Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruth-fá-Thír

Title
Bruth-fá-Thír
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádhraic / Ó Raghallaigh, Tomás,
Pen Name
Connachtach Bán, An
Composition Date
1923
Publisher
Mac Ghuill, M.H. agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Beannachta, Cómhrádh, agus rl.



Beannachta



Bhí Seán Bán agus a bhean, Máire, i na suidhe cois na
teine nuair a tháinig Pádhraic Mór isteach.



"Go mbeannuighe Dia annseo," arsa Pádhraic.



"Go mbeannuighe Dia is Muire dhuit," arsa fear-an
tige le Pádhraic.



D'éirigh Máire i n-a seasamh, agus chraith sí lámh le
Pádhraic. "Céad míle fáilte agus sláinte rómhat," ar
sise, "is í an artha nua thú fheiceál."



"Go maire tú i bhfad," arsa Pádhraic.



Shocruigh sí cathaoir do Phádhraic ar aghaidh na teine, agus
shuidh sé síos.



"Bhfuil aon sgéal nua agat?" arsa fear-an-tighe leis.



"Ó, muise, níl barr nuaidheacht," arsa Pádhraic, "ach
gur cailleadh 'Sgeadóg' orainn indiu, slán gach duine
dhá gcloise é, agus áit dhá n-innsightear é.



"Dia linn, muise," adeir Máire, "ní shin é a
d'fheilfeadh, ach céad fáilte roimh thoil Dé."



"Nár imthighe uainn choidhche ach í," adeir Pádhraic Mór.



Bhí an túlán a' fiuchadh ar an teine, agus thóg Máire
aníos é. Bhí an soitheach ag cur amach, agus is beag
bídeach nár loisgeadh Pádhraic Mór.



"D'fhóbair dhuit mo bhróga a mhilleadh, a bhean chóir," ar
seisean.



"Agus cé'n dochar ach gur bróga nuadha iad?" arsa
Máire, "go maire tú is go gcaithe tú iad agus céad
péire is fearr ná iad."



"Go maire tusa do shláinte," adeir Pádhraic.


L. 8


"B'fhearr dhuit braon tae a ghléasadh, a Mháire," arsa
Seán Bán. "Bainfe sé an tart dínn nuair nach bhfuil
aon cheó níos láidre sa teach."



"Tá mé ar mo mhine-ghéire dhá réidhteach," ar sise. "Cé
aca is fearr leat braon tae nó blogam bainne?" adeir
sise le Pádhraic.



"Shoraidh agus sharaidh do'n tae céanna coinnigheann sé ó
chodladh mé 'chuile uair ólaim san oíche é."



D'ól Pádhraic cupán bainne, agus leag an bheirt eile
ar an tae.



"Go leige Dia slán an mháthaireach agus bean a roinnte,"
arsa Pádhraic Mór nuair a bhí sé réidh, "agus go méaduighe
Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh.{"}



"Teann anuas chuig an teine, adeir fear-an-tighe;
"tá an oíche fuar go léor."



"O thárla súghach sáthach anois mé,' mar dubhairt an té
dubhairt é, tá sé chomh maith dhom a bheith ag bogadh liom
abhaile," adeir Pádhraic Mór.



"Ara, 'gcuire Dia an t-ádh ort agus suidh síos," arsa
fear-an-tighe; "dár ndóigh ní deireannach san oíche atá
sé fós?"



"Mar sin féin," adeir Pádhraic, "beidh siad a'
fanamhaint i na suidhe sa mbaile - bail ó Dhia orraibh beirt!"



"Go mba h-amhlaidh dhuit," ars an bheirt, "agus go
dtuga Dia slán abhaile thú!"



Ceisteanna:



Cé mhéad duine a bhí i na suidhe chois na teineadh. Cé'n t-ainm a
bhí ar fhear-an-tighe? Cén'n t-ainm a bhí ar mnaoi-an-tighe? Cá
raibh an bheirt i na suidhe nuair a tháinig Pádraic Mór isteach?
Céard dubhairt Pádhraic? Ce'n freagra a fuair sé? Ce d'fhreag-
air é? Ceard a rinne Máire i gceann tamaillín? Ar chuir sí
fáilte roimh Phádhraic? Ar fhreagair seisean í? Céard dubhairt
sé? Cár shocruigh Máire an chathaoir do Phádhraic? Ar shuidh
Pádhraic síos? Céard a bhí thíos ar an teine? Céard a rinne
Máire leis an túlán? Ar chuir sí síos tae? Ar ól Pádhraic aon
tae? Cé aca a b'fhearr leis bainne ná tae? Cé aca is fearr


L. 9


leat-sa? Cé'n fáth nár fhan Pádhraic ní b'fhuide? Freagair na
ráidhte seo:-



(a). Céad fáilte rómhat.
(b). Bhfuil aon sgéal nua agat?
(c). Cailleadh mo chapall indé, slán gach duine dhá gcloise é.
(d). Go maire tú is go gcaithe tú na bróga nuadha.
(e). Cé aca is fearr leat -im nó uibheacha?
(f). Bail ó Dhia ort.
(g). Beannacht leat.



CÓMHRÁDH BEIRTE



I ngarraidhe an tighe a bhí Seán Bán ag obair an lá seo
nuair a bhí a chomhursa, Pádhraic Mór, ag dul thart.



"Bail ó Dhia ort," arsa Pádhraic leis.



"Go mba shé dhuit," arsa Seán.



"An ag rómhar atá tú?" adeir Pádhraic.



"Ag iarraidh a bheith ghá dhéanamh," arsa Seán, "agus tá
an talamh bog go leór fós, ní ag ceasacht ar Dhia é{.}"



"Go mbeirimid beó ar an am seo arís" sin é an chéad
nóinín a chonaic mé fós i mbliana," adeir Pádhraic.



"Tá siad chomh fairsing le spréidh-mhóin annsin thuas,"
adeir Seán Bán.



"Meas tú a' seasfa an lá?" arsa Pádhraic.



Seán: "Níl deágh-chosamhlacht ar bith air, ach, mar sin
féin, b'fhéidir go seasfadh sé tirim, le congnamh Dé. Mar
deir an sean-fhocal: "Ná creid fionn is ná creid fiach is
ná creid briathra mná, más moch mall éireóchas an ghrian
is mar is toil le Dia a bhéas an lá."



Pádhraic: "Nach gearr an seal a thug Beaib Bheag féin,
an créatúr bocht, beannacht Dé le na h-anam. Ní fhaca
mé ag an tsochraid indé thú.



Seán: "Ní raibh mé ann ach oiread. Bhí aithmhéala orm
nár fhéadas a dhul ann, ach bhí tinneas cinn ar Mháire, agus
b'éigean dom fanacht sa mbaile. 'Raibh mórán ag an
tsochraid?"


L. 10


Pádhraic: "Tír is talamh is Domhnall Dearg,' a mhic ó."



Is gearr gur tháinic laogh óg isteach san áit a raibh
Seán Bán ag obair, agus d'iompuigh sé an taobh glas de'n
fhód i n-uachtar annseo agus annsiúd. Chaith Seán preab
nó dhó leis, agus rith sé un bealaigh. "Cuirimid leat í,"
adeir Seán, "agus ní hí an óige." "Ó, beannacht leat,{"}
arsa Pádhraic Mór; "caithfe mé máilín móna fhághail."



"Go ngnóthuighe Dia dhuit," adeir Seán Bán.



Ceisteanna:



Cá raibh Seán Bán ag obair an lá atá i gceist? Céard a bhí sé
a dhéanamh? Cé tháinig go dtí é? Ar labhair Pádhraic Mór le
Seán? Céard dubhairt sé? Ar fhreagair Pádhraic é? Céard
tá sa leabhar a innsigheas dhuit nach raibh an aimsear úd thar cionn
le breáighchte? (bhí an talamh bog go leór.) Cé'n sórt bláth a
chonaic Pádhraic Mór? 'Bhfaca tusa nóinín ariamh? Cuir ainm
ar bhláth ar bith eile a chonaic tú? 'Raibh gothadh maith ar an lá?
Cé'n tsean-bhean a fuair bás sa gcomhursanacht an tráth úd?
'Raibh mórán daoine ar a sochraid? Cé'n chiall atá le "tír is
talamh is Domhnall Dearg"? (go leor leor daoine.) 'Tuige nach
ndeachaidh Seán Bán ar an tsochraid? 'Raibh tinneas cinn ort-sa
ariamh? Cé'n sórt ainmhidhe a tháinig isteach ins an áit a raibh Seán
ag obair? Céard a rinne an laogh? Ar thaithnigh sin le Seán?
Céard a chaith Seán leis an laogh? Cá raibh Pádhraic Mór ag dul?
Ag dul thar dhuine dhuit agus é ag obair, céard déarfá? Dá
mbéadh beirt nó níos mó ann, céard déarfá? Casadh Seánín agus
Micilín ar a chéile agus an bheirt ag dul 'un na sgoile. Thosuigh-
eadar ag cainnt le chéile as Gaedhilg. Sgríobh síos an cómhrádh is
dóigh leat a bhí eatorra.



AN CLOG



Tic, teaic,
'Gcluin tú mé?
Mise an clog,
Sean-chlog mé.
Bím in mo shuidhe
Go moch is go mall
Ag obair go dian
Gan páigh' le fághail.
Mo shnáthadá dul thart,
Gan stad gan sgíth,
A' teasbáint i gceart
Cá bhfuil an ghrian.
Buailim a h-aon,
Buailim a dó.


L. 11


Ní chloiseann tú mé
Chomh luath sin sa ló.
Buailim a trí,
A ceathair 's a cúig.
Muintear a' tighe
Go fóill i suan.
Buailim a sé,
Buailim a seacht,
Éirigh, a Cháit
As réidhtigh an teach.
Buailim a h-ocht;
Tá an breicfeasta réidh
Suidh síos, a Nóra
As ól do chuid tae
Buaileann a naoi
Go h-árd a's go binn;
Bídhidh ag triall
Ar sgoil le n-a linn
Buaileann a deich
'S a h-aon déag a chlog
Gach duine ag obair
A' saothrú a chuid.
I lár an lae;
Fáilte an Aingil
Abraigidh é



AN CLOG



Bhí oide Gaedhilge dár bh'ainm Tomás Ó Rodacháin istigh
sa sgoil againn indiu. Do sheas sé ar aghaidh an chláir
duibh agus do línigh sé mórán pictiúr air. Pictiúirí
cluig do b'eadh iad go léir. Bhí cuid aca mór, cuid aca
beag; cuid aca deas, agus cuid aca gránna. Thugas fá
deara go raibh snáthad mhór, snáthad bheag, agus uimhreacha
Rómhánacha ar gach ceann aca, agus rud a chuir iongantas
mór orm níor bh'é an t-am céanna é le dhá chlog ar bith aca.



An chéad chlog a línigh sé ar an gclár bhí an tsnáthad
mhór ag an dó-dhéag, agus an tsnáthad bheag ag an h-aon:
bhí fhios agam annsin go raibh sé a h-aon a chlog leis an
gceann sin. An dara clog, bhí an tsnáthad mhór ag an
dódhéag agus an tsnáthad bheag a tarrainnt ar a dó: bhí
fhios agam go raibh sé a dó leis an gclog sin.



'Sbáin sé dhúinn an áit ar éadan an chluig a mbíonn
an dá shnáthaid nuair bhíos sé a trí a chlog, a ceathair a
chlog, a cúig a chlog, agus mar sin de. Sul d'fhág sé an


L. 12


(1) A dódhéag a chlog
(2) Leath uair tar éis a dódhéag
(3) Ceathramha tar eis a dódhéag
(4) Ceathramha do'n h-aon
(5) Fiche nóiméad tar éis a dódhéag
(6) Fiche nóiméad do'n h-aon
(7) Deich nóiméad tar éis a dódhéag
(8) Deich nóiméad do'n h-aon
(9) Chúig nóiméad tar éis a dódhéag
(10) Chúig nóiméad do'n h-aon
(11) Chúig nóiméad fhichead tar éis a dódhéag
(12) Chúig nóiméad fhichead do'n h-aon
(13) A h-aon a chlog


L. 13a


sgoil mhúin sé beagnach chuile shórt dúinn a bhaineas le clog
agus le uaireadóir.



Is mór an leas clog i dteach, agus is beag teach anois
nach bhfuil clog ann, agus an té nach bhfuil ceann aige bí
cinnte go bhfuil uaireadóir istigh i na phóca aige. Ní mar
sin a bhí leith-chéad bliain ó shoin i nÉirinn.



Is annamh feictí clog an uair sin, fá'n tuaith ar chuma
ar bith. B'fhéidir go bhfeicfeá ceann tigh an tsagairt nó
tigh an mháighistir sgoile, ach ní raibh goir ag furmhór na
ndaoine fhághail amach cé'n t-am é: ní bhíodh aca ach an
ghrian sa ló agus an coileach ins an oíce.



Is iomdha cineál clog atá le feiceál anois ar a shon
sin: cluig bunáite chomh fairsing le spréidhmhóin fá
láthair. Is féidir le cuid de na cluig coinneál ag im-
theacht agus a' smeachaighil ar feadh seachtmhaine gan iad a
thochras, cé go gcaithtear cuid eile aca a thocras go féil-
teamhail uair sa ló, agus cuid eile fá dhó sa tseachtmhain.
Tá cluig le feiceál anois agus táid chomh beag sin gur
féidir leat ceann aca a chur isteach i bpóca do chasóige
agus tá sórt teine-ghealáin ar a n-éadan ionnus gur
féidir leat innseacht cé'n t-am é leo i ndorchadas na
h-oíche chomh maith bunáite le i lár an lae ghlégil.



Tá cineál eile clog le fághail a mbíonn dealbh chuaiche
istigh ann, agus ar bhá uille na h-uaire osclann comhlaí
beaga na fuinneóige a bhíos ar an gclog, agus tagann an
chuach amach. Ag a h-aon a chlog abrann sí "cu-cu" aon
uair amháin, ag a dó a chlog abrann sí "cu-cu" fá dhó,
agus mar sin de.



Gan cineál clog eicínt ar an aimsir seo bheadh cuid de
na daoine in a mbambairne.



Ceisteanna:



Cé'n t-ainm a bhí ar an oide Gaedhilge a thug cuairt ar an sgoil
úd? Cár sheas sé? Cé'n sórt pictiúir a línigh sé ar an gclár
dubh? Nuair a bhíos an tsnáthad mhór ag a dódhéag agus an tsnáthad


L. 14


bheag ag a h-aon cé'n t-am é? Cé'n t-am é nuair a bhíos an tsnáthad
mhór ag a dódhéag agus an tsnáthad bheag i n-aice leis a dó? Cé'n
t-am é leis an gclog sin ar an mballa? 'Raibh cluig fairsing sa
tír seo céad bliain o shoin? Cé'n chaoi a bhfághadh na daoine
buille-fá-thuairim fá'n am an tráth úd? Cé mar abras Gaedhil-
geóirí:-



Sgríobh síos i bhfocla iad.



RANNA NA BLIANA



Bhí clog bréige ag an múinteóir, agus bhí seanchus aige
leis na páistí faoi. 'Sbáin sé éadan an chluig dóibh, an
tsnáthad mhór, an tsnáthad bheag, an eochair, an crochadán,
na figiúracha, agus gach nídh dár bhain leis; agus chuir sé
ceisteanna ar na malraigh fá gach rud díobh-san. Annsin
tharraing sé a uaireadóir as a phóca, agus mhúin sé dhóibh
gur ionnann trí fichid bráthadh agus nóiméad. Mar an
gcéanna mhúin sé dhóibh gur ionann trí fichid nóiméad
agus uair a chluig; agus mar sin de. Nuair a bhí sin
déanta aige sgríobh sé ar an gclár dubh:



Trí fichid bráthadh(ala)...nóiméad
trí fichid nóiméad... uair
ceithre h-uaire fichead...lá
seacht lá...seachtmhain
ceithre seachtmhaine...mí
trí mhí...ráithe
ceithre ráithe...bliain
dhá mhí dhéag...bliain
trí chéad cúig lá a's trí fichid...bliain
trí chéad sé lá a's trí fichid...bliain bhisigh


L. 15


SEACHT LÁ NA SEACHTMHAINE



Annsin sgríobh an t-oide síos ar an gclár ainmneacha
laetheanta na seachtmhaine, míosa na bliana; agus
ainmneacha na séasúr, mar leanas:



An Luan... Dia Luain
An Márt... Dia Máirt
An Chéadaoin... Dia Céadaoin
An Diardaoin... Diardaoin
An Aoine... Dia h-Aoine
An Satharn... Dia Sathairn
An Domhnach... Dia Domhnaigh



MÍOSA NA BLIANA



Eanair, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh,
Iúl, Lughnasa, Meadhon Fóghmhair, Deire Fóghmhair, mí na
Samhna, agus mí na Nodlag.



SÉASÚIR NA BLIANA



An t-Earrach, an Samhradh, an Fóghmhar, an Geimhreadh.



Ceisteanna:



Cé mhéad nóiméad i n-uair a chluig? Cé mhéad lá i gcoicís
(Ceithre lá dhéag). Cé mhéad seachtmhain i mí (Tá ceithre seachtmhaine
i mí). Ainmnigh laetheanta na seachtmhaine. Abair míosa ná
bliana dhom. Cé'n lá de'n tseachtmhain atá againn indiu? Cé'n
lá bhí againn indé? Cé'n lá de'n tseachtmhain bhéas againn amáir-
each? Cé'n dáta atá againn indiu? Cé mhéad lá i mí an Mhárta?
Cé mhéad mí sa n-Earrach? Cuir ainm orra. Cé aca séasúr de'n


L. 16


bhliain an Fóghmhar, an chéad séasúr, an dara séasúr, an tríomhadh
séasúr nó an ceathramhadh séasúr? Cé mhéad mí i leith-bhliain?



"Earrach béal-fhliuch,
Samhrad riabhach,
Fóghmhar grianmhar,
Geimhreadh reóthach."



Má's fíor do na sean-daoine sin é an cineál aimsire a b'fhearr
do na barranna.



AIMSEAR



"Sioc, sneachta, agus leac-oidhre,
Agus gan 'sna trí nídh sin ach uisge."



Níor fhan Seán Ó Néill agus Tomás Ó Gríobhtha go
mbeadh an clap-sholus féin ann, ach ghreadadar leó árd-
tráthnóna siar ag damhsa go dtí na Cúlacha. Oíche spéir-
ghealaighe a bhí innte, agus bhí neart réalta le feiceál.
Ar fhágáil an bhaile dhóibh bhí an tráthnóna go breágh ciúin,
ach, mar sin féin, bhí sé ag cur sheaca go tréan ar chúl na
gréine. Uime sin, bhí an bóthar sleamhain, agus leac-
oidhre bhreágh, thiugh ar abhainn is ar loch. Marach an deifir
a bhí orra rachaidís a' sleamhnú ar Loch an Doirín Dara.
Ach ba mhaith an sgéal dóibh féin nach ndeacha, arae, sul
bhíodar i bhfoigseacht míle bealaigh do theach an damhsa
thosuigh sé ag cur shneachta, gach aon challóg chomh mór le
ubh eireóige. Is gearr go raibh brat sneachta ar an talamh.



"Nach orainn a bhí an mí-ádh agus an baile fhágáil a
leitheid d'oíche?" adeir Seán.



"Cé cheapfadh go n-iompóchadh sí amach mar seo?"
adeir Tomás. "Ach b'fhéidir go mbéadh an sgráib seo
thart go luath. Dá mbeadh tóirneach is teine ghealáin is
clocha sneachta ann nach mbeimís níos measa?"



"Is fíor dhuit," adeir Seán. Mar deir an sean-


L. 17


fhocal "is fearr sioc ná síor-bháisdeach." B'fhearr liom
féin aimsear fhuar, chiúin ná aimsear gharbh fhliuch. Agus
bíonn níos mó gaimh san aimsir nuair bhíos an sneachta
a' leághadh ná nuair bhíos sé a' tuitim."



Bhí an oíche breágh geal ciúin gur thosuigh an sneachta,
ach annsin d'éirigh sí dorcha go leór. Shroich an bheirt
ceann-sgríbe tuairim a deich, agus bhí an gleáradh damhsa
ar siubhal agus an ceól dá spreagadh. Is ar éigin a bhí
áit suidhte ná seasta sa gcistineach leis an bplód daoine
a bhí i láthair. Maidir le rí-rá bhí sé ar siubhal.



"Fá do chois é, a Mháirtín! Nár lagtar annsin thú, a
Thomáis! Dia go deo, leat, a Shéamuis! Mo ghrádh thú,
a Pheadair! Mo chuach annsin thú, a Bhrighid! Mo chúig
chuach thú, a Mháire! Mo ghoirm thú, a Eibhlín!"



Ní i bhfad go raibh an bheirt amuigh ar an urlár a' damhsa
le dhá chailín spéireamhail. Tarrainnt ar an
meadhonoíche chífeá corr-dhuine ag éirghe priaclach, agus a' breathnú
amach an doras.



"Bhfuil sé ag cur shneachta fós?" adeir fear-an-tighe
le duine aca siúd.



"Ní mheasaim go bhfuil," adubhairt an fear a bhí i n-aice
an dorais; sílim go bhfuil claochlódh ann, ach tá an oíche
chomh dubh leis an bpota. Níor léir dhuit do lámh dá
sínteá uait amach í. Sílim go bhfuil an sneachta a' leághadh
mar tá an buntsop a' silt."



"Béidh sé i n-a mheadhon-lae nuair bhéas sinn sa mbaile,"
arsa Seán Ó Néill le n-a chomhdhalta.



"Ní misde liom dhá mbeadh sé i n-a hóró-lae," adeir
Tomás Ó Gríobhtha, "ach fanfamuid go mbí sé 'na lá
gheal mara gcuirtear amach sinn."



"B'fhéidir go mbeadh sé chomh maith. Rachaimis amugha
ag dul an t-aithghiorra leis an gceó agus leis an
bflichshneachta atá ann."



Na rinnceóirí a bhí gar do bhaile d'fhágadar teach an


L. 18


damhsa roimh a dó-dhéag, ach iad seo a raibh achar maith le
dhul aca níor fhágadar an áit go raibh sé a' maidneachan.



"Lé glasadh an lae," adeir fear as Cluan na Binne,
"rachamuid abhaile."



"Le "breacadh an lae," adeirtear thíos againn-ne," arsa
fear as an mBaile Dóighte.



"Le "fáinniú an lae," atá againn-ne," adubhairt duine
as Baile na hAille.



""Éirghe an lae," a chuala mé ariamh," adeir fear as Cnoc
a' Tighe.



"Tá na leaganacha sin uile againn-ne," adubhairt fear
as Leamhchoill, "agus "bánadh an lae," agus "aithne an
lae," freisin."



"Mo chuach sibh!" arsa fear-an-tighe; "tá ciall in bhur
leitheidí."



Le taca an lae ghreadadar uile leó abhaile, agus mara
raibh muintir an tighe trom tuirseach traochta castar leó é.



Ceisteanna:



Cé na buachaillí atá i gceist annseo? Cá ndeacha an bheirt an
tráthnóna úd? 'Raibh an tráthnóna garbh? Cé mar bhí an bóthar?
Cé'n fáth nach ndeacha an bheirt a' sleamhnú ar Loch an Doirín Dará?
Raibh aithmhéal ar Sheán Ó Néill gur fhág sé an baile? Cad chuige?
Raibh tusa ag damhsa ariamh? 'Raibh sé dorcha i dtús na h-oíche?
'Raibh sé dorca nuair a bhí Seán agus Tomás gar do theach an damhsa?
Cé'n t-am de'n oíche ar shroicheadar ceann-sgríbe? 'Raibh mórán
daoine i láthair? Céard a bhíodar a dhéanamh? A' ndeacha Seán
agus Tomás a' damhsa? Ar moladh na damhsóirí? Céard é
"claochlódh"? 'Raibh deifir abhaile ar Thomás Ó Gríobhtha? Cé'n
fáth nach raibh aon dúil ar an mbeirt a dhul an t-aithgiorra abhaile?
Cé'n bhrígh atá le "fáinniú an lae"? Innis dom fá dhamhsa ar bith
raibh tú aige ariamh. Sgríobh síos an méid ráidhte nó abairtí is
féidir leat fá'n aimsir. Déan cur-síos aithghiorrach ar an aimsir
a bhí againn le mí anuas.


L. 19


DÍOL IS CEANNACHT



Ar maidin Dé Sathairn chuaidh Máire Bheag go dtí an
baile mór i gcoinne earraí na seachtmhaine. Bhí lán
ciseáin d'im agus d'uibheacha aice, agus dhíol sí ar mhargadh
an ime iad. Dhá sgilling an scór a fuair sí ar na
h-uibheacha agus leath-choróin an punt ar an im. Bhí
éanlaith sa gcarr aice freisin, coileach franncach, dhá ghé,
trí cinn d'eireógaí, agus péire lachan. Dhíol sí uile iad -
nó chaith sí uaithe iad - mar dubhairt sí féin, agus isteach
léithe tigh Shéamuis Uí Néill. Cheannuigh sí luach chúig
phighne de bhrioscaí, luach seacht bpighne d'arán geal, agus
rinneadh suas dí i bpáipéar donn iad.



" 'Bhfuil aon earraí eile a' teastáil uait?" arsa
buachaill an tsiopa.



"Ó, muise, go deimhin tá," ar sise, "is deacra ná sin
mo chomhluadar-sa a riar."



"Tabhair dhom mála mine, ocht bpunt de bhagún na
hÉireann, agus naoi bpunt mairt-fheóla. Tá meitheal le
bheith againn lá eicínt de'n tseachtmhain seo chugainn - agus
mara mbí féin gheobhfar gnó de'n fheóil, mise i mbannaí.
Cé mhéad an punt atá ar an siúcra agat?"



"Sé pighne an punt," ars an buachaill.



"'Shoraidh uait féin agus uaidh féin - nach é atá daor."



"Níl neart againn air," ars an buachaill.



"Agus cé mhéad an punt atá sibh a bhaint amach ar an
tae?"



"Trí is sé pighne an punt," ars an buachaill.



"Is measa ná sin é," arsa Máire Bheag, agus go raibh
bean a rádh liom indiu go bhfuair sí ar thrí sgilleacha an
punt tigh an Chomhair é. Ní bhfuighe tú aon trí is sé pighne
an punt uaim-se air - beag beag an baoghal ort.



"Ó's cuisliméara maith thú," ars an buachaill, "bhéar-


L. 20


famuid dhuit ar thrí sgilleacha é, ach marach gur tú féin
atá ann ní bhfhuightheá gan na trí is sé pighne é. Ach coinnigh
do bhéal ar a chéile fá'n sgéal."



"Marbh ag tae agus marbh gan é!" arsa Máire Bheag
nuair chonaic sí comhursa dí a' teacht isteach.



Bheannuigheadar dá chéile, ach bhí deifir mhór ar Mháire.
"Déan suas an bille sin," ar sise le buachaill an tsiopa.



"Nach mbéidh sé luath go leór" ar seisean - "má's
mian leat é - go dtí am eicínt eile."



"Ní bhéidh sé rómham arís," ar sise. "Is fearr liom é
'íoc anois."



Fuair an buachaill peann luaidhe agus giota phaipéar
agus rinne sé suas an bille.



"Cé mhéad é uile?" adeir Máire.



"An oiread seo," ars an buachaill.



"Nach bhfuil tú a' braith air lascaine ar bith a thabhairt
dom?"



"Tá mé a' tabhairt trí is sé pighne dhuit," ars an
buachaill.



"Go raibh maith agat," ar sise, "fág annsin taobh istigh
de'n chabhntar anois iad go dtige an carr i n-a gcoinne
a ball?"



"Déanfa sin; támuid buidheach dhíot, a bhean chóir,"
ars an buachaill. Thug sé an admháil, an stampa agus
an dáta air do Mháire, agus bhog sise léithe amach an
doras annsin.



Ceisteanna:



Cé'n lá den tseachtmhain a ndeacha Máire Bheag go dtí an baile
mór? Cé'n gnó a bhí aice ann? Céard thug sí ann le díol? Cé
mhéad an scór a fuair sí ar na h-uibheacha? Cé mhéad an punt a
bhí an t-im? Céard eile bhí sa gcarr ag Máire Bheag seachas an
t-im agus na h-uibheacha? Cá ndeacha sí nuair a bhí na h-éanlaith
díolta aice? Innis dom céard a cheannuigh sí tigh Shéamuis Uí
Néill. 'Raibh sí sásta an t-airgead a d'iarr an buachaill siopa a
thabhairt ar an tae agus ar an siúcra? Ar cheannuigh sí an tae?
Ar íoc sí air? A' bhfuair sí aon lascaine? Má cheannuigh tú aon
earradh as Gaedhilg ariamh déan cur-síos ar an gcainnt a chaith tú


L. 21


le fear an tsiopa. Cheannuigh cailín tuaithe leabhar i siopa Gaedhealach
-as Gaedhilg a cheannuigh sí é - sgríobh síos an cómhrádh beirte
a bhí ar siubhal. Dá mbeadh ort earradh ar bith a cheannacht innis
céard déarfá le fear an tsiopa.



DÍOL AGUS CEANNACHT



Uair sa mí a bhíos aonach i gcathair na Gaillimhe - an
chéad Chéadaoin agus an chéad Diardaoin. Ach fá dhó
sa mbliain bíonn aonach ann a bhíos bunáite seachtmhain
ar siubhal. Aonach na Faithche Móire agus aonach na Féile
Michíl a tugtar ar an dá aonach seo. D'éirigh linn a bheith
ar aonach na Féile Michíl i mbliana an lá 'raibh na caiple
ann, agus, má d'éirigh féin, ní mórán blaodhach a bhí ortha.
Ar an bhFaithche Mhóir a bhí an t-aonach ar siubhal, agus bhí
cuid mhaith chaiple ann, ach ní raibh mórán ceannachóirí.
Shiubhlamar anonn in áit a raibh bromach dhá dhíol. Ag
buachaill óg tuaithe a bhí sé i ngreim, agus fear tuaithe a
bhí dhá cheannacht uaidh.



"Cé mhéad atá uait ar an mbromach seo?" adeir an
ceannachoir.



"Deich bpunt gan pighinn chuige ná uaidh," arsa fear an
bhromaigh.



"Bhéarfa mé ocht bpunt duit air," ars an ceannachóir.



"Níl aon mhaith ann," adeir fear an bhromaigh; "ní
bhfuighe tú air sin é; is beag an baoghal atá ort."



Lámhsui an ceannachóir an bromach agus dhearc go
grinn ar gach uile bhall de.



"Tá aithne mhaith shúl agam ort," arsa fear an bhromaigh
leis an gceannachóir. "Má cheannuigheann tú é béidh an
t-ádh ort. Níor dhíol mé aon cheó ariamh nach mbeadh
ádhamhail."



Bhí fear cruadh fáisgthe i n-a sheasamh gar do'n bheirt,
agus chuala sé an cómhrádh. Rug sé ar chipín a fuair sé
ar an talamh, agus leag ar dhruim an bhromaigh é.


L. 22


"Bíodh an bromach díolta ceannuighthe ar naoi bpunt,"
ar seisean.



Bhí an ceannachóir agus fear an bhromaigh i n-a dtost ar
feadh tamaill.



"A' mbrisfe sibh m'fhocal?" adeir an fear cruadh
fáisgthe.



Ní bhrisfe, ars an bheirt.



Rug fear an bhromaigh ar láimh ar an gceannachóir.



"Naoi bpunt," ar seisean leis.



"Sgoiltfe mé an punt arís leat," ars an ceannachóir.



"Ó, muise, tá go maith," adeir fear an bhromaigh, "tá
sé ag éirghe deireannach sa ló, agus níl aon chabhair a
bheith a' tinncéaracht."



An fear a bhí a' déanamh an mhargaidh chuir sé a mhaide i
slám márla, agus leag sé ar dhruim an bhromaigh é os
cionn an chipín.



"Bíodh sé i na mhargadh," ar seisean; "ocht bpunt
deich" - agus bhí.



Bhreathnuigh an ceannachóir ar fhiacla an bhromaigh arís.



"Tá sé trí bliana," ar seisean.



"Trí bliana caithte," ars an díoltóir.



"Tá faitchíos orm go mbíodh srathar agat air." "Ní
raibh ariamh," adeir fear an bhromaigh.



Bain coisidheacht as anois.



Rith an fear síos agus suas an tsráid leis, agus i
gceann tamaill thug an ceannachóir éirnis uaidh.
Leathuair 'na dhiaidh sin d'íoc sé ar an mbromach ag bannc na
h-Éireann.



Ceisteanna:



Ce mhéad uair sa mí a mbíonn aonach i gcathair na Gaillimhe?
Ce'n áit de'n chathair á mbíonn an t-aonach? 'Raibh blaodhach mór
ar chaiple an lá atá i gceist? 'Raibh mórán ceannachóir i láthair?
Cé bhí a' díol an bhromaigh? Cé mhéad a fuair sé air? Innis
dúinn rud eicínt fá'n bhfear a rinne an margadh. Cár h-íocadh ar
an mbromach?


L. 23


AIRGEAD



Oíche gheimhridh do b'eadh í, agus bhí Pádhraic beag os
cionn a chuid leabhar sa bpárlús thar éis téarma a chaitheamh
ar sgoil idir-mheadhonaigh. Tháinig a athair isteach.



An t-athair: "Céard tá tú fhoghluim anois, a Phádhrac?"



Pádhraic: "Ag caitheamh súl ar cheachta a mhúin an
máighistir dhúinn fá airgead."



An t-athair: "Ar thuig tú gach ar innis sé dhuit faoi?"
Pádhraic: "Ní baileach é. Labhair sé ar "airgead síos,"
agus níl fhios agam céard a bhí i gceist aige."



An t-athair: "Ó sin airgead 'íoc ar an táirnne, ar an
bpointe boise is bhéas rud ceannuighthe agat."



Pádhraic: "Thuigeas gach uile rud ach an méad sin."



An t-athair: "Ó thárla chomh maith sin thú cuirfead
cúpla ceist ort anois go bhfeicimid. Ar dtús abair clár
an airgid dom."



Pádhraic: Ceithre feoirlingeacha...pighinn
Dhá fheoirling...leith-phighinn
Dhá leithpighinn...pighinn
Dhá phighinn déag...sgilling



Dhá sgilling is sé pighne...leath-choróin
Cúig sgilleacha...coróin
Deich sgilleacha...leath-sobhran
Fiche sgilling...punt airgid nó sobhran
Sgilling is fiche...giní.



An t-athair: "Níl tú basgtha chor ar bith. Cé'n chaoi ar
mhúin an máighistir na ceachta fá airgead díbh?"



Pádhraic: "Bhí bosca de phíosaí airgid bréige aige,
agus 'sbáin sé píosa pighne dhúinn i dtosach. Bhí fhios ag
'ch aon duine againn cé'n t-ainm le tabhairt uirre nuair a


L. 24


chuir sé an cheist orainn. Rinne sé an cleas céanna le
píosa trí pighne, le píosa sé pighne, le sgilling gheal, agus
lean sé do'n obair sin nó go raibh eolas againn fá gach
píosa airgid, agus nó go rabhamar i ndon gach ceann aca
aithneachtáil thar na cinn eile. Thar éis sin, sgríobh sé
táibhle an airgid ar an gclár dubh, agus, le mar bhí sé ghá
sgríobhadh, bhí sé 'ghár gceistniú. Chuir sé fá ndeara
dhúinn an táibhle a rádh dó nó trí de chuarta. Annsin
b'éigean dúinn é sgríobh' síos dó ar ár gcóip-leabhra.
Nuair a bhí sin déanta againn chuir sé seain-eiridh
ceisteann orainn: Cé mhéad pighinn a gheobhfá ar sgilling
gheal? Cé mhéad sgilling a gheobhfá ar shobhran? Cé
mhéad ceann a gheobhfá ar leath-sobhran? Cé mhéad builín
trí pighne d'fhéadfá a cheannacht ar sgilling? agus a lán
ceisteann eile mar sin. Dubhairt an máighistir linn nach
mbaintear leas as feoirlingeacha ach amháin i mBaile Átha
Cliath, i gcathair Chorcaighe, agus i gcorr áit eile i nÉirinn,
agus go raibh ginidheacha, sobhrain, agus leath-sobhrain gann
go maith anois freisin."



An t-athair; "Is fíor dhó sin: níor leag mé súil
ar ghiní ná ar shobhran le mo chuimhne cinn. Ach cogar
mé seo leat: ar chuala tú cainnt ar thuistiún, ar réal,
ná ar cheithre buinn ariamh?"



Pádhraic: "Tá fhios agam gur ionann tuistiún agus
ceithre pighne, agus gur ionann réal agus sé pighne. Ach
níor chualas trácht ar cheithre buinn go dtí sin."



An t-athair: "Ceithre buinn sin sgilling is tuistiún.
Bonn is leith-phighinn, is ionann sin agus ceithre pighne go
leith. Dhá bhonn is leith-pighinn is ionann sin agus ocht
bpighne is leith-phighinn, nó dhá thuistiún is leith-phighinn.
Ceist agam ort? Dá mbaintí trí feoirlingeacha as míle
punt, cé mhéad a bhéadh fágtha?"



Pádhraic: "Naoi gcéad naoi bpunt déag is ceithre
fichid, naoi sgilleacha déag, aon phighinn déag is feoirling."


L. 25


An t-athair: "Níl aon chailleadh ort. Ar fhoghluim tú
aon cheó fá ghaimbín fós?"



Pádhraic: "D'fhoghluimeas, ach má d'fhoghluimeas is i
mBéarla é."



An t-athair: "Ba cheart go mbeitheá i riocht ceisteanna
mar sin a fhuasgailt as Gaedhilg freisin. Cé'n gaimbín
a gheobhfaí as £300 go ceann trí bliana do réir cúig sa
gcéad?"



Pádhraic: "Chúig phunt is dá fhichid."



An t-athair: "Tá an ceart agat, ach cé'n chaoi a'
ndearna tú suas é?"



Pádhraic: "Gheobhfaí cúig phunt gaimbín as céad
punt i n-imtheacht bliana. Gheobhfaidhe cúig phunt dhéag
gaimbín as £300 i n-imtheacht bliana. Agus i n-imtheacht
trí bliana gheobhfaí a thrí oiread sin, sé sin le rádh
cúig phunt is dá fhichid."



An t-athair: "Is maith thú! Ní chuirfe mé ort ach aon
cheist amháin eile anois: dá mbeadh 3,000 punt sealbhán
ag duine i gcomhlucht cé'n cuibhreann a gheobhfadh sé as sa
mbliain do réir cúig phunt deich sa gcéad?"



Pádhraic: "Cúig phunt is trí fichid ar chéad."



An t-athair: "Mo chuach thú! Ní chuirfidh mé níos mó
ceisteann ort fá láthair."



Sgríobh síos ainm gach píosa airgid dá bhfuil ar eolas agat agus
an méid is fiú gach píosa aca.


L. 26


AN TEACH



Lá amháin fuaireas cuireadh ó Shéamus Mhicil, agus níor
leigeas mo leas ar cáirde, ach amach liom chuige, agus, dar
udhacht an tsiogáin, má chuadhas féin, ní bréag nár
ghnaoidheamhail an áit dul ann. Mara bhfuil lóisdín breágh tighe
ag Séamus ní lá go maidin é - teach ceann slinne dhá
stór (lota) ar aoirde agus é suidhte i bhfoigseacht sé nó
seacht de shlata do'n bhóthar mhór. Sheas an bheirt againn
tamall ag binn-an-tighe le gail tobac a chaitheamh agus le
dearcadh fúinn agus tharainn. Ar an taobh ó thuaidh de'n
teach bhí gáirdín áluinn 'raibh neart bláth a' fás ann agus
torthaí go leor - úbhla, spíonáin, peirí, súgh-craobh,
súghtalmhan, agus meas eile. Ach má tá an gáirdín ar an
taobh ó thuaidh féin tá sé ar árdán aerach agus ar dheiseabhair
na gréine, nó, mar deir na sean-daoine thart, tá sé ar chúl
na gaoithe agus ar aghaidh na gréine. Thugas fá deara
stábla nó eachlann, cró bó, agus cró muc ar chúl a' tighe
agus achar maith siar uaidh - 'ch aon chró aca chomh mór is go
bhféadfá báire a bhualadh ann. Ní fuláir iad a bheith fada
fairsing, arae, is mór an lán eallach atá ag Séamus.
Siar uaim chonaiceas an scur agus ar a laghad trí nó
ceathair de chaiple a' léimnigh thart ann. Maidir le
beithidhigh bhainne agus beithidhigh seasca annsiúd atá siad.
Ar an taobh ó dheas de'n teach bhí cruach mhór spréidh-mhóna
le feiceál a d'fheilfeadh i n-a h-am féin; agus ar aghaidh
an tighe amach bhí móinfhéar breágh.



Is le Séamus an talamh ar feadh t-amhairc atá ar gach
taobh de'n teach; cuid de nach bhfuil thar barr, ach is beag
giodán de nach bhfuil i ndon toradh eicínt a thabhairt.
B'ait leat a bheith fá'n tuaith an lá úd a' dearcadh ar na
h-éin ar luamain, ag éisteacht le glugarnaighil na
sruithleán, agus le siollántacht na gaoithe.


L. 27


"Ara, tara uait isteach as seo," adeir Seámus, "agus
ná bímís níos fuide in ár seasamh annseo."



Isteach linn beirt sa gcistineach, agus chuir bean-an-tighe
na múrtha fáilte roimh an mac seo. Fuaireas buidéal de
shúgh-liomóide: b'fhada liom uaim é, agus deirim leat
gur mé a d'ól go súighte é. Nuair a thángamar isteach
a' fuinnt cáca (císte) a bhí bean Shéamuis, agus an cailín
aimsire a' nigheachán glasraidh le h-aghaidh an dinnéir.
D'fhéadfá cliabh móna a chur síos de'n iarraidh sin ar an
teallach breágh, fada, fairsing a bhí ann, agus bhí teine thíos
an lá údaigh a róstfadh mart, cé nach raibh gábhadh ar bith le
teine chnámh mar í. Chuirfeadh an drisiúr a bhí sa gcistineach
iongnadh ort - na miasa breágha móra cré, na cnagairí, na
balláin, na h-iain, na cuacha, na sgálaí, agus na gloineacha
iad uile a' soillsiú le glaineacht. Bhí dhá sgilléad bheaga i
leath-taobh na teine agus claibín (clár) ar' ch'aon cheann
aca, agus pota mór ar crochadh ar an lúib as an mbacán.
Thugas fá deara pictiúr Croidhe Ro-Naomhtha Íosa ar an
mballa agus pictiúr ar Phápa freisin. Thiar ag an doras
iadhta bhí píosa de'n mhaide Éamuinn le feiceál.



Seomra Leaptha. - "Is breágh é do theach, a Shéamuis,"
adeirim féin. "Níl cailleadh ar bith air, buidheachas le
Dia. Teanam suas go bhfeice tú na seomraí leaptha," ar
seisean, ag breith ar láimh orm féin agus 'g mo strachailt
leis.



I mbarr an tighe a bhí na seomraí leaptha, agus is ionnta
a bhí an t-aer breágh fionn-fhuar. Bhí díol ríogh de leaba
chlúmhach, de bhráithlín, de phluid, agus de shúsa ar gach leaba.
I lár an urláir bhí bord beag cruinn a raibh coinnleóir air,
bosca cipíní cosnaimh, sguaibín gruaige, cíor, agus raca.
Chonaiceas cnagaire uisce, báisín, gallaoireach, agus
túbháille ar bhord beag i gcúinne eile de'n tseomra. Bhí
dó nó trí de cheanna pictiúirí beannuighthe le tabhairt fá


L. 28


deara ar crochadh ar an mballa, buidéal uisge coisreacan
agus sgáthán breágh. Cheithre sheomra leaptha a bhí ann go
léir, iad uile comh-mhéid agus dhá fhuinneóig móra ar gach
ceann aca. Thaithnigh sé liom go raibh áit teine agus
seimléar in gach seomra aca, arae, níl aon locht ar an teas,
nuair thagas an geimhreadh fuar fliuch.



An Seomra bídh (An seomra proinne). - An fhad is
bhíomar a' siubhal thart a' dearcadh ar rudaí mar seo bhí bean
Shéamuis agus an cailín aimsire a' gléasadh an dinnéir
agus níor bhfada gur blaodhadh síos chuig an seomra bídh
orainn. Shuidh Séamus féin ag ceann an bhuird, agus thug
sé cathaoir bhreágh bhog dhom féin i n-aice leis: bhí an
comhluadar a' teacht isteach i n-a nduine agus i n-a nduine.
Sé athair Shéamuis an chéad duine aca a thriall isteach;
annsin tháinig a mháthair. Níor bhfada gur bhog mac leis
isteach - gasúr beag gleoidhte dár bh'ainm Séamus óg.
Cé thiocfadh isteach le n-a shálá ach a dheirbhshiúr, Máire.
Bean-an-tighe féin an duine deiridh a shuid síos 'un buird.
Ní raibh aon chineál feóla dá raibh le fághail sa mbaile mór
nach raibh leagtha os ar gcomhair - caoir-fheóil, mairt-fheóil,
muic-fheóil, bagún -agus, maidir le éanlaith bruithte, is
ann a bhí a dtabhairt amach.



"Bí ag ithe ar do mhian," adeir Séamus liom féin.
"Ná bíodh faitchíos ort," adeirim-se; "leagfa mise ar
na rudaí seo."



Sgaoileadh thart anbhruith, feóil, fataí, agus glasradh.
Bhí salann, piobar, bhinéagla, amarag, agus inmar
comhgarach do gach aon duine. Hoibrigheadh spúnóga, sgeana,
agus pícíní, agus ar feadh na fuide bhí seiteamus chainnte
ar siubhal eadrainn uile.



"Car cheannuigh tú an trosgán breágh seo?" adeirim-se
le Séamus.



"Ar chandáil," ar seisean, "thiar ag Coill Mhóir a


L. 29


cheannuigheas cuid de, agus ba daor an spóilín é." Bhí
clog breágh a' smeachaighil thall ar m'aghaidh, pictiúr de
bheirt bhan riaghalta - colceathracha do Shéamus - i n-aice
an chluig; agus pictiúirí eile nach é crochta ar na ballaí
annseo is annsiúd.



An Párlús. - Ní bhéadh Séamus sásta go bhfeicinn 'ch uile
sheomra sa teach, agus, nuair a bhí an dinnéar thart, chuamar
amach sa bpárlús a bhí ar chúl na teineadh. Ba cosamhail an
seomra seo leis an seomra bídh, ach thugas fá deara go
raibh leabharlann beag sa bpárlús. Bhí gléas ceóil ann
freisin - piano - agus "Amhráin Mhuighe Seóla" leagtha
ar a bharr. Amuigh i lár an urláir bhí bord a raibh pota
lán de phabhsaethe air. D'fhosgail Séamus ceann de na
fuinneóga, tharraing sé siar na cuirtíní, agus shuidheamar
beirt síos ar chathaoireacha uilleann gur chaitheamar gail
bhreágh bhog.



Ceisteanna:



Cé thug cuireadh cuarta do'n sgríobhnóir? Cé'n aoirde teach
Shéamuis? Caidé isteach ó'n mbóthar mór é? Cár sheas Séamus
agus an sgríobhnóir an lá úd? Céard a bhíodar a dhéanamh ann-
siúd? An toitíní a bhíodar a chaitheamh? Cé'n sórt gáirdín a bhí
ar an taobh ó thuaidh de'n teach? Innis dom a bhfuil ar eolas agat
faoi. Cé'n sórt áitiúcháin a bhí ar chúl an tighe? Nuair a chuaidh an
bheirt isteach 'na tighe céard a bhí bean Shéamuis a [dhéanam]{dhéanamh}?
'Bhfaca tú bean a fuinnt císte araimh? Innis dúinn cé'n chaoi a ndearna sí
é, má chonaic. Céard a bhí an cailín aimsire a dhéanamh?
Déan cur-síos ar an gcistineach atá tigh Shéamuis. Ceard atá
ar eolas agat fá'n seomra bídh? Nuair a bhí an dinnéar ithte aca
cá ndeacha Séamus Mhicil agus an sgríobhnóir? Innis do'n ranng an
méad atá ar eolas agat fá phárlús Shéamuis. Sgríobh tráchtas
anocht fá do theach féin. Ce'n t-ainm a tugtar ar an seomra a
n-ullmhuightear an biadh ann? Ainmnigh cuid de na baill trosgáin
atá in do theach féin, agus sgríobh síos an úsáid a déantar de gach
ceann aca. Céard d'ith tú ar do bhricfasta indiu? Céard d'ól
tú? Abair paidir roimh biadh; agus paidir tar éis bídh.


L. 30


OCRAS, BRÓN, agus rl.



Lá breágh te i lár an tsamhraidh bhuail Séamuisín Ó
Gráinne amach Bóthar na Trágha. Ní raibh sé i bhfad ó'n
teach chor ar bith nuair a tháinig tart agus ocras air.
Chuir sé a lámh in a phóca, ach ní raibh pighinn ar a fhághaltas.
Bhí aithmhéala air nár iarr cúpla pighinn ar a mháthair sul
d'fhág sé an baile. Bhí náire agus leisge air bualadh
isteach i siopa ar bith ag iarraidh bídh agus dighe nuair nach
raibh an t-airgead aige le n-íoc orra. Ba fuath leis a
leitheide de rud a dhéanamh. I gceann tamaill bhig chonaic
sé buachaill beag i mbéal dorais agus é ag smalcadh
brioscaí. Bhí éad ar Shéamuisín leis an ngasúr, ach, mar
sin féin, lean sé d'á shróin siar Bóthar na Trágha. Fá
dheire thiar thall isteach leis i mbothán beag, agus d'iarr sé
deoch uisge.



"A n-ólfá braon bainne?" adeir bean-an-tighe leis{.}
"Déanfa an t-uisge," arsa Séamuisín.



"Is fearr dhuit an bainne," ar sise, "mar tá ithe agus
ól ann."



Fuair sé cupán mór bainne ramhar, agus d'ól sé suas
go súighte é. Bhí náire air roimh mhnaoi an tighe nuair nach
raibh luach an bhainne aige le tabhairt dhi, ach, dar ndóigh,
dá mbéadh a phócaí lán, ní ghlacfadh sise pighinn uaidh.
'San am céanna bhí áthas air go raibh an tart coisgthe.
Amach leis a' snámh annsin. Chuir na tonntracha móra a
chonaic sé amach uaidh ins an bhfairrge iongnadh air. Chonaic
sé ailltreacha móra siar uaidh freisin.



"Ó, go sábhála Dia sinn," ar seisean, "dhá dtuiteadh
duine anuas de cheann aca sin bheadh éalang go bráth air."



Tar éis sgathaimh bhig tháinig sé isteach ar an talamh
tirim, agus, nuair a bhí sé gléasta, bhuail sé leis abhaile,
arae, bhí faitchíos air go mbéadh imnidhe ar a mháthair faoi.


L. 31


Bhí rímhéad uirre-se nuair a chonaic sí a' teacht chuice
isteach é, cé gur leig sí uirre féin go raibh fearg mhór
uirre leis. Dubhairt Séamuisín léithe go raibh brón mór
air fá bheith chomh fada amuigh, ach nach raibh neart aige air.
Bhí tuirse agus codladh air, agus, nuair d'ith sé a shuipéar,
thug sé an leaba air féin.



CEISTEANANA:



Cá ndeacha Séamuisín Ó Gráinne a' spaisteóireacht an lá úd?
Cé'n séasúr de'n bhliain a bhí ann? Cé'n séasúr de'n bhliain atá
ann anois? Céard a bhuail é sul bhí sé mórán achair ó'n teach?
Raibh airgead aige? Cad chuige nach ndeacha sé isteach i siopa
eicín agus rud le n-ithe a cheannacht? Nuair a theann an t-ocras
go mór leis céard a rinne sé? Céard a thug an bhean tuaithe le
n-ól dó? Ar íoc Séamuisín ar an mbainne? Céard dubhairt sé
leis féin nuair a chonaic sé na h-ailltreacha móra siar uaidh?
Cé'n fáth a ndeacha sé abhaile chomh luath agus chuaidh? 'Raibh fearg
ar a mháthair dáríribh nuair a chonaic sí a teacht chuice isteach é?
Céard dubhairt Séamuisín léithe nuair a shroich sé an teach? Céard
a rinne sé nuair a bhí a shuipéar ithte aige? Sgríobh tráchtas gearr
fá eachtra ar bith dá ndeacha tú air ariamh. Críochnuigh na caint-
eanna (b), (c), (d), (e).



(a). Nuair fheiceas duine beithidheach éigcéill tagann faitchíos air.
(b). Nuair a chloiseas duine faitcheach tóirneach buaileann...
(c). Itheann duine biadh nuair a bhíos...
(d). Ólann duine deoch nuair a bhíos...
(e). Tugann duine an leaba air féin nuair a bhíos...



CÚRSAÍ ÉADAIGHE



I Leamhchoill a bhí Máire Ní Ruairc i na comhnuidhe. Bhí a
h-athair agus a máthair beó an tráth seo agus a sean-mháthair
freisin, acht ní raibh deirbhsiúr ná dearbhráthair aice, agus,
uime sin, bhí sí i na peata ag muintir an tighe. Chaithfeadh
sí fios fáth gach rud a fhághail amach, agus is í a thugadh an
ceistniú géar dá mamó anois agus arís. Nuair a bhíodh
an t-áirneán ann is iomdha oíche a chaitheadh an tsean-
mháthair a' sníomhachán suas go dtí an deich a chlog. Nuair


L. 32


Caoirigh agus gabhar.


L. 33


a mhéaduigh Máirín suas agus a bhailigh sí amach sna déaga
bhí sí i ndon an olann a chárdáil, agus b'ait léithe a bheith
i ndon sníomh freisin, acht ní leigfeadh a máthair-mhór di
dul i n-aice an túirne, arae, go h-iondual gach nuair dá
dtéigheadh sí a' plé leis bhriseadh sí an tsreang. Mar sin
féin, bhí fhios ag Máirín gach uile bhall dar bhain leis an
túirne - an roth, an tsreang, an tromán, an fhearsad, an
ceap, an mul agus rl. Acht ní baileach a bhí fhios aice fós an
t-idirdhealú idir inneach agus dlúth. Ba paitionta uaithe
ar a shon sin próiste a thochras ar cheirtlín snáithe. Nach
uirre a bhíodh an glionndar nuair a chíodh sí an crann
deilbh dhá chur suas, agus na mná a' deilbh. Agus nach
ann a bhíodh an siamsa nuair a bhíodh an phlainnín dá thiughachan
thar éis a thabhairt ó'n bhfigheadóir.



"Is iomdha rud," adeireadh a mamó le Máirín, "a
déantar as olann na caorach féin - bréidín ceann-asna,
léinteacha, cultacha, cabhaileanna, stocaí, pluideanna,
súsaí, báiníní, agus a lán ball eile. Agus bíonn teas
agus teágar i n-éadach olna. Ní bréag nach foghainteach
úsáideach an t-ainmhidhe an chaora; le n-a beo tugann sí
olann dúinn, agus le n-a marbh, caoir-fheoil mhilis. 'Sna
muiltí is mó a déantar an olann a chardáil, a shníomh, a
fhigheadh, agus a thiughachan anois."



Sgríobh giota gearr fá na bróga atá ort.



CÚRSAÍ ÉADAIGHE



An Figheadóir



Molaim go deó an crann agair 's an seól,
'S an tslinn do bheir leigean do'n chúrsa,
An t-ughaim a's an spól 'san lámh-chlár níor mhór,
An garumna na runners 's an túrna.


L. 34


Tá an uirlís le fághail, a gcion a's a gcáil,
'S an figheadóir, Mac Mhuire d'á chúmhdach;
'Sé chuirfeadh brat brághaid ar fheara 's ar mhná,
Ins gach bealach 'na gcodladh 's 'na ndúiseacht.



Níl bruinneal dá bhreághtha ar chruinniú' nó báire,
Ar a capall, nach bhfeilfeadh dhí, fúithe
Pillín breágh árd, a's a beilt fá n-a lár,
Ribíní, ruffaidh, a's gúna
A fallaing bhreágh thláith 's a mbíonn ar a brághaid,
'Sé 'n seól do bheir fasgadh dá glúna,
'S an fear tar éis bháis dá dheasú ar an gclár,
Gur deiside é sgiorta dá chúngnamh.



Amach as a lár do thigeas gach áilg
An carpet, an phluid, a's an súsa,
An muslin 's an gás, seól luinge 'gus báid,
'S go ngléasann sé uaisle na cúige.
An céimbric 's an láun, center crois bár
'S na síodaí ghní habit a's gúna,
An ceasamar bán 's an bhelbhet is fearr
Dár chaith riamh iarla ná diúca.



Gréasaidhe ar stól mur ndéanadh sé acht bróg,
Budh mhian le mná óga bheith i ndáil leis,
Nó táilliúr ar bórd 's a shisiúr i gcóir
Mur ngearradh sé acht cóta nó cabá.
Ní cháinfead aon tsórt, níl baint agam dó,
Acht 'sé an figheadóir sháruigh an ríoghacht,
Budh mhaith é i dtigh an óil, fear-chaithte an spóil,
Tá sonas a's sógh ó Chríost air.


L. 35


AINMHIDHTHE IN-CHEANNSUIGHTHE AGUS BEITHIDIGH
ALLTA



Dia Domhnaigh, an séamhadh lá fichead de mhí na Samhna,
thugas féin agus Pádhraic cuairt ar Gharraidhe na n-ain-
midhthe i bPáirc an Fhionn-uisge. Bhí an lá glas go maith,
ach mar sin féin, an té a mbéadh a chóta mór air agus
balcaisí olna ní aireochadh sé an fuacht go rí-mhór. Ar an
mbealach amach cheannuigh mé féin cóip-leabhar beag agus
peann luaidhe a bhéadh againn le nótaí beaga a sgríobh' síos.
Ar phighinn go leith an duine thug an rian-chárr amach go
dtí an Pháirc sinn. Ó bhéas tú sa bPáirc aon uair amháin
is furusda dhuit Garraidhe na n-Ainmhidhthe a fhághail amach,
má tá léigheann ar bith ort, mar tá comharthaí agus fuagraí
annseo agus annsiúd le thú threorú. Ní mórán atá le
fághail i n-aisge i mBaile Átha Cliath cé is moite de'n aer
féin. Bhí orainn sé pighne an duine a shíneadh amach sul
leigthí isteach i nGarraidhe na nAinmhidhthe sinn, ach, má bhí
féin, ní raibh aon caitheamh-i-na-dhiaidh orainn. Iar ndul
isteach dhúinn is é an chéad bheithideach a chonacamar damh-
allta as Meiriceá (Bison Americanus). Bhí trí cinn
mhóra aca istigh i ngéibheann agus dhá laogh. Tá cloigeann
maith mór ar an mbeithidheach seo agus claimhreach fhada;
ach tá an leath-deire caol go maith aige. Níl ach miodach
d'adharca ar cheactar aca. Tá sé tugtha síos annsiúd
gurab é rialtas Ceanadá a thug na trí cinn mhóra uatha
mar bhronntanas.



An Clann Mhoncaigh. - Tá teach ar leith aca seo dóibh
féin, agus is ann atá a dtabhairt amach, a dhuine. Dá
bhfeictheá na strainnceanna agus na streabhaiseanna agus
na reiceanna a bhíodar a chur i n-a n-éadan an lá úd agus
dhéanfá gáire. Bhí sgata páistí beaga i lagracha a
breathnú ortha. Is iad cuid de'n chlainn-mhoncaigh chéanna


L. 36


An tEilifeant


L. 37


atá go foilbhéasach! Chonaic mé ceann aca a' sáthadh a
chrúibe amach idir dhá bhior ag iarraidh breith ar choileach
bocht a bhí ag dul thart, ach níor éirigh leis, agus ba mhaith
an sgéal do'n choileach nár éirigh, arae, is gearr a bhéadh sé
ghá alpadh. Agus an t-éirghe-i-náirde, agus an léimneach,
agus an tsíonaighil, agus an ghaileamaisidheacht a bhí ar
siubhal aca go léir! Bhodhróchaidís thú gan mórán moille.
Atá proinnteach i nGarraidhe na nAinmhidhthe, má sé do
thoil é, freisin. Bhogamar isteach ann, agus fuaireamar
ár sáith aráin, ime, agus tae ar sgilling an duine. Ní
raibh giodán de na ballaí nach raibh pictiúr ainmhidhe
crochta ann.



Is é an chéad bheithidheach eile a chonaiceamar mada allta
Austraoille (Canis Dingo). Is cosamhail le na madraí
s'againn féin é, ach nach bhfuil sé baol ar chomh toirteamhail
le mada caorach. Ní rabhamar ach iompuighthe thart uaidh
nuair a thosuigh sé a' tafann. Céad slat nó mar sin uaidh
d'fhreagair ainmhidhe eile é. Bhuaileamar síos agus céard
a bheadh ann ach "Canis Dingo" eile. "Aithnigheann ciaróg
ciaróg eile."



"Níor mhaith liom a bheith in mo chomhnuidhe ro-ghar do'n
áit seo, a Phádhraic," adeirim féin "Cad chuige?" ar
seisean.



"Dhá dtosuighidís uile a' tafann, agus a' síonaighil,
agus a' búithreamhach san oíche dár ndóigh ní thiubhraidís
néall duit."



"Níor mhisde leat dá mbeitheá i na chleachtadh." "Nílim
cinnte fá sin," adeirim féin; "b'fhearr liom a bheith
achairín uatha."



Sin é an sionnach nó an mada ruadh (Canis vulpes) a'
siubhal thart go stáideamhail dhó féin. Seo é an chéad
cheann aca a chonaiceas ariamh, sé sin le rádh, beó beithidheach.
Shíleas go raibh [siadh]{siad} i bhfad níos mó ná sin, ach b'fhéidir gur
ceann óg é seo.


L. 38


Is iomdha cineál coinín atá sa nGarraidhe seo - cinn
dubha, cinn bhána, cinn bhreaca, agus cinn donna. De
réir chosamhlacht' tá a ngoile go maith aca, arae, bhíodar uile
a' smalcadh arbhair a bhí caithte ar an talamh aca. Is mór
an t-iongnadh nach nglanann cuid aca amach as an áit ar
fad, mar níl aon aoirde fiú tracht air sa bhfál atá thart
timcheall ortha.



Isteach linn san Éanlann annsin. Chuala mé féin
"Any water?" dhá rádh taobh thiar díom. Bhí triúr nó
ceathrar ban istigh rómhainn.



"Tá meirbhthean ar dhuine de na mná sin, a Phádhraic,"
adeirim féin; "féach a' bhfuightheá braon uisge."



"Éist do bhéal," ar seisean; "sin pioróid."



"Má's pioróid í sin a chuala mise," adeirimse, "go
dtachtar í-go maithe Dia dhom é fá n-a bheith ag eas-
cainidhe."



Bhéarfá an leabhar bunáite gur bean a labhair, agus
mara raibh canamhain ar an mBéarla ní lá go maidin é.
Má dubhairt an phioróid "Any water?" uair, dubhairt sí á
fiche uair é, agus fá dheire d'éirigheamar tuirseach de'n
phort, agus ghlanamar amach as an éanlann.



Cúig chineál iolar a chomhaireamar sa nGarraidhe an lá
úd - trí chineál éagsamhail a fritheadh ins an Aifric, cineál
eile a fritheadh i nAustraoille, agus cineál a tugadh anall
as Albain. Tá sgiatháin leathana láidre ar na h-éanacha
seo, agus, mara bhfuil guib ghéara ortha agus ingne dá
réir, castar leó é. Is iomdha cearc a chonaic tú ariamh
níos toirteamhla ná gach iolar aca. Is deacair a chreideamh-
aint go bhfuil iolar i ndon uan óg a sgiobadh suas san aer
leis. Ach deirtear linn gur féidir leis sin a dhéanamh
gan stróbh; caithfe sé go bhfuil spreacadh ar leith
ann. Bíodh sin mar atá, ní fhacamar aon éan ins an
nGarraidhe a bhí chomh brónach a' breathnú is bhí na h-iolair
chéanna.


L. 39


An Ceamal


L. 40


Fá aon chaolach amháin atá na leomhain agus na tíogair,
ach, má's seadh, tá "claidhe teórann" eatorra: is dóigh
nach mó ná go maith a réidhteóchaidís le chéile dá mbeidís
i n-aon phúirín amháin. Baineadh geit as cuid againn,
agus ní geit go dtí í, nuair a bhíomar a' breathnú ar na
h-ainmhidhthe seo. Rinneadh torann uathbhásach taobh thiar
dínn. "Tá réidh" adeirim-se in m'inntinn féin; "ceann
de na leomhain a bhris beara iarainn a phúirín agus béidhmid
fá na chrúba ar an bpoinnte boise." Bhreathnuigh mé ar
Phádhraic go bhfeicinn a' rithfeadh sé, ach níor rith, sheas sé
talamh; dá ritheadh níor bh'ormsa an mhoill a thabhairt do na
bonnacha. Ar dhearcadh thart do'n bheirt againn chonaicea-
mar céard a thárla. Leomhan mór millteach a rug ar shail
ádhmaid a bhí in a phúirín agus a chaith d'aon tuairt amháin
de leath-taobh í. Anois agus an uair sin, sílim gur
buachaill báire a bhí a' spiochadh as an leomhan, agus nuair
nár fhéad an t-ainmhidhe sásamh a bhaint de'n fhear d'ídigh sé
a chuid feirge ar an tsail ádhmaid. Dá mbéadh cead a
gcos ag na h-ainmhidhthe seo is dóigh go ndéanfaidís ár.
Dá mhéad cion dá bhfuil agat ar ainmhidhthe níor mhaith leat
dá sgaoiltí amach iad seo. Go bhfóire Dia ar na daoine
atá i n-a gcomhnuí ins na tíortha coimhthigheacha úd a bhfuil
na mílte beithidheach allta ionnta. Bímís buidheach nach
bhfuil beithidhigh éigcéill agus oill-phéiste in ár dtírín
dúthchais féin.



Tá teach te teolaidhe ag an eilifeant annseo dhó féin,
agus, má tá féin, is maith an aghaidh sin air, arae, cé gurab
é an t-ainmhidhe is mó ins an nGarraidhe é, níl pioc foilbhéis
i n-a chorp; níl ann acht "súm-sám" a leigfeas dhuit má
leigeann tú dhó, agus cé'n locht a dfhéadsadh a bheith ag
fear geal ar bith air sin? Má thugann tú rud le n-ithe
dhó, íosa sé go súighte é, ach má thugann tú airgead dó
bhéarfa sé d'á choiméadaidhe é, agus caithfe seisean luach
an airgid de bhiadh a thabhairt dó. Is minic a théigheas


L. 41


páistí ar "haghaidh-deá" ar an eilifeant, ach bíonn ortha
cúpla pighinn an duine 'íoc as ucht na marcaigheachta.



Is iomdha cineál beithidheach sa nGarraidhe seo nár
thráchtamar fós air. Tá bó allaidh, Zebu, nó "Bos Indicus"
ann a tugadh as na h-Indiacha Thoir. Is cosamhail le
beithidhigh bhainne na h-Éireann í ach amháin go bhfuil cruit
uirre. Tá, ar a laghad, trí chineál mathghamhan (nó béar)
ins an nGarraidhe, ceann aca a frítheadh ins na Indiacha
Thoir, ceann donn, agus ceann bán. As Tír an
tSneachta a tugadh an ceann bán, agus tá pluais ar leith
déanta síos sa talamh dhó. As áit fhuair a tugadh é, agus
tá lóisdín fuar aige sa nGarraidhe seo freisin. A'
ligheachán a chos a bhí sé nuair a bhíomar ag dul thart. Ní
deágh-chosamhlacht ar bith go deimhin a bhí ar na mathghamhain
chéanna an lá úd.



Go dtí na gabhair féin, na madraí allta, agus na tuirc,
tá siad annseo. Ach ní fhacamar aon bhroc, aon ghiraf,
aon cheamal, ná aon llama ann. Séard atá anois ins
na scuir a mbídís-sean ionnta éanlaith ioldathacha.



Na cianta cairbreacha ó shoin nuair a bhí Éire fá
choillte móra tiugha bhí na mílte beithidheach fiadháin ins an
tír seo, an madadh allta, an torc, an fiadh, an eilit mhór;
agus a lán eile, ach níl a ndath ná a dtuairisg le fághail
ins an dúithche anois.



Má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath uair ar bith is fiú dhuit
cuairt a thabhairt ar Gharraidhe na n-Ainmhidhthe: sin é an
áit a bhfeicfe tú beithidhigh allta le do shúile cinn agus iad
beo beithidheach freisin, ach coinnigh amach ó chuid aca, mar
tá siad nimhneach.


L. 42


AN CAPALL



Tá an capall ar cheann de na hainmidhthe is úsáidighe sa
domhan. Ainmhidhe mór láidir é atá i ndon ualaighe
troma a tharrainnt agus duine a thabhairt ar a mhuin ó áit
go h-áit. Is iomdha cineál capall ann, caiple cáirr,
caiple rása, caiple fiadhaigh, agus rl.



Fíonnach mín a fhásas ar an gcapall. An chlaimhreach a
bhíos ar an muineál tugtar muing uirre. Bíonn fíonnach
fada ar an iorball freisin. Leis an iorball a choinnigheas
an capall na míoltóga agus na creabhair 'un bealaigh.



Ní changluigheann an capall an chíor mar changluigeas an
bhó agus an chaora. Cuirtear cruidhthe ar chaiple, rud
nach gcuirtear ar bheithidhigh ná ar chaoirigh.



Bíonn cloigeann mór fada ar gach capall, gialla
fada freisin, súile móra, agus polláirí leathana. Maidir
leis na fiacla, bíonn na fiacla tosaigh mar bheadh siostal
ann, acht bíonn na cúil-fhiacla maol go maith. Gheall Dia
muineál fada do'n chapall; muna mbéadh sin níor
bhfurusda do'n ainmhidhe cromadh anuas ar an talamh
agus an féar glas a smalcadh.



Ar arbhar, ar fhéar tirim, agus ar mheacna a beathuigh-
tear an capall go h-iondual. Stábla nó eachlann a
tugtar ar an gcró a mbíonn sé ann 'shiubhal oíche.



Ní bréag nach mbaintear obair as an gcapall le na
bheó, agus foghaineann a sheithe nuair a bhíos sé caillte,
mar déantar togha an leathair aiste.


L. 43


An Capall


L. 44


AN tEARRACH



"Anois, teacht an earraigh beidh an lá dul 'un síneadh,
A's tar éis na Féil' Brighde árdóchad mo sheól,
Ó chuir mé in mo cheann é, ní stopfa mé choidhche
Go seasa mé thíos i lár Chondae Mhuigheó."



Cá bhfuil an té nach n-éirigheann a chroidhe nuair a thagas
an t-earrach agus nach mbuaileann meanmna ar leith é?
Níl sé ann. Raifteirí bocht féin, teacht an earraigh, bhuail
spaidhir agus fonn siubhlóide é, agus ní bhéadh sé sásta
mara mbogadh sé amach fá an spéir agus mara dtugadh sé
cuairt ar a ghaolta.



Is aoibhinn aerach an áit an tuaith i rith an tséasúir seo.
Cloisfe tú ceól binn na n-éan annsin, méileach na gcaorach
agus na n-uan; géimneach na mbó ar an mbuaile, agus
dordán na mbeach. Cífe tú an chraobh ag dul i mbuinne;
na blátha agus na pabhsaethe a' fás mar ní mé ann.



Seo é an t-am de'n bhliain a saothruigheann an feilméar
a chuid talmhan agus a gcuireann sé an síol. Is dóigh
go gceapann seisean go mbíonn iomarca oibre air san
earrach, a' treabhadh a's a forsadh, a's a' rómhar ó mhaidin
go faoithin. Ach ní fuláir an obair seo a dhéanamh, arae,
is sean-fhocal é: "An té nach gcuirfe san Earrach ní
bhainfe sa bhFoghmar."



Ó Lá Fhéil' Brighde go Lá Buidhe Bealtaine an comhair-
eamh atá ag Gaedhilgeóirí ar an earrach. Deir an sean-
fhocal: ní dírighe fhásas an druim sa lacha ná Lá Fhéil'
Pádhraic i lár an earraigh. I rith an tséasúir seo bíonn
na laetheanta dul 'un síneadh agus na h-oícheanta ag
dul i ngiorracht. Go hiondual bíonn cuid mhaith de'n
ráithe seo fuar, fliuch, stoirmeamhail go leór, ach, mar
sin féin, bíonn fás agus buige san uair. Tá fhios ag an
gcuaich féin sin, mar bíonn sí ar fághail annseo san


L. 45


Aibreán, agus, cé nach ceóltóir thar cionn í, is maith le
cách a guth a chloisteáil.



Ceisteanna, agus rl.



Sgríobh tráchtas gearr ar chuairt fá'n tuaith san Earrach.
Cá bhfios duit gurab é an t-Earrach atá ann anois?
Céard a bhíos dhá dhéanamh ag na feilméaraí san earrach?



Dearg aniar is ionann a's grian
Dearg anoir is ionann a's sioc.
Bogha fliuch na maidne, bogha tirim an tráthnóna.



A' BUALADH BÁIRE



An lá fá dheire bhí buachaillí na sgoile a' bualadh báire.
An máighistir a bhí mar mhaor orra. Ghlaodh sé ar Phádhraic
Ó Ceallaigh agus ar Cholm Ó Riain, agus chuir sé i gceannas
iad.



"Buailim ort," arsa Pádhraic.



"Tigim leat," arsa Colm.



"Béidh Seán Bán agam," arsa Pádhraic.



"Béidh Tomás Ó Néill agamsa," adeir Colm. Ghlaodh
Pádhraic ar dhuine eile annsin, agus bhí gach ré glaodhach
aca go raibh ainm gach uile pháiste glaoidhte aca. Ceapadh
dhá chúl báire annsin, agus sheasadar ag an dá dhaora.
Rith na páistí eile isteach i lár na páirce. Rinne an
máighistir dhá rang dhíobh ar aghaidh a chéile. Rug gach gasúr
ar láimh ar an mbuachaill a bhí amach ar a aghaidh. Caith an
máighistir an liathróid isteach eatorra. Annsoin hoibrigh-
eadh na camáin. Gortuigheadh cloigne agus lámha agus
cosa. Cuireadh roinnt fola i n-aer freisin. B'éigean
do'n mháighistir Marcus Ó Móráin a ruagadh as an imirt
bhí sé chomh foilbhéasach sin. Fá dheire thiar thall cuireadh an


L. 46


báire ar mhuintir Cuilm, agus mara raibh glionndar ar
mhuintir Phádhraic ní lá go maidin é.



1 Sgríobh tráchtas gearr fá chaitheamh-aimsire ar bith eile a chonaic tú ar siubhal ag paistí.



2 Déan cur-síos aithghiorrach ar t-obair lae ar sgoil.



BAILL-BHEATHA



Nílim ar aon inntinn leis an dream adeireas nach
mbíonn imnidhe ar bith ar ghasúr ná ar chailín. Is é mo
thuairim go mbíonn a thrioblóid féin ar gach páiste atá fá
chosc agus fá smacht. Is minic bosa te ag na páistí céanna!
Ach, mar sin féin, nach breágh an rud a bheith óg agus éad-
trom-chroidheach. Is iomda sult agus spóirt agus siamsa
agus cluiche a bhíos ar siubhal aca ar an sgoil féin, go
h-áithrid lá báisdighe nuair nach féidir leó bualadh amach
fá an spéir.



Bhíos istigh i sgoil, an lá fá dheire nuair a bhí sos ar
siubhal, agus bhí glionndar ar mo chroidhe a' breathnu ar
na scoláirí a' súgradh dhóibh féin. Sgoil mhór a bhí innte,
agus bhí na buachaillí agus na cailíní ag imirt le chéile.
D'féadfá gach aon sgairt gháire a chloisteáil leith-mhíle
bealaigh ó'n sgoil. Bhí go leor cluichí dá n-imirt aca, ach
seo é an ceann a b'fhearr liom - "Baill-bheatha," mar
thugaidís air.



Tomás Ó Nualláin a toghadh mar cheannphuirt ar na
buachaillí, agus Nóra Ní Ceallaigh ar na cailíní. Dubhradh
liom nach raibh dhá ealadhantóir eile ar an sgoil chomh gasta
leis an mbeirt chéanna.



Thug Tomás a chuid saighdiúr leis gur chuir sé i na
suidhe síos ar á thaobh de'n seomra iad; shuidh na cailíní


L. 47


thall ar a n-aghaidh, agus Nóra i na mbun. Annsin is eadh
a thosuigh an greann.



Tomás: Bhéarfa mé leas-ainm ar gach buachaill anois,
agus cuimhnigheadh gach duine ar a leas-ainm féin. Tusa
an ceann, tusa an t-éadan, tusa an fabhra, tusa an béal,
tusa an muineál, tusa an slinneán, tusa an druim, tusa
an dorn, tusa an com, tusa an cromán, tusa an más,
tusa an t-alt, tusa an rúitín.



Nuair a bhí leas-ainm tugtha ag Tomás ar gach buachaill
thosuigh Nóra leis na cailíní mar seo:



Nóra: Tusa an phluc, tusa an chluas, tusa an tsrón,
tusa an lámh, tusa an cheathramha, tusa an tsúil, tusa an
ordóg, tusa an ionga, tusa an fhiacail, tusa an teanga,
tusa an lorga, tusa an ghlún, tusa an tsál, tusa an
ghuala, tusa an troigh, tusa an chos, tusa an ascall, tusa
an bhrágha.



Tomás: Bhfuil leas-ainm ar gach duine anois?



Na Scoláirí: Tá! Tá! Tá!



Annsin sheas Nóra agus Tomás ar dhá chathaoir, agus
thosuigh an greann dáríre.



Tomás: Anois, glaodhfa mé ar chailín, agus glaodhfa
Nóra ar bhuachaill, agus caithfe siad éirghe i na seasamh
ar an bpointe, agus béidh ar gach duine aca rud eicínt a
rádh fá an leas-ainm atá ar an duine eile. Mara mbí
sé ráidhte sul bhéas "Aon! Dó! Trí!" comhairighthe
agam caithfe an té a chlisfeas dul síos go dtí an doras
agus fanacht annsin go mbí an cluiche críochnuighthe, agus
gheobhfa sé pionús uaim. Anois.



Nóra (a' féachaint ar na buachaillí): Ceann.



Tomás (a'féachaint ar na cailíní): Cos.



Ar áit na mbonn phreab an bheirt a luadhadh i n-a
seasamh.



An Cailín (a' dearcadh ar "Cheann") Nach mór an ceann
atá ort, a stór?


L. 48


An buachaill (a' dearcadh ar "Chos"). Is cam í do
chos, a mhuirnín.



Sgairt na sgoláirí eile ag gáiridhe. Shuidh an bheirt
síos annsin, agus thosuigh Tomás agus Nóra arís.



Tomás: Súil.



Nóra: Béal.



Phreab beirt eile i n-a seasamh.



Buachaill: Dún do shúil, adeirim leat.




Tomás: Aon! Dó! Trí! Tá dearmad déanta agat,
a Mháire. Ba cheart duit rud eicínt a rádh fá n-a bhéal,
Gabh síos anois go dtí an doras agus fan annsin.



Máire: "Ó! muise, níor chuimhnigh mé orm féin."
Chuaidh Máire síos go brónach agus a méar i n-a béal
aice, agus thosuigh na sgoláirí eile a' bualadh bos agus
a' magadh fúithe. Lean an sgéal mar sin go raibh scata
ag an doras. Bhí an uair shosa bunáite caithte anois.
Chomhair Tomás gach a raibh fágtha i n-a ranng féin annsin,
agus chomhair Nóra gach a raibh de chailíní aice agus, ó bhí
níos mó daoine fágtha i ranng Nóra ná mar bhí fágtha i
ranng Thomáis, ghnóthuigh Nóra an cluiche. Annsin chuaidh
Tomás síos go dtí an doras, agus chuir sé pionús greann-
mhar ar gach príosúnach. Chuir sé tomhais ar gach duine agus
bhí orra uile é fhoghluim de ghlan-mheabhair:



"Rud beag dearg a bhí a' fás ar chrann;
Chonaic beirt é; bhain cúigear é;
Changail dháréag é,
Agus leig aon duine amháin siar é.
Céard é sin? Ubhall aipidh."



Ba mhór an greann a bhí aca, agus b'fhearrde mé an
chuairt a thug mé ar an sgoil; is orm a bhí an t-aithmhéala
nár fhéadas fanacht níos fuide i measg na bpáistí.


L. 49


'Measann tú a mbíonn mórán imnidhe ar pháistí beaga? Cé
aca a b'fhearr leat a bheith in t'fhear meadhon-aosta nó in do ghasúr?
Cá raibh an sgríobhnóir an lá úd atá i gceist? 'Raibh an lá tirim?
A' ndeacha na páistí amach fá'n spéir nuair a bhí sos aca? Cé
bhí i gceannas na mbuachaillí nuair a bhíodar ag imirt? Cé bhí
a' stiúradh na gcailíní? Cuir ainm ar na baill-bheatha do luadh
Tomás agus Nóra. Innis fá'n gcaoi ar h-imrigheadh an cluiche.
Cé aca de'n bheirt a ghnótuigh an cluiche? Cé'n sórt pionús a
chuir Tomás ar na daoine a chlis. Abair rann ar bith atá agat.
Innis dom tomhais ar bith atá fhios agat.



BRONNTANAIS Ó DHIA



Thug Dia dhá shúil bhreágha dhom
Le h-aghaidh 'ch uile rud a fheiceál;
Tá sróinín deas freisin 'gam,
As dhá chluais le fuama cloisteál.
Tá teanga taobh istigh in mo bhéal
As tríocha fiacail bhána;
Tá inntinn agam agus ciall
Ní labhróchad focal dána.



Féach ar mo lámha nach iad atá go deas,
Na méaracha, na h-ordóga, is na hingne.
Nach iomdha sin obair le mo leas
Atá mé i ndon a dhéanamh libhse?
Tá sála cruinne is rúitíní caola
Le h-aghaidh siubhail nó rithte leó
Nach ceart dom a rádh, "Is é Dia atá fial
Molfa me A Ainm go deó."



Ceisteanna:



Cad é an leas a bhaineas duine as a shúile, as a chluasa as a
bhéal, as a chosa, as a theanga?



Ce'n t-ainm a tugtar ar dhuine nach bhfuil i ndon labhairt, ar
dhuine nach mbíonn amharc na súl aige, ar dhuine nach mbíonn úsáid
a chos aige?


L. 50


SLÁINTE AGUS EASLÁINTE



Bhí luigheachán orm féin san ósbuidéal an tráth atá i
gceist, agus ní raibh fhios agam fá thalamh na h-Éireann an
tráthnóna úd cé'n fáth an fothram agus an ruaille buaille
a bhí ar fud an tighe. Bhí mná riaghalta agus banaltraí
agus lucht freasdail a' rith anonn agus anall' agus,
maidir leis na cluig, bhí an oiread fothraim fútha is bhí le
cloga Sheandúin lá de'n tsaoghal. Fá dheire tháinig bean
riaghalta de na Seóigigh thart.



"Tomhais ort," adeir sí liom féin, "cé tá a' teacht
isteach chugainn."



"Cuir tú ceist orm," adeirim féin.



"Pádhraic Aniar as Cnoc a' Tighe," ar sise, "agus
támuid maith go leor mara gcuire sé an áit thré na chéile.
Is beag bídeach nár bhuail sé an cléireach ar a eacht
isteach dhó; agus, mac Pháidín na gCiseán a thug deágh-
chaint éigin dó, leag sé le aon dorn amháin é."



"Cé'n sórt éalang atá air?" adeirim féin.



"Ní mheasaim go bhfuil faic na frighde air," ar sise,
"ach deir sé féin go mbíonn na sgoilteacha ag gabháil dó.
Caithfear leaba a thabhairt dó annseo i ngar dhuitse.
Mara mbí tusa i ndon beagán smacht 'a choinnéal air,
béidh an teach i n-aon rí-rá amháin aige."



"Nach maith atá sibh liom?" adeirim féin. "Béidh
fáilte agus fiche agamsa roimh mac 'athar; agus má
bhíonn roinnt cuideachta againn annseo anois agus arís
is géar a theastuigheas sé."



Ní baileach a bhí an focal deire as mo bhéal nuair a
chuala mé uaill sa seomra amuigh.



"Ó seo é é! seo é é!!" adeir an bhean riaghalta:
"go bhfóire Dia orainn anois." Ghread sí léi e as an
mbealach ar an bpointe boise.


L. 51


Ní i bhfad gur sheas Pádhraic Aniar i mbéal dorais an
tseomra. Dhearc sé faoi agus thairis gur leag súil orm
féin.



"Héí!" ar seisean, "sílim go bhfaca mé thusa cheana,"
a' siubhal anuas chugam.



"D'éireochadh dhuit," adeirim féin - "céad fáilte
rómhat ar aon nós."



Chuamar 'un cainte, agus thugas thart é go bhfaca sé
furmhór na n-othar.



"Céard tá ar an mbuachaill sin?" ar seisean liomsa.



"An eitinne, measaim," adeirim-se.



"Bhfuil sí tógálach?"



"Níl fhios agam," adeirim-se.



"Má tá," adeir Pádhraic, "dár ndóigh ní san ósbuidéal
seo is ceart dó a bheith, ach i n-áit ar leith dhó féin. Is
dóigh go ritheann an eitinne chéanna sa bhfuil, cé go ndeir
an dochtúirín s' againne go bhfáightear as fuacht agus as
slaghdán freisin í."



Easbaí a bhí ar an gcéad duine eile a chonaiceanmar,
agus níor mhaith do dhuine breathnú air leis an gcaoi a
raibh a éadan briste amach. Bhí daoine annsin a raibh an
galra buidhe ortha, scata eile a bhí buailte suas le leic-
neach, cé nach rabhadar san go han-dona; bhí dream ann
a raibh galra dubhán ortha, daoine a raibh múchadh ortha,
daoine a dóigheadh, daoine a gortuigheadh, daoine a raibh
leitís mharbhtha ortha, agus daoine nach raibh dada ortha,
acht a shíl go raibh.



"Dá dhonacht dá bhfuil mo chuid sgoilteacha," deir
Pádhraic Aniar "faríor nach sa mbaile a dfhan mé agus
ola lampa a chuimilt díom féin seachas a theacht isteach
san áit bheannuighthe seo. Is géar a theastuigheas greim
le n-ithe uainn anois." Fágaimís ag a shuipéar é.


L. 52


Ó GHAILLIMH GO B'L'ÁTH' CLIATH



Ag stad na traenach i nGaillimh dhom lá de na laethe
ar dhiúltuigh lucht an phosta dhul ag obair. Go díreach
nuair a bhíos ag dul isteach i gcaráiste chualas an "Hóra,
a Tam" taobh thiar díom. "Hóigh," adeirim féin dá
fhreagairt. An go Baile Átha Cliath atá tú ag dul?" ars
an fear. "Seadh," arsa mise. "Bfhéidir go ndéanfá
teachtaireacht bheag dom?" "D'éireóchadh dhom," adeirim
féin.



An Bairéadach as Cluain na Binne a bhí ann. "Tá na
cáoiníní a' déanamh áir ar an nglasra atá againn sa mbaile,
agus níl aon phúdar agam le h-aghaidh an ghunna. B'fhéidir
go dtabharfá nóta chuig mo dheirbhshiúr atá i mBaile Átha
Cliath." "Déanfa sin," adeirim-se.



"Níl sé sgríobhtha agam fós," adeir sé. Tharraing sé
amach giota páipéir as a phóca agus peannluaidhe, agus
thosuigh sé a' sgríobhadh ar a mhine-ghéire, ach má thosuigh
féin níor fhan lucht na traenach leis. Chraith an gárda a
bhratach, chuir an t-inneall fead as, agus b'éigean do'n
Bhairéadach an páipéar a sheachadadh dhom féin mar bhí sé.
Sháitheas féin in mo phóca é gan smaoineadh siar arís air go
dtí maidin lá'r na bhárach thuas i mBaile Átha Cliath.



Níor bhfhurusda áit suidhte fhághail an tráthnóna céanna
leis an méad paisinéaraí a bhí ann-sean-daoine agus
daoine óga, daoine gléasta galánta, agus daoine nach
raibh ortha ach giobaill. Fá dhéire d'éirigh liom cúinne
beag fhághail. Bhí cailín óg sa gcomhluadar 'na suidhe i
gcoirnéal, agus, mara raibh a sáith talmhan fúithe, castar
léithe é. Bhí toitín i láimh aice, agus ubhall sa láimh eile,
agus ní túisge chaitheadh sí gail de'n toitín ná bhaineadh as
smailc as an ubhall.



"Ní bréag nach agat atá an coimpléasg," adeirim-se
in m'inntinn féin.


L. 53


Mholfainn do dhuine ar bith a bhéadh ag dul ar thraen
ruainne maith de pháipéar a thabhairt leis agus peann nó
peann luaidhe, sin nó leabhar eicínt a gcuireann sé suim
ann. Éireócha tú tuirseach a' dearcadh sna súile ar
dhaoine eile agus a' féachaint amach sna fuinneóga. Ní
raibh ag an mac seo an lá úd ach giota beag de pháipéar,
ach bhreac sé an méid sin go maith. Ní sgríobhnóireacht
thar barr dar ndóigh is féidir leat a dhéanamh ar thraen
mar gheall ar an gcraitheadh, ach, mar sin féin, déanfa tú
féin amach arís í. "An rud a sgríobhas an púca léighfe
sé féin é." Tháinig triúr cailíní óga isteach ag Baile
Átha an Ríogh. Chaoineadar go bog úr, agus níor thaise
leis an muintir a bhí dhá dtíodhlacan é. Bhí boicín leithead-
ach sa gcaráiste, agus thosuigh sé a' meangadh gáire fútha.
Ní abrócha mé céard d'fheilfeadh dhá leitheide, ach tá fhios
agam céard ba cheart a thabhairt dó. Tarrainnt ar Bhéal
Átha na Sluagh bhí caráistí dóighte le feiceál caithte i leath-
taobh ar an mbóthar iarainn. Nuair a shroich an traen an
baile mór sin ghlan cuid de na paisinéaraí amach, agus ní
hí an óige a cuireadh le duine nó beirt aca, mar siad
féin a bhí sotalach sunnda.



Ní raibh sa gcaráiste anois ach cúigear againn, an
cailín báire - cailín na dtoitiní tá fhios agat - agus
triúr fear agus mé féin. Bhí duine de na fir i na
chodladh, beirt eile a' léightheoireacht; an cailín a' caitheamh
léi ar feadh na fuide. Thugas fá deara gur leabhar
Gaedhilge a bhí ag fear aca, agus chuireas caidéis air.



Chrom sé ar a chuid léighteóireacht' i gceann tamaill.
Fear óg a bhí sa bpaisinéara eile ba goire dhom agus
páipéar a bhí ghá léigheadh aige-sean. Sheachad sé dhom féin
é thar éis sgathaimh bhig, agus b'shin í an déirce i n-a h-am
féin, arae, bhíos tuirseáach ag iarraidh a bheith a sgríobhadh.



Níor stad an traen ó d'fhág sí Béal Átha na Sluagh gur
shroich sí Béal Átha Luain. Caitheadh trí nó ceathair d'urchair


L. 54


annseo: níl fhios agam cé'n fáth, ach chuireadar sgannradh
ar dhaoine.



Maidir le móin, is ar an mbealach údaigh atá a tabhairt
amach, ach is beag an meas a bhéadh ag muintir Chonamara
uirthe: "caoráin" a bhéarfaidís uirthe. Is cosamhail le
brící na fóid mhóna úd.



Is iongantach an méad corr-éisg a bhí le feiceál i n-aice
leis an mbóthar iarainn an lá céanna. Chonaiceamar
ceann taobh amuigh de Bhaile Átha an Ríogh, ceann i n-aice
Mhóta Ghráinne Óige, agus ceann eile i bhfoigseacht naoi
míle agus trí fichid do Bhaile Átha Cliath. Séard a chuir
iongnadh orainn gur i ngarrdhanta bána a bhí gach aon
cheann aca, an áit nach raibh abhainn ná loch, ná linn ná uisge
i n-a ngoir ná i na ngaobhar.



Fiche nóiméad roimh an seacht lasadh lampaí na traenach,
cé nach raibh gábhadh ar bith iad a lasadh chomh luatha sin, mar
bhí solus an lae ghlégil ann fós. Bhí an chanáil atá a
snigheadh idir Áth Cliath agus Áth Luain le feiceál an tráth
seo. Nach aisteach an rud go ndeárnadh an bealach uisge
seo agus an bóthar iarainn chomh gar dá chéile? Ní
mheasaim go mbaintear mórán leas' as an mbealach uisge
céanna. An lá úd ar chaoi ar bith ní raibh bád ná currach
ná oiread is tubán mór féin le feiceál air.



A' tarrainnt ar Bhaile Átha Cliath - ceann-sgríbe -
anois, agus is maith linn sin. Is fada an tamall chúig
uaire a chaitheamh ar thraen mara mbí sult éigin ar siubhal.
Ní dhéanfainn aon iongantas dá mbéadh pictiúir dá
dtaisbeáint ar na traentacha céanna amach annseo.
Ghiorróchaidís an bealach, bfhéidir, dá mbéadh aon rath
ortha.



Ag an gCloich Leathain fá dheire thiar thall. Bhuail mé
féin agus an fear óg bleid ar a chéile. Fuaireas amach
gur oifigeach as Luimneach a bhí ann; agus, ar seisean,
"mara bhfuil lóisdín fáighte agat tara uait i n-éindigh


L. 55


liomsa." Níor liom do b' fhaillighe é. Thug sé go teach
mé i n-aice le Faithche Naoimh Stiophán. Ní mórán
Gaedhilge a bhí aige féin, ach níor mhar sin d'oifigeach eile
a casadh linn i dteach an lóisdín: bhí seisean i ndon a
labhairt agus a léigheadh go paitionta. Chodail mé féin
agus an Gaedhilgeóir i n-aon tseomra an oíche úd.
An mhaidin dár gcionn leagas an leitir a fuair mé ó'n
mBairéadach ar an sgáthán nó go nighinn m'éadan. Barr
ar an mí-ádh marar tháinig siota gaoithe isteach an fhuin-
neóg agus marar shéid sí an páipéar anuas ar an urlár,
anonn go dtí an áit a raibh an t-oifigeach. Bhí mé féin ro-
chruadhógach leis na neithe seo a thabhairt fá deara, ach
pérbe cé'n tsúil thug mé thart chonaiceas an t-oifigeach a'
léigheadh rud eicínt, agus facthas dom nach raibh sé baoghal
ar chomh fáilidh is bhí an oidhche roimhe sin.



"Céard é sin agat?" arsa mise leis.



"Is deas an buachaill thusa!" ar seisean, a' léigheadh
amach dhom an rud a sgríobh an Bairéadach.



"A Mhaighréad, cuir an méid púdair is féidir leat
'fhághail abhaile le Tam seo..."



"Le h-aghaidh coiníní a mharbhú," adeirim féin "Ó
seadh, dár ndóigh" ars an t-oifigeach. "Má's seadh nó
marab eadh caithfe tú a theacht liomsa do'n fhoslongport."



Achá cuireadh fios ar an oifigeach a bhí liom ar an traen,
agus marach é bhéadh mo sháith agamsa de phúdar an Bhairéa-
daigh.



Ceisteanna:



Cá raibh an sgríobhnóir nuair a thainig an Bairéadach go dtí é?
Céard a theastuigh ó'n mBairéadach? Cé leis ar sgríobh sé an
leitir? Céard a rinne an gárda? 'Raibh mórán daoine ar an
traen an lá úd? Innis fa na daoine agus fá na rudaí a thug
an sgriobhnóir fa deara ar an turas? Ce'n áit i mBaile Átha
Cliath a bhfuair sé lóisdín? Ceard a bhí i leitir an Bhairéadaigh?


L. 56


SGÉALTA



CAILÍN BEAG



Lá breágh te bhí cailín beag dar bh'ainm Nóra Ní Cheallaigh
ag dul ar sgoil. Bhí sí ag dul thar shiopa. Dhearc sí
isteach sa bhfuinneóig. Bhí oráistí ar díol sa siopa.
Cuir sí lámh in a póca. Bhí dhá phighinn ann. Isteach léi sa
siopa. Cheannuigh sí oráiste. Nuair a tháinig sí amach
bhain sí an craiceann de'n oráiste. Chaith sí an craiceann
ar an gcasán. Tamall i n-a dhiaidh sin bhí fear-oibre ag
dul thart, agus sheas sé ar an gcraiceann. Sgior sé agus
thuit sé. Nuair a d'éirigh sé chuir sé fios ar an dochtur.
Bhí sé coicís tinn. Chuala an cailín beag fá'n timpist,
agus bhí aithmhéal uirre.



Ceisteanna:



Cé'n sórt lá a bhí ann? Cá raibh an cailín beag a dul? Cé'n
t-ainm a bhí uirre? Céard a chonaic sí i bhfuinneóig an tsiopa?
'Raibh mórán airgid aici? Cé mhéad? Céard a cheannuigh sí ar
an dá phighinn? Céard a rinne sí le craiceann an oráiste? Cé
bhí ag dul thart tamall i n-a dhiaidh sin ins an áit chéanna? Céard
a thárla do'n fhear oibre? Cáide bhí an fear oibre tinn? Raibh
aithmhéala ar an gcailín?



Cum sgéal as an eolas seo: buachaill beag ag imirt ar an
tsráid-gluaisteán ag dul thart - dochtúr agus carr - ósbuidéal
- an buachaill sa mbaile arís, agus é níos fearr.



MADRAÍ AGUS EILE



Bhí buachaill beag as Sráid a' Mhargaidh a' dul siar go
Bóthar na Trágha aon lá amháin. Bhí a mháthair tinn, agus
theastuigh an dochtúr uaithe. An oíche roimhe sin, bhí
sioc mór ann, agus bhí an talamh reóidhte. Ba gearr go
dtáinig mada mór amach, agus rith sé i ndiaidh an bhuachalla.


L. 57


Shaoil an buachaill beag cloch 'fhágail, ach níor fhéad sé aon
cheann a thógáil mar gheall ar an sioc. Rith sé leis ó'n
mada, agus dubhairt leis féin:-



"Is aisteach an áit é Bóthar na Trágha, mar tá na clocha
ceangailte ann agus na madraí sgaoilte."



Ceisteanna:



Cé'n tsraid a raibh an buachaill beag i na chomhnuidhe innte?
Céard a thug siar Bóthar na Trágha é? Cé bhí tinn ins an mbaile?
'Raibh an aimsear úd fuar? Cá bhfios duit? Ce'n sórt ainmhidhe
a rith amach i ndiaidh an bhuachalla. 'Measann tú a' raibh faitchíos
ar an mbuachaill roimh an mada? Cé'n fáth nár éirigh leis an
mbuachaill cloch fhághail? Ceard a rinne sé nuair a chinn air cloch
fhághail? Céard dubhairt an buachaill i n-a inntinn féin faoi
Bhóthar na Trágha. Sgríobh giota gearr fá do mhada féin má tá a
leithead agat. Mara bhfuil, sgríobh giota fá mhada na comhursan.



AN GADUIDHÉ BEAG



Aon lá amháin i lár an Fhóghmhair bhí buachaill beag dár
bh'ainm Tomás a Búrca ag dul siar an Bóthar Árd. Bhí
sé ag dul thar ubhall-ghort. Chonaic sé ubhla breágha
dearga ar na crainnte. Cuir sé dúil ionnta. Isteach
leis thar chlaidhe agus suas leis ar chrann. Bhain sé ubhall
agus ubhall agus ubhall eile. Líon sé a phócaí leó.
Nuair a bhí sé ag teacht anuas bhris sé géag. Bhí teach i
n-aice leis an ubhall-ghort. Bhí mada mór sa teach, agus
chuala sé an torann. Rith sé amach, agus thosuigh sé ag
tafann. Tháinig fear-an-tighe amach gan mhoill. Bhí bata
aige. Rug sé ar ghualainn ar an mbuachaill, agus thug
liúradh Chonáin dó. Sgaoil sé bóthar leis annsin, agus
dubhairt "Ná déan goid feasta."



Ceisteanna:



Cé'n séasúr de'n bhliain a bhí ann? Ca raibh an buachaill beag a'
dul? Ce'n t-ainm a bhí ar an mbuachaill? Cé'n t-ainm atá
ortsa? Cé'n sort gort a chonaic sé? 'Raibh ubhla a' fás ar na
crainnte? Ce'n sórt ubhla? Ar ith tú ubhall ariamh? 'Raibh sé


L. 58


milis? A' ndeacha Tomás a Búrca isteach thar claidhe? Ar bhain
sé mórán ubhall? Céard a thárla nuair a bhí sé ag teacht anuas?
Ceard a rinne an mada nuair a chuala sé an torann? Ceard a
rinne fear-an-tighe leis an mbuachaill? Céard dubhairt sé leis?



AN DUINE DEARMADACH



Bhí fear sa Spidéal aon uair amháin, agus bhí sé an-
dearmadach. Chuaidh sé féin agus a bhean, lá, go baile
mór na Gaillimhe. Nuair a bhí an fear ag teacht abhaile
tráthnóna bhí sé ag smaoineadh go raibh dearmad eicín
déanta aige.



D'fhéach sé sa gcarr, agus bhí gach rud ann. D'fhéach sé
sa leabhar-chunntais a bhí aige, agus bhí gach rud ceart dá
réir sin, ach, mar sin féin, ní raibh an fear sásta i n-a
inntinn. Bhí an dearmad déanta aige, ach níor bhféidir
leis cuimhniú air.



Nuair a bhí sé i ngar do'n teach tháinig a inghean, Brighid,
amach go dtí an geata.



"Ó, a dheaide," ar sise, "cá bhfuil mo mhama? Cé'n
fáth nár tháinig sí abhaile?"



Ceisteanna:



Ciarbh as an fear? Cé'n condae a bhfuil an Spidéal ann?
Ce'n sórt duine a bhí ann? An duine dearmadach thusa? Ce bhí
i n-éinfheacht leis go baile mór na Gaillimhe an lá úd? 'Raibh sí i
n-éinfheacht leis abhaile? Cad chuige nach raibh?



Cum sgéal fá na neithe seo: Buachaill beag ghoid ubhla - chuir
i gcoca féir iad - oíche dhorcha las cipín dhá dtóruigheacht - an
féar thré lasadh.



DOCHTÚR LÉIGHEANNTA



Lá de na laethe bhí dochtúr léigheannta i na chomhnuidhe i
mBaile Átha Cliath. Bhíodh sé ag smaoineadh agus ag
cainnt leis féin go mion minic. Níor bhfurusda a chuid


L. 59


bidh a ghléasadh i gceart dhó. Níor mhaith leis an ubh a bheith
ro bhruighte, agus ní thaithneóchadh sí leis leath-bhruighte ach
oiread: bhíodh an cailín thré'n a chéile aige.



Aon mhaidean amháin tháinig an cailín chuige agus dubhairt:
"Bruith an ubh thú féin indiu, cuir síos san uisge go ceann
trí nóiméad í, agus tóg aníos annsin í."



Tharrainn an dochtúr amach a uaireadóir: bhí sí i n-a
láimh aige agus an ubh i láimh eile. Shiubhail sé ar fud an
tseomra agus i gceann tamaill céard a rinne sé ach an
uaireadóir a chur síos dá bruith agus an ubh a choinneál i
n-a láimh.



Ceisteanna:



Cá raibh an dochtúir léigheannta úd i n-a chomhnuidhe? 'Raibh tú
ariamh i mBaile Átha Cliath? Ar thaithnigh sé leis an gcailín aimsire?
Céard a thug sí dhó le bruith aon mhaidean amháin?
Ce'n botún a rinne an dochtúir?



AN BHLÁTHACH GHÉAR



Suim blianta ó shoin bhí buachaill as Conamara ar aimsir
gCo. na Midhe. Pérbe teach a raibh sé ann d'fhághadh sé
go leor oibre le déanamh agus an chaol-chuid de'n bhiadh.
Lá dá dtáinig sé isteach chuig a bhéilí ní bhfuair sé ar a
dhinnéar ach fataí agus bláthach ghéar. Nuair a bhlais sé
de'n bhainne chuir sé strainnc air féin, agus thug bean-an-
tighe fá deara é. "Indé," adeir sí, "buaileadh buille
ar an mbainne sin." "Muise," adeir an buachaill,
"bliain sa lá indé a thuill sé é."



Ceisteanna:



Cáide ó thuit an sgéilín seo amach? Ciarbh'as an buachaill?
Cá raibh sé ar aimsir? Cé'n condae a bhfuil Conamara ann?
'Raibh tú ariamh i gCo. na Midhe? Ce'n locht a bhí ag an mbuachaill
ar an teach úd? Céard a fuair sé ar a dhinnéar aon lá amhain?
Ar thaithnigh an t-annlann sin leis? A' bhfaca bean-an-tighe an


L. 60


an strainnc a chuir sé air fein? Céard dubhairt sí? Cé'n
freagra a thug an buachaill aimsire uirthe? 'Bhfaca tú bean a'
déanamh maistreadh ariamh? Má chonaic, déan cur síos ar an gcaoi
a ndeárna sí é.



LEATH-PHLEIDHCHE



Bhí leath-phleidhce i n-a chomhnuidhe ins an tír seo fad ó,
agus chuaidh sé ar aimsir chuig feilméar go ceann bliana.
D'fhág sé an feilméar ar chuma ar bith thar éis ráithe bheith
istigh aige leis, agus, ar an ádhbhar sin, chuir an feilméar
dlighe air, agus thug sé os comhair breitheamhan é. D'fhiaf-
ruigh an breitheamh de'n leath-phleidhce cé'n fáth ar imthigh
sé ó n-a mháighistir sul dá raibh an bhliain caithte, agus
d'fhreagair seisean mar leanas:-



"An chéad mhí a chaitheas ann," ar seisean, "fuair sean-
bhó bás, agus fuair mé cuid di ar mo dhinnéar gach lá.
An dara mí a chaitheas ann cailleadh sean-mhuc, agus fuair
mé cuid di ar mo dhinnéar gach lá. I dtús an tríomhadh mí
fuair sean-chapall bás, agus d'imthigeas an lá céadna."



Ceisteanna:



Cé aige a ndeacha an buachaill ar aimsir? Cáide a chuir an feil-
méar aimsir air? Ar fhan an buachaill go raibh an bhliain caithte?
Ceard a rinne an feilméar leis annsin? Cár thug sé é? Cé'n
cheist a chuir an breitheamh ar an mbuachaill aimsire? Ar fhreagair
an buachaill aimsire é?



AN BHEAN TINN
Bhí bean óg ann aon uair amháin, agus bhíodh sí a' tabhairt
an-aire dá sláinte, agus a' rith go dtí an dochtúr gach aon
darna lá beagnach nó go raibh sé bodhruighthe aice faoi
dheire.



Tháinig sí chuige, lá, agus dubhairt: "Ní airighim mé
féin go maith chor ar bith indiu, a dhochtúir."



"Céard tá ort?" ars an dochtúr.


L. 61


"Ó, brionnglóidigh mhillteach a bhí agam aréir," ar sise.
"Cheap mé go bhfaca mé mo shean-mháthair."



"Ceard d'ith tú ar do shuipéar?" arsan dochtúr.



"Ó, níor ith mé dada ach leath sicín," ars an bhean óg.



"Téirigh abhaile, a bhean chóir," ars an dochtúr, "agus
ith an leath eile, agus b'fhéidir go bhfeicfeá do shean-athair
anocht."



Ceisteanna:



Cé na daoine atá i gceist sa sgéilín seo? Cá dtéigheadh an
bhean óg gach aon dara lá? Céard dubhairt sí lá áithrid leis an
dochtúr? Céard d'fhiafruigh an dochtúr dhi? Cé'n chomhairle thug
sé dhi? 'Raibh sé dhá ríribh?



INIS MEADHON



Deirtear go raibh buachaill aimsire ag obair i nInis-
Meadhon suim blianta ó shoin le feilméar a bhí gortach go
leór. Pérbe teach a raibh an buachaill ann fuair sé go
leor oibre le déanamh, ach ní mó ná go maith a bhí an biadh.
Nuair a bhí an buachaill aimsire a' fágáil na h-áite chúm sé
rann. Seo é é.



"Inis Meadhon, inis gan 'rán,
Inis gann gortach;
Mara dtuga tú leat 'rán
An lá rachas tú ann,
Béidh tú an lá sin in do throsgadh."



CAM I N-AGHAIDH AN CHAIM



Satharn amháin bhí an traen i na seasamh i Maigh Cuilinn.
Bhí bean uasal istigh i gcaráiste agus mada aice ann
freisin. I gceann tamaill shiubhail fear tuaithe isteach ins
an gcaráiste céanna agus thosuigh sé ag caitheamh tobac.


L. 62


Níor thaithnigh sin leis an mnaoi uasail. "Níl cead tobac
a chaitheamh annseo," ar sise go feargach. Níor thug an
fear tuaithe freagra uirre, agus níor thug sé aon áird
uirre. Thar éis tamaill shiubhail an bhean uasal anonn go
dtí é, tharraing sí an píopa as a bhéal, agus chaith sí amach
thríd an bhfuinneóig é. Ní dheárna an fear tuaithe dada
ach siubhal anonn go dtí an mada, breith ar mhuineál air,
agus é chaitheamh amach thríd an bhfuinneóig freisin. Nuair
a shroich an traen Gaillimh ceárd a chonaic an bheirt ach an
mada ag teacht chuca agus an píopa i na bhéal aige.



AN BHEAN LEISGEAMHAIL



Fá thriúr a bhí i na gcomhnuidhe i Ros na gCriathrach, tráth
an sgéal seo - fear óg, a bhean, agus a mháthair. Bhí an
bhean óg an-leisgeamhail. Is beag obair a ghníodh sí ó
mhaidin go faoithin. Fiú an bháinín níor nigh sí dá fear ar
feadh i bhfad, agus, fá dheiridh thiar thall' d'innis sé d'á
mháthair fúithe.



"Tabhair anuas do bháinín go dtí an chistineach," adeir
a mháthair leis, "agus leig ort féin go bhfuil tú ag dul dá
nigheachán. Ní féidir nó buailfe náire í, agus nighfe sí
féin annsin é."



Rinne an fear óg mar mhol a mháthair dó. Fuair sé
tubán agus uisge te agus gallaoireach agus bhí fíbín
air, mar'dh eadh. Bhí a bhean amuigh mar seo, ach tháinig sí
isteach gan mórán moille. D'fheuch sí ar a fear, chonaic
sí a mhuinchillí craptha suas agus cuma na h-oibre air.



"Céard tá tú a dhéanamh?" ar sise leis. Dubhairt sé
go raibh sé a dul a nigheachán a chuid sean-éadaighe. "Ó,
fan ort noiméad," ar sise," go dtuga mise anuas na
túbháillí salacha chugat."


L. 63


AN t-AMADÁN IARAINN
Sé bliana ó shoin, nuair a bhí an cogadh mór ar siubhal
san Eóraip bhí buachaill as Conamara istigh i mbaile mór
na Gaillimhe. Bhí sé ag dul síos an tsráid an lá seo,
agus chonaic sé go leór foillseachán ar na ballaí ag
iarraidh air bhuachaillí óga na tíre seo dul isteach i n-arm
Shasana. Do stad an buachaill' agus bhí sé a' léigheadh
ceann de na páipéir nuair a tháinig oifigeach go dtí é.
D'fhiafruigh sé dhe an raibh sé a dul a troid do Shasana.



"Meas tú," ars' n buachaill "bhfuil mé sáthach árd?"



"Cinnte, táir," adeir an t-oifigeach.



"'Meas tú bhfuil mé sáthach foghlumtha?" adeir sé.



"Go dearbhtha, táir," adeir an t-oifigeach, agus bhí sé ag
éirghe mí-fhoighdeach leis an mbuachaill' "agus," ar seisean,
"níl leithsgéal ar bith agat, buachaill breágh láidir mar
thusa gan an sgilling a ghlacadh."



Do stad an buachaill ar feadh tamaill, agus annsin
dubhairt sé go simplidhe:



"Meas tú bhfuil mé i m'amadán cho mór sin."



NÓRA NÍ BHRIAIN



Suim blianta ó shoin bhíodh daoine fá'n atuaith mór go
maith sul d'fhághaidís bróga nuadha. Bhí Nóra Ní Bhriain as
Garraidhe na Groighe sé bliana déag d'aois sul fuair sí
péire nua. Ba gnás an uair sin leis na mná imtheacht
cosnochta nuair a bhídís ag dul go Sligeach, agus a mbróga
'iomchur ar a mbaclain. Chuiridís na bróga orra nuair a
bhídís i n-aice Shligigh.


L. 64


Lá dá raibh Nóra a' dul go Sligeach bhuail sí barr a
coise i n-aghaidh cloiche, agus gortuigheadh go mór í.



"Ó! nach orm a bhí an t-ádh dearg," ar sise, "nach raibh
na bróga nua orm: bheidís millte."



AG NA RÁSAÍ



Bhí cailín as an gCaisleán Mór ag dul go rásaí an
Churraigh aon uair amháin. Cheannuigh sí séithleóg nó sgáth
fearthainne. Bhí sí a' spaisteóireacht thart ar pháirc an
rása le cailín eile, nuair a tháinig cioth mór báisdighe go
h-obann.



"Cé'n fáth nach n-osclann tú do shéithleóg?" ars an
cailín léi.



"'Bhfuil tú ag iarraid orm í a mhilleadh?" ars an
cailín a mba léithe an tséithleóg.



CÚRSAÍ CLEITÍ



Lá de na laethe casadh beirt fhear ar a chéile ar Bhóthar
na Sgeach i n-aice Luimnigh. Fear críonna céillidhe
b'eadh duine aca, agus leath-phleidhce a bhí sa bhfear eile.
Bhí an fear críonna breágh mór beathuighthe, agus an leath-
phleidhce tanaidhe caithte. Cuir an leath-phleidhce bleid ar
an bhfear eile.



"Cé'n sórt leaba a gcodluigheann tusa uirre?" ar
seisean leis.



"Leaba chlúmhaigh," ars an fear eile.



Bhí go maith. I gceann tamaill bhig sgaradar le n-a
chéile, agus d'imthigh an fear críonna abhaile. D'fhan an
leath-phleidhce a' siubhal thart. Tar éis sgathaimh chonaic sé


L. 65


cleite ar an mbóthar. Chrom sé síos, thóg sé é, agus thug
sé leis abhaile é. Chuir sé i dtaisge go cúramach é go
dtáinig an oíche. Nuair a bhí sé i n-am codlata, thóg sé
amach an cleite' leag ar an urlár é, agus luigh sé siar air.
Bhí sé lán-chinnte go mbéadh codladh sámh aige, ach níor
chodail sé oiread agus néal ar feadh n-a h-oíche. B'éigean
dó éirghe ag a sé a chlog ar maidin, bhí a chnámha
chomh brúighte tinn sin. Séard dubhairt sé nuair d'éirigh
sé "Go bhfóire Dia ar an té a mbíonn na céadta cleite
faoi gach oíche."


L. 66


GRAMADACH



AN MODH ORDUIGHTHEACH. - An dara peasra uathaidh



Seas suas, a Úna. Rith go dtí an doras. Oscail é.
Sméid ar Nóra. Las an lampa. Cuir síos braon tae.
Sgar an t-éadach cláir. Nigh cupán, fó-chupán, sgian, agus
spúnóg. Leag anuas an cupán agus an fó-chupán, an
sgian agus an spúnóg. Leag anuas an siúcra agus an
bainne, an t-arán agus an t-im freisin. Líon amach cupán
tae. Cuir siúcra agus bainne air. Measg é. Stad
anois. Ól suas an tae.



AN AIMSEAR CAITHTE. - Briathra Riaghalta



Sheas Úna suas. Rith sí go dtí an doras. D'osgail sí
é. Sméid sí ar Nóra. Las sí an lampa. Chuir sí síos
braon tae. Sgar sí an t-éadach cláir. Nigh sí cupán, fó-
chupán, sgian, agus spúnóg. Leag sí anuas an cupán
agus an fó-chupán, an sgian agus an spúnóg. Leag sí
anuas an siúcra agus an bainne; an t-arán agus an t-im
freisin. Líon sí amach cupán tae. Chuir sí siúcra agus
bainne ann. Mheasg sí é. Stad sí annsin. D'ól sí suas
an tae.



Ins an áit a bhfuil an focal "Úna" cuir isteach an focal "Seán,"
agus déan gach athrú dá bhfuil riachtanach ins an sgeilín annsin.
Is féidir na focla mé, tú, sinn, sibh, siad a chur
i n-ionad an fhocail "Úna" freisin.



AN AIMSEAR CAITHTE. - Briathra Riaghalta - (ar
leanamhaint) Obair an Lae



D'éirigh Seán Ó Néill go moch ar maidin indiu. Chuir
sé air a chuid éadaigh. Chuir sé air a chuid stocaí agus a
chuid bróg. Nigh sé a éadan agus a lámha. Chíor sé a


L. 67


ghruag. Shuidh sé síos ag an mbord. Ghearr sé giota
aráin leis an sgín agus d'ith sé é. Líon sé amach cupán
tae dó féin. Cuir sé siúcra agus bainne ann. Mheasg sé
annsin é le spúnóg. D'ól sé blogam agus blogam eile.
Chaith sé a bhricfasta. Sheas sé suas annsin. Chuir sé a
chuid leabhar in a mhála agus bhog leis ar sgoil.



Nuair a shroich Seán an sgoil bhain sé dhe a chaipín agus
chroch sé ar phionna é. D'osgail sé an doras agus isteach
leis sa seomra. Shuidh sé síos. Tharrainn sé amach
leabhar as a mhála, agus d'osgail sé é. D'fhoghluim sé
ceathramha de dhán.



RANNTA
Ar maidin indé
Mharbhuigh mé gé.
Bhí an sgian ro-ghéar,
Ghearr mé mo mhéar.



Dhíol mé dhá chaora, dhíol mé dhá bhó,
Dhíol mé an-tsaor iad ar aonach Dhúnmór;
Chaill mé an t-airgead ach aon leath-choróin amháin,
Agus goidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó?



Ceisteanna:



Cár rith Úna? Céard d'osgail sí? Ar osgail sí an doras?
Ar osgail sí an fhuinneóg? Céard do las sí? Ar las sí an
lampa? Ar las sí an choinneal? Ar las sí an teach? Céard
do chuir sí síos? Cár sgar sí an t-éadach-cláir? Ar sgar sí an
t-éadach-cláir ar an urlár? Cár leag sí an cupán, agus an fó-
chupán; an sgian, agus an spúnóg? Céard eile leag sí anuas
ar an éadach-cláir? Céard do chuir sí ins an tae? Ar ól sí an
tae?


L. 68


Ar éirigh Seán Ó Néill go moch ar maidin indiu? Ar nigh sé a
éadan? Ar nigh tusa d'éadan indiu? Cár shuidh sé nuair a bhí
sé réidh glan? Céard d'ith sé ar a bhricfasta? Céard d'ól sé?
Ar ól sé tae? Ar ól sé fíon? Céard a rinne sé nuair a shroich
sé an sgoil? Cár chroch sé a chaipín? Céard a tharrainn sé amach
as a mhála? Céard d'fhoghluim sé? Innis dom chéard a rinne
tusa ó tháinig tú isteach sa sgoil indiu.



AN MODH ORDUIGHTHEACH - Briathra Mí-riaghalta



Abair do phaidreacha, a Nóra. Má tá tú réidh, téigh
amach agus tabhair isteach gabháil mhóna. Déan greim
aráin. Beir ar an tlú, agus cuir síos teine. Fágh an
feánach agus tabhair isteach braon uisge. Ith do bhricfasta,
agus téigh ar sgoil. Má bhíonn tú deireannach gabh do
leith-sgéal leis an máighistreás. Tar abhaile ag a trí.



BRIATHRA MÍ-RIAGHALTA. - Aimsear Chaithte



Dubhairt Nóra a paidreacha. Chuaidh sí amach agus thug
sí isteach gabháil mhóna. Rinne sí greim aráin. Rug sí
ar an tlú, agus chuir sí síos teine. Fuair sí an feánach,
agus thug sí isteach braon uisge. Chuaidh sí ar sgoil. Bhí
sí deireannach, ach ghabh sí a leith-sgéal leis an máighistreás.
Tháinig sí abhaile ag a trí.



Ceisteanna:



Ar dhubhairt Nóra a paidreacha? Ar dhubhairt tusa do phaidreacha
ar maidin? Cá ndeacha Nóra annsin? Céard thug sí isteach
léithe? Ar chuir sí síos teine? Céard a thug sí isteach ins an
bhfeánach? Nuair a d'ith sí a breicfeasta chá ndeacha sí? 'Raibh
sí deireannach? Ar ghabh sí a leith-sgéal?


L. 69


BRIATHRA MÍ-RIAGHALTA.-Aimsear Chaithte (ar
leanamhaint)



Lá breágh te sa bhfóghmhar bhí sgata páistí a' súgradh i
n-aice le Loch Coirb. Chuaidh duine aca síos, agus sheas
sé ar bhruach an locha. Bhí slat iasgaigh i n-a láimh aige,
agus thosuigh sé ag iasgaireacht. Ach bhí an áit éadoimhin i
n-aice leis an mbruach, agus amach leis an mbuachaill ar
charraig sa loch. Mí-thráthamhail go leór bhí an charraig
sleamhain, sgior an buachaill, thuit sé isteach ar mhullach a
chinn san uisge, agus rinne sé torann mór. Chuir sé
sgread agus sgread agus sgread eile as. Bhí fear mór
a' baint choirce ar an taobh thall de'n loch, agus chuala sé
an sgreadach. Síos leis an bhfear go dtí an loch. Tráth-
amhail go leór, fuair sé bád ann sin agus maidí rámha,
agus thug sé leis amach iad. I gceann tamaill chonaic sé
ceann an bhuachalla aníos as an uisge. Rug an fear ar
ghruaig ar an mbuachaill, agus tharrainn sé isteach sa
mbád é. Shroich an bheirt talamh tirim slán sábháilte, agus
bhogadar leó go teach an fhir mhóir. Nuair a tháinig siad
isteach rinne bean-an-tighe pasóid le h-aghaidh an bhuachalla.
Nuair a bhí sin ólta ag an ngasúr agus greim aráin ithte
aige bhuail sé leis abhaile. Dubhairt sé a chuid paidreacha,
agus ba mhaith an buachaill uaidh sin amach é.



Ceisteanna:



Cé'n séasúr de'n bhliain a bhí ann? Cá raibh na páistí a' súgradh?
Cár sheas duine aca? Céard a bhí aige i n-a láimh? Raibh an áit
doimhin i n-aice leis an mbruach? Cá ndeacha an buachaill?
Céard a thárla do'n bhuachaill? A' ndeárna sé torann mór? Cé
bhí a' baint choirche ar an taobh thall de'n loch? Ar chuala an fear
mór an sgreadach? Céard a thug sé amach ar an loch? An [bhfacha]{bhfaca}
sé an buachaill? Céard a rinne an fear nuair a chonaic sé cloigeann
an bhuachalla aníos as an uisge? Ar ól an buachaill an deoch
the a fuair sé? Cá ndeacha sé annsin? Céard dubhairt sé nuair
a chuaidh sé abhaile?


L. 70


A' ndeacha an buachaill abhaile ar maidin? Ní dheacha sé abhaile
i n-am. Nach ndeacha sé ag iasgaireacht? Dubhairt Séamus nach
ndeacha sé féin go Baile Átha Cliath ariamh. Cá ndeacha na páistí
eile? Dubhairt Pádhraic go ndeacha siad a' blaodhach ar chongnamh.
Mara ndeacha is olc a chruthuigh siad. An raibh...? Ní raibh...
Nach raibh ...? Dubhairt Mícheál nach raibh... Cá raibh... ?
Dubhairt Máirtín go raibh... Mara raibh... An bhfacha
...? An ndéarna... ? An bhfuair... ? Críochnuigh na
ráidhte sin.



AN AIMSEAR LÁITHREACH



Éirigheann Seán ag a h-ocht a chlog gach maidin. Nigheann
sé a éadan agus a lámha. Cíorann sé a chuid gruaige.
Abrann (deireann) sé a phaidreacha. Téigheann sé síos
an staidhre chuig a bhricfasta. Itheann sé a dhóthain.
Tógann sé a mhála. Cuireann sé a chuid leabhar isteach
ann. Imthigheann sé ar sgoil. Ghníonn sé a chuid oibre
annsin. Tráthnóna tagann sé abhaile. Ólann sé a chuid
tae. Annsin téigheann sé a' spaisteóireacht. Filleann
sé abhaile ag a naoi a chlog. Bogann sé suas go dtí a
sheomra leaptha, agus abrann sé a phaidreacha. Osglann
sé leabhar. Tosuigheann sé a' léigheadh. I gceann tamaill
múchann sé an choinneal. Tugann sé an leaba air féin
annsin, agus codluigheann sé go sámh.



AIMSEAR LÁITHREACH. - Briathra Mí-riaghalta



Téigheann Pádhraic amach sna páirceanna gach lá.
Chíonn sé na ba ag inbhear agus na h-éin ar luamain.
Gheibheann sé a phíopa in a phóca, agus tarrainneann sé
amach é. Beireann sé ar ghiota tobac, agus gearrann sé
é. Caitheann sé gail. Cloiseann sé na h-éin ag canntan
ar na sgeacha. Ghníonn sé roinnt oibre thall sa ngort.


L. 71


Baineann sé blátha (pabhsaethe), agus bheireann sé leis
abhaile iad. Tagann sé isteach chuig (ag) a dhinnéar annsin.
Chíonn sé na páistí ag achrann, agus bíonn fearg mhór air.
Ach gabhann siadsan a leithsgéal leis. Maitheann sé dhóibh.
Bheireann sé bláth do gach páiste annsin, agus bíonn
ríméad ortha uile.



Ceisteanna:



Cé'n t-am a n-éirigheann Seán gach maidin? A' n-éirigheann sé
ag a seacht? A' nigheann sé a lámha? A' nigheann sé a chosa ar
maidin? A' n-abrann sé a phaidreacha? A' n-abrann tusa do
phaidreacha gach la? Ca dtéigheann Seán annsin? Céard itheas
sé? Cá gcuireann sé a chuid leabhar. Nuair theigheas sé ar
sgoil céard a ghníos sé? Cé bhíos sa sgoil roimhe measann tú?



ANOCHT. AN OÍCHE ANOCHT. INDÉ. AN LÁ
INDÉ, agus rl.



D'éirigh Seán Ó Néill go moch ar maidin indiu. Dhearc
sé amach agus chonaic sé sioc liath ar an talamh. Dubhairt
sé go raibh an mhaidin indiu glas go leor ach nach raibh an
mhaidin indé amhlaidh. Bhí an ghrian a' spalpadh go breágh
ar maidin indé. D'fhiafruigh Seán díom cá mbéinn anocht.
"Má bhíonn an oíche anocht fliuch," adeirimse, fanfa mé
sa teach, ach, má bhíonn sí breágh, racha mé a' spaisteóireacht.
Bhí an lá indé fliuch, ach tá an lá indiu go breagh." "Níl
fhios agam," adeir Seán; "bhí mé tinn indé, agus ní
dheacha mé amach chor ar bith." "Bhí stoirm mhór ann aréir
freisin. Measaim go raibh an oíche aréir garbh go maith."



"Cá mbéidh tú amáireach?" adeir Tomás le Seán.
"Má bhíonn an lá amáireach breágh," adeir Seán, "racha
mé ag iasgach, le congnamh Dé. Níl an t-iasg chomh fairsing
i mbliana agus bhí anuraidh."



"Is fíor dhuit," adeir Tomás, "b'ait an bhliain í an


L. 72


bhliain anuraidh gan amhras. B'fhéidir le Dia go mbéadh
an bhliain seo gach uile orlach chomh maith amach annseo.
Racha mé féin síos ar an abhainn amáireach agus ar an loch
athrú amáireach fá' n-a bheith slán dom: bhí mé ag iasgach
ar an sruthán mór athrú indé. Deir na bádóirí go mbéidh
an lá amáireach, agus an lá athrú amáireach, agus an lá
i n-a dhiaidh sin arís fliuch, ach tá súil le Dia agam nach
mbéidh."



ORD-UIMHREACHA



Fad ó an oíche agus an lá ó shoin, bhí sean-fhear i n-a
chomhnuidhe i mbothán beag thiar i Leitir Seisc. Bhí sé bocht,
agus ní bocht go dtí é. Lá amháin dár dhearc sé faoi a's
thairis sa teach thug sé fá deara nach raibh greim le n-ithe
fá chaolach an tighe, acht chuimhnigh sé go raibh gas mór
gabáiste a' fás sa ngarraidhe ag an doras iadhta.



Bhí dháréag mac ag an sean-fhear, agus dubhairt sé leis
an mac ba shine dul amach, breith ar an ngas gabáiste, agus
é a tharrainnt. Chuaidh an chéad mhac amach, rug sé ar an
ngas, ach chinn sé air feannc a bhaint as. Annsin dubhairt
an t-athair leis an dara mac a dhul amach agus breith ar
an gcéad mhac. Chuaidh an dara mac amach, rug sé ar ar
gcéad mhac, rug an chéad mhac ar an ngas, ach chinn sé
ortha é tharrainnt. Annsin dubhairt an t-athair leis an
tríomhadh mac dul amach agus breith ar an dara mac.
Chuaidh an tríomhadh mac amach agus rug sé ar an dara mac,
rug an dara mac ar an gcéad mhac, rug an chéad mhac ar
an ngas, ach ní raibh siad i ndon é tharrainnt. Annsin
dubhairt an t-athair leis an gceathramhadh mac agus leis an
gcúigmhadh mac dul amach. Nuair a chonaic an t-athair
gur chinn sé ar an gcúigear an gas a tharrainnt, d'iarr sé
ar an sémhadh mac a dhul amach agus breith ar an gcúigmhadh


L. 73


mac. Amach leis an sémhadh mac agus rug sé ar an
gcúigmhadh mac, rug an cúigmhadh mac ar an gceathramhadh
mac, rug an ceathramhadh mac ar an tríomhadh mac, rug an
tríomhadh mac ar an dara mac, rug an dara mac ar an
gcéad mhac, rug an chéad mhac ar an ngas, ach chinn sé ortha
é tharrainnt. Chuaidh an seachtmhadh mac, an t-ochtmhadh
mac, an naomhadh mac, an deichmhadh mac, an t-aonmhadh
mac déag, agus an dara mac déag amach, mar an gcéanna,
ach ní raibh siad i riocht an gas a tharrainnt mar sin féin.



Fá dheire thiar thall, chuaidh an t-athair féin amach, agus
rug sé ar an dómhadh mac déag, rug an [dómhad]{dómhadh} mac déag
ar an aonmhadh mac déag, rug an t-aonmhadh mac déag
ar an deichmhadh mac, rug an deichmhadh mac ar an naomhadh
mac, rug an naomhadh mac ar an ochtmhadh mac, rug an
t-ochtmhadh mac ar an seachtmhadh mac, rug an seachtmhadh
mac ar an sémhadh mac, rug an sémhadh mac ar an gcúig-
mhadh mac, rug an cúigmhadh mac ar an gceathramhadh mac,
rug an ceathramhadh mac ar an tríomhadh mac, rug an
tríomhadh mac ar an dara mac, rug an dara mac ar an
gcéad mhac, rug an chéad mhac ar an ngas; tharrainn siad
as na fréamhacha é, agus rinne siad béile breágh dhe.



BRIATHRA MI-RIAGHALTA. - Aimsear Fháistineach



Lá breágh gréine i lár an tsamhraidh bhog Tomás Ó
Dubhthaigh amach fá'n tuaith a' spaisteóireacht. Isteach
leis i bpáirc. Chonaic sé dhá chrann bhreágha mhóra. Dhearc
sé suas ortha, agus thosuigh sé a' cainnt leis féin.



"Nach deas an áit é," ar seisean, "le luasgán a chur
suas, acht níl aon téad agam. Racha mé abhaile agus
gheobhfa mé téad. Chífe mé mo dhearbhráthair, má bhíonn
sé ag baile. Déanfa mé mo dhícheall é thabhairt liom go


L. 74


dtí an áit seo. Béarfa mé ar láimh air, agus bhéarfa mé
pighinn dó, má thagann sé. Tiocfa an bheirt againn go
dtí na crainn seo, agus beidh spraoi (greann) againn.
Cloisfimid an chuach agus an tradhnach, agus éanlaith eile
ag cantan ceóil. Nuair a rachas sinn abhaile íosa mé
mo shuipéar, déarfa mé mo phaidreacha, agus bhéarfa mé
an leaba orm féin."



Abhaile le Tomás. Tráthamhail go leór, bhí a dhearbhrá-
thair istigh roimhe. Dár ndóigh níor leis-sean do b'fhaillighe
é; 'sé a raibh uaidh siamsa. Ghread an bheirt leo sna
seala-babhtaí go dtí an pháirc chomh luath agus fuaireadar
téad. Chuireadar suas luasgán agus d'fhanadar annsin
go dtí árd-tráthnóna. Nuair a thángadar abhaile bhí ocras
agus tart ortha. D'itheadar agus d'óladar a sáith,
dubhradar a bpaidreacha, agus chuadar a chodladh.



AN MODH COINGHEALLACH. - Briathra Mí-riaghalta



Lá amháin sa bhFóghmar dá raibh sean-Tomás Ó Fathaigh as
Mionloch ag baint choirce chuala sé sgreadach chráidhte
aníos as Loch Coirb. Ar dhearcadh thart dó céard a
chífeadh sé acht cloigeann fir aníos as an uisge amuigh i
lár an locha. Ar áit na mbonn rith Tomás síos go bruach
an locha, ach má rith féin ní raibh sé i na chumas aon chongnamh
a thabhairt do'n fhear. I gceann tamaill, ní raibh amharc ar
bith le fághail ar an té a bhí dhá bhádhadh.



"Dá mbéadh sean-tubán féin agam," arsa Tomás,
"rachainn amach ann. Chífinn an fear bocht nó chloisfinn é.
Bhéarfainn ar chloigeann air dá bhféadainn, agus dhéan-
fainn mo dhícheall le na thárrtháil. Gheobhfainn easonóir
agus síleáil leis an tubán, acht cé'n dochar sin? Thioc-
fainn ar ais go dtí an áit seo arís. Déarfainn le Máire


L. 75


pasóid a chur síos le h-aghaidh an duine bhoicht. Bhéarfainn
a dhinnéar freisin dó. D'íosainn mo dhinnéar féin
annsin agus bhéinn sásta."



Ní baileach a bhí an siosmarnach seo thart ag sean-
Tomás nuair a chonaic sé bád ag teacht aníos an loch ó
Cathair na Gaillimhe. Chuir sé béic as, agus dhírigh sé a
mhéar chuig an áit a raibh an fear dá bhádhadh. Thuig an
bádóir é, agus d'oibrigh sé ar a mhine-ghéire. D'éirigh leis
an fear a shábháil, acht nuair thug sé isteach i dteach na
mbád é i mBarr a' Calaidh ní raibh dada acht go raibhan dé
ann.



NA DÍOCHLAONTA



Lá de na laethe d'fhág Seáinín Ó Dubhthaigh teach, talamh
agus tráigh annsin ionnus go bhfeicfeadh sé an domhan
mór nó cuid de ar chuma ar bith. Ní raibh sé i bhfad ó'n
teach nuair a casadh cat mór bán leis. B'aisteach an cat
é an cat céanna, óir bhí sé i ndon labhairt. "Cá bhfuil tú
ag dul?" ar seisean le Seáinín. "Tá mé ag imtheacht
rómham," adeir Seáinín leis an domhan mór fheiceál. "A'
leigfeá mise in éindigh leat?" adeir an cat mór bán.
"Leigfead agus fáilte," adeir Seáinín; "dá mhéid dá
mbí liom is amhlaidh is fearr."



Ní achar fada a bhí siubhalta aca nuair a chonaiceadar
cat mór bán eile. Chuir an cat seo na ceisteanna céanna
ar Sheáinín a chuir an chéad chat. D'fhreagair Seáinín iad,
agus annsin bhog sé féin agus na cait mhóra bhána leo,
leis an domhan mór 'fheiceál. I gceann tamaill céard
d'fheicfidís ar cholbh an bhóthair ach muc bheag dhubh. Bhí a
leath-cheann taobh istigh de chlaidhe agus tháinig sí amach i
mbeárna a bhí ann. Annsin d'imthigh Seáinín agus na cait
mhóra bhána agus na muca beaga dubha píosa eile de'n


L. 76


bhóthar. Cé casfaí ortha i mbéal na seóide ach dhá dhochtúr
óga. D'fhill na dochtúirí óga ar a sála go ndeachadar i
n-aoinfheacht le Seáinín agus leis na cait mhóra bhána agus
leis na muca beaga dubha. Ba cosamhail le pléiseam
é annsin. An chéad dream eile a casadh ar Sheáinín,
cailíní beaga deasa. Tamall i na dhiaidh sin chonaic sé
lachain bhreacha a' snámh ar linn a bhí i n-aice an bhóthair
mhóir. Nuair a tháinig an clap-sholus chuaidh Seáinín agus
na cait mhóra bhána agus na muca beaga dubha agus na
dochtúirí óga agus na cailíní beaga deasa agus na lachain
bhreaca isteach i gcoill go leigidís an oíche tharta. Ní
rabhadar acht taobh istigh de chlaidhe nuair a chonaiceadar
solus beag bídeach i lár na coille. Thrialladar ar an
mbothán, dhearc Seáinín isteach thríd an bhfuinnéoig bhig,
agus cé bhéadh taobh istigh acht beirt ghaduidhe, agus iad ag
comhaireamh airgid i muinín a gcroidhe agus a n-anama.
Rinne Seáinín comhartha dá chomhlucht. Thuig siadsan céard
a bhí uaidh go maith, agus thosuigheadar ar a mine-ghéire.
Nuair a chuala na gaduidhthe mí-ábhaighil na gcat, síonaighil
na muc, feadghail na ndochtúirí, béiceamhach na gcailíní,
agus sgreadach na lachan, bhuail faitchíos an bheirt, ní nach
iongnadh. D'osgladar an doras iadhta agus amach leo
gan fanacht le torann a gcos. Isteach le Seáinín agus
le'n a lucht leanamhna. An t-airgead a d'fhág na gaduidhthe
'na ndiaidh roinn sé ar na dochtúirí óga é agus ar na
cailíní. Pérbe solamar a bhí sa teach h-itheadh é, tugadh an
fhuighleach do na hainmhidhthe agus cé go raibh sé doimhin
go leor san oíche bhuail gach n-aon bóthar abhaile arís.



Bhog an buachaill beag amach a' spaisteóireacht. Chonaic
sé choill mhór i ngar dhó. Bhí éan beag donn ar bharr
géige agus é ag canntan ceóil. Ba suarach an buachaill


L. 77


beag é, óir rug sé ar chloich, agus chaith sé leis an éan bocht
í. Bhí sean-fhear ag dul an bealach, agus chonaic sé an
buachaill. Bhí maide ag an sean-fhear, agus bhuail sé
buille mór aniar sa druim ar an mbuachaill. Rith an
buachaill abhaile annsin, agus d'innis sé an sgéal dá
mháthair. Thug sise liúradh eile dhó, agus uaidh sin amach
níor bhac sé leis na héanlaith bochta.



Gach ainm-fhochal, for-ainm, aidiacht, agus alt dá bhfuil ins an
uimhir uathaidh sa ngiota sin, chuir ins an uimhir iolraidh iad;
agus déan gach athrú eile dá bhfuil gábhadh leis.



AN UIMHIR DHÍSE



T.A. Bhí an dá bhád mhóra ag an dug ar maidin indiu.
T.C. Chonaic mé an dá bhád mhóra.
T G. Bhí seólta an dá bhád mhór stróicthe.
T.T. Bhí teinte thíos ins an dá bhád mhóra.
T.Gair. A dhá bhád mhóra...



T.A. Tá an dá bhróig bheaga ar mo chosa.
T.C. Ar maidin ghlanas an dá bhróig bheaga.
T.G. Sin iad sála an dá bhróg bheag.
T.T. Bhí deannach ar an dá bhróig bheaga ar maidin.
T.Gairm. A dhá bhroig bheaga...



Ceisteanna:



(1). Déan idir-dhealú idir a dhá ordóig agus a dhá hordóig; a
dhá súil agus a dhá shúil.



(2). Cuir 2 agus 12 roimh na fochla seo, agus déan athrú ar bith
atá riachtanach: méar, fear, chos, lámh, bean, doras (ní glachfar le
figiúracha ins an bhfreagra)


L. 78


CLAON-INNSINT
"Tá mé préachta leis an bhfuacht," ars an mathghamhain,
"agus is é a bhfuil uaim mé féin a théitheadh leis an teine."



"Tarraing anuas 'un na teineadh mar sin," arsa bean-
an-tighe, "ach seachain do chuid fíonnaigh."



"Ná bíodh faitchíos orraibh rómham-sa," ar seisean leis na
páistí, "fanaigidh nóiméad agus racha mise i néindigh libh.
Mac rí mise, agus bhí sé ar mo chinneamhaint na coillte
seo a thaisteal go bhfuigheadh an gaduidhe úd bás. Tá
seisean marbh anois, agus tá mise saor slán. Bhí mo
chuid airgid goidte aige, ach seo é annseo agam arís é."



"Ní h-ionann mise," arsa Domhnaillín, "agus na
h-éanlaith atá thart annseo. Ní fhanfa mé níos fuide ins
an áitín shuarach seo. Racha mé 'un a' bhaile mhóir."



"Fóir orm, a Dhomhnaillín," ars an t-uisge, "agus
sgríob 'un bealaigh na duilleóga seo."



"Nach orm atá an baoghal?" arsa Domhnaillín;
"sgríob 'un bealaigh thú féin iad; tá mise a' dul 'un
a' bhaile mhóir."



"Fóir orm, a Dhomhnaillín," ars an teine; "séid do
sgiathán go bhfágha mé puth aeir."



"Nach orm atá an baoghal?" arsa Domhnaillín; "tá
rud eicínt eile ar m'aire; tá mise ag dul 'un a' bhaile
mhóir."



"Fóir orm, a Dhomhnaillín," ars an ghaoth, "agus
sgaoil 'un bealaigh mé go séide mé thré na coillte."



"Nach orm atá an baoghal?" arsa Domhnaillín, "tá
rud eicín eile le déanamh agam - tá mise a' dul 'un a'
bhaile mhóir."



Déan claoninnsint ar an dá ghiota sin, agus freisin
ar an ngiota a leanas .i. Áirní.


L. 79


Dubhairt a h-athair le Nóra seasamh suas, rith go dtí an
doras, é oscailt, an lampa a lasadh, braon tae a chur
síos, an t-éadach cláir a sgaradh ar an mbord, cupán
a nigheachán, siucra a leagan anuas, cupán tae a líonadh
amach, siúcra a chur ann, é mheasgadh, agus an tae ól.



Cé na focla adubhairt an t-athair?



ÁIRNÍ



Aon lá amháin chuaidh Seán beag agus Seán mór amach
a' baint áirní. An méid a bhain Seán mór thug sé do
Sheán beag iad le cur i dtaisge dhó. Tráthnóna, tháinig sé
go dtí Seán beag go bhfághadh sé na háirní uaidh.



"Chaith mé uaim iad," adeir Seán beag.



"Buailfe mise a luach ort," arsa Seán mór, agus
chuaidh sé a' tóruidheacht slaite.



"Cá bhfuil tú a' dul?" ars' an tslat.



"Tá slat uaim a bhuailfeadh Seán beag go géar géar,
ar chaith sé uaidh mo chuid áirní indé."



"Ní racha mise leat," ars' an tslat, "go bhfágha tú
sgian a ghearrfas mé."



Cuaidh Seán mór go dtí an sgian.



"Cá bhfuil tú a' dul?" ars' an sgian.



"Tá sgian uaim a bhainfeadh slat, slat a bhuailfeadh
Seán beag go géar géar, mar chaith sé uaidh mo chuid
áirní indé."



"Ní racha mise leat," ars' an sgian, "go bhfágha tú cloch
a líomhfas mé.



"Uisge a fhliuchfas mé.
Fiadh a shnámhfas mé.
Gadhar a ruaigfeas mé.


L. 80


Im a chuimleochas mé de mo chosaibh.
Luchóg a sgríobfas mé.
Cat a ruaigfeas mé.
Bainne ó na buaibh breaca úd thall.
Arbhar ó na buailteoirí.
Bonnóg aráin ó mhnaoi an tighe sin.
Trí chriathar uisge ón tobar."



Bhí sé a' cinnt ar Sheán mór criathar uisge a thabhairt ón
tobar, ach tháinig dreoilín thart agus dubhairt: "Buail
dóib air, buail dóib air."



Rinne Seán mór amhlaidh agus thug sé isteach lán trí
chriathar d'uisge annsin chuig mnaoi an tighe. Thug sise
bonnóg 'ráin dó le h-aghaidh na mbuailteoirí. Thug na
buailteoirí arbhar do na buaibh. Thug na ba bainne do'n
chat. Ruaig an cat an luchóg. Sgríob an luchóg an t-im.
Chuimil an gadhar an t-im dá chosa. Ruaig sé an fiadh.
Shnámh an fiadh an t-uisge. D'fhliuch an t-uisge an chloch.
Ghéaruigh an chloch an sgian. Bhain an sgian an tslat.
Bhuail an tslat Seán beag go géar géar, fá gur chaith sé
uaidh na háirní indé.



Ceisteanna:



(1). Déan idir-dhealú idir na ráidhte atá in (a), (b), (c), agus (d)
a.
An áit a d'fhág sé.
An áit ar fhág sé é.



b.
Sin é do cheannuigh sé.
Sin é ar cheannuigh sé.



c.
Sin é ar abh áil liom.
Sin é is áil liom.



d.
Sin é atá uaim.
Sin é a bhfuil uaim.



Aithsgríobh (c) agus (d) agus cuir ins an aimsir chaithte iad.



(2). "Is olc liom a dtéigheann de daoine óga go Sasana. Ní
beag liom a bhfeicim de brón." Aithsgríobh an méid sin agus cuir
na briathra ins an amsir chaithte.


L. 81


(3). Mínigh na ráidhte seo:-



(a). Tóg uaim é agus gan uaim acht é.
(b). Ní thiocfa sé go sleibhí.
(c). Díogha gach sín' sioc má's sean, díogha gach teine fearnóg
úr, díogha gach bídh mil má's sean, díogha gach díogha droch-bhean.



(4). Cuir "dá" nó "má" isteach sna ráidhte seo:-



(a). Chuaidh an t-éan amach - bhí an fhuinneóg fosgailte.
(b). Chaoinfeadh Pádhraic - mbuaileadh Seán é.
(c) - bhfosgluigheadh Seán an fhuinneóg rachadh an t-éan
amach.
(d). - cheannuighim an bhó, a' n-íocfa tusa uirre?
(e). - bhíonn tú annseo amáireach chífe mé thú.
(f). - mba mise thusa ní ghanfainn annseo níos fuide.
(g). Rithfe an mada 'un bealaigh - buailtear é.
(h). - mbaintí na fataí i n-am ní bheidís lobhtha mar sin.
(i). Bhéinn tuirseach - dtéighinn go barr an chnuic.
(l). Ní bhéadh an bhail sin ort - ndéantá mo chomhairle-sa.
(m). - fhad an lá tagann an tráthnóna.



SEAN-FHOCLA



Ní bádóir go lán sgóid,
Ní tuigheadóir go cúinne,
Ní h-eiriomh go caolfhód,
'S ní figheadóir go súsa.



Ní troimide an loch an lacha,
Ní troimide an t-each a shrian,
Ní troimide an chaora a h-olann,
Is ní troimide an cholann ciall.



Ceisteanna:



(1). [Cúm]{cum} rádh agus an focal fearrde ann; cinn eile agus na
focla misde, dóichide, lughaide, móide ionnta.



(2). Gabháil fhéir; coca féir; ag baint mhóna; ag gróigeadh
móna. Ce'n fáth 'gcuirtear séimhiú ar "f" agus ar "m"?



(3). Cé'n t-ainm a tugtar ar (a) fhear déanta cliabh (b), fear
déanta ballaí, (c) fear a bhíos a' tomhais talmhan (d), duine a
chuireas díon ar theach ceann-tuighe (e) duine a bhios a' teagasg
páistí?


L. 82


TUILLE CEISTEANN:



(1). Sgríobh chúig ráidhte Gaedhilge agus cuir isteach ionnta an
tuiseal geineamhnach uathaidh de na focla seo:-



Cathaoir. Fios. Ciall. Bos. Bord.



(2). Mínigh as Gaedhilg na ráidhte seo:-



(a). Cuir bealadh fá d'iosgadaí.
(b). Bhí an t-asal ag imtheacht in a chosa-i-n-áirde.
(c). Ní tráth dá fhaillighe é.
(d). 'Sé a ghearacht sin libhse é.
(e). Níor mhisde liom.
(f). Dá dhonacht é is maith ann é.
(g). Ta sé i n-am a thabhairt do na buinn
(h). Bhí sé ag cur thar maoil.
(l). Béidh leat má fhreagrann tú na ceisteanna sin.



(3). Sgríobh ráidhte Gaedhilge agus cuir isteach an chéad phearsa
iolraidh, aimsear ghnáth-chaithte de na briathra seo: Beir ar. Tabhair Sméid. Bain. Croch.



(4). Cuir síos a bhfuil ar eolas agat fá éanlaith aeir na tíre seo.



(5). Céard is tuiseal geineamhnach uathaidh de na focla seo? -
bóthar, coileach, buachaill, cloigeann, deoch, fearg, geimhreadh
Sgríobh raidhte Gaedhilge agus cuir isteach ionnta iad.



(6). Déan cur síos aithgiorrach ar choillte na hÉireann, agus na
cineálacha crann atá le feiceál sa tír.



(7). Sgríobh deich ráidhte Gaedhilge agus cuir isteach ionnta an
chéad phearsa uathaidh, aimsear fháistineach (fuirm thaithte) de na
briathra seo -



Ceannuigh. Airigh. Codail. Croch. Dúisigh. Caith. Ceangail. Siubhal. Abair. Bagair.



(8). Sgríobh litir Ghaedhilge abhaile, agus cuir síos ar aon cheann
amháin de na neithe seo -



(a). Lá grinn ar bith a bhí agat.
(b). An cluithche imeartha is fearr leat.



(9). Céard tá ar eólas agat fá thráchtáil na h-Éireann?


L. 83


CUMADÓIREACHT AGUS SGÉALTA



CURAIDHEACHT AGUS GARRDHADÓIREACT



"Is fada mise amuigh faoi shneachta 'gus faoi shioc,
'S gan dánacht agam ar aon neach;
Mo sheisreach gan sgur, mo bhranar gan cur,
Is gan iad agam ar aon chor.
Níl caraid agam, is danaid liom sin,
Do ghlacfadh mé moch nó déidheanach,
'S go gcaithfe mé dul thar fairrge soir
Ó is ann nach bhfuil aon de mo ghaolta."



Is iomdha duine sa tír seo atá bunáite cho fágtha is bhí
Éamonn a' Chnuic bocht; ach iad seo atá ar a mhalairt de
chaoi agus a bhfuil seisrighe agus branair dá gcuid féin
acu, altuighdís é. Níl aon deágh-Ghaedheal ar fud an
domhain mhóir nár mhaith leis toradh céadtach a bheith ar
thalamh na hÉireann; ach caithfear admhachtáil san am
céanna go bhfuil talamhaidhthe annseo is annsiúd ar fud
na tíre a bhíos sásta go leór le curaidheacht leibideach
agus le barra suaracha. Blianta gearra ó shoin (1905)
nuair a cuireadh slat ar Éirinn fritheadh amach ón tomhas
go raibh leath na tíre seo 'na chimín nó 'na thalamh féaraigh,
agus as cúigeadh cuid na tíre ní raibh toradh ar bith dá
bhaint, ach é 'na dhearg-fhásach. Sa nGearmáin sul thosuigh
an coga mór is beag péirse talmhan nach rabhthas a' baint
leas eicín as, agus bíodh fhios againn go bhfuil cnuic agus
sléibhte agus talamh suarach sa nGearmáin chomh maith
agus tá sa tír seo. Ach chuir na Gearmáinigh cóir agus
leasú ar a gcuid talmhan féin agus bhí a shliocht ortha -


L. 84


bhíodar i riocht cath is comhrac a choinneál leis an domhan
mór ar feadh ceithre bliana mór fada.



Na Crainn



Déarfa feilm, éara leat gan aimhreas, "Céard is féidir
liom, a dhéanamh leis an gcriathach bháidhte?" Is feidir
cuid mhaith den chriathrach chéanna a thriomú, a thabhairt
isteach, agus a shaothrú; agus an méid de nach bhfuil
feileamhnach le h-aghaidh cuir tá sé feileamhnach le haghaidh
crann. Cruthuigheann an ghiumhsach fáightear sna portaigh
go raibh criathracha na tíre seo fá choillte san aimsir i
n-allód



"Trí huaire," adeir an Dochtúr Céitinn, "do chuir
Éire trí monga is trí maola di."



Agus le deireannas anuas dubhairt file eile:-



"Do b'árd a coillte 's ba dhíreach réidh,
'S an bláth mar aol ar maoilinn ghéag."



Faríor géar, ní mar sin atá an sgéal fá láthair, agus
má mhaireann d'on ghearradh is do'n smíochadh atá dhá
dhéanamh ar chranna is gearr, mar deir an t-amhrán, go
mbí "deire na gcoillte ar lár." Ní mó ná go maith a
thuigeas cuid againn cé'n díoghbháil atá dhá dhéanamh ag an
dream úd atá a' bánú na tíre mar seo. "I na dhiaidh,"
adeirtear, "is eadh feicthear a leas don Éireannach."
Nuair a bhéas dromchla (.i. uachtar) na tíre seo lom,
nochtuighthe gan crann gan coill, nuair nach mbéidh sail
d'ádhmad na hÉireann le fághail le cur ar theach nó ar
bhothán, nuair a bhéas deireadh le "ceol na n-éan ar bhárr'
na gcrann," - sin í an uair a bhuailfeas aithmhéala sinn
fá gur leigeamar siléig san obair ba chóir a bheith ar
siubhal le blianta againn .i. cur na gcrann. Ach is fearr
go deireannach ná go brách. Tá an geimhreadh a' teannadh
linn; agus tá lá áithrid leagtha amach ag muintir na


L. 85


tíre seo le crainn a chur. Cuirtear iad, i n-ainm Dé,
an lá sin, i rith an gheimhridh, nó i dtús an earraigh; agus
ná bítear a' súil leis an bhfear thall le n-a dhéanamh.
Duine ar bith a bhfuil meabhair-chinn ann tá fhios aige cé'n
cineál crann is fearr a fhásfas ar a chuid talmhan féin.
Tuigeann sé an crann a fhásfas go maith ar thalamh dúbh-
rabháin nach móide go bhfásfadh sé go maith ar thalamh créa-
fóige. Is eol dó má tá cloch eibhir ar a chuid talmhan go
bhfuil croinnte áithride a fheilfeas dó; agus má tá sé
aineolach i dtaobh na gcrann agus i dtaobh mianaigh a chuid
talmhan gheobhfa sé comhursa eicín a chuirfeas ar an eolas
é, nó b'fhéidir go mbéadh múinteóir feilméarachta an
Condae soilgheasach go leor leis sin a dhéanamh. In gach
baile b'fhearr do na daoine a theacht le chéile agus na
crainn uilig a chur i n-aon ghiodán amháin ná crann aonraic
a chur annseo is annsúd. D'fhásfadh an dair, an leamh,
an cuileann is an fhuinnseóg go maith sa tír seo; an
crann bán, an crann caorthainn, an crann fearna, an
crann labhrais, agus an crann sailighe, agus na sgórtha
cineál eile nach féidir linn ainmniú annseo. Nach as
coill i ngar do Bhaile Átha Cliath a fuair Liam Ruadh
Shasana rataí agus taobháin le h-aghaidh halla mhóir Bhest-
minster? Go mairimid uilig go bhfeicimid slacht as
éadan na tíre seo arís ag croinnte is ag coillte!



Talamhaidheacht



Os ag cainnt ar churaidheacht is ar thalamhaidheacht é
d'fhéadfadh cuid de na máighistrí sgoile sompla maith
agus deágh-chomhairle a thabhairt uatha i n-áiteacha. Áit ar
bith a bhfuil gáirdín isteach leis an sgoil agus an muinteóir
oilte ar gharrdhadóireacht níl aon bhacainn air eolas a
thabhairt do na páistí sgoile ar an gcóir bu cheart a chur
ar an talamh i riocht is go mbainfí fear-is-barr toraidh as.


L. 86


Is iad buachaillí sgoile an lae indiu a bheas 'na bhfeil-
méaraí amach annseo, agus, ó's rud é gur talamhaidheacht
an tslighe-bheatha atá ag furmhór na nÉireannach (agus a
bhéas go ceann tamaill), níor mhisde gach eolas is riachtanach
don fheilméara a thabhairt do pháistí sgoile na tuaithe ar
chuma ar bith. Nuair chruadhuigheas an tslat is deacair a
sníomh 'na gad, agus má éirigheann buachaillí sgoile na
tuaithe suas gan eolas beacht ar churaidheacht is é is dóichide
go leanfa siad don nós a bhí ag a n-aithreacha rómpa,
bíodh sé olc maith. Ach má ghlacann an múinteóir na
páistí mar is cóir cuirfe siad suim agus spéis i dtalamh-
aidheacht nach sgarfa leó go luath; béidh muinín acu asta
féin nuair gheobhfas siad giodán talmhan dá gcuid féin,
agus ní bhéidh an oiread fonn orthu an tuaith fhágáil agus a
n-aghaidh a thabhairt ar na bailte móra.



Leagan amach an Gharrdha



Níor bhfuláir crainn, móta, nó fál maith árd a bheith ar
an taobh ó thuaidh agus ar an taobh thoir den gháirdín; arae,
an ghaoth i dtuaidh bíonn sí cruaidh agus cuireann sí fuacht,
ní h-é amháin ar dhaoine, ach ar gach ní dá bhfásann, agus tá
an ghaoth anoir bunáite 'chuile phioc cho nimhneach.



Annsin níor mhór an garrdha a roinnt idir na páistí
agus a ghiodán féin a bheith ag gach malrach. Is riachtanach,
ar a laighead, píosa dheich dtroighthe fichead ar fad agus
naoi dtroighthe ar leithead a thabhairt do gach páiste agus
giodán níos mó má's féidir é. Ba cheart do'n chasán idir
'ch aon dá phíosa bheith ó throigh go dtí dhá throigh go leith as
leithead do réir mar bhéas fairsinge sa ngarrdha. Is
féidir síol féir, brící, clocha, nó bláthanna a chur le
ciumhais na gcasán. Féadfaí díoga a dheanamh áit ar bith
sa ngáirdín a bhfuil casán le bheith, an chréafóg as an díoga
a chaitheamh aníos agus a sgaradh amach ar an talamh; clocha


L. 87


móra a chur ar thóin na díoga annsin, mionchlocha os a
gcionn agus gairbhéal os a gcionn sin arís go mbí an áit
comhthrom leis an talamh eile. Agus ag fíor-íochtar an
gharrdha béidh díoga mhór dhoimhin a' teastáil. Béidh sé
riachtanach píosa ocht dtroighthe ar leithead fhágáil thart
timcheall an gháirdín le h-aghaidh croinnte beag, sgeacha,
fiadhaile, agus bláthanna; ach má cuirtear fiadhaile, ba
cheart iad a bhaint sul sgeitheas an síol.



Sa bpíosa seo a fágtar thart timcheall an gharrdha
féadfaí crainn ubhall, pluma, agus peiríní a chur; agus
sgeacha spíonáin agus dearcóg, sugh craobh, sugh talmhan,
sméara, agus iomad rud eile.



LITIR MHEIRICÁ



Cúig bhliana fichead ó shoin ní gach duine a bhí indon litir
a sgríobh? Atá a n-oighrí ann go fóill féin. Ar an
ádhbhar sin má bhí de cháil ort go raibh tú i do 'sgoláire' is
minic hiarrfaí ort litir a sgríobh' chuig mac nó inghín
chomhursan. Dá sgríobhtá an oiread is adéarfaí leat
sgríobh' ní bhéadh dul litridheachta ar do shaothar, acht múna
mbéadh, bhéadh grádh agus crádh agus smaointí na ndaoine
innte adéarfadh go gcuirfeá fá chomaoin móir iad dá
sgríobhtá litir dóibh. Is cuimhneach liom sean-bhean a
bhuaileadh isteach chugainn féin cúpla uair gach bliain, go
sgríobhainn chuig á n-a mac a bhí i gCealafóirne. Ní fhág-
fadh sí fúm féin é: chaithfinn focal ar fhocal, do réir
mar adeireadh sí féin é do bhualadh síos. Atá sí ar
shlíghe na fírinne anois agus ní dochar ná díoghbháil mac-a-
samhail na litre sgríobhtaoi a chur os bhur comhair.


L. 88


Ceann Ramhar,
Uachtar Árd,
Co na Gallimhe,
Éire,
17.1.1897.



A Chóil Chroidhe,



Fuaireas do litir agus an seic ar chúig phunt chuiris
chugam seachtmhain ó shoin. Go bhfága Dia do shláinte
agat, a Stór, agus i n-aith-bhliain go raibh tú i ndon a
dhéanta. Bu géar a theastuigh an t-airgead céanna uaim
óir fuair ceann de na gamhna bás orm agus d'fhág sin ar
an gcaol-chuid mé, d'íocas cíos leithbhliana - b'shin dhá
phunt as. Cheannuigheas mála plúir ar choróin is punt
Tom Ó Fátharta thug as Gaillimh chugam é; agus péire
bróg a chosain leath-sobharn agus thugas coróin bhí ar
iasacht agam ó Máire Neilí dhí. Ní raibh fágtha agam
annsin acht punt, nuair cé bhuail isteach chugam acht
Bairbre Rua ag iarraidh, dá mbéadh sé sa domhan le
spáráil agam, cúig déag a thabhairt dí go ndíoladh Seán
na muca ar aonach an Spidéil. Níor bhféidir liom í
eiteach - gidh gur cruaidh theastuigh sé uaim féin. D'fhág
sin taobh le coróin mé, agus ar mo dhul thar theach an
tsagairt indiu dom, ghabh mé isteach chuige agus thugas
leath-choróin dhó le Aifreann a rádh ar do shon - go
gcoinneochadh Dia ó anachain agus ó thubaiste na bliana thú;
agus coinneocha a Stór, le'n A chongnamh agus congnamh
A Mháthar míorbhúiltigh.



Atá súil le Dia agam go bhfuil do shláinte ar fheabhas.
Tabhair aire mhaith dhuit fhéin agus ná tabhair fuacht ná
fliuchán duit fhéin. Agus ná marbhuigh thú fhéin le sglábhuigh-
eacht, mar, mar adeireadh Tadhg Uaitéir fadó "ní fhilleann
an óige fá dhó choidhche," agus is maith atá a fhios agam-sa
sin, ní ag ceasacht ar Dhia é.



'Bhfuil baoghal ar bith go dtiocfa tú abhaile go luath?


L. 89


B'fhearr liom ná ór an domhain thú fheiceál arís, a Stór.
Níl oíche dhá luighim ar mo leaba nach ag cuimhniú ort
bhím; ar fhaitchíos go n-éireóch' tada dhuit. - Dia do do
shábháil i ngach gábhadh dá bhfuil rómhat. Go bhfóire Dia ar
mháithreachá bochta an domhain! Is mór an díol truaighe
iad! Acht cé'n mhaith dhom a bheith ag clamhsan; caith-
fimid cur suas le toil Dé.



Mo chuimhne! ní chreidfeá cé phós an mhí seo ghabh tharainn,
ach ingean Pheigín Mhuighe Uan. Fear - más ceart dom
fear a ghlaodhach air, as Sraith Salach a casadh léithe agus í
ag déanamh turais Mhám Éan, má bfhíor dhí féin. "Ní
h-iad a cuid paidreacha a bhí ag déanamh imnidhe dhí," arsa
tusa. Níl ann ach sirtheóirín de fheithide bheag ghránna is
gan tarrainnt na gcos ann ar éigin. Bhí braon ólta aige
an oíche fá dheire agus thosuigh buachaillí an Champa ag
spiochadh as - mar bhí an tubaiste ar an buachaillí céanna
'chuile lá ariamh, agus dhá gcloisteá an chainnt a bhí aige,
cheapfá go mbuailfeadh sé a dtáinic is a dtiocfadh; ach
rug mac le Bríghid Ní Fheatha air, chaith ar a ghualainn é
agus dheamhan ar stad sé gur chaith sé isteach sa teaé
chuici é. Annsin seadh thosuigh an t-ár dá ríre. Lean
Peigín iad agus is beag nár tharrainn sí an baile ar fad
orthu. Mara bhfuil ag Dia atá faitchíos orm go bhfuil
saoghal corrach amach rómpa triúr; ach ná bacaimis leo,
atá a dhóthain mhór ar gach capall agus a charr féin a
tharrainnt.



Bhuail Micil Dubh agus a chliamhan a chéile go breágh ar
an margadh an lá fá dheire. Rinneadar "seó" díobh
féin. Micil a chas leis an gcliamhan go mbíodh sé ag
cur a chapaill ar a thalamh féin ós íseal gach oíche, - gur
ag goid agus ag fuadach uaidh chaitheas sé a shaoghal; ach
go gcuirfeadh sé féin deire leis feasta. B'éigean do
na póilí a theacht agus réidhteach a dheunamh eatorra. Bhí
Seán gearrtha, millte. Agus cé'n dochar ach an inghean


L. 90


is sine leis an gcliamhan ag súil go bpósfa Tadhg an
Chaisleáin í. Béidh sí aige muis!



Thar a mhagadh sin féin bu rí-bheag nár bháin dearmad
dom a rádh leat go bhfuilim ag cur dhá phéire stocaí chugat
le mac Shéamuis Bháin o'n Dún Beag, a bhéas ag dul go
Meiriocá an tseachtmhain seo chugat. Ná déan dearmad
iad a mheabhrú dhó ar a chasachtáil leat - dhá phéire - péire
bán is péire dubh, is na sála dúbailte ionntu. Bhí a
mhuinntear-sean an-ghlic i gcomhnuidhe, agus ba dual dóibh
é; ní ó'n ngaoith thógadar é.



Bhí laogh ag bó Pheait a' Phosta an oidhche fá dheire.
Cuir Brighid canna breágh bainne buidhe chugam; go mbu
saoghalach í.



Ní thomhaisfeá cé thuit as a sheasamh Diardaoin seo ghabh
thart? - ní mórán atá ag caitheamh in a dhiaidh go deimhin,
nó" tuige mbéadh?" arsa tusa, bu é an fleasgach é. Is
iomdha sin duine thug a mhallacht dó lá de'n tsaoghal - sé
d'fhágaibh do shean-athair agus go leor nach hé caithte ar
thaoibh an bhóthair, agus d'fhágaibh thú féin ar fán ó do
mháithrín - ach Bradshau mór, an tighearnatalmhan. Ní raibh
sé ach taoibh amuigh de Theach na Cúirte, th'réis sé phunt a
ghearra ar Chaitríona Ghearabealdí, mar gheall ar bhraon
beag de shúgh na h-eornan a bhí i mbuidéal sa gcófra
aici. Atá sé imthighthe anois agus má fhághainn sé an íde
chéanna thug sé féin do mhío-fhortúin a bhí in a thuilleamaigh
ní bhéidh fuacht air. A's ná raibh ar fhaitchíos go mbéadh.
Acht tús breitheamhnais ag Mac na Maighdine agus nár
thuga Sé bás dúinn gan ola gan aithrighe!



Cuirim mo mhíle beannacht chugat, a ghrádh, agus atá súil
agam go sgríobhfa tú go luath arís chugam.



DO MHÁTHAIR.



Tuille. - Tháinic inghean Stiofáin Fígheadóir abhaile indé,
chuala mé. Atá drad fiacail aici, cloisim, agus gach


L. 91


ceann acu ar dhath an óir. Punt an fhiacail chosnuigheadar
adeir sí, agus atá spéacláirí uirri freisin, agus slabhradh
beag thar a cluais siar dhá gcoinneál suas uirri. Mh'anam,
gur b'ait an mac an saoghal, agus spéacláirí ar inghin
Stiofáin! Ní tiubhrfar "Meaig Mhanntach" arís go deo
uirri. A' gcreidfeá nár aithin sí an t-asal nuair tháinic
sé go dtí an doras "Ce'n cineál beithidheach é sin,a
athair"? ar sise, i mBéarla galánta. Ní raibh a fhios
ag Stiofán bocht céard ab fhearr dhó a rádh "Mh'anam,
a inghean ó!" ar seisean "gurab shin é an t-asal bhíodh
agat ag tabhairt na móna abhaile cúpla bliain ó shoin."
Mo sheacht míle beannacht órt, a Stór,
DO MHÁTHAIR.



Tuille Fós. - Atá capall is carr ag muinntir Shiubháin
Phádhraich anois agus níl Domhnach ná dálach, nach dtéigheann
siad amach ag tógáil aeir a t-saoghail dóibh féin. Ní thóg-
fainn ar na daoine óga é ach ní dhéanfa tada sean-
Siúbhán go mbí sí féin ar an gcéad duine agus a brat
timcheall a glún aici. Ní éirghe-in-áirde go dtí é, a
mhic ó! Ach an oiread le inghín an fhígheadóra bu bheag
na caiple nó na carrannaí bhíodh ag á na sean-mháthair
nuair shiubhladh sí don Ros is ar ais fadó, ag sníomhachán
ar a páidhe lae - agus ba bheag é - do mhuinntir Thaidhg
Mhóir.



Mo sheacht míle beannacht ort arís agus arís eile,



DO MHÁTHAIR.


L. 92


MICÍN A' GHABHA



Feairín beag buidhe agus é cromtha, craptha atá i Micín
a' Ghabha. Féasóigín ghann ghráinneogach air. Cóta mór -
cosmhail le cóta mór sagairt, uair, - fá chaonach liath le
aois go sálaí air. Sean-hata dubh air. Péire bróg
faoi nach bhfuil ionnta ach go gcoinnigheann siad a
bhonnachaí de'n bhóthar.



Bhí lá den tsaoghal agus ní raibh a bhualadh an taobh seo
de Ghaillimh a' casadh uird nó a' cur iarainn ar roth, agus
bu foil-bhéasach an capall cinnte nach smachtóchadh sé.
Ach leag Dia lámh ar an duine bocht agus níl ann anois
ach sirtheóirín gan chéill a' dul ó theach go teach is a' leigean
air go bhfuil feilmneacha agus dúithchí as éadan a chéile
aige; go bhfuil eachraidh is caiple is ba is caoirigh aige is
nach bhfuil rígheachan le n-a shaidhbhreas. Níl urchóid ná
díobháil d'fhear ná do pháiste ann, ach é ag imeacht leis mar
adubhras, gan ciall gan réasún i leath a mbíonn sé a rádh.



Bhuail sé isteach chugam féin anuraidh. Bhreathnuigh sé
orm:-



"Ní raibh a fhios agam go rabhais sa mbaile," ar seisean,
"nó cáide ó tháinicis?"
"Atáim sa mbaile le dhá lá," adeirim, féin. "Cé'n
chaoi bhfuil tusa ar an saoghal seo, a Mhicín?"
"I mo reacht seoil, a Phádhraic, i mo react seoil' a mhic
ó, buidheachas mór le Dia."



"A chonách sin ort, a Mhicín," adeirim-se, "Is maith an
aghaidh ort é. Agus níl dhá fheabhas dhá mbeitheá nárbh
amhlaidh ab fhearr liom é."



"Atá fhios agam, sin, go deimhin, a Phádhraic, go saogh-
luighe Dia thú," ar seisean, "agus atáim amhlaidh leat."



"Cá mbíonn tú anois?" ar seisean. "Ceanntar
Thuair Mhic Éadaigh i gcomhnuidhe, is dóighche?"


L. 93


"Bhíos ann tamall ó shoin, a Mhicín," adeirim féin.



"Tír bhreágh?" ar seisean.



"Tír áluinn, a mh'anam gan bhréig," adeirim féin.



"Daoine deasa?"



"Daoine lághacha, gan aimhreas, ní as ucht mise dhá rádh
é; daoine cho lághach is casfaí leat in do shiubhal lae."



"Casadh cuid acu liom go deimhin, ar rástaí Bhaile an
Róba, ach is fada ó shoin anois é. Bhí fear de Clainn
Dhonnchadha ann agus bhí cáil mhór air mar sheanchaidhe.
Bhfuil sé beo i gcomhnuí?" ar seisean.



"Go bhféadfá rádh," adeirim-se, "gurb é atá beo
bíogúil, bail ó Dhia is ó Mhuire ar an bhfear; agus maidir
le bheith ina sheanchaidhe dhó ní seanchaidhe go dtí é."



"Níl locht le fáil ar sheanchaidhe," arsa Micín, "go
gcaille sé na fiacla. Níl aon rath liom féin," ar seisean,
"ó chailleas mo chuid féin. Shoraidh uatha mar fhiacla, níl
a fhios agam céard a thigeas ortha go dtuiteann siad.
Nach aisteach é, bhí drad ag m'athair nuair cailleadh é, go
ndéana Dia trócaire air, agus go deimhin duit bheitheá i
n-éad leo, bheitheá sin; bhíodar cho breágh sin, gan briseadh
gan bearnadh gan breacadh ach chuile cheann acu mar fhiacail
chon."



"Atá mná breágha thiar annsin?" ar seisean.



"Mná breágha, an eadh, adeir tú, a Mhicín?" agus
iongantas an domhain orm, cad chuige ar chuir se a leitheid
de cheist.



"Seadh, mná," ar seisean. "Ní féidir gur bodhar atá
tú."



"Ní go maith thuigeas céard adubhrais, a Mhicín,"
adeirim féin.



"Bhfuilid cho breágh is atá a gcáil?" ar seisean.



"Ní féidir go bhfuilir a' brath ar pósadh?"
"Seo é an chaoi a bhfuil an sgéal anois agam," ar
seisean. "D'fhág m'athair, mar atá a fhios agat, d'fhág


L. 94


sé feilm na Cluaise agus an teach mór agam. Nuair a
fuair mo dhearbráthair bás, dhá bhliain ó shoin d'fhág sé le
n'údhachta go bhfuighinn Bun na gCipeán agus leath an
Mhachaire agus atá fúm dúithche Roibeáird Mháirtín a
cheannacht ina gceann sin. Béidh límistéar tíre annsin
agam a rachas ó Uachtar Árd go Maigh Cuilinn. Béidh
sliabh is loch agam ar an méid sin agus nuair a bhéas caoi
agus feisteas agam ar chuile ní, ní bhéidh aon duine uasal i
gConnachta a mbéidh áit cho breágh leis aige. Mar atá a
fhios agat féin atá os cionn céad go leith acra i gcroidhe
na Cluaise. Togha na talmhan atá ann: ina chlár mhín
chothrom cho-réidh. Atá fúm cúrsa rása a dhéanamh dhe
sin - ní bhéidh a leitheid eile i nÉirinn; agus amach annseo
sa samhradh nuair a bhéas aghaidh an domhain air: na slóighte
a' tarrainnt is a' triall ann ina gcuid eiteallán agus
gluaisteán, mise i mbannaí go mbéidh sgléip is siamsa
ann. Ar ndó, níl aon áit sa domhan cho haoibhinn leis, is
go dtig le duine an fhairrge mhór ó dheas fheiceál uaidh,
siar Conamara go Dúith' Sheoigeach is do na Beanna
Beola, Loch Coirb agus Mágh Tuireadh agus Cnoc Meádha
go dtige tú go Gaillimh. Béidh na caiple is fearr sa
domhan a' coimhlinnt ann, arae, atá fúm dúbhshlán lucht
capall dhá luaithe dhá bhfuil le fáil a thabhairt. Atá
groigh agam le dhá bhliain ghá rianadh ann agus atá aon
chapall amháin orthu nach féidir le duine ar bith dul a'
marcuigheacht air ach mé féin agus cuirfe mé an dúithche
air go mbuailfe sé aon chapall rása dá bhfuil sa
domhan:"



"Sin an-ghaisge, a Mhicín," adeirim féin.



"Cuirfe mé do rogha geall," ar seisean.



"Maith go leor," adeirim-se, "ní bheidh mise ina dhiaidh
ort má éirigheann leat."



"Ní shin amháin," ar seisean, "ach cuir chuile phighinn dá
bhfuil agat, bíodh sé beag nó mór, ar an rása; agus abair


L. 95


le muinntir Thuar Mhic Éadaigh an cleas céanna a dhéanamh.
Déanfa tú lán do hata agus ní fheicfir lá bocht arís go
deo, ní fheicfe sin."



"Nuair a thiocfas an lá, a Mhicín, béidhmid ann, má's
beo dhúinn," arsa mise, "ná bíodh faitchíos ort."



"Ach fá'n gcapall seo atá agam-sa, seo é an chaoi a
bhfuil a fhios agam go ngnóthóchad," ar seisean.



"Ceithre bliana ó shoin chualas go dtigeadh each uisge
aníos as Loch Sindile is go gcaitheadh sé an oíche ag inbhear
dhó fhéin thart ar an Teach Dóighte. Siar liom: mé fein
agus sgurach de na Maicíní as an Léim go ndeachamar cho
fada leis an loch is d'fhanamar san áirdeall annsin go
raibh sé amach doimhin san oíche. Bordáil a dó dhéag
chonaiceas féin an rud a' snámh trasna an locha chugainn.
Níor leigeamar orainn ach thug cead a chinn dó. Bu gearr
gur bhuail sé talamh is gur bhuail faoi ag inbhear dó féin.
A' teannadh leis an sliabh dhó d'éaluigheas féin liom, na
dhiaidh gur chaitheas súil ribe de rópa thar a mhuineál is gur
chuireas i ngreim é. A leitheid de phrinncam is bhí aige, a
dhuine! Bí a' cainnt ar stail fhiadháin: ní bhéadh innti ach
go mbeannuighe Dia dhuit ar a ghualainn. Ach dhá mbéadh
neart stailtacha na cruinne ann bu bheag an mhaith dhó é,
arae, atá sé de bhuaidh agam-sa an capall nó an beithídheach
is fiadháine is is fraochmhaire dár chuir ruball uaidh ariamh
nó dartacha i n-aer a cheannsú is a mhíniú. Thugamar linn
abhaile chuig an gCluais é, chuir mé i stábla é agus níor
leig mé amach as sin é go raibh lá agus bliain caithte.
Atá sé anois cho déanta ar an áit is dá mbu leis féin é,
ach amháin nach leigfe sé do dhuine ar bith dul a' mar-
cuigheacht air ach mé féin. Atá a fhios agat cá bhfuil
Gort an Uisge ar ndó, cé'n chainnt sin orm is gur ann a
bhíos na rástaí le do chuimhne - ach ní ann nuair a bhéas
cúrsa na Cluaise réidh agam-sa. Doile, thugas capall
óg trí mbliana atá agam de shíolrú "Buachaill a' tSléibhe,


L. 96


an capall rása a bhí ag Eoghan Cadhain, as Maigh Cuilinn
- sé a ghnóthuigh an rása mór i mBaile Uí Dhubhghaill blianta
ó shoin - thugas é féin agus an capall seo atá i gceist
agam amach."



"A' dtugais aon ainm air go fóill, a Mhicín?" adeirim-se.



"Fágfad sin ag mo mhnaoi le déanamh," ar seisean.



"Atá fút pósadh mar sin, a Mhicín?" deirim-se.



"Pósadh! Agus 'tuige nach bpósfainn?" deir sé.



"Cá bhfuil an fear i gConnachta atá i ndon bean a choin-
neál cho maith liomsa. Pósadh! níl ach aon rud amháin
do mo choinneál ó phósadh ar an bpuinnte."



"Céard é fhéin ru?" arsa mise.



"Ó, chuile ní leis an aimsir, a mhic ó: chuile ní leis an
aimsir. Atá mé curtha amú agat. Céard seo bhí mé
'rádh fá'n gcapall?"
"A' coimhlinnt le "mac" do "Bhuacaill a' tSléibhe" bhís."



"Seadh, a mh'anamh! Atá an aois a' teacht orm, a
Phádhraic agus atá mé a' cailleamhaint na meabhrach, atá
faitchíos orm. Ach leis an sgéal a ghiorrachan chuadhas
féin agus ceann de mo chuid marcach amach ar Ghort an
Uisge, le fáinniú an lae Dé Luain seo caithte go bhfeicimis
cé'n luas a bhí ionntu seachas a chéile. Aru, a dhuine mo
chroidhe thú! d'fhág mo chapall-sa slán agus beannacht leis
an gceann eile ar an bpointe, agus thiubhrfainn an cúrsa
liom fá dhó cho sgioptha leis; agus maidir le léim a
chaitheamh ní fhéadfainn aon tsamhail a dhéanamh dhó ach
luasgadh an fhaoilleáin lá garbh Márta."



"Sin ainm an-fheileamhnach anois dó a Mhicín" adeirim-se.



"Dheamhan a bhfuil go dona dhe" ar seisean. "Agus
dath bán atá air freisin agus as an uisge. Tháinic sé, mo
chonsias! molfad dho mo mhnaoi mar ainm é - ach déanadh
sí a rogha ainm a bhaisteadh air: béidh cead a cinn ag mo
mnaoi-sa a rogha rud a dhéanamh - agus ní raibh deor alluis


L. 97


leis ach é a' prinncam cho macnusach is bhí sé nuair chaitheas
an diallaid air ar maidin. Dá mbu liom dúithche an
Phaoraigh, dhá mbu liom talamh na hÉireann, dhá mbu liom
an domhan ó bharr go bun agus chuirfinn ar an rása sin
iad."
Is mór an fear capall thú, a Mhicín," adeirim-se.



"Is mór, cinnte," ar seisean. "Ach ní bhéidh mé
socruighthe i gceart go bpósad, a Phádhraic." "Níl rud
ar bith a' dul idir mé agus codladh na hoíche ach go
bhfeice mé mo bhean is mé féin ag treorú marcach Chonnachta
ar fhiadhach dhá thréine"ar seisean.



"Caithfe sé go bhfuil an bhean ina mnaoi mhaith chapaill
mar sin.{"}



"Aru, atá sí, a dhuine, ceal nár chualais fúithi?"



"Atá sí i bhfocal mar sin cheana agat?" arsa mise.



"Aru atá, a dhearbhrathair, le fada, le dhá - le trí
bliana anois."



"Cé í féin ru ? nó an misde fiafhraighe? "



"Sí plúr na mban í, a Phádhraic, agus bhí an t-ádh i mo
chaipín an lá chas Dia liom í, bhí sin," ar seisean.



"An té a mbíonn an t-ádh ar maidin air bíonn sé air
trathnóna, a Mhicín," adeirim féin.



"Níor chualais cé mar bhuail sí liom - cé'n chaint sin
orm! cé'n chaoi bhféadfá mura gcuireadh do mhuintir
sgéala chugat."



"Dheamhan ar chuir, muise," arsa mise.



"Chuaidh mé chuig rástaí na Gaillimhe trí bliana ó shoin,
lá na báistighe móire, más cuimhneach leat é. Bhí tighearnaí
is tuataí ann as éadan a chéile. Bhíos féin thuas ar an
árdán mór agus nuair a bhí rása "Phláta na Gaillimhe' dhá
fhéachaint labhair cailín uasal taobh thiar dhíom "gnóthócha.
'Dearg-ban-is-gorm," ar sise, "agus má ghnothuigheann
cuirfe sé míle punnt in mo sparán." Bhreathnuigheas
féin siar uirri. "Ní ghnóthócha, a óig-bhean," adeirim-se,


L. 98


"ach gnóthócha "Glas-bán-is-buide." Leis sin cé tháinic
aníos chugainn ach a hathair.



"Adeir an duine uasal seo," ar sise, "nach nghóthócha
"Dearg-bán-is-gorm"."



Bhreathnuigh a hathair orm féin -



"Ó! do chéad fáilte, a Mhícheáil," ar seisean. "Rith,
rith," ar seisean, "le n' inghín agus cuir an méid airgid
atá agat ar "Ghlas-bán-is-buidhe"; atá an mianach ceart
agus an tiacht aniar ann," ar seisean.



"D'imigh léi agus ní raibh ann ach go raibh sí i n-am,
agus cinnte go leor ghnóthuigh "Glas-bán-is-buidhe" agus
ghnóthuigh an óigbhean dhá mhíle punt."



"Bhíos féin is a hathair i n-ár "dhá-gcuid-déag" le
chéile agus nuair a d'fhill sí chugainn, "Cheal nach bhfuil
aithne agat ar mo charaid?" ar seisean. "Seo é an duine
uasal a bhfuil an ghroigh chapall aige ar an gCluais i n-aice
le Uachtar Árd.""



"Cheapfá gur as na flaithis thuit mé féin chuici."



"Ó! ní féidir gurb é atá ann!" ar sise. "Is maith
liom do chaidreamh a dhéanamh. Caithfe sé a theacht ar
dinnéar linn tránóna, a athair," ar sise.



"Ó! atá sé geallta a theacht linn cheana féin," ars an
t-athair.



"Tiocfad agus fáilte," adeirim-se, "tuige nach
dtiocfainn le inghín t-athar gan trácht air féin."



"Ní chreidfeá cérbh í féin, a Phádhraic? Ní chreidfinn,
dheamhan é."



"Tomhais?" arsa Micín.



"Níl aon mhaith ann, a Mhicín, dhá mbéinn leis go deo ní
dhéanfainn amach í."



"Inghean an Bhúrcaigh Mhóir," ar seisean, agus goic air
le gaisge is glionndar.



"Ní féidir!" adeirim-se, agus béal orm cho mór le
béal cupáin le iongantas, mar dhóigh dhe!


L. 99


"Mhanam! gur féidir!" ar seisean.



"An é Búrcach Mór a' tSléibhe atá i gceist agat?" arsa mise.



"Go dtuga Dia ciall duit! Búrcach Mór a' tSléibhe
go deimhin! Ní hé agus is maith atá a fhios agat nach
hé."



"Sé Búrcach Mór na gCaisleán mar sin e."



"Cé eile," ar seisean. "Mar atá a fhios agat atá
fuinneog i n-aghaidh gach lae sa mbliain ar a phálás, atá
sin," ar seisean, "agus maidir le saidhbhreas atá sé ann
le cartadh, ach go deimhin níl a gcuid saidhbhris a' déana
aon imní dhomsa."



"Ach leis an sgéal a ghiorrachan, dheamhan a leigfidís
abhaile go ceann seachtaine mé, bhí an oiread sin rud acu
liom agus fá dheireadh bhíos féin cho mór sin i ngrádh leis
an inghin gur iarras uirthi mé phósadh."



"Níor chas aon fhear ariamh liom," ar sise, "a thaithnigh
cho mór liom leat-sa, agus pósfad tú má's féidir."



"Bhfuil aon rud a' déanamh -."



"Atá sé a' rith le mo mhuintir-sa le míle bliain," ar
sise, "nach ceart do'n inghin is sine pósadh mura dtig leis
an bhfear óg atá i ngrádh léi cat dubh a chur ar fáil di -.
cat cho dubh leis a' bpúca; gan fiú aon ribhe amháin bán a
bheith in a chuid fhionnfaigh, le h-aghaidh an ádha. D'fhéach triúr
cheana leis," ar sise, "agus chuartuigheadar Éire agus níor
éirigh leo cat 'fháil bheadh cho dubh leis a' bpúca. "Atáim
féin a' cuartú cinn ó shoin, agus a' sgríobh' ar fud na tíre
a' cur tuairisg' a leitheid ach níor éirigh liom aon cheann
fháil."



"Mara bfhuil dho do choinneál ó phósad, muis," adeirim-
se, "ach an méid sin, is féidir leat sgríobh' chuici agus a
rádh léi an lá a shocrú. Bhíodh cat dubh annseo sul ar fhág
mise an baile agus má atá sé beo tabhair leat é agus
fáilte."


L. 100


"'Son Dé!" arsa Micín, agus d'at a dhá shúil cho mór
le dhá ubhall le teann áthais is luthgháire.



"Mhanam go raibh," adeirim-se, "agus is minic ghníodh
sinn iongantas de nach raibh ribe bán ar bith le feiceál
ann; ach é cho dubh le pic."



"Muise! go saoghluighe Dia thú, a Phadhraic," arsa
Micín, "mara tú thóg an t-ualach dhe mo chroidhe; tiocfa
tú chuig an mbanais, ar fhaitíos go ndéanfainn dearmad
air arís, agus tabhair duine ar bith is mian leat leat
freisin," gur thosuigh sé a' feadaighil go bog binn dhó féin,
gur chroch amhrán go croidheamhail ceolmhar is gur dhubhairt.
"Dhá mbu liom-sa mo roghain de mhná deasa an domain;
sí inghean an Bhúrcaigh ab fhearr liom."



"Cá bhfuil sé, meas tú?" ar seisean.



"Fan go dtige mo mháthair isteach. Béidh a fhios aici-se
cá bhfuil se, atá mé 'ceapadh," adeirim féin.



Cé tháinic isteach ar an ala ach mo mháthair agus tráthamhail
go leor bhí an cat le n-a sálaí.



"Ná leig ort anois, a Mhicín," adeirim-se, "ach má atá
an bhuaidh sin agat adeirir, meall leat é."



D'fhan Micín cois na teineadh go ceann ceathramha uaire
a' cainnt is ag caoin-chómhrádh. Tháinic an cat anuas agus
shuidh ar a ghogaide gar do'n ghríosaigh. Bhí Micín a' breathnú
air go géar.



"Co dubh leis a' bpúca cinnte," ar seisean de chogar
liom-féin.



"Ní dubh go dtí é," adeirim-se.



"Pis! pis! pis!" arsa Micín. "Puisín beag deas!
Puisín beag gleoidhte," ar seisean, a' cuimilt a láimhe dá
chealltar agus dhá shlíocadh.



"Mí-ámh!" ars an cat suas i n'éadan.



Sheas Micín suas -



"Béidh mé a' bogadh liom, a Phádhraic," ar seisean.



"Níl a fhios agam céard atá mo chuid fear a dhéanamh


L. 101


Micín agus an cat dubh


L. 102


mar seo in mo dhiaidh ó mhaidin. Slán agaibh agus go mbu
seacht fearr a bhéas sibh ar theacht dom arís," ar seisean.



D'ionntuigh sé ar a sháil go dtugad sé an doras air
féin. Bhí gad sgadán ar an mballa crochta agus
sgiobas féin ceann acu agus shleamhnuigheas isteach i
bpóca cóta mhóir Mhicín é.



....Rachadh an sean-chat dubh sin seagainne - rachadh sé
i dtigh tubaiste, go maithe Dia dhom é 'rádh, i ndiaidh
sgadán agus nuair a fuair sé boladh an sgadáin
marar lean sé mo dhuine, agus suas tríd an mbaile
mór leis an mbeirt acu - Micín a' siubhal ar a mhíle
dhícheall; an cat le n-a shálaí, cruit déanta dhá dhruim
áige, a iarball caol díreach san aer aige agus chuile "mhí-
amha" cho cráidhte aige is dhá mbu é an meadhon oíche
bhí aige ann.



Bhí sin ceart go leor go dtug aos óg an bhaile fá
deara iad, gur leanadar iad; go raibh idir óg is aosta
in a ndiaidh fá dheire: go dtáinic na póilíos is gur fhuag-
ruigheadar dóibh cúlú agus dul abhaile go raibh sé i
n-aghaidh an dlíghidh do sgata ar bith daoine a bheith le
chéile, gur freagair sgurach eicín iad is gur gearr go
raibh sé in a raic eatorra.



Máiria Neilí a tháinic isteach i gceann leath-uaire a chluig,
gan puth dá hanáil aicí. Nuair tháinic a cainnt chuici:



"Muise! go gcuire Dia an t-ádh ort, nó a bhfuil an
cat istigh, a Bhríghid," ar sise le mo mháthair.



"Cé'n cat?" arsa mo mháthair.



"Do chat féin ru; an sean-chat dubh sin libh féin,"
arsa Máiria.



Bhlaoidh mo mháthair ar an gcat; ach dhá mbéadh sí a
blaodhach ó shoin ní thiocfadh an cat chuici.



"Ó! Dia dhár réiteach! nó céard déanfar chor ar bith,
sé bhí ann cinnte, a Bhríghid," ar sise. "Atá an baile


L. 103


mór thrí'n a chéile aige, agus pílears agus dragúin in a
dhiaidh agus -"



"Croich chéasta chúmhachta choisreacain Dé orainn, nó go
céard atá a' tiacht ort chor ar bith a Mháiria?" Gabh
siar agus tabhair aniar an buidéal uisge coisreacain go
beo, a Phádhraic," arsa mo mháthair liom-sa, "sgannradh
eicín atá a' gabháil dí."



"Dar brígh a' leabhair! a Bhríghid," arsa Máiria, "ní
bréag atá mé 'dhéanamh leat, nach bhfaca mé le mo dhá
shúil féin é a' leanamhain Mhicín a' Ghabha amach bóthar na
Cluaise agus é a' sgeamhaighil go cráidhte. D'imir Micín
easarlaidheacht eicín air cho cinnte is atá sé beo mar ní
féidir le pílear nó dragún greim fháil air nó é chaitheamh
féin; ach é a' cur cruite air féin leo agus a' caitheamh
smugairlí leo. Ní fhaca duine ar bith beo ariamh a leitheid
de rud," ar sise, "agus sé an faitchíos atá orm go mbéidh
sé ina throid idir muintir an bhaile agus na pílears mar
gheall air. Go sábhála Dia na daoine," ar sise.



Ní raibh focal asam féin.



Níor fhan focal ag mo mháthair.



D'imigh Máiría.



I gceann noiméid mó nar sin, bhreathnuigh mo mháthair ar
an ngad sgadán:



"Bhí sgadán eile annsin ar ball," ar sise.



"Raibh?" deirim-se.



"Raibh?" ar sise. "Maith atá a fhios agat go raibh."



"Marab é an greann agat é," ar sise, "a' déana
"seó" dínn os comhair a' tsaoghail. Bu chóir dhuit náire a
bheith ort féin. Bu chóir sin."



....Chualas in a dhiaidh sin go dtug Micín an Chluais air
féin an oíche sin, ach amharc air féin nó ar an gcat ní
fhacas ó shoin; nó níor chualas aon sgéala gur pósadh é;
nó níl a fhios agam a mbéidh an rása mór ar chúrsa na
Cluaise mar bhí sé a rádh.


L. 104


CEANN GAN CÉILL



"Rachamuid do'n Ceathramhain Dola indiu," arsa mo
mháthair liom lá. Ní rabhas ach tuairim sé nó seacht de
bhlianta d'aois an t-am úd agus ní raibh rud ar bith beo
is fearr a thaithnigh liom ná bheith ar an gCeathramhain Dola.
Bhí sléibhte is coillte is locha ann. Bhí coiligh is cearca
franncaigh is lachain is géabha ann, bhí ba 'gus caoirigh 'gus
uain ann, agus bhí "Neidí" staic d'asal bhréagh láidir ann.
Nach agam bhéadh an saoghal ag marcuigheacht, ag seoladh na
mbó, ag iasgaireacht, ag cuartú neadracha gan duine le
cur isteach orm nó méar fhliuch leagan orm; cuma céard a
dhéanfainn. Ní fhéadfá do shrón a chur taobh amuigh den
doras sa mbaile mór nach mbéadh duine eicín i do dhiaidh
dho do thabhairt isteach; ar fhaitchíos go rachadh carr nó
capall treasna ort, nó go gcaithfeadh malrach eicín eile
méaróg leat, nó go dtiocfadh sean-Bhárd, an tincéaraí
mór, is go dtiubhradh sé leis ina mhála tú, nó go n-íosadh
ganndal Mháire Nig Fhionnáin thú, nó go mbuailfead
múille Sheáinín Rosmuc thú sa tsúil, nó go - ach cé'n
mhaith a bheith ag cur síos ar an méid a bhí le tárlú dhuit, dá
gcuirteá do chos thar an tairsigh sa mbaile mór.



Nach mé nigh m'éadan! - chloisfeá 'chuile uis uis den
uisge nuair chuimleochainn mo bhosa de m'ághaidh céad slat
uait. Nach mé chíor is d'ath-chíor mo ghruag go raibh sí chomh
sleamhan chomh slíoctha le craiceann eascon. Nach mé ghlan
is líomhuigh mo bhróga, go bhfeictheá thú féin ionntu; nach
orm bhí an fuadar ar eagla nach mbéinn réidh i n-am! Fá
dheireadh, bhíomar ullamh le h-aghaidh an bhóthair. Bhaineamar
amach gur shroicheamar an Ceathramhain Dola i gceann dhá
uair a chluig agus bhí agam annsin an saoghal nua - domhan
dom féin-a bhí uaim. Nárbh shin í an tslat iasgaireachta
sínte ar chriogaí fá dhíon an tighe! Nárbh shin é an
t-asal i ngarrdha an locha? Agus na h-uain ag


L. 105


léimnigh is ag prinncam dóibh féin i bpáirc a' locháin!
agus na ba siar uainn ar an gCúil Léana. Agus an
madadh - rí-bheag nach raibh dearmad déanta agam air -
ag luasgadh a iarbaill ag teacht fá mo dhéin. Ach is
gearr gur baineadh rith asam; rith a chuir mo chroidhe i mo
bhéal is gur shíleas nach dtiubhrainn mo chosa liom go deo:
an coileach franncach a rinne fáinne dhá iarball - dar liom
go raibh sé chomh mór cruinn le rotha cartach agus a bhain
síneadh as a mhuineál, gur ionnsuigh sé mé féin: go
mb'éigean dom baint as chomh teann i nEirinn is bhí ionnam.
Níor leigeas orm le mo mháthair go raibh aon fhaitchíos orm
ar ndó; ach is cuimhneach liom go raibh sí ag gáirí gidh gur
leig sí uirri féin go raibh an-truagh aici dhom; agus gur
bhagair sí go marbochadh sí an coileach colgach crosta
céadna ach a bhfaigheadh sí greim air.



Thug mo mháthair an bóthar uirri abhaile le contráth na
h-oíche agus fágadh mé féin bfhuil mo shean-mháthar go
ceann míosa mór fada. Nuair tugadh abhaile arís mé bhí
na comhursana ag spiochadh asam ag iarraidh sgéalta fá
chuile ní: ar thaithnigh seo is siúd liom, an fíor gur bainne
asail tugtaoi le'n ól dom; nach raibh aon deor tae ariamh
ar an gCeathramhain Dola, gur leite bhíodh againn le
h-aghaidh an bhricfasta: gur fataí is salann bhíodh ar an
suipéar againn, nach raibh an sean-asal i ndón mé iomchur;
nó nach raibh pincín nó bricín nó boirlín sa loch ann.
Marar cáineadh an Cheathramhain Dola níor cáineadh fós é
agus marar moladh é níor moladh fós é; mise dhá mholadh
ar ndó, agus iad-san ag tiacht rómham ar 'chuile phuinnte.
Nuair a cuireadh go cruaidh orm:



Bhel, bhí rud ann nach bhfuil agaibh-se," arsa mise go
mórdhálach.



"Ara, céard é féin 'ru?" arsa Máiría Neilí mar, bhí
an mí-ádh ar Mháiría - go maithe Dia dhom é - 'chuile lá
ariamh ag spiochadh asam agus ag saigheadadh fúm.


L. 106


"Bhí" "Ceann gan Céill" ann," arsa mise go bródamhail.



"Mh'anam go bhféadfá 'rádh," ar sise.



"Ach ní fhaca tusa ariamh í, nó ní fheicfir," adeirim-se.



"Bhí beirt agaibh ann mar sin!" ar sise.



"Ar chuala tú ariamh, a Mháiría," adeirim-se, "duine
ar bith a bhíos ag magadh go mbíonn a leath fá féin." Ad-
mhuighim go ndeacha an prioca go smior ionnam.



"Ob bu bu búna!" ar sise, "mara maith chuaidh do
mhí dhuit. Cé chuala tú dhá rádh sin?"



"Peaits Ó Tnúthail atá ar leath-shúil," adeirim-se,
"tháinic sé chuig an muileann lá agus cé bhí roimhe ach
Páidín Bacach agus Máirtín Ó Daimhín ón Sean-bhaile.
Ní raibh Peaits taobh istigh de'n doras gur bhain Páidín lán
béil as." "Seachain do shúilí ar an deannach, a Pheaits,"
ar seisean.



D'ionntuigh Páidín, agus gotha feargach go leor air,
air, "is olc a thagas sé dhuit a bheith ag casadh mo shúilí
liom-sa, a Pheaits," ar seisean. "Tú féin agus do shean-
chos bhacach!"



"Ní ag baint fogha ná aithis asta, abair," arsa Máiría.



"Ní ag baint fogha ná asta, dar a shon," adeirim féin.



"Ach céard fá "Ceann gan Céill"; nó cérbh í féin?" arsa Máiría.



"Ní innseocha tú do dhuine ar bith é?"



"Ní innseochad."



"Nó ní thiocfa tú rómham go raibh sé innsighthe?"



"Ní thiocfad."



"Nó ní dhéana tú aon gháirí fúithi?"



"Ní dhéanfad."



"Nó ní bhéidh tú ag magadh fúm arís go deo?"



"Ó! muise teinn t'fhiafruighe ort annsin, marab agat
atá na coingheallacha! deifir ort nó ní bhéidh sé críoch-
nuighthe agat go dtige fear a' phosta isteach."



Níor bheag sin. Bhí a fhios agam go maith dhá gcloiseadh


L. 107


fear a' phosta é go gcuireadh sé i bhfad is i ngearr orm é.



"Ní raibh mé ach i mo shuidhe," adeirim-se, "an chéad lá
dhom ann nuair tháinic Tam Nóra ar a mhadadh chuig an
teach. (Bu cláiríneach é Tam bocht agus bhíodh sé ag dul
thart ar mhadadh mhór mhillteach a bhí aige, agus gí nár chuir
sé cos faoi ariamh ní raibh aon bhuachaill báire i gcondae
mhór-leathan na Gaillimhe chomh mór leis. Ghníodh sé nead
i gcluasa bhuachaillí Uachtar Árd thréis gur cheapadar féin
nach raibh a sárú an taobh seo de Bhaile Átha Cliath)
Nuair chonaic sé mé féin:



"Muise, ní féidir gur tú atá agam ann?" ar seisean,
"nó cé'n chaoi bhfuil do chonablach uasal, cé'n chaoi bhfuil
dho mhama, agus t-athair agus 'chuile dhuine agaibh sa mbaile,
nó a' bhfuil aon sgéal nua leat ón mbaile mór?" D'fhreagras
féin é chomh maith is d'fhéadas.



"Bhfanfa tú i bhfad?" ar seisean. "Atá sé cho
maith duit fanacht linn i gcomhnuí. Ní fhaca tú ariamh ach
an spraoi a bhéas againn. Ceapfaimid coiníní agus
déanfaimid iasgaireacht ag Coradh an Mhuilinn agus béidh
togha saoghail againn, feicfe tú féin."



Adubhras féin, ar ndó' go bhfanfainn chomhfhad's fágfaí
mé, agus nár bhfearr liom aon cheo sa domhan ná bhéith ar
thóir coiníní is ag iasgaireacht.



"Seo," ar seisean. "Cuir rúainne fá t'fhiacail - ag
seachadadh stumpa tobac dom. Canglóchadh sé féin an
méid tobac atá as seo go Baile Átha an Ríogh. Dhiúl-
tuigheas féin de, óir níor lughar liom uisge na bhfataí ná
tobac an t-am sin - gí gur b'iomdha sin gal leigeas le
gaoth ó shoin!"



"Is amhlaidh is fearr é," arsa Tam breágh, "dhá mbéadh
an bheirt againn in a éadan bu gearr a sheasfadh sé."



"Cá bhfuil "Ceann gan Céill" indiu, a Pheige?" ar
seisean le mo shean-mháthair.



"Ní fhacas ó mhaidin í," ar sise. "Atá sí ag sirtheoracht


L. 108


"Ceann gan chéill"


L. 109


léi is dócha. Imtheacht gan teacht don chleiteachán díthcéillí
céanna, atámuid bodhruighthe aici!"



"Níl neart aici air," arsa Tam. "Ach an oiread
leis na daoine nuair theannas an aois leo, is dócha go
mbuaileann leanbuidheachta iad. Meas tú céard a bhí
Ruaidhrí an Mhachaire Mhóir a dhéanamh an lá fá dheire - agus
atá mé 'ceapadh go bhfuil sé tarrainnt ar na ceithre sgóir
anois, a Pheige? - ach trí fhóid mhóna déanta ina ghróigín
aige agus é ag caitheamh léim thartu ar a lán-dícheall.
Dhá bhfeicteá an seársa thugadh sé; is gan air [ac]{ach} a
dhrár is a léine, gan bróg, gan stoca, gan hata, gan
caipín, mura mbéadh agat acht aon gháirí amháin agus chaithfeá
a dhéanamh faoi, chaithfeá sin: "Is mé an fear is fearr
ar an Machaire Mór go fóill," adeireadh sé, "agus é ag
maoidheamh as féin thréis 'chuile léim. Bhí mé féin ag faire
air, taobh thiar de chlaidhe an bhóithrín agus mé ag briseadh mo
chroidhe ag gáirí agus bhéarfainn an leabhar go raibh an
meangadh gáirí ar aghaidh an mhadaidh freisin. Sin é an
chaoi chéanna bhíos sé ag na héanlaith," ar seisean.



"Ach cé hí "Ceann gan Céill" a Tam?" adeirim-se.
"Tara uait," ar seisean, "go gcuartuighimid í." Suas
leis ar a mhadadh. Amach linn siar an bóithrín gur shroich-
eamar 'Sgeach Sheáin Uí Eidhin.



D'ísligh Tam. "Ieb, Ieb, Ieb," ar seisean. Freagrui-
gheadh é.



"Atá sí ann," ar seisean, agus leis sin amach leis an
tsean-chearc fhranncach bu sine is bu gránna dá bhfaca
súil ariamh. Bhí sí ar leath-shúil, ní raibh d'iarball uirthi
ach aon chleite amháin agus é sin féin ar fiar, is gan cleite
gan clúmhach ar a brollach.



"An galra cleiteach atá uirri, a Tam," adeirim féin.



"Ní h-eadh go deimhin," ar seisean, "ach galra na
haoise is na díthcéille. Ghníonn sí na rudaí is aistighe
chonaic tú ariamh; chaithfeá gáirí a dhéanam fúithi amannta


L. 110


dhá bhfeicteá na céapurs bhíos fúithi." Ceapann sí go
mbíonn sí ar gor i gcomhnuí agus go mbíonn álta an
domhain aici leis an bhfuadar a bhíos fúithi, ach go deimhin
féin," ar seisean, "is fada ó bhí teas an ghuir innti an
tsean-óinseach bhocht. Fan go bhfeicimid céard atá annseo
aici?"



Cuartuigh sé. "Mo chroidhe dho Dhia," ar seisean, "mara
bhfuil siad te," agus tharrainn sé amach seacht nó h-ocht
d'fhataí.



"Mh'anam, a chailín," ar seisean, "gur fada bheitheá i
do shuidhe orthu seo go dteagadh éanlaith ionntu. Ní raibh
sí ceart ón lá baineadh an tsúil aisti, cébí cé'n fáth é,"
ar seisean.



"Cé bhain an tsúil aisti?" arsa mise.



"Coileach an sprochaille fhada," ar seisean. "Na
cearca a bhí ag piocadh gráinne arbhair dóibh féin agus an
coileach ina gceart-lár ag déanamh cothrom na féinne
dóibh nuair d'áitigh dhá cheann acu ar a chéile - circín bheag,
bhreac" ghaedhealach agus ceann mór eile dhe na cinn bhuidhe
ghallda úd; Buf Arfington, nó ainm aisteach eicínt
eile mar é atá ortha - fá rud eicínt. Nuair chonaic
"Ceann gan Céill" iad ag tabhairt fá na chéile, rith sí isteach
ag iarraidh réiteach a dhéanamh nuair bhuail "Sprochaille
Fada" gob sa tsúil uirthi, gur bhain an bodach an tsúil
aisti den iarraidh sin. Bu dual dó bheith foghtach go deimhin,
óir bhí a athair féin, má's ceart dom athair a thabhairt air,
ar na coiligh bu sunnda sotalaighe as seo go h-Áth Cinn.
Níor fhág sé coileach i Maigh Cuilinn nó ar an Ros nár
dhall sé. Sé d'fhág malaí gearrtha acu agus a gcneadh ag
déanamh braoin; go mb'éigean cleite a chur ina shróin fá
dheireadh, ach cá bhfuil sí anois?" ar seisean.



Leanamar arís í agus cá raibh sí meas' tú ach fá bhun an
chrainn chaorthainn ag binn an tighe. Bhí sí in a luighe arís
gan cor gan car, gan giog gan geag aisti:-


L. 111


"Si, Si," arsa Tam.



Is i n-aghaidh a cos d'fhág sí a nead agus céard a bhí
fúithi an babhta seo ach ceithre cinn de chlocha beaga, cruinne:



"Ní hiongnadh ar bith é go bhfuil do bhrollach lom," arsa
Tam, "agus cé'n dochar dá mbeadh tada agat dhá mbarr.
Ní fhéadfá "glugar" féin a dhéanamh díobh seo ach feicfe tú
féin nach mar seo bhéas tú i gcomhnuí."



"Céard a dhéanfas tú dí?" adubhairt mé féin.



"Ná bac leis," ar seisean, "is mór an díol truaighe í
agus ní ceart í fhágáil ag déanamh óinsighe dí féin mar sin.
Leigheasa mise an sgéal nó caillfe mé leagan leis."
An lá dár gcionn tháinic Tam arís. Bhíos féin roimhe ag
binn a' tighe.



"Cá bhfuil sí?" ar seisean.



"Fá'n gcaorthann," arsa mise.



"'Bhfeicir an sean-chorcán úd thall a bhfuil a bhéal briste
-an sean-chorcán manntach sin. Tabhair leat é agus
cuir ar fhasgadh fá'n gcruaich choirce é. Fágh sop tuighe
agus cuir ann é, le do thoil."



Rinneas amhlaidh. "Seo," ar seisean, ag tógáil ubh
mhór amach as a phócha, "cuir í sin isteach ann agus cuir
"Ceann gan Céill" ina suidhe uirthi."



Rinneas mar moladh dhom a dhéanamh; agus mura raibh
"Ceann gan Chéill" sásta soimheanmnach ní lá fós é.
Dhúnadh sí an leath-súil a bhí aici. D'fhosgluigheadh sí
arís í:-



"Bhfeicir í ag caochadh na súile orainn?" arsa Tam.
"Atá a fhios aici go bhfuil léithi fá dheireadh. Ní bhéidh sí
ina baintreabhaigh feasta gan meas gan áird ag na héan-
laith eile uirthi. Sin é atá sí ag iarraidh a chiallú." Ach
ní mar síltear bítear. Sin í an ubh bhain rith aisti sul i
bhfad.



Dhá lá ina dhiaidh sin, chualamar an-ropadh sa gcorcán.
Ritheamar fá'n-a dhéin. Bhí an t-éinín gé bu gleoidhte


L. 112


agus bu deise dá bhfaca súil ariamh ann agus a "ge, ge,
ge" aige. Ní raibh cleite ná fíonnach air, ar ndó,' ach an
clúmhach bu mhíne agus bu bhuidhe órdha ar an domhan. Bhí sé
annsin agus 'chuile "ge, ge, ge" aige agus má bhí féin ní
gan fáth é. Céard a bhí an sean-chailín a dhéanamh, meas'
tú, ach ag caitheamh léim san aer agus ag tuitim anuas
ar an éinín bocht, go gceapfá go marbochadh sí é "Do
chroidhe chuig an d - l," arsa Tam, "bhfuil fút é mharbhú
nó céard atá ag tiacht ort chor ar bith." Thóg sé aníos
an t-éinín gur fhág ar an talamh é; go bhfaigheadh sé a
anál "mura tú an leas-mháthair chríochnuighte," ar seisean,
"nach orm a bhí an mí-ádh nár fhág fá'n a mháthair féin é."
Nuair tháinic an t-éinín chuige féin, d'fhéach sé le siubhal
thart. Thuit sé. D'éirigh sé. Thuit sé arís is arís eile.
Bhí "Ceann gan Chéill" ag faire air i rith an ama agus nuair
a chonaic sí é ag éirghe is ag tuitim is ag tuitim is ag'
éirghe is ag iarraidh a sgiatháiníní a shíneadh amach uaidh,
bhuail sgannradh í, leig sgread agus as go bráth léi. A
leitheid de sgréachaighil níor chualathas ariamh. Ní raibh i
sgread na cuirre éisg ach "go mbeannuighe Dia dhuit" ar
a ghualainn. Agus an rith! Ní ag rith a bhí sí, ach ag
caitheamh bonnóg san aer. Amach léithi thar chlaidhtheachaí is
trínsí is páirceannaí ag blaodhach is ag béiciúch. Chuala
na ba í. Croch an bhó bhreac a hiarball san aer, chrom a
ceann agus as go bráth léithi féin thrídh an bpáirc. Chuala
na caoirigh is na h-uain í - rith na h-uain fá dhéin a máithreach
agus rith na máithreacha le chéile. Chuiridís truagh ort ag
méileach is ag méileach, sgannruigh sí chomh mór sin iad.
Chuala an t-asal í. Croch a cheann, chuir a iarball agus a
chosa deiridh uaidh, leig grág agus chuir cioth darthach san
aer de'n iarraidh sin.



Bhí Tam agus a bhéal fosgailte aige ag faire is ag
éisteacht leis an raic; gur imthigh "Ceann gan Céill" thar
thalamh is loch is go dtug Cill 'ac Ghoill uirthi féin. Chois-


L. 113


rig Tam é féin. "M'anam ón d - l, a Phadraic," ar
seisean, "mura bhfuil sí sin glan as a céill. Níl steamar
aici. Cá bhfios dúinn nach ceann de na daoine maithe í?
Atá sí imighthe anois seachas ariamh, ach má atá féin, níl
againn le rádh léithi ach ár mbeannacht a sheoladh ina diaidh.
Agus cuireann sin i gcéill dom nach ceart do mhallacht a
thabhairt do rud nó do dhuine cuma céard a déanfas siad.
"Níor bhris focal maith fiacail ariamh' agus má fhilleann
sí ar ais go deo, ní bhéidh aon olc aici dhúinn."



D'fhill "Ceann gan Chéill," ach má bu mheasa maol bu
seacht measa mullach! Cá raibh sí meas' tú nuair
chuadhmar amach an lá d'ár gcionn? Bhí maistín de mhadadh
caorach ann agus gealladh go raibh cuain coileán aici.
B'olc an maistín í. Thréig sí iad; ach má thréig ní fada
bhíodar ina ndílleachtaí. Chualamar an sglamhaighil fá'n
gcoca féir. Tharraingeamar air agus cé bhí ann ach
"Ceann gan Céill" agus na coileáin bheaga ag sgheamaighil
thart uirthi. Ní go maith bhí na súilí ar osgailt acu agus
is dócha nach mó ná go maith d'aithnigheadar cé bhí acu ann.
Bhris a gháirí air Tam, "Is maith 'n a chéile thú féin 's iad
féin," ar seisean murab é 'tíodhlacan na n-óinseach agaibh
é! Go bhfóire Dia ar dhílleachtaí an domhain. Fanfaimid
go bhfeicimid céard a dhéanfas sí. I gceann tamaill
d'éirigh sí agus d'imthigh léithi fá dhéin tom neanntóg.
Bhain sí billeog agus thug léithi chun an choca í. Is dócha
go bhfaca sí blaosg uibhe ar a bealach óir chas sí agus thug
léithi lán guib dí. D'fhill annsin ar amar na muc go
dtug gráinne min-bhuidhe léithi. "Sháruigh sin a bhfaca mé
ariamh," arsa Tam. "Chuala mé ariamh 'go mbriseann an
duthchas thrí shúilí an chait' - ní dhá cur i gcomórtas leis an
gcat é, go deimhin, dar a shon! Ach cébí céard í "Ceann
gan Céill" atá an carthannas agus an croidhe mór innti,
atá sin, ní fearacht a máthar - ní leasainm "maistín" a
thabhairt uirthi go deimhin. Agus rud eile - "


L. 114


"Atá mé fada go leor ag éisteacht leat," arsa Máiría,
"ag breith greim ar an tlú agus bréagadóir chomh mór - "
ach níor fhanas féin go gcloisinn céard eile adubhairt sí,
agus is orm bhí an t-ádh nár fhanas óir, chuaidh an tlú amach
tharm ar mo dhul amach an doras dom.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services