Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cois Caoin-Reathaighe

Title
Cois Caoin-Reathaighe
Author(s)
de bhFál, Éamonn,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1946)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A ÉAMUINN NÍL BAOGHAL ORT



A Éamuinn níl baoghal ort ná haitheantar thu,
Níl éinne dá bhaotha do mheasfadh san Mhumhain
Gur bhéim ar do thréithibh ná masladh dot chlú
An éarlathacht éigse seo labhair an trú.



Trú bheag liosta gan ruisne do mheabhair 'na chnait,
Ná smúineann cionnas do chuireas a cheann i ngad,
Do chúis go dtuigeadh, nárbh ionann dul ann is as,
Dá mb'fhiú linn druidim i gcoinnibh an chlamhaire nasc.



Nascfam le gadraíbh feasta arís innis dó féin
Muna stadaidh an raimillín caimilín cuirpe claon
...
Go scairtfidh an smailirín scread is trí fichid gan bhréig.



Gan bhréig ar bith, a Éamuinn, an amalais úd
Ní Béarla, ní Gaedhilg is ní Laidean dar liúm,
Má's éin-read det chéimibh-se leagadh do smúin
Níl baoghal ort, ní féidir ná haitheantar thú.



Ó léigeadh an méid sin den aindeise it chionn -
Gurab éarla gan éifeacht gan ainm gan iúl
Ler éirighis chun spéirlinne tharraint ar dtúis
Ná déin acht mar déarfas an teagasc so chughat.


L. 19


Éist leis, níl éan-mhaith dhuit freagra thabhairt
I ngréas fhile léar-shnoidhte is leasuighthe lúth
Dá bhaeth-ghliogar mheirtneach gan anam i bponnc
Gan éirim, gan faobhar, gan salann, gan súgh.



A bhfuil d'éigsibh in Éirinn 's in Albain úir
Is a dtéachtain le chéile chun freagartha it chúis,
Tá an méid sin de thréine ina mhearbhall dúr
Feadh do ré-se ní ghéillfeadh dhuit casadh ar a chúl!




B 1755ob 18L
U Éamonn de Bhál
A DHÉ MHODHMHAIL DHIL 'S A CHROBHAIRE.



A Dhé mhodhmhail dhil 's a chrobhaire do bhanaltran féin,
Is mé an doghaire dubh doghrachtach gangaideach claon.
Réidh sonn dam is toghaidh me mar phearsain det thréad,
'S Dé Domhnaigh tabhair cabhair dam is m'anabhroid réidh.



Screadaim go cruaidh ort, a Uain na banaltran breagha.
Do bhí sealad ag fuar-ghol ag bualadh do bhas ins an Pháis
Go maithir gach tuathal duairc dom anam i dtráith
'S ar maidin Dia Luain go bhfuasclair m'easbhaidh is mo ghádh.



A dhalta dhil Mháire i bPáis fuair peannaid is pian
Maith-se gach gnás dá ndeárna an peacach gan riaghail,
Chun seasaimh it pháirt cuir grásta i dtathach im chliabh.
'S ar maidin Dia Máirt mo ghádh go scaipidh le mhian.


L. 20


A laogh an chroidhe fuair léir-sceimhleadh, peannaid is faghairt,
Is mé an t-aon chaora 'et thréad dhíleas feasta na deighil;
Éist línn is léig sínn go flaitheas fé mheadhair,
'S Dé Céadaoin ár ndaor-gheimhleach deacrach leigheas.



Go maithir dam, a Íosa Críost, mo bhearta cé dian,
Is ná ceaduigh me scaoileadh síos ar leabaidh na bpian,
Seachain is díon me ar líon na ndeamhan so im dhiaidh
'S ar maidin Diardaoin go scaoilir m'anabhroid fiach.



A Íosa d'fhuiling íspirt is peannaid ar chrois
Is na trí Mhuire taoibh leat go hatuirseach, fliuch,
Ní díoghal duit mo dhícheall, is maith dham gach uilc
'S Dia hAoine tabhair scaoileadh agus scaipeadh ar mo bhroid.



A Dhé cheannasaigh na n-aingeal d'fhuiling tóir na nIubhal,
Go daor deacrach, 'ot ghreadadh i gcrois, gan chóir gan chúis,
Éist feasta linn is glacaidh sinn it chóip go humhal
'S Dé Sathairn réidh ceasna dham is ná tóbhair acht súd.



A Íosa ní díoghal duit it mhasladh beó i gcrois,
Ná i bhfíon-fhuil do chroidhe istigh gan maitheamh domh-sa,
Gurab é smaoinim im aois is i mbeathaidh m'óige
Gur tigheasach neamh-choimhtheach an tAthair glórmhar.


L. 21



A FHIR CHEANNSA GAN FALLSACHT.



An uair a coisceadh ar Bhrian Ó Cruadhlaoich scoil do choiméad.



U Anaithnid
Brian: -



Ní le gann-chuid san tsamhradh ná iomad daoirse
Do scannruigh mo chlann-sa ná chuir ó thigheas me,
Acht gall-smacht do dhall me is do bhris mo chroidhe ionnam
D'fhág sonn me i nganntar is mo leinbh scaoilte.



U Éamonn de Bhál
ÉAMONN: -



A fhir cheannsa gan fallsacht ba ghasta laoithe
Do mheabhruigh gan mhealltacht an Laidion líomhtha,
Mo channtlamh do chlann-sa go scaiptheach scaoilte
Ag cam-chor na ngall-chon so theagmhaidh díbh-se.



Is creach amhgair don cheanntar is dá ndanaid-chlainn sin,
An glas gall so ar chrann cheart an chreidimh dhírigh,
An té mheabhruigh gan fallsacht an teanga Ghaoidhilge
Is cead labhartha ag gach clamhaire gan paidir Íosa!



Ní le hannsacht do ghallsacht acht le heasbhaidh bídh is cruith
Chuaidh leabhair-chuid chun teampail de chlannaibh Mílidh,
Ó nár mheabhair leat in am dul le sagairtínteacht
Beir i dteannta ag an gclampar go dtagaidh Laoiseach.


L. 22



A ÓIG-FHIR NACH FÓLTA



B 1730ob 18T
U Piaras Mac Gearailt
PIARAS: -



Is brón liom an sceón-so do ghlacais, a Éamuinn,
Mar chóbach neamh-chródha, gan neart 'na ghéagaibh,
Ba dhóigh liom dom dhóth-sa gur cheap le céad thu
Is gan do bhróga do sheóladh ina ghlaic chum Fraení!



U Éamonn de Bhál
Éamonn: -



A óig-fhir nach fólta do chanas bhéarsa,
Ní dreóileacht neamh-chródha do bhain dam féinidh
Acht rógaire ar bóthar do ghread le pléir me
Is nár mhó leis sin feóirling 'ná anam Éamuinn!



B 1755ob 18L
A RÍ ÁLUINN NA NGRÁS.



A Rí áluinn na ngrás is a Athair na bhfeart,
Ar linn bháis dam bí it ghárda ar m'anam, a fhlaith,
Im righin-chrábhadh dein fábhar is carthannacht dam,
'San mí Iánuar a ghrádh dhil fáth thearmainn rach.



A Dhé dhílis ar spíon-chrois 'nar dealbhadh bás
Is do leig Maoise tré linntibh na mara gan báth,
Réidh fíor-ghluis na buidhne seo i mBanba ar lár
'S um Fhéil Bríde leig braoin dil det mhaitheas 'nár ndáil.


L. 23


A Rí láidir let ghrástaibh má's é do thoil
Scaoil sár-ghluis chlainn ádhmhair na nGaedhal gan sos,
'San bhfíor-ghádh so bí láimh liom nuair ghlaodhfad ort
'S san mí Márta dein scáth dham is réidh mo dhocht.



Tá mo ghuidhe-se de shíor leat a Dhé na ngrás,
'S a dtáinig ar phríomh dhírigh chlainne Éibh is Ádhaimh,
A ghrádh mo chroidhe, smaoinigh ar Ghaedhlaibh Fáil,
Is 'san Ápril bí díonmhar dam féin is dáibh.



A Uain an tsolais do crosadh go fann i gcrois,
'S ar ngluaiseacht t'fhola gur oscail don dall a ruisc,
A ghruadh gan ghoirgeacht, fortuigh gach am mo bhroid,
Is fuascail orm go follus um Bealtaine.



A Rí úd shil t'fhíor-chrú chun sinn-na shaoradh,
Ar do mhíorbhúil níl dísciughadh go fuin an tsaogail,
Mo ghuidhe chughat gan daoirsiughadh ar an gcine dhaonna,
Is san mí Iúin dein síth dhúinn gan tuilleadh péine.



A Rí ghrásaigh fhíor-áluinn noch d'aomhaigh teacht
Is díoghbháil gach croidhe-chrádh do réidhteach feacht,
Ba thu a bhfíor-ghrádh dá scaoilteá de Ghaedhil a gceas,
'San mí láimh leis me tíndeáil a Dhé na bhfeart.



Mar do scaoil an t-aingeal gach ceangal is slabhradh dúr
Bhí ar an aspol go daingean i dteannta cumhang,
Go ndíona an tAthair ár n-anam in am an tsiubhail,
Is go dtighidh le cabhair ó Fhlaitheas in August chughainn.



Creidim don phearsain atá i bhFlaitheas dom shíor-iarraidh,
Is ar leirg mo leasa go leanad dot shlighe, a Thighearna,
Ar cheilg an pheacaidh go seachnaidh an fíor-Dhia me,
'S i September freagair mo cheasnadh agus díol m'fhiacha.


L. 24


Atá mórdhacht it chomhachtaibh, a Dhé na bhfeart,
Is tá lóchrann na glóire ar do ghné gan sal,
Mar do thógabhair Iób as a chréimibh cneadh
I nOctóber go seolaidh sibh mé ar mo leas.



Nochtaim mo chneádha i dtráth dhuit a Dhé na ndúl,
'S ar loiteas dem cháil fágaim a réidhteach fút,
Fortuigh let láimh láidir go léir mo phúdhair,
'S i Nobhember bárr fagháltais go léigir chugham.



Feirm ar mh'anam do raidim dhon Choimdhe chóir,
Is gan mheisg, gan mhairg, go maithidh dam Rí na gcómhacht
Ar cheileas den pheacadh is má chaitheas Dia hAoine feóil,
'S i nDecember leasuigh mo bheatha agus scaoil mo bhrón.



Ceangal: -



Aitchim le caoin-díogras ar Dhia na gcómhacht
Go maithidh dam poimp, smaointe gan chiall, is móid,
Go gcaithead gach mí aoibhinn den bhliadhain go sóghail,
Aingil is naoimh timcheall, im dhiaidh is romham.



An Seóladh:



Tabhair an duan so uaim do Dhonnchadh Mhór,
An Carathach uasal, suairc, nach locartha glór,
Seasamhaidh suas dá chruas an goradh go fóill.
Is gairid go mbuailfe an tUan go foirtill an leoghan.


L. 25



A RÍ GHRÁSAIGH IS A ÁRDMHIC.



A Rí ghrásaigh 's a Árdmhic Dé ghil,
Chuir Maoise slán ó námhaid san Éigipt,
Díonaidh sláinte ráib na féile
Do shuidheadh gan tlás ar clár na héigse.



Isé Hannraí rug mo chumann féinidh,
Ráibh an tsuilt, mo churadh léadmhach,
In ár na gcnoc ná ar muir ní staonfadh,
Mar Ajax thug fáth guil don Trae thoir.



Isé mo ghiúistís úr-chroidheach ghlaodhaim-se,
Do thréig a dhúithchí ar úrlaidheacht faol-chon,
Do réabadh dúntaí is cúirtí aolbhaigh
Le faobhar úr-chloidheamh is rúscaí pléara.



Is ag Cape Briotún do rinn tú an t-éirleach,
Ag réabadh long is ag brúghadh na méirleach,
Níor staon ar gcúl, níor chúb mo laoch mear
Gur thraoch san tsrúill is gur mhúch na céadta.



Is cian atáim-se táir fé éiclips
Ó thriall mo ghrádh geal ar fán thar Thétis,
A Dhia na ngrás go hárd ort glaodhaim-se
Mo thriath chuir slán fí Cháisc go hÉire.


L. 26


Níl cliar ná dáimh ná fáidhe léigheanta
In iathaibh Fáil gan fáilte is céad duit,
Is ciachmhar táid do cháirde it éagmais,
Is ót thriall thar sáil Dia grádhach doth chaomhnadh.



Ceangal:



Fáilte is dathad a charaid go hÉire dhíbh,
A ráib na fairsinge is fearra 's is féile croidhe
Atáim gan eagla feasta lem shaoghal arís
Ó dháil an tAthair do thaisteal ó scléip na gcloidheamh.



B 1728 18T
ATÁ FÍT BHROLLACH-SA



Atá fít bhrollach-sa, a ghorm-leac laidianta.
Sás na n-ollamh do spochadh le ceart-bhriathraibh,
Ráibh do folcadh a' folannaibh glan-triaithe,
An sár-fhear soilbhir, Donnchadh Ó Eachthigheirnn.



Atá fóríor, go claoidhte, ag dreóghadh sa bhfeart,
Sás an ghrinn do shníomh gan mórtas as,
Do b'áilne scríobhadh líne i gcóir 's i gceart,
Is tá fhios ag daoine línn go n-óladh casc.


L. 27


B 1755ob 18L



A THIGHEARNA AN FHLAITHIS



A Thighearna an fhlaithis fuair peannaid is céasadh i gcrann,
Is do chliabh gur greadadh le slataibh go tréan gan fabhar,
Tug liach do bhanaltran bheannuighthe, éighim go teann
Ó rian gach peacadh beir m'anam leat saor in am.



An phiast uilc chealgach ghangaideach chlaon ler mheabhair
Mo mhian do tharraing chum t'aitheanta réabadh ar leamhas,
'Na dhiaidh an chalann-chuil lagaidh le tréadhnas fann,
Go bhfiadam rachtain it fharaidh d'éis éagtha it ghreann.



A Mhuire do geineadh mar chriostal gan smáil sinsir,
Is a bhroinneal ler hoileadh ár mBreitheamh let bhán-chíochaibh,
Coimirc sinne atá ciontach cé briseadh liom clár Mhaoise,
Ar mhioscais na spride is na draoithe seo im ghnáth-choimhdeacht.



B 1739 18L
COTHUIGH, A LEAC, RET CHNEAS



Cothuigh, a leac, ret chneas mar chéile ar dtóis
Posta na lag 's an fear ler traochadh treóin -
Cormac rathmhar, flaith na mbéimeann mór,
De bhorb-fhuil Chais is Airt ba tréin i ngleó.


L. 28


Mo loscadh-sa, a leac, gur maith do chéile, ar ndóigh
Do chosnaimh an ceart ar fhearaibh Éireann fós
Mar Oscar i gcath ná gabhadh géilleadh dhóibh,
Codail, a churadh feasta is déin go sóghach.



B 1755ob 18L
CUIREADH SHÉAMUIS IS TSEÓIN.



An uair d'fhág beirt dá cháirdibh i ngeall le digh é i dtabhairne
i Sráid na gCócairí i gCorcaigh.



Cuireadh Shéamais is tSeóin
Anois scéalfad gan gó,
Tar éis mo chuid chléircais
Cuiridh réal in mo scór
Uch, is faon do bhí an póc
Ag Éamonn ar neóin,
Gur théarnaidh dom réidhteach-sa
Bé shultmhar chóir.



Ba chásmhar mo sceól,
Ní bhfaghainn cáirde go fóill,
Acht mo chába ag mnaoi an tábhairne
Dá stráiceadh as mo dhóid:
Cé nár ghnáthach me dreóil,
Fá mar lámhas mo stór,
Uch, d'fhág an dias cráidhte me
I láthair an bhóird.



Mo léan-sa 's mo bhrón
Lucht tréithe agus ceóil
Go tréith-lag fé bhéilic
Ar chaol-chuid den ór.


L. 29


Seo an scéal bheir me dóbhach,
Is na céadta dhem shórt,
Is chuir éigse Chláir Éibhir
Le tréimhse gan spórt.



Idir néallaibh go deó
Go raibh Séamus is Seón,
Gan réidhteach a ngéibheann
Ag éinne dhen chóip;
Isé éaghmhaim-se dhóibh
Ar Aon-Mhac na hÓighe,
Bheith ag spréachadh na déarca
Go dtéid sin fén bhfód!



Do bhí Brúnach im dheóidh
Nár chúthail san ngleó,
An úr-fhlaith i gcumhangrach
Do bhrúghfadh na treóin,
Is do dhiúgfadh gan speóis
Luach púnta den bheóir
d'fhonn mise thabhairt leis
Ó chumhangrach an óil.



Do bhí Mairsile 'na smól
Caor-lasrach im dheóidh
'S a teanga chliste ghangaideach
'Om mhasladh gan chóir,
Ní ar racaireacht ná ar spórt
Bhí an taca san mo speóis
Gan airgead bharra baise amach
Ní bhfachainn cead róid!


L. 30


A Athair-Mhic na glóire
Do cheannuigh sinn beó i gcrois,
Aisigh-se na cealla anois ar
Shagartaibh na Fódla;
Dá dtagaidís Clanna Eógain
Is Gearaltaigh 'na bhfód cheart
Do bheadh spaga agam den airgead
Is ar Mhairsile ní fhóirfinn!



Isé mo theagasc-sa is mo chomhairle
Do gach scafaire darab eól me
Seachnadh tigh Mhairsile is
Ná blaiseadh a cuid beórach.
Nó dearbhaim-se dhóibh-sin
Go mbeidh a hata istigh 'na cófhra
Is ná glacfaidh a gcuid airgid
Dá dteastabhadh de feóirling!



Tar éis me bheith síoch
Ó spéirling na dighe
Isé céad fhear thug traeit dam-sa
Maol geal Ó Floinn,
Saor-fhlaith gan phoimp
Ná séanfadh lucht ghrinn
Is bhéarfad-sa a bhuidheachas
Le héigsibh na gcríoch.



Cuireadh nár shásta dáileadh damh-sa ó dhís
Is gan pingin den phrás ar lár mo phóca thíos,
Cuirfad-sa a dtásc gnuig fáidhe Fódla an ghrinn
Ó rinneadar dála Shráid na gCócairí!


L. 31



CUIRIMSE CIORRBHADH IS MOTHUGHADH.



Nuair do goideadh molt ó Shean na Ráithíneach.



Cuirimse ciorrbhadh is mothughadh is pláigh 'na dhiaidh
Pé duine ghoid molt úr cruthamhail Sheáin i gcian,
Is singil bheidh an scuilliún gan tuistiún do láthair Dhia,
Is nár thigidh in oireamhain sa chruinniughadh bhéas lá ar an sliabh.



Ar sliabh ná ar mhínleach a chaora nár fheicthar go bráth,
Is an ghrian nár thighidh 'na shlighe is nár fheicidh an lá,
Fiacha is maoir ar a dhruim in eibhir an bháis
Do chuir ciach ná scím ná sighneas feirge ar Sheán!



B 1750 18L
DÁ MAIREADH MO CHAPTAOIN



Dá maireadh mo chaptaoin, m'aicíd é gan phreab,
Is a gharsa dheagh-ghnaoidheach neart-bhríoghach Aodh agus Wat,
Staindis na nglan-ghníomh i bhfeart thíos faon 'na stad,
Níor bhacach gan mharcaidheacht ag teacht síos mé 'na measc.



IAR SIN DO RINNEADH CRUINNIUGHADH DHÓ CHUN CAPAILL, ACHT
D'ÉIMIGH SÉAMUS Ó FEARGHAILE É.



Muna mbeadh éag na bPaorach is Staindis chroidhe-ghil,
Is Ghréagaigh na féile nár mheathta i gcoimheascar
Ní ghlaodhfinn cé d'éimigh an spairt a dhíol liom
Ar aon scilling Shéamuis Uí Fhearghaile.


L. 32


Braobaire craosach na praisce dhíogadh
Do léigheadh na réilte le gangaid chinnte,
Do b'éidir go bhféicinn thu, a sheana-rícigh,
Ag spréachadh na déarca in a rabhais roimhe seo.



A Dhé dhil tabhair réidhteach ar a gceas don mhuintir
Is chun déarca nár théid sin in easbhaidh choidhche
Nár éimigh mo ghéibheann i nglas do scaoileadh,
Agus léir-scrios ar Shéamus Ó Fearghaile!



Do bhéarfinn mo bhréithir gan bladar díbh-se
Nár éimigh me éinne dem charaid thimcheall
Ar aon rud den méid sín do gheallaidís dam
Acht an stéigire Séamus Ó Fearghaile.



A Aon-Mhic do shéimhigh ár n-athair Íosa
Do céasadh dár saoradh ar pheacadh an tsinsir,
Éigean is daor-bhroid is easbha bídh is cruith
In éinfheacht ar Shéamus Ó Fearghaile!



Níl éigeas dá léigheantacht i bhfearann Chrích Luirc
Do léighfeas do dhréacht-sa nó ranna grinn suilt
Ná scéithfeas le géir-nimh ag greadadh croidhe is cuirp
In éinfheacht ar Shéamus Ó Fearghaile!



U Anaithnid
FREAGRA AIR SIN AG SÉAMUS DE BARRA É BHAILE UÍ DHONNCHAIDH:



A Éamuinn a spéice is a bhacaigh bhuidhe an uilc
Gan Ghaedhilg, gan Béarla, gan Laidean líomhtha,
Gan bhéasa, gan éifeacht, gan phaidear Íosa,
Éist le sna bréithre seo chanaim díbh-se:



Ó's claon-bhodach craosach do b'athair díbh-se,
Is gur théarnuigh ó bhléin bhuig na caillichíne
Ba bhréine is ba bhaotha bhí i bhfearann Chrích Luirc
Gléasam in éinfheacht chun seanachaidheachta.


L. 33


Ó's léir dam do thréithe is do ghangaid-ghníomhartha,
Is gur féigean do bhréithre is do bhearta d'innsint,
Mar thréigis an phéarla le spalpadh an Bhíobla
Ní paor duit-se Séamus Ó Fearghaile.



FEAR GAR AINM I GCABHAIR D'ÉAMONN:



Mo scéal guirt-se an éigse go ceasnaidhthach,
Gan éin-mheas in Éirinn ar ealadhnaibh,
Le héagadh na laochradh 's na ndeagh-dhaoine
Tug d'éigean ort éileamh ar spailpíneach.



Léin-chreach ar léibhis an leath-bhríste
d'éimigh fí'n éin-scilling thanaidhe sibh,
A shaoghaltacht nár théigh sin chun deagh-chríche
Go séideathar Séamus Ó Fearghaile!



Níl cléireach ná éigeas ná deagh-thigheasach
Darab léir-fhios a thréithe is a bheartaidheachta
Ná déarfa gur bh'é an ceart a ghlan-díbirt
d'aon aonach do Sheámus Ó Fearghaile!



B 1755ob 18L
U Éamonn de Bhál
DÁ MAIRINN-SE FÉIN.



Dá mairinn-se féin go ré na saoithe sean
Is a chaitheamh go léir ag déanamh smaointe ar fad
Ar bheartaibh an tsaoghail ní scéalfainn choidhche a leath
Ní feasach dam é is ní féidir línn a bhraith.


L. 34


Nach danaid an scéal nár léigheadar draoithe sean,
Is na fachtar dá n-éis i ndréacht ná scríobhtha i stair
Cár ghabhadar laochra Néill is Chuinn is Airt,
Flatha na Féinne is tréin-fhir Traoi na dtreas?



A Athair Mhic Dé is a Aen-ghein Ríogh na bhfeart
Aisig ar chléir na nGaedhal arís a gceart
Paidir ná créid nár théigh don mbuidhin ar mhaith
Ná glacfadh ar réx do réidhfeadh dínn ár nglas.




B 1703 18T
DÁ MBEADH DIA LE hIATHAIBH FÁIL.



Ar mbás falartha Dhiarmuid Mac Sheáin Bhuidhe.



Dá mbeadh Dia le hiathaibh Fáil dar ndóigh
Is mar leagadh thiar na triatha dháileadh stór
Ní fada bhiadh mo ghliadhaire ag trácht san ród
Gan each is srian is iallait fá n-a thóin.



Is dearbh gur donas do scolaibh na suadh go bráth
An faraire foirtill do b'ollamh glan duain is dán
Go lagaid a chosa is ná cloisid na huaisle a gháir,
Is gan capall 'na fhochair mo dhochar-sa an tUachtarán.



Is dealbh 's is doilbh is dona 's is cruaidh do chás
A mharcaigh ba shoilbh i mbothaibh na suadh de ghnáith
Ná claisim chun pobail do rochtain ar cuaird le spás
Is an fhalartha ghorm fí chonaibh 'na hualach cnámh.


L. 35


B 1724 18T
U Liam Mac Cairteáin an Dúna



DHÁ PHOLA, DHÁ THREON



Trí bhile den Mhumhain, trí túir, trí heaspoig, trí threóin,
Trí righthe, trí phrionnsa, d'úr-fhuil cheannasaigh Eoghain,
Trí fiolair, trí cholúir, trí chúinne catha i ngach ród,
Is mo thrí theine gan múchadh an triúr so ar lasadh go fóill.



Is díobh duine aca súd is fionn-fhlaith fheardha ar dtóis,
Saoi oilte mil-bhúidh de smúsach gCarthach Mór,
Gríobh soineannta múinte, is cúl na Banban fós,
Mír bhurra ar gach cúig is i gclú le taitneamh go deó.



Is díobh duine do scrúdfadh rún ar canadh le Pól,
Caoimh Luimnigh, ionnramh Mumhan is Machan dar ndóigh,
Príomh-chuisle dhil chumhra de chrú-shliocht Chaisil na slógh,
Buidhean bhristithe is bhrúighte ar dhúntaibh Banba i ngleó.



Is díobh Muircheartach cú lúthmhar, leanfad go fóill,
Rí-bhile na dtriúch do mhúsclas maithe na nÓrd,
Príomh-ursa na cúirte in iúl, in acmhuinn, i gceól,
d'fhíor-chine na dtrúp dtrúmpach is Chairbre an tslóigh.



A Rí shilte do chrú i bpúdhair is do cheannuigh na slóigh,
Dlighidh dfhuirinn na Mumhan an grionn gan scamall, gan brón,
Scaoil tuile in a gcionn is prionnsa Bhreatan le cóir -
Guidhe cuirim-se chughat mar shúil go scaipeadh ár gceó.



A Thighearna mhilis do geineadh a crú Mháire,
I ndiaidh gach friotail dá sirim mar bhonnlása
Iarrfad tuilleadh don fhuirinn seo an rún-chrábhaidh -
Bliadhain mhaith bhisigh is iomarca lúthghára.


L. 36


U Éamonn de Bhál
Dhá phola, dhá threón, dhá leoghan d'fhuil Éibhir Fhinn,
Dhá Cholm, dhá Eóin, dá Phól is éigeas ghrinn,
Dhá lonnabhile eóluis d'órdaibh Éireann aoibh,
Is dhá bhorb-choin chródha i nglórthaibh Dé nach tím.



Is díobh Donnchadh Mór d'fhuil Eoghain is Aonghuis aoird,
Do chosnaimh an chóir i ngleó is i gcéad-chath Chuinn,
Do b'fhoirtille cródha an chóip do b'éachtach gníomh
Ag torchradh treón mar tórnadh laochra Traoi.



Mo Sholamh go deó agus leoghan na féile, Caoim,
Is oscailote glór 's is ceólmhar, aerach, binn,
Tobar na n-eól is flós na cléire an dís,
Is ní cosmhalach leó mac Eoghain an Bhéarla chaim.



Dís admhaim det easpogaibh gur triatha cóir -
Caoimh calma is an Carathach is diadha glór -
Is príomh-dhearmad ná maithfe dhuit-se Dia na gcomhacht
Sliocht marbhtha rí Gearaltach chur riamh 'na gcomhar.


L. 37


B 1755ob 18L



DO B'FHARAIRE FIALMHAR.



Do b'fharaire fialmhar Brian Ó Cruadhlaoich mear
Dá dtabharadh Dia dhó fiacha is luadh a chroidhe i gceart -
Cantaire siansach diadha an suadhaidhe sean
Ná feaca-sa riamh go fiar i gcruaidh-shníomh ceast.



Tá an aindheise ag triall 'na dhiaidh - mo thruagh chroidhe an fhlaith
Do theagascadh riaghail gan fiar ná fuarlaoid beart,
Fear Seanaide i gcriaidh is gach triath i dtuaith Chuinn lag
Fé ndeara dho Bhrian an chiach so a bhuanuigheas air.



Is danaid don ghliadhaire an tIarla i gCluain bhí i meas,
Seabhac na gcliar, an triath ba ruagaighe i dtreas;
Is mairg do bhiadh i bpian go cruaidh fí ghlas
Ler scaipeadh leis riamh ag iarraidh fuasclaidheacht as.



Ó lasann an ghrian - leathstiar go dtuathluigheann stad
Ní fheacathas biadhtach riamh i dtuaith crích Chais
Do b'fhearra do riaradh triatha buannaidhe is flaith
'Ná an Gearaltach fial so i gcriad fít chruaidh-chlí, a leac.



AN CEANGAL:



Is deacair don chrobhaire ón ndonas so téarnamh suas,
Is ná glacfadh an scrogaire corra is leath Éireann uaidh,
Mar thaca le dochar mo cholan do bhéaraid uaim
Ó's agam an tobar is an foscadh in a dtéigh chun suain.


L. 38



DO BHÍOS-SA I NDÉ AR THAOBH CNUIC SÍNTE



Ar bás Mhártain Suipéal na hÍomna.



Do bhíos-sa i ndé ar thaobh chnuic sínte
Gan chiach im cholainn im chodladh go haoibhinn,
Níor bh'fhada me im shuan gur bhuaidhir an croidhe agam
Bean-tsidhe fhorasta, ghorm-ruisc, mhíonla.



Do ghluais im dháil-se báb an ghríos-ghuib,
Na ngruadh gcorcra solus-ghlan síochta,
A scuab-fholt casta go talamh léi scaoilte,
Is do bhuail a basa go hatuirseach caoidhmhail.



An tan do chuala an uaill do bhíodhgas
Suas im sheasamh má's marbh do bhíos-sa,
Mo thoirchim suain is uaim do dhíbir
Buaidhirt na mná is a gártha síor-ghuil.



d'éis mo loiscithe ag golfhairt na sídh-bhan,
Is me tréimhse ag machtnamh ar bheartaibh an tsaoigail,
d'fheasair mé go séimh den ríogain
Cér bh 'í, cá raibh, is cár bh'as dá sinsear.



Adubhairt an mhascalach gheanamhail, chroidhamhail,
Árd-ghlan, aigeantach, fhearamhail, fhíochmhar,
De ráidhtibh blasta, mar chanaid na saoithe,
"Cois trágha theas chaitheas mo bheatha is mo laoithe.



Táim le sealad go hatuirseach scíosmhar,
Gan treóir, gan tapaidh 's an chailleas dem mhuintir,
Im árthach galair ag taisteal na tíre,
Is é an Suipéalach árd-ghéag mo shinsear.


L. 39


A Éamuinn cá cinéal nó cá tír duit,
Nó an léan leat an léir-scrios so ar shaoithibh,
Mar nár chualais an uaill bhocht rínneas,
Ar n-éagadh Suipéalaigh na hÍomna."?



"Éist-se, feasta, a bhean nach saoighalta,
Do bhuair mise an uaill bhocht do rínnis,
'S is truagh liom i dtuamba go híseal
An Árd-fhlaith do b'ársa det shinsear.



A bhean gan chogal is foirtill do ghaoilta,
Scéimh eólchaire d'fhógrais ar m'intinn,
Chuiris mo dhearca chun lachta dáríribh,
Is léig dam feasta mo charaid do chaoineadh.



Is é Mártan árd-fhlaith na hÍomna,
Suipéalach sámh, sár, gan chinnteacht,
Fuair an bás tré fháistine trír ban,
Clótó, Atrops is Lacísis.



Is í Atrops ghearr snáth a shaoigail,
Gráin áigh ar an árd-chailligh chíor-dhuibh,
Is cuma liom feasta cá scaipfidh a líonta,
Acht go bhfághair-se in árach í ag naimhdibh.



Bás na flatha so leagadh fí líogaibh
d'fhág an dochma so ar scolaibh na sídh-bhan.
Is tríd a thuiteas an duille dhe choilltibh,
Is d'fhág an galar dubh i gcathair a shinsear.



'S é chuir cliar go ciachmhar, scíosmhar.
Uaisle is flatha gan aiteas, fé dhaoirse,
Bráithre i gcumhangrach dubhach, gan aoibhneas,
Curaidhe, fáidhe is báird ar díbirt.


L. 40


Bronntóir brat is each is maoine,
Bhronnadh an t-airgead fairis na fíonta.
Níor bh'fhéile Guaire um dhuais 'ná an tsaoi ghlan,
Nó Eochaidh rad an dearc do dhraoithibh.



Ar chlos a bháis fí Chlár Luirc timcheall,
Do ghliadh-gháir an Lia Fháil go nimhneach,
Do ghoil Máire cháidh is Aoibheall,
Áine mhaordha, Déirdre is Clíodhna.



Chuaidh an Uamana le hualfhairt sídh-bhan,
'S an Tuaireach le huabhar i ndísce,
An Deiseabhar 'na heiliúir go dílinn,
Íochtar Morogha is an Dobhar gur ísligh.



Fáth mo bhróin ag dreóghadh fí líogaibh,
Mártan ba láidir san Íomna.
Bile beódha, leóghan nár chlaoidhte,
Phénix feardha, calma, croidhamhail.



Is dian-chreach fhada lucht taistil na slighe thu,
Is buan-chreach na suadh thu dá ríribh,
Creach na mbocht is tocht na ríogan.
Cruadh-chreach cléire is léir-chreach saoithe.



Is dursain do mhnáibh ó thráigh na taoide
Do dhul in úir cér bhrúighte in aois thu,
Croidhe gan dochma gan doicheall gan díomas,
Rí-fhlaith chosantach fhoirtill i ngníomharthaibh.



Mo chneas bhathais, mo dhanaid, mo scíos thu,
Stór na gcarad dá scaipeadh ag daoil-chnuimh,
Mo lúth, mo lámh, mo ghárda chinn thu.
Mo chiorrbhadh luain, mo ghruaim, mo líon-rith.


L. 41


Tá an Uamana go duairc, is Cois Bríde
'Na foraois chúthail, brúighte, chlaoidhte,
Ag dortadh deór go brónach, caoidhmhail,
Gan cheól, gan aiteas, gan taitneamh, gan aoibhneas.



Péarla mear, calma, ríoghdha,
Fíonúir fleadhach, fear tailimh is dílis,
Cruithneacht áluinn d'fhás gan díoscar,
Fiadhaidhe, féinneach, laoch is míleadh.



Fuair ó Mhars i dtreas bheith fíochmhar,
Ba thréan ó Bhénus scéimh 'na ghnaoi ghil,
Croidhe gan mhairg, nár chealgach intinn,
Do ghnídh an mhaitheas go fairsing, neamh-mhaoidhteach.



Saoi cródha de phóraibh príomh-fhlaith,
Fuair ó Jove bheith córach díreach,
Tug Mercúrius rún dó is cuimhne,
Is tug Mac Dé dhó saoghal is aoibhneas.



Saoi gan cham gan mheang gan choimhightheas,
Aitheanta Dé níor réab le nídh ar bith,
Curadh ba taca le lagaibh de dhaoinibh,
d'fhíor-chrú chalma mheacanta taoiseach.



Is leis céile an daondacht comh díreach,
An léigheann, an fhéile 's an intleacht,
An Ghaedhilg gan éislinn 's an scríbhinn,
Béarla blasta, gan phairithis tríd sin,



Ba thu bráthair cáidh an Fhaoitigh,
Saoi cródha, modhmhrach, fíor-mhaith,
Do radadh ór don chóip gan nídh aca,
Riaradh cléir is éigse is draoithe.


L. 42


Bráthair neartmhar na nGearaltach bhfionmhar,
Ba thréan i dtreasaibh ag treascairt a mbíodhbha,
Saoithe solusta sochma do-chlaoidhte,
Do shíoluigh a bhfolanna foirtille tríot-sa.



Rí-fhlaith Chluana ba chruaidh san choimheascar,
Dár dhual fairsinge talamh i gCrích Luirc,
Do bhí an caithbhile ceangailte i ngaoil leat,
Is fear Mhaoil Seáin ba chaoin cáidh i laoithibh.



Ba ghaol duit an tréan-chara líomhtha,
Seanascal Bhaile na Martra, an míleadh,
Laoch mar Aicill i gcaismirt na Traoi thoir,
Nó mar Hector do throideadh a naimhde.



Bráthair Réamuinn Ghréagaigh an rinn-ruisc,
Ó Bhaile Uí Chríonáin le taoibh trágha míne,
Scáth na suadh agus buan-tsearc saoithe,
Dian-ghrádh cléire, éigse is ríogan.



Bráthair Uilliam mhic Shéamuis aoil-chroibh,
Óg-leannán ba cheann-árd san choimheascar,
Ridire calma feardha fraoichta,
Cuspóir catha nár mheathta san íorghail.



Bráthair Phaoraigh éachtaigh na hÍomna,
'S an Phaoraigh a chréachtnuigh a naimhde,
Ar Chnoc na Cláirsighe an lá bhí an sceimhle -
Dáibhí balbh do threascradh gaill-truip.



Bráthair Phiarais Paor, mo dhíograis,
Ó Chluain Molt na sluaighte is na saoithe,
Nár thaisc gréithre an tsaoghail chinnte,
Ó n-a dhoras na bochta nár dhíbir.


L. 43


An Barrach uasal ó Dhún Guairne is gaoil duit,
Is an Barrach láidir ó Léim Lárach taoibh leis,
An Barrach le ráidhtar Seán na Saoithe,
Is Barrach Bhaile na Claise gan aimhreas.



Bráthair Bharra Mhóir na scríob thu,
'S an Bharraigh do dalladh le cealg na ríogan,
'S an Bharraigh ó Lios Cearbhaill aoibhinn,
'S Barraigh na gaisce le gcastar an Chríonchos.



Bráthair Róistigh Fheara Muighe thu,
An Árd-fhlaith le ráidhtar an bíocun,
Uí Cheallacháin Chluain bhreagh Míne,
Uí Chaoimh chliste agus Mhuiris an tSíoda.



A bharúin ba dheagh-chlúmhail san Íomna,
Ba bhráthair duit Cárthach Bhéil Ínse,
Is Carthach na Blárnan comh-aoirde,
Cormac do choscradh ar taoide.



Bráthair Uí Eidirsceóil an Fhíona
Fágadh i gCionn tSáile sínte,
Ní le neamhthuis ná dheascaibh na ríogan
Acht ag seasamh dá phrionnsa i gcúis ríoghachta.



M'atuirse thu treascartha fí líogaibh,
Agus do chéile go déarach ag síor-ghol,
A bhráthair Sir Seáin ón gClaoinghlais,
Fir Mhagh Colpa, Chonaithe is Bhríde.



Triath Mhathghamhna an tslad-chúil ó Chlaoineach,
Mar fhearlughadh ? ba ghaisceamhail i ngníomharthaibh,
Is ceart dúinn a bharamhail gur gaoil duit,
Is gach flaith úr de ghlan-chrú na saoithe.


L. 44


Ó Briain do b'fhialmhar le draoithibh,
I dtorann-treasaibh choscradh a naimhde,
Is fortille do fothragadh do ghaoilta,
Ler fhoilceadh thu tré n-a bhfolannaibh dá aoirde.



Bráthair Uí Shúilleabháin Bhéarra Baoi thu,
Is Uí Shúilleabháin Inbhir ba chliste gníomhartha,
An Ridire Ciarraigheach, an fiadhaidhe fíonmhar,
Is Mhurchaidh Uí Bhriain ba dhian ar Ghaoidhlaibh.



Ós riaghail gach neach go gcaithfidh stríocadh
Don bhás do lean Ádhamh is a shiolrach,
Aitchim ar Dhia fuair pian dár saoiradh,
Go mbeire leis t'anam go flaitheas na soillse.



Is fuidheach an téacht so ag béithibh Chrích Luirc,
Is oidheadh dá dhéanamh ag éigsibh líomhtha,
An tsidhe-bhean d'éigh, seo an scéal tug sí dham
Nuair bhíos i ndé ar thaobh chnuic sínte.



Feart Laoi:



Fáth guil is cás liom ag Sinéad gheal,
Mártan flaith ársa na Suipéalach,
Rábaire fáilteach is ciste cléir ceacht,
Táir singil fágtha agus curtha i gcré leac.



A leac fér leagadh an seabhac ba chobharthach seal,
Is feas gurab agat i dtaisce atá ag lobhadh sa bhfeart,
Creach na gcarad, mo dhanaid, is cabhair na lag,
Flaith na fairsinge, taitneamh is rogha na bhfear.



Fear ba flathamhail carthannach diadha séimh,
Fear ba rabairneach teastas in iathaibh Néill,
Fear gan bhladar, gan chealg, gan chiach, gan bhéim,
Fear nár chara leis gangaid ná riaghail chlaon.


L. 45


Claon ná gangaid níor dhearcas 'na gheal-ghnúis ghlé,
Phénix flathamhail, seabhac na nglas-tsúl séimh,
Reiltean maidne na Banba an allúid é,
D'Éire is danaid fé leacaibh thu ag leasughadh cré.



Cré na flatha so marbh i gcill tuamba
d'éigsibh Bhanba is danaid mar sceinn uatha,
Dot ghaoltaibh laga níor dhealbh an tslighe chuarda,
Fét dhéin-se tarraint a mharcaigh mhir fhíor-stuama.



Stuamacht is uaisle agus maordhacht ghlóir,
Suadhacht gan tuaiscirt is tréithe cóir,
Suairceas is muardhacht is féile cló
Atá in uaigneas a ruadh-leac fét thaobh, mo bhrón.



Brón tuirseach tug sinn-na le gártha caoidhe,
An fó ba b'fhinne f'ot bhruinnibh-se ar lár, a líog,
Gleó guil cluinim ag bruinnealaibh blátha sidhe
Ó deónadh duit-se do thuitim, a Mhártain chaoin.



Iomdha caoineas is míneas is páirt is searc,
Iomdha sighneas gan choimhightheas is gáire geal,
Iomdha laoi gaoise agus ráidhte sean
Brúighte sínte fá'n líg, a Mhártain leat.



Leat-sa chuaidh in uaigneas féile is cáil,
Is leat-sa ghluais an stuamacht shéimh gan ghnás
Leat gur buaidhreadh uaisle agus éigse Fáil
'S is feas don tuaith, dar Duach, nach faon a bhfáth.


L. 46


B 1744 18L
DO CHUALA TÁSC DO CHRÁIDH GO HAEIBH MÉ.



Do chuala tásc do chráidh go haeibh mé
Is d'fhág tuirseach dubhach na céadta,
Toirdhealbhach caoin Mac Suibhne léidmheach,
Marbh san uaigh, gan luadhail, ag daolaibh.



Sagart geal-gháireach, cráibhtheach, déarcach,
Faraire súgach, múinte, béasach,
Flaith gan tlás i gcáilibh léigheanta,
'S ná raibh ceangailte i bhflaitheas an tsaoghail seo.



Mo bhrón, mo chreach, mo chnead, mo léir-scrios,
Mo chumha, mo chiach, mo phian, go n-éagad,
Is fada bheas trácht ar bhás an chléirigh,
Is a raibh de ghreann 'na cheann, is d'éifeacht.



Buinneán suairc ba stuama dréachta,
I reachtaibh suadh do luadhadh gach bhéarsa,
Do mhúineadh an t-úghdar glan-léigheanta
An riaghail do b'fhearra chun flaithis an Aenmhic.



Do mhúin dá phobal gach solus dá mb'fhéidir
Chun oidhreacht Flaithis is Parrthais naomhtha,
An Teagasc Críostaidhe go síorraidhe, is éifeacht,
Do dhaoinibh óga is do dhaoinibh aosta.



Do mhúin dóibh carthannacht do thabhairt dá chéile,
Is a gcomhursain do ghrádhughadh mar iad féinidh,
Ní raibh ainbhfios, spairnn ná céidil
I mbréithribh gasta a theangaine léire.


L. 47


Do bhí sé in a shagart gasta, tréitheach,
Cráibhtheach, ciallmhar, diadha déarcach,
Grádhmhar, siansach, fialmhar, féastach,
Ceannsa, fáilteach, lán de dhaonnacht.



Do bhí aige Laidean, an teanga ba léigheanta,
'S is gasta, blasta, chanadh sé Béarla,
Is taitneamhach do labhradh Gaedhealg,
I reachtaibh suadh, agus druadh agus cléire.



A leóghain an ghrinn is a shaoi gan éan-locht,
A chumann na ndámh is a ghrádh na héigse,
d'fhágais Cill Ia i síor-chiach go déarach,
Atuirseach, canntlach, Gallda is Gaedhlach.



Ó thóireadh le fóirneart an éaga
Mo leóghan, mó lóchrann, mo laoch mear,
Mo mhíle liugh, mo chumha, mo léir-chreach,
Do chroidhe geal sa bhfeart gan faesiomh.



Ní díoghal grod-ghuil ná sileadh déara,
Tríd an ngoimh seo thug an t-éag ort,
Is gur dóigh liúm go mb'fhiú do mhéinn mhaith
Dá dtuiteadh le cumha san tsrúill na réalta.



Is mór an iongnadh chuireann ar chéadtaibh
An bás do theacht go beacht dot éileamh,
Acht ná glacann soin breaba ná séada;
Is fós ná tigeann éan-tuile ná traochann.



De bhrígh nár fhás, do ráidh gach éinne,
Faladh feáidh ná cáim san tsaoghal ort,
A stór na mbocht is a scoth na cléire,
Cá bhfagham sagart det shamhailt ó d'éagais?


L. 48


Creach is cnead is leagadh saothair,
Beart do bhasc ar fad do ghaolta,
Tug dearca ban go bleacht le déaraibh,
Ó cuireadh do cheann i mbannc gan réidhteach.



Cá bhfagham-na feasta fear det thréithibh,
Cá bhfagham ceart ná blas ar Ghaedhilg,
Cá bhfagham sagart do b'fhearra is do b'fhéile,
'Ná an Suibhneach is an príomh-fhlaith Toirdhéalbhach.



Clann tSuibhne ná stríocfadh i dtreán-ghail,
I ngleó na gcloidheamh ná i gcoimheascar laochradh,
Curaidhe cródha mar threóin na Féinne,
Is fíor go rabhadar gairid i ngaol duit.



Do b'iad na Cúirsigh, triúr na mbéimeann,
Do chosnadh gliadh dá dtriaithibh saoghalta,
Clann Chárthaigh na n-árd-fhlaith ba ghaol duit
Is curaidhe calma Seanaide is Méine.



Bráthair Chormaic Ghuirt na nAol-chloch,
Seabhac áluinn dána i spéirlinn,
Laoch mar Aicil ag treascairt na Trae thoir,
Nó mar Hector do throideadh no Gréagaigh.



Bráthair Dhonnchaidh an Driseáin aeraigh,
Is Eoghain an Locha det bhorb-fhuil féinidh,
Thaidhg an Dúna ná cúbfadh i spéirlinn,
Is Thaidhg an Fhórsa, flós na saor-fhlaith.



Bráthair Uí Cheallacháin is Uí Néill thú,
Is Uí Chaoimh ná bainfeadh de a hata do réxaibh,
Mac Chonchobhair, pola na héigse,
Is Mac Amhlaoibh ba sleamhain díreach dréachta.


L. 49


Ba bhráthair tú d'árd-fhlaithibh Éireann,
Gréagaigh, Barraigh, Breatnaigh, Paoraigh,
Nóglaigh, Róistigh, agus Méadhachaigh
Is triaithe calma neartmhara Ghaedhil Ghluis.



B 1708 18T
DO CHUALA TÁSC, 'S IS ADHBHAR CHRÁDH-DEOR.



Do chuala tásc 's is adhbhar chrádh-deór
Do mhéaduigh osna i mnáibh is dobrón,
Doinngeárdach, flaith chosnaimh na slógh,
A éagadh d'éigsibh is cheasna mór.



Is mór an cás do mhnáibh 's an t-adhbhar béadhgtha
An borb-fhlaith ársa ar chána chasadh i spéirlinn,
Posta gan tlás i mbeárna ag seasamh baoghail,
Ná glacfadh an bás in' áit neach d'fhearaibh Éireann.



D'Éirinn is danardha an cás
An flaith seo rádhaim sa bhfeart gan luadhail,
Duais d'ollamhain, ní bhfaghthar de ghnás
Do rad an cáidh-fhear soilbh suairc.



Suairceas ní chuala le tréimhse ar neach
Acht uaill bhan ón Tuairigh go Béilic theas,
A gcúis uamhain ní tualaing gan tréithe an fhlaith
Is uaisle gach tuaithe gur ghaol don bhfear.



d'fhearaibh dhá dtréanmhaire neart
Níor ghéill an flaith i siosma gliadh,
Ná crú dhá fhoirtille nach tríd scoith,
Cé atá anois ag cnuimh mar bhiadh.


L. 50


'Ná bhiadh cnuimh is ciach liom 's is uchlán sin.
An triath mear de ghrian-tsliocht na nDoinneárdach,
Ó's riaghail gach neach d'éagadh de dheascadh báis cuirp,
A Thighearna thar piantaibh beir a anam trá ar neimh.



Neamh 'nar ghabhair-se a Dhé ghil
Ar an bhflaith fá'n lic seo chuaidh,
Do chreachtaibh a Dhé do amharc sin,
Ar cheallaibh ar chruinnigh do scaoil uaidh.



Uaigneas níor dhual dó is níor thaobhuigh an cam
Acht stuaim-reacht is suaimhneas is féile is greann,
Cuallacht is muar-thruip is gléir gach dream
'Na shuadh-bhruig is uaisle gach béithe ag damhas.



Damhas do fromhadh ar scoil is binn-cheól
Ag cruit dá spreagadh in uaim
I mbroghaibh fíonmhar nár ghann d'ól
Tig buidhean d'fháidhibh na rádh suadh.



Is suadhmhar go luaimneach do bhíodh do theach,
Éadtuathaigh is sluaighte agus suidhe gach fláith,
A dhuine uasail le muar-thruip nár chlaoidhte dreach,
Mo chruadhtan san uaigh thu gan scaoileadh ót ghlas.



I nglasaibh na slighe ná raibh t'eólus
Sirim ar mhór-mhaith an Choimdhe
Go dtagaidh do ghnaoi ná raibh fólta
Go brog glórmhar na soillse.



Ba shoillseach do ghnaoi liom a mharcaigh bhreagh mhóir,
A thigheasaigh na bhfíonta nár thaisc do chách stór,
Príomh-fhlaith nár chlaoidhte 's nár mheathta lá an ghleó
Fá líogaibh gan bhrígh anois is adhbhar chrádh-deór.


L. 51


Deór seirce ar ghruadh gach mná
I bfhuid Fódla go hiomlán,
Is cló meirbhe ar gach gnúis bhláith
Ó d'éag an mór-bhile Tomás.



Tomás is glan d'fhás dhen phréimh nách crom,
An buinneán mear glac-láidir tréan i gcabhair,
M'uchlán-sa i bhfeart fá lic 's é gan labhairt,
An coileán i dtreas námhad ba chréachtach lann.



Lann líomhtha leadartha ghlan
'Na dheas-láimh is é i gcomhrac,
Com díreach, seasach nar lag,
Searc ríoghan é le n' amharc.



Dá n-amharcthá an dragan d'fhás d'fhuil Éibhir uair
Ar eachaibh ráis ba phrasach láidir léimneach luadhail,
Fá'n dtoichim tráth ba chosmhail scáth le Caesar muar
Nó Aicil áigh ag cosnamh lámh na nGréagach buan.



Buannacht ní léigfeadh le gall
Ná barra thall i mbronnadh séad,
Is truagh liom an t-éag a dh'fhagháil buaidh
Ar fhear ba chruaidhe i gcomhlainn céad.



Tá céadta ar fuaid Éireann go caoidheach gruadh-fhliuch
Ó chlaochnuigh do chaomh-chorp i gcaoil-tuamba,
Dáimh, cléir agus éigse táid tríd buartha,
Do bhás déadhnach-sa ó chéas me an tan chruinn-chuala.



An Ceangal:



Adhbhar cumhadh, túirse, agus deóra pras
Ar feadh chúig gcúige, 's is mór an ceas,
An buinne cúil úr-chruibh ba chródha i dtreas
Curtha i gclúid úrmhaire in Eochaill theas.


L. 52


B 1755ob 18L
DÚN MACHAN NA GCLOCH RUADH.



Dún Machan na gcloch ruadh
Is ann is cruaidh bhíos na mná;
Má's insa ghoile bhíos an suan
Is fada uaimse codladh sámh!



B 1720 18T
FOCHTAIM ORT AN DOILIGH LIOT



Fochtaim ort an doiligh liot, a Rí na ngrás,
An Coitireach nach locartha do dhíoladh dáimh;
Gan orchra ba chosmhail le gníomharthaibh báis
Dá chrochadh anois le munabar lucht feill is tnáith.



Toirrcheas mná donna gile 'e Ghaoidhlaibh Fáil
Do foilceadh ins na folannaibh do b'aoirde cáil,
Mo dhochar nach i gcoinbhliocht na gcloidheamh go hárd
Do coscradh sarar crochadh thu a rí-bhuinneáin.



Ar cholg-each go bloscach mear do chínn tu lá,
Is gorm-ghlaid it dhorn deas ag claoidhe do námhadh,
Ba chosmhail feacht le torann-treasaibh Phrím do lámh,
Tug gortha gartha i mborb-chathaibh íorghail' áigh.


L. 53


M'osna-chnead an cor-so theacht don tsaoighal go bráth,
Dar crochadh flaith na gCoitireach le díoghaltas námhad;
Le loma-ghreadadh loscadh bas thug Clíodna gáir,
Is do thogair dam gur torchradh neart Gaoidhal 'na dheáidh.



Le bochtaineacht fén lonna-bhile claoidheadh go táir
Ní chodlaim-se tré dhoilbheas den oidhche nád,
Ar rochtain do fén dtoichim sin chun fínis d'fagháil
Dom cholainn-se gur brostuightheach an tslighe chun báis.



Ó's donas dam ná robhas-sa le linn do ghabháil
It fhochair-se níor dhochar liom muna mbeinn mar chách;
Dar Gobnait, ba chosmhail, dá dtigheadh mo bhás,
Gó dtolgfainn an bodach soin do shnaidhm do lámha.



A Cholm Cille, an dochar liot-sa an íde atá
Ag bodachaibh na fola duibhe ar Ghaoidhil gach lá,
Is an borb-bhuinne Coitireach nár thím le táin
Gur chrochadar, mo loscadh indiu, is m'íspirt smáil.



Is deocair dam bheith foclach ag ríomh do cháil'
Is an Gobhernment go goinideach dár ndíoghal de ghnáith:
Is gan d'obair ag na bodachaibh do fríoth go táir
Acht ag foirceadal ar an gCoitireach nó ar Ghaoidhil, dá gcrádh.



Is brostuightheach tig osna guirt óm chroidhe le crádh,
Is dortadh guil óm roscaibh thuit le caoidh in a dheáidh,
An tOscar cliste i ngoradh gaile a dhíth-chinn táin,
Fé ghorm-lic i ndoircheacht, sin brígh mo chás.



Is foirtille do fothragadh an saoi nár tháir
I bhfolannaibh na Lochlann ba ríghthe Fáil,
Níl cosmhalacht dó ar chosantacht san tír 'na áit,
'S is follus feasta an donas leat-sa a fhuighill an áir.


L. 54


M'aindeise, a mharcaigh mhir de phríomh-fhuil triath,
Mar mheasais-se gur charaid duit na gaill seo riamh,
Is gan dearmad go rabhais aca 'ot dhíol le bliadhain
Gur mhealladar le hairgead an croidhe as do chliabh.



Aitchim ort le hatuirse a Mhic dhílis Dhia,
Go marbhthar na fanatics nár scaoil liot rian;
In Aiceron go rabhaid sin san linn i ngiall,
Is a n-anamnacha trascartha i dteintibh pian.



Seabhac suilt ba chalma is do bhí go fial,
Rabairneach san tabhairne is ag díol gan chiach,
Meacantacht is dragantacht is gaois is ciall
Do bhí agat-sa gan faltanas le fíor-lag riamh.



A readaire, mo dhanaid-se tu i gcill gan rian,
A chaithbhile le danaraibh nár chlaoidhte i ngliadh,
Níl maitheas dam bheith feasta liot, acht guidhim thu a Dhia,
Go Parrthas beir a anam leat ó íoc na bhfiach.



Séamus mac Shéamuis mac Coitir uasal,
Réaltan an aol-bhroig ó Charraig Thuathail,
Phénix nár bh'fhéile in a bheartaibh Guaire
Fé bhéilic, d'fhág Éire go cathach, buaidheartha.



Is ádh séin duit a chaoimh-leac fét chlí i bhfolach
Dhá Shéamus, dhá Chaesar, dhá ghríobh fhoirtill;
Táid méirligh na hÉireann in a suidhe socair
Ó traochadh na tréin-fhir de chloinn Choitir.



Is cás doiligh liom fá ghorm-lic ag dreóghadh sa chill,
Dhá chrobhaire, dhá Choitireach, dhá leoghan nár thím,
Dhá lonna-bhile choscarthach i ngleó na gcloidheamh,
Is dhá bhorb-choin lámh-fhoirtille b'árd-chródha i ngníomh.


L. 55


An tAmhrán cumhadh.



Mo léir-ghoin go bráth
An daor-smacht atá
Ar laochraidh na hÉireann
Ag faol-chonaibh plágha,
Is na tréan-fhir go táir
Do chéad-ghein ón Spáinn
Go tréith tuirseach traochta
Gan éan-chothrom stáit.



Ar na héachtaibh mar bhárr
Sin Phénix mear áigh
De phréimh-shliocht na saor-fhlaith
Ná géillfadh do námhaid
Go faon-lag ar lár,
Ar n-a dhaoradh chun báis
Ag claon-choiste an Bhéarla
Do léir-scrios Gort Fáil.



Mo léan is mo chás
An t-éiclips noch d'fhás
Ar ghéagaibh Mhilésius
Gan éinne ina n-áit,
Tug Séamus geal cáidh
Mac Shéamuis ar lár,
Ag péistibh an éithigh
Ar thaobh chnuic an phráisc.



Macaomh an ridire áigh
Na féile gan trághadh
Do thraoch do rígh Séarlas
Cromwellians a námhad;
Is saoth liom 'na dheáidh
Spéir-bhruinneal bhreagh
Is a gaolta le chéile
Gan éifeacht gan áird.


L. 56


An t-aol-bhrog 'nár ghnáith
Truip éigse agus dáimh,
Cléir agus pléireacht
Ar théadaibh gach lá;
Is aon-chlos an tásc
In éinfheacht ag mnáibh
I dtaobh Chraige Léithe
Nó in aol-shleasaibh Báinn.



Ó Éirne go Máigh
Is ó Bhéarra don Chlár
Níl bé mhiochair mhaordha
Acht ag géar-ghol gán spás;
Ní baoth-bheart gan fáth
Tug déarach an táin
Acht éirleach thug taobh briste
I nGaedhlaibh go bráth.



Níl na línte seo le fagháil indiu.



Is gan aon-ursa amháin
Tar a éis ann le fagháil
Do dhéanfadh a gcaomhnadh
Mar scéith i ngach gábhadh.



Atáid Quakers go sámh
Gan eigneamh go hárd,
Is cead pléidhe aca ar sliocht Éibhir
Dá léir-chur chun fáin;
A Mhic Dé ghil na ngrás
Nár éimigh an Pháis,
Caor nimhe ó sna réaltaibh
Go léigir 'na lár.


L. 57


B 1710 18T
EACHTRA ÉAMUINN DE BHFÁL



Fógraim dhíbh, a dhaoine,
An daoi sin Uilliam Mac Cartáin,
Go deó ná léigidh suidhe dhó
I measc saoithe, mar bhodachán.



Go mba mheasa do mhnaoi an tighe sin
Do bhí in a suidhe in aice an lóiste,
Óir do cheisnimh sí go cinnte
Ná raibh slighe istigh 'ci dhomh-sa.



d'innis mé dhi an tráth soin
Go rabhas tnáidhte lag cortha,
Agus go dtáinig mé an lá soin
Ar cos in áirde ó Chorcaigh.



"Ó Chorcaigh nó ó Chionn tSáile
Pé áit n-ar b'as duit, a bhodaigh,
Sin é thall tigh an tábhairne,
Éirg go lá ann is codail."



d'éirigheas-sa im sheasamh
Is do labhras go neamh-thláthmhar,
Adubhart ná raibh pingin agam
Is nár chara dham bean an tábhairne.


L. 58


"Mura bhfuil pingin it phóca
Ní hé gan a bheith is cás liom,
Leig det aighneas liom a stróinse,
Buail an bóthar is fág me."



"Stróinse do bheirir orm-sa,
A chaile ghoirgeach gan bhéasa,
Mura mbeadh méid mo chathuighthe
Do lascfainn ar do thaobh tu."



"An gcloiseann tu, a chompánaigh,
Nó an bhfuil tu i bhfiarán let chéile
Mar go n-éistir leis an smalaire seo
Adeir go lascfadh ar mo thaobh me."



"Muna mbeadh neamh-fhonn callóide orm-sa
Nó eagla mo shubstainte
Do gheabhainn dem brógaibh salacha
Ar an mbodach san ag caint leat."



"Níor ceist soin do dhéanamh orm-sa
Atáim go dochrach i ngéibhinn,
Do rug mo chuaird go Corcaigh
Gan chostas me, gan chéile."



"Do chéile má fuair bás
Ní fearr liom a beith 'na beathaidh,
Tá cuideachta mhaith san áit seo.
Is ní bhfághair-se bheith n-a bhfara."



"Cé táim-se anois go cathuightheach
Is í an chuideachta mhaith do b'fhearr liom,
Riamh níor cleachtas a atharrach,
Acht filí, flatha is fáidhe."


L. 59


"Is aithnid damh-sa an bhuidhean soin
Ó bhíos i mbaois na hóige
Is ní fheaca riamh is ní bhfuil
Éinne dhíobh ar fóghnamh."



"Bheith ar fóghnamh níor dhual dhuit,
A thruaill-chaile gan eólas,
A lurapóg na luaithe
Leog thart uaisle na Fódla."



Tar éis a ndeárnadh liom-sa,
De lumpar is de dhoicheall
d'fhanas insa chúinne
Mar do bhíos brúighte cortha.



Adubhairt bean an tighe in am proinne
Me chur i gcóisir na mbodach,
Dubhart-sa ná raghainn leó-san
Is go ndéanfainn fós an troscadh.



Annsoin do bhí sí ag pramsáil
'S ag sodaráil ar fuaid an teallaigh,
'S cé bhíos-sa cuibhsach neamh-thláth
Ba chumhang liom cheithre háird an bhaile.



Tháinig chugham Saidhbhín,
Meidhbhín is Mór bheag,
Triúr cloinne na mná san
Do chuireadh an bhláthach 'sa chomhrainn.



Bhí corn beag cumhdaighthe
I láimh na cúilfhinne do b'óige,
Tháinig ag ceileabhradh chugham-sa,
Is dubhairt "bí súgach is ól deoch."


L. 60


"Táim-se tinn túirseach,
Is bheith go súgach ní fhéadaim;
Is is iongnadh liom inghean do mhúdair
Bheith chomh múinte sin i mbéasaibh."



"Béasa ba dhual dúinn-na
Cé taoi-se lem múdar in earraid,
Éirigh feasta as an gcúinne
Is tair san gcomplacht is fearra."



"Ní bhead-sa d'bhur gcomplacht,
A bhrídeach mhúinte mhaiseach,
Is aithnighim ar do ghnúis ghil
Nach inghean dod mhúdar thu feasta."



Níor bh'fhada gur seinneadh dóibh-sin
Ceólta ar théadaibh caoine;
Do chuaidh Saidhbhín go beó-ghlórach
Leis an stócach ag rinnce.



Cé gur bh'fhíor-dhona an ceól
Do bhí ag an gcrutaire dhóibh dá chanadh
Do déantaí do réir mo dhóchais
Rinnce leó-san ba mheasa!



Annsoin do chromadar ar chomhrádh
Is ní fé ná bíodh mórán meala,
Is cé bhí seisean ag mórdháil
Ní raibh an comhrádh go cliste aige.



d'fhiafruigh sé dhi go siamsánach
"An bpósfair me i mbliadhna a ghamhain ghil
Nó an bhfúigfir me sa chiach so
Ag iomchar liach is canntlamh"?


L. 61


"Má's mise is adhbhar bróin duit
'S go n-abrair soin liom-sa,
Faigh cead m'athar ar dtúis,
Agus ná dearmhad fós mo mhúdar."



"Do thoil-se do b'fhearr liom-sa
'Ná cead do mhúdar is t'athar."
Do b'iongnadh liom-sa bhí sa chúinne
An ponnc do bheith 'na mheabhair.



Scuirim feasta dá gcáineadh
Is gráin áigh ar a gcomplacht
Is gura seacht measa mo chómh-scoláire
Nár leig a aithne i dtráth chugham-sa!



B 1754ob 18L
INNIS DO SHEÁN GHEAL CHLÁRACH.



ÉAMONN: -



Innis do Sheán gheal Chlárach úr-ghruagach,
File agus fáidh nách gnáthach gnúis-ghruama,
Gur duine me 'en cháil nár ghráidh an rúm uaigneach
Is gur mise aige an Fáltach cáidh ó Dhún Guairne.



U Seán Clárach Mac Domhnaill
Seán, ag freagairt: -



A bhile gan cháim is a Fháltaigh chrú-uasail,
Do hoileadh go hárd ag dáimh na ndlúth-chruaidh-cheast,
Fiche agus fáilte ar lán-rith chughaibh uaim-se,
'S is muirinn liom t'fhagháil san Ráth a ghnúis ghruadh-gheal.


L. 62


B 1742 18L
U Éamonn de Bhál



IS CIACH 'S IS DOILBH LIOM.



Is ciach 's is doilbh liom pola de chléir ghil Phóil
Do riaradh ollaimh go foirtill i dtréad 's i gcomhad
Ag triall go follas a solas Mhic Dé na gcomhacht,
An diabhal gur chorruigh ann othras cléibh go deó.



Go deó arís is brón linn tu ag séanadh an chirt,
Let óll-bhaois is feólmhaidheacht ag claonadh an chuirp,
...
...



A spleid bhuidhe sheachnas aitheanta an Ríogh Chomhachtaigh,
Do leig díot Aifreann, sealbh na síor-ghlóire,
Beir síos ceangailte i nAiceron, síor-scólta,
Do chleití ar leathadh is do dhranna-sa críon dóighte.



Is dóighte an nídh do bhuidhin an mhilis-chrábhaidh
Ler pósadh Íosa Críost is Muire a Mháthair,
Tu it lóiste sínte síos, a phrioslaigh ghránda,
Gan speóis i naoimh ná suim i ndlighthe an Phápa.



Pápa Dé do thréig an spadúinneach,
Go bráth gan ghaobhar ar aerdhacht fhlaitheamhnas,
Gan dáil 'na thaobh acht claona is geallamhna,
Stráice méith nó stéig den mbagún ghuirt.


L. 63


Is guirt an sceól, dar ndóigh, nó is meallta taoi,
Tuigseach eólach d'órd Naomh Auguistín,
Gur duine 'et shórt thug póg go fallsa 'o Chríost,
Is do chuir 'na dheóidh an córda ag treabhadh ar a phíp.



A phíopáin thruaill, monuar is nár díbh sin,
Gan díol ná duais chuir suas de ghrásta Íosa,
An Rí grádhach suairc fuair guais is Pháis tríot-sa
Bídh lán d'fhuath dhuit, uaidh ní bhfághair slighe ar bith.



Má's bith dhíbh-sé feoil Aoine, páise is guais,
Is bheith choidhche ag ól dighe 'na dheáidh go suairc,
Is tuigthe dhíbh gur sibh na daill i gcásaibh cruaidhe,
Is ná leigeann Íosa neach 'na ghaoibhar le n-a chrábhadh fuar.



Is fuar an chabhair duit cara na Sasúnach
An uair a rachair ag tarraint an ghlan-chuntais,
Thuas i bhflaitheas beidh teastas ar th'anchúinseacht,
Monuar cá ngeabhaidh an t-anam bocht neamh-chiontach.



A chiontaigh bhradaigh, is ceachartha claon do cháil,
Cúl níl agat le tagairt acht tréadta smáil;
Liútar leathan is Cailbhin i ngéibheann táid,
Ba bhrúighte an scraiste thu eatortha d'éis do bháis.



An Ceangal.



A gharbh-leac láidir fáisc is coinghibh go fann
An spreallaire bráthar atá in a mhinistir teann,
Ó scaradh na grásta crábhaidh leis an gcuirptheach gcam
Is searbh an t-arán atá aige in ifreann tall.


L. 64


B 1738obc 18L



IS CNAOIDHTE AN TOTHAR ME



Is cnaoidhte an t-othar me i ndochar gan fagháil ar liaigh,
Go claoidhte doilbh gan costas acht grása Dhia,
Is trí gach donas na deocha do b'fhearr liom riamh,
Ná dlighid mo chosa dom cholainn go dtráighthinn iad.



Ó d'fhágas teas na n-eas is mín-Thétis,
Is go dtánga isteach i measc na bhfíréanach,
San áitreabh cheart in ar chaitheas puinn laethe,
Is nár an bheart ná tagann saoi 'om fhéachain.



Mo mhíle bairrfhionn tais mhascalach fhial uasal
Gan nídh ar a gcreataibh ag falachadh a gcliabh uaim-se,
Bí-se, a theachtaire, feasta dá ndian-chuardach
Is dírigh an aicme atá in easbhaidh chun Liam Ruadh an tsuilt.



B 1737 18L
IS DANAID 'S IS CIACH.



Is danaid 's is ciach do iaith ghluis Chuinn is Airt
An tAthair Diarmuid fial 'na luighe gan phreab,
Sagart riaghalta diadha caoin gan chleas,
Go raibh a anam ag Dia idir chliar is naoimh 'na measc!


L. 65


I measc na gcliar do b'fhial an sagart córach,
Flaith ba dhian-mhaith riamh i meac na gcomhursan,
Ba ghasta, diadha, riaghalta, cneasta a ghlórtha,
Mo chreach san gcriaidh gan riaghail i ndaingean-chomhrainn.



I gcomhrainn is brón liom mo shagart bhéasach,
Treórach ag ógaibh is ag flathaibh aosta,
Níor bh'eól dam ó Eóchaill ar fad go Béarra
In eólus gan mórtas aon-fhear ba léigheanta.



Is léigheanta an fhlaith seo feasta fút-sa a líog,
Ba shéimh ba bhlasta a labhairt chumhra ghrinn,
Níor théarnaidh neach i bhfearann Lughaidh agus Chuinn
Do bhéarfadh barra ót theangain mhúinte bhinn.



Ba bhinn ba bhlasta ba ghasta is ba shéimh a ghlór,
Saoi gan bhladar gan ghangaid gan chlaon gan mhóid,
Níor fríoth i mBanba sagart do b'fhéile cló
Is ba mhílse teanga dár dteagasc chun Dé na gcomhacht.



A Chomhachtaigh aoird 's a rí fuair peannaid i gcrois,
Treóruigh díon don tsaoi shuairc charthannaigh ghlic,
Ní óladh puinn is ní bhíodh uair annamh ar digh,
'S is mór an díth fá'n líg bhfuair sagart an tsuilt.



Ba shultmhar an sagart i Laidin 's i mBéarla bhinn,
Ba chumasach gasta a theanga san nGaedhilg ghrinn,
Níor cumadh ar talamh aon phearsa do b'fhéile croidhe,
'S is dursain 's is danaid don dealbh go faon tu i gcill.



San gcill ó thárlaidh bárd-fhlaith marbh gan suim,
Ag caoidh is ag gáir go hárd, is a mhaitheas dá mhaoidheamh
Gur fí n-a lár do thárla feasta gan bhrígh
An tsaoi do b'fhearr i gcáil de shagairt san tír.


L. 66


San tír níor dhearcas do shamhailt i gcáil ná i gclú
Saoi ná sagart le lagaibh do b'fhearr 'ná thú,
Do bhís-se carthannach, greannamhar, páirteach, ciúin,
Mo dhíth, mo dhanaid, gan aiseag go bráth ort chughainn.



Chughainn nuair thagadh an sagart so fút-sa a leac,
Ba chumhra a theanga i dteagasc na n-ughdar seal,
Níor chúm an talamh aon phearsa ba mhúinte meas,
Is a phlúir na heaglaise is danaid liom tú gan phreab.



Preabaire mear, meanmnach, geal, súgach,
Ba ghasta, sultmhar labhartha is ba mhúinte,
An charthannacht ar na lagaibh seo níor dhiúltuigh,
Is an t-airgead so ar mearbhall níor chonnluigh.



Níor chonnluigh spaga den airgead ghléigeal,
Acht a thabhairt dá charaid 's a scaipeadh le féile,
Níor dhiúltuigh pearsa ar thabhairt na déarca,
Is beid súd ag freagairt i bhflaitheas Mhic Dé dhuit.



Leis sin, ná canfad ort labhartha bréige
Is gur bh'fhada do chaitheas-sa it fhara ar aonscoil,
Níor cumadh ar talamh aon phearsa do b'fhéile
Ná a bhéarfadh barra ar gach teangain go léigheanta.



Dá léigheantacht táid éigse is draoithe is dáimh
Ag géar-ghol it dhéidh-se is ag caoidh go hárd,
Is faon atáid Gaedhil bhochta an taoibh seo it dheáidh,
Is do bhéarfainn an chraobh duit thar críochaibh Fáil.



Fagháil ní'l againn ar an sagart so thíos marbh,
Ráibh na ngaisce agus taca na bhfíor-gcarad,
Sás a dteagaisc gach maidean le caoin-labhairt,
Is fagháil aisig air feasta gur díth danaid.


L. 67


B 1736 18L



IS DÍOGHBHÁIL GHÉAR



Is díoghbháil ghéar chréacht-shnoidhte i mbailtibh muara,
'S is fíor-chrádh an scéal éachtach i gceannaibh tuatha -
Micheál séimh léigheanta Mac Gearailt uasal,
I gcill fá bhéal craos-lice marbh uainn-na.



Uainn-na tá i nuaigneas fíth thaobh a leac,
Muar-fhlaith do b'uaisle dár léim thar lear;
Tuathal mar Ghuaire do b'fhéile dreach -
Dar Muaireach is truagh liom i gcré thu lag.



Is lag atáid mná fionna Gaedhal ag caoidh,
Is níl meas ná bláth áluinn ar ghéagaibh coill;
Níl rath ar fánadh árd-easa in Éirinn uill
Ó leag an bás bán-bhasa an Ghréagaigh aoird.



Do b'árd a ghaol le réxaibh mhaoidhfead seal,
Ní tháinig préamh a réim go híseal air;
Tá a fhios ag cléir is ag éigsibh laoithe sean
Gur bráthair laoch tu thraochadh naimhde i dtreas.



I dtreas níor staon na tréin n-ar chinn uatha
An dragan séimh den nGréag-fhuil fhíor-uasail,
Flaith gan bhéim gan chlaon, gan chíor-thuathail,
I measc na naomh tá'n laoch san tír uachtair.



Aguisín: -



Mo chumha mo scíos mo dhíth mo léan mo chreach
An túrnadh síor so ar shíol na nGréagach seal,
Ba chúrsa caoidhe do phríomh-shliocht Néill is Airt
An t-úr is an críon 'na luighe fít thaobh a leac.


L. 68


A gharbh-leac mhór cuir glór go haraid amach,
Is aithris don chóige an sceól, ó's agat is feas
Gur fearra do stór 'ná an t-ór is an t-airgead geal -
Gearaltaigh flós na Fódla, an t-athair 's an mac.



Ceangal: -



Ag sin a tsaoi is fearr i gcrích Fáil fít thaobh a leac,
Micheál, geal-chíonádh na nGréagach mear,
Mo chroidhe-chrádh má ghním plás ná bréag im stair
Gur it chinn cháil do phoinnteáil an fhéile a nead.



B 1741c 18L
IS DIOMBÁDHACH DONA AN SCÉAL



Is diombádhach dona an scéal doilbh géar díoghaltach duairc,
An buinneán sochma réidh, eochair bhéal saoithe suairc,
Greadán dochair éag ghoirtigh cléir cill is tuaith,
Risteárd Coipinéar soilbh séimh sínte in uaigh.



San uaigh mo dhochar fé chlochaibh tá sínte i gcré
An t-uasal folcadh i bhfolannaibh saoithe Gaedhal,
Anuas go sochrach foirtill i mbrígh is i gcéill
Do ghluaiseadh focail 'na srothaibh ó chuing a bhéil.



Béal ba mhilis i bhfriotalaibh seanda suadh,
Ba bhéasach cliste age Risteard nár mheabhruigh cruadhas,
Gach téax dá dtigeadh ón nduine seo labhras tuas
Do bhéarfadh tuigsin don bhfile nár bh'fhann sa duain.


L. 69


Duain is dán is ráidhte séimhe suilt
Do luadhadh an ráib nár cáineadh fé n-a chuid,
Do shuairc, ba shámh, ba bhreagh do bhréithre glic,
Do chuaidh chum báis, mo chás, an fhéile liot.



Liot síos cuireadh go singil, mo léan, sa bhfeart,
Go dil glinn sioscaithe dlighthe na réx ba sean;
Gach fo-nídh i bhfoirm do choinghibh do dhéineadh ceart,
'S is mion síor-mhinic do rinne le cléir an mhaith.



A mhaitheas dá gcuirinn i gcroinic go léir i bpriúnt,
An leabhar ba thruime 'ná tuilleadh agus céad de phúint,
A mharcaigh an oinigh nár choinghibh an fhéile ar gcúl
Is danaid dot dhlighthibh sibh singil go faon san úir.



In úir fé leacaibh is deacair 's is diombáidh linn
An stiúrthach Laideanta, seabhac na dil-bhrághad aoil,
Crú na ndragan mear, gcalma, gcionn-árd ngroidhe,
Mo chúl, mo thaca chun seasaimh, mo Risteárd croidhe.



Ba chroidhmhail dathamhail flathamhail suairc an fhlaith,
Fíochta fearamhail deagh-chlúmhail stuamdha tais,
Fíonmhar fleadhamhail ceanamhail cuallachtach,
Buidhnmhar barramhail maiseamhail suadh-starthach.



Ba staraidhe suairc gan ghruaim an faraire séimh
Do cheannuigheadh duain ó chuallacht cantaithe dréacht,
Is gread-chaoi muar in uaigh gan amharc uainn é,
'S is creach nimhe cruaidh do shluaightibh Barrach an scéal.



Scéal nach maith le fear ná bé sa tír,
Scéal do bhleachtuigh dearca déithe sidhe,
Scéal tug cnead go scairt na n-ae dot mhnaoi,
'S do gach spéirbhean ghartha, chneasta, shéimh, den chloinn.


L. 70


Dot chloinn gan mhiolam is dursain 's is géar an chreach,
Is dot shaoithibh cumainn dá dtugais gan chlaon do shearc
Trí gach tubaist dá dtugadh ar Éirinn Airt
Ní mhaoidhim a n-iomad gur tomadh do thaobh sa bhfeart.



I bhfeart crannda sa teampall mo scíos an laoch,
Fear ceannsa gan fallsacht, gan bhaois, gan bhréig,
Fear teanntuighthe an chlampair is a ndíngheadh é,
Is gan fear cabhartha ná geall leis sa tír tar a éis.



Tar a éis níl duine má singil má ceann-árd,
I dtéaxaibh scripte ná i gcroinic do choimeád,
Is géire thuigeadh na dlighthe do scanáil
Fí bhéalaibh lice thu a Ristird is diombáidh!



B 1755ob 18L
LÉAN IS LEÓNADH IS BRÓN IS TRASCAIRT.



Léan is leónadh is brón is trascairt
Ar pé daoi bhuail fí mo chapall
Nár thigidh ón mbás acht tásc a mhairbh,
Is nár thigidh an tSamhain ná an samhradh thairis.



Mallacht Dé ar an méirleach bradach,
Is mallacht an Phápa in áird' 'na bhathas,
Mallacht chléire léigheanta is easpog,
Is nár fhaghaidh tásc a bháis ná a mhairbh.


L. 71


Nár chuirtear an fuadh in uaigh fá thalamh,
Cois an chlaidhe ná i ndíg fá scairtibh,
Acht dá fhuadach gan tuairisc i ngealtaibh,
Nó coin allta le scannradh dá stracadh.



Go raibh a bhéal is a dhéid nách gartha,
Is a shrón chlamh gan speóis dá leathadh,
A dhá chluais ag gluaiseacht 'na lasair,
Is córda ar a scórnain dá thachtadh.



Go raibh an tsúil do chuir dúil im chapall
Ag an bpréachán mar bhréagán faithche,
Is an dá láimh do tháinigh 'na bhathas
Ag fiachaibh dubha san phlúid dá stracadh.



Go raibh an croidhe do smaoin mo chapall
Ag iara ruadh dá fhuadach mar bheatha,
A scamhóga ag fionnóig mar leaba,
Is a chaoláin ag maol-chráin 'na falaigh.



Is a ghruaig má's ruadh í nó má's dearg
Ag easóig 'na poslóig mar easair,
A cheann ar cuaille suas i gcarcair,
A fhiacla dubha agus scumhadh ar a dhrannadh.



Iarraim ar Thighearna na bhflaitheas
Is ar Athair na ngrás gan pháis dom anam
Nár thigidh an fuad ó chruas an earraigh
Do rug uaim-se gan tuairisc mo chapall.



Is móide m'fhuath don truaghnairt ghalair
Gur bitheamhnach triceamhail cois baile
Thug an scríob san oidhche ganfhios
Do chuir mo láir ar láimh gan aiseag.


L. 72


An fear fuatha ó Thuathaibh Dé Danann,
De shíolrach lómach lópach galair
Nár fhill a ghlúin go humhal chun sagairt
Do chuir mo láir ar láimh an ghada.



Nár fhaghaidh bás acht bás gan sagart
Is é i gcanntaoir i mbrannraíbh 'na bheathaidh,
Gan fagháil bídh aige dighe ná leabthan,
Acht i bpiantaibh ag iarraidh a mhairbh.



LE HÉIGEAN MIOSCAISE



Mo léan mo thuirse, mo mhilleadh, mo nuar, mo chás
Na Paoraigh uile gan scrithin san uaigh ar lár,
Ó! isé chuir mise go singil, gan duais im láimh,
Ag pléidhe is ag siosmadh le Pilib Ó hUallacháin.



Le héigean mioscaise is buile nár dhual dom cháil -
Cléireach oinigh do mhilleadh le fuath ná crádh, -
An scéal so tuigeadh gach nduine dá gcuala an cás -
Gur bréag do chuireas ar Philib Ó hUallacháin.



Cléireach tuigseach i bhfriotalaibh suadh agus dáimh,
Phénix sultmhar do geineadh ó uaislibh Fáil;
Tar éis gach friotail dár imthigh i gcluasa chách
Is bréag do cuireadh ar Philib Ó hUallacháin.


L. 73


Glaodhaim is goirim ar ar imthig de bhuaidhirt 'na dháil -
Scéalta mioscaiseach sciligeas fuardal smáil,
A Dhé na cruinne is duit innisim suas go hárd
Gur bréag do chuireas ar Philib Ó hUallacháin.



A Dhé na cruinne a mhic Mhuire agus a Uain na ngrás,
Saor-se mise ó gach guilm dá bhfuair mo cháil,
Ó chraos, ó thinneas, ó mhioscais, ó ghuasacht bháis
Is ón mbréig sin chuireas ar Philib Ó hUallacháin.



Ní craosach cuthaigh ná buile ná suarachán,
Acht saor-fhear soineanta, tuigseach i nduain 's i ndán,
Gan chlaon gan chaime gan chuise gan chruas 'na láimh,
Is tá an fhéile cruinnighthe ag Pilib Ó hUallacháin.



AR BHÁS DHÁITH SIOSC.



Mo chás, mo bhroid, mo scrios, mo bhrón, mo scíos,
Dáith geal Siosc fá lic, ag dreóghadh sa chill,
Ba sámh, ba ghlic, ba chliste, glórtha a chinn,
Is ní dhearnaidh cionta i gcoinne an Chomhachtaigh aoird.



Do b'árd a chéim i réim, in acmhuinn, is i meas,
Grádhmhar, béasach, déarach, carthannach, glan,
Láidir, léadmhach, tréitheach, greannamhar, geal,
Gan phlás, gan phléidh, gan chlaon, gan ghangaid, gan chleas.



Cleas níor bhuail ar thruagh, ná ar thréan, ná ar lag,
Searc na suadh, gan ghruaim le héigsibh dreach,
Fear gan chruadhas 'n-ar fhuaigh an fhéile a nead,
'S is creach do thuaith ar fuaradh an laoch sa bhfeart.


L. 74


'Sa bfeart is díth do chríochaibh Bhanba fann
Fear nár smaoin bheith cinnte, ceachartha, gann,
Fear nár fríoth go claoidhte i spairnibh lann,
Acht fairsing, buidheanmhar, scaoilteach, ceannasach teann.



Ba teann an curadh, ba chumasach, láidir, tréan,
Ceannsa, sultmhar, gan mustar a bláth an tsaoghail,
Níor cham a chumann, is miolam ní dheárna ar aon,
Is ba mheabhrach, tuigsionach, cuireadhtach, cáidh an laoch.



Laoch gan mheathtacht i spairn dá dtárla sé,
Saor le lagaibh, le flathaibh, le báird, le cléir,
Daonnacht fairis sin, carthannacht, áilne is méinn,
Is tá an fhéile againn ar seachmall is Dáth sa chré.



I gcré ó cuireadh an bile nár cáineadh riamh
Táid éanlaith coille gan binneas ó's tláith an triath,
Níl éisc i linnibh, níl duille, níl blath le cian,
Is na déithe cluintear i bhfriotalaibh cáis it dhiaidh.



'Na dhiaidh is scíosmhar Clíodna agus Áine gheal,
Triatha sídh-Chnuic Fhírinne is Máighe na sreabh,
An liag do bhí age saoithibh Fáil gur scread,
'S is cian san Íoma chluíntear gáir na n-eas.



As fuidheach do ghoileas an tsolas-bhean Cáit 's a clann,
Is nimhneach, doilbh, 's is dochrach táid it chall,
Caoinfid ollaimh gach pobail an ráib nár ghann,
Is ní mhaoidhfid socair ó torchradh Dáth go fann.



Is fann atáid a mhná le tréimhse ag caoidh,
Is dar leam is fáth nach nár is é sa chill,
Plannda cráibhtheach áluinn déarcach, caoin,
Gan cham, gan cháim, gan phlás, gan chlaon, gan phoimp.


L. 75


Poimp níor brathadh ar scafaire an chroidhe mhir, mhóir,
Is do bhí gníomh-ghlan, gaisceamhail, barramhail, bríoghmhar, beó,
Do bhí lígh an tsneachtaidh 'na leacain ghil tríd an rós,
Is bhí gach alt in a phearsain 'na shuidhe go cóir.



Cóir is carrbhas fada do chínn 'na thig,
Bórd ar leathadh agus flatha in a thimcheall sain,
Ceól dá spreagadh agus cantain go binn ar chruit,
Seo an nós do chleachtadh an faraire gníomhach glic.



Ba ghlic ba léaghanta an Phéinix flathamhail, fial,
Oinigh, déarcach, tréitheach, deagh-chlúmhail riamh,
Ciste cléire is éigse ag neartughadh iad,
Is creideamh Dé níor thréig ar atharrughadh riaghail.



Riaghail na heagailse leanadh gan tlás le haon,
Is riamh níor tharcuisnigh pearsa dá tháire céim,
Is fial do scaipeadh a nglacadh de bhláth an tsaoghail,
Is a Dhia na n-aspol beir a anam dot árus féin.



Fé'n líg seo is díth liom, 's is cráidhte an bhroid
An tsaoi neartmhar, inntleachtach, Dáth geal Siosc,
Díogras na saoithe agus ráib an tsuilt,
Ba líonta de dhaoinibh de ghnáth a thigh.



Tigh gan doicheall do chothuigh i réim go fíor,
Is tigh do bhochtaibh nár bh'fholamh do bhéir a dhíon,
A Mhic an Ochta, do crosadh go géar fá spíon,
Cuir it fhochair an soirbh-fhear béasach, caoin.



Ba chaoin, ba charthannach, rabairneach é fé mheas,
Saoi glan, greannamhar, achmhuinneach, éachtach, ait,
Ní bhíodh air easbhaidh, is do chaitheadh le daonnacht greas,
Is a Rí na n-aspol, beir a anam leat saor ar neamh.


L. 76


Ar neamh go nglacaidh an tAthair an sár-chaoin ceart,
Fear mar Aicil i dtreasaibh ná cládhfaidhe a neart,
Is fada an t-aistear a gheabhainn in árd-chrích Airt
Sara bhfachainn samhail an tseabhaic seo ar lár fí'n bhfeart.



San bhfeart, mo mhilleadh, ar lár curadh cáidh, foirtill i ngníomh,
Fear na bhfriotal sámh, snidhte, grádhach, soilbhir, síoch,
Fear nár iomacháin duine fá olcas a ghnaoi,
Is fear san uile-cháil iomarbhádh cloisim nár stríoc.



Níor stríoc Dáth go bás i bhfearamhlacht,
Is níor fríoth cáil ná deárna a deagh-iomchar,
I na luighe tráth mo chás an fear fiúntach!
Is a Rí na ngrás tabhair áit it gheal-chúirt do.



Dot fhlaitheas sin agat feasta, a Rí na ngrás,
Fear calma, cneasta, gasta, díreach, Dáth,
Scafaire glan ba mhaith i ngníomh 's i gcáil,
Marbh san bhfeart is fada an díth is an cás.



B 1754 18L
MO CHRÁIDHTEACHT, MO LÁN-CHREACH.



Mo chráidhteacht, mo lán-chreach, mo chás brón-ghuirt,
Seán geal Clárach fáidh Ó Domhnaill
Marbh lag táir go bráth ar feódhchan
Seabhac den dáimh do b'árd in eólas.


L. 77


Eólas gan mórtas do bhí san bhfear,
Treórach na n-óg is na ndraoithe sean,
Dá 'neósainn a ghlórtha is a scríobhadh i gceart
Ba mhó san 'ná mór-chatha Traoi san stair.



Staraidhe do ghlan-scríobhadh an Laidean líomhtha,
Is é an taithighe do b'ait linn bheith seal 'na chuibhreann,
Is é dheasuigheadh gan faillighe an teanga Ghaoidhilge,
Is beidh a bhearsaí dá dtaithighe is dá n-aithris choidhche.



Choidhche biaid gníomha suilt Sheáin i gcló,
Scríobhtha age draoithibh is ag fáidhibh eóil,
Príomh-scoth na dtaoiseach nár stán i ngleó,
Díograis na saoithe agus grádh na nÓrd.



Órd na heaglaise leanadh i réim na suadh
Flós na Banba, cantaire léigheanta duain,
Ól is carsbhus chleachtadh gan chraos gan bhuaidhirt,
Is go deó biaidh leaba aige i bParrthas Éabha thuas.



Suas go flaitheas beir a anam a Dhé na gcomhacht -
An t-uasal gasta gan ghangaid gan phléidh gan mhóid -
Ní bhfuair sé masladh an fhaid sheasaimh san tsaoghal beó,
Is i dtuaith na n-aspol biaidh leaba aige saor go deó.



Go deó arís biaidh glórtha aoibhne Sheáin tar a éis,
'S is dóigh línn gur mó scríbh 'ná dáimh is éigs,
Ó's fóirlíonta cóir-bhinn an dán go ndéidh
Gan óll-bhaois, gan téolaidheacht, gan plás, gan bhéim.



Béim ná fiar níor thriall 'na shaothar súd,
Phéinix fial mar Liathmhain, laoch, a ghnúis,
Níor théarna riamh aon triath ba ghéire i gcúirt
Ag déanamh riaghal 's ag riar ar éigsibh iúil.


L. 78


Umhluighim go drúcht síos don éigse is fearr,
Munar thionnscnuigheas go ponnc-díreach séimh ar Sheán,
Clú thighis é, fút thíos é, a chaoimh-leac tá
Mo chrú chroidhe, mo chúl-díon, mo laogh, mo ghrádh.



Grádh croidhe bhí ag saoithe Fháil don bhflaith,
Den tsár-fhuil aoird nár stríoc dá námhaid i dtreas,
Fear áluinn groidhe, breagh, bríoghmhar, láidir, mear,
Mo chrádh gur díth liom thíos é ar lár sa bhfeart.



Sa bhfeart 'na dtárla in a luighe,
Is iomdha tréithe is ealadha,
Is iomdha feart-laoi deór guil
Ar líg Sheáin Mhic Domhnaill.



Mac Domhnaill, flaith chródha de ríghthibh Fáil,
Treón mear do stróiceadh le cloidheamh a námhaid,
An leógan do threóruigh mo dhíograis Seán
Is go deó biad go deórach ag caoidh 'na dheáidh.



'Na dhiaidh biad feasta go hatuirseach, dí-cháirdeach,
Ciachmhar, dealbh, gan aiteas, gan puinn fagháltais,
A Dhia beir a anam go flaitheas go síothchánta,
'S 'na dhiaidh gur dalladh mo dhearca le síor-chráidhteacht.



Feart-laoi: -



Orchra déar d'éigsibh is d'ollmhnaibh tuath
An soilbh-fheart léigheanta, saor-ghlan, foluighthe in uaigh,
Is obann do léigheadh dréachta ba dhorcha in uaim,
Is ba lonnardha an laoch léidmheach i mbothaibh na suadh.


L. 79


B 1738obc 18L
MO DHOCHAR-SA AN CRITH



Mo dhochar-sa an crith anois i gcrích ársaidh
Ag stolladh mo chuirp is gan cuisle im chroidhe láidir,
A thurraing nuair thig do bhris mo chlí im árainn,
'S is cosmhail mo chruth le buinne críon feárna.



Óm roscaibh go troigh bíonn tinneas síor-ghnáthach,
Is ó shlogadh gach luibh mo chuid ní dhileághaim,
Le brollach gach teine an chruth do scríobálaim
Gur follus an fhuil ag rith lem buidhe-shálaibh.



Is doiligh an doigh seo i luig mo chinn tárla
Gan chodladh me chuir le tuilleadh is mí is rátha,
Dom lorg ná 'om fhios ní thigid puinn cháirde
'S is cosmhail mar sin gur im choin le claidhe táim-se!



An donas go sciobaidh an crith ar phíopán leis
Nó a shlogadh sa mhuir gan filleadh fím dháil-se;
Go loiscthear san teine nimhe an buidhe-stráille
Crochaire an ghuid, do chuir me ar díth sláinte.



Mo chomairc fá'n nGein do thuit i mbroinn Mháire
Is do crosadh i gcrois ós coinne a chaoin-Mháthar,
Ó doirteadh leis fuil go dil ar chloinn Ádhaimh
Dom fhortacht ó bhroid go dtigidh an Rí grásach.



A shoilbh-fhir ghlic níl cion it phríomh-cháirdeas
Cé follus tu it fhile i slighte fíor-dhána,
Níl ollamh acht sibh do chluin mo chaoin-cháile
Nach doilbh leis me san chrith le trí ráithe.


L. 80


A stollaire is minic do chuireas laoi it dháil-se
Is níor chorruigh do phion cé dhuit-se is gníomh náireach,
Dá mb' ort-sa bheadh broid nó tinneas fíor-ghátrach,
Mo ghothanna goil do chluinfeadh críoch Fáilbhe.



Ó locais-se me mar dhuine phríobháideach
Is ná cloisim gur chuir ort toisc mo mhí-áirde,
Is follus ár gcion ag rith chun mí-pháirte,
Is a sconnaire an tsuilt sin briste ár bpríomh-cháirdeas.



B 1753 18L
MO LÉAN, MO CHÁS, MO CHRÁDH, MO DHEACAIR



Mo léan, mo chás, mo chrádh, mo dheacair,
Éamonn cáidh mac Dáith de Barra,
Phénix d'fhás d'fhuil ársaidh, neartmhair,
Faon-lag, táir ar lár fá leacaibh.



Fá leacaibh is díth liom sínte lag i dteannta
An scafaire grinn de phrímh na mBarrach seanda.
An garsa groidhe do bhíodh go fleadhach branndach,
'S i gcaismirt na gcloidheamh nár fríoth go meathta crannda.



Cranndacht ná clampar ná claon ná fiar
Níor shanntuigh, níor mheabhruigh sin, Éamonn riamh,
Ba cheannsa, deagh-labhartha, is ba shéimh, an fial,
Is do bhí annsacht gan fallsacht gan taod 'na chliabh.


L. 81


'Na chliabh mar ghéis níor thaobhuigh meang ná cleas,
Ba dhiadha réidh i mbréithre ceannsa ceart,
Riaghail Dé níor réab is níor cham ar neach,
Ba chiallmhar béasach tréitheach meabhair is meas.



Measaim-se gurab acmhuinneach a réim 's a rath,
Is gur cheangail leis an charthannacht san tsaoghal fhaid mhair,
Ba rabairneach san tabhairne le héigsibh dreas,
Is níor dhearmaid bheith aitheantach ar chléir na gceacht.



An cheacht do chleachtadh an scafaire fial, fiúntach,
'Na cheap le flathaibh a sheasaimh an riaghail dúthchais,
Ba mhaith a theastas ar talamh is a dhian-dúthracht,
'S go raibh a anam gheal i bhflaitheas ag Dia i gcumhdach.



Do chumhduigheadh, do chonnluigheadh na bochta dhen tsráid,
Is úr-chroidheach 's is umhal bhíodh dá bhfortacht de ghnáth;
Mo chnú dhíograis in úir sínte is doilbh an cás,
Is níor iompuighis do chúl línn go rochtain do bháis.



Bás déarach ag béithibh ag stathadh na gcuach,
Bás craosach ná léigeann san pearsa ar bith uaidh,
Bás chéas mise, thraochas mo dhearca go truagh,
An bás déidheannach san Éamuinn de Barra san uaigh.



San uaigh is danaid liom marbh i nDún Guairne
An suairc-fhear gasta ná caradh an rúm uaigneach,
Gruaim níor brathadh air, fearg ná dúil bhuaidheartha,
A Uain na bhflaitheas beir a anam dot chúirt suas leat.



Is leat do bhí i ndíograis a Dhé na ngrás
Fear ba bhinn laoithe is ba séimh i gcáil,
Fear do scríobhadh Gaoidhilg is ná déineadh plás,
Mo chreach fáth thaoibh cuibhrighthe a chaomh-leac bhán.


L. 82


A bhán-leac is nár dhuit ná glaodhann go húr
Ar fháidhibh, ar bhárdaibh is ar éigsibh iúil,
Go dtárlaidh an rábaire Éamonn fút,
Bí sásta go bráth feasta is déin go súbhach.



Ba shubhach, ba mhúinte is ba charthannach riamh
An t-úr-fhear so dlúth leat a gharbh-leac liath;
Níor dhiúltuigh a chongnamh ar eaglais Dhia,
Is níor shiubhluigh i gcumhangrach ar thalamh na bpian.



Go piantaibh nimhe nár thuitir i gcumhangrach géar,
A ghliadhaire ag oinigh ba mhinic go súgach séimh,
Ba chiallmhar tuigseach do fhriotal gur mhúch thú an t-éag,
Mo chiach, mo thuirse, mo mhilleadh, mo chumha, mo léan!




B 1755ob 18L
MO THUBAIST GHÉAR, MO LÉAN



Ar bhás Mhuiris Méadhach.



Mo thubaist ghéar, mo léan, mo scíos, monuar,
Do ghoid mo ghné, mo scéimh is m'intinn uaim,
Sileadh déar 'na dtréan-rith linnte óm ghruadh,
Muiris Méadhach fé bhéilic sínte in uaigh.



San uaigh is doilbh an soilbh-fhear sásta, séimh
Stuama, socair i bhfoclaibh lán de chéill,
Dá mbuaileadh orm i mbolg nó i lár an lae,
Is cruaidh do chrothfadh mo dhorn 's do b'fháilteach é.


L. 83


Bhí éifeacht is tréithe agus ciall 'na ghlór,
Is ag déanamh na déarca níor iaidh a dhóid,
Éimhin go héigneach ar Dhia na gcomhacht
A réidhteach a' géibheannaibh pianta is brón.



Brón ná goirgeacht dochma níor thaobhuigh an fial,
Is fós níor chodail an doicheall 'na thaobh geal riamh,
Comhursa shocair ar bhochtaibh ní dhéineadh spiach,
Is do gheóbhainn-se solas 'na lochtaibh dá mbéadh ann iad.



Ní hiad a lochta do bhrostuigh chun báis an fear,
Acht Dia geal d'oibrigh solas na ngrás 'na char,
Mo chiach, mo dhochar, a cholann ar lár sa bhfeart,
An fial ón ocrach locartha a lámh nár chrap.



Níor chrap a mhéar, níor thréig an truagh ná an lag,
Ba mhaith a mhéinn, a scéimh, a ghruadh is a dhreach.
Mo chreach a chéile ag éaghamh is ag bualadh a bas,
An bhean gan chlaon nár thréig go luath a fear.



Fear gan ghangaid, gan chealg, gan labhartha pláis,
Fear gan bhladar 'na theangain, 's nár cham ar chách,
Fear do sheasaimh i ngradam go ham a bháis,
Is go raibh a anam i bhflaitheas na reann go bráth.



Go bráth aitchim ort, it chathair ghil, rad grása, a Dhia,
Ar anam gheal mo charad-sa nár sháruigh riaghail,
Carthannach le heaglais ba ghnáth an fial,
Seabhac suilt san tabhairne nár cáineadh riamh.



Riamh níor bhraitheas air ainbhfios fiar ná cam,
'S is fial a theastas ar mhaitheas ag cliar na gceall,
Is diadha salmach ghairmeadh Dia gach am,
Is a Thriath na bhflaitheas nárab eagal dó diabhal ná deamhan.


L. 84


B 1737 18L
MO THUBAIST MO DHANAID.



Mo thubaist mo dhanaid, mo dheacair mo léan mo chreach
Rudaire an Ghleanna gan tapadh fít thaobh a leac,
Curadh mar Aicil i dtrascairt na Trae, sa bhfeart,
Nó Oscar ba chalma gaisce den Fhéinn ar fad.



Is fada nár fágadh mál do b'fhéile clú
Marbh in ár ná táir lag faon in úir;
Níor chailleadar fáidhe Fáil go léir a gcúl
Gur trascradh Seán an ráib den nGréag-fhuil úir.



In úir is díth an tí seo chanaim im dhuain
Nár dhiúltuigh draoithe laoithe seanda suadh,
Túr mar ghríobh d'fhuil ríghthe Dheasmumhan mhuair -
Sin cumha agus sceimhleadh críche Banba in uaigh.



San uaigh mo chrádh a lámh dheas ná critheadh in am,
I gcruadhtan árd-ghádha ná i siosma na lann;
Ba chruaidh an bás gránna nár bhrisis a cheann -
An truaille táir cráidhte ler cinneadh an feall.



Is feall fiadhnach in iathaibh Fháilbhe is Airt,
'S is fann triatha in a dhiaidh ag tál a ndearc,
Ceann ciallmhar na ndiagh-bheart nár sháruigh lag,
Tá an Gleann grianda go ciachmhar is Seán sa bhfeart.



San bhfeart 'na dtárla an ráib ba lonnardha cneas
Ba cheart di gáir ó tháine an sonas 'na clais,
Rachmas dáimhe fáidhe is posta na lag,
Is ceap nár cládhadh le sáir an borb i dtreas.


L. 85


Treas calma le danaraibh do b'é do dhúil,
Ba bheart athardhais don bhfaraire gan staonadh ar gcúl,
Creach atuirseach do leathanuigh ar bhéithibh Mumhan,
Is creach ghreadaithe na Banba go léir tu in úir.



San úir is dochar do cholann go faon gan phreab,
is it ghnúis gan dochma do chothuigh an fhéile a nead,
Is cúrsa donais go follus in Éirinn Airt,
Is níl trú dá bhoichte ná goileann it thaobh-sa, a fhlaith.



Flaith ba ghile do b'fhinne is do b'fhéile cáil,
Flaith nár choinghibh ón uireasbhach léigheanta a lámh,
Flaith chomh oinigh níor geineadh ar Ghaedhlaibh Fáil,
'S is tearc fós duine ná fuilid ag éigheamh 'na dheáidh.



In a dheáidh síos cois Máighe míne is Sionna na dtonn
Tá gáir-chaoidh ag mnáibh sídhe agus siosma go lom
Tug árd-scíos i gClár Chuinn i gcroidhthibh na n-oll
Is go bráth díbh ní bhfágham díoghal in' ionad ná cabhair.



Cabhair crích fód Fódla mo Mhuimhneach mear,
Dragan, gríob óg cródha nár stríoc i gcath,
Mo ghreadadh croidhe ag dreóghadh an leóghan do b'aoirde meas,
Is ba ghamhain cích deóil damh-sa go fíor an fhlaith.



Flaith oinigh fhoirtill de bhorb-fhuil ríogh Gréige,
Seabhac do folcadh i dtobar na naoi mbéithe,
Tar easaibh tar portaibh do mhogalluigh mín-Thétis
Ó leagadh fé chlochaibh an posta ba dhíon d'Éirinn.



In Éirinn Airt ní raibh lem linn-se beó
Laoch ná flaith do b'fhearra gníomh is cló
'Ná an té seo lag gan phreab 'na luighe fén bhfód
Phéinix fleadhach feasach, fíor is flós.


L. 86


Tá flós na Banban marbh i gcill tuamba -
Leóghan gan chealg an seabhac do b'fhíor-uasal -
Thug brón ar fhearaibh, ní taise gach rí stuama
Is fós is mairg do mhaireann ó sceinn uatha.



Uatha ó ghluaisis a scafaire an ghrinn,
Is uaisle gach tuatha gur gairid do ghaol
A Uain ghil atá thuas in sna flaithis, ort guidhim
Dá fhuascailt dá stuanadh dá fhaireadh is dá dhíon.



Díonaidh a Rí ghil, a chara is a Uain,
An tí sin ba dídean dot eaglais uair,
Fuighlach na saoithe do cheannachadh duain,
Do dhíogadh na fíonta is a scaipeadh gan chruadhas.



Cruadhas ná conailleacht ghustail ní dheárnaidh riamh
An gruagach trupach do b'oscardha dána i ngliadh,
Luach mo churaidh ní furusa d'fhagháil 'na dhiaidh,
'S is truagh nár thugais mo chumann ón mbás, a Dhia.



A Dhia ghrádhaigh ó's riaghail bás dár síor-shiolladh,
Is riamh tá ar gach triath árd 'na mhír-bhurra,
Mo dhian-chrádh mar thriall Seán an rí-churadh
Is ciach gnáith 'na ghrianán gurb í an tubaist.



An Ceangal.



Mo chrádh a ghorm-leac go molfainn leat do chéile mhaoidheamh,
Tá an sonas ort, glac socaireacht let shaoghal arís,
Is an ráib fhoirtille, an cháidh chosantach, 'na shlaod let thaoibh
Seán oirdhearc breágh an bhrolla-ghil den nGréag-fhuil aoird.



Mo chás mo dhanaid mo dheacair mó léan mo scíos
Seán an Gearaltach calma faon san gcill -
Bráthair Charathaigh Chaisil Chuirc, Néill is Chuinn,
D'árd-shliocht Seanaide, Chalainne is Méin' na ríogh.


L. 87


B 1720 18T
NÍL TAITNEAMH SAN NGRÉIN.



Níl taitneamh 'san ngréin, tá éiclips fola in a diaidh,
Ar easaibh níl éisc, san ré níl solas le cian,
Níl lacht ag an dtréad 's is éadtrom toradh na bhfiabh,
Ó thachtadh le héitheach Séamas posta na gcliar.



An faraire tréan nár ghéill, mar Oscar, i ngliadh,
Ba chalma béim tug céadta locartha i bpian,
I nglasaibh go daor, gan réim gan cothrom gan rian
O tachtadh le téad mo léan i gCorcaigh gan riaghail.



M'atuirse féin nach créacht i gcogadh na stiall
I gcaismirt na dtréan nó piléar a thóllaidh do chliabh,
Nó cealg ón éag ná réidhfeadh ortha ná liaigh
Do mharbh tú féin sar ar dhaor an coiste thu riamh.



Atá an Carn gan chraobh, gan féar gan foithin gan fiadh,
Gan ealta gan éan is an spéir go mogallach riabhach
Ó leagadh san ngaorthadh méirdreach coitcheann na bhFiann,
In Aiceron bhréan go dtéigh dá folcadh gan chiall.



Do cailleadh le Déirdre féach Mac Uisnigh na srian
Samson lé Délia, Aonghus, Conall is Niall,
Harcuil do thraoch gach laoch san Oilimpic thiar,
Is measa liom Séamus tréith lag marbh 'ná an chliar.



Do cailleadh an laoch le claon an choiste go dian,
Is do chailleamair é le héifid lobhtha na bpiast,
Eascaine Dé go dtéigh chun dochair 'na diaidh,
Is mallacht na naomh ar Éamonn, colpa an diabhail.


L. 88


B 1722-23 18T



NÍ SORCHA NÁ DONNCHADH



Ní Sorcha, ná Donnchadh cér thréan an fear
Is orchra dom ghonaibh-se ná a thraoch me lag,
Acht lonna-bhile coscarthach nár staon i dtreas
Do fothragadh i bhfolannaibh na nGréagach mear.



Dá mb'ollamh soithimh socair me nó éigeas ceart
Is go molainn sibh níor dheocair dam a Réamuinn, feacht,
Acht gur follus do gach tormaire uile in Éirinn Airt
Na folanna as ar toghadh ar gach taobh tu, a fhlaith.



Ar dtosach duit fuil oirdhearc Mhéine is ceart,
Is borb-fhuil lonnardha na bPaorach mear,
Do fothragadh go foirtilleach, ní bréag an stair,
I bhfolannaibh forasta na réx ba sean.



Le Conall borb Golban ag gléas chun cath
Nó Cormac torann-trupach saor Mac Airt
Do chosmhalas tu, a chrobhaire nár thréine Tailc,
Ler torchradh naoi n-ochtar glic den bhFéinn i dtreas.



Toircheas na crobhaing-ghile is féile dreach
Is doilbh liom fé ghorm-lic i gcré go lag,
Do b'ollamh glic, do b'oirfideach, ba laoch, ba flaith,
Is níor togradh béim fhollus ort acht pléascadh fear.



Seo an t-orchra do ghoirtigh me is do thraoch mo chreat
Is thug Nodlaig dam gan soilbheas, do chaoch mo dhearc,
Fá ndoirtim-se na srotha guil go pléascach pras,
A obainneacht do dhoirchigh an t-éag do dhreach.


L. 89


Is léan liom go faon-lag i gcill tuamba
Réamonn, an Gréagach mear fíor-uasal,
Réaltan na Féinne ná bíodh gruamdha
Is an Phénix ná léigeadh dom chlí bualadh.



Ceangal.
Ó's riaghail gach iagadh de dheascaibh báis cuirp,
Is gurab iarsma atá riamh ann is gurab acht go bráth soin,
A Dhia ghil beir Riamonn ar dheis do láimhe liot,
Is maith a fhiacha dhon triaith ghlic ba mhaith san tábhairne.



B 1754ob 18L
SEASCAD DE BHROINNEALAIBH



Seascad de bhroinnealaibh innealta cuanda cáidh,
Gan faice dá n-ionar ó uisinn anuas go sáil,
Tabhair don bhfile ghlan-tuigseanach uasal Seán,
Seabhac an oinigh a d'imthigh gan tuarasgabháil.



Cantaire fileata sioscathach duan is dán,
Preabaire an mhisnigh ba mhinic ag bualadh cláir,
Radaire tuigseach i ndlighthibh na suadh an sár,
Is bladartha milis do chuirfeadh san cluain ar mhná.



Do mheasas go gcuirinn fín gcruinne go buan do thásc,
Fá shleasaibh gach doire is glas-choille go Cluain Stocáin,
Bean feasa dham d'innis gur fhillis go tuathaibh Fáil,
Is nár bh'fhada go dtuiteadh an fhuireann do ruaig thu, ar lár.


L. 90


Aithchim-se dhuit-se ar Mhac Muire, geal-Uan na ngrás
Nára fada go bhfeicir an briseadh ar an Uachtarán,
A maireann 'ot mhioscais do thuitim go luath chum báis,
Is Carraig Ó gConaill 'na mbroinnibh anuas ar lár.



Tá míle is céad baoth-ainnir chneasta, chaoin, cháidh,
Gan toinnte 'en tsaoghal d'éan-bhrat ar dhealbh aoin-mhna
'Gem chroidhe gan chlaon gléasta go ceana-bhuidheach grádhach
Dá scaoileadh in aon tréad ghlan don tseanchaidhe Seán.



Seán fileata, feasach, ceap na laoithe árda,
Seán tuigsionach tapa ag freagairt fíor-bhárda,
Seán ciste na ranna, a mheath is fíor-chrádh liom,
Is Séan d'imthigh gan feas tar lear is díoghbháil ghuirt.



B 1720 18T
SIN FOLAMHUGHADH DAOR CLÉIRE



Sin folamhughadh daor cléire fó iaith Chláir Chuinn,
Is bochtnughadh tréad mbaoth-ghlic ón ndiadhaire árd ghlinn,
Solus-chnú caomh cléire is a ngrianán grinn,
Le Conchubhar séimh glé-shnoidhte Ó Briain fá líg.



A líog oirdhearc fír folachadh ár dtreóraidhe suairc,
Bí soirbh leis, níor ghoirgeach an deóraidhe luadhaim,
Maoidheamh orainn-na ní deocair duit is lóistín uaimh,
Caoidh poibleach trí an orchra cé cróilidhe cruaidh.


L. 91


Cruadh-chás doilbh gan fortacht d'fhuil Éibhir Fhinn,
An luath-bhás obann tug osna gach n-aon den bhuidhin,
An suadh sámh soirbh do b'fhoirtille tréithe dhíobh,
In uaigh tráth foilighthe stopadh gach dréachta grinn.



Greann le gnaoi gaoismhar is béalrádh fial,
Is meabhair gach fíor-inntleachta a chéad-ghrádh riamh,
Annsacht dlighe an Choimdhe go n-a théacht fá chriaidh,
Is dar leam-sa is tuinn díscthe dá éis Fáil Fiann.



B 1738 18L
SIN ORCHRA LEÓIN DO GHLÓIS AR ÉIRE



Sin orchra leóin do ghlóis ar Éire,
Do bheir scéimh bhróin ar óg 's ar aosta,
D'imthigh an lonnradh a' súilibh Phoébus
Ó chuaidh Liam Ruadh go luath fé bhéilic.



Tá gáir chaointe ag mná sidhe gach maol-chnuic,
Aoife, Áine, Gráinne is Déirdre;
I scolaibh na ndruadh tá gruaim le tréimhse
O chailleamair tighearna is triath na héigse.



Och! mo bhrón! cá ngeóbhad-sa it éaghmais,
Cé scaoilfeas dam laoithe ná dréachta,
Is me an donán diombhádhach déarach,
Im fhál le deacair, a charaid, ó d'éagais.


L. 92


Mo mhallacht don bhás do tháinig 'ot éileamh,
Is nár thug grádh dhot cháilibh léigheanta,
Is nár ghlac uait-se duain ná dréachta,
Is go bhfuil sáith mhíle dhíobh sa chré agat.



Bhás an Choitirigh, clogad na céille,
Tubaist choitcheann do crothadh ar Éire,
Bheir an dochma so ar scothaibh na cléire,
Is do chaith teimheal ar inntleacht éigse.



Ní tirim gan chaoidh do chaoinfead féin tu,
Do threabhadar deóra ród im éadan,
Is damh-sa ba chóir soin do dhéanamh,
Ba chomh-ghrádhach ár gcomh-pháirt le chéile.



Ní raibh le cian in iathaibh Éibhir,
File ná fáidh ná dáimh ná cléireach
Do b'fhearr chun dán a rádh is do dhéanamh
'Ná an t-éigeas ruadh fuair buaidh gach céirde.



Do bhí feallsamh gan fallsacht 'na bhréithre,
Do bhí sé súgach múinte tréitheach,
Do bhí sé cabharthach bronntach déarcach,
Ceannsa cráibhtheach lán de dhaonnacht.



Cá ngeóbhaidh feasta an teanga Ghaedhilge?
Cá ngeóbhaidh ceart is blas gach dréachta?
Táid sin uile is a thuilleadh nach léir dam
Ag Uilliam Ruadh san uaigh mo mhéala.



Ní deárnadh riamh in iathaibh Éilge
Le dáimh dá ársa is dá ghéire
Dán doilbhthe dorcha daor-cheast
Thar mar do cheapadh an faraire gléigeal.


L. 93


Do chonnac-sa an sár-fhear láidir léadmhach
In a churadh nár thláith i mbeárnain bhaogail,
In a chúinne mar Lughaidh i spéirlinn,
Nó an tOscar úr i dtúis na Féinne.



Do b'uaibhreach a ruathar ar aonach,
Do b'fhada ar riascaibh rian a léime,
Ar mhéad a reatha nó ar chaitheamh na ndaor-leac
Nó ar chamán a chompráid ní léir dam.



An Ceangal.



Mo thurraing, mo phian, mo chiach mo dhochar mo phudhair,
'S is tubaiste bhliadhnach iarsma doilbheas dúinn,
Is dursain do thriathaibh iaithe foirtille Mumhan
An curadh ba riaghalta, Liam Mac Coitir in úir.



San úir ó cuireadh an file do b'fhearr san iaith,
Is dubhach 's is tuirseach táid fir agus mná 'na dhiaidh,
Níor dhiúltuigh duine fén gcruinne fár lámhuigh riamh -
Ughdar tuigseach glic, ciste agus grádh na gcliar.



B 1755ob 18L
SMAOINIGH, ÉIRIGH, FÉACH.



Smaoinigh, éirigh, féach gur fada do shuan
Críoch do shaoghail mar spréidh dhen lasair ar luas,
San oidhche ar dtraost duit éighimh ar hathair go cruaidh
Is gur bíodhbhaí baoghail an t-éag, an leaba is an uaigh.


L. 94



THÁINIG BÉ CHAOMH CHNEASTA.



AISLING:



Tháinig bé chaomh chneasta im leaba luighe araoir
'S do lámhuigh mé a géar-mhama ganna-chruinn mín;
Do bfhearr liom téacht fé shlap a matail chaoil doinn
'Ná trácht ar ré Chaesair nó feacht uim rí Thraoi.



Ba scaipeach caomh glé-ghartha casta buidhe a cíp
Ag teacht 'n-a dtraost léi-si go barra a troighe síos,
Is glan do léigheadh Gaedhilg is ba bhlasta a scríobh pínn
'S is maith a téx Beárla ler chealg sí sínn.



d'aithin me is déarfad gur aisling í fíor -
Nár neach den tsaoghal bhraonach ná ar thalamh í 'e mhnaoi;
Do phreabas féin d'aon turraic thapa im shuidhe 'e bhíodhg
Is do chaitheas léim éadtrom nuair theastuigh sí 'em buidhin.



Do sheasaimh mé is dfhéachas cár ghaibh an tsidh-mhnaoi
Do bhain mo ghné, m'éifeacht is leath mo chroidhe dhíom,
Do thugas léim éachtach a' reatha i gcuing bhuinn
'S níor stadas d'aon tséirse go Caiseal ríogh Gaoidhal.



Ar dteacht dam fé chaomh-bhrog na n-ainnear slímh sídhe
Do leagas réim-thréimhse dem dhearcaibh fí'n mbruidhin
Gur feasraidh bé mhaordha go cneasta caoin díom
Créad an taobh d'Éirinn in ar gabhadh críoch línn.



A ainnir chéibh-léabhair gheanmnaidhe ghrinn
Ghasta shéimh shéaghanta leanbaidhe chaoin
Tháinig mé i gcéinibh 's ag brath a trí bhím
'S a brághaid mar ghéis léighimse, gur shatail sí im bhruidhin.


L. 95


Do ráidh an bhé mhaordha nach fada bhí a moill
De ráidhtibh glé léigheanta mar chanaid draoi laoi
Gur bh'ádhbhal-scéal éachtach i bhfearann Chrích Chuinn
Dá ngrádhadh an ghéag bhéal-bhlasta bhalsam-bhinn sínn.



A mhaiseach shéimh bhéasach na nganna-chích gcruinn
Aithris féin scéal dam cár ghaibh an tsidh-mhnaoi
Tharraing mé i gcéimibh 's i gcneadaibh clí i gcoim
Is gan agam trém shaothar acht amharc laoi bhinn.



Dá maireadh tréan-Aonghus ler mealladh Queen Díd
Nó Achilles éachtach lér cailleadh buidhean Traoi
Nó an fear do thréig Médea nuair ghaduigh sí an fleece
Neach den phréimh éachtaigh ní ghlacfadh sí dhíobh!



An Ceangal: -



Ar chanadh na rann sin do bhann-draoi shéimh damh-sa
Do dhearcas 'na cealltair meabhair gach céim eolais,
Do chasas ar ball i gceann mo chéad nóchair
'S ní radfad mo ghreann do Ghall ná 'o Ghaedhal tóirsi!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services