Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sídh-Cheól II

Title
Sídh-Cheól II
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Breathnach, Pádruig
Composition Date
1760
Publisher
(B.Á.C.: Brún agus Ó Nóláin Teor, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


2. MO SHLÁN-SA FEASTA.
Mo shlán-sa feasta le hádhbhacht a's aiteas,
Ní fuláir liom casadh le críonnacht,
Ó thárla i gceangail 's i bpáirt ná scarfaidh
Go bráth le hainnir an aoilchnis.
An tábhairne sheachain a's rás na gcapall,
Báire, ragairne's rinnce,
Na trátha fhreagairt a's rádh na bpaidear
'Sé is fearr d'fhear caithte mar taoimse.



Éifeacht glacfad a's tréagfad leamhas,
Ní dhéanfad spairn ná bruigheanta;
Scléip ná magadh ní baoghal go leanfad,
Beidh an saoghal dom tharraing chun caoimhnis;
Bréithre cneasta agus féachain fhada
Chun céille ghlacadh dáríribh,
Glaodhach go hanamh ar éil ná ar chnagaire,
'Sé bheir acfuinneach mílte.


L. 7


Mo mhíle bheanacht arís an fhaid mhairfead,
Do bhaois na beatha a's dá muintir,
Slighe gan mhairg a's aoibhneas aigeanta
Líonas d'aiteas mo chroidhe-se;
Ní bhíon sí ach tamal ag rígh dá rathmhaire,
Puinn dá maitheas ní mhaoidhim-se,
'S é a críoch a casadh mar scaoilean sneachta,
Cé shíleas leanamhain dí choidhche.



Séamus de Barra.


L. 8


B 1926 19>
<G M ?>
U 2001
B
3. A MHÁIRE A RÚN.
A Mháire a rún, is tú bláth na n-ubhall,
Ná mealladh Muímhneach thú, a ghrádh,
Do chuirfeadh sé i gcéill duit, le briathraibh béil,
Chúig chéad bréag ann dhá uair de lá.



Do b'fheárr liom féin tú bheith choidhche i gcéin,
Mar bhídheas na céadta ban is feárr,
Ná bheith pósta ag réic tú do shiubhal an saoghal,
Ag déanadh bréag 's ag mealladh mná.


L. 9


Do shíl mé, 'stóirín, mar do bhí tú óg deas,
Go ndéanfá deónadh ar éalódh liom,
'S nach bhfuil tráthnóna ná oidhche Dómhnaigh,
Nach tusa an tseóid bhíodh ar an mbealach romhann.
Do shiubhalfainn bóithre agus coíllte cnó leat
Choidhche a's go deó, ní bheadh orrainn brón,
Dá mbéinn dom phósadh leat, a mhíle stóirín,
'S mo lámh go módhmhar ad' bhrollach bhán.



An cuimhneach leat an oidhche úd, um Fhéile Bríde,
A rabhmair thíos ar an Mullach mór,
Is duit-se, a fhaoilean, thug me gean le díograis,
Mar a bhí tú aoibhinn, deas, áluinn, óg;
Is tú go cinnte do mharbh m'íntinn,
Agus leágha na Mumhan ní dhéanfadh mé slán
'S go bhfuil mo chroidhe 'stigh n-a mhíle píosa,
Nuair nach bhfaghaim cead suidhte lem múirnín bhán.



A réiltion mhín tais, ná tréig mé choidhche,
'Sa liacht codla oidhche do chaill mé leat,
Tá fuil mo chroidhe 'stigh 'n-a bhradán chríona
Le gean dod' ghnaoi a's dod' cháil, a shearc
M'uchón óch! a's mo mhíle brón guirt!
Gan an oidhche rómham 's mé pósta leat!
Ach 'nois ó's eól damh, go bráth nach gheóbhair liom,
Mo mhíle stóirín, mo bheannacht leat!


L. 12


B 1910c 19>



5. BACACH BUIDHE NA LÉIGE.
"Go mbeanuighe Rí na Naomh anso, Muire 'gus a hAon-Mhac,
Is donáinín bocht aosta mé gan tapa bríogh ná lúth
Nár tháinig riamh d'bhúr n-éileamh a's tá 'nois ag iarraidh déirce,
'S a bhean a' tighe, bí éascaigh a's léig mé chun siubhail."



"A bhacaigh bhuidhe na Léige, ní mhaoidhim anois do dhéirc ort,
Agus mná eile an tsaoghail gur ag doicheal romhat-sa bhíd;
Ag siubhal cois coillte a's caolta, ag trácht na slighe 's tú at' aonar,
Ag luighe ar bheagán éadaigh agus ar chaol-chuid an tighe."



"Suidh-se síos a's déin reast a's glac go bog an saoghal so,
Beidh mórán mór at' dhéigh dhe dá mhéid é ann do dhuil,
A d'iarraidh saidhbhris a dhéanamh ag gabháil do mhálaí déirce,
Muirighin n'fheicim féin ort a's taoi'n tú garbh úr."


L. 13


"A chailligh bhrocaigh mhéirscrigh, is olc an díol i ndéirc é
Do dhonáinín bhocht aosta atá 'n-a aonar go dubhach;
Mo mhálaí dhíom do léigfinn a's mo cheantíní le chéile,
A's lem' bmaide croise phléascfainn thú féd' bhéal uaim anonn."



"A bhacaigh stad dot' bhréithribh a's ná tabhair a thuille 'et bhéal dam,
Nó ar na fir isteach do ghlaodhfainn chun do phlaescín do bhrughadh,
Mar a nglacfá prátaí ar scéith uaim atá tirm, plúrach, pléasgach,
Nó deoch de bhainne ghéar a's bheith buidheach chun a' siubhail."



"A chailligh shalaigh shéidhte is measa cáil i nÉirinn,
Níor mhaoidheamh ná mustar d'aoinne mo phlaescín do bhrúghadh,
Is tú an caile is measa tréithe dá bhfeaca-sa i n-aon bhall,
Mo mhallacht-sa go héag ort, a's nílim buidheach chun a' siubhail."



"Ní ghlacfainn prátaí ar scéith uait ná deoch den bhainne ghéar uait,
Ach lomra na caorach is é do b'fhearra liúm,
Scilling gheal chun tréite nó uibhe na circe léithe,
Sin é an uair a déarfainn go mbeinn buidheach chun a' siubhail."



"Go marbhuighe glan an tréith thú, is beag do ólfainn féin dé,
Ach cíos a's cáin ag glaodhach orm gach lá ós mo chionn
Mara n-imthighir uaim fé bhuidheachas a's gan teacht go bráth 'om éileamh
'Sé an t-uisce te do thaoscfainn ort féd' bhéal uaim anonn."



(Tháinig fear a' tighe isteach ansan agus dubhairt sé: -)



"Éirig at' shuidhe airiú, a Mháire, a's téirig go dtí an mála,
A's tabhair dó gabháil mhaith de bhán-olann uain,
Cuir scilling gheal 'na láimh dheis chun dul go dtí a' tabháirne,
Nó tabharfa sé dhúinn náire thar bacachaibh na Mumhan.


L. 20


B 1755obc 18L
GzzzzzL
U 0242
9. SEIBÉAL NÍ BHRIAIN.
A ghéis ghartha ghlégheal, a bhé mhaiseach bhéasach,
A chraobh chneasda chéimleasc de mhaithibh síol Táil
A aon-lasair scéimhe na n-aol-bhan le chéile,
A bhéal tana'n déid ghil na labhartha sámh.
Is tréan teacht do thréithe le féidhm mhaith na féile,


L. 21


A's d'aolchrobh le daonacht is tabharthach tásc
Don taisdealach tréithlag, don aimid gan éifeacht
Don lagar le haostacht is tú a gcabhair 's a scáth.



Mar bharr ar gach léan-lot do mhearaidh mo chéadfadh,
'S d'fhág dealbh gan chéill me am' bmeathach mar táim,
Gur chailleas-sa laochra ba cabhair dom éigean,
Fearachoin éachtach Chaisil 's Chláir.
Do cheanglas le nuadhchar flaith ceannsa de'n chuaine,
Ó Antruim na nguais-bheart 's ó Albain árd
De Chlann an Cholla Uais mhir fuair Teamhair 's Tuadhmhain,
I ndán san 's i ndualgus na n-aithreach ó'r fhás.



Aodh Buidhe Mac Cuirtín.


L. 34


B 1901 19>
<G M ?>
U 2001
B
16. RACHAD-SA A'S MO CHITÍ AG BHÁLCAEREACHT.
Ó rachad-sa 's mo Chití 'bálcaereacht amach tré sna sléibht' ó thuaidh,
Nú chun oileáinín mara 'n-ár n-aonar mar a dtéighean na héin chun suain.
Do shínfinn síos mo thaobh leat, a's ad ghaor ní léigfinn an fuacht,
A's d'fhanfainn ansúd ad' aodhaireacht go gcuirfinn mo laogh chun suain.


L. 35


A té a mbíon ba aige 'gus caoirigh is seascair a bhíon 's is suairc,
Fé n-a charabat síoda a's a hata breágh díonmhar buan;
Fóraoir, ní mar sin a bhím-se, 'siad m'oscala a bhíon go fuar,
A's is aindeis an fear 'ge mnaoi mé, gan tack ar mo mbaíll ó'n bhfuacht.



A's a Chití, nach náireach mar scéal duit, má imthighean tú ar ao' cor
uaim,
A's gur gheallais don tsagart ná déanfá mé mhalairt go raghainn
don uaigh;
Ó cuireadh bocht dealbh sa tsaoghal mé a's mo charaid go léir fé chruaich,
'S a Dhia! go mbeirir chughat féin mé ó d'imthigh mo chéad shearc
uaim.



Ciach ar an sagart so phós mé nár fhág me i dtreó na mban,
Ag suidhe 'dteannta cailíní óga, ag ithe 's ag ól 'n-a measc;
Sin trí nidh do dhubhaigh a's do bhreóidh me, me cheangal go hóg le raic
Nár fhág me ag cnuchairt na móna, nó ag seóladh na mbó tar lear.



Tá sioc agus sneacht' ar na sléibhte, a's mise liom féin 'á siubhal,
Ag féachaint cá bhfeicinn mo spéir-bhean bhí bachalach glégeal fionn;
Ba ghile ar a com í ná Bhénus, a's ba bhinne ar a béal ná an fhliúit,
A's dá bhfeicinn mo chuman 'n-a haonar do thabhairfinn de léim í
liom.



Is eól dom coite do dhéanamh, a's muillean do ghléas ar linn,
Báid agus loingeas 'á réir sin, a's a gcaitheamh ón ché ar an dtuinn;
Do scríobhfainn leabhar Laidne nó Gaedhluinn chomh cliste le haon
mac rí,
A's thar cailíní deasa na hÉireann 'sí Cití Ní Néill mo bhuidhean.


L. 36


A's rachad-sa 'on Daingean amáireach, a's ní misde le cách mo shiubhal,
Ní'l ór buidhe agam ná pláta, a's ar uisce ní shnámhann mo long;
Ní'l aon nidh eile le rádh liom ach fairsinge a's fán am' chionn,
A's go mb'fhearra liom ainnir chiúin mhánla ná bean a's na táinte
púnt.



Ceannóchaidh me bhest agus bríste do mairfidh le saoighil na bhfear,
A's ní bhearrfad an fhéasóg díom choidhche go bhfásaidh sí míle ar faid;
Scaoilfad ar sileadh liom síos í mar lomra ar chaora ghlas,
A's mar a bhfaghad-sa bean ins an tír seo imtheóchaidh mé síos amach.



Fearthainn a's dith agus léir ort ná fanann uaim féinig síos,
Gan teacht ar an mbaile seo i n-ao'-chor ag mealladh mo spéir-bhean
ghrinn;
Budh dheas í a mala ró-néata, a's mar mheasaim, a taobh deas síos
A's nach mór an damant duit féinig a bheith 'á mealladh uaim féin
le draoidheacht.



'Sé súghlach na h-órnan do b'fhearr liom, 'sé thógann an ceó dem'
chroidhe,
Brannda beirithe a's pórter, a's siúicre mórán tríd;
Cailín beag deas a bheith láimh liom do leigfeadh mo lámh ar a píop
A's dá mbeinn-se ag ól go dtí amáireach ní leigfeadh mo ghrádh
dhom díol.


L. 62


B 1926 19>
<G M ?>
U 2001
B
28. TOMÁS DALL Ó DOMHNALL.
(An Buachail Óg).
Ó is Shiar i mbruach an tsléibhe tá'n cailín múinte céillidhe,
Go dtug mo chroidhe dí spéis 'á mbféidir damhsa a fághail;
A's gur cosmhail leis an ghréin í, nó réalt na maidne ag éirighe,
A's bheirfeadh póg dá béilín na céadtaí ó'n bhás.



'gCluin tú mise, a Róise, ólfaidh an dall do chlócaí,
Ní fhuighfidh sé in do phócaibh feóirlinn nó píghinn;
Beidh tú 'ach uile Domhnach a's béidh do bhrat mar sheól ort,
'Siubhal ar fud na comhursanacht' ag tógáilt do chíos.



A's nach mise a bhéas go brónach ag amharc ar mo stóirín,
Gan fiú na bróga uirthí, nó cóta, le n-a saoighal.
Má ghlacann túsa comhairle agus buachaill óg a phósadh,
Béidh mise 'gus mo stóirín ag ól ár gcuid fíon'.


L. 63


An Dall.
A thaisce, 'gus a chéad searc, ná creididh thusa na bréaga,
Ná cuirfidh siad i n-úil duit a dtig leobhtha a ráidht;
Má chaill mise an radharc níor chaill mé lúth mo mhéara,
Bheirfead ól ar aontaigh' dhuit agus pléisiúr do sháith.



Béidh 'ach a'n sgafaire gan chéill aca go fóil ag iarraidh déirce,
A's 'á mbaineadh daobhtha a ngaola ní bhéadh aca pighinn;
Ach béidh mise agus mo chéad searc agus ór againn n-a chéadtaí,
Béidh leapthacha clúimh éan againn i n-éadan an toighe.



An Cailín.
Chuaidh sí annsoir a hathair, a's labhair sí leis go dána,
"A dhaidi ná bíodh cás ort fá'n nídh go bhfuil mé 'triall;
Ní phósfa mé go bráth é, an fear atá tú ag ráidht liom,
Go dtigidh rí na Spáinne, na Fraince, a's na nGaoidheal.



An t-Athair.
A inghéan bheag na páirte, gur doiligh liom a ráidht leat,
'Sé mheasaim-se gan amhras gur chaill tú do chiall;
Má's cúis é a bhéas deánta a's nach dtig liom-sa 'chur eadraibh,
Teann rópa fá n-a lár, a's bhí ghá tharraingt in do dhiaidh.


L. 78


B 1900c 19>
<G M ?>
U 2001
B
35. LARRY Ó LAOGHAIRE.
Chonac-sa iongna 's mé am' páiste,
Carrfhiadh mór ag déanamh an stáca,
Dreóilín teaspuig a' caitheam i n-áirde,
Eilit a' tarrac a's eilit a' tárlamh.



Curfá:
Larry Ó, Larry Ó, Larry Ó Laoghaire,
Larry Ó Laoghaire, a chailín, ná daor me.



Chonac-sa luichín 'tabhairt coinín a' poll léi;
Nead ag an bhfuiseóig i bhféasóig an ghandail;
Cearc uisce ar fhuinneóig a' seinm gall-trúmpa;
Mac-all' ag amhrán 's is fíonálta labhradh.



Curfá.


L. 79


Chonac-sa eascú, píob aici 'seinm ceól leis,
Coinín 's claidheamh aige ag coimhscar le smólaibh,
Seilithide 's muc aici 'dul go dtí an bpóna,
'S lán páirce de chaoiribh san gheimhreadh 'buaint órnan.



Curfá.



Chonac-sa 'n fharige curtha faoi shíoltaibh;
Éire 'gus Albain 'imtheacht ag guidheal leó;
Tarbh 'breith banbh 'gus coileach 'breith laoigh,
'S is mór an eagcóir gan féasóg ar mhnaoi.



Curfá.



Chonac-sa Uibh-Ratha i n-áird ar an mBoirinn',
Caisleán na mBráithre mar chárt ag tomhas mine
An lacha 's an bárdal ag Rígh Spáinneach faoi thrucail,
Gearrfidhe 's bríste 's 'g ól fíon' ar bórd luinge.



Curfá.



Ar bhfeachabhair riamh aon iongna ba mhó libh,
Ná Tadhg ris an teine, 'gus Domhnall 'á dóighte?
Dreóilín cois farige a's corrán 'ge 'buaint órnan,
A's naoi bhfichid breac ag cur caiseal ar móna?



Curfá.



Chonac-sa naosgach a's naoi gcloca inti,
Chonac-sa creabhar caoch a's an naoi oiread eile inti,
Madra ruadh gan chluas, gan eirball,
Teampall galldha ar fuaid gleannta ag eiteallaig.



Curfá.



Chonac-sa Corcaig ag roinnt pota bláithche;
Bail' Áth' Cliath ag gabháil siar go Cnoc Áine,
Cloch na Coillte 'r muin dhá chaora 'dul go Muintir Bháire,
Tigh Molaga 'r muin dhá chapall 'dul go Portláirge.



Curfá.


L. 84


B 1920 19>
<G M ?>
U 2001
B
38. AN JUG MUAR A'S É LÁN.
Tá scéilín breágh nuadh 'gam le hínsint
A's is cóir é chraobhscaoil' ins gach áit,
Go bhfuil biotáille gach lá 'dul i saoire
Agus áthas mo chroidhe orm dá bhárr.
Do sna sáirfhir a bhfearr liom é ínsint,
Bíonn ag tálamh na díghe ar ceann cláir,
Go bhfaghfá lán cárt ar thirteen de,
Agus cáirde trí mhí chun recnáil.


L. 85


Ó chuaidh sé i saoire chomh mór san,
Ní fuláir liom suidhe suas ar ceann cláir,
Agus suidheachán fhagháilt ann chun fuaire
A's go lá geal Dé Luain bead dá fhagháil.
Mo cháirde bheith láimh liom fé shuairceas,
A's níor bhfhearr liom bheith ag cur cruach ar sparán,
Ní'l gnó agam ag trácht ar aon bhuaireamh
Ach mo ghrádh-sa an jug muar a's é lán!



An té chífeadh na gloiní ag gabháil tímpal,
Agus na farairí ag suidhe ar ceann cláir
Mo chroidhe-se chomh árd le barr a' tighe seo,
Éirigheann sé suas le móráil.
An té nár ól riamh aon sgilling a's nár dhiol as
'Sé is minicí scaoiltar chun fáin,
Fé thuairim gur buan fada soillse,
Na mbuachaillí líonfadh an cárt.



Ná tuig anois gur gliogar mo ráidhte,
Go n-eósfad-sa fáthana an scéil,
Is mó fear meanmnach láidir,
Do chuaidh le trí ráithe sa chré.
Nár ól riamh aon sgilling i dtigh an tábhairne
Ach ag carnáil i sparán mór go léir,
Is mairg nár bhain an chéad lá as,
Gan é a bheith spártha 'n-a dhéigh.



Is ró-mhaith an t-oideas dochtúra,
Fuiscí breágh cúmhrtha a's é saor,
Tógann sé an ceó a's an smúit leis,
Agus deineann sé súgach gach n-aon.
An tseana bhean bhíonn sínte sa chúinne,
Le seacht mbliadhna i gcumhangrach i bpéin,
Nuair ólann sí lán an leath-phiúint dé
Is tapaidh mear luthmhar í a léim.


L. 92


B 1926 19>
GzzzzzM
U 2001
42. THÍOS COIS NA TRÁGHA.
Thíos cois na trágha tá'n fhaoilean dheas mhná
Is í gile, is í finne is í plúr na mban mbreágh;
Is í'n chraobh cumhrtha gan cháim nár chaill riamh a bláth,
'S gur i nGaedhilg do léighfinnse tréithe na mná.
Do gheóbhainn-se go leór lucht síodaí 'gus sról,
A mbeadh fáinní ar a méaraibh, a's péarlaí breágha óir!
Ní díobh bheadh mo ghnó ach díotsa mo stór
'S go siubhlfainn leat Éire 's an taobh thall den Róimh.


L. 93


Do b'fheárr liom 'ná bó, 's ná láir do bheadh óg,
Go mbeinn-se 'gus m'annsacht i ngleann coille ar neóin,
Is caoin cneasda cóir do mheallfainn uait póg
A réiltean gan channtlacht, 's a thogha na mban óg.
Croidhe-chrádh chun gach aon chuir náir orainn araon,
'S dubhairt go rabhas páirteach le babán na gcraobh,
Tá fhios ag an saoghal nár dheárna riamh léi,
Mara bpógfainn le grádh í, nó gáire gan chlaon.



Dé Domhnaigh nuair théighim le deabhaidh chun tighe Dé,
Ach nuair smuínim ar an áit a mbíon grádh geal mo chléibh,
Tagann osna in mo thaobh ná leighisfar lem' shaoghal,
Uch! a ubhailín a's a annsacht, tar a's sgaoil ar mo phéin!
Is mithid dom trácht ar shaothar do lámha,
'S ar fheabhas mar do scríobhthá le caol-pheann ad' láimh!
Raghainn leat don Spáinn, don Fhrainc, nó'n Iodáil,
Nó faoi ghleannta 'dhéanadh leann duibh, 's nach canntlach é an grádh!



Ní hí Máire táim a rádh, ná éinne dá mná,
Ach péarla an chúil chraobhaigh 'tá d'éis mo chroidhe chrádh!
'S gur b'é glór binn a cinn thug na róinte ó'n línn
Thug crón-phuic ó cheó-chnuic, 's an smóilín ó chráinn.
Nuair sheinneann sí duan is binne í ná'n chuach
'S is breághtha í ná Bhénus chuir céadta chun suain!
Ní bean do bhiadh uaim a mbeadh adharca ar a buaibh,
Ach réiltion chiúin bhéasach na mbréithre gcaoin tsuairc!



"Ní phósfadh go deó buachail tighe móir,
Fear glanta na sceana ná leacaithe an bhóird!
Ach pósfad mo rogha - is é an buachailín fionn
Do threabhfadh an branar, 's bhainfeadh an mhóin."


L. 94


(É sin arís).
"Is mairg do bhíonn faoi tharcuisne ag mnaoi
'S gan earradh ar an talamh is meas 'ná í.
Ní lia éan ar an gcraoibh 'ná claon i n-a croidhe,
'S gur b'í rinn an peaca chuir fearg ar Chríost."


L. 116


B 1880 19D
GzzzzzL
U 0401

51. AN GALAR BUIDHE.
Nuair a bhuail an galar buidhe me,
Um fhéil Bríde bhíos craorac fionn;
Níor shíleas, am an tsílchur,
Go mbeinn chomh claoidhte 's mo chnámha chomh lom;
Do bhain sé ithe an bhídh dhíom,
'S do shín mé ar mo chúl go fann,
'S a Dhia ghil! nach mé 'n sgeimhle
Chomh buidhe seo ó bhárr go bonn.


L. 117


Táim seitheach, salach, gránna
Mar Spáinneach nó Japanee,
Mar Creole, Black, nó Tawney,
Ó bhuaic mo chinn go bonn mo throighe;
M'ingne, mo chúl, mo shúile,
Mo chrios, a's mo dhá chichín,
'S níor fhágadh giob fá chlúmh díom
Ná'r shiubhlaidh an Galar Buidhe.



Ní trom mo shuan ist oidhche
Ach smuínte am' chrádh go buan,
Crith a's fuacht gan stríocadh
Am' thraochadh ó uair go huair;
Tart go dian gan faesiomh
Ag éileamh "faghaim deoch go luath,"
Agus tochas buile am' éirleach,
Nach féidir do scaradh uaim.



Nár bhreagh bheith i bhfeidhil mo ghnótha,
Ag ithe rosters, uibhe cearc a's ím?
Nó sgadán fireann fóghanta,
A's blúire feóla 'dir dhá linn?
Seoch púdair, a's purgóidí,
Sioróipí, pills a's plastraí,
'S cia ná tabharfadh giní óir
Ar dhul 'sa sgeólbhaigh gan nGalar Buidhe.



Mo ghrádh go deó Cáit Pléimion!
Bead buidheach dí go dtéidhead san úir,
Fiadhachfa sí as m'aodhna é
Tré shléibhtibh 's thar muir anonn;
Meallfad liom don Cóf é,
'Gus seolfam amach ar loing
Caithfead uaim thar bórd é,
'S an diabhal dá thógain mar Ghalar Buidhe.


L. 126


B 1926 19>
<G M ?>
U 2001
B
56. DÁ RAGHAINN GO DTÍ CÓBACH.
Dá raghainn 'dtí cóbach go mbeadh roinnt mhaith bó 'ge,
A's cailín óg deas le tabhairt amach,
'S é 'n t-eagla ba mhó liom gur dhiúlta gheobhainn-se
An uair nár bh'eól dóibh an sínsear ceart;
Cé blasta beól deas do labharfainn leótha,


L. 127


'S do dhéanfainn gnó dhóibh dá réir is maith,
Do b'fhearr leó lóma go mbeadh sop 'n-a bhróga
Mar is é ná hólfadh an bhuidhe 's an bhreac.



Is tláth do bhíos-sa ar mo theacht sa tír seo,
Cé gur b'árd a mhuimhid siad gur mise an réic,
Dá mbudh liom ó'n Ínse go habhainn na Bríde
'S é deir a muíntir go n-ólfainn é;
Nár bhfearr mar shlighe sin chun teacht 'n-a timcheall
'Ná bheith mar straoille 's mo cheann sa chré,
Mo chróinn dá dtuillinn 's é dh'ól le híntinn
'E chionn má chíd me ag díol 's ag glaodhach.



Is fada fánach mo thriall thar sáile
Cé gur mó tigh tábhairne 'n-a dtugas seal
Ameasc na sáirfhear b'ann ba ghnáth me
'S mo chailín mánla 'n-a suidhe lem ais.
Ach a rún na páirte ná tuig gur náir duit
'E chionn a rádh go n-éalóinn leat
Go dtuillfinn 'rán geal le lúth mo lámh duit
'S nach mór go mb'fhearr san 'ná 'n bhuidhe 's an bhreac.



'S é mo léan a stóirín gan mé 's tú pósta
'S do réir mo dhóchais ní bheimís bocht,
Is deimhin go dtógfainn teaghlach nódh dhuit
A's chuirfinn cóir air 'dir shlinn a's chloich
Do sheinnfinn ceól duit go binn it sheómra
A's imirt ródheas ar gach beart,
'S óm chroidhe go bpógfinn le meidhir tu, a óigbhe,
Bí ar mo thórramh nó tabhair dam gean.


L. 131



58. AN CHUACHÍN BHÍNN.
Is ins an oidhche bhím fá bhrón
Bíonn mo chroidhe-se istigh am' dhóghadh
'Cionn tuitim i ngrádh le bláth na n-óg,
A's gan chor 'n-a croidhe ná aon cham.
O Dhia gan 'ise 'gus mise ag ól,
I dtabháirne an fhíona nó i dtír na n-óg,
Do fhágfainn féin mo chéile i mbrón
Gan chor, gan lúth, gan chois céim siubhail,


L. 132


I n-oileán fuar gan teas 'n-a cóir,
A's gan aon neach léi dá gaoltaibh.



Is iad na héanlaith is seine is binne glór
Ar bharra géag ag déanamh ceóil;
Is gairid go mbiad-sa am' chomharsain dóibh
Ag siubhal ar a bhfuaid gan aon chiall.
Ó táim le sealad i bpian ró-mhór
Bliadhain lán-fhada agus ráithe an fhoghmhair,
Le teannta córa nár airmhidheas fós,
A Rígh na gcomhacht
Ná léig mé ag dreoghadh
Sínte i n-uaigh a's mo cheann fá'n bhfód,
A's gheóbhad bás muna bpósfar léi mé!



Tá aon drifiúr amháin a's m'athair beó
A's bíd go bráth ag tál na ndeór,
Ag triall fám' dháil a's mise ar feodh,
Gan chor ná lúth am' ghéaga!
Tríd an gclann ná deárna peaca fós,
A choim is gile ná'n t-airgead beó,
Do thabharfadh solus i ndorchadas dóibh
I ngleanntaibh ceó,
Ag gabháil an ród,
A's gur milse liom ó n-a béilín póg
'Ná siúcra a's mil na hÉirinn!


L. 133


Tré chuach na gcraobh ma thighim chun báis,
Ní bhfaghadh sí choidhche fear níos fearr,
Go dtuigfeadh sí féin fí cheann beagáin
Gur ab olc atá sí dhéanamh!
Go sugach, sultmhar go n-éireóchadh lá,
Dá mbiadh agam í 'dir mo lámha,
Thiubhrainn socaracht dí gan cháim.
B'fiú í fhagháil
De bhreis tar mnaibh
Le feabhas a thréithe, a méinn, 's a cáil,
'S a comhnuighe i gcúirt bhreágh aolmhar!



"Má's ar tí mo mheallta airís atáir,
Ní chreidim leath a bhfuil tú 'rádh,
Dá mbeinn-se bocht a's go bhfaghadh m'fhear bás,
Go ngeóbhthá liom gan aon rud."
"Ní dod' chuid do thug mé grádh
Ach duit-se féin, a spéir-bhean bhreágh,
A chuach na gcraobh slán leat go bráth,
A chroidhe, 's a ghrádh
Is tú 'tá 'm chrádh,
Dá mbudh liom gach áit a bhfuil féar ag fás
Ní iarfainn feóirlinn spré leat!"


L. 142



63. SEÓIRSE BRABSON.
A Sheóirse Bhrabsoin go mairidh tú saoghlach, slán,
Grádh gach duine 's a leinbh is aoibhne cáil,
Láimh an oinigh ó mb'fhurus dúinn fíon d'fagháil,
Is gártha an chuideacht 's an ionad a mbíon do ghrádh.
Hí hó! súd é an preabaire,


L. 143


Hóm bó! plúr na scafairí;
Spórt, gleó, cosg ar n-aicídí
Feóil, beóir, ceól agus ceapairí
Cláirseach, fidiléir, gáir ag Píobairí,
Báire Chunraite é lár a tíre 'stigh,
Bárrshlat Gaeluing é, grádh mo chroidhe-sa leis
Sármhac dathamhail é, caranach Fírinneach.



Do b'fhearr liom ná bóinlacht 's ná righ na Spáinne,
Eachtraí 'gus cóisdí a Róimh a's an Phápa leis,
'S ná Dúnmór mhic Feóruis a's Nóraill mhic Raghnaill,
Bheith ag amharc ar Sheóirse 'tabhairt óir 'na mhámaibh uaidh.
Hí hó! siúd é an siollaire,
Hóm bó! dubh-shlán duine faoi
Him ham! plaingstidh merriment,
Sing, dance, drink his health about.
Is sámh, is soineanta é, tá sé cúirtéiseach,
'S é bláth an chine é, racham d'á dhútha leis;
Táinte sonais air, ádh agus oineach air,
'S barr maith uile bhreágh go dtuitidh air.


L. 178


B 1720 18T
GzzzzzL
U 0274

77. NÍL TAITNEAMH SA GHRÉIN.
Níl taitneamh sa ghréin, tá éclipse fola 'n-a diaidh,
Ar easaibh níl éisc, sa rae níl solus le cian,
Níl lacht ag an dtréad 's is éadtrom toradh na bhfiabh
Ó tachtadh le héitheach Séamus, posta na gcliar.



An faraire tréan nár ghéill mar Oscar i ngliadh,
Ba chalma léim, tug céadta lochartha i bpian,
I nglasaibh go daor, gan réim, gan chothrom, gan rian,
Ó tachtadh le téid, mo léan é, i gCorcaigh gan riaghail.



M'atuirse faon nach créacht i gcogadh na stiall
I gcaismirt na dtréan, nó piléar ler tolladh do chliabh,
Nó cealg ón éag ná réidhfeadh ortha ná liaigh
Do mhairbh thú féin sul ar dhaor an coiste thu riamh.



Tá'n Carn gan chraobh, gan féar, gan foithin, gan fiadh,
Gan ealta, gan éin, 's an spéir go mogalach riabhach,
Ó leagadh le méirdreach Séamus Mac Coitir, mo chiach,
'S in Aicaron bhréan go dtéigh dá stolladh ag an ndiabhal.


L. 179


Do cailleadh le Dhéirdre, féach, mic Uisnigh na srian,
Samson le Déile, Aonghas, Conall, a's Niall,
Arcail do thraoch gach laoch 's an Olimpigh thiar,
Is measa liom Séamus tréith-lag marbh 'ná an chliar.



Do cailleadh an laoch le claon an choiste go dian,
A's do chailleamar é le héifid lobhtha na bpiast,
Eascaine Dé go dtéigh chun dochair 'n-a diaidh
A's mallacht na naomh ar Éamonn colp an diabhal.



ÉAMONN DE BHFÁL.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services