Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Dé

Title
Dánta Dé
Compiler/Editor
Ní Ógáin, Úna
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: O.S., Muinntir C.S. Ó Fallamháin Teo., 1928)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bí, a Íosa, im' chroidhe-se i gcuimhne gach uair,
Bí, a Íosa, im' chroidhe-se le h-aithrighe go luath,
Bí, a Íosa, im' chroidhe-se le cumann go buan,
Ó, a Íosa, 'Dhé dhílis, ná sgar, Thusa, uaim.



Gan Íosa mo smuainte ní thaithnigheann liom féin;
Gan Íosa mo sgríbhinn, nó foghar mo bhéil;
Gan Íosa mo ghníomha ní maith in san tsaoghal,
Ó, a Íosa, 'Dhé dhílis, bí rómham is mo dhéidh.



'Sé Íosa mo Rí-se, mo Chara is mo ghrádh;
'Sé Íosa mo dhídean ar pheacaidh is ar bhás;
'Sé Íosa mo aoibhneas, mo sgáthán do ghnáth,
A's a Íosa, 'Dhé dhílis, ná sgar uaim go bráth.



Bí, a Íosa, go síorraidhe im' chroidhe is im' bhéal,
Bí, a Íosa, go síorraidhe im' thuigse mar an gcéadn',
Bí, a Íosa, go síorraidhe im' mheabhair mar léigheann
'S Ó, a Íosa, 'Dhé dhílis, ná fág mé liom féin. Ámen.


L. 3


2



A Dhia uile-chúmhachtaigh shíor-bhuan,
Mise spioraid bocht daor talmhan;
Úmhal adhraim Thú annseo láthair
Ar neamh, ar thalamh, is gach ionad.



Creidim go daingean ionnad
A Fhírinne phríomh-árd;
Tá dóchas agam as Do thrócaire
Agus as Do gheallamhnaibh.



Gabh uaim, a Thighearna, (nós na baintreabhaighe)
Fíor-bhuidheachas ar son Do thiodhlaicíthe;
Is aithreach liom-sa ó mo chroidhe
Fá d'fheirg chóir a thuilleadh.



A Dhia d'fhulaing ar mo shon
Ar Do shon féin grádhuighim Thú;
Go mbadh taoisge dham an bás do thoghadh
'Ná claonadh óm' gheallamhnaibh.



Ofrálaim do mhéad Do ghlóir' go h-árd
Gníomha an lae seo, cé beag iad,
Cé tarcuisneach tré m'ain-dhílseacht,
Greamuigh d'uasal-luaidheachtaibh Críost iad.


L. 4


3



A Rí na glóire is mó daonnacht,
Coimirce m'anma maidin 's oidhche Ort!



Athchuingim Thú, a Rí na righthe,
Shlóighte aingeal is abstal naomhtha,



Gidh nár thuill mé Thú do mo chaomhna,
A Dhia do chruthaigh flaitheas is tíortha,



As gleann na ndeór saor mé, a Rí dhíl,
Mar shaorais Ábram is Ióseph naomhtha;



Mar shaor Tú Pól do bhí ad' dhíbhirt
Ó ghlasaibh an diabhail mar soitheach naomhtha;



Mar shaor Tú an gaduidhe 'san gcroich chéasta,
Saor mé an peacach, a Rí na féile.



Ní dheachaidh Do ghlóir-se fós a dtraochadh,
Is ionann anois 's aréir 's indé Thú.



An uair seo anois is tré shaoghal na saoghal
Is Ort féin cuirim m'impidhe déidheanach,



A Athair, a Mhic, 's A Spioraid Naomhtha,
Bígidh nBhúr ngárda ar gach taobh díom.


L. 5


4



A Íosa mhilis, a Mháighistir 's a Dhia,
A Fhuasglóir oirdheirc ainglidhe,
Féach d'ár laige 's ná leig ár gclaoidhe
Le tonnaibh buadhartha an pheacaidh.



Féach le Do shúilibh beannaighthe anuas
Is dídinn sinn ar mhór-ghuais;
Cuimhnigh, a Athair, gur sinn Do chlann;
A Mhaith gan cuimse, 's Tú agraim!


L. 6


'Íosa, a Dhia is a Dhuine fhíor-mhaith,
Ó nach bhfuil neach maith go fíor,
A Chruthuightheoir Flaithis is gach nídh,
Go maithighe Tú dhúinn ár bpeacaidh.



Maith dhúinn ár gcionnta 'h-ucht na Páise
A Mhic na h-Óighe, tréd' mhór-ghrásaibh,
Ó cheannaigh Tú cách le fuil Do chuim,
Ná déan ár gcuibhreach i ngeibhinn.



'S gach nídh dá ndearnadh id' aghaidh-se
Le smaoineadh, gníomh nó labhairt;
Go nglanaidh Tú sinn ann-seo abhus
Sul a nglaodhtar orr'n chun cúnntais.



B 1802-30ls 19T
U 0401



5



Rí na gcómhacht dár ndíon gach ló
'S dár gcoimirc ar shaighdibh nimhe an tslóigh;
A Laoigh na h-Óighe, sgaoil ár mbrón,
Is ná leig sinn do chlaoidh 'san ngleo.



An lá seo iarraim buadh ó'n Athair
Atáim ag triall ar Uan na bhFlaitheas;
Grása an Tighearna anuas go dtagaidh
Am dháil go bhfuigheadh mé buadh ar an bpeacadh.



Mo Ghrádh-sa an Liaigh do ghluais dár gcabhair,
Fuair Páis is pian ar mhuar-chnoc Calbhair,
'S ba shlán arís ó'n uaigh ar maidin,
Anáirde ag triall fá thuairim 'Athar.


L. 7


6



Rí na naomh dár ndíon gach lae
Ar shaoigheadaibh daora an dhiabhail
Noch bhíos go géar ar tí gach naoimh
De chlainn bhoicht Éabha riamh:



Mo mhile léan-sa claoidhte faon
Faoi gach éiliomh dian,
Acht tríot-sa, a Aon-Mhic dhílis Dé,
Go dtigeam-na saor ó phian.


L. 9


B 1818-19ls 19T



8



A Rí na ngrás thug slán mé ón oidhche aréir,
Buidheachas naomhtha do gnáth do Rí na gCréacht;
Do bhrigh Do Pháise, a Árd-Mhic, dídean mé saor
Ó ghníomharthaibh Shátain gach lá is go crích mo shaoghail.



'Athair na gcómhacht fóir mé ó phéist an uilc
Anns gach anach a ngeóbhad san ród 'n ar méin liom dul,
Go cathaoir (Do Ghlóire) a gcómhnaidhe téidhim ar dtús
'S a n-ainm na trócaire treóruigh féin mé indiú.


L. 11


B 18--ls 19T
10



Paidir mhilis thrócaire
Atá lán de ghrása
Cuirimid-ne chugad-sa
Dár gcaomhaint ar ár námhaid,



Ag luighe dúinn anocht
Is ag éirghe dúinn amárach,
In onóir na Trionóide
'S i síothcháin na Páise.



A Íosa mhilis thrócairigh,
A Mhic na h-Óighe cúmhra,
Sábháil sinn ar na piantaibh
'Tá íochtarach dorcha dúnta.



Leat a ghnímíd ár ngearán
Óir is agad 'tá ár bhfóirthin,
Seachain inn ar an tseachrán
Is cuir inn ar an eolas.


L. 13


B 1818-19ls 19T
12



(Bíodh) Aingeal an Ríogh 'na shuidhe ar mo ghualainn dheis,
Am' leabaidh am luighe ad líon chun suain mé beir;
Aithchim Do ghuidhe dhiadhachta dom fhuasgladh a bruid
Is gabhaim Do dhíon 'san oidhche ó shluagh gach coir.



fá'd dhíon, a Rí do shín Do ghéaga ar chrois
Is d'fhuiling tríot na mílte céadta loit,
Luighim-se síos fá dhíon Do sgéithe anocht,
Am thimcheall fíoghair ar Chrainn do chéas Do Chorp.


L. 22


{B 1928 >19}
{G U DG}
U 3001
B
18



Is peacach bocht mé fé ualach trom,
A's méad mo pheacaidh is aithreach liom;
Acht admhuighim creideamh Dé do shíor,
Le grádh óm' chroidhe is le dóchas fíor;
O bhun na croiche glaodhaim suas,
A Íosa, a Thighearna, claon anuas.



Anois agus ar uair ár n-éag'
Taobhaigh dúinn-ne síothcháin Dé;
Is cruaidh na glais a cheanglas mé,
Saor mé, a Chríost, ar olc 's ar éag.
Go moltar linn go fíor gan mhaoidheamh
An t-Athair, an Mac, 's an Spioraid Naomh.


L. 23


B 18--ls 19T
GzzzzzL
U 0401

19



Athair na bhFeart, och glac mé arís duit féin,
'S ná h-agair gach beart mhí-cheart ó thúis mo shaoghail;
'Sé m'anam go ceart do cheannuigh Críost go daor,
Anois réidh mo cheasna is feasda bím-se saor.



A Naoimh-Spioraid thréan do naomhuigh na h-apstail go léir,
Le teanga teineadh 'chuir friotal ar dtúis 'na mbéal,
Do bhronn ortha meisneach gan luighe do réidh a gcúis,
Ná tréig-se mise óir cuirim mo ghéar-ghuidhe chúghad.



A Chríost cá gcasfad m'athtuirse acht chugad arís
Do chruthuigh 's do cheannuigh mé, a Chara mo chléibh 's mo chroidhe,
'S gur Tú 'thearmuin Madaléana is Dáithí Rí
Agus Peadar abstal le'r séanadh Thú fá thrí.


L. 24


A Árd-Spioraid neamhdha na gcúmhacht, ar uair an ghábhaidh,
Ná fág, ná tréig, 's na léig mé i lámhaibh mo námhad,
Díoghaltas ná déan ar chréatúir dona mo shórt,
Is Do thrócaire féin nach féidir a stad le teór'.



Teóra le d'thrócaire, a Mhóir-Rí, claoidhe nó spás,
Níorbh eól do'n domhan fós ó aois go bás,
Gur Tú 'chuir mór-mhuir ar cómhluinn is féar ar fás;
Anois led' lonnradh déan treóir dúinn go flaitheas na ngrás.


L. 25


20



A Rí ghil ghlain aoibhinn na ngrás, do bhí is atá is bhéas buan,
Do chruinn-chruthaigh clocha is áird, is chuir deighilt 'dir an
lá is an suan,
Do rinn' mín-mhuir 's gach nídh innte 'snámhann do dhaoinibh, 's ar
bhántaibh 'chuir buaibh,
Ná cuimhnigh ár gclaonta do thrácht, acht bí-se linn fábharach
neamh-chruaidh.



Níor fhulaingís peannaid na Páise a leith nach
sábhálfuidhe Do shluagh,
Gach a leanfadh gan masladh gan cháim Do
reacht is Do ráidhte go buan;
Do gheallais do shleachtaibh Síl Ádhaimh, an
té ghlacfadh an crádhnas, (cé mór
Droch-bhearta a bheatha le tráith,) na flaithis
le fágháil dó mar luach.


L. 26


A Chríost ghil, a chaoin-Mhic na h-Oigh',
gan críne, gan ceo ar bith, gan cluain,
Thug díol a ndroch-ghníomharthaibh an tsaoghail,
is Tú sínte fá bhrón ar chrois chruaidh,
Do leig naomh-fhuil Do Chroidhe síos go
feoir 'nar nigheadh sinn ó chómhachta an deamhain,
Déan díon dúinn ó'n gclaonacht gach ló,
agus roinn linn do thrócaire go buan.



Dá bhrígh sin, a Íosa na gcómhacht, tá caoin
geanmhar glórmhar gan ghruaim,
Cuir naomh-aingeal taoibh linn, a Stóir, go
sínfear ar feóch' sinn 'san uaigh;
Lá faoisdine ghníomhartha na slógh, nuair
suidhfidh Tú ar bhórd an Chnuic thuas,
Ná cuimhnigh ar sinn 'chur a mbrón, a dteintibh
dubha dóighte na ndiabhal.



An Dara Roinn.



A Naomh-Spioraid chaoin ghlégil gan cháim, le
furtacht tig láithreach anuas,
Bain crotha as an gcloich 'tá am lár-sa, Duit
féin gabh suidheán ann go buan;
Óm' rosgaibh leig srotha le crádhnas a ghlanfas
mo cháinte 'bhfad uaim,
Déan leanbh díom d'Athair na ngrás, le a
mbeinn am dhearbhráthair ag an Uan.



Mo bhrollach dod' thorthaibh bíodh lán, 's dod'
thiodhlaicibh shlánaigh an sluagh;
Cuir meisneach ar m'anam atá lag marbh spadánta le fuacht,
Tabhair deoch dí as tobar na ngrás, is
beathaigh í, - tá sí 'n a truagh -
Is nuair sgarfaidh sí amach as mo lár, beir
leat í ar Do láimh dheis go buan.



Gríosaigh mo chroidhe ionam tá 'n a chruinn-charraig
cráidhte claon cruaidh,
'S fan taoibh liom gach oidhche 'gus lá, is
déan díon dom ó chleachta an diabhail;
An t-am críochfair linn aimsir an fháin,
beir leat sinn do láthair an Uain,
Ag caitheamh geal-bheatha na ngrás, idir abstal
is arc-aingeal' suthain.



Ó a Thighearna, a Dhia na gcómhacht, atá
iadhta in aon-ghlóire amháin,
Cé h-adharthar gach Dia do'n Trionóid,
is Aoin-Dia Thú is ní triúr,
Tabhair féachaint go fialmhar is fóir, ár
dTighearna do thógas Do rógha;
Ceart-dhírigh ad Shlighe sinn gach lá, agus
díonaigh ó chómhgar ár namhaid.


L. 27


An Coimh-Cheangal.



A Chríost ghil, a Chaoin-Mhic gheanmhair na h-Óigh',
Tá roinnte ar an líon-se 'bheir taithniomh do T'órd,
Cuir an Naomh-Spioraid taobh le n-ár n-anam gach ló,
Is déan díon dí nuair shínfidh Tú an cholainn ar feóch'.



A Aoin-Mhic cheannsaigh an Athar 'tá gan gruaim,
Led' luit bheannaighth' do cheannaigh iomlán an tsluaigh,
Nuair shuidhfidh Tú ad bhreitheamh ar an árd-chnoc thuas,
Ná díbir sinn go h-Ifrionn, áit na ndiabhal.



A Íosa a Mhic mhín Mhuire d'fhulaing an Pháis,
Do bhí a gcuibhreach Dia hAoine is do cuireadh chun báis,
Aoibhneas neamh-chríochnuighthe Fhlaithis na ngrás,
Roinn go neamh-choimseach é linn-ne is le cách.




L. 34


B 16-- 17L
GzzzzzL
U 0201
26



Dia do bheatha, a Naoidhe anocht
Do ghabh ad' Dhiadhacht daonnacht,
- Dár saoradh, a Chnú chroidhe, -
A bhrú mhaoth-ghlan Mhaighdine.



Anocht do b'ísiol d'ár bhFlaith
A gcró chumhang an asail;
Mo chean le a tháinig dá thoil,
d'ár 'fhágaibh neamh um Nodlaig.



Gaol is grádh, trócaire is toil,
Le dtug Dia a Mhac dá mhalairt
d'ár ndíon ar chathair na gciach,
'Rí is Athair is Aoin-Dia.


L. 35


B 1679ls 17D
27



Dia do bheatha idir asal is damh gan riar,
Is Dia do bheatha-sa ad' leanbh ad' Fhlaith gan ciach,
Is Dia do bheatha-sa ód' fhlaitheas go teach na bpian,
Is Dia do bheatha-sa ad' Athair, ad' Mhac, ad' Dhia.


L. 36


B 1815 19T
U 0423



28
Eóghan Caomhánach, 1815.



Mar threóraigh Dia a gcian na righthe anocht,
Ar lorg an Tí do thriall dár saoradh ó'n olc,
Go leanam-na A rian mar iad le géar-shearc Dhó,
Is go maithidh ár bhfiach' go fial, 's go ngéilleam Dó.




L. 44


B 1664ob 17L
U 0127
35



Tháinig Íosa tré ár gcoir
Do neimh anuas ó'n Athair,
'S do dhóirt fuil A chuirp uile
Ar ár ngrádh tré thrócaire.



Ar dhóirt gach mairtír dá bhfuil
Ó thúis go deireadh domhain,
Do ba mhó sgéal braon de'n fhuil
Dhóirt Íosa tré ár gciontaibh.



Fuair Críost bás croiche ar ár son,
d'iarr orrainn ár gcroich d'iomchar,
'S ár dtoil do chur le n-A thoil
Agus É féin do leanmhain.



Cóir a bhuidhe le Dia díl
Ár mbreith i n-aimsir creidimh,
Is Críost do leigheas ár gcoir;
'S gan adhradh duit, a shaoghail.


L. 45


{B 1928 >19}
{G U DG}
U 3001
B
36
Caoineadh na h-Aoine.



A Íosa mhilis, a d'fhulaing an Pháis
Ar chrann na croiche, 's Tú claoidhte chun báis,
Badh mhór Do dheacair go dtáinic an lá,
is daor do cheannaigh Tú peacaigh Shíl Ádhaimh.
Och ochón í! Och ochón ó!
Och ochón í! 'S é mo bhrón go deo.



Cad chuige nár ghol Tú nuair léigh Tú an Pháis?
Cad chuige nár ghol Tú 's Tú gaibhte dod' bhráith?
Nach iongantach nár ghol Tú nuair chuaidh an tsleágh ann Do lár,
'S gur ghol Tú fá'n peacach 'bheith i n-Ifrionn go bráth.


L. 46


Bhí an Mhaighdean bheannaighth' 'n A dhiaidh 'san sráid,
Ar rian A chuid fola, - 's Í farsaing le fághail -
"A Eoin, a thaisge, níl mo leanbh le fághail!"
"A dheagh-bhean bheannaighth', gheobhair A thuairisg ar ball."



Is peacach bocht mise chuaidh i dtréas ar Dhia,
Le smaointibh malluighth', 's le glórthaibh bhéil;
Tá mo shúil go daingean ar aon-Mhac Dé
Glóir na bhFlaitheas go bhfuighid Síol Éabh'.



Tá Dia 's na Flaithis, tá A chabhair le fághail,
Tá sé sgríobhtha le Peadar, is béidh go bráth,
An té silfeas le h-aithrighe fras-deora go leor,
An té chaoinfeas fá'n pheacadh, go bhfuighidh sé'n ghlóir.
Och ochón í! och ochón ó!
Och ochón í! 'S é mo bhrón go deo.


L. 47


{G U AM}



37
Aoine an Chéasta.



Dán na h-Aoine.



I.
(As Condae Árd-Macha)



'S í seo an Aoine thuirseach bhrónach,
'S'Í seo an Aoine chaointeach dheórach,
Ó a chlainn Ádhaimh, cruinnigidh go brónach
Go rachamaoid ag caoineadh Aon-Mhac na h-Óighe.



Óir is í Dia h-Aoine nár fhan sí dá cóiriugh'
Gur shiúbhail sí an fásach gan snáithe bróige
Ag iarraidh a h-Aoin-Mhic, 's gan aicí an t-eolas,
Gur casadh fuil Íosa ins an ród dí;


L. 48


"A Mhic na gcumann, 's a Mhic na páirte,
Nach minic a dúbhairt Do Mháthair féin leat
Cibé pian no polladh a bhí i ndán duit,
Is mise féin a gheobhas an t-aon-bhás leat?"



Chrom sí síos uirrí dá pógadh:
"Is é seo an bealach a ndeachaidh m'Óig-fhear!
Nach cruaidh a cheangail siad É le córdaibh
Nuair thug Sé Fuil A Chroidhe dam go bhfaighidh mé an t-eolas"?



Chrom Sé A cheann, is badh dheacair Dhó a dhéanamh;
"Is í seo chugam Mo Mháthair ghlégeal,
Déantar bealach dí tríd an Ghárda."
Do thóg sí a dhá láimh geal' i n-áirde;



"Ó a Mháthair chumainn is a Mháthair chráibhtheach
Tá Mé fulaingt ar son clainne m'Athara,
Tá Mé fulaingt ar son shíl' Éab' agus Ádhaimh,
Agus béidhmid go fóill agus inn-ne cruinn i bPárrthas."



II.
{G U DG}



(As Oileán na Cruite, Dún-na-nGall.)



'S í seo an Aoine thuirseach, bhrónach,
'S í seo an Aoine a siltear na deora,
Le h-uisge Do chinn, a chúig míle Stóirín,
Agus allus fola le Do mhaladhaibh ró-ghlan.



A Athair ghrádhamhail, is cráidhte a bhí Tú
Ad' sheasamh lár an ghárraidhe faoi tháimhnéal na h-oidhche,
Bhí na srutháin fola 'teacht anuas ar gach taobh díot,
Is tú smaoineadh ar an bhás 'bhí le fághail agad Dia h-Aoine.



Nuair a chuala 'n Mhaighdean Bheannuighth'
gur gabhadh a h-aon-Mhac,
Níor fhan sí le n-a ceann deas a chóiriugh' nó a ghléasadh,
Shiúbhail sí an ród gan aon snáithe bróige,
Ag cuartugh' a h-aon-Mhic a thug na Iúdaigh leobhtha.



Do thárla fuil Íosa go h-ísiol 's an ród dí,
Do chrom sí síos agus thug sí póg dí;
"Ó nár chruaidh do cheangail sibh mo chúig mhíle Stóirín,
Is í fuil A Chroidhe 'stígh a rinne dham an t-eólas."


L. 49


"Tá a gcuid chlaidhmheach' leo, a's iad ró-líomhtha,
Le h-aghaidh Thusa 'chasgairt, a Éin-Mhic, Íosa!"
...



Sin chugaibh Críosd agus É lom tárnochtuighth',
Ceangladh do philéir É ameasg A dhearg-náimhdibh;
Na céadta buille de na sgiúrsaibh a bhí líomhtha
Buaileadh sin gan chosnamh ar A cholainn naomhtha.



d'fhéach Sé 'n-A dhiaidh, cidh gur mhór chruaidh A ghéibheann;
"A Mháthair ró-mhilis, a's a Mháthair dhíl Mo chléibhe,
Déan tusa foighde mhór indiú a's amárach,
Agus béidhmid i gcuideachta go fóill thuas i bPárrthas:



Béidh aingle na bhFlaitheas 'breith greim bárra lámh ort!"
"Is minic minic a dúbhairt leat do Mháthair,
Cé'r bith píonnos no buaidhreadh a bhíodh i ndán duit
Gurbh Í Do Mháthair féin a sgaoilfeadh (Do) dhá lámh leat.



Is doiligh damh 'n dhiaidh sin an fhoighde sin a dhéanadh,
'S mé ag amharc ar mo Leanbh bhán, 's É pollta le tairgnibh!"
- Bhí Sé dul i laigeachaibh, a's É ró-chlaoidhte,
Ag amharc ar an drong bhí ag cruinniugh' ar gach taobh de. -



Cuireadh culaidh amadáin air aríst, Ó! 'n dhéidh sin,
Boltaí ar A bhosaibh a's púcóg ar A éadan,
Coróin spíne ar A cheann, de na deilgnibh ba ghéire,
Crann na croiche ar A ghuailnibh le geall ar A chéasadh.



Thug siad go Sliabh Cealbhairí É is bhain siad de an t-éideadh,
Stróic siad an fheoil anuas ó n-A chréachda,
Thug siad cupán domblais Dhó, 's a Dhia!
nárbh í 'n deoch ghéar í!
Eadar dís de na bitheamhnaibh do rinne siad A chéasadh.


L. 51


B 17--ls 18T
GzzzzzL
U 0201

39



A Rí na cruinne do cheannaigh sinn go daor
Ad shíneadh a gcrois ag fulaing fíor-ghoin créacht,
Ó'n saoghal so abhus, nach bhfuil ann acht aoibhneas baoth,
Sgaoil sinn-ne uile riot do d'ríogh-bhrugh féin.



A Rí naomhtha dhaonnachtaigh fuair peannaid is páis,
Guidhim féin go síothach séimh Thú, is freagair mo chás,
Ó sgrios baoghalach laoi an tSléibhe beir m'anam leat slán,
Le linn m'éaga bí taobh liom dom chabhair ó'm námhaid.


L. 52


40



Cuimhnigh a dhuine, gur thrí d' choirthibh do céasadh Críost
Chun sal an pheacaidh do ghlanadh do phréimh-shliocht Aoibh;
Ó dhóirt A chuid fola chun sinn-ne go léir do nigh'
Bíom dá shíor-mholadh go h-osnadhach déarach choidhch'.
Ar lár mo chroidhe-se, a Rí ghil na bhFlaitheas naomh',
Adhain teine an Naoimh-Sp'raid, mar 's caora tá 'bhfad ar strae mé,
A lasaighfeas m'inntinn chun gníomhartha na n-olc do thréig',
'S a chuireas díbirt as mo smaointe ar bhaoise an tsaoghail.
Míle glóir don Athair ghní gach ribe de'n bhféar ag fás.
Míle glóir do'n Mhac 'ghní gach gráinne de'n ghainimh san tráigh,
Míle glóir do'n Spioraid 'ghní gach réalt a bhflaitheas go h-árd,
Mar do bhí a dtúis an tsaoghail, mar bhéas a's mar tá.




L. 54


{B 1928 >19}
{G M Co}
U 2001
B
42



Molaimís go léir an t-Aon-Mhac Críost
Do cheannaigh go daor ar an gcrois céasta sinn,
A thiocfas gan bhaoghal d'ár saoradh 'rís;
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



'S É Leanbh na Béithe É is naomhtha gnaoi,
An bhanaltra shéimh neamh-chlaon, nár smaoin
Nuair a thuirling Aon-Mhac Dé 'n-a bruighinn:
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



Do ghluais an triúr bhan g-cúilfhionn gcaomh,
Bláth na bhfionn-mban múinte séimh,
Fé ionnsuidhe thuamb' Chuirp shuairc Mhic Dé;
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



Ní chreidfeadh Tomás go bráth gurbh É
Chun go bhfeicfeadh gan spás le n-a dhá rosc féin
Rian na sleigh' a's na dtairngí ngéar:
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!


L. 55


'Sé dúbhairt an Rí glan, Críost gan cáim,
"Féach go cruinn ó do chroidhe ar Mo chneádhaibh,
Is tuigthe daoibh gur Sinn a fuair an Pháis."
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



Nuair do chonnaic Tomás an Árd-Fhuil Críost,
A chosa gan cháim a's A lámha gan teimheal,
"Aithnighim É a's is É mo Rí."
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



Bhí aingeal gan bhréig i mbréithribh fíor'
Dá aithris do bhéithibh maordha mín':
"I nGailílía 'seadh tá bhúr Rí."
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



Ar maidin ba shéimh (íad) tréith' an Triaith,
'Gus na h-easbail naomhtha ag téacht go dian
d'ionnsuidhe thuamba naomh-chuirp Chríost;
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



'S é dúbhairt an Saoradóir Naomhtha linn,
Nuair a tháinig Sé chun A thréid gan teimheal,
"Síothcháin Dé 'nbhúr gcaomhnas bíodh!"
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



"Is beannuighthe an té nár ghéar-dhearc Sinn,
A's a chreidfeadh ó'n gcléir ár scéalta fíor';
Flaitheas geal Dé gheobhfadh sé mar dhíol;"
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!



Míle buidheachas leat, a Aoin-Mhic Dé
Do céasadh, a Rí is naomhtha dlíghe,
'S do tháinig saor ó'n éag arís.
Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh!


L. 59


B 1808 19T
GzzzzzL
U 0420

46



Míle baodhchas leat-sa, a Fhír-Spioraid naomhtha,
Do cheap na spéartha is neamh ar dtús,
Do líon taréis sin an mhór-mhuir bhraonach
Le carnaibh éisg innte ag snámh na dtonn;
Chuir cnuic is sléibhte a bpáirt a chéile
'S chuir aibhne an t-saoghail-se le fánaidh ar stiúr,
Bánta an fhéir ghluis is gleannta 'on réir sin,
Coillte is craobhacha faoi bhláth gach súrd.



Is glan 's is léir duit gach bláth ag séideadh
Is ag leathadh ar ghéagaibh na dtortha dtiúgh,
Mil dá réir sin dá fághail le taosgadh
Tríd' chómhachtaibh naomhtha dá mborraibh siúd,
An bheach 'n dhéidh sin, 'tá lán do'n éifeacht,
Go gnóthach saothrach 's a cosa ag siúbhal,
d'fhonn fhóghmhair 'dhéanamh le teas na gréine
Chum a bheith ar chaoi aici mar stór 'n a triúnc.


L. 60


Na mílte baodhchas arís led' dhaonnacht
'S red' chómhachta naomh'-sa, a Rí na ndúl,
Do ghlan na spéartha is do bhreac na réalta
Go soillseach gléineach 'san oidhche dhúinn;
Thug meabhair is éifeacht do lán an tsaoghail,
Chuir maise is méinn mhaith 'n a dteannta siúd,
Do cheap na h-éanlaith' 's chuir ceol 'na mbéalaibh,
Gan suidheamh ar éadach no ar thigheas na gcionn.



CUID A DÓ.



Ba pháirt de d' dhaonnacht nuair sgaoilis d' Aon-Mhac
Ód' láimh dheis ghlégil d'ár dteagasgadh,
Le truagh do d' thréadaibh bhí ar fán gan aodhaire
Go cásmhar céasda faoi phéin an úbhaill.
Do ghluais d'ár n-éileamh 's do bheartuigh in' aonar
Mar lonnra ghréine, is do stad a gcúm
Na mná badh naomhtha is do b'fhearra tréighthe
Bhí a gcolainn daonna, is do b'áilne gnúis.



Mo ghrádh Do thréighthe, Do chneadha 's Do chréachta,
Do chosa, Do thaobh is Do leigion súl,
A Mhic Mhuire bhéasaigh pháirtigh phéarlaigh
Chráibhthigh chaomhnaigh ba ghloine ghnúis.
Nárbh' árd Do chéim-se a gcúirt na gréine
'S na táinte léigion ag teacht 'na dtriúp
d'uaislibh béasach' go soillseach gléineach
Le d' chomhachtaibh naomhtha-sa ag filleadh na nglún.



'S a cháirde, géillidh gurbh úd É an t-Aodhaire
Nach raibh (riamh) taodach nó cruaidh 'n A Chroidhe,
Do bhí lán de dhaonnacht 's le searc dá thréadaibh
Is do bhuadhaigh gan baodhchas ar Phlúto an fhíll;
Do dhíol gan éileamh ár bhfiacha an éinfheacht
Is thug táine saor leis ó ghruaim aníos,
Agus d'fhill le laochas gan díoghbháil déarach
Mar soillse gréine ó'n dtuamba arís.


L. 61


B 17--ls 18T
U 0201
47



Dia an t-Athair do shealbhaigh flaitheas naomhtha,
Dia an mac d'fhuiling ar son an chine daondha,
Dia an Sprid beannuighthe a shoillsigheann go beacht an saoghal
Ins gach ciach dá mbeidh orrainn is dochmadh go dtugaidh réidteach.



A mearthal smáil cé fágadh mé annsan tsaoghal
Do dheasgadh chloinn' Ádhaimh, mo chás, do stracadh Do ghéag',
A Mhic Mhuire na ngrás d'fhuiling Páis is peannaid péin
Fóirigh mo chás, a Dhian-Ghrádh, 's mo shamhail ná thréig.



Grásta saor ó phéin go bhfaigheam annsúd
Ó aon-Mhac Dé do shaothraigh saidhbhreas dúinn;
Bláth na féile is Laoch na soillse Thú,
Agus grádh gan chlaon thugais féin do'n Mhaighdin úmhail.




L. 83


B 1816-19ls 19T
GzzzzzL
U 0401
60



A Rí nimhe do bhí roimhe, bhéas agus tá,
Ad' naoidhin-leinbh a gclí Mhuire, a Ghéag na ngrás,
A Fhíor-Dhuine do ghní tuile thréan do thráigh,
d'aon-bhuille sgaoil uile m'éigneach tráith.



Do dhall an rae chlaon so mo chroidhe tá am chliabh,
Is do mheall an saoghal bréagach mo ghnaoi dá mhian;
Ar an-toil bhaoth éadtrom na clí 'tá am dhíon
Cabhraigh me, a Dhia dhílis do bhí, 'tá is bhias.



A Chríost do cheannaigh ár gceana le céasadh an Chrainn,
Mínigh T'fhearg le Banbha na cléire caoimh';
Díon is neartuigh ar pheacadh ar feadh féar-ghuirt Fhloinn
An fuigheall beag mhaireas n-a mbeatha d'fhuil Éibhir Fhinn.


L. 85


B 16--ls 17L
U 0201
62
Colmcille cct, 549 (?)



Aingil Dé dom' dhíon
Ar caingion clé ad-chím,
Seacht n-aisgidh na n-ógh,
Slógh nach mblaiseann bídh.



Na seacht gcuir le síth,
Críost féin, fear gan crith,
Dam shaoradh fá seach
Ar baoghal san mbith.



Críost thorm, Críost fúm,
Críost ceachtar mo thaobh;
Go dtí am' chroidhe 's am' chliabh
Rí neimhe na naomh.



Rí neimhe na ndúl,
Bile úr ós bárr,
Leig deamhain dam dhruim,
Gach arm is gach lámh.



Sgiath charad fá'm chlí,
Sgiath nach gabhaidh gaoi,
Spioraid Dúilimh Dé
Mo lúireach gach laoi.



Lúireach Dé 'r mo dhruim
Scaoileas deamhain díom,
Mé a manair na naomh,
Aingil Dé dam dhíon.


L. 87


63
"Tiomna Cholmcille."



Cómhnaigh, a Chríost, im' chroidhe,
A Choimhde, a Mhic Mhuire,
Gach Sathairn tair, a Bhráthair,
Agus áitigh am' chroidhe.



Ná déan siúbhal na saoire
Do nós na ndaoine oile,
A Mhic Dé, (fan) Dia Dómhnaigh
Agus cómhnaigh am' chroidhe.



Dia Luain anns an áit chéadna,
A Réalta eoil ár n-anman,
Cómhnaigh, a Críost, im' chridhe,
A Rí nimhe is talmhan.



Gach (aon) Márt go lá m'éaga
- Tearc dár déanta a ndearnadh -
Líon mo chroidhe dod ró-thoil,
A Oighre an Athar neamhdha.



Dia Céadaoin', a Dhé naomhtha,
- déis ár saortha aroile
Go n-íocaigh Críost an cogadh, -
Tair 'Do chodladh am' chroidhe.



Diardaoin, a Úir-Mhic Mhuire,
Tair im' chroidhe led ghrásaibh;
Saor mé, a Liaigh na cruinne,
A Dhearbhráthair clainne Ádhaimh.



Tair im' chroidhe Dia h-Aoine
A Naomh-Chara, a Mhic Mhuire,
A Liaigh leighis gach anma,
A Lámh cabhrtha na cruinne.



Tair im' chosaibh 's im' lámhaibh,
Éist, a Bhráthair, mo ghuidhe;
Tair im' bhéal is im' shúilibh,
Tair, a Dhúilimh, im' chroidhe.



Tair im' cheann is im' chluasaibh,
A Rí uasail an Dómhnaigh;
Déis ár saortha aroile
Tair im' chroidhe agus cómhnaigh.


L. 89


B 18--ls 19T
U 0401
64



Gabham molta Bhrighde, ionmhuin í le h-Éirinn,
Ionmhuin le na ciantaibh, molaimíd go léir í.
Lóchrann geal na Laighneach, 'soillsiughadh feadh na tíre,
Ceann ar óighibh Éireann, ceann na mban ar mhíne.



Iomdha tobar is teampall naomhas ainm Bhrighde;
Minic cluintear fós ar chailínibh ár dtíre.
Tig an geimhreadh dian dubh, 'gearradh le n-a ghéire;
Acht ar lá 'le Brighde, gar dúinn earrach Éireann.



Dia go gcuiridh an uair-se tré ghuidhe ghrádhmhair Bhrighde,
Earrach soillseach suaimhneach ar ár nduthaigh dhílis;
Dia go dtugaidh dóchas ar an bhFéile mhóir seo,
Chum go bhfághmaoid grása is Flaitheas thall 'na dheoidh sin.


L. 90


{B 1928 >19}
{G M PL}
U 2001
B
65
Pósadh Naomhtha Cána.



Ag an bpósadh bhí i gCána bhí Rí na ngrás ann i bpearsain,
É féin is Muire Máthair, is nárbh áluinn í an bhainfheis?
Bhí cuideacht ós cionn chláir ann, agus fíon orra i n-easnamh,
'S an t-uisge bhí 'sna h-árthaibh nár bh' áluinn é 'bhlaiseadh?



A Dhia dhíl, a Íosa, 's a Rí ghil na cruinne,
d'iomchuir an choróin spíne is iodhbairt na Croise,
A stolladh is a straoilleadh idir dhaoinibh gan cumann,
Na glasa do sgaoilis, a d'iadhadh n'ár gcoinnibh.



Is ró-bhreágh an stór tá ag Rígh na glóire dúinn i dtaisge,
A chuid fola agus feóla mar lón do na peacaigh'.
Ná cuirigidh bhur ndóchas i n-ór bhuidhe nó i rachmas
Mar is bréagán mar cheó é, seachas glóire na bhFlaitheas.


L. 91


B 18--ls 19T
GzzzzzL
U 0401

66



Dé do bheatha, a Rí an Dómhnaigh,
Is Tú 'chóbhras le daoinibh;
Gaibh sinn tar cheann ár bpeacadh
d'ár mbreith go flathais Íosa.



A Rí an Dómhnaigh, téim ad h-iocht,
'S Tú thóghas dam' bhun-stoic féin,
'Rí an lae 'ndé 's an lae indiú,
'S a Rí na bliadhna go léir.



A Rí an Luain, a Chara chroidhe,
Ar t'aire-se bím-se, a Dhé,
An t-an fá mbéad-sa go fuar
Freagair in uair m'amhgair mé.



'Rí na Máirte déan mar súd,
Faoi m' dháil-se na bí go fuar,
Bí fairiom ar uair mo bháis,
Freagair mé ann gach cás cruaidh.



'Rí na Céadaoine go fíor,
Ós Tú m'aon-Rí ós gach dúil,
Tar ceann a ndearnas-sa d'olc
Gaibh an t-anam ó'n chorp chúghat.



Rí na Diardaoine dom dhíon,
Ós Tú mo chnú díograis riamh,
Bí fairiom ar uair mo bháis;
Gearr an tamall uaim go triall.



A Rí na h-Aoine fuair páis
Do dhóirt t'fhuil dár ngrádh 'san chrann,
Ní dual duit ár leigion uait
'S gur Tú fuair duadh tar ár gceann.



Ní bhíonn an Sathairn gan Rí
Ar a mbím dam' chur do ghnáth;
Le mo theangain biadh dá ghuidh',
Mo chroidh' 'n A mhanair ó tá.


L. 92


B 1713ls 18T
U 0201
67
An Chéad Cuid.



Molfaidh mise Rí na ndúl,
Aon-Mhac Mhuire le deagh-rún,
Sgiath cúmhdaighthe na n-ógh nglan,
Triath na naomh 's na n-abstal.



Rí na ndúl, Árd-Rí neimhe,
Craobh chiúin cumais ainglidhe,
Cabhair ghráidh na maighdean mbinn,
Caomhantóir cháich go coitchionn.



Bronntóir grás do'n té d'ár chóir,
Cruthuightheoir cháich le h-onóir,
Deallradh gréine 'n A ghnúis ghil,
Nach mealltar le rún meabhail.



Crann dídinn gacha duine,
Deagh-Mhac Mhuire mór-ghluine,
Réalt (gheal) eoil an domhain duinn,
A mholadh 's cóir go coitchionn.



Rí na righthe do dhóirt fuil,
Tháinig go dian dár bhfóir'thin,
Bhí i nglasaibh daora - dar linn -
d'ár saora ó lasair Ifrinn.



Breitheamh ceart marbh agus beó,
Rí nach ndéanann aon chlaochlódh,
Acht sgaoilfeas A ghrás fo seach
Choidhche ar chách le h-oineach.


L. 94


67
An Dara Chuid.



An Rí céadna luaidhtear lin,
Le saorthar cách go coitchinn,
Éachta truaighe dúinn indiu
A chréachta cruaidhe 'chaoineadh.



Caointear fós gach lá linn-ne
Créachta Mheic na Maighdine,
'S A Chorp séimh 'crochadh a gcrann
Is 'leagadh le neart géar-lann.



Cuimhnigh créachta na spíne
- Dar linn, ádhbhar éagcaoine -
Cuireadh ar cheann Ríogh neimhe
A gcrann chaoin na trócaire.



Cuimhnigh créachta an dá chos,
Créachta an chroidhe 's na ngeal-bhos,
'S an méad do fuair Rí na rann
Do phéin ró-chruaidh 'san Rí-Chrann.



Cuimhnigh mar céasadh Muire
'Faicsin a Meic miorbhuile
Dá chrocadh go cruaidh 's an gcrann,
'S dá stróiceadh le buaidh ladrann.



An treas cuid.



A chlí cuimhnigh cúis an bháis,
Tuig-se gur damhna dóláis;
Ar mhaoin ná tréig Mac Mhuire,
'S gheabhfair déirc na trócaire.



Scrúd do choinsias go glan grinn,
Déan aithrigh' dian go coithchinn,
Féach, a dhuine atá lán,
Gur cré uile do chorpán.



Iarraim ort, a Mheic Mhuire,
'Áird-Fhlaith thréin na trócaire,
A Ghnúis aobhdha is ró-ghlan gnaoi,
Mo chaomhnadh 'r ród an pheacaidh.



Gabh-sa uaim a n-íoc mo locht
Mo dhuan diadha le dúthracht;
Ná leig m'anam uait go grod,
Is Aon-Mhac Mhuire molfad.


L. 102


B 18--ls 19T
GzzzzzL
U 0401



71
A Rí chómhachtaigh, a Rí ghlórmhair, a Rí mhóir na tréine,
Árd-Rí mhara, Árd-Rí thalmhan, Árd-Rí fhlaithis Dé Thú;
Guidhim-se Thú, a Rí na ndúl, trím chroidhe go léir déarfad,
Gabhaim mar charaid Rí na n-aingeal, dom' dhíon faid mhairfeas rae 'gam.



Tá sluagh neartmhar thuas a bhFlaitheas go buan ag innsint sgéal Duit,
Táid na h-aingil, táid na h-abstail, Eoin is Peadar naomhtha,
Muire Máthair, Muire ghrádhmhar, Muire Maideléna,
Bíodh m'anam-sa le n-a dtaobh-sain, i n-anfadh lae an tSléibhe.



Táid i bPárrthas cuallacht charthanach, fuair anacra an tsaoghail,
'Feithiomh ar chómhachta Ríogh na glóire, is deimhin gur mór an chéim sin,
Táid 'n a n-aice sin na h-Úird bheannaighthe nár smaoin peacadh a dhéanamh,
Gan osadh gan sgíth ag moladh mo Ríogh, sin obair ba chuibhe is léir dham.



Lean go tapaidh dlíghe na n-abstal, 's ná bí-se ar easbaidh céille,
Bíodh an Phaidir choidhche ar t'aire, is bíodh
na Sailm 'ghá léigheadh duit,
Is do gheobhair gradam Ríogh na n-aingeal,
's béidh radharc Flaithis Dé agad;
Déan, a pheacaigh, díon do'n anam, gan mhoill fad 'mhairfeas rae agad.


L. 103


{B 1928 >19}
{G U DG}
U 3001
B
72



Deich mbliadhna a's fiche d'aois bhí Íosa
Nuair baisdeadh É mar cuirtear síos é;
'N A throsgadh dá fhichid lá 'na dhiaidh sin,
'Fágáil sompla do gach aoin dínn.



B'iomdha deor do shil Sé ar uaigneas
I ndúil go bhfuigheadh A chaoire suaimhneas;
Easbaidh éididh, easbaidh áruis,
Easbaidh codlata agus sámhais.



Cineadh Iúdaidhe annsan ruaig air,
B' iomdha amhgar, léan a's fuacht air;
Chuaidh A ghníomhartha ós cionn ár gcéille
Le n-A mhórdhacht a's le n-A fhéile.



Ar feadh trí mbliadhna annsin d'Á théarma,
Ag leigheas agus ag teagasg gach aon-neach;
Do na dallaibh thug Sé súile,
Na bacaigh fuair lúth ailt a's glúine,
Na balbháin aithris, na bódhráin éisdeacht;
Ó! glóir do'n Rí, 's É ghnídheas gach éifeacht.



Thug Sé Lasarus beo ó'n uaigh,
'Gus mac na baintreabhaigh 'rís le truaigh;
Buachaill breoite i dtigh duin'-uasail,
- Badh sona an fear dar leigheas Sé a bhuachaill;
Shocruigh 'n ghaoth 's na tonna tréana,
A's leigheas gach aithid a raibh léan air.
...
Seo míorbhuilte Mhic na h-Óighe
A's go molaidh an saoghal Mac Ríogh an glóire.


L. 105


B 1814 19T
GzzzzzL
U 0420

73
Liam Ó Marnáin, 1814.



Céad glóire leis an Athair
Nár mhór le rádh A Ainm
Go cómhachtach ins na flathasaibh le trácht ag an saoghal;
Do chum 's do chlódh na h-aingil
Go lonnrach soillseach lasmhar,
Gan smúit, gan cheó, gan peacadha, gan teimheal mar an gréin.
Do riaraigh spéartha 's scamaill,
Chuir solas árd 'san ghealaigh,
Na réalta chúghainn ag amharc, 'san oidhche ar an aer;
Do líon gach abha is caise
'N a slaodaibh siúbhal go tartmhar,
An mhór-mhuir bhrúchtach fhairsing, lán dá cuid éisg.



Céad glóire 'rís leat, 'Athair,
Go síorruidhe led' Ainm
Do thuill agus fuair ceannas, clú ceart a's réim;
Do líon gach coill de chrannaibh
Go buacach bláthmhar daithte,
Na h-éin go binn ag cantain ar a ngéagaibh go léir.
Cé suarach iad na beacha,
Do thug dóibh slíghe dheas beatha,
Gur theip ar úghdar gasda é d'fhóghluim mar chéird,
Nuair bhíonn an ghrian ag taithneamh
Do shaothruigh a gcuid meala
Mar stór i gcóir a chaithmhe insa' ngeimhreadh le céill.


L. 106


Tuig-se féin, a pheacaigh,
Le foghluim ós na beachaibh
A shaothruigheann a gcuid meala ó ghleanntaibh na gcaor,
'S na naoimh do bhí go dealbh,
Ná rinn' an stór nó'n peacadh,
'S ná chuireadh an t-ór a dtaisge nó i ndaingeanaibh an tsaoghail;
Tugaidh go léir faoi deara
An sompla rinn' an Leanbh,
Nuair thuirling ó na flathais le grádh dúinn go léir,
Nuair rugadh É, go dearbh,
A mainséar fuar an asail,
Go bocht úiríseal dealbh gan ionmhas gan aer.



Go dtagaidh an lá 'na gcasfar
'N bhúr gcómhair go léir mé ag baile,
'San árus úd ar lasadh le glóire is le gréin;
A nDúithche an tséin 's an áthais,
Mar a ngnáthuigheann ceol na n-aingeal,
'S mar a bhfaghthar radharc gan scamall ar ghnúis mhilis Dé;
Do bhéidheadh mo chroidhe lán d'áthas
Nuair chidhfinn séimh-fhir Bhanbha
Réidh le saoghal na beatha 's le canntlacht na gclaon,
Gan fagháil ag saighead an pheacaidh
Teacht go bráth d'ár gcealg,
Acht suidhe go sámh gan aisdear a bpáirt le gach naomh.


L. 107


B 1758ls 18L
U 0201
74



Buidheachas duit, a Rí na ndúl,
Buidheachas do'n Triúr atá is bhí,
Buidheachas do'n Athair is do'n Mhac,
Buidheachas go beacht do'n Spioraid Naoimh.



Buidheachas duit, a Rí na ngrás,
d'fhág mé ar an tsaoghal beo;
Go nglantar ó'n gcolainn a cion
Nár sgara 'n péarla léi go deo.



Tiomnaim m'anam duit, a Dhia,
Tiomnaim go dian is go beacht,
Nár thig choidhche an tiomna ar ais;
A Íosa Chríost, mo choimrighe ort.


L. 108


B 1801 19T
U 0220
75
Duan Fhoghmhair.



Tá'n Fóghmhar-so go h-aorach, céad baodhchas le h-Íosa,
Tá eorna 'na slaoda is caomh-chruinneacht thíortha,
Tá cnó buidhe ar na craobhach' is sméar ar an bhfír-dhris;
Céad glóir do'n Aon-Mhac le ndéantar gach aoin-nidh.



'S É sheólann na réilte, teacht gréine a's taoide,
Bheir neolla na spéire, an ghaoth a's na síonta,
Eoin bhinne an aeir uile is éisg insan míon-mhuir,
Is fós chuireas féar ghlas chum tréada na dtíortha.


L. 109


Ógh-fhlaith breágh tréitheach is léigheanta, 's is líomhtha,
Is cómhachtaighe 's is tréine, is féile 's is fíre;
Tá ceól ag an éanlaith gan traochadh dá innsin
Gur lem' Stór-sa is breith-bhaodhchas o'n tsaoghal uile timcheall.



Mo bhrón-chreach go n-éagfad, mo sgéan a's mo sgímhle,
Gach ló thig dom' rae is mé 'réabadh Do dhlíghe-chirt;
Acht a Stóir ghil ná tréig-se 's ná séanaigh sinn tríd sin,
Is ar mhór-chruis gur shaorais sliocht Éabha led' fhíor-Fhuil.


L. 113


B 1809-13ls 19T
U 0401
77
(Cuid a h-aon)



Ó a Íosa a Mhic ghrádhaigh, an truagh leat mo chás,
Am' phianadh 's am' chrádh ag an gclaon-trúip,
'S ag diabhlaibh gach tráth atá go dian gan spás
Am' chiapadh le lán dá gclaontaibh.
Muna dtagair-se am dháil, 's mé ghlacadh id láimh
Ó'n namhaid seo atá dham' léanadh,
Leagfar mé ar lár, is cuirfear mé chun fáin
Am' chaora bhoicht ghránda ó'n tréada.



A Rí ghil na naomh, ó fuasgail mé óm' phéin,
'S ná foighnigh mé lem' shaoghal am' chlaoidhe leo,
Seasuigh-se 'gam' thaobh 'gus neartaigh mé go h-éag
'S ní h-eagal liom a gclaonta choidhche.
Folaigh mé san gcréacht tá ar fhíor-lár Do chléibh,
Agus díon mé ó gach baoghal óm' naímhde,
Cneasaigh-se gach créim 'tá ar m'anam ó gach léan,
Is táthaigh mé go séimh led' Chroidhe 'stigh.



Ó a Íosa Mhic Mhuire, d'fhulaing trínn-ne gach buille
De sgiúrsaidh' le fuinneamh dá mbualadh ort,
'S an ch'róin ort do cuireadh, agus iomchar na croise
Nó gur céasadh Thú ar mhullach an mhuar-chnuic.
Ós le grádh dhúinn do rinnis gach sásamh do thugais
Do'n árd-Rí 'sna coirthibh is dual dúinn,
Led' ghrása déan mise do ghárdadh ar gach doineann
'S beir slán mé gan milleadh go buadhach leat.



(Cuid a dó)



A Mhic naomhtha na ngrás, ná tréig mé go bráth,
'S na leig mé chum fáin ar straé uait,
Réidhigh rómham gach árd, is roinn liom le grádh
Mór-luaidheacht Do chneadh ar an ghéar-chrois.
Mar chuimhne ar Do Pháis, a Chroidhe ghil gan cáim,
Sín chugam Do lámha is glaodh mé,
Coinnigh mé gach tráth, go dtige chúgham an bás,
'S beir m'anam ann-soin slán, saor leat.



Cé gur minic am' shaoghal gur chéas mé Thú arís
Lem' chlaontaibh a's le baois na h-óige,
'S níor thuill mé d'aoidheacht fhial ad' Chathair ghil do shíor,
No Do sheasamh dham mar dhídean san chómhrac;
Acht ó thagair-se chum síth leis na peacaigh' seo do bhíonn
Ag cur feirg' ort gan sgith gach nóimint,
Tá mo thnúth leat ó chroidhe go maithfir dham gach gníomh,
Is go stiúirfir mé go caoimh 'san ród ghlan.



Iarraim ort le grádh, a Rí ghil na ngrás,
'S ar an Spioraid atá lán de naomhthacht,
Tré thoradh Do chuid fola 'bhí anuas ort 'n a srothaibh
'S Tú ad' thruagh bhocht ar crochadh ar ghéar-chrois,
Mo chroidhe ionam do losgadh le grádh Dhuit ad' mholadh,
Is le grádh dham go dtagair taobh liom,
Am' ghárdadh 's am' chosaint ó Shátan is ó'n gcolainn,
'S go ngrádhfainn Thú ar neamh t'réis éagtha.


L. 118


B 1713c 18T
U 0201
80



Áille Íosa 'ná an chruinne,
'Ná bláth róis nó lile;
'S Tú a Bláth caomh ó Mhuire,
Chuaidh a ngnáth-ghaol linn-ne.
Is milse 'ná siúcra,
'S 'ná drúcht meala muine,
'S 'ná mil bhrigheach bheadaidh,
Íosa Mór-Mhac Mhuire.



Cibé ghrádhas Íosa
'N a chroidhe go cluthmhar,
Ní théid cómh-ghrádh eile
Ann go deire an domhain.
A Íosa Mhóir mhilis,
A Íosa Mhic Mhuire,
Do dhealbhaigh gach inis,
Gach mín-mhuigh, gach muine,
Guidh orainn.




L. 127


{B 1928 >19}
{G C ME}
U 1001
B
86



A Dhia ghlégil na féile
'S a Athair na ngrás,
Le Do réidh-thoil do céasadh
Is a cuireadh chun báis,
A Aoin-Mhic do shaor sinn
Ó pheacaidhthibh 's ó pháis,
Réidhtigh na Gaedhil bhocht'
Is riar dóibh a gcás.


L. 128


87
Roimh an Eipistil.



Míle moladh leat feasta
A Athair 's a Uain,
Míle oll-ghlóire gheanamhail
Do Mhac Dé na mbuaidh;
Míle onóir, glóir, is moladh
Le Sgoth-Thoradh na nDúl,
An t-Athair, Mac, is Naomh-Spioraid,
Go liath-lá an Luain.



88
(Ag an Soisgéal).



A Dhé na trócaire, níor leór dhuit
Ár dteagasc tréd' fháidhth',
Ná tré d'easpalaibh naomhtha
Dá dhílse a ngrádh,
Gur labhrais linn tré Íosa,
Tré d'Aon-Mhac na ngrás,
A geineadh ó Mhuire Óigh
'S a d'fhuiling an Pháis.
A mhair i n-ár ngaobhar,
'S a céasadh 'r an gcrann,
Le n-ár saoradh ó phiantaibh
Coir' Éabh' agus Ádhaimh.


L. 129


89



A Íosa, glan mo chroidhe-se
Go glé-ghlan gach lá,
A Íosa, cuir m'íntinn
Faoi léir-smacht Do ghrádh';
Déan mo smaointe go fíor-ghlan
Agus briathra mo bhéil,
A's a Thighearna, 'Dhé dhílis
Stiúraigh choidhche mo shaoghal.


L. 131


90
An Chré



Creidim i nDia an tAthair
A chruthaigh neamh a's talamh,
'S i n-Íosa Críost, a Mhac-san
A rugadh ó Mhuire Óigh;
A d'fhulaing páis a's peannaid
Faoi Phointias Piolóid sealad,
Do céasadh, as do greadadh
Ar árd-chrois gan gó;
Fuair bás de bhárr an pheacaidh
Do rinne Éabh' a's Ádhamh
Chuaidh faoi dhéin na n-anam
Go h-Ifrionn na mbrón;
Ar theacht do'n tríomhadh mhaidin
d'éirigh tréan ó thalamh,
A's tá n-a shuidhe go dearbh
Ar dheas-láimh Dé na gcómhacht.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services