Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Trí Rainn agus Amhráin

Title
Trí Rainn agus Amhráin
Compiler/Editor
Ó Dochartaigh, C. agus Ó Baoill, C.
Composition Date
1681
Publisher
(Béal Feirste: Lagan Press, 1986)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SEACHNAIDH SÚIL NÍ NACH BHFAICEANN



Seachnaidh súil ní nach bhfaiceann;
Ní mhaireann grá de bhunadh;
Tig toil agus neamhthoil
Mairg thig fearthain agus turadh.



Do bhís againn iata
Gur scaoil i mbliana ár gcumann;
Is fearthain i ndiaidh thuraidh
Mar taoi ó anuraidh umam.



Ag aon mhnaoi ní bhfuil mo chuimhne -
Scoirfead dem shuirghe feasta;
Cár mhiste bean dom thréigean?
Ach gach éinbhean dom sheachna!



A chroí dár gheallas rem bheatha bheith umhal réidh tláith
Ar mhaoin nó ar mhaitheas, dob fhada leat, úrbhé bhláith,
Go mb'fhíor dá gcanainn re sealad, sa Mhumhain cé tá:
Ní ná faiceann go seachnann súil é a ghrá.


L. 18


B 1681 17D
DIA DO BHEATHA, A NAOIDHE, ANOCHT!



Dia do bheatha, a naoidhe, anocht!
Do ghabh a dhiadhacht daonnacht
Dár saoradh, a chnú chroidhe,
A brú mhaothghlan mhaighdine.



Anocht dob íseal dár bhFlaith
I gcró chumhang an asail;
Mo chean le dtáinig dá thoil,
Dár fhágaibh Neamh im Nodlaig.



Gaol is grá, trócaire is toil,
Le dtug Dia a Mhac dá mhalairt
Dom dhíon ar Chathair na gCiach -
Rígh is Athair is aoinDia.



Dia do bheatha idir asal is damh gan riar,
Is Dia do bheathasa id leanbh, id fhlaith gan chiach,
Is Dia do bheathasa ód Fhlaitheas go Teach na bPian,
Is Dia do bheathasa i t'Athair, id Mhac, id Dhia.


L. 19


CUIRFEAD MO DHROIM RIS AN dTÍR!



Cuirfead mo dhroim ris an dtír!
Tuirseach mise go dtí an bráth:
Le méid mo thola do mhnaoi
Ní feas domh nach oíche an lá.



Deacair domhsa dealúin riut,
A iníon uchtgheal, a chruth shéimh:
Róshearc ag loscadh mo chlí,
Ní bheadh duine i dtír mar mhé.



Mo chroí ina linn fola uait,
Nár mhaithe Críost dod ghrua ghlain!
Uchán, luífead mar ba dual
Is tiocfair ar an uaigh dom chur.



M. á. ní macánta an nós dom é
Ó do chuir smál i gcruth mná do phósfadh mé:
Bí uchán fá bheangán an órfhoilt réidh
Idir láimh mo leannáin fá chomhair mo chléibh.


L. 20



A FHIR ÉADMHAIR AG A mBÍ BEAN



A fhir éadmhair ag a mbí bean,
Éirigh faoin gcith, fear mar chách:
Má tá tú ar tí bheith réidh
Ná tuig choíche méin do mhná.



Ná creid scéal i bhfíor ná i mbréig,
Éisteacht do chluas féin ná cluin,
Ná creid do radharc do shúl,
Leath a dtuigfidh tú ná tuig.



Éigean di bheith do na mnáibh,
Cibé páis do ghéabhaidh tríth';
Atá ar n-aimsir ar an ngrá -
Ní haice féin atá sí.



Bí céad fear i gcaoifeacht na mná ag a mbím
Is ní léir dom ach aon fhear amháin á caomh':
Is é is éifeacht don scéal sin do chráigh mo chroí
Go dtig réad beag de éadmhaire Uí Ágáin tríom.


L. 21


B 1688 17D



SUIRGHE AN CHEIRD DO CHLEACHTAMAR



Suirghe an cheird do chleachtamar:
Dá mbeith neart ar an éigean!
Is doilí ná gach deacracha
An ní cIeachtar do thréigean.



Is maith bua na beathasa -
Ní feas ach don té d'fhionnfadh;
Ina dhiaidh ní mór mo bheathasa -
Ár marthain is mó is iongnadh.



An díomhaoineas rer dhealaíos,
Is crá lem chroí a chuimhne;
Faraor, is bia beathaíos
Anois sinn is ní suirghe.



Suirí an cheard de ghnáth do chleachtaimis riamh,
Is cumann re mnáibh tar chách do bhraithimis fial;
A thuigsin is cáir, an grá gur bheathaigh sinn cian,
Cé minic mé i gcás ina dheaghaidh go mblaisimis bia.


L. 22



TUIRSEACH MÉ DEN TUIRSESE.



Tuirseach mé den tuirsese:
Den tuirse cé táim tuirseach,
Truagh is méid mo thuirsese
Mé ón tuirse go tuirseach.



Tuirse thuirseach atuirseach
Atá orm ina tuirse;
Tuirse tré mbím rothuirseach
Is é ábhar dom thuirse.



Tuirse thréan mo thuirsese -
Tréan mo thuirse cé tuirseach;
Tré ro-mhéid mo thuirsese.
Ní mór nach bhfuilim tuirseach.



Cé tuirseach fann mé, clamprach cumas-ónna,
Go cúthail ceanntrom seanda singilchlócach,
Is tú gan cham gan chaill do m'uile dhóchas
Cú mo chabhra in am ár dtrioblóide.


L. 23


B 1694 17D



AR SHAORBHREATHACH MAC CARRTHAIGH



Do chuala gol ban i gcéin -
Is mairg dom do-chluin an gháir
Ag caoineadh Shaorbhreathaigh na lann,
Ceathrar díobh cé binn atáid.



Gol mná ó Chorcaigh na gcuan,
Gol aduaidh ó Fhear Maí,
Gol ó Bhéal Inse na mbárc
Is bean ó Cheann tSáile ag caí.



Ábhar a ngoil faraor is trua:
Tiarna cróga Caisil cháidh
Do thuit in arm Laoise mhóir,
Aon chú chúnta Chríche Fáil.



Péarla na hÉireann is posta na Mumhan,
Féinics shleachta Éibhir dob oirirc clú,
Tá ina aonar i ngéibheann na cloiche seo fút -
Saorbhreathach éachtach mac Donncha an Chúil.


L. 24


B 1702 18T
U Antoine Ó Cuilleán



PÁDRAIG Ó DORCHAÍ



Rinnis agus ní dhearnais
Maith, a Phádraig, dot shloinneadh:
Créad d'fhásfadh as fréimh dhorcha
Ach géag dhorrga gan oineach?



Ar son an Fhéile a dhíbirt
Tar éis a daoine do chailleadh,
Ar son a beith gan nóchar
Níorbh fhiú léi pósadh leatsa.



Ós don Doicheall is dúcha
Gan cleamhnas do dhiúltú ar bhodach,
Bíodh sé agat mar chéile
Is do loisc an Fhéile sop ort.



Ó torchradh an t-oineach is gur imigh fuil ard Uí Ruairc
Is tar gorm-mhuir uile gur cuireadh Síol nDálaigh uainn,
Is é stoirm an chiotha chuir sinne i do dháilse ar cuairt
Is ní dorcha do shloinneadh ná mar chuiris na Bráithre uait.


L. 25


B 1704 18T
U Éamann Ó Caiside
EILÍS NÍ RODAÍ



Slán fá éirghe Eilíse -
Bláth na scéimhe an tsearcmhnaoise;
Barr ar péin mo bheigchridh'-se
I dtámh 'na déidh dá ndeachmaoisne.



Ríoghan ruithneach mhongbhuidhe
Chríonna chruithgheal leanbaidhe
Cheastach eolach ollmhaidhe
Chneasta cheolach cheannsaidhe.



An bhé ina cat chualabhair
San Saoir-innse sháireochadh:
Gach gné ghalair ghuasachtaigh
Saoilimse go sláineochadh.



Slán fá d'éirí, a réalt an taoibhe tuaidh
Atá gan éiclips d'éis mo bhrí a ghoid uaim;
Do thásc ó bhéal go béal san tír seo chuaigh:
Is fearr an scéal gan mé bheith sínte ar th'uaigh.


L. 26


B 1716 18T
U Anaithne



DO GOINEADH MÉ Ó BHEITH LOM



Do goineadh mé ó bheith lom -
Cár chás lom, ach dólom?
Mo lom féin ní hé do ghoin
Ach lom dá díth dom ghéarghoin.



Mise féin do thug an bheart
Rer goineadh mé go héigeart:
Ar mo lom ní dhearnas ceilt -
Is fada deasca na drochbheirt'.



Tráth ligeas léithe mo lom
Do shíleas go mba ionrúin:
Le neach ná lig do rún
Léithe má bhís in aonbhroinn.



Ná haithris gur theastaigh uait stór go brách
Go bhfaicir do chabhair i ndorn ar fáil:
Más falamh duit, tarraing faoi chlóca an cás,
Nó is tarcaisne is gaire duit mur bhfóireadh an dáil.


L. 27


B 1725 18T



TOMÁS A BÚRCA



Tomás a Búrca, bile os coill,
Craobh úr, aigne shéaghainn,
Slat ghlan fholláin is cliste i gcath,
Mionnán bhriste Búrcach.



Réalta eolais ghasra Ghall
Tomás a Búrca, bláth saorchrann,
Géag armruadh thadhbhachtach thiugh
Adhbhartach glan-tsluagh Gaedheal.



Troigh lúfar i láthair throda,
Samhailt Lughaidh Lámhfhada,
Slat is oirbheartaighe fás
Mac toirbheartaighe Tomás.



Súgach bhí an chluain sin i dtrianta cáidh:
A mbí de dhúchas na n-údar ag draoithe is ag dáimh,
Is fiú dúinn do chlú chur faoi inse fáidh,
A Bhúrcaigh bhí de chrú chnis i gCríche Fáil.


L. 28


B 1729 18T



ABAIR LEIS NÁ DÉANADH ÉAD



Abair leis ná déanadh éad
Is gur bréag an scéal do cuireadh faoi:
Aige féin atá mo ghrá
Is m'fhuath de ghnáth ag a mhnaoi.



Má mharbhann sé mise trí éad
Éagfaidh a bhean de mo dhíth,
Éagfaidh seisean de chumha a mhná:
Is mar sin thiocfas bás an trír.



Gach maith ó neamh go lár
Chun na mná ag a bhfuil m'fhuath,
Is an fear ag a bhfuil mo ghrá,
Go bhfaighe sé bás go luath.



A théagair, is duit do bhéarfainn mo mhíle grá,
Is ó do ghéarshearc nach féidir domh Críost do fháil;
A Dhia ghléigil do bheir réalta agus grian ar aer,
Nach léigthear gach aon neach mar mbíonn a ghrá?


L. 29


B 1750 18L



FÁILTE DUIT GO BÉAL ÁTHA CHLÁIR



Fáilte duit go Béal Atha Chláir
Ag cosnamh ceart Chlann an Bhaird;
Posta an chip ó dtáinig sinn,
Ná loic a bheith cliste i gcomhlainn.



Ollamh Dálach is ursa daoibh
Aon chnó órga as Ultaíbh;
Bua le dán le ráitear ceart
Is buaine cáil dá dtoirbheart.



Le neart bhur lann do cosnadh an clár
Fár shíolraigh sinn ón gCorráth;
Leath na dúiche do buaíodh linn
Ó Chlanna Céin i gcomhroinn.



Clann tSuibhne le roinntí na tailte mar dhuais,
Feacht cinnte fuair pinsean de dheas is de thuaidh,
Ceap sinsir den mhuintir bhíodh i gceannas a slua,
Sár-chinnfoirt na hInse - do sheasfaidís bua.


L. 30


B 1775 18D



MAIRG THAOBHAS BEAN I MO DHIAIDH!



Mairg thaobhas bean i mo dhiaidh!
Focal sin 's a chiall 'na ghar:
Ní gnáth tuile nach dtig tráigh -
Ionann sin is grá na mban.



Lena ngrá ná tabhair léim -
Bristeach a méin, olc a rún;
Grá na mban chugat is uait
Thig 'na ruaig is théid ar gcúl.



An tonn grádha is mó faoin ngréin
Is a bheith ag mnaoi féin ort,
Ná creid sin ach a bheith 'na bhréig
'S a dhul as mar théid an sop.



Bhur muinín ná cuiridh go bráth i mnaoi,
Is dá gcuirthí ba tuigse gan aird gan chaoi:
Bíobla dá dtugadh sí is lámh na naomh,
Is de ghiollaíbh an fhir bhíos i láthair í.


L. 31


B 1775 18D



FADA Ó BHAILE BÓ GAN LAO



Fada ó bhaile bó gan lao -
Ní faide ná laoch gan neart;
A dhuine atá lán den tséan,
Is gairid bhíos an léan ag teacht.



Seabhac úd d'éirigh dá nead,
Éan den aicme is fearr lúth:
A mhacaoimh, tara trat trat!
Goinidh madra gearr cú.



Mairg do thréigfeadh Teach Neimhe
Ar ár mbeatha bhréige-ne:
Cé haird nach baoghal abhus?
An saoghal is mairg mheallas.



Míle is sé chéad de réir mar scríobhaid fáith',
A deich faoi shé, a cúig déag arís ina dheáidh,
Ó theacht Mhic Dé go héag Uí Bhaoill an áigh:
Tuar cumha faoi léan ar Éire choíche a bhás.


L. 32


B 1707 18T
U Seán Ó Neachtain



PÓL MAC AOGÁIN



Na dúile ag fearadh díleann,
Tá gach maoileann ina lánlinn
Is blas na meala mar chaorthann
Gan Pól síthbhinn a bheith lámh linn.



Ní huch duitse, a Chill Mhaighneann -
Anocht is aoibhinn do thórainn:
Do fearadh ortsa mar naoimhchim
An fhlaith ghaoisghrinn mar chomhroinn.



Ní gcúl beag ar foghlaim Éireann
Go bhfuil géibheann ar bhéal Phóil fhinn;
Beidh gach olc budheasta ag spairn linn
An fhlaith ó d'fhág inn, fear an mhóirghrinn.



Fódla an bhean faoi fhrasaibh deor i ngruaim,
Gan treoir gan cheart gan rath gan eol gan stuaim,
On bpól ó dheas ar fad go pól aduaidh
Fá cheo mar bhrat ó scar mo Phólsa uainn.


L. 33


B 1707 18T
U Anaithnid



OSNA NA SCOLÓIGE



Brughach mí-ámhar mise:
Ní thagann síol dá gcuirimse;
Lá an fhómhair is léirchreach linn -
Is lúide mo chruach a gcuirinn.



De chúpla dias an ceathrú cuid
Do bhí i mo ghort - do mheath sud:
An chuid do mheath monuar nach dtig,
Is na codcha a mheath do tháinig.



Tabhartas iad an Bithbheo bhronn,
Ba ardú meadhra is meanman:
Nós Uí Bhriain, do ghair ar ais
An chuid fá fearr den tabhartas.



Ó nár fhreagair an talamh mé féin go cóir,
Mórchuid leanna budheasta do dhéanfad dóibh,
Beoir chosc tarta; ní gheallaim - mo léan go deo -
Go leor den deasca do Ghallaibh nach éigean ól.


L. 34


B 1709 18T



MEILT BHRATHA DON MHUILEANN gCEARR



Meilt bhratha don Mhuileann gCearr
Trí cheathrar a rith san aithghearr,
Go múr Fhinn chuaigh gan chuire
Ina ruaig phraip is píobaire.



Eaglais Midhe iarthar Fáil,
Glacaid meilt an fhoinn fhódbháin:
Mionnaíd gach cóir a chur ar gcúl
Is gach éagóir shíor do shíolrú;



Ó bhfuair uainn cíoscháin an fhoinn
Is buannacht gach baile eadrainn,
Píobaire tiach-lán gan cheilt
Is na trí cheathrar ag cóimheilt.



An dlí do scríobhadh anuas ón stát
A chuir díth creidimh is fíoreagna, monuar, ar chách,
Chuir díbirt ar shaoithe re ruaig is crá
Is chuir trí cheathrar is píobaire suas go hard.


L. 35


B 1711 18T
U Seán Ó Neachtain



PÓL MAC AOGÁIN



An cairneach do bhronn ionar
Go fial miochair do gheoineach,
Guím Dia go dílis
Ná raibh a chlí gan chóta.



An fear mar Ghuaire i bhféile,
Fear gan spéis i dtoice,
Gan easpa é, gan éadáil:
Aois is aonlá ina fhochair.



An fear is frasach íocas
Ceart na haoi is na héigse
Tuirín grinn na gaoise
An ceartfhlaith díreach déirceach.



Snódh gartha ina leacain mar rós a d'fhás,
Beol gasta chun teagaisc is treoir do chách;
Leo sneachta a chorp snasta gan smól gan ghráin;
Pól Aspal, mo dhóigh, maireann sa bPól seo Sheáin.


L. 36


B 1711 18T



PÓL MAC AOGÁIN



An bheannacht uait ro fuaras -
Tabhairt do dhuairc is doladh -
Beirim ar ais gan ghó duit,
Duitse dar cóir an moladh.



Is fearr thuilleas a cháineadh
Duine gan aird mar mise:
Ag fíor-annmhacht mo chuarta
Ag duine i nguais mar ibhse.



An bhean ro bhronnais gan léine,
Glacaimse léithe feasta;
Bean is seisear na ngeoineach
Duit de mo dheoin 'na malairt.



Mo chreach is mo leann gach am mar táir i mbroid,
A chara na bhfann nár ghann i láthair Scoit;
An aicme chuir bang ar do ghreann, ba hábhar suilt
Easpa ina dteannta, angar, gártha is gol.


L. 37


B 1723 18T



ÉAMANN Ó BROIN



Daonnacht, críonnacht, crábhadh,
Caoineas, fáilte, fairsne,
Umhlacht, úire is uaisle
Tá monuar sa bhfeartsa.



Fáidh ceart feasach fíre,
Treoir ghlan díreach dreachach,
Sampla niamh na ndéa-bheart,
Táid, mo léan, faoi leacaibh.



Is príomháidh próimhidh pronntach,
Easpag ungadh sagart,
Scoth na mBranach buíonach:
Táid 'na n-aon san fheartsa.



Beannaithe an bonn gan roinn a bhfuil é ina lár,
An baitheas, an com a d'iompair sé de ghnáth;
Is creachta go lom tá fonn glan féarghlas Fáil
Ó leagadh sa tumba ár muirn, ár bhfeidhm, ár bhfáidh.


L. 38


B 1725 18T
U Máire Ní Reachtagáin



PROINSIAS LAIGHNEACH



Fáilte romhat go Duibhlinn daoineach,
A oide fíre an fhíor-chrábhaidh,
A aoire ionraic úrthréid Íosa,
A chroí dhílis na hil-ghrádha.



Réalt eolais i slíthibh
Go dún naofa Dé dúileach
Proinsias páirteach, cé laighneach,
I bhfoighne is in umhla.



A chéile cumainn an chóir-chreidimh
I dteagasc is i bhfuighle,
Míle fáilte romhat, a chumainn,
Go hÁth ionúin Duibhlinn daoineach.



Dia do bheatha, a chara is a chéile an ghrinn,
Dia do bheatha go cathair an Bhéarla bhinn;
Cian do bheatha sul rachair i gcré nó i gcill
Iarraidh is aisce do Mhailí bhocht féin, a choim.


L. 39


B 1728 18T
U Seán Ó Baotháin



PÓL CÉITINN



Dia do bheatha, a chuid mo choim,
Dia do bheatha go daoineach Duibhlinn;
Dia do bheatha i bhfáilte is céad,
A scanrú mhórga an mhóréag'.



A ghaiscígh chróga, a fhir chlóite an bháis,
Do chreathnaigh an t-éag re huafás;
Seo faoi d' thuairim an cornsa lán
Re "Dia do réiteach", a róghrá.



Athchorn lán don ghrís gan gruig,
Do Christian, nár dhleacht a dhearmad,
Don stua mhaorga, don mhánla mhín,
Íoclia páirteach mo Phóilín.



A Phóil chléibh, na céadta fáilte romhat
Re póg mo chléibh dod bhéal binn bláithcheart cóir;
Is dóigh go mbéimid aerach sásta, ó bhrón,
De dheoin Dé mar d'éirigh ó bhás mo Phól.


L. 40


B 1714 18T
U Séamas Dall Mac Cuarta



NA FÉILTE MUIRE



A Bhláth na bPatriarc



A Bhláth na bPatriarc is a iníon,
A Mháthair na Naomh nach ngeallann bréag
Is go dtiúrfadh aon dealramh amháin ded thaobhsa
Soilse shíoraí do dhá ghréin.



A iníon Jáchim, a Mháire aoibhinn,
A ghairdín fíona i bplandú Dé,
Is go bhfuil naoi gcéad milliún míle
De mhaighdeanaibh naofa i do chathair féin.



Coróin ghlórmhar ar gach ríoghain
Acu bhíos i d'onóir féin,
Is gach iníon óg díobh de ló is d'oíche
Ag tabhairt glóir shíoraí do Mháthair Dé.



A mhaighdean is airde, a bhanríon mhilis na naomh,
Agus moladh do bhláth go bráth nach dtuigeann an saol;
A loinnir na háille, ó táirse i do bhuime na n-aingeal,
A Mhuire, faigh grása agus pardún duinne i do líon.


L. 41


B 1714 18T



NA FÉILTE MUIRE



Fáilte do phátrún an lae inniu



Fáilte do phátrún an lae inniu,
Do bhanríon na mbrugh neartaigh an ghrian,
An mhaighdean mhuirneach nár thuill guth
Is d'iompair ina hucht Mac ó Dhia.



Doras foscailte an tí aird,
Soilse is áille ná gach réalt,
Banríon ar Neamh na naoi ngrádh
Agus scáthán Pharthais thoir is thiar.



Do fuair Muire tíolacadh thar mhnáibh,
Dalta as Parthas, Mac ón Triath;
Cuimhnigh an mhaighdean mhuirneach bhláith,
Gurab í is máthair ar Neamh do Dhia.



A Mhuire thug fuascailt chrua as aitribh na naomh,
Do Mhac a dhul uait faoi chuaisne ar bhearaibh dár ndíol;
A abhaill na huaisle a fuair gach achainí ó Chríost,
Beir m'anamsa suas gan ghruaim, ós leat atá ár ngaol.


L. 42


NA FÉILTE MUIRE



Fáilte an Athar



Fáilte an Athar duit ar tús,
A mhaighdean mhúinte darb oighre Dia;
Fáilte ó na Naoi nOird faoi seach
Ós inniu atá ar Neamh do thriall.



Cé hí an mhaighdean do rug mac
Agus tógadh suas ar Neamh ina hóigh?
Ach amháin Muire ní dheachaigh bean
Idir chorp is anam isteach sa ghlóir.



Cár bheag an moladh do Muire amháin
Í a bheith ina máthair ag Rí na nDúl?
Gur di a foscladh doras Pharthais,
Fuair slí na ngrás chun aithrí dúinn.



A Mhuire is a bhanríon, a mháthair is a bhanaltra Dé
Is a loinnir na háille dhealraíos solas na réalt,
Guigh thusa ar an Athair thug pálás Neamha duit féin
Gan mise a bheith gártha i lámh na ndeamhan nó i bpéin.


L. 43



NA FÉILTE MUIRE



Cuinim an lae inniu



Cuinim an lae inniu, maith an roinn,
Do dhruid linn ríocht Dé:
Do rug Anna do Jáchim iníon
Is samhailtear í leis an réilt.



Réalt na maidne mar do ghní
Theacht le fírinne roimh an ghréin,
Do tháinig Muire is í ina hóigh
Ina maighdin órga i gcoinne Dé.



Ceannaí anmann na dtrí saol,
Breitheamh, Rí is Cruthaitheoir cáich,
Cibé maighdean ag a bhfuil mar Mhac,
Is mairg a shamhail Muire le mnáibh.



Muire le mnáibh ná gnáthaítear a samhail níos mó
Is go ngoileann go hard uirthi an Pápa is treise sa Róimh
Á guidhe chun grása ón Athair do sheachadadh dóibh,
Is le aon achainí amháin gheibh Banríon Neamha dúinn glóir.


L. 44



NA FÉILTE MUIRE



A lóchrann soilse



A lóchrann soilse na Naoi nOrd,
A bhanríon eolais Flaithis Dé,
A mhaighdean do scaoil peaca an úill,
Is mór do chúnamh do Shíol Éabh'."



Cúnamh saibhris do Shíol Ádhaimh
Mac na ngrás do theacht le síth:
Neamh is talamh is ceannaí cáich
Is mór an lán ina hucht ag mnaoi.



Bean ar a nguíonn an trua is an tréan,
Bean ar a ngoilid cléir is tuath,
Bean ar a n-éann na heaspaigh arda,
Bean le mbiam slán Dé Luain.



A bhanríon mhilis fuair coinneal na ngrás anuas,
A mháthair na n-aingeal ar a ngoileann gach Pápa nua,
Más áil leat sinne, déana guidhe ar an Athair gach uair
Is ar ghrá do Linbh glac bille go Parthas uainn.


L. 45


B 1714 18T



NA FÉILTE MUIRE



Déanaimid gairdeachas



Déanaimid gairdeachas ar mhian
Le teacht Íosa in ucht na hóigh':
Cuinim an lae inniu tháinig an t-aingeal
Ag fáiltiú don inín bheannaithe mhóir.



Briathra an Athar ag teacht chun crích'
Dalta na n-aingeal a cheartaigh an riail,
Ceannaí ár n-anmann, is ní le hór
Ach fuil bheannaithe dhóirt ó Dhia.



Maighdean, banríon, bean gan mhairg,
Ríon nár thuill meirg ó chách,
Is aici ó Neamh do chónaigh Dia
Mar fuair an réalt glan tar mnáibh.



Réalt is glaine ná an criostal fá dhó is an ghrian,
Réalt na n-aingeal nár milleadh a hóighe riamh,
Réalt is gile is is finne dár chóirigh Dia:
Is í an réaltsa Muire gheibh iomad na n-ord as pian.


L. 46



NA FÉILTE MUIRE



A mhaighdean do fuair cré



A mhaighdean do fuair cré dár ngaol
Leat go naofa ar Neamh na néal,
Is beannaithe thusa thar gach mnaoi
Is is beannaithe d'aonMhac ina chathraigh féin.



Glóir don Athair is don Spiorad Naomh
Is moladh araon leo gach uair;
Is beannaithe an mhaighdean do chuaigh ina ndáil
Is is doiligh do chách gan a leanúin suas.



Leanfainn féin dá bhfaighinn a cead,
An ríon do ghní leas na naomh;
Is neamhnáir dúinne triall ina déidh,
Bean dá ngéilleann Neamh is an saol.



Banríon ar éanlaithibh an aeir is ar Fhlaitheas na naomh,
Banríon na gréine, réalta agus gealaí gach taobh;
Banríon na cléire, is léithe Dalta na n-aingeal,
Agus máthair Mhic Dhé nach bhféadann na Sasanaigh a cloí.


L. 47



NA FÉILTE MUIRE



Do rugadh maighdean



Do rugadh maighdean faoin amsa
Chun fuascailt na n-anmann as piantaibh;
Tá inniu i bhFlaitheas ina banríon
Is is aici do chónaigh Críosta.



Aon duine riamh dá leanmhantaigh
Ní dhearna dearmad díofa:
Níor lig a n-anam a dhamnú
Le spioradaibh deamhnaí an íochtair.



A maireann de mhnáibh ar talmhain,
Níorbh fhiú a samhlú don inínse
Is gur treise maighdean dá bantracht
Ná na céadta banríon shaolta.



A bhean do ghní an tréas agus thréigeas Muire os ard,
Is gur dise do ghéill Mac Dé ina buime is ina máthair,
Dá mbíodh dalta agat féin, rú, a chéirseach amaideach mhná,
Níor charaid dó an té a dhéanfadh éagóir ortsa ina láthair.


L. 48



NA FÉILTE MUIRE



Ag seo ceann an daichead lá



Ag seo ceann an daichead lá:
Chuaigh banríon Neamh na néal
A dhéanamh íobartha don Athair
Isteach don teampall le Mac Dé.



Do bhí Simeon, fear gan treoir,
Ina sheanduine phróimhidh is é in aois;
Is iad na fáithe do thairngir dó
Go mbeadh beo go bhfeicfeadh Críost.



Beireas ar Íosa ina dhá láimh
As ucht bhanríon Neamh na naomh:
"A Shoilse an tSaoil, ós domh bhí i ndán
d'fheicsin slán, lig mé as pian."



A mhaighdean is muirní d'iompair Mac agus Dia,
A ríon is cuimsí shoilsigh amharc ná an ghrian,
A bhanríon os cionn gach oird dá leanann do riail,
A mháthair na hurnaí, coimrí m'anama, is iarr.


L. 49



NA FÉILTE MUIRE



Cuinim an laesa tháinig anuas



Cuinim an lae-sa tháinig anuas
Mac na huaisle a cheannach cháich;
Ag Muire óigh do rinne cuairt -
Níor scar sí uaidh go bhfaca an Pháis.



Bean thug sábháil do gach slua,
Rug buaidh ar Ifreann dhaor;
Bean thug fuascailt do gach fáidh,
Bean ler sásaíodh Neamh is an saol.



Guím thusa, a inion óg,
Ós díot do ghním dóigh, a shiúr,
Ná lig mé go hIfreann leo
Mar a mbionn dó, loscadh is tnúth.



Le loscadh, le tnúth, gan súil re sochar go bráth
Ach ag osna go dlúth faoi smúid is gan chabhair ón mbás,
Faoi chogadh na súistí is Lucifer á mbrostadh go hard:
A bhanríon na humhlachta, cumhdaigh m'anamsa ón ngáir.


L. 50



NA FÉILTE MUIRE



Cuinim an lae-sa rug Anna



Cuinim an lae-sa rug Anna
An mhaighdean bheannaithe do Jáchim,
An ríon a d'iompair gach solas
Is fuair dúinne an doras go Parthas.



Óginíon dhealbhach ghrianmhar
Mharthanach fhialmhar gheanmnaí
Shoilseach dhealrach dhiaga,
Gheibh carthanacht Dhia dár n-anmain.



A áille an tsolais, ná diúltsa
Cuidiú ár múscladh ó mharbhaibh,
Is ar ghrá do Mhic go ndéanaid umhlacht
Duitse na dúile balbha.



Ceithre mhíle bliain bhí an Tiarna i gcogadh le cách
Fá abhaill an Triatha - mo chian gur briseadh le hÁdhamh -
Nó gur ghin Dia le briathraibh an Macsa fuair Páis
Is gur iompair ar siar an ghrian gan pheaca gan smál.


L. 51


B 1715 18T



FAILTE DON ÉAN



Fáilte don éan is binne ar chraoibh,
Labhraíos ar chaoin na dtor le gréin;
Domhsa is fada tuirse an tsaoil
Nach bhfaiceann í le tiacht an fhéir.



Gach neach dá bhfaiceann cruth na n-éan,
Amharc Éireann dheas is tuaidh,
Bláth na dtulach ar gach taoibh -
Is dóibh is aoibhne bheith á luaidh.



Cluinim, cé nach bhfaicim gné,
Seinm an éin darbh ainm cuach;
Amharc uirthi i mbarra géag
Mo thuirse ghéar nach mise fuair.



Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m'amharc a dh'fháil
Go bhfaicinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás;
Cuid de mo bhua nach ngluaisim ag cruinniú le cách
Le seinm na gcuach ar bhruach na gcoilleadh go sáimh.


L. 52


B 1715 18T
U Brian Ó Ceallaigh



DÓNALL Ó MAOL RIAIN



Geall Gael ar ghaisce ghloinn
Gabhais Iollann na mór-ghéibheann:
An clú céanna ar Chríoch Choinn
Le barr léinn ag Dónall.



Fítheal agus Flaithrí fionn,
Bhí cíos dóibh ar treibh Éireann:
An reacht céanna gan smúid gan smacht
Do Dhónall Ó Maol Riain is rócheart.



I dtoigh na Craobhrua do bhí
Ollúna Éireann gan mórmhaíomh:
Samhail Dhónaill ní raibh ina measc
Le sruthaibh léinn gan oideas.



Ó léanscrios Gael do leithéid níor shaltair sa gcrích,
Ag athbheoú na ndéithe chuaigh d'éag le fada, faraor,
Ag ardú an léinn a chuaigh i dtréas ó d'imigh na draoith':
Coróin na hÉireann ar éigsibh, is ceart liom duit í.


L. 53


B 1717 18T
U Proinnsias Ó Doimhléin



GEARÓID MAC CON MÍ



Gach craiceann libh dár feannadh
Ar feadh gach aird sa tírse,
Anois ó fuair siad leasú
Is maith an t-ábhar bríste.



Ní fearr leat craiceann bathlaigh
Ag a mbíodh a lámh san aoileach
Ná seiche Uí Néill, an barraí,
Á gearradh le deimhsibh faobhrach.



Is olc do cheird, dar liomsa,
Olc do pháirt le saoithe;
Is olc do dheireadh cumainn,
Olc do ghléas chun maoine.



Le géire bhur dteangan do feannadh libh uaisle Gael,
Cé súgach chaithidís oraibhse a maoin is a spré;
A bhunadh na mallacht nach nglacadh siúd, is a fháil
go réidh,
Go bhfaighe sibh banbh na muice nach rugadh is nach
mbéarfaí é!


L. 54


B 1724 18T
U Anaithnid



MÁS TRÍ RAINN DO THEASTAIGH UAIBH



Más trí rainn do theastaigh uaibh,
A chuideachta is cruaidhe fá bhur ndigh,
Ag seo daoibhse fear a ráite
Agus amhrán leis féin ina rith.



Mo thrí rainn is mo dhán díreach
Agus m'amhrán díomhain deas
Ag sin daoibhse, a chlanna Míleadh,
Is mo mhallacht choíche leis.



Is domhsa is cóir an cupán dí,
A dhuine úd a bhfuil an fíon id ghlaic:
Anois ó nach maireann Í Néill,
Coiscthear díom féin mo thart.



An deoch seo do thuilleas de bhua mo rainn
Is fir Chonnacht á sásamh uaim féin go teann;
Ní nárbh fhuras, do thugas an bua sin liom,
Is lán bhur gcupa go slogfainnse suas den leann.


L. 55


B 1733 18L
U Séamas Dall Mac Cuarta



GEARRÁN BHRIAIN UÍ BHEIRN



B'fhearr liom gearrán Bhriain Uí Bheirn
Fúm do m'iompar ins gach ród
Ná a dhéanamh leis mar ghníd na Gaill:
Bheith ar scála cruinn is iad á ól.



B'fhiúntaí liomsa gearrán Bhriain
Fúm thart siar is amach fán mBóinn
Ná a dhul dá mheascadh ar eagán mias,
Fear á dhíol is beirt á ól.



Is iomaí duine ler cailleadh an chiall
I mBaile Átha Fhir Dhia is i mBaile Átha Troim:
Ní lia ná racán i mBaile Átha Cliath
Ag ól fá ghearrán Bhriain Uí Bheirn.



Is iomaí sin iarla, tiarna is viscount ard,
Barún is biatach, cliar is ministir salm,
Fán ngearrán sin Bhriain le bliain á shlogadh ar clár
Is go gcaillid a gciall ag iarraidh coda de a fháil.


L. 56


B 1733 18L



TOIGH CHORR AN CHAIT



Uaigneach sin, toigh Chorr an Chait,
Is uaigneach a bhfir is a mná,
Is dá bhfaighdís ór is fíon
Cha dtig aon díobh i gceann cháich.



I gceann cháich cha dtig siad
Ar ar cruthaíodh thiar is thoir,
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár:
Ionann sin is béasa an bhroic.



Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi
I ndorchadas oíche is lae:
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár
I gceann cháich cha dtig sé.



Ní hionóin leis an ríbhroc aoibhneas, aiteas ná spórt:
Ní hionúin leofa saoi, draoi ná cumadóir ceoil;
Ní hionóin leofa Séamas caoch ná cuidiú Néill óig,
Is fanadh gach aon mar a mbíd ag tochailt an phóir.


L. 57


B 1733 18L



A INÍON ÁLAINN CHIÚIN UÍ NÉILL



A iníon álainn chiúin Uí Néill,
Is fada do shuan tar éis áir,
Is nach gcluin uaisle do chine féin
Thú ag caoineadh do spré tar éis a bháis.



Ceiliúr an éin lúfar luath
Theastaigh uait, a fhaoilinn bháin:
Cha bhíonn tubaiste ach mar a mbíonn spré,
Is déansa foighid ó ghreadadh lámh.



Ó ghreadadh lámh is ó shileadh rosc
Glacsa tost, a fhaoilinn úir;
A inion álainn chiúin Uí Néill,
Faoi bhás an éin ná fliuch do shúil.



A fhaoilinn a d'fhás ó ardrí Uladh na Rí,
Fuirigh mar tá - is fearr é ná imeacht le baois
Faoi d'éan beag a b'áille gáire ar ionnall na gcraobh:
Chan ceist duit a bhás go brách is é nite le haol.


L. 58


B 1733 18L
U Pádraig Mac Giolla Fhiondain



SÉAMAS MAC CUARTA



A leannáin fhíre na sua,
Ansacht gach ríoghain dreachnua,
A fhoclóir caomhcheart bhur bhfoinn
Ler dúisceadh dísleacht gach léighinn.



Ort níor cheil, más dual a rá,
Dhá mhac Allóid a dtromghrá
Le bhfuarthas eolas in am tart'
Go sreabha síthe na hintleacht'.



Léigheann súl cé nach léir daoibh,
A ghnúis chéillí gan anaoibh,
Dar liom ní tearc fá do choim
Gach téama is daoire den fhoghlaim.



Is ó na trí triar atá ag tobar niamhghlan Castália d'ibh
An file grianachsa an deoch do riar thart ar ball mar dhubh,
Gach tuile dá dtriallann den eagna chéanna uaidh ag fás
mar mhil,
Ag friothamh siansa na n-aiste diamhair ón mbánsruth thoir.


L. 59


U Séamas Dall Mac Cuarta
PADRAIG MAC A LIONDAIN



A leannáin ghrá na dtrí dtriúr
De mhaighribh áille gan ainiúl,
Ach mac an Daghdha is tú thoir
Ní bhfuair Clann Ádhaimh dá dtiobraid.



Más de dhraíochta Thuatha an draoi
Fuair mac Daghdha dá gcaraidh,
Is trí mhilseacht do mhéar glan hinn
A ceangladh bá do chumainn.



Trí chanúint do bhéil dhorcha ghrinn,
Ag lorg Thoirealaigh an tseanfhoinn,
Do thabhaigh duit tiobraid na dtrí sruth
Is naonúr Muses á n-ainmniú.



Más trí chaitheamh dísle don eagna is mithid libh
chun báis mo chur
Fán tiobraid shíthe dá bhfuil sibhse líonta, is gan trá
ina bun,
Is gach tuile díofa ar an aiste chéanna ag fás gan scor,
Nó an mise d'íocfadh an mhil do scaoileadh trí bharr
bhur gcrobh?


L. 60


B 1769 18D
U Brian Ó Cathaláin



FREAGRA PHEADAIR UÍ DHOIRNÍN



Más libh amháin is le mic Dhaghdha
Blaiseadh tiobraid na niamh n-áille,
A Dhia, cá bhfuaradar faoi seach
Saoithe Rómhánda a n-intleacht?



Nó Inis Fáil dá macaibh dil
Srotha tonnmhara saorghlan
Na heagna anallód, á rá linn
Aonbhrugh eoil an domhain?



Nó iatha iomdha an bheatha bhuain
Is gach tír iontu gan anbhuain
Ag cothú éigse, file is fáithe
I dtuilte tréana tromdháimhe?



Nach buile an chiall seo a mheas gur diamhair daoibh
féin a chin
Sruth na niamh nua go huile d'fhéachaint is é de
ghréas ag silt?
Ó thiobraid dhiaga ghlan na Tríonóide is léir go dtig
Na tuilte grianghlana úd a ruithnigh fialmhacnaigh
Éabha ó shin.


L. 61


B 1745 18L
U Anaithnid



A PHLANDA DE CHRÚ NA nGAEL FIAL



A phlanda de chrú na nGael fial,
Ná ligse do Thriath as do láimh;
Seachain ort péist na seacht gceann,
An Bhaibealóin mhillteach agus a hál.



Mairtín, Seon is Béalsabúb,
Triúr is lúbaí thoir nó thiar;
Crúcaí Lucifer na locht
Seachain ort, a chrú na gcliar.



Seachain ort, a chrú na ngaol,
Ó Theamhair na Rí is anall ón Spáinn:
Ná bí ag Charon sa bport
Ar eagla anocht go dtiocfadh an bás.



A ógfhir shuairc dá dtug uaisle Gall is Gael
Ansacht bhuan duit is bua le peann is le léann,
A bhrainse do ghluais anuas ón deargfhuil tréin
Ná caill seo thuas le cluain, is ná feall ort féín.


L. 62


B 1745 18L



FAIGH MO CHIALL DOMH Ó GHRUAIMÍN



Faigh mo chiall domh ó Ghruaimín,
A shagairt uasail na paráiste:
Is fíneálta a ghoid sé uaim í,
Ag cur whiskey suas i mo choráiste.



Le tógáil na ngloiní in airde
Ag slogadh sláinte gach féile,
Níl a fhios agam nach ag Máire
A thit pátrún mo chéille.



Cibé hacu ghoid uaim í,
Máistir Gruaimín nó an mhaighdean,
A shagairt ná lig leo í
Má tá a luach d'ór acu in Éirinn.



A Shagairt Uí Néill, de shliocht Fhéilim is Chonaill an áigh,
Ná lig intleacht mo chéille uaim féin le haon duine de Shíol
Ádhaimh:
Le seacht mbliana déag tá Séamas á goid uaim gach lá
Is níor chodail sé néal sa ré sin gan cuid di ina láimh.


L. 63



AISTE AN BHOTHÁIN BHOICHT



Don mbothán is deacair bóin -
Is mairg a théid dá dheoin ina pháirt;
Ceird is doilghe dár chum Dia
Má thairgir a riar é go bláith.



Bean bheag bhorb mhítharbhach
Is scaoth gharlach is doirbh mian,
Is mairg dar cuideachta an drong,
A n-éadach lom is iad gan bhiadh.



Soiléir gach lá dá dtig
Ó bheith ar easpa an bhig is an mhóir,
Súil le furtacht nach mbí i ndán:
Don mbothán trá is deacair bóin.



Do rinne an bothán bochtán bocht buartha díom,
Rinne lasrán fíor-ghreadáin luatha dem chroí;
Do scab sé mo scafántas suas is síos
Agus is é an donán gach fearán dá mbuaileann faoi.


L. 64



CONCHÚR DUBH



Abhac beag nach ábhar gáire
Conchúr Dubh na sean-cháire;
Trú dhealgach nach ndealbhann duain
An míolchú calgach contruagh.



Arrachta beag na bpus ngorm
Conchúr bocht bolg-lom;
Feithide fíor-ghránna gan tlacht
An créatúr tarrlom tarnocht.



I ndeireadh earraigh ag cognadh gráin
Ba chosúil é le harcán:
San samhradh, cé líonmhar bliocht,
Mar phisín amhgar seanchait.



Is é Conchúr Dubh an smuilcín bocht gránna ciar
Do bheireadh an cuirrín is an poicín leis lán ón tsliabh;
A fuair toirtín ón mbruithnín le cáineadh cliar:
Broim an deamhain is an diabhail dá thóin go dian.


L. 65



EOIN Ó MEARÁIN



Caogad míle maighdean óg
Go ngnúis aobhdha is go ndea-chló
Uaim le dithneas go saoi an ghrinn,
Go hEoin Ó Mearáin adeirim.



Mo bhandáil mhíonla romham sa tslí
Gan bhrat gan fhallaing gan léinidh,
Is cé táid faofa, is é deir Eoin
Go bhfaighid síoda is maothshról.



Is é deir Eoin an dara feacht,
Scrúdthóir na n-údar go láncheart,
Go bhfaighid fáilte is fleá gan bhrón
Is gach fíon is daoire sa chomhól.



Do chuir mé isteach faoi ghlas an bhantracht chaoin
Faoi shéala cheart, is dairte Chúipid tríd,
Óir dá bhfaicfeadh an teachta, Donncha óg, a ngnaoi
Do bhéarfadh a shearc dá ndreach is do thriallfadh leo sa tslí.


L. 66



IS AOIBHINN AN GALAR GRÁ MNÁ



Is aoibhinn an galar grá mná,
Ní dob annamh á rá riamh:
Grá marfach don taobh istigh,
Beatha is aoibhne dár chum Dia.



Bí sé mar is aoibhinn leis,
Ní luíonn urchóid air ná aois;
A Dhia, is ionadh do gheibh é bás,
An té a bheir grá do mhnaoi.



Leor leis féin méid a fhlaith',
Beag a spéis i mba nó i maoin;
An té do gheibh is do bheir é an grá,
Do stad sé go bráth faoi aoibh.



A chúileann bheag mhúinte is ceartbhreá déad
Ler dhúiscis go hiúlmhar gach seachrán géar,
Má dúrais nárbh fhiú leat mar leannán mé
Chuas chút le mo shúile mo theannsháith féin.


L. 67


IS TAIRIS LINN DO THEACHT DÁR dTÍR



Is tairis linn do theacht dár dtír,
A úrchnis chaoimh na gcamchiabh tais;
Bheith duitse, más fíor do chách,
Deirid go bráth nach ligim a leas.



Is cuma liom: beadsa di
Cibé ar sa mbith thiocfas as;
Beidh m'ansacht aici d'aimhdheoin cháich,
Cuirim i gcás nach ligim a leas.



Cuirim i gcás nach ligim a leas,
Beadsa choíche i gceasnaí bróin
Go bhfaice mé cúl na sreabh
Fúm seal ar an gcaoi chóir.



Is í Síle, mar shaoilim, í droim ar ais,
D'fhág saoithe na críchese uile sa gceas;
Is díth liom, is mé ar siabhradh buile dá seirc,
Gur saothar saoire mo shaothrú is nach ligim a leas.


L. 68


NÍ RAIBH DUINE A B'FHEARR NÁ AODH



Ní raibh duine a b'fhearr ná Aodh,
Lao na mban agus a mbó;
Fál anois go hantráth:
Is mairg a loisc a theampán leo.



Grá dearfa thugadar duit,
Mná an phuirt ag meabhrú meang;
Ársaím duit, a gheim gan ghron,
Gur grá na con ar an gcaoirigh iad.



Gearr a théid a gcumann go hursain,
Mná an mhurrainn thuir gan bhia;
Is mairg a gcuirfidís gad ina shrathair -
Giollaí an fhir a bhíos i láthair iad.



Cumann mhná an leanna ná tadhaill in áit ar bith:
Má bhíonn ní agat ní heagal duit áit istigh;
Céilí annamh déan aici is bí ag imeacht ar ball i do rith:
Is fearr suí ina aice ná ina ionad is gan a fháil istigh.


L. 69


B 1745 18L



ITEAR IASC I mBAILE SHAC



Itear iasc i mBaile Shac
Agus uibhe cearc i mBaile Átha Troim;
Is dá fhusa síol a chur i sac
Ná gaineamh i ngad i gCrích Choinn.



As gach aird a thig an ghaoth;
Bíonn lao ag an mart;
Don mo scéil orm féin
Ach mur fearr a shnámhaidh an gé ná an chearc.



Bíonn bróg ar fhear ionad an rí;
Ag dul ar slua ní dual a bheith de chois;
Itear pis i bhFine Gall;
Is dá lia arg ann ná ceis.



Bíodán cailleach, ní maith an comhluadar sin;
Aon bhás carad an galar is trua ar bith;
Ní dual searrach ar machaire crua gan rith
Is ní dual cailín gan aire aici ar bhuachaill fir.


L. 70


B 1755 18L



TÁINIG GO TEAGHLACH RÍ AN DOMHAIN



Táinig go teaghlach Rí an Domhain
Gruagach déadgheal dathamhail,
Eala ina láimh leis ón mbrugh
Ag siúl go sáimh ar slabhradh.



Fá miste mná fios a rúin
I dteaghlach Ching éadmhair Artúir:
Scéala ón eala bhinn bhuig
Is dá bhfeara is tinn thánaig.



Ní ghéabhadh an t-éan tais ón toinn
Bia sa mbith ón mnaoi altraim;
Ní ghéabhadh ón mnaoi bhasghil bháin
Gan fíon go mblasmhil d'fhagháil.



An eala mhaiseach do tharraing an gruagach léi,
Nach ngéabhadh beatha sa teach sin a mbuailfí é
Ach fíon dathghlan de bhasaibh na suaircbhan séimh
Nach ndéanann malairt ar a bhfearaibh go huair a n-éag.


L. 71



BÍ DUINE I bPÉIN IS É BEO



Bí duine i bpéin is é beo,
Bí duine beo is gan é slán;
Bí duine slán 's gan é buan
'S bí díol fuatha ar a mbíonn grá.



Bí díol gráidh ar a mbíonn fuath;
Is trua liom 's is muar an brón
Ó m'intinn nach mbidhinn réidh:
Bí duine i bpéin is é beo.



Tá cúis ar nár chuireas críoch
'S nár cuireadh faraor go fóill,
'S dar ndóigh nach gcuirfeam rem ré:
Bí duine i bpéin is é beo.



Tá cúis gan chríoch faraor go deoidh abhus:
Tá muirn ar dhaoithe, is saoithe fógartha uainn;
Más súgach daoine is díreach eolas Dia,
Is nach lú, a Dhia, bhíos a gcroí i mórbhroid phian?


L. 72


B 1759 18L
U Pádraig Ó Prontaigh



AR NA CEITHRE CRÍOCHA DÉANACHA



Cuimhnigh, a pheacaigh, ar do chrích
Is go dtiúrfaidh an Rí chun cuntais thú
Ar son gach briathair, smuaineadh is gníomh
Ar feadh do shaoil dar chiontach thú.



Cuimhnigh go cinnte ar an mbás,
Cé bhír neamhchásúil ann gach uair,
Is go dtiocfaidh i d'ionsaí gan ró-spás
Cé taoir láidir lán de dh'uaill.



Cuimhnigh fós ar an mbreith fhíor
Do bhéaras an Rí ort, monuar:
Go gcuirfidh thú i nglóir shíor
Nó go hIfreann síos i dtintibh buan.



Cuimhnigh do chríoch go síoraí, a dhuine atá i suan,
Is ar an mbreithiúnas fhíor tá ag Críost i do choinne Lá an
Luain:
Flaitheas má shaothraís beir choíche ar deasláimh an Uain
Ach sa bpeaca má bhír is leat piantaibh Ifrinn go buan.


L. 73



AR NA SEACHT bPEACAÍ MARFA



Do pheacaigh mé in aghaidh mo Rí
Trí mhíle milliún uair
Le smuaineadh, le briathar is le gníomh
Is le gach slí dá dtig liom a lua.



Do rinneas na mílte uair peaca an drúis:
Ag seo an chúis atá dom chrá,
Nach bhféadaim féachain ar do ghnúis
Ó mhéad na smúide atá i mo lár.



Peaca feirge fós, monuar,
Na céadaibh uair do rinneas é;
Meisce, saint, tnúth is uabhar,
Is i leisce ar uairibh ba chiontach mé.



A Íosa mhic Dháibhí, tabhair pardún i mo pheacaí go léir
Is ná daoirsigh go bráth ag an Áibhirseoir m'anam i bpéin;
Ó d'íocadh ár gcáin leat, a Ardrí, ar bheara an chrainn
chéast',
Ná lig choíche leis an sclábh sinn i bParthas chuir cathú ar
Éabh.


L. 74


B 1762 18L
U Anaithnid



CHAN SRANNÁN SAINNE DED SHÓRT



Chan srannán sainne ded shórt
A mheallfadh fós géag mar táim;
Ba aite liom scafaire an úr-chró
A leagfadh ar dóigh mo chúl le lár.



Chan é - an sainne bheith os mo chionn
Bheirim droim is freiteach dó:
Tabhair a dheasca don fhear a d'ól an leann
Is cha sásaíonn greann an bhean níos mó.



Ní beag liom fad mo spéis'
I do chumadh bréag is cur orm cluain;
B'fhearr liom fear nach ndéanfadh pléid
Is rachadh de léim de m'ainneoin suas.



Ba aite liom suairceas ar uaigneas coille,
Ó scafaire shuairc a mbeadh a chuaille ina ...
Chan é an sainne suaite a mbeadh ruagaire ...
Nach rachadh sé suas ach mura mbuail siad ar ...


L. 75


B 1765 18L



NÍ COMHFHADA BARRA NA MÉAR



Ní comhfhada barra na méar,
Ní bhíonn cách uile comhthréan;
Clár ní bhíonn gan bhranán;
Ní dual ál gan uachtarán.



Ní hionann fhásas gach slat,
Ní hionann intinn do gach aonmhac;
Ní hionann ágh ná clú don chlainn
Is ní lán gach cnú sa gcrobhaing.



Ní thig gort gan diasach fia -
Ársaím duit ciall mo rainn:
Ní gnáth neach ar a mbíonn séan
Gan léan a bheith ar chuid dá chlainn.



Ní gnáth socairghort nach fogas do mhóinín fraoich;
Ní gnáth lochán gan abhainn ag dul tríd síos;
Ní gnáth rotha nach fogas dó iompú arís
Is ní gnáth sonas gan donas a bheith ina orlaí tríd.


L. 76


B 1769 18D
U Peadar Ó Doirnín



AN DÁ SHÉAN



Bhí Séan againn ba suairc i gcéill,
Sréadaí uasal na seanGhael;
Adharc líonta riamh faoina choim -
Níor iarr ach fíon de chomhroinn.



Séan a phronnadh maoin is ór
Mo chrá ina luí faoi thromfhód,
Is Séan nach roinneann spré ná leann
Ina ionad mo léan go maireann.



Is annamh thig díth céille i gcéill,
Séan dob fhearr ná an chéadShéan;
Séan mar Ghuaire i gcill ina luí
Is Séan mar thuata ina chathaoir.



Den dá Shéan sin dob é an Séan dob fhearr liom ina
phríomháidh beo
Séan dob fhéile de shliocht Mhilesius ba dísle nós,
Ós é nach séanadh fíon ar éigse agus dhíoladh scór;
Ach an dara Séan seo, bíonn fuiscí ina adharc leis: ní
bhfuighinn uaidh deor.


L. 77


B 1770 18D
U Anaithnid



A BHEAN A CHAOINEAS DO CHÉILE



A bhean a chaoineas do chéile,
Is líonmhar lucht na domhéine:
Bain fút sul chaithfir do chorp
Is gurb aithne dúinn do dhúthracht.



Ní tú aon bhean ór éag a fear:
Beannacht leis! Lig dá chaoineadh;
Ní bhfuighidh caoineadh é tar ais
Is ní hé aoinfhear é dár fhéachais.



Minic do thugais, más tú, sin,
Malairt rúin in áit uaignigh;
Fá do chéile cé gur mór do bhroid,
Do mhná fear eile níorbh ionraic.



A bhean a chaoineas go líonmhar frasa do dhéar,
Ná cloíghse do bhríse is gurb aithne do mhéin:
Ní tú aon bhean dár críochnadh a searc leis an éag
Is nach raibh mí nó gur líomhnaíodh fear ort ina dhéidh.


L. 78


B 1775 18D



A INÍON tSUAIRC AN CHRUTHA GHLÉ



A iníon tsuairc an chrutha ghlé,
Ós nuachar duit le céile grá,
Seachain seilg Fhoraois na gCraobh
Is a heilit mhaol ler daoradh mná.



A chnó gaoil, ná sín crobh
Re bia ná deoch, re ceasta ceilg,
Ar eala ghruagaigh ón toinn anfa
Ler daoradh bantracht an Halla Dheirg.



An brat sin Aoife Iníon an Deirg
A choíche ná tairg a chur ort mar scáth
Le ceasta a theannta fán bpíb nua,
Ler tuilleadh fuath fá thrí do mhnáibh.



A iníon is a charaid, ná taithighse choíche an tseilg
Is ná lig ar th'amharc an eala chuir daoine i bhfeirg;
Seach ní ar an talamh seachain, a chroí gan cheilg,
An caoinbhrat tana bhí tamall ag Iníon an Deirg.


L. 79


U Brian Ó Cathaláin



DO PHEACAIGH MÉ I D'AGHAIDH, A RÍ



Do pheacaigh mé i d'aghaidh, a Rí,
Le droch-ghníomh is gan fios mo lóin,
Ach ar mo shon ó d'fhuilingis páis
Ná tabhair do ghrása uaim gan treoir.



Tabhair domhsa ó táim á thagra
Maithiúnas mar Pheadar, tráth do chaígh,
Thug sin is go Flaithiúnas fáilte
Don ngadaí in airde re do thaoibh.



Bheir Tú maithiúnas do gach duine
Ort dá sireann grása,
Is ó tharla Thú chomh fial sin,
Tá mise ag iarraidh Pharthais.



A Chruthaitheoir na slua a d'fhuascail sinne as péin,
Má táimid gach uair trí nuachionta ag triall go claon,
Ná lig inne uait faoi ghruaim na ndeamhan go daor
Ach tabhair inne suas gan ghuais go Cathraigh na Naomh.


L. 80


B 1780 18D
U Anaithnid



DÓNALL MAC BRÁDAIGH



Mo mhíle beannacht leat gach am,
A leabhráin bháin na gcaomhrann,
Go hAchadh Rathain mar bhfuil an tsaoi,
Tuigseoir beacht do chnuasaigh.



Tabhair mo bheannacht fós fá thrí
Do cheannfort suairc an teaghlaigh,
Dá chéile bhláith is dá chlainn fá seach:
Dream gan chlaon le hoineach.



Ar Dhónall Mac Brádaigh tá mo thriall,
Oide líofa an Gharbhthriain,
Eolaí beacht san eagna ghrinn
Fuair cliú le féile is foghlaim.



A Mhic Bhrádaigh, mo chrása gur fada liom siar
Do dhún-áras ar a dtráchtaim anois a bheith ag triall;
Dá mbíodh fad ráithe sa lá-sa, nó tuilleadh is bliain,
Ba ghráin é dá bhfágainn thú sa mbaile romham thiar.


L. 81


B 1782 18D



DÓNALL AN SAOR-GHRUAGACH



Dónall an saor-ghruagach:
Den mbéim bhuadhach ar tulaigh
Re hoscar an chaol-chuaille
Gur bhain céad uaill as an gcuradh.



Is fuafar fuilteach feargach
Bhí an laoch calma ina choinne
Gur bhuail Dónall a chreat faoi thalmhain
Gan faobhar arma ná loinne.



Is tuirseach i ndiaidh fheirge,
Lionn doirbhe agus dathrainn,
Bhí an curaidh meanmnach meadhrach
Tógadh ar theaghlach Uí Ghrabhthainn.



Coimrí Mhuire do chuirim fá rás an tsaoil
Fána bheith i gcumas gan tubaiste, ach lán den tséan;
Dar ndóigh is ba urra le hiomad dá náisiún é,
Is gur comhlann curaidh gach buille dá láimh le feidhm.


L. 82


B 1785 18D



UCH, A MHUIRE, NACH TRUA MO CHÁS



Uch, a Mhuire, nach trua mo chás
I bpiantaí báis ar dhíth mo shuain
Fán chluanaí mheangach do shlad mo ghrá,
Is nach bhfaighim go brách a mhalairt uaith'.



Mheall sí mise le briathra bláith',
An mhaighdean bhán is gile snua,
Nach dtréigfeadh mé go dtí Lá an Bhráth',
Is gur líon anois lán de m'fhuath.



Mairg a chreidfeas bean go brách
Nó bhéarfadh i gcás di fios a rúin
Mar rinne mise, do líon dá grá,
Is anois gur náir léi beannú dúinn.



Mo chrá mar rinneas mar rinne na táinte riamh,
Bheith i ngrá ar an ainnir, á mealladh gach lá le bliain;
Mo chroí gur mhearaigh, le bhfuilimse gártha liath
Fán chás nach dtuigeann aon duine go bráth ach Dia.


L. 83


B 1790 18D



LÁ DÁ RABHAMARNA I gCREIG



Lá dá rabhamarna i gcreig,
Cé bhí againn ar clár ag ól?
Lena cheann, lena dhorn, lena mhuineál,
Le bonnaí a chos do bhí sé ag ól.



Is dob fhuras dó bheith súgach ag ól -
Níor chosain sé pingin dó ar bheoir le bliain!
Is ní lúide bhí an donas i mbun a stóir -
Ní raibh feoirling ina phóca riamh.



Ba chomhionann ris oíche is lá,
Ag sealg de ghnáth faoina bhia,
Ag tarraing fola is ag déanamh áir;
Iomdha bás do thug sé riamh.



Bhí sé seal dá shaol go díomsach meargánta
Agus seal eile go fíochmhar mar shealgaire;
I ndeireadh a shaoil cois grís agus farchruit air:
Siúd mar ghníodh Conchúr Ó Díomsaigh mairgne dó.


L. 84


B 1792 18D



A AINNIR ÁLAINN AN CHRUTHA CHAOIMH



A ainnir álainn an chrutha chaoimh
Chreachas áras na mbeach mbaoth,
Nach olc an chiall is gan tú ar buile
Bhriseas riail na reachtaire?



Ní chaitheadh Eoin ach mír aon tráth -
Scríbhinn oirirc á sheanrá -
De mhil is lochaille a bheatha
Amuigh i ndiamhraibh na Iudea.



Creachadh ceall, beach is lacht
Trí foghlaíbh aincheart;
An mhil ó Neamh, a ghéag na lúb,
Ba leor a hól is gan a séanadh.



Cé go bhfuil scéimh i d'éadansa, gile is rós
Is go mbréagnaíonn tú tréanfhir le binneas do bheoil,
A spéirbhean bhíos ag séanadh na meala is á hól,
Is Lá an tSléibhe beidh céad míle beach ar do thóin.


L. 85


B 1793 18D



MARTHAIN UAIM GO MÚR GHEAL BHRIAIN!



Marthain uaim go múr gheal Bhriain!
Is farsaing fial a dhún fán ól,
A ghasraí mar mhacnaigh rí Priaimh
Ag scabadh maoine is ag pronnadh óir.



Is tuirseach mise den taobh ó dheas
Is mo Bhrian na dtreas gan bhrón ó thuaidh,
Croí is úire ná an mhuir faoi iasc,
Nár scar riamh leis neach faoi ghruaim.



I dteach Uí Chiarabháin anocht
Is mór mo thocht i bhfad ó thír,
Inarbh ainm baiste leabhar Gaeilge,
Ag teacht á léigheamh, Seanbhod Buí.



Níl éifeacht staire dár breacadh ariamh ón Áirc
Le méir i gcartaibh ná in aicearra chiall na ndáimh
Chuir céin ar m'aigne - is níor dheacair liom riaradh dáin -
Ach go léigheamh Sheanbhoid bhreallaigh Uí Chiarabháin.


L. 86


B 1796 18D



AN SAGART BEAG, PATER MULORUM



Más den chrábhadh bheith cráite beag-fhoghantach
Gan fáilte thabhairt do dhea-mhac athara ná comóradh
Ach a bheith paisiúnach míghrástúil fonóideach,
Is ionadh nach slántar Antanaidh gránna Ó Donnachú.



Más den mhúineadh bheith cúthail bocht ceachartha
Brúideamhail mífhiúghantach danartha,
Gan tsúgaíl gan clú mhaith gan carthanas,
Tá an brúid seo ó Bhrús anois beannaith' 'gainn.



Más den diagacht bheith diabhlaí collóideach
Fiata mírialta trioblóideach
Gan ciall mhaith ach a bheith éarthach urchóideach,
Is de na naoimh sin mac Ógáin Uí Dhonnchú bhoicht.



Más den fhéile a bheith cladhartha ciotach i gcaint,
Gan pléisiúr gan déineacht gan tuisce gan greann,
Tá d'éadan is do thréathra dorcha dall
Is is é mo bhéas-sa do leithéidse thabhairt chun solais in am.


L. 87


B 1797 18D



AN tUISCE BEATHA



Is é an t-uisce beatha rogha gach seoid,
Is é thógas brón de chách;
Is mó toil a thug mé dó
Ná dá bhfuil beo is dá bhfuair bás.



Ó, mo bhrón gan é ina loch!
Ní bhéinn anocht faoi thart mar táim:
Bheadh mo chupán i mo dhorn
Is mé ag ól ó oíche go lá.



Ansin chodlóinn go húr
Ar na clocha fúm ar tráigh:
Dob fhearr liom sin go buan
Ná ar leabaidh chlúimh mo luí go sáimh.



Ní thabharfaidh mé aird ar lán dá n-abrann an chliar:
Ólfaidh mé lán mo bhrád mar rinne mé riamh;
Tráth thiocfas an bás, gan amhras caithfidh mé triall
Is beidh an t-anam go bráth in áit a dtoileochaidh Dia.


L. 88


B 1800 19T
U Pól Ó Briain



AN DOCHTÚIR MAC A BHEAG



A dhochtúir shéimh na naoi ngrádh,
File bláthdheas Inse Coinn,
Thugas searc duit, is cad é an fáth?
Mar de shruth na mbard go bhfuaireas rainn.



Grá thú le neach fialmhar suairc,
Is grá gan gruaim in aice cáich,
Is grá dúinn mar don fhear uainn,
Ag fáiltiú sluaigh is ag riaradh dámh.



A dhún is deimhin gur dún na rí -
Déanaim fíor is ní shéanaim sin;
Ó fuaireas faoi do bhrataí síth,
Maith ár gcríoch an dochtúir grinn.



A lia a bheir cabhair tré mheabhair ón éag dá lán,
A bheir croí agus aigne don éagrua tan bíd uait slán,
Seo míle frasa de bheannachtaibh caomh gan cáin
Uaimse i d'fharraid, a charaid, is go mba buan do tháin.


L. 89


U Séamas Mac Giolla Coille
ART MÓR MAC MHURCHAIDH



A Mhurchaidh mhóir nach fann brí
In ealaín eolaí na n-ard-ndraoi,
Ba chuí duit re fíre cheart
Bheith i d'ollamh ríora trí hintleacht.



Is iomaí duan, dán is laoi
A theagmhaigh domh i mo shaol sa gcrí
Is leithéid do shaothairse gan ghó gan chlí
Níor frofa liom ó láimh aon tsaoi.



Is deimhin liom go ndearna tú scíth
Fá choimrí aobhdha na sua-mban sí,
Is gur ibh tú uathu as cornaibh glé
Na tallanna d'fhaghair do chéadfaidhse.



Ná cluintear á rá go bráth é is ná cantar le haon
Go bhfuil na déithe atá i bParthas neamhchásúil ár
dtimpeall i gcéin
Ó chuir siad an bard réamhráite chugainn atá
dearscnaithe i gcéill
Is líonfas Críoch Fáil de ghnáth trí fheabhas a léinn.


L. 90


B 1814 19T
U Anaithnid



PHÓS MISE BEAN IS NÍ DE MO DHEOIN



Phós mise bean is ní de mo dheoin,
An bhean is mó chráigh mo chroí,
Bean ar luigh léi fear is céad
De Chlanna Gael taobh istigh de mhí.



Fuair Ó hAgáin uirthi dreis
Is fuair sí treis i nDún na nGall;
Thóg Mag Uidhir a chos léi
Is chuir Ó Reighligh a chleas ina tarr.



Níl aon bhráthair molta maol
Ó Theamhair na Rí go hÁtha Cliath
Nár chodail seal in ascaill mo mhná -
Is sin taobh istigh de bhliain.



Lá léin ar an mBréachmhaigh do lean mé gan spás,
Is na céadtaibh de na Gaelaibh go dtugadar di grá;
Ó a Shéamais, ós tú léifeadh go cumasach dán,
Nó an féidir go mb'fhéidir domh col dealaithe d'fháil?


L. 91


B 1824 19T



RAGHNALL MAC DÓNAILL



Bile cosanta Críche Fáil
Raghnall dea-chlúiteach Mac Dónaill,
Grian álainn Banbha Breagh,
Péarla óir a chuaigh go Teamhair.



Mar Oscar crua-armach i gcath
Nó mar Chú Chulainn na gcleas n-áigh
Raghnall ó Aontraim go ceart:
Go mba buan dó smacht i gCríocha Fáil.



Ó Mhíl go Raghnall gan gó
Trí fichead faoi dhó agus an deich
De chlann na ríthe ró-bheacht
Is do bhí a dtír i gceart ag gach aon.



A sheabhaic is áille dár fhás i gcarraig nó sí,
A chrainn is breáchta dá dtáinig de aicme Mhíl,
A bhráthair gach ardrí dá raibh i dTeamhair na rí,
Seachain go bráth, a Raghnaill, na mionna atá claon.


L. 92


B 1825 19T
U Art Mac Bionaid



DHÉANFAD BÁDA BRONNMHAR



Dhéanfad báda bronnmhar
Imeos go fonnmhar ar sáile
Is ní ligim neach dá hionsaí
Mar cheannfort ach táilliúir.



Óir is furas a gcur in ordú
I mbéal bochna san oíche,
Is nach n-iarrfadh siad mar lóchrann
Ach beo i mbarr píce.



Ba mhaith an t-ábhar gáire
Faoin tráthsa na gruagaigh,
Cormac is Pádraig
Is an fear báite ar a ngual' leo.



Chuairt siad gach coirnéal ó Chloch Mhór thuas na n-iarlaí
Go rannaíbh na Bóinne ag teorainn na hIarmhí
Gan choinneal gan tóirse ag tóraíocht iascaibh
Is níor ghabh siad oiread is d'fhóirfeadh do dhreolán bliana.


L. 93


U Seán Buí Ó Cathaláin
PÁRA GASTA LIATH Ó CATHALÁIN



Mairfidh do chliú go bráth,
A mhic Airt nach fálta gníomh;
Ursa cogaidh ag coimhéad cháich,
Scot nár fhág faoi chlár ariamh gan díol.



Samhail do chleasa ní bhfuil anois
Ó d'imigh mac Sualtaimh na séad saor,
Cú ceannfheargach na gcleas
Nár lig a leas ariamh re haon.



Is é mo chrá nach bhfuil tú óg,
A churaidh na seod, a nia na creath';
Do chlanna Gall ní thabharfadh cóir:
Aois fá dhó mo chrá nach leat.



Guímse Rí Neimhe do rugadh sa mBeithil san oích,
Saol fada bheith ag an macsa is féile gníomh;
Cú gleacaí de threabhaibh na gcuachann caomh,
Dhéanadh sladairt ar Ghallaibh is cascairt gach uair sa
mbruín.


L. 94


B 1841 19L
U Art Mac Bionaid



CEISTIM DIAGAIRÍ INIS FÁIL



Ceistim diagairí Inis Fáil,
Ceistim an Pápa agus a eaglais chúil:
An le linn Naoi a dhul san Áirc
Tháinig na medals i státa ar dtús?



An raibh sé ar Mhaoise nó ar Aaron
Nuair a cailleadh Pháró sa Mhuir Rua?
An raibh sé ar Eoin ag siúl an fhásaigh
Nó ar Elijah nuair a shnámh an tua?



An raibh sé ar Phádraig ag teacht go hÉirinn?
An raibh sé i gcéim le linn na naomh?
An raibh sé ar Cholum Cille mac Féilim
Nó ar Chormac séimh mac Cuileannáin chaoimh?



Is iomaí riail chrábhaidh tháinig go clár Inis Fódla
Ó chuaigh Heanraí is a pháistí ag fáisceadh na gcordaí,
Ach anois tá gobán cráite ar na garlaigh sa choirneál
In aghaidh tinnis, gorta is plá agus gnás sú na heorna.


L. 95


B 1843 19L



IS IOMAÍ LÉAN A FUAIR INIS FÓDLA



Is iomaí léan a fuair Inis Fódla
Ar bheagán sócúil faoi Shiobail chlaoin:
Scriosadh a laochra bhí neartmhar cróga
Is tugadh a lóistín do Bhreatnaigh mhaol.



Creachadh teampall is crochadh bráithre,
Scoireadh an cláirseoir is gach file caomh;
Leagadh a gcaisleán is loscadh a bhfáras
Is rinneadh fásach dá bhfearann saor.



Stróiceadh an leanbh ó ghlúin a chairde,
Faoi oideas Galltachta chuirfí an truaill,
Is dá labhradh aon fhocal i dteanga a mháthar
Chuirfí i mbranraí é nó in anbhroid chrua.



Seo an ruaigeadh thug Aodh Rua ar dtús don Spáinn
Is na sluaite dár n-uaisle go dlúth ina dháil,
d'fhág fuaim bhlasta ár dteanga snuashnasta i smúid faoi smál
Ina ceiliúr gruama gan suairceas do mhúineadh do chách.


L. 96


B 1844 19L



Seán Ó Dálaigh



Is ard an chéim do bheir Seán Ó Dálaigh
Do ollamh is do bhard na tíre thuas;
Shéid sé galltrumpa láidir
Le Mac Dónaill Clárach is Ó Súilleabháin Rua.



Is caorthann gan mhilseacht fuaim a mbeoil,
Is searbh gach ceol dár chum an dís:
Cnapach corrach gan sult gan treoir
Gan mheidhir gan bheos gan bhrí.



Cá bhfuil an mhil a bhí ag tonnadh anuas
Le Doirnín na gcuach is na siolla mín,
Mac a Liondain a thógfadh gruaim
Nó an Dall Mac Cuarta thug clú gach tír'?



Tá an luchóg go buan ag ruaigeadh an chait as gach aird,
Tá an giorra ina ualach ar ghuaillibh na cona gach lá:
Tiocfaidh Teamhair anuas go bruach na Banna gan spás
Má bheir Dálaigh an bhua an uair seo ó ollaimh
Chríoch Fáil.


L. 97



AODH MAC DÓNAILL



Ba ionúin liomsa file faobhrach
Ar nós na ndraoi a bhí ann ó ghnás;
Ach bocán bearach de fhás na hoíche,
Breallán baoth ag gabháil ainm baird!



Samhail an phriompalláin a d'éirigh suas
Amach as fual agus otrach bó:
Bhuail an teileán é go crua
Is thit sé anuas ag dorsán cheoil.



Shaoil Phaeton gur mór an chéim
Eachraidh na gréine a fháil faoina stiúir:
Cha ghlacfadh comhairle, chuaigh i dtréas
Gur thit sé sa tréanmhuir do leith a chúil.



Adeir na húdair a scrúideas gach ní go beacht
An té a dhiúltfas a mhúineadh a ligean thart;
Is treise an dúchas go dúbalta i mbrí is i neart
Ná an tiobraid dhúnta a dúirt tusa a riar mo thart.


L. 98


B 1845 19L



PÁDRAIG Ó LUAIN



A chléirigh chaoimh, a mhic Sheáin Rua,
D'imigh i ruaig i gcéin fá seach,
Is cosúil nár smaoinigh tú ar an uair
A marbhadh an t-uan ar Chabhán na gCreach.



Tá dlí an teampaill in aghaidh go crua
Cinniúin do lua nó ní den tsórt,
Ach nár dhúirt an fáidh go dtiocfadh an uair
A gcodlódh an t-uan i measc na leon?



Ná saoiltear leat go mbuainfear umhlú
As an dream nár múineadh ariamh go fóill:
Ligeadh an tslat i bhfad gan lúbadh,
Thriomaigh an sú is chuaigh sí i bpór.



Tá tusa faoi smál, a Phádraig, le i bhfogas do bhliain,
Mar Mhaoise ar an fhásach ag sásamh pobail gan riail;
Tá an mhuintir a d'fhág tú lán de thuirse is de chian
Is tusa i do sclábhaí ag gardáil fear mire gan díol.


L. 99


B 1847 19L



AODH Ó MAOLAGÁIN



Is annamh ghabhtar iasc ar fásach,
Is annamh fhásas cuileann ar linn,
Is annamh a gheibhtear seanchas sáimh
Ag an té nach áil leis staidéar ann.



Tá tuigse is tallann riachtanach ag údar
Sul dá rachaidh sé a scrúdú laoi nó próis,
Óir is deacair giorria a chur as a chlúid
Nár luigh ina lúbaí ariamh go fóill.



Nó go mbeirtear Sliabh Guilinn ar báda
Thart síos go Trá Mhic Giollagáin
Ní fheic tusa an obair a bhí tú a rá
Scríofa ó lámha Aoidh Uí Mhaolagáin.



Absalom mac Dáibhí, cé gurbh álainn a ghné is a dhreach,
Agus Samson a sháraigh Síol Ádhaimh le brí is le neart
Is Cú Chulainn fán Táin rinne ármhach le béim is le beart,
Cha chasfadh siad a nádúr go bráth as a cúrsa ceart.


L. 100


B 1848 19L



AN DOCHTÚIR BUTLER



Is tuirseach na scéala chluinim á lua
Go bhfuair mealltóir na slua le cogar claon
Ar Dhochtúir Butler an lámh in uachtar -
Thabhaigh scannal crua do Ghaeil an tsaoil.



Bhí Réalt na Maidne aige mar chéile -
Is faoi chúrsa na gréine cha raibh a samhail de mhnaoi -
Dídean na bPeacach, Banríon na Maighdean,
Máthair Mhic Dé agus Buime na Naomh.



Is é anmhian na colla mhearaigh a chiall
Is an ógbhean rialta chuir sé ó chríoch;
Ghlac sé patrún le Luther ó chianaibh,
Óir fuair cathuithe an diabhail bua ar an dís.



Níl fath pléide air: bhí oidhreacht Fhlaithis aige ar fáil,
Agus coir, dá mhéad í, is go raibh a leigheas aige ar
leabaidh a bháis
Agus an scáthán gléigeal úd a thréig sé, gheobhadh
maithiúnas do chách,
Is go mb'fhearr an féirín leis ná an méad sin,
Miss Duff a bheith aige ar láimh.


L. 101


B 1850 19L



SÉAMAS Ó DÚICHE



Tá sagart fialmhar i gClochar na sua,
Sciathdhídean na slua is dísle méin,
Réalt eolais an chreidmhigh, scáthán na suáilce,
Den fhíorfhuil uasal Oirghiall ó fhréimh.



Chan sparán béalchúng casta crua
Chleacht an Guaire seo i dtús a shaoil:
Stóras Chrassus, cé gur mhór le lua,
Go bpronnadh gan ghruaim mar dhrúcht den chraoibh.



Dá measfaí tallann is ní áirím dúchas,
Chuirfeadh an prionsa ciúin seo an báire;
Chuirfí Pól Ó Cuileann siar go Broomfield
Agus Séamas Ó Dúiche go hArdmhach.



Má tá an dara Maoise i gcolainn daonna insan domhan
go léir
Is i nDomhnach Mhaighin atá an sciollán naofa in onóir is
i gceim;
Chan ar chruinniú maoine bhíonn sé ag smaoineamh mar
bhíos iomad den chléir
Ach a sholáthar saolta a roinn mar thaoscadh na toinne
le réim.


L. 102


B 1852 19L



HENRY WRAY YOUNG



Tá strúille de mhinistir bhán
Scuab chugainn a phláigh as Luimneach:
Is trua nach raibh sé san áití
A raibh Iónas seal áiridh d'aimsir.



Mheall sé corradh is trí chéad
Le Bíoblaí Gaeilge is le duais
De bhodhair is de bhacaigh na déirce
Nach bhfaighfí a leithéid go hÁth an Luain.



Caoirigh bhocht seachráin go léir iad
Tarraingeadh ón chléir le bríob,
Nár smaoinigh ar Korah is a shréad
A slogadh i bpéin gan chríoch.



Bheirim cúl mo láimhe go bráth le Soiscéal na rann,
Le teagasc na bhfáidh, an Phápa nó aon duine den dream,
Níl dúil agam slánú bheith i ndán domh féin nó mo chlann
Más i gcasán na ngrás atá an pháirtí seo Mhinistir Young.


L. 103


B 1852 19L



SÉAMAS Ó CEALLACHÁIN



Má d'éag Seon Johnston agus Cianán na gCeann,
Tá Ceallacháin cinnte againn ina n-áit:
Is é an madadh fola is fearr insan Inse é
Ó d'imigh Luggy an chambéil is Peadar Bán.



Thug sé an Sagart Ó Leannáin i láimh an cheann-Iúdaigh,
Chuir sé a chúla le grása Dé:
Muna gcuirtear musal i soc in Iúdás
Scriosfaidh sé an chúige idir Eaglais is Chléir.



B'fhearr do chloch mhuilinn fána bhrághaid
Agus a theilgean in áibhéis Eas Aoidh Ruaidh
Ná aithris a dhéanamh ar an chonairt ghránna
D'fhág Príomháidh Ardmhacha gan cheann san uaigh.



Dá mbeadh Tiberius nó Nero, tá lofa san uaigh,
Nó Diocletian nach ngéillfeadh do thréan nó thrua
Ag éisteacht le Séamas ag mionnú go crua,
Ag tabhairt pléisiúir do éiricigh, b'fhogas dó duais.


L. 104


B 1745 18L
U Anaithnid



LE LINN UAISLE CLAINNE TOICTHEACH



Le linn uaisle clainne toictheach,
An molt molfach is an reithe fionn:
An aitheachthuath seo ó chuaigh i dtreise
Suaill nach scoiltid creaga is crainn.



In ionad suí na saoi bhfeasach,
Clanna fleascach ag ceartú ceoil,
Dream nár chéim céacht is grafadh -
Dleacht na bhfear sin bruithnín bó.



Níor dhual dóibh ceol ná ceannach -
Crónán cailleach chleacht an dream;
Bró agus crannán ceird a máithreach -
Scéal gan fhalach go teacht Gall.



Is i Machaire Rátha atáid in úir faoi liag
Foireann chnámh ina smál de chrú na Niall,
A riaradh bard, dáimh, aos ciúil is cliar,
Is don tSagart Bhán ní náir gur chliúiteach iad.


L. 105


B 1776 18D
TRÍ RAINN AGUS AMHRÁN EASA RUA



Is aoibhinn duitse, a dhuine mhóir,
I gcnoc an aoibhnis i gcruinníonn slua;
Do chúl le Dún Sobhairche
Is aghaidh ar Eas rámhach Rua.



Is aoibhinn duitse, a rí Conn,
Is tú ag ól fíona ó phort go port;
Ag Eas Ruaidh an bhuinne mhear
Fhliuch an Éirne a méan anocht.



Eas Ruaidh, í na sruthán seang
Le mbíonn bradán ag dul ina aghaidh,
Colbha ard na sleachán slim
Dá dtugadh gach ceannbhreac léim.



Is é seo dún an rí, go mbíodh Síol Ailigh ag triall:
A bhfaca mé, tchím ina bhfásaigh iad,
Gan fíon á ól, dán a dhíol ná ionghaire na gcliar -
Ach mo Dhia cé an tír ar easair siad?


L. 106


B 1828 19T
U Anaithnid



MUIRCHEARTACH Ó SIAIL



Fáilte duit ar an loch,
A Mhuircheartaigh mhóir na dtromchloch;
Ísligh an seol is leag an crann
A thabhaigh duit an míghreann.



Saoileann muintir Inis Eoghain
Gur chaill an t-easpag fá dheoidh a chiall
Tráth chuir sé a mhíniú an tSoiscéil dóibh
Muircheartach na magairle mór Ó Siail.



Dhéanfá seanmóir ard
Chuirfeadh sionnach as an áit is broc,
Is muna bhfaighfeá cléireach gasta grinn
Bhuainfeá féin faoi choim an clog.



Ó d'éag Cú Chulainn nó Conall a dhéanadh áir,
Goll nó Oscar, fir chosanta Chríche Fáil,
Ba troime do chuid clochasa ag dul le tóin gach mná
Ná troméachta gaisce lena gclaimhthe ag cascairt cáich.


L. 107


B 1688 17D
U Anaithnid



CROIDHE LÁN DE SMUAINTITHE



Croidhe lán de smuaintithe
Tarla agam ré n-imtheacht:
Caidhe neach dá uaibhrighe
Le mnaoi nár gadadh a intleacht?



Brón mar fhás na fíneamhna
Tarla oram le haimsir;
Ní guth domhsa mímheanma
Tré bhfaicthear domh de thaibhsibh.



Is scaradh eoin le fíoruisce
Nó is múchadh gréine gloine
Mo scaradh le síorthuirse
Tar éis mo chompánaigh croidhe.



Mo chroí fá thuirse ó thuile do ghrása, a ghrá,
Is gach ní dá dtuigim ní thuigim i gcás a chás;
Ós fuighle tubaiste duitse mar táir is mar táim,
Má ghnírse bhur dtochtsa gairfead díot Grás na nGrás.


L. 108


B 1727 18T



RÓISE NÍ NÉILL



Iníon Einrí mhic Aoidh Uí Néill,
Mhic Coinn mhic Airt Óig armghéir
Mhic Néill Chonallaigh mhic Airt chain
Mhic Coinn mhic Einrí mhic Eoghain;



Iarsma na rí ó Theamhair
An ríogan shíodha shaineamhail
Ghoirmdhearcach gan bhéim gan bhine
De fhréimh oirbheartach Iughaine.



Togha fionnbhan Inse Fáil
An maighre dathgheal dreachnáir:
Fá mian don fhial biathadh bocht,
Cothú na gcliar 's a bhfurtacht.



Cuirtear mná Fódla in ordú na n-ealtain éan -
Is í Róise den ord sin ba shamhail don ghéis;
Rós os gach rós bhean loinnir den ghréin
Róise gheal mhómhar iníon Einrí Uí Néill.


L. 109


U Anaithnid



RÓISE NÍ NÉILL



Oidhreacht Fódla ó bhinn go binn
Ar Róise Ní Néill ní mhaífinn,
Is gurab í amháin rogha an fhoinn
De shíol ághmhar Éireamhain.



Ná meastar gur breith le báidh
Mo bhreith den ríogan ndearcnáir,
Ach méid maise, féile is tlacht,
Gach céim eile is a ceansacht.



Rogha na rós an Rós ghlan,
Rós os gach rós an ríoghan;
Iníon Hanraí dar dhual ceart
Tuatha Theamhra mar oidhreacht.



Teallaigh Teamhra, Eamhna, is Aileach na rí,
Nás Luachra, Cruachna, is Inis a dtriar,
Bóinn, Buas, bailte cuain, is gach calafort saor,
Is duitse is dual siúd, a shuaircbhean cheannasach chaoin.


L. 110


B 1789 18D



NIMHNEACH SIN, A CHROIDHE THINN



Nimhneach sin, a chroidhe thinn,
Atá sinn agat i mbroid;
An eascar is lugha d'fhearg,
Dar leat is dealg a bhíos thriom.



Scaradh ris is mairg nár fhéad,
Ná dul d'éag mar théid na slóigh;
Téid ina dhaighear thriom
Mar a bheadh beach do mo chrá.



Do scoilt mo chroidhe i mo chliabh
Mar a bheadh scian thríd,
Ionas do bheith go bráth slán,
An croidhe atá lán de nimh.



Féach an té bhí tréan inné, go lúfar teann
Ag reabhradh an tsaoil i gcéim mhear bhuadhach ghrinn,
Ag cnumha, ag péist, ag daoil inniu á chrinn,
Ina luí leis féin, mo léan, ina fhuarchorp ann.


L. 111


B 1789 18D



COISC DO DHEOR, A MHACAOIMH MNÁ



Coisc do dheor, a mhacaoimh mná,
Is ná creid go bráth lucht na mbréag:
Ní bhfuil bean ar a bhfuil mo ghrá
Is ní bheidh tráth ach thú féin.



Is iomaí ainnir mhánla shuairc
Ar gach bruach den lochsa thíos
Ag iarraidh mise a mhealladh uait,
Is ná bíodh gruaim ortsa tríd.



Ní bhfuil bean dá háille grua,
Cibé stuaim do bheith ina méin,
Do bheanfadh mise díot re cluain:
Bí go suairc is ná creid bréag.



A Róise bheag mhómhar is snasta guth cinn,
Is glórmhar do cheolsa ar maidin is is binn;
Is mór meas do mhodhsa dá n-aithris, dar linn,
Is más só leat mo phógsa beidh sí agat gan roinn.


L. 112


B 1789 18D



GEARÁNACH FEAR AN TIGHE



Gearánach fear an tighe
Fá rómhéad a mhuintire:
Is aithnidh domh éan sa gcoill
Ag nach bhfuil béas m'fhir cumainn.



Aithnidh domh fear thrí gceathrar
Ris nach dtreabhthar an t-arán;
Ní mór leis féin a mhuintir
'S ní mó cluintir a ghearán.



An dreolán beag, críon a lorgain,
Ní mor a bhrí ag salár;
Ní mór leis féin a mhuintir
'S ní mó cluintir a ghearán.



Gearánach an fear faghálta nach leanann an chéacht
Ar a thachránaibh fán arán nach dtreafar ris féin;
An feannán beag lag tláith gan eathaí is gan éan
Go saláraidh go neamhchráite beatha gach lae.


L. 113


B 1718 18T



DÁNA DOMH GAN BHEITH IM THOCHT



Dána domh gan bheith im thocht
Is nach dtuigim port go cóir;
M'intleacht ó tharla go mall,
Ní ghéabhaidh mé ach rann nó dhó.



Guth mo chinn ó tá go searbh,
Dearbh nár cuireadh é re téid;
Is guth m'uchta thíos ar meath,
Is dearbh nach n-insim daoibh leath mo scéil.



Ní thuigim téada ná puirt,
Ní fhaighim mo ghuth go sámh;
Díobháil gutha is cúngradh cléibh,
Is tríd nach ngabhaim féin dán.



Is tearc duine le dtuigthear ceart ionnús saoithe an eoil:
Cé mheasaid iomad gur gliogar gan críoch an ceol,
Is air do chuirfinnse tuilleadh is míle bó
Gur fear é sheinneas gan truisle gach ní go cóir


L. 114


B 1758 18L



FADA MISE Ó DO MHNAOI



Fada mise ó do mhnaoi -
Ní baoghal daoibh feasta mé;
Chugam muna scríobhadh tú
Ba ghairid óm chúl an chré.



Ná cuir suim in eacha throt:
Déirc ar bhocht do bhean má rinn
Atá aici do dhíolsa fós
Tar éis an tsó do fuair sinn.



An té do cuireadh id cheann,
Uch, is teann craobh ataoi:
Cé scríobhaim ní fhreagair sin -
Cé deacair linn atáim ag caoi.



Smaoin, a ghiolla, mura dtuigtear cé an fáth
Tré mbíodh scige dá himirt ort féin go bráth,
Ón scríobh chleite do rinnis i dtaobh do mhná,
Y mar litir - gur frithir an t-éad an tán.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services