Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Urnaighe na Maidne de réir úsáide Eaglaise na hÉireann

Title
Urnaighe na Maidne de réir úsáide Eaglaise na hÉireann
Author(s)
Eaglais na hÉireann,
Composition Date
1912
Publisher
Ua Cathail agus a buidhin, teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Urnaighe na maidne



Do réir úsáide
Eaglaise na hÉireann.



Ar n-a chur i gcló le
Ua Cathail agus a buidhin, teor.
Ar Chéibh Urmhumhan, U. a 40,
I mBaile Átha Cliath.



1912.



RÉAMH-FHOCAL.



E. R. MACG Ó DIOCS.


L. 1


URNAIGHE NA MAIDNE.



I dtús urnaighe na maidne, léighfidh an Ministéir le hárd-
ghuth aon-rádh éigin, nó níos mó de na ráidhtibhse na
Scrioptúr do leanas; agus annsin adéara sé an
nídh atá scríobhtha i ndiaidh na ráidhte céadna sin.



AN tan iompuigheas an droch-dhuine ó n-a chion-
taibh, do-rinne sé, agus do-ghní sé an nídh is
dlisteanach agus is ceart, saorfuidh sé a anam
beó. Esec. xviii. 27.



Admhuighim mo chionta: agus atá mo pheacadh
ós mo choinne i gcómhnuidhe. Sailm li. 3.



Foluigh t'aghaidh óm' pheacaidhibhse, agus scrios
uaim mo chionta uile. Sailm li. 9.



Is iad iodhbhartha Dé spiorad briste: ar
chroidhe bhriste chómhbhrúighte, Ó a Dhé, ní dhéan-
air tarcuisne. Sailm li. 17.



Réabaidh bhar gcroidhthe, agus nár ab iad bhar
n-éadaighe, agus fillidh chum an Tighearna bhar
nDia: óir atá sé grásamhail agus trócaireach
mall chum feirge, agus lán de chineáltas, agus
atá aithreachas air um an olc. Ioel. ii. 13.



Le n-ar dTighearna Dia bhaineas trócaireadha
agus maitheamhnas, gidh gur chathuigheamar-ne in a
aghaidh; ní mó d'umhluigheamar do ghuth an Tigh-
earna ar nDia, do shiubhal in a dhlighthibh, noch do
chuir sé rómhainn. Dan. ix. 9, 10.


L. 2


A Thighearna, smachtuigh mé, acht maille le
breitheamhnas: ní id' fheirg, d'eagla go ndéan-
tá neimhnídh dhíom. Ier. x. 24. Sailm vi. 1.



Déanaidh aithrighe: óir do dhruid ríoghacht neimhe
libh. Math. iii. 2.



Éireóchaidh mé, agus rachaidh mé d'ionnsuidhe
m'athar; agus adéara mé leis, a Athair, do
pheacuigh mé in aghaidh neimhe, agus id' fhiadhnaise-
se, agus ní fiú mé feasta do mhac-sa do ghairm
dhíom. Lúc. xv. 18, 19.



Na téigh i mbreitheamhnas le do shearbhfhóghan-
tuidhe; óir ní fíréantar neach beó id' fhiadh-
naise. Sailm cxliii. 2.



Dá n-abraimís nach bhfuil peacadh orainn, atá-
muid d'ar mealladh féin, agus ní'l an fhírinne
againn: Dá n-admham ar bpeacaidh, atá Seisean
fírinneach agus ceart le n-ar bpeacaidhe do
mhaitheamh dhúinn, agus le n-ar nglanadh ó an uile
neimhfhíréantact. 1 Eo. i. 8, 9.



A Bhráithre ró ionmhuine, atá an Scrioptúir
d'ar mbrostughadh i mórán d'áitibh chum ar
bpeacaidh agus mór-lochta iomadamhla d'admháil
agus d'fhaoisidin; agus nach cóir dhúinn bheith
ag gabháil a leith-scéil nó dá gceilt i bhfiadhnaise
Dé Uile-chumhachtaigh ar n-Athair neamhdha; acht a
n-admháil le croidhe umhal, uiríseal, aithrigheach,
agus fómósach chum maitheamhnas d'fhághail ionta,
tré n-a mhaitheas agus tré n-a thrócaire gan chrích.


L. 3


Agus gidh gur cóir dhúinn gach uile am ar
bpeacaidh d'admháil i bhfiadhnaise Dé go humhal;
gidheadh is cóir dhúinn go mór-mhór sin do dhéanamh
an tan do-ghnímíd cómh-chruinniughadh agus teacht
i gceann a chéile chum buidheachas do thabhairt fá
na mór-mhaitheasaibh do ghlacamar ó n-a lámhaibh,
a adhmholta ró-oirdhearca do chur ós áird, a
bhriathar ró-naomhtha d'éisteacht, agus na neithe
d'iarraidh atá riachtanach, agus 'n-a gcruadhóig
chomh maith do'n chorp agus do'n anam. Uime sin,
iarraim d'impidhe agus d'athchuinghe oraibh-se, an
méid atá annso i láthair, mise do chuideachtughadh,
le glan-chroidhe agus le glór umhal chum cathaoire
na ngrás neamhdha, ag a rádh im' dhiaidh-se: —



Faoisidin gheinearáilte, le rádh do'n phobal uile i ndiaidh
an Mhinistéir, ar mbeith dhóibh go léir ar a nglúinibh.



A Athair Uile-chumhachtaigh agus mór-thrócairigh,
do-chuadhmar ar seachrán agus do scaramar le
d' shlighthibh-se mar chaoirigh ar ndul amudha. Do
leanamar go ró-mhór smuainte agus miana ár
gcroidhtheadh féin; do chiontuigheamar in aghaidh
do dhlighthe naomhtha-sa; d'fhágamar gan déanamh
na neithe badh chóir dhúinn do dhéanamh; agus do-
rinneamar na neithe nár chóir do dhéanamh; agus
ní'l sláinte ar bith ionainn. Acht tusa, a
Thighearna, déan trócaire orainn, na peacaigh
ró-bhochta: Coigil-se, a Dhia, an drong admhuigh-
eas a gcionta: Tabhair ar a n-ais an lucht atá
aithrigheach; do réir do gheallamhnacha d'fhoillsigh
tú do'n chineadh daonna in Íosa Críost ar


L. 4


dTighearna. Agus tiodhlaic dhúinn, a Athair ró-
thrócairigh, ar a shon-san, go gcaithfeam ar
mbeatha ó so amach go diadha, fír-cheart, meas-
ardha, chum glóire d'ainme naomhtha féin. Amen.



An Absolóid, nó maitheamhnas peacaidh, chanas an Sagart
amháin i n-a sheasamh; ar mbeith do'n phobal ar a
nglúinibh de ghnáth.



DIA Uile-chumhachtach, Athair ar dTighearna Íosa
Críost le nach mian bás an pheacaigh, acht le'r
fearr é d'fhilleadh ó n-a lochtaibh agus do bheith
beó; agus do thug cumhacht agus aithne dh'á
Mhinistéiribh scaoileadh agus maitheamhnas a
bpeacadh d'aithris, agus d'fhoillsiughadh d'á phuib-
libh, ar mbeith aithrigheach dhóibh: Saorann Sé agus
fuasclann Sé an mhéid do-ghní aithreachas go
fírinneach agus chreideas ó chroidhe a Shoiscéal
naomhtha. Uime sin guidhmíd é aithrighe fhírinneach
do thabhairt dhúinn, agus a Spiorad Naomh; ionnas
go mbadh taithneamhach leis na neithe atámaoid
do dhéanamh insan amso, agus go raibh an chuid
eile d'ar mbeatha 'n-a dhiaidh seo fíor-ghlan agus
naomhtha; ar mhodh go bhféadfam fá dheireadh
teacht chum a aoibhnis shíorraidhe-san, tré Íosa
Críost ar dTighearna, Amén.



Freagróchaidh an pobal annso agus ag deireadh gach
urnaighe eile, Amén.



Annsin rachaidh an Ministéir ar a ghlúinibh agus adéara
sé Paidir an Tighearna le glór so-chloiste; ar
mbeith do'n phobal mar an gcéadna ar a nglúinibh,
agus dá rádh mar aon leis, annso, agus fós in gach
áit eile de'n tseirbhís dhiadha i ndéantar úsáid dhí.


L. 5


AR n-Athair, atá ar neamh. Naomhthar d'ainm.
Tigeadh do ríoghacht. Déantar do thoil ar an
dtalamh, mar ghníthear ar neamh. Ar n-arán
laetheamhail tabhair dhúinn indiu, agus maith
dhúinn ar bhfiacha, mar mhaithimidne d'ár bhféich-
eamhnaibh féin, agus ná léig sinn i gcathughadh,
acht saor sinn ó olc: Óir is leat féin an ríogh-
acht, agus an chumhacht, agus an ghlóir, go saoghal
na saoghal. Amén.



Annsin mar an gcéadna adéara sé:-



Ó, a Thighearna, osgail-se ar mbeoil!



Freag. Agus cuirfidh ar mbéil do mholadh ós
áird.



Sean. Ó, a Dhé, déan deifir chum sinn do
shaoradh!



Freag. Ó, a Thighearna, déan luas chum
congnamh linn!



Annso ar seasamh suas do'n iomlán, adéara an Sagart:



Glóir do'n Athair, agus do'n Mhac, agus do'n
Spiorad Naomh:



Freag. Mar do bhí ar dtús, atá anois, agus
bheas go bráth: saoghal gan chrích. Amen.



Sean. Molaidh-se an Tighearna.



Freag. Go raibh ainm an Tighearna molta.



Annsin adéarthar nó cánfar an tSailm seo leanas, leath
amuigh do Dhómhnach Cásg, ar ar horduigheadh dán eile;
agus ní cóir a léigheadh annso ar a naomhadh lá déag
de mhí ar bith, acht i n-eagar ghnáthach na Sailm.


L. 6


Sailm xcv. Venite, exultemus Domino.



Tagaidh déanam lúthgháire chum an Tighearna:
déanam fuaim gháirdeach do charraig ar slán-
uighthe.



Tagam do láthair a aighthe le tabhairt buidheach-
ais agus déanam fuaim lúthgháireach chuige le
salmaibh.



Óir is Dia mór an Tighearna, agus Rí mór
ós cionn na n-uile dé.



I n-a láimh atáid áite doimhne na talmhan;
agus áirde na gcnoc i n-a chumhachtaibh.



Is leis an mhuir, agus É féin do-rinne í; agus
do chumadar a lámha an fearann tirim.



Tagaidh déanam adhradh, agus claonam;
filleam ar nglúine ós coinne an Tighearna ar
gCruthuightheóir.



Óir is Eisean ar nDia; agus sinne pobal a
inbhir, agus caoirigh a láimhe.



Indiu má éistthí a ghuth, ná cruaidhighidh bhar
gcroidhe, mar san Meribah, amhail is i ló Mhas-
sah san bhfásach;



Mar ar chuireadar bhar n-aithre cathughadh orm,
do dhearbhuigheadar mé, agus do-chonncadar
m'oibreacha.



Do bhí mé dhá fhichead bliadhain ar mo bhuaidh-
readh leis an ngeinealach so, agus adubhras, is
pobal seachránach i gcroidhe iad, agus níor
bh'aithne dhóibh mo shlighthe:



Dár mhionnuigheas im'fheirg nach rachaidís
isteach dom' shuaimhneas.


L. 7


Glóir do'n Athair, agus do'n Mhac, agus do'n
Spiorad Naomh:



Mar do bhí ar dtús, atá anois, agus bheas go
bráth, saoghal gan chrích. Amen.



Annsin leanfaid na Sailme in ordughadh mar atáid ord-
uighthe; agus ag deireadh gach Sailme thríd an mbliadhain,
agus mar an gcéadna iar gcríochnughadh Benedicite,
Benedictus, Magnificat, agus Nunc dimittis, adéarthar.



Glóir do'n Athair, agus do'n Mhac, agus do'n
Spiorad Naomh:



Freag. Mar do bhí ar dtús, atá anois, agus
bheas go bráth, saoghal gan chrích. Amen.



Annsin léighfidhear go soiléir, do ghuth sho-chloiste, an Chéad
Léigheann, ar na thabhairt as an tSein-Tiomna mar atá
orduighthe san bhFéilire (muna raibh Léigheann Cinnte
orduighthe do'n lá chéadna); ar mbeith do'n léightheóir
in a sheasamh, agus dá iompodh féin ar an módh is fearr
i gcluinfid a mbeidh do láthair uile é. Agus annsin
adéarfar nó canfaidhear i nGaedhilg an chaintic dá
ngoirthear Te Deum laudamus go laetheamhail ar feadh
na bliadhna.



Comharthuigh roimh gach uile léigheann gur cóir do'n Mhinistéir
a rádh: annso thosuigheas a leithéid seo do Chaibidil,
nó Rann dá leithéid seo do Chaibidil, dá leithéid seo do
Leabhar; agus i ndiaidh gach uile léighinn, annso chríoch-
nuigheas an Chéad nó an Dara Léigheann.



Te Deum laudamus.



Molamaoid Thú, ó, a Dhia; admhuighmíd gur
Tusa an Tighearna.



Adhraidh an talamh uile Thú: an tAthair síorr-
aidhe.


L. 8


Duit-se árduighid na huile Aingil a nguth: na
Flaithis, agus a bhfuil de chumhachtaibh ionta.



Duit-se éimhghid do ghnáth: Cearuibín agus
Searaiphín.



Naomhtha, Naomhtha, Naomhtha: Tighearna Dia
na Slógh.



Atáid neamh agus talamh lán: do mhórdhacht do
ghlóire-se.



Cóimhthionól glórmhar na nEasbal: molaid Thú.



Deagh-chomhluadar na bhFáidheadh: molaid Thú.



Sluagh árd-uasal na Mairtíreach: molaid Thú.



An Eaglais Naomhtha ar feadh an domhain uile:
admhuighidh Thú.



An tAthair: mórdhachta gan chrích;



D'aon-Mhac: onórach agus fíor;



Mar an gcéadna an Spiorad Naomh: an Cómh-
fhortuightheóir.



Is Tú Rí na Glóire: Ó, a Chríost;



Is Tú Mac síorraidhe: an Athar.



An tan do ghabhais ort an duine do shaoradh, ní
raibh gráin agat ar bhroinn na hÓighe.



An tan do rug tú buaidh ar ghéar-phéin an
bháis, d'fhoscail tú ríoghacht neimhe do gach uile
dhuine chreideas.



Atá tú id' shuidhe ar dheis láimh Dé i nglóir an
Athar.



Creidimídne go dtiocfaidh tú chum bheith id'
Bhreitheamh orainn.



Uime sin, guidhmíd thú cabhair do thabhairt dod'
shearbhfóghantaidhibh; noch d'fhuascail tú led' fhuil
mhórluaich féin.


L. 9


Tabhair dhóibh a bheith cómhartha i measg do
naomh i nglóir shíorraidhe.



Ó, a Thighearna, sábháil do phobal féin, agus
beannuigh d'oighreacht.



Stiúirigh iad, agus tóg suas go síorraidhe iad.



Árd-mholamaoid thú ó ló go ló.



Agus adhramaoid t-ainm do shíor, go saoghal
na saoghal.



Go mbadh toil leat, Ó, a Thighearna, ar gcong-
bháil indiu ó pheacadh!



Ó, a Thighearna, déan trócaire orainn, déan
trócaire orainn.



Ó, a Thighearna, leig do thrócaire anuas
orainn mar atá ar muinghin ionnat!



Ó, a Thighearna, ionnat-sa do chuir mé mo
mhuinghin, ná leig mór-amhgar orm go bráth!



Nó an chaintic seo:



Benedicite, omnia Opera Domini.



Ó, a uile Oibreacha an Tighearna, beann-
uighidh an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é
go síorraidhe.



Ó, a Aingle an Tighearna, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Fhlaitheamhnais, beannuighidh an Tighearna;
molaidh é agus móruighidh é go síorraidhe.



Ó, a Uisgeadha, atáthaoi ós cionn na fior-
maimeinte, beannuighidh an Tighearna; molaidh
é, agus móruighidh é go síorraidhe.


L. 10


Ó, a uile Chumhachta an Tighearna, beannuighidh
an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Ghrian agus a Ghealach, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Réaltanna Neimhe, beannuighidh an Tigh-
earna; molaidh é, agus móruighidh é go síorraidhe.



Ó, a Cheathanna agus a Dhrúcht, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go síorr-
aidhe.



Ó, a Ghaotha Dé, beannuighidh an Tighearna;
molaidh é, agus móruighidh é go síorraidhe.



Ó, a Theine agus a Theas, beannuighidh an Tigh-
earna; molaidh é, agus móruighidh é go síorraidhe.



Ó, a Gheimhridh agus a Shamhraidh, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go síorr-
aidhe.



Ó, a Dhrúchta agus a Shioca, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Shic agus a Fhuaicht, beannuighidh an Tigh-
earna; molaidh é, agus móruighidh é go síorr-
aidhe.



Ó, a Leac Oidhre agus a Shneachta, beannuighidh
an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Oidhcheadha agus a Laethe, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é agus móruighidh é go
síorraidhe.


L. 11


Ó, a Sholais agus a Dhorchadais, beannuighidh
an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Theinteacha agus a Néalta, beannuighidh
an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, déanadh an Talamh an Tighearna do bheann-
ughadh; moladh fós é, agus móruigheadh é go
síorraidhe.



Ó, a Shléibhte agus a Chnoic, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a uile Neithe Glasa ar an Talamh, beann-
uighidh an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é
go síorraidhe.



Ó, a Thoibreacha, beannuighidh an Tighearna;
molaidh é, agus móruighidh é go síorraidhe.



Ó, a Fhairrgeadha agus a Thuilte, beannuighidh
an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Mhíolta Mhóra agus a uile nídh shnámhas
insna huisgeadhaibh, beannuighidh an Tighearna;
molaidh é, agus móruighidh é go síorraidhe.



Ó, a uile Éanlaith an aéir, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a uile Ainmhidhthe agus Eallaigh, beannuighidh
an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
siorraidhe.


L. 12


Ó, a Chlann na nDaoineadh, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go síorr-
aidhe.



Ó, beannuigheadh Israel an Tighearna; moladh
é, agus móruigheadh é go síorraidhe.



Ó, a Shagarta an Tighearna, beannuighidh an
Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é go
síorraidhe.



Ó, a Shearbhfóghantaidhe an Tighearna, beann-
uighidh an Tighearna; molaidh é, agus móruighidh é
go síorraidhe.



Ó, a Spioraide agus a Anmanna na bhFíréan,
beannuighidh an Tighearna, molaidh é agus mór-
uighidh é go síorraidhe.



Ó, a Dhaoine Naomhtha agus umhla i gcroidhe,
beannuighidh an Tighearna; molaidh é, agus mór-
uighidh é go síorraidhe.



Ó, a Anainiais, a Asairiais, agus a Mhiosael,
beannuighidh an Tighearna; molaidh é, agus mór-
uighidh é go síorraidhe.



Glóir do'n Athair, & c.



Mar do bhí ar dtús, & c.



Annsin ar an modh gcéadna léighfear an Dara Léigheann, ar
na bhaint as an Tiomna Nuadh. Agus tar a éis sin an
Chaintic seo leanas; acht amháin muna dteagmhuigh a
léigheadh i gCaibidil an lae, nó ar son an tSoiscéil Lá
Eoin Baisde.



Benedictus, Lúcás i. 68.



Go mbadh beannuighthe an Tighearna Dia Israel:
ar son gur fhiosruigh sé agus gur fhuascail sé a
phobal:


L. 12A


Nó an Salm seo.



SALM CXLVIII.



Laudate Dominum.



1. Moluidhe an Tighearna ó na neamhaibh; moluidhe
É ann sna h-árdaibh:



2. Moluidhe É, A aingle féin uile; moluidhe É,
A shluaigh uile.



3. Moluidhe se É, a ghréin agus a ghealaig: moluidhe
É, a uile réaltain an tsolais.



4. Moluidhe É, a neamha na neamh, agus na
h-uisceadha atá os cionn na neamh.



5. Moldaois ainm an Tighearna; óir do aithin,
agus do cruthuigheadh iad.



6. Agus do dhaingnidh Sé choidhche, agus go brách
iad; tug Sé statuid uaidh agus ní sáireóchthar í.



7. Moluidhe an Tighearna ón talamh, a dhragúna,
agus a uile dhoimhne:



8. Teine agus cloichshneachta, sneachta agus deat-
aighe, gaoth anfadhach ag deunamh A ráidh.



9. Na sléibhte, agus na h-uile chnuic; crainn
toraidh agus an uile chéadar.



10. An beathadhach allta agus an uile ainmhidhe;
gach nidh shnáigheas agus eunlaith sciathán.



11. Righthe an talmhan agus na h-uile dhaoine:
prionnsaidhe agus uile bhreitheamhain na talmhan.



12. Óigfhir agus fós maighdeana óga; sean
ndaione agus leinbh.



13. Moldaois ainm an Tighearna; óir atá A
ainm amháin ar n-a árdugh go h-óirdheirc; atá A
ghlóir os cionn na talmhan agus na neamh.



14. Agus do árduig Sé adharc A dhaoine, moladh
A naomh uile, do chlannaibh Iosrael na daoine atá
i bhfogas do. Moluidhe an Tighearna: Hailleliúidhiath.


L. 13


Agus do thóg sé suas adharc na sláinte
dhúinn-ne i dtigh Dháibhí a shearbhfóghantuidhe:



Do réir mar do labhair sé tré bhéal a Fháidheadh
naomhtha do bhí ann ó thús an domhain.



Go gcumhdóchadh sé sinn ó n-ar náimhdibh, agus
ó láimh gach uile dhuine ag a bhfuil fuath dhúinn.



Go ndéanfadh sé an trócaire do gealladh d'ar
n-aithreachaibh, agus go gcuimhneóchadh sé a
thiomna naomhtha:



Agus ar an mionna le a dtug sé móid
d'Abrahám ar n-athair-ne go dtiúbhrfadh sé
dhúinn:



Go mbeimís gan eagla ar ar saoradh ó láimh
ar namhad; do chum seirbhíse do dhéanamh dhó féin.



I naomhthacht agus i bhfíréantacht i na fhiadh-
nuise-sean, i laethibh ar mbeatha uile.



Agus Thusa, a Leinbh, goirfidhear dhíot Fáidh an
té is Áirde; óir rachaidh tú roimh aghaidh an
Tighearna d'ullmhughadh a shlighthe:



Do thabhairt eólais na sláinte d'á phobal tré
mhaitheamhnas na bpeacadh.



Tré thrócaire ró-mhóir ar nDia; lé'r fhiosruigh
sé sinn ag éirghe ó'n ionad árd:



Do thabhairt soillse do'n drong do bhí in a
suidhe i ndorchadas, agus i scáile an bháis; agus
do dhíriughadh ar gcos i slighidh na síothchána.



Glóir do'n Athair, & c.



Mar do bhí ar dtús & c.


L. 14


Nó an tSailm seo:



Jubilate Deo. Sailm C.



Déanaidh fuaim lúthgháireach chum an Tighearna,
a thalamh uile; déanaidh fóghnamh do'n Tighearna
le lúthgháire; tigidh ós coinne a aighthe le gáir-
deachas.



Bíodh a fhios agaibh gurab é an TIGHEARNA is
DIA; is é do-rinne sinne, agus is leis sinn, is
sinne a dhaoine agus caoirigh a inbhir.



Lingidh isteach in a gheataighibh maille le
tabhairt buidheachais, in a chúirtibh le moladh:
Molaidh é, agus beannuighidh a ainm.



Oir is maith an Tighearna; is síorraidhe a
thrócaire; agus a fhírinne ó gheinealach go
geinealach



Glóir do'n Athair, & c.



Mar do bhí ar dtús, & c.



Annsin canfaidhear nó adéarthar Créidh na nAbstal leis an
Ministéir agus leis an bPobal in a seasamh.



Creidim i nDia an tAthair Uile-chumhachtach,
Cruthuightheoir neamh agus talmhan; agus in Íosa
Críost a aon Mhac-san ar dTighearna, do gabhadh
ó'n Spiorad Naomh, rugadh le Muire Óigh, d'fhul-
aing páis fá Phoint Phíoláit, do céasadh, fuair
bás, agus do h-adhlacadh; do-chuaidh síos go
h-ifreann; d'éirigh arís an treas lá ó mharbhaibh;
do-chuaidh suas ar Neamh, agus atá 'na shuidhe ar
dheis láimh Dé an Athar Uile-chumhachtaigh; as sin
tiocfaidh sé do bhreith breithe ar bheódhaibh agus
ar mharbhaibh.


L. 15


Creidim insa Spiorad Naomh; an naomh-
Eaglais Chatoilice; Cumann na Naomh; maitheamh
na bpeacadh; Eiséirghe na colna; agus an
bheatha shíorraidhe. Amén.



Agus in a diaidh sin, na hÚrnaighthe-se leanas ar mbeith
do'n iomlán ar a nglúinibh go cráibhtheach; an Minis-
téir do rádh ar dtús le h-árd-ghuth:-



Go raibh an Tighearna maille libh.



F. Agus maille le do spiorad-sa.



M. Déanamaois Úrnaigh.



Nuair adeirtear an liodáin, is ceaduighthe do'n Mhinistéir
urnaighe an Tighearna agus na trí fearsaguil roimpi
do leigean thairis.



A Thighearna, déan trócaire orainn.



A Chríost, déan trócaire orainn.



A Thighearna, déan trócaire orainn.



Annsin adéara an Ministéir, na Cléirigh, agus an Pobal
Úrnaighe an Tighearna le h-árd-ghuth.



Ar n-Athair atá ar Neamh, naomhthar d'ainm, tig-
eadh do ríoghacht, déantar do thoil ar an talamh,
mar ghníthear ar neamh: Ar n-arán laetheamhail
tabhair dhúinn indiu, agus maith dhúinn ar bhfiacha
mar mhaithimidne d'ar bhféicheamhnaibh féin, agus
ná léig sinn i gcathughadh, acht saor sinn ó olc.
Amén.


L. 16


Annsin adéara an Sagart in a sheasamh:-



A Thighearna, foillsigh do thrócaire dhúinn:



F. Agus tiodhlaic dhúinn do shlánughadh.



S. A Thighearna, caomhain an Rígh.



F. Agus éist linn go trócaireach an t-an do
ghuidhmíd thú.



S. Éadaigh do Mhinistéiridhe le fíréantacht:



F. Agus déan do phobal toghtha féin subháil-
ceach.



S. A Thighearna, slánaigh do phobal:



F. Agus beannuigh d'oidhreacht féin.



S. A Thighearna, tabhair síothchán le n-ar linn:



F. Ar an ádhbhar nach bhfuil neach eile a throid-
eas ar ar son acht thusa amháin, Ó, a Dhé.



S. A Dhé, déan glan ár gcroidhthe ionnainn:



F. Agus ná beir do Spiorad Naomhtha uainn.



Annsin leanfaidh trí hÓráide; an chéad óráid do'n lá an
gcéadna atá orduighthe ag an gComaoin; an dara
hóráid ar son síothchána; an treas óráid ar son grása
le n-ar mbeatha do chaitheamh go maith. Acht ní malart-
far choidhche an dá óráid dhéidheanacha, acht adéarthar go
laetheamhail iad ag Urnaighe na maidne ar feadh na
bliadhna, mar leanas, ar mbeith do'n iomlán ar a
nglúinibh:



An Dara Óráid ag iarraidh Síothchána:



A Dhé, is úghdar do'n tsíothcháin, agus grádh-
uightheóir do'n réidhteach; ag ar in eolas do bheith
ort atá ar mbeatha shíorruidhe na seasamh, agus
ag ar saoirse iomlán do sheirbhís. Cosain sinn-
ne, do shearbhfhóghantaidhe úmhla, i ngach uile


L. 17


ionnsuighe ar námhad, ionnas go mbeidh sinne,
atá ag cur ar ndóchais go diongmhálta i do
chumhdach-sa gan eagla roimh neart eascarad ar
bith, tré Íosa Críost, ar dTighearna. Amén.



An Treas Óráid ag iarraidh grása.



A Thighearna, ar n-Athair Neamhdha; a Dhé uile-
chumhachtaigh agus shíorraidhe, do thug sinn slán go
tús an lae seo, cumhdaigh ann sinn le do mhór-
chumhacht; agus tabhair dhúinn gan tuitim indiu i
bpeacadh ar bith, ná teangmháil i n-aon ghné
ghuasachta; acht ar ngníomhartha uile bheith orduighthe
le do stiúrúghadh-sa, ionnas go ndéanamaois
do ghnáth an nídh atá fíréanta id' fhiadhnuise-se,
tré Íosa Críost, ar dTighearna. Amén.



Annso leanas an Antuim nó "duan."



Aunsin déanfar úsáid de na hurnaighthibh seo leanas, acht
amháin nuair léightear an Liodáin agus annsin léigh-
fidhear an Óráid ar son Árd-Stiúrthóir nó Stiúrthóir-
idhe na hÉireann tar éis na hurnaighe darab tosach
"Ó, a Athair, guidhmíd go humhal thú féachaint go
trócaireach ar ar n-éagcruas."



Óráid ar son Mórdhachta an Ríogh.



A Thighearna, ár n-Athair neamhdha, agus árd-
chumhachtaigh, a Rígh na Ríghtheadh, a Thighearna na
dTighearnadh, aon-Stiúraightheóir na bprionn-
saidheadh, do-chídh ód' árd-chathaoir an mhéid
d'áitigheas ar an dtalamh; guidhmíd thú go ró-
dhícheallach féachain le do chineáltas ar ár n-árd-


L. 18


Tighearna ró-charthannach Rígh Seóirse, agus líon
é le grása do Spioraid Naomhtha, ar mhodh go
gclaonfaidh sé do ghnáth chum do thola-sa agus
go siubhalóchaidh sé in do shlighe. Líon é go
h-iomadamhail le tiodhlacaibh neamhdha; tabhair
dó saoghal fada maille le sláinte, agus le
sonas; neartuigh é chum go mbéaradh sé treise
agus buaidh ar a náimhdibh uile; agus fá dheoidh,
d'éis na beatha so, tabhair dó dul chum sóláis
agus aoibhnis shíorraidhe, tré Íosa Críost, ar
dTighearna. Amén.



Óráid ar son na Treibhe Ríogha.



A Dhé Uilechumhachtaigh, a fhréamh gach uile
mhaitheasa, guidhmíd go humhal thú an Bhainríoghan
Máire, Alecsandra máthair an Ríógh, Éadbhard
Flaith na Breataine, agus an Treabh Ríogh-
amhail go h-iomlán do bheannughadh; Líon íad le
do Spioraid Naomhtha; déan saidhbhir iad le do
ghrása neamhdha; cuir rath orra le gach uile
shonas; agus beir iad chum do ríoghachta síorraidhe
féin, tré Íosa Críost, ar dTighearna. Amén.



Óráid ar son Áird-Riaghluightheóirí nó Riaghluightheóirí na
h-Éireann. Ní guidhthear ar son árd-riaghluightheóra ar
bith go mionnuighthear é. Nuair bhíos tánaiste ann,
agus fós, tighearna ionaid nó tighearnaidhe cirt, annsin
déantar guidhe ar a son le chéile.



A Dhé Uilechumhachtaigh, ó a dtigeann gach uile
neart, guidhmíd thú go h-umhal, do shearbhfhóghan-
tuidhe tánaiste na hÉireann a bheannughadh, agus


L. 19


tabhair dhó an claidheamh d'iomchar do thug ar
dTighearna cumhachtach an Rí dhó i n-a láimh, le
ceart agus le trócaire, do réir do thola beann-
uighthe. Lonnruigh é le do ghrása; caomhain é le
d'fhorradharc, agus timcheall é le do chineáltas.
Guidhmíd thú an cómh-thionól go h-uile do bheann-
ughadh; treóruigh a gcomhairleacha chum do ghlóire
do chur ar aghaidh, chum maitheasa na h-Eaglaise,
chum onóra an Ríogh, agus dídin agus bisigh na
Ríoghachta so. A Athair thrócairigh tiodhlaic so
dhúinn ar son Íosa Críost, ar n-aon-tSlánuigh-
theóir agus Fhuascaltóir. Amén.



Óráid ar son na gCliar agus an Phobail.



A Dhé Uilechumhachtaigh agus shíorraidhe, ó's tú
féin amháin do-ghní móir-mhíorbhúilte, cuir anuas
ar ar n-Easbogaibh agus ar ar gCúráidighibh agus
ar gach uile phobal do thaobhuigh tú leo Spiorad
sláinteamhail do ghrás; agus dóirt orra drúcht
laetheamhail do bheannachta, ionnas go dtaith-
neóchamaois go fírínneach leat. Tiodhlaic so, ó,
a Thighearna, chum onóra ar n-Abhcóidigh agus ar
n-Eidirmheadhontóra Íosa Críost, Amén.



Aon d'Óráidibh Naoimh Chríosostoim.



A Dhé Uilechumhachtaigh do thug de ghrása dhúinn
anois ar n-urnaighthe comhchoitcheannta do dhéanamh
d'aon-mhéin chugat; agus gheallas an tráth
chruinneóchaid dís nó triúr i gceann a chéile id'


L. 20


Ainm-se go dtiubhrair dhóibh a n-athchuingidhe;
cóimhlíon anois, ó, a Thighearna, miana agus
guidhe do sheirbhíseach, mar is mó do b' fhóghantach
dhóibh; agus tabhair dhúinn 'san tsaoghal so fios
d'fhírinne-se, agus ins an tsaoghal atá le teacht
an bheatha shíor-mharthannach. Amén.



2 Cor. xiii 14



Go raibh grása ar dTighearna Íosa Críost agus
grádh Dé, agus cumann an Spioraid Naoimh,
maille linne uile go síorraidhe. Amén.



Annso chríochnuigheas Ordughadh Urnaighe na Maidne ar feadh
na bliadhna.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services