíocadh, sleamhnughadh, agus deisiughadh a b'fhéidir é a chur
air féin i gcomhair an tráthnóna. Bhí sé gléasta go
galánta ar a theacht anuas dó, fá n-a léine gheal agus
búna chomh geal leis an sneachta, culaith nuadh éadaigh
agus péire bróga buidhe. Is beag a cheapfadh gur bhé an
fear céadna é a raibh an bhail air a bhí i lár na sgrath'-
ghlugair maidin an lae chéadna!
"'Seadh, cé mar d'éirigh libh," ars' an Ceithearnach
ag breith chuige ar a sgin agus ag tosughad ag gearradh
na feola.
"Maise, dheamhan ar éirigh linn go ró-mhaith.
Ceathair nó cúig dhe chúplaí, sin an méid," arsa Aodh.
"Maise, an in é ar mharbhuigh sibh," arsa Gráinne,
"agus a raibh de thorann ar siubhal! N'domhnach shíl mise
gur cath-dearg a bhí ar siubhal le n-a gcualaidh mé
d'urchair."
"Anois, a Ghráinne, cogar mé seo leat: cé mar
bheitheá-sa dhá mbeadh cath ar siubhal?" arsa Aodh.
"Bheinn go haoibhneach," arsa Gráinne.
"Agus cé ag a mb'fhearr leat an bhuaidh a bheith?"
"Ag na hÉireannachaibh ár ndóigh," ar sise, "ó, nár
mhór an sólás a bheadh ar mo chroidhe dá n-éireochadh
liom óglách leonta mar Riobard Eimmet nó mar an
Ridire Uilliam Bhailís a bheith fá mo chúram le aire a
thabhairt dá chreadhacha!"
"Uilliam a Bhailis a d'oibrigh go bríoghmhar cródha
ar son na hAlban — an eisean atá i gceist agat?"
arsa Aodh.
"'Sé go díreach. Ní mheasaim go bhfuil aon fhear
ann mar an fhear atá sásta bás 'fhágháil ar son a thíre.
Ó, nach agam a bheadh an grádh dá léithid!"
"'Seadh, an bhfuil ceachtar agaibh ag dul ag breath-
nughadh ar an greann atá le bheith ar siubhal an
tseachtmhain seo chugainn?" ars an Ceithearnach go
tobann.
"Cé'n greann?" arsa Aodh.
"Troid an tairbh," ars' an t-athair. "'Sé Uáitéar
Ó Murchadha a d'innis dhom-sa é, acht níl 'fhios aige go
barainneach cá mbéidh an troid fós. Bhí sé annso ag
iarraidh na baa dhíol mé leis Dia Domhnaigh seo caithte.
Dhíol mé an bhó chéadna leis ró-shaor ar fad," ar
seisean ag sgríobadh a mhullaigh, "b'fhiú i bhfad níos
mo ná trí phúnta dhéag deich í."
"Maise, ná tabhair blas áirde air" arsa Aodh.
"Tá an gnás sin caillte sa tír seo le bliadhanta."
"Nach iongantach nár innis sé dhúinne é," ars' an
dochtúir. "Casadh orainn é i dtigh an Laoidigh."
"Ó an brothaire úd a raibh an madadh mór i
n-éindigh leis?" arsa Mac Uí Luaithe.
"Tá madadh mór aige go cinnte," arsa Máire.
"Níl 'fhios agam beirthe ná beo cé'n mhaith na
madraidhe céadna. Tá a bhfurmhór agus sglamhfaidís
duine agus beithidheach chomh maith le chéile. Dá bhfeicfeadh
sibh cé'n bhail a bhí ar chois mná boichte a bhí annso an
lá cheana i n-áit ar rug madadh mór Phender uirri!"
"Tá an oiread cneamhairí agus gadaidhthe ag imtheacht
ar fud na tíre anois, agus nach mór faitchíos a chur orra
ar bhealach eicínt," ars' an Ceithearnach. "Acht ní roimh
na cneamhairí atá an faithchíos ag Pender acht roimh
na báillí. Tá a dhóthain ar a aire, deirim-se libh. Bhí
sé annso indiu ag súil go bhfeicfeadh sé thú," ar
seisean le Mac Uí Luaithe, "agus tháinig sé agus gunna
ceangailte ar gach taobh aige, agus cheithre cinn de phios-
tail sáithte 'na chrios aige. Ó's ag trácht ar mhadraidhibh
é, deirim-se nach bhfaca mé fós an madadh is gráinne
gnúis ná Beresford Pender!"
"Agus bhí sé ar mo thóir-sa!" arsa Mac Uí Luaithe,
"acht is dóigh gur i dtaoibh na talmhan ba mhian leis
labhairt liom ó's é tá ag tabhairt aire dhó ag an
Ridire."
"'Sé an mac a bhí annso," ars' an Ceithearnach. "Is
dearbhráthair do Thadhg Domhnall' agus is mac dá athair
eisean go cinnte," ar seisean.
Níor mhaith le Aodh mar bhí an t-athair ag tabhairt
fútha seo a bhí os cionn na talmhan ag oncail Mic Uí
Luaithe, agus tharraing sé anuas i dtaoibh na gcneamhairí
arís.
Go deimhin, cé gur fíor go bhfuil na cneamhairí le
fágháil," ar seisean, "is iongantach mar tá an
chneastacht ag siubhal leis na daoinibh agus an call agus an
t-anshógh atá ag gabháil dá lán aca."
"Níl aon aimhreas agam ort," arsa Mac Uí Luaithe,
"Marach iad cneasta ní fhéadfadh an tAthair Ó
hAnnagáin labhairt mar rinne sé i dtaoibh na mónadh
an lá fá dheire."
"Maise, níor cheart dó gan labhairt i dtaoibh na
dturnapaí freisin," ars' an Ceithearnach, "marach go
bhfuil bothán agam in gach garrdha agus duine ann ag
tabhairt aire bheinn sgriosta bánuighthe, agus turnapa ní
fhágfaidhe agam le dhá bhliadhain anuas. Agus mar
bhárr ar an mí-ádh tá seala cneamhaire as na bailte
móra ag imtheacht ar fud na tuaithe anois agus ag crothadh
leo 'chuile rud is túisge aca. Is ait an saoghal é — is
ait sin!"
"Dheamhan smid bhréige agat" arsa Aodh. "Tá
bitheamhnaigh na mbailte móra ag teacht d'aon úim
leis an gcneamhaireacht a dhéanamh, acht níl daoine
bochta na tuaithe atá fá anshógh agus fá ocras le cur
gcomórtas leis an dream sin. Nar leigidh Dia go
mbeadh! An iongnadh cuid de na bochtaibh a bheith ag
pléidhe leis an mí-chneastacht? Nár leagadh a
dtighthe anuas go dtí an chloch íochtair orra, agus nár
ruaigeadh iad as teach 's talamh? Nach mb'éigin dóibh
na bailte móra a thabhairt orra féin — na créatúir, agus
a Dhia! nach furasta tuitim i gcorrach na haimléise
'sna bailte móra céadna! Nach iomdha duine a bhí go
diadha cneasta ag baile agus nach ndéanfadh tada a
thuillfeadh díth-mheas dhó ó na comharsannaibh, a thosuigh
ar an ngoid sa mbaile mór. "Is lag é nádúr an
duine," mar deir an sean-fhocal agus deirim-se nach hé
an duine is cionntach acht an dlighe bradach a thug air
a dhul san áit a raibh gach diabhalaidheacht agus droch-
iomchar dá mheasa!"
"Maise, dar go deimhin, is fíor dhuit é, a Aoidh,"
ars' an mháthair. "Féach céard a thárla do bheirt mhac
Mháire Ní Riain de bhárr a bheith ag goid — agus nár lághach
cneasta an bheirt bhuachaillí iad sa mbaile. Marach
gur cuireadh as a gcuid talmhan iad, is beag an
baoghal go n-éireochadh a léithid de chleas dóibh. Tá
an a droch-chomhluadar i n-ann aon rud dá mheasa a
dhéanamh, a stóir, agus 'sé tharraing i mbealach a mbasgtha
iad-san mar dubhairt a máthair."
Bhí an phroinn thart anois acht amháin an "fliuchadh
béil" a bhí dhá ól ag na fearaibh thar éis an bhídh.
"A Mháire, meas tú céard tá ar "Adonis" le
nach bhfuil smid dhá rádh aige ar feadh an tráthnóna?"
arsa Gráinne. "Agus féach mar tá sé gléasta!"
"Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil Caitlín le theacht?"
arsa Máire.
Níor fhan smid ag Gráinne, agus tháinig gruaim mhór ina
haghaidh ar an bpointe.
"Anois, ná bí éadmhar!" arsa Máire. "Nár shíl
mé nach raibh aon tsuim agat ann 'chor ar bith?"
"Leig dod' chuid amadántacht agus téidhmís amach as
an seomra so" arsa Gráinne.
Suas léithi na staighrí agus níor bh'fhada gur fhill sí agus í
gléasta thar cionn. Níor chosamhail gur mhian léithi
an báire a beith ag Caitlín dá mb'fhéidir é.
Rug sí ar leabhar agus bhí i gcleitheamhnas a bheith ag
léigheadh, acht mo léan, ní ar an leabhar a bhí aire aici!
Is gearr gur chualadar torann an charbaid ag teacht
agus i gceann cúpla móiméad bhí Rós agus Caitlín ar an
talamh. Acht bhí duine eile leo, Nóra Laoide, a tháinig
ar chuireadh gan iarraidh. Acht ó tháinig sí agus go dtáinig
fáiltigheadh roimpi, ár ndóigh, mar gach duine. B'ait
an cailín í — má's "cailín" badh chóir dhúinn a thabhairt
uirri, agus béidh tuilleadh againn le rádh 'na taoibh amach
annso Thárla dhi féin agus do máthair Caitlin castáil
dá chéile an lá seo sa mbaile mór agus bhíodar le chéile ag
teacht a bhaile. Nuair a chualaidh sí go raibh Rós agus
Caitlín leis an tráthnóna a chaitheamh i dtigh an
Cheithearnaigh dheamhan sin cas ná náire a bhí uirri a rádh
go rachadh sí leo, agus buaileann sí suas ar an gcarbad i
n-aoinfheacht leo mar dhéanfadh bean!
"Tá aithne mhaith aca ar mo dhearbhráthair" ar sise
"agus ní baoghal go mbeidh mé gan fáilte."
Ce bhuailfeadh isteach tamall beag thar éis na mban
a theacht acht dearbhráthair do Rós agus do Chaitlín, a
sgorach óg caol árd arbh ainm dó "Learaidhe." Sé
Aodh a d'fhosgail an doras le na leigean isteach agus ní
raibh fhios aige fá thalamh na hÉireann cé bhí aige ann
nuair a bhuail mo stócach isteach. Bhí sé leath-phréachta
leis an bhfuacht, agus is ar éigin a d'fhéad sé labhairt ar
dtús leis an gcreathadh a bhí air. "Cheal nach bhfuil
fhios agat cé tá agat ann?" ar seisean sa deire.
"Ara, maise leag annso í!" arsa Aodh, "agus do
chéad míle fáilte. Cé'n chaoi bhfuil tú chor ar bith?
Dar mo choinnsias, d'fhóbair go ndearmadóchainn gur
tú bhí agam ann!"
"Níorbh' iongnadh ar bith é dhá ndearmadóchthá féin.
Céard a bhí orm acht cóta cabhlach, a mhic ó, an uair a
chonnaic tú mé fá dheire."
"Mh'anam maise gur bh'eadh" arsa Aodh ag leigean
a sean-sgairt gháire. "Acht siubhail uait isteach sa
bpárlús."
Isteach leo. "Seo é Mac Uí Ainnlighe," arsa Aodh,
"a tháinig ar cuairt chugainn."
Bhain gach duine lán na súl as m'ógánach breagh acht
amháin an dochtúr. Bhí seisean ag smaoineadh ar rud
eicínt eile agus áird ar bith níor thug sé air nó
corrughadh ní dheárnaidh sé.
"Ara, cé'n chaoi bhfuilir, a Riocaird," arsa mo
dhuine, "ó chonnaic mé cheana thú?"
Phreab an dochtúr. "Maise dheamhan ar féidir gur
tú tá agam ann," ar seisean, ag breith ar láimh air.
"Mh'anam gur mé," ar seisean.
"Ara, nach diabhalta mar mhéaduigh tú," ars' an
dochtúr.
"Measann tú an dtáinig asam go maith ó sgar mé
leis an gcóta cabhlach," ar seisean.
"An dtáinig asat! Má leanann duit ag fás mar
sin is gearr nach mbéidh do léithid le fághail, a mhic ó,"
arsa Riocard.
"'Mbéidh gloine uisge beatha agat?" ars' an
Ceithearnach. "Seo, caith siar í seo. Deamhan blas
dochair a dhéanfas sí dhuit."
Bhí a bheirt deirbhshiúr agus inghean an Laoidigh i seomra
eile le Máire agus le Gráinne, agus bhí faitchíos a
anama air go mbéarfaidís air ag ól, acht mar sin
féin beireann sé chuige ar an ngloine agus bhí sé
go díreach 'ghá caitheamh siar go beo deifreach nuair a
d'airigh sé gíosgán bróg. Shíl sé go mbeadh sé
i ngreim, agus is beag nár thacht mo dhuine bocht é
féin ag sgaoileadh siar an lán béil a bhí aige, annsin
ritheann sé treasna an tseomra agus leagann an ghloine
leath-fhollamh i bhfiadhnaise Mhic Uí Luaithe. Acht nuair
a chonnaic sé nach raibh duine ar bith ag teacht isteach,
téidheann sé anonn arís, beireann ar a ghloine,
crochann í agus "snig" níor fhág innti gan amháin "goirim
do shláinte" a rádh le Mac Uí Luaithe nach raibh a fhios
aige beirthe nó beo cé'n fáth an ghloine a leagan
i n' fhiadhnaise féin.
"Cé'n chaoi a bhfuil t'athair nó cá fhaid de ó fhuair
sibh aon sgéala uaidh?" ars' an Ceithearnach.
"Dheamhan fhios agam. Níl sgéal nó sguan againn
uaidh acht amháin go bhfuil sé i mBaile Átha Cliath."
Dligheadóir a bhí san athair agus ba mhinic i mBaile Átha
Cliath é. Níorbh' fhear sgaoilteach é agus ba bheag duine
a mbíodh fhios aige céard a bhíodh sé a dhéanamh sa
gcathair. Bhí feilm thalmhan aige i bhfoigseacht míle
do Chnoc na nGabha, agus bhí teach breágh aige ar an
bhfeilm na gcomhnuigheadh a bhean 's an comhluadar.
Níor mhinic ann é féin. Tagadh sé ó am go ham ar
nós na liabóg agus ní airightí go mbíodh sguabtha
leis arís.
"Buailimís isteach chuig na mnáibh," ars' an
Ceithearnach, "agus bíodh ceol 's amhráin againn go
ceann sgathaimh. Giorróchaidh sé an oidhche dhúinn."
Chuaidh na fir go léir isteach acht amháin an dochtúr
agus Learaidhe.
"Ara, le hanam do mharbh, a Riocaird, agus inis dom
céróch sgéal é seo atá ag Rós agus ag Caitlín 'do
thaoibh!" arsa Lear dhe. "Chualas iad ag rádh go
bhfacadar thú indiu, acht bhí siad ag gáire chomh mór 's
nár fhéad mé a dtuigsint. Ar chuma 'r bith bhí siad
ag trácht ort-sa agus ar an bportach."
"Dún do bhéal anois agus leig dod' chuid seafóide,"
ars' an dochtúr. "Ní raibh trácht aca ar thada dá
léithid, — ní raibh sin," ar seisean ag líonadh gloine
fíona suas go béal agus 'ghá caitheamh siar. "Amach linn
chuca feasta."
"Mh'anam go mb'fheárr liom-sa san áit a bhfuil
mé," arsa Learaidhe, ag baint lán na súl as buidéal
an uisge beatha.
"Ní iongnadh sin, a mhic ó! Nach bhfuil Rós agus
Caitlín annso?" ars' an dochtúr.
"Mh'anam go bhfuil — agus ní thomhaiseochthá cé eile?"
"Ara, a dh--l, a Learaidhe, cé hí?" ars' an
dochtúr.
"Inghean an Laoidigh, a m'anam!"
"Inghean an Laoidigh!" "Tá tú ar fágháil, a Sheagháin
Figheadóir!" Ara, céard a thug 'na tighe ise? A
Learaidhe, a mhic ó, is ait an saoghal é, agus níl aon
rígheachan le cuid de na mnáibh."
"Tá mé ag ceapadh nach bhfuil, a Riocaird," arsa
Learaidhe.
"Níl, maise, — béidh 'fhios agat féin fós é. Achta
meas tú cad chuige a dtáinig sí?"
"M'anam gur chuir tú ceist orm! Cá bhfios dom?
Bhí iongnadh an tsaoghail orainn go léir — bhí sin — nuair
cé bhuailfeadh chugainn ar charbad an phosta acht í i
n-aoindigh le mo mháthair agus imthigheann léithi de
mhaol a mainge le Rós agus le Caitlín."
"Tá 'fhios agam-sa go maith céard a thug 'na tighe í,"
ars' an dochtúr sa deire. "M'anam go bhfuil 'fhios
go maith! Béidh greann ann, a Learaidhe."
Bí Gráinne ag gabháil an amhráin "ocht gcéad déag
acht dó" agus 'ghá chur amach dá croidhe go breágh nuair a
bhuail an dochtúr isteach go ciuin éadtrom-chosach, agus
chraith lámh leis na mnáibh óga. Do thaithnigh an
t-amhrán go mór leo go léir agus is ann a bhí an bualadh-
bos.
"Is áluinn an t-amhrán é sin," arsa Mac Uí Luaithe.
"Cé sgríobh é?"
"Chualas m'athair 'ghá rádh," ar sise, "gur sgoláire a
a bhí i gColáiste na Tríonóide a sgríobh é. Níl aon
amhrán dá bhfuil sa leabhar seo nach dtáinig amach ar
dtús san "Nation." Sean-fhuinn Gaedhealacha atá
orra go léir acht amháin an t-amhrán seo a bhfuil fonn
nuadh air."
Bhí Mac Uí Luaithe ag dearcadh thrí leabhar na
n-amhrán, agus iad ag taithneachtáil leis go rígh-mhór.
D'innis Gráinne dhó go bródamhail go raibh toghadh
aithne 'gus eolais age n-a hathair ar go leor dá lucht
sgríobhtha.
"Cé sgríobh é seo?" ar seisean, le ceann ar léigh
sé ceathramha dhe agus a thaithnigh leis thar cionn. "Badh
mhaith liom dá ngabhthá é le do thoil."
"Sin ceann d'amhráin Thomáis Dháibhis," arsa
Gráinne. "Fior-fhile a b'eadh é go cinnte. Is iongantach
an sprid agus an spreacadh atá in gach ceann dár sgríobh
sé. Is an-mhór a chuaidh a bhás ar mhuinntir na
hÉireann -."
"Mar gheall ar a chuid filidheachta — an eadh?" arsa
Mac Uí Luaithe.
"Mar gheall ar a chuid filidheachta — agus a ghrádh
tíre thar gach rud," arsa Gráinne. "Bhí cion agus gean
ag croidhe gach duine air, agus níl cur síos ar an meas a
bhí ag muinntir na tíre air. Á! ba mhór mór an
chailleamhaint é. Séard dubhairt Domhnall Ó Conaill
féin "go raibh na deora 'ghá dhalladh" nuair a fuair sé
sgéala a bháis."
"Go deimhin caithfidh mé a admhughadh — agus is soth
liom a rádh — nach bhfuil eolas ar bith agam na thaoibh,"
arsa Mac Uí Luaithe. "Acht do réir mar chualaidh
mé, dligheadóir óg a bhí ann, nach mbíodh mórán le
feiceál 'na thaoibh sna páipéir nuaidheachta. Creidim
anois go mb' an-inntleachtach an fear é."
"Ó," arsa Gráinne, "ní raibh aon tír-ghrádhuightheóir
ag ár dtírín duthchais a b'fheárr 'ná é, agus mairfidh a
chliú agus a cháil go lá luain an bhráthaich i measg na
nGaedheal. Ní raibh aon fhear teagaisg ná comhairle
againn mar é, ná aon sgríbhneoir a b'áilne smaointe agus
ba mhó cumhacht agus brígh 'ná é in gach rud dár sgríobh sé.
Tá a chuid filidheachta thar cionn le fuinneamh, croidhe-
amhlacht, agus grádh-tíre agus ní raibh sé ann an té a bhí
i n-ann croidhe agus misneach, teagasg agus comhairle a
thabhairt do Ghaedhil mar é i gcomhnaidhe. Go deimhin,
an fhad 's beo Gaedhil, ní dhearmadóchar gach a
ndeárnaidh Tomás Dáibhis ar son na hÉireann."
Bhí iongnadh mór ar Mhac Uí Luaithe ag a raibh
d'eolas aici i dtaoibh an fhile agus chomh duthrachtach 's
chuir sí síos air. Chuaidh an cur síos seo go han-mhór
ar fad ar Aodh, agus tháinig díombáidh mór ar a
chroidhe. Ba dheacair leis fulaingt chor ar bith le trácht
ar splíontaidheacht agus ar spídiúlacht na nGaedheal, nó
le tada i dtaoibh duine nó daoine a chuirfeadh i n-ath-
chuimhne dhó an chaoi a mb'éigin di fulaingt le
treasgairt agus géar-leanamhaint ó na Gaill. Ní raibh
ann acht togha Éireannaigh ó mhullach a chinn go bonn a
choise. D'aithnigh Máire air go maith gur chuir an
trácht seo a bhí ag Gráinne agus ag Mac Uí Luaithe i
dtaoibh Thomáis Dáibhis, brón mór ar a chroidhe, mar
ghnítheadh cainnt dá léithid i gcomhnaidhe. Bhí éad agus
fearg chomh maith le chéile ar inghin an Laoidigh ag Mac
Uí Luaithe a bheith ag cur suime ar bith i gcainnt a
léithide de ghiorsaigh. Acht ní "giorsach" a thug sí
uirri acht "páiste" 'n-a hintinn féin. Ní raibh uaithi
féin acht faill 'fhágháil le bleid a bhualadh air, agus bhí
sí líonta le héad ag an gcaoi a raibh an oidhche ag
imtheacht mar go dtáinig sí i n-aon turas le m'óig-
fhear múinte, Mac Uí Luaithe, a fheiceál. Dheamhan
aithne a bhí uirri an raibh cead ag duine ar bith eile
smid a labhairt leis. Do bhí sin "Sighle Caoch" uirri
féin má shíl sí a léithid.
CAIBIDIL XVI.
INGHEAN AN LAOIDIGH.
Dubhramar go mbeadh beagán le rádh againn i
dtaoibh Nóra Laoide a tháinig ar cuairt i dtigh an
Cheithearnaigh ar chuireadh gan iarraidh. Ní fhéadfadh
an "cailín" céadna a dhéanamh acht an aisteamhlacht,
an rud a bhí go síorraidhe ag siubhal léithi. Agus ní
aisteach i mbealach nó in dhá bhealach a bhí sí acht an
n-oiread, acht sháruigh sí ar a dtiocfaidh agus a dtáing le
n-a haisteamhlacht — sháruigh sin. Súil níor leag sí ar
aon óig-fhear deas riamh gan a bheith, dar léithi, i
ngrádh leis. Deireadh sí féin ar chuma ar bith go
raibh a croidhe briste 'na dhiaidh. Ba mhinic a máthair
agus a gaolta fá imnidhe fúithi mar gheall ar an ngalra
croidhe seo a bhíodh go síorraidhe ag gabháil di, agus gan
leigheas i ndán dó. Bhí 'ch uile duine dá gaoltaibh ag
déanamh iongantais í 'bheith beo 'chor ar bith agus chomh
minic is bhí sí i gcontabhairt bháis ag an "gcroidhe"
céadna. Acht ár ndóigh, tá "tinneas-croidhe" 's
"tinneas-croidhe" ann, agus ní go minic anois a ghníos
an grádh duine a chur sa riocht 'ná mbíodh sise. Má
ghníonn, ní ag gach duine a bhí a fhios é ar chuma ar bith.
Ba mhór an truagh saoghalta an bhean bhocht ag a
ndeachaidh sí thríd. Dhá mbeadh "croidhe" aici i
n-aghaidh gach méire coise nó láimhe dá raibh uirthi ní
bheadh ceann aici gan a bheith goidte as lár a cléibhe bhí
sí chomh héasgaidh sin 'ghá sgaoileadh 'un bealaigh. Indiu
ní bheadh "steár" aici i ndiaidh ógánaigh óig i n-aois a
naoi mbliadhna déag, agus lá ar n-a bháireach ní bheadh
splannc aici i ndiadh sean-fhir eicínt a d'fhéadfadh a
bheith 'na sean-athair aige. Bhí sí gan a bheith i riocht a
leabaidh 'fhágáil ar feadh trí seachtmhaine aon uair
amháin i n-áit ar thug sí grádh do shean-fhear a bhí i
n-aois a chúig bliadhna 's trí fichid. Casadh dá chéile
iad ag bainfheis. Bhí inghean a inghine dhá pósadh agus bhí
Nóra Laoide ar dhuine de na mnáibh a sheas léithi. Bhí
an sean-fhear 'na bhaintreabhaigh agus pé 'r bith rud
a bhain dó nó rinne sé, dheamhan munar shíl Nóra
go raibh súil na glasóige aige uirthi féin. Sin é
d'fhág 'na luighe í féin ar feadh trí seachtmhaine. Ní
fhaca aon fhear dá maireann a léithid, bhí sí chomh
fiafruightheach sin. Bhí fios ag tastáil uaithi i dtaoibh
'ch uile rud. Theastuigheadh fios uaithi céard a bhíodh 'ch
uile dhuine de na comharsannaibh a dhéanamh, cé a bhíodh
ar cuairt ag a léithidí seo nó siúd, ché an bealach a bhí
le gach duine a thigeadh thar paráiste isteach, cad
chuige a dtáinig sé, cá fhaide go n-imthigheadh sé, céard
a thug an taobh tíre sin é, nó ar le cleamhnas a
dhéanamh a tháinig sé? D'éisteadh sí ag fuinneogaibh,
bhuaileadh sí isteach i dtigthibh gan cuireadh gan iarraidh
nuair nach mbíodh aon tsúil léithi, nó b'fhéidir aon
fháilte roimpi. Acht ba chuma léithi. Ní raibh uaithi
acht fios, agus níor mhisde léithi céard a déarfaidhe léithi.
Bhuaileadh sí bleid ar chailíníbh aimsire agus ár bhuachaillíbh
i lár na sráide ag iarraidh feasa 'fhágháil uatha. Cé'n
t-iongnadh mar sin í 'bheith i lár an chomhluadair seo?
Bhí an-éad amach 's amach aici le Gráinne fá n-a
raibh de shuim ag Mac Uí Luaithe innti. Ní raibh, fhios
aici fá thalamh na hÉireann cad chuige a léithid d'óig-
fhear a bheith ag tabhairt aon áird ar "chabaireacht
giorsaighe." Tháinig sise d'aon úim amháin len'
fheiceál agus lea n-a dóthain agus a leor-dhóthain cainnte a
dhéanamh leis, agus ní raibh faill aici focal a rádh leis ag
a raibh de shiosga ar siubhal ag an "bpriompallán
giorsaighe" sin! Nárbh 'é seo seo! 'nDomhnach ní
móide gurbh' ise an t-aon bhean nach mbeadh seasadh
le n-a héad ar ócáid mar é.
Sheinn Rós go deas binn-ghothach ceolmhar thar éis a
hamhráin a bheith gabhtha ag Gráinne. Leagadh chuca an
tae annsin agus thosuigh an comhrádh. Bhí inghean an
Laoidigh gléasta go háluinn agus súil ní raibh sí ag
tógáil de Mhac Uí Luaithe a bhí ar a haghaidh. Mara
dtug sé fá deara an bráighsiléad luachmhar a bhí uirri
ní aici-se a bhí neart air.
"Cá bhfághann tusa do chuid tae?" ar sise le bean
an tighe. "I dtigh Uí Fhaoláin 'seadh d'fhághas muide é,"
ar sise ag cur na súl trí Mhac Uí Luaithe arís.
"Nach aisteach mar labhras cuid de na daoinibh!"
ar sise. "Meas tú céard a dubhradh thoir ina shiopa
acht nach raibh pighinn spré ag ceachtar againne! Ar
chualaidh aon duine beo a léithid de sgéal? Níl ar
aire chuid de mhuinntir an tsaoghail seo acht a bheith ag
cúl-chainnt agus ag biadán. Agus dhá n-insidís an
fhírinne cé'r chás é — acht a chur thart ó bhéal go béal nach
raibh feoirling ruadh againn! Tá, maiseadh, agus ná raibh
maith ag duine ar bith ar mór leis dhúinn é! Tá dhá
míle punt de spré i dtaisge lem' aghaidh-sa, agus míle le
haghaidh 'ch aon duine de mo dheirbhshiúrachaibh agus is féidir
leat-sa sin 'inseacht do dhuine ar bith is maith leat, a
bhean an tighe," ar sise.
Bhí a cheann beagán faoi ag Mac Uí Luaithe mar bhí
'fhios aige go raibh gach duine ag dearcadh air, acht
níor leig sé air féin gur mhisde leis céard a bhí ar
siubhal.
"Chualaidh mé," ar sise arís, "go bhfuil Mac
Hemphill thar éis a theacht a bhaile. Níor éirigh liom
a fheiceál fós, acht deirtear liom gur an-deas an
t-óig-fhear é, agus deir Riobard gur óig-fhear an-
inntleachtamhail é freisin."
Tá aithne mhaith agam-sa ar a dhearbhráthair," arsa
Learaidhe go garbh-ghlórach ó'n taobh eile de'n bhórd.
Bhí sise go díreach ag dul ag ól blogaim as an
gcupán nuair a sgannruigh glór garbh Learaidhe í chomh
mór 's gur sgaoil sí uaithi an cupán agus anuas leis 's
rinneadh smidiríní dhe.
Ní cheideonachadh bean an tighe tada éirghe do'n
chupán céadna ar go leor, ag chomh mór is thaithnigh an
saghas céadna le n-a honcail Domhnall. Acht cé go
raibh cathughadh mór aici 'na dhiaidh ní raibh faill aici a
chásughadh fá láthair, mar éirigheadh ó'n mbórd agus tos-
uigheadh ar an rinnce.
CAIBIDIL XVII.
CUAIRT AGUS CÉILIDH.
Thosuigh an damhsa. Dhaimhsigh an Dochtúr agus Mac Uí
Luaithe le beirt inghean Uí Ainnlighe, agus ní bréag a radh,
mar deir Riocard Mór, "gur lúthmhar éadtrom,
deas a dhaimhsigh siad an cúrsa." Bhí Máire ag seinnm
dóibh go cliste croidheamhail, agus ní mó 'ná sásta a bhí
Gráinne nuair nár iarr duine eicínt de'n bheirt uirthi
féin rinnceadh leis. B'éigin d'Aodh ar ndóigh bualadh
anonn agus inghean an Laoidigh a thabhairt ag rinnce, agus
amach le Learaidhe agus le Gráinne freisin.
Mar tá a fhios againn cheana, agus mar bhéidh a fhios
againn arís, b'aisteach an buachaill é an Learaidhe
céadna, agus b'aistighe 'ná sin an feisteas a bhí air an
oidhche seo, agus b'aistighe 'ná sin arís an glór garbh a bhí
aige. Ba chosamhail go ndeárnadh an cóta bhí sé a
chaitheamh len' aghaidh bliadhanta ó shoin. Bhí sé ró-
chumhang ins na guailnibh, agus ní raibh na muinchillí ag
sroicheachtáil thar a uilinneachaibh. Ní raibh an cóta ag
dul síos thar leath a dhroma, agus bhí a bhríste chomh fair-
sing is gur beag nach bhféilfeadh sé do'n Bhuailteoir
féin. Ní go ró-mhaith a thaithnigh sé le Gráinne chor ar
bith, agus níor chosamhail go raibh fúithi mórán a rádh leis;
acht níor bh'é sin fearacht aige-sean é, áitigheann air
ag cainnt ar an bpointe boise 's ar thosuigheadar ag
damhsadh.
"Cá fhad de tá tú ins an gcomharsanacht so?" ar
seisean.
"Dó nó trí de sheachtmhaine" ar sise, ag teannadh
uaidh amach agus ag breathnughadh go mí-chéadthach air.
"Cogar" ar seisean, "má thagann tú liom, dheamhan
áit iongantach a chonnaic tú riamh mar thasbáinfeas
mé dhuit"
"Céaróch áit?" ar sise.
"Uaimh thalmhan" arsa Learaidhe. "Níl a fhios ag
mórán cá bhfuil sí acht agam féin."
"'nDomhnach!" arsa Gráinne ina hintinn féin,
"cá bhfios nach faoi an talamh a chaitheann sé cuid
mhaith dá shaoghal."
Bhí Aodh aineolach go leor ar an rinnce a bhí ar
siubhal agus bhí sé ag dul amudha ann. Níor thaithnigh
sin leis an Dochtúr agus chuir sé faoi ndeara do Ghráinne
athrughadh a dhéanamh le inghin an Laoidigh — rud a
thaithnigh le Gráinne ceart go leor, acht a chuir pus agus
fearg ar an mnaoi eile.
Nuair a bhí an damhsa criochnuighthe gabhadh amhráin agus
ghabh an Ceithearnach féin an "Crúiscín Lán" go binn-
gothach ceolmhar sul críochnuigheadh siamsa na hoidhche.
Ní rabhadar 'taobhadh le aon damhsa amháin agus d'éirigh le
inghin an Laoidigh rinnceadh aon uair amháin le Mac Uí
Luaithe, rud, ar ndóigh, a thaithnigh léithi thar cionn. Ar
a dhul a bhaile d'inghíní Uí Ainnlighe, ar ndóigh, a ní
dheachaidh iadhadh ná foras ortha acht ag cur síos ar na
daoine ar chaitheadar an tráthnóna leo. Mhol Caitlín
an Dochtúr thar cionn agus ní mó 'ná mhol inghean an
Laoidigh Mac Uí Luaithe.
"Fear níos deise 'ná é ní fhacas le mo dhá shúil
riamh" ar sise, "agus gruaig níos deise 'ná tá air ní
fhaca mé ar aon fhear."
"Tá gruaig dheas air go cinnte" arsa Caitlín.
"Molaidh é má's breágh libh é," arsa Rós, "acht b'fheárr
liom aon mheanga gáire amháin ó Aodh Ó Ceithearnaigh
'ná é ar fad!"
"Nach iongantach an rud leat é" arsa inghean an
Laoidigh, "chomh héasgaidh 's leigeas cuid de mhnáibh
óga an tsaoghail seo amach chomh mór 's thaithnigheas fir
óga áithridhe leo seachas a cheile."
"Leigim-se amach i gcomhnaidhe é," arsa Rós, "nach
leigir-se?"
"Pé 'r bith céard ghním nó nach ndéanaim, tá aon
rud amháin nach ndéanaim dearmad air — 'sé sin gur
bean uasal atá ionnam," ar sise.
"Muise, ó bhain tú asam é," arsa Rós, "ní féidir
liom-sa a rádh gur mórán aithne 'ná eolais tá agam
ort; acht do réir mar chuala mé creidim nach dtéidh-
ean iadhadh ar bith ort acht ag inseacht chomh mór agus
thaithnighea — ní hé amháin fir óga, acht sean-fhir
chríonna chaithte leat!"
Smid níor labhair inghean an Laoidigh le a raibh
d'fheirg uirthi.
Ó'n oidhche sin amach ní raibh "stéar" aici i ndiaidh
Mhic Uí Luaithe agus bhí a "croidhe" chomh dona agus bhí sé riamh.
An oidhche sin bhí cainnt is comhrádh ag an gCeithearnach
le Mac Uí Luaithe i dtaoibh na talmhan agus d'inis dhó go
raibh Beresford Pender len' fheicéal lá ar n-a
bháireach.
"Creidim go bhfuil sgéal nuaidhe eicínt aige led,
aghaidh ó d'oncail," ar seisean.
"Is mór an truagh," ar seisean, "nach dtagann sé
agus an dúithche 'fheiceál é féin. D'fhéadfainn-se toghadh
talmhan a thasbáint dó anois a bhí 'na bhograch bháidhte
roimhe seo mar tá a fhios aige féin. Ní dóigh go
ndearmadann sé an uair a ndeachaidh a chapall 'ghá
bháthadh sa muing chéadna agus tá súil agam go dtiubhraidh
sé laisgine dhom ar son an réimse fliuch céadna a
thriomughadh."
"M'anam gur mór a chaill tú le n-a thriomughadh ar
chuma ar bith," arsa Aodh, "tá cunntas an chostais
agam-sa."
"Anois, nach bhfuil sé chomh maith dhíbh a dhul a chodladh i
n-ainm Dé 's Mhuire," arsa bean an tighe. "Tá sé a
haon déag a chlog agus tá ar Mhuiris a dhul chuig an aonach,
le heirghe an lae."
"Caithfidh mé a bheith leath-bealaigh ann sul éireochas
lá, má's é sin do sgéal," ars' an Ceithearnach "agus tá sé
chomh maith dhom an leabaidh a thabhairt orm féin feasta.
Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit agus codladh sámh," ar
seisean le Mac Uí Luaithe.
Suas le Aodh agus cuireann an fhídeog a bhí i seomra
an Dochtúra i bhfalach faoi an leabaidh ar fhaitchíos go
mbuailfeadh fonn ceoltórachta an dochtúr i lár na
hoidhche, mar bhuail oidhcheannta roimhe sin.
CAIBIDIL XVIII
MAC UÍ LUAITHE AGUS LITIR A MHÁTHAR.
Chuir Mac Uí Luaithe an saoghal thairis i mBaile na
Claise go haoibhneach sásta go dtí seo. Bhí suim mhór
aige i n-inghin an Cheithearnaigh, agus ní raibh aige acht
malairt. Acht ar maidin an lae thar éis an Chéilidhe
fuair sé litir ó n-a mháthair a bhain geit as agus a chuir
criothnughadh ann. Ó'n gcéad mhaidin ar sgannruigheadh
é nuair a chualaidh sé an droma dhá bhualadh ní dheach-
aidh a léithid de chriothnughadh thríd is chuaidh ar léigheadh
na litre seo dhó.
Ins an litir thrácht an mháthair ar chomh contabhairteach
is bhí sé dhó a bheith i dTiobraid Árann. Dubhairt sí go
gcualaidh sí go raibh tighearnaí talmhan agus lucht bailighthe
an chíosa dhá gcaitheamh agus dhá marbhughadh ann 'chuile lása
tseachtmhain; d'innis sí mar sgríobh Pender ag rádh
go ndeárnadh iarracht ar é féin a mharbhughadh trí
huaire, agus "a stór mo chroidhe thú," ar sise, "seachain
an gcuirfeá-sa i gcontabhairt thú féin. Cia mar thaith-
nigheas muinntir Cheithearnaigh leat? Hinnsigheadh rud
eicínt eile dhom nár mhaith liom trácht leat 'na thaoibh.
Creidim gur lághach fáilidhe deagh-chroidheach an fear é
an Cheithearnach, agus gur groidheamhail subháilceach flaith-
eamhail an bhean atá aige; acht an dtug tú fá deara
chomh haisteach is tá an mac is sine? Creidim nach ag
gach duine tá a fhios cé na smaointe atá 'na chroidhe
nó céard tá faoi a dhéanamh. A Hannraoi chroidhe,
seachain thú féin! Bí áirdeallach aireach, agus tá sé air
agat! Bí cúramach céillidhe fad-bhreathnuigheach, agus ní
mór dhuit é! Nach ndeir siad liom go bhfuil inghean
dheas aoibhinn spéireamhail ag an gCeithearnach, agus go
bhfuil sí foghlumtha deagh-bhéasach, agus creidim go gcaith-
eann tú cuid mhaith de'n am i n-éindigh léithi. Anois,
a Hannraoi dhílis, ní thóigfidh tú orm an méid a déar-
fas mé leat, agus níor mhaith liom go dtóigfeá — is ar
mhaithe leat féin atá mé, is eadh sin, agus nár leigidh Dia
nach gcuirfinn comhairle do leasa ort, a mhicín mhúir-
nigh! Ní bean mise gan eolas ar an saoghal agus ar
chleasaidheacht daoine. Tá a fhios agam "go n-íosfadh
muca ciuine féin triosg," agus tá a fhios agam chomh deas
is d'fhéadfaidhe duine a mhealladh go héasgaidh. Tá a
fhios agam gur gnáthach croidhe bog ag an óige, agus gur
minic í claon do'n díth-chéille. Mar sin, a stór, tabh-
air aire dhuit féin. Badh cheart go mbeitheá féin
eolgach go leor i dtaoibh an tsaoghail anois, agus níor
chóir go mbeitheá chomh simplidhe 's go dteastóchadh
comhairle ná teagasg uait. Cuimhnigh ar an saoghal
atá romhat, agus ná dearmad gur mac duine uasail thú!
Níor tháinig do cholceathar, inghean de Buitléir, ar ais
fós, agus tá súil agam nach bhfuil tú gan sgríobhadh chuici
ó chuaidh tú go Tiobraid Árann. Níor mhaith dhuit
múisiam ar bith a chur uirri. Tá súil aici go gcuirfidh
a hathair faoi sa gceanntar sin sul i bhfad — ar fhágháil,
bháis do'n té a bhfuil an teach agus an talamh fá n-a
chúram le tamall fada."
Chuir Mac Uí Luaithe an litir 'na phóca, agus d'fhiafruigh
sé d'Aodh ar tugadh iarracht ar fhear cíosa ar bith a
mharbhughadh san gcomharsanacht le goirid, nó an raibh
ceachtar de thonóntaíbh an Ridire le cur amach.
"Níor chualaidh mé tada 'na thaoibh," arsa Aodh, "acht
níor bh'iongnadh liom dá dtugtaoi iarract faoi chuid
aca a mharbhughadh agus a bhfuil de dhaoinibh le cur amach.
Cuirtear amach an domhan bráthach daoine bochta an
t-am so gach bliadhain. Bíonn na daoine corruighthe
dá bhárr, nídh nach iongnadh."
"Bhfuil ceachtar de thonóntaíbh an Ridire le cur
amach?"
"Tá, go deimhin," arsa Aodh, "beirt de na tonónt-
aíbh is cneasta agus is saothruighthe dhá bhfuil ar an dúithche.
Tá siad ale cur amach mar gheall ar an riaráiste atá
caithte ar an talamh. Go deimhin badh cheart do'n Ridire
a theacht leis an áit 'fheiceál é féin. 'Sé an faitchíos is
mó atá orra nach mbéidh sé furasta léis a fhágháil uaidh
amach annso, agus go ndéanfaidh sé mar na tighearnaí
talmhan eile."
Sul bhí críoch ar an gcomhrádh, cé bhuailfeadh amach as
a chóiste beag ar an tsráid acht Beresford Pender.
Bhí gunna ar 'ch aon taobh dhe agus piostal sáidhte sa
gcrios a bhí fá n-a lár. Bhuail sé suas chuig an doras
agus bhuail é go láidir, agus d'fhiafruigh go feargach borb an
raibh Mac Uí Luaithe istigh.
"Rachad go bhfeicidh mé an bhfuil," ars' an cailín,
ag imtheacht.
D'fhan sé ag an doras ag fanacht go dtigeadh sí arais.
"Tá teach breágh agus áit shocamhlacht ag an gCeith-
earnach — tá sin," ar seisean leis féin; "acht dá mbadh
agam-sa a bheadh, ní bhéidís i bhfad aige. An gcualaidh
aon fhear dá maireann a léithid de sgéal — a léithidí
seo go socamhlach, gan puth as aer orra, agus daoine
uaisle i dtighthibh ceann tuighe, gan oiread is crann le
fasgadh a thabhairt dóibh; acht, dar sliabh! ní bhéidh sé
amhlaidh i gcomhnaidhe, nó rachaidh sé rithte liom-sa!"
Isteach leis, agus bhí Mac Uí Luaithe roimhe in aonar sa
seomra.
"Tháinig mé d'aon úim le beagán cainnte a bheith
agam leat, — thángas sin," ar seisean.
"Dubhradh liom go raibh tú ar mo thóir indé freisin,
acht níor éirigh liom a bheith sa mbaile" arsa Mac Uí
Luaithe.
"Tá a fhios agam nach rabhais," ar seisean. "Is
dóigh go bhfuil a fhios agat gurab é m'athair-sa atá ag
tabhairt aire do'n talamh ag an Ridire, agus gurab
orainn atá an cíos a bhailiughadh dhó."
"Tá a fhios agam sin," arsa Mac Uí Luaithe. "Go
deimhin bhí fúm cuairt a thabhairt oraibh ó tháinig mé
do'n taobh tíre seo; acht níor éirigh liom a dhéanamh."
"Anois, níl aon mhaith dhom a bheith ag déanamh
"Sgéal an Ghamhna Bhuidhe" dhe, acht tháinig mé le rádh
leat a bheith ar d'aireachas fad is bhéas tú annso. Ní
mór dhuit a bheith áirdeallach, a mhic ó — tá na droch-
dhaoine ann — bíodh a fhios agat é!"
"Cé'n baoghal atá orm, nó cé'n fáth a gceapann tú
mé a bheith i gcontabhairt?" arsa Hannraoi.
"Béidh a fhios agat amach annso é," ar seisean.
"Inseochaidh mé dom' athair go bhfuil tú le theacht ar
cuairt chuige. Is ait agus is rí-ait an saoghal é!"
"Nár sgríobh tú chuig mo mháthair le goirid, agus nár
dhubhairt tú go ndeárnadh iarracht ar thú a mharbh-
ughadh?" arsa Mac Uí Luaithe.
"Inseochaidh mé 'n-a thaoibh sin dhuit an chéad uair eile"
ar seisean ag dul amach ar an tsráid agus ag tabhairt na
súl thairis. Feiceann sé Máire a bhí ag breathnughadh
amach sa bhfuinneoig, "agus 'sí sin an spéir-bhean!" ar
reisean; is deas an cailín í — is deas sin!" ar
seisean, ag breathnughadh go mí-chéadtach arannta ar an
áit a raibh sí, agus ag dul de léim isteach 'n-a chóiste beag.
Cuir an chaoi ar dhubhairt sé na focla deireannacha
so an oiread feirge ar Mhac Uí Luaithe is gur beag
nár thug sé a shean-leadóg ar pholl na cluaise dhó, agus
sgaoil sé 'un bealaigh é gan focal eile a rádh leis agus
gan amháin lámh a chrathadh leis.
CAIBIDIL XIX.
IMNIDHE, SMAOINEADH, GREANN, agus SEANCHUS.
Bhí Máire ar an móiméad seo ag smaoineadh go
doimhin i dtaoibh go leor rudaí 'n-a seomra féin, agus
dar go dearbhtha ní raibh sí go ró-shuaimhneach 'n-a
hintinn de bhárr na smaointe céadna. Bhí sí ag
smaoineadh ar Mhac Uí Luaithe, mar aon duine amháin.
Thaithnigh sé léithi go mór, agus ní dhá mhéad eolais dá
raibh sí 'fhágháil air nach amhlaidh a bhí an taithneamh sin
ag méadughadh. Go deimhin, marach a bheith 'n-a Phro-
tastún dhó, thaithnigh sé chomh mór léithi 's go mbadh
ghearr an mhoill a bheadh uirthi a phósadh — dá dtéidheadh
sé chuige sin. Acht, a Mháire, má bhí seisean ag rith
thrí d'intinn an móiméad sin, bhí duine eicínt eile
freisin, is dóigh linn, nár dhearmad tú. Agus cé'r
bh'iongnadh mar sin go raibh tú beagáinín beag mí-
shuaimhneach in d'intinn? Níor bh'iongnadh ar bith é.
Bhí sí ag sgríobhadh litre chuig a deirbhshiúr Anna
nuair a rug sí ar an litir a chaith Brian aníos chuig
Gráinne, agus léigh sí í. Ba chosamhail go raibh rud eicínt
sa litir a chuaidh uirri go mór mar tháinig na deora
'n-a súilibh.
"A!" ar sise léithi féin, "b'fhéidir go gceapfadh
sé gur dhiúltuigh mé a theacht i láthair le labhairt leis!
Dia go bhfóiridh Sé orm! — níl 'fhios agam céard a
b'fhearr dhom a dhéanamh."
Thug Gráinne fá deara go raibh imnidhe nó buaidh-
readh eicínt ag gabháil do Mháire.
"Cé go dtí a bhfuilir ag sgríobhadh?" ar sise.
"Chuig Anna," arsa Máire.
"Cá fhaide i bhFlónndrais anois í, a Mháire?" arsa
Gráinne.
"Dhá bhliadhain, nó mar sin."
"Agus tá sí le dhá bhliadhain i gCoinbhint thall ann-
sin! Is beag an dochar dhi a bheith tuirseach de'n áit
chéadna"
"Nach bhfuil sé chomh cóir dhuit-se a bheith tuirseach
de'n áit a bhfuil tú féin ar sgoil?" arsa Máire.
"Acht tigeann cuid de na cáirdibh ar cuairt
chugam-sa," arsa Gráinne, "agus freisin bím sa mbaile
i gcomhnaidhe nuair a bhíos sgíth againn. Acht leis an
fhírinne a rádh, ní aon fhonn mór a bhíos orm a dhul ar
ais anois, mar tá 'fhios agat nach ionann anois agus
ariamh. Is iomdha fáth a bheadh agam le fanacht sa
mbaile anois nach raibh bliadhanta ó shoin."
"Tuigim sin ceart go leor," arsa Máire; "acht
anois, a Gráinne, dá mbadh agat féin a bheadh, an
mbeitheá sásta a dhul ar ais chuig an sgoil?"
"Bheinn," arsa Gráinne, "mar gurab é an rud
ceart le déanamh é."
"Is mairg nach ndéanfadh an rud ceart ar chuma 'r
bith," arsa Máire. "Déantar an dualgas ar dtús
thar gach rud."
"Go díreach," arsa Gráinne. "Má cheapaim-se
gur cóir rud áithrid ar bith a dhéanamh, buailim faoi — is
cuma liom a bheith so-dhéanta nó do-dhéanta dhó."
"Maise, goirim tú, a Ghráinne!" arsa Máire,
"tá ciall in do léithid; acht, fairíor! is minic gur
deacair a bheith cinnte glan céard atá ceart," ar
sise ag dearcadh ar an bpáipéar litre a bhí leagtha
os a comhair.
"Maise, anois, a Mháire, cad chuige a bhfuil daoine
ag rádh gur bean-riaghalta a bhéas ionnat?" arsa
Gráinne go tobann.
"Níl 'fhios agam, i nDomhnach! mara bhfuil 'fhios
agat-sa é," arsa Máire, ag lasadh suas.
"Creidim gur gheallamar a dhul ar cuairt chuig
Nóra Ní Laochdha indiu," arsa Máire, "agus nach feárr
dhúinn a bheith ag stócáil le n-imtheacht."
"Go deimhin, badh mhaith liom a dhul agus í 'fheiceál, a
Mháire, go cinnte; acht cuireann sé an iomarca bróin
agus dóláis orm a bheith 'n-a goir ná 'n-a gaobhar, an
créatúr agus an chaoi atá uirri! Sílim go rachad go
bhfeicidh mé cé mar tá ag éirghe le Eibhlín agus le n-a héan."
"Mar 's maith leat, a chuid" arsa Máire.
Ar imtheacht do Ghráinne, thosuigh Máire ar an
smaoineadh arís. Bhí sí idir dhá chomhairle cé b'fheárr
an litir a sgríobhadh nó gan a sgríobhadh.
"Á!" ar sise léithi féin, "nach mairg nach bhfuil
'fhios agam céard badh cheart a dhéanamh? Cé'n dochar
a bheadh sgríobhadh chuige ar chuma 'r bith, acht tá fait-
chíos orm — Ó! tá faitchíos orm, 'n-a dhiaidh sin 's
uilig, go mb'fhéidir nach ceart a dhéanamh. Marach a
bhfuil d'imnidhe ag gabháil d'Aodh mar tá sé, chead-
óchainn é."
Bhí Mac Uí Luaithe mar seo amuigh sa ngáirdín agus é
féin ag smaoineadh ar na "lorgaibh sa sneachta" a
chuir chomh mór sin thrí n-a chéile é ar dtús féin. Ní
fhéadfadh sé a leigean as a chuimhne 'chor ar bith, pé'r
bith cé'n fáth é. Bhí Aodh agus an Dochtúr ag uardal
anonn 's anall taobh amuigh freisin.
"Cé seo ar a chapall ag teacht chugainn anuas an
t-árd?" ars' an Dochtúr.
"An Laoideach, creidim," ars' Aodh. "Aithnighim an
capall."
"Mh'anam, maise! gurab é an fear céadna atá do'n
againn ann!" ars' an Dochtúr, ag dul síos fá n-a
dhéint.
"Tá fiadhach le bheith ar siubhal indiu," ars' an Doch-
túr, ag filleadh, "agus b'fheárr dhúinn a dhul ann."
Cuireadh na capaill i gcomhair le haghaidh an Doch-
tura agus Mhic Uí Luaithe. Ní raibh goir ag Aodh a dhul
leo, mar bhí cruadhóg air sa mbaile.
Bhí Máire agus Gráinne ar an tsráid nuair a bhíodar
réidh le n-imtheacht; agus, leis an fhírinne a rádh, ba bhreágh
an fear-diallaide Mac Uí Luaithe, agus b'fhurasta aithne
nárbh' an-eolaidhe de mharcac a bhí ann acht an oiread.
"Deir Gráinne gur breágh an marcach thú," arsa
Máire, ag meangadh, le Mac Uí Luaithe, ag imtheacht dó.
D'umhluigh Mach Uí Luaithe dóibh go múinte, agus é féin
ag meangadh gáire, agus lasg leis, mar bhí an Dochtúr
ag feitheamh leis.
Ar a bheith imthighthe dhóibh, cé thiocfadh anall chuig
Aodh acht Brian, agus é leath-priaclach go leor — 'n-áit ar
theastuigh coróin uaidh "leis an maighistir-damhsa 'íoch."
"Ara, a Bhriain, le hanam do mharbh agus 'sbáin dúinn
cuid de na céimeannaibh a d'fhoghluim tú uaidh," arsa
Gráinne.
"Mh'anam go 'sbáinfead, agus míle fáilte," arsa
Brian, "agus cad chuige nach 'sbáinfinn?" ag áitiughadh
air ag damhsa le n-a chosaibh móra fada mí-stuamdha.
Dheamhan fear dhá dtiocfaidh ná dhá dtáinig nach
mbeadh i lagrachaibh ag damhsa Bhriain.
Á! a Aoidh, go gcuiridh Dia rath ort, agus caith chuige
an choróin anois — is maith an aghaidh air a thabhairt dó
dhá mbeadh sé gan tada a dhéanamh dhuit riamh acht an
"céapar" damhsa sin," arsa Gráinne, ag gáire.
"Maise, go raibh seacht gcéad míle maith agat-sa,
a óig-bhean," arsa Brian. "Leabhar-sa! níl aon lá ó
chuir mé aithne ort nach bhfuil tú go maith dhom. Go
mbuanuighidh agus go méaduighidh Dia thú, agus go dtugaidh
Sé fear mór maith dhuit!"
Thug Aodh an choróin dó, agus, 'ár ndóigh, 'sé Brian a bhí
go buidheach beannachtach. Ar an bpointe 's a bhfuair
sé an t-airgead, lasg leis 'sna fásgaibh "leis an
airgead a íoc" adeir sé.
Ar a theacht ar ais do Bhrian, soir leis sa sgioból
an áit a raibh an Buailteoir agus Tomás Ó Meachair ag
bualadh coirce do'n Cheithearnach. Bhí an obair críoch-
nuighthe aca go díreach nuair a bhuail sé isteach.
"Ara, a Mhaitiú" ar seisean, "nach diabhlaidhe
breagh an oidhche ghrinn a bhéas agaibh ag bain-fheis
Éamuinn Uí Bhroithe! An ag teach an chailín óig atá
an bhain-fheis le bheith?"
"Ní headh," arsa Maitiú. "Ní bhéidh ann acht amháin
an pósadh. I dtigh Éamuinn féin a chaithfear an bhain-
fheis.
"'nDomhnach! chualaidh mise ag dul tharm nach
mbéidh bain-fheis de bhuidhe ná bán aca — má's fíor é"
arsa Tomás Ó Meachair.
"Cráidhteachán bocht é athair an chailín óig," ars' an
Buailteoir, "agus deirtear go raibh sé i n-aghaidh na
bain-fheise mar gheall ar a bhfuil an sagart le bhaint
amach ar son iad a phósadh. Bhí máthair Éamuinn an-
mhí-shásta mar gheall air freisin, agus marach a ndeárnaidh
mise de chainnt léithi ní chreidim go mbeadh sise
sásta le aon bhain-fheis acht an oiread. Acht tá againn
anois."
"Ara maise, m'anam!" "Dhá dhonacht maol, gur
measa mullóg," agus gurab é sin fhearacht aca-san é 'n-a
mbeirt, a mhicóchaí!" arsa Tomás Ó Meachair, "agus
gurab agam-sa atá 'fhios é — a chaith mo dhá bhliadhain
agus ráithe i n-aon teach léithi sin. Tá an d--l ar fad
uirri le cruadhas."
"Dheamhan smid ar bith bréige agat," arsa Maitiú a
Mór. "Ní rachaidh mé in t'aghaidh sa bhfírinne — agus nár
leigidh Dia go rachainn! — cé go bhfuil sí 'n-a col-
ceathar agam féin."
"An cuimhneach leat céard dubhairt tú léithi an lá
a dtug sí an leite dhúinn?" arsa Tomás Ó Meachair
ag meangadh.
"Ara, céard dubhairt mé, a Thomáis?" arsa
Maitiú.
"Dubhairt tú léithi an corcán a fholamhadh ar bhárr
Chnocáin an Charraigín, agus go gcuirfeá geall léithi nach
raibh cú ná madadh-geárr sa mbarúntas a choinneochadh
leis an leite ag cur an bhealaigh dhe ag dul le fánaidh!
Ní raibh lá uaidh sin amach nach bhfuaireamar toghadh
leite"
"Maise, leis an fhírinne 'rádh," ars' an Buailteoir,
"dheamhan lá riamh nár chuir sí suim san rud a déar-
fainn. Marach mise agus mo chuid bladair, ní bheadh aon
mhaith d'Éamonn féin a bheith ag cainnt léithi i dtaoibh
na bain-fheise. Ár ndóigh, badh mhaith liom-sa go cinnte
mo chuid féin de ghreann na bain-fheise a bheith agam;
acht, dar an leabhar! a bhuachaillí — agus go maithidh Dia
dhom an leabhar a thabhairt! — is ar mhaithe le Éamonn
féin a chaith mise mo dhúthracht léithi — 'seadh sin go
bhfuair mé an ceann a b'fheárr uirthi sa deireadh, mar
tá 'fhios agaibh-se chomh maith liom-sa cé'n cháil a
thiubhradh muinntir an pharáiste ar Éamonn mara
mbeadh bain-fheis bhreagh shlachtmhar ghroidheamhail aige,
acht gur tútachán agus cráidhteachán de phéisteánach a bhí ann."
"Maise, a badh mhór agus badh rígh-mhór an náire d'aon
fhear sin a rádh le Éamonn Ó Broithe," arsa Tomás
Ó Meachair, "mar fear níos fiúntaighe ná níos groidh-
eamhla 'ná é ní bhfuightheá in do shiubhal lae."
"Maise, mh'anam péin héin gurab 'in í an fhírinne.
Níor choisrig sé a mhala an fear is fiúntaighe 'ná
Éamonn, agus is agam-sa atá 'fhios é," ars' an Buail-
teoir.
"Meas tú bhfuil aon bhaoghal go gcorróchaidh duine
ar bith sa teach so istigh?" arsa Tomás. "Deirtear
gurab iomdha duine a bhfuil súil na glasóige aige i
ndiaidh Mháire. Mh'anam go gcualaidh mé Cáit 'ghá
rádh gur cosamhail go bhfuil gean mór aici ar an
Sasanach óg so, agus, dar fiadh! is breagh an fear é
freisin."
"Ní chreidim féin go bhfuil aon tsuim ag Máire
ann beag ná mór," ars' an Buailteoir.
"Mh'anam, maise, nach bhfuil 'fhios agam," arsa
Tomás, ag caochadh na leath-shúile, "cé go ndeir Cáit
gur i nduine eicínt eile atá an tsuim cheart aici."
"Meas tú cé hé?" ars' an Buailteoir.
"Cá bhfios dom, a mhic ó?" ars' Tomás.
"Ó tá críochnuighthe agat anois, taraidh uait soir
'un a' tighe liom, agus béidh cainnt agus comhrádh againn,"
ars' an Buailteoir.
"Dheamhan goir agam corrughadh a dhéanamh, a mhic ó,
go dtigidh an Dochtúr agus Mac Uí Luaithe ar ais, mar is
orm a bhéas caoi 's comhair a chur ar na capaill," arsa
Tomás.
"Dheamhan neart agat air mar sin," arsa Maitiú
Mór, ag imtheacht.
Ba ghnáthach leis an mBuailteoir a bheith breagh
croidheamhail misneamhail ag teacht a bhaile dhó gach
oidhche thar éis a lae oibre, acht an tráthnóna so ní
raibh sé baoghal ar bith ar chomh haoibhneach sásta 's
bhíodh sé. Bhí ualach ar a chroidhe. Agus céard a chuir
air é? Smaoineadh. Sin é chuir trí n-a chéile é —
smaoineadh i dtaoibh an tsaoghail, — 'seadh, agus i dtaoibh
dhuine áithrid éicint ar bh'fhéidir léithi sólás saoghail a
thabhairt dó, dar leis féin. Níorbh' é an chéad duine
é a bhí trí n-a chéile de bhárr smaointe mar sin, ná ár
ndóigh an duine deireadh a bhéas amhlaidh.
"Tá 'fhios agam go maith go raibh suim aici ionn-
am," ar seisean leis féin, "agus nach minic a thug sí le
tasbánadh é freisin? Nár tháinig sí an oidhche a raibh
an Céilidhe i dtigh mhuinntir' Mhurchadha, agus nár shuidh sí
síos lem' ais os comhair a sean-athar agus lán an tighe
d'feilméaraibh óga? Agus nach deas an comhrádh a
rinne sí liom freisin, ag cur síos ar an uair fadó,
an tráth a raibh an bheirt againn ag dul ar sgoil i
n-aoinfheacht? D'éirigh mo chroidhe le áthas nuair a
chonnaic mé í an oidhche chéadna thar éis a theacht ar ais
di ó Bhaile Átha Cliath. Agus nár lághach cáirdeamhail
mar tháinig sí anall go dtí mé os a gcomhair go léir!
Bhí sé dhá bhliadhain ó chonnaic mé í roimhe sin. Acht cé'n
mhaith do dhuine bocht mar mise a bheith ag smaoineadh
uirri? Agus caithfidh mé bheith ag smaoineadh uirri na dhiaidh
sin, mar nach bhféadfainn a leigean as mo chuimhne!"
"Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Mhaitiú!" arsa
triúr buachaillí óga a tháinig suas leis ar an mbóthar.
"Mh'anam gur breagh réidh uait an bealach a chur dhíot,
bail Dé ort!"
"Dheamhan mé má tá de dheifir orm, a bhuachaillí"
ar seisean.
"Bhfuil aon bhárr nuaidheacht' agat, a Mhaitiú?" ar
siad-san.
"Maise, dheamhan cuid aithris."
"Bhfuil 'fhios agat an bhfuil cleamhnas Éamuinn Uí
Bhroithe socruighthe fós?"
"Creidim go bhfuil."
"Badh cheart, maise, go mbeadh 'fhios agat-sa é,
acht bhí daoine ag rádh gur briseadh é, mar chleamhnas."
"Níor briseadh. Tá sé socruighthe eatorra, agus beidh
an lánamhain dhá bpósadh an Céadaoin bheag so," arsa
Maitiú.
"'nDomhnach! deir daoine marach easbaidh spré a
bheith ar inghin Mhic Uí Ógáin gurab í bheadh aige — agus dhá
mbeadh féin, bhí sí sáthach maith aige, mar cailín níos
deise 'ná í níl sa bparáiste. Ní mé cá fhaid de bhí sé
'n-a diaidh seo aige?"
"Níl 'fhios agam, acht creidim nach bhfuil i bhfad ó
d'éirigheadar mór le chéile," arsa Maitiú. "Is mise
tá le seasamh leis, agus mar sin caithfidh mé sgaradh libh
annso agus geábh a thabhairt go bhfeicidh mé an bhfuil mo
chóta nuadh réidh ag an táilliúr. Beannacht libh!" ar
seisean.
"Go soirbhighidh Dia dhuit!" ar siad-san, agus d'imthigh
leo agus cruaidh-shiubhal maith fútha.
"Níl 'fhios agam cá mbeadh a dtabhairt an tráth
so?" arsa Maitiú in' intinn féin, ag bualadh
isteach chuig an táilliúr.
CAIBIDIL XX.
PILIB Ó LAOCHDHA I mBUN A CHUID OIBRE.
"Go mbeannuighidh Dia annso!" arsa Maitiú.
"Go mbeannuighidh Dia 's Muire duit, a Maitiú!"
arsa Nóra. "Teann anuas agus suidh ag an teine."
Thug an Buailteoir fá deara go raibh Pilib ar a
bhord agus suidhe an táilliúra air. Shíl sé gur ag táill-
iúireacht a bhí sé ar dtús, acht, ar an dara hamharc a
thabhairt air dó, chonnaic se gur ag léightheoracht a bhí
sé.
"A Philib, tá súil agam nach gclisfidh tú orm, agus go
mbeidh an cóta sin réidh agat dhom i n-am," arsa
Maitiú.
Níor leig Pilib air féin go gcualaidh sé é, acht
d'fhuagair ar Thomáisín an t-iarann te a thabhairt
chuige. Mí-ádhmharach go leor, theangmhaidh méar Philib
leis an iarann ar a bheith ag breith air dhó, agus baineadh
uaill uathbhásach as. Bhí sé ag crathadh na láimhe go
raibh sé tuirseach agus annsin thosuigh 'ghá cuimilt dá
cheathramhain. Ní raibh sé sásta leis sin gur chuimil sé
i ngruaig a chinn í chomh minic 's bhí méar air ar a
laghad. Thug sé léim de'n bhord agus anonn leis go dtí
an balla. Tógann sé anuas éadaigh a bhí ar crochadh
ann, agus céard a thóigfead anuas fá dheire thiar thall acht
an cóta agus é réidh glan. Bhí Maitiú ag cur na sul
thríd an gcóta — nídh nárbh' iongnadh — an fhad 's bhí an
táilliúr ag gabháil dó — 'ghá iarnáil, ag baint na roc
as an éadach, agus ag tarraingt na gcomh-shnáth.
"Nach heo é Leabhar na Taragaireacht, a Philib?"
arsa Maitiú, ag breith ar an leabhar.
"Sé," ars' an táilliúir, ag tabhairt cuimilte ion-
gantaighe de'n iarann do'n chóta, "acht, cé gur ó
Aindréis Ó Duibhir féin a fuaireas é, ní hé an ceann
ceart é 'n-a dhiaidh sin."
"Meas tú bhfuil tada de'n fhírinne ionnta mar
tharagaireachta?" arsa Maitiú.
"Lom-chlár na fírinne, a mhic ó — ní tada eile acht
sin atá ionnta. Tá sé dhá chruthughadh 'ch uile lá sa
tseachtmhain. Acht seo, caith dhíot an sean-chóta sin
ort go beo!"
Bhain Maitiu dhe an cóta, agus bhí sé ag iarraidh gan
leigean air féin go raibh an iomarca bróid aige as an
gcóta nuadh, acht ba dheacair dhó gan a bhród as a
thasbánadh dhá mhíle buidheachas.
Chuir sé air an cóta nuadh ar áit na mbonn. Sheas
Pilib taobh thiar dhe, agus chuir a dhá láimh timcheall an
Bhuailteora chomh maith 's dá mbadh ag tomhais crainn
a bheadh sé. Dhúin sé an cnaipe uachtarach ann ar dtús
agus chuimil sé an cóta le n-a láimh in gach áit taobh thiar.
"Maise," ar seisean, ag bualadh basóige sa
ngualainn ar an mBuailteoir, "go mairidh tú 's go
gcaithidh tú é agus céad ceann is fearr 'ná é!"
"Maise, leabhar-sa! is breagh é, agus dheamhan blas
ann acht do dhíol go díreach. Téidheann sé dhuit go
han-bhreágh ar fad, a Mhaitiú," arsa Nóra, bean an tighe.
Go mairidh tú 's go gcaithidh tú é, a Maitiú!"
arsa Nora, an inghean bhocht.
"Go mairidh tú do shláinte, a Nóra," ar seisean.
Acht, fairíor! ní raibh an tsláinte aici.
"Cé mar tá sí ag teacht ar aghaidh?" ar seisean
leis an máthair.
"Maise, míle altughadh agus buidheachas le Dia! tá sí
ag teacht ar aghaidh go breagh le sgathamh anois, a
Mhaitiú — go mbadh slán an té a fhiafruigheas."
"Dheamhan a léithid d'fhear a bhéas ann, dhá mbeadh
sin agus an oiread eile ann" arsa Uilliam Ó hIthfearnáin,
a bhí 'n-a shuidhe sa gclúid agus an fhídeog treasna ar a
ghlúnaibh aige. "Bail ó Dhia 's ó Mhuire is ó dhaoinibh
ort, a Maitiú, agus nár fheicidh súil droch-dhuine thú, is
meas agus creideamhaint do'n pharáiste thú, pé'r bith cá
rachaidh tú!"
"Is fíor dhuit-se sin," arsa Nóra; "agus cuirfidh
mise geall leat gurab iomdha cailín a bhéas 'n-a dhiaidh
oidhche na bainfheise."
Bhain an Buailteoir dhe an cóta nuadh, agus bhuail air
suas an sean-chóta bréidín arís. Annsin tharraing
chuige a sparán agus thosuigh ag sgaoileadh na ruadhóg dhe.
Tosuigh Pilib ag filleadh an chóta agus gan é ag leig-
ean air féin go raibh aird ar bith aige ar sgaoileadh
an sparáin.
Thug an Buailteoir an t-airgead dhó amach ar a
bhois, agus bhí an bhean bhocht ag cur na súl thrí Pilib agus
thríd an airgead chomh maith le chéile, acht bhí Pilib go
tráthamhail ag cur a chuid spéacláirí 'n-a phóca agus céard
a dhéanfadh sé — i ngan fhios dó féin, mar' dheadh! —
acht an t-airgead a chur síos i n-aonfheacht leo.
"A Mhaitiú," ar seisean, "teastuigheann uaim go
géar go ndéanfá rud eicínt dhom."
"Céard é?" arsa Maitiú.
Bhreathnuigh an táilliúr idir an dá shúil air ar feadh
tamaill, acht ar ndóigh ní raibh 'fhios ag Maitiú céard
a bhí sé ag iarraidh a chur i gcéill dó.
"Beimíd ag cainnt faoi uair eicínt eile," arsa
Pilib. "Acht an gcualaidh tú an sgéal iongantach úd
atá ag gabháil thart?"
"Mh'anam nach gcualas," arsa Maitiú, le iongnadh.
"Céard é?"
"Deirtear liom — deirtear liom — nach bhfuil aon
rud is dóighe 'ná — go mbuailfear an Riaghaltas go
luath!" arsa Pilib.
Ar ndóigh ní raibh uaidh acht rud eicínt a chur ar bun
le súil 's go ndéanfadh an bhean dearmad ar an air-
gead a chuir sé 'n-a phóca. D'éirigh leis ceart go
leor, freisin, le neart a chuid gleacaidheachta — mar níor
ghleacaidhe agus ealadhantóir go dtí é.
"Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhíbh!" arsa Maitiú.
"Caithfidh mise a bheith ag baint coisméig as a bhaile
anois.
"Ara, cé'n deifir sin ort? Fan agus leig do sgíth,"
arsa Nóra.
"Dheamhan moill le déanamh agam," arsa Maitiú.
"Beannacht libh," agus amach leis agus a chóta nuadh fán'
asgaill aige.
Ní fhaca tú aon fhear ba chroidheamhla ar a theallach
féin 'ná an táilliúr thar éis imtheacht do Mhaitiú. Bhí
sé breagh meidhreach cainnteach thar mar ba ghnáthach
leis a bheith, agus bhí an-fhonn grinn air. Chuir sé a shiosúr,
a mhiosúr, agus a mhéaracán i dtaisge go cúramach, agus
annsin dubhairt leis an gceoltóir fonn a sheinnm dóibh.
Ní baileach a bhí críochnuighthe ag an gceoltóir nuair
a dubhairt an Táilliúr go mín réidh socair: "Bíonn
an dearmad ann. Féach anois, dhearmad mé inseacht
do'n Buailteoir céard adubhairt an Captaoin!
Dubhairt sé liom a rádh leis an mBuailteoir a bheith fá
réir, má's mian leis é féin 'fhéachaint ag caitheamh an
uird. Nach feárr dhom bualadh suas 'na tighe go dtí
é agus a inseacht dó?"
"Maise, anois, nach mbéidh do dhóthain mhór breith
agat air sin 'innseacht dó, agus fan istigh sa mbaile — 'sé
dhéanfas tú" ars' an bhean.
"Anois, cá bhfios duit-se céard a bhaineas do'n
sgéal? Ní móide go bhfuil aon chleachtadh aige bheith
leis an ord le tamall agus ní mór fios a thabhairt dó i
n-am le go mbéidh sé fá réir i gceart leis an gCap-
taoin Sasanach seo 'fhéachaint agus a bhualadh."
D'imthigh leis gan níos mó a rádh. Chraith an bhean a
ceann. "Dheamhan maith dhom leis," ar sise; "is maith
atá 'fhios agam-sa cá dteastuigheann uaidh a dhul."
"Seinn "Ar son an Am Fad ó," a Uilliam, le do
thoil," ars' an inghean. Bhí fuinn Albanacha an-choit-
cheannta i gCnoc na nGabha — mór-mhór "Ar son an
Am Fad ó" — an t-am so.
Sheinn sé an fonn, acht ar éigin é le 'raibh de dhólás
agus de bhuaidhreadh croidhe air. Agus cé'rbh' iongnadh é?
Chuimhnigh sé ar "an am fad ó" nuair a bhí Nóra bhocht
go breágh luath láidir, agus é féin agus í féin ag baint na
nóiníní 'sna léantaibh nó ag cuartughadh neadracha sa
ngeamhar glas agus 'sna sgeachaibh. Agus is dóigh gur
chuimhnigh sé freisin ar an ngreann a bhíodh aca ag dul
le chéile ar sgoil. B'in é an t-"am fad ó" ar chuimh-
nigh Uilliam air, agus is ar éigin a bhí sé i riocht an fonn
a sheinnm leis an tocht bróin a tháinig 'n-a sgórnach.
"Cé mar thaithnigheas an leabhar leat a thug Gráinne
dhuit, a Thomáisín?" arsa Nóra.
"Ó! tá sé go háluinn ar fad," ar seisean.
"Cailín deas lághach í Gráinne, nach headh?" ar sise.
"Tá sí deas lághach go leor anois, acht bhí sí
postamhail go leor ar dtús."
"Cailín deas lághach í go deimhin," ars' an mháthair.
Nuair a bhí Uilliam ag imtheacht, dubhairt Nóra go
mbeadh sí an-bhuidheach dhe dhá dtéidheadh sé chomh fada
suas le teach an Bhuailteora go bhfeiceadh sé an ann a
bhí Pilib, agus, má's eadh a bheith a bhaile leis.
Gheall Uilliam di sin a dhéanamh agus fáilte. D'imthigh
leis agus níor bhain méar dá shróin gur bhuail sé isteach i
dtigh an Bhuailteora.
CAIBIDIL XXI.
AN BUAILTEOIR MAR FHEAR TIGHE agus MAR
CHOMHAIRLEOIR.
"Bail ó Dhia oraibh!" arsa Uilliam Ó hIthfearnáin
ag bualadh isteach i dtigh an Bhuailteora.
"Go mba hamhlaidh dhuit; céad fáilte romhat, agus 'sé
do bheatha!" arsa bean an tighe; "bhfuil aon sgéal
nuaidhe agat-sa, a Uilliam, ar an aimsir seo?"
"Maise, dheamhan cuid aithris," ar seisean.
"Is maith an nídh gan an droch-sgéal, buidheachas do
Dhia," ar sise
"Is maith go deimhin — míle altughadh Leis Féin!" arsa
Uilliam. "Ní agaibh atá Pilib Ó Laochdha? Bhí mé
baramhlach gur annso a bhí sé."
"Ní raibh sé annso ó chonnaic mé sa mbaile ar
baillín beag é," ars' an Buailteoir.
Bhí deirbhshiúr an Bhuailteora, Eibhlín, ag sníomhachán.
"Maise, ní móide go mb'fheárr leat id' chomhnaidhe
'ná an mháimín olna seo a chárdáil dhom?" ar sise ag
gáire. Tugann sí dhó péire cárdlaí, agus leagann an
olann len' ais. Tosuigheann ar Uilliam ag cárdáil,
agus ní bréag nár bhreágh uaidh a dhéanamh. Roilléirí ní
b'fheárr a fuair cárdáil 'ná iad níor sníomhadh riamh.
Ní raibh Uilliam acht sgathamh gearr leis an obair
nuair a fosgluigheadh an doras go tobann agus bhuail
bean mhí-chodránta gan chaoi gan chuma isteach. Cá
mbeadh sí ag dul acht chuig Teach an Óil i gcoinne
uisge-beatha le haghaidh Philib Uí Laochdha agus beirt eile
a bhí ag coinneál chomhluadair leis ó thráthnóna i dtigh
na mná seo!
Tharraing sí chuici buidéal mór dubh agus chroch sí ar a
ceann é. "Dheamhan sin snig ná flip a d'fhágadar
ann," ar sise. "Seo é an dara huair agam anocht ag
dul i gcoinne uisge-beatha dhóibh agus meas tú ar
iarradar an raibh béal orm! Dheamhan iarraidh, muis!"
ar sise ag imtheacht.
"Mh'anam go bhfuil faitchíos orm má's liom fanacht
le Pilib go mbéidh moill orm," arsa Uilliam. "Acht
ó gheall mé 's gur gheall mé go mbeinn a bhaile leis
fanfad go dtigidh sé."
"Breathnuigh 'bhfuil aon bhaoghal fiuchtha ar na
fataíbh sin. Badh cheart go mbéidís i ngar dá bheith
bruithte feasta" ars' an Buailteoir le Eibhlín.
Bhain Uilliam an clár de'n phota. "Is gearr uatha
anois," ar seisean.
Bhí lán na fearsaide de phróiste sníomhtha ag
Eibhlín anois, agus chuir sí an túirne le balla 's leag
anuas an bord fá na sgaraoid i lár an urláir. Rug
sí ar an tlúth, thóig fata, agus d'fháisg i mbeinn a
práisgín é.
"Tá siad bruithte," ar sise ag tógáil an phota
de'n teinidh agus ag dóirteadh na bhfataí amach ar an
gciseoig. Tar éis sin dhóirt ar an mbord iad agus leag
anuas trí cinn de sgeanaibh. Leag bean an tighe an
stoca a bhí sí a dheasughadh i leath-taoibh agus shuidh síos ag
ceann an bhuird.
"Suidh síos ag do bhéile feasta, ara, agus leag thart é
— sé dhéanfas tú," ar sise le Maitiú a bhí ag cur
caoi ar a shúiste thiar ag an doras dúnta.
D'fhill Maitiú suas íochtar a mhuinchillí, nígh a lámha
i méis adhmaid thiar ag an doras iadhta, thriomuigh
iad i n-éadach anairte a bhí ar crochadh ar phionna ar
an mballa agus shuidh síos chum buird.
"Maise nár bh'fearr an sagart a chur i lár an
pharáiste?" ar seisean ag breith ar an gcoinnleoir agus
'ghá shocrughadh i gceart-lár an bhuird.
Chuir Eibhlín síos sgadán ar ana róistín. Nuair a bhí
sé bruithte leag ar an bpláta é agus chuir braon uisge
faoi. Chuaidh agus thug isteach péire sgailiún agus leag i
bhfiadhnaise a máthar iad. Annsin thóig sé nó seacht
d'fhataíbh breágha móra gáireacha agus leag timcheall na
teineadh iad le n-a róstadh.
Thug Uilliam a aghaidh ar an teinidh ionnós nach
mbeadh sé ag breathnughadh ar mhuinntir an tighe ag
ithe. Ceaptar anois féin 'n-a lán áiteacha sa tuaith
gur mí-mhúinte an rud do dhuine a bheith ag breath-
nughadh ar dhuine eile ag caitheam bídh.
Bhí 'chaon duine 's a rúinne beag féin aige as an
sgadán acht mar deir cé dubhairt é "'siad a bhí ar an
íomáint" leis an gcaidhbhlint a bhí ann sa deireadh.
Acht ba bheag a ngoir a bheith ag comórtas le Maitiú
Mór. Sin é bhí i n-ann leagan ar na sgadáin go
slachtmhar, agus 'sé nach ndeachaidh thar na méaracha thug
Dia dhó ag freastal ar a bhéal acht an oiread! Ní
dheachaidh Eibhlín go deimhin thar iongain a hordóige ag
glanadh na bhfataí dhi féin freisin, leis an fhírinne rádh.
"Chuile shórt ar éasgaidheacht," mar deir an fear fadó
nuair a bhí sé ag tógáil an fhata as a chuid bainne le
an-a mhéaracha!
Nuair bhíodar réidh leis an sgadán leag Eibhlín chuca
na fataí rósttha. Cuireadh críoch leis na seacht
gcinn. Nuair bhíodar go léir suthach sáthach annsin
choisrg Maitiú é féin go deifreach, d'éirigh 'n-a
sheasamh agus d'ól a shean-deoch fíor-uisge as an
mbuicéad. Leag an choinneal ar an bhfuinneoig agus shuidh
sios cois na teineadh le hais an Cheoltora. Bhí mo
Bhuailteoir breágh chomh sásta 's dhá mbeadh sé thar éis
béile a bheith aige le rígh nó ridire.
"Bhfuil an fhídeog agat, a Uilliam?" ar seisean.
"Níl," arsa Uilliam, "níor thug mé as baile í
anocht."
"'Mise i mbannaí, nach dtugais," arsa Eibhlín.
Ní dhearmadóchthá í, muis, dhá mbadh chuig daoinibh
eile a bhéitheá ag dul ar cuairt!"
"Maise, a Eibhlín — ó bhain tú asam é — nach bhfuil
'fhios ag do chroidhe istigh nár eitigh mé thú aon lá riamh
agus an fhídeog a bheith agam! Níl mé chomh cruaidh
gortach sin faoi mo chuid ceoil, agus badh cheart go
mbeadh fhios agat é!" arsa Uilliam.
"Ara, dheamhan a raibh mé acht ag mugadh magadh, a
Uilliam" ar sise. "Nach bhfuil 'fhios agat go maith
nach dhá ríribh a bhí mé!"
Leis seo cé bhuailfeadh chuca isteach acht Éamonn
Ó Broithe agus é gléasta go háluinn — 'ch uile shnáth dhá
raibh air nuadh glan gan an dara lá de chaitheamh
fhágháil riamh acht amháin an cóta mór.
Bhí sé thar éis aistir a thabhairt, ba chosamhail, mar bhí
a chapall ceangailte aige taobh amuigh d'ursain an
dorais.
"Ara, a Éamuinn, an tusa tá ann?" arsa Maitiú.
"Céard d'éirigh dod' hata?"
"D'éirigh — a shalughadh go maith," arsa Éamonn,
"'n-áit ar sguab an ghaoth de mo cheann é ag teacht
anoir ag an gCoiléar."
"Na daoine maithe," arsa bean an tighe 'n-a hintinn.
éin, "a rinne é. Tá siad i n-aice na háite chomh
tiugh 's tá féar ar an talamh. Fuagruighmíd 'síothchán
Dé 's deágh-chomhursanacht' orra."
"Mh'anam gur tú féin atá feistighthe amach agus
déanta suas go breágh, bail Dé ort, a Éamuinn,"
arsa Eibhlín, "agus cuirfidh mé geall leat go dtomhais-
fead cá raibh tú. Ara, cé'n sórt cailín í, a
Éamuinn? Deir Seaghán na gCleamhnas nach mbéidh
a léithid sa bparáiste. Acht "is fada iad adharca na
mbó tar lear," tá 'fhios agat!"
"Faoidh leat agus déan rud eicínt dhá bhfuil le
déanamh agat — sé dhéanfas tú agus ná bhí 'ghár mbodh-
rughadh," ars' an mháthair le Eibhlín; "suidh síos, a
Éamuinn, agus leig do sgíth."
"Tá sé ag éirghe deireannach, agus dheamhan a' mór
dhom a bheith ag bogadh liom," arsa Éamonn; "b'fhéidir
nár mhisde leat, a Mhaitiú, siubhal síos liom chomh fada
leis an droichead. Tá beagán agam le rádh leat."
D'imthigh leo ag siubhal dá gcois agus Éamonn i
ngreim i n-adhastar an chapaill.
"Seadh, a Mhaitiú, tá gach rud socruighthe," ar
seisean.
"Go n-éirighidh sin leat, a mhic ó; tá tú ag fágháil
spré mhaith ar chuma 'r bith," arsa Maitiú.
Níor fhreagair Éamonn agus smid níor labhair gur
shroicheadar an droichead.
"Á, a Mhaitiú," ar seisean ag cur a láimhe ar a
éadan, "tá mo chroidhe briste."
"Anois, i n-ainm Dé, cé'n mhaith dhuit a bheith dod'
chiapadh féin le cainnt mar sin feasta? Dhá
liathuigheadh do cheann nach hé an cás céadna dhuit é
anois!" arsa Maitiú. "Dubhairt mise leat breath-
nughadh romhat, agus bíodh 'fhios agat nach dhuit-se atá an
truaigh agam acht an oiread!"
"Nach bhfuil 'fhios agat nach raibh neart agam air agus
an chaoi a rabhadar liom. Céard dubhairt Siubhán acht
go dtarraingeochadh sí an ghruag dá ceann dhá
dtugainn faoi chaolach an tighe í!" arsa Éamonn.
"Is beag an dochar do Shiubhán náire a bheith uirri —
is beag sin — agus a léithid a rádh le cailín atá gach
ordlach chomh measamhail léithi-se!" arsa Maitiú.
"Acht níor chuir sí aon tsuim 'n-a rádh, tá mé cinnte.
Ár ndóigh níor bh'iongnadh ar bith go mbeadh sí 'n-a
haghaidh 's gan aon spré aici. Dhá mbeadh bean gan
spré agat-sa cá bhfuigheadh Siubhán fear 's gan aon
spré aici féin? Acht bhí sé mór agat a bheith ag
gealladh mar bhí tú do chailín measamhail ar bith leis
an fhaid seo agus éirghe aisti faoi rádh 's nach raibh spré
aici i ndeireadh thiar thall! féach leis an saoghal
atá caithte a dhearmad anois ó nach bhfuil ann duit
acht mí-shuaimhneas a bheith 'ghá chur thrí n-a chéile!"
"Níl uair d'oidhche ná de ló a théidhim thar an
droichead seo nach uirri a bhím ag smaoineadh," arsa
Éamonn, "agus nach bhfeicthear dhom go mbíonn sí os mo
chomhair. Is breágh an spré dhá chéad punnt go
háithrid nuair a theastuigheas an t-airgead ó dhuine
acht 'n-a dhiaidh sin 's uilig —."
"Anois, buail suas in do dhiallaid — 'sé dhéanfas
tú — agus a bhaile leat. Níl aon mhaith dhuit ag fanacht
annso níos fuide" arsa Maitiú.
"Maise, a Mhaitiú, cé'n chaoi bhfuil sí mar seo, nó
cá fhaid de ó chonnaic tú í?" ar seisean.
"Ní fhacas a í ó lá an fhaoisdin. Ní raibh sí ag an
Damhsa Dia Domhnaigh" arsa Maitiú.
"Cheal nach raibh?" ar seisean, beag nach ag leath-
chaoineachán.
"Téidheann Eibhlín se' againne isteach go dtí í ó
am go ham," arsa Maitiú, "agus deir sí liom go bhfuil sí
go maith acht amháin nach bhfuil an croidhe ná an
misneach aici a bhí."
"Deirtear liom go bhfuil an mháthair an-fheargach
liom" arsa Éamonn, "acht nach bhfuil focal dhá rádh
'n-a thaoibh ag Tomás ná aici féin."
"Níl sé i Neansaidh Ní Ógáin droch-fhocal a rádh le
aon duine beo" arsa a Maitiú, "acht b'fheárr dhuit
Seamús Óg a sheachaint go ceann tamaill. Bhí sé le
báine, chualaidh mé, fá gur éirigh tú as Neansaidh.
'Seadh anois, ní bhéidh mé ag coinneál moille ort.
Go dtugaidh Dia slán a bhaile thú agus Dia a ghnóthchan
duit," ar seisean, ag imtheacht.
Críoch Coda A hAon.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11