Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dubhaltach Mac Firbhisigh

Title
Dubhaltach Mac Firbhisigh
Author(s)
Ua Neachtain, Eoghan,
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dubhaltach Mac Firbhisigh



Caibidil I.



An Aois, 1585–1670.



O THÁINIG na Gaill anall sa' mbliadhain 1170 ní raibh
a ndlighthe riamh níos déine i n-aghaidh muinntire na
hÉireann, ná bíodar le linn 1 Dhubhaltaigh Mhic Fhir-
bisigh. Roimhe sin, ní raibh éan éifeacht ina ndlighthibh,
mar nár shroitheadar ar fud na tíre; bhí na dlighthe Gaedheal-
acha 'gá gcleachtadh imeasg na bprionnsaí & imeasg na
dtreabh, & nuair tháinig dlighe i n-aghaidh an dlighe eile, & gach
éan cheann aca ag iarraidh riaghalughadh dhó féin b'éigin do
cheann aca claonadh.



& ní i gan fhios 2 do ghéill na hÉireannaigh. B'fhada & ba
chalma do sheasadar, acht bhí tnúth & cumhachta na nGall chomh
láidir, & 'gá n-oibriughadh chomh fóir-leathan sin, gur éirigh
leó 3 fá dheireadh an talamh do bhaint amach, & do roinnt
eatorra féin. Taréis an Mhumha do roinnt dóibh,4 gabhthas,
san mbliadhain 1587, Aodh Ruadh Ua Domhnaill, an fear do
b'inntleachtaigh i dTír Chonaill, cé nach raibh sé acht sé
bliadhna déag d'aois, & cuireadh i gcarcair i mBaile Átha
Cliath é. Chaith sé trí bliadhna ann, nuair d'éaluigh sé, & sul
d'éirigh leis éalughadh ar fad, gabhthas arís é, & taréis bliadhna
eile d'éaluigh sé ath-uair, & chuaidh sé a bhaile. Bhí Aodh Ua
Néill 'na thaoiseach i dTír Eoghain an t-am soin, & bhí a lán
airm aige chum an cúigeadh do choinneál fá smacht. Acht níor
mhian le na Gallaibh a ngreim do bhogadh ar chúigeadh Uladh &
mhothuigheadar Ua Néill ag dul i neart, ag druidim suas le 5
na ndubhshlán do thabhairt.6 D'á bhrigh sin do hionnsuigheadh é,
acht is eisean bhí buadhach san mbriseadh ag Béal an Átha Buidhe,
& chuir sé rith & ruaig ar an námhaid. An bhliadhain d'ár gcionn
soin,7 i 1599, tháinig an tIarla Essex, acht b'fhusa eisean a
bhualadh ná an dream do chuaidh roimhe, & is beag nach raibh 8


L. 4


an tír faoi féin 1 ag Aodh Ua Néill, nuair tháinig Mountjoy
mar fhear-ionaid na bainríoghna, & an Carrúnach, d'á ndeár-
nadh uachtarán 2 ar chúigeadh Mumhan. Thosuigh an bheirt seo ag
creachadh & ag milleadh an chuir, nó nach raibh geamhar arbhair, ná
bláth toraidh ar bith air ar bh'fhiú cainnt, le feiceál ar fhuaid 3
na tíre. Rinneadh an cleas céadna i gCúigeadh Laighean.
Thug buidhean do mhuinntir na bainríoghna corráin, spealta,
& gléas millte leó, & d'fhágadar an tír 'na fásach 'na ndiaidh.
Dá bhrígh sin tháinig an gorta, & d'éag na daoine 'na sluaigh-
tibh le hocras, le haicíd & le galaraibh do tháinig do bhárr
an ocrais. B'éigin d'Aodh Ua Néill imtheacht go tapaidh go
Cúigeadh Uladh, le na dhúthaigh féin do choimhéad 4 ar na Gallaibh
do bhí ag teannadh air ó fhairrge ó thuaidh, & tríd an tír
i ndeas. Go goirid na dhiaidh sin, tháinig na Spainní le
lámh-chúnganta do thabhairt do na hÉireannachaibh, acht briseadh
an cath orra 5 go léir fá Nodlaig 6 sa' mbliadhain 1601, &
níor fhan mothughadh ná earann ionnta go cheann 7 dhá fhichid
bliadhain na dhiaidh sin.



Acht ní cheal nár sheasadar 8 le chéile i n-iaracht dhána,
níos mó ná éan fheacht amháin. Ba bheag an mhaith sin, ar chuma
ar bith, mar nach raibh an tír go léir fá 9 éan taoiseach ná
éan chomhairle, & dá fheabhas é 10 taoiseach, nó beirt thaoiseach,
chinnfeadh orra obair an iomláin do dhéanamh.



Nuair fuair an Bhainríoghan bás i 1603, bhí a lán muinighine
as 11 Rígh Séamus do tháinig 'na diaidh. Gheall sé go scuirfidhe
d'fhaobhar & do ghleó, & nach leanfaidhe feasta d'imshníomh
i n-aghaidh na gCatoilicí. Nuair a gheall, níor leó-san do
b'fhaillighe é, 12 & d'osgluigheadar na tighthe pobail le Aifreann
éisteacht, an paidrín a rádh, & gach ar bhain leis an gcreideamh
do chur ar aghaidh arís os comhair an oireachtais. Chuir sin
criothnughadh ar na Puritans, nó leigeadar orra féin 13 gur
chuir, tháinig faitchios ar an rígh, Séamus, & d'fhuagair sé go
raibh an ghráin aige ar 14 lucht an pápa, go ndíth-chuirfidhe na
sagairt as an ríoghacht & go gcuirfidhe i bhfeidhm 15 na dlighthe
peanaideacha. Cuireadh i bhfeidhm iad dhá ríribh; & mar bhí
eagla fós roimh thaoisigh chúigidh Uladh, bhí faire géar orra le
fada, le leigean d'fhagháil 16 iad do chur dh'á gcois 17. Bhí a fhios
soin aca, & theicheadar i 1607 do'n Róimh, & fuaireadar bás
ann, tamall 'na dhiaidh sin. Nuair bhíodar-san imthighthe,
cuireadh buidhean-chomhairle ar bun le fios d'fhagháil cia mhéad
do chúigeadh Uladh bhí caillte go dlisdionach ag muinntir
an chúigidh. Chuir an gall-bhuidhean soin cosamhlacht an chirt ar
a ngnó, & tré éirigh-amach Uí Néill, Uí Dhomhnaill, & Uí
Dhochartaigh rinneadar amach gur thuit cúigeadh Uladh go léir
ar sheilbh 18 na Sasanach. Roinneadh annsin os cionn leath-


L. 5


mhilliún acra, do thalamh cuir, ar dhaoinibh síbhialta do bhí ar
an gcreideamh taithneamhach, creideamh na nGall, & rinneadh
sglábhuidhthe do chlann na nGaedheal i nUladh.



Trí bliadhna eile 'na dhiaidh seo do horduigheadh do na
sagairtibh & do'n chléir an tír d'fhágáil: bhí gabháltas éan
duine do chuirfeadh i bhfolach iad 1 le cailleadh aige; 2 cuireadh
toirmeasg ar thuismightheóiribh a gclann do chur 3 go tíorthaibh
coimhthigheacha le hoideachas d'fhagháil, ná oidí do ghlacadh 'sa'
mbaile le na múnadh; & do haithnigheadh do chách i gcoitchinne
dhul go teampaill na nGall, Domhnach & lá saoire. Díth-
cheannadh a lán nár ghéill do na dlighthibh seo, & an dream
nach dtiocfadh go dtí na teampaill rinneadh an cháin deich
n-uaire níos truime orra, 4 mar nar loic lucht a chruinnighthe
ó éagcóir ná ó thruimeacht ar bith dhá ghéire.



Bhí an obair sin air ar tugadh dlighe dhá bhliadhain ar siubhal 5
nuair chuimhnigh lucht an riaghaltais ar fheis do chur ar bun.
Níor facthas feis san tír le seacht mbliadhna fíchead roimhe
sin, & ní dheárnadh an oiread uilc, ná an oiread leasa innti-
se & go mb' fhiú níos mó ná trácht 6 uirri. Acht níor bh'é sin
do'n chomairle air a raibh an ridire Parsons mar uachdarán
san mbliadhain 1617. Do ceapadh an fheis sin le haghaidh
fabhann nó easbaidh nó marach, nó locht do chuartughadh &
d'fhagháil ar an dtiodol-seilbhe bhí ag lucht na talmhan, ar a
ngabhaltaisibh. Le himshníomh & le héigceart bhain an chomhairle
seo fiadhnaise amach le nar dheimhnigheadar go mba leis an
rígh, ó cheart, leith-mhilliún acra do thalamh chúigidh Laighean.



Ar fhagháil bháis do'n rígh 7 tháinig Cormac 'na dhiaidh 'sa'
gcoróin, & bhí seisean go síorruidhe ar easbaidh airgid.
Meabhruigheadh do na Catoilicibh go lagfadh sé na dlighthe
bhí na n-aghaidh dhá dtugaidís sparán maith airgid dó.
Thugadar sin dó, & gheall sé go bhfuighidís cead an dlighe
do phléidh sa' gcúirt, gheall sé nach gcuirfidhe éileamh ar
fhear a mbéadh sealbh a chuid talmhan ag sroitheachtáil siar
ar feadh trí fíchid bliadhain, & gheall sé bheith sásta le
mionna uatha bheith dílis dó féin, i n-ionad an mhionna do
bhí orra 8 cheana .i. gur bh'é féin ceann na hEaglaise. Gheall
sé 'na theannta soin a lán neithe eile, 9 & go nglaodhfaidhe
feis le na gealltamais seo do chóimhlíonadh. Bhí go maith.
Do híocadh an chéad ghála, acht taréis a íoc cuireadh
fuagra amach an chléir riaghalta do dhíbirt as an tír, & an
cháin i dtaoibh fuireacht ó'n teampall do bhaint amach níos
déine & níos géire ná riamh. Agus sin é a raibh do bhárr
sainnt an ríogh ag na Catoilicibh. Ba hí sin an bhliadhain
1628. Chúig bhliadhna na diaidh, tháinig Strafford anall
mar fhear-ionaid. Bhailigh sé feis, d'innis sé dhóibh go raibh


L. 6


fá an rígh 1 a ghealltamais do chóimhlíonadh anois. Díchéillidhe
go leór, thugadar tuilleadh airgid do Strafford le haghaidh
an ríogh, & annsin dubhairt an fear maith seo go raibh a
gcuid oibre déanta, & go mba mhithid dóibh dhul a bhaile.



Thug Strafford aghaidh annsin ar Chonnachta, as a riocht, 2
le sealbh d'fhagháil ar an gcúigeadh sin. Le bagairt, gliocas,
& beartuigheacht, b'éigin do na coisdibh i gcúigeadh
Chonnacht leigean orra 3 gur leis an rígh Conndae Ros-
comáin, Conndae Shligigh, & Conndae Mhuigh Eó, acht sheas
coisde na Gaillimhe i na choinne go dána, & níor fhéad sé
feanc a bhaint asta 4. Thug sé suas go Baile Átha Cliath iad,
chaith sé isteach i bpríosún iad sa' gcaisleán, nó go mb'éigin
dóibh 4,000 punnt cána an fear íoc, & annsin do ghéilleadar-
san mar an gcuid eile. Dhá gcuirfeadh sé i bpríosún i
nGaillimh iad, bheadh teine 'san mbarach, 5 & ár, & raic, &
sléachta ann le iompodh na boise, 6 & bhí a fhios sin aige. Is
dóigh gur b'in é an t-am ar chaill muinntir Fhirbisigh, i
gConndae Shligigh, a ngabháltas.



Is fada bhí cogadh 'gá thuar 7 mar gheall ar an éagcóir a bhí
ar bun, & tháinig sé do sgiotán 'san mbliadhain 1641.
Éan bhliadhain déag do chaith sé ar bun, 8 & i ndeireadh na
dála is iad na Gaill do bhí i n-uachtar. Ar feadh na chéad
bhliadhanta bhí na Gaedhil coipighthe, faobhrach, & a ndíogras úr,
& is mó bhíodar ag gnóthughadh ná ag cailleadh. Ag Beann
Borb, i dTír Eoghain, do rinneadar an t-ár ba chumasaigh 9 do
briseadh ar Ghallaibh insan gcogadh, & tugadh an cath so sa
mbliadhain 1646. Ba hé Eoghan Ruadh Ua Néill do stiúr
na hÉireannaigh ann, & fágadh os cionn trí mhíle fear do'n
námhaid, mín marbh ar an ár-mhaigh. Níor chaill sé féin acht
deichneabhar is trí fíchid do marbhuigheadh, & dhá chéad bhí lottha.



Is é do lag, & do mhill fá dheireadh na Gaedhil an t-am so,
nár bh'fhéidir leó a theacht ar éan inntinn ná ar éan chomhairle
ag cur an chogaidh ar aghaidh. Níor mhian le na sean-
Chatoilicibh géilleadh ar mhodh ar bith 10 do na Sasanaibh, & thug
Runuicíni (teachtaire do cuireadh anall ón bpápa le airgead
& arm), an chomhairle chéadna uaidh; acht ní raibh an dream do
bhí ar thaoibh an ríogh sásta. Idir iad féin & an tighearna
Iarmhumhan bhíodar ag cliseadh, & ag fealladh, & ag imirt ar
a chéile, i gcruth & gur fhágadar bealach leath-réidh go leór
ag Cromail nuair tháinig sé féin i 1649. Is cosmhail gur
i ndán do na Gaedhil i gceart do bhí an donas, 11 óir fuair
Eoghan Ruadh bás fá Shamhain, an séamhadh lá, an bhliadhain
chéadna 12. Ní dheárna Cromail níos mó ná crith-eagla do
chur i n-iúl 13 do'n tír ag Droichead Átha, & i Loch Garmáin leis
an ár 14 do rinne sé. Do chlaon furmhór na tíre roimhe nuair


L. 7


nach raibh neart aca air, na dhiaidh sin, & fá Bhealtaine an
bhliadhain d'ár gcionn, 1 chuaidh sé ar ais go Sasana.



Ní mórán d'fhág sé 'na dhiaidh le déanamh. Deirtear go
raibh milliún go leith 2 duine 'san tír nuair thosuigh an cogadh, &
i n-imtheacht 3 an éan bhliadhain déag do mhair sé, 4 gur cailleadh
a leath 5 soin le pláigh, le gorta, & le faobhar claidhimh. Tháinig
an socrughadh annsin, & roinneadh na daoine na dtrí gcuid .i.



1. An mhuinntir do chuidigh leis an gcogadh.
2. An mhuinntir d'iomchair arm, ar feadh tamaill 6 i n-aghaidh
na nGall.
3. An mhuinntir nach raibh síor-umhal d'fheis na Sasanach.



Bhí an t-anam & a gcuid talmhan le cailleadh ag an gcéad
dream; 7 bhí a gcuid talmhan le cailleadh ag an dara dream,
acht go raibh trian a raibh aca cheana le fagháil i gConnachta
aca; bhí a gcuid talmhan le baint do'n tríomhadh dream
freisin, acht gheabhaidís dhá thrian a raibh aca, acht do dhul ar a
lorg 8 go Connachta. Cuireadh cúirt ar bun annsin, air ar
tugadh “Ár-theach Chromail,” ionnus go dtligfidhe & go
gcuirfidhe chum báis duine ar bith do mharbh éinneach, sé sin
le rádh, duine ar bith bhí san gcogadh ó'n mbliadhain 1641. Ar
an mbealach so, fríoth idir céad & dhá chéad le díth-cheannadh.



Acht ní raibh annsin acht cuid do'n mhallacht. Bhí an talamh
anois le roinnt, an Gaedheal le díbirt, & na “trí beithidhigh”
le milleadh. I 1653 cromadh ar an talamh do roinnt, & mar
nach raibh Gaill a sáith aca le cur isteach i n-áit na nGaedheal,
tugadh cuireadh do Protustúin as an Tír fá Tuinn, 9 & as
Bohemia a theacht, & cur fútha 10 i nÉirinn. Do tháinig a lán
Sasanaigh as an Oileán Úr, & shocruigheadar i gcúigeadh
Mumhan. Díbrigheadh annsin fré na chéile 11 na hÉireannaigh go
cúigeadh Chonnacht & go Conndae an Chláir, cé is moite 12 do'n
méid d'fhan i gan fhios, & d'imthigh amach fá na cnuic. B'iad-
san na daoine air ar tugadh “Tóries” mar leas-ainm; fir do
tharraing claidheamh i ngleó ar son a gcreidimh & a dtíre, & nach
n-imtheóchadh as a ndúthaigh féin mar gheall ar Ghall dá uilce 13.
B'iad-san an tríomhadh beathadhach, & b'é an dara beathadhach
an sagart. Do cuireadh os cionn míle sagart tar sáile 14 an
t-am soin, & díoladh a lán eile aca mar sglábhuidhthe 'sna
hIndiacha Thiar 15. Fuair tuilleadh aca sé pighinne sa' ló, air a
mairfidís ar oileáin Árainn, & Inis bó Finne 16. B'é an
faol-chú an beathadhach eile. Do réir mar d'imthigh na daoine
ar feadh bliadhanta an chogaidh, tháinig na faol-chuin, & bhídís ag
milleadh tréad & eallach na nGall. Acht ó bhí chúig phunnt
le fagháil ar chloigean faol-chon is gearr go rabhadar gann
go leór.



Nuair tháinig an rí i gcoróin arís, shíl an Gaedheal go raibh


L. 8


leis, & tosuigheadh ag díbirt an dreama do thóg sealbh,
& ag tógáil seilbh ar ais. Cheap na daoine go mba
Catoiligeach é an rí, & dá bhrígh sin, 1 & ó thárla gur throideadar
ar a shon, shíleadar go bhfuighidís ceart. Acht is annamh
toil ríoghamhail ag rígh, ná cumas aige ar a thoil do dhéanamh.
Glaodhadh chun a chéile feis, & cuireadh achtanna i bhfeidhm
ag deimhniughadh gur ag an dream nua do shocruigh ar an
talamh bhí an ceart. Cuireadh, freisin, cúirt ar bun le
ceart do thabhairt do na hÉireannachaibh, acht nuair bhí 800
aca ar ais ina gcuid féin, cuireadh críoch ar obair 2 na cúirte
ar fhaitchios 3 go bhfuighidís ar fad 4 a gcuid talmhan ar ais, &
go mbéadh na Gaill níos measa fá dheireadh na bhíodar ar
dtús. D'fhág sin os cionn dhá mhíle díobh nár fhéad a gcúis
do leagann os comhair na cúirte, 5 & uime sin, 6 bhí an bheárna
dheireadh dúnta ina n-aghaidh. I dtaca an ama so fuair
Dubhaltach Mac Firbisigh bás sa' mbliadhain 1670.



CAIBIDIL II.



BEATHA DHUBHALTAIGH.



TAR éis ar mhair 7 do sheanchaidhthe & do sgríbhneoiríbh
Gaedhilge san seachtmhadh haois déag, & amach go
deireadh na haoise sin, is fíor-bheag an t-eólas atá
againn indiu ar bheathaidh Dhubhaltaigh Mhic Fhirbisigh.
Acht is dóigh nach raibh fonn ar Ghaedhealaibh éan-chunntas
fada do chur síos orra féin, 8 do bhrígh go raibh an fóir-éigean
an tarcuisne, an t-an-shógh, & an bhochtanas i ndán dóibh 9.
Ba leór 10 leó an seanchas críon liath do bhí i gcontabhairt a
chailleadh, do choimhéad ó'n mbás, acht bhí an ghéar-leanamhaint
'na ndiaidh, & do rinne sin an obair níos docmhalaighe orra,11
i gcruthamhnas go dtuilleann siad níos mó onóra ná fuair-
eadar fós riamh. Níor chóir, mar sin, leigeann do'n aois
seo imtheacht gan an onóir sin do thaisbeánt do na laochraibh
láidre úd do chosainn seanchas na hÉireann, nuair bhí sí fá
smúid & fá throm-cheó.



Rugadh Dubhaltach Mac Firbisigh tuairim na bliadhna 1585,
i Leacan i nIbh Fhiachrach Muaidhe, & ba do phór fileadha &
seanchaidhthe é, do shíolruigh anuas ó Dhaithi, árd-rí Éireann.


L. 9


I nAnnalaibh Ríoghachta Éireann adeir muinntir Chléirigh gur
éag Giolla Íosa Mór Mac Firbisigh, prímh-sheanchaidhe tíre
Fiachraigh sa' mbliadhain 1279; & gur éag Donnchadh Mac
Firbisigh, seanchaidhe, céad bliadhain 'na dhiaidh sin. Do sgríobh
Donnchadh & Giolla Íosa Mac Firbisigh sa' mbliadhain 1390,
Leabhar Buidhe leacain, leabhar ina bhfuil bailiughadh seanchais
chomh mór soin, & go líonfadh se 2,000 leathanach do'n tsaghas
ina bhfuil na hAnnala i n-eagar ag Seaghán Ua Donnabháin.
'Sa' mbliadhain 1382, d'éag Firbis Mac Firbisigh seanchaidhe
léigheanta, & sa' mbliadhain 1416 do sgríobh Giolla Íosa Mór
mac Firbisigh Leabhar Leacain i mBaile an Leacain, áit do
bhí fá chliú & fá réim ar fhoghluim, 1 & ar sheanchas, an t-am soin.
Adeir Dubhaltach féin 'san réamhrádh do sgríobh sé le haghaidh
leabhair na nGeinealach, go raibh “Clann Firbisigh 'na sean-
chaidhthibh i nÍochtar Chonnacht & i nIbh Fhiachrach Muaidhe, & i nIbh
Amhalghaidh, & Ceara, & ag Uibh Fhiachrach Aidhne, & Eachtga &
ag Sliocht Cholla Uais .i. Clann nDomhnaill.” Do hoileadh
eisean mar an gcuid eile d'á mhuinntir leis an gceird
chéadna do leanmhaint 2. Bhí cáil na heagna, & na héigse ar
chúigeadh Mumhan an t-am soin mar atá fós, & chuaidh Dubhal-
tach óg go coláiste dlighe & feineachais i nIarmhumhan i
dTiobraid Árann, coláiste, air a raibh Aodhagán mac Aodhag-
áin ina Uachtarán. Bhí clann Aodhagáin na haimsire sin fá
árd-réim mar gheall ar a gcuid eólais, & a bhfoghluim, & is
dóigh, gur bh'in é an áit a raibh na “máighistirí léighinn & laidne”
go fairsing. Le linn Dhubhaltaigh, nó b'fhéidir sgathamh roimhe,
is ag an gcoláiste seo do bhíodh muinntir Chléirigh, muinntir
Dhuibhgheannáin, muinntir Mhaolchonaire & an Faoiteach, & fós a
lán air a raibh trácht mhór 3 go ceann fada an lá 4 'na dhiaidh sin.
Tá a fhios againn go mba hé Baothghalach Ruadh mac Aodhagáin,
i dTiobraid Arann, oide Míchil Uí Chléirigh, & gur thaisbeán
Mícheál na hAnnala do Flann Mac Aodhagáin, i mbaile mac
Aodhagáin. Sin rud nár bh'fhéidir leis a dhéanamh 5 roimh an
mbliadhain 1636, mar nach rabhadar sgríobhtha go dtí sin.



Nuair do bhí seal caithte 6 ag Dubhaltach ag an gcoláiste
sin d'imthigh 7 leis go Burruinn, san gcúinne thoir-dtuaidh do
Chonndae an Chláir. B' é Domhnall Ua Dabharáin, an tUach-
tarán do bhí ar an sgoil dlighthe & léighinn 'san áit sin. Fear
clisde léigheanta do b'eadh é, do sgríobh gluais ag míniughadh
Feineachais na Fódla.



Ní haithristear cá ndeachaidh Dubháltach taréis na sgoile
seo d' fhágáil, acht bhí sé i Sgoil Naoimh Niocláis i nGaillimh,
'san mbliadhain 1650. Bhí sé 'na oide ag Ruaidigh 8 Ua
Flaithbheartaigh, & b'fhéidir ag an Loingseach, an Ciardhubhánach,
& ag a lán do “thóisigh thásg” eile i nGaillimh. Is ann do


L. 10


sgríobh sé Leabhar mór na nGeinealach, an saothar deireadh
do rinneadh san gcoláiste sin, do chum “onóra na hÉireann,”
óir go haibéil na dhiaidh seo fuair scrub Chromail greim
air, & tá sé 'na theampall ag a gclainn ó 'n lá soin go dtí
an lá indiu.



Ní'l a fhios go barainneach cár chaith Dubhaltach an chuid
eile dá shaoghal,i acht ó bhí an rud air a dtugtaidhe dlighe ag
géar-bhagairt air, ní dóigh go bhfuair sé mórán suaimhnis.
Rinne sé a lán neithe d'aistriughadh, 2 do Shéamas Mac an
Mhaoir, an Ridire, sul fuair an fear soin bás, san mbliadhain
1666. Ní raibh éan Ghaedhilg ag Mac an Maoir acht bhí spéis
mhór i seanchas aige, 3 & d'aistrigh Dubhaltach cuid mhaith do
na sean leabhraibh dhó. B'éigean dó an obair sin do
dhéanamh le é féin do chothughadh, 4 acht nuair bhí sé na shean-
chaidhe ag flaithibh na hÉireann, do bhí gabháltas, & flaitheas
leathan aige féin ó cheart. Chaill a mhuinntir an talamh &
an mhaoin sin nuair tháinig na Gaill, & mar bhéadh “lom an
donais mhóir” 5 féin ag dul dó, 6 ní hé amháin gur mhair sé ar
an-chaoi an chuid is mó dh'á shaoghal, acht fuair sé an-bhás fá
dheireadh.



Agus is ar an mbealach so d'éirigh sé dhó, 7 do réir mar tháinig
an sgéal anuas ó bhéal go béal, 8 diaidh i ndiaidh, 9 ó n-a aimsir
féin. Chuir Ribeart, mac Shéamais mhic an Mhaoir fios air, 10
ó Bhaile Átha Cliath. D'imthigh leis as baile ar ball 's a
bhfuair sé an sgéala, go dtiocfadh sé go Baile Átha Cliath.
Ar theacht dó 11 go Dún Floinn, sráid-bhaile beag tá 'san
gceanntar ó thuaidh do Sligeach chuaidh sé isteach i dteach
le lóistín na hoidhche d'fhagháil. Bhí sipín beag 'san teach, ar
dhul isteach dhuit, 12 & cuireadh Dubhaltach siar i seomra eile le
bheith ar an gcúlráid, & ar a shocamhal, mar bhí sé críon liath
an t-am so. Bhí cailín óg ag freastal 'san siopa, & níor
bh'fhada go dtáinig saighdiúr, dar bh'ainm Crofton, isteach ar
ghnó éigin. Bhíodh cead a gcinn & a gcos 13 ag saighdiúiríbh
sin 14 Chromail an uair sin, gan dlighe, gan riaghal, gan reacht
a mb'fhiú trácht air, 15 'gá gcosg. Thosuigh Crofton ag
spochadh as 17 an gcailín óg, & ag lúitréis léi, 17 nó gur dhubhairt
sí fá dheireadh go bhfeicfeadh an sean-fhear do bhí 'san seomra
iad. Bhuail spadhar feirge Crofton, 18 nuair chuala sé sin, &
rug sé ar sgin do'n bhord, 19 siar leis, 20 & chuir sé go feirc í 21
i nDubhaltach Mac Firbisigh. B'in í an bhliadhain 1670, nuair bhí
Dubhaltach os cionn cheithre fichid bliadhain d'aois. Agus
b'in í críoch an fhir sin: “An sgoláire éachtach, an máighistir
líomhtha déidheanach do fuair oideas sunradhach riaghalta i
bhfeineachas, i seandacht, i ndlighe, & i dteangaidh na hÉireann.”



Is deacair dhúinne, an tráth so, amhgar & an-bhroid an


L. 11


tsaoghail úd do thuigsint i gceart. Ní dheachamar tré phioc
dhe,1 & is fánach an buille fá thuairim 2 a bhéaras duine do
rud, 3 munar airigh sé féin é. Acht ní fhágann sin nach bhfuil
a fhios go mb'aois í siúd ina ndearnadh iaracht chumasach le
léigheann, foghluim, an teanga Gaedhilge, & gach ar bhain go
sunradhach le hÉirinn 4 do chur i leath taobh 5. Dá mhéid
foghluim, dá mhéid Gaedhealtacht, dá mhéid creidimh dá raibh
'san Éireannach, is amhlaidh ba mheasa & ba ghéire do bhí lucht
na láimhe láidre 'san mullach air 6. Níor cuireadh tréas ar 7
Chrofton fá an dún-mharbhughadh 8 do rinne sé, & muna gcuirfidh
an dlighe tréas ar fhear fá ghníomh nó fá mhí-ghníomh, tá an
dlighe roinn-pháirteach insan ngníomh. Acht má “shíolruigheann
Críostuighthe ó fhuil na máirtíreach,” síolruigheann, mar an
gcéadna, léigheann, foghluim & tír-ghrádh as an-bhás na
ndaoine do marbhuigheadh mar do marbhuigheadh Dubhaltach
Mac Firbisigh.



CAIBIDIL III.



SAOTHAR A SHAOGHAIL.



INSAN mbliadhain 1604 do cuireadh ar bun “Iomarbha na
mBárd” idir Thadhg Mac Bruaideadha, sgoláire
éachtach, & bárd líomhtha do bhí i gConndae an Chláir,
& Lughaidhe Ua Cléirigh, bárd líomhtha eile do bhí i dTír
Chonaill. Bhí sé socruighthe aca-san roimh ré, 9 & i gan fhios,
tosughadh ar an Iomarbha so; & is é an t-ádhbhar bhí aca leis, 10
chum na bhflath do bhí fós i gceannas a ngabháltais do
mhúsgailt ó n-a ndroch-mhisneach, & do ghríosughadh i n-aghaidh na
nGall, & chum práinne do chur aca as 11 cinidhibh & as uaislibh na
tíre. Níor bh'fhada gur bhuail báird eile a ladar isteach 'san
sgéal, 12 ar gach taobh (mar is i bhfilidheacht do bhí an chaismirt ar
siubhal), Mac Bruaideadha & a chomh-lucht ag moladh Clainne
Eibhir, & báird Thíre Chonaill ag maoidheadh sleachta Eireamhóin;
& b'iad-san muinntir Chonchubhair, muinntir Néill, muinntir
Dhomhnaill, & taoisigh móra eile Chonnacht, Uladh, & Laighean.
Chomh fada & bhí an Iomarbha ar bun do treabhadh seanchas na
hÉireann thríd síos & thríd suas, 13 chomh fada siar & bhí ann, 14 &
munar mhúsgail sé an misneach 'sna daoinibh, ar chuma ar bith,


L. 12


sgaoileadh amach i measg sgoláirí na tíre, sruthán eólais do
ba cionntach le sgríbhneóiribh do chur ag saothrughadh oighre-
achta na hÉireann, eadhon, a litridheacht & a cuid seanchais.



Bhí Dubhaltach Mac Firbisigh ro-óigeanta an t-am soin le
bheith páirteach 'san gcainnt, & gidh gur sgríobh sé dhá dhán
nach raibh ioncháinte, ar Ua Seachnusaigh an Ghuirt, ní raibh
sé 'na bhárd ó nádúr. Acht ar a shon soin, níor fhéad sé
gan bíodhgadh 2 chum na hoibre, mar taisbáineadh go raibh an
obair i n-easbaidh a déanta 3. Bhí sean-leabhra an dlighe, &
an tseanchais ag feodhchan, & ag déanamh caonach liath le
haois, 4 i n-iomad ceárd do'n tír, & gan duine le na
leabhraibh dlighe do tuigsint, ná do mhíniughadh, acht triúr nó
ceathar ar a raibh foghluim sunradhach. Bhí Dubhaltach ar
dhuine aca-san, 5 & ní dheirtear go raibh an chuid eile 'na
sgríbhneóiribh chor ar bith. Uime sin, is mór an lán is fiú
gach ar sgríobh 6 an “sgoláire éachtach” ar neithibh éagsamhla.



Do chuir Uilliam Ua hAongusa Croinic na Scot i n-eagar,
& i gclodh, 7 'san mbliadhain 1866. Deir sé 'san réamhrádh gur
cóip an leabhar so (Croinic na Scot), do chroinic do sgríobh
Giolla Íosa Ua Maoileóin, Ab Chluain Mhic Nóis, 'san
mainistir sin, 'san dara haois déag. Is cosmhail, adeir
Ua Comhraidhe, an lámh sgríbhinn leis 8 an sgríbhneóireacht atá
i leabhar na nGeinealach, do sgríobhadh i gColáiste Naoimh
Niocláis i nGaillimh, tuairim na bliadhna 1650. Ní'l 'san
gCroinic acht tráchta gearra ar rightibh & ar fhlaithibh Éireann,
ar chathaibh, & corr-uair ar an méid do marbhuigheadh 9 ionnta, ar
neithibh iongantacha do thárla 10 anois & arís; & gidh nach bhfuil
an t-eólas sár-líonmhar ionnta, ná go ro-shásamhail, tá eólas
áirithe ann, ar chuimse neithe, nach bhfuil le fagháil anois
i n-éan áit eile. Tosuigheann an scanchas leis an mbliadhain,
1599 d'Aois an Domhain, & ní líonann an méid cunntais atá
ar an am soin anuas go teacht Naoimh Pádraig acht trí nó
ceathair do leathanaigh. Ag an mbliadhain 722, insan leabhar,
adeir an sgríbhneóir go dteastuigheann dhá dhuilleóig do'n
tsean-leabhar as ar sgríobh sé, & tigeann an t-easnamh soin
go dtí an bhliadhain 805. Uaidh sin anuas go 1135, ní'l éan-
bhriseadh san seanchas. Is é Ruadhruigh (nó, Ruaidí, mar
tugtaidhe air) Ua Flaithbheartaigh (fear mar Dhubhaltach
do thaoiseach Chonnacht, do sgríobh i Laidin, i n-ionad
i nGaedhilg) do sgríobh furmhór na ndátaí ar chiumhais na
nduilleóg, & do chríochnuigh Dubhaltach a shaothar féin ag an
mbliadhain 1135. Tá briseadh eile annsin ann, & tá beagán
eile 'na dhiaidh, i dtaoibh na haimsire atá idir 1141 & 1550,
& sin é a dheireadh.



Níor sgríobh Mac Firbisigh Gaedhilg chomh hársaidh ar fad


L. 13


le muinntir Chléirigh, taréis go bhfuaireadar go léir
oideachas sunradhach do bhí feileamhnach do sheanchaidhthibh; ná
ní'l an Croinic go fíor-dhocmhalach le léigheamh, gidh gur
sgríbhinn ó'n dara haois déag í. Ar aghaidh na bliadhna 845
tá an píosa so:



“Forandán, Ab Aird Macha, du ergabail ó Gentibh a
cCluain Comarda, cona mindaibh ocus cona muintir, et
ambreth a longaibh go luimnech. Orgain Dúin Masc o
Gentibh, dú ro marbadh Aodh mac Duibh da crioch Ab Tire da
ghlass ocus Cluana Eidnigh, ocus Ceiternach mac Condmaisc,
secnab Cille Dara. Dún la Turges do gallaibh for loch
Ríbh, go ro loitetor Connachta ocus Mide, et cor loiscsiot
Cluain muc Nois cona dertighibh, et Cluain Ferta, Brenuinn,
et Tír da glass, et lotra, et cathracha iomdha. Cathrainedh
for Gentibh ria Niall mac Aodha a Maigh Itha.”



Chífear ó'n méid sin, nach bhfuil an Croinic go han-do-
thuigsionach, acht is fada fiadhnach níos simplidhe & níos
sothuigsionaigh atá an obair do chúm sé féin.



Thosuigh sé tiodal leabhar na nGenealach mar so:



“Craobha coibhneasa & géaga geinealuigh gacha gabhála
dar ghabh Éire ón am-sa go hAdamh (acht Fomhoraigh, Lochlannaigh
& Saxghaill amháin, Lámham o thángadar dár dtír) go
naoimhsheanchas, & réim ríoghraidhe Fodhla fós, & fa
dheóigh clár 'na gcuimsighthear (iar n-urd aibghidre 1) na Slointe
& na háite oirdhearca luaitear isin leabhar-so, do teag-
lomadh leis an Dubhaltach 2 Mac Firbisigh leacain, 1650.”



Ag leanmhuint an tSean-ghnáis ghrianaigh annsin adeir sé:



“Loc, aimsir, pearsa, & tugaid sgribhne 3 don leabhar-so.
Loc dho, Coláiste S. Niocol i nGaillimh, aimsir dho, aimsir
an chogaidh idir Chatoilcibh Éireann, & Erticibh Éireann,
Albun, & Saxan, go háiridhe isin mbliadhain d'aois Christ,
1650. Pearsa dho Dubhaltach mac Giolla Iosa Mhóir Mhic
Fhirbhisigh, Seanchaidh, etc., a Leacain Mhic Fhirbhisigh i dTir
Fhiachrach Muaidhe; & tugaid sgribhne an leabhair chéadna,
do mhórughadh glóire Dé, & do ghéanamh iúil 4 do chách i
gcoitchinne.”



Cá bhfuil anois an té dhéanfas an oiread sain oibre “do
mhórughadh glóire Dé & do dhéanamh iúil do chách i gcoitchinne?”
Cromann sé annsin ag cosaint fírinne an tseanchais, &
cruthuigheann sé ó “seinsgribhnibh Suadh, Sean-naomh &
sruith-sheanchadh Éireann ol-ceana, ó chéadtas na haimsior gus 5
indiu,” ní hé amháin go mb'fhéidir na geinealaigh d'fhoillsiughadh
siar go dtí an fhréimh, acht do bhí sé d'fhiachaibh orra “fá phéin
smachta & a n-onóra do chailleamh” Seanchas Éireann
d'fhíorchoimhéad. Badh chosaint eile ar an bhfírinne, dá m'áil


L. 14


leis a luadh, 1 go mba gnáthach na craobha coimhneasa & na
géaga geinealacha d'aithris 2 os comhair fleidhe, nuair bhíodh
mór-uaisle na tíre cruinnighthe i gceann a chéile 3. Cóimh-
ireann sé iliomad do na filidhibh, na seanchaidhthe, na breith-
eamhuin & na sgéaluighthe do mhair & do sgríobh le linn Chlainne
Neimheadh, & le linn na gabhála do lean iad, 4 & deir sé nach
n-aithristear go dtáinig líne go hÉirinn anuas go haimsir
Naoimh Pádraig ag nach raibh aos foghluma lena gcuid sean-
chais do choimhéad. Do b'i n-éan-sgoil go minic do éigsibh 5
Éireann uile idir fhilidhíbh & sheanchaidhthe, & bhíodh seacht ngrádha
nó céimeanna aca .i. Ollamh, Anradh, Cli, Cana, Dos, Mac
Fuirmidh & Fochlog. (Níor chóir go mbadh deacair na grádha
so d'aithbheodhchan indiu, & comhartha ar leith 6 do thabhairt ar
son gach éan ghrádh aca. B'fhiú iaracht do dhéanamh ar a gcur
ar bun). Bhíodh lucht na ngrádha so ag mion-chuartughadh na
fírinne i leabhraibh na n-ughdar, & dhá bhfáighdís bréag ionnta,
bhí a chliú, a onóir, & a eineachlainn caillte ag an ughdar.
Cuireann Mac Firbisigh síos 7 annsin ar an difir, nó mar deir
sé féin, an neimh-ionannas atá idir iarsma na bhFear mBolg,
& Fear nDomhnann, & Ghailiuin, & Thuatha de Danann, & Mhac
Milidh, & fá dheireadh roinneann sé iomlán an leabhair
mar so:



“An chéad leabhar do Párthalán do chéad-ghabh Éirinn iar
ndílinn, go dtosughadh an leabhair, & teacht Cheasra bheas 8 nach
fiú a roinn. An dara leabhar do Nemhidh, an treas d'Fhearaibh
Bolg, an ceathramhadh ceann do Thuaith de Danann, an cúigeadh
do Ghaedhealaibh, & do Mhacaibh Milidh uile; gidheadh as do
shíol Eireamhóin labhras 9 go críochnughadh dhóibh,10 & as mó an
leabhar soin ináid seacht leabhair iar sean roinn, uair atá ní
as mó ná sin ann ní as líonmhaire ná mar bhí riamh, mar bhus
léir do'n léaghthóir siaruin 11. An seiseadh, do shíol Ir, & do
Dhail bhFiatach; d'fhuil Eireamhóin bheos 12 iad-san uair as éan
duthaidh dóibh 13 i nUltaibh re hathaidh 14. An seachtmhadh leabhar
do naomhaibh Éireann. An naomhadh & an leabhar deireanach,
d'Fhomorchaibh, do Lochlannchaibh & do Gallaibh.”



Le tuairim do thabhairt ar mhéid an leabhair seo, cuirtear
i gcomórtas é le hAnnalaibh Ríoghachta Éireann. Líonfadh
gach a bhfuil do Ghaedhilg ann, míle & trí chéad leathanach chomh
mór le leathanaibh na nAnnala. B'fhíor-leomhan é an fear
do shaothruigh an obair, go mór-mhór 'san am mío-chomhgarach a
raibh sliocht Chromail ag sgaipeadh tuile áir & sléachta ar fud
na tíre. Bhí a mhaoin shaoghalta caillte aige, & b'fhéidir go
mba hé a leas é, mar nach raibh an tóir mhór ag na bratha-
dóiríbh air, i ngeill le gan éan bhrabach bheith le fagháil air.



'Sa mbliadhain 1666 do sgríobh Dubhaltach cóip athchumair


L. 15


do leabhar na nGeinealach, & i réamhrádh an leabhair seo
tugann sé cunntas ar an gcuma ar roinneadh na sglábhaidhthe
bhí i nEirinn ársaidh. Tá cóip do'n leabhar so i nÁrd-Sgoil
Ríoghamhail na hÉireann.



I dtús leabhair na nGeinealach do sgríobh sé mar so:
“Mar do sgríobham inár bhFoclóir Feineachais, labhras go
fóirleathan orra-san (.i. ar ghrádhaibh & ar ord airidhe na
n-éigeas). Agus ar dhligheadh Gaedheal i gcoitchinne.” Do
mhínigh sé san bhFoclóir seo dlighe ársaidh na hÉireann, &
ní raibh fear eile i nÉirinn, le na linn, 1 do bhí i n-ann a
mhíniughadh chomh maith leis. Is insan mBreitheamh Nimeadh
.i. leabhar deireadh shaothair na Seanchadh & na mBreitheamhuin,
do bhí an dlighe ársaidh, & deirtear go bhfuil an Foclóir
Feineachais caillte anois, acht blúire beag atá i gColáiste
na Tríonóide. Nuair bhí Petrí ag sgríobhadh, ceithre bliadhna
& trí fichid ó shoin, dubhairt sé go mb'fhéidir nach raibh an
leabhar caillte an uair sin, mar do sgríobh Mac Uí Fhlanna-
gáin (sgoláire Gaedhilge eile), as, fiche bliadhain roimhe sin.
Má tá sé caillte is mór an sgrios é, gidh nach n-airightear
sin fá láthair, do bhrigh gan saothar na teangan bheith chomh
fada ar aghaidh & go mbeadh a leithéid ag teastáil, níl baoghal
nach dtiocfadh an caille sin romhainn fós.



Is iad so na hoibreacha eile do shaothruigh Dubhaltach.



Sa mbliadhain 1656 do sgríobh sé sár-chunntas ar na
hughdaraibh Gaedhealacha do mhair & do sgríobh ó'n ársuidheacht
anuas, ag tabhairt ainmneacha na leabhar do shaothruigheadar.
Fuair Uilliam Ua hAonghusa cóip do cheann aca i nÁtha an
Daimh 2 i leabharlann an Choláiste, & deir sé nár chríochnuigh
Mac Firbisigh an obair sin. Rinne sé féin an méid atá
ann d'aith-sgríobhadh, adeir sé, le haghaidh an Acadaimh
Ríoghmhail Éireannaigh, acht an bhfuil an cóip san Acadamh?
Deir an Craoibhín Aoibhinn gur chaith sé lá 'ghá chuartughadh
acht nár bh'fhéidir leis a fhagháil.



Sgríobh Dubhaltach Seanchas ar Fhearaibh Bolg, inar thrácht
sé ar na cathaibh do thugadar-san ag Maigh Tuire, 3 ag Tráigh
Eóthuile, 4 & ag Maigh Tuire Tuaidh 5.



Tá na Gluaiseanna so ó'n bhFirbiseach i gColáiste na
Tríonóide do rinne sé i n-amaibh éagsamhla i rith a shaoghail: 6
Cóip do Gluais Chormaic Mhic Chuileannáin, d'éag sa
mbliadhain 908; Gluais do sgríobh Domhnall Ua Dabhruinn,
uachtarán Choláiste Bhuirrinn, ar an dlighe san mbliadhain
1595; Gluais eile ar an dlighe sin 'ghá mhíniughadh go beacht;
& trí blúirí ar leith eile.



Tá Féilire nua nó liodáin na naomh do sgríobh sé i
bhfoirm dána, san Meuseum Bhreatainneach i Lunndain & bhí


L. 16


an dá dhán do chúm sé ar Ua Seachnusaigh an Ghuirt ag Eoghan
Ua Comhraidhe, nuair bhí sé féin beó.



Insan mbliadhain 1665 do sgríobh sé cunntas ar na
deóisibh ársaidhe do bhí i nÉirinn, acht nach raibh 'na ndeóisibh
le linn an ughdair. Do rinne 'Liam Ua hAonghusa cóip
eile do'n leabhar so d'aith-sgríobhadh le haghaidh an Acadaimh.



Do b'aistriughadh ó na sean-leabhraibh an chuid is mó d'á
ndeárna Dubhaltach thar an méid atá luaidhte thuas.
D'aistrigh sé a lán as na hAnnalaibh le haghaidh Shéamais
Mhic an Mhaoir ar feadh na deich nó héan dhéag do bhliadhn-
taibh sul fuair an fear soin bás i 1666. D'aistrigh sé
Féilire Chluana Mhic Nóis 2 dó, & d'aistrigh sé Annala
mhuinntire Aodhagáin le haghaidh an Athar Uí Loingsigh i
nGaillimh.



Tá na leabhra so ag feitheamh fós lena bhfoillsiughadh. 3 Tá
siad clúdaighthe go cúramach annso & annsúd, i leabharlann-
aibh, & ní féidir nó tiocfaidh fear éigin, leis an aimsir, 4 a
mhíneoghas iad nuair a bhéifear buille eile ag aghaidh. 5
Níor cheart a bhfágáil ina gcodladh suain níos sia ná is
féidir é. Níl i n-éinnidh acht seal, & is mithidh do'n
Ghaedheal tosughadh ar a sheal féin do'n tsonas fá dheireadh.



Fuair Dubhaltach Mac Firbisigh do bhárr a shaothair, a
ruagadh amach as a dhúthchas, & marthainn 'na dhiaidh sin ar an-
chaoi, & faoi chuing leath-troime, & dar ndóigh má fuair sé
an-bhás fá dheireadh tá a luach-saothair anois aige i bhFlaitheas
Mhic Dé na nDúl.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services