Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Irishman's Treasure: An Traibhlearuidhe

Title
The Irishman's Treasure: An Traibhlearuidhe
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1836
Publisher
(B.Á.C.: P.Dixon Hardy, c1836)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An Traibhlearuidhe aig deire an aisdir. Sgéal do sgríbh an duine uasal
ómósach, Ruisteárd Cnill. ó chathair Phétersburg.



An óigbhean go bhfuilim air tí a beatha do sgríobh, dob' ó bhaile beag tuatha
annsa m-Breatain í. Is annsan do chaith sí tosach a saoghail; agus is beag
do shíl sí anuairsin go mbeadh a cuaird chum réigiuin a bhfad amach, agus
go bhfaigheach sí bás a ttír iasachta. Ach do tháinig a leithéid chum
críche: do seóladh go cathair Phétersburg í, agus is ann do tháinigh mise a
gcoidreamh lé.



Bhí sé mar ádh air an mnaoi uasail óig seo, go raibh bean dhiadhaithe do
mháthair aice, do thasbáin pátrún mhaith dhi le deigh-chreidiomh, agus thug
teagasg dhi as an mBíobla, ar nós go raibh mianaibh críosdamhla go doimhinn
ionna haigne. Do bhíoch a máthair ag guidhe chum Dé air a son agus 'na
fochair, agus do bheireadh lé go tigh Dé í go gnáthach. Mar seo do chualaidh
sí soísgeul Dé annsa tslígh cheart, agus do dhaingnidh sé sin na
deagh-smaointe do cuireadh 'na haigne aig baile.



Air an slígh seo, do bhí cuid mhór do dhánta dhiadhaithe agus do bhéarsaidh
as an mbíobla ionna meabhair aice, agus fós tuigsinn mhór aice timchioll
slígh an tslánaighthe. Anuair daingníghthear neithe dho'n tsórtso ar
aigne aosóg, is annamh do sgaraid leó. Do bhí próbháil agam air sin a gcás
na mná óige seo; agus do gheobhaidh aithireacha agus máithreacha cloinne agus
lucht teagaisg misneach mór le smaoineamh air an nídh céadna sin anuair bhíd
siad ag iaradh aigne na ndaoine óga do stiúrúghadh chum eóluis Chríost.


L. 2


A m-Bealltaine na bliadhna 1831 do chuala mé trácht a ttosach air an
óigbhean so. Do tháinigh leitir chúgham 'na timchioll, dá rádh, go raibh a
leithéid sin do dhuine do'm phobul 'na luighe go dian-olc, go ma ró mhaith
lé mise d'fheicsinn agus go raibh súil aice ná fanfainn abhfad gan dul dá
feuchainn. Do bhí an áit chúig mhíle uaim, agus do chuaidh mé ann air maidion
ar na mháireach am chois. Do fuair mé ise 'na haonar. Do thasbáin a
cúntanós ná raibh sí le bheith abhfad annsa tsaoghal so. Do labhair mé lé.
Do fuair mé leitir, (ar sa mise,) ó dhuine mhuinteartha dhuitsi,
dá iaradh orm teacht a t'fheuchuinn, agus do tháine mé.
Go raibh maith agad, ar sise, is maith liomsa tú 'fheicsinn. Tá súil agam
go bhféadfaidh tú misneach a chur orm.



Do bhí sí sínte air a leabain ionna cuid éadaigh, agus í gleusda go
maiseamhuil, agus ball éadaigh, do bhelbhit dhubh, air leatha ós cionn a
cos: mar a bheidhfídhe dá rádh ionna haigne, Is marseo do bheidh an brat
dubh os mo chionn, anuair bheidh mé sínte annsa gcómhruinn!



Do shuigheas síos le hais na leabthan, agus chromas air bheith ag caint lé,
agus annsa n-ám gcéadna bhí mé ag iaradh cuímhneamh a' bhfeaca mé riamh
roimhe sin í. Ach níor bhféidir liom, cé gur tuigeadh dhom go bhfeacaidh mé
an ball éaduigh air dhuine eigin do'm phobal aig an séipéal. A óigbhean,
ar sa mise, an aithnígheann tú mé? O aithníghim, ar sise, go ró mhaith,
do chonairc mé thu go minic; nách bhfeaca tusa mise? Is dóigh liom ar sa mise,
go bhfeacaidh mé an ball éadaigh seo, ach ní cuímhin liom tusa d'fheicsinn.
Do tháinigh deóracha guil ionna súile. Is fíor sin, ar sise, do bhíoch an
ball so orm aig an séipéal. Níor shónsáil sé ó shoin, ach atáimsi
sóinseálta go mór, ní'l ann ach mo sgáil, ó neart teinnis; ach is mó anacra
m'anama ná pianta mo choirp go léir!



Le linn na bhfocal so a rádh dhi, do tháinig bean uasal isteach annsa
tseómra. Dob'í seo bean an tighe, do bhí 'na carad gheal-chroidheach
dhíleas do'n mhnaoi óig; agus do chuir sé áthas orm a fheicsinn ná'r ghaibh
tuirse í ionna cóngnamh agus 'na friothálamh díthchiollach air an gcréatúir
seo bhí a' fághail bháis.



Do chróm an bhean uasal so air bheith a' tagairt do'n tsligh bhuartha ionna
raibh aigne na mná óige. Is iongna liom, a dhuine uasail, ar sise, í bheith
cómh buartha 'ttaobh cás an hanama,


L. 3



agus do chuirfeadh sé iongantas ortsa mar an gcéadna, dá mbeadh aithine
agad uirthe, nó fios a cáil agad; tá sí chó deagh-chroidheach sin, cómh
diadhaithe, cómh grádhmhar cómh húmhal, air nós go bhfuil grádh aig gach naon
di. Tá sí 'na haingeal. Go deimhin duit isí seo an fhírinne.



A bhean uasail, ar sa mise, ní'l aon chúis amhrais agamsa air t'fhírinne, ach
is dóigh liom go bhféadfaidh mé insinn cad é galar anama na mná óige
seo. Tastuigheann nídh eigin uaithe thar mar a deir tusa, chum a hanama
bheith sonaidhe. Annsan d'iompuigheas anonn air an mnaoi óig, agus, ar sa
mise, Do chualaidh tú cad a deir do bhean mhuintiortha ad thaobh, agus ní
déarfam aon nídh 'na coine anois láithreach. Ach inis dom anois, a' bhfuil
an teisd mhaith seo do thug an bhean-uasal ort, 'na thaca maith go leór
duitsi chum do mhuinín a chur ann anuair bheidh tú ad sheasamh a láthair
chathaoir bhreathamhantais Chríost?



O ní'l air aon chor, ar sise.



Agus cuir a gcás, ar sa mise, gach feabhas agus maitheas agus deigh-mhéinn
dá bhfuil a ndaoine fíreunta an domhain a bheith ionnat féin, far' an méid
adúbhairt do chara, an dóigh leat go bhféadfá dul a leith na neithe sin go
léir chum slánúghadh t'anama d'fhághail air a son?



Ní fhéadfainn, ar sise; ní dhéanfaidís sin go léir aon mhaith dhom.



Má seadh, ar sa mise, níor thuig do bhean mhuinteartha do chás. Cionas is
dóigh leat féin a féadfar peacach a shábháil ó Ifrionn?



O ar sise, ní'l ach aon tslíghe amháin chuige, agus ní a n'aon
deagh-oibreacha dá'r rineamairne atá an tslígh sin, ach trídh
chreidiomh ionnár TTiarna Iosa Críost.



Do chuir sí áthas orm leis an gcómhrádh so cómh gairid do'n bhás.
Do chuir a caint misneach mhór orm chum dótchuis ná fanfach a
hanam a bhfad annsa doiricheacht; agus fós do thug an nídh céadna caedh
cheart dom chum a chur a ttuigsinn do'n mhnaoi uasail cad a deir Bíobla Dé
tímchioll na hainime sin, (Iosa Críost,) nach bhfuil aon ainim eile fé
Neamh, tabhartha a measg dhaoine, le ar féidir sinn a shábháil.


L. 4


Tar éise sin do léigh an bhean-uasal caibidiol do'n bhíobla, agus do chuir
mise mo ghuidhe chum Dé air son an chréatúra; annsan do thasbáin mé dhóibh
áitionna áirighthe annsa m-Bíobla chum a léighte dho'n óg-mhnaoi, do réir a
nirt, nó a misnigh, agus tar éis bheagáin eile cainte, do ghabhas mo chead
leó.



Ní raibh sé ar mo chumas teacht dá feuchainn gach aon lá, do dheasga faid na
slíghe, agus neithe eile; ach níor bhfada 'na dhiaigh sin gur ghlaodhaigh mé
airís chúiche. Air mo dhul isteach annsa tseómra, d'fheuch sí orm le
cúntanós bhuartha, O! ar sise, ní'l aon tsíothcháin agam; ní fhéadan m'anam
aon tsólás a ghlacadh; tá m'ualach níos troime ná fheudaim iomchar. Táim a
ttrioblóid mhór.



Do labhair mé lé tímchioll an t-Slánathóra. O, seadh, ar sise, is fíor
dhuit; tá fios agam air sin go léir - ach - mo mhí-chreidiomh! Sin é an
t-ualach atá orm; ní fhéadaim misneach a ghlacadh ó bhriathar Dé; táim ag
iaradh iompóghadh air Chríost, ach ní féidir liom. O, an croidhe cruaidh
cuiripe tá agam! Cuirsi do ghuidhe chum Dé air mo shon, iaraim ort.



Cuirfead, ar sa mise, ach ná bí buartha: glac suaimhnios. Agus inis dom,
air ttúis, beagán do chúrsa do bheatha. Tá tusa agus mise gan aithine air a
chéile, agus oireann dómhsa fios eigin a bheith agam air do ghalar, chum a
leighios a thabhairt duit.



Annsan do thoisigh sí air insinn dom timchioll áit a dúthchais, agus an
diadhaitheacht do cuireadh 'na haigne a ttosach a saoghail, agus gach nídh
mar sin. Anuair bhí mé óg, ar sise, do chaill mé mo mháthair cheanamhuil
dhiadhaithe. Do chaillios m'athair roimhe sin, agus annsan, anuair bhíodar
araon imighthe, do fágadh air mo thoil féin me. Ní raibh aon chúram
saoghalta agam chum me choiméad aig baile, ach do bhí fhios agam go raibh
cuid do'm cháirde annsa dúthaidh seo, agus do cheapas m'aigne air theacht
chúcha, agus do tháinigh mé. Do tasbánadh deigh-mhéinn mhór annso dhom; go
deimhin do bhí gach nídh air mo chumas dob' fhéidir liom iaradh, ach tar éise
sin ní bhfuair mé sólás! O ní bhfuair mé - aon tsólás! Bhí eólus mo bhíobla
ró mhaith agam chum aon tsóláis aigne bheith agam. Do chualaidh mé, agus
chonairc mé an uiriod sin timchioll creidimh, ná'r bh'féidir aon tsólás a
bheith agam. Do thuig mé leamhas an tsaoghail seo anuair ba mhó mo chúram
ann. Do sgarras me féin amach


L. 5



ó phríbhléidí an chreidimh, agus do chuir an nídh sin an aindeise orm.



Cionus do chaith tú t'aimsir annso? ar sa mise.



A' traibhléireacht annsa dúthaidh seo, agus a ndúthaidhe eile, furmhór
m'aimsire, ar sise.



Cionus do chaith tú gach Domhnach? ar sa mise.



Níor thug sí aon fhreagra air an gceist sin, ach do líon a súile le
deóracha.



Ar chuaidh tú go minic go ttí séipéal, nó teámpull, a' tabhairt onóra do
Dhia? ar sa mise.



Níor chuaidh mé, ar sise. Is annamh do bhi mé a n'aon áit ionna bhféadfainn
cómhrádh na heagluise do thuigsinn; agus ó tháinigh mé annso thar 'nais,
do bhí mé có gnóthach sin, ná'r fhéadas dul go séipéal thar thrí nó
cheathair d'uairibh, agus gach uair díobh sin féin, is amhla chuir sé
mí-shásamh agus dólás orm. Gach seanamóin dá gcualaidh mé, do tuigeadh
dhom gur a'm choinne féin do bhí an uile fhocal di. Gach cuire agus
geallamhuinn agus bagairt do chuala mé dá léigheamh as bhíobla Dé chum na
bpeacach, ghaib sé trídh mo chroidhe mar chloidheamh, agus mar chaor
tóirníghe. Do shílinn go ttiocfadh fanntaisídhe orm le na linn.



Má seadh, ar sa mise, tuigthear dhom gurab é seo suim agus substaint do
sgéil: - fuair tú múineadh maith aig baile, a gceachtaibh na diadhathachta,
ach ó tháinigh tú annso do thréigis na ceachtaibh sin. Do bhí an iomarca
soluis spirideálta agad chum an tsuaimhneas aigne d'fhághail faid is bhí tú
a' tabhairt failíth annsa tslánúghadh mór atá geallta a mbíobla Dé. O cad é
an tairbhe do dhuine má bhuadhann sé an saoghal go léir, agus 'anam féin do
chailleamhuinn!



O ar sise, sé sin é, go díreach; agus anois atáim am dhuine ainnis.



Dob' ait an sgéal, ar sa mise, mu'r a mbeidhtheádh ainnis agus dólásach
ad aigne, ach cuimhnigh gur mór an trócaire dhuit nách bhfuil do chóinsias
marbh; agus ná dúbhairt Dia le na Spirid bheannaighthe éirighe dhíot agus
leigion duit-féin: do chuiris buaireamh air an Spirid sin, agus tá sé ag
aighneas leat fós. Go


L. 6


deimhin measaim gur mór an trócaire ó Dhia dhuit t'aigne bheith cómh
corruighthe is tá sí, tímchioll chás t'anama. Ach ná glac éadóthchus.
A deir tú go bhfuil an aindeise ort, agus tá fhios agad nách bhfuil ach an
t'aon leighios amháin do pheacaicc ainnise: glac an leighios sin. Iompuigh
chum an t-Slánathóra. Cuir do mhuinín a mórluach a chuid fola, agus ná
bíoch eagla ort. Ruith fé an sgáth sin. Isé Críost Carad na bpeacach,
agus do thug tusa mí-mheas do. Ach anois, - anois féin, iompuigh chuige,
creid ann, agus beidh tú sábháilte.



Do bhíomair ciuin annsan, air feadh tamaill; d'fhág mé chum a smaointe féin
í: agus ní'l amhrus agam nách ag guidhe chum Dé bhí sí an tamall a d'éisdeas.
Annsan adúbhairt mé lé, 'Bfuil aon abhrán diadhaithe agad tímchioll na páise
d'fhuiling Críost air son na bpeacach?



Tá, ar sise, cuid mhór aca do mheabhair agam. Seo ceann áluinn do bhí mé a'
múineadh do Mháire bheag so (leanbh breádh bhí le na hais.) Annsan do
thoisigh sí air bheith a' rádh focail an abhráin, mar seo:




Tá tobar glórmhar naomhtha lán,
Le fuil mhórluach mhic Dé;
Gach anam bhíon dá níghe annsan,
O'n bpeaca glanfar é.



Ba thobar é do'n ghaduighe bhocht,
Chuir áthas air a chroidhe:
Is cé go bhfuilimse cómh holc,
O nigh mé ann, A Dhia!




Do ghoill na focail air a haigne, agus níor fhéad sí dul níos siadh.



A gcionn bheagáin laetheanta do ghlaodhas airís chúiche, agus do cuir sé
áthas orm a fheicsinn go raibh breis socaracht agus suaimhnis air a haigne.
Táim a ttosach dóchuis ar sise, go bhfaighidh mé trócaire fós; agus ná
caithfidh Dia amach me; agus ná diúltóigh an Slánathóir dom.



Cad fé ndeara an dóthchuis sin? ar sa mise. An dóig leat go bhfuil tú a'd
chríosdaighe níos fearr anois ná bhí tú roimhe seo?


L. 7


Ní dóigh liom é, ar sise, ní chúgham féin atáim a' feuchainn, ach chum
bréithir Dé, agus a gheallamhuinn, agus a mhionna do thug sé, "ar nós go
mbeith misneach láidir aguinne, a' ruith chum greamaighthe do'n dóthchus atá
rómhainn: Dóthchus atá aguinn mar anncuire daingion diongmhálta d'ár
nanam."



Do thug an chuaird seo breis eóluis agus misnigh dhom féin - Do bhí mórán
conbharsáide aguinn, agus do thasbáin a cuidsion de an tslígh taithniomhach
ionna raibh a haigne. Do bhí mé ag cuímhneamh, ar sise, air an sligh ionnar
chaitheas mo shaoghal roimhe seo, agus cuireann sé mí-shásamh, agus náire
orm, agus tugann sé mí-mheas orm-féin dom. O cad do bhí mé a' déanadh! Nó
cionus do chaitheas m'aimsir ba mhór-luach? A' leanamhuinn neithe ná raibh
tairbhe ná maitheas ionnta? d'iompuigh croidhe meallta a leataoibh ón slígh
cheart me! Is air éigion d'fhéad sí na focail seo do labhairt, a nguith lag
íseal, agus a-bhfad ó chéile. Agus, ar sise, do bhí mé a' smaoineamh air
dhaoine eile cómh maith liom féin. Is conntubharthach an tslígh ionna
bhfuil an saoghal so. Do chídhim sin anois. Tá failíth dá thabhairt air
fuaid an domhain nách mór, annsna neithe bhaineann le Dia. O! dá
bhféadainnsi mo ghuith lag a chur a gclos do dhaoine, d'ineósfainn dóibh a
gcás baoghalach. A dhuine uasail, an dtabharfadh tusa frógra dhóibh
teitheadh ó'n bhfeirg atá le teacht?



Déanfad mo dhíthchioll, ar sa mise, ach is baoghal liom gur suarach an
éisdeacht do gheóbham. Tá na daoine ró thóigthe suas le neithe saoghalta.
Tá slabhraidhe an pheaca ró láidir ortha! Do dhall grádh an tsaoghail súile
furmhór na ndaoine, agus do chruadhaigh sé a gcroidhe; agus is breis
sgannra annsa sgéal, gan aon smaoineamh a bheith aca féin air a
gconntúbhairt. Ach deinimísne ár ndíthchioll, agus, tar gac nídh, bímís
a' síor ghuidhe chum Dé. Iaraimís air an TTiarna Uilechómhachtach congnamh
linn, mar atá Dia ábalta air an gcroidhe is cruadh do bhogadh. Guídhimís
anois.



Ba mhór do thaithnigh liom féin an t-imshníomh do thasbáin an óigbhean so a
ttaobh leas anama a cáirde. Is maith an cómhartha rud do'n tsórtso air
dhuine, mar tasbánann sé go mbíon meas aige air shlánúghadh Chríost.



Do bhí breis agus cheithre seachtmhaine caithte anuairsin, ó an gcéad lá bhí
mé 'na fochair. Do bhí a conntanós sóinseálta


L. 8



go mór, agus dob' fhuirris aithinn gur ghairid uaithe bheith réidh leis an
saoghal so; ach d'fhan a meabhair agus a ciall aice, agus do tháinigh ciúnas
agus socaracht air a croidhe, a n'áit a chéile. Lá nó dhó roimh a bás, bhí
a húrlabhra chó lag sin, ná'r bhféidir lé focal so-léir a labhairt, ach
an tríomhadh lá sul ar éag sí, ar sise le na cara, Táimse ag imtheacht; is
gairid go mbeidh an chath tabhartha. Táimse sonaidhe - Táim sonaidhe. Sé
seachtmhaine ó'n gcéad lá chonairc me í, do rugadh a corp chum na huagh.



Anois, cómh maith is go mbeidhinn a'm sheasamh airís aig leaba bháis na mná
óige seo, agus go bhfeicfinn mórán daoine, íseal is uasal, am thimchioll, do
labharfuinn beagán focal leó, mar seo: -



1 Air ttúis, chum aithreacha agus máithreacha cloinne.



Smaoiníghidhsi air an riachtanas atá le teagasg diadhaithe a thabhairt a
nám d'bhúr gclann. Dob'fhéidir go gcaillfidís sibhse ionna nóige, mar do
chaill an óigbhean úd a hathair 's a máthair, agus go bhfágfaidhe annsan iad
chum gabháil tríd an saoghal gan athair, gan máthair, do thabharfadh stiuir
nó cóngnadh dhóibh. Agus b'fhéidir do chuid aca dul, mar do chuaidh sise,
go ttí réigiuin iasachda, agus teinnios agus bás a theacht ansan ortha. -
Agus cionus a bheid siad gan sólás an tsoísgéil a bheith aca chum misnigh a
chur ortha? Cad í an chrích imtheoigh ortha má mhairid siad gan grádh
Chríost, gan dóchus slánuighthe? Tá fhios aguibh go bhfuil an saoghal so
lán do neithe mealltamhla agus do chonntúbhairt, agus tá fhios aguibh gur
fuirris daoine óga do mhealladh le na dhraoidheacht. Agus fós cuir a gcás gur
tóigeadh na leinbh go diadhaithe, le teagasg fírinneach a ngrádh Dé, tar
éise sin atá sé ró chonntúbharthach iad a chur a n'aon áit ná beidh
creidiomh agus grádh Dé ann. Is beag ná beadh sé có maith iad a chaitheamh
isteach a bpoll bheithígheach allta, nó a tteine dearg-lasarach. Má
thagaid siad slán as sin, is le míorbhúille Dé amháin é. Ach fós, bíon dóchus
eigin a gcómhnuidhe a ttaobh na muintire do tóigthear le diadhathacht agus le
deigh-chreidiomh. Bíon spré naomhtha ionna gcroidhe, do lasann le
smaoineamh air fhocail De. Bíon cuimhne buan aca air ghach frógra thug a
máthair diadhaithe dhóibh. Cuimhnighid siad air ghuidhe a nathar, agus
cuireann sin, b'fhéidir, go minic bun-os-cionn air pheaca iad. Gach dán
diadhaithe,


L. 9


agus gach caibidiol do'n bhíobla d'fhoghlamadar aig baile, beidh a
chuimhne dá gcur air a naighidh chum maitheasa, nó dá gcur air gcúl ó'n
olc. Nó dá madh air a leaba bháis é, dob'fhéidir do'n deigh-theagasg a
gheibid 'na nóige tairbhe thar bár a dhéanadh dhóib. Feuch mar d'oibrigh sé
air aigne na mná óige úd. Dá bhrí sin, a aithreacha agus a mháithreacha,
téighidhsi air aighidh go díthchiollach leis an saothar sólásach so, a'
stiúrúghadh bhur gcloinne chum an t-Slánathóra. Cuirighídh fé na chumraidhe
sin iad, agus bíoch bhur nguidhe agus bhur súil le teagmháil leó aig
árd-chathaoir Dé. Ach, cuimhníghidh, má thugann sibh failíth a leas a nanam,
dá fheabhas eólus eile thabharfaidh sibh dhóibh, nách bhfuil aon mhaith dhíbh
bheith a' súil le iad fheicsinn a bhflathas Dé. Ionna áit sin, is baoghal díbh
féin agus dóibh féin bheith a' fulang pionóis siorruidhe a nifrionn.



2 Anois labhraim leis an muintir bhíon a' friothálamh air lucht teinnis,
agus air dhaoine a' fághail bháis.



Má bhíon grádh ceart aguibh d'bhur gcáirde, a n'ám aon teinnis a bheith
ortha, tugaidh cómhairle díleas dóibh tímchioll a nanam. Is grádh breugach
a thasbánfaidh sibh d'aon duine, pé aca peacach nó naomh é, má chuireann sibh
aon mhisnéach air chum dul a leith a mhaitheas féin a gcómhair na
síorruidheachta, agus, fóraoir! is olc an cómhartha é air an muintir do
thabharfach sólás có suarach sin do dhuine. Tasbánann sé go bhfuil easnamh
mór ortha féin a n-eólus na slánaighthe. d'inis fear Eaglaise (dá'r b'ainim)
(Mr. Cecil), sgéal air chás do'n tsórt so. Do bhí sé ag cáint le duine
teinn timchioll mhéid a pheaca, agus do rug bean an fhir air an bhfocal, dá
rádh go raibh a fear 'na dhuine ró mhaith. Eisd, ar san duine
úmhal-chroidheach bhí a' fághail bháis, is fíor é go léir.



Níor mhí-chosamhuil leis seo an cómhrádh bhí aig leaba bháis na mná óige.
Do mhol a bean mhuintiortha í, agus do ghlac iongantas a ttaobh aon duine do
mhair có deigh-mhéinneach léise bheith eaglach air son a hanama. Ach ní
dhéanfach an deigh-mhéinn sin an gnó. An t'anam buartha, agus an cóinsias
cionntach, diúltaighid siad do'n tsóirt sin sóláis! O a dhaoine do bhíon
tímchioll leaba an bháis, ná deinidh bladar ná bladhmann leis na
créatúirídhe bhíon air bhruach na síorruidheachta. Ní mór dhóibh
Slánathóir, nó táid siad caillte go deó. Ní mór dhóibh Fuasgaltóir, nó beid
siad a bpríosún ifrinn go


L. 10



brách. Bainigh dhíobh gach dóchus fallsa agus gach muinín gan mhaith. Ná
leigidh dho'n pheacach bheith a' smaoineamh air a fhíréantacht féin, ach
stiúruighídh é chum an Tiarna Iosa Críost agus annsan tugaidh dhóibh sólás
an tsoísgéil go fairsing.



3 Agus anois, ba mhaith liom focal cómhairle 'thabhairt do dhaoine óga bhíon
a' smaoineamh air dhul go ttí réigiuin iasachta.



A cháirde óga mo chroidhe, má bhíon mian bhúr gcroidhthe chum Dé, agus má
leanann sibh an tslígh ceart deigh-iomparach Críosdamhuil, annsan beidh
beannacht Dé libh, agus beidh sibh 'n bhúr solas soillseach a láthair na
ndaoine; bhéaraidh sibh glóire d'bhur n-Athair air Neamh, agus b'fhéidir
gurab iomdha peacach bocht bheidh a' breith buidheachais le Dia go
síorruidhe 'bhur ttaobh. Ach fós, cuimhnighídh go bhfuil conntúbhairt mór
spirideálta a ndul thar fairge. Creidim gur beag do dhaoine d'fhág a ttír
dúthchais riamh ná'r chaill cuid dá ndiadhaitheacht. Labhraimsi go
haireach; ach do fuair mé mórán radhairc air an bpaointe seo, fóraoir! 'san
áit 'na bhfuilim; agus dob'í mo chómhairle do ghach naon ba ionmhúin liom,
gan imtheacht go deó as aon áit 'na mbíon soisgéal Chríost ann, chum dul go
ttí áit eile ná bíon sé air aon chor ann, dá bhfaighdís taobh dútha do
bhár an aisdir. O má thagann sibh chum na háite ionna bhfeacasa an óigbhean
úd air a leaba báis, is cuma cia aca do shiúbhal bhur gcos, nó a gcarráisde
do tháinigh sibh; is cuma cia aca as bhothán nó as chúirt do ghluais sibh.
Ní shí sin an cheist do ghach aon aguibh, ach siud í an cheist: A' bhfuil
m'anam sábháilte? 'Bfuil mo pheacuidhe maith-te dhom? A mbeidh mé
sábháilte nó caillte - cia aca? A ndéanfaidh Breithiomh na mbeoibh is na
mairbh me 'shaoradh nó me 'dhaoradh? Cia aca déarfaidh se linn, Gluaisídh, a
dhaoine bheannaighthe - nó, Imthíghidh, a dhaoine mhalluighthe?



Bíghidh deimhnightheach, a cháirde óga mo chroidhe, gur fearr dóchus
slánaighthe trídh Íosa Críost, beatha spirideálta agus comaoine naomhtha le
Dia, ná an saoghal go léir agus a bhfuil ann. O ná deinigh aon mhoill;
b'fhéidir nách bhfaghadh sibh uain chum aithreachuis. "Cuardaighidh an
Tiarna faid is bheidh sé le fághail, glaodhaigidh air faid is tá sé air
cómhghar".



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services