Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Kilcash, A History 1190-1801

Title
Kilcash, A History 1190-1801
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Flood, John, Flood, Phil
Composition Date
1845
Publisher
(B.Á.C.: Geography Publications, 1999)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



CÚIRT AN GHRINN SEO ORMOND




Agallamh idir iníon agus a hathair, noch do thréig a chreideamh do
ghrá bídh agus dí Cúirte Chille Caise.




I
Is cailín de shleachtaibh duairc mé 'tá ar fualang trém Father,
fear de cheap na suadh, fuair foghlaim agus nós,
le Lúitear go ndeachaidh ar cuaird uainn i gcomhluadar le Sátan
go cúirt an ghrinn seo Ormond, de ghrádh bheith ag ól;
a leabhar gur thréig, 's a phaidrín, 's le bréithribh Dé ní théann a chroí,
's ní mór a spéis in aifreann bhinn Rí gléigeal na gcomhacht,
fios brí na Tríonóide, mo bhrón, liom ní thagrann
ach dom scaoileadh gan choimhdeach i gcoimhdeacht na ndeamhan.



II
A bhruinneall chneasta an tsuaimhnis go luath scuir ded ráitibh:
le Lúitear má chuaigh sluaite go buanghaiste an bhróin
ní rachad leo i gcomhluadar, 's is fuathmhar liom Sátan
do chuir ar dtúis an ársaíocht faoi tháclaí an ghleo;
do thug me seal i n-ifreann saoil, i mbothán deataigh i lúb cois claí,
faoi smúit, faoi thart, ar beagán righis', gan aon ní den só,
's anois ó hoscladh líon dom chun an fhíorsmáilse 'chrothadh dhíom
gan amhras is aoibhinn dom suí scathadh ag ól.


L. 100


III
A Dhaid mo chroí, mo dhanaid chruaidh an tráth buailfear an
truimpéid úd
dod ghlaoch ó leic an tuama go stuamhullach an tsléibhe,
suífidh coiste an Luain ort 's an Mórbhreitheamh taobh leo,
faoi shentence tiubhrar daor tú le haonghean don ól;
is fada mé le galar cinn faoi dhoilíos cléibh is osna im chroí
tríd an bhfear dár glaodh mé mar iníon 's ná géillfeadh don ord
do dligheadh chughainn ón Ríoghmhac is fíortheagasc teampaill
Chríost,
is do Lúitear an aimhlis ná stríocfaidh go deo.



IV
A iníon chliste an stuaimbhirt, go luath ná tabhair daor mé,
's an Pápa 'na thigh súgaí, gur suanmhar leis beoir,
is fada amach an Luan uaim an buabhall úd a séidfear,
's an barraille go dtréigfidh ní ghéillfead dod ghlór;
is beag mar léan d'fhear bocht dem shlí gan mart chun fóirithin am na
dí,
an tart faoi dhó san ló dom chloí, 's mé ag tréigean mo shnó:
ach an jug arís má líontar, 's gurb é mo ghlóire saoghail,
's go mbuailfear le clog cling dom, ní stríocfad don ól.



V
Do leas ó léig tú ar cuaird uait ní buan tú insna grásaibh,
tá an saol so ar rith an luasbhirt 's an cruachath fád chomhair,
ach go n-éileoidh an gadaí fuar tú, agus fuagróidh ort báire,
beidh an jug 's an crúca as dáta 's tú sáraithe ón ól;
siúd é an lá ina mbainfear do chling, do scot dá ghlaoch is é gan díol,
do gheall dá dheánadh ag an mBáille Buí 's gan aon urradh id chóir,
beidh decree ort friotháilte agus mittimus faoi láimh duit
agus Cerberus faoi áthas dod lánghlacadh i gcomhad.



VI
Prionsa an uabhair ná luaigh liom, ná mórmhaistín Sátan,
an Sirriam Buí ná a bháille ní gá liom go fóill,
táid na flaithis fúm ar suíochán i gcúirt an ghrinnse Ormond
's a sailéar súd go dtráfar ní práinn dom gan ól;
sin é féin mo Dhia ar an saol mar a bhfuil cliar dá riar le bia agus fíon,
is ní gairid dóibh ciach ná pianta cinn, daorbhroid ná brón,
an feadh mhairfidh guth nó caint liom is dóibh a dhéarfad mo
phaidrín
le fíorghradam cinnte bheith roimhe anns gach ród.


L. 101


VII
Is measa anois ná riamh tú, is é Dia chuir cúl-lámh leat,
is tharcaisnigh tú an Tiarna thug grian dúinn mar sheoid;
cas anois is iarr Air ód chroí istigh tú a tharrtháil,
ód dhearcaibh sil an áithrí, is gráigh feasta an t-ord;
glaoigh go hard ar choróin na naomh an Mhaighdean mhánla a tháil go
fíor
ar Mhac na Páise básaíodh tríot dod shaoradh ó gach smúit,
mar shúil lena cúnamh go bhfaighidh duit na grása arís
chun diúltú don rúnsmáil do thionsgain an t-ól.



VIII
Dá bhfanfainn i bhfad sínte, cloíte, go tréithlag,
blas na dí 's an mhéathmhairt do thréigean tréd ghlór:
na ríochtfhlaithis chímse i gcúirt an ghrinnse Ormond
dob eaglach go mb'fhán dom dá bhfágfainn a mbord;
ní shásaíonn ráite fáidh ná naoimh ná an tsailm ar slánaíodh Dábhí tríd,
ná an t-aifreann Pápa is fearr mar dhlí dár léadh riamh fós
níor bhinne liom leis éisteacht ná an chlingse tá dom ghlaoch chun bídh
go halla ghreanta an aoibhnis seo, m'fhíornós mar ord.



IX
Is déarmhar faoi dhaoirse i gceap tinnte dhuit sáite
an t-aifreann ó cháin tú le sárghean don bhfeoil,
beidh an diabhal is t'aingeal aimhlis id thimpeall dod ghardáil,
is cúirt an ghrinnse Ormond í tráite gan deor;
ó thréig tú Dia 's A chliar ghlan naoimh le grádh don bpiast chuir srian
le hÉabh,
beidh ár is ciach is pianta id chroí is tú od shracadh ag leomhan,
beid deamhain 'na saithe od shraoilleadh, 'tabhairt aíocht duit i dteach
gan chíos
is t'anamsa dá íospairt ag craoischoin an óil.



X
Do bhreath ná bheart an díoltais lá an daoirse ní gá liom,
ná an phiast dárbh ainm Sátan gé láidir é a chóir,
atá garda sheasta rompu agam i gcúirt an ghrinnse Ormond
d'imreodh an drá leis má tharlaíonn 'na gcomhair;
is é Sparks is Clay 's an séimhfhear Sween, a bhfuil snua na féile ar
a n-éadan mín,
atá i gcló na réx le claíomh do chloígh i gCluain Tarbh thíos na Danes,
sin triúr go mba chuí liomsa guí leo le geanas croí,
is feadh do mhairfid ag coimhéad tís dom ní baol dom na deamhain.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services