Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Bull 'Ineffabilis'

Title
The Bull 'Ineffabilis'
Author(s)
Bourke, Ulick J.,
Composition Date
1868
Publisher
(B.Á.C.: John Mullany, 1868)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Do Dhia an do-luadhta a shiubhalas a m-beallaighaibh na trócairé agus na
fírine, agus aig a bh-fuil toil uile-cumhachtach, agus go sreitheann go
socair réim a chríonachta o 'n deire shoir go d-ti an deire shiar de 'n
g-cruinne go h-iomlán, aig cuir go sámh gach nidh ann a áit fhéin, budh leur
ó thus na síorruidheachta an creach craidhte a shíolróchadh air an g-cinne
daonna go léir ó pheacadh Ádhaimh. Air feadh na g-cianta do cheil se rún a
rinne se ann doimhneacht a chroidhe fhéin, bail a chuir air an g-ceud obair
a thainic ó lamhaibh a mhaitheasa, le gleus diamhar eile ni budh
iongantaighe, tre ionncholnughadh an Bhriathar dhiadha, ionnos nach
bh-fuigheadh an duine, a mealadh agus a thuit go milteach a b-peacadh, faoi
dianas an diabhail a chlaoidh é le cealg agus cluan-bheart, bás síorruidhe,
ann amhdheoin intine trócairighe an Árd-righ a chruthuigh é: agus ionos go
m-beidheadh an tuitim ud do tharlaigh le línn Ádhaimh, 'na ádhbhar éirighe
níos seunmhaire air teacht an dara Ádhaimh, is uime sin, a d-toiseach na
saoghal agus roimh na g-cianta do thobh se Mathair d'a aon-mhac, agus, mar
budh cóir, do chuir ann ordughadh í, mar an buime a bhi


L. 6


le colann daonna a thabhairt Dhó, agus a g-coimhlíonadh beannuighthe na
n-am, le n-a bhreith ó n-a bruinn uasail; agus do ghrádhuigh sé í os cionn
gach créatuir le searc-gradh sanrach, síorbhuan, cho dilis sin, gur
anntí-si amháin fuair an tean-dúil agus an cuman, caoin carthanach a líon a
chroidhe a lán-sasadh. Air an adhbhar sin, le tuilé mór na n-uil-grása
neamhdha, noch do thóg sé as lán-stór a dhiadhachta do líon Sé a h-anam le
iondualacht tiodhlacaidh a bh-fad roimh' an meid ainglidh agus deagh-
Spíoraid tá air neamh, agus naoimh air talamh; agus do mheuduigh Í a
saidhbhreas na subhailcidh air modh cho iongantach, gur raibh sí ó thus féin
go buan gan béim, agus go ballach saor, glan ó sal air bith peacaidh; agus
gur raibh sí áluin, sgéimhach, agus air gach modh foirfé, fóir-mhaiseach;
agus gur iomchuir sé líonmharacht naomhtha na carthanachta agus na
cáidhachta nach raibh a leithead eile faoi Dhia le fághail; agus nach
feidir le creatúir air bith acht Dia é féin cuimsiúghadh ann a inntleacht,
méid a h-uaisleachta agus a mór-chéimé. Agus go cinnte budh cóir go
m-beidheadh se amhlaidh air gach chaoi, se sin, ó bhi sí gleusta a g-comhnuighe
ann eudaighibh geal na carthanachta, go sgeitheadh sí glonra
mór naomhthachta uaithí; agus leis sin, ó bhí sí saor glan ó peacadh na
sinsir féin, go bh-fuigheadh sí go ballach buaidh, buan, beannachtach os
cionn an an-Spioraid, - an Mhathair óirdheirc ud a bhi cho cáidh, cumanach
aig Dia an athair gur mhian leis a aon-mhac, noch


L. 8


a geineadh ó n-a ucht dhiadha agus a bhi co-ionnann leis fhéin, agus air a
raibh grádh agus gean a chroidhe mar air fhéin síor sáithte, a bhronnadh
airthise air modh go m-beidheadh se a réir nadúra 'na aon-mhac dhilis
coitchean aca le chéile - Dia an Athair agus an Mhaighdean Mhuire: - an
buime so do thogh Dia an Mac a dhéanadh 'nna Mhathair réir nadúra daona Dhó-
fhéin; agus b'í-se an bhean a bhi ceapuighthe amach aig an spioraid Naomh le
gabhail ann a bronn réir a thola agus a oibruighthe, agus le túismughadh an
Te ud as a éirigheann se féin amach.



An t-ionracas sinsearach so na Maighdine glórmhairé a tá go dluth fighte
faoi aon dheilbh le n-a naomhacht ionmholta agus le n-a árd-chéim óirdheirc
mar Mathair Dé, do bhí a g-comhnuidhe 'nna chraobh creidimh aig an Eaglais
Catoilicach, noch a tá go síor faoi stiúradh agus teagasg an Spioraid
Naoimh, agus a tá mar bhun agus piléir na fíriné, an teagasg so do tugadh
dhi ó neamh le seilbh, agus do craobhsgaoladh dhí ameasg a lán eile, an
teagasg ceadna so do mhinigh sí do'n domhan mhór agus do dhearbhuigh sí le
feartaibh follusa agus le gniomharthaibh glórmhara, agus go fóill ariamh
níor rinne sí fósadh 'g a mhínughadh; 'g a dhearbhadh agus 'g a bhuanadh
níos mo 'na a chéile gach aon lá. Is craobh creidimh é atá faoi cruth
a's blath ó 'n am is arsa a g-céin, agus aig a bh-fuil freumh doimhin ann
anamnaibh na bh-fíreun, agus a ta, faoi cúram


L. 10


cumanach agus dithcioll teas-ghrádhach na n-Easpog a sgeitheadh a
síol' air modh iongantach thrid an cruinne Catoilicach. Do thug an Eaglais
í féin le n-aithnughadh go soilléir, cad é is baramhail leithe air, 'nuair
nach raibh ceo de leisg orthi, féile a cur air bun an onóir "geinamhuinte"
na naoimh Maighdine, chum go d-tabharfadís na fíreun ádhradh agus
áltughadh do Dhia mar geall air, mar aon le onóir agus modh mór do'n
Mhaighdin í féin. Budh taisbanadh soilléir go dearbhtha é so do rinné
Eaglais De a thabhairt air gheinamhuin na h-Oighe, gur budh eug-samhlac,
iongantach í, agus euluighthe a bh-fad ó gnás síolruighthe no tuismighte
tá nadurdha ameasg clainne daonna, agus air gach chaoi naomhtha agus ion-
áltuighthe, óir ní cuireann an Eaglais féilé air bun, no a chongbhail 'nna
shaora, acht ann onóir na Naomh amháin. Agus air an ádhbar sin, is gnathach
leithe ann a cuid leighean agus ann a naomh-liturgia na focla céadna a
leigheadh le a labharann an Sgriobhan diadha air an Tuigse neamh-
cruthuighthe, agus le a trachtar air a phríomh-bhunadh ó thus na
síorruidhachta, agus na briathra céadna a chuir a leith príomh-bheatha na
Maighdine Mathar, aig tasbanadh leis an gnás sin, gur b'ionnan an t-acht
le'r ceap Dia íse amach, agus le'r dearbhuigh Se go nglacfadh an Tuigse
diadha colan daonna.


L. 12



Gidh go taisbanann go maith iomlan na neithe so a tá a g-croidhe agus a
g-cleachtadh aig na fíreun a m-braithte gach áit, an rún daingean bhi go síor
aig an Eaglais Romhanach - atá 'nna mathair agus 'nna maghistrais os cionn
eaglais na cruinne, - an creideamh so taobh cáidh-gheinamhuine na Maighdine
a chur air aghaidh, 'nna dhéigh sin is fiu na gníomhartha glonracha do rinne
an eaglais mheasamhail so, go n-déanfaidhe contus air leith a thabhairt
orra, ó tharla go bh-fuil árd-réim agus barantas na heaglaise céadna so
cho mór sin a's is ceart dhí fhaghail air gach caoi, mar is si bun agus ceart-
lár na fírine catoilicighe agus aondachta í, agus is annti-se amháin a
cumhduighadh gan clisadh an chraibhtheacht, agus go bh-fuil se riachtanach
do gach eaglais eilé tarraing uaithi-se, amhail as cran, sugh agus úr-fhas
an fhíor-chreidimh. Agus is uime sin nach raibh nidh air bith a b'ansa
leis an Eaglais Romhanach céadna 'na le uil-ghuth agus ur-labhairt agus
air gach uile chaoi a b'fheárr gle-gheinamhuin na maighdine mar aon le n-a
onóir agus an teagasg so 'nn a leith, a dhearbhughadh, a chruthughadh, a chur
ar aghaidh agus a chosaint. Mar taisbanadh soilléir agus fiadhnuise
follusach air so, tá againn go deimhin a lán achta ionghantacha a rinne
árd-Easpoig na Roimhe a bhi romhainn-ne ann, agus da d-tug ó neimh anuas a
b-Pearsa Prionsa na n-Apstol Criost ar d-Tighearna é féin árd-churam agus
cumhacht na h-uain agus na caoraigh a


L. 14


bheathughadh, a bhraithre a cho-neartughadh 'san g-creideamh, agus an
Eaglais air fad a stiuradh agus a riaghail.



Dar go deimhin budh ádhbhar glóire móire aig na Pápaidh a bhi ann Romhainn,
feile geinamhuine na Maighdine a chur air bun faoi n-a m-barantas apstolach
air feadh na H-Eeaglaise Romhánaighe; agus é a árdughadh agus a dhéanadh
onórach aig bronnadh air, oifighé air leith agus aifrin air leith, le'r
dearbhuighadh os comhair an domhain eagsamhlacht na h-óighe thar cách, agus
a glé-ghileacht ó gach sal sinsireach: Agus a d-taobh an mhéid a bhi
cheanna air bun ann a h-onóir, do rinnadar a n-dithcioll a leathanughadh
agus a bhuanadh, - má's aig bronadh logha, no mas aig tabhairt cead do
cathrachaibh agus do cuigibh agus do righachtaibh roghan a dheanadh de
Mhathair Dé, le bheith aca 'nna mnaoi-cuimhirce agus 'nna taca, faoi
ainm agus cáil, "na maighdine a gabhadh gan peacadh;" - no ma 's aig bronadh
beannachta, agus aig guidhe bail agus blath air dháilibh agus air
chruinighthibh, no, mhuintir air bith riaghalta a chuir futha ann onóir na
h-oighe a geineadh gan cáin; no arís aig sgeith molta air chrabhadh an


L. 16


dreama a d'árduigh faoi sgiath na h-óg-mna cáidhe monaisteiridh, othar-
tighthe, altóiridh, cillé, agus teampuill; no air an mhuintir faoi ord
naomhtha a rinne gealadh, caidh-gheinamhuin Mathair Dé a chosnughadh go
crodha agus go buan ann aghaidh gach namhaid. 'Nna cheann sin bhi luath-
gháir an-mhór ortha ordughadh a thabhairt go ughdarasach go m-beidheadh an
t-solamhuin céadhna air féile geinamhuine na maighdine thridh Eaglais Dé go
h-iomlán faoi an cháil agus an mheas ceadna a's tá air lá féile an nodlaic
féin; agus fearr as bárr, go m-beidheadh air feadh na h-eaglaise feilé
Naoimh Muire roimh nodlaic faoi solamhuin ocht lá; agus go n-deanfaidh na
fíreun an lá féin a chongbhail 'nna shaora mhór mar na féilte eile air a
bh-fuil sé d'aithné orainn faoi phian peacaidh a g-congbhail 'nn a saora; agus
'nna cheann sin, go m-beidheadh gach uile bliaghan co-dáil os comhair an
Phapa cruin ann righ-teampail uasal-atharach Liberianach air an lá a tá
'nn a fhéilé naomhtha ann ónóir na Maighdine a gabhadh gan peacadh. Agus
arís, le duil an teagasg so taobh cáidh-gheinamhuiné Mathar De a
neartughadh, níos mó gach lá 'na cheile, ann anamnaibh na bh-fíreun, agus a
n-diamhóid a bhrostughadh chum onóire agus glóire na Maighdine "a gabhadh
gan peacadh na sinsiré," - b'ádhbhar mór luath-ghairé dóibh cead a
bhronnadh go fonnmhar, a cáil a sgeith agus í a adbháil anns an liodain
labratánaigh "Lauretanis" agus anns an fóir-roinn "preface" de'n
naomh aifrinn


L. 18


mar "an Mhaighdean a gabhadh gan peacadh," ionnos go m-beidheadh an
riaghail le a n-déantar urnaighe 'na riaghail aig brostughadh creidimh.
Aig leanamhuin mar sin go dluth ann lorg an méid Easpog a chuaidh romhainn,
ní she amhain gur mholamar agus gur ghlacamar an meud a dhearbhuighdar go
gradhach agus go h-eagnach, acht 'na cheann sin, - aig congbhail a
meamhair leachtain no buan-sgriobhine Sicstuis IV - do dhaingnighmar tre an
cumhacht uighdarasach tá againn faoi lámh oifige air leith ann onóir
"cáidh-geinamhuine" na Maighdine; agus le ur-gháirdeachas croidhe do
dheonuighmar do'n Eaglais trid an domhan a úsaid agus a chleactadh.



Acht ó tharla go bh-fuilid na neithe a bhaineas leis an onórughadh agus an
adhradh fighte go follus faoi aon dluth le n-a n-ádhbhar, agus go bh-fuil an
onórughadh mar inneach faoi aon fuinneadh leis, agus nach d-tig leo cur le
cheile an aon deilbh daingean, dianmhar, ma tá an t-oigé
faon, no gan fuirm, is uime sin bhi se 'nna churam mhór air na h-easpoig a
bhi romhainn air chathaoir naoimh Peadair, cho maith a's bhidar aig déanadh
an mhéid bhi ann a


L. 20


g-cumhacht onóir do'n "naomh gheinamhain" a mheudughadh; - an t-ádhbhar a bhi
leis a mhúnadh anns an am chéadna, agus an fíor-teagasg ann a leith a
nochtughadh agus a mhínuighadh go duthrachtach. Oir do mhunadar go soilléir
agus go glinn, gur mar geall air gheinamhuin na Maighdine bhi an lá saora
air bun; agus do dhamnuighdar mar breugach agus a bh-fad eilnuighthe
"alienissimam" ó intin na h-Eaglaise baramhail an dreama a shaoil agus a
dubhairt nach é "geinamhain," na h-oighe, acht a naomhadh a bhi aig fághail
onóire agus altuighthe ó'n Eaglais. Agus níor rabhadar níos maola aig
trachtail leis an mhuintir eile, a shaoil, -aig cur baill eidir-
dhealbhaigh, no teoran, eidir an cheud mhoméid agus an dara mhóméid le fonn
gle-ghineamhain na maighdine a chur air lár, - an baramhaill so a dheanadh
follus, gur tugadh onóir agus árd-luadh do gheinamhain na Maighdine, acht
ní air an g-ceud ponc no mhoméid ann ar gabhadh í. Acht leis sin do
mheasadar na Papaidh a bhi ann romhainn-né gur raibh se d'ualach ortha, cho
fada a's b'fheidhir le n-a g-cumhacht, ní amháin feilé gle-gheinamhuine na
Maighdine beannuighthe, acht an gheinamhain sin o'n g-ceud mhoméid, mar
freumh agus fíor-adhbhar na h-onóiré agus an árd-luadh, a choimheud agus a
chosaint go crodha. Uime sin, tá againn na briathara ughdarasacha so le'r
d'fhoillsigh an Papa Alistir VII, intin na h-Eaglaise aig radh: "go
dearbhtha is sean-deamhóid na criostaidh do'n Mhaighdin Muire naomh mathair
De, an ba-


L. 22


ramhail tá acu gur cumduighadh a h-anam an cheud mhóméid ann ar cruthuighadh
é agus ar seudadh asteach é ann a colain, saor glan ó gach smal peacaidh na
sinsiré tre grása speisialta agus seach-dlighe ó Dhia, agus tre luaigheacht
luach-saothar Íosa Críost a mic, fuasgaltóra an chinne daonna, agus leis an
intin so bheirid onóir agus déanaid solamhain mhor air lá feile na Maighdine
roimh nodlaic."



Agus se an rud is mo bhi ag - comhnuighe 'na adhbhar curama aig na h-easpoig
bhi romhainn, an creideamh so taobh gle-gheinamhuine Mathar Dé a chongbhail
cumhduighthe, agus le fonn agus diagrás a chosaint go urradhasach. Oir ní
she amháin nar leigadar a riamh d'aon neach cor air bith droch-fhocal a rádh
no sgeul a chuir amach ann aghaidh an chreidimh so, acht do chuadar níos
faide go mór: le foillsiughadh aig os árd, arís agus go minic, do chraobh-
sgaoiladar do'n domhan mór go raibh an creideamh tré a admhuighmuid gle-
gheinamhuin na Maighdine, co-ionan, agus gur cóir go m-beidheadh an cháil
agus an chliu sin air, d'a bhárr fhéin, - do bheith go soilleir co-ionan le
naomh-teagasg na h-Eaglaise, agus gur creideamh arsa é bhi a m-bráite gach
tír thríd an domhan mhór, agus cho


L. 24


ion-mheasta sin, gur thog an Eaglaise Romhánach airthi fhéin a chumhdughadh
agus a chosaint; agus gur b'fhiu é air gach chaoi áit fhághail anns an
naomh liturgia agus anns na urnaighe b'ion-mheasda. Agus níor rabhadar
sásta leis an meud so, - acht ionnos go m-beidheadh an creideamh taobh caidh-
gheinamhuine seasmhach, slán, gan baoghal cliste go buan, thugadar
ordughadh urrudhasach gan an baramhail eile a bhi 'cuir ann aghaidh an
chreidimh so, a chosaint aig os-árd no aig os ísioll; agus do budh maith
leo go n-eugfadh sé air fad brúighte agus gonta faoi n-a buillidh so. Agus
leis sin ionnos nach m-beidheadh na foillsighthe so gan fáth no gan toradh
to thugadar geall taobh a g-comh-líonta. Ta iomlán an meud so faoi fuirm
aig an Pápa ionmholta a bhí romhain ann, Alistir VII anns na briatharaibh so:



"Aig breathnughadh go g-congbhuigheann an Eaglais Romhánach 'nna fhéile
mhór, cothrom an lae air a geineadh gan toibheim Maire a bhi a riamh 'nna
h-óigh, agus gur thionsgain si bh-fad ó shin oifige air leith agus go
sonrach ceapuighthe amach do'n feile so, de réir sgriobhain ughdarásaigh
cóir, craibhthighe, ion-mholta noch do thug Sicstus IV a bhi roimhe so 'nna
Papa, - is maith


L. 26


linn-ne, mar an g-céadna, do réir shompla na n-Easpog Romanach a bhi
romhainn, an diabhóid crabhthach agus an gnás ionmholta so a chuir air
aghaidh, mar aon leis an saora no feille, agus an t-searc-onóir a eirigheas
mar gheall air, - onóir nár athruighadh a riamh ann Eaglais na Roimhe ó'n am
toisuigheadh a d-tus air. Is toil linn-ne mar an g-céadna, cumhdach agus
cumaircé a bhronadh air an gnás diabóideach so le a d-tugthar onóir do'n
naomh Maighdin air nos adhratha publighe, mar gheall gur cumhduighad í
saor ó pheacadh na sinsir tré grása roimh-aireach fabharach an Spioraid
naoimh. Agus is mian linn congbháil suas a d-treud Criost aon-spiorad amháin
faoi chuing na sithcháine, - aig cur síos masladh agus clampair agus aig
dibirt scanail. Mar sin de, aig tabhairt cluais fabharaigh do
bhuanghuidhe agus impidhe na n-easpog ainmnighthe shuas, agus na
g-caibidil a bhaineas le na n-eaglaisidh; agus aig géiladh go impidhe an
righ Philip agus na righacht a tá faoi, - Foillsighmuid go nuadh na reachta
agus na achta righamhla noch d'fhoillsighdar riomhe so ard-Easpoig na
Roimhe a chuaidh romhainn, agus go h-airide Sicstus IV, Pól V, agus
Gregóir XV a d-taobh na baramhla le a dearbhthar, gur raibh anam na
naomh-Maighdine Muire an tráth cruthuighadh é le n-a corp, lán de grása ó
tabhartas an Spioraid Naoimh agus cumdhduighthe ó peacadh na sinsire: agus a
d-taobh an saora tá air co-throm


L. 28


an lae air a geinadh an Maighdean Mathair De, agus na solamhuine tá air, ann
a h-onóir, mar dubhradh ceanna, a measg na bh-fíreun, mar gheall air na
baramhla sin - Orduighmuid go g-coimheudfaidh gach neach na reachta sin air
eagla daor-cháine no milláin eaglaisighe, agus faoi'n b-pianus na g-cionn
tá annta ceapuighthe amach.



Fearr a's barr, is mian linn go m-beidheadh faoi an g-cáin agus an pianus
ceadna, gach neach agus gach dream a leanas don'n obair míniughadh a chur
air na reachta, mi-fhabharach do chiall chrabhthach na g-críostaidh, no
do'n bh-feile; no do'n árd-onóir a éirighas ó chroidhthibh lucht an
chreidimh; - agus go m-beidhadh amhlaidh an dream mar an gceadna a dhéanfas
gan leisg no náiré, an deagh-baramhail so, no an fheilé, no an árd-ónóir a
thabhairt ann cuntais agus an ceist', no a labharóchas síosma air bith
mhór, ann aghaidh na neithe so aig os ísioll no aig os ard, go díreach no
go cam faoi sgath air bith, - ma's air son ceistnuighthe, an bh-fuil no
nach bh-fuil se ceart an teagasg so a shocrughadh; - no air sgath an
sgriobhain diadha, no sgriobhain na n-aithreach naomhtha, no na n-ollamh
eolgach a ghlinrughadh, no a mhíniughadh; no fa sgath no ocáid air bith
mhór; agus leis sin a dhéan-


L. 30


fas a luadh ann guth no ann grafadh, no a dhéanfas seanamóir no comhradh,
no tráchtáil, no deaspóireacht aig dearbhadh no aig deimhnughadh nidh air
bith, no aig cur amach ádhbhair agus riasún 'nn a n-aghaidh, - no a fágáil
gan fíor-fhreagradh iad so a tugad amhlaidh, no aig déanadh féidhm de
slighe air bith eile chum conspóide nach léur "Duinn-ne" an t-am atá a
láthair. Fearr a ' s bárr na b-pianus agus na milleán cáinamhla tá
ceapuighthe amach a reachtaibh Sicstúis IV, agus d'ar mian linn-ne an
mhuintir so a srathadh agus leis na leitiridh so atá faoi n-ar lamh
daoramuid iad, - 'sé ar d-toil go g-cailfaidh siad air an ball, agus gan
foillsiughadh faoi ó neach air bith, cumhacht seanamóir no comhrádh a
dhéanadh; leighean publighe, teagasg no eidir-mhíniughadh a thabhairt,
agus gan oiread le guth a bheith aca, no cuideadh air bith air gach aon
ocáid d'a gnidhtar rogha le duine a chuir ann uachtaranas. Agus 'nna
cheann sin is mian linn-ne go m-beidheadh an dream a dheanfadh mar
dubhramar, air ocáid a dheanta, agus gan aon duine labhairt leotha faoi,
buailte faoi chuing cáine agus pianuis síor-shost 'nn déigh sin go deo, gan
cead no cumhacht seanamóir a dhéanadh, oideas na teagasg no eidirmínughadh
a thabhairt uatha. Agus as chuing na cáine sin ní feidir leo maiteanas no
reidhteach fághail ó aon neach acht uainn féin amhain, no ó árd-Easpoig na
Roimhe a tiocfas ann ar n-déigh. Agus tuille eile, se ar d-toil go
m-beideadh an dream céadna


L. 32


faoi pianus air bith, a g-ceann an mhéid so, a támuid féin dár roghan, no
táid árd-Easpoig na Roimhe a eirochas 'nn ar n-déigh, réidh le cuir ortha;
agus mar sin de, leagamuid-ne orra iad, le brigh na leitireach so, aig
foillsiughadh arís go nuadh reachta agus dlighe-achta Póil V, agus
Gregóir XV air a trachtadh cheanna.



"Agus a d-taobh an leabhara a tharrangas ann amhrais baramhail crabhthach
so air a trachtadh suas, no an fhéile a cuireadh air bun, no an árd-onóir a
shíolruigheas ó'n g-céil críostamhail so; no ma fághthar ionnta focal a
sgriobhadh no a leigheadh, mar dubhradh shuas, no briathara, no
seanamóiridh, no papéir trachtais no deaspóireachta - ma cuireadh a g-cló
iad tar éis dlighe-acht ionmholta Póil V, no ma sgeitféar iad am air bith
le teacht, - toirmeasgamuid iad agus leagamuid cáin orra agus milleán atá
dírighthe air an Indecs, no gleus tasbanta, 'nn aghaidh na leabhara
toirmeasgtha; agus se ar d-toil agus ar n-ordughadh go m-beidheadh siad, ma
táid mar dubhradh agus mar geall air sin, gan duine air bith a deanadh tracht
faoi, - comhaireamhtha ameasg na leabhara a tá fíor-toirmeasgtha."


L. 34



Ta fhios aig an domhan mhór go maith cad é an dioghrás le'r sgeitheadh,
l'er deimhnighadh agus cosnuighadh an teagasg so a d-taobh glé-gheinamhuine na
Mhaighdine Mhuire mathár Dé, a lamhaibh na muintire riaghalta is áirde réim
agus na n-Achadaimh diadharachtaigh is mo cháil a's cliu; agus
na n-oididh is oirdheirce agus is eagnaighe ann eolus neithe diadha. Tá
fhios aig an domhan mhór, mar an g-céadna, cad é an lán curam croidhe le'r
fhoillsigh agus chosnuigh go soilléir agus aig os árd, a lár na g-cruinnughadh eaglaiseach
féin an fhírine so, - nár raibh an Mhaighdean Mhuire Mhathair Dé tré roimh-
luaigheacht saothar Chriost ar d-Tighearna agus ar bh-Fuasgaltóra, ariamh
faoi smúid peacaidh na sinsire, acht gur cumhduighadh go ballach í ó shal
sinsireachta, agus air an nós sin, gur saoradh í an módh is árd-reimighe
agus is uaisle. Á g-cionn an meúd so adhbhair, so ceann eile le cur leo
righ-mhór gó cinnte, agus sar-ughdarasach air fad: an t-am bhi Comhairle na
Trente aig foillsiughadh do'n domhan mór acht dlighe a d-taobh peacaidh na
sinsire do shuighdar agus deimhnuighdar de réir fiadhnuise na sgriobhan
diadha agus na n-Aitreach naomhtha agus na g-comh-tional is áirde cáil , gur
geineadh gach duine 'san domhan mhór saluighthe le coir na sinsire, 'nn
déigh sin, gus adbhuighdar go follusach nár mian leo 'san acht sin, agus
iomlanacht an leur-deimhnughadh thugadar, a rádh, gur raibh caoin mhathair
Dé an Naomh Mhaighdean Mhuire a gabhadh gan cáin, de'n uimhir mór
úd. Maise, leis an bh-foillsiughadh so do thugadar


L. 36


aithreacha comhairle na Trente duinn le aithnughadh, co fada a's b'feidir
le de réir na h-aimsire agus na h-ocáide, - gur bud é a m-baramhail cinnte
gur raibh an Naomh Mhaighdean Mhuire saor, glan ó cain peacaidh na sinsire;
agus do tasbanadar go glinn agus go soilleir nar raibh nidh air bith ó'n
sgriobhan dhiada no ó bhuan-tarrangt na n-am chuaid thart, - no ó ughdaras
na n-aithreach naomhtha ar b'fheidir a tabhairt a lathair, a cuirfaid go
cothrom an aghaidh eagsamhlachta maisighe na Maighdine Mhuire.



Dar go deimhin agus go dearbhtha tá an creideamh so taobh na Naomh
Maighdine Muire "gur gabhadh í gan peacadh" ann, ó chuireadh an eaglais air
bun: Agus gach lá 'n déigh a chéile tá sí ó'n méid mór céile agus tuigse tá
aici mar aon le uachdaranas buan-oideas, eolus agus eagna 'g a mhíniúghadh
go soilléir, 'g a foillsiúghadh, 'g a deimhniughadh agus 'g a sgarradh,
air modh iongantach ameasg gach pobuil Catoiligeach agus gach cinne thríd an
domhan mhór. An creideamh so tá sí a congbhail a sheilbh mar stór a fuar sí
ó 'na Príomhchriostaidh agus ó na h-aithreachaibh naomhtha, agus a d-tughadh
dhí faoi seula lonrach an teagasga do chraobhsgaoil árd-Righ neimhe féin.
Tá aici leis an fhírine so a dhearbhadh an fhiadhnuise is glinne agus is
daingine air bith, sé sin, leachta


L. 38


buana na Eaglaise shoir agus an h-Eaglaise shiar le linn aimsire arsa na
príomh-Críostaidh. Oir is sí Eaglais Críost teac dídin agus cosantóir
cródha na fíor-bharamhala a d-tugadh dhí. Mar sin de, ni athruigheann si
go deo focail annta; ni laghduighann iad; ni chuireann sí aon leitir leo.
Acht le saothar mór mar aon lé dioghrás agus le cuibheas cuireann sí a
g-ceann a cheile an mhéid a thainic anuas chuicí ó aimsir ársa, a's gach uile
nidh tá aice ó lámh na n-aithreach; Agus thóg sí airthi fhein bail agus
fuirm, cho fada a's tá tastáil, a chur ortha air mhodh go bh-fuigheadh
baramhla arsa an creidimh neamhdha níos mó lonra, soillse agus glinne, acht
'san am céadna, go g-congochadh síad a n-iomlánacht, a n-ionracas agus a
sonracas no gné, agus anns an am céadna, go sgeithfaidís amach faoi bláth
agus biseach, acht gan a nádur a athrughadh, agus go m-béidís go buan, lán
de'n fhírine céadna, de'n chial chéadna agus de'n mhínughadh chéadna.



Go deimhin ni raibh rud air bith 'nna churam cho 'mór air croidhthibh an
n-aithreach naomhtha agus air lucht sgríbhine na h-Eaglaise a bhi eolgach ann
urlabhradh neamhdha, 'na a bheith le fonn aig comórtas le chéile anns na
leabharaibh glinn-sgriobhtha a chumadar chum an sgriptuír a mhíniúghadh,
bun-bharamhala an chreidimh a chosaint, agus an fíreun a mhúineadh - aig
foillsiúghadh air gach modh iongantach agus air gach ocáid agus 'g a


L. 40


sgarradh go fóir-leathan thríd an domhan mhór, naomhacht agus árd-chéime
na Maighdine Muire, a ionracas iomlán ó sal an pheacaidh agus a buan buaidh
beannuighthe os cionn Aidhbherseora an chinne daonna. Is uime so do
rinnadar amhlaidh 'nuair do mhínighdar na briathara le'r labhair Dia linn a
lár príomh-bhunadh an domhain, air an leigheas a fuair a deagh-mhéin duinn
amach leis an cinne daonna a ath-ghlanadh agus a n-déanadh nuadh, agus le'r
chuir se air cul sotail dána an nathar nimhe cealgaigh, agus le'r
d'árduigh sé go h-iongantach dothchus ar g-cinne, aig rádh: "Do chuirfaidh
mé namhadas eidir thu-sa agus an mnaoi, eidir do shiol-se agus a síol-san."
Do mhuinadar gur tasbanadh go glinn, soilleir, 'san óradh diada so,
fuasgaltóir trocaireach an cinne daonna, - se sin, ar Slanuightheoir Iosa
Críost aon-mhach Dé, agus gur cuireadh aithne spéisialta agus gné air an
Mhaighdin Mhuire a Mhathair bheannuighthe, agus gur foillsigheadh anns na
foclaidh céadna, namhadas an beirt na Mathar agus an Mhic ann aghaidh an
diabhail. Mar sin de, réir mar nigh Criost, Meadhantóir eidir Dia agus an
duine, faoi an nadur daonna do thóg se air fhéin, lamhsgríobhan an achta a
bhi síos ann ar n-aghaidh, agus 'nn a buaidhfear d'fhastuigh é do'n
g-croich, mar an g-céadna, ann aonfheacht leis-san agus tre n-a
chumhacht do chuir an naomh óigh a tá go dluth agus faoi aon chuing gan
sgarradh, táthuighthe leis, síornamhadas air an b-péist neimh-


L. 42


neach, agus aig fághail buaidh go ballach air, do bhris sí a cheann grána le
n-a cois ionraic glegeal.



An bhuaidh iongantach so gan samhail a fuair an Mhaighdean, a neamh-
chionntacht thar cách eile, a fíor glannacht, a naomhthacht agus a
ionrachas iomlán ó gach smal peacaidh, mar aon le lan-tuile na n-uile grása
le'r líonadh í, agus iondualacht na g-cáilidheacht agus an n-deagh-tabhartas
ó neamh a thainic anuas orthi, do chonaircadar an h-aithreacha naomhtha faoi
ana iomdha cosamhlacht. Do chonairchadar í ann airc Noagha a cumadh réir
ordughadh Dé féin, agus a thainic slán sabhalta ó 'léir-sgrios agus ó 'n m-
bathadh a thárla le linn na díleann air an domhan mhór. Do chonaircadar í
'san dréimire ud a chuireadh os comhair suilidh Jacoib agus a shreith ó
thalamh suas go neamh; agus air a rabhadar ainglidh Dé aig dul suas air a
rongaibh agus aig teacht anuas, agus air a mhullach gur raibh an Tighearna
é fein aig claonadh. Do chonaircadar í 'san sgeach a bhi go léir aig
losgadh os comhair Mhaoise, air íthir naomhtha, agus é a lár na dian-
lasrach aig pleusgadh le tean teasa, agus ni dheigh sin, níor doigtheadh é
agus nior eirigh ceo de Urchóid do'n tuim, acht do chonairc sé é aig cur
amach duilleabhar glasa agus


L. 44


blatha bána breagha, go úr, sgiamhac, áluin. Budh cosamhail leithi an túr
dian, daingean, nár b'fheidir leis an namhaid a bhi os a coinne a cheapadh,
nó a chlaoidh, mar do bhi ó'n a bhárr míle sgiath mar aon le gleus airm
na ngoill agus iad a tá treisamhail 'sa g-comhrac. Budh cosamhail leithi
an garrdha faoi chumdach air nár b'fheidir leis an namhad le cleasaighacht
agus cluan-bheart fhaghail a steach, no an fál a bhriseadh. Budh
cosamhail í lé cathair dealrach Dé a cuireadh a bunna 'nna suidhadh air
barraibh na m-binn m-beannuighthe. Budh cosamhail leithe an teampul
righamhail, righ-mheudach le dealradh dhiadha, agus líonta lé glóir an
Tighearna. Do cuireadh a g-cosamhail í roimh theacht cor a bith dhi air an
t-saoghal, le míle rud eile de'n t-samhail so, noch a tá, deir na
h-aithreacha naomhtha, mar tasbanadh dhuinn-ne, ann ar leurgas geárr, air árd-
chéime, air uaisleacht agus réim righamhail, a fíor-gille agus glé-
geallacht glórmhar mar aon le n-a naomhthacht gan teoran; oigh nach raibh
a riamh faoi sgath cóire, no cáine, no tnú toibheime.



Le suim iomlán, mar dearfá, an mheid so tíodhlacadh, agus le foirfeacht
fíor-bhuan na Maighdine ó geinead í, do fhoillsiúghadh os comhair an domhain
mhóir, do rinnadar an h-aithreacha naomhtha aig moladh na Maighdine
maisighe mórmhaire, úsaid de an briatharaibh céadna a ghlaoidhadar na
faighidh orthí, 'nuair bhidar 'g a h-áltughadh, agus aig cáinthughadh


L. 46


a caith-réime. Mar sin se, ghlaoidar colum cáidh, glé, orthi; agus
Jerusalem naomhtha; árd-cathaoir Dé; airc agus áras lán-naomhtha, noch ó
tus do cheap amach agus do rinne an Tighearna síorruidhe Dó-fhéin; an
righbhean ud líonta le táinte agus ollmhathais agus aig claonadh air a gradh
geall, thainic fuinte foirfé amach ó bheul árd-righ mór an domhain; is í tá
glin, glégheal, grádhmhar agus ó chroidhe a stigh faoi searc aig Dia fhein,
óigh thar oigh-bhean na cruinne nár truailleadh ariamh leis an smal
peacaidh budh lughe. Acht a g-cionn an meud so a dubhradh anois ta tuilleadh
eile, óir nuair do breathnuighdar na h-aithreacha naomhtha agus lucht
sgriobhine na h-eaglaise ann a n-inntinn agus ann a n-aigne air
bhriatharaibh a dubhairt an t-árd-Aingeal Gabriel leis an óigh, 'nuair
cuireadh air teachtaireacht é chuichi le inseacht dhi an árd-onoire a budh
mho, agus budh iongantaighe a thugadh do mnaoi air bith a riamh, gur b'ise a
bhi le bheith 'nna Mhathair aigh Dia; agus 'nuair do bhreathnuighdar gur ann
ainm Dé agus lé n-a ordughadh, dubhairt Gabriel Leithi - "a Mhuire, a tá
lán de grása," do thugadar fa'n-aire, agus do mhúnadar gur ó'n fáilte
flaithamhail fíor-bheannuighthe so gan samhail, óir níor cluiseadh ó thus
agus ní cluissaidh a choidhche a leithead, - do thasbánadh gur b'í mathair
Dé tobhair agus bun-shruth na n-uile grása ó neamh: gur raibh sí an-aluin
ó iondualacht tiodhlacaidh an Spioraid Naoimh; agus leis sin, gur


L. 48


budh í óir-chiste no ionmhus na d-tiodhlacadh so gan tumhas gan cuntas;
aidhbheis gan taosgadh gan taomhadh, air cor nár leig sí ariamh le n-a
h-ais an mallacht, acht do bhi a g-comhnuighe a comhruin ann gach beannacht
le n-a haon Mhach, b'fhiu í na bhriathara so a chloinst ó naomh
Elísabeth noch do labhair si faoi bhrósdughadh an Spioraid Naoimh: "Is
beannuighthe tu thar na mnáibh agus is beannuighthe toradh do bhron."



Uime sin thugadar na h-aithreach naomhtha a m-baramhail agus a
m-breitheamhnas a bhi co eagsamhail a's bhi sé d'aon toil, gur raibh an
Maighdean Glórmhar d'a rinne an t-Ard-righ cumhachtach an oiread sin de
neithe iongantacha, lán-mhaiseach aoibhin glégheal ó mheud an tiodhlacaidh
fuar sí ó neamh, agus gur raibh sí aig taomadh le lán-tuile na ngrása, agus
gur éilighadh í amach thar cách eile a g-cáidheacht croidhe agus ann
ionracas anama. Leis an meud so, bhi sí mar míorbhuile nach feidir le
teanga a luadh teacht amach as lámhaibh Dé; agus ní amháin sin acht rug sí
bárr air míorbhuile gach uile míorbhuile eile, cho mór sin gur b'fhiú í a
bheith 'nna Mathair aig Dia, agus gur thainic sí co gar go Dhia fhéin , a's
is feidir le nádúr cruthuighthe a bheith, agus mar rin de, gur árduighadh
suas í a bh-fad os cionn an mheid molta agus altughadh ís feidir le daoine
no le ainglibh fein a bhronadh orthi. Agus is air an ádhbhar so, chum
bárr-ghile buime agus Mathar Dé agus a ionracas maiseach ó'n uair a geineadh
í, a chur os chomh-


L. 50


air na bh-fíreun, do chuiradar í go minic a g-comortas le Ebha, 'nuair bhi
sí 'nna h-óigh agus gle, ionrac, saor ó choiripacht agus coll, agus 'nuair
nach raibh sí go seachranach mealta aig cealg agus cluaine claoidhamhail
na Péiste fealltighe; acht 'nna cheann sin faoi bharr iol-bhriathara, agus
baramhail breagha, thasbanadar gur rogha leo roimpí-se an Mhaighdean Mhuire.
Oir go corr aig claonadh a cluaise le comhradh cealgach an Athar-nimhe
do thuit Ebha ó príomh-aoibhneas na cóire agus do rinneadh tráill dhí;
acht ní amhlaidh rinne an naomh Mhaighdean, sé do mheudaigh sí a gcomhnuighe
agus ann gach am go buan an tabhartas a fuair sí a d-tus, agus ní she amhain
nár claon sí a riamh a cluas do chomhradh cealgach an athar nimhe, acht leis
an m-brigh eifeachtach fuair sí ó neamh do bhuail sí síos, agus do shín air
lár, a chumas agus a cumhacht.



Níor rinnadar, air an ádhbhar sin, fósadh aig glaoidheach air buime Dé an
lile ameasg an n-dealg; an ithir úr, oighamhail, gle, gan broth, gan
béim, síor-beannuighthe, agus saor ó gach uile salcadh peacaidh, an chré
úr as a chumadh an an t-Adhamh nuadh. Ghlaoidhadar orthí gárrdha
geanamnaidhe, grianmhar, glegeal, glórmhar, glonrach, agus parrthas na
b-pliasuír m-buan agus an príomh-ionracais, noch do shaotharuigh Dia é féin,
agus nár b'fheidir leis an b-Péist neimhnigh an fal a bhriseadh no a
mhilleadh le n-a cealgaibh agus a cumas cluanbheartach. Ghlaoidhadar orthi
ádhmud do-chnaoite nár tnuthuigh cnumh


L. 52


an peacaidh a riamh dul d'a ghoirre; no tobar fíor-uisge, glinn mar an
chriostail agus faoi seula aig neart an Spioraid Naoimh. Do ghlaoidhadar
orthi teampul righ-dhiadha, agus teach-stóir an bheatha mharthanaigh; no
inghéan aonarac tá amhain ann, a bhearfas ní an bás, acht an beatha fíor go
síol Adhaimh; nó geinamhuin a shíolruigh ní ó bhruth agus fearg, acht ó
ghrása agus gean, - gineog a bhi a g-comhnuidhe glas, gidh gur eírigh sí ó
fhreum faon, foghta agus a d'fas suas faoi churam spéisialta Dé, agus gan
geilleadh do dlighthibh nádúra a sgeith amach blatha breagha. Gidh go
bh-fuilid na baramhla agus na briathara so cho soilléir le solus an lae, ní
dhéigh sin ní raibh a saith ann, no gur innsighdar amach a bhriatharaibh
beachtacha, brighmhara, a m-mbreithamhnas orthi, nach raibh ceist a's nár
chóir céist a bheith chor air bith air an Mhaighdean Mhuire 'nuair trachtar
air pheacadh, óir do líonadh suas í cho mor le borradh na ngrása nach raibh
áit air bith aig peacadh ann a h-ais, agus gur buaileadh buaidh go buan agus
go ballach air. d'admhuighdar 'nna cheann sin, gur budh í an Mhaighdean
ghlórmhar an bhean úd an chuir biseach ann áit tubaiste ar g-ceud ceap-
sinsire, agus a thug dá sliocht-san a bhi air lár, beatha air ais arís; gur
ceapuighadh amach í ó thús an síorruidhachta; agus le lámh an Árd-Righ féin
gur ollmhuighadh í, agus as beul Dé gur tugadh duinn tuar air a teacht
'nuair dubhairt se leis an athair nimhe: "Cuirfaidh mé namhadas eidir thu-sa
agus an mnaoi;" agus go cinnte dearbhtha do bhris si-se


L. 54


ceann neimhnach na péisté céadna. Is air an ádhbhar so do deimhnighdar gur
raibh an naomh óigh chéadna tré grása Dé ionrac go ballach ó gach piuc
peacaidh, agus saor glan ó gach uile urcóid taobh coirp agus anama agus
aigné; agus gur raibh sí síor-cheilabhar le Dia agus tathuighthe leis a
m-buan-chonnradh. Ni raibh si a riamh ann dorchadas acht a g-comhnuighe a
síor-solus, agus dá bhrigh sin, gur raibh si 'nn h-a áras fiúntach agus 'nn
a h-áit chomhnuighe ionchuibhe do Chríost, ní, go cinnte, mar gheall air
maise agus aille a coirp acht mar gheall air an geanamhlacht grásamhail ann a
geinadh í.



Ta againn le cur a g-cionn an mhéid so, briathara breagha beannachtacha le'r
thugadar teastas aig trácht air geinamhain na Maighdine, gur ghéil nádúr do
ghrása, agus gur sheas se aig critheadh faoi sgath os a chomhair le eagla 'dhul
níos faide. óir bhi sé le eirighe nach m-beidheadh an Mhaighdean Mathair De
níos tuisge 'g a geineadh ó Ánna na bhi an grása le n-a thoradh a thabhairt,
agus budh cóir, go deimhin, go bh-fuigheadh Sí-se a bheith 'nn a ceud-
ghein, a bhi í féin le bheith 'nna buime aig an Te a tá 'nna cheud-ghein
roimh gach creatúir a cruthuighadh a riamh. Do thugadar teastas agus
fiadnuisé nach raibh


L. 56


an cholan a cumadh Dhí mar neach de shliocht Ádhaimh, faoi truailladh
Ádhaimh, agus air an ádhbhar sin gur raibh an naomh-óigh 'nna both a
chruthuigh Dia féin, agus a dheilbh an Spiorad Naomh, greusta mar an obair
purpair fíor-seodach do chumuigh an Besaleal nuadh, fighte le ór, agus
iol-dathach: Dubhradar gur rud cuibhe go m-beidheadh an Óigh céadna 'nna
ádhbhar árd-chéime agus altughadh, mar is si-se a bhi ó thus 'nna priomh-
obair práidhneach aig Dia; íse amhain a d'eulaigh saor ó gaethibh
teinteacha an Namhaid neimhnigh; íse a bhi ó nadúr lán-mhaiseach
aneolach air gach olc no urchoid, agus an tráth a geineadh í
saor o pheacadh, aig dealrughadh gle, glinn, air an domhan dorca, dubh mar
reult lonrach na maidne a scapas dorcas na h-oidhche. Agus go deimhin
níor cóir é, go m-brisighe do go milfidhe an soightheach uasal, toghtha so,
le urcóid air bith, mar a tá a n-dán go gleus coitchean, mar geall nach
raibh sé cosamhail, chor air bith, le soighthighibh eile, óir a nádúr amhain
bhi cosamhalacht eatarra, agus ní a b-peacadh. d'eile budh cóir air fad
amach, mar do bhi aig an Aon-mhac, athair air neamh air a bh-fuilid na
Seraphim go síor aig blaoch Naomhtha fá thrí, no naomhtha go righ-árd, go
m-beidheadh aigi air talamh Mathair, mar an g-céadna, nach m-beidheadh go deo
gan dealradh dhiadha faoi naomhacht righ-árd. Agus do bhi an fios agus an
foghlam so cho doimhin sin 'nna g-comhnuidhe ann intin agus a spioraid na
príomh-Chríosdaidh agus na n-aithreach naomhtha, gur budh gnáthach leo
comhradh eugsamhlach agus iongantach air fad amach a dheanadh


L. 58


gach am a thrachtadar air Mhathair Dé; narra go an-mhinic glaoidhadar orthi
mathair cáidh , agus cháidh air gach uile chaoi, ionrach agus sár-ionrac, gan
truailleadh, agus air gach chuma gan truailleadh, naomhtha, agus a bh-fad
euluighthe ó salacadh an peacaidh, gle-geal, agus glinn go h-iomlán, agus
anntí féin 'nna deilbh agus 'nn a gné féin cáidheachta agus ionracais, níos
áilne 'na an áilneacht féin, níos sgéimhe 'na an sgéimh féin agus an
mháise, níos naomhtha 'na an naomhacht fhéin, agus gur b'ísé amháin a bhi lán
de naomhacht agus de ghilleacht righ-mhór a d-taobh anama agus coirp, gur
gus bhuail si bárr air gach ionracas agus air an mhaighdeanas féin, agus gur
b'íse amhain a bhi 'nna teach stóir go léir aig grása uile an Spioraid
naoimh, agus gur b'í-se ó Dhia amach, a d'éirigh "a nadúr níos áilne, níos
sgiamhaighe agus níos naomhtha" os cionn gach neach cruthuighthe, os cionn na
Cerubím agus na Seraphím féin agus iomlan sluaighte ainglidh na
bh-flaitheas, cho mór sin nach bh-fuil anns an méid teangacha tá air Neamh
agus air tálamh moladh agus altughadh mar is cóir a thabhairt dhi. Ní'l aon
duine ann an-eolus gur thainic an gnás labhairte so, mar déarfa,
uaidhe féin, a steach ameasg leachta agus sean-sgriobhana urnaighe na
h-Eaglaise, agus ann a cuid oifigidh, agus go bh-fuilid go coitchean measgtha
suas ionnta, agus go bh-fuilid go h-iondual le faghail air barr gach a
bh-fuil ann, óir anns an naomh-urnaighe so ghlaoidhdar air Mhaighdean Mhathair
agus foillsighdar í, mar colum cáidh na caoin-


L. 60


deise mar an rós go síor faoi bhláth, agus glegeal go ballach, agus a
g-comhnuidhe glinn, agus síor-bheannuighthe; agus fágann sí altughadh agus
árd-luadh mar an ionracas féin air nar rinneadh urcóid no olc a riamh, mar
an Ebha nuadh a ghein agus a rug an Te a bhi linn-ne 'nna Dhia.



Budh teagasg agus eolus é so a bronadh air na fírein anns na sgriobhan a
thug Dia duinn, de réir bhreitheamhnais na n-Aithreach naomhtha; teagasg a
thugadar féin le iomdha buan-teastas mór uatha; teagasg a tá a g-cleachtadh
agus a g-crabhacht na g-críosdaidh a fághail cáil' agus céim; agus a tá air
gach bhuan-leacht tá againn o'n aimsir is arsa agus is inmheasda aig na
daoine; teagasg a chraobh-sgaoil an Eaglais í féin agus bhuanuigh si go
daingean le breitheamhnas éigsamhail agus aireacas do-chliste; - Ni
iongnadh, mar sin de, ma rinnadar treudaidh na h-Eaglaise, agus na fíreunta
iad fein, ádhbhar glóire a ghlacadh chucu féin, a bheith gach aon lá níos mo
'na a cheile, leis an lán crabhacht agus beo-chreideamh mar aon le caon-
duthracht, aig foillsiughadh agus aig adbháil teagasga agus eoluis mar é so,
taobh Cáidhgabhtha na Maighdine Muire Mathar De, air modh nach raibh nidh
air bith le fághail budh milse leo, no budh dilse leo, na ó teas-grádh agus
gean a g-croidhe, moladh agus árdchéim agus glóir, a thabhairt ann gach am
agus ann gach áit do'n


L. 62


Maighdean Mhuire Mathair Dé a gabhadh gan peacadh; a ainm a ghuidhe air gach
ocáid, agus a cáil a luadh. Air an ádhbhar sin leis na g-cianta do
chuiradar d'aon guth amhain árd na h-Easpoig agus na Sagairt agus gach
uachdaran eile eaglaiseach na h-oird riaghalta, agus na h-impiridh féin
ann aonfheacht leis na Righthe, a n-impidhe suas air an g-cathaoir
apstolach so go bh-foillseochaidhe go beacht, barrantach mar breitheamhnas
fíor-chreidimh na h-Eaglaise, gur gabhadh gan peacadh an Mhaighdean Mhuire
Mathair Dé. Do cuireadh suas an impidhe céadna arís ann ar n-aimsir féin,
agus go h-airide, cuireadh athchuinge air Gregóir XVI, an Ard-Easpog a
chuaidh romhainn, beannacht De le n-anam, agus air a bh-fuil fós cuimhne
caon: Agus an impidhe chéadna chuiradar orainn féin na h-Easpoig agus an
chléir saoghalta agus an mhuintir riaghalta agus na hárd-prionsaidh; agus na
pobail fíreunta thríd an domhan mhór.



Bí luath-gháir mhór, d'a bhrigh sin, air ar gcroídhe aig breathnughadh
asteach ann iomlan an mhéid so agus aig meamhrughadh le deagh-aigné ortha:
Agus 'nuair nach rabhamar, gidh nár b'fhiú sinn, acht árduighthe air eigin de
réir rúin doimhin Dé, air Cathaoir Naoimh Peadair, agus cho luath a's
thogamar orainn féin riaghaladh ha h-Eaglaise go léir, ní raibh nidh air
bith eile cho mór le croidhe againn 'na, de réir ar n-ard-úrraim, ar
mhacantais móir agus seirce intine do'n Naomh Mhaighdean Mhuire noch do bhi
againn go buan ó bhliaghantaibh ar n-óige, an meud sin a chruthughadh agus a


L. 64


thabhairt ann g-cinn a budh mhian leis an Eaglais a dhéanadh, ionnos go
meudóchaidh onóir na Naomh Maighdine agus go m-beidheadh a tiodhlacadh
speisialta soilléir os comhair an domhain móir a sruth gaethe na
síor-soillsé agus a lán-leus na fírine. Le duil an bhail a b'fheárr agus a
b'fhoirfe a chuir air an obair so, agus go m-beidheadh gach nidh ann a leith
apuighthe, do chuiramar air bun co-dháil spéisialta d'ar derbhratharaibh
dhiada oirbhineacha Cardinalidh na Naoimh-Eaglaise Rómhánaighe, - fir a
bhi righ-óirdheirc mar gheall air a g-caoin-chreidimh, a g-comhairle no a
n-eolus ann neithibh diadha; agus do thoghamar fir ollamhanta ann aon-fheacht
leo, de'n g-cléir saoghalta agus riaghalta d'a rinneadh rogha mar gheall
air a n-éigse agus fíor-fhoghlam' ann neithibh dhiadha, ionnos go
breathnóchadís a steach go grinn ann gach nidh a bhaineas le cáidh-ghabhadh
na Maidhdine Muiré, agus go g-cuirfaidís a m-baramhail agus a m-breithamhnas
féin d'a bharr os ar g-comhair. Ameasg an mheid sgriobhan iarratais a
fuaramar aig cuir impidhe orainn, caidh-ghabhadh na Maighdine a
shocrughadh fa dheire agus fa deoigh, budh leur dhuinn intin agus aigné iomad
mhóir de na h-Easpoig, ní dhéigh sin agus eilig, do chuiramar uainn ó bhaile
Chaieta, air an dara lá de mhi na Feibhré a m-bliaghan 1849, aig ar
n-derbhraithribh, easpoig an domhain mhóir, leitireacha inchircealacha,
ionnos go g-cuirfadis suas a n-impidhe aig Dia na n-grasa, agus go
m-beirfadis eolus duinn ann sgríobhan air an diamhóid agus an


L. 66


g-crábhacht bhi a measg na bh-fíreun a bhí futha ann onóir gle-gheinamhuine
Buime Dé; agus go h-airide cad é a m-baramhail féin taobh an sgeul sin a
shocrughadh agus bárr agus bail a bhronadh air; - no cad é budh mhian leo
go n-déanfaidhe, ionnos go m-béarfaidhe ar n-árd-bhreitheamhnas air an nós a
b'fhearr agus a b'fhiúntaighe le'r b'fheidir a fhoillsiughadh do Chríostaidh
na cruinné.



Cinnte, dearbhtha níor gánn an lán solás a líon ar g-croidhe 'nuair thainic
chugainn na freagraidh a chuiradar ar derbhraithre dile, na h-Easpoig
uatha. Óir aig sgríobh air ais chugainn le teann ulgáirdis, luath-gháire
agus caoin-chuman, - oiread gur deacair a chreistint, - ní shé amhain gur
chruthuighdar arís an chaoin-duthracht mór a mhothuighdar féin agus a g-cuid
g-cléir, agus na fíreun a bhi futha air leith, a d-taobh cáidh-gheinamhuine
na Naoimh Mhaighdine Mhuire, agus gur osguiladar a n-intinn agus a n-aigné
airís dhuinn, acht 'nna cheann sin, do chuiradar, mar m-beidheadh, d'aon guth
amháin, impidhe agus athchuinge orainn go sochróchamais le n-ar n-árd-
bhreitheamnas agus ar n-árd-cheannas an creideamh coitchean, gur gabhadh gan
peacadh an Maighdean Muire. Agus a g-ceart-lár an trath céadna, ní budh
lugh-dé an luath-gháir a líon ar n-anam 'nuair chuiradar ar der-bhraithre
óirdheirce - Cardinalidh na Naomh-Eaglaise Romhanaighe a cruinnuighadh 'san
co-dáil


L. 68


úd spéisialta, agus h-ollamha diadha éile na comhairle d'ar rinneadh rogha -
a n-impidhe agus a n-athchuinge suas cugainn le fonn mhór agus anduil a
g-croidhe, 'n éis cuairtughadh coingialach agus sgrúdughadh fíor,
duthrachtach a dheanadh, - go g-cuirfamus bail agus buan-shocrughadh air an
g-creidimh - gur gabhadh gan peacadh naomh Mhathair Dé.



'Néis na neithe so a dhéanadh agus aig leanmhuin go dluth lorg lonrach na
b-papaidh a chuaidh romhainn, agus lán le duil gach nidh a dhírughadh mar is
cóir agus is ceart, do ghlaoidhamar le chéile agus do chruinnamar co-
shuidheadh, no dáil d'ar nderbhraithre óirdearca, Cardinalidh na h-Eaglaise
Catoilicighe Romhánaighe agus do thrachtamar leó air, agus le luath-gháir
mór anama ann sin do chualamar iad a chur impidhe orainn go m-budh toil linn
ar m-breithamhnas barantamhail, bun-ughdarasach - gur gabhadh gan peacadh
an Mhaighdean Mhuire Mathair Dé, - a fhoillsiúghadh do Chriostaidhibh na
Cruinne.



Air an ádhbhar sin, tá sinn lán de dhothchus láidir 'san Tighearna gur
thainic an t-am oireamhnach ann ar dual an breithamhnas barantamhail so a
thabhairt - gur gabhadh gan peacadh an Mhaighdean Muire Mhathair Dé.
Creideamh é so a craobh-sgaoiladh go glinn a m-briatharaibh úr-labharthacha


L. 70


féin; a tá a g-comhnuidhe go soilléir os ar g-comhair a m-buan-teagasg na
g-cianta; agus a tá le fághail a síor-chial na h-Eaglaise: - creideamh a
dearbhtar a g-ceilabhar gan cliseadh eidir an h-Easpoig agus na fíreunta; a
foillsighthar agus a gairthar go h-árd air nós iongantach ann gníomharthaibh
glórmhara agus a reachtaibh a rinnadar na Papaidh a shuidh Romhainn-ne, air
Chathaoir Naoimh Peadair, aig breathnughadh asteach le croidhe lán de churam
air gach nidh, agus aig cuir suas le téagar, urnuighe buan aig Dia, is í
so ar m-baramhail, nách cóir dhuinn faillighe a dhéanadh aig tabhairt ar
m-breitheamhnais ughdarasaigh gur gabhadh gan Peacadh an Naomh-Óigh, agus an
creideamh céadna so a reachtughadh agus a shocrughadh; agus leis an
mheodhan so, sasadh intine a thabhairt do catoiliceacha na cruinne;
sasadh d'ar ndiamhóid fhéin do'n naomh Mhaighdean; - agus 'nna chean sin, aig
bronadh ard-chéim' orthí-se, ónóir a h-aon Mhic ar d-tighearna Íosa
Críost 'sa am céadna a árdughadh agus leathnughadh níos mo go mór, ó tharla
gur fíor a radh, go sreithear air an mhac cia air bith ónóir no altughadh a
tugtar do'n Mhathair.



Dá bhrigh sin le umhlacht agus le trosgadh do chuiramar suas ar n-impidhe
féin, ann aonfheacht le impidhe agus urnaighe na h-Eaglaisé go léir, 'g a
n-ofráil do Dhia an athair tre a aon mhac, go n-deonóchadh se ar n-intin a
dhiriúghadh agus a neartughadh le brigh beannachtach an


L. 72


Spioraid Naoimh: Do chuiramar impidhe air chuairt na bh-flaitheas go
h-iomlan cuideadh linn; agus le osnaighil mhór agus gáir chaointe do
ghlaoidhamar air an Spioraid Naomh an comhfurtóir. 'N éis an guidhe agus
an impidhe so a dhéanadh, agus faoi stiúradh an Spioraid Naoimh, agus ann
onóir na Trianóidé naomhtha, do-dhealbhuighthe, ann glóire agus ann
glonrachta na Maighdine Muire Mathar Dé, ann árd-réime an Chreidimh
Catoilicighe, agus chum an creideamh Críostamhail a sgeith go fór-leathan;
le ughdaras, nna cheann sin, agus le ordughadh ar d-Tighearna Íosa Criost
agus na naomh Apstol Peadair agus Póil, agus leis an úghdaras agus an árd-
cheannas fuaramar Féin, Foillsighmuid, dearbhamuid, agus deimhnighmuid,
gur chraobh-sgaoil Dia an teagasg so, agus d'a bhrigh sin, gur ceart go gach
uile fíor-chríosdaidh a chreistint go daingean agus go buan-laidir, gur
gabhadh an Naomh-Mhaighdean Muiré a príomh-mhoméid d'a gheinamhuin, gle,
glan agus saor ó gach uile smal de Peacadh na sinsire, tre grása agus
seach-dlighe no reachtairacht cumanach Dé, agus ann geall air saothar
agus sásadh
Íosa Críost, slánuighthóra an chinne daonna. Mar sin dé, ma
bhidheann dream air bith ann, - 'gus nár leigidh Dia go m-beidéadh - cho
dána a's go smuainóchadh siad ann a g-croidhe athrughadh de bharamhail thar
é so, noch do dhearbhamar agus do shocruighmar, tuigadís, agus bidheadh
eolus maith aca go bh-fuilid ó n-a m-breithamhnas féin faoi dhaor-bhreith
Uainn-ne; - gur fhulang siad long-bhriseadh taobh


L. 74


a g-creidimh, agus go bh-fuilid air seachrán amuigh as manrach aonda na
h-Eaglaise; agus 'nna cheann sin, go bh-fuil siad air an m-ball agus air an bh-
feacht, faoi'n b-pianús agus daor-cháin tá ceapuighthe réir dlighe agus
cóire, ma gnídís a m-baramhail breugach a fhoillsiughadh no a nochtughadh a
g-cainte, no a sgríobhan no le gleus luadhta air bith le'r b'fheidir a
tasbanadh.



Dar go deimhin tá ar m-beul líonta le luath-gháir agus ar d-teanga le ul-
gháirdeas; - agus go h-umhal ó chroidhe a bheiramuid míle buidhéachas agus
altughadh, agus go deo agus go brath bhéarfamuid buidheachas buan agus
altúghadh dár d-Tighearna Íosa Críost, mar gheall, as a mhór-chinealtas, gur
dheónuigh Sé an dualgas uasal so duinn féin, gidh nar b'fhiú sinn, - an
onóir mór so ann aonfheacht le glóir agus árd-réim a thoir-bheirt agus a
achtughadh d'a Mhathair bheannuighthe. Is Í-se an Naomh-oigh, ur-áluin,
agus glé, glan a bhris ceann nimhneach na Peiste fraochdha; - Í-se a thug
aig an domhan doirbh so, sláinte; is í cáil agus clú na bh-Fáigh agus na
n-Apstol; is onóir na mártíreach I; gáirdeochas agus glóir na naomh go léir;
cuimirc cinte, fíor, na muintire tá air fán; bean taca is dilse Í, agus
eidirmheadhantóir agus bean-chiúntuighthe an-chumhachtach í eidir a h-aon
Mhac agus daoine an domhain móir; is glóir agus glonracht is glinne na
h-Eaglaise Í; an cul-báire is daingné air bith í; do bhuail si síos agus do
leag sí air lár gach ericacht a d'fhas ariamh; agus na fíreun agus gach
cinne críosta-


L. 76


mhail faoi'n gréin do shabhail sí ó gach gort geur, ó galar, agus gach gádh
budh mheasa; agus Sinn-fhéin do shaor Sí o'n iomad oilc agus guais a bhi
aig teannadh orainn. - Mar sin de, tá dothchus mór againn agus muinighin
láidir go n-deonóchaidh si tré a cuimirc cumhachtach an meud so a dhéanadh;
buaidh a thabhairt d'ar Naomh Mathair an Eaglais air gach dochur agus
urcóid déantar ann a h-aghaidh; an fearr as barr dhi os cionn gach
mhearbhail bhreugach; agus go m-beidheadh sí ann gach tír agus ann gach áit,
gach aon lá, níos mó na chéile, faoi bhail, faoi bhlath agus bhiseach, agus
go m-beidheadh sí a riaghaladh ann gach áit ó'n mhuir shoir go d-ti an
mhuir shiar, agus ó bhruach na h-amhaine go d-ti na n-imeal is faidé air
cruinne na talmhan; agus go m-beidheadh si aig seilbh na sithchaine agus an
t-suamhnais agus na saorsachta; - agus 'nna cheann sin, go bh-fuígheadh an
dream daortha, maiteanas; an t-aos tinn, sláinte; an t-aos lag-
chroidheach, misneach agus laidireacht; an t-aos an-shoghach, sólas; - an
t-aos clisteach, congnamh; agus an mhuintir tá air sheachrán taobh creidimh
go g-caithfadaís uatha gach daille agus mearbhail intine, agus go
bh-fillfadh sisd air ais aig casan na fírine agus na cóiré, agus go m-beidheadh
aon mhanrach amhain ann, agus aon treudaidh amhain ann.


L. 78


Éistadh ar g-clan dílis na g-cuman na briathra so uainn - clan na h-Eaglaise
catoilicighe, agus le fonn níos téagarighe de chaon-duthracht, creideamh,
agus grádh teighdís air aghaidh ann a m-buan-chaidradh, agus air cuir suas
athchuinge agus impidh aig an Naomh Maighdean Muire Mathair De a geinadh gan
cáin peacaidh na sinsire; agus ann gach uile gadh, guais, agus geur-easbha,
ann aimsir na leatroime agus léin téighdís lán de mhuinighin aig Mathair
sámh, suairc so na trocaire agus na ngrasa. Óir ní bh-fuil rud air bith ar
chóir duinn a bheith eaglach faoi, nidh air bith ar cóir dhuinn a bheith ann
eadothchus faoi, 'nuair tá síse ar d-treoir; ar d-tuar seunmhar, ar
g-carad trocaireach, agus ar sgiath cosantach. Ta aichi duinn croidhe
mathardha fíor-chumanach, agus aig glacadh orthi féin gnothaidh ar
slanuighthe, tá sí lán de churam taobh an chinne daona go h-iomlán: is
beanrighan í air neamh agus air talamh aig an tighearna é féin, agus arduighthe
os cionn coisir na n-Ainglidh go h-uile agus ord na Naomh, tá sí 'nna
seasadh air deas-lámh a Mic aon-geinte ar d-Tighearna Iosa Criost, agus le n-a
h-eidirghuidhe cumhachtach tá si déanadh guidhe go h-eifeachtach; óir gach
nidh iarraidhann sí fagann sí, agus ní feidir le n-a guidhe a bheith gan
toradh.


L. 80


Fa dheire agus fa dheoig ionnos go d-tiocfdh an breitheamhnas barantamhail
so a gnidhmuid, gur gabhadh an Mhaighdean Muire gan peacadh, ann eólus na
h-Eaglaise go léir, is sé ar mian go m-beidheadh an leitir apstolach so air
bun chum buan-chuimhne a chongbhail suas air an nidh chéadna; agus bheirmuid
ordughadh go m-beidheadh air na coipidh agus air na h-easiomláraidh
chló-bhuailte aig a bh-fuil faoi lámh ainm fir-sgríobíne publighe, agus
seula neach oirdheirc, ann árd-réim san Eaglais, - an meas céadna a's
tugtar do na leitiridh so an tráth tasbantar agus foillsighthar iad.



Mar sin de, ní bh-fuil se ceaduightheach aig neach air bith a bhuaint leis
an duilleog so ann a bh-fuil sgríobhtha acht fíor, foillsighthe, dearbhtha
agus deimhnighthe uainne-ne; no le dúlan gan feidhm a dul ann
a aghaidh, no a radh nach fíor é. Ma tá duine air bith le faghail
a glacfadh air fhéin a dhéanadh, bidhadh fios aige gur thuil se fearg De an
Uile-chumhachtaigh agus fearg na n-Aspol Naomh Peadair agus Naomh
Póil.




L. 82


Tugtha aig Cathair na Roimhe i g-Cill Naoimh Peadair a m-bliaghan 'néis
ionncholnuighthe ar d-Tighearna míle ocht ceud agus an ceatharadh-deug air
da-fhithchead; an t-ochtmhadh lá de mhi mheadhan an Geimhre a m-bliaghan
1854; 'san naoimhadh bliaghan d'ar naomh-uachdaránacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services