RÉAMH-FHOCAL.
NÍ h-eól dom thar cheithre fhocal déag nach dtuigfeadh
duine i gConamara — duine nar fhág an áit sin ariamh,
a bheith ins an sgéal seo. Is iontuigthe uaidh sin, gur
líonmhar, agus gur téagarach an foclóir atá ag an
nGaedhilgeóir ó dhúthchas. Tá na céadta focal, agus
an t-an-chuimse ráidhte &rl., aige nar lúbadh peann
leo fós. Is léar duit freisin, nach Gaedhilg ró-
áiteamhail í. Thiocfadh léi a bheith níos áiteamhla agus
níos casta, marach nar mhaith liom iomarca anró a chur
ar an mac-léighinn, nach bhfuil ag fóghluim na teangan
ach le achar gearr.
Ó thárla nach bhfuil Nua Litridheacht na Gaedhilge
ach ag siúbhal le taca fós féin, measaim nar cheart
d’aon sgríbhneóir luighe ró-dhlúth le aon chanamhaint
faoi leith. Ár ndóigh, dhá mbeadh an teanga ’ghá labhairt
go fóir-leathan thiocfadh leis déanamh níos teanntásaighe
ar a chanamhaint dúthchais féin. Ní mór cuimhniú ar
na maca-léighinn. Orra-san atá sábháilt na teangan,
agus ní ar dhaoine bochta a bhfuil cómhnuidhe orra i log
sléibhe, nó ar cholbha cladaigh.
Ní le grádh do Shasana a d’fhóghluim muintir na
h-Éireann an Béarla. D’fhóghluimeadar é mar ní raibh
in a dhul uaidh aca, agus mar gheall ar gur fheil sé
dóibh. Amhlaidh a bhéas siad leis an nGaedhilg.
Tá an t-ábhar ag an nGaedhilgeóir ó dhúthchas.
Agaibh-se, a sgríbhneóirí, atá breith chugaibh air. É a
chriathrú (má’s eol díbh aon lóchán a bheith ann); snas
a chur air; ‘gleas’ a chur ann. Má déantar amhlaidh,
ní fada uainn litridheacht a bhéas in-ann suidhe chuig
aon-bhord le aon litridheacht a bhéas in-ann suidhe chuig
aon-bhord le aon litridheacht dhá uaisle.
Má’s eol daoibh freisin, leagann, nó focal maith
cainnte a bheadh in-ann smaoineamh a chur i gcéill ar
an gcaoi is deise, agus is cruinne, ba cheart daoibh
breith chugaibh air, agus fúint (úsáid) a bhaint as — is
cuma cé’n ceanntar a bhfuil “ceart cló” an leagain,
nó an fhocail sin ann. Le Éirinn an Ghaedhilg agus
ní le aon dream, nó ceanntar ar leith.
Ach a n-imthighidh an rachmall seo de mhuintir na
h-Éireann béidir dhaoibh an chreideamhaint fháil atá
dligthe agaibh le fada; agus tá súil agam nach fada
uaibh an lá a nglacfaidh foilsightheóirí go fonnmhar
le bhur saothar — is cuma é a bheith “feileamhnach i gcóir
na sgol,” nó gan a bheith. Tá daoine seachas páistí
ar an saol; agus ní bhéidh aos óg na h-Éireann ar
sgoil go dtigidh an lá indé ar ais.
Tá an Ghaedhilg iachallach ins na sgoltacha. Má’s
maith é is mithid, agus tá torradh maith slachtmhar le
feiceál cheana féin. Ach níor chualas fós go bhfuil
“teanga náisiúnta na h-Éireann” iachallach san
Eaglais, gidh go n-abrann easbuig agus sagairt linn
ag cruinniú cinn bhliana Chumainne na Fírinne Caitlicighe
go bhfuil an Ghaedhilg ar cheann de na tacaí’ is treise
dá bhfuil ag geanmnaidheacht, síbhíaltacht agus creideamh
na nGaedheal. Ní mharbhóchadh sé aon t-sagart ins
an nGalldacht na paidreacha roimh, agus réis Aifrinn
a rádh i nGaedhilg. Ní h-eól dom, ach an oiread, go
gcló-bhuailtear, nó go léightear aon Im-litir Carghaois
i nGaedhilg. Is dócha gur i mBéarla a sgríobhadh na
Deich n-Aitheannta, agus an “t-Seanmóir ar an
gCnoc!” Dá mbeadh gach dream puiblidhe in Éirinn
ar aon bhuille, níor bhfada go mbeadh sruth agus gaoth
linn.
Cáide go dtigidh dream beag sgoláirí le chéile chun
iarracht a dhéanamh ar litriú aimhréidhteach na Gaedhilge
a dhéanamh níos éasga’; nó an mbéidh sé de chead ag
chuile dhuine a bheith ag baoitéaracht ar an litriú sa
gcaoi is rogha leis féin? Níl sgoláirí na h-Éireann
pioc níos cruadhógaighe ná an Academie Française a
thigeas i ndáil-chómhairle uair sa t-seachtain, le foclóir
a chur le chéile. Ní cheal cainnte atá orainn,
muis’!
Gabhaim do leith-sgéal, a mhic léighinn, faoi nar chuireas
an foclóir in eagar na h-aibighitre. Dhá dhonacht é,
is dócha gur fearr ann ná as é. Is oth liom, freisin,
nar fhéadas an fearr-is-bárr de na focla deacra a
chur ann; ach dhá gcuirinn, is dócha gur 7s. 6d. a bheadh
ort a thabhairt ar an leabhar. Mar is eól duit féin
ní h-iondual do lucht na Gaedhilge airgead a bheith
in a spré-mhóin aca. Maidir leis an iarracht a rinneas
le fuaim na bhfocal, a bhfuil cáil na deacrachta orra,
a thabhairt duit níl ann ach buille-faoi-thuairim. Níl
duine in Éirinn atá in-ann an fhuaim a chur ar pháipéar
dhuit. Ní thig leis — dá fheabhas é — a thabhairt dhuit
ach ugach, nó leide, nó mar deirtear go minic, ‘gaoth
an fhocail’; agus nach mór is fiú an méid sin féin?
Má’s leat blas agus craiceann a chur ar do chuid
Gaedhilge ní mór dhuit a bheith i gcomhluadar cainnteóra
maith am ar bith a bhfuighir deis. Ní “bwee” buidhe,
ach “buidhe.” Ní “hirr” chuir, ach “chuir.” Sin
a’ méid.
SOLUS AN GHRÁDHA.
CAIBIDIL I.
RÉIDHTEACH
MÍ saoire a bhí ag Peadar Ó Cuinn, agus
bhí trí seachtainí dhi sin caithte cheana
féin. Cé nach raibh an aimsear cho
maith agus ba mhaith leis i rith an ama
ní raibh sé ró mhí-shásta mar sin féin.
Nuair nar bh'fhéidir leis dul amach ag spaisteóireacht nó
ag bádóireacht, d’fhéadadh sé na tráthnónaí fada fliucha a
chur thairis go h-aoibhneach i gcomhluadar a charad, a bhí ag
cur fúithi i Sráid an Chaisleáin, san mbaile cuain céadna.
Ach cé'n chaoi an gcaithfeadh sé an t-seachtain dheire? —
nó ba cirte a rádh — cé'n chaoi a gcaithfidís beirt an
t-seachtain sin? mar ní móide go mbeadh saoire arís
aca go mbeidís ar mhí na meala.
Ba bheag áit timpeall an Bhaile Nua nach raibh feicthe
aige. Bhí sár-eólas aige ar an gcéibh; aithne aige ar
chuid mhaith de na bádóirí a castaí leis ann, ó am go
h-am; aithne shúl ag a mbunáite air-sean. Seadh;
bhéarfadh sé cuairt ar Oileán na n-Éan. Rachadh sé
síos go bhfeiceadh sé an mbeadh aon bhád ó'n oileán
istigh, agus a bheadh ag seoladh lá ar na mháireach.
Bhí deagh-ghotha ar an trathnóna, agus bhí an fhairrge
ní ba shocra agus ní ba chiúine ná ba h-ionduala léi
a bheith le seachtain roimhe sin. Bhí na cnuic a bhí ar
a aghaidh tháll le feiceál go soiléar, agus bhí na tighthe
beaga, aol-gheala, a bhí ar a dtaobha ag deallrú go
soilseach fé thaithneamh gréine buidhe, a bhí 'ghá h-ísliú
féin san leabaidh dheirg-bhuidhe órdha, a bhí ar chúl na
mbeann mór ins an Iathrar.
Minic a chuala sé trácht ar Oileán na n-Éan ó dhaoine
a bhí ag déanamh aeir ann, ó am go h-am. Minic a
léigh sé faoi i leabhra agus i bpáipéir; agus nach raibh
cáil an oileáin sin ar fud na Ríoghacht — go mór-mhór
in aon áit a raibh croidhe dílis Gaedhealach ag smaoiniú
ar an mbaile. Arbh iongna é? Áit gur mhór a cliú ar
léigheann, ar dhiagantacht, agus ar ársacht, ins an
aimsir aoibhinn a bhí ann fadó?
Rachaidís beirt ar an oileán, agus chaithfidís an
t-seachtain dheire cho meidhreach aoibhneach agus a chaith
beirt leanán ghrádhmhar seachtain ariamh. Bheidís
amuigh annsúd ar uaigneas; iad in a suidhe cois
trágha ag féachaint ar na mion-tonna ag spochadh ar
chlocha garbha dúra na trágha; sin nó in a suidhe
go h-aerach ar bhárr aille duaibhsighe diamhaire ar an
taobh thiar, agus ag féachaint ar an bhfairrge 'ghá bualadh
féin le fothramán céadtach ar a bun; iad ag éisteacht
le éanacha aille agus le faoilleáin ag sgréachaíl go
truagh-bhéalach; na h-éin ar buile le na tonnta móra
ceann-bhána, a bhí ag cur a nirt amúgha in aghaidh alltracha
a bhí na céadta troigh ar airde, agus a sheas a bhfód
go daingean láidir leis an t-síorruidheacht aimsire.
'Seadh; b'aoibhinn a bheith annsin agus duine in a
aonar féin. Níor dhóigh dó cumha a bheith air, agus
an áilneacht agus an fiadhántas iongantach a bhí le
tabhairt fé deara go soilléir ag an té a raibh an inntinn
smaointeach nó fhileatach aige. Ach b'aoibhne 'bheith
ann go mór fada nuair a bheadh a leanán le n-a thaobh
aige — an cailín árd fionn-bhán súil-ghormach sin dar
thug sé searc agus gean a chroidhe, seachas aon spéar-
bhean dár casadh air ó'n gcéad lá ar chuir sé suim
in a leithéid. Narbh é féin a d'iarr uirthi theacht leis
ó Bhaile Á' Cliath? Agus nar tháinic sí leis go fonnmhar,
gí gur fhág sí driothúr a bhí go fíor-dhona le faithne
áilse go lag in a diaidh.
Dhéanfadh sé gach socrú anocht. Bhuailfeadh sé síos
chuig an gcéibh; agus nuair a bheadh gach faisnéis aige,
rachadh sé suas go Sráid an Chaisleáin, an áit a raibh
Máirín Ní Chaoimh ag cur fúithi.
Bhí glac mhaith bád san gcéibh; báid bheaga agus
báid mhóra, báid seoil agus báid ramha, agus galtáin
ó thíortha thar lear; gach long agus bád feistighthe
san áit ba ghnáth leo, agus púir lag dheataighe ag teacht
ó shimléar agus ó chlár gach soithigh. Iasgairí agus éadach
dubh orra in a suidhe ar bhalla íseal; iad ag deasú
eangach agus a bpíopaí cailce 'ghá gcaitheamh aca;
daoine eile ag deasú seolta, nó ag taosgadh na
mbád; na galtáin 'ghá bhfollamhú agus torann
gíosgánach an chrainn tógála measgtha le canamhaint
mhear na máirnéalach; cuid eile ag déanamh suas
ar an mbaile, le biadh a cheannacht, nó le n-a mbéil
a fhliuchadh; rian na gaoithe, na gréine, na h-oibre,
agus na fairrge ar chuile dhuine.
B'iomdha canamhaint a bhí le cloisteál ar an gcéibh
an tráthnóna Deire Foghmhair sin. Bhí an Ormhuadhais
le cloisteál ó fhuireann na soitheach a tháinic faoi
ádhmad; an Béarla ó'n dream a tháinic leis an ngual;
an Fhraincis ó'n dream a tháinic le lucht capall fháil;
an Ghaedhilg árd-ghuthach ó lucht na mbáinín mbuidhe,
a tháinic aniar le móin; ach ní raibh aon dream ba
láidre ná ba cruinne glór ná an dream a bhí i mbun
na mbád a tháinic amach ó Oileán na n-Éan le earraidh
a cheannacht. B'iad-san an dream ba h-áirde agus
ba lúthmhaire, ba fiadháine gotha, ba fuide féasóg;
ba láidre agus ba gairbhe glór.
“Dia dhuit,” arsa Peadar le máirnéalach mór a
bhí ag caitheamh a phíopa ar a sháimhín suilt dó féin ar
chloich téide.
“Dia agus Muire dhuit féin, a fhir óig,” ar seisean,
'ghá infhiúchadh ó bhun go bárr, gidh gur cheap Peadar
gur dhoiligh dhó tada fheiceál leis an dá thuim mailí a
bhí ag bacadh an amhairc air.
“As Oileán na n-Éan thusa?” arsa Peadar.
“An áit cheanann chéadna. Cé as thú féin? mara
miste dhom fhiafruighe.”
“As Baile Á' Cliath.”
“Ó, seadh, tuigim, ba chóir go mbeadh fhios agam.
Ag déanamh aeir thart sna bealaigh' seo atáir, is dócha?
Is minic a thigeas daoine ó Bhaile Á' Cliath go h-Oileán
na n-Éan, ach ní leigfidís cho deireannach seo é. Níl
duine dá raibh ann i mbliana nach bhfuil bailighthe leis.
'Mbeidhir ag dul isteach amáireach fé n-a bheith slán
dúinn?”
“Béad, má gheibhim deis fheileamhnach.”
“Tú atá tráthúil! Béidh an ‘Faoilleán’ — í siúd
thuas ag an soitheach ádhmaid” agus shín sé a phíopa,
“ag dul isteach moch go maith, tuairm a sé, nó mar
sin. Meas' tú an mbeadh sin ró-mhoch agat? Tá's
ad féin nach bhfanann an taoille le saibhir nó daibhir.”
“Ó, is eól dom sin go maith, ach cé leis an
‘Faoilleán?’”
“Le Páidín Ó Mainín — an Captaoin Páidín Ó
Mainín — ba cheart dom a rádh. Colseisear dom
féin é, fear maith fairrge a mhic ó. Níor chas stiúir
ariamh níos fearr! Bhainfeadh sé an báirneach agus
an fheamuinn dubh de'n charraig. Sheolfadh sé an fhairrge
a dhallfadh captaoinÍ eile. Ní inu ná iné a thosuigh
Páidín ag pléidhe le fairrge. Nar sheol sé na seacht
bhfairrgí?” agus d'eirigh sé in a sheasamh. Má bhí sé
troigh ar áirde bhí na seacht dtroighthe ann, agus ba
mhó an chosamhlacht dornálaigh a gheobhfadh an-t-saol,
ná máirnéalagh a bhí air.
“'S fearr dhom bualadh anonn mar sin chuige,”
arsa Peadar, ag casadh ar a chois.
“Ní cáll duit leis,” arsa an máirnéalach mór,
“mar ní innti atá sé, ach thuas i dteach ósta a chol-
ceathrar a gheobhfas tú é, má táir ar a thóir. 'S fearr
dhúinn bualadh suas chuige ar eagla nach bhfeicfeá
in am ar maidin é.”
“Ní miste liom,” arsa Peadar, agus iongna air
cho mórdhálach agus a bhí an máirnéalach mór as a chol-
seisear. “Cé'n t-ainm atá ort-sa, le do thoil?”
“Tiobóid Ó Laidhe, sin é an t-ainm a tugadh orm
an lá ar baisteadh mé.”
Bhí cineál drugail ar Pheadar agus é ag dul isteach
i dteach ósta Mháire Jack atá san t-sráidín chaol sin
in aice na céibhe. Thuig sé ó dhreach an tighe taobh amuigh
an sórt dreama a chothuigheadh an áit.
Bádóirí bunáite a raibh istigh, agus a bpiontaí ar
an gclár in a bhfaidhnis; cuid de na gloiní fé chúbhar,
cuid eile leath-ólta, agus gan blas cúbhair orra;
gloiní eile gan striug, ach iad triomuighthe; agus
ní raibh duine de na fir sin nar dhearc go grinn ar
an bhfear árd dathamhail dubh a bhí le Tiobóid Ó Laidhe,
agus chaoch súil go h-eolgasach ar a chéile. Bean mhór
ramhar, — cho ramhar agus go raibh dhá smig uirthi, —
taobh istigh de'n chlár, agus ní raibh aon am dá gcromadh
sí le pionta a líonadh as an mbairrille a bhí ar a thaobh,
nach leigeadh sí osna, ar nós duine a mbeadh tinneas
droma air, nó an iomarca ithte aige. Agus b'í Máire
Jack an bhean mhór ramhar shin, — col-ceathrar do'n
Chaptaoin Páidín Ó Mainín — fear a fuair máistireacht
ar thonnta na seacht bhfairrgí, má b'fhior do Thiobóid.
“Bhfuil tú istigh, a Pháidín?” arsa Tiobóid go
h-árd-ghlórach. “Tá fear annseo a bhéas isteach linn
amáireach.”
“Táim, 'd'eile cá mbeinn?” arsa an Captaoin,
a bhí istigh sa gcistinigh i gcuideacht cáirde fairrge leis.
'Na shuidhe cois teine a bhí sé, leath-bhróg bainte
dhe aige, 'n áit a raibh táirgne a bhí innti ag dul san
mbeo air. Firín beag a b'eadh é, agus mullach tiugh
gruaige ruaidhe air, a bhí ag braith ar liathchan; cóta
dubh gearr, brollaigh-dúbalta air, agus cnaipí móra
práis ann. Ba fear maruidheachta an Captaoin dhá
mbeadh an saol ag cainnt!
“Meas' tú nach mbeidh an lá amáireach in ann seólta
againn, a Thiobóid? Cé mar tá an spéar thiar?”
“Roinnt ramhar agus néaltach,” arsa Tiobóid.
“Ní brigh é sin,” arsa an Captaoin, “smúit rabharta
atá uirthi,” agus sháith sé a lámh isteach san t-sean-
bhróig, agus chuir strainc ar féin.
“Tá an ghaoth thoir dtuaidh,” arsa Tiobóid agus
bhuail faoi ar stól fada i bhfochair cúigear bádóirí
eile, a bhí ag grinn-dhearcadh Pheadair.
“Sin é do bhuac,” arsa an Captaoin, ag tarraing
a láimhe go deifreach as an mbróig. “Tabhair síos
an diabhal seo chuig an ngréasuidhe, agus abair leis
an bitheamhnach de tháirgne a tharraingt nó a mhaolú.
Tá mo chos in a puitigh aige; gan fhios agam nach
nimh-fhola a gheobhfainn dá bhárr. Déan deifir, a
Thiobóid. Silidh orraibh iad sin, 'fheara,” ar seisean
agus rug gach fear ar a phionta.
“Is dócha nach miste leat mé sgaoileadh leat
amáireach?” arsa Peadar, agus roinnt sgátha air
go ndiúltóchaí é.
“Tá fáilte rómhat, a fhir óig,” arsa an Captaoin.
“Rabhais istigh cheana ariamh?”
“Ní rabhas.”
“Bhoil, ar ndóigh,” arsa an Captaoin, ag eirighe
in a sheasamh agus ag leigint osna . “Is fearr go
deireannach ná go bráthach; ach nach deireannach san
mbliain a leig tú é? Meas' tú an mbeidh muir-ghalar
ort?” agus d'fhéach go grinn air. “Ní bheidh; ní
duinín éidtreórach thú. Is beag an crathadh a gheobhfadh
fear breagh leathan-ghuailneach mar thusa ins an bhfairrge,
bail is beannú ort! Mar sin féin,” agus chraith sé
an ceann rua go h-úghdarásach, “is minic a chonnaic
mé fir ba mhó agus ba threise 'ná thú, agus seacht lúib
na péiste orra le tinneas na fairrge. Ach má bhí
féin, narbh fhearrde iad go deo é? Comhartha sláinte
an muir-ghalar, a mhic ó. Nach breágh nar tháinic sé
a riamh ar aon duine a raibh an eitinn ag ithe na sgamhóg
as?”
“Níl aon chluigín-gleárach agam, agus is feárr
dhuit teacht suas go dteasbánad cá bhfuilim ag cur
fúm dhuit, agus dúiseóchair ar maidin mé, le do
thoil,” arsa Peadar.
“Cá mbeadh an donas 'g mo thabhairt? Cá bhfuil
tú ar lóistín? Cé'n uimhir atá ar an teach?”
“Uimhir a trí déag ar an gCearnóig.”
“Trí déag!” arsa an Captaoin, agus chroch na mailí
go h-ionganamhail. “Déanfaidh sin cúis. Cuirfead
Tiobóid in do choinne ar maidin. Bhfuil málaí a'd?”
“Tá; dhá cheann bheaga.”
“Bídís stúáilte a'd, mar sin, mar ní fhanfaidh muide
le torann ár gcos ar maidin,” agus leag an pionta
follamh in aice Pheadair, a bhí in a shuidhe ar choirnéal
an bhuird.
“Beidh deoch eile agat?” arsa Peadar ar nós-
chuma liom.
“Beidh, agus ag Tiobóid agus ag an gcúigear
bádóirí seo cho maith. Ocht bpionta, a Mháire!”
ar seisean, in árd a ghotha.
“Ní h-eadh!” arsa Peadar, ar an toirt, “ach
seacht bpionta, agus leath-ghloine fíona.”
“Fíon!” arsa an Captaoin, agus chuir bog-fhead
iongantais as. “Ó, do rogha féin, a mhic ó; ach is
beag an sásamh a gheobhfaimís-ne i mbairrille fíona.
Nach beag 'fheara?”
“Is beag,” arsa fear mór a raibh a éadan beagnach
clúduighthe ag lomra mór féasóige duibhe.
“Bhfeiceann tú an fear sin anois?” arsa an
Captaoin, agus shín an chos nach raibh bróg uirthi i
dtreo fhir na féasóige móire faide duibhe; “d'ólfadh
sé an dug, dhá mba leann é. D'ól sé bairrille ar
bhainfheis a mhic, mí ó shoin, agus ní raibh aithne deoir
air. Go deimhin féin ní bheadh 'is a'd go raibh deoir in
a bholg, mara bhfuightheá a bhaladh.”
“Maise ní taise leat féin é, a Chaptaoin. Ba bhreagh
uait ól a dhéanamh in t-óige, agus dar m'fhocal nach
bhfuil aon chailleadh ag teacht fós ort,” arsa fear
na féasóige duibhe.
Isteach le Máire, í ag bogadh ó thaobh go taobh, ar
nós lachan, agus na deochanna ar chlár bairrille aici.
Níor bh'fhéidir le Peadar gan gáire a dhéanamh, ar
fheiceál an ghléis iompuir dhó. Bhí sé feileamhnach
ar mhodh. Cá bhfios nach raibh na méisíní eile briste,
agus na catha mionca móra a tugtaoi san teach ósta
sin go minic, b'éidir.
D'árduigh an Captaoin a phionta. “Siúd orraibh!”
ar seisean, agus gliondar in a dhá shúil bheaga ghéara
bheodha. “Hó ró, a's bímís ag ól,” agus chuir sé sgairt
gháire as, agus chaoch a shúil ar fhear na féasóige duibhe.
“Mbeidh in aonfhacht leat ach thú féin?” ar seisean
le Peadar, agus leag an ghloine thairis agus líogh
a bhéal, ar eagla go rachadh braon ar bith amúgha.
“Beidh,” ar seisean, agus meanga gáire air.
“Bean óg?” arsa an Captaoin, agus bhiorruigh
na súile.
“Seadh.”
“Leag annseo í! Leag annseo í! Níl aon fhear
ceart ach an fear atá i ngrádh nó pósta.”
“Tá an fhírinne a'd san méid sin,” arsa fear na
féasóige duibhe.
“Is dócha gur gearr go mbír ag cur an fháinne
uirthi?” agus theann an ghloine ní ba ghoire do'n
bhalla.
“Bhoil, is dócha go rachaidh sé uirthi uair eicínt,”
ag eirighe in a sheasamh. “Oíche mhaith agaibh!”
“Ara, cá bhfuil do dheifir? Nach bhfuil sé óg 'san
oíche fós? Bíodh deoch eile a'd!” arsa an Captaoin,
agus féachaint mheallta in a dhá shúil.
“Go raibh maith agus fad saoil agat! ní bheidh.”
“Do chómhairle féin, a mhic ó,” arsa an Captaoin.
“Sé a chlog ar maidin mar sin, gan nóiméad chuige
nó uaidh. ‘Uimhir a trí déag ar an gcearnóig,’ a
Thiobóid! Cuir snáth ar do mhéir, ar eagla na h-eagla.
Seo é do dheoch. Ar tharraing sé an táirgne?”
“Tharraing; tuige nach dtarraingeoch', nach gréasuidhe
é? agus mara mbeadh sé in-ann táirgne a tharraing
b'aisteach an sgéal é.”
Lasg Peadar leis.
“Uimhir a trí déag,” arsa Tiobóid fé dhó. “Níor
thaithnigh an uimhir nó a fuaim ariamh liom.”
“Pisreogach atáir, a rógaire!” arsa an Captaoin.
“Ar ndóigh ní h-é an teach, ach é féin, atáimíd le
thabhairt linn.”
“Cé mhéad eile a bhéas ar an ‘bhFaoilleán?’”
“An triúr againn féin; an fear óg agus a chom-
rádaidhe, ceathrar fear, agus triúr ban as an gCrompán
Mór.”
“Gar go leor dhó,” arsa Tiobóid, agus bhain sglug
as a dheoch.
“Níl 'is a'd cé'n t-ainm atá air, nó an t-slighe
bheatha atá aige? Tá sé an-chosúil le duine 'mbeadh
baint aige le Árachas.”
“Níl 'is,” arsa Tiobóid; “níl 'is a'm tada
faoi, ach gur as Baile Á' Cliath é.”
“Agus a amadáin, nach as an áit sin dóibh go léir?
Deirim leat gur beag an t-eólas a gheobhfas sé
uaim-se, cibé cé'n obair atá air.”
CAIBIDIL II.
DROCH-SGÉALA.
BHÍ croidhe Pheadair i mbárr a chluaise
le áthas, agus fuadar siúbhail go
Sráid an Chaisleáin faoi; go gceapfadh
duine gur chuig traen na leitreacha bhí ar
tí imeachta, a bhí a thriall, agus é ag tabhairt láir na
sráide leis.
Bhuail sé ar an doras: bhí ar bualadh fé dhó, sul
a bhfuair sé aon áird, mar bhí roinnt bodhaire ar mhnaoi
an tighe; ach níor chóir go mbeadh air fanacht agus
bís air le teann deifre, go n-osgladh bean-an-tighe
an doras dhó. Nar chóir go mbeadh sár-aithne ag Máirín
Ní Chaoimh ar an gcnag sin? agus gan a bheith dá chur
de dhuadh ar shean-mhnaoi bhoicht — a raibh sgoilteacha
uirthi — dhá shraith staidhrí a chur di.
“Bhfuil Inghean Ní Chaoimh istigh?” ar seisean;
deifir agus fuadar ar a ghuth, agus in a shúil. Gidh
nar chuala bean-an-tighe cad dúbhairt sé, dúbhairt
sí go raibh. Nach raibh sár-eolas aici ar Pheadar le
trí seachtainí? Nach raibh cnag an dorais briste
aige, beagnach? agus nach raibh sise mearuighthe ag
fosgailt dó; ach ba chóir go dtuigfeadh sí go raibh
sí féin óg, tráth. Coicís eile a bheadh an fuadar seo
ar Pheadar agus chuirfeadh sí iallach ar Mháirín a
h-eochair féin a thabhairt dó — sin nó a mac-samhail
a cheannacht.
“Ní cheapaim go bhfuil sí ar fóghnamh,” ar sise leis,
agus é a' crochadh a hata ar phionna. “Fuair sí …,”
ach bhí doras an phárlúis curtha dhe ag mo dhuine sul
a raibh críochnuighthe aici-se.
“A chuid!” ar seisean, ag caitheamh a mhiotóg
ar an mbórd, agus na súilí méaduighthe ann. “Céard
tá ort?” agus phóg go díl ar an leiceann í, nuair
a chroch sí a ceann aníos chuige; ise in a suidhe ar an
sínteán, agus a ceann ar a lámha aici. Ní bréag a
rádh gur shaighead in a chroidhe na deóra móra goirte
úd a phógadh, agus a bhí ag teacht in a dtuile ó n-a
súilí móra gorma sgáileacha.
“Droch-sgéal!” ar sise, 'ghá díriú féin agus ag
leigint a cinn in aghaidh a ghualann.
“Ach innis dom céard é?” ar seisean, agus crith
ar a ghlór.
“Sin é annsin é!” ar sise, agus shín sí tein-sgéal
chuige a bhí i gcúl a glaice aici. Leath na súilí air.
“Tar go beodha. Brídín go río-dhona.
Dul faoi sgin amáireach.
“Do mháthair.”
“Droch-sgéal, a chuid,” ar seisean go réidh; “ach
níl neart air. Céad fáilte roimh ghrásta Dé! Sin
a bhfuil le rádh againn. Bíodh foighid agat!” agus
chuir a lámh timpeall a cuim. “Ar ndóigh, ní hí an
chéad duine ariamh í a chuaidh faoi sgin, agus a tháinic
slán? Níl maith dá laighead san gcaoineadh. A
Dhia láidir!” ag preabadh in a shuidhe, agus ag siubhal
ar fud an t-seomra; a dhá láimh sínte uaidh amach
aige, ar nós aisteóra ar árdán, “Nach beag an ceapadh
a bhí agam nóiméad ó shoin, gur mar seo a gheobhfainn
thú, agus chuile shórt socruighthe agam.”
“Beidh chuile shórt socruighthe luath go leor,” ar
sise, de ghlór caointeach. “Nach bhfuil 'is agat go
maith má eirigheann tada do Bhrídín nach mbeadh sé
caoidheamhail againn pósadh go ceann bliana — ar a
luighead, nó béidir go —.”
“Go deo!” ar seisean le luas piléir. “Rabhais
ag dul dhá rádh?” agus bhuail sé faoi ar an sínteán
agus thug aghaidh glan díreach uirthi.
“Éist liom!” ar sise. “Táim ró-chorruighthe i
gcóir baoidh-chainnte anois; Táim,” agus thosuigh ar
ghol in ath-uair. D'éirigh seisean de gheit, agus shuidh
thall ag coirnéal an bhuird, agus chaith a bhaithis faoi
ar dhruim a lámh; gur gheall le ciúineadas tighe
tórraimh an ciúineadas a bhí ar fud an t-seomra go
ceann tamaill.
“Nach mé a bhí cruaidh-chroidheach?” ar sise, ag
eirighe, agus ag siúbhal timpeall an bhuird, “agus
imeacht ó Bhrídín bhocht atá caithte in a leabaidh le
trí mhí … gan duine a laghdóch' a brón … gan
duine a léighfeadh tada dhi? Ea! nach mé a bhí
mí-bhuidheach, agus imeacht uaithi? Ní dhéanfadh Turcach
é? Níl duine ar domhan a dhéanfadh é ach mé féin.”
“Bíodh a mhilleán orm-sa,” ar seisean, ag díriú,
“má thugas ar siúbhal in aghaidh do thola thú.”
“Ní thuigeann tusa mise chor ar bith,” ar sise. “Ní
móide go dtuigfir go deo mé! Ní thuigeann tusa
an grádh síorruidhe a bhí agam-sa agus ag Brídín ar
a chéile. Ní raibh grádh ariamh mar é. Dhá dtuigtheá
ní thógfá aon fhocal teibidhe orm d'ár dhubhras …
Bhíos corruighthe, agus má dúbhras tada a chuirfeadh
fearg ort, maith dhom é,” agus leag sí a lámh ar a
ghualainn, agus d'fhéach go h-impidheach sna súilí air.
“Ní thuigeann tú, agus ní thuigfir an buidheachas atá
agam ort ar son do chineáltais, agus a ndearnais
dhom le blian, agus go mór-mhór ó thángamar annseo.
Chruthuigh tú go mba fear chuile órdlach dhíot; agus
nach raibh ag cur imní ort ó dhubh maidne go dubh oíche
ach cé'n chaoi a b'fhearr le cur le n-ár n-aoibhneas
agus le n-ár ngrádh; agus an lá ar ghlacas é seo
uait,” agus thosuigh sí ag méirínteacht ar an bhfáinne
cumainne, “thuigeas, agus bhí 'is agam go rí-mhaith
céard a bhíos a dhéanamh. Ní náir, ach is aoibhinn liom
é chaitheamh; agus is maith is eol dom nar mhó mo
bhród as ná an t-éad atá ar a lán eile,” agus rinne
meanga i ngan-fhios di féin.
“Agus an bhfuil 'is agat-sa go raibh chuile rud
socruighthe agam i gcóir an lae amáirigh? — sinn
le cuairt a thabhairt ar Oileán na n-Éan: le sgéala
chugat a thángas cho lua seo,” agus chuir in a suidhe
ar a ghlúin í.
Cnagadh ar an doras. Dhealuigh an bheirt de phlimp.
Thosuigh seisean ag méirínteacht ar leabhar agus ag
léigheadh corr-líne annseo agus annsúd. Nach raibh
sean-chleachta ar bhealaigh' ban lóistín aige? Nar thuig
sé go rí-mhaith nach raibh orra ach rud a cheapadh agus
bheadh sé in a fhírinne ghlain lá ar n-a mháireach. Cipíní
a bhí ar an matal a bhí uaithi, agus ar chasadh amach di,
bhain lán na súl as an mbeirt a bhí ag iarraidh dalladh
mullóg a chur uirthi, agus togha léarguis go mion
minic thríd an bpuillín beag a bhí idir an párlús agus
seomra an bhidh, aici-si. Níor ghéire súil gárda príosúin
ná 'n t-súil a bhíodh ag an bpuillín sin, agus í ag
tógáil an t-seomra, mar dheadh. Ar eagla go gceapfadh
sí go mbeadh aon asaontas idir an bheirt, shín Peadar
an tein-sgéal chuici le léigheamh.
“Léigheas cheana é,” ar sise. “Ní bhéidh tada uirthi,
le cognamh Dé. Tá súil agam nach mbeidh
an solas ar lasadh cho deireannach anocht agus a bhí
aréir. Dá bhfeiceadh sibh mo bhille soluis de bhárr
trí seachtainí agus …”
“Déanfaidh sin, a bhean; táim ag imeacht anois
díreach,” ar seisean le í a ruaigeadh as a amharc.
“Seadh,” ar seisean ag cur leis an gcómhrádh a bacadh
air roimhe seo, “bhí mise agus tusa le dhul go h-Oileán
na n-Éan amáireach,” agus thosuigh ar mhéirínteacht
ar na duail a bhí os cionn a leicinn. “Nach againn a
bheadh an saol in ár suidhe cois trágha; na tonna ag
gáire linn, agus sinn ag gáire le n-a chéile; nó ag
cur eolais ar na sean-fhothraibh a chuir naoimh is
sgoláirí ar fud an domhain; sin nó in ár suidhe ar
bhárr aille,” agus theann le n-a ucht fá seo í, “na
céadta troigh ós cionn na fairrge, agus na tonnta
móra ag bánú le teann cuthaighe cogaidh cumhachtaigh
in aghaidh cladaigh agus trágha; an mhuir mhór ag síneadh
amach uainn; í gan deire gan teóra, ach an oiread
le n-ár ngrádh féin. Sgreadail faoilleán fionn,
agus iad ag clamhsán leis an bhfairrge faoi í bheith
'ghá dtuargan, agus 'ghá ndalladh, agus 'ghá gcaitheadh
isteach ar fud na tíre; ach faraoir níl sin i ndán
dúinn, i mbliana — ní ag ceasacht ar Dhia é! Ach mar
deir an sean-fhocal: ‘beidh lá eile ag an bPaorach.’
Is ann a chaithfeas sinn mí na meala. Nach h-eadh, a
Mháirín?” agus bhrugh sé le n-a chroidhe í.
“Cumasach an rith-cainnte atá anocht a'd! Ní
abróchainn nar thugais cuairt ar áit éigin. Nach bhfuil
'is agat gur dona atáim i riocht cainnte mar sin
anocht?”
“Tuigim go maith; ach mar is eol duit féin: ‘An
rud is goire do'n chroidhe sé is goire do'n bhéal!’”
“Gabhfaidh tú mo leith-sgéal,” ar sise. “Tá orm
mo chuid éadaigh a bhailiú, agus mo chuid bagáistí a
chur i dtoll a chéile fá chomhair na maidne. Béad ag
imeacht ar thraen a seacht, ach buail thusa leat go
h-Oileán na n-Éan. Ba thruagh go leigfeá an deis seo
uait, agus an fonn atá ort a dhul ann; agus tá súil
agam nach turas in aisge a bhéas agat …; go
mbéidh sult agus aoibhneas agat; agus go ndéanfaidh
an turas fairrge maitheas an domhain duit; agus
go dtiúbhraidh Dia slán ar ais chugam thú. Cé'n t-am
é?” ar sise, agus d'fhéach san sgathán uirthi féin.
“Féach an chaoi atá orm? mo chuid gruaige agus mo
shúilí, óchón ó!”
“Taca an h-aon déag. Cuirfidh tú tein-sgéal
chugam chuig Oifig an Phuist trathnóna amáireach.
Béad imnidheach fúithi. Nach gcuirfir?”
“Déanfaidh sin.”
Rug sé ar a mhiotóga. Thug strac-fhéachaint ar
fhuinneóig na sráide 'raibh dallóg mhór dhearg uirthi.
“Beannacht Dé leat, a chuid mo chroidhe!” 'ghá
fáisgeadh le n-a ucht, gur phóg go díl díocrach í.
Ní bréag a rádh gurbh fhada gur leig Peadar aon
tionuar as a cheann an oiche sin; é ag iompódh, agus
ag ath-iompódh 'nós duine mí-fhoighdigh a mbeadh tinneas
air. Bhí an t-aoibhneas a bhí leagtha amach aige dhó féin
i bhfochair a charad, sgaipthe ar nós deataighe sna
spéartha — gan san socrú go léir ach cineál brionglóide;
agus bhí gaoith na h-oíche ag árdú agus ag dul 'un
fuaire.
CAIBIDIL III.
“AN FAOILLEÁN.”
BUAILEADH cnag ar an doras leis an
maidneachan a dhúiseóch' na mairbh. Ní hé
Peadar amháin a chuala é, ach a lán daoine
ar fud na sráide nach raibh an codla
ró-throm orra, ó aimsir an luigheacháin. Chuir sé a
chloigeann amach ar bhárr na fuineóige, agus chonnaic
Tiobóid ag dearcadh aníos air.
“Bhfuil tú in do dhúiseacht?”
“Táim; béad leat i gceann nóiméide.” Ghléas sé
é féin go deifreach. Nuair nar mhaith leis bean-an-tighe
a chur in a suidhe cho moch sin, níor bhac sé le aon
bhricfasta a chaitheamh. Nach mbeadh sé ar Oileán na
n-Éan taca an naoi nó an deich? agus narbh 'in é an
uair a gcaithfeadh sé bricfasta go h-iondual! Síos
staidhre leis; cóta mór, agus cóirséad air, agus
dhá mhála bheaga taistil aige. D'osgail an drisiúr;
ghearr beagán aráin agus feola, agus ghléas rúinne
lóin do fhéin.
“Lá breagh a bhéas ann,” arsa Tiobóid, ag cur
leicinn air féin. “Tá gaoth thoir 'dtuadh fós, gidh
nach bhfuil an spéar sin thiar cho glan agus ba mhaith
liom; ach glanfaidh sí 'réir mar árdóchas grian,” ag
breith ar an dá mhála, agus thug Peadar a rothar leis,
mar bhí faoi an t-oileán a infhiuchadh ó ghob go gob;
agus bheadh an rothar úsáideach nuair a bheadh sé tuirseach
ó shiúbhal cnoc agus carraig.
Ní mórán beódhchais a bhí san mBaile Nua an mhaidin
sin, cé is moite do chorr-dhuine a bhí ag dul chuig Aifreann
a sé san mainistir; agus daoine eile a bhí ag déanamh
ar a gcuid oibre. Bhí deatach liath-bhán ag teacht ó
chorr-shimiléar a crochtaí amach chun cuain. Traen
na maidne fé ghail ag an stad; agus bhí glórtha láidre
fear le cloisteál ó'n gcéibh, 'réir mar bhí an bheirt
ag déanamh uirthi. Bhí dallóga ar fhurmhór na bhfuinneóg
ins gach sráid dá ndeachadar, a chuir sásacht agus
compóirt i gcéill do Pheadar an mhaidin sin a raibh
roinnt gaimhe ins an ngaoith.
Ní raibh aithne ar a raibh ar an gcéibh narbh é an
meadhon-lae a bhí ann, leis an bhfuadar, an chainnt,
agus an saothar a bhí orra. Seólta 'ghá sgaoileadh,
agus 'ghá socrú; na galtáin mhóra fé ghail; longa
agus báid 'ghá bhfollamhú, cuid eile 'ghá lochtú; innill
ag preabadh; crainn tógála agus roitheáin ag gíosgán
fé throm-ualach earraidh; deatach bán caol ó shimiléir
bheaga dhubha chaola na mbád mónadh; griféid agus
ancoirí 'ghá dtarraingt; téid 'ghá sgaoileadh agus
ghá gcabharnáil, báid bheaga agus currachaí ag luasgadh
agus ag bogadh ar bhárr taoille tuile; na geataí
ar fhosgailt; faoilleáin ag eiteall thart; iad ag
sgréachaíl, agus iad san áirdeall ar aon chnuasacht
dá raibh le fáil san dug. Dhá ghaltán mhóra ar a mbealach
isteach; máirnéalaigh ar a mbord go saothrach.
“Dia dhuit ar maidin!” arsa an Captaoin Páidín
Ó Mainín, agus a chloigeann rua ós cionn clár na
teille aige, agus plaic de rud éigin in a bhéal aige.
“Cá bhfuil sí féin? Faitchíos roimh mhuir-ghalar, is
dócha. Ní móide gur fearr dhuit ar bith é. Ní long
í seo a bheadh feileamhnach do chailín óg a mbeadh tinneas
na fairrge uirthi. Bíonn na mná óga, cuid aca ar aon
chuma, an-chuthal, an-chuthal, a mhic ó. Maidir le
fir — bíonn níos mó tuisgint aca …”
Ní mó ná sásta a bhí Peadar ar fháil amhairc ar an
bh“Faoilleán” dó, long an Chaptaoin a sheol na seacht
bhfairrgí, agus a raibh aithne air roimhe seo in a lán
cuan agus caladh-phort. Long í a bhí tuairm le dó
agus dathad troigh ar fad, agus tuairm le sé troighthe
déag ar leithead; dhá chrann uirthi; trí sheomra innti
agus inneall san gceann tosaigh. Bhíodh an t-inneall
díomhaoin ar chóir, agus b'iad na seolta a h-oibrightí.
B'iomdha sin cineál earraidhe a bhí ar bord, plúr, min,
bran, arbhar Indiach, bosgaí tae, bosgaí bagúin,
bairrillí ola lampa, agus leanna-duibh. Thíos san
seomra láir a bhí aon rud a bheadh so-loithte ag an
salann sáile. Fuireann triúir: An Captaoin,
Tiobóid Ó Laidhe, agus buachaill fionn-bhán 'raibh
snódh mío-shláinteamhail air, as an gCaladh Beag, darbh
ainm Tomás Ó Seachnasaigh, agus b'é Tomás a bhíodh
i mbun an innill. Thiar san seomra deire — a bhí in'
áit codlata, agus in a chistinigh cho maith le chéile, —
a bhí muintir an Chrompáin, an mór-sheisear a bhí ag
teacht ó aonach an Chreagáin Bhig. Ba chosamhail gurbh
san seomra seo a chaitheadar an oíche, mar bhí na fir
in a srannadh fós féin, agus bhí súile na mban ag
féachaint roinnt ragairneach. Dhúisigh duine de na
fearaibh, agus thosuigh ar réidhteach greim bricfasta
ar áit bhruighte a bhí ann. Thosuigh an t-inneall ag
preabadh, agus an “Faoilleán” ag bogadh; an liathán
ag casadh go tapaidh, agus ag coipeadh fairrge. Thug
an “Faoilleán” a h-aghaidh ar na geataí.
“Céard do bharramhail do'n lá, a Chaptaoin?” arsa
bádóir. “Shílfeá go bhfuil an spéir sin thiar roinnt
ramhar. 'Sfearr dom ceann téide a chaitheadh chugat
go dtugair amach thar na geataí i mbéal na gaoithe
mé.”
“Smúit rabharta atá air,” arsa an Captaoin, ag
cur slise ar féin. “'Leith le do théad!”
Bhí an téad i na cabharna ag an mbádóir, agus chaith
in a shean-urchar í. Rug an Captaoin ar a ceann, agus
cheangail ar an mullard í, agus ba ghearr go raibh
an “Faoilleán” agus an bád amuigh ar an doimhin.
“Shíleas go raibh inghean leat le bheith abhaile linn,”
arsa Tomás. “Ní móide gur chuimhnigh Máire
Jack ar í a dhúiseacht.”
“Fanadh sí mar tá sí,” arsa an Captaoin, agus
d'fhéach sé go h-aimhreasach ar Pheadar.
Chroch fir an bháid mhónadh an seol; chuir píce air;
chroch an seol tosuigh in a dhiaidh sin, agus d'fhógair
ar an gCaptaoin ceann téide a sgaoileadh. Crochadh
seolta an “Fhaoilleáin” mar an gcéadna, ach a
raibh an Teach Soluis caithte aici, agus lagadh ar an
inneall. Chuaidh Tiobóid agus Tomás ar na láinéir,
gur dhaingnigheadar seolta a bhí san an-mhéid, do
réir Pheadair; mar b'shiúd í a chéad uair ar long
sheoil cho mór. An Captaoin ar an teille 4 'ghá gabháil,
agus súil iolraigh cíocraigh 5 air nuair a thugadh sé amharc
amach faoi íochtar an t-seoil mhóir.
Ba bhreagh an mhaidin í, gidh nach raibh an aimsear
cho socruighthe agus ba mhaith le Peadar, agus gidh
gur bheag a eolas ar aistighíl agus ar chleasa na ndúl,
níor thaithnigh spéartha an domhain thiar leis; ach 'tuige
mbeadh sé faitcheach, agus an Captaoin ar an stiúir?
“Faitchíos orm go dtiocfaidh sé 'un báistighe” arsa
Peadar, agus é in a shuidhe ar bhosga bagúin in aice
an Chaptaoin, mar bhí fonn air a bheith ag seanchas leis
an bhfear a raibh smacht aige ar thonnta na seacht
bhfairrgí.
“Ní thiocfaidh,” arsa an Captaoin. “Smúit rabharta
agus ceó maidne atá uirthi; ach mar sin féin, is
deacair meabhair fháil ar an aimsir chéadna go
minic … Bíonn na gloineacha féin mí-cheart …
Mar a chéile an aimsear agus inntinn mná; sgaithtí
socair; sgaithtí eile, mar tá's a'd féin,” agus las
fríd an mhagaidh in a dhá shúil bheaga bheodha. “Ach
ní thuigeann tusa na mná fós … Táir ró-óigeannta
… níl do sháith cruinneachaí in do bhaithis fós!
Ní thuigim féin iad, — gidh gurbh iomdha ainnir ar bhaineas
corr is fáisgeadh aisti, ó'n gcéad lá ariamh ar fhágas
an baile. Cuir tuille píce ar an seol mór, a Thiobóid
agus tabhair tuille sgóid do'n t-seol tosuigh.”
“Déanfaidh sin,” ar seisean, “ach a mbidh na bosgaí
agus na bairrillí seo as mo bhealach agam. Nach
bhfuil 'is agat nach mór dhom slighe le bheith 'rith siar
sa 'niar, nuair nar socruigheadh aréir iad.”
Peadar ag baint lán na súl as gach rud; na cnuic
a bhí ar thaobh a chiotóige, agus a raibh tighthe beaga bána
ar a dtaobha. Iad i gceart-lár gabháltais 6; na róin,
na cailleacha dubha agus na faoilleáin sa tóir ar
bhéile na maidne. An Baile Nua ar a chúl agus a
chuid deataighe ag méadú agus ag leathadh; púir bhán
ó thraen a seacht a bhí ar a bealach go Baile Átha Cliath.
Bhris an deoir fá n-a shúil ar a feiceál ag bogadh
amach dó, amhail is dá mbeadh súil aige gan an óig-bhean
a bhí ar an traen a fheiceál go fada an lá. “A Mháirín,
a chuid,” agus leig sé osna, “go dtugaidh Dia an
bheirt againn slán go ceann cúrsa! Nach hé an truagh
Mhuire gan thú annseo agam …?” agus a lán
cainnte eile a thuigeas, nó a thuigfeas aon duine a
raibh, a bhfuil, nó a mbeidh an “galar” céadna air
a bhí ar Pheadar, agus an traen deifreach ag dul ó
amharc air. An “Faoilleán” ag gearradh claise báine
roimpí, agus ag fágáil fairrge báine corruighthe
coipthe ar a cúl; ag tabhairt corr-amhóige, ó am go
h-am; láinéir ag righ, agus a tarraingt; roitheáin ag
gíosgán, agus ag cnagadh …
“Cáide go mbímíd ag ceann cúrsa?” arsa Peadar,
agus an chumha ag imeacht dhe réir a chéile.
“Cé'n t-am anois é?”
“Ceathrú réis a seacht.”
“Taca a' dó-dhéag, má bhíonn gaoith freagarthach;
ach shílfeá go bhfuil sí ag feithe ó thuaidh.” Tharraing
sé téidín a bhí ar a láimh dheis. Cluineadh binn-ghlór
cluigín i seomra an innill. B'ionann an fuagra sin
agus “lag tuille. 7”
“Ní maith liom a bheith ag cailleadh ola,” arsa an
Captaoin, agus righ sé sgód an t-seóil mhóir, agus
chuir cor eile air. “Bhfuil tú fuar? Má táir buail
síos chuig an teinidh, agus tabhair goradh dhuit féin.
Gheobhaidh tú do dhóthain de'n fhairrge. Bíonn gaimh
i ngaoith na maidne an tráth seo de'n bhlian; nó
béidir go n-ólfá steall tae? Béidh rúinne le n-ithe
againn ach a réidhtigh Tiobóid é. Cáide uaidh, a
Thiobóid? Tá déidín ag tuitim agam.”
“Tá na h-uibheacha lachan thíos a'm. Nóiméad ar
bith feasta. Shílfeá go bhfuil an ghaoth ag teannadh
siar,” agus d'fhéach ar bhárr an t-seoil.
“Sin a bhíos féin a cheapadh. Ní móide go bhfuil
an aimsear leigthe fúithi fós. Ní mó ná go maith a
thaithnigh liom na cailleacha dubha fheiceál san dug ar
maidin. Shílfeá go bhfuil an spéar sin amuigh os cionn
Chnuic an Iolraigh ag dúbhachan, mara múr atá 'ghá
chaitheamh ins na cnuic é,” arsa an Captaoin.
Bhí cineál imnidhe ag teacht ar Pheadar, do réir
mar a bhí sé ag teannadh ó thalamh; agus 'un
mí-shocrachta a bhí an “Faoilleán” ag dul, réir mar
bhí sí ag cur fairrge dhi. Ar mhilleán air é agus a
ndeachaidh in a aghaidh ó d'fhág sé tigh Mháire Jack aréir?
“Níl aon ghloine aimsire agat?” ar seisean leis
an gCaptaoin.
“Gloine aimsire! Fiú!” agus chuir sé fead
fhiod-mhagamhail as. “Cé'n cháll a bheadh orm léi, ar
sgátha aistir tríocha míle fairrge? Ach ní bheinn
amhlaidh dá mbeinn amuigh ar an aigéin mhóir.”
“Cuir i gcás anois gur tháinic ceó, agus go ndeachaidh
mór-thír agus oileán ó léargus ort, céard a dhéanfá,”
arsa Peadar.
“Ná bí ag cuir tada i gcás,” agus d'fhéach
go géar ar Pheadar, “ach bí réidh nuair a thiocfas
ort. Sin í an inntinn a bhí agam-sa chuile lá ariamh.
Nuair nar chailleas mo bhealach ar an gcuan seo le
deich mbliana, ní dóigh leat go gcaillfead indiu é.
Tá an oiread deifre agus imní orm-sa leat féin,
a mhic ó. Tá bean agam istigh annsin, atá in a h-othar,
agus muirghin lag óg uirthi — ní ag ceasacht ar Dhia é!”
“Fág seo!” arsa Tiobóid, ag eirighe aníos ó chlár
luinge, agus deirge bhreagh ann, 'nós duine mbeadh
a ghoile teannta go maith aige; agus rug ar an
halmadóir ó'n gCaptaoin.
“Síos leat,” ar seisean, “agus ith do bhricfasta,”
agus tharraing a mhuinchile treasna a bhéil.
“'S fearr dhuit 'theacht síos, agus blogam tae 'ól;
beidh ocras ort sul a mbír istigh,” arsa an Captaoin.
“Dheamhan a' miste liom,” arsa Peadar. Bhí muintir
an Chrompáin Mhóir ag caitheamh greim bricfasta dóibh
féin freisin as cúl a nglaice, agus iad ar bheagán
cainnte, mara ragairne agus tuirse a bhí orra. Líon
an Captaoin dhá mhug.
“Ní caife é seo?” arsa Peadar, mar ba deacair
dhó aon bhaladh fháil air, leis an mbaladh láidir luinge
a bhí ar fud na h-áite.
“Tae é, a mhic ó, agus tae gur fiú a ól! Bhainfeadh
sé an caonach liath de do chroidhe, dhá mbeadh a leithéid
air; ach tuige an mbeadh?” Ach dhá gcuireadh Peadar
bainne bó go léir ann, ba deacair dó a dhath a bhaint
de, mar ba duibhe agus ba tuighe é ná an lionn-dubh
is duibhe.
Bhí na h-uibheacha cruadh-bhruighte, agus thosuigh an
Captaoin ag ithe cinn aca as cúl a ghlaice, agus bhí
an salann i mbuidéal cáirt a raibh ainm Mháire Jack
tao' 'muigh air, agus an t-slighe bheatha a bhí aici.
“Beir chugat ar an uibh sin!” arsa an Captaoin,
agus leath bhuilín thuas aige, agus shín sé an leath eile
agus giota ime air chuig Peadar.
Roinn Peadar cuid de'n lón a bhí aige ar a charaid,
gidh gur charghaos leis sgaradh le greim dhe, mar ní
mó ná go maith a thaithnigh biadh nó baladh na luinge
leis … An seomra plúchta cheal aeir, gidh go
raibh stolladh breagh gaoithe ar bord; ach an té a
tógtar ar oileán, is beag a shuim in “aer úr” a
mbíonn dochtúirí, leabhra, agus léigheachtóirí leighis ag
trácht air.
Ní in a bhéal a chuir Peadar an chéad bhlogam ach
síos ar a bhrollach, mar thug an long léim agus é ar
tí an mhuig — nar nigheadh ó rinneadh an “Faoilleán” —
a chur ar a bhruas. Rinne an Captaoin sgairt gháire.
“Fair mise,” ar seisean, “agus nuair ólfas mise
ól thusa. Tá sean chleachta agam-sa ar an gcailín
seo”; agus chaoch a shúil air. Níor dóirteadh aon
deoir amugha uaidh sin amach.
“Ar chodail sibh go maith, 'fheara?” arsa an
Captaoin, ag glanadh a bhéil.
“Maise ní mó 'ná thairis sin é, mar ní raibh iabh
nó furas ar fhuireann an t-soithigh adhmaid ach ag
rinnce agus ag gabháil fhuinn ar feadh na h-oíche. Ba
bhreagh ó dhuine aca an Miliódiun oibriú. Marach
a thuirsighe agus a bhíos bhuailfinn isteach chuca. Ní
abróchainn nach raibh cuid aca ar an ól. 8 Mar sin féin
leigeamar tionuar bheag as ar gceanna' taca lae.”
“Bhfuaireabhar luach maith ar an olainn, a mhná?
Chualas go bhfuil sí ag daoirsiú arís; agus má's
maith is mithid é, gidh gur géar a theastóch' ádhbhar báinín
uaim féin a choinneochadh an ghaoth ó mo chroidhe ar feadh
an geimhridh,” arsa an Captaoin.
“Ar ndóigh, ní bhfuaireamar an oiread agus
d'iarramar, nó a cheapamar a gheobhfaimís; ach mar
sin féin, ní gioránta dhúinn.” arsa duine aca, agus
dheasuigh an brat timpeall a cinn. Bean í ar chosúil
léi an saol a bheith ag dul sáthach righte léi; mar bhí
an fhéachaint sin in a súilí, agus an fhuaim sin ar a
glór nach dtugtar fé deara ach orra siúd atá ag
stracadh leis an saol.
“'S fearr buidheach ná díombuidheach,” ars an
Captaoin, agus suas leis go tapaidh i mbun a ghnó;
suas le Peadar in a dhiaidh.
“Níl 'is a'd cá mbéidhir ag cur fút ar an oileán?”
ars an Captaoin, agus a phíopa in a bhéal aige.
“Níl 'is; seo í mo chéad uair ann.”
“Má ghlacann tú mo chómhairle-se,” agus chaoch
súil bheag ghéar air, “cuirfidh tú fút tigh Sheáin Aontoine.
Togha tighe é; é deas, glan, te, teolaidhe; togha agus
rogha bidh; ann a chuireas bunáite na bhfámairí fútha
a mbíonn an acfuinn aca. Minic a chualas cuid aca
'ghá rádh nach bhfuil san teach ósta is mó le rádh i
Londain ach ‘sop in áit sguaibe’ i gcomórtas leis.
Minic a bhíos féin ann le linn dinnéir, agus bhainfeadh
baladh an bhidh an ceó de do chroidhe. Go deimhin féin,
is minic a fuaireas baladh an bhidh agus gan mé ach
leath-bealaigh siar an cuan. Ann a chuireas an Sagart
Paráiste faoi nuair a bhíos sé gan cailín aimsire;
agus is ann atá sé faoi láthair.”
“Bhfuil aon ghaol agat le Seán Aointoine,” arsa
Peadar, agus aimhreas air.
“Ó, níl, dheamhan é, ach gur cómharsa béil dorais
liom é. Is iomdha soileas a ghnímíd dhá chéile, tá's
a'd; agus mar deir an sean-fhocal: ‘is leor an
trócaire a roinnt.’”
“Fíor dhuit sin,” arsa Peadar agus an bosga bágúin
ag corruigh faoi. “Bhfuil aon fhámaire ann anois?”
“Níl; tuige a mbeadh, agus cho deireannach sa
mblian agus atá sé. Le tús an t-Samhraidh agus na
h-uaire breagha is ionduala dhóibh a bheith ann; ach
tá dochtúr ann — dochtúr mná — bean cho dathamhail agus
chonnaic mise le mo bheo; agus is iomdha spéir-bhean
a casadh orm. Ní fhacas aon iongantas ariamh ach go
bhfanann a leithéid de spéir-mhnaoi ar a leithéid
d'oileán uaigneach suarach — gan duine aici a labhróchaidh
sí leis mara labhróchadh sí le iasgairí, agus le bádóirí
buidhe; agus tá's a'd féin cho maith liom-sa nach
cómhluadar deas dá leithéid de chailín óg an dream
sin 'mbíonn féasóg orra. Beag oiche a mbím sa
mbaile nach dtéighim suas le séis chómhrádha a bheith
a'm léi. Tá sí roinnt fiadháin, ach ar ndóigh, ní thógfainn
sin uirthi. ‘Iomdha craiceann a chuireas an óige di,’
a mhic ó. Minic a théigheann sí ar fud an oileáin,
agus í ar chapall; éadach fir uirthi. An chéad lá a
bhfaca mná an oileáin sa ngléas sin í beag nar
cailleadh iad; agus idir mise agus thusa, is beag
an mhuinghín atá ag cuid aca innti. B'fhearr leó dochtúr
— fear — ach má's fíor an sgéal a chualas, tá cuid
aca ag braith ar thosgaireacht a chur chuig an gComhairle
Condae, 'ghá iarraidh orra i chrochadh uatha. Ach ní
bhacfainn le cómhrádh sean-chailleachaí, beag a chonnaic
siad ariamh ach an fhairrge. Nach gceapfá féin anois
gur mór a luigheas easbaidh comhluadair fir óig ar
a leithéid; agus cé gur duine gáireach fáilidh í,
measaim nach ó'n gcroidhe a thigeas an mheidhre sin
go minic. Nach hé nádúr an duine é, a dhuine mo
chroidhe thú? Marach thú bheith mór leis an gceann
eile sin atá a'd, bheadh an-spóirt a'd leis an dochtúr,
ach cé'n fios a bhéas aici air?”
“Cé as í?” arsa Peadar.
“As Baile Átha Cliath.”
“N-eadh 'nois?” agus iongna air.
“Seadh anois, ach cé'n fios a bhéas aici go bhfuil
cailín cheana a'd. Fan go bhfeicidh tú an cúl gruaige
duibhe atá uirthi …! a dhá gruaidh dhearga … a
súile móra dubha, cho dhubh leis an áirne. Sin iad
na súilí a bhfuil an magadh, agus an grádh ionnta!
Bhí sé de chainnt go raibh an Sárgint ag teacht timpeall
an tighe ann; ach sgread mhaidne air! óinseach a
phósfadh pílear anois, gan 'is aici nach staic i lár
sráide a déanfaí dhe, agus an saol corrach atá ann.
Nar dearnadh criathar de bheirt as an gCrompán Mór
an lá cheana — beirt a bhí sna pílears i gCorcaigh?
Minic a dúbhairt sí liomsa, agus mé ag dul ar bord:
“Nois, a Chaptaoin, ná déan dearmad ‘rud éigin’
a thabhairt ar ais chugam. Bíodh sé árd dubh, agus
bhéarfad luach saothair maith dhuit. Tá's a'd féin
céard é an ‘rud árd dubh’ sin; agus táir a'm sa
deire cho cinnte agus go bhfuilim ar an teille,” agus
rinne sé gáire.
“Is maith liom gur as Baile Átha Cliath í ar chuma
ar bith. Ní bhéad in mo ‘chadhan aonraic’ ar fad.
Bhfuil aon amharc ar an oileán fós?” arsa
Peadar.
“Bíodh foighid a'd, dá mhí-fhoighdighe dá bhfuil tú
léi! Níl, ná baol ar bith ort a bheith trian de'n
bhealach fós. Agus deir tú léi a bhí cho h-uaigneach
go raibh uirthi fios a chur ar ghuthán ceoil liom, agus
bhí orm dhá phláta dhéag ceoil a cheannacht di. Tá
siad thíos fá chlár a'm. Tá guthán ceoil ag an Sagart
freisin, ach sílim gur fearr é seo, mar ní cheannóch'
sí ach an sgoth. Tá an-pháighe freisin aici — trí chéad
púnt sa mblian! Mise a gheibheas briseadh an t-seic
go minic di sa mBaile Nua; gan faic le déanamh
aici ach ag léightheóireacht agus ag snámh, agus ag
imeacht ar chapall, agus corr pháiste a ghearradh san
mBolgaigh Dé. Níl aon cháll duit leigeann ort gur
chualais tada uaim-se. Fág chuile rud fúm-sa!
Béidh séis-chomhrádh a'm léi anocht, agus geallaim-se
dhuit nach hí an droch-cháil a bhéarfas mé ort. Cé'n
t-slighe bheatha a déarfas mé atá agat?”
“Inneallthóir do Chomhairle Cathrach Bhaile Á' Cliath
mé,” agus rinne sé gáire.
“Ingineer! an é sin é?”
“Sé.”
“Bhfuil tú cinnte nach bhfuil aon bhaint le Árachas
agat? Cé'n t-ainm a déarfas mé atá ort?”
“Peadar Ó Cuinn.”
“Peadar Ó Duinn —.”
“Ní h-eadh, ach Peadar Ó Cuinn.”
“Déanfaidh sin! Peadar Ó Cuinn, inneallthóir
do Chomhairle Cathrach Bhaile Á' Cliath,” agus dubhairt
sé an rádh sin trí h-uaire, ar eagla an dearmaid.
“Agus páighe uafásach a'd, creidim?”
“'Féidir liom maireachtáil uirthi, cibé cé'n pháighe
í.”
“Mh'anam, bail is beannú orraibh! gur breagh an
bheirt a dhéanfadh sibh a siúbhal an bhóthair; ach cé'n
mhaith dhom bheith ag cur cainnte amugha le duine cho
fóghlumtha leat? Cé mar thaithnigheas an “Faoilleán”
leat? Nach breagh uaithi fairrge a sgoilteadh? agus
'bhfeiceann tú fuaireas an-t-saor í.”
“Cé'n chaoi?”
“Bád Iasgaigh í a bhí ag an ‘gCongisted,’ ach nuair nach
raibh ag eirighe go maith leis an iasgach mar gheall ar
ghaltáin iasgaigh Shasana a bheith ag tidheacht ro-ghar
do láthair, díolú í, agus cheannuigh mise agus mo
chol-seisear i bpáirt í. Míle a thugamar uirthi; mar
tá's a'd féin, ní raibh an méid sin airgid againn ar
ala na h-uaire, ach fuaireamar ar iasacht é. Saothruighimíd
cuid mhaith airgid léi. Chualas 'tigh mo chol-ceathrar
aréir go bhfuil eagla ar an dream gur leo an galtán
a théigheas chun an oileáin gach seachtain, go mbrisfead
iad, mar tá mo cháin níos ísle; agus brisfead, má
fhéadaim. Béidh sruth agus gaoth annsin liom! An
fhairrge fúm féin agam! Béidh mé ag teacht amach
arís athrú amáireach, le uallach builíní agus mion-rudaí
eile 'fháil a theastóchas i gcóir na Cuirme-ceoil agus an
rinnce mhóir a bhéas thiar i sgoil na Carraige san oiche
Dia Domhnaigh seo chugainn. Ann a bhéas raic an
t-saoil! Béidh tú ann, ar ndóigh? A leithéid d'oiche
ní raibh ar an oileán ariamh cheana!”
“Ar sin atá, mara mbeidh mé imthighthe, ach is eagal
liom go mbéad.”
5.
“Bhfuil aon ghreim bricfasta réidh?” arsa Tomás
in a shean-bhéic, agus a cheann fionnbhán i bhfus trí
pholl sheomra an innill aige. “Táim stiúctha leis
an ocras.”
“Tá, agus fuaruighthe,” arsa an Captaoin. “Fág
seo suas, a Thiobóid, agus leig Tomás anuas.”
“Shílfeá go bhfuil múr san gceárd sin thiar; agus
shílfeá nach bhfuil an fhairrge cho socair agus a bhí.
Ní maith liom an ceó sin atá timpeall an Chinn,” arsa
Tomás, agus é ag dul síos ar thóir rúinne le n-ithe.
“Spáráil an ola, ar eagla na n-eagla. Ná bíodh
tada ann ach go mbeidh congnamh beag ó'n inneall,”
arsa an Captaoin.
Nuair a bhíos duine neamh-chleachtach i luing, nach
cosamhail léi a bheith an-láidir; an fhairrge corruighthe
agus clag-fhairrge ag dul thairis; an long ag luasgadh
ar nós cliabháin; gan amharc ar ghréin nó ar chruinn-
eachán na spéire; ceo agus sgamaill liath-bhána ag
leathnú ar aer agus ar mhuir; gan buaidh gan coite
ar an luing sin; ní milleán, agus ná tógtar air é,
má sgar sé le cómhluadar an Chaptaoin go ceann
tamaill, gur shín é féin thuas ar chlár na luinge ag
béal an t-seomra láir, agus gur thosuigh ag smaoineadh:
An fhairrge a bhí suimeamhail ar maidin, í ag dul 'un
neamh-éagsúlachta anois.
Maidir le muintir an Chrompáin Mhóir, a bhí san
seomra deire, ní raibh gíog asta, mara suan agus
ragairne de bhárr an aonaigh a bhí orra. Bhí na cnuic
ceann-árda ar an mór-thír ó léargus anois. An
Baile Nua, agus crois an Árd-Teampaill ag ísliú,
agus ag dul i ndoilléaracht. A chroidhe féin trom;
trom le cúmha; trom le aistíl; trom le díombáidh.
Aithmhéala air nach sa mbaile i mBaile Átha Cliath i
bhfochair a charad a chaith sé an t-seachtain dheire. Bhí
sé ag cainnt leis féin mar seo ar feadh tamaill,
agus tuitín 'ghá chaitheamh aige; ach ba bheag an sólás
a fuair sé as na tuitíní céadna mar bhí aer na mara
tais, agus théighidís as; a mblas i bhfad ní ba láidre
ná ba ghnáthach leis a bheith. Thug sé a chúl do'n ghaoith;
chuir píosa de shean-t-seol faoi, agus thug a aghaidh
ó dheas; ach ní raibh le feiceál aige ach fairrge
chorruighthe ag deifriú thairis; an fhairrge sin gan
tús gan deire, do réir deallraimh; agus ceó ag
éirigh dhi, mar éirigheas ceó de uachtar talaimh nuair
thosuigheas an sioc-liath ag leaghadh leis an gcéad
teas ó'n ngréin. D'fhéach sé siar thairis; agus cé
go raibh mothar an oileáin le feiceál ó bhárr na céibhe
ar maidin, bhí an t-oileán as amharc anois. É níos
faide uaidh ná a bhí sé ariamh.
“Sín chugam mo chaipín, a Thomáis,” arsa an Captaoin,
gur bhain an sean-hata dubh dhe, agus gur chuir an
sean-chaipín maruidheachta ar a áit. Bhí cuma na
h-oibre níos fearr anois air, agus mhéaduigh ar dhóchas
Pheadair dá réir, gidh go raibh spéar an Iarthair ag
dubhú agus cuma bhagarach dhúr uirthi.
“Tá an ghaoth ag teannadh siar,” a deireadh an glór
thiar ag an stiúr. Torrann na dtonn níos láidre,
níos bagaraighe, agus níos uaignighe. Mara ag ísliú
a bhí an “Faoilleán,” ag árdú a bhí an fhairrge. Na
tonnta ag luasgadh agus ag léimnigh, agus ag iarraidh
a theacht ar bord; iad ag tuitim amach arís uaithi,
agus cúbhar uilc orra, ar nós leomhain nó ainmhidhe
allta fásaigh, nach mbeadh idir é féin agus duine,
ach balla ró-íseal. 'Réir mar méadóchaidhe ar a chuid
feirge thiocfadh a neart agus a lúth chuige, agus bheadh
leis san deire, agus an duine bocht 'ghá stialladh agus
'ghá stróiceadh ag fiacla láidre géara.
Thug an “Faoilleán” amhóg; iomdha amhóg a thug
sí ó chas sí liathán ar maidin, ach ní dheachaidh sí cho doimhin
i bhfairrge agus a chuaidh sí an uair seo, gur spréachadh
fairrge cháiteach aniar san druim agus san mullach
ar Pheadar; gur bheag nar plúchadh ar áit na mbonn
é. Chraith sé é féin, agus d'fhéach siar ar a charaid
ar an teile, go bhfeiceadh sé céard a b'fhéidir leis
a léigheamh in a aghaidh bhig dheirg; ach an t-é a mbeadh
an tuisgint agus an inntinn ghéar aige, donainn agus
ní sonainn a bhí le feiceál ins an aghaidh sin.
“Cuir an sean-t-seol sin thart, nó téigh faoi chlár.
Béidh orainn dul ar chúrsaí ar ball, agus bheadh do
chloigeann sa mbealach san áit sin …! Béidir
go ngortóchaidhe thú …” agus dhaingnigh sé an
sean-chaipín beag maruidheachta air féin.
Ar éigin a bhí slighe do Pheadar san seomra láir,
le n-a raibh de mhálaí plúir agus d'earraidhe éagsúla
eile ann; ach mar sin féin ba sócamhlaighe agus ba
fasgúla é 'ná an áit thuas. Bhí bosga réasúnta mór
ar a aghaidh i gcúinne, agus ainm an Dochtúra Seosaimhín
Ní Dhóláin go soilléar air. Pictúr gutháin cheoil
taobh amuigh air, agus mada beag bán, 'raibh cluas
bhiorrach air ag éisteacht le glór na h-adhairce. “Guth
a Mháistir” ba h-ainm do'n ghuthán sin; ach ba mhó
an tsuim, nídh nach iongna, a bhí ag Peadar i nguth na
fairrge ar an láthair úd; agus torrann taobh amuigh
mar bhúrthaíl leomhan ó cheart-lár foraoise diamhaire,
nó torrann tóirnighe bodhaire na mílte míle i gcéin.
Bhí doras beag cumhang idir an seomra láir agus
seomra an innill. Chuir sé a cheann siar agus fuair
amharc ar Thomás a bhí ag caitheamh tobaic agus ag
féachaint ar na luasgáin a bhí a' cur alluis ola dhíobh.
Ba láidir an goile a bhí ag Tomás agus fulaing le
n-a leithéid d'áit chumhaing phlúchta agus baladh trom
ola ann, a chuirfeadh tinneas fairrge ar rón; ach
nach as an gcleachta a thigeas an fhóghluim?
“Nach mór an saothruidhe thú, gan aon mhuir-ghalar
ort?” arsa Tomás, agus d'iarr cipín air. Ach b'fhearr
le Peadar go dtarraingeóch' sé ábhar éigin eile cainnte
chuige féin, seachas muir-ghalar, — an galar a chuireas
seacht lúib na péiste ar dhuine fhad is mhaireas sé.
Bhí an “Faoilleán” ag méadú ar a luasgadh; a
cuid glún agus craicinn ag éagcaoin nuair a caithtí
síos go mí-thrócaireach ar uachtar uisge í.
“Tá múr air, agus béidir gála,” arsa Tomás go
dáiríreach. “Nach shin iad na cnuic fá cheo, agus an
t-oileán as amharc, agus má sheasann do'n ghaoth
seo tá eagla orm gur neartú a dhéanfas sí le
taoille tuile, agus rachaidh sí siar, nó béidir siar
andeas cho cinnte agus go bhfuil tú annsin. Cé'n
t-am anois é, le do thoil?”
“Ceathrú 'réis a deich. Táimíd, trí h-uaire ar
fairrge, agus tá faitchíos mo chroidhe orm go mbéidh
agus a fhad eile.”
“Dá nglacadh sé seo thiar mo chomhairle-se
d'fhanfaimís go dtí amáireach nó go socruigheadh an
aimsear; ach ní raibh maith dhom leis; agus níl againn
má bhíonn orainn na seolta a leagan, ach beagán ola.
Is mairg a bhéarfadh dubhshlán na fairrge, — gidh go
bhfuil sean-chleachta aige seo thiar uirthi,” arsa Tomás
agus cineál feirge ar a ghlór.
“Cá bhfuair sé an cleachta?” arsa Peadar, le tuille
eolais fháil ar an gCaptaoin, agus an dá ghalar air
is measa dár bhuail duine ariamh, — cúmha cráidhte
agus faitchíos croidhe, agus lúib air istigh i gcúinne;
na tonnta ar a chúl a fuagairt cogaidh air; iad ag
iarraidh dul in a mhullach ar nós ainmhíthe allta.
“Chaith sé tamall fada i gcabhlaigh Shasana aimsear
cogaidh na mBórs. Chuaidh sé ó Phortsmouth go dtí
an Aifric Theas cho minic agus atá méar ar chois
agus ar láimh leis; agus chaith sé tréimhse fada le
linn an chogaidh mhóir ins an bhFairrge Thuaidh, agus
suas cho fada le cóstaí na h-Ormhuaidhe. Mara b'in
cleachta ní lá go maidin é,” arsa Tomás.
“An leis féin an long seo?”
“Is leis, 'd eile?”
“Níl aon duine eile páirteach innti?”
“Níl, cho fada le mo bharramhail. Íocann sé trí
phunt sa t-seachtain le Tiobóid agus liom fhéin — sin
a bhfuil de bhaint againn leis an bh‘Faoilleán.’”
Thug an “Faoilleán” léim eile 'un cinn, gur
buaileadh Tomás fé ghiall an doraisín chumhaing, agus
thuit cúpla mála plúir sna cosa ar Pheadar. Thuit
ceann, agus ceann eile. Thosuigh na téadracha agus
na láinéir i mbárr na gcrann ag feadaíl agus ag
éagcaoin go truagh-bhéalach. Thosuigh ádhmad na luinge
ag snaomú, í ag ísliú agus ag árdú 'un tosuigh agus
'un deire, ar nós capaill do-cheannsuighthe; bairrillí
ar chlár 'ghá mbualadh faoi chéile. An crann mór
tiugh ag bogadh san seas; sgamaill mhóra léithe ag
deifriú leo soir. Corr-osna ó mhuintir an Chrompáin
Mhóir. Maith a thug Peadar na comharthaí sin faoi
deara, agus a lán eile nach iad a samhluightear don
chroidhe imeaglach, gan cuisle dreoilín aige, agus
sgéin in a dhá shúil dhubha sgáileacha. Ar chuirpeach
ar a theicheadh, a mbeadh an dlighe sa tóir air, a
chuimhneoch duine: é sáidhte istigh in a chúinne fuar
le bun an chrainn mhóir, crith cos agus lámh air. A
chroidhe ag preabadh ar nós innill. Cuimhne dhíl
ghrádhmhar, agus clasgairt na mara 'ghá chiapadh agus
'ghá chrádh.
Bhuail an cluigín trí bhuille. “Ísligh an seol mór
agus cuir dhá chúrsa ar an seol deire agus ar an seol
tosuigh! Siúd aniar múr!” arsa an Captaoin a
bhí ag laghdú gach am dá mbreathnuigheadh Peadar air.
B'fhíor dhó. Bhí múr mór dubh ag déanamh aniar
caol díreach ar an bh“Faoilleán” agus cáith agus
ceo 'ghá seoladh roimhe aige. An “Faoilleán” ag
maolú cnoc, agus ag ísliú i ngleannta fairrge; agus
tonnta móra fíochmhara 'ghá mbriseadh féin go coiligneach
ar a guailne, agus ar a taobha. An clár 'ghá nigheadh
agus 'ghá sgiúradh le fairrge cháitigh a thigeadh isteach
nuair ba lugha bhíodh coinne léi. Bairrillí 'ghá mbualadh
faoi chéile ... An bheirt fhear ag iarraidh an ceann-
is-fearr fháil ar an seol mór, a bhí ag iarraidh é féin
agus iad féin do sgiobadh thar bórd. An seol tosuigh
ag folumhain go mí-fhoighdeach mar dhallóg a bheadh
amuigh ar fhuinneoig lá stoirme. Ceann an “Fhaoilleáin”
caol díreach san ngaoith. D'eirigheadh sí ar a deire
nuair a chíodh sí cnoc fairrge ag déanamh uirthí, agus
leigeadh siar fúithi é; agus ar a bheith thiar dó, caithtí
amach indiaidh a béil í, agus sháitheadh an crann spreoide
go doimhin i bhfairrge. Níorbh in é an áit ag fear
óg a bhí go mór i ngrádh. Níor ghéibheann go dtí é!
Gan le feiceál aige ach long — nó bád ba cirte a rádh
— nach raibh fhios cé'n aois í — bád a raibh a cuid glún
ag déanamh loghadh-tirm; cnuic mhóra fhairrge raibh
mullaigh bána sneachtacha orra ag coimhlint le chéile
go bhfeicidís cé aca a sgoiltfeadh ó chéile í, go leigfidhe
a fuireann amach chuig éisg allta chíocraigh na fairrge
móire.
CAIBIDIL IV.
AR UCHT ÁRD NA dTONN
THOSUIGH an bháisteach, agus níor mhagadh
báisteach a thabhairt uirthi — gach braon cho
mór agus cho glas le péarla. Bhí
srutháin bháistighe ag tuitim amach thar
bhord na luinge in aon áit ar bhféidir
leo bealach fháil. Chruinnigheadh locháin, agus thosuigheadh
braonacha móra ag rinnce orra, go mbíodh imeall na
lochán fé shúilíní fé cheann sgaithimh, ar nós corcáin an-
bhruighthe; agus cipíní agus píosaí páipéir agus salachar
eile ag snámh thart dóibh féin. Srutháin eile ag rith
anuas ar chraiceann na luinge taobh istigh, mar chífí
ar thaobh tighe a mbeadh a dhíon ag dul i léig. An long
ag léimnigh' agus ag boc-léimnigh ar ucht árd na dtonn;
na locháin ag rith siar agus aniar ar an gclár nó síos
ins na sgaireanna; na locháin a bhí ar bhárr na
mbairrillí 'ghá ndóirteadh le gach corr dá gcuireadh
an “Faoilleán” di.
Chuir Peadar a cheann aníos go faitcheach ach bhí náimhde
fíochmhara sa tóir air; iad ag búraíl agus ag iarraidh
dhul chuige; gur bhuail ceann aca í féin glan díreach
i gclár an éadain air, agus gur sguab an hata dhe
agus gur bhain an anál go sealadach dhe. Ba bheag
nar iompuigh a ghoile le n-ar shluig sé de fhairrge
cháitigh; agus bhí a shúile tinn de bhárr an t-salainn
sáile. Bhuail faitchíos a chroidhe é, agus aníos leis
ag lámhacán agus rinne ar an seomra deire; greim
an fhir bháidhte aige ar aon rud a choinneóchadh ó dhul
thar bord é.
An Captaoin agus culaidh dhubh bháistighe agus hata
cúil air; é 'ghá dhalladh le spréachadh fairrge, agus
fad ag teacht as a fhéasóig bhig ruaidh 'réir mar bhí
sí ag glacadh uisge. An t-samhail chéadna de chulaidh
ar Thiobóid a bhí ag cabharnáil téide; na bairrillí ag
rith annseo agus annsúd; iad 'ghá mbualadh agus
'ghá gcnagadh fá n-a chéile, gan fios cé'n poinnte a
sgoiltfidís.
“Droch-fhairrge í, a Mhic Uí Chuinn. Ní fhacas a
leithéid ariamh, an tráth seo de bhlian thart ar na cóstaí
seo. Ní fhéadfadh a leithéid a bheith ar chladaigh'
alltracha garbha na h-Ormhuaidhe. Droch-gheimhreadh a
bhéas ann. Caithfimíd an crann mór a leagann ...
Tá an ghaoth thiar díreach. Cé'n t-am leat é?”
“Leath-uair 'réis a dó-dhéag,” nuair a ghlan sé an
ceobhrán di, mar bhí a raibh ós cionn cuim air cho fliuch
agus dá dtarraingtí indiaidh báid é. “Nar shíleas
go mbeimís ag ceann cúrsa taca an ama seo?” arsa
Peadar.
“Agus nach mbeimís marach an gála. An a'm-sa
atá neart ort?” arsa an Captaoin.
“Ní fliuch atáim ach báidhte. Droch-sheans atá agat
é dhéanamh. B'fhearr duit casadh. Ní sheasfadh long
chogaidh in a leithéid seo d'fhairrge chúthaigh.”
“Bhfuil tusa le aithris a dhéanamh ar mhuintir an
Chrompáin ...? Cuirfidh sibh as mo chéill mé. Ní
mé thug cuire díbh. Aire dhuit! Crom!” agus thug
an Captaoin a ghuala do chnoc fairrge a shíl é sguabadh
de'n teile; gur chraith sé a cholainn agus a cheann
ar nós madaidh a thiocfadh as uisge. “Casadh, an
eadh? agus mé beagán níos mó ná leath-bealaigh!”
agus bhiorruigh na súile beaga, géara, fliucha.
“Dá nglacadh sé mo chómhairle-se is fada ó bheadh
casta aige. Ar ndóigh ní sheolfadh gealt in a leithéid
sin d'fhairrge,” arsa an bhean a b'óige de'n triúr
ban: í 'ghá bogadh ó thaobh go taobh, agus ise ag iarraidh
greim a cos fháil ar nós fir meisge.
“Cas, in ainm Dé!” arsa Peadar, ag féachaint
go h-impídheach ar an gCaptaoin.
“Cas, a Chaptaoin, cas!” arsa an bhean óg.
“Go gcasaidh an donas an muineál díot! mara
maith an chaoi orm é agaibh,” leath-chaoineachán agus
coiligneacht i nglór an Chaptaoin agus an fhéasóg bheag
rua ar folamhain. “Ní mé a thug cuire dhíbh. An té
gur cumhang leis fágadh.”
2.
Bhí gol agus gárthaíl le cloisteál san seomra deire
a chuir Peadar beagnach as a chéill. Má's rud é go
raibh eagla a n-anma ar mhuintir an Chrompáin a raibh
sean-chleachta aca ar chleasa na fairrge, agus a sheol
an bealach sin go mion minic, ar mhilleán dó-san
imeagla a bheith air? — fear nar chleachtuigh fairrge,
agus nach raibh ó amharc talmhan aon uair dár chuir
sé a chos i mbád.
“As ucht Dé ort agus cas! As ucht ár bpáistí
agus Naomh na h-Éireann cas! Cas, agus na déan
dílleachtaí dár bpáistí bochta atá beo-phianta in ar
ndiaidh. Cas, nó tiocfaidh díoghaltas Dé anuas ort
fé'n sléacht nach nglanfaidh uisge na fairrge dhíot!”
arsa an bhean óg, agus a ceann stithneach i bhfus san
doras aici; sgéin in a dhá súil, ar nós leomhain a
sgiobfaí a cuid coileán uaithi. Ach ní dhearna an
Captaoin ach gáire fonmhóideach. “A dhiabhail! A
bhitheamhnaigh! A sgriosadóir! A ghaduidhe mara,”
ar sise, ag teis a duirn leis agus 'ghá tarraingt
féin síos.
“Níl aon mhaith bheith leis,” arsa duine de na fearaibh,
ag cur a chinn idir a dhá chois, agus é in a shuidhe ar a
ghogaidí. “Nach breá nach mbéarfadh sibh air, agus é
thachtadh, a fheara?” arsa an bhean óg. “Nach beag an
meisneach sibh, a phleótaí?”
Buaileadh an cluigín i seomra an innill, agus cuir
an Seachnasach a cheann aníos. “Bhfuil tú le casadh?
Cá bhfuilmid chor ar bith agus ceann de na luasgáin
bheaga briste? Droch-sheans atá againn déanamh le
chúig cinn.”
“Bhfuil tú teann in ola?” arsa an Captaoin in
a shean-bhéic; é ag dul suas agus anuas ar an teile
ar nós páiste bheadh ar luasgán treasna ar chlaidhe.
“Go dtachtaidh an tubaiste thuas annsin thú!”
arsa an bhean óg, agus chuir a h-éadan i bhfolach in a
brat, gur thosnuigh ag snugaíl.
“Níor bhaineas aon deoir as an mbairrille beag
fós,” arsa an Seachnasach.
“Cuir ort do chulaidh bháistighe go leagaidh sibh
an crann: níl sé ach ag gabháil ghaoithe, agus sínídh
na bairrillí siar agus aniar, nó bainfidh siad na cosa
dhíom. Leag an gib! Níl blas maitheasa dhúinn innti.
Cuir na pionnaí ins na comhlaí atá ar bhéal an dhá
sheomra, nó béidhmíd gan iad, agus beidh a bhfuil faoi
chlár millte ag an mbáistigh. Is cuma liom-sa fútha,
mara cuma leat féin é. Féach an bhfuil mórán uisge
déanta aici.”
Rug Tomás ar an taosgán 'nós duine bheadh ar
meisge, agus thosuigh air ag taosgadh ar a mhíle díthcheall,
gur ghearr go raibh srutháin uisge bhréin duibh 'ghá gcur
aníos de íochtar luinge aige. Cuid de'n uisge sin
cho dubh leis an dubhaigh is duibhe, agus baladh trom
fairrge agus láibe air. B'fhada a chaith sé ag taosgadh
sul ar chuir sé aon deoir aníos a rinne sí ó d'fhág
sí céibh an Bhaile Nua an mhaidin mhí-adhmharach sin.
“Ta' rom sgathamh!” arsa Tiobóid, agus thosuigh
ag cur sáile glain aníos mar bheadh Dia 'ghá rádh leis,
agus Tomás ag glanadh an alluis agus na fairrge
d'á aghaidh shuaidhte bhán-aghaidhigh féin. Chuadar beirt
ar na téadracha in a dhiaidh seo; h-ísligheadh an crann,
agus síneadh siar agus aniar ar fhad an “Faoilleáin” é.
“Síos leat, a Thiobóid, agus féach cé mar atá an
chorcáil ag déanamh, nó an bhfuil aon deoir ag teacht
fé an bplúr, ach ní hé is cóir ba chás dúinn,” arsa
an Captaoin, ag dúnadh cnaipe uachtaraigh an chóta
báistighe.
“A dhiabhail!” arsa Tiobóid agus a mhailí móra
dubha sáidhte amach díreach uaidh, “ní sheolfá indiu dá
nglactá mo chomhairle-se. Ní sheo í an íde a bheimís
'fháil ar dhruim na fairrge móire. Nar léar dhuit
do dhóthain agus fear as uimhir a trí déag a seoladh
ar an tríomhadh lá déag, agus an cat dubh a casadh
orainn ar maidin, ach is cuma leat-sa, is dócha ...
Ní bheidh aon cháll ar do mhuirghin.”
“Is cuimhin leat an marga a rinneas leat aréir?”
arsa an Captaoin, agus aghaidh bheag dhearg air, gan
aithne air nar ar a sháimhín sógh 'tigh a chol-ceathrar Máire
Jack a bhí sé.
“Cé'n mhaith airgead agus do chnámha ag bánú faoi
thuínn?” arsa Tiobóid de ghlór caoineacháin.
B'uafásach an radharc a bhí le feiceál ag Peadar
fá cheann sgaithimh. An triúr ban ag snugaíl chaoineacháin.
A súilí athta le n-a raibh caointe aca roimhe sin. Na
fir in a dtost, agus an deoir briste fá n-a súilí
freisin. Rian na gaoithe, na mara, agus an chruatain
orra go léir. Na mná agus a mbrata le na leicnibh
aca, agus a n-éadain beagnach ó amharc, agus rian
an bhróin agus an an-róigh ar an méid sin féin. Mná
bochta a b'eadh iad, a raibh an saol mí-thrócaireach seo
ag dul sáthach righte leo — gan aca ach ó'n láimh go dtí
an béal — agus níos measa 'ná sin go léir — na créatúir
bhochta 'ghá mbualadh fé easnacha na luinge agus fá
n-a chéile, agus iad i bhfad ó pháistí beaga ocracha
laga, a bhí ag cuimhniú ar a “maimíní.” Na páistí
sin ag fanacht ar an gcéibh leó, agus an t-amharc
leathnuighthe in a súilí cineálta neamh-chiontacha ag
dearcadh soir ar fhairrge a bhí faoi bhrat mór tiugh
ceoidh. An fhairrge sin ag imirt díoghaltais fhíochmhair
ar an maith agus ar an olc le chéile. Cuid de na
páistí ag dearcadh go h-amhrasach ar a chéile, agus
díombáidh ag teacht orra; iad a rádh: “Nach fada
amuigh Mama agus Deaide ...? Ní thiocfaidh siad
anocht. Bhí an mhaidin ró-dhona;” agus bhí naoidhean-
áiníní beaga boga san gcliabhán ag diúl sgrig an
bhuidéil le cíocracht ocrais.
“Ní annseo a chodail sibh aréir?” arsa Peadar
le duine de na mná.
“Ní h-eadh maise, ach 'tigh an ghaduidhe — tigh Mháire
Jack; ach is annso a chodail na fir. Ní daoine
acfuinneacha muid, mar is léar duit féin; agus
amadáin a bheadh ag cur airgid amú, agus cho deacair
agus atá sé sgilling a chur le chéile ar an aimsir seo.
Narbh fhurasta aithne go raibh droch-inntinn aige, nuair
nach leigfeadh sé a inghean leis ar maidin? Is cuma
faoi mhná bhfuil muirghin lag orra, is dócha?” Cos
i dteannta ag gach duine, ar eagla go mbuailfí fá
n-a chéile iad, mar buailfí a dtraen a cosgfaí ar an
toirt. An Captaoin ag béiceadh ar an mbeirt thuas,
agus srutháin ag sileadh le taobha an “Fhaoilleáin.”
4.
“'Mbeadh 'is ag aon duine agaibh má tá an long
seo faoi Árrachas?”
“Céard é sin?”
“Bhfuil sí ‘insiúráilte?’” arsa Peadar.
“Sin rud nach féidir linn-ne a rádh, leisge na
bréige,” arsa sean-fhear, ag crochadh a chinn. “Deir
daoine go bhfuil, agus deir dream eile nach bhfuil.”
“Raibh an Captaoin ar aon bhád ariamh a báthadh?”
arsa Peadar, agus an t-amhras ag méadú air.
“Sin rud nach bhféadfainn-se a rádh leat. Is iomdha
áit a raibh sé i ngan-fhios dúinn-ne.”
“Thug tú t-éitheach!” arsa an bhean óg, agus colg
uirthi. “Bhí; bhí sé ar bhád tráchtála a báitheadh idir
Baile Átha Cliath agus Liverpool ocht mbliana ó shoin.”
“Agus ar báthadh aon duine?” arsa Peadar.
“Báthadh na beithigh, agus d'ith gadhair na Frainnce
agus na Spáinne iad; ach níor báthadh aon duine de'n
fhuirinn gidh go raibh seisear uirthi. Fuair an gaduidhe
lán laidhre d'airgead an uair sin, agus, is leis a
cheannuigh sé an ‘Faoilleán’ malluighthe seo. Go
cé'n leas-ainm ar luing é? Ní h-iongnadh go mbíonn
na faoilleáin ag sgiolladh air gach am a bhfeiceann
siad an Captaoin bradach céadna,” arsa an bhean óg.
Minic a léigh Peadar faoi bháid ar sgaoil a
gCaptaoiní go tóin puill iad le gabháil nótaí fháil;
ach má bhí faoi an gCaptaoin an ‘Faoilleán’ a bháthadh,
céard a dhéanfadh a chol seisear, Tiobóid — agus na
daoine eile a bhí ar bord? Ach is beag a's is lúbach
an coinsias a bhíos ag lucht airgid. Agus maidir
le gaol fola is feola! fada an lá caithte i gcártaí
é. Nach hí inntinn mhalluighthe Chéin, a mharbhuigh a
dhriothár atá ag a lán driotháracha indiu, faraoir?
Nach leigfeadh an Captaoin daoine ar bord leis le
dalla mullóg a chur ar an dlighe? Nach iomdha Captaoin
ariamh a thug a inghean dhíl ar bord leis, agus gan 'is
aici go dtí an poinnte deire céard a bhí ar siúbhal;
agus nach iomdha inghean a raibh an inntinn cheart aici
a sgéith ar chaimiléaracht a h-athar ar an bpoinnte
deire?
“'Nois, a mhná, bíodh ciall agaibh! Níl ceó maitheasa
sa gcaoineadh. Bíodh foighid agaibh! Níor cailleadh
ar an meisneach ariamh. Ba mhó Páis Chríost 'ná é!
‘Is goire cabhair Dé 'ná an doras,’” arsa duine de
na fearaibh.
“Foighid! Meisneach!” arsa an bhean óg. “Cé'n
mhaith meisneach amuigh ar an t-seiscin mhóir? Nach
mar a chéile an lag agus an láidir, an saibhir agus
an daibhir?” agus chuir sí gáir chaointe aistí a
sgoiltfeadh crann daraighe. “Déanaidh aithridhe cho 'as
tá am agaibh ... Is gearr uainn ... Tús na breithe
ag Mac Dé! Beiridh ar bhur bpáidríní, agus impígídh
ar an t-É a chiúinigh tonntracha tréana Gheaililí sinn a
thabhairt slán, — sin nó bás sona a thabhairt dhíbh; agus
Mac Dé agus a Mháthair Bheannuighthe go bhféachaidh ar
ár ndílleachtaí bochta sa mbaile,” agus chuir sí sgréach
chaol chaointeach aisti, ar nós mná a mbeadh sgian
ag dul sa gcroidhe aici. “A Chuimín! a leainbhín
...!” ar sise.
“A Cháitín!” arsa bean eile, ag tuitim ar a taobh.
“A Dharachín mhúirnigh!” arsa an tríomhadh bean, ag
árdú a súl agus a lámh.
“Cóibhtheach í seo!” arsa an bhean óg in árd a gotha,
“a tháinic le peacuigh' bochta a sguabadh de'n t-saol.
Marach gurab eadh, chasfadh an gaduidhe agus cho minic
agus d'agramar ó mhaidin air é …”
Chuaidh gach duine ar a ghlúiní ach amháin Peadar, a
d'éaluigh suas chun a chúinne féin san seomra láir —
go mbeadh cúl-ráid aige le n-a smaoineadh a dhéanamh
i gceart, agus go gcuimhnigheadh mar is ceart uirthi
siúd i mBaile Átha Cliath a raibh súilí gorma aici —
agus nach bhfeicfeadh sé ar an saol seo arís go deó.
CAIBIDIL V.
AN TEACHTAIREACHT.
AR theacht ar a ais dó bhí na málaí plúir in aon
mheall amháin i gceart-lár an urláir, agus
doras sheomra an innill plúchta aca beagnach;
agus Tomás ag iarraidh iad a chur as an mbealach.
D'fhéach Peadar le lámh chonganta a thabhairt
dó; ach ní raibh aon uair a dfhastuighidís mála nach
dtuitidís beirt. “Nach mór an t-iongna nach
gcasann sibh?” arsa Peadar.
“Cén chainnt sin ort? Nach bhfuil mo theanga caithte
agam 'ghá iarraidh air casadh le trí h-uaire?”
Bhuail Peadar faoi i gcúinne; chuir lúb air féin,
agus chrap a chosa isteach faoi, go raibh a smig ar a
ghlúin aige, beagnach. Strach-fhéachaint dá dtug sé ar
cheann de ghlúiní na luinge a bhí nochtuighthe ó thuit an
plúr, chonnaic sé leabhar beag a bhí i bhfastó i sgair.
D'fhosgail an leabhar uaidh féin in a lár — an
leathanach ba mhionca a léightí do réir a raibh de rian
méar air. “Eolas do'n Mháirnéalach,” ba tiodal dó.
Ormhuadhach a sgríobh é. Leathuigh Peadar a shúilí ar
an leathanach a chuir síos ar bháthadh, etc. Thosuigh air:—
“Má ceaptar nach bhfuil aon fhóirthín indán do'n
fhuirinn agus na báid fhada báidhte, nó imthighthe as
radharc, ba chóir do'n fhuirinn bairrille an duine fháil
—dhá mbeadh a leitheidí ar bord, agus a dtolladh;
spiacáin iarrainn a mbeadh fáinne ar a gceann' a
sháthadh isteach go daingean ar áit an phuill, agus amach
thríd an taobh eile; bárr an spiacáin a lúbadh, i riocht
is nach dtarraingeoch' sé. Píosa téide, tuairm sé
troighthe, a cheangailt de mheadhchan éigin — dhá chloich
mheadhchain — cuir i gcás — agus an ceann eile de'n
téid a chur sa bhfáinne. An duine a dhul cos-treasna
ar an mbairrille agus fanacht amhlaidh go n-eirighidís
de chlár luinge, ar a dhul faoi di. Captaoin na
h-‘Eascon’ a báthadh san mblian 1842, trí sgóir míle
tao' 'muigh de Inis Orc, a smaoinigh ar an mbeart
seo ar dtús.”
Leag sé an leabhar uaidh 'réis an méid sin a léigheadh
fá thrí, agus deora goirte dá dhalladh. Cé mhéad
bairrille a bhí ar bord? Ceithre bairrille leanna,
agus trí cinn ola lampa. “Na bairrillí ola lampa
is fearr, 'siad is mó,” ar seisean. Ach níorbh iad;
mar b'fhearr an t-ádhmad a bhí sna cinn eile agus
b'iad ba déanta.
2.
Bhuail crith agus fuacht é: bhí droch-rún ag an
gCaptaoin. Marach go raibh chasfadh sé — sin nó leigfeadh
sé a inghean ar bord leis.
“Cé'n mí-ádh a bhí orm?” ar seisean, agus deóra
goirte, ba goirte ná 'n salann sáile ag tuitim uaidh,
“nach ndeachaidh in aonfhacht le cuid mo chroidhe ar
maidin? An bhfeicfimíd a chéile go deo arís?
An bhfeicfidh, a Mháirín?” agus luadh sé a h-ainm go
h-árd, agus d'fhéach amach ar an spéir thiuigh dhuibh,
mar dhearcfadh cuirpeach ar an ngárda agus é ag
fosgailt an dorais ag an sé a chlog ar maidin le
n-a thabhairt amach chuig an sganlán. Rug sé ar phíosa
pháipéir, agus thosuigh ag sgríobhadh; crith láimhe agus
croidhe agus bruas air: grádh agus crádh ag fáisgeadh
an chroidhe as; deora móra goirte sgáileacha 'ghá
dhalladh.
“An Faoilleán,
“Áit éigin ar an bhfairrge mhóir.
“A Mháirín, a chuid,
“Cé'n chaoi a mbéidh sé de mhisneach a'm an
teachtaireacht seo a sgríobh' agus mé daortha chun
báis, gan a fhios a'm an bhfuighidh tú go deo í, ach ag
súil le Dia. Tá an long ag déanamh uisge go tiugh;
luasgáin an innill 'ghá mbriseadh; an sáile go dtí
mo rúitíní anois! earraidh gá gcrochadh thar bord ag
fairrge fhíochmhair agus ag tonntracha áibhéil-mhóra
tréana. Ádhmad na luinge ag snaomú, agus ag
éagcaoin — gan fios cé'n poinnte a sgoiltfidh sí ó
n-a chéile — ach a mbuailidh an chéad chnoc eile fairrge
í! An Captaoin 'ghá báthadh toisg í bheith faoi Árachas
trom aige. Go maithidh Dia dhó é, faoi mé do sgiobadh
uait! Maidir liom féin, is cuma liom, marach mé a
bheith ag imeacht uait-se, a chuid mo chroidhe! a radharc mo
shúl! Tig leat a bheith cinnte go bhfuaireas bás sona.
Rinneas m'aithridhe cho maith agus b'fhéidir liom;
agus má gheibhthear mo chorp, gheobhthar mo phaidrín —
an ceann a thug tusa dhom — timpeall mo mhuiníl.
Rachad go tóin puill, agus ainm Íosa agus d'ainm-se
ar mo bhéal agam. Níor gheall Dia dá chéile ar an
saol seo sinn; ach le congnamh Dé, béidhmíd le chéile
arís ar an gcladach síorruidheach úd thall, san áit nach
eól dúinn aon anfadh ach ciúineadas agus suaimhneas
síorruidhe.
“Maidir leat-sa, tá súil agam go gcuirfidh Dia ar
do leas thú, agus go gcuimhneochair ar dhuine a ghrádhuigh
thú le grádh do-mheasta, do-theoranta, do-sgriosta, ó
fhíor-íochtar a chroidhe, — grádh a thug aoibhneas agus
sólás dhom agus mé ag fáil an amhairc dheiridh ar an
saol seo, — grádh nach féidir le tonnta troma tréana
a bháitheadh nó a mhúchadh.
“Teasbáin an leitir seo — má gheibhir í — do mo
mháthair dhíl, agus póg go díl ar mo shon-sa í. Abair
léi nach ndéanfad dearmad ar aon duine agaibh, ach
a dtéighead chun na h-áite atá réidhtighthe ag Dia fá
mo chomhair i Ríoghacht glórmhar na bhflaitheas.”
Theip air a thuille a sgríobhadh, mar buaileadh cúl a
chinn fé'n seas crainn, agus cuireadh as mothú é go
ceann tamaill. Sgríobh sé tuille nuair a tháinic sé
chuige féin, ag is nuair a fuair sé an peann-luaidhe
a thuit idir dhá mhála, agus chuir sé imeall ornáideach
de chroisíní timpeall na leitre — gur chosamhail le
díleagra í. Chuir an leitir i mbuidéal 'raibh ainm
Mháire Jack air, ach tharraing aníos arís í, gur chuir
aguisín léi.
“Beidh mé an-bhuidheach, agus impeochad ar son an
té a sheólfas an leitir seo chuig:—
“Máirín Ní Chaoimh, 9 Bóthar na Beiche,
Baile Átha Cliath.”
Bhuail sé corc san mbuidéal, agus chaith thar bórd
é gur sgiobadh ar siubhal ar bhárr tuinne é, agus cuimhne
ghéar an t-saoil cho maith, mar bhí sé ag cailleadh an
mhothuighthe do réir a chéile. Fuair sé an t-amharc deire
ar an gCaptaoin — a bhí ag stiúradh na luinge — mar
dh'eadh! Cáirr fhiod-mhagúil ar an ngaduidhe thiar ar
an teile, agus gan méad cinn circe in a aghaidh bhig
fhéasóigigh dheirg.
Ba saothrach an fear Tiobóid réis tamaill; a ucht
leighte ar thrathair aige agus é ag tolladh bairrille ar
a mhíle dithcheall; an Captaoin ag fógairt in árd a
chinn; gan duine de mhuintir an Chrompáin Mhóir le
feiceál ós cionn cláir; gan tada le feiceál ar fud
na h-áite ar aon taobh, ach cnuic uafásacha fairrge, a
bhí bán le teann cúthaighe cogaidh cúmhachtaigh in a mbarr'.
“Deifrí, a Thiobóid! Deifrí! Is gearr uainn!”
a deireadh an bitheamhnach ar an teile thiar, “bíodh na
téadracha réidh a'd.”
3.
Bhuail tinneas Peadar, agus tháinic sórt suain
agus tuicht air, mar thigeas ar chuile dhuine a mbíonn
an aithridhe déanta mar is ceart aige; ach ar deire
thiar tháll, tháinic an galar air a chuireas seacht lúib
na péiste ar aon duine fhad is bhíos sé air. A chroidhe
an chéad rud eile a thiocfadh thar a bhéal; agus ní raibh
aon amhóg, ná léim dá dtugadh an “Faoilleán” nach
dtugadh ucht Pheadair amhóg agus léim cho maith'
agus blas searbh an domblais in a bhéal; uisge glas
ó n-a shúilí agus ó n-a fhiacla; a shúilí ag dúnadh;
fuacht is crith air; an mothú agus an chuimhne dhíl
ghrádhmhar uirthi siúd a raibh súile gorma 'ghá gcailleadh
aige. Chaith sé a cheann thairis ar mhála plúir, agus
tháinic an suan air a thagas ar dhaoine le linn deire
an tinnis fairrge.
Nach aisteach an rud é suan a theacht ar dhuine a bhí
daortha chun báis, agus a bheadh ag dul faoi nóméad
ar bith? ach ní h-aistighe pioc é ná an suan agus an
suaimhneas a thigeas ar chuirpigh' a bhíos daortha — cuirpigh
a chodluigheas go socair sámh, agus meanga gáire orra
ar leabaidh an phríosúin, nó go dtagann an gárda
isteach san an-mhaidin, agus go leagann a lámh chruaidh
cnapach fhuar ar a n-éadain le n-a ndúiseacht, chun a
dtabhairt amach, go gcuirtí “an rópa cruadh cnáibe
ar ait a gcarabhata.”
Tháinic beodhchas beag ann, agus chuir a cheann aníos,
agus fuair amharc ar Thiobóid, a bhí ag tolladh go
tréan, agus an bitheamhnach thiar ag fuagairt á radh:
“deifir a dhéanamh,” “gur ghearr uatha,” agus a lán
cainnte eile, nar thuig Peadar.
“Fágh ceann eile fá réir domhsa,” arsa Peadar,
de ghlór lag; ach níor chuala Tiobóid é, leis an saothar
a bhí air; agus fairrge 'ghá chaochadh, go raibh ar Pheadar
breith ar íochtar bríste air le é féin a chur i gcéill.
“Fágh ceann eile réidh dhom agus Dia go gcuiridh
an t-ádh ort! Táim réidh! réidh leis an saol.”
“Déanfaidh sin,” arsa Tiobóid, de ghlór garbh
láidir, agus thuit Peadar bocht i mbun a chos ar mhála
fliuch plúir, gur tháinic lagar agus codla an bháis air.
Ba ghearr gur dúisigheadh go ropannta é, agus go
bhfaca Tiobóid mór in a fhiadhnais agus an súilí móra
méaduighthe ann. Cuma an chrochadóra ar na mailí
móra fada dubha, tiugha.
“Seo, beodhuigh suas; táimíd ag imeacht dhi!
Corruigh,” agus chraith sé guala Pheadair. “Sil ort
é seo! Ní mór dhuit é … Cuirfidh sé croidhe
ionnat, agus an droch-bhail atá ort!”
“Ach céard é?” ar seisean.
“'D'eile céard é ach muigín pórtair? Nar iarr
tú orm é, agus mé ag tarraing braoinín do'n
Chaptaoin? Nach raibh a theanga bheag amuigh le teann
tairt — de bhárr ar shluig sé de'n t-sáile? Eirigh
de'n ghuthán ceoil! táimíd leath-mhíle ó'n gcéibh.”
B'fhíor dhó. Bhí torann bróg ar an gclár ós a chionn,
agus muintir an Chrompáin ag éirighe aníos ó dhuine
go duine, agus cáirr ar an gCaptaoin ag magadh
fútha. “Dá dtugadh sibh punt dom, agus duine agaibh
ní leigfead ar an bh‘Faoilleán’ go deo arís, cho 'as
bhéas mise uirthi, pé sgéal é. Nach beag nar chuir sibh
saobhchan céille orm; agus an chaoi a raibh sibh
ag guidhe, a chneamhairí! Is truagh nach mbíonn an
diagantacht sin ag baint libh Dia Dómhnaigh, agus sibh
ag sgaradh feamainne ceilpe ar uair Aifrinn.”
“Nach mairg a dhéanfadh dóigh dá bharramhail?” mar
a deir an sean-fhocal.
“'S fearr dhom féin é shlugadh orm, mar sin, nuair
nach n-ólfaidh tusa é,” arsa Tiobóid, ag árdú an mhuig
agus na mailí san am chéadna.
“Ní maith é chaitheamh amú, agus cé'n dochar braon
a ghoid agus duine ag fáil bháis le tart? Nach
ndéanfaidh lucht na dteach leana a ndóthain, agus
iomarca buntáiste as a bhfuil fágtha? Is gearr ar
cheann de na bairrillí sin cheithre mhuigín pórtair;
ach ar chraiceann do chluas, ná h-abair focal faoi!
Buail fiacal air. ‘An rud nach gcluinfidh an chluas
ní chuirfidh sé aon bhuairt ar an gcroidhe.’ Raibh
an-tinneas agus faitchíos ort?” agus tháinic féachaint
thruaghach ar aghaidh, agus ar shúilí Thiobóid — sin nó
bhog an braon an carthanas ann.
“Ní tinneas nó eagla go dtí é! Shíleas go raibh
mo chnaipe déanta ... Bhíos réidh glan le bás fháil
…! mo shúilí ag dúnadh ...; ach tá pian uafásach
in mo thaobhanna,” arsa Peadar.
“Níl dochar ann! An tinneas is ciontach leis sin.
Sin é iarsma an mhuir-ghalra; ach ‘nach mairg a báidhfidhe
i lár an anaithe, agus go dtagann an ghrian i ndiaidh
na fearthainne?’”
“Is mairg,” arsa Peadar, agus meanga ag teacht
air. “Bhí tú féin roinnt faitcheach, nach rabhais?”
“Bhoil, bhfeiceann tú, dheamhan a raibh saor dhíom,
nuair a chonnacas an chaoi a bhí ar an muintir eile.
Ní daoine ar bith mná le bheith i mbád lá garbh; tá
siad ró-anbhathach, cé go deimhin nach bhfuil aon chailleadh
orra ar a lán bealaigh eile. Gabh mo leith-sgéal!
Caithfead an ‘gléas cainnte’ seo a chur ar bord!
Beidh sí ag fanacht leis.”
D'eirigh Peadar agus chraith é féin, agus ghlan a
éadan. Bhí an chéibh istigh ar a aghaidh, agus plód maith
daoine idir bheag agus mhór ar cheann céibhe. Naipcín
póca 'ghá fhollamhain ag aon duine a raibh ceann aige;
cúpla gasúr fir ar bhárr an bhalla agus a lámha 'ghá
gcraitheadh aca, agus fáilte na gcéadta 'ghá gcur
roimh an bh” Faoilleán” — nar sheol ach í féin an lá
éachtach sin. Muintir an Chrompáin — a raibh aithridhe
déanta aca — in a seasamh ar chlár na luinge, agus
a lámha le na súilí aca, 'féachaint an aithneoch' gach
duine a pháiste féin.
“Féach cho h-árd agus tá Cóilín s'ain'ne? Go
dtárruighidh Dia sinn! Dá dtuiteadh sé bheadh sé in
a chúilín cnámh.” Gach duine ag dul 'un gliondaraigh
'réir mar bhí an “Faoilleán” ag teannadh le ceann-
cúrsa. Na páistí beaga a cheap a máithreacha nach
bhfeicfidís le n-a mbeó arís, ag rinnce le áthas. An
Captaoin ag crathadh an t-sáile dhe féin, agus ag
triomú na féasóige. An t-oileán ag méadú, an
cuan ag ciúiniú; na tighthe agus na daoine ag teacht
'un cruinnis; an “Faoilleán” ag socrú; faoilleáin
eile ag sgréachaíl thart timpeall uirthi, le na tiodhlacan
isteach. Nach raibh sean-aithne aca uirthi? An spéar
thiar ag glanadh; cruinneacán na spéire 'ghá nochtú
'réir a chéile, agus na sgamaill ag bailiú leo go dtí
an domhan thoir.
“Raibh tú an-dona?” arsa an Captaoin le Peadar,
cho luath agus a bhí a phíopa faoi ghail aige. “Táim
caillte cheal gaile.”
“Ní rabhas ró-dhona mar sin.”
“Is tú b'fhearr ar bith, agus an chaoi a bhí ar phleidhcí'
an Chrompáin Mhóir; agus a Thighearna, ní cheal cainnte,
nó gaisge atá orra, agus iad cois teallaigh. Tá do
chuid éadaigh millte ag an bplúr.”
“Ara cé'n dochar; bíodh aca. Moladh le Dia gur
annseo atáimíd, agus nach ar íochtar fairrge! Ní
beag a bhfuil de chnámha breágha ag bánú faoi thuínn.”
“Ní bréag,” arsa an Captaoin, agus chraith a cheann
go smaointeach.
CAIBIDIL VI.
AN CHÉAD AMHARC.
CAITHEADH ceann téide amach, agus ba ghearr go
raibh gach duine a tháinic ó bhéal an bháis ar
thalamh tirm. Na páistí an-bhródúil as na
milseáin agus as na féiríní a fuaradar.
Peadar, agus a chúl le balla na céibhe
aige le lagar; é ag fanacht go gcuirtí a chuid
bagáistí thar bord. Na daoine fásta 'ghá
in-fhiuchadh; sean-daoine a rádh: “Meas' tú an bhfuil
aon bhaint leis an m‘Bord’ aige?” “Tá a chnaipe
sin déanta ...! Ní eireóchaidh sé go deo!” arsa
cailín a raibh cloigeann ruadh uirthi. An Sagart Paráiste
— sé sin, An t-Ath. Mícheál Mac Aonghusa — sagart
óigeannta dathamhail, agus aghaidh ghnaoidheamhail air,
ag fanacht le n-a chuid páipéar nuaidheacht.’ Bean
árd dubh le n-a thaobh, maide láimhe aici agus í in a
maoil.
“Iongantach a chruthuigh tú, a Pháidín agus a theacht
a leithéid de lá! Dar m'fhocal! bhí an-imní ar chuile
dhuine fút ... Bhí ar ndóchas caillte againn, beagnach,”
arsa an sagart.
“Ea!” arsa Páidín, agus chuir a lámha ar a
chorróga, agus d'fhéach go cineálta ar an luing, mar
dhearcfadh fear ar a chapall a ghnóthóch' geall míle
punt dó: “Bhíos a'm go ndéanfadh sí é, 'Athair.
Níor báthadh aon fhaoilleán ariamh.”
“Bhfuairis an guthán-ceoil? Chuirfinn geall go
ndearnais dearmad air, agus ar chuireas de
fhainiceacha ort!” arsa an bhean árd dubh.
“Baol orm! is túisge a dhéanfainn dearmad ar
mo bhricfasta, nó ar éirigh ar maidin. Fuaireas,” ar
seisean, “agus ‘rud éigin eile’ cho maith. Sin é thall
leis an mballa é,” agus d'fhéachadar beirt i dtreó
Pheadair; ach ba mhó an chosamhlacht bacaigh, a mbeadh
iarsma meisge air, Peadar ar an láthair úd; agus
níor fhéach an Dochtúir Seosaimhín Ní Dhóláin ach ar
nós-chuma liom air.
D'fhan Tiobóid leis an bh“Faoilleán” a fheistiú,
agus shiubhail an Captaoin, an Sagart, agus an Dochtúr
suas abhaile; Peadar agus Tomás suas in a ndiaidh.
“Níor cheapamar go bhfuighimís amharc beo go deó
ort,” arsa an Dochtúr; í ag dearcadh go truaghach
ar an gCaiptín, a raibh a chulaidh fhairrge bainte dhe
aige, agus a chaipín maraidheachta air, céim bheag
bhacaíle ann de bhárr an táirgne a bhí ag dul sa mbeo
air le dhá lá roimhe sin.
“Tá mé ag ceapadh nar cheap, ná an fear óg seo
taobh thiar dínn, ach an oiread; agus maidir le muintir
an Chrompáin! bhrisfeá do chroidhe ag gáire, 'Athair,
dá bhfeicteá na bitheamhnaigh ag guidhe! Níor ghuidh
Naomh Pádraic ariamh mar iad; agus ní raibh aon
ainm dá raibh thoir ná thiar ariamh nár thugadar orm, —
go raibh ceann-fé orm ós cómhair an fhir óig seo taobh
thiar 'íom. Tá an donas amach agus amach ar an
teangain sin atá ag mnaoi Tom Bheairtle! Go
bhfóiridh Dia air aici; sin a bhfuil le rádh a'm.” Ní
mórán áird' a thug an Sagart ar a ghlór, ach a shúilí
sáidhte sa bpáipéar aige, go bhfeiceadh sé an raibh aon
chainnt ar Shos.
2.
“Cogar mé seo leat, 'Athair,” agus bhrúgh a uille
ar láimh an t-sagairt. “Cé'n pháighe a cheapfá-sa
anois a bheadh ag Inneallthóir — Engineer — atá i
gceist a'm — a bheadh ag obair do ‘Charparéisiun’
Bhaile Átha Cliath?”
“Cá bhfios dom, mara bhfuil 'is ag an Dochtúr
annsin é?” arsa an Sagart, agus é roinnt taodach,
mar ba soluiste an páipéar ar an oileán sin.
“Tuige, a Pháidín — a Chaptaoin?” ar sise, ag
dearcadh go géar air.
“Dheamhan tuige 'bith, ach mé 'bheith 'ghá fhiafruighe.”
“Tá fáth eicínt a'd leis,” ar sise ag dearcadh níos
grinne air.
“Tá; bíonn fáth le gach rud. Inneallthóir an duine
uasal seo thiar; sin é an fáth a bhfuil mé 'ghá fhiafruighe.”
D'fhéach an Dochtúr thairti ar an bhfairrge, mar
dh'eadh! agus bhain lán na súl as mo dhuine a bhí ag
cur an bhóithrín aird de cho trom tuirseach le sean-
fhear ag teacht ó aonach.
“Mar sin é,” ar sise. “Is dócha go mbeadh idir
an cúig agus an seacht de chéadta punt aige,” ar
sise, “mar tá cáirdí agam féin ag obair do'n dream
céadna,” agus roinnt ughdaráis in a glór.
“Ní taobh le seacht gcéad atá sé seo,” agus labhair
sé go h-íseal. “Tá i bhfad níos mó ná sin aige,”
agus bhrúgh a uille ar an Dochtúr.
'Réir mar bhí lúth agus spreacamh ag teacht do
Pheadar bhí sé ag cur suime ins an gcailín árd dubh
a bhí ag cur an áird go luthmhar éadtrom éasga dhi,
agus imeacht mná uaisle aici. Thug sé faoi deara
cho cothrom agus cho teann agus a leagadh sí sáil ar
thalamh, agus cho deagh-chumtha a's a bhí a rúitíní; cho
méidhreach agus a bhí a gáire; cho gléasta agus a bhí
sí in a leithéid d'áit fheannta uaignigh.
“An í an Dochtúr Seósaimhín Ní Dholáin a bheadh
ann?” ar seisean leis féin, agus chuimil méar dá
shúil.
“Cé hí sin?” ar seisean, le Tomás Ó Seachnasaigh
a bhí ag iompur a dhá mhála.
“Sin í an Dochtúr atá a'inn annseo anois. Dochtúr
mná í. Nach diabhaltaigh aisteach an rud é! Chuile
dhuine ag déanamh iongantais faoi.”
3.
“Seo chugat Mac Uí Chuinn — Inneallthóir — Engineer
— tá's a'd — ó Bhaile Átha Cliath,” arsa an Captaoin
le Mnaoi Uí Mhóráin, bean an Tighe Ósta.
“'Bhfuil aon bhaint leis an m‘Bord’ aige?” ar
sise i gcogar. “Má tá, caithfead seomra an Dochtúra
a thabhairt dó,” agus bhuail deifir í. Bean mhór
dhathamhail a b'eadh í; aghaidh bhreá, ghnaoitheamhail
uirthi, a chuirfeadh “croidhe na féile” i gcéill do
dhall.
“Cá bhfios 'om?” arsa an Captaoin go mí-fhoighdeach.
“Nach bhfuil 'is a'd cho maith liom-sa go bhfuil baint
le bord eicínt aige. Nach buird uilig an tír ...?
Tabhair do rogha seomra dhó; ach sgaoil greim le
n-ithe ar dtús chuige. Tá dath na n-ubh lachan air, agus
déidín tuithte aige le teann ocrais. Bhí deich lúb
na h-eascon air le muir-ghalar. Rachaidh mise faoi
dhuit gur beag an easbaidh cómhluadair a bhéas ‘uirthi-
féin’ feasta ...! Béidh sí ar mhuin na muice!
‘Engineer’ agus guthán ceoil in aon teach léi!”
“Ó tá an guthán a'd?” ar sise.
“Tá; tuige nach mbeadh? 'Gceapfá 'ndéanfainn
dearmad ar theachtair cho tábhachtach?”
“Agus cé mhéad pláta ceoil?”
“Dhá dhoiséine.”
“Agus na h-amhráin is nuaidhe?”
“Maise, a bhean chroidhe, nach bhfuil 'is a'd go
rí-mhaith go raibh mo sháith ar m'aire ag stiúradh, agus
ag iarraidh foighde a chur i mnaoi Tom Bheairtle, gan
guthán ceóil a chur a seinm ar bhord luinge, agus an
lá a bhí ann! Nó ar airigh tú an stoirm chor ar bith?
Níl 'is a'm-sa tada fútha, ach gur dhubhairt Tiobóid
gur thruime na plátaí ná leath-tona luaidhe agus é
ghá gcur ar bord.”
Fearadh fíor-chaoin fáilte roimh Pheadar, agus
d'fhiafruigh Bean Uí Mhóráin dhe céard a chaithfeadh sé.
“Tá an dínnéar réidh,” ar sise. “Cé aca is fearr
leat — caoir-fheoil, muic-fheoil, nó sicíní?” Marach
an droch-bhail a bhí air 'sé a leagfadh ar 'chaon chineál
aca! ach ní biadh a bhí ag cur imní air ar an bpoinnte
sin, ach tinneas-cinn, a thaobhanna, agus timpeallacht
na h-áite aistighe. “Béidh braon anbhruithe a'm,”
ar seisean agus rinne méanach. “Táim cho lag leis
an luachair, agus gan cuisle dreoilín a'm! mé báidhte
go smior. Buailfead a chodla díreach.”
Nuair a bhí bainte dhe, agus é i dteas an éadaigh
bhí borrú an éinín gé ag teacht ann; an tinneas cinn
ag bailiú leis, mar imthigheas ceo liath-bhán an ghleanna
le teas na gréine. Ag tuitim in a chodla a bhí sé,
'réis eachtraí an lae a chur trí na chéile, nuair a tháinic
Bean Uí Mhóráin isteach.
“Cé mar táir ag dul ar aghaidh?” ar sise, agus
meanga ó chluais go cluais uirthi a leighseóch' duine
tinn.
“Ní giorránta dom,” ar seisean go lag, agus
bhain corr an-róidhteach as féin, gur iompuigh ar
a thaobh. “Béidir, le do thoil, go bhféadfá ‘Aspirin’
a fháil dom; tá mo cheann 'ghá sgoilteadh le tinneas
cinn.”
“Cinnte,” ar sise. “Nach bhfuil an Dochtúr in aon
teach liom? 'Mbeadh “Aspirin” a'd? Tá an fear
bocht seo thiar go dona le tinneas-cinn,” ar sise,
agus an Dochtúr a caitheamh a dínnéir i gcomhluadar
an t-Sagairt.
“Tá,” ar sise, — “san Íoclainn. Buailfead síos
ach a gcríochnuighead mo dhínnéar. Níl sé an-dona?”
“Ó dheamhan a bhfuil cáillteach dhe,” ar sise, agus
a leath amuigh san doras aici; lámh léi ar an gcnap.
“Bhfuil bhur ndóthain sicíní agaibh.”
“Tá mo sháith a'm-sa, pé sgéal é,” ar sise, ag glanadh
a béil, “ach céard mar gheall ort-sa, 'Athair?”
“Bhoil,” ar seisean, agus deirge bhreagh shláinteamhail
ann, “ní abróchainn nach mbeinn in-ann chuig ceathrú
bheag eile de shicín; táid go rí-bhlasta.”
“Go h-aoibhinn!” arsa an Dochtúr ag gabháil
leith-sgéil an t-Sagairt; gur eirigh in a seasamh,
agus síos léi chuig an Íoclainn, a ceann go h-aerach
san aer aici agus í ag bog-fheadaíl, — an fheadaíl sin
a bhíos ar dhuine 'mbíonn an croidhe éadtrom aige.
4.
“N-abróchthá leis an Dochtúr, le do thoil, gur mhaith
liom é — í fheiceál,” arsa Peadar nuair a bhí an
t-‘Aspirin’ sluigthe aige. “Tá — tá,” agus chuir sé
strainc an anróigh agus an an-shóigh air féin; “tá
an-phian in mo thaobhanna. Tá súil agam nach dtolgóchad
aon t-slaghdán nó aon droch-ghalar as sglábhuigheacht an
lae indiu.”
Rug an Dochtúr Seosaimhín Ní Dhóláin ar chuisle
air, agus ghrinn-dhearc san am chéadna é; eisean ag
dearcadh caol díreach uaidh ar phictúr a bhí ós cionn
áit na teineadh, agus cioth ar nós srutha aibhléise
ag rith trí na cholainn. Tháinic dinglis ann, agus níor
bhféidir leis gan gáire a dhéanamh i ngan-'is dó féin
nuair a chuir sise an teas-mhéad fá n-a asgaill.
D'fhéach go grinn sna súilí uirthi agus casadh súilí na
beirte ar a chéile an chéad uair ariamh. Aeríl agus
meidhre an mhionáinín gabhair ag dul ar áit na péine
“móire” Go cé'n cúmhacht iongantach a bhí i
dteangachtáil a láimhe míne buige? Go cé'n
draoidheacht cumasach nó easarluigheacht éachtach a bhí
in a dhá súil mhóra dhubha bheodha?
“Níl ort ach roinnt creatha, agus sé an muir-ghalar
is cionntach leis an bpéin atá in do thaobhanna. Ní
bheidh faic ar maidin ort, le congnamh Dé.”
“Go raibh maith agat!” ar seisean, 'ghá chaitheamh
féin siar ar shlatracha a dhroma, gur shín na géaga,
gur tharraing osna shásta. Thosuigh sé ag deasú an
éadaigh fá n-a thaobha' go gcuireadh sé codla trom
na n-olachadán thairis arís go maidin, ach bhuail
smaoineamh aisteach eicínt é. Chuir sé a uille faoi,
gur dhírigh é féin roinnt, agus go bhfuair amharc eile
ar an Dochtúr Seosaimhín Ní Dhóláin agus í ag dúnadh
dorais an t-seomra in a diaidh. Fuair sise an
t-amharc deire an lá sin air, ar an móiméad céadna;
agus bhuail cineál náire éigin eisean, ar eagla go
gceapfadh sise nach lán-dáirírí a bhí sé fá n-a chuid
“tinnis.”
“Is dócha nach bhfuil air ach iarsma an mhuir-ghalra?”
arsa an Sagart, agus é ag sgárdú an chaife amach.
“Sin an méid, cheapainn,” ar sise, “gidh go bhfuil
sé roinnt critheach.”
“Níl tada air,” ar seisean. “Bíonn cuid de na
daoine óga sin an-imeaglach nuair thagann siad annseo.
Cheapfaidís gurab é an bás a bheadh orra dá mbeadh
gan a bheith orra ach pian i laidhricín a gcoise. Ró
oll-aireach air féin atá sé.”
Bhí a chodla ag teacht ar mo dhuine 'réir mar bhí a
cholainn ag téidh', agus bhí an buidéal a raibh teachtair-
eacht an bháis ann 'ghá thuargan ar dhruim na fairrge
móire; agus bhí cailín éigin a raibh dhá shúil ghorma
aici uaigneach — an-uaigneach — i mBaile Átha Cliath; —
í níos faide ó n-a leanán ná bhí sí ariamh; agus an
fear árd dubh, dathamhail, óg, dar thug sí searc agus
gean a croidhe ag tuitim i suan agus i sámh-chodlata
ar oileán uaigneach ar imeall na fairrge móire, in
éisteacht torrainn aibhéil thréin na dtonn, agus
sgréachaíle chasaoidigh faoilleán fionn!
'Tosú ag brionglóid a bhí sé nuair a cuireadh an
doras isteach.
“Ó gabh mo leith-sgéal!” arsa Bean Uí Mhóráin
agus í ag iarraidh siúbhal ar bharra' cos. “Cheapas go
rabhais in do chodla. Teastuigheann do chuid éadaigh
uaim, go dtriomuighthear iad, ach 's beag nach ndearnas
dearmad, — seo teinsgéal a tháinic 'nois díreach.
“Brídín ag dul 'un cinn go breagh ... Na
Dochtúirí an-dóchasach, — Máirín.”
“Is maith é sin!” ar seisean, ag iompó ar a thaobh.
“Níl aon fhreagra?” ar sise, agus gabháil éadaigh
aici.
“Níl; dheamhan é,” ar seisean, go sásta, agus
dhún na súilí. Thosuigh ag caint leis féin: “Seos-
aimhín! Seosaimhín Ní Dhóláin! An Dochtúr
Seosaimhín Ní Dhóláin! An-an-deas, ainm rí-cheólmhar,
agus ca-ca-cailín an-an —,” ach níor thug codla trom
na n-olachadán am dó an t-aidiacht binn breagh ceolmhar
a chríochnú. Bhí Peadar Ó Cuinn — an t-Inneallthóir ó
Bhaile Átha Cliath — in a chnap-codlata, agus an
Captaoin Páidín Ó Mainín — a fuair máistireacht ar
thonnta' na seacht bhfairrgí, agus a raibh aithne ag gach
iasg, agus rón sa bhfairrge air, ag cur dhe ins an
gcistinigh.
CAIBIDIL VII.
TUILLE AITHNE.
AN té a chífeadh Peadar agus a chúl le balla
na céibhe aige, agus a chífeadh an mhaidin dár
gcionn arís é, ag caitheamh bricfasta leis an
Athair Mícheál Mac Aonghusa, Sagart Paráiste
Oileáin na n-Éan; an Dochtúr Seósaimhín Ní
Dhóláin, ar ín ar éigin nach rachadh sé ó aithne air!
É gléasta go dtí an chluas i gculaidh bhreagh dhuibh-
ghuirm; é cho bearrtha le easbog; a ghruag dhubh
cho sleamhain, agus cho slíoctha le cloigeann
róin duibh; faobhar uafásach ar a ghoile, ach amháin
go raibh iarsma na péine sna taobhanna aige, gidh nach
raibh sí ag cur tada as d'á ghoile.
“Chuirfinn geall go bhfuil goile breagh agat indiu,”
arsa an Sagart. “Níl duine a chuireas muir-ghalar
dhe nach fearrde le n-a bheó é.”
“D'fhéadfá a rádh!” arsa Peadar, “gidh gur
cheapas tamall indé go raibh mo ghreim deire cangailte,
ach moladh le Dia tá tuille faid ar mo shaol!”
“Ní bréag a rádh gur mhór a thaithnigh sé leis an
Sagart; agus ba duine é an t-Athair Mícheál ar
bh'fhéidir leis inntinn duine a thuisgint ar an bpoinnte
boise, sé sin, má tá duine ar an domhan a bhfuil an
tréith sin aige, agus ní móide nach raibh Peadar ar
an gcuma gcéadna. Ní mórán fuinn cainnte a bhí
ar an Dochtúr, ach gach am a n-árduigheadh sí an cupán
ar a béal deas, cruinn, deagh-chumtha, bhíodh deis aici
Peadar — a bhí ar a h-aghaidh tháll, agus gan ‘bun cleite
amach nó bárr cleite isteach’ in a chuid gruaige — a
dhearcadh go grinn. Í ag cur spéise ann i ngan-fhios
di féin. Ba deacair di a rádh arbh é áilneacht a phearsan
agus a aghaidh ba chionn-t-siocair, nó a dheagh-bhéasacht.
Ar chuma ar bith, bhí sí ar nós báid a bheadh idir oileán
agus mór-thír; ise ag teannadh ó gach fear óg dár
casadh léi go nuige seo, agus ag déanamh air-sean.
Sin, nó béidir gur mar gheall ar go mba as an mbaile
mór céadna iad; agus nach minic gur fhás grádh as
cómharsanacht? Nach bhfuilid gaolmhar 'un a chéile?
Bhí téada an ómóis agus na cómharsanachta ag righ
agus ag daingniú; agus cá bhfios nach mbuailfidh
snaidhm láidir do-sgaoilte an ghrádha ar an téid sin
lá ar bith. Nach h-é nádúr an duine é? Bhí iongna
a chroidhe ar Pheadar fá shagart cho h-óg leis an Athair
Mícheál a bheith in a shagart paráiste — fear nach raibh
dlaoi liath in a cheann! agus theastuigh míniú uaidh ar
an gceist.
“Is mór an t-ádh a bhí ort, 'Athair, gur dearnadh
Sagart Paráiste díot agus thú cho h-óg sin. Nuair
a fuaras amharc ort indé, cheapas go mba thú an
Séiplíneach.
“Is docha nach mbeinn marach amháin — agus tig liom
a bheith buidheach do'n Ghaedhilg faoi 'n méid sin. Ní
maith leis an Easbog aon duine a chur annseo ach
Sagart a mbeadh Gaedhilg mhaith aige. Ní h-é sin le
rádh gur sgoláire mise,” agus rinne sé meanga;
“ach mar sin féin, tig liom seanmóir réasúnta mhaith
a dhéanamh, agus Faoistean a éisteacht. Dubhairt
Seán-Tom — sgéaluidhe cumasach atá againn ar an
gCeann-thiar, go bhfuil blas breagh ar mo chuid cainnte,
ach faraoir! is fada a lá go mbídh mé in-ann a casta
cho bríoghmhar fuinniúil leis-sean; agus is faide ná
sin go mbídh an rith-cainnte agam atá aige-sean.”
“Measaim nach raibh aige ach lomchlár na fírinne san
méid sin,” arsa an Dochtúr, agus í ag leagann píosa
aráin ar phláta an t-Sagairt, agus ag gearradh cheithre
phíosa a bheadh réidh i gcóir an fhir óig a bhí tháll ar a
h-aghaidh, agus a bhí 'ghá dtabhairt leis cho tréan le
páiste a bheadh ag sgoicheadh spíonán i ngáirdín na
cómharsan.
“Cheapas nuair a tháinic an Dochtúr annseo go mbeadh
sí ag greadadh léi lá'r na mháireach; ach is maith an
sgéal nar ghread. Ní mise féin a bhí iongamhail ach
chuile dhuine,” arsa an Sagart.
“Níl fhios agam cé'n fáth nar imthigheas,” ar sise,
“mar ní mó 'ná go maith a thaithnigh dreach an oileáin
liom nuair a fuaras an chéad amharc air ó chlár an
‘Bhradáin.’ Bhí an lá ag clagairt bháistighe, agus
béidir gurab 'in é an fáth. Má's fíor go nglanann
an fhairrge peacuigh an t-saoil, is dócha go bhféadfadh
duine a rádh go gcuireann an bháisteach drugall agus
míofhonn ar dhuine — go mór-mhór in áit choimhthigh.”
“Ní bréag,” arsa Peadar, ag breith chuige ar phíosa
eile. “ Bhí an drugall céadna orm féin indé, ach
tá a bhunáite imthighthe anois díom.”
“Ach lá ar na bháireach,” ar sise, “nuair a fuaireas
amharc iomlán ar an oileán, agus ar na daoine tháinic
aoibhneas ar mo chroidhe, agus tháinic mar thiocfadh
ceó, — ceó draoidheachta — ar mo shúilí a thosuigh ag cur
a lán rud ó léargus orm, ach amháin an t-oileán, a
áilneacht fhiadháin agus na daoine; mé ag déanamh
dearmaid ar an mór-thír, agus ar an domhan mór
i ngan 'is dom féin. Chítear dom dá mbeinn ag tabhairt
mo chúil go deó do'n oileán seo go dtosóch na tonnta
ag olagán; na faoilleáin bhána ag sgreadaíl go
truagh-bhéalach, agus na h-ailltreacha árda díreacha ag
silt!”
“Cineál smaointeachas mná é sin,” arsa an Sagart
agus é ag meanga gáire, agus d'fhéach go róigeannta
ar Pheadar — a raibh plaic thuas aige, — agus é ag oibriú
sgine agus gabhlóige ar a chroidhe-dhíthchill.
“Ní smaointeachas ar bith é,” ar sise, 'ghá socrú
féin ar an gcathaoir. “Féach an méid daoine ó'n
Euróip a chuireas fútha ar oileáin uaigneacha iargcúlta
ins an bhFairrge Chiúin?”
“Lucht pinn, is filí gruaige faide iad sin,” arsa
an Sagart, — “an dream is aistighe ar an domhan;
ach ní thuigim cé'n fáth go rachaidís cho fada ó bhaile,
agus áit mar í seo cho gar do láthair.”
“Mar gheall ar gurab í Éire í,” arsa Peadar, agus
thosuigh ag briseadh píosa eile aráin fá n-a mhéaracha.
“Is mór an t-iongnamh nar fhéachais féin le rud éigin
a sgríobhadh, 'Athair, agus an t-ábhar atá agat, agus
is dócha nach mbíonn do chruadhóg ró-mhór i gcómhnuidhe.
Cá bhfios nach gearr go gcluinimíd sgéala ar Bhensonach
nó ar Shíothchánach Gaedhilge.”
“Maise go deimhin féin, níor fhéachas,” ag dearcadh
go géar le coirnéal a shúile deise ar Pheadar. “Tá
mo mhór-dhóthain ar m'aire, ag iarraidh fiacha atá ar
an séipéal agus ar na sgoltacha a bhailiú, agus gan
mórán conganta le fáil agam ó aon duine ach ó
mhuintir an oileáin amháin; agus mar is léar duit
féin, is beag agus is rí-bheag í a n-acfuinn. Táim
féin agus na Buird in árrachaí a chéile. Tá galún
dúbhaighe ídighthe agam ag sgríobhadh chuca, ag iarraidh
orra rud éigin a bhéas buan-t-seasmhach a dhéanamh ar
mhaithe le na daoine bochta, nach bhfuil aca ach ó'n láimh
go dtí an béal.”
“Uch! maidir leis na Buird sin,” arsa an Dochtúr,
agus cineál déistin ar a glór, “ní dhéanaid faic ach
leitreacha a admháil: Sin an méid.”
“Cupán eile tae, le do thoil, a Dhochtúir,” arsa
Peadar, agus maolú beag ag teacht ar a ghoile taca
an ama seo.
“Mar sin féin rinneadar cuid mhaith soilíse, ach
nílim sásta, agus ní bhéad sásta,” agus bhuail sé dorn
go beag ar choirnéal an bhuird, “go mbídh bád iasgaigh
ag 'ch aon bhaile, agus na galtáin iasgaigh sin ó Shasana
ruaigthe ó n-ár gcladaigh'. 'Minic agus mé in mo
sheasamh ar bhárr an áird gur mhaith liom guna mór
‘ocht bpunt déag’ a bheith agam, agus na galtáin
chéadna a chur in aer, go maithidh Dia dhom é! Bhímís
ag tromachán ar an Rialtas a bhíodh ann roimhe seo,
ach is eagal liom go bhfuil an Rialtas beag seo
againn féin roinnt siléigeach — 'réis an méid geall-
tanais a fuaramar aimsir an Togha Mhóir.”
“Bí foighdeach! ‘réir a chéile a déantar na cais-
leáin,’” arsa an Dochtúr, agus í ag gearradh tuille
aráin.
“Béidir é; ach na daoine a chuireas na caisleáin dá
ndéanadh bíonn compóirt agus oll-mhaoin aca. Dá
mbeadh a mbuilg folamh is beag d'imní a chuirfeadh
caisleáin orra. Tá tighthe móra, atá te teolaidhe ag
an dream sin, agus iad go glúiní in airgead,” arsa
an Sagart go láidir.
“Tabhair onadh do'n Rialtas: Bíonn gach tosú
lag. Fan go bhfaghaidh sé cos i dteannta agus go
ndaingnighidh sé a fhréamha,” arsa Peadar. “Cupán
eile le do thoil, a Dhochtúir. Tá aithmhéala orm ach ní
bhíonn aon náire ar an ocras.”
“Measaim féin gur iomarca poilitidheachta atá
ag ithe an chroidhe as an tír seo. Is minic go mbíonn
‘guth na tíre ag iarraidh é féin a chur i gcéill thríd an
mbéal mí-cheart,’ mar adéarfá. Níl na daoine féin
sáthach neamh-spleách. Toghfaidh siad duine mar gheall
ar thréimhse a chaitheamh i bpríosún, agus fear nar chodail
oíche ar leabaidh príosúin ariamh i bhfad níos fearr
béidir. Faitchíos orm go bhfuilmíd ró-thórtha ar fad
ar ghaotairí.”
“Is iomdha fear maith a bhí, agus atá i bpríosún,”
arsa an Sagart léi, “agus is iomdha Gaedheal maith
dílis ar dearnadh criathar dhe in éadan balla, — in
éadan a bhalla, agus i láthair a mhuirghín féin go minic.”
“Ó nílim ag teacht in d'aghaidh san méid sin; ach
measaim go bhfuil muintir na h-Éireann ró-sho-
chorruighthe —”
“Ó, bhoil, fágh thusa ‘saoi gan locht.’ Nílmid pioc
níos measa 'ná aon tír eile, ach má tá sibh le poili-
tidheacht a tharraingt chugaibh féin béad-sa ag imeacht.
Tá fir-oibre agam ar an séipéal, agus ní mór dhom súil
a choinneáll orra, nó ní dhéanfaidís buille maitheasa ach
ag caitheamh tobac, agus ag éisteacht le Seán-Tom ag
cur dhe. Bhfuil an pictúir iongantach sin réidh fós
a'd?” agus d'fhéach ar an Dochtúr. “Táir sáthach
fada leis pé sgéal é.”
“Bíonn tú ag pléidhe le dathanna?” arsa Peadar,
'ghá dhíriú féin, agus díogras in a dhá shúil, mar thaithneoch'
cómhrádh mar sin leis. Fear é féin a d'ídigheadh cuid
mhaith páipéir agus dúbhaighe, agus a ‘dhóigheadh ola
an mheadhoin-oiche’ san nGeimhreadh, nuair a bhuaileadh
taoim smaointeachais é.
“Ní bhím,” ar sise, “ach le giota a bhaint de'n
aimsir.”
“Agus is rí-shuimeamhail an caitheamh aimsire é. Cé'n
t-ainm a bhéas air? Tá súil agam go mbéidh cóipeanna
le fáil de.”
“‘Nádur an Duine,’ a bhéarfas mé air,” ar sise, go
magamhail.
“Ní móide nach dtuigeann tú do cheird, má's féidir
leat sin a chur i gcéill. Ní go maith a thuigim féin
an nádúr sin.”
“Measaim féin go bhfuil an-ábhar agam,” ar sise.
“Orm féin a bhéas an locht mara féidir liom cad atá
ar intinn agam a chur i gcéill,” agus d'fhéach sí amach
go smaointeach ar an bhfairrge mhóir a bhí cho socair
le loch i ngleann doimhin sléibhe maidin chiúin Shamhraidh,
agus féachaint uaigneach do-thuigsiona in a súilí móra
dubha draoidheachta.
2.
“Is mór an t-iongna liomsa go mbeadh sagart
in-ann greim a bhéil a bhaint amach annseo chor ar bith,”
arsa Peadar, agus fonn air an ceathrú cupán iarraidh.
“Go dona é,” arsa an Sagart, “ach mar sin féin
bíonn riar mo cháis agam. Íocann na daoine cho
maith agus is féidir leo; agus dá mb'iad na páistí
sgol féin iad — bíd a comórtas go bhfeicid cé aca
is mó a bhéarfas. Chífeá an gliondar in a súilí nuair
a ghlaoidhim a n-ainmneacha Lá Nodlag Beag, agus an
Dómhnach 'réis na Cásga. Tá gean agus truagh mo
chroidhe agam ar na páistí bochta! Naomh gach duine
aca; agus cé'n bhrí ach an sluagh a théigheas chuig
Comaoineach gach Domhnach; bíonn tálach in mo láimh.
Ach táimíd ar an-chaoi cheal an dara bosga Faoistín.
Dar m'fhocal, go mbíonn ceann-fé orm nuair a thagas
strainséaraí. Bhronn an t-Easbog — (slán a bhéas
sé) — ceann orainn agus ‘An Faoilleán’ a thug chugainn
é. Dhá bhfeictheá an gliondar a bhí ar Pháidín an lá
sin. ‘Ní báidhfear an “Faoilleán” go deo,’ ar
seisean, ‘dá dtuiteadh an cílle féin aisti!’ Measaim
go mbéidhmíd inann ceann eile a cheannacht má eirigheann
go maith leis an gCuirm-Cheóil, agus leis an rinnce a
bhéas againn Dia Dómhnaigh seo chugainn; ach eireóchaidh,
mar béidh dráma againn, agus tá gach duine de'n Choiste
'ghá oibriú féin go dtí an smior. An Dochtúr annso an
Rúnaidhe.” Tháinic roinnt cúiseamhlachta uirti-se nuair
a luadhadh a h-ainm, agus chrom a ceann de bheagán.
“Cé'n t-ainm atá ar an dráma?” arsa Peadar.
“An t-‘Athrú Beag,’ ach sílim go ndéanfaidh siad
‘athrú mór’ dhe an oiche sin — le n-a bhfuilid a chur
d'aguisíní leis. Níl oiche nach gcuirtear leis.”
“Dráma rí-dheas. Sílim go bhfacas in Amharclainn
na Mainistreach uair amháin é. Bheadh an-áthas orm
muintir an oileáin fheiceál 'á léiriú, mar táim cinnte
go gcruthóchaidís thar bárr; arae má tá na léirightheóirí
mar an gCaptaoin déarfainn go mbeadh an-acfuinn
grinn is feirge aca. Ach faraoir! béidh orm a
bheith ag bogadh liom Dia Sathairn beag,” agus glór an
aithmhéala air.
Chroch an Dochtúir a mailí. “Nach mbeidh damhsa
'réis na Cuirme-Ceóil, 'Athair?” ar sise, go fiosrach.
“Réir mar is maith leis an gCoiste; ach má bhíonn,
bí cinnte go mbeidh bhur sáith milióidiuns agus bheidhlíní
agaibh ... Ní shílim gur cheart dúinn an pianó
iarraidh ar Mháighistreás Sgoile na Carraige. Béidir
go mbrisfidhe é, agus ní cheideochainn ar leith-chéad
punt é, mar is bean fhíor-ghnaoitheamhail í, agus is
fearr leis an aos óg na gléis-cheoil eile. B'fhearr
liom féin iad agus mé óg.”
“Thairg sí an pianó dom-sa indé,” ar sise; “agus
ar ndóigh, ba shuarach an mhaise dom í eiteach. Tig linn
an guthán ceoil a bheith againn freisin. Rud nuaidhe
ag bunáite muintre na Carraige é.”
“Mar is maith leat.”
“Ach ná h-imthigh go Luan, a Mhic Uí Chuinn. Cé'n
deifir atá ort? Nach iomdha lá san roillig orainn?
Cé'n lá a bhfuil ort a bheith i mbun oibre?”
“Dia Luain,” agus chuimil a bhosa.
“Abair go bhfuil an muir-ghalar fós ort! Is
dócha gur féidir leat bréag bheag gan dochar innseacht
cho maith le Cigirí agus Oifigigh' na mBord eile,”
agus rinne sé gáire croidheamhail. “Táim cinnte
go mbéidh an Dochtúr annseo lán t-sásta ‘Teisteas
Tinnis’ a thabhairt duit.”
“Bhéarfad, má's maith leis,” ar sise, ar nós-chuma-
liom.
“Bhoil, mara féidir leat-sa é a choinneáll, níl
sórt deise ar bith agam-sa,” agus amach leis, le cuairt
a thabhairt ar an séipéal, agus le Seán-Tom a
ruaigeadh — má bhí sé ag cur de do na fearaibh oibre.
“Sagart breágh Gaedhealach é!” arsa Peadar
agus fonn iongantach cainnte air.
“Dhá mbeadh 'is agat!” ar sise. “Níor casadh
a leithéid fós ariamh orm! Sé croidhe na féile é, agus
duine uasal gach órdlach dhe, agus naomh é in a theannta
sin — gidh nach gceapfadh aon duine é ach an té a mbeadh
sár-eolas aige air. Shnámhfadh muintir an oileáin
an fhairrge mhór ar a shon,” ag cur cóta mhóir uirthi
féin, agus ag breith ar eochair a bhí ar an matal. “Slán
agat go fóillín!” ar sise. “Seo é lá na h-Íoclainne
agus sílim go bhfuil cúpla páiste le gearradh san
mBolgaigh Dé agam: ach bhfuil 'is a'd céard a dhéanfas
tú?” ar sise, agus í ag meanga, “buail síos agus
fosgail an doras. Béad 'do dhiaidh ach a bhfeistead
mé féin,” agus shín an eochair chuige.
Bhí cúigear nó seisear ban in a suidhe ar a ngogaidí
cois an dorais. Leathnuigh na súilí orra ar a fheiceál
dóibh. Isteach leo.
“Maise, a Dhochtúir,” arsa Bean Tom Bheairtle,
“tá ‘leaidín’ beag annseo agam atá a' fuasaoid
le leith-bhlian — mara cleithín a bheadh aige. Bhíos ag
braith ar é a chrochadh amach chuig Dochtúr an Bhaile
Nua liom, ach níl cáll 'om leis anois, ó thárla dochtúr
fir againn, bail is beannú air!”
“Amén, maise,” arsa na mná eile agus patairí
faitcheacha aca. Níor bhféidir leis gan pléasgadh
ag gáirí. “Ní dochtúr mise chor ar bith —”
“'Ndomhnach cá bhfios dom?” ar sise. “An
Captaoin a bhí ghá rádh le fear-a-tighe aréir; ach seo
í í féin!” nuair a chonnaic sí an Dochtúr ag teacht
agus mála ar luasgadh in a láimh aici — mála ar a
dtugtar ‘attache case’ i mBéarla árd-nósach an lae
indiu.
“Ar buaileadh bob ort?” ar sise.
“Ní bob go dtí é!” ar seisean agus meanga ó
chluais go cluais air. “Gleacuidhe an Dochtúr, dá
mbeadh an saol ag cainnt; seadh sin!” agus é ag
spaisteóireacht dhó fhéin agus port feadaíle ghá chasadh
aige.
Ag siúbhal cois chladaigh, agus ag infhiúchadh an oileáin
a chaith sé an chéad dá lá, agus ag cómhrádh cois teineadh
le n-a bheirt charad ins an oíche — sin agus an guthán
ceoil ag cur dhe. Thagadh an Captaoin isteach go
mion minic le n-a chloisteál; agus bhí aon amhrán amháin
a chuireadh gliondar agus brón air san am chéadna,
agus “Asleep in the deep,” ba tiodal do'n amhrán
sin. Chraitheadh an Captaoin a cheann go smaointeach
le linn na bhfocal: — “Many brave hearts are asleep
in the deep, so beware! — beware!” agus deireadh go
brónach — “focla níos fírinnighe níor dubhradh ariamh!
Is iomdha cara liomsa in a gcodla faoi thuínn!”
Chuir an Dochtúr an pláta sin i bhfolach — gidh go n-abradh
sí leis an gCaptaoin gurbh é a bhriseadh a rinneadh.
“Is cuma liom,” a deireadh sé, “ach innis dhom
cár chaithis na blúiríní ... ba mhaith liom píosa
de fháil — i ndíl-chuimhne ar an t-sean-aimsir!”
D'fhiafróch' Peadar dhi céard a rinne sí leis marach
ar eagla go gcuirfeadh sí an chaidéiseacht in a leith.
“ Ach innseochaidh an t-Ath. Mícheál dom uair eicínt
tuige ar chuir sí i bhfolach é,” a deireadh sé leis féin.
Mar gheall ar an Dochtúr agus air féin a bheith ag
imeacht ag spaisteoireacht agus a bheith in a suidhe cois
trághadh agus “seacht ndánta na h-inntinne” a bheith
'á gcur trí n-a chéile aca, ba ghearr go raibh sé in a
sgéala mhór go raibh siad luaidhte le chéile — agus le
pósadh lá ar bith.
D'fhiafruigh an Captaoin de'n Athair Mícheál é agus é
istigh ann lá amháin ar cuairt chuig mnaoi Pháidín.
Ba chuma leis an gCaptaoin ar mhodh, ach dá dtairgthí
síneadh láimhe nó luach saothair dhó ghlacfadh sé go
fonnmhar é; agus dá bhfághadh sé cuire chun bainfheise
bheadh sé ar an gcéad duine, agus a bhríste bán air a
cheannuigh sé an lá a raibh sé ag fágáil Cabhlaighe Shasana,
— an bríste a bhí air an lá ar tháinig sé abhaile go
h-Oileán na nÉan — ionnus go gceapfaidhe go mba
taoiseach mara é a raibh ceannas aige ar an luing
chogaidh ba mhó ag an mBainríoghain; agus cheap a lán é,
ach amháin an Sagart agus na múinteoirí sgol, agus níor
dhaoine iad a dhéanfadh aon díobháil dá gcomharsa',
dá bhféadaidís chor ar bith é.
“Focal níor chualas de,” arsa an Sagart; “ach
dhá mbeadh féin nach hé nádúr an duine é?”
“Is maith atá 'is a'd go bhfuil, 'Athair. Nach tusa
an chéad duine a dtiúbharfaidís fios dó air? Nach
gcaithfeá páipéar pósta a thabhairt dó. Nach —?”
“Nach n-abraim leat nach bhfuil,” mí-fhoighid agus
fonn grinn san am chéadna ar an Sagart.
“Abair liom go bhfuil, agus thar an tairsigh sin ní
rachaidh sé.”
“Nár dhúbhras leat cheana nach bhfuil! Is dócha go
gceapair nach bhfuil tada le déanamh agam-sa nuair
'chím daoine óga ag comhrádh le chéile ach bleid chainnte
a bhualadh orra, agus fiafruighe: ‘Maise an fíor go
bhfuil sibh-se le pósadh?’ Cheapfaidís, ní nach h-iongna,
gur saobhchán céille a bheadh orm. Nach fearr an aithne
atá a'd féin ar an Dochtúr 'ná a'm-sa, agus fiafruigh
di é.”
“Go deimhin fhéin, 'Athair, nuair nach ndeachaidh cáil
na cabaíle amach orm roimhe seo ní rachaidh sí amach
orm i ndeire mo shaoil tháll. 'Mbeidh sé ag an
gCuirm-Cheoil agus an damhsa?”
“Béidir dó.”
“Bhoil má bhíonn sé ag an ‘Time’ coinneochad mo
shúil feannta; ach ní 'ghá sgaoileadh thar mo chluasa
é, cé'n bharramhail atá do mhnaoi an tighe a'd, 'Athair?
'Gceapfá go gcaithfidh sí an ruaig seo? Bhíos ag
braith fios a chur ar an Dochtúr di, ach ní leigfeadh sí
'om, ach ná h-innis sin di-se.”
“Ó caithfidh, le congnamh Dé.”
“Maise go mba slán saolach an sgéaluidhe!
B'iondual dhuit an deaghsgéal a bheith in do bhéal.”
Agus d'fhág an Captaoin thar an ngeaitín é.
CAIBIDIL VIII.
NÁDÚR AN DUINE
BHÍ an Aoine ann, agus gach áit a b'fhiú fheiceál
feicthe agus mion-sgrúduighthe ag Peadar
cé's moite d'Uachais na Rón a bhí thiar ag
bun na h-Aille Móire.
D'fhágfadh sé an t-oileán go buidheach beannachtach
ach an áit sin a bheith cíte mar is ceart aige. Minic
a chuala sé an Dochtúr ag trácht uirthi, agus shocruigheadar
a dhul ann 'réis lóin, agus b'in taca an h-aon, ionnus
go mbeadh dalladh ama aca le aithne agus eolas a chur
ar gach giodán dá raibh innti; agus cá bhfios nach
roinnfí cuid de'n ádh leo atáthar a roinnt leo siúd
atá ag cartadh agus ag rómhar amuigh i dtír ársa na
h-Éigipte fá láthair! gidh go raibh air-sean cúpla
leitir a sgríobhadh, a raibh deifir an domhain leo ag
duine i mBail' Átha Cliath — duine a raibh súile gorma
spéiriúla aici. Ach dhá mbeadh 'is ag an duine sin an
‘námha’ i gcruth mná a bhí ag déanamh mórtachais le
Peadar le seachtain, í ag cur draoidheacht' air agus
ag cur a chroidhe ag boc léimnigh le briathra binne béil,
ba ceolmhaire ná céirseach a bheadh ag cur dhi go h-aerach
maidin gréine in a h-aonar ar thuim — is dócha go
mbeadh sí anuas ar ala na h-uaire le n-a leanán a
chrochadh léi i ngreim cruaidh cluaise. Is maith an sgéal
nach raibh 'is!
2.
Chaitheadar greim lóin go deifreach, agus d'fheis-
teadar iad féin i gcómhair an aistir. Culaidh marcuidh-
eachta ar an Dochtúr, agus ní bréag a rádh gur dheas
an t-seóid i súilí fileata Pheadair í. “Dar m'fhocal,”
ar seisean, “is breá an giota d'fhear a dhéanfá, ach
is maith an sgéal gur bean thú, nó bheadh éad na mban
rua ar mhná óga. Culaidh ghlas, agus bríste glún air
féin; mála ar a ghualainn aige in a raibh greim beag lóin,
sgian, lóchrann, coinneall, agus mion-rudaí beaga
eile a bheadh foghantach in uachais dhorcha na rón.
Siar an bóthar leó ar rothair; iad go croidheamhail
geal-gháireach, ar nós páistí a bheadh ag dul ar chóisir
Shamhraidh. Rith na páistí, a bhí ag déanamh teach beag,
isteach, agus dubhairt go h-anbháthadhach: “A Mhama,
tar amach go bhfeicir an bheirt;” agus ba ghearr go
mbíodh cloigeann mná i ngach doras; lorg plúir
ar lámha na mban, sin nó pataire ar baclainn aca;
agus ar imeacht tharta do'n bheirt, cluinfí an siosgadh
cainnte: “Níl 'fhios agam céard 'tá ag teacht ar
mhná óga an lae indiu, chor ar bith, a Bhairbre, leis an
bhfeistiú a bhíos orra. Ní h-iongnamh ár, agus sléacht,
a bheith ar fud na ríoghacht. Mná in a bhfeara' indiu,
agus in a mná' amáireach.” Agus annsin thagadh
cogar ní b'ísle, agus ní ba chruinne: “Meas tú an
bhfuil siad geallta, a Mhonica?” “Marach go bhfuil
ní bheadh an fuadar sin fúithi. Gcluin' tú na gáirí
atá uirthi? Uaithi ní leigfidh sí mo dhuine pebrí cé hé,
nó cé as é.”
Ceathrú míle ó bhárr na h-aille a bhí cómhnuidhe ar
Chól-Nóra — nó Cól an Chrompáin mar tugtaí air, —
agus b'aige a bhíodh an téad le n-a dtéightí síos chuig
an uachais. Isteach leis an mbeirt.
“Go mbeannuighidh Dia isteach annseo!” arsa an
Dochtúr, le luas piléir. Gheit mo dhuine a bhí in a shuidhe
an shúistín i lár an urláir; a bhróga bainte dhe aige;
ceann liath agus féasóg bheag ar an dath chéadna air;
é ag tochrais ceirtlín snátha eangaigh. “Dia agus
Muire dhuit féin, a fhir óig. Nach dtiocfaidh sibh 'un
na teine'?”
“Bhfuil an téad a'd?” ar sise, agus roinnt de'n
mhí-fhoighid ar a glór.
“D'ar m'anam gurab é — í an Dochtúr atá ann!
Dar fiadh! chuadhais ó aithne orm san ngléas éadaigh
sin — sin nó mé a bheith ag cailleadh an amhairc. Má
táim féin cé'n t-iongna é? — fear a rugadh Oíche na
Stoirme Móire. Bhfuil fúibh dul le fánaidh?”
“Ar ndóigh marach go bhfuil ní thiocfaimís ag iarraidh
téide,” ar sise, agus í corrach ar a cosa. “Cé'n
chaoi atá ar an taoille?”
“Béidh sé in a dhiaidh-thrágh faoi cheann uair'-go-leith,
agus ní mór díbh a bheith i bhfus sul a mbí leath-uair
tuilte aige. Bhfuil tú annsin, a Chóilín?” ar seisean,
in a shean-bhéic.
“Táim,” arsa Cóilín, ag teacht aniar as an seomra
agus leabhar beag gorm in a láimh aige. Buachaill
caol árd caithte a b'eadh é, mac inghíne do Chól-Nóra.
“Fagh an téad réidh do na daoine uaisle seo, agus
fág thuas 'óibh í. Caith uait ‘An t-Arthú Beag.’”
“Níl cáll dó leis,” arsa Peadar, “iompróchad-
sa í.”
“'Réir mar thogróchas sibh,” arsa Cól go réidh-
chúiseach.
Thug Cóilín téad a bhí in a dhá píosa, aniar as an
seomra, agus bhuail glas-shnaidhm chruadh an mháir-
néalaigh uirthi. Téad cheithre duail a bhí innti, agus
snaidhm ar chaon chúig troighthe dhi, ionnus go mbeadh
deis ag an té a bheadh ag dul le fánaidh aille greim
maith cos agus lámh 'fháil, agus a sgíth a leigeann dá
dtagadh air.
“Iongantach an fad atá innti!” ar sise. “Bhfuil
an aill cho h-árd sin?”
“Tá, agus níos áirde in áiteacha; níl sí ach trí
chéad troigh san áit a rachaidh sibh-se le fánaidh.”
Chuir Peadar an téad — a ndearna Cóilín cabharna
dhi — ar a ghualainn agus ar aghaidh leo beirt.
“Ar choimrighe Dé, Mhic Dara, agus Mhic Duaigh
dhíbh!” arsa Cól-Nóra, agus thosuigh ar a chuid tochrais
an athuair.
“Go mba h-é dhuit!” ar sise.
3.
B'aoibhinn an áit a bheith ar bhárr na h-aille an tráth-
nóna sin i ndeire an Fhoghmhair — trí chéad troigh ós
cionn na mara móire, agus sgata éan ag troid agus
ag caismirt annseo agus annsúd nuair a castaí
cnuasacht leo. Éin eile 'ghá dtuargan ar bhárr tuinne
mar fhéileacáin bhána agus gan oiread na fríde ionnta.
“Nach iongantach áluinn í an fhairrge?” ar sise.
“Níl aon uair dá bhfáighim amharc ceart iomlán uirthi
nach dtagann cineál uaignis do-mhínighthe eicínt ar
mo chroidhe,” agus leig sí osna i ngan 'is di féin, agus
an t-amharc smaointeach draoidheachta sin in a súilí
mar ba ghnáth, agus í ag breathnú amach ar an áilneacht
is iongantaighe ar an saol seo.
“Dubhairt Taoiseach Gaedheal mar sin é — beannacht
dílis Dé le n-a anam! nuair a dubhairt sé: ‘Cuireann
áilneacht an t-saoil seo cumha ar mo chroidhe.’”
“Ó! is cuimhin liom anois,” ar sise, ag beodhú,
“Raibh aithne agat ar an Taoiseach tréan sin?”
“Is agam a bhí!” ar seisean; “sé a mhúin bunáite
mo chuid Gaedhilge dhom, agus a leabhar-sa, ba bhreágh
uaidh!”
“Cainnt níos fírinnighe níor dúbhradh ariamh,” ar
sise, agus shuidheadar beirt síos, le lán a súl a bhaint
as an áilneacht iongantaigh a bhí mór-thimpeall, agus
go líonfadh a sgamhóga le aer úr folláin na mara,
a séidtí aniar ar bhárr na mílte míle fairrge. Iad
in a suidhe san áit a gcothuigheann an falc, an crosán,
an guardal, an faoilleán, an bruigheall, an chailleach
dhubh, an ghiúróg — agus an fhalcóg roimhe seo; agus
thíos fútha san uachais dhuibh dhorcha — ba duibhe ná an
aibhéis is íochtaraighe in Ifreann — bhí árus na rón mór
bhfairrge.
“Nach iongantach an rud é,” arsa Peadar, “go
raibh oileán — tír mhór eile — idir an áit seo agus talamh
Mheiriocá na mílte blian ó shoin, agus go bhfuil sí
faoi thuínn anois? Agus céard iad na h-alltracha
seo ach ballaí dian-láidre na nádúire, atá ag cosaint
an oileáin, an chuain, agus na móir-thíre ar thonntracha
tréana fíochmhara na mara, a thagas anall na mílte
míle fairrge, nó go ndéantar cúbhar — cúbhar bán
fá bhun na n-aill dhíobh?”
“Sin é an chaoi!” ar sise. “Níl aon rud buan-
t-seasmhach ar an saol seo. Níl síorruidhe ach aon rud
amháin. Agus nach cruaidh an saol a bhíos ag na faoill-
eáin bhochta le linn anfaidh gargaigh, nuair a crochtar
go h-árd san aer iad, agus seolann an stoirm roimpí
iad, agus ní bhíonn cuid aca in-ann a mbaile a bhaint
amach tráthnóna? Agus nach cruaidhe ná sin an saol
a bhíos ag a gclainn bhoicht san neid — gan fasgadh gan
dídean aca ó'n bhfairrge cháitigh a bhíos 'ghá ndalladh,
agus 'ghá spréachadh, agus a máthracha ar thóir baoite
in áit éigin i bhfad ó bhaile? Ea! Is léar dhom anois,”
ar sise, “nach bhfuil feithide dár chruthuigh Dia gan a
thrioblóid agus a an-shógh féin,” agus í ag féachaint uaithi
i gcéin; a h-ucht ag ísliú agus ag árdú, mar ísligheas
agus mar árduigheas druim na bóchna ar uair bhreágh.
“Ach nach deas í an fhairrge lá breagh?” ar sise ag dul
'un meidhre, “nuair a bheireas sí cuire do dhuine a
theacht amach. ‘Tar uait’ a deireas bog-mhonabhar na
dtonn, agus, nuair a bhuaileas fonn díoltais gan
fáth, gan ábhar, gan leith-sgéal í, deireann na tonnta
áibhéala thréana — ‘fan — fan istigh.’”
“Is truagh nach smaoinightear ar sin,” ar seisean.
“Is truagh,” ar sise, “ach céard sinn féin ach
sglábhuidhthe úmhla dár gcineamhaint. Cad tá in go
leor dhínn ach báid bheaga éidtreóracha, gan seol gan
stiúir, 'ghá dtuargan go mí-thrócaireach ar fhairrge
ghairbh na cineamhna. Ea —!”
“Amach ar thóir an aoibhnis a tháinic mé féin. Tig
linn cómhrádh mar sin a bheith againn cois teineadh, agus
muid go te teolaidhe an Geimhreadh seo chugainn, nuair
a bhéas sneachta séidte go geal gléigeal ar chnoc agus
ar bhán, agus an mhuir mhór ag búraíl le teann cúthaighe
cogaidh cumhachtaigh ar chladach agus ar thráigh, agus
casaoid chaointeach ag gaoith na h-oíche le sgeich agus
le crann; ach mar a dúbhras cheana — ní amach i gcomhair
cainnte leibidighe mar seo a thángamar, nó le bheith
ag breathnú ar éanacha aille ag déanamh mórtachais
le n-a chéile! Síosaimís linn in ainm Dé agus Mhuire.”
4.
Cheangladar ceann téide de'n chuaille a bhí sáidhte
go daingean docht i sglaig i mbárr na h-aille — cuaille
a bhí in aon-turas le n-a h-aghaidh. Nuair a bhí sin
déanta, chuadar beirt ar an téid, agus tharraing
go dian go bhfeicidís an raibh sí daingnighthe mar ba
cheart.
“Ní tharraingeoch' Elephant í!” ar seisean,
agus rinne gáire.
Bheadh a bheagán nó a mhórán de'n imeagla ar an té
is treise croidhe agus é ag dul trí chéad troigh le
fánadh aille, agus an aibhéis mhór faoi thíos, gan fios
cé'n doimhne di — gan idir é féin agus an t-síorruidheacht
nar tháinic deoraidhe ariamh ar ais uaithi — ach greim a
lámh, agus téad — sé sin, mara cág chríochnuighthe é.
“'Sfearr dom-sa dul 'un tosuigh,” ar seisean,
agus é 'dúnadh a chóta, “agus tig leat-sa do chos a
leagann ar mo ghualainn má bhuaileann aon tuirse
thú. Nach fearr?”
“Ní miste liom,” ar sise, agus níos mó faitchís
uirthi ná leig sí uirthi féin, agus síos leo.
Ba ghearr gur thosuigh an gleo, an chaismirt 9 agus an
sgiolladh 10, nuair a phléasg na mílte faoilleán
sgannruighthe amach as sgalpracha diamhara na h-aille,
gur thosuigh ag sgreadaíl go truagh-bhéalach. Ann a bhí
faoilleáin an domhain i ndáil chómhráidh! Thagadh an
bheirt ar spuaic aille anois agus arís, agus d'fhéad-
faidís sgíth lámh agus cos a thabhaint dóibh féin, ach
greim leath-láimhe a choinneall ar an téid. Ó an
téad sin!
“Nílmid leath bealaigh fós?” ar sise go fiosrach,
agus tálach ag teacht in a láimhíní míne boga.
“Níl, ná sórt baoil ar bith orainn; céard atáimíd
ach ag an bhficheadh snaidhm?”
Chuir sí a miotóga uirthi nuair a tháinic sí chuig an
chéad ‘stad’ eile, mar bhí léasracha ag teacht ar a
lámha; agus tá's ag an saol nach craiceann cruaidh
rocach a bhíos ar láimh mhín bhuig mná óige mar an
Dochtúr Seosaimhín Ní Dhóláin.
Bhí an aill ag feithe isteach in a bun 'réir mar a
bhíodar ag teannadh síos, agus an fhuaim ba h-uaignighe
agus b'uafásaighe dár chuala cluas daonda nó beithigh
ariamh, ag na tonnta a ndéantaí cúbhar díobh ag béal
na h-Uachaise. An chéad gheábh eile a thugadar bhíodar
beirt ar sliobarna as téid idir aer agus talamh; an
téad ag luasgadh leis an ngaoith; ise ag iarraidh greim
a coise a bhaint amach ar a ghualainn, nó ar a cheann.
Ó an bealach uafásach sin! agus fuacht na h-eagla
ar chroidhe na beirte. An as a gcéill a bhíodar — gan
eadtorra agus áilneacht agus grádh an t-saoil seo
ach téad — téad, a bhí leath-lobhtha, béidir, gan 'is cáide
cheana ó féachadh an téad sin. Thángadar chuig stad
eile, agus d'fhéachadar beirt ar a chéile.
“Níl faitchíos ort?” ar seisean, ag glanadh alluis
an t-saothair agus na h-eagla dá bhaithis.
“Ó níl,” ar sise, “fós, pé sgéal é. Beidh tuitín
againn annseo. Nach bhfuil sé óg san lá fós?” Níor
thuig sí go dtí anois go cé'n cúmhacht mór a bhí aca
beirt ar a chéile, agus cho mór agus a bhíodar fén
gcúmhacht sin; iad a cur aithne ar a chéile 'réir mar
a bhíodar ag cur snaidhm dhíobh. Céard a dhéanfadh sí
dhá n-eirigheadh tada dhó-san? Céard a dhéanfadh
seisean dá n-eirigheadh tada dhi-se? 'Mbeadh aithmhéala
air? Tháinic a lán smaoineamh mar seo di i ngan-'is
di féin, ach nach iomdha croidhe a ndéanann an eagla
agus an imní casán buailte thríd. Ar aghaidh leo arís;
iad ghá dtuirsiú 'réir a chéile. “Chím grinneall agus
sliogáin!” ar seisean. “Is gearr uainn;” agus
leis an gcéad gheábh eile dár thugadar bhíodar beirt ar
charraig bhig a bhí ag béal na h-uachaise — béal ba duibhe
ná béal aon uachaise dá bhfuil ar chladaighe garbha na
h-Ormhuaidhe. “Tá sé ag trágha go tréan,” ar
seisean. “Is gearr gur féidir linn dul di gan cos
a fhliuchadh. Ó, tá mo bhosa feannta!
5.
Bhí an faitchíos céadna ar an mbeirt a bheadh ar
pháistí a bheadh ag braith ar bhualadh isteach i dteach mbeadh
cáil na bpúcaí agus na sidheog air. Fonn orra dul
isteach, agus dhá fhonn fanacht amuigh. An fhuaim ba
bhrónaighe dar chuala cluas ariamh le cloisteál san
uachais sin — mar osnaíl anam in anshógh; caol-fheadaíl
na gaoithe mara measgtha leis an bhfuaim bhinn fhír-
uaignigh sin.
“Má tá Purgadóir cho dona leis an áit seo.” agus
í roinnt bán-aghaidheach, “Dia go bhféachaidh ar na créat-
úir bhochta atá ann!”
“'S fearr dhúinn féachaint cé'n sórt Purgadóir-
eachta é ar chaoi ar bith. Isteachaimís linn,” agus rug
sí ar láimh air. An lámh sin!
Bhí breac-sholus ó'n muir aca go dtáinic siad cho
fada le corr a bhí san uachais. Las Peadar an lóchrann.
H-airigheadh torrann ar a n-aghaidh istigh. Baineadh
truisle as Peadar … Thuit sé ar a bhéal agus ar a
fhiacla … Thuit sise freisin agus baineadh an mothú
aisti. Siúbhladh orra; brúghadh iad; baineadh an anál
dhíobh, gur bheag nar plúchadh iad. “Ó!” ar sise.
“Ó! taisí agus spirideacha ar marbhuigheadh agus
ar báthadh ó thús an t-saol 'ghár mbualadh san mullach,”
agus leac shleamhain feamuinne fútha a raibh uachtar
géar fé bháirnigh agus diúilicíní uirthi.
“Eirigh!” ar sise, nuair tháinic sí chuici féin,
“agus las solus, nó tiocfaidh saobhchan céille orm.”
Amach leis! agus is annsin 'seadh connacthas an
radharc áibhéil iongantach. “Beir greim cruadh orm!”
ar sise, “nó tuitfead i laige. Tá na glúiní a' lagadh
fúm! Tá — tá aistíl do-mhínighthe éigin ag teacht orm!
Tá —!”
“Céard a d'eirigh dhúinn?” ar seisean, agus an
lóchrann soilseach in a ghlaic aige.
“Ó cá bhfios dom,” ar sise. “Ar airigh tusa
torrann? Annseo 'tá fód ár mbáis. Níl 'is
agam céard a thárla ó thuiteas, ach brúghadh an croidhe
asam.”
Bhí beithigh le Cól-Nóra ag ingheilt in aice na h-aille,
agus ar na beithigh' seo bhí budóg bhradach a ceannuigheadh
ó fhear as an gCeann-thiar — beithidheach cho bradach agus
a bhí ar cheithre cosa! Ní raibh aon áit ariamh a bhfaca
sí éadach nach mbeadh sí ann ar an toirt. Díolfaí ar
aonach a bhí ar an mór-thír lá amháin í marach gur
thosuigh sí ag ithe imeall cóta an cheannuightheóra, agus
an marga 'ghá dhéanamh. “Dhá mbronntá orm í,”
ar seisean, le Cóilín, “ní thiúbhrainn liom í,” agus
chuir lúib uirthi le buille mhaide; agus is iomdha fear
as an gCeann-thiar a d'fhág sí gan a léine i gcómhair
an Dómhnaigh! Dúbhradh gur i dteach ósta a cheannuigh
Cóilín í — lá a raibh sé ar bog-mheisge.
Suas léi, agus a pus le talamh aici ag smúracht ar
nós con, agus í ag baint corr-chrathadh as a drioball,
gur thosuigh ag líochán na téide. D'árduigh sí a ceann
sgeadach 'réis tamaill, agus bhreathnuigh fúithi agus
thairti, ar nós gaduidhe a bheadh i mbaol; ach ó líochán
go cangailt ní fada an t-aistear, gur chuir an téad
fá n-a fiacla agus gur thosuigh uirthi ag crinneadh
ar a sáimhín suilt; a drioball 'ghá chraitheadh aici le
teann samhais, ar nós cait ag spochadh ar luich. Ba
ghearr gur bhris dual; níos giorra 'ná sin gur bhris
dual eile. Tháinic na beithigh eile aníos, go bhfeicidís
go cé'n soghluiste a bhí aici agus gur thosuigh ag toncáil
a chéile. Thosuigh sí féin agus gamhain breac ag troid
fá'n téid, ach a mhaisge, ba ghearr an mhoill uirthi-se
an ruaig a chur air agus cuid dá chuid fionnaidh ar
bharra adharc aici.
“Cluinim torann,” arsa an Dochtúr, agus iad
tamall maith eile 'un cinn, agus chuala torann ar
nós sluaghadh saighdiúr ag gluaiseacht trí shráid-bhaile
le fáinne an lae. Sgiorr Peadar. Chuaidh an lóchrann
as! Baineadh truisle aisti-se agus siúd sa mullach
orra arís! — gur bheag nar cuireadh síos tré urlár
na h-uachaise iad, agus iad i mbéal eascara caoile.
Róin a bhí ar a suan dóibh féin thuas ar leic mhín agus
a sgannruigheadh, nuair a d'airigheadar an glór, nuair
a chonnacadar an lóchrann, agus ní raibh aon bhealach chun
saoirse aca ach san gcumhang-bhealach a raibh an bheirt.
Ba dheas an radharc a chonnaic an bheirt ar eirighe
dhóibh, agus an lóchrann ag spréachadh soluis ar na
róinte raibh deifir an domhain agus faitchíos a gcroidhe
orra; iad ar gach dath; cuid aca cho dubh leis an áirne;
cuid eile breac ballach; cuid eile bán; cuid eile
liath-ghlas; cuid aca a bhí cho mór le tairbh; cuid eile
cho beag le uasgáin chaorach; iad 'ghá n-ionfairt féin
go mí-stuamdha, agus ag tuitim amach i ndiaidh a
mullaigh; agus iad 'ghá mbualadh fá n-a chéile.
“Tá súil agam gurab é seo an dara gábh, agus an
gábh deire cho maith,” arsa Peadar ag glanadh an
ghainmhe agus an t-salachair de féin. “Táid glanta leo
uilig anois,” ar seisean, “gheobhfaimíd suaimhneas
uatha.”
“Agus an fuadar atá fútha!” ar sise. “Bhfacais
aon iongnamh ariamh nach ndallann an solas iad?”
Ba ghearr gur airigheadar giúiníl chráidhte agus
útamáil imeasg na sliogán. Níor thuit ceachtar de'n
bheirt an turas seo. Bhíodar ag eirighe cleachtach ar
an áit, agus céard a chífidís ach rón dubh, a bhí roinnt
óg agus a chaill a bhealach ins an ruathar! é ar chúl
cloiche móire agus é ag iarraidh í strapáil; é ag
tuitim ar a thaobh le gach iarracht dá ndéanadh sé,
agus sgéin in a dhá shúil fhiadháine.
“Nach hé an t-seoid é?” ar sise, ag leagann a
láimhe ar a dhruimín sleamhain fliuch. “Bhéarfaimíd
linn é, agus déanfaimíd peata dhe, agus múinfimíd
cleasa dhó,” agus gliondar uirthi.
“Go deimhin fhéin, ní thiúbharfair. Ba sléacht é — a
maicín a strachailt ó na mháthair! Bíodh 'is a'd go
bhfuil an oiread ceana ag a mháthair air sin agus a bhí
ag do mháthair féin ort-sa an chéad lá ariamh a bhfuair sí
amharc ar do shúilí móra dubha. Sgaoilimís uainn é,
nó imreochaidh a bhfuil dá threibh san bhfairrge díoltas
orainn.”
“Ar ndóigh, níl siad il-bhéasach?” ar sise.
“N-ionsóchaidís duine?”
“Ní ionsóch'; ainmhíthe faitcheacha iad, ach cá bhfios
dúinn nach ndéanfaidís mísg eicínt le sásamh fháil?
Narbh olc an chaoi orainn é 'ghá dtéighidís ar an téid
agus í a stialladh agus a stróiceadh, agus béidir gur
in a bárr a bhrisfeadh sí.”
“Dar m'fhocal nar chuimhnigheas ar sin,” ar sise.
“Níl rud ar bith gan a nádúr féin.”
B'fhíor di: b'shiúd aníos an t-athair agus an mháthair
agus a súilí drithleacha ar lonnradh nós súilí leomhain
i bpluais dhorcha, go mbeiridís a maicín leo ar ais
nó ar éigin; gur rug an mháthair i ngreim cuinc-mhuiníl
air, agus gur chaith thar an gcloich é. Bhí leis annsin!
“Tá sé ag trághadh go tréan,” ar sise. “Níl deoir
annseo anois.” Lasadar coinneall agus fosgladh
an máilín bidh, gur itheadar greim a theastuigh go géar
uatha: agus iad ag dearcadh ar thaobhanna dubha,
sleamhne, fliucha na h-uachaise, spiacáin as na taobhanna
sin raibh cuma éadain duine orra. Cuid aca a chuir-
feadh sean-éadan caillighe feasa — a gheobhfadh an-bhás
i gcuimhne do dhuine.
“Nach diamhar duaibhseach an áit é seo?” ar sise,
agus alltacht uirthi. “Ní féidir leat a rádh, a Mhic
Uí Chuinn, nach mbéidh ábhar úir-sgéil anois agat.”
“Ná bac le Mac Uí Chuinn! Mac Uí Chuinn!”
ar seisean go fon-mhóideach. “Abair ‘Peadar.’”
“Agus abair thusa ‘Seósaimhín’ agus ná bac leis
an ‘Dochtúr.’”
“Déanfaidh sin! Peadar agus Seosaimhín! Ó, gabh
mo leith-sgéal! Seosaimhín agus Peadar! Sin mar
is ceolmhaire é,” ar seisean, agus chuireadar beirt
racht gáire asta — cé go raibh cailín i mBaile Átha
Cliath a raibh dhá shúil ghorma aici, nó an iad na súilí
dubha is láidre easarluigheacht agus draoidheacht?
Ar aghaidh leo tamall beag eile agus greim cruadh
láimhe aca ar a chéile. An greim lámh sin! Teachtaire
idir dhá chroidhe 'b'eadh é, agus nuair a bheadh teacht-
aireacht le cur chun bealaighe ní déantaí ach an lámh a
bhrúghadh, nó amharc a thabhairt. Ea! nach iongantach an
rud é an grádh?
Bhíodar ag deire na h-uachaise fé dheire — áit a
raibh brugh-fá-thír, iongna orra-san nach raibh an-chuimse
bairrillí agus adhmaid innti, ach ní raibh.
CAIBIDIL IX.
DEIRE AN DUINE
CÉ'N t-am é?” ar sise, agus iad in a
suidhe ar chloich.
“Ceathrú 'réis a cúig.”
“Bhfuil?” ar sise. “Níor cheapas go
raibh sé cho deireannach,” ach in áit a
mbíonn an grádh is gairid oiche 's lá.
Nuair a chuaidh Cóilín i gcoinne na budóige, le n-a
cur fé ghéibheann i gcóir na h-oíche, mar léimfeadh sí
siúd as oll-amharchlainn na Róimhe a mbíodh na Críos-
tuidhthe ag Neró innti — cá bhfuigheadh sé í ach thuas ag
an gcuaille, agus an gaduidhe ag cangailt a círe,
agus an téad — an téad — imthighthe le fánadh aille
agus an taoille ag tuile!
“Múchadh agus báthadh go deo ort!” ar seisean,
ag breith ar spala cloiche: “Tá sléacht déanta
agat!” agus ba bheag nar chuir sé an chloch isteach
thrí n-a taobh. Chraith sí a drioball annsin, ach níor
le samhas é! “Tá beirt báidhte agat, a dhiabhail!”
ar seisean agus faobhar cuthaighe ar a ghuth. Síos
leis ag léimnigh thar na claidhthe le sgéala chuig a
athair-mór.
“An t — t — An téad ithte ag an diabhal, agus í
tuitthe le fánaidh aille!” agus ba bheag nar thuit sé
i lár an urláir leis an bhfuadar a bhí air.
“Ó, a Mhic an Domhain! a Dhia dhílis!” arsa Cól,
agus é ag imtheacht as a mheabhair; é ag siúbhal ó'n
teine go dtí an drisúr, agus ó'n drisúr go dtí an
teine; é a greadadh a dhá bhos fá na chéile. “Tá
bás beirte orm ...! Tá sin, agus gan téad eile
ar an oileán! Cé'n mhaith? cé'n mhaith? Cá bhfios
nach ar a mbealach aníos a bhris sí. Ó, a Mhic an
Domhain! nach maith an chaoi orm é i ndeire mo shaoil
tháll! Bain as soir chuig an Sagart go beó, agus
ná bí 'do chuaille le balla annsin,” agus tharraing
dorn air. “Cá bhfios nach mbeadh currach sa gcéibh
a bheadh timpeall an oileáin in am, ach cé'n mhaith? Cé'n
mhaith?” agus d'fhéach sé amach. “Nach shin í Carraig
an Róin faoi! Rith, a Chóilín,” agus chuir sé sgréach
eile as ar nós máthar nuair a caithtear an chéad shluasad
créafóige anuas ar chlár cónra a mic agus a bhaineas
torann bodhar, follamh as. “Níor chualais aon
ghlaodh? Cé'n chaoi 'gcloisfeá ag glór na fairrge.
A Dhochtúir bhoicht!”
2.
Ag léigheamh a Phortúis a bhí an Sagart nuair a phléasg
bean Uí Mhóráin isteach san seomra le sgéala an bháis.
Chuir éadan an t-Sagairt gach dath dá bhfuil san mbogha-
ceatha dhe, gidh nar dhuine an-bhathach a bhí ariamh ann.
Ach an Dochtúr! a bás, agus bás an duine uasail eile!
B'uafásach an sgéal é! “Tá an sléacht déanta, mara
bhfuil ag Dia.” Agus amach leis chuig an gcistinigh,
in áit a raibh an Captaoin agus an sgurach óg. “Féach
an bhféadfadh sibh beirt currach fháil, a rachadh timpeall.
Nach taoille rabharta é?” agus súil gach duine air.
“Seadh, 'Athair,” arsa an Captaoin, “agus tá leath-
uair tuilte aige; ach dhá mbeidís ar charraig féin
bheadh sí faoi sul a mbeadh an currach thiar; agus níl
'is agam an bhfuil aon churrach le fáil go freagarach.”
“Ba chóir go mbeadh náire ort,” arsa an Sagart
le Cóilín, “agus an cleas atá déanta ag an
gcneamhaire,” agus tháinic gearradh fiacal air. Dá
mba sagart taodach a bheadh ann bhéarfadh sé leadóg
dó. Nach mbuailfeadh pápa é, agus an sgrios a bhí
déanta ag a bheithidheach? “Bhí an bás orra,” arsa an
Sagart, ag imeacht as an gcistinigh, agus é le bánaidhe.
“Ná glaoidhtear arís orm go mbí mo phortús léighte
agam,” ar seisean, le mnaoi Uí Mhóráin, a bhí ag silt
na ndeor.
“An Dochtúr bocht!” ar sise. “An bhean ba
deise, agus ba lághaighe dár chuir Dia anál ariamh
innti!”
Seachas aon tráthnóna eile ó rinneadh an chéibh, bheadh
currach innti, go dtí an trathnóna céadna seo. An
t-aon churrach a bhí le fáil — amuigh ar an mór-thír a bhí
sé!
“Cá bhfios dúinn nach bhfuil ór Spáinneach annseo,”
arsa an Dochtúr, agus iad thiar — i bhfad siar — ins an
uachais. Cuartuighimís tuille.” Chuartuigh, gur tháinic
ar radharc a chuir an croidhe treasna innti. Céard a
bheadh sáidhte istigh i sgailpín bheag chaol ach blaosg
duine, agus a h-aghaidh amach, ag dearcadh ar an mbeirt!
Chaith an Dochtúr í féin ar an ngainimh, gur bhain mac-
alla fuamach as sleasa na h-uachaise le n-a cuid
gárthaíle.
Nár chluintear go Lá an Bhreitheamhnais — nuair
a bhéas Dia ag dealú an uilc ó'n maith — a leithéid de
chaoineachán cráidhte! Peadar in a staic ag dearcadh
uirthi, agus í ag cur a croidhe amach le gol. “Agus
cá bhfios dom, a Phádhraic, a dhriotháirín dhíl mhuirnigh,”
agus phóg an bhlaosg, “nach shin é do chloigeann a bhí
dathamhail agus catach tráth? Thú ag iarraidh labhairt
liom anois, agus gan thú in-ann! Nach hé an truagh
Mhuire nach rabhas annseo an lá ar tháinic tú isteach
ar bhárr an taoille agus chuirfinn fáilte deirbhsheathar
rómhat!” Leag sí isteach go cineálta in a h-áit
féin arís í, agus chuaidh sí ar a glúnaí agus thathuigh a
lámha. “Codail go sámh in do phluaisín uaignigh ar
imeall na mara móire, nó go gcastar ar a chéile arís
sinn i Ríoghacht Ghlórmhair na bhFlaitheas! Codail, a
Phádhraic, a dhriotháirín, codail!”
“Caillfidh tú do chiall, agus brisfir do chroidhe,”
arsa Peadar agus deora leis, agus d'iompuigh sé
ó'n sgailp í. “Ach cá bhfios dom,” ar sise, “nach
h-é ceann mo dhriothára dhíl é a báitheadh leis an
Lusitania. Cá bhfios? cá bhfios? cá bhfios?”
“Cé'n chainnt sin ort?” ar seisean. “Nach
blaosganna agus cnámha bána an uachais go léir?
Féach a bhfuil ins an gcúinne úd thuas dhíobh!” ach
níor fhéach sí; ní dhearna sí ach a ceann a chaitheamh
ar a ghualainn. Shuidheadar ar charraig ísil.
“Go ndéanaidh Dia trócaire ar na mairbh!” ar
sise, “cibé cé na cnámha iad. Ó! Féach áit na súl
ins an éadan!”
“Ámén!” ar seisean, agus a cheann faoi aige.
“Go ndéanaidh Dia trócaire ar na mairbh!” a
deireadh na faoilleáin bhána ag béal na h-uachaise.
“Go ndéanaidh Dia trócaire ar na mairbh!” a
dúbhairt tonnta tréana na trágha. “Aoibhneas agus
suaimhneas síorruidhe go bhfághaidh na mairbh!” a
deireadh caol-fheadaíl na gaoithe a shéideadh isteach
de uachtar mara.
“'Ámén! Ámén! Ámén!” a deireadh na
braonacha a thuiteadh ó cheann na h-uachaise.
3.
“Rachad amach go béal na h-uachaise go bhfeicead
cé'n chaoi atá ar an taoille. Ní áit ar bith é seo!
Ní beag dúinn a bhfuil feicthe againn! Imthighimís
aisti! Fan thusa annsin go dtagad ar m'ais! Ní
bheidh eagla ort; an mbeidh, a Sheosaimhín?”
“Ní bheidh,” ar sise, “ach las an choinneall sin
nó tiocfaidh saobhchan céille orm.”
Faraoir! ba chráidhte an radharc a bhí le feiceál ag
Peadar; an téad a bhí tuitthe anuas, ag imeacht siar,
siar leis an gcúl-t-sruth a bhíos le taobh na h-aille ar
thaoille tuile!
“A Pheadair! a Pheadair!” ar sise, 'nós máthar
a chífeadh rópa cnáibe ag dul ar mhuineál a mic neamh-
chionntaigh: “Céard a dhéanfas sinn? Céard a
dhéanfas sinn chor ar bith? É ag tuile, agus féach cho
h-árd agus a bhí an snáth-mara indiu! Bá — báidhfear
mise agus thusa. Nar bh'fhurasta aithne gur annseo
a bhí fód ar mbáis. 'Nois a chuimhnighimh ar, ar sise.
Beithidheach a d'ith an téad, beithidheach le Col-Nóra,
Ó —!”
“A Sheosaimhín, tá Dia Láidir! Is iomdha gábh mór
ar thug Sé as mé, agus ní chlisfidh Sé anois orm!
Rachad amach ar bharr na carraige, agus seasfad
uirthi go nglaodhad ar aon bhád a chífead. Fanfad
ar a bárr go dtéighidh an taoille in mo bhéal! Snámh-
fad isteach annsin chugat-sa, agus má bhíonn bás i
ndán dúinn — ach níl — gheobhaimíd bás in aonfhacht, agus
sínfidh na tonnta thusa agus mise taobh le taobh,” agus
amach leis go bárr na carraige. D'fhéach in a thimpeall,
agus é fliuch go dtí na h-easnacha; ach bhí an fhairrge
in a bán! Raibh a raibh de bháid, agus a raibh ar fairrge
díobh, báidhte? nó tuige? tuige, nach mbeadh bád le
feiceál in áit eicínt? “Cá bhfuil sibh, a bháda? Cá
bhfuil sibh ...?”
Sguab um-ghaoth isteach ar fud na h-uachaise, agus
múchadh an choinneall. D'eirigh Seosaimhín, ach theip
uirthi a fáil. Amach léi — mar shíl sí — go dtéigheadh chuig
Peadar, ach isteach i gcúl-bhealach eile a chuaidh sí. Bhuail
a cos fá rud éigin — carraig a cheap sí — ach níorbh eadh,
ach mian-mara (mine) — ceann a tháinic isteach ar chóir
gaoithe.
Shuidh sí air, agus thosuigh ag luasgadh a cos i ngan-
fhios di féin, agus ag bualadh a sál in aghaidh a thaobh-
anna, 'nós duine a bheadh in a shuidhe ar chlaidhe tráthnóna
Dómhnaigh. Thosuigh ag méirínteacht ar an suidheachán
malluighthe — a rinneadh le daoine agus longa a chur in
aer! Ní raibh aon fheamuinn ag fás air, ach bhí ‘báirnigh.’
Thosuigh ag cuimilt cinn aca le n-a méir; í ag iarraidh
é bhaint as greim ...! Chuala sí glór, gidh go
raibh sí ar bheagán mothuighthe, agus thug iarracht eile
do chaipín Ifrinn! A Sheosaimhín bhoicht raibh fhios agat
go rabhais in do shuidhe ar Ifreann? Ea! dhá mbeadh
fhios ...!
“Bád, a Sheosaimhín! Bád!” a deireadh an guth
amuigh ar bhárr na carraige, agus mo dhuine bocht ag
cailleadh greim a chos. Ise ag iarraidh Ifreann a
phléasgadh. “Bád, a Sheos — Sheosaimhín, a-a-a teacht
chug-chugainn!” Isteach leis cho luath agus d'admháil
an currach a chomhartha. Ach cá raibh sise? In a suidhe
ar Ifreann a fuair sé í. “Bád, a Sheosaimhín, a chuid,”
agus fuair barróg uirthi. “In ainm Dé! cé'n sórt
suidheachán é sin? Ó míle murder! Greadaimís!”
Duine gan tuisgint a thógfadh ar Pheadar — agus an
gábh mór a ndeachadar thríd — má phóg sé a chara in
uachais dhorcha na rón ar theacht le sgéala dhó, gan ann
ach iad beirt, agus nuair a bhí sé ag fagháil barróige
uirthi, ní le faitchíos ach le gliondar a sgaoil sé an
lóchrann uaidh, agus bhíodar i ndorchadas arís. Conn-
acthas di go bhfaca sí, agus ar ndóigh b'í a b'fhearr
'is — go bhfaca sí solus — dhá sholus — mar bheadh dhá
aibhleóig bheaga in éadan Pheadair, agus chonnaic.
Chonnaic sí solus an ghrádha — grádh di-se amháin, grádh
a lasadh an chéad uair ariamh agus iad i nUachais dhorcha
na Rón! Agus, go cé'n bród mór a bhí ar an mbeirt
nuair a thángadar in amharc na mara agus an churraigh!
Go cé'n gliondar a bhí i gcroidhe Sheosaimhín nuair a
dubhairt Peadar léi seasamh ar chloich go dtéigheadh
sí ar a dhruim, mar fliuchfaí í dhá mbeadh uirthi siubhal
go béal na h-uachaise. Bheadh sé baolach ag an
gcurrach a theacht ró-ghar isteach — mar bhí mulláin
annsin a raibh faobhar claidhimh orra!
“A Sheosaimhín!” ar seisean léi agus í 'na seasamh
go péacamhail ar an gcloich, “beirt le Dia sinn! Ar
gach rud atá glan, Gaedhealach, agus uasal a chuimhnigheas
ó'n gcéad uair a bhfuaireas amharc ar d'aghaidh mhín
áluinn gan smál. Ní fhéadfainn t-éadan a chur
i gcompráid le tada ach cruinneacán glé-ghorm na
spéire, feannta dá chuid smúit ceoidh agus sgamall,
oiche sheacamhail, réaltógach, Gheimhridh.”
“Agus níl agat ach a mhalairt,” ar sise, ag fáil
barróige ar a mhuineál. An bharróg sin!
4.
“Níl croidhe nó cuisle dreoilín agam féin, nó ag
aon duine eile ó chualamar an sgéal; agus maidir
leis an Athair Mícheál bocht, tá súil agam nach
bhfeicfead in a leithéid de riocht arís é fhad 'is bhéas
mise beo. Agus maidir le Bean Uí Mhóráin — chaoin
sí thú, a Dhochtúir, cho díl agus dá mba inghean di féin
thú. A leithéid de chaoineadh ní bhfuair Émer, Déirdre,
nó Méibh ariamh! Moladh agus buidheachas do Righ na
Glóire gur chaoineadh in aisge é!” arsa an Captaoin,
agus é ag dearcadh go cineálta ar an mbeirt a bhí
in a suidhe taobh le taobh ar sheas an churraigh. “Claidhe
siúcra go dtuitidh ort shuas annsin, a ghaduidhe!”
agus theis sé a dhorn le Cól-Nóra a bhí ar bhárr na h-aille.
Cól ar crith, ag ceapadh chuile phoinnte gur dhá chorp
bháidhte a chífeadh sé lucht an churraigh a thógáil de bhárr
na fairrge. “Iarrfad iasacht a ghuna ar an Athair
Mícheál, agus buailfead siar go ndéanaidh mé criathar
de'n ghaduidhe a d'ith an téad. Dar ruic agus róinnte,
iarrfad!”
“Tá an-aithmhéala orainn,” arsa an Dochtúr leis
an Sagart ar theacht ar bhalla na céibhe di, “fé'n
an-bháthadh seo go léir. Cé'n neart a bhí againn air?”
Agus phóg Bean Uí Mhóráin go díl í, agus thochais
an Captaoin an fhéasóg bheag ruadh. “Athair!”
ar seisean, agus an ceathrar suas in aonfhacht chun an
tighe ósta. “Sgith nó suaimhneas ní bhfuighimíd féin
nó muintir an oileáin go ndéanair mar a dúbhairt
mise leat! Geallaim-se dhuit gur beag an imnidhe a
chuirfeas Uachais na Rón annsin orra.”
“Agus céard é sin, a Pháidín?”
“Ceárd é sin? Is rí-mhaith atá 'is agat céard é,
ach fonn grinn a bheith ort! Céard é, ach snaidhm chruadh
dhocht an phósta a bhualadh ar an mbeirt le maidneachan
an lae amáireach! Bhí fhios agam nach mbeinn i bhfad
eile gan mo luach-saothair!” agus bhuail a uille ar an
mbeirt — a tháinic ó bhéal an bháis.
Mara ag brionglóidigh a bhí an Dochtúr an oiche sin
connacthas di gur chuala sí glór fíor-cheolmhar caoin
ag cur cogair in a cluais, agus ag rádh: “Cuireann
tú gach rud atá glan, Gaedhealach, agus uasal i gcéill
dom …! Cruinneacán glé-glan gorm na spéire
glanta dá chuid smúit, agus sgamall.” “Tá súil le
Dia agam gur fíor dhó é!” ar sise. “Ach an fiú mé
é? An fiú mé an fear árd dathamhail dubh sin? An
fiú? Freagradh rud eicínt mé! An fiú?”
“Is fiú,” arsa glór garg láidir na mara. Slán
codlata a'd! a Sheosaimhín. Is sócamhla do leabadh
bhog anocht ná leacracha sleamhne, fliucha, Uachaise
dhorcha na Rón — an áit a bhfuil cnámha na bhfiréan ag
bánú! Codail go sámh, a óig-bhean, dhathamhail,
gheanamhail, Ghaedhealach! Codluigí, a shúilí móra,
dubha, draoidheachta! Slán codlata agaibh, go ngealuigh'
lá, agus go ndéanaidh grian ghlórmhar na maidne
amáirigh, casán soilseach, airgeadach, ar an muir mhóir,
idir Oileán na n-Éan, agus imeall órdha dearg an
Domhain Thoir!
“Agus is maith a bhí 'is a'm-sa,” arsa an Captaoin
agus rosgadh file faoi ins an gcistinigh, “nuair a thug
an t-Athair Mícheál a sheomra ar féin an uair úd
tráthnóna — nuair a dubhairt sé leat-sa, a Bhean Uí
Mhóráin, gan cur isteach air, go mbeadh a phaidreacha
ráidhte aige — go ndéanfadh sé an gnó. Moladh,
agus buidheachas leat, a Rí na Glóire! go cé'n cruthú
a thug Tú anocht do pheacaighthibh bochta mar muidne ar
Do mhór-thrócaire agus ar Do ghrádh!”
CAIBIDIL X.
SOLUS AN GHRÁDHA
MARA raibh an-réidhteach déanta fá chomhair
na Cuirme Ceoil agus an rinnce níl
sliogáin ar thráigh!
“Bhí coiste i mbun na h-oibre a bhí ag
obair go dian díthcheallach, i riocht
agus go mbeadh togha oíche ag gach duine,”
mar a deireas na páipéir áiteamhla. Ní raibh
siopadóir, oifigeach puiblidhe nó múinteóir sgoile
ar fuaid an oileáin nach raibh ar an g-Coiste; agus
dá mba rud é go mbeadh Mac Uí Chuinn ar an oileán
le linn an chéad chruinnighthe, is dócha go gcuirfidhe ag
obair freisin é. Cá bhfios nach ndéanfaidhe Rúnaire
de mar gheall ar é bheith mór leis an Athair Mícheál,
agus geallta leis an Dochtúr Seosaimhín Ní Dhóláin
— sin mara raibh an Captaoin ag cumadh bréag, agus
nach raibh ar an gCaptaoin, é féin, a dhul in aon-turas
go dtí an mhór-thír, agus a “Fhaoilleán” a thabhairt
leis le ualach builíní agus soghluistí fháil? Nach raibh
a bhróga caithte ag dul ó shiopa go siopa ar fud an
Bhaile Nua agus liosta de rudaí milse in a láimh aige
— nach raibh ní ba goire ná an “Astoria” i Londain;
agus nach bhfuair gach máistireás sgoile ar fud an
oileán gúna — gúna de'n éadach ba daoire agus ba
mhaiseamhla, agus nar chuir an Dochtúr ceann 'ghá dhéanamh
in aon turas i Selfridge's i Londain — ceann de'n
t-síoda ba mhíne agus ba chaoile snáth — gúna a bhíodh
ag spréachadh soluis san oíche, agus an-chuimse réaltóg
soilseach annseo agus annsúd air; agus idir gach
réaltóg bhí cineál éigin púdair ar nós airgid mion-
uighthe. Le cruinneacán na spéire ag an dó-dhéag
oidhche gheal, sheacamhail, réaltógach ba chosmhail é, gan
aon bhréag!
Gidh nach raibh an greann (nó an “Time” mar a
tugtar ar a leithéid go minic san gceárd sin de'n
tír), le tosú go dtí a h-ocht, bhí na doirse ar fhosgailt
ó leath-uair 'réis a sé, le deis a thabhairt do chuile
dhuine áit shócamhail a bheith aige.
Bhí an sgoil — Sgoil na Carraige — cho soilseach le
teach soluis, nó le otharlainn ar imeall mara, gur
shíl na captaoiní long, a bhí ar a mbealach aniar, gurabh
as treoir a bhíodar, mar a leithéid de sholus ní fhacadar
ó'n gcéad lá ariamh a bhfuaireadar an chéad amharc
ar Oileán áluinn na n-Éan. Máistirí Sgol na Carraige
agus an Chrompáin Mhóir ar an doras ag glacadh airgid
agus ticéad. Dream eile thiar i sgoil na gcailíní
(a bhí ar chúl áite an ghrinn) ag gearradh aráin agus
feola, agus ag cur gach rud i gcaoi agus i gcóir.
Seisear gasúr fir agus buicéad in 'chaon láimh
leó, ag tarraing uisge ó thobar an Chrompáin, mar
b'ann a bhí an t-uisge ba glaine. Ní raibh aon t-síol
eitinne ann a dubhairt dochtúr an L.G.B., fear a
raibh fad téide na h-aille de chéimeanna aige; — fear
nach raibh ar an Oileán ach aon uair amháin, agus é ar
tí lasta le baladh “Iúcalaiptis;” an oiread cótaí
air agus atá de chraicne ar inniún. Na máistreásaí
sgol go gnóthach ag fáil a gcuid sgoláirí faoi réir;
iad ag comórtas le chéile go bhfeicidís cé'n sgoil
is mó a gheobhadh moladh ins an bpáipéar áiteamhail. An
“Impartial Reporter, agus Súil an Iolraigh” ba tiodal
dó; agus bhí buachaill as an gCeann-Thiar — ábhar
sagairt a fuair fearr-is-bárr laethe saoire, le tuarasg-
bháil iomlán a sgríobhadh — “buachaill a raibh luath-
sgríbhneóireacht aige.” Árdán socruighthe ag áit na
teineadh, agus brat mór 'un tosuigh air, — macsamhail
na h-aille móire go díreach glan. An-chuimse
faoilleán, agus a nguib osgailte aca ag sgréachaíl
ar rón mór dubh a bhí ag iarraidh dul ar charraig,
Tonntracha tréana ar thráigh; cúbhar ghá shéidiú thar
bhárr aille! Máistir Sgoile na Carraige a rinne é;
agus a leabharsa! ba maith chuige é!
An-chuimse suidheachán ar fud na sgoile — ó'n
gcathaoir ba mhó agus ba sócamhlaighe go fiú an
stóilín a bheadh ag bleaghán bó. Dhá líne cathaoireach
párluis i bhfiadhnais an árdáin do dhuine ar bith a bhí
sásta sgaradh le trí sgilleacha. Áiléar ag an mbinn
— a rinneadh le bairrillí agus plainceanna i gcóir
dhreama na sé bpighne — agus b'air suas a chuaidh bunáite
mhuintir an Chrompáin Mhóir; agus cuireadh chuile fhainic
orra iad féin iompur, agus a mbéil a choinneáll dúnta,
ach nuair a bheidís ag gáire.
2.
Buirdín beag ós cómhair an árdáin agus lampa
léightheóireachta an t-Sagairt air; ceann de na lampaí
árd-nósacha sin nach n-ídígheann ach ola carraige
(petrol) agus aer. An sgoil 'ghá líonadh go tiugh,
le fir, mná agus páistí — dá mb'é an pataire beag
faitcheach ar baclainn é, bhí sé ann, agus é ins na Flaithis!
agus an sean-fhear a rugadh seachtain roimh Oíche na
Stoirme Móire! Sluagh iongantach taobh amuigh;
an-bhrúgha san doras!
Ba ghearr gur dhealuigh an plód a bhí taobh amuigh,
agus gur cluineadh an chogarnaíl: “An Sagart!
An Sagart! teannaidh as an mbealach!” agus chuaidh
gach lámh go cloigeann, gur h-úmhluigheadh dhó cho
h-urramach leis an Easbog; ach cá raibh aon easbog
ar bhfearr an aghaidh air é ná air féin? Bhí na cáirde
seo in éindigh leis freisin: an Dochtúr; an t-Inneall-
thóir; Bean Uí Mhóráin, agus an Captaoin a thaisteal
an domhan; agus d'íoc Peadar ar a son go léir.
Caipín bán ar an gCaptaoin a raibh speic dubh air, agus
crios beag de shnáth órdha os cionn na speice. An
fhéasóg cíortha slíoctha aige; cóta brollaigh-
dúbalta — a raibh cnaipí buidhe práis ann — air, mar
bheadh ar Chaptaoin an Ú 199. Bheadh a bhríste bán
freisin air, marach gur ghearr Micilín — a mhac — na
cnaipí as i gcóir imeartha le páistí na sgoile. Bhí
na cnaipí ceanann céadna san sgoil ar láthair na
h-uaire seo, ach b'air bhríste fir as an gCrompán
Mór a bhíodar! Cótaí fionnaigh ar an Dochtúr agus
ar Mhnaoi Uí Mhóráin, ach bhaineadar díobh iad ar
mbeith tamall in a suidhe, mar bhí éadach uasal fé na
cótaí sin a caithfí fheiceál!
3.
Ní bheadh áit do choinín sa sgoil gan mórán moille;
agus a sheacht n-oiread amuigh fén spéir ná a bhí istigh;
gur sheas an té a bhí ró-íseal ar fhuinneoig, agus go
ndeachaidh an dream narbh fhéidir leo greim coise
fháil síos, go bhfuaireadar dréimrí a bhí ag na cocaí
féir.
“'Nois,” arsa an Sagart, agus a mhaide a raibh
fáinní airgid air ag lonnradh ins an solus, “má
bristear aon fhuinneog cluinfear an maide seo ag
cnagadh ar chloigeann eicínt! Níl le déanamh againn,
agus a bhfuil meallta anocht ach an greann seo a
choinneáll ar siúbhal go ceann ráithe,” ar seisean, le
Peadar, agus rinne gáire croidheamhail.
“Ró-bheag a bheadh Árus an Árd-Mhaoir, 'Athair,
agus an sluagh atá taobh amuigh!” arsa Peadar.
“Níl 'is agam cé'n mhoill atá orra!” arsa an
Sagart, ag tarraing a uaradóra amach. “Sin é
deich nóiméad do'n h-ocht é,” agus siar leis i sgoil
na gcailíní.
Ba ghearr gur crochadh an “Aill Mhór” agus a cuid
faoilleán agus róinte go mullach an tighe, agus b'shiúd
amach Cóir Sgoile na Carraige, agus d'aireochadh
duine an drúcht ag tuitim. “An gála mór” a
dúbhradar, agus gan mhaga, gan bhréig, níor ghála go
dtí é! ba bhreagh, bríoghmhar, ceolmhar, an guth a bhí
aca; agus is aca a bhí 'is le ciall agus éifeacht a chur
i gcéill, 'réir mar d'fheil; agus b'iad a bhí dathamhail,
deagh-bhéasach, poinnteáilte. Ní cuaillí a bhí ionnta,
mar cífí in áiteacha eile de'n tír!
“Nach áluinn na gearrchailí iad?” arsa an Dochtúr.
“Nach orra atá an meanga deas fáillidh; an gotha
cliste; na súilí breagha beodha, agus an ghruag bhreagh
thiugh! Tá grádh mo chroidhe a'm orra.”
“Ní bréag!” ar seisean. “'Ní fhacas a sárú ariamh
A Thighearna, cé cheapfadh go bhfeicfeadh sé a leithéidí
in a mhacsamhail d'áit bhoicht uaignigh? Cómhgháirdeachas
leat, 'Athair, fá do chuid sgol!”
“Bíodh foighid agat! Ní shin tada! Fan go mbí
críoch leis an gCuirm-Cheoil agus cífidh tú féin nach
h-í an bharramhail a bhí agat ar an gcéibh a bhéas agat
ag imeacht duit. Sin iad anois clann na bhfíor-
Ghaedheal ar dhíbir Cromail a sinnsear ó mhachairí míne
na Mídhe; é 'ghá seoladh roimhe go deo nó gur
bhuaileadar cnoc agus fairrge; agus mara léimfidís
amach thar bhárr na h-alltracha níor bhféidir leo dul
níos fuide. Ach chuireadar fútha annseo i gcolbha
an chladaigh, agus imeasg na gcnoc, agus bhunuigh-
eadar an Creideamh agus an t-Síbhialtacht Ghaedhealach,
a theip ar na sgriosadóirí a mhilleadh. Seadh,” agus
tháinic bród ar a ghlór, “chuireadar fútha annso
agus choinneadar an Creideamh agus tréathra uaisle
na nGaedheal beo bríoghmhar; agus is duine aineolach ar
dheagh-thréathra na nGaedheal, duine nach gcaithfidh tamall
cois chladaigh is cnoc ar imeall na fairrge thiar.”
Tháinic cailín beag, bídeach, fionn-bhán, amach in a
dhiaidh seo, agus d'fhéach fúithi agus thairti go sgann-
ruigheach. Gúna bán cadáis, bróga dubha agus stocaí
bána uirthi, agus crios beag dubh faoi n-a com; cur-
raichín beag in a láimh aici, gur thosuigh uirthi, agus an
créatúirín i gcruth tuitim i mbun a cos le cuthalacht:—
“Nach — na — nach áluinn lá é 'muigh ar an
gcuan?
Ó ró mo bháidín!”
agus tháinic béic ó bhinn an tighe a thug meisneach di
agus crochadh go fearamhail breágh —
Ó, ó, ró, mo churraichín ó, agus ó, ó, ró, mo
bháidín”
agus thugadh sí corr-amharc ar an mbáidín céadna go
mion minic.
“Nach hí an t-seoid í?” arsa an Dochtúr; “í cho
beag, cho deas, cho h-óg?”
“Sin í Peigín s'againne anois,” arsa an Captaoin.
“Ar ndóigh, sí is fearr ar bith agus a máthair bhocht in
a h-othar; ach is maith an bhean tighe Síle — a driothúr;
is maith sin!”
“Ba chóir go mbeitheá an mhórdhálach aisti,” arsa
an Sagart leis.
“Agus má táim féin, 'Athair, 'dtóigfeá orm é?
Nach furasta aithne anois gur fear fairrge a h-athair?
Nach iongantach an rud nádúr an duine. Ach nach
mbriseann an dúthchas tré shúile an chait?”
4.
Sean-sgéal fiannaidheachta an chéad rud eile.
Suas le Seán-Tom — maide in a láimh aige, raibh
camóg mhór air. Shuidh ar chathaoir, leag a hata ar
an urlár le n-a ais; chuir an chamóg fá n-a asgaill;
leig a mheádhchan uirthi, agus chuir slis-chainnte air
féin. Rosg leis, ag cur síos ar “fhairrge, ar róinte —
beaga agus móra; ar chaisleáin atá faoi , agus ós
cionn fairrge ... daoine ag carruidheacht ar
leacracha glasa, agus iad a sáthadh a chéile i mbarr
easnacha, agus srutháin fola ...” agus an chainnt
ag teacht uaidh cho tréan glórach le eas sléibhe 'réis
báistighe, gur chaith sé leath-uair ag cur dhe sul ar
tharraing sé anáil.
“Ná téigh go Nodlaig leis!” arsa glór ó'n mbínn.
“Iongantach an sgéaluidhe é seo!” arsa an Sagart.
“Fuair sé an chéad duais ag an Oireachtas fiche blian
ó shoin. Bhí cigire sgol ag iarraidh sgéal a sgríobh'
uaidh anuraidh, ach níorbh fhéidir leis a sgríobhadh ach
focal annso agus annsúd — leis an sodar a bhí ar
Sheán-Tom. Bhuailfeadh sé ‘Pitman’ agus bíodh Gaedhilg
aige, ach thug an cigire amach an an ngaltán leis é le
sgéalta fháil uaidh. Thosuigh ar Sheán-Tom agus iad
ag dul síos chun na céibhe, agus b'é an uair a raibh an
cigire ag ceannacht a thicéid san mBaile Nua a bhí an
‘ceathrú fathach’ marbh ag Seán-Tom.”
“An ag iarraidh sinn a ruaigeadh abhaile a chuiris
é seo ar árdán?” arsa an Dochtúr i gcogar leis an
Sagart. “Nach bhfuil uair beagnach curtha dhe anois
aige; agus is maith is eol duit féin gurab é an ceann
is faide dá bhfuil aige atá sé innseacht.”
“Déan aith-giorra thríd, a Tom!” arsa glór ó'n
mbínn. Ach ba bheag áird a thug an sgéaluidhe air.
Céard a bhí marbh fós ach beirt fhathach? agus bhí deich-
neabhar fágtha. An deichneabhar sin in a gcómhnuidhe
i gcaisleán deich-gcaiseal, “san áit a dtéigheann an
ghrian faoi,” agus bheadh ar an ‘laoch’ a bhí le n-a
marbhadh a bheith ar feadh lae agus bliana ar thóir na
h-áite sin!
“Go raibh maith a'd! go raibh maith a'd, a Tom!
Is leor sin.”
“Tuige ar leor? Céard táim ach ag cur éadain
ar an sgéal?”
“Déanfaidh sin thú. Anuas leat; táir uair a'
chluig féin ag marbhú fathach agus dragún.”
“Déanfaidh sin,” arsa glór ó'n mbínn. “Críoch-
nóchair ins an Airneán seo chugainn é. Gabh anuas,
táir ag moilliú an cheoil!”
“Fada arís go dtéighead-sa suas ar ‘staitch’
d'aon duine,” arsa an sgéaluidhe, agus glór fuar-
chaoineacháin aige. “Agus ní rachainn marach ceann
an pharáiste a chuir fios in aon-turas orm.”
Amach le cailíní sgoile an Chrompáin Mhóir, agus
babóg bheag ag 'chaon duine aca. Cluineadh gigearnaíl
thiar ag an mbínn. “ Seothín Seothó,” an ceann
a dúbhradar, agus mara bhfuaireadar bualadh bos ó
na gcáirdí ó bhínn an tighe, fág mar sin é!
“Is maith an cleachta é sin,” arsa an Captaoin
agus na cailíní ag bogadh na naoidheanán chun codlata.
“Cé mar thaithnigheas an oíche leat, a Dhochtúir?”
“Thar cíonn, amach 's 'mach!”
“Agus tusa, a Mhic Uí Chuinn?”
“Ní fhacas a leithéid d'oíche i mBail' Átha Cliath,
i Londain nó i bPáras ariamh!”
“Agus cogar mé seo leat,” agus d'fhéach go grinn
i gclár an éadain ar Pheadar: “Rabhais i bPáras na
Fraince?”
“Cho minic agus tá méar coise agus láimh' orm.”
“Sin é an áit a bhfeicfeá na spéar-mhná! Mór
an t-iongna nach chroch tú ceann aca leat.”
“Beag an baol! agus mná in mo thír féin i bhfad
Éireann níos fearr agus níos dathamhla.”
“Mo ghoirm thú! Molaim thú, agus molaim
t'-uaisleacht aigne,” gur bheag nar chuir an Captaoin
a uille isteach tré thaobh an Dochtúra. “Bhfeiceann tú
mé féin anois, 'réis ar shiúbhail mé, agus a bhfaca mé ar
fud an domhain, gur ar an oileán seo a fuaireas bean;
agus cá bhfios” — agus bhrúgh a uille arís uirthi. “Níl
'is ag duine cá bhfuil a leas. Tá deifir an domhain
agam leis an luach saothair sin a gealladh dom.”
Chuir an Dochtúr a naipcín póca — a raibh baladh
iongantach cúmharacháin air — le n-a béal, 'n-áit a raibh
sí ag iarraidh racht gáire a chosgadh.
“Dún do bhéal, a Pháidín, agus eirigh as an rí-rá!”
arsa an Sagart. “Tá na seacht ndonais ar do thean-
gain!”
“Ó gabhaim párdún a'd, 'Athair! ach duine dona —
duine dona dhó féin nach n-éileóch fiacha a bheadh amuigh
aige.”
“Cad mar gheall ar d'amhrán-sa anois, a Dhochtúir?”
arsa an Sagart. “Bheadh an-mhealladh go deo ar chuile
dhuine mar a ndéantá rud éigin.”
“Déan,” arsa an Captaoin. “Fág seo suas agus
sgaoil “stave” d'amhrán chugainn. ‘Cearc agus
coileach a d'imthigh —’”
“Éist do bhéal, a Pháidín! Nach breagh nach dtiúbharfá
sgíth do do theangaidh uair eicínt.”
“Dheamhan neart a'm air, 'Athair, agus an oíche
mhór atá ann.”
“Ní miste liom,” ar sise go fonnmhar. Siar léi
agus an “attache case” in a láimh aici.
D'eirigh ciúineadas ar fud na sgoile, agus cloisfidhe
an chogarnaíl; “An Dochtúr ag dul suas le amhrán
a chasadh.” “Cá bhfios duit-se nach céim damhsa a
bhuailfeadh sí! Éistí. Sí!! Cuirfear na fuinneoga
isteach orainn!”
Amach léi agus imtheacht bainríona aici agus an
meanga is deise dá bhfaca súil ariamh ar a h-aghaidh
áluinn shoineannta, gur stad pataire a bhí ag mnaoi
Tom Bheairtle ó chaoineadh cho luath agus chonnaic sé
an “Bhainríon Méibh” nó “Bhénus” ar an árdán.
An gúna réaltógach drithleach ag spréachadh an t-soluis
i súilí fear óg, agus cluinfí: “A dhiabhail, a Mharcuis,
'á mbeadh sí a'd níor chall duit aon bhlas ceilpe a
dhóghadh le do ló arís!” Agus an t-é a mbeadh áird
ar chogarnaíl ban aige chloisfeadh sé: “Is breagh
an gúna é — mara ar mo shúilí atá sé, a Bhaibín, ach is
íseal liom san muineál é.” “Beag an náire atá
i mná óga an lae indiu! Ní h-ionann is nuair a bhí
mise agus tusa óg, a Shorcha.”
Níor mhilleán ar bith ort é, a Sheosaimhín, agus an
muineál a bhí le teasbáint agat; agus a liachtaighe
bean eile a mbeadh muineál a ngúna níos ísle, ach do
mhuineál a bheith aca — iad siúd a bhfuil na muinéil
fhada choinleóra orra — agus a féachas leis na ruic
a chlúdú le sláimín púdair, agus le rúinnín de dhath
dearg.
Thug sí claon-fhéachaint ar Pheadar a raibh a shúilí
sáidhte in a cuid bróg aige — bróga gorma soillseacha,
ar dhath an ghúna — agus thosuigh uirthi ar amhrán nar
chuala ach corr-dhuine roimhe sin — amhrán as dráma-
ceoil Eadálaise. B'iongantach mar a thaithnigh sé leo,
agus b'iongantach maith a rinneadh an t-aistriú — gur
bhféidir le gach duine brigh na bhfocal a thuisgint. Ní
bhfuigheadh sí suidh thurais nó shuaimhnis go dtagadh sí
amach arís; agus tháinic, ós rud é nach raibh imní dá
laighead ag luighe ar a croidhe — agus an saol a bhí
indán di — mar shíl sí — cho réidh, cho ciúin leis an bhfairrge
an tráthnóna gréine buidhe céadna sin; agus soilse
an ghrádha ag soilsiú an bhealaigh dí — an solus sin a
bhfuair sí an chéad léargus air agus é 'ghá pógadh, nuair
a chuaidh an solus as in Uachais dhuibh dhorcha na Rón!
Chuimhnigh sí orra sin go léir; ar an solus a bhí ar
lasadh go beodha soilseach di-se — agus di-se amháin!
Í pósta ag fear árd dathamhail dubh, a seastaí san
t-sráid le amharc fháil ar a éadan sionannta feara-
mhail — fear a labhartaoi go deagh-bhéasach air i láthair
na cuideachtan ba séimhe agus ba h-uaisle; agus dhá
mbeadh suim in airgead aici — ach ní raibh — níor theastuigh
uaithi ach grádh; grádh ar maidin; grádh ar mheadhon
lae; grádh san oíche; grádh go síorruidhe agus i gcomh-
nuidhe. Ceoltóir ar bith a raibh na smaointe sin aici,
agus í 'ghá gcur i gcéill dá lucht éisteachta — agus
do dhuine amháin go h-áiridhe, agus le sásamh inntinne
a thabhairt di féin, — ar mhilleán uirthi má chuir sí beagnach
a raibh ag éisteacht léi as a meabhair go sealadach
le teann a cuid draoidheachta, easarluigheachta, agus
ceoil; agus arbh aon iongnamh é, nuair a tháinic sí
amach in ath-uair agus culaidh fiadhaigh uirthi, agus
laisg in a láimh aici — gur thuit an t-áiléar, agus gur
gortuigheadh beirt shean-fhear go mór a bhí istigh faoi
le linn críochnuighthe an “Mhaidrín Rua:” —
“Tally hó le n-a bhun! Tally hó le n-a bhun!”
Agus mara bhfuair an bheirt shean-fhear as an
gCrompán Mór “Tally hó,” aniar sa druim — tabhair
bréagadóirí ar a bhfuil ar an domhan.
Bhí Seosaimhín i ngrádh ar chaoi nach raibh aon duine
ariamh roimhe sin; agus bhí Romeo — a Romeo féin —
a phóg an chéad uair ariamh, in Uachais dhuibh dorcha na
Rón í amuigh ar a h-aghaidh agus é ag cur na súl tríthi.
CAIBIDIL XI.
MAIDNEACHAN AN LAE AGUS AN —.
BHÍ sos beag ann in a dhiaidh seo agus chuaidh
siad siar i seomra na gcailín, mar bhí
gail ag teastáil ó'n gCaptaoin agus ó
Pheadar.
“Bhfuilir ag baint aoibhneasa as an oíche?” arsa
an Sagart le Peadar.
“An t-an-chuimse! A leithéid d'oíche ní raibh ariamh
agam! Tá áthas mo chroidhe orm anois gur fhanas léi.”
“Nar dhúbhras sin leat? Ach fan go bhfeicir na
h-Aisteoirí. Sin iad tháll iad 'ghá bhfeistiú féin.”
Agus bhí; duine ag dathadh an duine eile, agus iad
marbh le gáirí.
Nuair a bhí an “aill mhór” 'ghá crochadh ní raibh le
cloisteál ar fud na sgoile móire sin ach tarraingt
na h-anála amháin. Na daoine a bhí taobh amuigh ag
sgrugadh a muineál le amharc amháin féin 'fháil ar
Chóilín Chóil-Nóra agus é —
Do réir leabhair an dráma trí ceathramhnaí uaire
a bheadh an dráma ar siúbhal; ach bhíodar ar feadh dhá
uair leis — le n-ar chuireadar d'aguisíní leis; agus
cluinfí an chogarnach ar fud an tighe aríst: “An é
sin Cóilín Chóil?” “Meas' tú nach shin í Baibín
Sheáin Mháire?” “Is cosamhail le n-a glór é, mara
ar mo shúilí atá sé.” “Nach furasta aithne é?”
a deireadh duine eile. “Nach n-aithneochthá a mhuineál?”
2.
“Iongantach na léirightheóirí iad!” arsa Peadar
leis an Dochtúr, “agus a mhaisge, is breagh árd soilléir
a labhraid ... Cuirid iad féin i gcéill go breagh,
agus gan blas cuthalachta ar na cailíní — agus cho
cuthail is a bhíonn siad nuair a castar ort ar an
mbóthar iad.”
“Sin tréith atá ag mná óga an oileáin seo,” arsa
an Captaoin, “agus go gcoinnighidh Dia amhlaidh iad!
Níor cáineadh bean óg ariamh as a cuthalacht. Ar
cáineadh?”
Bhí an Captaoin ag na léirighthe go mion minic, agus
bhí 'is aige go rí-mhaith cé mar cuirfidhe críoch leis an
dráma — ach gach rud a dhéanamh mar is ceart, go díreach
'réir mar a bhí órduighthe ag úghdar an dráma; agus
má's úghdar é, sé an donas mara dtuigfeadh sé céard
a bheadh feileamhnach le deagh-chríoch a chur leis. Ach
faraoir! rinneadh dearmad ar phoinnte an-tábhachtach!
Nuair a tháinig “Romeo” — sé sin, Cóilín Chól-
Nóra abhaile chuig a Juliet, cé go raibh sé deich
mbliana móra fada i bpríosún ins an Euróip,
agus a chailín 'ghá ciapadh agus ghá crádh le cumha
in a dhiaidh — ní dhearna sé ach crathadh lámh bog
sgaoilteach, ar nós chuma-liom a thabhairt di — i leabaidh
barróg fháil uirthi — agus — seadh, tuigfear!
Bhí rud an-tábhachtach le rádh ag an gCaptaoin ach
a dtigeadh an móiméad ceart, ach faraoir! ní bhfuair
sé deis. “Múchadh agus báthadh ort!” ar seisean,
“a ghaduidhe! ní cheal muinéil atá ort, agus a fheabhas
agus a d'íosfadh budóg t-athar mór téad! Tá an
dráma breagh millte a'd!” Ní ar an mbuachaill bocht
a bhí an locht. Nach raibh an Sagart thíos faoi agus
maide aige? Cé'n fios a bhí ag Romeo dá bpógadh
sé a Juliet nach mbeadh cnap ar mhullach a chinn ag dul
abhaile dhó — faoi dhroch-shompla a theasbáint do'n
aos óg. Ach is mion minic ó shoin a léirigh Cóilín
Chól-Nóra an chuid sin de'n dráma — gan beann aige
ar shagart nó ar phápa; agus é féin agus Baibín
Sheáin Mháire i dteach te teolaidhe thiar ar an gCeann-
thiar.
3.
“Faraoir géar deacrach nar tháinic tú in am, a
Mhic Uí Chuinn, agus bhéarfaimís an pháirt sin duit-se,
agus páirt Bhaibín do'n Dochtúr! Measaim go gcruthóch'
sibh go maith. Ní cúthalacht a bheadh orraibh mar a bhí
ar phleidhce an mhuinéil fhada. Sibh-se ba chóir a leigean
chuige, má's fíor do'n sgéal.”
“Cé'n sgéal?” ar sise; súil aici nach gcuirfeadh
sé fiacail ar aon fhocal.
“Ea! Hea! Hea! Ta, ra! Nach bog a cheapas
tú an craiceann a bheith orm? Nach h-é an sgéal atá
ag na tonnta é? 'Sé an sgéal atá ag na faoilleáin
agus ag na daoine é — go bhfuil an Dochtúr Seósaimhín
Ní Dhóláin luaidhte —”
“Ó”! ar sise, ag preabadh ar an gcathaoir.
“Ní cáll ‘ó’ ar bith duit! go bhfuil tusa luaidhte
le Mac Uí Chuinn, Inneallthóir, as Baile Átha Cliath.”
“Fear maith, a Chaptaoin! Ní raibh tú ariamh ach ag
déanamh dóigh de do bharramhail,” ar sise, agus d'fhéach
go róigeannta ar Pheadar, le deimhniú fháil ar an sgéal.
“Céad!” ar seisean. “Céad punt, sin é mo
luach-saothair, ach go dtiúbharfad bronntanas maith
pósta duit, agus ceann, deirim-se leat,” agus bhrugh
sé a uille ar an mbeirt in aonfhacht, “ceann a bhéas
rí-fheileamhnach amach 's 'mach,” agus dhún a bhéal go
daingean docht, agus chaoch a shúil go cruadh ar an
mbeirt.
“Go dtachtaidh an siúcra thú!” arsa Peadar.
“Éist.” Nuair a chuaidh an Sagart ar an árdán le
buidheachas a chaitheamh leis an gCoiste agus le gach
duine eile a chuidigh le “oíche thar oicheannta a dhéanamh
di,” agus b'in í í, gan aon bhréig, d'fhan duine ar
bith a raibh a sheacht agus sé pighne aige i gcóir an rinnce.
“Righte go leor a rachaidh sé linn má bhíonn ar sáith
cácaí milis againn, 'Athair. Tá's a'd féin an t-ithe
is féidir le muintir an Chrompáin Mhóir a dhéanamh.
Is dócha gur fearr na soghluistí a choinneáll i bhfolach
orra go mbí na builíní agus na cácaí ‘sódí’ ídighthe
ar dtús. Béidir go mbeadh maolú beag tagtha ar
a ngoile fé'n am sin,” arsa an Captaoin, agus
an Sagart, an Dochtúr, Peadar, agus Bean Uí
Mhóráin ag ól cupán tae a réidhtigh Máistireás na
Carraige in aon turas dóibh.
“Is iongantach deas é do ghúna!” arsa an Mháistreás
leis an Dochtúr. “Feileann sé thar cíonn thú!”
“Ní taise leat féin é,” arsa an Dochtúr léi. “Is
fadó nach bhfacas gúna cho deas leis sin ort. Cá
bhfuairis?
“San g‘Co-op’ i mBail' Átha Cliath.”
“N-eadh 'nois?”
“Bhoil, 'dtuigeann tú, ba náireach an mhaise againn-
ne é, ag cainnt ar dhéantús Gaedhealach le páistí bochta
nach bhfuil ag a muinntir ach ó indiu go dtí amáireach,
agus muid féin atá in acfuinn rud daor a cheannacht —
'ghá fháil ó Shasana.”
“Tá an ceart annsin agat. Is breágh, agus is
uasal an smaoineamh é sin; ach níor cheapas go raibh
éadach cho breagh sin aca.”
Ní gádh a rádh cé an bheirt ba mheidhre a dhaimhsigh an
oíche sin, nó cé an bheirt ba shuimeamhla cogarnaíl
agus caoin-chómhrádh; agus d'fhan an Captaoin go raibh
a sháith crúthamhnais aige; agus thoghfadh a chol-ceathrar —
Máire Jack — an bronntanas pósta. Ach cé'n cháll
toghtha a bhí air? Nach dtoghfadh dall an bronntanas
a bhí faoi'n gCaptaoin a cheannacht!
Bhí maidneachan an lae ann agus an bheirt ag teacht
abhaile ó'n rinnce an mhaidin sin; ach bhí níos mó ná
maidneachan lae ann do réir an Dochtúra, bhí maid-
neachan an ghrádha! Bhí grian a dóchais agus a h-aoibhnis
ag eirighe agus ag órdhú spéartha an Domhain Thoir;
agus sgamaill an aimhris agus na h-imní ag bailiú
leo — cé's moite do chorr-cheann; ach d'imtheóchaidís
sin freisin, 'réir mar thiocfadh teas san lá. Bhí grian
Sheosaimhín ag eirghe an mhaidin sin, agus iad beirt
ag déanamh ar an teach ósta; iad uille ar uillinn, agus
céim ar chéim.
CAIBIDIL XII.
DÍL-CHUIMHNE
AN Mháirt dár gcionn bhí an galtán fé ghail i
gcéibh Oileán na n-Éan le dul amach chuig
an mBaile Nua, agus bhí ar Pheadar a bheith
ag gluaiseacht, gidh gur go mór in aghaidh a thola,
ar mhodh é. Thiodhlacaigh an Sagart agus an Dochtúr
isteach ar bhord luinge é — gan mórán fuinn
cainnte ar an mbeirt — rud nar mhilleán orra;
mar ‘is trua é sgaradh na gcompánach’ — go ceann
sgaithín féin. Phreab an t-inneall; thosuigh an liathán
ag coipeadh uisge.
Chraitheadar beirt lámh go croidheamhail le chéile,
cé go raibh tocht ar an dá chroidhe sin.
“Seo, 'Athair!” arsa Peadar, ag síneadh leitre
chuig an Sagart. “Tá súil agam go gcuimhneochair
orm-sa sgaithtí,” agus chraith lámh leis, agus chraith lámh
an ath-uair léi-se. An brughadh lámh sin! Agus ní
raibh aon phreab dár thug an t-inneall agus an long
ar a bealach amach, agus fear árd dathamhail, dubh ar
bord aici, nar thug croidhe dílis Sheosaimhín preab
mar an gcéadna! D'fhosgail an Sagart an
leitir:
“Abair Aifreann dom-sa, le do thoil, i mór-
bhuidheachas do'n t-É a thug as dhá ghábh mhóra le seachtmhain
mé. Tig leat na deich sgilleacha atá le cois a thabhairt
do Pheigín bheag an Chaptaoin.”
D'fhéach an Sagart thairis ar an luing a bhí ag laghdú
'réir mar bhí sí ag teannadh uaidh. “Go dtugaidh Dia
slán go ceann cúrsa thú, a Mhic Uí Chuinn! Béad
uaigneach gan do chomhluadar deágh-bhéasach. Ba thú
sgoth an Ghaedhil agus an Chaitlicigh. Duine uasal
gach orlach díot. Cliú do do thír thú ...!”
2.
'Réir mar bhí an t-oileán ag laghdú agus an mhór-
thír ag teacht 'un léarguis, bhí cailín i mBaile Átha
Cliath ag teacht 'un cruinnis do Pheadar, mar an
gcéadna, agus é ag déanamh dearmaid i ngan-fhios
do féin uirthi siúd a raibh a croidhe cho trom le bró
mhuilinn agus a raibh súilí móra dubha draoidheachta
aici — í siúd a gcuireadh a h-aghaidh gach rud a bhí glan
Gaedhealach agus uasal i gcéill dó gach am dár dhearc
sé uirthi.
Chuir sé tein-sgéal 'un bealaigh cho luath agus a
tháinic sé go h-Ath-Luain, 'ghá rádh le Máirín Ní Chaoimh
a bheith roimhe le cárr.
Ar theacht amach as an traen dó ba ghearr gur tagadh
taobh thiar de agus gur caitheadh dhá láimh mná timpeall
a mhuinéil, agus gur buaileadh póg ar a leiceann.
“Agus nach fada, fada, amuigh thú?” ar sise. “Cítear
dom gur blian é,” ach níor shíl Peadar sin. Gidh go
bhfaca sé solus — solus an ghrádha, solus a lasadh dhá
bhlian roimhe sin — ar lasadh in a dhá súil ghorma.
“Caithfead do láimh-sgríbhinn a léigheamh amáireach,”
ar sise. “Is dócha go bhfuairis an-ábhar ar Oileán
na nÉan?” agus nach hé a fuair! ach gheobhadh sé tuille
ábhair dá gcartuighidís an gaineamh a bhí thiar i bhfad
in Uachais dhorcha na Rón. Gheobhadh sé slabhra óir —
bronntanas a thug driothúr dhíl dá driotháir — an lá
a raibh sé ag dul ar bhórd luinge ag dul thar sáile.
Bhí bonn óir ar an slabhra sin, agus na focla seo
greannta go soiléar air:
“Do Ph.
ó
Sh.”
Sé mhí ó'n lá ar fhág Peadar Oileán na n-Éan bhí
an Dochtúr agus an Sagart thíos ar an gcéibh ag fanacht
leis an “mBradán” agus le na páipéir.
Ní gádh a rádh cé'n áit ar an bpáipéar a gcuireann
mná óga atá ionphósta súil. Chonnaic sí fuagra i
nGaedhilg annsin: — “Pósadh san Árd-Teampall i
mBaile Átha Cliath ar an 16-5-192 — pósadh Máirín,
an inghean is sine ag Mícheál Ó Caoimh, 9, Sráid na
Beiche, le Peadar — mac do Th. S. D. Ó Cuinn, 87
Cearnóg na Fearnóige. An t-Ath. A. Ó Cuinn, S.Ó.,
driothár an fhir, a phós iad.
“Sílim go léighfead an páipéar chois an chladaigh,”
ar sise. “Níl an tráthnóna ró-fhuar.”
“Tá go maith,” ar seisean; níos mó suime san
socrú aige ná a bhí i gcainnt an Dochtúra — rud
nar mhilleán air.
Shuidh sí síos chois carraige. Chrap a cosa isteach
fúithi; chuir a dhá uillinn, ar a glúiní agus a smig ar a dhá
bois, agus d'fhéach amach go brónach ar an gcuan ar ar
sheol fear árd dubh chuici lá amháin, agus uaithi arís.
Rinne sí iarracht gan aon deoir a chaoineadh ach theip
ar an gcréatúr. Bhí uallach ar a croidhe a caithfí a chur
de, agus má's fíor go nglanann an fhairrge peacuighthe
an t-saoil, cá bhfios nach dtiúbharfadh sruthán goirte
deor an lionn-dubh amach dá croidhe. Agus ar árdú
na súl di chonnaic sí mar a bheadh buidéal 'ghá thuargan
chuici an bhárr tuinne. Leis an gcéad thuinn eile bhí
an buidéal ag a cosaibh. Thosuigh ag méirínteacht
air ar nós-chuma-liom, nó go bhfaca sí an leitir isteach
thríd. Bhris sí é agus léigh: “Ea!” ar sise, agus í
ag stróiceadh na leitre, ach níor le olc nó aicís é:
“Bhéarfaidh sé féin an teachtaireacht chuici anois ...
“Níl aon uair dá mbreathnuighim ar d'aghaidh nach
gcuireann tú gach rud atá glan, Gaedhealach agus
uasal i gcuimhne dom.” Tá súil agam gur fíor
dhuit é, a Pheadair!” ar sise go h-osnach. “Ba
h-uasal an fear thú féin, ach faraoir! faraoir géar!
ní dom a bhí tú indán. Dá gcastaí ar a chéile cúpla
blian ó shoin sinn, is dócha nach mar atá a bheadh,” agus
thriomuigh sí a súilí móra, dubha, draoidheachta, agus
bhí an solus — solus an ghrádha, a cheap sí a lasadh di-se,
agus di-se amháin, agus iad beirt in Uachais
dhorcha na Rón — múchta — múchta uirthi-si go bráth.
UAIGNEACH
I.
Fuar fheadáil ghéar
Na gaoithe géire fuaire,
'Síor-shéideadh ar an spéir,
Le n-a croidhe bocht b'uaigneach!
II.
Árd-thorann na dtonn,
I n-aghaidh na trágha a' bualadh,
An gharbh-gháir áibhéil throm,
Le n-a croidhe bocht b'uaigneach!
III.
An faoilleán éadtrom san aer
A' géar-sgreadaíl treasna cuanta,
Sgread, agus glaodh na n-éan
Le n-a croidhe féin, b'uaigneach!
IV.
Guth na gaoithe 'san taoille,
A' síor throid le cogadh cúmhachtach.
Muir, tír, spéir, séideadh na gaoithe,
Uch! uilig go léir is uaigneach!
Tuileann agus trághann sé gach lá. Téigheann na
faoilleáin bhána isteach ar an mór-thír ag soláthar
dóibh féin, agus filleann ar a n-áit uaignigh chodlata
atá thiar ós cionn Uachaise dhuibh' dhorcha na Rón, tráth-
nóna. Téigheann an “Bradán” amach chuig an mBaile
Nua gach Máirt, agus filleann ar Oileán na n-Éan
an lá dár gcionn; ach ní fhillfidh an fear árd, dathamhail,
dubh, leis an gcumha a bhaint de chroidhe glan, Gaedhealach
Sheosaimhín Ní Dhóláin.
A dheire.
Maith dhom, a Chraoibhín Aoibhinn, fé'n athrú beag a
rinneas ar do dhán fíor-áluinn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11